|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2157 |
18.10.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2157 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Deireadh Fómhair 2023
maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1475 a leasú agus a cheartú a mhéid a bhaineann leis an tuairisc ar struchtúr chód an bhuiséid, agus cineál agus formáid na faisnéise atá le soláthar chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na Pleananna Straitéiseacha CBT
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus atá le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 133 agus Airteagal 134(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I bpointe 2(a)(iv) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1475 ón gCoimisiún (2), níor leor líon na ndigití a sannadh do chód an bhuiséid chun riachtanas na mBallstát maidir le líon na n-aonadmhéideanna le haghaidh idirghabhálacha CBT a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, chun an tsoiléireacht agus an comhleanúnachas a áirithiú, ba cheart an tagairt do líon na ndigití a bhaint ón tuairisc ar chód an bhuiséid atá le tuairisciú, agus ba cheart pointe 2(a)(iv) den Iarscríbhinn sin a leasú dá réir sin. |
|
(2) |
Le pointe 7 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1475, déantar foráil maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar fhaisnéis mhargaidh i gcás earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115. Chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar an ráta eagrúcháin in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na leannlusanna agus in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird, rud lena bhféadfar measúnú níos fearr a dhéanamh ar chumhdach an chomhbheartais talmhaíochta, ba cheart sonraí a bhailiú maidir leis an achar iomlán faoi tháirgeadh torthaí agus glasraí, faoi tháirgeadh leannlusanna agus faoi tháirgeadh ola olóige agus ológ boird ó tháirgeoirí atá eagraithe in eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí. Chun bailiú na sonraí sin a áirithiú, ba cheart ‘Foirm A.7.’ i bpointe 7 den Iarscríbhinn sin a leasú. |
|
(3) |
Chun a áirithiú go mbaileofar sonraí maidir le buiséad grúpaí oibriúcháin trasteorann/trasnáisiúnta agus buiséad iomlán na ngrúpaí oibriúcháin seachas na grúpaí sin a fhaigheann tacaíocht ó CETFT, ba cheart do na Ballstáit sonraí breise a sholáthar maidir le maoiniú neamhnáisiúnta breise nó ranníocaíochtaí príobháideacha. Ba cheart, dá bhrí sin, pointe (n)(iv) agus pointe (p), de phointe 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1475 a leasú. |
|
(4) |
Le hAirteagal 2, pointe (d), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1475, ceanglaítear ar na Ballstáit, mar chuid den mheastóireacht ar na Pleananna Straitéiseacha CBT agus, i gcás inarb ábhartha, measúnú a dhéanamh ar idirghabhálacha sonracha nó ar ábhair a bhaineann leis na Pleananna Straitéiseacha CBT. Áirítear i bpointe 4(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin tagairt earráideach d’Airteagal 2, pointe (e), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ach ba cheart tagairt a dhéanamh ann do phointe (d) den Airteagal sin. Chun an tsoiléireacht agus an comhleanúnachas a áirithiú, ba cheart pointe 4(b) den Iarscríbhinn sin a cheartú dá réir sin. |
|
(5) |
Is gá ceartúcháin a dhéanamh ar líon beag earráidí sna forálacha maidir le lipéid na n-athróg a leagtar síos in Iarscríbhinní II, IV agus VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1475. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1475 a leasú agus a cheartú dá réir sin. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Forálacha leasaitheacha
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1475 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn IV, pointe 2(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):
Sa réimse seo tugtar cód an bhuiséid, a n-áirítear ann an ainmníocht bhuiséadach, an cineál idirghabhála, earnáil agus fo-earnáil, táscaire aschuir, idirghabháil, aonadmhéid, laghdú ar íocaíocht nó ar ráta ranníocaíochta, agus an bhliain féilire;’; |
|
(2) |
In Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:
|
|
(3) |
in Iarscríbhinn VI, leasaítear pointe 1 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Forálacha ceartaitheacha
Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1475 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn II, pointe 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(2) |
ceartaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
|
(3) |
in Iarscríbhinn VI, pointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 7ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1475 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le meastóireacht ar na Pleananna Straitéiseacha CBT agus a mhéid a bhaineann le faisnéis a sholáthar le haghaidh faireacháin agus meastóireachta (IO L 232, 7.9.2022, lch. 8).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2157/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)