European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2130

11.10.2023

CINNEADH (CBES) 2023/2130 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 26 Meán Fómhair 2023

maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/2539 (BiH/35/2023)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/570/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/570/CBES, d’údaraigh an Chomhairle an Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (Oibríocht ALTHEA) (‘Ceannasaí Fórsa an Aontais’).

(2)

An 13 Nollaig 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/2539 (2), lena gceaptar an Maor-Ghinearál Helmut HABERMAYER mar Cheannasaí Fórsa an Aontais.

(3)

An 10 Márta 2023, mhol údaráis na hUngáire an Maor-Ghinearál László STICZ a cheapadh i gcomharbacht ar an Maor-Ghinearál Helmut HABERMAYER mar Cheannasaí Fórsa an Aontais ón mhí Eanáir 2024.

(4)

An 21 Márta 2023, thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh ar Oibríocht ALTHEA leis an moladh sin ó údaráis na hUngáire.

(5)

An 3 Iúil 2023, d’aontaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an moladh sin ó údaráis na hUngáire.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanamh maidir le ceapachán Maor-Ghinearál László STICZ mar Cheannasaí Fórsa an Aontais ón 21 Eanáir 2024.

(7)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/2539 a aisghairm.

(8)

An 12 agus an 13 Nollaig 2002, ghlac Comhairle Eorpach Chóbanhávan dearbhú lena luaitear nach mbeidh feidhm ag socruithe ‘Beirlín Plus’ agus a gcur chun feidhme ach amháin maidir leis na Ballstáit sin den Aontas is comhaltaí freisin de ECAT nó is páirtithe i ‘gComhpháirtíocht na Síochána’, agus a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha slándála arna dtabhairt i gcrích acu le ECAT dá bhrí sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar an Maor-Ghinearál László STICZ mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (Oibríocht ALTHEA) ón 21 Eanáir 2024.

Airteagal 2

Déantar Cinneadh (CBES) 2022/2539 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Eanáir 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 252, 28.7.2004, lch. 10.

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/2539 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 13 Nollaig 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/59 (BiH/34/2022) (IO L 328, 22.12.2022, lch. 99).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2130/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)