European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2189

16.10.2023

BORD RIALAITHE CHOMHGHNÓTHAS SHLÁINTE DHOMHANDA EDCTP3 CINNEADH Uimh. GB/18/2023

lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le srianta le cearta áirithe ábhar sonraí i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú fheidhmiú Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 [2023/2189]

Tá BORD RIALAITHE CHOMHGHNÓTHAS SHLÁINTE DHOMHANDA EDCTP3,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE1 (‘Rialachán (AE) 2018/1725’) (1), agus, go háirithe Airteagal 25 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (2) (‘Bunghníomh Aonair’),

Ag féachaint do Threoraíocht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (‘MECS’) maidir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus rialacha inmheánacha an 24 Meitheamh 2020 (3),

Tar éis dul i gcomhairle le MECS an 12 Meitheamh 2023, i gcomhréir le hAirteagal 41 (2) de Rialachán (AE) 2018/1725,

Ag féachaint do mholtaí MECS an 19 Meitheamh 2023,

Tar éis foireann Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.

Ní fhéadfar foráil a dhéanamh maidir le srianta le cearta ábhar sonraí ach amháin trí ghníomhartha dlíthiúla arna nglacadh ar bhonn na gConarthaí. I gcás nach féidir na srianta sin a bhunú ar ghníomhartha dlíthiúla arna nglacadh ar bhonn na gConarthaí, foráiltear le Rialachán (AE) 2018/1725 go bhféadfar, i gcásanna a bhaineann le hoibríochtaí Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, srianta a fhoráil trí rialacha inmheánacha, tar éis measúnú a dhéanamh ar riachtanas agus comhréireacht na srianta sin.

2.

I gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, na srianta le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, 35 agus 36 den Rialachán, chomh maith le hAirteagal 4 den Rialachán sin, a mhéid a chomhfhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20, ba cheart iad a bhunú ar rialacha inmheánacha a bheidh le glacadh ag Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3.

3.

Faoi chuimsiú a fheidhmithe riaracháin, féadfaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí réamh-araíonachta, araíonachta agus fionraí a dhéanamh, réamhghníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le cásanna neamhrialtachtaí a thuairiscítear do OLAF, cásanna sceithireachta a phróiseáil, nósanna imeachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) ciaptha a phróiseáil, gearáin inmheánacha agus sheachtracha a phróiseáil, iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha a dhéanamh, imscrúduithe a dhéanamh tríd an Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus imscrúduithe slándála (TF) a láimhseáil go hinmheánach nó le rannpháirtíocht sheachtrach (e.g. CERT-EU).

4.

Is féidir le Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 imscrúduithe a dhéanamh freisin ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar rialacha slándála i ndáil le faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (‘FRAE’), bunaithe ar an gCinneadh atá beartaithe aige a ghlacadh maidir lena rialacha slándála chun FRAE a chosaint.

5.

I gcomhthéacs na bhfiosrúchán, na n-iniúchtaí agus na n-imscrúduithe riaracháin sin, comhoibríonn Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais.

6.

Is féidir le Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 oibriú i gcomhar le húdaráis náisiúnta tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, arna iarraidh sin dóibh nó ar a thionscnamh féin.

7.

Is féidir le Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 oibriú i gcomhar freisin le húdaráis phoiblí Bhallstáit an Aontais, arna iarraidh sin dóibh nó ar a thionscnamh féin.

8.

Tá baint ag Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 le cásanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nuair a tharchuireann sé ábhar don Chúirt, nuair a chosnaíonn sé cinneadh a rinne sé agus a ndearnadh agóid ina choinne os comhair na Cúirte, nó nuair a dhéanann sé idirghabháil i gcásanna a bhaineann lena chúraimí. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 rúndacht sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a fhaigheann na páirtithe nó na hidirghabhálaithe a chaomhnú.

9.

Chun a chúraimí a chomhlíonadh, déanann Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 roinnt catagóirí sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí aitheantais, sonraí teagmhála, sonraí gairmiúla, sonraí riaracháin, sonraí a fhaightear ó fhoinsí ar leith, sonraí cumarsáide leictreonaí agus sonraí tráchta, agus sonraí a bhaineann leis an gcás, amhail réasúnaíocht, sonraí iompraíochta, breithmheasanna, sonraí feidhmíochta agus iompair agus sonraí a bhaineann le hábhar an nós imeachta nó na gníomhaíochta nó sonraí a thugtar chun cinn maidir leis sin (4).

10.

Feidhmíonn Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, a ndéanann a Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht dó, mar rialaitheoir sonraí.

11.

Stóráiltear na sonraí pearsanta go daingean i dtimpeallacht leictreonach nó ar pár chun rochtain neamhdhleathach nó aistriú sonraí chuig daoine nach bhfuil aon cheart dleathach acu rochtain a fháil ar shonraí pearsanta den sórt sin. Ní choimeádtar na sonraí pearsanta a phróiseáiltear níos faide ná mar is gá agus mar is cuí chun na gcríoch lena ndéantar próiseáil na sonraí don tréimhse a shonraítear sna fógraí cosanta sonraí, ráitis phríobháideachta nó taifid de chuid Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3.

12.

Faoi Rialachán (AE) 2018/1725, tá sé d’oibleagáid ar Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, dá bhrí sin, faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sin agus a gcearta mar ábhair sonraí a urramú.

13.

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 na cearta sin a réiteach le cuspóirí fiosrúchán riaracháin, iniúchtaí, imscrúduithe agus imeachtaí cúirte. D’fhéadfadh sé go mbeadh air freisin cothromaíocht a bhaint amach idir cearta an ábhair sonraí agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí eile. Chuige sin, le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, tugtar an deis do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 srian a chur, faoi choinníollacha dochta, le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2018/1725, chomh maith le hAirteagal 4 de, a mhéid a chomhfhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20.

14.

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha inmheánacha maidir le hoibríochtaí próiseála ábhartha dá leithéid a dhéantar roimh oscailt na nósanna imeachta dá dtagraítear thuas, le linn na nósanna imeachta sin, le linn faireachán a dhéanamh ar an obair leantach ar thoradh na nósanna imeachta sin, agus le linn na tréimhse a leanann an srian de bheith i bhfeidhm. Ba cheart iad a bheith infheidhme freisin maidir le haon chúnamh agus comhar arna sholáthar ag Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 d’údaráis náisiúnta agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta lasmuigh dá imscrúduithe riaracháin.

15.

I gcásanna ina bhfuil feidhm ag na rialacha inmheánacha sin, ní mór do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 údar a thabhairt lena mínítear cén fáth a bhfuil na srianta fíor-riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach agus go n-urramóidh siad bunbhrí na gceart agus na saoirsí bunúsacha.

16.

Laistigh den chreat sin, ní mór do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 a urramú i gcomhréir iomlán leis an reachtaíocht agus an treoraíocht ábhartha, cearta bunúsacha na n-ábhar sonraí le linn na nósanna imeachta thuasluaite, go háirithe, na cearta a bhaineann leis an gceart chun faisnéise, an ceart rochtana agus an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, an ceart go gcuirfí srian le próiseáil, le ceart an ábhair sonraí teachtaireacht a fháil má sháraítear a shonraí pearsanta nó a rúndacht cumarsáide mar a chumhdaítear i Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

17.

Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith d’oibleagáid ar Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 srian a chur le rochtain na n-ábhar sonraí ar fhaisnéis agus le cearta eile na n-ábhar sonraí, go háirithe, chun cosaint a dhéanamh ar a imscrúduithe féin, imscrúduithe agus imeachtaí údarás poiblí eile agus cearta daoine eile a bhaineann lena imscrúduithe nó lena nósanna imeachta eile.

18.

Agus breithniú á dhéanamh aige ar cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear srian i bhfeidhm, déanfaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 an riosca do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí a mheá, go háirithe, i gcoinne an riosca do chearta agus saoirsí ábhar sonraí eile agus an riosca go gcealófaí an éifeacht a bhaineann le himscrúduithe nó nósanna imeachta Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, mar shampla trí fhianaise a scrios. Baineann na rioscaí do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí go príomha le rioscaí clú agus rioscaí don cheart cosanta agus don cheart éisteacht a fháil, ach níl siad teoranta dóibh.

19.

Ar an ábhar sin féadfaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 srian a chur leis an bhfaisnéis chun cosaint a dhéanamh ar an imscrúdú mar aon le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí eile.

20.

Chun an chosaint is fearr a thabhairt do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí agus i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart dul i gcomhairle leis an Oifigeach Cosanta Sonraí in am trátha maidir le haon srian a fhéadfar a chur i bhfeidhm agus ba cheart don Oifigeach a fhíorú go gcomhlíonann siad an Cinneadh seo.

21.

Ba cheart do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 faireachán ó am go chéile a dhéanamh ar na coinníollacha lena dtugtar údar maith don srian lena n-áirithiú go bhfuil feidhm fós leis agus deireadh a chur leis an srian mura mbíonn feidhm leis.

22.

Ba cheart don Rialaitheoir a chur in iúl don Oifigeach Cosanta Sonraí tráth a chuirtear ar athlá é agus le linn na n-athbhreithnithe.

23.

Glacfar an cinneadh seo trí nós imeachta i scríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialacha Nós Imeachta Bhord Rialaithe Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3.

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos sa Chinneadh seo rialacha a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, faoi chuimsiú a nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 den Chinneadh seo, srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, 35 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, chomh maith le hAirteagal 4 de, i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   I measc na gcatagóirí sonraí is ábhartha maidir leis na nósanna imeachta sin, tá sonraí aitheantais, sonraí teagmhála, sonraí gairmiúla, sonraí riaracháin, sonraí a fhaightear ó fhoinsí ar leith, sonraí cumarsáide leictreonaí agus sonraí tráchta agus sonraí a bhaineann leis an gcás, mar shampla réasúnaíocht, sonraí iompraíochta, breithmheasanna, sonraí feidhmíochta agus iompair agus sonraí a bhaineann le hábhar an nós imeachta nó na gníomhaíochta nó sonraí a thugtar chun cinn maidir leis sin.

3.   I gcás ina gcomhlíonann Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 a dhualgais maidir le cearta an ábhair sonraí faoi Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar machnamh ar cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na díolúintí a leagtar síos sa Rialachán sin.

Airteagal 2

Sonraíocht an rialaitheora

Is é Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 rialaitheoir na n-oibríochtaí próiseála, a ndéanann a Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht dó.

Airteagal 3

Srianta

1.   Féadfaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 4 de, a mhéid a chomhfhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20:

(a)

de bhun Airteagal 25(1) (b), (c), (f), (g) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus fiosrúcháin riaracháin, imeachtaí réamh-araíonachta, araíonachta nó fionraí á ndéanamh aige faoi Airteagal 86 agus Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus Cinneadh Uimh. 17/2023 ó Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, agus nuair a chuirtear cásanna in iúl do OLAF;

(b)

de bhun Airteagal 25(1)(h) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus é á áirithiú aige go bhféadfaidh baill foirne Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 fíorais a thuairisciú faoi rún i gcás ina gcreidfidh siad go bhfuil neamhrialtachtaí tromchúiseacha ann, mar a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 12/2023 ó Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 maidir le rialacha inmheánacha a bhaineann le sceithireacht;

(c)

de bhun Airteagal 25(1)(h) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus é á áirithiú aige go mbeidh baill foirne Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 in ann tuairisciú do chomhairleoirí iontaoibhe i gcomhthéacs nós imeachta ciaptha, mar a shainmhínítear i gCinneadh Uimh. 13/2023 ó Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3;

(d)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha á ndéanamh aige i ndáil le gníomhaíochtaí nó ranna Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3;

(e)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (d), (g) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus cúnamh á sholáthar aige d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó á fháil uathu nó agus é ag comhoibriú leo i gcomhthéacs gníomhaíochtaí faoi phointí (a) go (d) den mhír seo agus de bhun comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse, meabhráin tuisceana agus comhaontuithe comhair ábhartha;

(f)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus cúnamh á sholáthar aige d’údaráis náisiúnta tríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta nó á fháil uathu nó agus é ag comhoibriú leis na húdaráis nó leis na heagraíochtaí sin arna iarraidh sin dóibh nó ar a thionscnamh féin;

(g)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus cúnamh agus comhar á sholáthar aige d’údaráis phoiblí Bhallstáit AE nó á fháil uathu, arna iarraidh sin dóibh nó ar a thionscnamh féin;

(h)

de bhun Airteagal 25(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aige i ndoiciméid a fuair na páirtithe nó na hidirghabhálaithe i gcomhthéacs imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(i)

de bhun Airteagal 25(1)(c) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aige le linn na n-imscrúduithe a dhéanann an tOifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán 2018/1725;

(j)

de bhun Airteagal 25(1) (c), (d), (g) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aige le linn grinnfhiosrúcháin slándála TF a láimhseáiltear go hinmheánach nó le rannpháirtíocht sheachtrach (e.g. CERT-EU);

(k)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aige faoi chuimsiú an nós imeachta bainistíochta deontais nó soláthair, tar éis an dáta deiridh a gcuirtear isteach na glaonna ar thograí nó chun tairiscintí a chur i bhfeidhm.

2.   Mar fheidhmiú sonrach na srianta a shainmhínítear i mír 1 thuas, féadfaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 srianta a chur i bhfeidhm, sna himthosca seo a leanas:

(a)

maidir le sonraí pearsanta arna malartú le seirbhísí an Choimisiúin nó le hinstitiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí eile de chuid an Aontais;

i.

i gcás ina bhfuil an tseirbhís sin de chuid an Choimisiúin, institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, i dteideal feidhmiú na gceart atá liostaithe a shrianadh ar bhonn gníomhartha eile dá bhforáiltear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 nó i gcomhréir le Caibidil IX den Rialachán sin nó le gníomhartha bunaithe institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí eile an Aontais;

ii.

maidir leis an srian sin arna chur ag an tseirbhís sin de chuid an Choimisiúin, ag an institiúid, an comhlacht nó an ghníomhaireacht sin de chuid an Aontais, i gcás ina gcuirfí cuspóir an tsriain sin i gcontúirt mura gcuirfeadh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 srian coibhéiseach i bhfeidhm maidir leis na sonraí pearsanta céanna;

(b)

maidir le sonraí pearsanta arna malartú le húdaráis inniúla na mBallstát;

i.

i gcás ina bhfuil údaráis inniúla na mBallstát i dteideal srianta a chur le feidhmiú na gceart liostaithe ar bhonn na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), nó faoi bhearta náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 13(3), Airteagal 15(3) nó Airteagal 16(3) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

ii.

i gcás ina gcuirfí cuspóir an tsriain sin arna chur ag an údarás inniúil sin i gcontúirt mura gcuirfeadh Comhghnóthas Sláinte Domhanda EDCTP3 srian coibhéiseach i bhfeidhm maidir leis na sonraí pearsanta céanna.

(c)

maidir le sonraí pearsanta arna malartú le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcás ina mbeidh fianaise shoiléir ann gur dócha go gcuirfí comhoibriú Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcontúirt agus é i mbun a chúraimí mar gheall ar fheidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin.

Sula gcuirfidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 srianta i bhfeidhm sna himthosca dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, rachaidh sé i gcomhairle le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, le hinstitiúidí, le comhlachtaí, le gníomhaireachtaí nó le hoifigí ábhartha de chuid an Aontais nó le húdaráis inniúla na mBallstát murar léir go bhfuil sé soiléir do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 go bhforáiltear do chur i bhfeidhm srianta i gceann de na gníomhartha dá dtagraítear sna pointí sin.

3.   I gcás ina gcuirfidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 srian iomlán nó páirteach le cur i bhfeidhm na gceart dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 thuasluaite, déanfaidh sé na bearta a leagtar amach in Airteagail 5 agus 6 den Chinneadh seo.

4.   I gcás ina n-iarrfaidh na hábhair sonraí rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a próiseáladh i gcomhthéacs cás sonrach amháin nó níos mó nó d’oibríocht phróiseála ar leith, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725, cuirfidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 teorainn lena mheasúnú ar an iarratas sonraí pearsanta sin amháin.

Airteagal 4

Sonraíocht na gcoimircí

1.   Cuirfidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 coimircí i bhfeidhm chun mí-úsáid agus rochtain neamhdhleathach nó aistriú neamhdhleathach na sonraí pearsanta a chosc a bhfuil feidhm ag srianta ina leith nó a bhféadfaí srianta a chur i bhfeidhm ina leith. Áireofar leis na coimircí sin bearta teicniúla agus eagraíochtúla agus mionsonraithe de réir mar is gá i gcinntí inmheánacha, nósanna imeachta agus rialacha cur chun feidhme Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3. Áireofar na nithe seo a leanas sna coimircí:

(a)

sainmhíniú soiléir ar róil, freagrachtaí agus céimeanna nós imeachta;

(b)

coinneofar doiciméid pháipéir i gcófraí sábháilte agus ní bheidh rochtain ach ag baill foirne údaraithe amháin orthu;

(c)

stórálfar na sonraí leictreonacha go léir i bhfeidhmchlár sábháilte TF de réir chaighdeáin slándála Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, agus i bhfillteáin áirithe leictreonacha a mbeidh rochtain ag baill foirne údaraithe amháin orthu. Deonófar leibhéil iomchuí rochtana ar bhonn aonair;

(d)

tá dualgas rúndachta ar gach duine a mbeidh rochtain acu ar na sonraí;

(e)

faireachán cuí ar shrianta agus athbhreithniú tréimhsiúil ar a gcur i bhfeidhm.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Chinneadh seo, ba cheart na coimircí dá dtagraítear i mír 1 a bheith faoi réir athbhreithnithe tréimhsiúla.

3.   Déanfar na sonraí pearsanta a choinneáil i gcomhréir le rialacha coinneála Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 is infheidhme, a shaineofar sna taifid cosanta sonraí a choinneofar faoi Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/1725. Ní bheidh an tréimhse coinneála sonraí níos faide ná mar is gá agus is iomchuí chun na gcríoch lena ndéantar na sonraí a phróiseáil.

Airteagal 5

Riachtanas agus comhréireacht na srianta

1.   Aon srian atá bunaithe ar Airteagal 3 den Chinneadh seo, beidh sé riachtanach agus comhréireach, agus na rioscaí do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí á gcur san áireamh, agus tabharfar aird ar bhunús na gceart agus na saoirsí bunúsacha i sochaí dhaonlathach.

2.   Má mheastar srian a chur i bhfeidhm, déanfar tástáil riachtanais comhréireachta bunaithe ar na rialacha atá ann faoi láthair. Déanfar an tástáil freisin faoi chuimsiú an athbhreithnithe thréimhsiúil, tar éis a mheasúnú an bhfuil feidhm fós ag na cúiseanna fíorasacha agus dlíthiúla leis an srian. Déanfar é a dhoiciméadú trí nóta measúnaithe inmheánaigh chun críoch freagrachta ar bhonn cás ar chás.

Ullmhóidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 tuarascálacha tréimhsiúla maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725.

3.   Beidh feidhm shealadach ag na srianta. Beidh feidhm acu chomh fada agus a bheidh na cúiseanna a thugann údar leo infheidhme, go háirithe i gcás ina meastar nach gcealófaí éifeacht an tsriain fhorchurtha a thuilleadh le teachtadh an chirt shrianta, nó nach mbeadh éifeacht dhiúltach leis ar chearta ná ar shaoirsí na n-ábhar sonraí eile.

Déanfaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an tsriain gach 6 mhí tar éis é a ghlacadh agus ar dhúnadh an fhiosrúcháin, an nós imeachta nó an imscrúdaithe ábhartha. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an rialaitheoir faireachán gach 6 mhí ar an ngá le haon srian a choinneáil ar bun.

4.   I gcás ina gcuireann Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 i bhfeidhm, go hiomlán nó go páirteach, na srianta atá bunaithe ar Airteagal 3 den Chinneadh seo, taifeadfaidh sé na cúiseanna leis an srian, an foras dlíthiúil/na forais dhlíthiúla i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chinneadh seo, lena n-áirítear measúnú ar riachtanas agus comhréireacht an tsriain.

Clárófar an taifead agus, i gcás inarb infheidhme, clárófar na doiciméid ina bhfuil codanna bunúsacha fíorasacha agus dlíthiúla foluiteacha. Déanfar iad a chur ar fáil do MECS arna iarraidh sin.

Airteagal 6

Oibleagáid eolas a thabhairt

1.   Áireoidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 sna fógraí cosanta sonraí, sna ráitis phríobháideachta nó sna taifid i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/1725 a fhoilseofar ar a shuíomh gréasáin agus/nó ar an inlíon lena gcuirfear na hábhair sonraí ar an eolas faoina gcearta faoi chuimsiú nós imeachta ar leith, eolas a bhaineann le srianadh féideartha na gceart sin. Cumhdóidh an t-eolas na cearta a bheidh srianta, na cúiseanna agus an tréimhse a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

Gan dochar d’fhorálacha Airteagail 5(4) den Chinneadh, déanfaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, i gcás ina mbeidh sé comhréireach, na hábhair sonraí uile, a meastar go bhfuil siad bainteach leis an oibríocht phróiseála ar leith, a chur ar an eolas, duine ar dhuine, faoina gcearta maidir le srianta reatha nó srianta a bheidh le teacht sa todhchaí, gan moill mhíchuí agus i bhfoirm scríofa.

2.   I gcás ina gcuirfidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 srian, go hiomlán nó go páirteach, leis na cearta atá leagtha amach in Airteagal 3 den Chinneadh seo, cuirfidh sé in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann go bhfuil feidhm leis an srian agus na príomhchúiseanna a bhaineann leis, agus gur féidir gearán a sheoladh chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó leigheas breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Féadfar soláthar faisnéise dá dtagraítear i mír 2 thuas a chur siar, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú má chuireann sé éifeacht an tsriain ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 25(8) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 7

Cúraimí an Oifigigh Cosanta Sonraí

1.   Rachaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, gan moill mhíchuí, i gcomhairle le hOifigeach Cosanta Sonraí Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 sula gcuirfidh an rialaitheoir srian le cur i bhfeidhm chearta na n-ábhar sonraí agus le linn an ama a chuirfidh an rialaitheoir srian leis, nó nuair a chuirfidh sé síneadh leis an srian, i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Tabharfaidh an rialaitheoir rochtain don Oifigeach Cosanta Sonraí ar an taifead ina mbeidh an measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht an tsriain agus ar aon doiciméad lena mbaineann an comhthéacs fíorasach nó dlíthiúil.

2.   Féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí iarraidh i scríbhinn ar an rialaitheoir athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na srianta. Cuirfidh an rialaitheoir an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas i scríbhinn maidir le toradh an athbhreithnithe a iarradh.

3.   Beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí páirteach le linn an nós imeachta. Cuirfidh an rialaitheoir an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas nuair a chuirfear deireadh leis an srian.

4.   Déanfaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 rannpháirtíocht an Oifigigh Cosanta Sonraí i gcur i bhfeidhm srianta a dhoiciméadú i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a roinntear leis nó léi.

Airteagal 8

Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí

1.   I gcás ina bhfuil sé d’oibleagáid ar Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 sárú i ndáil le sonraí a chur in iúl faoi Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, féadfaidh sé, in imthosca eisceachtúla, srian iomlán nó páirteach a chur leis an teachtaireacht sin. Déanfaidh sé doiciméadú i nóta ar na cúiseanna atá leis an srianadh, an foras dlíthiúil atá leis faoi Airteagal 3 den Chinneadh seo agus measúnú ar a riachtanas agus a chomhréireacht. Cuirfear an nóta in iúl do MECS tráth a thabharfar fógra faoin sárú i dtaca le sonraí pearsanta.

2.   I gcás nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna leis an srianadh, cuirfidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 an sárú i dtaca le sonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus cuirfidh sé nó sí na príomhchúiseanna leis an srianadh agus a cheart nó a ceart chun gearán a thaisceadh le MECS in iúl dó nó di.

Airteagal 9

Rúndacht na cumarsáide leictreonaí

1.   In imthosca eisceachtúla, féadfaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 srian a chur leis an gceart chun rúndachta maidir le cumarsáid leictreonach faoi Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/1725. Comhlíonfaidh na srianta sin Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.   I gcás ina gcuirfidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 srian leis an gceart chun rúndachta maidir le cumarsáid leictreonach, cuirfidh sé an t-ábhar sonraí lena mbaineann ar an eolas, ina fhreagra ar aon iarraidh ón ábhar sonraí, faoi na príomhchúiseanna le cur i bhfeidhm an tsriain agus faoin gceart atá aige gearán a thaisceadh le MECS.

3.   Féadfaidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 soláthar faisnéise maidir leis na cúiseanna atá le srianadh agus an ceart chun gearán a thaisceadh le MECS a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú fad a chuirfeadh sé sin éifeacht an tsriain ar ceal. Déanfar measúnú ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh údar leis sin ar bhonn cás ar chás.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Lúnasa 2023.

Thar ceann Bhord Rialaithe Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3

An Dochtúir Henning GÄDEKE

Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe


(1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(3)  Le fáil ag Treoraíocht maidir le hAirteagal 25 de Rialachán 2018/1725 | An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (europa.eu)

(4)  I gcásanna rialaitheoireacht chomhpháirteach déanfar sonraí a phróiseáil de réir na modhanna agus na gcuspóirí arna mbunú sa chomhaontú ábhartha i measc na gcomhrialaitheoirí mar a shainmhínítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725.

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(6)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2189/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)