European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2214

24.10.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2214 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide agus sonraíochtaí na mbianna núíosacha púdair chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

I liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 áirítear púdair síolta chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica) mar bhianna núíosacha údaraithe.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/500 ón gCoimisiún (3) údaraíodh púdair chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica) a chur ar an margadh mar bhianna núíosacha lena n-úsáid i roinnt bianna atá beartaithe don phobal i gcoitinne.

(5)

An 26 Iúil 2021, chuir an chuideachta Functional Products Trading Arica S.A./BENEXIA (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 ar athrú ar choinníollacha úsáide púdair síolta chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica). Go háirithe, d’iarr an t-iarratasóir úsáid púdair síolta chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica) ina bhfuil cion ard snáithín a leathnú chun líon áirithe bianna atá beartaithe don phobal i gcoitinne a chumhdach, is iad sin: cácaí agus taosráin, torthaí agus glasraí próiseáilte (lena n-áirítear miasa glasraí-bhunaithe), arán agus rollaí, táirgí pasta-bhunaithe agus táirgí próitéine.

(6)

An 26 Iúil 2021, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin freisin ar chosaint sonraí dílseánaigh le haghaidh staidéar (4) ar ghéarthocsaineacht, staidéar ar an duine (5), staidéar measúnaithe ar an bpróiseas (6) maidir le foirmiú éilleán agus na deimhnithe anailíse (7).

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an 23 Márta 2022, agus d’iarr air tuairim eolaíoch a thabhairt ar an athrú ar choinníollacha úsáide a bhaineann le púdair síolta chia atá díshaillte go páirteach ina bhfuil cion ard snáithín mar bhia núíosach.

(8)

An 27 Feabhra 2023, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le ‘Sábháilteacht i ndáil le leathnú úsáide púdair síolta chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica L.) ina bhfuil cion ard snáithín mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283’ (8) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(9)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an t-athrú atá beartaithe sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, agus dá bhrí sin is iomchuí leasú a dhéanamh ar choinníollacha úsáide púdair síolta chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica) ina bhfuil cion ard snáithín.

(10)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire tuairisciú mícheart na sonraíochta le haghaidh Listeria monocytogenes (‘Neamhláithreacht/g’) agus Escherichia coli (‘< 10 MPN/g’) sa bhia núíosach mar a údaraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/500. Dá bhrí sin, ba cheart sonraíocht na mbianna núíosacha a leasú dá réir trí uasleibhéil chearta Listeria monocytogenes a shonrú mar ‘Níor aimsíodh in 25 g’ agus Escherichia coli a shonrú mar ‘Níor aimsíodh in 10 g’.

(11)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin go raibh a chonclúid i ndáil le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar an staidéar ar an duine, ar an staidéar measúnaithe ar an bpróiseas maidir le foirmiú éilleán agus ar na deimhnithe anailíse arna gcur isteach ag an iarratasóir nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid dá n-uireasa.

(12)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an údar a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na sonraí agus na staidéir sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(13)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta tagartha dílseánaigh agus eisiacha aige ar an staidéar ar an duine, ar an staidéar measúnaithe ar an bpróiseas maidir le foirmiú éilleán agus ar na deimhnithe anailíse tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí ná na staidéir sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.

(14)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha acu gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, an staidéar ar an duine, an staidéar measúnaithe ar an bpróiseas maidir le foirmiú éilleán agus na deimhnithe anailíse, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú púdar síolta chia atá díshaillte go páirteach ina bhfuil cion ard snáithín lena úsáid i gcácaí agus i dtaosráin, i dtorthaí agus i nglasraí próiseáilte (lena n-áirítear miasa glasraí-bhunaithe), in arán agus i rollaí, i dtáirgí pasta-bhunaithe agus i dtáirgí próitéine, a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(15)

Mar sin féin, maidir leis an údarú agus an tagairt do na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh sin cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe.

(16)

Leis an bhfaisnéis a sholáthraítear san iarratas agus sa tuairim ón Údarás, tá forais leordhóthanacha ann chun a shuíomh go bhfuil na hathruithe ar choinníollacha úsáide agus ar shonraíochtaí an bhia núíosaigh i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus ba cheart iad a fhormheas.

(17)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ní údaraítear ach an chuideachta Functional Products Trading Arica S.A./BENEXIA (9) púdar síolta chia (Salvia hispanica) atá díshaillte go páirteach ina bhfuil cion ard snáithín lena úsáid i gcácaí agus i dtaosráin, i dtorthaí agus i nglasraí próiseáilte (lena n-áirítear miasa glasraí-bhunaithe), in arán agus i rollaí, i dtáirgí pasta-bhunaithe agus i dtáirgí próitéine a chur ar an margadh laistigh den Aontas le haghaidh tréimhse 5 bliana ón 13 Samhain 2023, ach amháin mura bhfaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú le haghaidh an bhia núíosaigh sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú Functional Products Trading Arica S.A./BENEXIA.

Airteagal 3

Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó Functional Products Trading Arica S.A./BENEXIA.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/500 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2020 lena n-údaraítear púdair síolta chia (Salvia hispanica) atá díshaillte go páirteach a chur ar an margadh mar bhianna núíosacha faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 109, 7.4.2020, lch. 2).

(4)  Iarscríbhinn 20.

(5)  Iarscríbhinn 21.

(6)  Iarscríbhinn 22.

(7)  Iarscríbhinní 23 go 41 agus Iarscríbhinn 43.

(8)  EFSA Journal [Iris EPSA] 2023;21(4):7904.

(9)  Seoladh: Luis Pasteur 5850, Oficina 403, Quinto Piso; Vitacura, Santiago - An tSile.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘púdair síolta chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica)’:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

‘Púdair síolta chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica L.)

 

Catagóir bhia shonraithe

Uasleibhéil

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is ‘Púdar síolta chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica)’ an t-ainmniú a bheidh air

 

 

Púdar ina bhfuil cion ard próitéine

Táirgí bainne coipthe neamhbhlaistithe, lena n-áirítear bláthach nádúrtha neamhbhlaistithe (seachas bláthach steirilithe) ach nach bhfuil teaschóireáilte tar éis an choipthe

0,7 %

Táirgí bainne coipthe neamhbhlaistithe, teaschóireáilte tar éis an choipthe

0,7 %

Táirgí bainne coipthe blaistithe lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte

0,7 %

Milseogra

10 %

Súnna torthaí mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2001/112 /CE ón gComhairle (*1) agus súnna glasraí

2,5 %

Neachtair torthaí mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2001/112 /CE agus neachtair glasraí agus táirgí comhchosúla

2,5 %

Deochanna blaistithe

3 %

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46 /CE, seachas forbhianna do naíonáin agus leanaí óga

7,5 g/lá

Púdar ina bhfuil cion ard próitéine snáithín

Milseogra

4 %

Údaraithe lena n-úsáid i gcácaí agus i dtaosráin, i dtorthaí agus i nglasraí próiseáilte (lena n-áirítear miasa glasraí-bhunaithe), in arán agus i rollaí, i dtáirgí pasta-bhunaithe agus i dtáirgí próitéine an 13 Samhain 2023. Tá an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: Functional Products Trading Arica S.A./BENEXIA, Luis Pasteur 5850, Oficina 403, Quinto Piso. Vitacura, Santiago - An tSile. Le linn na tréimhse cosanta sonraí, is Functional Products Trading Arica S.A./BENEXIA amháin a údaraítear púdar síolta chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica L.) ina bhfuil cion ard snáithín lena úsáid i gcácaí agus i dtaosráin, i dtorthaí agus i nglasraí próiseáilte (lena n-áirítear miasa glasraí-bhunaithe), in arán agus i rollaí, i dtáirgí pasta-bhunaithe agus i dtáirgí próitéine, a chur ar an margadh laistigh den Aontas ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú le haghaidh an bhia núíosaigh chéanna gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú Functional Products Trading Arica S.A./BENEXIA.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: an 13 Samhain 2028.’;

Súnna torthaí mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2001/112 /CE agus súnna glasraí

2,5 %

Neachtair torthaí mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2001/112 /CE agus neachtair glasraí agus táirgí comhchosúla

4 %

Deochanna blaistithe

4 %

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46 /CE, seachas forbhianna do naíonáin agus leanaí óga

12 g/lá

Cácaí agus taosráin

5 g/100 g

Torthaí agus glasraí próiseáilte (lena n-áirítear miasa glasraí-bhunaithe)

10 g/100 g

Arán agus rollaí

10 g/100 g

Táirgí pasta-bhunaithe

8 g/100 g

Táirgí próitéine

10 g/100 g

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘púdair síolta chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica)’:

Bia núíosach údaraithe

Sonraíocht

‘Púdair síolta chia atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica)

Tuairisc/Sainmhíniú:

Na bianna núíosacha, is púdair síolta chia iad atá díshaillte go páirteach (Salvia hispanica) a fhaightear trí shíolta iomlána Salvia hispanica L a bhrú agus a mheilt.

Fisiciúil-céadfach:

Ábhar coimhthíoch: 0,1 %

 

Púdar ina bhfuil cion ard próitéine

Púdar ina bhfuil cion ard próitéine snáithín

Méid na gcáithníní

≤ 130 μm

≤ 400 μm

 

 

 

Comhdhéanamh ceimiceach:

 

Púdar Salvia hispanica ina bhfuil cion ard próitéine

Púdar Salvia hispanica ina bhfuil cion ard snáithín

Taisleach

≤ 9,0 %

≤ 9,0 %

Próitéin

≥ 40,0 %

≥ 24,0 %

Saill

≤ 17 %

≤ 12 %

Snáithín

≤ 30 %

≥ 50 %

Critéir mhicribhitheolaíochta:

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha: ≤ 10 000 CFU/g

Giostaí: ≤ 500 CFU/g

Múscáin: ≤ 500 CFU/g

Staphylococcus aureus: ≤ 10 CFU/g

Baictéir dhrólannacha: < 100 MPN/g

Enterobacteriaceae: ≤ 100 CFU/g

Bacillus cereus: ≤ 50 CFU/g

Escherichia coli: Níor aimsíodh in 10 g

Listeria monocytogenes: Níor aimsíodh in 25 g

Salmonella spp.: Neamhláithreacht in 25 g

Éilleáin:

Arsanaic: ≤ 0,1 ppm

Caidmiam: ≤ 0,1 ppm

Luaidhe: ≤ 0,1 ppm

Mearcair: ≤ 0,1 ppm

Iomlán na n-aflatocsainí: ≤ 4 ppb

Ócratocsain A: ≤ 1 ppb’


(*1)  Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus táirgí áirithe comhchosúla a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 58).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2214/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)