Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2182 |
17.10.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2182 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Deireadh Fómhair 2023
lena mbronnfar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm ‘Terras do Dão’ (TGFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a chuir an Phortaingéil ar aghaidh an t-ainm ‘Terras do Dão’ a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm ‘Terras do Dão’ a chosaint agus a chlárú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cosnaítear leis seo an t-ainm ‘Terras do Dão’ (TGFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2182/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)