European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2201

16.10.2023

CINNEADH (AE) 2023/2201 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meán Fómhair 2023

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le dearbhú atá le déanamh de bhun Airteagal 23(4), pointe (a), de Chinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)

De bhun Airteagal 23(4) de Chinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 lena leagtar síos socruithe a bhaineann le Creat Windsor (3) (‘Cinneadh Uimh. 1/2023’), tá feidhm le bheith ag forálacha áirithe den Chinneadh sin ón 30 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go ndearnadh na dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 23(4), pointí (a) agus (b), de sa Chomhchoiste.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 182 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, is dlúthchuid den Chomhaontú sin Creat Windsor (4).

(4)

Meastar go ndéanfaidh an tAontas dearbhú sa Chomhchoiste de bhun Airteagal 23(4), pointe (a), de Chinneadh Uimh. 1/2023. Sa dearbhú sin, luafar go bhfuil an tAontas sásta leis an méid seo a leanas: (i) an chaoi a bhfuil Airteagal 5 de Chinneadh Uimh. 6/2020 ón gComhchoiste (5) á gcur chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe trí rochtain a sholáthar ar fhaisnéis atá i líonraí, i gcórais faisnéise agus i mbunachair sonraí de chuid na Ríochta Aontaithe agus i modúil náisiúnta de chuid na Ríochta Aontaithe de chórais an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh ón gComhchoiste sin; agus (ii) go bhfuil gach clárú XI EORI atá ann cheana eisithe i gceart; agus (iii) gur eisigh an Ríocht Aontaithe treoir nua maidir le beartáin i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1/2023; agus (iv) gur eisigh an Ríocht Aontaithe a dearbhú aontaobhach maidir le nósanna imeachta onnmhairiúcháin le haghaidh earraí a thugtar amach as Tuaisceart Éireann chuig codanna eile den Ríocht Aontaithe.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhchoiste’) i ndáil leis an dearbhú atá le déanamh ag an Aontas sa Chomhchoiste de bhun Airteagal 23(4), pointe (a), de Chinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste, leagtar amach é sa dréachtdhearbhú atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

F. GRANDE-MARLASKA GÓMEZ


(1)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch.1).

(3)   IO L 102, 17.4.2023, lch. 61.

(4)  Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).

(5)  Cinneadh Uimh. 6/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire Agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 17 Nollaig 2020 lena ndéantar forail maidir leis na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na gceart atá ag ionadaithe den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (IO L 443, 30.12.2020, lch. 16).


DRÉACHT

DEARBHÚ ÓN AONTAS SA CHOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an .../2023

de bhun Airteagal 23(4), pointe (a), de Chinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste

De bhun Airteagal 23(4), pointe (a), de Chinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 lena leagtar síos socruithe a bhaineann le Creat Windsor (‘Cinneadh Uimh. 1/2023’), dearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé sásta leis an méid seo a leanas:

(i)

an chaoi a bhfuilAirteagal 5 de Chinneadh Uimh. 6/2020 ón gComhchoiste á gcur chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe, ar Comhchoiste é a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 17 Nollaig 2020 lena bhforáiltear maidir leis na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú chearta ionadaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann trí rochtain a sholáthar ar fhaisnéis atá i líonraí, i gcórais faisnéise agus i mbunachair sonraí de chuid na Ríochta Aontaithe agus i modúil náisiúnta de chuid na Ríochta Aontaithe de chórais an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh sin ón gComhchoiste, ag tabhairt dá aire go bhfuil gealltanas tugtha ag an Ríocht Aontaithe dul chun cinn suntasach a áirithiú maidir le haga folaigh agus iomláine na sonraí, arna dtacú le próiseas leanúnachais gnó, agus go bhfuil rochtain ag ionadaithe an Aontais ar an bhfaisnéis sin le tabhairt fós i bhformáid inrochtana ar bhealach go mbeidh siad in ann anailísiú riosca a dhéanamh lena n-áirítear sainaithint na bpatrún treochtaí atá ann le déanaí agus na cinn stairiúla; agus

(ii)

go bhfuil gach clárú XI EORI atá ann cheana eisithe i gceart; agus

(iii)

gur eisigh an Ríocht Aontaithe treoir nua maidir le beartáin i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1/2023; agus

(iv)

gur eisigh an Ríocht Aontaithe a dearbhú aontaobhach maidir le nósanna imeachta onnmhairiúcháin le haghaidh earraí a thugtar amach as Tuaisceart Éireann chuig codanna eile den Ríocht Aontaithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2201/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)