![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2143 |
17.10.2023 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2143 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Deireadh Fómhair 2023
lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1685,(AE) 2019/1305 agus (AE) 2019/2087 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an ábhar tagartha
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C (2023) 6736)
(Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, agus go háirithe Airteagail 9(2), 11(3), 21(2) agus 23(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/651/AE ón gCoimisiún (2) údaraíodh bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as. Cumhdaíodh le raon feidhme an údaraithe sin freisin táirgí seachas bia agus beatha a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162, nó atá comhdhéanta de, le haghaidh na n-úsáidí céanna le harbhar Indiach ar bith eile, cé is moite de shaothrú. |
(2) |
An 12 Feabhra 2021 chuir Syngenta Crop Protection NV/SA, atá bunaithe sa Bheilg, isteach, thar ceann Syngenta Crop Protection AG, atá bunaithe san Eilvéis, iarratas chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, chun an t-údarú a athnuachan. |
(3) |
An 22 Meán Fómhair 2022, d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach (3). Tháinig sé ar an gconclúid nach raibh fianaise san iarratas ar athnuachan maidir le haon ghuais nua, teagmháil mhodhnaithe nó éiginnteacht eolaíoch nua a d’athródh conclúidí an mheasúnaithe riosca bunaidh ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162, measúnú a ghlac an tÚdarás in 2012 (4). |
(4) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, rinne an tÚdarás breithniú ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
(5) |
An plean faireacháin le haghaidh na n-éifeachtaí comhshaoil a chuir an t-iarratasóir isteach, arb é atá ann plean faireachais ginearálta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil an plean sin i gcomhréir le húsáidí beartaithe na dtáirgí. |
(6) |
An 17 Aibreán 2023 d’eisigh an tÚdarás ráiteas lena gcomhlánaítear an tuairim eolaíoch uaidh (5), agus faisnéis bhreise arna soláthar ag an bpobal á cur san áireamh. Níor shainaithin an tÚdarás aon impleacht maidir leis an bhfaisnéis bhreise faoi shábháilteacht arbhair Indiaigh ghéinmhodhnaithe MIR162 le haghaidh bia agus beatha nó le haghaidh an chomhshaoil agus dheimhnigh sé go bhfuil conclúidí a thuairime eolaíche fós bailí. |
(7) |
Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir leis an údarú chun bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as, agus chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162 nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú, ba cheart an t-údarú sin a athnuachan. |
(8) |
I gcomhthéacs a údaraithe tosaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/651/AE, tá aitheantóir uathúil sannta d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (6). Ba cheart leanúint den aitheantóir uathúil sin a úsáid. |
(9) |
I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach gá aon cheanglas sonrach lipéadaithe, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Mar sin féin, chun a áirithiú go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162, nó atá comhdhéanta de, laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart a léiriú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí sin, cé is moite de bhia agus comhábhair bhia, nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú. |
(10) |
Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (8). |
(11) |
Ní thugann an tuairim ón Údarás údar le coinníollacha nó srianta sonracha a fhorchur maidir le cur ar an margadh le haghaidh úsáide agus láimhseála, lena n-áirítear ceanglais faireacháin iarmhargaidh i ndáil le bia agus beatha a chaitheamh, ar bia agus beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, nó maidir le héiceachórais/comhshaol agus/nó limistéir gheografacha ar leith a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e) agus Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
(12) |
An 26 Deireadh Fómhair 2022, chuir Syngenta Crop Protection NV/SA, thar ceann Syngenta Crop Protection AG, an Coimisiún ar an eolas faoi athrú ar sholáthraí an ábhair tagartha, is é sin arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162. Dá bhrí sin, ba cheart Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1685 (9), 2019/1305 (10) agus 2019/2087 (11) ón gCoimisiún a leasú chun na táisc a thabhairt cothrom le dáta a mhéid a bhaineann le naisc suímh gréasáin chun rochtain a fháil ar na hábhair thagartha dheimhnithe faoi seach le haghaidh an arbhair Indiaigh ghéinmhodhnaithe MIR162. |
(13) |
An fhaisnéis ábhartha uile maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a iontráil sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
(14) |
Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do na Páirtithe i bPrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). |
(15) |
Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é le go ndéanfar tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil
Sanntar an t-aitheantóir uathúil SYN-IR162-4 d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.), mar a shonraítear san Iarscríbhinn, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004.
Airteagal 2
Athnuachan an údaraithe
An t-údarú chun na táirgí seo a leanas a chur ar an margadh, déantar é a athnuachan a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a) |
bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe SYN-IR162-4, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
(b) |
beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe SYN-IR162-4, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
(c) |
táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe SYN-IR162-4 nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí sin dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú. |
Airteagal 3
Lipéadú
1. Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ainm an orgánaigh.
2. Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe SYN-IR162-4 nó atá comhdhéanta de, dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).
Airteagal 4
Modh braite
Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe SYN-IR162-4 a bhrath.
Airteagal 5
Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil
1. Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.
2. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.
Airteagal 6
Clár Comhphobail
An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn, cuirfear isteach í sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
Airteagal 7
Sealbhóir an údaraithe
Is é Syngenta Crop Protection AG, arna ionadú san Aontas ag Syngenta Crop Protection NV/SA, a bheidh ina shealbhóir údaraithe.
Airteagal 8
Bailíocht
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a thabharfar fógra ina leith.
Airteagal 9
Leasú ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1685
In Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d)(3):
‘(3) |
Ábhar Tagartha: Tá rochtain ar ERM®-BF412 (i gcás SYN-BTØ11-1), ERM®-BF446 (i gcás SYN-IR162-4) agus ERM®-BF423 (i gcás SYN-IR6Ø4-5) trí Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh, ag https://crm.jrc.ec.europa.eu/ agus tá rochtain ar AOCS 0407-A agus AOCS 0407-B (i gcás MON-ØØØ21-9) tríd an American Oil Chemists Society ag https://www.aocs.org/crm.’ |
Airteagal 10
Leasú ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1305
In Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d)(3):
‘(3) |
Ábhar Tagartha: Tá rochtain ar ERM®-BF412 (i gcás SYN-BTØ11-1), ERM®-BF446 (i gcás SYN-IR162-4) agus ERM®-BF418 (i gcás DAS-Ø15Ø7-1) trí Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh, ag https://crm.jrc.ec.europa.eu/ agus tá rochtain ar AOCS 0407-A agus AOCS 0407-B (i gcás MON-ØØØ21-9) tríd an American Oil Chemists Society ag https://www.aocs.org/crm.’ |
Airteagal 11
Leasú ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2087
In Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d)(3):
‘(3) |
Ábhar Tagartha: Tá rochtain ar ERM®-BF412 (i gcás SYN-BTØ11-1), ERM®-BF446 (i gcás SYN-IR162-4), ERM®-BF423 (i gcás SYN-IR6Ø4-5) agus ERM®-BF418 (i gcás DAS-Ø15Ø7-1) trí Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh, ag https://crm.jrc.ec.europa.eu/ agus tá rochtain ar AOCS 0411-C agus 0411-D (i gcás SYN-Ø53Ø7-1) agus AOCS 0407-A agus 0407-B (i gcás MON-ØØØ21-9) tríd an American Oil Chemists Society ag https://www.aocs.org/crm.’ |
Airteagal 12
Seolaí
Is chuig Syngenta Crop Protection AG, Rosentalstrasse 67, CH-4058 Basel, an Eilvéis, arna ionadú san Aontas ag Syngenta Crop Protection NV/SA, Avenue Louise 489, 1050 an Bhruiséil, an Bheilg, a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/651/AE ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2012 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162 (SYN-IR162-4), atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh de bhun Rialachán Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 290, 20.10.2012, lch. 14).
(3) Painéal EFSA ar Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe (Painéal GMO EFSA), 2022. Scientific Opinion on Assessment of genetically modified maize MIR162 for renewal authorisation under Regulation (EC) No 1829/2003 (application EFSA-GMO-RX-025) [Tuairim Eolaíoch maidir leis an Measúnú ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162 i ndáil lena údarú a athnuachan faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (iarratas EFSA-GMO-RX-023)]. EFSA Journal 2022;20(9):7562, 13 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7562.
(4) Painéal EFSA ar Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe (Painéal GMO EFSA), 2012. Scientific Opinion on application (EFSA-GMO-DE-2010-82) for the placing on the market of insect-resistant genetically modified maize MIR162 for food and feed uses, import and processing under Regulation (EC) No 1829/2003 from Syngenta [Tuairim Eolaíoch maidir le hiarratas (EFSA-GMO-DE-2010-82) ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162 atá frithsheasmhach in aghaidh feithidí a chur ar an margadh, lena húsáid i mbia agus i mbeatha, lena allmhairiú agus lena phróiseáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Syngenta]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2012; 10(6):2756, 37 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2012.2756.
(5) Painéal EFSA ar Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe (Painéal GMO EFSA), 2023. Ráiteas maidir leis an measúnú riosca ar fhaisnéis bhreise faoi arbhar Indiach MIR162. EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(4):7935, 8 lgh https://10.0.11.87/j.efsa.2023.7935
(6) Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24).
(8) Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe maidir le cur i láthair na dtorthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9).
(9) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1685 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2016 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe Bt11 × MIR162 × MIR604 × GA21, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, agus cineálacha arbhair Indiaigh ghéinmhodhnaithe ina gcomhcheanglaítear dhá cheann nó trí cinn de na teagmhais Bt11, MIR162, MIR604 agus GA21 a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Cinntí 2010/426/AE, 2011/892/AE, 2011/893/AE agus 2011/894/AE (IO L 254, 20.9.2016, lch. 22).
(10) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1305 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2019 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe Bt11 × MIR162 × 1507 × GA21 agus fo-chumaisc Bt11 × MIR162 × 1507, MIR162 × 1507 × GA21 agus MIR162 × 1507, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 204, 2.8.2019, lch. 69).
(11) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2087 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe Bt11 × MIR162 × MIR604 × 1507 × 5307 × GA21, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as, agus arbhar Indiach géinmhodhnaithe ina gcomhcheanglaítear dhá cheann, trí cinn, ceithre cinn nó cúig cinn de na teagmhais thrasfhoirmithe 1Bt11, MIR162, MIR604, 1507, 5307 agus GA21 a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 6.12.2019, lch. 94).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
(a) Iarratasóir agus sealbhóir an údaraithe:
Ainm: Syngenta Crop Protection AG
Seoladh: Rosentalstrasse 67, CH-4058 Basel, an Eilvéis
Arna ionadú san Aontas ag: Syngenta Crop Protection NV/SA, Avenue Louise 489, 1050 an Bhruiséil, an Bheilg.
(b) Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:
(1) |
bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe SYN-IR162-4, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
(2) |
beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe SYN-IR162-4, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
(3) |
táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe SYN-IR162-4 nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí sin dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú. |
Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe SYN-IR162-4 an ghéin vip3Aa20, rud a thugann frithsheasmhacht in aghaidh lotnaidí léipidipteireacha áirithe, agus an ghéin pmi, rud á úsáideadh mar mharcóir inroghnaithe.
(c) Lipéadú:
(1) |
Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ainm an orgánaigh; |
(2) |
Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe SYN-IR162-4, cé is moite de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1). |
(d) Modh braite:
(1) |
Modh atá bunaithe ar imoibriú slabhrúil polaiméaráise saintheagmhas fíor-ama cainníochtúil chun arbhar Indiach géinmhodhnaithe SYN-IR162-4 a bhrath; |
(2) |
Arna bhailíochtú ag saotharlann tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna fhoilsiú ag http://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/StatusOfDossiers.aspx; |
(3) |
Ábhar Tagartha: Tá rochtain ar ERM®-BF446 trí Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh, ag https://crm.jrc.ec.europa.eu/. |
(e) Aitheantóir uathúil:
SYN-IR162-4
(f) Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch:
[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a fhógraítear é].
(g) Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:
Ní gá.
(h) Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil:
Plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
[Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]
(i) Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine:
Ní gá.
Nóta: d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig na doiciméid ábhartha a athrú thar thréimhse ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal tríd an gClár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta.
(1) Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2143/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)