|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2117 |
13.10.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2117 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Deireadh Fómhair 2023
lena leagtar síos na rialacha is gá agus ceanglais mhionsonraithe chun stór lárnach faisnéise a fheidhmiú agus a bhainistiú de bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 216/2008 agus (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 74(8) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1139, déanfar faisnéise a bhaineann leis an eitlíocht shibhialta a stóráil i stór lárnach leictreonach faisnéise arna bhunú agus arna bhainistiú ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) ina mbeidh an fhaisnéis is gá chun comhar éifeachtach a áirithiú idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta, agus iad i mbun a gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe de bhun an Rialacháin sin. |
|
(2) |
Tá sé tábhachtach go mbeadh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla náisiúnta rannpháirteach i bhforbairt agus bainistíocht an stóir lárnaigh ag an nGníomhaireacht agus dá bhrí sin ba cheart sásra comhairliúcháin iomchuí a leagan síos leis an Rialachán seo chun a áirithiú go dtéann an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na Ballstáit agus an Coimisiún sula ndéantar cinntí a bhaineann leis an stór. |
|
(3) |
Chun úsáid éifeachtach an stóir lárnaigh a áirithiú, ba cheart dá struchtúr foráil a dhéanamh maidir le bunachar sonraí lárnach, bonneagar cumarsáide agus comhéadan is gá chun an fhaisnéis a stóráiltear sa stór a eisiúint, a cheistiú agus rochtain a fáil uirthi. Chun comhar idir na heintitis a úsáideann an stór lárnach a éascú, ba cheart aon chomhéadan amháin a bheith ann chun ceisteanna úsáideoirí díreacha a treorú chuig an stór lárnach agus aon chomhéadan amháin do na húdaráis inniúla náisiúnta. |
|
(4) |
Ba cheart don stór lárnach comhtháthú agus cumarsáid na n-údarás inniúil leis an stór lárnach a éascú trí bhíthin sonraíochtaí feidhmiúla iomchuí lena gcumhdaítear an comhéadan, an tslándáil, an líonra, agus faisnéis chumraíochta an fheidhmchláir. |
|
(5) |
Ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go gcoimeádtar an stór lárnach faoi dhálaí oibre cearta chun clistí teicniúla a sheachaint agus chun leanúnachas oibríocht an stóir lárnaigh agus bainistíocht a shonraí a áirithiú. |
|
(6) |
Ba cheart an fhaisnéis a tharchur agus a mhalartú tríd an stór lárnach bunaithe ar fhormáidí faisnéise a comhaontaíodh i gcomhpháirt a mhol an Ghníomhaireacht ionas go dtuigeann na heintitis a dhéanfaidh an chumarsáid an fhaisnéis a mhalartófar ar an mbealach céanna. |
|
(7) |
Ba cheart foráil a dhéanamh le nuashonruithe tráthrialta maidir leis an bhfaisnéis a stóráiltear sa stór lárnach do mhalartú faisnéise atá níos fearr. Maidir leis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht agus do na húdaráis inniúla náisiúnta modheolaíocht a fhorbairt chun an fhaisnéis a stóráiltear sa stór lárnach a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. |
|
(8) |
Ba cheart don Rialachán seo na ceanglais a bhunú freisin d’aicmiú na faisnéise ionas go láimhseáiltear an fhaisnéis a stóráiltear sa stór lárnach de réir na bparaiméadar maidir le príobháideachas, rúndacht, sláine agus infhaighteacht. Ba cheart athmheastóireacht a dhéanamh ar aicmiú na faisnéise sin tráth ar bith a thagann athrú ar úsáid na faisnéise chun a áirithiú go bhfuil an t-aicmiú cothrom le dáta. |
|
(9) |
Tá sé tábhachtach go sainaithneofaí na páirtithe leasmhara a d’fhéadfadh faisnéis a stóráiltear sa stór lárnach a fháil agus go leagfaí síos rialacha mionsonraithe maidir le láimhseáil a n-iarrataí ar rochtain a fháil. Chun na críche sin, ba cheart don Rialachán seo na coinníollacha is gá a leagan síos maidir le scaipeadh na faisnéise ar na páirtithe leasmhara. Ba cheart a áirithiú freisin go ndéantar an fhaisnéis a fhaigheann na páirtithe leasmhara a bhainistiú ar bhealach rúnda. |
|
(10) |
Ba cheart do chóras inrianaitheachta ar an bhfaisnéis a stóráiltear sa stór lárnach an chosaint in aghaidh ar rochtain neamhúdaraithe a fháil air a áirithiú agus ba cheart dó an faireachán a chumasú ar na hoibríochtaí i gcás ina bhfuil faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, próiseáilte, chun sláine sonraí agus slándáil faisnéise a áirithiú. |
|
(11) |
Ba cheart d’eagraíochtaí a bhfoireann úsáideoirí údaraithe, a bhfuil gá acu rochtain a fháil ar an stór lárnach, a údarú de réir nósanna imeachta doiciméadaithe. Ba cheart foireann ó lárionaid aerleighis a bheith údaraithe ag a n-údaráis inniúla náisiúnta faoi seach. |
|
(12) |
Ba cheart ceanglais a fhorbairt do chosaint an bhonneagair agus na sonraí ábhartha faoi chuimsiú beartas bainistíochta slándála. Ba cheart, go háirithe, bearta a fhorbairt le haghaidh bainistíocht slándála, leanúnachas gnó agus pleananna athshlánaithe ó thubaiste. Ba cheart do na húsáideoirí údaraithe a áirithiú go bhfuil na bearta slándála is gá curtha i bhfeidhm agus go n-oibríonn siad i gcomhar ina leith. |
|
(13) |
Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin chun comhar éifeachtach a áirithiú idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta inniúla maidir le feidhmiú na gcúraimí sin acu a bhaineann le deimhniúchán, formhaoirseacht agus forfheidhmiú. Ba cheart don Rialachán seo socruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le cosaint sonraí pearsanta a stóráiltear sa stór lárnach agus a dhéantar a mhalartú tríd. Ní mór do phróiseáil den sórt sin Rialacháin (AE) 2016/679 (2) agus (AE) 2018/1725 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh agus ní mór dó freagrachtaí na n-eintiteas ábhartha a ainmníodh chun a áirithiú go ráthaítear cosaint sonraí a shoiléiriú. |
|
(14) |
Tá sé riachtanach freagrachtaí na n-eintiteas faoi seach atá ag próiseáil na sonraí pearsanta sa stór lárnach a shainaithint agus a leithdháileadh, lena n-áirítear sonraí pearsanta a iontráil agus a bhaint amach ón stór lárnach. Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/1139 go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis na hÚdaráis Inniúla Náisiúnta, stór lárnach faisnéise a bhunú agus a bhainistiú, ina mbeidh an fhaisnéis is gá chun comhar éifeachtach a áirithiú idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta inniúla. Go háirithe, chun dul i gcomhar chun bainistíocht slándála an stóir lárnaigh a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh a bheith ina rialaitheoirí comhpháirteacha do phróiseáil na sonraí pearsanta do bhainistíocht an stóir lárnaigh. Dá réir sin, tá gá le freagrachtaí na gcomhrialaitheoirí agus a n-oibleagáidí sonracha maidir le hábhair sonraí a shainiú. |
|
(15) |
Ba cheart do gach Údarás Inniúil Náisiúnta, an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún a bheith mar an t-aon rialaitheoir ar na hoibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh laistigh dá gcórais dhílse mar úsáideoirí údaraithe. Ba cheart na hoibríochtaí próiseála sonraí a dhéanamh i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725. Ós rud é gur de thionscnamh gach rialaitheora faisnéis a mhalartaítear sa stór lárnach, ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht i gcás aon sárú i ndáil le sonraí pearsanta ina gcóras a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shlándáil, rúndacht, infhaighteacht nó sláine na sonraí pearsanta a phróiseáiltear sa stór lárnach. |
|
(16) |
Ba cheart an oibleagáid chun fógra a thabhairt dá chéile faoi sháruithe slándála, lena n-áirítear sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta, a shonrú chun é a chur ar a gcumas do rialaitheoirí comhpháirteacha teagmhais slándála agus sáruithe ar shonraí a shainaithint a luaithe is féidir. Ba cheart do gach rialaitheoir tuairisciú riachtanach na sáruithe sin a áirithiú dá réir sin. |
|
(17) |
De réir mar ba ghá, d’fhéadfaí srian a chur le feidhmiú ceart ábhair sonraí faoi dhálaí sonraithe áirithe. Ba cheart na srianta sin a bheith comhréireach agus teoranta ó thaobh raon feidhme agus ama de. Ba cheart don ábhar sonraí a bheith in ann a chearta maidir chun cosaint éifeachtach agus leigheas breithiúnach a fháil a fheidhmiú. |
|
(18) |
Chun slándáil na heitlíochta a áirithiú, féadfaidh gá a bheith ag an údarás inniúil rochtain a fháil ar na taifid roimhe sin, lena n-áirítear na cinn sin ina bhfuil sonraí pearsanta. Go háirithe, rochtain a fháil ar shonraí leighis lena dtugtar údar do thréimhsí neamhábaltachta roimhe sin nó srianta a fhorchur. Dá bhrí sin, agus gan dochar do thréimhsí níos giorra i gcás ina bhforálfar dó sin sa dlí náisiúnta, le tréimhse stórála uasta 10 mbliana ag tosú ón dáta a rachaidh an doiciméad in éag (e.g. deimhnithe sláinte, tuarascálacha liachta, ceadúnais), lena n-áirítear aon doiciméad lena bhfuil gá do na nósanna imeachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1139, ba cheart a áirithiú go bhféadfaidh na húsáideoirí údaraithe rochtain a fháil fós ar na sonraí sin. |
|
(19) |
Is faisnéis fhíor-riachtanach iad na sonraí pearsanta atá sa stór lárnach agus ba cheart iad a choinneáil chun críoch cartlannaithe ar mhaithe le sábháilteacht na heitlíochta agus chun críoch taighde stairiúil. Tar éis don tréimhse stórála imeacht in éag, nó do thréimhse níos giorra a d’fhéadfadh sé go ndéantar foráil di faoi dhlí náisiúnta, ba cheart sonraí pearsanta a scriosadh láithreach ón stór lárnach. Is féidir sonraí pearsanta a chóiméad chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail ó thaobh shábháilteacht na heitlíochta agus chun críocha taighde stairiúil lasmuigh den stór lárnach. |
|
(20) |
Chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur chun cinn go cuí, ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit agus do na heintitis a ndéanfar difear dóibh chun a gcuid nósanna imeachta a chur in oiriúint don chreat rialála nua sula mbeidh feidhm ag an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais áirithe de chuid Iarscríbhinn I a chur chun feidhme ag dátaí níos deireanaí de réir a gcatagóirí ábhair faisnéise agus an dáta eisiúna. |
|
(21) |
D’ullmhaigh an Ghníomhaireacht dréachtghníomh cur chun feidhme maidir le feidhmiú agus bainistíocht stóir lárnaigh faisnéise de bhun Rialachán (AE) 2018/1139 agus chuir sí faoi bhráid an Choimisiúin é le Tuairim Uimh. 04/2022 (4), i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointe (b), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139. |
|
(22) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 29 Márta 2023. |
|
(23) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le rialacha sábháilteachta comhchoiteanna a chur i bhfeidhm i réimse na heitlíochta sibhialta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú agus bainistíocht stóir lárnaigh faisnéise is gá chun comhar éifeachtach a áirithiú idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta agus iad i mbun a gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe faoi Rialachán (AE) 2018/1139.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe ó Rialacháin (AE) 2018/1139, (AE) 2016/679, (AE) 2018/1725 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 (5) agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún (6).
2. Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘úsáideoirí údaraithe’ an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na húdaráis inniúla náisiúnta, agus aon údarás inniúil ón mBallstát a bhfuil de chúram air tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú mar a leagtar síos in Airteagal 74(6), an chéad abairt, de Rialachán (AE) 2018/1139; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘comhéadan’ an pointe ag a nascann córais atá neamhspleách agus ar minic nach bhfuil aon bhaint acu le chéile agus ag a ngníomhaíonn siad ar a chéile nó ag a ndéanann siad cumarsáid le chéile; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘foireann údaraithe’ foireann na n-úsáideoirí údaraithe a bhfuil rochtain faighte acu ar an stór lárnach; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘catagóir ábhair faisnéise’ an cineál faisnéise a thagann faoi raon feidhme Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2018/1139 a bheidh le malartú ag na húsáideoirí údaraithe agus a mbeidh rochtain acu air; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘ábhar faisnéise’ píosa faisnéise a mhalartaítear go haonarach agus a chomhfhreagróidh i gcónaí don chatagóir ábhair faisnéise agus a bheidh comhoiriúnach lena formáid faisnéise; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘formáid faisnéise’ struchtúr réamhshainithe na catagóire ábhair faisnéise a chuimsíonn scéim réimsí a chomhfhreagraíonn do chineálacha ábhair mionsonraithe laistigh de gach catagóir ábhair faisnéise agus foclóirí arna ndéanamh as sraitheanna teoranta de luachanna atá incheadaithe atá comhlachaithe le gach réimse faoi seach; |
|
(g) |
ciallaíonn ‘páirtí leasmhar’ údaráis phoiblí na n-institiúidí, na ngníomhaireachtaí agus na gcomhlachtaí den Aontas Eorpach agus údaráis phoiblí, daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha na mBallstát atá faoi réir ábhar faisnéise mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I den Rialachán seo agus eintitis cháilithe atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1139. |
CAIBIDIL II
AN STÓR LÁRNACH A BHUNÚ, A BHAINISTIÚ AGUS A CHOTHABHÁIL
Airteagal 3
An stór lárnach a bhunú
1. Beidh comhéadain na Stórála, an Mhalartaithe, agus na Rochtana Úsáideora sa stór lárnach.
2. I gcomhéadan na Stórála, dá dtagraítear i mír 1, beidh an méid seo a leanas:
|
(a) |
bunachar sonraí lárnach ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2018/1139, a chuimsíonn faisnéis atá ann cheana agus faisnéis nua; agus |
|
(b) |
stair na n-athruithe ar fhaisnéis agus a stádas reatha/cartlannaithe. |
3. I gcomhéadan an Mhalartaithe, dá dtagraítear i mír 1, beidh an méid seo a leanas:
|
(a) |
bonneagar cumarsáide lena soláthraítear Comhéadain Feidhmchláir (APInna) atá slán chun faisnéis a eisiúint, a athrú, a cheistiú/a léamh, agus a chur sa chartlann idir córais na n-úsáideoirí údaraithe agus an stór lárnach; agus |
|
(b) |
rialacha fíoraithe maidir le cáilíocht faisnéise lena n-áirithítear comhsheasmhacht, sláine agus cruinneas na faisnéise atá stóráilte. |
4. Déanfaidh comhéadan na Rochtana Úsáideora dá dtagraítear i mír 1 foráil maidir le rochtain atá ar líne agus slán chun an fhaisnéis atá stóráilte a cheistiú agus a léamh. Ní bheidh fáil ar chomhéadan na Rochtana Úsáideora ach amháin don fhoireann údaraithe.
5. Déanfaidh an Ghníomhaireacht forbairt ar an doiciméadacht is gá a thacaíonn le comhtháthú na n-úsáideoirí údaraithe leis an stór lárnach. Is éard a bheidh sa doiciméadacht sin:
|
(a) |
Caighdeáin API agus sásraí malartaithe; |
|
(b) |
an tslándáil, an líonra, agus faisnéis chumraíochta an fheidhmchláir is gá chun cumarsáid a dhéanamh leis an stór lárnach; |
|
(c) |
rialacha lena sonraítear struchtúr agus ábhar bailí na faisnéise a mhalartaítear leis an stór lárnach. |
6. Ba cheart don Gníomhaireacht foráil a dhéanamh freisin maidir le timpeallacht tástála ina bhféadfaidh na húsáideoirí údaraithe feidhmiúlacht agus feidhmíocht chomhéadan an mhalartaithe idir a gcórais agus an stór lárnach a scrúdú.
Airteagal 4
Bainistíocht an stóir lárnaigh
1. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as bainistíocht oibríochtúil an stóir lárnaigh agus déanfaidh sí an fhaisnéis a stóráil go slán sa stór lárnach.
2. Déanfaidh na húsáideoirí údaraithe an fhaisnéis a tharchur agus a mhalartú tríd an stór lárnach trí na comhéadain agus áiritheoidh siad nasc slán ar líne idir a gcóra(i)s agus an stór lárnach.
3. Sula ndéanfar aon chinneadh maidir le bainistíocht oibríochtúil an stóir lárnaigh, nó é a chur ar fáil go poiblí, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an húdaráis inniúla náisiúnta.
4. Déanfaidh an fhoireann údaraithe ó na scrúdaitheoirí aerleighis náisiúnta agus na hionaid aerleighis an fhaisnéis sa stór lárnaigh a tharchur agus a mhalartú sa stór lárnaigh trína n-údaráis inniúla náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Rialachán seo.
Airteagal 5
Cothabháil an stóir lárnaigh
1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht cothabháil ar an stór lárnaigh agus áiritheoidh sí go bhfeidhmíonn sé i gceart i dtéarmaí príobháideachais, rúndachta, sláine, agus infhaighteachta.
2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht cóip chúltaca go córasach den stór lárnach agus dá shonraí.
CAIBIDIL III
RIALACHA MAIDIR LEIS AN bhFAISNÉIS A STÓRÁILTEAR SA STÓR LÁRNACH
Airteagal 6
Formáidí agus caighdeáin na faisnéise
1. Déanfaidh na húsáideoirí údaraithe faisnéis a tharchur, a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, agus a mhalartú tríd an stór lárnach bunaithe ar fhormáidí faisnéise, a comhaontaíodh i gcomhpháirt, a mhol an Ghníomhaireacht.
2. Beidh na formáidí faisnéise caighdeánaithe de réir catagóir faisnéise. Ní dhéanfaidh na húsáideoirí údaraithe aon ábhar faisnéise a tharchur chuig an stór lárnach ach amháin san fhormáid faisnéise shonrach don chatagóir faisnéise sin.
3. Leagtar síos liosta na gcatagóirí ábhair faisnéise in Iarscríbhinn I.
Airteagal 7
Aicmiú na faisnéise
1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an gCoimisiún agus na húdaráis inniúla náisiúnta, na catagóirí ábhair faisnéise a aicmiú de réir na marcanna a leanas:
|
(a) |
príobháideachas: sonraí neamhphearsanta, sonraí pearsanta neamhíogaire nó íogaire; |
|
(b) |
rúndacht: gan aon tionchar, teoranta, suntasach, tubaisteach; |
|
(c) |
sláine: gan aon tionchar, teoranta, suntasach, tubaisteach; |
|
(d) |
infhaighteacht: gan aon tionchar, teoranta, suntasach, tubaisteach. |
2. Leagtar síos sainmhínithe mionsonraithe na marcanna dá dtagraítear i mír 1 in Iarscríbhinn II.
3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an gCoimisiún agus na húdaráis inniúla náisiúnta,, aon uair a mheasann sí go bhfuil gá leis, athmheastóireacht ar aicmiú na faisnéise chun a áirithiú go bhfuil sé fós iomchuí bunaithe ar na hathruithe ar an úsáid faisnéise.
Airteagal 8
Socruithe chun faisnéis a scaipeadh
1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar iarraidh ó pháirtí leasmhar, an fhaisnéis atá sa stór lárnach a sholáthar don pháirtí leasmhar sin faoi réir na gcoinníollacha sonracha a leagtar amach san Airteagal seo.
2. Iarraidh ar scaipeadh na faisnéise atá sa stór lárnach, cuirfear isteach í i bhfoirm agus ar bhealach a leagfaidh an Ghníomhaireacht síos.
3. Agus iarraidh á fáil aici, déanfaidh an Ghníomhaireacht na nithe a leanas a fhíorú:
|
(a) |
gur páirtí leasmhar atá ag déanamh na hiarrata; agus |
|
(b) |
go léiríonn an páirtí leasmhar go bhfuil fíorghá leis an bhfaisnéis a iarradh d’oibríochtaí dílse an pháirtí leasmhair. |
4. Measfaidh an Ghníomhaireacht cé acu a bhfuil nó nach bhfuil údar ag an iarraidh agus má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 5, soláthróidh sé an fhaisnéis a iarradh don pháirtí leasmhar.
5. Ní sholáthróidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis a iarradh don pháirtí leasmhar ach amháin faoi na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
ní fhaigheann an páirtí leasmhar rochtain ar inneachar iomlán an stóir lárnaigh; |
|
(b) |
tá fíorghá leis an bhfaisnéis d’oibríochtaí dílse an pháirtí leasmhair; |
|
(c) |
ní scaiptear aon sonraí pearsanta ach amháin má bhaineann na sonraí sin leis an bpáirtí leasmhar féin nó má tá fíorghá leis an scaipeadh sin chun oibríochtaí an pháirtí leasmhar a fheidhmiú. |
6. Déanfaidh an Ghníomhaireacht liosta cothrom le dáta de na hiarrataí a bheidh faighte agus de na bearta a bheidh déanta ag an nGníomhaireacht a chur ar fáil do na úsáideoirí údaraithe.
7. Déanfaidh an páirtí leasmhar na nithe seo a leanas:
|
(a) |
an fhaisnéis a úsáid chun na críche a shonraítear san fhoirm iarrata agus chun na críche sin amháin; |
|
(b) |
gan an fhaisnéis a fuarthas a nochtadh gan údarú na n-úsáideoirí údaraithe; |
|
(c) |
na bearta is gá a dhéanamh chun rúndacht na faisnéise a fuarthas a áirithiú. |
Airteagal 9
Oibríochtaí próiseála sonraí a logáil
1. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar na hoibríochtaí próiseála sonraí uile a logáil. Soláthrófar leis na logaí an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a) |
cuspóir na hiarrata ar rochtain ar shonraí a stóráiltear sa stór lárnach; |
|
(b) |
sainaithint an úsáideora údaraithe a aisghabhann na sonraí; |
|
(c) |
dáta agus am beacht na n-oibríochtaí próiseála sonraí; |
|
(d) |
sainaithint na foirne údaraithe a dhéanann an cuardach. |
2. Ní bhainfidh an Ghníomhaireacht úsáid as logaí na n-oibríochtaí próiseála sonraí ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na rochtana ar an bhfaisnéis agus chun sláine agus slándáil na sonraí a áirithiú. Beidh na sonraí a bhfuil fíorghá leo chun na críche sin sna logaí, ag comhlíonadh an phrionsabail maidir le híoslaghdú sonraí mar a leagtar síos in Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725. Déanfar na logaí a scriosadh i ndiaidh dheireadh an nós imeachta faireacháin nó tar éis 1 bhliana amháin ar a dhéanaí.
3. Arna iarraidh sin, tabharfar rochtain don Choimisiúin agus do na húdaráis inniúla náisiúnta ar na logaí chun críche measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na rochtana ar fhaisnéis, faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na n-oibríochtaí próiseála sonraí agus chun sláine agus slándáil na sonraí a áirithiú.
Airteagal 10
Rochtain ar an stór lárnach
1. Áiritheoidh na húsáideoirí údaraithe nach mbeidh rochtain ar an stór lárnach ach amháin ag foireann údaraithe.
2. Áiritheoidh na húsáideoirí údaraithe go bhfaigheann a bhfoireann rochtain ar an bhfaisnéis ar bhonn phríobháideachas agus mharcanna rúndachta na catagóire ábhair faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 7.
3. Déanfaidh na húsáideoirí údaraithe na nithe seo a leanas a bhunú agus a choinneáil ar bun:
|
(a) |
liosta den fhoireann údaraithe; |
|
(b) |
nósanna imeachta maidir le rochtain a fháil ar an stór lárnach; comhlíonfaidh na nósanna imeachta sin na ceanglais dhlíthiúla ag a bhfuil feidhm maidir le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis agus í a phróiseáil a leagtar síos i ndlí an Aontais agus i ndlíthe náisiúnta. Doiciméadóidh siad na téarmaí agus na coinníollacha don fhoireann údaraithe chun rochtain a fháil ar an stór lárnach. |
4. Áiritheoidh na scrúdaitheoirí aerleighis náisiúnta agus na hionaid aerleighis nach mbeidh rochtain ar an stór lárnach ach amháin ag an bhfoireann atá údaraithe ag a n-údarás inniúil náisiúnta.
Airteagal 11
Bainistíocht slándála an stóir lárnach
1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht bonneagar an stóir lárnaigh agus an fhaisnéis ann a chosaint, agus déanfaidh sí na nithe seo a leanas a fhorbairt:
|
(a) |
plean bainistíochta slándála; |
|
(b) |
plean leanúnachais gnó; |
|
(c) |
plean athshlánaithe ó thubaiste. |
2. Cuirfidh an Ghníomhaireacht cosc ar an bpróiseáil neamhúdaraithe ar fhaisnéis agus ar aon léamh, cóipeáil, modhnú, baint nó scriosadh neamhúdaraithe den fhaisnéis atá sa stór lárnach, nó le linn faisnéis a tharchur chuig an stór nó uaidh, nó le linn an scaipthe; go háirithe le teicnící criptithe iomchuí.
3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht a áirithiú nach mbeidh rochtain ag na daoine atá údaraithe chun rochtain a fháil ar an stór lárnach ach ar an bhfaisnéis atá cumhdaithe faoina n-údarú rochtana, trí mheán céannachta úsáideora ar leithligh agus modhanna rochtana rúnda amháin a úsáid.
4. Déanfaidh na húsáideoirí údaraithe slándáil a bhfaisnéise a bhainistiú roimh an tarchur chuig an stór lárnach agus lena linn agus déanfaidh siad a mbonneagar a chosaint trí na nithe seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
comhéadain idir a gcórais agus an stór lárnach a chur ar bun; |
|
(b) |
na comhéadain a oibriú agus a chothabháil; |
|
(c) |
go bhfuil foireann údaraithe oilte go hiomchuí maidir le slándáil faisnéise, reachtaíocht maidir le cosaint sonraí agus cearta bunúsacha is infheidhme sula dtugtar cead dóibh faisnéis a stóráiltear sa stór lárnach a phróiseáil. |
5. Rachaidh na húsáideoirí údaraithe i gcomhar chun bainistíocht slándála an stóir lárnaigh a áirithiú.
CAIBIDIL IV
COSAINT SONRAÍ PEARSANTA
Airteagal 12
Sonraí pearsanta a stóráiltear sa stór lárnach a phróiseáil
1. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a stóráiltear sa stór lárnach a phróiseáil ach amháin chun comhar a áirithiú idir na húsáideoirí údaraithe is gá chun a gcúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú a fheidhmiú. Beidh an phróiseáil teoranta a mhéid is gá chun a gcúraimí a fheidhmiú agus a mhéid is fíorghá agus is comhréireach leis na cuspóirí a shaothrú.
2. Déanfar rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta agus iad a phróiseáil i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla an stóir lárnaigh.
3. Cuirfear san áireamh na hoibleagáidí maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú tráth chinneadh na modhanna chun an phróiseáil a dhéanamh agus tráth na próiseála féin.
4. Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithnithe go tráthrialta chun éifeachtacht na gcoimircithe cosanta sonraí uile atá curtha chun feidhme a áirithiú.
Airteagal 13
Rialú comhpháirteach ar shonraí pearsanta a phróiseáiltear sa stór lárnaigh
1. Is iad na húsáideoirí údaraithe na rialaitheoirí comhpháirteacha ar na sonraí pearsanta a stóráiltear sa stór lárnach.
2. Beidh gach rialaitheoir comhpháirteach faoi seach freagrach as comhlíonadh chritéir aicmithe na faisnéise do gach ábhar faisnéise a phróiseáiltear sa stór lárnach.
Airteagal 14
Leithdháileadh freagrachtaí i measc rialaitheoirí comhpháirteacha
1. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as:
|
(a) |
an stór lárnach a chur ar bhun, a oibriú agus a riar; |
|
(b) |
bainistíocht leanúnach an stóir lárnaigh, go háirithe na cearta rochtana agus slándáil agus rúndacht na sonraí pearsanta a phróiseáiltear sa stór lárnach i gcomhréir le hAirteagail 4, 5, 9 agus 12; |
|
(c) |
aon sárú i ndáil le sonraí pearsanta laistigh den stór lárnach a chur in iúl do na húsáideoirí údaraithe, don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus, i gcás ina bhfuil gá, do na hábhair sonraí i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1725; |
|
(d) |
na modhanna teicniúla a shainiú agus a chur chun feidhme chun a chur ar a gcumas d’ábhair sonraí a gcearta a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. |
2. Beidh na húdaráis inniúla náisiúnta agus an Coimisiún freagrach as na nithe seo a leanas:
|
(a) |
sonraí pearsanta sa stór lárnach a phróiseáil i gcomhréir le comhéadain na Stórála, an Mhalartaithe, agus na Rochtana Úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 3 agus leis na ceanglais slándála a shainmhínítear i mír 4 d’Airteagal 12; |
|
(b) |
slándáil a áirithiú d’aon phróiseáil ar shonraí pearsanta lasmuigh den stór lárnach i gcás ina ndéantar sonraí den sórt sin a phróiseáil chun críoch na próiseála tríd an stór lárnach nó i gceangal léi sin; |
|
(c) |
an fhoireann údaraithe a ainmniú agus a chur in iúl don Ghníomhaireacht, foireann a dtabharfar rochtain dóibh ar an stór lárnach i gcomhréir le hAirteagal 11; |
|
(d) |
gníomhú mar phointe teagmhála do na hábhair sonraí a thagann faoina gcúram mar rialaitheoirí aonair, lena n-áirítear i gcás ina bhfeidhmíonn siad a gcearta, ag baint úsáid as na modhanna teicniúla i gcás inar gá a chuireann an Ghníomhaireacht ar fáil i gcomhréir le pointe 1 (d), nó trí na bealaí cumarsáide a ainmnítear i bpointe 3; |
|
(e) |
fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht maidir le haon teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shlándáil, rúndacht, infhaighteacht agus/nó sláine na sonraí pearsanta a tharchuirtear agus/nó a phróiseáiltear sa stór lárnach; |
|
(f) |
fógra a thabhairt maidir le haon sárú i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáiltear sa stór lárnach do na húdaráis mhaoirseachta inniúla faoi seach agus, i gcás ina bhfuil gá lena leithéid, d’ábhair sonraí, i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1725 de réir mar is infheidhme. |
3. Déanfaidh gach rialaitheoir comhpháirteach na nithe seo a leanas a ainmniú:
|
(a) |
pointe teagmhála ag a bhfuil bosca ríomhphoist feidhmiúil don chumarsáid a dhéantar eatarthu; |
|
(b) |
pointe teagmhála chun tacú le hábhair sonraí maidir le feidhmiú a gcuid ceart de réir na reachtaíochta maidir le cosaint sonraí is infheidhme. |
4. I gcás ina bhfaigheann rialaitheoir comhpháirteach iarraidh ó ábhar sonraí nach dtagann faoina chúram, cuirfidh sé an iarraidh ar aghaidh láithreach chuig an rialaitheoir comhpháirteach freagrach. Má iarrtar é, tabharfaidh na rialaitheoirí comhpháirteacha cúnamh dá chéile chun iarrataí na n-ábhar sonraí a láimhseáil agus tabharfaidh siad freagra ar a chéile gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de 15 lá ón dáta a chuirtear isteach an iarraidh ar chúnamh.
5. Má tá faisnéis ó rialaitheoir eile ag teastáil ó rialaitheoir chun a oibleagáidí a shonraítear in Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh, seolfaidh sé iarraidh shonrach chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil dá dtagraítear i bpointe 3(a). Déanfaidh an rialaitheoir eile sin a dhícheall an fhaisnéis sin a chur ar fáil.
Airteagal 15
Srianta
1. Ní fhéadfaidh na rialaitheoirí srian a chur ar fheidhmiú chearta na n-ábhar sonraí ach amháin a mhéid is fíorghá agus a fhad is fíorghá chun sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a choimirciú agus a fhad is fíorghá. Ní fhéadfar srian a chur ar fheidhmiú chearta na n-ábhar sonraí ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
imscrúduithe, iniúchtaí, nó gníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha dá dtagraítear in Airteagal 75(2), pointe (e), de Rialachán (AE) 2018/1139 agus a dhéanann an Ghníomhaireacht laistigh dá freagrachtaí, nó a dhéanann na húdaráis inniúla dá bhforáiltear i ndlíthe náisiúnta nó i ndlí an Aontais; |
|
(b) |
imeachtaí leanúnacha roimh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó aon chúirt inniúil eile faoin dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta. |
2. I gcás gur rialaitheoirí iad an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, ní fhéadfaidh siad srian a chur ar fheidhmiú chearta na n-ábhair sonraí ach amháin a mhéid is fíorghá agus a fhad is fíorghá chun sábháilteacht na heitlíochta a choimirciú, i gcás ina bhfuil imscrúduithe ar bun maidir le slándáil TF ag a bhfuil tionchar díreach nó indíreach ar fheidhmiú an stóir lárnaigh.
3. Beidh na srianta uile faoi réir measúnú comhréireachta agus riachtanais agus beidh siad teoranta ó thaobh raon feidhme agus ama de.
4. Cuirfear an t-ábhar sonraí ar cuireadh srian ar fheidhmiú a chearta ar an eolas maidir le forais agus méid an tsriain.
Airteagal 16
Tréimhse stórála sonraí pearsanta
1. Déanfaidh na húsáideoirí údaraithe na nithe seo a leanas:
|
(a) |
sonraí pearsanta a stóráil laistigh den stór lárnach ar thréimhse stórála uasta 10 mbliana ag tosú ón dáta a rachaidh an doiciméad in éag, nó ón dáta nach mbeidh sé bailí a thuilleadh, lena n-áirítear aon doiciméad is gá do na nósanna imeachta dá dtagraítear in Rialachán (AE) 2018/1139, ach amháin má éilítear tréimhse éagsúil de réir an dlí náisiúnta; |
|
(b) |
sonraí pearsanta a scriosadh ón stór lárnach a luaithe agus a imíonn an tréimhse stórála in éag. |
2. Beidh na modhanna teicniúla ag an stór lárnach chun na nithe seo a leanas a chumasú:
|
(a) |
scriosadh uathoibrithe na sonraí pearsanta ar dhul in éag na tréimhse stórála; |
|
(b) |
an bréagainmniú uathoibrithe, nó réitigh theicniúla eile a bhfuil éifeacht chomhionann acu, ar shonraí pearsanta a stóráiltear chun críocha cartlannú a dhéanamh. |
Airteagal 17
Próiseáil chun críocha cartlannú agus taighde stairiúil a dhéanamh ar mhaithe le leas shábháilteacht na heitlíochta
1. Tar éis don tréimhse stórála dul in éag, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta ón stór lárnach a choimeád i gclárlann ar leithligh chun críocha cartlannú agus taighde stairiúil a dhéanamh.
2. Beidh sonraí den sórt sin teoranta dá bhfuil fíorghá leis chun críoch cartlannaithe agus taighde i réimse shábháilteacht na heitlíochta agus comhlíonfaidh sé prionsabal an íoslaghdaithe sonraí mar a leagtar síos in Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725.
3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht prótacal a fhorbairt maidir le rochtain ar an gclárlann. Beidh feidhm ag Airteagail 4, 5 agus 9 go 12 maidir leis an gclárlann sin.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm ag Caibidlí I agus II ón 1 Aibreán 2025 ar aghaidh.
3. Beidh feidhm ag na ceanglais maidir le hábhair faisnéise a eisítear tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo:
|
(a) |
ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh d’Iarscríbhinn I, catagóir ghrúpa A; |
|
(b) |
ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh d’Iarscríbhinn I, catagóir ghrúpa B; |
|
(c) |
ón 1 Eanáir 2029 ar aghaidh d’Iarscríbhinn I, catagóir ghrúpa C. |
4. Beidh feidhm ag na ceanglais a bhaineann le hábhair faisnéise atá bailí agus a eisíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a liostaítear in Iarscríbhinn I, ón 1 Eanáir 2029.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(4) https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2019 maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh oibriú aerárthaí gan foireann (IO L 152, 11.6.2019, lch. 45).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 maidir le creat rialála don U-space (IO L 139, 23.4.2021, lch. 161).
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA ÁBHAIR FAISNÉISE
|
Ábhar faisnéise Ábhar faisnéise |
Grúpaí tosaíochta paí tosaíochta |
|
Ceadúnais |
|
|
Ceadúnas píolóta |
A |
|
Bailíochtú ceadúnais píolóta |
A |
|
Ceadúnas le haghaidh rialtóirí aerthráchta |
A |
|
Ceadúnas cothabhála aerárthaí |
B |
|
Deimhnithe – Eagraíochtaí |
|
|
Deimhniú sholáthraí BAT/SAL |
B |
|
Deimhniú oibreora aeradróim |
B |
|
Deimhniú aeroibreora (AOC) |
B |
|
Deimhniú trealaimh aeradróim |
B |
|
Deimhniú aeracmhainneachta (CofA) |
B |
|
Deimhniú cáilíochta d’fheistí oiliúna insamhalta eitilte (FSTD) |
C |
|
Deimhniú oibreora córais aerárthaí éadroma gan foireann (UAS) |
A |
|
Deimhniú oibreora UAS |
C |
|
Deimhniú soláthraí seirbhíse U-space (USSP) |
B |
|
Deimhniú Soláthraí Aonair Seirbhísí Faisnéise Coitinne |
B |
|
Deimhnithe – Foireann |
|
|
Deimhniú oiliúna teoiriciúla cianphíolóta |
C |
|
Deimhniú scrúdaitheora |
A |
|
Deimhniú teagascóra |
A |
|
Deimhniú lárionaid measúnaithe inniúlachta teanga |
C |
|
Deimhnithe – Táirgí/Trealamh |
|
|
Deimhniú cineáil (TC) |
B |
|
Deimhniú cineáil forlíontach (STC) |
B |
|
Deimhniú srianta cineáil (RTC) |
B |
|
Bileog sonraí deimhnithe cineáil |
C |
|
Deimhniú torainn |
C |
|
Deimhniú srianta cineáil (RTC) |
C |
|
Deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta (ARC) |
C |
|
Deimhniú srianta aeracmhainneachta (RCofA) |
C |
|
Mionathruithe/Mórathruithe a fhormheas |
C |
|
Dearadh deisiúcháin mhóir/bhig a fhormheas |
C |
|
Deimhniú chórais BAT/SAL agus chomhdhamhnaí BAT/SAL |
B |
|
Deimhnithe – Leighis |
|
|
Deimhniú scrúdaitheora aerleighis |
A |
|
Deimhniú lárionad aerleighis (AeMC) |
A |
|
Deimhniú scrúdaitheora aerleighis rialtóra aerthráchta (ATCO) |
A |
|
Deimhniú leighis rialtóra aerthráchta (ATCO) |
A |
|
Foirm iarratais le haghaidh deimhniú leighis píolóta |
A |
|
Foirmeacha scrúduithe leighis píolóta agus deimhnithe leighis tacaíochta |
A |
|
Deimhniú leighis píolóta |
A |
|
Dearbhuithe |
|
|
Soláthraí dearbhaithe seirbhíse faisnéise eitilte (FIS) |
B |
|
Soláthraí dearbhaithe seirbhíse bainistíochta naprúin |
B |
|
Soláthraí dearbhaithe seirbhísí láimhseála ar an talamh |
B |
|
Córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL – dearbhú |
B |
|
Córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL – An ráiteas comhlíontachta |
B |
|
Dearbhú oibreora mar sholáthraí oiliúna teicniúla STS |
C |
|
Dearbhuithe NCC agus SPO oibreoirí aerárthaigh |
C |
|
Dearbhú oibríochtúil UAS STS |
A |
|
Fianuithe agus tuarascálacha |
|
|
Fianú na foirne cábáin |
C |
|
Tuarascáil liachta na foirne cábáin |
C |
|
Díolúintí |
|
|
Fad (carnach) díolúine níos mó ná 8 mí – cinneadh |
B |
|
Fad (carnach) díolúine níos mó ná 8 mí – fógra |
B |
|
Fad (carnach) díolúine níos mó ná 8 mí – moladh |
B |
|
Fad (carnach) díolúine suas le 8 mí – fógra |
A |
|
Díolúine ó bheith i seilbh dheimhniú BAT/SAL mar sholáthraí – cinneadh |
C |
|
Díolúine ó bheith i seilbh dheimhniú BAT/SAL mar sholáthraí – fógra |
C |
|
Díolúine ó bheith i seilbh dheimhniú BAT/SAL mar sholáthraí |
C |
|
Formheasanna |
|
|
An ceadúnas eitilte – dálaí eitilte a fhormheas |
A |
|
An ceadúnas eitilte |
A |
|
Formheas tuarascála ón mBord Cothabhála Athbhreithniúcháin (MRB) |
C |
|
Scrúduithe ar eolas teoiriciúil (ECQB) |
C |
|
Formheasanna Eagraíochta um Aeracmhainneacht Carntha (CAOA) – Cuid-CAO |
B |
|
Formheasanna Eagraíochta um Bainistiú Aeracmhainneachta Leanúnaí (CAMOA) |
B |
|
Formheasanna Eagraíochta Cothabhála (MOA) – Cuid M Fochuid F EASA Foirm 3-MF |
B |
|
Formheasanna Eagraíochta Cothabhála (MOA) – Cuid-145 |
B |
|
Formheasanna Eagraíochta Oiliúna Cothabhála (MTOA) Cuid-147 |
B |
|
Litir an Chomhaontaithe maidir le táirgeadh gan formheas na heagraíochta táirgthe |
C |
|
Formheasanna eagraíochta táirgthe (POA) |
B |
|
Nós imeachta malartach maidir le formheasanna eagraíochta dearaidh (APDOA) |
C |
|
Formheasanna eagraíochta dearaidh (DOA) |
B |
|
Formheas maidir le dearadh nó táirgeadh trealaimh BAT/SAL |
B |
|
Eagraíochtaí um oiliúint ar rialtóirí aerthráchta (ATCO) |
B |
|
Formheas eagraíochta um oiliúint a chur ar fhoirne cábáin (CCTO) |
C |
|
Formheas (Píolóta) na heagraíochta oiliúna (ATO) |
C |
|
Eagraíocht oiliúna arna dhearbhú (DTO) do phíolóta |
C |
|
Formheas Eagraíochta Oiliúna Imscrúdaithe Rampaí (RITO) |
B |
|
Cinntí |
|
|
Rogha a bheith páirteach chun forálacha sonracha an Bhun-Rialacháin a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear – cinneadh |
C |
|
Neamhbhailíochtú agus aitheantas a thabhairt do dheimhnithe nó dearbhuithe |
C |
|
Cinneadh chun díolmhú ó fhoráil an Bhun-Rialacháin maidir le hAeradróim |
C |
|
Freagracht chomhpháirteach do chúraimí a bhaineann le hoibreoirí aerárthaí atá bainteach le haeriompar tráchtála |
C |
|
Togra le haghaidh leasú ar Ghníomh Cur Chun Feidhme/Ghníomh Tarmligthe |
C |
|
Creidiúnú mar Eintiteas Cáilithe |
C |
|
Togra le haghaidh Scéim Aonair um Shonrú Ama Eitilte (IFTSS) |
C |
|
Fógraí scéimeanna FTL |
C |
|
Deimhniú oibreora maidir le hinghlacthacht na mbeart maolaithe cothrom le dáta agus comhlíonadh na gcoinníollacha áitiúla i gcás oibríochtaí trasteorann |
C |
|
Clárú oibreoir UAS |
A |
|
Cinneadh ó Bhallstát maidir le soláthraí aonair seirbhísí faisnéise coitinne a ainmniú |
B |
|
Bearta |
|
|
Beart láithreach a dhéantar mar fhreagairt ar fhadhb sábháilteachta thromchúiseach (cinneadh) |
B |
|
Beart láithreach a dhéantar mar fhreagairt ar fhadhb sábháilteachta thromchúiseach (moladh) |
B |
|
Beart láithreach a dhéantar mar fhreagairt ar fhadhb sábháilteachta thromchúiseach (fógra) |
B |
|
Feasacháin Faisnéise maidir le Limistéir Coinbhleachta (CZIB) – Bearta |
B |
|
Rogha a bheith páirteach (Airteagal 2(6)) chun forálacha sonracha an Bhun-Rialacháin a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear (fógra) |
C |
|
Rogha a bheith páirteach chun forálacha sonracha an Bhun-Rialacháin a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear (moladh) |
C |
|
Rogha gan a bheith páirteach chun catagóirí aerárthaigh a dhíolmhú ó fhorálacha sonracha an Bhun-Rialacháin |
C |
|
Eile |
|
|
Aeroibreoir – sonraíochtaí oibríochtaí |
C |
|
Údarú ó oibreoirí tríú tír (TCO) |
B |
|
Oibríochtaí Tráchtála Speisialaithe Ardriosca – údarú |
B |
|
Clárú ghaireas deimhnithe UAS |
A |
|
Údarú ordaithe um chaighdeán teicniúil Eorpach (ETSOA) |
C |
|
Athrú ar ETSO |
C |
|
Togra le haghaidh leasú ar Ghníomh Cur Chun Feidhme/Ghníomh Tarmligthe – fógra |
B |
|
Togra le haghaidh leasú ar Ghníomh Cur Chun Feidhme/Ghníomh Tarmligthe – moladh |
B |
|
Liosta de na Ballstáit agus na hEagraíochtaí a d’aistrigh freagrachtaí, a d’athdháil cúram (i gcomhréir le hAirteagail 64 agus 65) agus údarás inniúil atá freagrach tar éis an athdháilte |
C |
|
Treoracha aeracmhainneachta (AD), Treoracha sábháilteachta, Feasacháin Faisnéise Sábháilteachta (SIB) |
C |
|
Dréachtmholtaí mar fhreagra ar Litreacha Stáit ICAO |
C |
|
Seicliosta Comhlíontachta do Chaighdeáin agus cleachtais mholta (SARPanna) ICAO |
C |
|
Moltaí mar fhreagra ar Litreacha Stáit ICAO |
C |
|
Iarrataí ar Mhodhanna Malartacha Comhlíontachta |
C |
IARSCRÍBHINN II
AICMIÚ NA FAISNÉISE
Sainmhínithe mionsonraithe ar na marcanna i gcomhréir le hAirteagal 7(2)
|
(a) |
rátáiltear PRÍOBHÁIDEACHAS i gcomhréir leis na catagóirí thíos:
|
|
(b) |
aicmítear RÚNDACHT i gcomhréir leis na leibhéil thíos:
|
|
(c) |
aicmítear SLÁINE i gcomhréir leis na leibhéil thíos:
|
|
(d) |
aicmítear INFHAIGHTEACHT i gcomhréir leis na leibhéil thíos:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2117/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)