European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2217

18.10.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2217 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Deireadh Fómhair 2023

lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 901/2007 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 901/2007 ón gCoimisiún (2), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 441/2013 ón gCoimisiún (3), maidir le táirge arb é atá ann duilleoga agus barra planda gearrtha (i bpíosaí 2 go 5 mm ar fad), coipthe agus triomaithe an phlanda rooibos (Aspalathus linearis), ar a dtugtar ‘Red Bush’ freisin, a úsáidtear chun insiltí a ullmhú, rinneadh an táirge a aicmiú faoi chód 1212 99 95 den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (4), mar ‘tháirge glasra eile de chineál a úsáidtear go príomha mar bhia don duine, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile’. Rinneadh an táirge a eisiamh ó aicmiú faoin gceannteideal 1211 ós rud é nach n-úsáidtear go príomha é chun na gcríoch a luaitear i dtéacs an cheannteidil sin (‘...de chineál a úsáidtear go príomha i gcumhradóireacht, i gcógaisíocht nó le haghaidh feithidicídí, fuingicídí nó chun críoch comhchosúil’). Dá bhrí sin, de bhua riail ghinearálta 1 maidir le léirmhíniú AC, rinneadh an táirge a aicmiú faoi cheannteideal 1212.

(2)

Le linn an 71u seisiún dá chuid i mí an Mhárta 2023, d’fhormheas Coiste um an gCóras Comhchuibhithe (Coiste CC) na hEagraíochta Domhanda Custaim tuairim 1211.90/1 maidir le haicmiú, lena n-aicmítear ‘tae rooibos’, a dhéantar as duilleoga triomaithe an toir rooibos (Aspalathus linearis) agus a úsáidtear chun insiltí luibhe a dhéanamh. Rinneadh an táirge sin a aicmiú faoi cheannteideal CC 1211 toisc gur measadh gur de chineál é an planda rooibos a úsáidtear go príomha i gcógaisíocht nó chun críoch comhchosúil a aicmítear fós faoin gceannteideal seo freisin nuair a chuirtear i saicíní iad, mar shampla, chun insiltí luibhe nó ‘tae’ luibhe a dhéanamh. Dá bhrí sin, aicmíodh ‘tae rooibos’ faoi fho-cheannteideal CC 1211 90, a chomhfhreagraíonn do chód AC 1211 90 86, trí rialacha ginearálta 1 agus 6 a chur i bhfeidhm maidir le léirmhíniú CC.

(3)

I bhfianaise shaintréithe ‘tae rooibos’, atá comhionann nó thar a bheith cosúil leis an táirge ar a dtugtar tuairisc i Rialachán (CE) Uimh. 901/2007, níl aicmiú taraife an táirge, mar a leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, i gcomhréir le tuairim 1211.90/1 Choiste CC maidir le haicmiú.

(4)

De bhua Chinneadh 87/369/CEE ón gComhairle (5), is páirtí conarthach é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí. Is ionstraimí treorach le haghaidh bhearta taraife an Aontais iad tuairimí maidir le haicmiú arna bhformheas ag Coiste CC na hEagraíochta Domhanda Custaim.

(5)

D’fhonn aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chórais Chomhchuibhithe ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ós rud é go bhfuil tuairim 1211.90/1 maidir le haicmiú i gcomhréir le foclaíocht cheannteideal CC 1211 agus fho-cheannteideal CC 1211 90, is gá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 901/2014 a aisghairm.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 901/2007.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 901/2007 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2007 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO L 196, 28.7.2007, lch. 31).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 441/2013 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2013 lena leasaítear nó lena n-aisghairtear rialacháin áirithe a bhaineann le haicmiú earraí san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO L 130, 15.5.2013, lch. 1).

(4)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(5)  Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 maidir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, agus an Prótacal lena ndéantar leasú air, a thabhairt i gcrích (IO L 198, 20.7.1987, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2217/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)