|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2109 |
12.10.2023 |
CINNEADH (AE) 2023/2109 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Deireadh Fómhair 2023
lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiún um ghné chearta an duine den aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Cinneadh C(2017) 7518
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 10 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ceanglaítear ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a áirithiú go dtéitear i gcomhairle le páirtithe leasmhara, comhlachtaí ionadaíochta foirne gairmiúla san áireamh, maidir le cur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair. |
|
(2) |
Sa chomhthéacs sin, áirítear i ‘ngné chearta an duine’ den aerspás Eorpaigh aonair, mar a thugtar air, na hathruithe teicniúla agus oibríochtúla ar chleachtais agus nósanna imeachta oibre a mbíonn tionchar acu ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí gníomhaithe maidir le cur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair. Tugtar aghaidh ar dhálaí oibre agus ar ghnéithe sóisialta eile de bhainistíocht aerthráchta sa Choiste a bunaíodh faoi Chinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún (2). |
|
(3) |
Bhí gá leanúnach le sásra éifeachtach comhairliúcháin ar leibhéal an Aontais a sholáthródh saineolas i ndáil le gné chearta an duine den aerspás Eorpach aonair, gan dochar d’obair atá déanta maidir le rialacha a bhaineann le Bainistíocht Aerthráchta (BAT)/Seirbhísí Aerloingseoireachta (SAL) faoi Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)a chur chun feidhme. Chuige sin, in 2017 d’iarr an Choimisiún saineolas na speisialtóirí trí ghrúpa saineolaithe um ghné chearta an duine den aerspás Eorpach aonair a bhunú ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(4) |
Ba cheart an Cinneadh lenar bunaíodh an grúpa saineolaithe um ghné chearta an duine den aerspás Eorpach aonair a aisghairm agus Cinneadh nua a chur ina ionad chun comhlíonadh a áirithiú i ndáil le Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún (5) lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin. Go háirithe, is gá athruithe a dhéanamh a mhéid a bhaineann le comhaltacht agus cathaoirleacht an ghrúpa. Ba cheart foráil a chur isteach freisin lena gceadaítear do bhreathnóirí a bheith rannpháirteach, chun an saineolas a sholáthraíonn an ghrúpa a éagsúlú. |
|
(5) |
Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le faisnéis a nochtadh ag comhaltaí an ghrúpa. |
|
(6) |
Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(7) |
Chun leanúnachas obair an ghrúpa saineolaithe um ghné chearta an duine den aerspás Eorpach aonair áirithiú, ba cheart Cinneadh C(2017) 7518 ón gCoimisiún a aisghairm 3 mhí tar éis teacht i bhfeidhm an Chinnidh seo chun am leordhóthanach a thabhairt comhaltaí an ghrúpa nua saineolaithe a cheapadh. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis seo bunaítear grúpa saineolaithe an Choimisiún um ghné chearta an duine den aerspás Eorpach aonair (‘an grúpa’).
Airteagal 2
Cúraimí
Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an ngrúpa:
|
(a) |
sainchomhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair a mhéid a bhaineann le bearta a bhfuil iarmhairí nach beag acu ar ghné chearta an duine; |
|
(b) |
comhair agus comhordú idir an Coimisiún agus páirtithe leasmhara a éascú maidir le ceisteanna a bhaineann le reachtaíocht, cláir agus beartais an Aontais i réimse an aerspáis Eorpaigh aonair, go háirithe a ghné chearta an duine; |
|
(c) |
malartú saineolais, taithí agus dea-chleachtais idir comhaltaí a áirithiú a mhéid a bhaineann le gné chearta an duine den aerspás Eorpach aonair. |
Airteagal 3
Comhaltas
1. Daoine aonair a cheapfar i gcáil phearsanta agus eagraíochtaí a bhfuil eolas agus taithí acu ar ghné chearta an duine den aerspás Eorpach aonair a bheidh sna comhaltaí.
2. Gníomhóidh comhaltaí a cheapfar i gcáil phearsanta go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail.
3. Ainmneoidh eagraíochtaí a n-ionadaithe agus beidh siad freagrach as a áirithiú go gcuirfidh a n-ionadaithe ardleibhéal saineolais ar fáil.
4. Comhaltaí nach bhfuil in ann chuidiú go héifeachtach le pléití an ghrúpa saineolaithe a thuilleadh, ar comhaltaí iad nach gcomhlíonann, i dtuairim Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair sa Choimisiún (‘AS MOVE’), na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó a éireoidh as oifig, ní iarrfar orthu a thuilleadh a bheith rannpháirteach in aon chruinniú den ghrúpa agus féadfar iad a ionadú ar feadh a mbeidh fágtha dá dtéarma oifige.
Airteagal 4
Próiseas roghnúcháin
1. Déanfar comhaltaí an ghrúpa a roghnú le glao poiblí ar iarratais a fhoilseofar sa Chlár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna (‘an Clár de Ghrúpaí Saineolaithe’). Thairis sin, féadfar an glao ar iarratais a fhoilsiú ar mhodhanna eile, lena n-áirítear ar shuíomhanna gréasáin tiomanta. Sa ghlao ar iarratais, leagfar amach go soiléir na critéir roghnúcháin, lena n-áirítear an saineolas is gá agus na leasanna a ndéanfar ionadaíocht orthu i ndáil leis an obair atá le déanamh. Is é 4 seachtaine an sprioc-am is giorra le haghaidh iarratas.
2. Daoine aonair a dhéanann iarratas a bheith ceaptha ina gcomhaltaí den ghrúpa i gcáil phearsanta, nochtfaidh siad aon imthoisc a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa teacht as. Go háirithe, ceanglóidh an Coimisiún ar na daoine aonair sin foirm um dearbhú leasanna (‘DOI’) a chur faoina bhráid ar bhonn na foirme caighdeánaí DOI le haghaidh grúpaí saineolaithe (7), chomh maith le curriculum vitae (CV) mar chuid dá n-iarratas. Is gá foirm DOI a líonfar isteach go cuí a chur isteach chun a bheith incháilithe a bheith ceaptha mar chomhalta i gcáil phearsanta. Déanfar an measúnú ar choinbhleacht leasa i gcomhréir le rialacha cothrománacha an Choimisiúin maidir le grúpaí saineolaithe (‘na rialacha cothrománacha’) (8).
3. Is gá d’eagraíochtaí clárú sa Chlár Trédhearcachta chun go gceapfar iad.
4. Is é Ard-Stiúrthóir AS MOVE a cheapfaidh comhaltaí an ghrúpa i measc iarratasóirí a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 2 agus a d’fhreagair an glao ar iarratais.
5. Is ar feadh 5 bliana a cheapfar comhaltaí. Fanfaidh na comhaltaí in oifig go dtí deireadh a dtéarma oifige nó go dtí go ndéanfar iad a ionadú. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan.
6. D’fhéadfadh AS MOVE liosta ionadaithe iarrthóirí oiriúnacha a bhunú, liosta a fhéadfar a úsáid chun ionadaithe do na comhaltaí a cheapadh. Iarrfaidh AS MOVE a gcead ar na hiarratasóirí sula gcuirfidh sé a n-ainmneacha leis an liosta ionadaithe.
Airteagal 5
Cathaoirleach
Toghfaidh an grúpa Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach óna chomhaltaí trí thromlach simplí le haghaidh tréimhse bliana, agus í in-athnuaite aon uair amháin.
Airteagal 6
Feidhmiú
1. Gníomhóidh an grúpa arna iarraidh sin ag a chathaoirleach, le comhaontú ó AS MOVE, agus i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha agus le rialacha nós imeachta a ghrúpa (9).
2. I bprionsabal, is in áitreabh de chuid an Choimisiúin nó go fíorúil, de réir na n-imthosca, a thionólfar cruinnithe an ghrúpa.
3. Freastalóidh oifigigh ó AS MOVE ar na cruinnithe agus áiritheoidh siad go mbeidh tacaíocht agus seirbhísí rúnaíochta ar fáil (10). Féadfaidh oifigigh ó ranna eile de chuid an Choimisiún a bhfuil leas acu sna imeachtaí freastal orthu freisin.
4. I gcomhaontú le AS MOVE, féadfaidh an grúpa a chinneadh, trí thromlach simplí dá chomhaltaí, go ndéanfar a chuid plé go poiblí.
5. Na miontuairiscí ar an bplé a dhéanfar ar gach pointe ar an gclár agus ar na tuairimí ón ngrúpa, beidh siad fóinteach agus iomlán. Dréachtóidh na seirbhísí rúnaíochta na miontuairiscí faoi fhreagracht an Chathaoirligh.
6. I gcás inar féidir, is de chomhthoil a ghlacfaidh an grúpa a thuairimí, a mholtaí nó a thuarascálacha. I gcás vóta, is trí thromlach simplí de na comhaltaí a chinnfear toradh na vótála. Beidh sé de cheart ag na comhaltaí a chaith vóta freasúra nó a staon ó vótáil go dtabharfaí achoimre ar na cúiseanna lena seasamh in iarscríbhinn i scríbhinn a ghabhfaidh leis na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha.
Airteagal 7
Foghrúpaí
1. Féadfaidh AS MOVE fo-ghrúpaí a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna ar bhonn téarmaí tagartha arna sainiú ag AS MOVE. Feidhmeoidh na foghrúpaí i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha agus tuairisceoidh siad don ghrúpa. Déanfar iad a lánscor a luaithe a chomhlíonfar a sainordú.
2. Comhaltaí de na foghrúpaí nach comhaltaí den ghrúpa iad, roghnófar iad trí ghlao poiblí ar iarratais, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus leis na rialacha cothrománacha.
Airteagal 8
Saineolaithe dá dtugtar cuireadh
Féadfaidh AS MOVE iarraidh ar shaineolaithe nach comhaltaí iad, a bhfuil saineolas sonrach acu i ndáil le hábhar ar an gclár oibre, páirt a ghlacadh in obair an ghrúpa ar bhonn ad-hoc. Ní bheidh cearta vótála acu.
Airteagal 9
Breathnóirí
1. Féadfar stádas breathnóra a bhronnadh ar dhaoine aonair, ar eagraíochtaí, agus ar eintitis phoiblí nach iad údaráis na mBallstát, trí chuireadh díreach ó AS MOVE, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha.
2. Ainmneoidh eagraíochtaí agus eintitis phoiblí a cheaptar mar bhreathnóirí a n-ionadaithe.
3. Féadfaidh an Cathaoirleach cead a thabhairt do bhreathnóirí agus d’ionadaithe breathnóirí a bheith rannpháirteach i bpléití an ghrúpa agus a fhoghrúpaí agus saineolas a sholáthar. Ní bheidh cearta vótála acu, áfach, ná ní bheidh siad rannpháirteach i bhfoirmiú moltaí ná comhairle an ghrúpa agus a fhoghrúpaí.
Airteagal 10
Rialacha nós imeachta
Maidir le togra ó AS MOVE agus i gcomhréir leis, glacfaidh an grúpa a chuid rialacha nós imeachta trí thromlach simplí a chomhaltaí, ar bhonn rialacha caighdeánacha nós imeachta le haghaidh grúpaí saineolaithe, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha. Feidhmeoidh na fo-ghrúpaí i gcomhréir le rialacha nós imeachta an ghrúpa.
Airteagal 11
An rúndacht ghairmiúil agus faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil
Comhaltaí an ghrúpa agus a n-ionadaithe, chomh maith le saineolaithe agus breathnóirí a bhfuil cuireadh faighte acu, tá siad faoi réir na hoibleagáide maidir le rúndacht ghairmiúil, oibleagáid a bhfuil feidhm aici maidir le gach comhalta de chuid na n-institiúidí agus lena bhfoireann, de bhua na gConarthaí agus na rialacha lena gcuirtear chun feidhme iad, chomh maith le rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a bhaineann le cosaint fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais, mar a leagtar síos i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (11) agus 2015/444 (12) ón gCoimisiún. Mura n-urramóidh siad na hoibleagáidí sin, féadfaidh an Coimisiún gach beart is iomchuí a ghlacadh.
Airteagal 12
Trédhearcacht
1. Clárófar an grúpa agus na foghrúpaí ar Chlár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna (‘an Clár de Ghrúpaí Saineolaithe’).
2. A mhéid a bhaineann le comhdhéanamh an ghrúpa agus na bhfo-ghrúpaí, foilseofar na sonraí seo a leanas sa Chlár de Ghrúpaí Saineolaithe:
|
— |
ainm na ndaoine aonair a cheapfar i gcáil phearsanta; |
|
— |
ainm na mballeagraíochtaí; nochtfar an leas a bhfuiltear ag déanamh ionadaíochta air; |
|
— |
ainm na mbreathnóirí. |
3. Cuirfear gach doiciméad ábhartha, lena n-áirítear na cláir oibre, na miontuairiscí agus aighneachtaí na rannpháirtithe ar fáil ar an gClár de Ghrúpaí Saineolaithe. Go háirithe, foilseofar an clár oibre agus doiciméid chúlra ábhartha eile in am trátha roimh an gcruinniú, agus foilseofar na miontuairiscí go tráthúil ina dhiaidh sin. Ní fhéadfar eisceachtaí ó fhoilsiú a dhéanamh ach i gcás ina meastar go ndéanfadh nochtadh doiciméid dochar do chosaint leasa phoiblí nó phríobháidigh mar a shainítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).
Airteagal 13
Caiteachas a chomhlíonadh
1. Ní íocfar rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an ghrúpa agus na bhfoghrúpaí.
2. Aisíocfaidh an Coimisiún costais taistil agus, i gcás inarb iomchuí, speansais chothaithe a thabhaíonn rannpháirtithe i gcruinnithe grúpaí i gcomhréir le Cinneadh C(2007) 5858 (14) ón gCoimisiún agus ar chomhaontú roimh ré ó AS MOVE. Déanfar an aisíocaíocht i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm laistigh den Choimisiún agus laistigh de theorannacha na leithreasuithe atá ar fáil arna leithdháileadh ar ranna an Choimisiúin faoin nós imeachta bliantúil chun acmhainní a leithdháileadh.
Airteagal 14
Aisghairm
Déantar Cinneadh C(2017) 7518 an 21 Samhain 2017 lena mbunaítear grúpa saineolaithe um ghné chearta an duine den aerspás Eorpach aonair a aisghairm an 15 Feabhra 2024.
Airteagal 15
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Adina-Ioana VĂLEAN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 96, 31.3.2004 lch. 1.
(2) IO L 225, 12.8.1998, lch. 27.
(3) Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).
(4) Cinneadh C(2017) 7518 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2017 maidir le grúpa saineolaithe a bhunú um ghné chearta an duine den aerspás Eorpach aonair.
(5) Cinneadh C(2016) 3301 final ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin a chruthú agus a oibriú.
(6) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(7) C(2016) 3301, Airteagal 11 agus Iarscríbhinn 4.
(8) Idem.
(9) Féach Airteagal 10.
(10) Féadfaidh conraitheoir seachtrach faoi mhaoirseacht AS MOVE na seirbhísí sin a chur ar fáil.
(11) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).
(12) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
(13) IO L 145, 31.5.2001, lch. 43. Is é is cuspóir do na heisceachtaí sin slándáil an phobail, gnóthaí míleata, caidreamh idirnáisiúnta, beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch, príobháideachas agus sláine an duine aonair, leasanna tráchtála, imeachtaí cúirte agus comhairle dlí, cigireachtaí/imscrúduithe/iniúchtaí agus próiseas cinnteoireachta na n-institiúidí a chosaint.
(14) Commission Decision C(2007) 5858 of 5 December 2007 `Rules on the reimbursement of expenses incurred by people from outside the Commission invited to attend meetings in an expert capacity'.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2109/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)