ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 242

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
29 Meán Fómhair 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1813 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn I – Parlaimint na hEorpa

1

 

*

Rún (AE) 2023/1814 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn I – Parlaimint na hEorpa

3

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1815 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

36

 

*

Rún (AE) 2023/1816 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

37

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2023/1817 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún

45

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2023/1818 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia (Chafea) don bhliain airgeadais 2021

47

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2023/1819 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol – CINEA (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Nuálaíocht agus Gréasáin roimh an 1 Aibreán 2021) don bhliain airgeadais 2021

49

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2023/1820 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr – EACEA (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir roimh am 1 Aibreán 2021) don bhliain airgeadais 2021

51

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1821 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide – Eisma (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide roimh an 1 Aibreán 2021) don bhliain airgeadais 2021

53

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2023/1822 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERCEA) don bhliain airgeadais 2021

55

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2023/1823 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an tSláinte agus an Digitiú (HADEA) don bhliain airgeadais 2021

57

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2023/1824 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Thaighde – REA (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde roimh an 1 Aibreán 2021) don bhliain airgeadais 2021

59

 

*

Rún (AE) 2023/1825 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

61

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2023/1826 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le clabhsúr a chur le cuntais bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún

97

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1827 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

99

 

*

Rún (AE) 2023/1828 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

100

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1829 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí

110

 

*

Rún (AE) 2023/1830 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí

111

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1831 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VI – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

123

 

*

Rún (AE) 2023/1832 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VI – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

124

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1833 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VII – Coiste Eorpach na Réigiún

136

 

*

Rún (AE) 2023/1834 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VII – Coiste Eorpach na Réigiún

137

 

*

Cinneadh (AE,) 2023/1835 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VIII – an tOmbudsman Eorpach

150

 

*

Rún (AE) 2023/1836 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 na bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VIII – an tOmbudsman Eorpach (2022/2088(DEC))

151

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1837 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IX – an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

157

 

*

Rún (AE) 2023/1838 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IX – an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

158

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1839 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn X – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

165

 

*

Rún (AE) 2023/1840 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn X – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

166

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1841 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) déag don bhliain airgeadais 2021

176

 

*

Rún (AE) 2023/1842 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021

178

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1843 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le cuntais an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021 a dhúnadh

190

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1844 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021

192

 

*

Rún (AE) 2023/1845 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021

194

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1846 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021

199

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1847 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta um Thacaíocht do BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2021

200

 

*

Rún (AE) 2023/1848 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta um Thacaíocht do BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2021

202

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1849 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta um Thacaíocht do BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2021

207

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1850 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT) don bhliain airgeadais 2021

208

 

*

Rún (AE) 2023/1851 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (DdT) don bhliain airgeadais 2021

209

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1852 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT) don bhliain airgeadais 2021

214

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1853 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2021

215

 

*

Rún (AE) 2023/1854 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2021

217

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1855 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2021–

223

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1856 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021

224

 

*

Rún (AE) 2023/1857 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021

226

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1858 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021

232

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1859 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) don bhliain airgeadais 2021

233

 

*

Rún (AE) 2023/1860 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) don bhliain airgeadais 2021

235

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1861 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) don bhliain airgeadais 2021

240

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1862 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann anois – EUAA) don bhliain airgeadais 2021

242

 

*

Rún (AE) 2023/1863 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann – EUAA anois) don bhliain airgeadais 2021

244

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1864 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ar dhúnadh chuntais na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) anois ) don bhliain airgeadais 2021

250

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1865 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021

252

 

*

Rún (AE) 2023/1866 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) don bhliain airgeadais 2021

253

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1867 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) don bhliain airgeadais 2021

258

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1868 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) don bhliain airgeadais 2021

259

 

*

Rún (AE) 2023/1869 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) don bhliain airgeadais 2021

261

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1870 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) don bhliain airgeadais 2021

266

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1871 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) don bhliain airgeadais 2021

267

 

*

Rún (AE) 2023/1872 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) don bhliain airgeadais 2021

269

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1873 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) don bhliain airgeadais 2021

275

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1874 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain airgeadais 2021

277

 

*

Rún (AE) 2023/1875 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain airgeadais 2021

279

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1876 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain airgeadais 2021

284

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1877 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú (EFCA) ar Iascach don bhliain airgeadais 2021

285

 

*

Rún (AE) 2023/1878 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA) don bhliain airgeadais 2021

286

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1879 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA) don bhliain airgeadais 2021

291

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1880 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) don bhliain airgeadais 2021

292

 

*

Rún (AE) 2023/1881 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) don bhliain airgeadais 2021

294

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1882 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2021

299

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1883 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) don bhliain airgeadais 2021

300

 

*

Rún (AE) 2023/1884 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) don bhliain airgeadais 2021

301

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1885 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) don bhliain airgeadais 2021

306

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1886 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2021

307

 

*

Rún (AE) 2023/1887 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2021

309

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1888 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ar dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2021

315

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1889 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2021

316

 

*

Rún (AE) 2023/1890 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2021

318

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1891 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ar dhúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2021

323

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1892 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Saothair Eorpaigh (ELA) don bhliain airgeadais 2021

325

 

*

Rún (AE) 2023/1893 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) don bhliain airgeadais 2021

327

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1894 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Saothair Eorpaigh (ELA) don bhliain airgeadais 2021

333

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1895 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2021

334

 

*

Rún (AE) 2023/1896 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2021

336

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1897 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2021

342

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1898 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) don bhliain airgeadais 2021

343

 

*

Rún (AE) 2023/1899 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí (EMCDDA) agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2021

345

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1900 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) don bhliain airgeadais 2021

350

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1901 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) don bhliain airgeadais 2021

351

 

*

Rún (AE) 2023/1902 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) don bhliain airgeadais 2021

352

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1903 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ar dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) don bhliain airgeadais 2021

357

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1904 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021

358

 

*

Rún (AE) 2023/1905 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021

360

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1906 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021

365

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1907 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir leis an urscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) don bhliain airgeadais 2021

366

 

*

Rún (AE) 2023/1908 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) don bhliain airgeadais 2021

368

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1909 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) don bhliain airgeadais 2021

376

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1910 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) don bhliain airgeadais 2021

377

 

*

Rún (AE) 2023/1911 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) don bhliain airgeadais 2021

379

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1912 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) don bhliain airgeadais 2021

384

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1913 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) don bhliain airgeadais 2021

385

 

*

Rún (AE) 2023/1914 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) don bhliain airgeadais 2021

387

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1915 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) don bhliain airgeadais 2021

393

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1916 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) don bhliain airgeadais 2021

394

 

*

Rún (AE) 2023/1917 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) don bhliain airgeadais 2021

395

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1918 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) don bhliain airgeadais 2021

400

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1919 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2021

401

 

*

Rún (AE) 2023/1920 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2021

403

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1921 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2021

409

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1922 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021

411

 

*

Rún (AE) 2023/1923 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021

413

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1924 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021

418

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2023/1925 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2021

419

 

*

Rún (AE) 2023/1926 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2021

420

 

*

Cinneadh (AE, Eurtatom) 2023/1927 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ar dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2021

423

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1928 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2021

424

 

*

Rún (AE) 2023/1929 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2021

426

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1930 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2021

432

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1931 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2021

433

 

*

Rún (AE) 2023/1932 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2021

435

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1933 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ar dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2021

440

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1934 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021

441

 

*

Rún (AE) 2023/1935 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021

443

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1936 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021

449

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1937 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) don bhliain airgeadais 2021

450

 

*

Rún (AE) 2023/1938 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) don bhliain airgeadais 2021

452

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1939 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRSA) don bhliain airgeadais 2021

456

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1940 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Ghníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2021

457

 

*

Rún (AE) 2023/1941 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2021

458

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1942 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2021

470

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1943 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (go dtí 12.5.2021, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS) don bhliain airgeadais 2021

471

 

*

Rún (AE) 2023/1944 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS go dtí 12 Bealtaine 2021) don bhliain airgeadais 2021

473

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1945 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis – EUSPA (an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS go dtí an 12 Bealtaine 2021) don bhliain airgeadais 2021

478

 

*

Rún (AE) 2023/1946 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021: feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú

480

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1947 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach CBE JU (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe) don bhliain airgeadais 2021

491

 

*

Rún (AE) 2023/1948 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach – CBE JU (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe) don bhliain airgeadais 2021

493

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1949 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach (roimh an 30.11.2021 an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe) don bhliain airgeadais 2021

500

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1950 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe) don bhliain airgeadais 2021

502

 

*

Rún (AE) 2023/1951 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan (an Comhghnóthas Spéire Glaine 2 roimh an 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021

504

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1952 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan (an Comhghnóthas Spéire Glaine 2 roimh 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021

509

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1953 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha – Comhghnóthas KDT (roimh an 30 Samhain 2021, Comhghnóthas ECSEL) don bhliain airgeadais 2021

511

 

*

Rún (AE) 2023/1954 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha – KDT JU(roimh an 30 Samhain 2021, Chomhghnóthas ECSEL) don bhliain airgeadais 2021

513

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1955 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha – Comhghnóthas KDT (roimh an 30 Samhain 2021, Comhghnóthas ECSEL) don bhliain airgeadais 2021

518

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1956 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (roimh an 30 Samhain 2021: an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2) don bhliain airgeadais 2021

520

 

*

Rún (AE) 2023/1957 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (roimh an 30 Samhain 2021: an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2) don bhliain airgeadais 2021

522

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1958 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (roimh an 30 Samhain 2021: an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2) don bhliain airgeadais 2021

527

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1959 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach – IHI (roimh an 30 Samhain 2021 Comhghnóthas an Tionscnaimh um Míochaine Nuálach 2) don bhliain airgeadais 2021

529

 

*

Rún (AE) 2023/1960 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach – IHI (roimh an 30 Samhain 2021 Comhghnóthas an Tionscnaimh um Míochaine Nuálach 2) don bhliain airgeadais 2021

531

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1961 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach – IHI (roimh an 30 Samhain 2021 Comhghnóthas an Tionscnaimh um Míochaine Nuálach 2) don bhliain airgeadais 2021

536

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2023/1962 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (F4E) don bhliain airgeadais 2021

538

 

*

Rún (AE) 2023/1963 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (F4E) don bhliain airgeadais 2021

540

 

*

Cinneadh (AE, Eurtatom) 2023/1964 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (F4E) don bhliain airgeadais 2021

546

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1965 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair (Comhghnóthas SESAR roimh an 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021

547

 

*

Rún (AE) 2023/1966 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ChomhghnóthaTaighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair (Comhghnóthas SESAR roimh an 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021

549

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1967 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair (ComhghnóthasSESAR roimh an 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021

555

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1968 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa (roimh 30 Bealtaine 2021 an Comhghnóthas Shift2Rail) don bhliain airgeadais 2021

557

 

*

Rún (AE) 2023/1969ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Shift2Rail) don bhliain airgeadais 2021

559

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1970 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Shift2Rail) don bhliain airgeadais 2021

566

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1971 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021

568

 

*

Rún (AE) 2023/1972 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021

570

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1973 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021

576

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/1


CINNEADH (AE) 2023/1813 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn I – Parlaimint na hEorpa

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022)323 – C9-0228/2022) (2),

ag féachaint don tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais 2021, Roinn I – Parlaimint na hEorpa (3),

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an iniúchóra inmheánaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na n-institiúidí (4),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna soláthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 314(10) agus d’Airteagal 318 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do chinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018 maidir leis na Rialacha Inmheánacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa, agus go háirithe Airteagal 34 de,

ag féachaint do Riail 100 agus Riail 104(3) agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta ,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0086/2023),

A.

de bhrí gur ghlac an tUachtarán cuntais Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2021 an 30 Meitheamh 2022;

B.

de bhrí gur thug an tArd-Rúnaí, mar an príomhoifigeach údarúcháin trí tharmligean, dearbhú réasúnach, an 03 Meitheamh 2022, gur úsáideadh na hacmhainní a sannadh do bhuiséad Pharlaimint na hEorpa chun na críche a bhí beartaithe leo, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus go dtugann na nósanna imeachta rialaithe a bunaíodh na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart;

C.

de bhrí gur shonraigh an Chúirt Iniúchóirí ina hiniúchadh nár léiríodh, ina measúnú sonrach ar an gcaiteachas riaracháin in 2021, leibhéil ábhartha earráide i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí na n-institiúidí, rud atá comhsheasmhach le torthaí na Cúirte;

D.

de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 262(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ar gach institiúid de chuid an Aontais gach céim iomchuí a ghlacadh chun gníomhú de bhun na mbarúlacha a ghabhann leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh ó Pharlaimint na hEorpa;

1.

ag deonú urscaoileadh dá hUachtarán i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 279, 20.07.2022, lch. 1.

(4)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(5)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/3


RÚN (AE) 2023/1814 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn I – Parlaimint na hEorpa

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn I – Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Riail 100 agus Riail 104(3) agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0086/2023),

A.

de bhrí gur luaigh oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa (an ‘Parlaimint’) ina dheimhniú ar na cuntais chríochnaitheacha, a dhearbhú réasúnach go léiríonn na cuntais, i ngach gné ábhartha, an staid airgeadais, torthaí na n-oibríochtaí agus sreabhadh airgid na Parlaiminte go cothrom;

B.

de bhrí, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta, gur seoladh 145 cheist chuig riarachán na Parlaiminte agus go ndearna Coiste um Rialú Buiséadach na Parlaiminte 145 freagraí i scríbhinn orthu agus gur phléigh sé go poiblí iad an 1 Nollaig 2022, i láthair an Leas-Uachtaráin atá freagrach as an mbuiséad, an tArd-Rúnaí, stiúrthóir an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (‘an tÚdarás’) agus an t-iniúchóir inmheánach;

C.

de bhrí go bhfuil deis ann i gcónaí feabhas a chur ar bhainistiú an airgeadais phoiblí ó thaobh na cáilíochta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta de, tá gá le grinnscrúdú chun a áirithiú go mbeidh na ceannairí polaitiúla agus lucht riaracháin na Parlaiminte freagrach do shaoránaigh an Aontais;

D.

de bhrí go bhfuil muinín as sláine agus as an smacht reachta na Parlaiminte ríthábhachtach d’fheidhmiú an daonlathais Eorpaigh;

E.

de bhrí go bhfuil sláine na Parlaiminte ríthábhachtach chun a áirithiú nach mbeidh tionchar ag leasanna príobháideacha agus seachtracha ar phróisis dhaonlathacha agus go ndéanfar cearta na saoránach a urramú go hiomlán;

F.

de bhrí gur luaigh Parlaimint na hEorpa, ina rún an 16 Meán Fómhair 2021, a thábhachtaí atá sé trédhearcacht agus sláine a neartú in institiúidí an Aontais trí chomhlacht eitice neamhspleách de chuid an Aontais a chur ar bun;

G.

de bhrí gur leag Parlaimint na hEorpa béim, ina rún an 15 Nollaig 2022,maidir le hamhras faoi éilliú ó Chatar agus an gá níos leithne atá le trédhearcacht agus cuntasacht in institiúidí an Aontais,

Bainistiú buiséadach agus airgeadais na Parlaiminte

1.

ag tabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe críochnaitheacha na Parlaiminte do 2021 agus EUR 2 063 521 135, nó 19,4 % de cheannteideal 7 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (1) a cuireadh i leataobh do chaiteachas riaracháin 2021 institiúidí an Aontais ina n-iomláine, arb ionann é agus méadú 1,2 % i gcomparáid le buiséad 2020 (EUR 2 038 745 000);

2.

ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 215 332 108 an t-ioncam iomlán a iontráladh sna cuntais amhail ón 31 Nollaig 2021 (i gcomparáid le EUR 203 449 523 in 2020), lena n-áirítear EUR 37 150 961 d’ioncam sannta (i gcomparáid le EUR 33 567 305 in 2020);

3.

ag cur béim ar an bhfíoras gurbh ionann cúig chaibidil agus 75,8 % de na gealltanais iomlána: Caibidil 10 (Comhaltaí na hinstitiúide), Caibidil 12 (Oifigigh agus baill foirne shealadacha), Caibidil 20 (Foirgnimh agus costais ghaolmhara), Caibidil 21 (Próiseáil sonraí, trealamh agus maoin shochorraithe), agus Caibidil 42 (Caiteachas a bhaineann le cúnamh parlaiminteach), lena léirítear ardleibhéal dolúbthachta do chuid mhór de chaiteachas na Parlaiminte;

4.

ag tabhairt dá haire gur dúnadh cuntais na Parlaiminte don bhliain airgeadais 2021 ar bhonn na bhfigiúirí seo a leanas:

(a)

Leithreasuithe atá ar fáil (EUR)

leithreasuithe le haghaidh 2021:

2 063 521 135

leithreasuithe arna dtabhairt anonn go neamh-uathoibríoch ón mbliain airgeadais 2020:

74 900 000

leithreasuithe arna dtabhairt anonn go huathoibríoch ón mbliain airgeadais 2020:

356 517 980

leithreasuithe a chomhfhreagraíonn don ioncam sannta le haghaidh 2021:

37 150 961

leithreasuithe arna dtabhairt anonn a chomhfhreagraíonn don ioncam sannta ó 2020:

39 313 649

Iomlán:

2 571 403 726

(b)

Úsáid na leithreasuithe sa bhliain airgeadais 2021 (EUR)

gealltanais:

2 435 954 496

íocaíochtaí a rinneadh:

2 077 518 430

leithreasuithe arna dtabhairt anonn go huathoibríoch, lena n-áirítear iad siúd a thagann as ioncam sannta:

419 702 461

leithreasuithe arna dtabhairt anonn go neamh-uathoibríoch:

22 007 230

leithreasuithe a cuireadh ar ceal:

52 175 603

(c)

Fáltais bhuiséadacha (EUR)

faighte in 2021:

215 332 108

(d)

Clár comhardaithe iomlán amhail an 31 Nollaig 2021 (EUR)

1 720 527 780

5.

á chur i bhfios gur gealladh 98,5 % de na leithreasuithe a cuireadh isteach i mbuiséad na Parlaiminte, arbh ionann é agus EUR 2 033 160 247, agus go raibh ráta cealaithe 0,6 % ann; ag tabhairt dá haire agus í buíoch dá réir gur baineadh amach, mar a baineadh amach sna blianta roimhe sin, leibhéal an-ard ó thaobh chur chun feidhme an bhuiséid de; ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 1 649 796 méid iomlán na n-íocaíochtaí, a raibh ráta forghníomhaithe leithreasaithe íocaíochta 81, 1 % mar thoradh orthu (EUR 1 590 035 012 agus 81,5 % faoi seach in 2020);

6.

ag tabhairt dá haire gur fhormheas Coiste um Bhuiséad na Parlaiminte ocht n-aistriú déag (‘aistrithe C’) i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 49 den Rialachán Airgeadais, sa bhliain airgeadais 2021, arbh ionann iad agus EUR 106 753 497 nó 5,2 % de na leithreasuithe deiridh; á thabhairt dá haire gur údaraigh an tUachtarán, ina dhiaidh sin, ocht n-aistriú (‘aistrithe P’) arbh ionann iad agus EUR 26 464 877 nó 1,3 % de bhuiséad 2021;

7.

ag tabhairt faoi deara leibhéal níos airde aistrithe in 2021 mar gheall ar choigilteas buiséadach a d’eascair as géarchéim COVID-19 i gcomparáid leis na blianta roimh an bpaindéim, nuair a shroich méid iomlán na n-aistrithe C agus P le chéile 5 % in 2019, 3,2 % in 2018 agus 4,0 % in 2017; á mheabhrú nach raibh gnáthghníomhaíochtaí taistil indéanta ach le linn codanna den bhliain, agus dá bhrí sin nár úsáideadh línte buiséid ábhartha na Parlaiminte ina n-iomláine agus gur ath-imscaradh iad chun críocha eile;

8.

ag tabhairt faoi deara gurbh iad gnáthchostais taistil (EUR 20 041 000), speansais le haghaidh misin foirne (EUR 18 460 000), eagrú agus fáiltiú grúpaí cuairteoirí (EUR 16 517 980), agus cúnamh parlaiminteach (EUR 11 418 251) na línte buiséid ba tearcúsáidte, mar gheall ar phaindéim COVID-19, a rinne foráil d’aistrithe buiséadacha in 2021; á thabhairt faoi deara gurbh ionann na hítimí friothálacha is mó, i.e. a ranníocann níos mó ná EUR 5 000 000, agus EUR 79 152 282 in aistrithe C agus P le chéile;

9.

ag tabhairt dá haire gur leithdháileadh an barrachas a ghin paindéim COVID-19, trí aistrithe buiséadacha C agus P in 2021, go príomha chun beartas tógála na Parlaiminte a mhaoiniú, eadhon ‘íocaíochtaí léasa’ le EUR 33 559 035 chun leanúint den infheistíocht i dtionscadal tógála Adenauer II agus treisíodh ‘fáil maoine dochorraithe’ le EUR 22 007 230, lenar ceadaíodh foirgneamh Trèves II a fháil, arbh ionann é le chéile agus 52,1 % de na haistrithe C in 2021; á thabhairt dá haire gur tugadh aghaidh le haistrithe tábhachtacha eile ar riachtanais gan choinne a d’eascair as paindéim COVID-19, e.g. bearta sláinte agus coisctheacha, trealamh teicniúil agus caiteachas ar ateangaireacht chun tacú leis an teilea-obair agus le cruinnithe hibrideacha; á thabhairt dá haire go raibh baint ag aistrithe breise leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus le hinfheistíochtaí i ngnéithe éagsúla de sheirbhísí TF;

Tuairimí na Cúirte Iniúchóirí ar iontaofacht chuntais 2021 agus ar dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais sin

10.

á mheabhrú go ndéanann an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) measúnú sonrach ar an gcaiteachas riaracháin mar ghrúpa aonair beartas d’institiúidí uile an Aontais; á thabhairt chun suntais go n-áirítear le caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna (tuarastail, liúntais agus pinsin), arb ionann iad agus 68 % den iomlán, agus ar chatagóirí eile, amhail foirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise;

11.

ag tabhairt dá haire gurbh ionann ceannteideal 7 ‘riarachán poiblí Eorpach’ an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil agus EUR 10.7 billiún nó 5,9 % de bhuiséad an Aontais in 2021, arbh ionann an Pharlaimint agus EUR 2.1 billiún nó 19,4 % de; á thabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt sampla de 60 idirbheart den cheannteideal sin faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus gur chinn sí go raibh earráidí i 15 cinn (25 %), as a ndearna an Chúirt 5 earráid a chainníochtú agus gur mheas sí ar an mbonn sin go bhfuil leibhéal earráide chaiteachas an Aontais ar riarachán in 2021 faoi bhun na tairsí ábharthachta; á athdhearbhú gur mhol sí don Chúirt a sampla d’idirbhearta a scrúdaíodh a leathnú chun tionscnamh sciar ard na n-idirbheart ina bhfuil earráidí a chinneadh, cé go bhfuil siad faoi bhun na tairsí ábharthachta;

12.

ag tabhairt dá haire go gcuirtear torthaí sonracha maidir leis an bParlaimint i láthair i dtuarascáil bhliantúil na Cúirte maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021, eadhon earráidí in dhá íocaíocht: (i) ró-íocaíocht bheag do sheirbhísí TF arb é cur i bhfeidhm mícheart téarmaí conartha is cúis léi, agus (ii) íocaíocht amháin ón bParlaimint le ceann dá grúpaí polaitiúla; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go gceadaítear leis na rialacha inmheánacha soláthair, arna nglacadh ag an mBiúró, agus treoirlínte na Parlaiminte maidir lena gcur i bhfeidhm, nósanna imeachta soláthair idirbheartaithe a úsáid le haghaidh conarthaí ardluacha, de bhrí go sonraítear sa Rialachán Airgeadais úsáid nósanna imeachta soláthair oscailte nó srianta; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur chinn an Chúirt gur mhainnigh an grúpa polaitiúil cloí go hiomlán leis na rialacha inmheánacha sin, mar gheall ar, de réir an ghrúpa lena mbaineann, a dheacra atá sé tairgeoir a aimsiú ar féidir leis na critéir an-sonrach a úsáideadh chun an conradh a dhámhachtain a chomhlíonadh; á thabhairt chun suntais gur thuairiscigh an Chúirt easnaimh roimhe seo in idirbhearta a bhaineann le soláthar ag grúpaí polaitiúla;

13.

ag tabhairt faoi deara gurb é seasamh riarachán na Parlaiminte nach bhfuil feidhm ag úsáid nósanna imeachta soláthair idirbheartaithe le haghaidh conarthaí ardluacha, i.e. conarthaí a dámhadh i nósanna imeachta a bhfuil luach na dtairseach bainte amach acu dá dtagraítear in Airteagal 175(1) den Rialachán Airgeadais, ach amháin maidir le bainistíocht dhíreach, agus bainistiú á dhéanamh ag grúpaí polaitiúla ar na cistí a leithdháiltear orthu i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta indírí i gcur i bhfeidhm loighciúil Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais; á chur in iúl gur geal léi, áfach, gur ghlac an Pharlaimint leis an moladh ón gCúirt athbhreithniú a dhéanamh ar a treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le soláthar poiblí ag na grúpaí polaitiúla chun iad a ailíniú níos fearr leis an Rialachán Airgeadais; ag moladh do riarachán na Parlaiminte aird a thabhairt ar shainiúlacht theicniúil roinnt nósanna imeachta soláthair nach bhfuil ach líon teoranta tairgeoirí a bhfuil ard-saineolas acu in ann freagra a thabhairt ina leith; á iarraidh ar an Ard-Rúnaí tuarascáil a thabhairt don Choiste um Rialú Buiséadach nuair a bheidh an t-athbhreithniú sin le déanamh; ag tabhairt dá haire go bhfuil rún daingean ag lucht riaracháin na Parlaiminte leanúint de thacaíocht a thabhairt do na grúpaí polaitiúla maidir leis na leithreasuithe atá le húsáid i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme;

14.

ag tabhairt dá haire, go háirithe, go ndearna an Chúirt scrúdú breise ar íocaíocht EUR 74.9 milliún a bhain le ceannach fhoirgneamh Scholl ar Rue Wiertz, ar maoiníodh a cheannach ó chistí nár úsáideadh le linn ghéarchéim COVID-19 agus a tugadh anonn ó 2020; ag tabhairt dá haire, agus tairiscintí á lorg aici, gur bhain an Pharlaimint úsáid as critéir dhámhachtana lena ndearnadh 50 % de phointí a ualú do phraghas agus do cháilíocht an fhoirgnimh atá beartaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuair an Pharlaimint dhá thairiscint agus gur bhronn sí an conradh ar an tairgeoir a mhol foirgneamh Scholl, atá i bhfad níos gaire do phríomhshuíomh na Parlaiminte ach 30 % níos daoire in aghaidh an mhéadair chearnaigh ná an foirgneamh a mhol an tairgeoir eile; ag tabhairt dá haire gur mheas an Chúirt go ndearna critéir dhámhachtana na Parlaiminte laghdú suntasach ar thábhacht an phraghais mar bhonn don chinneadh ceannaigh, rud a fhágann nach dócha go bhféadfaí glacadh le haon tairiscint eile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé machaire comhréidh a ráthú do na tairgeoirí uile chun a dhearbhú go bhfuil soláthar rialta ann, agus chun riosca a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh clú de a sheachaint; á thabhairt faoi deara go gcuireann ceannach fhoirgneamh Scholl ar chumas na Parlaiminte slándáil a hionaid lárnaigh a neartú, nasc díreach le foirgnimh eile de chuid na Parlaiminte a choinneáil, agus na hinfheistíochtaí a rinneadh go dtí seo san fhoirgneamh sin a chaomhnú;

15.

ag tabhairt dá haire an fhreagairt a thug an Pharlaimint ar thuairim na Cúirte go raibh ról tábhachtach ag critéar an achair sna critéir cháilíochta (is é sin fachtóir ualaithe 20/50 pointe cáilíochta), agus go bhfuair an fhéidearthacht idirnascadh leis na foirgnimh lárnacha fachtóir ualaithe breise (4/50 pointe cáilíochta), rud a d’fhág go measann an Pharlaimint gurb é foirgneamh Scholl ar Rue Wiertz an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch d’ainneoin na difríochta suntasaí praghais; ag tabhairt dá haire go ndearna an Biúró anailís ar éadáil fhoirgneamh Scholl i gcoinne fhoirceannadh an chonartha cearta úsáide agus, sa chiall sin, gur mheas sé go sábhálfaí méid suntasach airgeadais, eadhon na híocaíochtaí conarthacha atá fágtha (EUR 24 000 000) agus na hinfheistíochtaí a rinne an Pharlaimint cheana (EUR 15 300 000);

An tuarascáil bhliantúil ón iniúchóir inmheánach

16.

ag tabhairt dá haire, ag an gcruinniú idir an coiste freagrach agus an t-iniúchóir inmheánach a tionóladh an 1 Nollaig 2022, gur thíolaic an t-iniúchóir inmheánach a thuarascáil bhliantúil agus gur thug sé tuairisc ar na hiniúchtaí dearbhaithe agus ar na seirbhísí comhairliúcháin a rinne sé agus gur thuairiscigh sé ar thoradh staid reatha na himeartha, inar cumhdaíodh na hábhair seo a leanas in 2021:

iniúchadh ar an liúntas cúnaimh pharlaimintigh (Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais (DG FINS));

an t-iniúchadh dara céim ar mhaoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (DG FINS) a ullmhú;

an cúram comhairliúcháin maidir le bunú fondúireachtaí don chreat rialachais sonraí (an Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil (DG ITEC));

iniúchadh ar mhisin foirne (Ard-Stiúrthóireacht an Phearsanra, (DG PERS));

iniúchadh ar an bpróiseas soláthair in (an Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (DG INLO));

athbhreithniú ar chreat bainistíochta riosca na Parlaiminte;

obair leantach ar ghníomhaíochtaí oscailte ó thuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí – céimeanna 1 agus 2 de 2021;

17.

á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí seo a leanas ar tháinig an t-iniúchóir inmheánach ar chomhaontú fúthu leis na hArd-Stiúrthóireachtaí atá freagrach, mar thoradh ar na cúraimí dearbhaithe, agus go dtacaíonn sí leo:

maidir leis an iniúchadh ar an liúntas cúnaimh pharlaimintigh, aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le hurramú na n-uasteorainneacha a leagtar síos le Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IMMS) maidir le táillí gníomhaire a íoc; moilleanna ar thíolacadh ráiteas cuntas ag an ngníomhaire íocaíochta a laghdú maidir leis na méideanna a d’íoc an Pharlaimint leo agus maidir leis na rialuithe gaolmhara ina leith a bheith á gcomhlánú ag DG FINS, agus an méadú athfhillteach riaráistí a thabhairt chun rialtachta; soiléiriú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe den IMMS agus ar an treoir inmheánach ghaolmhar nach dtacaíonn go comhsheasmhach le bainistiú éifeachtúil agus éifeachtach an chúnaimh pharlaimintigh a chaitear ar chúntóirí parlaiminteacha áitiúla;

maidir leis an dara céim den iniúchadh ar mhaoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, á chur in iúl gur díol sásaimh di gur shínigh iniúchóir inmheánach na Parlaiminte agus Údarás na Parlaiminte Meabhrán Tuisceana, go luath in Eanáir 2022, ina leagtar amach na módúlachtaí do na gníomhaíochtaí iniúchóireachta a d’fhéadfadh an t-iniúchóir inmheánach a roghnú a dhéanamh, mar chuid dá iniúchtaí nó dá hiniúchtaí lena gcumhdaítear cur chun feidhme bhuiséad na Parlaiminte, maidir leis na córais bhainistíochta agus rialaithe a chuireann an tÚdarás i bhfeidhm maidir leis na próisis chun Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha a chlárú, a rialú agus, i gcás inar gá, smachtbhannaí a fhorchur orthu;

maidir leis an cúram comhairliúcháin ar chreat rialachais sonraí, arbh é an cuspóir a bhí leis tacú le DG ITEC ina n-iarrachtaí cumais a fhorbairt a chuireann ar chumas na Parlaiminte a áirithiú go bhfuil sonraí ardcháilíochta ann ar feadh shaolré iomlán na sonraí, na sé mholadh shonracha a cuireadh chun cinn ina dtugtar aghaidh ar thionscadail a bhaineann le sonraí a áireamh i bpunann na Parlaiminte don tréimhse 2022-2024, fardal institiúideach sonraí a bhunú, comhfhreagraithe sonraí áitiúla a chruthú, comhlacht idir-DG a ainmniú le haghaidh cinntí a bhaineann le sonraí, formhaoirseacht ag comhlacht, agus scrúdú a dhéanamh ar shineirgí féideartha le beartais a bhaineann le sonraí agus ceanglais comhlíonta eile;

18.

ag tabhairt dá haire na cúraim dearbhaithe atá díreach críochnaithe, agus atá ag leanúint an phróisis cumarsáide dá bhforáiltear i gCairt an Iniúchóra Inmheánaigh faoi láthair;

maidir le misin foirne a iniúchadh, an fócas ar mheastóireacht ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe i réimse mhisin na gcatagóirí foirne uile, lena n-áirítear cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe (CPCanna), agus ar chomhlíonadh oibriú na gcóras sin le forálacha ábhartha na Rialachán Foirne, an chreata rialála inmheánaigh lena mbaineann, agus an Rialacháin Airgeadais;

maidir leis an iniúchadh ar an bpróiseas soláthair in DG INLO, an fócas ar mheastóireacht éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe i réimse an tsoláthair, ar chomhlíonadh na nósanna imeachta soláthair leis an reachtaíocht is infheidhme agus leis an gcreat rialála inmheánach ábhartha, agus ar iontaofacht na faisnéise bainistíochta agus an taifeadta;

maidir leis an athbhreithniú ar chreat bainistíochta riosca na Parlaiminte, an fócas ar athbhreithniú a dhéanamh ar aibíocht an chreata sin, arb é an toradh a bhí air measúnú ar an staid mar atá faoi láthair agus bealaí chun cinn a shainaithint chun a éifeachtúlacht agus a éifeachtacht a fheabhsú;

19.

ag tabhairt dá haire gur dúnadh 47 de na 99 ngníomhaíocht oscailte mar thoradh ar phróiseas leantach 2021 agus go raibh na dátaí dlite maidir le cur chun feidhme a comhaontaíodh imithe in éag; á chur i bhfáth gur moladh roinnt den 52 ghníomhaíocht a bhí fágtha roinnt blianta ó shin ach go bhfuil siad fós gan chur chun feidhme agus á thabhairt chun suntais go dtugann 23 díobh aghaidh ar riosca suntasach; ag dréim leis go ndéanfaidh na hard-stiúrthóireachtaí éagsúla a áirithiú go ndúnfar na gníomhaíochtaí sin atá fágtha gan a thuilleadh moille agus go gcuirfear na gníomhaíochtaí comhaontaithe chun feidhme i gcomhréir leis na dátaí dlite a leagtar síos sa tuarascáil bhliantúil ón iniúchóir inmheánach; ag iarraidh ar an Ardrúnaí tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh dhá uair sa bhliain maidir le stádas na ngníomhaíochtaí atá fágtha;

20.

á aithint, i gcomhréir le hAirteagal 118(9) den Rialachán Airgeadais, ‘[nach mbeidh] rochtain ag an bpobal ar thuarascálacha agus cinntí an iniúchóra inmheánaigh, ná ar thuarascáil institiúid de chuid an Aontais lena mbaineann, go dtí go mbailíochtóidh an t-iniúchóir inmheánach na gníomhaíochtaí a rinneadh chun iad a chur chun feidhme’; ag tabhairt dá haire, sa chleachtas, nach bhfuil rochtain ar na tuarascálacha agus ar na torthaí go dtí go mbeidh na moltaí uile curtha chun feidhme, rud a chiallaíonn moill de facto ar rochtain a fháil orthu, agus nach bhféadfaidh rochtain a bheith ag Feisirí, ar bhonn riachtanais eolais, ach amháin i gcomhréir le rialacha an Bhiúró maidir le rochtain ar dhoiciméid rúnda; á iarraidh ar an mBiúró a áirithiú go mbeidh rochtain láithreach agus iomlán ag na Feisirí ar an tuarascáil iniúchóireachta inmheánaí ar a laghad i bhfianaise an nós imeachta um urscaoileadh ar bhealach níos gasta; á iarraidh ar an mBiúró freisin gach tuarascáil ar an iniúchóireacht inmheánach a chur ar fáil don phobal aon bhliain amháin tar éis a cur i gcrích, a luaithe a bheidh na gníomhaíochtaí a rinneadh chun moladh na bliana roimhe sin a chur chun feidhme bailíochtaithe ag an iniúchóir inmheánach; á mheabhrú, thairis sin, nach gá na moltaí uile a chur chun feidhme ina n-iomláine chun moltaí a bhailíochtú; á iarraidh ar an Ard-Rúnaí tuairisc a thabhairt a mhinice is gá don Choiste um Rialú Buiséadach maidir leis na gníomhaíochtaí iniúchóireachta bliantúla a dhéantar;

21.

ag tabhairt dá haire an t-athrú ar cheann na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach amhail ón 1 Márta 2021; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go raibh tionchar diúltach ag athnuachan tuairim is leath na foirne iniúchóireachta agus 16 mhí ar fholúntais sa bhreis ar an méid a bhí beartaithe mar gheall ar dheacrachtaí maidir le hiarrthóirí oiriúnacha a shainaithint in ainneoin na tacaíochta leanúnaí ó riarachán na Parlaiminte, go raibh tionchar diúltach aige sin ar an ngníomhaíocht iniúchóireachta, go háirithe ar an réimse TF; á chur in iúl gur geal léi na bearta a rinne an t-iniúchóir inmheánach chun an post atá fágtha mar Iniúchóir na gcórais faisnéise speisialaithe a chomhlíonadh le hiarrthóir ag a bhfuil cúlra láidir ábhartha agus na bearta a rinneadh idir an dá linn ó thaobh fothú acmhainneachta agus oiliúint speisialaithe bhreise de; á mheabhrú do riarachán na Parlaiminte a thábhachtaí atá sé pleanáil a dhéanamh d’fholúntais le haga tionscanta leordhóthanach i seirbhísí bunriachtanacha amhail an t-aonad iniúchóireachta inmheánaí;

22.

á chur in iúl gur geal léi gur dheimhnigh measúnóir seachtrach in 2021 go bhfuil an tSeirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí “i gcomhréir go ginearálta le Caighdeáin agus Cód Eitice Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha” a chomhfhreagraíonn don leibhéal comhréireachta is airde leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta do Chleachtas Gairmiúil na hIniúchóireachta Inmheánaí, mar a tharla in 2016;

Obair leantach ó riarachán na Parlaiminte agus ón mBiúró ar rún urscaoilte roimhe sin

23.

ag tabhairt dá haire na freagraí i scríbhinn ar rún maidir le hurscaoileadh 2020 a cuireadh ar fáil do Choiste um Rialú Buiséadach na Parlaiminte an 26 Meán Fómhair 2022, agus ar chur i láthair an Ard-Rúnaí an 25 Deireadh Fómhair 2022 lena dtugtar aghaidh ar na ceisteanna agus iarrataí éagsúla a ardaíodh sa rún ón bParlaimint, agus an malartú tuairimí leis na Feisirí ina dhiaidh sin;

24.

á mheabhrú gurb é comhdhéanamh an Bhiúró Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, na 14 Leas-Uachtarán agus an cúigear Caestóirí (comhaltaí nach bhfuil vóta acu) atá tofa go daonlathach ag an bParlaimint; á mheabhrú, a luaithe a iarrann an Cruinniú Iomlánach go ndéanfadh an Pharlaimint rialacha nó bearta éagsúla a chur chun feidhme, gur cheart don Bhiúró na rialacha nó na bearta sin atá beartaithe a phlé agus vótáil orthu, de bhun Riail 25 de na Rialacha Nós Imeachta agus de bhun Iarscríbhinn V a ghabhann leo agus de bhun Airteagal 6 agus Airteagal 262 den Rialachán Airgeadais; á chur in iúl gur oth léi nach léirítear go maith i gcónaí líon suntasach éileamh nithiúil arna nglacadh ag an Seisiún Iomlánach i rúin urscaoilte sna pléití le linn chruinnithe an Bhiúró in ainneoin go bhfuil comhaltaí an Bhiúró agus an tArd-Rúnaí araon ar an eolas faoi na rúin maidir le hurscaoileadh agus go bhfuil sé d’acmhainn acu tograí a thíolacadh faoi Riail 25 thuasluaite; á mheabhrú a thábhachtaí atá feidhmiú an ghrinnscrúdaithe dhaonlathaigh a dhéantar tríd an nós imeachta um urscaoileadh agus gur cheart don Pharlaimint a bheith ina heiseamláir d’institiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais; á thabhairt chun suntais, le linn phaindéim COVID-19, go raibh ar phlé an Bhiúró díriú, den chuid is mó, ar shláine na bhFeisirí agus na foirne a chosaint, agus leanúnachas gnó á áirithiú ag an am céanna;

25.

á mheabhrú, i bhfianaise Riail 25 de na Rialacha Nós Imeachta, go bhfuil an Biúró freagrach as cinntí a dhéanamh maidir le cúrsaí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin a bhaineann le heagrú inmheánach agus Feisirí na Parlaiminte; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur minic nach n-urramaíonn cinntí an Bhiúró an toil a chuir an Seisiún Iomlánach in iúl i rúin maidir le hurscaoileadh; á athdhearbhú a thábhachtaí atá an nós imeachta um urscaoileadh a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais agus sna Rialacha Nós Imeachta agus á éileamh go ndéanfaí rúin a dhéanann difear d’fheidhmiú na Parlaiminte a chur san áireamh go críochnúil agus go ndéanfar obair leantach orthu ar bhealach dlisteanach agus trédhearcach; ag tabhairt dá haire go ndéantar cláir oibre agus miontuairiscí chruinnithe an Bhiúró agus cinntí a fhoilsiú ar shuíomh idirlín na Parlaiminte; á iarraidh an athuair ar an Ard-Rúnaí sraith nithiúil tograí a dhéanamh chun trédhearcacht chinnteoireacht an Bhiúró a fheabhsú tuilleadh; á mholadh gur cheart an Coiste um Rialú Buiséadach a chur ar an eolas go córasach aon uair a phléifidh an Biúró togra a eascraíonn as rún urscaoilte;

26.

á chur in iúl gur geal léi an togra ón Ard-Rúnaí chun cur ar chumas an Bhiúró dréachtchinntí a phlé maidir le hábhair thábhachtacha agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige; á iarraidh ar an mBiúró agus ar na Caestóirí an cleachtas sin a chur chun feidhme;

Bearta a bhaineann le paindéim COVID-19

27.

ag tabhairt dá haire gur léiríodh in 2021 na dúshláin leanúnacha a d’eascair as paindéim COVID-19, lenar ceanglaíodh an chuid is mó de na bearta gan fasach agus urghnách a tugadh isteach in 2020 a choinneáil ar bun, agus i gcás inar gá, a oiriúnú chun an riosca do na Feisirí agus don fhoireann a íoslaghdú, agus á áirithiú ag an am céanna go mbeadh an Pharlaimint in ann leanúint ar aghaidh lena croíghníomhaíochtaí; á thabhairt dá haire go meastar barrachas buiséadach foriomlán EUR 95 804 765 a bheith ginte ag paindéim COVID-19 agus, ag an am céanna, gur theastaigh línte buiséid eile a threisiú le EUR 26 230 480 ar an iomlán, rud a d’fhág go raibh glanchoigilt EUR 69 574 285 ann;

28.

ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur leanadh de chórais teilea-oibre, cianvótáil agus cruinnithe hibrideacha a chur i bhfeidhm ar mhórscála le linn 2021; á thabhairt dá haire gur cuireadh deireadh de réir a chéile leis an oibleagáid a bhí ar fhormhór na foirne, lena n-áirítear CPPanna, teilea-obair a dhéanamh 100 % amhail ó mhí an Mheithimh 2021 agus gur chinn an tArd-Rúnaí, an 16 Iúil 2021, raon feidhme na teilea-oibre a bhí ann cheana a leathnú; ag tabhairt dá haire, i mí Mheán Fómhair 2021, gur cuireadh deireadh le roinnt de na srianta ar ghníomhaíochtaí na Parlaiminte, e.g. maidir le toscaireachtaí nó maidir le fáilte a chur roimh chuairteoirí aonair, agus gur tháinig rialacha nua teilea-oibre d’fhoireann na Parlaiminte i bhfeidhm;

29.

á chur in iúl gur geal léi conclúidí na Cúirte ina Tuarascáil Speisialta 18/2022 maidir le ‘institiúidí an Aontais agus COVID-19’ inar léirigh na hinstitiúidí a ndearnadh iniúchadh orthu, lena n-áirítear an Pharlaimint, a n-athléimneacht i bhfianaise phaindéim COVID-19 agus go raibh a bhfreagairt gasta agus solúbtha agus gur baineadh tairbhe as infheistíochtaí a rinneadh roimhe seo sa digitiú; ag tabhairt chun suntais na moltaí ón gCúirt, go háirithe an t-athbhreithniú ar phleananna leanúnachais gnó agus an measúnú ar oiriúnacht na mbealaí nua oibre sa timpeallacht iar-COVID-19;

30.

ag tabhairt dá haire go raibh aistrithe suntasacha laistigh de bhuiséad na Parlaiminte mar thoradh ar thionchar leanúnach phaindéim COVID-19 in 2021, agus go raibh barrachas buiséadach ar fáil i réimsí amhail speansais taistil, eagrú agus fáiltiú grúpaí cuairteoirí, oibriú ionaid cuairteoirí na Parlaiminte, oiliúint i bpearsa, agus tomhaltas fuinnimh níos ísle; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, gur chruthaigh an phaindéim riachtanais bhuiséadacha bhreise i réimsí eile, go háirithe sláinte agus cosc, chomh maith le trealamh teicniúil agus lóistíocht le haghaidh cruinnithe agus vótaí hibrideacha ilteangacha; á thabhairt faoi deara gur aistríodh cuid mhór den choigilteas a rinneadh le blianta beaga anuas chuig an mbeartas tógála;

31.

ag tabhairt chun suntais go raibh tionchar ollmhór ag paindéim COVID-19 ar an mbliain 2021 agus gur ghá formhór na mbeart urghnách a tugadh isteach in 2020 a choinneáil agus a oiriúnú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, i gcásanna áirithe, go raibh dálaí oibre modhnaithe i seirbhísí sonracha mar thoradh ar roinnt de na bearta a tugadh isteach chun leathadh breise phaindéim COVID-19 a chosc, amhail siopaí cóipeála agus aonaid phriontála laistigh den Pharlaimint, a raibh tionchar diúltach acu ar roinnt baill foirne, mar shampla go raibh ar an bhfoireann sa siopa cóipeála sa Bhruiséil oibriú ina n-aonar ar feadh tréimhse fada fiú tar éis deireadh a bheith curtha leis na bearta sábháilteachta; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte athmheastóireacht réamhghníomhach a dhéanamh ar dhálaí oibre i gcásanna comhchosúla a d’fhéadfadh a bheith ann;

32.

ag tabhairt chun suntais, in 2021, gur forchuireadh go leor dúshlán ar obair na Parlaiminte, agus gurb é an ceann is mó an éiginnteacht maidir le héabhlóid phaindéim COVID-19; ag moladh an róil lárnaigh a bhí ag seirbhísí leighis na Parlaiminte ar thús cadhnaíochta sa fhreagairt ar phaindéim COVID-19 agus ag aithint an ualaigh ollmhór oibre a bhí i gceist, lena n-áirítear cóireáil, tástáil agus vacsaíniú foirne, tacaíocht shíceolaíoch a chur ar fáil agus comhairle a thabhairt maidir le bearta maolaithe; ag tabhairt dá haire, ar bhonn eisceachtúil, gur ghá an tseiceáil leighis bhliantúil ar bhaill foirne a chur ar ceal agus gur iarradh ar an bhfoireann dul faoi scrúdú leighis bliantúil go seachtrach, faoi na coinníollacha céanna leis na coinníollacha a thairgeann an Pharlaimint de ghnáth, i gcomhréir le hAirteagal 59(6) de na Rialacháin Foirne, agus á chur in iúl gur geal léi gur fhág dul chun cinn na staide paindéime gur féidir dul i mbun scrúduithe leighis bliantúla arís ar bhaill foirne; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh, i mí Dheireadh Fómhair 2021, an tAonad um Bainistiú Géarchéimeanna Leighis agus Ullmhacht dóibh (MPCMU) ina bhfuil baill foirne ó na seirbhísí leighis sa Bhruiséil agus i Lucsamburg agus é mar chuspóir leis sin feabhas a chur ar acmhainneacht freagartha na Parlaiminte le haghaidh géarchéimeanna amach anseo;

33.

ag tabhairt dá haire gurbh é costas iomlán na n-ionad tástála EUR 5 415 789 sa Bhruiséil, EUR 302 288 i Lucsamburg agus EUR 39 370 in Strasbourg; á chur in iúl gur geal léi gur sholáthair na húdaráis sláinte poiblí na vacsaíní agus gach ábhar eile saor in aisce d’fheachtas vacsaínithe na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 230 502 costas iomlán an ionaid vacsaínithe sa Bhruiséil in 2021, lena n-áirítear treisiú de sheisear altraí eatramhacha agus oiriúnú uirlis TF atá ann cheana do na gnéithe riaracháin (EUR 45 655 agus EUR 184 847 faoi seach); ag moladh obair na seirbhíse leighis, fhoireann na saotharlainne ar conradh agus na n-oibrithe deonacha in ionaid tástála agus vacsaínithe na Parlaiminte sa Bhruiséil; ag tabhairt dá haire gurb iad na húdaráis náisiúnta a d’eagraigh na feachtais vacsaínithe in Strasbourg agus i Lucsamburg araon, agus nár thabhaigh an Pharlaimint aon chostas dá bhrí sin;

34.

á mheabhrú go ndearnadh foráil in Airteagal 4 de chinneadh an Uachtaráin an 1 Meitheamh 2021 maidir le bearta slándála chun leathadh phaindéim COVID-19 a theorannú do sheiceálacha teochta ar aon duine ag dul isteach i bhfoirgnimh na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire, chun na críche sin, gur cheannaigh an Pharlaimint samhlacha éagsúla brathadóirí teochta coirp ar mhéid iomlán EUR 595 459 (EUR 382 515 in 2020 agus EUR 212 944 in 2021); á thabhairt faoi deara nár úsáideadh 40 aonad braite teochta a ceannaíodh in 2021 mar chuid den trealamh agus a suiteáladh sna brathadóirí miotail amhail ón 14 Márta 2022 agus go bhfuil 4 cheamara á stóráil anois; á thabhairt chun suntais gur minic i rith an tsamhraidh gur diúltaíodh rochtain do dhaoine mar gheall ar an teocht ard lasmuigh, rud nár bhain ar chor ar bith le hiad a bheith buailte ag fiabhras; á mheabhrú nár tugadh isteach aon fhoráil chun cosc a chur ar dhaoine ar diúltaíodh cead isteach dóibh gan iarracht a dhéanamh arís tamall ina dhiaidh sin; ag tabhairt dá haire nach ndearna an Pharlaimint aon sonraí íogaire a láimhseáil ná a bhailiú faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); á thabhairt faoi deara, gan aon ghá a bheith ann aon sonraí íogaire a stóráil, nach bhfuil aon fhaisnéis ann maidir le líon na ndaoine ar diúltaíodh rochtain ar áitreabh na Parlaiminte dóibh le linn thréimhse bailíochta an bhirt; á chur in iúl gur oth léi an chonclúid nach féidir, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na seiceálacha teochta coirp ná ceannach an trealaimh; á mheabhrú gurb ann don phrionsabal lena bhforáiltear gur cheart go bhféadfaí i gcónaí, in aon úsáid a bhaintear as airgead poiblí, seiceáil a dhéanamh ar rialtacht an chaiteachais agus ar éifeachtacht a úsáide;

35.

ag tabhairt dá haire nach raibh gá le laghdú ar fhoireann ghlantacháin sa Bhruiséil toisc go raibh na foirgnimh fós ar oscailt agus gur cúitíodh an méadú ar riachtanais ghlantacháin in Strasbourg agus i Lucsamburg as an laghdú ar ghníomhaíocht agus, dá bhrí sin, nár thabhaigh na soláthraithe glantacháin aon chaillteanais i rith na bliana; ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021 agus tús 2022, gur sheol an dá chonraitheoir glantacháin sa Bhruiséil suirbhé sástachta i measc a bhfostaithe mar a iarradh i rún urscaoilte 2020; ag tabhairt dá haire gur chomhlánaigh na fostaithe an ceistneoir gan ainm agus go bhfuarthas agus gur stóráladh na freagraí ar ardán slán; á chur i bhfios go láidir, i gcás an chéad chonraitheora, go léiríonn an anailís ar na torthaí go bhfuil os cionn 90 % den fhoireann spreagtha chun feidhmiú go maith, go bhfaigheann siad treoir mhaith óna mbainistíocht agus go mbraitheann siad mar chuid d’fhoireann atá aontaithe go maith; ag tabhairt dá haire, amhail ón 9 Samhain 2022, go soláthraíonn dhá sholáthraí seirbhíse nua gach seirbhís glantacháin in áitreabh na Parlaiminte sa Bhruiséil; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an conraitheoir nua faoi réir oibleagáidí níos déine lena n-áirithítear dálaí oibre cothroma; á mheabhrú go bhfuil gealltanas tugtha ag an gconraitheoir nua gach fostaí a bhí fostaithe ag an iarchonraitheoir a ghlacadh ar láimh ar feadh naoi mí ar a laghad agus á iarraidh ar an bParlaimint a áirithiú go gcloífear leis an ngealltanas sin;

36.

ag meabhrú go raibh tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar fhoireann lónadóireachta na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi na bearta dlúthpháirtíochta a cuireadh chun feidhme ó Aibreán 2020 go Nollaig 2021, eadhon ‘béilí carthanais’ agus táille leanúnachais gnó a sholáthar sna trí ionad oibre, a chabhraigh ar a laghad chun 37 bpost a chosaint don fhoireann lónadóireachta; ag moladh gurbh í an Pharlaimint an chéad institiúid de chuid an Aontais a sheol clár deonaithe bia, agus gurb í an t-aon institiúid í a rinne gníomhaíocht chun fostaíocht a shábháil le linn ghéarchéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh 20 post nua ó thosaigh na gníomhaíochtaí lónadóireachta uile arís i mí an Mhárta 2022; ag tabhairt dá haire gurb iad soláthraithe seirbhíse seachtracha a dhéanann seirbhísí lónadóireachta agus glantacháin mar gheall ar a gcineál sonrach nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le hinmheánú; á chur i bhfáth go mbeadh gá le hearcú ollmhór fostaithe chun seirbhísí bunriachtanacha amhail lónadóireacht agus glanadh a inmheánú agus go mbeadh méadú suntasach ar chostais mar thoradh air sin; á chur in iúl, dá bhrí sin, go bhfuil sí den tuairim nár cheart do chomhlachtaí rialaithe inmheánú na seirbhísí sin a chur san áireamh;

Ateangairí

37.

á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag Feisirí, faoi Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, labhairt sa teanga oifigiúil is rogha leo, léiriú ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa, rud a fhágann go bhfuil institiúidí an Aontais níos inrochtana agus níos trédhearcaí do shaoránaigh uile an Aontais; á chur in iúl gur geal léi an obair atá déanta ag oifigigh agus ag saor-teangairí na Parlaiminte le linn na paindéime chun an ceart sin a bhaint amach, agus an Pharlaimint a choimeád ag feidhmiú mar bhaile dhaonlathas na hEorpa; á chur i bhfáth go bhfuil tionchar díreach ag cáilíocht na hateangaireachta a chuirtear ar fáil ar an teachtaireacht a chuirtear in iúl do shaoránaigh an Aontais;

38.

ag tabhairt dá haire gur thug riarachán na Parlaiminte coimircí isteach amhail teorainn ar uaireanta ateangaireachta seachtainiúla mar gheall ar an iarracht bhreise is gá chun ateangaireacht a chur ar fáil do chianchainteoirí agus go raibh ateangairí lasmuigh den seomra cruinnithe ar feadh tréimhse fhada (i.e. seomraí ceangailte, moil sna Ballstáit, etc.); á chur in iúl gur geal léi gur fhág roinnt gníomhaíochtaí a d’fhormheas an Biúró in 2020 agus 2021, ón mbonneagar teicniúil go dtí ateangaireacht chianda a threisiú, go raibh acmhainneachtaí ateangaireachta in ann méadú de réir a chéile go 70 % den acmhainneacht réamh-COVID-19 ó mhí na Samhna 2020 go dtí mí Aibreáin 2021, agus go 90 % i mí Eanáir 2022;

39.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di na fadhbanna éisteachta tuairiscithe a d’eascair ón gcian-ateangaireacht ar feadh tréimhsí fada ama le córais fuaime ar chaighdeán íseal; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur thuairiscigh 63,5 % de na freagróirí (127 as 200) fadhbanna éisteachta i suirbhé ar chian-ateangaireacht chomhuaineach a rinne toscaireacht na nAteangairí Foirne ag tús 2021 agus luaigh 54 % de na freagróirí (702 as 1 602) i suirbhé a rinneadh i measc foirne agus saor-teangairí i mí na Bealtaine 2022 go raibh tionchar, ag obair faoi na coinníollacha a forchuireadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19, ar a sláinte agus ar a bhfolláine; ag tabhairt chun suntais go bhfuil seirbhísí leighis na Parlaiminte ag déanamh obair leantach ar na saincheisteanna sláinte a thuairiscíonn ateangairí agus go bhfuil gníomhaíochtaí spriocdhírithe curtha i bhfeidhm ag an riarachán chun cáilíocht fhónta a fheabhsú; á mheabhrú go bhfuil dualgas cúraim dlite d’institiúidí an Aontais dá bhfostaithe, nach mór a chur san áireamh agus bearta coisctheacha á gcur chun feidhme;

40.

ag tabhairt dá haire gur thángthas ar chinneadh i gComhdháil na nUachtarán an 2 Meitheamh 2022 go gceadófaí eisceachtaí le haghaidh cian-idirghabhálacha i gcruinnithe coiste agus ag tabhairt faoi deara gurb iad leagan amach teicniúil agus comhlíonadh na gcian-idirghabhálacha na príomhdhúshláin is gá a shárú a bhaineann le fuaim ardcháilíochta a bhaint amach i gcruinnithe hibrideacha na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi, i measc bearta eile agus feachtais múscailte feasachta, gur dáileadh os cionn 1 700 micreafón gairmiúil ardcháilíochta agus 1 342 fearas cinn ar na Feisirí, agus gur eisigh na Caestóirí fógraí 50/2020 agus 12/2021 le treoirlínte do chianchainteoirí; ag tabhairt faoi deara go bhfuil micreafóin ardcháilíochta á dtairiscint ag lucht riaracháin na Parlaiminte, ar bhonn píolótach, do chainteoirí seachtracha a bheidh ag idirghabháil go cianda, amhail achainígh; á chur in iúl gur oth léi go mbeidh na hiarrachtaí agus an buiséad a leithdháilfear iomarcach má leantar d’idirghabhálacha cianda ó Fheisirí agus ó chainteoirí eile gan an trealamh iomchuí, a cheadú; á chur in iúl gur geal léi an feachtas chun feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le cáilíocht fuaime le haghaidh idirghabhálacha cianda agus á iarraidh go ndéanfar tuilleadh seiceálacha teicniúla roimh gach idirghabháil

41.

ag tabhairt dá haire go bhfuarthas seirbhísí ardán Interactio in 2021 trí chreatchonradh a bhí ar fáil nach dtagraíonn faoi láthair do chaighdeán ISO maidir le hateangaireacht chomhdhála; ag tabhairt dá haire go luann an tArd-Rúnaí ina fhreagraí scríofa do Choiste um Rialú Buiséadach na Parlaiminte go gcomhlíonann ardán Interactio ceanglais cháilíochta fuaime ISO;

42.

Ag tabhairt dá haire go raibh stailc ag ateangairí na Parlaiminte ó mhí an Mheithimh go dtí mí Dheireadh Fómhair 2022 agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur ar dhálaí oibre, go príomha cáilíocht fuaime níos fearr agus teorainn a chur le líon agus fad uaireanta ateangaireachta na gcainteoirí cianda mar a rinneadh le linn phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur oth léi go ndeachaigh riarachán na Parlaiminte, le linn stailc na n-ateangairí, i muinín seirbhísí ateangaireachta seachtracha, le costas iomlán EUR 47 324, toisc gur chuir an cinneadh sin caighdeán cáilíochta ateangaireachta na Parlaiminte i mbaol, go ndearna sé damáiste dá híomhá agus níos tábhachtaí fós gur chuir sé bac ar cheart oibrithe dul ar stailc; á chur i bhfáth nár cheart seirbhísí ateangaireachta cianda seachtracha a sholáthar go ginearálta ag cruinnithe lárnacha de chomhlachtaí parlaiminteacha; á chur in iúl gur geal léi na socruithe oibre eatramhacha le haghaidh cruinnithe le rannpháirtíocht chianda arna gcomhaontú idir an ceardchumann, ionadaithe na n-ateangairí agus riarachán na Parlaiminte an 17 Deireadh Fómhair 2022 agus ag tabhairt dá haire go ndéanfar caibidlíocht maidir le dálaí oibre na n-ateangairí chun machnamh a dhéanamh ar mhodhanna oibre na Parlaiminte tar éis na paindéime; á chur i bhfáth gur cheart d’Ard-Stiúrthóireacht LINC a riachtanais maidir le hacmhainneacht ateangaireachta amach anseo a phleanáil agus féachaint i dtreo ateangairí nua a earcú go tráthúil;

Baill foirne, cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe (CPCanna) agus cúntóirí áitiúla, oiliúnaithe

Foireann

43.

ag tabhairt dá haire go raibh 877 bpost as 6 621 post (13,2 %) folamh ag deireadh 2021; ag aithint na ndeacrachtaí ginearálta a bhíonn ag institiúidí an Aontais, lena n-áirítear an Pharlaimint, maidir le tallann a mhealladh agus a choinneáil, a bhfuil tionchar aige ar éagsúlacht agus ar dháileadh geografach an lucht saothair; ag tabhairt dá haire, in 2021, gur reáchtáil AS PERS dhá shuirbhé chun na príomhchúiseanna le hiarratas a dhéanamh ar phost sa Pharlaimint a fháil amach agus gur tharraing na torthaí aird ar thuarastail, ach freisin ar thábhacht poist agus ar dhálaí oibre solúbtha; ag tabhairt dá haire tuairim riarachán na Parlaiminte maidir le moille na gcomórtas a dhéanann an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ach ag meabhrú an phróisis claochlaithe atá ann faoi láthair arb é is aidhm dó fad na gcomórtas a ghiorrú, iad a dhéanamh níos éifeachtúla agus díriú níos fearr ar shainphróifílí agus oibiachtúlacht agus cóir chomhionann a choinneáil i gcroílár an phróisis ag an am céanna; ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Pharlaimint ar chomórtais inmheánacha a reáchtáil in 2021 agus gur cúis bhuartha di go bhféadfadh idirdhealú idir catagóirí gairmiúla a bheith mar thoradh ar nósanna imeachta meara earcaíochta;

44.

á iarraidh go ndéanfaí machnamh domhain ar na bealaí nua oibre a d’fhéadfadh riachtanais riarachán na Parlaiminte a thabhairt chun réitigh (lena n-áirítear comhtháthú foirne, cumarsáid inmheánach, agus ionduchtú nuatheachtaithe) agus ionchais agus sásamh a foirne á gcur san áireamh, rud a mbeadh tionchar dearfach aige ar a bhfeidhmíocht chomh maith le tarraingteacht na Parlaiminte mar fhostóir; ag tabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá fíor-idirphlé sóisialta le hionadaithe na foirne maidir le pointí ríthábhachtacha amhail timpeallacht oibre sholúbtha, sláinte agus leas agus oiliúint agus deiseanna gairme; ag tarraingt aird freisin ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le ciapadh i ndáil leis na cineálacha nua oibre sin; ag tabhairt faoi deara go bhfuil láithreacht fhisiciúil ríthábhachtach d’idirghníomhú éifeachtúil na ngníomhaithe uile i bpróisis pharlaiminteacha; á mholadh go mbunófaí comhchoiste a chuideoidh le DG PERS faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach agus ar chomhlíonadh treoirlínte soiléire maidir leis an teilea-obair agus an ceart chun dícheangail is féidir a oiriúnú do riachtanais na seirbhísí éagsúla; á chur i bhfáth, i bhfianaise rialacha aonfhoirmeacha a eascraíonn as na Rialacháin Foirne, gur cheart don Pharlaimint rialacha teilea-oibre a ailíniú le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais a thug isteach an deis teilea-obair a dhéanamh lasmuigh de na trí ionad oibre, rud a mhéadódh tarraingteacht na Parlaiminte mar fhostóir freisin;

45.

á mheabhrú nach leor na leibhéil foirne i rúnaíochtaí coistí na Parlaiminte ag deireadh 2020 mar gheall, inter alia, ar an ualach oibre méadaithe, ar na modhanna oibre a cuireadh i bhfeidhm mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar chruthú coistí sealadacha nua; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh 66 phost eagraghraim nua (12 don Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha (DG EXPO) agus 54 phost don Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha (DG IPOL) sa phlean bunaíochta, tar éis buiséad 2022 a ghlacadh, d’fhonn an tacaíocht a thugtar do choistí parlaiminteacha a threisiú go pras; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, faoi láthair, nach bhfuil sé beartaithe ach 8 mball foirne breise a chur san áireamh sa ghlanmhéadú foirne (lena n-áirítear poist eagraghraim agus gníomhairí conartha), fiú ós rud é gur tháinig laghdú 23 ar líon na ngníomhairí conartha idir Eanáir agus Samhain 2022; á mheabhrú don Ardrúnaí an tiomantas d’athneartú iarbhír na hacmhainne acmhainní daonna in DG EXPO agus in DG IPOL, lena n-áirítear leibhéal leordhóthanach gníomhairí conartha; á chur i bhfios gur cheart na hacmhainní go léir atá ar fáil i gcoistí, i ranna beartais, i seirbhísí cothrománacha agus i seirbhísí tacaíochta a shannadh do chur chun feidhme chumhachtaí agus nósanna imeachta reachtacha, buiséadacha agus rialaithe na Parlaiminte; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na hacmhainní atá ar fáil a dháileadh de réir leibhéal gníomhaíochta na gcoistí sna réimsí sin agus ní hamháin ar líon na dtuarascálacha reachtacha;

46.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cinneadh ón mBiúró an 21 Samhain 2022, bunaithe ar thogra ón Ardrúnaí, maidir le Forálacha Ginearálta Cur Chun Feidhme lena dtugtar éifeacht d’Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne; á áitiú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht gheografach chóir a bhaint amach i measc fhoireann na Parlaiminte ar choinníoll go bhfuil na bearta “oiriúnach”, mar a cheanglaítear le hAirteagal 27, agus á chur i bhfáth nach mór do chomórtais prionsabail bhunúsacha a chumhdaítear sna Rialacháin Foirne agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha a urramú, amhail prionsabail an chomhionannais, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta; á mheabhrú thairis sin go luaitear in Airteagal 27 “nach mór údar maith a thabhairt maidir leis na bearta iomchuí sin agus nach mbunófar critéir earcaíochta choíche orthu cé is moite de chritéir a bheidh bunaithe ar thuillteanas”; á iarraidh go ndéanfaí na Forálacha Ginearálta Cur Chun Feidhme sin a tharchur láithreach chuig Seirbhís Dlí na Parlaiminte le haghaidh measúnú comhlíontachta;

47.

ag tabhairt dá haire go mbeadh ‘tionscadal Straitéis II do Ghníomhairí ar Conradh’, arb é is aidhm dó tacú le hArd-Stiúrthóireachtaí agus measúnú á dhéanamh ar cibé acu feidhmeanna arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhíse seachtracha a inmheánú, níos buntáistí don Pharlaimint; ag tabhairt dá haire gur thug AS PERS tacaíocht chun nósanna imeachta inmheánaithe a sheoladh do AS INLO, AS ITEC agus do Ard-Stiúrthóireacht na Slándála agus na Sábháilteachta (AS SAFE); á athdhearbhú gur beart inghlactha é gníomhairí ar conradh a earcú nuair atá bonn cirt leis, ach á áitiú gur cheart don fhoireann bhuan príomhchúraimí a chomhlíonadh;

48.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di na deacrachtaí ar leith a bhaineann le hiarrthóirí a aimsiú atá toilteanach obair a dhéanamh don Pharlaimint i Lucsamburg, go príomha mar gheall ar an gcostas ard maireachtála agus praghas méadaitheach na tithíochta agus tuarastal á fháil acu atá oiriúnaithe do dhálaí maireachtála sa Bhruiséil; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte iarraidh a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb sheanbhunaithe thromchúiseach an innéacsaithe tuarastail i Lucsamburg trí ghníomh tarmligthe a ghlacadh chun an fhoráil ábhartha de na Rialacháin Foirne a cheartú;

49.

ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá córais bainistithe eolais chun caillteanas fios gnó i riarachán na Parlaiminte a sheachaint; á aithint go bhféadfadh an tsoghluaisteacht cabhrú le baill foirne scileanna nua a fháil ach á chreidiúint freisin gur cheart do riarachán na Parlaiminte spreagadh a thabhairt do bhaill foirne agus iad a thionlacan chun bogadh go deonach idir seirbhísí éagsúla ionas gurb í an scéim shoghluaisteachta shainordaitheach an rogha dheireanach, ós rud é, i gcásanna áirithe, go bhféadfadh an oibleagáid sin a bheith ina cúis le baill foirne a bheith ag fágáil na Parlaiminte; á chur i bhfios go bhféadfadh dúshláin ar leith a bheith ag baint le beartas soghluaisteachta sainordaitheach do bhaill foirne atá ag obair in AS IPOL mar gheall ar an saineolas sonrach a bailíodh; á iarraidh go ndéanfar athchóiriú iomlán ar an mbeartas soghluaisteachta agus tuairimí agus taithí na n-ionadaithe foirne á gcur san áireamh;

50.

á mheabhrú gur fhormheas an Biúró spriocanna nua agus níos uaillmhianaí an 13 Eanáir 2020 maidir le cothromaíocht inscne ar leibhéil ardbhainistíochta agus meánbhainistíochta riarachán na Parlaiminte a bheidh le baint amach faoi 2024, spriocanna a fhágann gur cheart go líonfadh mná 50 % de na poist mar chinn aonaid, 50 % de na poist mar stiúrthóirí agus 40 % de na poist mar ard-stiúrthóirí; á mheabhrú go ndearna an Biúró plean gníomhaíochta inscne do na blianta 2021-2022 a fhorbairt agus a fhormheas ina dhiaidh sin an 6 Iúil 2020, arb é is aidhm dó cur chun feidhme na spriocanna sin a éascú, chomh maith leis an inscne a phríomhshruthú go cuimsitheach i ngníomhaíochtaí uile na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi gur mná iad 42,7 % de na cinn aonaid agus 50 % de stiúrthóirí, agus go bhfuil méadú tagtha ar líon na mban atá i bpoist ard-stiúrthóireachta ó 15,4 % go 28 % ó 2021 i leith; ag tabhairt dá haire gur earcaigh an Pharlaimint 536 bean (50,3 %) agus 530 fear (49,7 %) in 2021 i ngach catagóir foirne le chéile; ag cur suntas sna deacrachtaí a bhaineann le cothromaíocht inscne shásúil a bhaint amach i seirbhísí sonracha áirithe, amhail AS SAFE inar fir iad 81 % de na baill foirne agus mná iad 19 % díobh; á iarraidh ar an riarachán go ndéanfaí measúnú ar threochlár 2021-2022 bunaithe ar na táscairí roghnaithe faireacháin ar dhul chun cinn i gcomhthéacs an urscaoilte atá le teacht;

51.

á chur in iúl gur geal léi an treochlár éagsúlachta a ghlac an Biúró i mí na Samhna 2021 ina leagtar síos spriocanna i réimse an chomhionannais deiseanna amhail comhdhlúthú ról agus sainordú an Ghrúpa um Rochtain agus Cuimsiú chun feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhar in ullmhú agus i gcur chun feidhme bheartais míchumais na Parlaiminte agus i gcur i láthair tograí nithiúla; á chur in iúl gur geal léi gurb í an Pharlaimint an chéad institiúid a d’eagraigh nósanna imeachta roghnúcháin (Gníomhaíochtaí Dearfacha) d’oiliúnaithe agus do ghníomhairí ar conradh atá faoi mhíchumas;

52.

á mheabhrú, de réir Airteagal 9 de na Rialacháin Foirne, go ndéanann an Coiste Foirne ionadaíocht ar leasanna na foirne i leith a n-institiúide agus go gcoinníonn sé teagmháil leanúnach leo; á chur i bhfios gur minic a bhíonn tionchar suntasach ag cinntí a dhéanann comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte ar an bhfoireann agus, dá bhrí sin, á athdhearbhú go bhfuil sé riachtanach go gcloisfear ionadaithe foirne nuair a phléitear ábhair ghinearálta a dhéanann difear do bheartas foirne na Parlaiminte;

53.

ag meabhrú mholadh na Parlaiminte don Choimisiún i rún uaithi an 18 Aibreán 2018‘athbhreithniú a dhéanamh ar a nós imeachta riaracháin maidir le hoifigigh shinsearacha a cheapadh d’fhonn a áirithiú go hiomlán go roghnófar na hiarrthóirí is fearr faoi chuimsiú na trédhearcachta agus na gcomhdheiseanna is mó is féidir, agus, ar an gcaoi sin, sampla a leagan síos freisin d’institiúidí Eorpacha eile’; á mheabhrú gur próiseas trédhearcach a bhí i nós imeachta ceapacháin an Ardrúnaí, inar caitheadh le hiarrthóirí ar bhealach cóir agus cothrom agus na ceanglais incháilitheachta uile is gá á gcomhlíonadh ag an am céanna; ag tabhairt chun suntais gur le tromlach mór den Bhiúró a rinneadh an cinneadh maidir le roghnú an iarrthóra ar éirigh leis;

Cúntóirí Parlaiminte Creidiúnaithe (APAnna)

54.

ag athdhearbhú a tuairime gur féidir leis an gcaidreamh oibre ar leith idir Comhaltaí agus APAnna cás a chuimsiú ina gcinneann an dá pháirtí an conradh a fhoirceannadh trí chomhaontú frithpháirteach níos luaithe ná mar a bhíothas ag súil leis ach gan iontaoibh a chailleadh; ag tathant ar an mBiúró dul i gcomhairle le seirbhís dlí na Parlaiminte agus le AS PERS maidir le féidearthacht an chonartha a fhoirceannadh trí chomhaontú frithpháirteach roimh a dháta éaga agus an toradh a chur in iúl don Choiste um Rialú Buiséadach;

55.

á athdhearbhú gur cheart ordú misin a eisiúint do APAnna a thionlacann Feisirí chuig na páirtseisiúin in Strasbourg agus gur cheart iad a aisíoc i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme;

56.

á éileamh an athuair go bhfaighidh APAnna an liúntas cothaithe céanna agus a fhaigheann oifigigh agus baill foirne reachtúla eile dá misin chun freastal ar na páirtseisiúin in Strasbourg, agus é á chur san áireamh nach bhfuil aon athrú tagtha ar an imchlúdach liúntais pharlaimintigh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, mar thoradh ar an staid reatha, atá níos measa de bharr an mhéadaithe charntha ar phraghsanna le blianta beaga anuas, go bhfuil APAnna i staid airgeadais níos measa ós rud é go mbíonn orthu taisteal go Strasbourg chun a gcuid oibre a dhéanamh ar an mbealach céanna le hoifigigh na Parlaiminte agus baill foirne reachtúla eile; á chur in iúl nach dtuigeann sí an chúis leis an gcóir idirdhealaitheach sin maidir leis na misin chuig Strasbourg, i bhfianaise go ndéantar speansais arna dtabhú ag APAnna, agus iad ag tabhairt faoi mhisin lasmuigh de thrí ionad oibre na Parlaiminte, a aisíoc, mutatis mutandis, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le misin oifigeach; ag tabhairt chun suntais, dá ndéanfaí an liúntas cothaithe laethúil a ailíniú le liúntas cothaithe laethúil na foirne reachtúla, go gcuirfí deireadh freisin le rogha na dtrí mhéid éagsúla liúntas, atá ann gan údar maith; ag athdhearbhú, dá bhrí sin, a hiarrata ar an mBiúró a chinneadh an 2 Deireadh Fómhair 2017 a mhodhnú d’fhonn ailíniú den sórt sin a chur chun feidhme;

57.

ag tabhairt dá haire, leis na rialacha is infheidhme arna nglacadh ag an mBiúró agus ag Comhdháil na nUachtarán, go gcuirtear toirmeasc faoi láthair ar APAnna a bheith ag tionlacan Feisirí ar thoscaireachtaí oifigiúla na Parlaiminte agus ar mhisin coiste; á chur i bhfios go bhfuil an tacaíocht theicniúil a chuireann APAnna ar fáil le linn misean ríthábhachtach do na Feisirí rannpháirteacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurb é an toradh atá ar an staid sin i gcleachtas go ndéanann na Feisirí taisteal APAnna a mhaoiniú leis an liúntas caiteachais ghinearálta (LCG) agus go gcuirtear oibleagáid ar APAnna a saoire bhliantúil a úsáid; ag tathant ar an mBiúró agus ar Chomhdháil na nUachtarán na rialacha reatha a athrú chun ligean do APAnna, faoi choinníollacha áirithe atá fós le cinneadh agus aird á tabhairt ar theorainneacha lóistíochta na misean, chun na Feisirí a thionlacan ar thoscaireachtaí agus misin oifigiúla na Parlaiminte, mar a athdhearbhaíodh le roinnt rún urscaoilte;

58.

á chur in iúl gur geal léi gur thug an t-athbhreithniú deireanach a rinne an Biúró ar na rialacha do ghrúpaí cuairteoirí isteach an deis d’Fheisirí gairmithe a ainmniú chun an fhreagracht airgeadais a bheith orthu, as ar lean laghdú 28 % ar líon APAnna a bhí ag gníomhú mar cheannairí grúpaí cuairteoirí; á áitiú, dá bhrí sin, don Bhiúró nach n-ainmneofaí APAnna mar cheannairí grúpaí toisc go bhféadfadh an leibhéal freagrachta airgeadais sin dochar a dhéanamh do na nósanna imeachta iniúchóireachta iomchuí nó, mar rogha malartach air sin, á iarraidh go mbeadh deighilt ann idir róil cheann an ghrúpa agus róil an duine ag a bhfuil freagracht airgeadais, rud a fhágfaidh gur faoi chomhalta amháin den ghrúpa urraithe nó faoi ghairmí amháin, amhail gníomhairí íocaíochta nó gníomhaireachtaí taistil, a bheidh sé an fhreagracht airgeadais a ghlacadh;

59.

á mheabhrú go bhféadfadh Feisirí tréimhse oiliúna a thairiscint do náisiúnaigh tríú tíortha, ar choinníoll go n-áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh oiliúnaithe ceanglais víosa na tíre ainmniúcháin; ag tabhairt dá haire nach mór d’oibrithe tríú tíortha a thagann chun na Beilge ar thréimhse oiliúna sa Bhruiséil a mhaireann níos faide ná 90 lá iarratas a dhéanamh ar réamhúdarú leis an tseirbhís phoiblí réigiúnach inniúil, i.e. Geilleagar agus Fostaíocht na Bruiséile; á chur in iúl gur cúis mhór imní di gur aontaigh seirbhís inniúil na Parlaiminte leis an tseirbhís Bheilgeach sin go gcuirfeadh oifig ábhartha an Fheisire sainchomhad an iarrthóra isteach, rud a chiallaíonn, i dtéarmaí praiticiúla, go gceanglaítear ar APA ó oifig an Fheisire a sonraí pearsanta féin a sholáthar do na húdaráis phoiblí chun gníomhú mar phointe teagmhála do na húdaráis phoiblí maidir le hiarratas ar víosa an oiliúnaí tríú tír; á mheabhrú nach féidir leis an bParlaimint APAnna a chur i staid a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá gcearta mar bhaill foirne reachtúil agus á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte teacht ar réiteach difriúil nach gcuirfidh príobháideacht agus slándáil dhlíthiúil APAnna i mbaol ná nach mbeidh baol do shlándáil na Parlaiminte ag gabháil leis;

60.

ag iarraidh ar riarachán na Parlaiminte cúrsaí oiliúna a sceidealú do APAnna de réir a n-ualaigh oibre, atá nasctha go díreach leis an bhféilire parlaiminteach agus le láithreacht ghinearálta na bhFeisirí sa Pharlaimint, chun réiteach a dhéanamh idir feidhmiú a ndualgas agus an oiliúint ghairmiúil a bhfuil siad ina dteideal faoi Airteagal 11 de bhearta cur chun feidhme Theideal VII de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh;

Oiliúnaithe

61.

ag cur suntas i gclár earcaíochta agus forbartha Schuman a sheol riarachán na Parlaiminte den chéad uair le linn thréimhse oiliúna mhí an Mhárta 2021; á chur in iúl gur oth léi gur theip ar riarachán na Parlaiminte dul i gcomhairle leis an gCoiste Foirne maidir leis an tionscnamh sin ag céim luath agus ag cur suntas sa tuairim dhiúltach a cuireadh in iúl i rún uaithi an 18 Deireadh Fómhair 2021, lena gcuirtear in amhras oibiachtúlacht agus cothroime an chláir sin; á chur in iúl gur eol di na deacrachtaí a bhíonn ag riarachán na Parlaiminte ó thaobh tallann a earcú agus a choinneáil don institiúid, go háirithe gairmithe óga; á áitiú go mbeidh an earcaíocht bunaithe ar phrionsabail bhunriachtanacha trédhearcachta, oibiachtúlachta agus cothroime sheirbhís phoiblí an Aontais; á chur i bhfáth nach mór do nósanna imeachta earcaíochta a bheith bunaithe ar fhiúntas, a bheith iomaíoch, cothrom agus trédhearcach, agus á iarraidh ar an Ard-Rúnaí ról a thabhairt do Choiste Foirne agus do Choiste APAnna araon in athbhreithniú ar an gclár sin chun teacht ar chomhaontú maidir leis an tsamhail atá le leanúint amach anseo;

62.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an laghdú d’oiliúnaithe i gceaintíní na Parlaiminte, arb ionann é agus EUR 1, bunaithe ar lascainí roimhe sin atá, dá réir sin, bunaithe ar na conarthaí a síníodh agus ar na praghsanna a bhí ann ag an am; á chreidiúint nach bhfuil sa laghdú sin ach laghdú siombalach agus fíor-easnamhach faoi láthair agus ag iarraidh, dá bhrí sin, ar riarachán na Parlaiminte a mheas an bhféadfaí nuashonrú uathoibríoch a thabhairt isteach, ar bhonn na n-athruithe ar phraghsanna bia;

Trédhearcacht agus eitic

63.

á chur i bhfáth gur prionsabail bhunriachtanacha eitice iad an trédhearcacht, an chuntasacht agus an tsláine laistigh d’institiúidí an Aontais agus go háirithe an Pharlaimint mar theach dhaonlathas na hEorpa; á mheabhrú go bhféadfadh rialacha eitice laga agus easpa forfheidhmithe díobh sláine na hinstitiúide a chur i mbaol agus nach mór iompar mí-eiticiúil a chosc, a ghéarleanúint agus a cháineadh ós rud é go ndéanann sé dochar suntasach d’inchreidteacht agus do dhlisteanacht na Parlaiminte agus an Aontais ina iomláine agus gur bagairt thromchúiseach é ar an daonlathas agus ar mhuinín an phobail; ag meabhrú rún ón bParlaimint an 15 Nollaig 2022 maidir le hamhras faoi éilliú ó Chatar agus an gá níos leithne le trédhearcacht agus cuntasacht in institiúidí an Aontais; ag meabhrú chonclúidí agus mholtaí na Cúirte Iniúchóirí ina Tuarascáil Speisialta 13/2019 maidir le creataí eiticiúla institiúidí an Aontais, agus rún ón bParlaimint an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le trédhearcacht agus sláine a neartú in institiúidí an Aontais ina n-iarrtar go gcruthófaí comhlacht eitice neamhspleách agus idirinstitiúideach a mbeidh ról coisctheach, comhlíonta agus comhairleach aige; ag tathant ar an gCoimisiún a thogra lena mbunaítear an ról sin a thabhairt chun críche agus a thíolacadh; á mheabhrú gur gá comhlacht Eitice Aontais den sórt sin a chur ar bun faoi dheireadh an téarma reatha;

64.

ag tabhairt chun suntais gur gá muinín i gcinnteoireacht an Aontais a threisiú trí thrédhearcacht, eitic agus dea-iompar sa Pharlaimint a neartú; á iarraidh go ndéanfar athchóiriú críochnúil ar chreat eiticiúil na Parlaiminte lena gcomhtháthaítear na ceachtanna a foghlaimíodh agus lena neartaítear na rialacha reatha chun a áirithiú go mbeidh díspreagadh níos láidre ann chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar bhagairtí agus ar chur isteach atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, cibé an ndéanann siad difear d’Fheisirí nó don fhoireann; á chur i bhfáth gur ionsaí ollmhór ar an daonlathas iad gníomhaíochtaí neamhdhleathacha arna gcistiú ag an mbrústocaireacht íoctha agus gur cheart tabhairt futhú le neamhfhulaingt agus le haireachas mhéadaithe; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí athbhreithniú ar na Rialacha Nós Imeachta agus ar Chód Iompair na bhFeisirí, agus go ndéanfaí uasghrádú agus athchóiriú práinneach ar Choiste Comhairleach reatha Pharlaimint na hEorpa maidir le hIompar na bhFeisirí le rannpháirtíocht saineolaithe neamhspleácha, arna roghnú ar bhonn a n-inniúlachta, a dtaithí, a neamhspleáchais agus a gcáilíochtaí gairmiúla, chun é a dhéanamh níos infheicthe agus níos suntasaí, chun a ról a chomhdhlúthú agus chun a chumhachtaí a neartú chun a áirithiú go ngníomhóidh na Feisirí gan aon tionchar míchuí ó ionadaithe leasa trí rialáil dhian a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí íoctha le linn an tsainordaithe, ar bhronntanais nó ar chuirí taistil, ar ionchais fostaíochta a bheidh ann amach anseo, agus ar úsáid mhíchuí faisnéise nó teagmhálacha; ag moladh oiliúint frithéillithe agus trédhearcachta d’Fheisirí, do APAnna agus do bhaill foirne;

65.

ag tabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhfuil gá le rialacha níos déine, trédhearcacht fheabhsaithe, agus faireachán ar fho-ioncam na bhFeisirí chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gCód Iompair chun an t-údar imní ar leith sin a chur san áireamh;

66.

ag leagan béim ar na sáruithe a rinneadh le déanaí ar thrédhearcacht agus ar éilliú i ndáil le ENRanna ‘Fight Impunity’ agus ‘No Peace Without Justice’ agus á chur in iúl gur oth léi gur eagraigh Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) comhdháil dhá lá i mí an Mheithimh 2022 in éineacht leis na heagraíochtaí sin, in ainneoin nár cláraíodh iad sa Chlár Trédhearcachta;

67.

á mheabhrú, de réir Rialacha na Parlaiminte maidir le hÉisteachtaí Poiblí arna nglacadh ag an mBiúró (3), nach bhféadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe sainleasa mar chainteoirí ag imeachtaí na Parlaiminte, lena n-áirítear cruinnithe coiste, ach amháin má tá siad cláraithe sa Chlár Trédhearcachta agus má tá rúnaíocht an choiste nó comhlacht rialaithe na Parlaiminte a eagraíonn éisteacht freagrach as comhlíonadh na hoibleagáide sin a áirithiú; á iarraidh go ndéanfaidh rúnaíochtaí na gcoistí seiceálacha trédhearcachta éigeantacha ar an riarachán agus ar na rialuithe comhfhreagracha;

68.

ag tathant ar an riarachán na modhanna a chur ar bun chun rialacha agus ionstraimí inmheánacha a neartú chun coinbhleachtaí leasa a chosc, amhail an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) agus an Fóram um Sholáthar Poiblí (PPF), go háirithe maidir le himeachtaí agus staidéir arna gcoimisiúnú ag comhlachtaí na Parlaiminte, agus clárú sa Chlár Trédhearcachta a dhéanamh éigeantach d’eintitis sheachtracha atá rannpháirteach i bhfoirm ar bith;

69.

á chur i bhfáth gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le rochtain ar áitreabh na Parlaiminte do gheallsealbhóirí; á mholadh go n-úsáidfear réitigh dhigiteacha chun uimhir aitheantais na ngeallsealbhóirí a chomhtháthú agus a rianú sa Chlár Trédhearcachta i ngníomhaíochtaí uile na Parlaiminte lena mbaineann eintitis sheachtracha, amhail an uimhir chlárúcháin a iarraidh chun cuairteoirí a chreidiúnú agus chun imeachtaí a eagrú;

70.

ag tabhairt dá haire go bhfuil feabhas tagtha ar cháilíocht na n-iontrálacha sa Chlár Trédhearcachta le blianta beaga anuas agus ag moladh ról na comhrúnaíochta san fheabhsú sin, in ainneoin acmhainní teoranta; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil cáilíocht fhoriomlán na n-iontrálacha sásúil fós; á iarraidh go ndéanfaí na hacmhainní uile is gá a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha inmheánacha a bhaineann leis an gClár Trédhearcachta a fhorfheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí leormhaithe a fhorchur; á iarraidh go ndéanfaí an Clár Trédhearcachta a atreisiú, ar cheart dó a bheith éigeantach i ndáiríre agus go ndéanfaí raon feidhme an Chláir Trédhearcachta a leathnú chun ionadaithe ó thríú tíortha a áireamh;

71.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé ionadaíocht leasa thrédhearcach eiticiúil ar leibhéal an Aontais a áirithiú agus a chur chun cinn agus gur bunaíodh clár trédhearcachta chun a áirithiú go mbeidh institiúidí an Aontais oscailte agus trédhearcach ina n-idirphlé le hionadaithe leasa agus leis an tsochaí shibhialta; á mheabhrú gur ann do na hoibleagáidí trédhearcachta a eascraíonn as Riail 11 de na Rialacha Nós Imeachta agus á iarraidh ar an bParlaimint Feisirí agus baill foirne a spreagadh go gníomhach gan aon chruinnithe a thionól nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí brústocaireachta le heagraíochtaí nach bhfuil cláraithe sa Chlár Trédhearcachta; á mheabhrú gur cheart faisnéis agus fógraí meabhrúcháin maidir leis an oibleagáid cruinnithe le hionadaithe leasa a fhoilsiú a sheoladh chuig gach Feisire go tráthrialta; á iarraidh ar Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla na Parlaiminte athbhreithniú a dhéanamh ar na Rialacha Nós Imeachta chun an oibleagáid cruinnithe le hionadaithe leasa a fhoilsiú a leathnú chuig na Feisirí uile atá ag obair ar thuarascálacha, tuairimí nó rúin; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh nuashonrú ar bhonneagar na Parlaiminte chun a chur ar chumas na bhFeisirí cruinnithe sceidealta le hionadaithe sainleasa a fhoilsiú agus go bhfuil sé nasctha anois leis an gClár Trédhearcachta agus leis an bhFaireachlann Reachtach araon; á iarraidh ar sheirbhísí na Parlaiminte an bonneagar a leathnú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte chun a fhágáil gur féidir le APAnna agus comhairleoirí beartais a gcruinnithe le hionadaithe leasmhara a fhoilsiú go deonach; á iarraidh ar sheirbhísí parlaiminteacha stór ar líne soláimhsithe a chruthú chun faisnéis maidir le cruinnithe brústocaireachta a fhoilsiú i bhformáid sonraí oscailte;

72.

á iarraidh ar an riarachán éilimh an Choiste um Rialú Buiséadach a chur san áireamh i ndáil le trédhearcacht agus eitic i gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta ‘Sláine, Neamhspleáchas agus Cuntasacht a Neartú – Na chéad chéimeanna’, arna bhformheas ag an mBiúró an 8 Feabhra 2023, agus leis na rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte barúlacha an Ombudsman agus moltaí amach anseo i gcás SI/1/2023/MIK maidir leis an bpróiseas athchóirithe a chur i gcuntas freisin chun creat eitice agus trédhearcachta na Parlaiminte a fheabhsú tuilleadh; ag tathant ar an bParlaimint gach iarraidh a dhéantar sna Rúin ón bParlaimint a chur chun feidhme go pras, lena n-áirítear neartú na sásraí rialaithe inmheánaigh agus faireacháin, mar aon le hailíniú na rialacha inmheánacha maidir le sceithireacht le caighdeáin na treorach de chuid an Aontais;

73.

á mheabhrú, go háirithe, gur gá gach ceann de na 15 bheart a chur chun feidhme gan mhoill chun srian a chur leis an éilliú agus chun feabhas a chur ar shláine, cuntasacht agus trédhearcacht a glacadh ina rún an 15 Nollaig 2022 maidir le hamhras faoi éilliú ó Chatar agus an gá níos leithne le trédhearcacht agus cuntasacht sna hinstitiúidí Eorpacha, chomh maith leis na hiarrataí soiléire a rinneadh i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2023 maidir le hobair leantach a dhéanamh ar bhearta arna n-iarraidh ag an bParlaimint chun sláine na n-institiúidí Eorpacha a neartú;

74.

ag tabhairt dá haire nach leor na treoirlínte atá ann faoi láthair do chomhaontú idirinstitiúideach 2021 chun geallsealbhóirí a chlárú; á chur i bhfáth gur gá réamh-seiceáil chríochnúil a dhéanamh laistigh den chlárú sa chlár trédhearcachta chun na foinsí cistiúcháin uile a nochtadh; ag tabhairt dá haire nach mór cistiú ó chistí an Aontais a bheith inrianaithe ón bhfaighteoir díreach chuig an tairbhí deiridh nuair a chuirtear cistí ar aghaidh i slabhra; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar na treoirlínte maidir le clárú sa chlár trédhearcachta chun gach ciste isteach agus amach a nochtadh, lena n-áirítear aistriú cistí ó ENR amháin go ceann eile agus ó gheallsealbhóir amháin go ceann eile;

75.

ag tabhairt faoi deara, i gcásanna áirithe, gur úsáideadh obair ENRanna agus geallsealbhóirí chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a mhaoiniú agus chun tionchar a imirt ar chinnteoireacht na Parlaiminte thar ceann tríú páirtithe; á chur i bhfios gur braitheadh na cásanna sin a bhuí leis na bearta rialaithe agus slándála atá i bhfeidhm, cé go bhfuil scóip shuntasach ann chun feabhas a chur orthu;

76.

á athdhearbhú nach mór rochtain ionadaithe leasmhara ar institiúidí an Aontais agus ar a gcláir chistiúcháin a fhíorú roimh ré agus a sheiceáil le go bhféadfaí iad a áireamh sa Chóras Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES);

77.

á iarraidh go gcuirfear toirmeasc ar ghrúpaí cairdis le tríú tíortha i gcás ina bhfuil toscaireacht oifigiúil de chuid na Parlaiminte ann cheana féin; á mheabhrú nach mór Riail 35 de na Rialacha Nós Imeachta a urramú chun aon mhearbhall maidir le gníomhaíochtaí oifigiúla na Parlaiminte le tríú tíortha a sheachaint; á mholadh go gceadódh an Pharlaimint, ar bhonn cás ar chás, grúpaí cairdis do ghníomhaíochtaí a bhaineann le fo-réigiúin áirithe, nó le mionlaigh áitiúla nach bhfuil toscaireacht oifigiúil ann dóibh;

78.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí imscrúdú ar dhá chás de sháruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair in 2021, ar chinn an tUachtarán pionós iomardaithe a fhorchur ar na Feisirí lena mbaineann i mí Iúil 2021 maidir le ceann acu; ag tabhairt dá haire gur fhíoraigh riarachán na Parlaiminte cás amháin de choinbhleacht leasa fhéideartha faoi na bearta cur chun feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa mar gheall ar earcú gaol teaghlaigh arna shainaithint in 2021, rud a d’fhág, ina dhiaidh sin, gur tionscnaíodh nós imeachta aisghabhála in 2022 maidir leis an gcaiteachas um chúnamh parlaiminteach a mí-úsáideadh;

79.

á chur i bhfios, in ainneoin gur taifeadadh 25 shárú ar a laghad ar an gCód Iompair le haon bhliain déag anuas, nár fhorchuir Uachtaráin na Parlaiminte smachtbhanna airgeadais riamh ar Fheisire; á iarraidh ar an Uachtarán breithniú a dhéanamh ar smachtbhannaí airgeadais a fhorchur i gcás ina bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an Cód Iompair sáraithe ag na Feisirí chun a áirithiú go mbeidh éifeacht dhíspreagthach ag na smachtbhannaí iarbhír;

80.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúdú ar 18 gcás in 2021 agus gur imscrúdaigh Oifig an Ionchúisitheora Eorpaigh (OIPE) 3 chás a raibh baint ag an bParlaimint leo maidir le saincheisteanna a bhaineann le teidlíochtaí airgeadais agus sóisialta na bhFeisirí, le maoiniú struchtúr polaitiúil; ag tabhairt dá haire, as 18 imscrúdú de chuid OLAF, go raibh tuarascáil ina raibh moltaí airgeadais mar thoradh ar 4 cinn díobh, go raibh tuarascáil chríochnaitheach ina raibh moltaí araíonachta mar thoradh ar 1 díobh, gur cinneadh an cás a dhíbhe mar thoradh ar 5 díobh, agus go bhfuil 8 gcinn fós ar siúl in 2022; ag tabhairt dá haire freisin go ndearna OLAF imscrúdú ar 5 chás a bhain le foireann na Parlaiminte, ar dúnadh 2 chás díobh in 2021 gan aon mholadh agus nár tugadh 3 chás i gcrích; ag tabhairt dá haire nár tugadh aon cheann d’imscrúduithe OIPE i gcrích in 2021; ag iarraidh ar an riarachán cibé an ndearnadh na moltaí a rinne OLAF a chur chun feidhme go hiomlán agus na méideanna atá i mbaol a aisghabháil (go háirithe an EUR 1 837 000 a fuarthas a bheith íoctha go neamhrialta), chomh maith le hachoimre a chur ar fáil, gan aon sonraí íogaire, ar thíopeolaíocht na gcásanna a imscrúdaíodh chun bheith in ann teacht ar chonclúidí agus feabhsuithe a dhéanamh;

81.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil rochtain faoi láthair, in imthosca ar bith, ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ar oifigí, ríomhairí agus cuntais ríomhphoist na bhFeisirí, fiú agus imscrúdú á dhéanamh ar chásanna a bhaineann le Feisirí atá bunaithe ar amhras a bhfuil údar maith leis; á chur i bhfios go láidir gur gá nós imeachta leormhaith a bheith ann chun rochtain a thabhairt ar OLAF i gcásanna amhras a bhfuil bunús leis i gcoinne Feisirí aonair; á iarraidh ar an mBiúró nós imeachta den sórt sin a chur ar bun chomh maith le hinniúlacht OLAF a aithint agus a áirithiú chun sáruithe féideartha ag Feisirí ar an gCód Iompair a imscrúdú;

82.

á athdhearbhú go bhforáiltear le hAirteagal 4 den Chód Iompair go ndéanfar dearbhuithe leasanna airgeadais na bhFeisirí a sholáthar ar bhealach mionsonraithe chun gur féidir aon choinbhleacht leasa a fhéideartha le gníomhaíocht pharlaiminteach a bhrath; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, nach n-áirítear i roinnt mhaith dearbhuithe ach tuairiscí poist doiléire nó cineálacha agus, dá bhrí sin, á iarraidh an athuair ar an mBiúró athbhreithniú a dhéanamh ar fhormáid na ndearbhuithe chun tuilleadh sonraí a éileamh; á iarraidh ar an Uachtarán treoir a thabhairt do na seirbhísí seiceálacha críochnúla a dhéanamh go córasach ar na dearbhuithe;

83.

ag tabhairt dá haire nár cuireadh ach fógra amháin maidir le fostaíocht iar-shainordaithe faoi bhráid na Parlaiminte as an 459 bhFeisire den 8ú téarma parlaiminteach nár atoghadh in 2019; ag tabhairt dá haire, in 2021, as na 203 oifigeach a d’fhág an tseirbhís, gur iarr 54 duine cead chun gníomhaíocht a dhéanamh tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil; á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Bhiúró (4)rialacha níos láidre a bhunú chun doirse imrothlacha d’Fheisirí agus d’oifigigh a rialáil d’iar-Fheisirí agus d’iaroifigigh, trí thréimhse mharana a thabhairt isteach d’iar-Fheisirí nach nglacfaidh páirt i ngníomhaíochtaí brústocaireachta nó ionadaíochta le Parlaimint na hEorpa, laistigh de na 6 mhí tar éis dheireadh a sainordaithe; á chur in iúl gur geal léi freisin an cinneadh soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le rochtain a fháil ar áitribh na Parlaiminte, na cinn rochtana laethúla a chur in ionad suaitheantais rochtana buana iar-Fheisirí, agus a áirithiú go ndéanfar iar-Fheisirí agus foireann na Parlaiminte a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí brústocaireachta a shainaithint le suaitheantas sonrach; á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa a áirithiú go mbeidh na rialacha nua sin éifeachtach, go ndéanfar dlúthfhaireachán orthu agus go bhforfheidhmeofar iad; á chreidiúint nár cheart aon Liúntas Caiteachais Ghinearálta a íoc le hiar-Fheisirí agus á iarraidh, dá bhrí sin, go scriosfaí fomhír 4 d’Airteagal 42 de Bhearta Cur Chun Feidhme Reacht na bhFeisirí;

84.

á mheas gur príomhionstraim le haghaidh trédhearcachta agus cuntasachta i leith shaoránaigh an Aontais í vótáil le glaoch rolla; á iarraidh go ndéanfaí vótaí uathoibríocha le glaoch rolla a thabhairt isteach in aon vótáil chríochnaitheach seachas i gcás ballóidí rúnda, agus go méadófaí an líon vótaí le glaoch rolla a d’fhéadfadh grúpa polaitiúil a iarraidh in aghaidh an pháirtseisiúin i Riail 190(2) de na Rialacha Nós Imeachta, nó comhaid reachtacha a dhíolmhú ón teorainn sin;

85.

ag cur suntas sa tionscadal leanúnach chun taifid vótála iomlánacha a chur ar fáil i spás tiomnaithe ina mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar dhoiciméid shoiléire atá soléite agus á chreidiúint gur cheart don Pharlaimint dul níos faide agus suíomh gréasáin comhleanúnach a chruthú ina mbeadh an iliomad suíomhanna gréasáin idirnasctha ar fad a bhaineann leis an obair reachtach, i.e. Faireachlann Reachtach, próifílí na bhFeisirí, suíomh gréasáin an tseisiúin iomlánaigh, etc. ar mhaithe le trédhearcacht agus grinnscrúdú poiblí; á iarraidh ar sheirbhísí na Parlaiminte gach leasú agus gach taifead vótála le glaoch rolla a chur ar fáil ar leibhéal an choiste agus iad a áireamh sa leagan amach nua;

86.

ag tabhairt dá haire gur láimhseáil an tOmbudsman 16 chás a bhain leis an bParlaimint in 2021, dá ndearna an tÚdarás 2 mholadh agus go raibh na moltaí sin curtha chun feidhme iad ag an Údarás, ar iarradh air trédhearcacht a mhéadú ar a shuíomh gréasáin, agus ag riarachán na Parlaiminte, ar iarradh air iarrthóirí ar thréimhsí oiliúna a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr maidir leis an bhféidearthacht cúnamh speisialta a iarraidh;

87.

á iarraidh ar an mBiúró athbhreithniú a dhéanamh ar an gCód Iompair trí shrianta ar na Feisirí a fhostaíonn ní hamháin baill teaghlaigh dhíreacha, ach baill teaghlaigh indíreacha freisin, a áireamh;

Ciapadh agus sceithireacht

88.

á chur in iúl gur oth léi gur osclaíodh sé chás ciaptha i gcoinne Feisirí in 2021 agus go raibh ceithre chás ar feitheamh ó 2020; ag tabhairt dá haire nár aimsíodh aon chiapadh sna ceithre chás a dúnadh in 2021; ag tabhairt dá haire gur tháinig gearán ciaptha nua amháin ó bhall foirne in 2021 agus ag tabhairt dá haire go raibh cás amháin fós ar siúl agus gur dúnadh trí chás; á chur in iúl gurb oth léi gur leathnaíodh an t-imscrúdú ar roinnt cásanna ciaptha thar níos mó ná bliain agus go ndearna sé dochar neamhriachtanach d’Fheisirí, don fhoireann agus do APAnna; á mheabhrú do riarachán na Parlaiminte go bhfuil freagracht dhlíthiúil uirthi cásanna a thugtar os a comhair a imscrúdú le críochnúlacht chuí, luas agus discréid; á iarraidh ar an mBiúró teorainneacha ama a fhorordú chun gearáin chiaptha a láimhseáil;

89.

á chur i bhfáth go sonraítear sa Chód Iompair Iomchuí d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu, go n-iompróidh na Feisirí iad féin le dínit, cúirtéis agus meas agus gan dochar ná idirdhealú i leith gach duine atá ag obair i bParlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi beartas na Parlaiminte maidir le neamhfhulaingt ar chiapadh agus na feachtais múscailte feasachta a cuireadh i gcrích; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, nach raibh an oiliúint maidir le meas agus dínit san ionad oibre curtha i gcrích ach ag 245 Fheisire reatha (36,3 %) an 28 Deireadh Fómhair 2022; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint roinnt uaireanta cúrsaí oiliúna éigeantacha frithchiaptha a chur chun feidhme do na Feisirí go léir agus á mholadh go ndéanfaí iad a leathnú chuig baill foirne, lena n-áirítear daoine i róil bhainistíochta sna hArd-Stiúrthóireachtaí éagsúla agus sna grúpaí polaitiúla éagsúla; á chur in iúl gur geal léi an díospóireacht bheartais maidir le beartais frithchiaptha a rinneadh ag cruinniú an Bhiúró an 21 Samhain 2022 agus á iarraidh ar an mBiúró seasamh deiridh ar an ábhar a chur in iúl; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá idirghabháil luath, mar aon le gníomhaíochtaí oiliúna agus múscailte feasachta agus ag cur suntas sa tionscnamh atá déanta ag an riarachán idirghabhálaithe inmheánacha a chur ar bun mar chéim i dtreo coinbhleachtaí a réiteach go luath, ar cheart go n-áireofaí leis freisin faisnéis a chur ar fáil don dá pháirtí maidir lena gcearta;

90.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an ‘coiste comhairleach maidir le ciapadh agus a chosc san ionad oibre’ comhdhéanta de thriúr comhaltaí arna n-ainmniú ag an Údarás Ceapacháin (lena n-áirítear an cathaoirleach), beirt chomhaltaí den Choiste Foirne agus sainchomhairleoir amháin ón tseirbhís leighis; ag tabhairt dá haire go bhfuil an ‘Coiste Comhairleach a dhéileálann le gearáin faoi chiapadh a bhaineann le Comhaltaí’ comhdhéanta de thriúr Caestóirí (lena n-áirítear an cathaoirleach), cathaoirleach an chéad choiste, beirt chomhaltaí den choiste APA, comhalta amháin den choiste foirne (do chásanna a bhaineann le comhalta foirne amháin), agus beirt sainchomhairleoirí, eadhon ó na seirbhísí dlí agus leighis faoi seach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa saineolaithe neamhspleácha ar shaincheisteanna ciaptha sa dá choiste, chomh maith le heaspa na seirbhíse dlí sa chéad chás; á mheabhrú go bhfuil an vóta réitigh ag cathaoirleach an choiste sin agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith mar thoradh ar phost an Fheisire; á iarraidh ar an mBiúró athbhreithniú a dhéanamh ar chomhdhéanamh an dá choiste chomhairleacha chun an saineolas neamhspleách ábhartha a chur san áireamh, coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus oiliúint éigeantach a éileamh maidir le ciapadh a chosc agus comhdheiseanna dá gcomhaltaí uile; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú iomlán ar fheidhmiú na gcoistí comhairleacha le cúnamh ó speisialtóirí maidir le cosc a chur ar chiapadh, ar speisialtóirí a roghnaítear dá n-inniúlacht, dá dtaithí, dá neamhspleáchas agus dá gcáilíochtaí gairmiúla, chun go mbeidh rialacha nós imeachta soiléire, éifeachtacha agus stóinsithe ag an bParlaimint agus ag an am céanna chun agaí freagartha leormhaithe agus na coimircí nós imeachta, faisnéis, comhairleoireacht agus bearta cosanta is gá a áirithiú do gach páirtí de réir mar is iomchuí;

91.

ag tabhairt dá haire go raibh cás amháin de sceithireacht ann in 2021 agus go ndeachaigh an sceithire i dteagmháil le OLAF sula ndearna sé teagmháil leis an bpointe teagmhála; á iarraidh ar an Ardrúnaí soiléiriú a dhéanamh ar shonraí frithráiteacha arna soláthar maidir le líon na gcásanna sceithireachta a tuairiscíodh in 2021 agus 2022 faoi seach; á mheabhrú go bhfuil sé de dhualgas ar an riarachán cásanna calaoise líomhnaithe a thuairisciú láithreach do OLAF; ag tabhairt dá haire go bhfuair riarachán na Parlaiminte roinnt líomhaintí anaithnide maidir le calaois agus mí-iompar a ndearnadh obair leantach orthu go hinmheánach nó ag OLAF, agus á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte achoimre a thabhairt ar chineál na gcásanna féideartha a osclaíodh agus ar na bearta a rinne an riarachán;

92.

á mheabhrú go bhfuil pointe teagmhála sceithire eolais ag an bParlaimint laistigh de chomh-aireacht an Ard-Rúnaí ar féidir neamhrialtachtaí a thuairisciú dó agus a sholáthraíonn comhairle agus a éascaíonn cur i bhfeidhm Airteagal 22c de na Rialacháin Foirne agus na bhforálacha cur chun feidhme ábhartha; á iarraidh ar an riarachán feachtas feasachta a sheoladh go práinneach maidir leis an bpointe teagmhála sin a bheith ann; ag iarraidh ar an mBiúró seiceálacha cúlra ábhartha agus oiliúint a éileamh do phointí teagmhála sceithirí eolais;

93.

á athdhearbhú go bhfuil APAnna i staid an-leochaileach ó thaobh calaois a thuairisciú agus cosaint do sceithirí a iarraidh mar gheall ar a staid shonrach fostaíochta; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Ard-Rúnaí na rialacha inmheánacha maidir le sceithireacht a glacadh an 4 Nollaig 2015 agus atá sna Rialacháin Foirne a oiriúnú go hiomlán chun iad a ailíniú le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) chomh maith le cosaint threisithe a sholáthar do sceithirí ar APAnna iad agus do bhaill foirne, lena n-áirítear trí bhealaí slána tuairiscithe a bhunú, sar an gcaoi chéanna le híospartaigh ciaptha, go háirithe maidir le bearta sealadacha le linn an imscrúdaithe riaracháin, gach beart cosanta iomchuí eile agus gach cúnamh chun caingean dlí a ghlacadh i leith damáiste a fulaingíodh; á iarraidh ar an bParlaimint feasacht a ardú, nuair is féidir, i measc na forine parlaimintí maidir leis an gcosaint atá ar fáil dóibh mar sceithirí; á iarraidh, thairis sin, go gcuirfí oiliúint sceithireachta éigeantach ar na Feisirí agus ar aon bhall foirne uachtarach, laistigh den riarachán agus de ghrúpaí polaitiúla araon, a gheobhadh tuarascálacha sceithireachta féideartha (6);

Cumarsáid agus comhar idirinstitiúideach

Cumarsáid

94.

ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá a straitéis chumarsáide chun teagmháil a dhéanamh le saoránaigh an Aontais trí shraith éagsúil tionscadal agus gníomhaíochtaí ilchainéil in ainneoin na ndúshlán a tháinig chun cinn in 2021; ag cur suntas i meánfhás 69 % ar chainéil meán sóisialta na Parlaiminte idir 2020 agus 2021 agus meánfhás 11 % ar líon na leantóirí in 2021; ag tabhairt dá haire, tar éis cinneadh ón Uachtarán i mí an Mheithimh 2021, go ndearnadh saoráidí cuairteoirí a athoscailt go páirteach agus go raibh siad in ann freastal ar 337 984 cuairteoir ar an iomlán go dtí deireadh na bliana agus gealltanais bhuiséadacha de EUR 15 982 020 do 2021 a dhéanamh; ag tabhairt dá haire gur leanadh d’oibreacha Ionad Cuairteoirí Zweig mar a bhí beartaithe in 2021 agus gur tionscnaíodh é i mí na Samhna 2022, agus á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí breithniú ar an méid ama a infheistíonn grúpaí cuairteoirí chun bogadh ó fhoirgneamh Zweig go foirgneamh Spaak, lena n-áirítear seiceálacha slándála agus sainaitheantais, rud a d’fhéadfadh líon na ngrúpaí is féidir a fháil ar bhonn laethúil a laghdú; ag tabhairt dá haire go raibh Áras Stair na hEorpa, an Parlamentarium agus Europa Experiences fós dúnta nó á n-oibriú ar acmhainneacht laghdaithe do chodanna de 2021; á chur in iúl gur geal léi go bhféadfaí an Cruinniú Eorpach um an Óige a reáchtáil ar deireadh in 2021 i bhformáid hibrideach agus go raibh rath air agus 10 000 duine óg ag glacadh páirte ann, cé gur oth léi easpa ullmhúcháin áirithe do na seiceálacha slándála a chuir moill ar rochtain ar áitreabh na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire gur reáchtáladh na chéad eagráin de ghradam Lucht Féachana LUX, le 6 000 vótálaí, agus Duais Daphne Caruana Galizia don iriseoireacht, a tharraing os cionn 200 iarratas ó gach cearn den Aontas;

95.

ag tabhairt dá haire go raibh ceithre oifig idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLOnna) i Maidrid, sa Róimh, sa Bhratasláiv agus i Ságrab feistithe le saoráidí VoxBox in 2021 faoi chuimsiú treoirthionscadal agus go bhfuil sé beartaithe trealamh closamhairc éadrom agus soláimhsithe a shuiteáil in 14 as 24 EPLOnna a roghnaíodh faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2022; á mheabhrú go ndearna an Pharlaimint uasghrádú freisin ar shaoráidí closamhairc in Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa i gcomhthéacs cianseisiúin iomlánacha; ag dréim le hathbhreithniú ar straitéis chumarsáide EPLOnna ionas go gcuideoidh an infheistíocht a dhéantar go mór le teagmháil a dhéanamh le saoránaigh an Aontais agus ag iarraidh ar Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa fógra tráthúil a thabhairt do na Feisirí maidir lena n-imscríobh ar fhéilire na ngníomhaíochtaí chun comhordú agus láithreacht níos fearr na bhFeisirí a áirithiú;

96.

á chur i bhfios go láidir gur cosúil go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an ualach oibre in Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa maidir le cúraimí buana nua a ghlacadh, agus á iarraidh ar an bParlaimint a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha daonna, teicniúla agus airgeadais ag Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa chun a misin a chomhlíonadh;

97.

ag tabhairt dá haire gur fhormheas an Biúró, i mí na Bealtaine 2018, uasghrádú ar iar-Info-Point sa Bhruiséil agus go bhfuil sé mar aidhm ag an Mol Faisnéise nua geallsealbhóirí, iolraitheoirí, comhpháirtithe agus sainghrúpaí leasmhara a mhealladh; ag tabhairt dá haire go raibh costas iomlán de thart ar EUR 8 400 000 ar an Mol Faisnéise, lena n-áirítear thart ar EUR 6,6 milliún le haghaidh oibreacha athchóirithe agus EUR 1,8 milliún le haghaidh gníomhaíochtaí cumarsáide, agus gur chuir sé fáilte roimh 20 000 cuairteoir ó d’oscail sé a dhoirse i lár mhí Iúil 2022; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil Feisirí ar an eolas faoi na saoráidí sin agus á iarraidh go mbeadh feachtas faisnéise níos fearr ann chun a gcuid gníomhaíochtaí agus na húsáidí a d’fhéadfaí a bhaint astu a phoibliú;

98.

á chur in iúl gur geal léi an clár uaillmhianach Europe Experience a bhfuil sé mar aidhm leis an tAontas a thabhairt gar dá shaoránaigh; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú beag ar líon domhanda na gcuairteoirí ar ionaid Europe Experience ó 124 352 in 2020 go 135 835 in 2021, in ainneoin na ndúshlán a d’eascair as paindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, ar an gcaoi chéanna, gur spreag srianta taistil in 2020 agus 2021 moilleanna ar nósanna imeachta maidir le conarthaí tógála (eadhon i mBaile Átha Cliath, Prág, Maidrid, Búcairist, Liospóin, an Bhratasláiv, Ríge agus Vilnius) gan tionchar diúltach ar íocaíochtaí cíosa toisc go spreagtar iad mar thoradh ar an obair fheistithe a bheith curtha i gcrích; ag tabhairt dá haire go raibh sé shaoráid dhíláraithe oibríochtúla do chuairteoirí ann in 2021 (Beirlín, Cóbanhávan, Heilsincí, Liúibleána, Taillinn agus Parlamentarium Simone Veil in Strasbourg), agus gur sheol Stiúrthóireacht Cumarsáide na Parlaiminte cur i bhfeidhm cúig thaispeántas nua ar mhórscála (Páras, an Róimh, Stócólm, Prág agus Vársá), agus gur chríochnaigh sí dearadh trí thionscadal nua eile (Vín, Baile Átha Cliath agus Lucsamburg) agus go ndearna AS INLO sraith staidéar indéantachta i seacht bpríomhchathair eile; ag tabhairt dá haire go mbeidh formhór shaoráidí Europa Experience oscailte don phobal in 2024, ach á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil an tionscadal sin ag brath ar na hionchais i margadh eastáit réadaigh atá ag athrú go tapa;

99.

ag tabhairt dá haire gur ceapadh na ceolchoirmeacha ceoil chlasaicigh i nGairdín na Saoránach ag am lóin chun tacú le ceoltóirí clasaiceacha le linn ghéarchéim COVID-19 agus chun an luach a chuireann Parlaimint na hEorpa ar oidhreacht cheoil na hEorpa a léiriú; ag tabhairt dá haire gur tionóladh 40 ceolchoirm in 2021 le 4 106 duine i láthair, le buiséad EUR 51 925; á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán leis an tionscnamh seo le linn phaindéim urghnách COVID-19 in 2020 agus 2021 ach á cheistiú cén fáth gur úsáid an Pharlaimint airgead na gcáiníocóirí chun athchóiriú a dhéanamh ar Ghairdín agus Teach na Saoránach, ar spás poiblí é atá faoi uinéireacht Stát na Beilge;

Ilteangachas

100.

á mheabhrú go bhfuil an tAontas, agus, dá bhrí sin, an Pharlaimint freisin, tiomanta go dlíthiúil faisnéis agus cumarsáid inrochtana a chur ar fáil faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas; á iarraidh dá bhrí sin ar riarachán na Parlaiminte tionscnaimh shonracha a fhorbairt chun inrochtaineacht níos mó agus níos fearr ar a cuid doiciméad agus díospóireachtaí a áirithiú, agus béim ar leith á leagan ar an díospóireacht faoi Staid an Aontais chomh maith leis na díospóireachtaí sa seisiún iomlánach faoi ‘Is í Seo an Eoraip’, ag tógáil ar shamplaí amhail an ateangaireacht sa Teanga Chomharthaíochta Idirnáisiúnta ar asléamha seachtainiúla choláiste an Choimisiúin; ag athdhearbhú a hiarrata seanbhunaithe ar an Ard-Rúnaí anailís a dhéanamh ar indéantacht na hateangaireachta comharthaíochta idirnáisiúnta do na díospóireachtaí uile sa suí iomlánach agus an iarraidh sin a chur chun feidhme gan mhoill; á chreidiúint, thairis sin, go gcuirfeadh atarchur na seisiún iomlánach sna teangacha comharthaíochta a úsáidtear i ngach Ballstát le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas i bpróiseas daonlathach an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhfuil uirlis á forbairt ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin atá in ann díospóireachtaí ilteangacha parlaiminte a thras-scríobh agus a aistriú go huathoibríoch i bhfíor-am, ionas go mbeidh rochtain chomhionann ag gach saoránach ar fhaisnéis ina dteanga féin; ag iarraidh go ndéanfaí nuashonrú ar an tionscadal agus anailís ar a chur chun feidhme agus ar an gcostas iomlán;

Comhar idirnáisiúnta

101.

ag tabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm ag oifigigh na Parlaiminte i láthair ag toscaireachtaí an Aontais nó i gcomhlachtaí eile caidreamh na Parlaiminte le heagraíochtaí idirnáisiúnta a neartú; á athdhearbhú, áfach, gur cúis imní di an cinneadh ón mBiúró an 11 Feabhra 2019 maidir le tacaíocht pharlaiminteach do Mhisean an Aontais Eorpaigh do ASEAN in Iacárta, do Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an Aontas Afracach in Addis Ababa agus do Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac; ag tabhairt dá haire nár imscaradh aon fhoireann in 2020, agus gur tugadh beirt oifigeach ar iasacht chuig Nua-Eabhrac agus duine amháin chuig Addis Ababa in 2022; ag meabhrú do riarachán na Parlaiminte a tiomantas táscairí intomhaiste a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht bhliantúil; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil aonad curtha ar bun ag riarachán na Parlaiminte atá i gceannas ar an gcaidreamh le ASEAN agus go bhfuil sé molta aige an chuid is mó dá fhoireann a imscaradh in Iacárta, agus nach bhfuil ach comhaltaí sinsearacha foirne roghnaithe ag an riarachán don dá cheann scríbe eile; ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfaí próisis cheapacháin thrédhearcacha na foirne lena mbaineann agus an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas;

102.

á chur in iúl gur cúis imní di gur chinn ochtar Feisirí, ar a dtionscnamh féin, breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin i dtríú tíortha inar chinn an Pharlaimint gan toscaireacht breathnóireachta toghcháin a sheoladh nó nár tugadh cuireadh di; ag tabhairt dá haire, i ngach ceann de na hocht gcás, go raibh na Feisirí ag sárú Forálacha Cur Chun Feidhme Ghrúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus nach bhféadfaidís, agus nár roghnaíodh iad chun páirt a ghlacadh i dtoscaireacht oifigiúil Breathnóireachta Toghcháin go dtí deireadh 2021; á iarraidh gur cheart smachtbhannaí a fhorchur ar Fheisirí a bhfuil baint acu le misin breathnóireachta toghcháin neamhoifigiúla ar feadh ré an tsainordaithe;

Digitiú agus cibearshlándáil

103.

á chur in iúl gur geal léi go gcuireann an Tairseach le haghaidh Síniú Digiteach ar chumas na bhFeisirí doiciméid a shíniú go digiteach, lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht, inrianaitheacht agus trédhearcacht na nósanna imeachta, agus á chur in iúl gur oth léi, murab ionann agus an Tairseach le haghaidh Síniú Digiteach, gur nós imeachta as dáta a bhfuil ualach trom ag baint leis gurb ea leasuithe ón suí iomlánach a shíniú de lámh agus iad a sheoladh i bhfoirm scanta; á iarraidh ar an mBiúró na bearta is gá a dhéanamh chun an deis a thabhairt do na Feisirí leasuithe iomlánacha a shíniú go digiteach amach anseo; á iarraidh go leathnófar an Tairseach le haghaidh Síniú Digiteach chuig gach doiciméad sínithe;

104.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh cinneadh an 10 Bealtaine 2021 HERMES a chur ar fionraí, ar bogearra bainistithe agus cartlannaithe doiciméad é, mar gheall ar shraith easnamh, go príomha ós rud é nárbh fhéidir é a oiriúnú do shreabhadh oibre na Parlaiminte agus do mhórfhadbanna teicniúla eile; ag tabhairt dá haire go raibh costas seachtrach EUR 7 500 000 ar chodanna cúil agus tosaigh chóras HERMES go dtí seo agus costas inmheánach EUR 1 700 000 arb ionann é agus thart ar EUR 9 200 000 ar an iomlán, arna thuairisciú mar shócmhainn faoi thógáil; ag tabhairt dá haire go bhfuil an chuid cúil de chóras HERMES fós in úsáid mar chóras le haghaidh bainistiú doiciméad agus taifead agus le haghaidh feidhmeanna eile freisin;

105.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gurbh ionann costas foriomlán na réiteach teicniúil chun seisiúin chianvótála a cheadú agus EUR 1 275 500, lena n-áirítear síneadh a chur leis na hiarratais iomlánacha (EUR 120 000), forbairt an fheidhmchláir EPvote (EUR 233 500), tacaíocht TF do na Feisirí (EUR 529 200), chun an córas ríomh-vótála (EUR 250 000) agus seirbhísí ad hoc a chur in úsáid chun go mbeadh na Feisirí in ann páirt a ghlacadh ó Óifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EUR 142 800); ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá na córais TF uile lena n-áirithítear cianfheidhmiú cuí na Parlaiminte, á chur i bhfios, áfach, go mbeidh gá le hinfheistíocht chun na nuálaíochtaí uile a chuirfear chun feidhme a choinneáil ar bun i bhfianaise na n-úsáidí a bhainfear astu amach anseo;

106.

ag tabhairt dá haire, go minic, nach féidir Bonneagar Deisce Fíorúla (VDI) na Parlaiminte a shroicheadh ag buaicuaireanta logála isteach ar maidin; á iarraidh ar na seirbhísí a áirithiú go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ag Bonneagar Deisce Fíorúla chun gur féidir logáil isteach go tapa fiú ag buaicuaireanta;

107.

á chur in iúl gur geal léi infheistíocht na Parlaiminte i neartú a cibearshlándála, lena n-áirítear Stiúrthóireacht thiomnaithe a chruthú in DG ITEC agus méadú suntasach ar na hacmhainní gaolmhara arb é is aidhm dóibh cosaint chórais faisnéise na Parlaiminte a mhéadú i bhfianaise bagairtí agus ionsaithe bogearraí éirice atá ag dul i méid; ag tathant ar an bParlaimint a cuid iarrachtaí a choinneáil agus a cuid infheistíochtaí sa chibearshlándáil a mhéadú; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go ndéanfar baill foirne ardcháilithe a earcú agus a choinneáil san earnáil an-straitéiseach sin; á mholadh go ndéanfaí cláir oiliúna ar an gcibearshlándáil arna nuashonrú go rialta a thairiscint d’fhoireann uile na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi leathnú raon na seirbhísí digiteacha a chuirtear ar fáil tríd an ríomhthairseach as a n-eascraíonn méadú 67 % ar líon na n-idirbheart, ar méadú suntasach é i gcomparáid le 2020, agus le baint amach ráta úsáide 85 % den ríomhthairseach ag na Feisirí le haghaidh a gcostais taistil agus chothaithe; ag moladh na mbeart sonrach a rinneadh chun nósanna imeachta riaracháin a éascú agus maorlathas a laghdú a mhéid a bhaineann leis na seirbhísí do na Feisirí, lena n-áirítear digitiú méadaithe na ríomhthairseach;

108.

ag tabhairt dá haire gur foráladh le hatheagrú DG SAFE go gcruthófaí an Stiúrthóireacht nua maidir le Teicneolaíocht, Slándáil agus Faisnéis arb é is aidhm di cosaint a áirithiú do gach catagóir faisnéise a láimhseálann an Pharlaimint; ag tabhairt dá haire, nuair a cruthaíodh an t-aonad sonrach atá freagrach as innealtóireacht slándála, nach raibh post an chinn aonaid le feiceáil amhlaidh i gcairt eagrúcháin na Parlaiminte; ag iarraidh ar an Ardrúnaí an cás sin a leigheas go pras chun na hacmhainní riachtanacha a sholáthar don phríomh-Stiúrthóireacht nua chun a freagrachtaí a chomhlíonadh;

Beartas tógála, lóistíocht agus slándáil

Beartas tógála

109.

ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe le ‘Straitéis Foirgneamh na Parlaiminte tar éis 2019’ creat a chur ar fáil do chinntí a dhéanfar amach anseo agus rannchuidiú le punann réadmhaoine na Parlaiminte a chomhdhlúthú agus, ag an am céanna, saoráidí a oiriúnú d’fhorbairt na bpatrún cruinnithe, dul ar an leibhéal áitiúil agus níos gaire do na saoránaigh trí shaoráidí Europa Experience, slándáil a fheabhsú d’fhoirgnimh na Parlaiminte, agus idirnascadh foirgneamh lárnach a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhfuil riarachán na Parlaiminte ag obair faoi láthair ar chur chuige cuimsitheach chun beartas tógála fadtéarmach na Parlaiminte a shainiú agus tionchar na géarchéime fuinnimh, praghas ardaithe an amhábhair, na n-oibleagáidí comhshaoil agus na modhanna oibre nua a tugadh isteach sa Pharlaimint á gcur san áireamh; ag iarraidh ar riarachán na Parlaiminte machnamh a dhéanamh ar an ngá atá le foirgnimh nua a fháil nó a thógáil amach anseo; ag tabhairt dá haire gur glacadh straitéis chomhtháite bainistithe saoráidí an 8 Márta 2021 lena ndírítear ar ar shaolré phunann foirgneamh na Parlaiminte a bhainistiú;

110.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di fadhbanna struchtúracha i bhfoirgneamh Treves I; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá leis an bhfoirgneamh a uasghrádú go dtí na noirm fuinnimh agus chomhshaoil is déanaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le bearta práinneacha chun réitigh a fháil ar chóras téimh éagobhsaí, easpa aerchóiriúcháin agus leithris do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, drochdhíonadh fuaime, chomh maith leis an bhfadhb séarachais;

111.

ag tabhairt dá haire gur ceannaíodh foirgneamh Treves II, a d’fhormheas an Biúró, an 18 Deireadh Fómhair 2021, arna cheannach agus é mar rún idirnascacht fhoirgnimh láir na Parlaiminte sa Bhruiséil a cheadú, agus ag tabhairt dá haire go mbeidh sé ar fáil don Pharlaimint amhail ón 1 Eanáir 2025; ag tabhairt rabhaidh go léirítear leis an teastas feidhmíochta fuinnimh tomhaltas fuinnimh phríomhúil bliantúil atá coibhéiseach le haicme E, agus go dtéann an t-athchóiriú deireanach ar an bhfoirgneamh siar go 2000; á iarraidh ar an mBiúró na hathchóirithe is gá a fhormheas chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ós rud é go bhfuil an foirgneamh á úsáid ag Parlaimint na hEorpa;

112.

ag tabhairt dá haire an comórtas ailtireachta maidir le dearadh athnuachan fhoirgneamh Spaak inar chuir na hiomaitheoirí a dtograí isteach i mí Eanáir 2021, rinne an giúiré anailís ar na 15 iontráil agus rangaigh siad na cúig bhuaiteoir i mí Feabhra 2021 agus d’fhormhuinigh an Biúró na cúig bhuaiteoir a mhol an giúiré ag an gcruinniú a bhí aige an 6 Iúil 2022; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór na bearta is gá a dhéanamh chun an foirgneamh a athchóiriú toisc go bhfuil sé ag dul in olcas chun slándáil agus folláine na foirne a áirithiú gan impleachtaí buiséadacha míréasúnta; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí faisnéis chuí ar fáil agus go rachfaí i gcomhairle le coistí ábhartha na Parlaiminte maidir leis na chéad chéimeanna eile atá le glacadh sna pleananna athchóirithe, chomh maith le pleananna maidir le foirgnimh nua a cheannach;

113.

ag tabhairt dá haire an cinneadh d’aon toil ón mBiúró an 23 Deireadh Fómhair 2019 cruthú IDEA Lab a fhormheas agus é mar aidhm réitigh nuálacha nua a thástáil i gcomhthéacs oifigí agus bainistiú saoráidí; ag tabhairt dá haire nach raibh cinneadh an Bhiúró bunaithe ar aon mheastachán costais sonrach agus á chur in iúl gur geal léi an fógra ón Ardrúnaí nua go mbeidh ráiteas airgeadais maidir leis na costais mheasta ag gabháil le gach togra le haghaidh cinnidh, agus gur cheart caiteachas a chur san áireamh go trédhearcach; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh saotharlann bhuan don nuálaíocht mar aon le líne bhuiséid ar leith a bhunú ach á mheas gur gá go bhfanfaidh na costais réasúnta agus inchosanta; ag tabhairt dá haire go raibh costas EUR 2 000/m2 ar oibreacha foirgníochta a bhí ag teastáil chun coincheap na hailtireachta nuálacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear an trealamh teicniúil agus na costais suiteála, i dteannta na n-oibreacha athchóirithe “caighdeánacha”, a mheastar a rachaidh chun tairbhe d’obair athchóirithe ina dhiaidh sin i gcás leathadh amach níos mó; ag tabhairt dá haire gurb ionann na hoibreacha tógála go dtí seo agus EUR 663 265 chun coincheap na hailtireachta a chur chun feidhme agus chosain trealamh TF EUR 108 104;

114.

á chur i bhfios go bhfuil an ‘IDEA Lab’ ceaptha a bheith ar fáil do na Feisirí; á iarraidh go gcuirfí na Feisirí ar an eolas ina leith sin faoi nuálaíochtaí agus réitigh tástála atá le tabhairt isteach sa todhchaí agus iad siúd nach bhfuil á saothrú tuilleadh agus cúiseanna gan na nuálaíochtaí agus na réitigh sin a shaothrú; ag ceistiú na réasúnaíochta atá taobh thiar de roghnú na soláthraithe agus roinnt de na nuálaíochtaí teicniúla atá le tástáil agus á chur in iúl gur oth léi go mbeadh cuid de na nuálaíochtaí róchostasach ó thaobh scála de in ainneoin a spéise; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh réiteach nuálaíoch ailtireachta ar cheann de thosaíochtaí IDEA Lab chun úsáid níos fearr a bhaint as an spás ina bhfuil na cithfholcadáin nach n-úsáidtear in oifigí na bhFeisirí; ag iarraidh ar mheitheal an Bhiúró um fhoirgnimh agus ar riarachán na Parlaiminte níos mó trédhearcachta a áirithiú maidir leis an mbuiséad do IDEA Lab agus liosta na réiteach nuálach, a gcostas agus an t-aiseolas a tháirgtear a chur faoi bhráid an Choiste um Rialú Buiséadach go rialta, chomh maith leis an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann dá gcuirfí chun feidhme iad;

115.

ag tabhairt dá haire gurbh é 83 líon iomlán na ngadaíocht tuairiscithe in oifigí na bhFeisirí agus in oifigí foirne in 2021, sin laghdú 58,2 % i gcomparáid le 2020, arbh fhiú EUR 190 791 luach iomlán na n-earraí goidte; á chur in iúl gur geal léi gur shainaithin seirbhísí freagracha na Parlaiminte déantóir dhá ghadaíocht suntasach, ceann amháin a bhain le 101 ríomhaire hibrideacha agus 26 iPad agus an ceann eile a bhain le 15 ríomhaire hibrideacha, agus go bhfuil an cás ar feitheamh in imeachtaí breithiúnacha na Beilge;

116.

á chur in iúl gur geal léi gur dheimhnigh údarás náisiúnta na Beilge (ONE - Office de la Naissance et de l’Enfance) naíolann Wayenberg ag deireadh 2021; á chur in iúl gur oth léi na saincheisteanna a tháinig chun cinn leis an soláthraí seirbhíse in 2021, lena n-áirítear dúnadh ranna agus athruithe tobanna comhleanúnacha ar phrótacal inmheánach COVID-19, agus á chur in iúl gur geal léi an t-aistriú dearfach chuig soláthraí nua amhail ón 1 Feabhra 2022 chomh maith leis an mbeart chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chonartha nua;

117.

ag tabhairt dá haire gur tugadh Sciathán Thoir fhoirgneamh Adenauer i Lucsamburg chun críche in 2020 gur cuireadh deireadh le hathlonnú oifigí ar scála mór ó fhoirgneamh Schuman in 2022; ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús le hoibreacha chun an Sciathán Thiar a thógáil in 2020 agus go bhfuil beagnach gach ceann de na spásanna oifige leithdháilte ar fhoireann na parlaiminte; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach n-úsáidtear an infheistíocht is mó agus is costasaí i bhfoirgnimh le blianta beaga anuas mar gheall ar ráta áitíochta an-íseal de na foirgnimh;

Ceaintíní

118.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tArd-Rúnaí cinneadh an 22 Márta 2021 deireadh a chur leis an gCoiste Maoirseachta um Cheaintíní, Cafeterias agus an Siopa Foirne (CORECA) bunaithe ar an bhfíoras go bhfuil na gníomhaíochtaí uile san earnáil in áitreabh na Parlaiminte tar éis oibriú faoi chonarthaí lamháltais ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, ar conarthaí iad a fheidhmíonn gan aon rannpháirtíocht dhíreach ó bhuiséad na Parlaiminte; á chreidiúint, áfach, gur pointe teagmhála úsáideach a bhí in CORECA idir seirbhísí inniúla na Parlaiminte agus an Coiste Foirne maidir leis an tairiscint bia agus na seirbhísí lónadóireachta, agus go mbeadh sé úsáideach, mar shampla, ról a thabhairt don fhoireann agus aiseolas a fháil uathu maidir leis an oiriúnú a rinneadh le déanaí ar an tairiscint bia i roinnt ionad; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Ardrúnaí CORECA nó pointe teagmhála comhchosúil a athbhunú chun ról a thabhairt d’ionadaithe foirne;

119.

ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn ceaintín na Parlaiminte ar urlár -1 fhoirgneamh Spinelli, anuas ar an an meath ar cháilíocht an bhia a chuireann sé ar fáil, plódaithe go minic ag buaicuaireanta, rud a fhágann scuainí fada agus amanna feithimh; á chur in iúl gur oth léi freisin gur laghdaigh Astrid Lulling Lounge a gcuireann sí ar fáil agus nach bhfuil ach béile te amháin ar fáil ar bhonn; á iarraidh ar an mBiúró machnamh a dhéanamh ar an ngá atá le rogha bia níos éagsúla agus ar an bhféidearthacht roinnt srianta rochtana a fhorchur ar na ceaintíní i bpríomhfhoirgnimh na Parlaiminte;

120.

á mheabhrú go bhforáiltear le sonraíochtaí teicniúla na gconarthaí lamháltais don oibleagáid réiteach a thairiscint chun freagairt d’éadulaingtí bia arna iarraidh sin roimh ré; á chur i bhfios nach bhfuil formhór mór na gcliant go hiomlán ar an eolas go bhfuil coinníollacht den sórt sin ann agus, i gcás ar bith, nach leor í don tseirbhís a sholáthraítear i bParlaimint na hEorpa; á iarraidh go mbeadh tuilleadh cumarsáide agus faisnéise dírí ann maidir le sonraíochtaí ailléirgin sna béilí a mholtar; ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh rogha béile úr amháin ar a laghad saor ó ghlútan ar fáil gach lá i gceaintíní agus caifitéirí na Parlaiminte chomh maith le roghanna lena gcuirtear srianta cothaithe eile san áireamh go soiléir;

Slándáil

121.

ag tabhairt dá haire gur ullmhaíodh inmheánú na seirbhísí slándála ginearálta i Lucsamburg le linn 2021 trí na nósanna imeachta earcaíochta go léir a eagrú agus obair leantach a dhéanamh orthu agus oiliúint ionduchtúcháin a chur ar fáil do 115 ghníomhaire; ag tabhairt dá haire gur tháinig an t-inmheánú i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfágann tairiscint post i ngrúpa feidhme I agus an tuarastal gaolmhar go bhfuil sé deacair foireann speisialaithe a mhealladh agus a earcú ó na Ballstáit uile i réimse na slándála; á athdhearbhú gur cúis bhuarthadi go háirithe an staid i Lucsamburg, áit a bhfuil an pá sin níos ísle ná an pá íosta idirghairmiúil, lena gcuirtear iallach ar an bParlaimint dul i muinín cúitimh shóisialta; á athdhearbhú, dá bhrí sin, gur cheart don Pharlaimint an fíorphráinn a bhaineann le comhéifeacht cheartúcháin a chruthú do Lucsamburg a chur in iúl don Choimisiún;

122.

ag tabhairt chun suntais tionscadal Integrated Physical Access Control System (iPACS) [an Chórais Chomhtháite um Rialú ar Rochtain Fhisiciúil] arb é is aidhm dó córas rialaithe rochtana fisiciúla atá láidir, éifeachtúil agus nuálach a chur ar fáil don Pharlaimint; ag tabhairt dá haire go raibh moill ar chur chun feidhme an tionscadail in 2020 mar gheall ar eisiamh féideartha faoi Airteagal 136(1)(c) den Rialachán Airgeadais ón gconraitheoir roghnaithe; ag tabhairt dá haire, agus í buíoch dá réir, an comhar idir AS SAFE agus AS INLO lenar féidir an obair theicniúil go léir a atosú ó mhí an Mheithimh 2021 ar aghaidh agus foirgnimh uile na Parlaiminte a chomhtháthú sa chóras; á chur in iúl gur geal léi dáileadh suaitheantas rochtana an-slán agus neamh-dhúblach ar gach Feisire, APAnna agus soláthraithe seachtracha;

123.

a chur in iúl gurb oth léi go bhfuil an córas aslonnaithe i bhfoirgnimh na Parlaiminte bunaithe den chuid is mó ar shaorálaithe slándála, agus á chur i bhfios go láidir na deacrachtaí a bhaineann lena n-earcú i bhfoirgnimh ina bhfuil níos lú foirne riaracháin ann agus ag cur san áireamh gur féidir le saorálaithe a bheith ar mhodh teilea-oibre freisin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a bheith ag brath ar oibrithe deonacha oilte atá in ann daoine atá i láthair i bhfoirgneamh na Parlaiminte a threorú agus tacú leo le linn ionsamhlúcháin aslonnaithe agus fíoréigeandálaí;

124.

á iarraidh ar na seirbhísí slándála a rialaíonn rochtain ar fhoirgnimh na Parlaiminte teacht ar réiteach réasúnach do ghrianghrafadóirí seachtracha a oibríonn in áitreabh na Parlaiminte ar bhonn laethúil agus a bhfuil orthu cuid mhór trealaimh ghairmiúil a iompar tríd an rialú slándála gach uair, mar shampla trí chead a thabhairt dóibh an rochtain shonrach a úsáid don phreas;

125.

a chur i bhfios go n-éilítear le rochtain ar fhoirgnimh na Parlaiminte ag an deireadh seachtaine go mbeadh tinreamh sínithe ar chlár páipéir agus, bunaithe ar fhadhbanna a bhí ann roimhe seo leis an modh sin, á mholadh go láidir go gcuirfí córas níos iontaofa agus níos éifeachtaí i bhfeidhm;

Lorg comhshaoil oibríochtaí agus soghluaisteacht na Parlaiminte

126.

ag tabhairt dá haire an anailísiú ar bhearnaí maidir le feidhmíocht chomhshaoil reatha na Parlaiminte a rinne Aonad EMAS an 14 Nollaig 2021; ag iarraidh ar riarachán na Parlaiminte tuarascáil a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá dírithe ar na bearnaí a dhúnadh chun na spriocanna uile a bhaint amach in am arna roghnú ag Meitheal an Bhiúró um Fhoirgnimh, um Iompar agus um an Pharlaimint Ghlas;

127.

ag tabhairt dá haire, agus í buíoch dá réir, go bhfuil astaíochtaí in 2021 níos ísle ná mar a bhí in 2019, le 2 501 tona CO2; á chur in iúl gur geal léi gur dócha go gcoinneofar roinnt cleachtas a forbraíodh nó a leathnaíodh in 2020 agus in 2021 chun leanúnachas gnó a áirithiú agus a bhí tairbheach d’fheidhmíocht chomhshaoil na Parlaiminte amach anseo, go háirithe bearta a bhaineann leis an digitiú agus leis an teilea-obair, a chabhraigh leis an tomhaltas páipéir a laghdú (11,8 kg/FTE in 2021 i gcomparáid le 28,1 kg/FTE in 2019), iompar doiciméadachta idir na trí áit oibre (49 tona CO2 i gcomparáid le 72 tona in 2019) agus na hastaíochtaí CO2 a eascraíonn as comaitéireacht agus taisteal;

128.

á mheabhrú gurb ionann iompar daoine agus thart ar dhá thrian de lorg carbóin na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire gurbh ionann na hastaíochtaí CO2 ó na comaitéireachtaí míosúla go Strasbourg in 2021 agus thart ar 490 tona CO2 lena n-áirítear taisteal foirne agus APAanna, agus iompar doiciméad agus trealaimh; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí Pharlaimint na hEorpa astaíochtaí CO2 a laghdú trí thraenacha cairte agus tríd an ‘tionscnamh gan pháipéar’ chun a lorg carbóin a laghdú;

129.

ag tabhairt dá haire gur reáchtáladh 15 sheisiún iomlánacha in 2021, a raibh 14 cinn acu i bhformáid hibrideach (5 cinn sa Bhruiséil, 7 in Strasbourg agus 2 mhionseisiún sa Bhruiséil), agus reáchtáladh mionseisiún sa Bhruiséil san fhormáid chaighdeánach; ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 2 227 207 an costas a bhí ar thraenacha cairtfhostaithe Thalys ag comaitéireacht go Strasbourg in 2021 agus gurbh ionann costas na misean agus EUR 9 578 266, agus é á chur san áireamh gur oibrigh ateangairí seachtracha go cianda, rud a laghdaigh an costas iomlán i gcomparáid leis na blianta roimh an bpaindéim; ag tabhairt dá haire gur cuireadh traenacha cairtfhostaithe Thalys ar ceal ó mhí Eanáir go dtí mí na Bealtaine 2021 agus nár cuireadh ach traein amháin i bhfeidhm do mhí an Mheithimh agus mí Iúil 2021, rud a d’fhág go raibh coigilteas iomlán EUR 1 659 845 ann don bhliain 2021; ag tabhairt dá haire gur laghdaíodh an caiteachas ar mhisin foirne go Strasbourg in 2021 faoi EUR 18 248 274 i gcomparáid leis an gcaiteachas iomlán in 2018;

130.

ag tabhairt dá haire gur rannchuidigh fionraí na bpáirtseisiún in Strasbourg le coigilteas iomlán de EUR 26 260 608 a bhaint amach de réir Ardrúnaíocht na Parlaiminte agus lorg carbóin na Parlaiminte á laghdú go suntasach freisin; ag tabhairt chun suntais go measann an Chúirt go bhféadfadh ‘sábháil bhliantúil EUR 114 mhilliún móide coigilt aonuaire EUR 616 mhilliún a ghiniúint má dhéantar foirgnimh Strasbourg a dhífheistiú go rathúil, nó costas aonuaire EUR 40 milliún mura ndéanfar foirgnimh Strasbourg a dhífheistiú go rathúil’;

131.

ag tabhairt dá haire gurbh ionann costas iomlán an fhuinnimh agus an téimh in 2021 agus EUR 13 157 982 (2 259 496 i Lucsamburg, EUR 3 102 010 in Strasbourg agus EUR 7 796 476 sa Bhruiséil), agus gurb ionann costais mheasta fuinnimh agus téimh bhliantúla áitreabh na Parlaiminte le haghaidh 2022 agus EUR 41 020 327 agus EUR 42 150 000 na leithreasuithe buiséadacha do 2023 chun na críche sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtiocfaidh méadú breise ar phraghsanna fuinnimh amach anseo mar thoradh ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair agus go ndéanfar, dá bhrí sin, difear mór do bhuiséad na Parlaiminte, ionas go mbeidh bearta coigiltis fuinnimh comhréireacha agus éifeachtacha bunriachtanach;

132.

a chur in iúl gur geal léi suiteáil painéil ghréine fhótavoltacha ar fhoirgnimh Spinelli, Montoyer 70, Brandt agus Antall sa Bhruiséil; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an cinneadh chun staidéar nua a sheoladh maidir le táirgeadh leictreachais ar an láthair in Strasbourg chun na sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus chun féachaint ar réitigh nua; ag spreagadh an Bhiúró, thairis sin, cinneadh a dhéanamh an oiread painéal fótavoltach is indéanta agus is úsáideach a shuiteáil bunaithe ar thorthaí an staidéir;

Bearta coigilte fuinnimh

133.

ag aithint, i bhfianaise shampla na mbeart a rinneadh i roinnt mhaith Ballstát agus in institiúidí eile de chuid an Aontais, go mbeadh coigilteas suntasach measta os cionn EUR 2,5 milliún san iomlán mar thoradh ar an gcinneadh a ghlac an Biúró an córas téimh a mhúchadh agus chun ligean don fhoirgneamh titim go dtí teocht íosta ó thráthnóna Déardaoin go maidin Dé Luain agus thar na tréimhsí saoire; á iarraidh ar an bParlaimint, áfach, teocht leordhóthanach a ráthú i bhfoirgnimh na Parlaiminte ó Luan go hAoine mar ghnáthlaethanta oibre; á chur in iúl an gá atá le tomhaltas fuinnimh a laghdú agus ag cur béim ar an bhfíoras gur gá bearta coigilte teasa a bheith comhoiriúnach i gcónaí le leas na foirne;

134.

á mheabhrú gur gné ríthábhachtach iad réitigh éifeachtúla soilsithe d’inbhuanaitheacht foirgneamh; á chur in iúl gur geal léi go ndéantar meastóireacht ar shoilse LED ísealfhuinnimh a chur in ionad soilsiú atá ann cheana i bhfoirgnimh na Parlaiminte nuair is féidir agus nuair is indéanta; ag tabhairt dá haire nach bhfuil brathadóirí gluaisne feistithe in oifigí sna foirgnimh sin de chuid na Parlaiminte sa Bhruiséil atá ar cíos nó atá ag feitheamh ar chinneadh maidir lena dtodhchaí agus go ndealraíonn sé nach n-oibríonn na brathadóirí gluaisne i roinnt oifigí i bhfoirgneamh Spinelli i gceart; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil brathadóirí gluaisne feistithe ar gach oifig in Strasbourg, agus, i Lucsamburg, go bhfuil foirgneamh nua Adenauer feistithe le múchadh uathoibríoch bunaithe ar easpa gluaiseachta; ag iarraidh ar an bParlaimint a áirithiú go suiteálfar brathadóirí gluaisne sa Bhruiséil chomh luath agus is féidir atá ag feidhmiú go hiomlán aon áit is féidir chun tomhaltas fuinnimh a laghdú; tuigeann sí an gá atá le tomhaltas leictreachais a laghdú, ach á iarraidh go mbeadh bearta coigilte soilsiúcháin comhoiriúnach le leas na foirne;

Soghluaisteacht

135.

á thuiscint gurb é príomhghnó na ngluaisteán seirbhíse iompar na bhFeisirí, lena n-áirítear an turas idir an Bhruiséil agus Strasbourg; á chur i bhfios nach raibh 15 % ar an meán de na suíocháin a bhí ar fáil sa chabhlach seirbhíse áitithe don turas sin in 2021; ag athdhearbhú a hiarrata ar riarachán na Parlaiminte an grúpa úsáideoirí a leathnú agus a áirithiú go bhfuil suíocháin na bhFeisirí slán, i.e. cead a thabhairt d’fhoireann na Parlaiminte taisteal gan Feisire a bheith i láthair, agus nuashonruithe rialta a thabhairt ar líon na suíochán atá ar fáil, liosta ionadaithe agus spriocdhátaí comhleanúnacha a bhunú chun an turas a dheimhniú;

136.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil 138 spás páirceála curtha in áirithe d’fheithiclí leictreacha ar shuíomh na Bruiséile, agus stáisiún luchtaithe ag gach ceann acu, móide 12 aonad do veaineanna seachadta na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire, tar éis an chead comhshaoil is déanaí, a d’eisigh na húdaráis áitiúla i mí Aibreáin 2021 d’fhoirgneamh Spinelli, go bhfuil gá le córas spré-uiscithe don charrchlós mór sin faoi thalamh atá feistithe le stáisiúin luchtaithe agus go suiteálfar é in 2022, rud a fhágfaidh go bhféadfar 20 stáisiún luchtaithe breise a shuiteáil; á iarraidh ar AS INLO sceideal a dhearadh agus a chur chun feidhme maidir le stáisiúin luchtaithe chun cosc a chur ar fheithiclí aonair spotaí aonair a bhlocáil ar feadh tréimhsí fada ama; ag spreagadh na Parlaiminte chun leanúint de leathnú uaillmhianach a dhéanamh ar an mbonneagar luchtaithe leictreachais do gach cineál feithicle;

137.

ag tabhairt dá haire gur cruthaíodh limistéir pháirceála rothar nua in 2021 i bhfoirgnimh Scholl agus Adenauer; ag iarraidh ar an riarachán measúnú a dhéanamh ar riachtanais reatha na foirne ó thaobh spásanna páirceála rothar laistigh agus lasmuigh d’fhoirgnimh na Parlaiminte agus, más gá, líon na spásanna atá ar fáil a mhéadú;

138.

a chur in iúl gur geal léi go bhféadfadh baill foirne rothair chaighdeánacha agus leictreacha a fháil ar cíos le linn na seisiún páirtaimseartha in Strasbourg; á chur in iúl gur oth léi gur iondúil go mbíonn na rothair curtha in áirithe go hiomlán níos mó ná seachtain roimh ré; á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht níos mó rothar ar cíos a thairiscint in Strasbourg chun freastal ar éileamh na bhFeisirí agus na foirne agus rannchuidiú le soghluaisteacht inbhuanaithe a fheabhsú;

Airgeadas agus riarachán

139.

á chur i bhfios go bhfuil tionchar crosghearrthach ag cinntí buiséadacha, riaracháin agus foirne arna ndéanamh ag comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte ar an riarachán, rud a dhéanann difear do chéim an chur chun feidhme, mar shampla, seirbhísí seachas na cinn a beartaíodh ar dtús; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an Ard-Rúnaí measúnú tionchair réalaíoch ar bhuiséad, riarachán agus foireann na Parlaiminte a áireamh ina thograí amach anseo sula ndéanfar an plé i gcomhlachtaí rialaithe na Parlaiminte;

140.

á iarraidh go gcuirfí deireadh le húsáid cuideachtaí seachtracha a leanann, de réir rangú Ollscoil Yale (7) , de bheith ag feidhmiú sa Rúis;

141.

ag tabhairt dá haire nach n-áirítear san athbhreithniú deireanach ar na rialacha lena rialaítear fáiltiú grúpaí cuairteoirí ón 18 Eanáir 2021 machnamh ar imthosca force majeure a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéid a bhaineann le cuairteanna a chur ar ceal; á iarraidh ar an mBiúró machnamh a dhéanamh ar ghlacadh le stailc náisiúnta mar imthoisc force majeure agus cuairt ghrúpa eagraithe á cur ar ceal, ós rud é gur minic a dhéantar laethanta stailce náisiúnta a fhógairt ag céim i bhfad níos déanaí agus tar éis na ticéid a bheith ceannaithe agus go bhfuil sé an-deacair cuairt ghrúpa a chur ar ceal an nóiméad deireanach agus a bheith in ann na costais airgeadais go léir a tabhaíodh agus an chuairt á heagrú a aisghabháil;

JSIS

142.

á iarraidh ar an mBiúró a áirithiú go soláthrófar leis an gcomhscéim um árachas breoiteachta (JSIS) míniú comhleanúnach agus aonair maidir le laghdú ar iarraidh ar aisíocaíocht; ag tabhairt dá haire go ndéanann an cultúr a bhaineann le hiarratas ar aisíocaíocht a laghdú i bhformáid pdf gan an fhéidearthacht a bheith ann agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh go pearsanta deacrachtaí áirithe a fhorchur ar na hiarratasóirí a dhéanann iarratas ar aisíocaíocht; á iarraidh ar an mBiúró breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a thabhairt isteach do dhochtúirí áitiúla atá i gceannas ar chóireáil iarratasóra labhairt leis an aonad freagrach JSIS nó leis an sainghrúpa chun míniú a thabhairt ar an gcóireáil agus ar na sochair leighis; á chur in iúl gur mian léi feabhas a chur ar a sholáimhsithe atá an feidhmchlár don úsáideoir ionas go bhféadfar iarrataí aonair a leanúint ar bhealach níos gasta agus níos dírí; á iarraidh go ndéanfaidh na comhlachtaí ábhartha in JSIS na forbairtí leighis agus na gnóthachain eolais is déanaí a chur san áireamh go cuí agus go rialta agus liosta na gcóireálacha agus na ndrugaí incháilithe á thabhairt cothrom le dáta;

Taisteal agus spensais na bhFeisirí

143.

ag meabhrú mholadh na Cúirte gur cheart don Pharlaimint na hathruithe is gá a chur chun feidhme chun a áirithiú nach n-íocann sí liúntais chothaithe laethúla ach le Feisirí a cháilíonn dóibh, rud a ghlac an Pharlaimint leis; á mheabhrú gur chinn an Biúró an tionscadal chun an clár tinrimh lárnach agus an clár tinrimh iomlánach le teicneolaíocht bhithmhéadrach a uathoibriú i mí an Mheithimh 2019, go ndearna riarachán na Parlaiminte an chéad bhaisc moltaí a thíolaic an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) i mí an Mhárta 2021 a chomhtháthú sa tionscadal agus go bhfuiltear ag fanacht lena mholtaí deiridh anois; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur céim bhunriachtanach é úsáid na teicneolaíochta nua agus uathoibriú an chláir tinrimh i dtreo dhigitiú na bpróiseas airgeadais arb é is aidhm dóibh an chalaois agus an pearsanú a sheachaint, éifeachtúlacht riaracháin a mhéadú agus dlús a chur le híocaíochtaí teidlíochtaí gaolmhara, agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí é trí bhíthin réiteach éifeachtúil agus sábháilte leis na ráthaíochtaí uile is gá maidir le cosaint sonraí;

144.

ag tabhairt dá haire gur sheol an Pharlaimint tionscadal in 2019 chun clárú an tinrimh a uathoibriú trí theicneolaíocht bhithmhéadrach sa chlár lárnach tinrimh agus gur shínigh sí conradh don tionscadal sin ag deireadh 2020; á chur i bhfáth gur cheart próiseáil mórscála sonraí bithmhéadracha a sheachaint; á iarraidh ar an mBiúró réiteach malartach a fhorbairt nach mbaineann próiseáil sonraí bithmhéadracha leis agus lena n-áirithítear nach bhfaighidh ach na Feisirí atá ina theideal an liúntas cothaithe laethúil i ndáiríre; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuiltear fós ag leanúint ar aghaidh leis an tionscadal sin in ainneoin na tuairime neamhfhabhraí ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ag deireadh mhí an Mhárta 2021 agus a athdhearbhaíodh sa Tuarascáil Bhliantúil uaidh le haghaidh 2021 inar luadh gur cheart do Pharlaimint na hEorpa féachaint ar roghanna eile i dtaca le cosaint sonraí nach mbaineann an cur isteach céanna leo;

145.

á chur in iúl gur geal léi an fógra ón Uachtarán an 21 Samhain 2022 maidir le meitheal ad hoc Biúró a chruthú chun athchóiriú críochnúil a dhéanamh ar IMMS chun na forálacha a oiriúnú do na forbairtí reachtacha a rinneadh le déanaí, do chleachtais nua na bhFeisirí agus do na moltaí ón iniúchóir inmheánach agus comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil á háirithiú ag an am céanna; á mholadh go láidir go ndéanfaí comhairliúchán cuimsitheach leis na Feisirí agus le seirbhísí ábhartha an riaracháin roimh dheireadh an tsainordaithe reatha chun faisnéis phearsanta ó Fheisirí agus ó oifigigh a bhfuil taithí acu a chur ar fáil don mheitheal sin maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil na rialacha lena rialaítear an Pharlaimint agus maidir leis an gcumas chun neamhréireachtaí a shainaithint amhail na rialacha a bhaineann leis an amchlár agus leis na cathracha chun clár tinrimh na bhFeisirí a oscailt i ndáil le seisiúin iomlánacha, misin agus gníomhaíochtaí parlaiminteacha eile;

146.

á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil aon chóras i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir leis na Feisirí leanúint dá bpríomhdhualgais a chomhlíonadh, ag labhairt go príomha i ndíospóireachtaí agus i vótáil, nuair a bhíonn siad as láthair go sealadach ar chúis a bhfuil údar cuí léi, amhail saoire do thuismitheoirí, saoire bhreoiteachta fhadtéarmach nó saoire cúramóra; á mheas go bhfuil fadhb leis sin ós rud é go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar ionadaíocht na saoránach sa Pharlaimint agus go háirithe ar ionadaíocht níos óige, go háirithe mná, Feisirí; ag tabhairt dá haire na hathruithe i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte an 20 Nollaig 2020 lena gceadaítear cianvótáil ach amháin ar choinníoll go mbunaíonn an tUachtarán imthosca urghnácha; á athdhearbhú a hiarraidh, arna glacadh ar an leibhéal Iomlánach roinnt uaireanta, ar an mBiúró athbhreithniú ar na Rialacha Nós Imeachta a sheoladh chun a chur ar chumas na bhFeisirí a ndualgais a fheidhmiú le linn neamhláithreachtaí a bhfuil údar cuí leo, agus ar an gcaoi sin leas a bhaint as an iarracht mhór agus as an infheistíocht airgeadais atá déanta ag an bParlaimint i réitigh theicniúla chun cianvótáil a cheadú;

147.

á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint, i rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo, go ndéanfaí athchóiriú ar an GEA chun caiteachas na cnapshuime sin a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos cuntasaí; ag tabhairt dá haire an fógra ag cruinniú an Bhiúró an 7 Márta 2022 maidir le meitheal ad hoc den Bhiúró maidir le GEA a bhunú, a bhfuil sé de chúram uirthi meastóireacht a dhéanamh ar oibriú chinneadh ón mBiúró an 2 Iúil 2018 lena mbunaítear liosta speansas a d’fhéadfaí a íoc ó GEA ar bhonn na taithí a fuarthas le linn an 9ú téarma parlaiminteach; ag tabhairt faoi deara gur ghlac an Biúró, ag cruinniú an 17 Deireadh Fómhair 2022, sraith leasuithe ar IMMS lena soiléirítear na rialacha is infheidhme maidir le teidlíocht agus úsáid GEA agus bearta atá dírithe ar thrédhearcacht a mhéadú agus deimhneacht dhlíthiúil níos mó a sholáthar maidir le teideal chun an liúntais; á thabhairt chun suntais gur iarradh ar an Meitheal ad hoc aird chuí a thabhairt ar ghnéithe de thrédhearcacht, de chuntasacht agus de bhainistíocht fhónta airgeadais na gcistí a chuirtear ar fáil do na Feisirí, agus aird á tabhairt ar phrionsabal na saoirse agus neamhspleáchas an tsainordaithe pharlaimintigh agus ar an gcuspóir gan ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a chruthú d’Fheisirí, dá n-oifigí agus do sheirbhísí na Parlaiminte; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé saorchead ag na Feisirí an úsáid a bhaineann siad as na cistí faoi GEA a dhoiciméadú, go mion nó de réir cineál costais, astu féin nó le tacaíocht ó iniúchóir seachtrach, agus an fhaisnéis sin a fhoilsiú go hiomlán nó go páirteach ar a leathanach ar líne ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte i gcomhréir le mír 4 agus mír 5 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi go ndéantar liosta simplithe de chineálacha costas a chomhtháthú in IMMS agus go nglactar freisin leasú lena soiléirítear an fhéidearthacht do na Feisirí GEA a úsáid i gcás go n-ídeofar lamháltais eile;

148.

á mheabhrú, de bhun Riail 11(4) de na Rialacha Nós Imeachta, go dtugann an Pharlaimint an deis d’Fheisirí cheana féin iniúchadh deonach nó deimhniú ar a speansais a fhoilsiú agus á chur in iúl gur oth léi nár tíolacadh ach 18 gcinn de dhearbhuithe deonacha maidir le húsáid GEA le linn na bliana féilire 2021; á iarraidh ar sheirbhísí na Parlaiminte meabhrúchán bliantúil a sheoladh chuig na Feisirí i ndáil leis an bhféidearthacht sin;

149.

á mheabhrú gur mhol an tOmbudsman Eorpach (‘an tOmbudsman), i gcás 1651/2018/THH, rochtain phoiblí a thabhairt ar thogra ó mheitheal ad hoc an Bhiúró maidir leis an athbhreithniú ar liosta na speansas a d’fhéadfaí a íoc ó GEA; á chur in iúl gurb oth léi gur dhiúltaigh Parlaimint na hEorpa do mholadh an Ombudsman agus ag tathant ar riarachán Pharlaimint na hEorpa athmhachnamh a dhéanamh ar rochtain phoiblí a dheonú ar na doiciméid i dtrácht;

150.

ag tabhairt dá haire gurbh ionann na gnáthchostais taistil in 2021 agus EUR 40 338 767; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar an mbeartas praghsála a chuireann an ghníomhaireacht taistil i bhfeidhm chun an tsolúbthacht a theastaíonn ón bParlaimint agus roghanna nach bhfuil chomh costasach céanna a chomhréiteach; á chur i bhfios nach mbíonn na tograí taistil a chuireann an ghníomhaireacht taistil ar fáil d’Fheisirí an-éasca le léamh uaireanta agus go nglacann siad rófhada le teacht, go mbíonn tionchar ag na tograí sin ar phraghas na roghanna atá á dtairiscint nó fiú ar infhaighteacht na roghanna taistil; ag iarraidh ar riarachán na Parlaiminte suirbhé sásaimh a dhéanamh ar na seirbhísí a thairgtear, atá dírithe ar na Feisirí go léir, ní hamháin ar chliaint rialta, chun a fháil amach cad iad na fadhbanna a d’fhéadfadh cosc a chur ar chuid acu áirithint a dhéanamh leis an ngníomhaireacht taistil; á chur i bhfios gur minic a thagann orduithe misin do bhaill foirne róghar don dáta taistil fiú má chomhaontaítear an misean i bhfad níos luaithe, a mbíonn tionchar diúltach acu freisin ar na tairiscintí atá ar fáil, agus ag iarraidh ar an riarachán feabhsuithe ar an staid sin a lorg;

151.

ag tabhairt dá haire, in 2021, nuair a chuathas i dteagmháil léi i gcomhthéacs mhisean Thoscaireacht na Parlaiminte don Chaidreamh le Tíortha Mheiriceá Láir (DCAM), nach bhféadfadh an ghníomhaireacht taistil luachan a sholáthar d’eitiltí chuig Cúba agus uaidh toisc, mar chuideachta atá faoi úinéireacht na Stát Aontaithe, go gcaithfidh sí trádbhac na Stát Aontaithe i gcoinne Chúba a urramú; ag tabhairt dá haire go raibh ar an ngníomhaireacht taistil cuardach na n-eitiltí thuasluaite a sheachfhoinsiú chuig gníomhaireacht eile, rud a d’fhág go raibh moill ar an bpróiseas; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar chomhlachtaí na Parlaiminte luachan óna gníomhaireacht taistil a úsáid chun ráiteas airgeadais a bhunú le haghaidh misean, a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag srianta a bhaineann le Cúba agus tíortha eile ar a bhfuil smachtbhannaí forchurtha ag na Stáit Aontaithe orthu; á éileamh go gcuirfear an tsaincheist sin san áireamh go cuí sa chéad tairiscint eile chun gníomhaireacht taistil nua a roghnú;

152.

á iarraidh ar AS FINS modheolaíocht shoiléir freagrachta a bhunú, atá i gcomhréir le caighdeáin an smachta reachta, idir comhaltaí, gníomhairí íocaíochta, cúntóirí, agus soláthraithe seirbhíse, go ráthófar, i gcás earráidí nó mí-úsáidí a bhaineann le híocaíochtaí nó le hidirbhearta airgeadais eile, nach dtabharfar ach an páirtí a rinne an earráid nó an mhí-úsáid cuntasach agus freagrach; á chur i bhfáth nár cheart smachtbhannaí a chur i leith an pháirtí a rinne an earráid agus atá freagrach as mí-úsáid cistí ach amháin;

153.

a chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di méid na gcumhachtaí lánroghnacha atá ag baill foirne fhreagracha AS FINS agus meastóireacht á déanamh ar iarrataí na gcomhaltaí, lena n-áirítear nuair a bhíonn conarthaí an tsoláthraí fostaíochta nó an tsoláthraí seirbhíse á roghnú le haghaidh fíorú breise ex post; ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa sásraí agus nósanna imeachta foirmiúla cuntasachta ann chun próis chuí a áirithiú in imeachtaí le AS FINS, rud a mhéadaíonn an baol idirdhealaithe agus cóireála neamh-chomhionann; á mheabhrú do AS FINS caighdeáin thrédhearcacha, shoiléire agus neamh-idirdhealaitheacha a chur i bhfeidhm lena n-áirítear agus rialuithe á ndéanamh aici ar chomhlíonadh na gcúraimí a dhéanann cúntóirí áitiúla;

Ciste Pinsin Deonach

154.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurbh ionann easnamh achtúireach an Chiste Pinsin Deonaigh (VPF) an 31 Nollaig 2021 agus EUR 379 milliún (i gcomparáid le EUR 371.3 milliún an 31 Nollaig 2020); á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuiltear ag súil leis an ídiú iomlán faoi dheireadh 2024 nó 2025 ar a dhéanaí agus idir an dá linn go leanfaidh VPF de shócmhainní a dhíol chun a oibleagáidí pinsin a chomhlíonadh, rud a chiallaíonn gur dócha go laghdófar an caipiteal atá fágtha; á mheabhrú an cinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018 lena méadaítear an aois scoir ó 63 bliana go 65 bliana agus lena dtugtar isteach tobhach 5 % ar íocaíochtaí pinsin do phinsinéirí amach anseo d’fhonn inbhuanaitheacht VPF a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, ina breithiúnas an 15 Meán Fómhair 2021 i gcásanna T-720/19 go T-725/19, Ashworth agus Daoine Eile v Parlaimint na hEorpa (8), gur chinn an Chúirt Ghinearálta nach raibh tionchar ag an gcinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018 ar cuireadh go láidir ina choinne ar chearta a fuarthas cheana agus gur dheimhnigh sí inniúlacht an Bhiúró cinntí a ghlacadh arb é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht an chiste a fheabhsú ar choinníoll go n-urramaíonn siad prionsabal na comhréireachta; ag tabhairt dá haire gur taisceadh achomharc os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcoinne a breithiúnais an 15 Meán Fómhair 2021 agus, idir an dá linn, go bhfuil scrúdú á dhéanamh ag Biúró na Parlaiminte ar na himpleachtaí do thograí amach anseo do roghanna chun inbhuanaitheacht an chiste a fheabhsú agus dliteanas na Parlaiminte á laghdú ag an am céanna; ag tathant ar an Ardrúnaí, dá bhrí sin, bearta indéanta breise a mholadh don Bhiúró maidir le módúlachtaí an chiste a choigeartú;

155.

á iarraidh ar an mBiúró cabhrú le soiléiriú a dhéanamh ar theidlíochtaí na bhFeisirí agus na n-iar-Fheisirí, a fhaigheann roinnt pinsean mar gheall ar sheasaimh in institiúidí an Aontais; ag tabhairt chun suntais cás na n-iar-Choimisinéirí agus faisnéis a iarraidh más féidir na híocaíochtaí cistí pinsin deonacha a eisíoc sa bhreis ar theidlíochtaí a eascraíonn as a gcearta pinsin Choimisinéirí agus dá mbeadh sé d’oibleagáid ar iarrthóirí ar an gCoimisinéir an fhaisnéis sin a nochtadh; á iarraidh ar an bParlaimint a shoiléiriú an féidir pinsin a asbhaint go frithpháirteach agus go páirteach;

156.

á iarraidh ar an mBiúró réamh-mheastachán mionsonraithe costais don chiste do na blianta atá le teacht a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh; agus obair leantach a dhéanamh maidir le teacht ar réiteach indéanta, dlíthiúil agus cothrom i bhfianaise phráinn an ábhair; á iarraidh ar an Ardrúnaí a ráthú nach n-úsáidfear aon airgead ó cháiníocóirí le haghaidh tarrtháil amach anseo;

157.

ag aithint nach bhfuil baint ag an bParlaimint le bainistiú na punainne ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hairteagail a foilsíodh sa phreas faoi na hinfheistíochtaí a rinne VPF agus an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann do chlú na hinstitiúide; á chur i bhfios go láidir gur cheart infheistíochtaí a ailíniú agus a bheith comhleanúnach leis na spriocanna agus na cuspóirí a leagtar síos le beartais an Aontais; á iarraidh ar bhord comhairleach an chiste athbhreithniú a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí leanúnacha uile nach bhfuil i gcomhréir le luachanna agus spriocanna an Aontais;

Tuarascáil bhliantúil ar chonarthaí a dámhadh

158.

á mheabhrú go leagtar síos sa Rialachán Airgeadais an fhaisnéis atá le soláthar don údarás buiséadach agus don phobal maidir le dámhachtain conarthaí ag an institiúid; ag tabhairt dá haire go gceanglaítear leis an Rialachán Airgeadais go bhfoilseofaí conarthaí a dhámhtar ar mó a luach ná EUR 15 000, luach a chomhfhreagraíonn don tairseach a mbeidh nós imeachta iomaíoch tairisceana éigeantach os a cionn; ag tabhairt dá haire, as iomlán 221 chonradh a dámhadh in 2021, go raibh 80 díobh bunaithe ar nósanna imeachta oscailte nó srianta, a raibh luach EUR 761.1 milliún orthu, agus go raibh 135 acu bunaithe ar nósanna imeachta idirbheartaithe, ar luach EUR 253.5 milliún; ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar líon iomlán na gconarthaí arna ndámhachtain le nósanna imeachta idirbheartaithe i dtéarmaí luacha mar chéatadán de luach iomlán na gconarthaí arna ndámhachtain ó 31 % in 2020 go 2 % in 2021 ach gur tháinig méadú air i dtéarmaí méide ó EUR 179,1 milliún in 2020 go EUR 253.5 milliún in 2021;

159.

ag tabhairt dá haire go léirítear mar seo a leanas an miondealú ar chonarthaí de réir cineáil a dámhadh in 2020 agus in 2021, lena n-áirítear conarthaí tógála:

Cineál conartha

2021

2020

Líon

Céatadán (%)

Líon

Céatadán (%)

Seirbhísí

Soláthairtí

Oibreacha

Foirgneamh

176

27

10

8

79,6

12

4,5

3,6

161

21

13

3

81,3

10,6

6,6

1,5

Iomlán

221

100

225

100

Cineál conartha

2021

2020

Luach (EUR)

Céatadán (%)

Luach (EUR)

Céatadán (%)

Seirbhísí

Soláthairtí

Oibreacha

Foirgneamh

634 689 038

136 777 513

76 247 759

168 302 638

62

13

8

17

457 940 293

14 143 825

28 291 234

86 812 000

77

3

5

15

Iomlán

1 016 016 948

100

587 187 352

100

(Tuarascáil bhliantúil ar na conarthaí arna ndámhachtain ag Parlaimint na hEorpa, 2021, lch. 7)

160.

ag tabhairt dá haire an miondealú seo a leanas ar chonarthaí a dámhadh in 2021 agus 2020 de réir an chineáil nós imeachta a úsáideadh, i dtéarmaí líon agus luach:

Cineál nós imeachta

2021

2020

Líon

Céatadán (%)

Líon

Céatadán (%)

Oscailte

Srianta

Caibidlithe

Liosta CEI

Eisceachtúil

Comhpháirtíocht nuálaíochta

DPS

OP Luathaithe

78

2

135

2

2

0

1

0

35

1

61

1

1

0

0

0

57

3

135

1

1

1

0

0

29

2

68

0

0

1

0

0

Iomlán

221

100

198

100

161.

á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh an Pharlaimint an 1 Meitheamh 2021 Meitheal um Sholáthar Poiblí atá Freagrach go Sóisialta agus a bhfuil na hardstiúrthóireachtaí uile páirteach inti agus gur cuireadh de chúram uirthi prionsabail agus treoracha praiticiúla a fhorbairt chun gnéithe sóisialta a chur chun feidhme níos mó i soláthar na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire gur chomhaontaigh an mheitheal ar an gcéad réamhchur chuige maidir le soláthar sóisialta ag deireadh 2021 agus go bhfuil an cur chuige sin á chur chun feidhme i gcéim tástála le linn 2022; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil oiliúint forbartha ag an bParlaimint maidir le soláthar poiblí inbhuanaithe/freagrach go sóisialta dá foireann agus go gcuirtear seirbhís deisce cabhrach ar fáil do sheirbhísí na Parlaiminte;

Grúpaí polaitiúla (mír bhuiséid 400)

162.

ag tabhairt dá haire gur úsáideadh, in 2021, na leithreasuithe a iontráladh faoi mhír bhuiséid 400, a sannadh do na grúpaí polaitiúla agus do na Feisirí neamhcheangailte, mar seo a leanas (9):

Grúpa

2021

2020

Leithreasuithe bliantúla

Acmhainní dílse agus leithreasuithe a tugadh anonn

Caiteachas

Ráta úsáide na leithreasuithe bliantúla (%)

Méideanna a thugtar anonn go dtí an chéad tréimhse eile

Leithreasuithe bliantúla

Acmhainní dílse agus leithreasuithe a tugadh anonn

Caiteachas

Ráta úsáide na leithreasuithe bliantúla (%)

Méideanna a thugtar anonn go dtí an chéad tréimhse eile

Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE)

16 750

10 229

13 646

81,47

12 562

17 239

4 448

11 489

66,65

10 198

Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe (S&D)

13 584

9 829

12 295

90,51

10 188

13 609

5 734

9 533

70,05

9 809

Grúpa Renew Europe (iar-Chomhghuaillíocht na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe don Eoraip (ALDE))

9 192

6 948

6 997

76,12

6 894

9 230

3 847

4 063

44,02

6 922

Na Glasaigh/An tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach (Glasaigh/SCE)

6 927

4 891

6 126

88,43

5 196

6 381

2 376

4 054

63,53

4 703

Féiniúlacht agus Daonlathas (ID)

6 874

4 762

5 940

86,42

5 155

7 121

1 616

3 976

55,84

4 761

Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa (ECR)

6 005

3 982

6 269

104,39

3 718

5 851

2 272

4 145

70,85

3 978

An Chlé Aontaithe Eorpach/an Chlé Ghlas Nordach (GUE/NGL)

3 806

2 266

4 036

106,05

2 036

3 790

1 536

3 060

80,72

2 266

Feisirí Neamhcheangailte

1 862

1 041

595

31,94

861

1 726

738

429

24,82

1 041

Iomlán

65 000

43 948

55 904

86,01

46 611

64 947

22 568

40 749

62,74

43 678

163.

á chur in iúl gur geal léi nár eisigh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha do na grúpaí polaitiúla ach tuairimí neamhcháilithe don bhliain airgeadais 2021;

164.

á mheabhrú go bhfuil sé beartaithe leis na leithreasuithe sin gníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí polaitiúla an Aontais a chumhdach, agus go bhfuil grúpaí polaitiúla freagrach don Pharlaimint as a n-úsáid; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhféadfaí na leithreasuithe sin a úsáid chun teachtaireachtaí a chur in iúl atá contrártha do chearta agus saoirsí bunúsacha nó do luachanna an Aontais; á mheabhrú go háirithe go gcáineann an Pharlaimint an t-athbhreithniúchas stairiúil agus á iarraidh go mbeadh cultúr coiteann cuimhneacháin ann lena ndiúltaítear do choireanna réimeas ollsmachtach agus forlámhach ón am atá caite; ag iarraidh ar riarachán na Parlaiminte grinnscrúdú cúramach a dhéanamh, fiú go haisghníomhach, ar aon fhoilseachán arna chistiú ag grúpaí polaitiúla nach gcomhlíonann na luachanna sin;

Páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

165.

ag tabhairt dá haire ceapachán stiúrthóir nua an Údaráis don tréimhse dar tús an 1 Meán Fómhair 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2026;

166.

á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag daonlathas Eorpach bríomhar agus athléimneach a bhfuil iolrachas páirtithe polaitiúla ar leibhéal an Aontais mar bhonn agus mar thaca leis; ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, nach mór cothrom na Féinne a áirithiú agus comhlíonadh a rialú agus lánurraim á tabhairt do chearta nós imeachta; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, obair bhunriachtanach an Údaráis a rialaíonn go neamhspleách agus i ndlúthchomhar leis an bParlaimint comhlíonadh an chreata dhlíthiúil ag páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, a sholáthraíonn trédhearcacht do na saoránaigh, agus a rannchuidíonn le sláine thoghcháin na Parlaiminte; ag tathant ar an údarás buiséadach a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag an Údarás, go háirithe acmhainní daonna agus TF, lena n-áirítear saineolaithe cibearshlándála, chun leanúint den sainordú atá aige cheana a chomhlíonadh, lena n-áirítear i bhfianaise bagairtí ar chur isteach eachtrach atá ag teacht chun cinn, go háirithe chun luachanna an Aontais a chosaint, chun mí-úsáid sonraí pearsanta chun críoch toghcháin a chomhrac agus chun tionscnamh tabhartas a shainaithint, chomh maith le haon chúraimí nua atá le soláthar ag an reachtóir; á chur i bhfios go láidir sa chomhthéacs sin go mbeidh bliain na dtoghchán Eorpach 2024 ríthábhachtach do shláine airgeadais agus fheidhmiúil dhaonlathas na hEorpa agus go gcruthóidh sí formhuirear suntasach oibre don Údarás;

167.

ag tabhairt dá haire, ina leith sin, nach mór don Aontas Eorpach acmhainní breise a infheistiú don tsláine dhaonlathach ina iomláine; á mheabhrú gur comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais é an tÚdarás agus, dá bhrí sin, gur cheart a leithreasuithe agus a phoist a idirdhealú ar bhealach trédhearcach ó leithreasaí agus poist na Parlaiminte; á athdhearbhú, dá bhrí sin, a moladh roinn ar leith a chruthú don Údarás i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, mar a cuireadh in iúl ar a Rún an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do 2023;

168.

á chur in iúl gur geal léi an obair leantach a rinne an tÚdarás ar mholtaí an Ombudsman maidir le feabhas a eisíodh i mí Eanáir 2021 i gcomhthéacs a cháis 1094/2020/DL, eadhon feabhas a chur ar an suíomh gréasáin lena gceadaítear méadú ar an méid faisnéise a chuirtear ar fáil don lucht féachana, an nasc chuig suíomh gréasáin na Parlaiminte, agus foilsiú faisnéise faoi Chlár na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha;

169.

ag tabhairt dá haire gur úsáideadh na leithreasuithe a iontráladh faoi mhír bhuiséid 402 in 2021 mar seo a leanas (10):

Páirtí (2021)

Giorrúchán

Acmhainní dílse

Aighneacht deiridh na Parlaiminte (1)

Ioncam iomlán

Ranníocaíocht na Parlaiminte mar % den chaiteachas inaisíoctha (uasmhéid 90 %)

Barrachas ioncaim (aistriú chuig cúlchiste nó caillteanas)

Páirtí an Phobail Eorpaigh

PPE

1 283 598

7 737 916

9 021 514

90

788 064

Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha

PES

977 280

6 217 037

7 194 317

90

645 859

Páirtí Chomhghuaillíocht na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe don Eoraip

ALDE

734 661

4 504 780

5 239 441

90

857 838

Páirtí Glas na hEorpa

PGE

560 006

3 597 971

4 157 977

90

854 803

Páirtí na hEite Clé Eorpaí

ECE

245 367

1 557 308

1 802 675

90

87 074

An Páirtí Daonlathach Eorpach

PDE

112 014

652 921

764 935

90

120 482

An tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach

SGE

119 583

812 993

932 576

90

103 910

Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa

An Páirtí ECR

483 292

1 432 428

1 915 720

78

Gluaiseacht Pholaitiúil Chríostaí na hEorpa

ECPM

98 679

708 660

807 339

90

3 178

Páirtí na Féiniúlachta agus an Daonlathais

An Páirtí ID

119 545

573 595

693 140

90

IOMLÁN

 

4 734 025

27 795 609

32 529 634

 

3 461 208

170.

ag tabhairt dá haire gur úsáideadh na leithreasuithe a iontráladh faoi mhír bhuiséid 403 in 2021 mar seo a leanas (11):

Fondúireacht (2021)

Giorrúchán

Cleamhnaithe le páirtí

Acmhainní dílse

Deontas deiridh PE

Ioncam iomlán

Deontas PE mar % de na costais incháilithe (uasmhéid 95 %)

Barrachas ioncaim (aistriú chuig cúlchiste nó caillteanas)

Ionad Léann Eorpach Wilfried Martens

WMCES

EPP

480 822

4 450 779

4 931 601

95,00

161 217

An Fhondúireacht um an Staidéar Forásach Eorpach

FEPS

PES

354 391

4 897 963

5 252 354

95,00

48 172

An Fóram Liobrálach Eorpach

ELF

ALDE

369 813

2 651 252

3 021 065

95,00

221 975

An Fhondúireacht Ghlas Eorpach

GEF

EGP

146 351

2 156 106

2 302 456

95,00

20 419

Transform Europe

TE

EL

77 546

1 218 962

1 296 508

94,83

10 340

Institiúid na nDaonlathaithe Eorpacha

IED

PDE

27 763

504 172

531 935

95,00

854

Fondúireacht Coppieters

Coppieters

EFA

86 417

520 773

607 190

95,00

45 208

New Direction – An Fhondúireacht um Athchóiriú na hEorpa

ND

ECR Party

258 096

1 519 566

1 777 662

95,00

-

Sallux

SALLUX

ECPM

23 013

366 409

389 422

95,00

3 728

Association pour l’Identite et Democratie Fondation

Fondúireacht ID

ID Party

12 778

660 075

672 853

95,00

-

Iomlán

 

 

1 836 990

18 946 056

20 783 046

 

511 913


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(3)  Rialacha maidir le hÉisteachtaí Poiblí, Cinneadh ón mBiúró an 18 Meitheamh 2003.

(4)  Cruinniú den Bhiúró an 13 Márta 2023 (PE-9/BUR/PV/2023-03) agus cinneadh ón mBiúró 17/04/2023 PE 422.534/BUR)

(5)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(6)  Tá sé sin bunaithe ar mholadh ó Transparency International EU

(7)  https://som.yale.edu/story/2022/over-1000-companies-have-curtailed-operations-russia-some-remain

(8)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Meán Fómhair 2021, Richard Ashworth agus Daoine Eile v Parlaimint na hEorpa, T-720/19 go T-725/19, ECLI:EU:T:2021:580

(9)  Gach méid i mílte EUR.

(10)  Gach méid i mílte EUR.

(11)  Gach méid i mílte EUR.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/36


CINNEADH (AE) 2023/1815 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0229/2022) (2),

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Comhairle chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinnedh in 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagal 59, Airteagal 118, Airteagal 260, Airteagal 261 agus Airteagal 262 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0085/2023),

1.

ag cur a cinnidh maidir le hurscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle don bhliain airgeadais 2021 siar;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tUachtarán

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(4)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(5)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/37


RÚN (AE) 2023/1816 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn II an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0085/2023),

A.

de bhrí, faoi Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gurb í an Pharlaimint, agus an Pharlaimint amháin, atá freagrach as urscaoileadh a dheonú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais agus de bhrí gur roinn de bhuiséad an Aontais é buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle;

B.

de bhrí, de bhun Airteagal 15(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach bhfuil an Chomhairle Eorpach chun feidhmeanna reachtacha a fheidhmiú;

C.

de bhrí, faoi Airteagal 317 CFAE, go gcuirfidh an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme ar a fhreagracht féin, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus de bhrí, faoin gcreat atá i bhfeidhm, go dtabharfaidh an Coimisiún d’institiúidí eile an Aontais na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;

D.

de bhrí, faoi Airteagal 235(4) agus Airteagal 240(2) CFAE, go dtugann Ardrúnaíocht na Comhairle (‘GSC’) cúnamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle (an ‘Chomhairle’), agus de bhrí go bhfuil an tArd-Rúnaí iomlán freagrach as bainistíocht fhónta na leithreasuithe arna gcur isteach i Roinn II de bhuiséad an Aontais;

E.

de bhrí, le beagnach fiche bliain, go bhfuil an cleachtas seanbhunaithe agus urramaithe a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais á chur chun feidhme ag an bParlaimint, agus de bhrí go dtacaíonn an Coimisiún leis gur cheart leanúint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais maidir lena chaiteachas riaracháin;

F.

de bhrí, de réir Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais, go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’Institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;

G.

de bhrí, ó 2009 i leith, de bharr an easpa comhair ón gComhairle sa nós imeachta um urscaoileadh, gur dhiúltaigh an Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle;

H.

de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme;

I.

de bhrí gur cheart don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, mar institiúidí de chuid an Aontais agus mar fhaighteoirí de bhuiséad ginearálta an Aontais, a bheith trédhearcach agus cuntasach go daonlathach do shaoránaigh an Aontais agus faoi réir grinnscrúdú daonlathach ar chaiteachas cistí poiblí;

J.

de bhrí go ndeimhnítear le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí;

K.

de bhrí gur tugadh le fios leis an moladh ón Ombudsman Eorpach (‘an tOmbudsman’) i bhfiosrúchán straitéiseach IO/2/2017/TE maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle gur dhrochriarachán a bhí i gcleachtais na Comhairle maidir le trédhearcacht an phróisis reachtaigh agus gur cheart aghaidh a thabhairt orthu chun cur ar chumas na saoránach próiseas reachtach an Aontais a leanúint;

1.

ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad na Comhairle faoi cheannteideal 7 CAI, ‘riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 10,7 billiún san iomlán in 2021; ag tabhairt dá haire gurb ionann buiséad na Comhairle agus thart ar 5,6 % den bhuiséad riaracháin iomlán i gceannteideal 7 CAI;

2.

ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021, a sampla d’idirbhearta faoi Riarachán ó 48 in 2020 go 60 in 2021;

3.

ag tabhairt dá haire go luann an Chúirt go léirítear leis an obair a rinneadh in imeacht roinnt mhaith blianta gur le caiteachas foriomlán ar riosca íseal a bhaineann ceannteideal 7 CAI;

4.

ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di gur thug an Chúirt dá haire ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021, nár shainaithin sí aon saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an gComhairle;

Staid na himeartha maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh

5.

á chur in iúl gur oth léi go mór, don bhliain airgeadais 2020, go raibh ar an bParlaimint diultú d’urscaoileadh don Chomhairle arís eile toisc go ndiúltaíonn an Chomhairle comhoibriú leis an bParlaimint maidir le nós imeachta urscaoilte atá críochnúil, ordúil agus eolasach a áirithiú;

6.

ag cur béim ar shainchumas na Parlaiminte urscaoileadh a dheonú de bhun Airteagal 319 CFAE chomh maith leis na forálacha is infheidhme den Rialachán Airgeadais agus de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte i gcomhréir leis an léirmhíniú agus leis an gcleachtas atá ann faoi láthair, eadhon, an chumhacht chun urscaoileadh a dheonú chun trédhearcacht a chothabháil agus chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú i leith cháiníocóirí an Aontais;

7.

á chur i bhfios go láidir go luaitear in Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, go measann sé go bhfuil sé dothuigthe go gcreideann an Chomhairle gurb iomchuí urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún chun buiséad na Comhairle a chur chun feidhme;

8.

ag cur béim ar an gcleachtas seanbhunaithe agus urramaithe atá á leanúint ag an bParlaimint le nach mór fiche bliain a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais; á mheabhrú gur dhearbhaigh an Coimisiún nach raibh sé in ann maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséid institiúidí eile AE; á chur i bhfáth gur athdhearbhaigh an Coimisiún gur cheart go leanfadh an Pharlaimint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid de chuid an Aontais i ndáil lena gcaiteachas riaracháin;

9.

á chur i bhfáth go bhfuil sé dodhéanta don Pharlaimint a dualgais a chomhlíonadh i gceart agus cinneadh feasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú le cúrsaí mar atá, nuair nach féidir léi ach tuarascálacha na Cúirte agus an Ombudsman a sheiceáil, chomh maith leis an bhfaisnéis ar shuíomh gréasáin na Comhairle, ach nach bhfaigheann sí freagraí i scríbhinn nó ó bhéal ón gComhairle le linn an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh, i.e. go ndiúltaíonn an Chomhairle comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh;

10.

á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil sé léirithe ag an gComhairle le breis agus deich mbliana nach bhfuil aon toilteanas polaitiúil aici comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta urscaoilte bhliantúil; á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar diúltach buan ag an dearcadh sin ar an dá institiúid trí íomhá an Aontais ina iomláine a chur i mbaol, rud a chuir míchlú ar bhainistiú agus ar ghrinnscrúdú daonlathach bhuiséad an Aontais agus ar mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach; á chur in iúl gur oth léi go mór an diúltú leanúnach ón gComhairle páirt a ghlacadh i gcomhar dílis faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh;

11.

á chur i bhfáth, cé gur gá feabhas a chur ar an staid reatha trí chomhar idirinstitiúideach níos fearr faoi chuimsiú na gConarthaí, go bhféadfadh athbhreithniú ar na Conarthaí an nós imeachta um urscaoileadh a dhéanamh níos soiléire agus níos trédhearcaí trí inniúlacht shainráite a thabhairt don Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais ar bhonn aonair;

12.

á mheabhrú go dtacaíonn cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí; á éileamh, dá bhrí sin, go dtabharfaí lánurraim do shaincheart na Parlaiminte agus dá ról mar ráthóir ar phrionsabal na cuntasachta daonlathaí; á iarraidh ar an gComhairle obair leantach chuí a dhéanamh ar na moltaí a ghlac an Pharlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh;

13.

á iarraidh ar an gComhairle tús a chur arís le caibidlíocht leis an bParlaimint a luaithe is féidir chun teacht ar réiteach i gcreat reatha an nós imeachta um urscaoileadh más spéis leis an gComhairle a léiriú do shaoránaigh an Aontais go bhfuil sí dáiríre faoin rialú agus trédhearcacht bhuiséadach a dhéanamh go cuí agus san am céanna róil na Parlaiminte agus na Comhairle faoi seach sa nós imeachta um urscaoileadh á urramú;

14.

ag tabhairt dá haire, in ainneoin nach bhfuil an Chomhairle toilteanach comhoibriú ar an nós imeachta um urscaoileadh, go leagann an Pharlaimint béim mar sin féin ar roinnt tosaíochtaí polaitiúla agus go leagann sí amach roinnt barúlacha maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais na Comhairle agus barúlacha eile atá ábhartha don nós imeachta um urscaoileadh sa tuarascáil seo;

15.

ag tabhairt dá haire, agus an tuarascáil sin á cur i gcrích aici, go raibh ar an bParlaimint oibriú le faisnéis a chuir an Chomhairle ar fáil trína suíomh gréasáin ós rud é gur roghnaigh an Chomhairle, mar a bhí amhlaidh sna blianta roimhe sin, gan freagra a thabhairt ar an gceistneoir a seoladh chuig Ardrúnaíocht na Comhairle agus a roghnaigh gan glacadh le cuireadh chun teacht agus ceisteanna ó ionadaithe ar shaoránaigh an Aontais a fhreagairt, ar ionadaithe iad a thoghtar go daonlathach, mar atá á dhéanamh ag gach institiúid eile mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh;

Tosaíochtaí polaitiúla

16.

á mheabhrú, de bhun Airteagal 286(2) CFAE, go ndeanann an Chomhairle comhaltaí na Cúirt a cheapadh tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint; á chur in iúl gurb oth léi gur mhainnigh an Chomhairle arís agus arís eile moltaí na Parlaiminte a chur san áireamh i ról comhairleach na Parlaiminte maidir le comhaltaí na Cúirte a cheapadh, ach leanann sí ag ceapadh chomhaltaí na Cúirte, ar comhaltaí iad ar dhiúltaigh an Pharlaimint dóibh;

17.

á chur in iúl gur oth léi ar bhonn ginearálta go gcuireann an Chomhairle a sainchumas i bhfeidhm sna nósanna imeachta ainmniúcháin agus ceapacháin do go leor institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais gan tuairimí na bpáirtithe leasmhara nó moltaí na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a chur san áireamh; á áitiú gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar shaincheart na Comhairle d’fhonn rannpháirtíocht na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí lena mbaineann a ráthú agus a neartú agus dlisteanacht na ndaoine a cheaptar a mhéadú;

18.

á chur i bhfios go bhfuil neamhchothromaíocht thromchúiseach inscne sa Chúirt agus nach raibh ach 8 gcomhalta ar mná iad ann i gcomparáid le 18 gcomhalta fireanna ag deireadh 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil deacrachtaí ann a bhaineann le cothromaíocht inscne a bhaint amach sa Chúirt mar gheall ar an nós imeachta ainmniúcháin atá ann faoi láthair; á iarraidh an athuair ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an nós imeachta ainmniúcháin agus é mar aidhm aici dul i ngleic leis an bhfadhb sin trí ghníomhaíochtaí nithiúla, amhail é a dhéanamh éigeantach do na Ballstáit beirt iarrthóirí ar a laghad a bhfuil inscne éagsúil acu a chur i láthair;

19.

á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil neamhaird tugtha ag an gComhairle go dtí seo ar rún ón bParlaimint an 17 Nollaig 2020 maidir leis an ngá atá le cumraíocht thiomnaithe de chuid na Comhairle i ndáil le comhionannas inscne (1) agus á áitiú, dá mbeadh fóram institiúideach tiomnaithe ann, go ndéanfaí comhionannas inscne a chomhtháthú ar bhealach níos láidre i mbeartais agus i straitéisí an Aontais agus go n-áiritheofaí comhordú agus dul chun cinn riachtanach sna príomhchomhaid a bhaineann le comhionannas inscne;

20.

ag meabhrú mholtaí an Ombudsman maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle i bhfiosrúchán straitéiseach OI/2/2017/TE agus ag tacú leo; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil an próiseas cinnteoireachta sa Chomhairle fós i bhfad ó bheith go hiomlán trédhearcach, rud a dhéanann difear do mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach agus a chuireann, dá réir sin, clú an Aontais ina iomláine i mbaol; ag tathant ar an gComhairle gach beart is gá a dhéanamh chun moltaí an Ombudsman agus rialuithe ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme gan moill mhíchuí; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, go bhfuil tábhacht ag baint leis an mbreithiúnas a thug an Chúirt Ghinearálta le déanaí i gCás T-163/21 De Capitani v an Chomhairle (2) maidir le trédhearcacht i bpróiseas reachtach an Aontais, ina luaitear nach doiciméid de chineál teicniúil iad na doiciméid a tháirgeann an Chomhairle ina meithleacha ach doiciméid reachtacha agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad faoi réir iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid; á thabhairt chun suntais go soiléiríonn an Chúirt gur cheart don Chomhairle, agus rochtain ar dhoiciméid den sórt sin á diúltú aici, mínithe nithiúla beachta a chur ar fáil, agus go ndiúltaíonn sí go hiomlán do thagairtí ón gComhairle do rioscaí doiléire mar chúis leordhóthanach; ag tacú go láidir le tuairim na Cúirte nach mbainfeadh rochtain ar dhoiciméid reachtacha an bonn ar bhealach ar bith den phróiseas cinnteoireachta, in ainneoin na n-éileamh sin ón gComhairle, agus nach bhfreagródh sé ach d’oibleagáid chuntasacht phoiblí na gcomhreachtóirí agus na mBallstát, atá cumhdaithe in aon chóras atá bunaithe ar dhlisteanacht dhaonlathach;

21.

á chreidiúint go bhfuil bac á chur ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais mar thoradh ar úsáid a bheith á baint as vótáil d’aon toil sa Chomhairle maidir le réimsí beartais áirithe agus go bhféadfadh na Ballstáit dúmhál a dhéanamh air chun críoch polaitiúil intíre, go háirithe iad siúd nach n-urramaíonn an smacht reachta; á iarraidh ar an gComhairle na nósanna imeachta vótála trí thromlach cáilithe a chur i bhfeidhm nuair a dhéanann na Conarthaí foráil ina leith agus breithniú a dhéanamh ar an athbhreithniú ar na Conarthaí i leith na nósanna imeachta vótála; á chreidiúint gur céim ríthábhachtach i dtreo ceapadh beartais níos éifeachtúla é an t-aistriú ginearálaithe chuig nós imeachta vótála trí thromlach cáilithe sa Chomhairle;

22.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an ról méadaitheach atá ag an gComhairle Eorpach i gcomhaid reachtacha in ainneoin nach bhfuil feidhm reachtach ná feidhm feidhmiúcháin aici agus nach gcuireann sí na caighdeáin trédhearcachta chéanna i bhfeidhm agus atá ag an gComhairle, rud a chiallaíonn nach bhfuil sí á tabhairt chun cuntais;

23.

á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil rannpháirtíocht Bhuanionadaithe na mBallstát sa Chlár Trédhearcachta go hiomlán deonach agus á áitiú gur cheart do na Buanionadaíochtaí uile páirt ghníomhach a ghlacadh sa Chlár Trédhearcachta roimh Uachtaránacht a mBallstáit ar an gComhairle, lena linn agus ina dhiaidh sin; á chreidiúint gur cheart na rialacha eitice atá ann cheana maidir le coinbhleachtaí leasa, doirse imrothlacha agus trédhearcacht brústocaireachta a neartú agus a chomhchuibhiú; ag moladh don Chomhairle leas iomlán a bhaint as an gClár Trédhearcachta thar na teorainneacha atá aici faoi láthair agus á iarraidh ar an gComhairle diúltú bualadh le brústocairí neamhchláraithe;

24.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an seasamh sin ag an gComhairle maidir leis an gClár Trédhearcachta, lena ndiúltaítear d’aon neartú ar na bearta a mheas agus lena ndiúltaítear d’aon mholadh maidir le feabhsúchán;

25.

á athdhearbhú go bhfuil imní mhór uirthi maidir le coinbhleachtaí leasa deimhnithe ionadaithe de chuid na mBallstát atá rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta bheartais agus bhuiséid; á chreidiúint nár cheart ligean d’ionadaithe de chuid na mBallstát a bhaineann tairbhe dhíreach as fóirdheontais an Aontais trí na gnólachtaí ar leo féin iad páirt a ghlacadh i bpléití nó vótálacha beartais nó buiséadacha a bhaineann leis na fóirdheontais sin;

26.

á iarraidh an athuair ar uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle diúltú d’aon urraíocht chorparáideach rannchuidiú lena speansais a chumhdach; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir na hacmhainní airgeadais ó bhuiséid náisiúnta i measc na mBallstát agus gur cheart go mbeadh deis chomhionann ag gach Ballstát, gan beann ar a mhéid ná an buiséad a bhfuil fáil aige air, Uachtaránacht rathúil ar an gComhairle a eagrú, ach á chreidiúint go ndéanann glacadh le hurraíocht chorparáideach damáiste do chlú toisc go bhféadfadh sé coinbhleachtaí leasa a chruthú; á iarraidh an athuair ar an gComhairle forálacha buiséadacha a dhéanamh maidir le hUachtaránachtaí na Comhairle chun caighdeáin leormhaithe agus aonfhoirmeacha éifeachtúlachta agus éifeachtachta na hoibre sa Chomhairle a áirithiú go ginearálta; á chur in iúl gur cúis díomá di gur eisigh an Chomhairle an treoir neamhcheangailteach maidir le hurraíochtaí corparáideacha agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart í a athbhreithniú;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

27.

ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 594 386 954 le haghaidh 2021 an buiséad don Chomhairle, arb ionann é agus méadú imeallach 0,6 % i gcomparáid le 2020, atá níos ísle ná an méadú ó 2019 go 2020 (1,5 %);

28.

á athdhearbhú gur oth léi nár roinneadh buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle ina dhá bhuiséad atá deighilte go soiléir mar a mhol an Pharlaimint i rúin urscaoilte roimhe seo chun trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, go háirithe maidir leis an gComhairle Eorpach i gcás nach féidir faisnéis iontaofa a fháil faoina costais sin faoi láthair;

29.

ag tabhairt dá haire go bhfoilsíonn Ardrúnaíocht na Comhairle sraith tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ó chodanna éagsúla den Ardrúnaíocht ach go bhfuil sé deacair forléargas cuimsitheach a fháil ar ghníomhaíochtaí Ardrúnaíocht na Comhairle ós rud é nach bhfuil aon tuarascáil amháin ann lena ndéantar achoimre agus cur i láthair ar fhorléargas comhleanúnach ar ghníomhaíochtaí na Comhairle;

30.

ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go bhfuil dearbhuithe urrúis ó oifigigh údarúcháin trí tharmligean na Comhairle (AODanna) sna tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta, ina luaitear gur úsáideadh acmhainní chun na críche a beartaíodh dóibh agus i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus go dtugtar leis na nósanna imeachta rialaithe a cuireadh i bhfeidhm na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart;

31.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Chomhairle 43 aistriú buiséid in 2021, gach ceann ar bhonn Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais agus a raibh baint ag dhá cheann acu leis an údarás buiséadach a chur ar an eolas;

Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach

32.

á chur in iúl gur geal léi go raibh Ardrúnaíocht na Comhairle in ann a áirithiú go bhféadfaí leanúint den chinnteoireacht sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle in ainneoin na staide eisceachtúla leanúnaí arb í paindéim COVID-19 is cúis léi;

33.

ag tabhairt dá haire gur eagraigh an Chomhairle 4 581 chruinniú san iomlán in 2021, arb ionann é agus méadú suntasach 30 % i gcomparáid le 2020 inar eagraíodh 3 520 cruinniú; ag tabhairt dá haire go dtagann an chuid is mó den mhéadú ó líon suntasach níos airde de chruinnithe na meithle, a mhéadaigh le 48 % ó 2 790 go 4 135;

34.

ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go gcuireann an Chomhairle achoimre ar fáil don údarás um urscaoileadh ar líon agus ar chineálacha na n-iniúchtaí inmheánacha a rinneadh in Ardrúnaíocht na Comhairle, sintéis ar na moltaí a rinneadh agus ar an ngníomhaíocht a rinneadh i leith na moltaí sin; ag tabhairt dá haire go ndearnadh ocht n-iniúchadh inmheánacha in 2021;

35.

ag tabhairt dá haire go gcumhdaíonn na hiniúchtaí inmheánacha pleanáil agus tuairisciú bliantúil na n-oifigeach údarúcháin trí tharmligean (AODanna); ag tabhairt dá haire go n-áirítear sna príomh-mholtaí ó na hiniúchtaí inmheánacha gur cheart do stiúrthóireacht airgeadais na Comhairle treoir a thabhairt do na AODanna maidir leis an measúnú ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht a gcórais rialaithe inmheánaigh a dhoiciméadú chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán Airteagal 74(9) den Rialachán Airgeadais; á chur in iúl gur geal léi nár cuireadh iallach, leis an iniúchadh ar dheasc chabhrach airgeadais na Comhairle, ar iniúchóir inmheánach na Comhairle aon mholadh a eisiúint a mbeadh ardtosaíocht ag baint leis;

36.

ag tabhairt dá haire go léirítear san iniúchadh inmheánach ar chosaint sonraí, ar an iomlán, go dtugann an córas rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm dearbhuithe réasúnacha maidir leis na próisis atá ceaptha chun ligean do sheirbhísí Ardrúnaíocht na Comhairle sonraí a phróiseáil leis an ardleibhéal cosanta is gá; ag tabhairt dá haire, áfach, gur eisigh iniúchóir inmheánach na Comhairle moltaí lena ndírítear ar róil agus freagrachtaí a shoiléiriú, ar ról na ndaoine teagmhála maidir le cosaint sonraí a fheabhsú agus ar chinntí breise cur chun feidhme a ghlacadh maidir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (‘EUDPR’) a chur chun feidhme in Ardrúnaíocht na Comhairle; ag réiteach riaráiste na bhfógraí a rinneadh faoin seanrialachán, ar gá na fógraí sin a chlaochlú ina dtaifid faoi EUDPR, ina gcuirtear in iúl go soiléir na cineálacha gníomhaíochtaí a dteastaíonn taifead cosanta sonraí ina leith agus lena mbunaítear plean chun riaráiste na bhfógraí leagáide atá ann cheana a ionsú; agus an beartas néalríomhaireachta a athbhreithniú;

37.

ag tabhairt dá haire gur lig an t-iniúchadh ar earcaíocht d’iniúchóir inmheánach na Comhairle moltaí a eisiúint d’Ardrúnaíocht na Comhairle maidir le táscaire/táscairí a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú phríomhchuspóir an bheartais earcaíochta a chuirfidh ‘an fhoireann is fearr ar fáil d’Ardrúnaíocht na Comhairle chun a riachtanais a chomhlíonadh’; á chur in iúl gur díol sásaimh di nár cuireadh iallach ar an iniúchóir inmheánach aon mholadh a bhfuil ardtosaíocht ag baint leis a eisiúint leis an iniúchadh ar an ngnáthnós imeachta reachtach;

38.

ag tabhairt dá haire gur lig an t-iniúchadh ar an tslándáil oibríochtúil d’iniúchóir inmheánach na Comhairle teacht ar an gconclúid, ar an iomlán, go dtugann an córas rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm dearbhuithe réasúnta maidir leis na cuspóirí arna mbunú don tslándáil oibríochtúil a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, áfach, gur eisigh an t-iniúchóir inmheánach moltaí maidir le doiciméadacht maidir le hobair leantach ar rialuithe cáilíochta agus tástálacha treáite, feabhas a chur ar an tslándáil fhisiciúil, treoracha a thabhairt cothrom le dáta don fhoireann slándála agus measúnú riosca nua a dhéanamh ar an líonra slándála TF;

39.

ag tabhairt dá haire, leis an iniúchadh ar líonra uathoibrithe oifige Ardrúnaíocht na Comhairle, gur eisigh iniúchóir inmheánach na Comhairle moltaí maidir le soiléiriú sainorduithe, leithdháileadh gníomhaíochtaí measúnaithe leochaileachta ar fheistí líonraí agus aistriú córas íogair chuig suíomhanna líonra atá níos cosanta;

40.

ag tabhairt dá haire go raibh an t-iniúchadh ar an líonra a thacaíonn le córais bainistithe foirgneamh Ardrúnaíocht na Comhairle ina spreagadh d’iniúchóir inmheánach na Comhairle moltaí a eisiúint d’fhonn straitéis a shainiú maidir le todhchaí na gcóras bainistithe foirgneamh agus maidir le leibhéal rannpháirtíochta na seirbhísí digiteacha i ngníomhaíochtaí oibríochtúla gaolmhara; ag teacht ar chomhaontú maidir le tacar íosta ceanglas slándála faisnéise a bheidh le háireamh i gconarthaí le tríú páirtithe chun an riosca a eascraíonn as rochtain soláthraithe seachtracha ar chórais Ardrúnaíocht na Comhairle a bhainistiú; agus ag déanamh measúnú ar aistriú córas TF bainistithe foirgneamh chuig lárionaid sonraí na seirbhísí digiteacha chun bagairtí fisiciúla agus comhshaoil ar shaoráidí próiseála faisnéise reatha a mhaolú;

41.

ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go bhfuil sciar coibhneasta na ríomhshonraisc ag méadú go leanúnach ó 1 % in 2014 go 74 % in 2020 agus 89 % in 2021 mar chuid de dhigitiú Ardrúnaíocht na Comhairle;

Acmhainní daonna, comhionannas agus folláine na foirne

42.

ag tabhairt dá haire gur socraíodh líon na bpost i bplean bunaíochta na Comhairle in 2021 ag 3 029; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, go bhfoilsíonn an Chomhairle sonraí an-teoranta maidir le comhdhéanamh a foirne; ag tabhairt dá haire, de réir na faisnéise a cuireadh ar fáil ar a suíomh gréasáin, an 16 Eanáir 2022, go raibh 3 119 gcomhalta foirne fostaithe ag Ardrúnaíocht na Comhairle agus ba mhná iad 1 791 (57 %) agus ba fhir iad 1 328 (43 %) díobh; ag tabhairt dá haire go ndearnadh 50 ball foirne a chatagóiriú mar bhainistíocht shinsearach agus ba mhná iad 19 (38 %) agus ba fhir iad 31 (62 %) díobh; ag tabhairt dá haire go ndearnadh 82 ball foirne a chatagóiriú mar bhainistíocht shinsearach agus ba mhná iad 36 (44 %) agus ba fhir iad 46 (56 %) díobh; ag tabhairt dá haire go ndearnadh 1 459 ball foirne a chatagóiriú mar bhainistíocht shinsearach agus ba mhná iad 806 (55 %) agus ba fhir iad 653 (45 %) díobh; ag tabhairt dá haire go ndearnadh 1 412 bhall foirne a chatagóiriú mar bhainistíocht shinsearach agus ba mhná iad 889 (63 %) agus ba fhir iad 523 (37 %) díobh;

43.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil éagothroime inscne i bpoist ardbhainistíochta in Ardrúnaíocht na Comhairle; á iarraidh ar an gComhairle go ndéanfaí bearta nithiúla a ghlacadh láithreach chun cothromaíocht inscne a bhaint amach ar gach leibhéal den ordlathas;

44.

á chur in iúl gurb oth léi an easpa faisnéise maidir le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta inscne na Comhairle agus maidir leis na bearta a rinneadh chun comhdheiseanna a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas atá fostaithe ag an gComhairle; á iarraidh ar an gComhairle faisnéis a chur ar fáil don údarás buiséadach maidir le cothromaíocht inscne, dáileadh geografach agus míchumais a ball foirne agus maidir leis na beartais inmheánacha lena mbaineann; ag tabhairt dá haire go bhfuil ionadaíocht ag gach ceann de na 27 mBallstát ar an bhfoireann ach go bhfuil an chothromaíocht gheografach fós fo-optamach (agus roinnt Ballstát faoi ró-ionadaíocht);

Creat eitice agus trédhearcacht

45.

á chur in iúl gurb oth léi, in ainneoin roinnt iarrataí ón bParlaimint, nár tugadh an cód iompair d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí i gcomhréir le cód iompair na Parlaiminte agus an Choimisiúin, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí a bheidh le formheas tar éis d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí an post a fhágáil;

46.

á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuair sí faisnéis faoin gcód iompair is infheidhme maidir le gach ball foirne na Comhairle; á athdhearbhú go rannchuidíonn iompar eiticiúil le bainistíocht fhónta airgeadais agus go méadaíonn sé muinín an phobail agus, mar a chuir an Chúirt i bhfios go láidir ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019, go bhfuil deis ann feabhas a chur ar chreataí eiticiúla institiúidí an Aontais, rud atá ríthábhachtach toisc go dtarraingíonn aon iompar mí-eiticiúil ón bhfoireann agus ó na ardleibhéil speise i measc an phobail agus go laghdaíonn sé muinín san Aontas;

47.

á mheabhrú gur eisigh an Chúirt moladh i dTuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019 thuasluaite maidir le creat eitice na Comhairle a fheabhsú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil comhchreat eitice an Aontais ann lena rialaítear obair ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle mar a shainaithin an Chúirt;

48.

ag tabhairt dá haire go bhfoilsíonn Ardrúnaíocht na Comhairle tuarascáil bhliantúil ina bhfuil faisnéis maidir le gníomhaíochtaí gairme iaroifigigh shinsearacha Ardrúnaíocht na Comhairle tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil (Airteagal 16, an tríú mír agus an ceathrú mír, de na Rialacháin Foirne); ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála ó 2022, gur dhearbhaigh beirt oifigeach sinsearach go raibh sé ar intinn acu dul i mbun gníomhaíochtaí gairme le seacht n-iarraidh san iomlán; ag tabhairt dá haire nach bhfuarthas go dtagann aon cheann de na hiarrataí faoi raon feidhme Airteagal 16;

Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí

49.

ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 47 116 000 buiséad na Comhairle do chórais ríomhaireachta agus teileachumarsáid in 2021, arb ionann é agus méadú 5,9 % i gcomparáid le 2020;

50.

á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú 107 % ar líon na gcruinnithe físchomhdhála agus na gcruinnithe hibrideacha ó 1 380 in 2020 go 2 859 in 2021

51.

á iarraidh ar an gComhairle féachaint ar bhealaí chun teicneolaíochtaí foinse oscailte a úsáid chomh forleathan agus is féidir agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le córais den sórt sin a úsáid;

Foirgnimh

52.

ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 57 151 000 buiséad na Comhairle do chórais ríomhaireachta agus teileachumarsáid in 2021, arb ionann é agus méadú 0,9 % i gcomparáid le 2020;

53.

ag tabhairt dá haire go ndearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil a mbeartas tógála cobhsaí agus gur cuireadh i gcrích an aidhm a bhí acu ó 2004 freastal ar a gníomhaíochtaí uile agus ar ghníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil i bhfoirgnimh ar léi iad, nuair a tógadh Foirgneamh Europa in 2016;

Comhshaol agus inbhuanaitheacht

54.

ag tabhairt dá haire go bhfuil sé deacair faisnéis nuashonraithe a fháil faoi aon tionscnaimh ón gComhairle maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an inbhuanaitheacht; á mholadh don Chomhairle tuairisciú córasach a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil agus inbhuanaitheachta dá cuid oibre mar chuid dá tuairisciú bliantúil;

55.

á iarraidh ar an gComhairle córais a bhunú, mura bhfuil siad bunaithe cheana féin, chun baill foirne a spreagadh chun úsáid a bhaint as iompar poiblí nó as iompar eile ar astaíochtaí ísle amhail rothair, chun lorg carbóin na Comhairle a laghdú;

56.

ag tabhairt dá haire go luaitear sa ráiteas airgeadais ón gComhairle go raibh 2 589,2 Deimhniú Fuinnimh Ghlais ag an gComhairle ag deireadh 2021, bunaithe ar an bhfuinneamh a tháirgeann painéil ghréine atá suite ar dhíon fhoirgnimh na Comhairle; á iarraidh ar an gComhairle tuairisc a thabhairt ar dhíol na ndeimhnithe sin ar an margadh oscailte agus ar úsáid bheartaithe an ioncaim a ghintear;

Comhar idirinstitiúideach

57.

á iarraidh ar an gComhairle obair leantach a dhéanamh ar rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí (4);

58.

á iarraidh ar an gComhairle na hoibleagáidí a leagtar amach i gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (5);

Cumarsáid

59.

ag tabhairt dá haire gur bhliain nach bhfacthas riamh a bhí in 2021 agus go raibh níos mó ná 20 milliún cuairt ar shuíomh gréasáin na Comhairle, arb ionann é agus méadú 23 % i gcomparáid le 2020, agus gur tháinig méadú 3 % ar líon na leantóirí ar Facebook, de bhrí gur tháinig méadú 11 % agus 29 % ar líon na leantóirí ar Twitter agus Instagram faoi seach;

60.

á mholadh don Chomhairle dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí d’fhonn úsáid a bhaint as an dá ardán meán sóisialta foinse oscailte, EU-Voice agus EU-Video, a seoladh mar threoirthionscadal poiblí chun úsáid líonraí sóisialta foinse oscailte saor in aisce a chur chun cinn; á mholadh don Chomhairle roghanna malartacha ar líonraí sóisialta díláraithe a úsáid ar ardáin ar líne atá an-mhór, amhail Mastodon.

(1)   IO C 445, 29.10.2021, lch. 150.

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 25 Eanáir 2023, De Capitani v an Chomhairle, T-163/21, ECLI:EU:T:2023:15.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(4)   IO C 493, 27.12.2022, lch. 130

(5)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/45


CINNEADH (AE, Euratom) 2023/1817 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0227/2022) (2),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2022) 331), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2021 ón gCoimisiún ar Bhainistiú agus ar Fheidhmíocht i ndáil le Buiséad an Aontais (COM(2022) 401),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021 (COM(2022) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2022) 160),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí (3), don tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais – an stádas ag deireadh 2021, mar aon le freagraí na n-institiúidí (4), agus do na tuarascálacha speisialta ón gCúirt Iniúchóirí,

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06247/2023 – C9-0063/2023),

ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh don Choimisiún i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig institiúidí iniúchóireachta náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad.

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6

(4)   IO C 429, 11.11.2022, lch. 8.

(5)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/47


CINNEADH (AE, Euratom) 2023/1818 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia (Chafea) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0227/2022) (2),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia don bhliain airgeadais 2021 (3),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2022)0331), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021 (COM(2022) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2022) 160),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na ngníomhaireachtaí (4),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06250/2023 – C9-0055/2023),

ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe an chéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 66 de,

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/770/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/858/CE (9),

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/927/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/770/AE d’fhonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus Thomhaltóirí a thiontú go dtí an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia (10),

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (11),

ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Eatramhach na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus an rún atá ina chuid dhílis de na cinntí sin, a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir Eatramhach na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad.

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 478, 16.12.2022, lch. 21.

(4)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(5)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(7)   IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.

(8)   IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.

(9)   IO L 341, 18.12.2013, lch. 69.

(10)   IO L 363, 18.12.2014, lch. 183.

(11)   IO L 50, 15.2.2021, lch. 9.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/49


CINNEADH (AE, Euratom) 2023/1819 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol – CINEA (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Nuálaíocht agus Gréasáin roimh an 1 Aibreán 2021) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0227/2022) (2),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol don bhliain airgeadais 2021 (3),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2022) 331), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021 (COM(2022) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2022) 160),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06250/2023 – C9-0055/2023),

ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe an chéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 66 de,

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/801/AE ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2013 lena mbunaítear Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/60/CE arna leasú le Cinneadh 2008/593/CE (9),

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (10),

ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir na Gníomhaireachta Eorpaí um Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus an rún ar cuid dhílis de na cinntí sin é, a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir na Gníomhaireachta Eorpaí Feidhmiúcháin um Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad.

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 427, 09.11.2022, lch. 10.

(4)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(5)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(7)   IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.

(8)   IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.

(9)   IO L 352, 24.12.2013, lch. 65.

(10)   IO L 50, 15.2.2021, lch. 9.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/51


CINNEADH (AE, Euratom) 2023/1820 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr – EACEA (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir roimh am 1 Aibreán 2021) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022)0323 – C9-0227/2022) (2),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr don bhliain airgeadais 2021 (3),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2022) 331), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021 (COM(2022) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2022) 160),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06250/2023 – C9-0055/2023),

ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe an chéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 66 de,

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/776/AE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/336/CE (9),

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (10),

ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir na Gníomhaireachta Eorpaí um Oideachas agus Cultúr i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus an rún atá ina chuid dhílis de na cinntí sin, a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad.

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 427, 9.11.2022, lch. 11.

(4)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(5)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(7)   IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.

(8)   IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.

(9)   IO L 343, 19.12.2013, lch. 46.

(10)   IO L 50, 15.2.2021, lch. 9.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/53


CINNEADH (AE) 2023/1821 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide – Eisma (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide roimh an 1 Aibreán 2021) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022)323 – C9-0227/2022) (2),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide don bhliain airgeadais 2021 (3),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2022)331), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021 (COM(2022)292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2022)160),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06250/2023 – C9-0055/2023),

ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe an chéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 66 de,

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/771/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/20/CE agus Cinneadh 2007/372/CE (9),

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (10),

ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin FBManna a thabhairt do Stiúrthóir na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus an rún atá ina chuid dhílis de na cinntí sin, a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad.

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 427, 09.11.2022, lch. 23.

(4)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(5)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(7)   IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.

(8)   IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.

(9)   IO L 341, 18.12.2013, lch. 73.

(10)   IO L 50, 15.2.2021, lch. 9.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/55


CINNEADH (AE, Euratom) 2023/1822 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERCEA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022)323 – C9-0227/2022) (2),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde don bhliain airgeadais 2021 (3),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2022)331), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021 (COM(2022)292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2022)160),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06250/2023 – C9-0055/2023),

ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe an chéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 66 de,

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/779/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/37/CE (9),

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (10),

ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus an rún atá ina chuid dhílis de na cinntí sin, a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir Gníomhach Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad.

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 427, 9.11.2022, lch. 32.

(4)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(5)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(7)   IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.

(8)   IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.

(9)   IO L 346, 20.12.2013, lch. 58.

(10)   IO L 50, 15.2.2021, lch. 9.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/57


CINNEADH (AE, Euratom) 2023/1823 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an tSláinte agus an Digitiú (HADEA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0227/2022) (2),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an tSláinte agus an Digitiú don bhliain airgeadais 2021 (3),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2022) 331), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021 (COM(2022) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2022) 160),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06250/2023 – C9-0055/2023),

ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe an chéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 66 de,

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (9),

ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir na Gníomhaireachta Eorpaí um an tSláinte agus an Digitiú i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus an rún atá ina chuid dhílis de na cinntí sin, a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an tSláinte agus an Digitiú, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad.

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 427, 9.11.2022, lch. 47.

(4)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(5)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(7)   IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.

(8)   IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.

(9)   IO L 50, 15.2.2021, lch. 9.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/59


CINNEADH (AE, Euratom) 2023/1824 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Thaighde – REA (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde roimh an 1 Aibreán 2021) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0227/2022) (2),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Thaighde don bhliain airgeadais 2021 (3),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2022) 331), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021 (COM(2022) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2022) 160),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06250/2023 – C9-0055/2023),

ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe an chéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 66 de,

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/778/AE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/46/CE (9),

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (10),

ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus an rún atá ina chuid dhílis de na cinntí sin, a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Thaighde, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad.

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 427, 9.11.2022, lch. 50.

(4)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(5)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(7)   IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.

(8)   IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.

(9)   IO L 346, 20.12.2013, lch. 54.

(10)   IO L 50, 15.2.2021, lch. 9.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/61


RÚN (AE) 2023/1825 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint dá chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún,

ag féachaint dá cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséid na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 99 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2023),

A.

de bhrí gur ionstraim shuntasach é buiséad an Aontais chun cuspóirí comhchoiteanna beartais a ghnóthú, agus gurb ionann ar an meán é agus 1,3 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais nó 2,4 % de chaiteachas ginearálta rialtais na mBallstát agus den chaiteachas poiblí iomlán san Aontas;

B.

de bhrí, nuair a dheonaíonn an Pharlaimint urscaoileadh don Choimisiún, go bhfíoraíonn sí agus go ndéanann sí meastóireacht ar cé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh cistí i gceart agus a baineadh nó nár baineadh spriocanna beartais amach tar éis iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, agus ar an gcaoi sin go ndeimhnítear rialtacht agus feidhmíocht chaiteachas an Choimisiúin ó thaobh luach airgid de;

Tosaíochtaí polaitiúla

1.

Ag meabhrú a tiomantais láidir do na bunphrionsabail agus luachanna a chumhdaítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-áirítear bainistíocht fhónta airgeadais mar a leagtar amach in Airteagal 317 agus an comhrac in aghaidh na calaoise agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint mar a leagtar amach in Airteagal 325;

2.

Á chur i bhfáth gur prionsabail bhunriachtanacha eitice iad an trédhearcacht, an chuntasacht agus an tsláine laistigh d’institiúidí an Aontais; á mheabhrú conclúidí agus moltaí na Cúirte Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina Tuarascáil Speisialta 13/2019 maidir le creataí eiticiúla institiúidí an Aontais, chomh maith le rún ón bParlaimint an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le trédhearcacht agus sláine in institiúidí an Aontais a neartú trí chomhlacht eitice neamhspleách de chuid an Aontais a chur ar bun a mbeidh, ar thaobh amháin, ról coisctheach aige trí ardú feasachta agus treoir eiticiúil, agus, ar an taobh eile, ról comhlíonta agus comhairleach leis an gcumas moltaí a eisiúint maidir le hábhair eiticiúla, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa;

3.

Ag cur béim ar ról OIPE, Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), Europol agus OLAF sa chomhrac i gcoinne an éillithe; á iarraidh go ndéanfaí acmhainneachtaí OIPE agus OLAF, chomh maith le comhar eatarthu, a neartú tuilleadh; á iarraidh go mbeadh rialacha comhchoiteanna frith-éillithe ann a mbeadh feidhm acu maidir le foireann uile chomhlachtaí an Aontais;

4.

Ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá buiséad an Aontais chun tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a bhaint amach, chomh maith leis an ról atá aige cuidiú leis na Ballstáit i gcásanna gan choinne amhail paindéim COVID-19 agus na hiarmhairtí a bhain leis sin; á chur i bhfáth go gcuidíonn cur chun feidhme fónta agus tráthúil an bhuiséid le haghaidh a thabhairt ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ar na riachtanais agus ar na dúshláin sna réimsí éagsúla beartais; ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh, agus an buiséad á chur chun feidhme faoi bhrú ama, go méadófaí earráidí agus mírialtachtaí;

5.

Á mheabhrú go bhfuil tábhacht ag baint le measúnú ex post, lena n-áirítear ar chláir airgeadais a chruthaítear chun freagairt do ghéarchéim; bheadh an mheastóireacht ar fheidhmíocht an chláir i ndáil le héifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach an Aontais i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr agus leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr;

6.

Á chur i bhfios go láidir a ábhartha atá sé don nós imeachta um urscaoileadh tuairisciú a dhéanamh ar fheidhmíocht chláir bhuiséad an Aontais; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil dlúthbhaint ag breisluach na n-acmhainní infheistithe leis na torthaí a bhaintear amach agus an méid a chuireann siad le feabhas a chur ar shaol laethúil shaoránaigh an Aontais agus ar an tionchar eacnamaíoch laistigh den Aontas;

7.

Á athdhearbhú gur cúis mhór imní di an chaoi a bhfuil staid an smachta reachta i roinnt Ballstát, ar cúis mhór imní ann féin é sin agus a fhágann go bhfuil caillteanais thromchúiseacha ar bhuiséad an Aontais; á chur i bhfios go láidir nár cheart cistí an Aontais a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí frithdhaonlathacha ná chun an t-údarásaíochas a neartú; á mheabhrú gur thug an tAontas sásra coinníollachta dlíthiúla isteach chun cistiú ó na Ballstáit lena ndéantar an smacht reachta a sheachaint agus á chur in iúl gur geal léi céad chur i bhfeidhm an tsásra sin i gcás na hUngáire, gur seoladh an nós imeachta sin i mí na Samhna 2021 agus gur tugadh i gcrích é i mí na Nollag 2022 le reo 55 % de thrí chlár beartais chomhtháthaithe (thart ar EUR 6,35 billiún); cé go mbeadh údar leis na fíorais 100 % a reo, ag tabhairt dá haire gur formheasadh Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta na hUngáire agus na Polainne; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil roinnt garspriocanna móra sa dá phlean, mar a thugtar orthu; á éileamh ar an gCoimisiún go ndéanfaí faireachán leanúnach ar an staid agus an cistiú a choinneáil siar chomh fada agus a chuireann sáruithe ar an smacht reachta bainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais i mbaol; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, go gcreideann sí go láidir nach mór do na Ballstáit an daonlathas agus an smacht reachta a urramú chun cistí ón Aontas a fháil agus ag tarraingt aird ar an gCoimisiún go bhfuil staid an smachta reachta ag dul in olcas freisin i mBallstáit eile; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, go ndéanfaí cur i bhfeidhm an tsásra coinníollachta a ghníomhachtú gan mhoill aon uair a shainaithnítear sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta mar sháruithe a dhéanann difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach atá díreach go leor nó a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo go ndéanfaí difear dóibh; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil gá le comhar láidir idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún agus na srianta agus na ceartúcháin institiúideacha á n-athneartú ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sí tar éis a iarraidh go tréan agus go minic ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid dhomhanda agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe don tuairisciú, don fhaireachán agus don iniúchadh agus trí chomhrialacha frithéillithe a dhéanamh agus tríd an gClár Trédhearcachta idirinstitiúideach (1) a dhéanamh éigeantach d’institiúidí uile an Aontais, fiú do ghníomhaireachtaí;

8.

Á mheabhrú go bhfuil an fhorbairt eacnamaíoch san Ungáir nasctha den chuid is mó le hinfheistíochtaí caipitil eachtraigh; á chur in iúl gur saoth léi, dá bhrí sin, reitric fhrith-ilnáisiúnta rialtas na hUngáire agus á chur in iúl gur saoth léi gur chuir institiúidiú an éillithe agus an córas doiléir soláthair phoiblí, ar cheart aghaidh a thabhairt air trí na hathchóirithe a iarradh i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an tsásra coinníollachta, ar chumas an rialtais a úinéireacht i réimsí an fhuinnimh, na baincéireachta, na teileachumarsáide agus na meán a mhéadú le blianta beaga anuas; á chur in iúl gur saoth léi séanadh roghnach claonta ar cheadanna agus forchur coinníollacha agus srianta treallacha atá dolúbtha agus é mar aidhm leo cuideachtaí eachtracha áirithe a lagú agus a bhánú go dtí go gcuirtear iallach orthu glacadh le táthcheangal naimhdeach go hiomlán nó go páirteach ag rialtas na hUngáire nó ag olagarcaí gar don rialtas ar phraghsanna atá go mór faoi bhun fhíorluach na cuideachta; ag cáineadh an Choimisiúin toisc nach ndearna sé a fhreagracht a chomhlíonadh maidir leis an margadh inmheánach agus iomaíocht chóir a chosaint trí gan idirghabháil a dhéanamh sna sáruithe leathana sin ar an smacht reachta agus ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh;

9.

Ag cur sonrú i dtorthaí na Cúirte maidir le buiséad an Aontais a chosaint agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di iad; ag tabhairt dá haire gur ann do Thuarascáil Speisialta 11/2022 ón gCúirt dar teideal ‘Buiséad an Aontais a chosaint’ inar shuigh an Chúirt, cé go bhfuil roinnt láidreachtaí ag córas eisiaimh an Choimisiúin, go gcuireann na heasnaimh ann teorainn lena éifeachtacht; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur mhair cur chun feidhme an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) níos faide ná mar a bhí beartaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbaineann éagsúlachtaí sa chur chuige an bonn ó éifeachtacht fhoriomlán an eisiaimh; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar leis an bParlaimint chun an Rialachán Airgeadais a athmhúnlú chun EDES a fheabhsú tuilleadh agus chun uirlis éifeachtúil agus éifeachtach a dhéanamh de;

10.

Á chur i bhfáth gur gá na réimsí ina n-úsáidtear an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) a mhéadú de bhreis ar an mbainistiú díreach agus á iarraidh ar an gCoimisiún é a úsáid le haghaidh chistí uile an Aontais, lena n-áirítear cistí atá faoi bhainistiú comhroinnte: ag tabhairt dá haire nach mór úsáid shistéamach a bhaint as EDES chun a áirithiú nach féidir le cuideachtaí ná le úinéirí tairbhiúla a ciontaíodh i ndáil le calaois, le héilliú nó le gníomhaíochtaí tromchúiseacha coiriúla eile tairbhe a bhaint as cistí an Aontais; á chur i bhfáth a ghátaraí atá sé na táscairí in Arachne a chomhchuibhiú le forais eisiaimh EDES chun a áirithiú go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha eisiata infheicthe in Arachne freisin; á iarraidh go mbeadh idir-inoibritheacht uasta ann idir Arachne, EDES agus uirlisí TF eile chun baint den ghá atá le hítimí faisnéise a chur isteach i gcórais TF éagsúla arís agus arís eile agus an t-ualach riaracháin a ghabhann leis sin a choinneáil chomh híseal agus is féidir; á chreidiúint nach bhfuil gá le córais rialaithe atá dírithe níos mó ach níos fearr, lena n-áirítear úsáid teicneolaíochtaí nua chun calaois, éilliú nó gníomhaíochtaí coiriúla eacnamaíocha tromchúiseacha eile nach féidir leo tairbhe a bhaint as cistí an Aontais a chomhrac;

11.

Á athdhearbhú go bhfuil géarghá le córas faisnéise agus faireacháin éigeantach comhtháite agus idir-inoibritheach aonair arna sholáthar ag an gCoimisiún lena bhféadfar sonraí a thaifeadadh agus a stóráil go leictreonach maidir le faighteoirí cistithe ón Aontas, lena n-áirítear a n-úinéirí tairbhiúla, agus lena bhféadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil chun críoch mianadóireachta sonraí agus scórála riosca; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach léargas soiléir agus trédhearcach a fháil ar dháileadh agus comhchruinniú féideartha na gcistí ón Aontas arna n-eisíoc, lena n-áirítear trí fheidhmiúlacht lenar féidir na cistí sin a chomhiomlánú; á chur i bhfios go láidir go laghdódh sé sin an t-ualach maorlathach atá ar na gníomhaithe airgeadais, ar rialaitheoirí agus iniúchóirí agus ar fhaighteoirí cistithe ón Aontas agus gur cheart go ndéanfadh sé éascaíocht ar mheasúnú rioscaí chun críoch roghnúcháin, dámhachtana, bainistíochta airgeadais, faireacháin, imscrúdúcháin, rialúcháin agus iniúchóireachta agus ba cheart go mbeadh sé ina rannchuidiú freisin chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa, cistiú dúbailte agus neamhrialtachtaí eile a chosc, a bhrath, a cheartú agus a mheasúnú go leantach ar bhonn éifeachtach; a gcaithfear dul i ngleic leo go dlúth ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, trí bhearta coisctheacha agus bearta díspreagthacha a bheidh idir éifeachtach agus éifeachtúil, lena n-áirítear smachtbhannaí soiléire; ag tabhairt dá haire go bhfuil an digitiú sin de dhíth láithreach agus fíor-riachtanach i bhfianaise chineál trasteorann na mí-úsáide cistí, na calaoise, na míleithreasuithe, na gcoinbhleachtaí leasa, an chistithe dhúbailte agus fadhbanna sistéamacha eile; á chur i bhfios go láidir gur cheart an uirlis aonair mianadóireachta sonraí sin a bheith inchuardaithe gan stró agus ar fáil do OLAF, do OIPE agus don Choimisiún, chun feabhas a chur ar chosaint bhuiséad an Aontais agus na hionstraime téarnaimh i gcoinne neamhrialtachtaí, calaoise agus coinbhleachtaí leasa;

12.

Á chur in iúl gur oth léi nach mbaineann na Ballstáit go léir úsáid as uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin chun tionscadail, tairbhithe agus conraitheoirí atá i mbaol calaoise, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RFF) a shainaithint; ag tabhairt dá haire go mbainfidh cúig cinn de na Ballstáit inár sampla iniúchóireachta (an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit agus an Iodáil), úsáid as uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin; á mheabhrú gur gné lárnach i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais é uirlis chomónta mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí a bheith ann agus, níos sonraí, is gné thábhachtach í chun calaois, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte a chosc agus chun trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú;

13.

Á chur in iúl gur mór aici úsáideacht shuíomh gréasáin Kohesio agus an Ardáin Sonraí Oscailte a chuir an Coimisiún ar bun mar uirlisí trédhearcachta agus cuntasachta don bheartas comhtháthaithe agus d’infheistíochtaí a bhaineann le bainistíocht chomhroinnte do chlárthréimhse 2014–2020 agus 2021–2027, lena dtugtar le chéile liostaí náisiúnta de thionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Aontas agus lena gcuirtear mapáil ar oibríochtaí (Kohesio) ar fáil agus lena soláthraítear sonraí cothrom le dáta maidir le cláir a glacadh, faireachán rialta ar airgeadas agus gealltanais agus íocaíochtaí an Aontais (Ardán Sonraí Oscailte); ag tabhairt dá haire na hoiriúnuithe leanúnacha a rinneadh chun clárthréimhse 2021–2027 a chumhdach go leordhóthanach, ach á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le comhordú agus le hidir-inoibritheacht le huirlis scórála riosca Arachne; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún idir-inoibritheacht éifeachtach a áirithiú idir na huirlisí éagsúla;

14.

Á athdhearbhú gur gá, chun cothromaíocht bhreise a bhaint amach idir na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú, agus rialuithe níos fear ar na réimsí is minice ina dtarlaíonn mírialtachtaí caiteachais, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt d’iarratasóirí, d’iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do na geallsealbhóirí ábhartha eile go léir;

15.

Á chur i bhfáth go mbaineann úsáid agus tábhacht mhéadaithe le táscairí feidhmíochta, lena n-áirítear táscairí a roghnú, spriocanna agus clocha míle a shainiú agus faireachán agus tuairisciú a dhéanamh i bhfianaise na samhlacha nua seachadta don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus don Chomhbheartas Talmhaíochta athchóirithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, obair an Choimisiúin feabhas breise a chur ar an bhfaireachán agus ar an tuairisciú a dhéantar ar fheidhmíocht bhuiséad an Aontais le táscairí níos cuíchóirithe agus cáilíochtúla, amhail táscairí maidir le caiteachas aeráidbhainteach, maidir le príomhshruthú inscne agus táscairí a bhaineann le bithéagsúlacht, mar a léirítear i ngníomhartha bunúsacha na gclár caiteachais 2021–2027 a glacadh; ag tabhairt dá haire nach ionann cineál na ngarspriocanna, na spriocanna agus na dtáscairí aschuir; ag tabhairt dá haire go ndéanann RRF idirdhealú breise idir infheistíochtaí agus athchóirithe; á iarraidh arís eile ar an gCoimisiún forléargas a thabhairt ar an timthriall iomlán iniúchóireachta laistigh de na Ballstáit agus den Choimisiún, mar aon le forléargas ar an gcomhar leis na húdaráis iniúchóireachta faoi seach, lena n-áirítear an Chúirt, chomh maith le OLAF agus OIPE;

16.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon agus castacht na n-ionstraimí gardhlí ón gCoimisiún amhail tuairimí, moltaí, teachtaireachtaí, rúin neamhreachtacha, fógraí, treoirdhoiciméid agus ráitis maidir le tosaíochtaí riaracháin; á iarraidh ar an gCoimisiún na hionstraimí sin a shimpliú agus a chuíchóiriú agus iad a úsáid d’fhonn na nósanna imeachta a shimpliú tuilleadh agus an t-ualach maorlathach a laghdú; á mheabhrú go bhfuil clár REFIT ann chun rialacha an Aontais a shimpliú agus chun ualaí nach bhfuil gá leo a laghdú, agus tairbhí na reachtaíochta á mbaint amach ag an am céanna agus tríd an gcur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ a thabhairt isteach; á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún an prionsabal a chur i bhfeidhm go córasach, rud a chiallaíonn go ndéanfar ualaí nua a tugadh isteach a fhritháireamh trí ualaí coibhéiseacha a bhaint sa réimse beartais céanna;

17.

Á athdhearbhú gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí sa chomhrac i gcoinne na calaoise ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, i ndlúthchomhar le OIPE agus le OLAF; á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí ar leith atá déanta ag OIPE agus á chur i bhfáth go bhfuil ról ag OIPE maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh calaoise agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais; ag cur béim ar a thábhachtaí atá neamhspleáchas agus neamhchlaontacht iomlán Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chun gur féidir léi a cuid feidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach; á chur i bhfáth go n-éilíonn neamhspleáchas, neamhchlaontacht agus éifeachtacht OIPE agus OLAF acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna, go háirithe i bhfianaise na gcúraimí nua a bhaineann le NextGenerationEU (NGEU); á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh go práinneach maidir leis na hiarrataí a rinne OIPE maidir lena chur chun feidhme buiséadach, ionas gur féidir le OIPE a bheith ina oifig ionchúisimh atá go hiomlán éifeachtach ;

18.

Ag tabhairt dá haire go dtíolacann an Coimisiún a thuarascáil bhliantúil maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais (tuarascáil PIF) i bhfómhar na bliana dár gcionn, rud a fhágann nach féidir leis an bParlaimint an tuarascáil a ghlacadh tráth is luaithe ná 2 bhliain tar éis na tréimhse lena mbaineann sa tuarascáil (n+2); á chur i bhfáth, chun éifeachtúlacht níos fearr a bhaint amach maidir le beartais agus frithbhearta an Aontais a ghlacadh i leith na calaoise, na himghabhála cánach agus neamhrialtachtaí airgeadais eile a chuirtear i láthair sa tuarascáil, gur cheart go mbeadh an Pharlaimint in ann tuarascáil PIF a phróiseáil agus a ghlacadh tráth nach déanaí ná an bhliain seo chugainn (n+1); á iarraidh ar OLAF agus ar an gCoimisiún a dtuairisciú ar PIF a ghlacadh dá réir sin;

19.

Á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá oibríochtaí trédhearcacha eagraíochtaí neamhrialtasacha agus idirghabhálaithe maidir lena gcistiú agus lena n-úinéireacht, ós rud é gur gníomhaithe tábhachtacha iad i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais faoi na modhanna éagsúla bainistíochta agus go háirithe i réimse na gníomhaíochta seachtraí; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cistiú tionscadal arna ndéanamh ag ENRanna nó a bhfuil baint acu le heagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil naisc acu le heagraíochtaí reiligiúnacha agus polaitiúla radacacha; á iarraidh ar an gCoimisiún a ráthú nach maoineoidh cistí an Aontais ach eagraíochtaí a urramaíonn luachanna uile an Aontais go docht; ag tathant ar an gCoimisiún sásraí ex ante a chur ar bun ina sainaithneofar go soiléir eagraíochtaí neamhrialtasacha a oibríonn ar chríoch an Aontais agus ar an gcoigríoch lena dtugtar aitheantas do naisc le líonraí bunúsacha reiligiúnacha agus lena ndéantar clár oibre a bhaineann an bonn de luachanna an Aontais a chur chun cinn; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go gcruthófaí dúliosta poiblí d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí amhail fuathchaint, gríosú chun sceimhlitheoireachta, antoisceachas reiligiúnach lena dtacaítear le foréigean nó lena ndéantar é a mhóradh, nó a bhfuil mí-úsáid nó míleithreasú déanta acu ar chistí de chuid an Aontais agus a liostaítear i mbunachar sonraí EDES, chun a áirithiú go gcuirfear bac orthu ó rochtain ar institiúidí an Aontais agus ar chláir chistiúcháin an Aontais; á athdhearbhú nach féidir aon chistí a leithdháileadh ná a nascadh le haon chúis ná cineál sceimhlitheoireachta agus/nó radacú reiligiúnach nó polaitiúil; á chur i bhfáth gur gá réamh-seiceáil chríochnúil a dhéanamh laistigh den chlárú sa chlár trédhearcachta chun na foinsí cistiúcháin uile a nochtadh; ag tabhairt dá haire nach mór cistiú ó chistí an Aontais a bheith inrianaithe ón bhfaighteoir díreach chuig an tairbhí deiridh nuair a chuirtear cistí ar aghaidh i slabhra; á mheabhrú, maidir le cistiú poiblí, go rialaítear le bunghníomhartha an Aontais conas ba cheart trédhearcacht agus infheictheacht a láimhseáil ina leith sin; ag meabhrú don Choimisiún dá bhrí sin go bhfuil sé de fhreagracht air a sheiceáil go bhfuiltear ag comhlíonadh na rialacha agus na nósanna imeachta, go háirithe na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le fodheontais a thabhairt d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus d’idirghabhálaithe agus institiúidí airgeadais; ag éileamh, thairis sin, go gcuirfeadh an Coimisiún léargas ar fáil don údarás um urscaoileadh ar mhéid iomlán chaiteachas an Aontais maidir leis na heagraíochtaí neamhrialtasacha;

20.

Á iarraidh ar an gCoimisiún, ar mhaithe le soiléireacht, deimhneacht dhlíthiúil agus an smacht reachta, togra le haghaidh Rialachán ENR a chur ar aghaidh lena n-áirítear sainmhíniú soiléir agus catagóiriú réimsí gníomhaíochta agus méid eagraíochtaí neamhrialtasacha; ba cheart foráil a dhéanamh sa reachtaíocht maidir le forbhreathnú soiléir ar na coinníollacha faoina bhfaighidh eagraíochtaí neamhrialtasacha cistí de chuid an Aontais, lena gcumhdaítear na hoibleagáidí seo a leanas:

(a)

tuairisc a thabhairt ar mhéideanna agus ar fhoinsí cistiúcháin a fuarthas chomh maith lena ngníomhaíochtaí uile a rinneadh thar ceann na bpríomhaithe eachtracha a logáil;

(b)

ábhar lipéid a scaiptear leis an bhfaisnéis riachtanach

(c)

nochtfaidh siad a n-insreafaí agus eis-sreafaí airgeadais agus neamhairgeadais, lena n-áirítear íocaíochtaí nó tabhartais neamhairgeadais a chuirtear ar aghaidh ó eagraíochtaí neamhrialtasacha amháin go heagraíocht neamhrialtasach eile laistigh de bhrateagraíocht dá comhaltaí;

(d)

maoiniú fógraíochta polaitiúla nó feachtais pholaitiúla arna ndéanamh ag eagraíochtaí neamhrialtasacha a nochtadh;

(e)

comhlíonadh na cuntasachta daonlathaí agus urraim do luachanna an Aontais;

(f)

i gcás eagraíochtaí neamhrialtasacha an-mhór a bhfuil struchtúir chorparáideacha acu atá cosúil le cuideachtaí príobháideacha, oibleagáidí tuairiscithe maidir le freagracht shóisialta chorparáideach, comhlíonadh forálacha maidir le cosaint fostaithe, foráil maidir le comhionannas inscne a chur chun cinn, oibleagáidí tuairiscithe inbhuanaitheachta, an tacsanomaíocht le haghaidh infheistíochtaí agus naisc slabhra soláthair i gceannach;

21.

Á chur i bhfáth gur cheart go gcumhdófaí leis an togra oibleagáidí trédhearcachta thar ceann an Choimisiúin, lena n-áirítear maidir le comhaontuithe airgeadais, riaracháin nó comhair leis na heagraíochta neamhrialtasacha a nochtadh;

22.

Á mheabhrú don Choimisiún nach mór measúnuithe tionchair láidre agus críochnúla a bheith ag gabháil leis na tograí reachtacha uile a bhfuil tionchar mór eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil acu; á chur i bhfáth gur cuid de chlár oibre an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr é sin agus á chur i bhfios go láidir go ndéanfaidh an t-údarás um urscaoileadh dlúthfhaireachán ar na measúnuithe tionchair sin chun a chinntiú go ndéanfar iad ar bhealach atá go hiomlán neodrach agus neamhchlaonta agus go ndéanfar anailís chórasach iontu ar an tionchar a bheadh ag na roghanna atá á mbreithniú, ar an gcostas a bhainfeadh leis an rogha is mó a bhfuil luí leis agus ar an tairbhe a bhainfeadh léi, lena n-áirítear trí thuairimí na ngeallsealbhóirí a chur san áireamh, trí chomhairliúcháin phoiblí oscailte;

23.

Ag tarraingt aird ar Thuarascáil Speisialta 17/2022 ón gCúirt dar teideal ‘Sainchomhairleoirí seachtracha ag an gCoimisiún Eorpach’ ina gcuirtear i bhfios go láidir go gcaitheann an Coimisiún Eorpach tuairim is EUR 1 bhilliún gach bliain ar sheirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha ar mhaithe le tacú le raon leathan gníomhaíochtaí comhairliúcháin, staidéir, meastóireachta agus taighde agus inar thángthas ar an gconclúid go bhfágann an bainistiú a dhéanann an Coimisiún ar úsáid sainchomhairleoirí seachtracha nach bhfaigheann sé an luach is fearr is féidir ar a chuid airgid ná go gcosnaítear a chuid leasanna go hiomlán; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil bearnaí suntasacha sa chreat lena rialaítear úsáid na seirbhísí sin, agus go bhféadfadh rioscaí a bheith ann a bhaineann le comhchruinniú soláthraithe seirbhíse, róspleáchas agus coinbhleachtaí leasa nach ndéantar faireachán leordhóthanach orthu; á éileamh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a chreat lena rialaítear úsáid sainchomhairleoirí seachtracha, úsáid níos fearr a bhaint as torthaí seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha, faireachán a fheabhsú chun na rioscaí a eascraíonn as seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a úsáid a mhaolú agus a thuairisciú maidir le húsáid seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a fheabhsú, agus sonraí cruinne agus iomlána a chur ar fáil maidir le méid agus cineálacha na seirbhísí a fuarthas. á chur i bhfáth, thairis sin, go bhféadfadh Gníomhaireachtaí an Aontais faisnéis shonrach agus ábhartha agus táirgí den chaighdeán céanna a sholáthar is a sholáthraíonn comhairleoirí seachtracha, dá gceadófaí dóibh déanamh amhlaidh de réir a sainordaithe, ach nach mbaintear leas as an acmhainneacht sin; á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú ar an bhféidearthacht sin amach anseo chun críoch comhairliúcháin agus taighde i réimsí sonracha;

24.

Á chur in iúl gur geal léi gur rannchuidigh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar dtús maidir le sleabhcadh eacnamaíoch láidir a chosc tar éis phaindéim COVID-19. agus go bhfuil acmhainneacht bhreise aici maidir leis sin freisin; ag tabhairt dá haire go raibh ról lárnach ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ó thaobh dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na Moltaí Tírshonracha a thagann as an Seimeastar Eorpach i bhformhór na mBallstát; ag tabhairt dá haire, áfach, nach dtugtar aghaidh ar roinnt moltaí tír-shonracha fós, ag tabhairt dá haire thairis sin rannchuidiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta le geilleagair agus sochaithe an Aontais a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe do na dúshláin agus do na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach;

25.

Ag tabhairt aird ar thorthaí an chéad mheasúnaithe bhliantúil a rinne an Chúirt ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur in iúl go dtuigeann sí go dtarlaíonn cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta faoi bhrú ama, chun tacaíocht thráthúil a chur ar fáil chun téarnamh ó ghéarchéim COVID-19, agus, áfach, samhail seachadta i bhfad níos simplí faoina gcuirtear ceanglais níos éadroime ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon, agus lena laghdaítear an t-ualach rialaithe ar an gCoimisiún agus a aistrítear chuig na Ballstáit, go háirithe i gcomparáid le struchtúr maoinithe, tuairiscithe agus rialaithe an bheartais chomhtháthaithe nó talmhaíochta; á thabhairt chun suntais go mbeidh córas rialaithe láidir, a gcaithfidh an Coimisiún a bheith i gceannas air, ag gabháil le haon samhail mear-sheachadta; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, agus cláir agus beartais nua de chuid an Aontais á moladh ag a bhfuil samhail seachadta feidhmíochtbhunaithe mar a úsáidtear i gcur chun feidhme RRF, na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme RRF a chomhtháthú go hiomlán, chomh maith le torthaí agus moltaí maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ó iniúchtaí agus measúnuithe arna ndéanamh ag an gCúirt; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé a fháil amach an bhfuil ionsú na gcistí ar siúl ar deireadh, ós rud é gurb é 2023 lárphointe RRF; ag aithint go bhfuil dul chun cinn déanta ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an údaráis um urscaoileadh maidir le trédhearcacht agus cuntasacht trí ardán cosúil le hardán Kohesio don Bheartas Comhtháthaithe a chur ar bun;

26.

Á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ar thángthas air sa chaibidlíocht idirinstitiúideach maidir le RePowerEU maidir le foilsiú débhliantúil an 100 tairbhí deiridh is mó in aghaidh an Bhallstáit ar Scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta; ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfí liosta na dtairbhithe deiridh uile i mbeartais agus tionscadail uile an Aontais ar fáil d’institiúidí ábhartha an Aontais agus don údarás um urscaoileadh faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh;

27.

Ag tabhairt dá haire gur éirigh go maith leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún cistí a thiomsú ar na margaí airgeadais chun na hacmhainní airgeadais a sholáthar don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, mar ionstraim thábhachtach i dtráth géarchéime tromchúisí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar sin féin, na fiacha a tháinig as sin, an méadú atá ag teacht ar na rátaí úis agus an éiginnteacht atá ann dá thoradh sin an mbeifear in ann na hiasachtaí a aisíoc agus an baol a bhaineann leis sin do bhuiséad comhaontaithe an Aontais agus do bheartais an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún an riosca a mhaolú agus an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas go hiomlán maidir le stádas bliantúil na n-iasachtaí sin;

28.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di líon teoranta na dtionscadal trasteorann faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag aithint ag an am céanna go bhfuil sé ar cheann de chuspóirí RRF tacú leis an téarnamh eacnamaíoch i mBallstáit an Aontais tar éis phaindéim COVID-19; á chur i bhfáth go ngineann ailíniú na RRPanna náisiúnta le cuspóirí beartais an Aontais, lena n-áirítear tionscadail trasteorann, breisluach an Aontais;

29.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur rinneadh roinnt rialachán maidir le beartais éagsúla an Aontais a ghlacadh go déanach, mar a tharla ag tús chlárthréimhse 2014–2020, rud a fhágann go raibh moill shuntasach ar thús an chur chun feidhme do chlárthréimhse 2021–2027; ag tathant ar an gCoimisiún na bearta uile is gá a dhéanamh chun dlús a chur le cur chun feidhme na mbeartas ar an talamh, agus é ag díriú i gcónaí ar cháilíocht agus ar an ngá atá ann dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; ag tarraingt aird ar an bhfíoras, go háirithe faoin mbainistíocht chomhroinnte, nach mór cuid mhór de leithdháileadh buiséadach 2021 a leithdháileadh arís ar na blianta ina dhiaidh sin; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, gur riosca iad gealltanais atá gan íoc do bhuiséad an Aontais toisc go bhféadfadh saoradh suntasach gealltanas teacht astu, rud a laghdódh tionchar bhuiséad an Aontais; á éileamh go gcuirfidh an Coimisiún in iúl don údarás um urscaoileadh na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh chun an staid sin a sheachaint agus go dtarraingíonn sé na conclúidí agus an taithí is gá chun a áirithiú go gcuirfear cosc ar staid chomhchosúil tarlú ag tús CAI 2028-2034;

30.

Ag spreagadh an Choimisiúin, na Cúirte agus na Comhairle chun oibriú chun dlús a chur leis an bpróiseas um urscaoileadh go n+1;

31.

Ag tabhairt dá haire go bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 de CFAE (Pribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh) go n-eiseofar laissez-passer, mar a thugtar orthu, do chomhaltaí institiúidí an Aontais, agus d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa go háirithe, lena n-úsáid mar dhoiciméid taistil; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil seirbhís lárnach an Choimisiúin le haghaidh laissez-passer i gcoinne na ‘feidhme’ atá ag Feisire de Pharlaimint na hEorpa a thaifeadadh ar an doiciméad, rud a chiallaíonn nach bhfuil Feisirí in ann a stádas a chruthú agus iad ag taisteal, murab ionann agus foireann taidhleoireachta na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), mar shampla; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun an neamhréireacht sin a cheartú ionas gur féidir le comhaltaí na n-institiúidí a stádas a chruthú go leormhaith agus iad ag taisteal;

32.

Á chur in iúl gur oth léi gur eisigh an Chúirt tuairim dhíobhálach arís maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais, agus gur shuigh sí nach bhfuil sásraí rialaithe an Choimisiúin agus na mBallstát iontaofa go leor; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé sásraí rialaithe an Choimisiúin agus na mBallstát a threisiú, ar sásraí iad a mheasann an Chúirt nach bhfuil iontaofa, rud a chuireann iontaofacht na Tuarascála Bliantúla ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht i mbaol;

33.

Á mheabhrú gur cheart don Choimisiún obair leantach mhionsonraithe a dhéanamh ar bharúlacha uile na Parlaiminte, lena n-áirítear na tosaíochtaí polaitiúla uile;

CAIBIDIL I

an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI)

Ráiteas dearbhaithe agus bainistiú buiséadach agus airgeadais na Cúirte

Beachtas na gcuntas

34.

Á chur in iúl gur geal léi go measann an Chúirt, don bhliain 2021 go bhfuil cuntais an Aontais Eorpaigh iontaofa agus i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus go bhfuil taobh an ioncaim den bhuiséad saor ó earráidí ábhartha;

35.

Ag tabhairt dá haire gurbh ionann iomlán na ndliteanas an 31 Nollaig 2021 agus EUR 496,4 billiún, i gcomparáid le EUR 414,1 billiún de shócmhainní iomlána; á thabhairt chun suntais gurbh ionann an difríocht EUR 82.3 billiún agus glansócmhainní (diúltacha), atá comhdhéanta de chúlchistí agus an chuid sin de na speansais a bhí tabhaithe cheana ag an Aontas suas go dtí an 31 Nollaig agus a chaithfear a chistiú as buiséid amach anseo;

36.

Ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, gurbh é an luach measta a bhí ar speansais incháilithe tabhaithe a bhí dlite do thairbhithe ach nach raibh éilithe fós ná EUR 129,9 billiún (2020: EUR 107,8 billiún), arna dtaifeadadh mar speansais fhabhraithe; ag tabhairt dá haire go mbaineann an méadú ar an meastachán sin go príomha leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, arb é sin an chuid lárnach de chlár NGEU a cuireadh ar bun chun aghaidh a thabhairt ar an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta díreach atá déanta ag paindéim COVID-19; á thabhairt chun suntais gur de réir próifíl tráthchodanna réamhshainithe suas go dtí 2026 a dhéantar íocaíochtaí leis na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

37.

Ag tabhairt dá haire, i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse tar éis phróiseas aistarraingthe na Ríochta Aontaithe, gur mheas an Coimisiún, ar dháta an chláir comhardaithe, gur léirigh cuntais an Aontais glansuim infhaighte EUR 41,8 billiún (2020: €47,5 billiún) a bhí dlite ón Ríocht Aontaithe agus meastar go n-íocfar EUR 10,9 billiún de sin sna 12 mhí i ndiaidh an dáta tuairiscithe;

38.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil measúnú déanta ag an gCúirt ar an tionchar ar na cuntais a bhí ag an ionsaí míleata gan chúis gan údar atá déanta ag an Rúis ar an Úcráin; á chur in iúl gur geal léi measúnú na Cúirte go bhfuil sé iomchuí déileáil le hionradh na Rúise ar an Úcráin mar theagmhas neamhchoigeartúcháin i ndiaidh dháta an chláir chomhordaithe agus go bhfuil a thionchar nochta go hiomchuí agus go dtugtar léargas fíorcheart air sna cuntais bhliantúla chomhdhlúite;

39.

Ag tabhairt dá haire, mar chuid dá gnáthnósanna imeachta iniúchóireachta, go ndearna an Chúirt iniúchadh ar na sócmhainní, na dliteanais, an t-ioncam agus na speansais, lena n-áirítear iad siúd a bhain le bearta a bhí déanta ag an gCoimisiún i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí a bhain le COVID-19; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid go dtugtar léargas fíorcheart orthu sin sna cuntais bhliantúla chomhdhlúite;

Dlíthiúlacht agus rialtacht ioncam agus chaiteachas an Aontais

40.

Á chur in iúl gurb oth léi tuairim dhíobhálach maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an taobh caiteachais de bhuiséad an Aontais, arna eisiúint ag an gCúirt;

41.

Ag tabhairt dá haire gurb é an ráta earráide foriomlán a ríomh an Chúirt ná 3,0 %, figiúr atá 1,0 % os cionn na tairsí ábharthachta; ag tabhairt dá haire gur measa an figiúr sin ná figiúr 2020, nuair a bhí an ráta earráide comhionann le 2,7 %, figiúr atá i bhfad os cionn na tairsí ábharthachta freisin; ag tabhairt dá haire gurbh é an freagra an Choimisiúin nach n-easaontaíonn sé leis an ráta earráide a shuigh an Chúirt, ach ag an am céanna go gcosnaíonn sí torthaí a cuid oibre féin as ar tháinig ráta earráide measta tráth na híocaíochta a bhí bunaithe ar mhodheolaíocht dhifriúil; ag tabhairt dá haire gur ríomh an Coimisiún gurb é a riosca íocaíochta trath na híocaíochta do 2021 ná 1,9 %; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go measann an Coimisiún, i gcodarsnacht leis an gCúirt, go bhfuil a ráta earráide faoi bhun na tairsí ábharthachta agus faoi bhun an raoin íochtair de leibhéal earráide measta na Cúirte, atá comhionann le 2,2 %;

42.

Á chur in iúl gur saoth léi go léiríonn na hearráidí a aimsíodh easnaimh leanúnacha i rialtacht an chaiteachais a dhearbhaigh na húdaráis bhainistíochta agus gur shainaithin an Chúirt easnaimh i modheolaíochtaí samplála na n-údarás maoirseachta;

43.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go measann an Chúirt gur dócha go ndéanfaidh measúnú riosca an Choimisiúin gannmheastachán ar an leibhéal riosca i roinnt réimsí; á thabhairt chun suntais gur thuairiscigh an Chúirt laigí in iniúchtaí ex post an Choimisiúin i gCeannteideal 1 ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’, gannmheastachán ar earráidí i gCeannteideal 2 ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’, agus gannmheastachán ar an riosca agus líon ard earráidí i gCeannteideal 6 ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’, i measc fadhbanna eile; á thabhairt chun suntais, in ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’, go bhfuil an dá institiúid i gcomhréir le chéile ina gcuid ríomhanna agus, mar shampla, i gcás ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ go measann an Chúirt go bhfuil leibhéal earráide 4,4 % ann agus go measann an Coimisiún gurb é an riosca tráth na híocaíochta ná 1,3 %;

44.

Ag tabhairt dá haire go gcuireann an Coimisiún rialuithe i bhfeidhm ar bhuiséad an Aontais sula ndéantar na híocaíochtaí agus ina dhiaidh sin, agus go ndéanann sé ceartúcháin más gá agus nuair is gá; ag tabhairt dá haire go léirítear an córas rialaithe sin sa ‘riosca íocaíochta’, ar meastachán é ar leibhéal an chaiteachais nach bhfuil i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin is infheidhme tráth na híocaíochta, agus sa ‘riosca go ndúnfar an clár’ (dúnadh an chláir), lena meastar leibhéal an chaiteachais nach bhfuil i gcomhréir nuair a bheidh na rialuithe agus na ceartúcháin ghaolmhara uile curtha i gcrích agus, ó thaobh an dlí, nach féidir aon ghníomhaíocht bhreise a dhéanamh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil riosca measta an Choimisiúin go ndúnfar é cothrom le 0,8 %, go mór faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 %;

45.

Ag athdhearbhú go dtacaíonn sí le cur chuige agus modheolaíocht iniúchóireachta na Cúirte; ag tabhairt dá haire go bhfuil an mhodheolaíocht sin bunaithe ar chaighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta lena gceanglaítear sampla randamach idirbheart a thástáil agus nach féidir sampla ionadaíoch a bheith rioscabhunaithe go hiomlán; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil difríochtaí ann idir na rátaí earráide agus an riosca tráth na híocaíochta atá ríofa ag an gCúirt agus ag an gCoimisiún; á thabhairt chun suntais nach dtarlaíonn na difríochtaí sin i ngach réimse caiteachais; ag tabhairt dá haire go mbíonn meastacháin an Choimisiúin ar an riosca tráth na híocaíochta i gcónaí sa raon íochtair nó faoi bhun mheastacháin staidrimh na Cúirte agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur gannmheastachán córasach é sin atá déanta ag an gCoimisiún ar an leibhéal earráide atá ann cheana; á iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar a mhodheolaíocht agus comhoibriú leis an gCúirt d’fhonn comhchuibhiú a mhéadú chun foráil a dhéanamh do fhigiúirí níos inchomparáide; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, nach léirítear leis an meastachán ginearálta ar an ráta earráide a chuirtear i láthair i ráiteas urrúis na Cúirte gur tharla calaois;

46.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil an Coimisiún, ag gníomhú dó ar rioscaí a d’fhéadfadh sé go ndearnadh gannmheastachán orthu, in ann leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin an mearbhall a chuireann sé sin ar an údarás um urscaoileadh agus ar shaoránaigh an Aontais, ós rud é go nglacann an Coimisiún, ar thaobh amháin, le ráta earráide na Cúirte i réimsí ina bhfuil sé sin faoi bhun na tairsí ábharthachta (acmhainní nádúrtha) ach go dtugann sé a earráid mheasta féin tráth na híocaíochta i réimsí ina bhfuil ráta earráide na Cúirte os cionn na tairsí ábharthachta, rud a fhágann go bhfuil ceisteanna á n-ardú maidir le hiontaofacht a tuairiscithe airgeadais;

47.

Á iarraidh ar an gCúirt tionchar na mbeart ceartaitheach ar leibhéal foriomlán na hearráide a cháiliú;

48.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil obair leantach déanta ag an gCúirt ar na barúlacha a tháinig as Tuarascáil Bhliantúil 2020 a mhéid a bhaineann leis an tuairisciú ar aisghabhálacha sa Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht ón gCoimisiún, rud atá casta agus nach bhfuil soiléir i gcónaí, dar leis an gCúirt; á chur in iúl gur geal léi barúil na Cúirte gur tháinig feabhsuithe as an athbhreithniú a rinne an Coimisiún ar a chuid tuairiscithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go measann an Chúirt nach leor na ‘céatadáin le haghaidh íocaíochtaí roimhe sin’ (EUR 5,6 billiún) agus céatadán gaolmhar an chaiteachais ábhartha (3,3 %) agus go bhfuil baol míthuisceana ann; ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur shuigh an Chúirt go bhfuil san áireamh sna figiúirí a tíolacadh bearta coisctheacha nach mbaineann le híocaíochtaí roimhe sin ná le caiteachas glactha agus bearta coisctheacha na mBallstát nach féidir a lua go díreach leis an gCoimisiún;

49.

Ag tabhairt dá haire gur shuigh an Chúirt go raibh an caiteachas ísealriosca saor ó earráidí ábharthacha ach go raibh an caiteachas ardriosca i gcónaí faoi lé ag earráidí ábharthacha; á thabhairt chun suntais gurbh é ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ (1,2 pointe céatadáin) an rannchuiditheoir ba mhó leis an ráta earráide 3,0 %, agus ina dhiaidh sin bhí ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ (0,7 pointe céatadáin), ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ (0,4 pointe céatadáin) agus ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ (0,4 pointe céatadáin);

50.

Ag tabhairt dá haire go roinneann an Chúirt a pobal iniúchóireachta ina chaiteachas ardriosca (íocaíochtaí bunaithe ar athchistiú den chuid is mó) agus ina chaiteachas ísealriosca (íocaíochtaí atá bunaithe ar theidlíocht den chuid is mó); ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, áfach, go ndéanann an Coimisiún ina Thuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht an caiteachas a aicmiú ina chatagóirí ardriosca, meánriosca agus ísealriosca, bunaithe ar sheiceálacha a dhéanann údaráis náisiúnta, comhpháirtithe eile agus an Coimisiún féin gach bliain; ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann na catagóirí riosca difriúla a úsáideann an Chúirt agus an Coimisiún dúshlán roimh obair an údaráis um urscaoileadh ó thaobh anailís chomparáideach a dhéanamh ar na tuarascálacha faoi seach; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go n-eascraíonn neamhréir idir an caiteachas ardriosca a ríomh an Chúirt (63,2 %) agus an caiteachas ardriosca a ríomh an Coimisiún (22 %) as sin; á athdhearbhú go bhfuil neamhréireachtaí den sórt sin idir an Chúirt agus an Coimisiún ag cur bac ar iontaofacht na sonraí ionchuir is gá don údarás um urscaoileadh;

51.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thángthas ar fhadhbanna móra sa chaiteachas atá bunaithe ar athchistiú, arb ionann é agus 63,2 % de phobal iniúchóireachta na Cúirte, inarb é 4,7 % an leibhéal earráide measta; ag tabhairt dá haire go bhfuil éifeachtaí na n-earráidí a d’aimsigh an Chúirt ábharthach agus forleatach araon i gcás an chaiteachais ar glacadh leis don bhliain;

52.

Ag tabhairt dá haire, in ainneoin go measann an Chúirt go bhfuil an caiteachas faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar glacadh leis sna cuntais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2021 dleathach agus rialta i ngach gné ábhartha de, mheas sí go bhfuil garsprioc amháin san íocaíocht leis an Spáinn nár comhlíonadh go sásúil, rud a chaitheann amhras fós ar mheasúnú an Choimisiúin ar an ngarsprioc agus na spriocanna a bhaineann leis an gcaiteachas gaolmhar faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag tabhairt dá haire measúnú na Cúirte inar measadh go raibh an earráid neamhábhartha; á mheabhrú gurbh é an cuspóir a bhí le hiniúchadh na Cúirte ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ná rannchuidiú leis an ráiteas dearbhaithe agus bonn a sholáthar dár dtuairim i dtaca le rialtacht chaiteachas RRF do 2021. ag tabhairt dá haire nach raibh sa phobal iniúchóireachta ach an t-aon eisíocaíocht amháin a rinneadh in 2021, i.e. íocaíocht leis an Spáinn, agus imréiteach an réamh-mhaoinithe ghaolmhair; á mheabhrú gurb é an t-aon chúis nár cainníochtaíodh an earráid a fuarthas ná an easpa modheolaíochta atá ann le haghaidh íocaíochtaí páirteacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún; á aithint gur fhoilsigh an Coimisiún modheolaíocht den sórt sin an 21 Feabhra 2023;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

53.

Á chur in iúl gur cúis imní di go raibh cur chun feidhme na ngealltanas an-íseal in 2021, ag 68 % den mhéid iomlán a bhí ar fáil, agus gur chuir glacadh déanach rialachán earnála le linn 2021 moill ar sheoladh clár nua; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú ar ráta ionsúcháin foriomlán Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) in 2021 mar gheall ar íocaíochtaí a bhí níos airde ná mar a bhí in 2020; á thabhairt chun suntais, ag deireadh 2021, go raibh thart ar EUR 161 bhilliún fós le hionsú trí chláir CSIE a dhúnfar in 2025; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di go bhfuil difríochtaí suntasacha i rátaí ionsúcháin na mBallstát, agus go bhfuil ar roinnt Ballstát fós níos mó ná 40 % dá méideanna geallta a ionsú; á chur i bhfáth arís go bhfuil difríochtaí ollmhóra sna hacmhainneachtaí ionsúcháin idir na Ballstáit ar cheann de na bacainní is tromchúisí ar fhorbairt níos éifeachtaí i réigiúin bheagfhorbartha;

54.

Ag tabhairt dá haire gur cuid shuntasach de ghealltanais bhuiséad an Aontais atá fós gan íoc iad Cistí SIE don tréimhse 2014–2020; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an chur chun feidhme sna Ballstáit agus anailís a dhéanamh ar na difríochtaí, ag díriú go háirithe ar chásanna tearc-chur chun feidhme agus rátaí ionsúcháin ísle; ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún measúnuithe tíre a sheachadadh chuig an údarás um urscaoileadh, agus fadhbanna athfhillteacha á sainaithint aige, agus na bearta iomchuí uile a dhéanamh chun an cás a bharrfheabhsú, lena n-áirítear trí chúnamh teicniúil agus trí mhalartú dea-chleachtas;

55.

Á athdhearbhú gur cúis bhuartha di gur shroich na gealltanais le híoc ina n-iomláine an leibhéal is airde riamh ag EUR 341.6 billiún ag deireadh 2021 (agus buiséad an Aontais agus gealltanais NGEU le híoc á dtabhairt le chéile); á thabhairt chun suntais gur dócha go rachaidh na gealltanais nár úsáideadh thar EUR 460 billiún in 2023 ach go dtitfidh siad ansin de ghnáth de réir mar a thiocfaidh deireadh le NextGenerationEU (NGEU); á chur i bhfios go láidir go bhfuil leibhéal áirithe ceangaltas gan íoc ina iarmhairt loighiciúil ar chóras buiséid an Aontais lena ngabhann leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe íocaíochta ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh riosca a bheith ann do dhea-fheidhmiú agus gnáthfheidhmiú bhuiséad an Aontais amach anseo de bharr mhéid na gceangaltas gan íoc;

56.

Ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar ghealltanais gan íoc bhuiséad an Aontais ó ard stairiúil ag deireadh 2020 agus go dtuarann an Coimisiún go dtiocfaidh méadú beag ar an méadú a bhfuiltear ag súil leis in 2027, go príomha mar gheall ar an mbearna níos lú idir leithreasú gealltanas agus íocaíochtaí; á mheabhrú go bhfuil sé ráite ag an gCúirt roinnt uaireanta nach féidir iad a laghdú ach amháin má bhíonn na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad níos mó ná na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, agus go n-úsáidtear iad; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh go comhsheasmhach maidir leis an moladh sin, atá comhsheasmhach leis an gceanglas cóimheas ordúil a choimeád idir leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí;

57.

Á thabhairt chun suntais go bhfuil an t-am atá ar fáil chun cistí bainistíochta comhroinnte a chur chun feidhme faoi CAI 2021–2027 níos giorra ná mar a bhí in CAInna roimhe seo; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi na dúshláin a bhaineann leis na cistí sin a bhainistiú agus a rialú chun comhlíonadh agus bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an t-ualach riaracháin méadaithe atá ar na Ballstáit mar thoradh ar chur chun feidhme chlár NGEU agus an claonadh atá ag na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do chur chun feidhme NGEU ar na cistí traidisiúnta faoi bhainistíocht chomhroinnte, mar a pléadh san Éisteacht Phoiblí i gCoiste CONT an 23 Eanáir 2023;

58.

Á chreidiúint go ngineann Treoir an Choimisiúin maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a bhainistiú faoin Rialachán Airgeadais maorlathas suntasach agus dochosanta go háirithe vis-a-vis FBManna, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus struchtúir rannpháirteacha ar an leibhéal áitiúil; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go ndíreodh an Treoir ar shochair eacnamaíocha agus airgeadais, seachas iarracht a dhéanamh faireachas ar an saol pearsanta nó ar chaidreamh sochaíoch a chuimsiú, go sainráite ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach; á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabal na comhréireachta agus an phríobháideachais a urramú go hiomlán agus gan amhras ginearálta a chaitheamh ar na gníomhaithe uile; á iarraidh ar an gCoimisiún a Threoir reatha a shoiléiriú ina leith sin chun soiléireacht a sholáthar d’iarratasóirí agus do chomhlachtaí cinnteoireachta;

59.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di na rioscaí gaolmhara a shainaithin an Chúirt ina tuarascáil 2020 agus a d’athdhearbhaigh sí don bhliain airgeadais 2021, eadhon go bhféadfadh sé nach mbeadh leibhéal na n-acmhainní riaracháin is gá chun ionstraimí buiséadacha éagsúla a bhainistiú ag an am céanna ar fáil agus, le solúbthacht a thabhairt isteach sa chóras chun déileáil le héifeachtaí COVID-19, go bhféadfadh lagú ar na córais rialaithe bhunaithe a bheith mar thoradh air sin;

60.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tháinig méadú ar neamhchosaint iomlán bhuiséad an Aontais ar dhliteanais theagmhasacha, ó EUR 131,9 billiún in 2020 go EUR 277,9 billiún in 2021; á aithint gurbh iad an dá chúis ba mhó a bhí leis an ardú substainteach sin ná tabhairt isteach NGEU agus méadú ar an méid iasachtaí a tugadh faoi ionstraim SURE; á chur in iúl go dtuigeann sí go maolaítear an riosca do bhuiséad an Aontais ó dhliteanais theagmhasacha trí uasteorainn na n-acmhainní dílse agus frithráthaíochtaí na mBallstát le haghaidh iasachtaí SURE a mhéadú;

Moltaí

61.

Ag tacú go láidir leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil, agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

62.

Á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid ghinearálta agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe le haghaidh tuairiscithe, faireacháin agus iniúchta (Arachne, EDES, srl.) agus córas éigeantach comhtháite agus idir-inoibritheach a bhunú go práinneach, ar córas é a chuirfidh leis na huirlisí agus na bunachair sonraí atá ann cheana ach nach mbeidh teoranta dóibh sin amháin i gcomhthéacs na n-athbhreithnithe ar an Rialachán Airgeadais atá ar na bacáin; an Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh an cur síos ar gharspriocanna agus sprioc agus toradh an iniúchta trédhearcach; a áirithiú go n-úsáidfidh na Ballstáit uile na córais agus na cláir lárnacha chun tuairisc a thabhairt ar úinéirí tairbhiúla agus tairbhithe deiridh;

(b)

na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú go mór, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt le haghaidh iarratasóirí, iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile go léir gan cáilíocht na rialuithe a chur i mbaol;

(c)

acmhainn riaracháin an Choimisiúin agus na mBallstát a mhéadú i gcónaí agus línte leordhóthanacha buiséid a mholadh don Chúirt, do OIPE agus do OLAF chun a n-éifeachtúlacht a áirithiú i ndáil le cur chun feidhme na gcúraimí nua atá le teacht agus a bhaineann leis an ionstraim NextGenerationEU chun airgeadas an Aontais a chosaint;

(d)

achoimre a thabhairt don údarás um urscaoileadh agus don Chúirt ar na cúiseanna atá leis na difríochtaí sna réimsí éagsúla caiteachais agus sna haisghabhálacha agus sna torthaí freisin a bhaineann leis an leibhéal earráide measta arna ríomh ag an gCúirt agus an riosca tráth na híocaíochta arna ríomh ag an gCoimisiún sa Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht agus tuarascáil a chur faoina mbráid faoin méid sin agus dul i mbun malartú leis an gCúirt ar an leibhéal bainistíochta agus teicniúil araon agus é mar aidhm modheolaíocht aonair a thabhairt isteach maidir le ráta earráide chaiteachas an Aontais;

(e)

oibriú i gcomhar leis an gCúirt chun na modheolaíochtaí catagóirithe riosca agus na modheolaíochtaí oibre iniúchóireachta faoi seach a ailíniú;

(f)

comparáid a dhéanamh idir rátaí cur chun feidhme ionstraim REACT-EU ag na Ballstáit a socraíodh chun tacaíocht airgeadais a fháil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus na Ballstáit nár formheasadh an Plean Téarnaimh Náisiúnta iontu ach amháin faoi choinníollacha ag céim níos déanaí (an Ungáir agus an Pholainn), agus na cúiseanna leis na difríochtaí arna sainaithint a shainaithint, go háirithe iad dírithe ar acmhainneacht riaracháin a bheith ar fáil;

(g)

leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit feabhas a chur ar cháilíocht agus ar líon na seiceálacha agus dea-chleachtais a roinnt sa chomhrac i gcoinne na calaoise;

(h)

foráil a dhéanamh maidir leis an nós imeachta a shimpliú, lena n-áirítear an doiciméadacht is gá chun rochtain a fháil ar chistiú, gan prionsabail na hiniúchóireachta agus an fhaireacháin a bhriseadh;

(i)

a thuarascálacha iniúchóireachta a fhoilsiú, lena n-áirítear i gcásanna coinbhleachta leasa laistigh de thréimhse ama réasúnta, lena gcuideofar lena áirithiú go ndéanfaidh an t-iniúchaí na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus leantacha a mholtar a chur chun feidhme;

(j)

dianfhaireachán a dhéanamh ar an mbaol éillithe agus calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann;

(k)

an comhar idirinstitiúideach a éascú trí oibriú chun dlús a chur leis an bpróiseas urscaoilte go n+1, gan cáilíocht an phróisis a chur i mbaol;

(l)

dlús a chur leis na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar thrédhearcacht maidir le húsáid cistí, lena n-áirítear maidir le faisnéis faoi thairbhithe deiridh agus eisíocaíocht cistí le cuideachtaí atá bunaithe i dtearmainn chánach a dhéanamh níos doichte;

(m)

aird níos mó a thabhairt ar na Ballstáit agus cúnamh teicniúil feabhsaithe a thairiscint dóibh i gcásanna nach bhfuil a gcórais bhainistíochta agus rialaithe iontaofa ach i bpáirt nó neamhiontaofa agus i gcás ina bhfuil riosca méadaithe calaoise agus éillithe ann maidir le cistí an Aontais;

(n)

athmheastóireacht a dhéanamh ar a shainaithint eintiteas mar eagraíochtaí neamhrialtasacha agus foráil a dhéanamh maidir le sainmhíniú soiléir, chomh maith le feabhas breise a chur ar Chlár Brústocaireachta an Aontais, chun a áirithiú go gclárófar eagraíochtaí neamhrialtasacha a théann i gcomhairle le hinstitiúidí an Aontais mar bhrústocairí; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, sásra éifeachtach a chur ar bun chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí ENRanna ailínithe le luachanna an Aontais agus chun trédhearcacht iomlán a éileamh maidir lena maoiniú, lena dtabharfar léargas níos doimhne ar mhaoiniú na n-eintiteas uile a chláraítear, ba cheart é a bheith ina choinníoll chun dul i ngleic le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais;

(o)

á ghealladh go ráthófar acmhainní leormhaithe do rúnaíocht an Chláir Trédhearcachta chun a áirithiú go bhféadfar na hiontrálacha faoi ghníomhaíochtaí stocaireachta grúpaí leasmhara, stocairí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a sheiceáil ó thaobh an chruinnis de agus go n-éireoidh an bhrústocaireacht níos trédhearcaí;

(p)

conradh caighdeánach a dhréachtú maidir leis na coinníollacha chun cistí de chuid an Aontais a fháil le heagraíochtaí neamhrialtasacha; á chur i bhfáth nach mór don chonradh sin a bheith chomh ceangailteach céanna d’institiúidí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais;

Feidhmíocht bhuiséad an Aontais

63.

Á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil ón gCúirt maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais – An stádas ag deireadh 2021, ina ndírítear ar chúig thosaíocht chothrománacha beartais a phríomhshruthú i mbuiséad an Aontais, eadhon an t-athrú aeráide a chomhrac, an bhithéagsúlacht a chaomhnú, an comhionannas inscne, spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe, agus an t-aistriú digiteach;

64.

Á chur in iúl gurb oth léi go measann an Chúirt go bhfuil drochthionchar ag ullmhú na tuarascála ar fheidhmíocht sin ar a hiniúchadh agus ar thosaíochtaí an Aontais atá ag teacht chun cinn; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt filleadh ar an tuairisciú ar fheidhmíocht mar a úsáideadh é roimhe seo i gCaibidil 3 den Tuarascáil Bhliantúil; ag tabhairt dá haire, mar gheall ar na spriocdhátaí dlíthiúla atá i bhfeidhm, go bhféadfadh sé dul deacair ar an gCúirt a measúnú ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht a chur san áireamh ina Tuarascáil Bhliantúil; á iarraidh ar an gCúirt na Tuarascálacha Bliantúla ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht a chur san áireamh ina dtuairisciú bliantúil nó trí dhoiciméad ar leithligh más gá chun an t-urscaoileadh bliantúil a chur san áireamh; á mheabhrú gur méadaíodh foireann na Cúirte cheana féin in 2023 chun an t-ualach oibre méadaithe de bharr NextGenerationEU a chur san áireamh;

65.

Á chur in iúl gur geal léi gur shuigh an Chúirt go bhfuil creat i bhfeidhm in CAI 2021–2027 chun aghaidh a thabhairt ar fhormhór na dtosaíochtaí cothrománacha, go n-ionchorpraítear i gcláir chaiteachais roghnaithe de chuid an Aontais na tosaíochtaí beartais cothrománacha a roghnaigh an Chúirt, agus go bhfuil modhanna forbartha ag an gCoimisiún chun an caiteachas a rianú le haghaidh roinnt tosaíochtaí cothrománacha;

66.

Á chur in iúl gur cúis imní di nach dtugann an Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht ach conclúidí atá ródhearfach maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i dtreo spriocanna príomhshruthaithe, nach bhfuil mórán faisnéise ar fáil faoin gcaoi a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn caiteachas ar bhealach fónta le roinnt tosaíochtaí san am céanna, nach ndéantar torthaí a thomhas go fóill i gcreat feidhmíochta an Choimisiúin, agus go bhfuil an creat sin dírithe den chuid is mó ar tháirgeacht, agus go bhfuil dúshláin roimh athbhreithniú an Choimisiúin ar an bhfaisnéis a thuairiscítear;

67.

Ag tabhairt dá haire gur geal léi go bhfuil na tosaíochtaí aeráide agus bithéagsúlachta comhtháite sa chreat feidhmíochta, de réir an Choimisiúin; á thabhairt dá haire, áfach, agus é ina ábhar mór imní di, go bhfuil torthaí breise ag an gCúirt óna Tuarascáil Speisialta 09/2022 dar teideal ‘An Caiteachas Aeráide i mBuiséad an Aontais 2014–2020’; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach mbíonn an caiteachas tuairiscithe ábhartha i gcónaí maidir leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus go bhfuil rómheastachán á dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn buiséad an Aontais leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur shuigh an Chúirt nach raibh an tuairisciú iomlán ar an gcaiteachas aeráide iontaofa, ós rud é go raibh garmheastachán suntasach i gceist leis agus nach ndearna sé ach an dea-thionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an aeráid a rianú gan meastóireacht a dhéanamh ar an méid a rannchuidigh sé ar deireadh le spriocanna aeráide an Aontais; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhféadfadh an riosca nach gcaithfí na méideanna atá beartaithe nó geallta an caiteachas aeráide tuairiscithe a mhéadú tuilleadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur shuigh an Chúirt nach bhfuiltear ag súil ach le feabhsuithe teoranta i dtuairisciú aeráide 2021–2027; á chur in iúl gurb oth léi nár thug an Coimisiún aghaidh go fóill ar laigí i bhfigiúirí tuairiscithe a mhodheolaíochta nua; á chur in iúl gur cúis mhór díomá di freagairt an Choimisiúin, rud a léiríonn easpa freagrachta agus nach n-aithnítear go hiomlán na heasnaimh ina mhodheolaíocht; á chur in iúl nach féidir glacadh leis an ráiteas ón gCoimisiún maidir le haontú le comhaltaí an údaráis um urscaoileadh nach bhfuil siad ar aon intinn ós rud é, de réir na Cúirte, go raibh an méid a caitheadh ar an ngníomhaíocht ar son na haeráide ar a laghad EUR 72 bhilliún níos lú ná an méid a tuairiscíodh don tréimhse 2014–2020;

68.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé nach ndearnadh anailís chuimsitheach ar chaiteachas roimhe seo, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le measúnuithe tionchair cuimsitheacha chun feidhmíocht bhuiséad an Aontais a áirithiú; á mheas go bhfuil buntábhacht le ról an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála; ag moladh don Choimisiún uirlisí agus nósanna imeachta a fhorbairt lena bhféadfar úsáid éifeachtúil a bhaint as an saineolas atá ar fáil dó; á iarraidh ar an gCoimisiún údar sainráite a thabhairt leis na cásanna nach gcloíonn sé leis na moltaí;

69.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh an comhionannas inscne a thabhairt isteach sa chreat feidhmíochta; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, sa bhreis ar an bplé ar fad a rinne an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne sa Pharlaimint, gur tháinig an Chúirt ar laigí sa phríomhshruthú inscne; á chur in iúl gur oth léi go raibh laigí sa chéad mheastachán a rinne an Coimisiún ar rannchuidiú foriomlán bhuiséad an Aontais le cur chun cinn an chomhionannais inscne; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil cláir an Aontais á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún go fóill gan aon spriocanna caiteachais a leagan síos agus gan ach roinnt táscairí a bheith ann a bhaineann leis an gcomhionannas inscne; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den chothromaíocht inscne agus de chur chuige buiséadaithe inscne a chur chun cinn sna cistí a leithdháiltear; á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht príomhshruthaithe inscne a fhorbairt go práinneach chun peirspictíocht comhionannais inscne a chomhtháthú i ngach réimse beartais;

70.

Á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil ach faisnéis theoranta ar fáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag cláir an Aontais i dtaca leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go léiríonn an obair a rinne an Chúirt roimhe seo nach ndéanann an Coimisiún tuairisciú ar an gcaoi a rannchuidíonn an buiséad leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tús curtha ag an gCoimisiún le tuairisciú ar na naisc atá idir cláir chaiteachais an Aontais agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe;

71.

Á chur in iúl gur geal léi gur tosaíocht nua é an t-aistriú digiteach; á chur in iúl go dtuigtear di gur chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir leis an rannchuidiú leis an aistriú digiteach le haghaidh cláir shonracha agus go bhfuil sí ag fanacht leis an measúnú is déanaí ón gCúirt ar iontaofacht thuairisciú an Choimisiúin ar chur chun feidhme na tosaíochta sin;

Moltaí

72.

Ag tacú go láidir leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil, agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

73.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tuairisciú feidhmíochta a fheabhsú sna réimsí thuasluaite, lena n-áirítear príomhshruthú aeráide agus inscne, inscne agus cothromaíocht gheografach;

(b)

obair leantach a dhéanamh ar mholtaí na Cúirte chun caiteachas an Aontais a nascadh ar bhealach níos fearr lena chuspóirí aeráide, bithéagsúlachta, príomhshruthaithe inscne agus fuinnimh;

(c)

meastóireacht shoiléir chuimsitheach a dhéanamh ar fheidhmíocht na gclár sa Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht;

74.

Á chur i bhfáth go gcuireann an t-údarás um urscaoileadh an-bhéim ar chur chun feidhme iomlán agus tráthúil na moltaí sin ag an gCúirt agus go ndéanfaidh sé measúnú críochnúil ar chúrsaí sa chéad tuarascáil urscaoilte eile;

Ioncam

75.

Ag tabhairt dá haire go gcuimsíonn ioncam bhuiséad an Aontais acmhainní dílse, ioncam sannta seachtrach lena maoinítear caiteachas na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta den chuid is mó, agus ioncam eile; ag tabhairt dá haire gur ionann an acmhainn dhílis bunaithe ar an ollioncam náisiúnta agus EUR 115,8 billiún (48,2 %) agus ráthaíochtaí buiséadacha oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe i gcomhthéacs NGEU arb ionann iad agus EUR 55,5 billiún (23,2 %) agus gur ionann ranníocaíochtaí agus aisíocaíochtaí a bhaineann le comhaontuithe agus cláir an Aontais agus EUR 19,8 billiún (8,3 %), gur ionann acmhainní dílse traidisiúnta agus EUR 19,0 billiún (7,9 %) agus gur ionann acmhainn dhílis bunaithe ar cháin bhreisluacha agus EUR 17,9 billiún (7,5 %), agus gur ionann acmhainn dhílse dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach agus EUR 5,9 billiún (2,5 %), agus gur ionann ioncam eile agus EUR 5,7 billiún (2,4 %);

76.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta ag an gCúirt ar shampla de 55 ordú aisghabhála ón gCoimisiún, a ceapadh le bheith ionadaíoch ar gach foinse ioncaim, ar chórais an Choimisiúin chun na hacmhainní dílse éagsúla a áirithiú agus a bhainistiú, ar na córais le haghaidh cuntasaíocht agus bainistiú acmhainní dílse traidisiúnta (ADT) i dtrí Bhallstát, agus ar iontaofacht na faisnéise maidir le rialtacht atá i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ó AS BUDG agus ó Eurostat;

77.

Ag tabhairt dá haire go mbaineann an Chúirt de thátal nach raibh an leibhéal earráide san ioncam ábhartha; ag tabhairt dá haire go raibh na córais a bhaineann le hioncam a scrúdaíodh éifeachtach go ginearálta ach go bhfuarthas amach nach bhfuil na príomhrialuithe inmheánacha ADT i mBallstáit áirithe agus bainistiú fhorchoimeádais CBL agus pointí oscailte ADT ag an gCoimisiún éifeachtach ach i bpáirt mar gheall ar laigí leanúnacha;

78.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di go bhfuil baol ann nach ndéanann allmhaireoirí dleachtanna custaim a dhearbhú do na húdaráis chustaim náisiúnta, nó go ndéanann siad iad a dhearbhú go mícheart; á thabhairt chun suntais, nach bhfuil na méideanna sin a dhéantar a imghabháil amhlaidh, ar a dtugtar ‘an bhearna chustaim’, áirithe i gcórais chuntasaíochta ADT na mBallstát agus nach dtagann siad faoi raon feidhme thuairim iniúchóireachta na Cúirte maidir le hioncam; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhféadfadh an bhearna chustaim difear a dhéanamh do mhéideanna na ndleachtanna atá suite ag na Ballstáit; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir na Cúirte, den tríú bliain as a chéile, go ndearna an tAontas gníomhaíochtaí chun an bhearna a laghdú agus an riosca nach bhfuil ADTanna curtha i gcrích a mhaolú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur ann do laigí tromchúiseacha i gcuntasaíocht agus bainistiú ADT na mBallstát le roinnt blianta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta maidir le roinnt gníomhaíochtaí i bPlean Gníomhaíochta Custaim an Choimisiúin;

79.

Á chur in iúl gur geal léi gur tháinig laghdú suntasach ar líon na bpointí ADT atá gan réiteach le fada idir 2019 agus 2021, agus gur nuashonraigh an Coimisiún a nós imeachta chun torthaí cigireachta ADT a phróiseáil, á mholadh don Choimisiún córas a chur san áireamh chun easnaimh na mBallstát a rangú in ord tosaíochta agus spriocdhátaí a leagan síos dá ngníomhaíochtaí leantacha bunaithe ar fhreagraí na mBallstát;

80.

Ag tabhairt dá haire, den séú bliain as a chéile, go bhfuil amhras fós ar AS BUDG go bhfuil na suimeanna ADT a aistrítear go dtí buiséad an Aontais míchruinn de bharr gearrluacháil teicstílí agus bróg a allmhairíodh ón tSín i gcaitheamh na tréimhse ó 2011 go 2017; ag tabhairt dá haire, an 8 Márta 2022, gur fhoilsigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a cinneadh críochnaitheach maidir le cás um shárú a bhí tugtha ag an gCoimisiún in aghaidh na Ríochta Aontaithe inar cinneadh nár chomhlíon an Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí faoi dhlí an Aontais i leith acmhainní dílse;

Moltaí

81.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

82.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

feabhas a chur ar mheasúnú rioscaí airgeadais do ADT trí bhearta ábhartha as a Phlean Gníomhaíochta Custam a chur chun feidhme ar shlí thráthúil;

(b)

cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid ghinearálta agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe le haghaidh tuairisciú, faireacháin agus iniúchadh agus córas comhtháite agus idir-inoibritheach a bhunú go práinneach, ar córas é a chuirfidh leis na huirlisí agus na bunachair sonraí atá ann cheana ach nach mbeidh teoranta dóibh sin amháin;

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach

83.

Ag tabhairt dá haire gur 10,2 % nó EUR 18,5 billiún de bhuiséad an Aontais atá i gceannteideal CAI 1 ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’: as an méid sin, caitear EUR 10,8 billiún (58,7 %) ar thaighde, EUR 2,6 billiún (13,9 %) ar an Spás, EUR 2,2 billiún (11,8 %) ar Iompar, Fuinneamh agus Inneachar Digiteach, EUR 1,5 billiún ar InvestEU, agus EUR 1,4 billiún (7,4 %) ar réimsí eile;

84.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta ag an gCúirt ar shampla atá ionadaíoch ar bhonn staidrimh de ina raibh 130 idirbheart lena gcumhdaítear an raon iomlán caiteachais faoin gceannteideal seo de CAI, an fhaisnéis rialtachta i dtuarascálacha bliantúla gníomhaíochta na hArd-Stiúrthóireachta um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (AS ECFIN), AS RTD agus REA, atá san áireamh in AMPR an Choimisiúin, agus i gcórais TF roghnaithe de chuid an Choimisiúin;

85.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di gur chinn an Chúirt go raibh an leibhéal measta earráide sa chaiteachas ar ‘Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ ábhartha, ag sroicheadh 4,4 %, i gcomparáid le 3,9 % sa bhliain roimhe sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurb é an riosca measta ag tráth na híocaíochta arna ríomh ag an gCoimisiún ná 1,3 %, atá faoi bhun an leibhéil ábharthachta agus faoi bhun raon measta leibhéal earráide na Cúirte araon; ag tabhairt dá haire barúil na Cúirte, in ainneoin na mbeart atá déanta cheana féin ag an gCoimisiún, go bhfuil a ráta earráide fós ina ráiteas easnamhach;

86.

Ag tabhairt dá haire go leanann H2020 de bheith ag déanamh ionadaíochta ar fhormhór na dtionscadal i sampla na Cúirte, ag tabhairt dá haire nár roghnaíodh aon tionscadal Fís Eorpach le haghaidh iniúchta go fóill, ag tabhairt le fios go bhfuil riosca ard fós ag baint le caiteachas H2020 agus FP7 agus gur príomhfhoinse iad do na hearráidí a bhraitear;

87.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di go bhfuil na rialacha chun costais phearsanra a dhearbhú faoi H2020 fós casta, in ainneoin iarrachtaí atá déanta chun iad a shimpliú, agus is mórfhoinse earráide sna héilimh chostais atá fós i ríomh na gcostas sin. á chur in iúl gur oth léi go bhfuil cur i bhfeidhm mícheart na modheolaíochta chun costais phearsanra a ríomh ar cheann de na príomhchúiseanna earráide; á chur in iúl gur geal léi, faoin gclár Fís Eorpach a tháinig ina dhiaidh, go bhfuil úsáid níos mó á baint as cnapshuimeanna agus costais aonaid le haghaidh costais phearsanra; den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart don Choimisiún an cuíchóiriú ar dhearbhú na gcostas pearsanra a chothú agus a éascú tuilleadh agus úsáid níos leithne na roghanna costais simplithe a chur chun cinn mar réamhchoinníoll chun na rátaí earráide a chobhsú faoi bhun an leibhéil ábharthachta; ag tarraingt aird ar bharúil na Cúirte go mbaineann baol earráide le heintitis phríobháideacha, go háirithe FBManna agus iontrálaithe nua;

88.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, go raibh sé mar thoradh ar an tacaíocht shonrach faoi Chlár an Mhargaidh Aonair go raibh malartú dea-chleachtas ann agus go ndeachaigh cúrsaí ó neart go neart ó thaobh tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh i réimse an gheilleagair shóisialta ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus taca a chur faoi líonra Eorpach réigiúin an gheilleagair shóisialta; ag tabhairt dá haire, in 2021, gur reáchtáil an Coimisiún feachtas chun an suíomh gréasáin ‘Rochtain ar Airgeadas’ (A2F) a chur chun cinn, sraith seimineár gréasáin maidir le hionstraimí tacaíochta AE do FBManna agus feachtas a bhí dírithe ar líonraí sóisialta (‘Outreach to Businesses and Citizens’) inar leagadh béim ar an tacaíocht trasteorann do ghnólachtaí agus ar dheiseanna do FBManna;

89.

Ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 15/2022 dar teideal ‘Bhí bearta chun rannpháirtíocht i bhFís 2020 a fhairsingiú deartha go maith ach beidh athrú inbhuanaithe ag brath, den chuid is mó, ar iarrachtaí na n-údarás náisiúnta’ cé go raibh dearadh na mbeart um fhairsingiú iomchuí den chuid is mó, nach féidir leo ach spreagadh a thabhairt don dul chun cinn i bhfeidhmíocht T&N; á chur in iúl gur geal léi go raibh dúshláin roimh chur chun feidhme na mbeart um fhairsingiú ach go bhfuil na chéad torthaí le sonrú cheana féin; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di nach bhfuil socruithe leordhóthanacha déanta ag an gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeart um fhairsingiú; á thabhairt chun suntais conclúid na Cúirte, chun cásanna a sheachaint ina dtéann formhór na dtionscadal um fhairsingiú chuig líon beag tíortha, gur cheart don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leibhéil rannpháirtíochta i mbearta um fhairsingiú faoin gclár Fís Eorpach. Chomh maith leis sin, más rud é go dtagann míchothromaíochtaí suntasacha leanúnacha chun solais, ba cheart dó bearta a thabhairt isteach chun patrún rannpháirtíochta níos leithne a bhaint amach;

90.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 07/2022 ‘Ionstraimí um idirnáisiúnú FBManna’, go ndearna an Coimisiún cur chun feidhme neamhiomlán ar an straitéis maidir le hidirnáisiúnú FBManna; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil a phríomhspriocanna á mbaint amach ag an Líonra Fiontar Eorpach (EEN) ach á chur in iúl gur oth léi go bhfuil infheictheacht agus cumhdach fo-optamach i dtríú tíortha; ag tabhairt dá haire gur thug Startup Europe aghaidh ar riachtanais thábhachtacha, ach gur chinn an Chúirt go bhfuil an inbhuanaitheacht, an faireachán agus an comhordú inathraitheach;

Moltaí

91.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil, agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

92.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt le haghaidh iarratasóirí, iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile go léir gan cáilíocht na rialuithe a chur i mbaol;

(b)

treorú a thabhairt do thairbhithe i dtaobh difríochtaí sonracha, ag díriú ar ghnéithe incháilitheachta faoi HE, i gcomparáid le H2020 agus cláir chomhchosúla;

(c)

cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid ghinearálta agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe le haghaidh tuairisciú, faireacháin agus iniúchadh; agus córas comhtháite agus idir-inoibritheach a chur ar bun go práinneach, ar córas é lena gcuirfear leis na huirlisí agus na bunachair sonraí atá cheana ann ach nach mbeidh teoranta dóibh;

(d)

díriú ar rannpháirtíocht níos cothroime na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú, i gcomhthéacs na mbeart um fhairsingiú;

(e)

tacaíocht a sholáthar, teagmhálacha a chur chun cinn idir tairbhithe tionscadail agus comhpháirtithe ionchasacha tionsclaíocha , go háirithe trí thionscnaimh de chuid an Aontais atá ann cheana lena ndírítear ar naisc a chruthú idir taighde agus gnó, agus tacú tuilleadh le hinfheictheacht tionscadal trí thairbhithe a spreagadh chun nuashonrú rialta a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail agus iad a chur ar fáil go poiblí ar ardáin an Aontais arna mbunú chun na críche sin;

(f)

cur leis an bhfeasacht maidir le hidirnáisiúnú FBManna agus le comhleanúnachas agus inbhuanaitheacht na tacaíochta sin; á athdhearbhú gur gá na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt d’iarratasóirí, d’iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do na geallsealbhóirí ábhartha eile go léir;

Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna

93.

Ag tabhairt dá haire gur 44,1 % nó EUR 80,1 billiún de bhuiséad an Aontais atá i gceannteideal CAI 2 ‘Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna’: as an méid sin, caitear EUR 45,5 billiún (56,9 %) ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus ar oibríochtaí réigiúnacha eile, EUR 19,4 billiún (24,2 %) ar Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), EUR 9,7 billiún (12,1 %) ar an gCiste Comhtháthaithe (CC), EUR 2,4 billiún (3,0 %) ar Erasmus+, EUR 1,0 billiún (1,2 %) ar Iompar SCE, EUR 0,6 billiún (0,7 %) ar ESI agus EUR 1,5 billiún (1,9 %) ar réimsí eile;

94.

Á chur in iúl gur geal léi an méadú a tháinig ar ídiú acmhainní in 2021, nuair a eisíocadh EUR 56 bhilliún de chistiú a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa/an Ciste Comhtháthaithe (CFRE/CC) ó bhuiséad an Aontais, i gcomparáid le EUR 40,6 billiún ar an meán sna blianta roimhe sin, rud a d’fhág go raibh ráta caiteachais thart ar 75 % ann ag deireadh mhí na Samhna 2022 (i gcomparáid le 67 % ag deireadh 2021); á chur in iúl gur díol sásaimh di go raibh beagnach 1 mhilliún tionscadal (988 000) roghnaithe ar an talamh faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2022;

95.

Á chur i bhfios go raibh ról lárnach ag cistiú CFRE, CC agus Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) ó thaobh iarmhairtí phaindéim COVID-19 a shrianadh, cóineasú a spreagadh agus a áirithiú nach bhfágtar aon duine ar lár; ag tabhairt dá haire go raibh solúbthacht eisceachtúil ann faoin Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII+) agus san eisíocaíocht thart ar EUR 23 bhilliún dá bharr ó leithreasuithe buiséid 2014–2020 nár leithdháileadh; ag tabhairt dá haire go bhfuil cistiú breise EUR 50,6 billiún faoi chuimsiú REACT-EU curtha i leataobh freisin le haghaidh bearta athchóirithe agus téarnaimh tar éis na géarchéime suas go dtí 2023 chun an bhearna idir an chéad fhreagairt ar an ngéarchéim agus an téarnamh fadtéarmach a dhúnadh;

96.

Á chur in iúl gur díol sásaimh di gurbh é REACT-EU an chéad ionstraim de chuid Next Generation EU (NGEU) a chuir tacaíocht éifeachtach i dtreo gheilleagar, ghnólachtaí agus oibrithe na hEorpa ar an talamh agus, faoin ionstraim sin, gur soláthraíodh, inter alia, breis agus EUR 4,6 billiún i bhfoirm deontas trí chaipiteal oibre do bhreis agus 754 000 FBM agus gur cuireadh EUR 4,4 billiún i leataobh go sonrach le haghaidh bearta cúraim sláinte chun paindéim COVID-19 a chomhrac, lena n-áirítear EUR 2 bhilliún chun trealamh leighis a cheannach d’ospidéil; ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar an gcistiú bunriachtanach sin, gur cuireadh 13 200 aerálaí agus 12 500 leaba ospidéil ar fáil d’aonaid dianchúraim agus gur cuireadh EUR 372 mhilliún de chistiú an bheartais chomhtháthaithe ar fáil chun costas na vacsaínithe uile a sheasamh, lena n-áirítear 133 mhilliún vacsaín COVID-19 agus an bonneagar cuisniúcháin is gá;

97.

Á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gur lean Ionstraimí Airgeadais EaSI (lena gcuimsítear Ráthaíocht Mhicreamhaoiniúcháin agus Fiontraíocht Shóisialta EaSI, an tIonú um Infheistíochtaí Fothaithe Acmhainneachta agus an Ionstraim Maoinithe), in 2021, de bheith ag tacú le micrifhiontair agus le fiontair shóisialta, agus ón uair a seoladh é go dtí an 30 Meán Fómhair 2021, gur síníodh comhaontuithe ráthaíochta ar fiú EUR 401 mhilliún iad agus as ar tháinig 154 137 n-iasachtaí ar fiú EUR 2.5 billiún iad ar an iomlán do mhicrifhiontair agus d’fhiontair shóisialta; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur cuireadh tús le EaSI go déanach in 2021 mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar shaincheisteanna eile;

98.

Ag tabhairt dá haire, ar an meán, go bhfuil níos mó ná duine amháin as cúigear agus leanbh amháin as gach ceathrar leanaí i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta san Aontas; ag meabhrú thiomantas an Aontais chun tacaíocht a thabhairt do na daoine is díothaí trí FEAD agus CSE+, lena maolaítear na cineálacha is measa bochtaineachta san Aontas, amhail díth bia, easpa dídine, agus bochtaineacht leanaí; ag tabhairt dá haire go dtacaíonn FEAD gach bliain le tuairim is 13 mhilliún duine, lena n-áirítear thart ar 4 mhilliún leanbh faoi bhun 15 bliana d’aois;

99.

Á chur in iúl gur geal léi dlúthchomhar an Choimisiúin le húdaráis na mBallstát chun dlús a chur leis an gcur chun feidhme ar an talamh, go háirithe i gcás na gclár a mheastar a bheith i gcruachás, agus chun cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar mhórfhadhbanna ina leith sin; ag tabhairt dá haire gur thug an Coimisiún treoir luath do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh a ndóthain ama acu chun ullmhú do dhúnadh na clárthréimhse agus, i mí Dheireadh Fómhair 2021, gur ghlac sé na treoirlínte ábhartha, a tarchuireadh chuig na Ballstáit i bhfoirm seimineáir ghréasáin agus cúrsaí oiliúna;

100.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta ag an gCúirt ar shampla atá ionadaíoch ar bhonn staidrimh de ina raibh 243 idirbheart lena gcumhdaítear an raon iomlán caiteachais faoin gceannteideal seo de CAI; ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta ag an gCúirt ar an bhfaisnéis rialtachta a tugadh i dtuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí AS EMPL agus DG REGIO agus a áiríodh ina dhiaidh sin in AMPR an Choimisiúin, chomh maith leis an obair atá déanta ag na húdaráis náisiúnta iniúchóireachta;

101.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt go raibh an leibhéal earráide sa chaiteachas ar ‘Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna’ ábhartha agus i gcás cheannteideal 2 de CAI, ba é an leibhéal foriomlán measta earráide ná 3,6 %, i gcomparáid le 3,5 % sa bhliain roimhe sin; ag tabhairt dá haire go raibh leibhéal measta earráide 4,1 % ag caiteachas faoi fho-cheannteideal 2a; ag tabhairt le fios gur thuairiscigh an Coimisiún riosca comhcheangailte ag tráth na híocaíochta do cheannteideal 2 idir 1,7 % agus 2,3 % ina iomláine, agus i gcás fho-cheannteideal 2a gur mheas an Coimisiún an riosca ag tráth na híocaíochta a bheith idir 1,8 % agus 2,5 %; ag tarraingt aird ar an difríocht sna figiúirí idir an Coimisiún agus an Chúirt;

102.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil feabhas curtha ag an gCoimisiún ar a mhodheolaíocht chun meastachán a dhéanamh ar an riosca uasta, ach ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di go bhfuil rioscaí bunúsacha fós ann ina mhúnla dearbhaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtugann an Coimisiún meastachán íosta ar an leibhéal earráide nach bhfuil críochnaitheach; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh athbhreithnithe deisce in ann caiteachas neamhrialta a bhrath agus a cheartú, go bhfuil luach teoranta ag baint leo ó thaobh bhailíocht na rátaí earráidí iomlána iarmharacha arna dtuairisciú ag na húdaráis iniúchóireachta a dheimhniú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach mbionn tionchar i gcónaí ag rátáil riosca na n-údarás iniúchóireachta ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar iad a roghnú le haghaidh iniúchóireacht comhlíontachta;

103.

Á thabhairt chun suntais gurbh iad na hearráidí ba choitianta a d’aimsigh an Chúirt ná costais neamh-incháilithe, tionscadail neamh-incháilithe agus sáruithe ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le soláthar poiblí agus sáruithe ar rialacha maidir leis an státchabhair;

104.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go léiríonn torthaí iniúchóireachta na Cúirte le cúig bliana anuas nach ndéanann na rialuithe atá i bhfeidhm faoi láthair an riosca ard earráide sa réimse sin a fhritháireamh go leordhóthanach fós, agus gur fíor sin go háirithe i gcás na n-údarás bainistíochta, a bhfuil a bhfíoruithe fós neamhéifeachtach go pointe áirithe chun neamhrialtachtaí sa chaiteachas arna dhearbhú ag tairbhithe a chosc nó a bhrath; á chur in iúl gur oth léi gurb í cinnteoireacht lag na n-údarás bainistíochta is mó a rannchuidíonn leis an leibhéal earráide measta, arna ríomh ag an gCúirt sa réimse sin, lena n-áirítear tionscadail neamh-incháilithe nó státchabhair neamhdhleathach a fhormheas;

105.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di go bhfuil easnaimh fós ann sa tslí ina ndéanann údaráis iniúchóireachta a gcuid oibre agus ina ndéanann siad a gcuid oibre a dhoiciméadú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur aimsigh an Chúirt earráidí inchainníochtaithe nár shainaithin na húdaráis náisiúnta iniúchóireachta roimhe sin i mórán cásanna agus a gcuid iniúchtaí á ndéanamh acu arís;

106.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 08/2022 dar teideal ‘Tacaíocht CFRE d’iomaíochas FBManna’, nach raibh an úsáid a bhain na Ballstáit as CFRE chun iomaíochas FBManna a fheabhsú spriocdhírithe go leordhóthanach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár chuir tacaíocht CFRE feabhas suntasach ar iomaíochas FBManna a dtugtar tacaíocht dóibh, ag tabhairt dá haire gur ann do chinneadh na Cúirte go gcuirtear teorainn le tionchar féideartha CFRE trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail neamhspleácha; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil nósanna imeachta roghnúcháin CFRE iomaíoch go leor agus go gcuirtear an chuid is mó den tacaíocht ar fáil trí dheontais seachas trí chabhair inaisíoctha;

107.

Á iarraidh ar an gCoimisiún deireadh a chur le cistiú uile an Ioslamachais agus na n-eagraíochtaí a bhfuil naisc acu leis an Ioslamachas chomh maith le feachtais lena ndéantar hijab a ghlóiriú nó a dhlisteanú;

Moltaí

108.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

109.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

leanúint dá comhar leis an gCúirt chun caighdeáin sonraí a chomhchuibhiú tuilleadh agus an léirmhíniú ar théacsanna dlí a ailíniú;

(b)

é a dhéanamh éigeantach agus córasach úsáid a bhaint as uirlisí TF amhail EDES agus ARACHNE le haghaidh chistí uile an Aontais, lena n-áirítear bainistiú comhroinnte, agus úsáid níos fearr as teicneolaíocht nua a áirithiú chun rialuithe a mhéadú agus buiséad an Aontais a chosaint ar chalaois agus ar mhí-úsáid cistí;

(c)

cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid ghinearálta agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe le haghaidh tuairisciú, faireacháin agus iniúchadh agus córas comhtháite agus idir-inoibritheach a bhunú go práinneach, ar córas é a chuirfidh leis na huirlisí agus na bunachair sonraí atá ann cheana ach nach mbeidh teoranta dóibh sin amháin;

(d)

tuairisc a thabhairt maidir leis na hiniúchtaí arna ndéanamh ar luathchóras coisctheach (EPSA) a rinneadh ag tús na clárthréimhse, chun éifeachtacht na gcóras rialaithe sna Ballstáit a dheimhniú, lena n-áirítear an córas atá i bhfeidhm chun neamhrialtachtaí a chosc;

(e)

oibriú i gcomhar le húdaráis iniúchóireachta na mBallstát, chun a áirithiú go mbeidh an riosca sonrach a bhaineann le cistiú dúbailte, go háirithe le maoiniú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RFF), cumhdaithe go maith ag iniúchtaí náisiúnta; ag éileamh go ndéanfadh an Coimisiún iniúchtaí téamacha nó iniúchtaí comhlíontachta, atá saincheaptha díriú ar réimsí ardriosca agus/nó ar na Ballstáit;

(f)

na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt le haghaidh iarratasóirí, iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile go léir gan cáilíocht na rialuithe a chur i mbaol;

Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

110.

Ag tabhairt dá haire gur ionann ceannteideal CAI 3 ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ agus 31,3 % nó EUR 56,8 billiún de bhuiséad an Aontais: as an méid sin, caitear EUR 38,3 billiún (67,3 %) ar íocaíochtaí díreacha faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), EUR 14,6 billiún (25,7 % ar an gciste talmhaíochta um fhorbairt tuaithe (EARDF), EUR 2,5 billiún (4,5 %) ar chaiteachas a bhaineann leis an margadh faoi CERT, EUR 0,9 billiún (1,6 %) ar Mhuirí agus ar Iascaigh, EUR 0,4 billiún (0,7 % ar an gComhshaol agus ar an Aeráid (LIFE), agus 0,1 billiún (0,2 %) ar réimsí eile;

111.

Ag tabhairt dá haire gurbh é 2021 an chéad bhliain d’idirthréimhse dhá bhliain an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) inar úsáideadh pacáistí an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ar cuid de chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021–2027 iad chun CBT a chur chun feidhme faoi na rialacha idirthréimhseacha agus gur cuireadh síneadh leis na cláir forbartha tuaithe don tréimhse 2014–2020; ag tabhairt dá haire freisin gur gealladh agus gur íocadh EUR 40,7 billiún de chistiú CERT, a buiséadaíodh do 2021 faoi CAI 2021–2027, le linn na bliana; ag tabhairt dá haire, as leithreasuithe 2021 faoi chomhair gealltanas le haghaidh CETFT agus NGEU (EUR 17,7 billiún), gur íocadh EUR 624 mhilliún in 2021, agus gur bhain EUR 14 bhilliún d’íocaíochtaí 2021 le gealltanais a rinneadh roimh 2021;

112.

Á chur in iúl gur oth léi an úsáid a bhaintear as an gCiste Eorpach um Ghnóthaí Muirí agus Iascaigh mar nach leor í; á chur i bhfáth, as imchlúdach EUR 5,69 billiún an Choiste um an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) a bhí ar fáil faoi bhainistíocht chomhroinnte don tréimhse 2014–2020, nár gealladh ach EUR 4,1 billiún go dtí deireadh 2021; ag tabhairt dá haire gur dócha nach mbaineann tairbhithe féideartha úsáid as CEMI mar gheall ar an deacracht a bhaineann le hiarratais ar chistí a chur isteach agus lena bpróiseáil; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis sin;

113.

Ag tabhairt dá haire gur ghlac na Ballstáit córais bhainistithe agus rialaithe chun cásanna déchistithe a shainaithint agus go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun na cásanna sin a leigheas má thagann siad chun cinn; ag tabhairt dá haire freisin, i gcás ina bhfaightear laigí i rialuithe agus nósanna imeachta, go bhféadfaidh an Coimisiún a mholadh do na Ballstáit feabhsuithe a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, coigeartuithe airgeadais a dhéanamh chun buiséad an Aontais a chosaint;

114.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta ag an gCúirt ar shampla atá ionadaíoch ar bhonn staidrimh de, ina raibh 212 idirbheart lena gclúdaítear an raon iomlán caiteachais faoin gceannteideal seo de CAI: ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt scrúdú freisin ar an bhfaisnéis rialtachta a thugtar i dtuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí AS AGRI agus AS CLIMA agus a áiríodh ina dhiaidh sin in AMPR an Choimisiúin, chomh maith le córais roghnaithe sna Ballstáit;

115.

Ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici gur mheas an Chúirt go raibh an leibhéal earráide do ‘Acmhainní nádúrtha’ gar don tairseach ábharthachta, a mheastar a bheith 1,8 % i gcomparáid le 2,0 % sa chleachtadh roimhe sin, agus go ndearna tromlach na n-earráidí difear d’idirbhearta faoi bhearta forbartha tuaithe agus bearta sa mhargadh; á thabhairt chun suntais go bhfuil an figiúr sin i gcomhréir le meastacháin an Choimisiúin féin; ag tabhairt le fios gurbh é an meastachán a rinne AS AGRI den riosca ag tráth na híocaíochta (ráta earráide coigeartaithe) ná thart ar 1,4 % le haghaidh íocaíochtaí díreacha, 2,9 % le haghaidh forbairt tuaithe agus 2,1 % le haghaidh bearta sna margaí, atá i gcomhréir leis na torthaí ón gCúirt; ag tabhairt le fios nach bhfuil an t-ailíniú sin idir an Chúirt agus an Coimisiún ar mheastacháin earráide ann i réimsí caiteachais eile;

116.

Á thabhairt chun suntais gurb é an phríomhfhoinse earráidí ba choitianta a d'aimsigh an Chúirt ná tairbhithe neamh-incháilithe nó caiteachas neamh-incháilithe, agus ina dhiaidh sin bhí earráidí riaracháin agus neamh-urraim do thiomantais agra-chomhshaoil; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di gur chinn an Chúirt i roinnt cásanna go raibh faisnéis leordhóthanach ag údaráis na mBallstát agus ag an gCoimisiún chun an earráid a chosc, nó a bhrath agus a cheartú, sular glacadh leis an gcaiteachas; á chur in iúl go measann an Chúirt go mbeadh an leibhéal earráide measta don chaibidil seo 1,2 % níos ísle dá mbainfeadh údaráis na mBallstát agus an Coimisiún (le haghaidh bainistíocht dhíreach) úsáid chuí as an bhfaisnéis uile atá ar fáil dóibh; ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt gur earráid riaracháin atá i gceist mar gheall nár úsáideadh an fhaisnéis a bhí ar fáil;

117.

Á aithint go bhfuil riosca earráide níos ísle ag baint le híocaíochtaí díreacha, arb ionann iad agus 67 % den chaiteachas; ag tabhairt dá haire go ndéantar iad a bhainistiú tríd an gCóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR), ina bhfuil an Córas Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talún (LPIS). ag tabhairt dá haire gur measann an Chúirt gur córas éifeachtach bainistithe agus rialaithe atá in CCRR, agus LPIS go háirithe, chun a áirithiú nach ndéanann earráid ábharthach difear do na híocaíochtaí díreacha i gcoitinne; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt go bhfuil riosca níos airde earráide ag baint le bearta forbartha tuaithe, le bearta sa mhargadh agus le híocaíochtaí eile, arb ionann iad agus 33 % den chaiteachas;

118.

Ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 14/2022 dar teideal ‘Freagairt an Choimisiúin ar chalaois sa Chomhbheartas Talmhaíochta’ go mbíonn éagsúlacht sna rioscaí calaoise idir na scéimeanna íocaíochta éagsúla faoi CBT; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Coimisiún beart maidir le calaois sa chaiteachas; á chur in iúl gur oth léi, de réir na Cúirte, nach raibh na bearta a rinne an Coimisiún réamhghníomhach go leor ó thaobh aghaidh a thabhairt ar rioscaí áirithe calaoise, amhail ‘grabáil talún’ neamhdhleathach; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an baol ann go mbainfidh calaoiseoirí leas as laigí sna seiceálacha a dhéanann na Ballstáit agus gur cheart don Choimisiún faireachán níos fearr a dhéanamh ar na bearta náisiúnta frithchalaoise, treoirlínte níos nithiúla a chur ar fáil agus úsáid teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn chun calaois a chosc agus a bhrath; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chuir roinnt gníomhaireachtaí íocaíochta in iúl go bhfuil comhairle níos praiticiúla ón gCoimisiún ag teastáil;

119.

Á chur in iúl gur oth léi nach mbeidh sé mar thoradh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an Coimisiún chun calaois in íocaíochtaí CBT a bhrath agus a chomhrac nach bhfaighfear réidh leis an gcuid is mó de na rioscaí agus den mhí-úsáid; ag tathant ar an gCoimisiún measúnú córasach a dhéanamh ar úsáid íocaíochtaí CBT trí liosta na dtairbhithe is mó in aghaidh an Bhallstáit a sholáthar agus é a fhoilsiú dá réir;

120.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 16/2022 dar teideal ‘Sonraí sa Chomhbheartas Talmhaíochta’, nach ndéanann na sonraí agus uirlisí reatha an fhaisnéis atá ag teastáil le haghaidh ceapadh beartais ar bhonn eolasach ar leibhéal an Aontais a thabhairt i gcrích ach go páirteach; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt tionscnamh ag an gCoimisiún chun úsáid níos fearr a bhaint as sonraí atá ann cheana féin; á chur in iúl gur oth léi gur chinn an Chúirt go bhfuil bacainní fós sa réimse sin;

121.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt, i dTuarascáil Speisialta 10/2022 uaithi dar teideal ‘Éascaíonn LEADER agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail rannpháirtíocht áitiúil, ach níl léiriú leordhóthanach ann go fóill maidir le buntáistí breise’ go n-éascaíonn grúpaí gníomhaíochta áitiúla an rannpháirtíocht áitiúil ach go mbíonn costais bhreise agus próisis formheasa mhall i gceist leo; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil aon léiriú fós ar na tairbhí breise a bhaineann le LEADER agus le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail;

122.

Ag meabhrú a thábhachtaí atá leithdháileadh cothrom CBT, lenar cheart, ar thaobh amháin, aon mhí-úsáid cistí a sheachaint, go háirithe ag daoine aonair, scothaicmí agus ilchuideachtaí móra a bhfuil tábhacht pholaitiúil ag baint leo, agus díriú ar fheirmeoirí gníomhacha atá i mbun talmhaíochta go hiomlán ar an taobh eile;

Moltaí

123.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

124.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú go mór, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt le haghaidh iarratasóirí, iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile go léir gan cáilíocht na rialuithe a chur i mbaol;

(b)

leas níos fearr a bhaint as an intleacht shaorga agus na sonraí ó theicneolaíochtaí nua amhail satailítí Copernicus Sentinel atá faoi úinéireacht an Aontais, agus úsáid chórasach IS agus na sonraí sin a spreagadh, chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar an úsáid cheart a bhaintear as cistí CBT;

(c)

an úsáid a bhaintear as na huirlisí TF, Arachne agus EDES, a chur ar bhonn éigeantach córasach le haghaidh gníomhaireachtaí íocaíochta, mar uirlisí tábhachtacha is féidir a úsáid chun tionscadail, tairbhithe agus conraitheoirí atá i mbaol calaoise a shainaithint;

(d)

cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid ghinearálta agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe le haghaidh tuairisciú, faireacháin agus iniúchadh agus córas comhtháite agus idir-inoibritheach a bhunú go práinneach, ar córas é a chuirfidh leis na huirlisí agus na bunachair sonraí atá cheana ann ach nach mbeidh teoranta dóibh sin amháin;

(e)

leasú ar rialacha CBT a thíolacadh a mbeidh sé mar aidhm leis cosc a chur le cistí ón Aontas a bheith á n-eisíoc i gcás ina bhfuarthas talamh le lámh láidir nó i gcás ina ndearnadh dearbhú bréagach faoin úinéireacht;

(f)

sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú maidir leis na tairbhithe is mó a fuair cistí faoi CBT sna Ballstáit ar fad, lena n-áirítear na sonraí comhtháite ó chistí eile ón Aontas;

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha, Slándáil agus Cosaint

125.

Á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh ceannteideal 4 de CAI ‘Imirce agus Bainistiú Teorainneacha’ don chlárthréimhse 2021–2027 mar go gcuireann sé sin i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na saincheisteanna gaolmhara don Aontas ina iomláine agus do bhuiséad an Aontais go háirithe; ag tabhairt dá haire gur bhain an ceannteideal sin in 2021 le EUR 2,5 billiún in íocaíochtaí, ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (EUR 1,2 billiún), ón gCiste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha agus Víosaí(EUR 0,4 billiún) agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ó Frontex agus ó eu-LISA (EUR 0,9 billiún); ag tabhairt dá haire go mbaineann an caiteachas sin go príomha le cur i gcrích tionscadal agus scéimeanna atá fós le críochnú ó chlárthréimhse 2014–2020;

126.

Ag tabhairt dá haire go mbaineann ceannteideal 5 ‘slándáil agus cosaint’ le EUR 0,7 billiún in íocaíochtaí, ón gCiste Eorpach Cosanta (EUR 0,2 billiún), ón gCiste Slándála Inmheánaí – Póilíní (EUR 0,2 billiún), ó na gníomhaireachtaí díláraithe (EUR 0,2 billiún), agus ón tsábháilteacht núicléach agus díchoimisiúnú (EUR 0,1 billiún);

127.

Á chur in iúl gur údar imní di go raibh tionchar ag earráidí ar naoi gcinn (32 %) de na 28 n-idirbheart a ndearna an Chúirt scrúdú orthu, gur chainníochtaigh an Chúirt sé earráid a raibh tionchar acu ar na méideanna a cuireadh ar bhuiséad an Aontais, agus gur chinn an Chúirt freisin go raibh sé chás de neamhchomhlíonadh forálacha dlíthiúla agus airgeadais ann, gan aon tionchar ar bhuiséad an Aontais;

128.

Ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt athbhreithniú freisin ar an obair a rinne trí cinn d’údaráis iniúchóireachta nuair a bhí cuntais bhliantúla AMIF/ISF a mBallstáit á n-iniúchadh acu; á chur in iúl gur oth léi gur shainaithin an Chúirt easnaimh ina dtuairisciú, a bhaineann le hobair iniúchóireachta a rinneadh ar rogha tionscadal, nósanna imeachta soláthair, tástáil nach raibh leormhaith ar incháilitheacht an chaiteachais. agus rian iniúchóireachta nach raibh leordhóthanach nó droch-dhoiciméadacht, rud a d’fhág nár braitheadh caiteachas neamh-incháilithe, nach raibh conclúidí na hiniúchóireachta iontaofa agus nach raibh ach dearbhú teoranta ag baint le hobair na n-údarás iniúchóireachta; ag tabhairt dá haire go bhfuil moltaí curtha i dtoll a chéile ag an gCúirt chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh;

129.

Ag tabhairt dá haire, ó fhreagraí an Choimisinéara ar cheisteanna i scríbhinn, go nglacann FBManna páirt i nglaonna ón gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) agus gur ionann iad agus 43 % de na heintitis atá rannpháirteach sna tograí a roghnaíodh; ag tabhairt dá haire go gcuireann an Coimisiún tacaíocht theicniúil ghinearálta ar fáil do thairbhithe féideartha cistí ón gCiste Eorpach Cosanta tríd an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go measann an Coimisiún go dtacaítear le rannpháirtíocht FBManna i nglaonna ó CEF trí roghanna costais simplithe, a théann chun tairbhe do na rannpháirtithe uile, agus trí laethanta faisnéise a eagrú; á mheas go bhféadfadh sé nach leor é sin i gcás FBManna i bhfianaise na bhfadhbanna a bhíonn ag na fiontair sin, a bhfuil baint acu go príomha le heaspa eolais shonraigh maidir le cistiú agus cumas riaracháin an Aontais;

130.

Á chur in iúl gur díol sásaimh di, sa chéad bhliain de ghlaonna CEF ar thograí (2021), go raibh 692 eintiteas ‘aonair’ ó na Ballstáit uile (seachas Málta) agus ón Iorua rannpháirteach sa nós imeachta deiridh ar roghnaíodh 61 thogra dá thoradh, rud a léiríonn an t-ardleibhéal rannpháirtíochta agus leibhéal an chomhair trasteorann araon; ag tabhairt dá haire freisin go raibh baint ag eintitis ó thart ar ocht mBallstát, ar an meán, le togra a roghnaíodh le haghaidh cistiú;

Moltaí

131.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

132.

Á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, breithniú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a rinne an Comhionad Cur Chun Feidhme in AS RTD le haghaidh cistí ón gclár Fís Eorpach chun tacú le FBManna, amhail seimineáir ghréasáin agus laethanta na gcomhordaitheoirí, agus na gnéithe rathúla den Chomhionad Cur Chun Feidhme a úsáid i gcur chuige AS RTD i leith CEF, go háirithe chun eolas níos sonraí ar chistiú ón Aontas a thabhairt do FBManna agus an t-ualach riaracháin atá orthu a laghdú;

133.

Á iarraidh ar an gCúirt machnamh a dhéanamh ar cheannteidil éagsúla CAI a léiriú ina Tuarascáil Bhliantúil trí chaibidil ar leith a thiomnú do gach ceannteideal;

An chomharsanacht agus an domhan

134.

Á chur in iúl gur geal léi gur glacadh NDICI-an Eoraip Dhomhanda in 2021 mar an phríomhionstraim chistiúcháin faoin gceannteideal CAI sin, agus é mar chuspóir aige luachanna, prionsabail agus leasanna bunúsacha an Aontais a chaomhnú agus a chur chun cinn ar fud an domhain, agus cuidiú le hiltaobhachas agus comhpháirtíochtaí níos láidre le tíortha nach bhfuil san Aontas a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire gur léiriú é NDICI-an Eoraip Dhomhanda ar athrú mór i gcomparáid le CAI 2014–2020, le comhtháthú an chomhair le tíortha comhpháirtíochta san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, a bhíodh á mhaoiniú roimhe seo ag na Cistí Eorpacha Forbraíochta, i mbuiséad ginearálta an Aontais; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil cur chuige níos comhtháite in easnamh i dtionscadail forbartha domhanda;

135.

Á mheabhrú go ndearnadh atheagrú ar an Ard-Stiúrthóireacht um Chomhar um Fhorbairt (AS DEVCO) an 16 Eanáir 2021 agus go ndearnadh Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA) de; á chur in iúl gur geal léi comhdhlúthú acmhainní i réimse na gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta le tabhairt isteach NDICI – an Eoraip Dhomhanda agus freisin trí chur chuige Fhoireann na hEorpa;

136.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, gurbh ionann íocaíochtaí ar ‘An chomharsanacht agus an domhan’ agus EUR 10,9 billiún; ag tabhairt dá haire gur eisíocadh na híocaíochtaí sin trí úsáid a bhaint as ionstraimí agus modhanna seachadta éagsúla; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go gcáilíonn an Chúirt an riosca earráide sa cheannteideal CAI sin mar ‘ard’, agus 32 as 67 n-idirbheart iniúchta (48 %) a ndearna earráidí difear dóibh;

137.

Ag tabhairt dá haire gur tháinig an Chúirt ar 12 chás nár comhlíonadh forálacha dlíthiúla agus airgeadais agus cé nach raibh tionchar acu ar bhuiséad an Aontais, baineann siad an bonn mar sin féin de bhainistíocht fhónta airgeadais agus d’fhéadfaidís costais a fhágáil neamh-incháilithe; ag tabhairt dá haire go mbaineann na cásanna neamhchomhlíonta sin le roghnú tionscadal agus le cur i bhfeidhm na rialacha soláthair, agus le doiciméadacht tacaíochta le haghaidh éilimh ar chostais a chur isteach;

138.

Ag tabhairt dá haire gur ann do thorthaí an seachtú staidéar ar an Ráta Earráidí Iarmharacha (RER) a rinne AS NEAR in 2021, agus go háirithe an RER foriomlán a fuarthas a bheith ar 1,05 %, faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 %; ag tabhairt dá haire gur shainaithin an Chúirt na teorainneacha maidir leis an modheolaíocht chun RER a chinneadh, go háirithe nach ndéantar sciar suntasach de chaiteachas AS NEAR a mheas i bpobal samplála RER agus go bhfágann sé sin go bhfuil baol ann nach mbraithfear earráidí, dar leis an gCúirt; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe nár nocht AS NEAR na teorainneacha sin ina Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí, 2021;

139.

Ag tabhairt dá haire gur ann do thorthaí Staidéar RER 2021 a rinne AS INTPA, lena ndéantar idirdhealú idir RER le haghaidh cistí a chuirtear chun feidhme faoi bhuiséad an Aontais (1,45 %) agus na Cistí Eorpacha Forbraíochta (0,91 %); á chur in iúl gur geal léi go dtugann AS INTPA aghaidh ar mholtaí na Cúirte maidir leis na barúlacha iniúchóireachta a bhaineann le RER; ag tabhairt dá haire na mínithe a chuir AS INTPA ar fáil maidir lena modheolaíocht RER agus an t-idirdhealú idir RER agus an obair iniúchóireachta a rinne an Chúirt, agus na conclúidí a tháinig as an obair sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go bhfuil critíc bhunúsach na Cúirte maidir leis an modheolaíocht, agus go háirithe na cinntí gaolmhara maidir le forchoimeádais, fós ann;

140.

Á chur in iúl gur saoth léi an t-ábhar achrannach a spreagann fuath atá i dtéacsleabhair scoile agus cártaí staidéir na Palaistíne nach bhfuarthas réidh leis fós; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an t-oideachas agus rochtain na ndaltaí ar théacsleabhair shíochánta agus neamhchlaonta ríthábhachtach, go háirithe sa chomhthéacs go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndéagóirí atá á lua le hionsaithe sceimhlitheoireachta; á chur i bhfáth go gcuirfear tacaíocht airgeadais ón Aontas ar fáil d’Údarás na Palaistíne i réimse an oideachais ar an gcoinníoll go gcuirfear ábhar na dtéacsleabhar i gcomhréir le caighdeáin UNESCO, mar a chinn airí oideachais an Aontais i bPáras an 17 Márta 2015, go scriosfar na tagairtí frith-Sheimíteacha uile, agus go mbainfear amach na samplaí a spreagann fuath agus foréigean, mar a iarradh arís agus arís eile sna rúin a ghabhann leis na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do na blianta airgeadais 2016, 2018, 2019 agus 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, grinnscrúdú géar a dhéanamh ar an gcaoi ghasta a n-athróidh Údarás na Palaistíne an curaclam;

141.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di an scriosadh agus coigistiú leanúnach tionscadal atá maoinithe ag an Aontas sa Bhruach Thiar; á mheabhrú gur ann do sheasamh na Comhairle lena gcuirtear in iúl go ndéanfaidh sí a dícheall a áirithiú go gcuirfear in iúl ar bhealach ríshoiléir agus sainráite i ngach comhaontú idir Iosrael agus an tAontas Eorpach nach bhfuil feidhm ag na comhaontuithe sin maidir leis na críocha atá faoi fhorghabháil Iosrael ó 1967 i leith agus, chomh maith leis sin, go leanfaidh sí de dhlí an Aontais atá ann cheana agus na socruithe déthaobhacha is infheidhme maidir le táirgí lonnaíochta a chur chun feidhme go héifeachtach;

142.

Ag tarraingt aird ar na deacrachtaí a bhaineann le cur chun feidhme an tionscadail Jordan Industry 4.0 & Digitalization Innovation Centre (InJo4.0) atá faoi stiúir cuibhreannais; á thabhairt chun suntais nach bhfuil rialú ná riarachán soiléir ag baint leis an tionscadal agus go bhfuil príomh-chomhpháirtí an chuibhreannais i gceannas ar acmhainní an tionscadail ar bhealach a fhágann nach raibh ach rochtain an-srianta ag na comhpháirtithe ar acmhainní an tionscadail nó nach raibh aon rochtain acu orthu, agus go bhfuil cinneadh déanta cheana féin ag dhá chomhpháirtí go bhfágfaidh siad an tionscadal; ag caitheamh amhras, thairis sin, ar chumas an Choimisiúin an tionscadal a bhainistiú mar gheall ar choinbhleacht leasa shoiléir a bheith ann ó thaobh cheannaire an tionscadail de, atá ag gníomhú mar chomhordaitheoir an tionscadail, agus an eagla atá roimh mhonaplacht a bheadh i bhfabhar chuideachta an chomhordaitheora trí sheilbh a ghlacadh ar an maoin intleachtúil uile; á iarraidh ar an gCoimisiún iniúchadh neamhspleách a dhéanamh chun léargas soiléir a fháil ar na fadhbanna ar an talamh, cur chun feidhme dlíthiúil agus trédhearcach an tionscadail a áirithiú agus coimircí a fhorbairt le haghaidh tionscadail amach anseo chun nach féidir le cuideachta aonair seilbh a ghlacadh mar aon le bealaí cumarsáide trédhearcacha le haghaidh tionscadail i dtríú tíortha;

143.

Ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé sásra na coinníollachta a nascadh leis an smacht reachta mar aon leis an ailíniú le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais; á athdhearbhú go mbeidh cistiú IPA III nasctha go docht leis na critéir sin agus nach n-eisíocfar na cistí sin le tíortha na mBalcán Thiar mura gcomhlíonfar na critéir sin go soiléir, mar a cuireadh i dtreis i dTuarascáil Speisialta Uimh. 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar’;

144.

Ag meabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag beartas na forbartha agus an chomhair an bhochtaineacht a dhíothú agus an neamhionannas a laghdú agus nár cheart do chistí ach na tairbhithe a bheartaítear dóibh a bhaint amach;

Moltaí

145.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

146.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

athmhachnamh a dhéanamh ar eisiamh na gcatagóirí caiteachais a shainaithin an Chúirt agus teorainneacha a modheolaíochta RER a nochtadh go soiléir;

(b)

cumarsáid níos fearr a dhéanamh maidir leis na rátaí earráide a ghabhann leis maidir leis an ráta earráide a thíolaic an Chúirt, agus míniú níos fearr á thabhairt ar na difríochtaí agus á rá go soiléir go dtacaíonn an Coimisiún le ráta earráide na Cúirte, agus go soláthraíonn sé a ríomhanna féin chun anailís níos mionsonraithe a dhéanamh lena scrúdaítear bunchúiseanna na n-earráidí;

(c)

a áirithiú go mbeidh comhaontuithe comhpháirtíochta amach anseo bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta, na dlúthpháirtíochta, na freagrachta comhroinnte, na hurraime do chearta an duine, an smachta reachta agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta; go nithiúil, trí mheasúnuithe tionchair ex ante ar chearta an duine a dhéanamh sula rachfaí i mbun tionscadal i dtríú tíortha, chomh maith le faireachán a dhéanamh le linn chéim an chur chun feidhme agus na torthaí air sin a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh;

(d)

Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a chomhlíonadh trína áirithiú gur ionann an caiteachas a bhaineann leis an imirce in NDICI agus 10 % den ionstraim ar bhonn táscach; trédhearcacht iomlán a áirithiú, trí fhorléargas soiléir a chur ar fáil ar na hionstraimí uile laistigh de bhuiséad an Aontais a úsáidtear chun an comhar le tríú tíortha i réimse an bhainistithe imirce a mhaoiniú, lena n-áirítear faisnéis maidir le méid, cuspóir agus foinse an chistithe, chomh maith le faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil maidir le haon bhearta tacaíochta eile a d’fhéadfadh gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, amhail Frontex, a sholáthar chun a áirithiú gur féidir leis an údarás um urscaoileadh an ról institiúideach atá aige ó thaobh grinnscrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais a dhéanamh go héifeachtach;

(e)

liosta na dtairbhithe deiridh agus na dtionscadal ar fad a chur ar fáil d’iniúchóirí agus don Údarás um Urscaoileadh agus dlús a chur le hiarrachtaí an Choimisiúin i dtaca le faisnéis a bhailiú faoi fhaighteoirí deiridh an chistithe ón Aontas ar leibhéal an Choimisiúin; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar daoine aonair nó grúpaí atá cleamhnaithe le heagraíochtaí sceimhlitheoireachta, atá nasctha le heagraíochtaí sceimhlitheoireachta nó a thacaíonn leo a eisiamh ó chistiú ón Aontas;

(f)

cur le comhleanúnachas agus inbhuanaitheacht an chistithe faoi NDICI-an Eoraip Dhomhanda;

(g)

léargas cuimsitheach a thabhairt ar an gcaiteachas faoin gclár nua ‘Global Gateway’ agus na hionstraimí atá ann cheana a shimpliú chun tosaíochtaí an Aontais a phríomhshruthú faoin Global Gateway;

Riarachán poiblí Eorpach

147.

Ag tabhairt dá haire gur ionann Ceannteideal CAI 7 ‘Riarachán Poiblí Eorpach’ agus 5,9 % nó EUR 10,7 billiún de bhuiséad an Aontais, lena gcuimsítear caiteachas ar acmhainní daonna agus pinsin, arbh ionann é agus thart ar 68 % den iomlán in 2021, agus ar fhoirgnimh, ar threalamh, ar fhuinneamh, agus ar theicneolaíocht chumarsáide agus faisnéise; as an méid iomlán sin, caitheann an Coimisiún Eorpach EUR 6,3 billiún (58,5 %); agus an chuid eile ag institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Chúirt tuairisciú ar leithligh ar ghníomhaireachtaí an Aontais, ar eintitis eile an Aontais agus ar na scoileanna Eorpacha; á thabhairt chun suntais nach gclúdaítear le sainordú na Cúirte iniúchadh airgeadais a dhéanamh ar an mBanc Ceannais Eorpach;

148.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta ag an gCúirt ar shampla atá ionadaíoch ar bhonn staidrimh de, ina raibh 60 idirbheart lena gclúdaítear an raon iomlán caiteachais faoin gceannteideal seo de CAI; ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta freisin ag an gCúirt ar an bhfaisnéis maidir le rialtacht atá tugtha sna tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí ó gach ceann de na hinstitiúidí agus comhlachtaí, lena n-áirítear iad sin ó ardstiúrthóireachtaí agus oifigí an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach go príomha as an gcaiteachas riaracháin, agus ansin curtha isteach sa Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht (AMPR) ón gCoimisiún, i measc nithe eile;

149.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go gcinneann an Chúirt nach raibh an leibhéal earráide sa chaiteachas ar ‘Riarachán Poiblí Eorpach’ ábhartha; ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon mholtaí nua dírithe ar an gCoimisiún;

150.

Á chur in iúl gur geal léi gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 18/2022 ‘Institiúidí AE agus COVID-19’, gur lean pleananna leanúnachais gnó na n-institiúidí na caighdeáin atá aitheanta, den chuid is mó, agus go raibh siad mar bhonn dá bhfreagairt ar an ngéarchéim; á chur in iúl gur geal léi gur éirigh leis na hinstitiúidí an cur isteach ar a bpríomhghníomhaíochtaí a íoslaghdú; ag tabhairt dá haire go bhfuil tús curtha leis an measúnú ar éifeachtúlacht na mbealaí nua oibre i dtimpeallacht iar-ghéarchéime;

151.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 17/2022 dar teideal ‘Sainchomhairleoirí seachtracha ag an gCoimisiún Eorpach’, go bhfuil bearnaí suntasacha sa chreat lena rialaítear fostú sainchomhairleoirí seachtracha agus sa bhonn cirt a thugtar lena n-úsáid; ag tabhairt dá haire go ndearnadh nósanna imeachta soláthair a chomhlíonadh ach gur ann do rioscaí sonracha nach ndéantar dea-bhainistiú orthu go fóill; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na laigí a braitheadh sa tslí a ndéantar seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a bhainistiú agus a úsáid; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cruinneas páirteach fhaisnéis bhainistíochta an Choimisiúin agus a thuairisciú córasach lag;

Scoileanna Eorpacha

152.

Ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici nár aimsigh an Chúirt aon earráidí ábhartha i gcuntais bhliantúla chomhdhlúite chríochnaitheacha na Scoileanna Eorpacha do 2021; á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe ar tharraing an Chúirt aird orthu sna cuntais aonair agus sna cuntais chomhdhlúite;

153.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na laigí a braitheadh i gcórais rialaithe inmheánaigh na Lároifige agus an dá scoil a roghnaigh an Chúirt, go háirithe maidir lena nósanna imeachta earcaíochta, soláthair agus íocaíochta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil an Chúirt in ann a dheimhniú go raibh bainistiú airgeadais na Scoileanna in 2021 i gcomhréir go hiomlán leis an Rialachán Airgeadais agus na Rialacháin Foirne;

Moltaí

154.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Lároifig na Scoileanna Eorpacha ina sainchúraimí faoi seach iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme; á iarraidh go ndéanfaí grinnscrúdú parlaiminteach iomlán ar an gcóras scoile Eorpach chun cuntasacht a mhéadú agus rialachas a fheabhsú;

155.

Á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

leanúint dá chuid oibre chun an comhionannas inscne a áirithiú ar gach leibhéal bainistíochta faoi dheireadh shainordú reatha an Choimisiúin agus chun sonraí inscne-imdhealaithe a thuairisciú;

(b)

leanúint dá chuid oibre chun cothromaíocht gheografach chóir a áirithiú dá fhoireann ar gach leibhéal, go háirithe ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí áit a bhfuil míchothromaíochtaí móra ann go fóill, agus, ag an am céanna, na ceanglais sna Rialacháin Foirne maidir le hinniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí a chomhlíonadh; á chur i bhfáth, de réir Airteagal 27 de Rialacháin Foirne na nOifigeach, nach mór don Choimisiún, amhail institiúidí uile an Aontais, a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chomhréireach ar na Ballstáit uile;

(c)

gach beart is gá a dhéanamh chun leanúint de thimpeallacht agus cultúr oibre atá níos éagsúla agus níos ionchuimsithí a chothú trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh i bhfabhar daoine atá faoi mhíchumas, lena n-áirítear feabhas a chur ar an rochtain ar fhoirgnimh;

(d)

anailís a sholáthar ar na héifeachtaí a bhaineann le líon níos mó gníomhairí ar conradh a fhostú, rud a bhfuil imní curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa faoi i rith an ama;

(e)

rialacha soiléire a leagan síos maidir le doirse imrothlacha, go háirithe do Choimisinéirí agus d’iaroifigigh shinsearacha atá i mbun gníomhaíochtaí nua tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil, lena n-áirítear sna gníomhaireachtaí;

(f)

a bheith ar thús cadhnaíochta i ndáil le sceithirí a chosaint, agus an bealach a réiteach do rialáil níos aonfhoirmí i measc na n-institiúidí go léir, bunaithe ar dhea-chleachtais agus ar chaighdeáin níos airde;

Tacaíocht a bhaineann le COVID-19

156.

Á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil tuarascáil chuimsitheach maidir leis an gcaiteachas faoi bhuiséad an Aontais a bhain le COVID-19 curtha ar fáil go fóill ag an gCoimisiún;

157.

Ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 28/2022 ‘Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE)’ gur freagairt thráthúil a bhí in ionstraim SURE chun riosca na dífhostaíochta a mhaolú le linn phaindéim COVID-19 agus go raibh riosca airgeadais teoranta do bhuiséad an Aontais ag gabháil léi; á chur in iúl gur geal léi gur chuidigh iasachtaí SURE le maoiniú a chur ar fáil do scéimeanna náisiúnta coinneála post ionas go gcoinneofaí smacht ar an méadú sa dífhostaíocht le linn ghéarchéim COVID-19; á chur in iúl gur oth léi nach féidir an tionchar a bhí ag SURE a mheasúnú go hiomlán mar gheall ar na sonraí faireacháin a bheith teoranta agus gan meastóireacht ex post a bheith ann; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas mór a chur ar an bhfaireachán ar shonraí agus acmhainní a bhfuil géarghá leo a chur i leataobh chun gur féidir measúnú iontaofa a dhéanamh ar thorthaí a chuid clár agus beartas; á chur i bhfáth, mar gheall ar an easpa leanúnach measúnuithe ex post, nach féidir pleanáil a bhfuil bun fírinne léi a dhéanamh maidir leis an gcéad bhuiséad eile de chuid an Aontais;

158.

Ag tabhairt dá haire go luann an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 19/2022 ‘Soláthar vacsaíní COVID-19 AE’ go bhfuil córas soláthair saincheaptha le haghaidh vacsaíní COVID-19 cruthaithe ag an Aontas; ag tabhairt faoi deara gur éirigh le caibidlíochtaí punann éagsúlaithe vacsaínithe a fháil do Bhallstáit; ag tabhairt dá haire gur thug an Coimisiún tacaíocht do chur chun feidhme an chonartha, ach go raibh giaráil teoranta aige chun na dúshláin soláthair a shárú; á chur in iúl gur oth léi nár chuir an Coimisiún faisnéis bhreise a bhaineann lena bhfuil sna conarthaí sin ar fáil don Chúirt; á chur i bhfáth go bhfuil oibleagáid ar gach institiúid de chuid an Aontais, ar gach Ballstát agus ar gach faighteoir poiblí nó príobháideach cistí ón Aontas gach doiciméad ábhartha a nochtadh, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an réamhchaibidlíocht arna déanamh ag an gCoimisiún, nuair a fhaigheann siad iarraidh oifigiúil ón gCúirt déanamh amhlaidh mar chuid d’iniúchadh leanúnach; ag meabhrú an mholta a rinne Parlaimint na hEorpa, sa rún uaithi maidir le hurscaoileadh don bhliain airgeadais 2020, a bhaineann le rochtain ar theachtaireachtaí téacs a mhalartaítear le cuideachta chógaisíochta maidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19 a cheannach;

159.

Á chur in iúl gur oth léi nár chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil go fóill, ar bhealach trédhearcach, maidir leis an gcaibidlíocht a rinneadh le monaróirí vacsaíní, rud a d’fhéadfadh amhras a tharraingt ar an bpróiseas; á chur in iúl gur geal léi, arís, cinneadh an Ombudsman Eorpaigh go n-iarrfaidh sí ar Uachtarán an Choimisiúin faisnéis shoiléir agus nithiúil a thabhairt maidir leis an gcaibidlíocht a rinneadh le monaróirí vacsaíní agus go lorgóidh sí trédhearcacht níos fearr i ndáil leis na conarthaí a tugadh i gcrích;

160.

Á chur in iúl gur oth léi nár tháinig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh chuig an éisteacht leis na coistí speisialaithe i bParlaimint na hEorpa chun freagraí nithiúla a chur ar fáil d’Fheisirí, ar thogh saoránaigh na hEorpa go díreach iad, gníomh arb ionann é agus easpa faisnéise a sholáthar do na saoránaigh;

Moltaí

161.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

162.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tuairisciú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcaiteachas a bhaineann le COVID-19 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh, lena n-áirítear cur i láthair a dhéanamh ar na conarthaí soláthair vacsaíní;

(b)

a fhíorú go gcomhlíonann monaróirí vacsaíní COVID-19 téarmaí na gcomhaontuithe réamhcheannaigh, go háirithe a mhéid a bhaineann le costais táirgthe measta, maoiniú tosaigh a úsáid agus, i gcás inarb infheidhme, clásail neamhbhrabúis a urramú, agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh de réir mar is gá agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas;

(c)

páirt a ghlacadh in éisteachtaí i bParlaimint na hEorpa maidir leis an gcaibidlíocht agus na conarthaí leis na monaróirí vacsaíní;

CAIBIDIL II

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF)

Barúlacha ginearálta

163.

Á chur i bhfáth gur athraigh ráig phaindéim COVID-19 ionchas eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais go tobann, rud a d’éiligh iarracht aontaithe, as ar tháinig an comhaontú i mí na Nollag 2020 maidir leis an bpacáiste téarnaimh don Eoraip, lena n-áirítear RRF, agus maidir le CAI 2021–2027; á mheabhrú gur ionstraim théarnaimh shealadach í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta atá bunaithe ar fheidhmíocht, i.e. go bhfuil íocaíochtaí nasctha le comhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear sna RRPanna náisiúnta; á chur i bhfáth, cé go ndéantar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chistiú trí fhiachas a eisiúint, á thabhairt chun suntais go bhforáiltear leis an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (Rialachán RRF) nach mór spriocanna maidir le caiteachas aeráide agus digiteach a bhaint amach le RRPanna agus rannchuidiú go hiomchuí le réimsí beartais atá ábhartha don Aontas; á mheabhrú gur cheart do gach plean náisiúnta aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar gach dúshlán nó ar fhothacar suntasach de dhúshláin arna sainaithint sa Seimeastar Eorpach, go háirithe na moltaí tírshonracha arna nglacadh ag an gComhairle; á chur i bhfáth go bhfuil breisluach ag baint leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena dtacaítear le clár oibre athchóirithe agus infheistíochtaí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha atá os comhair na mBallstát;

164.

Ag tabhairt dá haire gur fhormheas an Coimisiún 22 RRP náisiúnta in 2021, lenar gealladh EUR 154 bhilliún in iasachtaí agus EUR 291 bhilliún i ndeontais; ag tabhairt dá haire gur eisíoc an Coimisiún réamh-mhaoiniú le haghaidh iasachtaí a raibh luach iomlán EUR 18 mbilliún orthu, agus gurbh iad an Iodáil (EUR 15,9 billiún) agus an Ghréig (EUR 1,65 billiún) an dá fhaighteoir is mó; á mheabhrú gur chuir formheas na Comhairle ar na RRPanna náisiúnta ar chumas na mBallstát réamh-mhaoiniú suas le 13 % den ranníocaíocht airgeadais a fháil; ag tabhairt dá haire gur eisíoc an Coimisiún réamh-mhaoiniú le haghaidh deontas a raibh luach iomlán EUR 36,3 billiún orthu, agus gurbh iad an Spáinn (EUR 9,04 billiún) agus an Iodáil (EUR 8,95 billiún) an dá fhaighteoir is mó; ag tabhairt dá haire gur eisíoc an Coimisiún íocaíocht amháin leis an Spáinn, a raibh luach EUR 10.0 billiún uirthi; ag tabhairt dá haire go raibh imréiteach EUR 1,5 billiún de réamh-mhaoiniú an EUR 9,04 billiún a fuair an Ballstát sin mar réamh-mhaoiniú ag gabháil leis an íocaíocht leis an Spáinn, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den chomhaontú maoinithe idir an Coimisiún agus Ríocht na Spáinne;

165.

Ag tabhairt dá haire go ndéanann an Coimisiún gníomhaíochtaí i ndáil le hurrúis a eisiúint ar na margaí caipitil idirnáisiúnta atá riachtanach chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chistiú, ar ina leith a thiomsaigh an Coimisiún, faoi dheireadh 2021, EUR 71,0 billiún de chistiú fadtéarmach agus EUR 20 billiún de chistiú gearrthéarmach; ag tabhairt dá haire gur eisíodh an chéad bhanna glas NGEU ag a bhfuil luach EUR 12,0 billiún, lena gceanglaítear go gcuirfí tuairisciú chun feidhme ar úsáid bheacht na bhfáltas ó bhannaí glasa agus ar an tionchar a bhíonn ag infheistíochtaí; á mheabhrú gurb ann do na saincheisteanna a bhaineann le tuairisciú feidhmíochta a shainaithin an Chúirt agus na rioscaí clú agus airgeadais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air sin do na bannaí glasa; á mheas gur tabhaíodh na chéad chostais úis do na méideanna sin a fuarthas ar iasacht, lena n-áirítear ráta úis diúltach os cionn EUR 20 billiún i dtaisce ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE); ag tabhairt dá haire gur tugadh isteach riosca an ráta úis do bhuiséad an Aontais mar gheall ar riachtanais chistiúcháin NGEU;

166.

Ag tabhairt dá haire gurb ann do bharúil ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil 2021 maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus maidir leis an íocaíocht amháin a rinneadh in 2021, leis an Spáinn; ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt scrúdú ar obair ex ante an Choimisiúin ar na garspriocanna uile a bhaineann leis an íocaíocht sin, agus measúnú á dhéanamh aici ar bhailigh an Coimisiún fianaise leordhóthanach agus iomchuí chun tacú lena mheasúnú ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna a áirítear san iarraidh ar íocaíocht; á thabhairt faoi deara nár scrúdaigh an Chúirt íocaíochtaí eile in 2021; á thabhairt faoi deara, agus é ina ábhar imní di, nach mbeidh an Chúirt in ann measúnú a dhéanamh ar na garspriocanna uile a bhaineann le híocaíochtaí amach anseo leis na Ballstáit uile, rud a mbeidh tionchar aige ar na hanailísí a dhéanfaidh sí amach anseo; ag moladh don Chúirt, mar sin féin, garspriocanna agus spriocanna a áireamh ina sampla do 2022, le haghaidh na n-íocaíochtaí uile a rinneadh in 2022;

167.

Ag tabhairt dá haire gurb é conclúid na Cúirte nár comhlíonadh ceann amháin de na gearrspriocanna go sásúil maidir leis an íocaíocht a rinneadh leis an Spáinn in 2021; á chur in iúl gurb oth léi a thabhairt faoi deara nach raibh an Chúirt in ann an earráid sin a chainníochtú toisc an gá le forbairt tráthúil modheolaíochta chun cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar (i bpáirt) a ghabhann le bheith gan garsprioc nó sprioc a bhaint amach; ag tabhairt dá haire gur thug Iniúchóir Inmheánach an Choimisiúin faoi deara agus gur chuir an t-Iniúchóir sin i dtábhacht go raibh an mhodheolaíocht sin in easnamh ina Thuairim Foriomlán in 2021 maidir le bainistiú airgeadais an Choimisiúin; á chur in iúl gurb oth léi nach raibh modheolaíocht níos láidre i bhfeidhm ag an gCoimisiún sula ndearna sé íocaíochtaí; á mheas go bhfuil sé ina fhaillí ó thaobh an Choimisiúin de gan an mhodheolaíocht sin a bheith i bhfeidhm roimh íocaíochtaí a dhéanamh, ós rud é go gcuireann sé sin amhras ar an gCoimisiún i dtaobh a mheasúnaithe ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna; á chur in iúl gur geal léi, áfach, gur ghlac an Coimisiún, tar éis don údarás um urscaoileadh agus don Chúirt a iarraidh arís agus arís eile, teachtaireacht an 21 Feabhra 2023 maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena n-áirítear dhá iarscríbhinn ina bhfuil creat chun measúnú a dhéanamh ar gharspriocanna agus spriocanna faoi Rialachán RRF agus modheolaíocht de chuid an Choimisiúin chun íocaíochtaí a chur ar fionraí faoi Rialachán RRF a chinneadh;

168.

Ag moladh obair an Choimisiúin maidir leis an easpa modheolaíochta don chéad 23 íocaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a cheartú; ag tabhairt dá haire gur cheart go ligfeadh an mhodheolaíocht don Choimisiún an méid atá le cur ar fionraí a chinneadh mura gcomhlíontar garsprioc nó sprioc go sásúil, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na córa comhionainne agus na comhréireachta; á thabhairt faoi deara go léireofar le ríomh an mhéid ar fionraí cineál feidhmíochtbhunaithe RRF agus an teaglaim uathúil d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí, chomh maith leis an bhfíoras nach rannchuidíonn gach beart go cothrom le cuspóirí an Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil mínithe sa chreat chun garspriocanna agus spriocanna a mheasúnú, mar shampla cén fáth nár cheart an sásra fíorúcháin agus na céimeanna faireacháin mar a thuairiscítear sa socrú oibríochtúil a mheas don mheasúnú agus cén fáth a sainmhínítear an tairseach de minimis mar ‘thart ar 5 % nó níos lú de dhiallas’; á chur i bhfios go láidir go ndéantar na sainmhínithe ar ‘chomhlíonadh sásúil’ na ngarspriocanna agus na sprice ábhartha a shainiú trí théarmaí, nach bhfuil sainmhíniú soiléir orthu agus ina bhfuil eilimintí suibiachtúla amhail ‘miondiallas ó cheanglas foirmiúil’, ‘moill theoranta agus chomhréireacha’ agus ‘diallas íosta ó cheanglas substainte’; á iarraidh go dtabharfaí soiléiriú breise ina leith sin agus á iarraidh go mbeidh cur chuige soiléir agus cuimsitheach ann agus measúnú á dhéanamh ar dhiallais chun a áirithiú go mbeidh siad teoranta a mhéid is gá; á chreidiúint gur cheart an mhodheolaíocht fionraíochta íocaíochta a fheabhsú tuilleadh maidir leis an gcomhpháirt infheistíochta chun na garspriocanna agus na spriocanna faoi seach a nascadh ar bhealach níos fearr leis an bhfíorchostas a thabhaítear; á thabhairt chun suntais gur cheart measúnú leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta chun a áirithiú nach gcuirfear moill ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna den chuid is mó;

169.

Ag tabhairt dá haire nach dtugtar míniú sa mhodheolaíocht chun fionraí íocaíochta a chinneadh ar na luachanna a roghnaítear mar chomhéifeachtaí agus go bhfuil eilimintí suibiachtúla inti freisin, amhail coigeartuithe aníos nó anuas ar an luach aonaid ceartaithe agus téarmaí nach bhfuil sainmhínithe soiléire acu, amhail infheistíochtaí a bhfuil ‘mórthábhacht ag baint leo’ nó athchóirithe a bhfuil ‘tábhacht ar leith’ ag baint leo; á iarraidh go dtabharfaí tuilleadh soiléirithe;

170.

Ag tabhairt dá haire na conclúidí tar éis mhisean an Choiste um Rialú Buiséadach chuig an Spáinn an 20–23 Feabhra 2023, inar aithníodh na deacrachtaí a bhaineann le cur chun feidhme iomlán an ardáin bainistithe agus rialaithe do chistí RRF na Spáinne, CoFFEE, go háirithe i ndáil leis an easpa idir-inoibritheachta le hardáin réigiúnacha agus le hardáin an Aontais agus nach raibh an córas ag feidhmiú go hiomlán; ag tabhairt dá haire gur mheas an Coimisiún go raibh an gharsprioc ghaolmhar i bPlean Téarnaimh na Spáinne comhlíonta go sásúil, le feidhmiúlacht iomlán, tráth nárbh amhlaidh an cás go fóill; á aithint gur iarr an Coimisiún faisnéis fhorlíontach agus gur sainaithníodh laigí maidir le bailiú faisnéise; ag aithint go bhfuil sé d’acmhainn ag an gcóras a bheith ina chóras láidir rialaithe inmheánaigh don rialtas láir; á mholadh gur cheart an córas a fheabhsú ó thaobh idir-inoibritheachta leis na córais ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach; á chur i bhfios go láidir gur cheart trédhearcacht a mhéadú ionas go gcuirfear ar chumas na réigiún dea-chleachtais a chomhroinnt agus faisnéis leordhóthanach agus sonraí digiteacha comhiomlánaithe a chur ar fáil go héasca don phobal le feidhmiúlachtaí cuardaigh nua-aimseartha;

171.

Ag tabhairt dá haire gur thosaigh Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin aon fhostaíocht iniúchóireachta a mhéid a bhaineann le clár NGEU in 2021; ag tabhairt dá haire, tar éis an obair a bheith déanta, go dtarraingíonn an tIniúchóir Inmheánach aird freisin, sa Tuairim Fhoriomlán uaidh ar bhainistíocht airgeadais an Choimisiúin, ar an ngá atá le leanúint den obair ar dhearadh rialaithe agus ar chur chun feidhme na bainistíochta airgeadais iomchuí, agus ar straitéisí iniúchóireachta agus rialaithe; á mheas gur gné bhunriachtanach de na srianta agus na ceartúcháin inmheánacha laistigh den Choimisiún é an tIniúchóir Inmheánach agus go bhfuil faisnéis neamhspleách oibiachtúil a fhaightear óna ghníomhaíochtaí iniúchóireachta féin fíor-riachtanach chun go mbeidh an tIniúchóir Inmheánach in ann feidhmiú go héifeachtach; á chur i bhfios, de réir chaighdeáin iniúchóireachta inmheánaí idirnáisiúnta, gur cheart don tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach machnamh a dhéanamh ar a cuid oibre a chomhordú ar bhealach níos fearr leis an gCúirt mar iniúchóir seachtrach;

172.

Á mheabhrú gurb ann don tuairim ó Choiste CONT chuig an gCoiste um Buiséid agus chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; á mheabhrú gur iarradh ann liosta d’fhaighteoirí deiridh agus de thionscadail deiridh uile na Saoráide i gcomhréir iomlán leis na ceanglais cosanta sonraí chomh maith le taifid a choimeád ar na hoibreoirí eacnamaíocha agus ar a n-úinéirí tairbhiúla chun críche iniúchóireachta agus rialaithe; á mheas go gcuireann Airteagal 22(2)(d) de Rialachán RRF an ceanglas ar na Ballstáit na taifid sin a choinneáil (i) chun críche iniúchta agus rialaithe agus (ii) foráil a dhéanamh maidir le faisnéis inchomparáide maidir le húsáid cistí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-iarrtar leis na forálacha in Airteagal 22(3) go gcuirfí na sonraí lena mbaineann ar fáil don Choimisiún faoi chuimsiú an urscaoilte don údarás um urscaoileadh; ag tabhairt dá haire go bhféadfaidh comhlachtaí rialaithe, imscrúdaitheacha agus iniúchóireachta náisiúnta na sonraí sin a iarraidh nó, ar leibhéal an Aontais, de réir Airteagal 22(2)(e) de Rialachán RRF, don Choimisiún mar aon le OLAF, OIPE agus an Chúirt; á chur in iúl gurb oth léi an easpa faisnéise maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus íocaíochtaí á n-eisíoc ag an am céanna;

173.

Á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ar thángthas air sa chaibidlíocht idirinstitiúideach maidir le Rialachán RePowerEU lena leasaítear Rialachán RRF chun é a dhéanamh éigeantach an 100 faighteoir is mó de RePowerEU agus RRF a fhoilsiú dhá uair sa bhliain do gach Ballstát faoi mhí Feabhra 2024; ag tabhairt dá haire, sa treoir a glacadh an 1 Feabhra 2023, gur iarr an Coimisiún ar na Ballstáit liosta den sórt sin a fhoilsiú chomh luath le mí Aibreáin 2023 chun trédhearcacht RRF a mhéadú; á mheas, áfach, nach dtagann sé sin in ionad an cheanglais maidir le liosta na bhfaighteoirí deiridh agus na dtionscadal deiridh uile a sholáthar d’iniúchóirí agus don údarás um urscaoileadh le haghaidh gach bliana airgeadais;

174.

Ag tabhairt dá haire gur chuir seirbhísí an Choimisiúin a chuireann NGEU, cláir chomhtháthaithe agus forbartha tuaithe chun feidhme an t-údarás um urscaoileadh ar an eolas go bhfuil comhordú ex ante déanta acu chun cistiú dúbailte ar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe faoi na cláir sin a sheachaint; á mheas go bhfuil seiceálacha ex post ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh ag na Ballstáit fíor-riachtanach chun cistiú dúbailte a shainaithint; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé córas comhtháite faisnéise agus faireacháin éigeantach aonair a bheith ann ar leibhéal an Aontais lena soláthrófar idir-inoibritheacht idir córais an Aontais agus córais náisiúnta, chun, inter alia, cásanna cistithe dúbailte agus mí-úsáid cistí ar fud na mBallstát a shainaithint;

175.

Ag tabhairt dá haire gurb é cur chuige an Choimisiúin maidir le bheith ag cloí leis na rialacha soláthair agus státchabhrach sna hinfheistíochtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta brath ar chórais náisiúnta, agus filleadh ar nósanna imeachta um shárú nuair a bhraitear cásanna neamhchomhlíonta sna Ballstáit; á mheas nach gá go ndíríonn sí ar na faighteoirí a bhain buntáiste míchuí as na cásanna neamhchomhlíonta; á aithint, i gcomhréir leis na RRPanna náisiúnta, go bhfuil an chéad fhreagracht i ndáil leis sin ar na Ballstáit a bhfuil sé d’oibleagáid orthu córais rialaithe oiriúnacha a chur i bhfeidhm agus comhlíonadh na reachtaíochta ábhartha náisiúnta agus Eorpaí uile, lena n-áirítear rialacha soláthair agus státchabhrach; á mheabhrú gur ann do na torthaí atá faighte ag an gCúirt arís agus arís eile mar a léirítear i dtuarascálacha ar urscaoileadh roimhe seo go mbaineann claonadh rómhór chun earráide le hobair údarás náisiúnta nó le hobair comhlachtaí deimhniúcháin agus go bhfuil a gcuid oibre neamhiontaofa; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil an fhreagracht iarmharach ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil córais rialaithe inmheánaigh éifeachtacha agus éifeachtúla i bhfeidhm lena n-áirithítear comhlíonadh rialacha uile an Aontais agus na rialacha náisiúnta, lena n-áirítear, go háirithe, rialacha maidir le soláthar poiblí agus státchabhair, agus rialacha chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte a chosc agus a bhrath, agus chun céim a ghlacadh i gcás nach ngníomhaíonn na Ballstáit mar a cheanglaítear le Rialachán RRF lena n-áirítear trí íocaíochtaí páirteacha nuair a bhíonn neamhchomhlíonadh soláthair phoiblí ann; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, straitéis iniúchóireachta an Choimisiúin agus seoladh iniúchtaí córais in 2022 maidir le Cosaint Leas Airgeadais an Aontais i 16 Bhallstát, chomh maith leis na pleananna chun na Ballstáit uile a chumhdach faoi dheireadh 2023;

176.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfágann difríochtaí i gcáilíocht na rialuithe agus i gcastacht na gcóras rialaithe arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit go bhféadfadh easnaimh a bheith sa chóras rialaithe inmheánaigh do na cistí atá ar fáil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta sna Ballstáit; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bharúil ón gCúirt ina Tuairim 04/2022 maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh caibidlí REPowerEU sna RRPanna faoin easpa sásra éifeachtach tuairiscithe calaoise a cheadódh faireachán agus maoirseacht leanúnach ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais i ndáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di tuairim na Cúirte nach bhfuil aon oibleagáid ar na Ballstáit amhras calaoise sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thuairisciú don Choimisiún tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí agus do OIPE mar a fhoráiltear sna Rialacháin ábhartha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di rabhaidh a thug OLAF, OIPE, Europol agus comhlachtaí inniúla eile arís agus arís eile go bhféadfadh córas rialaithe inmheánaigh nach bhfuil chomh héifeachtach mí-úsáid, calaois agus coireacht eagraithe a mhealladh;

177.

Á mheabhrú nach mór don Choimisiún RRF a chur chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis na rialacha ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 322 CFAE, go háirithe an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3); á athdhearbhú go bhfuil éifeachtacht an tsásra coinníollachta maidir leis an smacht reachta ag brath i bpáirt ar fhaisnéis a eascraíonn as iniúchtaí agus imscrúduithe ar leibhéal an Aontais agus mura mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil, go bhféadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar éifeachtacht an tsásra;

178.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach leor rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach in ullmhú na RRPanna náisiúnta agus nach bhfuil mórán tionchair acu ar an leagan deiridh de na RRPanna náisiúnta; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart cur chuige cuimsitheach a bheith ann, lena n-áirítear trí chur chuige an chomhrialachais, sna Ballstáit uile chun a ráthú go mbeidh páirt leormhaith ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta, lucht acadúil nó geallsealbhóirí ábhartha eile i ndearadh agus i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta; á iarraidh go mbeadh a gcuid rannpháirtíochta bunaithe ar phrionsabail shoiléire, chothroma, thrédhearcacha agus neamhpholaitithe, maidir le cur chun feidhme RRPanna náisiúnta a mhéid is féidir faoin gcreat reachtach náisiúnta;

179.

Á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit cur chuige neamhfhulaingthe i bhfeidhm maidir leis an éilliú chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n-áirítear rialuithe láidre ex-ante chun claonchasadh, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhrath, gan aon eisceacht;

Tuairisciú ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

180.

Ag tabhairt dá haire go ndéanann an Coimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ar scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, mar a shonraítear le hAirteagal 30 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; tugann sí dá haire go mbaineann formhór an tuairiscithe go dtí seo, go háirithe maidir leis na comhtháscairí, leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus nach mbaineann siad leis na torthaí a baineadh amach; á mheabhrú gur shainaithin an Chúirt an tsaincheist chéanna sin ina Tuarascáil Speisialta 09/2022 maidir leis an gCaiteachas Aeráide;

181.

Ag tabhairt dá haire gur ann do scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ina dtuairiscíonn an Coimisiún dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta; á mheas go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear i láthair úsáideach i bhfianaise an mhéid faisnéise atá ar fáil; á mholadh go n-áireofaí liosta mionsonraithe de na garspriocanna agus na spriocanna comhlíonta lena léirítear an dul chun cinn a baineadh amach ar fud na mBallstát agus na gcolún beartais; á mheas, áfach, gur cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh air chun faisnéis bhreise maidir le dul chun cinn agus feidhmíocht iarbhír na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a áireamh; á mheas gur cheart dul chun cinn iarbhír a rinneadh maidir leis na táscairí, ní hamháin an dul chun cinn atá buiséadaithe nó a bhfuiltear ag súil leis, a chur i láthair ar bhealach soléite;

182.

Á iarraidh ar an gCoimisiún Scórchlár tiomnaithe mionsonraithe a thionscnamh le haghaidh garspriocanna an Smachta Reachta, agus athchóirithe na mBallstát agus a mhéid a chomhlíonann siad na garspriocanna agus cásdlí CBAE á gcur san áireamh, le hionchur sheirbhísí inniúla uile an Choimisiúin agus rannchuidithe neamhspleácha acadúla agus na sochaí sibhialta;

183.

Á aithint go bhfuil stór iomlán agus úsáideach de dhoiciméid oifigiúla sa Scórchlár RRF lena dtugtar léargas ar na comhaontuithe is tábhachtaí ar thángthas orthu leis na Ballstáit sna RRPanna náisiúnta agus sna doiciméid ghaolmhara, amhail réamh-mheasúnú an Choimisiúin ar íocaíochtaí leis na Ballstáit; ag tabhairt dá haire go gceadaítear le Rialachán RRF rianú a dhéanamh ar shreafaí airgeadais ó leibhéal an Aontais go dtí leibhéal na mBallstát mar thairbhithe RRF de réir Airteagal 22(1) de Rialachán RRF, go háirithe na deontais agus na hiasachtaí a leithdháiltear agus a íoctar le gach Ballstát, agus dá bhrí sin, gur féidir forléargas a sholáthar ar chur chun feidhme iarbhír na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ar an leibhéal sin; á mheabhrú nach gceadaítear le Scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta rianú a dhéanamh ar shreafaí airgeadais ó leibhéal an Aontais chuig na faighteoirí deiridh sna Ballstáit agus nach dtugann sé forléargas soiléir ar chur chun feidhme iarbhír na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ina leith sin;

184.

Á mheabhrú in Airteagal 4(2) de Rialachán RRF gurb é cuspóir sonrach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ná tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit d’fhonn garspriocanna agus spriocanna na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a bhaint amach mar a leagtar amach ina gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil toirmeasc cinnte ann go n-úsáidfear airgead ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun teacht in ionad caiteachas buiséadach athfhillteach náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán RRF; á chur in iúl, áfach, gur cúis bhuartha di na chéad tásca nach féidir é a eisiamh go n-úsáidtear airgead ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in ionad an chaiteachais náisiúnta i roinnt Ballstát; á mheas go bhfuil gá le hanailís ar chaiteachas náisiúnta chun a fháil amach a mhéid a bhí an cistiú a cuireadh ar fáil tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta sa bhreis i ndáiríre agus nár úsáideadh é in ionad caiteachais náisiúnta athfhillteacha, á mheabhrú, i gcomhréir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, nach bhfuil aon fhaisnéis ar fáil ag an gcéim seo maidir leis an méid a tharla don réamh-mhaoiniú a fuair na Ballstáit nár tabhaíodh aon chostais a bhaineann le hinfheistíocht ina leith go fóill; á iarraidh ar an gCoimisiún iniúchtaí agus rialuithe ábhartha a dhéanamh chun breisíocht a dheimhniú; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur fhorbair an Coimisiún treoirlínte chun an léirmhíniú ar chistiú dúbailte a leagan amach agus gur chuir sé faisnéis shoiléir ar fáil do na Ballstáit chun sineirgí a áirithiú agus cistiú dúbailte a sheachaint; ag tabhairt dá haire thairis sin go ndéanann na Ballstáit tuairisciú ar an gcistiú a fuarthas ó chistí eile do na bearta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

185.

Á mheabhrú gur prionsabal tábhachtach de bhainistíocht fhónta airgeadais é doiciméadacht a thacaíonn le híocaíochtaí a choinneáil; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cinneadh na Cúirte nach raibh an rian iniúchóireachta leordhóthanach chun na heilimintí uile a mheastar a bheith ábhartha sa phróiseas measúnaithe i gcás dhá gharsprioc don chéad iarraidh ar íocaíocht a chumhdach; á mheabhrú go háirithe torthaí na Cúirte maidir le garsprioc 215 agus freagra an Choimisiúin ar an toradh sin, ina mínítear go raibh measúnú dearfach an Choimisiúin bunaithe ar anailís ar inneachar shuíomh gréasáin DATAESTUR, lena n-áirítear seatanna scáileáin a glacadh i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2021; ag tabhairt dá haire gur aithin an Coimisiún nach ndearnadh na seatanna scáileáin sin a chlárú i gcomhréir leis an treoir inmheánach agus go bhféadfaí feabhsuithe a dhéanamh ar choimeád taifead; ag meabhrú na ceiste i scríbhinn ón údarás um urscaoileadh inar iarradh an anailís sin agus an freagra ón gCoimisiún nár scríobh sé anailís, ná tuarascáil mhionsonraithe ar an ábhar sin ach ‘go ndearna roinnt ball foirne de chuid an Choimisiúin athbhreithniú ar shuíomh DATAESTUR agus gur dheimhnigh siad go raibh an fhaisnéis riachtanach ann’; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé nach mbeadh sé sin i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais;

186.

Á aithint gur bhunaigh an Coimisiún uirlis thiomnaithe TF do thuairisciú na mBallstát maidir le cur chun feidhme RRPanna (‘Fenix’); á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go bhfuil rochtain na Cúirte ar an gcóras sin teoranta ó thaobh líon na ndaoine a bhfuil rochtain acu chomh maith le raon feidhme na rochtana; á chur in iúl gur geal léi gur chruthaigh an Coimisiún feidhmiúlacht in Arachne lenar féidir sonraí maidir le hinfheistíochtaí agus spriocanna ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur isteach san uirlis; ag tathant ar na Ballstáit sonraí iomlána agus cuimsitheacha maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a uaslódáil chuig Arachne;

187.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil dearbhú urrúis na hArd-Stiúrthóireachta um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (AS ECFIN) do 2021 éagsúil le dearbhú urrúis na nArd-Stiúrthóireachtaí uile eile; ag tabhairt dá haire go mbaineann an dearbhú le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart, atá ailínithe leis na hArd-Stiúrthóireachtaí eile; ag tabhairt dá haire thairis sin gur cuireadh isteach ‘cur chun feidhme Airteagal 22(5) de Rialachán RRR’; ag tabhairt dá haire gur thug an Coimisiún freagra ar cheisteanna i scríbhinn ón údarás um urscaoileadh ‘níl sé éagsúil ach i bhformáid amháin ach ní maidir leis an leibhéal dearbhaithe a chuirtear ar fáil’; ag tabhairt dá haire freisin, i gcomhréir le hAirteagal 22(5) de Rialachán RRF, agus i gcomhréir leis an gcur chuige feidhmíochtbhunaithe, gur ar an mBallstát atá an oibleagáid leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; ag tabhairt dá haire, thairis sin, freagra an Choimisiúin go n-áirithíonn sé, trí mheasúnú tosaigh ar gach clár téarnaimh agus athléimneachta agus trí iniúchtaí ar na córais atá curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, go gcuireann gach Ballstát na córais faireacháin agus rialaithe is gá chun feidhme; ag cur béim ar an bhfíoras, murab ionann agus dearbhú dearbhaithe na nArd-Stiúrthóireachtaí eile go léir, nach n-áirithíonn an ceann ó AS ECFIN go gcomhlíontar na hidirbhearta bunúsacha rialacha uile an Aontais agus na rialacha náisiúnta uile ar leibhéal an fhaighteora deiridh nó ar leibhéal an tionscadail; á mheas go gcaithfidh an dearbhú urrúis ón gCoimisiún ina cháil mar chaomhnóir an Chonartha, go háirithe maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus cuntasacht i leith cáiníocóirí, a bheith iontaofa agus nach féidir leis amhras a fhágáil gur sheachain an Coimisiún a fhreagracht tríd na dearbhuithe éagsúla ó oifigigh údarúcháin aonair;

An caidreamh idir an Comhtháthú agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

188.

Ag tabhairt dá haire gur ann do bharúlacha na Cúirte ina hAthbhreithniú 01/2023 maidir le maoiniú an Aontais tríd an mbeartas comhtháthaithe agus tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena dtugtar aghaidh ar chomhlántacht an dá chistiú; ag tabhairt dá haire go háirithe gur sholáthair Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, thart ar 10 % den infheistíocht phoiblí iomlán ar fud AE-27 cheana féin le linn na tréimhse 2014–2020, agus go ndéanfaidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an sciar d’infheistíochtaí poiblí atá á maoiniú ag an Aontas a mhéadú tuilleadh sna Ballstáit. á mheabhrú, ina leith sin, cinneadh na Cúirte go raibh an ráta ionsúcháin don Chiste Comhtháthaithe an-íseal in 2021, arb é an míniú a bhí air an comhthionchar a bhí ag glacadh déanach Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus rialacháin chiste-shonracha i lár 2021, clársceidealú REACT-EU, agus cur chun feidhme beart éigeandála eile ar na húdaráis bhainistíochta;

189.

Ag tabhairt dá haire gur ann don chonclúid ón gCúirt go bhféadfadh cistiú breise na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta sna Ballstáit ina bhfuil an sciar ard cheana féin d’infheistíochtaí arna maoiniú ag an Aontas cur leis an mbrú ar chumas na mBallstát na cistí atá ar fáil dóibh a chaitheamh; á mheabhrú go gcuirtear RRF chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, agus cistí an bheartais chomhtháthaithe á gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, rud a chiallaíonn go bhfuil freagrachtaí éagsúla ar údaráis an Aontais agus ar údaráis na mBallstát i dtaca le gach foinse cistiúcháin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar gheall ar na modhanna seachadta éagsúla, le bainistíocht dhíreach don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus don bhainistíocht chomhroinnte don bheartas comhtháthaithe, go bhféadfaí go gcuirfí an cistiú níos casta trí chomhtháthú de dhroim seoil mar thoradh ar mhodh cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta atá níos simplí; ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh sé sin dochar do rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus na réigiún áitiúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta i gcistiú an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé nach mbeadh acmhainneacht riaracháin leordhóthanach ag roinnt Ballstát chun ualach na gcóras riaracháin comhthreomhar a láimhseáil; ag tabhairt dá haire gur breathnaíodh an brú sin ar an acmhainn riaracháin le linn éisteachtaí agus misin éagsúla choiste CONT; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin go bhféadfadh sé go dtiocfadh as NGEU, i roinnt Ballstát, feachtas athnáisiúnaithe maidir le cistí an Aontais a phleanáil agus faireachán agus rialú a dhéanamh orthu, ó leibhéal an Aontais go dtí rialtais náisiúnta araon agus a d’fhéadfadh a bheith ann ó réigiúin go rialtais náisiúnta; á mheabhrú go bhféadfadh RRF a bheith contrártha d’fhorbairtí dearfacha ar chumhachtú réigiúnach a baineadh amach tríd an mbeartas comhtháthaithe le fiche nó tríocha bliain anuas, agus go lagaíonn an easpa caidrimh dhírigh airgeadais idir an Coimisiún agus na húdaráis bhainistíochta príomhghnéithe an rialaithe airgeadais agus an urscaoilte airgeadais;

190.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di rannchuidiú diomaibhseach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta le comhar trasteorann, go háirithe i bhfianaise mhéid an chistithe ón Aontas lena mbaineann;

191.

Á thabhairt faoi deara, de réir dhoiciméid inmheánacha oibre an Choimisiúin, go ndéanann 20 Ballstát foráil do thionscadail trasteorann ina gcuid RRPanna náisiúnta agus tugann sí dá haire go bhfuil éagsúlacht mhór idir na méideanna a infheistítear in aghaidh an Bhallstáit; á chur i bhfios, in 2021, nach bhfuil sa mheáninfheistíocht atá beartaithe ach thart ar 6 % ar an iomlán de leithdháileadh iomlán RRF ar fud na mBallstát le haghaidh tionscadail trasteorann; á mheas gur tionscnaíodh líon róbheag tionscadal trasteorann faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di rannchuidiú diomaibhseach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta le comhar trasteorann, go háirithe i bhfianaise mhéid an chistithe ón Aontas lena mbaineann; ag tabhairt dá haire go mbeadh gá le níos mó ama le haghaidh pleanála agus le sásra dreasachta do na Ballstáit chun díriú níos láidre ar thionscadail trasteorann; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról suntasach ag RRF maidir leis an Aontas a atreorú i dtreo neamhspleáchas fuinnimh agus dlús a chur leis an aistriú fuinnimh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le soláthar neamhspleách fuinnimh don Aontas agus le hinfheistíochtaí comhfhreagracha i líonraí trasteorann, in idirnascairí agus i dtionscadail hidrigine; á chur in iúl gur geal léi gur thairg an Coimisiún, ina threoir i mí Eanáir 2021, ardán comhordúcháin a chur ar fáil do na Ballstáit leasmhara chun cabhrú leo tionscadail trasteorann a chur ar bun; ag tabhairt dá haire, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i RRPanna, go dtugtar isteach in Airteagal 27 critéar maidir le gné nó éifeacht thrasteorann nó iltíre na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí; á chur in iúl gurb oth léi, mar sin féin, go bhfuil an sprioc de 30 % de thionscadail trasteorann neamhcheangailteach; á iarraidh go gcuirfear iasachtaí RRF atá ar fáil ar fáil do na Ballstáit ar spéis leo infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail trasteorann atá dírithe ar neamhspleáchas fuinnimh agus ar an eangach fuinnimh a chlaochlú san Aontas;

192.

Á chur i bhfáth go gcuirfear méid iomlán na n-íocaíochtaí RRF saortha ar fáil do na Ballstáit ar spéis leo infheistiú i dtionscadail trasteorann atá dírithe ar neamhspleáchas fuinnimh agus an eangach fuinnimh a chlaochlú;

Measúnú ar Phleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (RRPanna)

193.

Ag tabhairt dá haire gur ann do thorthaí na Cúirte ina Tuarascáil Speisialta 21/2022 maidir le ‘Measúnú an Choimisiúin ar RRPanna Náisiúnta – Ar an iomlán iomchuí ach tá rioscaí fós ann don chur chun feidhme’; ag tabhairt dá haire go bhfuil measúnú na Cúirte bunaithe ar shampla de shé Bhallstát, ceithre cinn ag a bhfuil an leithdháileadh deontais is airde i ndearbhthéarmaí agus dhá cheann ag a bhfuil an leithdháileadh deontais is airde i ndáil lena n-olltáirgeacht intíre do 2020; á chur in iúl gur geal léi conclúid na Cúirte go raibh measúnú an Choimisiúin ar na RRPanna náisiúnta iomchuí ar an iomlán i bhfianaise chastacht an phróisis agus na srianta ama, cé gur sainaithníodh roinnt laigí sa phróiseas agus rioscaí do chur chun feidhme rathúil na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta freisin; á chur in iúl gur geal léi gur thug an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit agus na RRPanna á ndréachtú aige agus gur eisigh sé treoirdhoiciméid; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Coimisiún le beagnach gach ceann de mholtaí na Cúirte;

194.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur chinn an Chúirt go raibh bearnaí ann maidir le haghaidh a thabhairt ar Mholtaí Tír-Shonracha (CSRanna) 2019 agus 2020 sna RRPanna Náisiúnta; ag tabhairt dá haire gur mheas an Chúirt nach raibh bearnaí in RRPanna na mBallstát atá sách beag, de bhrí gur mheas an Chúirt go bhfuil bearnaí tromchúiseacha in RRPanna i gcás Ballstáit níos mó; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur as na ‘caibidlíochtaí’ a thug an Chúirt faoi deara maidir le teacht ar chomhaontú maidir le RRPanna, a éiríonn neamhionannas sa chaoi a gcaitear leis na Ballstáit; á cheistiú freisin an gcuirfear chun feidhme riamh codanna tábhachtacha de na CSRanna, ar codanna iad nach nglacann na Ballstáit leo fiú amháin le dreasachtaí airgeadais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta;

195.

Ag cáineadh nár mhínigh an Coimisiún conas a bhaineann méid tráinse íocaíochta le méid na ngarspriocanna agus na spriocanna foluiteacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh an neamhréireacht sin i méid na híocaíochta agus líon na ngarspriocanna agus na spriocanna foluiteacha na Ballstáit a dhreasú gan iarrataí ar íocaíocht deiridh a chur isteach, rud atá ag brath i gcásanna áirithe ar líon sách mór garspriocanna agus spriocanna, agus dá bhrí sin gan na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí uile a comhaontaíodh ina phlean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a thabhairt chun críche, tar éis an sciar is mó dá ranníocaíocht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a fháil cheana féin;

196.

Á mheabhrú gur chinn an Chúirt gur thug an Coimisiún, ina mheasúnú ar na RRPanna náisiúnta uile, ‘rátáil B’ do mheastacháin chostais na n-infheistíochtaí sin, in ainneoin na n-easnamh a sainaithníodh i sampla na Cúirte , agus fadhbanna féideartha á dtabhairt chun suntais aige ar chruinneas na méideanna lena mbaineann; ag tabhairt dá haire go bhfuil na laigí sin ag dul ó easpa faisnéise do chuid de na bearta ag an gcéim phleanála go dtí toimhdí bunúsacha nach bhfuil go hiomlán inchreidte do gach uile bheart; ag tabhairt dá haire go ndearna an Coimisiún measúnú ar chostais mheasta iomlána na RRPanna náisiúnta ar bhonn na gcritéar a luaitear in Iarscríbhinn V de Rialachán RRF; á thabhairt faoi deara gur chuir an Coimisiún de cheangal ar gach Ballstát feabhas a chur ar a meastacháin chostais agus fianaise bhreise agus bonn cirt a thíolacadh go dtí go sroichfear ‘B’ ar a laghad maidir le hinchreidteacht agus réasúnaíocht an mheasúnaithe costais; á chur i bhfios go láidir go n-áirithítear leis an teaglaim shonrach d’infheistíochtaí le hathchóirithe go ndéantar na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme go tráthúil agus go minic sna blianta roimhe sin agus go seasfar leo; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir leis an údarás um urscaoileadh fanacht chun soiléireacht iomlán a fháil maidir le húsáid chuí chistí an Aontais go dtí deireadh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur i bhfios go láidir an riosca nach n-iarrfadh na Ballstáit an tráinse íocaíochta deiridh a mhéadú, agus dá bhrí sin go bhféadfadh sé go dteipfeadh orthu na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí uile a chomhlíonadh tar éis dóibh an chuid is mó dá dtacaíocht airgeadais iomlán a fháil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

197.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh athchóirithe agus infheistíochtaí mar thoradh ar na cistí uile a leithdháiltear ar na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ós rud é nach féidir ach an t-údarás um urscaoileadh amháin a bheith cinnte gur leithdháileadh na cistí uile ar fhaighteoirí deiridh agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na breisíochta; á mheabhrú gur cáineadh i dtuarascálacha urscaoilte roimhe seo an cleachtas ina ndéanann roinnt Ballstát cláir chistiúcháin ar bhainistíocht chomhroinnte a ró-áirithint go córasach agus go dtarraingíonn siad siar tionscadail ó chistí an Aontais nuair a aimsítear neamhrialtachtaí agus/nó calaois ina chaiteachas gaolmhar, agus ar an gcaoi sin imscrúduithe an Aontais agus/nó obair leantach éifeachtach agus ceartúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint i ndáiríre; á chur in iúl gur saoth léi go n-aistrítear ualach na neamhrialtachtaí sin agus na calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann chuig an mbuiséad náisiúnta, agus, dá bhrí sin, chuig an gcáiníocóir náisiúnta;

Garspriocanna a shainiú

198.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur ann do bharúil na Cúirte go bhfuil easpa soiléireachta i ngarspriocanna agus i spriocanna áirithe; á chur in iúl go bhfuil sí ar aon tuairim leis an gCúirt, in éagmais shainmhínithe soiléire agus inchomparáide ar gharspriocanna agus ar spriocanna, go dtugtar le tuiscint go bhfuil an riosca ann go bhfuil sé deacair measúnú a dhéanamh ar na garspriocanna agus spriocanna sin agus go bhfuil an riosca gaolmhar ann nár comhlíonadh an cuspóir a bhí mar aidhm acu ar dtús; á chur i bhfios go láidir go bhfágann sé sin corrlach mór lánroghnach don Choimisiún agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé ar baineadh amach garsprioc agus sprioc a shainítear go doiléir; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, gur ann do bharúil ón gCúirt, nár comhlíonadh garsprioc 395 sa chéad iarraidh ar íocaíocht ón Spáinn go sásúil; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann d’fhreagra ón gCoimisiún nach cuid den gharsprioc í an ghné a measann an Chúirt nár comhlíonadh í, ach go bhfuil sí sa tuairisc ar an mbeart; á chur i bhfáth nach féidir comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna a bhunú ach amháin ar bhonn measúnú mionsonraithe agus critéir shoiléire, agus ní ar bhonn caibidlíocht pholaitiúil; á mheas gur cheart ceachtanna a fhoghlaim ó thaithí RRF a bheith léirithe i modheolaíocht chaighdeánaithe chun garspriocanna agus spriocanna a shainiú;

199.

Á chur i bhfáth nach féidir comhlíonadh na ngarspriocanna a bhunú ach amháin ar bhonn measúnú mionsonraithe agus critéir shoiléire agus sheasta, agus ní ar bhonn caibidlíocht pholaitiúil;

200.

Ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di gur ann do chinneadh na Cúirte gur minic a bhíonn garspriocanna agus spriocanna bunaithe ar tháscairí aschuir agus fiú táscairí ionchuir, rud a chuireann teorainn leis an bhféidearthacht feidhmíocht na mbeart a thomhas nach léirítear ach na haschuir a baineadh amach agus ní na torthaí, agus, ar deireadh, a dtionchair mheántéarmacha ar chuspóirí beartais an Aontais maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag tabhairt dá haire barúil na Cúirt, de réir nádúr na dtáscairí tionchair, go mbíonn tréimhse ama ionchasach níos faide acu, rud nach bhfuil oiriúnach don tráthchlár teoranta atá ag gabháil le cur chun feidhme RRF;

201.

Ag tabhairt dá haire gur ann do chinneadh na Cúirte go raibh measúnú an Choimisiúin ar RRPanna bunaithe i bpáirt ar shocruithe nach raibh i bhfeidhm go fóill; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur ann do chinneadh na Cúirte gur chuir an Coimisiún garspriocanna agus spriocanna breise san áireamh a bhí le baint amach roimh an gcéad íocaíocht chun an RRP a ghlacadh agus gur rannchuidigh a mheasúnú le feabhas a chur ar cháilíocht na ngarsriocanna agus na spriocanna; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nuair toisc nach raibh córas faireacháin lánfheidhmiúil i bhfeidhm ag tús chur chun feidhme RRP go bhfuil riosca ann go mbeadh moileanna ann maidir le measúnaithe agus faireachán a dhéanamh ar gharspriocanna nó spriocanna a bhaint amach; á thabhairt chun suntais an fíoras nach raibh na córais faireacháin nó na comhlachtaí cur chun feidhme sna Ballstáit inár sampla tráth an mheasúnaithe go hiomlán i bhfeidhm fós nuair a rinneadh na RRPanna a fhormheas agus gur chuir sé sin teorainn freisin le measúnú an Choimisiúin ar a n-acmhainneacht riaracháin; ag tabhairt dá haire thairis sin, i ndáil leis an méid sin, gur ann do chinneadh na Cúirte gur tugadh rátáil A fiú amháin maidir le socruithe iniúchóireachta agus rialaithe, an rogha dheireanach ó thaobh iontaofacht na faisnéise de, in ainneoin nach raibh roinnt beart i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire chuige sin conclúid na Cúirte gur féidir míniú a thabhairt, go pointe áirithe ar a laghad, go bhfuair gach RRP náisiúnta rátáil ‘A’ sa réimse seo leis an bhfíric gur rátáil ‘A’ (leormhaith) nó ‘C’ (neamhdhóthanach) amháin a d’fhéadfaí a thabhairt don réimse seo faoi Rialachán RRF agus gurb é an toradh a bheadh ar rátáil ‘C’ ná go ndiúltófaí an RRP ina iomláine. á mheabhrú gur réamhriachtanas iad struchtúir iniúchóireachta agus rialaithe leormhaithe chun cistí a fháil ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

202.

Ag tabhairt dá haire, ó thuarascálacha iriseoirí iniúchacha, gur bhraith roinnt Ballstát ar shaineolas arna sholáthar ag gnólachtaí comhairliúcháin chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur ar bun agus go dtairgeann na gnólachtaí sin, dá réir sin, seirbhísí chun tacú le faighteoirí féideartha na tacaíochta airgeadais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta sna Ballstáit sin;

Moltaí

203.

Ag tacú go láidir leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil, agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

204.

Á iarraidh ar an gCúirt an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

modheolaíocht éifeachtach a fhorbairt chun garspriocanna agus spriocanna a shampláil, i gcás ina gcinneann sí athmheasúnú a dhéanamh ar mheasúnú an Choimisiúin, ós rud é nach mbeidh na hacmhainní aige chun garspriocanna agus spriocanna uile na n-iarrataí íocaíochta uile a sheiceáil amach anseo; á mheas gur cheart garspriocanna agus spriocanna a shainaithint go héifeachtach leis an modheolaíocht sin, ar garspriocanna agus spriocanna iad a bhfuil riosca níos airde acu maidir le neamhchomhlíonadh agus/nó a bhfuil níos mó ábharthachta acu chun cur le rath foriomlán na spriocanna deiridh a leagtar síos; á iarraidh ar an gCúirt an rian iniúchóireachta den doiciméadacht maidir lena gcomhlíonadh a chur san áireamh ina hiniúchadh ar mheasúnú an Choimisiúin ar gharspriocanna agus ar spriocanna;

205.

á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

liosta na bhfaighteoirí agus na dtionscadal deiridh uile de chistiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a chur ar fáil d’iniúchóirí agus don údarás um urscaoileadh le haghaidh na n-íocaíochtaí uile (in 2021 agus le linn chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta) agus rochtain iomlán ar an uirlís FT Fenix’ a thabhairt don Chúirt;

(b)

bearta a dhéanamh chun an oibleagáid nua ar na Ballstáit a chur i ngníomh chun an 100 faighteoir deiridh is mó a fhaigheann an méid is airde de chistiú RRF a fhoilsiú agus chun gach beart iomchuí a dhéanamh má theipeann ar na Ballstáit an fhoráil sin a chur chun feidhme go leordhóthanach;

(c)

léiriú a dhéanamh, i gcomhar leis na Ballstáit, ainm beacht na gclár sóisialta uile agus na mbeart tacaíochta uile arna gcur chun feidhme sna Ballstáit le cistí RRF; á éileamh, dá bhrí sin, go léireofar sciar na gcistí RRF sna cláir sin agus go dtabharfar léiriú cruinn ar na sochair ar cuireadh cistí RRF ina n-ionad go comhréireach i gcosaint náisiúnta le haghaidh dífhostaíochta, sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh;

(d)

míniú a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar an réasúnaíocht agus an loighic atá taobh thiar den chreat chun garspriocanna agus spriocanna a mheasúnú faoi Rialachán RRF agus faoi mhodheolaíocht an Choimisiúin chun íocaíochtaí a chur ar fionraí faoi Rialachán RRF a chinneadh agus machnamh a dhéanamh ar shainmhínithe breise a sholáthar chun tionchar na n-eilimintí suibiachtúla atá iontu a laghdú;

(e)

measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh garspriocanna an smachta reachta sna RRPanna ag na Ballstáit ar bhonn measúnú mionsonraithe, critéir shoiléire agus sheasta, agus go hiomlán i gcomhréir le cásdlí CBAE, ní hamháin ag féachaint ar reachtaíocht athchóirithe a ghlacadh go foirmiúil ach freisin ar chur i bhfeidhm dlíthiúil agus praiticiúil, agus ní ar bhonn caibidlíocht pholaitiúil;

(f)

nós imeachta ceapacháin níos trédhearcaí a chur i bhfeidhm maidir le gach post, go háirithe na poist sin i bainistíochta, agus chun níos mó soiléireachta a thabhairt don nós imeachta ceapacháin atá ann cheana, ar nós imeachta gearr é ó thaobh trédhearcachta agus cuntasachta de;

(g)

gan aon iarraidh ar íocaíocht a fhormheasach ach amháin má tá garspriocanna uile an Smachta Reachta bainte amach go hiomlán;

(h)

tacú leis na Ballstáit a n-acmhainneacht riaracháin a mhéadú chun córais riaracháin chomhthreomhara RRF agus cur chun feidhme an chiste chomhtháthaithe a láimhseáil, agus cabhrú leo ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú, tairiscintí a shimpliú agus faisnéis níos spriocdhírithe a sholáthar, agus ar an gcaoi sin rochtain ar chistiú a éascú do FBManna agus dóibh siúd atá féinfhostaithe;

(i)

forairdeall breise a chur i bhfeidhm má tá comharthaí mí-úsáide, calaoise agus coireachta eagraithe ann atá dírithe ar na cistí atá ar fáil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhar le Europol, OIPE, OLAF, agus gníomhaithe ábhartha eile agus tuairisciú ar amhras calaoise sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt isteach don Choimisiún tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí agus do OIPE mar a fhoráiltear sna Rialacháin ábhartha;

(j)

soiléiriú a dhéanamh maidir leis na tionscadail agus na bearta uile a dhéantar maoiniú orthu trí aon RRP náisiúnta de Bhallstáit atá rannpháirteach sa chomhair feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (5), go measfar iad a bheith maoinithe le hairgead AE ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus dá bhrí sin go dtagann siad faoi raon feidhme OIPE;

(k)

iarr, go háirithe i bhfianaise mheasúnú riosca an Iniúchóra Inmheánaigh mar bhonn lena phleanáil iniúchóireachta, gur cheart go leanfadh cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta de bheith a bheith feiceálach ina phleananna iniúchóireachta, i bhfianaise a chineáil nuálaigh agus na ngeallta móra airgeadais;

(l)

meastóireacht a dhéanamh ar an nós imeachta sa mhéid a bhaineann le cur chun feidhme CSRanna sa Seimeastar Eorpach agus sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a fhorfheidhmiú agus, i gcás inar gá, uirlisí nua a mholadh chun cur chun feidhme a fhorfheidhmiú, ós rud é gur tugadh aghaidh, i gcás roinnt Ballstát, ar na Moltaí Tír-Shonracha uile sa plean téarnaimh agus athléimneachta, agus i gcás Ballstáit eile (níos mó) nár tugadh aghaidh ar na moltaí tírshonracha uile;

(m)

idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na torthaí a bhí buiséadaithe agus na torthaí a baineadh amach ina theachtaireacht maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go ginearálta agus ar bhealach níos sonraí maidir le Scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas i gceart agus míthuiscintí a sheachaint;

(n)

feabhas a chur ar fhoilsiú, lena n-áirítear ar scórchlár RRF, ar na méideanna a fuair an tAontas ar iasacht chun RRF a chistiú, agus ar an ús arna thabhú chun íoc as na méideanna a fuarthas ar iasacht chomh maith leis na méideanna úis a d’íoc na Ballstáit leis an gCoimisiún ar na hiasachtaí a cuireadh ar fáil dóibh faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

(o)

anailís a dhéanamh, in 2023, ar chaiteachas náisiúnta trí chomparáid a dhéanamh idir caiteachas agus infheistíochtaí sna buiséid náisiúnta sula gcuirfear cistiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ar fáil do na Ballstáit a fuair an sciar is mó de thacaíocht faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ina dhiaidh sin chun a shuí ar cuireadh cistiú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in ionad an chaiteachais náisiúnta athfhillteach seachas infheistíochtaí, agus é á aithint ag an am céanna go ndearnadh mórshleabhcadh eacnamaíoch tar éis phaindéim COVID-19 a sheachaint;

(p)

tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh cad é a ndearna na Ballstáit, a fuair réamh-mhaoiniú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nárbh fhéidir a leithdháileadh go fóill ar infheistíochtaí, leis na cistí a fuarthas;

(q)

gan glacadh ach le garspriocanna agus spriocanna a bhfuil doiciméadacht faighte ina leith a thacaíonn lena gcur chun feidhme, agus ní hamháin le ráitis ó na Ballstáit, agus taifead de rian iniúchóireachta leordhóthanach a áirithiú lena gcumhdaítear na heilimintí uile a mheastar a bheith ábhartha sa phróiseas measúnaithe ar gharspriocanna agus spriocanna;

(r)

creat iontaofa ex ante agus ex post a chur ar bun chun a sheiceáil an bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna go léir á gcur chun feidhme agus á ndoiciméadú go hiarbhír, lena n-áirítear rian iniúchóireachta leordhóthanach lena ndéantar taifeadadh ar mheasúnú na ngarspriocanna, agus aird ar leith á tabhairt ar an measúnú ar cibé ar urramaíodh prionsabal DNSH, agus chun bunús a thabhairt le torthaí le haghaidh infheistíochtaí a rannchuidíonn leis na spriocanna glasa agus digiteacha sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

(s)

athmhachnamh a dhéanamh ar fhoirmliú dhearbhú urrúis na hArd-Stiúrthóireachta um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais agus a raon feidhme a leathnú go gcuimseofar comhlíontacht bhearta cistithe RRF le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta sna blianta atá le teacht i bhfianaise an údair mhíshásúil a thug an Coimisiún agus i bhfianaise na freagrachta mar Chaomhnóir an Chonartha chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;

(t)

dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna, go háirithe iad siúd a bhaineann le hiniúchóireacht, faireachán agus rialú;

(u)

measúnú a dhéanamh ní hamháin ar bhunú shocruithe iniúchóireachta agus rialaithe na mBallstát faoi Airteagal 22 de Rialachán RRF ach ar fheidhmiú iarbhír na socruithe sin freisin, agus réimsí á sainaithint a d’fhéadfaí a fheabhsú nó a dhéanamh níos éifeachtúla;

(v)

an mhodheolaíocht a chuir sé i bhfeidhm chun teacht ar na próifílí íocaíochta comhaontaithe a shoiléiriú don údarás um urscaoileadh, go háirithe an chaoi a mbaineann líon agus méid na ngarspriocanna agus na spriocanna foluiteacha le méid gach tráinse íocaíochta;

(w)

anailís na Cúirte ar phróifílí íocaíochta ó Thuarascáil Speisialta 21/2022 a chur i gcrích an athuair maidir le próifílí íocaíochta uile na mBallstát uile agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an gcaoi a mbaineann gach iarraidh ar íocaíocht le líon na ngarspriocanna agus na spriocanna atá le comhlíonadh i gcás gach Ballstáit, agus bearta a mholadh chun a ráthú go gcuirfear na garspriocanna agus na spriocanna uile i gcrích faoin 31 Lúnasa 2026;

(x)

aghaidh a thabhairt ar na rioscaí agus ar na dúshláin a eascraíonn as cur chun feidhme comhthreomhar an chomhtháthaithe agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, go háirithe maidir le rannpháirtíocht comhpháirtithe áitiúla, réigiúnacha, eacnamaíocha agus sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hionsú níos éasca ar chistiú RRF i gcomparáid le cistiú comhtháthaithe, trí níos mó béime a chur ar rannpháirtíocht na ngníomhaithe sin i gcur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta trí chur chuige comhrialachais, lena ndírítear freisin ar an gcomhlántacht idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus comhtháthú a neartú;

(y)

á mholadh go láidir do na Ballstáit a fhéachann lena RRPanna a leasú tionscadail trasteorann a áireamh ina n-infheistíochtaí agus níos mó béime a chur ar thionscadail fhíor-Eorpacha den sórt sin go ginearálta; á mheabhrú gur cheart do thionscadail trasteorann aghaidh a thabhairt ar scrogaill atá ann cheana maidir le tarchur, dáileadh agus stóráil fuinnimh, agus breisluach Aontais á chur ar fáil ar an gcaoi sin; gan a fhormheas ach caibidlí RePowerEU de na Ballstáit a leithdháileann 30 % ar a laghad dá maoiniú ar thionscadail a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag baint leo, mar a comhaontaíodh i gcaibidlíocht RePowerEU agus a thuairiscíonn don údarás um urscaoileadh;

(z)

méid iomlán na n-iasachtaí gan íoc agus na n-íocaíochtaí saortha a chur ar fáil, go háirithe do thionscadail trasteorann, ar tionscadail iad a dhíríonn ar neamhspleáchas fuinnimh, agus dlús a chur leis an aistriú fuinnimh; ag tathant ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh agus tacú leo chun tionscadail trasteorann a fhorbairt, go háirithe maidir le neamhspleáchas fuinnimh agus cead a thabhairt do na Ballstáit iasacht a iarraidh ó iasachtaí gan íoc agus íocaíochtaí saortha chun tionscadail trasteorann atá dírithe ar fhuinneamh a mhaoiniú; á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú don Pharlaimint agus don Chomhairle araon maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme, le híocaíochtaí atá curtha ar fionraí agus íocaíochtaí saortha, agus le hiarrataí ar iasachtaí;

(aa)

a hiniúchtaí córais a neartú sna Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, le haghaidh gach córais rialaithe inmheánaigh (i gcás modhanna díláraithe nó cur chun feidhme) agus líon réasúnta tástálacha ar chomhaid soláthair aonair a áirithiú chun éifeachtacht iarbhír na gcóras rialaithe inmheánaigh a ráthú;

(ab)

a áirithiú go n-áireofar seiceálacha ar chistiú dúbailte i gcreataí iniúchóireachta agus rialaithe na mBallstát le haghaidh NGEU, cláir forbartha tuaithe agus cláir chomhtháthaithe agus chun a fheidhmiú cuí a áirithiú trí sheiceálacha córais; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, a fhíorú nach ndéantar cistiú dúbailte trí sheiceálacha riosca-bhunaithe a dhéanamh ar na híocaíochtaí uile le faighteoirí deiridh faoi na cláir sin;

(ac)

a áirithiú go ráthófar iontaofacht stórtha fhaighteoirí deiridh na mBallstát, go háirithe maidir le sláine agus iomláine, d’fhonn a áirithiú, a luaithe a aimseofar neamhrialtachtaí maidir leis na faighteoirí deiridh, go ndéanfar obair leantach cheart ar leibhéal an Aontais a áirithiú;

(ad)

tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an méid atá déanta ag an gCoimisiún chun an choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe maidir le comhairleoirí a fhostú.

(ae)

tuarascáil mhionsonraithe a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh maidir le hathchóirithe a chuir na Ballstáit chun feidhme cheana féin sular íocadh amach na heisíocaíochtaí agus na bearta éigeantacha atá déanta acu chun an dlí náisiúnta a chur in oiriúint do threoracha nua an Aontais mar gharspriocanna nó spriocanna sna RRPanna náisiúnta;


(1)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (IO L 207, 11.6.2021, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(5)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/97


CINNEADH (AE, Euratom) 2023/1826 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le clabhsúr a chur le cuntais bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0227/2022) (2),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2022) 331), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2021 ón gCoimisiún ar Bhainistiú agus ar Fheidhmíocht i ndáil le Buiséad an Aontais (COM(2022) 401),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021 (COM(2022) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2022) 160),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021, maille le freagraí na n-institiúidí (3), agus do na tuarascálacha speisialta ón gCúirt Iniúchóirí,

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06247/2023 – C9-0063/2023),

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06250/2023 – C9-0055/2023),

ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (6), agus go háirithe Airteagal 14(2) agus (3) de,

ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, agus chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig institiúidí iniúchóireachta náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát, agus socrú a dhéanamh lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(4)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(5)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(6)   IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/99


CINNEADH (AE) 2023/1827 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0230/2022) (2),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0073/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(4)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(5)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/100


RÚN (AE) 2023/1828 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IV Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0073/2023),

A.

de bhrí gurb í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) institiúid bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh, a bhfuil sé de chúram uirthi comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú trí léiriú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gConarthaí a mhaoirsiú agus dlíthiúlacht beart arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú;

B.

de bhrí go gcabhraíonn CBAE le luachanna an Aontais a chaomhnú agus go n-oibríonn sí, trína cásdlí, i dtreo thógáil na hEorpa;

C.

De bhrí go bhfuil dhá chúirt i CBAE: an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta;

D.

de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme;

1.

ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad CBAE faoi cheannteideal Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 7, ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 10,7 billiún san iomlán in 2021 (arbh ionann é agus 5,9 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais); ag tabhairt dá haire gurb ionann buiséad an CBAE agus thart ar 4,1 % de chaiteachas iomlán an Aontais ar riarachán;

2.

ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh an Chúirt Iniúchóirí, ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021, a sampla idirbheart faoi ‘Riarachán’ ó 48 in 2020 go 60 in 2021;

3.

ag tabhairt dá haire go luann an Chúirt Iniúchóirí go dtugtar le fios leis an obair a rinneadh le roinnt mhaith blianta anuas go mbaineann ceannteideal CAI 7 le caiteachas ísealriosca foriomlán; ag tabhairt dá haire, áfach, nach soláthraítear aon fhaisnéis ábhartha maidir le CBAE sa tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 agus á iarraidh ar an gCúirt Iniúchóirí sonraí cuimsitheacha maidir le cur i gcrích na gceanglas uile is gá le haghaidh nós imeachta urscaoilte comhsheasmhach a chur san áireamh sna chéad tuarascálacha bliantúla eile.

4.

ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, nár aimsigh an Chúirt Iniúchóirí aon saincheisteanna sonracha a bhaineann le CBAE;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

5.

ag tabhairt dá haire go raibh thart ar EUR 444 milliún sa bhuiséad foriomlán a leithdháileadh ar CBAE do 2021, méadú ó EUR 436 milliún in 2020 agus EUR 429 milliún in 2019;

6.

ag tabhairt faoi deara cur chun feidhme ard an bhuiséid in 2021 de 98,69 %, atá ag teacht le cur chun feidhme bhuiséad na bliana roimhe sin de 98,19 %; ag tabhairt dá haire go ndearna CBAE 10 n aistriú buiséid in 2021 de bhun Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais, arb ionann é agus EUR 17,9 milliún nó 4 % de na leithreasuithe don bhliain airgeadais sin;

7.

ag moladh CBAE as leanúint leis an treocht anuas sa mheán-am íocaíochta arb ionann é agus 24,63 lá in 2021, atá cothrom le laghdú de thart ar lá amháin i gcomparáid le 2020; á chur in iúl gur eol di gurbh é 27,48 lá an meán-am chun sonraisc a bhain le haistriúchán seachtrach a íoc, arb ionann é agus 75 % de líon iomlán na sonrasc a íocadh agus arb é 60 lá an teorainn ama chonarthach ina leith, agus gurbh é 18,92 lá an mheántréimhse chun sonraisc eile a íoc, arb é 30 lá an teorainn ama chonarthach le haghaidh íocaíochta in leith;

8.

ag tabhairt le fios go raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar ghníomhaíochtaí uile CBAE in 2021, idir ghníomhaíocht dhlínsiúil agus riaracháin, agus go raibh tionchar ag an ngéarchéim sin ar thomhaltas buiséid i roinnt línte buiséid CJEU; ag tabhairt faoi deara i gcás línte búiséid áirithe, gurbh é laghdú ar úsáid leithreasuithe an glantionchar a bhí ann, agus go raibh caiteachas breise ag teastáil i gcás línte eile; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go ndearna CBAE athbhreithniú ar a plean éigeandála agus leanúnachais gnó in 2021 chun leas a bhaint as an taithí a fuarthas ó phaindéim COVID-19;

9.

ag tabhairt faoi deara, i dtéarmaí figiúirí, gur féidir an caiteachas breise a raibh gá leis de bharr phaindéim COVID-19 a mheas ag EUR 1,7 milliún (i measc na gcostas breise a bhí ann, áiríodh ceannach trealaimh agus seirbhísí TF mar gheall ar úsáid ghinearálaithe teilea-oibre don bhfoireann arbh ionann é agus EUR 0,9 milliún, ceannach díghalrán agus trealamh cosanta pearsanta do chomhaltaí agus d’fhoireann CBAE ar ceanglaíodh orthu oibriú i bhfoirgnimh CBAE arbh ionann é agus EUR 0,1 milliún, agus méadú ar chostais téimh mar gheall ar an gcinneadh athnuachan aeir níos minice a dhéanamh i bhfoirgnimh CBAE arbh ionann é agus EUR 0,3 milliún); ag tabhairt dá haire go meastar gur EUR 6 milliún an coigilteas (maidir le línte buiséid a bhaineann le saorléirmhíniú meastar gur EUR 1,1 milliún an coigilteas, maidir le hoiliúint ghairmiúil agus misin meastar gur EUR 1,1 milliún an coigilteas, maidir le línte buiséid a bhaineann le glanadh agus cúram na bhfoirgneamh meastar gur EUR 0,5 milliún an coigilteas, maidir le troscán, earraí inchaite oifige agus gníomhaíochtaí a bhaineann le prótacal meastar gur EUR 0,5 milliún an coigilteas, agus maidir le laghdú ar an gcoigeartú tuarastail go 1,9 % meastar gur EUR 1,2 milliún an coigilteas);

10.

á chur i bhfios gur féidir glanmhéid coigiltis a mheas ag EUR 4,3 milliún, rud a d’fhág go bhféadfaí réamhíocaíocht a bhaineann le foirgnimh a mhaoiniú, mar chuid den aistriú fuílleach ag deireadh na bliana, agus é mar aidhm aici ualach airgeadais ar CBAE amach anseo a laghdú;

Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach

11.

á chur in iúl go dtuigeann sí gur ceadaíodh leis na bearta a ceapadh in 2021 chun dul i ngleic le héifeachtaí na paindéime COVID-19 do CBAE leibhéal ardfheidhmíochta a choinneáil, trí leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh, trí úsáid a bhaint as cianobair, teicnící cumarsáide agus córas físchomhdhála lena gceadaíodh éisteachtaí cianda os comhair an dá chúirt; á chur in iúl gur eol di gur bronnadh Gradam an Ombudsman Eorpaigh do Dhea-Riarachán ar CBAE sa chatagóir Sármhaitheas sa Nuálaíocht/Claochlú;

12.

ag tabhairt le fios gur tháinig méadú in 2021 ar líon iomlán na gcásanna a tugadh os comhair an dá chúirt (1 720 in 2021 i gcomparáid le 1 584 in 2020) agus ar líon na gcásanna a dúnadh (1 723 in 2021 i gcomparáid le 1 540 in 2020); á chur in iúl go dtuigeann sí go mbaineann an méadú sin go príomha leis an gCúirt Bhreithiúnais agus gur tharla sé go bunúsach mar thoradh ar an méadú suntasach ar líon na n-achomharc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta, a bhaineann leis an méadú ar ghníomhaíochtaí na Cúirte Ginearálta, arb é an chúis atá leis sin an athchóiriú ar gCúirt Ghinearálta a críochnaíodh i Meán Fómhair 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil 29 % de chinntí na Cúirte Ginearálta faoi réir achomhairc chun na Cúirte Breithiúnais;

13.

ag tabhairt faoi deara méadú ar mheánré na n-imeachtaí in 2021 (17,2 mí i gcomparáid le 15,4 mí in 2020); ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh meánré na n-imeachtaí ag an gCúirt Bhreithiúnais go 16,6 mhí in 2021 i gcomparáid le 15,4 mhí in 2020, agus gur mhéadaigh sí ag an gCúirt Ghinearálta go 17,3 mí i gcomparáid le 15,4 mí in 2020; ag aontú go bhféadfadh an méadú ar mheánré fhoriomlán a bheith nasctha, go páirteach ar a laghad, leis na bearta a bhaineann le paindéim arna nglacadh chun cumas na bpáirtithe a gcearta a fheidhmiú a éascú trí mhí bhreise a dheonú chun a n-aighneacht i scríbhinn a thíolacadh agus le neamhábaltacht na bpáirtithe taisteal chuig suíomh CBAE i Lucsamburg, rud a d’fhág go raibh céim béil níos faide sna himeachtaí;

14.

ag tabhairt dá haire go raibh líon na gcásanna a bhí ar feitheamh os comhair an dá chúirt fós seasmhach in 2021 (2 541 cás, 1 428 os comhair na Cúirte Ginearálta agus 1 113 os comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcomparáid le 2 542 cás ar an iomlán in 2020);

Acmhainní daonna, comhionannas agus folláine na foirne

15.

ag tabhairt dá haire gur tharla athnuachan pháirteach shuntasach ar CBAE in 2021, nuair a tháinig naonúr breithiúna nua chuig an gCúirt Bhreithiúnais agus cúigear breithiúna nua chuig an gCúirt Ghinearálta;

16.

ag tabhairt faoi deara, ó mhí Iúil 2022, go bhfuil beirt bhreithiúna ag an gCúirt Ghinearálta in aghaidh an Bhallstáit, cé go bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais fós comhdhéanta de bhreitheamh amháin in aghaidh an Bhallstáit; ag spreagadh CBAE chun leanúint dá hanailís maidir le conas an t-ualach oibre idir an dá chúirt a athchothromú;

17.

á áitiú gur gá aghaidh a thabhairt ar an easpa cothromaíochta inscne laistigh de choláiste na mbreithiúna; á chur in iúl gurb eol di gurb iad rialtais na mBallstát a cheapann comhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta de thoil a chéile agus nach bhfuil aon cheart ag CBAE a bheith rannpháirteach maidir le breithiúna nó abhcóidí ginearálta a roghnú, ar an gcaoi chéanna nach bhfuil aon ról ag an gComhairle ná ag an bParlaimint ina leith sin; á chur in iúl gur eol di gur sheol Uachtarán na Cúirte Ginearálta, tar éis glao ón bParlaimint, an 26 Márta 2021, litir chuig Uachtarán Chomhdháil Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le dul in éag théarmaí oifige 26 breithiúna de chuid na Cúirte Ghinearálta chun béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú laistigh den Chúirt Ghinearálta agus cuireadh a thabhairt do rialtais na mBallstát an cuspóir sin a chur san áireamh agus iarrthóirí á n-ainmniú le haghaidh an athraithe ar chuid de na breithiúna, i gcomhréir le haithris 11 de Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle6 (1); ag tathant ar rialtais na mBallstát an gá atá le cothromaíocht inscne a chur san áireamh agus breithiúna nua á n-ainmniú acu;

18.

ag tabhairt dá haire go raibh 2 247 oifigeach agus ball foirne eile ag CBAE ag deireadh 2021, i gcomparáid le 2 239 ag deireadh 2020, agus ag tabhairt faoi deara go bhfuil a dáileadh ar na catagóirí riaracháin in 2021 comhsheasmhach le dáileadh na blianta roimhe sin (in 2021, bhí an fhoireann comhdhéanta de 59 % oifigeach, 33 % gníomhairí sealadacha agus 8 % gníomhairí ar conradh i gcomparáid le 60 % oifigeach, 32 % gníomhairí sealadacha agus 8 % gníomhairí ar conradh in 2020); ag tabhairt dá haire an ráta ard líonta de 97 % in 2021; ag tabhairt dá haire go bhfanann dáileadh na bpost de réir earnála gníomhaíochta ag leibhéal comhchosúil leis na blianta seo caite, agus beagnach 86 % de phoist atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí dlínsiúla agus do ghníomhaíochtaí teanga;

19.

ag tabhairt faoi deara go raibh an dáileadh inscne ar fud na bpost foirne agus bainistíochta in 2021 ar aon dul leis an mbliain roimhe sin; ag tabhairt dá haire gur mná 60 % den bhfoireann a bhí ann ag deireadh 2021 (1 355 ball foirne) agus á chur i bhfios go láidir gur sháraigh CBAE an meán d’institiúidí an Aontais maidir le hionadaíocht na mban i bpoist ardleibhéil laistigh den riarachán (tá 54 % de phoist riarthóra agus 40 % de phoist na meánbhainistíochta agus na hardbhainistíochta ag mná);

20.

ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go ndéanann CBAE an chothromaíocht gheografach a shaothrú trí iarratais ó Bhallstáit tearcionadaithe a spreagadh, trí fhógraí folúntais a fhoilsiú laistigh den tairseach idirinstitiúideach agus trí oibriú go dlúth le seirbhís um roghnú agus earcaíocht foirne de chuid an Choimisiúin (EPSO) chun féachaint ar bhealaí le hearcaíocht pearsanra a fheabhsú; ag tabhairt le fios go bhfuil an neamhchothromaíocht suntasach fós agus ag spreagadh do CBAE ionadaíocht níos cothroime ó na Ballstáit i measc a fhoireann a shaothrú, go háirithe ó na Ballstáit a tháinig isteach san Aontas tar éis 2004;

21.

á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi shainghnéithe mhargadh an tsaothair i Lucsamburg agus á chur in iúl gur geal léi an cur chuige iomlánaíoch a rinneadh agus straitéis nua bainistithe daoine á dearadh, straitéis ina gcuimsítear gach céim de shaolré na hoibre: earcaíocht, forbairt scileanna, oiliúint tosaigh agus leanúnach, scáthfhoghlaim poist agus meantóireacht, seirbhís gairmthreorach a seoladh in 2021, agus deiseanna soghluaisteachta go dtí go ullmhúchán don scor; á chreidiúint go dteastaíonn timpeallacht oibre spreagúil agus dhinimiciúil chun baill foirne thiomanta agus éirimiúla a earcú agus á chur in iúl gur mór aici go ndéantar saincheisteanna a bhaineann leis an éagsúlacht agus leis an gcuimsiú a phríomhshruthú trasna na straitéisí a chuirtear i bhfeidhm i riarachán CBAE;

22.

ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, in 2021, gur chuimsigh gníomhaíochtaí aonad oiliúna agus forbartha CBAE a reáchtálann an chill comhdheiseanna agus éagsúlachta, tionscnaimh shonracha a bhaineann le comhdheiseanna, éagsúlacht agus cuimsiú, amhail rannpháirtíocht ionadaithe comhdheiseanna agus éagsúlachta sna grúpaí oibre idirinstitiúideacha éagsúla sa réimse seo agus, go sonrach, i ngrúpa oibre EPSO maidir le héagsúlacht i nósanna imeachta earcaíochta, gníomhaíochtaí ardaithe feasachta don bhfoireann agus do bhainisteoirí, agus athdhearadh an chláir ionduchtaithe do dhaoine nua chun gnéithe den bheartas éagsúlachta agus cuimsitheachta a chomhtháthú;

23.

á chur i bhfios na hionchais arda maidir le toradh an Ghrúpa Ardleibhéil Idirinstitiúideach (HLIG), a bunaíodh in 2020 chun scrúdú a dhéanamh ar réitigh ar dóigh dóibh cur le tarraingteacht Lucsamburg don bhfoireann agus chun teacht ar bhealaí chun borradh a chur faoina tharraingteacht i gcomparáid le cathracha eile ina n-óstáiltear ceanncheathrúna institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais; á chur in iúl gur eol di gur ghlac HLIG tuarascáil i mí an Mheithimh 2021 lena sainaithníodh gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh sna réimsí ábhartha; ag tabhairt faoi deara, i measc na ngníomhaíochtaí sin, gur breithníodh soláthar cóiríochta sealadaí; á iarraidh ar CBAE tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh faoi na gníomhaíochtaí a seoladh chun an togra sin a chur chun feidhme;

24.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú ar líon na gcásanna traochta in 2021 (34 cás measta) i gcomparáid le 2020 (27 cás measta); á chur in iúl gur geal léi go bhfuil níos mó acmhainní imlonnaithe ag CBAE chun cásanna traochta a chosc agus chun obair leantach a dhéanamh orthu trí líon uaireanta a síceolaí comhairliúcháin a mhéadú, trí cheathrú altra breise agus cúntóir a earcú a bhfuil freagracht shonrach orthu as gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a chomhordú chun dea-bhail na foirne a fheabhsú agus trí oiliúintí iomadúla a eagrú do bhainisteoirí chun a scileanna bainistíochta a fheabhsú agus chun cabhrú leo an t-ualach oibre a dháileadh go cothrom agus idirdhealú a sheachaint; á iarraidh an athuair ar CBAE leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar thionchar an ualaigh oibre atá ag méadú i gcónaí ar leas na foirne agus ag spreagadh úsáid a bhaint as suirbhéanna faoi shástacht na foirne chun tuiscint níos fearr a fháil ar thionscnamh na faidhbe agus ar thionchar na mbeart a glacadh;

25.

ag moladh CBAE as bearta sonracha a ghlacadh chun folláine fhisiceach agus mheabhrach na foirne a áirithiú i bhfianaise na gcoinníollacha cianoibre sonracha a cuireadh i bhfeidhm mar thoradh ar phaindéim COVID-19 in 2021; ag tabhairt faoi deara go n-áirítear leis na socruithe oibre solúbtha atá ar fáil ag CBAE obair pháirtaimseartha, saoire do thuismitheoirí, saoire teaghlaigh, fleisc-am agus teilea-obair, go bhfuil roghanna den sórt sin inrochtana do gach catagóir foirne i gcomhréir le forálacha na Rialachán Foirne, Coinníollacha Fostaíochta na Seirbhíseach Eile agus na cinntí inmheánacha is infheidhme, agus go gcuirfear nuashonruithe ábhartha in iúl go cuí don bhfoireann tríd an inlíon agus trí nuachtlitir inmheánach; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil éagothroime fós ann i measc úsáideoirí na socruithe oibre sin i bhfabhar baill foirne ar mná iad: as 205 duine a rinne iarratas ar shaoire do thuismitheoirí, ba mhná iad 163 acu agus ní raibh ach 42 acu ina bhfear, agus as 98 duine a rinne iarratas ar obair pháirtaimseartha, ba mhná iad 87 acu agus ní raibh ach 11 acu ina bhfear; ag athdhearbhú a hiarrata ar CBAE cumarsáid inmheánach éifeachtach a dhéanamh atá dírithe ar na roghanna a thairgtear do gach ball foirne a shoiléiriú níos fearr;

26.

ag tabhairt dá haire go raibh tuairim dhearfach ag an bhfoireann go ginearálta maidir leis na dálaí oibre ag CBAE in 2021 le linn phaindéim COVID-19 agus tar éis na paindéime, agus go ndearna CBAE trí shuirbhé foirne agus bainisteoirí in 2020 agus 2021, ag cur san áireamh an tsuim a léiríodh le haghaidh córais roghnaigh bhuain maidir le hobair ón mbaile nuair a cuireadh tús arís le gnáthphatrúin oibre; á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh a glacadh chun feabhas a chur ar choinníollacha do bhaill foirne a oibríonn go cianda, amhail pacáiste na hoifige baile (ríomhaire glúine, scáileán, stáisiún nasctha, luchóg agus méarchlár, gléas cinn agus cathaoir eirgeanamaíochta) agus tacaíocht theicniúil agus an cúnamh teicniúil lena n-áirítear físchomhdháil, tairiscintí oiliúna maidir le módúlachtaí agus straitéisí cianoibre, dea-chleachtais a scaipeadh agus seirbhís teileafóin a shocrú suas trí líonra slán CBAE a chuir cosc ar chostais bhreise teileachumarsáide don bhfoireann;

27.

á chur in iúl gur mór aici an aird a tugadh ar mheabhairshláinte na foirne sa tréimhse dianghlasála in 2021, an iliomad cumarsáidí a seoladh ar bhonn rialta chuig an bhfoireann, lena n-áirítear comhairle ar conas déileáil le leithlisiú, teagmhálacha agus faisnéis maidir le cabhair agus tacaíocht a lorg, faisnéis phraiticiúil ar chomhairliúcháin leighis, dea-chleachtais le leanúint agus teileaobair á déanamh, físeáin fhaisnéiseacha ón síceolaí comhairleoireachta ar conas cothromaíocht oibre/saoil a shaothrú le linn na dianghlasála agus an fhéidearthacht seisiúin chomhairleoireachta a bheith ann leis an síceolaí comhairleoireachta;

28.

ag tabhairt faoi deara gur earcaigh CBAE 255 oiliúnaí in 2021 agus go bhfuair 173 acu ioncam míosúil; á chur in iúl gur saoth léi gur tháinig laghdú in 2021 ar chéatadán na n-oiliúnaithe íoctha (68 %) i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (72 % in 2020); á chur in iúl, áfach, gur geal léi cinneadh leasaitheach a ghlacadh le déanaí, an 29 Samhain 2021, maidir le tréimhsí oiliúna, ar dá réir a chaithfidh CBAE luach saothair a thabhairt do gach duine faoi oiliúint, seachas iad siúd a íocadh ó fhoinsí eile, agus dá réir atá oiliúnaithe i dteideal deontas míosúil a fháil, sa bhreis ar an liúntas taistil ar ráta comhréidh, cosúil leis na cinn arna ndeonú ag institiúidí eile de chuid an Aontais; ag aithint an dul chun cinn atá déanta ag CBAE maidir le céatadán na dtréimhsí oiliúna gan íocaíocht a laghdú agus á iarraidh ar CBAE a áirithiú go bhfaighidh gach oiliúnaí luach saothair cuibhiúil ar leibhéal an luacha saothair a íocann institiúidí eile de chuid an Aontais, ach amháin i gcás oiliúnaithe a íoctar ó fhoinsí eile;

29.

ag spreagadh CBAE chun leanúint lena bheartas a bhfuil sé mar aidhm leo bainisteoirí a threorú agus a dhéanamh páirteach i gcosaint fholláine na foirne chomh maith le leanúint le measúnú a dhéanamh ar thionchar an ualaigh oibre atá ag méadú i gcónaí ar fholláine na foirne chun tuiscint níos fearr a fháil ar bhunús na ndeacrachtaí agus chun réitigh fhéideartha a fhiosrú; á chur in iúl gur díol sásaimh di an idirphlé sóisialta idir an lucht riaracháin agus ionadaithe na foirne agus seoladh suirbhéanna a bhfuil sé mar aidhm leo tuairimí na mball foirne a bhailiú ar go leor ábhar ábhartha, amhail an córas teileaoibre agus neamhspleáchas ag an obair;

Creat eitice agus trédhearcacht

30.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh an cód iompair nua do chomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta a tháinig i bhfeidhm an 7 Deireadh Fómhair 2021; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go ndíríonn sé go sonrach ar dhearbhuithe leasa na gcomhaltaí, ar féindhearbhuithe fós iad faraor, ar a n-uasdátú tréimhsiúil ag gach athrú ar chúrsaí agus gach trí bliana ar a laghad, agus ar a bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin Curia, ag tosú ó dheireadh na bliana 2021; á chur i bhfáth go bhfuil na forálacha nua dírithe go sonrach ar choinbhleachtaí leasa a chosc agus ag aontú le CBAE go bhfuil an cur chuige docht ceaptha chun muinín an phobail as neamhspleáchas bhreithiúnais an Aontais a neartú;

31.

á chur in iúl gur mór aici comhdhlúthú rialacha inmheánacha CBAE lena rialaítear taisteal, misin, gluaisteáin agus úsáid tiománaithe na gcomhaltaí, a leagadh amach roimhe seo i gcinntí comhlántacha éagsúla, in aon chinneadh amháin, a glacadh i mí an Mhárta 2021; á chreidiúint go bhféadfar cur chun feidhme na rialacha a shimpliú dá bharr agus go ndéanfar leis creat níos trédhearcaí; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur foilsíodh, ag deireadh 2021, Curaclaim na gComhaltaí, lena n-áirítear gnéithe breise amhail poist oinigh nó teidil arna mbronnadh mar aon le ballraíocht i bhfondúireachtaí;

32.

ag tabhairt dá haire an leibhéal leordhóthanach trédhearcachta atá bainte amach ag foilsiú bliantúil ar shuíomh Gréasáin Curia, ó 2018 i leith, de na liostaí ghníomhaíochtaí seachtracha arna ndéanamh ag comhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus ag comhaltaí na Cúirte Ginearálta araon; á chur i bhfáth go bhfuiltear ag súil go gabhfaidh na comhaltaí orthu féin go hiomlán do chomhlíonadh a gcuid dualgas ag CBAE agus nach féidir leo gníomhaíochtaí seachtracha a dhéanamh ach amháin i gcás ina mbaineann siad le comhlíonadh a gcuid dualgas agus faoi réir údarú roimh ré a dheonú orthu ach amháin i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin comhoiriúnach le ceanglais an chóid iompair agus, go háirithe, leis an oibleagáid a bheith ar fáil do ghníomhaíochtaí breithiúnacha;

33.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an cód iompair nua do chomhaltaí foirne, a rabhthas ag súil leis a bheith críochnaithe faoi dheireadh 2021, fós sa phróiseas glactha, agus dá bhrí sin á iarraidh ar CBAE an próiseas a chur i gcrích a luaithe is féidir; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé téarma tagartha nuashonraithe agus cuimsitheach a sholáthar don bhfoireann maidir le go leor ábhar íogaire amhail doirse imrothlacha, gníomhaíochtaí seachtracha agus gníomhaíochtaí ceirde tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil, agus ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfaí an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas go cuí faoin ábhar deireanach agus faoi ghlacadh an chóid iompair nua don bhfoireann;

34.

á chur in iúl go bhfuil comhlíonadh na foirne maidir le cúrsaí eiticiúla saothraithe faoi láthair ag CBAE go príomha trí phacáiste oiliúna éigeantach do dhaoine nua, atá inrochtana freisin do chomhghleacaithe atá ag obair ann le fada, agus tríd an oiliúint rialaithe inmheánaigh agus airgeadais (in 2021 eagraíodh 14 sheisiún san iomlán); ag tabhairt dá haire arís an líon teoranta foirne a bhí rannpháirteach ag na seisiúin sin (99 ball foirne as níos mó ná 2 000 ball foirne); á iarraidh ar CBAE rannpháirtíocht na foirne i gcúrsaí oiliúna ar ábhair eiticiúla a spreagadh tuilleadh, suirbhéanna foirne a dhéanamh chun an dearcadh ar an gcreat eiticiúil reatha a fhíorú agus rannpháirtíocht foirne a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi eisiúint treoirlínte ad hoc maidir le húsáid na cumarsáide leictreonaí lena n-áirítear breithnithe a bhaineann leis an gceart chun dícheangail agus le cosaint sonraí pearsanta agus lena leagtar síos rialacha maidir le húsáid, coinneáil agus cartlannú;

35.

ag tabhairt dá haire gur chuir baill foirne isteach 96 iarratas ar údarú chun gabháil do ghníomhaíocht ghairmiúil tar éis dóibh CBAE a fhágáil agus gur formheasadh na hiarratais sin ar fad, nár braitheadh aon sárú ar an tréimhse mharana, go bhfuil feidhm ag rialacha sonracha an chóid iompair do rúnaithe dlí maidir le rúndacht agus coinbhleacht leasa maidir le hiarbhaill foirne a fhágann na poist sin, agus go ndearnadh scrúdú ar dhá dhearbhú gníomhaíochta seachtraí le linn saoire ar chúiseanna pearsanta agus gur formheasadh iad;

36.

ag tabhairt dá haire go bhfuil a straitéis frithchalaoise nuashonraithe ag CBAE mar chuid lárnach dá beartas bainistithe riosca agus go bhfuil an clár rioscaí bunaithe dá réir agus áirítear ann rioscaí a bhaineann le nádúr íogair ghníomhaíocht CBAE, amhail nochtadh míchuí faisnéise;

37.

á iarraidh go gcuirfí deireadh le húsáid cuideachtaí seachtracha a leanann, de réir rangú Ollscoil Yale (2), de bheith ag feidhmiú sa Rúis;

Digitiú, cibearshlándáil, cosaint sonraí

38.

á chur in iúl gur geal léi iarracht CBAE dlús a chur le digitiú a cuid gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta agus é a leathnú, sna réimsí breithiúnacha agus riaracháin araon; á chur in iúl go dtuigeann sí gurb í an aidhm leis sin soláthar tacaíochta dírí a neartú do ghníomhaíochtaí breithiúnacha agus ar an gcaoi sin dul i ngleic leis an leibhéal ualaigh oibre gan fasach, go háirithe ag an gCúirt Bhreithiúnais;

39.

á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta in 2021 chun an córas comhtháite bainistithe cásanna (SIGA) a fhorbairt, agus na féidearthachtaí a bhaineann leis sin le haghaidh bharrfheabhsú agus uathoibriú níos fearr na gcéimeanna éagsúla maidir le próiseáil cásanna;

40.

á chur i bhfios an leibhéal ard cibearionsaithe a fulaingíodh in 2021 i gcomparáid le blianta roimhe sin agus á chur in iúl gur mór aici gur láimhseáladh iad go léir gan tionchar suntasach; ag moladh ról gníomhach CBAE maidir le tacú le tionscnaimh chun an chibearshlándáil a neartú ar fud institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, mar chuid de bhord stiúrtha CERT-EU agus mar bhall den Choiste Idirinstitiúideach um Chlaochlú Digiteach (ICDT); á chur in iúl gurb eol di go bhfuil athnuachan déanta ag CBAE ar a clár feasachta um chibearshlándáil, go bhfuil cúrsa oiliúna éigeantach ríomhfhoghlama maidir le cibearshlándáil forbartha aici dá foireann agus go bhfuil staidéar déanta aici ar ‘neamh-iontaoibh’ mar chuid den chlár ilbhliantúil um chlaochlú digiteach agus í ag tosú ar an obair, in 2021, ar dhearadh mionsonraithe an ghréasáin nua a ionchorpraíonn ‘ailtireacht neamh-iontaoibhe’; ag spreagadh CBAE freisin measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí a áirithiú;

41.

ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go n-úsáideann CBAE córais a óstáltar go hinmheánach, bunaithe ar theicneolaíocht foinse oscailte, mar chéad rogha chun a hinneachar breithiúnach íogair a láimhseáil agus a phróiseáil agus, i gcás ina n-imscartar réitigh néalríomhaireachta, go ndéanann CBAE bearta teicniúla speisialta a cheapadh agus go ndéanann sí conarthaí a chaibidil le ceanglais láidre um chosaint agus slándáil sonraí le húdarú an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS), nuair is gá; á chur in iúl go dtuigeann sí go gceadaítear leis an gcur chuige sin do CBAE rialú a choinneáil ar a córais theicniúla, úinéireacht stórála sonraí agus sreafaí sonraí a chosaint, agus dianspleáchas ar aon córais sheachtracha, lena n-áirítear córais institiúidí eile, a sheachaint; ag cur in iúl go neartaítear úinéireacht tríd an mbeartas atá i bhfeidhm maidir le cearta rochtana, trí oifigigh a cheapadh mar bhainisteoirí seirbhíse i bhfeighil ar bhonneagar CBAE, trí fhaireachán leanúnach ar oibríochtaí a áirithiú agus trí dhualgais na bhfoirne forbartha agus dualgais na gcomhairleoirí seachtracha agus na gconraitheoirí seachtracha a scaradh;

42.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil breithniú á dhéanamh ar fhormáidí malartaithe doiciméad agus sonraí níos neodraí a úsáid chun uirlisí oifige ‘neamhdhílseánaigh’ a chothú agus chun trédhearcacht a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, ó mhí Eanáir 2021 i leith, go bhfuil taifead lárnach na ngníomhaíochtaí próiseála ar líne agus go bhfuil rochtain dhíreach ag an bpobal air;

43.

á mheabhrú go bhfuil CBAE, mar chuid dá rannpháirtíocht i ngach foghrúpa ICDT, tar éis cathaoirleacht a ghlacadh ar an nGrúpa Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn in 2021; á chur in iúl go dtuigeann sí gurb é príomhchuspóir an ghrúpa seo, a cruthaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020, cos a choinneáil le forbairtí teicneolaíochta agus cur chuige coiteann maidir leo a chur chun cinn laistigh d’institiúidí, de chomhlachtaí, d’oifigí agus de ghníomhaireachtaí an Aontais i réimsí na hintleachta saorga, an bhlocshlabhra, an phróisis uathoibríocha róbatacha agus ríomhaireachta candamaí; á chur in iúl gur eol di go bhfuil comhchlár idirinstitiúideach á ullmhú ina bhfuil forbhreathnú ar infheistíochtaí, inniúlachtaí atá ar fáil, táirgí atá forbartha cheana féin agus féidearthachtaí athúsáide, agus réimsí comhair amach anseo agus go bhfuiltear ag súil leis go n-áireofaí leis oiliúint i scileanna nua, ailtireacht choiteann chun tacú le comhoibriú sa todhchaí agus bunú lárionad nuálaíochta idir-institiúideach;

44.

á chur in iúl go ndéanann sí obair leantach ar rúin roimhe seo maidir le húsáid na hintleachta saorga i gcórais bhreithiúnacha chun iarraidh ar CBAE an urraim is airde ar chearta an duine a áirithiú; á chur in iúl go dtuigeann sí gurb é príomhchuspóir uirlisí intleachta saorga a úsáid ná anailís a dhéanamh ar théacsanna chun faisnéis a bhaint go huathoibríoch agus chun próiseáil tascanna áirithe a bhrostú; ag tabhairt dá haire gealltanas CBAE go gcuirfear san áireamh na prionsabail maidir le hurraim do chearta bunúsacha, neamh-idirdhealú, slándáil, trédhearcacht, neodracht agus sláine intleachtúil, chomh maith le rialú úsáideoirí, i gcomhréir leis an gCairt Eiticiúil Eorpach maidir le húsáid na hintleachta saorga i gcórais bhreithiúnacha agus a dtimpeallacht; á mheabhrú, ar aon nós, gur cheart d’oibreoir daonna faireachán agus réiteach a dhéanamh i gcónaí ar na cúraimí a dhéantar le cabhair ón intleacht shaorga agus gur cheart iad a bheith ‘eiticiúil de réir dearaidh’ agus go dtugtar san áireamh leo ‘cearta an duine de réir dearaidh’; ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfí ar an eolas í faoi mhodhúlacht na húsáide a d’fhéadfaí a bhaint as an intleacht shaorga agus gníomhaíochtaí CBAE á gcur i gcrích;

45.

ag tabhairt faoi deara go bhfuil an t-imscrúdú a d’oscail MECS in 2020 ar úsáid seirbhísí gréasáin tríú páirtí ag CBAE (amhail YouTube, Twitter, LinkedIn, Google Play agus Apple) agus an oibleagáid atá ann bunbhrí an rialaitheora chomhpháirtigh a chur ar fáil, fós ar feitheamh; ag tabhairt faoi deara thairis sin gur chuir MECS tús le himscrúdú freisin ar úsáid CBAE as néalsheirbhísí arna soláthar ag Amazon Web Services agus Microsoft faoi chonarthaí soláthair Cloud II agus go bhfuil cinneadh fós ar feitheamh; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí leantacha a rinneadh CBAE chun ailíniú le moltaí MECS;

Foirgnimh agus slándáil

46.

á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil mhionsonraithe chuig an údarás buiséadach ar phleananna infheistíochta foirgneamh CBAE a dréachtaíodh i gcomhréir le hAirteagal 266 den Rialachán Airgeadais; ag tabhairt faoi deara, ó mhí an Mheithimh 2021 i leith, go bhfuil conradh ag CBAE chun fardal a shócmhainní ailtireachta a bhunú agus chun iad a iniúchadh go córasach, ar leithdháileadh EUR 140 000 air in 2021 agus EUR 230 000 in 2022;

47.

ag tabhairt dá haire gur lean CBAE, in 2021, de bheith ina chathaoirleach ar an nGrúpa Slándála Idirinstitiúideach a bunaíodh in 2014 ar thionscnamh CBAE d’fhonn cineálacha cur chuige a chomhchuibhiú, dea-chleachtais a mhalartú, comhoibriú i gcás bagairt shonrach agus chun bunú nósanna imeachta a chomhordú maidir le rialú rochtana ar fhoirgnimh;

48.

á chur in iúl gur eol di go bhfuil CBAE ag óstáil oifig EPSO Lucsamburg ina choimpléasc foirgnimh ó Dheireadh Fómhair 2019 i leith agus ag cur na seomraí cruinnithe ar fáil dó a theastaíonn chun ionaid mheasúnaithe a eagrú d’iarrthóirí ar phoist i Lucsamburg, go háirithe i réimse an aistriúcháin;

49.

ag tabhairt faoi deara gur lean an mheitheal idirinstitiúideach um chomhordú foirgneamh i Lucsamburg (GICIL) dá chuid oibre ar bhonn níos annaimhe chun comhchuibhiú chleachtais institiúidí an Aontais atá bunaithe i Lucsamburg a chothú; ag tabhairt dá haire go gcuireann GICIL malartú dea-chleachtais chun cinn i réimse an bhainistithe foirgnimh agus go n-éascaíonn sé comhar idirinstitiúideach i réimse an tsoláthair gáis agus leictreachais chomh maith le seirbhísí cúnaimh theicniúil in earnáil na tógála a ghineann barainneachtaí scála; ag tabhairt le fios gur eagraíodh ceardlann, an 11 Meitheamh 2021, ar choincheapa nua faoina pátrúnacht maidir le dearadh ionaid oibre tar éis na paindéime;

Comhshaol agus inbhuanaitheacht

50.

á chur in iúl gur geal léi gur ghlac CBAE le beartas comhshaoil, atá ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, agus ag tacú le clárú CBAE i gcóras EMAS (ó 2016) agus a rannpháirtíocht sna coistí comhshaoil éagsúla idirinstitiúideacha ina malartaítear dea-chleachtais comhshaoil agus ina gcuirtear rannchuidithe ar fáil chun comhstraitéisí comhshaoil a mhionléiriú chun astaíochtaí CO2 a laghdú agus chun sineirgí airgeadais a bhaint amach, eadhon GIME (Groupe Interinstitutionnel de Management Environmental, ina dtugtar le chéile comhordaitheoirí EMAS ó roinnt institiúidí Eorpacha nach bhfuil a suíocháin i Lucsamburg amháin) agus ECOnet (Líonra Comhshaoil Idirinstitiúideach comhdhéanta de chomhordaitheoirí EMAS ó institiúidí éagsúla de chuid an Aontais i Lucsamburg a dhéanann idirchaidreamh le Coláiste na nArd-Rúnaithe agus na Cinn Riaracháin i Lucsamburg – CaLux), agus an grúpa oibre idirinstitiúideach um Sholáthar Poiblí Glas a fheidhmíonn san earnáil ghlascheannaigh;

51.

ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, gur bhain CBAE, in 2021, laghdú suntasach amach ar ídiú leictreachais, uisce agus páipéir, ar dhramhaíl ceaintín agus oifige agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; ag tabhairt dá haire gur tháirg suiteáil réimse iomlán de 3 447 m2 painéil fhótavoltach 381 586 kWh agus, dá bhrí sin, gur chuidigh sí le soláthar inbhuanaithe fuinnimh a áirithiú; ag tabhairt dá haire freisin gur suiteáladh 32 scairdeán uisce, le linn 2021, a cuireadh i seirbhís in 2022 i gcomhréir le moltaí sláinte na n-oifigeach leighis, rud a laghdaigh tomhaltas buidéal plaisteach aonúsáide;

52.

á chur in iúl gur eol di gur féidir laghdú an-ghéar ar astaíochtaí CO2 (laghdú ó choibhéis 32 747 tona CO2 in 2010 go coibhéis 11 181 tona CO2 in 2020) á mhíniú freisin le ráta íseal áitíochta na bhfoirgneamh agus leis an laghdú ar thaisteal a bhaineann le paindéim COVID-19; ag spreagadh CBAE a thomhaltas páipéir a theorannú tuilleadh agus an sprioc de bheith ina institiúid gan pháipéar a shaothrú;

53.

á chur in iúl go dtuigeann sí go n-áireoidh CBAE cuspóirí comhshaoil athnuaite chun a lorg comhshaoil a laghdú tuilleadh, i gcomhréir le Clár EMAS do 2022; á chur in iúl gur geal léi an iliomad tionscnamh a ghlac CBAE chun tacú le soghluaisteacht inbhuanaithe a foirne agus chun feasacht a ardú ar an ábhar, lena n-áirítear gluaisteáin hibrideacha agus leictreacha a chur chun cinn dá comhaltaí, fóirdheontas le haghaidh iompar poiblí trasteorann bliantúil, agus síntiús saor in aisce don tseirbhís rothar fhéinfhreastail arna bhunú ag Cathair Lucsamburg;

Comhar idirinstitiúideach

54.

á chur in iúl gur geal léi tiomantas CBAE cur chuige comhordaithe a aimsiú chun déileáil leis na dúshláin iolracha a bhaineann le paindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire gur tharla malartuithe maidir leis an straitéis bainistithe géarchéime, faoi chathaoirleacht Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, ag cruinnithe Choláiste Cheannairí Riaracháin institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, agus ag cruinnithe CALux le rannpháirtíocht ionadaithe údaráis náisiúnta Lucsamburg;

55.

ag tabhairt dá haire an iliomad comhaontuithe atá ag CBAE ar leibhéal seirbhíse leis an gCoimisiún (leis an Oifig um Riar agus Íocaíocht Teidlíochtaí Indibhidiúla agus Oifig na bhFoilseachán), le CERT-AE (i réimse na cibearshlándála) agus leis an bParlaimint agus leis an gComhairle (an t-ualach airgeadais a bhaineann leis an tseirbhís uirlisí ciantástála a roinnt faoi chuimsiú an chreidiúnaithe idirinstitiúidigh do shaor-ateangairí) chomh maith leis an gcomhaontú maoinithe bliantúil le seirbhísí aistriúcháin institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí eile an Aontais chun roinnt uirlisí TF a mhaoiniú; á chur in iúl gur eol di gur leanadh den chomhoibriú faoi chuimsiú an Choiste Idirinstitiúidigh um Aistriúcháin agus Ateangaireacht agus laistigh dá Choiste Feidhmiúcháin um Ateangaireacht agus dá Choiste Feidhmiúcháin um Aistriúchán;

56.

ag tabhairt dá haire, agus gur díol sásaimh di é, go gcomhoibríonn CBAE freisin leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), le MECS agus leis an Ombudsman Eorpach, agus go ndéantar malartuithe gníomhacha le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIEP) d’fhonn eolas a roinnt, lena n-áirítear tairiscint oiliúna do na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha chun iad a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí CBAE, i gcomhréir leis an meabhrán tuisceana, a bhfuil caibidlíocht á déanamh air faoi láthair agus a bhfuil sé mar aidhm leis comhar níos láidre a chothú idir CBAE agus OIEP;

57.

á chur in iúl gur geal léi saothrú na ngníomhaíochtaí ag Líonra Breithiúnach an Aontais Eorpaigh, a rannchuidigh leis an gcomhar idir CBAE agus na cúirteanna náisiúnta a chothú agus a éascú, go háirithe i réimsí an taighde dhlíthiúil, na téarmaíochta ilteangaí agus na nuálaíochta teicneolaíche;

Cumarsáid

58.

á athdhearbhú a hiarrata ar CBAE a iarrachtaí cumarsáide a mhéadú chun an nasc le saoránaigh a neartú, trí thrédhearcacht níos fearr a fhormhuiniú ina chuid oibríochtaí, trí úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha a dhianú agus trí straitéis chumarsáide a shaothrú lena ceadaítear an dearcadh ceart agus an tuiscint cheart ar ról CBAE agus ar an mbealach a luíonn sé le fís an Aontais;

59.

á thabairt dá haire go raibh buiséad EUR 510 500 ann le haghaidh gníomhaíochtaí cumarsáide poiblí agus cur chun cinn in 2021, lena gcumhdaíodh táirgeadh foilseacháin inmheánacha agus sheachtracha (e.g. tuarascálacha bliantúla), ábhair físe, ábhair chur chun cinn do chuairteoirí, faireachán ar na meáin agus ábhair shonracha do ghairmithe dlí nó don phreas agus na meáin;

60.

ag tabhairt faoi deara gur úsáideadh físchomhdháil le haghaidh 131 éisteacht os comhair na Cúirte Ginearálta agus na Cúirte Breithiúnais in 2021, agus gur foilsíodh 231 preasráiteas le haghaidh 3 206 leagan teanga éagsúla ar shuíomh gréasáin Curia, gur díríodh ar 601 nuachtlitir sheachtainiúil nó choicísiúil do na meáin agus do ghairmithe dlí chun faisnéis ar an láthair a sholáthar, feasacht a ardú ar chásanna tábhachtacha agus na cinntí a rinneadh a mhíniú, agus gur scaipeadh 630 feasachán tapa faisnéise ar chásanna nach raibh clúdaithe ag preaseisiúintí;

61.

ag tabhairt le fios go raibh 6,1 milliún cuairteoir agus 25,3 milliún amharc ar leathanaigh ag suíomh gréasáin Curia in 2021; ag tabhairt chun suntais ról méadaitheach e-Curia mar thairseach do chumarsáid idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta, ar thaobh amháin, agus na páirtithe agus a n-ionadaithe, ar an taobh eile; á mholadh go ndéanfaí feidhmiúlachtaí e-Curia a fhorbairt tuilleadh;

62.

á chur in iúl gur cuireadh isteach beagnach 90 % de na doiciméid nós imeachta go léir a taisceadh os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta in 2021 trí úsáid a bhaint as e-Curia; á thabhairt chun suntais go raibh ráta úsáide e-Curia 85 % os comhair na Cúirte Breithiúnais agus 93 % os comhair na Cúirte Ginearálta (i gcomparáid le 79 % agus 95 % faoi seach in 2020); á chur i bhfios go láidir gur tháinig méadú breise ar líon na gcuntas a osclaíodh os comhair an dá chúirt ó 7 378 ag deireadh 2020 go 8 212 cuntas sa bhliain ina dhiaidh sin; ag tabhairt faoi deara nach raibh ach 45 cuntas oscailte ag cúirteanna náisiúnta ag deireadh 2019, gur shroich siad 121 ag deireadh 2020 agus gur tháinig méadú breise orthu go 223 faoin 31 Nollaig 2021, rud a thugann le fios go bhfuil muinín forleathan ag úsáideoirí in úsáidí agus in iontaofacht e-Curia; á chur in iúl gur geal léi go raibh tionchar suntasach ag tabhairt isteach e-Curia in 2011 ar chostais poist, a bhfuil laghdú thart ar 85 % tagtha orthu le linn na tréimhse 2011-2021;

63.

ag cur in iúl láithreacht mhéadaithe CBAE agus líon na leantóirí ar na hardáin mhóra agus ar líonraí sóisialta (Twitter agus LinkedIn ach freisin ar ardán Mastodon) agus cumarsáid shaincheaptha a ullmhú do ghairmithe dlí trí Bhileoga Eolais agus an Achoimre Mhíosúil Cásdlí;

64.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil CBAE rannpháirteach go gníomhach i dtionscadal EU Voice a sheol MECS chun idirghníomhú leis an bpobal, agus a bhfuil sé beartaithe aige úsáid líonraí sóisialta díláraithe, saor in aisce agus foinse oscailte a chur chun cinn mar rogha malartach ar na líonraí dílseánaigh;

65.

á athdhearbhú a hiarrata ar CBAE trédhearcacht a fheabhsú trí réitigh nuálacha a ghlacadh chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le seachadadh breithiúnas agus éisteachtaí a shruthú, a chuaigh isteach i gcéim phíolótach ag tús 2022, bunaithe ar obair theicniúil a rinneadh in 2021, leis na céad éisteachtaí ó Mhór-Dhlísheomra na Cúirte Breithiúnais a sruthaíodh ó Aibreán 2022 i leith;

66.

ag moladh tiomantas CBAE don ilteangachas agus ag aontú gur ábhar é aghaidh a thabhairt ar gach dlíthí agus ar gach saoránach ina theanga féin chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga an Aontais a chosaint agus gur ábhar é a bhaineann le héifeachtacht, inrochtaineacht agus dlisteanacht chóras ceartais an Aontais;

67.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá obair CBAE chun aghaidh a thabhairt ar ábhair lena gceistítear bunsmaoineamh an tionscadail Eorpaigh agus a bhunluachanna agus a phrionsabail; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cinntí CBAE, go háirithe ag tagairt do chomhlíonadh an smachta reachta; á chur in iúl gurb eol di iarmhairtí forleathana a cinntí;

68.

á chur in iúl gur geal léi thionscnamh CBAE chun clár cuairteora fhíorúil a thairiscint do shaoránaigh Eorpacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tionscadal píolóta leathnaithe faoi láthair chuig gach dalta meánscoile san Aontas agus go bhfuil sé mar aidhm aige éagsúlú a dhéanamh amach anseo trí chláir a fhorbairt atá dírithe ar chineálacha eile lucht féachana; á chur in iúl gur geal léi go raibh baint ag oifigeach cosanta sonraí CBAE ó thús na tréimhse phíolóta.

69.

ag tacú leis an iarraidh ón tsochaí sibhialta (3) go ndéanfaí éisteachtaí CBAE a bheoshruthú ar a suíomh gréasáin, ós rud é gur cleachtas é atá ag roinnt cúirteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta cheana féin, amhail an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO L 341, 24.12.2015, lch. 14).

(2)  https://som.yale.edu/story/2022/over-1000-companies-have-curtailed-operations-russia-some-remain

(3)  https://thegoodlobby.eu/campaigns/open-letter-to-the-president-of-the-court-of-justice-of-the-european-union-asking-for-eu-courts-to-live-stream-their-public-hearings/


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/110


CINNEADH (AE) 2023/1829 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0231/2022) (2),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí don údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0081/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí na Cúirte Iniúchóirí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Cúirte Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(4)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(5)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/111


RÚN (AE) 2023/1830 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0081/2023),

A.

de bhrí gurb í an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) iniúchóir seachtrach an Aontais, a gcuirtear mar chúram air, trí obair iniúchóireachta neamhspleách, ghairmiúil agus iarmhartach measúnú a dhéanamh ar gheilleagar, éifeachtacht, éifeachtúlacht, dhlíthiúlacht agus rialtacht ghníomhaíocht an Aontais d’fhonn an chuntasacht, an trédhearcacht agus an bhainistíocht airgeadais a fheabhsú, agus leis sin, feabhas a chur ar mhuinín na saoránach agus freagairt éifeachtach a thabhairt ar na dúshláin roimh an Aontas faoi láthair agus amach anseo;

B.

de bhrí, gan dochar d’fhorálacha Airteagail 287 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ó bhí deireadh na bliana airgeadais 1987 ann, go ndéanann iniúchóir seachtrach neamhspleách cuntais ioncaim agus caiteachais na Cúirte a iniúchadh gach bliain agus, ón uair a foilsíodh an tuarascáil ar an mbliain airgeadais 1992, go bhfuil tuarascálacha an iniúchóra á bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

C.

de bhrí go soláthraítear cuntasacht bhainistíochta i leith na n-údarás buiséadach trí thuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil Ardrúnaí na Cúirte arb é is cuspóir di, i gcomhréir le hAirteagal 74(9) den Rialachán Airgeadais, faisnéis a sholáthar faoi bhainistiú na n-acmhainní, lena n-áirítear bainistiú na gcóras, agus faoi éifeachtúlacht agus éifeachtacht chórais rialaithe inmheánaigh na Cúirte;

D.

de bhrí gur mian leis an údarás um urscaoileadh, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh tríd an trédhearcacht agus an chuntasacht a fheabhsú, agus trí bhuiséadú ar bhonn feidhmíochta agus dea-rialachas acmhainní daonna, mar choincheap, a chur chun feidhme;

E.

de bhrí go rannchuidíonn an Chúirt, trí fheidhmiú ar bhealach trédhearcach agus neamhspleách, le maoirseacht dhaonlathach, díospóireacht phoiblí agus fóntacht bhainistiocht airgeadais an Aontais;

F.

de bhrí gur ghlac an Chúirt an seasamh a deir gurbh é an réiteach ab fhearr, maidir le measúnú a dhéanamh ar rialachas an Aontais, ar a chuntasacht agus a thrédhearcacht agus ar cháilíocht agus iontaofacht na faisnéise agus na sonraí a thuairiscítear maidir le cur chun feidhme na mbeartas Aontais, go sainordófaí don Chúirt iniúchóireacht a dhéanamh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais a cuireadh ar bun leis nó faoi na Conarthaí, agus ar na struchtúir idir-rialtasacha uile atá fíorábhartha d’fheidhmiú an Aontais; de bhrí go mba gheal leis an gCúirt ar an ábhar sin aon tionscnamh faoina gcuirfí sainordú níos leithne ar iontaoibh na Cúirte;

1.

Ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad na Cúirte faoi cheannteideal Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 7, ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 10,7 billiún san iomlán in 2021 (arbh ionann é agus 5,9 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais); ag tabhairt dá haire go seasann buiséad na Cúirte do thart ar 1,5 % de chaiteachas iomlán an Aontais ar riarachán, níos lú ná 0,1 % de chaiteachas iomlán an Aontais;

2.

Ag tabhairt dá haire go luann an Chúirt go léiríonn a chuid oibre le roinnt mhaith blianta gur caiteachas ar bheagán riosca, tríd is tríd, a thagann faoi CAI, ceannteideal 7;

3.

Á chur in iúl gurb eol di gur iniúchóir seachtrach neamhspleách a dhéanann iniúchóireacht ar chuntais bhliantúla na Cúirte chun prionsabail na trédhearcachta agus na cuntasachta a chur i bhfeidhm, na prionsabail chéanna a bhíonn á gcur i bhfeidhm ag an gCúirt ar a hiniúchaithe féin; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, nár thuairiscigh an t-iniúchóir seachtrach aon shaincheist shonrach, bunaithe ar iniúchadh na Cúirte;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

4.

Ag tabhairt dá haire gur EUR 153 721 727 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Cúirte do 2021, méadú bídeach 0,97 % i gcomparáid le buiséad EUR 152 237 000 in 2020, de bharr oiriúnuithe tuarastail den chuid is mó;

5.

Ag tabhairt faoi deara go ndearnadh 96,65 % den bhuiséad a chur chun feidhme, ráta ard, i gcomparáid le 95,70 % in 2020, agus gur íocaíochtaí ab ea 94,45 % de na gealltanais uile, i gcomparáid le 94,12 % in 2020; á chur i bhfios go láidir go raibh meánam íocaíochta 10,7 lá ann in 2021 agus sciar 19 % de shonraisc leictreonacha, i gcomparáid le 11 % in 2020;

6.

Á lua gur leithreasuithe EUR 8 242 668 a tugadh anonn go 2021, arbh ionann é agus 5,55 % de na gealltanais uile, i gcomparáid le EUR 8 565 175 agus 5,88 % in 2020; ag tabhairt faoi deara gur thug méid na leithreasuithe a tugadh anonn go huathoibríoch ó 2020 go 2021 ráta úsáide 91,70 % in 2021, i gcomparáid le 92,24 % in 2020;

7.

Ag tabhairt dá haire go raibh tionchar in 2021 ag paindéim COVID-19 ar ghníomhaíocht na Cúirte, agus, mar thoradh air sin, gur tháinig laghdú ar úsáid leithreasuithe i gcás línte áirithe, agus gurbh éigean caiteachas breise a dhéanamh i gcás línte eile de bharr na géarchéime sláinte; ag tabhairt dá haire, dá réir sin, in imeacht 2021, go ndearna an Chúirt 30 aistriú buiséadach arbh ionann iad agus EUR 4 397 588 ar an iomlán, agus é mar aidhm aici cistí a ath-leithdháileadh chun riachtanais shonracha a mhaoiniú;

8.

Ag tabhairt faoi deara gur bhain an caiteachas breise in 2021 i gcomparáid le 2020 le trealmhú áitribh (+ 294,55 %), slándáil (+ 167,55 %), TF (+ 12,34 %) agus trealamh agus suiteáil theicniúil (+ 31,85 %), de bhrí go ndearnadh an coigealtas ar laghdú ar chaiteachas ar mhisin (– 48,83 %), foilseacháin (– 41,29 %), comhsheirbhís ateangaireachta agus comhdhála (– 61,54 %) agus seirbhís dlí (– 75 %); á chur i bhfáth go raibh ráta úsáide 25,03 % de na leithreasuithe críochnaitheacha le haghaidh misin foirne ann in 2021, i gcomparáid le 23,94 % in 2020, de bharr ghéarchéim phaindéim COVID-19 a chuir cosc ar iniúchóirí taisteal; á mheabhrú don Chúirt gach beart is féidir a dhéanamh chun a áirithiú go n-úsáidtear leithreasuithe misin i ndianchomhlíonadh phrionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta;

Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach

9.

Á mheabhrú straitéis na Cúirte don tréimhse 2021-2025, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil dlús curtha ag an gCúirt lena hiarrachtaí an úsáid is fearr is féidir a dhéanamh den nuatheicneolaíocht agus de theicnící nua san iniúchadh d’fhonn breis faisnéise agus faisnéis níos fearr a sholáthar maidir le próiseas na cuntasachta; á chur in iúl gur geal léi cumas na Cúirte obair iniúchóireachta allamuigh a dhéanamh, d’ainneoin na srianta taistil agus na mbeart sláinte poiblí a raibh tionchar láidir acu ar a n-iniúchtaí ar an láthair, agus an úsáid mhéadaithe a baineadh as cianiniúchóireacht a d’fhág go rabhthas in ann idirghníomhaíocht fhóinteach a dhéanamh le geallsealbhóirí agus torthaí a bhaint amach go tráthúil; á chur i bhfios gur le leas na Parlaiminte faireachán éifeachtach agus tráthúil a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéis na Cúirte don tréimhse 2021-2025 chun an chomhsheasmhacht leis na caighdeáin trédhearcachta agus chuntasachta is airde a ráthú agus chun sheirbhís iniúchóireachta poiblí éifeachtach a sholáthar san Aontas; á chreidiúint go mbeidh dearadh táscairí feidhmíochta agus sainiú garspriocanna agus torthaí intomhaiste ag teastáil don fhaireachán sin tráth a bhunaítear an na pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear sa straitéis agus tráth a dhéantar tuairisciú tréimhsiúil ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na straitéise, lena n-áirítear athbhreithniú meántéarmach agus athbhreithniú piaraí;

10.

Ag tabhairt faoi deara go ndearnadh 1 156 lá d’obair iniúchóireachta allmuigh ar an talamh in 2021, i gcomparáid le 1 817 in 2020 agus 6 109 in 2019; á lua gur fhan líon na bpríomhtháirgí insoláthartha gan athrú nó gur fheabhsaigh sé i gcásanna áirithe i gcomparáid leis na blianta roimhe, mar shampla, d’eisigh an Chúirt 256 mholadh in 2021 i gcomparáid le 189 in 2020, thíolaic sí 7 dtuarascáil bhliantúla in 2021, amhail in 2020, agus thíolaic sí 27 dtuarascáil speisialta i gcomparáid le 26 in 2020, agus ag an am céanna gur laghdaigh líon na dtuairimí go 2 in 2021 ó 11 in 2020 agus gur laghdaigh líon na n-athbhreithnithe go 5 in 2021 ó 6 in 2020;

11.

Á chur in iúl gur geal léi an próiseas machnaimh inmheánaigh a seoladh chun feabhsuithe a shainaithint d’fhonn sprioc nach faide ná 13 mhí a bhaint amach maidir le tuarascálacha speisialta a ullmhú agus a dhréachtú trí raon feidhme na hiniúchóireachta a shainiú níos fearr nó a laghdú, trí fhaireachán ar dhul chun cinn na hiniúchóireachta a dhéanamh níos géire, trí fhad na nósanna imeachta athbhreithnithe inmheánacha a laghdú gan difear a dhéanamh do leibhéal na cáilíochta, agus trí thréimhsí fógartha agus scaipthe a ghiorrú nó deireadh ar fad a chur leo más féidir;

12.

Ag tabhairt faoi deara gur ghlac an Chúirt a plean forbartha don tréimhse 2021-2025 a bhfuil sé mar aidhm leis úsáid níos fearr a dhéanamh den teicneolaíocht agus de shonraí san iniúchóireacht, agus béim á leagan ar úsáid mhéadaithe sonraí agus cuspóirí a leagan amach don tréimhse sin i ndáil le húsáid na teicneolaíochta chun tacaíocht a thabhairt do chuspóirí iniúchóireachta na Cúirte; á chur in iúl gur geal léi cruthú fhoireann DATA – Sonraí agus Teicneolaíocht don Iniúchóireacht – atá chomhdhéanta de shaineolaithe, eolaithe sonraí agus iniúchóirí TF, agus é mar aidhm acu tacaíocht a thabhairt d’fhoirne iniúchóireachta agus a bheith freagrach as spreagadh a thabhairt do dhigiteáil obair iniúchóireachta na Cúirte; á chur in iúl go dtacaíonn sí leis na hiarrachtaí suntasacha atá á ndéanamh ag an gCúirt a hacmhainn TF a fheabhsú d’fhonn próisis chasta anailísíochta sonraí a dhéanamh;

13.

Á chur in iúl gur mór aici cur chuige na Cúirte maidir lena straitéis a bhunú ar a hanailís ar threochtaí, ar an measúnú atá déanta aici ar rioscaí agus ar na tosaíochtaí atá ag na geallsealbhóirí institiúideacha agus ag iniúchaithe institiúideacha; á chreidiúint gur cheart cuíchóiriú agus comhordú a bheith á dhéanamh ar an idirphlé idir an Chúirt agus an Pharlaimint chun topaicí spéise agus tosaíochtaí a shainaithint chun comhsheasmhacht agus cumhdach leordhóthanach na mórcheisteanna comhaontaithe a ráthú agus dúbailt agus forluí a sheachaint; á chur in iúl gurb eol di go mbíonn neamhspleáchas iomlán ag an gCúirt maidir lena clár oibre a bhunú, cé go mbaineann sí leas as ionchur ón bParlaimint, a chuirtear ar fáil trí Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, comhdháil de chuid na Parlaiminte; á chreidiúint gur cheart clár oibre na Cúirte a cheapadh chun anailís níos éifeachtaí a chur ar fáil go sonrach i ndáil le roinnt tosaíochtaí arna sainaithint chun níos mó solúbthachta a thabhairt dó maidir leis an ualach oibre tábhachtach ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) amach anseo; á mheabhrú nár cheart acmhainní na Cúirte a úsáid chun tuarascálacha speisialta a iolrú ach chun díriú níos mó ar thuarascálacha speisialta a ullmhú a bhaineann leis an staid agus na dúshláin Eorpacha atá ann faoi láthair amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), Next Generation EU (NGEU), an comhrac i gcoinne phaindéim COVID-19 agus bainistiú custaim;

14.

Á aithint go bhfuil anailís measúnaithe riachtanas déanta ag an gCúirt agus gur iarr sí méadú ar líon na bpost iniúchóireachta do 2023, agus go bhfuil an 20 post sa bhreis a fuair sí i bplean bunaíochta 2022 chun spriocdhíriú ar NGEU á líonadh aici; á aithint go mbeidh ualach oibre breise don Chúirt ag gabháil le NGEU agus gur chuir an Chúirt in iúl go bhfuil sé i gceist aici díriú, go háirithe, ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF); á chur in iúl gurb oth léi go mór nach ndéanann na forálacha um rialú buiséadach atá á mbeartú ag an gComhairle sa Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta foráil do shainphribhléidí leordhóthanacha iniúchóireachta don Chúirt i dtaca le caiteachas na mBallstát;

15.

Á chreidiúint gur cheart go soláthrófaí anailís níos éifeachtaí le hobair na Cúirte ar institiúidí eile an Aontais, toisc gur cuid ábhartha iad den nós imeachta um urscaoileadh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim maidir leis an gceannteideal ‘riarachán poiblí Eorpach’ a iniúchadh, gur fíor go meastar gur ceannteideal caiteachais íseal-riosca é agus nár thug sé earráid os cionn thairseach an ábharachais go fóill, ach go gcuirfí níos mó faisnéise ábhartha ar fáil don údarás um urscaoileadh ná an méid a chuirtear ar fáil faoi láthair dá ndéanfaí le cur chuige difriúil é, nach n-éileodh measúnú ar leith gach bliain b’fhéidir i gcás gach institiúid ar leith;

16.

Á aithint maidir le hathruithe a bhaineann leis an gcéad CAI eile, le RRF agus le NGEU, go mbeidh maoiniú agus úsáid bhuiséad an Aontais i gceist leo, lena n-áirítear cineálacha nua acmhainní dílse, agus aistriú fónta ó rialacha incháilitheachta bunaithe ar chomhlíontacht go gnéithe a bheadh bunaithe ar fheidhmíocht, maidir le cuid mhaith de na réimsí beartais; á chur in iúl go dtuigtear di go dtabharfaidh an Chúirt faoi fhorbairt leanúnach ar a cur chuige agus a modheolaíocht i leith iniúchóireacht chun dearbhuithe láidir freisin a chur ar fáil sa chás sin atá ag athrú;

17.

Ag spreagadh na Cúirte chun níos mó a dhéanamh ar mhaithe le cur i gcoinne calaois maidir le buiséad an Aontais, ní hamháin trí shainaithint agus tuairisciú a dhéanamh ar na laigí is cúis le baol calaoise a bheith ann maidir le cláir atá á maoiniú ag an Aontas, ach freisin tríd an díospóireacht atá ar siúl faoi láthair i measc geallsealbhóirí atá páirteach in ailtireacht frithchalaoise an Aontais a chur san áireamh agus trí obair iniúchóireachta níos déine a dhéanamh i gcomhar leis na comhlachtaí a bhfuil brath calaoise mar chúram orthu, gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin a mheasúnú go rialta agus aiseolas atá ábhartha dá anailís a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh;

18.

Á chur in iúl go molann sí straitéis na Cúirte gealltanas a thabhairt maidir le moltaí a fhoirmliú ar chostéifeachtacht chun rannchuidiú le dímhaorlathú; á chur i bhfios go ndéanfar na spriocanna sin a fhreastal leis na moltaí ón gCúirt maidir le nósanna imeachta a dhéanamh níos éifeachtúla, leas a bhaint as an dea-chleachtas, an comhordú a fheabhsú, próisis chaighdeánacha a bhunú, an rórialáil a chosc agus trí shimpliú agus tríd an digiteáil go háirithe;

19.

Á thabhairt chun suntais gur mhol an Chúirt, in 2021, an acmhainn anailíse agus chomhordúcháin a fhorbairt ar leibhéal an Aontais chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar mheasúnuithe riosca agus bunachair sonraí riosca uile-Aontais a fhorbairt agus a chothabháil lena n-úsáid ag na Ballstáit; á thabhairt chun suntais a thábachtaí atá formhuiniú na Cúirte maidir leis na hiarrachtaí a rinneadh chun acmhainní éifeachtacha mianadóireachta sonraí a shaothrú chun anailís sonraí ar leibhéal an Aontais a dhéanamh agus rioscaí ábhartha don Aontas a shainaithint; á thabhairt le fios go bhformhuiníonn sí tacaíocht na Cúirte do na Ballstáit chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na riarachán poiblí trí bhacainní rialála agus riaracháin a shainaithint agus an creat malartaithe faisnéise idir an tAontas agus na Ballstáit a fheabhsú; á iarraidh ar an gCúirt na ceanglais a shocrú ar den riachtanas iad chun na sonraí a bheidh ag teastáil chun iniúchóireacht a dhéanamh ar úsáid an chaiteachais phoiblí ag na Ballstáit a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil ar bhealach éasca agus idir-inoibritheach;

20.

Á iarraidh ar an gCúirt leanúint dá hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar ghlaschlibeáil san RRF agus chun an RRF a mheasúnú ó thaobh í a bheith ailínithe le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide agus rannchuidiú leo agus ag tabhairt dá haire go n-áiríodh sna hiarrachtaí sin le déanaí tuarascálacha agus tuairimí speisialta a sholáthar maidir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus maidir le cur i bhfeidhm thacsanamíocht an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar an gCúirt cúraimí sonracha a chuimsiú trína measúnófar mar a rannchuidítear le straitéis dhigiteach agus claochlú digiteach an Aontais trí spriocanna na digiteála san RRF agus trína measúnófar tionchair na spriocanna sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár shainigh an Coimisiún modheolaíocht shoiléir go dtí an 21 Feabhra 2023 chun cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar airgeadais de bharr mainneachtain garsprioc nó garspriocanna is bun le híocaíochtaí a chomhlíonadh go sásúil;

Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail foirne

21.

Ag tabhairt dá haire, i ndeireadh 2021, go raibh 853 phost bhuana agus shealadacha ag an gCúirt (amhail sna blianta roimhe sin) a raibh 527 díobh i ndlísheomraí iniúchóireachta, lena n-áirítear 104 phost in oifigí comhaltaí, agus go raibh 92 ghníomhaire ar conradh á bhfostú aici thairis sin agus 25 shaineolaí naisiúnta ar iasacht, i gcomparáid le 83 agus 15 faoi seach in 2020;

22.

Ag tabhairt faoi deara gur choibhéis lánaimseartha 955 a bhí ag an gCúirt in 2021, agus go ndearnadh 749 díobh (a fhreagraíonn do 79 %) a imscaradh chun cúraimí iniúchóireachta a dhéanamh;

23.

Ag tabhairt dá haire gur seoladh gníomhaíochtaí suntasacha in 2021 chun acmhainní a sholáthar i gcomhair NGEU a iniúchadh, go háirithe glao inmheánach ar léirithe spéise a seoladh i mí Mheán Fómhair 2021 agus glao ar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus gur cuireadh i gcrích an roghnú don liosta ionadaithe óna n-earcófaí 20 post sealadach breise agus go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh an próiseas ar fad curtha i gcrích le linn na chéad ráithe de 2023;

24.

Ag tabhairt faoi deara, ar an 31 Nollaig 2021, go raibh ráta áitíochta 97,3 % sa Chúirt (bhí 23 de na 853 phost bhuana agus shealadacha sa Chúirt folamh agus oscailte le haghaidh earcaíochta) i gcomparáid le ráta 97,2 % ag deireadh 2020; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh i gcónaí chun leanúint leis an dianghníomhaíocht earcaíochta, agus go n-earcaíodh 80 fostaí nua, ina gcuimsítear 16 oifigeach, 21 ghníomhaire sealadach, 30 gníomhaire ar conradh agus 13 shaineolaí náisiúnta ar iasacht mar thoradh ar na hiarrachtaí sin in 2021;

25.

Ag tabhairt dá haire go saothraítear agus go mbaintear amach cothromaíocht inscne ar fud na foirne, agus gur mná 50,76 % d’oifigigh agus 60,82 % den fhoireann shealadach, agus go bhfuil na leibhéil i gcás foireann ar conradh (47,83 % mná) agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht (48 % mná) gar do na leibhéil sin; á chur in iúl gur mór aici staid dhearfach maidir leis an dáileadh inscní ar fud na bpost bainistíochta, go bhfuil 13 phost as 28 mar cheann caibinéid ag mná agus 4 phost stiúrthóra as 10 acu, ach, ag tabhairt dá haire, maidir le príomhbhainisteoirí, nár baineadh amach cothromaíocht go fóill agus gur ag mná atá 18 bpost as 50;

26.

Á chur in iúl gur oth léi an easpa cothromaíochta inscne i ndáil le coláiste chomhaltaí na Cúirte; á chur i bhfios go gcumhdaítear comhionannas ó thaobh inscne mar bhunluachanna an Aontais in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach; á thabhairt chun suntais nach i mbeartais uile an Aontais amháin atá ról ag an gcomhionannas isncne, ach gur cheart ról a bheith aige in eagrú inmheánach a chuid institiúidí freisin; á mheas nach raibh sé inghlactha i stair na Cúirte, as 116 chomhalta, nár mhná iad ach 16 chomhalta; á aithint, áfach, go bhfuil an coláiste reatha níos gaire chun cothromaíocht inscne a bhaint amach, ós rud é gur mná iad 10 as 27 gcomhalta;

27.

Á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil sé dúshlánach cothromaíocht inscne a bhaint amach toisc gurb iad na Ballstáit amháin atá freagrach as an ainmniúchán, agus ag tabhairt dá haire agus is oth léi nár sheol 13 Bhallstát bean chuig an gCúirt riamh; á iarraidh ar an gCúirt, áfach, anailís a dhéanamh ar a comhdhéanamh foriomlán d’fhonn an Chomhairle agus na Ballstáit lena mbaineann a chur ar an eolas ionas go ndéanfar cothromaíocht inscne a thabhairt san áireamh sa chinneadh ainmniúcháin; ag athdhearbhú a hiarrata go mbainfí cothromaíocht inscne amach agus ag spreagadh na n-údarás náisiúnta iarrthóirí d’inscne éagsúil a chur i láthair, agus é mar aidhm acu rud éigin gar don chothromaíocht inscne a bhaint amach i measc chomhaltaí na Cúirte;

28.

Á chur in iúl gur oth léi go leanann an Chomhairle ar aghaidh arís agus arís eile le comhaltaí na Cúirte a ainmniú a dhiúltaigh an Pharlaimint dóibh; á chur i bhfios go láidir gur cheart measúnú na Parlaiminte ar oiriúnacht na n-iarrthóirí don Chúirt a mheas a bheith ceangailteach;

29.

Á chur in iúl gur geal léi gur glacadh, in 2021, straitéis nua um éagsúlacht agus cuimsiú agus an beartas agus plean gníomhaíochta um éagsúlacht agus cuimsiú don tréimhse 2021-2025, ag tabhairt faoi deara go gcuimsítear critéar sa bheartas nua a bhaineann le measúnú feidhmíochta le haghaidh bainisteoirí maidir lena gcumas bainistíocht chuimsitheach a shaothrú agus éagsúlacht agus cuimsiú agus cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn; á chur in iúl go molann sí ainmniú comhalta den Chúirt, in 2021, den chéad uair riamh, mar ambasadóir míchumas agus gur eagraíodh, faoina urraíocht siúd, seachtain feasachta míchumas chun cultúr cuimsitheach a chur chun cinn;

30.

Á chur in iúl gur geal léi an tsraith chuimsitheach táscairí agus spriocanna feidhmíochta a glacadh d’fhonn faireachán a dhéanamh ar thionscnaimh na Cúirte um éagsúlacht agus cuimsiú agus na suirbhéanna ar chomhionannas deiseanna agus ar rannpháirtíocht foirne; ag tabhairt dá haire gur léirigh an suirbhé deireanach sin dearcadh dearfach i measc thromlach na foirne i dtaca le cumhachtú, tacaíocht agus iontaoibh;

31.

Á chur in iúl gur geal léi gur shínigh an Chúirt, ar an 14 Deireadh Fómhair 2021, Cairt Lucsamburg um an Éagsúlacht, téacs gealltanais náisiúnta a chuirtear in iúl d’aon eagraíocht i Lucsamburg ar mian léi gealltanas a thabhairt go ndéanfar an éagsúlacht a chothú agus a bhainistiú trí bhíthin gníomhaíochtaí nithiúla;

32.

Ag tabhairt dá haire nár baineadh cothromaíocht gheografach amach fós laistigh d’fhoireann na Cúirte, rud a léiríonn deacrachtaí na Cúirte daoine a mhealladh chun oibre (agus chun cónaí) i Lucsamburg mar gheall ar an gcostas ard maireachtála, i measc nithe eile; á chur in iúl gur mór aici gur thosaigh an Chúirt ag cur glaonna ar léirithe spéise i nuachtáin dhigiteacha agus ar shuíomhanna post digiteacha i mBallstáit a bhfuil tearcionadaíocht acu sa Chúirt agus ag dul i dteagmháil leis na caibinéid ábhartha sa Chúirt i gcás na mBallstát a bhfuiltear ag spriocdhíriú orthu; ag tabhairt dá haire cur chuige réamhghníomhach na Cúirte maidir le saincheist na dtuarastal neamhiomaíoch a ardú d’fhonn teacht ar réitigh; ag spreagadh na Cúirte chun dul i dteagmháil le húdaráis náisiúnta trí bhuanionadaíochtaí na mBallstát chun an Aontais, chun leas níos déine a bhaint as na meáin shóisialta ar mhaithe lena nósanna imeachta earcaíochta a phoibliú agus a bheith rannpháirteach in aontaí gairme agus ócáidí cosúla sna Ballstáit a bhfuil tearcionadaíocht acu chun an Chúirt a phoibliú mar fhostóir; á chur in iúl go bhformhuiníonn sí a rannpháirtíocht i dtionscnamh an líonra Caidrimh le hOllscoileanna Eorpacha, mar uirlis chun tallann a mhealladh chuig institiúidí an Aontais atá bunaithe i Lucsamburg trí chomhthionscadail atá spriocdhírithe ar na hollscoileanna;

33.

Ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh seacht gcás traochta d’oifigeach leighis na Cúirte in 2021, líon an-ard i dtuairim na Cúirte, agus a mheasann sí a bheith nasctha leis na dálaí oibre agus maireachtála eisceachtúla a forchuireadh le linn phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt suirbhé chun tuiscint a fháil ar an tslí a ndeachaigh paindéim COVID-19 i bhfeidhm ar an bhfoireann agus gur sheol sí feachtas cumarsáide a bhfuil mar aidhm aige cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil a chur chun cinn; á chur in iúl gur mór aici, i measc go leor tionscnamh, an leathnú ar thacaíocht shíceolaíoch le haghaidh baill foirne;

34.

Á chur in iúl gur geal léi ‘Ar ais san oifig’, clár dea-bhaile de chuid na Cúirte ina gcuimsítear tacaíocht intinne, fhisiciúil agus shóisialta, atá saincheaptha don tsaoithiúlacht a bhaineann le saol agus obair hibrideach, d’fhonn an traochadh a chosc agus athléimneacht a fheabhsú; á chur in iúl gur mór aici go bhformhuiníonn an Chúirt an ceart chun dícheangail trí ‘thréimhse cheangail’ a thabhairt isteach nach mbítear ag dréim leis an bhfoireann a bheith ag obair nó a bheith inrochtanna lasmuigh di, seachas i gcásanna éigeandála nó i gcás ina bhfuil comhaontú déanta cheana maidir leis an teagmháil sin;

35.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil sásra frithchiaptha ina chuid de bheartas foirne na Cúirte atá comhdhéanta de líonra tacaíochta lena gcomhordaítear comhairleoirí iontaoibhe, an t-oifigeach leighis, bainisteoirí líne, an tseirbhís idirghabhála, agus an rannóg acmhainní daonna; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCúirt tuilleadh oibre a dhéanamh chun feabhas a chur ar an uirlis tuairiscithe gearán ciaptha agus ar an gcreat eitice inmheánach; á chur in iúl gurb eol di gur in 2017 a ghlac an Chúirt a beartas frithchiaptha is déanaí; ag spreagadh na Cúirte chun an beartas sin, ar seoladh athbhreithniú air in 2021, a nuashonrú d’fhonn díriú níos mó ar chosc, feasacht a mhúscailt agus na daoine éagsúla a bhfuil baint acu le soláthar tacaíochta a chomhordú agus nós imeachta tuairiscithe níos soiléire a bhunú mar aon le cur chuige níos soiléire maidir le cumarsáid;

36.

Ag tabhairt dá haire gur glacadh an cinneadh maidir le hobair hibrideach i mí na Samhna 2021 agus go gcuimsítear eatraimh oibre agus fleisc-am sna dálaí oibre; ag tabhairt faoi deara go mbíonn an teilea-obair faoi réir theorainn 10 lá sa mhí;

37.

Á mheabhrú gur foghlaimíodh ceacht ó na neamhrialtachtaí a rinne Karel Pinxten nuair a bhí sé ina chomhalta den Chúirt agus nárbh fhéidir aon ghníomhaiocht a dhéanamh i dtaca leis féin a bheadh ina leigheas cuimsitheach ar an dochar d’airgeadas agus clú a d’fhulaing an Chúirt agus an Aontais i gcoitinne, de bhrí nach ann d’aon bhunús dlí chun a thuarastal a aisghabháil i ndáil le laethanta neamhláithreachta le linn misin lasmuigh d’fheidhmiú a dhualgas agus i ndáil le neamhláithreachtaí eile gan údar; á chur i bhfáth, mar a léirigh an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas an 30 Meán Fómhair 2021 uaithi (1), gur oibrigh doiléireacht na rialacha inmheánacha i bhfabhar a mhí-iompair, rud a ceadaíodh freisin mar thoradh ar na heasnaimh sna rialuithe a bhí curtha i bhfeidhm; á aithint go bhfuil gníomhaíochtaí idir lámha ag an gCúirt maidir leis an ábhar sin, trí chomhoibriú leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), trí dhíolúintí a tharscaoileadh agus an nós imeachta faoi Airteagal 286(6) CFAE á thabhairt i gcrích go rathúil; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Chúirt gach rud a bhfuil sé de chumhacht aici a dhéanamh ionas nach dtiocfaidh cásanna cosúil leis sin chun cinn amach anseo agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí tiomanta do thacaíocht a thabhairt don Chúirt agus a bheith ag obair i gcomhar leis an gCúirt agus an coigeartú is gá á ndéanamh aici ar a rialacha inmheánacha; ag tabhairt dá haire gur cheart don Chúirt gníomhú mar chaomhnóir ar airgeadas an Aontais agus gur cheart di na caighdeáin eiticiúla is airde a chur i bhfeidhm go háirithe maidir leis na daoine a bhfuil ardoifig acu le hinstitiúidí an Aontais;

38.

Ag tabhairt dá haire nár chumhdaigh bunú clár tinrimh, go dtí 2020, ach an líon beag cruinnithe fisiciúla a bhí ag coláiste comhaltaí na Cúirte, d’aineoinn na ceanglais a bhí curtha in iúl ag an bParlaimint; ag tabhairt dá haire, le Cinneadh Uimh. 21-2021 ón gCúirt, go bhfuil rannpháirtíocht na gcomhaltaí ag cruinnithe eile le taifeadadh sa chlár tinrimh freisin agus á athdhearbhú an iarraidh a rinneadh gach bliain ó urscaoileadh 2017 go gcuirfí síneadh leis an gclár tinrimh chun laethanta oibre, misin, tréimhsí saoire agus neamhláithreachtaí a bhfuil údar leo a chumhdach chun mapáil chruinn a dhéanamh ar an obair a dhéanann na comhaltaí agus mar uirlis chun cosc réamhghníomhach a chur ar chásanna neamhláithreachta a d’fhéadfadh a bheith ann; á chur i bhfios go bhfuil sé d’oibleagáid ar chomhaltaí na Cúirte iad féin a chaitheamh go hiomlán chun a sainordú a chomhlíonadh; á aithint gur cuireadh clár tinrimh na gcomhaltaí do 2021 ar fáil do chomhaltaí Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach i mí Eanáir 2022; á athdhearbhú gur iarr sí nuashonruithe bliantúla ar an gclár tinrimh a fháil chun gur féidir é a mheas le linn an nós imeachta um urscaoileadh;

39.

Ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, tar éis mholadh na Parlaiminte, go bhfuil Airteagal 10(1) nua san áireamh i gcód iompair leasaithe na Cúirte dá comhaltaí reatha agus dá hiarchomhaltaí arna fhoilsiú an 2 Bealtaine 2022, airteagal ina sonraítear go gcaithfidh ‘Comhaltaí na Cúirte a ndúthracht lena sainordú a chomhlíonadh. Beidh cónaí orthu san áit ina bhfuil a suíomh ag an gCúirt’; á mheas go bhfuil an fhoráil leasaithe sin i gcomhréir leis an léirmhíniú atá tugtha ag an bParlaimint, le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus leis na caighdeáin eiticiúla a mbítear ag dréim leo ón gCúirt; ag tabhairt dá haire gur i Lucsamburg i láthair na huaire atá a bpríomháit chónaithe ag comhaltaí uile na Cúirte;

40.

Ag tabhairt dá haire go ndeonaítear an liúntas suiteála i gcás comhalta den Chúirt ar choinníoll go soláthraíonn an comhalta den Chúirt fianaise nár mhór athrú cónaithe a dhéanamh chun dul i mbun dualgas chun go mbeifí in ann cloí leis an bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 20 de na Rialacháin Foirne; á chur in iúl go dtuigtear di go ndearnadh bainistiú chearta airgeadais uile na foirne agus bhaill na Cúirte, lena n-áirítear an liúntas suiteála, a tharmligean chuig Oifig Phámháistir an Choimisiúin (PMO), a iarrann na doiciméid tacaíochta riachtanacha agus a fhíoraíonn bailíocht na ndoiciméád sin; ag tabhairt dá haire go ndearna Oifig Phámháistir an Choimisiúin rialú ex post in 2021 ar an liúntas suiteála arna iarraidh sin ag an gCúirt agus gur thuairiscigh sé na torthaí don Chúirt, á léiriú nár tharla aon neamhrialtacht in 2021;

41.

Ag tabhairt dá haire gur geal léi an tsraith rialacha agus na téarmaí úsáide atá glactha ag an gCúirt le deireanas chun úsáid phríobháideach an fhlít gluaisteán a rialú; á chur in iúl go dtuigtear di go gceanglaítear ar chomhaltaí na Cúirte anois na costais iarbhír a tabhaíodh i gcás úsáid ghluaisteáin nár bhain le misean a chumhdach agus turais eile a bhaineann le feidhmiú dualgas a chumhdach sa chás nach mbeidís cumhdaithe faoin líon caighdeánach ciliméadar socraithe a leithdháiltear le haghaidh úsáid den sórt sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil mearbhall ar an gcóras nua a tugadh isteach leis an gcinneadh sin agus nach léiríonn sé a éifeachtúlacht riaracháin líomhnaithe; ag athdhearbhú a tuairime a cuireadh in iúl sna rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo gur cheart úsáid an chabhlaigh gluaisteán a theorannú d’fheidhmiú dhualgais na bhfeisirí; ag tabhairt dá haire go bhfuil rialacha éagsúla ann maidir le gluaisteáin oifigiúla a úsáid in institiúidí an Aontais gan aon údar dealraitheach a bheith leo; á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha comhchoiteanna a mholadh maidir le gluaisteáin oifigiúla a úsáid d’institiúidí uile an Aontais;

42.

Á áitiú gur fíor-riachtanas iad misin chun ról na Cúirte a chomhlíonadh agus deis a thabhairt dá comhaltaí gníomhú mar ambasadóirí ón gCúirt ina dtíortha baile faoi seach; á chur in iúl gur geal léi go bhfoilsíonn an Chúirt faisnéis maidir leis na misin a rinne a comhaltaí ar a suíomh gréasáin ach á áitiú go bhfuil sé contrártha do chaighdeáin trédhearcachta agus cuntasachta a bhfuiltear ag súil leo ón gCúirt gan faisnéis faoi mhisin a rinneadh sna blianta roimhe sin a choinneáil ar a suíomh gréasáin ar feadh níos mó ná tréimhse an-teoranta; ag tacú, ar an gcaoi chéanna, lena hiarraidh ar son trédhearcacht maidir le cuspóirí agus costais mhisin na Cúirte agus á iarraidh ar an gCúirt tuairisciú don údarás um urscaoileadh faoi chásanna inar braitheadh neamhrialtachtaí leis na rialuithe ex ante agus ex post; ag diúltú do mheasúnú agus do chinneadh na Cúirte gan dul isteach i gClár Trédhearcachta an Aontais agus ag spreagadh na Cúirte machnamh a dhéanamh arís ar an ábhar, ag athdhearbhú a hiarrata láidir ar an gCúirt dul isteach i gClár Trédhearcachta an Aontais, rud nach gcuirfidh aon bhac ar neamhspleáchas iomlán na Cúirte;

43.

Á chur in iúl gur geal léi an cinneadh misin na bhFeisirí a fhoilsiú tar éis na bliana reatha, ach á mheabhrú a thábhachtaí atá sé clár oibre an fheisire a fhoilsiú ina iomláine, lena n-áirítear rannpháirtíochtaí poiblí agus gairmiúla;

44.

Á iarraidh ar an gCúirt a áirithiú go bhfuil rialacha reatha in ann aon mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as orduithe misin a chosc, rud a d’fhéadfadh amhras a tharraingt ar ionracas, neamhspleáchas agus oibiachtúlacht a comhaltaí; á iarraidh go háirithe go ndéanfar cúraimí agus freagrachtaí comhalta agus é ar mhisean a shonrú go soiléir chun aon chineál mí-iompair a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint;

45.

Ag tarraingt aird na Cúirte ar mholadh 2021 ó sheirbhís na Cúirte um iniúchóireacht inmheánach (IAS) chun a áirithiú go ndéanfaidh Oifig an Phámháistir seiceálacha éifeachtacha ar chaiteachas misean, go háirithe trí threoir mhisin na Cúirte a chur i bhfeidhm go cruinn, agus éascaíocht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcinntí nua a bhaineann le bainistiú agus úsáid an fhlít gluaisteán, na rialacha maidir le caiteachas na hionadaíochta, na rialacha maidir le hoiliúint ghairmiúil agus an cód iompair le haghaidh comhaltaí reatha agus iarchomhaltaí na Cúirte, go háirithe trí threoir bhreise a chur ar fáil do na gníomhaithe uile atá i gceist;

46.

Ag tabhairt faoi deara gur earcaigh an Chúirt 55 oiliúnaí in 2021, agus go bhfuair siad uile liúntas míosúil seachas duine amháin acu nach raibh ina theideal de bharr go raibh an t-oiliúnaí sin rannpháirteach i gcreat cláir Ollscoile; á iarraidh ar an gCúirt na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go bhfaighidh a cuid oiliúnaithe uile luach saothair cuibhiúil;

Creat eitice agus trédhearcacht

47.

Á chur in iúl gur geal léi an próiseas athchóirithe atá ar siúl faoina bhfuil an Chúirt ag déanamh de réir na moltaí a bhí san áireamh i rúin um urscaoileadh roimhe seo, ar moltaí iad a bhí spriocdhírithe ar ghnéithe den bhainistiú airgeadais, trédhearcacht agus iompar eiticiúil;

48.

Á chreidiúint, de bharr ról na Cúirte agus a thábhachtaí atá sí mar iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais agus mar chaomhnóir a chúrsaí airgeadais, go bhforchuirtear tacar critéar measúnaithe an-dian ar an údarás um urscaoileadh agus go bhforchuirtear ar an gCúirt tiomantas gníomhú de réir na gcaighdeán is airde is féidir; ag cur béim ar an bhfíoras ina leith sin, amhail a rinneadh sna rúin um urscaoileadh roimhe seo, go mbítear ag súil le caighdeáin an-ard ó uasfhorais iniúchóireachta amhail an Chúirt agus, ar an ábhar sin go gcaithfidh siad gníomhú mar eagraíochtaí eiseamláireacha agus muinín agus creidiúnacht a spreagadh agus go gcaithfidh an cheannaireacht an dea-shampla a thabhairt trína bearta féin i dtreo caighdeáin den sórt sin a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, gur thogh a chomhaltaí uachtarán reatha na Cúirte, a thugann ráthaíochtaí breise go mbeidh taithí shuntasach acu in institiúidí an Aontais agus in ábhair a bhaineann leis an iniúchadh ar bhainistiú acmhainní airgeadais an Aontais;

49.

Ag tabhairt dá haire, maidir le coiste eitice na Cúirte agus an nós imeachta chun é a cheapadh, go bhforáiltear le nósanna imeachta inmheánacha na Cúirte go bhfuil sé de shaincheart ag Uachtarán na Cúirte iarrthóirí a mholadh do choláiste comhalta na Cúirte; ag tabhairt faoi deara gur trí thromlach a ghlactar cinneadh an choláiste comhaltaí a ainmniú ar an gcoiste eitice; á thabhairt chun suntais, thairis sin, de réir Airteagal 285 CFAE, go bhfuil comhaltaí na Cúirte go hiomlán neamhspleách agus, dá bhrí sin, nach mór don choiste eitice a bheith go hiomlán neamhspleách chomh maith; á iarraidh an athuair ar an gCúirt athmhachnamh a dhéanamh ar na rialacha maidir le ceapadh agus comhdhéanamh an choiste eitice; á iarraidh arís ar choiste eitice na Cúirte tuarascáil a chur i dtoll a chéile ar phríomhthorthaí na tuarascála iniúchóireachta inmheánaí ar an eitic, a iarradh cheana féin maidir leis na hurscaoilte do 2020 agus 2019;

50.

Á athdhearbhú go leagtar síos go sainráite mar oibleagáid sa chód iompair leasaithe do chomhaltaí reatha agus d’iarchomhaltaí na Cúirte dearbhú leasanna bliantúil a chur isteach, ach gur cheart don Chúirt an córas reatha a athneartú chun a áirithiú go mbeidh na caighdeáin is airde á gcomhlíonadh ag a comhaltaí maidir le hiompar eiticiúil agus na luachanna agus prionsabail eitice a gcaithfear cloí leo, amhail ionracas, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, iompar gairmiúil, dínit, tiomantas agus dílseacht;

51.

Ag tabhairt dá haire gurb éard a bheidh sa struchtúr tacaíochta maidir le comhairle eiticiúil, coiste eitice, comhairleoirí eitice, tairseach trédhearcachta agus foireann oiliúna a leagfar mar chúram uirthi clár oiliúna a fhorbairt ina mbeidh cúrsa ar an eitic, comhdhálacha agus ceardlanna agus a bheidh dírithe ar mhúscailt feasachta agus ar shainoiliúint a chur ar fáil do na comhairleoirí iontaoibhe ar thopaicí a bhaineann le ciapadh; ag tabhairt faoi deara gur fhreastail 131 rannpháirtí ar na seisiúin oiliúna ar an eitic, atá éigeantach do dhaoine nua, agus na seisiúin faoin gcomhionannas deiseanna agus frithchiapadh freisin, agus go ndéantar iad a chomhlanú le seisiúin thiomnaithe do bhainisteoirí, comhairleoirí eitice agus comhairleoirí iontaoibhe;

52.

Á chur in iúl gurb eol di gur chuir an Chúirt tús, in 2021, le próiseas a creat eitice don fhoireann a nuashonrú; á aithint gur comhairleoir seachtrach a rinne an mheastóireacht ar chreat eitice na Cúirte agus go raibh na moltaí uaidh, a eisíodh in 2022, bunaithe ar shuirbhé foirne, ceardlann leis an bhfoireann, agallaimh le bainisteoirí agus athbhreithiú doiciméad; á chur in iúl go dtuigtear di gurb é nuashonrú threoirlínte eitice na Cúirte an chéad ghníomh le déanamh i ndiaidh na hanailíse, agus go mbeidh na rialacha maidir le sceithireacht le nuashonrú ansin;

53.

Á chur in iúl gur geal léi nuashonrú an chóid iompair do chomhaltaí reatha agus iarchomhaltaí na Cúirte mar bheart leanúnach de dhroim bharúlacha na Parlaiminte san urscaoileadh roimhe seo; á chur i bhfáth, agus ag tógáil ar mholtaí na Parlaiminte, go dtugtar isteach leis an gcód iompair an oibleagáid go mbeidh cónaí ar na comhaltaí san áit a bhfuil ceanncheathrú na Cúirte suite, go rialaítear leis an gcód an caidreamh conarthach idir na comhaltaí agus an fhoireann a rialú, agus go gcuirtear teorainn leis ar na féidearthachtaí maidir le rannpháirtíocht na gcomhaltaí sa pholaitíocht; á chur in iúl gur geal léi go háirithe go gcuireann Airteagal 12 (2) nua cosc ar chomhaltaí oifigí oinigh nach bhfaightear íocaíocht astu a bheith acu in eagraíochtaí polaitiúla, rud a ráthaíonn neamhspleáchas iomlán a chomhaltaí;

54.

Ag tabhairt faoi deara, maidir leis an mbeartas frithchalaoise, gur tháinig an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach ar an gconclúid in 2021 nach ann d’aon doiciméad ina ndéantar comhdhlúthú ar bheartas frithchalaoise na Cúirte agus nach ann d’aon straitéis frithchalaoise uile-Chúirte;

55.

Á chur i bhfios maidir leis na rialuithe inmheánacha a mbaintear leas astu chun calaois inmheánach a bhrath, go measann an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach go dteastaíonn cur chuige níos struchtúrtha maidir lena ndoiciméadú, maidir leis an nasc idir iad agus na measúnuithe riosca agus maidir leis na hacmhainní a thiomnaítear do bhainistíocht an riosca chalaoise agus d’éifeachtacht na bainistíochta sin; á iarraidh ar an gCúirt beart a dhéanamh de réir mar atá molta ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus teachtaireacht níos soiléire a chur ar fáil maidir le ról na Cúirte sa chomhrac in aghaidh na calaoise;

56.

Á iarraidh go gcuirfí deireadh le húsáid cuideachtaí seachtracha a leanann de bheith ag feidhmiú sa Rúis, de réir rangú Ollscoil Yale (2);

Digiteáil, cibearshlándáil agus cosaint sonraí

57.

Ag tabhairt faoi deara gur EUR 9 141 000, lena n-áirítear aistrithe, a bhí sa bhuiséad iomlán TF in 2021, i gcomparáid le buiséad TF EUR 10 093 000 in 2020 agus EUR 8 085 000 in 2019; á chur i bhfios go raibh údar leis na méaduithe, in 2020 agus 2021 araon, faoi seach mar gur thóg sé cúig bliana stóras TF na Cúirte a athionadú agus mar gheall ar na hinfheistíochtaí a rinneadh chun an Chúirt a chur in oiriúint don obair hibrideach;

58.

Ag aontú gur trasphróiseas fud fad na heagraíochta uile atá sa chlaochlú digiteach, a tháinig chun cinn i dtionscnaimh éagsúla in 2021, lena n-áirítear teicneolaíochtaí a fhorbairt lena soláthraítear eispéireas hibrideach don úsáideoir, uasghrádú chóras stórála sonraí na Cúirte, aistriú an láithreáin athshlánaithe ó thubaiste agus athneartú shlándáil na gcóras TF;

59.

Á aithint go ndearna an Chúirt iarrachtaí in 2021 freisin chun dul in oiriúint do choinníollacha oibre atá ag athrú, agus claochlú digiteach na hiniúchóireachta a chothú agus an teicneolaíocht agus na cleachtais ar fud na heagraíochta a uasghrádú chun go mbeidh seirbhís éifeachtach iniúchóireachta poiblí á cur ar fáil san Aontas i gcónaí; á chur in iúl gurb eol di, nach ndéanfar dul chun cinn breise ina leith sin gan sonraí inrochtana a bheith curtha ar fáil san fhormáid a theastaíonn ag an gCoimisiún nó ag na Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun a bheith ag obair i dtreo na hidir-inoibritheachta;

60.

Á chur in iúl go dtuigeann sí di freisin, in 2021, agus na srianta de bharr phaindéim COVID-19 á gcur san áireamh, gur ar bhonn digiteach a rinneadh próiseas iomlán na hiniúchóireachta, geall leis, lena n-áirítear ag ullmhú don iniúchadh, fianaise a bhailiú agus nósanna imeachta na sáraíochta agus gur físghlaonna, lena n-áirítear cianateangaireacht i gcás inar ghá, a cuireadh in áit misin chuig na Ballstáit;

61.

Á chur in iúl gur mór aici na garspriocanna tábhachtacha sa ghné dhigiteach don Chúirt in 2021, amhail próiseas róbatach a tugadh isteach do sheirbhísí uathoibrithe, próiseas a tugadh isteach chun laghdú a dhéanamh ar obair atriallach íseal-luacha d’fhoirne iniúchóireachta, uathoibriú iniúchóireacht na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin, mar chuid den phróiseas iniúchóireachta rialta, agus cur chun feidhme córas úrnua néalbhunaithe bainistithe iarrataí ar aistriúcháin;

62.

Á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme an phlean cibearshlándála don tréimhse 2018-2021 a bheith tugtha chun críche agus gur glacadh plean cibearshlándála nua don chéad trí bliana eile (2022-2024), lena bheartaítear aistriú de réir a chéile go dtí ailtireacht iontaoibhe nialasaí, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála ar fud institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais; ag tabhairt dá haire nár braitheadh aon chibirionsaí rathúil ábhartha ar an gCúirt in 2021 agus á chur in iúl go dtuigeann sí a thábhachtaí atá sé don Chúirt a bheith ag comhoibirú leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí (CERT-EU); á iarraidh ar an gCúirt aird ard a choinneáil ar chibearbhagairtí agus ar an tslándáil faisnéise, go háirithe toisc gur tháinig méadú suntasach ar líon na gcibearionsaithe tromchúiseacha le blianta beaga anuas, rud a fhágann go bhfuil institiúidí uile an Aontais tarraingteach d’ionsaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann; ag moladh don Chúirt measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF;

63.

Ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt óstáil i gcomhpháirt, in 2021, ar an ócáid tosaigh le haghaidh Mí Eorpach na Cibearshlándála agus go ndearna an t-oifigeach um éagsúlacht agus um chuimsiú de chuid na Cúirte comhordú ar cheann de na príomhsheisiúin den ócáid tosaigh a bhain le mná sa chibearshlándáil, áit a raibh grúpa éagsúil ban ó chúlraí éagsúla ag malartú tuairimí maidir le hinspreagadh na mban chun dul le réimse na cibearshlándála agus na teicneolaíochta;

64.

Ag tabhairt dá haire go ndearnadh cinneadh, in 2021, maidir le treisiú na línte buiséid le haghaidh infheistíocht i dtrealamh agus seirbhísí a raibh baint acu den chuid is mó le hobair hibrideach agus leis an digiteáil, agus gur baineadh leas a leithreasuithe breise freisin chun acmhainneachtaí cibearshlándála na Cúirte a neartú, infheistíocht a dhéanamh i gcóras nua bainistithe iarrataí ar aistriúcháin agus córas nua bainistithe geallsealbhóirí, agus chun an réiteach Aontais i gcomhair sínithe leictreonacha a chur chun feidhme;

65.

Á chur in iúl gur geal léi gur cinneadh saor-bhogearraí foinse oscailte a chur chun feidhme mar ghnéithe fíorthábhachtacha den Chúirt, amhail Linux mar chóras oibriúcháin i gcás roinnt freastalaithe bonneagair TF, agus an bogearra foinse oscailte Belenios mar chóras vótála le haghaidh vótáil faoi rún agus an bogearra foinse oscailte Nagios d’foirne oibríochtaí TF na Cúirte; ag tabhairt faoi deara go bhfuil NextCloud, bogearra foinse oscailte, in úsáid ag an gCúirt chun doiciméid a mhalartú leis na hiniúchaithe faoi chuimsiú an chórais ECAFiles a oibríonn faoi na caighdeáin slándála agus na caighdeáin um chosaint sonraí pearsanta is airde;

66.

Á chur in iúl gur geal léi go ndéantar comhaontuithe próiseála sonraí a chur chun feidhme i gcás ar bith ina mbíonn sonraí á bpróiseáil ag tríú páirtithe agus go ndéanfaidh an Chúirt a áirithiú, mar rialaitheoir, go gcomhlíontar Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus go bhfuil smacht iomlán aici ar na hoibríochtaí próiseála; ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag dul i gcomhairle le hoifigeach na Cúirte um chosaint sonraí ar bhonn sistéamach faoi ábhair a bhaineann le próiseáil sonraí agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla;

Foirgnimh agus slándáil

67.

Á chur in iúl gur mór a meas ar chur chuige na Cúirte dul i gcomhairle leis an bhfoireann agus le hionadaithe sula gcinneann sí ar thionscnaimh i réimse an athchóirithe foirgneamh; ag spreagadh na Cúirte chun riachtanais daoine faoi mhíchumais, chomh maith leis an inrochtaineacht fhisiciúil agus dhigiteach, a chur san áireamh sna tionscnaimh sin;

68.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil an obair ar nuachóiriú fhoirgneamh K2 ag leanúint ar aghaidh de réir mar a beartaíodh, gur cuireadh urláir a ceathair agus a cúig i gcrích ag deireadh mhí na Nollag 2021 agus go bhfuil siad i ngníomh go hiomlán, go bhfuil an obair ar urláir a dó agus a trí, agus ar an innealra téite, aerchóirithe agus aerála atá á athionadú, ag dul ar aghaidh go maith; ag tabhairt faoi deara, i ndiaidh teagmhas inar thit codanna den ghloiniú de aghaidh K1 in 2019 agus buiséad leordhóthanach a bheith aistrithe, gur chinn coiste riaracháin na Cúirte scannáin chosanta a shuiteáil ar an ngloiniú agus é deisithe, agus go bhfuil 95 % den obair sin curtha i gcrích;

Comhshaol agus inbhuanaitheacht

69.

Á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh, in 2021, an chéad tuarascáil inbhuanaitheachta ón gCúirt, arna dréachtadh i gcomhréir le caighdeáin an Tionscnaimh Tuairiscithe Domhanda, a leanann bunú na hinbhuanaitheachta mar shaincheist thrasnach i straitéis na Cúirte don tréimhse 2021-2925;

70.

Á iarraidh ar an gCúirt plean soghluaisteachta struchtúrtha a ghlacadh lena gcuimseofar roinnt gluaisteán, spásanna páirceála rothar agus luchtairí cadhnraí leictreacha agus féachaint an bhféadfaí buiséad carbóin a ríomh i gcomhair costais mhisean, chun gur ar bhonn tionchair agus costais a roghnófar an modh iompair; ag tabhairt moladh don Chúirt as pointí luchtaithe le haghaidh gluaisteáin leictreacha agus hibrideacha a bheith suiteáilte ina háitribh;

71.

Á chur i bhfáth go raibh titim 24 % ar an ídiú fuinnimh iomlán idir 2014 agus 2021, ach gur tháinig méadú 0,8 % air idir 2020 agus 2021 mar thoradh ar ró-ídiú de bharr úsáid fhaidréiseach na gcóras aerála i gcomhthéacs bearta coisctheacha a bhain le paindéim COVID-19; á iarraidh ar an gCúirt a áirithiú go suiteálfar painéil ghréine ar dhíonta a háitreabh;

72.

Á chur in iúl gurb eol di, maidir le measúnú bliantúil 2021 ón gCúirt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trína ndéantar faireachán ar a hiarrachtaí a lorg carbóin a laghdú, go léirítear gurbh ionann na hastaíochtaí iomlána agus 7 578 tCO2eq, i gcomparáid le 10 699 tCO2eq in 2014 (an bhonnlíne), agus á lua gurb ionann sin agus laghdú 3 121 tCO2eq ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in imeacht na tréimhse sin;

73.

Á chur i bhfios go raibh laghdú 62 % ar an nginiúint dramhaíola ó 2019 go 2021 agus laghdú 18,7 % ó 2020 go 2021, gur baineadh ráta athchúrsála 59 % agus ráta sórtála 82 % amach in 2021, agus gur rannchuidigh an córas bailithe uisce báistí, a raibh toilleadh stórála iomlán 95 m3 i gceist leis agus a úsáideadh le haghaidh cothabháil gairdíní den chuid is mó, chun an t-ídiú uisce ar an iomlán a laghdú;

74.

Á lua go bhfuil an Chúirt ina comhcheannaire ar an ngrúpa tionscadail ‘Preparing for future risks and climate crisis: time for audit to take a long-term view?’ [Ullmhú do rioscaí sa todhchaí agus don ghéarchéim aeráide: An bhfuil sé in am ag an iniúchóireacht a bheith fadbhreathnaitheach?], agus ina comhalta de ‘Inspiring More Sustainability (IMS) Luxembourg’, líonra cuideachtaí agus eagraíochtaí atá bunaithe i Lucsamburg a bhfuil gealltanas tugtha acu maidir le freagracht shóisialta chorparáideach;

75.

Á chur in iúl go n-aithníonn sí go ndearnadh dul chun cinn leis an ídiú páipéir a laghdú agus ag spreagadh na Cúirte chun forbairt bhreise a dhéanamh ar na heispéiris a fuarthas le linn phaindéim COVID-19 chun an t-ídiú páipéir a laghdú;

Comhar idirinstitiúideach

76.

Á chreidiúint go leagtar mar dhualgas le misean na Cúirte comhordú níos déine a dhéanamh leis an bParlaimint agus leis an gComhairle, a bheith i gcaidreamh fiúntach leis an gCoimisiún ina ról mar phríomhiniúchaí agus comhar níos dlúithe a bhunú leis na Ballstáit, le rialtais, go háirithe ag cur san áireamh an ról bunriachtanach atá acu maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus leis na parlaimintí náisiúnta agus na huasfhorais iniúchóireachta eile;

77.

Ag tabhairt dá haire gur síníodh comhaontú tríthaobhach nua idir an Chúirt, an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) i mí na Samhna 2021; á chur in iúl gur geal léi go dtabharfaidh an comhaontú sin deis ar rochtain bhreise agus ar chuíchóiriú níos fearr ar dhoiciméid iniúchta BEI, ach gurb oth léi mar sin féin nach dtugann an comhaontú an réiteach forleathan a bhí á iarraidh ag an bParlaimint; á chur in iúl gurb eol di nach bhfuil sainordú ag an gCúirt chun iniúchóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí ina n-úsáidtear cistí dílse BEI go heisiach; á athdhearbhú go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh rochtain iomlán ag an gCúirt ar an bhfaisnéis uile a bhaineann le hoibríochtaí BEI atá beartaithe chun beartais Aontais a chur chun feidhme agus chuige sin amháin; ag aontú leis an gCúirt, maidir le gníomhartha dlíthiúla Aontais amach anseo a bhaineann le sainorduithe a bhronnadh ar BEI chun beartais Aontais a chur chun feidhme, go bhfuil deis ann chun sainordú cuimsitheach agus soiléir a lánpháirtiú lena gcumhachtófar an Chúirt, i gcomhréir leis na Conarthaí, chun iniúchóireacht a dhéanamh ar ghnéithe feidhmíochta na mbeart uile a rinneadh, bunaithe ar na gníomhartha dlíthiúla sin, agus rochtain iomlán a bheith aici ar aon doiciméad a mheasfaidh sí a bheidh riachtanach chun na críche sin; á iarraidh ar an gCoimisiún an tuairim ón gCúirt a fháil roimh ghníomhartha dlíthiúla den sórt sin a mholadh;

78.

Ag tabhairt dá haire gur síníodh meabhrán tuisceana idir an Chúirt agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) maidir le iniúchóirí na Cúirte a dhéanann oibreacha ghearrthéarmacha chun tacaíocht a thabhairt mar shaineolaithe ábhair d’obair bhord iniúchóirí SCE;

79.

Á chur in iúl gur geal léi gur síníodh socrú oibre le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), a thugann creat struchtúrtha comhair agus a fhágann go bhféadfaidh an Chúirt cásanna a aistriú go díreach chuig OIPE; á chur in iúl gur mór a meas ar an dian-idirphlé le OLAF a thug oscailt thapa ar imscrúduithe i sé chás in 2021 i ndiaidh don Chúirt faisnéis ábhartha a tharchur; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhar níos láidre idir an Chúirt, OIPE, OLAF agus an tOmbudsman Eorpach chun dúbláil imscrúduithe a sheachaint agus ag cur béim ar an ngá atá le réimsí leasa fhrithpháirtigh a phlé;

80.

Ag tabhairt faoi deara go bhfuil an Chúirt ina comhalta gníomhach d’Eagraíocht Idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta (INTOSAI) agus ar an 30 comhalta bunaidh d’Eagraíocht Eorpach na nUasfhoras Iniúchóireachta (EUROSAI), an chraobh Eorpach de INTOSAI; á lua go gcomhoibríonn an Chúirt le huasfhorais iniúchóireachta eile agus le heagraíochtaí iniúchóireachta idirnáisiúnta go déthaobhach, le huasfhorais iniúchóireachta na 27 mBallstát, agus go hiltaobhach freisin, faoi chuimsiú Choiste Teagmhála Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh, agus go dtugann an Chúirt tacaíocht freisin d’uasfhorais iniúchóireachta na dtíortha is iarrthóirí, agus na dtíortha is iarrthóirí féideartha, ar bhallraíocht an Aontais; á chur in iúl go n-aithníonn sí go bhfuil an Chúirt ar na 25 chomhalta den Fhóram um Cheannaireacht Dhomhanda san Iniúchóireacht a bhfuil sé mar aidhm aige feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí iniúchóireachta chomhaltaí na n-uasfhoras iniúchóireachta, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna domhanda agus straitéiseacha, agus rannchuidiú le pobal INTOSAI;

81.

Ag tabhairt dá haire go gcothaíonn an Chúirt an comhar idirinstitiúideach, agus go mbaineann sí leas as comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse ar mhaithe le húsáid acmhainní a bharrfheabhsú agus coigilteas a dhéanamh agus tairbhiú freisin de shaineolas sonrach a comhpháirtithe; ag tabhairt faoi deara as measc na gcomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse go ndearnadh comhaontú amháin díobh le hoifig Phámhaistir an Choimisiúin lena gcumhdaítear bainistiú pinsean, misin, cearta airgeadais agus cúrsaí párolla, comhaontú eile a bhaineann le soláthar seirbhísí acmhainní daonna, agus comhaontuithe eile a bhaineann le hateangaireacht, aistriúchán agus foilsiú; á lua go bhféadfar raon feidhme na gcomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a leathnú trí bhíthin leasuithe, rud a rinneadh in 2021 maidir le seirbhísí imréitigh slándála acmhainní daonna a chur ar fáil i ndiaidh Cinneadh Uimh, 41/2021 ón gCúirt Iniúchóirí a ghlacadh maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe Aontais a chosaint (FRAE) (4);

82.

Á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil an Chúirt ina comhalta den Bridge Forum Dialogue, eagraíocht atá bunaithe i Lucsamburg agus a bhfuil mar aidhm aici plé a spreagadh ar na ceisteanna a bhaineann leis an Eoraip, agus forais agus gníomhaireachtaí osnáisiúnta, forais náisiúnta, an tsochaí shibhialta agus an saol acadúil a thabhairt le chéile;

Cumarsáid

83.

In 2021, sannaíodh buiséad EUR 205 000 don chumarsáid agus do ghníomhaíochtaí maidir le cur chun cinn, agus aistríodh EUR 70 000 as an mbuiséad tosaigh EUR 275 000 do línte buiséid eile i gcaitheamh na bliana; ag tabhairt faoi deara go raibh ráta tomhaltais 79,93 % (EUR 151 562) i gceist;

84.

Á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh Coiste Tadhaill Uas-Institiúidí Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh coimre Iniúchóireachta i mí Iúil 2021 ar an bhfreagairt ar COVID-19, ina dtugtar faisnéis maidir le tionchar na paindéime agus an fhreagairt uirthi, ar an leibhéal náisiúnta agus osnáisiúnta, agus gur seoladh rannóg nua COVID-19 ar shuíomh gréasáin an Choiste Teagmhála chun éascaíocht a dhéanamh ar fhaisnéis níos tráthúla agus níos leanúnaí maidir le hobair iniúchóireachta ábhartha arna déanamh ag Uas-Institiúidí Iniúchóireachta an Aontais;

85.

Á chur in iúl gur mór aici gur foilsíodh, in 2021, an plean cumarsáide i ndáil le héagsúlacht agus cuimsiú, plean ina bhfuil faisnéis maidir le cuspóirí cumarsáide na Cúirte, an spriocphobal, na geallsealbhóirí, teachtaireachtaí, na cainéil chumarsáide agus faireachán;

86.

Ag spreagadh na Cúirte chun rannpháirtíocht a bhunú leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí d’fhonn úsáid a bhaint as dhá ardán meán sóisialta foinse oscailte, EU Voice agus EU Video, a seoladh mar threoirthionscadal poiblí chun úsáid na líonraí meán sóisialta saor agus foinse oscailte a chur chun cinn; ag spreagadh na Cúirte thairis sin chun líonraí sóisialta díláraithe malartacha a úsáid de rogha ar ardáin ar líne an-mhór, amhail ardán Mastodon;

87.

Á iarraidh arís ar an gCúirt a hiarrachtaí cumarsáide a mhéadú d’fhonn a nasc le saoránaigh a neartú, trí sheasamh le breis trédhearcachta ina hoibríochtaí, trí úsáid níos mó a dhéanamh de na teicneolaíochtaí digiteacha, trí straitéis chumarsáide a shaothrú a thugann deis braistint agus tuiscint cheart a fháil ar ról na Cúirte agus mar a luíonn sí isteach le fís an Aontais agus cuireann sí feabhas ar infheictheacht na Cúirte sna Ballstáit éagsúla.

(1)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chúirt Iomlán) an 30 Meán Fómhair 2021, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa v Karel Pinxten, C-130/19, ECLI:EU:C:2021:782.

(2)  https://som.yale.edu/story/2022/over-1000-companies-have-curtailed-operations-russia-some-remain

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(4)   IO L 256, 19.7.2021, lch. 106.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/123


CINNEADH (AE) 2023/1831 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VI – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0232/2022) (2),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus óngComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0074/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i leith chur chun feidhme bhuiséad Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(4)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(5)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/124


RÚN (AE) 2023/1832 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VI – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VI – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0074/2023),

A.

de bhrí gur comhlacht comhairleach de chuid an Aontais é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (‘an Coiste’) a chuireann fóram ar fáil don chomhairliúchán, don idirphlé agus don chomhthoil i measc ionadaithe ó chomhpháirteanna éagsúla eacnamaíocha, sóisialta agus sibhialta na sochaí sibhialta eagraithe ó na Ballstáit;

B.

de bhrí go rannchuidíonn an Coiste le próiseas cinnteoireachta an Aontais agus, trí naisc a áirithiú idir beartais an Aontais agus imthosca eacnamaíocha, sóisialta agus sibhialta, go saothraíonn sé a mhisin i dtaobh reachtóireacht níos fearr, daonlathas rannpháirteach ón mbun aníos agus cur chun cinn luachanna Eorpacha;

C.

de bhrí go bhfuil sé éigeantach go rachadh an Coimisiún nó an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoiste i gcásanna áirithe; de bhrí go bhféadfadh an Coiste tuairimí a ghlacadh freisin ar a thionscnamh féin, agus leas á bhaint aige as réimse leathan tarchuir mar atá sainithe san Ionstraim Eorpach Aonair, i gConradh Maastricht agus i gConradh Amstardam, lena gceadaítear do Pharlaimint na hEorpa dul i gcomhairle leis;

D.

de bhrí gurb é Coimisiún na gCoistí um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha (CAF) comhlacht maoirseachta an Choiste le haghaidh na nósanna imeachta buiséadacha uile agus, go háirithe, bunú na meastachán buiséid, cur chun feidhme an bhuiséid, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, an t-urscaoileadh agus an obair leantach ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí (an ‘Chúirt’);

E.

de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh tríd an trédhearcacht agus an chuntasacht a fheabhsú, agus an coincheap maidir le bainistiú éifeachtúil airgeadais agus riaracháin, buiséadú feidhmíochtbhunaithe agus dea-rialachas acmhainní daonna a chur chun feidhme;

1.

Ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad an Choiste faoi cheannteideal 7 CAI, ‘riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 10,7 billiún san iomlán in 2021 (arb é atá ann 5,9 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais); á thabhairt faoi deara gurb ionann buiséad an Choiste agus 1,2 % de chaiteachas iomlán an Aontais ar riarachán;

2.

Ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh an Chúirt, ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021, a sampla idirbheart faoi ‘Riarachán’ ó 48 in 2020 go 60 in 2021;

3.

Ag tabhairt dá haire go luann an Chúirt go léirítear leis an obair a rinneadh in imeacht roinnt mhaith blianta gur le caiteachas foriomlán ar riosca íseal a bhaineann ceannteideal 7 CAI; ag tabhairt dá haire, áfach, nach dtugtar aon fhaisnéis ábhartha maidir leis an gCoiste sa Tuarascáil Bhliantúil maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 agus á iarraidh ar an gCúirt sonraí cuimsitheacha maidir le cur i gcrích na gceanglas uile is gá le haghaidh nós imeachta um urscaoileadh comhsheasmhach a chur san áireamh ina céad tuarascálacha bliantúla eile.

4.

Ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici nár shainaithin an Chúirt aon saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an gCoiste sa Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

5.

Ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 145 024 938 buiséad deiridh an Choiste do 2021, arb ionann é agus méadú beag 1,7 % i gcomparáid le EUR 142 539 393 in 2020 agus EUR 138 502 768 in 2019; ag tabhairt dá haire gurb iad na línte buiséid ba thábhachtaí in 2021, arb ionann iad agus thart ar 80 % den bhuiséad foriomlán, na línte le haghaidh luach saothair agus liúntas, agus ina dhiaidh sin liúntas taistil agus cothúcháin na gcomhaltaí, íocaíochtaí léasa, ateangairí agus feistiú áitreabh;

6.

Ag tabhairt faoi deara, agus é ina ábhar imní di, gur ann do chur chun feidhme buiséid íseal 90,8 %, i gcomparáid le 91,8 % in 2020 agus i bhfad ó na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim in 2019 agus in 2018, is iad sin 98,1 % agus 98,7 % faoi seach); ag tabhairt dá haire gurb iad na leithreasuithe neamhcheangailteacha a tugadh ar ais do bhuiséad an Aontais na leithreasuithe neamhcheangailteacha is airde le ceithre bliana anuas agus gurb ionann iad agus EUR 13 336 920, i gcomparáid le EUR 11 677 200 agus EUR 2 579 332 faoi seach in 2020 agus in 2019 agus EUR 1 819 462 in 2018; ag tabhairt dá haire go measann an Coiste gur iarmhairt dhíreach ar phaindéim COVID-19 é an laghdú sin; á thabhairt faoi deara, áfach, sa chuntas táirgeachta eacnamaíoch, gur tháinig méadú beag ar na costais fhoriomlána in 2021, faoi 5 % i gcomparáid le 2020, méadú, a mhíníonn an Coiste, a bhí mar gheall ar mhéadú ar an ngníomhaíocht i gcomparáid leis an gcéad bhliain de phaindéim COVID-19 á chur i bhfios gur dealraitheach go bhfuil an dá tháscaire ag díriú ar threonna contrártha;

7.

Á chur i bhfios go láidir go raibh ráta íseal íocaíochta 78 % ann an 31 Nollaig 2021, laghdú ó 83,2 % agus ó 92,5 % faoi seach in 2020 agus 2019; á chur in iúl gur mór aici gur tháinig laghdú ar an meán-aga íocaíochta in 2021 go 19,94 lá, ar díol feabhais é i gcomparáid le 2020 (28.44 lá) agus le 2019 (30.12 lá); ag tabhairt faoi deara, áfach, nár shroich ríomhshonraisc mar sciar de gach sonrasc ach 68 % in 2021, i gcomparáid le 67 % in 2020 agus fós níos ísle ná 79 % in 2019;

8.

Ag tabhairt le fios gur tugadh barrachas EUR 13 163 207 anonn ó 2021 go 2022, barrachas i bhfad níos airde ná in 2020 agus 2019 nuair a tugadh EUR 8 722 448 agus EUR 8 614 946 anonn faoi seach;

9.

Ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2021, a bhí tionchar ag paindéim COVID-19 ar ghníomhaíochtaí an Choiste i gcás línte áirithe, ionas go raibh laghdú ar úsáid leithreasuithe (costais agus liúntais taistil, ateangaireachtaí, misin foirne agus eagrú ócáidí agus éisteachtaí, lena n-áirítear an lónadóireacht a bhain leis na hócáidí sin), agus gurb amhlaidh i gcás línte eile a bhí caiteachas breise ag teastáil de bharr na géarchéime sláinte (tacaíocht theicniúil do chruinnithe cianda nó hibrideacha, lena n-áirítear ateangaireacht chomhuaineach, atreisiú saoráidí TF chun déileáil le teilea-obair mhéadaithe agus trealamh breise a bhí de dhíth ar sheirbhís leighis an choiste); ag tabhairt faoi deara gur úsáideadh na leithreasuithe atá fágtha chun aghaidh a thabhairt ar an riaráiste in TF agus i bhfoirgnimh, arna n-aithint i bhfreachnaimh um urscaoileadh roimhe seo;

10.

Ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 5 323 400 méid an aistrithe in 2021, rud a chiallaíonn go raibh an t-aistriú in 2021 agus EUR 10 378 352 idir 2.5 agus 5 huaire níos airde in 2020 ná na haistrithe sna blianta roimh phaindéim COVID-19 (EUR 3 119 041 agus EUR 1 981 731 in 2019 agus 2018 faoi seach); ag tabhairt le fios gur tionscnaíodh aistrithe níos luaithe sa bhliain ach, in ainneoin na n-iarrachtaí a rinneadh, nach bhféadfaí na fuílligh a ionsú mar gheall ar phaindéim COVID-19.

11.

Ag tabhairt faoi deara gur lean an Coiste dá ghníomhaíochtaí in 2021 chun cost-éifeachtúlacht a chuid cuarda riaracháin a fheabhsú, agus é ag baint amach sreafaí oibre airgeadais iomlána gan pháipéar agus é ag úsáid ríomhshínithe cáilithe le haghaidh conarthaí agus leasuithe; ag tabhairt dá haire gur baineadh coigiltis amach go príomha trí na sineirgí a eascraíonn as an gcomhaontú comhair idir an Coiste agus Coiste Eorpach na Réigiún (an ‘CnaR’), a athnuadh in 2021, go háirithe i réimsí an bhonneagair (is mó ná EUR 12 mhilliún an coigilteas foriomlán measta a rinneadh ar chíos, cothabháil, tomhaltáin agus baill foirne), TF, slándáil agus seirbhísí cruinnithe;

12.

Á chur in iúl gur eol di go bhfuil nósanna imeachta tairisceana a bhaineann leis an gCoiste á n-eagrú ag a sheirbhísí féin nó thar ceann an Choiste ag na comhsheirbhísí arna gcomhroinnt ag an gCoiste agus ag CnaR; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2021, nach raibh ach 13 nós imeachta soláthair ann ina raibh an Coiste ina údarás conarthach aonair nó ina údarás conarthach rannpháirteach in éineacht le CnaR; cuireadh dhá cheann díobh ar ceal mar gheall ar easpa tairiscintí, reáchtáladh dhá cheann i réimse na n-oibreacha tógála mar nósanna imeachta oscailte leis an gCoiste mar údarás conarthach rannpháirteach, agus reáchtáladh an chuid eile trí nós imeachta idirbheartaíochta, seacht gcinn do chonarthaí ar luach meánach agus íseal agus dhá cheann gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré mar a fhoráiltear sa Rialachán Airgeadais;

13.

Á chur i bhfios go láidir gur phléigh roinnt cruinnithe de choiste buiséid na Comhairle idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh 2021 an togra ón gCoiste le haghaidh liúntas sonrach i ndáil le cianfhreastal ar chruinnithe an Choiste; ag tabhairt dá haire go socraítear leis an togra ó CAF, le tacaíocht chaestóirí an Choiste agus arna fhormheas ag an gComhairle, an liúntas le haghaidh rannpháirtíocht chianda ag EUR 145, arb é sin leath an liúntais a shonraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh 2013/471/AE ón gComhairle (1), is infheidhme de réir an 1 Iúil 2021 agus atá teoranta don tréimhse ina bhfuil deacrachtaí taistil ann de dheasca phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go gceanglaítear leis an aisíocaíocht seiceáil a dhéanamh ar an bhfreastal ar an gcruinniú nó ar an ócáid i ndáil le gach rannpháirtí trí mhodhanna éagsúla amhail liostaí sínithe, tuarascálacha um nasc leictreonach, seatanna scáileáin nó tuarascálacha eile ina léirítear idirghabhálacha a rinneadh, agus gur bunaithe ar an bhfaisnéis sin amháin is féidir aisíocaíocht a dhéanamh; á thabhairt chun suntais, i gcás cianfhreastail, nach n-íoctar ach an liúntas laghdaithe agus nach ndéantar aon aisíocaíochtaí eile (amhail le haghaidh costais taistil nó liúntais taistil) tar éis na seiceála ar an bhfreastal agus seiceáil nach bhfuarthas aon ranníocaíocht tríú páirtí eile; á mheas, mar sin féin, go bhfuil sé deacair an liúntas, cé gur laghdú é, a thuiscint i dtéarmaí tuairimí an phobail toisc go bhféadfadh sé damáiste do chlú an Choiste a bheith mar thoradh air; á mheas thairis sin, ós rud é gur cuireadh deireadh leis na bearta agus na bearta sláintíochta a rinneadh le linn phaindéim COVID-19, nach bhfuil gá a thuilleadh leis an liúntas do chianfhreastal ar chruinnithe;

Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach

14.

Ag tabhairt dá haire gur bhliain eile í 2021 a raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar an gCoiste, agus go ndearnadh lena linn sraith cinntí chun go mbeadh ar chumas phríomhchomhlachtaí an Choiste leanúint de bheith ag feidhmiú in ainneoin an teorannúcháin arna fhorchur le hábhair imní shábháilteachta agus shlándála; ag tabhairt faoi deara gur bhain na cinntí sin le formáid na gcruinnithe, ceanglais maidir le rochtain ar fhoirgnimh, bainistiú ócáidí agus bearta eile sláinte agus sábháilteachta, lena n-áirítear scaradh fisiciúil agus cruinnithe a chur i gcrích i bhformáid chianda, a ndearnadh formáid hibrideach de níos déanaí, lena n-áirítear vótáil hibrideach agus úsáid sreafaí oibre leictreonacha;

15.

Ag admháil an phlean bainistíochta nua a ghlac an Coiste in 2021, lena sainítear straitéis a Ardrúnaíochta agus na cúig chroíluach agus na cúig phríomhchuspóir straitéiseacha lena stiúrfar a chuid oibre sna cúig bliana amach romhainn agus lena mbunaítear na cuspóirí straitéiseacha bliantúla a bhaineann go díreach leis an bplean bainistíochta, arb é a áirítear iontu, le haghaidh 2021, 33 chuspóir atá deartha do gach cuid den riarachán;

16.

Á chur i bhfios go bhfuil ról CAF a ullmhaíonn gach cinneadh de chineál airgeadais nó buiséadach do bhiúró an Choiste agus a eagraítear le foghrúpaí ad hoc atá dírithe ar ábhair ad hoc ar bhealach níos éifeachtúla, agus gach ceann acu comhdhéanta de thriúr comhaltaí, duine amháin as gach grúpa a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste;

17.

Á chur in iúl gur geal léi clár comhtháite um anailís gnó an Choiste, arb é is aidhm dó na próisis ghnó bhunúsacha uile a bhfuil tionchar acu ar réamhaisnéis caiteachais do línte buiséid a ghabháil agus a mhapáil, a bhfuiltear ag dréim leis go gcuideoidh sé le bunchúiseanna féideartha na n-éagsúachtaí idir réamhaisnéis an chaiteachais agus costais deiridh na ngníomhaíochtaí a shainaithint, ionas go dtiocfaidh tuilleadh feabhais ar bhainistiú fónta éifeachtúil na n-acmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí polaitiúla chomhaltaí an Choiste;

18.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di a laghad acmhainní atá ar fáil do sheirbhís iniúchta inmheánaigh an Choiste (SII) a bhfuil tionchar díreach ag a leibhéal foirne ar mhéid agus ar cháilíocht na hoibre a dhéantar agus, dá bhrí sin, ar an dearbhú is féidir le SII a thabhairt maidir leis an timpeallacht riosca agus rialúcháin; á chur in iúl go dtuigeann sí, amhail ó mhí na Samhna 2021, go bhfuil cúntóir ó lasmuigh de SCI ag cur le hobair an triúr ball foirne atá imscartha chuig SCI faoi láthair, ach á chreidiúint nach n-áirithíonn leithdháileadh breise sealadach den sórt sin comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta lena rialaítear an dearlaic íosta d’fheidhm iniúchóireachta inmheánaí; á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an moladh ón gCoiste an post cúntóra atá ann cheana laistigh de SII a thiontú ina phost riarthóra chun an t-iniúchadh inmheánach a neartú sa ghearrthéarma; á iarraidh ar an gCoiste agus ar CnaR comhordú a seirbhísí iniúchóireachta inmheánacha faoi seach a bharrfheabhsú agus an comhaontú comhair idir an Coiste agus CnaR á chur chun feidhme acu;

19.

Ag admháil go ndearna an Coiste bearta chun na caighdeáin rialúcháin inmheánaigh a chur chun feidhme maidir le measúnú a dhéanamh ar fheidhmeanna íogaire trí bheartas mionsonraithe a ghlacadh i mí na Nollag 2020 lena n-áirítear an sainmhíniú ar phoist íogaire agus an mhodheolaíocht a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis na poist uile; ag tabhairt dá haire gur tugadh measúnú ar an gCoiste ina iomláine i gcrích in 2021; ag cur in iúl, áfach, gur nochtadh i dtorthaí SII go bhféadfaí feabhas a chur i bhfeidhm; ag tabhairt faoi deara gur léiríodh san iniúchadh inmheánach ar íocaíochtaí tuarastail in 2018, san íocaíocht liúntais neamhdhlite a bhraith an Chúirt in 2019 agus san iniúchadh inmheánach breise ar fhíorú in 2020 go raibh gá le scrúdú níos dlúithe a dhéanamh ar na rialuithe ar bhainistiú na gceart reachtúil; á iarraidh ar an gCoiste an Pharlaimint a chur ar an eolas faoin obair leantach phoncúil ar thorthaí an iniúchta;

20.

Ag tabhairt faoi deara gur uirlis éifeachtach bhainistíochta iad na heochairtháscairí gníomhaíochta agus feidhmíochta agus ag cur sonrú sa léirmhíniú orthu i gcás COVID-19, agus dá bhrí sin sa tábhacht ualaithe a admhaítear i leith treochtaí sa chumarsáid, i gcruinnithe fisiciúla, sa chaidreamh san ionad oibre, i dtáirgiúlacht agus léirmhíniú cóipshiopa; .

21.

Ag tabhairt dá haire go leanann an Coiste dá mhisean a shaothrú trí thuairimí, ina dtagraítear do thograí reachtacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún (tarchuir), agus trí thuairimí féintionscnaimh, ina n-iarrtar ar institiúidí an Aontais gníomhú, agus gur féidir seasaimh an Choiste a thabhairt chun suntais i rúin nó a chur ar áireamh i dtuarascálacha meastóireachta agus faisnéise;

22.

Ag tabhairt dá haire gur ghlac an Coiste 200 tuairim in 2021 (i gcomparáid le 131 in 2020 agus 127 in 2019) agus go raibh 151 tuairim díobh sin bunaithe ar tharchuir, gur thuairimí féintionscnaimh 28 gcinn díobh agus gur thústuairimí iad 12 cheann díobh (gurbh ionann tuairimí bunaithe ar tharchuir agus 65 agus 59 in 2020 agus in 2019 faoi seach); á chur in iúl gur geal léi an cinneadh chun treoirthionscadal a sheoladh maidir le hobair leantach threisithe ar thuairimí arna n-eisiúint, arb é is aidhm dó neartú a dhéanamh ar an bhfaireachán ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na hinstitiúidí i dtrácht ar liosta roghnaithe tuairimí a bhfuil tábhacht pholaitiúil nó straitéiseach ag baint leo i ndáil le clár oibre ranna an Choiste agus rannchuidiú an Choiste le clár oibre bliantúil an Choimisiúin, atá le cur i gcrích idir Meán Fómhair 2022 agus Aibreán 2023; á chur in iúl go dtuigeann sí go n-áirítear leis an obair leantach threisithe sin ról treisithe do rapóirtéir an Choiste i ndáil leis na gníomhaithe éagsúla sa phróiseas reachtach, lena n-áirítear láithreacht ag cruinnithe coiste na Parlaiminte agus cumarsáid shaincheaptha atá dírithe ar fhor-rochtain;

23.

Á thabhairt faoi deara go léirítear sa Tuarascáil ábhartha maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhair idir Parlaimint na hEorpa agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, in 2021, go ndéantar dúbailt ar líon na gcruinnithe le contrapháirtithe na Parlaiminte in ullmhú thuairimí an Choiste i gcomparáid le 2020 lena ndeimhnítear láithreacht an Choiste sa timthriall reachtach agus á iarraidh ar an gCoiste a áirithiú go roinnfear a thuairimí le comhaltaí choistí ábhartha na Parlaiminte, i gcomhréir leis an gcomhaontú comhair idir an Pharlaimint, ar thaobh amháin, agus an Coiste agus Coiste na Réigiún, ar an taobh eile; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, le cois na gcruinnithe déthaobhacha maidir le comhaid leanúnacha, a ghlac comhaltaí ón bParlaimint agus ón gCoiste araon páirt in ócáidí, comhdhálacha agus cruinnithe éagsúla agus gurb amhlaidh a tionóladh 156 chruinniú le contrapháirtithe na Parlaiminte, 538 gcruinniú le contrapháirtithe an Choimisiúin agus 139 gcruinniú le comhghleacaithe na Comhairle agus na mBallstát;

24.

Ag cur sonrú sa rannpháirtíocht leathan agus san aiseolas dearfach i dtaobh sheimineáir ghréasáin dhémhíosúla phobal an gheilleagair chiorclaigh Eorpaigh (Cainteanna ciorclacha AE), agus i dtaobh Ghradaim Orgánacha an Aontais arb iad an chéad sampla iad de ghradaim orgánacha uile-Aontais, arna n-eagrú go comhpháirteach ag an gCoimisiún, ag an gCoiste, ag CnaR, ag Guth Eorpach na bhFeirmeoirí agus ag Agra-chomharchumainn agus ag an mbrateagraíocht Eorpach um bia agus um fheirmeoireacht orgánach (IFOAM – Organics Europe); ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2021, a eagraíodh roinnt comhdhálacha ardleibhéil lenar ghabh torthaí dearfacha tinrimh, amhail comhdháil na sochaí sibhialta maidir le Geopholaitíocht an Chomhaontaithe Ghlais, an chomhdháil phoiblí ardleibhéil maidir le bochtaineacht fuinnimh ag crosbhealach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus an chomhdháil ardleibhéil maidir le Beartas Óige sna Balcáin Thiar; á chur in iúl go dtuigeann sí a thábhachtaí atá an Coiste chun gné shóisialta an aistrithe ghlais a áirithiú;

25.

Ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, trí obair a ghrúpa ad hoc maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, a d’eagraigh nó a thacaigh an Coiste go díreach le cur i bhfeidhm 75 ócáid, 33 acu ar an leibhéal náisiúnta agus 42 acu ar an leibhéal lárnach, agus gurb amhlaidh a sholáthair 60 % de na 75 ócáid sin tuarascálacha ar ardán na Comhdhála agus a bhailigh breis agus 7 600 rannpháirtí isteach sna 45 ócáid sin amháin; ag tabhairt dá haire gur ionchódaigh an Coiste 60 smaoineamh nua ar ardán na Comhdhála agus gur sheol sé feachtas ollmhór cumarsáide ar na meáin shóisialta agus gur cuireadh cuid mhór de na smaointe sin san áireamh sna 325 thogra deiridh a glacadh i mí na Bealtaine 2022;

Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne

26.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, in ainneoin na dteorainneacha a forchuireadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19, gur éirigh leis an gCoiste dálaí oibre sábháilte a ráthú; ag tarraingt aird ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an tseirbhís leighis, lena n-áirítear rialacha sláinte poiblí le haghaidh na n-áitreabh a nuashonrú go leanúnach agus baill foirne a choinneáil ar an eolas trí thacaíocht shíceasóisialta phearsanta agus ar líne a thairgtear go leanúnach don fhoireann agus trí fhaisnéis leighis eolaíoch atá cothrom le dáta a chuirtear ar fáil do na comhaltaí, don fhoireann, agus don riarachán, mar aon le páirt ghníomhach a ghlacadh i bhfeachtas vacsaíniúcháin an Choimisiúin; ag cur béim ar na sineirgí a bunaíodh le Parlaimint na hEorpa maidir le tástáil COVID-19;

27.

Á chur i bhfios go dtuairiscíonn an Coiste go raibh 699 mball foirne fostaithe an 31 Nollaig 2021, i gcomparáid le 702 in 2020 agus in 2019; ag tabhairt dá haire, in 2021, gur tháinig méadú ar líon na bpost i bplean bunaíochta an Choiste ó 668 go 699, rud a bhí beartaithe in 2020; á chur i bhfios go raibh an ráta fostaíochta do phoist bhuiséid 94,3 % in 2021, beagán níos ísle ná an ráta fostaíochta a bhí ann in 2020, 2019 agus 2018, 95,5 %, 96 % agus 96,6 % faoi seach, agus ag tabhairt faoi deara gur tugadh earcú 74 bhall foirne nua chun críche in 2021, i gcomparáid le 58 agus 57 in 2020 agus 2019 faoi seach;

28.

Ag tabhairt faoi deara go raibh líon mór gníomhairí sealadacha agus gníomhairí ar conradh fostaithe in 2021 (107 ngníomhaire shealadacha agus 46 ghníomhaire ar conradh as 699 mball foirne san iomlán, i gcomparáid le 93 agus 81 ghníomhaire sealadach in 2020 agus in 2019 faoi seach, agus 47 ngníomhaire ar conradh agus 43 gníomhaire ar conradh in 2020 agus in 2019 faoi seach); á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an baol ann go gcaillfidh an Coiste eolas agus saineolas suntasach nuair a thiocfaidh deireadh leis na conarthaí fostaíochta sealadaí sin; á iarraidh ar an gCoiste a chomhar riaracháin le CnaR a dhoimhniú tuilleadh tríd an socrú um sheirbhísí comhpháirteacha chun feabhas a chur ar na héifeachtaí sineirgeacha a bhaineann le comhthiomsú foirne;

29.

Ag tabhairt dá haire gur dealraitheach, maidir leis an bplean bunaíochta, go raibh tionchar ag an laghdú ar acmhainní daonna ar an gCoiste ar mó é ná an sprioc 5 % a leag an Coimisiún síos (laghduithe foirne 7,98 % i gcomparáid le figiúirí 2013); á chur in iúl gurb eol di gur iarr an Coiste acmhainní breise i gcomhthéacs ullmhú bhuiséad 2023 mar thoradh ar na tosaíochtaí breise ar glacadh leo le blianta beaga anuas agus iad siúd atá fós le teacht (trí phost breise riarthóra);

30.

Á chur in iúl gur mór aici, chun dlús a chur leis an bpróiseas earcaíochta do phoist bhainistíochta, go bhfuil bearta glactha ag stiúrthóireacht an Choiste um acmhainní daonna agus airgeadas chun feasacht a ardú i measc uachtaráin na ngrúpaí agus i measc cheannairí rúnaíochtaí na ngrúpaí maidir leis an ngá pleanáil a dhéanamh ar roghnúcháin agus ar earcaíochtaí amach anseo chun go seachnófar tréimhsí fada post ad interim agus poist dhúbailte a bheith ag bainisteoirí, ar mhaithe leis an tseirbhís, agus gur tugadh treoracha don fhoireann a bhíonn ag déileáil le hearcaíocht, mar aon le beartas réamhghníomhach maidir le poist fholmha a fhoilsiú; ag tabhairt dá haire gur cheap an stiúrthóireacht um acmhainní daonna agus airgeadas plean gníomhaíochta mionsonraithe le haghaidh earcaíocht agus coinneáil foirne, a d’fhormheas an bord bainistíochta an Choiste i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus go bhfuil struchtúr air atá bunaithe ar réamhphleanáil, ar tharraingteacht agus ar choinneáil tallainne;

31.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil formhór fhoireann an Choiste comhdhéanta de mhná (448 as 699), sa chatagóir cúnta agus sa chatagóir riarthóra araon; á chur in iúl gur geal léi an ionadaíocht chothrom inscne sna feidhmeanna meánbhainistíochta agus ardbhainistíochta agus 52 % díobh siúd sna poist sin ina mná agus 48 % díobh ina bhfir, i gcomparáid le 46 % ina mná agus 54 % ina bhfir in 2020 agus 48 % ina mná agus 52 % na bhfir in 2019; á chur in iúl gur mór aici gníomhaíocht oifigeach comhdheiseanna an Choiste maidir le múnlú na straitéise agus an phlean gníomhaíochta don éagsúlacht agus don ionchuimsiú atá ar na bacáin agus á chur in iúl gurb eol di go bhfuil CAF ag féachaint ar chur chun feidhme praiticiúil an bhuiséadúcháin inscne in institiúidí poiblí, bunaithe ar fhaisnéis arna tabhairt ag cainteoirí seachtracha, lena n-áirítear cathaoirleach an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne i bParlaimint na hEorpa, a thabharfar ar aghaidh trí mhionanailís a dhéanamh ar na bealaí a bhféadfadh an uirlis sin cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhionannas inscne;

32.

Á chur i bhfios go láidir, cé go dtagann an fhoireann ó na Ballstáit uile, ós rud é nach bhfuil ionadaíocht chomhréireach ag na Ballstáit, nach bhfuil cothromaíocht gheografach an Choiste sásúil; ag tabhairt dá haire gurbh ionann bainisteoirí ó na 13 Bhallstát a tháinig isteach san Aontas tar éis 2004 agus 19 % in 2021 (an leibhéal céanna le 2019), i gcomparáid le 15 % in 2020, agus go léiríonn dáileadh na riarthóirí in aghaidh an ghráid go bhfuil 65 % de riarthóirí na mBallstát sin idir grád AD 8 agus AD 10 faoi láthair, rud a fhágann go bhfuil siad incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar phost bainistíochta; á iarraidh ar an gCoiste leanúint de ghníomhaíocht a dhéanamh, iarrachtaí níos mó a dhéanamh agus gealltanas a thabhairt dáileadh geografach cothrom na náisiúnach ó na Ballstáit uile laistigh dá fhoireann a bhaint amach, agus béim ar leith á leagan ar leibhéal na bainistíochta, agus ionadaíocht na mBallstát a tháinig isteach san Aontas tar éis 2004 á cur san áireamh;

33.

Á thabhairt faoi deara gur áiríodh sna bearta a glacadh chun dul i ngleic leis na teorainneacha a d’eascair as paindéim COVID-19, soláthar ríomhaire glúine agus gléas cinn do gach ball foirne, cathaoireacha eirgeanamaíocha a sholáthar ar fhorais leighis a bhfuil údar cuí leo, cnapshuim theoranta a sholáthar in 2020, chun costais urghnácha a thabhaítear le linn na tréimhse teilea-oibre éigeantaí a chumhdach agus arna iarraidh sin ar bhonn aonair, foráil a dhéanamh, in 2021, maidir leis an bhféidearthacht scáileán breise a bheith ann má tá sé riachtanach ar chúiseanna leighis, agus, de réir mhí Aibreáin 2021 ar aghaidh le linn tréimhse sé mhí, liúntas míosúil sealadach EUR 20 a chur ar fáil do chomhaltaí foirne agus oiliúnaithe chun costais bhreise de chineál éagsúil a chumhdach;

34.

Ag tathant ar an gCoiste straitéis agus plean gníomhaíochta nuashonraithe don éagsúlacht agus don ionchuimsiú a ghlacadh; ag dréim leis go ndéanfar breithniú sa straitéis agus sa phlean gníomhaíochta sin ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19, go gcuirfear uirlisí solúbtha ar fáil chun freastal ar riachtanais éagsúla i measc grúpaí foirne éagsúla agus chun an éagsúlacht agus an cuimsiú a chur chun cinn ach freisin cothromaíocht oibre is saoil agus comhdheiseanna dá foireann a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoiste an Pharlaimint a chur ar an eolas faoin dul chun cinn ina leith sin;

35.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, go ndearna an Coiste measúnú ar a phlean gníomhaíochta maidir le comhdheiseanna agus éagsúlacht chun straitéis um éagsúlacht agus um chuimsiú uas-scálaithe a sheoladh; á thabhairt faoi deara gur eagraíodh imeachtaí ar líne ar ócáid an Lae Idirnáisiúnta in aghaidh na Homafóibe agus gur ghlac an Coiste páirt i gcomhdháil an Chomhchoiste Idirinstitiúidigh um Chomhdheiseanna agus i líonraí idirinstitiúideacha éagsúla i réimse na héagsúlachta agus na gcomhdheiseanna; ag spreagadh an Choiste chun leanúint dá thacaíocht do tionscnaimh ón mbun aníos a rannchuidíonn le hionad oibre níos ionchuimsithí a dhéanamh den Choiste; á iarraidh ar an gCoiste gníomhaíochtaí sonracha maidir le hearcú agus ionduchtú iarrthóirí faoi mhíchumas a áireamh sa straitéis agus sa phlean gníomhaíochta maidir le héagsúlacht agus cuimsiú atá ar na bacáin agus aird den chineál céanna a thabhairt ar inrochtaineacht agus ar shoghluaisteacht agus athchóiriú foirgneamh á dhéanamh;

36.

Ag tabhairt dá haire go dtugtar ardleibhéal solúbthachta leis na dálaí oibre atá i bhfeidhm agus, cé go bhfuil gá le réamhphleanáil, nach bhfuil taifeadadh ama éigeantach a thuilleadh; á thabhairt faoi deara, ós rud é gur roghnaigh an Coiste díolúine ó am oibre a chlárú in 2020 agus 2021, gur féidir an sceideal a oiriúnú do riachtanais aonair, fad a chomhlíontar riachtanais seirbhíse agus a éascaítear cothromaíocht oibre is saoil in imthosca deacra;

37.

Ag tabhairt faoi deara go raibh tionchar ag an athrú ar dhálaí oibre tar éis phaindéim COVID-19 ar ráta glactha na socruithe ama oibre neamhchaighdeánacha agus, ó earrach 2020, go bhfuil laghdú leanúnach tagtha ar na hiarrataí ar shocruithe neamhchaighdeánacha ama oibre; ag sonrú gurb amhlaidh, in 2021, agus den chéad uair ó 2016, a thit céatadán na mball foirne a raibh socrú neamhchaighdeánach oiriúnach ama oibre ag teastáil uathu faoi bhun 20 % (18,88 % in 2021 i gcomparáid le 23,93 % agus 32,19 % in 2020 agus in 2019 faoi seach); á chur i bhfios go mbaineann an laghdú ar iarratais idir 2020 agus 2021 go príomha le mná, agus go bhfuil tuairim is duine as gach cúigear ag cur isteach ar phatrún oibre neamhchaighdeánach in 2021, agus go bhfuil an figiúr i ndáil leis na fir fós cobhsaí (32 fhear in 2020 i gcomparáid le 31 fhear in 2021); á thabhairt faoi deara, cé go raibh méadú suntasach ar líon na bhfear a bhain úsáid as patrúin oibre sholúbtha in 2019, gur fhan an cion idir fir agus mná a bheag nó a mhór mar an gcéanna in 2020 agus 2021 agus go ndearna fir thart ar an gcúigiú cuid de na hiarratais;

38.

Ag tabhairt dá haire, le linn 2021 agus i bhfianaise phaindéim COVID-19 atá fós ar siúl, gurb í an teilea-obair an norm ach, amhail ón 14 Meitheamh 2021, go bhféadfadh an fhoireann filleadh ar an oifig de réir a chéile lá amháin in aghaidh na seachtaine ar bhonn deonach, agus na bearta réamhchúraim atá i bhfeidhm san áitreabh á n-urramú acu; ag tabhairt dá haire gurbh fhéidir leis an bhfoireann uile teilea-obair a dhéanamh ón gcoigríoch le linn tréimhse theoranta ama agus faoi choinníollacha sonracha, amhail cásanna an-deacair teaghlaigh a raibh cúiseanna láidre leighis nó sóisialta ag baint leo; á chur in iúl gur geal léi go luaitear go sainráite anois an ceart chun dícheangail, a cumhdaíodh cheana sa chinneadh roimhe seo maidir leis an scéim teilea-oibre, sa chinneadh athbhreithnithe ón gCoiste maidir le dálaí oibre a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2022; ag spreagadh an Choiste chun féachaint ar na réitigh fhadtéarmacha teilea-oibre atá ann sa timpeallacht iarphaindéime;

39.

Á chur in iúl gur geal léi gur seoladh suirbhé i mí an Mhárta 2021, arna chomhordú ag an gCoiste agus ag CnaR, chun measúnú a dhéanamh ar thaithí gach baill foirne ar an tréimhse fhada teilea-oibre agus treoirlínte a d’fhéadfadh a bheith ann don todhchaí a shainaithint; á thuiscint gur thug níos mó ná 71 % den fhoireann, lena n-áirítear bainisteoirí, a n-aiseolas, a bhí dearfach den chuid is mó i ndáil leis na teorainneacha a forchuireadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus gur chuir sí tásca ar fáil a cuireadh i gcuntas agus an cinneadh athbhreithnithe maidir le dálaí oibre á ullmhú, cinneadh a dréachtaíodh in 2021 agus tar éis idirphlé sóisialta fairsing a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2022, mar threoirthionscadal ar feadh sé mhí;

40.

Á chur in iúl gur oth léi, in 2021, nach raibh an Coiste in ann sonraí a chur ar fáil maidir le cásanna sceite laistigh d’fhoireann an Choiste; ag cur in iúl go n-urramaíonn sí na teorainneacha maidir le cosaint sonraí, ach ag meabhrú don Choiste a thábhachtaí atá sonraí staidrimh atá i ndíth ainm le haghaidh cinntí bainistíochta laistigh d’eagraíocht agus an gá le folláine na foirne a chosaint á chur in iúl ag an am céanna; ag athdhearbhú gur cheart gníomhaíochtaí múscailte feasachta, dea-chleachtais i ndáil le bainistiú an ualaigh oibre, le cumarsáid agus le réiteach coinbhleachtaí, chomh maith leis an mbeartas um fhilleadh ar an obair, a chur san áireamh;

41.

Ag tabhairt dá haire go ndearna an Coiste, in 2021, cinneadh athbhreithnithe a ullmhú agus a phlé maidir le nósanna imeachta chun ciapadh síceolaíoch agus gnéasach ag an obair a chosc agus chun déileáil leis (Cinneadh 090/22A) nár glacadh é go dtí mí an Mhárta 2022; ag tabhairt faoi deara gur cuid é sin de phlean gníomhaíochta níos leithne maidir le heitic a glacadh i mí Eanáir 2021, bunaithe ar mholtaí ó mheitheal chomhpháirteach ina bhfuil ionadaithe foirne agus riaracháin; á athdhearbhú gur oth gur glacadh an cinneadh nua sin go mall, cinneadh nach n-áirítear ann, ar an drochuair, nós imeachta sonrach maidir le ciapadh lena mbaineann Feisire agus oifigeach (laistigh den sainmhíniú ar Chinneadh 090/22 A) agus é mar thoradh air sin nach gcuirtear aon nósanna imeachta aonfhoirmeacha chun déileáil le cásanna ciaptha i bhfeidhm, rud a fhágann go gcaitear ar bhealach éagsúil le híospartaigh; á iarraidh ar an gCoiste foráil a dhéanamh láithreach maidir le nós imeachta sonrach lena dtabharfar cosaint chuí agus fhada ar chiapadh do gach duine; á chreidiúint nach gcuirfidh beartas neamhfhulaingthe maidir le ciapadh cosc ar an gCoiste líomhaintí maidir le ciapadh agus mí-iompar tromchúiseach amach anseo;

42.

Ag tabhairt dá haire go ndearna an Coiste, in 2021, 52 oiliúnaí a óstáil ar feadh téarma cúig mhí, ceathrar oiliúnaithe ar feadh téarma trí mhí agus beirt oiliúnaithe a bhí ar dheontais arna ndámhachtain ag comhlachtaí poiblí seachtracha; ag tabhairt dá haire go bhfuair na hoiliúnaithe a raibh téarma cúig mhí acu deontas agus liúntais mhíosúla agus nach raibh na hoiliúnaithe gearrthéarmacha i dteideal aon ranníocaíocht airgeadais; á chur in iúl gur geal léi, tar éis an ghlao ón bParlaimint le linn nós imeachta 2020 um urscaoileadh, go bhfuil machnamh inmheánach fós ar siúl chun a áirithiú go bhfaighidh gach oiliúnaí luach saothair cuibhiúil agus gur dréachtaíodh creat nua lena soiléirítear cearta agus oibleagáidí na n-oiliúnaithe, go bhfuil sé ag dul i gcomhairle faoi láthair le seirbhís dlí an Choiste agus ag a choiste foirne agus go meastar go mbeidh sé i bhfeidhm don chéad seisiún oiliúna eile a gcuirfear tús leis i mí an Mhárta 2023

43.

Ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoiste na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a chomhtháthú ina straitéis um bainistiú inmheánach ó thaobh leanúnachas gnó agus bainistiú géarchéime, freagrúlacht TF, athléimneacht na heagraíochta, dualgas cúraim i leith a foirne, cumarsáid éifeachtach agus próisis sholúbtha oibre, chun stíl bhainistíochta atá dírithe ar thorthaí a fhorbairt lena bhféadfar cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil a spreagadh;

Creat eitice agus trédhearcacht

44.

Á chur in iúl gur geal léi an nuashonrú ar chód iompair an Choiste i mí Eanáir 2021 le smachtbhannaí neartaithe agus le raon feidhme níos leithne, lena mbunaítear sásra níos éifeachtúla chun sáruithe ag comhaltaí a láimhseáil, agus atá ar an eolas faoin athbhreithniú ar a rialacha nós imeachta a lean i mí an Mhárta 2022 á chur in iúl gur mór aici gur glacadh, i mí Eanáir 2021, plean gníomhaíochta mionsonraithe maidir le heitic, atá bunaithe ar mholtaí ó mheitheal chomhpháirteach ina bhfuil ionadaithe foirne agus riaracháin;

45.

Á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an t-iniúchadh inmheánach ar eitic agus ar ionracas arb é is aidhm dó dearbhú réasúnach a thabhairt maidir le hailíniú agus comhlíonadh comhsheasmhach luachanna, prionsabal agus norm eiticiúil comhroinnte chun tacú le leas an phobail agus chun tús áite a thabhairt don leas sin seachas do leasanna príobháideacha; ag athdhearbhú na hiarrata go ndéanfaí iniúchadh seachtrach ar eitic agus trédhearcacht a mheas freisin;

46.

Ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, tar éis theacht i bhfeidhm chinnidh athbhreithnithe ón gCoiste maidir le sceithireacht an 15 Nollaig 2021 (Cinneadh 297/21A), chomh maith leis an gcinneadh athbhreithnithe maidir le nósanna imeachta chun ciapadh síceolaíoch agus gnéasach ag an obair a chosc agus chun déileáil leis (Cinneadh 090/22A), a glacadh an 31 Márta 2022, a dhéanfar an creat dlíthiúil eiticiúil athnuaite a thabhairt chun críche le cinneadh athbhreithnithe lena leagtar síos forálacha ginearálta cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta araíonachta agus maidir le fiosrúcháin riaracháin; ag spreagadh an Choiste chun a áirithiú go mbeidh comhairliúchán lena sheirbhís dlí agus lena oifigeach cosanta sonraí i gceist leis an bpróiseas sin agus go ndéanfar idirphlé lena choiste foirne agus le Coiste um Rialacháin Foirne an Aontais;

47.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil na comhaontuithe socraíochta a bhaineann le cás OC/2018/0666/A1 na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) curtha chun feidhme go hiomlán ar deireadh i leith na mball foirne uile lena mbaineann; á chur in iúl gur oth léi freagairt mhall an Choiste maidir leis na socraíochtaí a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, maidir leis an iarchomhalta den Choiste a shainaithin OLAF mar íospartach mí-iompair thromchúisigh, a thángthas ar chomhaontú, tar éis cainteanna i mí an Mhárta 2021, maidir leis na bealaí chun an tsaincheist a leigheas, ar comhaontú é atá dírithe ar chód iompair an Choiste a neartú, ar an gcreat eitice a neartú, ar thosaíocht a thabhairt do shocruithe córa a aimsiú agus ar leithscéal poiblí a ghabháil le híospartaigh;

48.

Á chur in iúl gur geal léi go ndearna Uachtarán an Choiste, an 13 Aibreán 2022, ráiteas poiblí, a foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Choiste, inar ghabh sí leithscéal oifigiúil thar ceann an Choiste leis na híospartaigh uile, idir chomhaltaí foirne agus an t-iarchomhalta, arna shainaithint i gcás OLAF OC/2018/0666/A1; á chur in iúl arís gur oth léi go bhfuil Ard-Rúnaí an Choiste fós ag diúltú na heasnaimh agus freagrachtaí inmheánacha a admháil, rud is cúis le sárú ar an dualgas cúraim i leith fhoireann an Choiste;

49.

Á chur i bhfios go láidir gur dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais, an 6 Deireadh Fómhair 2022, trína rialú i gCás C-673/21 (2), dlíthiúlacht na mbeart a rinneadh le cinneadh an 9 Meitheamh 2020 ó Bhiúró an Choiste;

50.

Á thabhairt faoi deara gur páirtí sibhialta é an Coiste i gcás dlíthiúil leanúnach arna thionscnamh ag na húdaráis náisiúnta i gcoinne iarchomhalta ar cuireadh mí-iompar ina leith atá os comhair cúirt de chuid na Beilge faoi láthair go dtí go ndéanfar cinneadh inniúil ina leith; á iarraidh ar an gCoiste Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go tráthúil maidir le forbairt an cháis sin;

51.

Á chur in iúl gur oth léi go bhfuil neamhaird á tabhairt go fóill ar iarrataí ríshoiléire na Parlaiminte go ndéanfaí imscrúdú seachtrach agus neamhspleách go sonrach chun athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta an Choiste maidir le hacmhainní daonna agus éifeachtacht na n-acmhainní sin, agus béim á leagan ar fhreagrachtaí an ordlathais riaracháin a shainaithint maidir le haghaidh a thabhairt ar éilimh i dtaobh ciapadh agus ar dhea-bhail na foirne a áirithiú; ag tathant ar an gCoiste gach beart is gá a dhéanamh chun cásanna ciaptha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chosc go héifeachtúil; á chreidiúint go bhfuil sé bunriachtanach dea-bhail na foirne a ráthú agus tuilleadh cásanna a chosc go héifeachtach agus go tapa, amhail an cás atá tarlaithe cheana;

52.

Á chur i bhfios gurb amhlaidh, in 2021, a d’imscrúdaigh OLAF dhá chás a bhain leis an gCoiste a ndearnadh ceann díobh, a osclaíodh in 2019 agus a raibh comhalta den Choiste páirteach iontu, a dhúnadh in 2022 toisc nár shuigh OLAF aon fhianaise ar chalaois nó ar neamhrialtacht lena ndearnadh difear do leasanna airgeadais nó eile an Aontais, agus gurb amhlaidh a dhún OLAF an ceann eile, a bhain freisin le comhalta, in 2021 mar gur thionscain Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) imscrúdú comhthreomhar dlí choiriúil ar na fíorais chéanna; ag sonrú gur dhún OLAF, in 2022, cás eile ó 2020 ina raibh comhalta páirteach toisc gur bhásaigh an duine lena mbaineann idir an dá linn;

53.

Ag sonrú go bhfuil cás amháin, a thuairiscigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa in 2020, fós ar oscailt faoin tráth seo agus go raibh sé beartaithe ag údarás ceapacháin an Choiste a chinneadh críochnaitheach ina leith a dhéanamh faoi dheireadh 2022; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na barúlacha a tugadh ag éisteacht tosaigh an dá pháirtí, gur seoladh fiosrúchán comhlántach chun tuilleadh imscrúdúcháin a dhéanamh ar roinnt pointí agus chun éisteacht le finnéithe breise agus gur tugadh an fiosrúchán sin chun críche roimh shos an tsamhraidh in 2022; á chur in iúl gur oth léi go mór gur ghlac an t-imscrúdú inmheánach sin dhá bhliain go dtí seo gan aon chonclúid chríochnaitheach, agus dá bharr sin go bhfuiltear ag cur isteach go mór ar shaol na ndaoine lena mbaineann agus bac á chur ar a aistriú féideartha chuig OLAF; á iarraidh ar an gCoiste a chinneadh críochnaitheach a chur i gcrích a luaithe is féidir agus an Pharlaimint a chur ar an eolas faoin toradh;

54.

Á chur in iúl gur mór aici toilteanas an Choiste comhoibriú le comhlachtaí imscrúdaitheacha an Aontais (OLAF agus OIPE); ag tabhairt dá haire gur síníodh comhaontú ar leibhéal na seirbhíse maidir le fiosrúcháin riaracháin inmheánacha a dhéanamh le hoifig imscrúdaithe agus araíonachta an Choimisiúin in 2021;

55.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil forálacha sonracha maidir le leasanna airgeadais a dhearbhú agus maidir le coinbhleachtaí leasa ar áireamh i gcód iompair athbhreithnithe an Choiste a tugadh isteach i mí Eanáir 2021; ag tabhairt dá haire gur comhtháthaíodh foráil nua sa chód ar dá réir nach mór do chomhaltaí, toscairí a gcoimisiúin chomhairligh um athrú tionsclaíoch, comhaltaí malartacha agus saineolaithe dearbhú maidir lena leasanna airgeadais a chur faoi bhráid Uachtarán an Choiste ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, agus nach mór an dearbhú sin a thíolacadh arís ar bhonn bliantúil an 1 Eanáir agus, i gcás aon athrú le linn téarma oifige comhalta, a luaithe is féidir ach in aon chás laistigh de dhá mhí; á chur i bhfios go bhfuil forálacha sonracha maidir le doirse imrothlacha i gceist leis an gcód iompair athbhreithnithe agus go bhforáiltear leis gurb amhlaidh, ar feadh tréimhse dhá bhliain tar éis dó nó di scor d’oifig a shealbhú, nach ndéanfaidh iarchomhalta brústocaireacht ar chomhaltaí reatha ná ar bhaill foirne reatha maidir le hábhair a bhfuil poist thábhachtacha acu ina leith nó a bhfuil tuarascálacha á scríobh acu ina leith; á iarraidh go ndéanfaí an fhaisnéis maidir le staid na comhlíontachta i ndáil le dearbhuithe airgeadais agus i ndáil le maoluithe ar an tréimhse mharana araon a fhoilsiú agus a nuashonrú go tréimhsiúil ar a suíomh gréasáin oifigiúil;

56.

Ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go raibh ar gach ball foirne tabhairt faoi oiliúint maidir le heitic in 2021 agus go n-áirítear oiliúint bhreise, níos sonraí inti atá tiomnaithe do bhainisteoirí; ag tabhairt faoi deara go ndearnadh athbhreithniú ar an oiliúint eitice le haghaidh chomhaltaí an Choiste chun í a ailíniú leis an gcód nua iompair agus chun an raon iomlán saincheisteanna eitice a chumhdach; á chur in iúl gur mór aici gur bunaíodh foireann nua comhairleoirí eitice chun an chomhairle is fearr is féidir a chur ar fáil do chomhghleacaithe a théann i gcomhairle leo maidir le ceisteanna eiticiúla, lena n-áirítear rialacha inmheánacha an Choiste maidir le sceithirí a chosaint ar ghníomhaíocht dhiúltach agus a gceart chun fanacht anaithnid, agus chun tacú leo le linn an phróisis, agus go ndéantar faisnéis faoi chomhairleoirí eitice a scaipeadh ar gach duine nua; á chur i bhfios go láidir gur foilsíodh treoir nua d’fhoireann an Choiste maidir le hurraim ag an obair i mí na Bealtaine 2022 agus go bhfuil cairt nua luachanna na foirne á bunú ag an gCoiste freisin;

57.

Ag moladh go láidir don Choiste chun tuilleadh scrúdúcháin a dhéanamh ar a rannpháirtíocht sa Chlár Trédhearcachta Idirinstitiúideach tríd an bpróiseas measúnaithe a seoladh, chun na críche sin, in 2022;

58.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár ghlac an Coiste aon straitéis frithchalaoise go dtí seo; á iarraidh ar an gCoiste anailís inmheánach ar riosca calaoise a sheoladh agus comhordú a dhéanamh le seirbhísí inniúla eile de chuid an Choimisiúin d’fhonn breithniú a dhéanamh ar straitéis inmheánach frithchalaoise leormhaith a ghlacadh;

59.

Á iarraidh go gcuirfí deireadh le húsáid cuideachtaí seachtracha a leanann, de réir rangú Ollscoil Yale (3), de bheith ag feidhmiú sa Rúis;

Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí

60.

Ag tabhairt dá haire go ndearna an Coiste iarrachtaí chun tacú leis an bpróiseas téarnaimh tar éis phaindéim COVID-19, go háirithe chun tairbhe níos mó a bhaint as an digitiú méadaithe, agus gur lean straitéis dhigiteach an Choiste de ghníomhaíochtaí i réimsí na digiteála agus na cibearshlándála a threorú;

61.

Ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 5 400 000 an buiséad tosaigh TF i gcomhair 2021 i gcomparáid le EUR 4 700 000 in 2020, agus, dá bhrí sin, gur raibh méadú EUR 700 000 (15 %) ann; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar thoradh ar leithreasuithe arb ionann iad agus EUR 1 900 000 nár úsáideadh a aistriú chun aghaidh a thabhairt tuilleadh ar an riaráiste in TF a aithníodh i bhfreachnaimh um urscaoileadh roimhe seo, gurbh é EUR 7 300 000 méid deiridh na leithreasuithe le haghaidh TF in 2021 i gcomparáid le EUR 7 500 000 in 2020;

62.

Ag tabhairt dá haire go gcothaíonn an comhaontú nua um chomhar riaracháin le CnaR, a tháinig i bhfeidhm an 1 Samhain 2021, malartú dea-chleachtas digiteach chun dlús a chur lena sheirbhísí TF agus digiteacha;

63.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar líon na gcibearbhagairtí ar bhonneagar TF agus ar bhealaí cumarsáide ar líne an Choiste agus ag tabhairt dá haire go bhfuil aird mhéadaitheach tugtha ag an gCoiste ar chumraíocht an chórais TF a neartú, leochaileachtaí a shainaithint i gcomhar leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU), feasacht ar chibearshlándáil na gcomhaltaí agus na foirne a ardú agus ardphrótacal fíordheimhniúcháin líonra ríomhaireachta a ghlacadh á iarraidh ar an gCoiste leanúint d’aird a thabhairt ar ábhair chibearshlándála, go háirithe toisc gur tháinig méadú suntasach ar líon na gcibearionsaithe tromchúiseacha le blianta beaga anuas, rud a fhágann go bhfuil institiúidí an Aontais tarraingteach do na hionsaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann ag spreagadh an Choiste measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bhonneagar TF agus iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a chibearchosaintí a áirithiú;

64.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil an Coiste ag baint úsáid as teicneolaíocht foinse oscailte agus, in 2021, gur úsáideadh líon méadaitheach leabharlann agus creataí foinse oscailte i gcórais faisnéise an Choiste; á chur i bhfios go láidir go bhforáiltear i straitéis dhigiteach an Choiste don ascnamh ón bhfeidhmchlár ríomhphoist reatha ar an láthair go feidhmchlár atá á óstáil sa néal mar chuid d’fhorbairt timpeallachta néalríomhaireachta hibridí;

65.

Ag tabhairt sí dá haire go bhfuil formhór chórais theicniúla an Choiste á n-óstáil go hinmheánach agus á mbainistiú ag baill foirne inmheánacha agus, ag an am céanna, go ndéantar rialú agus úinéireacht na gcóras seachfhoinsithe a choinneáil agus a áirithiú ar an leibhéal conarthach agus go ndéantar iad a chomhlánú le bearta eagraíochtúla agus teicniúla lena n-áirítear freachnaimh um thionchar ar chosaint sonraí agus freachnaimh measúnúcháin riosca a leanann na dea-chleachtais uile-earnála;

Foirgnimh agus slándáil

66.

Á mheabhrú, tar éis fheidhmiú na roghanna ceannaigh ar fhoirgneamh JDE in 2018 agus ar fhoirgnimh BvS agus REM in 2019, go ndearnadh úinéirí na bhfoirgneamh sin den Choiste agus de CnaR araon; ag tabhairt dá haire go bhfuil na foirgnimh ar Trèves 74 (TR74) agus ar Belliard 68 (B68-72) faoi léas airgeadais fadtéarmach; ag tabhairt dá haire gur fhormheas an t-údarás buiséadach, an 10 Bealtaine 2021, glacadh an chonartha cíosa, amhail i mí Mheán Fómhair 2021, ag an gCoiste agus ag CnaR Choiste Eorpach na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) ar Belliard 100 (B100), agus gur aistríodh foirgnimh TR74 agus B68-72 chuig an gCoimisiún i mí Mheán Fómhair 2022 mar chuid de mhalartú fhoirgneamh VanMaerlant (VMA)

67.

Á chur in iúl gurb eol di gur tháinig laghdú suntasach ar an spás oifige don Choiste agus do CnaR mar thoradh ar an malartú foirgneamh, caillteanas thart ar 10 000 m2; ag tabhairt dá haire gur síníodh comhaontú riaracháin le SEGS maidir le táthcheangal an chonartha cíosa d’fhoirgneamh B100 ón 1 Meán Fómhair 2021 chun an laghdú sin ar an spás oifige a chúiteamh go páirteach agus gurb é an toradh deiridh, tar éis an chomhaontaithe sin, laghdú tuairim is 5 000 m2 ar an spás oifige i gcomparáid leis an staid ag tús 2021;

68.

Ag admháil gur saothraíodh an chuid is tábhachtaí den straitéis foirgneamh um chomhchruinniú geografach le malartú fhoirgnimh TR74 agus B68 ar fhoirgneamh VMA; á chur in iúl go dtuigeann sí go n-éilítear leis an malartú foirgneamh a dhéantar idirghabháil bhreise chun timpeallacht oibre oiriúnach a chur ar fáil do na tionóntaí nua, agus gur formheasadh oibreacha athfheistiúcháin agus athchóiriúcháin i mí an Mheithimh 2021, d’fhonn leagan amach níos solúbtha spásanna oifige a lamháil ionas gur féidir iad a chur in oiriúint go héasca do chineálacha nua oibre, chomh maith le teorainn bhreise a chur le tomhaltas fuinnimh agus uisce, a bheidh le maoiniú trí aistriú fuílleach;

69.

Ag tabhairt dá haire, i gcás na n-oibreacha tábhachtacha athchóirithe a rinneadh in 2021 i gcomhar le Coiste Eorpach na Réigiún, gur leithdháileadh EUR 4 925 895 in 2021 ar an líne bhuiséid chomhfhreagrach ‘Feistiú áitribh’ in 2021, i gcomparáid le EUR 1 121 655 agus EUR 594 061 in 2020 agus 2019 faoi seach;

Comhshaol agus inbhuanaitheacht

70.

Á chur in iúl gur geal léi na héachtaí dearfacha comhshaoil in 2021, a mhéid a bhaineann le tomhaltas leictreachais, uisce agus páipéir (laghduithe 2,1 %, 14,3 % agus 55 % faoi seach i gcomparáid le 2020); ag tabhairt dá haire gur suiteáladh grianphainéil ar dhá fhoirgneamh de chuid an Choiste agus CnaR agus ag cur in iúl go dtuigtear di go bhfuil tuilleadh anailíse á déanamh arb aidhm di an tsuiteáil grianphainéal a leathnú, ar leathnú é is dócha a tharlóidh in 2023;

71.

Á thabhairt chun suntais go n-úsáideann 69,6 % d’fhoireann an Choiste modhanna iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol; ag cur sonrú sa bheartas soghluaisteachta atá i bhfeidhm, lena gcuirtear chun cinn úsáid modhanna taistil inbhuanaithe le haghaidh comaitéireachta, lena n-áirítear ranníocaíocht airgeadais le ticéid iompair phoiblí agus ranníocaíocht mhíosúil do rothaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil rothair seirbhíse ar fáil chomh maith le luchtairí i gcomhair carranna seirbhíse leictreacha;

72.

Á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh nuálach maidir le misin astaíochtaí ísle a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2021, arb é is aidhm dó baill foirne atá ag dul ar mhisin a spreagadh chun modhanna iompair nach bhfuil chomh truaillitheach céanna a roghnú (traein, bus, etc.) agus rud a chiallaíonn go molann an ghníomhaireacht taistil roghanna taistil in ord ardaitheach na n-astaíochtaí CO2 a ghintear;

Comhar idirinstitiúideach

73.

Á chreidiúint gur uirlis thábhachtach bhainistíochta iad an comhar riaracháin agus an taighde ar shineirgí le hinstitiúidí eile i gcás institiúid bheag ar nós an Choiste;

74.

Á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoin gcomhar le CnaR trí na seirbhísí comhpháirteacha ina ndéanann an dá choiste 460 comhalta foirne (a mbaineann thart ar 290 díobh leis an gCoiste) agus níos mó ná EUR 55 mhilliún in aghaidh na bliana (a dtagann níos mó ná EUR 30 milliún de ón gCoiste) a chomhthiomsú le chéile; á admháil gur neartaíodh rialachas an chomhair agus na sásraí rialaithe leis an gcomhaontú um chomhar riaracháin atá ann faoi láthair idir an Coiste agus CnaR, a tháinig i bhfeidhm an 1 Samhain 2021 agus a mhairfidh cúig bliana, agus gur léiriú athnuaite é ar an toil chun acmhainní a chomhroinnt go héifeachtúil agus chun sineirgí a chruthú; ag tabhairt dá haire go n-áirítear sa chomhaontú um chomhar riaracháin atá ann faoi láthair stiúrthóireacht a chruthú don nuálaíocht agus don teicneolaíocht faisnéise agus, laistigh de na seirbhísí comhpháirteacha atá ann cheana, aonad láraithe soláthair phoiblí agus bainistíochta airgeadais agus sainghrúpa soláthair a bhunú;

75.

Ag tabhairt faoi deara go ndéanann an Coiste líon áirithe seirbhísí a sheachfhoinsiú chuig institiúidí eile, chuig an gCoimisiún go háirithe, trí chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse le seirbhísí éagsúla de chuid na hinstitiúide sin (Oifig an Phámháistir agus Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, an Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus an Ard-Stiúrthóireacht um Dhigitiú) chun eochairuirlisí bogearraí a sholáthar; ag tabhairt dá haire gur cuireadh comhaontuithe sonracha ad hoc i gcrích leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún chun déileáil le roinnt gnéithe de phaindéim COVID-19; ag tabhairt faoi deara go mbaineann an Coiste tairbhe freisin as rannpháirtíocht i nósanna imeachta tairisceana idirinstitiúideacha faoi stiúir an Choimisiúin nó na Parlaiminte i réimsí na teicneolaíochta faisnéise, an taistil chorparáidigh, an árachais, an iompair, an léasúcháin feithiclí, agus an trealaimh closamhairc;

76.

Ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús in 2021 leis an gcaibidlíocht d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar an bprótacal comhair leis an gCoimisiún.

Cumarsáid

77.

Ag tabhairt dá haire gur tuairim is EUR 1,5 milliún a bhí sa bhuiséad a sannadh don chumarsáid in 2021, agus go raibh sé tiomnaithe den chuid is mó do ghníomhaíochtaí ar líne a bhí dírithe ar spriocghrúpaí sonracha (eagraíochtaí sochaí sibhialta agus institiúidí an Aontais), lena n-áirítear caidreamh leis an bpreas agus leis na meáin, ócáidí agus gníomhaíochtaí for-rochtana a eagrú, agus an chumarsáid ar líne agus cuairteanna ar an gCoiste a fheabhsú;

78.

Ag tabhairt faoi deara, sa dara seimeastar de 2021, gur thosaigh an Coiste ag obair ar a straitéis cumarsáide seachtraí arb é is aidhm di cáilíocht, for-rochtain agus tionchar a chumarsáide a fheabhsú; ag tabhairt dá haire gur chinn coimisiún cumarsáide an Choiste, mar thosaíocht uileghabhálach, íomhá, tionchar agus rialachas a fheabhsú agus an chumarsáid a chomhtháthú ar shlí níos fearr san obair reachtach; ag tabhairt faoi deara gurb amhlaidh, chun na críche sin, a rinne an Coiste a chumarsáid a chuíchóiriú le linn na gcruinnithe iomlánacha agus timpeall orthu chun a áirithiú go gcuirtear gach tuairim in iúl don spriocghrúpa ceart, leis na huirlisí is iomchuí atá ar fáil agus ag an am is iomchuí; ag spreagadh an Choiste creat cumarsáide cuimsitheach a ghlacadh lena gcomhtháthófar na ceachtanna a foghlaimíodh ó dhá bhliain COVID-19 chun go n-ullmhófar iad le haghaidh imeachtaí suaiteacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus chun leanúnachas gnó a áirithiú;

79.

Ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici go bhfuil an Coiste ina bhall de mheitheal na meán sóisialta den Choiste Idirinstitiúideach um Chumarsáid ar Líne, agus go raibh sé rannpháirteach sna pléití maidir leis an gcéim phíolótach a ghabhann le dhá ardán meán sóisialta, EU Voice agus EU Video, a rannchuidíonn le straitéis an Aontais don cheannasacht sonraí agus dhigiteach; ag tabhairt faoi deara gur cuid de líonraí meán sóisialta díláraithe, saor in aisce agus foinse oscailte iad an dá ardán lena nasctar úsáideoirí i dtimpeallacht atá dírithe ar phríobháideachas agus atá saor ó fhógraíocht;

80.

Ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoiste a iarrachtaí cumarsáide a neartú chun an nasc leis na saoránaigh a neartú trí bhreis trédhearcachta ina chuid oibríochtaí a fhormhuiniú, trí úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a threisiú agus trí straitéis chumarsáide a shaothrú lena bhféadfar tuiscint agus tuiscint cheart a fháil ar ról an Choiste agus ar an gcaoi a luíonn sé le fís an Aontais.

(1)  Cinneadh 2013/471/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a gcomhaltaí malartacha agus maidir le haisíocaíocht speansas taistil na gcomhaltaí sin (IO L 253, 25.9.2013, lch. 22).

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2022, KN v Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, C-673/21, ECLI:EU:C:2022:759.

(3)  https://som.yale.edu/story/2022/over-1000-companies-have-curtailed-operations-russia-some-remain


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/136


CINNEADH (AE) 2023/1833 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VII – Coiste Eorpach na Réigiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0232/2022) (2),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Choiste Eorpach na Réigiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna soláthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0080/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí Choiste Eorpach na Réigiún i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Choiste na Réigiún don bhliain airgeadais 2021;

2.

Ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Coiste Eorpach na Réigiún, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(4)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(5)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/137


RÚN (AE) 2023/1834 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VII – Coiste Eorpach na Réigiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VII – Coiste Eorpach na Réigiún,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0080/2023),

A.

de bhrí gur tionól polaitiúil é Coiste na Réigiún (an ‘Coiste’) ina bhfuil 329 gcomhalta arna dtoghadh ó réigiúin, ó chathracha, ó shráidbhailte agus ó bhardais na 27 mBallstát, agus é ag feidhmiú mar chomhlacht comhairleach d’institiúidí an Aontais, agus é de mhisean aige rannchuidiú le próiseas múnlaithe beartais agus cinnteoireachta an Aontais ó thaobh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach de, agus ag an am céanna rannchuidiú leis an Aontas a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos gaire do na saoránaigh;

B.

de bhrí go bhfuil sé éigeantach go rachadh an Coimisiún nó an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoiste i gcásanna áirithe, agus gur féidir leis an gCoiste tuairimí a ghlacadh freisin ar a thionscnamh féin ag baint tairbhe as réimse leathan tarchuir, mar a leagtar amach sna Conarthaí, lena gceadaítear don Pharlaimint dul i gcomhairle leis;

C.

de bhrí go sainítear gníomhaíochtaí an Choiste ar bhonn a straitéise polaitiúla foriomlán mar a leagtar amach ina rún an 2 Iúil 2020 maidir lena thosaíochtaí do 2020-2025 (1), agus de bhrí gur ghlac an Coiste trí thosaíocht pholaitiúla do shainordú 2020-2025, mar aon le trí fheachtas chumarsáide: An Eoraip a thabhairt níos gaire do dhaoine, pobail réigiúnacha agus áitiúla athléimneacha a thógáil agus comhtháthú a chur chun cinn mar bhunluach de chuid an Aontais;

D.

de bhrí gurb ionann na riaracháin áitiúla agus réigiúnacha agus aon trian den chaiteachas poiblí, leath na hinfheistíochta poiblí agus an ceathrú cuid d’ioncam cánach agus, i roinnt mhaith Ballstát, go bhfuil inniúlachtaí acu i bpríomhréimsí amhail oideachas, forbairt eacnamaíoch agus comhtháthú, an comhshaol, cosaint shóisialta, sláinte agus seirbhísí leasa ghinearálta, agus dá bhrí sin méadaítear dlisteanacht na reachtaíochta trí chomhordú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach, feabhsaítear úinéireacht agus saothraítear leas na saoránach ar bhealach níos éifeachtaí;

E.

de bhrí go saothraíonn an Coiste a sprioc pholaitiúil chun a rannpháirtíocht i dtimthriall polaitiúil agus reachtach iomlán an Aontais a neartú agus, ag an am céanna, an nasc le saoránaigh an Aontais a dhéanamh níos inláimhsithe trí úsáid a bhaint as comhaltaí an Choiste mar iolraitheoirí cumhachtacha ina bpobail agus ina gcomhlachais náisiúnta d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha;

F.

de bhrí gur shainaithin an Coiste naoi dtionscnamh shuaitheanta agus rinneadh obair leantach maidir leo in 2021 chun a ghníomhaíocht a dhéanamh níos straitéisí agus níos láidre ó thaobh tionchair de: (1) An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (2) freagairt ar COVID-19 a bhaineann leis an tsláinte,(3) An Plean Gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, (4) Comhshocrú CoR4Climate, (4) Todhchaí an chomhair trasteorann, (6) An Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Lánpháirtíocht, (7) An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, (8) An Fhís fhadtéarmach do na Limistéir Thuaithe, agus (9) Buiséad CnaR Straitéisigh – cion cothrom de na hacmhainní a áirithiú don Choiste;

G.

de bhrí go gcuimsíonn Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lena rialaítear beartas comhtháthaithe agus cistiú an Aontais idir 2021 agus 2027, agus a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil 2021, go gcuimsíonn sé tagairtí do phrionsabal na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil, arna thacú ag an gCoiste agus ag an bParlaimint agus lena mbaineann rannpháirtíocht na réigiún;

H.

de bhrí go gcuirfidh os cionn ceithre chéad chlár náisiúnta agus réigiúnach, atá i bhfeidhm chun beartas comhtháthaithe an Aontais a sheachadadh i gclárthréimhse 2021-2027, thart ar EUR 380 billiún ar fáil, faoi chistí éagsúla, chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil atá os comhair réigiúin agus chathracha an Aontais;

I.

de bhrí, ar an 13 Feabhra 2021, gur tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena mbunaítear Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais, i bhfeidhm, lena soláthraítear an bunús dlí chun cistí agus iasachtaí suas le EUR 672,5 billiún (i bpraghsanna 2018) a dháileadh ar na Ballstáit idir 2021 agus 2026 agus lena dtacaítear, i measc nithe eile, le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí idir réigiúin an Aontais;

J.

de bhrí, mar institiúid de chuid an Aontais de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais, go gceanglaítear ar an gCoiste a chuntais bhliantúla féin a ghlacadh, arna n-ullmhú i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin (Rialacha Cuntasaíochta an Aontais Eorpaigh) bunaithe ar Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí a chomhdhlúthaítear ar deireadh le cinn an Aontais

K.

de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar an tábhacht ar leith a bhaineann le dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus dea-rialachas acmhainní daonna a chur chun feidhme;

1.

ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad an Choiste faoi cheannteideal 7 CAI, ‘riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 10,7 billiún san iomlán in 2021 (is é sin 5,9 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais);

2.

ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021 a sampla d’idirbhearta faoi Riarachán ó 48 in 2020 go 60 in 2021;

3.

ag tabhairt dá haire go luann an Chúirt go léirítear leis an obair a rinneadh thar roinnt mhaith blianta go mbaineann ceannteideal 7 CAI le caiteachas foriomlán íseal-riosca; ag tabhairt dá haire, áfach, nach gcuirtear aon fhaisnéis ábhartha ar fáil maidir leis an gCoiste sa Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021 agus á iarraidh ar an gCúirt sonraí cuimsitheacha maidir le cur i gcrích na gceanglas uile is gá le haghaidh nós imeachta um urscaoileadh comhsheasmhach a áireamh ina chéad tuarascálacha bliantúla eile;

4.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di nár shainaithin an Chúirt aon saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an gCoiste sa Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

5.

ag tabhairt dá haire gurb é EUR 106 740 880 buiséad deiridh an Choiste do 2021, ar méadú beag é de 515 % i gcomparáid le EUR 101 508 480 in 2020 agus EUR 98 751 065 in 2019; ag tabhairt faoi deara, mar a léiríodh i rún maidir le hurscaoileadh na bliana seo caite, gurb iad na línte buiséid ba thábhachtaí na línte maidir le luach saothair agus liúntais, agus, ina dhiaidh sin, cíos agus léasú foirgneamh, trealamh agus bogearraí TF, agus liúntais ina dhiaidh sin, freastal ar chruinnithe agus seirbhísí gaolmhara caiteachais agus ateangaireachta;

6.

ag cur sonrú i gcur chun feidhme ardbhuiséad 98.9 %, i gcomparáid le 92,7 % in 2020, níos gaire do na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim in 2019 agus 2018 ag 99,6 % agus 99,3 % faoi seach, agus go raibh an ráta íocaíochta an 31 Nollaig 2021 85.1 %, ag feabhsú ó 82,4 % in 2020 ach fós níos ísle ná 88.8 % agus 91 % faoi seach in 2019 agus 2018; á chur i bhfios go láidir gurbh é 16.11 lá an meán-am íocaíochta in 2021, a bhí ina fheabhsú ar an meán-am in 2020 (17.21 lá) agus 2019 (17.23 lá); ag tabhairt dá haire nach bhfuil úsáid na sonrasc leictreonach sásúil fós, arb ionann é agus 32 % de na sonraisc uile in 2021, arb ionann é agus méadú i gcomparáid le 29 % in 2020, ach laghdú i gcomparáid le 33 % in 2019;

7.

ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú ar íocaíochtaí ó 2020 go 2021, dhá bhliain de phaindéim COVID-19, a bhaineann leis an leibhéal méadaithe gníomhaíochtaí a rinneadh in 2021, nuair a cheadaigh infheistíocht bhreise in earnáil TF úsáid níos forleithne a bhaint as saoráidí físchomhdhála le haghaidh cruinnithe fíorúla agus hibrideacha (i gcomparáid le 2020), agus ar an gcaoi sin lenar seachnaíodh imeachtaí a chur ar ceal nó a chur ar atráth in ainneoin go raibh na srianta a forchuireadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19 fós i bhfeidhm;

8.

ag tabhairt le fios gur tugadh barrachas EUR 11 198 492 anonn ó 2021 go 2022, barrachas beagán níos lú ná in 2020 agus i bhfad níos airde ná in 2019 (nuair a tugadh EUR 11 708 078 agus EUR 8 874 776 anonn faoi seach); ag tabhairt faoi deara nár gealladh EUR 1,1 milliún ag deireadh 2021 agus, dá bhrí sin, gur tugadh ar ais do bhuiséad an Aontais é, rud atá i bhfad níos lú ná mar a bhí in 2020, áit nár gealladh fós thart ar EUR 7,4 milliún, rud a d’fhág go raibh an figiúr reatha níos gaire do na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim (in EUR 2 019 0,4 milliún nár gealladh); ag moladh don Choiste leanúint d’fheabhas a chur ar fhaireachán agus ar bhainistiú na leithreasuithe atá ar fáil;

9.

ag tabhairt dá haire, in 2021, go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar ghníomhaíocht an Choiste, rud a chiallaíonn go raibh laghdú ar úsáid leithreasuithe le haghaidh línte buiséid áirithe (liúntais chruinnithe agus taistil agus chothaithe, ateangaireachta, misin agus costais reatha tógála), agus i gcás eile, go raibh gá le caiteachas breise de bharr na géarchéime sláinte (seirbhísí leighis agus tionscadail TF agus físchomhdhála); ag tabhairt faoi deara, dá réir sin, gurb ionann coigilteas measta agus níos mó ná EUR 8 milliún, i gcomparáid le coigilteas EUR 11 milliún sa bhliain airgeadais 2020;

10.

ag tabhairt le fios, chun an úsáid is fearr a bhaint as leithreasuithe, go ndearna an Coiste aistrithe buiséid arb ionann iad agus EUR 8,7 milliún san iomlán in 2021 (8,2 %), i gcomparáid le EUR 6,6 milliún in 2020 (6,5 %), agus gur ó na réimsí ina ndearnadh coigilteas suntasach chuig na réimsí a raibh gá le hathneartú (TF, cumarsáid agus saineolas seachtrach) a bhí na haistrithe sin den chuid is mó; á chur i bhfios go láidir gur ullmhaigh an Coiste seacht n-aistriú leithreasuithe seachtracha agus gur fhormheas an t-údarás buiséid iad in 2021; ag tabhairt faoi deara nach raibh aistriú fuílleach sonrach amháin ag an gCoiste ag deireadh na bliana;

11.

á chur in iúl gur eol di go n-eagraítear nósanna imeachta tairisceana, a bhaineann leis an gCoiste, ag a sheirbhísí féin nó thar ceann an Choiste ag na comhsheirbhísí arna gcomhroinnt ag an gCoiste agus ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (‘CESE’); ag tabhairt faoi deara, i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, gur láimhseáil seirbhísí an Choiste féin in 2021 líon nósanna imeachta oscailte ardluacha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, rud a d’fhág gur síníodh líon níos mó ná riamh de chreatchonarthaí ilbhliantúla le linn na bliana sin; ag tabhairt le fios, sa tréimhse chéanna, mar gheall ar ghéarchéim phaindéim COVID-19, go raibh líon na nósanna imeachta idirbheartaíochta ar luach íseal agus meánluach a bhaineann le heagrú gníomhaíochtaí nó imeachtaí fós níos ísle ná mar is gnách agus gur ghá thart ar leath de na nósanna imeachta dá bhforáiltear i gclár oibre 2021 a chur ar ceal; ag tabhairt dá haire go raibh baint ag na nósanna imeachta lena mbaineann le coimisiúin phleanáilte agus cruinnithe grúpa pholaitiúil a chuaigh ó fhormáid hibrideach go formáid atá go hiomlán cianda;

Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach

12.

ag tuiscint go raibh baint ag na príomhdhúshláin a bhí roimh an gCoiste in 2021 leis an ngá atá ann dul in oiriúint go hiomlán do na himthosca nua a tháinig chun cinn mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus gur áiríodh sa staid sin easpa forleathan acmhainní agus an gá atá le hacmhainní TF a oiriúnú chun tacú leis an bpróiseas digiteála; ag aithint iarrachtaí comhchoiteanna na bpáirtithe uile lena mbaineann lenar ceadaíodh tacaíocht leanúnach a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí polaitiúla an Choiste, lena n-áirithítear gur leanadh de ghníomhaíochtaí a dhéanamh trí chianchruinnithe agus trí ardáin chumarsáide amhail Agora agus KIKLOS, agus sláinte agus sábháilteacht chomhaltaí agus fhoireann an Choiste á ráthú ag an am céanna; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh sraith tascfhórsaí a bhfuil sé de chúram orthu dul i ngleic le saincheisteanna tras-seirbhíse, amhail an gá atá le próisis an Choiste a shimpliú, le pleanáil straitéiseach a threisiú agus leis na nósanna imeachta a dhigitiú;

13.

ag tabhairt dá haire go leanann an Coiste dá mhisean trí thuairimí, ina dtagraítear do thograí reachtacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún (tarchuir), agus tuairimí féintionscnaimh, ina n-iarrtar ar institiúidí an Aontais gníomhaíocht a dhéanamh, agus gur féidir seasaimh an Choiste a thabhairt chun suntais i rúin; á thabhairt faoi deara gur ghlac an Coiste, in 2021, tarchuir, tuairimí ar a thionscnamh féin agus tuairimí bunaithe ar dhoiciméid agus rúin de chuid an Aontais maidir le 69 ndoiciméad ar an iomlán, i gcomparáid le 56 agus 55 a glacadh in 2020 agus in 2019; ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Coiste staidéir agus tuarascálacha ar shaincheisteanna ar leith, amhail an dara heagrán de thuarascáil Bharaiméadar réigiúnach agus áitiúil AE maidir le staid réigiúin agus cathracha an Aontais agus for-rochtain chuig breis is milliún polaiteoir tofa réigiúnach agus áitiúil tríd an bhfeachtas “Comhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla” ó Choiste na Réigiún, a rinne comhordú ar líonraí amhail líonra RegHub 2.0 mar chuid den Ardán "Réidh don Todhchaí” don rialáil níos fearr, agus gur reáchtáil sé breis is 200 comhdháil agus imeacht agus é ag cur a chuid oibre in iúl trí bhealaí agus uirlisí ábhartha;

14.

ag tabhairt dá haire, in 2021, tar éis na chéad bhliana dá shainordú 2020-2025 a raibh tionchar mór ag paindéim COVID-19 air, gur tháinig an Coiste le chéile sé huaire i seisiún iomlánach (trí chian agus trí cinn hibrideacha);

15.

á thabhairt dá haire go ndearna comhaltaí an Choiste idirghabháil in 2021 i 42 chruinniú de choistí na Parlaiminte (i gcomparáid le 14 in 2020 agus 13 in 2019), go ndearna Feisirí na Parlaimint idirghabháil i 58 gcruinniú iomlánacha nó cruinniú coimisiúin de chuid an Choiste (i gcomparáid le 46 chruinniú in 2020 agus 62 chruinniú in 2019) agus go bhfuil líon na rannpháirtíochtaí ón gCoiste in imeachtaí Uachtaránacht na Comhairle cobhsaí go mór thar na blianta (20 in 2021, 15 in 2020 agus 22 in 2019);

16.

á chur in iúl gur geal léi an anailís chost-éifeachtúlachta ar chóras pleanála agus tuairiscithe agus rialaithe inmheánaigh an Choiste a rinneadh in 2021, ina ndearnadh athbhreithniú ar an timpeallacht riaracháin go léir, próisis a chuíchóiriú, a shimpliú, a dhigitiú agus leas a bhaint as na sineirgí idir na hionstraimí éagsúla trí chóineasú tionscadal; ag tabhairt dá haire, i mí an Mhárta 2021, gur fhormheas Biúró an Choiste an nóta coincheapa don anailís, sna míonna ina dhiaidh sin gur cuireadh tús le hoiriúnú gach ceann de na hionstraimí, agus faoi mhí na Nollag 2021 go raibh an anailís déanta ar an mbeartas leanúnachais gnó agus ar an modheolaíocht bainistithe riosca;

17.

á chur in iúl gur mór aici an t-athbhreithniú agus an simpliú a rinneadh ar roinnt de na próisis rialaithe inmheánaigh, amhail bainistiú gníomhaithe airgeadais a rinneadh in 2021; á chur i bhfios gur cuíchóiríodh samhail rialachais TF freisin chun acmhainní teoranta TF a leithdháileadh ar bhealach níos fearr;

18.

á chur in iúl gur geal léi na bearta a glacadh in 2021 i gcomhthéacs an tionscnaimh ‘Going for impact!’, arb é is aidhm dó an Coiste a dhéanamh níos costéifeachtaí agus a thionchar polaitiúil a mhéadú; ag cur sonrú san iliomad tionscadal, amhail an tionscadal cóineasaithe, arb é is aidhm dó an creat riaracháin a shimpliú, agus ar an gcaoi sin forluí a laghdú agus sineirgí a fheabhsú idir ionstraimí éagsúla a bhaineann le pleanáil agus tuairisciú, bainistiú riosca, tuairisciú tionchair agus leanúnachas gnó, agus roinnt próiseas maidir le caighdeáin rialaithe inmheánaigh; ag tacú leis an iliomad (55) tionscadal simpliúcháin arna sainiú agus arna seoladh ar leibhéal stiúrthóireachtaí éagsúla an Choiste, beagnach leath díobh tugtha chun críche go hiomlán in 2021 (26) agus cuóta mór eile (25) a tugadh chun críche;

19.

á chur in iúl gur mór aici go raibh 18 n-ionadaí ón gCoiste agus 12 pholaiteoir a toghadh go háitiúil agus go réigiúnach san áireamh i seisiún iomlánach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (“COFE”), ar a raibh 449 dtoscaire, ós rud é nach raibh ach ceathrar ionadaithe ón gCoiste sa chéad líon a moladh agus gur méadaíodh an líon sin tar éis togra ón gCoiste; á thabhairt dá haire gur chuir an rannpháirtíocht shuntasach sin, i gcomhthéacs COFE, ar chumas an Choiste 6 imeacht ardleibhéil, 60 imeacht áitiúil, 63 imeacht ag seachtain Eorpach Réigiún agus Chathracha an Aontais agus 7 n-imeacht do Chlár na bPolaiteoirí Óga Tofa a eagrú, agus teagmháil a dhéanamh le níos mó ná 10 000 saoránach, polaiteoirí áitiúla agus geallsealbhóirí; á chur i bhfios go láidir gur thíolaic an Coiste 44 smaoineamh in ardán digiteach ilteangach COFE le príomhtheachtaireachtaí ó thuairimí a glacadh i gcomhthéacs naoi bpríomhábhar COFE agus gur féidir teacht ar go leor de na tuairimí a nochtadh sna smaointe sin freisin i dtuarascáil COFE maidir leis an toradh deiridh; á mholadh don Choiste, thairis sin, cabhrú lena chomhaltaí chun rannpháirt a ghlacadh in idirphlé áitiúil le saoránaigh maidir le hábhair Eorpacha;

20.

á chur i bhfios go láidir, ina Thuarascáil maidir leis an toradh deiridh, go n-iarrtar i seisiún iomlánach COFE ina 40ú togra, beart 3, go ndéanfaí an Coiste a athchóiriú chun bealaí leordhóthanacha idirphlé a chruthú do réigiúin agus do chathracha agus do bhardais, agus ról feabhsaithe a thabhairt dó san ailtireacht institiúideach, má bhaineann ábhair a bhfuil tionchar críochach leo’;

21.

á chur in iúl gur geal léi gur seoladh, i mí an Mhárta 2021, glúin nua Líonra na Mol Réigiúnach (RegHub 2.0) de chuid an Choiste, atá mar chuid de ‘ionstraimí rialála níos fearr’ an Choiste, ag comhaireamh níos mó ná 50 comhalta agus breathnóirí agus údaráis agus comhlachtaí áitiúla agus réigiúnacha ó 21 Bhallstát, a bhfuil sé de chúram orthu faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme bheartais an Aontais ar an láthair agus a áirithiú go gcuirfear tuairimí na ngeallsealbhóirí réigiúnacha agus áitiúla san áireamh nuair a dhéanfar meastóireacht ar na beartais sin ar an leibhéal Eorpach; á thabhairt dá haire go bhfuil RegHub 2.0 ina fhoghrúpa d’ardán an Choimisiúin ‘Réidh don Todhchaí’ (F4F), grúpa saineolaithe ardleibhéil a dhéanann measúnú ar bheartais an Aontais atá ann cheana agus a eisíonn tuairimí maidir le conas na beartais sin a oiriúnú níos fearr do dhúshláin a bheidh ann amach anseo, agus rannchuidigh sé le ceithre thuairim F4F in 2021, agus trí cinn díobh sin arna ndréachtú ag duine d’ionadaithe an Choiste laistigh d’ardán F4F;

22.

Ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go bhfuil ardáin, líonraí agus uirlisí éagsúla á n-oibriú ag an gCoiste arb é is aidhm dóibh tacú leis an timthriall polaitiúil, lena n-áirítear an Chomhghuaillíocht um Chomhtháthú, Comhghuaillíocht na Réigiún Feithicleach, Grúpáil Eorpach um Chomhar Críochach, Réigiún Fiontraíochta Eorpach, Ardán um Malartú Eolais, Ardán Leathanbhanda, Meitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil, Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh, Ardán COVID, Grúpa Teagmhála idir Coiste Eorpach na Réigiún agus an Ríocht Aontaithe, Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht, Cúnant na Méaraí, Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Caillteanas Bia agus Cur Amú Bia, Príomhchathair Eorpach na Turasóireachta Chliste agus na Réigiún um Bitheolaíocht agus Dámhachtainí Orgánacha Eorpacha, agus go bhfuil sé rannpháirteach go gníomhach freisin i líonraí arna mbunú ag institiúidí eile de chuid an Aontais, amhail ardán Choimisiún F4F agus Líonra na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hImircigh a Lánpháirtiú;

23.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gurbh iad tosaíochtaí polaitiúla an Choiste dá shainordú 2020-2025 na treoirphrionsabail, agus go raibh trí fheachtas chumarsáide ag gabháil leis na tosaíochtaí sin, ceann amháin maidir leis an Eoraip a thabhairt níos gaire dá pobal, ceann eile maidir le tuiscint a fháil ar an gclaochlú sochaíoch a eascraíonn as dúshláin dhigiteacha, chomhshaoil agus dhéimeagrafacha agus freagairt dóibh, agus an tríú ceann maidir le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach mar luach bunúsach lena n-áirithítear go bhfuil an tAontas ag freastal ar a pobal; á chur i bhfios, chun na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme, gur tógadh caidrimh láidre oibre le Feisirí na Parlaiminte agus le coistí ábhartha na Parlaiminte agus le Coimisinéirí Eorpacha agus le seirbhísí téamacha an Choimisiúin (DGanna);

24.

ag cur sonrú i rannchuidithe tábhachtacha an Choiste a soláthraíodh le dréachtú Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) lenar bunaíodh Cúlchiste Coigeartaithe Brexit agus lenar soláthraíodh an bunús dlí do chlár EUR 5,4 billiún a leathadh amach sa tréimhse 2021-2023 chun cabhrú le réigiúin déileáil le hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas;

25.

á chur i bhfios go bhfuil ról lárnach ag an gCoiste i ndearadh agus i gcur chun feidhme na misean i gclár Fís Eorpach tríd an EUR 1,5 billiún dá bhforáiltear do na misin sin a ailíniú go dlúth leis an EUR 30 billiún arna sholáthar faoi na cistí struchtúracha chun straitéisí nuálaíochta réigiúnacha a chur chun feidhme; á thuiscint go dtugann na misin sin aghaidh ar dhúshláin bheartais thábhachtacha agus go leagtar síos cuspóirí atá le baint amach faoi 2030, amhail 150 réigiún agus pobal a dhéanamh aeráid-díonach, 100 cathair atá aeráidneodrach agus cliste a bhunú agus 100 saotharlann bheo a chruthú chun an t-aistriú chuig ithreacha sláintiúla a stiúradh; á chur in iúl gur geal léi an comhar feabhsaithe arna bhunú ag rapóirtéir an Choiste le hArd-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin agus an obair leantach atá beartaithe maidir le gníomhaíochtaí an mhisin, amhail forbairt éiceachóras nuálaíochta réigiúnaí agus straitéisí speisialtóireachta cliste agus treoirthionscadail amhail Moil Limistéir Eorpaigh Taighde agus an t-aistriú glas i gcoincheap na speisialtóireachta cliste;

26.

á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodhcomhar straitéiseach chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme, amhail seoladh an fheachtais maidir leis an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil agus cinn eile; ag cur sonrú, mar chuid de ghníomhaíochtaí ghrúpa oibre an Choiste mheitheal an Choiste um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil, sa chomhar feabhsaithe le hArd-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil sa Choimisiún, lena n-áirítear Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh a bhunú in 2021;

27.

ag tabhairt dá haire, i mí Eanáir 2021, gur athsheoladh ardán leathanbhanda an Choiste i gcomhar leis an gCoimisiún chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme phríomhthionscnaimh an Aontais maidir le saincheisteanna digiteacha, lena n-áirítear na Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach mar chuid de chlár an Aontais don Eoraip Dhigiteach, le haird ar leith ar mhaoiniú ón Aontas do mhoil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach soiléir ag baint leo a chumhdach; á chur in iúl gur eol di gur leag roinnt tuairimí agus foilseachán ón gCoiste béim ar ghnéithe réigiúnacha den tosaíocht ón gCoimisiún ‘Eoraip atá oiriúnach do don aois dhigiteach’agus go raibh tionchar suntasach acu ar thograí reachtacha, amhail an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (5) agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha (6), agus Compás Digiteach 2030;

28.

ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar fhís fhadtéarmach an Choimisiúin do cheantair thuaithe an Aontais a ghlacadh, i mí an Mheithimh 2021, go raibh an Coiste rannpháirteach go suntasach sa sásra rialachais, go háirithe maidir le Comhaontuithe Tuaithe, agus go bhfuil an fhís fhadtéarmach i gcomhréir leis an gclár oibre tuaithe don Aontas atá á mholadh ag an gCoiste ó 2016 i leith; á chreidiúint go gcuireann an fhís fhadtéarmach creat coiteann ar fáil do cheantair thuaithe san Aontas chun dul i mbun rannpháirtíochta agus comhair ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;

29.

á chreidiúint, le cuimsiú an leibhéil áitiúil agus réigiúnaigh i gcur chun feidhme na bpleananna téarnaimh náisiúnta, trí chomhar rialta le meitheal Pharlaimint na hEorpa maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, go mbeidh deis ann an ghné réigiúnach agus áitiúil a mheas agus faireachán á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí cur chun feidhme;

Acmhainní daonna, comhionannas agus folláine na foirne

30.

ag cur sonrú i gCairt eagrúcháin nua an Choiste lena n-ionadaítear tionscnamh airgeadais laistigh de chomhthiomsú barr feabhais agus lena ndéantar samhail rialachais TF a chuíchóiriú chun acmhainní teoranta TF a leithdháileadh ar bhealach níos fearr;

31.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gurbh ionann líon na bpost sa phlean bunaíochta agus 494, i gcomparáid le 491 in 2020, agus gurbh é 606 an líon iomlán na ndaoine fostaithe, i gcomparáid le 601 in 2020; ag cur sonrú sa ráta ard forghabhála de 98 % in 2021, méadú i gcomparáid le 96,3 % in 2020 agus a sháraíonn an sprioc 96 % ar a laghad a socraíodh do 2021-2022;

32.

ag tabhairt dá haire go dtéann an Coiste i muinín foireann shealadach agus foireann ar conradh a fhostú d’ionadaithe meántéarmacha agus fadtéarmacha agus do thionscadail shonracha, agus go raibh 141 de bhall foirne shealadacha agus ar conradh ann in 2021, i gcomparáid le 125 agus 121 in 2020 agus 2019 faoi seach; á chreidiúint go bhfuil an baol ann go gcaillfear cuimhne institiúideach, eolas agus saineolas suntasach don Choiste nuair a thiocfaidh deireadh leis na conarthaí sealadacha fostaíochta sin; á iarraidh ar an gCoiste a chomhar riaracháin le CESE a dhoimhniú tuilleadh tríd an socrú maidir le seirbhísí comhpháirteacha chun na héifeachtaí sineirgeacha a bhaineann le comhthiomsú foirne a fheabhsú;

33.

á iarraidh ar an gCoiste sineirgí le hinstitiúidí eile a fhiosrú, i dtéarmaí lóistíochta, seirbhísí digiteacha, seirbhísí tiománaithe agus cúraimí riaracháin eile, agus gníomhaíochtaí áirithe for-rochtana agus cumarsáide, go háirithe sna Ballstáit ina bhfuil líonraí tacaíochta éagsúla ag comhaltaí an Choiste agus ina bhfuil siad ag brath ar a bhfoireann áitiúil féin amháin;

34.

á thabhairt dá haire gurbh é an cóimheas foriomlán inscne i bhfoireann an Choiste in 2021 ná 56,8 % de mhná san fhoireann iomlán, mar a bhí in 2020; á chur in iúl gur oth léi an mhíchothromaíocht inscne sa bhainistíocht shinsearach in 2021 le 62,5 % fir agus 37,5 % mná sna poist sin; á chur in iúl gur oth léi freisin an éagothroime inscne sa mheánbhainistíocht, áit a bhfuil a seasann an cóimheas ag 68,4 % fir agus 31,6 % mná; á mholadh go mbeidh an fhreagracht as an earcaíocht tiomanta go hiomlán d’fhógraí folúntais a dhéanamh níos cuimsithí agus níos mó ban a spreagadh chun iarratas a dhéanamh ar phoist bhainistíochta, lena n-áirítear trí ionadaíocht chothrom ar bhoird roghnúcháin a áirithiú agus trí dheiseanna oiliúna a chur ar fáil d’fhoireann na mban ar mian leo ullmhú do ghairm bheatha bhainistíochta agus socruithe níos solúbtha a mholadh;

35.

á chur in iúl gur geal léi an straitéis nua éagsúlachta agus cuimsithe don tréimhse 2022-2027, a dréachtaíodh le plean gníomhaíochta ag gabháil léi agus a pléadh i gcoimisiún gnóthaí airgeadais agus riaracháin an Choiste agus i mbiúró an Choiste i mí an Mheithimh 2022; á thabhairt faoi deara go leagtar síos leis an straitéis an sprioc ghearrthéarmach de 40 % ban sa bhainistíocht leis an bpríomhsprioc uileghabhálach de 50 % nuair a bheidh an sprioc ghearrthéarmach bainte amach; á athdhearbhú gur iarr sí ar an gCoiste a bheith níos uaillmhianaí sna pleananna gníomhaíochta bliantúla lena gcuirtear an straitéis sin chun feidhme;

36.

á chur in iúl gur mór aici, i measc na mbeart a bhfuiltear ag súil leo sa straitéis maidir le héagsúlacht agus cuimsiú, go bhfuil scéim meantóireachta ann le haghaidh mná ar mian leo a bheith ina mbainisteoirí, ceardlanna múscailte feasachta do bhainisteoirí maidir le hábhair éagsúla a bhaineann le comhionannas deiseanna agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar staidreamh chun gur féidir bearta ceartaitheacha a ghlacadh go tráthúil; á iarraidh ar an gCoiste tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme forásach an phlean gníomhaíochta a ghabhann leis an straitéis éagsúlachta agus chuimsithe le tacaíocht ó chomhchoiste an um éagsúlacht agus um chuimsiú an Choiste; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoiste go leanfadh sé dá iarrachtaí cothromaíocht inscne a bhaint amach ar gach leibhéal ordlathach;

37.

ag tabhairt dá haire go bhfostaíonn an Coiste oifigigh ó na Ballstáit uile seachas ceann amháin; ag moladh don Choiste leanúint de ghníomhaíocht a dhéanamh chun dáileadh geografach cuí a bhaint amach i measc a fhoirne uile, agus béim ar leith á leagan ar an leibhéal bainistíochta; á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh chun infheictheacht na bhfolúntas a mhéadú, agus a fhógraí á bhfoilsiú ar a shuíomh gréasáin chun cur leis na deiseanna atá ann d'iarrthóirí rathúla ar fud an Aontais ar fad iarratas a dhéanamh, gan aon idirdhealú geografach; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfógraítear gach post ardbhainistíochta go poiblí, lena n-áirítear trí fheachtas fairsing poiblíochta ar na meáin shóisialta chun an fhor-rochtain is mó is féidir a áirithiú ar fud na mBallstát uile; á chur in iúl gur mór aici an úsáid a bhaintear as ambasadóirí foirne a ghineann brandáil dhearfach fostóra agus, amhail ó 2021, gur mhéadaigh an Coiste a láithreacht ar na meáin shóisialta agus ar ardáin earcaíochta ar líne chun poist fholmha ábhartha a fhógairt, go príomha do bhaill foirne neamhbhuana nó do shaineolaithe náisiúnta, de bhreis ar na bealaí cumarsáide níos traidisiúnta;

38.

á chur i bhfáth nach mór don Choiste, mar is gá d’institiúidí uile an Aontais, a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chomhréireach ar na Ballstáit uile ar an bhfoireann agus, ag an am céanna, nach mór dó inniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí uile a urramú; ag tathant ar an gCoiste bearta a dhéanamh chun cothromaíocht gheografach a bhaint amach idir náisiúnaigh ó na Ballstáit uile, lena léirítear a n-éagsúlacht, mar a léirítear in Airteagal 27 de Rialacháin Foirne na nOifigeach;

39.

á chur in iúl gur geal léi an aird leanúnach atá dírithe ar shaincheisteanna sonracha a bhaineann le hinscne, amhail ceapachán, in 2021, ag ócáid an Lae Idirnáisiúnta in aghaidh na homafóibe, na défhóibe agus na trasfhóibe, an chéad duine teagmhála LGBTI+ chun cabhrú le comhghleacaithe ar mhaith leo a dtaithí phearsanta a phlé agus iad ag obair sa Choiste nó a bhfuil baill teaghlaigh LGBTI+ acu; ag moladh don Choiste leanúint de thacú le tionscnaimh ón mbun aníos a rannchuidíonn le hionad oibre níos cuimsithí a dhéanamh den Choiste;

40.

á chur in iúl gur geal léi gur seoladh suirbhé ar shástacht na foirne, a dúnadh an 16 Aibreán 2021, inar díríodh ar shástacht na foirne i ndáil leis an teilea-obair agus leis an timpeallacht oibre a theastaíonn uathu don am i ndiaidh na paindéime, agus á thuiscint gur cuireadh na torthaí san áireamh agus dálaí teilea-oibre níos solúbtha fós á nglacadh in 2022;

41.

ag cur sonrú go cuí i dtiomantas an Choiste an creat acmhainní daonna a nuachóiriú agus ag tabhairt dá haire gur cuireadh feabhas ar na córais teilea-oibre agus gur ullmhaíodh córas oibre hibrideach nua atá á thástáil sa Choiste agus i dtreoirthionscadal comhpháirteach CESE maidir leis an ionad oibre digiteach; á thabhairt le fios go bhfuil sé d’aidhm ag an tionscadal dea-chleachtais a shainiú agus a chomhroinnt le huirlisí comhair dhigitigh agus go bhfuil sé bunaithe ar na coincheapa, a d’fhormhuinigh an Pharlaimint freisin ina rún urscaoilte roimhe seo, ar bhainistíocht atá bunaithe ar thorthaí, ar obair dhigitithe, ar theilea-obair ar chomhchéim le hobair san oifig, ar sholúbthacht ar bhonn córais atá bunaithe ar iontaoibh agus ar an gceart chun dícheangail;

42.

á chur in iúl gur geal léi go dtugann an treoirthionscadal nua maidir leis an teilea-obair deis do bhaill foirne teilea-obair a dhéanamh dhá go trí lá in aghaidh na seachtaine; ag tabhairt dá haire go n-áirítear leis freisin coincheap na cothromaíochta oibre is saoil agus go leagtar béim leis ar choincheap an chirt chun dícheangail; á thabhairt faoi deara, faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí tacaíochta phaindéim COVID-19, gur thairg an Coiste cnapshuim de EUR 150-250 don fhoireann chun íoc as costais bhreise, lena n-áirítear trealamh eirgeanamaíochta a cheannach;

43.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gur ullmhaigh an Coiste córas oibre hibrideach agus solúbtha nua in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta, a bhí le cur chun feidhme in 2022; á thabhairt faoi deara go bhforáiltear leis an gcóras nua sin do réimse leathan foirmlí páirtaimseartha, speisialta páirtaimseartha de réir creidmheasa ama i leathlaethanta agus ar íocaíocht pháirtaimseartha faoi réir nós imeachta ad hoc i gcásanna tromchúiseacha; ag tabhairt dá haire, in 2021, go ndearnadh 118 gcinneadh i ndáil le 58 mball foirne a bhain tairbhe as córas solúbtha oibre, ar mná iad 46 díobh; ag tabhairt le fios go bhfuil saoire do thuismitheoirí agus saoire teaghlaigh indéanta freisin agus gur bhain 49 mball foirne, ar mná 36 díobh, tairbhe as saoire do thuismitheoirí in 2021;

44.

ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh, in 2021, 14 chás traochta (as líon iomlán 554 bhall foirne, i gcomparáid le 12 chás traochta a d’fhéadfadh a bheith ann a tuairiscíodh in 2020) agus ag aithint obair leantach phearsantaithe an Choiste ar neamhláithreachtaí; á athdhearbhú gur mhol sí don Choiste leanúint de bheith ag díriú ar chosc príomhúil chun rioscaí síceasóisialta agus traochadh a laghdú chomh maith leis na cuairteanna leighis bliantúla; á chur in iúl gur mór aici, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil tuilleadh oiliúna agus cúrsaí ag díriú ar fholláine fhisiciúil;

45.

á thabhairt dá haire gur ghlac an Coiste, an 26 Aibreán 2021, Cinneadh nua Uimh. 108/2021 maidir le dínit a chosaint ag an obair, coinbhleacht a bhainistiú agus ciapadh a chomhrac; ag tuiscint gur lean an cinneadh sin idirphlé fada leis na geallsealbhóirí uile lena mbaineann, lena n-áirítear líonra na gcomhairleoirí rúnda agus coiste foirne an Choiste; á chur in iúl gur mór aici go leathnaítear an raon feidhme leis an gcinneadh nua, go leagtar amach ann na rialacha iompraíochta agus na sásraí neamhfhoirmiúla agus foirmiúla réitigh coinbhleachta a d’fhéadfadh a bheith ann agus go bhfuil treoir phraiticiúil thiomnaithe ag gabháil leis lena soláthraítear mínithe praiticiúla breise; á chur in iúl gur mór aici, chun feasacht a ardú maidir leis an gcinneadh sin agus a impleachtaí, gur eagraíodh seisiúin faisnéise don fhoireann agus do bhainisteoirí sa bhreis ar na cúrsaí oiliúna inmheánacha a chuirtear ar fáil go rialta maidir le heitic agus ionracas;

46.

á chur in iúl gurb eol di go bhforáiltear le Rialachán Uimh. 3/2021 ón gCoiste an 2 Feabhra 2021 maidir le liúntas cianchruinnithe ar ráta comhréidh a íoc le comhaltaí an Choiste, le comhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí agus le saineolaithe na rapóirtéirí agus cainteoirí a dtugtar cuireadh dóibh freastal ar chianchruinnithe nó ar chruinnithe hibrideacha, agus é mar aidhm leis cúiteamh a dhéanamh ar na speansais ghinearálta arna dtabhú as ullmhú do chruinnithe den sórt sin agus as páirt a ghlacadh iontu; á chur in iúl go dtuigeann sí go leagtar síos leis an Rialachán sin, don bhliain 2021 ina iomláine, na critéir maidir le híocaíocht agus fíorú, lena ndéantar an liúntas a chainníochtú ag EUR 200 in aghaidh an lae agus lena sonraítear chun cáiliú don liúntas, ní mór do na comhaltaí dearbhú rannpháirtíochta a shíniú agus é a chur faoi bhráid sheirbhís airgeadais na gcomhaltaí, rud a chuirfidh ar chumas an riaracháin ar an gcaoi sin a fhíorú go bhfuil an duine i gceist i láthair; á chur i bhfios, áfach, i gcomhréir le glacadh le déanaí, i mí na Bealtaine 2022, Chinneadh Uimh. 15/2022 maidir le bearta urghnácha a chur i bhfeidhm le linn phaindéim COVID-19, go dtarlaíonn cruinnithe chomhlachtaí an Choiste go léir i bpearsa faoi láthair;

47.

á thabhairt faoi deara gur dhíol sásaimh don Choiste go raibh 58 oiliúnaí ann ar an iomlán in 2021, ar roghnaíodh 48 díobh le haghaidh tréimhse oiliúna cúig mhí ar lena linn a fuair siad deontas míosúil chomh maith le liúntas soghluaisteachta agus aisíocaíocht ar a gcostais taistil, gur cuairteoirí staidéir gearrthéarmacha iad 10 díobh le haghaidh tréimhsí oiliúna níos giorra de thréimhse oiliúna idir aon mhí amháin agus ceithre mhí, agus go bhfuair triúr ioncam míosúil ó rialtas a dtíre; á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choiste a mholadh go ndéanfaí socruithe teilea-oibre a thairiscint dá n-oiliúnaithe chomh maith;

48.

ag iarraidh an athuair ar an gCoiste na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a chomhtháthú ina straitéis bainistíochta inmheánaigh ó thaobh leanúnachas gnó agus bainistiú géarchéime, freagrúlacht TF, athléimneacht na heagraíochta, dualgas cúraim i leith a foirne, cumarsáid éifeachtach agus próisis oibre sholúbtha, chun stíl bhainistíochta atá dírithe ar thorthaí a fhorbairt lena bhféadfar cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil a spreagadh;

Creat eitice agus trédhearcacht

49.

ag iarraidh an athuair ar an gCoiste athmhachnamh a dhéanamh ar a rannpháirtíocht sa Chlár Trédhearcachta a bunaíodh le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (7), lena gceadaítear rannpháirtíocht dheonach institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus institiúidí eile ar sínitheoirí iad, ach nach gcumhdaítear leis gníomhaíochtaí na n-údarás réigiúnach agus áitiúil agus na gcomhlachas a dhéanann ionadaíocht orthu; ag seasamh lena tuairim ar bhailíocht theoranta Threoirleabhar Praiticiúil an Choiste maidir le hidirghníomhú foirne le heintitis sheachtracha, a théann siar go dtí 2018, agus ag athdhearbhú a thábhachtaí atá ardleibhéal trédhearcachta i ndáil le cruinnithe brústocaireachta a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gCoiste ina ról comhairleach d’institiúidí an Aontais; ag iarraidh ar an gCoiste bailchríoch a chur ar a anailís inmheánach ar na roghanna atá ar fáil agus páirt a ghlacadh sa Clár Trédhearcachta;

50.

á chur in iúl gur geal léi, tar éis na moltaí ón bParlaimint, gur bhailigh an Coiste óna chomhaltaí agus óna chomhaltaí malartacha na dearbhuithe airgeadais a bhí fós ar iarraidh den chuid is mó (i mí Eanáir 2021, nár tíolacadh 146 dhearbhú airgeadais fós in ainneoin na hoibleagáide é sin a dhéanamh faoin gcód iompair a tháinig i bhfeidhm an 26 Eanáir 2020), rud a chiallaíonn, i mí Dheireadh Fómhair 2022, go raibh 32 dhearbhú airgeadais fós in easnamh as iomlán de 629 gcomhalta cheaptha agus mhalartacha; ag tabhairt dá haire, as na 32 dhearbhú atá in easnamh, go raibh cúigear comhaltaí lena mbaineann a ceapadh in 2022 nach raibh rannpháirteach go gníomhach i gcruinnithe an Choiste fós, gur ceapadh na 27 gcomhalta mhalartacha eile lena mbaineann, 18 acu in 2022, 2 in 2021 agus 7 in 2020, agus, as na comhaltaí malartacha sin, nár ghlac ach duine amháin páirt i ngníomhaíochtaí an Choiste (go cianda agus in 2021); ag spreagadh an Choiste obair leantach a dhéanamh maidir leis na dearbhuithe airgeadais sin atá ar iarraidh agus dianbheartas a shaothrú chun oibleagáidí trédhearcachta a fhorfheidhmiú;

51.

ag tabhairt dá haire, le cinneadh nua maidir leis an gcóras oiliúna a ghlacadh, go bhfuil oiliúint eitice éigeantach seachas molta, lena n-áirítear cúrsaí athnuachana, lena réiteofar an bealach do rannpháirtíocht níos déine na foirne sna tionscnaimh maidir le saincheisteanna eiticiúla; ag tabhairt dá haire, in 2021, gur reáchtáladh 14 sheisiún oiliúna go sonrach maidir le heitic agus ionracas le 251 bhall foirne rannpháirteach iontu (60 % de bhainisteoirí agus 57,30 % den fhoireann ar fad, bainisteoirí san áireamh) agus gur eagraíodh 34 sheisiún oiliúna lenar cumhdaíodh sceithireacht, coinbhleachtaí leasa agus ciapadh agus 25 sheisiún lenar cumhdaíodh gnéithe éagsúla den bhainistíocht airgeadais, lena n-ardaítear feasacht ar choinbhleachtaí leasa freisin;

52.

ag tabhairt dá haire, go ndearna an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúdú in 2021 ar dhá chás, a bhain leis an gCoiste, an chéad chás maidir le hábhar a d’fhéadfadh a bheith i gceist le híocaíocht neamhdhlite liúntais taistil agus an dara cás a bhain le líomhaintí maidir le héagóracha airgeadais, ciapadh agus míbhainistíocht i seirbhís chomhpháirteach de chuid an Choiste agus CESE; ag tabhairt dá haire gur dúnadh an chéad chás nuair a d’iarr an Coiste aisíoc an liúntais íoctha ar chúiseanna eiticiúla, gan aon bhunús dlí a shainaithint chun aisíocaíocht den sórt sin a fhorchur, agus gur dhiúltaigh OLAF an dara cás agus moladh don Choiste agus do CESE imscrúdú inmheánach a dhéanamh ar chiapadh agus ar mhíbhainistíocht; ag iarraidh ar an gCoiste tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa maidir le toradh an imscrúdaithe sin a seoladh in 2021;

53.

á chur in iúl gur oth léi nár ghlac an Coiste straitéis frithchalaoise; ag iarraidh ar an gCoiste anailís inmheánach ar riosca calaoise a sheoladh agus comhordú a dhéanamh le seirbhísí inniúla an Choimisiúin d’fhonn straitéis inmheánach frithchalaoise leordhóthanach a ghlacadh;

54.

á iarraidh go gcuirfí deireadh le húsáid cuideachtaí seachtracha a leanann, de réir rangú Ollscoil Yale (8), de bheith ag feidhmiú sa Rúis;

Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí

55.

ag tabhairt le fios gur chaith an Coiste EUR 6 112 846 ar thionscadail TF agus ar threalamh TF in 2021, i gcomparáid le EUR 6 392 372 agus EUR 4 033 320 faoi seach in 2020 agus 2019; á chur i bhfios go láidir gur mar gheall ar leithreasuithe nár úsáideadh a aistríodh ó línte buiséid eile ba chúis, den chuid is mó, leis an méadú buiséid in 2021 agus 2020;

56.

á chur in iúl gur eol di nach féidir aistrithe buiséid, is cuma a éifeachtaí agus a thráthúil atá siad, a chur in ionad an chistithe struchtúraigh TF a bhfuil gá leis chun acmhainní TF a phleanáil agus a chlárú ar bhealach fónta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tearcmhaoiniú, go háirithe i gcás seirbhísí TF, ós rud é go gciallaíonn tearcmhaoiniú den sórt sin nach féidir athbhreithniú struchtúrtha a dhéanamh agus, i gcás inar gá, nach féidir infheistíocht a dhéanamh in acmhainní TF atá, faoi mar a thugfí, níos fadtéarmaí agus a bhfuil cothabháil á déanamh orthu le linn a saolré ar fad; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méid sin, go háirithe, toisc go bhféadfadh sé sin an bonn a bhaint den chibearshlándáil agus cosc a chur ar an saineolas TF is gá a mhealladh agus a choinneáil ar mhargadh an tsaothair;

57.

á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Coiste dul chun cinn suntasach chun próisis oibre a dhigitiú go hiomlán, go háirithe bainistiú leictreonach doiciméad agus a sreafaí oibre formheasta, lena n-áirítear an obair leanúnach chun úsáid iomlán a bhaint as ríomhshínithe, bainistiú gníomhaithe airgeadais, bainistiú riosca agus bainistiú na nósanna imeachta roghnúcháin nó na gcoistí comhpháirteacha;

58.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gur sheachaid an Coiste roinnt tionscadal tábhachtach chun a phróisis ghnó a dhigitiú tuilleadh agus chun obair pholaitiúil chomhaltaí an Choiste a éascú, lena gcothaítear ilteangachas, cuíchóiriú, simpliú agus nuashonrú na bpróiseas gnó atá ann cheana; ag tabhairt dá haire go dtugann an grúpa sa todhchaí dhigiteach de chuid an Choiste comhaltaí an Choiste agus an riarachán le chéile chun plé agus comhairle a thabhairt maidir le cúrsaí TF agus digiteacha agus go gcothaíonn an comhaontú nua um chomhar riaracháin le CESE, a tháinig i bhfeidhm an 1 Samhain 2021, an malartú maidir le dea-chleachtais dhigiteacha chun a sheirbhísí TF agus digiteacha a chur chun cinn;

59.

ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcibearbhagairtí don bhonneagar TF agus do bhealaí cumarsáide ar líne an Choiste, amhail a shuíomh gréasáin seachtrach; ag moladh don Choiste leanúint d’ardleibhéal aird a thabhairt ar ábhair chibearshlándála, a chóras TF a neartú agus dlúthchomhar a áirithiú leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) chun gur féidir leochaileachtaí a shainaithint go luath agus teagmhais a chosc agus a bhainistiú agus chun feasacht ar chibearshlándáil a chomhaltaí agus a bhaill foirne a ardú; ag moladh don Choiste measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bhonneagar TF agus iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a chibearchosaintí a áirithiú;

60.

á chur in iúl gur mór aici go n-úsáideann an Coiste teicneolaíocht foinse oscailte agus, in 2021, an méadú atá ag teacht ar líon na leabharlanna agus na gcreataí foinse oscailte a úsáidtear i gcórais faisnéise na gCoistí agus na n-iarratas próiseála leasaithe nua atá bunaithe ar theicneolaíochtaí foinse oscailte;

61.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil formhór na gcóras teicniúil á n-óstáil go hinmheánach agus á mbainistiú ag foireann inmheánach;

Foirgnimh agus slándáil

62.

ag tabhairt dá haire gur fhormheas an t-údarás buiséadach, an 10 Bealtaine 2021, glacadh an chonartha cíosa, amhail i mí Mheán Fómhair 2021, ag an gCoiste agus ag CESE ar iarfhoirgneamh SEGS ag Belliard 100 (B100), a gcumhdófar na costais chíosa ina leith leis an gcoigilteas a dhéanfar mar thoradh ar an gcostas níos ísle a bhaineann le foirgneamh Van Maerlant (VMA) a ligean ar cíos i gcomparáid leis an gcostas a bhaineann leis na foirgnimh in Beillard 68 (B68) agus Trèves 74 (TRE74) a fháil ar cíos, a aistríodh chuig an gCoimisiún amhail ó mhí Mheán Fómhair 2022;

63.

á chur in iúl go dtuigeann sí nach ndéanfaidh an dromchla breise i bhfoirgneamh B100 cúiteamh iomlán ar chaillteanas an spáis a tharla tar éis foirgnimh an Choiste agus B68 agus TRE74 CESE a mhalartú d’fhoirgneamh VMA an Choimisiúin, caillteanas arb ionann é agus thart ar 5 000 m2 i gcomparáid leis an staid ag tús 2021; á aithint nach féidir caillteanas den sórt sin a fhritháireamh go hiomlán trí bhearta malartacha amhail dlús a chur le dlús spás oifige foirgneamh eile agus an teilea-obair a mhéadú, ach á mholadh gan tabhairt faoi ghealltanais fhadtéarmacha maidir le spás oifige nua sula ndéanfar na bearta sin a fhiosrú go hiomlán;

64.

á thabhairt faoi deara go raibh gá le nuachóiriú agus athchóiriú na n-oifigí i bhfoirgnimh BvS (Rue Montoyer 92-102), REM (Rue Belliard 93) agus foirgnimh VMA chun freastal ar an bhfoireann i dtimpeallacht agus coinníollacha oibre iomchuí; ag tabhairt dá haire, an 1 Nollaig 2021, gur dámhadh an tairiscint maidir leis na hoibreacha athchóirithe chun oibreacha a chur i gcrích i bhfoirgneamh VMA, ar chostas iomlán EUR 9 milliún; ag tabhairt dá haire go raibh an phríomhchuid den chostas sin, thart ar EUR 6 mhilliún, ar fáil cheana féin i mbuiséad tosaigh 2021 a d’fhormheas an t-údarás buiséadach mar iarraidh ‘aonuaire’ don bhliain 2021 agus gurbh fhéidir leithreasuithe EUR 3 mhilliún a shábháil ó línte buiséid eile agus iad a úsáid le haghaidh athchóiriú VMA;

Comhshaol agus inbhuanaitheacht

65.

á chur in iúl gur geal léi an staidéar a sheol an Coiste in 2021 chun spriocanna agus cásanna laghdaithe CO2 a shainiú agus chun bearta a mholadh i réimsí éagsúla a bhfuil sé mar aidhm leo an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr sa Choiste;

66.

á chur in iúl gur geal léi na héachtaí dearfacha comhshaoil in 2021, a mhéid a bhaineann le tomhaltas leictreachais, uisce agus páipéir (laghduithe 2,1 %, 14,3 % agus 55 % faoi seach i gcomparáid le 2020); ag tabhairt dá haire go ndearnadh painéil ghréine a shuiteáil in dhá fhoirgneamh de chuid an Choiste agus á thuiscint go bhfuil tuilleadh anailíse á dhéanamh agus é mar aidhm aige suiteáil an phainéil ghréine a leathnú, rud is dócha a bheidh ann in 2023;

67.

á thabhairt chun suntais go n-úsáideann 75,8 % d’fhoireann an Choiste modhanna iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol; ag moladh don Choiste beartas soghluaisteachta a chur chun feidhme lena gcuirtear chun cinn úsáid modhanna taistil inbhuanaithe le haghaidh comaitéireachta, lena gcuimsítear roinnt gluaisteán, spásanna páirceála rothar agus luchtairí ceallraí leictreacha agus ag breithniú ranníocaíocht airgeadais, le haghaidh costais iompair phoiblí nó chun úsáid carrchlóis a dhiúltú;

Comhar idirinstitiúideach

68.

á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoin gcomhar láidir le CESE, trí na seirbhísí comhpháirteacha ina ndéanann an dá choiste 460 ball foirne (a bhaineann le tuairim is 170 comhalta den Choiste) agus níos mó ná EUR 55 mhilliún in aghaidh na bliana (a dtagann thart ar EUR 24 mhilliún de ón gCoiste) a chomhthiomsú; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú reatha um chomhar riaracháin idir an Coiste agus CESE, a tháinig i bhfeidhm an 1 Samhain 2021 agus a mhairfidh cúig bliana; á chreidiúint go rannchuideoidh an comhaontú reatha um chomhar riaracháin go mór le rialachas an chomhair agus na sásraí rialaithe a threisiú agus gur léiriú athnuaite é ar an toil chun acmhainní a roinnt go héifeachtúil agus sineirgí a chruthú; ag tabhairt dá haire go n-áirítear sa chomhaontú nua um chomhar riaracháin stiúrthóireacht a chruthú don nuálaíocht agus don teicneolaíocht faisnéise agus, laistigh de na seirbhísí comhpháirteacha atá ann cheana, aonad láraithe soláthair phoiblí agus bainistíochta airgeadais agus sainghrúpa soláthair a bhunú;

69.

ag tabhairt faoi deara go gcomhoibríonn an Coiste freisin leis an gCoimisiún (ar tháille bhliantúil) chun comhaid phinsin agus imeachta foirne (Oifig an Phámháistir) agus cearta prótacail aonair (an Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna) a láimhseáil, oiliúint foirne (an Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna), Lárionaid luath-óige agus naíolanna lae formheasta (an Oifig um Bonneagar agus um Lóistíocht), ardáin TF éagsúla a úsáid (córas bainistíochta agus faisnéise ABAC, lena n-áirítear a chóras cuntasaíochta agus a shócmhainní, chomh maith le modúil chonarthacha, NAP le haghaidh ríomhanna tuarastail agus córas bainistíochta pearsanra agus faisnéise SYSPER 2, etc.) (Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid agus na Faisnéisíochta), agus foilseacháin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (amhail ó 2020 atá san áireamh i mbuiséad an Choimisiúin);

70.

á thabhairt faoi deara go n-eagraíonn an Coiste cruinnithe ullmhúcháin agus leantacha (ar a dtugtar cruinnithe déthaobhacha) dá rapóirtéirí leis an bParlaimint, leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle maidir lena thuairimí, agus go ndéantar malartuithe rialta idir rapóirtéirí an Choiste agus na Parlaiminte maidir le sainchomhaid chomhthreomhara; ag moladh don Choiste leanúint dá chumas fianaise ón talamh a chur ar fáil do phríomhinstitiúidí an Aontais trí úsáid a bhaint as sonraí, anailísí eimpíreacha agus tiomsúcháin dea-chleachtais;

71.

á chur in iúl gur mór aici go bhfuil comhaltaí an Choiste rannpháirteach i dtimthriall iomlán polaitiúil agus reachtach bheartais an Aontais, trí ionchur luath a thabhairt i socrú chlár oibre beartais an Choimisiúin, nó trí obair leantach mhéadaithe ar a thuairimí i leith na gcomhreachtóirí agus i gcomhpháirtíocht le seirbhísí an Choimisiúin maidir leis an gcur i bhfeidhm céimneach agus meastóireacht a bheartais agus a reachtaíochta; ag moladh don Choiste a bhfuil bainte amach sa timthriall reachtach a chur chun cinn tuilleadh;

72.

á thuiscint gur iarr an Coiste ar institiúidí an Aontais a bhfuil baint dhíreach acu leis an reachtaíocht rochtain a thabhairt don Choiste ar an doiciméad ceithre cholún le haghaidh comhaid reachtacha shonracha ionas gur féidir leis an gCoiste a ról comhairleach a imirt ní hamháin ag tús an phróisis reachtaigh ach ag céim na gcruinnithe tríthaobhacha freisin; ag tabhairt dá haire go bhfuil an iarraidh sin fós ar feitheamh agus go bhfuil an Coiste ag smaoineamh caingean dlí a ghlacadh mura ndeonaítear rochtain; á iarraidh go gcoinneofaí ar an eolas í maidir le forbairt aon idirphlé ar an ábhar sin;

73.

á chur in iúl gur eol di faoin obair idirinstitiúideach a rinneadh in 2021 leis an bParlaimint ar an treoirthionscadal Building Europe with Local Councillors [Ag Tógáil na hEorpa le Comhairleoirí Áitiúla], ina léirítear iarrachtaí an Choiste tacaíocht a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha nach bhfuil ionadaíocht oifigiúil acu ar an gCoiste maidir le deiseanna i dtaca leis an Aontas; ag tuiscint gurb é an cuspóir go mbeadh comhairleoir amháin ar a laghad freagrach as gnóthaí an Aontais i ngach ceann de na 120 000 comhairle réigiúnach agus áitiúil san Aontas agus, go dtí an lá atá inniu ann, go bhfuil tuairim is 2 000 comhalta ag Líonra Eorpach na gComhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla um Ghnóthaí AE;

74.

á chur in iúl gur eol di go dtionólann an Coiste a sheisiúin iomlánacha in áitribh na Parlaiminte agus an Choimisiúin chun an easpa acmhainneachta ina sheomraí comhdhála féin a chúiteamh; ag tabhairt dá haire go gceannaíonn an Coiste seirbhísí ateangaireachta freisin ón gCoimisiún (Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta) agus ón bParlaimint, seachas a sheirbhís ateangaireachta féin a bheith aige;

75.

ag athdhearbhú an tseasaimh a léiríodh sna moltaí maidir le hurscaoileadh roimhe seo i ndáil leis an ngá an comhaontú comhair idir an Pharlaimint, an Coiste agus CESE an 5 Feabhra 2014 a chur chun feidhme ina iomláine, ar dá réir a aistríodh 60 aistritheoir, lena n-áirítear 24 aistritheoir ón gCoiste, chuig an bParlaimint mar mhalairt ar rochtain ar sheirbhísí Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur eol di gur iarr an Coiste EUR 1.24 milliún breise ina dhréachtbhuiséad do 2023 don líne bhuiséid 1 4 0 0 Foireann eile, sa bhreis ar an ngnáthbhuiséad agus mar bhealach chun éifeacht neamhchothrom chur chun feidhme an chomhaontaithe um chomhar a chúiteamh, d’fhonn 19 ngníomhaire breise ar conradh a fhostú in 2023.

76.

á chur in iúl gur geal léi an comhar atá ag méadú go leanúnach leis an bParlaimint, in ainneoin na srianta a forchuireadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19, trí chomhar déthaobhach maidir le sraith comhad tosaíochta roghnaithe a athbhreithnítear agus a nuashonraítear gach bliain; á chur i bhfios go láidir go bhfuil méadú tagtha le linn 2021 ar chruinnithe rialta idir Uachtaráin agus Leas-Uachtaráin an dá institiúid, agus ar an gcomhar struchtúrtha idir rapóirtéirí an dá institiúid agus idir coimisiúin an Choiste agus coistí na Parlaiminte; ag moladh don Choiste páirt bhreise a ghlacadh sa chomhar leis an bParlaimint;

77.

ag tabhairt dá haire gur lean an Coiste dá dhlúthchomhar le trí uachtaránacht na Comhairle agus le hUachtaránacht na Comhairle mar a bhí in 2021 agus gur eisigh sé ceithre thuairim bunaithe ar tharchuir a fuarthas ó Uachtaránacht na Comhairle; ag tabhairt dá haire go bhfuil tionscnaimh chomhair forbartha ag an gCoiste le hArdrúnaíocht na Comhairle maidir le comhaid théamacha tosaíochta trí thuairimí agus doiciméid a chur i láthair i meithleacha faoi seach na Comhairle.

Cumarsáid

78.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gurbh ionann an buiséad a sannadh don chumarsáid agus thart ar EUR 2.1 milliún, agus gur úsáideadh thart ar EUR 400 000 den mhéid sin le haghaidh imeachtaí, EUR 800 000 do na meáin agus EUR 900 000 le haghaidh ábhar gréasáin, meán sóisialta agus digiteach; á chur in iúl gur mór aici go ndearna an Coiste méaduithe céatadáin dédhigit a thomhas sa phreas agus i bhfor-rochtain na meán sóisialta idir 2020 agus 2021, a bhuí le hath-leithdháileadh inmheánach acmhainní, rud a léirigh ina fhor-rochtain mhéadaithe; ag tabhairt dá haire nach dócha go mbeidh an Coiste in ann déanamh amhlaidh sna blianta ina dhiaidh sin i ngeall ar shrianta buiséadacha níos déine;

79.

ag tabhairt faoi deara go bhfuil príomhphrionsabail an Choiste maidir lena ról a fheabhsú agus chun é a chur in iúl ar bhealach níos fearr dírithe ar rannpháirtíocht mhéadaithe ag gach céim de phróiseas reachtach an Aontais agus ar chomhpháirtíochtaí níos éifeachtaí agus níos iontaofa a thógáil le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais;

80.

á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh príomhchóras táscairí feidhmíochta chun éifeachtaí na cumarsáide ón gCoiste a thomhas agus faireachán a dhéanamh orthu, chun na tosaíochtaí cumarsáide a ailíniú leis na tosaíochtaí polaitiúla agus chun borradh a chur faoin gcumarsáid dhíláraithe trí thionscnaimh éagsúla, amhail na máistir-ranganna digiteacha dá chomhaltaí, coincheap na nuachtlitreach a fhorbairt nó líonraí a bhunú chun an caidreamh le hiarchomhaltaí agus le hiar-oiliúnaithe an Choiste agus le daoine eile a neartú

81.

ag cur sonrú san iliomad tionscnamh líonraithe in 2021, amhail an Mheitheal um an Úcráin a sheol tionscnamh piar go piar maidir le trédhearcacht, an tArdán Geallsealbhóirí maidir le Truailliú Nialasach a seoladh i gcomhpháirt leis an gCoimisiún chun an clár oibre maidir le truailliú nialasach agus cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Truailliú Nialasach, an t-ardán coiteann TF le haghaidh scéim na bPolaiteoirí Óga Tofa agus an t-ardán digiteach ar a dtugtar Let’s get digital a phríomhshruthú chun líonrú a éascú i measc na ngairmithe cumarsáide rannpháirteacha ó na húdaráis áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Aontais;

82.

ag aontú gur chothaigh sruthú gréasáin chruinnithe reachtúla an Choiste i dteangacha uile an Aontais infheictheacht ghinearálta an Choiste agus go méadaíonn an Baraiméadar réigiúnach agus áitiúil a chuirtear ar fáil trí thairseach sonraí oscailte an Aontais, data.europa.eu, infheictheacht i measc speisialtóirí;

83.

ag moladh don Choiste leanúint dá staidéir uile a fhoilsiú go córasach sa bhunachar sonraí idirinstitiúideach agus á chur in iúl gur geal léi an fhéidearthacht, a bhfuiltear ag súil leo amhail ó 2021 sna creatchonarthaí do staidéir agus do shaineolas seachtrach, go n-áireofaí íomhánna agus inneachar na meáin shóisialta a bheadh inroinnte chun cumarsáid agus for-rochtain na tairgí deiridh a neartú;

84.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an Coiste i láthair faoi láthair ar na hardáin meán sóisialta dílseánaigh is mó a bhfuil tóir orthu; ag moladh don Choiste roghanna líonra sóisialta díláraithe a úsáid seachas ardáin an-mhóra ar líne, amhail Mastodon; ag teacht le tuairim an Choiste go ndéanfadh neartú na n-ardán malartach atá níos fabhraí don phríobháideachas, seachas na hardáin phríomhshrutha, ráiteas ó thaobh cosaint sonraí agus ceannasacht dhigiteach;

85.

ag moladh don Choiste teagmháil a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí d’fhonn úsáid a bhaint as an dá ardán meán sóisialta foinse oscailte, EU Voice agus EU Video, a seoladh mar threoirthionscadal poiblí chun úsáid líonraí sóisialta foinse oscailte saor in aisce a chur chun cinn;

86.

ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoiste a iarrachtaí cumarsáide a neartú chun an nasc leis na saoránaigh a neartú trí bhreis trédhearcachta ina chuid oibríochtaí a fhormhuiniú, trí úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a threisiú agus trí straitéis chumarsáide a shaothrú lena bhféadfar tuiscint agus tuiscint cheart a fháil ar ról an Choiste agus ar an gcaoi a luíonn sé le fís an Aontais.

(1)  Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún – Tosaíochtaí Choiste Eorpach na Réigiún do 2020-2025 – Eoraip atá níos gaire do na daoine trína sráidbhailte, a cathracha agus a réigiúin (IO C 324, 1.10.2020, lch. 8).

(2)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(3)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (IO L 357, 8.10.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Ionstraim um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).

(7)   IO L 207, 11.6.2021, lch. 1.

(8)  https://som.yale.edu/story/2022/over-1000-companies-have-curtailed-operations-russia-some-remain


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/150


CINNEADH (AE,) 2023/1835 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VIII – an tOmbudsman Eorpach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0234/2022) (2),

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0067/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh don Ombudsman Eorpach i ndáil le cur chun feidhme bhuiséid an Ombudsman Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig an Ombudsman Eorpach, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(4)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(5)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/151


RÚN (AE) 2023/1836 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

na bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VIII – an tOmbudsman Eorpach (2022/2088(DEC))

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VIII – an tOmbudsman Eorpach,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0067/2023),

A.

de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme;

B.

de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go dtoghfaidh Parlaimint na hEorpa Ombudsman Eorpach a chumhachtófar chun gearáin a ghlacadh ó aon saoránach den Aontas nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát maidir le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina ról breithiúnach. Scrúdóidh sé nó sí na gearáin sin agus tabharfaidh sé nó sí tuairisc orthu;

C.

de bhrí go leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 ó Pharlaimint na hEorpa (1) na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh);

D.

de bhrí go bhfuil an Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena nglactar Forálacha Cur Chun Feidhme faoi athbhreithniú faoi láthair tar éis Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 a ghlacadh;

1.

ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad an Ombudsman Eorpaigh (an ‘Ombudsman’) faoi cheannteideal 7 CAI, ‘Riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 10,7 billiún san iomlán in 2021; ag tabhairt dá haire gur institiúid réasúnta beag é an tOmbudsman agus nach ionann a bhuiséad ach thart ar 0,12 % den bhuiséad riaracháin iomlán;

2.

ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (‘an Chúirt’) ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021 an sampla d’idirbhearta faoi ‘Riarachán’ ó 48 in 2020 go 60 in 2021;

3.

ag tabhairt dá haire go luann an Chúirt go léiríonn a cuid oibre le blianta fada go mbaineann riosca íseal leis an gcaiteachas sin ar an iomlán; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhforáiltear d’aon fhaisnéis ábhartha maidir leis an Ombudsman Eorpach sa Tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2021 agus á iarraidh ar an gCúirt sonraí cuimsitheacha maidir le cur i gcrích na gceanglas uile is gá le haghaidh nós imeachta urscaoilte comhsheasmhach a chur san áireamh sna chéad tuarascálacha bliantúla eile;

4.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici gur thug an Chúirt dá haire freisin ina Tuarascáil bhliantúil don bhliain airgeadais 2021, nár shainaithin sí aon saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an Ombudsman;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

5.

ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad an Ombudsman agus EUR 12 501 836 do 2021 arb ionann é agus méadú beag 1,2 % i gcomparáid le 2020, agus gur cheart a mheas, áfach, i bhfianaise an chúlra go raibh méadú 7,4 % ar an mbuiséad in 2020 i gcomparáid le 2019;

6.

ag tabhairt dá haire gur ón gcíos a tháinig an méadú is mó ar an mbuiséad agus gurbh é athshuí oifig Ombudsman na Bruiséile ba chúis leis; ag tabhairt dá haire, in ionad íoc thar thréimhse 6 bliana, go raibh an tOmbudsman in ann na costais uile a bhaineann le hoibreacha feistithe an fhoirgnimh nua in 2021 a íoc; ag tabhairt dá haire go mbeidh tionchar dearfach aige sin ar bhuiséid an Ombudsman do na blianta atá le teacht;

7.

ag tabhairt dá haire, áfach, nach raibh i ráta cur chun feidhme an bhuiséid ach 88,8 % don bhliain 2021, arb ionann é agus laghdú i gcomparáid le 2020 tráth a raibh 94,9 % sa ráta cur chun feidhme; á aithint, do 2021 freisin, go raibh tionchar mór ag paindéim COVID-19 ar chur chun feidhme an bhuiséid, rud a chuir moill ar earcaíocht go pointe ach a chuir srian mór ar imeachtaí fisiciúla, comhdhálacha agus misin freisin;

8.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici go leanann an tOmbudsman de thréimhse íocaíochta an-ghearr de 11,35 lá ar an meán do shonraisc a bheith aige ach ag an am céanna ag spreagadh go láidir córas sonrascaithe leictreonaigh a chur chun feidhme;

9.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil raon leathan comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse ag an Ombudsman, go háirithe le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, lena gceadaítear don institiúid airgead a shábháil os rud é nach bhfuil orthu na struchtúir a chur i bhfeidhm chun na seirbhísí sin a bhainistiú; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go nglacann an tOmbudsman páirt freisin i gcreatchonarthaí idirinstitiúideacha, rud a chuireann ar chumas an Ombudsman tairbhe a bhaint as praghsanna níos ísle agus a laghdaíonn an gá atá ann go mbunódh sé a struchtúir chasta riaracháin féin;

Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach

10.

á aithint gur bhliain dhúshlánach a bhí in 2021, go háirithe mar gheall ar éifeachtaí leanúnacha phaindéim COVID-19, agus leanúint den ghá folláine foirne a choimirciú agus modhanna oibre nua a chruthú; ag spreagadh an Ombudsman chun creat cumarsáide cuimsitheach a ghlacadh ina gcomhtháthófar na ceachtanna a foghlaimíodh ón dá bhliain de phaindéim COVID-19, chun go n-ullmhófar é i gcás imeachtaí suaiteacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus chun a bheith in ann leanúnachas gnó a áirithiú;

11.

ag tabhairt dá haire, le linn 2021, gur lean an tOmbudsman den straitéis ‘i dtreo 2024’ a chur chun feidhme, arb é is aidhm di struchtúr nua níos simplí a chruthú le líon níos lú bainisteoirí, agus obair níos comhoibríche a spreagadh, mar aon le próisis sholúbtha agus lúfara;

12.

á chur in iúl gur geal léi go láidir go raibh an tOmbudsman in ann laghdú suntasach a dhéanamh ar an meán-am is gá chun déileáil le cineálacha éagsúla comhad le blianta beaga anuas; go bhfuil laghdú tagtha ar an meán-am chun déileáil le gearán ó 78 lá in 2018 go 29 lá in 2021, arb ionann é agus laghdú 63% agus laghdú 157 lá go 61 lá, arb ionann é agus laghdú de 61%, laistigh de thréimhse an tsainordaithe; agus go bhfuil laghdú tagtha ar an meán-am chun déileáil le fiosrúchán ó 254 lá go 112 lá, arb ionann é agus laghdú 56 %;

13.

á chur in iúl gur geal léi, gur lean an tOmbudsman d’fheabhas a chur ar na nósanna imeachta éifeachtúla chun déileáil le gearáin lasmuigh dá shainordú, arb ionann iad agus thart ar 1 400 in aghaidh na bliana; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur tháinig méadú ó 22 % in 2020 go 35 % in 2021 ar chion na ngearán lasmuigh dá sainordú ar dhéileáil an Stiúrthóireacht Riaracháin leo;

14.

ag tabhairt dá haire gur príomhthosaíocht don Ombudsman é rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus gurb ionann í agus suas le ceann amháin as gach ceithre fhiosrú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-áirítear sa rochtain phoiblí ar dhoiciméid an chaoi a ndéileálann riarachán an Aontais le téacs agus teachtaireachtaí meandracha agus rochtain thráthúil ar dhoiciméid; á chur in iúl go dtacaíonn sí le hiarraidh an Ombudsman go ndéanfaí reachtaíocht an Aontais maidir le rochtain ar dhoiciméid a nuachóiriú agus go mbeadh sí níos mó i gcomhréir le cearta na saoránach agus á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le níos mó a fhoghlaim faoin gcaoi a bhféadfaidh an tOmbudsman comhairle a thabhairt d’Institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais maidir le conas córais a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar láimhseáil na rochtana ar dhoiciméid; á iarraidh ar an Ombudsman aiseolas a thabhairt ar uirlis TF nua an Choimisiúin sa réimse seo (EASE – Rochtain Leictreonach ar Dhoiciméid de chuid an Choimisiúin Eorpaigh);

Acmhainní daonna, comhionannas agus folláine na foirne

15.

ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, go raibh 74 bhall foirne ag an Ombudsman, atá beagnach gan athrú ó dheireadh 2020, nuair a bhí 73 bhall foirne ann, agus gurb ionann é sin agus ag deireadh 2019; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil laghdú tagtha ar líon na mball foirne ar conradh ó 11 in 2019 go 8 in 2020 agus go 6 in 2021, agus go bhfuil méadú tagtha ar líon na mball foirne sealadach ó 23 in 2019 go 28 in 2020 agus 30 in 2021; gur fhan líon na n-oifigeach seasmhacht a bheag nó a mhór le 40 in 2019, 37 in 2020 agus 38 in 2021;

16.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici gurbh é 18 líon na náisiúntachtaí de chuid an Aontais a raibh ionadaíocht á déanamh orthu i measc na mball foirne ag deireadh 2021, rud nach bhfuil aon athrú tagtha air ó 2020 ar aghaidh, agus go roinntear poist bhainistíochta idir 5 náisiúntacht (i gcomparáid le 4 in 2020); ag tathant ar an Ombudsman leanúint dá iarrachtaí chun dáileadh geografach cothrom na náisiúnach a bhaint amach ó na Ballstáit uile laistigh dá fhoireann (go háirithe ar an leibhéal bainistíochta);

17.

ag tabhairt dá haire gur mná iad 68 % den fhoireann ar fad, arb ionann sin agus méadú beag ó 2020 tráth arbh ionann mná agus 66 % den fhoireann; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil tromlach ban sna catagóirí foirne uile: bainistíocht, AD, AST, AST-SC, GF IV agus GF eile; á iarraidh ar an Ombudsman leanúint dá iarrachtaí chun dáileadh cothrom inscne a bhaint amach, agus méid beag na hoifige á chur san áireamh;

18.

ag tabhairt dá haire go bhforáiltear leis na rialacha nua maidir le hobair hibrideach do theilea-obair 60 % in aghaidh na míosa, agus socruithe oibre laethúla á socrú ar leibhéal na foirne; á chur in iúl gur geal léi, gur féidir le gach catagóir foirne leas a bhaint as na socruithe solúbtha oibre; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, go gceadaítear don fhoireann teilea-obair a dhéanamh 15 lá in aghaidh na bliana ó lasmuigh den áit fostaíochta;

19.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici go n-oibríonn an tOmbudsman le córas bainistithe cásanna oifige (CMS), lena gcuirtear faisnéis fíor-ama ar fáil maidir le gearáin a dháileadh ar oifigigh fiosrúcháin, rud a chuireann ar chumas bainisteoirí an t-ualach oibre a choigeartú dá réir sin; á chur in iúl gur geal léi an fíoras nár tuairiscíodh aon chásanna traochta le linn 2021; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur thit líon na laethanta neamhláithreachta mar gheall ar shaoire bhreoiteachta faoi 28 % in 2021 i gcomparáid le 2020 agus gur tháinig laghdú aon trian ar líon na foirne ar shaoire bhreoiteachta ar feadh níos mó ná 30 lá ó 9 in 2020 go 6 in 2021;

20.

á chur in iúl gur geal léi nár tuairiscíodh aon chásanna ciaptha in 2021; ag tabhairt dá haire go raibh an cás, a tuairiscíodh in 2020, fós faoi imscrúdú ag OLAF in 2021 agus gur dúnadh é in 2022 gan aon mholadh a bheith eisithe ag OLAF; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, gur eagraigh an tOmbudsman oiliúint dá chomhfhreagraithe eitice agus do chomhaltaí an choiste idir-réitigh chun an t-eolas is gá a thabhairt dóibh chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh i gcomhthéacs bheartas frithchiaptha an Ombudsman;

21.

á chur in iúl gur geal léi gur earcaigh an tOmbudsman líon sách mór oiliúnaithe, 16 in 2021, agus dá bhrí sin go gcuireann sé taithí Eorpach ar fáil do go leor daoine óga; á chur in iúl gur geal léi thairis sin go bhfuair gach oiliúnaí a earcaíodh in 2021 luach saothair;

Creat eitice agus trédhearcacht

22.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil leathanach tiomnaithe ag an Ombudsman ar inlíon na hOifige atá tiomnaithe d’iompar eiticiúil agus gur glacadh rialacha inmheánacha maidir le gníomhaíochtaí seachtracha agus sannadh ball foirne in 2021; á chur in iúl gur geal léi thairis sin, gur eagraigh an Oifig seisiún do gach ball foirne chun a beartas maidir le gníomhaíochtaí seachtracha a chur i láthair, a bhí beartaithe do 2021 ach nár mhór é a cur siar go dtí go luath in 2022;

23.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an Iniúchóir Inmheánach, mar chuid dá chlár oibre, ar chreat eiticiúil an Ombudsman; á iarraidh ar an Ombudsman toradh an athbhreithnithe sin a thuairisciú don Pharlaimint, lena n-áirítear aon mholtaí a d’fhéadfadh a bheith eisithe ag na hIniúchóirí Inmheánacha;

24.

ag tréaslú leis an Ombudsman as a sceideal a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus as leas a bhaint go comhsheasmhach as an gClár Trédhearcachta chun a chinntiú go bhfuil na cainteoirí nó na hidirghabhálaithe in imeachtaí nó i gcruinnithe arna n-eagrú ag an Ombudsman cláraithe ann; á chur in iúl gur geal léi gur gheall an tOmbudsman óstach na n-imeachtaí agus rannpháirtithe na gcruinnithe a foilsíodh ar a shuíomh gréasáin a nascadh lena n-iontrálacha sa Chlár Trédhearcachta; ag tréaslú leis an Ombudsman as an dul chun cinn atá déanta ina leith sin agus ag spreagadh an Ombudsman leanúint dá thiomantas do níos mó trédhearcachta a shaothrú;

25.

ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis an Ombudsman chun calaois a chosc bunaithe ar na gníomhartha maidir le hiompar eiticiúil; ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di, thairis sin, go gcuireann an tOmbudsman prionsabal na gceithre shúil i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéileálfaidh beirt ar a laghad le gach idirbheart;

26.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici, thairis sin, nár braitheadh aon chásanna coinbhleachtaí leasa in 2021 agus go bhfaigheann gach ball foirne atá ag fágáil na hoifige litir anois ina gcuirtear in iúl dóibh a n-oibleagáidí leanúnacha i leith na hoifige agus an dualgas atá orthu an oifig a chur ar an eolas agus cead a fháil uaithi sula rachaidh siad i mbun gníomhaíocht ghairme, bíodh sí sochrach nó ná bíodh, laistigh de dhá bhliain tar éis dóibh seirbhís phoiblí an Aontais a fhágáil;

27.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici gur ghlac an tOmbudsman sraith rialacha inmheánacha atá mionsaothraithe in 2015 maidir leis an ngá atá le sceithirí a chosaint ar ghníomhaíocht dhiúltach agus chun tacú leo le linn an phróisis; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár tuairiscíodh aon chásanna sceithireachta in 2021;

28.

á iarraidh go gcuirfí deireadh le húsáid cuideachtaí seachtracha a leanann de bheith ag feidhmiú sa Rúis, de réir rangú Ollscoil Yale (2);

Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí

29.

ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú suntasach ar chaiteachas ar TF in 2021, a bhí indéanta tar éis aistriú leithreasuithe, rud a mhéadaigh beagnach 2,5 oiread ó EUR 127 430 in 2020 go 303 020 in 2021, go príomha chun feabhas a chur ar shaoráidí físchomhdhála;

30.

ag tabhairt dá haire nár fhulaing an tOmbudsman aon chibear-ionsaithe in 2021 agus go mbraitheann an Institiúid go príomha ar Pharlaimint na hEorpa maidir le hábhair a bhaineann lena áirithiú go bhfuil a cibearshlándáil leordhóthanach;

31.

ag spreagadh an Ombudsman chun oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); á mholadh go ndéantar cláir oiliúna ar an gcibearshlándáil arna nuashonrú go rialta a thairiscint d'fhoireann uile an Ombudsman;

32.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil gníomhaíochtaí an Ombudsman, lena n-áirítear gearáin a láimhseáil, Acmhainní Daonna agus airgeadas, digitithe go hiomlán cheana féin, ach gur féidir gearáin a sheachadadh fós i bhformáid pháipéir, a fhreagrófar ansin i bhformáid pháipéir má roghnaíonn an gearánach an fhormáid sin;

33.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici go ndearnadh fiosrúchán an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS) maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an Ombudsman i láimhseáil gearán, as ar eascair cigireacht MECS ag áitreabh an Ombudsman in 2019, a thabhairt chun críche agus gur glacadh le moltaí uile MECS, as ar eascair dúnadh an cháis in 2021;

34.

ag tabhairt dá haire go bhfuil tús áite á thabhairt ag an Ombudsman d’úsáid uirlisí foinse oscailte nuair is féidir agus as bogearraí foinse oscailte a úsáid go heisiach ar shuíomh gréasáin an Ombudsman;

Foirgnimh

35.

ag tabhairt dá haire gur bhliain idirthréimhseach a bhí in 2021 inar bhog an tOmbudsman a oifig sa Bhruiséil go dtí áitreabh nua i mí Dheireadh Fómhair 2021, a eagraítear mar spás oibre comhoibríoch;

36.

á chur in iúl gur geal léi gur fhág na saoráidí nua tógála gur féidir an lorg comhshaoil a laghdú trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua-aimseartha;

37.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an Ombudsman feabhas a chur ar inrochtaineacht a fhoirgnimh sa Bhruiséil agus go bhfuil sé ag tnúth le nuashonruithe a fháil ar an dul chun cinn;

Comhshaol agus inbhuanaitheacht

38.

á chur in iúl gur geal léi gur éirigh leis an Oifig úsáid páipéir a laghdú go suntasach thar na blianta trí phróisis a dhigitiú, lena n-áirítear an fhéidearthacht doiciméid a shíniú go leictreonach agus leaganacha clóite den tuarascáil bhliantúil agus de na nuachtlitreacha a thréigean;

39.

ag tabhairt dá haire gur chuir úsáid teicneolaíochtaí nua-aimseartha ar chumas an Ombudsman córais a chur chun feidhme chun fuinneamh a laghdú inter alia trí úsáid a bhaint as brathadóirí gluaisne agus teirmeastait a oibrítear go lárnach;

40.

á chur in iúl gur geal léi go spreagann an Oifig úsáid iompair phoiblí trí 50 % de chostais bhliantúla an iompair phoiblí a aisíoc suas le EUR 500 agus go bhfuil feabhas curtha aici ar shaoráidí garáiste do bhaill foirne a úsáideann rothair, cé nach bhfuil aon charrchlós san fhoirgneamh nua;

41.

ag tabhairt dá haire go bhfuil a foirgneamh á fháil ar cíos ag an Oifig ó Pharlaimint na hEorpa agus go bhfuil fiosruithe i ndáil le suiteáil painéil ghréine ar an díon á n-athtreorú aici chuig an bParlaimint; ag spreagadh an Ombudsman, mar sin féin, a mholadh go láidir go ndéanfaí painéil den sórt sin a shuiteáil murab amhlaidh an cás;

Comhar idirinstitiúideach

42.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dlúthchomhar neamhfhoirmiúil ag an Ombudsman le OLAF, le OIPE agus leis an gCúirt chun dúbláil imscrúduithe a sheachaint agus chun plé a dhéanamh ar réimsí leasa fhrithpháirtigh amhail coinbhleachtaí leasa agus doirse imrothlacha;

43.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé don Ombudsman ardleibhéal malartaithe agus comhair a choinneáil le Líonra Eorpach na nOmbudsman (ENO); ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici go bhfuil tús curtha ag an Ombudsman le ceardlanna spriocdhírithe agus seimineáir a thairiscint i réimsí sonracha do speisialtóirí in oifigí chomhaltaí ENO agus go bhfuil sí ina hóstach ar Chomhdháil Bhliantúil ENO; an tOmbudsman a spreagadh chun dlúthchaidreamh le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a threisiú;

44.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dlúthchomhar ag an Ombudsman le Coistí ábhartha Pharlaimint na hEorpa maidir le fiosrúcháin thábhachtacha tríd an obair a chur i láthair go díreach i gcruinnithe Coiste nó trí fhaisnéis a sheoladh chuig Cathaoirligh na gCoistí; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici go n-áirítear anois i dtuarascáil bhliantúil an Ombudsman chuig an bParlaimint roinn ar leith maidir le ‘Tionchar agus éachtaí’, ina dtugtar mionsonraí ar obair leantach staidrimh ar mholtaí, réitigh agus moltaí an Ombudsman, ach ina dtugtar samplaí nithiúla tionchair freisin;

45.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an Coiste um Rialú Buiséadach ag tnúth go mór le foghlaim faoi obair an Ombudsman ar thrédhearcacht agus cuntasacht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, a ndéanfadh an Coiste scrúdú air chun a áirithiú go gcaithfear cistí ar an mbealach ceart; á iarraidh ar an Ombudsman an t-údarás buiséadach a chur ar an eolas go tréimhsiúil faoi na deacrachtaí a bhíonn ann, ach freisin faoi na ceachtanna a foghlaimíodh do mhaoiniú amach anseo;

Cumarsáid

46.

ag tabhairt dá haire gur lean an Oifig dá suíomh gréasáin a fhorbairt chun é a dhéanamh níos éasca do dhaoine den phobal ar spéis leo fiosrúcháin a aimsiú agus, i gcoitinne, é a dhéanamh níos tarraingtí d’úsáideoirí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhféadfadh úsáid SoMes cur leis an eolas ar obair an Ombudsman, mar a rinneadh í le linn 2021, ag díriú go háirithe ar an gceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid an Aontais;

(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom (IO L 253, 16.7.2021, lch. 1).

(2)  https://som.yale.edu/story/2022/over-1000-companies-have-curtailed-operations-russia-some-remain


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/157


CINNEADH (AE) 2023/1837 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IX – an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0235/2022) (2),

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí le haghaidh 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí (3),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart bunúsach arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta ,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0070/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i leith chur chun feidhme bhuiséid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a chuid barúlacha sa rún thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an Ombudsman Eorpach agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(4)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(5)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/158


RÚN (AE) 2023/1838 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IX – an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn IX – an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0070/2023),

A.

de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadúcháin fheidhmíochtbhunaithe agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;

B.

de bhrí gur ceart bunúsach í an chosaint sonraí, a chosnaítear leis an dlí Eorpach agus a chumhdaítear in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

C.

de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh comhlíonadh na rialacha a bhaineann le cosaint daoine aonair, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leo, faoi réir rialú ag údarás neamhspleách;

D.

de bhrí go ndéantar foráil le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le bunú údaráis neamhspleách, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (‘an Maoirseoir’), atá freagrach as an gceart chun cosanta sonraí agus príobháideachais a chosaint agus a ráthú, agus a bhfuil sé de chúram air a áirithiú go nglacann institiúidí agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais le cultúr láidir cosanta sonraí;

E.

de bhrí go gcuireann an Maoirseoir a chuid feidhmeanna i gcrích i ndlúthchomhar leis na comh-Údaráis um chosaint sonraí (ÚCSanna) mar chuid den Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB), agus go bhfónann sé do leas an phobail agus prionsabail na neamhchlaontachta, na sláine, na trédhearcachta agus an phragmatachais á threorú;

F.

de bhrí go dtarmligfidh an Maoirseoir cumhachtaí an Oifigigh Údarúcháin chuig an Stiúrthóir i gcomhréir leis an gcairt cúraimí agus freagrachtaí a bhaineann le buiséad agus riarachán an Mhaoirseora dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 72(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus gurb é Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin a chomhlíonfaidh feidhm Oifigeach Cuntasaíochta an Mhaoirseora i gcomhréir le Cinneadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí an 1 Márta 2017;

1.

ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (‘an Maoirseoir’) faoi cheannteideal 7 CAI, ‘riarachán poiblí Eorpach’, agus gurbh é EUR 10.7 billiún san iomlán a bhí ann in 2021; ag tabhairt dá haire gur institiúid réasúnta beag é an Maoirseoir agus nach bhfuil sa bhuiséad ach thart ar 0,18 % den bhuiséad riaracháin iomlán;

2.

ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (‘an Chúirt’), ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021, a sampla d’idirbhearta atá faoi Riarachán ó 48 in 2020 go 60 in 2021;

3.

ag tabhairt dá haire go luann an Chúirt go léirítear ina cuid oibre le blianta fada go mbaineann riosca íseal leis an gcaiteachas sin ar an iomlán; ag tabhairt dá haire, áfach, nach gcuirtear aon fhaisnéis ábhartha faoin Maoirseoir ar fáil sa Tuarascáil Bhliantúil maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2021 agus á iarraidh ar an gCúirt sonraí cuimsitheacha a áireamh sna chéad tuarascálacha bliantúla eile maidir le cur i gcrích na gceanglas uile is gá le haghaidh nós imeachta um urscaoileadh comhsheasmhach;

4.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gur thug an Chúirt dá haire ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021 nár shainaithin sí aon saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an Maoirseoir;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

5.

ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear freisin le buiséad an Mhaoirseora obair Rúnaíocht neamhspleách an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí (‘an Bord’), mar a bhfuil an Maoirseoir ina chomhalta agus go gcuireann sé baill foirne ar fáil don Rúnaíocht;

6.

á chur in iúl gur geal léi tuarascáil bhliantúil 2021 a d’fhoilsigh an Maoirseoir; ag tabhairt dá haire go ndearna an Maoirseoir na spriocanna a leagtar amach in ocht gcinn de naoi bpríomhtháscaire feidhmíochta (KPInna) a bhaint amach nó a shárú in 2021;

7.

ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 19 463 193 buiséad an Mhaoirseora in 2021, arb ionann é agus laghdú beag 0,07 % i gcomparáid le 2020; ar cheart é a mheas freisin, áfach, i bhfianaise gur tháinig méadú 16,3 % ar an mbuiséad ó 2019 go 2020, i gcomhthráth le tús phaindéim COVID-19 agus leis an méadú gaolmhar ar an ualach oibre;

8.

ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 86% ráta cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain 2021, arb ionann é agus méadú suntasach ó 2020 nuair ba ráta cur chun feidhme 73 % a bhí ann; ag admháil freisin gurb amhlaidh, in 2021, a bhí tionchar mór ag paindéim COVID-19 ar chur chun feidhme an bhuiséid, agus go raibh, thar aon ní eile, ócáidí, comhdhálacha agus misin fhisiciúla thar a bheith teoranta dá deasca;

9.

ag tabhairt dá haire gurbh é 89,60 % an ráta forghníomhúcháin a bhí ann in 2021 agus gurbh é 19,98 lá an meán-aga íocaíochta a bhí ann; ag spreagadh an Mhaoirseora chun an mhoill ar íocaíochtaí a laghdú trí réitigh leictreonacha a úsáid, rud a rannchuidíonn le húdaráis phoiblí a chur i riocht níos trédhearcaí agus níos inbhuanaithe;

10.

á chur in iúl gur geal léi gur lean an Maoirseoir, le linn 2021, den chur chuige a chur chun feidhme chun leibhéal níos airde éifeachtúlachta riaracháin a bhaint amach agus úsáid á baint as comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse agus páirt á glacadh aige i gcreatchonarthaí idirinstitiúideacha móra;

Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach

11.

ag admháil gur bliain dhúshlánach a bhí sa bhliain 2021 freisin, go háirithe de bharr phaindéim COVID-19, lenar cruthaíodh gá láithreach le dea-bhail na foirne a choimirciú agus, ag an am céanna, lenar cruthaíodh cúraimí nua lena n-áirítear bunú Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais agus faireachán a dhéanamh ar Fhoirmeacha Aimsiúcháin Paisinéirí, aipeanna rianaithe teagmhálaithe, agus teicneolaíochtaí eile a úsáidtear chun an víreas a chomhrac, agus a áirithiú go raibh siad i gcomhréir go hiomlán le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta;

12.

á chur in iúl gur geal léi gur chruthaigh an Maoirseoir tascfhórsa inmheánach COVID-19 láithreach chun faireachán agus measúnú gníomhach a dhéanamh ar fhreagairtí an Aontais ar an bpaindéim, rud a chruthaigh ceisteanna agus ábhair imní maidir le cosaint sonraí pearsanta agus cearta príobháideachais daoine aonair; á chur in iúl gur geal léi freisin gur sheol an Maoirseoir comórtas chun níos mó saineolaithe speisialaithe ar chosaint sonraí a fhostú agus go ndearna sé an eagraíocht inmheánach a oiriúnú chun an t-ualach oibre méadaithe maidir le cosaint sonraí a chur san áireamh;

13.

á chur in iúl gur geal léi go luann an Maoirseoir ina chuid freagraí ar rún maidir le hurscaoileadh na bliana seo caite gur chinn sé rialuithe ex-ante a threisiú trí sheicliostaí iomchuí agus gur chinn sé ball foirne lánaimseartha amháin a earcú i gcomhair fheidhm an Chomhordaitheora Rialúcháin Inmheánaigh chun nósanna imeachta inmheánacha a fheabhsú agus chun go mbeadh an eagraíocht níos éifeachtúla ón gcéad ráithe de 2023;

14.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Maoirseoir i mbun freachnamh athbhreithniúcháin ar Leanúnachas Gnó agus ar Bhainistiú Géarchéime le geallsealbhóirí ábhartha inmheánacha agus seachtracha tar éis measúnú inmheánach a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 agus mar a mhol Parlaimint na hEorpa freisin sa rún um urscaoileadh, 2020; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil an próiseas fós ar siúl agus go bhfuil sí ag dréim le tairbhiú de na ceachtanna a foghlaimíodh agus faoi na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh, 2022;

Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne

15.

ag tabhairt dá haire go raibh 132 bhall foirne ag an Maoirseoir ag deireadh 2021, arb ionann é agus méadú beag ó dheireadh 2020 nuair a bhí 124 bhall foirne ann agus méadú suntasach ó dheireadh 2019, nuair a bhí 107 mball foirne ann; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tháinig méadú ar líon na ngníomhairí ar conradh ó 37 ag deireadh 2020 go 49 ag deireadh 2021, ach gur tháinig laghdú ar líon na n-oifigeach ó 72 go 68 le linn na tréimhse céanna; ag spreagadh an Mhaoirseora chun conarthaí buana a chur ar fáil dá chuid fostaithe chun leanúnachas gnó agus cinnteacht oibre a ráthú; á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh an Maoirseoir aghaidh a thabhairt ar dhúshláin maidir le speisialtóirí a mhealladh a bhfuil an saineolas is gá acu i réimsí sonracha agus ag spreagadh an Mhaoirseora chun bealaí a fhiosrú chun infheictheacht a chuid folúntas a mhéadú;

16.

ag tabhairt dá haire nach mór don Mhaoirseoir déileáil lena cheithre oiread comhairliúchán reachtach i gcomparáid le 2019, agus ag tabhairt dá haire nach bhfuil ach ball foirne nua amháin ann chun an méadú sin ar an ualach oibre a sheasamh; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil méadú ollmhór ag teacht freisin ar na tacair sonraí in institiúidí an Aontais, a bhfuil an Maoirseoir freagrach as faireachán a dhéanamh orthu;

17.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gurb amhlaidh, ag deireadh 2021, a bhí méadú breise go 21, i gcomparáid le 20 ag deireadh 2020, tagtha ar líon na náisiúntachtaí de chuid an Aontais atá ar an bhfoireann; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chabhraigh ionadaíocht níos mó náisiúntachtaí le cothromaíocht gheografach níos fearr a fhorbairt san institiúid; á iarraidh ar an Maoirseoir leanúint de chomhionannas deiseanna agus cothromaíocht gheografach a chur chun cinn do na poist mheánbhainistíochta agus shinsearacha;

18.

ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil an dá phost ardbhainistíochta ag fir, gur mná iad 75 % (3 as 4) de phoist mheánbhainisteora; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, i measc na gcatagóirí ó GFII go GFIV, gur mná a bhí i 38 as 48 nduine, líon arb ionann é agus beagnach 80 %; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur mná iad 63 % den lucht saothair iomlán in 2021, méadú ó 58 % in 2020;

19.

á chur in iúl gur geal léi go luann an Maoirseoir sna freagraí a thug sé ar rún maidir le hurscaoileadh na bliana seo caite go leanfaidh foireann AD an Mhaoirseora an oiliúint ‘Laofacht Neamh-chomhfhiosach maidir le Roghnú agus Earcaíocht’ go rialta chun a áirithiú go gcuirfear an Straitéis Comhdheiseanna chun feidhme go maith;

20.

ag tabhairt dá haire gurb é 88 % an ráta fostaíochta a bhí ann ag deireadh 2021, ar ráta é atá íseal go leor; á thuiscint ag an am céanna go raibh roinnt nósanna imeachta roghnúcháin fós ar siúl ag deireadh 2021, cé gur coinníodh roinnt post ar oscailt in oirchill go bhfoilseofaí liosta na mbuaiteoirí cosanta sonraí ag deireadh an chéad seimeastair, 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach raibh aon phost sinsearach ná meánbhainistíochta folamh le linn 2021;

21.

á chur in iúl gur geal léi go raibh an Maoirseoir ag díriú ar fholláine mheabhrach an Mhaoirseora agus fhoireann an Bhoird araon a áirithiú le linn phaindéim COVID-19, lena n-áirítear, inter alia, trí chóitseáil aonair agus foirne araon a chur ar fáil;

22.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Maoirseoir tar éis an córas le haghaidh socruithe solúbtha oibre a fhorbairt, lena n-áirítear tríd an gcóras fleisc-ama lena gceadaítear don fhoireann cinneadh a dhéanamh ar bhonn laethúil i dtaobh cén uair idir 07:00 agus 20:30 a dhéanann siad a gcuid oibre a thosú agus a chríochnú; á chur in iúl gur geal léi freisin go bhfuil córas cruthaithe ag an Maoirseoir lena bhféadfaidh baill foirne carnadh a dhéanamh ar ragobair, ar féidir cúiteamh a dhéanamh ina leith;

23.

ag tabhairt dá haire go gceadaítear leis na rialacha atá ann faoi láthair do bhaill foirne teilea-obair a dhéanamh ar feadh trí lá ar a mhéad in aghaidh na seachtaine agus, i gcomhaontú leis an mbainisteoir líne, go bhféadfaí cead a thabhairt do roinnt baill foirne níos mó ná 60 % dá gcuid oibre a dhéanamh trí theilea-obair; á chur in iúl gur geal léi go gceadaítear, leis na rialacha teilea-oibre, do bhaill foirne oibriú lasmuigh den ionad fostaíochta ar feadh 15 lá ar a mhéad in aghaidh na bliana agus go bhféadfar 15 lá eile a chur leis sin ach formheas an údaráis ceapacháin a fháil ina leith sin; ag spreagadh an Mhaoirseora chun teilea-obair a cheadú aon uair is féidir má iarrann baill foirne í;

24.

ag tabhairt dá haire go bhfuil meitheal á bunú faoi láthair ag an Maoirseoir chun cur chuige straitéiseach a fhorbairt chun a áirithiú go ndéanfar an t-ualach oibre a chomhroinnt agus a dháileadh go cothrom i measc na foirne, bunaithe ar thorthaí suirbhéanna maidir le Sástacht na Foirne; á chur in iúl gur geal léi nár tuairiscíodh aon chás den tnáitheadh le linn 2021; á chur in iúl gur geal léi thairis sin gur thit líon na ndaoine ar shaoire bhreoiteachta agus líon na laethanta neamhláithreachta mar gheall ar shaoire bhreoiteachta in 2021 i gcomparáid le 2020;

25.

á chur in iúl gur geal léi nár tuairiscíodh aon chás den chiapadh síceolaíoch ná den ghnéaschiapadh i leith 2021 agus go n-áirithíonn an Maoirseoir go bhfanfaidh siad ar an airdeall chun a áirithiú nach dtarlóidh aon chás den sórt sin amach anseo;

26.

á chur in iúl gur geal léi go n-earcaíonn an Maoirseoir agus an Bord líon mór go leor oiliúnaithe de réir mhéid a institiúide; á chur in iúl gur geal léi freisin go bhfuair gach duine den ochtar oiliúnaithe a earcaíodh i mí an Mhárta 2021 agus den naonúr oiliúnaithe a earcaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2021 luach saothair;

Creat eitice agus trédhearcacht

27.

ag tabhairt dá haire go n-áirítear i gCreat Eitice an Mhaoirseora, a tugadh cothrom le dáta in 2019, i measc nithe eile, oiliúint éigeantach a thabhairt isteach do dhaoine nua maidir le ciapadh, coinbhleachtaí leasa a chosc agus réimsí eile eitice; ag tabhairt dá haire gur cuireadh oiliúint ar 25 dhuine sna réimsí sin le linn 2021 agus go gcaithfidh gach ball foirne a thagann isteach san institiúid Dearbhú rúndachta a shíniú agus nach mór dóibh a dhearbhú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann; á chur in iúl gur geal léi freisin go dtabharfar seisiún maidir le sceithireacht isteach le linn 2022;

28.

á iarraidh ar an Maoirseoir faisnéis a chur ar fáil maidir leis an gcód iompair do phoist ardbhainistíochta ar chinn sé tús a chur lena ndréachtú

29.

á chur in iúl gur geal léi nach raibh aon imscrúdú de chuid OLAF ann a bhain le baill foirne ón Maoirseoir nó ón mBord le linn 2021; ag tabhairt dá haire go raibh cás amháin de chuid an Ombudsman Eorpaigh ann a bhain leis an Maoirseoir in 2021, a dúnadh leis an gconclúid gur réitíodh é agus, dá bhrí sin, nár cuireadh aon mholtaí faoi bhráid an Mhaoirseora; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, nach raibh aon chásanna de choinbhleachtaí leasa ná de sceithireacht ann in 2021;

30.

ag tabhairt dá haire nach n-úsáideann an Maoirseoir an Clár Trédhearcachta Idirinstitiúideach faoi láthair ach go bhfoilsítear an Clár Oibre, cruinnithe taifeadta agus idirghabhálacha an Mhaoirseora, lena n-áirítear cruinnithe le hionadaithe leasmhara, ar shuíomh gréasáin an Mhaoirseora; ag iarraidh ar an gCoiste bailchríoch a chur ar a anailís inmheánach ar na roghanna atá ar fáil agus páirt a ghlacadh sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach;

31.

á chur in iúl gur geal léi an obair leantach a rinne an Maoirseoir ar iarraidh rochtana sonraí ó shaoránach; á thabhairt chun suntais, áfach, gur eisigh an Maoirseoir cinneadh sa chás sular seiceáladh agus sular suíodh na fíorais uile, cé go raibh an nós imeachta gearáin ar siúl le breis agus dhá bhliain agus go raibh sé fós ar siúl ag deireadh 2022; á iarraidh ar an Maoirseoir athbhreithniú a dhéanamh ar a rialacha nós imeachta chun a áirithiú go ndéanfaidh saoránaigh athbhreithniú éifeachtúil agus tráthúil ar ghearáin, agus an fhaisnéis ábhartha uile á cur san áireamh; (3)

32.

ag tabhairt dá haire nach raibh aon chás ann inar fhág ball foirne an institiúid chun dul isteach san earnáil phríobháideach in 2021 agus nach raibh aon chás a bhain le tréimhsí marana ann; á chur in iúl gur geal léi nach raibh aon chás ann ina bhfuair iarFheisirí, iarChoimisinéirí nó iaroifigigh ardleibhéil (ó AD14 aníos) airgead ón mbuiséad mar chomhairleoirí ná eile;

33.

á iarraidh go gcuirfí deireadh le húsáid cuideachtaí seachtracha a leanann, de réir rangú Ollscoil Yale (4), de bheith ag feidhmiú sa Rúis;

Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí

34.

ag tabhairt dá haire go raibh na gealltanais bhuiséadacha don bhliain 2021 20 % níos airde ná mar a bhí in 2020 maidir le tionscadail agus trealamh TF, lena n-áirítear trealamh físchomhdhála, lenar féidir cruinnithe hibrideacha a reáchtáil san eagraíocht;

35.

ag admháil sí go gcuireann Parlaimint na hEorpa a lán feidhmeanna lárnacha TF ar fáil, lena n-áirítear i réimse na cibearshlándála, mar Sholáthraí Seirbhísí Corparáideacha, faoi mar a dhéanann CERT-EU (an Fhoireann Práinnfhreagartha Ríomhaire); á iarraidh ar an Maoirseoir forléargas a choimeád ar na sonraí pearsanta a mhalartaítear i measc institiúidí an Aontais chun an chibearshlándáil a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil bearta á ndéanamh ag an Maoirseoir, mar sin féin, chun a éifeachtacht dhigiteach agus a shlándáil dhigiteach a fheabhsú, lena n-áirítear trí oiliúint rialta um ardú feasachta ar an gcibearshlándáil a sholáthar don fhoireann go léir, lena n-áirítear trí oiliúint a thabhairt isteach do dhaoine nua;

36.

á chur in iúl gur mór aici go leanann an Maoirseoir d’úsáid uirlisí foinse oscailte a phíolótú agus a chur ar taispeáint chun cosc a chur ar ghaibhniú díoltóirí, chun smacht a choinneáil ar chórais theicniúla, chun coimircí níos láidre a chur ar fáil do phríobháideachas agus cosaint sonraí an úsáideora, agus chun slándáil agus trédhearcacht a mhéadú don phobal, mar mhalairt ar uirlisí dílsithe; ag spreagadh an Mhaoirseora chun tosca den sórt sin a chur in iúl d’institiúidí eile de chuid an Aontais;

37.

á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh nua TechSonar arb é is aidhm dó faireachán a dhéanamh ar threochtaí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn chun tuiscint níos fearr a fháil ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar dhaoine aonair agus chun todhchaí dhigiteach inbhuanaithe a áirithiú ina ráthaítear cosaint sonraí pearsanta;

38.

á mheabhrú gur dócha go dtiocfaidh méadú breise ar ualach oibre an Mhaoirseora mar gheall ar an treocht digiteála atá ag dul i méid san Aontas, mar gheall ar an athbhreithniú ar shainorduithe na ngníomhaireachtaí agus ar na tionscnaimh arna dtíolacadh ag an gCoimisiún go háirithe i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile, eadhon, na tuairimí maidir le sainordú Europol, DSA/DMA, Treoir NIS 2.0 agus na tuairimí comhpháirteacha maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus Deimhniú Digiteach COVID AE, is mór aici rannchuidiú an Mhaoirseora leis an obair reachtach i gcomhar leis an mBord; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé acmhainní daonna agus airgeadais a chur in oiriúint don ualach oibre atá ag dul i méid agus chun buiséad an Mhaoirseora a mhéadú dá réir;

Foirgnimh

39.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, tar éis imeacht an Ombudsman Eorpaigh ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2021, nach raibh aon tionónta ar Rue Montoyer 30 sa Bhruiséil, atá ligthe ar cíos chucu ag Parlaimint na hEorpa, ach an Maoirseoir agus an Bord; ag tabhairt dá haire gur athchóiríodh trí urlár san fhoirgneamh ina dhiaidh sin agus gur bhog breis agus 100 ball foirne de chuid an Mhaoirseora agus an Bhoird óna n-oifigí go hoifigí eile; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur bhain an t-athchóiriú le nuachóiriú agus oiriúnú an fhoirgnimh do dhálaí nua oibre tar éis phaindéim COVID-19, lena n-áirítear le córais iniompartha teileachomhdhála a chur leis;

40.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, i dtuarascáil 2020 maidir le hurscaoileadh, a mhol Parlaimint na hEorpa don Mhaoirseoir riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó daoine eile faoi mhíchumas a chur san áireamh ina straitéis foirgneamh; ag tabhairt dá haire go dtagraíonn an Maoirseoir sna freagraí don Chomhaontú Riaracháin atá aige le Parlaimint na hEorpa; ag spreagadh an Mhaoirseora, mar sin féin, chun aird ar leith a thabhairt ar an réimse sin ina straitéis foirgneamh;

Comhshaol agus inbhuanaitheacht

41.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Maoirseoir tar éis leanúint dá chuid oibre i dtreo a bheith ina institiúid gan pháipéar, lena n-áirítear trína áirithiú go mbainistítear go leictreonach an timthriall íocaíochta le haghaidh sonrasc, agus go ndéantar próisis roghnúcháin agus bhreithmheasa laistigh de AD a bhainistiú ar mhodh gan pháipéar;

42.

á chur in iúl gur geal léi go leanann an Maoirseoir de bheith ag spreagadh úsáid córas iompair phoiblí trí 50 % de na táillí míosúla/bliantúla ar chórais iompair phoiblí a aisíoc agus go leanann sé de dhóthain spáis a leithdháileadh ina shaoráidí garáiste don fhoireann chun a rothair a pháirceáil;

43.

ag tabhairt dá haire gur luaigh an Maoirseoir go gcuirfeadh sé tuairisc na bpleananna chun grianphainéil a shuiteáil ar an bhfoirgneamh atá ar cíos ag Parlaimint na hEorpa agus ag spreagadh an Mhaoirseora chun cás a dhéanamh ar son painéil den sórt sin a shuiteáil;

Comhar idirinstitiúideach

44.

á chur in iúl gur geal léi an comhar idir an Maoirseoir ina ról maoirseachta agus institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais agus go háirithe OIPE mar chomhlacht nuabhunaithe;

45.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dlúthfhaireachán á dhéanamh ag an Maoirseoir ar an meastóireacht atá á déanamh ag an mBanc Ceannais Eorpach ar thionscadal an euro digiteach maidir le saincheisteanna amhail an ceart chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a chosaint; ag aithint an ghá atá ag an Maoirseoir le hacmhainní breise chun maoirseacht a dhéanamh ar an tionscadal sin;

46.

á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh a mhol an Maoirseoir chun díorma tacaíochta saineolaithe a bhunú ina mbeidh an Bord agus saineolaithe seachtracha araon agus a bheidh in éineacht leis na hÚdaráis náisiúnta um Chosaint Sonraí ina gcuid oibre ar imscrúduithe agus ar ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin lena mbaineann leas coiteann suntasach;

47.

ag tabhairt dá haire go raibh idirphlé ag an Maoirseoir le Europol maidir leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar thacair sonraí ar mórscála chun a áirithiú go bpróiseáiltear sonraí ar bhealach comhlíontach; ag tabhairt dá haire gur leag an Maoirseoir béim roinnt uaireanta ó mhí Mheán Fómhair 2020 i leith ar an imní mhór atá air maidir le híoslaghdú sonraí agus coinneáil tacar sonraí nach bhfuil aicmiú ábhair sonraí ag gabháil leo; ag spreagadh an Mhaoirseora chun leanúint den idirphlé chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin;

48.

ag tabhairt dá haire nár thug an Maoirseoir aon chomhaontú idirinstitiúideach nua i gcrích le linn 2021 ach go bhfuil athbhreithniú déanta aige ar Chomhaontú Riaracháin le Parlaimint na hEorpa d’fhonn buanoifig Maoirseora a chruthú in áitreabh na Parlaiminte in Strasbourg, rud a fhágfaidh go bhféadfaidh nasc níos dlúithe a bheith ann freisin le Comhairle na hEorpa agus go n-éascófar cigireachtaí rialta ar bhunachair sonraí eu-LISA, a dhéanann sonraí pearsanta ar scála mór a phróiseáil;

49.

ag aithint an dá imscrúdú a bhaineann le haistrithe sonraí pearsanta chuig tíortha neamh-AE/LEE a seoladh faoi chuimsiú Straitéis Schrems II an Mhaoirseora;

Cumarsáid

50.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gur eagraigh an Maoirseoir roinnt ócáidí in 2021, lenar cuireadh freisin lena ról agus leis an tuiscint ar a mhisean i measc an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear an Lá Cosanta Sonraí, Lá na hEorpa, comhdháil agus podchraoltaí an Mhaoirseora, Cruinniú Mullaigh Maoirseoirí na Sochaí Sibhialta, na Ríomhairí bliantúla, an Chomhdháil maidir le Príobháideachas agus Cosaint Sonraí, an Tionól Príobháideachais Domhanda agus an chomhdháil maidir le Todhchaí na Cosanta Sonraí;

51.

á chur in iúl gur mór aici gur ullmhaigh an Maoirseoir céim phíolótach phoiblí ina bhfuil dhá ardán meán sóisialta, EU Voice agus EU Video, a seoladh in 2022 chun úsáid teicneolaíochtaí atá díláraithe, saor in aisce agus bunaithe ar fhoinse oscailte a chur chun cinn mar mhalairt ar líonraí sóisialta; á chur in iúl go dtuigeann sí go gcuireann na tionscnaimh phíolótacha sin le straitéis an Aontais maidir le sonraí agus ceannasacht dhigiteach a bhfuil sé mar aidhm léi neamhspleáchas an Aontais a chothú sa saol digiteach;

52.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Mhaoirseora faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí atá ag teacht chun cinn sa teicneolaíocht agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar chosaint sonraí agus ar phríobháideachas, agus na forbairtí sin a mhíniú don phobal i gcoitinne, trí thuarascálacha TechDispatch agus TechSonar; ag aithint go bhfuil gá le fostaithe cáilithe teicniúla breise chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach chuí ar na cúraimí sin; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici go bhfuair tionscnamh TechDispatch Gradam 2021 maidir le Príobháideachas Domhanda agus Cosaint Sonraí sa chatagóir ‘Oideachas agus Feasacht an Phobail’, tráth an 43ú Comhthionól Domhanda Príobháideachais, 2021; ag spreagadh an Mhaoirseora chun a acmhainneachtaí a mhéadú i réimse an fhaireacháin teicneolaíochta agus feachtais faisnéise a sheoladh maidir lena fhionnachtana agus lena mholtaí.

(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(3)  Baineann sé sin le cás an Uasail van der Linde, saoránach Ollannach, a tuairiscíodh sna meáin. Dá bhféadfaí an nós imeachta ar fad a láimhseáil ar bhealach níos tapa, d’fhéadfadh sé go mbeadh an saoránach sásta le toradh an ghearáin a comhdaíodh le MECS (cuireadh an gearán chuig MECS sa dara leath de 2020).

(4)  https://som.yale.edu/story/2022/over-1000-companies-have-curtailed-operations-russia-some-remain


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/165


CINNEADH (AE) 2023/1839 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn X – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022)0323 – C9-0236/2022) (2),

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an Choimisiúin chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021 (COM(2022) 292),

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagal 59, Airteagal 118 agus Airteagal 260 go hAirteagal 263 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0088/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh sin, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig an Ombudsman Eorpach agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(4)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(5)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/166


RÚN (AE) 2023/1840 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn X – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn X – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0088/2023),

A.

de bhrí go bhfuil an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) freagrach as caiteachas riaracháin a Ceanncheathrú sa Bhruiséil a bhainistiú agus as an líonra de 144 thoscaireacht agus oifigí de chuid an Aontais;

B.

de bhrí go ndearnadh freagracht SEGS a leathnú chun bainistiú riaracháin fhoireann an Choimisiúin sna toscaireachtaí a chumhdach trí shraith Shocruithe ar Leibhéal Seirbhíse (SLAnna);

C.

de bhrí gurb é an ról atá ag na toscaireachtaí ná ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas agus ar a shaoránaigh ar fud an domhain trí líonraí agus trí chomhpháirtíochtaí a fhorbairt, agus luachanna agus leasanna an Aontais a chur chun cinn;

D.

de bhrí gurb ionann fós saintréithiúlacht SEGS ina nádúr agus ina thionscnamh, amhail a bhí nuair a bunaíodh é trí bhaill foirne a chumasc le ranna caidrimh sheachtraigh na Comhairle agus an Choimisiúin, ina ndearnadh taidhleoirí ó na Ballstáit a chomhtháthú;

E.

de bhrí, faoi Rialacha Inmheánacha SEGS, go ngníomhaíonn Ard-Rúnaí SEGS mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean don institiúid agus go bhfuil ról an phríomhoifigigh údarúcháin trí fhotharmligean ag an Ard-Stiúrthóir um bainistiú acmhainní;

F.

de bhrí go bhfuil cur chun feidhme an bhuiséid faoi rialú ag an Rialachán Airgeadais agus ag na Rialacha Inmheánacha maidir le cur chun feidhme Bhuiséad SEGS;

1.

Ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad SEGS faoi cheannteideal 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI), ‘Riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 10,7 billiún san iomlán in 2021; ag tabhairt dá haire gurb ionann buiséad SEGS (íocaíochtaí, lena n-áirítear ranníocaíochtaí ón gCoimisiún) agus thart ar 9 % den bhuiséad riaracháin iomlán faoi cheannteideal 7 CAI;

2.

Ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh an Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (an ‘Chúirt’) ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2021 a sampla d’idirbhearta faoi Riarachán ó 48 in 2020 go 60 in 2021;

3.

Ag tabhairt dá haire go luann an Chúirt go léiríonn a cuid oibre le blianta fada go mbaineann riosca íseal leis an gcaiteachas sin ar an iomlán; á iarraidh ar an gCúirt, áfach, sonraí níos cuimsithí maidir le cur i gcrích na gceanglas uile is gá le haghaidh nós imeachta urscaoilte comhsheasmhach a chur san áireamh sna chéad tuarascálacha bliantúla eile.

4.

Ag tabhairt dá haire go luann an Chúirt gur aimsigh sí dhá earráid inchainníochtaithe in íocaíochtaí a rinne SEGS, gur bhain ceann amháin acu leis an bhfíoras nach raibh conradh bunúsach le haghaidh seirbhísí a fuair Toscaireacht de chuid an Aontais, agus bhain an ceann eile le liúntais a íocadh le ball foirne nár dhearbhaigh athruithe a tharla le déanaí ar a staid phearsanta;

5.

Ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go dtugann an Chúirt dá haire freisin nár aimsigh sí aon saincheisteanna suntasacha leis na córais mhaoirseachta agus rialaithe a scrúdaigh sí ag SEGS;

6.

Ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur aimsigh an Chúirt in 2015 go raibh laigí suntasacha ann a bhain le nósanna imeachta soláthair agus earcaíochta arna n-eagrú ag Toscaireachtaí an Aontais; ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt obair leantach ar na barúlacha sin in 2021 trí scrúdú a dhéanamh ar shampla de dheich nós imeachta soláthair agus ocht nós imeachta earcaíochta áitiúla arna n-eagrú ag Toscaireachtaí an Aontais; ag tabhairt dá haire go ndearna SEGS feabhsuithe ar an bpróiseas soláthair in 2019 trí nósanna imeachta oibre ag Toscaireachtaí an Aontais a shimpliú agus a nuachóiriú, trí roinnt próiseas a lárú sa cheanncheathrú, trí theimpléid nua le haghaidh doiciméadacht soláthair a chruthú agus go ndearna sé athbhreithniú ar na rialacha agus na coinníollacha lena rialaítear fostú gníomhairí áitiúla i dToscaireachtaí de chuid an Aontais agus rialuithe ex ante sular earcaíodh iad; ar deireadh, ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, gur aimsigh an Chúirt i gcúig cinn de na deich nós imeachta soláthair a scrúdaíodh roinnt easnamh maidir leis an gcaoi ar chuir Toscaireachtaí an Aontais rialacha soláthair phoiblí i bhfeidhm agus gur aimsigh sí roinnt laigí sna hocht nós imeachta earcaíochta le haghaidh gníomhairí áitiúla; á iarraidh ar SEGS gníomhaíocht a dhéanamh chun réiteach a fháil ar na fadhbanna as a n-eascraíonn na hearráidí soláthair a sainaithnítear agus chun go seachnófar sáruithe amach anseo ar na rialacha ábhartha;

7.

Ag spreagadh go mór do SEGS bearta iomchuí a dhéanamh amhail feabhas a chur ar oiliúint agus ar threoirlínte agus teimpléid le haghaidh doiciméadacht soláthair, chun líon na n-earráidí a laghdú a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta soláthair agus earcaíochta arna n-eagrú ag Toscaireachtaí an Aontais agus tuairisciú do na húdaráis um urscaoileadh maidir leis na bearta a rinneadh;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

8.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, gurbh é EUR 767 626 000 an buiséad do SEGS, arb ionann é agus méadú 5,0 % i gcoibhneas le 2020, rud atá an-chosúil leis an méadú 5,2 % in 2020 i gcomparáid le 2019; á thabhairt faoi deara, sa bhreis ar a bhuiséad féin, go raibh méid EUR 211 200 000 ar fáil ag SEGS freisin (lena n-áirítear ioncaim shannta agus méideanna a tugadh anonn) ón gCoimisiún chun costais riaracháin a ball foirne atá ag obair i dtoscaireachtaí an Aontais a chumhdach; ag tabhairt dá haire, mar aon le méideanna eile, go bhfuair SEGS ranníocaíochtaí freisin chun costais choiteanna fhoireann an Chiste Eorpaigh Forbraíochta i dToscaireachtaí a chumhdach, rud a thug na méideanna buiséadacha iomlána (leithreasuithe faoi chomhair gealltanais) arna mbainistiú ag SEGS go EUR 1 091,1 milliún;

9.

Ag tabhairt dá haire go ndearnadh 99,4 % de bhuiséad críochnaitheach SEGS i ngealltanais a fhorghníomhú in 2021, céatadán atá níos airde ná mar a bhí in 2020 nuair a ndearnadh 95,0 % a fhorghníomhú; ag tabhairt dá haire go ndearnadh 84,5 % den bhuiséad le haghaidh 2021 a fhorghníomhú in íocaíochtaí, beagán níos airde ná 2020, nuair a ndearnadh 82,3 % a fhorghníomhú;

10.

Ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad deiridh do Cheanncheathrú SEGS, tar éis aistrithe, agus EUR 295 mhilliún as ar cuireadh EUR 290,5 milliún i ngníomh arb ionann é agus 98,5 %; ag tabhairt dá haire go ndearnadh EUR 238,3 milliún in íocaíochtaí arb ionann é agus 80,8 % a fhorghníomhú;

11.

Ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad críochnaitheach do Cheanncheathrú SEGS, tar éis aistrithe, agus EUR 472,6 milliún as ar cuireadh EUR 472,4 milliún i ngníomh arb ionann é agus 99,9 %; ag tabhairt dá haire go ndearnadh EUR 410,1 milliún in íocaíochtaí arb ionann é agus 86,8 % a fhorghníomhú;

12.

Ag tabhairt dá haire, mar gheall ar phaindéim COVID-19, gur méadaíodh an buiséad le haghaidh TF le linn na bliana 2021, agus gur laghdaíodh an buiséad do mhíreanna éagsúla lena n-áirítear tuarastail; ag tabhairt dá haire gur chuir SEGS an t-údarás buiséadach eolas ar fáil faoi thrí aistriú le linn 2021, a ndearnadh dhá cheann díobh chun déileáil leis an gcaiteachas breise a bhí ann i ngeall ar phaindéim COVID-19 agus ar an réiteach cuntas ag deireadh na bliana;

13.

Ag tabhairt dá haire go raibh 131 352 íocaíocht ag SEGS in 2021, as ar íocadh 115 060, arb ionann é agus 87,6 % díobh laistigh den teorainn ama; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 18 lá an meán-am glaníocaíochta agus gurbh é 24 % céatadán an tsonraisc leictreonaigh;

14.

Ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di gur shínigh SEGS líon suntasach Comhaontuithe Seirbhíse go príomha leis an gCoimisiún ach freisin le hinstitiúidí eile lena gcumhdaítear níos mó ná 70 seirbhís éagsúil arna soláthar ag 16 eintiteas; ag tabhairt dá haire thairis sin go n-oibríonn cuntasóir an Choimisiúin (Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid) fós mar chuntasóir SEGS ach go bhfuil méadú tagtha ar a chumas féin chun roinnt feidhmeanna cuntasaíochta a láimhseáil chomh maith le feidhmeanna cuntasaíochta le toscaireachtaí freisin;

15.

Ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go bhfuil líon na gcomhaontuithe comhlonnaithe ina bhfuil na Ballstáit agus eintitis eile de chuid an Aontais lonnaithe i dToscaireachtaí an Aontais ag méadú i gcónaí agus gur shroich siad 115 chomhaontú i 67 dtoscaireacht de chuid an Aontais le 36 chomhpháirtí san iomlán;

Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach

16.

Ag tabhairt dá haire gur chuir SEGS chun feidhme in 2021 an t-atheagrú is mó ar a sheirbhís ó bunaíodh í in 2011, lenar bunaíodh sé roinn mhóra gheografacha agus Oifig an Ard-Rúnaí chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair; ag tabhairt dá haire gur cruthaíodh Stiúrthóireacht nua um Chumarsáid Straitéiseach agus um Fhadbhreathnaitheacht freisin trí dhá Rannán Cumarsáide Straitéisí agus an Rannán um Pleanáil Beartais agus um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach a chumasc chun an bhréagaisnéis a láimhseáil ar bhealach níos fearr;

17.

Ag tabhairt dá haire go raibh dálaí oibre SEGS fós buailte go mór ag paindéim COVID-19 le linn 2021; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go ndearnadh coigilteas ar thuarastail mar gheall ar nósanna imeachta earcaíochta níos moille agus ar mhisin, ar chruinnithe, ar chomhdhálacha etc.; ag tabhairt dá haire gur chruthaigh an phaindéim deiseanna freisin chun bréagaisnéis agus cúbláil eachtrach agus trasnaíocht eachtrach a scaipeadh agus, dá bhrí sin, gur chuir sí leis na dúshláin do SEGS;

18.

Ag tabhairt dá haire go raibh roinnt géarchéimeanna slándála os comhair SEGS in 2021 san Afganastáin, sa tSaiheil agus san Aetóip, ina raibh sé sách déanach na hathruithe ar an láthair a chur ar an eolas agus freagairt dóibh, rud ba chúis le haslonnú tapa phearsanra an Aontais;

19.

Ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di nár chuir aon Toscaireacht de chuid an Aontais forchoimeádais isteach in 2021;

20.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil gnéithe éagsúla d’obair SEGS á n-iniúchadh ag a hIniúchóir Inmheánach, ag Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin agus ag an gCúirt Iniúchóirí; ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil sé tábhachtach rialuithe agus iniúchtaí críochnúla a áirithiú, go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna dúbailt a sheachaint;

21.

Ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di gur chinn Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin ina ‘Tuarascáil Bhliantúil ar iniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021’, maidir le trí iniúchadh a rinneadh roimhe sin a bhaineann le comhordú idir an Coimisiún agus SEGS, gur cuireadh na moltaí uile chun feidhme;

22.

Ag tabhairt dá haire go raibh Rannán Iniúchóireachta Inmheánaí (IAD) de chuid SEGS ag díriú go príomha ar chaiteachas foirne ina phlean don tréimhse 2018-2021, arb ionann é agus níos mó ná 50 % de chaiteachas SEGS; ag tabhairt dá haire go ndíreofar i bplean IAD don tréimhse 2022-2024 ar réimsí eile nár cumhdaíodh roimhe seo, mar shampla slándáil, bonneagar agus TF; á iarraidh ar SEGS an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi thorthaí an iniúchta inmheánaigh sin;

23.

Ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go ndéantar idirbhearta airgeadais uile bhuiséad SEGS a taifeadadh le linn bhliain bhuiséid 2021 a rialú trí shamplaí srathaithe randamacha trí úsáid a bhaint as modheolaíocht atá cosúil leis an modheolaíocht a úsáideann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa;

Acmhainní daonna, comhionannas agus folláine na foirne

24.

Ag tabhairt dá haire go raibh 5 072 bhall foirne earcaithe ag SEGS ag deireadh 2021 agus gur oibrigh 2 303 (45,4 %) díobh ag Ceanncheathrú SEGS agus go raibh 2 769 (54,6 %) ag obair i dToscaireachtaí agus Oifigí de chuid an Aontais ar fud an domhain; ag tabhairt dá haire gur méadú suntasach 9,2 % é sin ó 4 643 bhall foirne in 2020, as ar oibrigh 2 286 duine i gCeanncheathrú SEGS agus d’oibrigh 2 357 i dToscaireachtaí agus in oifigí; ag tabhairt dá haire gur tharla an chuid is mó den mhéadú i dToscaireachtaí agus in Oifigí inar aistríodh breis agus 450 post mar ghníomhairí áitiúla ón gCoimisiún chuig buiséad SEGS; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, go bhfuair SEGS 47 gcoibhéis lánaimseartha bhreise ón Údarás Buiséadach in 2021;

25.

Ag tabhairt dá haire go raibh an fhoireann ag deireadh 2021 comhdhéanta de 1 706 oifigeach agus gníomhaire sealadach, 1 543 ghníomhaire áitiúil, 567 ngníomhaire ar conradh, 467 saineolaí náisiúnta ar iasacht, 43 ghairmí sóisearacha i dToscaireachtaí an Aontais agus 746 bhall foirne agus oiliúnaí seachtrach eile; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, go raibh 3 327 bhall foirne den Choimisiún fostaithe i dToscaireachtaí an Aontais;

26.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, gurbh ionann mná agus 46,7 % d’fhoireann SEGS, laghdú beagán ó 48,7 % ag deireadh 2020; ag tabhairt dá haire, áfach, gurb ionann mná agus 37,4 % de phoist AD, ar méadú ó 37,3 % é in 2020; ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go raibh méadú coibhneasta ar líon na mban i ngach post bainistíochta, inar tháinig méadú ar líon na mban sa mheánbhainistíocht ó 32,7 % in 2020 go 35,4 % in 2021, agus gur mhéadaigh líon na mban sa bhainistíocht shinsearach ó 25,5 % go 26,3 % agus gur mhéadaigh líon na mban mar cheann toscaireachta ó 27,1 % go 29,4 %; ag spreagadh do SEGS chun dea-shampla a thabhairt maidir le líon na mban a mhéadú mar cheann toscaireachtaí agus páirt a ghlacadh i dtaidhleoireacht fheimineach, go háirithe i dtríú tíortha ina bhfuil caighdeáin níos ísle maidir le comhionannas inscne, agus é mar aidhm cearta na mban agus rialachas cuimsitheach a chur chun cinn;

27.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Ambasadóir um Inscne agus Éagsúlacht ceaptha ag SEGS chun feasacht agus breithniú a mhúscailt i dtaidhleoireacht, in idirphlé polaitiúil agus i gcinntí beartais; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go bhfuil SEGS, mar chuid de straitéis #NoWomanNoEUDiplomacy, ag oscailt cláir mheantóireachta do mhná i ngrád AST agus i ngráid AD níos ísle chun conair ghairme chuig poist níos sinsearaí a thairiscint dóibh; á iarraidh ar SEGS leanúint dá fócas ar chothromaíocht inscne na foirne agus na bainistíochta a áirithiú agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le tionscnaimh agus dul chun cinn chun i ndáil leis an méid sin a bhaint amach;

28.

Á iarraidh go mbeadh straitéisí éifeachtacha oiliúna i dtaobh inscne ann in SEGS; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh in acmhainní agus i saineolas chun straitéisí oiliúna agus oideachais a fhorbairt atá dírithe ar chur chuige comhionannais inscne a chur i bhfeidhm maidir le beartais agus cláir idirnáisiúnta chun fíorathrú cultúir a bhaint amach laistigh de SEGS; á shonrú gur cheart aird ar leith a thabhairt ar shásraí príomhshruthaithe inscne a chomhtháthú, ar aghaidh a thabhairt ar an mbuiséadú inscne, ar mheasúnuithe tionchair inscne agus ar dhul i ngleic le foréigean inscnebhunaithe; á mholadh go nglacfaí clár oiliúna cuimsitheach chun Plean Gníomhaíochta Inscne III a chur chun feidhme go leormhaith ar gach leibhéal de SEGS;

29.

Ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go bhfuil ionadaíocht ag na Ballstáit uile ar an bhfoireann agus, go háirithe, go bhfuil líon coibhneasta na mball foirne ó na Ballstáit a tháinig isteach in 2004 nó níos déanaí (AE13) tar éis méadú agus a áirithiú go bhfuil dáileadh níos réasúnta ar an bhfoireann fhoriomlán; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil ard-mhíchothromaíochtaí ann fós ag leibhéal na bainistíochta in ainneoin iarrataí leanúnacha ó Pharlaimint na hEorpa dul i ngleic leis an tsaincheist sin; á chur in iúl gur chúis imní di nach bhfuil ionadaíocht ach ag 24 Bhallstát i measc Ambasadóirí SEGS agus go bhfuil an dáileadh níos neamhionann agus go bhfuil 82 phost as 135 phost ag na cúig Bhallstát a bhfuil formhór na n-ambasadóirí acu (an Fhrainc 19, an Ghearmáin 18, an Spáinn 17, an Iodáil 16 agus an Bheilg 12), arb ionann é agus 61 %; á chur i bhfios go láidir gur chúis imní di an mhíchothromaíocht gheografach a bhaineann le poist Chinn na dToscaireachtaí agus ag athdhearbhú a hiarrata ar SEGS an chothromaíocht gheografach a fheabhsú ó thaobh ionadaíochta de chun go mbeadh ionadaíocht chuí ar náisiúnaigh ó gach Ballstát;

30.

Á chur i bhfios go láidir go gcuimsíonn Ballstáit AE13 thart ar 23 % de dhaonra an Aontais; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú ar líon na mbainisteoirí meánacha ó Bhallstáit AE13 ó 13,8 % in 2020 go 16,2 % in 2021, gur tháinig méadú ar líon na mbainisteoirí sinsearacha ó na tíortha sin ó 7,3 % go 8,9 % agus gur mhéadaigh líon na n-ambasadóirí ó na tíortha sin ó 14,1 % in 2020 go 18 % in 2021; á chur i bhfáth nach mór do SEGS, mar is gá d’institiúidí uile an Aontais, a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chomhréireach ar na Ballstáit uile agus, ag an am céanna, nach mór dó inniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí a urramú; ag tathant ar SEGS an chothromaíocht gheografach a áirithiú chun go mbeadh ionadaíocht náisiúnta iomchuí ann ó gach Ballstát, lena léireofaí a gcuid éagsúlachtaí, mar a léirítear in Airteagal 27 de Rialacháin Foirne na nOifigeach; ag athdhearbhú a hiarrata ar SEGS leanúint le hidirghníomhú leis na Ballstáit chun a phoist a chur chun cinn i measc líonra na dtoscairí náisiúnta agus i measc an lucht acadúil;

31.

Ag tabhairt dá haire agus is ábhar imní di go raibh 15 phost mheánbhainistíochta agus cúig phost ardbhainistíochta i gCeanncheathrú SEGS agus cúig phost mheánbhainistíochta i dToscaireachtaí an Aontais folamh ar feadh meántréimhse 3 mhí in 2021, agus gur ghníomhaigh 15 chomhalta foirne i bpoist bhainistíochta le linn na bhfolúntas; ag spreagadh do SEGS a chuid folúntas agus deiseanna gairme a chur chun cinn ar bhealach níos fearr agus féachaint ar bhealaí le hearcaíocht pearsanra a fheabhsú;

32.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil SEGS ag leanúint den athchóiriú ar choinníollacha do ghníomhairí áitiúla a chur chun feidhme agus gur shínigh 62 % de na gníomhairí áitiúla don athchóiriú, a thugann le tuiscint, in éineacht le hearcaíochtaí nua tar éis an 1 Meitheamh 2020, gur cumhdaíodh níos mó ná 66 % de ghníomhairí áitiúla leis na rialacha nua faoin 31 Márta 2022; á iarraidh ar SEGS feabhas a chur ar an oiliúint agus an treoraíocht a thugann sé i dtaobh na nósanna imeachta d’earcú gníomhairí áitiúla ag Toscaireachtaí an Aontais chun a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta sin ag comhlíonadh phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne;

33.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil foireann SEGS údaraithe teilea-obair a dhéanamh suas le trí lá sa tseachtain i gCeanncheathrú SEGS agus lá amháin i dToscaireachtaí an Aontais; ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go gceadaíonn SEGS do bhaill foirne sa Cheanncheathrú agus do bhaill foirne easaoránacha i dToscaireachtaí an Aontais teilea-obair a dhéanamh 10 lá ó lasmuigh den áit fostaíochta, rud a d’fhéadfaí a mhéadú i gcásanna sonracha chun tacú le comhghleacaithe atá i staideanna casta teaghlaigh;

34.

Ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú 9,3 % ar líon na ndaoine a raibh neamhláithreacht acu de bharr breoiteachta, agus gur tháinig méadú 36 % ar líon na laethanta neamhláithreachta de dheasca tinnis; á mheas gur méadú measartha mór é sin agus á iarraidh ar SEGS imscrúdú breise a dhéanamh má tá aon ní ann is féidir a dhéanamh ó thaobh feabhas a chur ar dhálaí oibre fisiciúla agus meabhrach chun a áirithiú go dtiocfaidh feabhas ar an staid sna blianta atá le teacht; á iarraidh ar SEGS na bearta is gá a dhéanamh chun an riosca traochta a mhaolú agus chun dea-bhail a foirne a áirithiú;

35.

Ag tabhairt dá haire nach gcoimeádann SEGS sonraí maidir le míchumais foirne ach, i suirbhé a bhí dírithe ar gach ball foirne i gCeanncheathrú SEGS agus i dToscaireachtaí an Aontais, gur fhógair 24 as 1 075 fhreagra ó bhaill foirne go raibh míchumas buan orthu, agus d’fhógair 23 acu go raibh siad faoi mhíchumas gearrthéarmach nó sealadach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur iarr SEGS ar Thoscaireachtaí an Aontais faisnéis a chur ar fáil maidir le hoiriúnacht agus inrochtaineacht áitreabh agus na cathrach ina bhfuil sí lonnaithe, ar faisnéis í nach mór a mheas mar chéad chéim i dtreo a bheith in ann foireann faoi mhíchumas a chur chuig Toscaireachtaí freisin; á iarraidh ar SEGS leanúint de thuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le daoine faoi mhíchumas a chomhtháthú sa tseirbhís;

36.

Á chur in iúl gur geal léi na cláir éagsúla iasachta agus malartaithe atá ag SEGS le Ballstáit, le tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus le hinstitiúidí an Aontais, lena n-áirítear Parlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi go háirithe, mar gheall ar an bhfeabhas ar an staid arbh é paindéim COVID-19 ba chúis léi, gurbh fhéidir an clár idir SEGS agus an Pharlaimint a thosú an athuair ó mhí na Samhna 2021;

37.

Á chur in iúl gur geal léi go nglacann SEGS líon sách mór oiliúnaithe sa Cheanncheathrú agus i dToscaireachtaí an Aontais araon, 461 oiliúnaí san iomlán, agus ar an gcaoi sin go dtugann sé deis do go leor daoine óga taithí a fháil ar obair in institiúid de chuid an Aontais; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil liúntas míosúil á thabhairt do gach oiliúnaí sa Cheanncheathrú, agus gurb iad SEGS nó institiúidí eile a d’íoc formhór na n-oiliúnaithe i dToscaireachtaí (96 %); á iarraidh ar SEGS na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go bhfaighidh a cuid oiliúnaithe uile luach saothair cuibhiúil;

38.

Á mholadh go leanfaí leis na hiarrachtaí chun foireann lárnach SEGS a athnuachan agus Cór Taidhleoireachta Eorpach atá buan agus speisialaithe a fhorbairt trí chomórtais oscailte speisialaithe rialta, a bheidh dírithe ar dhaoine aonair a bhfuil éagsúlacht tallainne, scileanna agus acmhainneachta acu a earcú;

Creat eitice agus trédhearcacht

39.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach cloí le rialacha agus noirm maidir le hiompar eiticiúil agus trédhearcacht do gach institiúid phoiblí agus níos mó fós do SEGS a dhéanann ionadaíocht ar luachanna an Aontais ar fud an domhain i 144 Thoscaireacht agus Oifig dá cuid; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, gur ghlac SEGS le déanaí “Prionsabail na hiompraíochta gairmiúla”; á mholadh do SEGS oiliúint chórasach agus de sheisiúin feasachta a eagrú i réimse iompar cuí dá fhoireann go léir;

40.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil oiliúint san eitic á cur ar fáil ag SEGS faoi chuimsiú Sheisiúin Fháilte na Nuatheachtaithe agus mar chuid de sheimineáir réamhphoist d’Ambasadóirí an Aontais; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, agus gur díol sásaimh di go bhfuil sé d’oibleagáid ar bhainisteoirí ceaptha uile de chuid an Aontais cúrsa a leanúint maidir le ‘Timpeallacht oibre saor ó chiapadh a chruthú’; ag spreagadh do SEGS freisin cúrsa ginearálta a dhéanamh maidir leis an eitic mar chuid d’ullmhúcháin éigeantacha do phostú ag Toscaireachtaí agus ag Oifigí an Aontais;

41.

Ag tabhairt dá haire, le linn 2021, go ndearna an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúdú ar chúig chás a raibh baint ag foireann SEGS leo agus gur dúnadh ceithre cinn díobh sin gan moltaí agus gur cuireadh clabhsúr le moltaí ar cheann acu; á iarraidh ar SEGS faisnéis a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme na moltaí sin;

42.

Ag tabhairt dá haire nach raibh aon chumarsáid ag SEGS le OIPE, le linn 2021, ach go bhfuil SEGS réidh le comhoibriú agus gur ag OIPE atá tionscnamh le haghaidh Meabhrán Tuisceana féideartha idir an dá sheirbhís; ag tabhairt dá haire go bhfuil dlúthchomhar le OLAF agus OIPE araon tábhachtach i straitéis ghinearálta frithchalaoise;

43.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil SEGS i mbun nuashonrú ar a straitéis frithchalaoise de réir mhodheolaíocht 2021 agus treoir arna heisiúint ag OLAF maidir le straitéisí frithchalaoise; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé beartaithe ag SEGS a áirithiú go ndíreofar le cúrsaí oiliúna feasachta ar gach catagóir foirne; ag spreagadh do SEGS cúrsaí oiliúna den sórt sin a dhéanamh éigeantach do gach ball foirne a phostófar thar lear ar a laghad; á iarraidh ar SEGS an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoin straitéis nua nuair a bheidh sí tugtha chun críche, lena n-áirítear faisnéis faoina scaipeadh ar an bhfoireann;

44.

Ag tabhairt dá haire go bhfuair SEGS 16 iarraidh ón Ombudsman Eorpach as ar tháinig 13 chás ar an gconclúid nár tharla aon drochriarachán, cé gur braitheadh drochriarachán in aon chás amháin agus go bhfuil dhá chás fós oscailte; ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go bhfuil SEGS tiomanta obair leantach a dhéanamh ar na moltaí ón Ombudsman sa dá chás inar eisigh an tOmbudsman moltaí den sórt sin;

45.

Á iarraidh ar SEGS faireachán a dhéanamh ar sheasaimh na n-iarfhoirne sinsearacha agus na gceann toscaireachtaí, i bhfianaise an róil pholaitiúil íogair atá acu; á iarraidh ar SEGS athbhreithniú córasach a dhéanamh ar aistrithe a d‘fhéadfadh a bheith fadhbach don earnáil phríobháideach nó d’eagraíochtaí tríú tír agus leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar ghairm na n-iaroifigeach sinsearach go dtí deireadh na tréimhse marana éigeantaí, toisc go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa nach dtugtar aghaidh orthu forfheidhmiú ardchaighdeán eiticiúil ar fud riarachán an Aontais a chur i mbaol;

46.

Ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di gur láimhseáladh roinnt cásanna inar dhearbhaigh foireann misean go raibh coinbhleachtaí leasa ann trí na daoine a bhí i gceist a shaoradh ó chúraimí áirithe a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di gur chuir SEGS an tréimhse mharana i bhfeidhm do thriúr oifigeach atá ar scor ó theagmhálacha gairmiúla le hiar-chomhghleacaithe agus nach bhfuair SEGS aon ghearán faoi sháruithe ar an tréimhse mharana sin;

47.

Á iarraidh ar SEGS toirmeasc a chur ar gach oifigeach a d’fhág an tseirbhís ó bhrústocaireacht agus abhcóideacht ar feadh ré na tréimhse marana;

48.

Ag tathant ar SEGS obair leantach a dhéanamh gan a thuilleadh moille ar an bhfógra a thug sé go ndéanfadh sé a chuid forálacha neamhspleácha cur chun feidhme a ghlacadh agus a chur chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí agus tascanna seachtracha, lena gcruthaítear bunús dlí sui generis do Chinn na dToscaireachtaí chun íomhá agus clú an Aontais ina n-iomláine a chosaint ar bhealach níos fearr;

49.

Ag tabhairt dá haire nach bhfuil ról díreach ag SEGS i reachtaíocht an Aontais, ach mar sin féin go bhfuil ról tábhachtach aige maidir le cinntí a bhaineann le smachtbhannaí agus le caibidlíocht comhaontuithe trádála idirnáisiúnta, a bhfuil tionchar suntasach rialála acu; dá bhrí sin, go bhfeictear di go mbeadh sé thar a bheith ábhartha do SEGS dul isteach i gClár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh ar bhonn comhaontú ar leibhéal na seirbhíse; á iarraidh ar SEGS gach cruinniú le gach cineál eagraíochtaí brústocaireachta a fhoilsiú, lena n-áirítear eagraíochtaí brústocaireachta de chuid Chinn Thoscaireachtaí an Aontais, chun trédhearcacht a fheabhsú;

50.

Ag tabhairt dá haire agus is díol sásamh di nach raibh aon chásanna sceithireachta ann a tuairiscíodh in 2021 agus go gcuireann SEGS treoirlínte an Choimisiúin maidir le sceithireacht i bhfeidhm agus go gcuireann sí ar fáil iad ar inlíon SEGS;

51.

Á iarraidh go gcuirfí deireadh le húsáid cuideachtaí seachtracha a leanann, de réir rangú Ollscoil Yale (1), de bheith ag feidhmiú sa Rúis;

Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí

52.

Ag tabhairt dá haire, i gcomparáid le 2020, gur tháinig laghdú 6,4 % go EUR 22 290 743 ar infheistíocht i dtionscadail agus i dtrealamh TF, agus gur tháinig méadú 24,6 % go EUR 5 778 000 ar infheistíocht don tslándáil;

53.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil SEGS ag leanúint den trealamh teicniúil a uasghrádú agus a athnuachan le linn 2021 trí, mar shampla, bandaleithead líonra a dhúbailt chun eispéiris teilea-oibre a fheabhsú agus níos mó ná 500 saoráid físchomhdhála nua a shuiteáil sa Cheanncheathrú agus i dToscaireachtaí an Aontais; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go ndearna SEGS digitiú iomlán ar a cuid acmhainní daonna, sreafaí oibre riaracháin agus airgeadais, rud a mhéadaíonn éifeachtúlacht eagraíochtúil;

54.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ag éirí níos tábhachtaí an chibearshlándáil a chur san áireamh agus á chur in iúl gur geal léi go bhfuil córas Srianta nua de chuid an Aontais dáilte ag SEGS ar fud SEGS chun cumarsáid shlán ar leibhéal aicmiúcháin shrianta an Aontais a áirithiú agus go ndearnadh bearta chun a áirithiú go bhféadfadh Coimisinéirí Eorpacha agus daoine eile glaonna rúnaicmithe a chumasú; á chur in iúl gur geal léi go gcoinníonn SEGS faisnéis ard-rúnaicmithe i gcórais shlána, atá scoite amach go hiomlán ó líonraí eile agus ón idirlíon;

55.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil níos mó ná 16 000 cibearfholáireamh cruthaithe in 2021 mar thoradh ar réiteach SEGS maidir le Faireachán ar Theagmhais Slándála agus ar Theagmhais Slándála (SIEM), rud a d’fhág gur sainaithníodh 236 fíor-cibirionsaithe nár éirigh leo go léir i sáruithe sonraí; á iarraidh ar SEGS leanúint de bhéim láidir a chur ar an gcibearshlándáil agus ar bhagairtí hibrideacha, go háirithe iad siúd atá urraithe ag stáit eachtracha, agus oibriú i gcomhar le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus leis na Ballstáit chun bagairtí den sórt sin a shainaithint agus bonneagar an Aontais a chosaint a mhéid is féidir; á chur i bhfios go láidir gur príomhghnéithe de chreat éifeachtach cibearshlándála iad cibearfheasacht agus clár oiliúna córasach don fhoireann uile, lena n-áirítear an fhoireann bhainistíochta;

56.

Ag tabhairt dá haire le sásamh go ndearna an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí (MECS) trí chigireacht maidir le SEGS in 2021 agus go meastar na cigireachtaí uile a bheith dúnta gan barúlacha breise;

57.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil straitéis óstála glactha ag SEGS, lena n-áirithítear go bhfanfaidh an croí-inneachar gnó ar an áitreabh agus go bhfuil a cuid sonraí ar fhreastalaithe atá faoi úinéireacht agus faoi rialú díreach SEGS; á iarraidh i gcónaí ar SEGS a áirithiú nach ndéanfar sonraí an Aontais a mhéid is féidir, a stóráil ach amháin i saoráidí AE/LEE; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go leanann SEGS dá áirithiú go bhfuil faisnéis agus cumarsáid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta éasca le tuiscint agus i gcomhréir iomlán le reachtaíocht an Aontais;

58.

Ag tabhairt dá haire gur geal léi go bhfuil measúnú á dhéanamh ag SEGS ar réitigh foinse oscailte ar bhonn cothrom le réitigh foinse dílseánaigh agus go bhfuil sí ag baint úsáid as sraith táirgí foinse oscailte d’fhorbróirí, ag óstáil réiteach, freastalaithe feidhmchláir, agus ag sainaithint agus ag bainistiú rochtana;

59.

Ag tabhairt dá haire le sásamh gur ghlac SEGS beartas óstála agus go gcoinníonn sí stór lárnach de na córais faisnéise agus na seirbhísí teicniúla uile a bhaineann le feidhmchláir agus seirbhísí gnó; ag tabhairt dá haire, thairis sin, i gcás córais faisnéise atá á n-óstáil ar áitribh, go bhfuil an córas agus a cuid sonraí araon ar fhreastalaithe atá faoi úinéireacht agus á rialú go díreach ag SEGS agus go n-áirithíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí na rialuithe cosanta sonraí atá i bhfeidhm;

Foirgnimh

60.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil stoc foirgnimh an-mhór agus an-chasta ag SEGS ina bhfuil na foirgnimh ag an gCeanncheathrú sa Bhruiséil, thart ar 180 foirgneamh oifige agus 150 áit chónaithe d’Ambasadóirí an Aontais ar fud an domhain; á aontú gur dócha, sa Bhruiséil agus i bhformhór na dtíortha ar domhan inar féidir leis an Aontas a bheith ag súil go gcoinneofaí ionadaíocht ann, go mbeidh coigilteas ann san fhadtéarma ó bheith ina n-úinéirí ar na foirgnimh seachas iad a fháil ar cíos;

61.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tús curtha ag SEGS le spásanna oifige a chur in oiriúint do bhealaí nua oibre chun timpeallachtaí tarraingteacha oibre a chruthú agus chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtúla ó thaobh an chomhshaoil as a cuid foirgneamh; ag an am céanna á iarraidh go ndéanfaí forbairtí den sórt sin a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis an bhfoireann;

62.

Á chur in iúl gur geal léi go dtacaíonn SEGS le sprioc na haeráidneodrachta agus go bhfuil SEGS ag tabhairt tosaíochta d’fhoirgnimh a bhfuil deimhniú comhshaoil acu; ag spreagadh do SEGS bearta coigilte fuinnimh a chur chun feidhme sa stoc foirgneamh atá ann cheana; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil suiteáil fhótavoltach 355 m2 ar a dhíon suiteáilte ag SEGS cheana féin ag Ceanncheathrú an Aontais agus in 18 dtoscaireacht de chuid an Aontais agus ag spreagadh do SEGS a infheistíocht i ngrianphainéil a leathnú ar fud an domhain; á iarraidh ar SEGS anailís costais is tairbhe a dhéanamh go háirithe ar an gcóras atá suiteáilte san fhoirgneamh sa Bhruiséil d’fhonn é sin a roinnt le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais nach bhfuil córais den sórt sin suiteáilte acu go dtí seo;

63.

Ag tabhairt dá haire go leanann SEGS dá áirithiú go ndíreofar go mór ar an tslándáil sa Cheanncheathrú agus i dToscaireachtaí agus in Oifigí an Aontais araon; i bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ann cheana, á chur in iúl gur geal léi freisin go bhfuil dlús curtha leis an obair chun bagairtí spiaireachta a chosc; ag tacú go hiomlán le SEGS a bhearta sábháilteachta a mhéadú chun an fhoireann agus an bonneagar fisiciúil agus digiteach araon a chosaint ar bhagairtí agus ar ionsaithe;

Comhshaol agus inbhuanaitheacht

64.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Córas Bainistíochta Comhshaoil (EMS) curtha ar bun ag SEGS lena gcumhdaítear réimsí amhail coigilteas fuinnimh, soghluaisteacht foirne, uasteorainneacha astaíochtaí CO2 do charranna seirbhíse, teicneolaíocht faisnéise, soláthar glas agus athchúrsáil agus sórtáil dramhaíola etc., a fheabhsófar de réir a chéile;

65.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil tionscnaimh glactha agus curtha chun feidhme ag SEGS chun tacú le soghluaisteacht inbhuanaithe a foirne agus go bhfuil spriocanna leagtha síos aici do 2023 do thart ar 80 % den fhoireann chun modhanna iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a úsáid; á iarraidh ar SEGS tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach;

66.

Á chur in iúl gur geal léi gur chuir SEGS tús in mí an Mhárta 2021 le bailiú sonraí comhshaoil ó Thoscaireachtaí an Aontais a bhaineann le tomhaltas fuinnimh agus uisce, giniúint dramhaíola, comaitéireacht, tairiscintí glasa agus ídiú ábhar amhail páipéar agus breosla etc.; ag spreagadh do SEGS chun leanúint den tionscnamh sin agus é a leathnú chuig na Toscaireachtaí uile agus malartú dea-chleachtas i measc na dToscaireachtaí a éascú;

67.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil SEGS rannpháirteach sa Deasc chabhrach Idirinstitiúideach do Sholáthar Poiblí Glas agus go dtugtar tacaíocht maidir le critéir chomhshaoil do dhoiciméid soláthair do Thoscaireachtaí an Aontais; ag spreagadh go ndéanfaí critéir den sórt sin a chomhroinnt de réir a chéile i measc Thoscaireachtaí uile an Aontais agus á iarraidh ar SEGS tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn sa réimse sin;

Comhar idirinstitiúideach

68.

Á chur in iúl gur geal léi gur comhaontaíodh comhaontuithe idir SEGS agus an Coimisiún maidir le doiciméid ar leibhéal srianta a mhalartú agus gur comhaontaíodh Comhaontú Seirbhíse tiomnaithe idir SEGS agus Ardrúnaíocht na Comhairle agus an Coimisiún araon maidir le córais gutha agus teachtaireachtaí slána ardaicmithe a chur ar fáil, ar córais iad atá ag éirí níos tábhachtaí i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil;

69.

Á chur in iúl gur geal léi go ndearna SEGS Comhaontú Bunaíochta do Thoscaireacht an Aontais sa Ríocht Aontaithe a thabhairt i gcrích agus a shíniú;

70.

Á chur in iúl gur geal léi go ndearbhaíonn SEGS go bhfuil dea-chomhar aige le OLAF agus le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach, le cruinnithe rialta ar leibhéil éagsúla oibre d’fhonn calaois a chosc, imscrúduithe agus obair leanúnach iniúchóireachta a dhéanamh agus moltaí a chur chun feidhme; ag spreagadh go láidir do SEGS chun an cineál céanna muiníne agus comhair le OIPE a fhorbairt;

Cumarsáid

71.

Ag tabhairt dá haire gur mhó ná EUR 26,17 milliún buiséad SEGS do ghníomhaíochtaí cumarsáide straitéisí agus taidhleoireachta poiblí in 2021 lena dtacaítear le gníomhaíochtaí cumarsáide sa Cheanncheathrú agus i dToscaireachtaí uile an Aontais;

72.

Á chur in iúl gur geal léi go dtugtar tosaíochtaí sa chumarsáid do réimsí amhail luachanna agus leasanna an Aontais, freagairt do na géarchéimeanna sláinte idirnáisiúnta agus don ghníomhú ar son na haeráide agus gur dhírigh Toscaireachtaí an Aontais ar laethanta téamacha amhail Lá na hEorpa, Paráidí Pride, Lá na mBan, Seachtain na Taidhleoireachta Aeráide etc.;

73.

Ag spreagadh do SEGS chun dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí d’fhonn úsáid a bhaint as an dá ardán meán sóisialta foinse oscailte, EU-Voice agus EU-Video, a seoladh mar threoirthionscadal poiblí chun úsáid líonraí sóisialta foinse oscailte saor in aisce a chur chun cinn;

74.

Á thabhairt chun suntais go n-oibríonn SEGS go dlúth le comhpháirtithe na meán neamhspleách agus na sochaí sibhialta i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir chun a n-acmhainneacht a fhorbairt chun cur i gcoinne ionramháil faisnéise eachtrach agus bagairtí trasnaíochta; á chur in iúl gur geal léi go n-oibríonn SEGS i gcomhar leis an Úcráin chun tacú lena hiarrachtaí cumarsáide straitéisí i bhfianaise ionsaí míleata na Rúise gan chúis chun a áirithiú go ndéanfar ionramháil faisnéise na Rúise a nochtadh agus a chomhrac;

75.

Á iarraidh ar SEGS Toscaireachtaí an Aontais i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a neartú; á chur i bhfios go láidir gur gá cabhrú le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir atá ag fulaingt ó ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin agus beartais an Aontais a chur in iúl dá saoránaigh ar bhealach níos éifeachtaí;

76.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil infheistíocht shuntasach déanta ag SEGS chun an teacht aniar a neartú agus a chothú chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus an chur isteach eachtraigh i ngnóthaí an Aontais, lena n-áirítear trí atheagrú a dhéanamh ar an Rannán um Chumarsáid Straitéiseach in 2021 trí na foirne atá ag díriú ar an tSín a mhéadú, agus 27 Oifigeach Cumarsáide Straitéiseacha a earcú bunaithe i dToscaireachtaí an Aontais agus Ionaid um Chomhroinnt agus Anailísiú Faisnéise a bhunú ar fud an Aontais chun cur ar chumas SEGS dul i ngleic ar bhealach níos fearr le cúbláil agus cur isteach faisnéise; á chur i bhfáth gurb é SEGS an phríomhinstitiúid de chuid an Aontais atá freagrach as trasnaíocht eachtrach a ghleic;

77.

Á iarraidh arís ar SEGS ról Thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha a neartú chun atreisiú a dhéanamh ar a gcumas feachtais bhréagaisnéise atá ina mbagairt ar luachanna daonlathacha arna n-eagrú ag gníomhaithe eachtracha stáit a bhréagnú; á iarraidh freisin ar SEGS rannpháirtíocht Thoscaireachtaí an Aontais a neartú inár dtíortha comharsanacha agus i dtíortha na mBalcán Thiar chun tacú le beartas cumarsáide níos gníomhaí agus níos éifeachtaí maidir leis an bpeirspictíocht Eorpach agus an cúnamh is fearr is féidir a chur ar fáil do na tíortha atá ag gabháil d’athchóirithe atá ar son an daonlathais agus ar son na hEorpa; á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais leanúint dá n-iarrachtaí comhordaithe chun infheictheacht na dtionscadal atá cistithe ag an Aontas a mhéadú;

78.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an ráiteas ón Ardionadaí le linn Chomhdháil Bhliantúil Ambasadóirí AE 2022, nuair a dúirt sé go raibh tuarascálacha ó thoscaireachtaí an Aontais ródhéanach agus go raibh sé níos eolaí ó eagraíochtaí meán; á iarraidh ar SEGS tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na heasnaimh a sainaithníodh agus maidir leis na bearta atá le déanamh chun dul i ngleic leis na heasnaimh sin.

79.

Ag moladh do thoscaireachtaí an Aontais oibriú i gcomhar leis na gníomhaithe áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta i dtríú tíortha agus iad a chur chun cinn chun an t-idirphlé sóisialta agus idirphlé maidir leis an smacht reachta, na cearta bunúsacha agus an comhrac in aghaidh an éillithe a spreagadh; á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais dlúthfhaireachán a dhéanamh ar staid an daonlathais sna tíortha éagsúla agus tacaíocht lóistíochta agus theicneolaíoch a chur ar fáil do chosantóirí chearta an duine agus do chosantóirí na bpobal dúchasach, go háirithe do mhná; á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais leanúint dá n-iarrachtaí comhordaithe chun tionscadail arna gcistiú ag an Aontas a dhéanamh níos infheicthe, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí.

(1)  https://som.yale.edu/story/2022/over-1000-companies-have-curtailed-operations-russia-some-remain


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/176


CINNEADH (AE) 2023/1841 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) déag don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do na ráitis airgeadais agus do na cuntais ioncaim agus caiteachais don ochtú, don naoú, don deichiú agus don aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022)0321 – C9-0281/2022),

ag féachaint don fhaisnéis airgeadais maidir leis na Cistí Eorpacha Forbraíochta (COM(2022)321),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an ochtú, ag an naoú, ag an deichiú agus ag an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021, mar aon leis na freagraí ón gCoimisiún (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do na moltaí ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme oibríochtaí na gCistí Eorpacha Forbraíochta don bhliain airgeadais 2021 (05671/2023 – C9-0056/2023, 05672/2023 – C9-0057/2023, 05673/2023 – C9-0058/2023, 05674/2023 – C9-0059/2023),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2022)331),

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000  (3) agus a leasaíodh in Ouagadougou (Buircíne Fasó) an 22 Meitheamh 2010  (4),

ag féachaint do Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (‘an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear’) (5),

ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachas na dTíortha Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn) (6),

ag féachaint d’Airteagal 33 de Chomhaontú Inmheánach an 20 Nollaig 1995 idir ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, maidir le maoiniú agus riar scéim cabhrach an Chomhphobail faoin Dara Prótacal Airgeadais a ghabhann le ceathrú Coinbhinsiún ACC-CE (7),

ag féachaint d’Airteagal 32 de Chomhaontú Inmheánach an 18 Meán Fómhair 2000 idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, maidir le Maoiniú agus Riar Scéim Cabhrach an Chomhphobail faoin bPrótacal Airgeadais a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000 agus maidir le leithroinnt cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhme ag Cuid a Ceathair de Chonradh CE maidir leo (8),

ag féachaint d’Airteagal 11 de Chomhaontú Inmheánach an 24 agus an 26 Meitheamh 2013 idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, ar mhaoiniú scéim cabhrach an Aontais Eorpaigh faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus ar leithroinnt cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (9),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 74 de Rialachán Airgeadais an 16 Meitheamh 1998 is infheidhme maidir le comhar airgeadais forbraíochta faoi cheathrú Coinbhinsiún ACC-CE (10),

ag féachaint d’Airteagal 119 de Rialachán Airgeadais an 27 Márta 2003 is infheidhme maidir leis an 9ú Ciste Forbraíochta Airgeadais (11),

ag féachaint d’Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 215/2008 ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta (12),

ag féachaint d’Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2015/323 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (13),

ag féachaint d’Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (14),

ag féachaint do Riail 99 agus don tríú fleasc de Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0114/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(2)   IO C 400, 17.10.2022, lch. 170.

(3)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(4)   IO L 287, 4.11.2010, lch. 3.

(5)   IO L 344, 19.12.2013, lch. 1.

(6)   IO L 355, 7.10.2021, lch. 6.

(7)   IO L 156, 29.5.1998, lch. 108.

(8)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 355.

(9)   IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.

(10)   IO L 191, 7.7.1998, lch. 53.

(11)   IO L 83, 1.4.2003, lch. 1.

(12)   IO L 78, 19.3.2008, lch. 1.

(13)   IO L 58, 3.3.2015, lch. 17.

(14)   IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/178


RÚN (AE) 2023/1842 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 99 agus don tríú fleasc de Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0114/2023),

A.

de bhrí go ndéantar comhar an Aontais um fhorbairt, mar a shainmhínítear in Airteagail 208 go 210 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) é, i gcomhthéacs domhanda, a shainítear i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (‘Clár Oibre 2030’) agus sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) lena mbaineann;

B.

de bhrí go bhfuil caidreamh comhair ag an Aontas le líon mór tíortha atá i mbéal forbartha agus é mar phríomhchuspóir aige forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn agus é mar phríomhaidhm an bhochtaineacht a laghdú agus a dhíothú go fadtéarmach trí chabhair um fhorbairt agus cúnamh teicniúil a sholáthar do thíortha is tairbhithe;

C.

de bhrí gurb é cuspóir chomhar an Aontais um fhorbairt seasamh le luachanna agus leasanna an Aontais agus iad a chur chun cinn ar fud an domhain chun cuspóirí agus prionsabail a ghníomhaíochta seachtraí a shaothrú, mar a leagtar síos in Airteagal 3(5) agus in Airteagail 8 agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach;

D.

de bhrí, ó 1959 agus go dtí 2020, gur chuir na Cistí Eorpacha Forbraíochta (CEFanna) cabhair le haghaidh comhar um fhorbairt ar fáil do na tíortha atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus do na tíortha agus críocha thar lear (OCTanna); de bhrí gur chomhaontú comhpháirtíochta é an creat lenar rialaíodh caidreamh an Aontais le tíortha ACC agus leis na tíortha agus críocha thar lear a síníodh in Cotonou (‘Comhaontú Cotonou’) ar an 23 Meitheamh 2000 le haghaidh tréimhse 20 bliain agus ar cuireadh síneadh leis go dtí an 30 Meitheamh 2022 ina dhiaidh sin;

E.

de bhrí go bhfuil an t-aonú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) déag tar éis a chéim dheiridh a bhaint amach ós rud é gur tháinig a chlásal éagtha i bhfeidhm an 31 Nollaig 2020 agus, amhail ó 2021, gur áiríodh cláir CEF i gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) an Aontais; de bhrí, áfach, go síneofar conarthaí sonracha le haghaidh comhaontuithe maoiniúcháin atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023;

F.

de bhrí, le haghaidh CAI 2021-2027, go ndearnadh an chabhair le haghaidh comhar um fhorbairt do na tíortha atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) a ionchorprú san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (‘NDICI-An Eoraip Dhomhanda’) agus gur ionchorpraíodh an chabhair le haghaidh comhar um fhorbairt do na tíortha agus críocha thar lear sa Chinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn (1);

G.

de bhrí nár ionchorpraíodh an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú CEF déag i mbuiséad ginearálta AE agus go leanfar dá gcur chun feidhme agus de thuairisciú a dhéanamh orthu ar leithligh go dtí go ndúnfar iad;

H.

de bhrí gurb í an Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA) (2) sa Choimisiún a bhainistíonn na CEFanna den chuid is mó agus go bhfuil sciar beag (0,25 %) de chaiteachas 2021 CEF á bhainistiú ag an Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus Oibríochtaí um Chabhair Dhaonnúil;

I.

de bhrí go bhfuil athrú ag teacht ar an gcomhar um fhorbairt a fhágann go bhfuil sé dírithe níos mó anois ar chomhleasanna, lena n-áirítear infheistíocht, trádáil agus forbairt na n-earnálacha sa gheilleagar a bhfuil an-bhreisluach ag baint leo, forbairt inbhuanaithe, oideachas agus comhionannas inscne, seachas a bheith dírithe ar na hearnálacha sóisialta mar a bhí go traidisúnta;

J.

de bhrí go bhfuil gá le hathruithe struchtúracha in earnáil talmhaíochta na dtíortha comhpháirtíochta atá i mbéal forbartha, go háirithe trí fheirmeoirí áitiúla ar mhionscála a chumhachtú, trí chúnamh a thabhairt dóibh teicneolaíochtaí talmhaíochta nua-aimseartha a úsáid, trí mhodhanna nua-aimseartha bainistithe uisce a chur chun feidhme agus trí rochtain ar an margadh a éascú;

K.

de bhrí, trí chur chuige Fhoireann na hEorpa (3), go n-oibríonn an tAontas i gcomhar leis na Ballstáit ar an láthair, le tairbhithe áitiúla agus leis na deontóirí eile chun tionchar follasach a imirt agus athrú ó bhonn a bhaint amach sna tíortha comhpháirtíochta; á mheabhrú nach mór don tacaíocht bhuiséadach freagairt do riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta agus do phríomhbheartais an Aontais; á mheabhrú gur gá feidhmíocht na gclár agus a dtionchar i dtíortha comhpháirtíochta agus ar an bpobal sibhialtach a thomhas freisin;

L.

de bhrí gur inniúlacht roinnte idir na Ballstáit agus an tAontas é an comhar um fhorbairt, agus go luaitear go sonrach in Airteagal 208 CFAE go ndéanann ‘beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus beartas na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.’;

M.

de bhrí gur féidir leis an Aontas agus leis na Ballstáit gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh agus gur cheart dóibh a chéile a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí atá á ndéanamh i réimse an chomhair um fhorbairt;

N.

de bhrí go bhfuil an inbhuanaitheacht ríthábhachtach chun na spriocanna agus na torthaí atá leagtha síos a bhaint amach agus, go háirithe, chun tionchar fadtéarmach na cabhrach um fhorbairt a bhaint amach;

O.

de bhrí, go traidisiúnta, go dtarlaíonn cur chun feidhme CEF, agus forbairt i gcoitinne, i dtimpeallachtaí a bhfuil baol ag baint leo, atá casta agus a bhíonn ag athrú go mear, scéal a chuaigh in olcas in 2021 de dheasca phaindéim COVID-19 agus na staide polaitiúla míshocra a bhí i gcuid de thíortha comhpháirtíochta an Aontais, rud a chuir bac ar chur chun feidhme CEF agus na ngníomhaíochtaí iniúchóireachta faoi seach;

P.

de bhrí go bhfuil an bhearna atá ag dul i méid idir na cistí is gá agus iad siúd atá ar fáil chun freagairt do na géarchéimeanna aeráide, ocrais, fiachais, daonnúla agus do ghéarchéimeanna eile atá ag dul i méid, rud a chruthaíonn éagothromaíocht atá ag dul i méid idir tíortha tionsclaithe agus tíortha lagfhorbartha agus a mhéadaíonn leibhéil na bochtaineachta den chéad uair le blianta fada anuas;

Q.

de bhrí, d’ainneoin an ráitis roimhe seo, go bhfuil sé ríthábhachtach trédhearcacht, cuntasacht, dícheall cuí maidir le cearta an duine a chothú agus éilliú agus calaois a chomhrac chun go n-éireoidh le hoibríochtaí tacaíochta buiséadaí an Aontais;

R.

de bhrí gur léiriú í an chabhair dhaonnúil agus an chabhair um fhorbairt ar dhlúthpháirtíocht dhomhanda de facto, rud a chumhdaítear sna Conarthaí agus atá i gcroílár luachanna an Aontais;

Cur chun feidhme an bhuiséid

1.

á mheabhrú go raibh an bhliain 2021 tábhachtach ar dhá chúis – ba í an chéad bhliain í tar éis chlásal éagtha an aonú CEF déag (an 31 Nollaig 2020), rud a chiallaíonn nár tugadh aon ghealltanais dhomhanda eile ann le haghaidh tionscadail faoin aonú CEF déag, agus, sa bhreis air sin, cuireadh as do chur chun feidhme airgeadais na gconarthaí (gealltanais aonair: EUR 2 118 milliún) agus na n-íocaíochtaí (EUR 3 393 mhilliún) faoin deichiú agus an aonú CEF déag de dheasca ghéarchéim COVID-19 a bhí ag dul ar aghaidh i gcónaí in 2021 (4);

2.

ag tabhairt dá haire gurb ionann CEF agus 46,1 % de phunann AS INTPA sa Choimisiún ó thaobh íocaíochtaí de in 2021, íocaíochtaí a bhí comhionann le EUR 3 435 mhilliún (i.e. 91,27 % den sprioc bhliantúil); ag tabhairt dá haire gurbh ionann íocaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus EUR 613 mhilliún; ag tabhairt faoi deara, ó chuaigh clásal éagtha an aonú CEF déag in éag an 31 Nollaig 2020, nár tugadh aon ghealltanais nua in 2021, cé is moite de ghealltanais na gcistí a tháinig as athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC ó oibríochtaí faoin naoú, an deichiú agus an aonú CEF déag; ag tabhairt dá haire gurbh ionann íocaíochtaí BEI maidir le Saoráid Infheistíochta ACC agus EUR 179 mhilliún;

3.

á chur in iúl gurb oth léi, mar gheall gur mhair paindéim COVID-19 níos faide ná mar a bhíothas ag dréim leis, nár shroich 50 % de na toscaireachtaí san Afraic Fho-Shahárach a sprioc íocaíochta íosta a bhí tuartha (90 %); á chur i bhfáth gur ar na cinn sin ba shuntasaí bhí Madagascar, a dhún a theorainneacha ar fad beagnach, rud a d’fhág go raibh sé an-deacair leanúint den chur chun feidhme mar a beartaíodh ar dtús, Sead agus an Ghaimbia mar gheall ar chur chun feidhme a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh moill air, agus an Aetóip, an Ghuine Conacraí agus Mailí, áiteanna a ndearna géarchéimeanna polaitiúla difear tromchúiseach d’oibríochtaí, rud a d’imir tionchar suntasach ar na híocaíochtaí tacaíochta buiséadaí a bhí tuartha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna srianta COVID-19 san Aigéan Ciúin agus i Muir Chairib difear freisin don chur chun feidhme, agus i bhFidsí agus i Háítí go raibh tionchar tubaisteach ar thionscadail bhonneagair ag na héifeachtaí comhthaobhachta diúltacha a d’eascair as an staid eacnamaíoch, shóisialta agus pholaitiúil a bheith ag dul in olcas;

4.

á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí rialta atá á ndéanamh ag AS INTPA chun sean-réamh-mhaoiniú agus seanghealltanais nár caitheadh a laghdú agus sprioc 35 % acu; á thabhairt dá haire gur sháraigh AS INTPA an sprioc trí shean-réamh-mhaoiniú CEF a laghdú 46 % (50 % do réimsí eile cabhrach) agus laghdú 39 % a dhéanamh ar sheanghealltanais CEF nár caitheadh agus ar fud a réimse freagrachta ina iomláine;

5.

á thabhairt dá haire gur bhain AS INTPA a sprioc amach gan níos mó ná 15 % i dtaobh seanchonarthaí atá imithe in éag a bheith ann do CEF; á thabhairt dá haire go bhfuair sé scór 13 % do CEF agus 10 % ar fud a réimse freagrachta ina iomláine; á thabhairt dá haire go bhfuil feabhas comhsheasmhach tagtha ar CEF ó 2017 i leith;

Tionchar na ngníomhaíochtaí sna ráitis airgeadais

6.

á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú EUR 101 mhilliún ar an réamh-mhaoiniú, go príomha mar thoradh ar níos lú réamhíocaíochtaí arna n-íoc mar gheall ar an laghdú ar líon na gconarthaí a síníodh (EUR 3 670 milliún in 2020 i gcomparáid le EUR 2 118 milliún in 2021); á thabhairt dá haire, thairis sin, gurb iad na dúshláin a bhí ann de dheasca phaindéim COVID-19 agus géarchéimeanna geopholaitiúla atá ar siúl faoi láthair is cúis leis an laghdú sin agus, dá bhrí sin, go bhfuil méadú EUR 266 mhilliún ar airgead tirim agus ar choibhéisí airgid ann mar thoradh ar an laghdú suntasach sin ar réamh-mhaoiniú agus ar íocaíochtaí eile;

7.

á thabhairt dá haire go raibh líon i bhfad níos ísle conarthaí oscailte ann ag deireadh 2021, mar thoradh ar an ngearradh siar ar CEF agus an drochthionchar a bhí ag paindéim COVID-19, a bhí fós ag leanúint ar aghaidh, agus ag géarchéimeanna geopholaitiúla ar shíniú conarthaí nua, agus gur fhág sé sin gur tháinig laghdú substaintiúil EUR 519 milliún ar mhuirir fhabhraithe;

8.

á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil éifeacht chomhcheangailte ag an laghdú foriomlán EUR 1 743 mhilliún ar speansais i dtaca le hionstraimí cabhrach: ar thaobh amháin, chuir na dálaí dúshlánacha a bhaineann le paindéim COVID-19 agus an staid gheopholaitiúil mhíshocair i roinnt tíortha bac ar chur chun feidhme ghníomhaíochtaí CEF in 2021, agus, ar an taobh eile, d’fhág an laghdú ar ghníomhaíochtaí faoin diechiú CEF agus faoi CEFanna roimhe sin a bhí i gcomhréir leis an ngearradh siar ar na CEFanna sin go raibh níos lú conarthaí oscailte ann fúthu;

9.

á thabhairt dá haire gur bealach iad cur chun feidhme éifeachtach agus cistiú leormhaith chun dlisteanacht agus éifeachtacht chomhar um fhorbairt an Aontais a áirithiú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb amhlaidh, dá fhad a mhairfidh conarthaí faoin mbeartas forbartha, is ea is inbhuanaithe a bheidh na tionscadail;

10.

á thabhairt dá haire go n-úsáidfear cistiú CEF EUR 600 000 000 le haghaidh gníomhaíochtaí eile i dtíortha ACC a rinne na Ballstáit a shaoradh le déanaí le haghaidh bearta chun cabhrú leis an ngéarchéim dhomhanda bia a mhaolú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, nach mór do na cistí sin a úsáid chun tacaíocht bhreise a áirithiú don fheirmeoireacht áitiúil ar mhionscála, chomh maith le cleachtais agrai-éiceolaíocha agus iascaigh inbhuanaithe atá fabhrach do neamhspleáchas bia pobal áitiúil, rud a fhágann nach mbíonn siad chomh spleách ar na luaineachtaí sna margaí domhanda bia agus talmhaíochta; á iarraidh ar na Ballstáit staonadh go comhsheasmhach, as seo amach, ó aisíocaíocht chistí saortha CEF a fháil, i bhfianaise an ghá le cistí chun riachtanais phráinneacha a chumhdach i dtíortha ACC agus aird á tabhairt ar mhaoiniú an Aontais agus a mBallstát maidir le gealltanais forbartha chomh maith leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chonradh ar Chomhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt;

11.

ag cur béim, thairis sin, ar an bhfíoras go bhfuil gá le hathruithe struchtúracha in earnáil talmhaíochta na dtíortha comhpháirtíochta atá i mbéal forbartha chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na géarchéime bia, go háirithe trí fheirmeoirí áitiúla ar mhionscála a chumasú chun teicneolaíochtaí nua talmhaíochta a úsáid, trí mhodhanna nua-aimseartha bainistithe uisce a chur chun feidhme, agus trína rochtain ar an margadh a éascú;

Beachtas na gcuntas

12.

á thabhairt dá haire gurbh ionann buiséad an ochtú CEF (1995–2000) agus EUR 12.8 billiún, buiséad an naoú CEF (2000–2007) agus EUR 13.8 billiún, buiséad an deichiú CEF (2008–2013) agus EUR 22.7 billiún, agus an aonú CEF déag agus EUR 30.5 billiún, suim ar leithdháileadh EUR 29,1 billiún di ar thíortha ACC agus EUR 0.4 billiún di ar na tíortha agus críocha thar lear, agus EUR 1.1 billiún a bhí i gceist le haghaidh costais riaracháin;

13.

á thabhairt dá haire, in 2019, gur dhún an Coimisiún na hidirbhearta a bhí fós gan íoc do thionscadail an ochtú CEF agus gur aistríodh gach iarmhéid agus gach saoradh chuig an naoú CEF; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur fhógair an Coimisiún in 2021 gur dúnadh an ochtú CEF ó thaobh airgeadais de agus go hoibríochtúil agus go bhfuil na gníomhaíochtaí gaolmhara go léir curtha i gcrích, go ndearnadh na seiceálacha agus na rialuithe uile, agus go bhfuil na conarthaí agus na cinntí airgeadais go léir dúnta i gcuntais CEF;

14.

á chur in iúl gur geal léi gur tháinig an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ar an gconclúid, ina tuarascáil bhliantúil maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an ochtú, an naoú, an deichiú agus an t-aonú CEF déag don bhliain airgeadais 2021, go dtugann na cuntais don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2021 léiriú cothrom, i ngach gné ábhartha, ar staid airgeadais na CEFanna, ar thorthaí a n-oibríochtaí, ar a gcuid sreafaí airgid agus ar na hathruithe ar a nglansócmhainní don bhliain dar críoch ar an dáta sin, i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle (5) (‘Rialachán Airgeadais CEF’) agus leis na caighdeáin chuntasaíochta don earnáil phoiblí;

15.

á aithint, agus cláir CEF á gcur san áireamh i CAI an Aontais, go gcuirfear deireadh de réir a chéile le hiniúchadh na Cúirte ar CEF de réir mar a laghdófar íocaíochtaí CEF agus de réir mar a mhéadóidh na híocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais; á thabhairt dá haire, ina dhiaidh sin, go n-aistreoidh an Chúirt acmhainní de réir a chéile chun buiséad an Aontais a iniúchadh; á thabhairt dá haire, áfach, go gcoinnítear an cur chuige atá ann faoi láthair (tuarascáil ar leithligh maidir le CEF) le haghaidh ráiteas urrúis 2022;

Dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais

16.

á chur in iúl gur geal léi an tuairim ón gCúirt, ar dá réir atá an t-ioncam is bun leis na cuntais don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021 dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha;

17.

á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an iliomad cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis na tuairimí díobhálacha i ndiaidh a chéile ón gCúirt maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais toisc go bhfuil tionchar ábhartha ag earráidí ar an gcaiteachas arna ghlacadh sna cuntais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2021;

18.

á thabhairt dá haire go ndearna an Chúirt scrúdú ar shampla 140 idirbheart a bhí ionadaíoch ar an réimse iomlán caiteachais ó CEF d’fhonn iniúchóireacht a dhéanamh ar rialtacht na n-idirbheart; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur áiríodh leis sin 26 idirbheart a bhaineann leis an gCiste Iontaobhais Éigeandála don Afraic, 92 idirbheart arna n-údarú ag 17 dtoscaireacht de chuid AE (6) agus 22 íocaíocht arna bhformheas ag ceanncheathrú an Choimisiúin (7);

19.

ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go raibh earráidí in 54 (38,8 %) as an 140 idirbheart a scrúdaíodh, i gcomparáid le 36 (25,7 %) idirbheart in 2020 don líon céanna idirbheart; á chur i bhfáth, thairis sin, gur chainníochtaigh an Chúirt 43 earráid (31 earráid in 2020), ar ar a mbonn a mheas sí gurbh é 4,6 % an leibhéal earráide don bhliain airgeadais 2021 (3,8 % in 2020);

20.

á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go leanann tíopeolaíocht na n-earráidí a sainaithníodh sa bhliain airgeadais 2021 patrún 2020, eadhon an earráid mheasta a bhaineann le caiteachas neamh-incháilithe (38,6 % in 2021, 38,2 % in 2020), mainneachtain thromchúiseach na rialacha soláthair phoiblí a leanúint (14,6 % in 2021, 2,2 % in 2020), an easpa doiciméad tacaíochta bunriachtanach (23,3 % in 2021, 38,3 % in 2020) agus caiteachas nár tabhaíodh (18,1 % in 2021, 14,9 % in 2020);

21.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go sáraíonn an leibhéal measta earráide an tairseach ábharthachta go córasach (2 %) agus go raibh tionchar aige sin ar 4,6 % den chaiteachas don ochtú, naoú, deichiú agus aonú CEF déag don bhliain airgeadais 2021 (i gcomparáid le 3,8 % in 2020, 3,5 % in 2019, 5,2 % in 2018, 4,5 % in 2017, 3,3 % in 2016, 3,8 % in 2014 agus in 2015, 3,4 % in 2013 agus 3 % in 2012); á thabhairt dá haire, i gcomparáid leis an mbliain airgeadais 2020, gur ionann an méadú ar an leibhéal earráide agus 0,8 % (0,3 % in 2020); á athdhearbhú go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar chúiseanna an mhéadaithe sin;

22.

á aithint, nárbh fhéidir leis an gCúirt, mar gheall ar phaindéim COVID-19, cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar thoscaireachtaí an Aontais (8) agus, dá bhrí sin, nárbh fhéidir léi nósanna imeachta iniúchta áirithe a chur i gcrích, go háirithe cur chun feidhme conarthaí a fhíorú i leith na n-idirbheart a roghnaíodh, agus, dá bhrí sin, go raibh obair iniúchta na Cúirte teoranta go príomha d’athbhreithnithe deisce ar idirbhearta agus ar thionscadail trí nasc cianda le hiniúchaithe; á thabhairt dá haire, áfach, de réir fhreagraí an Choimisiúin ar cheisteanna i scríbhinn agus na díospóireachta éisteachta a tionóladh sa Choiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa, nach bhfuil aon fhianaise ann go raibh méadú ar mhí-úsáid cistí ann mar thoradh ar an easpa cuairteanna ar an láthair; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go gcreideann an Coimisiún gur chuidigh cur chuige Fhoireann na hEorpa le comhordú i bhfad níos dlúithe a dhéanamh ar leibhéal na tíre is tairbhí idir an tAontas agus a Bhallstáit, rud a mhéadaigh an éifeachtacht agus an chuntasacht araon;

Trédhearcacht agus éifeachtacht na gcóras faireacháin agus dearbhaithe

23.

á thabhairt dá haire gur tháinig AS INTPA ar chonclúid maidir le cost-éifeachtúlacht na rialuithe a bhfuil sé freagrach astu (éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht a chórais rialaithe) (9); á chur i bhfios go láidir, áfach, go measann an Chúirt, mar a tharla sna blianta roimhe seo, go léiríonn minicíocht na n-earráidí a aimsíodh – lena n-áirítear cuid acu atá sna héilimh dheiridh a bhí faoi réir iniúchóireacht sheachtrach ex ante agus fíoruithe caiteachais – go bhfuil laigí sna seiceálacha sin; á iarraidh ar an gCoimisiún, ós rud é go bhfuil an ráta earráide ard gach bliain, go ndéanfaí athbhreithniú ar a straitéis iniúchóireachta ex ante agus ex post, agus go ndéanfaí ginearálú níos mó ar dhigitiú le haghaidh rialuithe níos córasaí agus tosaíocht á tabhairt do na tíortha comhpháirtíochta inar sainaithníodh na hearráidí is mó;

24.

ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, go ndearna an Coimisiún agus a chomhpháirtithe cur chun feidhme, mar a rinne siad in 2020, níos mó earráidí a bhí bainteach le deontais agus le comhaontuithe ranníocaíochta agus tarmligin le tíortha is tairbhithe, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí na mBallstát ná mar a rinne siad le haon chineálacha tacaíochta eile (amhail iad siúd a chlúdaíonn conarthaí oibreacha, soláthair agus seirbhíse); á thabhairt dá haire, thairis sin, gurb amhlaidh, as 92 idirbheart den chineál sin a scrúdaigh an Chúirt, go raibh earráidí inchainníochtaithe i 39 díobh, arbh ionann iad agus 81 % den leibhéal measta earráide;

25.

á chur in iúl gur eol di, mar a luaigh an Coimisiún sna freagraí (10) a thug sé ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte, go mbíonn an Coimisiún ag feidhmiú i dtríú tíortha i gcomhthéacsanna casta polaitiúla agus teicniúla, agus é ag obair le go leor comhpháirtithe amhail tíortha comhpháirtíochta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó gníomhaireachtaí de chuid na mBallstát; á thabhairt dá haire, thairis sin, cé go gcuirtear pleananna gníomhaíochta i gcrích go rialta chun na rátaí earráide a choinneáil chomh híseal agus is féidir, go measann an Coimisiún nach dócha go dtarlóidh cás gan earráid sa chomhthéacs sin;

26.

á iarraidh ar an gCoimisiún arís eile, i bhfianaise bharúlacha na Cúirte, athmhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige cost-éifeachtúleachta a úsáidtear i seiceálacha ex post toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh sé éifeachtach agus go bhféadfadh na laigí ceannann céanna teacht as mar atá léirithe ag an gCúirt agus ag an bParlaimint;

27.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, de réir thuarascáil na Cúirte, go raibh a dhóthain faisnéise ag an gCoimisiún i 15 chás d’earráid inchainníochtaithe agus in ocht gcás d’earráid neamh-inchainníochtaithe chun an earráid a chosc, nó é a bhrath agus a cheartú, sular ghlac sé leis an gcaiteachas; á thabhairt dá haire, thairis sin, dá mba rud é, de réir mheasúnú na Cúirte, gur bhain an Coimisiún úsáid chuí as an bhfaisnéis uile atá ar fáil dó, go mbeadh an leibhéal measta earráide 2.4 pointe céatadáin níos ísle, i gcomparáid le 1.19 pointe céatadáin in 2020;

28.

á thabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, gur cuireadh 25 idirbheart ina raibh earráidí inchainníochtaithe, rud ba chúis le 1.9 pointe céatadáin i dtaca leis an leibhéal measta earráide, faoi réir iniúchadh nó fíorú caiteachais; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil córas rialaithe AS INTPA bunaithe ar sheiceálacha ex ante agus gur fhág an fhaisnéis a sholáthraítear sna tuarascálacha iniúchóireachta nó fíoraithe ina ndéantar cur síos ar an obair a rinneadh go hiarbhír nárbh fhéidir leis an gCúirt a mheas an bhféadfaí na hearráidí a bhrath agus a cheartú le linn na seiceálacha ex ante sin, ós rud é nach gcumhdaítear 100 % den chaiteachas tuairiscithe sna tuarascálacha ná nach dtugtar mionsonraí leordhóthanacha iontu chun a dheimhniú an raibh na míreanna inar aimsigh an Chúirt earráidí mar chuid de na seiceálacha ex ante;

29.

á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú a rinne an Coimisiún i mí Mheán Fómhair 2021 agus i mí na Bealtaine 2022 ar théarmaí tagartha na bhfíoruithe caiteachais; á thabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún na hanailísí a neartú tuilleadh agus aghaidh a thabhairt ar ghnéithe eile, amhail sampláil, agus aird a thabhairt ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar na freagraí a tugadh i suirbhé a rinneadh i mí Feabhra 2022 ar úsáideoirí an chreat-chonartha iniúchóireachta;

30.

á chur i bhfios go láidir go ndearna an Chúirt dhá réimse caiteachais a shainaithint ar lú an claonadh chun earráide a bhí iontu mar gheall ar choinníollacha sonracha íocaíochta: (a) tacaíocht bhuiséadach agus b) tionscadail ildeontóra arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus atá faoi réir ‘cur chuige barúlach’ (11); á thabhairt dá haire go ndearna an Chúirt iniúchadh in 2021 ar cheithre idirbheart tacaíochta buiséadaí agus ocht dtionscadal ‘cur chuige bharúlaigh’ arna mbainistiú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta;

31.

á mheas nach féidir glacadh leis, mar a tharla sna blianta roimhe seo, nár sholáthair roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta ach rochtain theoranta ar dhoiciméid (e.g. i bhformáid inléite amháin), rud a chuir bac ar an gCúirt cóipeanna a dhéanamh de na doiciméid agus a d’fhág, ar an gcaoi sin, gur cuireadh cosc le pleanáil agus forghníomhú an iniúchta agus go raibh moilleanna ann agus, ar an gcaoi sin, gur cuireadh cosc ar an gCúirt a saincheart bunúsach a chomhlíonadh mar a áirithítear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar a luadh cheana i mbarúlacha gaolmhara na Cúirte i dtuarascálacha bliantúla 2018 agus 2020; ag aithint iarrachtaí an Choimisiúin aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb trí bheith ag obair go gníomhach leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann ar chuir a n-idirbhearta leis an ráta earráide, trí réitigh phraiticiúla a fháil agus idirphlé ardleibhéil a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi go raibh roinnt torthaí dearfacha ar na hiarrachtaí sin: tá feabhas tagtha ar an gcomhar leis an mBanc Domhanda d’iniúchadh 2021 na Cúirte i gcomparáid le 2020; á chur in iúl, mar sin féin, go gcaithfear níos mó a dhéanamh agus á iarraidh ar an gCoimisiún go leanfaí leis na hiarrachtaí agus go ndéanfaí an comhar a neartú le heagraíochtaí idináisiúnta chun a áirithiú go mbeidh rochtain iomlán, neamhshrianta agus thráthúil ag an gCúirt ar an bhfaisnéis uile is gá chun gur féidir leis an gCúirt dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas buiséid an Aontais a sheiceáil;

32.

á thabhairt dá haire gur measadh sa deichiú staidéar ar an ráta earráide iarmharach ó AS INTPA, a rinne conraitheoir seachtrach thar a cheann in 2021, go raibh an ráta earráide iarmharach foriomlán faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 % arna leagan síos ag an gCoimisiún don séú bliain as a chéile: 1,14 % (0,95 % in 2020);

33.

á chur i bhfáth nach dearbhú iontaofachta ná iniúchadh atá sa staideár ar an ráta earráide iarmharach, de réir mheasúnú na Cúirte, agus go bhfuil sé bunaithe ar mhodheolaíocht an ráta earráide iarmharaigh agus ar an lámhleabhar lena mbaineann a chuireann AS INTPA ar fáil; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil cur síos déanta ag an gCúirt i dtuarascálacha bliantúla 2017–2020 ar CEF ar na teorainneacha sna staidéir a d’fhéadfadh cur le tearcmheastachán córasach RER;

34.

á thabhairt dá haire tuairim na Cúirte ina meastar gur gné chriticiúil de staidéar RER é a mhéid a bhraitheann iniúchóirí eile ar obair iniúchóirí eile, ina mínítear go bhféadfadh trí chás a bheith ann: a) gan aon spleáchas ar obair iniúchóirí eile agus tástáil shubstainteach iomlán ann; b) spleáchas pháirteach ar obair iniúchóirí eile agus tástáil shubstainteach laghdaithe ann; c) spleáchas iomlán ar obair iniúchóirí eile gan aon tástáil bhreise a dhéanamh; á thabhairt dá haire gur tháinig méadú ar an spleáchas iomlán ó 15 % d’idirbhearta in 2020 go 34 % d’idirbhearta in 2021; á chur in iúl, dá bhrí sin, go bhfuil sí ar aon intinn leis an gCúirt nach bhfuil spleáchas chomh fairsing sin ar obair iniúchóirí eile ag teacht leis an gcuspóir atá le staidéar ar an ráta earráide iarmharach, arb é sin meastachán a dhéanamh ar ráta na n-earráidí nár aimsíodh trí sheiceálacha bainistíochta AS INTPA chun earráidí den chineál sin a chosc, a bhrath agus a cheartú;

35.

á thabhairt dá haire go ndearna AS INTPA laghdú suntasach, ó 2018 i leith, ar raon feidhme na bhforchoimeádas (i.e. sciar an chaiteachais a chumhdaítear leo) sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí agus, ar an gcaoi chéanna, nach n-áirítear aon fhorchoimeádais i dTuarascáil Bhliantúil 2021 ar Ghníomhaíochtaí;

36.

á chur in iúl go bhfuil sí ar aon intinn leis an gCúirt nach bhfuil údar cuí leis an easpa forchoimeádas i dTuarascáil Bhliantúil 2021 ar Ghníomhaíochtaí agus go dtagann sé sin, go pointe, as teorainneacha an staidéir ar an ráta earráide iarmharach, ós rud é go mbaineann fionnachtana na Cúirte i leith an staidéir sin freisin leis na meastacháin ar na méideanna faoi riosca atá bunaithe air sin; á thabhairt dá haire gurb é meastachán AS INTPA gurb é an méid foriomlán faoi riosca ag tráth na híocaíochta ná EUR 79.65 milliún (1,41 % de chaiteachas 2021) agus gurb é an méid foriomlán faoi riosca ag tráth an chlabhsúir ná EUR 66.03 milliún; á thabhairt dá haire, thairis sin, as an méid faoi riosca ag tráth na híocaíochta, go measann AS INTPA go ndéanfar EUR 13.62 milliún (24 %) a cheartú trína chuid seiceálacha sna blianta atá le teacht (tugtar ‘acmhainneacht cheartaitheach’ ar an méid sin) (12);

37.

ag tabhairt dá haire, tar éis na moltaí ón gCúirt sna tuarascálacha bliantúla uaithi do na blianta airgeadais 2019 agus 2020, go ndearna AS INTPA scrúdú ar an mbealach is fearr chun moltaí na Cúirte a ionchorprú, agus athruithe á ndéanamh aige ar lámhleabhar agus modheolaíocht an ráta earráide iarmharaigh, agus na costais agus na sochair a bhfuiltear ag súil leo á gcur san áireamh go hiomlán; ag tabhairt dá haire go ndearna AS INTPA lámhleabhar agus modheolaíocht ón staidéar ar an ráta earráide iarmharach a nuashonrú i mí Eanáir 2022;

38.

ag tabhairt dá haire go bhfuil AS INTPA ag obair chun feabhas a chur ar cháilíocht a chuid sonraí chun an acmhainneacht cheartaitheach a ríomh agus, in 2021, gur lean sé dá chuid gníomhaíochtaí oiliúna agus múscailte feasachta maidir le haisghabhálacha agus cáilíocht sonraí cuntasaíochta; ag tabhairt dá haire, mar an gcéanna le blianta roimhe seo, go ndearna AS INTPA seiceálacha spriocdhírithe ar orduithe aisghabhála chun na neamhréireachtaí a sainaithníodh a cheartú; ag tabhairt dá haire gur athbhreithnigh an Chúirt ríomh na hacmhainneachta ceartaithí do 2021 agus, tar éis 35 % (de réir luacha) de mhéid iomlán na n-aisghabhálacha a thástáil, nár aimsigh an Chúirt earráidí sa sampla;

39.

á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh ‘scórchlár airgeadais’, ina bhfuil sé tháscaire (13), d’fhonn an tuairisciú airgeadais a dhéanamh níos comhsheasmhaí in Ard-Stiúrthóireachtaí uile an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire gur cuireadh ceithre tháscaire eile leis in 2021 (14); ag tabhairt dá haire go raibh sé cinn as na deich dtáscaire infheidhme maidir le CEF agus na cistí iontaobhais in 2021; ag tabhairt dá haire, maidir le ‘hionsú na ngealltanas foriomlán’, gur bhain AS INTPA toradh 99 % amach do bhuiséad an Aontais agus 97 % do CEF in 2021, i gcomparáid le 95 % agus 94 % faoi seach in 2020 agus maidir le ‘híocaíochtaí tráthúla’, gur bhain AS INTPA 97 % amach do bhuiséad an Aontais agus 95 % do CEF in 2021, i gcomparáid le 98 % agus 97 % faoi seach in 2020;

Calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú

40.

ag tabhairt dá haire go bhfuil a straitéis frithchalaoise féin forbartha agus curtha chun feidhme ag AS INTPA ó 2014 i leith, ar bhonn na modheolaíochta a chuir an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ar fáil agus, ó tháinig sí i bhfeidhm, go ndearnadh trí nuashonrú uirthi, ar glacadh an ceann deireanach díobh in 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil faireachán á dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise agus go bhfaigheann an bhainistíocht tuarascálacha leathbhliantúla ar imscrúduithe leanúnacha OLAF agus ar an obair leantach ar mholtaí OLAF; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil 16 ghníomhaíocht inmheánacha i bplean gníomhaíochta nua AS INTPA a glacadh in 2021, ar cuireadh 80 % díobh chun feidhme laistigh den spriocdháta a sonraíodh nó de réir na minicíochta a bhí beartaithe agus go bhfuil an 20 % eile de na gníomhaíochtaí ar siúl faoi láthair nó, i gcás ina bhfuil spriocdháta cur chun feidhme leagtha síos dóibh in 2022, go bhfuiltear ag súil go gcuirfear i gcrích iad in 2022 (15);

41.

ag tabhairt dá haire gur rannchuidigh AS INTPA freisin le straitéis frithchalaoise an Choimisiúin agus gur chuir sé gníomhaíocht 33 de Phlean Gníomhaíochta Frithchalaoise an Choimisiúin (SWD(2021)0262) (16) chun feidhme go tráthúil; á chur in iúl gur oth léi nach ndearna AS INTPA obair leantach ach ar 33 % de mholtaí airgeadais OLAF agus, ar an iomlán, go bhfuil 20 % de na moltaí airgeadais (a eisíodh in 2017–2021) curtha chun feidhme go hiomlán, go bhfuil 20 % curtha chun feidhme go páirteach, go bhfuil 60 % i bpróiseas cur chun feidhme atá ar siúl faoi láthair nó go bhfuil anailís á déanamh orthu go fóill; á chur in iúl go gcaithfidh ráta cur chun feidhme níos fearr a bheith ann do mholtaí OLAF fiú má tá deacrachtaí ann a tharlaíonn arís is arís eile maidir le moltaí OLAF a chomhlíonadh agus má tá na deacrachtaí sin ann mar gheall ar shainiúlachtaí agus srianta dlíthiúla, amhail caingne dlí fada, dul in éag na tréimhse teorann agus féimheacht;

42.

ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, go raibh AS INTPA ar an eolas faoi 23 imscrúdú leanúnacha (17 in 2020, 19 in 2019) agus gur dhún OLAF trí imscrúdú le moltaí airgeadais, riaracháin agus/nó breithiúnacha agus dhá imscrúdú gan mholtaí;

43.

á chur in iúl gur geal léi an oiliúint nua ar líne maidir le calaois a chosc i gcaidreamh seachtrach an Aontais, an feachtas faisnéise a seoladh atá dírithe ar chomhpháirtithe seachtracha AS INTPA, go bhfuil comhfhreagraí frithchalaoise na hArd-Stiúrthóireachta ag lárú agus ag dáileadh faisnéise i gcónaí i ndlúthchomhar le líonra frithchalaoise INTPA agus OLAF, na nuashonruithe ar leathanaigh ghréasáin agus lámhleabhair mar aon leis an nóta bliantúil agus an feachtas faisnéise do gach ball foirne maidir le huirlisí chun calaois a chosc agus smachtbhannaí a ghearradh i gcás calaoise;

44.

á iarraidh ar an gCoimisiún rialuithe a fheabhsú tuilleadh chun earráidí idirbheartaíochta a laghdú agus chun moltaí na Cúirte a chur chun feidhme ina n-iomláine;

45.

á thabhairt chun suntais go bhfuil dlisteanacht agus éifeachtacht chomhar an Aontais um fhorbairt ag brath ar chur chun feidhme ceart gníomhaíochtaí agus a gcistiú cuí; á iarraidh ar an gCoimisiún rialuithe a fheabhsú tuilleadh chun méid na n-earráidí idirbheartaíochta a laghdú agus chun moltaí na Cúirte a chur chun feidhme ina n-iomláine;

An tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ar chuntais 2021 CEF

46.

ag tabhairt dá haire, tar éis don chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) a bheith curtha i gcrích idir an dá pháirtí, gur gheall an Ríocht Aontaithe go mbeadh sé fós ina páirtí de CEF go dtí go gcuirfí clabhsúr ar an 11ú CEF agus gach CEF roimhe sin nár dúnadh fós; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go mbeidh na hoibleagáidí ceánna ar an Ríocht Aontaithe is atá ar na Ballstáit faoin gcomhaontú inmheánach lenar cuireadh ar bun an 11ú CEF chomh maith leis na hoibleagáidí a eascraíonn ó CEFanna roimhe sin go dtí go ndúnfar iad;

47.

ag tabhairt dá haire, go luaitear freisin sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, i gcás nach bhfuil na méideanna ó thionscadail faoin 10ú CEF nó ó CEFanna roimhe sin geallta nó nach bhfuil siad saortha ó ghealltanais ar dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe sin, nach ndéanfar sciar na Ríochta Aontaithe de na méideanna sin a athúsáid agus gurb amhlaidh an cás maidir le sciar na gcistí de chuid na Ríochta Aontaithe nár gealladh nó nár saoradh faoin 11ú CEF tar éis an 31 Nollaig 2021;

48.

á chur in iúl gur geal léi conclúid na Cúirte nach bhfuil aon tionchar airgeadais le tuairisciú ar chuntais 2021 CEF agus gur léiriú cuí iad cuntais CEF amhail an 31 Nollaig 2021 ar staid an phróisis aistarraingthe ar an dáta sin;

Tacaíocht bhuiséadach an Aontais

49.

ag tabhairt dá haire, sna na freagraí comhdhlúite ar an gceistneoir a cuireadh chuig an gCoimisiún, gurbh ionann na híocaíochtaí tacaíochta buiséadaí faoi CEF agus EUR 340 milliún in 2021: bhain 25 thír ACC agus 10 dTír agus Críoch Thar Lear tairbhe as tacaíocht bhuiséadach faoi CEF in 2021;

50.

ag tabhairt dá haire, le 2 bhliain anuas, gur chabhraigh tacaíocht bhuiséadach an Aontais le tíortha le híocaíochtaí foriomlána de EUR 4.2 billiún – EUR 3 bhilliún in 2020 agus EUR 1.2 billiún in 2021 chun tacú le hathchóirithe in earnálacha éagsúla agus chun cosc a chur ar thuilleadh socruithe eacnamaíocha agus sóisialta, ag tabhairt dá haire, thairis sin, nárbh fhéidir na hiarrachtaí ar acmhainní tús-ualaithe in 2020 a fhritháireamh go hiomlán in 2021, mar gur tháinig NDICI-Eoraip Dhomhanda nua i bhfeidhm le linn na bliana agus nár tháinig an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais i bhfeidhm go dtí deireadh 2021; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur chuir bacainní polaitiúla agus géarchéimeanna ar bhonn náisiúnta bac ar chur chun feidhme na gclár leanúnach i roinnt tíortha;

51.

ag tabhairt dá haire gurb í an Afraic fho-Shahárach an réigiún a fhaigheann an tacaíocht bhuiséadach is mó ón Aontas (35 %), agus ina dhiaidh sin tá comharsanacht na hEorpa (31 %), an Áise (16 %), Meiriceá Laidineach (6 %), na Balcáin Thiar (4 %), an Mhuir Chairib (3 %), na tíortha/críocha thar lear (3 %) agus réigiún an Aigéin Chiúin (2 %); ag tabhairt dá haire, thairis sin, de réir an chineáil conartha, gur mó conarthaí feidhmíochta athchóirithe earnála ná conarthaí forbartha stáit agus forbartha athléimneachta agus conarthaí maidir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe, agus 79 % de luach na punainne acu i gcomparáid le 19 % agus 2 % faoi seach;

52.

á chur i bhfios go láidir gur bealach í tacaíocht bhuiséadach an Aontais chun cúnamh éifeachtach a chur ar fáil, lena n-áirítear i gcásanna géarchéime, agus gur cuidiú í chun córais na dtíortha agus na próisis bhuiséid le haghaidh beartais phoiblí a chur chun feidhme agus torthaí inbhuanaithe a bhaint amach a neartú; á mheabhrú go bhfuil tábhacht ag baint leis an tSaoráid um Rochtain Dhomhanda ar Vacsaín COVID-19 (COVAX) a choinneáil chun an seans a uasmhéadú go bhfaighidh daoine i dtíortha rannpháirteacha rochtain ar vacsaíní COVID-19 agus vacsaíní eile i gcás géarchéim nua chomh luath, chomh cothrom agus chomh sábháilte agus is féidir; á chur i bhfáth, thairis sin, go raibh ról lárnach aici le linn phaindéim COVID-19 sa mhéid gur cuireadh spás fioscach breise ar fáil chun dul i ngleic le tionchar diúltach na paindéime; ag aithint gur cheart do na hiarrachtaí sin leanúint ar aghaidh go luath amach anseo i bhfianaise éifeachtaí uafásacha domhanda chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

53.

ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil díothú na bochtaineachta, cur chun cinn na luachanna daonlathacha agus díghrádú an chomhshaoil fós ar na dúshláin is mó atá ann sa lá atá inniu ann; á mheabhrú go bhfuil domhan ina bhfuil 1.2 billiún duine in 111 thír i mbéal forbartha (17) atá thíos le géarbhochtaineacht a mbaineann gnéithe éagsúla léi neamhchothrom agus neamh-inbhuanaithe ó thaobh na héiceolaíochta de; á iarraidh go ndéanfar cistiú iomchuí chun stop a chur leis an ngluaiseacht leanúnach ó Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe;

54.

á chur i bhfáth nach gníomh carthanachta é deireadh a chur leis an mbochtaineacht ach gur gníomh ceartais é agus go bhfuil sé ríthábhachtach chun acmhainneacht ollmhór an duine a éascú; á chur i bhfáth, thairis sin, gan idirghabhálacha seachtracha, gur gnách go mbuanaítear timthriall na bochtaineachta ar bhealaí éagsúla de réir mar a fhaigheann an bhochtaineacht greim ar theaghlaigh a bhfuil sócmhainní teoranta acu nó nach bhfuil aon sócmhainní acu agus go mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar ghanntanais sheasta bhia, drochshláinte, cruachás de dheasca an athraithe aeráide agus stiogmaí sóisialta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil teaghlaigh atá ina gcónaí i gceantair iargúlta fós gan cheangal le go leor seirbhísí bunúsacha amhail uisce glan agus sláintíocht, cúram sláinte, agus córais mhargaidh, agus go gcaomhnaíonn gach ceann acu a stádas socheacnamaíoch, mura ndéanann siad níos measa é;

55.

ag tarraingt aird ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh daoine, agus daoine óga go háirithe, in ann maireachtáil, staidéar a dhéanamh agus oibriú ina dtír agus a réigiún féin; á chur i bhfios go láidir, gan bearta éifeachtúla agus éifeachtacha lena dtugtar aghaidh ar an mbochtaineacht, tacaíocht chuíchóirithe don mhicreamhaoiniú agus d’fhiontraithe ar mionscála a fhorbairt, go leanfaidh an méadú ar ghluaiseachtaí imirce ar chúiseanna eacnamaíocha, eadhon imirce daoine oilte, rud a fhágann go mbeidh an iliomad dúshlán roimh na tíortha cinn scríbe agus na tíortha tionscnaimh araon;

56.

á chreidiúint go daingean gurb é cur chuige ilghnéitheach agus iomlánaíoch i leith na fíorbhochtaineachta an cur chuige is fearr agus á athdhearbhú gur ceart daonna agus an uirlis is cumhachtaí araon chun an bhochtaineacht, an t-eisiamh sóisialta agus an neamhionannas a chomhrac é an t-oideachas (agus an oiliúint);

57.

á chur i bhfáth nach bhfreastalaíonn thart ar 64 mhilliún leanbh i dtíortha atá i mbéal forbartha ar an mbunscoil; á chur i bhfáth gur cailíní atá i gceist go háirithe, toisc go bhfuiltear ag baint níos mó agus níos mó dá gcearta chun oideachais ar ardchaighdeán mar gheall ar dhúnadh scoileanna, easpa rochtana ar an gcianfhoghlaim lena n-áirítear ar ábhair digiteacha, agus laghdú ar bhuiséid oideachais náisiúnta mar gheall ar an mbrú atá ar na geilleagair náisiúnta; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cúis mhór amháin é an foréigean sna réigiúin ar domhan a bhfuil coinbhleacht ar siúl iontu agus gurb í an bhochtaineacht an bhacainn mhór eile – a bhíonn fite fuaite go dlúth le coinbhleacht go minic; á mheabhrú go bhfuil tábhacht ag baint le comhionannas deiseanna a bheith lárnach don fhorbairt; á chur i bhfáth gur céimeanna tábhachtacha iad mná a chumhachtú agus rochtain ar oideachas leormhaith i dtíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe do chailíní agus do mhná, sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus na neamhshlándála bia; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, nach mór rochtain na mban óg ar thionscadail, oiliúint ghnó agus cistí Eorpacha a spreagadh i dtíortha comhpháirtíochta toisc go bhfuil ról tábhachtach ag mná i bhforbairt an gheilleagair áitiúil agus réigiúnaigh i roinnt tíortha i mbéal forbartha;

58.

ag tabhairt dá haire go dtacaíonn an tAontas Eorpach leis an oideachas i dtuairim is 100 tír agus trí chomhpháirtíochtaí amhail an Chomhpháirtíocht Dhomhanda um Oideachas (18) agus Education Cannot Wait (19), agus go bhfuil an comhionannas inscne á chur chun cinn aige i gcónaí i gcomhpháirt le rialtais agus le geallsealbhóirí neamhrialtasacha;

59.

ag moladh thosaíocht an Choimisiúin dul thar an sprioc 10 % a socraíodh agus 13 % a bhaint amach maidir le hoideachas i bpunann iomlán AS INTPA;

60.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tAontas, in 2021, EUR 85 mhilliún a eisíoc as CEF chun tacú leis an oideachas i dtíortha comhpháirtíochta, rud a d’fhág gur cláraíodh níos mó ná 32 mhilliún dalta bunscoile agus beagnach 3 mhilliún mac léinn ar leibhéal na meánscoile thar 2018–2020; ag tabhairt dá haire, as an EUR 85 mhilliún sin, gur úsáideadh EUR 6 mhilliún chun tacú le tionscadail soghluaisteachta agus fothaithe acmhainneachta faoi chlár Erasmus do thíortha ACC, gur eisíocadh EUR 31 mhilliún ar mhaithe leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint – as an méid sin, íocadh EUR 5 mhilliún mar chuid de chláir tacaíochta buiséadaí, EUR 1,2 milliún le haghaidh oibreacha agus soláthairtí, EUR 0,8 milliún le haghaidh seirbhísí agus íocadh na EUR 24 mhilliún a bhí fágtha i bhfoirm deontas;

61.

ag tabhairt dá haire gur gheall an Coimisiún EUR 700 milliún don Chomhpháirtíocht Dhomhanda um Oideachas anuraidh, chun cuidiú le múinteoirí oilte a chur ar fáil do 140 milliún leanbh agus chun go mbeadh 88 milliún leanbh breise ar scoil agus ag foghlaim;

62.

á athdhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtach ag na cláir fiontraíochta sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus i bhforbairt an fháis eacnamaíche; á thabhairt chun suntais gur féidir le cúrsaí oiliúna gnó cabhrú le fiontraithe ar mionscála gnólachtaí a chur ar bun agus cleachtais ghnó a fheabhsú, rud a chuireann ar chumas teaghlach bocht a gconair i dtreo slite beatha inbhuanaithe agus athléimneacht shocheacnamaíoch a phleanáil; ag tabhairt dá haire, áfach, chun éifeachtacht na gclár sin a fheabhsú, gur cheart an oiliúint a chomhlánú le tacaíocht shaincheaptha agus le seirbhísí leantacha; á mheabhrú go bhfuil sí den tuairim nach mór rochtain na mban óg ar thionscadail, oiliúint ghnó agus cistí Eorpacha a spreagadh i dtíortha comhpháirtíochta;

63.

á chur in iúl gur geal léi gur tháinig Creat Bainistithe Riosca nua (RMF+) i bhfeidhm in 2021; ag tabhairt dá haire go gcuireann an uirlis nua sin leis an gcreat bainistithe riosca a bhí ann roimhe seo, a cuireadh i bhfeidhm in 2013; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil RMF+ curtha in oiriúint don chomhthéacs athraitheach do chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, don tírdhreach geopholaitiúil atá ag athrú agus don NDICI-An Eoraip Dhomhanda nua agus go bhfuil feidhm aige maidir le tíortha a bhfuil socruithe déthaobhacha comhair ag an Aontas leo, lena n-áirítear líon suntasach tíortha nach gcuirtear tacaíocht bhuiséadach ar fáil iontu;

64.

ag tábhairt dá haire go mbaineann toscaireachtaí AE agus seirbhísí lárnacha an Choimisiúin úsáid as conclúidí agus obair leantach RMF+ ar chur chun feidhme beart maolaithe riosca agus ar an dul chun cinn a baineadh amach le tosaíochtaí idirphlé beartais, i sineirgíocht le huirlisí anailíseacha agus tuairiscithe eile atá ann cheana;

65.

á mheas go bhfuil CEF, cosúil le cláir eile an Aontais, thíos le heaspa infheictheachta, tuisceana agus poiblíochta i measc na bpobal áitiúil a bhaineann tairbhe as cistiú an Aontais toisc nach bhfuil siad ar an eolas faoi thacaíocht agus dlúthpháirtíocht an Aontais; á mheas nach mór EDF a mhíniú níos fearr don phobal;

66.

á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur thug an Coimisiún íosrialacha corparáideacha comhleanúnacha agus ceangailteacha maidir leis an gcumarsáid agus infheictheacht an Aontais isteach i gcláir chistiúcháin agus modhanna bainistíochta uile an Aontais sa tréimhse chistiúcháin 2021–2027 (20); á mheas, áfach, gur cheart go mbeadh gach tír is tairbhí freagrach go páirteach as gníomhaíochtaí cumarsáide a chlársceidealú (faoi mhaoirseacht sheirbhísí an Aontais) d’fhonn feasacht a mhúscailt i measc a bpobal lena mbaineann na tionscadail agus na gníomhaíochtaí arna maoiniú ag an Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún an fhéidearthacht sin a fhiosrú;

67.

á chreidiúint gur cheart do gach tír is tairbhí plean fadtéarmach a thíolacadh, ina luafar a cuid tionscadal agus spriocanna, feadh fhéilire CAI; á chreidiúint go bhféadfadh an t-ollstruchtúr sin trédhearcacht agus intuarthacht an chúnaimh Eorpaigh um fhorbairt a mhéadú, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí cuspóirí fadtéarmacha a leagan síos mar atá siad sainithe ag an gCoimisiún, eadhon i réimsí ina bhfuil gá le réamhphleanáil amhail fuinneamh, sláinte, soláthar uisce agus an t-aistriú digiteach agus glas; ag tabhairt dá haire gur cheart don rialtas is tairbhí plean den sórt sin a thíolacadh, a bheadh ag brath ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí áitiúla, ar cheart a rannpháirtíocht a spreagadh; á chreidiúint go gcothódh sé sin rannpháirtíocht na dtíortha cinn scríbe i ndréachtú bheartas forbartha an Aontais freisin, trí rannpháirtíocht a gcuid institiúidí agus geallsealbhóirí;

68.

á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhféadfaí ardán ar líne ina bpoibleofaí tionscadail uile CEF agus NDICI-an Eoraip Dhomhanda a bhunú, chun trédhearcacht agus rochtain ar shonraí a mhéadú;

69.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur ghlac AS INTPA, i réimse na gníomhaíochta seachtraí, in éineacht le hArd-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí eile lena mbaineann, cur chuige nua i leith na cumarsáide ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda; ag tabhairt dá haire, leis an gcur chuige nua sin, go n-imítear ó chumarsáid ilroinnte a bhaineann go sonrach le tionscadal go hiarracht atá níos dírithe agus níos straitéisí; á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh na treoirlínte nuashonraithe maidir le hInfheictheacht an Aontais a chur in iúl agus a mhéadú i ngníomhaíochtaí seachtracha (21) ina leagtar amach an méid a bhfuiltear ag súil leis ó chomhpháirtithe a chuireann gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais chun feidhme;

70.

á chur in iúl gur oth léi, tar éis dhul in éag chomhaontú comhpháirtíochta Cotonou idir an tAontas agus tíortha ACC i mí Feabhra 2020 agus tar éis inisealacha a chur leis an gcomhaontú comhpháirtíochta nua i mí Aibreáin 2021, nach bhfuil siniú an chomhaontaithe comhpháirtíochta nua údaraithe ag an gComhairle go fóill, lenar cuireadh fadú bliantúil leis an sean-chomhaontú agus lenar cuireadh amhras dlíthiúil ar phobail iomlána ACC agus an Aontais i ndáil le leanúint den idirphlé polaitiúil agus de bheartais forbartha; ag tathant ar an gComhairle go ndéanfaí cros ó Bhallstát aonair a shárú agus siniú an chomhaontaithe comhpháirtíochta nua a údarú;

71.

á mheas go bhféadfaí na torthaí ar chabhair an Aontais um fhorbairt a mhéadú le comhordú láidir agus spriocdhírithe i measc ghníomhaíochtaí CEF agus NDICI-an Eoraip Dhomhanda maidir le maoiniú, go háirithe trí thionscadail trasteorann, d’fhonn sineirgí a chruthú agus breisluach airgeadais CEF agus NDICI-an Eoraip Dhomhanda a mhéadú;

72.

ag cur i bhfios go bhfuil breisluach le hionstraimí ‘cumaisc’ ina ndéantar deontais phoiblí a chomhcheangal le hiasachtaí príobháideacha; á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt d’úsáid ionstraimí den sórt sin agus í a dhreasú; á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirt a thabhairt don earnáil phríobháideach, eadhon trí fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus fiontraithe áitiúla;

73.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Coimisiún barúlacha ar na meastóireachtaí a dhéanann sé ar EDF, mar aon le barúlacha eile; á athdhearbhú, mar sin féin, gur iarr sí go ndéanfaí meastóireacht chuimsitheach ar thionscadail arna gcistiú ag CEF, chun go mbeidh an Pharlaimint in ann meastóireacht bheacht a dhéanamh ar thionchar chistí CEF agus chun a fhíorú go ndéanfaí cuspóir deiridh na cabhrach um fhorbairt a urramú - eadhon an bhochtaineacht a laghdú agus deireadh a chur léi ar deireadh;

74.

ag tarraingt aird ar an gcomhthéacs atá ag dul in olcas go seasta, ina ndéantar beartais forbartha agus cabhair dhaonnúil an Aontais, arb é is saintréith de ná paindéim COVID-19, an géarú gan staonadh ar thionchair an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta, éiginnteacht an tsoláthair bia, atá ag dul i méid agus iarmhairtí méadaitheacha chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag tabhairt dá haire gur ann don bhearna atá ag dul i méid idir na cistí is gá agus iad siúd atá ar fáil chun freagairt do na géarchéimeanna aeráide, ocrais, fiachais, daonnúla agus do ghéarchéimeanna eile atá ag dul i méid, rud a chruthaíonn neamhionannas atá ag dul i méid agus a mhéadaíonn leibhéil na bochtaineachta den chéad uair le blianta fada anuas; á iarraidh go ndéanfar cistiú iomchuí chun stop a chur leis an ngluaiseacht leanúnach ó SDGanna seachas i dtreo na spriocanna sin; ag cur béim ar an bhfíoras, in ainneoin na ndúshlán iomadúla atá os comhair an Aontais a bhaineann le paindéim COVID-19, agus le fogha chogadh na Rúise san Úcráin agus a éifeachtaí geopholaitiúla agus eacnamaíocha, gur gá an caiteachas ar chúnamh forbartha a mhéadú;

75.

á chur in iúl gur saoth léi nach ann don aistriú ‘ó na billiúin go dtí na trilliúin’ i maoiniú le haghaidh forbartha a measadh a bheith riachtanach nuair a glacadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) in 2015; ag tabhairt dá haire gur práinní i bhfad níos mó acmhainní an domhain arna gcoimeád go príobháideach a shlógadh, trí chur chun cinn na hinfheistíochta agus trí chánachas níos éifeachtaí, agus á áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí ailínithe le cuspóirí Chlár Oibre 2030 agus leis an gcomhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt, ach freisin maoiniú poiblí forbraíochta a uas-scálú, i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta ar leibhéil a bhfuil an tAontas fós i bhfad uathu;

Obair leantach ar urscaoileadh 2020

76.

ag tabhairt dá haire gur sholáthair an Coimisiún achoimre ar ghníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar na príomhthosaíochtaí polaitiúla a chuir an Pharlaimint agus an Chomhairle in iúl i nós imeachta urscaoilte 2020 trí bhíthin na Tuarascála ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an obair leantach maidir le hurscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (22), ar cuid den tuairisciú comhtháite airgeadais agus cuntasachta í;

77.

ag tabhairt dá haire, mar fhreagairt ar iarraidh na Parlaiminte, gur chuir an Coimisiún nuashonrú ar fáil don Pharlaimint maidir le cur chun feidhme an t-ochtú CEF agus an naoú CEF;

78.

á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme mholadh na Parlaiminte maidir le tacaíocht do riarachán na dtíortha agus na gcríoch thar lear, lena ráthaítear dáileadh cothrom cistí; á thabhairt chun suntais mar sin féin go bhfuil gá le comhleanúnachas níos láidre maidir le gníomhaíocht an Aontais i réigiún ACC, agus é á áirithiú go dtugtar tús áite do na cuspóirí forbartha agus go bhfuil na beartais i leith na dtíortha agus na gcríoch thar lear nasctha le forbairt a réigiún geografach faoi seach agus go bhfuil siad i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais;

79.

ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur cuireadh barúlacha na Parlaiminte san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar Phlean Gníomhaíochta 2021 AS INTPA maidir le haghaidh a thabhairt ar laigí rialaithe agus ardrioscaí a sainaithníodh.

(1)  Cinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn), (IO L 355, 7.10.2021, lch. 6).

(2)  Rinneadh AS INTPA de AS DEVCO i mí Eanáir 2021

(3)  Uirlis chun cabhrú le Toscaireachtaí AE oibriú ar bhealach níos fearr i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara na dtíortha trí chlársceidealú agus cur chun feidhme comhpháirteach, https://europa.eu/capacity4dev/wbt-team-europe

(4)  Cuntais bhliantúla an Chiste Eorpaigh Forbraíochta don bhliain 2021, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52022DC0321

(5)  Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (IO L 307, 3.12.2018, lch. 1).

(6)  an Bhotsuáin, Buircíne Fasó, Djibouti, Tíomór Thóir, an Aetóip, Gána, Guine Bissau, Háítí, Iamáice, an Libéir, an Mhaláiv, Mailí, an Nígir, an Nigéir, an tSaimbia, an Tansáin, Uganda agus an tSaimbia.

(7)  Chuaigh gach ceann den 140 íocaíocht a rinneadh trí AS INTPA.

(8)  An Bhotsuáin, Buircíne Fasó, an Aetóip, Gána, Guine Bissau, Háítí, an Libéir, an Mhaláiv, an Nígir, an Nigéir, an Tansáin, Uganda agus an tSaimbia.

(9)  Tuarascáil bhliantúil 2021 ó AS INTPA maidir le gníomhaíochtaí, lch. 51.

(10)  https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/annualreports-2021/annualreports-2021_GA.pdf (lch. 383).

(11)  Faoin ‘gcur chuige barúlach’, nuair a dhéantar ranníocaíochtaí ón gCoimisiún chuig tionscadail ildeontóra a thiomsú le ranníocaíochtaí ó dheontóirí eile agus nach gcuirtear iad i leataobh le haghaidh míreanna caiteachais sonracha agus inaitheanta, déanann an Coimisiún talamh slán de go bhfuil an caiteachas ag comhlíonadh rialacha incháilitheachta an Aontais ar choinníoll go ndéantar caiteachas incháilithe atá leordhóthanach chun ranníocaíocht an Aontais a chlúdach a áireamh sa mhéid iomlán atá tiomsaithe, https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/annualreports-2021/annualreports-2021_EN.pdf

(12)  Tuarascáil Bhliantúil 2021 ar Ghníomhaíochtaí ó AS INTPA, lch. 34.

(13)  Is iad na táscairí ná: 1) cur chun feidhme leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, 2) cur chun feidhme na dtuartha do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, 3) cur chun feidhme leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, 4) cur chun feidhme na dtuartha do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, 5) ionsú na ngealltanas foriomlán agus 6) íocaíochtaí tráthúla.

(14)  Is iad seo a leanas na ceithre tháscaire bhreise: 7) saoradh ó ghealltanais ar bhonn tráthúil, 8) am cláraithe i gcás sonrasc, 9) cáilíocht na sonraí cuntasaíochta, 10) cáilíocht na sonraí bainistíochta.

(15)  Tuarascáil Bhliantúil 2021 ar Ghníomhaíochtaí ó AS INTPA (lch. 43).

(16)  I gcás inarb iomchuí, bearta sonracha frithchalaoise a áireamh i measc na ‘gcoinníollachtaí’ le haghaidh tacaíocht bhuiséadach. Maidir le tacaíocht bhuiséadach agus cúnamh macra-airgeadais, i gcás inarb iomchuí, feabhas a chur ar straitéisí rialaithe agus sásraí fíoraithe a neartú, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:52021SC0262

(17)  Innéacs Domhanda na Bochtaineachta Ilghnéithí, 2022 (MPI).

(18)  https://www.globalpartnership.org/

(19)  https://www.educationcannotwait.org/

(20)  https://commission.europa.eu/funding-tenders/managing-your-project/communicating-and-raising-eu-visibility_ga

(21)  https://international-partnerships.ec.europa.eu/knowledge-hub/communicating-and-raising-eu-visibility-guidance-external-actions_en

(22)  COM(2022), 0331 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52022DC0331


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/190


CINNEADH (AE) 2023/1843 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le cuntais an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021 a dhúnadh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do na ráitis airgeadais agus do na cuntais ioncaim agus caiteachais don ochtú, don naoú, don deichiú agus don aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022)321 – C9-0281/2022),

ag féachaint don fhaisnéis airgeadais maidir leis na Cistí Eorpacha Forbraíochta (COM(2022)0321),

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an ochtú, ag an naoú, ag an deichiú agus ag an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021, mar aon leis na freagraí ón gCoimisiún (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do na moltaí ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme oibríochtaí na gCistí Eorpacha Forbraíochta don bhliain airgeadais 2021 (05671/2023 – C9-0056/2023, 05672/2023 – C9-0057/2023, 05673/2023 – C9-0058/2023, 05674/2023 – C9-0059/2023),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2022)331),

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000  (3) agus a leasaíodh in Ouagadougou (Buircíne Fasó) an 22 Meitheamh 2010  (4),

ag féachaint do Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (‘an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear’) (5),

ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachas na dTíortha Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn) (6),

ag féachaint d’Airteagal 33 de Chomhaontú Inmheánach an 20 Nollaig 1995 idir ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, maidir le maoiniú agus riar scéim cabhrach an Chomhphobail faoin Dara Prótacal Airgeadais a ghabhann le ceathrú Coinbhinsiún ACC-CE (7),

ag féachaint d’Airteagal 32 de Chomhaontú Inmheánach an 18 Meán Fómhair 2000 idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, maidir le Maoiniú agus Riar Scéim Cabhrach an Chomhphobail faoin bPrótacal Airgeadais a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000 agus maidir le leithroinnt cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhme ag Cuid a Ceathair de Chonradh CE maidir leo (8),

ag féachaint d’Airteagal 11 de Chomhaontú Inmheánach an 24 agus an 26 Meitheamh 2013 idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, ar mhaoiniú scéim cabhrach an Aontais Eorpaigh faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus ar leithroinnt cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (9),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 74 de Rialachán Airgeadais an 16 Meitheamh 1998 is infheidhme maidir le comhar airgeadais forbraíochta faoi cheathrú Coinbhinsiún ACC-CE (10),

ag féachaint d’Airteagal 119 de Rialachán Airgeadais an 27 Márta 2003 is infheidhme maidir leis an 9ú Ciste Forbraíochta Airgeadais (11),

ag féachaint d’Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 215/2008 ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta (12),

ag féachaint d’Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2015/323 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (13),

ag féachaint d’Airteagal 42 de Chinneadh (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (14),

ag féachaint do Riail 99 agus don tríú fleasc de Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0114/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, agus socrú a dhéanamh go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(2)   IO C 400, 17.10.2022, lch. 170.

(3)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(4)   IO L 287, 4.11.2010, lch. 3.

(5)   IO L 344, 19.12.2013, lch. 1.

(6)   IO L 355, 7.10.2021, lch. 6.

(7)   IO L 156, 29.5.1998, lch. 108.

(8)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 355.

(9)   IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.

(10)   IO L 191, 7.7.1998, lch. 53.

(11)   IO L 83, 1.4.2003, lch. 1.

(12)   IO L 78, 19.3.2008, lch. 1.

(13)   IO L 58, 3.3.2015, lch. 17.

(14)   IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/192


CINNEADH (AE) 2023/1844 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0074/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (4), agus go háirithe Airteagal 35 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0111/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 158, 14.6.2019, lch. 22.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/194


RÚN (AE) 2023/1845 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0111/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 23 590 235 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, arb ionann é agus méadú 36,38 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go dtagann buiséad na Gníomhaireachta go páirteach as buiséad an Aontais agus go páirteach as táillí a bhailiú;

B.

de bhrí go luann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur tugadh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad i rith na bliana airgeadais 2021 go ndearnadh ráta leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí na bliana reatha, is é sin 94,06 %, a chur chun feidhme ar an mbuiséad (rud a fhágann nár baineadh amach sprioc bheartaithe na Gníomhaireachta, is é sin 95 %), arb ionann é agus laghdú 4,81 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gurbh é 65,96 % ráta forghníomhaithe na bliana reatha i leith leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (rud a fhágann nár baineadh amach sprioc bheartaithe na Gníomhaireachta, is é sin 75 %), arb ionann é agus laghdú 15,11 %i gcomparáid le 2020;

2.

ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, gur sonraíodh in 2019, go raibh roinnt conarthaí sonracha faoi chreatchonradh le haghaidh seirbhísí teicneolaíochta faisnéise (TF) neamhrialta go páirteach, go bhféadfadh difear a bheith déanta freisin d’íocaíochtaí ina dhiaidh sin a bhí bunaithe ar an gcreatchonradh sin, agus gurbh é EUR 21 534 méid na n-íocaíochtaí gaolmhara in 2021; ag tabhairt dá haire go rachaidh an creatchonradh lena mbaineann in éag in 2025, agus gur ann don fhreagra ón nGníomhaireacht gur íoslaghdaigh sí an úsáid a bhaintear as an liosta seachphraghsanna a mhéid is féidir, rud a thugann faoi bhun 10 % de luach gach conartha shonraigh é, agus leanúnachas a gníomhaíochtaí oibríochtúla á chur san áireamh;

3.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, de réir thuarascáil na Cúirte, go ndearna an Ghníomhaireacht EUR 6,6 milliún (29,9 %) de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ó 2021 a thabhairt ar aghaidh go 2022, agus gur bhain EUR 4,0 milliún den mhéid sin, nó 54 % den chaiteachas oibríochtúil, le croíghníomhaíochtaí oibríochtúla faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus go bhfuil na rátaí arda leithreasuithe arna dtabhairt anonn ag teacht salach ar phrionsabal buiséadach na bliantúlachta agus go dtugann sé le fios go bhfuil saincheisteanna struchtúracha i gceist i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid; ag tabhairt dá haire, de réir fhreagra na Gníomhaireachta, gurbh é 2021 an chéad bhliain ar bhailigh an Ghníomhaireacht táillí gan aon taithí roimhe sin aici sa réimse sin, go raibh an Ghníomhaireacht faichilleach maidir lena hacmhainní a chonrú agus gur chuir sí moill ar thús roinnt tionscadail oibríochtúla a raibh sé beartaithe iad a chumhdach le táillí go dtí go socrófaí an chéad tráthchuid táillí, agus go raibh leibhéal ard leithreasuithe arna dtabhairt anonn ó iarmhéideanna oscailte na ngealltanas ag deireadh na bliana mar thoradh air sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thuairiscigh an Chúirt an ráta ard leithreasuithe arna dtabhairt anonn in 2020 agus in 2019 agus gur iarr an t-údarás um urscaoileadh ar an nGníomhaireacht an tsaincheist a réiteach maille le tuilleadh feabhsuithe ar a pleanáil buiséid agus ar a timthriallta cur chun feidhme;

4.

ag tabhairt dá haire gurbh é 2021 an chéad bhliain ar bhailigh an Ghníomhaireacht táillí ó na sásraí tuairisciúcháin cláraithe le haghaidh na seirbhísí a sholáthraíonn sí i gcomhair bailiú, láimhseáil agus anailísiú sonraí arna dtuairisciú ag rannpháirtithe sa mhargadh fuinnimh chun Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a chur chun feidhme;

Feidhmíocht

5.

ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí a gníomhaíochtaí maidir le cur chun feidhme agus cuspóirí a cláir oibre, agus cinn eile i ndáil le bainistiú acmhainní daonna agus airgeadais, i measc nithe eile; á chur in iúl gur mór aici gur comhlíonadh na ETFanna agus gur tharraing an Ghníomhaireacht aird ar bhearta lenar féidir éifeachtúlacht agus éifeachtacht obair na Gníomhaireachta a fheabhsú; á mholadh, áfach, go dtabharfadh an Ghníomhaireacht dá haire na táscairí nár baineadh amach go fóill nó atá ag titim ar gcúl;

6.

ag tabhairt dá haire gur cuireadh clár oibre na Gníomhaireachta chun feidhme den chuid is mó, agus gur baineadh an tosaíocht de roinnt cúraimí, go ndearnadh iad a chur ar ceal, a chur ar athló nó iad a chomhcheangal go páirteach le cúraimí eile, mar gheall ar an teorannú ar na hacmhainní daonna atá ar fáil, i réimse Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 go príomha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb amhlaidh de réir na Gníomhaireachta, a bhí neamhréir ann san uainiú idir cúraimí agus leithdháileadh acmhainní, mar shampla na cúraimí agus na hacmhainní do reachtaíocht maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh agus don mhargadh fuinnimh ghlain;

Beartas foirne

7.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2021, a bhí an plean bunaíochta curtha chun feidhme de réir ráta 95,77 %, agus ceapacháin déanta i gcás 68 ngníomhaire shealadacha as 71 ghníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 71 phost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 30 gníomhaire ar conradh, ceathrar saineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus 10 mball foirne eatramhacha don Ghníomhaireacht in 2021; á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh, ag deireadh 2021, a cumhdaíodh 23,4 % de lucht saothair na Gníomhaireachta trí chlár oiliúna agus trí oibrithe gníomhaireachta eatramhacha agus, dá bhrí sin, ag athdhearbhú na moltaí ón gCúirt maidir le cúraimí buana agus leanúnacha a shannadh do bhaill foirne atá fostaithe go díreach;

8.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil éagothroime inscne ard fós ann laistigh de lucht bainistíochta sinsearach na Gníomhaireachta, eadhon bean amháin (17 %) agus cúigear fear (83 %); ag tabhairt dá haire, i measc a foirne ar an iomlán, gurb ionann an cóimheas inscne agus 37 mbean (37 %) agus 63 fhear (63 %); ag tabhairt dá haire go bhfuil naonúr ban (50 %) agus naonúr fear (50 %) ar bhord riaracháin na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta nithiúla a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a fheabhsú ar gach leibhéal den ordlathas a luaithe is féidir, agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn;

9.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, agus gur cuid de líonra idirghníomhaireachta comhairleoirí rúnda í an Ghníomhaireacht; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chásanna ciaptha in 2021 agus ag spreagadh na Gníomhaireachta chun leanúint den obair agus í a fhorbairt chun cásanna a chosc sa todhchaí chomh maith;

10.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoraíocht ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a chur ar fáil don fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, an chothromaíocht gheografach a fheabhsú chun go mbeidh ionadaíocht iomchuí ann ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

11.

ag tabhairt dá haire gur tugadh 200 nós imeachta soláthair i gcrích in 2021, i gcomparáid le 109 in 2020, agus go mbeadh gá le baill foirne bhreise ós rud é go bhfuil líon na nósanna imeachta ag méadú; ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht ríomhthairiscint, ríomhaighneachtaí agus ríomhshonrascú chun feidhme agus go bhfuil tástáil déanta aici ar Uirlis Bainistíochta Soláthair Phoiblí (PPMT) agus é mar aidhm aici é a chur chun feidhme le linn 2023; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ós rud é gurbh é 2021 an chéad bhliain ar bailíodh táillí, ghlac an Ghníomhaireacht cur chuige sách coimeádach maidir le seoladh na nósanna imeachta soláthair; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

12.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé, i ndáil leis na nósanna imeachta soláthair uile, iomaíocht chothrom idir tairgeoirí a áirithiú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme na huirlisí TF ríomhsholáthair atá forbartha ag an gCoimisiún; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú nuashonraithe ar na nósanna imeachta agus ar na teimpléid sna treoirlínte soláthair; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thug an Chúirt barúil maidir le laigí sa soláthar poiblí á rá bhfuil siad ag dul i méid agus gurb iad an fhoinse íocaíochtaí neamhrialta is mó iad go fóill i gcás formhór na ngníomhaireachtaí;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

13.

ag aithint na mbeart atá ann cheana agus na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa a áirithiú, agus chun cosaint sceithirí a áirithiú; ag tabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht a beartas cuimsitheach chun feidhme maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus go mbailíonn an Ghníomhaireacht dearbhuithe bliantúla leasa a foirne bainistíochta, a comhaltaí boird riaracháin agus a comhaltaí malartacha, a boird rialálaithe, agus a boird achomhairc, chomh maith le cathaoirligh agus leaschathaoirligh mheithleacha na Gníomhaireachta agus thionóil thascfhórsaí na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéanann an Ghníomhaireacht measúnú ar na foirmeacha a chuirtear isteach, go ndéanann sí leibhéil riosca a shannadh dóibh agus go ndéanann sí iad a láimhseáil dá réir sin;

14.

ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú, idir 2019 agus 2021, ar thrí chás ina bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann maidir le ball sinsearach den fhoireann atá ag gabháil do ghníomhaíocht sheachtrach ar íocaíocht nó do phost nua in áit eile, agus go raibh an cás amháin a d’athbhreithnigh an Chúirt, ag sárú Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne, ós rud é nach ndeachaigh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis an gcomhchoiste agus gur eisigh sí a cinneadh, lena n-áirítear srianta a ceapadh chun an riosca a mhaolú, tar éis an spriocdháta, agus gur iarr an Ghníomhaireacht ar an duine lena mbaineann na srianta a chomhlíonadh ina dhiaidh sin, gan aon bhunús dlí; ag tabhairt dá haire, de réir fhreagra na Gníomhaireachta, gur mheas sí gur réiteach maith é malartú litreacha leis an iarbhall foirne lena mbaineann chun na hoibleagáidí conarthacha a chur ar bhonn foirmiúil tar éis an cinneadh a tharraingt siar, agus ar an gcaoi sin cosaint a thabhairt ar rioscaí oibríochtúla, dlíthiúla agus clú, agus go bhfuil rún daingean ag an nGníomhaireacht an próiseas a chur i bhfeidhm ar bhealach tráthúil ceart;

15.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, a glacadh le cinneadh ó bhord riaracháin na Gníomhaireachta an 31 Eanáir 2015; á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha, agus, más gá, a bheartas coinbhleachta leasa a nuashonrú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a sásraí rialaithe inmheánaigh a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

16.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) iniúchadh in 2021 ar phleanáil, ar bhuiséadú agus ar fhaireachán, agus go raibh moladh an-tábhachtach amháin sa tuarascáil deiridh i mí Eanáir 2022 maidir le buiséadú bunaithe ar ghníomhaíocht a chur chun feidhme, taifeadadh feidhmiúil ama agus measúnú ar an ualach oibre agus moladh tábhachtach amháin maidir le pleanáil soláthair, maidir le faireachán agus maidir le tuairisciú a ndearnadh plean gníomhaíochta a shainiú ina leith; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

17.

ag tabhairt dá haire, tar éis iniúchadh IAS in 2020 ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, go raibh dhá mholadh an-tábhachtach agus trí mholadh thábhachtacha go hiomlán curtha chun feidhme agus tuairiscithe do IAS in 2021 agus gur dhún IAS iad in 2022, agus go raibh moladh tábhachtach amháin le cur chun feidhme in 2022; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

18.

ag tabhairt dá haire, tar éis iniúchadh 2018 ar ‘Slándáil TF sa Ghníomhaireacht agus slándáil faisnéise i réimse REMIT’, go raibh ceithre mholadh thábhachtacha go hiomlán curtha chun feidhme agus dúnta ag IAS in 2021, go raibh moladh tábhachtach amháin go hiomlán curtha chun feidhme agus dúnta ag IAS in 2022, agus gur cuireadh moill shuntasach le moladh tábhachtach amháin a bhí fós ann ach gur cuireadh chun feidhme go hiomlán é agus gur tuairiscíodh do IAS é in 2022. ag tabhairt dá haire, sa bhreis air sin, tar éis iniúchadh 2017 ar ‘Bainistíocht Acmhainní Daonna’, gur cuireadh chun feidhme plean gníomhaíochta in 2020 agus gur dhún IAS é in 2021;

19.

ag tabhairt dá haire gur ghlac bord riaracháin na Gníomhaireachta straitéis nua frithchalaoise i mí na Nollag 2021, bunaithe ar fhionnachtana thuarascáil cur chun feidhme na straitéise frithchalaoise, 2019-2021;

20.

Tugann sí dá haire gurb amhlaidh, i gcomhar le CERT-EU, a ordaíonn agus a dhéanann an Ghníomhaireacht scanacháin rialta leochaileachta ar chroíchórais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna slándála agus cosanta sonraí agus go gcuireann sí teicnící maolaithe chun feidhme chun aghaidh a thabhairt orthu, agus gurb amhlaidh, in 2021, a chuir an Ghníomhaireacht chun feidhme, tar éis forbairt agus oiriúnú tacair fhoriomláin caighdeán cibearshlándála atá in úsáid cheana féin ag mórinstitiúidí an Aontais, an chéad athbhreithniú ar cheann de na caighdeáin chun ailíniú leis na rioscaí nua atá ag teacht chun cinn;

21.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht athbhreithniú riosca lár bliana i mí an Mheithimh 2021 chun athmheasúnú a dhéanamh ar na rioscaí a ndearnadh foráil dóibh ar dtús agus gur sainaithníodh mar riosca criticiúil na rioscaí a bhaineann leis an mborradh atá ar achomhairc dhlíthiúla i gcoinne chinntí na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

22.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; á áitiú go láidir go mbeadh ceanglas ann maidir le bainistiú éifeachtach agus córais rialaithe chun a sheachaint go mbeadh cásanna féideartha coinbhleachtaí leasa ann, go mbeadh rialuithe ex anteex post ar iarraidh, go mbeadh gealltanais bhuiséadacha agus dlí á mbainistiú ar bhealach easnamhach, agus go mbeadh mainneachtain ann maidir le saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

Digitiú agus an t-aistriú glas

23.

ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht roinnt uirlisí TF chun éifeachtúlacht agus úsáid acmhainní a fheabhsú, lena n-áirítear seirbhísí comhroinnte arna soláthar ag an gCoimisiún, amhail ARES (bainistiú doiciméad) agus Sysper (bainistiú acmhainní daonna);

24.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chuir ganntanas acmhainní daonna agus airgeadais na Gníomhaireachta teorainn leis an gcumas atá aici digitiú na Gníomhaireachta a fheabhsú agus a fhorbairt tuilleadh (mar shampla, b’éigean tionscadail i réimse na néalríomhaireachta a chur ar feitheamh), toisc nach féidir le bearta cibearshlándála i réimsí áirithe na rioscaí a mhaolú i gcomhréir le fonn riosca na Gníomhaireachta;

25.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur ann do Phlean Gníomhaíochta na Gníomhaireachta maidir le Glasú, 2021-2022, ina bhfuil 17 bpointe gníomhaíochta nithiúla arb é is aidhm dóibh lorg carbóin na Gníomhaireachta a laghdú, amhail braiteoirí solais agus soilsiú LED a shuiteáil, tuilleadh néalacmhainní a úsáid, agus leictreachas glas 100 % a cheannach;

26.

á chur in iúl gur geal léi gurb amhlaidh, in 2021, maidir leis an earnáil gáis, a dhírigh an Ghníomhaireacht ar an reachtaíocht atá le teacht chun an earnáil fuinnimh a dhícharbónú i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip le páipéar seasaimh maidir le príomhcheanglais rialála chun dícharbónú gáis a bhaint amach, le páipéar bán maidir le rialacha chun sceitheadh meatáin a chosc san earnáil fuinnimh agus le páipéar bán rialála maidir le cathain agus conas líonraí hidrigine a rialáil; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ann don páipéar seasaimh maidir le feabhas a chur ar Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus don pháipéar bán maidir le láimhseáil rialála na cumhachta i leith gáis; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur ann do rannchuidiú na Gníomhaireachta i ndáil leis an bpacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’;

27.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú na gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú na nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, mar sin féin, ar a riachtanaí atá sé na bearta slándála riachtanacha uile a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear;

28.

ag spreagadh na Gníomhaireachta chun oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); á mholadh go ndéanfaí cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus a thugtar cothrom le dáta go rialta a thairiscint do gach ball foirne laistigh den Ghníomhaireacht;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

29.

ag tabhairt dá haire gur bunaíodh grúpa bainistithe leanúnachais, a bhí comhdhéanta de lucht bainistíochta sinsearach na Gníomhaireachta agus atá freagrach as acmhainní daonna, as TF agus as slándáil, i mí an Mhárta 2021 agus gur chrom an Ghníomhaireacht ar a straitéis maidir le bealaí nua oibre a chur chun feidhme ó fhómhar 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh í an teilea-obair an príomh-mhodh oibríochtúil chun sláinte na foirne a choimirciú, go ndearna an Ghníomhaireacht a dícheall freisin modhanna oibre hibrideacha a thabhairt isteach, agus gur teorannaíodh láithreacht na foirne san oifig i gcomhréir leis na bearta sábháilteachta a bhí ar fáil; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun cruinnithe a eagrú ar bhealach níos fearr i gcás na gcruinnithe a d’fhéadfaí a reáchtáil ar bhealach níos éifeachtúla go cianda ná i bpearsa amach anseo;

30.

ag tabhairt dá haire go ndearna Stiúrthóir na Gníomhaireachta eisceachtaí sealadacha slándála a sholáthar agus a fhormheas chun rochtain ar fhaisnéis íogair a éascú le haghaidh obair a bhain le cásanna faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, agus gur cuireadh roinnt bearta maolaithe riosca i bhfeidhm i ndáil leis sin;

Barúlacha eile

31.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur chuir an Ghníomhaireacht tús leis an bpróiseas chun a suíomh gréasáin poiblí a aistriú chuig córas nua bainistithe lánais (Drupal) in 2021, mar iarracht íomhá phoiblí na Gníomhaireachta a nuachóiriú agus feabhas a chur ar sholáimhsitheacht a suímh gréasáin; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go bhfuil feabhas tagtha ar leathanaigh ócáidí poiblí na Gníomhaireachta;

32.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá sineirgí a fhorbairt (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil), agus a comhar, a malartú dea-chleachtas agus a plé maidir le réimsí leasa fhrithpháirtigh le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

33.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnálach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 157.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/199


CINNEADH (AE) 2023/1846 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0074/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (4), agus go háirithe Airteagal 35 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0111/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 158, 14.6.2019, lch. 22.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/200


CINNEADH (AE) 2023/1847 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta um Thacaíocht do BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta um Thacaíocht do BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0075/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (4), agus go háirithe Airteagal 28 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0129/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a cuid barúlacha sa rún thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 321, 17.12.2018, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/202


RÚN (AE) 2023/1848 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta um Thacaíocht do BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0129/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 7 341 357 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (an ‘Ghníomhaíocht’) a glacadh don bhliain airgeadais 2021, arb ionann é agus méadú 1,49 % i gcomparáid le 2020, arb ionann é go príomha agus méadú ar an gcaiteachas foirne; de bhrí go n-eascraíonn buiséad na Gníomhaireachta go príomha ó bhuiséad an Aontais agus ó ranníocaíochtaí tríú tír; de bhrí gur chuir ranníocaíochtaí tríú tír a tugadh anonn ó bhlianta roimhe sin agus creidmheasanna oibríochtaí riaracháin ioncaim bhreise ar fáil do bhuiséad 2021 a glacadh;

B.

de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘an tuarascáil ón gCúirt’), go bhfuair an Chúirt dearbhuithe réasúnacha go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

á thabhairt dá haire, agus is mór aici é, go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 99,97 % mar thoradh ar iarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas an bhuiséid chríochnaithigh arna ghlacadh don bhliain, arb ionann é agus méadú 0,89 % i gcomparáid le 2020; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil ráta cur chun feidhme an bhuiséid ar an gceann is airde le cúig bliana anuas, agus go bhfuil sé laistigh den tairseach os cionn 95 % a bhunaigh an bord bainistíochta; á thabhairt dá haire gurbh é 69,33 % ráta forghníomhaithe na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí na bliana reatha, arb ionann é agus méadú 8,19 % i gcomparáid leis an mbliain 2020 ach faoi bhun na rátaí in 2017 agus in 2019 mar gheall ar thabhairt anonn a bhaineann le seoladh líon ard tionscadal sonrach a raibh sé beartaithe a thabhairt chun críche in 2022;

2.

á thabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, don bhliain airgeadais 2019, go raibh nós imeachta soláthair le haghaidh seirbhísí dlí neamhrialta agus, mar thoradh air sin, go bhfuil na híocaíochtaí a rinneadh ina dhiaidh sin bunaithe ar an gcreatchonradh sin neamhrialta, agus in 2021, gurbh ionann na híocaíochtaí gaolmhara agus EUR 4 444;

Feidhmíocht

3.

á thabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí a baineadh amach i ndáil lena cuspóirí, lena n-áirítear maidir le bainistiú buiséid, cothromaíocht inscne agus cosaint sonraí pearsanta; á chur in iúl gur geal léi go socraíonn ceann de na KPInna sin teorainn ama 15 lá oibre maidir le rochtain ar dhoiciméid a phróiseáiltear; á thabhairt dá haire go bhfuil KPInna maidir le córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) i bhfeidhm agus á chur in iúl gur oth léi gur ghá síniú conartha comhairliúcháin i ndáil le teicneolaíocht faisnéise (TF) chun tacú le forbairt ‘straitéis TFC BEREC 2022-2025’ a chur siar go 2022 mar gheall ar chonradh le haghaidh na seirbhísí sin gan bheith ar fáil; á chur in iúl gur mór aici gur comhlíonadh na KPInna agus gur tharraing an Ghníomhaireacht aird ar bhearta lenar féidir éifeachtúlacht agus éifeachtacht obair na Gníomhaireachta a fheabhsú; ag moladh, áfach, go dtabharfadh an Ghníomhaireacht aird ar na KPInna nár baineadh amach go fóill nó iad siúd atá ag titim ar gcúl;

4.

á thabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht dhá staidéar ar fáil do BEREC in 2021, eadhon, an ‘Staidéar ar iompraíocht tomhaltóirí i dtreo ardáin dhigiteacha mar mhodh cumarsáide’ agus an ‘Staidéar ar bhearta iar-COVID chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh’, agus cuid de cheann maidir le lorg comhshaoil BEREC agus na Gníomhaireachta a laghdú lena thuarascáil chríochnaitheach dlite in 2022, ar síníodh trí chonradh shonracha ina leith in 2021;

Beartas foirne

5.

á thabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta a cuireadh ar bhonn 93,75 % chun feidhme an 31 Nollaig 2021, agus 15 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 16 ghníomhaire shealadacha a údaraíodh faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 16 phost a údaraíodh in 2020); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 21 ghníomhaire ar conradh, 9 saineolaí náisiúnta ar iasacht agus 8 mball foirne agus sainchomhairleoir eatramhach ag obair don Ghníomhaireacht in 2021;

6.

á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb ann don easpa cothromaíochta inscne laistigh de cheannaireacht na Gníomhaireachta; a thabhairt dá haire go dtugtar le fios leis an dáileadh inscne i measc chomhaltaí sinsearacha agus meánbhainistíochta na Gníomhaireachta, ar fir iad triúr as ceathrar (75 %) díobh; á thabhairt dá haire freisin go dtugtar le fios leis an dáileadh inscne i measc chomhaltaí bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir iad 21 as 28 (75 %) díobh; ag tabhairt dá haire, áfach, gur baineadh cothromaíocht inscne amach ar an iomlán ag deireadh 2021 laistigh den fhoireann, ar mná iad 52 % agus ar fir iad 48 %; á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta nithiúla maidir le cothromaíocht inscne fheabhsaithe a dhéanamh ar gach leibhéal den ordlathas a luaithe is féidir agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith;

7.

á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Ghníomhaireacht oibrí eatramhach a fhostú ar feadh 3,5 mhí chun an fheidhm sin a chomhlíonadh, ós rud é nár suíodh go raibh acmhainneacht an chomhordaitheora rialaithe inmheánaigh á roinnt ag aon Institiúid ná comhlacht de chuid an Aontais; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur tugadh fógra don Ghníomhaireacht maidir leis an rún atá ag an gCoimisiún deireadh a chur le soláthar seirbhísí cuntasaíochta a thairgeann don Ghníomhaireacht smaoineamh ar oifigeach cuntasaíochta a chomhroinnt le gníomhaireacht eile, agus go measann an Ghníomhaireacht nach bhfuil sé indéanta cuntasaíocht a inmheánú sa ghearrthéarma; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur cláraíodh riosca gaolmhar maidir le héifeachtúlacht laghdaithe, cáilíocht na dtorthaí agus cailliúint feasa gnó i gclár rioscaí na Gníomhaíochta in 2022; á thabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ag obair ar bhearta maolaithe; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

8.

á thabhairt dá haire, de réir na hoibre leantaí ar bharúlacha maidir le hurscaoileadh na bliana roimhe sin, go bhfuil bearta curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht, amhail comhaontú nua ceanncheathrún leis an mBallstát óstach chun tairbhí a leathnú d’fhoireann na Gníomhaireachta, chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhaineann le gairmithe a mhealladh agus a choinneáil; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur atheagraigh an Ghníomhaireacht úsáid as an líon teoranta post faoin bplean bunaíochta chun a áirithiú go n-áiritheofar na híosacmhainneachtaí éigeantacha;

9.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach maidir le hacmhainní daonna (AD) a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a bheith acu ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

10.

á mheabhrú go mbaineann easnaimh nós imeachta i nósanna imeachta earcaíochta an bonn de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne; á iarraidh ar an nGníomhaireacht feabhas a chur ar a nós imeachta earcaíochta inmheánach chun próisis mheastóireachta agus fógraí folúntais a shoiléiriú.

Soláthar

11.

á chur i bhfios go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as samhail láraithe soláthair ó 2019 i leith agus ó mhí Feabhra 2022 i leith, go bhfuil uirlis bainistíochta um sholáthar poiblí an Choimisiúin á húsáid aici freisin chun a próisis soláthair phoiblí a chuíchóiriú tuilleadh;

12.

á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tugadh le fios de réir thuarascáil na Cúirte gur iarr an Ghníomhaireacht, in aon nós imeachta soláthair amháin do sheirbhísí TF, tairiscint ar chonraitheoir gan a shonrú roimh ré cé na seirbhísí a bhí ag teastáil, rud a chuir bac ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht na n-oibríochtaí, agus, ina theannta sin, nach ndearna sí seiceálacha ex-ante ar phraghsanna ar na conarthaí sonracha faoin gcreatchonradh foluiteach; á thabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht le fios ina freagra go gcuirfidh sí feabhas ar dhoiciméadú na gcéimeanna uile den phróiseas as a dtiocfaidh formheas an ráitis oibre agus go n-athróidh sí a nós imeachta inmheánach chun doiciméadú cuí ar sheiceálacha ar na praghsanna uile do chonarthaí sonracha amach anseo a chur san áireamh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

13.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé do gach nós imeachta soláthair, iomaíocht chóir idir tairgeoirí a áirithiú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go dtugtar le fios le breathnóireacht na Cúirte go bhfuil méadú ag teacht ar na laigí sa soláthar poiblí agus tá sí fós ar an bhfoinse is mó d’íocaíochtaí neamhrialta d’fhormhór na ngníomhaireachtaí.

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

14.

á thabhairt dá haire go bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht ar a suíomh gréasáin beagnach gach CV agus dearbhuithe maidir le leas coinbhleachtaí dá bord bainistíochta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht feabhas a chur ar a hiarrachtaí chun trédhearcacht a bhaint amach ina leith sin;

15.

á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt nár shuigh an coiste roghnúcháin i nós imeachta earcaíochta conas a dhámhfaí pointí do gach critéar roghnúcháin sula ndearnadh scrúdú ar na hiarratais agus gur dhearbhaigh cathaoirleach an choiste roghnúcháin go raibh coinbhleacht leasa ghairmiúil ann maidir le beirt iarrthóirí a bhí ag obair faoina mhaoirseacht, agus fós féin nach ndearnadh cur síos sa tuarascáil mheastóireachta deiridh ar an gcaoi ar tugadh aghaidh ar an gcoinbhleacht leasa sin; á thabhairt freagra na Gníomhaíochta dá haire go bhfuil teimpléid inmheánacha nua á n-ullmhú aici le haghaidh nósanna imeachta roghnúcháin agus gur ghlac sí rialacha inmheánacha maidir le doiciméadú a dhéanamh ar chomhlíonadh chinneadh an údaráis atá údaraithe chun na conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích; á iarraidh ar an nGníomhaireacht trédhearcacht a fheabhsú agus a áirithiú agus doiciméadú cuí a dhéanamh le linn nósanna imeachta roghnúcháin, agus aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

16.

ag tabhairt dá haire gur ghlac an bord bainistíochta an beartas athbhreithnithe chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a chosc in 2019 chun go n-áireofaí ann meastóireacht ar choinbhleachtaí leasa agus ar bhearta maolaithe arna bhforchur i gcás coinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann nó coinbhleacht leasa a dhearbhaítear a bheith ann do chomhaltaí an bhoird bainistíochta; á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleacht leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha, agus, más gá, a bheartas coinbhleachta leasa a nuashonrú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a sásraí rialaithe inmheánaigh a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a chur ar bun;

Rialú inmheánach

17.

á thabhairt dá haire, tar éis mheasúnú riosca iomlán na seirbhíse um iniúchóireacht inmheánach (IAS) an Choimisiúin sa Ghníomhaireacht chun a phlean straitéiseach iniúchóireachta inmheánaí a bhunú don tréimhse 2021-2023 in 2020, nár shainaithin IAS rioscaí criticiúla, agus gur dhún IAS, ag tús 2021, na moltaí uile ar osclaíodh iad ó iniúchtaí roimhe sin; á aithint go ndearna comhordaitheoir rialaithe inmheánaigh eatramhaigh, ó mhí Dheireadh Fómhair go mí na Nollag 2021, measúnú ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh sa Ghníomhaireacht, agus leis sin léirítear go bhfuil na costais a bhaineann leis na rialuithe sa Ghníomhaireacht i gcomhréir leis na tairbhí; á thabhairt dá haire gur thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú ar chomhlíonadh cheanglais an chreata rialaithe inmheánaigh go bhfuil an Ghníomhaireacht i gcomhréir, ar an iomlán, a mhéid is féidir gan foireann arna fostú go sonrach le haghaidh rialuithe inmheánacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí a thuairisciú maidir leis an bhfeidhm rialaithe inmheánaigh don údarás um urscaoileadh;

18.

á thabhairt dá haire, de réir thuarascáil leantach na Gníomhaireachta ar na barúlacha ar urscaoileadh 2020 an údaráis um urscaoileadh, go ndéanann an Coimisiún soláthar seirbhísí cuntasaíochta don Ghníomhaireacht a fhoirceannadh in 2023 agus nach bhfuil an Ghníomhaireacht, leis na 16 phost atá aici faoi láthair don phlean bunaíochta, in ann cúraimí éigeantacha an oifigigh chuntasaíochta a inmheánú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an nGníomhaireacht na hacmhainní is gá a leithdháileadh chun leanúnachas sa phríomhréimse sin a áirithiú agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith;

19.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; á áitiú go láidir go mbeadh ceanglas ann go mbeadh córais éifeachtacha bhainistíochta agus rialúcháin ann chun go seachnófar cásanna féideartha coinbhleachta leasa, rialuithe ex-anteex-post atá in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí.

An digitiú agus an t-aistriú glas

20.

á thabhairt dá haire gur bhunaigh an Ghníomhaireacht grúpa líonraithe saineolaithe maidir leis an inbhuanaitheacht in 2020; á thabhairt dá haire gur ann do rannpháirtíocht na Gníomhaireachta i nós imeachta soláthair idirinstitiúideach maidir le ‘Comhairliúchán agus bainistiú fritháireamh astaíochtaí gás ceaptha teasa’ de chuid Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), a tugadh i gcrích i mí an Mheithimh 2022; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear sa phlean gníomhaíochta um ghlasú ilbhliantúil don Ghníomhaireacht gealltanas i ndáil leis an gconair eitilte maidir le laghdú CO2; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur moladh rialacha nua chun taisteal agus astaíochtaí gaolmhara a laghdú;

21.

á thabhairt dá haire gur thosaigh an Ghníomhaireacht ar thionscadal ceardlann in 2021 chun treochlár straitéiseach a shainiú do thionscadail an ionaid Oibre dhigitigh a bheidh ann amach anseo maidir le teicneolaíochtaí agus modh oibre, agus measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus plean slándála TF do sheirbhísí Microsoft Office agus do straitéisí ascnaimh néalríomhaireachta a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir le cur chun feidhme na dtionscadal sin; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur leithdháil an Ghníomhaireacht roinnt costas oibríochtúil a bhaineann le costais chothabhála don bhunachar sonraí um údarú ginearálta agus don bhunachar sonraí maidir leis na hacmhainní uimhrithe a bhfuil ceart úsáide seach-chríochaí acu laistigh den Aontas, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

22.

á thabhairt dá haire, de réir na hoibre leantaí ar bharúlacha maidir le hurscaoileadh na bliana 2022, nár chuir an Ghníomhaireacht tús fós le beartas cibearshlándála a fhorbairt i ndáil leis an Rialachán a bheidh ann amach anseo maidir le slándáil faisnéise in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3); á chur in iúl gur geal léi, áfach, comhoibriú na Gníomhaireachta le CERT-EU (an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais), agus le soláthraí réitigh slándála TF tríú páirtí; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur le forbairt an bheartais cibearshlándála; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir grúpa líonraithe saineolaithe TFC tuarascáil i dtoll a chéile maidir le ‘Bagairtí cibearshlándála le béim ar ionsaithe fioscaireachta’ agus é mar aidhm léi measúnú a dhéanamh ar na cleachtais chibearshlándála a glacadh i measc na n-údarás rialála náisiúnta;

23.

ag moladh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); ag moladh go ndéanfar cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne laistigh den Ghníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt níos tapa, é a thabhairt roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh ina leith;

24.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach a sheachaint maidir leis na gníomhaireachtaí eile; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

25.

á aithint go bhfuil iarrachtaí déanta ag an nGníomhaireacht chun tacú le meithleacha BEREC, lena n-áirítear cruinnithe agus ceardlanna a eagrú; á thabhairt dá haire gur ar bhonn fíorúil a bhí beagnach gach cruinniú de chuid mheitheal BEREC in 2021; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm, chun cruinnithe agus imeachtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla a eagrú ar bhealach níos fearr go cianda ná iad a dhéanamh go pearsanta amach anseo; á mheabhrú gur tionóladh 490 cruinniú den mheitheal fhíorúil in 2021 san iomlán agus gur chuidigh na cruinnithe sin le níos mó ná 10 000 rannpháirtí a bhailiú;

26.

á thabhairt dá haire gurb ann don staidéar ar bhearta iar-COVID chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh, ar cuireadh a gconclúidí san áireamh sa ‘Tuarascáil BEREC maidir le géarchéim COVID-19 – na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le líonraí cumarsáide le haghaidh sochaí athléimneach’;

27.

á thabhairt dá haire, go háirithe, gurb ann don chomhaontú seirbhíse le seirbhísí an Choimisiúin maidir le húsáid uirlis TF ‘Tairseach AGM’ an Choimisiúin; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur oibrigh grúpa líonraithe saineolaithe TFC chun tuarascáil a thabhairt chun críche maidir le físchomhdháil agus réitigh do chruinnithe digiteacha agus ceann eile maidir le réitigh oifige cliste;

Barúlacha eile

28.

ag aithint iarrachtaí na Gníomhaireachta chun feasacht a mhúscailt maidir lena misean féin agus misean BEREC i measc na saoránach sa Bhallstát óstach, agus, go háirithe, rannpháirtíocht na Gníomhaireachta i dtionscnaimh ionadaíochta an Aontais; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur ann do na ceardlanna ar an nGníomhaireacht agus ar amharc-aitheantas nua BEREC agus ar dhearadh agus ar ábhar shuíomh gréasáin BEREC; á thabhairt dá haire gur cuireadh na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear don Ghníomhaireacht i bplean cumarsáide bliantúil BEREC chun feidhme, lena n-áirítear eagrú imeachtaí poiblí BEREC agus fóraim gheallsealbhóirí sa Laitvia; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint de bheith ag obair ar infheictheacht na Gníomhaireachta a mhéadú, go háirithe sa Bhallstát óstach;

29.

á chur in iúl gur geal léi na sineirgí seanbhunaithe atá ag an nGníomhaireacht le EUIPO le haghaidh córas nua bainistithe inneachair ar shuíomh gréasáin corparáideach, le haghaidh oibríochtaí TFC ar shuíomh gréasáin corparáideach, agus le haghaidh ascnamh féideartha chórais TFC breise na Gníomhaireachta chuig lárionaid sonraí EUIPO;

30.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint de shineirgí a fhorbairt, mar shampla maidir le hacmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil, agus a comhar, a malartuithe dea-chleachtais agus a pléití maidir le réimsí comhleasa le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

31.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 146.

(2)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(3)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/207


CINNEADH (AE) 2023/1849 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta um Thacaíocht do BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta um Thacaíocht do BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0075/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (4), agus go háirithe Airteagal 28 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0129/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2021,

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 321, 17.12.2018, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/208


CINNEADH (AE) 2023/1850 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais (06248/2023 – C9-0076/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (4), agus go háirithe Airteagal 14 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0104/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 314, 7.12.1994, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/209


RÚN (AE) 2023/1851 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (DdT) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0104/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachais (1), gurbh é EUR 53 031 743 buiséad críochnaitheach Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (‘an tIonad’) don bhliain airgeadais 2021, a léiríonn méadú de 13,30 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go n-eascraíonn 89,88 % de bhuiséad an Lárionaid ó ranníocaíochtaí díreacha ó institiúidí agus ó ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile;

B.

de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla an Lárionaid don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla an Lárionaid iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;

Buiséad agus bainistiú airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb é an toradh a bhí ar iarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021 ná ráta cur chun feidhme buiséid de 83,54 % maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, arb ionann é agus laghdú 6,45 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gur ráta forghníomhaithe 76,51 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú de 6,86 % i gcomparáid le 2020;

2.

ag tabhairt dá haire, i ngeall ar theagmhais eisceachtúla, nár chuir an Lárionad an sásra chun an barrachas buiséid (EUR 1,1 milliún) a aisíoc go huathoibríoch i bhfeidhm do chliaint le haghaidh 2021; ag tabhairt dá haire gur tugadh an méid sin anonn go 2022;

Feidhmíocht

3.

ag tabhairt dá haire go raibh fócas an Lárionaid ar thorthaí díreacha a bhaineann le gníomhaíochtaí an Lárionaid; ag tabhairt dá haire na heochairtháscairí feidhmíochta airgeadais (KPInna) a thugann léiriú maith ar fheidhmíocht oibríochtúil an Lárionaid; ag aithint go dtugann na KPInna peirspictíocht iltreoch ar fheidhmíocht an Lárionaid, ar peirspictíocht í a théann níos faide ná aschur; ag moladh don Ionad leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht ar an dá leibhéal, aschur díreach gníomhaíochtaí agus feidhmíocht straitéiseach; ag tabhairt dá haire go dtuairiscítear KPInnaéagsúla a bhaineann le slándáil TF amhail ó 2021 agus go leanann an Lárionad de bheachtú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar meastóireacht ar shlándáil a chórais faisnéise;

4.

ag tabhairt dá haire, le 367 264 leathanach, gur tháinig méadú 9,7 % ar líon na leathanach doiciméad a aistríodh, a modhnaíodh, a cuireadh in eagar agus a athbhreithníodh i gcomparáid le 2020 (322 443 leathanach); ag tabhairt dá haire, in 2021, le 274 706 leathanach, gur tháinig laghdú breise 8,5 % ar líon na leathanach aistrithe de thrádmharcanna AE i gcomparáid le 2020 (300 348 leathanach); ag tabhairt dá haire, maidir le trádmharcanna AE, go bhfuil líon na leathanach aistrithe ag dul i laghad go mór; tag tabhairt dá haire, nuair a aistríodh 641 970 leathanach san iomlán in 2021, go raibh an méid iarbhír réasúnta cobhsaí i gcomparáid le 2020 (635 269 leathanach);

5.

ag tabhairt dá haire gur ann d’iarrachtaí an Lárionaid feasacht a mhúscailt maidir le tábhacht an ilteangachais d’oibríochtaí na ngníomhaireachtaí agus chun cumarsáid ilteangach a chothú chun teagmháil a dhéanamh le saoránaigh an Aontais agus ag spreagadh an Lárionaid níos mó a dhéanamh, fiú; ag tnúth leis na chéad torthaí ón treoirthionscadal a seoladh in 2021 a fheiceáil, arb é is aidhm dóibh anailís a dhéanamh ar chleachtais ilteangacha na ngníomhaireachtaí atá ann cheana d’fhonn ‘bosca uirlisí ilteangachais’ a bhunú agus treoirlínte coiteanna a chruthú do bheartais teanga na ngníomhaireachtaí; á iarraidh ar institiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais tosaíocht chomhionann a thabhairt do theangacha uile an Aontais;

6.

ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs saincheisteanna athfhillteacha a bhaineann le cáilíocht na n-aistriúchán a tháirgeann soláthraithe seachtracha seirbhíse teanga, go bhfuil córas curtha i bhfeidhm ag an Lárionad chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na n-aistriúchán seachfhoinsithe agus chun feabhas a chur ar aistriúcháin a léiríonn laigí; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil treoirlínte sonracha forbartha ag an Lárionad maidir lena ionchais cháilíochta, gur chuir sé ranganna teagaisc ar fáil do sholáthraithe seachtracha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna athfhillteacha agus gur ghlac sé bearta diana i gcoinne roinnt conraitheoirí ar measadh go raibh a gcuid doiciméad míshásúil arís agus arís eile, rud a d’fhág, i gcásanna áirithe, go ndearnadh creatchonarthaí a fhoirceannadh;

7.

ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach, go n-áirítear i straitéis an Lárionaid athbhreithniú iomlán ar a bhealach oibre, cuid dá uirlisí straitéiseacha a nuachóiriú, bearta cost-éifeachtúlachta a chur chun feidhme ina shamhail ghnó, faisnéis níos cruinne maidir le costais iarbhír tháirgí an Lárionaid agus feabhas leanúnach a chur ar a uirlis bainistithe sreafa oibre (eCdT); ag iarraidh ar an Lárionad leanúint dá shineirgí a fhorbairt, comhar agus malartú dea-chleachtas le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a mhéadú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú maidir le hacmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil, mar shampla;

8.

á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach an Lárionaid le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais; ag moladh an Choimisiúin as an mbéim a chuirtear ar a áirithiú, de bhun ghníomhartha bunaidh ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an Aontais, go soláthróidh an Lárionad na seirbhísí aistriúcháin is gá d’fheidhmiú na ngníomhaireachtaí agus na gcomhlachtaí sin de chuid an Aontais, a bhaineann leas iomlán as seirbhísí teanga an Lárionaid;

9.

ag moladh an Lárionaid as a sheirbhísí nua a cuireadh chun feidhme in 2021, amhail an tseirbhís iar-eagarthóireachta éadrom, an tseirbhís Paste‘n’Go chun téacsanna gearra a aistriú níos tapúla agus na hinnill mheaisínaistriúcháin shaincheaptha i roinnt réimsí; ag tabhairt dá haire imscaradh 6 eisiúint nua de bhunachar sonraí idirinstitiúideach téarmaíochta IATE, agus imscaradh na dtreoirthionscadal leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, leis an gCúirt agus le hArd-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, an comhar tairbheach idir an Lárionad agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh maidir le tionscadail éagsúla;

10.

á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach in 2021, ag tógáil ar chur chun feidhme Phlean Claochlaithe 2019-2020 an Lárionaid, cur chuige níos dírithe ar chliaint i leith na cáilíochta, lena gcuirtear ar chumas cliant rogha a dhéanamh ó réimse seirbhísí aistriúcháin, ó aistriúcháin a ndearnadh athbhreithniú críochnúil orthu go dtí seirbhís atá go hiomlán uathoibrithe, agus, ar an gcaoi sin, deiseanna nua a chur ar fáil do chliaint chun a mbuiséid aistriúcháin a bharrfheabhsú; ag tabhairt dá haire gur léirigh suirbhé 2021 ar shástacht na gcliant sástacht fhoriomlán na gcliant le raon agus cáilíocht na seirbhísí a chuireann an Lárionad ar fáil;

Beartas foirne

11.

ag tabhairt dá haire, ar an 31 Nollaig 2021, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 95,33 %, go ndearnadh ceapacháin i gcás 47 n-oifigeach agus 137 ngníomhaire shealadacha as 51 oifigeach agus 142 ghníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (193 phost údaraithe, mar an gcéanna in 2019); ag tabhairt dá haire freisin, gur oibrigh 24 ghníomhaire ar conradh don Ionad in 2021 (agus 28 bpost arna n-údarú);

12.

ag tabhairt dá haire miondealú inscne an Láronaid a tuairiscíodh do 2021, le bean amháin i bpost bainistíochta sinsearaí, le 32 fhear (62 %) agus 24 bhean (38 %) ar leibhéal an bhoird bainistíochta agus foireann fhoriomlán de 82 fhear (39 %) agus 126 bhean (61 %); ag tabhairt dá haire go bhfuil tearcionadaíocht ag na fir i bhfoireann fhoriomlán an Lárionaid; ag iarraidh ar an Lárionad oibriú i dtreo na cothromaíochta inscne ag leibhéal na foirne agus ag leibhéal an bhoird bhainistíochta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cothromaíocht gheografach agus gur cheart ionadaíocht chomhréireach a dhéanamh ar na Ballstáit uile chun go ndéanfar ionadaíocht iomchuí ar náisiúnaigh ó na Ballstáit uile;

13.

á chur in iúl gur saoth léi líon ard comhaltaí an bhoird bainistíochta, ar rud é nach n-éascaíonn cinnteoireacht agus bainistíocht shimplithe;

14.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas i bhfeidhm ag an Lárionad lena n-áirítear nós imeachta foirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhaineann le ciapadh síceolaíoch agus gnéasach, agus comhairleoirí rúnda ceaptha atá in ann an nós imeachta neamhfhoirmiúil a láimhseáil; á chur in iúl gur geal léi gur in 2021 a tháinig an Lárionad isteach i dTascfhórsa Líonra Ghníomhaireachtaí AE maidir le comhairleoirí rúnda a úsáid; ag tabhairt dá haire, de réir an fhreagra ón Lárionad, nár tuairiscíodh aon chásanna ciaptha in 2021;

15.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas acmhainní daonna forbartha ag an Lárionad maidir le cothromaíocht oibre is saoil, forbairt gairme, teilea-obair agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas agus go bhfuil ráta láimhdeachais 2,72 % aige do 2021;

Soláthar

16.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, tuairim na Cúirte maidir leis na laigí i nósanna imeachta soláthair phoiblí an Lárionaid in 2021, lenar síníodh conarthaí trí nós imeachta idirbheartaithe a úsáid gan fógra teagmhála a fhoilsiú roimh ré; ag tabhairt dá haire conclúid na Cúirte go bhfuil na conarthaí sin, a ndearnadh íocaíochtaí EUR 108 200 ina leith, neamhrialta; ag iarraidh ar an Lárionad tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh chun an cineál sin neamhrialtachtaí a sheachaint amach anseo;

17.

á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Lárionad nósanna imeachta ríomhsholáthair in 2021; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé do gach nós imeachta soláthair, iomaíocht chóir idir tairgeoirí a áirithiú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; ag iarraidh go gcuirfí chun feidhme na huirlisí TF ríomhsholáthair a d’fhorbair an Coimisiún; ag iarraidh go ndéanfaí soiléiriú nuashonraithe ar na nósanna imeachta agus na teimpléid sna treoirlínte soláthair; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, tuairim na Cúirte go bhfuil laigí an tsoláthair phoiblí ag méadú agus go bhfuil siad fós ar an bhfoinse is mó d’íocaíochtaí neamhrialta i bhformhór na ngníomhaireachtaí;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

18.

ag tabhairt dá haire, de réir na hoibre leantaí a rinne an Lárionad ar urscaoileadh 2020 gur aistríodh a shuíomh gréasáin go Drupal áit ar cuireadh réimse do CVanna le haghaidh gach comhalta den bhord bainistíochta; ag tabhairt dá haire freagra an Lárionaid go bhfuil réiteach á lorg ag aige, mar gheall ar mhéid na bainistíochta, lena gceadófar do chomhaltaí an bhoird dearbhuithe leasanna agus CVanna a uaslódáil agus a choinneáil iad féin; ag iarraidh ar an Lárionad tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin go dtí go bhfoilseofar CVanna chomhaltaí uile an bhoird;

19.

á chur in iúl gur geal léi go n-iarrann an Lárionad ar gach ball foirne atá rannpháirteach sa mheastóireacht ar iarrthóirí ar nós imeachta roghnúcháin nó i meastóireacht ar sholáthar dearbhú a shíniú maidir le coinbhleachtaí leasa; ag tabhairt dá haire go bhfoilsítear dearbhú leasanna an stiúrthóra ar shuíomh gréasáin an Lárionaid; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár tuairiscíodh ná nár osclaíodh aon chásanna coinbhleachtaí leasa ná sceithireachta in 2021;

20.

á chur in iúl gur geal léi na cinntí nua a glacadh an 25 Meitheamh 2022 maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú maidir leis na baill foirne; ag moladh don Lárionad a chód Iompair féin a fhorbairt; á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; á iarraidh ar an Lárionad a sásraí rialaithe inmheánacha a neartú, lena n-áirítear trí shásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

21.

ag tabhairt dá haire an measúnú ó chóras rialaithe inmheánaigh an Lárionaid agus breithniú ó bhainistíocht an Lárionaid nár léirigh na hathbhreithnithe faireacháin aon samplaí de rialuithe neamhleora nó neamhéifeachtacha a d’fhágfadh go mbeadh an Lárionad neamhchosanta ar phríomhrioscaí agus á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh na hathbhreithnithe ar bhonn na 17 bprionsabal a bhaineann leis na cúig chomhpháirt de chreat rialaithe inmheánaigh an Lárionaid; á chur in iúl gur geal léi an chonclúid ón Ionad go bhfuil a chuid córas rialaithe lánéifeachtach ar an iomlán, agus go bhfuil roinnt feabhsuithe ag teastáil chun athléimneacht an Lárionaid a mhéadú tuilleadh;

22.

ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Lárionad gur cuireadh na gníomhaíochtaí uile atá fágtha i bplean gníomhaíochta frithchalaoise 2019-2020 chun feidhme in 2021, agus go bhfuil nuashonrú déanta ag an Lárionad ar a phróisis maidir le calaois a bhrath agus a thuairisciú;

23.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, laigí rialuithe inmheánacha an Lárionaid maidir le roinnt nósanna imeachta soláthair phoiblí, mar a thuairiscigh an Chúirt, i gcás amháin nár shínigh comhaltaí an choiste meastóireachta dearbhuithe maidir le heaspa coinbhleachtaí leasa, agus i gcás eile nach ndearna an Lárionad cinneadh foirmiúil gan coiste meastóireachta a cheapadh, nár eisigh sé tuarascáil mheastóireachta ná cinneadh dámhachtana, agus nár fhoilsigh sé fógra dámhachtana; ag iarraidh ar an Lárionad plean gníomhaíochta a bhunú chun na rioscaí go dtarlóidh na laigí sin arís a mhaolú; ag iarraidh ar an Lárionad, thairis sin, tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta san ábhar sin;

An digitiú agus an t-aistriú glas

24.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas slándála córas faisnéise (ISSP) agus an iliomad caighdeáin slándála i bhfeidhm ag an Lárionad agus go bhfuil sé ag obair go dlúth le CERT-EU (Foireann Práinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais) chun a chibearshlándáil a fheabhsú; á iarraidh ar an Lárionad ullmhú do nuashonrú ISSP i bhfianaise an dá Rialachán a bheidh ann amach anseo ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cibearshlándáil agus slándáil faisnéise in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais; ag spreagadh an Lárionaid freisin cláir oiliúna atá cothrom le dáta go córasach a bhaineann leis an gcibearshlándáil a chur ar fáil dá foireann uile, lena n-áirítear bainistiú, ós rud é gur príomhghné é sin i gcreat éifeachtach cibearshlándála;

25.

ag moladh na gcéimeanna breise a rinne an Lárionad in 2021 i dtreo sholúbthacht, optamú agus digitiú a mhodhanna oibre agus a sheirbhísí; á thabhairt chun suntais go háirithe gur tugadh isteach uirlisí de chuid an Choimisiúin, eadhon ABAC, SYSPER, MIPS agus ARES, chomh maith le Systal (bogearraí TF nua ríomhroghnúcháin agus earcaíochta) agus SARA (córas chun rianú a dhéanamh ar an am a chaitheann baill foirne ar ghníomhaíochtaí éagsúla); á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Lárionaid úsáid a bhaint as ríomhshíniú cáilithe an Choimisiúin;

26.

ag tabhairt dá haire gur laghdaigh an Lárionad a spás oifige in 2021 33 % tar éis conradh léasa nua a shíniú, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh laghdú ar thomhaltas leictreachais an Lárionaid agus ar an méid fuinnimh a úsáidtear le haghaidh téimh; ag moladh an úsáid a bhaineann an Lárionad as aonaid solais atá tíosach ar fhuinneamh agus braiteoirí gluaiseachta, chomh maith le ceannach leictreachais ó fhoinsí glasa;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

27.

ag tabhairt dá haire gur dréachtaíodh beartas nua leanúnachais gnó in 2021 agus gur leanadh d’iniúchtaí cáilíochta a dhéanamh chun comhlíonadh agus éifeachtúlacht a áirithiú i bpróisis agus i nósanna imeachta an Lárionaid; á chur in iúl gur oth léi gur tháinig moill ar roinnt de thionscadail TF agus bonneagair an Lárionaid mar thoradh ar an nganntanas domhanda ar ghairis leictreonacha;

28.

ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Lárionad gur éirigh go maith le húsáid leathnaithe na teilea-oibre, ó thús phaindéim COVID-19, agus, in éineacht le barrfheabhsú agus digitiú na bpróiseas ag an Lárionad, gur méadaíodh feidhmíocht agus éifeachtúlacht, mar aon le leithdháileadh níos fearr acmhainní; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, gur cuireadh moill ar chur chun feidhme roinnt de thionscadail an Lárionaid de bharr teorainneacha a cuireadh ar bhaill foirne maidir le láithreacht ar an láthair;

Barúlacha eile

29.

ag aithint iarrachtaí an Lárionaid in 2021 a infheictheacht phoiblí a mhéadú; ag tabhairt dá haire méadracht fheabhsaithe an Lárionaid ar na meáin shóisialta; ag moladh an Lárionaid as ceardlann ardleibhéil a óstáil maidir leis an ilteangachas, as a rannpháirtíocht ghníomhach i gcomhdháil an Choimisiúin maidir le scríbhneoireacht shoiléir agus as a ghníomhaíochtaí for-rochtana a bhaineann le malartú dea-chleachtas le hollscoileanna agus leis an bpobal domhanda aistriúcháin;

30.

á iarraidh ar an Lárionad dlús a chur lena hiarrachtaí agus faisnéis ábhartha feidhmíochta a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i gcoitinne i dteanga shoiléir agus inrochtana; ag tathant ar an Lárionad trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid a bhaint as cainéil na meán agus na meán sóisialta;

31.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál trasghearrtha a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (2) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 57.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/214


CINNEADH (AE) 2023/1852 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain airgeadais (06248/2023 – C9-0076/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (4), agus go háirithe Airteagal 14 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0104/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT) don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tUachtarán

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 314, 7.12.1994, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/215


CINNEADH (AE) 2023/1853 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0077/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 (4), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 15 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0125/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 90.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/217


RÚN (AE) 2023/1854 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0125/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 18 488 800 a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) (an ‘Lárionad’) don bhliain airgeadais 2021, arb ionann é agus méadú de 1,15 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a eascraíonn buiséad an Lárionaid den chuid is mó;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Lárionaid don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais an Lárionaid beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith na bliana airgeadais 2021 ráta cur chun feidhme leithreasuithe faoi chomhair gealltanais na bliana reatha de 100 %, mar an gcéanna le 2020; ag tabhairt dá haire gur baineadh amach an sprioc le haghaidh ráta cur chun feidhme gealltanas a socraíodh le haghaidh 2021 sa chlár oibre (98 %); ag tabhairt dá haire gurbh ionann ráta leithreasaithe faoi chomhair íocaíochta na bliana reatha agus 80,02 %, arb ionann é agus méadú 10,56 % i gcomparáid le 2020;

2.

á chur in iúl gur geal léi gur chothaigh oiriúnú do ríomh ranníocaíocht na dtíortha comhlachaithe le linn 2021 méadú beag ar na ranníocaíochtaí a fuarthas ón Iorua agus ón Oileán; ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar mhéadú den sórt sin, gur chuir buiséad leasaitheach Uimh. 1/2021 EUR 13 100 le Teideal 2 den bhuiséad, rud a thug an buiséad deiridh ó 18 488 800 go 18 501 900;

3.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Lárionad córas nua cuntasaíochta a chomhtháthú in 2021, córas ABAC, a úsáideann an Coimisiún freisin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, an bharúil ón gCúirt nár taifeadadh i gceart sa chóras na dátaí deiridh cur chun feidhme maidir le gealltanais bhuiséadacha a tugadh anonn ó 2021 go 2022; á chur in iúl gur oth léi, de réir na Cúirte, go bhféadfadh sé gur tugadh na gealltanais sin anonn go neamhrialta go dtí 2022; á chur in iúl gur díol sásaimh di freagairt thapa an Lárionaid ar chinneadh na Cúirte trí na dátaí deiridh cur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta do na gealltanais bhuiséadacha uile atá i gceist agus trí 11 ghealltanas buiséadacha a bhfuil luach iomlán EUR 45 923 acu a chur ar ceal; á áitiú go láidir go n-urramófaí prionsabal buiséadach na bliantúlachta; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Lárionad a phleanáil bhuiséadach agus a thimthriallta cur chun feidhme a fheabhsú tuilleadh chun moilleanna iomarcacha i gcur chun feidhme clár oibre nó pleananna soláthair a sheachaint;

Feidhmíocht

4.

ag tabhairt dá haire, agus í buíoch dá réir, gur chuir an Lárionad a chlár oibre i bhfeidhm go hiomlán in 2021; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Lárionad gur chuir sé dlús lena chuid oibre faisnéise scileanna i gcomhthéacs olltreochtaí trí chabhrú le geallsealbhóirí bearnaí agus bacainní a shainaithint chun faisnéis scileanna a neartú; ag moladh gur seoladh an fhaireachlann ghlas nua chun féachaint ar threochtaí i dtreo geilleagar níos glaise agus níos inbhuanaithe mar aon leis na himpleachtaí a bheadh aige do ghairmoideachas agus do ghairm oiliúint (VET), gur foilsíodh tuarascáil chun bacainní ar shoghluaisteacht fhadtéarmach printíseach a shainaithint, gur seoladh taighde maidir le micridhintiúir leis na torthaí curtha i láthair i mí na Samhna 2021 i gcomhdháil dhomhanda le 240 rannpháirtí ó 40 tír, go dtacaíonn an Lárionad le tionscnamh an Choimisiúin maidir le cuntais foghlama aonair agus gur seoladh tairseach gréasáin nua i bhfómhar na bliana 2021 ag a bhfuil cumais amharcléirithe sonraí níos láidre agus gnéithe níos nuálaí ag baint leis agus níos dírithe ar spriocghrúpa;

5.

á mheabhrú a thábhachtaí atá ról an Lárionaid chun a áirithiú, inter alia, go ndéanfar scileanna digiteacha a chomhtháthú i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint ar fud an Aontais agus go ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme agus ar thionchar na dtionscnamh ábhartha, amhail an Moladh ón gComhairle maidir leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip, VET don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht agus an plean gníomhaíochta don oideachas digiteach; á chreidiúint go bhféadfadh ról a bheith ag an Lárionad freisin maidir le measúnú a dhéanamh ar thionscadail na mBallstát faoi cholún an chlaochlaithe dhigitigh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur in iúl gur geal léi an obair a rinne an Lárionad le déanaí chun cuidiú le hanailís a dhéanamh ar thionchar na paindéime agus an aistrithe dhigitigh ar chleachtais ghnó a oiriúnú do na réadúlachtaí nua i margadh saothair an Aontais, mar shampla tríd an suirbhé Eorpach ar chuideachtaí maidir le COVID-19 a rinneadh i gcomhar le Eurofound;

6.

ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Lárionad córas tomhais feidhmíochta suntasach lena n-áirítear eochairtháscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a chuirtear ar fáil lena ghníomhaíochtaí maidir le tionscadail, gníomhaíochtaí agus leibhéil eagraíochtúla agus bearta eile chun a bhainistiú buiséid a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil táscairí comhshaoil chomh maith le táscairí inbhuanaitheachta sóisialta i measc na dtáscairí feidhmíochta;

Beartas foirne

7.

ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2021, go raibh 97 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme (mar a bhí in 2020), agus 78 ngníomhaire sealadacha ceaptha as 82 phost shealadacha agus naoi n-oifigeach as naoi n-oifigeach údaraithe faoi bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire gur oibrigh 18 ngníomhaire ar conradh ag an Lárionad in 2021;

8.

ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, na laigí a d’aithin an Chúirt i nósanna imeachta earcaíochta an Lárionaid; ag tabhairt dá haire gur bhain an Lárionad úsáid, i gcás amháin, as sainchomhairleoirí seachtracha chun iarratais a scagadh maidir leis na critéir réamhroghnaithe a leagadh amach san fhógra folúntais, ach i gcás eile, nár thug an Lárionad gach beart riachtanach chun meicníocht rialaithe inmheánaigh éifeachtach a bhunú chun na rioscaí gaolmhara a mhaolú–; ag tabhairt dá haire go bhfuil neamhréireachtaí móra idir an measúnú a rinne an Lárionad agus an measúnú a rinne sainchomhairleoirí seachtracha de bharr easpa treoirlínte soiléire mionsonraithe maidir le scóráil na gcritéar réamhroghnaithe; á mheabhrú go mbaineann easnaimh nós imeachta i nósanna imeachta earcaíochta an bonn de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne; ag iarraidh go bhfeabhsódh an Lárionad a nós imeachta earcaíochta inmheánach chun próisis mheastóireachta agus fógraí folúntais a shoiléiriú;

9.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di gur chinn an Lárionad comhairleoir dlí inmheánach a athbhunú in 2021; ag tabhairt dá haire gur dúnadh an fógra folúntais maidir le post an chomhairleora dlí inmheánaigh a líonadh an 29 Meán Fómhair 2022 agus á iarraidh ar an Lárionad leanúint de thuairisciú a dhéanamh ar aon dul chun cinn ina leith sin don údarás um urscaoileadh;

10.

ag tabhairt dá haire, a mhéid a bhaineann le cothromaíocht inscne a tuairiscíodh do 2021, go bhfuil bainistíocht shinsearach an Lárionaid comhdhéanta go míchothrom de cheathrar fear (66,7 %) agus de beirt bhan (33,3 %); ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil 80 fear (51 %) agus 76 bean (49 %) ar an mbord bainistíochta; á chur in iúl gur saoth léi líon ard comhaltaí an Bhoird (156 atá comhdhéanta de 84 chomhalta a bhfuil vóta acu, breathnóirí agus comhaltaí malartacha) rud nach n-éascaíonn cinnteoireacht nó bainistíocht shimplithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, maidir lena foireann ar an iomlán, gurb ionann an miondealú inscne agus 57 % mná agus 43 % fir; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil táscairí comhionannais inscne i measc na dtáscairí inbhuanaitheachta sóisialta; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a chinntiú ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

11.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an chothromaíocht gheografach agus gur cheart ionadaíocht chomhréireach a bheith ag na Ballstáit go léir chun ionadaíocht iomchuí a bheith aige ar náisiúnaigh ó na Ballstáit go léir;

12.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol spéise di go gcuireann an tIonad seirbhís tacaíochta comhairleoireachta 24/7 faoi rún ar fáil dá fhoireann agus dá bhaill teaghlaigh; ag tabhairt dá haire, de réir an bheartais maidir le dínit ag an obair, go n-ullmhaíonn comhordaitheoir líonra na gcomhairleoirí rúnda tuarascálacha bliantúla, go seoltar chuig an mbord bainistíochta iad agus go bhfoilsítear iad don fhoireann uile; ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil 2021, go ndeachaigh trí bhall foirne san Lárionad i gcomhairle le comhairleoir rúnda gan nós imeachta neamhfhoirmiúil a oscailt agus gur oscail beirt chomhalta nós imeachta neamhfhoirmiúil; ag iarraidh ar an Lárionad tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an obair leantach ar na nósanna imeachta neamhfhoirmiúla a osclaíodh;

Soláthar

13.

ag tabhairt dá haire gur próiseáladh 23 nós imeachta soláthair in 2021;

14.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thuairiscigh an Chúirt roinnt teagmhas neamhchomhlíonta i mbainistiú conarthaí soláthair; ag tabhairt dá haire go háirithe gur íoc an Lárionad EUR 180 590 i leith foirm ordaithe gan na dearbhuithe sonracha a cheanglaítear ar an gconraitheoir faoin gcreatchonradh a fháil; á chur in iúl gurb oth léi go ndearna an t-easnamh difear do gach ceann de na 28 bhfoirm ordaithe a bhaineann leis an gcreatchonradh sin, ar fiú EUR 883 539 a luach iomlán; á chur in iúl gurb oth léi freisin neamhchosaint an Lárionaid ar rioscaí dlíthiúla maidir le cearta maoine intleachtúla;

15.

á aithint gur mhaolaigh an Lárionad botún a fuair an Chúirt i gconradh soláthair 2020 trí chealú an chonartha neamhrialta le héifeacht ón 26 Feabhra 2021;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

16.

ag tabhairt dá haire bearta reatha an Lárionaid agus na hiarrachtaí atá ar siúl aige chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa agus cosaint na sceithirí a áirithiú;

17.

á chur i bhfios go bhfuil 94 chomhalta (lena n-áirítear breathnóirí) agus 60 comhalta malartach ar Bhord Bainistíochta an Lárionaid; á mheabhrú, de bhun Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), nach mór do na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha go léir a fhreastalaíonn ar chruinnithe boird bainistíochta, nó a fheidhmíonn an ceart vótála, dearbhú leasa a thíolacadh; á chur in iúl gur geal léi go ndearna lánchomhaltaí uile an Bhoird Bainistíochta a ndearbhuithe a thíolacadh an 12 Meán Fómhair 2022, agus nach raibh ach trí dhearbhú ar iarraidh ó chomhaltaí malartacha; ag tabhairt dá haire, áfach, agus measúnú á dhéanamh ar dhearbhuithe leasa ex ante ó chomhaltaí de phainéal roghnúcháin, gur sainaithníodh coinbhleacht leasa amháin in 2021; á thabhairt faoi deara gur chinn an stiúrthóir feidhmiúcháin, tar éis tuairim an chomhordaitheora rialaithe inmheánaigh (ICC), comhalta den phainéal roghnúcháin sin a ionadú;

18.

á chur in iúl gur geal léi gur thuairiscigh an Lárionad go ndearna sé rialuithe ex post in 2021 maidir le coinbhleachtaí leasa i nósanna imeachta roghnúcháin, agus gur léirigh an measúnú go bhfuil formhór na rialuithe i bhfeidhm agus go n-oibríonn siad go héifeachtach, agus go bhfuil roinnt réimsí ann chun tuilleadh feabhais a dhéanamh;

19.

á mheabhrú, thairis sin, go n-iarrtar ar chomhaltaí an bhoird bainistíochta CVanna gearra a chur ar fáil, cé nach ceanglas foirmiúil é sin; ag tabhairt dá haire go raibh 34 CV as 94 chomhalta den bhord bainistíochta ar iarraidh an 16 Meán Fómhair 2022, agus go raibh 27 CV as 60 comhalta mhalartacha gníomhacha ar iarraidh; ag iarraidh ar an Lárionad trédhearcacht iomlán a áirithiú trí CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí uile an bhoird bainistíochta agus na saineolaithe seachtracha agus inmheánacha lena mbaineann a fhoilsiú;

20.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé a bheith rannpháirteach sa chomhaontú idirinstitiúideach maidir le clár trédhearcachta éigeantach; á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleacht leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; ag iarraidh ar an Lárionad a shásraí rialaithe inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

21.

ag tabhairt dá haire gurbh ionann costas iomlán an rialaithe inmheánaigh agus EUR 988 545 don bhliain 2021 (EUR 55 461 costais dhíreacha agus EUR 933 084 costais indíreacha), arb ionann é agus 5,3 % de bhuiséad an Lárionaid; ag tabhairt dá haire thairis sin, in 2021, gur cláraíodh 26 teagmhas neamhchomhlíonta a bhain le conarthaí agus le bainistíocht airgeadais i gClár Easnaimh an Ionaid; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh moltaí arna n-eisiúint ag ICC chun feidhme agus go ndearnadh obair leantach orthu chun atarlú a sheachaint;

22.

á mheabhrú go ndearna an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach (IAS) measúnú riosca iomlán go cianda in 2020 lenar cumhdaíodh próiseas riaracháin, airgeadais, oibríochtúil agus teicneolaíocht faisnéise (TF) an Lárionaid; á chur in iúl gur geal léi gur baineadh de thátal as iniúchadh leantach a rinne IAS an 29 Eanáir 2021 gur chuir an Lárionad an moladh uile chun feidhme go leormhaith agus go héifeachtach;

23.

ag aithint, de réir a bheartais mheastóireachta, go ndéanann an Lárionad meastóireachtaí ex ante ar nósanna imeachta soláthair ar a bhfuil luach os cionn EUR 500 000 agus meastóireachtaí ex post ar thionscadail nó gníomhaíochtaí lena mbaineann caiteachas iomlán os cionn EUR 500 000; ag tabhairt dá haire gur thángthas ar an gconclúid i dtuarascáil 2021 ón gceann airgeadais agus soláthair go raibh nósanna imeachta soláthair a seoladh le linn na tréimhse a scrúdaíodh i gcomhréir le ceanglais na meastóireachta ex ante; ag tabhairt dá haire thairis sin go ndearbhaítear leis an meastóireacht ex post a tugadh chun críche in 2022 go raibh an ghníomhaíocht éifeachtach, éifeachtúil, comhleanúnach agus gur bhain breisluach Aontais léi;

24.

á chur in iúl gur díol sásaimh di freagairt an Lárionaid do thorthaí na Cúirte i réimse an bhainistithe conarthaí soláthair trína nósanna imeachta inmheánacha a oiriúnú chun tarluithe comhchosúla a chosc amach anseo; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go bhfuil a nósanna imeachta maidir le nósanna imeachta earcaíochta amach anseo tugtha cothrom le dáta ag an Lárionad, i bhfianaise bharúlacha na Cúirte sa réimse sin; ag iarraidh ar an Lárionad aghaidh a thabhairt go mear ar an easpa soiléireachta agus mionsonraithe maidir lena threoirlínte chun na critéir réamhroghnúcháin a leagtar amach i bhfógraí folúntais a scóráil mar a d’iarr an Chúirt ina tuarascáil 2021 maidir le gníomhaireachtaí an Aontais;

25.

ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, na laigí a d’aithin an Chúirt i mbainistíocht íocaíochtaí, go háirithe maidir le rialuithe ex ante, a d’fhéadfadh an Lárionad a fhágáíl gan chosaint ar rioscaí dlíthiúla agus rioscaí dá clú;

26.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí an Lárionaid a áirithiú; á áitiú go láidir go bhfuil gá le córais éifeachtacha bainistíochta agus rialaithe chun cásanna coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, rialuithe ex anteex post atá in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí a sheachaint;

An digiteáil agus an t-aistriú glas

27.

ag tabhairt dá haire go bhfuil iarracht á déanamh ag an Lárionad feabhas a chur ar chibearshlándáil an Lárionaid agus ar chosaint sonraí pearsanta, go háirithe trí chórais nua fíordheimhnithe ilfhachtóiriúla agus trí ghníomhaíochtaí oiliúna arna n-eagrú don fhoireann; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Lárionad tiomanta do bheartas cibearshlándála a eisiúint chun obair leantach a dhéanamh ar an Rialachán cibearshlándála atá le teacht (3); ag tabhairt faoi deara, chun bearta maolaitheacha iomchuí a shainiú chun an leibhéal is airde slándála faisnéise ar líne a sholáthar, go ndearna an Lárionad measúnú tionchair ar chosaint sonraí go luath in 2022;

28.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil an Lárionaid a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Lárionad leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; ag moladh don Lárionad oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil);

29.

ag aithint go bhfuil iarrachtaí leanúnacha á dhéanamh ag an Lárionaid chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú agus na haistrithe digiteacha agus glasa a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi gur thuairiscigh an Lárionad in 2021, i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19, laghdú 78 % de na speansais a bhaineann le misin agus cruinnithe, agus go bhfuil sé beartaithe aige taisteal foirne a laghdú 70 % (i gcomparáid le leibhéil ghéarchéime réamh-COVID) sa chlárthréimhse 2023-2025; á chur in iúl gur geal léi uaillmhian an Lárionaid a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2030;

30.

ag meabhrú thiomantas seanbhunaithe an Lárionaid do chleachtais bainistithe comhshaoil; ag aithint córas bainistíochta comhshaoil an Lárionaid lena gcabhraítear lena spriocanna comhshaoil a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi an táscaire comhshaoil ‘astaíochtaí ina dtonaí CO2’ a bheith ann óir cruthaíonn sé go bhfuil an Lárionad ag féachaint le cuspóirí glasa a bhaint amach agus is úsáideach an tagarmharc é chun forbairt astaíochtaí iarphaindéime agus lorg CO2 an Lárionaid a rianú;

31.

ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur chomhordaigh an Lárionad suirbhé laistigh de Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais maidir le Comhairle Eolaíoch chun gníomhaíochtaí a mhapáil lena dtugtar aghaidh ar éifeachtaí socheacnamaíocha na forbartha inbhuanaithe agus lena léirítear conas a d’fhéadfadh an saineolas sin tacú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

32.

á chur in iúl gur díol sásaimh di go ndearna an Lárionad plean bainistíochta géarchéime a mhúnlú agus a ghníomhachtú chun déileáil le paindéim COVID-19 trí bhearta a ghlacadh, amhail teilea-oibriú agus ócáidí agus misin fhisiciúla a chur ar ceal, chun leanúnachas gnó a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur leanadh d’imeachtaí uile an Lárionaid a reáchtáil go fíorúil in 2021, ach gur léirigh anailís leanúnach agus chórasach ar aiseolas na rannpháirtithe rátaí arda rannpháirtíochta ar líne agus ráta sástachta foriomlán 98 %;

33.

ag tabhairt dá haire, i ndlúthchomhar le saineolaithe Eurofound, gur eisigh an Lárionad páipéar oibre ina ndearnadh na chéad torthaí ó shuirbhé Eorpach ar chuideachtaí 2020 maidir le obair leantach COVID-19 a thuairisciú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cruthaíodh leathanach tiomnaithe maidir le freagairt ar COVID-19 ar shuíomh gréasáin an Lárionaid chun cur ar chumas úsáideoirí féachaint trí na gníomhaíochtaí gaolmhara éagsúla ar bhealach níos éasca;

Barúlacha eile

34.

ag tabhairt dá haire cleachtas seanbhunaithe an Lárionaid maidir le comhar agus malartú faisnéise le gníomhaireachtaí eile amhail Eurofound agus an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF); ag meabhrú go háirithe an comhaontú ar leibhéal seirbhíse a shínigh ENISA an 4 Bealtaine 2020 chun acmhainní a roinnt; á chur i bhfios go bhfuil baint ag na hacmhainní sin, ó 2021, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí freisin; ag iarraidh ar an Lárionad tuairisc rialta a thabhairt ar chur chun feidhme an chomhaontaithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur comhaontaíodh meabhrán tuisceana in 2022 leis an Údarás Eorpach Saothair, agus gur sainaithníodh comhar i gcomhthéacs an Líonra Eorpach um Sheirbhísí Fostaíochta agus Skills-OVATE mar phríomhthosaíocht;

35.

á chur in iúl gur geal léi an comhordú agus an comhoibriú rialta idir an Lárionad agus Eurofound, ETF agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair; ag iarraidh ar an Lárionad leanúint de shineirgí a fhorbairt, comhar a mhéadú, dea-chleachtas a mhalartú agus plé maidir le réimsí leasa fhrithpháirtigh a chur chun cinn le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú maidir le hacmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil, mar shampla;

36.

á iarraidh ar an Lárionad dlús a chur lena hiarrachtaí agus faisnéis ábhartha feidhmíochta a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i dteanga shoiléir agus inrochtana; ag tathant ar an Larionad trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as cainéil na meán agus na meán sóisialta;

37.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-ghearrtha a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 114, 29.3.2022, lch. 4.

(2)  Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lch. 90).

(3)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (COM(2022)122)).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/223


CINNEADH (AE) 2023/1855 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2021–

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain airgeadais 2021 06248/2023 – C9-0077/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 (4), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 15 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0125/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 90.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/224


CINNEADH (AE) 2023/1856 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0078/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle (4) agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin, agus go háirithe Airteagal 20 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0102/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 319, 4.12.2015, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/226


RÚN (AE) 2023/1857 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0102/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 30 044 194, a léiríonn laghdú 1,82 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go maoinítear an Ghníomhaireacht le ranníocaíocht ón Aontas agus le hioncam sannta seachtrach le haghaidh tionscadail shonracha;

B.

de bhrí go luaitear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 96,78 % ann mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021, arbh ionann é agus méadú 5,09 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gurbh é 72,26 % an ráta forghníomhaithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arbh ionann é agus laghdú 1,93 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ráta forfheidhmithe carntha 22,25 % a bhí ann i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa chéad dá bhliain (2020 agus 2021) de chur chun feidhme na gceithre thionscadal ilbhliantúla idirnáisiúnta maidir le comhar i bhforfheidhmiú an dlí (cistí Cúnaimh Sheachtraigh an Aontais), ar tionscadail leantacha iad;

2.

ag tabhairt dá haire gur glacadh leasú buiséadach lenar laghdaíodh buiséad na Gníomhaireachta do 2021 de EUR 800 000, a cuireadh ar ais go dtí an Coimisiún; á aithint gur thug an Ghníomhaireacht míniú a deir gur chuir an phaindéim isteach go mór ar an bhféidearthacht go n-eagrófaí oiliúint ar an láthair i bhforfheidhmiú an dlí sna chéad ráithí de 2021, ionas go raibh tearc-chaiteachas suntasach mar thoradh air; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, go ndearna an Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí a chur in oiriúint agus a aistriú go héifeachtach don fhoghlaim ar líne, trínar coimircíodh cur chun feidhme a clár oiliúna;

3.

á chur in iúl gur geal léi agus gur mór aici go raibh ráta forfheidhmithe 100 % ann in 2021 i gcás cistí C8 (a tugadh ar aghaidh ó 2020 go 2021); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur mhór an tsuim, EUR 2 411 091, a tugadh ar aghaidh mar chistí ó 2021 go 2022, arbh ionann í agus 24 % de bhuiséad foriomlán na Gníomhaireachta do 2021;

Feidhmíocht

4.

ag tabhairt dá haire gur chuir géarchéim COVID-19 isteach ar ráta cur chun feidhme chlár oibre na Gníomhaireachta, maidir le gníomhaíochtaí ar an láthair den chuid is mó; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur baineadh amach nó gur sáraíodh formhór na spriocanna a leagadh amach; ag tabhairt dá haire gur mór aici, maidir le ráta sástachta na gcustaiméirí in 2021, gur dhearbhaigh 97 % de na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna na Gníomhaireachta go raibh siad sásta nó an-sásta;

5.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Coimisiún meastóireacht cúig bliana ar an nGníomhaireacht in 2021; á chur in iúl gur geal léi conclúidí dearfacha foriomlána na tuarascála meastóireachta agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht na moltaí atá sa tuarascáil mheastóireachta a chur chun feidhme;

6.

ag tabhairt dá haire gur mór aici, in ainneoin thionchar ráig COVID-19, gur méadaíodh ar fhor-rochtain na Gníomhaireachta i gcónaí agus gur tháinig méadú 17 % ar líon na rannpháirtithe oiliúna i gcomparáid le 2020; ag moladh, thairis sin, thorthaí sármhaithe na Gníomhaireachta i réimse na ríomhfhoghlama, agus eagrú Chomhdháil Taighde & Eolaíochta ar líne CEPOL, a mheall breis agus 500 rannpháirtí in earrach 2021; ag tabhairt dá haire gur cuireadh Clár Malartaithe CEPOL siar go dtí lár Lúnasa, agus go ndearnadh 57 % de na malartuithe a bhí beartaithe a thabhairt i gcrích in 2021;

7.

á thabhairt faoi deara gur thug an Ghníomhaireacht an dara Measúnú ar Riachtanais Straitéiseacha Oiliúna AE (EU-STNA) chun críche, lenar sainaithníodh tosaíochtaí oiliúna d’oifigigh forfheidhmithe an dlí don tréimhse 2022-2025; á chur in iúl gur geal léi seoladh Lárionad nua Eolais CEPOL maidir le Comhar, Malartú Faisnéise agus Idir-inoibritheacht i bhForfheidhmiú an Dlí (CKC INT);

8.

á thabhairt chun suntais go bhfuil gá leis an oiliúint i bhforfheidhmiú an dlí ar leibhéal an Aontais chun na bagairtí ar shlándáil an Aontais a léiriú i gcomhréir le sainordú na Gníomhaireachta; á athdhearbhú a thábhachtaí atá oiliúint i bhforfheidhmiú an dlí maidir le straitéisí chun an ciníochas agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus chun próifíliú ciníoch agus eitneach agus foréigean a chosc; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le hoiliúint speisialaithe lena ndírítear ar chontúirtí agus ar úsáid iomchuí theicneolaíochtaí IS ag údaráis phóilíneachta chun sábháilteacht agus slándáil na saoránach a chinntiú;

9.

á chur in iúl gur geal léi bunú an Ghrúpa Saineolaithe um Chearta Bunúsacha chun feabhas a chur ar straitéis oiliúna na Gníomhaireachta sa réimse sin agus bunú an Ghrúpa Saineolaithe um Fheabhsú Comhair idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit, a bhfuil mar aidhm leis feabhas a chur ar cháilíocht agus éifeachtúlacht comhair; ag cur sonrú sa mholadh ón nGrúpa Saineolaithe um Chearta Bunúsacha go gcuirfí cearta bunúsacha mar shaincheist thrasearnálach leis na gníomhaíochtaí oiliúna a thairgtear, i gcás inarb infheidhme, sna Ballstáit agus i dtríú tíortha araon agus béim ar leith á leagan ar chearta bunúsacha agus ar chosc ar an gcoireacht;

10.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gur chuir an Ghníomhaireacht tús le cur chun feidhme na gceithre thionscadal ilbhliantúla idirnáisiúnta lena dtugtar cúnamh do thríú tíortha le fothú a n-acmhainneachta i réimsí beartais ábhartha i bhforfheidhmiú an dlí;

11.

á chur in iúl gur geal léi an comhar le lárionaid agus moil speisialaithe maidir le heolas cibearchoireachta amhail Ionad Cibearchoireachta na hEorpa, an Grúpa Eorpach Oiliúna agus Oideachais maidir leis an gCibearchoireacht, an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach agus Interpol, trí bhíthin Acadamh Cibearchoireachta CEPOL, chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais oiliúna atá ag dul i méid i réimse na cibearchoireachta;

12.

á thabhairt chun suntais na socruithe oibre atá ag an nGníomhaireacht le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach, leis an gCoimisiún, agus an chaibidlíocht atá ar siúl leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann;

13.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di nach bhfuil socruithe oibre ag an nGníomhaireacht le hArd-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim (AS TAXUD) sa Choimisiún, rud a chuireann cosc ar an nGníomhaireacht spriocphobal a gníomhaíochtaí a leathnú chun oifigigh chustaim agus theorann a áireamh; ag moladh don Ghníomhaireacht a áirithiú go mbeidh socruithe oibre i bhfeidhm leis na príomhchomhlachtaí uile;

14.

ag moladh don Ghníomhaireacht a modhanna oiliúna a chur in oiriúint dá spriocphobal ar bhealach níos fearr; ag tathant ar an nGníomhaireacht torthaí mheastóireacht an Choimisiúin a leanúint agus an oiliúint a chuirtear ar oifigigh forfheidhmithe an dlí a choigeartú, ar oifigigh iad a fhreagraíonn níos fearr d’oiliúint phraiticiúil (freachnaimh chomhpháirteacha, ionsamhlúcháin, cleachtaí boird) ná d’oiliúint theoiriciúil (fíorúil) sa seomra ranga;

Beartas foirne

15.

ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2021, go raibh 91 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 30 gníomhaire shealadacha ceaptha as 33 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post údaraithe le 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 58 ngníomhaire ar conradh (a raibh 20 acu le haghaidh gnáthghníomhaíochtaí agus 38 acu le haghaidh tionscadail fothaithe acmhainneachta arna maoiniú go seachtrach) agus seachtar saineolaithe náisiúnta ar iasacht (seisear arna maoiniú le buiséad na Gníomhaireachta agus duine amháin arna mhaoiniú faoi Thionscadal Oiliúna Frithsceimhlitheoireachta 2) ag obair don Ghníomhaireacht in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, an 31 Nollaig 2021, go raibh 19 mball foirne eatramhacha fostaithe agus cúraimí orthu a bhain leis an mbunghnó amhail ríomhfhoghlaim, TFC, agus tacaíocht dlí agus bhainistíochta;

16.

á chur i bhfios go láidir nach bhfuil méadú tagtha fós ar líon na foirne ó leathnaíodh obair na Gníomhaireachta go suntasach le teacht i bhfeidhm a sainordaithe reatha; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di gur mhol an Coimisiún don Ghníomhaireacht gan poist nua a iarraidh as seo go ceann roinnt blianta, in ainneoin gur gá tuilleadh ball foirne a bheith ann; á thabhairt chun suntais, ina theannta sin, in éagmais acmhainní daonna breise, go bhfuil leas á bhaint ag an nGníomhaireacht as gníomhairí ar conradh i gcomhair roinnt cúraimí a dhéanfadh gníomhairí sealadacha de ghnáth; ag tathant ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an seasamh atá aige maidir le grádú post chun go mbeidh na poist sin ina léiriú ar ualach oibre agus freagrachtaí na foirne;

17.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go raibh ráta ard athraithe foirne 11,8 % i gcónaí ann in 2021; á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí atá a ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, lena n-áirítear trí agallamh struchtúrtha imeachta nua a thionscnamh; á thabhairt chun suntais gur léirigh na torthaí ó agallaimh den sórt sin gurb é an t-ualach mór oibre agus grádú íseal na bpost is mó is cúis leis an ráta ard athraithe foirne; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, go raibh deacrachtaí ag an nGníomhaireacht leis an bpróiseas earcaíochta, mar thoradh ar líon íseal iarratas chomh maith le líon ard iarrthóirí a n-éiríonn leo agus a dhiúltaíonn do na tairiscintí fostaíochta; á thabhairt chun suntais gur deacair don Ghníomhaireacht laghdú ar an ráta athraithe foirne, earcaíocht a dhéanamh ar an bhfoireann a theastaíonn chun a sainordú a chur chun feidhme go barrmhaith agus a bheith tarraingteach d’iarrthóirí ar ardoilte mar gheall ar an gcomhéifeacht coigeartaithe tuarastail a chuirtear i bhfeidhm ar na tuarastail a thairgtear i gcás poist sa Ghníomhaireacht agus gur rud an-diúltach é; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhéifeacht coigeartaithe chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na réaltachtaí eacnamaíocha a bhaineann le hathlonnú chuig cathair óstach na Gníomhaireachta agus cónaí inti; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar an nGníomhaireacht saoráidí breise a chur ar fáil amhail rochtain ar scoileanna idirnáisiúnta, ar chúram leanaí agus ar chúram sláinte chun go mbeidh sé níos tarraingtí a bheith ag obair don Ghníomhaireacht;

18.

ag tabhairt dá haire gur mór aici go ndearna an Ghníomhaireacht modúil éagsúla de SYSPER a chur chun feidhme agus go bhfuil sé beartaithe aici leanúint de, agus méadú ar úsáid na modúl níos bunúsaí agus na modúl roghnach;

19.

á chur in iúl gur geal léi an briseadh síos de réir inscne atá tuairiscithe ag an nGníomhaireacht do 2021, nuair a bhí 3 fhear agus 3 bhean i bhfeidhmeanna bainistíochta (1 bhainisteoir sinsearach agus 5 mheánbhainisteoir), agus 16 fhear (59 %) agus 11 bhean (41 %) ar an mbord bainistíochta, agus 39 bhfear (45 %) agus 48 mbean (55 %) mar chuid d’fhoireann na Gníomhaíochta ar an iomlán; ag moladh na Gníomhaireachta as an gcothromaíocht inscne a baineadh amach in 2021; á chur in iúl, áfach, gur cúis bhuartha di an easpa cothromaíochta geografaí agus nach bhfostaíonn an Ghníomhaireacht aon bhall foirne ón gCipir, ón tSeicia, ón Danmhairg, ón bhFrainc, ó Éirinn, ó Lucsamburg, ó Mhálta agus ón tSlóivéin; ag tathant ar an nGníomhaireacht breithniú a dhéanamh le barrthosaíocht ar an gcothromaíocht gheografach ina nósanna imeachta earcaíochta agus aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

20.

á chur in iúl gur geal léi gur eagraigh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí oiliúna in 2021 maidir le hábhair amhail eitic agus ionracas, meas agus dínit, cosc ar chiapadh agus dea-bhail; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh beartas na Gníomhaireachta in 2021 maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; á chur in iúl, thairis sin, gur geal léi go ndearnadh an nós imeachta neamhfhoirmiúil maidir le comhairleoirí iontaoibhe a chur i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire gur fhreagair an Ghníomhaireacht nár tuairiscíodh aon chás ciaptha in 2021;

Soláthar

21.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di gur ardaigh an Chúirt barúlacha nua maidir le soláthar na Gníomhaireachta gach bliain ón mbliain airgeadais 2019 i leith; ag cur sonrú sna barúlacha ón gCúirt a bhaineann le nósanna imeachta na Gníomhaireachta maidir le bainistiú conarthaí agus soláthar poiblí do 2021; ag tabhairt dá haire go háirithe go ndearna an Ghníomhaireacht íocaíochtaí in 2021 a bhain le gníomhaíochtaí a tharla i dtíortha áirithe lasmuigh den Aontas; ag tabhairt dá haire nach raibh na gníomhaíochtaí sin san áireamh i raon feidhme an chreatchonartha ar ar bunaíodh na híocaíochtaí gaolmhara a rinneadh; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid maidir leis an nGníomhaireacht a bheith ag gníomhú sa chás sin, gur sáraíodh Airteagal 172 den Rialachán Airgeadais; á chur in iúl gurb oth léi go raibh na híocaíochtaí gaolmhara, arbh ionann iad agus EUR 76 590, neamhrialta, de réir thátal na Cúirte; ag tabhairt dá haire gur chinn an Ghníomhaireacht eisceacht a dhéanamh lena gcumhdaítear riachtanais ghnó phráinneacha amháin i dtíortha lasmuigh den Aontas, de bhrí gur cláraíodh an cinneadh sin i gclárlann eisceachtaí na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur bhain an Ghníomhaireacht leas as an nós imeachta eisceachta arís agus arís eile chun leanúnachas gnó agus bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú go dtí go ndearnadh nós imeachta oscailte a chur i gcrích a raibh mar thoradh air gur síníodh creatchonradh nua, nach raibh aon teorainn leis, i mí Eanáir 2022;

22.

ag tabhairt dá haire, in 2021, nach raibh ach post gníomhaire shealadaigh amháin agus post gníomhaire ar conradh amháin le haghaidh nósanna imeachta a bhaineann le soláthar, agus go raibh beirt ghníomhairí eile ar conradh ag obair ar thionscadail arna maoiniú go seachtrach; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ag baint leas as gníomhairí eatramhacha chun cabhrú leis an ualach oibre; á thabhairt chun suntais gur cúis mhór bhuartha di, go dtí mí na Samhna 2022, gur ghrád AST-5 a bhí ag an oifigeach soláthair a raibh an grád ab airde aige agus gurbh é AST-3 an grád earcaíochta a bhí aige, ar grád é a mheasann an Ghníomhaireacht a bheith ró-íseal, nuair a chuirtear san áireamh na freagrachtaí a shanntar don phost sin; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh grádú neamhleor na bpost sin tionchar a imirt ar cháilíocht na nósanna imeachta soláthair phoiblí atá idir lámha ag an nGníomhaireacht; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin go práinneach;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

23.

ag tabhairt dá haire gur mór aici na bearta atá á ndéanamh ag an nGníomhaireacht cheana agus na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun aici chun trédhearcacht a áirithiú agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go bhfoilsítear na dearbhuithe leasa agus CVanna fhormhór chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus na bainistíochta sinsearaí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go bhfágann formáid na dearbhuithe gur féidir liosta a thabhairt de na leasanna gairmiúla, airgeadais, pearsanta agus eile a bhféadfadh baint a bheith acu le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire nach bhfoilsítear na dearbhuithe maidir le coinbhleachtaí leasa agus rúndacht i gcás na saineolaithe a fhaigheann luach saothair ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht fuílleach sin na ndoiciméad a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin a luaithe is féidir; á chur in iúl gur geal léi go gcomhlánaítear an liosta bliantúil de chonarthaí saineolaithe arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta le faisnéis faoi na dearbhuithe maidir le coinbhleachtaí leasa agus rúndacht arna ndéanamh ag na saineolaithe;

Rialú inmheánach

24.

ag tabhairt dá haire, maidir le measúnú na Gníomhaireachta ar a córas rialaithe inmheánaigh agus a chonclúid, go bhfuil sé éifeachtach, gur ann dó agus go bhfuil sé ag feidhmiú go maith agus nach bhfuil ach mionfheabhsuithe de dhíth air; á iarraidh ar an nGníomhaireacht barúlacha na Cúirte agus na moltaí gaolmhara a ionchorprú go sainráite ina measúnú;

25.

ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, go bhfuil neart laigí i gcóras rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta, go háirithe maidir le nósanna imeachta soláthair agus bainistiú gealltanas buiséadach; ag tabhairt dá haire, maidir le soláthar, gur thug an Chúirt barúil i gcás amháin d’easpa deilighte idir critéir roghnúcháin agus critéir dhámhachtana lenar cuireadh prionsabal na trédhearcachta i mbaol agus gur nochtadh an Ghníomhaireacht do rioscaí clú agus rioscaí dlíthiúla; ag tabhairt dá haire, i gcás eile, gur thug an Chúirt cinneadh maidir le mainneachtain na Gníomhaireachta faireachán a dhéanamh ar íocaíochtaí atá fós gan íoc, rud a léiríonn go bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfaidh sí a hoibleagáidí airgeadais i leith tríú páirtithe a chomhlíonadh gcás srianta buiséid; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus an dul chun cinn atá déanta aici i leith na n-ábhar sin;

26.

á mheabhrú gur thug an Chúirt laigí faoi deara i dtimpeallacht rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta seachas na laigí sin a bhaineann le soláthar maidir le bainistiú gealltanas buiséadach, agus á chur in iúl gur geal leis go ndearna an Ghníomhaireacht bearta nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar na hearráidí sin, lena n-áirítear oiliúint rialta ar bhainistiú conartha do bhainisteoirí tionscadal agus do bhaill foirne ábhartha eile chun feasacht a mhéadú agus líon na gcásanna sin a laghdú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta aici i leith an ábhair sin;

27.

ag tabhairt dá haire gur thionscain an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) iniúchadh i mí Dheireadh Fómhair 2021 ar ‘Bainistíocht acmhainní daonna agus eitic in CEPOL’; ag tabhairt dá haire gur conclúid dhearfach a bhí ag IAS sa tuarascáil iniúchóireachta deiridh agus gur sainaithníodh réimsí a bhfuil gá le feabhas a chur ar orthu ó thaobh nósanna imeachta earcaíochta, nósanna imeachta um measúnú agus nósanna imeachta athaicmithe; á iarraidh ar an nGníomhaireacht moltaí IAS a chur chun feidhme;

28.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go bhfuil easnaimh sa Ghníomhaireacht maidir le rialú inmheánach i ndáil leis an easpa rialuithe foirmiúla ar an teicneolaíocht (e.g. beartas cúltaca TFC) agus ar an gcreat nós imeachta le haghaidh bainistiú doiciméad; á iarraidh ar an nGníomhaireacht córas ARES an Choimisiúin a chur chun feidhme, lena n-áirítear le cabhair ó ghníomhaireacht eile más gá, mar a córas bainistithe doiciméad;

Digitiú agus an t-aistriú glas

29.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil beartas foirmiúil ag an nGníomhaireacht maidir leis an gcibearshlándáil; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-oibríonn an Ghníomhaireacht le CERT-EU agus le comhpháirtithe eile chun an chibearshlándáil agus cosaint taifead digiteach a mhéadú; á aithint go bhfuil srianta ann don Ghníomhaireacht sa réimse sin i bhfianaise a laghad foirne atá aici amhail de réir an phlean bunaíochta;

30.

ag moladh na Gníomhaireachta as an ardán LEEd a fheabhsú tuilleadh le roinnt forbairtí teicniúla, go háirithe i bhfianaise an chibirionsaithe ar an ardán agus múchadh an ardáin ina dhiaidh ag deireadh 2020; á chur in iúl gur geal léi athbhunú tapa an ardáin LEEd agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí sármhaithe ar líne sa chéad ráithe de 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht go raibh leibhéal réasúnta ard digitithe bainte amach aici agus gur próisis gan pháipéar atá aici anois;

31.

ag moladh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); ag moladh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht cláir oiliúna ar an gcibearshlándáil, ar cláir iad a nuashonraítear go rialta, a thairiscint don fhoireann uile sa Ghníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt ar bhealach níos tapa, é a sholáthar roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta aici;

32.

á chur in iúl gur geal léi gur seoladh punann foghlama nua lena dtacaítear le forbairt scileanna pearsanta agus gnó i mí Eanáir 2021, a bhfuil 500 modúl nua ríomhfhoghlama aici agus ag a raibh 1 000 suíochán deonaithe le haghaidh úsáideoirí LEEd, agus gur leathnaíodh an ceadúnas tuilleadh go 2 000 suíochán amhail ó mhí Dheireadh Fómhair 2022;

33.

ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí déanta ag an nGníomhaireacht a tionchar ar an gcomhshaol a laghdú; á chur in iúl gur geal léi go háirithe rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta lenar cheart d’fhoireann agus do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna roghanna eile taistil seachas taisteal d’aer a úsáid i gcás aistir ghearra; ag moladh na Gníomhaireachta as aisíocaíocht a thairiscint dá foireann as na costais a bhaineann le hiompar poiblí a úsáid;

Leanúnachas gnó feadh ghéarchéim COVID-19

34.

ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht go raibh tionchar tromchúiseach ag paindéim COVID-19 ar a gníomhaíochtaí ar an láthair in 2021; ag tabhairt dá haire go háirithe gur cuireadh siar go 2022 cur chun feidhme roinnt de na gníomhaíochtaí a bhí beartaithe le haghaidh 2021, gur cealaíodh roinnt gníomhaíochtaí eile gan iad a atheagrú, go ndearnadh gníomhaíochtaí a tharraingt siar i gcásanna áirithe agus gur athraíodh gníomhaíochtaí ar an láthair go gníomhaíochtaí ar líne; ag moladh na Gníomhaireachta as a athléimní atá sí agus as a freagairt maidir le hacmhainní a ath-leithdháileadh chun a áirithiú go ndéanfar cuspóirí a bhaint amach;

35.

ag moladh gur áirithíodh leanúnachas gnó na Gníomhaireachta agus sábháilteacht a foirne, in ainneoin ráta réasúnta ard athraithe foirne, trí bearta amhail leathnú ar an teilea-oibriú agus socruithe fleisc-ama, ríomhshreabhadh oibre, earcú foirne eatramhacha agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus leanúint de na socruithe sóisialta;

Barúlacha eile

36.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di nach bhfuil spás oifige leordhóthanach agus áit i gcomhair gníomhaíochtaí oibríochtúla ag an nGníomhaireacht agus gur saincheist leanúnach í, agus go bhfuil an Ghníomhaireacht ag feidhmiú ó thrí láthair éagsúla; á chur in iúl gur saoth léi gur cuireadh i leataobh an plean tosaigh a bhí ag rialtas na hUngáire le haghaidh ionad coiteann i gcomhair eagraíochtaí idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire gur leanadh de na pléití a bhí ag stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta le húdaráis na hUngáire le linn 2022; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí maidir lena háitreabh agus faoin dul chun cinn atá déanta sna pléití leis an mBallstát óstach; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh tascfhórsa inmheánach chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna maidir leis an mbealach is fearr chun an spás atá ar fáil faoi láthair a úsáid;

37.

á mheabhrú go bhfuil an Ghníomhaireacht le trédhearcacht iomlán agus lánurraim iomlán do chearta bunúsacha a áirithiú ina gníomhaíochtaí uile, lena n-áirítear iad siúd atá acu le tríú tíortha;

38.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí agus faisnéis ábhartha feidhmíochta a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i gcoitinne i dteanga shoiléir agus inrochtana; ag tathant ar an nGníomhaireacht trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as na meáin agus as na meáin shóisialta;

39.

ag tagairt, i gcás barúlacha eile de chineál trasearnálach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (2) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 216, 31.5.2022, lch. 1.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/232


CINNEADH (AE) 2023/1858 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0078/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle (4) agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin, agus go háirithe Airteagal 20 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0102/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tUachtarán

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 319, 4.12.2015, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/233


CINNEADH (AE) 2023/1859 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus do na freagraí ó na gníomhaireachtaí freisin (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh iontaofacht na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023[6] – C9-0079/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 121 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0098/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/235


RÚN (AE) 2023/1860 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0098/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachais (1), gurbh é EUR 203 802 000 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, a léiríonn méadú de 11,34 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go n-eascraíonn EUR 38 900 000 de bhuiséad na Gníomhaireachta ó bhuiséad an Aontais agus gur ioncam ó tháillí agus muirir atá in EUR 109 791 000 de (2);

B.

de bhrí go bhfuil sé luaite ag an gCúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (‘an tuarascáil ón gCúirt’), gur soláthraíodh dearbhú réasúnach di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta iontaofa agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

á thabhairt dá haire go raibh ráta cur chun feidhme buiséid de leithreasuithe faoi chomhair gealltanais na bliana reatha de 96,31 % mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021, arb ionann é agus laghdú 2,31 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire thairis sin gurbh é 87,34 % an ráta forghníomhaithe maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú 5,30 % i gcomparáid le 2020;

2.

ag tabhairt dá haire gur chríochnaigh an Ghníomhaireacht an bhliain le barrachas táillí agus muirear de EUR 11,2 milliún; ag tabhairt dá haire go gcuirtear an barrachas ‘táillí agus muirear’ leis an mbarrachas carntha, lena méadaítear é ó EUR 60,9 milliún go EUR 72,1 milliún;

3.

ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar ráta na leithreasuithe cealaithe i ndáil le gealltanais a tugadh anonn go dtí 2021 go 1,55 % (5,46 % in 2020), atá faoi bhun na huasteorann 5 % a shocraigh an Coimisiún;

Feidhmíocht

4.

á thabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as bearta áirithe in 2021 chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a chuirtear ar fáil lena gníomhaíochtaí agus le bearta eile chun feabhas a chur ar a bainistiú buiséid, trí mheascán de 130 cuspóir agus 60 eochairtháscaire feidhmíochta (KPInna) in 11 phríomhréimse oibríochta agus 9 dtionscadal nó tionscnamh eile de chineál cothrománach; ag tabhairt dá haire, in ainneoin éifeachtaí leanúnacha ghéarchéim COVID-19, go raibh dea-fheidhmíocht ag an nGníomhaireacht, le ráta cur chun feidhme 84 % dá Clár Oibre Bliantúil 2021 agus 76 % de KPInna ar an mbóthar ceart; á chur in iúl gur mór aici gur comhlíonadh na KPInna agus gur tharraing an Ghníomhaireacht aird ar bhearta lenar féidir éifeachtúlacht agus éifeachtacht obair na Gníomhaireachta a fheabhsú; á mholadh, áfach, go dtabharfadh an Ghníomhaireacht dá haire na táscairí nár baineadh amach go fóill nó atá ag titim ar gcúl, go háirithe próiseáil thráthúil tuarascálacha tarluithe agus ráta dúnta gníomhaíochta ceartaithí na dtorthaí iniúchóireachta;

5.

ag moladh na príomhéachtaí atá bainte amach ag an nGníomhaireacht agus an dul chun cinn atá déanta aici in 2021 i réimsí atá ag teacht chun cinn agus atá nasctha le réitigh ghlasa agus leis an digitiú; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur chuir an Ghníomhaireacht dlús lena hiarrachtaí eitlíocht ghlan a bhaint amach trí chlár eitlíochta inbhuanaithe EASA – 2021 le gníomhaíochtaí éagsúla amhail glacadh Breoslaí Eitlíochta Inbhuanaithe (SAF), Eitlíocht faoi thiomáint hidrigine & hibrideach agus céim phíolótach an Chláir um Lipéadú Comhshaoil a thabhairt chun críche; ag tabhairt dá haire aschur breise na Gníomhaireachta óna Clár Dróin amhail foilsiú an chéad phacáiste rialála de chuid an U-Spáis, agus ó thionscadail éagsúla maidir le hoibríochtaí Bainistithe Aerthráchta a chuíchóiriú trí cheadúnú ATCO agus trealamh talún a aontú; á mholadh gur formheasadh leagan modhnaithe den Boeing 737 Max a thabhairt ar ais chun seirbhíse; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí breise na Gníomhaireachta i réimse an taighde agus na nuálaíochta trí chláir Fís Eorpach, Eitlíochta Ghlan agus SESAR a thabhairt isteach in 2021; ag moladh freisin feabhsú sábháilteachta leanúnach na Gníomhaireachta agus a tiomantas chun tacú leis an nuálaíocht tríd an bplean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta le príomhthionscadail in 2021 amhail glacadh tuairime maidir le hOibríochtaí Uile-Aimsire; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú suntasach ar líon na n-iarratas ar fhormheas eagraíochtaí in 2021 mar thoradh ar Brexit;

6.

á iarraidh go gcuirfí cistiú agus dreasachtaí leordhóthanacha ar fáil chun tuilleadh taighde agus forbartha a dhéanamh ar Bhreoslaí Eitlíochta Inbhuanaithe (SAF) ionas go mbeidh siad níos éifeachtúla agus níos inacmhainne agus chun a margadh a fheabhsú agus a oscailt;

7.

á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun féachaint ar réimsí le haghaidh comhar breise le Gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nuair is féidir, agus cineál na ngníomhaíochtaí á gcur san áireamh, chun forluí a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí nithiúla a rinneadh leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Bia, leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna, leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá sineirgí a fhorbairt, comhar agus malartú dea-chleachtas le gníomhaireachtaí Eorpacha eile a mhéadú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú (acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil, etc.);

8.

ag aithint na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun a bheith níos éifeachtúla agus chun acmhainní a shaoradh, lena n-áirítear foireann cháilithe; ag moladh na Gníomhaireachta sa chomhthéacs sin as úsáid a bhaint as saineolas na nÚdarás Náisiúnta Eitlíochta, trí 26 chomhaontú comhpháirtíochta agus dhá chreatchonradh le hEintitis Cháilithe, agus ar an gcaoi sin seachfhoinsiú 63 000 uair oibre a éascú in 2021;

9.

ag moladh don ghníomhaireacht a bheith rannpháirteach, agus a saineolas agus a hacmhainní leormhaithe á n-úsáid aici, sa Treoirthionscadal maidir le ‘Comhlacht Eorpach um chaighdeáin scairdbhreosla agus deimhniú sábháilteachta’ faoi bhuiséad 2023 an Aontais;

10.

ag moladh iarrachtaí na Gníomhaireachta tacú le teicneolaíochtaí, oibríochtaí agus samhlacha gnó nua a chomhtháthú i gcóras eitlíochta na hEorpa trína clár taighde agus nuálaíochta;

11.

á chur in iúl gur geal léi dul chun cinn an Chláir Mhíleata (2020 – dáta oscailte) agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an nGníomhaireacht laistigh den tsoghluaisteacht mhíleata Eorpach; á iarraidh go dtiocfaidh méadú tapa agus substaintiúil ar líne bhuiséid AE don tsoghluaisteacht mhíleata chun go mbeidh sé in ann freagairt do na dúshláin san earnáil;

12.

á iarraidh go mbeadh tuilleadh sineirge ann idir riachtanais shibhialta agus mhíleata faoin bPlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata trí phróisis a shimpliú agus trí rialacha a ailíniú; á chur i bhfáth go bhféadfadh sé sin raon feidhme a chur ar fáil don Ghníomhaireacht chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do stáit agus d’iomaíochas tionscail, mar shampla trí rialacha comhchoiteanna a cheapadh agus trí aerárthaí stáit a dheimhniú;

Beartas foirne

13.

ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2021, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 92,94 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás 632 ghníomhaire sealadach as 680 gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 680 post údaraithe in 2020); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 91 ghníomhaire ar conradh agus 18 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2021; á thabhairt dá haire go bhfuil laghdú tagtha ar leibhéil foirne na Gníomhaireachta i gcomparáid le 2019 mar gheall ar impleachtaí airgeadais a bhaineann le COVID-19 a thug ar an nGníomhaireacht infheistíochtaí a bhaineann le foireann a laghdú, agus ag an am céanna tús áite a thabhairt do shoghluaisteacht inmheánach agus do chomhroinnt acmhainní; á chur in iúl gur geal léi bearta tuairiscithe na Gníomhaireachta chun ráta ard láimhdeachais foirne a chosc, arb ionann é agus 0,84 % in 2021;

14.

ag tabhairt dá haire cothromaíocht inscne laistigh de chomhaltaí ardbhainistíochta na Gníomhaireachta, ar fir iad triúr as cúigear (60 %); ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an easpa cothromaíochta inscne i mbord bainistíochta na Gníomhaireachta, ar fir iad 63 as 82 (77 %); á thabhairt dá haire thairis sin an chothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann iomlán na Gníomhaireachta, ar fir iad 643 as 959 acu (67 %); ag iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí chun cothromaíocht inscne a bhaint amach ar leibhéal na foirne trí ghníomhaíochtaí nithiúla a mheallann iarratais ó mhná ar phoist a chuireann an Ghníomhaireacht ar fáil; á thabhairt dá haire go bhfuil faireachán leanúnach á dhéanamh ag an nGníomhaireacht ar fhorbairtí maidir le cothromaíocht inscne agus go bhfuil ionadaíocht na mban i bpoist bhainistíochta (ó Bhainisteoir Rannóige go Stiúrthóir) méadaithe ó 16,9 % go 21,25 % in 2021 agus, ó mhí Eanáir 2020, gur mná iad 2 as na 4 stiúrthóir sa Ghníomhaireacht;

15.

ag tabhairt dá haire meastachán na Gníomhaireachta maidir le méadú atá le teacht ar líon na ndaoine a rachaidh ar scor; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin bunú cláir bainistithe inniúlachta agus pleanála straitéisí don fhórsa saothair a chuideoidh leis an nGníomhaireacht measúnú a dhéanamh, inter alia, ar na háiteanna a bhfuil gá le hinfheistíochtaí acmhainní seachtracha; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht torthaí an chláir sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac an Ghníomhaireacht cás foirne meántéarma chun príomhréimsí inniúlachta a threisiú agus forbairt foirne a chothú trí dheiseanna gairme gairmiúla a thairiscint go hinmheánach ar fud réimsí éagsúla inniúlachta do thart ar 80 ball foirne le linn 2021;

16.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach AD a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a áirithiú ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas, chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé deiseanna oiliúna éagsúla a chur ar fáil d’fhoireann uile na Gníomhaireachta; á mholadh gur cheart an suirbhé ar fhostaíocht foirne a dhéanamh gach bliain seachas gach trí bliana;

Soláthar

17.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht 33 nós imeachta ardluacha agus meánluacha, 90 nós imeachta ar luach íseal agus 48 gconradh saineolaithe, agus 600 conradh sonracha faoi chreatchonarthaí, a bhainistiú agus/nó a thabhairt i gcrích in 2021; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme straitéise comhdhlúite soláthair do sheirbhísí bainistithe saoráidí teicniúla trí roinnt cineálacha conarthaí a chuachadh chun bainistiú conarthaí a fheabhsú agus seirbhísí seachfhoinsithe a lárú;

18.

á thabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar bharúlacha ón údarás um urscaoileadh do 2020, go ndearna an Ghníomhaireacht bearta chun feabhas a chur ar a cleachtais soláthair arb é is aidhm dóibh iomaíocht chóir agus luach ar airgead a uasmhéadú, trédhearcacht a mhéadú, agus an gá atá le heisceachtaí a laghdú, lena n-áirítear trí oiliúint múscailte feasachta dá gníomhaithe airgeadais; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an nGníomhaireacht maidir leis an réiteach ríomhshonrasctha; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá réitigh dhigiteacha a optamú agus a nuachóiriú chun na próisis soláthair a chuíchóiriú tuilleadh agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis na forbairtí ina leith sin;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

19.

ag tabhairt dá haire bearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus cosaint na sceithirí a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi nach raibh aon chásanna coinbhleachta leasa ann in 2021; á thabhairt dá haire thairis sin go bhféadfaí dul i ngleic le haon chásanna féideartha sa Ghníomhaireacht le bearta maolaithe; á aithint go bhfoilsítear na CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí boird agus bainisteoirí sinsearacha ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht a bheith rannpháirteach sa chomhaontú idirinstitiúideach nuabhunaithe maidir le clár trédhearcachta éigeantach d’ionadaithe leasa, arna shíniú ag an gCoimisiún, ag an gComhairle agus ag an bParlaimint;

20.

ag cur sonrú sa bharúil a rinne an Chúirt Iniúchóirí maidir le neamhchomhlíonadh Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne a bhaineann le coinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar an nGníomhaireacht gníomhaíocht cheartaitheach a chur i gcrích agus an riosca coinbhleachtaí leasa a chumhdach; ag tabhairt dá haire freagra na Gníomhaireachta ina luaitear go ndearnadh meastóireacht chríochnúil;

21.

á thabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht nuashonrú ar a beartas maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a chosc trí ‘Cód Iompair d’fhoireann EASA’ (CoC) a ghlacadh, lena n-áirítear ceanglas go gcomhlánódh baill foirne uile na Gníomhaireachta dearbhú coinbhleachta leasa, rialacha maidir le bronntanais agus fáilteachas, agus oiliúint éigeantach maidir leis an gCód Iompair agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis d’fhoireann uile na Gníomhaireachta;

22.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; á áitiú go láidir go bhfuil gá le córais éifeachtacha bainistithe agus rialaithe chun cásanna coinbhleachta leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, rialuithe ex-ante/ex-post atá in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí a sheachaint;

23.

á thabhairt dá haire, i bhfianaise a theicniúla atá sé, go reáchtálann an Ghníomhaireacht idirphléití oscailte le geallsealbhóirí eitlíochta, agus go gcuirtear a ndearcthaí san áireamh agus cinntí á ndéanamh maidir le nósanna imeachta um cheapadh rialacha agus um dheimhniú; á thabhairt dá haire thairis sin go léirítear ar leathanach na n-ócáidí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta na ceardlanna teicniúla uile a bhíonn á n-eagrú ag an nGníomhaireacht lena geallsealbhóirí eitlíochta;

Rialú inmheánach

24.

á thabhairt dá haire go n-áirítear i gcaighdeáin rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta creat ina bhfuil cúig chomhpháirt rialaithe inmheánacha, 17 bprionsabal agus an caighdeán cáilíochta idirnáisiúnta (ISO 9001:2015); á thabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh iniúchadh faireachais in 2021 as a d’eascair an chonclúid go gcomhlíonann córas rialaithe inmheánach na Gníomhaireachta a caighdeáin bhainistíochta go hiomlán;

25.

á thabhairt dá haire go bhfuil an chuid is mó de na gníomhaíochtaí curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht a d’eascair as iniúchadh na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach maidir le deimhniú agus leibhéal rannpháirtíochta eagraíochtaí in 2021; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht na gníomhaíochtaí atá fágtha a chur chun feidhme;

26.

á tabhairt dá haire go ndearna an inniúlacht iniúchóireachta inmheánaí trí iniúchadh dearbhaithe in 2021 chun a mheas ar comhlíonadh na rialacháin ábhartha, an raibh cuspóirí próisis á gcomhlíonadh, agus an ndearnadh na príomhrioscaí a mhaolú go cuí laistigh den Ghníomhaireacht, faoi seach; á thabhairt dá haire go ndearnadh roinnt moltaí chun feabhas breise a chur ar an timpeallacht rialaithe nó ar éifeachtúlacht fhoriomlán na bpróiseas; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá fágtha i ndáil le hiniúchtaí leantacha 2021 a thabhairt chun críche;

An digitiú agus an t-aistriú glas

27.

ag moladh na Gníomhaireachta as a pailéad leathan beart arb é is aidhm dóibh a lorg comhshaoil a laghdú; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, na teicneolaíochtaí lena ndéantar foirgneamh inbhuanaithe na Gníomhaireachta a fheistiú agus lena gcabhraítear le húsáid fuinnimh agus tomhaltais uisce a bharrfheabhsú, bainistiú fuinnimh a áireamh mar sheirbhís i sonraíochtaí tairisceana, ceannach 100 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus bearta eile lena ndreasaítear a foirne úsáid a bhaint as an traein nó iompar poiblí, chomh maith le laghdú ar thaisteal gnó; ag moladh na Gníomhaireachta freisin as a scéim fritháirimh maidir le tomhaltas leictreachais agus taisteal gnó ar thraein;

28.

á mholadh go ndéanfaí roinnt Comhpháirtíochtaí Eorpacha a fhormheas chun dlús a chur leis an aistriú glas agus digiteach, lena n-áirítear maidir le Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, d’fhonn dlús a chur le claochlú digiteach BAT i gcomhréir le Máistirphlean BAT Eorpach; á mheabhrú, ina leith sin, a thábhachtaí atá Aerspás Eorpach Aonair 2+ chun comhchuibhiú, idir-inoibritheacht agus éifeachtúlacht fheabhsaithe a bhaint amach;

29.

á thabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht dá clár um chlaochlú corparáideach, ‘Destination: Future-proof’[Ceann scríbe: Slán i bhfad na haimsire] le príomhchuspóirí a bhaineann le bealaí oibre a nuachóiriú agus le príomhphróisis a shimpliú, lena n-áirítear na príomhghníomhaíochtaí amhail ceapadh rialacha, aeracmhainneacht tosaigh agus formheasanna eagraíochta; ag moladh, sa chomhthéacs sin, an dul chun cinn atá déanta ag an nGníomhaireacht maidir le seirbhísí digiteacha a chur ar fáil do gheallsealbhóirí seachtracha trí réitigh a ullmhú atá réidh le himlonnú don tuairisciú ar tharluithe (ECCAIRS2), ar an rochtain ar rialacha EASA (ríomhrialacha), ar FlexTool chun díolúintí agus maoluithe a bhailiú, ar láithreáin chomhoibríocha agus ar stór dróin; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hardán TF lárnach digiteach nua a thógáil i gcomhréir leis an treochlár digitithe (CORAL) agus an sprioc a leagadh síos (65 %) i ndáil leis sin a shárú; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht beartas cibearshlándála a chur i bhfeidhm agus treochlár slándála faisnéise a chur chun feidhme;

30.

ag moladh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí a áirithiú; ag spreagadh na Gníomhaireachta freisin cláir oiliúna atá cothrom le dáta go córasach a bhaineann leis an gcibearshlándáil a chur ar fáil dá foireann uile, lena n-áirítear bainistiú, ós rud é gur príomhghné é sin i gcreat éifeachtach cibearshlándála;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

31.

ag tabhairt dá haire cur chuige coimeádach na Gníomhaireachta sa dara bliain den phaindéim maidir le pleanáil caiteachais, lena n-áirítear moilliú ar earcaíocht sheachtrach; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur bainistíodh an t-ualach oibre atá ag dul i méid trí mhodhanna oibre nua a ghiaráil (e.g. cianobair agus córas oibre hibrideach laethúil) agus trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscnaimh éifeachtúlachta agus digitithe chun an brú ar acmhainní atá ann cheana a laghdú; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm, chun cruinnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla a eagrú ar bhealach níos fearr go cianda ná iad a dhéanamh go pearsanta amach anseo;

32.

á thabhairt dá haire, mar gheall ar éifeachtaí phaindéim COVID-19, gur dhírigh an Ghníomhaireacht ar an bpobal taistil a chosaint agus ar iarmhairt sábháilteachta a shainaithint agus a mhaolú; á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoin tionscadal um Fhilleadh ar Gnáthoibríochtaí (RNO) trí Fheasacháin Faisnéise Sábháilteachta agus ábhar treorach a fhoilsiú, agus gníomhaíochtaí eile lena soláthraítear bearta solúbthachta agus faoiseamh rialála, lena dtugtar aghaidh ar rioscaí sláinte agus ar rioscaí atá ag teacht chun cinn agus trí chomhar a fhorbairt le stáit chomhpháirtíochta;

33.

á mholadh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht faireachán leanúnach ar shábháilteacht eitlíochta, lena n-áirítear tuirse na foirne cábáin mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena mbunaítear an Ghníomhaireacht;

Barúlacha eile

34.

ag moladh na Gníomhaireachta as a rath i dtaca le EASA light a chur ar fáil, limistéar ar a suíomh gréasáin ina gcuirtear inneachar ar fáil do lucht féachana nach saineolaithe iad; ag moladh don Ghníomhaireacht an tairiscint sin a fhorbairt, i bhfianaise aiseolais ar inúsáidteacht; ag moladh na Gníomhaireacht freisin as a méadracht fheabhsaithe maidir le húsáid EASA Pro, limistéar ar a suíomh gréasáin a chuireann faisnéis mhionsonraithe ar fáil do gheallsealbhóirí gairmiúla; á chur in iúl gur geal léi gur neartaigh an Ghníomhaireacht a naisc leis an saol acadúil in 2021 le bunú Coiste Eolaíoch ag grúpáil saineolaithe ar féidir leo comhairle a thabhairt maidir le forbairtí i réimsí ábhartha;

35.

á chur i bhfáth nach mór d’institiúidí uile AE an rialáil airgeadais agus na hardchaighdeáin bhainistíochta a urramú;

36.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 81.

(2)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 80.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/240


CINNEADH (AE) 2023/1861 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus do na freagraí ó na gníomhaireachtaí freisin (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh iontaofacht na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023[6] – C9-0079/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 121 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0098/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/242


CINNEADH (AE) 2023/1862 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann anois – EUAA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Oifig i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0080/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (4), agus go háirithe Airteagal 36 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (5), agus go háirithe Airteagal 55 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0123/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann i leith chur chun feidhme bhuiséad na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 132, 29.5.2010, lch. 11.

(5)   IO L 468, 30.12.2021, lch. 1.

(6)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/244


RÚN (AE) 2023/1863 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann – EUAA anois) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0123/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis maidir le hioncam agus caiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach na hOifige Tacaíochta Eorpaí um Chúrsaí Tearmainn (an ‘Oifig’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 152 743 528, a léiríonn méadú 8,5 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais, go príomha, a thagann buiséad na hOifige; á mheabhrú gur leagadh béim ar ról méadaitheach na hOifige i gcomhshocrú nua an Choimisiúin maidir le himirce agus tearmann, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar lorg oibríochtúil na hOifige le blianta beaga anuas;

B.

de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na hOifige don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na hOifige iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

Ag tabhairt dá haire de thoradh iarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021 go raibh ráta curtha chun feidhme 96,67 % ann, arb ionann é agus 1,53 % de mhéadú i gcomparáid le 2020 (95,14 %); ag tabhairt dá haire go raibh ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ag 90,91 %, arb ionann é agus méadú 10 % i gcomparáid le 2020 (80,91 %); ag moladh na mbeart a chuir an Oifig i bhfeidhm chun réiteach a fháil ar shaincheist na n-íocaíochtaí déanacha seanbhunaithe, le ráta ard (96,5 %) d’íocaíochtaí a rinneadh in am in 2021;

2.

Ag tabhairt dá haire gur dhearbhaigh an Chúirt íocaíochtaí, a rinne an Oifig in 2021, de mhéid iomlán EUR 362 204 a bheith neamhrialta toisc go raibh baint acu le hearráidí soláthair i nósanna imeachta a rinneadh in 2016 agus in 2020 maidir le háitribh ar cíos sa Róimh agus in Lesbos; ag cur sonrú sna gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinne an Oifig, trína bhfuiltear ag súil le bogadh go háitribh nua in Lesbos agus sa Róimh sa chéad ráithe nó sa dara ráithe de 2023; á iarraidh ar an Oifig an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis an ábhar sin;

Feidhmíocht

3.

Ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Oifig bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta chun feidhmíocht a cuid gníomhaíochtaí a mheasúnú; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme chlár oibre bliantúil 2021 na hOifige, agus 78 % dá táscairí bliantúla agus 85 % dá táscairí ilbhliantúla á mbaint amach nó á sárú, in ainneoin na ndúshlán leanúnach i ngeall ar phaindéim dhomhanda COVID-19;

4.

Ag moladh na hOifige as cur lena cúnamh teicniúil agus oibríochtúil do na Ballstáit agus as a hullmhacht chun freagairt go tapa don ghéarchéim dhaonnúil san Afganastáin, don líon méadaithe iarrthóirí tearmainn a thrasnaíonn an teorainn ón mBealarúis agus do na dúshláin a eascraíonn as an gcogadh san Úcráin; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur shínigh an Oifig leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an mBeilg pleananna oibríochtúla nua in 2021, gur bunaíodh ardán saineolaithe maidir le conairí sábháilte d’Afganastánaigh, gur cuireadh dlús le tacaíocht do na Ballstáit chun Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (2) (an ‘Treoir um Chosaint Shealadach’) a chur chun feidhme agus go raibh roinnt d’fhoireann na hOifige i láthair sa Mholdóiv chun tacú le haistrithe deonacha chuig na Ballstáit trí fhaisnéis a chur ar fáil ar an talamh;

5.

Ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Oifig gur chuir an Oifig dlús suntasach leis na hullmhúcháin dá sainordú nua in 2021, d’fhonn Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a ghlacadh go críochnaitheach; ag iarraidh ar an Oifig tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme fhorálacha nua an Rialacháin sin maidir leis an bhFóram Comhchomhairleach, an t-oifigeach um chearta bunúsacha, an díorma cúltaca um thearmann de 500 saineolaí ó na Ballstáit, oifigigh idirchaidrimh a imscaradh chuig na Ballstáit agus chuig tríú tíortha, an sásra faireacháin agus an sásra gearán;

6.

Ag tabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Oifig go láidir ar an leibhéal déthaobhach le gníomhaireachtaí eile ceartais agus gnóthaí baile agus go bhfuil socruithe oibre sínithe aici leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus le eu-LISA, agus pleananna comhair le eu-LISA, lenar féidir comhthionscadail a ailíniú agus faisnéis a chomhroinnt ar bhealach córasach; ag spreagadh na hOifige sineirgí a fhorbairt tuilleadh agus a comhar, a malartú dea-chleachtas agus a plé maidir le réimsí leasa fhrithpháirtigh le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

Beartas foirne

7.

Ag cur sonrú i gcothromaíocht inscne na hOifige le naonúr fear (69 %) agus ceathrar ban (31 %) ina lucht bainistíochta sinsearaí, le 20 fhear (67 %) agus deichniúr ban (33 %) ar a bord bainistíochta agus le 176 fhear (39 %) agus 272 bhean (61 %) don fhoireann ar an iomlán; á mheabhrú gur ar ionadaithe náisiúnta na mBallstát atá an fhreagracht comhaltaí an bhoird bainistíochta a cheapadh; ag iarraidh an athuair ar an Oifig agus ar na Ballstáit cothromaíocht inscne a urramú agus comhaltaí den bhainistíocht shinsearach nó den bhord bainistíochta á n-ainmniú agus á gceapadh;

8.

Á thabhairt dá haire go raibh 78,96 % den phlean bunaíochta i bhfeidhm amhail an 31 Nollaig 2021, (92,35 % lena n-áirítear 21 phost a tairgeadh), agus 317 ngníomhaire sealadacha ceaptha as 366 ghníomhaire sealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 366 phost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 100 gníomhaire ar conradh agus 6 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Oifig in 2021, agus gur údaraíodh 123 phost agus 11 phost faoi seach; ag tabhairt dá haire gur cruthaíodh 58 bpost gníomhairí ar conradh gearrthéarmacha breise (bliain amháin) in 2020 agus gur líonadh iad de réir a chéile in 2021 le haghaidh oibríochtaí na hIodáile agus na Cipire, agus go bhfuil sé beartaithe deireadh a chur leo de réir a chéile in 2022; á chur in iúl gur geal léi ráta áitíochta na hOifige atá ag méadú de réir a chéile; ag cur béim, áfach, ar ráta láimhdeachais foirne 6,55 % in 2021, os cionn na sprice bunaithe (< 5 %);

9.

Á chur in iúl gur cúis mhór imní di nóta uimh. 3.7.1 na hOifige dá cuntais chríochnaitheacha do 2021, ina nochtar go bhféadfadh an easpa acmhainní daonna in 2022 teorainn a chur leis an gcumas cuid de chúraimí shainordú nua na hOifige a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire gur leag an Oifig béim ar an ngá atá le 68 bpost breise, thar thréimhse trí bliana, ina plean bunaíochta chun ceanglais an tsainordaithe nua a chomhlíonadh ar bhealach inbhuanaithe, chomh maith leis na poist sin a bhaineann leis na géarchéimeanna éagsúla sa réimse ina bhfeidhmíonn an Oifig; á iarraidh ar an gCoimisiún léiriú níos fearr a thabhairt ar riachtanais oibríochtúla na hOifige agus cinneadh á dhéanamh aige maidir leis na pleananna bunaíochta a bheidh ann amach anseo;

10.

Á mheabhrú gur cúis bhuartha di cinneadh na Cúirte go raibh 16 phost bainistíochta fholmha ag an Oifig in 2020, agus go raibh 10 gcinn díobh sin glactha ar bhonn gníomhach ar feadh níos mó ná bliain amháin, rud a fhágann go raibh siad ag teacht salach ar Rialacháin Foirne an Aontais, a chuireann teorainn le fad na gceapachán bainistíochta sealadaí go bliain amháin; ag cur sonrú i bhfreagra na hOifige maidir leis na cúiseanna nár tugadh tús áite d’earcú bainisteoirí in 2021; ag tabhairt dá haire gur áiríodh ar na cúiseanna sin teorainneacha praiticiúla a tháinig as paindéim COVID-19, géarchéimeanna nua imirce agus tearmainn, dhá atheagrú struchtúracha ar an Oifig agus an gá atá le leanúnachas gnó a áirithiú, agus béim á leagan ar phoist neamhbhainistithe eile a líonadh; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil dhá phost i bplean bunaíochta na hOifige ag bainisteoirí gníomhacha, staid a bhféadfadh neamhéifeachtúlachtaí agus ceannaireacht agus leanúnachas straitéiseach a bheith á lagú a bheith mar thoradh air; ag cur sonrú breise sa ráiteas ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige (ED) le linn na héisteachta i bParlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2022, ina raibh 7 mbainisteoir ar an dáta sin, lena n-áirítear 3 chomhalta shinsearacha bainistíochta fós i bpoist ad interim, a raibh beirt acu níos mó ná bliain amháin ina bhfeidhm; ag tabhairt dá haire, de réir na bhfreagraí ón Oifig, go raibh dhá phost ardbhainistíochta á n-earcú faoi dheireadh 2022, cé go rabhthas ag súil go bhfoilseofaí an tríú post sna míonna ina dhiaidh sin; á chur in iúl gur cúis mhór imní di na tuarascálacha anaithnide ó bhaill foirne na hOifige ina líomhnaítear go raibh líon na bpost bainistíochta sinsearaí ad interim a bhí ag feidhmiú le breis agus bliain amháin níos airde ná dhá bhliain; á iarraidh ar an Oifig soiléireacht a sholáthar maidir leis an ábhar sin, lena n-áirítear don Pharlaimint, mar go mbaineann sé le trédhearcacht agus cuntasacht na hOifige ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chinn an stiúrthóir feidhmiúcháin, an 18 Eanáir 2023, gan athnuachan a dhéanamh ar na poist shealadacha bhainistíochta a chuaigh in éag tar éis bliain amháin agus gur scoir sé na poist sin a bhí i bhfeidhm ar feadh tréimhse is faide ná bliain; á iarraidh an athuair ar an Oifig go ndéanfadh sé, i gcomhréir iomlán leis na ceanglais dlí is infheidhme, na nósanna imeachta earcaíochta a sheoladh nó a thabhairt chun críche gan mhoill, ar nósanna imeachta iad atá riachtanach chun a poist bhainistíochta go léir a líonadh agus chun an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin;

11.

Á mheabhrú gur ceann de na cúiseanna is bun leis an spleáchas ar fhoireann eatramhach an mhoill ar ghlacadh agus ar theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2303, ós rud é nár lig an comhaontú don Oifig síneadh a chur leis na conarthaí sin go dtí go dtiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm; á thabhairt dá haire agus é ina chúis aiféala di go raibh easpa forléargas tromchúiseach ar an gCoimisiún agus na poist seo á gceapadh agus á leithdháileadh ar an Oifig; á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar diúltach ag an staid ar chumais earcaíochta na hOifige agus ar chumas na hOifige tacaíocht leormhaith a thabhairt do na Ballstáit, ar deireadh, chun aimhleasa iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe a raibh orthu aghaidh a thabhairt ar nósanna imeachta fada agus dálaí neamhleora glactha; á thabhairt chun suntais freisin go raibh daoine sna poist sin ar bhonn gníomhach ar feadh tréimhse níos faide ná bliain amháin, rud a thagann salach ar na Rialachán Foirne agus a chuireann leanúnachas straitéiseach na hOifige i mbaol freisin;

12.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuair comhaltaí Choiste um Rialú Buiséadach (CONT) na Parlaiminte, an 14 Meán Fómhair 2022, ríomhphost anaithnid ina raibh líomhaintí maidir le neamhrialtachtaí a bhaineann leis an bhfoireann arb iad foireann ardbhainistíochta iomláine na hOifige ba chúis leo; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di a thromchúisí atá na líomhaintí thuasluaite lena n-áirítear éilimh maidir le hearcaíocht neamhdhleathach, theimhneach nó pháirteach agus ardú céime a thabhairt do chomhaltaí sinsearacha den bhainistíocht, líomhaintí maidir le ciapadh nó míbhainistiú cistí a bhaineann le misin fhoireann na hOifige; ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar na líomhaintí sin, gur sheol an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúdú an 24 Samhain 2022; á thabhairt chun suntais go bhfuair roinnt Comhaltaí CONT gearán anaithnid eile an 23 Eanáir 2023 mar aon le líomhaintí breise; ag tabhairt dá haire gur dhearbhaigh an stiúrthóir feidhmiúcháin gur thacaigh sí go hiomlán le tionscnamh an imscrúdaithe ag OLAF agus gur gheall sí, le linn chruinniú CONT an 30 Samhain 2022, cúnamh a thabhairt do na húdaráis ar gach bealach a d’fhéadfadh a bheith ann; ag iarraidh ar an Oifig an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn agus faoi chéimeanna an imscrúdaithe;

13.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas curtha i bhfeidhm ag an Oifig maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; á chur in iúl gur geal léi gur eagraigh an Oifig feachtais ardaithe feasachta maidir leis na saincheisteanna sin agus gur ainmníodh comhairleoirí rúnda in 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuair an Oifig ceithre ghearán maidir le ciapadh síceolaíoch líomhnaithe, ar tarraingíodh siar ceann amháin acu; ag tabhairt dá haire go raibh na trí ghearán eile faoi réir réamh-mheasúnú a rinneadh le tacaíocht ó ghnólacht dlí sheachtraigh, inar thángthas ar an gconclúid nach bhfuarthas aon fhianaise prima facie ar chiapadh agus, dá bhrí sin, nár measadh go raibh gá le tuilleadh beart ón Oifig; ag iarraidh ar an Oifig tíopeolaíocht na gcásanna agus na critéir ar a gcinneann sí tacaíocht a iarraidh ó ghnólacht dlí sheachtraigh a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh, ós rud é go bhfuil a haonad seirbhísí dlí féin ag an Oifig;

14.

Ag tabhairt dá haire gur saincheist fós é líon neamhleor na saineolaithe arna leithdháileadh ag na Ballstáit in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thug an Oifig aghaidh ar riachtanais imlonnaithe sna Ballstáit uile lena mbaineann trí shaineolaithe seachtracha íoctha agus gníomhairí conarthacha oibríochtúla gearrthéarmacha; ag iarraidh an athuair ar na Ballstáit a n-oibleagáidí maidir le saineolaithe náisiúnta a chomhlíonadh ionas nach mbeidh ar an Oifig brath ar chonraitheoirí seachtracha;

15.

Ag tabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur mór aici, maidir le folláine na foirne, go bhfuil bearta inmheánacha curtha i bhfeidhm ag an Oifig amhail seimineáir agus cúrsaí, seirbhísí tacaíochta síceolaíochta agus sóisialta, foinsí le leideanna chun feabhas a chur ar fholláine mheabhrach agus fhisiciúil le linn teilea-obair, agus cúrsaí teanga don fhoireann agus do chéilí chun críocha lánpháirtíochta;

Soláthar

16.

Ag tabhairt dá haire gur sheol an Oifig 83 nós imeachta in 2021, i gcomparáid le 65 nós imeachta in 2020, ar nósanna imeachta idirbheartaíochta le hiarrthóir amháin iad 42,17 % díobh agus gur glaonna oscailte iad 31,33 % díobh;

17.

Ag tabhairt dá haire agus is mór aici go bhfuil an Oifig ar cheann de ghníomhaireachtaí an Aontais a úsáideann uirlisí ríomhsholáthair an Choimisiúin, go háirithe ríomhfhógraí, ríomhthairiscint agus ríomhaighneacht tairiscintí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéantar gach próiseas inmheánach soláthair a dhigitiú go hiomlán trí úsáid a bhaint as ERDMS agus gan páipéar a úsáid; ag moladh don Oifig leanúint dá hiarrachtaí chun a nósanna imeachta soláthair phoiblí a dhigitiú trí chur chun feidhme agus úsáid na hUirlis Bainistíochta um Sholáthar Poiblí (PPMT) a mheas;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

18.

Ag tabhairt dá haire, de réir fhreagra na hOifige ar an údarás um urscaoileadh maidir le dearbhuithe leasanna, go síníonn gach ball foirne dearbhú leasanna ar dhul isteach sa tseirbhís; ag tabhairt dá haire go bhfoilsítear dearbhú leasanna an stiúrthóra feidhmiúcháin ar shuíomh gréasáin na hOifige; ag tabhairt dá haire go bhfoilsítear CVanna agus dearbhuithe leasanna chomhaltaí an bhoird bainistíochta ar shuíomh gréasáin na hOifige; ag iarraidh ar an Oifig CVanna agus dearbhuithe leasanna chomhaltaí uile na bainistíochta sinsearaí a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin;

19.

Á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an Oifig chun bainistiú a dhéanamh ar a beartas maidir le coinbhleachtaí leasa a thabhairt cothrom le dáta; ag tabhairt dá haire go mbeidh an beartas sin bunaithe ar thrí cholún: cinneadh ón mbord bainistíochta a mbeidh feidhm aige maidir le comhaltaí boird agus le heagraíochtaí agus comhaltaí den Fhóram Comhchomhairleach, cinneadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin ina mbeidh treoir maidir le gníomhaíochtaí iarfhostaíochta agus treoir eiticiúil agus a mbeidh feidhm aige maidir le baill foirne, saineolaithe ar conradh agus tairgeoirí ar conradh agus tairbhithe deontas, agus cinneadh eile ón stiúrthóir feidhmiúcháin lena gcomhtháthófar prionsabail an Chóid Eorpaigh um Dhea-Iompar Riaracháin de chuid an Ombudsman agus prionsabail na seirbhíse poiblí; á chur in iúl gur geal léi tiomantas na hOifige na moltaí ó thuarascáil na Cúirte maidir le saincheist an ‘dorais imrothlaigh’ a chur san áireamh freisin; ag iarraidh ar an Oifig an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le glacadh na gcinntí sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach ndearnadh aon chásanna coinbhleachta leasa a thuairisciú, a imscrúdú ná a thabhairt chun críche in 2021;

20.

Ag tabhairt dá haire gur fhéach an Oifig le feasacht foirne a ardú maidir leis an nós imeachta agus na bealaí tiomnaithe sceithireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur eagraigh an Oifig ceithre sheisiún oiliúna in 2021 maidir le heitic agus ionracas, ar fhreastail 33 rannpháirtí orthu agus 2 sheisiún oiliúna maidir le meas agus dínit, ar fhreastail 24 rannpháirtí orthu; á thabhairt chun suntais, áfach, maidir le nochtadh na líomhaintí mí-iompair, a rinneadh i gcoinne na foirne bainistíochta sinsearaí agus a tarchuireadh chuig an údarás um urscaoileadh i mí Mheán Fómhair 2022, nach ndeachaigh na daoine aonair a thionscain an nós imeachta sin trí chainéil shábháilte sceithireachta thiomnaithe arna soláthar ag an Oifig;

21.

Á chur in iúl gur oth léi nár nuashonraigh an Oifig a beartas maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a chosc mar a mhol an Chúirt in 2020;

Rialú inmheánach

22.

Ag tabhairt dá haire go ndearna an Oifig measúnú ar a córas rialaithe inmheánaigh in 2021, inar thángthas ar an gconclúid go bhfuil na rialuithe foriomlána atá i bhfeidhm ag obair mar a bhí beartaithe agus go bhfuil na comhpháirteanna agus na prionsabail uile éifeachtach nó go hiomlán éifeachtach, cé go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe; ag tabhairt aird bhreise ar an staid mar atá ag an Oifig maidir le 81 ghníomhaíocht cheartaitheach a sainaithníodh, a bhfuil 30 (37 %) díobh beartaithe, 38 (47 %) fós ar siúl agus 13 (16 %) curtha chun feidhme; ag moladh gur cuireadh 92 % de na gníomhaíochtaí chun feidhme go tráthúil in 2021; ag tabhairt dá haire go ndearnadh plean gníomhaíochta na hOifige a eascraíonn as a straitéis frithchalaoise do 2020–2022 a chur chun feidhme go hiomlán in 2021;

23.

Á chur in iúl gur geal léi gur thug an Oifig aghaidh ar bharúil leanúnach na Cúirte maidir le rialuithe airgeadais ex-post a bhunú; ag tabhairt dá haire go ndearna an Oifig rialuithe airgeadais ex-post a chur chun feidhme in 2021 i roinnt réimsí, do na blianta airgeadais 2020 agus 2021, ar bhonn straitéis rioscabhunaithe; á chur in iúl gur geal léi an tuairisciú ón Oifig go bhfuil barúlacha, moltaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha na tuarascála deiridh formhuinithe go hiomlán ag bainistíocht na hOifige agus go bhfuil siad comhroinnte leis an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach (IAS) agus leis an gCúirt; ag iarraidh ar an Oifig an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an obair leantach maidir leis sin;

24.

Ag tabhairt dá haire go ndearna IAS iniúchadh in 2021 ar rialachas agus bainistiú tionscadal TF na hOifige, agus nár sainaithníodh aon saincheisteanna tábhachtacha nó criticiúla; ag tabhairt dá haire, thairis sin, maidir leis an iniúchadh sin agus leis an iniúchadh ar bhainistiú acmhainní daonna agus eitic na hOifige a rinne IAS in 2020, go bhfuil roinnt moltaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha fós ar oscailt; ag iarraidh ar an Oifig dlús a chur lena hiarrachtaí na gníomhaíochtaí sin a dhúnadh agus leanúint den dea-chleachtas maidir lena plean gníomhaíochta ceartaitheach maidir le rialú inmheánach a nuashonrú agus a fhoilsiú go rialta;

25.

Ag tabhairt dá haire, tar éis tuarascáil a fháil ó OLAF ag deireadh 2018, a cumhdaíodh go forleathan sa tuarascáil ar urscaoileadh do 2018, gur thionscain an Oifig trí nós imeachta araíonachta in 2019; ag tabhairt dá haire go bhfuil na trí nós imeachta araíonachta go léir tugtha chun críche; á iarraidh ar an Oifig tuilleadh sonraí maidir le toradh na nósanna imeachta sin a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh;

An digitiú agus an t-aistriú glas

26.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) i bhfeidhm ag an Oifig, lena n-áirítear caighdeáin slándála faisnéise agus treoir oibre maidir le nósanna imeachta maidir le láimhseáil teagmhas cibearshlándála; á chur in iúl gur geal léi na bearta cibearshlándála a rinneadh in 2021, amhail ionad oibríochtaí slándála TFC a bhunú agus na rialuithe rochtana ilfhachtóra ar phunann na hOifige;

27.

Ag moladh na hOifige as an dul chun cinn suntasach atá déanta aici ionsar dhigitiú agus uathoibriú na gcúraimí maidir le próisis airgeadais, córas ollíocaíochta do shaineolaithe a imscartar, foireann nua a earcú agus a ionduchtú, uasghráduithe ar an bhfeidhm gan pháipéar chun feabhas a chur ar fhaireachán, ar obair leantach agus ar rialú caiteachais, ar stóráil leictreonach doiciméad agus ar chomhairliúchán duillíní pá ar líne; ag tabhairt dá haire go bhfuil ceithre mhodúl breise SYSPER curtha chun feidhme ag an Oifig in 2021;

28.

Ag cur sonrú i mbearta reatha na hOifige atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, amhail seirbhís bus tointeála dá foireann a oibriú, scéimeanna roinnte gluaisteán agus páirceáil rothar a éascú nó duillíní ródaithe fisiciúla a laghdú trí shreafaí oibre gan pháipéar; ag iarraidh ar an Oifig obair leantach a dhéanamh ar an machnamh a rinneadh le blianta beaga anuas maidir lena straitéis chomhshaoil a fhorbairt, le bearta a bhfuil tionchar níos láidre agus fadtéarmach acu ar an gcomhshaol; ag moladh don Údarás na bearta is gá a dhéanamh chun deimhniú EMAS a fháil;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

29.

Á chur in iúl gur geal léi gur glacadh plean leanúnachais gnó na hOifige an 31 Márta 2021, agus ar an gcaoi sin gur dúnadh barúil na Cúirte ó 2020; ag tabhairt dá haire gur tháinig an bord leanúnachais gnó in ionad fhoireann freagartha COVID-19 in 2021, inar tugadh aghaidh ar shaincheisteanna tábhachtacha leanúnachais gnó sa dara seimeastar den bhliain; ag tabhairt dá haire go raibh tionchar ag paindéim COVID-19, agus ag an bhfíoras gur aistríodh nós imeachta roghnúcháin iomlán na hOifige ar líne, ar eagraíocht na hOifige, lena n-áirítear ar a hearnáil earcaíochta, a raibh riaráiste uirthi ón mbliain roimhe sin agus moilleanna ar nósanna imeachta leanúnacha;

30.

Ag spreagadh na hoifige na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm chun cruinnithe agus cúraimí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla go cianda ná go pearsanta sa todhchaí a eagrú ar bhealach níos fearr; á mheabhrú, i misin aimsithe fíoras, gur aistríodh an fócas chuig modhanna eile chun faisnéis faoin tír thionscnaimh a bhailiú agus chun teagmháil a choinneáil le foinsí; ag tabhairt dá haire go ndearnadh é sin trí chianbhailiú sonraí agus trí úsáid a bhaint as uirlisí agus teicnící faisnéise foinse oscailte;

Barúlacha eile

31.

Ag moladh na hOifige as na hiarrachtaí a rinneadh a hinfheictheacht phoiblí a mhéadú in 2021 trí fheachtais chumarsáide éagsúla, lena n-áirítear feachtas maidir le hathrú na hOifige go Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus céannacht chorparáideach nua na hOifige, cruinnithe a thionólann an Fóram Comhchomhairleach, chomh maith le comhoibriú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhairliúcháin leo in ábhair a bhaineann le hoiliúint, gníomhaíochtaí téamacha agus príomhdhoiciméid na hOifige;

32.

Á chur in iúl gur geal léi an Treoir nua nuashonraithe le haghaidh Taighde ar Fhaisnéis faoin Tír Thionscnaimh maidir le staid daoine LADTIA, a foilsíodh i mí na Samhna 2021 agus a d’fhéadfadh cúnamh a thabhairt do dhlíodóirí, do sholáthraithe cúnaimh dlí agus do bhreithiúna atá ag obair sa nós imeachta tearmainn;

33.

Ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál trasghearrtha a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 172.

(2)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/250


CINNEADH (AE) 2023/1864 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ar dhúnadh chuntais na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) anois ) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Oifig i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0080/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (4), agus go háirithe Airteagal 36 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (5), agus go háirithe Airteagal 55 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0123/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn don bhliain airgeadais 2021,

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tUachtarán

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 132, 29.5.2010, lch. 11.

(5)   IO L 468, 30.12.2021, lch. 1.

(6)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/252


CINNEADH (AE) 2023/1865 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an gCúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0081/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE (4), ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 64 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0110/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/253


RÚN (AE) 2023/1866 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0110/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gurb ionann buiséad críochnaitheach an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (‘an tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 49 132 610; de bhrí go maoinítear an tÚdarás go príomha le ranníocaíocht ón Aontas (EUR 18 506 940), agus le ranníocaíochtaí ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát agus ó bhreathnóirí (EUR 30 625 670);

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais an Údaráis beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2021 ráta cur chun feidhme buiséadach de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas 98,51 %, arb ionann é agus laghdú 0,66 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 83,99 % ráta forghníomhaithe leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí na bliana reatha, arb ionann é sin agus laghdú 6,37 % i gcomparáid le 2020;

Feidhmíocht

2.

Ag tabhairt dá haire go leanann an tÚdarás de bhearta áirithe a úsáid mar eochairtháscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a chuirtear ar fáil lena ghníomhaíochtaí agus le bearta eile chun a bhainistiú buiséid a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás 91 % dá chlár oibre a fhorghníomhú, inar áiríodh 21 % de na cúraimí breise nach rabhthas ag súil leo ar dtús sa phleanáil;

3.

Á chur in iúl gur geal léi gur lean an tÚdarás ar aghaidh in 2021 dá shineirgí leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a fhorbairt, trí fhoireann chuntasaíochta a sholáthar, agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde trí fheidhm chomhroinnte slándála teicneolaíochta faisnéise; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil an tÚdarás rannpháirteach in go leor nósanna imeachta idirinstitiúideacha, agus é de thoradh air sin in 2021 go ndearna eintitis eile de chuid an Aontais 90 % de 143 chreatchonradh a sholáthar;

4.

Á chur in iúl gur eol di gur lean an tÚdarás d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chreat rialála Basel III agus gur chinn sé cleachtadh faireacháin Basel III a dhéanamh éigeantach amhail ó mhí na Nollag 2021; ag tabhairt dá haire go ndearna sí a cleachtadh tástála struis débhliantúil ar fud an Aontais, a bhí ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar athléimneacht na n-institiúidí airgeadais i leith forbairtí díobhálacha sa mhargadh, go háirithe forbairtí ábhartha in 2021 i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19;

5.

Á chur i bhfios go láidir gur chuir an tÚdarás bailchríoch ar a threoirlínte inréiteachta; gur céim shuntasach iad na treoirlínte sin chun creat dlíthiúil an Aontais a chomhlánú i réimse an réitigh bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus chun dea-chleachtais an Aontais a ghiaráil;

6.

Á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh athruithe eagraíochtúla fónta ar an Údarás in 2021 chun tosaíochtaí aistritheacha a shainordaithe agus a chláir oibre a léiriú, le grúpáil nua cúraimí agus gníomhaíochtaí laistigh de chroíaonaid agus ranna; ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur cruthaíodh aonaid nua san atheagrú chun tábhacht mhéadaitheach na n-ábhar amhail airgeadas digiteach, tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, tuairisciú agus trédhearcacht, agus frithsciúradh airgid a léiriú;

Beartas foirne

7.

Ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 94,44 % ar an 31 Nollaig 2021, agus 153 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 162 phost mar ghníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 145 phost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 49 ngníomhaire ar conradh (50 gníomhaire údaraithe) agus 20 saineolaí náisiúnta ar iasacht (19 údaraithe móide 7 saineolaí náisiúnta ar iasacht saor ó chostas) don Údarás in 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú beag go 12 % tagtha ar ráta athraithe foirne i measc gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht toisc go bhfuil roinnt saineolaithe náisiúnta ar iasacht ag teacht go dtí deireadh a n-iasachtaí (9 % in 2020);

8.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil baill foirne ó 28 náisiúntacht á bhfostú ag an Údarás, ar mná iad 48,4 % díobh agus fir 51,6 % díobh; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas gurbh ionann mná ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí agus 42,9 % amhail ó mhí an Mheithimh 2022; á chur in iúl gur geal léi an feabhas sin ar chomhionannas inscne ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach róil nua mar cheannaire foirne chun cabhrú leis an gcéad ghlúin eile ceannairí a ullmhú agus ag tabhairt dá haire go bhfuil 41,7 % de na róil sin ag mná;

9.

Á chur in iúl gur eol di go bhfuil beartas curtha i bhfeidhm ag an Údarás maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; ag tabhairt dá haire gur thug baill foirne agus bainisteoirí faoi oiliúint maidir le ciapadh gnéasach agus síceolaíoch a chosc agus gur ceapadh ceathrar comhairleoirí rúnda nua in 2021; ag tabhairt dá haire freisin go raibh dhá sheisiún feasachta ag na comhairleoirí rúnda don fhoireann in 2021 maidir lena ról agus beartas an Údaráis maidir le ciapadh a chosc; ag tabhairt dá haire, tar éis imscrúdú a dhéanamh ar chás ciaptha amháin a tharraing ball foirne anuas in 2020, gur dúnadh an cás in 2021 gan aon fhianaise a bheith ag tacú leis an líomhain tar éis measúnú neamhspleách a dhéanamh;

Soláthar

10.

Ag aithint go ndearna an tÚdarás trí nós imeachta soláthair os cionn thairseach na treorach agus ceithre ghlao ar thairiscintí a thabhairt chun críche in 2021 i bhfoirm nósanna imeachta idirbheartaithe os cionn EUR 15 000; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur mhéadaigh an tÚdarás a chomhar maidir le soláthar leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha eile agus le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá lonnaithe sa Fhrainc;

11.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di barúil na Cúirte gur fhéach an tÚdarás le rochtain a fháil ar shonraí fiachais agus margaidh caipitil na mbanc agus tháinig sí ar an gconclúid nach bhféadfadh ach dhá oibreoir eacnamaíocha shonracha na seirbhísí a bhí ag teastáil uaidh a chur ar fáil; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go ndearna an tÚdarás dhá nós imeachta idirbheartaithe ar leithligh, le haghaidh conarthaí ar fiú EUR 100 000 agus EUR 43 800 iad, gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré i gcomhréir le pointe 11.1 (b) (ii) agus (iii) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, sa dá chás, nár lean an tÚdarás na céimeanna nós imeachta uile is gá a cheanglaítear le pointe 16 d’Iarscríbhinn I den Rialachán Airgeadais, amhail cuireadh chun tairisceana a sheoladh agus sonraíochtaí tairisceana a tharraingt suas; á iarraidh ar an Údarás a áirithiú go leanfaidh gach nós imeachta soláthair na céimeanna nós imeachta a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear na céimeanna sin nach féidir ach le hoibreoir eacnamaíoch uathúil aonair na seirbhísí atá á soláthar a sholáthar;

12.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil nósanna imeachta ríomhsholáthair glactha agus curtha chun feidhme go hiomlán ag an Údarás; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ag feidhmiú go hiomlán leis an tsraith bogearraí atá curtha ar fáil ag an gCoimisiún: r-Fhógraí, r-Thairiscint, r-Aighneacht, MyWorkplace, agus Uirlis Bainistíochta Soláthair Phoiblí; ag moladh go bhfuil 100 % de phróisis oibre gan pháipéar ag an bhfoireann soláthair agus go n-úsáideann sí bogearraí Ríomhshínithe Cáilithe Ardleibhéil agus Ríomhshínithe Cáilithe chun formheasanna agus sínithe a fháil ó chontrapháirtithe inmheánacha agus seachtracha araon i ndoiciméid soláthair agus chonarthacha;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

13.

Á chur i bhfios go láidir, faoi Rialacha Nós Imeachta an bhoird maoirseoirí, nach bhféadfaidh comhaltaí den bhoird maoirseoirí a bhfuil coinbhleacht leasa acu páirt a ghlacadh i bpléití an bhoird maoirseoirí ná vóta a chaitheamh ar an ábhar i dtrácht; ag tabhairt dá haire, áfach, go dtí mí an Mheithimh, go bhféadfadh comhalta fanacht i láthair ag an gcruinniú mura gcuirfeadh aon duine ina choinne; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go gcruthaíonn sé sin riosca do neamhspleáchas an bhoird maoirseoirí; á áitiú go ndéanfadh an tÚdarás na bearta is gá chun aon amhras faoi choinbhleacht leasa a sheachaint agus á chur in iúl gur geal léi na céimeanna atá déanta ag an Údarás chun neamhspleáchas chomhaltaí an bhoird maoirseoirí, an bhoird bainistíochta agus coistí áirithe den bhoird maoirseoirí a neartú trína áirithiú nach bhfreastalóidh comhaltaí a bhfuil coinbhleacht leasa acu ar phléití nó ar vótáil ar ítimí ar an gclár oibre a bhfuil coinbhleacht leasa acu ina leith;

14.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2021 dar teideal ‘Tá iarrachtaí an Aontais chun sciúradh airgid a chomhrac san earnáil baincéireachta ilroinnte agus níl an cur chun feidhme leordhóthanach’, go ndearna foireann an Údaráis imscrúduithe críochnúla ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar dhlí an Aontais, ach tháinig an Chúirt ar fhianaise i scríbhinn maidir le hiarrachtaí chun brústocaireacht a dhéanamh ar chomhaltaí den phainéal le linn na tréimhse ina raibh an painéal ag plé moladh féideartha; ag tabhairt dá haire freisin gur dhiúltaigh an bord maoirseoirí don dréachtmholadh sa deireadh; á athdhearbhú a hiarrata ar an Údarás na rialacha a threisiú chun neamhspleáchas chomhaltaí an phainéil a ráthú le linn a bpléití agus tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i ndáil leis an ábhar sin;

15.

Ag tabhairt dá haire go nochtann an tÚdarás gach cruinniú foirne le geallsealbhóirí seachtracha san earnáil phríobháideach agus go ndéanann sé amhlaidh gach coicís don Chathaoirleach (de réir Airteagal 49a de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)) agus go gcuirtear an méid sin i bhfeidhm ar an gcaoi chéanna maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin (de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 52a go bpoibleofaí cruinnithe den Stiúrthóir Feidhmiúcháin ach nach sonraítear ann cé chomh luath i ndiaidh iad a thionóil); ag tabhairt dá haire, i gcruinnithe foirne eile le geallsealbhóirí san earnáil phríobháideach, go ndéantar nochtadh ar bhonn ráithiúil;

16.

Á mheabhrú go bhfuil beartas coinbhleachta leasa ag an Údarás don fhoireann, agus beartas sonrach do chomhaltaí an bhoird maoirseoirí agus don bhord bainistíochta; ag tabhairt dá haire go gceanglaíonn an dá bheartas dearbhú bliantúil a thabhairt maidir le haon leas a chruthódh coinbhleacht i ndáil leis na gníomhaíochtaí a thitfeadh faoi raon gníomhaíochta an Údaráis agus a seoladh le dhá bhliain anuas (maidir leis na boird) nó le cúig bliana anuas (maidir leis an bhfoireann uile); á chur in iúl gur geal léi go bhforchuirtear oibleagáid dearbhú a thabhairt, leis an dá bheartas, maidir le ceisteanna coinbhleachta leasa nach gcumhdófaí faoi na dearbhuithe bliantúla, toisc go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa nach dtugtar aghaidh orthu forfheidhmiú ardchaighdeán eiticiúil ar fud riarachán an Aontais a chur i mbaol;

17.

Á aithint gur oscail an tOmbudsman Eorpach fiosrúchán an 29 Meán Fómhair 2020 maidir le diúltú an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde rochtain phoiblí a thabhairt ar thorthaí na vótála agus réasúnú gaolmhar maidir le cinneadh a bhoird maoirseoirí maidir le dréachtchaighdeán teicniúil rialála maidir le táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe; á chur i bhfios go láidir go nglacann an tÚdarás na caighdeáin theicniúla sin freisin ar bhonn na nósanna imeachta céanna leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde; ag tabhairt dá haire gur chinn bord maoirseoirí an Údaráis an 29 Bealtaine 2021 leasuithe ar a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh chun foráil a dhéanamh maidir le haon vóta ar ghlacadh dréachtchaighdeáin rialála nó cur chun feidhme a áireamh i dtaifid chruinnithe an bhoird maoirseoirí;

18.

Á áitiú gur gá rialacha córasacha a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleacht leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; á iarraidh ar an Údarás a shásraí rialaithe inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

19.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur aimsigh an Chúirt laigí rialaithe inmheánacha a dhéanann difear do nósanna imeachta earcaíochta, lena n-áirítear nár bhunaigh an tÚdarás in aon nós imeachta amháin an t-íoslíon pointí a bhí le baint amach ag na hiarrthóirí chun iad a chur ar ghearrliosta sula ndéanfaí scrúdú ar a n-iarratais, rud a bhain an bonn de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne; ag tathant ar an Údarás an t-easnamh sin a cheartú agus a nósanna imeachta earcaíochta a fheabhsú;

20.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha chomh mór céanna di gur bunaíodh an roghnú le sraith ríomhphost seachas le cinneadh ainmniúcháin amháin i nós imeachta eile, agus mar sin ní raibh aon rian iniúchóireachta iomlán ann do na hainmniúcháin go léir; ag aithint, áfach, tar éis an iniúchta, gur chuir an tÚdarás doiciméadacht ar fáil chun a thaispeáint gur athraigh sé a phróisis;

21.

Á chur in iúl gur geal léi atreisiú an aonaid dhlíthiúil i mí Eanáir 2021 ag leathnú a raon feidhme chun gach ábhar dlíthiúil agus comhlíonta a chumhdach, lena n-áirítear eitic, cosaint sonraí, frithchalaois, bainistiú riosca, sceithireacht agus rochtain ar dhoiciméid chomh maith leis an tacaíocht thraidisiúnta a thugann sé d’obair bheartais; ag tabhairt dá haire freisin go ndearnadh measúnú riosca calaoise in 2021 agus gur cuireadh plean cur chun feidhme i bhfeidhm; á iarraidh ar an Údarás an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an obair leantach ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí chun rioscaí calaoise a mhaolú tuilleadh;

22.

Ag tabhairt dá haire gur fhormheas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Tuarascáil Féinmheasúnaithe ar an gCreat Rialaithe Inmheánaigh don bhliain 2020 i mí na Nollag 2021; ag tabhairt dá haire freisin gur bhronn an tÚdarás conradh ar Deloitte in 2021 chun tacaíocht agus comhairle a thabhairt chun feabhas a chur ar chomhoiriúnacht chlár bainistíochta riosca reatha an Údaráis le Creat Bainistíochta Riosca Fiontraíochta COSO; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur reáchtáil an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach measúnú riosca domhain ar an Údarás in 2021, as ar tháinig Plean um Iniúchóireacht Inmheánach Straitéiseach lena gcumhdaítear an tréimhse ó 2022 go 2024; á iarraidh ar an Údarás an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thoradh na measúnuithe seachtracha sin agus faoin dul chun cinn atá déanta agus faoi chur chun feidhme an chreata rialaithe inmheánaigh;

An digitiú agus an t-aistriú glas

23.

Ag tabhairt dá haire le cur chun feidhme ardáin chomhoibrithe gur laghdaíodh malartuithe ríomhphoist agus gur cruthaíodh próisis atá níos éifeachtúla; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas freisin faoi chur chun feidhme uirlis ríomh-earcaíochta in 2022, agus is tionscnaimh leanúnacha eile iad uathoibriú an Interactive Single Rulebook agus úsáid uirlisí leictreonacha sreafa oibre i réimse an airgeadais agus acmhainní daonna;

24.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh an tÚdarás ar cheann de na mílte eagraíocht a bhí ina n-ábhair do chibirionsaí ghníomhaí stáit in 2021 ina ndearnadh iniúchadh ar leochaileacht simplithe in Microsoft Exchange; ag aithint fhreagairt an Údaráis, lenar cuireadh stop leis an sárú, agus rinneadh an tseirbhís a athshlánú agus a athbhunú ina hiomláine; ag spreagadh an Údaráis oibriú i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais (CERT-EU) chun measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bhonneagar teicneolaíochta faisnéise agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a chibearchosaintí; á mholadh go ndéantar cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a nuashonraítear go rialta a thairiscint do gach ball foirne, lena n-áirítear an lucht bainistíochta; laistigh den Údarás;

25.

Á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú an Údaráis a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú na nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Údarás leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird ar an ngá atá leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

26.

Á thabhairt chun suntais gur bhunaigh an tÚdarás príomhtháscairí comhshaoil a bhfuil cuspóirí nithiúla acu chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht a chórais bainistíochta comhshaoil a léiriú; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an tÚdarás garspriocanna tábhachtacha a thabhairt chun críche in 2021 ina thuras i dtreo deimhniú na Scéime um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) ar baineadh amach é i mí Lúnasa 2022;

27.

Ag tabhairt dá haire agus is mór aici, ón obair leantach a rinneadh ó urscaoileadh 2020, go bhfaigheann an tÚdarás, ó 2021 i leith, an leictreachas uile ó fhoinsí gréine agus gaoithe; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi sprioc an Údaráis cruinnithe ina áitreabh a laghdú 50 % agus misin foirne a laghdú mar an gcéanna chun a lorg carbóin a laghdú;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

28.

Ag tabhairt dá haire gur thacaigh an tÚdarás le linn thréimhse COVID-19 leis an teilea-obair trí réimse leathan beart (oiliúintí éagsúla maidir le scileanna féinbhainistíochta, seisiúin aire, folláine agus gníomhaíochtaí muintearais, urraim don cheart chun dícheangail, ranníocaíocht airgeadais in oifigí baile, forbairt uirlisí comhoibríocha/líonra sóisialta ionas gur féidir le gach duine iad féin a chur in iúl agus a choinneáil ar an eolas, suirbhé foirne, etc.) a rannchuidigh le neamhspleáchas foirne a fhorbairt, táirgiúlacht a mhéadú i gcás cineál áirithe oibre, feabhas a chur ar scileanna teicneolaíochta, cumarsáid inmheánach a chur in oiriúint tuilleadh, chun am comaitéireachta a shábháil, etc.; ag spreagadh na gníomhaireachta chun na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm, chun cruinnithe agus tascanna a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla a eagrú ar bhealach níos fearr go cianda ná iad a dhéanamh go pearsanta amach anseo; á mheabhrú gur bhain an tÚdarás torthaí fabhracha amach ó thaobh rannpháirtíochta in imeachtaí hibrideacha;

Barúlacha eile

29.

Á iarraidh ar an Údarás leanúint dá chuid sineirgí a fhorbairt (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus slándáil), agus a chomhar, a mhalartuithe dea-chleachtais agus a phléití maidir le réimsí comhleasa le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

30.

Ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál trasghearrtha a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (3) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 112, 8.3.2022, lch. 28.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/258


CINNEADH (AE) 2023/1867 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0081/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE (4), ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 64 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0110/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/259


CINNEADH (AE) 2023/1868 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0082/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (4), agus go háirithe Airteagal 23 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0146/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 142, 30.4.2004, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/261


RÚN (AE) 2023/1869 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 13/2022 ón gCúirt Iniúchóirí,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0146/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gurbh é a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (‘an Lárionad’) don bhliain airgeadais 2021 EUR 168 115 000, arb ionann é agus méadú 169,03 % i gcomparáid le 2020, mar gheall ar na gníomhaíochtaí nua a sannadh don Lárionad le seoladh an Údaráis Eorpaigh um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA); de bhrí go n-eascraíonn thart ar 98,74 % de bhuiséad an Lárionaid ó bhuiséad an Aontais;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Lárionaid don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhú réasúnta di go bhfuil cuntais bhliantúla an Lárionaid beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

Ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di, gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad, le linn na bliana airgeadais 2021, ráta cur chun feidhme buiséid 99,35 % maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha, arb ionann é agus méadú 2,58 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gurbh é 64,08 % an ráta forghníomhaithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa bhliain reatha, arb ionann é agus laghdú 11,18 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;

2.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, go raibh cur chun feidhme Straitéis 2021–2027 an Lárionaid mall mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus ar na hoibleagáidí nua a forchuireadh ar an Lárionad i gcomhthéacs bhunú HERA; á iarraidh ar an gCoimisiún na hacmhainní is gá a dheonú don Lárionad chun cuspóirí Straitéis 2021–2027 a chomhlíonadh agus chun sainordú an Lárionaid a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán athbhreithnithe (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

Feidhmíocht

3.

Ag moladh obair leanúnach an Larionaid ar phaindéim COVID-19, agus, go háirithe, fheabhsú na bpróiseas a bhaineann le himeachtaí sláinte poiblí, bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim agus tagarmharcáil idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire, áfach, go ndearnadh cur chun feidhme roinnt de na haschuir i bplean éigeandála sláinte poiblí an Lárionaid a chur siar;

4.

Ag tabhairt dá haire gur sholáthair an Lárionad 74 % de na haschuir a bhí beartaithe ina Dhoiciméad Clársceidealaithe Aonair 2021–2023; ag tabhairt dá haire nach raibh 16 % d’aschuir bheartaithe an Lárionaid tosaithe fós ag deireadh 2021 nó go raibh moill orthu; ag tabhairt dá haire gurbh é an t-ualach oibre ard a bhaineann le paindéim COVID-19 sa Lárionad, sna Ballstáit agus/nó in eagraíochtaí comhpháirtíochta ba chúis leis an gcuid is mó de na moilleanna maidir le haschuir bheartaithe 2021 a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go raibh baint ag an Lárionad in 2021 le go leor gníomhaíochtaí a bhaineann le COVID-19, amhail faireachas eipidéimeolaíoch a bhaineann le COVID-19 a dhéanamh, agus foilsiú treorach eolaíche chun tacú le cinnteoireacht i réimse na sláinte poiblí, i measc nithe eile;

5.

Ag cur sonrú in iarrachtaí an Lárionaid i ndáil le hullmhú an struchtúir do HERA, agus san iarraidh ar an Lárionad tacú leis na Ballstáit a n-acmhainneachtaí agus a gcumais seicheamhaithe géanóim iomláin a bhunú agus/nó a leathnú trí dheontais;

6.

Ag tabhairt dá haire go leanann an Lárionad de chóras faireachais Eorpach táscaire-bhunaithe nua a fhorbairt agus a chur chun feidhme in EpiPulse agus é mar aidhm leis COVID-19 agus gach galar agus riocht sláinte eile a chumhdach de réir a chéile faoi fhaireachas an Aontais; á iarraidh ar an Lárionad an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas go leanúnach maidir le forbairt an chórais sin;

7.

Ag tabhairt dá haire gur reáchtáil an Lárionad a thríú cruinniú straitéise comhpháirtí lena phríomh-gheallsealbhóirí in 2021, agus gur roghnaíodh na téamaí don phlé bunaithe ar an tríú meastóireacht sheachtrach i measc nithe eile;

8.

Á chur in iúl gur geal léi comhoibriú an Lárionaid le gníomhaireachtaí eile an Aontais, amhail an comhar leis an Údarás Leigheasra Eorpach (EMA) chun ardán nua um fhaireachán vacsaíní a bhunú; ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad síneadh leis an sprioc atá aige slándáil sláinte san Aontas a mhéadú chun comhar agus comhordú idir an Lárionad agus comhpháirtithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas a neartú;

9.

Á chur in iúl gur geal léi go leanann an Lárionad de dhea-chleachtais a chomhroinnt agus go mbíonn sé ag obair go rialta le gníomhaireachtaí eile an Aontais, go háirithe an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, EMA agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí; ag aithint, thairis sin, go bhfuil an Lárionad rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha arna n-eagrú ag gníomhaireachtaí eile an Aontais; ag moladh don Lárionad comhar breise agus comhar níos fairsinge a lorg go gníomhach le heagraíochtaí agus comhlachais ábhartha, le comhlachtaí inniúla náisiúnta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, agus dúbláil na dtreoirlínte atá ann cheana féin á seachaint ag an am céanna;

Beartas foirne

10.

Ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 95,2 % ar an 31 Nollaig 2021, go raibh ceapacháin déanta i gcás 198 ngníomhaire shealadacha as 208 ngníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 180 post údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 112 ghníomhaire ar conradh agus 5 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Lárionad in 2021;

11.

Ag tabhairt dá haire agus é ina cúis imní di, maidir le héagothroime inscne laistigh d’ardbhainistíocht an Lárionaid, gur fir is ea ceathrar (66,67 %) den seisear; ag tabhairt dá haire, maidir leis an dáileadh i leith cothromaíocht inscne san fhoireann i gcoitinne sa Lárionad, gur mná is ea 170 (62,73 %) as 271; á iarraidh ar an Lárionad bearta nithiúla a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach ar gach leibhéal d’ordlathas an Lárionaid a luaithe is féidir agus tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh; á mheabhrú freisin a thábhachtaí atá sé ionadaíocht chothrom gheografach a áirithiú i measc bhainistíocht agus fhoireann an Lárionaid;

12.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an Lárionad maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh a chosc; á chur in iúl gur geal léi, i dteannta an leathanaigh gréasáin inlíon maidir le ‘Timpeallacht Oibre Urramach’, gur chuir an Lárionad ‘Clár Fáilte’ ar líne ar fáil do bhaill foirne nua agus do bhaill foirne atá ann cheana„ ina mínítear an beartas agus na sainmhínithe ar chiapadh agus conas é a thuairisciú; ag tabhairt dá haire nach ndearnadh aon chás ciaptha a thuairisciú, a thabhairt chun críche go hinmheánach ná a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur seoladh tionscadal maidir le meas san ionad oibre in 2021;

13.

Ag tabhairt dá haire gur cuireadh 73 phost bhreise ar fáil don Lárionad a earcófar le linn na tréimhse 2021 go 2024 (i gcomparáid le 46 phost le haghaidh 2021) mar gheall ar an ngéarchéim shláintíoch fhada agus ar thionchar an deontais mhóir ó HERA a fuair an Lárionad in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuiltear ag súil, mar thoradh air sin, go gcuirfear deireadh de réir a chéile leis an 20 post do ghníomhairí ar conradh a sannadh don Lárionad in 2020 faoi 2023;

14.

Á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a áirithiú ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

15.

Ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad 257 conradh ar an iomlán i gcrích in 2021, agus gur cumhdaíodh 21 gcreatchonradh, 14 chonradh dhíreacha agus 131 chonradh shonracha; ag tabhairt dá haire go ndearna an Lárionad 27 gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta, 24 dheontas gníomhaíochta d’údaráis náisiúnta sláinte poiblí, agus 40 comhaontú deontais sonrach a thabhairt chun críche in 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Lárionad tar éis dul isteach i 20 conradh idirinstitiúideach agus idirghníomhaireachta, a thagann as nósanna imeachta soláthair a dhéanann eintitis eile agus faoinar féidir leis an Lárionad táirgí nó seirbhísí a cheannach;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

16.

Ag cur sonrú i mbearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha an Lárionaid chun trédhearcacht a áirithiú, agus chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus sceithirí a chosaint; á chur in iúl gur mór aici an measúnú nithiúil trí chéim ar coinbhleachtaí féideartha a bheith ann, amhail dearbhuithe leasa a bhailiú, athbhreithniú agus measúnú ar aon choinbhleacht sainaitheanta agus cinneadh maidir le gníomhaíocht iomchuí chun neamhspleáchas an Lárionaid a áirithiú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, de réir na bhfreagraí ar an gceistneoir caighdeánach, nár tuairiscíodh aon choinbhleacht leasa iarbhír dá Choiste Athbhreithnithe um Dhearbhuithe Leasa in 2021;

17.

Ag tabhairt dá haire go raibh an Lárionad i mbun a nós imeachta inmheánach maidir le coinbhleachtaí leasa don fhoireann a chur chun feidhme in 2021, agus go gcomhoibríonn an t-oifigeach um chomhlíonadh agus acmhainní daonna chun an nós imeachta sin a chur chun feidhme; á iarraidh ar an Lárionad tuairisciú maidir leis na forbairtí ina leith sin;

18.

Á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; á iarraidh ar an Lárionad a shásraí rialaithe inmheánaigh a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frith-éillithe a bhunú;

19.

Ag tarraingt aird ar an bhfiosrúchán straitéiseach a sheol an tOmbudsman Eorpach, agus a chríochnaigh sé in 2021, maidir leis an gcaoi a ndearna an Lárionad faisnéis a bhailiú agus a chur in iúl le linn phaindéim COVID-19, agus béim á leagan ar luathchéim na géarchéime; á chur in iúl gur oth léi torthaí an Ombudsman Eorpaigh nach raibh bearta leordhóthanacha ar fáil ag an Lárionad chun an fhaisnéis riachtanach go léir a fháil ó na Ballstáit; á chur in iúl gur geal léi na céimeanna atá glactha ag an Lárionad chun bearta a chur i bhfeidhm chun é a dhéanamh níos éasca don phobal súil a choinneáil ar fhorbairt a chomhairle eolaíoch agus na sonraí is bunús lena mheasúnuithe eolaíocha a fheiceáil; á iarraidh ar an Lárionad trédhearcacht iomlán a áirithiú maidir le staidéir eolaíocha a fhoilsiú agus feabhas a chur ar a acmhainneacht cumarsáide seachtraí a mhéid a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne trína áirithiú go mbeidh an phríomhfhaisnéis uile, go háirithe faisnéis a bhaineann le héigeandálaí sláinte poiblí, ar fáil i ngach teanga de chuid an Aontais agus go mbeidh rochtain éasca ag saoránaigh an Aontais uirthi;

Rialú inmheánach

20.

Ag tabhairt dá haire go bhfuair an Lárionad an tuarascáil chríochnaitheach d’iniúchadh na Seirbhíseí um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) maidir le bainistiú acmhainní daonna agus eitic sa Lárionad in 2020 i mí Eanáir 2021; ag tabhairt dá haire go raibh ceithre mholadh mar thoradh ar an iniúchadh, go raibh dhá cheann acu an-tábhachtach agus go raibh dhá cheann acu tábhachtach, agus gur chuir an Lárionad moladh amháin chun feidhme agus go raibh cur chun feidhme na dtrí moladh eile beartaithe do dheireadh 2022; á iarraidh ar an Lárionad tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá beartaithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna IAS athbhreithniú teoranta in 2021 ar chur chun feidhme an chreata rialaithe inmheánaigh nua, agus go ndearnadh ceithre mholadh san iniúchadh, agus iad uile aicmithe a bheith tábhachtach; á iarraidh ar an Lárionad aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

21.

Ag tabhairt dá haire gur léirigh féinmheasúnú 2021 an Lárionaid maidir le cur chun feidhme an chreata rialaithe inmheánaigh go bhfuil an córas rialaithe inmheánaigh ann agus ag feidhmiú, ach nár mhór feabhsuithe a dhéanamh; ag cur sonrú, go háirithe, i gcuspóir an Lárionaid beartas cumarsáide inmheánaí a fhorbairt bunaithe ar bheartas cumarsáide foriomlán an Lárionaid 2021-2027, lena n-áirítear cumarsáid maidir le cuspóirí agus freagrachtaí an rialaithe inmheánaigh; á iarraidh ar an Lárionad na forbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

22.

Á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí an Lárionaid a áirithiú; ag cur béim láidir ar an ngá córais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtacha a bheith ann chun go seachnófaí coinbhleachtaí féideartha leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtain saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

An digiteáil agus an t-aistriú glas

23.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil áitreabh an Lárionaid deimhnithe mar ‘fhoirgneamh glas’ agus, thairis sin, go bhfuair sé an deimhniú comhshaoil ‘BREEAM Very Good in use’ [An-mhaith in úsáid] in 2020; á chur in iúl gur geal léi gurb ionann leictreachas an Lárionaid agus 100 % a sholáthraítear le fuinneamh hidreachumhachtaithe; ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad bailchríoch ar an gcéad chéim de chur chun feidhme a chórais bainistíochta comhshaoil bunaithe ar an Scéim Eorpach um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS); á iarraidh ar an Lárionad aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

24.

Á chur in iúl gur geal léi go raibh an Lárionad in ann sonraí eipidéimeolaíocha COVID-19 a aisghabháil agus a scaipeadh ar fud an domhain le linn na tréimhse ó 2020 go 2022 trí chuardach gréasáin a uathoibriú; á chur in iúl gur geal léi an comhoibriú laistigh den Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus treoirthionscadal a ullmhú;

25.

Ag tabhairt dá haire gur lean cibearchoirpigh agus haiceálaithe cúise ar aghaidh ag ionsaí an Lárionaid in 2021, agus, mar fhreagairt air sin, gur chuir an Lárionad bearta cibearshlándála breise chun feidhme, amhail Microsoft Defender, uirlisí fóiréinseacha le haghaidh anailís dhomhain, córas bainistíochta slándála faisnéise agus bainistiú na rochtana pribhléidí/na céannachta; ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas cibearshlándála cruthaithe ag an Lárionad agus go bhfuil méadú tagtha freisin ar a fhoireann slándála TF agus ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh an t-ionad i mbun údarás slándála a bhunú; á iarraidh ar an Lárionad cloí leis na moltaí a rinne an Chúirt i dtuarascáil speisialta uaithi maidir le Cibearshlándáil institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais (EUIBAnna) (3), ina n-iarrann an Chúirt ar EUIBAnna creat bainistíochta riosca maidir le slándáil TF a bheith acu lena gcumhdófar a mbonneagar TF ina iomláine agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh, agus oiliúint chórasach feasachta a sholáthar do gach ball foirne, lena n-áirítear an bhainistíocht; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an beartas cibearshlándála a glacadh le déanaí lena gcumhdaítear gach gné a bhaineann le riachtanais agus mianta gnó, le scileanna agus feasacht daoine agus le slándáil theicniúil; á iarraidh ar an Lárionad aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

26.

Á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil an Lárionaid a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á iarraidh ar an Lárionad aistriú chuig bainistiú doiciméad agus chuig próisis inmheánacha gan pháipéar i gcás inar féidir; á chur i bhfáth gur gá don Lárionad leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, mar sin féin, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

27.

Ag moladh don Lárionad oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus CERT-EU (an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bhonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a chibearchosaintí; ag moladh go ndéanfar cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne, lena n-áirítear an lucht bainistíochta, mar phríomhghné i gcreat éifeachtach cibearshlándála laistigh den Lárionad;

Leanúnachas gnó feadh na géarchéime COVID-19

28.

Á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Lárionaid dáta tosaigh Chlár Comhaltachta an Lárionaid do Chohórt 2021 a choinneáil, lena gcuirtear go díreach leis an acmhainneacht freagartha a neartú chun dul i ngleic le bagairtí trasteorann, trí mhodúil uile-líne a sholáthar;

29.

Á chur in iúl gur geal léi go raibh baint mhór ag an Lárionad i rith 2021 leis an obair chun srian a chur le paindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go raibh baint ag príomhghníomhaíochtaí an Lárionaid le linn na tréimhse sin le tacú le straitéisí vacsaínithe agus pleananna imlonnaithe vacsaíní, le cur i bhfeidhm na faisnéise faireachais agus eipidéime, le léargais iompraíochta ar ghlacadh le vacsaíní agus lena nglacadh, leis an measúnú ar rioscaí agus ar imní agus le mol réamhaisnéise COVID-19 a bhunú; á chur i bhfios go láidir, go ndearna agus gur fhoilsigh an Lárionad 22 mhearmheasúnú riosca/ráige agus gur fhreagair sé breis agus 600 iarraidh ó gheallsealbhóirí; ag tabhairt dá haire gur lean an Lárionad de na coimrí beartais seachtainiúla maidir le COVID-19 a tháirgeadh agus de léarscáileanna a fhoilsiú chun tacú leis an Moladh ón gComhairle i ndáil le cur chuige comhordaithe i leith bearta taistil in AE;

30.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, gur chuir an Lárionad bailchríoch ar chur chun feidhme na moltaí ó ‘An t-athbhreithniú seachtrach straitéiseach agus feidhmíochta ar fhreagairt ECDC ar COVID-19’ a rinne an Lárionad in 2020;

Barúlacha eile

31.

Ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, i dTuarascáil Speisialta Uimh. 13/2022 (4) uaithi, nach ndéanann an Lárionad measúnú cuimsitheach ar a úsáidí atá a threoraíocht agus ar an tionchar atá ag an treoraíocht sin agus á iarraidh ar an Lárionad aiseolas rialta a fháil óna gheallsealbhóirí chun an bhearna sin a líonadh;

32.

Á chur in iúl gur geal léi gur lean an Lárionad d’ardleibhéal airde a thabhairt ar na meáin, ar na meáin shóisialta agus trína shuíomhanna gréasáin in 2021, i ndáil le héabhlóid nádúrtha phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go raibh os cionn 18 milliún amharc leathanaigh ag suíomh gréasáin an Lárionaid in 2021, laghdú i gcomparáid le 32 mhilliún in 2020; ag tabhairt dá haire gur láimhseáil foireann preasa agus meáin an Lárionaid 963 iarraidh ó na meáin, le hais thart ar 1 917 an bhliain roimhe sin; ag tabhairt dá haire gur thug an Lárionad faoi deara méadú 18 % ar líon na leantóirí ar Twitter agus méadú 44 % ar líon an lucht leanúna agus na leantóirí ar Facebook; ag moladh don Lárionad leanúint den treocht sin agus machnamh a dhéanamh ar na cleachtais is fearr a chomhroinnt i measc gníomhaireachtaí eile an Aontais chun scaipeadh a gcuid gníomhaíochtaí a uasmhéadú i measc an phobail i gcoitinne;

33.

Á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach an Lárionaid sa Ghníomhaíocht Chomhpháirteach TERROR lena dtugtar aghaidh ar bhearnaí in ullmhacht sláinte na mBallstát agus chun an fhreagairt ar ionsaithe sceimhlitheoireachta bitheolaíocha agus ceimiceacha a neartú; á iarraidh ar an Lárionad a thiomantas maidir le haghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála a mhéadú tuilleadh;

34.

Á iarraidh ar an Lárionad leanúint dá shineirgí (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil), dá chomhar agus dá mhalartú dea-chleachtas le gníomhaireachtaí eile an Aontais a fhorbairt d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

35.

Ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (5) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 39.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1).

(3)  Tuarascáil Speisialta Uimh. 05/2022 ‘Cibearshlándáil institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh: Níl an leibhéal ullmhachta go ginearálta i gcomhréir le méid na mbagairtí’, lch. 44.

(4)  Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2022 ‘Saorghluaiseacht san Aontas Eorpach le linn phaindéim COVID-19: Grinnscrúdú teoranta ar rialuithe teorann inmheánaí, agus gníomhaíochtaí neamh-chomhordaithe ó Bhallstáit’, lch. 41.

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/266


CINNEADH (AE) 2023/1870 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0082/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (4), agus go háirithe Airteagal 23 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0146/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tUachtarán

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 142, 30.4.2004, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/267


CINNEADH (AE) 2023/1871 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0083/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE, ón gCoimisiún (4), agus go háirithe Airteagal 97 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0133/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/269


RÚN (AE) 2023/1872 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0133/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gur EUR 110 728 826 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, a léiríonn méadú de 1,25 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go dtagann thart ar 26 % de bhuiséad na Gníomhaireachta ó tháillí agus muirir agus 72 % ón Aontas agus ó thríú tíortha;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

á thabhairt dá haire gur díol sásaimh di go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 98,39 % de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha mar thoradh ar iarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021, arb ionann é agus laghdú beag 0,10 % i gcomparáid le 2020 agus gurbh é 86,23 % ráta forghníomhaithe na bliana reatha, arb ionann é agus laghdú 1,31 % i gcomparáid le 2020;

2.

ag tabhairt dá haire go maoinítear an Ghníomhaireacht le táillí arna n-íoc ag tionscal agus le ranníocaíocht chomhardaithe ón Aontas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus trí ranníocaíocht ón Aontas i ndáil le gníomhaíochtaí i gcomhréir le roinnt Treoracha Comhshaoil agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur bhailigh an Ghníomhaireacht ioncam ó tháillí agus ó mhuirir arbh fhiú EUR 30 198 445 san iomlán in 2021 agus go bhfuair sí EUR 79 665 478 (lena n-áirítear ranníocaíochtaí tríú tíortha) ó bhuiséad an Aontais agus EUR 4 349 206 ó ranníocaíochtaí faoi chomhaontuithe sonracha; á aithint go bhfuil laghdú suntasach tagtha ón spriocdháta cláraithe críochnaitheach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 in 2018 i leith, ar ioncam táille na Gníomhaireachta, rud a fhágann go bhfuil méadú ag teacht, i gcaitheamh an ama, ar a spleáchas ar an Aontas lena hoibríochtaí a mhaoiniú;

3.

á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar easpa intuarthachta ioncam táille na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a thíolacadh chun rialachas na Gníomhaireachta a neartú agus chun inbhuanaitheacht a shamhla maoinithe a mhéadú gan mhoill, i gcomhréir lena ghealltanas a cuireadh in iúl sa Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht (5);

Feidhmíocht

4.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar an bplean straitéiseach do 2019-2023; á thabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht amach 194 as 214 ghníomhaíocht agus aschur a leagadh síos i gclár oibre 2021 agus go raibh na 18 ngníomhaíocht agus aschur eile nár comhlíonadh mar thoradh go príomha ar phaindéim COVID-19, go sonrach, mar gheall ar ionchur moillithe, nó níos lú ná mar a tuaradh, a fuarthas ó chomhpháirtithe; á chur in iúl gur mór aici gur comhlíonadh na príomhtháscairí feidhmíochta agus gur tharraing an Ghníomhaireacht aird ar bhearta lenar féidir éifeachtúlacht agus éifeachtacht obair na Gníomhaireachta a fheabhsú; ag moladh áfach, go dtabharfaidh an Ghníomhaireacht aird ar na táscairí nár baineadh amach go fóill nó atá tite ar gcúl;

5.

ag tabhairt faoi deara gurb í an Ghníomhaireacht an mórspreagadh i measc údaráis rialaithe chun reachtaíocht ceimiceán an Aontais a chur chun feidhme ar mhaithe le sláinte an duine agus leis an gcomhshaol, mar aon le nuálaíocht agus iomaíochas; ag tabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht faisnéis ar fáil faoi cheimiceáin, go gcabhraíonn sí le cuideachtaí an reachtaíocht a chomhlíonadh agus go gcuireann sí úsáid shábháilte ceimiceán chun cinn;

6.

á thabhairt dá haire a bhfuil bainte amach ag an nGníomhaireacht i réimse an aitheantais agus an bhainistithe riosca ar shubstaintí ar údar imní iad, lena n-áirítear 371 sheiceáil ar an iomlán, i measc nithe eile, a rinneadh in 2021 agus soláthar na dréacht-mheastóireachta agus na dréachtphróifíl riosca do dhá shubstaint, arb é is aidhm dóibh truailleáin orgánacha mharthanacha nua a shainaithint; á thabhairt dá haire a bhfuil bainte amach i réimse na húsáide sábháilte agus inbhuanaithe ceimiceán ag an tionscal, lena n-áirítear, i measc nithe eile, an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le meascáin ghuaiseacha d’úsáid ghairmiúil agus tomhaltóirí, ar cuireadh tús léi in 2021; á thabhairt dá haire a bhfuil bainte amach ag an nGníomhaireacht i réimse an bhainistithe inbhuanaithe ceimiceán trí reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme, go háirithe an tacaíocht ad hoc a cuireadh ar fáil don Choimisiún sa chéim luath i gcur chun feidhme na Straitéise Ceimiceán don Inbhuanaitheacht;

7.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dlús curtha ag an nGníomhaireacht lena hiarrachtaí faireacháin ar chomhlíonadh agus gur éirigh léi den chuid is mó clárúcháin neamhchomhlíontacha a bhrath agus obair leantach a dhéanamh ar chuideachtaí ar gá dóibh na sonraí arna soláthar a shoiléiriú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil thart ar 40 % de na cuideachtaí sin fós neamhchomhlíontach, in ainneoin na n-iarrachtaí sin; ag tabhairt dá haire gur próiseas fadálach é forfheidhmiú i gcomhar leis na Ballstáit agus go bhféadfaí cásanna a réiteach níos tapúla dá mbeadh na modhanna reachtacha ar fáil don Ghníomhaireacht chun uimhreacha clárúcháin a tharraingt siar ó chuideachtaí nach gcomhlíonann na rialacha;

8.

á thabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht go dlúth le gníomhaireachtaí eile AE, amhail an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, trí mheabhráin tuisceana; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an cur chuige sin chun a áirithiú go mbeidh obair gach gníomhaireachta comhsheasmhach le hobair na ngníomhaireachtaí eile agus go gcomhlíonfar ceanglais na bainistíochta fónta airgeadais; á chur in iúl gur geal léi comhroinnt seirbhísí agus á mholadh go mbeadh comhar i measc ghníomhaireachtaí an Aontais nuair is féidir;

9.

á thabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht tús le tionscadal comhpháirteach in 2021 leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil chun tacú leis an gCoimisiún creat táscairí a fhorbairt maidir le ceimiceáin chun faireachán a dhéanamh ar thiománaithe agus ar thionchair an truaillithe ceimiceán agus chun éifeachtacht na reachtaíochta ceimiceán a thomhas;

10.

ag tabhairt faoi deara gur thug an Ghníomhaireacht cúnamh eolaíoch-teicniúil don Choimisiún maidir le Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht a chur chun feidhme, agus gur fhoilsigh sé a thuarascáil cúig bliana ar oibriú Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (6);

Beartas foirne

11.

á thabhairt dá haire go raibh an plean bunaithe 97,41 % déanta an 31 Nollaig 2021, agus 453 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 467 ngníomhaire shealadacha údaraithe faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 463 phost údaraithe in 2020); á thabhairt dá haire, thairis sin go raibh 130 ghníomhaire ar conradh agus 3 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2021;

12.

á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh foireann na Gníomhaireachta leormhaith agus go léireofar léi riachtanais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuanaitheacht, an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus na huaillmhéine maidir le truailliú nialasach go háirithe;

13.

á chur in iúl gurb oth léi gur tháinig méadú ar an éagothroime inscne ard laistigh de bhainistíocht shinsearach agus mheánbhainistíocht na Gníomhaireachta, le 27 (82 %) post ag fir agus 6 (18 %) ag mná; á thabhairt dá haire go dtuairiscíonn an Ghníomhaireacht gurb é an dáileadh maidir le cothromaíocht inscne, 15 fhear (42 %) agus 21 bhean (58 %) ar an mbord bainistíochta, agus 261 fhear (46 %) agus 312 bhean (54 %) ar an bhfoireann i gcoitinne; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Ghníomhaireacht a Cairt um Éagsúlacht agus Cuimsiú i mí an Mhárta 2022, a bhfuil sé d’aidhm aici cóimheas na n-inscne tearcionadaithe a mhéadú ar an leibhéal tacaíochta agus bainistíochta araon; á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta nithiúla a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach ar gach leibhéal d’ordlathas na Gníomhaireachta a luaithe is féidir agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh;

14.

á thabhairt dá haire go bhfuil beartas frithchiaptha agus treoirlínte gaolmhara curtha ar bun ag an nGníomhaireacht; á chur in iúl gur geal léi gur eagraigh an Ghníomhaireacht oiliúint maidir le cosc ar chiapadh in 2021 do gach ball foirne; á aithint go bhfuil iompar iomchuí á chur chun cinn ag an mbainistíocht trí chruinnithe idir an fhoireann agus comhairleoirí rúnda a eagrú agus trí idirghabháil a thairiscint i gcásanna coinbhleachta trí idirghabhálaithe oilte san ionad oibre;

15.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí ó na Ballstáit uile a fháil, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

16.

á thabhairt dá haire, agus is mór aici, go leanann an Ghníomhaireacht de CVanna chomhaltaí uile an bhoird bainistíochta agus a cuid coistí a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin, lena n-áirítear CVanna na gcathaoirligh ar baill d’fhoireann na Gníomhaireachta iad, CV an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus CV chomhaltaí uile an bhoird achomhairc; á chur in iúl gur geal léi go gcumhdaítear ré fostaíochta iomlán na mball foirne faoi bheartais na Gníomhaireachta maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus, ar mhaithe leis an neamhspleáchas a choimirciú, go scagtear na saineolaithe seachtracha a bhíonn rannpháirteach sna coistí eolaíocha, sa bhord bainistíochta agus san fhóram um fhorghníomhú de réir sé chritéar incháilitheachta spriocdhírithe;

17.

á thabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chásanna sceithireachta in 2021; á thabhairt dá haire gur díol sásaimh di go bhfuil an creat is gá curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht lena rialaítear cosaint sceithirí ar leibhéal na Gníomhaireachta;

18.

á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; ag tabhairt dá haire mar sin féin nach mór d’fhoireann na Gníomhaireachta fógra a thabhairt faoi ghníomhaíochtaí ceirde nua don chéad dá bhliain tar éis dóibh seirbhís na Gníomhaireachta a fhágáil agus go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht an ghníomhaíocht nua a thoirmeasc nó coinníollacha a fhorchur i ndáil leis an ngníomhaíocht nua; ag tabhairt dá aire go ndearna bord bainistíochta na Gníomhaireachta athbhreithniú ar Straitéis Frith-Chalaoise na Gníomhaireachta i mí na Nollag 2016; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a sásraí rialaithe inmheánaigh a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

19.

á thabhairt dá haire nach ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) iniúchadh sonrach in 2021, agus í ag díriú ar ullmhú an phlean iniúchóireachta straitéisigh le haghaidh 2022-2024; á thabhairt dá haire gur díol sásaimh di gur thángthas ar an gconclúid san obair leantach ar iniúchadh 2020 ar straitéis rialála chomhtháite gur féidir na moltaí uile a dhúnadh; á thabhairt dá haire gur díol sásaimh di gur dhún IAS na moltaí oscailte atá fós ann ón iniúchadh leantach maidir le bainistiú feidhmíochta a rinneadh in 2020;

20.

á thabhairt dá haire go ndearna cumas iniúchóireachta inmheánaí na Gníomhaireachta trí iniúchadh dearbhaithe ar rialtacht agus ar cháilíocht na gcóras rialaithe inmheánaigh agus ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na n-oibríochtaí; á thabhairt dá haire go raibh trí mholadh mar thoradh ar an gcéad iniúchadh maidir le gnéithe comhshaoil a shainaithint agus a mheas ag an nGníomhaireacht; á thabhairt dá haire go raibh cúig mholadh thábhachtacha mar thoradh ar an dara hiniúchadh ar phróiseas pleanála, faireacháin agus tuairiscithe na Gníomhaireachta; á thabhairt dá haire go raibh cúig mholadh (lena n-áirítear moladh an-tábhachtach) mar thoradh ar an tríú hiniúchadh ar an bpróiseas maidir le substaintí gníomhacha bithicídeacha a fhormheas (faoin gClár Athbhreithnithe);

21.

á thabhairt dá haire go ndearna cumas iniúchóireachta inmheánaí na Gníomhaireachta dhá iniúchadh leantacha chun cur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta a fhíorú, a tháinig ar an gconclúid go bhfuil gníomhaíocht amháin an-tábhachtach agus dhá ghníomhaíocht thábhachtacha fós á gcur chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

22.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; ag cur béim láidir ar an ngá atá le córais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtacha a bheith ann chun go seachnófaí cásanna féideartha de choinbhleachtaí leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtain saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

An digiteáil agus an t-aistriú glas

23.

á thabhairt dá haire gur díol sásaimh di gur chuir an Ghníomhaireacht feachtas éigeantach múscailte feasachta slándála chun feidhme in 2021 agus gur chuir sí bearta cosanta ríomhphoist níos forbartha chun feidhme, ina raibh gnéithe slándála amhail iatáin ríomhphoist a chur sa bhosca gainimh, naisc shábháilte do URLanna sna teachtaireachtaí ríomhphoist agus ardbhrath, i measc nithe eile; á thabhairt dá haire gur mór aici go bhfuil feabhas curtha ag an nGníomhaireacht ar an gcumas ionradh leanúnach agus mí-úsáid leanúnach céannachtaí a bhrath chun dul chun cinn breise chuig córais níos criticiúla a bhrath tar éis rochtain neamhúdaraithe tosaigh a bheith aici ar cheann amháin de chórais na Gníomhaireachta do phróifíl níos ísle;

24.

á thabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht cleachtais slándála úrscothacha i bhfeidhm agus go leanann sí iad chun faisnéis rúnda a chosaint i gcórais faisnéise na Gníomhaireachta agus ar idirthuras le húsáideoirí údaraithe amhail údaráis na mBallstát, agus go ndéanann sí bailíochtú rialta ar éifeachtacht na mbeart slándála atá i bhfeidhm trí mheasúnuithe riosca inmheánacha agus measúnuithe leochaileachta a dhéanamh chomh maith le tástáil slándála a dhéanann saineolaithe neamhspleácha slándála;

25.

á thabhairt dá haire gur fhorbair an Ghníomhaireacht clár oibre comhshaoil le haghaidh 2020-2022, lena leagtar síos spriocanna chun tomhaltas acmhainní nádúrtha a laghdú, dramhaíl a laghdú agus lorg carbóin na Gníomhaireachta a laghdú; á thabhairt dá haire gur díol sásaimh di go ndearnadh iniúchadh faireachais, iniúchadh inmheánach, athbhreithniú seachtrach comhshaoil agus iniúchadh fíorúcháin comhshaoil ar chóras bainistíochta comhshaoil (EMS) deimhnithe ISO 14001 na Gníomhaireachta;

26.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

27.

ag spreagadh na Gníomhaireachta chun oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus le CERT-EU (an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfar cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne laistigh den Ghníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt níos tapúla, é a sheachadadh roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéime COVID-19

28.

á thabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí déanta ag an nGníomhaireacht cineálacha nua múscailte feasachta a thabhairt isteach don fhoireann tar éis teilea-oibriú mórscála agus fadtéarmach na mblianta roimhe seo; á thabhairt dá haire gur eagraigh an Ghníomhaireacht an 18ú cruinniú bliantúil de Líonra na nOifigeach Slándála in 2021, agus plé á dhéanamh aici ar ábhair a bhaineann leis an uirlis nua bainistíochta céannachta, le TF agus le himpleachtaí slándála TF na Straitéise Ceimiceán don Inbhuanaitheacht;

Tástáil ar Ainmhithe

29.

á thabhairt chun suntais gur lean an Ghníomhaireacht dá hiarrachtaí deireadh a chur de réir a chéile le tástáil ar ainmhithe san Eoraip a mhéid is féidir faoin gcreat rialála atá ann faoi láthair; á chur in iúl gur geal léi gur thug an Ghníomhaireacht sainordú do mhodhanna neamhainmhithe isteach ina hAonad Measúnaithe Ríomhaireachtúil B2 á aithint gur céim riachtanach é sin sa treo ceart, ach nach leor é; ag spreagadh don Ghníomhaireacht, dá bhrí sin, chun oibriú leis na geallsealbhóirí uile chun dlús a chur leis an aistriú chuig úsáid iomlán modhanna neamhainmhithe le haghaidh tástáil sábháilteachta ceimiceán; á athdhearbhú go gceanglaítear leis an dlí go n-úsáideann cuideachtaí modhanna malartacha nuair is féidir, agus mar sin níor cheart do chuideachtaí tástálacha a dhéanamh ar ainmhithe ach mar rogha dheiridh;

30.

ag spreagadh don Ghníomhaireacht chun tascfhórsa a bhunú a bheidh dírithe ar thástáil ar ainmhithe a laghdú agus a ionadú;

31.

is díol sásaimh di go n-oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leisan nGníomhaireacht ar threochlár chun an gá atá le haistriú chuig córas saor ó ainmhithe chun ceimiceáin thionsclaíocha a rialáil a shainaithint; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach mar chuid den fhoireann atá ag obair ar an treochlár; á iarraidh go mbeidh garspriocanna uaillmhianacha agus forleathana sa treochlár chun dlús a chur le húsáid rialála agus glacadh modhanna neamhainmhithe;

Barúlacha eile

32.

á thabhairt dá haire gur eagraíodh cúrsaí oiliúna maidir le sábháilteachta dóiteáin agus aslonnú in 2021 do gach ball foirne seirbhísí corparáideacha, chomh maith le seisiúin oiliúna ar leithligh do sholáthraithe seirbhíse in áitreabh na Gníomhaireachta; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh an Plean Tarrthála Éigeandála cothrom le dáta agus gur cuireadh in iúl é d’Údaráis Tarrthála Heilsincí; á thabhairt dá haire gur eagraigh eagraíocht oiliúna deimhnithe na Fionlainne oiliúint sábháilteachta radaíochta d’Oifigeach Sábháilteachta Radaíochta na Gníomhaireachta;

33.

á thabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht dá cuid oibre a chur chun cinn trí na meáin in 2021, a raibh níos mó ná 4 000 gearrthóga mar thoradh uirthi, agus 58 % den chlúdach sna meáin ghinearálta; á thabhairt dá haire gur lean foireann na Gníomhaireachta de bheith ag roinnt ábhair go gníomhach trína mbealaí meán sóisialta féin, agus go raibh an Ghníomhaireacht gníomhach ar na meáin shóisialta (Twitter, LinkedIn agus Facebook) in 2021, agus gur oibrigh an Ghníomhaireacht i gcomhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí ar fheachtais chomhpháirteacha, amhail ar chód an Aitheantóra Foirmle Uathúil;

34.

ag spreagadh na Gníomhaireachta lchun eanúint dá cuid sineirgí a fhorbairt (mar shampla, acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil), agus a comhar, a malartú dea-chleachtais agus a pléití maidir le réimsí comhleasa le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

35.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (7) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 120.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(5)  Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht: i dTreo Timpeallacht atá Saor ó Thocsainí, COM(2020)667, 14 Deireadh Fómhair 2020, lch. 16.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1)

(7)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/275


CINNEADH (AE) 2023/1873 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a c huir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0083/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE, ón gCoimisiún (4), agus go háirithe Airteagal 97 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0133/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/277


CINNEADH (AE) 2023/1874 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0084/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Gréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (4), agus go háirithe Airteagal 13 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0143/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 126, 21.5.2009, lch. 13.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/279


RÚN (AE) 2023/1875 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0143/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gurbh é EUR 64 867 177 buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, a léiríonn laghdú 27,64 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go n-eascraíonn buiséad na Gníomhaireachta go príomha ó bhuiséad an Aontais agus ó ranníocaíocht CSTE (79,26 %) agus ó na ranníocaíochtaí faoi chomhaontuithe sonracha le haghaidh an chláir Copernicus (20,73 %);

B.

de bhrí go sonraíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil dearbhú réasúnta faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta foluiteacha dlíthiúil rialta;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021 ná ráta cur chun feidhme buiséid 100 % de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha, arb ionann é agus méadú beag 0,04 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gurbh é 84.90 % ráta forghníomhaithe na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa bhliain reatha, arb ionann é agus laghdú 1,18 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;

Feidhmíocht

2.

ag cur sonrú sa mhéid a bhain an Ghníomhaireacht amach i réimsí na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, sláinte an duine agus an comhshaol, an geilleagar ciorclach agus úsáid acmhainní, treochtaí, ionchais agus freagairtí inbhuanaitheachta, agus, go háirithe, maidir leis an gcuspóir sonrach measúnuithe agus táscairí a chur ar fáil chun tacú le huaillmhianta inbhuanaitheachta an Aontais; ag thabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 2021 an chéad bhliain inar cuireadh Straitéis EEA-Eionet 2021-2030 chun feidhme, straitéis atá ailínithe le tosaíochtaí beartais an Aontais;

3.

á chur i bhfáth go soláthraíonn an Ghníomhaireacht faisnéis fhónta, neamhspleách maidir leis an gcomhshaol; ag moladh cháilíocht a aschuir a eisíodh in 2021, amhail seoladh na huirlise MapMyTree, faoi ghealltanas trí bhilliún crann de straitéis bhithéagsúlachta an Aontais; tacaíocht don chaibidlíocht faoin Dlí Aeráide Eorpach agus an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a bhunú; agus seoladh tairseach ghréasáin nua chun tacú le tuairisciú torainn;

4.

ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht príomhtháscairí feidhmíochta (KPInna) arb é is aidhm dóibh faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht chainníochtúil na Gníomhaireachta i ndáil lena pleanáil oibre oibríochtúil, le seachadadh an chláir oibre bhliantúil agus le bainistiú airgeadais agus acmhainní daonna, i measc nithe eile; ag cur sonrú, go háirithe, sa ráta seachadta 89 % maidir le príomhthuarascálacha agus príomh-mheasúnuithe a baineadh amach in 2021, a bhí beagán faoi bhun na sprice, agus i ráta forghníomhaithe an bhuiséid 95, 2 % arna thomhas mar chéatadán d’íocaíochtaí a cuireadh i gcrích laistigh den spriocdháta dlíthiúil/conarthach; á chur in iúl gur mór aici gur comhlíonadh na KPInna agus gur tharraing an Ghníomhaireacht aird ar bhearta lenar féidir éifeachtúlacht agus éifeachtacht obair na Gníomhaireachta a fheabhsú; á mholadh, áfach, go dtabharfadh an Ghníomhaireacht dá haire na táscairí nár baineadh amach go fóill nó atá ag titim ar gcúl;

5.

ag tabhairt dá haire gur choinnigh an Ghníomhaireacht comhar éifeachtach ar bun in 2021 le Eionet, le hinstitiúidí an Aontais, chomh maith le gníomhaithe domhanda; ag cur sonrú, agus é ina díol sásaimh di, sa ról lárnach a bhí ag an nGníomhaireacht maidir le tacú le gníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide a chuirtear chun feidhme i mbeartais an Aontais, leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an togra le haghaidh an Ochtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (an ‘8ú CGC’);

6.

á mheabhrú gur thug an Ghníomhaireacht faoi chúraimí nua in 2021 mar thaca le huaillmhianta an Aontais i leith an chomhshaoil a bhaint amach mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip agus den 8ú CGC, agus ag rannchuidiú freisin le gealltanais dhomhanda an Aontais, agus ar an gcaoi sin seasamh na gníomhaireachta mar phríomhfhoinse faisnéise comhshaoil atá ábhartha do bheartais, a neartú;

Beartas foirne

7.

ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2021, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 99,28 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás 3 oifigeach bhuana agus 136 ghníomhaire shealadacha as 140 post arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 130 post údaraithe in 2020); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 79 ngníomhaire ar conradh agus 18 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2021; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, chun na cúraimí a dhéanamh i gceart ar chonair an Aontais i dtreo neodracht aeráide, an gheilleagair chiorclaigh agus athbhunú an dúlra, gur cheart go dtiocfadh méadú ar líon na mball foirne laistigh den Ghníomhaireacht sna blianta amach romhainn; á mheabhrú, de réir an togra ón gCoimisiún ar rialachán maidir le hathbhunú an dúlra, go mbeidh gá le 12 phost bhreise chun faireachán a dhéanamh ar spriocanna an rialacháin sin amháin; á chur i bhfios go mbraitheann lucht ceaptha beartas ar shaineolas agus ar thacaíocht na Gníomhaireachta chun na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme chun todhchaí aeráidneodrach a bhaint amach; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an nGníomhaireacht agus ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na féidearthachtaí ina leith sin agus tuairisciú ar ais don údarás um urscaoileadh; á chur i bhfáth go bhféadfadh acmhainní neamhleora don Ghníomhaireacht an bonn a bhaint de chumas na n-institiúidí gealltanais a chomhlíonadh i ndáil leis an gComhaontú Glas don Eoraip;

8.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil easpa cothromaíochta inscne laistigh d’ardbhainistíocht na Gníomhaireachta, agus gur fir iad 6 as 9 díobh (67 %); á thabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne laistigh de bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir iad 18 as 38 díobh (47 %); á thabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann na Gníomhaireachta i gcoitinne, gur mná iad 112 as 206 díobh (54 %) á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta nithiúla a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a mhéadú ar gach leibhéal de ordlathas na Gníomhaireachta a luaithe is féidir agus tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh;

9.

ag tabhairt dá haire, ón obair leantach ar thuarascáil 2020 um urscaoileadh maidir le beartas foirne, gur fhorbair an Ghníomhaireacht creatbheartas ilbhliantúil acmhainní daonna atá ailínithe le Straitéis EEA-Eionet 2021-2030 lena dtugtar aghaidh ar chúig réimse fócais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil comhordaitheoir folláine ag an nGníomhaireacht;

10.

ag tabhairt dá haire ón obair leantach ar thuarascáil 2020 um urscaoileadh maidir leis an reachtaíocht le haghaidh maoiniú inbhuanaithe, gur leithdháil an Ghníomhaireacht gníomhaire sealadach breise amháin chun oibriú ar mhaoiniú inbhuanaithe in 2021, agus nár pleanáladh an post sin ach ar feadh trí bliana sa bhileog airgeadais, agus ina dhiaidh sin nach mbeidh an Ghníomhaireacht in ann leanúint de na cúraimí tacaíochta sin ar an leibhéal reatha;

11.

ag tabhairt dá haire go leanann an Ghníomhaireacht dá measúnú ar riachtanais acmhainní a thuairisciú don Choimisiún; ag tabhairt dá haire freisin, tar éis plé a dhéanamh leis an gCoimisiún, go gclúdófar feidhmeanna tacaíochta sa reachtaíocht nua agus go bhfuil sé curtha in iúl ag an nGníomhaireacht nach leor an post tacaíochta breise i ndáil leis an Rialachán maidir leis an Dlí um Athbhunú an Dúlra;

12.

ag tabhairt dá haire le sásamh go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus maidir le cosc a chur ar chiapadh síceolaíoch agus gnéasach lena dtacaítear, inter alia, le cúrsa ríomhfhoghlama maidir le heitic agus sláine; ag tabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht líonra comhairleoirí rúnda agus faisnéis phraiticiúil ar fáil maidir le conas ciapadh líomhnaithe a thuairisciú agus dul i dteagmháil le comhairleoir rúnda ar a hinlíon;

13.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a chinntiú ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

14.

ag tabhairt dá haire go leanann an Ghníomhaireacht de nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh a shaothrú go gníomhach leis an gCoimisiún trí bhíthin creatchonarthaí, chomh maith le húsáid a bhaint as córais agus seirbhísí éagsúla de chuid an Choimisiúin;

15.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt gur leasaigh an Ghníomhaireacht creatchonradh seirbhíse chun seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála a sholáthar tríd an mbuiséad uasta tosaigh a dhúbailt ó EUR 500 000 go EUR 1 000 000, agus gurb é an t-údar a úsáideadh an maolú ab infheidhme maidir le nósanna imeachta idirbheartaithe gan foilsiú roimh ré, nár comhlíonadh na coinníollacha ina leith, agus, thairis sin, nár comhlíonadh coinníollacha an Rialacháin Airgeadais lena gceadaítear conarthaí a mhodhnú gan nós imeachta soláthair nua; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go measann an Chúirt go raibh an leasú neamhrialta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, áfach, nach raibh aon íocaíochtaí gaolmhara ann in 2021;

16.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé do gach nós imeachta soláthair, go n-áiritheofaí iomaíocht chóir idir tairgeoirí agus go soláthrófaí earraí agus seirbhísí ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; á iarraidh go ndéanfaí na huirlisí ríomhsholáthair TF arna bhforbairt ag an gCoimisiún a chur chun feidhme; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú nuashonraithe ar na nósanna imeachta agus ar na teimpléid sna treoirlínte soláthair; ag cur sonrú, agus é ina chúis imní di, i mbarúil na Cúirte go bhfuil méadú ag teacht ar na laigí sa soláthar poiblí agus gurb iad sin atá fós mar phríomhfhoinse na n-íocaíochtaí neamhrialta i bhformhór ghníomhaireachtaí an Aontais;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

17.

ag aithint bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus cosaint sceithirí a sholáthar; ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna sceithireachta oscailte, dúnta ná leanúnacha ann in 2021; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chásanna coinbhleachta leasa in 2021;

18.

ag tabhairt dá haire, ón obair leantach ar thuarascáil um urscaoileadh 2020, go leanann an Ghníomhaireacht de bheith ag coinneáil súil ar CVanna agus dearbhuithe leasa a tíolacadh agus á mheabhrú do chomhaltaí an bhoird bainistíochta na doiciméid sin a thíolacadh, ar bhonn deonach, i gcás nach bhfuil siad tíolactha go fóill;

19.

á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a sásraí rialaithe inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

20.

ag aithint an athraithe struchtúraigh a tháinig tar éis sheoladh an tionscadail ‘An t-ionad oibre a bheidh ann amach anseo’; ag cur sonrú san ullmhúchán don tionscadal chun feabhas a chur ar an gcóras bainistithe cáilíochta chun na laigí a sainaithníodh a leigheas, amhail gan ach comhlíonadh páirteach a bheith ann i gcomhpháirteanna an chreata maidir leis an timpeallacht rialaithe, gníomhaíochtaí rialaithe agus faisnéis agus cumarsáid;

21.

á thabhairt dá haire agus imní uirthi, ó thuarascáil na Cúirte, gur leathnaíodh creatchonradh chun seirbhísí ceaintín agus lónadóireachta a sholáthar ar áitribh na Gníomhaireachta dhá uair ar leith, nár chomhdaigh an Ghníomhaireacht nóta eisceachta don chéad síneadh, rud nach bhfuil i gcomhréir le caighdeáin rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta lena gceanglaítear gach imeacht a dhoiciméadú, a dhlisteanú agus a fhormheas; ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina ábhar imní di, maidir leis an dara síneadh, gur tharraing an Ghníomhaireacht nóta eisceachta suas leis an gcomhad, ach nár comhdaíodh é i gclár lárnach na n-eisceachtaí; ag tabhairt freagra na Gníomhaireachta dá haire gur chuir paindéim COVID-19 bac ar phleanáil agus ar sheoladh glao ar thairiscintí le haghaidh creatchonradh seirbhíse nua; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a córas rialaithe inmheánaigh a neartú i ndáil leis sin;

22.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur úsáid an Ghníomhaireacht, i gconradh seirbhíse chun seirbhísí tacaíochta an chórais faisnéise geografaí a sholáthar, leasú ar chonradh chun síneadh aon mhí amháin a chur le comhlíonadh na seirbhísí, ón 28 Feabhra 2021 go dtí an 31 Márta 2021; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nár tháinig an leasú i bhfeidhm, áfach, go dtí an 22 Márta 2021 nuair a shínigh an dá pháirtí chonarthacha é, rud a d’fhág go bunúsach go raibh tréimhse 22 lá de sholáthar seirbhíse ann agus nach raibh aon chonradh ag freagairt dó sin; ag tabhairt dá haire, cé go raibh sé sin aimsithe ag an nGníomhaireacht, nach raibh nóta eisceachta comhlánaithe aici; ag cur sonrú i ndeimhniú na Gníomhaireachta gur mar gheall ar mhaoirseacht a tharla an mhoill; á chur in iúl gur geal léi freagra na Gníomhaireachta go dtreiseoidh sí a rialuithe agus a nósanna imeachta chun laghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeidh moill ar shíneadh conarthaí agus chun a áirithiú go gcomhdófar nótaí eisceachta i gcás ina dtarlaíonn sáruithe neamhdheonacha ar an Rialachán Airgeadais;

23.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur íoc an Ghníomhaireacht, faoi chreatchonradh chun seirbhísí TF a sholáthar, seirbhísí coimhdeacha, faoi phacáiste oibre ar leithligh, ar mhéid EUR 25 000 gan fíorú a dhéanamh ar dtús cé na próifílí beachta agus na rátaí laethúla a chuir an conraitheoir i bhfeidhm go bunúsach agus na seirbhísí á seachadadh agus á sonrascadh aige; ag tabhairt dá haire ó fhreagra na Gníomhaireachta go bhfuil bearta déanta aici chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na Cúirte maidir le horduithe amach anseo;

24.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; ag cur béim láidir ar an ngá atá le córais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtacha a bheith ann chun go seachnófaí cásanna féideartha de choinbhleacht leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtain saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

An digiteáil agus an t-aistriú glas

25.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur ghlac an Ghníomhaireacht creat digiteála LEE-Eionet i mí Aibreáin 2021, ag tabhairt faoi roinnt príomhghníomhaíochtaí amhail nuachóiriú bhonneagar sonraí na Gníomhaireachta agus tús a chur le tionscadail lena bhfiosraítear úsáid na hintleachta saorga; á chur in iúl gur geal léi gur sheol an Ghníomhaireacht roinnt táirgí digiteacha agus eolais nua in 2021, lena n-áirítear an Fhaireachlann Eorpach um an Aeráid agus Sláinte agus an Taiscéalaí Sonraí Aeráide Eorpach laistigh den ardán Climate-ADAPT agus tuarascálacha idirghníomhacha gréasáin maidir le cáilíocht an aeir agus guaiseacha aeráide;

26.

ag tabhairt dá haire, maidir le líonra TF na Gníomhaireachta agus timpeallacht na bagartha cibearshlándála, go bhfuil líonraí ‘gorma/glasa’ tugtha isteach ag an nGníomhaireacht sna hoifigí, inarb é an líonra glas deighilt ríomhairí glúine na foirne ó na córais inmheánacha go léir agus go mbaineann an líonra gorm le ríomhairí glúine nach féidir a leithlisiú go fóill agus atá srianta mar sin ó thaobh na mbogearraí atá ar fáil;

27.

ag cur sonrú i gcóras bainistíochta comhshaoil na Gníomhaireachta agus gealltanas na Gníomhaireachta a bheith ina eagraíocht ‘neodrach ó thaobh na haeráide de’; ag tabhairt dá haire gur choimisiúnaigh an Ghníomhaireacht staidéar in 2021 agus é mar aidhm leis sin gníomhaíochtaí indéanta a shainaithint chun astaíochtaí gás ceaptha teasa na Gníomhaireachta a laghdú agus chun cuidiú le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2030;

28.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

29.

á mholadh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfaí cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne, lena n-áirítear an bhainistíocht, laistigh den Ghníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt níos tapúla, é a sheachadadh roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

30.

á thabhairt dá haire, mar fhreagairt ar na srianta a bhain leis an bpaindéim, gur thionscain an Ghníomhaireacht earcaíocht ar líne, le tacaíocht ó chur chun feidhme ardán earcaíochta Systal, agus gur éirigh léi líon mór earcaíochtaí a thabhairt i gcrích in 2020 agus in 2021 agus gan ach ráta íseal folúntais ann i ndeireadh gach bliain den dá bhliain sin;

31.

á chur in iúl gur geal léi, in ainneoin phaindéim leanúnach COVID-19, gur lean obair na Gníomhaireachta de bheith éifeachtúil, solúbtha agus curtha i gcrích gan mhoill nár ghá in 2021; ag moladh don Ghníomhaireacht na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm,;chun a shainaithint ar bhealach níos fearr amach anseo cé na cruinnithe agus na cúraimí a d’fhéadfaí a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtúla trí iad a dhéanamh go cianda seachas go pearsanta;

32.

ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghníomhaireacht ar na bearta bonnlíne cibearshlándála a chur chun feidhme in 2021 in oirchill rialachán lena leagtar síos bearta maidir leis an gcibearshlándáil in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (‘Rialachán maidir leis an gCibearshlándáil’), chomh maith le cur chuige gan iontaoibh agus fíordheimhniú ilfhachtóra do gach seirbhís inmheánach, agus go ndearnadh pribhléidí riaracháin TF a athbhreithniú agus a theorannú don íosmhéid;

Barúlacha eile

33.

ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht tús le tionscadal ilbhliantúil, ilchomhpháirte in 2021 chun a láithreacht ar líne a chuíchóiriú sna blianta amach romhainn agus beartais níos láidre maidir le hinneachar gréasáin a fhorbairt ar fud ardáin uile na Gníomhaireachta agus loighic loingseoireachta fheabhsaithe a bhunú; ag tabhairt dá haire go mbeidh an suíomh gréasáin corparáideach nua i gcomhréir le treoirlínte inrochtaineachta WCAG 2.1;

34.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an pobal a chur ar an eolas go leordhóthanach faoi na rioscaí a bhaineann le neamhghníomhaíocht maidir leis an athrú aeráide a chomhrac agus oiriúnú dó, á chur in iúl gur díol sásaimh di gníomhaíochtaí cumarsáide na Gníomhaireachta sa chomhthéacs sin, cibé acu ábhar closamhairc, díospóireachtaí ar líne, an comórtas grianghrafadóireachta bliantúil nó gníomhaíochtaí cumarsáide áitiúla, agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht a cuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus, más féidir, dlús a chur leo sa tréimhse atá le teacht;

35.

ag tabhairt dá haire gurb í an Ghníomhaireacht a bhí ina cathaoirleach ar Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (EUAN) lena n-áirítear formhór a fholíonraí, i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais maidir leis an digiteáil, an athléimneacht agus an téarnamh glas, agus í ag obair, i measc nithe eile, chun an t-aistriú glas a chothú agus ag cur le glasú riarachán EUAN;

36.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá sineirgí a fhorbairt (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil), agus a comhar, a malartú dea-chleachtas agus a plé maidir le réimsí leasa fhrithpháirtigh le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

37.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (2) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 12.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/284


CINNEADH (AE) 2023/1876 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0084/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Gréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (4), agus go háirithe Airteagal 13 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0143/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 126, 21.5.2009, lch. 13.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/285


CINNEADH (AE) 2023/1877 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú (EFCA) ar Iascach don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus do na freagraí ó na gníomhaireachtaí freisin (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0085/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (4), agus go háirithe Airteagal 45 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0112/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 83, 25.3.2019, lch. 18.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/286


RÚN (AE) 2023/1878 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0112/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 21 621 000 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, arb ionann é sin agus méadú 22,99 % i gcomparáid le 2020 mar gheall ar ghníomhaíochtaí breise arna sannadh don Ghníomhaireacht faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair leis an Ríocht Aontaithe; de bhrí go dtagann buiséad iomlán na Gníomhaireachta ó bhuiséad an Aontais agus ioncam arna chur in áirithe;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), sa tuarascáil uaithi maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuair sí dearbhú réasúnach go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an ráiteas ón gCúirt go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2021, i gcomhréir le Rialachán Airgeadais an Aontais agus leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin;

2.

ag tabhairt dá haire go bhfuair an Ghníomhaireacht ranníocaíocht EUR 21 milliún faoi bhuiséad ginearálta an Aontais in 2021, arbh ionann í agus ardú 24,3 % i leith 2020; á chur i bhfios go bhfuil méid bhuiséad bliantúil na Gníomhaireachta agus a líon foirne araon ar an bhfigiúr is ísle i measc ghníomhaireachtaí an Aontais;

3.

á chur in iúl gur geal léi an fóirdheontas breise EUR 4 mhilliún ón gCoimisiún faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair leis an Ríocht Aontaithe trí bhuiséad leasaithe arna leithdháileadh ar an nGníomhaireacht d’fhonn déileáil leis an ualach oibre méadaithe atá uirthi mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus le haon iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag an gcaidreamh nua don chreat rialaithe iascaigh;

4.

á chur in iúl go raibh na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith na bliana airgeadais 2021 ina siocair le ráta cur chun feidhme buiséid 99,07 %, arbh ionann é agus méadú an-bheag 1,80 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire go raibh an ráta foghníomhaithe don bhliain reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta comhionann le 74,48 %, arb ionann é agus laghdú 6,70 % i gcomparáid le 2020;

Feidhmíocht

5.

á mheabhrú go rannchuidíonn an Ghníomhaireacht ar bhealach tábhachtach le cur chun feidhme chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), agus go háirithe maidir leis an rialú ar iascach; á chur i bhfáth go ndéanfar méadú ar ualach oibre tacaíochta na Gníomhaireachta leis an athbhreithniú ar an Rialachán lena rialaítear an rialú ar iascach; ag cur béim ar a neamhréirí atá sé féachaint le dul i ngleic le hoibleagáidí atá ag dul i méid gan acmhainní leordhóthanacha chun déanamh amhlaidh; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach mór do na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh ar fáil don Ghníomhaireacht a bheith leordhóthanach sna blianta amach romhainn;

6.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as eochairtháscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí a cuid gníomhaíochtaí, amhail na torthaí maidir le cigireachtaí agus treochtaí na sáruithe, maidir leis an bhforbairt a thagann ar leibhéil an chomhlíonta, maidir le hoiliúint a chuirtear ar fáil agus maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, i measc nithe eile; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an Ghníomhaireacht 98,6 % den Chlár Oibre Bliantúil chun feidhme, in ainneoin na ndúshlán atá fós ann de dheasca phaindéim COVID-19;

7.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht 53 567 gcigireacht (ar muir agus ar tír) a thuairisciú in 2021, a ndearnadh 4 928 sárú amhrasta a bhrath dá mbarr, arb ionann é agus méadú 39 % agus 109 % faoi seach ar fhigiúirí 2020; á chreidiúint go léirítear leis na figiúirí sin gur príomhuirlis fós iad cigireachtaí agus gníomhaíochtaí leantacha chun a áirithiú go n-urramaítear rialacha CBI; á chur i bhfios, áfach, go ndéantar na héagothromaíochtaí atá ann idir na limistéir a cheilt leis an ardú sin, le laghdú sa Mhuir Thuaidh (–67 %) agus sa Mhuir Dhubh (–1 %) agus le hardú in Uiscí an Iarthair (+ 24 %), sa Mheánmhuir (+ 82 %), sa Mhuir Bhailt (+ 14 %) agus i limistéar rialála NAFO-NEAFC freisin (+ 163 %); ag tabhairt dá haire gurb é an phríomhchúis atá leis an laghdú suntasach sin sa Mhuir Thuaidh ná an easpa cigireachtaí a bhí á ndéanamh ag an Ríocht Aontaithe roimhe seo, arbh ionann iad agus 70 % de na cigireachtaí in 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht faisnéis níos mionsonraithe a chur ar fáil maidir leis na cúiseanna atá leis na hathruithe sin; á chur i bhfios go bhfuil ról lárnach ag cigireachtaí agus gníomhaíochtaí leantacha eile ní hamháin i mbainistiú cuí na stoc éisc ach freisin i dtaca le cothrom iomaíochta a áirithiú d’iascairí an Aontais;

8.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh leasú ar an gclár oibre i ndáil leis an gcóras faireacháin, rialaithe agus faireachais faoi CBI, gur ann do na bearta a bhaineann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair leis an Ríocht Aontaithe agus go bhfuiltear ag dréim le tionscadail faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe;

9.

ag tabhairt chun suntais, i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), go bhfuil ról tábhachtach ag an ngníomhaireacht cur i bhfeidhm méadaithe agus comhchuibhithe chórais rialaithe an Aontais atá i bhfeidhm a spreagadh chun iascaireacht neamhdhleathach a chomhrac;

10.

á chur in iúl gur geal léi comhar leanúnach na Gníomhaireachta leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) chun tacú le húdaráis náisiúnta agus iad i mbun chúraimí an gharda cósta; á mheas gur sampla é an comhar de shineirge idir gníomhaireachtaí an Aontais ar cheart dó gníomhaireachtaí i réimsí eile a spreagadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí ina leith sin agus á mheas gur iomchuí freisin méadú a dhéanamh ar an gcomhar idir an Ghníomhaireacht agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil;

11.

ag tabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an nGníomhaireacht maidir le fothú acmhainneachta agus oiliúint a thairiscint do thríú tíortha agus go bhfuil ról ríthábhachtach ag an nGníomhaireacht ó thaobh cothrom iomaíochta leis na stáit chósta uile a bhaint amach;

Beartas foirne

12.

ag tabhairt dá haire go raibh 100 % de na poist sa phlean bunaíochta líonta an 31 Nollaig 2021, agus gur ceapadh 65 ghníomhaire shealadacha mar a údaraítear faoi bhuiséad an Aontais (61 phost údaraithe in 2020); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 11 ghníomhaire ar conradh agus sé shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2021;

13.

ag tabhairt dá haire gur deonaíodh buiséad breise don Ghníomhaireacht in CAI 2021–2027 (méadú EUR 12 mhilliún in 2022), lena n-áirítear 16 phost nua don phlean bunaíochta (ceithre cinn a deonaíodh cheana faoi bhuiséad 2021) agus sé bhall foirne sheachtracha (dhá cheann acu a deonaíodh cheana in 2021); ag tabhairt dá haire go gcuirfidh na hacmhainní breise an acmhainneacht oibríochtúil is gá ar fáil don Ghníomhaireacht chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar iascaigh mar a cheanglaítear le CBI, lena n-áirítear na bearta atá i gceist leis an gComhaontú Trádála agus Comhair leis an Ríocht Aontaithe;

14.

ag tabhairt dá haire gur ann do bheartas na Gníomhaireachta i leith cóir chomhionann na foirne a chur chun cinn agus don sprioc atá aici maidir le comhionannas inscne a bhaint amach ó thaobh líon agus ghráid na foirne de agus ó thaobh leibhéil freagrachta de; á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil an líon foirne ar mná iad atá fostaithe ag grád AD 8 nó níos airde ach ionann le 38 %, agus á aithint gurb ionann é agus méadú i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire nach mór níos mó a dhéanamh chun paireacht a bhaint amach ar an leibhéal bainistíochta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí a mhéid a bhaineann lena beartas um paireacht inscne d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na paireachta ar an leibhéal bainistíochta chomh maith;

15.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach AD a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a bheith acu ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

16.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil rialacha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht maidir leis an bhfrithchiapadh, lena n-áirítear comhairleoirí rúnda, agus go bhfuil faisnéis thiomnaithe ar fáil ar a hinlíon; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gcuireann an Ghníomhaireacht oiliúint éigeantach ar fáil don fhoireann maidir leis an bhfrithchiapadh agus an eitic agus an t-ionracas;

Soláthar

17.

ag tabhairt dá haire gur díríodh príomhiarrachtaí soláthair na Gníomhaireachta in 2021 ar nós imeachta oscailte a sheoladh i dtaca le trí shoitheach patróil amach ón gcósta (OPVanna) a chairtfhostú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur shínigh an Ghníomhaireacht conarthaí soláthair faoi chreatchonarthaí maidir le seirbhísí a bhaineann le patról iascaigh, feabhsú san ionad oibre, cúrsaí teanga agus suirbhéireacht mhuirí agus go raibh sí rannpháirteach i gcreatchonarthaí idirinstitiúideacha maidir le seirbhísí seachfhoinsithe agus faireachas aeir, i measc conarthaí eile; ag tabhairt dá haire go raibh an Ghníomhaireacht páirteach i naoi dtairiscint idirinstitiúideacha éagsúla in 2021 leis an gCoimisiún agus le gníomhaireachtaí eile;

18.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le tacaíocht leordhóthanach airgeadais chun IUU a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi go bhfuiltear ag neartú ar an OPV atá cairtfhostaithe ag an nGníomhaireacht chun rialuithe iascaigh agus cigireachtaí a dhéanamh in uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta agus chun tacú leis na húdaráis náisiúnta; ag tabhairt dá haire go ndearna an méadú ar phraghsanna breosla difear d’acmhainn oibríochtúil na Gníomhaireachta;

19.

á chur in iúl go bhfuil sí sásta gur thug an Ghníomhaireacht Uirlis Bainistíochta um Sholáthar Poiblí (PPMT) isteach in 2021 (d’fhonn tús a chur léi in 2022), ar comhpháirt í d’ardán ríomhsholáthair an Choimisiúin atá comhtháite i gcórais eile arna n-úsáid ag an nGníomhaireacht, amhail ríomhthairiscintí agus ríomhaighneachtaí;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

20.

ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí leanúnacha ar bun ag an nGníomhaireacht agus go raibh bearta ar bun aici cheana ar mhaithe le trédhearcacht, chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus chun sceithirí a chosaint; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Ghníomhaireacht dearbhú leasanna agus CVanna chomhaltaí a Boird Riaracháin agus na bainistíochta sinsearaí a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéanann an Ghníomhaireacht tábla na gcruinnithe uile a tionóladh idir a Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus a baill foirne le heagraíochtaí agus le daoine féinfhostaithe a bhíonn ag gabháil do dhéanamh agus cur chun feidhme beartas de chuid an Aontais a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin ionas go n-áiritheofar trédhearcacht iomlán agus lánmhuinín as gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta; á mheabhrú go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht an leathanach a thabhairt cothrom le dáta go rialta ionas go n-áiritheofar trédhearcacht iomlán agus lánmhuinín as gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta;

21.

á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, agus brústocaireacht neamhdhleathach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a sásraí rialaithe inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú; ag tabhairt dá haire, áfach, gur chuir an Ghníomhaireacht a straitéis frithchalaoise chun feidhme, straitéis a bhí bunaithe ar chleachtadh measúnaithe riosca, agus treoirlínte OLAF á gcur san áireamh aici.

Rialú inmheánach

22.

ag tabhairt dá haire gur chuir an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) sa Choimisiún, i gcomhréir leis an bPlean um Iniúchóireacht Inmheánach Straitéiseach 2021–2023, tús leis an iniúchadh ar an gcomhar idir an Ghníomhaireacht agus AS MARE maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (Forálacha idirnáisiúnta a chomhlíonadh); á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

23.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú ar a Córas Rialaithe Inmheánaigh agus gur tháinig sí ar an gconclúid, ar an iomlán, go bhfuil rialuithe oiriúnacha i bhfeidhm agus ag obair mar a bhí beartaithe, go bhfuil faireachán agus maolú iomchuí á ndéanamh ar rioscaí, agus nár tuairiscíodh aon laigí suntasacha rialaithe in 2021;

An t-aistriú digiteach agus glas

24.

ag tabhairt dá haire go leanann an Ghníomhaireacht de thacaíocht a thabhairt d’uirlisí leictreonacha i réimse na n-acmhainní daonna, an tsoláthair agus an fhaireacháin ar an mbuiséad, amhail modúil bhreise Sysper, córas airgeadais lárnach feabhsaithe nua atá beartaithe do 2024/2025, uirlisí comhtháite ríomhsholáthair agus bainistithe conarthaí, agus úsáid an ríomhshínithe cháilithe (Comhartha AE), i measc nithe eile; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go leanann an Ghníomhaireacht straitéis ‘Cloud-first’ le hilnéal hibrideach slán mar chuid dá straitéis maidir le claochlú digiteach, agus go leanann sí d’fheabhas a chur ar an ionad oibre digiteach ag an am céanna;

25.

á mholadh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfar cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne, lena n-áirítear bainistíocht, laistigh den Ghníomhaireacht;

26.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Ghníomhaireacht ag obair i dtreo deimhniú na Scéime um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) a fháil, agus go bhfuil gníomhaíochtaí déanta ag an nGníomhaireacht chun a tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, mar shampla critéar amháin ar a laghad a chur san áireamh i nósanna imeachta soláthair, díriú ar iompar éifeachtúil comhshaoil na dtairgeoirí féideartha, an t-ídiú leictreachais a laghdú trí shoilsiú LED, agus cúrsaíocht leictreonach agus síniú digiteach a chur i bhfeidhm chun an méid páipéir agus tonóirí a úsáidtear a laghdú;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

27.

ag tabhairt dá haire gur chinn Foireann Bainistíochta Leanúnachais Gnó na Gníomhaireachta go raibh an Ghníomhaireacht an-ullamh chun leanúint dá hoibríochtaí go hiontaofa tríd an teilea-obair agus nár mhol sí don Stiúrthóir Feidhmiúcháin Plean Leanúnachais Gnó na Gníomhaireachta a ghníomhachtú tráth ar bith le linn 2021; ag tabhairt dá haire gur mhol sí, áfach, roinnt oiriúnuithe ar Phleananna Gníomhaíochta Téarnaimh aonair na n-aonad agus ar shocruithe sonracha le haghaidh réitigh chúltaca, a cuireadh chun feidhme ina dhiaidh sin; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm, chun cruinnithe agus cúraimí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla a eagrú ar bhealach níos éifeachtaí ná iad féin a dhéanamh go pearsanta amach anseo;

28.

ag tabhairt dá haire, le linn 2020 agus 2021, agus mar gheall ar phaindéim COVID-19, gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar an bpleanáil oibríochtúil mar gheall ar dhúnadh calafort áirithe, agus gur ghá a bheith ar fuireachas ar laethanta áirithe mar bheart coisctheach, chomh maith le síneadh a chur leis an tréimhse fanachta ar muir; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur choinnigh na OPVanna gníomhaíochtaí ar bun le linn thréimhse iomlán na géarchéime chun rialú agus cigireachtaí iascaigh a dhéanamh agus chun tacú le feidhmeanna eile an gharda cósta;

29.

á chur i bhfios go láidir, chun tionchar phaindéim COVID-19 ar rialú iascaigh, ar chigireachtaí agus ar fhorfheidhmiú na mBallstát a mhaolú, agus mar a rinne sí cheana in 2020, gur dhírigh an Ghníomhaireacht níos mó ar ionstraimí eile atá ar fáil amhail faireachán agus anailís ar shonraí, bunaithe ar mhodheolaíocht na Gníomhaireachta le haghaidh táscairí comhlíonta, agus gur úsáid sí uirlisí atá ar fáil amhail faisnéis bhreise ó eitiltí faireachais i gcomhar le Frontex, úsáid ladrann mar chuid den chomhar le EMSA, agus anailís ar íomhánna satailíte ó Copernicus;

Barúlacha eile

30.

ag tabhairt dá haire gur ann do ghníomhaíochtaí cumarsáide na Gníomhaireachta i ndáil leis an bpobal i gcoitinne, i gcomhar le AS MARE; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go ndearnadh físeáin maidir le coincheap na bpleananna comh-imlonnaithe agus maidir leis an gcianfhaireachán leictreonach i rialú iascaigh an Aontais in 2021; á chur in iúl go bhfuil sí sásta, thairis sin, go rannchuidíonn an Ghníomhaireacht le cultúr comhlíontachta a fhorbairt le CBI trína cuid cumarsáide le geallsealbhóirí neamhrialtasacha;

31.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (3) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 128.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/291


CINNEADH (AE) 2023/1879 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus do na freagraí ó na gníomhaireachtaí freisin (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0085/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (4), agus go háirithe Airteagal 45 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0112/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 83, 25.3.2019, lch. 18.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/292


CINNEADH (AE) 2023/1880 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0086/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (4), agus go háirithe Airteagal 44 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0131/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/294


RÚN (AE) 2023/1881 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0131/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gurbh ionann buiséad deiridh an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (an ‘tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 129 179 801,95, arb ionann é agus méadú 25,39 % i gcomparáid le 2020 mar gheall go príomha ar na hacmhainní breise a tugadh i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a eascraíonn buiséad an Údaráis go príomha;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais an Údaráis beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021 ná go ndearnadh ráta leithreasaithe gealltanas 99,99 % a chur chun feidhme ar an mbuiséad don bhliain reatha, arb ionann é agus méadú beag 0,01 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 88,85 % ráta forghníomhaithe na bliana reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta, arb ionann é agus laghdú 0,44 % i gcomparáid le 2020;

Feidhmíocht

2.

ag tabhairt dá haire gur tugadh plean oibre an Údaráis do 2021 i gcrích faoi Straitéis 2020, ar chinn an Bord Bainistíochta bliain bhreise a chur leis mar gheall ar phaindéim SARS-CoV-2;

3.

ag cur sonrú i gcur chun feidhme chlár oibre an Údaráis agus sa leibhéal maith feidhmíochta a baineadh amach ó thaobh eochairtháscairí feidhmíochta agus spriocanna insoláthartha an Údaráis; ag tabhairt dá haire gur athbhreithnigh an tÚdarás a chreat feidhmíochta agus a eochairtháscairí feidhmíochta in 2021 chun é a ailíniú le Straitéis 2027 an Údaráis, a glacadh in 2021, agus gur chuir sé athruithe chun feidhme i ndáil le teacht i bhfeidhm Rialachán(AE) 2019/1381; ag cur sonrú, thairis sin, i bhfreagracht mhéadaithe an Údaráis i leith shaoránaigh an Aontais tar éis don leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) teacht i bhfeidhm freisin; ag tabhairt dá haire thairis sin gur ghlac an t-údarás a Dhoiciméad Clársceidealaithe, 2022–2024;

4.

ag tabhairt dá haire gurbh é a bhí mar thoradh ar thosaíocht a bhaint de roinnt de na gníomhaíochtaí a bhí beartaithe ar dtús chun go mbeadh an tÚdarás réidh do na hathruithe a bhaineann le Rialachán (AE) 2019/1381 ná gur cruthaíodh riaráiste a tugadh anonn go 2021, rud ba chúis le moilleanna ar ghiniúint na ngnóthachan éifeachtúlachta; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

5.

á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne an tÚdarás chun a chomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a neartú, ag díriú go háirithe ar dhá ghné, na deontais agus na riachtanais soláthair a chomhroinnt chun gur féidir nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh a shainaithint agus teicneolaíochtaí agus acmhainní a chomhroinnt chun réitigh choiteanna TF a oiriúnú; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go bhfuil gníomhaíochtaí comhordúcháin déanta ag an Údarás leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, agus leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach;

6.

á thabhairt chun suntais gur chuir an tÚdarás 704 cheist i gcrích in 2021 trí thuairimí eolaíocha, trí thuarascálacha teicniúla agus trí fhoilseacháin tacaíochta, is é sin 81 níos lú ná na 785 cheist a bhí beartaithe;

Beartas foirne

7.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2021, a bhí an plean bunaíochta curtha chun feidhme 98,16 %, agus ceapacháin déanta i gcás 5 oifigeach agus 368 ngníomhaire shealadacha as 380 post arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 354 phost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 140 gníomhaire ar conradh agus 12 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Údarás in 2021; ag tabhairt dá haire thairis sin gur tugadh 33 phost foirne nua don Údarás chun Rialachán (AE) 2019/1381 a chur chun feidhme;

8.

á chur in iúl gur geal léi an chothromaíocht inscne i leith bhaill ardbhainistíochta an Údaráis, ar mná iad triúr as cúigear díobh (60 %); ag cur sonrú sa chothromaíocht inscne laistigh de bhord bainistíochta an Údaráis, agus 12 as 15 (80 %) díobh ina bhfir; ag tabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann an Údaráis i gcoitinne, gur mná iad 285 as 467 (61,03 %);

9.

á chur in iúl gur geal léi Straitéis nua an Údaráis maidir le Brandáil Fostóirí, ina bhfuil cur síos soiléir ar na tairiscintí luacha a bhaineann léi, amhail dálaí oibre solúbtha agus tacaíocht athlonnaithe i measc nithe eile, chun scaipeadh spriocdhírithe na bhfolúntas chuig tíortha faoi ghannionadaíocht a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an Údarás suíomh gréasáin nua gairme a chruthú; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás ag méadú a infheictheachta le tacaíocht ón Roinn Cumarsáide agus Comhpháirtíochta, ó Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais, agus ó ghníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile comhpháirtíochta; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

10.

ag tabhairt dá haire go mbaineann teorainneacha áirithe le cur chun feidhme na rialacha a mhol an Coimisiún Eorpach le déanaí maidir le teilea-obair, agus a chuireann an tÚdarás i bhfeidhm de réir analaí, go háirithe maidir le teilea-obair ar bhonn páirteach lasmuigh de thír na fostaíochta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh tionchar a bheith ag na rialacha teoranta reatha maidir leis an teilea-obair thar lear ar tharraingteacht an Údaráis agus iarrthóirí á n-earcú ó na Ballstáit éagsúla ar mian leo teacht isteach san Údarás; á iarraidh go mbeadh breis solúbthachta ann maidir le cur chun feidhme na rialacha sin, rud a chuideodh le tarraingteacht an Údaráis a mhéadú agus rud a d’fhágfadh go mbeadh cothromaíocht náisiúntachta níos fearr aige i measc na foirne.

11.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an Údarás maidir le dínit an duine a chosaint agus maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, lena n-áirítear comhairleoirí rúnda a bheith ar fáil do gach ball foirne;

12.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, maidir le treoraíocht ar feadh an tsaoil agus maidir le deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint don fhorbairt gairme, maidir le cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, maidir le teilea-obair, maidir leis an gceart chun dícheangail, maidir le cothromaíocht gheografach a fheabhsú ionas go mbeidh ionadaíocht iomchuí ann ó na Ballstáit uile, agus maidir le hearcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas agus maidir lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

13.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás bainistiú ar 116 nós imeachta soláthair in 2021 agus go ndearna a Choiste um Sholáthar Poiblí (PPC) athbhreithniú ar 16 chomhad agus é mar chuspóir leis dlíthiúlacht agus rialtacht na mórnósanna imeachta soláthair a fhíorú sula síneofar an conradh atá beartaithe; ag tabhairt dá haire, i gcás na 16 chomhad go léir, go raibh PPC in ann, ina cháil chomhairleach, a fhíorú le cinnteacht réasúnach go bhfuil na nósanna imeachta soláthair agus na conarthaí a eascraíonn astu rialta agus dlíthiúil;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

14.

ag aithint go bhfuil bearta reatha ag an Údarás agus iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh aige chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa a áirithiú, agus chun cosaint sceithirí a áirithiú; á chur in iúl gur oth léi gurb amhlaidh, go fóill féin, nach ndéanann an tÚdarás CVanna chomhaltaí a Bhoird Bainistíochta a fhoilsiú ar líne; ag tathant ar an Údarás bearta a ghlacadh ina leith sin;

15.

ag tabhairt dá haire gur shainaithin an tÚdarás, in 2021, naoi gcoinbhleacht leasa ar leibhéal na ndearbhuithe bliantúla leasa a bhain le saineolaithe seachtracha, agus gur bhainistigh sé na coinbhleachtaí leasa sin; ag tabhairt dá haire gur chinn an tÚdarás gan iarrthóir amháin a réamhroghnaíodh a earcú tar éis meastóireacht a dhéanamh ar an dearbhú leasanna; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an tÚdarás trí choinbhleacht leasa a shainaithint agus a chosc ar leibhéal an tsoláthair agus ar leibhéal na nósanna imeachta maidir le deontais a dhámhachtain; á iarraidh ar an Údarás leanúint dá iarrachtaí maidir le coinbhleachtaí leasa, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa féideartha, a shainaithint agus a bhainistiú, agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas;

16.

á iarraidh ar an a áirithiú go ndearna gach comhalta bainistíochta agus comhairleach, a gcomhaltaí malartacha agus saineolaithe eile na dearbhuithe leasa bliantúla a thíolacadh go díograiseach; á iarraidh ar an Údarás ardleibhéal comhlíontachta a áirithiú le rialacha coinbhleachta leasa agus le rialacha trédhearcachta le linn a ghníomhaíochtaí uile;

17.

ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an Údarás, le haghaidh 2022, cur chuige nua iarfhostaíochta a ghlacadh lena n-áirítear na critéir agus an nós imeachta chun deireadh a chur leis an rochtain atá ag baill foirne atá ag fágáil na seirbhíse ar fhaisnéis rúnda; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú;

18.

á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleacht leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; ag iarraidh ar an Údarás a shásraí rialaithe inmheánaigh a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

19.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás measúnú ar a chórais rialaithe inmheánaigh don bhliain tuairiscithe agus gur thángthas ar an gconclúid go raibh comhpháirteanna agus prionsabail uile an rialaithe inmheánaigh ann tríd is tríd agus iad ag feidhmiú de réir mar a beartaíodh; á chur in iúl gur geal léi gur shainaithin an tÚdarás roinnt beart mar sin féin chun bainistiú faisnéise íogaire a neartú tuilleadh, agus chun sásraí rialaithe inmheánaigh a áirithiú atá oiriúnach don fheidhm maidir leis na cistí méadaithe mar thoradh ar Rialachán (AE) 2019/1381;

20.

ag tabhairt dá haire, tar éis iniúchadh na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) maidir le measúnú agus glacadh aschur eolaíoch i réimse na gcomhábhar bia agus an phacáistithe in 2020, gur cuireadh an bharúil chun feidhme agus go measann an tÚdarás í a bheith tugtha chun críche;

21.

ag tabhairt dá haire gur eisigh IAS tuarascáil deiridh in 2021 maidir leis na próisis soláthair agus dámhachtana deontas san Údarás lena gcumhdaítear na blianta 2019-2020; ag tabhairt dá haire gur tháinig IAS ar an gconclúid go bhfuil an creat rialachais, bainistíochta riosca agus rialaithe inmheánaigh arna bhunú ag an Údarás dá phróisis soláthair agus dámhachtana deontas deartha go leormhaith, éifeachtúil agus éifeachtach, agus dá bhrí sin go dtugtar cinnteacht réasúnta leis go mbainfear amach na príomhchuspóirí rialaithe inmheánaigh; ag tabhairt dá haire gur eisigh IAS trí mholadh thábhachtacha; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

22.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé na córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí an Údaráis a áirithiú; á áitiú go láidir gur gá córais éifeachtacha bhainistíochta agus rialaithe a bheith ann chun go seachnófar cásanna féideartha coinbhleachta leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

23.

ag tabhairt dá haire gur tugadh chun críche na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh de réir bharúlacha na Cúirte ó 2020; á mheabhrú nach mór na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh de réir bharúlacha na Cúirte ó 2017 a thabhairt chun críche, go háirithe chun neamhspleáchas an oifigigh cuntasaíochta a neartú tríd an oifigeach sin a dhéanamh freagrach go díreach do Stiúrthóir an Údaráis;

Digiteáil agus an t-aistriú glas

24.

ag cur sonrú sna forbairtí sna réimsí a bhaineann le soláthar seirbhísí idirbheartaíochta, le comhoibriú digiteach agus le treochlár teicneolaíochta an Údaráis; ag cur sonrú i sprioc an Údaráis timpeallacht oibre níos nua-aimseartha agus níos solúbtha a chruthú trí infheistíochtaí TF a dhéanamh, a rinneadh sa treochlár teicneolaíochta roimhe seo agus a chabhraigh le mórshuaití ar obair an Údaráis a chosc le linn phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi tionscadal an chomhoibrithe dhigitigh a leagadh amach maidir le feabhas a chur ar mhalartú eolais agus saineolais laistigh de líonraí foirne, saineolaithe agus páirtithe leasmhara an Údaráis; ag tabhairt dá haire gur sháraigh tionscadal an chomhoibrithe dhigitigh an sprioc 170 grúpa gníomhach comhoibrithe shóisialta a bheith ann in 2021, tar éis 204 ghrúpa ghníomhacha a bheith ann;

25.

ag cur sonrú i gcur chun feidhme na huirlise TF dá ngairtear ‘réiteach iomlán DoI TF’ lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le neamhspleáchas a chur chun feidhme, lena n-áirítear scagadh a dhéanamh ar dhearbhuithe leasanna atá faoi réir rialacha neamhspleáchais an Údaráis; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh saincheisteanna teicniúla sa réiteach nua TF a raibh tionchar diúltach acu ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairtí i ndáil leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

26.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, mar sin féin, ar a riachtanaí atá sé na bearta slándála riachtanacha uile a dhéanamh chun nach ann d’aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear;

27.

ag spreagadh na Gníomhaireachta chun oibriú i ndlúthchomhar le (ENISA) Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil agus le CERT-EU (an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfar cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne, lena n-áirítear an lucht bainistíochta, laistigh den Ghníomhaireacht;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID 19

28.

ag tabhairt dá haire gur lean an tÚdarás dá ghníomhaíochtaí in 2021 agus go raibh sé in ann a chlár oibre a chur i gcrích in ainneoin thionchar phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás a mhisin foirne a chur ar fionraí, chomh maith le cruinnithe agus imeachtaí fisiciúla agus gur thug sé tús áite don fhíorúlú, rud a laghdaigh an buiséad i speansais sna línte buiséid gaolmhara i gcomparáid leis an mbliain airgeadais 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh filleadh na foirne ar an oifig a chur siar agus gur cuireadh an teilea-obair chun cinn; ag spreagadh an Údaráis chun úsáid a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le taisteal foirne, chun eagar níos fearr a chur ar chruinnithe agus ar chúraimí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla go cianda ná i bpearsa amach anseo;

29.

ag tabhairt dá haire gur chuir an tÚdarás modúl ionduchtaithe leictreonach sa siúl in 2021 in Uirlis Earcaíochta Taleo, a bhainistíonn agus a thacaíonn le hionduchtú comhaltaí foirne agus oiliúnaithe trí réiteach uathoibrithe a cuireadh in oiriúint tuilleadh do staid na paindéime;

Barúlacha eile

30.

ag cur sonrú in iarrachtaí an Údaráis feasacht ar shábháilteacht bia a mhéadú i measc an phobail i gcoitinne trína chéad fheachtas cumarsáide digití uile-AE a sheoladh in 2021, arb é is aidhm dó míniú a thabhairt ar an eolaíocht atá taobh thiar de shábháilteacht bia san Aontas ar bhealach inrochtana agus cabhrú le cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le roghanna bia; ag tabhairt dá haire gur cuireadh an feachtas i gcrích i gcomhpháirtíocht le húdaráis inniúla na mBallstát agus go raibh sé dírithe go díreach ar lucht féachana neamhspeisialaithe; ag cur sonrú, agus é ina dhíol sásaimh di, sna torthaí dearfacha a tháinig as suirbhé meastóireachta iarfheachtais;

31.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag údarú tapa breiseán beatha inbhuanaithe agus roghanna malartacha inbhuanaithe ar lotnaidicídí maidir le huaillmhianta na straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ a bhaint amach; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ó thaobh foirne agus a gcuid saineolais faoi seach bunriachtanach chun moilleanna ar nósanna imeachta iarratais agus ar nósanna imeachta measúnaithe a chosc chun breiseáin bheatha inbhuanaithe agus roghanna malartacha inbhuanaithe ar lotnaidicídí a fhormheas;

32.

á mheabhrú gur ghlac an Pharlaimint sé agóid in 2021 maidir le hallmhairiú barr géinmhodhnaithe do bhia agus do bheatha; á thabhairt chun suntais go bhfuil bearnaí sa mheasúnú riosca arna dhéanamh ag Painéal an Údaráis maidir le hOrgánaigh Ghéinmhodhnaithe mar chúis amháin leis na hagóidí sin; ag tathant ar an Údarás aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin agus iad a dhúnadh mar ábhar práinne;

33.

ag tarraingt aird ar easnaimh leanúnacha i réimse leas na n-ainmhithe, go háirithe ó thaobh iompar ainmhithe beo ach gan bheith teoranta dó sin; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur cuireadh tús leis an obair ar shraith mhór sainorduithe maidir le leas ainmhithe a bhaineann, go háirithe, le hiompar ainmhithe, a bheidh mar bhunús leis an reachtaíocht nua atá á dréachtú sa réimse sin;

34.

á iarraidh ar an Údarás leanúint dá cuid sineirgí a fhorbairt (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí agus slándáil TF), agus a comhar, a malartú dea-chleachtas agus a pléití maidir le réimsí comhleasa le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

35.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 69.

(2)  Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 1829/2003, (CE) Uimh. 1831/2003, (CE) Uimh. 2065/2003, (CE) Uimh. 1935/2004, (CE) Uimh. 1331/2008, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) 2015/2283 agus Treoir 2001/18/CE (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/299


CINNEADH (AE) 2023/1882 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0086/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (4), agus go háirithe Airteagal 44 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0131/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/300


CINNEADH (AE) 2023/1883 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Institiúid i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0087/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1922/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le hInstitiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne a bhunú (4), agus go háirithe Airteagal 15 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0121/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 403, 30.12.2006, lch. 9.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/301


RÚN (AE) 2023/1884 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) don bhliain airgeadais 2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0121/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 8 692 878 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (‘an Institiúid’) don bhliain airgeadais 2021, a léiríonn méadú 12,17 % i gcomparáid le 2020,

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na hInstitiúide beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

C.

de bhrí gur bunluach de chuid an Aontais é an comhionannas inscne a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; de bhrí go luaitear in Airteagal 8 CFAE go mbeidh sé d’aidhm ag an Aontas ina chuid gníomhaíochtaí uile, neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh, lena mbunófar prionsabal an phríomhshruthaithe inscne;

D.

de bhrí go raibh tionchar ar leith ag iarmhairtí phaindéim COVID, ag an gcogadh san Úcráin, agus ag frithfhreagairtí i gcoinne an chomhionannais inscne agus chearta na mban, go háirithe sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR) i roinnt Ballstát, ar an gcomhionannas inscne san Aontas; de bhrí go bhfuil baol ann go ndéanfar difear díréireach do mhná a mhéid a bhaineann leis an ardú ar phraghsanna fuinnimh agus ar chostais mhaireachtála i gcoitinne; de bhrí, mar gheall air sin, go bhféadfaí neamhionannais a dhéanamh níos measa agus bac a chur ar an gcomhionannas inscne; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh taighde ar thionchar na bochtaineachta fuinnimh san Aontas ar chúrsaí inscne; de bhrí go seasann an tInnéacs Comhionannais Inscne in 2022 ag 68,6 ar fud an Aontais, nach bhfuil ann ach méadú 0,6 pointe i gcomparáid le 2021, ag léiriú ar an gcaoi sin gur ar ráta mall atá an tAontas ag druidim i dtreo comhionannas inscne;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021 ráta cur chun feidhme buiséid 98,92 % i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha, a léiríonn méadú 1,18 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gur ráta forfheidhmithe 71,39 % a bhí ann i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú 3,44 % i gcomparáid le 2020;

2.

ag tabhairt dá haire gur toradh é méid bhuiséad críochnaitheach na hInstitiúide ar an gcéad leasú buiséadach de EUR 971 698 a léiríonn méadú 12 % ar an mbuiséad i gcomparáid leis an mbuiséad tosaigh a leithdháileadh i gcomhair 2021, agus ar an dara leasú buiséadach de EUR 375 000 a léiríonn laghdú 4,14 %, arna ghlacadh ag Bord bainistíochta na hInstitiúide de bharr an choigiltis a bhain le COVID-19 a sainaithníodh ag deireadh na bliana;

3.

á aithint gur tháinig méadú go 54,79 % ar chaiteachas oibriúcháin na hInstitiúide a tugadh anonn in 2022 (49,49 % in 2021);

Feidhmíocht

4.

á mheabhrú gur bunaíodh an Insstitiúid chun rannchuidiú leis an gcomhionannas inscne san Aontas a chur chun cinn agus a neartú; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag an Institiúid maidir leis an gcomhionannas inscne a chur chun cinn san Aontas, amhail taighde agus sonraí a sholáthar, cúram ríthábhachtach a rinne sí go héifeachtach; á chur i bhfios go láidir ar an ábhar sin nach mór acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha agus cobhsaí a sholáthar don Institiúid chun a cúraimí a chomhlíonadh; á mheabhrú gurb é cúram na hInstitiúide faisnéis a bhaineann le comhionannas inscne a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh agus uirlisí modheolaíocha a fhorbairt, a anailísiú, a mheas agus a scaipeadh chun tacaíocht a thabhairt do lánpháirtiú an chomhionannais inscne sna beartais Aontais uile agus sna beartais náisiúnta a eascraíonn astu; ag moladh go láidir comhoibriú a dhéanamh idir an Institiúid agus gníomhaireachtaí eile Aontais;

5.

ag tabhairt dá haire go mbaineann an Institiúid leas as eochairtháscairí feidhmíochta áirithe i ndáil le cuspóirí oibríochtúla chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a chuirtear ar fáil lena cuid gníomhaíochtaí; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur éirigh leis an Institiúid 96,62 % dá clár oibre a chur i gcrích in 2021, agus ar an gcaoi sin gur bhain sí amach na spriocanna a leagadh amach sa doiciméad clársceidealaithe aonair do 2021-2023;

6.

ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Institiúid in 2021 tuarascáil ina raibh anailís ar iarmhairtí phaindéim COVID-19 d’íospartaigh an fhoréigin baile, agus go ndearna sí a céad suirbhé leathan inar bailíodh fianaise i dtaobh iarmhairtí phaindéim COVID-19 don chúram neamhhfhoirmiúil agus don chothromaíocht oibre is saoil, don dea-bhail, agus do dhálaí fostaíochta agus oibre; ag tabhairt dá haire freisin, tri fhorbairt a dhéanamh ar an uirlis lena rianófar leithdáiltí acmhainní don chomhionannas inscne, gur chuir an Institiúid bailchríoch ar fhoireann uirlisí céim ar chéim don bhuiséadú inscne d’fhonn cuidiú leis na húdaráis bhainistíochta cúrsaí inscne a phríomhshruthú faoi bhainistíocht chomhpháirteach; ag tabhairt dá haire thairis sin gur ullmhaigh an Institiúid foireann uirlisí le haghaidh soláthar poiblí inscne-fhreagrúil i gcás cistí Aontais agus buiséid náisiúnta, mar chomhlánú ar chreat an Choimisiún maidir le soláthar poiblí atá freagrach go sóisialta;

7.

ag tabhairt dá haire gur neartaigh an Institiúid ar an gcomhar a rinne sí le gníomhaireachtaí Aontais ar feadh na bliana, go háirithe le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) agus leis an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound); ag tabhairt dá haire go raibh an Institiúid rannpháirteach sa líonra gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile i gcomhthéacs na freagartha ar ghéarchéim COVID-19 agus i gcomhthéacs dhlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin; ag tabhairt dá haire freisin go raibh an Institiúid rannpháirteach i Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais maidir le Comhairle Eolaíoch (EU-ANSA), go háirithe leis an mbraisle sonraí maidir le suirbhéanna cainníochtúla agus leis an mbraisle shocheacnamaíoch; á iarraidh ar an Institiúid leanúint dá sineirgí (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil) agus dá comhar le gníomhaireachtaí eile Aontais a fhorbairt, agus dea-chleachtais a mhalartú leo, d’fhonn an éifeachtúlacht a fheabhsú;

8.

á chur in iúl gur geal léi an comhar leanúnach idir an Institiúid agus an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne; á chur i bhfáth gur féidir leis an Institiúid rannchuidiú go mór le coistí uile na Parlaiminte, chun gur fearr a dhéanfar gné na hinscne a lánpháirtiú i mbeartais uile an Aontais; á aithint go bhfuil speisialtóireacht agus léargas ag an Institiúid, go háirithe maidir le sonraí a sholáthar agus beartais na mBallstát a mheasúnú;

Beartas foirne

9.

ag tabhairt dá haire, amhail an 31 Nollaig 2021, go raibh 96 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus gur ceapadh 26 ghníomhaire shealadacha as 27 ngníomhaire shealadacha, arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post le 2020); ag tabhairt dá haire gur seoladh 12 iarraidh ar iarratais, lena n-áirítear 4 iarraidh le haghaidh poist mar ghníomhaire ar conradh, 5 iarraidh le haghaidh poist mar ghníomhairí sealadacha, iarraidh amháin le haghaidh saineolaí náisiúnta ar iasacht agus 2 iarraidh le haghaidh oiliúnaithe; á thabhairt chun suntais go raibh ráta láimhdeachais 11 % ann le linn 2021; ag tabhairt dá haire go ndearnadh cleachtadh scagtha foirne, inar leithdháileadh 77,6 % d’fhoireann na hInstitiúide ar chúraimí oibríochtúla, 14,5 % ar thacaíocht riaracháin agus 7,9 % ar oibríochtaí neodracha; ag tabhairt dá haire gur glacadh rialacha nua maidir le foireann meánbhainistíochta an 27 Bealtaine 2021;

10.

ag tabhairt dá haire gur mar seo don dáileadh inscne san ardbhainistíocht (beirt fhear (50 %) agus beirt bhan (50 %)), agus go raibh dáileadh neamhchothrom inscne sa bhord bainistíochta (seisear fear (19 %) agus 26 bhean (81 %)) agus gur san fhoireann i gcoitinne (12 fear (29 %) agus 30 bean (71 %)); á athdhearbhú go bhfuil sí ag iarraidh ar an Institiúid cothromaíocht inscne a áirithiú amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chur san áireamh a thábhachtaí ata sé cothromaíocht inscne a áirithiú le linn dóibh a gcomhaltaí a ainmniú ar bhord bainistíochta na hInstitiúide;

11.

ag tabhairt dá haire go bhfuair an Institiúid 513 iarratas in 2021 cé is moite d’iarratais ar thréimhsí oiliúna agus ar phoist do shaineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus gur ó mhná do 68 % díobh agus gur ó fhir do 32 % díobh; á chur in iúl gur geal léi gur baineadh cothromaíocht inscne amach san fhoireann ardbhainistíochta ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di an éagothroime san fhoireann i gcoitinne; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach na hInstitiúide ó 2021 i leith i Meitheal EUAN (Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais) um Éagsúlacht agus um Chuimsiú agus gur geal léi na gníomhaíochtaí éagsúla a rinneadh chun éagsúlacht agus cuimsiú laistigh den Institiúid a fheabhsú;

12.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Institiúid socruithe in 2021 chun conradh bliana a shíniú leis an gcuideachta UAB Manpower Lit chun pearsanra eatramhach a sholáthar; á mheabhrú gur deimhníodh i mbreithiúnas an 11 Samhain 2021 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (cás C-948/19) infheidhmeacht Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i gcás gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais, agus gur deimhníodh prionsabal na córa comhionainne i gcás oibrithe eatramhacha agus baill foirne reachtúla, agus gur sheas Cúirt Uachtarach na Liotuáine leis an mbreithiúnas sin; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin gur dhiúltaigh an chuideachta ar conradh, UAB Manpower Lit, síneadh a chur leis an gconradh chun lucht saothair eatramhach a sholáthar, amhail ó 2022;

13.

á mholadh go ndéanfar breis foirne agus cistiú leordhóthanach a leithdháileadh ar an Institiúid, agus measúnú na hInstitiúide féin ar a riachtanais á chur san áireamh, chun déileáil le méadú mór ar iarrataí ar chúnamh teicniúil maidir le príomhshruthú inscne, amhail chun díriú go práinneach ar an tionchar, atá ag dul in olcas, atá ag géarchéimeanna éagsúla agus comhleanúnacha sóisialta, eacnamaíocha agus aeráide ar mhná agus ar an gcomhionannas inscne, agus chun díriú ar fhrithfhreagairtí i gcoinne an chomhionannais inscne agus chearta na mban i roinnt Ballstát agus ar fud an domhain;

14.

á chur in iúl gur geal léi beartas cuimsitheach na hInstitiúide i leith dea-bhail, a bhfuil líon beart i bhfeidhm ann chun tacaíocht a thabhairt don chothromaíocht oibre is saoil, don teilea-oibriú agus do stíl shláintiúil mhaireachtála dá cuid ball foirne; ag tabhairt dá haire, maidir le tacaíocht shíceolaíoch, gur tugadh i gcrích in 2021 imscrúdú neamhspleách amháin a bhain le héileamh go ndearnadh ciapadh síceolaíoch, agus mar thoradh air gur dífhostaíodh an ball foirne a imscrúdaíodh; á chur in iúl go molann sí plean cuimsitheach oiliúna na hInstitiúide dá foireann; ag spreagadh na hInstitiúide chun beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint le haghaidh forbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-oibriú, an ceart chun dícheangal, an chothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a chinntiú ó na Ballstáit uile, agus daoine faoi mhíchumas a earcú agus a lánpháirtiú agus a áirithiú go gcaithfear go cothrom leo agus go ndéanfar a ndeiseanna a chur chun cinn go forleathan;

Soláthar

15.

ag tabhairt dá haire gur cuireadh 47 nós imeachta soláthair riaracháin agus 62 nós imeachta soláthair oibríochtúil i gcrích in 2021; ag tabhairt dá haire go ndearna an Institiúid na treoirlínte soláthair don fhoireann a nuashonrú, lena n-áirítear seicliostaí, amlínte inmheánacha agus céimeanna nós imeachta, chun cáilíocht na ndoiciméad a tháirgtear faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí soláthair a fheabhsú;

16.

ag tabhairt dá haire, agus is ábhar imní di an bharúil ón gCúirt go ndearna an Institiúid íocaíochtaí neamhrialta in 2021 (arbh ionann iad agus EUR 12 200) chun seirbhísí aistriúcháin a cheannach nach raibh faoi raon feidhme an ghlao ghaolmhair ar léiriú spéise;

17.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé maidir leis na nósanna imeachta soláthair uile, go ndéanfar iomaíocht chothrom idir tairgeoirí a áirithiú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; á iarraidh go ndéanfar na huirlisí TF ríomhsholáthair arna bhforbairt ag an gCoimisiún Eorpach a chur chun feidhme; á iarraidh go ndéanfar soiléiriú nuashonraithe ar na nósanna imeachta agus ar na teimpléid sna treoirlínte soláthair; ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di an bharúil ón gCúirt go bhfuil na laigí sa soláthar poiblí ag dul i méid agus gurb iad an fhoinse íocaíochtaí neamhrialta is mó iad i bhformhór na ngníomhaireachtaí i gcónaí;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

18.

ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta idir lámha ag an Institiúid faoi láthair agus go bhfuil iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh aici chun trédhearcacht a áirithiú, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus sceithirí a chosaint; ag tabhairt dá haire go bhfuil bailchríoch á cur ag an Institiúid ar a beartas coinbhleachta leasa; ag tabhairt dá haire gur cuireadh straitéis frithchalaoise 2021-2023 chun feidhme go rathúil in 2021, i gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta gaolmhar, ar bhonn modheolaíocht arna soláthar ag OLAF; á chur in iúl gur geal léi, ina theannta sin, go ndearnadh roinnt seisiún oiliúna i réimse na heitice agus an ionracais in 2021, chomh maith le seisiúin faisnéise chun calaois a chosc; á áitiú nach mór rialacha córasacha maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleacht leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha a chur i bhfeidhm nó a nuashonrú go rialta;

19.

ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Institiúid CVanna a Stiúrthóra agus fhormhór chomhaltaí a boird bainistíochta ar a suíomh gréasáin mar aon le dearbhuithe leasanna uathu; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé CVanna agus dearbhuithe leasanna a fhoilsiú; á iarraidh ar an Institiúid CVanna agus dearbhuithe leasanna chomhaltaí uile a boird bainistíochta a fhoilsiú;

Rialú inmheánach

20.

á chur in iúl gur geal léi na bearta a ghlac an Institiúid in 2021 chun a córas rialaithe inmheánaigh a neartú; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur athbhreithníodh a nós imeachta maidir le rialuithe ex post a dhéanamh; á chur in iúl go molann sí ina leith sin go ndearnadh rialuithe ex-post amhail ó mhí Mheán Fómhair 2021 agus go bhfuil an ghníomhaíocht ghaolmhar a bhaineann leis an mbarúil ón gCúirt tugtha chun críche; á chur in iúl gur geal léi thairis sin gur nuashonraigh an Institiúid a beartas dearbhaithe cáilíochta lena sainítear bearta sonracha rialaithe do thionscadail;

21.

ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di na barúlacha ón gCúirt ina dtugtar chun suntais laigí i réimse na gcóras bainistíochta agus rialaithe; ag tabhairt dá haire gur bhain an chéad bharúil díobh le nós imeachta earcaíochta inar baineadh an bonn de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne; agus gur tuairiscíodh sa dara barúil go raibh easnaimh i nós imeachta roghnúcháin amháin le haghaidh saineolaithe náisiúnta ar iasacht a bhain an bonn dá oibiachtúlacht agus a thabharfadh le fios go bhfuil laigí i rialuithe inmheánacha na hInstitiúide; ag tabhairt dá haire gur bhain an tríú barúil le nós imeachta soláthair inar bhain na comhaltaí uile sa choiste meastóireachta leis an aonad riaracháin céanna, rud a théann i gcoinne Airteagal 150(3) den Rialachán Airgeadais; á mheabhrú go mbaineann easnaimh nós imeachta i nósanna imeachta earcaíochta an bonn de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne; ag iarraidh ar an Institiúid feabhas a chur ar a nós imeachta earcaíochta inmheánach trí na próisis mheastóireachta agus fógraí folúntais a shoiléiriú;

22.

ag tabhairt dá haire, i ndiaidh Phlean Straitéiseach Iniúchóireachta Inmheánaí Sheirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach do 2019-2021, go ndearnadh 1 800 oibríocht rialaithe ar an iomlán in 2021 ar shampla de 40 idirbheart lenar rialaíodh buiséad iomlán EUR 920 776; ag tabhairt dá haire go léiríonn na torthaí deiridh go n-áirithítear leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm go gcomhlíonann na hidirbhearta na rialacha airgeadais agus na nósanna imeachta inmheánacha; ag tabhairt dá haire go raibh ceithre mholadh sa tuarascáil a bhain le rialuithe inmheánacha a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt ar mhioneasnaimh; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Institiúid na moltaí uile, lena n-áirítear na moltaí ó bhlianta roimhe sin, a chur chun feidhme go hiomlán agus gur chuir IAS na gníomhaíochtaí gaolmhara i gcrích i mí Feabhra 2022;

23.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh measúnú sonrach ar an rialú inmheánach don bhliain 2021 i gcomhréir le creat rialaithe inmheánaigh na hInstitiúide agus le treoirlínte maidir le measúnú ar rialú inmheánach; ag tabhairt dá haire sa chonclúid ar an measúnú sin go bhfuil na prionsabail uile ann agus ag feidhmiú mar a bhí beartaithe, gur sainaithníodh sé easnamh mheasartha i ndáil le comhchodanna 2, 3 agus 5 den chóras rialaithe inmheánaigh; á iarraidh ar an Institiúid an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn maidir le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí a chuir an Institiúid chun feidhme chun réimsí riosca a mhaolú, lena n-áirítear maidir le feidhmeanna íogaire;

24.

á iarraidh ar an Institiúid a sásraí rialaithe inmheánacha a neartú tuilleadh, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

An digiteáil agus an t-aistriú glas

25.

ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí déanta ag an Institiúid chun ionad oibre costéifeachtach a áirithiú nach ndéanfaidh dochar don chomhshaol; ag tabhairt dá haire gur bhunaigh an Institiúid uirlis bainistíochta misean chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 de bharr taisteal; ag tabhairt dá haire go léiríonn an faireachán ó 2021 gur thug misin na hInstitiúide 8 dtona d’astaíochtaí CO2; ag tabhairt dá haire go bhfuil ceanglais na mbeart comhshaoil curtha san áireamh ag an Institiúid i roinnt cineálacha conarthaí; á chur in iúl gur geal léi tiomantas na hInstitiúide grianphainéil a shuiteáil ina háitribh i Vilnias chun feidhmíocht chomhshaoil an fhoirgnimh a fheabhsú agus chun gur ar fhoinsí fuinnimh glasa amháin a bheifear ag brath; ag tabhairt dá haire, agus is díol spéise di gur soláthraíodh feidhmchlár a chuideodh leis an Institiúid súil a choinneáil ar a lorg comhshaoil, agus gur cheart an feidhmchlár a bheith in úsáid in 2022; ag iarraidh ar an Institiúid an t-údarás buiséadach a choinneáil ar an eolas faoi na forbairtí ina leith sin;

26.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Institiúid a príomhphróisis a dhigiteáil go hiomlán in 2021 trí shreafaí oibre leictreonacha agus síniú leictreonach a thabhairt isteach; ag tabhairt dá haire gur nuashonraíodh beartas slándála TFC na hInstitiúide agus a beartas bainistíochta faisnéise; á chur in iúl gur geal léi an freagra ón Institiúid go bhfuil cibearshlándáil i bhfeidhm aici agus go ndearna sí roinnt beart cibearshlándála a chur chun feidhme amhail córas fíordheimhniúcháin ilfhachtóra agus oiliúintí slándála do chomhaltaí na foirne TF; ag spreagadh na hInstitiúide chun measúnuithe riosca ar a bonneagar TF a dhéanamh go rialta agus iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a córais chibearchosanta a áirithiú;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

27.

ag tabhairt dá haire gur chuir an Institiúid í féin in oiriúint gan mhoill chun leanúnachas gnó a áirithiú, i gcomhréir leis an doiciméad clársceidealaithe aonair athbhreithnithe; á chur in iúl gur mór aici obair na hInstitiúide chun tacú le hUachtaránachtaí na Portaingéile agus na Slóivéine ar an gComhairle, trí fhianaise nua comhionannais inscne a chur ar fáil mar bhonn do na conclúidí faoi seach ón gComhairle maidir le tionchar socheacnamaíoch COVID-19 ar an gcomhionannas inscne; ag tabhairt dá haire gur pléadh tionscnaimh chomhpháirteacha maidir le freagairt COVID-19 agus pleananna leanúnachais gnó laistigh de líonra na ngníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Institiúid a plean leanúnachais gnó a nuashonrú i mí Iúil 2022;

28.

ag moladh don Ghníomhaireacht na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 maidir le taisteal foirne a chur i bhfeidhm chun go mbeidh eagrú níos fearr ann amach anseo i gcás cruinnithe, ócáidí agus agallaimh a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla ó chian seachas ar bhonn pearsanta;

Eile

29.

á chur in iúl go molann sí an Institiúid as na hiarrachtaí atá déanta aici chun a hinfheictheacht phoiblí a mhéadú trí sheisiúin faisnéise preasa, preaseisiúintí, feachtais meán amhail an Feachtas 16 Lá Gníomhaíochais agus dlúth-theagmháil le hiriseoirí; ag tabhairt dá haire gur tháinig feabhas ar mhéadracht na hInstitiúide maidir leis na meáin shóisialta agus iarrataí ó na meáin;

30.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál trasearnála a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 uaithi (3) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 123.

(2)  Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach, (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/306


CINNEADH (AE) 2023/1885 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Institiúid i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0087/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1922/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le hInstitiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne a bhunú (4), agus go háirithe Airteagal 15 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0121/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 403, 30.12.2006, lch. 9.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/307


CINNEADH (AE) 2023/1886 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0088/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE (4) ón gCoimisiún agus go háirithe Airteagal 64 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0103/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/309


RÚN (AE) 2023/1887 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0103/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachais (1), gur EUR 32 839 626 a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (‘an tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2021, rud a léirigh méadú 15,69% i gcomparáid le 2020; de bhrí go bhfuil an tÚdarás á maoiniú le ranníocaíocht ón Aontas (EUR 12 140 600, arb ionann agus 36,96%) agus le ranníocaíochtaí ó údaráis faireacháin náisiúnta ó na Ballstáit (EUR 20 258 026, arb ionann é agus 61,69%);

B.

de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla an Údaráis beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021 ráta cur chun feidhme buiséadach 99,98%, léiriú ar laghdú 0,02% i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire, áfach, gur ráta forfheidhmithe 79,12% a bhí ann i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, léiriú ar laghdú 3,67% i gcomparáid le 2020; á iarraidh ar an Údarás a ráta forfheidhmithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a fheabhsú;

Feidhmíocht

2.

ag tabhairt dá haire go mbaineann an tÚdarás úsáid as bearta áirithe amhail eochairtháscairí feidhmíochta chun meastóireacht a dhéanamh ar an luach breise arna sholáthar lena ghníomhaíochtaí agus bearta eile chun feabhas a chur ar bhainistiú a bhuiséid; ag tabhairt dá haire gur shocraigh an tÚdarás in 2021 ceithre sprioc feidhmíochta dhéag ar leibhéal straitéiseach ar fud a sheacht bpríomhréimse oibre; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur éirigh leis an Údarás dhá cheann déag de na spriocanna sin a bhaint amach nó a shárú agus go bhfuil an dá eochairtháscaire feidhmíochta eile á mbaint amach;

3.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás 304 tháirge agus seirbhís, nó 88 % den iomlán, a sholáthar in am, go raibh moill bheag ann i gcás 35 tháirge agus seirbhís eile agus go raibh 8 gcinn nár tugadh ar aghaidh, go minic mar gheall ar thús áite a thabhairt d’éilimh phráinneacha eile mar thoradh ar chinntí polaitiúla, ar thionchar ghéarchéim COVID-19, ar cheangal le tionscnaimh eile agus easpa acmhainní;

4.

ag moladh an Údaráis as na móréachtaí a bhain sé amach in 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil caighdeáin theicniúla á bhforbairt chun ‘glas-snasú’ táirgí airgeadais a chomhrac agus doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach maidir leis na táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a dhéanamh níos inrochtana d’infheisteoirí miondíola; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur fhoilsigh an tÚdarás in 2021 na critéir le haghaidh neamhspleáchas na n-údarás maoirseachta, inar tugadh aghaidh ar chóineasú maoirseachta i réimsí amhail cleachtais mhaoirseachta agus ionchais i gcás sárú; á chur in iúl gur geal léi gur forbraíodh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach lena dtugtar deis don Údarás agus dá chomhaltaí tuairim a fhorbairt maidir le treochtaí agus forbairtí sa mhargadh árachais Eorpach agus maidir leis an riosca sistéamach féideartha;

5.

ag tabhairt dá haire gur athdháil an tÚdarás acmhainní daonna in 2021 chun tacaíocht a thabhairt don chóineasú maoirseachta; ag tabhairt dá haire gur lean an leithdháileadh sin as moladh a bhí déanta ag an gCúirt i dTuarascáil Speisialta Uimh. 29/2018 uaithi maidir leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde; á aithint go ndearna an tÚdarás iarrachtaí maidir leis an gclaochlú digiteach chun méadú ar an éifeachtúlacht trí uasghrádú a dhéanamh ar an gcroíbhonneagar teicniúil, trí thionscnaimh chun spreagadh a thabhairt d’uathoibriú na bpróiseas gnó agus go ndearnadh feabhsuithe ar an Eislíon, i measc nithe eile;

Beartas foirne

6.

ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 99 % ar an 31 Nollaig 2021, go raibh ceapacháin déanta i gcás 137 ngníomhaire shealadacha as 138 ngníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 127 post údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 33 ghníomhaire ar conradh agus 23 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Údarás in 2021;

7.

ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí déanta ag an Údarás i dtreo cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach maidir leis an bhfoireann; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an tÚdarás maidir leis an miondealú inscne in 2021 go raibh cúigear fear (63%) agus triúr ban (38%) sna poist ardbhainistíochta, go raibh triúr fear (43%) agus ceathrar ban (57%) ar a bhord bainistíochta, agus 98 bhfear (52 %) agus 89 mbean (48%) ina fhoireann fhoriomlán; á iarraidh ar an Údarás leanúint de bheartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoraíocht ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú ionas chun go mbeadh ionadaíocht iomchuí ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

8.

á chur in iúl gur geal léi go ndearna an tÚdarás, agus é i mbun cianoibre, a chuid earcaíochta go cianda freisin, gur dhírigh sé ar na próifílí cuí a bheith aige lena chinntiú go leanfaí de shainordú an Údaráis a chomhlíonadh, agus gur lean an tÚdarás de dhaoine nua a lánpháirtiú ar feadh na bliana trí sheisiúin ionduchtúcháin shonracha a chur ar fáil dóibh chomh maith leis an tacaíocht riachtanach do dhaoine a thosaíonn ag obair leis an Údarás go cianda;

9.

ag tabhairt dá haire gur chuir an tÚdarás oiliúint dhílsithe ar fáil don fhoireann agus don bhainistíocht in 2021 chun déileáil leis an staid nua oibre, amhail foirne hibrideacha agus cianobair; ag tabhairt dá haire go háirithe go raibh feabhsú scileanna ceannaireachta agus bainistíochta na foirne bainistíochta i gcroílár na hoiliúna a cuireadh ar an bhfoireann bainistíochta in 2021;

10.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici go ndearna an tÚdarás iarracht le linn 2021 ardú próifíle a thabhairt d’árachas agus pinsin mar rogha ghairme thairbheach do mhná, go háirithe sna poist cheannasacha, trí shraith próifílí a fhoilsiú de mhná i róil cheannasacha agus éagsúlacht na gcainteoirí a thugann cainteanna ag ócáidí poiblí á cur san áireamh mar thoisc chinntitheach;

11.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh comhdhéanamh an bhoird achomhairc a athnuachan ar an 1 Nollaig 2021; ag tabhairt dá haire thairis sin gur bhain an athnuachan sin le cúig chomhalta agus cúig chomhalta ionaid a rithfidh a dtéarma go dtí an 30 Samhain 2026, ar téarma é a bheidh inathnuaite aon uair amháin;

12.

á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an beartas faoina dtugtar cosaint do dhínit an duine in aghaidh ciapadh síceolaíoch agus gnéasach; ag tabhairt dá haire gur bunaíodh nós imeachta mionsonraithe lena n-áiritheofar go gcuirfear an beartas chun feidhme; ag moladh an Údaráis as an líonra inmheánach comhairleoirí rúnda atá aige ar comhairleoirí iad atá oilte chun comhairle a chur ar an bhfoireann agus chun a bheith rannpháirteach i nós imeachta neamhfhoirmiúil maidir le ciapadh, dá dtiocfadh a leithéid i gceist; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an cinneadh múnla maidir le fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta; ag tabhairt dá haire go gcuireann an cinneadh múnla sin leis na bearta cosantacha le haghaidh íospartaigh líomhnaithe an chiaptha;

13.

ag moladh an Údaráis as a thiomantas do chur chuige réamhghníomhach i leith bainistiú éagsúlachta a bhfuil níos mó i gceist leis ná a áirithiú go ndéantar neamh-idirdhealú agus rialacha maidir le comhionannas a chomhlíonadh; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Straitéis um Éagsúlacht agus Cuimsiú agus an plean gníomhaíochta mionsonraithe, lena n-áirítear gur glacadh Cairt EUAN maidir le hÉagsúlacht agus Cuimsiú agus gníomhaíochtaí lena gcumhdaítear bearta tras-earnála; ag tabhairt dá haire go gcuimsíonn na bearta sin comhoibriú le hinstitiúidí eile, lena n-áiritheofar gairmréim chothrom agus chothromasach, agus bearta spriocdhírithe maidir le grúpaí sonracha;

Soláthar

14.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thug an Chúirt barúil go ndeirtear sa chonradh cíosa maidir le háitreabh an Údaráis go gcaithfidh an tiarna talún toiliú a thabhairt roimh ré sular féidir aon athruithe a dhéanamh ar an réadmhaoin agus sular féidir trealamh breise a shuiteáil; ag tabhairt dá haire thairis sin gur luaigh an Chúirt, maidir leis an gcoinníoll sin, gur trí chonraitheoirí arna n-ainmniú ag an tiarna talún, amháin, a fhéadfar na hoibreacha gaolmhara uile a dhéanamh; á chur in iúl gur saoth léi gur thug na srianta conarthacha sin ar an Údarás na hoibreacha athchóirithe a dhámhachtain go díreach ar chonraitheoirí arna n-ainmniú ag an tiarna talún, gan nós imeachta soláthair iomchuí; ag tabhairt dá haire gur ann don chonclúid ón gCúirt go raibh na méideanna a bhain leis an gclásal conartha sin (íocadh EUR 288 125 in 2021) neamhrialta ar an ábhar sin; á iarraidh ar an Údarás géilleadh dá oibleagáidí faoi na rialacha is infheidhme nuair a bheidh a nósanna imeachta soláthair á lainseáil aige amach anseo;

15.

á mheabhrú a thábhachtaí atá an nós imeachta soláthair, chun iomaíocht chóir idir tairgeoirí a áirithiú agus chun earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus urraim á tabhairt do phrionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann don bharúil ón gCúirt go bhfuil laigí an tsoláthair phoiblí ag méadú agus go bhfuil siad fós ar an bhfoinse is mó d’íocaíochtaí neamhrialta i bhformhór na ngníomhaireachtaí; á iarraidh ar an Údarás na huirlisí teicneolaíochta faisnéise ríomhsholáthair arna bhforbairt ag an gCoimisiún Eorpach a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún na nósanna imeachta agus na teimpléid a shoiléiriú agus a nuashonrú sna treoirlínte soláthair;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

16.

ag tabhairt dá haire de réir Rialacha Nós Imeachta an Údaráis maidir leis an mbord maoirseoirí (BoS) in 2021, nach bhféadfaidh comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a raibh coinbhleacht leasa acu páirt a ghlacadh sa phlé a dhéanann an Bord ar an ábhar sin ná vóta a chaitheamh ina leith, ach go bhfanfaidís sa chruinniú mar sin féin; ag teacht leis an mbarúil ón gCúirt go gcruthódh comhaltaí Boird Maoirseoirí a bhfuil coinbhleacht leasa acu agus atá i láthair ag cruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, riosca do neamhspleáchas an Bhoird; ag cur sonrú, thairis sin, i dtorthaí na Cúirte maidir leis an dá mheasúnóir a cheap an bord bainistíochta chun tuarascálacha bliantúla feidhmíochta an chathaoirligh agus an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chur le chéile, go mbeadh an ról sin acu i gcónaí, fiú i gcásanna ina bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist; á chur in iúl gur geal léi gur athbhreithnigh an Bord Maoirseoirí a Rialacha Nós Imeachta i mí Iúil 2022 lena gcuirtear breathnóireacht na Cúirte chun feidhme maidir le comhaltaí easaontacha den Bhord Maoirseoirí a bheith i láthair le linn pléití agus vótála; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur fhormheas bord bainistíochta an Údaráis cinneadh athbhreithnithe i mí na Nollag 2022 maidir le breithmheas an chathaoirligh agus an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, i gcomhréir le barúlacha na Cúirte;

17.

ag tabhairt dá haire gur mheasúnaigh tuarascáil na Cúirte cás amháin de choinbhleacht leasa féideartha idir 2019 agus 2021 i dtaca le ball foirne sinsearach a ghlac post nua lasmuigh den Údarás; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann don bharúil ón gCúirt nach ndeachaigh an tÚdarás i gcomhairle leis an gComhchoiste sa chás sin, rud a bhí ina shárú ar Airteagal 16 de Rialachán Uimh. 31 (CEE ), 11 (CEFA) (2) (an ‘Rialachán Foirne’) agus Airteagal 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Foirne; ag tabhairt dá haire, áfach, an t-athbhreithniú ar riail eitice an Údaráis do chomhaltaí foirne arna glacadh i mí na Nollag 2022, trína bhféadfar comhchoistí éagsúla faoi Airteagal 9 den Rialachán Foirne a bhunú, lena n-áirítear do bhainisteoirí sinsearacha;

18.

á chur in iúl gur geal léi go ndéantar CVanna Comhaltaí den Bhord Maoirseoirí agus de Bhord Bainistíochta an Údaráis, resumé Chathaoirleach agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis agus resumé gearr ar chinn roinne an Údaráis a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Údaráis, i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla an Údaráis; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Údaráis na cruinnithe a bhí ag an bhfoireann le brústocairí;

19.

ag moladh an Údaráis go háirithe as a bheith i measc na naoi ngníomhaireacht a thug isteach a rialacha inmheánacha féin chun déileáil leis an easpa forálacha i reachtaíocht an Aontais lena rialaítear gníomhaíochtaí chomhaltaí bhoird ghníomhaireachtaí, agus mar sin ag dul thar na híoscheanglais dhlíthiúla agus iad ag láimhseáil cásanna féidearthachta ‘dorais imrothlaigh’;

20.

á áitiú nach mór sraitheanna córasacha rialacha a bhunú maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasanna agus brústocaireacht neamhdhleathach; á iarraidh ar an Údarás bearta inmheánacha frithéilliúcháin a chur i bhfeidhm freisin; á iarraidh ar an Údarás tuairisciú don údarás um urscaoileadh ar an dul chun cinn atá déanta ina leith;

21.

ag tabhairt dá haire go bhfuil rialacha ar bun maidir le sceithireacht sheachtrach agus inmheánach; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur chruthaigh an tÚdarás leathanach poiblí sonrach ar a shuíomh gréasáin, lena n-áirítear bosca ríomhphoist feidhmiúil a bhfuil cearta rochtana srianta ag gabháil leis chun cosaint sceithirí a áirithiú de bhun Airteagal 17a de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3); á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh forbairt bhreise ar rialacha an Údaráis agus go ndearnadh treoirlínte maidir le sceithireacht a leagan síos;

Rialú inmheánach

22.

á chur in iúl gur geal léi go ndearna an tÚdarás na moltaí criticiúla uile agus an-tábhachtach uile ó Sheirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin a chur chun feidhme agus go bhfuil súil ghéar á coinneáil aige ar chur chun feidhme na moltaí atá fágtha trí phleananna gníomhaíochta dílsithe, agus laistigh de na spriocdhátaí a comhaontaíodh;

23.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás an measúnú bliantúil ar a Chreat Rialaithe Inmheánaigh agus gur tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na comhpháirteanna agus na prionsabail uile curtha chun feidhme agus ag feidhmiú de réir mar a beartaíodh, agus go bhfuil feabhsuithe ag teastáil i réimsí amhail leanúnachas gnó, bainistiú próiseas, oiliúint agus feasacht; á chur in iúl gur geal léi an scrúdú córasach a dhéanann an tÚdarás ar na torthaí agus táscairí rialaithe, agus na barúlacha atá eisithe ag IAS, ag an gCoiste um Rialú Cáilíochta, ag gnólachtaí iniúchóireachta agus ag an gCúirt agus na moltaí atá déanta acu;

24.

ag moladh na mbeart a rinne an tÚdarás in 2021chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí maidir le cur chun feidhme cumhachtaí agus cúraimí nua, saincheisteanna a bhaineann le foireann oilte leis na hinniúlachtaí a cheanglaítear a mhealladh agus bagairtí cibearshlándála; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ráite ag an Údarás gur thug sé isteach feabhsuithe ar a phróiseas bainistithe riosca in 2021 chun na próisis phleanála agus tuairiscithe, gníomhaíochtaí faireacháin ráithiúla agus cuíchóiriú na gclárlann rioscaí uile a chomhtháthú ar bhealach níos fearr; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an tÚdarás anailís in 2021 ar thorthaí a straitéisí frith-chalaoise roimhe sin, ar thorthaí iad a chuidigh chun Straitéis Frith-Chalaoise 2022-2024 reatha an Údaráis a shainiú;

25.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás measúnú in 2021 den chéad uair riamh ar éifeachtúlacht costais a chuid rialuithe maidir le gníomhaíochtaí ex-ante agus ex-post, bainistiú buiséid, pleanáil, meastóireacht, bearta frithchalaoise, cosaint sonraí, eitic, bainistiú riosca agus rialú inmheánach; ag tabhairt dá haire thairis sin go raibh costais dhíreacha ar na rialuithe sin in 2021 arbh ionann agus 1,98% de bhuiséad iomlán an Údaráis do 2021 agus gur leithdháileadh coibhéis lánaimseartha 7,47 orthu; á chur in iúl go molann sí an tÚdarás as cost-éifeachtúlacht a chuid rialuithe a bheith ina ndíol suntais;

An digiteáil & an t-aistriú glas

26.

ag tabhairt dá haire gur chomhoibrigh an tÚdarás le comhairleoirí seachtracha chun tionscadail éagsúla teicneolaíochta faisnéise a chur chun feidhme; ag moladh an Údaráis as aighneacht a dhéanamh maidir le Straitéis Néalríomhaireachta nua agus as an ullmhúchán don mhór-aistriú teicniúil in 2022 agus 2023;

27.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i bhfoireann teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a mbeidh conarthaí fadtréimhseacha acu, chun imirce daoine oilte a sheachaint mar aon le neamhéifeachtúlachtaí agus rioscaí móra féideartha agus laigí i leith cibirionsaithe;

28.

ag spreagadh an Údaráis oibriú i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE (CERT-EU) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bhonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a chibearchosaintí; á mholadh go ndéantar cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a nuashonraítear go rialta a thairiscint do gach ball foirne, lena n-áirítear an lucht bainistíochta; á iarraidh ar an Údarás leanúint dá bheartas cibearshlándála a fhorbairt, agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh ar an dul chun cinn atá déanta ina leith;

29.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás na cistí a coiglíodh de bharr bhearta coisctheacha COVID-19 a infheistiú i dteicneolaíochtaí agus i ndigiteáil próiseas, amhail, ach gan a bheith teoranta do, chur chun feidhme na gClárlann PEPP (Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach) agus forbairt ar réiteach nua Intleachta Gnó (BI 2.0);

30.

á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an tÚdarás amhail 1 Iúil 2021 treoirlínte maidir le slándáil agus rialachas na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide d’fhonn athléimneacht dhigiteach a thógáil le haghaidh na rannpháirtithe uile sa chóras airgeadais;

31.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an tÚdarás, i gcomhréir leis an moladh ón gCúirt, ag déanamh an Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS), ar beartaíodh deimhniú ar bhonn táscach di le haghaidh 2022, a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur cruthaíodh clárlann gnéithe comhshaoil ina mionsonraítear príomhiarmhairtí comhshaoil an Údaráis, plean gníomhaíochta an Údaráis ina bhfuil thart ar 140 gníomhaíocht agus gur bunaíodh a chóras bainistíochta comhshaoil; ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás gníomhaíochtaí a chur chun feidhme chun laghdú ar iarmhairt chomhshaoil a oibríochtaí riaracháin lena n-áirítear laghdú ar úsáid pháipéir, sreafaí oibre leictreonacha á gcur chun feidhme nó tacaíocht le haghaidh rannpháirtíocht fhíorúil in ócáidí;

32.

á chur in iúl gur geal léi go ndeachaigh an tÚdarás le nós imeachta idir-institiúideach soláthair le haghaidh fritháireamh carbóin, agus go bhfuil beartaithe aige fritháireamh a dhéanamh amhail ó 2022 ar thart ar 250-300 tonna d’astaíochtaí carbóin a bhaineann le gníomhaíochtaí eagraíochtúla amhail taisteal gnó riachtanach; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go bhfuil an tÚdarás tiomanta dá líon cruinnithe agus misean ar an láthair a laghdú 35% amhail ó 2022;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

33.

ag tabhairt dá haire go raibh Clár Bliantúil Oibre an-trom ann in 2021 ina raibh obair díthosaíochta ó 2020 mar thoradh ar thionchar COVID-19 ar obair an Údaráis; ag spreagadh na Gníomhaireachta na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le taistil a foirne a chur i bhfeidhm, chun aitheantas níos fearr a thabhairt do na cruinnithe agus na tascanna a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla, go cianda ná go pearsanta amach anseo;

34.

ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an tÚdarás gur lean sé de bhearta difriúla a chur i bhfeidhm maidir le foireann, cuairteoirí agus comhaltaí den bhord bainistíochta chun scaipeadh víreas COVID-19 a mhoilliú agus chun leanúnachas gnó a áirithiú; ag tabhairt dá haire go háirithe gur lean foireann uile an Údaráis, na gcomhlachtaí rialaithe agus na meithleacha oibre de bheith ag obair ó chian amháin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, cosúil leis an mbliain roimpi ar bhealach, gur thuairiscigh an tÚdarás coigilteas thart ar EUR 1 150 000, go príomha mar thoradh ar fhionraí an taistil foirne agus cruinnithe foirne, cruinnithe an bhoird bainistíochta agus an Bhoird Maoirseoirí a bheith á reáchtáil ar bhonn cianda amháin;

Barúlacha eile

35.

ag moladh an chomhoibrithe a rinne an tÚdarás le gníomhaireachtaí eile i réimse na teicneolaíochta faisnéise, an obair ar thionscadail chomhpháirteacha a dhíríonn ar thuairisciú rialála digiteach a chruthú agus a thógáil agus ardán chun faisnéis maidir le measúnuithe oiriúnachta agus cuibhis a mhalartú, i measc nithe eile; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go raibh an tÚdarás rannpháirteach in 2021 sna comhsheisiúin mhaoirseachta le haghaidh Comhairleoirí Rúnda, tionscnamh de chuid EU-OSHA;

36.

ag cur sonrú in iarrachtaí an Údaráis a infheictheacht phoiblí a mhéadú trí ghéarú ar a láithreacht sna meáin shóisialta, ag preasócáidí, in agallaimh le hasraonta meáin, i gcruinnithe le cumainn tomhaltóirí agus acadóirí nó rannpháirtíocht mar chainteoirí ag ócáidí arna n-eagrú ag tríú páirtithe; á iarraidh ar an Údarás leanúint dá ghníomhaíochtaí i dtreo infheictheacht phoiblí agus for-rochtain níos mó, agus géarú orthu;

37.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) uaithi ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 141.

(2)  Rialachán Uimh. 31 (CEE) 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO P 45, 14.6.1962, lch. 1385/62).

(3)   IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/315


CINNEADH (AE) 2023/1888 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ar dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0088/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE (4) ón gCoimisiún agus go háirithe Airteagal 64 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0103/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/316


CINNEADH (AE) 2023/1889 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh atá le tabhairt don Institiúid i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0089/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (4), agus go háirithe Airteagal 21 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (5), agus go háirithe Airteagal 23 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0130/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 97, 9.4.2008, lch. 1.

(5)   IO L 189, 28.5.2021, lch. 61.

(6)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/318


RÚN (AE) 2023/1890 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0130/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis maidir le hioncam agus caiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) (an ‘Institiúid’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 360 913 825,71, arb ionann sin agus laghdú 42,26 % i gcomparáid le 2020;

B.

de bhrí gur leithdháil an Bord Rialaithe EUR 357 511 198 (96 %) ar ocht bPobal Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) de chuid na hInstitiúide chun a bPleananna Gnó 2021 a chur chun feidhme;

C.

de bhrí gur tháinig laghdú ar an mbuiséad don bhliain airgeadais 2021 mar gheall ar an méid i bhfad níos ísle deontas a dámhadh agus a cuireadh chun feidhme do PENanna in 2021 mar gheall ar an aistriú idir na tréimhsí creata airgeadais ilbhliantúil a bhí ann roimhe sin agus tréimhsí nua an chreata airgeadais ilbhliantúil;

D.

de bhrí go luaitear i dtuarascáil na Cúirte Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla na hInstitiúide don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte ag an gCúirt go bhfuil cuntais bhliantúla na hInstitiúide iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 97,91 % de leithreasaí gealltanais na bliana reatha mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021, arb ionann é agus laghdú 1,94 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh ionann an ráta foghníomhaithe don bhliain reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta 99,47 %, arb ionann é agus laghdú 0,34 % i gcomparáid le 2020;

2.

ag tabhairt dá haire gur glacadh clár oibre straitéiseach um nuálaíocht (COSN) 2021-2027 na hInstitiúide, rud a léiríonn buiséad méadaithe na hInstitiúide de bheagnach EUR 3 bhilliún don tréimhse seacht mbliana agus sainordú feabhsaithe;

3.

ag tabhairt dá haire, maidir leis an mbreathnóireacht leantach i ndáil le haisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe EUR 1 200 arna dtabhú ag comhalta eatramhach d’fhoireann na hInstitiúide, gur sheol an Institiúid in 2022, mar bheart ceartaitheach, tairiscint nua chun seirbhísí eatramhacha a fháil ar conradh, lena gcumhdaítear costais mhisin na ngníomhairí eatramhacha agus gnéithe taistil chun na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú;

Feidhmíocht

4.

ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Institiúid córas príomhtháscairí feidhmíochta a bhaineann le PENanna na hInstitiúide; ag tabhairt dá haire, mar a rinneadh sna blianta roimhe sin, nár bhain PENanna lánúsáid as na méideanna deontais a bhronn an Institiúid;

5.

ag tabhairt dá haire gur chuir an Institiúid a clár oibre chun feidhme go forleathan in 2021, cé gur tharla roinnt moilleanna mar gheall ar ghlacadh déanach Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (2) agus Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3); ag tabhairt dá haire gur cuireadh roinnt tosaíochtaí ar athló go dtí 2022, eadhon straitéis faireacháin agus aistriú chuig ríomhdheontais mar gheall ar acmhainní daonna neamhleora na hInstitiúide; ag tabhairt dá haire, i measc phríomhéachtaí na hInstitiúide in 2021, gur seoladh ‘HEI Initiative: Innovation Capacity Building for Higher Education’ [Tionscnamh Ardoideachais: Forbairt Acmhainne Nuálaíochta don Ardoideachas], arb ionann é agus príomhchuspóir de chuid COSN 2021-2027; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil feabhas tagtha ar an meán-am chun deontas a thabhairt ó 187 lá go 117 lá;

6.

á chur in iúl gur geal léi forbairt sineirgí agus cleachtas comhair le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, an dul chun cinn a rinneadh in 2021 maidir le meabhrán tuisceana na hInstitiúide leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) a chur chun feidhme, le tionscadail chomhpháirteacha maidir le gnólachtaí nuathionscanta PEN a bheith ag dul isteach i gclár luasghéaraithe EIC nó i gcur chun cinn chlár oibre fiontraíochta na mban; ag tabhairt dá haire comhar na hInstitiúide le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí i réimsí amhail painéil earcaíochta nó cúltaca teicneolaíochta faisnéise (TF); ag tabhairt dá haire, thairis sin, an comhar tairbheach idir an Institiúid agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh maidir le borradh a chur faoin nuálaíocht i measc gnólachtaí agus fiontar beaga agus meánmhéide Eorpacha, agus ghlac níos mó ná 700 duine páirt i 35 ghníomhaíocht in 2021;

Beartas foirne

7.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2021, go raibh 93 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 42 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 45 ghníomhaire shealadacha a údaraíodh faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 21 ghníomhaire ar conradh don Institiúid in 2021, mar aon le 15 bhall foirne eatramhacha agus saineolaí náisiúnta amháin ar iasacht;

8.

á chur in iúl gur oth léi an easpa cothromaíochta inscne laistigh de phoist shinsearacha agus mheánbhainistíochta na hInstitiúide, eadhon gur fir iad cúigear as seisear (83 %); ag tabhairt dá haire an ionadaíocht inscne laistigh de bhord bainistíochta na hInstitiúide, gur fir iad 9 as 15 (60 %), agus laistigh d’fhoireann fhoriomlán na hInstitiúide, gur mná iad 35 as 63 (56 %); ag tabhairt dá haire tiomantas na hInstitiúide a plean gníomhaíochta maidir le hinscne a chur chun feidhme, le sraith gníomhaíochtaí a eagraíodh in 2021, amhail clár tras-PEN atá tiomnaithe d’fhiontraíocht agus do cheannaireacht na mban agus an tionscadal tiomnaithe ‘Girls Go Circular’ chun rannpháirtíocht na mban i réimsí eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice a mhéadú; ag iarraidh ar an Institiúid bearta nithiúla a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a fheabhsú ar gach leibhéal den ordlathas a luaithe is féidir agus tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh;

9.

ag tabhairt dá haire go bhfuil iar-Choimisinéir amháin agus iar-Fheisire amháin de Pharlaimint na hEorpa ag fáil airgead ó bhuiséad na hInstitiúide mar chomhaltaí de Bhord Rialachais na hInstitiúide;

10.

ag tabhairt dá haire láimhdeachas foirne 6,3 % na hInstitiúide in 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil deacrachtaí ag an Institiúid gairmithe ardoilte a mhealladh agus a choinneáil mar gheall ar chomhéifeacht íseal tuarastail don Ungáir; á chur in iúl gur geal léi bearta dreasachta agus tionscnaimh shóisialta na hInstitiúide chun ráta ard láimhdeachais foirne a chosc;

11.

ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú suntasach tagtha ar ualach oibre na hInstitiúide in 2021 chomh maith le cúraimí nua a bhaineann le sainordú leathnaithe na hInstitiúide faoi Fís Eorpach; ag tabhairt dá haire, áfach, nach raibh aon acmhainní foirne nua ag gabháil leis an sainordú agus na cúraimí méadaithe, rud a d’fhág nach raibh dóthain foirne criticiúla ann agus go gcuirfí cur chun feidhme chlár oibre ilbhliantúil na hInstitiúide i mbaol chomh maith leis an dearbhú maidir leis na cistí bainistithe; ag tabhairt dá haire, mar thoradh air sin, go bhfuil costais riaracháin na nInstitiúide ar leibhéal an-íseal, agus iad ag 2 % dá bhuiséad iomlán, i gcomparáid le 4,6 % ar an meán faoi Fhís 2020; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, an baol nach gcuirfear chun feidhme gach bhunghné de chlár oibre bliantúil na hInstitiúide; ag tabhairt dá haire gur thug bord rialaithe na hInstitiúide aghaidh ar easpa foirne na hInstitiúide agus ar na rioscaí a bhaineann léi, agus ag deireadh 2021, d’fhormhuinigh sé an t-atheagrú ar bhainistiú na n-acmhainní atá ar fáil, le hathbhreithniú ar struchtúr agus ar chairt eagrúcháin na hInstitiúide a dhéanfar in 2022; á thabhairt chun suntais go ndearna an Institiúid, tar éis gur diúltaíodh don chéad iarraidh ar phoist bhreise le haghaidh 2021 agus 2022, iarraidh ar 10 bpost bhreise a thabhairt isteach an athuair in 2022; á aithint gur gá acmhainní na hInstitiúide a ailíniú leis na hionchais nua maidir leis an sainordú; á mheabhrú go méadaítear an riosca earráidí agus neamhrialtachtaí mura gcomhlíontar na ceanglais foirne agus go ndéanfadh sé damáiste féideartha freisin do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais;

12.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas acmhainní daonna fadtéarmach a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre-saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint maidir le forbairt gairme, cothromaíocht inscne a bhaint amach ar gach leibhéal foirne, teilea-oibriú, an ceart chun dínascadh, feabhsú na cothromaíochta geografaí chun ionadaíocht iomchuí ó na Ballstáit go léir a áirithiú, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear na deiseanna atá acu chun cinn go forleathan;

Soláthar

13.

ag tabhairt dá haire gur chuir an Institiúid 87 % de na nósanna imeachta soláthair i gcrích in 2021, i gcomhréir lena plean, rud a sháraíonn an sprioc 85 % de nósanna imeachta soláthair a cuireadh i gcrích in 2021; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Institiúid go raibh a nósanna imeachta tosaíochta ar fad tugtha chun críche seachas an creatchonradh nua do sheirbhísí cumarsáide agus bainistiú imeachtaí;

14.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte nach ndearna an Institiúid, i gcás dhá íocaíocht iniúchta, na gealltanais bhuiséadacha ghaolmhara a údarú ach amháin tar éis an conradh a shíniú; ag tabhairt dá haire barúil na Cúirte gur sháraigh sé sin Airteagal 73(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (4); ag tabhairt dá haire ó fhreagra na hInstitiúide go n-úsáidfear uirlis chaighdeánach TF Fís Eorpach de chuid an Choimisiúin, ó 2023, chun deontais a bhainistiú, i gcás ina bhfuil rialuithe inmheánacha iomchuí lena gcuirtear cosc ar earráidí comhchosúla leabaithe sa chóras; ag tabhairt dá haire, thairis sin, tiomantas na hInstitiúide a buan-nós imeachta oibríochta maidir le scagchuairdeanna airgeadais a thabhairt cothrom le dáta chun na hathruithe is gá a léiriú; á iarraidh ar an Institiúid tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn san ábhar seo don údarás urscaoilte;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

15.

ag aithint bhearta reatha na hInstitiúide agus a hiarrachtaí leanúnacha trédhearcacht a dhaingniú, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus cosaint sceithirí a áirithiú; ag tabhairt dá haire go ndearna an Institiúid dearbhuithe leasa agus CVanna chomhaltaí a boird rialaithe agus a foirne bainistíochta a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin;

16.

ag tabhairt dá haire tiomantas na hInstitiúide a beartas maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, a nuashonrú agus a fheabhsú; ag tabhairt dá haire gur iarr bord rialaithe na hInstitiúide ar an gCoimisiún comhaontú a ghlacadh roimh ré maidir le cinneadh a ghlacadh i ndáil le coinbhleacht leasa agus próisis chinnteoireachta a chosc agus a bhainistiú chun coinbhleachtaí leasa fhoireann na hInstitiúide a sheachaint a chomhlánóidh rialacha reatha na hInstitiúide atá i bhfeidhm; á chur in iúl gur geal léi bearta breise na hInstitiúide amhail teimpléid chaighdeánaithe maidir le coinbhleachtaí leasa agus coiste comhairlech um choinbhleachtaí leasa a thabhairt isteach; ag tabhairt dá haire gur sainaithníodh cásanna coinbhleachtaí leasa i gcomhthéacs an chleachtaidh athaicmithe agus na nósanna imeachta roghnúcháin agus gur tugadh aghaidh orthu leis na bearta maolaithe atá ann cheana;

17.

á chur in iúl gur geal léi go bhfanann an Institiúid ar cheann de naoi ngníomhaireachtaí a thug isteach a rialacha inmheánacha féin lena rialaítear gníomhaíochtaí chomhaltaí a mboird, a théann níos faide ná na híoscheanglais dhlíthiúla maidir le cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann le doirse imrothlacha; ag tabhairt dá haire, go háirithe, faoi Chód Dea-Iompar na hInstitiúide, nach féidir le comhaltaí na mbord aon phost a ghlacadh, bíodh sé íoctha nó neamhíoctha, in aon ghnólachtaí, ionaid taighde nó ollscoileanna atá rannpháirteach i PENanna na hInstitiúide nó a fhaigheann deontais ón Institiúid, go ceann dhá bhliain tar éis dóibh a bpost a fhágáil; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur dhréachtaigh an Institiúid beartas maidir le rochtain ar fhaisnéis rúnda do bhaill foirne atá ag fágáil agus treoir maidir le srianta agus toirmisc iarfhostaíochta; ag iarraidh ar an Institiúid an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil cothrom le dáta maidir le cur chun feidhme an bheartais;

18.

á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleacht leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; ag iarraidh ar an Institiúid a sásraí rialaithe inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

19.

ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na hInstitiúide maidir le cumas iniúchóireachta inmheánaí (IAC), gur dúnadh 29 moladh oscailte as 87 moladh i raon feidhme an iniúchta leantaigh, gur íosghrádaíodh 25 mholadh oscailte, agus nach ndearnadh aon mholadh oscailte a uasghrádú; ag tabhairt dá haire, mar thoradh air sin, nach raibh aon saincheisteanna criticiúla fós oscailte faoin 31 Nollaig 2021;

20.

ag tabhairt dá haire gur thionscain an Institiúid, i gcomhthéacs cleachtadh athbhreithnithe ar a struchtúr eagrúcháin, aistriú fheidhm IAC chuig feidhm faireacháin agus maoirseachta PENanna in 2021;

21.

ag tabhairt dá haire Straitéis Frithchalaoise athbhreithnithe na hInstitiúide do 2021-2023; ag tabhairt dá haire, as na 14 chuspóir frithchalaoise a leagadh síos don bhliain 2021, gur baineadh amach naoi gcinn ina n-iomláine, gur baineadh ceithre chuspóir amach go páirteach agus go ndearnadh aon cheann a chur ar athló;

22.

ag tabhairt dá haire go ndearna seirbhís um iniúchóireacht inmheánach (IAS) an Choimisiúin iniúchadh ar bhainistiú acmhainní daonna in 2021; á thabhairt faoi deara gur eisíodh trí mholadh thábhachtacha an tráth sin; ag tabhairt dá haire maidir leis an obair leantach a rinneadh ar iniúchtaí IAS roimhe seo, maidir leis an Institiúid in 2021, nach raibh aon mholtaí criticiúla ná an-tábhachtach ó IAS oscailte, cé go raibh moill ar roinnt moltaí tábhachtacha agus iad fós oscailte;

23.

ag tabhairt dá haire conclúidí fhéinmheasúnú na hInstitiúide maidir le rialú inmheánach go bhfuil a córas rialaithe inmheánaigh éifeachtach agus éifeachtúil ar an iomlán, agus go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe breise maidir le prionsabal 12;

24.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú á áitiú go láidir gur gá córais éifeachtacha bhainistíochta agus rialaithe a bheith ann chun cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann de choinbhleachtaí leasa a sheachaint, rialuithe ex-ante agus ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí.

Digitiú agus an t-aistriú glas

25.

ag tabhairt dá haire bearta na hInstitiúide chun feabhas a chur ar a slándáil ar líne agus ar a digitiú; á tabhairt dá haire, ó 2021 i leith, gur chuir an Institiúid na seirbhísí faireacháin ar fad ón bhFoireann phráinnfhreagartha ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun feidhme. ag tabhairt dá haire go ndearna an Institiúid iniúchtaí cibearshlándála in 2021 agus gur chuir sí na moltaí uile a eisíodh chun feidhme; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon teagmhais chibearshlándála in 2021; ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs SYSPER (córas faisnéise Bainistíochta Acmhainní Daonna de chuid an Choimisiúin Eorpaigh) a chur chun feidhme de réir a chéile, gur ghlac an Institiúid modúil bhreise in 2021 chun acmhainní daonna a bhainistiú;

26.

ag aithint an ról ceannasach atá ag PEN Aeráide na hInstitiúide maidir le bainistiú tionchair comhshaoil laistigh den Aontas; ag moladh iarrachtaí leanúnacha na hInstitiúide chun taisteal agus astaíochtaí CO2 a laghdú; ag tabhairt dá haire gur bunaíodh Coiste Inbhuanaitheachta in 2021, chun gníomhaíochtaí breise a shainiú chun gníomhaíochtaí na hInstitiúide a dhéanamh neodrach ó thaobh carbóin de;

27.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na hInstitiúide a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Institiúid leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

28.

ag spreagadh na hInstitiúide chun oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); á mholadh go ndéantar cláir oiliúna ar an gcibearshlándáil arna nuashonrú go rialta a thairiscint do bhall foirne uile na hInstitiúide; á iarraidh ar an Institiúid dlús a chur le forbairt a beartais cibearshlándála, é a sholáthar roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh ina leith;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéimCOVID-19

29.

ag aithint dúshláin na hInstitiúide maidir le leanúnachas gnó a bhainistiú le linn an aistrithe chuig Fís Eorpach mar gheall ar chreat dlíthiúil athbhreithnithe na hInstitiúide a ghlacadh go míthráthúil; ag tabhairt dá haire na bearta maolaitheacha a d’fhormhuinigh an Institiúid in 2021 chun ceanglais chreat dlíthiúil Fís Eorpach a chur san áireamh in ainneoin na moilleanna sin, amhail cruinnithe an tascfhórsa maidir le simpliú agus an treochlár aistrithe do 2021; á chur in iúl gur geal léi gur fhág na hiarrachtaí sin gur éirigh leis an Institiúid aistriú chuig Fís Eorpach, agus íoslaghdú á dhéanamh ar an gcur isteach oibríochtúil ag an am chéana;

30.

ag tabhairt dá haire gníomhaíochtaí leanúnacha na hInstitiúide chun leanúnachas gnó a áirithiú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, amhail Microsoft Teams a leathadh amach le haghaidh cumarsáide agus comhair chomh maith le cur chun feidhme suirbhéanna cuisle chun aiseolas foirne a bhailiú maidir le príomhábhair; ag moladh don Institiúid na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm, chun cruinnithe agus imeachtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla a eagrú ar bhealach níos éifeachtaí ná iad féin a dhéanamh go pearsanta amach anseo; á mheabhrú gur bhain an Institiúid torthaí dearfacha amach i dtéarmaí rannpháirtíochta in imeachtaí hibrideacha;

Barúlacha eile

31.

á thabhairt faoi deara go n-iarrtar le COSN nua 2021-2027 go mbeadh rannpháirtíocht threisithe ann le Ballstáit trí chomhar, cumarsáid agus infheictheacht mhéadaithe; ag tabhairt dá haire bearta leantacha na hInstitiúide chun cumarsáid agus feasacht a neartú laistigh dá comhphobal; ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur bhunaigh an Institiúid líonra de 89 bpointe teagmhála náisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar 57 dtír, lena n-áirítear na Ballstáit, tíortha comhlachaithe Fhís agus tríú tíortha eile; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil forbairt á déanamh ar Lárionad Eolais na hInstitiúide mar stór poiblí de dhoiciméid agus tuarascálacha oibre beartais;

32.

ag iarraidh ar an Institiúid leanúint dá sineirgí a fhorbairt (mar shampla maidir le hacmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil), agus a comhar, a malartú dea-chleachtais agus a pléití maidir le réimsí comhleasa le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a neartú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

33.

ag tagairt, i gcás barúlacha eile de chineál trasghearrtha a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, dá rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (5) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 161.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(3)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/323


CINNEADH (AE) 2023/1891 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ar dhúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh atá le tabhairt don Institiúid i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0089/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (4), agus go háirithe Airteagal 21 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (5), agus go háirithe Airteagal 23 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0130/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 97, 9.4.2008, lch. 1.

(5)   IO L 189, 28.5.2021, lch. 61.

(6)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/325


CINNEADH (AE) 2023/1892 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Saothair Eorpaigh (ELA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Saothair Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0090/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (AE) Uimh. 492/2011 agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (4), agus go háirithe Airteagal 28 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0117/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh Saothair i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Saothair Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 186, 11.7.2019, lch. 21.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/327


RÚN (AE) 2023/1893 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do cinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh Saothair don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0117/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gurbh é EUR 24 219 500 buiséad deiridh an Údaráis Eorpaigh Saothair (an ‘tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2021; de bhrí go dtagann buiséad an Údaráis ó bhuiséad an Aontais; de bhrí gur cuireadh EUR 1 838 391 chun feidhme faoi Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú an Choimisiúin agus go ndearna an tÚdarás EUR 22 381 110 a bhainistiú go díreach tar éis a neamhspleáchais airgeadais;

B.

de bhrí go luann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Lárionaid don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais an Lárionaid beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire gur chuir an tÚdarás tús le hoibríochtaí an 17 Deireadh Fómhair 2019 agus gur bhain sé neamhspleáchas airgeadais amach an 26 Bealtaine 2021, agus gur chuir sé tús lena ghníomhaíochtaí ina áitreabh sa Bhratasláiv i mí Mheán Fómhair 2021 tar éis bailchríoch a chur ar an gComhaontú Ceanncheathrún le Poblacht na Slóvaice; á chur in iúl gur geal léi tús na n-oibríochtaí agus á thabhairt chun suntais gurb é an chéad nós imeachta um urscaoileadh é;

2.

ag tabhairt dá haire gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021 ná go ndearnadh ráta leithreasuithe gealltanais na bliana reatha de 95,80 % a chur chun feidhme ar an mbuiséad agus gurbh ionann ráta forghníomhaithe leithreasuithe íocaíochta na bliana reatha agus 30,38 %;

3.

á chur i bhfios go láidir go raibh obair an Údaráis ina chéim thionscnaimh; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil gá le tuilleadh forbartha agus comhtháthaithe ar phróisis inmheánacha sa tréimhse atá le teacht go dtí go mbeidh siad ag feidhmiú go hiomlán in 2024;

4.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí an Údaráis a áirithiú; á áitiú go láidir gur gá córais éifeachtacha bhainistíochta agus rialaithe a bheith ann chun cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann de choinbhleachtaí leasa, rialuithe ex-anteex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí, a sheachaint.

Feidhmíocht

5.

ag tabhairt dá haire gur cuireadh moill ar an tionscadal atá tiomnaithe do chóras bainistíochta feidhmíochta struchtúrtha a fhorbairt lena dtacófar le príomhtháscairí feidhmíochta comhleanúnacha a fhorbairt, a bhí beartaithe ar dtús do 2021, agus go bhfuil sé á chur chun feidhme faoi láthair; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

6.

ag cur béim ar an méid atá bainte amach ag an Údarás maidir leis an gcéad tionscnamh earnáilsonrach atá dírithe ar chearta oibrithe taistil agus a bhfostóirí i réimse na hoibre séasúraí, ar a phlean gníomhaíochta agus a fheachtas gaolmhar, arna chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit, leis na comhpháirtithe sóisialta agus le geallsealbhóirí eile, agus lena dtugtar le chéile cúraimí oibríochtúla uile an Údaráis;

7.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur thacaigh an tÚdarás leis na chéad deich gcigireacht chomhbheartaithe agus chomhpháirteacha le rannpháirtíocht 11 Bhallstát; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh an tArdán Eorpach chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe a chomhtháthú go rianúil san Údarás in 2021, agus, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), gur ghlac an tÚdarás roinnt freagrachtaí sonracha ar líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta (EURES) ón gCoimisiún, go háirithe rialachas líonra EURES agus gníomhaíochtaí oiliúna agus cumarsáide, agus úinéireacht thairseach EURES

8.

ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur chuir an tÚdarás bailchríoch ar an gcreat is gá chun a chúram idirghabhála a sheoladh go luath in 2022, agus gur ghlac bord bainistíochta an Údaráis rialacha an nós imeachta idirghabhála i mí na Nollag 2021 agus gur sheol sé glao chun ainmniúcháin a áirithiú do na feidhmeanna idirghabhála éagsúla;

9.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur dhoimhnigh an tÚdarás a chomhar le comhlachtaí agus eagraíochtaí eile de chuid an Aontais; á chur in iúl gur geal léi na chéad chomhaontuithe le líonra SOLVIT agus leis an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a tugadh chun críche in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an tÚdarás tús leis an gcaibidlíocht maidir le socruithe eile comhair, lena n-áirítear leis an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thacaigh an tÚdarás agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) i mí Mheán Fómhair 2021 le hiarrachtaí na mBallstát dúshaothrú saothair san obair shéasúrach a chomhrac; ag tathant ar an Údarás féachaint tuilleadh ar na deiseanna atá ann a shocruithe oibre a leathnú agus ar chomhroinnt acmhainní i ndáil le cúraimí forluiteacha le comhlachtaí eile de chuid an Aontais;

10.

ag tabhairt dá haire gur cuireadh na gníomhaíochtaí go léir atá beartaithe i gclár oibre 2021 chun feidhme seachas na malartuithe foirne agus na tionscadail um chúnamh frithpháirteach faoin Ardán Eorpach chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe; á aithint go bhféadfadh an easpa iarratas ar na gníomhaíochtaí sin atá bunaithe ar éileamh a chur i leith phaindéim COVID; ag tabhairt dá haire go measann an bord bainistíochta go bhfuil na torthaí a bhain an tÚdarás amach sa dara bliain dá ghníomhaíocht ag leagan na dúshraithe síos chun Údarás lánoibríochtúil agus digitithe a fhorbairt roimh 2024

Beartas foirne

11.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di, an 31 Nollaig 2021, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 84,21 %, le 32 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 38 ngníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 11 ghníomhaire ar conradh agus 41 saineolaí náisiúnta ar iasacht (lena n-áirítear 27 n-oifigeach náisiúnta idirchaidrimh) don Údarás in 2021; ag tabhairt dá haire gur bhain an tÚdarás amach fás suntasach ar a lucht saothair tar éis dianiarrachtaí earcaíochta in 2021 i gcomhréir le ceann de phríomhthosaíochtaí an Údaráis;

12.

ag tarraingt aird, áfach, ar an bhfíoras go bhfuil an cion is airde de phoist saineolaithe náisiúnta ar iasacht ag an Údarás (60 as 144 bhall foirne, i bplean bunaíochta 2023) i gcomparáid le gníomhaireachtaí díláraithe uile an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí 15 phost saineolaithe náisiúnta ar iasacht a thiontú ina bpoist mar ghníomhairí sealadacha, rud a chuirfidh ar chumas an Údaráis leas a bhaint as foireann iomchuí chun a mhisean a chur chun feidhme tuilleadh;

13.

ag cur sonrú san easpa cothromaíocht inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta, agus gur fir iad 4 as 6 (67 %) díobh; ag cur sonrú san easpa cothromaíocht inscne laistigh de bhord bainistíochta an Údaráis, agus gur fir iad 20 as 33 (61 %) díobh; ag cur sonrú, thairis sin, san easpa cothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán an Údaráis, agus gur mná iad 23 as 43 (53 %) díobh; ag tabhairt dá haire an ionadaíocht inscne i measc saineolaithe náisiúnta ar iasacht (lena n-áirítear Oifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh) (49 % ar mná iad agus 51 % ar fir iad); ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh 14 náisiúntacht ag an Údarás bunaithe ar a phoist sa phlean bunaíochta (foireann reachtúil) ag deireadh 2021 agus go raibh sé beartaithe aige na náisiúntachtaí a ndéantar ionadaíocht orthu a mhéadú tuilleadh go dtí 18 in 2022; ag tathant ar an Údarás an chothromaíocht gheografach is mó is féidir a mheas ina nósanna imeachta earcaíochta agus aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne na foirne a áirithiú agus á iarraidh ar an Lárionad an ghné sin a chur san áireamh maidir le ceapacháin a bheidh ann amach anseo laistigh dá bhainistíocht shinsearach; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit é sin a chur i gcuntas agus comhaltaí an bhoird bainistíochta nó saineolaithe náisiúnta ar iasacht á n-ainmniú acu;

14.

ag tabhairt dá haire gur ghlac an tÚdarás a chéad struchtúr eagraíochtúil in 2021, gur cheap sé an eagraíocht agus gur lean sé de rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha a ghlacadh agus a fhorbairt, agus gur chruthaigh sé, i dteannta a chomhaltaí foirne ar fad, a ráiteas misin agus luachanna lena léirítear éagsúlacht agus cultúr na bhfostaithe uile; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an tÚdarás ag obair chun a bheith go hiomlán oibríochtúil in 2024;

15.

ag tabhairt dá haire gur ghlac an tÚdarás an beartas maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéaschiapadh a chosc i mí an Mhárta 2022, agus ina dhiaidh sin gur thosaigh sé ag eagrú ceardlanna éigeantacha frithchiaptha do gach ball foirne lena n-áirítear conraitheoirí seachtracha, chomh maith le seisiúin thiomnaithe do bhainisteoirí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an tÚdarás glao ar léiriú spéise ó chomhairleoirí rúnda i mí an Mheithimh 2022; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

16.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach maidir le hacmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a bheith acu ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear chun cinn go forleathan na deiseanna atá acu

Soláthar

17.

ag tabhairt dá haire gur bhain an tÚdarás an úsáid is fearr is féidir as creatchonarthaí idirinstitiúideacha atá ann cheana dá ghníomhaíochtaí riaracháin agus oibríochtúla, agus glaonna ar thairiscintí (caibidlithe, oscailte) á seoladh aige nuair ba ghá; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thug an tÚdarás 106 nós imeachta soláthair san iomlán i gcrích agus gur shínigh sé chomhaontú ar leibhéal seirbhíse;

18.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás na Modúil ríomhsholáthair Sócmhainní ABAC, ríomhthairiscint, ríomhaighneacht agus Uirlis Bainistíochta um Sholáthar Poiblí (PPMT) a ionduchtú sa bhliain 2021; ag tabhairt dá aire gur thosaigh an tÚdarás ag úsáid PPMT in 2022;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

19.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas cuimsitheach maidir le coinbhleachtaí leasa á fhorbairt ag an Údarás agus go bhfuil forálacha a bhaineann le coinbhleachtaí leasa i rialacha nósanna imeachta chomhlachtaí an Údaráis (an bord bainistíochta, an grúpa geallsealbhóirí, meithleacha an Údaráis); ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil dearbhuithe maidir le coinbhleachtaí leasa do chomhaltaí an bhoird bainistíochta i bhfeidhm agus go bhfuil fáil orthu go poiblí;

20.

ag tabhairt dá haire go bhfoilsíonn an tÚdarás CV a Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus go bhfuil sé ag obair ar CVanna ábhartha eile a fhoilsiú in 2023; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

21.

ag tabhairt dá haire go raibh cruinnithe ag an Údarás in 2021 le geallsealbhóirí seachtracha amhail ionadaithe ceardchumann, ionadaithe eagraíochtaí fostóirí agus ionadaithe gnó, chomh maith le húdaráis náisiúnta agus institiúidí náisiúnta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil clár láraithe ag an Údarás de chruinnithe ábhartha le geallsealbhóirí seachtracha agus nach bhfuil sé beartaithe aige clár den sórt sin a bhunú go dtí 2023; ag iarraidh ar an Údarás clár den sórt sin a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir agus aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

22.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur ghlac an tÚdarás, de réir analaí, treoirlínte an Choimisiúin maidir le sceithireacht an 25 Bealtaine 2021;

23.

á áitiú gur gá rialacha córasacha a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; ag iarraidh ar an Údarás a shásraí rialaithe inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

24.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, cé gur fhormheas bord bainistíochta an Údaráis, de réir thuarascáil na Cúirte, cairt mhisean sheirbhís um iniúchóireacht inmheánach an Choimisiúin (in 2021) agus creat rialaithe inmheánaigh an Údaráis (ICF) (in 2020), nár ghlac an tÚdarás straitéis iomchuí bainistíochta riosca agus rialaithe go fóill ná nár ghlac sé cairtfhostú an oifigigh údarúcháin ná cairt na n-oifigeach údarúcháin trí fhotharmligean, ná cairt an chuntasóra, agus go gcuireann na bearnaí sin bac ar chur chun feidhme chreat rialaithe inmheánaigh an Údaráis; ag tabhairt dá haire ón bhfreagra ón Údarás gur chuir sé bailchríoch ar an bpróiseas measúnaithe riosca agus go bhfuil roinnt beartas agus nósanna imeachta i bhfeidhm aige chun ICF a chur chun feidhme agus go n-oibríonn sé go leanúnach chun a ICF a neartú tuilleadh agus go bhfuil sé beartaithe aige na cairteacha ábhartha a ghlacadh; ag iarraidh ar an Údarás tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le forbairt a chórais rialaithe inmheánaigh agus a bhainistithe riosca;

25.

ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, gur thaifead an tÚdarás sócmhainní ag a raibh luach iomlán EUR 73 118 i Sócmhainní ABAC agus i dtaifead an fhardail, gur troscán oifige a bhí sna sócmhainní sin den chuid is mó, agus gur shann an tÚdarás sainaithint fardail agus suíomh amach anseo do gach ítim; ag tabhairt dá haire, áfach, mar gheall ar phaindéim COVID-19, nár lipéadaíodh na sócmhainní tráth an iniúchta, agus nár cuireadh fós iad ina suíomhanna sannta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go dtéann easpa fardail iomlána agus nuashonraithe lena sonraítear suíomh shócmhainní inláimhsithe an Údaráis i gcoinne Airteagal 87 den Rialachán Airgeadais, agus go ndéanann sé dochar do chumas an Údaráis a shócmhainní a chosaint; ag cur sonrú i bhfreagra an Údaráis, de bharr bhearta sriantacha phaindéim COVID-19, tar éis an tseachadta, gur cuireadh na sócmhainní inláimhsithe sna limistéir ainmnithe le déanaí de réir an phlean suímh agus líon na mball foirne agus go bhfuil an próiseas lipéadaithe agus cur i gcrích fisiciúil na bhfardal tugtha chun críche;

26.

ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, an 11 Nollaig 2020, gur shínigh an tÚdarás conradh sonrach le haghaidh ghníomhaíochtaí oiliúna EURES a chumhdaíonn an chéad ráithe de 2021, arb ionann é agus EUR 299 437, agus gur síníodh creatchonradh nua, dar luach EUR 12 mhilliún agus uastréimhse 48 mí, chun gníomhaíochtaí oiliúna EURES a sholáthar an 9 Samhain 2021, agus nach ndearnadh aon íocaíochtaí a bhaineann leis an gcreatchonradh sin in 2021 ag tabhairt dá haire, thairis sin, de réir thuarascáil na Cúirte nár bhunaigh an tÚdarás rialuithe ex-ante ná ex-post a bhaineann le gnéithe oibríochtúla agus airgeadais na ngníomhaíochtaí oiliúna bunaithe ar fhianaise dhíreach ó na gníomhaíochtaí oiliúna a cuireadh chun feidhme agus ina ionad sin go raibh sé ag brath ar thuarascálacha arna n-eisiúint ag oiliúnóirí, agus go bhféadfadh an easpa nósanna imeachta foirmiúla sin bunaithe ar fhianaise dhíreach rioscaí a chruthú do chur chun feidhme treoracha bainistíochta, agus do bhaint amach chuspóirí an Údaráis;

27.

ag tabhairt dá haire gur aithin an tÚdarás gur gá an struchtúr iomchuí a bhunú go hinmheánach, nósanna imeachta foirmiúla a thabhairt isteach bunaithe ar fhianaise dhíreach mar fhreagra ar bharúil na Cúirte; ag tabhairt dá haire go bhfuil rialuithe díreacha á n-úsáid ag an Údarás le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna, agus ó 2023 ar aghaidh, go mbunóidh sé sásra le haghaidh rialuithe díreacha, faoina mbeidh foireann an Údaráis rannpháirteach in 10 % den oiliúint arna soláthar ag EURES, lena gcumhdaítear samplaí de gach cineál agus formáid oiliúna, go n-urramóidh sé cur chun feidhme na hoiliúna, agus go ndéanfar suirbhé ar shástacht na rannpháirtithe i ndiaidh na hoiliúna measúnaithe;

28.

ag tabhairt dá haire gur ghlac agus gur chuir an tÚdarás a straitéis frithchalaoise 2021–2023 chun feidhme, agus go ndéantar faireachán ar chur chun feidhme na straitéise trí phlean gníomhaíochta tiomnaithe;

Digitiú agus an t-aistriú glas

29.

ag tabhairt dá haire go bhfuil réitigh TFC bunaithe ag an Údarás timpeall ar thairiscint Microsoft 365 agus ar chórais an Choimisiúin arna gcomhroinnt idir institiúidí éagsúla a bhfuil rochtain orthu trí réiteach slán VPN, ar réitigh iad a ndearna comhairleoirí neamhspleácha agus CERT-EU athbhreithniú orthu; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil réiteach faireacháin slándála TFC cumraithe ag an Údarás, rud a fhágann gur féidir faireachán a dhéanamh ar CERT-EU bunaithe ar an gcomhaontú ar leibhéal seirbhíse;

30.

ag tabhairt dá haire go bhforbrófar beartas cibearshlándála an Údaráis in 2023 le hionchur ó chur chuige Straitéis agus Gníomhaireachtaí TFC maidir leis an rialachán nua cibearshlándála; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

31.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú an Údaráis a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú na nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don an Údarás leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

32.

ag spreagadh an Údaráis oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); á mholadh go gcuirfí cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a nuashonraítear go rialta ar fáil do gach ball foirne laistigh den Údarás; ag iarraidh ar an Údarás a beartas cibearshlándála a fhorbairt níos tapúla, é a sheachadadh roimh 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh;

33.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici go bhfuil deimhniú Óir na Ceannaireachta i bhFuinneamh agus Dearadh Comhshaoil faighte ag ceanncheathrú an Údaráis sa tSlóvaic (an foirgneamh Landerova 12 nó L12);

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

34.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, tuarascáil na Cúirte nár ghlac an tÚdarás plean leanúnachais gnó go fóill agus gur laige inmheánach mhór é an easpa plean um leanúnachas gnó atá bunaithe agus cuimsitheach; ag tabhairt dá haire ó fhreagra an Údaráis, mar gheall ar phaindéim COVID-19, go raibh réiteach leanúnachais gnó teilea-oibre i bhfeidhm ar bhonn laethúil, agus go n-aithníonn an tÚdarás a thábhachtaí atá doiciméad cuimsitheach ina ndéantar cur síos ar an bplean leanúnachais gnó, atá beartaithe a thabhairt chun críche in 2023; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

35.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici an tuarascáil maidir le ‘tionchar na teilea-oibre le linn phaindéim COVID-19 ar an tslándáil shóisialta is infheidhme’ agus measúnú inmheánach ar ‘thionchar phaindéim COVID-19 ar réimsí oibríochtaí an Údaráis’;

Barúlacha eile

36.

ag tabhairt dá haire, le linn 2021, go ndearna an tÚdarás tuilleadh forbartha ar a ghníomhaíochtaí cumarsáide, le líon méadaitheach lucht leanúna na meán sóisialta, cruthú suíomhanna nua ar ardáin bhreise na meán sóisialta agus méadú ar inneachar idirghníomhach agus níos tarraingtí, amhail físeáin, agus lean sé dá shuíomh gréasáin, dá amharc-aithne, dá lógó agus dá dhéantáin eile a fhorbairt a mhéadóidh infheictheacht agus aitheantas an Údaráis; á iarraidh ar an Údarás dlús a chur lena hiarrachtaí agus faisnéis ábhartha feidhmíochta a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i gcoitinne i dteanga shoiléir agus inrochtana; ag tathant ar an Údarás trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as cainéil na meán agus na meán sóisialta;

37.

á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht an Údaráis ar leibhéal rialachais le Eurofound, EU-OSHA, agus an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) agus malartú na ndréachtchlár oibre le Eurofound, leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), agus le EIGE chun sineirge a áirithiú sna cláir oibre faoi seach;

38.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál trasghearrtha a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 2023 (3) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 114, 31.3.2021, lch. 232

(2)  Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/333


CINNEADH (AE) 2023/1894 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Saothair Eorpaigh (ELA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Saothair Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0090/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (AE) Uimh. 492/2011 agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (4), agus go háirithe Airteagal 28 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0117/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Údaráis Saothair Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Saothair Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 186, 11.7.2019, lch. 21.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/334


CINNEADH (AE) 2023/1895 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0091/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (4), agus go háirithe Airteagal 68 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0106/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/336


RÚN (AE) 2023/1896 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0106/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 379 228 000 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, a léiríonn méadú de 2,56 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur ó tháillí a mhaoinítear an Ghníomhaireacht, gur eascair thart ar 89,40 % dá hioncam le haghaidh 2021 ó tháillí a d’íoc an tionscal cógaisíochta as seirbhísí arna soláthar, gur eascair 9,90 % de ó bhuiséad an Aontais agus 0,7 % de ó ioncam sannta seachtrach;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2021 ráta cur chun feidhme buiséadach de 96,38 %, a léiríonn laghdú de 2,46 % i gcomparáid le 2020; á chur in iúl gur oth léi gur ráta forghníomhaithe 72,36 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú de 6,11 % i gcomparáid le 2020;

Feidhmíocht

2.

ag tabhairt dá haire, in 2021, in ainneoin na ndeacrachtaí a chruthaigh paindéim COVID-19, gur lean an Ghníomhaireacht de mhargadh aonair feidhmiúil a chur chun cinn do chógais dhaonna agus tréidliachta, trí ghníomhú mar mhol líonra Eorpach na n-údarás cógas rialála lena gcuirtear chun feidhme creat reachtach infheidhme an Aontais do na táirgí sin; ag moladh na Gníomhaireachta as a tacaíocht maidir le freagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19, trí mheasúnú tráthúil a dhéanamh ar vacsaíní agus ar theiripí chun ionfhabhtuithe ó víreas SARS-CoV-2 a chosc agus a chóireáil;

3.

ag moladh na Gníomhaireachta as an méid suntasach atá bainte amach aici in 2021 le, i measc nithe eile, ceithre vacsaín COVID-19 agus cúig chóireáil COVID-19 a moladh lena bhformheas, 92 leigheas nua don duine agus 12 leigheas tréidliachta nua a moladh le haghaidh údarú margaíochta, sé chógais PRIME-ainmnithe a moladh lena bhformheas agus 19 n-ainmniú ar stádas dílleachta a deimhníodh; ag moladh na Gníomhaireachta freisin as an dul chun cinn a rinneadh i dtreo Córas Faisnéise maidir le Triail Chliniciúil lánfheidhmiúil agus as seoladh na Trialacha Cliniciúla Luasghéaraithe i dtionscnamh an Aontais;

4.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh spriocanna fhormhór ualach oibre na Gníomhaireachta agus príomhtháscairí feidhmíochta a bhaint amach nó a shárú in 2021, agus go raibh baint amach fhormhór na gcuspóirí a leagadh síos ar an mbóthar ceart nó curtha i gcrích; ag tabhairt dá haire, thairis sin, maidir leis an obair leantach ar bharúlacha urscaoilte na bliana seo caite, in ainneoin na ndeacrachtaí a d’eascair as paindéim COVID-19, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an nGníomhaireacht maidir le huirlisí, coincheapa agus próisis nua bainistithe feidhmíochta a thabhairt isteach trí Chlár cuimsitheach Feidhmíochta agus Forbartha a fhorbairt lena mbaineann cascáidiú cuspóirí ó leibhéil níos airde síos go dtí leibhéal foirne nó aonair agus faireachán rialta ar dhul chun cinn trí bhainistiú leanúnach feidhmíochta; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh a luaithe a bheidh a bheidh leabú na dtionscnamh sin in oibríochtaí na Gníomhaireachta curtha i gcrích;

5.

ag tabhairt dá haire, tar éis an chibearionsaí i mí na Nollag 2020, go ndearna an Ghníomhaireacht a cumais agus a cosaint cibearshlándála a neartú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur cruthaíodh an Coiste Stiúrtha um Bainistiú Slándála Faisnéise chun formhaoirseacht, agus úinéireacht agus treo ar fud na Gníomhaireachta a chur ar fáil don straitéis slándála faisnéise agus dá plean cur chun feidhme, d’fhonn Lárionad Oibríochta Slándála a bhunú ina ndéanfar faireachán cruinn ar líonra na Gníomhaireachta agus go bhforbrófar clár um fheasacht agus oiliúint slándála a bhfuil sé mar aidhm leis cultúr láidir slándála a chothú laistigh den Ghníomhaireacht; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na torthaí a thiocfaidh as na bearta sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-athbhreithniú ar straitéis slándála faisnéise na Gníomhaireachta ar siúl, agus é mar aidhm treochlár feabhsúcháin trí bliana a chur ar bun i gcomhréir le dea-chleachtais eagraíochtaí comhchosúla;

6.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac, go háirithe glacadh straitéis 2021-2025 ón gCoiste um Straitéis Táirgí Íocshláinte Tréidliachta (CVMP) maidir le hábhair fhrithmhiocróbacha; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go raibh díolacháin fhoriomlána ábhar frithmhiocróbach tréidliachta i dtíortha na hEorpa 47 % níos ísle in 2021 ná in 2011 de réir thuarascáil bhliantúil 2022 an Tionscadail Eorpaigh um Fhaireachas ar Thomhailt Ábhar Frithmhiocróbach Tréidliachta a foilsíodh i mí na Samhna 2022 dar teideal ‘Díolacháin d’oibreáin fhrithmhiocróbacha tréidliachta in 31 thír Eorpacha in 2021 - Treochtaí ó 2010 go 2021’;

7.

á chur i bhfáth go mbeidh sé mar thosaíocht tástáil ar ainmhithe a athsholáthar i bhforbairt cógas le linn chur i bhfeidhm phrionsabail an mhalartaithe, an laghdaithe agus an fheabhsaithe (na 3 R-anna) a mhéid a bhaineann le húsáid ainmhithe chun cógas leighis a fhorbairt, a mhonarú agus a thástáil; ag tabhairt dá haire go raibh gá le Meitheal Oibre na 3 R-anna a chur ar feitheamh in 2021 mar gheall ar an mbeartas um pleanáil leanúnachais gnó mar thoradh ar phaindéim COVID-19, dá bhrí sin níor ullmhaigh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar ghníomhaíochtaí maidir leis an tsaincheist sin; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh tús arís le gníomhaíocht Mheitheal na 3 R-anna ag deireadh 2022 agus eagrú cruinnithe le geallsealbhóirí maidir leis an tsaincheist sin in 2023; ag dréim leis go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht a tuarascálacha débhliantúla maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis na 3R-anna a ullmhú a luaithe is féidir.

8.

ag tabhairt dá haire socruithe oibre foirmiúla na Gníomhaireachta lena príomh-chomhpháirtithe gníomhaireachta de chuid an Aontais (an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí), lena leagtar amach cineál an chomhair agus an chomhairliúcháin fhrithpháirtigh i réimsí leasa choitinn; ag tabhairt dá haire gur ann do chomhar gníomhach na Gníomhaireachta leis an Údarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt d’Éigeandáil Sláinte maidir le frithbhearta leighis agus gur ullmhaíodh Meabhrán Tuisceana eatarthu chun a róil agus a bhfreagrachtaí a shoiléiriú agus comhlántacht a áirithiú; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go mbíonn an Ghníomhaireacht rannpháirteach go rialta i nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh le gníomhaireachtaí díláraithe eile de chuid an Aontais agus le seirbhísí de chuid an Choimisiúin agus go n-eagraíonn sí nósanna imeachta soláthair comhpháirteacha atá oscailte do ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;

Beartas foirne

9.

ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 98,02 % an 31 Nollaig 2021, go raibh ceapacháin déanta i gcás 644 ghníomhaire shealadacha as 657 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 596 bpost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 206 ghníomhaire ar conradh, 28 saineolaí náisiúnta ar iasacht agus 138 n-eatramhach ag obair don Ghníomhaireacht in 2021;

10.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach raibh méadú leormhaith ar fhoireann na Gníomhaireachta ag gabháil le tabhairt isteach tascanna nua agus ualach oibre a bhaineann le táillí mar gheall ar phunann na gcógas leighis údaraithe a bhfuil borradh tagtha air in imeacht na mblianta, a chuireann brú suntasach ar an nGníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht féachaint ar bhealaí chun suirbhé a dhéanamh ar an bhfoireann maidir lena bhfolláine agus lena modhanna úsáide lena gcoiscfí traochadh agus feidhmíocht laghdaithe;

11.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an easpa cothromaíochta inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta, agus gur fir iad 17 as 28 (61 %) díobh; ag tabhairt dá haire an chothromaíocht inscne ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir iad 37 as 66 (56 %) agus gur mná iad 562 as 850 (66 %) ar an bhfoireann iomlán; á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta nithiúla a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a mhéadú ar gach leibhéal d’ordlathas na Gníomhaireachta a luaithe is féidir agus tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh;

12.

ag aithint an obair leanúnach atá déanta ag an nGníomhaireacht maidir le creat beartais fadtéarmach maidir le hacmhainní daonna a bhunú a mbeidh an chothromaíocht oibre is saoil ina chroílár; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, cur chun feidhme iomlán timpeallacht oibre hibrideach, cláir folláine agus cúnaimh fostaithe na Gníomhaireachta, cruthú meitheal oibre chun an t-ualach oibre a bhainistiú, foireann sláinte thiomnaithe laistigh den fheidhm acmhainní daonna, chomh maith le cúrsaí oiliúna agus suirbhéanna maidir le folláine;

13.

ag tabhairt dá haire gur chabhraigh an méadú suntasach de 61 ghníomhaire shealadacha arna gcinneadh ag an údarás buiséadach leis an nGníomhaireacht dul i ngleic leis an ualach oibre breise a d’eascair as paindéim COVID-19, chomh maith le gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme shainordú méadaithe na Gníomhaireachta;

14.

ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach AD a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a a bheith ann ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

15.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurbh é 2021 an tríú bliain as a chéile gur ardaigh an Chúirt barúlacha nua don Ghníomhaireacht a bhaineann le soláthar; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte an tuairim maidir le rómheastachán na Gníomhaireachta ar luach creatchonartha trína gceadófaí do níos mó cuideachtaí tairiscintí a chur isteach de bharr tairseach níos ísle maidir leis an gceanglas a bhaineann le hacmhainneacht airgeadais agus eacnamaíoch (láimhdeachas bliantúil); á iarraidh ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar easnaimh a próiseas soláthair agus moltaí na Cúirte a leanúint freisin;

16.

ag tabhairt dá haire gur saincheist leanúnach fós iad dliteanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn, go dtí 2039, as an léas arsheanáitreabh oifige na Gníomhaireachta i Londain; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, bunaithe ar thuarascálacha 2020 agus 2021 ón gCúirt, go bhfuil méadú tagtha ar an méid measta a chomhfhreagraíonn do na dliteanais sin ó EUR 377 milliún an 31 Nollaig 2020 go dtí EUR 383 mhilliún an 31 Nollaig 2021; ag tabhairt dá haire gur tháinig an Ghníomhaireacht ar chomhaontú le húinéir an fhoirgnimh chun a seanáitreabh a fholigean ó mhí Iúil 2019; ag tabhairt dá haire go bhfuil téarmaí an fholéasa comhsheasmhach leis an gceannléas agus go maireann sé go dtí 2039; ag aithint gurb ionann áitreabh na Gníomhaireachta i dtríú tír a fholigean agus acmhainní a atreorú chun gníomhaíocht a dhéanamh lasmuigh de shainordú dlíthiúil na Gníomhaireachta; ag aithint, thairis sin, go bhfuil gá le cinneadh polaitiúil chun réiteach fadtéarmach a áirithiú maidir leis an tsaincheist sin;

17.

ag tabhairt dá haire na bearta a rinne an Ghníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar bharúlacha na Cúirte ó 2019 maidir le creatchonradh arna shíniú ag an nGníomhaireacht le trí chuideachta chun oibrithe sealadacha a sholáthar; ag tabhairt dá haire, mar thoradh air sin, go bhfuil stádas na mbarúlacha sin uasghrádaithe ag an gCúirt ó ‘fós gan réiteach’ go ‘fós ar siúl’; á thabhairt faoi deara gur chomhaontaigh an Chúirt athmheasúnú a dhéanamh ar an mbarúil sin maidir le ‘dúnadh’, tar éis sheoladh an nós imeachta nua maidir le soláthar oibrithe gníomhaireachta sealadacha an 25 Bealtaine 2022;

18.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé do na nósanna imeachta soláthair uile, iomaíocht chothrom idir tairgeoirí a áirithiú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; ag iarraidh go gcuirfí chun feidhme na huirlisí TF ríomhsholáthair a d’fhorbair an Coimisiún; ag iarraidh go ndéanfaí soiléiriú nuashonraithe ar na nósanna imeachta agus na teimpléid sna treoirlínte soláthair; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, tuairim na Cúirte go bhfuil laigí an tsoláthair phoiblí ag méadú agus go bhfuil siad fós ar an bhfoinse is mó d’íocaíochtaí neamhrialta i gcás fhormhór na ngníomhaireachtaí;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

19.

ag aithint bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht a áirithiú, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus cosaint do sceithirí a sholáthar; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chás sceithireachta inmheánach in 2021, ach, go bhfuarthas 29 dtuarascáil ar chásanna sceithireachta seachtracha, agus dúnadh 23 chás díobh sin agus tá 6 chás fós ar siúl; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta sna cásanna atá fós ar siúl;

20.

ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht CVanna agus dearbhuithe leasanna chomhaltaí a boird bainistíochta, a lucht bainistíochta sinsearaí agus na saineolaithe eolaíocha a bhfuil baint acu le hobair na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár thuairiscigh an Ghníomhaireacht aon chás coinbhleachtaí leasa in 2021; ag moladh na Gníomhaireachta as rialacha a chur i bhfeidhm do chomhaltaí a boird maidir le coinbhleachtaí leasa agus cásanna ‘dorais imrothlaigh’;

21.

á chur in iúl gur geal léi na céimeanna breise a glacadh chun trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a fheabhsú trí thuairisciú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar na cruinnithe atá ag foireann na Gníomhaireachta le geallsealbhóirí seachtracha, agus ar infhaighteacht an tuairiscithe sin ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta;

22.

á áitiú gur gá rialacha córasacha a chothabháil maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a cód iompair a athbhreithniú agus a fheabhsú agus leanúint dá sásraí rialaithe agus iniúchóireachta inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

23.

á chur i bhfáth gur údarás poiblí í an Ghníomhaireacht, in ainneoin go dtagann an chuid is mó dá maoiniú ó fhoinsí príobháideacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil muinín an phobail agus ráthaíocht maidir le neamhspleáchas agus sláine na Gníomhaireachta ríthábhachtach agus, dá bhrí sin, gur gá ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú trína gníomhaíochtaí uile chun gabháil rialála a sheachaint agus chun a áirithiú go leanfaidh saoránaigh de mhuinín a bheith acu sa chreat dlíthiúil agus rialála cógaisíochta san Aontas;

Rialú inmheánach

24.

ag tabhairt dá haire maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá curtha ar bun ag an nGníomhaireacht, gur córas éifeachtach é ar an iomlán ó thaobh gnéithe indibhidiúla de agus ó thaobh an chórais i gcoitinne, agus go mbeadh mionfheabhsuithe ag teastáil chun a thuilleadh feabhais a chur ar éifeachtúlacht roinnt gnéithe sonracha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur fhormheas bord feidhmiúcháin na Gníomhaireachta cur chuige nua agus treoir inmheánach nua in 2021 maidir leis an modheolaíocht le haghaidh rialuithe airgeadais ex-post, lena dtugtar isteach amlínte nua chun an cleachtadh a thabhairt i gcrích i dtréimhse rollach 18 mí; ag tabhairt dá haire nár léiríodh aon laigí suntasacha leis na nósanna imeachta rialaithe inmheánacha, cé gur sainaithníodh dhá réimse rialuithe le haghaidh feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh agus go bhfuil aghaidh á tabhairt orthu faoi láthair trí phleananna gníomhaíochta feabhsúcháin sonracha; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar na forbairtí ina leith sin;

25.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an bharúil ó thuarascáil na Cúirte maidir le heasnaimh nós imeachta iomadúla in dhá nós imeachta earcaíochta iniúchta, rud a bhaineann an bonn de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar na laigí a d’aimsigh an Chúirt i réimse na hearcaíochta agus a córas rialaithe inmheánaigh a neartú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin;

26.

á chur in iúl gur saoth léi go mbaineann easnaimh nós imeachta i nósanna imeachta earcaíochta an bonn de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne; á iarraidh ar an nGníomhaireacht feabhas a chur ar a nós imeachta earcaíochta inmheánach chun próisis mheastóireachta agus fógraí folúntais a shoiléiriú; á thabhairt le fios go raibh 18 gceann roinne ann in 2021 de réir thuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta, agus go raibh 13 cheann roinne ann in 2020.

27.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais Bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; ag cur béim láidir ar an gceanglas córais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtacha a bheith ann chun go seachnófaí cásanna féideartha de choinbhleachtaí leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtain saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

Digitiú agus an t-aistriú glas

28.

ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht dá straitéis gnóthachan éifeachtúlachta in 2021, ag tógáil ar an gClaochlú Digiteach, ag baint leasa as na gníomhaíochtaí a rinne an tascfhórsa um Chlaochlú Gnó Dhigitigh; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur áiríodh sna gníomhaíochtaí iniúchadh a dhéanamh ar an intleacht shaorga, ar an meaisínfhoghlaim agus ar an róbataic chun réitigh phragmatacha a thógáil ar riachtanais ghnó na Gníomhaireachta atá ann cheana, agus dlús a chur leis an nuálaíocht tríd an Saotharlann Nuálaíochta Digití, a d’fhorbair creat chun anailís a dhéanamh ar na próisis d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú trí theicneolaíocht agus nuálaíocht dhigiteach ar fud na Gníomhaireachta;

29.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici an dul chun cinn atá déanta maidir le clár digitithe riaracháin na Gníomhaireachta atá dírithe ar nuachóiriú a dhéanamh ar phróisis agus ar uirlisí a úsáidtear i réimsí bainistíochta foirne, airgeadais agus pleanála; ag moladh chur i bhfeidhm chéim 1 agus chéim 2 den chlár Feidhmíochta agus Forbartha in 2021, ina gcuimsítear, i measc nithe eile, uirlis dhigiteach nua a sheoladh chun gach próiseas feidhmíochta agus forbartha a bhainistiú agus a chomhtháthaítear leis na córais ionduchtaithe atá ann cheana, agus cur chun feidhme an chomhaid phearsanta dhigitigh do gach ball foirne reachtúil, lena n-ionadaítear comhad pearsanta stairiúil i scríbhinn agus comhaid oibre scanta;

30.

á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne an Ghníomhaireacht in 2021 ar mhaithe le hinbhuanaitheacht mhéadaithe chun an lorg carbóin óna gníomhaíochtaí a laghdú; ag tabhairt dá haire go raibh torthaí dearfacha éagsúla mar thoradh ar iarrachtaí den sórt sin, lena n-áirítear laghdú suntasach ar thomhaltas fuinnimh agus uisce na Gníomhaireachta; á chur in iúl gur geal léi dul chun cinn na Gníomhaireachta in 2021 maidir lena clárú don scéim um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil, an nuashonrú ar chóras na Gníomhaireachta um Bainistiú Comhshaoil (EM) chun na hacmhainní a shainaithint a chuideoidh le gníomhaíochtaí EM a leabú ina próisis ghnó oibríochtúla agus faireachán a dhéanamh ar lorg comhshaoil na Gníomhaireachta tríd an bPrótacal maidir le Gás Ceaptha Teasa a chur i bhfeidhm;

31.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aistriú chuig bainistiú agus próisis gan pháipéar i gcás inar féidir; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá leis na bearta slándála uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

32.

á mholadh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus le CERT-EU (an Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfaí cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne laistigh den Ghníomhaireacht. á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt níos tapúla, é a sheachadadh roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

33.

ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar phleanáil leanúnachais gnó a chur i bhfeidhm le linn 2021, gur ghá cuid de ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a chur ar feitheamh, a mhoilliú nó a ghearradh siar; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur lean an Ghníomhaireacht d’fhaireachán a dhéanamh ar a plean leanúnachais gnó agus ar a plean bagartha don tsláinte phoiblí, chun sláinte agus sábháilteacht na mball foirne, na dtoscairí agus na gconraitheoirí a chosaint agus ag an am céanna leanúint dá sainordú a chomhlíonadh;

34.

ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt beart déanta ag an nGníomhaireacht chun faireachán agus maolú a dhéanamh ar éifeachtaí phaindéim COVID-19, amhail rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhainistiú trí scaradh sóisialta a chur chun feidhme agus ligean d’fhostaithe oibriú ón mbaile; ag tabhairt dá haire nach raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar oibríochtaí ná ar thorthaí na Gníomhaireachta;

Barúlacha eile

35.

ag moladh na Gníomhaireachta as a hiarrachtaí in 2021 faisnéis shoiléir, thrédhearcach, chruinn agus thráthúil a chur ar fáil maidir le formheas agus maoirseacht vacsaíní agus cóireálacha COVID-19 san Aontas le luas agus minicíocht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo; ag aithint go raibh cumarsáid na Gníomhaireachta ríthábhachtach chun saoránaigh an Aontais a chur ar a suaimhneas, chun mífhaisnéis agus bréagaisnéis a chomhrac, chun muinín a chothú agus chun an tsláinte phoiblí a chosaint; ag moladh mhéadracht fheabhsaithe agus aiseolas dearfach na Gníomhaireachta maidir le trácht suíomhanna gréasáin, preasagallaimh agus cuntais na meán sóisialta in 2021;

36.

ag tabhairt dá haire gur fhorbair an Ghníomhaireacht in 2021 creatstraitéis nua 5 bliana don chumarsáid sheachtrach agus don rannpháirtíocht sheachtrach, lena gcumhdaítear 2021 go 2025, arb é is aidhm di tuiscint níos fearr ar an nGníomhaireacht agus ar a cuid oibre i measc shaoránaigh an Aontais a fhorbairt, chomh maith le creat straitéiseach a chur ar fáil chun pleananna bliantúla cumarsáide agus rannpháirtíochta a fhorbairt; ag tabhairt dá haire go leagtar amach sa chreatstraitéis nua spriocanna amhail méadú ar an tionchar ar an tsláinte phoiblí, comhar neartaithe le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí agus bunú próiseas barrfheabhsaithe cumarsáide géarchéime i measc nithe eile;

37.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá cuid sineirgí (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil) le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a fhorbairt, agus a comhar, a malartuithe dea-chleachtais agus a pléití leis na gníomhaireachtaí sin maidir le réimsí comhleasa le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

38.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-ghearrtha a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (2) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 26.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/342


CINNEADH (AE) 2023/1897 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0091/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (4), agus go háirithe Airteagal 68 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0106/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/343


CINNEADH (AE) 2023/1898 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023[19] – C9-0092/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena mbunaítear an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (4), agus go háirithe Airteagal 15 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0107/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 376, 27.12.2006, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/345


RÚN (AE) 2023/1899 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí (EMCDDA) agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do cinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0107/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 18 974 791 a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (‘an Lárionad’) don bhliain airgeadais 2021, a léiríonn laghdú de 5,13 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a eascraíonn buiséad an Lárionaid den chuid is mó (90 %);

B.

de bhrí go luann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Lárionaid don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais an Lárionaid beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gurbh é 100 % ráta chur chun feidhme an bhuiséid de thairbhe iarrachtaí faireacháin buiséid i rith na bliana airgeadais 2021, an ráta céanna agus a bhí ann in 2020; ag tabhairt dá haire gurbh ionann ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus 96,35 %, a léiríonn méadú 1,62 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina dhíol sásaimh di gurb é 98,80 % ráta cur chun feidhme na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a tugadh anonn ó 2020 go 2021;

Feidhmíocht

2.

ag tabhairt dá haire go sainaithnítear líon teoranta (10) eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) ilchodacha i samhail tomhais feidhmíochta an Lárionaid, ar táscairí iad a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar a éifeachtaí atá soláthar na n-aschur inmhianaithe agus ar éifeachtúlacht úsáide na n-acmhainní a leithdháiltear, agus a chomhlánaítear le ETFanna ardleibhéil lena ndírítear ar thorthaí agus ar thionchair; ag tabhairt dá haire, maidir leis na táscairí feidhmíochta, gur shainigh an Lárionad 54 sprioc bhliantúla, ar baineadh amach 47 sprioc (87 %) díobh; á chur in iúl gur geal léi, sa bhreis ar na táscairí feidhmíochta, gur ghlac an Lárionad cur chuige iltháscairí maidir le faireachán; ag tabhairt dá haire, leis an gcur chuige sin, go mbaineann gníomhaíochtaí faireacháin le 5 phríomhtháscaire eipidéimeolaíochta;

3.

ag tabhairt dá haire gur baineadh amach formhór tháscairí feidhmíochta an Lárionaid in 2021; á thabhairt faoi deara go raibh baint amach i bpáirt i gceist le roinnt méadrachtaí, amhail meánlíon na laethanta oiliúna in aghaidh an bhaill foirne (sprioc de 3 lá, a baineadh amach 1,2 lá) mar gheall ar shrianta taistil ar feadh na bliana nó meán-am na bpróiseas earcaíochta (sprioc 4 mhí, a baineadh amach 4,5 mí) mar gheall ar mhéadú ar líon na n-earcuithe a tharla in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár baineadh amach cuid de na táscairí feidhmíochta a bhaineann le cur chun feidhme éifeachtúil na dtionscadal cúnaimh theicniúil leis na tríú tíortha ach i bpáirt mar gheall ar choinníollacha cur chun feidhme, lena n-áirítear srianta a bhaineann le paindéim COVID-19;

4.

á chur in iúl gur geal léi gur ghlac bord bainistíochta an Lárionaid an dara Treochlár 2025 mar aon le samhail ghnó nua an Lárionaid a bhfuil sé d’aidhm leis an Lárionad a fhorbairt tuilleadh ina eagraíocht atá dírithe ar chustaiméirí agus sonraíbhunaithe; ag tabhairt dá haire go mbeidh na doiciméid sin ina dtreoir d’obair an Lárionaid sa dara céim de Straitéis 2025 an Lárionaid a chur chun feidhme, ar straitéis í a thosaigh in 2021; á thabhairt chun suntais gur páirtí freagrach é an Lárionad in go leor príomhghníomhaíochtaí de chuid Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Drugaí 2021–2025 a d’fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh in 2021;

5.

á mholadh go bhfuil iarrachtaí agus dul chun cinn déanta ag an Lárionad ina thrí réimse oibre: spreagaithe sláinte, slándála agus gnó; ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur eisíodh an chéad fhoilseachán suaitheanta lándigiteach de chuid an Lárionaid in 2021 ina bhfuil 8 ‘bhfreagairt miontreoracha’ lena dtugtar aghaidh ar na príomhdhúshláin sláinte poiblí i réimse na ndrugaí, seoladh sraith straitéisí nua ar líne arb é is aidhm di spriocanna a bhaint amach i réimsí áirithe sláinte agus eisiúint tuarascálacha speisialta maidir leis na bagairtí ar AE a bhaineann le forbairtí drugaí atá ag teacht chun cinn san Afganastáin agus san Iaráin, agus maidir le bealaí gáinneála na mBalcán agus an deiscirt isteach san Aontas; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil cur chuige ag an Lárionad atá dírithe ar chustaiméirí, go bhfuil iarrachtaí déanta aige chun a áirithiú go gcuirfear táirgí agus seirbhísí tráthúla ar fáil agus go mbeidh sé níos infheicthe ar na bealaí ar líne;

6.

á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht an Lárionaid in imeachtaí oiliúna a bhaineann le drugaí agus i bhforbairt acmhainní, agus gur éirigh leis a chuid eolais a roinnt le hos cionn 870 gairmí atá ag obair i réimse na ndrugaí, arb ionann é agus méadú 75 % nach mór i gcomparáid le 2020; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur seoladh Scoil Gheimhridh na hEorpa maidir le Drugaí in 2021, chun cur le Scoil Samhraidh na hEorpa maidir le Drugaí atá bunaithe cheana féin;

Beartas foirne

7.

ag tabhairt dá haire, go raibh 96 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme an 31 Nollaig 2021, gur ceapadh 7 n-oifigeach agus 66 ghníomhaire shealadacha as 7 n-oifigeach agus 69 ngníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 76 phost údaraithe in 2021 agus in 2020); ag tabhairt dá haire freisin, go raibh 27 ngníomhaire ar conradh agus saineolaí náisiúnta ar iasacht amháin ag obair don Lárionad in 2021; á chur in iúl gur geal léi nach bhfuil foireann eatramhach á fostú a thuilleadh ag an Lárionad ó dheireadh 2021 i leith; á chur in iúl gur geal léi cleachtadh scagtha foirne 2021 an Lárionaid agus leithdháileadh éifeachtach agus éifeachtúil a acmhainní le 71,77 % d’fhoireann an Lárionaid arna leithdháileadh ar chúraimí oibríochtúla, 18,65 % ar thacaíocht riaracháin agus 9,58 % ar oibríochtaí neodracha;

8.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thuairiscigh an Lárionad go raibh 2 bhean (22 %) agus 7 bhfear (78 %) ina lucht bainistíochta sinsearaí, agus go bhfuil 20 bean (38 %) agus 32 fhear (62 %) ar a bhord bainistíochta; ag tabhairt dá haire go bhfuil an fhoireann ina hiomláine comhdhéanta de 29 fear (45 %) agus 36 ban (55 %); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne na foirne a áirithiú agus á iarraidh ar an Lárionad an ghné sin a chur san áireamh maidir le ceapacháin a bheidh ann amach anseo laistigh dá bhainistíocht shinsearach; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, an méid sin a chur san áireamh agus comhaltaí a mboird bainistíochta á n-ainmniú acu; á mheabhrú freisin a thábhachtaí atá sé ionadaíocht chothrom gheografach a áirithiú i measc lucht bainistíochta agus phearsanra foirne an Lárionaid araon;

9.

á chur in iúl gurb oth léi nár chuir an Lárionad aon mhodúl de chóras bainistíochta acmhainní daonna SYSPER chun feidhme go fóill; á iarraidh ar an Lárionad digiteáil a chórais bainistíochta foirne a fheabhsú chun a éifeachtúlacht a mhéadú;

Soláthar

10.

á chur in iúl gur geal léi, ó thaobh soláthar a chur i gcrích, gur chuir an Lárionad plean soláthair 2021 i gcrích go rathúil le 98 nós imeachta idirbheartaithe ar a raibh luach iomlán de EUR 1 556 147; á chur in iúl gur geal léi gan ráitis a bheith déanta ag an gCúirt maidir leis an gcur i bhfeidhm a rinne an Lárionad ar na rialacha maidir le soláthar poiblí;

11.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici go n-úsáideann an Lárionad ríomhthairiscint, ríomhthíolacadh agus sonrascú leictreonach; ag spreagadh an Lárionaid leanúint dá dhul chun cinn i dtreo a nósanna imeachta soláthair a dhigiteáil agus féachaint ar roghanna chun tús a chur le cur chun feidhme agus úsáid uirlis soláthair dhigitigh PPMT;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

12.

ag aithint bearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha an Lárionaid chun trédhearcacht a áirithiú, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus cosaint na sceithirí a sholáthar; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Lárionad dearbhuithe leasa a fhoirne bainistíochta sinsearaí, chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus na saineolaithe seachtracha ar comhaltaí den choiste eolaíochta iad a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Lárionad CVanna na saineolaithe seachtracha atá ina gcomhaltaí dá choiste eolaíochta a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin freisin; ag tabhairt dá haire freagra an Lárionaid gur fhoilsigh sé achoimrí ar CVanna uile chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus foirne bainistíochta sinsearaí ar a shuíomh gréasáin; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nach bhfuil ach achoimre ar a ngníomhaíochtaí gairmiúla reatha ar fáil ar shuíomh gréasáin an Láronaid; á iarraidh ar an Lárionad a shuíomh gréasáin a thabhairt cothrom le dáta chun CVanna a chur san áireamh ina liostaítear cúlra gairmiúil iomlán chomhaltaí a bhoird bainistíochta agus a fhoirne bainistíochta sinsearaí;

13.

ag tabhairt dá haire gur faoi údarás stiúrthóir an Lárionaid a dhéantar an measúnú maidir le riosca coinbhleachta leasa a bheith ann, agus go ndéanann an bord bainistíochta, de réir mar a cheanglaítear, na bearta a ghlacadh chun coinbhleacht leasa a chosc nó a sheachaint; ag tabhairt dá haire nach ndearnadh cás coinbhleachta leasa a thuairisciú, a imscrúdú ná a thabhairt chun críche in 2021;

Rialú inmheánach

14.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) iniúchadh in 2021 ar chóras rialaithe inmheánaigh an Lárionaid agus comhlíonadh rialacha agus nósanna imeachta maidir le bainistiú acmhainní daonna an Lárionaid; ag tabhairt dá haire go raibh trí mholadh ‘an-tábhachtach’ maidir le bainistiú eitice, ualach oibre agus bainistiú feidhmíochta, agus rialuithe slándála ar chomhaid phearsanra, chomh maith le trí mholadh ‘thábhachtacha’ maidir le roghnú agus earcaíocht san áireamh i dtuarascáil chríochnaitheach iniúchóireachta IAS; á iarraidh ar an Lárionad an plean gníomhaíochta comhaontaithe a chur i gcrích chun moltaí IAS a chur chun feidhme agus an t-údarás buiséadach a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta ar an ábhar sin;

15.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Lárionad measúnú ar a chreat rialaithe inmheánaigh (ICF) in 2021, inar thángthas ar an gconclúid go bhfuil na comhpháirteanna uile i láthair agus ag feidhmiú, agus go raibh roinnt feabhsuithe inmholta maidir le ‘timpeallacht rialaithe’, ‘gníomhaíochtaí rialaithe’ agus ‘faisnéis agus cumarsáid’; ag tabhairt dá haire, áfach, de réir mheasúnú an Lárionaid, nach ndearna na heasnaimh atá ann faoi láthair difear d’éifeachtacht fhoriomlán ICF; á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí leanúnacha an Lárionaid chun an plean gníomhaíochta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh a ICF a chur chun feidhme;

16.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh cleachtadh cuimsitheach maidir le sainaithint agus measúnú riosca in 2021 chun feabhas a chur ar bhainistiú riosca sa Lárionad; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an Lárionad roinnt forbairtí a chuir le héifeachtacht fhoriomlán an chórais rialaithe inmheánaigh; á thabhairt faoi deara, go háirithe, gur imscaradh córas faisnéise bainistíochta corparáidí nua, (‘Matrix’) chun pleanáil oibríochtúil, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí; á thabhairt faoi deara ar an gcaoi chéanna gur dréachtaíodh agus gur cuireadh ar bhonn foirmiúil straitéis nua don chóras bainistíochta eagrúcháin agus rialaithe inmheánaigh i gcomhréir leis na treoirlínte is infheidhme arna n-eisiúint ag an gCoimisiún;

17.

ag tabhairt dá haire gur ghlac an Lárionad straitéis frithchalaoise athbhreithnithe in 2021, le trí chuspóir straitéiseacha agus plean gníomhaíochta le cur chun feidhme in 2022; á iarraidh ar an Lárionad tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar an ábhar sin;

18.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bhreathnóireacht leanúnach ón gCúirt maidir le foireann sheachtrach agus oibrithe eatramhacha a úsáid; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir na tuarascála ón gCúirt, gur fhostaigh an Lárionad na hoibrithe eatramhacha sin trí chreatchonradh gan déanamh de réir cheanglais Threoir 2008/104/CÉ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)agus dhlí saothair na Portaingéile. á iarraidh ar an Lárionad anailís a dhéanamh ar dhálaí oibre a chuid oibrithe eatramhacha agus a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir le dlí saothair an Aontais agus leis an dlí saothair náisiúnta; á iarraidh ar an Lárionad, thairis sin, brath a mhéid is féidir ar chomhaltaí foirne buana agus á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún leithdháiltí iomchuí acmhainní daonna a áirithiú chun na críche sin; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun an Lárionad a chlaochlú ina Ghníomhaireacht Drugaí de chuid an Aontais Eorpaigh; á mheabhrú gur cheart na hacmhainní daonna agus airgeadais is gá a chur ar fáil don ghníomhaireacht nua chun na cuspóirí, na cúraimí agus na freagrachtaí a shanntar di faoi rialachán maidir le Gníomhaireacht Drugaí de chuid an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh;

Digiteáil agus an t-aistriú glas

19.

ag tabhairt dá haire go ndéanann an Lárionad faireachán gníomhach ar a fheidhmíocht comhshaoil agus a lorg CO2 agus timthrialla feabhsaithe leanúnacha á leanúint aige chun a lorg CO2 a laghdú in imeacht na mblianta i gcomparáid leis an mbunlíne a bunaíodh in 2014, ó 9,99 tonna go 0,82 tonna in aghaidh gach ball foirne in 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú suntasach ar astaíochtaí CO2 mar thoradh, i bpáirt, ar laghdú a bhaineann le COVID-19 ar mhisin agus ar iompar, agus mar gheall ar aistriú an Lárionaid chuig leictreachas atá neodrach ó thaobh CO2 de arna ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, go n-éilíonn an Lárionad nósanna imeachta soláthair phoiblí ghlais chun réitigh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chothú in athnuachan conarthaí; á thabhairt faoi deara go bhfuil an Lárionad ag iarraidh deimhniú comhshaoil a fháil san fhadtéarma, agus aird chuí á tabhairt ar na hacmhainní atá ar fáil; á iarraidh ar an Lárionad leanúint dá aistriú chuig foinsí inathnuaite fuinnimh a chur chun feidhme, agus é á aithint aige go bhfuil córas eiseamláireach agus beartas comhshaoil i bhfeidhm ag an Lárionad;

20.

á chur in iúl gur geal léi gur eisíodh na chéad mhodúil d’fhoilseachán an Lárionaid in 2021: ‘Sláinte agus Freagraí Sóisialta ar Fhadhbanna Drugaí : Treoir Eorpach 2021’ , arb é céad fhoilseachán lándigiteach an Lárionaid;

21.

ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh ag an Lárionad chun bonneagar TFC a fhorbairt chun tacú le bearta teilea-oibre na heagraíochta; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis an méid sin, go ndéantar foireann freagartha teagmhas a ghníomhachtú agus an fhreagairt oibríochtúil maidir le hiarrataí sláinte agus sábháilteachta a réiteach in am; ag tabhairt dá haire, thairis sin, tar éis an Plean Leanúnachais Gnó (BCP) a ghníomhachtú in 2020, go bhfuil uirlisí cianda á n-úsáid ag an Lárionad chun earcaíocht a dhéanamh; ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad bearta nua chun feidhme chun a chibearshlándáil a mhéadú, amhail clár claochlaithe le haghaidh trealamh úsáideoirí deiridh, imscaradh uirlisí, agus ailtireacht fearainn chun feabhas a chur ar mhearfhreagairt ar bhagairtí, agus chun feabhas a chur ar fhíordheimhniú dhá fhachtóir le haghaidh cur i bhfeidhm a bheadh inrochtana ó lasmuigh den líonra áitiúil;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

22.

á chur in iúl gur geal léi gur fhorbair an Lárionad, faoi chuimsiú an tascfhórsa chun an fhreagairt sláinte poiblí ar phaindéim COVID-19 a chomhordú, creat solúbtha uileghabhálach chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an bpaindéim ar bhealach struchtúrtha; ag tabhairt dá haire gur áiríodh sa chreat roinnt colún amhail freagairt láithreach a thabhairt chun tacú le geallsealbhóirí, tús a chur le próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar na staide ar ghníomhaíochtaí substainteacha reatha an Lárionaid agus comhordú agus sineirgí a áirithiú idir na gníomhaíochtaí sin; ag tabhairt dá haire gur dhíghníomhachtaigh an Lárionad BCP i mí Dheireadh Fómhair, tar éis éabhlóid staid na paindéime; á thabhairt faoi deara go ndearna an Lárionad cleachtadh ceachtanna a foghlaimíodh in 2022; á iarraidh ar an Lárionad tuairisc a thabhairt don údarás buiséadach maidir le toradh an chleachtaidh sin;

Barúlacha eile

23.

ag tabhairt dá haire gurb ann do chleachtas leanúnach an Lárionaid maidir le comhar le Gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi gur chomhoibrigh an Lárionad, mar chomhalta de Mhol Nuálaíochta nuabhunaithe an Aontais don tSlándáil Inmheánach, leis an gComhairle Chomhpháirteach Taighde agus le Europol chun treoirthionscadal arna chomhordú ag an Aontas a chur chun feidhme chun creat solúbtha bogearraí il-úsáideoirí ar líne a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí coiriúla ar an Idirlíon dorcha; ag tabhairt dá haire, faoi chuimsiú líonra Gníomhaireachtaí um cheartas agus gnóthaí baile, gur ann do chomhar an Lárionaid le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) chun ardán oiliúna CEPOL-bhunaithe LEEd a úsáid; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb ann do chomhar an Lárionaid le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann don staidéar ina ndéantar iniúchadh ar fhadhbanna a bhaineann le húsáid substaintí agus ar na freagairtí atá ann cheana i measc gairmithe i gcomhthéacs fhála na hEorpa; ag tabhairt dá haire, thairis sin, tionscadail um chomhar teicniúil an Lárionaid (IPA7, EU4MD agus EMCDDA don tSeoirsia) le tríú tíortha arna gcur chun feidhme in 2021 i réimsí amhail faisnéis faoi dhrugaí agus bagairtí sláinte agus slándála a bhaineann le drugaí;

24.

ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go leanann an Lárionad de shineirgí a chomhroinnt leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí i seirbhísí corparáideacha agus tacaíochta agus i mbainistiú áitribh choitinn i Liospóin, agus go mbaineann na sineirgí sin freisin le TFC, teileachumarsáid agus bonneagair agus seirbhísí atá bunaithe ar an idirlíon; ag aithint gur cuireadh sineirgí oibríochtúla ar bun le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais i réimsí an cheartais agus gnóthaí baile agus na sláinte; ag moladh an mhodha sin maidir le comhchónaí an dá ghníomhaireacht mar shampla ar fiú é a leanúint;

25.

á chur in iúl gur geal léi an comhar idir an Lárionad agus tíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa ar an leibhéal réigiúnach, trí thionscadal cúnaimh theicniúil EU4MD, arna mhaoiniú ag an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur cuireadh tús in 2021 leis an gcéad tionscadal cúnaimh theicniúil de chuid an Lárionaid ar an leibhéal déthaobhach le tionscadal EMCDDA don tSeoirsia; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá na comhpháirtíochtaí sin chun feabhas a chur ar an tslándáil i limistéar comharsanachta an Aontais, chomh maith leis an ngáinneáil ar dhrugaí agus úsáid substaintí aindleathacha a chomhrac do Bhallstáit an Aontais agus dá chomhpháirtithe comharsanachta;

26.

á iarraidh ar an Lárionad díriú ar thorthaí a chuid taighde a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne, agus teagmháil a dhéanamh leis an bpobal trí na meáin shóisialta agus trí eagraíochtaí meán eile; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, go bhfuil rochtain ag an úsáideoir ar na tuarascálacha arna gcruthú ag an Lárionad;

27.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (3) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 32.

(2)  Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/350


CINNEADH (AE) 2023/1900 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023[19] – C9-0092/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena mbunaítear an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (4), agus go háirithe Airteagal 15 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0107/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 376, 27.12.2006, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/351


CINNEADH (AE) 2023/1901 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0093/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lenar bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (4), agus go háirithe Airteagal 19 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0113/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 208, 5.8.2002, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/352


RÚN (AE) 2023/1902 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0113/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis maidir le hioncam agus caiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 105 774 716,82 arb ionann é sin agus méadú de 9,36 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go dtagann buiséad na Gníomhaireachta ó bhuiséad an Aontais agus ó ioncam oibríochtúil;

B.

de bhrí go luaitear i dtuarascáil na Cúirte Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici, gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad i rith na bliana airgeadais 2021 go ndearnadh ráta leithreasaí faoi chomhair gealltanas na bliana reatha de 99,67 % a chur chun feidhme ar an mbuiséad, arb ionann é agus méadú beag de 0,78 % i gcomparáid le 2020 agus ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta 97,32 % don bhliain reatha, arb ionann é agus méadú de 1,24 % freisin;

2.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici ón obair leantach a rinneadh i dtaca le hurscaoileadh 2020, go bhfuil ráta an-íseal d’íocaíochtaí déanacha 0,56 % in 2021 mar thoradh ar na bearta éagsúla a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na n-íocaíochtaí déanacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur baineadh amach in 2021 an dá sprioc de níos mó ná 95 % d’fhorghníomhú le haghaidh Leithreasuithe Faoi Chomhair Oibleagáidí agus cealú níos lú ná 5 % do Leithreasuithe Faoi Chomhair Íocaíochtaí;

Feidhmíocht

3.

ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht príomhtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun cur chun feidhme a cláir oibre bhliantúil a thomhas sna príomhréimsí lena gcuireann an Ghníomhaireacht (Inbhuanaitheacht agus cúnamh teicniúil, Sábháilteacht, Slándáil, seirbhísí digiteacha agus Simpliú agus Faireachas), agus a gníomhaíochtaí cothrománacha; a thabhairt dá haire, in ainneoin na srianta leanúnacha a cruthaíodh le paindéim COVID-19, gur baineadh amach na cuspóirí a leagtar amach do 2021 ar an iomlán trí ardleibhéal cur chun feidhme an chláir oibre bhliantúil;

4.

ag tabhairt dá haire gur chomhoibrigh an Ghníomhaireacht leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil maidir le hanailís ar ghné chomhshaoil earnáil an mhuiriompair, rud a d’fhág gur foilsíodh an chéad Tuarascáil Eorpach ar an gComhshaol maidir le hIompar Muirí; ag tabhairt dá haire i bhfianaise a ngaireachta geografaí dá chéile, go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht le EMCDDA ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ann don Chomhaontú Seirbhíse le EFCA maidir leis an sásra cúltaca don fheidhm chuntasaíochta;

5.

á chur in iúl gur geal léi, ó 2017 i leith, go bhfuil an socrú oibre tríthaobhach idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) ag feidhmiú go maith; á mheas gur sampla é an socrú de shineirge idir gníomhaireachtaí AE ar cheart dó gníomhaireachtaí i réimsí eile a spreagadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí i ndáil leis sin agus á mheas gurb iomchuí an comhar idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach a mhéadú freisin chun sonraí a bhailiú le haghaidh taighde eolaíoch ar éiceachórais mhuirí;

6.

Á chur in iúl gur geal léi go leanann an Ghníomhaireacht de dhá thionscadal comhair a chur chun feidhme le haghaidh cúnamh teicniúil le tríú tíortha sa Mheánmhuir (SAFEMEDIV) agus sa Mhuir Dhubh agus sa Mhuir Chaisp (BCSEA); á mheas gur sampla iad na tionscadail sin le tríú tíortha den chomhar chun sábháilteacht mhuirí, slándáil mhuirí agus caomhnú na muirthimpeallachta a fheabhsú, á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí i ndáil leis sin agus comhar comhchosúil nua le tríú tíortha a mheas;

7.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Ghníomhaireacht fós ina comhpháirtí lárnach don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le caighdeáin sábháilteachta muirí a fhorbairt, agus le digiteáil agus simpliú loingseoireacht an Aontais; á mholadh go gcuireann an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil agus oibríochtúil ar fáil freisin;

8.

á chur in iúl gur geal léi go háirithe go bhfuil méadú tagtha le himeacht na mblianta ar ról na Gníomhaireachta maidir le measúnú agus fíorú a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht slándála muirí AE, agus táthar ag súil go leanfaidh an t-éileamh ar thacaíocht don Choimisiún agus ar d’Údarás Faireacháin CSTE, de bheith ag méadú, agus an tosaíocht atá ag dul i méid ar leibhéal an Aontais á léiriú;

9.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an nGníomhaireachta maidir le faireachán a dhéanamh ar uiscí Eorpacha i gcomhar leis na Ballstáit chun doirteadh neamhdhleathach dramhaíola agus doirteadh féideartha ola a bhrath; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hacmhainní faireachais agus digiteacha a neartú d’fhonn truailliú neamhdhleathach uisce a chomhrac; á chur i bhfios go láidir go ndéanann an Gníomhaireacht obair chun tacú le hiarrachtaí Cuardaigh agus Tarrthála na mBallstát;

Beartas foirne

10.

ag tabhairt dá haire, amhail an 31 Nollaig 2021, gur cuireadh 99,6 % den phlean bunaíochta i bhfeidhm, go raibh 210 oifigeach agus gníomhaire sealadach (GS) ceaptha as 212 oifigeach agus gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 212 phost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire freisin, gur oibrigh 50 gníomhaire ar conradh don Ghníomhaireacht in 2021 agus 13 shaineolaí náisiúnta ar iasacht;

11.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gur baineadh amach cothromaíochtinscne i measc chomhaltaí bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta, gur mná iad 3 as 5 (60 %) díobh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an easpa cothromaíochta inscne i measc chomhaltaí bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir iad 47 as 65 (72 %) díobh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, thairis sin, an easpa cothromaíochta inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, gur fir iad 172 as 268 (64 %) díobh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an Ghníomhaireacht an tionscnamh Líonra Luais go rathúil in 2021 chun deis a thabhairt do mhná a bhfuil spéis acu i bpost sa Ghníomhaireacht nó i ngairm san earnáil mhuirí i gcoitinne comhrá gearr neamhfhoirmiúil a dhéanamh le baill foirne ar mná iad; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát chun go gcuirfí i gcuntas an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta;

12.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéaschiapadh a chosc, lena n-áirítear comhairleoirí rúnda chun tacú leis an bhfoireann chomh maith le seisiúin oiliúna agus feasachta rialta, agus faisnéis thiomnaithe maidir lena hinlíon;

Soláthar

13.

ag tabhairt dá haire gur tionscnaíodh 51 nós imeachta soláthair in 2021 (25 nós imeachta oscailte, 3 nós imeachta idirbheartaithe speisialta, 4 nós imeachta iomaíocha idirbheartaithe agus 19 nós imeachta idirbheartaithe ar luach an-íseal agus ar luach íseal) agus gur síníodh 65 chonradh san iomlán;

14.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt gur leasaigh an Ghníomhaireacht 14 chonradh shonracha chun seirbhísí a sholáthar, agus gurbh ionann luach iomlán na leasuithe agus EUR 6,8 milliún, méadú 76 % ar luach tosaigh na gconarthaí, agus nach raibh na leasuithe sin i gcomhréir le hAirteagal 172(3)(d) den Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig na méideanna a íocadh in 2021 (EUR 5,4 milliún) mar thoradh ar chur i bhfeidhm na bpraghsanna aonaid a socraíodh sna creatchonarthaí faoi seach agus go raibh siad laistigh d’uasteorainn an chreatchonartha bunaidh, agus nár athraigh na leasuithe atá i gceist an chothromaíocht eacnamaíoch i bhfabhar an chonraitheora agus nach raibh saobhadh iomaíochta mar thoradh orthu, dá bhrí sin, nach ndearnadh difear do na híocaíochtaí a tháinig astu; ag tabhairt dá haire de réir fhreagra na Gníomhaireachta go bhfuil bearta déanta aici chun sonraíochtaí tairisceana agus teimpléid chonartha a bheidh ann amach anseo a leasú dá réir sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

15.

á aithint go n-úsáideann an Ghníomhaireacht dearbhuithe coinbhleachtaí leasa dá comhaltaí boird bainistíochta agus dá bainistíocht shinsearach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéantar dearbhuithe breise ar leith maidir le coinbhleachtaí leasa, amhail dearbhuithe ó chomhaltaí ar phainéil earcaíochta, a shíniú freisin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil roinnt beartas agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a sheachaint, agus go bhfuil rialacha inmheánacha maidir le sceithireacht curtha chun feidhme aici, lena n-áirítear oiliúint rialta;

16.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici, go ndearna an Ghníomhaireacht a ‘Rialacha maidir le Clár Trédhearcachta EMSA’ a fhorbairt agus a chur chun feidhme i mí an Mhárta 2022, agus go bhfuil sí rannpháirteach sa chomhaontú idirinstitiúideach nuabhunaithe maidir le clár trédhearcachta éigeantach d’ionadaithe leasa, arna síniú ag an gCoimisiún, ag an gComhairle agus ag an bParlaimint;

17.

á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleacht leasa, agus brústocaireacht neamhdhleathach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a sásraí rialaithe inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

18.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh iniúchadh na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) ar ‘rialachas TF agus bainistiú punainne TF’ go cianda in 2021, agus gur chinn IAS, mar gheall ar athstruchtúrú TFC ina roinn amháin, go ndearna an Ghníomhaireacht, ar an iomlán, córais bhainistithe agus rialaithe éifeachtúla agus éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme dá socruithe rialachais teicneolaíochta faisnéise; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur eisigh SCI sé mholadh ar eisigh an Ghníomhaireacht plean gníomhaíochta ina leith; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;

19.

á chur in iúl gur geal léi nár eisigh Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa aon mholadh ná barúil chriticiúil in 2021 a bhféadfadh forchoimeádas a bheith mar thoradh orthu sa dearbhú bliantúil urrúis; ag tabhairt dá haire go raibh moladh amháin ann in 2021 a bhain le himscrúdú de chuid OLAF a bhfuil obair leantach á déanamh ina leith;

20.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú bliantúil ar an gcóras rialaithe inmheánaigh agus conclúid an mheasúnaithe sin go bhfuil gach prionsabal rialaithe inmheánaigh agus na cúig chomhpháirt rialaithe inmheánacha curtha chun feidhme go leormhaith agus go bhfuil siad éifeachtúil tríd is tríd, nach bhfuil gá ach le mionfheabhsuithe, agus nár tuairiscíodh aon laigí tromchúiseacha rialaithe;

Digiteáil agus an t-aistriú glas

21.

ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht de na gníomhaíochtaí digiteála leanúnacha chun tacú leis na cuspóirí ríomhdheimhnithe chun obair na mBallstát ina gcáil mar Bhratstáit, Stáit an Chalafoirt agus Stáit chósta a éascú, agus gur thacaigh sí leis an gCoimisiún agus an measúnú tionchair á ullmhú i ndáil leis an athbhreithniú ar Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le Rialú Stáit ar Chalafoirt agus ar Threoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le ceanglais Bhratstáit a chomhlíonadh, lena bhforáiltear do ríomhdheimhnithe a chur san áireamh; á chreidiúint gur féidir leis an nGníomhaireacht ról comhordaithe a imirt maidir le sábháilteacht a áirithiú i gcalafoirt Eorpacha agus gur féidir leis cabhrú leis an gCoimisiún i gcur chun feidhme éifeachtach;

22.

ag tabhairt dá haire gur seoladh Straitéis Néalríomhaireachta na Gníomhaireachta lena gcumasaítear tírdhreach teicneolaíochta úrscothach a chruthú lena gcuirtear dlús le seirbhísí digiteacha muirí; á mholadh go ndearnadh an Léiriú Muirí a fhorbairt agus go ndearnadh an SafeSeaNet nua a chur i bhfeidhm;

23.

ag spreagadh iarrachtaí na Gníomhaireachta chun rannchuidiú leis an gclár oibre glas Eorpach don mhuiriompar trí acmhainneacht an Aontais a neartú chun an comhshaol muirí a chosaint, an t-athrú aeráide a bhainistiú lena n-áirítear tríd an aistriú chuig an tsoghluaisteacht inbhuanaithe le rannchuidiú an iompair mhuirí a léirítear sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste a glacadh i mí na Nollag 2020; ag meabhrú, thairis sin go bhféadfadh ról a bheith ag an nGníomhaireacht maidir le feabhas a chur ar inniúlachtaí measúnaithe riosca i réimsí sábháilteachta, lena n-áirítear maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid;

24.

á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme leanúnach straitéis 2020-2024 na Gníomhaireachta, ós rud é go gcuirfidh sé ar chumas na Gníomhaireachta a cúraimí faireachais, sábháilteachta agus slándála muirí a chomhlíonadh agus í ag rannchuidiú go héifeachtúil le tosaíochtaí digiteacha agus comhshaoil an Aontais; á chur in iúl gur geal léi go háirithe gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht – i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil – an chéad Tuarascáil Eorpach ar an gComhshaol maidir le hIompar Muirí, ina mbailítear faisnéis fhíorúil maidir le lorg comhshaoil na ngníomhaíochtaí loingseoireachta; á mheabhrú sa chomhthéacs sin nach mór gach beart aeráide agus comhshaoil a bheidh ann amach anseo a bheith bunaithe ar mheasúnú tionchair críochnúil agus ag aithint go bhfuil cur chuige domhanda maidir le hastaíochtaí muirí a laghdú trí IMO ríthábhachtach;

25.

á chreidiúint go bhfuil ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht maidir le huiscí na hEorpa a dhéanamh ní hamháin níos sábháilte ach níos inbhuanaithe freisin agus rannchuidiú leis an gclár oibre glas; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Beartas Comhshaoil EMSA agus na colúin agus na cuspóirí straitéiseacha do na blianta ina dhiaidh sin trí neartú a dhéanamh ar chumas an Aontais an comhshaol muirí a chosaint, an t-athrú aeráide a bhainistiú lena n-áirítear tríd an aistriú chuig soghluaisteacht inbhuanaithe; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun bearta a fhorbairt chun úsáid plaisteach ar bord loinge a laghdú;

26.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an nGníomhaireacht i gcur chun feidhme rathúil an aistrithe chuig breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar; á mholadh, i ndáil leis sin, gur rannchuidigh an Ghníomhaireacht le tacaíocht theicniúil agus le sonraí a thabhairt do thionscnaimh a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip, lena n-áirítear tionscnamh muirí FuelEU, an tionscnamh Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach agus obair ag IMO maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus déine carbóin; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh ról a bheith ag an nGníomhaireacht maidir le bonneagar breoslaí ionadúla agus teicneolaíochtaí tiomána gaoithe a imlonnú, chomh maith le suiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar muir; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhféadfaí coigeartuithe a dhéanamh dá réir sin ar shainordú na Gníomhaireachta ionas gur féidir leis an nGníomhaireacht a tacaíocht a neartú, agus go bhféadfadh acmhainní buiséadacha a bheith ag gabháil leis an méid sin,

27.

ag spreagadh úsáid teicneolaíochtaí nua (an Intleacht Shaorga agus an Fhoghlaim Mheaisín) agus na héabhlóide a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar fhréamhshamhail Uirlis Anailísíochta Muirí EMSA (EMAT) a cuireadh i láthair le linn na ceardlainne seirbhísí digiteacha muirí na Gníomhaireachta a bhí ar siúl an 15 Nollaig 2021; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;

28.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur thosaigh an Ghníomhaireacht, le linn ráithe dheireanach 2021, tionscadal chun caighdeán ISO 27.001 (maidir le bainistiú slándála Faisnéise) a chur chun feidhme mar ullmhúchán do na rialacháin um Chibearshlándáil agus Slándáil Faisnéise atá ar na bacáin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na forbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

29.

ag spreagadh na Gníomhaireachta oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus CERT-EU (Foireann Práinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh i leith a bhonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; á mholadh go gcuirfi cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil ar fáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta do gach ball foirne laistigh den Ghníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt níos tapúla, é a sheachadadh roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh;

30.

ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht ar aghaidh lena bainistiú comhshaoil a chur chun feidhme in 2021, agus go ndearna sí a céad Ráiteas Comhshaoil a ullmhú agus a ghlacadh; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gníomhaíochtaí agus tionscadail ghlasaithe na Gníomhaireachta in 2021, amhail a áirithiú go gcuirtear an fuinneamh a úsáideann sí ar fáil ó fhoinsí glasa atá 100 % in-athnuaite, grianphainéil fhótavoltacha a shuiteáil, a bheartas oifige gan pháipéar, agus iarrachtaí chun tomhaltas uisce a íoslaghdú;

31.

ag tabhairt dá haire gur i mí an Mheithimh 2021 a rinneadh an t-iniúchadh inmheánach maidir le clárú faoi Scéim an Aontais Eorpaigh um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) agus go ndearnadh an chéad chuid den iniúchadh deimhniúcháin seachtrach do chlárú EMAS i mí na Samhna 2021; á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gur tugadh an fíorú seachtrach chun críche in 2022 agus go bhfuil an Ghníomhaireacht cláraithe anois le EMAS agus go bhfuil a ráiteas ar an gcomhshaol foilsithe;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

32.

ag tabhairt dá haire gur chuir an phaindéim dlús le comhtháthú sraith uirlisí agus modhanna sa Ghníomhaireacht chun gur féidir leis an obair leanúint ar aghaidh go cianda, ó chraoltóireacht bheo go teicneolaíocht réaltachta fíorúla go teicnící cianiniúchta; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm, chun aitheantas níos fearr a thabhairt do na cruinnithe agus na cúraimí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla go cianda ná go pearsanta amach anseo; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sannadh baill foirne a bhí ag déileáil le feidhmeanna a raibh tionchar díreach ag srianta taistil COVID-19 orthu, amhail aisíocaíochtaí saineolaithe agus misin, go sealadach chun dualgais eile a chomhlíonadh agus chun neamhláithreachtaí foirne a chumhdach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh roinnt rioscaí agus deiseanna sainaitheanta nua a bhaineann leis an mórghéarchéim sláinte sin a shainaithint agus a chur san áireamh sna cláir riosca nuashonraithe;

33.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici an tuarascáil ón nGníomhaireacht dar teideal ‘Impact of COVID-19 on the Maritime Sector in the EU’ [Tionchar COVID-19 ar an Earnáil Mhuirí in AE], inar tugadh forléargas cuimsitheach ar thionchar na paindéime ar an loingseoireacht i ndáil le trácht, trádáil, Bratacha agus úinéireacht AE, tógáil long, cigireachtaí sábháilteachta agus comhshaoil, chomh maith le codanna sonracha amhail cúrsáil agus paisinéirí;

Barúlacha eile

34.

á iarraidh an athuair ar an nGníomhaireacht infhaighteacht a shuímh gréasáin a mhéadú i dteangacha eile seachas an Béarla; á mheas, le níos mó éagsúlacht teanga, go n-éascófar rochtain ar fhaisnéis do shaoránaigh na hEorpa agus, ar an gcaoi sin, go bhfeabhsófar an tuiscint agus an eolas atá acu ar ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh ó thaobh na sábháilteachta muirí de;

35.

á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht a Forbhreathnú Bliantúil ar Thaismí agus Teagmhais Mhuirí 2021 ina gcuirtear i láthair sonraí staidrimh maidir le taismigh agus teagmhais mhuirí don tréimhse 2014-2020;

36.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 72.

(2)   IO L 131, 28.5.2009, lch. 57.

(3)   IO L 131, 28.5.2009, lch. 132.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/357


CINNEADH (AE) 2023/1903 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ar dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0093/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lenar bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (4), agus go háirithe Airteagal 19 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0113/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 208, 5.8.2002, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/358


CINNEADH (AE) 2023/1904 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha ENISA (Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0094/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (4), agus go háirithe Airteagal 31 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0115/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 151, 7.6.2019, lch. 15.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/360


RÚN (AE) 2023/1905 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do cinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ENISA (Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0115/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gurbh ionann buiséad deiridh ENISA (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 23 473 060 lena n-áirítear ranníocaíocht EUR 640 000 ó na húdaráis Heilléanacha ar chíos an fhoirgnimh oifige, arb ionann é agus méadú 8,26 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur as buiséad an Aontais den chuid is mó a thagann buiséad na Gníomhaireachta;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), sa tuarascáil uaithi maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuair an Chúirt dearbhú réasúnach go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021 ná go ndearnadh ráta leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha 99,51 % a chur chun feidhme ar an mbuiséad, arb ionann é agus méadú 2,16 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é an ráta forghníomhaithe don bhliain reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 77,40 % (rud a fhágann nár baineadh amach sprioc bheartaithe na Gníomhaireachta de 85 %), arb ionann é agus laghdú 8,77 % i gcomparáid le 2020;

Feidhmíocht

2.

ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as príomhtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun measúnú a dhéanamh ar a gníomhaíochtaí agus ar na torthaí a baineadh amach i ndáil le cuspóirí an chláir oibre, amhail breisluach d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus Ballstáit maidir le tacaíocht a thabhairt do cheapadh beartas agus do chur chun feidhme beartas, agus an cumas rannchuidiú le cibear-athléimneacht an Aontais trí fhaisnéis agus eolas tráthúil agus éifeachtach a sholáthar; á chur in iúl gur mór aici gur comhlíonadh na KPInna agus gur tharraing an Ghníomhaireacht aird ar bhearta lenar féidir éifeachtúlacht agus éifeachtacht obair na Gníomhaireachta a fheabhsú; á mholadh, áfach, go dtabharfadh an Ghníomhaireacht dá haire na KPIanna nár baineadh amach go fóill nó atá ag titim ar gcúl;

3.

ag tabhairt dá haire go raibh scrúdú á dhéanamh ag an nGníomhaireacht ar an bhféidearthacht rannchuidiú, trí bhíthin seirbhísí comhroinnte, i gcur chun feidhme an Rialacháin Cibearshlándála atá ar na bacáin le haghaidh institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, i gcomhar leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire (CERT) don Aontas agus le líonra Gníomhaireachtaí AE; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

Beartas foirne

4.

ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 90,79 % an 31 Nollaig 2021, go raibh ceapacháin déanta i gcás 69 ngníomhaire shealadacha as 76 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 69 bpost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 27 ngníomhaire ar conradh agus 10 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2021;

5.

á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an easpa cothromaíochta inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta, eadhon, 5 fhear (71 %) agus 2 bhean (29 %); ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an easpa cothromaíochta inscne ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, ar fir iad 24 as 28 (86 %) acu; ag cur sonrú thairis sin sa chothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann iomlán na Gníomhaireachta, ar fir iad 57 as 106 (54 %) acu; á iarraidh ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit cothromaíocht inscne a urramú agus comhaltaí den bhainistíocht shinsearach nó den bhord bainistíochta á n-ainmniú agus á gceapadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta nithiúla chun cothromaíocht inscne a fheabhsú;

6.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh a chosc, lena n-áirítear leathanach tiomnaithe inlín, oiliúint bhliantúil shonrach, comhairleoirí rúnda, agus go bhfuil meabhrán tuisceana curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun comhairleoirí rúnda a roinnt leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop);

7.

ag tabhairt dá haire go raibh an Ghníomhaireacht ag brath go mór ar a seirbhísí a sholáthar trí ghníomhairí eatramhacha a thacaigh leis an ualach riaracháin ó lá go lá, ós rud é go raibh gá le tacaíocht mhéadaithe freisin tar éis atheagrúcháin agus ullmhúcháin an fhoirgnimh nua, rud a chuir brú breise ar an bhfoireann airgeadais agus soláthair; ag tabhairt dá haire agus is mór aici, thairis sin, go bhfuil laghdú tagtha ar fhoireann eatramhach mar thoradh ar bheartas earcaíochta athbhreithnithe na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, ón tuarascáil ón gCúirt gurb é is cúis leis an méadú ar líon na foirne in 2021 gur éirigh leis an nGníomhaireacht roinnt folúntas fadtéarmach a líonadh; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil an chibearshlándáil agus na hearnálacha teicneolaíochta faisnéise cumarsáide an-iomaíoch maidir le lucht saothair oilte tiomanta a aimsiú;

8.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a bheith acu ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan; á mheabhrú don Ghníomhaireacht beartas foirne agus cultúr oibre a fhorbairt tuilleadh chun freagra níos éifeachtúla a thabhairt ar an aiseolas a fhaightear i suirbhéanna foirne;

Soláthar

9.

ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht 58 nós imeachta soláthair phoiblí san iomlán i gcrích in 2021, lena n-áirítear 2 i gcomhpháirt le Cedefop;

10.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di ó thuarascáil na Cúirte go ndéanann an Ghníomhaireacht conarthaí ar luach íseal a dhámhachtain go córasach gan an cinneadh ábhartha dámhachtana a bheith formheasta agus sínithe ag an oifigeach údarúcháin, rud nach bhfuil ag teacht le pointí 30,3 go 30.4 d’Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis an Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); ag cur sonrú sa fhreagra ón nGníomhaireacht go bhfuil na bearta is gá déanta aici cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

11.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt, chun cinneadh a dhéanamh maidir le seirbhís ar leith a sheachfhoinsiú nó í a sholáthar go hinmheánach, gur fhorbair agus go n-úsáideann an Ghníomhaireacht modheolaíocht anailíse costais is tairbhe agus go bhfuil easnaimh ag an modheolaíocht sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibiachtúlacht an phróisis cinnteoireachta agus a d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht a nochtadh do rioscaí airgeadais; ag cur sonrú sa fhreagra ón nGníomhaireacht go bhfuil na bearta is gá déanta aici cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

12.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil ón gCúirt, maidir leis an nGníomhaireacht in dhá nós imeachta soláthair a úsáideadh, mar chritéar dámhachtana, acmhainneacht theicniúil na cuideachta, a bhaineann go soiléir leis an meastóireacht ar an tairgeoir, seachas leis an tairiscint, agus go mbaineann forluí den sórt sin idir critéir roghnúcháin agus dámhachtana an bonn ón deimhneacht dhlíthiúil agus go nochtar an Ghníomhaireacht do rioscaí clú agus dlíthiúla; ag cur sonrú sa fhreagra ón nGníomhaireacht go bhfuil na bearta is gá déanta aici cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

13.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé do gach nós imeachta soláthair, iomaíocht chóir a áirithiú idir tairgeoirí agus earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme na huirlisí teicneolachta faisnéise (TF) ríomhsholáthair a d’fhorbair an Coimisiún; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú nuashonraithe ar na nósanna imeachta agus ar na teimpléid sna treoirlínte soláthair. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann don bharúil ón gCúirt maidir leis na laigí sa soláthar poiblí atá ag méadú agus atá fós ar an bhfoinse is mó d’íocaíochtaí neamhrialta i bhformhór na ngníomhaireachtaí;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

14.

ag cur sonrú i mbearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht a áirithiú, agus chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus ag tabhairt dá haire go bhfuil CVanna chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus a ndearbhú tiomantais agus a ndearbhuithe leasa á bhfoilsiú ar a suíomh gréasáin;

15.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú, idir 2019 agus 2021, ar thrí chás ina bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith ann i ndáil le ball sinsearach foirne a chuaigh i mbun post nua in áit eile, agus i gcás amháin a d’athbhreithnigh an Chúirt nach ndeachaigh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis an gcomhchoiste, de shárú ar Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne; ag cur sonrú ó fhreagra na Gníomhaireachta go mbeidh an Ghníomhaireacht comhdhéanta go foirmiúil de chomhchoiste chun an creat dlíthiúil is infheidhme a chomhlíonadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

16.

á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a sásraí rialaithe inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

17.

ag tabhairt dá haire gur eisíodh trí mholadh an-tábhachtacha agus ceithre mholadh thábhachtacha i dtuarascáil iniúchóireachta na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) maidir le bainistiú acmhainní daonna agus eitic in 2019; ag tabhairt dá haire, cé gur chuir IAS deireadh le ceithre mholadh, gur fhan trí mholadh thábhachtacha ar oscailt ag deireadh 2021 agus nár cuireadh chun feidhme go hiomlán iad laistigh den tréimhse ama a socraíodh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

18.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) iniúchadh in 2021 ar chlárú pleanála straitéisí agus ar bhainistiú feidhmíochta agus gur eisigh sé a tuarascáil iniúchóireachta chríochnaitheach i mí Aibreáin 2022, le trí mholadh thábhachtacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

19.

ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht beartas feidhmeanna íogaire in 2021, a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2022;

20.

ag tabhairt dá haire go léirítear leis an measúnú ar rialuithe inmheánacha in 2021 go dtugtar dearbhú réasúnach le rialuithe inmheánacha go bhfuil gá le beartais, próisis, cúraimí agus iompraíochtaí na gníomhaireachta, nuair a chuirtear le chéile iad, go n-éascaíonn siad a hoibriú éifeachtach agus éifeachtúil, go gcabhraíonn siad le cáilíocht an tuairiscithe inmheánaigh agus sheachtraigh a áirithiú, agus chun cuidiú le comhlíonadh a rialachán a áirithiú agus go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe, áfach, i bprionsabail áirithe, lena n-áirítear mionchoigeartú ar tháscairí chreat rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta, creat bainistithe riosca fiontair a bhunú, rialachas TF agus creat beartais agus nós imeachta bunúsach a athbhreithniú, athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas earcaíochta na Gníomhaireachta, chomh maith le plean leanúnachais gnó na Gníomhaireachta a thabhairt cothrom le dáta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

21.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh beartas coinbhleachtaí leasa agus a straitéis frithchalaoise na Gníomhaireachta a nuashonrú agus a ghlacadh in 2021;

22.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; á áitiú go láidir go gceanglófaí ar chórais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtacha cásanna féideartha de choinbhleachtaí leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla a sheachaint, agus mainneachtain saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

An t-aistriú digiteach agus glas

23.

ag tabhairt dá haire na cúraimí a shanntar don Ghníomhaireacht i ndáil leis an nGníomh um Chibearshlándáil, atá dírithe ar ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a chur chun cinn ar fud an Aontais, lena n-áirítear tacú go gníomhach leis na Ballstáit, agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun cibearshlándáil a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go dtacaíonn an Ghníomhaireacht le comhaid bheartais nua a fhorbairt amhail slándáil líonra agus faisnéise, athléimneacht dhigiteach oibríochtúil, ríomhaitheantas, ríomh-fhíordheimhniú agus seirbhísí iontaoibhe, an cód um chumarsáid leictreonach Eorpach, 5G, tiachóga digiteacha, an intleacht shaorga agus CÓD Líonra maidir leis an gcibearshlándáil; á chur in iúl gur geal léi go mbeadh an Ghníomhaireacht i gceannas ar mheastóireacht a dhéanamh i dtaobh an bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint le táirge faoin nGníomh um Chibear-Athléimneacht atá beartaithe; á chur i bhfios go láidir gur gá foireann leormhaith a áirithiú lena léirítear cúraimí méadaithe na Gníomhaireachta;

24.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas cibearshlándála i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht, agus, go háirithe, go gcuireann sí an cur chuige ‘cosaint dhomhain’ i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an Ghníomhaireacht tús in 2021 leis an athbhreithniú ar a beartas TF agus a creat nós imeachta, lena n-áirítear a beartas slándála faisnéise; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gcuirtear oiliúint ar chosaint sonraí agus cúrsaí feasachta cibearshlándála ar fáil go bliantúil do gach ball foirne;

25.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird ar an ngá atá leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

26.

ag tabhairt dá haire go bhfuil córas bainistithe comhshaoil á fhorbairt ag an nGníomhaireacht a bhfuil sé beartaithe leis go mbeadh deimhniú Scéim an Aontais Eorpaigh um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) mar thoradh air; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna údaráis na Gréige comhaontú léasa a thabhairt i gcrích thar ceann na Gníomhaireachta d’fhoirgneamh a ceanncheathrú san Aithin, ar comhaontú é a bheidh ag feidhmiú go hiomlán ón 1 Iúil 2021, agus go gcuirfidh sé sin ar chumas na Gníomhaireachta sraith níos leithne de bhearta glasa a chur chun feidhme;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

27.

ag tabhairt dá haire, ó thús phaindéim COVID-19 agus le linn 2021, go ndearna an Ghníomhaireacht roghanna buana teilea-oibre a thabhairt isteach agus a chothabháil agus, ag an am céanna, go ndearna sí spreagadh, éifeachtúlacht agus forbairt na bhfostaithe a chothabháil agus a fheabhsú; á chur in iúl gur mór aici, go háirithe, gur seoladh nuashonruithe laethúla chuig gach ball foirne trí bhosca ríomhphoist feidhmiúil ainmnithe, inar sonraíodh líon na gcásanna agus na forbairtí is déanaí ar domhan, chun an fhoireann a choinneáil ar an eolas maidir le forbairtí; á mholadh don Ghníomhaireacht na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm, chun cruinnithe agus cúraimí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla a eagrú ar bhealach níos éifeachtaí ná iad féin a dhéanamh go pearsanta amach anseo;

Barúlacha eile

28.

ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht a straitéis idirnáisiúnta i mí na Samhna 2021, agus gur chuir sé sin ar chumas na Gníomhaireachta oibriú le líon roghnaitheach tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe maidir le hoibriú i dtreo socruithe comhair leis an Úcráin, le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT);

29.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá cuid sineirgí a fhorbairt (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus slándáil), agus a comhar, a malartuithe dea-chleachtais agus a pléití maidir le réimsí comhleasa le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

30.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (3) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 84.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/365


CINNEADH (AE) 2023/1906 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha ENISA (Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0094/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (4), agus go háirithe Airteagal 31 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0115/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 151, 7.6.2019, lch. 15.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/366


CINNEADH (AE) 2023/1907 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir leis an urscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí ar Ghníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021(06247/2023 – C9-0073/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (4), agus go háirithe Airteagal 94 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0079/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/368


RÚN (AE) 2023/1908 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0079/2023),

A.

de bhrí gur bunaíodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (1);

B.

de bhrí gurb é OIPE oifig nua neamhspleách ionchúisimh phoiblí an Aontais agus go bhfuil sé freagrach as coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus as lucht déanta cionta coiriúla agus a gcomhchoirithe sna cionta sin a thabhairt chun breithiúnais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus arna léiriú le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle;

C.

de bhrí go ndéanann OIPE idirghabháil i gcás inarb iad na húdaráis náisiúnta amháin a d’fhéadfadh na coireanna sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ach ina raibh deireadh lena gcumhachtaí ag teorainn a dtíre, agus gan na cumhachtaí riachtanacha ag eagraíochtaí eile amhail Eurojust, OLAF agus Europol chun na himscrúduithe agus ionchúisimh choiriúla ábhartha a dhéanamh;

D.

de bhrí go gcuimsítear in inniúlacht OIPE líon cineálacha calaoise, lena n-áirítear calaois CBL a ngabhann damáistí os cionn EUR 10 milliún léi, sciúradh airgid, an éillitheacht agus cineálacha eile a bhfeidhmíonn OIPE feidhmeanna ionchúisitheora i gcúirteanna inniúla na mBallstát rannpháirteach i ndáil leo, go dtí go mbeidh an cás go críochnaitheach;

E.

de bhrí go bhfuil gníomhartha nós imeachta OIPE faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag na cúirteanna náisiúnta agus go bhfuil cumhachtaí iarmharacha ag an gCúirt Bhreithiúnais – trí réamhrialuithe nó athbhreithnithe breithiúnacha ar na gníomhartha sin – chun a áirithiú go gcuirtear dlí AE i bhfeidhm go comhsheasmhach;

F.

de bhrí go bhfuil OIPE comhdhéanta de leibhéal lárnach, a bhfuil a cheanncheathrú i Lucsamburg, ina bhfuil an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, 22 Ionchúisitheoir Eorpach (ceann in aghaidh gach tír is rannpháirtí) agus an Stiúrthóir Riaracháin, agus de leibhéal díláraithe (náisiúnta) ina bhfuil na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha (ITE) sa 22 Bhallstát Aontais atá rannpháirteach;

G.

de bhrí, ag an leibhéal lárnach, gurb é an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus an 22 Ionchúisitheoir Eorpacha le chéile a dhéanann Coláiste OIPE agus go maoirsíonn sé na himscrúduithe agus ionchúisimh ar an leibhéal náisiúnta arna ndéanamh ag ITEnna, a oibríonn le neamhspleáchas iomlán ar a n-údaráis náisiúnta;

H.

de bhrí, faoi Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2017/1939 go ndéanfaidh Stiúrthóir Riaracháin OIPE, ag gníomhú dó mar oifigeach údarúcháin na hOifige, buiséad na hoifige a chur chun feidhme faoina freagracht féin agus laistigh de na teorainneacha a údaraítear sa bhuiséad, agus an fhaisnéis uile a bhaineann le cinntí aon nósanna imeachta meastóireachta a sheoladh gach bliain chuig an údarás buiséadach;

I.

de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de Rialacha Airgeadais OIPE, go ngníomhóidh Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin mar Oifigeach Cuntasaíochta OIPE freisin agus go mbeidh sé freagrach as na cuntais bhliantúla, a chomhdhlúthaítear le cuntais an Aontais, a ullmhú;

J.

de bhrí, faoin gcreat reatha, gurb í an Chúirt a iniúchann na cuntais bhliantúla chríochnaitheacha agus gur faoin gComhairle atá sé moladh a dhéanamh agus faoi Pharlaimint na hEorpa cinneadh a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú do Stiúrthóir Riaracháin na hOifige i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain airgeadais ar leith;

K.

de bhrí gur chuir an Oifig tús lena gníomhaíochtaí oibriúcháin ar an 1 Meitheamh 2021 agus gur bhain sí neamhspleáchas airgeadais amach ón gCoimisiún Eorpach amhail ón 24 Meitheamh 2021 agus go bhfuil an chéad sraith de na cuntais bhliantúla á cur ar fáil aici i mbliana;

1.

á chur in iúl gur geal léi an tuairim dhearfach ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le hiontaofacht chuntais OIPE don bhliain airgeadais 2021 agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim agus na n-íocaíochtaí is bun leo;

2.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh maidir le struchtúr oibríochtúil agus córas tacaíochta a chur ar bun lena gcumasófar di feidhmiú mar oifig ionchúisimh neamhspleách an Aontais, go háirithe, foireann a earcú don leibhéal lárnach agus do na leibhéil dhíláraithe, córas dílsithe a shocrú le haghaidh bainistiú cásanna, lena n-áirítear bogearraí a fháil agus rochtain a fháil ar bhunachair sonraí atá ábhartha d’fheidhmiú a feidhmeanna agus an dianchomhoibriú a tionscnaíodh leis na comhpháirtithe ábhartha;

3.

á chreidiúint, ón taithí a fuarthas sa chéad bhliain de ghníomhaíocht oibríochtúil agus bhainistiú riaracháin OIPE, gur sainaithníodh líon laigí i Rialachán (AE) 2017/1939 agus, dá bhrí sin, gur gá don Choimisiún idirghabháil thráthúil a dhéanamh; ag iarraidh ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach in idirphlé gníomhach le OIPE agus togra leorchuimsitheach le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2017/1939 a chur isteach gan mhoill, d’fhonn réiteach a fháil ar na heasnaimh atá ann faoi láthair, go háirithe i bpróisis inmheánacha a bhaineann le hacmhainní airgeadais agus daonna; á iarraidh ar OIPE an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas, ar bhealach tráthúil, faoi na bearta a rinneadh chun réiteach a fháil ar na laigí nó ar easnaimh fhéideartha nua a sainaithníodh;

4.

ag cur béim ar an bhfíoras go meastar gur airgead an Aontais iad na híocaíochtaí uile a dhéantar chun garspriocanna agus spriocanna a chomhlíonadh bunaithe ar athchóirithe agus infheistíochtaí a dtugtar tuairisc orthu sna pleananna náisiúnta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF); á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, go dtagann gach tionscadal, idirbheart, tairiscint nó gníomhaíocht ghaolmhar eile faoi shainordú OIPE; á iarraidh ar na Ballstáit uile comhoibriú go hiomlán le OIPE sna himscrúduithe uile a bhaineann le cur chun feidhme RRF;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

5.

ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 26,3 milliún an buiséad foriomlán a leithdháileadh ar OIPE do 2021, laghdú ar an EUR 45 mhilliún sa dearlaic thosaigh; ag tabhairt dá haire gur leithdháileadh agus gur úsáideadh EUR 9 200 000 breise agus OIPE fós ag feidhmiú ó thaobh airgeadais de mar chuid den Choimisiún; á chur in iúl go dtuigeann sí, as an méid EUR 45 mhilliún a rabhthas ag súil léi ar dtús, gur tugadh EUR 9 500 000 ar ais do bhuiséad an Aontais; á chur i bhfios gur bhain an EUR 9,5 milliún a tugadh ar ais leis an moill ar cheapacháin na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha agus le tús oibríochtaí OIPE araon, agus leis an gcion den bhuiséad a deonaíodh chun foireann reachtúil a fhostú a bheith gan caitheamh toisc nach ndearnadh an plean bunaíochta a oiriúnú dá réir;

6.

ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh buiséad OIPE go suntasach in 2021 i gcomparáid le 2020 (EUR 11,6 milliún) mar iarmhairt ar cheartú a rinneadh ar an tearcmheasúnú ar líon na gcásanna a cuireadh ar fáil in 2017 le linn Rialachán (AE) 2017/1939 a ghlacadh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé acmhainní daonna agus airgeadais a chur in oiriúint don ualach oibre atá ag dul i méid agus chun buiséad OIPE a mhéadú dá réir.

7.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh 97 % de na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus 71 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a chur chun feidhme sa bhuiséad; á chur i bhfios go láidir gur tugadh 26 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí anonn go 2022; ag tabhairt dá haire go ndearnadh 83 % de na hidirbhearta íocaíochta laistigh den teorainn ama reachtúil agus gur 21,1 lá a bhí sa mheántréimhse íocaíochta; á chur i bhfios go láidir go raibh 34 % de na híocaíochtaí déanacha aon lá amháin déanach agus go raibh 75 % de na híocaíochtaí déanacha níos lú ná cúig lá déanach; ag spreagadh OIPE an mhoill ar íocaíochtaí a laghdú trí úsáid iomlán éifeachtúil a bhaint as réitigh leictreonacha lena rannchuideofaí freisin leis na hinstitiúidí a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos inbhuanaithe;

8.

ag tabhairt le fios, tríd is tríd, nach raibh aon tionchar sonrach ag paindéim COVID-19 ar ghníomhaíochtaí OIPE ó thaobh aistriú fuílleach, aistrithe nó infheistíochtaí a bhfuil gá leo nó ar chostais mhargaidh earraí agus seirbhísí; á thabhairt le fios, áfach, go bhféadfadh sé gur rannchuidigh paindéim COVID-19, a bheag nó a mhór, le ceapachán tráthúil ITEnna a chosc, le moill a chur ar thús na n-oibríochtaí ionchúisimh agus imscrúdaithe;

9.

ag tabhairt dá haire gurb é córas dílsithe TF OIPE an tsócmhainn dholáimhsithe is tábhachtaí, ar córas é a úsáidtear chun cásanna OIPE agus sonraí eile faoi rún a iontráil, a bhainistiú agus a tharchur ar bhealach slán agus atá nasctha le córais na mBallstát (Córas Bainistithe Cásanna - CBC); ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús le forbairt na mbogearraí sin sular tháinig OIPE chun bheith neamhspleách ar an gCoimisiún agus go ndearnadh an luach intreach a íocadh go dtí sin ar CMS a aistriú ón gCoimisiún;

10.

á lua gur aistríodh formhór na sócmhainní inláimhsithe chuig OIPE ón gCoimisiún saor in aisce agus gur aithníodh an t-ioncam comhfhreagrach ón deonúchán sin mar ioncam sna cuntais;

11.

ag tabhairt dá haire maidir leis an aistriú sainphribhléidí agus freagrachtaí sin ón gCoimisiún le deireanas, fiú más rud é go rabhthas ag dréim leis faoin socrú cur chun feidhme a comhaontaíodh, i ndiaidh Rialachán (AE) 2017/1939 a ghlacadh, go gceanglaíonn sé fós ar OIPE iarrachtaí suntasacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar cheist na n-íocaíochtaí déanacha, a rialacha airgeadais inmheánacha a chomhlíonadh lena n-áirítear rialuithe a bhaineann le gnéithe oibríochtúla agus airgeadais a hoibríochtaí;

12.

ag spreagadh OIPE na nósanna imeachta um shonrascú leictreonach a úsáid chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí a bhaineann le híocaíochtaí a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla;

13.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh na costais bhreise ábhartha, a bhaineann le gníomhaíochtaí oibríochtúla (cruinnithe agus misin), arna dtabhú ag ITEnna sa bhreis ar a luach saothair, a mheas mar chaiteachas oibríochta mar chuid de bhuiséad OIPE faoi Airteagal 91(5) de Rialachán (AE) 2017/1939;

14.

á chur in iúl go dtuigtear di go bhfuil OIPE ag féachaint an bhféadfaí teacht ar sheirbhísí aistritheoirí náisiúnta faoi bhrí mionna, a mbeadh aitheantas ó na húdaráis náisiúnta inniúla acu mar sholáthraithe eisiacha aistriúchán deimhnithe a bheadh inghlactha agus inúsáidte i dtrialacha cúirte, nó rannchuidiú go díreach le costais arna dtabhú ag ITEnna as seirbhísí den sórt sin, trí na costais a tabhaíodh ar an leibhéal náisiúnta a aisíoc leo;

15.

á mheabhrú go n-éilítear le cur chun feidhme Airteagail 31, 91(5) agus 91(6) de Rialachán (AE) 2017/1939, ina leagtar amach na cásanna ina bhféadfadh sé go mbeadh gá le ranníocaíocht airgeadais ó bhuiséad OIPE chun costais imscrúdaithe a chumhdach ar an leibhéal díláraithe agus bearta imscrúdaitheacha costasacha arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta, nach lamháiltear leo, faoi láthair, speansais arna dtabhú ag na córais cheartais náisiúnta a aisíoc; á chur i bhfios, mar gheall ar íogaireacht agus rúndacht oibríochtaí OIPE, go bhféadfadh sé nach mbeifí ar an eolas faoi sheoladh nós imeachta soláthair agus, dá bhrí sin, go gcuirfear i gcuntas sna rialacha an fhéidearthacht comhaontuithe maoiniúcháin agus comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a thabhairt i gcrích idir OIPE agus na Ballstáit; ag tathant ar an gCoimisiún gníomhú i ndáil leis seo, agus leasuithe iomchuí ar an Rialachán Airgeadais a mholadh agus a i gcuntas nach mór ualach na gcostas sin a leithdháileadh i gcomhlíonadh phrionsabal na comhréireachta;

16.

á chur in iúl gur feasach di, i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh, go ndéanfar riachtanais OIPE a chur in iúl don Choimisiún faoin 31 Eanáir don bhliain ina dhiaidh sin; á lua go ndéantar an t-ualach measta cásanna (meánlíon na dtuarascálacha coireachta isteach agus na n-imscrúduithe a dhéantar a sheoladh, agus leibhéal aibíochta na n-imscrúduithe atá ar siúl) a mheas go cuí le toradh na réamhaisnéise, atá ábhartha do chainníochtú na riachtanas sin; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, nach gcuirtear san áireamh sa réamhaisnéis sin tionchar úsáid na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), a thug méadú ar líon na n-acmhainní atá ar fáil agus ar an riosca calaoise agus drochbhainistíochta; á chur i bhfios, maidir le cainníochtú na riachtanas buiséadach, go mbaineann castacht bhreise leis toisc inniúlacht shainordaitheach a bheith ag OIPE, ionas nach bhfuil aon discréid aici maidir lena oiriúnaí atá sé imscrúduithe agus ionchúisimh a dhéanamh, agus toisc nach mbíonn aon chomhghaolmhaireacht chinnte idir líon na n-imscrúduithe agus na costais a bhaineann leo agus ar fíordheacair iad a thuar; á chur i bhfios go láidir gur gá acmhainní leordhóthanacha agus na sainchumais riachtanacha a chur ar fáil do OIPE chun go mbeidh sí in ann a cúraimí a dhéanamh go rathúil;

17.

ag tabhairt le fios gur iarradh soiléiriú i ngach Ballstát rannpháirteach faoin tslí a dtuairisceofar do OIPE ar chalaois a dhéanfadh difear don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus go bhfuil plé leanúnach ar siúl faoin tslí a bhféadfadh OIPE idirghabháil éifeachtach a dhéanamh i ndáil leis;

18.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa cinnteachta maidir leis na bearta feabhais a d’fhéadfaí a ghlacadh i ndiaidh calaoisí den sórt sin a bhrath agus a ionchúiseamh, ar calaoisí iad a dhéanfadh difear don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

19.

ag tathant ar an gCoimisiún treoir leordhóthanach a chur ar fáil i ndáil leis sin agus mioneolas a thabhairt don údarás buiséadach faoi na roghanna;

20.

ag teacht leis an tuairim go bhfuil teorainn á cur leis na roghanna ar cheart a chur ar fáil chun an tsolúbthacht is mó is féidir a bhaint amach maidir le bonneagar eagraíochtúil a thógáil le haghaidh fhorbairt chomh nuálach le OIPE toisc nach ann do chreat acmhainní meántéarmach i gcomhair OIPE, ó thaobh buiséid agus foirne de araon, tráth ar den riachtanas gníomhú go beo chun dlús a chur leis na hoibríochtaí agus bunaíochtaí riaracháin a bhunú;

Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach

21.

ag spreagadh OIPE chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a shraith táscairí feidhmíochta, agus tógáil ar an taithí oibríochtúil maidir lena shamhail oibríochta áirithe féin a reáchtáil;

22.

ag tabhairt dá haire, in 2021, go bhfuair Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh 2 832 thuarascáil ar chionta féideartha - 1 351 ó údaráis náisiúnta, 190 ó institiúidí, comhlachtaí, eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí Aontais, 1 282 ó pháirtithe príobháideacha agus 9 dtuarascáil ex officio; á chur in iúl go dtuigtear di, tar éis d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an fhaisnéis a tuairiscíodh i gcomhréir le hAirteagal 24(6) de Rialachán (AE) 2017/1939 a fhíorú, gur tháinig sí ar an tuairim go raibh forais ann chun a hinniúlacht a fheidhmiú agus imscrúduithe a dhúiseacht nó a thionscnamh in 576 chás (agus 84 mheasúnú ar feitheamh i ndeireadh 2021), agus go ndearnadh 31 chás díobh a chur ar aghaidh chuig na húdaráis náisiúnta tar éis do OIPE a inniúlacht a fheidhmiú; ag tabhairt dá haire gur eisigh OIPE cúig dhíotáil in 2021 agus gur ordaigh na cúirteanna ciontú críochnaitheach i gcásanna OIPE agus go raibh trí chás eile inar feidhmíodh nósanna imeachta simplithe ionchúisimh;

23.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil OIPE i mbun plean cuimsitheach leanúnachais gnó a ghlacadh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé plean leanúnachais gnó a ghlacadh a luaithe is féidir chun aon chur isteach ar a ghnó a sheachaint ach freisin chun go n-ullmhófar é i gcás imeachtaí suaite amach anseo;

24.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rannpháirteacha breithniú a dhéanamh ar shíneadh a chur le sainordú agus inniúlachtaí OIPE chun go n-áireofaí imscrúdú, ionchúiseamh agus sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais a thabhairt faoi réim an cheartais;

Acmhainní daonna, comhionannas agus folláine na foirne

25.

ag tabhairt moladh d’iarrachtaí OIPE a bheith rannpháirteach i ndianphróiseas earcaíochta agus ionduchtúcháin, agus é mar sprioc a ráthú go mbainfear acmhainn oibríochtúil iomlán amach gan mhoill;

26.

ag tabhairt dá haire go bhfuil ráta áitíochta 94 % ann i gcás poist shealadacha agus poist mar ghníomhairí ar conradh, agus maidir leis an 22 Bhallstát rannpháirteacha go raibh 95 ITE ann as 140 dár buiséadaíodh i dtosach;

27.

á chur in iúl go dtuigtear di, ag deireadh 2021, go raibh 217 mball foirne ar an iomlán ag OIPE, as a raibh 122 ghníomhaire reachtúla (91 ghníomhaire shealadacha agus 31 ghníomhaire ar conradh) fostaithe sa lároifig, agus go raibh 95 chomhairleoir speisialta ag obair sna hoifigí náisiúnta agus cothromaíocht mhaith inscní sa dá oifig; á thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil dáileadh inscne i measc na gcúig phost bainistíochta fo-optamach (ceathrar fear agus bean amháin) agus gur cheart an ghné sin a fheabhsú, mar aon le straitéis éagsúlachta a fhorbairt, chun spreagadh leormhaith do dhaoine faoi mhíchumas iarratas a dhéanamh ar phoist in OIPE a áireamh;

28.

á chur in iúl gur oth léi nár éirigh le nósanna imeachta roghnúcháin ITEnna i roinnt Ballstát arís agus arís eile na poist a ndearnadh buiséadú orthu ar dtús a líonadh ar chúiseanna éagsúla, ina measc leibhéal an luacha saothair (80 % de leibhéal AD9 – i gcomhréir le stádas na gComhairleoirí Speisialta, nach bhfuil i gcomhréir leis na cáilíochtaí agus an taithí a bhfuiltear ag súil leo ó EDPanna uaireanta), easpa peirspictíochta soiléire gairme, chomh maith le héiginnteacht maidir lena gcumhdach slándála sóisialta agus árachais sláinte;

29.

á chreidiúint, maidir leis an gcastacht a eascraíonn as stádas riaracháin ITEnna (a bhfuil na Ballstáit le foráil a dhéanamh dá gcearta sóisialta agus dá sochair shóisialta, lena n-áirítear cearta pinsin, córais ama oibre agus saoire, agus go mbeidh an luach saothair, arna ríomh mar chéatadán de luach saothair oifigigh Aontais, á chur ar fáil ó bhuiséad an Aontais), go mbaineann sí de tharraingteacht na bpost sin agus de roghnaitheacht a bpróisis ceapacháin;

30.

á chur in iúl go dtuigtear di gur baol do neamhspleáchas breithiúnach é cur i bhfeidhm Rialacha Cur Chun Feidhme na Rialachán Foirne ginearálta maidir le ITEnna, ach, faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne, agus gan an Coimisiún a bhailíochtú roimh ré, nach lamháiltear le stádas OIPE rialacha malartacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le ITEnna; á mheabhrú gurb é OIPE an t-aon institiúid de chuid an Aontais a fhostaíonn ionchúisitheoirí agus go bhfuil a neamhspleáchas ríthábhachtach do dhea-fheidhmiú na hoifige ionchúisimh; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus an tsolúbthacht is gá a áirithiú laistigh den chreat dlíthiúil chun freastal go hiomlán ar stádas speisialta na n-ionchúisitheoirí mar fhoireann OIPE á chreidiúint go dtugann an staid sin breithnithe breise le tacú tuilleadh le Rialachán (AE) 2017/1939 agus stádas OIPE a athbhreithniu;

31.

ag moladh bhainistíocht OIPE as gach gníomhaíocht inmharthana a d’fhéadfadh a bheith ann a ghlacadh, laistigh dá sainchumais, chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar, na hacmhainní atá ar fáil a chur in úsáid chun an ráta áitíochta a mhéadú agus dlús a chur leis an bpróiseas earcaíochta, in ainneoin na saincheisteanna tar éis na paindéime; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi na srianta iar-phaindéime agus faoi shainiúlachtaí mhargadh saothair fíoriomaíoch Lucsamburg, agus á thabhairt faoi deara go bhfuil teorainn le héagsúlacht gheografach na n-iarrthóirí chun iarratas a dhéanamh ar phoist mar thoradh ar neamhtharraingteacht Lucsamburg mar áit fostaíochta, go príomha mar gheall ar an gcostas ard maireachtála; á lua, ó thaobh an phacáiste airgeadais agus na peirspictíochta gairme de i dteannta a chéile, nach bhfuil Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh chomh hiomaíoch leis na ceithre Institiúid eile Aontais a bhfuil fostaithe acu i Lucsamburg (an Pharlaimint, an Coimisiún, an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Iniúchóirí), sa mhéid nach bhféadfadh sé conair i dtreo post mar oifigeach Aontais a thairiscint agus go ndearnadh an t-aon ghníomhaireacht Aontais amháin a bhí i Lucsamburg a nascadh, agus a aistriú go dtí an Bhruiséil faoin CAI reatha;

32.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di cé chomh minic a úsáidtear seirbhísí tráchtála tríú páirtí agus sásraí sealadacha oibrithe sa chuid is mó de na réimsí nár imréitíodh baill foirne phoiblí de chuid an Aontais iontu, agus gur cruthaíodh dálaí oibre fo-optamacha uaireanta mar thoradh ar ualaí troma oibre ar feadh i bhfad ar líon suntasach d’fhoireann OIPE; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt, gan a thuilleadh moille, ar thearcfhoireann OIPE agus a phleananna bunaíochta amach anseo á moladh aige;

33.

ag aontú le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa go bhfuil na heasnaimh a thugtar le fios sa bhainistiú airgeadais ina léiriú freisin ar easpa acmhainní arna leithdháileadh ar na feidhmeanna airgeadais agus soláthair, agus ina laige i mbainistiú acmhainní daonna OIPE;

34.

á aithint maidir le hacmhainní daonna nach mór féachaint le lánchomhlíonadh phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne a ráthú, agus cé gurb eol di a oiread práinne agus brú a bhain le céimeanna tosaigh ghníomhaíochtaí oibríochtúla OIPE, á mheabhrú a riachtanaí atá sé beart leantach a dhéanamh i gcás chinntí na Cúirte maidir le cur chun feidhme roinnt nósanna imeachta earcaíochta;

35.

á chur in iúl gur mór aici go n-imlonnaítear thart ar 86 % den fhoireann earcaithe, ar fud ranna OIPE, i ngníomhaíochtaí a bhaineann le himscrúduithe (is é sin, 186 bhall foirne, lena n-áirítear na 95 ITE);

36.

ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis foirne OIPE dírithe ar acmhainní oibríochtúla a mhéadú sna blianta 2022 agus 2023, go mbeidh ar fheidhmeanna tacaíochta riaracháin agus lárnacha fás chomh maith, chun go mbeidh siad in ann tacú leis an daonra oibríochtúil atá ag dul i méid, agus go mbeidh earcaíocht bhreise ríthábhachtach freisin i réimse na comhlíontachta agus na bhfeidhmeanna bainistithe riosca agus i réimse na seirbhísí digiteacha agus slándála;

37.

ag tabhairt dá haire, faoi na socruithe oibre a glacadh le haghaidh 2021, i ndiaidh filleadh ar an oifig a údarú, gur leagadh síos obair ón mbaile ar feadh suas le 2,5 lá sa tseachtain agus go raibh an rogha sin in úsáid go forleathan ag tromlach na foirne; á chur in iúl go dtuigtear di, go ndéanfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a beartas maidir le ham oibre agus obair hibrideach a ailíniú leis na rialacha cur chun feidhme is déanaí ón gCoimisiún;

Creat eitice, agus trédhearcacht

38.

ag tabhairt dá haire go bhfuil Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i mbun ghnéithe bunriachtanacha a creata eitice a fhorbairt; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac sí straitéis frithchalaoise mar chuid dá bainistiú rioscabhunaithe, go soláthraíonn gach ball foirne dearbhú coinbhleachtaí leasa, go bhfuil gach ball foirne a imlonnaítear in oibríochtaí faoi réir ceanglas pearsanta imréitigh slándála agus go ndéantar dearbhuithe leasanna a iarraidh agus a scagadh i gcás na ról uile mar ionchúisitheoirí agus i gcás an Stiúrthóra Riaracháin;

39.

á aithint gur ghlac Coláiste OIPE rialacha cur chun feidhme maidir le sceithireacht, agus á chur in iúl go dtuigtear di sí go bhfuil na forálacha sin faoi réir céimeanna breise cur chun feidhme praiticiúil anois;

40.

á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoin gcás ar chuir an tOmbudsman Eorpach tús leis in 2021 i ndáil le nós imeachta ceapacháin i gcás Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach; á chur in iúl go dtuigtear di, ós rud é gur thug an gearánaí céanna an gearán céanna i láthair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur chinn an tOmbudsman Eorpach an cás a dhúnadh ag cur san áireamh nach bhféadfaidh an tOmbudsman gearáin a scrúdú i gcás ina bhfuil nó ina raibh na saincheisteanna a ardaíodh ina n-ábhair d’imeachtaí dlí;

41.

á iarraidh go gcuirfí deireadh le húsáid cuideachtaí seachtracha a leanann, de réir rangú Ollscoil Yale (3), de bheith ag feidhmiú sa Rúis;

Digiteáil, cibearshlándáil agus cosaint sonraí

42.

á lua go bhfuil córas bainistithe cásanna OIPE bunaithe ar chóras arna fhorbairt ag AS COMP an Choimisiúin, agus cé nár pléadh bhfuil roghanna go fóill maidir leis an gcóras sin a nascadh le huirlisí coibhéiseacha eile (atá in úsáid ag OLAF nó Europol mar shampla), go n-áirithítear ardleibhéal idirinoibritheachta mar sin féin trí leas a bhaint as coincheapa agus comhpháirteanna arna bhforbairt agus arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún;

43.

ag tabhairt dá haire go bhfuil CMS OIPE á bhainistiú go hiomlán ag OIPE agus, cé go ndéantar a fhorbairt a sheachfhoinsiú, gur foireann dhílsithe de chuid clár CMS OIPE a dhéanann an conradh a bhainistiú; ag tabhairt dá haire gur i lárionad sonraí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh féin, ar lárionad é atá á bhainistiú ag foireann tacaíochta dhílsithe an chórais bainistithe cásanna, a dhéantar an córas oibríochtúil agus a chuid sonraí a stóráil agus a phróiseáil;

44.

á chur in iúl gur mór a meas ar an aird atá á tabhairt ar úsáid na seirbhísí uathaistriúcháin, agus ar fhorbairt ‘tairseach aistriúcháin’ le haghaidh ionchúisitheoirí, foireann na lároifige agus foireann eile chun feabhas a chur ar a éifeachtúlaí a láimhseáiltear cásanna agus teorainn a chur leis an méadú ar chostais a bhaineann le haistriúcháin, ar costais iad a mheastar a dtiocfaidh méadú orthu ag cur san áireamh go bhfuil ag méadú ar ualach oibre na hOifige;

45.

ag spreagadh na hOifige chun acmhainn chibearshlándála dá cuid féin a fhorbairt tuilleadh chun seirbhísí CERT-EU agus AS DIGIT sa Choimisiún a fhorlíonadh agus comhoibriú leo;

46.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gur infheistíodh EUR 547 000 i dtrealamh agus suiteálacha teicniúla, closamhairc agus gur infheistíodh EUR 872 000 agus EUR 4 871 000 in earraí/seirbhísí TFC riaracháin agus oibríochtúla faoi seach (crua-earraí, bogearraí, seirbhísí, anailís, ríomhchlárú agus cúnamh teicniúil); á lua gur bhain Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh lánúsáid, le linn 2021, as na forbairtí ag éirí as coigeartuithe oibre Covid-19, go raibh sí ag brath ar AS DIGIT an Choimisiúin le haghaidh saoráidí físchomhdhála agus gur lainseáil sí tionscadal chun seomraí cruinnithe OIPE uile a uasghrádú ionas go mbeidh acmhainn físchomhdhála iontu uile;

Foirgnimh agus slándáil

47.

á chur in iúl gur feasach di go bhfuair OIPE, le linn 2021, ó rialtas Lucamburg, 8 335 mhéadar chearnacha de spás oifige ar fad, saor in aisce, ar spás oifige é a mbeadh cíosa costas thart ar EUR 3 901 000 in aghaidh na bliana air, agus ina theannta sin, gur thairg rialtas Lucsamburg urláir a athchóiriú, a meastar gurbh fhiú costas EUR 2 700 000 é, a dhéanamh saor in aisce;

48.

ag tabhairt dá haire nár síníodh aon chomhaontú léasa go fóill le húdaráis an Bhallstáit óstaigh a sholáthraíonn an spás oifige saor in aisce, d’ainneoin an mhéid a leagtar amach in Airteagal 3.2 den Chomhaontú Ceanncheathrún; ag aontú le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa nuair a thugann sí chun suntais conas go bhféadfadh sé go mbainfí de OIPE leis an easpa comhaontaithe oifigiúil léasa i scríbhinn an chobhsaíocht fhadtéarmach leormhaith is gá chun a dhualgais a chomhlíonadh; á chur in iúl go dtuigtear di go ndearna Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid féin a chur i gcrích agus gur chuir sí an t-ábhar ar aghaidh chuig údarás an Bhallstáit is óstach; á iarraidh go ndéanfaidh rialtas Lucsamburg an próiseas a luasú agus ar an nós imeachta a thabhairt i gcrích gan a thuilleadh moille;

Comhshaol agus inbhuanaitheacht

49.

ag tabhairt dá haire gurb iad údaráis Lucsamburg a sholáthraíonn an foirgneamh atá á áitiú ag OIPE agus na seirbhísí ábhartha, agus gurb iad údaráis Lucsamburg freisin a dhéanann cúram d’infheistíochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus feidhmíocht fuinnimh;

50.

á iarraidh ar OIPE straitéis a ghlacadh le haghaidh ghluaisteacht inbhuanaithe a fhoirne;

Comhar idirinstitiúideach

51.

ag tabhairt moladh do na hiarrachtaí atá déanta ag OIPE dul i mbun dianchomhoibriú agus dianchomhordú le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí;

52.

á chur i bhfios go láidir go ndearna OIPE, in 2021, comhaontú comhair a chur i gcrích leis an gCoimisiún agus socruithe oibre a chur i gcrích le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, OLAF, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus Eurojust;

53.

á chur in iúl gur geal léi gur síníodh 21 Chomhaontú ar Leibhéal Seirbhíse agus Mheabhrán Tuisceana le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile Aontais chun na sochair a eascraíonn as ionstraimí conarthacha atá ann cheana a uasmhéadú;

54.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dul i mbun idirphlé táirgiúil leis na Ballstáit neamh-rannpháirteacha; ag tabhairt dá haire gur oscail OIPE, in 2021, 48 n-imscrúdú a bhain le Ballstáit neamh-rannpháirteacha; ag tabhairt dá haire maidir le comhar a bhfuil na hionstraimí ábhartha Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla mar bhunús leis, go n-oibríonn sé go réidh leis an Danmhairg, an Ungáir agus an tSualainn, fiú más ar ráta é atá éagsúil leis an ráta leis na tíortha rannpháirteacha; á chur in iúl go n-aontaíonn sí leis an ábhar imní atá curtha in iúl ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach maidir leis an easpa comhair ó Éirinn agus ón bPolainn in imscrúduithe sin OIPE nach mór fianaise ón dá Bhallstát neamh-rannpháirteacha sin a bhailiú dóibh;

55.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di easpa comhair ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha, ó thús oibríochtaí OIPE i mí an Mheithimh 2021, easpa comhair a dhéanann difear go háirithe do bhailiú fianaise; ag cur béim ar an bhfíoras, amhail ó 2022, gurbh é líon imscrúduithe OIPE a raibh baint ag an bPolainn leo an líon is airde d’aon tír neamh-rannpháirteach; á chur in iúl gur oth léi gur chuir an Pholainn moill mhór ar thabhairt isteach an leasaithe is gá ina cód um nós imeachta coiriúil chun an socrú oibre le OIPE a oibríochtú; ag tabhairt dá haire gur glacadh an leasú thuasluaite ó shin; á iarraidh ar na Ballstáit neamh-rannpháirteacha a n-oibleagáidí a urramú go hiomlán maidir le comhar dílis le OIPE a áirithiú;

56.

a iarraidh ar an gCoimisiún leathnú rannpháirtíocht na mBallstát eile nach bhfuil rannpháirteach in OIPE a chur chun cinn trí; á iarraidh ar na tíortha sin imeacht ó chuir chuige a bhféadfadh limistéir imdhíonachta agus pribhléide a bheith mar thoradh orthu, agus comhaontuithe comhair a ghlacadh ar a laghad lena n-éascófar forghníomhú ghníomhaíochtaí OIPE go héifeachtach, lena n-áiritheofar comhar dílis le OIPE; ag spreagadh OIPE freisin socruithe oibre éifeachtúla agus éifeachtacha a aimsiú leis na cúig Bhallstát neamh-rannpháirteacha de chuid an Aontais agus a shainiú conas is féidir le OIPE comhoibriú níos fearr leo;

57.

á lua go bhfuil an comhoibriú a dhéanann OIPE leis an gCoimisiún i réimsí an téarnaimh riaracháin agus na mbeart réamhchúraim, arna rialú le hAirteagal 103(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, á rialú faoin gcomhaontú Comhair leis an gCoimisiún; á thabhairt faoi deara, i ndáil leis an méid sin go sonrach, nár chuir OIPE aon aiseolas ar fáil go fóill; á chur in iúl go dtuigtear di, chun an comhar faoi Airteagal 103(2) a chur chun feidhme go rathúil, go mbeidh comhordú le déanamh leis na ITEnna sna Ballstáit agus gur feasach di gur den riachtanas neamhspleáchas agus comhsheasmhacht Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh mar phrionsabal ginearálta, a chomhlíonadh d’fhonn a himscrúduithe a bheith éifeachtúil agus éifeachtach; á iarraidh ar OIPE na ITEnna a chomhairliú ina n-iarrachtaí maidir le tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí an Choimisiúin buiséad an Aontais a choimirciú, agus á iarraidh go dtuairisceoidh OIPE agus an Coimisiún araon ar an ábhar sonrach sin;

58.

ag spreagadh OIPE oibriú go dlúth agus a comhar le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, le OLAF agus leis an Ombudsman a neartú chun dúbláil imscrúduithe a sheachaint agus ag cur béim ar an ngá atá ann réimsí leasa fhrithpháirtigh a phlé;

59.

ag cur sonrú i stádas breathnóra OIPE i nGréasán Idirghníomhaireachta Camden um Aisghabháil Sócmhainní (CARIN) ó mhí na Nollag 2020 agus sa Mheitheal um Breabaireacht in Idirbhearta Gnó Idirnáisiúnta (WGB), agus sa chuireadh a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir freisin i gcruinnithe débhliantúla Oifigigh um Fhorfheidhmiú an Dlí (LEO) de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) agus na réamhchruinnithe a tionóladh in 2021 le Rúnaíocht an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF/GAFI) chun iarratas OIPE mar bhreathnóir a ullmhú

Cumarsáid

60.

ag tabhairt dá haire gurb é ardán an tsuímh gréasáin chorparáidigh (www.eppo.europa.eu) an phríomháit le haghaidh cumarsáid sheachtrach na hinsitiúide, agus go ndéantar é a chomhroinnt le cuntais oifigiúla OIPE ar Facebook, Twitter agus LinkedIn, agus go dtairgtear raon roghanna isteach sna hardáin sin (iarratas le haghaidh rochtain phoiblí ar dhoiciméid, foirmeacha teagmhála le haghaidh saoránach, iriseoirí, agus iarratasóirí féideartha);

61.

a chur in iúl gur mór aici foilsiú preaseisiúintí, nuashonruithe sna meáin shóisialta agus na hagallaimh maidir lena ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus institiúideacha a bhíonn á dtabhairt ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, na hIonchúisitheoirí Eorpacha agus roinnt ball foirne speisialaithe, go gcuireann an méid sin go mór leis an eolas agus leis an bhfeasacht maidir le ról agus gníomhaíochtaí OIPE;

62.

ag spreagadh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh chun gníomhaíochtaí spriocdhírithe a chuimsiú i measc a gníomahíochtaí straitéiseacha ar mhaithe lena hinfheictheacht a mhéadú agus tacú leis an eolas agus an tuiscint ar fhís an Aontais agus ar a chur chuige maidir le leasanna an Aontais agus na gcáiníocóirí a chosaint.

(1)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(2)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(3)  https://som.yale.edu/story/2022/over-1000-companies-have-curtailed-operations-russia-some-remain


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/376


CINNEADH (AE) 2023/1909 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí ar ghníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021(06247/2023 – C9-0073/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (4), agus go háirithe Airteagal 94 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0079/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/377


CINNEADH (AE) 2023/1910 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0095/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (4), agus go háirithe Airteagal 65 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0100/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 138, 26.5.2016, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/379


RÚN (AE) 2023/1911 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0100/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 31 827 678 buiséad criochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Iarnróid (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, arb ionann é agus méadú 3,45 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur as buiséad an Aontais den chuid is mó a thagann buiséad na Gníomhaireachta;

B.

de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘an tuarascáil ón gCúirt’), go bhfuil dearbhú réasúnta faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta foluiteacha dlíthiúil rialta;

Buiséad agus bainistiú airgeadais

1.

Ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021, ráta cur chun feidhme buiséid 99,82 % de leithreasuithe na bliana reatha, arb ionann é agus laghdú beag 0,16 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh ionann ráta forghníomhaithe na leithreasaí íocaíochta sa bhliain reatha agus 93,54 %, arb ionann é agus méadú 4,25 % i gcomparáid le 2020;

2.

Ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 69 638 an t-olltoradh buiséid in 2021, laghdú ó EUR 114 225 in 2020;

3.

Ag aithint na ndúshlán a bhí roimh an nGníomhaireacht i bhfeidhmiú an bhuiséid in 2021, lena n-áirítear maidir leis na hiarrachtaí a rinneadh chun buiséad slándála TF de thart ar EUR 1,3 milliún, a shann an Coimisiún i mí na Bealtaine 2021 chun cumais slándála TF na Gníomhaireachta a neartú, a ionsú chomh tapa agus chomh héifeachtach agus is féidir; ag moladh na Gníomhaireachta as tuairim is 81 % den bhuiséad sin a chur chun feidhme in ainneoin na tréimhse ama teoranta;

4.

Ag cur sonrú sa tuairisciú atá á dhéanamh ag an nGníomhaireacht ar an mbrú leanúnach atá ar a buiséad le blianta beaga anuas, mar gheall ar easpa foirne chun na cúraimí nua agus leathnaithe a tugadh isteach leis an 4ú Pacáiste Iarnróid a chumhdach; ag cur sonrú i bhfreagra na Gníomhaireachta, agus é ina ábhar imní di, go raibh uirthi ciorruithe níos suntasaí a dhéanamh gach bliain ar a buiséad oibríochtúil chun tuarastail a foirne a íoc; ag moladh na Gníomhaireachta as na bearta a glacadh chun éifeachtaí na neamhdhóthanachtaí sin a mhaolú, e.g. tríd an ráta in aghaidh na huaire a chuireann an Ghníomhaireacht i bhfeidhm le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le cúraimí an údaráis a mhéadú;

5.

Á mheabhrú go bhfuil an buiséad is lú ag an nGníomhaireacht i measc na ngníomhaireachtaí iompair d’ainneoin na feidhmíochta comhshaoil den scoth agus na mbuntáistí eile a bhaineann le hiompar d’iarnród, a leag an Coimisiún síos mar cheann dá thosaíochtaí leis an bPlean Gníomhaíochta chun borradh a chur faoi iarnród fadraoin agus trasteorann do phaisinéirí; á athdhearbhú go dtacaíonn sí le méadú ar bhuiséad na Gníomhaireachta chun na hacmhainní is gá a chur ar fáil di chun a chur ar a cumas gníomhú mar údarás éifeachtúil agus a cúraimí a chomhlíonadh, go háirithe na cúraimí sin maidir le hiomaíochas a mhéadú, sábháilteacht agus idir-inoibritheacht trasteorann a fheabhsú;

Feidhmíocht

6.

Á aithint gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht gur baineadh amach 76,41 % dá clár bliantúil 2021 (i gcomparáid le 59,35 % in 2020); á chur in iúl gur geal léi an fíoras gur baineadh amach formhór na heochairtháscairí feidhmíochta a socraíodh faoin Doiciméad Clársceidealaithe Aonair (SPD) 2021–2023; ag tabhairt dá haire, áfach, nár baineadh amach fós roinnt eochairtháscairí feidhmíochta tábhachtacha, amhail iad siúd a bhaineann le hiniúchadh comhionannais inscne, le clabhsúr a chur ar thorthaí iniúchóireachta réamh-2021 (12 as 14 ghníomhaíocht a osclaíodh ag tús 2021 a cuireadh siar go 2022) agus láithreacht na mban in earnáil an iompair;

7.

Ag cur sonrú i gcuid de na príomhéachtaí a rinne an Ghníomhaireacht in 2021, amhail seachadadh tráthúil líon méadaitheach d’Údaruithe Feithicle (1260), Deimhnithe Sábháilteachta Aonair (41) agus Formheasanna taobh riain ERTMS (2), suirbhé uaillmhianach maidir leis an timpeallacht sábháilteachta a thabhairt chun críche, arb é is aidhm dó cultúr dearfach sábháilteachta a fhorbairt san earnáil iarnróid (le 100 eagraíocht rannpháirteach agus 46 500 freagra ar an iomlán), an Clár Eorpach d’Fheithiclí a imscaradh i dtimpeallacht táirgeachta agus an dul chun cinn a rinneadh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bpacáiste STI faoi 2022; á chur in iúl gur geal léi trasuí iomlán cholún teicniúil an 4ú Pacáiste Iarnróid i mBallstáit uile an Aontais agus á mheabhrú a thábhachtaí atá sé ERTMS a thabhairt chun críche faoi 2030 mar ábhar práinne;

8.

Ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar bharúlacha urscaoilte na bliana seo caite, go ndearna an Ghníomhaireacht a SPD a aistriú ó chóras bliantúil agus aschur-dírithe go córas ilbhliantúil atá dírithe ar thorthaí, ina mbeidh, ina chroílár, cur i bhfeidhm na loighce idirghabhála ar fud thimthriall ‘Plean-Déan-Seiceáil-Gníomhaigh’ na Gníomhaireachta, eochairtháscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar thoradh agus ar thionchar (an breisluach ar an gcóras iarnróid), chomh maith le Deais SPD a chomhroinnfear go rialta le Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta le haghaidh rialachas fianaise-bhunaithe na Gníomhaireachta;

9.

Á mheabhrú, tar éis trasuíomh iomlán Cholún Teicniúil an 4ú Pacáiste Iarnróid ag deireadh 2020, gur tugadh roinnt cúraimí nua don Ghníomhaireacht a raibh méadú suntasach ar an ualach oibre i gceist leo; ag tabhairt dá haire go bhfuil Plean um Neartú forbartha ag an nGníomhaireacht i gcomhar leis an gCoimisiún agus go ndearna sí beart tosaíochta ad hoc chun déileáil níos fearr leis an ualach oibre nua;

10.

Ag moladh iarracht leanúnach na Gníomhaireachta feabhas a chur ar a héifeachtúlacht agus ar cur i bhfeidhm a buiséad trína plean um neartú a dréachtaíodh in 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil an plean um neartú bunaithe ar roinnt colún, amhail bailiú sonraí agus trédhearcacht a chomhdhlúthú tuilleadh trí fhaireachán treisithe agus cultúr feidhmíochta sonraíbhunaithe; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá sineirgí a fhorbairt (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil), comhar agus malartú dea-chleachtas le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

11.

Á chur in iúl gur geal léi an fíoras gur lean an Ghníomhaireacht dá cúraimí a chur i gcrích go rathúil i réimse na hidir-inoibritheachta, na sábháilteachta agus an chomhchuibhithe iarnróid an Aontais; á chur in iúl gur geal léi tiomantas leanúnach na Gníomhaireachta don chuspóir Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a chruthú agus nascacht iompair iarnróid a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról tábhachtach ag an iarnród maidir le taisteal agus lasta inbhuanaithe a áirithiú ar fud an Aontais ar feadh na mblianta atá le teacht, agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá obair na gníomhaireachta i ndáil leis an méid sin;

12.

Á mheabhrú gurbh é 2021 Bliain Eorpach an Iarnróid freisin, agus á thabhairt chun suntais go bhfuil an t-iarnród ar cheann de na modhanna iompair is inbhuanaithe, is nuálaí agus is sábháilte atá ar fáil; ag tabhairt dá haire, mar chuid de Bhliain Eorpach an Iarnróid, gur thaistil traein speisialta an Aontais ar fud na mór-roinne a stopadh i mbreis agus 100 cathair i 26 thír agus gur léiríodh leis an tionscnamh sin acmhainneacht an iarnróid, chomh maith lena bhfuil bainte amach aige maidir le hiarnróid idir-inoibritheacha a fhorbairt ar fud na hEorpa, mar aon leis an tábhacht a bhaineann le deireadh a chur le haon cheann de na bacainní trasteorann atá fós ann;

13.

Á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú straitéiseach na Gníomhaireachta i réimse na rialacha náisiúnta; ag moladh na hoibre fairsinge a rinne an Ghníomhaireacht in 2021 chun measúnú a dhéanamh ar na Rialacha Náisiúnta um Údarú Feithicle (VA) agus á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le bailchríoch a chur ar an measúnú do na Ballstáit eile in 2022, chomh maith leis na torthaí ó thaobh laghdú na rialacha sna blianta amach romhainn;

14.

Ag tathant go mbeidh cur i gcrích chroíghréasán iarnróid TEN-T ina phríomhthosaíocht; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht nua ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) d’infheistíocht san iarnród, agus bearta chun an bealach a réiteach d’athbheochan an iarnróid;

15.

Ag moladh don Ghníomhaireacht breithniú a dhéanamh ar bhearta chun cáilíocht na seirbhísí don iompar d’iarnród a fheabhsú;

Beartas foirne

16.

Á thabhairt dá haire, amhail an 31 Nollaig 2021, go raibh 98 % den phlean bunaíochta curtha i bhfeidhm agus go raibh 148 ghníomhaire sealadacha ceaptha as 151 ngníomhaire sealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 148 bpost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 34 ghníomhaire ar conradh (as 36 gníomhaire údaraithe) agus 2 shaineolaí náisiúnta ar iasacht (as 4 shaineolaí údaraithe) don Ghníomhaireacht in 2021;

17.

Ag cur sonrú san easpa cothromaíochta inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta, le 7 as 9 (77,78 %) ina bhfir; ag cur sonrú sa dáileadh inscne laistigh de bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir iad 28 as 49 (57,14 %); ag cur sonrú, thairis sin, sa dáileadh inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, inar fir iad 125 as 192 (65 %); ag aithint obair leanúnach na Gníomhaireachta chun an bhearna idir na hinscní a dhúnadh, le tionscadail shonracha amhail ‘Mná in earnáil an iompair’ chun fostaíocht na mban agus comhdheiseanna in earnáil an iompair a neartú; ag aithint na hiarrachta a rinne an Ghníomhaireacht an teilea-obair agus an chothromaíocht gheografach san earcaíocht a neartú; á mheabhrú go mbaineann easnaimh nós imeachta i nósanna imeachta earcaíochta an bonn de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht feabhas a chur ar a nós imeachta earcaíochta inmheánach chun próisis mheastóireachta agus fógraí folúntais a shoiléiriú; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach AD a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus forbairt ghairme agus earcaíocht agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas;

18.

Ag tabhairt faoi deara go bhfuil straitéis nua Acmhainní Daonna ag an nGníomhaireacht (2023–2027) arb é is aidhm di tiomantas fadtéarmach a chothú agus iomlaoid i measc na foirne a laghdú; á thabhairt chun suntais go ndéanfar gach gníomhaíocht tosaíochta a shainaithnítear chun cothromaíocht inscne agus comhdheiseanna a áirithiú a sheachadadh i sineirgíocht leis an straitéis sin agus ag iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir lena cur chun feidhme leanúnach; ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht tús in 2021 lena haistriú chuig uirlis SYSPER chun bainistiú a dhéanamh ar a hacmhainní daonna atá beartaithe le cur i bhfeidhm ag tús 2022;

19.

Ag tabhairt dá haire go raibh méadú beartaithe ag an gCoimisiún ar phlean bunaíochta na Gníomhaireachta ó 2023 ar aghaidh, nach raibh méadú comhfhreagrach ar leithdháileadh fóirdheontais ag gabháil leis; á mheabhrú go bhfuil iarrachtaí suntasacha á ndéanamh ag an nGníomhaireacht cheana féin chun teacht leis an leibhéal uaillmhéine is gá chun cuspóirí beartais an Choimisiúin a bhaint amach go héifeachtach faoi na srianta buiséadacha atá ann faoi láthair; á thabhairt chun suntais gur thuairiscigh roinnt fostaithe ragobair shuntasach in 2021; á aithint go gcuirtear i bhfios go láidir leis sin go bhfuil neamhréir idir na hacmhainní agus na riachtanais ar an láthair; á chur i bhfios gur gá cothromaíocht chuí oibre is saoil a choinneáil laistigh den fhoireann chun cúraimí na Gníomhaireachta a chomhlíonadh ar bhealach sásúil;

20.

Ag cur sonrú sna saincheisteanna a thabhaigh baill foirne na Gníomhaireachta atá ag lorg cúraim sláinte sa Fhrainc, ós rud é nach nglacann údarás náisiúnta na Fraince leo a bheith cleamhnaithe leis an gcóras sláinte náisiúnta;

21.

Ag tabhairt dá haire, idir 2020 agus lár 2022, gur tuairiscíodh ceithre chás ciaptha laistigh den Ghníomhaireacht agus gur cuireadh triúr dá baill foirne ar an gclár; á thabhairt dá haire, mar sin féin, nach ndearnadh aon imscrúduithe agus nár tugadh aon chásanna os comhair cúirte; á mholadh don Ghníomhaireacht a beartais agus a modhanna a fhorbairt tuilleadh chun cásanna den sórt sin a chosc ar bhealach níos éifeachtúla amach anseo;

Soláthar

22.

Ag tabhairt dá haire gur tugadh an plean soláthair bunaidh cothrom le dáta i rith na bliana trí EUR 350 000 a chur leis le haghaidh glao nua ar thairiscintí agus EUR 228 000 le haghaidh creatchonradh leasaithe; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht 4 ghlao oscailte ar thairiscintí, 4 nós imeachta idirbheartaithe agus 2 athoscailt iomaíochta in 2021;

23.

Á mheabhrú go bhfuil sainordú ag an nGníomhaireacht riachtanais na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a chur san áireamh; ag cur sonrú i mbarúil na Cúirte in 2020 gur cheart don Ghníomhaireacht rialuithe éifeachtacha a thabhairt isteach chun stádas FBM na n-iarratasóirí a sheiceáil; ag moladh na mbeart leanúnach ón nGníomhaireacht chun moladh na Cúirte a chur chun feidhme, amhail an fhaisnéis maidir leis na coinníollacha sonracha do FBManna a dhéanamh infheicthe go soiléir do na hiarratasóirí, lena n-áiritheofar go gcumasófar féindearbhú d’iarratasóirí a dhearbhaíonn iad féin mar FBManna agus lena n-áiritheofar go mbeidh sreabhadh oibre i bhfeidhm chun na seiceálacha bunaithe ar an bhfianaise a chuirtear ar fáil a phróiseáil;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

24.

Á thabhairt dá haire gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht CVanna agus dearbhú leasanna de chuid chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus de chuid a luchta bainistíochta sinsearaí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go bhfuil CVanna 2 as 49 gcomhalta den bhord bainistíochta ar iarraidh; á thabhairt dá haire nach bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht CVanna saineolaithe seachtracha ná saineolaithe inmheánacha;

25.

Á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a fheabhsú trí fhaisnéis a fhoilsiú go tráthrialta ar a suíomh gréasáin faoi na cruinnithe uile a thionólann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin le heagraíochtaí nó le daoine féinfhostaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht a bheith rannpháirteach sa chomhaontú idirinstitiúideach nuabhunaithe maidir le clár trédhearcachta éigeantach d’ionadaithe leasa, arna shíniú ag an gCoimisiún, ag an gComhairle agus ag an bParlaimint;

Rialú inmheánach

26.

Ag tabhairt faoi deara, tar éis bharúlacha an údaráis um urscaoileadh in 2020, go bhfuil an Ghníomhaireacht, chun gné rialaithe a córais bainistíochta inmheánaí a neartú, tar éis aistriú i dtreo córas atá dírithe ar an gCreat Rialaithe Inmheánaigh bunaithe ar threoirlínte an Choimisiúin, agus go raibh an caighdeán idirnáisiúnta ISO 9001:2015 fós ina thagairt thánaisteach le céimniú amach in 2022;

27.

Ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht an measúnú bliantúil ar a Creat Rialaithe Inmheánaigh, inar thángthas ar an gconclúid go bhfuil an Ghníomhaireacht i gcomhréir ar an iomlán le roinnt réimsí le haghaidh feabhsuithe breise; ag tabhairt dá haire go ndéanfar faireachán ar na gníomhaíochtaí leantacha bunaithe le linn 2022; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh an Ghníomhaireacht faoi réir iniúchadh faireachais chun a fhíorú go bhfuil próisis na Gníomhaireachta ag comhlíonadh na gceanglas ISO, gan aon neamh-chomhréireachtaí arna sainaithint ag an gcomhlacht deimhniúcháin;

28.

Ag tabhairt dá haire go ndearna Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach na gCoimisiún (IAS) measúnú riosca chun réimsí le haghaidh iniúchtaí ionchasacha a shainaithint don Ghníomhaireacht sna blianta amach romhainn (2021–2023); ag tabhairt dá haire gur sainaithníodh trí ábhar iniúchóireachta sa mheasúnú riosca, eadhon pleanáil straitéiseach agus faireachán, rialachas TF, agus cur chun feidhme an 4ú Pacáiste Iarnróid; ag tabhairt dá haire go ndearnadh an chéad iniúchadh, gur seoladh an tuarascáil iniúchóireachta chríochnaitheach chuig an nGníomhaireacht i mí an Mhárta 2022 agus gur comhaontaíodh plean gníomhaíochta le IAS;

29.

Á mheabhrú go ndearna IAS iniúchadh ar Bhainistiú Faisnéise agus ar Shlándáil Faisnéise in 2019; ag tabhairt dá haire go raibh dhá mholadh sa tuarascáil deiridh ar mheas IAS go raibh siad an-tábhachtach maidir le creat rialachais sonraí agus leanúnachas TF agus slándáil fhisiciúil; á thabhairt chun suntais gur socraíodh dáta cur chun feidhme foirmiúil athbhreithnithe na moltaí sin go dtí deireadh 2022; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás buiséadach maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin;

30.

Ag tabhairt dá haire gur cláraíodh 35 neamhchomhréireacht in 2021, agus gur tháinig laghdú ar roinnt neamhchomhlíonadh airgeadais i gcomparáid leis na blianta roimhe sin;

31.

Ag tabhairt dá haire gur oscail OLAF imscrúdú inmheánach in 2021, atá fós ar siúl; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht toradh an imscrúdaithe a thuairisciú don údarás buiséadach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a thabhairt dá haire go bhfuil ráta rannpháirtíochta na hoiliúna frithchalaoise agus eitice íseal cé go bhfuil siad éigeantach; ag moladh don Ghníomhaireacht feabhas a chur ar rátaí rannpháirtíochta na seisiún oiliúna sin chun feabhas a chur ar na teicnící braite agus chun baill foirne a spreagadh chun aon amhras faoi chalaois a thuairisciú;

Digitiú agus an t-aistriú glas

32.

Ag aithint go bhfuil leibhéal an-ard digitithe bainte amach ag an nGníomhaireacht ina sreabhadh oibre; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ina ball gníomhach de mheitheal Thionscadal Ríomhsholáthair an Choimisiúin, atá curtha chun feidhme go hiomlán beagnach; á chur in iúl gur geal léi ról na Gníomhaireachta ó 2021 mar cheann de na trí ghníomhaireacht phíolótacha a d’aistrigh ó fheidhmchlár ABAC TF airgeadais go dtí an SUMMA nua; á chur in iúl gur geal léi an fíoras gur thug an Ghníomhaireacht, a bhain tairbhe as tacaíocht thiomnaithe an Choimisiúin in 2021, bearta luachmhara isteach chun a cibearshlándáil a neartú, amhail gníomhaíochtaí ceartaitheacha lena dtugtar aghaidh ar leochaileachtaí i roinnt córas TF, tástálacha treáite dá córais TF, nós imeachta rialuithe slándála do chórais TF seachfhoinsithe, chomh maith le seisiúin feasachta slándála TF tréimhsiúla dá foireann uile; ag tabhairt dá haire, dá bharr sin, gur tharla ionsaithe cibearshlándála ar an nGníomhaireacht in 2021 go pointe níos ísle ná mar a tharla in 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Ghníomhaireacht ag comhoibriú le EASA chun saineolas a roinnt maidir le córas TF seanbhunaithe chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis sábháilteachta san eitlíocht; ag moladh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil);

33.

Á chur in iúl gur geal léi tiomantas agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta an inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar spéise di, gur chuir an Ghníomhaireacht straitéis thiomnaithe chomhshaoil san áireamh i ndréacht-SPD 2023 i gcomhréir le tosaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais agus leis an gcomhthéacs eacnamaíoch reatha; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht sprioc laghdaithe CO2 a leagan síos ina clár oibre agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thabhairt isteach éifeachtach na straitéise comhshaoil;

Leanúnachas gnó feadh na géarchéime

34.

Ag tabhairt dá haire óna tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí do 2021 gur fhreagair an Ghníomhaireacht go tráthúil agus go leormhaith do phaindéim COVID-19, i ndáil lena foireann agus lena socruithe oibre araon, agus leis an earnáil iarnróid; ag tabhairt dá haire, maidir lena freagairt i ndáil leis an mbeartas foirne, gur thacaigh an Ghníomhaireacht le cur i bhfeidhm na teilea-oibre maidir leis an bhfoireann uile le roinnt beart atá faoi cheangal a bheith ina ngnáthamh nua, amhail bandaleithead an naisc sonraí a mhéadú agus nascacht chianda VPN a bharrfheabhsú do bhaill foirne a oibríonn ón mbaile; ag moladh don Ghníomhaireacht na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm, chun cruinnithe agus cúraimí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla a eagrú ar bhealach níos éifeachtaí ná iad féin a dhéanamh go pearsanta amach anseo; ag tabhairt dá haire freisin, maidir leis an bhfreagairt ar an bpaindéim i ndáil leis an earnáil iarnróid, gur ullmhaigh an Ghníomhaireacht tuarascáil maidir le ‘Travel safety during COVID-19 for passengers travelling long distance by train and other modes’ [Sábháilteacht taistil le linn COVID-19 do phaisinéirí atá ag taisteal fadraoin ar thraein agus modhanna eile] agus gur eagraigh sí seimineár gréasáin maidir le Post pandemic Recovery of Rail Transport [Téarnamh Iarphaindéime Iompair Iarnróid];

Barúlacha eile

35.

Ag cur sonrú i dtreocht leanúnach na Gníomhaireachta na costais a bhaineann le háitribh dhúbailte a laghdú, in Lille agus Valenciennes, agus a cuid oibríochtaí a dhíriú in aon áit amháin; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go bhfuil gealltanas tugtha ag an nGníomhaireacht gan an conradh léasa le haghaidh an áitribh in Lille a athnuachan agus an taisteal chuig Lille a theorannú do chruinnithe éigeantacha;

36.

Ag tabhairt dá haire, mar gheall ar fhorbairt na Gníomhaireachta ina húdarás de chuid an Aontais, nach gcomhlíonann foirgneamh cheanncheathrú reatha na Gníomhaireachta in Valenciennes na ceanglais is gá a thuilleadh chun freastal ar fhoireann agus ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta;

37.

Á chur i bhfáth nach mór d’institiúidí uile AE an rialáil airgeadais agus na hardchaighdeáin bhainistíochta a urramú;

38.

I gcás barúlacha eile de chineál trasghearrtha a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, tagraíonn sé dá rún 10 Bealtaine 2023 (2) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 162, 13.4.2022, lch. 5.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/384


CINNEADH (AE) 2023/1912 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0095/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004, (4), agus go háirithe Airteagal 65 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0100/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 138, 26.5.2016, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/385


CINNEADH (AE) 2023/1913 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021(06248/2023 – C9-0097/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (4), agus go háirithe Airteagal 64 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0137/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/387


RÚN (AE) 2023/1914 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0137/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar caiteachas (1), gur EUR 60 600 822 a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (‘an tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2021, arb ionann é agus méadú 7,64 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go maoinítear an tÚdarás le ranníocaíocht ón Aontas (EUR 19 172 407, arb ionann é agus 30,59 % den bhuiséad iomlán), ranníocaíochtaí ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát (EUR 23 936 648, arb ionann é agus 38,20 %) agus táillí a fuarthas ó eintitis faoi mhaoirseacht (EUR 17 087 867, arb ionann é agus 27,27 %);

B.

de bhrí go luann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (‘an ‘tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuair sí dearbhú réasúnach go bhfuil cuntais an Údaráis iontaofa agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici gurbh é 99,94 % ráta cur chun feidhme an bhuiséid, de thoradh na n-iarrachtaí faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021, agus gurb ionann é sin agus méadú beag 0,92 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gur ráta forghníomhaithe 89,91 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú 4,40 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;

2.

ag tabhairt dá haire gurbh í 2021 an chéad bhliain iomlán ar bhailigh an tÚdarás táillí ó chontrapháirtithe lárnacha tríú tír (CPLanna) agus an chéad bhliain ar thosaigh sé ag bailiú táillí ó stórtha urrúsúcháin, anuas ar tháillí ó ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus ó stórtha trádála faoi Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

3.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici go bhfuil uasghrádú déanta ag an Údarás ar a chóras bainistíochta íocaíochtaí atá dírithe ar bhainistiú níos fearr a dhéanamh ar na híocaíochtaí déanacha a dhéanann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nó stórtha trádála, mar shampla, agus ar an ús fabhraithe i dtaca leis na híocaíochtaí sin;

Feidhmíocht

4.

ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an tÚdarás bearta áirithe amhail eochairtháscairí feidhmíochta (KPIanna) chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a thugtar lena ghníomhaíochtaí agus le bearta eile chun feabhas a chur ar a bhainistiú buiséid, amhail líon na dtopaicí riosca a ndearnadh anailís orthu, ráta cealúcháin na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus an ráta iomlaoide foirne; ag moladh an Údaráis as a chlár oibre le haghaidh 2021 a bheith críochnaithe 91 %, agus an chuid is mó dá KPIanna a bheith bainte amach nó sáraithe;

5.

ag moladh an Údaráis as a aschuir agus a spriocanna insoláthartha le haghaidh 2021 a ghrúpáil i dtrí chatagóir thosaíochta: (i) ‘príomhthosaíocht’ i gcás 128 n-aschur atá nasctha le tosaíochtaí straitéiseacha; (ii) ‘tosaíocht níos ísle’ i gcás 75 aschur nach bhfuil nasctha leis na tosaíochtaí sin; agus (iii) ‘tosaíocht bainte go hiomlán’ i gcás 29 n-aschur maidir le cúraimí nach mbeidh le déanamh ach amháin má bhíonn dóthain ama ann lena n-aghaidh;

6.

ag tabhairt dá haire go raibh tosaíochtaí straitéiseacha an Údaráis dírithe in 2021 ar thrí thopaic thrasearnálacha: margaí caipitil fónta an Aontais, maoiniú inbhuanaithe, agus nuálaíocht agus digitiú; ag tabhairt dá haire freisin gur ann do spriocanna insoláthartha agus do ghaiscí an Údaráis in 2021 i réimsí nach bhfuil nasctha go díreach leis na tosaíochtaí sin, amhail – i measc nithe eile – margadh carbóin an Aontais, gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, seirbhísí infheistíochta, bainistiú infheistíochta nó CPLanna;

7.

ag moladh an Údaráis as na nithe a bhain sé amach in 2021, amhail, i measc nithe eile, cur chun feidhme sainorduithe nua a eascraíonn as athbhreithniú 2019 ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, an t-ullmhúchán do na freagrachtaí maoirseachta nua (maoirseacht ar stórtha urrúsúcháin, soláthraithe seirbhísí tuairisciúcháin sonraí agus tagarmharcanna criticiúla), formheas chlárú an chéad dá stórtha urrúsúcháin faoi Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an t-ullmhúchán chun freagrachtaí maoirseachta don Institiúid Eorpach um Margaí Airgid a aistriú chuig an Údarás agus maoirseacht a dhéanamh ar sheacht riarthóir tríú tír um thagarmharcanna a aithnítear ar leibhéal an Aontais;

8.

ag moladh an Údaráis, i gcomhthéacs na rioscaí a eascraíonn as digitiú na margaí airgeadais, as na hiarrachtaí a rinne sé in 2021 aiseolas teicniúil a thabhairt d’institiúidí an Aontais maidir leis na tograí ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le margaí cripteashócmhainní agus maidir leis an ngníomh um athléimneacht dhigiteach oibríochtúil; á chur in iúl gur geal léi forbairt threochlár airgeadais inbhuanaithe an Údaráis, 2022–2024, a bheidh ina uirlis phraiticiúil chun a áirithiú go ndéanfaidh an tÚdarás raon leathan cúraimí airgeadais inbhuanaithe a chur i gcrích i roinnt earnálacha éagsúla ar bhealach comhordaithe;

9.

á chur in iúl gur geal léi an comhar idir an tÚdarás agus an dá Údarás Maoirseachta Eorpacha eile, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, trí bhíthin Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach; ag tabhairt dá haire le sásamh go roinneann ESMA oifigeach cuntasaíochta leis an Údarás Baincéireachta Eorpach agus gur soláthair chomhpháirteacha le gníomhaireachtaí eile agus leis an gCoimisiún iad formhór na nósanna imeachta soláthair atá mar thoradh orthu; á thabhairt dá haire gur ann do Mheabhrán Tuisceana 2013 idir an tÚdarás agus an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh lena mbunaítear creat chun faisnéis a mhalartú nuair a bhíonn freagrachtaí rialála an dá eintiteas ag teacht le chéile i ndáil le margaí mórdhíola fuinnimh; á chur i bhfáth gur dócha go mbeidh gá le comhar neartaithe maidir le hábhair rialála a bhaineann le margaí fuinnimh mar thoradh ar an staid reatha sna margaí tráchtearraí; á mholadh don Údarás bearta a dhéanamh chun an comhar feabhsaithe sin a éascú;

Beartas foirne

10.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2021, a bhí an plean bunaíochta curtha chun feidhme 85,20 %, agus 213 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 250 gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 226 phost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 85 ghníomhaire ar conradh agus 10 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Údarás in 2021;

11.

ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú 23 % ar líon na mball foirne in 2021 i gcomparáid le 2020, agus go raibh 58 mball reachtúla breise ann; ag moladh an Údaráis as a iarrachtaí 102 bhall foirne a earcú, de thoradh 21 nós imeachta roghnúcháin (inmheánach agus seachtrach) a seoladh, 2 075 CV a ndearnadh scagadh orthu agus 175 iarrthóir a cuireadh faoi agallamh in 2021;

12.

ag cur sonrú sa dáileadh inscne i measc chomhaltaí ardbhainistíochta an Údaráis, ar mná iad ceathrar as gach cúigear díobh (80 %); ag cur sonrú sa dáileadh inscne laistigh de bhord bainistíochta an Údaráis, inar mná iad triúr as gach cúigear (60 %); ag cur sonrú freisin sa dáileadh inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán an Údaráis, inar fir iad 162 as na 308 mbaill foirne (53 %); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé ionadaíocht chothrom inscne agus gheografach a áirithiú i measc lucht bainistíochta agus fhoireann an Údaráis agus á iarraidh ar an Údarás na gnéithe sin a chur san áireamh maidir le ceapacháin amach anseo; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá scileanna, eolas agus taithí an iarrthóra nuair a bhíonn baill foirne á n-earcú agus ardú céime á thabhairt dóibh;

13.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an Údarás maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; á chur in iúl gur geal léi go neartaítear cur i bhfeidhm an bheartais sin trí bhearta cumarsáide agus trí sheisiúin feasachta; á chur in iúl gur geal léi nach ndearnadh aon chásanna ciaptha a thuairisciú, a imscrúdú nó a thabhairt os comhair na cúirte in 2021; á chur in iúl gur geal léi freisin plean an Údaráis ‘Beartas don Éagsúlacht agus don Chuimsiú’ a fhorbairt;

14.

á iarraidh ar an Údarás leanúint de bheartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoraíocht ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint maidir le forbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun go mbeadh ionadaíocht iomchuí ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

15.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gur bhainistigh an tÚdarás 15 nós imeachta soláthair, agus gur tugadh 7 gcinn díobh sin chun críche go hiomlán; ag moladh na n-iarrachtaí atá déanta ag an Údarás sineirgí a chruthú trí nósanna imeachta comhpháirteacha soláthair le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus leis an gCoimisiún; ag spreagadh an Údaráis chun leanúint de shineirgí a fhorbairt le comhlachtaí eile de chuid an Aontais;

16.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an bharúil atá i dtuarascáil na Cúirte gur chinn an tÚdarás in 2021 nós imeachta idirbheartaithe a sheoladh gan fógraíocht a dhéanamh air, agus, dá bhrí sin, gur sháraigh sé pointe 3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár formheasadh an réasúnú don chinneadh sin i dtuarascálacha eisceachtaí arna logáil go lárnach sular gníomhaíodh; á iarraidh ar an Údarás a áirithiú amach anseo gur i gcomhréir le prionsabail na dlíthiúlachta agus na rialtachta a chaithfear le gach cás nach gcloítear leis na próisis agus na nósanna imeachta seanbhunaithe;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

17.

ag moladh an Údaráis as na bearta agus na beartais chuimsitheacha atá curtha i bhfeidhm aige, agus as an dúthracht a chaitear lena gcur i bhfeidhm, chun trédhearcacht, eitic agus dea-iompar riaracháin a áirithiú, agus chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i dtaca le comhaltaí foirne an Údaráis, leis an mbord maoirseoirí, leis an mbord bainistíochta agus leis an gCoiste Maoirseachta do CPLanna; ag tabhairt dá haire, tar éis measúnú arna dhéanamh ag oifigeach eitice an Údaráis tráth a ndearnadh seiceáil ad hoc i gcomhthéacs nós imeachta aonair a bhaineann le cruthú trí phost mar cheannaire foirne, gur moladh athbhreithniú ar na treoirlínte maidir le dearbhuithe leasanna ag comhaltaí an bhoird roghnúcháin chun trédhearcacht sna dearbhuithe sin a fheabhsú; á iarraidh ar an Údarás tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ach a ndéanfar an t-athbhreithniú sin a thabhairt chun críche agus a fhormheas;

18.

ag tabhairt dá haire go bhfuair an tÚdarás 11 dearbhú in 2021 maidir le coinbhleachtaí leasanna roimh chruinnithe an bhoird maoirseoirí agus dhá dhearbhú den sórt céanna roimh chruinnithe an bhoird bainistíochta; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearna foireann eitice an Údaráis in 2021 seiceáil, i measc nithe eile, ar 251 dearbhú bliantúil ó bhaill foirne agus nach raibh coinbhleachtaí leasa i gceist in aon cheann díobh, ar 16 dhearbhú maidir le fostaíocht shochrach céilí lena n-athbhreithniú agus nár sainaithníodh aon saincheist iontu sin lena n-éilítear gníomhaíochtaí sonracha, agus ar 38 n-iarraidh ar chead chun déileáil in ionstraimí airgeadais agus formhór na n-iarrataí sin á bhformheas; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearna an fhoireann eitice measúnú ar 94 iarraidh chun coinbhleachtaí leasa a chosc i gcomhthéacs na hearcaíochta in 2021, inar mhol an fhoireann eitice do stiúrthóir feidhmiúcháin an Údaráis comhdhéanamh na bpainéal roghnúcháin a athrú i naoi gcás; á iarraidh ar an Údarás leanúint de thuairisciú a dhéanamh don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta atá déanta aige chun a áirithiú nach dtarlaíonn aon choinbhleachtaí leasa;

19.

ag tabhairt dá haire gur bhunaigh an tÚdarás dhá chomhchoiste, coiste amháin do bhainisteoirí sinsearacha agus coiste amháin do bhaill foirne, ar gá dóibh a bheith rannpháirteach i gcás ina dtagann coinbhleachtaí leasa chun cinn i gcomhthéacs gníomhaíocht atá beartaithe don todhchaí tar éis dóibh an tÚdarás a fhágáil; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur eagraigh an tÚdarás naoi ‘gcruinniú fágála’ dhéthaobhacha in 2021 leis na baill foirne uile a bhí ag fágáil an Údaráis chun dearbhuithe a sheiceáil maidir le gníomhaíochtaí agus chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil coinbhleachtaí leasa ann idir dualgais na mball foirne lena mbaineann san Údarás agus a ngníomhaíochtaí amach anseo; á thabhairt faoi deara nár tarraingíodh anuas aon saincheisteanna maidir leis an ábhar sin;

20.

ag moladh an Údaráis toisc go ndearna sé roinnt gníomhaíochtaí in 2021 chun feasacht a mhúscailt maidir leis na rialacha i ndáil le coinbhleachtaí leasa, maidir le rialacha eitice, maidir leis an bhfiosrúchán ar thrádáil le hionstraimí airgeadais, agus maidir le rialacha iarfhostaíochta agus tréimhsí marana; ag moladh an Údaráis ina theannta sin as rialacha inmheánacha a chur i bhfeidhm i ndáil le coinbhleachtaí leasa agus cásanna ‘dorais imrothlaigh’ atá infheidhme maidir lena bhord bainistíochta;

21.

á chur in iúl gur geal léi go bhfoilsíonn an tÚdarás CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí a bhoird bainistíochta agus a fhoirne bainistíochta; ag moladh an mhodha thrédhearcaigh a dtuairiscíonn an tÚdarás cruinnithe a fhoirne le geallsealbhóirí seachtracha agus a gcuireann sé ar fáil iad ar a shuíomh gréasáin;

22.

á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Údaráis do na caighdeáin eiticiúla is airde maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc; á mheabhrú, tar éis bharúlacha na Cúirte, go bhfuil sé de cheanglas ar chomhaltaí bhord maoirseoirí an Údaráis staonadh ó pháirt a ghlacadh sa phlé agus ó vótáil ar bhearta a bhfuil coinbhleacht leasa acu ina leith; á chur i bhfáth gur cheart do na comhaltaí sin staonadh freisin ó fhreastal ar chruinnithe ina mbíonn plé den sórt sin ar siúl, chun neamhspleáchas an bhoird maoirseoirí a chaomhnú; á chur in iúl gur geal léi freagra an Údaráis go bhfuil a bheartas leasaithe aige chun a cheangal go sainráite go bhfágfaidh comhaltaí a bhfuil coinbhleacht acu an seomra;

23.

á chur in iúl gur geal léi, i gcomhréir lena choinbhleachtaí leasa agus lena bheartas eitice, go bhfuil úsáid bainte ag an Údarás as toirmeasc sealadach ar thrádáil in ionstraimí airgeadais roghnaithe ag a fhoireann chun aon riosca a bhaineann le déileáil chos istigh a sheachaint; á iarraidh ar an Údarás leanúint de thuairisciú a dhéanamh don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta atá déanta aige chun coinbhleachtaí leasa a chosc;

24.

á chur in iúl gur geal léi foilsiú na dtreoirlínte comhpháirteacha athbhreithnithe maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus na bpríomhshealbhóirí feidhme i mí Iúil 2021 ag ESMA agus ÚBE tar éis na leasuithe ar Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus a n-éifeacht ar mheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, go háirithe maidir le frithsciúradh airgid agus rioscaí maoinithe sceimhlitheoireachta agus éagsúlacht inscne a chur chun cinn;

25.

á mheabhrú, tar éis thorthaí na Cúirte, go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa teacht chun cinn laistigh de phróiseas breithmheasa chathaoirleach agus stiúrthóir feidhmiúcháin an Údaráis nuair atá údarás inniúil náisiúnta de chuid chomhalta den bhord maoirseoirí, mar shampla, faoi réir nós imeachta um shárú ar dhlí an Aontais; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, tiomantas an Údaráis crostagairt shainráite do choinbhleachtaí leasa a thabhairt isteach ina phróiseas breithmheasa;

26.

á áitiú gur gá tacair chórasacha rialacha a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa agus brústocaireacht neamhdhleathach; á iarraidh ar an Údarás bearta inmheánacha frithéilliúcháin a bhunú freisin; á iarraidh ar an Údarás tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin;

Rialú inmheánach

27.

á chur in iúl gur geal léi an measúnú bliantúil ar chóras rialúcháin inmheánaigh an Údaráis agus an chonclúid gur ann do chóras den sórt sin agus go bhfeidhmíonn sé go maith; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, díreach mar a bhí amhlaidh i gcleachtas comhchosúil in 2020, a rinne an tÚdarás 78 dtáscaire rialúcháin inmheánaigh a thomhas, lenar cumhdaíodh na prionsabail rialúcháin inmheánaigh uile agus gurb amhlaidh a shainaithin sé 22 easnamh, ar mioneasnaimh a bhí sa chuid is mó díobh agus gan aon cheann díobh ina gcúis le ceistiú a dhéanamh i dtaobh arbh ann do phrionsabail an rialúcháin inmheánaigh agus d’fheidhmiú cuí na bprionsabal sin; ag tabhairt dá haire go mbaineann na deiseanna feabhsúcháin a breathnaíodh den chuid is mó leis na comhpháirteanna ‘timpeallacht rialúcháin’ agus ‘gníomhaíochtaí rialúcháin’;

28.

ag tabhairt dá haire go ndearna Seirbhís um Iniúchadh Inmheánach an Choimisiúin iniúchadh ar bhainistiú acmhainní daonna agus ar eitic an Údaráis in 2021 inar thángthas ar an gconclúid go bhfuil na córais bhainistíochta agus rialúcháin a chuir an tÚdarás i bhfeidhm sna réimsí sin deartha go leormhaith, curtha chun feidhme go héifeachtach agus go dtacaíonn siad leis an Údarás a chuspóirí gnó a bhaint amach; ag tabhairt faoi deara, maidir leis an iniúchadh sin, gur eisigh an tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach ceithre mholadh; á iarraidh ar an Údarás tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin;

29.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialúcháin a neartú chun feidhmiú cuí an Údaráis a áirithiú; á áitiú go láidir go gceanglófaí go mbeadh córais éifeachtacha bhainistíochta agus rialúcháin ann chun go seachnófar cásanna féideartha coinbhleachta leasa, rialuithe ex ante/ex post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

Digitiú agus an t-aistriú glas

30.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur éirigh leis an Údarás in 2021 a shamhail bhainistíochta atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí a aistriú ó chóras atá bunaithe ar Excel go timpeallacht néalbhunaithe nua, rud a bhfuiltear ag dréim leis, dar leis an Údarás, chun go bhfeabhsóidh sé a chumais phleanála agus tuairisciúcháin, i gcomhthéacs chastacht mhéadaitheach a shamhlacha buiséadúcháin agus costála;

31.

á chur in iúl gur geal léi go raibh sé d’aidhm ag an Údarás a chuid cosaintí cibearshlándála a neartú trí athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéis braite slándála le huirlisí níos sofaisticiúla agus níos uathoibrithe, trí na scileanna slándála i measc aonad TFC an Údaráis a mhéadú agus trí Oifigeach Slándála Faisnéise nua agus Oifigeach Bainistíochta Doiciméad a fhostú;

32.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i bhfoireann TFC a bhfuil conarthaí fadtéarmacha acu, chun go seachnófar imirce daoine oilte, neamhéifeachtúlachtaí agus rioscaí agus laigí i leith cibirionsaithe, ar rioscaí agus laigí iad a d’fhéadfadh dul i méid;

33.

ag moladh don Údarás oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus le CERT-EU (An Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfaí cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne laistigh den Údarás; á iarraidh ar an Údarás leanúint dá bheartas cibearshlándála a fhorbairt tuilleadh, agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin;

34.

ag moladh an Údaráis as a bheartas uaillmhianach comhshaoil, as ar tháinig feabhas in 2021 ar roinnt eochairtháscairí comhshaoil amhail, i measc nithe eile, laghdú dramhaíola, athchúrsáil páipéir agus laghdú ar thaisteal; ag tabhairt dá haire go ndéantar na tionchair a bhaineann le baint amach spriocanna inbhuanaitheachta nó an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a thomhas agus go ndéantar faireachán orthu trí phainéal rialúcháin le haghaidh KPIanna arna shocrú ag lucht bainistíochta an Údaráis;

35.

ag moladh an Údaráis as an dul chun cinn a rinne sé chun clárú le Scéim an Aontais Eorpaigh um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) faoi 2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an Údarás a bheith gan pháipéar go hiomlán faoi 2025;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

36.

ag tabhairt dá haire gur lean an tÚdarás de dhul i ngleic go rathúil leis na dúshláin a bhain le paindéim COVID-19, e.g. tríd an áitreabh agus a phróisis a chur in oiriúint go leanúnach do na bearta cosanta athraitheacha arna nglacadh ag rialtas na Fraince agus ag an gCoimisiún;

37.

ag tabhairt dá haire gur lean an tÚdarás de bheith ag obair go rianúil in 2021 de thoradh na n-infheistíochtaí a rinne sé roimhe sin i gcloschomhdháil agus i bhfíschomhdháil agus in uirlis vótála; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearna an tÚdarás uirlis nua bainistíochta agus áirithinte deisce a shuiteáil chun treoraíocht sláinte poiblí san oifig a áirithiú ar bhealach níos fearr, chun solúbthacht a mhéadú agus chun ullmhú don réaltacht tar éis na paindéime;

Tráchtanna eile

38.

ag tabhairt dá haire gur shainaithin an tÚdarás rioscaí in 2021, amhail, i measc nithe eile, acmhainneacht theoranta a shainorduithe a bhaint amach, acmhainní neamhleora agus easpa saineolais chun an clár oibre fairsing reachtach a bhainistiú (eadhon maidir le hAontas na Margaí Caipitil agus CPLanna), na hiarmhairtí a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, sainorduithe féideartha nua don Údarás i réimsí áirithe (amhail i dtaca le taisclanna lárnacha urrús), margaí airgeadais níos luainí, agus cóineasú teoranta maoirseachta agus maoirseacht theoranta ar CPLanna tríú tír; á iarraidh ar an gCoimisiún na saincheisteanna sin a chur san áireamh agus na hacmhainní is gá a leithdháileadh chun gur féidir leis an Údarás sainorduithe nua nó sainorduithe leathnaithe a bhaint amach;

39.

ag tabhairt dá haire, maidir leis na saincheisteanna a eascraíonn as an obair leantach a rinne an tÚdarás ar bharúlacha na Cúirte sna blianta roimhe seo – amhail trasmhaoiniú bliantúil an Údaráis ar ghníomhaíochtaí, comhchuibhiú an chórais ríofa táillí agus raon feidhme imchéimniúcháin an tsásra muirearúcháin táillí, nach dtagann siad faoi raon feidhme gníomhaíochta an Údaráis; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na gníomhartha tarmligthe agus na rialacháin a bhaineann leis na saincheisteanna sin a leasú, mar a mhol an tÚdarás;

40.

á iarraidh ar an Údarás díriú ar thorthaí a chuid oibríochtaí a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne, agus teagmháil a dhéanamh leis an bpobal trí na meáin shóisialta agus trí eagraíochtaí meán eile;

41.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (7) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 41, 29.3.2022, lch. 152.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).

(5)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(6)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(7)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/393


CINNEADH (AE) 2023/1915 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0097/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (4), agus go háirithe Airteagal 64 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0137/2023),

1.

maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/394


CINNEADH (AE) 2023/1916 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir le hurscaoileadh atá le tabhairt don Fhondúireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0098/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (4), agus go háirithe Airteagal 17 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0135/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 82.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/395


RÚN (AE) 2023/1917 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0135/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 21 402 739 buiséad críochnaitheach na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (‘an Fhondúireacht’) don bhliain airgeadais 2021, arb ionann é agus 2,13 % d’ardú i gcomparáid le 2020; de bhrí go ndíorthaíonn buiséad na Fondúireachta go hiomlán ó bhuiséad an Aontais;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Fondúireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘an tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na Fondúireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

á chur in iúl gur mór aici gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021 go raibh ardráta cur chun feidhme buiséid ann i dtaca leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas sa bhliain reatha, is é sin 99,91 %, arb ionann é agus méadú beag 0,04 % i gcomparáid le 2020; á chur i bhfios, áfach, gurbh é 86,23 % ráta forghníomhaithe na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta sa bhliain reatha, arb ionann é agus laghdú 9,43 % i gcomparáid le 2020;

Feidhmíocht

2.

ag tabhairt dá haire go raibh clár oibre na Fondúireachta do 2021 tugtha chun críche de réir ráta 95,58 %, an ráta is airde le cúig bliana anuas, agus ráta críochnúcháin tráthúil 91,15 % ann; ag moladh go bhfuil na heochairthascairí feidhmíochta go léir bainte amach ag an bhFondúireacht agus iad os cionn na spriocanna a leagadh síos;

3.

ag cur sonrú i bpríomhéachtaí na Fondúireachta in 2021, atá bunaithe ar thrí chuspóir straitéiseacha: ábharthacht agus oirchill scileanna, forbairt agus bailíochtú scileanna, agus feidhmíocht agus cáilíocht na mbeartas oideachais agus oiliúna; ag tabhairt dá haire go raibh na cuspóirí sin á mbaint amach ag an bhFondúireacht faoi thrí chroísheirbhís: an mol eolais, faireachán agus measúnú, agus comhairle beartais;

4.

ag cur sonrú sna tionscnaimh nua a sheol an Fhondúireacht in 2021, amhail anailís ar shuíomh scileanna glasa agus ar fholúntais i dtíortha comhpháirtíochta trí úsáid a bhaint as olltiomsú sonraí chomh maith le hanailís a dhéanamh ar raon feidhme, ar choinníollacha agus ar an bhféidearthacht a bhaineann le hobair ardáin a dhéanamh i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus na mBalcán Thiar; ag tabhairt dá haire gur éirigh leis an bhFondúireacht in 2021 athruithe ar an éileamh ar scileanna, idir athruithe leanúnacha agus athruithe réamh-mheasta, a aistriú ina gceanglais choigeartúcháin maidir le beartais a mheaitseáil, eadhon a líonra barr feabhais a leathnú; ag cur sonrú freisin i bhfás leanúnach fhóram dearbhaithe cáilíochta a Fondúireachta, lena dtugtar le chéile 22 thír chomhpháirtíochta in ardán le haghaidh idirphlé déthaobhach agus iltaobhach maidir le rialachas gairmoideachais agus gairmoiliúna; ag cur béim ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an Fhondúireacht lena gcuidítear le tíortha i mbun aistriú agus le tíortha i mbéal forbartha leas a bhaint as poitéinseal a gcaipitil dhaonna trí athchóiriú a dhéanamh ar chórais oideachais, ar chórais oiliúna agus ar chórais an mhargaidh saothair, i gcomhthéacs bheartais an Aontais maidir le caidreamh seachtrach;

5.

ag cur in iúl gur geal léi go háirithe tionscnamh na Fondúireachta dar teideal ‘Scileanna don Fhorbairt Fiontraíochta’ (2) lena dtugtar aghaidh i dtíortha comharsanachta an Aontais, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha na hÁise Láir ar an ngá atá le hoiriúnú scileanna tríd an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint a nascadh le fiontair bheaga agus mheánmhéide; á thabhairt chun suntais go gcuireann an tionscnamh seo ar chumas fiontar freagairt agus bainistiú a dhéanamh ar dhúshláin, lena n-áirítear iad siúd atá mar thoradh ar phaindéim COVID-19 trí rannchuidiú le sochaithe níos glaise, ionchuimsitheacha agus nuálacha agus trí bhorradh a chur faoin iomaíochas inbhuanaithe, faoin gcothroime shóisialta agus faoin athléimneacht, agus ar an gcaoi sin forbairt gnó agus leanúnachas gnó a áirithiú do ghnóthais;

6.

á chur in iúl gur geal léi gur neartaigh an Fhondúireacht a chuid oibre agus a chaidreamh ina thíortha comhpháirtíochta i réigiúin chomharsanachta agus mhéadaithe an Aontais; á chur in iúl gur geal léi freisin gur athbhreithnigh an Fhondúireacht a comhar leis an Rúis agus leis an mBealarúis i mí an Mhárta 2022, tar éis an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, agus gur chuir sí stop leis an gcomhar uile;

7.

á chur in iúl gur geal léi tionscnamh na Fondúireachta faireachán a dhéanamh ar ghéarchéim na hÚcráine agus freagairt a thabhairt i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, i ndlúth-theagmháil le seirbhísí éagsúla de chuid an Choimisiúin, agus leas á bhaint aici as a saineolas téamach agus as a cuid eolais ar chórais oideachais agus oiliúna na tíre, agus comhpháirtíochtaí á neartú aici i gcaitheamh an ama le geallsealbhóirí áitiúla agus níos faide i gcéin;

Beartas foirne

8.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2021, a cuireadh an plean bunaíochta chun feidhme de réir ráta 102,3 %, agus gur ceapadh 88 ngníomhaire sealadacha as 86 ghníomhaire shealadacha (lena n-áirítear beirt ghníomhairí sealadacha breise chun obair pháirtaimseartha a fhritháireamh i gcomhréir le hAirteagal 38(2) de rialachán airgeadais na Fondúireachta) arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 86 phost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 42 ghníomhaire ar conradh agus gníomhaire áitiúil amháin ag obair don Fhondúireacht in 2021;

9.

ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, gur dúshlán fós í an chothromaíocht gheografach; ag tabhairt dá haire gur náisiúnaigh den Bhallstát ina bhfuil an Fhondúireacht lonnaithe 43 % dá foireann; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach dtagann ach 16,8 % d’fhoireann na Fondúireachta ó Bhallstáit a tháinig isteach san Aontas tar éis 2004, cé go bhfuil 23,2 % den daonra sna Ballstáit sin; ag aithint go bhfuil an Fhondúireacht ag úsáid nós imeachta roghnúcháin fiúntasbhunaithe, trína mbeadh an Fhondúireacht i bhfabhar iarrthóirí ó náisiúntachtaí faoi ghannionadaíocht i gcásanna ina mbeadh comhfhiúntas ann; ag tathant ar an bhFondúireacht a machnamh a dhéanamh go práinneach ar an gcothromaíocht gheografach ina nósanna imeachta earcaíochta agus aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

10.

ag tabhairt dá haire gurbh é ionadaíocht inscne i measc meánbhainisteoirí agus bainisteoirí sinsearacha in 2021 seisear ban as deichniúr (díreach mar a bhí in 2020); ag tabhairt dá haire gurbh é an chothromaíocht inscne i measc chomhaltaí an bhoird bainistíochta 40 % fir agus 60 % mná (10 agus 15 chomhalta faoi seach) agus i measc na foirne ar an iomlán 34 % fir agus 66 % mná (44 agus 87 faoi seach); ag meabhrú a thábhachtaí atá sé ionadaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an bhFondúireacht an ghné sin a chur san áireamh maidir le ceapacháin amach anseo;

11.

ag tabhairt dá haire gur thairg an Fhondúireacht seirbhísí comhairleoirí rúnda go cianda do na comhghleacaithe go léir in 2021 le linn phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh seisiún ionduchtúcháin maidir le ciapadh agus cur i láthair ó na comhairleoirí rúnda do gach duine nua san Fhondúireacht; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach féidir le hoibrithe intra-muro rochtain a fháil ach ar an nós imeachta neamhfhoirmiúil; ag tabhairt dá haire nár cláraíodh, nár imscrúdaíodh ná nár tugadh aon chásanna ciaptha chun na cúirte in 2021;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

12.

ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Fhondúireacht na dearbhuithe uile maidir le coinbhleachtaí leasa agus CVanna i dtaobh chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus na mbainisteoirí sinsearacha agus na meánbhainisteoirí;

13.

ag tabhairt dá haire nár fhorbair an Fhondúireacht fós beartas tiomnaithe chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a chosc; ag tabhairt dá haire, áfach, gur bhunaigh an Fhondúireacht in 2018 tiomsú cuimsitheach de shaincheisteanna a bhaineann le heitic, lena n-áirítear coinbhleacht leasa; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh nuashonrú in 2021 chun na tagairtí rialála is déanaí a thabhairt isteach;

Soláthar

14.

ag tabhairt dá haire gur lorgaíodh sineirgí le hinstitiúidí eile maidir le soláthar maille le measúnú deise ad hoc córasach ar gach riachtanais soláthair; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2021, a bhí an Fhondúireacht ina páirtí in 28 gconradh idirinstitiúideacha, i 10 gcomhaontú ar leibhéal seirbhíse agus i gcúig chonradh a bhí oscailte do ghníomhaireachtaí eile;

15.

ag tabhairt dá haire gur gnáthrud é ríomhthíolacadh tairiscintí soláthair san Fhondúireacht; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh critéir ghlasa roghnúcháin agus dhámhachtana le haghaidh tairiscintí a thabhairt isteach ar bhonn píolótach faoi mheitheal nuabhunaithe um sholáthar glas;

Rialú inmheánach

16.

ag cur sonrú i bhfreagra na Fondúireachta ar an mbarúil a bhí i dtuarascáil 2020 ón gCúirt, a bhain le neamhchomhlíonadh phrionsabal rialaithe inmheánaigh 12 agus sna bearta a rinne an Fhondúireacht; ag tabhairt dá haire gur thug an Fhondúireacht aghaidh ar mholadh na Cúirte le hathbhreithniú críochnúil agus rialta ar eisceachtaí agus ar theagmhais neamhchomhlíontachta; ag cur sonrú, thairis sin, i bhforbairt agus i gcur chun feidhme beartais nua de chuid na Fondúireachta agus i sreabhadh oibre cuíchóirithe maidir le dialltaí a láimhseáil (eisceachtaí agus teagmhais neamhchomhlíontachta); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearna an Fhondúireacht grinn-athbhreithniú in 2021 ar na cinntí uile a rinneadh i bhfianaise phaindéim COVID-19 suas go Ráithe 1, 2021 chun a áirithiú go ndearnadh gach cinneadh as a n-eascraíonn diall ó chreat rialála na Fondúireachta a thaifeadadh i gceart, lena n-áirítear dialltaí de chineál neamhairgeadais;

17.

ag tabhairt dá haire gur sheol an Fhondúireacht iniúchadh inmheánach in 2021 maidir le ‘sásraí comhlántachta agus comhair idir an Fhondúireacht agus seirbhísí CÉ’ a thabharfar i gcrích in 2022; ag tabhairt dá haire go n-áirítear an t-iniúchadh sin i bplean ilbhliantúil sheirbhís um iniúchóireacht inmheánach an Choimisiúin (IAS); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur dhún an Fhondúireacht go foirmiúil gach moladh iniúchóireachta roimhe seo agus nach bhfuil aon mholadh oscailte ar feitheamh aige;

18.

á mheabhrú go bhfuil barúil amháin ón gCúirt fós gan réiteach ag an bhFondúireacht ó 2018 i leith agus ag tagairt do nós imeachta soláthair phoiblí le haghaidh seirbhísí gníomhaireachta sealadacha inar chuir an Fhondúireacht critéir dhámhachtana i bhfeidhm arbh é a bhí iontu den chuid is mó gnéithe neamhiomaíocha praghais; ag aithint go dtabharfaidh an Fhondúireacht aghaidh ar an tsaincheist sin in 2023 agus an chéad nós imeachta soláthair eile d’oibrithe eatramhacha á sheoladh aige i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe;

19.

ag cur sonrú i measúnú dearfach na Fondúireachta ar a chóras rialaithe inmheánaigh, agus é á mheas go bhfuil na prionsabail rialaithe inmheánaigh éifeachtach de réir ráta 82,4 % (71 % in 2020) agus éifeachtach go páirteach de réir ráta 17,6 % (29 % in 2020), agus gan ach mionfheabhsuithe ag teastáil; ag cur sonrú i bhfreagra na Fondúireachta ar fhionnachtana na Cúirte maidir le clár na n-eisceachtaí trí athbhreithniú críochnúil agus rialta a dhéanamh ar eisceachtaí agus ar theagmhais neamhchomhlíontachta;

20.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Fhondúireacht a straitéis frithchalaoise féin a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus leas á bhaint aici as an modheolaíocht a d’fhorbair OLAF;

21.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Fondúireachta a áirithiú; ag cur béim láidir ar an gceanglas córais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtacha a bheith ann chun go seachnófar cásanna féideartha coinbhleachta leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtain saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

An digiteáil agus an t-aistriú glas

22.

á chur in iúl gur geal léi straitéis dhigiteach agus treochlár cur chun feidhme na Fondúireachta a sainíodh in 2021, lena bhféachtar leis an úsáid a bhaintear as uirlisí digiteacha agus uirlisí ar líne a mhéadú chun seirbhísí na Fondúireachta a chur chun feidhme agus chun geallsealbhóirí a dhéanamh rannpháirteach, agus chun gnóthachain éifeachtúlachta inmheánacha a bhaint amach; ag moladh dhigiteáil luathaithe na bpróiseas inmheánach, amhail acmhainní daonna, ríomhshíniú sna sreafaí oibre airgeadais, agus bainistiú soláthair, chomh maith le hidirghníomhaíocht sheachtrach, amhail úsáid uirlisí digiteacha ar líne le haghaidh malartuithe, cruinnithe;

23.

ag cur sonrú sna gníomhaíochtaí sonracha a chuir an Fhondúireacht chun feidhme in 2021 chun gnóthachain éifeachtúlachta a mhéadú, amhail úsáid a bhaint as ordú íocaíochta aonair lena ngrúpáiltear roinnt iarrataí íocaíochta, úsáid shreabhadh oibre an tsínithe dhigitigh le haghaidh doiciméid inmheánacha agus an dul chun cinn maidir leis an digiteáil le tástáil agus imlonnú iomlán na huirlise bainistithe soláthair phoiblí don phróiseas soláthair agus digiteáil iomlán na cumarsáide inmheánaí agus seachtraí le haghaidh próisis bainistithe airgeadais;

24.

ag tabhairt dá haire gur ghlac an Fhondúireacht in 2021 beartas nua maidir leis an gcibearshlándáil a forbraíodh i gcur chuige comhordaithe i leith na slándála le beartas foriomlán agus beartais shonracha maidir le slándáil faisnéise; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil meitheal chomhordaithe idirdhisciplíneach ag an bhFondúireacht, lena n-áirítear sraitheanna um an gcibearshlándáil, um an tslándáil faisnéise, um shlándáil fhisiciúil na foirne agus um an tslándáil foirgneamh; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh fardal sócmhainní faisnéise na Fondúireachta agus an dul chun cinn a rinneadh in 2021 i dtreo an ascnaimh chuig córas nua bainistithe taifead digiteach;

25.

á chur in iúl gur geal léi an méid atá bainte amach ag an bhFondúireacht chun clárú a scéime éiceabhainistíochta agus éicea-iniúchta a ghnóthú agus chun a deimhnithe ISO 14001 a ghnóthú; ag moladh na mbeart nithiúil a rinne an Fhondúireacht, agus iarrachtaí déanta aici maidir le glasú in 2021 i réimsí an fhuinnimh, an phlaistigh, na soghluaisteachta, na n-astaíochtaí agus an tsoláthair ghlais;

26.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Fondúireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil na nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Fhondúireacht leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, mar sin féin, ar a riachtanaí atá sé na bearta slándála riachtanacha uile a dhéanamh chun nach ann d’aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear;

27.

á mholadh don Fhondúireacht oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus le CERT-EU (an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bhonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a chibearchosaintí; ag moladh go ndéanfaí cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabhairt cothrom le dáta go rialta do gach ball foirne laistigh den Fhondúireacht;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

28.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2021, a lean an Fhondúireacht de bheith ag comhoibriú go dlúth le líonra ghníomhaireachtaí an Aontais, chun eolas a mhalartú maidir le bainistiú ghéarchéim COVID-19 agus na rialacha nua teilea-oibre; ag cur sonrú sna gníomhaíochtaí tacaíochta a chuir an Fhondúireacht chun feidhme chun an phaindéim a bhainistiú go leanúnach, amhail – i measc nithe eile – iarrataí ar theastais pas ghlais a láimhseáil, coinbhinsiúin i gcomhar le trí ionad leighis a bhunú agus cinntí stiúrthóra maidir le gloiní agus rannchuidithe le trealamh oifige baile a bhunú;

Barúlacha eile

29.

ag tabhairt dá haire gur éirigh leis an bhFondúireacht dul i mbun comhpháirtíochtaí leis na meáin in 2021 i ndáil le feachtas maidir le todhchaí na hoibre agus maidir le todhchaí na foghlama, rud a chuaigh i gcion ar lucht féachana poiblí leathan; ag cur sonrú, thairis sin, i rannpháirtíocht na Fondúireachta ar chainéil éagsúla meán sóisialta as ar eascair méadracht fheabhsaithe in 2021; ag tathant ar an bhFondúireacht dlús a chur lena hiarrachtaí agus faisnéis ábhartha feidhmíochta a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i dteanga shoiléir inrochtana; á iarraidh ar an bhFondúireacht trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as cainéil na meán agus na meán sóisialta;

30.

ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di comhpháirtíocht sheanbhunaithe agus obair chomhpháirteach na Fondúireachta le Cedefop agus le Eurofound faoina gcomhaontuithe comhair faoi seach, agus gur ullmhaíodh comhaontú le Gníomhaireacht Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair in 2021 agus gur tháinig sé i bhfeidhm in 2022 chun seirbhísí cuntasaíochta a chomhroinnt; á iarraidh ar an bhFondúireacht leanúint dá sineirgí a fhorbairt (mar shampla maidir le hacmhainní daonna, maidir le bainistiú foirgneamh, maidir le seirbhísí agus slándáil TF), agus dá mhalartú dea-chleachtas, go háirithe i réimsí an leasa fhrithpháirtigh, agus féachaint an bhféadfaí a ghníomhaíochtaí agus a shocruithe oibre a leathnú le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

31.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (3) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 23.

(2)  https://www.etf.europa.eu/en/what-we-do/skills-enterprise-development

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/400


CINNEADH (AE) 2023/1918 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir le hurscaoileadh atá le tabhairt don Fhondúireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0098/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (4), agus go háirithe Airteagal 17 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0135/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir na Fondúireachta Oiliúna Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil den Aontas Eorpach (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 82.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/401


CINNEADH (AE) 2023/1919 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0099/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (4), agus go háirithe Airteagal 47 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0105/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 99.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/403


RÚN (AE) 2023/1920 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0105/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gurbh é EUR 216 513 780 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhór-scála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, arb ionann é agus laghdú 9,83 % i gcomparáid le 2020, nuair a cuireadh méadú 40,23 % ar bhuiséad na Gníomhaireachta i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais go heisiach, nach mór, a thagann buiséad na Gníomhaireachta;

B.

de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘an tuarascáil ón gCúirt’), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht, agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo i ndáil le hioncam dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha; de bhrí gur shainaithin an Chúirt íocaíochtaí EUR 18,11 milliún san iomlán, as ar mheas sí nach gcomhlíonann EUR 15,67 milliún forálacha áirithe de rialachán airgeadais na Gníomhaireachta agus nach gcomhlíonann EUR 2,44 milliún forálacha na gcreatchonarthaí ábhartha, arb ionann iad agus 6,20 % san iomlán de na leithreasuithe íocaíochta atá ar fáil in 2021 agus a sháraíonn an tairseach ábharthachta a leagtar síos don iniúchadh agus, dá bhrí sin, a raibh tuairim cháilithe mar thoradh orthu maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bun le cuntais na Gníomhaireachta; de bhrí, cé is moite de na híocaíochtaí neamhchomhlíontacha sin, gur chinn an Chúirt go bhfuil na hidirbhearta is bun leo maidir le híocaíochtaí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2021 dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha;

Buiséad agus bainistiú airgeadais

1.

á thabhairt dá haire agus is mór aici go raibh ráta cur chun feidhme buiséid de 100 % mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn 2021, arb ionann é agus méadú 24,39 % i gcomparáid le 2020; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gurb ionann ráta forghníomhaithe na leithreasuithe íocaíochta agus 94,65 %, arb ionann é agus méadú 0,24 % i gcomparáid le 2020;

2.

á chur in iúl gur geal léi nach ndearnadh aon tabhairt anonn neamh-uathoibríoch in 2021; ag cur sonrú, áfach, i méid mór leithreasuithe íocaíochta neamhdhifreáilte (EUR 11.1 milliún) arna dtabhairt anonn go huathoibríoch le haghaidh Theideal II (caiteachas bonneagair agus oibríochtúil), arb ionann é agus 56 % den iomlán de EUR 19,8 milliún don teideal sin agus 93,55 % den mhéid iomlán (EUR 11,8 milliún) de thabhairt anonn uathoibríoch ó 2021 go 2022; ag teacht le tuairim na Cúirte go bhfuil rátaí arda tabhairt anonn ag teacht salach ar phrionsabal buiséadach na bliantúlachta agus go léiríonn siad saincheisteanna struchtúracha i gcur chun feidhme an bhuiséid; ag cur sonrú i bhfreagra na Gníomhaireachta go ndéantar caiteachas Theideal II a thabhairt anonn, caiteachas a bhaineann go príomha le soláthraithe seirbhísí tacaíochta seachtracha, arna gconradh ag an nGníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar thearcfhoireann chórasach tar éis cúraimí nua a shannadh don Ghníomhaireacht nach raibh leithdháileadh leordhóthanach acmhainní daonna ag gabháil leo; á thabhairt dá haire, thairis sin, nach raibh tráthúlacht na gconarthaí leis na soláthraithe seirbhíse seachtracha sin ailínithe leis an mbliain féilire, ach le fad na seirbhísí riachtanacha a soláthraíodh; á iarraidh, mar sin féin, ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta a rinneadh i ndáil leis sin; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcomhordú idir leithdháileadh cúraimí nua agus na hacmhainní is gá chun an gá atá le dul i muinín soláthraithe seirbhíse seachtracha a laghdú;

3.

á mheas gur cheart don Ghníomhaireacht leanúint den idirphlé leis an gCoimisiún chun athruithe a mholadh ar a phleanáil buiséid ilbhliantúil, ionas nach bhfaighidh sé cistí chun córais a fhorbairt go dtí go n-áiritheofar deimhneacht dhlíthiúil;

Feidhmíocht

4.

á chur in iúl gur geal léi go n-úsáideann an Ghníomhaireacht uirlisí áirithe, amhail príomhtháscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a thugtar lena cuid gníomhaíochtaí agus chun feabhas a chur ar bhainistiú buiséid na Gníomhaireachta; á thabhairt dá haire, de réir ráiteas na Gníomhaireachta, go bhfuil a cuspóirí do 2021 bainte amach aici mar a leagtar amach ina rialachán bunaithe, Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus gur baineadh amach na torthaí a shainítear ina clár oibre bliantúil do 2021, i dtéarmaí torthaí agus feidhmíochta araon; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí leanúnacha a rinne an Ghníomhaireacht in 2021 chun oiriúnú dá sainordú nuashonraithe mar a leagtar amach sa Rialachán sin, a tháinig i bhfeidhm an 11 Nollaig 2018, agus á thabhairt dá haire gur glacadh straitéis fhadtéarmach don tréimhse 2021–2027, lena dtreoraítear forbairt agus gníomhaíochtaí fadtéarmacha na Gníomhaireachta agus a clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil amach anseo;

5.

á thabhairt dá haire go raibh feidhmíocht agus infhaighteacht na gcóras TF arna n-oibriú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir leis na comhaontuithe ábhartha ar leibhéal seirbhíse; á thabhairt dá haire go bhfuil córais nua TF á bhforbairt i gcónaí don Chóras Dul Isteach/Imeachta (EES), don Chóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), agus don chóras chun na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe arna ndéanamh roimhe sin ag náisiúnaigh tríú tír (ECRIS-TCN) agus an córas idir-inoibritheachta idir na córais nua agus na córais atá ann cheana; á thabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh teacht i ngníomh na gcóras nua sin a chur siar roinnt míonna, agus gur caomhnaíodh an sceideal foriomlán chun an ailtireacht idir-inoibritheachta a chur i gcrích faoi dheireadh 2023; ag moladh na Gníomhaireachta as roinnt tionscadal a bheith curtha i gcrích aici, amhail Comhéadain Aonfhoirmeacha Náisiúnta a shuiteáil, an bonneagar cumarsáide don Chóras Faisnéise Víosaí (VIS) a uasghrádú, agus an tSeirbhís Chomhroinnte um Chomhoiriúnú Bithmhéadrach (BMS) a eisiúint; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Ghníomhaireacht dlús lena hiarrachtaí sa taighde agus sa nuálaíocht trí thionscadail i réimsí na hintleachta saorga, na dteicneolaíochtaí le haghaidh trasnú teorann gan uaim agus éadadhaill, agus slándáil inmheánach; á thabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ar an mbóthar ceart leis an tionscadal don dara síneadh ar a láithreán oibríochtúil in Strasbourg; á thabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar an tionscadal sin chun acmhainneachtaí breise a chur ar fáil níos luaithe ná mar a bhíothas ag súil leis in 2028, trí lárionad sonraí modúlach, trí spás oifige a laghdú agus trí chur chuige céimnithe tógála le haghaidh shíneadh an láithreáin;

6.

á chur in iúl gur geal léi go dtugann an Ghníomhaireacht, in éineacht le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (an comharba ar an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn) agus an Garda Teorann agus Cósta Eorpach, tacaíocht ghníomhach do na Ballstáit atá mar phríomhphointí iontrála d’imircigh agus d’iarrthóirí tearmainn san Aontas; á thabhairt dá haire go n-oibríonn an Ghníomhaireacht an chomhpháirt lárnach de shraith córas mórscála TF sa réimse saoirse, slándála agus ceartais, atá nasctha le córais náisiúnta;

7.

á chur in iúl gur geal léi tacaíocht leanúnach na Gníomhaireachta i gcur chun feidhme bheartais an Aontais i réimsí na saorghluaiseachta daoine agus earraí, na víosaí taistil choitinn, an rialaithe teorann, na hinimirce agus an tearmainn, agus sa chomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí náisiúnta agus údaráis bhreithiúnacha, lena n-áirítear i ndáil le coireacht eagraithe, smuigleáil agus gáinneáil ar dhaoine agus sceimhlitheoireacht a chomhrac;

Beartas foirne

8.

ag tabhairtdá haire, an 31 Nollaig 2021, go raibh plean bunaíochta na Gníomhaireachta curtha chun feidhme 90,61 %, agus 193 ghníomhaire sealadach ceaptha as 213 ghníomhaire shealadacha a bhí údaraithe faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 202 phost údaraithe in 2020); á thabhairt dá haire, anuas air sin, go raibh 107 gníomhaire ar conradh agus 10 saineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2021, as 132 ghníomhaire ar conradh agus as 11 shaineolaí náisiúnta ar iasacht a bhí údaraithe;

9.

ag tabhairt chun suntais gur fhág seachtar ball foirne an Ghníomhaireacht in 2021, arb ionann é agus láimhdeachas 5,5 %, níos airde ná an sprioc de 5 % agus níos airde ná bonnlíne 3,7 % in 2020; á chur in iúl gur geal léi an faireachán agus an mheastóireacht a dhéanann lucht bainistíochta na Gníomhaireachta ar na cúiseanna i ndáil leis an táscaire sin; á thabhairt dá haire ó fhreagraí na Gníomhaireachta gur tuairiscíodh i measc na gcúiseanna a sainaithníodh, conarthaí le ré theoranta, conarthaí le gráid ísle agus an t-ualach oibre trom le linn agallaimh imeachta arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le solúbthacht mhéadaithe maidir le hinfhaighteacht acmhainní daonna chun go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann oiriúnú do luaineachtaí san ualach oibre agus do mhoilleanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le gníomhartha reachtacha ábhartha a ghlacadh; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé cuiditheach leis an nGníomhaireacht agus aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus infhaighteacht acmhainní á chinneadh i bpleananna bunaíochta amach anseo;

10.

ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, i gcomhdhéanamh lucht ardbhainistíochta na Gníomhaireachta i ndáil le hinscne, agus beirt fhear ann (100 %) agus gan bean ar bith, comhdhéanamh an bhoird bainistíochta agus 49 bhfear ann (81,7 %) agus 11 bhean (18,3 %), agus comhdhéanamh na foirne trí chéile agus 215 fhear ann (69,4 %) agus 95 bhean (30,6 %); ag aithint gur ar na húdaráis náisiúnta ábhartha i ngach Ballstát atá an fhreagracht daoine a cheapadh ar an mbord bainistíochta; á iarraidh ar na Ballstáit an chothromaíocht inscne a mheas go gníomhach mar thoisc agus comhaltaí de bhord bainistíochta na Gníomhaireachta á n-ainmniú agus á gceapadh acu; á thabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht iarrachtaí chun cothromaíocht inscne a fheabhsú agus á chur in iúl gur geal léi an feabhas beag a cláraíodh in 2021; á iarraidh, mar sin féin, ar an nGníomhaireacht oibriú go gníomhach i dtreo na cothromaíochta inscne agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le plean gníomhaíochta ina leith sin; á mheabhrú freisin a thábhachtaí atá sé ionadaíocht chothrom gheografach a áirithiú laistigh de bhainistíocht agus d’fhoireann na Gníomhaireachta;

11.

ag tabhairt dá haire gur sheol an Ghníomhaireacht 15 nós imeachta roghnúcháin in 2021 agus go bhfuair sí 1 944 iarratas ar 18 nós imeachta earcaíochta san iomlán; ag moladh na Gníomhaireachta as na gnóthachain éifeachtúlachta a tuairiscíodh agus as feabhas a chur ar phróiseas earcaíochta na Gníomhaireachta agus ar a híomhá mar fhostóir tarraingteach; ag cur sonrú, sa chiall sin, i ngníomhaíochtaí éagsúla na Gníomhaireachta amhail an treoirthionscadal Agile recruitment [Earcaíocht Shofhreagrúil], a rannpháirtíocht san aonach gairme domhanda ar líne Women in Tech [Mná i dTeic], foilsiú fógraí folúntais lasmuigh de shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta agus grúpáil próifílí nó úsáid liostaí ionadaithe atá ann cheana do ghráid agus do ghrúpaí feidhme coibhéiseacha; á thabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh anailís ar chreat inniúlachta na Gníomhaireachta agus ag spreagadh na gníomhaireachta chun a straitéis bainistíochta acmhainní daonna atá bunaithe ar inniúlacht a fhorbairt;

12.

ag moladh na Gníomhaireachta as a beartas maidir le neamhfhulaingt ar chiapadh; á thabhairt dá haire gur dhéileáil an Ghníomhaireacht le 14 chás a bhain le ciapadh síceolaíoch nó gnéasach in 2021; á thabhairt dá haire sa chomhthéacs sin go ndearna an Ghníomhaireacht dhá réamh-mheasúnú as ar eascair seoladh trí fhiosrúchán riaracháin agus dífhostú ball foirne amháin; á chur in iúl gur geal léi gur eagraigh an Ghníomhaireacht seimineáir ghréasáin agus seisiúin feasachta maidir le ciapadh a chosc agus ról na gcomhairleoirí rúnda, chomh maith lena bearta chun feabhas a chur ar fholláine ag an obair agus ar chothromaíocht oibre is saoil fhoireann na Gníomhaireachta trí sheimineáir ghréasáin maidir le meabhairshláinte agus seisiúin comhairleoireachta aonair;

13.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Ghníomhaireacht ag baint úsáid as modúil bhunúsacha uile uirlis bainistíochta acmhainní daonna SYSPER, agus as roinnt modúl roghnach; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun leanúint dá córas bainistithe acmhainní daonna a dhigitiú;

Soláthar

14.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht tuairisciú go bhfuil an Creat Innealtóireachta Trasnach, an tairiscint is mó a shínigh an Ghníomhaireacht riamh, inmharthana do roinnt de phríomhghníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta, agus, ag an am céanna, is sprioc i gcónaí é na tairbhí a bhaineann le soláthar trasnach a uasmhéadú trí ionchuir conraitheoirí éagsúla a chomhordú i roinnt tionscadal; á thabhairt faoi deara gur ullmhaíodh roinnt tairiscintí tábhachtacha in 2021 agus gur síníodh conarthaí, eadhon maidir le lárchóras ECRIS-TCN, leagan nuashonraithe de thimpeallacht tástála nua VIS/BMS agus measúnú ar an teicneolaíocht le haghaidh réiteach an chórais bainistithe doiciméad a bheidh ann amach anseo;

15.

ag tabhairt chun suntais tuairim cháilithe na Cúirte maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí mar gheall ar neamhrialtacht sé íocaíocht a rinneadh in 2021 le haghaidh EUR 18.11 milliún san iomlán i ndáil le roinnt creatchonarthaí, arb ionann na híocaíochtaí sin agus 6,20 % de na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí atá ar fáil in 2021; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb é 2021 an dara bliain as a chéile ar eisigh an Chúirt tuairim cháilithe chomhchosúil maidir le réimse soláthair agus bainistithe conarthaí na Gníomhaireachta; á thabhairt dá haire, de réir na Gníomhaireachta, go ndéanann roinnt tosca a bhaineann le pleanáil oibríochtúil agus bhuiséadach, an tsamhail foinsithe, bainistiú ar éabhlóidí conarthacha agus easpa foirne difear do chomhlíonadh sa réimse sin, rud a chuireann srian ar an bhféidearthacht atá ag an nGníomhaireacht raon feidhme, fad agus luach conarthaí a theorannú; á thabhairt chun suntais, i bhfianaise na mbreisithe agus na nuashonruithe ar na córais mhórscála TF arna mbainistiú, go raibh an Ghníomhaireacht tar éis aistriú ó fhoinsiú ingearach go foinsiú trasnach, rud a d’fhág nach raibh an tsamhail soláthair ingearach tosaigh a fuarthas ón gCoimisiún inmharthana a thuilleadh; á thabhairt dá haire go mbaineann na príomhchúiseanna leis an aistriú sin le gaibhniú díoltóirí a laghdú agus le barainneachtaí scála a bhaint amach nó costais a laghdú;

16.

ag cur sonrú i mbarúlacha na Cúirte maidir le conradh sonrach EUR 40 milliún chun creatchonradh a bhaineann le córais mhórscála TF a chur chun feidhme, a shínigh an Ghníomhaireacht, gan mionsonraí na seirbhísí a fuarthas a shonrú; á thabhairt dá haire ó mhínithe na Gníomhaireachta go bhfuil gá le solúbthacht fheabhsaithe i réimse an tsoláthair TF de bharr luas tapa éabhlóid na teicneolaíochta; á chur i bhfios go n-éilíonn na creatchonarthaí arna ndréachtú ag an nGníomhaireacht méid mór solúbthachta chun oiriúnú ní hamháin d’éabhlóidí teicneolaíochta, ach freisin do na hathruithe reachtacha amhail córais mhórscála TF nua a bhunú nó na córais mhórscála TF atá ann cheana a oiriúnú arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht; á chur i bhfios go láidir gur príomhthosca iad moilleanna leanúnacha maidir le gníomhartha dlí ábhartha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, gnéithe atá go hiomlán lasmuigh de rialú na Gníomhaireachta, chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal mionsonraithe agus beachtais is féidir leis an nGníomhaireacht a thairiscint agus creatchonarthaí á mbunú ar dtús; ag cur sonrú, thairis sin, i bhfhaisnéis ón nGníomhaireacht go bhfuil feabhas tagtha ar a beartais agus ar a cleachtais soláthair le roinnt blianta anuas, ach gur beag an tionchar atá aici ar chonarthaí leanúnancha atá níos sine; á iarraidh ar an nGníomhaireacht breithniú a dhéanamh ar an taithí a fuarthas agus ar an léargas a thug an Chúirt chun feabhsuithe marthanacha sa réimse sin a ráthú; ag tacú leis an nGníomhaireacht agus í ag iarraidh tacar cuimsitheach treoirlínte soláthair agus a céad bheartas bainistithe conarthaí a ghlacadh agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht na doiciméid sin a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh a luaithe a fhormheasfar iad; á iarraidh ar an nGníomhaireacht, ar an gCúirt agus ar an gCoimisiún féachaint ar réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann chun solúbthacht agus inoiriúnaitheacht soláthair a fheabhsú chun sainordú na Gníomhaireachta a chur chun feidhme go héifeachtúil;

17.

ag cur sonrú i seasamh na Gníomhaireachta nach raibh aon dochar airgeadais do bhuiséad an Aontais mar thoradh ar na neamhrialtachtaí foirmiúla a shainaithin an Chúirt;

18.

ag tabhairt chun suntais gur shínigh an Ghníomhaireacht 759 ngealltanas dhlíthiúla in 2021; á thabhairt dá haire go bhfostaíonn an Ghníomhaireacht 14 bhall foirne soláthair (11 oifigeach agus 3 chúntóir); á thabhairt chun suntais nach bhfuil post grádaithe ar leibhéal iomchuí ar fáil ag an nGníomhaireacht chun aonad soláthair lánoibríochtúil a eagrú; á iarraidh ar an gCoimisiún na riachtanais sin a chur san áireamh agus infhaighteacht acmhainní á chinneadh i bpleananna bunaíochta amach anseo;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

19.

ag aithint na mbeart atá ar bun ag an nGníomhaireacht cheana agus na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa a áirithiú, agus chun cosaint sceithirí a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi gur athbhreithnigh agus gur ghlac an Ghníomhaireacht a treoirlínte maidir le sceithireacht in 2021 chun Cumas Iniúchóireachta Inmheánaí na Gníomhaireachta a thabhairt isteach leis an ról treoir rúnda agus neamhchlaonta a sholáthar maidir leis na rialacha sceithireachta;

20.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici go bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht dearbhuithe leasa agus CVanna chomhaltaí a boird bainistíochta agus a lucht bainistíochta sinsearaí gach bliain ar a suíomh gréasáin; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil clár trédhearcachta bunaithe ag an nGníomhaireacht trína bhfoilsítear cruinnithe idir a lucht bainistíochta sinsearaí agus a hoibreoirí eacnamaíocha ar a suíomh gréasáin;

Rialú inmheánach

21.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, in 2018, iniúchadh cosanta sonraí i ndáil leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) agus VIS, agus in 2019 go ndearna an Ghníomhaireacht iniúchadh i ndáil le Eurodac, iad uile á n-oibriú agus á mbainistiú ag an nGníomhaireacht, agus gur eisíodh 72 mholadh ina dhiaidh sin; á thabhairt dá haire go bhfuil na moltaí sin á gcur chun feidhme ag an nGníomhaireacht agus go n-eagraíonn sí bearta leantacha gach ráithe chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn a gcur chun feidhme; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun a cuid gníomhaíochtaí maidir le cosaint sonraí a choinneáil mar thosaíocht ar a clár oibre; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na moltaí sin;

22.

á chur in iúl gur geal léi measúnú bliantúil na Gníomhaireachta ar a córas rialúcháin inmheánaigh lenar thángthas ar an gconclúid go bhfuil a córas rialúcháin inmheánaigh ann, go bhfuil sé ag feidhmiú agus go bhfuil sé éifeachtach, cé go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an dul chun cinn a rinneadh maidir le barúlacha na Cúirte agus rúin na Parlaiminte maidir le hurscaoileadh ó na blianta roimhe sin agus gur chuir an Ghníomhaireacht moltaí na Cúirte chun feidhme ó 2018 agus 2019 maidir le neamhchomhlíonadh rialacha soláthair phoiblí; á mheabhrú go bhfuil obair fós ar siúl maidir le dhá bharúil atá fós gan réiteach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cur lena hiarrachtaí bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme maidir le barúlacha na Cúirte atá fós gan réiteach;

23.

ag tabhairt dá haire gurbh é 77 % ráta cur chun feidhme na moltaí iniúchóireachta ag deireadh na bliana 2021 (24 mholadh a bhí curtha chun feidhme agus 37 moladh a bhí dlite); á thabhairt dá haire go raibh 32 mholadh ar an iomlán oscailte ag deireadh 2021 agus nach raibh ceann ar bith díobh ‘criticiúil’; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh an dáta dlite caite i gcás seacht moladh, rud a chiallaíonn go raibh cur chun feidhme an mholta ar siúl cé go raibh an spriocdháta don chur chun feidhme imithe in éag; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na moltaí atá fós gan réiteach a chur chun feidhme gan a thuilleadh moille agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta; á mheas gur cheart torthaí thuarascáil OC-2020-0441-A2 ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh; á iarraidh, thairis sin, ar an nGníomhaireacht tuarascáil a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme mholtaí ó OLAF;

An digiteáil agus an t-aistriú glas

24.

ag moladh na Gníomhaireachta as a bearta éagsúla chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, ó úsáid leictreachais ghlais agus páipéir athchúrsáilte amháin, go dtí téamh an fhoirgnimh i dTaillinn trí theas a athúsáid ón seomra freastalaí; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur leis na nósanna imeachta maidir le deimhniú faoi Scéim an Aontais um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS); á iarraidh, thairis sin, ar an nGníomhaireacht na tuarascálacha deireanacha maidir le ráitis ar an gcomhshaol de chuid na Gníomhaireachta a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh;

25.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht bearta breise a ghlacadh in 2021 i réimse na cibearshlándála, amhail sé chaighdeán a ghlacadh maidir leis an ábhar agus bunú foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí a thionscnamh, chomh maith lena comhar leanúnach leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE (CERT-EU) agus cur chun feidhme creat struchtúrtha bainistithe agus rialaithe riosca slándála TF; á thabhairt dá haire gur chomhoibrigh an Ghníomhaireacht in 2021 le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) maidir le cur chun feidhme praiticiúil reachtaíocht cibearshlándála an Aontais agus maidir le cleachtadh cibearshlándála bliantúil na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht uirlisí nua a ghlacadh i réimsí an bhuiséid agus soláthair digitithe amhail ríomhshíniú, ríomhchonarthaí agus ríomhshonrascú;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

26.

ag moladh na Gníomhaireachta as a chumas infhaighteacht gan bhriseadh agus athléimneacht na gcóras atá faoina bhainistiú a áirithiú, agus gnáthfheidhmiú limistéar Schengen, d’ainneoin na ndúshlán a tháinig as paindéim COVID-19 a lean ar aghaidh in 2021; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, mar sin féin, go ndearnadh athbhreithniú ar sceidil cur chun feidhme maidir le forbairt na gcóras nua mar gheall ar chrua-earraí gan a bheith ar fáil, moilleanna ar sheachadadh agus ar shuiteáil trealaimh, agus láithreacht níos lú ag foirne agus conraitheoirí ar an láthair;

27.

ag moladh na Gníomhaireachta as a comhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais as eolas agus dea-chleachtais a mhalartú i gcúrsaí a bhaineann le leanúnachas gnó; ag moladh freisin na Gníomhaireachta as a rannpháirtíocht i dtionscnaimh an Ghrúpa Idir-Institiúidigh Oiliúna agus Feasachta Slándála agus Líonra na nOifigeach Slándála CGB chun dul i ngleic le cúrsaí slándála comhchoiteanna;

Eile

28.

á chur in iúl gur geal léi láithreacht ghníomhach ar líne na Gníomhaireachta in 2021 agus ag tabhairt dá haire go bhfuil feabhas tagtha ar a méadracht sna meáin shóisialta; ag moladh na Gníomhaireachta as a rannchuidiú le feachtais sheachtracha ar líne amhail ‘Aontas Digiteach’ agus Women in Tech [Mná i dTeic] agus as imeachtaí a eagrú a bhfuil for-rochtain mhaith acu amhail a Comhdháil Bhliantúil nó Cruinnithe Comhchéime Tionsclaíochta eu-LISA;

29.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-ghearrtha a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (3) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 162, 13.4.2022, lch. 22.

(2)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/409


CINNEADH (AE) 2023/1921 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0099/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (4), agus go háirithe Airteagal 47 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0105/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 99.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/411


CINNEADH (AE) 2023/1922 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0100/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 16 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0132/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Eatramhach na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo ina thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 58.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/413


RÚN (AE) 2023/1923 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0132/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 16 114 100 buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, rud a léiríonn méadú beag de 0,35 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais go príomha a thagann buiséad na Gníomhaireachta;

B.

de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta do bhliain airgeadais 2021 (‘an tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021 go ndearnadh ráta leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha de 97,26 % a chur chun feidhme ar an mbuiséad, arb ionann é agus méadú beag 0,46 % i gcomparáid le 2020; á chur in iúl gur oth léi gurbh é ráta foghníomhaithe don bhliain reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta 63,53 %, arb ionann é agus méadú beag 1,38 % i gcomparáid le 2020;

2.

á chur in iúl gur geal léi, áfach, go bhfuil na gníomhaíochtaí go léir a rinneadh maidir le barúlacha na Cúirte a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid do na blianta airgeadais 2018 agus 2019 curtha i gcrích ag an nGníomhaireacht;

3.

ag tabhairt dá haire go bhfuil pleanáil ráithiúil ag an nGníomhaireacht maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi theideal 3 den bhuiséad don chlár oibre bliantúil lena mbaineann, chomh maith le pleanáil mhíosúil le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí araon le linn chéim an chur chun feidhme, a ndéantar athbhreithniú tréimhsiúil orthu; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur lárnaigh an Ghníomhaireacht na hacmhainní riaracháin agus an saineolas chun a soláthairtí uile a bhainistiú in 2021, lena n-áirítear pleanáil, tairiscint, dámhachtain agus faireachán; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar baineadh amach na torthaí a rabhthas ag dréim leo ón gcomhchuibhiú agus ón éifeachtúlacht, go háirithe i ndáil le bainistiú na leithreasuithe arna dtabhairt anonn;

Feidhmíocht

4.

á chur in iúl gur mór aici na gníomhaíochtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht chun faisnéis, anailís agus uirlisí iontaofa agus ábhartha a fhorbairt, a bhailiú agus a chur ar fáil maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair, gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le beartas an Aontais arb é is aidhm dó áiteanna oibre sláintiúla agus sábháilte a chur chun cinn ar fud an Aontais;

5.

ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht leas as bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) chun meastóireacht a dhéanamh ar an mbreisluach arna chur ar fáil ag a gníomhaíochtaí agus as bearta eile chun feabhas a chur ar bhainistiú a buiséid, amhail a clár oibre a bheith á sholáthar, cealú leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, agus acmhainneacht for-rochtana idirghabhálaithe tríd an líonrú; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go n-úsáideann an Ghníomhaireacht eochairtháscaire feidhmíochta chun leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht a spriocanna ar fad amach nach mór agus gur cuireadh 6 cinn d’aschur an chláir oibre ar ceal toisc go raibh tionchar ag an bpaindéim ar thaisteal agus ar imeachtaí;

6.

ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht torthaí ar fáil in 2021 ar fhorbhreathnú na sábháilteachta agus na sláinte ceirde, a bhí dírithe ar an teilea-obair agus ar ról na dtosca riosca síceasóisialta agus rannpháirtíocht na n-oibrithe i gcosc agus i mbainistiú neamhoird mhatánchnámharlaigh, a bhí mar bhonn don fheachtas maidir leis an Ionad Oibre Sláintiúil dar teideal ‘Lig díot an t-ualach’, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2020 ar feadh tréimhse 24 mhí; ag cur sonrú, thairis sin, i ngníomhaíochtaí agus forléargais na Gníomhaireachta lena ndírítear ar dhigiteáil, ar rioscaí síceolaíochta, agus ar earnáil an chúraim sláinte; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Gníomhaireachta i bhfreagairt an Aontais ar ghéarchéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur glacadh Creat Straitéiseach na gníomhaireachta maidir le Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair 2021-2027 i mí an Mheithimh 2021;

7.

ag tabhairt dá haire thairis go bhféadfadh an Ghníomhaireacht ról a bheith aici chun tacú le hobair institiúidí an Aontais maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair, cosaint oibrithe ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair, i gcomhréir le Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus leis an athbhreithniú ar Threoir 98/24/CE ón gComhairle (3);

8.

ag tabhairt dá haire gur tugadh ról tábhachtach don Ghníomhaireacht agus na prionsabail a chumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta á gcur chun feidhme aici agus spriocanna Porto á mbaint amach; á chur in iúl gur geal léi tiomantas láidir na Gníomhaireachta go mbeidh na cearta céanna sláinte agus sábháilteachta ceirde ag gach oibrí beag beann ar mhéid na cuideachta, ar an gcineál conartha nó ar an gcaidreamh fostaíochta agus go mbainfear cur chuige na Físe Nialais amach maidir le básanna a bhaineann leis an obair;

9.

á thabhairt chun suntais gur gá acmhainní leormhaithe daonna agus airgeadais a áirithiú lena gcuirfear ar chumas na Gníomhaireachta leanúint dá clár oibre a chur chun feidhme agus gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche ar ráta an-ard, go háirithe i bhfianaise chur chun feidhme Chreat Straitéiseach nua an Aontais maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair (2021-2027);

10.

ag tabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht go dlúth le gníomhaireachtaí eile, amhail an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, maidir le hábhair leasa choitinn amhail an beartas fostaíochta agus gnóthaí sóisialta, agus go bhfuil comhar leis an Údarás Eorpach Saothair (ELA) á chur ar bhonn foirmiúil aige; ag tabhairt dá haire gur chomhoibrigh an Ghníomhaireacht le Eurostat chun Baraiméadar OSH a fhorbairt; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go dtacaíonn an Ghníomhaireacht leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí chun treoir a fhorbairt maidir le sláinte agus sábháilteacht i ngníomhaíochtaí bainte doirteadh ola, leis an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn ina cuid oibre ar threoir chuimsitheach maidir le measúnú riosca, lena ndírítear ar ualach síceasóisialta na n-oifigeach deisce tosaigh, agus ar rannchuidiú an tionscnaimh EU4BorderSecurity le Frontex; ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht de thacaíocht lóistíochta a chur ar fáil do na pointí fócais náisiúnta agus dá líonraí;

Beartas foirne

11.

ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta 97,5 % curtha chun feidhme faoin 31 Nollaig 2021 (líonadh 39 bpost gníomhairí sealadacha de 40 gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais); ag tabhairt dá haire go raibh 25 ghníomhaire ar conradh ag obair don Ghníomhaireacht in 2021 lena chois sin;

12.

ag cur sonrú sa tuairisciú ar chothromaíocht inscne do 2021, ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí, le 3 fhear (arbh ionann iad agus 75 %) agus bean amháin (arbh ionann í agus 25 %), ar leibhéal an bhoird bainistíochta le 65 fhear (arb ionann iad agus 66 %) agus 34 bean (arb ionann iad agus 34 %), agus i measc fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, le 21 fhear (arb ionann iad agus 33 %) agus 43 bhean (arb ionann iad agus 67 %); á iarraidh ar an nGníomhaireacht feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne ina foireann fhoriomlán, agus aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a áirithiú go gcuirfear cothromaíocht inscne san áireamh agus comhaltaí á n-ainmniú chuig bord bainistíochta na Gníomhaireachta;

13.

ag tabhairt dá haire go raibh 64 bhall foirne fostaithe ag an nGníomhaireacht ó 15 Bhallstát; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tearcionadaíocht na mball foirne ón 12 Bhallstát eile; ag tathant ar an nGníomhaireacht an chothromaíocht gheografach is mó is féidir a mheas ina nósanna imeachta earcaíochta agus aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

14.

á chur in iúl gur geal léi nár tuairiscíodh aon chásanna ciaptha in 2021 agus go mbíonn ardleibhéal rannpháirtíochta ag an nGníomhaireacht a mhéid a bhaineann le beartais frithchiaptha a chur chun cinn, go n-eagraítear seisiúin múscailte feasachta go rialta dá foireann agus go nuashonraítear leathanach ar leith ar an topaic sin ar an inlíon;

Soláthar

15.

ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht straitéis chun feidhme dá feidhm airgeadais agus soláthair arb é is aidhm di úsáid acmhainní a bharrfheabhsú, próisis a chomhchuibhiú, róil agus freagrachtaí a shainiú ar bhealach níos fearr, agus gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach; ag tabhairt dá haire thairis sin gur soláthraíodh an tsamhail oibriúcháin airgeadais agus soláthair is fearr is féidir don Ghníomhaireacht le cur chun feidhme na straitéise sin;

16.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, maidir le tuarascáil na Cúirte, gur shínigh comhaltaí an choiste meastóireachta in aon nós imeachta soláthair oscailte amháin, in aon bheart amháin, an dearbhú nach ann do choinbhleachtaí leasa ach amháin tar éis an conradh a dhámhachtain, agus gur laige é sin sa nós imeachta soláthair agus go dtéann sé i gcoinne cheanglais Airteagal 61 agus Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh i nósanna imeachta amach anseo;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

17.

ag tabhairt aitheantais do bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht agus cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur glacadh i mí na Nollag 2021 an cinneadh lena gcuirtear rialacha ar fáil maidir le glacadh bronntanas agus fáilteachais ag foireann na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go n-iarrtar ar chomhaltaí an bhoird bainistíochta dearbhú a sholáthar nach bhfuil coinbhleacht leasa ann chomh maith le dearbhú maidir le leasanna; á chur in iúl gur geal léi go mbíonn an dá dhearbhú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár tuairiscíodh aon chásanna coinbhleachta leasa in 2021;

Rialú inmheánach

18.

á chur in iúl gur geal léi go mbaineann an Ghníomhaireacht leas as straitéis maidir le neamhchomhlíonadh faoina ndéantar teagmhais ex-post a thaifeadadh chomh maith le heisceachtaí ex-ante, agus í ag díriú ar na nósanna imeachta reatha a fheabhsú agus laigí sa rialú inmheánach a bhrath ag céim níos luaithe; ag tabhairt dá haire, maidir leis na neamhchomhlíontachtaí a taifeadadh in 2021, nár léiríodh laigí suntasacha ó thaobh na rialuithe reatha; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Ghníomhaireacht páirt arís in 2021 san athbhreithniú piaraí maidir le bainistiú riosca i ngníomhaireachtaí díláraithe, arna lainseáil ag an gCoimisiún trí eolas, modheolaíochtaí agus rioscaí criticiúla a chomhroinnt leis na gníomhaireachtaí eile a ghlac páirt sa ghrúpa oibre;

19.

á mheabhrú gur ghlac an bord bainistíochta an creat rialaithe inmheánaigh (ICF) in 2019, bunaithe ar chreat rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin Eorpaigh; ag tabhairt dá haire gur thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú ar ICF don bhliain tuairiscithe 2021 go bhfuil comhlíonadh agus cur chun feidhme an chreata sásúil;

20.

ag tabhairt dá haire go bhfuil clár riosca corparáideach na Gníomhaireachta nasctha leis an gCreat Rialaithe Inmheánaigh agus go bhféadfaidís araon a bheith á n-athbhreithniú go rialta ag an ardbhainistíocht; ag tabhairt dá haire go ndearnadh ceithre riosca a ndearnadh faireachán orthu le linn 2021 a chatagóiriú de réir mar a bhain siad leis an ‘timpeallacht sheachtrach’, go ndearnadh dhá riosca a aicmiú mar riosca a bhaineann leis an ‘timpeallacht inmheánach’ agus nach n-aicmítear aon cheann díobh mar bhagairt a d’fhéadfadh a bheith ann do chlú ná do ghnóthachtáil straitéiseach na Gníomhaireachta;

21.

ag tabhairt dá haire gur dhréachtaigh agus gur chuir an Ghníomhaireacht bailchríoch ar a straitéis frithchalaoise nua 2022-2026 in 2021; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh an nós imeachta maidir le feidhmeanna íogaire a shainaithint agus a bhainistiú chun feidhme in 2021;

An digitiú agus an t-aistriú glas

22.

á mheabhrú gur ann do na socruithe cianoibre agus don chóras bainistithe doiciméad a glacadh sna blianta roimhe sin, agus ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht roinnt nósanna imeachta inmheánacha leictreonacha nua a sheoladh agus a chur chun feidhme tuilleadh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, cur chun feidhme ríomh-Uirlisí trí úsáid fhorleathan a bhaint as ríomh-Cruinnithe, ríomhsholáthar (ríomhThairiscint, r-aighneacht agus Uirlis Bainistíochta um Sholáthar Poiblí), agus glacadh ríomhshreafaí agus ríomhshreabha oibre; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, simpliú agus digiteáil fhorásach réimsí riaracháin na Gníomhaireachta;

23.

ag cur sonrú i rannchuidiú na Gníomhaireachta le staidéar fadbhreathnaitheachta ar an ngeilleagar ciorclach chun rioscaí nua agus rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde a bhaineann leis an aistriú glas, atá ábhartha do lucht déanta beartas agus do thaighdeoirí;

24.

ag tabhairt dá haire gur thionscain an Ghníomhaireacht comhar le CERT-EU trí bhíthin comhaontú ar leibhéal seirbhíse chun a áirithiú go mbeadh cibearchosaint ag an nGníomhaireacht; ag tabhairt dá haire gur seoladh roinnt iniúchtaí slándála in 2021 chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal slándála fheidhmchláir agus shuíomhanna gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, ar an leibhéal idirghníomhaireachta, go bhfuil tús curtha ag an nGníomhaireacht le comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme réitigh choitinn chun seirbhísí cibearshlándála a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí beaga an Aontais; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

25.

ag tabhairt dá haire, mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, nár úsáideadh cuid shuntasach de bhuiséad 2021 do mhisin agus do chruinnithe agus gur aistríodh go páirteach é trí oibríochtaí creidmheasa idir teidil, caibidlí, míreanna agus gníomhaíochtaí;

26.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur eagraigh an Ghníomhaireacht plé le saineolaithe a bhaineann le hullmhacht paindéime san ionad oibre; ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht beagnach gach gníomhaíocht (a chomhfhreagraíonn do 96 %) dá clár oibre mar a bhí beartaithe i gcrích, agus go ndearna sí cúraimí neamhphleanáilte a bhaineann le COVID-19 a ghlacadh agus a chur i gcrích ag an am céanna;

27.

ag tabhairt dá haire, chun tacú leis na socruithe cianoibre don fhoireann, atá i bhfeidhm ó 2020 i leith, go ndearna an Ghníomhaireacht in 2021 nósanna imeachta inmheánacha leictreonacha nua a sheoladh agus a chur chun feidhme tuilleadh chun leanúnachas gnó a éascú;

28.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gur lean an Ghníomhaireacht de shábháilteacht agus sláinte cheirde a chur in iúl agus a chur chun cinn go díreach nó trína líonra, beagnach go hiomlán ar líne mar gheall ar shrianta na paindéime;

Barúlacha eile

29.

á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Gníomhaireachta ar leibhéal rialachais le Eurofound, ELA, agus an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) agus malartú na ndréachtchlár oibre le Eurofound, leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus le EIGE, chun sineirgí a áirithiú i gcláir oibre na gcomhlachtaí sin faoi seach; ag tathant ar an nGníomhaireacht féidearthachtaí breise a fhiosrú chun a gníomhaíochtaí agus a socruithe oibre a leathnú le comhlachtaí eile de chuid an Aontais; ag tathant ar an nGníomhaireacht féachaint an bhféadfaí cúraimí forluiteacha a chomhroinnt le comhlachtaí eile de chuid an Aontais;

30.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí agus faisnéis feidhmíochta ábhartha a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i gcoitinne i dteanga shoiléir agus inrochtana; ag tathant ar an nGníomhaireacht trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as cainéil na meán agus na meán sóisialta;

31.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 42.

(2)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).

(3)  Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/418


CINNEADH (AE) 2023/1924 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0100/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 16 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0132/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 58.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/419


CINNEADH (AE, Euratom) 2023/1925 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023[22] – C9-0096/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,

ag féachaint do Chinneadh 2008/114/CE, Euratom ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena mbunaítear reachtanna le haghaidh Gníomhaireacht Soláthair Euratom (4), agus go háirithe Airteagal 8 den iarscríbhinn a ghabhann leis,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0126/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh d’Ard-Stiúrthóir Ghníomhaireacht Soláthair Euratom i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Ard-Stiúrthóir Ghníomhaireacht Soláthair Euratom, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tUachtarán

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 41, 15.2.2008, lch. 15.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/420


RÚN (AE) 2023/1926 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0126/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráiteas airgeadais ioncaim agus caiteachais, gurbh é buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht Soláthair Euratom (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021 ná EUR 210 000, arb ionann é agus laghdú 8,7 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go dtagann buiséad iomlán na Gníomhaireachta ó bhuiséad an Aontais;

B.

de bhrí go luann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil sí tar éis dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

á chur in iúl go bhfuil sí sásta gur cuireadh an ráta leithreasaithe faoi chomhair gealltanas don bhliain reatha (99,76 %) chun feidhme mar thoradh ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021, arb ionann é agus méadú beag 0,21 % i gcomparáid le 2020, agus ag tabhairt dá haire gurb ionann forghníomhú an ráta leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain reatha agus 51,22 %, arb ionann é agus méadú 28,88 % i gcomparáid le 2020;

2.

ag tabhairt dá haire, gurbh é iomlán na ngealltanas le híoc don bhliain 2021 (méideanna geallta nach bhfuil íoctha go fóill) a bhí le tabhairt ar aghaidh chuig an mbliain airgeadais 2022 ná EUR 101 966,38 nó 49 % de na méideanna geallta (i gcomparáid le EUR 177 578,67 nó 78 % in 2020), agus go mbaineann an méid sin go príomha le seirbhisí na teicneolaíochta faisnéise (TF) d’idirthréimhse an tionscadail TF ‘Bainistiú faisnéise na Faireachlainne Núicléiche agus Ghníomhaireacht Soláthair Euratom’ (NOEMI) nár soláthraíodh ina n-iomláine agus le hoiliúint/comhdhálacha a bheidh ar siúl ag tús 2022; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

3.

ag tabhairt dá haire, ón 1 Eanáir 2021, gur chláraigh an Ghníomhaireacht, nach féidir gníomhú go haontaobhach sa réimse sin, foráil chuntasaíochta ina ráitis airgeadais maidir le haisíocaíocht scaireanna na Ríochta Aontaithe, agus go ndéanfar aon íocaíocht, tuairisceán nó luach saothair leis an Ríocht Aontaithe sna tréimhsí ina dhiaidh sin mar thoradh ar fhoirceannadh ballraíochta na Ríochta Aontaithe a chomhchinneadh leis an gCoimisiún; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

Feidhmíocht

4.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici, tar éis iad a fhormheas ag an gCoimisiún, gur tháinig na rialacha nua lena gcinntear an bealach ina ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cothromaíocht a fháil idir sholáthar agus éileamh i bhfeidhm an 1 Iúil 2021, inter alia lena soláthraítear sainmhínithe nua agus lena leathnaítear raon feidhme an nóis imeachta simplithe go foirmiúil;

5.

ag tabhairt dá haire, go háirithe, obair na Gníomhaireachta le meitheal an choiste chomhairligh maidir le slándáil an tsoláthair agus praghsanna, ar tugadh sainordú nua di in 2021;

Beartas foirne

6.

ag tabhairt dá haire go raibh na poist sa phlean bunaíochta 94,12 % líonta an 31 Nollaig 2021, agus 16 oifigeach de chuid an Choimisiúin ceaptha as na 17 bpost údaraithe sa phlean bunaíochta (17 bpost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil deacracht ag an nGníomhaireacht cúntóirí ar na gráid níos ísle a aimsiú, i bhfianaise na próifíle speisialta a cheanglaítear agus na leibhéil pá ghaolmhara i gcomparáid leis an gcostas maireachtála i Lucsamburg;

7.

Ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht in 2021 athscaradh inscne i measc gach ball foirne de 56 % ban agus 44 % fear;

8.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a chinntiú ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

9.

ag tabhairt dá haire, tar éis theacht i bhfeidhm na rialacha nua, gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht na foirmeacha nach mór a úsáid chun conarthaí soláthair a chur isteach atá le tabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht agus fógra a thabhairt faoi chonarthaí maidir le seirbhísí a sholáthar;

Rialú inmheánach

10.

ag tabhairt dá haire, go ndearna an Ghníomhaireacht nuashonrú measúnaithe riosca in 2021 lenar cumhdaíodh réimsí uile obair na Gníomhaireachta agus a próisis oibríochtúla agus riaracháin, agus go ndearnadh coigeartuithe chun na rialuithe atá i bhfeidhm a ailíniú leis na rioscaí; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

11.

ag tabhairt dá haire, go dearna an Ghníomhaireacht measúnú ar éifeachtacht a rialuithe inmheánacha arb é a bhí iontu meastóireacht ar tháscairí faireacháin réamhshainithe, lena n-áirítear suirbhé, an mheastóireacht ar thorthaí iniúchóra agus moltaí nua nó atá fós gan réiteach, agus anailís ar neamhchomhlíontaí agus ar chásanna eisceachtúla; ag tabhairt dá haire nár nocht an measúnú aon rioscaí a bhféadfadh forchoimeádas a bheith mar thoradh orthu sa dearbhú bliantúil urrúis;

12.

ag tabhairt dá haire, maidir le slándáil faisnéise, go bhfuil imréiteach slándála ag ball foirne uile na Gníomhaireachta agus ag gach conraitheoir seachtrach, agus, thairis sin, go ndearnadh measúnú leochaileachta ar chóras TF NOEMI, agus go ndéanfar arís é tar éis do gach moladh ón measúnú sin a dhéanamh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

13.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; á áitiú go láidir go bhfuil gá le córas bainistíochta agus rialaithe éifeachtach chun cásanna féideartha de choinbhleachtaí leasa, rialuithe exanteexpost a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla agus mainneachtain fadhbanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí a sheachaint;

An digiteáil agus an t-aistriú glas

14.

á chur in iúl go bhfuil sí sásta, de réir na hoibre leantaí a rinneadh ar urscaoileadh 2020, gur tháinig tionscadal TF NOEMI i mbun oibríochta in 2021, tionscadal a bhfuil sé mar aidhm leis cumas faireacháin na Gníomhaireachta a neartú i leith na n-ábhar núicléach agus an mhargaidh breosla agus, ag an am céanna, sonraí maidir le conarthaí núicléacha íogaire a óstáil go slán, agus go mbeidh forbairtí amach anseo ag brath ar an maoiniú a gheofar sna buiséid atá le teacht; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go mbeartaítear sna chéad chéimeanna eile den tionscadal go ndéanfar próiseáil dhigiteach iomlán ar chonarthaí soláthair núicléacha agus ar fhaisnéis na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

15.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an digiteáil sa Ghníomhaireacht a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint; ag tarraingt aird ar an ngá atá leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon rioscaí do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

16.

á mholadh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le (ENISA) Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil agus le CERT-EU (an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfar cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne laistigh den Ghníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt ar bhealach níos tapúla, agus é a sheachadadh roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisc a thabhairt ar aon fhorbairtí ina thaobh sin don údarás um urscaoileadh;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

17.

ag tabhairt dá haire lean an phaindéim COVID-19 ar aghaidh de dhifear a dhéanamh do AE in 2021 agus gur thug an Ghníomhaireacht teilea-obair isteach mar an rogha réamhshocraithe i gcomhréir le treoir ón gCoimisiún agus chun an baol don fhoireann agus dá dteaghlaigh a íoslaghdú, agus go raibh an fhoireann chriticiúil agus riachtanach a raibh orthu rochtain a fháil ar acmhainní agus dul ag obair ar an áitreabh in ann déanamh amhlaidh ar bhonn uainíochta;

18.

ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht athruithe isteach ar a patrún caiteachais trí leasú buiséid agus aistrithe inmheánacha i bhfianaise an laghdaithe ar chaiteachas ar thurais oibre reachtúla agus ar chruinnithe an choiste chomhairligh agus gur infheistigh sí ina córas TF ina ionad sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tionóladh cruinnithe an choiste chomhairligh ar líne in 2021;

Barúlacha eile

19.

á chur in iúl go bhfuil sí sásta go ndearnadh ollchóiriú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta in 2021 i gcomhar le hArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Choimisiún, as a leanann suíomh gréasáin atá comhoiriúnaithe do shuíomh gréasáin an Choimisiúin ar ardán dinimiciúil atá nuashonraithe agus éasca le húsáid; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh athdhréachtú ar an bhfaisnéis uile a cuireadh ar an suíomh gréasáin ar mhaithe le heispéireas níos fearr do na húsáideoirí;

20.

Á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí agus faisnéis ábhartha feidhmíochta a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i gcoitinne i dteanga shoiléir agus inrochtana; Ag tathant ar an nGníomhaireacht trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as cainéil na meán agus na meán sóisialta;

21.

Á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá cuid sineirgí a fhorbairt (mar shampla maidir le hacmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil), agus a comhar, a malartuithe dea-chleachtais agus a pléití maidir le réimsí comhleasa le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú; Ag tathant ar an nGníomhaireacht deiseanna a fhiosrú tuilleadh chun síneadh a chur lena socruithe oibre agus lena comhroinnt acmhainní i ndáil le cúraimí forluiteacha le comhlachtaí eile de chuid an Aontais;

22.

Á chur in iúl gur geal léi na moltaí ón nGníomhaireacht maidir le slándáil soláthair ábhar núicléach agus breosla núicléach a áirítear i dtuarascáil bhliantúil 2021 na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a moltaí a mhéadú maidir le féidearthachtaí chun foinsí soláthair úráiniam a éagsúlú do gach céim de thimthriall an bhreosla; á mheabhrú gur ghin gléasraí núicléacha thart ar 25,2 % den leictreachas iomlán a tháirgtear san Aontas in 2021;

23.

Ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (1) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/423


CINNEADH (AE, EURTATOM) 2023/1927 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ar dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023[22] – C9-0096/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 68 de,

ag féachaint do Chinneadh 2008/114/CE, Euratom ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena mbunaítear reachtanna le haghaidh Gníomhaireacht Soláthair Euratom (4), agus go háirithe Airteagal 8 den iarscríbhinn a ghabhann leis,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0126/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2021

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Ard-Stiúrthóir Ghníomhaireacht Soláthair Euratom, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 41, 15.2.2008, lch. 15.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/424


CINNEADH (AE) 2023/1928 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart bunúsach arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Fhoras i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0101/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 16 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0109/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Fhorais don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a chuid barúlacha sa rún thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tUachtarán

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 74.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/426


RÚN (AE) 2023/1929 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0109/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachais, gurbh é EUR 21 757 000 buiséad críochnaitheach an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) (‘an Foras’) don bhliain airgeadais 2021 agus gurbh ionann é sin agus méadú 1,69 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur as buiséad an Aontais den chuid is mó a thagann buiséad an Fhorais;

B.

de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Fhorais don bhliain airgeadais 2021 (‘an tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuil dearbhú réasúnacha faighte aici go bhfuil cuntais an Fhorais iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúla agus rialta;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

Ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 99,98 % ann ó thaobh leithreasuithe na bliana reatha mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021, méadú beag 0,06 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gur ráta forghníomhúcháin 83,56 % a bhain leis na leithreasaí íocaíochta sa bhliain reatha, agus gurb ionann é agus méadú 3,12 % i gcomparáid le 2020;

2.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtéann fíorchumhacht ceannaigh an bhuiséid i laghad agus gur tháinig laghdú ar sciar an bhuiséid oibríochtúil ó 39 % in 2010 go 28 % in 2021; á chur i bhfáth, má leantar leis an treocht sin, go gcuirtear i mbaol cumas an Fhorais sonraí leordhóthanacha, tráthúla agus iontaofa a bhailiú;

3.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh aici, gurb é 98,10 % ráta cur chun feidhme na gcistí arna dtabhairt ar aghaidh ó 2020, atá 1,7 pointe céatadáin níos airde ná an figiúr céanna a bhí ann in 2020;

4.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an sciar de bhuiséad oibriúcháin an Fhorais ag laghdú i gcónaí ó 37,6 % in 2012 go 26,4 % in 2021 mar gheall ar an méadú ar chostais mhaireachtála in Éirinn; ag tabhairt rabhaidh, má leantar leis an treocht sin, go gcuirfear i mbaol cumas an Fhorais cáilíocht a chuid oibre a chaomhnú agus a fheabhsú tuilleadh;

5.

Á chur in iúl gur geal léi go raibh seirbhísí a oifigigh cuntasaíochta á gcomhroinnt ag an bhForas leis an Údarás Eorpach Saothair (ELA), rud a chabhraigh leis an Údarás sin borradh réidh a chur faoina ghníomhaíochtaí;

Feidhmíocht

6.

Ag aithint gur baineadh amach 93 % de na haschuir a bhí beartaithe sa chlár oibre le haghaidh 2021, agus gur baineadh amach 38 gcinn as 41 sprioc insoláthartha in 2021;

7.

Ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Foras ocht n-eochairtháscaire feidhmíochta, a áirítear ina chóras faireacháin feidhmíochta; ag tabhairt dá haire go háirithe gur léir go bhfuil feabhas ar an bhfeidhmíocht maidir le glacadh shaineolas an Fhorais i bpríomhdhoiciméid bheartais ar leibhéal an Aontais, ó 34,6 % in 2020 go 74 % in 2021, amhail an togra le haghaidh treoir maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn a neartú, na conclúidí ón gComhairle maidir leis an teilea-obair, tuarascálacha ón gCoimisiún maidir le cúram fadtéarmach san Aontas, ardáin dhigiteacha saothair san Aontas agus athbhreithniú 2021 ar Fhostaíocht agus ar Fhorbairtí Sóisialta san Eoraip; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh feidhmíocht láidir ann maidir le glacadh eolas an Fhorais sna meáin, agus 1 083 alt preasa in 2021 i gcomparáid le 703 in 2020, agus ag moladh an Fhorais, go háirithe, as an infheictheacht agus as an ardphróifíle a bhí aige i bpríomh-eagraíochtaí meán Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir leis na hábhair is ábhartha amhail tionchair éagsúla phaindéim COVID-19, an teilea-obair, an ceart chun dícheangail agus saincheisteanna i dtaca le pá íosta; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar rannpháirtíocht an Fhorais ag ócáidí agus cruinnithe a bhaineann le beartas i rith 2021, ó 202 phíosa ionchuir in 2020 go 360 píosa ionchuir in 2021;

8.

Á chur in iúl gur geal léi go háirithe na gníomhaíochtaí an-tráthúil agus an-úsáideach a rinneadh chun torthaí a bhaineann leis na hathruithe a tháinig as paindéim COVID-19 a chur in iúl, amhail teilea-obair, obair ardáin, neamhionannais inscne agus difríochtaí idirghlúine a mhéadú, ganntanais lucht saothair, cúram fadtéarmach, caidreamh tionsclaíoch, agus leas á bhaint as an ríomhshuirbhé maireachtála, oibre agus COVID-19 agus Faire Beartais an Aontais ar COVID-19, lena n-áirítear na tuarascálacha dar teideal ‘Dálaí oibre in aimsir COVID-19: Impleachtaí don todhchaí’ (1) agus ‘Tionchar COVID-19 ar dhaoine óga in AE’ (2); á chreidiúint gur féidir leis an bhForas ról ríthábhachtach a bheith aige maidir le hanailís bhreise a dhéanamh ar an méadú ar theilea-obair agus ar na tionchair ghaolmhara ar chothromaíocht oibre is saoil agus ar cháilíocht dálaí oibre, ar dhea-chleachtais a scaipeadh agus ar fhreagairtí beartais a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas; á chur in iúl gur geal léi roghanna beartais an Fhorais maidir le hanailísí ar chláir oibre chun dálaí oibre, caidreamh tionsclaíoch, fostaíocht agus dálaí maireachtála a fheabhsú;

9.

Á athdhearbhú a thábhachtaí atá sonraí ardcháilíochta arna gcur ar fáil ag uirlisí faireacháin leanúnacha an Fhorais le haghaidh ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise, go háirithe na suirbhéanna uile-Eorpacha arna ndéanamh ag an bhForas;

10.

Ag moladh chomhoibriú gníomhach an Fhorais in 2021 lena gheallsealbhóirí amhail Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún, Comhairle an Aontais Eorpaigh (faoi Uachtaránacht na Portaingéile agus faoi Uachtaránacht na Slóivéine), gníomhaireachtaí de chuid an Aontais amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile; ag tabhairt dá haire go raibh aschur suntasach ann ón bhForas in 2021 agus sé sheimineár gréasáin, sé fhíseán gníomhaíochta, seoladh shraith podchraoltaí an Fhorais (EurofoundTalks), trí cinn d’fheachtais ar na meáin shóisialta, rannchuidithe leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus seachadadh achoimrí feidhmiúcháin ar thuarascálacha taighde in 21 teanga; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ócáidí agus foilseacháin chomhpháirteacha á bhforbairt le roinnt gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;

11.

Ag moladh an Fhorais as plean gníomhaíochta a fhorbairt mar fhreagairt ar mholtaí sa mheastóireacht ex-ante ar chlár 2021–2024 atá aige; ag admháil go n-éilítear, le roinnt gníomhaíochtaí, iarracht mheántéarmach, agus gur cuireadh gníomhaíochtaí eile i gcrích cheana féin, amhail barrfheabhsú úsáid na n-acmhainní airgeadais chun uaillmhianta i dtaobh na gclár a mheaitseáil leis na hacmhainní atá ar fáil; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna conraitheoirí meastóireachta seachtraí meastóireacht ar dhá ghníomhaíocht in 2021, ‘The digital age: Opportunities and challenges for work and employment’ [An aois dhigiteach: Deiseanna agus dúshláin don obair agus don fhostaíocht] agus ‘Monitoring convergence in the European Union’ [Faireachán ar chóineasú san Aontas Eorpach] a bhí nua i gclárthréimhse 2017–2020; ag tabhairt dá haire gur scrúdaíodh sa mheastóireacht sin an méid a baineadh amach agus a bhí le foghlaim ó chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin, a mhéad a baineadh amach na huaillmhianta le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a leagadh amach ag an tús agus an tionchar a bhí acu ar cheapadh beartas; ag tabhairt dá haire gur sheol an Foras meastóireacht in 2021 ar a chlár foghlama agus forbartha reatha agus ar a chur chuige reatha;

12.

Ag tabhairt dá haire gur leathnaíodh réimse fócais EU PolicyWatch an Fhorais chun imscrúdú a dhéanamh ar bheartais a bhaineann le roinnt comhthéacsanna (géarchéime), lena n-áirítear an cogadh san Úcráin, an méadú ar bhoilsciú agus cosaint shealadach na ndídeanaithe, an glasú agus an clár oibre digiteach, agus gur athainmníodh é mar sin i mbunachar sonraí EU PolicyWatch; ag tabhairt dá haire gurb é an bunachar sonraí sin an t-aon fhoinse uile-Aontais atá ann lena mbailítear agus lena léirítear go beacht foirm rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i ndearadh agus i gcur chun feidhme na mbeartas sin agus, dá bhrí sin, gur féidir leis cur le ceanglais faireacháin éagsúla a bhaineann leis an idirphlé sóisialta náisiúnta, amhail, mar shampla, an Seimeastar Eorpach;

Beartas foirne

13.

Ag tabhairt dá haire gur oth léi nach raibh ach 89 % den phlean bunaíochta críochnaithe amhail an 31 Nollaig 2021 (i gcomparáid le 95 % in 2020), agus naoi n-oifigeach agus 74 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 91 ghníomhaire arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (91 phost údaraithe in 2020), agus gurb amhlaidh a bhí beirt bhall foirne ar saoire ar fhorais phearsanta agus nár cuireadh baill foirne eile ina n-ionad láithreach; á chur i bhfios, áfach, i bhfianaise na bhfolúntas a tairgeadh agus ar glacadh leo in 2021, gur líonadh 94 % de na poist; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 13 ghníomhaire ar conradh ag obair don Fhoras in 2021; ag tabhairt dá haire gur fhág seisear ball foirne an Foras in 2021 (ráta athraithe foirne 5,8 %), a ndeacaigh beirt acu ar scor; á chur in iúl gur oth léi nár líonadh trí phost shinsearacha; ag moladh an Fhorais as machnamh leanúnach a dhéanamh ar dhea-chleachtais agus as feabhas a chur ar na dálaí oibre; ag meabhrú a thábhachtaí atá sé an iomlaoid foirne laistigh de ghníomhaireachtaí an Aontais a chomhrac;

14.

Ag tabhairt dá haire gurbh é miondealú inscne i mbainistíocht shinsearachan an Fhorais in 2021 ná cúigear fear (56 %) agus ceathrar ban (44 %) agus go raibh 54 fhear (64 %) agus 30 bean (36 %) ina mbaill den bhord bainistíochta, agus go raibh 41 fhear (43 %) agus 55 bhean (57 %) ar fhoireann an Fhorais trí chéile; ag cur suntas i ngannionadaíocht ball foirne ón gCipir, ón Eastóin, ó Mhálta agus ón tSlóivéin; ag meabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit aird a thabhairt ar a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne agus gheografach a áirithiú agus comhaltaí á n-ainmniú do bhord bainistíochta Fhorais; ag tathant ar an bhForas cothromaíocht inscne agus gheografach a áirithiú agus a fhoireann á hearcú;

15.

Ag tabhairt sí dá haire, ó 2013 i leith, go bhfuil beartas ag an bhForas maidir le dínit daoine agus meas ar dhaoine a chosaint agus ciapadh a chosc (‘Beartas Eurofound’); ag tabhairt dá haire go bhfuil dréacht-lámhleabhar nós imeachta ag an bhForas maidir le Beartas Eurofound agus go bhfuil an dréacht-lámhleabhar sin i bpróiseas comhairliúcháin faoi láthair; á chur in iúl gur geal léi go mbíonn baill foirne bua, oiliúnaithe agus baill foirne shealadacha áitiúla rannpháirteach sa chlár Dínit agus Meas mar chuid dá n-oiliúint; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh aghaidh in 2021 ar dhea-bhail fhisiciúil agus shíceolaíoch agus ar an teicneolaíocht is gá chun ardleibhéal feidhmíochta a choimeád nuair a bhítear ag obair go cianda;

16.

Ag moladh chur chuige réamhghníomhach an Fhorais ó thaobh dea-bhail na foirne a thomhas trí shuirbhéanna agus ceistneoirí inmheánacha; á chur in iúl gur geal léi an clár bliantúil dar teideal ‘Mí na hEitice’ a raibh seisiúin aige in 2021 dírithe ar ionad oibre dearfach a chruthú, tar éis anailís a dhéanamh ar iompraíocht a bhí le glacadh i gcásanna sonracha; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, gairmthreoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a chinntiú ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

17.

Ag tabhairt dá haire gur sheol an Foras seacht dtairiscint oscailte in 2021 agus go raibh conarthaí dar luach EUR 1 942 570 mar thoradh orthu sin; ag tabhairt dá haire freisin gur sheol an Foras 21 nós imeachta íseal-luacha agus meánluacha (a ndearnadh idirbheartaíocht orthu le trí iarrthóir agus cúig iarrthóir) dar luach iomlán EUR 1 248 790;

18.

Ag meabhrú gur thug an Chúirt chun suntais gur thug an Foras creatchonradh i gcrích i mí an Mheithimh 2019 ar uasmhéid EUR 170 000 chun leictreachas a sholáthar ar bhonn nós imeachta soláthair idirbheartaithe le hiarrthóir aonair, gan tarscaoileadh fógra conartha a fhoilsiú roimh ré; ag tabhairt dá haire gur thug an Chúirt chun suntais gur soláthróir miondíola é an conraitheoir, agus an soláthar leictreachais gan bheith luaite agus ceannaithe ar mhargadh tráchtearraí, agus dá bhrí sin nach bhfuil feidhm ag eisceacht nós imeachta soláthair idirbheartaithe mar a lean an Foras é; ag tabhairt dá haire gur ann don chonclúid ón gCúirt go bhfuil na híocaíochtaí a rinneadh i ndáil leis an gconradh sin neamhrialta agus gurbh ionann iad agus EUR 30 689 in 2021; ag tabhairt dá haire go ndeachaigh an conradh foluiteach in éag i mí an Mheithimh 2021; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh na nósanna imeachta inmheánacha maidir le soláthar a choigeartú dá réir sin;

19.

Ag tabhairt dá haire gur ghlac an Foras an plean soláthair athbhreithnithe 2021; ag tabhairt dá haire ina theannta sin go bhfuil tús curtha ag an bhForas le himscrúdú ar an modheolaíocht soláthair a úsáidtear chun tairiscint a dhéanamh le haghaidh na suirbhéanna móra; ag tabhairt dá haire gur chuir an tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach (IAS) tús le hiniúchadh ar bhainistiú soláthair agus conarthaí an Fhorais i bhfómhar na bliana 2021; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh an Foras a ionduchtú san uirlis bainistíochta soláthair phoiblí;

20.

Á mheabhrú a thábhachtaí atá sé go n-áiritheofaí iomaíocht chóir idir tairgeoirí agus earraí agus soláthar seirbhísí ar an bpraghas is fearr le gach nós imeachta, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme na huirlisí teicneolachta faisnéise TF ríomhsholáthair a d’fhorbair an Coimisiún; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú nuashonraithe ar na nósanna imeachta agus ar na teimpléid sna treoirlínte soláthair; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thug an Chúirt chun suntais go bhfuil laigí an tsoláthair phoiblí ag méadú agus go bhfuil siad fós ar an bhfoinse is mó d’íocaíochtaí neamhrialta i bhformhór ghníomhaireachtaí an Aontais;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

21.

Ag tabhairt dá haire gur foilsíodh dearbhuithe maidir le coinbhleachtaí leasa agus CVanna chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus na foirne bainistíochta ar shuíomh gréasáin an Fhorais; ag moladh an Fhorais as beartas coinbhleachtaí leasa a bheith i bhfeidhm aige lena ngabhann nós imeachta mionsonraithe le haghaidh staideanna coinbhleachta leasa féideartha;

22.

Ag chur suntas ó fhreagra a thug an Foras ar na ceisteanna i scríbhinn ina ndeir sé go bhfuil go gcomhlíonann sé Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3); ag tabhairt dá haire nach raibh aon chás sceithireachta ann in 2021; á chur in iúl gur geal léi, mar chomhlánú ar straitéis frithchalaoise 2021–2023, gur míníodh an treoirlíne maidir le sceithireacht don fhoireann ar bhealach níos inrochtana; á chur in iúl gur geal léi ina theannta sin trédhearcacht an Fhorais maidir le grúpaí cuairteoirí agus saineolaithe acadúla a ainmnítear ar choistí comhairleacha an Fhorais;

Rialú inmheánach

23.

Ag tabhairt sí dá haire go gcumhdaítear cúig chomhpháirt i gcreat rialúcháin inmheánaigh an Fhorais (timpeallacht rialúcháin, measúnú riosca, gníomhaíochtaí rialúcháin, faisnéis agus cumarsáid, agus gníomhaíochtaí faireacháin) agus go n-áirítear 17 bprionsabal ann; ag tabhairt dá haire go ndéantar measúnú ar éifeachtacht na gcomhpháirteanna sin trí mheascán d’fhaireachán, d’fhionnachtana agus de mholtaí leanúnacha ón tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach maidir le rioscaí agus rialuithe i réimsí sonracha agus trí bhreithmheas inmheánach; ag tabhairt dá haire gur ann do thacaíocht ón tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach maidir leis an sásra tuairisciúcháin atá ag an bhForas cheana;

24.

Ag tabhairt dá haire gur chuir an tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach a tuarascáil deiridh maidir le hacmhainní daonna agus eitic, ina raibh ceithre mholadh, agus gan aon mholadh criticiúil ina measc, ar fáil i mí Aibreáin 2021; ag tabhairt dá haire gur comhaontaíodh plean gníomhaíochta chun na moltaí sin a chur chun feidhme in 2022;

25.

Ag moladh an Fhorais toisc go ndearna sé beartas maidir le poist íogaire a fhorbairt agus a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go ndearnadh athbhreithniú ar chlár rioscaí agus ar ghníomhaíochtaí maolaitheacha an Fhorais i ndáil le 2021 agus go ndearnadh measúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an gclár i ndáil le 2022; ag moladh an fhíorais gur cuireadh i bhfeidhm ar bhonn céimneach in 2021 an straitéis frithchalaoise, 202–2023 agus gur tugadh rochtain d’fhoireann uile an Fhorais ar threochlár agus grafaic faisnéise frithchalaoise ina léirítear na bearta atá le glacadh i gcásanna ina bhfuil amhras ann gur tharla calaois; á chur in iúl, thairis sin, gur geal léi gur eagraíodh seisiúin faisnéise agus feachtais feasachta i réimsí amhail an chibearshlándáil, an fhrithbhradaíl, coinbhleachtaí leasa agus cosc sáruithe sonraí;

26.

Ag meabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialúcháin a neartú chun feidhmiú ceart na Gníomhaireachta a áirithiú; á áitiú go láidir go mbeadh ceanglas ann go mbeadh córais éifeachtacha bhainistíochta agus rialúcháin ann chun go seachnófar cásanna féideartha coinbhleachtaí leasa, rialuithe ex-anteex-post atá in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

An digitiú agus an t-aistriú glas

27.

Á chur in iúl gur geal léi na bearta a cuireadh i bhfeidhm in 2021 maidir le cibearshlándáil an Fhorais; ag cur suntas go háirithe i gclár feasachta cibearshlándála 2021 agus san oiliúint feasachta a chuirtear ar fáil do gach ball foirne, i gcur i bhfeidhm céimneach an chórais fíordheimhniúcháin ilfhachtóra agus cur i bhfeidhm tástálacha ionsamhlúcháin um threá líonra agus um fhioscaireacht ag CERT-EU (an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais); á chur in iúl gur geal léi cur chuige réamhghníomhach an Fhorais agus é ag ullmhú don nuashonrú ar a bheartas slándála córas faisnéise i bhfianaise an dá rialachán de chuid an Aontais atá ar na bacáin maidir le cibearshlándáil agus slándáil faisnéise in institiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais; ag moladh don Fhorais oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil);

28.

Ag moladh chur chun feidhme comhsheasmhach an chur chuige ‘tús áite don digitiú’ ag an bhForas i réimsí éagsúla dá chuid oibre, go háirithe maidir le lánas a tháirgeadh agus a scaipeadh trí chainéil ar líne agus trí chainéil mhóibíleacha; ag tabhairt dá haire go raibh na gníomhaíochtaí in 2021 sa réimse sin dírithe ar léirshamhlú sonraí, ar uirlis taiscéalaí ar líne a fhorbairt agus ar phlean a bhunú chun stóras lárnach sonraí a fhorbairt chun sonraí staidrimh a chomhroinnt; ag tabhairt dá haire gur ullmhaigh an Foras cur i bhfeidhm céimneach an tsíniúcháin leictreonaigh cháilithe in 2021; ag moladh na forbartha a rinne an Foras ar an bhfeidhmchlár gréasáin lena gcumasaítear ríomh an chóineasúcháin sa chomhionannas inscne i bhfíor-am; ag moladh ina theannta sin an úsáid a baineadh as bogearraí nua chun doiciméid bheartais de chuid an Aontais a asbhaint, rud a mhéadaigh an éifeachtúlacht i dtaobh thaifeadadh ráta úsáide na bpríomhdhoiciméad beartais ar leibhéal an Aontais;

29.

Ag moladh na mbeart atá neamhdhíobhálach don chomhshaol atá curtha i gcrích ag an bhForas chun a thomhaltas leictreachais a laghdú, chun éifeachtúlacht fuinnimh a choirí a fheabhsú agus chun pointí luchtúcháin breise a shuiteáil le haghaidh carranna leictreacha; ag tréaslú leis an bhForas as an laghdú mór atá tagtha ar a thomhaltas páipéir, ó 1,9 milliún bileog in 2019, go 148 980 bileog in 2020 agus go 84 990 bileog in 2021; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur ann don fhreagra ón bhForas gurb amhlaidh, le cúig bliana anuas, nár sholáthair sé ach leictreachas atá glas ar bhonn 100 % ó fhoinsí inathnuaite; ag tabhairt dá haire go ndearna an Foras bearta suntasacha breise in 2021 chun ullmhú don dheimhniú ó EMAS a bhí le tarlú Ráithe 3, 2022;

Leanúnachas gnó le linn géarchéim COVID-19

30.

Ag tabhairt dá haire go ndearnadh clár oibre glactha an Fhorais i gcomhair 2021 agus a Phlean Leanúnachais Gnó a chur in oiriúint don réaltacht nua a tháinig chun cinn de bharr ghéarchéim COVID-19, riachtanais éagsúla na ngeallsealbhóirí agus cur isteach ar chur i ngníomh oibleagáidí atá ann faoi láthair;

31.

Ag tabhairt dá haire, in ainneoin na dianghlasála fada mar gheall ar phaindéim COVID-19, gur éirigh leis an bhForas leanúint dá bhailiú sonraí le haghaidh tionscadail leanúnacha amhail a bhunachar sonraí maidir le COVID-19 EU PolicyWatch agus an Suirbhé (teileafóin) ar Dhálaí Oibre Eorpacha, chun faireachán a dhéanamh ar thionchar phaindéime COVID-19; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé d’aidhm ag an gcúigiú babhta den ríomhshuirbhé sin, a foilsíodh i mí Iúil 2021, tionchar fadréimseach phaindéime COVID-19 ar obair agus ar shaol shaoránaigh an Aontais le dhá bhliain anuas a léiriú agus tugtar chun solais ann freisin an réaltacht neamhchinnte nua atá ann de dheasca an chogaidh san Úcráin, an bhoilscithe is airde dá raibh riamh ann agus na méaduithe móra ar an gcostas maireachtála; á chur in iúl gur geal léi na modhanna nuálacha sin chun sonraí a bhailiú a chuir ar chumas an Fhorais bunachar sonraí ábhartha iontaofa a chruthú agus a choinneáil ar bun le haghaidh na bhforbairtí ar fud an Aontais, ar bunachar sonraí é nach bhfuil a shárú le fáil, rud a chabhraíonn le lucht ceaptha beartas cinntí a dhéanamh a bhfuil bunús maith leo;

Barúlacha eile

32.

Ag tabhairt dá haire gur ann do ghníomhaíochtaí agus iarrachtaí an Fhorais chun an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire go háirithe gur glacadh beartas maidir le sárú ar shonraí pearsanta, go ndearnadh iniúchadh cosanta sonraí chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal inmheánach comhlíontachta i ndáil le dlí cosanta sonraí an Aontais, gur foilsíodh fógraí cosanta sonraí ar idirlíon nó inlíon an Fhorais, gur nuashonraíodh an beartas cosanta sonraí d’fhostaithe agus gur ann do na hiarrachtaí leanúnacha chun feasacht na foirne ar chosaint sonraí a mhéadú agus a chomhdhlúthú;

33.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil comhaontuithe comhair nó meabhráin tuisceana ag an bhForas le roinnt gníomhaireachtaí de chuid an Aontais amhail EU-OSHA, Cedefop, ETF, EIGE agus FRA; ag tabhairt dá haire go bhfuil comhaontuithe den sórt sin ina mbonn le foinsí sonraí agus tionscnaimh chomhpháirteacha a mhalartú i réimsí an taighde, na n-ócáidí agus na gcóras oibríochtaí; ag tabhairt dá haire thairis sin go gceadaítear le comhaontuithe den sórt sin comhordú idir gníomhaireachtaí lena n-áirithítear malartú luath i dtaobh doiciméid chlársceidealúcháin chun aiseolas a sholáthar, chun forluí a sheachaint, chun sineirgí agus réimsí féideartha comhair a shainaithint; á iarraidh ar an bhForas leanúint dá shineirgí a fhorbairt (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil), comhar agus dea-chleachtas a mhalartú le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais d’fhonn an éifeachtúlacht a fheabhsú;

34.

Ag tabhairt dá haire gur chuir an Foras dlús in 2021 lena chomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais trí bhíthin ócáidí agus foilseacháin chomhpháirteacha in éineacht le EIGE maidir le cóineasú aníos i gcomhionannas inscne agus ar an bhearna phá idir na hinsciní, in éineacht le Cedefop bunaithe ar an anailís chomhpháirteach ar an suirbhé Eorpach ar chuideachtaí, agus in éineacht leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil maidir leis na dúshláin shóisialta a bhaineann le beartais fuinnimh ísealcharbóin; ag tabhairt dá haire thairis sin gur lean an Foras dá mhalartú taithí agus dá chomhar le FRA i réimse na modheolaíochta suirbhé agus a forbartha agus le EU-OSHA i réimse an taighde ar an digitiú, lena n-áirítear réimse na teilea-oibre agus réimsí eile;

35.

Ag tabhairt dá haire gur shínigh an Foras meabhrán tuisceana le ELA i mí an Mheithimh 2022; ag tabhairt dá haire gur shínigh an Foras comhaontú comhair leis an Institiúid Ollscoile Eorpach i bhFlórans i mí na Samhna 2021; ag tabhairt dá haire gur shínigh sí creat-chomhaontú nua le haghaidh comhar leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair i mí Mheán Fómhair 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, cé go bhfuil dréacht-chomhaontú le haghaidh comhoibriú leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta fós á ullmhú, go bhfuil comhoibriú fós á dhéanamh ar bhonn ad hoc i réimsí éagsúla taighde, amhail cáilíocht poist, cómhargáil, agus pá íosta; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici é, gur leathnaigh an Foras a chomhar chun go gcumhdódh sé an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú;

36.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Foras ag obair go leanúnach chun feabhas a chur ar inrochtaineacht agus ar scaipeadh a thorthaí, chun lucht féachana nua a sroicheadh, á áirithiú gur féidir le geallsealbhóirí an Aontais rochtain a fháil ar fhaisnéis ar bhealaí éagsúla trína chur chuige ‘tús áite don digitiú’, lena n-áirítear trí shraith podchraolta nua-sheolta agus trí léirshamhlú feabhsaithe sonraí; ag tathant ar an bhForas dlús a chur lena hiarrachtaí agus faisnéis ábhartha feidhmíochta a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i gcoitinne i dteanga shoiléir agus inrochtana; ag tathant ar an bhForas trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as cainéil na meán agus na meán sóisialta; á chur in iúl go bhfuil sí ag súil leis go ndéanfadh an Foras forbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

37.

Ag tagairt, le haghaidh tuairimí eile de chineál trasearnálach a ghabhann lena chinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)  https://www.eurofound.europa.eu/publications/report/2022/working-conditions-in-the-time-of-covid-19-implications-for-the-future

(2)  https://www.eurofound.europa.eu/publications/report/2021/impact-of-covid-19-on-young-people-in-the-eu#

(3)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/432


CINNEADH (AE) 2023/1930 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart bunúsach arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2023 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Fhoras i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0101/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 16 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta ,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0109/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 74.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/433


CINNEADH (AE) 2023/1931 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, maille leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0102/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle (4) agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin, agus go háirithe Airteagal 63 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0122/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 138.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/435


RÚN (AE) 2023/1932 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0122/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis maidir le hioncam agus caiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 53 297 699, a léiríonn méadú 27,81 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais amháin, nach mór, a thagann buiséad na Gníomhaireachta;

B.

de bhrí go luaitear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’), go bhfuil dearbhu réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 99,97 % ann mar thoradh ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021; ag tabhairt dá haire gur léiriú é ar laghdú bídeach 0,02 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire go raibh ráta forfheidhmithe 84,58 % ann i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, léiriú ar laghdú 0,49 % i gcomparáid le 2020;

Feidhmíocht

2.

ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht leas as eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun an breisluach arna sholáthar ag a gníomhaíochtaí a mheas agus chun feabhas a chur ar bhainistiú a buiséid; ag tabhairt dá haire gur shainigh an Ghníomhaireacht 59 KPI ina plean oibre bliantúil do 2021 agus 9 KPI ilbhliantúla don straitéis ilbhliantúil (MAS) 2019-2021; ag tabhairt dá haire, seachas KPInna a raibh tionchar ag paindéim COVID-19 orthu agus na KPInna sin a measadh a bheith dothomhaiste nó domheasta, nár bhain an Ghníomhaireacht a spriocanna amach ach i gcás 36 KPI as 49 (73 % bainte amach amhail 2020), agus i gcás 6 KPI ilbhliantúla as 6 (100 %);

3.

ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht den chomhar oibríochtúil a neartú agus gur leanadh de chásanna a bheith á dtarchur ag ionchúisitheoirí idirchaidrimh, agus gur 290 cás nua a tháinig de in 2021; ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go raibh bearta á ndéanamh ag an nGníomhaireacht i gcónaí chun cur leis an tarchur cásanna idir an Ghníomhaireacht agus an Gréasán Breithiúanch Eorpach (EJN), agus gur cuireadh 44 chás faoi bhráid EJN in 2021; ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go ndearna an Ghníomhaireacht in 2021 éascaíocht ar fhorghníomhú Barántas Gabhála Eorpach a bhain le 480 cás nua agus 713 chás leanúnacha agus gur cumsaíodh úsáid 4 262 Ordú Imscrúdaithe Eorpacha; ag tabhairt dá haire thairis sin gur lorg ionchúisitheoirí náisiúnta ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin cúnamh ar an nGníomhaireacht i gcás 10 105 imscrúdú choiriúla trasteorann (méadú 15 % i gcomparáid le 2020), agus go raibh 4 808 gcás nua a osclaíodh le linn 2021 ina measc agus gur chásanna leanúnacha 5 297 díobh;

4.

ag tabhairt dá haire agus is maith léi go raibh an Ghníomhaireacht ag tabhairt tacaiochta don Choimisiún san ullmhúchán i gcomhair tús caibidlíochta le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta idir an Aontas agus 13 thríú tír, chun faisnéis oibríochtúil a mhalartú, lena n-áirítear sonraí pearsanta; ag tabhairt dá haire thairis sin gur mhéadaigh gréasán phointí teagmhála na Gníomhaireachta go 60 tír in 2021; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil an comhar trasteorann idir an Aontas agus an Ríocht Aontaithe (RA) ag neartú, ó ceapadh Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus Cúntóirí ón Ríocht Aontaithe chuig an nGníomhaireacht;

5.

á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht maidir le cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát coireacht trasteorann thromchúiseach agus eagraithe a ionchúiseamh; ag moladh a bhfuil déanta ag foireann dlíodóirí agus anailíseoirí dílsithe na Gníomhaireachta maidir le comhairle dlí, anailís agus cúnamh oibríochtúil a chur ar fáil, a raibh 466 chás a fuair tacaíocht dhíreach ón bhfoireann in 2021 mar thoradh air; á chur in iúl go molann sí an Ghníomhaireacht as tacaíocht trí réitigh físchomhdhála agus hibrideacha eile a thabhairt do 457 gcruinniú comhordúcháin agus 22 lárionad comhordúcháin in 2021, de bhreis ar na cruinnithe i láthair go pearsanta; ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di gur sholáthair an Ghníomhaireacht freagairtí tapa chun tacú leis na húdaráis bhreithiúnacha in 1 928 i gcásanna a bhí íogair ó thaobh ama de;

6.

á chur in iúl gur geal léi gur fheabhsaigh an Ghníomhaireacht in 2021 a comhar straitéiseach le comhpháirtithe amhail Frontex, Europol agus eu-LISA sa limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais; á chur in iúl gur geal léi thairis sin gur síníodh an Socrú Oibre idir an Ghníomhaireacht agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chun na modhanna comhair a chur chun feidhme go praiticiúil ina rialacháin faoi seach; á chur in iúl gur geal léi an cúnamh dlí agus oibríochtúil a tairgeadh do OIPE ina dhiaidh sin maidir le comhar a éascú le Ballstáit neamh-rannpháirteacha;

7.

ag tacú le comhar na Gníomhaireachta le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) a neartú tuilleadh go háirithe maidir le rochtain ar dhlíodóirí, ar chearta íospartach agus ar fhadhbanna a bhaineann le coinníollacha coinneála;

Beartas foirne

8.

ag tabhairt dá haire agus is maith léi go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 100 % ar an 31 Nollaig 2021, go raibh ceapacháin déanta i gcás 207 ngníomhaire shealadacha as 207 ngníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 204 cheapachán déanta as 207 bpost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire freisin go raibh 30,5 gníomhaire sealadach agus coibhéis lánaimseartha 21 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2021; ag tabhairt dá haire mar sin féin ón bhfreagra a thug an Ghníomhaireacht ar an údarás um urscaoileadh, go mba ábhar imní don Ghníomhaireacht nár leithdháileadh acmhainní daonna leordhóthanacha faoi chuimsiú CAI 2021-2027, go háirithe i gcomhthéacs méadú ar chúraimí agus éilimh go dtabharfadh an Ghníomhaireacht tacaíocht do chásanna oibríochtúla agus an t-ualach oibre breise mar thoradh ar chreat dlíthiúil nua Eurojust; á iarraidh ar an nGníomhaireacht agus ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach in idirphlé gníomhach chun aghaidh a thabhairt ar cheist an lín foirne neamhimleor ina beartas bhunaíochta amach anseo;

9.

ag tabhairt dá haire gurb ann do easpa cothromaíochta inscne agus geografaí laistigh den Ghníomhaireacht le haghaidh 2021; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht gur seisear fear (67 %) agus triúr ban (33 %) a bhí san ardbhainistíocht agus sa mheánbhainistíocht, gur 18 bhfear (67 %) agus naonúr ban (33 %) a bhí ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, agus gur foireann 77 bhfear (33 %) agus 158 mbean (67 %) a bhí ann ar fad; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cothromaíocht inscne agus gheografach ar leibhéal na foirne a áirithiú amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chur san áireamh a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú nuair a bheidh comhaltaí dá gcuid á n-ainmniú acu ar bhord feidhmiúchán na Gníomhaireachta;

10.

ag tabhairt dá haire agus is maith léi go bhfuil bearta i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht faoi láthair agus iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh aici chun ciapadh a chosc; ag tabhairt dá haire gur ceapadh grúpa nua comhairleoirí iontaoibhe ó tháinig deireadh leis an sainordú roimhe sin; á chur in iúl gur geal léi gur thairg an Ghníomhaireacht oiliúint athnuachana maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéasach don fhoireann ar fad in 2021 agus oiliúint bhreise maidir le bainistiú coinbhleachta agus réiteach coinbhleachtaí do na comhairleoirí iontaoibhe agus do bhainisteoirí; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chásanna den chiapadh in 2021;

11.

ag tabhairt dá haire agus is díol spéise di go ndearna an Ghníomhaireacht bearta inmheánacha chun maolú ar an teannas a bhí ar an bhfoireann de bharr teilea-oibriú ar feadh i bhfad, amhail bearta lenar áirithíodh an ceart chun dícheangal agus an ceart chun díriú ar obair; ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di, maidir leis an gceart chun díriú ar obair, gur tugadh isteach ‘seachtainí malla’ agus ‘laethanta saor ó chruinnithe’ chun laghdú ar an strus agus an ró-ualach digiteach de bharr cruinnithe fiorúla agus chun deis a thabhairt díriú ar chúraimí sonracha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na torthaí a fuarthas trí na bearta sin agus trí dhea-chleachtais i réimse na dea-bhaile foirne maidir lena comhar le gníomhaireachtaí díláraithe eile de chuid an Aontais a chomhroinnt;

12.

ag tabhairt dá haire agus is maith léi go bhfuil pointe teagmhála sceithireachta ceaptha ag an nGníomhaireacht, trína dtugtar treoir iontaoibhe agus neamhchlaon don fhoireann faoi na rialacha foirne maidir le sceithireacht; á chur in iúl gur geal léi gur eagraíodh seisiún amháin san oiliúint eitice agus sceithireachta don fhoireann ar fad in 2021;

13.

ag tabhairt dá haire gur earcaigh an Ghníomhaireacht 23 ghníomhaire shealadacha agus ar conradh in 2021 trí nósanna imeachta earcaíochta seachtracha; ag tabhairt dá haire go ndearnadh dhá cheapachán mar chúiteamh ar éifeachtaí obair pháirtaimseartha arbh ionann í agus coibhéis lánaimsire ar meán ar feadh na bliana; á chur in iúl gur geal léi, i gcomhréir le KPInna na Gníomhaireachta, gur imscaradh céatadán níos airde den fhoireann chuig róil oibríochtúla in 2021 ná in 2020; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, go bhfuil imscrúdú idir lámha ag OLAF, atá fós ar siúl, faoi líomhaintí go raibh neamhrialtachtaí ag baint leis an earcaíocht; ag tabhairt dá haire nach ndearna OLAF aon mholtaí don Ghníomhaireacht in 2021; á iarraidh ar an nGníomhaireacht comhar iomlán le OLAF a áirithiú agus tuairisciú tráthúil agus trédhearcach a dhéanamh leis an údarás buiséadach ar thoradh an imscrúdaithe;

14.

ag tabhairt dá haire agus is maith léi go ndearna an Ghníomhaireacht Céim 1 den uirlis acmhainní daonna SYSPER a chur chun feidhme, agus go raibh na modúil tosaigh ar fáil i mí Mheán Fómhair 2021; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun leanúint de mhodúil eile a chur chun feidhme d’fhonn bainistiú a hacmhainní daonna a fheabhsú;

Soláthar

15.

ag tabhairt dá haire gur tugadh 51 nós imeachta soláthair i gcrích in 2021 arbh fhiú EUR 42 249 672 iad ina n-iomláine; á aithint go ndearna an Chúirt iniúchóireacht ar an nGníomhaireacht faoi chuimsiú iniúchadh feidhmíochta maidir le ‘dúliostú oibreoirí eacnamaíocha’, lenar cumhdaíodh an Chóras Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES), chun a mheas an bhfuil leas éifeachtach á bhaint as an eisiamh chun cistí Aontais a chosaint ar fhaighteoirí nach féidir brath orthu; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi chonclúidí na hiniúchóireachta, a luaithe a bheidh siad ar fáil;

16.

á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh tairiscintí leictreonacha agus ríomhaighneacht tairiscintí a ghlacadh agus a chur chun feidhme mar chuid de dhigiteáil na nósanna imeachta soláthair, agus go bhfuil Uirlis Bainistíochta Soláthair Phoiblí (PPMT) á tástáil faoi láthair; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh faoi chur chun feidhme PPMT agus leanúint dá nósanna imeachta soláthair a dhigiteáil;

17.

ag tabhairt dá haire, de réir bharúil na Cúirte ina tuarascáil iniúchóireachta don bhliain airgeadais 2020, go raibh an nós imeachta soláthair maidir le feithiclí a léasú i ndáil le creatchonradh a síníodh in 2018 neamhrialta; ag tabhairt dá haire gur luaigh an Chúirt maidir leis na híocaíochtaí uile ina dhiaidh sin, bunaithe ar an gconradh sin, go raibh siad neamhrialta, agus gurbh ionann na híocaíochtaí sin in 2021 agus EUR 34 022; ag aithint fhreagra na Gníomhaireachta go ndearnadh foráil maidir le leigheasanna do chásanna den sórt sin; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí baint de chlú na Gníomhaireachta de bharr cásanna den sóirt sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar an gcinneadh sin gan a thuilleadh moille agus na réitigh a sainaithníodh a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

18.

á aithint go bhfuil bearta idir lámha ag an nGníomhaireacht i láthair na huaire agus go bhfuil iarrachtaí leanúnacha ar bun aici chun trédhearcacht coinbhleachtaí leasa a áirithiú agus iad a chosc agus a bhainistiú; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht straitéis frithchalaoise nua ar an 21 Meitheamh 2021 tar éis di measúnú riosca calaoise a sheoladh sa chéad leath de 2021; á chur in iúl gur geal léi gur dhearbhaigh an measúnú riosca go raibh an riosca calaoise sa Ghníomhaireacht sách íseal;

19.

á aithint go bhfuil gnáthnós imeachta ag an nGníomhaireacht maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú; ag tabhairt dá haire agus is díol spéise di go n-iarrtar freisin ar na comhaltaí foirne uile atá ag imeacht as an nGníomhaireacht foirm a líonadh ag iarraidh cead dul le gairm bheatha as sin go ceann dhá bhliain chun a áirithiú nach mbeidh aon choinbhleacht leasa idir an post a bheidh acu amach anseo agus an fhostaíocht acu sa Ghníomhaireacht; á chur in iúl gur geal léi go bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht ar a suíomh gréasáin dearbhuithe leasa agus CVanna a comhaltaí náisiúnta, ionadaí an Choimisiúin ar an mbord bainistíochta, agus an stiúrthóra riaracháin; á chur in iúl gurb oth léi, mar sin féin, nach ndéantar CVanna na hardbhainistíochta, na saineolaithe seachtracha agus shaineolaithe inmheánacha a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na CVanna sin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin gan a thuilleadh moille;

Rialú inmheánach

20.

á chur in iúl gur geal léi measúnú na Gníomhaireachta ar a córas rialaithe inmheánaigh, a tháinig ar an gconclúid go bhfuil prionsabail uile an rialaithe inmheánaigh i láthair agus ag feidhmiú, agus gan ach mioneasnaimh ann dár foráladh bearta ceartaitheacha;

21.

ag tabhairt dá haire nach ndearnadh ach athbhreithniú teoranta ar chur chun feidhme chreat dlíthiúil nua na Gníomhaireachta; á thabhairt chun suntais gur chuir an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach (IAS) dhá mholadh sa tuarascáil iniúchóireachta Dheireanach a tíolacadh i mí Eanáir 2021, ar bhain moladh amháin díobh le gníomhartha na Gníomhaireachta chun a tionscnamh féin maidir le cúraimí oibríochtúla a chur chun feidhme, agus ar bhain an ceann eile leis an riachtanas clár bainistíochta riosca na Gníomhaireachta a uasdátú; ag tabhairt dá haire, de réir phlean gnímh na Gníomhaireachta a cuireadh isteach i mí Feabhra 2021, go bhfuil na gníomhartha dár foráladh i gcás mholadh a haon idir lámha agus maidir leis na gníomhartha dár foráladh i gcás mholadh a dó gur marcáladh go bhfuil siad curtha i gcrích; á iarraidh ar an nGníomhaireacht moltaí IAS a chur chun feidhme go huile agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh faoin dul chun cinn a rinneadh;

22.

ag tabhairt dá haire nach ndearnadh ach athbhreithniú teoranta ar chur chun feidhme chreat rialaithe inmheánaigh (ICF) nua na Gníomhaireachta; á thabhairt chun suntais gur mhol an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach don Ghníomhaireacht, sa tuarascáil iniúchóireachta Dheireanach a tíolacadh i mí Bealtaine 2021, suirbhé iCAT a dhéanamh chun an measúnú ar rialuithe boga a neartú mar chuid den mheasúnú foriomlán ar an gcreat rialaithe inmheánaigh; ag tabhairt dá haire gur beartaíodh, de réir phlean gnímh na Gníomhaireachta a cuireadh isteach i mí na Bealtaine 2021, an suirbhé iCAT inmheánach a dhéanamh in 2022; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá cuid oibre maidir le cur chun feidhme na moltaí uile agus tuairisciú don údarás buiséadach ina leith;

23.

ag tabhairt dá haire gur tharla an chéad iniúchadh cosanta sonraí a rinne an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) ar ghníomhaíochtaí cosanta sonraí na Gníomhaireachta in 2021, agus gur chinn MECS, ar an iomlán, go raibh comhlíonadh na Gníomhaireachta leis an gcreat cosanta sonraí sásúil, gan aon saincheisteanna criticiúla a bheith ann;

Digiteáil agus an t-aistriú glas

24.

ag tabhairt dá haire gur thionscain an Ghníomhaireacht cur chun feidhme chreat comhlíontachta EMAS (an scéim um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil)/ISO 14001; á chur in iúl gur geal léi, de réir sholáthróirí fuinnimh na Gníomhaireachta, gur ó fhoinsí fuinneamh inathnuaite a thagann 70 % dá foinsí fuinnimh; ag tabhairt dá haire thairis sin gur eagraigh an Ghníomhaireacht tairiscint phoiblí in 2021, mar chuid de Ghréasán chun Glasú an Aontais, le haghaidh an chórais bainistíochta comhshaoil, agus seirbhísí a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a fhritháireamh;

25.

ag tabhairt dá haire gur thionscain an Ghníomhaireacht roinnt tionscadal TFC in 2021 i réimsí amhail uirlisí físchomhdhála, cur chun feidhme leigheasanna, uirlisí earcaíochta leictreonacha; á chur in iúl gur geal léi maidir le huirlisí físchomhdhála gur lainseáil an Ghníomhaireacht tionscadal chun cur le líon na dteangacha ateangaireachta agus feabhas a chur ar an eispéireas úsáideora nuair a nasctar le ceann d’fhíschomhdhálacha na Gníomhaireachta;

26.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun faireachán a dhéanamh ar logaí slándála agus freagairt ar theagmhais chibearshlándála fhéideartha; ag tabhairt dá haire gur shínigh an Ghníomhaireacht Meabhrán Tuisceana le Foireann Práinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE(CERT-EU) in 2021 chun feabhas a chur ar an tacaíocht don chibearshlándáil agus ar an bhfaireachán loga; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil struchtúr cibearshlándála á fhorbairt ag an nGníomhaireacht chun teacht roimh chur chun feidhme an rialacháin atá beartaithe maidir le cibearshlándáil; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá tuairisciú don údarás buiséadach maidir leis an dul chun cinn ina leith;

27.

á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Gníomhaireachta mar Threoirghníomhaireacht i bpróiseas an Choimisiúin chun córas nuachóirithe cuntasóireachta agus bainistíochta airgeadais, SUMMA, a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht príomhthacaíocht úsáideora a chur ar fáil maidir le céimeanna difriúla chur chun feidhme SUMMA, ón anailís ceanglas agus sonrú go tástáil, aistriú sonraí agus rolladh amach agus a chur á tháirgeadh in 2022;

28.

á chur in iúl gur geal léi na gníomhartha a rinne an Ghníomhaireacht in 2021 i dtreo tús a chur leis na príomhthionscnaimh ullmhúcháin chun córas bainistithe cásanna nua Eurojust a chur chun feidhme, ar tionscnaimh iad a bhfuil baint acu leis an togra reachtaíochta maidir le comhfhreagras i gcásanna a bhaineann le sceimhlitheoireacht dhigiteach trasteorann; á thabhairt chun suntais maidir leis an leithdháileadh cúraimí nua trí reachtaíocht atá á beartú nach mór é a dhéanamh ar bhealach comhordaithe maille le hacmhainní leordhóthanacha daonna agus buiséadacha a ngabhfaidh ag an am céanna go mbeidh leibhéal réasúnta solúbthachta ag gabháil leis chun nach mbeidh cásanna ann ina ndéanfar acmhainní a leithdháileadh ar bhealach míthráthúil;

Leanúnachas gnó feadh na géarchéime COVID-19

29.

ag tabhairt dá haire gur lean foireann na Gníomhaireachta um leanúnachas gnó de bheith ag teacht le chéile ar bhonn seachtainiúil chun a áirithiú gur tugadh aghaidh go réamhghníomhach ar aon iarmhairt ar obair na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht bearta ceartaitheacha amhail aistrithe buiséid agus athbhreithniú inbhliana ar spriocanna KPI i gcás réimsí a raibh iarmhairtí orthu i gcónaí de bharr COVID-19;

30.

ag tabhairt dá haire gur cruinnithe ar líne ab ea 83 % de na cruinnithe comhordúcháin in 2021, agus gur trí mhódúlachtaí hibrideacha a tharla 7 % díobh; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht tiomanta d’íoschéatadán cruinnithe comhordúcháin a reáchtáil ar líne i gcónaí nó trí mhodhanna hibrideacha agus roghnuithe ó chian a eagrú;

Barúlacha eile

31.

ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht dá comhlíontacht cosanta sonraí a neartú; á mheabhrú gur cruthaíodh clárlann gníomhaíochtaí próiseála ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 57 de rialachán na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire gur foilsíodh 82 thaifead ar ghníomhaíochtaí próiseála ar a suíomh gréasáin i ndeireadh 2021; á thabhairt chun suntais go bhfuair an toifigeach cosanta sonraí 6 iarraidh ar rochtain ar shonraí pearsanta i gcaitheamh na bliana agus gur láimhseáil sé iad;

32.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí agus faisnéis ábhartha feidhmíochta a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i gcoitinne i dteanga shoiléir agus inrochtana; ag tathant ar an nGníomhaireacht trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as cainéil na meán agus na meán sóisialta;

33.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál trasearnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (2) uaithi ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 91.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/440


CINNEADH (AE) 2023/1933 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ar dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, maille leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0102/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle (4) agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin, agus go háirithe Airteagal 63 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0122/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 138.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/441


CINNEADH (AE) 2023/1934 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0103/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), agus a ghabhann ionad Chinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB (4), ón gComhairle agus lena n-aisghairtear na cinntí sin, agus go háirithe Airteagal 60 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0138/2023),

1.

ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/443


RÚN (AE) 2023/1935 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0138/2023),

A.

de bhrí, i gcomhréir lena ráiteas ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021 EUR 178 310 917, arb ionann é agus méadú 12,41 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go dtagann buiséad na Gníomhaireachta go príomha ó bhuiséad an Aontais;

B.

de bhrí go sonraíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil dearbhú réasúnta faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta foluiteacha dlíthiúil rialta;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

Á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurbh é an toradh a bhí ar iarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021 ráta cur chun feidhme buiséid 98,72 %, arb ionann é agus laghdú 0,72 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gurbh é an ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 83,51 %, ag léiriú laghdú 1,58 % i gcomparáid le 2020;

2.

Á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an bharúil ón gCúirt inar cuireadh i bhfios go láidir go bhfuil dúshláin roimh an nGníomhaireacht maidir le híocaíochtaí déanacha, fós ar siúl; á chur in iúl go n-aontaíonn sí le tuairim na Cúirte go nochtar an Ghníomhaireacht do rioscaí clú leis an laige leanúnach sin; ag cur sonrú in iarrachtaí na Gníomhaireachta moilleanna íocaíochta a laghdú; ag moladh gurbh ionann an ráta íocaíochta déanaí agus 7,8 % in 2021 i gcomparáid le 32,8 % in 2020; á chur in iúl gur geal léi gealltanas na Gníomhaireachta uasmhéid 5 % de mhoilleanna íocaíochta a bhaint amach in 2022, lena n-áirítear trí fhaireachán a dhéanamh ar tháscaire feidhmíochta ar bhonn míosúil agus trí ghníomhaíochtaí maolaithe eile; ag tabhairt faoi deara go bhfuil na leithreasuithe a bhaineann leis an mbuiséad reatha a tugadh anonn ó 2021 go 2022 ag leibhéal measartha ard arb ionann é agus 15,20 % nó EUR 25,7 milliún; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí agus aghaidh a thabhairt ar an ngné seo i lánchomhlíonadh phrionsabal na bliantúlachta;

Feidhmíocht

3.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-úsáideann an Ghníomhaireacht bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar an luach breise arna sholáthar lena gníomhaíochtaí agus le bearta eile chun a bainistiú buiséid a fheabhsú; á thabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht faireachán, in 2021, ar 44 tháscaire feidhmíochta chorparáideacha san iomlán, ar bhain 33 cinn díobh na spriocanna arna leagan amach nó a sháraigh iad;

4.

Ag moladh dul chun cinn na Gníomhaireachta i dtreo na cúig thosaíocht straitéiseacha ilbhliantúla atá leagtha síos i Straitéis Europol 2020+ a bhaint amach; ag cur sonrú go háirithe i mbunú Oifig SIRENE, cur i gcrích na tairsí um anailís sonraí d’anailís oibriúchúil, lena n-ionchorpraítear gnéithe nua chun cosaint sonraí a fheabhsú trí dhearadh, agus tacaíocht rialta na Gníomhaireachta do cheithre mhórthionscadal nuálaíochta Fís 2020; ag cur sonrú freisin i bhformhuiniú in 2021 den Phlean Cur Chun Feidhme le haghaidh Straitéis na Gníomhaireachta um Bainistiú Faisnéise a bhfuil sé mar aidhm leis ocht gcuspóir straitéiseacha a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí agus trí thascanna a ndéanfaidh an tAonad um Bainistiú Faisnéise nuachruthaithe faireachán orthu agus a dtuairisceoidh orthu go rialta;

5.

Ag cur sonrú san fhíoras gurbh ionann líon na n-oibríochtaí in 2021 agus 2 519, i.e. 9 % níos airde ná in 2020; ag cur sonrú fresin sna torthaí den scoth i réimsí éagsúla amhail úsáid EIS (Córas Faisnéise Europol) agus QUEST (Córas Fiosrúcháin Europol) inar taifeadadh níos mó ná 12 mhilliún cuardach in 2021, arb ionann é sin agus méadú 20 % i gcomparáid le 2020; ag cur sonrú sna measúnuithe dearfacha a thug úsáideoirí in 2021 sna suirbhéanna ar shástacht úsáideoirí a rinne an Ghníomhaireacht maidir le roinnt dá gníomhaíochtaí;

6.

Á chur in iúl gur geal léi gur thacaigh Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa (ECTC) in 2021 le 1 010 oibríocht san iomlán i réimse na frithsceimhlitheoireachta, méid atá i bhfad os cionn na sprice bliantúla a socraíodh ag 650; ag cur sonrú, i gcomhthéacs Chomhaontú an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú leis na Stáit Aontaithe, gur iarr an tAontas 104 chuardach in 2021, i gcomparáid le 174 cuardach sa bhliain roimhe sin;

7.

Á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi Chomhpháirtíocht na mBalcán Thiar i gcoinne na Coireachta agus na Sceimhlitheoireachta, go háirithe an chéad cheardlann anailíse ar riachtanais oiliúna oibríochtúla a reáchtáladh i Sairéavó, agus reáchtáladh cúrsa oiliúna réigiúnach ina dhiaidh sin a bhí dírithe ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac i mBúdaipeist, chomh maith le roinnt ceardlann agus seimineár gréasáin;

8.

Á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh trasteorann i réimse na frithsceimhlitheoireachta, eadhon na tionscnaimh sin leis na tíortha sna Balcáin Thiar agus tíortha sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh (MENA) agus sa Tuirc; ag cur sonrú go háirithe sna cruinnithe ECTC a d’eagraigh Ard-Stiúrthóireacht Imirce agus Gnóthaí Baile an Choimisiúin Eorpaigh le comhpháirtithe uile na mBalcán Thiar chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar an tuarascáil maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta chomhpháirtigh maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht do na Balcáin Thiar; ag tabhairt dá haire go raibh ECTC i láthair ag roinnt ceardlanna, comhdhálacha agus cruinnithe arna n-eagrú ag toscaireachtaí na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i réigiún MENA, ag Comhairle na nAirí Gnóthaí Baile Arabacha agus ag Tionscadal MENA Frithsceimhlitheoireachta; ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint den chomhar trasteorann le tríú tíortha i réimse na frithsceimhlitheoireachta;

9.

Á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go bhféachann an Ghníomhaireacht le dlúthchomhar a bhaint amach le comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta chun leasanna slándála shaoránaigh uile an Aontais a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi comhar na Gníomhaireachta leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) in Oibríocht ‘Sentinel’, a bhí in éineacht le OLAF agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, in Oibríocht Sentinel i gcoinne calaois a bhaineann le cistí téarnaimh COVID-19 an Aontais, agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) ar bhealaí éagsúla, amhail trí sheisiúin oiliúna agus comhdhálacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint de naisc láidre a fhorbairt le hinstitiúidí ábhartha eile de chuid an Aontais; ag spreagadh na Gníomhaireachta féachaint ar bhealaí chun acmhainní nó baill foirne, nó an dá rud, a chomhroinnt maidir le cúraimí forluiteacha i measc gníomhaireachtaí eile a bhfuil gníomhaíochtaí comhchosúla acu, go háirithe CEPOL;

10.

Á chur in iúl gur geal léi bunú Líonra Saineolaithe Europol um Chosaint Sonraí, a úsáidtear mar bhealach chun tionscadail, dea-chleachtais agus imeachtaí a bhaineann le cosaint sonraí a chur i láthair i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí;

11.

Ag cur sonrú i gcomhoibriú idir an Ghníomhaireacht agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) in 2021, le méadú ar ghníomhaíochtaí maidir le réamhchomhairliúchán mar a cheanglaítear le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (an ‘Rialachán Europol’); á thabhairt dá haire freisin go ndearnadh meastóireacht iomlán ar na gníomhaíochtaí uile agus gur cuireadh chun feidhme iad go hiomlán (seachas cur chun feidhme teicniúil amháin atá ar feitheamh) atá sa phlean gníomhaíochta a d’ullmhaigh an Ghníomhaireacht mar obair leantach ar chinneadh MECS an 18 Meán Fómhair 2020 maidir le tacair sonraí mhóra chasta a phróiseáil; á thabhairt dá haire freisin go meastar 25 bhall foirne, arb ionann iad agus 3 % de lucht saothair na Gníomhaireachta, a bheith tiomanta d’iarrachtaí maidir le haghaidh a thabhairt ar mhaoirseacht ar chosaint sonraí agus ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le dearbhú; á thabhairt dá haire, mar sin féin, gur iarr MECS i mí Mheán Fómhair 2022 ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) dhá fhoráil den Rialachán leasaithe Europol a neamhniú; ag cur sonrú agus is maith léi i ngníomh a rinne na Ballstáit, na comhpháirtithe um chomhar oibríochtúil, agus an Ghníomhaireacht, i bhfianaise na hiarrata ó MECS go ndéanfadh CBAE dhá fhoráil a neamhniú, toisc nach ndearnadh aon iarraidh i ndáil leis na hAirteagail sin agus go bhfuil catagóir ábhar sonraí sannta idir an dá linn do gach ranníocaíocht a rinneadh roimh theacht i bhfeidhm Rialachán leasaithe Europol;

12.

Á chur in iúl gur cúis imní di go háirithe gearán aonair amháin a cuireadh faoi bhráid MECS i gcoinne na Gníomhaireachta maidir le diúltú rochtain a thabhairt ar shonraí pearsanta; á thabhairt dá haire gur eisigh MECS cinneadh lenar n-ordaíodh don Ghníomhaíocht cloí le hiarratas an ábhair sonraí dhá bhliain i ndiaidh an gearán a thabhairt isteach tar éis na malartuithe idir MECS agus an Ghníomhaíocht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh faoi dhul chun cinn na staide sin agus a cuid oibleagáidí maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh go hiomlán;

13.

Á chur in iúl gur geal leis síniú meabhráin tuisceana leis an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, a chuideodh le comhlíonadh na gceart bunúsach ag an nGníomhaireacht a chinntiú;

Beartas foirne

14.

Ag tabhairt dá haire agus is mór aici gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2021, go raibh 99,80 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 614 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 615 ghníomhaire shealadacha a údaraíodh faoi bhuiséad an Aontais (mar an gcéanna le 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 214 ghníomhaire ar conradh agus 59 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2021, agus 235 agus 71 díobh údaraithe faoi seach; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Ghníomhaireacht idirdhealú idir ceithre chatagóirí de shaineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus trí chatagóir ann nach n-iompraíonn aon chostais nó a iompraíonn costais theoranta do bhuiséad na Gníomhaireachta agus arb ionann iad agus 91 dhuine eile, rud a fhágann gurb ionann líon iomlán na saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus 150;

15.

Ag moladh ráta íseal folúntais na Gníomhaireachta arbh ionann agus 0,2 % in 2021, ráta atá i bhfad faoi bhun na sprice bliantúla d’uasráta folúntais de 2 %, chomh maith leis an laghdú ar an ráta iomlaoide foirne ó 10,9 % in 2020 go 6,9 % i 2021; ag tabhairt dá haire freisin go ndéanann an Ghníomhaireacht faireachán rialta ar na táscairí sin de réir spriocanna bliantúla; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil roinnt beart glactha ag an nGníomhaireacht chun rátaí arda iomlaoide foirne a chosc, amhail an fhéidearthacht chun gairm bheatha a chur chun cinn go hinmheánach, réimeas oibre solúbtha nó deiseanna oiliúna agus forbartha; ag aithint, mar sin féin, i gcás post srianta áirithe i réimse lárnach na hoibre um fhorghníomhú an dlí, gurb é naoi mbliana uasré an chonartha;

16.

Ag tabhairt dá haire gurb é an dáileadh inscne a tuairiscíodh do 2021 i gcás an lucht ardbhainistíochta agus an lucht meánbhainistíochta go raibh 83 % ina bhfir (29 bhfear agus 6 bhean), i gcás an bhoird bainistíochta, go raibh 79 % ina bhfir (44 fhear agus 12 bhean) agus i gcás na foirne iomláine go raibh 65 % ina bhfir (541 fhear agus 288 mbean); á chur in iúl gur cúis imní di laghdú ar chéatadán na mban i bpoist bhainistíochta, arbh ionann é agus 17 % in 2021 i gcomparáid le 21 % in 2020; ag aithint gurb ar na Ballstáit atá an fhreagracht cothromaíocht inscne a áirithiú laistigh de chomhaltaí an bhoird bainistíochta; á athdhearbhú a glao ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit dáileadh inscne níos cothroime a áirithiú ar leibhéal an bhoird bainistíochta, ar leibhéal lucht bainistíochta na Gníomhaireachta agus ar leibhéal na foirne amach anseo; á mheabhrú freisin a thábhachtaí atá sé ionadaíocht chothrom gheografach a áirithiú i measc na bainistíochta agus bhaill foirne na Gníomhaireachta;

17.

Ag cur sonrú i bhfreagra na Gníomhaireachta go raibh fiosrúchán riaracháin amháin ann in 2021 ar líomhaintí maidir le ciapadh i ndáil le cás coinbhleachta a bhain leis an obair; á thabhairt dá haire freisin gur tugadh an fiosrúchán riaracháin chun críche i mí an Mheithimh 2022 agus nach raibh aon chinneadh déanta faoin am a fuair an t-údarás urscaoilte freagra na Gníomhaireachta, an 16 Meán Fómhair 2022; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an gcinneadh agus maidir le bearta leantacha san ábhar sin; ag tabhairt dá haire freisin nár tugadh aon chás ciaptha a bhain le foireann na Gníomhaireachta os comhair cúirte in 2021;

18.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di na 8 gcás traochta a thuairiscigh an Ghníomhaireacht in 2021; á mheabhrú, mar sin féin, gurb ionann é sin agus níos lú ná 1 % d’fhoireann iomlán na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire agus is mór aici go ndearna an Ghníomhaireacht roinnt beart coisctheach, lena n-áirítear comhairle cheirde maidir le sláinte agus stíl mhaireachtála a sholáthar, sceidil pháirtaimseartha ar chúiseanna leighis, seiceálacha um mheabhairshláinte, roghanna fleisc-ama nó cruinnithe tiomnaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhea-bhail na foirne;

19.

Á chur in iúl gur geal léi faomhadh straitéis maidir le Cearta an Duine 2020+ na Gníomhaireachta agus na straitéise um éagsúlacht agus cuimsiú; á chur in iúl, thairis sin, gur geal léi na hiniúchtaí ar éagsúlacht, ar chomhionannas agus ar chuimsiú, agus ar an athbhreithniú ar chreat eitice na Gníomhaireachta a rinne an cumas iniúchóireachta inmheánaí (IAC) in 2021; ag moladh chonclúidí dearfacha na n-iniúchóireachtaí sin;

20.

Ag tabhairt dá haire agus is mór aici go bhfuil sraith bhunúsach de mhodúil, mar aon leis an gcuid is mó de na modúil roghnacha, curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht, tar éis córas bainistíochta acmhainní daonna SYSPER a scaoileadh chuig gach ball foirne ag an nGníomhaireacht; ag aithint go bhfuiltear ag leanúint ar aghaidh le modúil bhreise a chur i bhfeidhm; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint le digitiú a cuid gníomhaíochtaí bainistíochta acmhainní daonna;

An próiseas soláthair phoiblí

21.

Á thabhairt dá haire gur shroich cur chun feidhme phlean soláthair bliantúil na Gníomhaireachta 79 % in 2021, lena n-áirítear 10 nós imeachta soláthair le haghaidh conarthaí os cionn EUR 15 000 ar luach iomlán EUR 58 314 000; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar mór imní di, gur tugadh conradh amháin dar luach EUR 405 000 i gcrích faoi nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na forálacha dlí go léir a bhaineann le tairseacha chun fógraí conartha a fhoilsiú a urramú go hiomlán;

22.

Á chur in iúl gur geal léi gur cuid de bheartas soláthair na Gníomhaireachta agus de straitéis an aonaid airgeadais é digitiú nósanna imeachta soláthair phoiblí; á thabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go n-úsáideann an Ghníomhaireacht uirlisí ríomhsholáthair amhail ríomhthógraí, ríomhaighneacht agus ríomhthairiscint, agus go mbaineann ríomhthairiscint le nósanna imeachta meánluacha amhail ó 2022; á thabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go bhfuil an Ghníomhaireacht i mbun an uirlis bainistíochta um sholáthar phoiblí a ionduchtú, atá beartaithe lena himscaradh ó Eanáir 2023; ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint de dhigitiú a nósanna imeachta soláthair agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh faoin dul chun cinn atá déanta;

23.

Á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Gníomhaireachta i 16 nós imeachta soláthair idirinstitiúideacha arna n-eagrú ag údaráis chonarthacha eile; ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint de bheith rannpháirteach i nósanna imeachta den sórt sin chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun barainneachtaí scála a bhaint amach;

24.

Ag moladh an fhíorais, de réir thuarascáil na Cúirte, go bhfuil gach gníomh leantach maidir le barúlacha na Cúirte ó bhlianta roimhe sin curtha i gcrích i réimse an tsoláthair agus na bainistíochta conarthaí;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

25.

Ag tabhairt dá haire gur ann do bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun an trédhearcacht a thabhairt i gcrích, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a rialú, cosaint a thabhairt do sceithirí, agus ciapadh a chomhrac; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go ndéantar dearbhuithe maidir le leasanna agus CVanna de bhaill boird bainistíochta agus den ardbhainistíocht a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag moladh na Gníomhaireachta go háirithe as a bheith i measc na naoi ngníomhaireacht a thug isteach a rialacha inmheánacha féin chun déileáil leis an easpa forálacha i ndlí an Aontais lena rialaítear gníomhaíochtaí chomhaltaí bhoird ghníomhaireachtaí, agus mar sin a chuaigh thar na híoscheanglais dhlíthiúla agus iad ag láimhseáil cásanna féideartha ‘dorais imrothlaigh’;

26.

Ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú, idir 2019 agus 2021, ar dhá chás de choinbhleacht leasa féideartha i ndáil le duine sinsearach ar an bhfoireann a bheith ag gabháil do phost nua in áit eile; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, cinneadh na Cúirte nár eisigh an Ghníomhaireacht a cinneadh i gceann amháin de na cásanna sin laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne agus gur údaraigh sí dá bhrí sin don duine lena mbaineann dul i mbun an phoist nua gan aon srianta; ag tabhairt dá haire, de réir fhreagra na Gníomhaireachta gur dheimhnigh measúnú ex post nach raibh an Ghníomhaireacht neamhchosanta ar chás de choinbhleacht leasa; á iarraidh, mar sin féin, ar an nGníomhaireacht forálacha uile Rialacháin Foirne a chomhlíonadh agus an creat dlíthiúil is infheidhme maidir le láimhseáil cásanna féideartha ‘dorais imrothlaigh’ agus an riosca gaolmhar de choinbhleachtaí leasa a chur i bhfeidhm ar bhealach cuimsitheach agus éifeachtach;

27.

Ag cur sonrú sna tuarascálacha faoin gcomhoibriú idir an Ghníomhaireacht agus Frontex i réimse oibríochtaí na ngardaí teorann, go háirithe i bhfianaise na dtorthaí maidir le clár Frontex ‘Próiseáil Sonraí Pearsanta le haghaidh Anailís Riosca’. á mheabhrú gur cheart go mbeadh an comhar idir an Ghníomhaireacht agus gníomhaireachtaí CGB eile go hiomlán trédhearcach agus faoi réir creata leordhóthanaigh maoirseachta agus gur cheart cuntasacht a áirithiú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha trédhearcachta an Aontais mar aon le cearta bunúsacha, go háirithe caighdeáin cosanta sonraí agus cuntasacht, lena n-áirítear agus í ag comhoibriú le gníomhaireachtaí agus comhpháirtithe CGB eile; á mheas, le nochtadh cruinnithe agus idirghníomhaíochtaí idir an Ghníomhaireacht agus tríú páirtithe, i gcás inar féidir iad sin a nochtadh gan dochar dá gníomhaíochtaí oibríochtúla, go rannchuidítear le trédhearcacht fheabhsaithe a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi ceapachán tapa oifigeach na Gníomhaireachta um chearta bunúsacha, post a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lenar leasaíodh Rialachán Europol agus a tháinig i bhfeidhm an 28 Meitheamh 2022;

Rialú inmheánach

28.

Á thabhairt dá haire gur chríochnaigh Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí (IAS) an Choimisiúin a hiniúchadh ar bhainistíocht conartha na Gníomhaireachta agus gur eisigh sí ceithre mholadh atá marcáilte mar ‘thábhachtach’; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na bearta is gá a dhéanamh chun na moltaí sin a chur chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na moltaí oscailte go léir atá marcáilte mar ‘tábhachtach’ a d’eisigh IAS ó iniúchtaí roimhe seo ar bhainistíocht acmhainní daonna agus ar eitic agus ar shlándáil TF a chur chun feidhme go hiomlán agus an t-údarás urscaoilte a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin;

29.

Ag tabhairt dá haire gurbh ann do chomhchodanna chreat na Gníomhaireachta um rialú inmheánach agus go raibh siad ag feidhmiú ar bhealach comhtháite ar fud na Gníomhaireachta agus gur laghdaíodh leis an gcóras um rialú inmheánach go héifeachtach, go leibhéal inghlactha, an riosca nach mbainfear amach cuspóirí bliantúla agus ilbhliantúla na Gníomhaireachta maidir le hoibríochtaí, tuairisciú agus comhlíonadh; ag cur sonrú sadul chun cinn maith atá déanta ag an nGníomhaireacht maidir leis an obair leantach ar mholtaí iniúchta IAC, le ráta cur chun feidhme 87 % de na moltaí criticiúla agus fíorthábhachtacha go léir a eisíodh ó 2015 (381 moladh san iomlán) agus a bhfuiltear ag súil go gcuirfear i gcrích iad in 2021;

30.

Á thabhairt dá haire gur chríochnaigh IAC trí fhostaíocht iniúchóireachta in 2021 ar thacaíocht oibriúchúil 24/7 na Gníomhaireachta, ar bhailíochtú cearta rochtana úsáideoirí arna ndeonú in ABAC agus ar fhóiréinsic doiciméid na Gníomhaireachta ar eisíodh 32 moladh, a bhfuil dhá cheann acu marcáilte mar ‘chriticiúil’ agus a bhfuil dhá cheann acu marcáilte mar ‘fhíorthábhachtach’; ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, san iniúchadh IAC ar bhainistíocht sócmhainní na Gníomhaireachta agus eisíodh 39 moladh, a bhfuil 5 cinn acu marcáilte mar ‘chriticiúil’ agus a bhfuil 15 cinn acu mar ‘fhíorthábhachtach’; á iarraidh ar an nGníomhaireacht moltaí IAC a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama aontaithe agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta san ábhar seo;

31.

Ag cur sonrú sna ceithre mholadh ón gCúirt a rinne an Chúirt ina tuarascáil speisialta in 2021 maidir le héifeachtacht na Gníomhaireachta maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun smuigleáil imirceach a chomhrac; á iarraidh ar an nGníomhaireacht moltaí IAC a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama aontaithe agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin;

Digitiú agus an t-aistriú glas

32.

Ag cur sonrú sna forbairtí éagsúla a bhaineann le TFC a rinne an Ghníomhaireacht in 2021 i réimsí an mhalartaithe faisnéise, an chuardaigh, na cros-seiceála agus an bhainistithe sonraí, agus chreidiúnaithe na gcóras faisnéise; ag cur sonrú, thairis sin, i ndul chun cinn na Gníomhaireachta i dtreo idir-inoibritheacht an Aontais agus i dtreo rochtain ar Chórais Mhórscála an Aontais, na bearta a glacadh chun cur le cibearshlándáil na Gníomhaireachta agus tionscnaimh eile amhail straitéis néal hibrideach na Gníomhaireachta a fhormhuiniú, roghnú uirlise le haghaidh aitheantais aghaidhe trí theicneolaíocht na bithmhéadrachta agus feidhmiú céimneach na huirlise ríomhshínithe do dhoiciméid inmheánacha;

33.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur fhulaing an Ghníomhaireacht dhá chibearionsaí maidir le diúltú dáilte seirbhíse ar a suíomh gréasáin poiblí in 2021; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nach raibh de bharr na n-ionsaithe sin ach cur isteach is lú is féidir;

34.

Á mholadh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil agus leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht cláir oiliúna ar an gcibearshlándáil, ar cláir iad a nuashonraítear go rialta, a thairiscint dá foireann uile;

35.

Ag moladh na Gníomhaireachta as na deimhnithe EMAS agus ISO 14001:2015 a bheith faighte aici in 2021; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta a cuid astaíochtaí CO2 a laghdú nó a fhritháireamh, ó leictreachas a cheannach ó fhoinsí atá 100 % in-athnuaite go bearta chun feasacht a ardú i measc na foirne; á thabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht breithnithe comhshaoil i bhfeidhm maidir le conarthaí os cionn EUR 15 000; ag tabhairt dá haire gur mór aici go ndéanann an Ghníomhaireacht faireachán ar a tionchar ar an gcomhshaol trí tháscairí comhshaoil a áirítear i dtuarascáil bhliantúil ar ghíomhaíochtaí na Gníomhaireachta;

Leanúnachas gnó feadh na géarchéime COVID 19

36.

Ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur lean foireann bainistithe géarchéime na Gníomhaireachta in 2021 d’éifeachtaí na paindéime COVID-19 a bhainistiú, trí threoir ar na céimeanna le leanúint agus nuashonruithe rialta don fhoireann a sholáthar; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur ghá roinnt gníomhaíochtaí a éilíonn láithreacht fhisiciúil a chur ar athló nó a chur ar ceal, agus gur fhan an teilea-obair mar ghnáthchleachtas don chuid is mó den fhoireann neamhoibríoch; á chur in iúl gur geal léi faomhadh anailís na Gníomhaireachta maidir le tionchar ar ghnó lena n-áirítear na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19 agus ón teagmhas maidir le briseadh cumhachta ó 2020;

Barúlacha eile

37.

Ag cur sonrú sna méadrachtaí feabhsaithe in 2021 maidir le láithreacht na Gníomhaireachta sna meáin ghréasánbhunaithe ardtionchair agus líon na gcuairteoirí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta, chomh maith lena hiarrachtaí chun a infheictheacht phoiblí a mhéadú trí agallaimh agus preaseisiúintí; ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint dá cuid oibre, taighde agus gníomhaíochtaí;

38.

Á iarraidh ar an nGníomhaireacht díriú ar thorthaí a chuid oibríochtaí a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne, agus teagmháil a dhéanamh leis an bpobal trí na meáin shóisialta agus trí eagraíochtaí meán eile; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, iarrachtaí reatha na Gníomhaireachta a cuid gníomhaíochtaí a chur chun cinn;

39.

Ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 162, 13.4.2022, lch. 16.

(2)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(3)  Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (IO L 169, 27.6.2022, lch. 1).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/449


CINNEADH (AE) 2023/1936 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023[22] – C9-0103/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), agus a ghabhann ionad Chinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB (4), ón gComhairle agus lena n-aisghairtear na cinntí sin, agus go háirithe Airteagal 60 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0138/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021,

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/450


CINNEADH (AE) 2023/1937 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) don bhliain airgeadais 2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0105/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (4), agus go háirithe Airteagal 21 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0141/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 53, 22.2.2007, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/452


RÚN (AE) 2023/1938 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontas Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0141/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gurbh é EUR 24 860 491 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, arb ionann é agus méadú 2,87 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais go heisiach, nach mór, a thagann buiséad na Gníomhaireachta;

B.

de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), i dtuarascáil uaithi ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

Ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 100,00 % ann mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021, arbh ionann é agus an ráta céanna agus a bhí ann in 2020; ag tabhairt dá haire gurbh é 70,95 % an ráta forghníomhaithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arbh ionann é agus méadú 0,1 % i gcomparáid le 2020;

2.

Ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, go ndearna an Ghníomhaireacht EUR 7 milliún (27 %) de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas 2021 a thabhairt ar aghaidh go 2022, a raibh baint ag 96 % díobh le gníomhaíochtaí oibríochtúla; á thabhairt chun suntais tuairim athnuaite na Cúirte go léirítear leis an leibhéal ard tabhairt anonn saincheisteanna struchtúracha i gcur chun feidhme an bhuiséid ag an nGníomhaireacht agus go bhfuil sé ag teacht salach ar phrionsabal buiséadach na bliantúlachta; ag tabhairt dá haire gur saincheist leanúnach í sin; ag aithint fhreagra na Gníomhaireachta go léirítear leis an tabhairt anonn ard cineál phríomhghnó na Gníomhaireachta den chuid is mó, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a mhaireann roinnt míonna nó fiú a théann ar aghaidh níos faide ná deireadh na bliana agus go bhfuil leibhéal olltoradh na Gníomhaireachta os cionn 99 %; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta feabhas a chur ar a pleanáil bhuiséadach trí uirlis faireacháin a bhunú maidir le tabhairt anonn atá beartaithe ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar a leibhéal tabhairt anonn agus feabhas a chur ar a timthriallta cur chun feidhme;

3.

Á chur in iúl gur oth léi nár méadaíodh plean bunaíochta na Gníomhaireachta ó 2017 agus gur léiríodh leis an méadú ar an mbuiséad an t-innéacsú leis an ráta boilscithe den chuid is mó agus nach raibh sé i gcomhréir leis an méadú ar an ualach oibre agus ar na hiarrataí, go háirithe tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/555 ón gComhairle (2), lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (3) (an ‘Rialachán Bunaidh’) chun gníomhaíochtaí nua a thabhairt isteach i réimsí an cheartais agus an chomhair póilíneachta; á thabhairt chun suntais, gan acmhainní leormhaithe airgeadais agus foirne, nach mbeidh an Ghníomhaireacht in ann na cúraimí uile a shanntar di a chur i gcrích ná a sainordú nua a chur chun feidhme ina iomláine, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh difear a dhéanamh do cháilíocht na hoibre a chuireann an Ghníomhaireacht ar fáil;

Feidhmíocht

4.

Ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go n-úsáideann an Ghníomhaireacht córas eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) mar chuid dá tomhas feidhmíochta; ag tabhairt dá haire gur tugadh athbhreithniú ar chreat tomhais feidhmíochta agus ar KPInna na Gníomhaireachta i gcrích in 2021 chun ailíniú níos fearr a dhéanamh le ceanglais agus riachtanais na ndoiciméad clársceidealaithe agus na dtuarascálacha ar ghníomhaíochtaí; ag moladh an ráta ard gnóthachtála i gcomparáid lena KPInna in 2021, agus gur sháraigh an Ghníomhaireacht beagnach gach sprioc a leagadh síos in aghaidh an KPI; ag tabhairt dá haire, go háirithe, feidhmíocht den scoth maidir le líon an aschuir taighde a táirgeadh, an t-ionchur a cuireadh ar fáil agus an t-aschur a bhfuarthas rochtain orthu, agus sásamh na ngeallsealbhóirí i ndáil le himeachtaí na Gníomhaireachta;

5.

Á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh na Gníomhaireachta chun sineirgí a chruthú le gníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile (CGB) eile i roinnt réimsí, lena n-áirítear digitiú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, rannchuidiú gníomhach na Gníomhaireachta le 60 gníomhaíocht ar an iomlán i réimse CGB in 2021; á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Gníomhaireachta páirt a ghlacadh i nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh éagsúla, amhail measúnú ar scileanna bainistíochta; ag tabhairt dá haire, go háirithe, comhar na Gníomhaireachta le Eurojust maidir le liosta de ghníomhaíochtaí nithiúla a chomhaontú i réimsí leasa choitinn (e.g. Barántas Gabhála Eorpach) atá le cur chun feidhme in 2021–2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur shínigh an Ghníomhaireacht comhaontuithe oibre nó meabhráin tuisceana le Europol, CEPOL, Eurojust agus EIGE in 2021; á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht do chearta bunúsacha a chuireann an Ghníomhaireacht ar fáil do thionscadail a bhaineann le IS agus bithmhéadracht, atá faoi stiúir na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus Europol;

6.

Ag tabhairt dá haire gur rannchuidigh an Ghníomhaireacht le tuairim is 60 gníomhaíocht ar an iomlán i réimse CGB, lena n-áirítear 24 ghníomhaíocht i réimse na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe teorainneacha, agus 16 ghníomhaíocht i réimse na slándála inmheánaí agus na coireachta tromchúisí eagraithe; á chur i bhfáth go dtacaíonn an Ghníomhaireacht le tionscadail a bhaineann le IS agus bithmhéadracht, atá faoi stiúir Europol agus Frontex, agus á mheas gur cheart moltaí na Gníomhaireachta a chur san áireamh;

7.

Á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht a thugann an Ghníomhaireacht do Frontex chun lucht faireacháin Frontex ar chearta bunúsacha (FRManna) agus leas-oifigeach um chearta bunúsacha a bhunú agus a earcú; á thabhairt chun suntais gur lean an Ghníomhaireacht dá rannpháirtíocht le Frontex agus gur ghlac stiúrthóir na Gníomhaireachta páirt i gcruinnithe de bhord bainistíochta Frontex; á chur in iúl gur geal léi freisin an ról gníomhach atá ag an nGníomhaireacht in oiliúint FRManna Frontex; á mheabhrú, le linn 2021, gur thug an Ghníomhaireacht tacaíocht, ó thaobh cearta bunúsacha de, do thionscadail a bhaineann le IS agus bithmhéadracht, atá faoi stiúir Europol agus Frontex;

Beartas foirne

8.

Ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2021, go raibh 93 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 67 ngníomhaire shealadacha ceaptha as 72 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post údaraithe le 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 30,1 gníomhaire ar conradh (FTEnna) agus seisear saineolaithe náisiúnta ar iasacht (FTEnna) ag obair don Ghníomhaireacht in 2021;

9.

Ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di an chothromaíocht inscne i measc chomhaltaí bainistíochta sinsearaí na Gníomhaireachta, agus 3 fhear (50 %) agus 3 bhean (50 %), ar leibhéal an bhoird bainistíochta, agus 37 as 64 chomhalta (58 %) ina mná, agus mar chuid d’fhoireann na Gníomhaíochta ar an iomlán, agus 49 as 96 chomhalta (51 %) ina mná;

10.

Ag aithint obair leanúnach na Gníomhaireachta maidir le creat fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt ar bhonn thoradh na dtrí phríomhchleachtadh i ndáil le creat inniúlachta, measúnú ar an ualach oibre agus suirbhé ar fholláine; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur bunaíodh plean nua bainistíochta na Gníomhaireachta maidir le hacmhainní daonna; á iarraidh ar an nGníomhaireacht bailchríoch a chur ar na céimeanna eile (measúnú ar inniúlachtaí agus anailís ar bhearnaí sa lucht saothair) chun córas bainistíochta tallainne atá bunaithe ar inniúlachtaí a thabhairt isteach;

11.

Á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Ghníomhaireacht SYSPER in 2021; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go bhfuil 9 mhodúl curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht agus go bhfuil sí ag obair i dtreo 3 mhodúl eile a chur chun feidhme, agus é beartaithe aici modúil bhreise a ghlacadh ó na pacáistí bunúsacha agus roghnacha;

12.

Ag tabhairt dá haire nár thuairiscigh an Ghníomhaireacht aon chás tnáite in 2021; á chur in iúl gur geal léi na bearta a rinne an Ghníomhaireacht chun tacú le folláine na foirne, amhail seirbhísí tacaíochta síceolaíocha a chur ar fáil don fhoireann nó comhairleoir leighis a bheith ann uair sa tseachtain;

Soláthar

13.

Ag tabhairt dá haire gur sheol an Ghníomhaireacht ocht nós imeachta soláthair in 2021, trí cinn oscailte agus cúig cinn idirbheartaithe, agus gur shínigh sí 546 chonradh, ar conarthaí díreacha iad trí cinn díobh arbh ionann iad agus EUR 2 768 596 san iomlán, ar conarthaí sonracha nó foirmeacha ordaithe in aghaidh creatchonarthaí dar luach iomlán EUR 9 564 632 iad 480 díobh agus ar conarthaí ar luach íseal cothrom le EUR 269 428 iad 63 díobh;

14.

Ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as ríomhfhógraí, ríomhthairiscint agus ríomhaighneacht tairiscintí ina nósanna imeachta soláthair; ag moladh don Ghníomhaireacht leanúint dá nósanna imeachta soláthair a dhigitiú agus á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta uirlis PPMT a chur chun feidhme;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

15.

Á chur in iúl gur geal léi na bearta atá ann cheana ag an nGníomhaireacht agus a hiarrachtaí leanúnacha maidir le trédhearcacht a áirithiú, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus maidir le cosaint do sceithirí; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí a rinne an Ghníomhaireacht in 2021 maidir le treoracha oibre sonracha a fhorbairt lena sonraítear sreabhadh oibre na sceithireachta inmheánaí agus an chumarsáid a rinne sí ina dhiaidh sin faoi na rialacha sin do bhaill foirne; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht athbhreithniú in 2021 ar a treoir phraiticiúil maidir le coinbhleachtaí leasa don fhoireann a bhainistiú agus a chosc; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár tuairiscíodh aon chás coinbhleachtaí leasa agus sceithireachta in 2021; ag moladh na Gníomhaireachta as a rialacha féin a thabhairt isteach chun déileáil leis an easpa forálacha i reachtaíocht an Aontais lena rialaítear gníomhaíochtaí chomhaltaí a boird;

16.

Ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur foilsíodh CVanna agus dearbhuithe leasa beagnach gach comhalta den bhord bainistíochta agus gach comhalta den choiste eolaíoch ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, áfach, nár fhoilsigh an Ghníomhaireacht CVanna chomhaltaí na foirne bainistíochta agus na saineolaithe inmheánacha; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, go bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht tuairisc ghearr bheathaisnéiseach ar chomhaltaí na foirne bainistíochta agus ar shaineolaithe inmheánacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht CVanna agus na dearbhuithe leasanna atá fós gan foilsiú a fhoilsiú agus á chur in iúl gur geal léi na bearta atá déanta cheana chun na rioscaí a mhaolú;

Rialú inmheánach

17.

Ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht cleachtadh rialaithe ex post in 2021 ar shampla d’idirbhearta a rinneadh le linn na chéad mhíonna den phaindéim in 2020; ag cur sonrú i gconclúid na Gníomhaireachta gur léirigh an ghníomhaíocht dhá mhionbhotún a d’fhéadfadh a bheith ann agus gur tugadh roinnt ráitis fhoirmiúla dá bharr ach nár sainaithníodh aon saincheist chriticiúil; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Ghníomhaireacht leagan nuashonraithe dá straitéis frithchalaoise in 2021 bunaithe ar mheasúnú riosca sonrach, ina n-áirítear oiliúint chun calaois a chosc, feasacht na foirne a ardú trí sheisiúin faisnéise agus measúnuithe riosca calaoise;

18.

Ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú in 2021 ar leibhéal chur chun feidhme a creata rialaithe inmheánaigh nua; ag cur sonrú i gconclúid na Gníomhaireachta gur ann do chomhpháirteanna uile an chórais, go bhfuil siad ag feidhmiú agus go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe ar phrionsabail 3, 4, 5 agus 14; ag tabhairt dá haire, maidir le prionsabail 3 agus 5, gur cuireadh nuashonrú na dtuairiscí ar phoist don fhoireann uile i gcrích go rathúil in 2022, lena n-ailíniú le teimpléad SYSPER an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire, maidir le prionsabal 4, go bhfuil an creat inniúlachta á chur chun feidhme agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena gníomhaíochtaí chun bailchríoch a chur ar sheachfhoinsiú beartais chomhtháite cumarsáide inmheánaí (prionsabal 14);

19.

Ag tabhairt dá haire, maidir le próiseas na Gníomhaireachta i leith eisceachtaí a chlárú agus a údarú, gur cláraíodh ceithre eisceacht in 2021 ar luach foriomlán idirbheart de bhreis agus EUR 5 000 nach raibh tionchar airgeadais ag aon cheann acu, de réir mheasúnú na Gníomhaireachta;

Digitiú agus an t-aistriú glas

20.

Ag aithint na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun áit oibre atá costéifeachtach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú; ag cur sonrú i dtiomantas na Gníomhaireachta measúnú a dhéanamh ar conas a lorg comhshaoil a laghdú agus staid an áitribh atá ann faoi láthair á cur san áireamh ag an am céanna;

21.

Ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht néalseirbhísí isteach (nasctha le teileafónaíocht, físchomhdháil, ríomhchomhdháil, comhoibriú ar líne agus bainistiú doiciméad) idir 2020 agus 2021, agus ar an gcaoi sin go ndearnadh na sreafaí oibre inmheánacha airgeadais agus sreafaí oibre eile a dhigitiú; ag moladh ghlacadh an Chórais Próiseála Misin (MiPS) a chuireann le hiarrachtaí digitithe na Gníomhaireachta agus le barrfheabhsú acmhainní daonna agus airgeadais, lena n-áirítear trí ionadú a dhéanamh ar shreafaí oibre páipéarbhunaithe agus cumais tuairiscithe níos fearr a chur ar fáil dá foireann agus dá feidhm acmhainní daonna ag an am céanna; ag moladh, thairis sin, ghníomhaíochtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun an chibearshlándáil a áirithiú, chomh maith leis na bearta nua a cuireadh chun feidhme in 2021, amhail fíorú dhá fhachtóir a úsáid, faireachán ar naisc gheoshuímh, agus na nuashonruithe táirgí is déanaí a shuiteáil; ag moladh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus le CERT-EU (An Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

22.

Ag tabhairt dá haire go raibh an plean leanúnachais gnó fós gníomhach in 2021, agus gur reáchtáil an Ghníomhaireacht a cruinnithe agus a himeachtaí go léir go fíorúil; á chur i bhfios go láidir, mar thoradh air sin, nár reáchtáladh ach 13 ghníomhaíocht oiliúna pleanáilte as 29 ngníomhaíocht oiliúna pleanáilte ar an iomlán, trí úsáid a bhaint as réitigh ar líne, arb ionann é agus ráta íseal cur chun feidhme 45 %; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur glacadh sraith cinntí ón mBord Bainistíochta i bhfoirm nósanna imeachta i scríbhinn chun an próiseas cinnteoireachta a éascú in éagmais cruinnithe ar an láthair; ag tabhairt faoi deara, maidir le hearcaíocht, gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as teicneolaíochtaí físchomhdhála le haghaidh agallaimh le hiarrthóirí;

23.

Ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú riosca sonrach le linn 2021 ar thionscadail uile 2021, agus na rioscaí a bhaineann le paindéim COVID-19 á gcur san áireamh; ag moladh na Gníomhaireachta, sa chomhthéacs sin, as gníomhaíochtaí maolaithe a shainaithint, ar chuir a gcur chun feidhme cosc ar thionchair mhóra ar thabhairt chun críche na ngníomhaíochtaí tionscadail a bhí beartaithe; á chur i bhfios go láidir gur i bhformáid hibrideach a eagraíodh Fóram 2021 um Chearta Bunúsacha, arb é sin an t-imeacht suaitheanta maidir le staid na gceart bunúsach laistigh den Aontas; ag moladh don Ghníomhaireacht na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a chur i bhfeidhm chun cruinnithe, imeachtaí agus agallaimh a eagrú ar bhealach níos fearr ionas go bhféadfadh sé go mbeadh sé níos éifeachtúla iad a reáchtáil go cianda amach anseo ná iad a reáchtáil ar an láthair;

Tuairimí eile

24.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil obair leanúnach á déanamh ag an nGníomhaireacht chun a hinfheictheacht phoiblí agus a láithreacht ar líne a mhéadú, le roinnt tionscnamh amhail an tsraith uirlisí ríomhmheán maidir leis an imirce, an uirlis ríomhfhoghlama maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an podchraoladh um chearta bunúsacha; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go raibh 798 n-eagraíocht rannpháirteacha ó na Ballstáit uile agus ó na tíortha is iarrthóirí uile rannpháirteach in Ardán na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha in 2021, agus gur tugadh le chéile níos mó ná 3 000 duine ó gach cearn den domhan; á thabhairt chun suntais gur lean an Ghníomhaireacht de bheith ar an ngníomhaireacht de chuid an Aontais a bhfuil an líon is airde orduithe foilsithe aici; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú 35 % ar thagairtí don Ghníomhaireacht sna meáin;

25.

Ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 60.

(2)  Rialachán (AE) 2022/555 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 108, 7.4.2022, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/456


CINNEADH (AE) 2023/1939 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRSA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0105/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (4), agus go háirithe Airteagal 21 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0141/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 53, 22.2.2007, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/457


CINNEADH (AE) 2023/1940 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Ghníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart bunúsach arna soláthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0106/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (4), agus go háirithe Airteagal 116 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0142/2023),

1.

Ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

Ag leagan amach a cuid barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/458


RÚN (AE) 2023/1941 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0142/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 535 245 042 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, agus gurbh ionann é sin agus méadú 46,87 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur as buiséad an Aontais den chuid is mó a thagann buiséad na Gníomhaireachta;

B.

de bhrí gur cheart do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais a bheith trédhearcach agus cuntasach go hiomlán do shaoránaigh an Aontais maidir leis na cistí a chuirtear ar a n-iontaoibh;

C.

de bhrí go sonraíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil cinnteacht réasúnta faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta foluiteacha dlíthiúil rialta;

D.

de bhrí go bhfuil sainordú nua á chur chun feidhme ag an nGníomhaireacht ó mhí na Nollag 2019 maidir le méadú atá suntasach ó thaobh misean agus foirne de, lena n-éilítear buiséad leordhóthanach;

E.

de bhrí gur tháinig méadú suntasach in 2021 ar bhuiséad na Gníomhaireachta agus ar chur chun feidhme an phlean bunaíochta mar thoradh ar an sainordú méadaithe faoi Rialachán (AE) 2019/1896 (2);

F.

de bhrí gur chinn an Chúirt i dTuarascáil Speisialta Uimh. 8/2021 uaithi maidir le tacaíocht na Gníomhaireachta do bhainistiú na dteorainneacha seachtracha go raibh roinnt easnamh ann a bhain le príomhghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, eadhon faireachán ar dhálaí, anailís riosca, measúnú leochaileachta, oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh agus oiliúint na Gníomhaireachta agus an easpa measúnuithe riachtanas agus tionchair roimh an méadú as cuimse a tháinig ar speansais na Gníomhaireachta;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

á chur in iúl gur geal léi conclúid na Cúirte go bhfuil an t-ioncam agus na híocaíochtaí is bun le cuntais na Gníomhaireachta don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021 dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha;

2.

ag tabhairt faoi deara go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 94,70 % ann de thoradh na n-iarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021, arb ionann é agus laghdú 4,27 % i gcomparáid le 2020, á iarraidh ar an nGníomhaireacht aird níos mó a thabhairt chun leibhéil níos ísle gealltanas a sheachaint agus chun ráta níos gaire don sprioc 100 % a bhaint amach;

3.

á chur in iúl gurb oth léi, in ainneoin gur chuir aonad airgeadais na Gníomhaireachta sásraí áirithe i bhfeidhm chun feabhas a chur ar fhorghníomhú an bhuiséid, nach raibh i ráta forghníomhúcháin na leithreasuithe íocaíochta ach 50,42 % in 2021, arb ionann é agus laghdú 4,90 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gurb é an míniú atá ag an nGníomhaireacht ar an laghdú sin, trína ndéantar íocaíochtaí le haghaidh oibríochtaí allamuigh den chuid is mó sa bhliain N+ 1, agus go raibh laghdú dosheachanta ar ráta forghníomhaithe na leithreasuithe íocaíochta in 2021 mar thoradh ar an méadú suntasach ar raon feidhme na n-oibríochtaí allamuigh;

4.

ag tabhairt dá haire gur ann don dara leasú ar bhuiséad na Gníomhaireachta in 2021 i dtaca le EUR 14,5 milliún a tugadh ar ais do bhuiséad an Aontais; á mheas nach leor an réasúnú atá ag an nGníomhaireacht i dtaobh gur ghlac sé an leasú sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht, ina tuairisciú amach anseo, réasúnuithe níos mionléirithe a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh maidir leis an bhfáth a nglactar leasuithe buiséadacha, agus airgead á thabhairt ar ais don Aontas;

5.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurbh é EUR 159 400 000 an leibhéal tabhairt anonn (cistí C8) ó 2020 go 2021, agus gur EUR 237 000 000 a bhí ann ó 2021 go 2022; á mheas go bhfuil an leibhéal thar a bheith ard; á chur in iúl gur oth léi nach raibh i ráta íocaíochtaí chistí C8 in 2021 ach 87 %, atá níos ísle ná sna blianta roimhe sin (2019 agus 2020); ag tabhairt dá haire, áfach, gurb é barúil na Gníomhaireachta go ndearna an phaindéim difear don táscaire sin; ag tabhairt faoi deara gurb ionann deontais agus thart ar 60 % de bhuiséad oibríochtúil iomlán na Gníomhaireachta agus, dar leis an nGníomhaireacht, go mbaineann a bhformhór le gníomhaíochtaí a mbíonn tréimhse fhadaithe ag gabháil leo de ghnáth; ag tabhairt dá haire thairis sin gurb é barúil na Gníomhaireachta go bhfuil údar le leithreasuithe suntasacha arna dtabhairt anonn ós rud é go bhfuil an chuid is mó acu nasctha le saolré gníomhaíochtaí a bhfuil dáta deiridh acu i mí na Nollag, rud a fhágann go bhfuil an tabhairt anonn dosheachanta; á chur in iúl go dtuigeann sí gurb é barúil na Gníomhaireachta go maolaítear an riosca go gcuirfí leithreasuithe arna dtabhairt anonn ar ceal toisc nach mór gealltanas dlíthiúil a bheith i bhfeidhm acu go léir lena dtugtar leibhéal cinnteachta go n-íocfar na méideanna; á mheabhrú, mar sin féin, gurb é seasamh na Cúirte gur féidir leibhéil iomarcacha leithreasuithe arna dtabhairt anonn a chosc, i gcásanna áirithe, trí fheabhas a chur ar an bpleanáil bhuiséadach agus ar na timthriallta cur chun feidhme a ghabhann leis sin, agus í ar aon intinn leis an gCúirt maidir leis an seasamh sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí sa treo sin, lena n-áirítear trí iarracht a dhéanamh meastacháin chostais agus réamhaisnéisí buiséid níos beaichte a dhéanamh agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn a bhaintear amach;

6.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bharúil ón gCúirt a tugadh chun suntais mar ‘Béim ar ábhar’ maidir le gealltanas buiséadach arna dhátú i mí na Nollag 2020 a thabhairt anonn go 2021, gan tacaíocht ó ghealltanas dlíthiúil roimh dheireadh 2020; ag tabhairt dá haire gur EUR 18 375 458 an luach a bhí ar na híocaíochtaí a bhaineann leis an tsaincheist sin in 2021; ag tabhairt dá haire thairis sin gur thug an Ghníomhaireacht aghaidh ar an neamhchomhlíontacht sin trí bhíthin gealltanais dhlíthiúla ina dhiaidh sin le linn 2021;

7.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann don dara barúil ón gCúirt a tugadh chun suntais mar ‘Béim ar ábhar’ nach bhfuil ríomh ceart á dhéanamh ar na ranníocaíochtaí ó thíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad agus atá i limistéar Schengen (SAC) agus an ranníocaíocht chomhardúcháin ón Aontas; ag tabhairt dá haire go ndearnadh ró-iontráil EUR 2,6 milliún ar an dara ceann agus go ndearnadh ganniontráil den mhéid céanna ar an gcéad cheann; ag tabhairt dá haire ina theannta sin nach raibh aon tionchar aige sin ar ioncam oibríochtúil an ráitis um fheidhmíocht airgeadais don bhliain 2021; ag áitiú, áfach, gur léiriú é sin ar an ngá atá le treoraíocht bhreise ón gCoimisiún do chomhlachtaí an Aontais maidir leis an gcaoi le ranníocaíochtaí ó thíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad a ríomh i gceart; á iarraidh ar an gCoimisiún treoraíocht bhreise a eisiúint gan a thuilleadh moille;

8.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann don tríú barúil ‘Béim ar ábhar’ ón gCúirt, maidir leis an dearbhú ó oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta i ndáil leis an easpa faisnéise is gá chun córas nua a bhailíochtú arna leagan síos ag an oifigeach údarúcháin agus a úsáidtear chun faisnéis chuntasaíochta a sholáthar, lena léirítear sócmhainní agus dliteanais na Gníomhaireachta agus an cur chun feidhme buiséadach; ag tabhairt dá haire go bhfuil an córas céanna in úsáid ag an gCoimisiún agus gur bhailíochtaigh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin é; ag tathant ar an nGníomhaireacht soiléirithe a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an tsaincheist sin;

9.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá Gníomhaireacht láidir, éifeachtach agus dea-fheidhmiúil atá in ann cabhrú leis na Ballstáit teorainneacha seachtracha coiteanna an Aontais a bhainistiú agus bainistiú comhtháite teorainneacha a áirithiú d’fhonn na teorainneacha sin a bhainistiú go héifeachtúil agus i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha, agus éifeachtúlacht bheartas um fhilleadh an Aontais a mhéadú; ag tabhairt dá haire go bhfuil freagrachtaí comhroinnte ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit maidir le hoibleagáidí i ndáil le cearta bunúsacha a chomhlíonadh; á chur i bhfáth go bhfuil bainistiú éifeachtach agus cóir na dteorainneacha seachtracha ríthábhachtach chun Schengen mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chosaint; á chur i bhfáth go bhfuil dlúthchomhar agus comhaontuithe le tríú tíortha i ngnéithe amhail comhaontuithe um athligean isteach, cúnamh teicniúil, oiliúint, agus gníomhaíochtaí um fhilleadh, mar aon le cúnamh forbartha tábhachtach chun bainistiú éifeachtúil teorainneacha AE a ráthú (3); á iarraidh ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit struchtúir comhair, comhroinnte faisnéise agus malartú dea-chleachtas a fhorbairt níos mó;

10.

ag tabhairt dá haire gur ann do bhearta na Gníomhaireachta chun maolú a dhéanamh ar an riosca ard go gcaillfí buiséad a d’fhéadfadh a bheith gan chaitheamh, agus táblaí faireacháin á seoladh ag na Ballstáit ar bhonn míosúil, agus na fíorchostais a tabhaíodh cothrom le dáta á léiriú; á iarraidh ar an tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach (IAS) meastóireacht a dhéanamh ar shásra na Gníomhaireachta chun faireachán a dhéanamh ar chostais agus ar riachtanais réamhaisnéise faoi fhorálacha deontais, chomh maith leis an éifeacht, ar bhainistiú airgeadais a chuid oibríochtaí um fhilleadh, ar uasghrádú chóras an Fheidhmchláir maidir le Filleadh (FAR) agus chóras an Fheidhmchláir Bainistíochta Comhtháite maidir le Filleadh (IRMA) de chuid Frontex;

Feidhmíocht

11.

ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht struchtúr eagraíochtúil nua chun feidhme in 2021, ar iarracht mhór í chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar a sainordú sínte; ag admháil an tionchair agus na n-athruithe a bhí i gceist le hathstruchtúrú na Gníomhaireachta; ag moladh, sa chomhthéacs sin, straitéis na Gníomhaireachta maidir le gnóthachain éifeachtúlachta trí dhigitiú, uathoibriú nó simpliú na rialacha agus na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm i réimsí áirithe;

12.

ag tabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta in 2021 chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht a gníomhaíochtaí, arna nglacadh ag bord bainistíochta na Gníomhaireachta agus a eascraíonn as doiciméad clársceidealúcháin aonair 2021-2023; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go bhfuil feabhas tagtha ar leibhéal na cáilíochta a bhraitear maidir le táirgí agus seirbhísí seachadta na Gníomhaireachta, ós rud é gur shroich sí, in 2021, 94,34 % de mheasúnuithe ón meán, ard go dtí an-ard; á chur in iúl gur oth léi gurb amhlaidh, i gcás roinnt táscairí feidhmíochta, nár bhain an Ghníomhaireacht amach na spriocanna a bhí leagtha síos, mar shampla maidir le híocaíochtaí déanacha nó maidir le trealamh teicniúil a bheith ar fáil le haghaidh imscarthaí;

13.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht na chéad oifigigh de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh go rathúil chuig na Ballstáit óstacha agus chuig ceithre aerfort de chuid an Aontais; ag admháil go bhfuil príomhghníomhaíochtaí an dara ceann díobh sin dírithe ar thacú leis an gcomhar i réimse shainaithint agus eisiúint doiciméad taistil, comhairleoireacht maidir le filleadh agus eitiltí a chur in áirithint in FAR; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an Ghníomhaireacht 19 n-oibríocht chomhpháirteacha (JO) chun feidhme in 2021 le 9 mBallstát óstacha, 23 Bhallstát rannpháirteacha, 32 údarás agus 4 thríú tír a raibh baint acu leis na hoibríochtaí sin; ag tabhairt dá haire mear-idirghabháil teorann na Gníomhaireachta (RBI) chun freagairt do bhrú imirce ag an teorainn sheachtrach talún idir an Liotuáin agus an Bhealarúis agus chun sreafaí inimirce neamhrialta i dtreo na Liotuáine agus an Aontais a rialú, ach ag cur béim ag an am céanna ar na hábhair imní maidir le cearta bunúsacha, lena n-áirítear mar a shainaithin an t-oifigeach um chearta bunúsacha (FRO) iad, atá tar éis teacht leis na hoibríochtaí sin; ag tabhairt dá haire for-rochtain oibríochtúil na Gníomhaireachta i ndáil le RBI na Liotuáine, JO Opal Coast ag Muir nIocht agus seoladh JO nua i dtríú tír, eadhon an tSeirbia; ag tabhairt dá haire gur seoladh an chéim phíolótach chun oifigigh idirchaidrimh ó na Ballstáit a imscaradh den chéad uair; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis an measúnú ar thorthaí na céime píolótaí sin ach a dtabharfar chun críche í;

14.

ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh 3 546 teagmhas mar thoradh ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla a rinneadh ar theorainneacha talún in 2021, lenar bhain 16 304 imirceach neamhrialta a gabhadh, 6 461 imirceach neamhrialta agus 368 smuigléir a gabhadh; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, iarrachtaí na Gníomhaireachta as ar eascair gur fhill 18 301 náisiúnach neamh-AE d’aer, a raibh 10 193 dhuine díobh sin ar 337 n-oibríocht ar eitiltí cairtfhostaithe chuig 33 thír fillte agus 8 108 nduine ar eitiltí sceidealaithe chuig 107 dtír a rabhthas ag filleadh orthu; á admháil gurbh ionann an filleadh ar bhonn deonach in 2021 agus 57 % de na fillteacha uile a rinneadh le heitiltí sceidealaithe agus go ndearna an Ghníomhaireacht 22 aerárthach a chairtfhostú le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh; ag moladh ullmhú agus eagrú rathúil na chéad oibríochta um fhilleadh faoi cheannas Gníomhaireachta, trína nglacann an Ghníomhaireacht ról an Bhallstáit eagrúcháin chuici féin;

15.

ag tabhairt dá haire, i mí Aibreáin 2021, gur síníodh nós imeachta oibríochta caighdeánach leasaithe (SOP) maidir le sásra na Tuarascála ar Thromtheagmhais (SIR) agus gurbh fhéidir dá chionn sin ról agus inniúlachtaí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha (FRO) a shainiú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil moill curtha ar an athbhreithniú breise is gá ar SOP maidir le sásra SIR, á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sásra SIR á thabhairt chun críche faoi láthair i gcomhar leis an Oifigeach um Chearta Bunúsacha agus i gcomhairle le Fóram Comhairliúcháin na Gníomhaireachta maidir le Cearta Bunúsacha; á mheabhrú go raibh sé sin ar cheann de sheacht gcoinníoll a díríodh ar an nGníomhaireacht maidir le hurscaoileadh a dheonú sna blianta roimhe sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir le bailchríoch a chur ar an athbhreithniú breise ar SOP maidir le sásra SIR;

16.

á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí i ngach plean oibríochta sásra trédhearcach tuairiscithe lena n-áiritheofaí go dtuairiscítear gach teagmhas sa réimse oibríochtúil agus go ndéanfar beart leantach cuí ina leith; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh feidhm ag an sásra tuairiscithe seo beag beann ar an mbealach a bhfuil na sócmhainní sin á maoiniú, chun a áirithiú go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht, agus an tOifigeach um Chearta Bunúsacha go háirithe, faireachán a dhéanamh ar an réimse oibríochtúil iomlán agus imscrúdú a dhéanamh ar na SIRanna go léir nó ar chomharthaí eile de neamhchomhlíonadh;

17.

á chur in iúl gur geal leis cinneadh na Gníomhaireachta an 25 Eanáir 2022 ina sonraítear gnáth-nósanna imeachta oibríochta chun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/1896, atá dréachtaithe i gcomhréir le barúlacha agus tuairimí na mBallstát agus na dTíortha Comhlachaithe Schengen, an tOifigeach um Chearta Bunúsacha (FRO), agus Fóram Comhchomhairleach Frontex um Chearta Bunúsacha, a chur chun feidhme;

18.

á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme chórais TF maidir le Cásanna um Fhilleadh atá bunaithe ar shamhail Chóras Bainistithe Cásanna um Fhilleadh (RECAMAS) san Iodáil, sa Bheilg agus san Fhionlainn, ag athlua an mholta a chuir bord bainistíochta na Gníomhaireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta teagmháil a dhéanamh freisin le Ballstáit eile agus réamhriachtanais riachtanacha a chomhlíonadh chun an sampla sin a leanúint;

19.

ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na SIRanna ó 10 SIR in 2020 go 62 SIR in 2021, ar cumhdaíodh 53 díobh leis an SOP nua-leasaithe; á chur in iúl gur oth léi gur ón Liotuáin agus ón nGréig a bhí an líon ab airde a tuairiscíodh; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh nós imeachta nua i bhfeidhm ina ndéantar, ar bhonn míosúil, gach teagmhas a bhaineann le húsáid fornirt in iúl don Oifigeach um Chearta Bunúsacha a gheall go n-eiseodh sé measúnú bliantúil ar an nós imeachta sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht torthaí an mheasúnaithe sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; ag moladh an fhíorais gur chuir Monatóirí ar Chearta Bunúsacha (FROManna) tús lena gcomhtháthú sa chreat oibríochtúil agus gur chuir siad os cionn 200 lá imscartha i gcrích agus iad ag tabhairt cuairt ar 10 dtír agus ag glacadh páirt i 15 mhisean um fhilleadh;

20.

ag tabhairt dá haire, in 2021, faoi shásra gearán na Gníomhaireachta, go bhfuair agus gur athbhreithnigh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha 27 ngearán a mheas go raibh 6 cinn acu inghlactha; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na sáruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha i ndáil leis na gearáin inghlactha;

21.

á mheabhrú gur chinn CBAE, ina breithiúnas an 30 Meitheamh 2022, go bhfuil reachtaíocht na Liotuáine lena gceadaítear cosaint idirnáisiúnta a dhiúltú agus iarratasóirí a chur faoi choinneáil go huathoibríoch ar an aon chúis amháin gur thrasnaigh siad an teorainn go neamhrialta, ar neamhréir le dlí an Aontais; á thabhairt dá haire nach raibh an Ghníomhaireacht rannpháirteach ná ag tacú leis an Liotuáin maidir le faireachas teorann amhail ó mhí Iúil 2022; á thabhairt dá haire, áfach, gur lean an Ghníomhaireacht dá hoibríocht sa Liotuáin, le gníomhairí ag obair ar sheiceálacha teorann, fiú tar éis bhreithiúnas CBAE; á mheabhrú, thairis sin, gur ann do na hábhair imní, lena n-áirítear ó Chomhairle na hEorpa, faoin staid dhaonnúil agus faoin sárú líomhnaithe ar chearta daonnúla ag an teorainn idir an Laitvia agus an Bhealarúis, arbh é ionstraimiú na himirce ag réimeas na Bealarúise ba chúis leis; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a fhíorú nach bhfuil baint aici le gníomhaíochtaí a bhaineann le reachtaíocht na Liotuáine ar dhearbhaigh CBAE í a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais, agus staonadh ó bheith rannpháirteach in aon oibríochtaí nach bhfuil ag luí le dlí an Aontais;

22.

ag tabhairt dá haire na caingne dlí i gcoinne na Gníomhaireachta arna dtionscnamh ag CBAE, thar ceann íospartach a lorg cosaint sa Ghréig; á thabhairt dá haire gur iarradh ar CBAE a chinneadh ar theip ar an nGníomhaireacht gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2019/1896 trí staonadh ón gcinneadh maoiniú a gníomhaíochtaí uile nó cuid dá gníomhaíochtaí i réigiún na Mara Aeigéiche a tharraingt siar, iad a chur ar fionraí nó iad a fhoirceannadh go hiomlán nó go páirteach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht gach doiciméadacht ábhartha maidir leis seo a sholáthar don bParlaimint, lena n-áirítear tuairim an Oifigigh um Chearta Bunúsacha an 1 Meán Fómhair 2022, SIRanna ó 2021 agus 2022 chomh maith le faisnéis faoin imscrúdú ar chás idirghabhálaí cultúrtha na Gníomhaireachta a díbríodh go héigeantach chuig an Tuirc le 130 náisiúnach tríú tír ar a laghad, mar a tuairiscíodh don bhord bainistíochtai i mí na Samhna 2021; ag tabhairt dá haire tar éis tuairimí agus moltaí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha maidir lena mheasúnú ar an staid sa Ghréig, go ndeachaigh an t-iar-Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach agus an tOifigeach um Chearta Bunúsacha i ngleic leis na húdaráis Heilléanacha i ngníomhaíochtaí oibríochtúla a rinneadh sa Ghréig; á thabhairt dá haire gur dhréachtaigh na húdaráis Heilléanacha, de bharr na bpléití sin, plean cur chun feidhme chun na cosaintí a chur chun feidhme, rud a d’aithin FRO agus an bord bainistíochta mar ghnóthachtáil mhaith; á thabhairt chun suntais go n-aithníonn FRO na hiarrachtaí nós imeachta, agus ag tabhairt dá haire gur mhol FRO don Ghníomhaireacht tarraingt siar ón nGréig i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/1896;

23.

ag tabhairt dá haire gur ann do chomhar na Gníomhaireachta leis na Gníomhaireachtaí Eorpacha um Rialú ar Iascach (EFCA) agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) chun acmhainní a chomhordú agus a chomhroinnt i réimsí amhail comhroinnt faisnéise, seirbhísí faireachais agus cumarsáide, fothú acmhainneachta, anailís riosca agus, go háirithe, comhroinnt acmhainneachta; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil an comhar sin á rialú ag Socrú Oibre Tríthaobhach arna shíniú ag na trí ghníomhaireacht agus arna nuashonrú in 2021 go ceann tréimhse éiginnte; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme na n-oibríochtaí sin trí oibríochtaí, mar shampla, a fhreagraíonn do chúrsaí a bhaineann leis an ngarda cósta i limistéar muirí ar leith agus trí sheirbhísí aerárthaí faireachais arna soláthar ag an nGníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht deiseanna a fhiosrú tuilleadh chun acmhainní a chomhordú agus a chomhroinnt le gníomhaireachtaí eile, go háirithe leis na Gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile (CGB), in ainneoin na ndifríochtaí a d’fhéadfadh a bheith eatarthu i dtaobh gníomhaíochtaí oibríochtúla;

24.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an spriocdháta maidir le cur chun feidhme Mholadh 1 de Thuarascáil Speisialta 8/2021 ón gCúirt (spriocdháta ag deireadh 2021) maidir le feabhas a chur ar an gcreat malartaithe faisnéise agus ar an léargas ar dhálaí Eorpacha á chur siar ag an nGníomhaireacht, faoi níos mó ná bliain ó lár 2022 go Ráithe 3 agus Ráithe 4 de 2023; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin ar bhonn tosaíochta;

Beartas foirne

25.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2021, a bhí an plean bunaíochta curtha i ngníomh ar bhonn 82 %, agus a bhí 861 ghníomhaire sealadach ceaptha as 1 050 gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 506 ghníomhaire ar conradh agus 187 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht (agus 730 gníomhaire ar conradh agus 220 saineolaí náisiúnta ar iasacht údaraithe don Ghníomhaireacht in 2021); á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú thart ar 15 % ar ráta áitíochta na Gníomhaireachta i gcomparáid leis an mbliain 2020, le hearcú 432 dhuine nua, ach glanmhéadú 320 post áitithe ann, ó 1234 in 2020 go 1554 in 2021; ag tabhairt dá haire gurb ionann agus 79 % an ráta áitíochta reatha sa Ghníomhaireacht, an ráta áitíochta is airde ó tháinig Rialachán (AE) 2019/1896 i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ionduchtaíodh 44 chomhalta den Chóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) le haghaidh Rannán Láraonad ETIAS; á chur in iúl gur oth léi gur tháinig dúbailt, beagnach, in 2021 ar iomlaoid sheachtrach fhoireann na Gníomhaireachta, ó 2,8 % in 2020 go 4,4 % 2021; ag admháil go ndearna an Ghníomhaireacht iarrachtaí leanúnacha agus gur chuir sí feabhsuithe criticiúla i gcrích i réimse na hearcaíochta, in ainneoin moilleanna; ag admháil go bhfuil earcaíocht thráthúil agus cothromaíocht gheografach a bhaint amach fós ina ndúshláin, rud a bhaineann go príomha le ráta comhéifeacht íseal don Pholainn; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur dúshlán don Ghníomhaireacht le fada é an ráta comhéifeacht íseal don Pholainn, rud atá níos measa le míonna beaga anuas mar gheall ar an mboilsciú is airde a taifeadadh riamh sa tír, arbh ionann agus 16,6 % i mí na Nollag 2022;

26.

ag tabhairt dá haire gurb éard atá i miondealú inscne na Gníomhaireachta a tuairiscíodh do 2021 go bhfuil 15 fhear (68,18 %) agus 7 mbean (31,82 %) ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí, go bhfuil 55 fhear (83,3 %) agus 11 bhean (16,7 %) ar leibhéal an bhoird bainistíochta, agus go bhfuil 1 116 fhear (71,8 %) agus 438 mbean (28,2 %) ar fhoireann na Gníomhaireachta trí chéile; á admháil gur ar na Ballstáit atá an fhreagracht cothromaíocht inscne a áirithiú laistigh den bhord bainistíochta; á chur in iúl gur oth léi go mór, in ainneoin na n-iarrataí a rinne an Pharlaimint roimhe seo ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit, nár leor na hiarrachtaí chun cothromaíocht inscne a fheabhsú i lucht bainistíochta sinsearach agus i bhfoireann na Gníomhaireachta; ag tathant ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus cothromaíocht inscne a chur san áireamh agus baill foirne nua á n-earcú agus ainmniúcháin agus ceapacháin á ndéanamh chuig na poist thuasluaite;

27.

ag tabhairt dá haire gur mór aici ceapachán an Oifigigh um Chearta Bunúsacha (FRO) i mí an Mheithimh 2021; á mheabhrú, áfach, gur chinn an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) nár sannadh láimhseálaí cásanna don Oifigeach do thuarascálacha ar theagmhais thromchúiseacha ina raibh sáruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Ghníomhaireacht tar éis teannadh níos gaire don sainordú leathnaithe atá aici a chur chun feidhme go hiomlán trí 46 FRManna san iomlán a bheith in oifig aici in 2022, i gcomparáid le 20 FRM in 2021; ag tabhairt dá haire gur ceapadh formhór na FRManna ar leibhéal AD; á chur in iúl gurb oth léi, mar sin féin, go bhfuil idirdhealú ann idir FRManna, toisc go bhfuil 15 acu arna n-earcú fós i bpoist AST, i gcomparáid leis an 31 phost eile arna n-earcú ar leibhéal AD; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint agus an Coimisiún le fada an lá go mbeadh 40 FROM ar a laghad ann ar leibhéal AD; á thabhairt chun suntais go soláthraítear le Rialachán (AE) 2019/1896 an creat le haghaidh méaduithe breise ar líon na FRManna de réir mar a mhéadaíonn an Ghníomhaireacht, agus gurb é an 40 FRM tosaigh an tairseach seachas an uasteorainn; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an nGníomhaireacht plean bunaíochta na Gníomhaireachta a mhodhnú chun gach FRM a earcú ar leibhéal AD; á iarraidh ar an ngníomhaireacht tabhairt faoi earcuithe breise FRManna ar leibhéal AD amháin; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, gur cuireadh moill beagnach dhá bhliain ar chomhlíonadh cheanglas Airteagal 110(6) de Rialachán (AE) 2019/1896, lena ndearnadh foráil maidir le 40 FRM ar a laghad a earcú faoi mhí na Nollag 2020; ag meabhrú go raibh ról diúltach ag an iarStiúrthóir Feidhmiúcháin sna moilleanna leanúnacha a cuireadh ar an bpróiseas sin agus á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na hiarbhainistíochta ad-interim an ceanglas sin a chomhlíonadh;

28.

á chur in iúl gur geal léi na bearta agus na beartais chuimsitheacha a chuir an Ghníomhaireacht i bhfeidhm i leith frithchiapadh; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur glacadh in 2021 Lámhleabhar Nósanna Imeachta do Chomhairleoirí Rúnda Frontex (CCanna) ina leagtar amach cur i bhfeidhm praiticiúil Bheartas na Gníomhaireachta i leith Frithchiapadh; ag admháil go bhfuil ról lárnach ag na CCanna ó thaobh dínit fhoireann na Gníomhaireachta a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; ag cur béim ar an bhfíoras, ag an am céanna, a thábhachtaí atá cultúr eagraíochtúil lena gcuirtear beartais den sórt sin i bhfeidhm, ós rud é gur tráth a glacadh an Lámhleabhar Nósanna Imeachta ag an am céanna, lean mí-iompar tromchúiseach, lena n-áirítear mí-iompar a bhaineann le ciapadh, ar aghaidh i measc daoine an-tábhachtach laistigh den Ghníomhaireacht; á admháil gur tugadh aghaidh orthu sin san obair leantach ar thorthaí imscrúdú OLAF; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, tiomantas na Gníomhaireachta do chlaochlú struchtúrach agus do mhéadú líonra CCanna go sonrach; á athdhearbhú a hiarrata ar an cheannaireacht na Gníomhaireachta go ndéanfadh sí imscrúdú críochnúil ar chur chun feidhme na nósanna imeachta atá ann cheana i gcoinne an chiaptha gnéis, comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis ábhartha go léir agus go dtabharfadh sí tuairisc don údarás um urscaoileadh maidir leis na torthaí agus go dtíolacfadh sí plean gníomhaíochta mionsonraithe ina mbeidh bearta lena n-áirithítear neamhfhulaingt i leith gnéaschiapadh i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta;

29.

ag tabhairt dá haire gur ann do fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint i dtaobh gur ndearnadh 10 gcás ciaptha san iomlán a thuairisciú d’eintitis inniúla na Gníomhaireachta in 2021; ag tabhairt dá haire thairis sin gurb amhlaidh, as seacht nós imeachta fhoirmiúla a osclaíodh in 2021, a cuireadh ceithre chás i gcrích; á iarraidh ar an nGníomhaireacht measúnú cúramach a dhéanamh ar gach cás atá ar feitheamh, agus cur chuige neamhfhulaingthe á ghlacadh aici maidir le ciapadh síceolaíoch, ciapadh gnéasach nó ciapadh d’aon chineál eile, agus leanúint ar aghaidh go pras de dhaoine atá freagrach as an mí-iompar sin a thabhairt chun cuntais; á iarraidh, thairis sin, ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thorthaí an imscrúdaithe athoscailte maidir le bás tragóideach baill foirne in 2020;

30.

ag tabhairt dá haire a airdeallaí agus a réamhghníomhaí atá an Ghníomhaireacht maidir le beartais agus nósanna imeachta sábháilteachta agus sláinte ceirde (OSH); á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur cruthaíodh an mheitheal inmheánach maidir le OSH chun comhordú inmheánach éifeachtach, comhairliúchán inmheánach éifeachtach agus sainaithint na dtosaíochtaí a áirithiú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir le liosta na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a bheartaítear a chur chun feidhme faoi chreat OSH agus maidir lena gcur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta reatha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht, fleisc-am agus aisíoc i leith gníomhaíochtaí spóirt, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fholláine a foirne ag an obair agus ar an gcothromaíocht oibre is saoil; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuilleadh beart a ghlacadh sa réimse sin, trí aithris a dhéanamh freisin ar institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais freisin;

Soláthar

31.

ag tabhairt dá haire gur sheol an Ghníomhaireacht 36 thairiscint oscailte in 2021, agus go raibh 18 gcinn de chonarthaí sínithe ar luach iomlán EUR 218 400 000 mar thoradh orthu, agus go bhfuil 18 gcinn díobh sin fós ar siúl, agus luach measta EUR 241 000 000 orthu; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an Ghníomhaireacht 29 nós imeachta íseal-luacha agus meánluacha (a ndearnadh caibidlíocht orthu le trí iarrthóir agus le cúig iarrthóir) ar a bhfuil luach iomlán EUR 12 000 000, agus as 29 nós imeachta gur tháinig ann do 25 chonradh shínithe in 2021 ar luach iomlán EUR 11 800 000, agus go bhfuil ceithre cinn díobh sin fós ar siúl, ar luach iomlán EUR 300 000; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur láimhseáil an Ghníomhaireacht 203 nós imeachta ar luach an-íseal (a ndearnadh caibidlíocht orthu le hiarrthóir amháin) ar luach iomlán EUR 2 500 000 in 2021; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, go ndearnadh 991 nós imeachta faoi chreatchonarthaí atá ann cheana, ar luach iomlán EUR 194 600 000, a láimhseáil in 2021 agus go raibh conarthaí sonracha sínithe nó foirmeacha ordúcháin sínithe mar thoradh ar 900 acu, ar luach iomlán EUR 172 200 000, agus go bhfuil 91 acu ar luach iomlán EUR 22 300 000 fós ar siúl;

32.

ag moladh iarrachtaí na Gníomhaireachta in 2021 conarthaí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo a dhaingniú i réimsí amhail tacaíocht d’aerárthaí faireachais, trealamh cosanta pearsanta agus soláthairtí sláintíochta a sholáthar, feithiclí tiomána ceithre roth easbhóthair a sholáthar, airm sheirbhíse a sholáthar, íomhánna satailíte a sholáthar, seirbhísí táirgthe léarscáileanna a sheachadadh, seirbhísí faisnéise meitéareolaíochta agus aigéaneolaíochta a sholáthar nó ladrainn agus pálastaí a cheannach; á chur in iúl gur geal léi an dúthracht a chaith an Ghníomhaireacht leis an bplean oiliúna soláthair a dhearadh agus a chur chun feidhme;

33.

á athdhearbhú gur cúis mhór imní dí tuairiscí sna meáin i mí Lúnasa 2022 ar dá réir a bhain an Ghníomhaireacht leas as conraitheoir a líomhnaítear gur bhain sé leas as idirghabhálaithe cultúrtha, ag tairiscint dálaí oibre dóibh lena sáraítear caighdeáin Eorpacha maidir le pá agus coinníollacha oibre; á chur i bhfios go bhfuil achainí tionscanta ag idirghabhálaithe cultúrtha i ndáil leis sin chomh maith lena ngearán chuig an Ombudsman Eorpach; á thabhairt chun suntais freagraí na Gníomhaireachta do na meáin go ndearna an Ghníomhaireacht teagmháil leis an gconraitheoir tar éis na hachainí chun a gcuid oibleagáidí a mheabhrú dóibh; á chur in iúl gur saoth leis nach bhféadfaí faisnéis faoi chur chun feidhme an chonartha agus faoi urramú choinníollacha na n-oibrithe a fháil san fhaisnéis a chuir an Ghníomhaireacht ar fáil don Pharlaimint;

34.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann do bharúlacha na Cúirte i réimse an tsoláthair; ag tabhairt dá haire go háirithe gur sheol an Ghníomhaireacht nós imeachta soláthair le haghaidh creatchonradh chun seirbhísí taistil a sholáthar, lenar socraíodh ar leibhéal an-íseal na ceanglais maidir le hacmhainneacht airgeadais, theicniúil agus ghairmiúil na dtairgeoirí; ag tabhairt dá haire gur EUR 15 000 000 luach measta an chonartha ar ar bhunaigh an Ghníomhaireacht a measúnú, agus go raibh luach foluiteach an chonartha ag cumhdach na gcostas misin pleanáilte a measadh a bheith thart ar EUR 240 000 000; ag athlua chonclúid na Cúirte gur fhág an Ghníomhaireacht, sa chás seo, í féin neamhchosanta ar rioscaí éagsúla, amhail nárbh fhéidir seirbhísí ar conradh a sholáthar ar an gcaighdeán íosta in am agus an riosca nach gcomhlíonfaí an conradh i gceart; á chur in iúl gurb oth léi go raibh easpa feidhmíochta mar thoradh ar an gconradh agus go raibh cur isteach tromchúiseach ar an leanúnachas gnó mar thoradh uirthi; á chur in iúl gur geal léi gur foirceannadh an conradh láithreach tar éis fíoruithe; á chur i bhfáth nach mór ceanglais scaoilte a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thairgeoirí nó ar mheasúnuithe a dhéantar, bunaithe ar shonraí míthreoracha, a sheachaint;

35.

ag tabhairt dá haire gur ann don tuairisciú ón nGníomhaireacht gur cuireadh feabhas ar phleanáil agus ar fhaireachán an phlean bhliantúil soláthair; á iarraidh ar IAS an plean sin a áireamh ina iniúchtaí amach anseo;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

36.

á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme rathúil iarrataí na Parlaiminte go ndéanfaí CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí bhord bainistíochta na Gníomhaireachta agus a bainistíochta feidhmiúcháin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta;

37.

ag tabhairt dá haire gur glacadh céimeanna breise chun trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta an Clár Trédhearcachta a bhunú de bhun Airteagal 118 de Rialachán (AE) 2019/1896; ag tabhairt dá haire gur ann don fhreagra ar an údarás um urscaoileadh ina gcuirtear faisnéis ar fáil maidir leis na teagmhálacha agus na cruinnithe a cláraíodh agus a doiciméadaíodh i gClár Trédhearcachta na Gníomhaireachta in 2021; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú go rialta don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme agus úsáid na huirlise sin;

38.

ag meabhrú chinneadh an Ombudsman Eorpaigh san fhiosrúchán a rinne sé ar a thionscnamh féin maidir le hoibleagáidí um chearta bunúsacha; á mheabhrú, thairis sin, go bhfuil oibleagáid ar an nGníomhaireacht trédhearcacht réamhghníomhach a áirithiú mar a shonraítear in Airteagal 114(2) de Rialachán (AE) 2019/1896; á iarraidh ar an nGníomhaireacht moltaí uile an Ombudsman Eorpaigh a chur chun feidhme; ag athdhearbhú a mholta go ndéanfadh an Ghníomhaireacht cód iompair nua a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n-áiritheofar trédhearcacht iomlán agus dea-bhainistiú agus go gcoinneoidh an Ghníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh ar an eolas faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i ndáil leis sin;

39.

á chur i bhfáth gur chinn an tOmbudsman Eorpach go raibh an drochriarachán ar thaobh na Gníomhaireachta i ndáil lena cleachtas le déanaí maidir le rochtain ar dhoiciméid ina cinneadh an 15 Nollaig 2022 i gCásanna 1261/2020 agus 1361/2020;

40.

ag admháil nóta faisnéise an 27 Meitheamh 2022 ón nGníomhaireacht maidir le gníomhaíochtaí a rinne lucht bainistíochta na Gníomhaireachta le linn na hidirthréimhse, go háirithe na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige na nósanna imeachta is gá don dea-rialachas agus don chuntasacht a neartú san eagraíocht, trí thrédhearcacht, cumarsáid réamhghníomhach agus rannpháirtíocht le geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón nGníomhaireacht maidir le faisnéis oibríochtúil a thabhairt don phobal faoina gníomhaíochtaí oibríochtúla ar bhealach cuimsitheach; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, tiomantas na Gníomhaireachta na moltaí a thíolaic an tOifigeach um Chearta Bunúsacha agus an Fóram Comhairliúcháin don bhord bainistíochta a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin; á chur in iúl gur geal léi gur mhéadaigh an Ghníomhaireacht a trédhearcacht ar deireadh maidir lena Laethanta Tionsclaíochta, trí thuarascálacha leantacha a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta ina gcuirtear faisnéis ar fáil faoi chuideachtaí atá rannpháirteach sna Laethanta Tionsclaíochta agus faoina gcur i láthair;

41.

ag tabhairt dá haire go bhfuarthas torthaí ar chur i bhfeidhm bhearta agus threoirlínte na Gníomhaireachta maidir le sceithireacht; á admháil gur thuairiscigh baill foirne in 2021 cás amháin de ghníomhaíocht chalaoiseach agus dhá chás de chiapadh líomhnaithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil ceann amháin de na trí chás dúnta, agus go bhfuil an dá chás eile fós ar leibhéal an mhisin aimsiúcháin fíoras; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a áirithiú go dtabharfar na daoine freagracha chun cuntais, agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis an toradh agus na céimeanna breise a glacadh i ndáil leis na trí chás sin;

42.

á athdhearbhú nach mór trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe a bheith ag gabháil leis na hinniúlachtaí agus na hacmhainní feabhsaithe a leithdháiltear ar an nGníomhaireacht, chomh maith le hurraim iomlán do chearta bunúsacha agus do chosaint na gceart sin; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as Clár Trédhearcachta agus ag tabhairt dá haire go bhfuil tús áite tugtha ag an mbord bainistíochta agus ag an mbainistíocht feidhmiúcháin araon d’iarrachtaí chun socruithe ionracais agus cuntasachta a fheabhsú tuilleadh ar an leibhéal tras-Ghníomhaireachta; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici ina leith sin gur bunaíodh Acmhainneacht um Iniúchadh Inmheánach agus gur glacadh Cairt Iniúchóireachta Inmheánaí in 2022; á athdhearbhú go bhfuil díomá mhór uirthi mar gheall ar chuntas teiste na Gníomhaireachta faoi cheannaireacht an stiúrthóra feidhmiúcháin a bhí ann roimhe sin maidir le cuntasacht, trédhearcacht agus urraim do chearta bunúsacha a bhí ag gníomhú mar stiúrthóir feidhmiúcháin i rith na bliana 2021 agus nár éirigh as go dtí an 29 Aibreán 2022; á chur in iúl gur geal léi an tiomantas a chuir an lucht bainistíochta feidhmiúcháin ad-interim in iúl i dtaobh aghaidh a thabhairt go hiomlán ar na saincheisteanna sin; á chur i bhfáth go bhfuil cuntasacht agus trédhearcacht den sórt sin, agus comhlíonadh na gceart bunúsach, bunriachtanach sa mheastóireacht i dtreo urscaoileadh a dheonú don Ghníomhaireacht don bhliain airgeadais faoi seach;

Rialú inmheánach

43.

ag tabhairt dá haire go raibh an córas rialaithe inmheánaigh éifeachtach go páirteach in 2021, dar leis an measúnú a rinne an Ghníomhaireacht; ag athlua na himní a chuir an bord bainistíochta in iúl nach raibh ach dhá réimse, as na 17 réimse a ndearnadh measúnú orthu, saor ó easnaimh arna sainaithint; á chur in iúl thairis sin gur cúis bhuartha di gur sainaithníodh móreasnaimh i ndáil le réimse 5 (‘daoine aonair á dtabhairt chun cuntais i dtaobh a bhfreagrachtaí rialúcháin inmheánaigh maidir le cuspóirí a shaothrú’) agus le réimse 10 (‘Roghnú agus forbairt gníomhaíochtaí rialúcháin lena rannchuidítear le rioscaí a mhaolú maidir le cuspóirí a bhaint amach ar leibhéil inghlactha’); á chur in iúl gur geal léi 15 ghníomhaíocht feabhsúcháin na Gníomhaireachta chun na rialuithe a neartú sna réimsí inar sainaithníodh easnaimh rialúcháin; ag tabhairt dá haire go n-éilítear le ceithre ghníomhaíocht díobh sin gur gá feabhsú leanúnach a dhéanamh agus go bhfuil ceithre ghníomhaíocht eile idir lámha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta;

44.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur chláraigh an Ghníomhaireacht méid mór teagmhais neamhchomhlíontachta i réimse na gconarthaí agus, go háirithe, bainistiú deontas; á chur in iúl gur oth léi gur tháinig méadú ar líon na ndialltaí (eisceachtaí agus teagmhais neamhchomhlíontacha) agus ar an luach a bhaineann leo sin go háirithe ó 106 in 2020 go 159 in 2021 agus ó EUR 10,2 milliún in 2020 go EUR 21,3 milliún in 2021, faoi seach; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb ionann réimse an bhainistithe deontas in 2021 agus 72 % den mhéid sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cláraíodh in 2021 ocht ndiall lenar ghabh méid níos mó ná EUR 1 mhilliún;

45.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil moilleanna ar chur chun feidhme 12 mholadh ón tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach maidir le bainistiú conarthaí, rialachas TF agus bainistiú tionscadal, bainistiú agus pleanáil agus leithdháileadh acmhainní daonna; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na heasnaimh sin a cheartú a luaithe is féidir, le cúnamh ón gCoimisiún más gá, agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn maidir leis an ábhar sin;

46.

ag meabhrú an mholta ón gCúirt gur cheart don Ghníomhaireacht beartas um poist íogaire a ghlacadh agus a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go dtuairiscíonn an Ghníomhaireacht go bhfuil bailchríoch á cur ar dhréacht an bheartais sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an moladh sin a chur chun feidhme a luaithe is féidir;

47.

ag tabhairt dá haire gur ann do na barúlacha ón gCúirt maidir le laigí rialúcháin inmheánaigh na Gníomhaireachta i réimsí na nósanna imeachta earcaíochta, na nósanna imeachta soláthair agus i ndáil le cumhachtaí a tharmligean chuig oifigigh údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ann do na freagraí ón nGníomhaireacht ar thorthaí na Cúirte agus ar na bearta a cuireadh chun feidhme cheana; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Ghníomhaireacht treoracha níos soiléire do chomhaltaí an choiste roghnúcháin i mí Eanáir 2022 lena n-áirithítear measúnú níos comhsheasmhaí agus nósanna imeachta comhchuibhithe; á iarraidh ar an tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach nósanna imeachta nuashonraithe earcaíochta na Gníomhaireachta a áireamh ina hiniúchtaí amach anseo;

48.

á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach bearta chun feabhas a chur ar an nós imeachta tabhairt ar aghaidh chun tabhairt anonn neamhrialta a chosc; á chur in iúl gur geal léi thairis sin an comhaontú maidir le seirbhísí airgeadais na Gníomhaireachta a rannpháirtiú sa phróiseas tabhairt ar aghaidh, an feabhas atá beartaithe ar an oiliúint a chuirtear ar oifigigh údarúcháin trí tharmligean, chomh maith le Cumas Iniúchta Inmheánaigh a bhunú sa Ghníomhaireacht;

Digitiú agus an t-aistriú glas

49.

ag moladh aidhm na Gníomhaireachta an inbhuaine a chomhtháthú tuilleadh ina gníomhaíochtaí oibríochtúla, anailíseacha, eolaíocha agus riaracháin; ag tabhairt dá haire gur ann don mheasúnú dearfach ar thaithí na Gníomhaireachta maidir le soláthar poiblí glas, tar éis treoirlínte a thabhairt isteach sa réimse sin; á chur in iúl gur geal léi gur roghnaigh an Ghníomhaireacht, mar a mhol an t-údarás um urscaoileadh, dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh a chomhroinnt le gníomhaireachtaí eile; á chur in iúl gur geal léi ina theannta sin na gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le soláthar glas; ag tabhairt dá haire go spreagtar eintitis na Gníomhaireachta i gcónaí chun critéir agus réitigh ghlasa a úsáid sa soláthar poiblí;

50.

ag tabhairt dá haire go raibh an Ghníomhaireacht i mbun Uachtaránacht Líonra na nGníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile (JHAAN), ina bhfuil naoi ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais, in 2021; á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Gníomhaireachta féachaint ar chomhar i measc ghníomhaireachtaí CGB, trí sheimineáir agus gníomhaíochtaí oiliúna i réimse an athraithe aeráide, coireanna comhshaoil, neodracht charbóin chorparáideach agus bheartais an Chomhaontaithe Ghlais; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur gheall JHAAN sraith gníomhaíochtaí a dhéanamh chun tacú leis an gcomhshaol agus chun coireacht chomhshaoil a chomhrac; ag moladh gur shínigh JHAAN Ráiteas Comhpháirteach maidir leis an gComhaontú Glas don Aontas Eorpach lena ngealltar go gcloífidh sé leis na cuspóirí beartais Eorpacha a bhaineann leis an gcreat sin agus go dtacóidh sé leis an Aontas agus leis na Ballstáit ina gcur chun feidhme;

51.

á chur in iúl gur geal léi bearta éagsúla na Gníomhaireachta chun tionchar a cuid gníomhaíochtaí ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear trí réitigh dhigiteacha le haghaidh scaipeadh doiciméad gan pháipéar, sreabhadh oibre gan pháipéar le haghaidh idirbhearta airgeadais, uirlisí ríomhfhoghlama le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna nó cianchruinnithe; á chur in iúl go dtuigeann sí gurb é sprioc na Gníomhaireachta, ar a bealach i dtreo na neodrachta carbóin, sonraí a bhailiú maidir leis an lorg carbóin agus an tomhaltas carbóin in aghaidh an duine; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an Ghníomhaireacht staidéar dar teideal The Green Deal and the European Border and Coast Guard [An Comhaontú Glas agus an Garda Teorann agus Cósta Eorpach] chun an inbhuaine comhshaoil a leabú i bpróisis, beartais agus oibríochtaí uile na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht torthaí an staidéir sin agus an obair leantach ina leith a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

52.

á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Gníomhaireachta go nglacfaí a Straitéis Chibearshlándála lena dtugtar aghaidh ar na gníomhaíochtaí nach mór a dhéanamh chun athléimneacht i gcoinne bagairtí cibearshlándála a mhéadú agus chun taifid dhigiteacha na Gníomhaireachta a chosaint; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, sa réimse sin na bearta is tábhachtaí a cuireadh chun feidhme in 2021, lena n-áirítear an cumas feabhsaithe faireacháin slándála, cumas bainistithe leochaileachta TFC agus an teicneolaíocht um Brath agus Freagairt Críochphointe; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht Rialacha Slándála Frontex, Creat Bainistíochta Faisnéise agus Straitéis TFC Frontex, 2022-2027; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil sé beartaithe ag an nGníomhaireacht Lárionad Oibríochtaí Slándála 24/7 le haghaidh oibríochtaí cibearshlándála a chur chun feidhme;

53.

ag tabhairt dá haire go bhfuil dlúthnasc idir straitéis na Gníomhaireachta le haghaidh gnóthachain éifeachtúlachta agus cur chun feidhme uirlisí éagsúla TF; á chur in iúl gur geal léi nuachóiriú ailtireacht líonra EU-RESTRICTED EUROSUR, an tacaíocht dhigiteach leathnaithe a chuirtear ar fáil d’fhoireann na Gníomhaireachta agus imscaradh buanchór atá próifílithe go digiteach chun taithí a fháil ar thacaíocht lasmuigh den láthair a chur ar fáil i réimsí oibríochtúla; á iarraidh go ndéanfaí SYSPER a chomhtháthú go hiomlán i mbainistiú na Gníomhaireachta ar a hacmhainní daonna;

54.

ag moladh iarrachtaí agus dhul chun cinn na Gníomhaireachta i réimse an digitiúcháin a bhaineann le filleadh, go háirithe maidir le nuashonruithe ar shamhail tagartha RECAMAS, eisiúintí nua de chuid chórais eitiltí FAR agus FAR Charter agus bailiú leanúnach sonraí staidrimh trí chóras IRMA;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

55.

á chur in iúl gur geal léi gur glacadh plean leanúnachais gnó na Gníomhaireachta (BCP); á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme a plean leanúnachais gnó;

56.

ag moladh iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta dul in oiriúint do na dálaí athraitheacha i gcomhthéacs an tríú agus an ceathrú ráig den phaindéim, lena n-áirítear trí chleachtais inmheánacha nuashonraithe amhail sreafaí oibre gan pháipéar, údaruithe ar líne nó cruinnithe fíorúla; ag admháil ról ríthábhachtach na cille géarchéime, a cruthaíodh tar éis ráig thosaigh na paindéime, chun tacú leis an lucht bainistíochta feidhmiúcháin sa chinnteoireacht chun leanúnachas gnó a áirithiú, chun an cur isteach ar oibríochtaí na Gníomhaireachta a íoslaghdú agus chun timpeallacht oibre shábháilte a áirithiú;

57.

á chur in iúl gur geal léi gur chruthaigh an Ghníomhaireacht treoirlínte maidir le sláinte agus sábháilteacht in oibríochtaí um fhilleadh le linn paindéimí nó ráigeanna, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go leanfar go sábháilte d’oibríochtaí um fhilleadh i gcásanna den sórt sin;

Barúlacha eile

58.

ag tabhairt dá haire tiomantas na Gníomhaireachta comhlíonadh na gceart bunúsach, maidir lena gníomhaíochtaí, a shainiú agus a oibríochtú trí Straitéis um Chearta Bunúsacha agus an Plean Gníomhaíochta um Chearta Bunúsacha (FRAP) a ghlacadh in 2021; á chur in iúl gur geal léi tiomantas na Gníomhaireachta faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme FRAP; á iarraidh ar an nGníomhaireacht nuashonrú a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn i dtaobh chur chun feidhme FRAP; á chur i bhfáth go bhfuil rath na Straitéise um Chearta Bunúsacha ag brath ar a cur chun feidhme, agus go bhfuil torthaí thuarascáil OLAF, a bhaineann freisin leis an mbliain airgeadais 2021; a léiriú ar an ábhar sin (a) gur coisceadh ar an Oifigeach rochtain a fháil ar fhaisnéis oibríochtúil, contrártha d’fhorálacha Rialachán (AE) 2019/1896, agus (b) go ndearna bainistíocht feidhmiúcháin na Gníomhaireachta roimhe sin neamhaird de bhaill foirne a bhí i mbun a bpoist agus a thuairiscigh ar theagmhais um Chearta Bunúsacha; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil FRO rannpháirteach ó shin i leith agus go dtéitear i gcomhairle leis maidir leis na comhaid ábhartha uile agus go bhfuil cruinnithe rialta aige leis an mbainistíocht feidhmiúcháin agus leis an bhFóram Comhchomhairleach; ag tabhairt dá haire gur cruthaíodh líonra pointí fócasacha um chearta bunúsacha in eintitis uile na Gníomhaireachta chun saineolas ar chearta bunúsacha a fhorbairt i ngach réimse gníomhaíochta; ag admháil go bhfuil ról tábhachtach ag FRManna, lena n-áirítear an rochtain atá acu ar na réimsí oibríochtúla agus dlúthchomhar le foireann oibríochtúil na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, go bhfuil níos lú ná 20 ball foirne ag oifig an Oifigigh um Chearta Bunúsacha, in ainneoin an mhéadaithe atá ag teacht ar an líon foirne atá i bplean earcaíochta na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí na hacmhainní iomchuí a thabhairt d’oifig an Oifigigh um Chearta Bunúsacha chun a gníomhaíochtaí faoi seach a chur i gcrích; ag admháil, thairis sin, gur ann do chinneadh na Gníomhaireachta lena leagtar síos rialacha don stiúrthóir feidhmiúcháin agus don bhord bainistíochta chun an Fóram Comhchomhairleach a chur ar an eolas faoin obair leantach ar a chuid moltaí agus chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht maidir le moltaí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha; ag dréim leis go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht moltaí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha, mar a leagtar amach iad ina tuarascáil bhliantúil, 2021, a chur chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a áirithiú go gcomhroinnfear leis an údarás um urscaoileadh moltaí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha agus an Fhóraim Chomhchomhairligh arna gcur faoi bhráid an bhoird bainistíochta;

59.

á athdhearbhú go bhfuil torthaí thuarascáil OLAF teoranta do mhí-iompar agus do neamhchomhlíonadh nósanna imeachta ag daoine aonair; á aithint go ndearna an Ghníomhaireacht obair luachmhar chun ról an FRO a neartú, ach nach ndearna an Ghníomhaireacht anailís níos doimhne fós chun a áirithiú nach bhfuil aon fhadhbanna struchtúracha ann; á athdhearbhú, i ndáil leis sin, gur gá (i) anailís a dhéanamh ar sheiceálacha agus ceartúcháin inmheánacha, ós rud é gur ligeadh do mhí-iompar a rinne daoine aonair leanúint ar aghaidh rófhada, (ii) faireachán a dhéanamh ar chaidreamh na Gníomhaireachta leis na Ballstáit, ós rud é go léiríonn torthaí OLAF gur chuir Ballstáit brú ar ghardaí cósta agus gur cheil siad brúnna siar, rud a chuireann dúshlán roimh obair na Gníomhaireachta thar an gceannaireacht roimhe seo, agus (iii) meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm leanúnach Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/1896, mar a léirítear le cinneadh na Gníomhaireachta láithreacht sa Mhuir Aeigéach a mhéadú, in ainneoin tuarascálacha ó na meáin agus torthaí OLAF, go léirítear sáruithe leanúnacha ar chearta bunúsacha sa réimse sin;

60.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ó mhí Dheireadh Fómhair 2021, a thuairiscíonn an Ghníomhaireacht go rialta don bhord bainistíochta maidir leis an dul chun cinn i dtaobh chur chun feidhme na moltaí ón Ombudsman Eorpaigh, ón Meitheal um Chearta Bunúsacha agus ó Ghnéithe Dlíthiúla agus Oibríochtúla d’Oibríochtaí sa Mhuir Aeigéach agus ón Meitheal um Ghrinnscrúdú Frontex i bParlaimint na hEorpa (FSWG); á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt freisin don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn i dtaobh chur chun feidhme na moltaí sin;

61.

ag meabhrú na conclúide ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) nach bhfuil cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag údaráis na hUngáire ag luí le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht staonadh ó pháirt a ghlacadh in aon oibríochtaí atá ar neamhréir le dlí an Aontais; ag tabhairt dá haire gur ann don fhreagra ón nGníomhaireacht go chuir sí fíoruithe i gcrích agus gur tháinig sí ar an gconclúid nach raibh baint riamh aici le fillteacha a bhaineann le reachtaíocht na hUngáire a mheasann CBAE a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais (Gníomh náisiúnta HU LXXXIX de 2007 agus Gníomh LVIII de 2020); á chur i bhfáth, más mian leis an nGníomhaireacht tús nua a dhéanamh lena n-áirítear tiomantas athnuaite don trédhearcacht, gur cheart di tuilleadh soiléireachta agus trédhearcachta a sholáthar sna cásanna sin; ag tabhairt dá haire go ndeir an Ghníomhaireacht go ceanglaíonn sí ar an Ungáir séantaí speisialta a dheimhniú maidir le gnéithe nós imeachta nuair a bhíonn tacaíocht ón nGníomhaireacht á hiarraidh aici, á áirithiú go ndéanann an Ghníomhaireacht a dícheall a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta uile um fhilleadh a dtacaíonn sí leo san Ungáir i gcomhréir go hiomlán le creat dlíthiúil ábhartha an Aontais maidir le filleadh agus tearmann; á thabhairt dá haire freisin gur mhéadaigh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí faireacháin ar chinntí um fhilleadh de chuid na hUngáire agus gur neartaigh sí comhairliúchán agus comhar leis an Oifig um Chearta Bunúsacha maidir leis an Ungáir; á chur i bhfáth nach bhfuil nósanna imeachta ach chomh héifeachtach lena gcur chun feidhme, agus gur cúis imní ar leith é sin i bhfianaise staid ghinearálta an smachta reachta san Ungáir;

62.

á chur i bhfáth gur foláir dlúthbhaint a bheith ag rannpháirtíocht dhíreach agus indíreach na Gníomhaireachta i ngníomhaíochtaí bainistíochta teorann agus faireachais teorann le sáruithe ar chearta bunúsacha a chosc agus a chomhrac, agus le comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement a chinntiú, i gcomhréir le acquis an Aontais; á iarraidh ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta struchtúir mhaoirseachta inmheánacha a neartú tuilleadh, agus á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé athbhreithniú agus rialú leanúnach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na foirne bainistíochta, chun aon staideanna míbhainistíochta a shainaithint agus a réiteach go tráthúil, chomh maith leis na gnáth-nósanna imeachta oibríochta a chur chun feidhme chun maoiniú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a tharraingt siar, nó gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, nó gan iad a sheoladh i gcásanna ina n-eascraíonn rioscaí den sórt sin;

63.

ag tabhairt dá haire gur ann do na cinntí ó bhord bainistíochta na Gníomhaireachta in 2021 lena nglactar rialacha cur chun feidhme maidir le rialacha próiseála sonraí pearsanta; á mheabhrú gur eisigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) tuairimí maidir le rialacha próiseála sonraí na Gníomhaireachta agus, dá bhrí sin, go ndearna an Ghníomhaireacht na cinntí ábhartha ón mbord bainistíochta a athdhréachtú chun comhlíonadh iomlán rialacha cosanta sonraí an Aontais a áirithiú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn ar an ábhar sin; á iarraidh, thairis sin, ar an nGníomhaireacht tuairim a iarraidh ar MECS mar thoradh ar chinntí athbhreithnithe an bhoird bainistíochta maidir leis na rialacha próiseála sonraí;

64.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann do thuarascálacha sna meáin maidir le mí-iompar líomhnaithe i leathnú an chláir Próiseála Sonraí Pearsanta le haghaidh Anailís Riosca; ag tabhairt dá haire, ón bhfreagra a thug an Ghníomhaireacht, gur cuireadh an tionscadal chun feidhme idir 2015 agus 2017, ionas gurbh fhéidir leis an nGníomhaireacht na cumais is gá a fhorbairt chun sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 11c de Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb é seasamh na Gníomhaireachta nach raibh á bpróiseáil aici ach na sonraí pearsanta oibríochtúla ó amhrastaigh i ndáil le coireacht trasteorann agus sceimhlitheoireacht, nár thosaigh sí ar shonraí pearsanta íospartach agus finnéithe a phróiseáil; á athdhearbhú gur cúis mhór imní di na tuairiscí gur thug an tOifigeach Cosanta Sonraí rabhadh arís agus arís eile go sáródh an leathnú sonraí sin dlí an Aontais, ach gur roghnaigh an Ghníomhaireacht neamhaird a thabhairt ar an gcomhairle sin ar dtús; ag tabhairt dá haire gur ann do chinntí 56/2021, 68/2021 agus 69/2021 ón mbord bainistíochta, ar thuairimí MECS a fháil maidir le rialacha cosanta sonraí na Gníomhaireachta, agus dá chionn sin go n-ullmhóidh Oifigeach Cosanta Sonraí na Gníomhaireachta Plean Gníomhaíochta chun moltaí MECS a chur chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar an staid sin agus comhlíonadh iomlán rialacha cosanta sonraí an Aontais a áirithiú, dul i gcomhairle go rialta le MECS maidir le stádas agus dul chun cinn an athchóiriúcháin agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin gcéanna;

65.

á chur in iúl gur saoth léi go mór an mhoill fhada maidir le rochtain a dheonú ar FPEnna chomh maith le comhaltaí den lucht ardbhainistíochta agus an tOifeagach um Chearta Bunúsacha ar thuarascáil OLAF; á mheabhrú go bhfuiltear ag súil go gcuirfear dhá thuarascáil chríochnaitheach bhreise OLAF i láthair i ndáil leis an nGníomhaireacht; cé go n-aithnítear go bhféadfadh torthaí thuarascáil OLAF a bheith ina ábhar leasa don phobal, á éileamh go bhfoilseofar an tuarascáil rúnda faoi chuimsiú Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), go n-urramófar rúndacht an imscrúdaithe arna dhéanamh ag OLAF chomh maith le cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann, lena n-áirítear a gcearta cosanta sonraí; ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh rochtain láithreach ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar na tuarascálacha críochnaitheacha sin nuair a bheidh siad tugtha chun críche, mar aon le foireann feidhmiúcháin uile na Gníomhaireachta ar gá dóibh rochtain a fháil ar na tuarascálacha sin chun trédhearcacht agus cuntasacht na Gníomhaireachta a áirithiú, agus chun buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme i gceart amach anseo;

66.

ag tabhairt dá haire gur diúltaíodh an t-urscaoileadh laistigh den timthriall roimhe sin de bharr na bhfadhbanna a sainaithníodh trí thuairiscí ó na meáin, de bharr chonclúidí FSWG agus de bharr fhionnachtana thuarascáil OLAF; á thabhairt chun suntais go bhfuil próiseas aistriúcháin ar siúl ag an nGníomhaireacht faoi láthair, tar éis dá hiarstiúrthóir feidhmiúcháin éirí as oifig, i bhfianaise imscrúdú OLAF ar mhíbhainistiú na Gníomhaireachta; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, na gníomhaíochtaí éagsúla a rinne an lucht bainistíochta ad-interim chun a ghníomhaíochtaí agus a chaighdeáin a fheabhsú; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici go ndeachthas, leis na gníomhaíochtaí sin, i ngleic le saincheisteanna bainistíochta buiséadacha agus airgeadais amhail soiléiriú i dtaobh na dtarmligeanacha agus fo-tharmligeanacha le haghaidh oifigí um údarú íocaíochtaí, urraim níos mó do chearta bunúsacha trí chomhar institiúideach feabhsaithe idir an lucht bainistíochta feidhmiúcháin ad-interim agus FRO, chomh maith leis na hathruithe i gcultúr an lucht bainistíochta trí aistriú infheicthe i dtreo an dílárúcháin, an tarmligin agus idirphlé feabhsaithe sa phróiseas cinnteoireachta; á chur in iúl gur geal léi go háirithe tiomantas an lucht bainistíochta ad-interim cultúr an lucht bainistíochta a athrú, oibriú i dtreo cultúr an tosta a bhriseadh, agus rannpháirtíocht chomhchoiteann á spreagadh i dtaca le saincheisteanna a réiteach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá tiomantas na hathchóirithe riachtanacha sin a chur chun feidhme go hiomlán, tar éis stiúrthóir feidhmiúcháin neamh-eatramhach a cheapadh freisin, agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta;

67.

á mheabhrú don Ghníomhaireacht go bhfuil sí cuntasach don Pharlaimint, agus go bhfuil sé beartaithe ag an bParlaimint a áirithiú go rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le cur i bhfeidhm leanúnach agus aonfhoirmeach dhlí an Aontais, lena n-áirítear acquis an Aontais maidir le cearta bunúsacha, go háirithe Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á thabhairt chun suntais, chun an sprioc sin a bhaint amach, go bhfuil gá le comhar feabhsaithe le bord bainistíochta na Gníomhaireachta trí thrédhearcacht, cuntasacht agus maoirseacht dhaonlathach na Gníomhaireachta a neartú;

68.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le faisnéis ábhartha feidhmíochta a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i gcoitinne i dteanga shoiléir agus inrochtana; ag tathant ar an nGníomhaireacht trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid a bhaint as cainéil na meán agus na meán sóisialta;

69.

ag tabhairt dá haire cinneadh an bhoird bainistíochta ag a chruinniú urghnách an 20 Nollaig 2022, Hans Leijtens a cheapadh ina stiúrthóir feidhmiúcháin nua ar an nGníomhaireacht; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun dlús a chur leis na hiarrachtaí leanúnacha agus na gníomhaíochtaí go léir is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-urramófar go hiomlán caighdeáin an Aontais, go háirithe i réimsí na bainistíochta buiséadaí agus airgeadais, na gceart bunúsach, cultúr na heagraíochta agus na trédhearcachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an athuair treochlár mionsonraithe a thíolacadh maidir leis an gcaoi a bhfuil sé beartaithe aici na hábhair imní atá fós gan réiteach a chomhlíonadh, mar aon le creat ama soiléir agus mionsonraithe do na gníomhaíochtaí sin, chomh maith le gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur i gcrích chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní go léir arna n-ardú ag an Ombudsman Eorpach, ag FSWG agus ag an bhFóram Comhairliúcháin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme go hiomlán, tar éis stiúrthóir feidhmiúcháin neamheatramhach a cheapadh freisin, agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh faoin dul chun cinn atá déanta;

70.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún an 10 Bealtaine 2023 (7) uaithi maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 112.

(2)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.).

(3)  Anailís Riosca Straitéiseach Frontex 2022.

(4)   IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 304, 22.11.2011, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1.).

(7)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/470


CINNEADH (AE) 2023/1942 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta donbhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart bunúsach arna soláthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 C9-0106/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (4), agus go háirithe Airteagal 116 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0142/2023),

1.

Ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2021;

2.

Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/471


CINNEADH (AE) 2023/1943 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (go dtí 12.5.2021, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0104/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa, agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 14 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (5), agus go háirithe Airteagail 85 agus 86 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0116/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh lena bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 276, 20.10.2010, lch. 11.

(5)   IO L 170, 12.5.2021, lch. 69.

(6)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/473


RÚN (AE) 2023/1944 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS go dtí 12 Bealtaine 2021) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0116/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 57 130 215,17 a bhí i mbuiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, arb ionann é agus méadú 61,16 % i gcomparáid le 2020, de bharr leathnú ar shainordú na Gníomhaireachta mar thoradh ar Chlár nua Spáis an Aontais Eorpaigh; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais go príomha a thagann buiséad na Gníomhaireachta;

B.

de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuair an Chúirt dearbhú réasúnach go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; de bhrí go dtíolacann an Chúirt mír maidir le béim ar ábhar, i ndáil le tionchar chogadh ionsaitheach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, sa ráiteas ón nGníomhaireacht maidir le feidhmíocht airgeadais agus ina clár comhordaithe;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire agus is maith léi, mar thoradh ar iarrachtaí faireacháin i leith an bhuiséid le linn bhliain airgeadais 2021, go raibh ráta cur chun feidhme 100 % ann i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas sa bhliain reatha, an ráta céanna le 2020; á chur in iúl gurb oth léi an ráta forfheidhmithe 74,78 % sa bhliain reatha maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, léiriú ar laghdú 8,60 % i gcomparáid le 2020;

2.

ag tabhairt dá haire, gur bhainistigh an Ghníomhaireacht a bunbhuiséad agus, ina theannta sin, gur lean sí de bheith ag bainistiú cuid mhór den bhuiséad tarmligthe (leithreasaí in áirithe), go háirithe faoi shaothrú Bhreis-seirbhíse na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) agus Galileo, mar aon le Comhaontuithe Tarmligin Fís 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur shínigh an Ghníomhaireacht comhaontú ranníocaíochta leis an gCoimisiún in 2021 faoinar leagadh mar chúram ar an nGníomhaireacht comhpháirteanna breise den Chlár: Fís Eorpach, Copernicus, Cumarsáid Satailíte Rialtasach an Aontais Eorpaigh (GOVSATCOM) agus Feasacht Staide an Spáis (SSA), amhail de réir Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur gealladh EUR 6 361 705 119 san iomlán faoin mbuiséad tarmligthe in 2021 agus go ndearnadh íocaíochtaí arbh fhiú EUR 1 574 943 399 iad;

Feidhmíocht

3.

ag tabhairt dá haire gur bunaíodh an Ghníomhaireacht le Rialachán (AE) 2021/696, a tháinig in ionad na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS agus a tháinig i gcomharbacht uirthi; ag tabhairt dá haire go bhforáiltear leis an Rialachán sin do leathnú ar fhreagrachtaí na Gníomhaireachta maidir le Cláir Eorpacha GNSS; ag tabhairt dá haire go bhfuil feidhmíocht na Gníomhaireachta dearfach, lena n-áirítear a haistriú rathúil de bhun Rialachán (AE) 2021/696; á chur in iúl, thairis sin, gur geal léi gur ghlac an Ghníomhaireacht in 2021, tar éis caibidlíochta, comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais (FFPA) agus comhaontú ranníocaíochta (CA), a thugann deis di an clár spáis a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, chun nach mbeidh dúbailt ann agus trína mbeidh na rioscaí forbartha agus oibríochtúla á n-íoslaghdú bunaithe ar shineirgí idir an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (ESA) agus an Ghníomhaireacht maidir le hinniúlachtaí agus acmhainneachtaí a chéile faoi shlabhra ceannais soiléir; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ngníomhaíonn an Ghníomhaireacht faoi FFPA agus CA mar bhainisteoir saothraithe EGNOS agus Galileo agus, nuair a chuireann an Coimisiún de chúram uirthi, mar údarás conarthach do chéim chur chun feidhme an chonartha;

4.

ag tabhairt dá haire go raibh na Ghníomhaireacht freagrach in 2021 as raon leathan gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme EGNOS agus Galileo, amhail creidiúnú slándála EGNOS agus Galileo a áirithiú trína bord neamhspleách um chreidiúnú slándála, mar aon le rannchuidiú chun seirbhísí EGNOS agus Galileo a chur chun cinn agus a mhargú, lena n-áirítear an anailís mhargaidh riachtanach a dhéanamh, agus dlúth-theagmhálacha a bhunú le húsáideoirí agus úsáideoirí féideartha an chórais; ag tabhairt dá haire ina theannta sin, go ndearna an Ghníomhaireacht cúraimí eile a bhain le cur chun feidhme EGNOS agus Galileo, ar cúraimí iad a leag an Coimisiún uirthi trí bhíthin comhaontuithe tarmligin agus ranníocaíochta;

5.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht ag baint le Clár Spáis an Aontais agus le cruthú na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di go bhfuil rannchuidiú na Gníomhaireachta mar sholáthraí slándála don spás agus a rannchuidiú do thaighde agus nuálaíocht maidir le Loingseoireacht Satailíte, Faire na Cruinne, Nascacht agus Spás ina chabhair le slándáil a áirithiú do shaoránaigh an Aontais agus le hinfheistíochtaí i mbonneagar criticiúil; á iarraidh ar an nGníomhaireacht agus ar an gCoimisiún go ndéanfaí sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir comhpháirteanna Chlár Spáis an Aontais agus cláir a bheidh ann amach anseo a shainaithint tuilleadh, amhail chun IRIS2 (Clár an Aontais um Nascacht Shlán) agus bainistiú spás tráchta a chur chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht agus ar an gCoimisiún go ndéanfaí úsáid bhonneagar spáis dé-úsáide an Aontais a uasmhéadú agus a ról i gcomhthéacs shlándáil agus chosaint na hEorpa a neartú; ag moladh go mbeidh an Ghníomhaireacht rannpháirteach i gcur chun feidhme straitéis spáis an Aontais um shlándáil agus cosaint;

Beartas foirne

6.

ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2021, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 100 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás 191 ghníomhaire sealadach as 191 ghníomhaire sealadach a údaraíodh faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 150 post údaraithe in 2020); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 56 ghníomhaire ar conradh agus 7 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2021;

7.

á chur in iúl gurb oth léi an easpa cothromaíochta inscne in ardbhainistíocht na Gníomhaireachta, áit ar fir ab ea triúr as triúr (100 %); á chur in iúl gurb oth léi an easpa cothromaíochta inscne i measc comhaltaí bhord riaracháin na Gníomhaireachta, áit ar fir ab ea 23 as 28 (82 %); ag tabhairt dá haire thairis sin, agus is cúis imní di, an chothromaíocht inscne i bhfoireann na Gníomhaireachta i gcoitinne, ar fir ab ea 168 as 247 (68 %); ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis ilchineálachta & ionchuimsitheachta idir lámha ag an nGníomhaireacht, straitéis a bhfuil plean gnímh ina chuid di; á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta nithiúla a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne ar gach leibhéal den chliarlathas a luaithe is féidir agus tuairisciú ar ais chuig an údarás um urscaoileadh;

8.

ag tabhairt dá haire i dtuarascáil na Cúirte agus is cúis imní di go raibh dhá nós imeachta earcaíochta a iniúchadh agus a raibh roinnt easnamh nós imeachta iontu a bhaineann ó phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne, nár bunaíodh sna fógraí folúntais an líon pointí a bheadh le baint amach ag iarrthóirí chun go gcuirfí ar an ngearrliosta nó ar liosta ionadaithe iad, ná an líon iarrthóirí a bheadh le gearrliostú nó le cur ar liosta ionadaithe, nach ndearnadh mionsonrú leordhóthanach sna treoracha a d’eisigh an bord roghnúcháin maidir le pointí a bhronnadh i gcás na gcritéar roghnúcháin éagsúla chun a áirithiú gur cur chuige comhsheasmhach a bhí á chur i bhfeidhm ag an mbord roghnúcháin, agus maidir le ceann den dá nós imeachta earcaíochta, nár socraíodh aon scéim scórála roimh ré i gcás ceann de na trialacha; ag tabhairt dá haire sa fhreagra ón nGníomhaireacht go bhfuil beartaithe aici modhnuithe a thabhairt isteach ina nósanna imeachta earcaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an mbarúil; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

9.

ag tabhairt dá haire ón obair a lean ó urscaoileadh 2020 gur chomhaontaigh an Ghníomhaireacht plean leis an gCoimisiún chun líon iomlán a gníomhairí ar conradh a laghdú de réir a chéile agus go comhleanúnach chun go mbeidh sé i gcomhréir leis an ráiteas airgeadais reachtaíochta atá ceangailte le Rialachán (AE) 2021/696 faoi dheireadh na peirspictíochta airgeadais, ach nach mór don Ghníomhaireacht mar sin féin méadú a dhéanamh ar líon na ngníomhairí ar conradh atá ag obair go háirithe in oibríochtaí ionad faireacháin slándála Galileo agus ina fheidhmeanna slándála; ag tabhairt dá haire ina theannta sin gur léirigh an Ghníomhaireacht don Choimisiún agus dá bord riaracháin go mbainfidh rioscaí oibríochtúla leis an lagdhú ar líon na ngníomhairí ar conradh agus go bhfuil rún ag an nGníomhaireacht iad a bhainistiú trí sheachfhoinsiú breise, cé go dtabharfaidh sé costais bhreise airgeadais; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

10.

á aithint go bhfuil bearta agus beartais ag an nGníomhaireacht faoi láthair a bhfuil sé mar aidhm acu dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go ndearna an Ghníomhaireacht lámhleabhar nósanna imeachta neamhfhoirmiúla a chur chun feidhme le haghaidh comhairleoirí iontaoibhe lena n-éascaítear tuairisciú éasca agus faoi rún; ag tabhairt dá haire gur taifeadadh ceithre chomhairliúchán le comhairleoirí iontaoibhe in 2021 agus nach cás a imscrúdaíodh nó a tugadh os comhair na Cúirte a bhí mar thoradh ar aon cheann de na comhairliúcháin sin, agus gur tháing deireadh leis na comhairliúcháin uile tar éis faisnéis faoin nós imeachta a chur ar fáil, agus tar éis an phlé neamhfhoirmiúil idir an comhairleoir iontaoibhe agus an páirtí ba dhéantóir gearáin;

11.

á mheabhrú go mbaineann easnaimh nós imeachta i nósanna imeachta earcaíochta an bonn de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht feabhas a chur ar a nós imeachta earcaíochta inmheánach chun próisis mheastóireachta agus fógraí folúntais a shoiléiriú;

12.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a bheith acu ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

13.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an ríomhsholáthar á chur chun feidhme ag an nGníomhaireacht i gcónaí a mhéid is féidir, ag cur san áireamh an nós imeachta soláthair áirithe atá i gceist, cineál an doiciméadúcháin a bheidh le malartú agus cosaint a dhéanamh ar leas slándála an Aontais; ag tabhairt dá haire go raibh cosaint ceanncheathrú, tairiscint i gcás tacaíocht riaracháin agus léiritheoir copernicus san áirithe ina samplaí de thairiscintí ar cuireadh an ríomhsholáthar chun feidhme ina leith le deireanas;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

14.

á aithint go bhfuil bearta idir lámha ag an nGníomhaireacht faoi láthair agus go ndéanann sí iarrachtaí leanúnacha chun trédhearcacht a áirithiú agus coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a chosc;

15.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur mheasúnaigh an Ghníomhaireacht cás amháin idir 2019 agus 2021 de choinbhleachtaí leasa féideartha i ndáil le comhalta foirne sinsearach a bhí ar tí post nua a ghlacadh áit eile, gur fhormheas sí an post nua maille le srianta, agus ainneoin an oibleagáid ghinearálta cúiseanna lena cinntí a thabhairt, nár thug an Ghníomhaireacht réasúnú leis na srianta sin; ag tabhairt dá haire gur fhreagair an Ghníomhaireacht go gcuirfear san áireamh é ina cuid nósanna imeachta, agus gur shoiléirigh sí nár thug sí na cúiseanna leis na srianta i gcás an chinnidh sin, de bharr gur mheas sí gur ríléir iad; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

16.

ag tabhairt dá haire go raibh cás sceithireachta amháin ag an nGníomhaireacht le linn 2021 agus go raibh an t-imscrúdú sin fós ar siúl ag deireadh na bliana; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

17.

á áitiú nach mór rialacha níos córasaí a chur ar bun maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a sásraí rialaithe inmheánaigh a neartú, lena n-áirítear sásra frith-éillithe inmheánach a chur ar bun;

Rialú inmheánach

18.

ag tabhairt dá haire agus is maith léi, ag éirí as an obair a lean ó urscaoileadh 2020 maidir leis an riosca a bhain leis na híocaíochtaí ón nGníomhaireacht le ESA i ndáil le cur chun feidhme na gclár EGNOS agus Galileo, gur iniúchadh caiteachas ESA do na blianta 2019, 2020 agus 2021 go ndearna Ard-Stiúrthóireacht an Tionscail Cosanta agus an Spáis (DEFIS) de chuid an Choimisiúin an t-iniúchadh an chéad bhliain (thar ceann na Gníomhaireachta) agus sa dá bhliain ina dhiaidh sin go ndearna foireann iniúchóirí ó Ard-Stiúrthóireacht an Tionscail Cosanta agus an Spáis (DEFIS) agus ón nGníomhaireacht iniúchóireacht ar ESA agus nár léiríodh aon torthaí sna trí iniúchadh bhliantúla as a chéile;

19.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú ag teacht ar an trédhearcacht i bhfeidhmiú an bhuiséid ag ESA trí choinníollacha maidir le bainistiú chistí an Aontais a shonrú, trí bhearta faireacháin agus rialaithe buiséid a bhunú, agus trí phrionsabail a bhunú maidir le luach saothair ESA do gach comhpháirt lena gcuireann sé, agus é á aithint nach bhfuil ESA, mar chomhlacht neamh-AE, cuntasach do shaoránaigh an Aontais as caiteachas buiséid (3);

20.

ag tabhairt dá haire gur scaoil seirbhís iniúchóireachta inmheánach an Choimisiúin tuarascáil iniúchóireachta ar shaothrú Galileo, i mí na Samhna 2021, ina raibh ceithre mholadh thábhachtacha; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht cur chun feidhme i gcás dhá thrian ar a laghad de na gníomhartha trína ndéantar na moltaí a chur chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

21.

ag tabhairt dá haire ón obair a lean ó urscaoileadh 2020, go ndearnadh an iniúchóireacht ar fhothú acmhainneachta fhoireann GSA, arna dhéanamh ag acmhainneacht 2019 ar iniúchadh inmheánach, a thabhairt i gcrích agus go raibh iniúchadh athbhreithnithe ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta le bheith curtha i gcrích in 2022; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

22.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; á áitiú go láidir go gceanglófaí ar chórais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtacha cásanna féideartha de choinbhleachtaí leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla a sheachaint, agus mainneachtain saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

Digitiú agus an t-aistriú glas

23.

ag tabhairt dá haire gur chinn an Ghníomhaireacht in 2021 a príomhchórais faisnéise a leathnú go dtí an néal agus teicneolaíochtaí a ghlacadh, amhail cosaint ar sceitheadh sonraí; ag tabhairt dá haire agus is maith léi, ina theannta sin, go bhfuil S/MIME á chur chun feidhme mar chriptiúchán ríomhpoist, lenar féidir teachtaireachtaí criptithe agus teachtaireachtaí arna síniú go digiteach a mhalartú le hinstitiúidí eile a úsáideann an teicneolaíocht chéanna, agus euSIGN á ghlacadh, agus príomhbhallaí dóiteáin na Gníomhaireachta á n-athionadú le leaganacha níos déanaí, rud a fhágann gur féidir faireachán agus rialú níos fearr a dhéanamh ar thrácht líonraí;

24.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ag comhoibriú go gníomhach leis an gCoimisiún ar uaillmhianta glasa arna bhfeidhmiú i leith an spáis, chun a áirithiú go ndíreofar go sonrach ar thionchar a bunghnó ar an gcomhshaol; ag tabhairt dá haire ina theannta sin gur bhunaigh an Ghníomhaireacht creat oibre chun tús a chur lena próiseas chun córas bainistíochta comhshaoil a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire thairis sin go ndéanann an Ghníomhaireacht faireachán rialta ar na tomhaltais fuinnimh agus go gcuireann sí prionsabail athchúrsála i bhfeidhm sna réimsí uile, mar aon le gníomhaíochtaí eile, agus go bhformhuiníonn sé gnéithe den soláthar glas; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur iarr an Ghníomhaireacht go mbeadh grádú comhshaoil ar scála níos airde ann i gcás foirgnimh nua, sa phleanáil agus sa tógáil araon;

25.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú na ngníomhaireachtaí a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú na nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith seo chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint; ag tarraingt aird, mar sin féin, ar a riachtanaí atá sé na bearta slándála riachtanacha uile a dhéanamh chun nach ann d’aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear;

26.

á mholadh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus le CERT-EU (Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar teicneolaíochta faisnéise (TF) agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; á mholadh go ndéantar cláir oiliúna nuashonraithe ar ghnéithe den chibearshlándáil a thairiscint do na baill foirne uile sa Ghníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur le forbairt a beartais cibearshlándála, é a sholáthar roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh ina leith;

Leanúnchas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

27.

ag tabhairt dá haire gur thug bainistíocht na gníomhaireachta freagairt láidr ar phaindéim COVID-19 sna suíomhanna uile rud a chinntigh sláinte & sábháilteacht na mball foirne agus leanúnachas oibríochtaí, agus go ndearnadh líonra bainisteoirí suímh na Gníomhaireachta a shainaithint agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear chun bearta sláinte & sábháilteachta a chur chun feidhme ar fud na suíomhanna uile mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19;

Barúlacha eile

28.

ag tabhairt dá haire go raibh na bearta uile a bhainfeadh le paindéim COVID-19 á gcur san áireamh ag an nGníomhaireacht nuair a lainseáil sí EUSPA Open, a céad taispeántas faoin aer, chun misean nua na Gníomhaireachta agus Clár Spáis an Aontais a chur in aithne don phobal i gcoitinne;

29.

á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na meán sóisialta in 2021, a raibh reáchtáil an fheachtais “#EUSpace 4 our Planet" i gceist léi, lenar tugadh chun suntais a bhfuil á dhéanamh ag Clár Spáis an Aontais ar mhaithe le Comhaontú Glas don Eoraip, inter alia; ag tabhairt dá haire thairis sin, i gcomhréir lena haistrithe de bhun Rialachán (AE) 2021/696, go ndearna an Ghníomhaireacht plé réamhghníomhach le líon mór asraonta meáin ar fud na mBallstát;

30.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá cuid sineirgí a fhorbairt (mar shampla maidir le hacmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil), agus a comhar, a malartú dea-chleachtais agus a pléití maidir le réimsí comhleasa le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

31.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 104.

(2)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

(3)  EPRS, I dtreo cheannaireacht an Aontais in earnáil an spáis trí neamhspleáchas straitéiseach oscailte. Mí Eanáir 2023, lch. 8.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/478


CINNEADH (AE) 2023/1945 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis – EUSPA (an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS go dtí an 12 Bealtaine 2021) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0104/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa, agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 14 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (5), agus go háirithe Airteagail 85 agus 86 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0116/2023),

1.

Ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis don bhliain airgeadais 2021;

2.

Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 276, 20.10.2010, lch. 11.

(5)   IO L 170, 12.5.2021, lch. 69.

(6)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/480


RÚN (AE) 2023/1946 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021: feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint do chinntí uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022)0331,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (2), agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuairimí an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0144/2023),

A.

de bhrí go bhfuil barúlacha trasghearrthacha sa rún sin, do gach comhlacht de réir bhrí Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, a ghabhann leis na cinntí maidir le hurscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 262 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus Airteagal 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte;

B.

de bhrí go bhfuil barúlacha trasghearrthacha sa rún sin freisin, le haghaidh Ghníomhaireacht Soláthair Euratom, a ghabhann leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 262 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus Airteagal 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte;

C.

de bhrí gur cheart do ghníomhaireachtaí an Aontais díriú ar mhisin a bhfuil breisluach Eorpach soiléir acu agus gur cheart eagrú na misean sin a bharrfheabhsú chun forluí a sheachaint ar mhaithe le leas cháiníocóir an Aontais;

1.

ag moladh na ngníomhaireachtaí as a n-athléimneacht agus a n-iarrachtaí a rinneadh chun a n-ardchaighdeáin maidir le haschur oibre agus ardcháilíochta a choinneáil, in ainneoin na dteorainneacha a forchuireadh le linn an dara bliain de phaindéim COVID-19;

2.

ag tabhairt dá haire, maidir leis na 33 gníomhaireacht dhíláraithe de chuid an Aontais, gurbh ionann an t-iomlán carnach do bhuiséad 2021 agus thart ar EUR 3 206 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanais, arb ionann é agus méadú thart ar 5 % i gcomparáid le 2020, agus EUR 3 090 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, méadú 6,88 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire thairis sin gur maoiníodh thart ar EUR 2 477 milliún as EUR 3 090 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais, arb ionann é agus 77,27 % de mhaoiniú iomlán na ngníomhaireachtaí in 2021 (i gcomparáid le 72,83 % in 2020); ag aithint thairis sin gur maoiníodh thart ar EUR 728 milliún le táillí agus muirir agus le ranníocaíochtaí díreacha ó thíortha rannpháirteacha (laghdú 12,15 % i gcomparáid le 2020);

3.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go bhfuil buiséid chríochnaitheacha roinnt gníomhaireachtaí calctha i dtéarmaí ainmniúla ar feadh 6 bliana agus mar gheall ar bhoilsciú carntha, go dtéann fíorchumhacht cheannaigh an bhuiséid i laghad; ag tabhairt dá haire, maidir le leanúint den treocht sin, go gcuireann sé cumas na ngníomhaireachtaí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach agus tráthúil i mbaol;

4.

á chur in iúl gur geal léi conclúid Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (‘an Chúirt’) ina tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’) gur athdhearbhaigh iniúchadh na Cúirte ar chuntais bhliantúla na ngníomhaireachtaí don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2021 agus ar an ioncam is bonn leo na torthaí dearfacha a tuairiscíodh sna blianta roimhe sin; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe i réimse na n-íocaíochtaí is bonn leis na cuntais, de réir na Cúirte;

Príomhrioscaí arna sainaithint ag an gCúirt

5.

ag tabhairt dá haire, de réir a tuarascála, go measann an Chúirt go bhfuil an riosca foriomlán d’iontaofacht chuntais na ngníomhaireachtaí, arna mbunú trí na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a chur i bhfeidhm agus bunaithe ar chaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta, go bhfuil an riosca íseal tríd is tríd, mar a tharla in 2020;

6.

ag tabhairt dá haire, de réir a tuarascála, go measann an Chúirt go bhfuil an riosca foriomlán do dhlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim is bonn le cuntais na ngníomhaireachtaí íseal i gcás fhormhór na ngníomhaireachtaí, agus ar mheánriosca do na gníomhaireachtaí atá féin-mhaoinithe i bpáirt i gcás ina bhfuil rialacháin shonracha infheidhme maidir le táillí agus ranníocaíochtaí ioncaim eile a bhailiú, mar a tharla in 2020;

7.

ag tabhairt le fios go measann an Chúirt go bhfuil an riosca do dhlíthiúlacht agus do rialtacht na n-íocaíochtaí is bonn le cuntais na ngníomhaireachtaí ar mheánriosca ar an iomlán, ag athrú ó íseal go hard do theidil shonracha buiséid; ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil an riosca do Theideal I (Caiteachas Foirne) íseal go ginearálta, do Theideal II (Caiteachas Riaracháin) a bheith ar mheánriosca, agus do Theideal III (Caiteachas Oibríochtúil) a bheith idir íseal agus ard, ag brath ar an ngníomhaireacht atá i gceist agus ar chineál a caiteachais oibriúcháin; á chur i bhfios go measann an Chúirt go bhfuil an riosca maidir le Teideal III cosúil leis an riosca do Theideal II, ach ós rud é go bhfuil méideanna i bhfad níos airde i gceist faoi Theideal III, meastar go bhfuil an tionchar níos airde;

8.

á thabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil an riosca do bhainistíocht fhónta airgeadais ar mheánriosca, a bhaineann go príomha le nósanna imeachta soláthair phoiblí nár cinntíodh gur baineadh amach an luach ar airgead is fearr ab fhéidir;

9.

ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil an riosca do bhainistiú buiséid íseal, agus go dtaispeánann iniúchadh na Cúirte gur tugadh anonn líon ard leithreasuithe a gealladh, ach go raibh údar maith leo de réir na Cúirte mar gheall ar nádúr ilbhliantúil na n-oibríochtaí nó ar chúiseanna nach raibh neart ag na gníomhaireachtaí orthu;

10.

ag tabhairt dá haire gur luaigh an Chúirt ‘riosca eile’ a bhaineann le paindéim COVID-19 a chuir isteach ar obair na Cúirte toisc gur chuir srianta taistil cosc uirthi seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, doiciméid bhunaidh a fháil agus foireann na n-iniúchaithe a chur faoi agallamh aghaidh ar aghaidh; ag tabhairt dá haire agus á chur in iúl gur mór aici go ndearna an Chúirt a cuid oibre mar sin féin trí athbhreithnithe doiciméad agus trí chianagallaimh a dhéanamh ar na n-iniúchaithe; ag tabhairt dá haire gur mheas an Chúirt, d’ainneoin riosca braite méadaithe mar gheall nach raibh aon seiceálacha ar an láthair, gur chuir an fhianaise a fuair sí óna hiniúchaithe ar chumas na Cúirte fós a cuid oibre a chríochnú agus teacht ar chonclúidí aisti;

11.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé dearbhaithe ag an gCúirt go bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha déanta ag na gníomhaireachtaí i bhformhór na gcásanna chun aghaidh a thabhairt ar bharúlacha iniúchóireachta na mblianta roimhe sin agus iarrann sí ar na gníomhaireachtaí uile lena mbaineann leanúint dá n-iarrachtaí obair leantach a dhéanamh ar bharúlacha na Cúirte atá fós ar siúl (39) nó atá fós gan réiteach (9), go háirithe i réimsí na gcóras bainistíochta agus rialaithe, na nósanna imeachta soláthair phoiblí agus na bainistíochta buiséadaí;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

12.

á chur i bhfios go láidir agus é ina dhíol sásaimh di gur eisíodh, de réir thuarascáil bhliantúil na Cúirte, tuairim iniúchóireachta neamhcháilithe maidir le hiontaofacht chuntais na ngníomhaireachtaí uile; ag tabhairt dá haire freisin gur eisigh an Chúirt tuairim neamhcháilithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim is bonn leis na cuntais do na gníomhaireachtaí go léir; á thabhairt faoi deara gur eisigh an Chúirt tuairim neamhcháilithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bonn leis na cuntais do na gníomhaireachtaí uile, seachas Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA); ag tabhairt dá haire gur tharla an tuairim cháilithe le haghaidh eu-LISA mar gheall ar neamhrialtacht sé íocaíocht a rinneadh in 2021 le haghaidh EUR 18,11 milliún san iomlán i ndáil le roinnt creatchonarthaí, agus gurb ionann na híocaíochtaí sin agus 6,20 % de na leithreasuithe íocaíochta iomlána a bhí ar fáil in 2021;

13.

ag tabhairt dá haire, maidir le hiontaofacht na gcuntas, gur eisigh an Chúirt mír maidir le ‘béim ar ábhar’ don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus don Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE); ag tabhairt dá haire go raibh baint ag an mír ‘béim ar ábhar’ do EMA leis an tsaincheist leanúnach maidir leis an gcomhaontú léasa dá áitribh roimhe sin i Londain a mhaireann go dtí 2039, gan aon fhoráil a dhéanamh maidir le luathfhoirceannadh agus dliteanais fhéideartha a mheastar a bheith cothrom le EUR 383 milliún an 31 Nollaig 2021; ag tabhairt dá haire go raibh baint ag an mír ‘béim ar ábhar’ do Frontex le ríomh mícheart na ranníocaíochtaí ó thíortha nach bhfuil i limistéar Schengen neamh-AE a bhfuil EUR 2,6 milliún níos lú ná mar ba cheart a bheith íoctha acu le buiséad Frontex in 2021; ag tabhairt dá haire go raibh an mhír ‘béim ar ábhar’ do EIGE bainteach le dliteanas teagmhasach (EUR 22 000) ina chuntais a d’fhéadfaí a thabhú i gcás cúirte leanúnach a bhaineann le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha;

14.

ag tabhairt dá haire, maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bonn le cuntais na ngníomhaireachtaí, gur eisigh an Chúirt mír ‘béim ar ábhar’ do Frontex, inar tugadh gealltanas buiséadach dar dáta an 21 Nollaig 2020 anonn go 2021 gan tacaíocht ó ghealltanas dlíthiúil roimh dheireadh 2020; ag tabhairt dá haire i dtuarascáil na Cúirte gur thug Frontex aghaidh ar an neamhchomhlíonadh sin trí bhíthin gealltanais dhlíthiúla ina dhiaidh sin le linn 2021;

15.

ag tabhairt dá haire tuairim na Cúirte maidir le ranníocaíochtaí ó thíortha comhlachaithe go bhfuil baol ann go gcuirfear na comhaontuithe ranníocaíochta sin chun feidhme go hearráideach le modhanna éagsúla sna comhaontuithe chun ranníocaíochtaí a ríomh; ag tabhairt dá haire gur iarr an Chúirt ar na gníomhaireachtaí lena mbaineann dul i gcomhairle leis an gCoimisiún chun a mheas an gá dóibh ailíniú le comhaontuithe ranníocaíochta an Choimisiúin agus le modhanna ríofa ranníocaíochtaí na dtíortha comhlachaithe;

16.

ag tabhairt dá haire barúlacha na Cúirte maidir le leibhéil iomarcacha tabhairt anonn agus rátaí arda íocaíochtaí déanacha do dheich ngníomhaireachtaí, ina bhfuil laigí (saincheist struchtúrach, pleanáil lag bhuiséadach nó sárú féideartha ar phrionsabail bhuiséadacha na bliantúlachta) do thrí ghníomhaireacht go háirithe, i.e. Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), eu-LISA, agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA); á áitiú go láidir go n-urramófar prionsabal buiséadach na bliantúlachta; ag teacht leis an moladh ón gCúirt gur cheart do na gníomhaireachtaí lena mbaineann tuilleadh feabhais a chur ar a bpleanáil buiséid agus ar a dtimthriallta cur chun feidhme chun moilleanna iomarcacha i gcur chun feidhme clár oibre nó pleananna soláthair a sheachaint;

17.

ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil leibhéal na tabhartha anonn airde i gcásanna áirithe mar thoradh freisin ar thosca nach bhfuil smacht ag na Gníomhaireachtaí orthu, amhail méadú ar nádúr a ngníomhaíochtaí ar thréimhsí ilbhliantúla, nó an gá atá le dul ar ais chuig conraitheoirí seachtracha thar thréimhsí a leanann níos faide ar aghaidh ná an bhliain airgeadais, mar gheall ar ghanntanas foirne;

18.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé idirphlé gníomhach a bhunú agus a choinneáil idir an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí maidir le hacmhainní iomchuí a leithdháileadh agus maidir le ceapadh na bpleananna bunaíochta faoi seach, i gcomhréir le cuspóirí beartais agus uaillmhianta an Aontais atá ag méadú le blianta beaga anuas agus a bhfuil cúraimí agus sainorduithe nua agus leathnaithe mar thoradh orthu do roinnt gníomhaireachtaí;

Feidhmíocht

19.

ag tabhairt dá haire go n-úsáideann gach gníomhaireacht córais éagsúla príomhtháscairí feidhmíochta (KPInna), aschuir bheartaithe nó spriocanna straitéiseacha a leagtar síos mar chuid dá dtomhas feidhmíochta; ag moladh na ngníomhaireachtaí a bhfuil rátaí cur chun feidhme dá gClár Oibre Bliantúil (AWP) acu ar mó iad ná 95 % in 2021; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí uile tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le ráta cur chun feidhme a AWP mar fhigiúr comhdhlúite arna shloinneadh mar chéatadán; á chur in iúl gur mór aici go ndearna na Gníomhaireachtaí na KPInna a chomhlíonadh agus gur tharraing siad aird ar bhearta lenar féidir éifeachtúlacht agus éifeachtacht a gcuid oibre a fheabhsú; á iarraidh ar na Gníomhaireachtaí áfach, go dtabharfaidh siad aird ar na táscairí nár baineadh amach go fóill nó atá tite ar gcúl;

20.

ag tabhairt dá haire éachtaí agus rath na ngníomhaireachtaí uile in 2021, an dara bliain de phaindéim COVID-19 agus dúshláin ar leith ag gabháil léi do na gníomhaireachtaí atá ag feidhmiú i réimse an cheartais agus gnóthaí baile, san iompar agus i réimsí a bhaineann le cúrsaí leighis;

21.

á chur i bhfáth go bhfuil ról luachmhar ag gníomhaireachtaí an Aontais maidir le cabhair a thabhairt d’institiúidí an Aontais beartais a dhearadh agus a chur chun feidhme, go háirithe maidir le cúraimí sonracha teicniúla, eolaíocha, oibriúcháin agus bainistíochta a dhéanamh; á chur in iúl gur mór aici an saineolas ar ardchaighdeán agus an obair ar ardchaighdeán a dhéanann an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), European Training Foundation (ETF) agus an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) agus na gníomhaireachtaí atá ag obair i réimse na fostaíochta, na ngnóthaí sóisialta agus an chuimsithe agus a thábhachtaí atá an obair sin; á athdhearbhú, i ndáil leis sin, gur gá foireann a sholáthar do na gníomhaireachtaí ar leibhéal atá i gcomhréir leis na cúraimí atá sannta dóibh, ar a mbeidh líon foirne leordhóthanach atá fostaithe ar bhealach cobhsaí agus acmhainní ábhartha leordhóthanacha acu; ag athdhearbhú, dá bhrí sin, gur gá a áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais ann ionas gur féidir leo leanúint dá gcláir oibre a chur chun feidhme le ráta críochnaithe gníomhaíochta an-ard; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gach gníomhaireacht agus an breisluach a bhaineann leo ina réimse saineolais mar aon lena neamhspleáchas; á athdhearbhú go n-éilítear idirphlé sóisialta ar ardchaighdeán freisin le dea-fheidhmiú na ngníomhaireachtaí;

22.

á mheabhrú go bhfuil an malartú bliantúil tuairimí i gcoiste EMPL maidir le cláir oibre bhliantúla agus straitéisí ilbhliantúla na ngníomhaireachtaí ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh na cláir agus na straitéisí i gcomhréir leis na tosaíochtaí polaitiúla iarbhír, go háirithe i gcomhthéacs chur chun feidhme na bprionsabal a chumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus spriocanna Porto a bhaint amach;

23.

á athdhearbhú an ról tábhachtach atá ag gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile (CGB) an Aontais toisc go bhfuil siad fíor-riachtanach chun beartais an Aontais a chur chun feidhme agus don tacaíocht thábhachtach a airithíonn siad d’institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais agus do na Ballstáit in earnálacha na gceart bunúsach, na slándála agus an cheartais trí chúraimí oibríochtúla, anailíse, bainistíochta agus faireacháin a dhéanamh; á athdhearbhú, dá bhrí sin, an gá atá le hacmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna a chinntiú do ghníomhaireachtaí CGB; á thabhairt dá haire gur cheart do gach gníomhaireacht a sainorduithe a chomhlíonadh go héifeachtach;

24.

á mheabhrú gurb iad na gníomhaireachtaí iad siúd is mó cáilithe measúnú a dhéanamh ar úsáid na n-acmhainní agus go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le tacú le tionscadail inbhuanaithe cearta i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú a áirithiú chun tacú le gníomhaireachtaí an Aontais an t-idirphlé sóisialta a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ríthábhachtach ag gníomhaireachtaí an Aontais an t-idirphlé sóisialta le hinstitiúidí an Aontais a dhaingniú;

25.

ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí leanúint de shineirgí a fhorbairt (i réimsí amhail acmhainní daonna, soláthar, digitiú, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus cibearshlándáil), chomh maith le comhar agus malartú dea-chleachtas le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú, go háirithe i gcomhthéacs brúnna boilscitheacha; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí leanúint den tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir lena straitéis le haghaidh gnóthachain éifeachtúlachta a chur chun feidhme agus an straitéis sin a nuashonrú nuair is gá;

26.

á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfaí úsáid meastóireachtaí trasearnála ar ghníomhaireachtaí a mhéadú i gcomhthéacs sheiceálacha oiriúnachta an Choimisiúin ar na réimsí beartais éagsúla; ag tabhairt dá haire gur cheart don Choimisiún torthaí meastóireachta a úsáid chun sineirgí agus athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, lena n-áirítear cumaisc, agus, i gcás inarb iomchuí, chun tograí reachtacha a ullmhú mar fhreagairt ar riachtanais athraitheacha;

27.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil dea-chomhar leanúnach ann na gníomhaireachtaí laistigh de shainchúram na hArd-Stiúrthóireachta um Fhostaíocht a mbíonn malartuithe rialta acu ag céim phleanála a gclár oibre agus a choinníonn a chéile ar an eolas faoi fhorbairtí agus faoi thorthaí;

28.

ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, agus é ina ábhar imní di, nochtuithe dhá ghníomhaireacht Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) agus an Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) ina dtugtar tuairisc ar an tionchar a bhí ag an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine ar a gcuid gníomhaíochtaí; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil éileamh méadaithe ar chúnamh ó na Ballstáit a ghlacann le dídeanaithe ón Úcráin agus an cur isteach ar úsáid lainseálaithe Rúiseacha Soyuz do shatailítí Galileo; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, go bhfuil síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le Creat Airgeadais idir EUSPA agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, mar aon leis an gcomhar treisithe idir an dá ghníomhaireacht, ag cur ar chumas an Aontais rannchuidiú mar sholáthraí slándála don spás agus uathriail straitéiseach a bhaint amach;

Beartas foirne

29.

ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh na 33 ghníomhaireacht dhíláraithe in 2021 go raibh 9 631 ball foirne san iomlán fostaithe acu, ina bhfuil oifigigh, gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht (i gcomparáid le 9 001 in 2020), arb ionann é agus méadú 7,00 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gur tharla cuid den mhéadú, i.e. 0,93 %, mar gheall ar 84 bhall foirne a thabhairt isteach, den chéad uair, i ngníomhaireacht nua ELA, a tháinig chun bheith neamhspleách ó thaobh airgeadais de in 2021;

30.

ag tabhairt dá haire, i gcás 5 ghníomhaireacht, go raibh cásanna tnáite (23 ar an iomlán) cláraithe agus gur ghlac cuid dá bhfostaithe ragobair i 13 ghníomhaireacht in 2021; ag tabhairt dá haire go háirithe gur ghlac líon ard fostaithe ragobair in EUAA (78 as 423 bhall foirne), an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) (117 as 516 bhall foirne), an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) (78 as 110 ball foirne), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) (88 as 273 bhall foirne), EU-LISA (229 as 310 mball foirne) agus an Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) (583 as 979);

31.

ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta curtha i bhfeidhm ag na gníomhaireachtaí uile chun feabhas a chur ar fholláine na foirne ag an obair agus ar an gcothromaíocht oibre is saoil; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir líon agus tionchar na mbeart sin ó ghníomhaireacht amháin go gníomhaireacht eile agus gur cosúil nach ann d’aon chreat coiteann tagartha ar fud na ngníomhaireachtaí; ag tabhairt dá haire, nach bhfuil aon bhearta i bhfeidhm go ginearálta chun daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú, ach amháin i roinnt gníomhaireachtaí;

32.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh ráta láimhdeachais foirne níos mó ná 5 % i 16 as 33 ghníomhaireacht in 2021; ag moladh na ngníomhaireachtaí (e.g. an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EASA) as na bearta spriocdhírithe a ghlac siad chun rátaí arda láimhdeachais foirne a chosc; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé do na gníomhaireachtaí uile na bearta sin a chur chun feidhme;

33.

á athdhearbhú gur cúis bhuartha di go bhfuil easnamh athfhillteach sainaitheanta ag an gCúirt a bhaineann le roinnt gníomhaireachtaí maidir leis an úsáid a bhaintear as foireann sheachtrach agus oibrithe eatramhacha; á iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar spleáchas gníomhaireachtaí ar earcaíocht sheachtrach agus go gcloífí leis an dlí saothair is infheidhme; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa grádaithe cuí do phoist a bhainistíonn nósanna imeachta soláthair; á thabhairt dá haire breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an 11 Samhain 2021 i gCás C-948/19 (4) ina measadh gur cuid de raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le oibrithe gníomhaireachta sealadacha do ghníomhaireachtaí an Aontais; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí brath a mhéid is féidir ar chomhaltaí foirne buana agus ar an gCoimisiún chun leithdháiltí iomchuí acmhainní daonna a áirithiú chun na críche sin;

34.

á iarraidh ar an Líonra Gníomhaireachtaí AE (EUAN) go bhforbrófar beartas ginearálta lena dtabharfar tosaíocht do bhaill foirne bhuana seachas do chomhairleoirí seachtracha, ar mhaithe le dálaí oibre ar ardchaighdeán a ráthú, agus chun nach gcaillfear eolas agus taithí;

35.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na barúlacha ó thuarascáil na Cúirte maidir leis na laigí a bhaineann le heasnaimh i nósanna imeachta earcaíochta a aimsíodh in ocht ngníomhaireacht in 2021; á mheabhrú go mbaineann easnaimh nós imeachta i nósanna imeachta earcaíochta an bonn de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí lena mbaineann feabhas a chur ar a nósanna imeachta earcaíochta inmheánacha, i roinnt gnéithe, go háirithe próisis mheastóireachta agus fógraí folúntais;

36.

ag tabhairt dá haire cothromaíocht inscne fheabhsaithe in 2021 i gcomparáid le 2020 ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí, le 68 % fir agus 32 % mná (74,6 % agus 25,4 %, faoi seach in 2020) agus maidir leis an bhfoireann ar an iomlán le 50.26 % fir agus 49,73 % mná (52,7 % agus 47,3 %, faoi seach in 2020); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh ionann an chothromaíocht inscne a tuairiscíodh do bhoird bhainistíochta na ngníomhaireachtaí agus 62 % d’fhir agus 38 % de mhná, rud a léiríonn feabhas freisin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí oibriú chun feabhas breise a chur ar an gcothromaíocht inscne sa bhainistíocht shinsearach; ag iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cothromaíocht inscne a urramú agus comhaltaí den bhainistíocht nó de na boird bhainistíochta á n-ainmniú agus á gceapadh; ag meabhrú uaillmhian na ngníomhaireachtaí ailíniú leis an gCoimisiún chun cothromaíocht inscne de 50 % a bhaint amach ar gach leibhéal dá bhainistíocht faoi dheireadh 2024;

37.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an comhionannas inscne in easnamh sa straitéis ilbhliantúil 2021-2027 i gcás EUAN; á iarraidh ar EUAN go ndéanfaí comhionannas inscne a chomhtháthú ina straitéisí;

38.

á athdhearbhú gur cúis bhuartha di méid mór na mbord bainistíochta i ngníomhaireachtaí áirithe (e.g. Cedefop, EU-OSHA, Eurofound), rud a fhágann go bhfuil sé deacair cinntí a dhéanamh agus go ngintear costais shuntasacha riaracháin; ag tathant ar an gCoimisiún go ndéanfadh sé togra oiriúnach ina leith sin;

39.

ag tabhairt dá haire gur chruthaigh EUAN in 2021 Meitheal (WGDI) a bhí dírithe ar shaincheisteanna i réimse na hÉagsúlachta agus an Chuimsithe (D&I) do na gníomhaireachtaí uile; ag tabhairt dá haire gur fhorbair agus gur fhormhuinigh WGDI Cairt maidir le D&I, le cúig ghealltanas, lena n-áirítear éagsúlacht agus cuimsiú a áirithiú ar fud na conaire gairme, ó earcaíocht go hardú céime agus soghluaisteacht, agus an sprioc 40 % den inscne tearcionadaithe i bpoist mheánbhainistíochta a bhaint amach i ngach gníomhaireacht; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí uile an Chairt sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí breise a rinne WGDI, amhail suirbhé maidir le D&I a sheoladh i measc fhoireann na ngníomhaireachtaí, teagmhálacha agus comhaontuithe comhair a bhunú leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa chun dea-chleachtais agus smaointe nuálacha a mhalartú, agus plean gníomhaíochta a fhorbairt do 2022 ina moltar 29 ngníomhaíocht do ghníomhaireachtaí chun prionsabail na héagsúlachta agus an neamh-idirdhealaithe a leagtar amach i Rialacháin Foirne an Aontais a chur chun cinn ar bhealach comhchuibhithe ar fud an líonra; ag iarraidh ar EUAN leanúint de thuairisciú a dhéanamh don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn a rinneadh sna hábhair sin;

40.

ag tabhairt dá haire go leanann cothromaíocht gheografach fhoireann ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais daonra na mBallstát mar chéatadán de AE27 níos dlúithe ná cothromaíocht gheografach fhoireann an Choimisiúin; á chur in iúl gur oth léi tearcionadaíocht do shé Bhallstát, róionadaíocht d’ocht mBallstát déag agus gar-chothromaíocht do thrí Bhallstát; á mheas, mar chuspóir, gur cheart do na gníomhaireachtaí iarracht chomhchoiteann a dhéanamh chun ionadaíocht gheografach a fheabhsú ar an iomlán; ag iarraidh, sa chiall sin, ar EUAN iarrachtaí a chomhordú ar fud na ngníomhaireachtaí chun plean agus na bearta cothrománacha is gá a chur chun cinn lena bhféadfar an cuspóir sin a bhaint amach;

41.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach AD a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a bheith acu ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas, chomh maith lena gcóir chomhionann agus a ndeiseanna a chur chun cinn;

42.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas agus bearta curtha i bhfeidhm ag na gníomhaireachtaí uile dá bhfoireann uile chun ciapadh a chosc agus a chomhrac, agus go bhfuil bearta sonracha (e.g. seisiúin oiliúna, feasachta nó cóitseála) i bhfeidhm ag roinnt de na gníomhaireachtaí don ardbhainistíocht agus don mheánbhainistíocht; ag tabhairt dá haire freisin gur thuairiscigh na gníomhaireachtaí go raibh 24 chás ciaptha a bhí fós ar siúl nó dúnta acu in 2021; ag tabhairt faoi deara, i roinnt gníomhaireachtaí (e.g. EUAA), le haghaidh nósanna imeachta a bhaineann le foireann (e.g. cásanna ciaptha), go n-iarrtar tacaíocht ó ghnólachtaí dlí sheachtraigh atá speisialaithe i ndlí seirbhíse sibhialta an Aontais (Rialacháin Foirne an Aontais), fiú nuair atá a n-aonad seirbhísí dlí féin ag na gníomhaireachtaí; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí, i gcás inarb infheidhme, tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis na cásanna foirne uile ina bhfuarthas tacaíocht na ngnólachtaí sin sna blianta 2017 go 2022;

43.

á mheabhrú breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CJEU) an 11 Samhain 2021 maidir le oibrithe eatramhacha a úsáid, ina dtugtar aghaidh ar roinnt ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2008/104/CE maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha do ghníomhaireachtaí an Aontais; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí a bhfuil oibrithe eatramhacha acu dlús a chur lena n-iarrachtaí chun líon na n-oibrithe eatramhacha a thagann in ionad baill foirne, a laghdú;

Soláthar

44.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thug an Chúirt faoi deara go raibh 34 laige sa soláthar poiblí in 2021 (i gcomparáid le 18 in 2020) agus go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ngníomhaireachtaí lena mbaineann, le 19 ngníomhaireacht bainteach leis in 2021 (i gcomparáid le 9 ngníomhaireacht in 2020); ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil na laigí sin fós ar an bhfoinse is mó d’íocaíochtaí neamhrialta, a eascraíonn as nósanna imeachta soláthair neamhrialta a tuairiscíodh in 2021 nó sna blianta roimhe sin; ag teacht leis an moladh ón gCúirt nár cheart do na gníomhaireachtaí lena mbaineann, agus creatchonarthaí á gcur chun feidhme acu, ach conarthaí sonracha a úsáid chun earraí nó seirbhísí a chumhdaítear leis an gcreatchonradh gaolmhar a fháil; á chur in iúl go n-aontaíonn sí freisin leis an moladh ón gCúirt gur cheart do na gníomhaireachtaí lena mbaineann a nósanna imeachta soláthair phoiblí a fheabhsú tuilleadh, agus comhlíonadh iomlán na rialacha is infheidhme á áirithiú;

45.

á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhéadaithe a bhaineann gníomhaireachtaí an Aontais as uirlisí ríomhsholáthair agus an ról tábhachtach a bhí acu chun leanúnachas gnó a áirithiú don soláthar faoi choinníollacha teilea-oibre; ag tabhairt dá haire gurb iad na modúil r-PRIOR is coitianta a úsáideann gníomhaireachtaí ríomhthairiscint, ríomhaighneacht tairiscintí agus ríomhshonrascadh agus gur chuir roinnt gníomhaireachtaí an Public Procurement Management Tool [Uirlis Bainistíochta um Sholáthar Poiblí] chun feidhme le linn 2021; ag moladh na ngníomhaireachtaí (an Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus an European Securities and Markets Authority (ESMA) a thuairiscigh go ndearna siad a bpróisis soláthair a dhigitiú go hiomlán;

46.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé do na nósanna imeachta soláthair uile, iomaíocht chothrom idir tairgeoirí a áirithiú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí uile uirlisí TF ríomhsholáthair arna bhforbairt ag an gCoimisiún a chur chun feidhme agus ag iarraidh ar an gCoimisiún na nósanna imeachta agus na teimpléid sna treoirlínte soláthair a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

47.

ag tabhairt dá haire, cé is moite de ghníomhaireacht amháin, go bhfuil beartas i bhfeidhm ag na gníomhaireachtaí uile chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú; á áitiú gur gá tacair chórasacha rialacha maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa agus cásanna ‘dorais imrothlaigh’, agus brústocaireacht neamhdhleathach, chomh maith le straitéisí frithchalaoise, a chur i bhfeidhm nó a thabhairt cothrom le dáta go rialta; ag iarraidh, thairis sin, ar na gníomhaireachtaí uile straitéis inmheánach frithéillithe a fhorbairt; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí leanúint de thuairisciú a dhéanamh don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta sna hábhair sin;

48.

ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí, i gcás inarb infheidhme, a bheith rannpháirteach sa chomhaontú idirinstitiúideach nuabhunaithe maidir le clár trédhearcachta éigeantach d’ionadaithe leasa, arna shíniú ag an gCoimisiún, ag an gComhairle agus ag an bParlaimint; ag tabhairt dá haire, mar gheall ar chineál a ngnó, nach mbíonn cruinnithe ag roinnt gníomhaireachtaí (e.g. an Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), an Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), CdT) le brústocairí;

49.

ag tabhairt dá haire go n-iarrann na gníomhaireachtaí uile dearbhuithe leasa do chomhaltaí a mbord bainistíochta agus dá lucht bainistíochta sinsearaí agus go bhfoilsítear iad ar a suíomh gréasáin;

50.

ag tabhairt dá haire go bhfoilsíonn formhór na ngníomhaireachtaí ar a suíomh gréasáin curriculum vitae (CV) nó cur síos gearr ar chúlra chomhaltaí a mbord bainistíochta, a bhfoirne bainistíochta, a saineolaithe seachtracha agus a saineolaithe inmheánacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil CVanna neamhiomlán nó in easnamh ó na suíomhanna gréasáin faoi seach don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) agus an EEA an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (saineolaithe inmheánacha), Frontex, an Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh ERA agus ESMA (saineolaithe inmheánacha agus seachtracha araon), Cedefop (cuid dá chomhaltaí boird bainistíochta agus dá chomhaltaí malartacha), EU-OSHA (comhaltaí an bhoird bainistíochta agus comhaltaí malartacha); ag meabhrú do na gníomhaireachtaí go bhfuil sé tábhachtach trédhearcacht chúlra a gcomhaltaí ar a mbord bainistíochta, a bhfoireann bainistíochta agus saineolaithe seachtracha agus inmheánacha a mhéadú; ag iarraidh ar EUAN comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí i measc a chuid ballghníomhaireachtaí chun CVanna na gcomhaltaí, na foirne agus na saineolaithe sin a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin, de bhrí gur cheart go n-áireofaí taithí ghairmiúil agus oideachas ar a laghad sna CVanna sin;

51.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di tuairim na Cúirte go bhfuil baol ar leith ann do ghníomhaireachtaí maidir le cásanna ‘dorais imrothlaigh’ toisc iad a bheith ag brath ar fhoireann shealadach rud a fhágann go mbíonn láimhdeachas ardráta foirne, agus mar gheall ar a samhail rialaithe, lena n-áirítear boird ar gnách le comhaltaí a bheith ag fónamh orthu ar feadh téarmaí réasúnta gearr. ag aithint go bhfuil méadú breise tagtha ar an riosca i gcás gníomhaireachtaí áirithe mar gheall ar chumhachtaí rialála suntasacha nó naisc leis an tionscal; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin iniúchadh na Cúirte ar thopaic chothrománach a bhaineann le coinbhleachtaí leasa agus cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le ‘doras imrothlach’ i dtuairim is 40 gníomhaireacht; ag tabhairt dá haire, i gcás an iniúchta sin, gur scrúdaigh an Chúirt cásanna idir 2019 agus 2021 inar ghlac baill foirne gníomhaireachta sinsearacha reatha nó iar-fhoireann gníomhaireachta sinsearacha post tar éis dóibh gníomhaireacht a fhágáil nó ina ndearna siad gníomhaíocht sheachtrach íoctha agus iad ag obair do ghníomhaireacht; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur fhéach an Chúirt freisin ar chásanna comhchosúla a rinne difear do chomhaltaí agus d’iarchomhaltaí de bhoird gníomhaireachtaí;

52.

ag tabhairt faoi deara, agus é ina ábhar imní di, nár bhreithnigh ach 20 de na 40 gníomhaireacht a scrúdaigh an Chúirt aon chásanna a d’fhéadfadh a bheith ann do dhoras imrothlach a bhaineann lena gcomhaltaí foirne sinsearacha; ag tabhairt dá haire conclúid na Cúirte gur chomhlíon gníomhaireachtaí i gcoitinne na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme; ag tabhairt dá haire, áfach, gur aimsigh an Chúirt i sé ghníomhaireacht (ACER, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (EASA), ÚEÁPC, ENISA, Europol agus EUSPA) roinnt sáruithe nós imeachta maidir lena n-oibleagáidí dlíthiúla e.g. liosta de na cásanna a measúnaíodh a fhoilsiú, dul i gcomhairle leis an gComhchoiste nó cinneadh foirmiúil a eisiúint laistigh de 30 lá oibre; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí a nósanna imeachta agus a rialuithe inmheánacha a neartú a bhaineann le cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le ‘doras imrothlach’ chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na rialacha is infheidhme dá bhforáiltear i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;

53.

á chur in iúl gur saoth léi go mór neamhéifeachtúlacht agus neamhdhóthanacht an fhaireacháin ar chomhlíonadh na gceanglas agus na srianta maidir le ‘doras imrothlach’ ag foireann na ngníomhaireachtaí reatha agus iarfhostaithe na ngníomhaireachtaí; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, sa chomhthéacs sin, go bhféadfadh cásanna ‘dorais imrothlaigh’ neamhdhearbhaithe agus sáruithe ar shrianta a fhorchuirtear ar bhaill foirne atá ag imeacht i ndáil lena bpoist nua a bheith fós gan bhrath, rud a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le buntáistí éagóracha d’eintitis áirithe san earnáil phríobháideach i dtéarmaí faisnéise ón taobh istigh nó brústocaireachta; ag aithint go bhfuil an laige agus na rioscaí sin dlite do na hoibleagáidí teoranta a leagtar amach i gcreat dlíthiúil an Aontais sa réimse sin; ag moladh Oifig BEREC, ÚBE agus ESMA as nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm acu chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha is infheidhme i réimse an ‘dorais imrothlaigh’;

54.

á aithint nach bhfuil feidhm ag na rialacha maidir le cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le ‘doras imrothlach’ agus an riosca coinbhleachtaí leasa a bhaineann leo maidir le comhaltaí de bhoird gníomhaireachtaí, coistí eolaíocha, grúpaí saineolaithe agus comhlachtaí comhchosúla eile; ag tabhairt dá haire i dtuarascáil na Cúirte nach ndearna ach ceithre ghníomhaireacht measúnú, le linn na tréimhse iniúchta (2019-2021), ar aon chásanna a bhain le comhaltaí dá mboird, a ghlac le post nua nó le gníomhaíocht sheachtrach; á chur in iúl gur saoth léi nach ndearnadh measúnú ach ar 25 chás (i.e. 3,8 %) as 659 imeacht a bhain le comhaltaí de bhoird na ngníomhaireachtaí; ag moladh ÚBE, ÚEÁPC, an Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (EIT), EMA, ESMA, Europol agus FRA) as forálacha sonracha a bheith i bhfeidhm lena gcumhdaítear an riosca go mbeadh ‘doras imrothlach’ ann i ndáil le comhaltaí dá mbord, in ainneoin an fholúis dhlíthiúil atá ann cheana;

55.

ag iarraidh ar EUAN iarrachtaí a chomhordú chun na nithe seo a leanas a thabhairt isteach ina bhallghníomhaireachtaí uile: (i) cód iompair agus sraith rialacha do chomhaltaí a mboird bainistíochta, ina leagtar amach prionsabail, nósanna imeachta agus sásraí sonracha chun déileáil le coinbhleachtaí leasa na gcomhaltaí sin agus le cásanna ‘dorais imrothlaigh’; (ii) nósanna imeachta maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcinntí is infheidhme ag an bhfoireann reatha agus ag an iarfhoireann (lena n-áirítear baill foirne shinsearacha) i réimse an ‘dorais imrothlaigh’ agus na srianta gaolmhara; ag iarraidh, thairis sin, ar EUAN iarrachtaí a chomhordú chun na moltaí uile arna n-eisiúint ag an Ombudsman Eorpach i dTuarascáil Iniúchta an 28 Feabhra 2019 (cás SI/2/2-17/NF) a chur chun feidhme ina ballghníomhaireachtaí uile chun an cosc bliana ar bhrústocaireacht agus abhcóideacht a fhorfheidhmiú d’fhoireann shinsearach an Aontais a d’fhág an státseirbhís agus faisnéis a fhoilsiú go bliantúil maidir leis na cásanna a ndearnadh measúnú orthu chun na críche sin; ag aithint, áfach, go bhfuil easpa cumhachta ceangailtí sna moltaí sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún an bhearna sin a dhruidim; ag iarraidh, tharis sin, ar EUAN tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta sna hábhair sin;

56.

ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh formhór na ngníomhaireachtaí nach ndearna siad cásanna coinbhleachta leasa a imscrúdú nó a thabhairt i gcrích in 2021; á chur in iúl gur oth léi go mór, i roinnt gníomhaireachtaí, roinnt cásanna ina bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith ann (Cedefop: Cás amháin; EFSA: 13 chás; EIT: Cás amháin; Eurofound: Cás amháin; Europol: 2 chás) a tuairiscíodh maidir le painéil roghnúcháin, saineolaithe seachtracha, nósanna imeachta earcaíochta, nósanna imeachta soláthair agus deontais nó iarfhoireann ghníomhaireachta, mar shampla; ag tabhairt dá haire freagraí na ngníomhaireachtaí lena mbaineann maidir leis an obair leantach ar na cásanna tuairiscithe sin;

57.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas sceithirí i bhfeidhm ag na gníomhaireachtaí uile, agus go bhfuil cuid acu (EMA, EU-LISA) tar éis é a nuashonrú in 2021; ag iarraidh ar CEPOL bealaí tuairiscithe sonracha sábháilte a chur i bhfeidhm i gcomhréir le ceanglais ábhartha Threoir (AE) 2019/1937 (6) an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le sceithireacht; ag tabhairt faoi deara gur tuairiscíodh cásanna sceithireachta in 2021 ag ÚBE (1 chás dúnta), ag Frontex (3 chás: dúnadh ceann amháin agus cuireadh in iúl é do OLAF agus dhá chás atá fós ar siúl) agus ag EUSPA (cás amháin atá fós ar siúl); ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach ndearna EMA tuairisciú ar aon chás sceithireachta inmheánacha, ach fuarthas 29 dtuarascáil ar chásanna sceithireachta seachtracha, agus dúnadh 23 chás díobh sin agus tá 6 chás fós ar siúl; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí lena mbaineann tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta sna cásanna atá fós ar siúl; ag iarraidh ar gach gníomhaireacht seisiúin oiliúna athnuachana maidir le beartas sceithireachta a thairiscint go rialta dá bhfoireann uile, an topaic sin a chur san áireamh sna cláir ionduchtúcháin do nuatheachtaithe agus faisnéis maidir le sceithireacht a fhoilsiú ar leathanaigh gréasáin inlín na ngníomhaireachtaí;

Rialú inmheánach

58.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, torthaí na Cúirte i réimse na gcóras bainistithe agus rialaithe, inar chonacthas in 2021 laigí maidir le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, rialuithe ex-ante/ex-post in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

59.

ag tabhairt dá haire i dtuarascáil na Cúirte go bhfuil forálacha i bhfeidhm ina rialacháin bhunaidh maidir le húdaráis mhaoirseachta Eorpacha (GES) chun a áirithiú go ngníomhóidh Comhaltaí a mBord Maoirseoirí go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar mhaithe leis an Aontas; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur thuairiscigh an Chúirt saincheisteanna rialachais a rinne difear do GES i roinnt tuarascálacha speisialta sna blianta roimhe seo, inar mhol sí gur cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar athruithe a mholadh ar struchtúr rialachais GSE lena gceadófaí dóibh a gcumhachtaí a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí, cé nár ghlac an reachtóir leis an struchtúr rialachais athbhreithnithe a bhí beartaithe ag an gCoimisiún in 2019; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an Coimisiún síos togra i mí Iúil 2021 chun údarás nua de chuid an Aontais a bhunú chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (ÚFA) a chomhrac, a bhfuil caibidlíocht fós ar siúl ina leith;

60.

ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh na gníomhaireachtaí uile ag deireadh 2021 go raibh an creat rialaithe inmheánaigh (ICF) athbhreithnithe, bunaithe ar COSO curtha chun feidhme acu agus go ndearna siad an measúnú bliantúil ar ICF; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí go léir torthaí an mheasúnaithe ar leibhéal na gcomhpháirteanna a sholáthar ar a laghad, ag spreagadh na gníomhaireachtaí, áfach, chun tuairisciú a dhéanamh ar leibhéal níos mionsonraithe, amhail de réir phrionsabal an rialaithe inmheánaigh;

61.

ag tabhairt dá haire, in 2021, de réir thuarascáil na Cúirte maidir leis an obair leantach ar bharúlacha na mblianta roimhe sin, gur dúnadh 67 mbarúil agus go raibh 48 mbarúil fós á gcur chun feidhme nó fós gan réiteach; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí na barúlacha a chur chun feidhme go dícheallach agus a gcreataí rialaithe inmheánacha a fheabhsú tuilleadh; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, gur thuairiscigh 9 ngníomhaireacht go raibh cásanna OLAF fós ar siúl acu;

62.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na gníomhaireachtaí a áirithiú; á áitiú go láidir go bhfuil gá le córais éifeachtacha bainistithe agus rialaithe chun cásanna coinbhleachta leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, rialuithe ex-ante/ex-post atá in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí, a sheachaint;

Digitiú agus an t-aistriú glas

63.

ag moladh na ngníomhaireachtaí uile go bhfuil bearta curtha i bhfeidhm acu ar leibhéil éagsúla chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú agus chun rannchuidiú dearfach a dhéanamh leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an aeráidneodracht; ag tabhairt dá haire go mbaineann na bearta sin le soghluaisteacht inbhuanaithe na foirne, úsáid saoráidí níos glaise, bainistiú dramhaíola, laghdú ar thomhaltas páipéir agus tomhaltán, feabhas ar úsáid fuinnimh etc.; ag aithint, áfach, gur gá i roinnt gníomhaireachtaí (e.g. CEPOL) i bhfad níos mó a dhéanamh maidir lena mbearta inbhuanaitheachta comhshaoil; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí uile aistriú a luaithe is féidir chuig leictreachas glas, nuair is féidir ó fhoinsí in-athnuaite 100 % agus cealla grianphainéil a shuiteáil, i gcás inar féidir, ar dhíon a bhfoirgneamh;

64.

ag tabhairt dá haire go bhfuil 6 ghníomhaireacht deimhnithe faoi EMAS (an Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht), 19 ngníomhaireacht nach bhfuil deimhnithe faoi EMAS, agus i gcás 7 ngníomhaireacht tá an próiseas deimhniúcháin EMAS ar siúl faoi láthair; ag tabhairt dá haire nach bhfuil Soláthar Poiblí Glas (SPG) curtha chun feidhme ag formhór na ngníomhaireachtaí nó go bhfuil critéir ghlasa (comhshaoil atá soiléir agus infhíoraithe) á dtabhairt isteach acu de réir a chéile ina bpróisis soláthair phoiblí; ag iarraidh ar ghníomhaireachtaí uile dlús a chur le glacadh agus cur chun feidhme SPG ina iomláine; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí leanúint de thuairisciú a dhéanamh don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta sna hábhair sin;

65.

ag moladh do na gníomhaireachtaí uile pleananna gníomhaíochta ilbhliantúla maidir le glasú a ghlacadh ina n-áirítear gealltanais maidir le laghdú CO2; ag moladh, ina theannta sin, do na gníomhaireachtaí tuarascálacha bliantúla comhshaoil a fhoilsiú ina ndéanfar measúnú, trí KPInna ábhartha, ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil agus ar a lorg CO2;

66.

á thabhairt faoi deara gur bhliain thábhachtach a bhí in 2021 don chuid is mó de na gníomhaireachtaí a mhéid a bhaineann le bearta éagsúla a rinneadh chun cibearshlándáil agus cosaint na dtaifead digiteach atá ina seilbh ag na gníomhaireachtaí a neartú; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil na bearta sin comhchuibhithe thar ghníomhaireachtaí; ag moladh réamhghníomhacht roinnt gníomhaireachtaí atá ullmhaithe chun nuashonrú a dhéanamh ar a mbeartais slándála córas faisnéise i bhfianaise an dá rialachán de chuid an Aontais atá ar na bacáin maidir le cibearshlándáil agus slándáil faisnéise in institiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí uile déanamh dá réir i ndáil leis sin; ag spreagadh na ngníomhaireachtaí oibriú i ndlúthchomhar le ENISA; ag tabhairt faoi deara an tionscnamh ó EU-OSHA cur chun feidhme réitigh choitinn chun seirbhísí cibearshlándála a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí beaga a chomhordú; ag tabhairt dá haire nár ghlac roinnt gníomhaireachtaí (BEREC, CEPOL) beartas cibearshlándála go fóill agus ag tathant orthu é sin a dhéanamh; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí cláir oiliúna nuashonraithe a bhaineann leis an gcibearshlándáil a chur ar fáil ar bhonn rialta dá bhfoireann uile;

67.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú na ngníomhaireachtaí a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú na nósanna imeachta; á chur in iúl gur geal léi go ndearna formhór na ngníomhaireachtaí dul chun cinn breise in 2021 maidir le digitiú agus barrfheabhsú a sreafaí oibre agus a nósanna imeachta, go háirithe i réimsí acmhainní daonna, nósanna imeachta airgeadais agus nósanna imeachta soláthair; ag moladh do na gníomhaireachtaí uile na bogearraí Ardshínithe agus Ríomhshínithe Cáilithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun formheasanna agus sínithe a fháil ó chontrapháirtithe inmheánacha agus seachtracha araon i ndoiciméid soláthair agus chonarthacha;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

68.

á aithint go raibh dúshláin athnuaite a tháinig le linn na bliana 2021 a d’éiligh oiriúnú, nuálaíocht, athléimneacht agus solúbthacht faoi ghreim leanúnach phaindéim COVID-19 agus na neamhchobhsaíochtaí nua polaitiúla agus eacnamaíocha atá ag teacht chun cinn;

69.

ag tabhairt dá haire go raibh an teilea-obair ríthábhachtach do leanúnachas gnó na ngníomhaireachtaí in 2021, agus d’éirigh leis freisin mar gheall ar infheistíochtaí na ngníomhaireachtaí i gcloschomhdháil agus i bhfíschomhdháil agus in uirlisí eile ar líne; ag tabhairt faoi deara ó fhreagraí na ngníomhaireachtaí go raibh tionchar neodrach nó dearfach ag an teilea-obair agus ag an obair hibrideach ar fheidhmíocht beagnach gach gníomhaireachta, agus measann roinnt gníomhaireachtaí go bhfuil ról suntasach ag an teilea-obair ó thaobh tallann a mhealladh agus a choinneáil; ag moladh do na gníomhaireachtaí na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm, chun cruinnithe agus cúraimí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla a eagrú ar bhealach níos éifeachtaí ná iad féin a dhéanamh go pearsanta amach anseo; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna roinnt gníomhaireachtaí suirbhéanna i measc a bhfoirne chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na teilea-oibre, le torthaí a léiríonn taithí dhearfach fhoriomlán agus éifeachtúlacht mhéadaithe (a mheastar a bheith ann), ach, tugadh roinnt dúshlán le fios, lena n-áirítear nasc le daoine ó fhoirne eile agus braistint chomhuintearais a d’fhéadfaí a chur i mbaol; ag spreagadh na ngníomhaireachtaí uile an cinneadh ón gCoimisiún maidir le ham oibre agus obair hibrideach a ghlacadh agus a chur chun feidhme;

Barúlacha eile

70.

á chur in iúl gur geal léi na céimeanna atá déanta ag na gníomhaireachtaí chun torthaí a gcuid oibre a nochtadh agus a fhoilsiú trí bhealaí éagsúla, lena n-áirítear a suíomhanna gréasáin agus na meáin shóisialta; ag tathant ar na gníomhaireachtaí dlús a chur lena n-iarrachtaí agus faisnéis ábhartha feidhmíochta a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i gcoitinne i dteanga shoiléir agus inrochtana chun trédhearcacht níos mó agus cuntasacht phoiblí a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as na meáin agus cainéil na meán sóisialta; ag dréim leis go ndéanfaidh na Gníomhaireachtaí tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;

71.

á mheabhrú go ndearna an Chúirt nósanna imeachta uathoibrithe iniúchóireachta a thriail ar bhonn píolótach in 2020 i réimse an iniúchta ar chuntais roinnt gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; ag tabhairt dá haire gur leathnaigh an Chúirt úsáid na nósanna imeachta sin in 2021 chuig na gníomhaireachtaí uile, ach – i gcás gníomhaireachtaí díláraithe – go gcuireann an Chúirt deich nós imeachta i bhfeidhm a bhaineann le tuarastail amháin; ag tabhairt faoi deara ó thuarascáil na Cúirte na torthaí a baineadh amach go rathúil trí nósanna imeachta uathoibrithe a chur i bhfeidhm; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil bearnaí in úsáid uirlisí caighdeánaithe TF (i ríomhsholáthar, agus airgeadas, cuntasaíocht agus tuairisciú) ina mbacainní tromchúiseacha ar an gCúirt úsáid teicneolaíocht iniúchóireachta digiteacha a leathnú chuig réimsí eile agus chuig na gníomhaireachtaí uile; á chur in iúl gur geal léi, mar sin féin, plean na Cúirte an teicneolaíocht sin a leathnú chun iniúchadh a dhéanamh ar sholáthar poiblí na ngníomhaireachtaí in 2022;

72.

á mheas gur gá do EUAN níos mó a dhéanamh chun a bheith ina fhíor-lárionad comhordúcháin ar na gníomhaireachtaí agus chun rannchuidiú leis an gcomhar agus leis an malartú dea-chleachtas eatarthu a mhéadú d’fhonn, inter alia, a gcostais fheidhmiúla a laghdú; ag iarraidh ar na gníomhaireachtaí teacht ar chomhaontú maidir le leithdháileadh post páirtaimseartha breise (0,5 FTE) don EUAN óna gcairteacha eagrúcháin; ag iarraidh ar EUAN liosta nuashonraithe ar a mbeidh pointí teagmhála sna gníomhaireachtaí uile a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh;

73.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig na gníomhaireachtaí atá faoi réir an nós imeachta um urscaoileadh seo, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

(1)   IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.

(2)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(3)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.

(4)  Breithiúnas ón gCúirt an 11 Samhain 2021, UAB „Manpower Lit“ v E.S. agus Eile, C-948/19, ECLI:AE:C:2021:906.

(5)   IO L 327, 5.12.2008, lch. 9

(6)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch.17).


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/491


CINNEADH (AE) 2023/1947 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach CBE JU (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe) don bhliain airgeadais 2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá a thabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0107/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0093/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 169, 7.6.2014, lch. 130.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/493


RÚN (AE) 2023/1948 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach – CBE JU (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0093/2023),

A.

de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (‘Comhghnóthas BBI’) i mí na Bealtaine 2014 faoin gclár Fís 2020 don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2024 (1); de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach (‘Comhghnóthas CBE’) i mí na Samhna 2021 le Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle (2) chun teacht in ionad an Chomhghnóthais Tionscail Bhithbhunaithe, faoin gclár Fís Eorpach don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031;

B.

de bhrí gurb í aidhm ghinearálta na gcomhghnóthas faoin gclár Fís Eorpach a bheith dírithe níos mó ar chuspóirí agus comhpháirtíochtaí níos uaillmhianaí a bheith acu leis na hearnálacha den tionscal a bhaineann leo le hais mar a bhí sna cláir roimhe seo;

C.

de bhrí gur maoiníodh Comhghnóthas CBE faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021–2027 agus é mar aidhm aige na geallsealbhóirí ábhartha uile a thabhairt le chéile agus rannchuidiú leis an Aontas a bhunú mar phríomhghníomhaí sa taighde, trí rannpháirtíocht agus tiomantas na gcomhpháirtithe i ndearadh agus i gcur chun feidhme cláir gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo;

D.

de bhrí, faoi chláir CAI le haghaidh taighde agus nuálaíochta, go bhfuil pearsantacht dhlítheanach ar leithligh ag comhghnóthais agus go nglacann siad a gclár oibre taighde agus nuálaíochta féin ina réimse straitéiseach taighde, agus go gcuireann siad an clár oibre sin chun feidhme trí ghlaonna ar thograí nó trí chonarthaí soláthair;

E.

de bhrí gurb iad cuspóirí ginearálta Chomhghnóthas CBE dlús a chur leis an bpróiseas nuálaíochta agus le forbairt réiteach nuálach bithbhunaithe, dlús a chur le chur in úsáid na réiteach aibí agus nuálach bithbhunaithe atá ann cheana ar an margadh agus ardleibhéal feidhmíochta comhshaoil maidir le córais thionsclaíocha bhithbhunaithe a áirithiú;

F.

de bhrí, chun fad an chláir Fís Eorpach a chur san áireamh, go seolfar glaonna ar thograí faoi Chomhghnóthas CBE faoin 31 Nollaig 2027; de bhrí, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go ndéanfaí glaonna ar thograí a sheoladh faoin 31 Nollaig 2028;

G.

de bhrí gurb iad an tAontas, a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht thar a cheann, agus comhpháirtithe tionsclaíocha, a ndéanann Cuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe (‘BIC’) ionadaíocht thar a gceann, comhaltaí bunaidh Chomhghnóthas CBE;

H.

de bhrí gurb ionann ranníocaíocht airgeadais an Aontais le Comhghnóthas CBE, lena n-áirítear leithreasuithe LEE, agus suas le EUR 1 bhilliún (a bhfuil suas le EUR 23,5 milliún de le haghaidh costais riaracháin); de bhrí go ndéanfaidh comhaltaí Chomhghnóthas CBE, seachas an tAontas ranníocaíocht iomlán nó go socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht iomlán EUR 1 bhilliún ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 23,5 milliún le haghaidh costais riaracháin, thar an tréimhse 10 mbliana;

Ginearálta

1.

Á chur in iúl gur geal léi go gcinntear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla Chomhghnóthas CBE (‘tuarascáil ón gCúirt’) go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais bhliantúla 2021, ar gach slí ábhartha, staid airgeadais Chomhghnóthas CBE an 31 Nollaig 2021, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir le rialacha airgeadais Chomhghnóthas CBE agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta, ar gach slí ábhartha;

2.

Á aithint go mbeartaítear le Fís Eorpach spriocanna uaillmhianacha don chomhghnóthas, ar spriocanna iad nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, amhail i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, go bhféachfaí ar na féidearthachtaí atá ann simpliú a dhéanamh nuair is féidir agus ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

3.

Ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú comhchuibhithe ar ‘costais riaracháin’ i measc na gcomhghnóthas, ar bonn é chun ranníocaíochtaí airgeadais a gcomhaltaí a ríomh agus ar réamhchoinníoll é chun na costais sin a dhéanamh inchomparáide; á iarraidh, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí treoirlínte comhchoiteanna le haghaidh gach comhghnóthais chun cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh maidir le haicmiú catagóirí áirithe caiteachais riaracháin, amhail caiteachas ar chomhairliúcháin, staidéir, anailísí, meastóireachtaí, agus cúnamh teicniúil;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

4.

Ag tabhairt dá haire, i mí na Nollag 2020, gur ghlac an bord rialaithe buiséad 2021 do Chomhghnóthas CBE don mhéid foriomlán (buiséad glactha agus athghníomhachtú) EUR 5 215 066 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 174 626 895 i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus nach raibh aon leasú ann;

5.

Ag tabhairt dá haire gur oth léi, de réir na tuarascála ón gCúirt, nach raibh an ráta cur chun feidhme do bhuiséad íocaíochtaí 2021 Chomhghnóthas CBE a bhí ar fáil do thionscadail Fís 2020 ach 71 %, mar gheall ar thosca seachtracha amhail paindéim COVID-19, chomh maith le deireadh gan choinne a bheith curtha le tionscadal mór Fís 2020 tar éis don phríomhthairbhí dul i bhféimheacht in 2021;

6.

Ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh barrachas den bhuiséad nár úsáideadh ó bhlianta roimhe sin (2018, 2019 agus 2020) san áireamh i mbuiséad Chomhghnóthas BBI a bhí ann roimhe sin, lenar áiríodh EUR 600 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas riaracháin agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí riaracháin agus EUR 46 881 709 i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibríochtúla; ag tabhairt dá haire freisin go ndearnadh na leithreasuithe athghníomhachtaithe a thomhailt ar bhonn tosaíochta i gcomhréir le rialacha airgeadais Chomhghnóthas CBE, agus gur shroich siad beagnach 100 % i gcás na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas riaracháin, 84 % i gcás na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí riaracháin agus 79 % i gcás na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibríochtúla faoi dheireadh na bliana;

7.

Ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, gur ranníoc an tAontas EUR 728,228 milliún agus gur ranníoc an ghrúpáil tionscail EUR 52,239 milliún i gcomhchineál bailíochtaithe, EUR 14,559 milliún in airgead tirim i leith costais riaracháin agus EUR 3,250 milliún in airgead tirim i leith costais oibríochtúla;

8.

Ag tabhairt dá haire, a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí oibríochtúla Chomhghnóthas CBE ag deireadh 2021, go raibh beagnach EUR 815,8 milliún de ranníocaíocht uasta an Aontais geallta go hiomlán ag Comhghnóthas CBE le haghaidh comhaontuithe deontais faoi Fís 2020 a síníodh; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil thart ar EUR 159,6 milliún (nó 19,6 %) fós le híoc sna blianta amach romhainn; ag tabhairt dá haire, ar an taobh eile, go raibh gealltanas dlíthiúil tugtha ag comhaltaí príobháideacha ranníocaíochtaí comhchineáil agus airgeadais arb ionann iad agus EUR 266,5 milliún nó 56 % den sprioc tháscach EUR 475,3 milliún a sholáthar, ar sprioc í a leagtar síos sna cláir oibre bliantúla atá glactha ag Comhghnóthas CBE; ag tabhairt dá haire, áfach, ós rud é go raibh gach glao Fís 2020 dúnta ag deireadh 2020, nach mbainfidh Comhghnóthas CBE an sprioc tháscach amach dá chomhaltaí príobháideacha faoi dheireadh thréimhse an chláir;

9.

Ag tabhairt dá haire gurbh ionann ráta cur chun feidhme le haghaidh íocaíochtaí Chomhghnóthas CBE a bhí ar fáil do thionscadail Fís 2020 agus 71 %, mar thoradh ar fhionraithe agus faduithe ar thionscadail Fís 2020 le déanaí a raibh gá leo mar gheall ar phaindéim COVID-19, chomh maith le deireadh a bheith curtha le tionscadal mór Fís 2020 tar éis don phríomhthairbhí dul i bhféimheacht in 2021; ag tabhairt dá haire nach raibh aon leithreasú faoi chomhair gealltanas oibríochtúil ag Comhghnóthas CBE in 2021 toisc go raibh an glao deiridh ar thograí curtha i gcrích aige faoi dheireadh 2020;

10.

Ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, gur thuairiscigh comhaltaí an tionscail ranníocaíochtaí comhchineáil iomlána le gníomhaíochtaí breise arb ionann iad agus EUR 1 646,5 milliún nó 74 % den sprioc EUR 2 225,4 milliún; ag cur sonrú, áfach, sa bharúil ón gCúirt maidir le neamhchonclúid an phróisis deimhniúcháin do EUR 715,6 milliún nó 43 % den mhéid tuairiscithe; ag cur sonrú sa ghníomhaíocht a rinne bord rialaithe Chomhghnóthas CBE d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach an sprioc faoi dheireadh an chláir, trí EUR 658 milliún breise d’infheistíochtaí ó chomhaltaí an tionscail i ngníomhaíochtaí 2022 a fhormheas i mí Feabhra 2022, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil dlúthbhaint acu le cuspóirí straitéiseacha Chomhghnóthas CBE; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go bhféadfadh an gealltanas sin ó na comhaltaí príobháideacha an baol a mhaolú nach mbainfidh Comhghnóthas CBE amach an sprioc maidir le ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí breise faoi dheireadh an chláir Fís 2020;

11.

Ag tabhairt dá haire, tar éis na barúla ón gCúirt in 2020 maidir leis an easpa sonraí le haghaidh na ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe, trí fhoilseachán na tuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí 2021, gur éirigh le BIC líon mór deimhnithe a sholáthar lena gcumhdaítear ranníocaíochtaí comhchineáil ó chomheintitis BIC le gníomhaíochtaí breise ó 2020 den chuid is mó, ach ó 2019 agus 2018 freisin, ar cuireadh moill ar a soláthar le linn phaindéim COVID-19;

12.

Á thabhairt chun suntais, maidir leis an riosca a shainaithin an Chúirt in 2020 i ndáil le clár oibre taighde agus nuálaíochta Chomhghnóthas CBE a bhaint amach don chlár Fís 2020, go ndeimhnítear leis na héachtaí oibríochtúla a tuairiscíodh sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021 gur éirigh le Comhghnóthas CBE a chuspóirí straitéiseacha a bhaint amach, d’ainneoin an laghdaithe ar ranníocaíochtaí in airgead tirim ó chomhaltaí Chomhghnóthas CBE (an Coimisiún agus BIC araon); á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, gur tugadh 41 thionscadal chun críche i measc na mbuaicphointí oibríochtúla a tuairiscíodh le haghaidh 2021, agus gur baineadh amach na heochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) uile a bhí nasctha le feidhmíocht an tionscadail; á chur in iúl, thairis sin, gur mór aici go léirítear leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo arna dtuairisciú ag tionscadail leanúnacha go sáróidh na KPInna deiridh na spriocanna a leagtar síos sa ‘Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht: Tionscail Bhithbhunaithe ar mhaithe le Forbairt agus Fás san Eoraip’ go suntasach, inar sainaithníodh na gníomhaíochtaí taighde, taisealbhaidh agus cur in úsáid atá le déanamh ag Comhghnóthas CBE faoi chuimsiú an chláir Fís 2020;

13.

Ag tabhairt dá haire go leanann Comhghnóthas CBE de thuairisciú a dhéanamh ina thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021 ar luachanna iarbhír na ranníocaíochtaí comhchineáil airgeadais arna soláthar ag BIC, nó ag a chomheintitis, chun na spriocanna a bhunaítear i Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 ón gComhairle (3) a bhaint amach agus gur shroich leibhéal foriomlán na ranníocaíochtaí comhchineáil agus airgeadais 70 % den luach ionchais deiridh EUR 2,73 billiún cheana féin agus go bhfuil sé ar an mbóthar ceart chun an cuspóir deiridh sin a bhaint amach faoi 2024;

Feidhmíocht

14.

Ag tabhairt dá haire gur chuir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tosaíochtaí agus cuspóirí 2021 Chomhghnóthas CBE faoi bhráid an bhoird rialaithe den chéad uair le linn an chruinnithe a bhí aige an 17 Meitheamh 2020, sular cuireadh leagan críochnaitheach i láthair agus sular pléadh iad an 7 Deireadh Fómhair 2020; ag tabhairt dá haire gur áiríodh na tosaíochtaí ansin i bplean oibre bliantúil 2021 mar chuspóirí do 2021, arb é is aidhm dóibh an phunann tionscadal a chomhdhlúthú agus na caighdeáin cháilíochta a choinneáil chun buaicthréimhse an ualaigh oibre a sheasamh ag an am céanna; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur áirithíodh aistriú rianúil ó Chomhghnóthas BBI chuig Comhghnóthas CBE nua faoin gClár Réime Fís Eorpach;

15.

Ag tabhairt dá haire nach raibh aon ghlao oscailte ar thograí ann in 2021 agus gur cuireadh an glao deireanach chun feidhme in 2020, agus gur lean Comhghnóthas CBE de bhainistiú a dhéanamh ar a phunann tionscadal a raibh síniú 18 gcomhaontú deontais mar thoradh air, rud a d’fhág go raibh 142 thionscadal i bpunann Chomhghnóthas CBE (71 ghníomhaíocht taighde agus nuálaíochta, 39 ngníomhaíocht taisealbhaidh, 14 thionscnamh suaitheanta agus 18 ngníomhaíocht chomhordúcháin agus tacaíochta) a raibh 96 díobh fós ar siúl ag deireadh 2021 agus 46 díobh tugtha chun críche;

16.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, go ndearna conraitheoir seachtrach staidéar tiomnaithe (4) chun torthaí KPInna ó 32 thionscadal Chomhghnóthas BBI a bhailíochtú, ar tionscadail iad a tugadh chun críche faoi mhí Iúil 2020, agus chun measúnú foriomlán a sholáthar ar phunann tionscadal Chomhghnóthas BBI; á tabhairt dá haire go ndearnadh anailís sa chleachtadh bailíochtaithe ar thorthaí agus ar thionchair thuairiscithe KPInna i gcoinne na fianaise a soláthraíodh i ndoiciméadacht an tionscadail, lena n-áirítear an tuarascáil thréimhsiúil, na táirgí insoláthartha agus na tuarascálacha athbhreithnithe a rinne saineolaithe neamhspleácha; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur forbraíodh scór bailíochtaithe chun a léiriú a mhéid a thacaigh fianaise le torthaí KPI a tuairiscíodh;

17.

Á chur i bhfios go sroicheann formhór na sonraí bailíochtaithe (thart ar 90 %) scór 1 nó scór 2 (scóir bhailíochtaithe: 1, 2, 3) lena léirítear go ndéanann an creat eochairtháscairí feidhmíochta a socraíodh do Chomhghnóthas BBI torthaí agus tionchair an chláir a thomhas go fóinteach;

18.

Ag tabhairt dá haire gurb iad na tionscnaimh shuaitheanta agus gníomhaíochtaí taisealbhaidh ardfhorbartha na tionscadail is mó a rannchuidíonn leis na tionchair shocheacnamaíocha amhail cruthú post, forbairt tuaithe agus tairbhí do tháirgeoirí príomhúla, mar aon leis an tionchar réigiúnach agus áitiúil agus leis na tionchair ar mhargaí agus ar thionscal; ag tabhairt dá haire go bhfágann leibhéal aibíochta teicneolaíochta na dtionscadal sin gur féidir na teicneolaíochtaí a chur in úsáid ar mórscála réamhthionsclaíoch, ina mbíonn gníomhaithe ón slabhra luacha ar fad rannpháirteach, ó sholáthróirí bunábhair áitiúla go húsáideoirí deiridh agus údaráis áitiúla;

19.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú ar thionchar na bpróiseas tionsclaíoch agus na dtáirgí tionsclaíocha ar an gcomhshaol ar cheann de phríomhchuspóirí Chomhghnóthas CBE; ag tabhairt dá haire gur rannchuidiú tábhachtach le maolú ar an athrú aeráide é laghdú astaíochtaí CO2 agus gás ceaptha teasa eile arna dtuairisciú ag 65 % de thionscadail Chomhghnóthas CBE; ag tabhairt dá haire go dtuairiscíonn 29 % de na tionscadail úsáid/athchúrsáil CO2 a scaoiltear ó oibríochtaí bithbhunaithe, rud a chomhfhreagraíonn do laghdú a dhéanamh ar a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha;

20.

Á chur in iúl gur geal léi, in 2021, gur leanadh d’fheidhmíocht éifeachtúil Chomhghnóthas CBE i bpríomhoibríochtaí i leith eochairtháscairí feidhmíochta an chláir Fís 2020 ar a ndéantar faireachán ar Chomhghnóthas CBE, lena ndeimhnítear na treochtaí dearfacha a tugadh faoi deara sna blianta roimhe seo: baineadh amach sprioc am chun faisnéis a thabhairt (TTI) d’iarratasóirí ar ghlao 2020 i mí Eanáir 2021, thóg sé 137 lá in aghaidh sprioc 153 lá (100 % in am); b’ionann am chun deontas a thabhairt (TTG) le haghaidh tograí faoi ghlao 2020 a coinníodh agus 236 lá ar an meán in aghaidh sprioc 245 lá agus síníodh na comhaontuithe deontais uile in am (100 % in am); b’ionann am chun leasú a dhéanamh (TTA) agus 9 lá in aghaidh sprioc 45 lá (100 % in am); b’ionann am chun íocaíocht a dhéanamh (TTP) le haghaidh réamh-mhaoiniú i dtaca le tograí ó ghlao 2020 a coinníodh agus 9,5 lá ar an meán in aghaidh sprioc 30 lá (100 % in am) agus b’ionann é le haghaidh íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí deiridh agus 66 lá ar an meán in aghaidh sprioc 90 lá (100 % in am);

21.

Ag tabhairt dá haire, tar éis barúil a thabhairt i nós imeachta urscaoilte 2020 maidir le cearta maoine intleachtúla, go gcomhfhreagraíonn na comhaontuithe deontais arna síniú ag Comhghnóthas CBE don tsamhail-chomhaontú deontais arna eisiúint ag an gCoimisiún chun buiséad an Aontais a chur chun feidhme agus gan aon diallas i mbainistiú na gceart maoine intleachtúla; ag tabhairt dá haire, thairis sin, a mhéid a bhaineann le cearta maoine intleachtúla agus foilsiú torthaí, go bhfuil úinéireacht thorthaí an tionscadail fós faoi rialú na dtairbhithe, agus nach mór dóibh oibleagáidí sonracha maidir leis an eolaíocht oscailte agus rochtain ar thorthaí taighde a chomhlíonadh i gcomhréir le roinn 3 (‘Cearta agus oibleagáidí a bhaineann le cúlra agus torthaí’) de shamhail-chomhaontú deontais Fís 2020;

Soláthar, foireann agus nósanna imeachta earcaíochta

22.

Ag tabhairt dá haire, faoi dheireadh 2021, go raibh 22 bhall foirne ag clároifig Chomhghnóthas CBE agus gur seoladh ceithre nós imeachta earcaíochta in 2021, as ar earcaíodh oifigeach tionscadail amháin (gníomhaire ar conradh), cúntóir feidhmiúcháin um chaidreamh le geallsealbhóirí amháin (gníomhaire sealadach), cúntóir cumarsáide amháin (gníomhaire sealadach) agus cúntóir airgeadais amháin (gníomhaire ar conradh); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, chun gur féidir buaicthréimhse an ualaigh oibre a sheasamh, gur thug Comhghnóthas CBE i gcrích – tríd an gcreatchonradh ón gCoimisiún maidir le seirbhísí eatramhacha – roinnt conarthaí gearrthéarmacha do sheirbhísí eatramhacha chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha chlároifig Chomhghnóthas CBE, faoi mar a rinne sé in 2020;

23.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh meánráta bliantúil na foirne eatramhaí fós ard, arbh ionann é agus 19 % den fhoireann reachtúil; á mheabhrú gur gnách méadú suntasach ar ráta athraithe foirne Chomhghnóthas CBE a bheith mar thoradh ar chóimheas ard na foirne conarthaí agus go ndéanann sé an staid foirne a dhíchobhsú tuilleadh; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart fós gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhaintear as foireann eatramhach ós rud é go bhféadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht Chomhghnóthas CBE ina hiomláine, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta, díospóidí féideartha breithiúnacha agus éifeachtúlacht foirne níos ísle; á mheabhrú gur cheart do Chomhghnóthas CBE samhail nó treoraíocht fhoirmiúil a fhorbairt faoin gcaoi le riachtanais foirne (lena n-áirítear inniúlachtaí bunriachtanacha) a mheas, agus é mar chuspóir leis sin an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní foirne;

24.

Ag tabhairt dá haire, ar bhonn na tuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí 2021, go bhfuil an chothromaíocht inscne leormhaith, arb ionann mná agus 64 % ar leibhéal na clároifige, 46 % i ngrúpa ionadaithe na Stát (lena n-áirítear comhaltaí malartacha), agus 57 % sna coistí eolaíocha; ag moladh do Chomhghnóthas CBE an chothromaíocht inscne a choinneáil agus tuilleadh feabhais a chur uirthi;

25.

Á aithint, de réir a thuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí, go bhfuil méadú tagtha ar líon na mban ar an mbord rialaithe ó 20 % sa bhliain roimhe sin go 30 % faoi dheireadh 2021; ag moladh do Chomhghnóthas CBE iarrachtaí breise a dhéanamh chun an chothromaíocht inscne a bhaint amach ar an mbord rialaithe;

26.

Ag tabhairt dá haire nach ndearna na comhghnóthais cuid de ranníocaíochtaí na bhfostóirí d’fhoireann na gcomhghnóthas a íoc le scéim pinsin an Aontais ó 2016 i leith, ar ranníocaíochtaí iad a chomhfhreagraíonn do chóimheas a n-ioncam fóirdheonaithe tríú tír agus a n-ioncam iomlán, ós rud é nach ndearna an Coimisiún foráil don chaiteachas sin i mbuiséad an chomhghnóthais ná nár iarr sé na híocaíochtaí go foirmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun fadhbanna comhchosúla a sheachaint amach anseo;

27.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, go raibh Comhghnóthas CBE chun tosaigh le ceithre chomhghnóthas eile i gcur chun feidhme uirlis SYSTAL, uirlis ríomh-earcaíochta arna dearadh ag Oracle agus atá in úsáid cheana féin ag roinnt gníomhaireachtaí díláraithe, agus gur úsáid Comhghnóthas CBE an uirlis den chéad uair i mí Mheán Fómhair 2021 nuair a foilsíodh post amháin;

28.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, chun a áirithiú go bhfuil na baill foirne inniúil ina róil agus gur féidir leo déileáil leis an timpeallacht oibre dian, gur fhorbair feidhm na n-acmhainní daonna creat foghlama agus forbartha, agus cuspóirí bliantúla Chomhghnóthas CBE á gcur san áireamh; ag tabhairt dá haire, mar gheall ar phaindéim COVID-19, gur eagraíodh gach gníomhaíocht foghlama ar líne;

29.

Ag tabhairt dá haire, tar éis barúil a thabhairt i nós imeachta urscaoilte 2020 maidir le soláthar, gur chuir Comhghnóthas CBE gach beart is féidir chun feidhme chun an iomaíocht is leithne ina nósanna imeachta soláthair a áirithiú agus i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go n-úsáideann Comhghnóthas CBE ríomhthairiscint chun a fhógraí soláthair phoiblí a fhoilsiú agus go bhfuil na ceanglais aontachais uile curtha chun feidhme aige maidir le réitigh ríomhsholáthair (amhail ríomhaighneacht), a bhfuil sé beartaithe iad a chomhtháthú go hiomlán sa chóras sin faoi dheireadh 2022;

30.

Á aithint, tar éis barúil a thabhairt i nós imeachta urscaoilte 2020 maidir le heaspa struchtúir tacaíochta chun folláine shíceolaíoch na foirne a áirithiú, gur chuir Comhghnóthas CBE sraith imeachtaí ar bun chun tacú leis an bhfoireann agus iad ag déileáil leis na dúshláin a d’eascair as an bpaindéim agus gur bunaíodh dea-chleachtais agus rialacha oibre órga agus straitéis na heagraíochta maidir le ‘Filleadh ar an Oifig’ á hullmhú faoi chuimsiú bealaí nua oibre;

Rialuithe inmheánacha agus iniúchadh inmheánach

31.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil creat rialaithe inmheánaigh Chomhghnóthas CBE bunaithe ar 17 bprionsabal rialaithe, go bhfuil sé ailínithe le creat rialaithe an Choimisiúin agus go bhfuil sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2020;

32.

Ag tabhairt dá haire go ndeimhnítear le torthaí mheasúnú rialaithe inmheánaigh 2021 go bhfuil córas rialaithe Chomhghnóthas CBE ann agus ag feidhmiú cé go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe; ag tabhairt dá haire, ar an iomlán, go n-oibríonn gach comhpháirt rialaithe inmheánaigh le chéile ar bhealach comhtháite, go bhfuil an córas i gcomhréir leis an gcreat rialaithe inmheánaigh, go bhfuil sé ag obair ar leibhéal inghlactha éifeachtachta, agus go gceadaítear leis rialú leordhóthanach ar rioscaí chun cuspóirí rialaithe a bhaint amach;

33.

Ag tabhairt dá haire, i gcás íocaíochtaí Fís 2020, gurb í comhsheirbhís iniúchóireachta Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an iniúchadh ex post; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na torthaí iniúchóireachta ex post a bhí ar fáil faoi dheireadh 2021, gur thuairiscigh Comhghnóthas CBE go raibh ráta earráide ionadaíoch 1,9 % agus ráta earráidí iarmharacha 1,2 % do thionscadail Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh); ag tabhairt dá haire, áfach, gur cheart déileáil go cúramach leis na rátaí earráide a léirítear thuas toisc nach bhfuil na rátaí earráide ionadaíoch go hiomlán ar an gcaiteachas atá faoi rialú ós rud é nach bhfuil na torthaí iniúchóireachta uile ar fáil go fóill;

34.

Á chur in iúl gur mór aici, mar a bhí in 2020, go bhfuil fianaise ann go raibh tionchar dearfach ag na simplithe a tugadh isteach le Fís 2020, agus ag an taithí a fuair na príomhthairbhithe de réir a chéile, ar líon agus ar leibhéal na n-earráidí; ag tabhairt dá haire, áfach, go ndéanann tairbhithe earráidí fós, de ghnáth mar gheall ar easpa tuisceana nó neamh-urraim do na rialacha;

35.

Ag cur béim ar an bhfíoras gur deimhníodh earráidí sistéamacha leanúnacha i dtorthaí ón gCúirt maidir le costais phearsanra dhearbhaithe agus, go háirithe, go bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus tairbhithe nua i mbaol níos mó earráidí ná tairbhithe eile; á thabhairt chun suntais gur tuairiscítear na hearráidí sin go rialta sna tuarascálacha bliantúla ón gCúirt ó 2017 i leith; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú a dhéanamh ar rialacha Fís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe chun rátaí earráide a chobhsú faoi bhun an leibhéil ábharthachta; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do Chomhghnóthas CBE a chórais rialaithe inmheánaigh a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an riosca méadaithe i dtaca le FBManna agus tairbhithe nua agus a mholadh go láidir do chatagóirí áirithe tairbhithe a bhfuil baol níos mó earráidí ag baint leo, amhail FBManna agus tairbhithe nua, úsáid a bhaint as Draoi na gCostas Pearsanra; á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh na comhghnóthais uile in 2022 ar ghníomhaíochtaí le haghaidh laghduithe ar an ráta earráide a chur chun feidhme i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a mhol an Chúirt, lena n-áirítear féachaint ar na roghanna maidir le foirmeacha simplithe costas amhail costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe;

36.

Ag tabhairt dá haire, chun measúnú a dhéanamh ar na rialuithe ar íocaíochtaí oibríochtúla Chomhghnóthas CBE, go ndearna an Chúirt iniúchadh ar íocaíochtaí Fís 2020, arna sampláil go randamach, a rinneadh in 2021, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh, chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex post (5); ag tabhairt dá haire, i gcás amháin, gur aimsigh an Chúirt earráid a bhain leis na costais dhíreacha phearsanra a dearbhaíodh do dhuine nach raibh fostaithe ag an tairbhí, ná nach raibh ar conradh go díreach don tionscadal agus go ndearna sí cainníochtú uirthi;

37.

Ag tabhairt dá haire, tar éis barúil a thabhairt i nós imeachta urscaoilte 2020 maidir leis an gcinneadh ón gCúirt go bhfuil earráidí sistéamacha leanúnacha i gcostais phearsanra arna ndearbhú ag tairbhithe agus ós rud é gur tuairiscíodh na hearráidí sin go rialta freisin le linn iniúchtaí ex post na comhsheirbhíse iniúchóireachta, go leanann Comhghnóthas CBE de bheith ag obair go gníomhach chun feabhas a chur ar a straitéisí rialaithe caiteachais agus gur ghlac sé páirt i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha sa chomhthéacs sin trí rialachas Fís 2020 agus Fís Eorpach agus trí dhíriú freisin ar chatagóirí dea-shainaitheanta de thairbhithe chistí an Aontais;

Coinbhleacht leasa agus rioscaí calaoise a bhainistiú agus a chosc

38.

Ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, gur sainaithníodh 11 riosca ar an iomlán agus go ndearnadh cur síos orthu sa chlár riosca le leibhéil éagsúla tábhachta, cóineasaithe agus idirspleáchais; á chur i bhfios gur deimhníodh treocht na mblianta roimhe sin sa mheasúnú riosca a rinneadh in 2021 agus gur maolaíodh nó gur laghdaíodh roinnt rioscaí breise le héifeachtacht mhéadaithe na rialuithe inmheánacha chomh maith le taithí a fuarthas sna príomhghníomhaíochtaí, amhail pleanáil deontais, próisis agus córais Fís 2020;

39.

Á chur in iúl gur geal léi, maidir le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a bhainistiú, go bhfuil sraith chuimsitheach rialacha agus nósanna imeachta forbartha ag clároifig Chomhghnóthas CBE a chuirtear chun feidhme go héifeachtach ar fud a struchtúir rialachais iomláin agus gur cuireadh bearta sonracha chun feidhme chun coinbhleachtaí leasa na saineolaithe atá i gceannas ar an athbhreithniú ar thionscadail agus ar thairiscintí a chosc agus a bhainistiú;

40.

Á thabhairt chun suntais, le linn 2021, go n-oibríodh na córais rialaithe sin go héifeachtach, agus nach gá aon rud a thuairisciú a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an dearbhú réasúnach atá le soláthar ag an oifigeach údarúcháin;

41.

Ag tabhairt dá haire, tar éis barúil a thabhairt i nós imeachta urscaoilte 2020, go dtugann Comhghnóthas CBE, ina thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021, tuarascáil don údarás um urscaoileadh maidir le bainistiú rioscaí calaoise agus á dhearbhú gur lean Comhghnóthas CBE de na moltaí a rinneadh sna blianta roimhe sin a chur chun feidhme agus de thuairisciú don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) maidir leo;

42.

Ag tabhairt dá haire, tar éis barúil a thabhairt i nós imeachta urscaoilte 2020, go bhfoilsítear dearbhú leasanna chomhaltaí an bhoird rialaithe ar shuíomh gréasáin oifigiúil Chomhghnóthas CBE agus go n-áirítear leo faisnéis ábhartha maidir le gníomhaíochtaí gairmiúla na gcomhaltaí, ar gníomhaíochtaí iad a raibh baint ag na comhaltaí leo roimhe seo agus a bhfuil baint acu leo faoi láthair;

43.

Ag tabhairt dá haire, tar éis barúil a thabhairt i nós imeachta urscaoilte 2020, go bhfuil roinnt beartas agus cúrsaí oiliúna curtha chun feidhme ag Comhghnóthas CBE chun dul i ngleic le ciapadh agus calaois, chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus chun sceithirí a chosaint; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil na beartais eiticiúla leabaithe i sraith leathan gníomhaíochtaí agus sásraí bainistithe riosca a ndéantar faireachán leanúnach ar a n-éifeachtacht leis na feidhmeanna cuntasacha atá sainaitheanta go maith i struchtúr rialachais Chomhghnóthas CBE agus go ndéanann an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach agus an Chúirt tástáil rialta ar gach córas rialaithe ábhartha mar sholáthraithe dearbhaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil tuairisciú rialta á dhéanamh ag Comhghnóthas CBE ina thuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí maidir leis na sásraí bainistithe riosca sin agus go háirithe, maidir le cásanna féideartha a bhaineann le ciapadh, le coinbhleachtaí leasa agus le himeachtaí calaoiseacha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le forchoimeádais sa ráiteas bliantúil dearbhaithe a ghabhann leo arna sholáthar ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas CBE; ag tabhairt dá haire nach n-áirítear sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021 Chomhghnóthas CBE tuairisciú ar thorthaí agus conclúidí a bhféadfadh forchoimeádas a bheith mar thoradh orthu sna réimsí sin.

(1)   IO L 169, 7.6.2014, lch. 130.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (IO L 169, 7.6.2014, lch. 130).

(4)  https://www.bbi.europa.eu/sites/default/files/executive-summary-bbi-ju-portfolio-kpi.pdf

(5)  Maidir leis na hidirbhearta íocaíochta deontais a tástáladh ar leibhéal na dtairbhithe, is é 1 % de na costais iniúchta an tairseach tuairiscithe d’earráidí inchainníochtaithe.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/500


CINNEADH (AE) 2023/1949 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach (roimh an 30.11.2021 an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe) don bhliain airgeadais 2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0107/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0093/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 169, 7.6.2014, lch. 130.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/502


CINNEADH (AE) 2023/1950 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0107/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0078/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 169, 7.6.2014, lch. 77.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/504


RÚN (AE) 2023/1951 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan (an Comhghnóthas Spéire Glaine 2 roimh an 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0078/2023),

A.

de bhrí gur cuireadh an Comhghnóthas um chur chun feidhme an Chomhthionscnaimh Teicneolaíochta san Aerloingseoireacht ar bun i mí na Nollag 2007 faoin Seachtú Clár Réime um Thaighde (FP7) ar feadh tréimhse deich mbliana (Spéir Ghlan 1). de bhrí gur chuir an Chomhairle síneadh le saolré an chomhghnóthais faoi chlár Fís 2020 i mí na Bealtaine 2014 ar feadh tréimhse suas go dtí an 31 Nollaig 2024 (Spéir Ghlan 2);

B.

de bhrí gur ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2021/2085 (1) (‘an Bun-Acht Aonair’) i mí na Samhna 2021 lena mbunaíodh an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan (an ‘Comhghnóthas’) le teacht in ionad Spéir Ghlan 2, faoi chlár Fís Eorpach don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031;

C.

de bhrí gur comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach é an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan a bhfuil sé mar aidhm aici an eitlíocht a athrú i dtreo todhchaí inbhuanaithe atá neodrach ó thaobh na haeráide de;

D.

de bhrí gurb iad comhaltaí bunaidh an Chomhghnóthais ná an tAontas, arna ionadú ag an gCoimisiún, agus eagraíochtaí ó earnáil na heitlíochta atá i mbun caighdeán domhanda nua a chruthú do chórais eitlíochta atá iontaofa agus neodrach ó thaobh na haeráide de

E.

de bhrí gur suas le EUR 1,7 billiún, lena n-áirítear suas le EUR 39,223 milliún le haghaidh costais riaracháin, a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas, leithreasuithe LEE san áireamh, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach; de bhrí go ndéanfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais, seachas an tAontas ranníocaíocht iomlán nó go socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht iomlán EUR 2,4 billiún ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 39,223 milliún le haghaidh costais riaracháin thar an tréimhse deich mbliana;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

1.

á chur in iúl gur geal léi, de réir na tuarascála ón gCúirt Iniúchóirí (‘tuarascáil ón gCúirt’), go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais bhliantúla an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais a tháinig chun deiridh an 31 Nollaig 2021, ar gach slí ábhartha, i ndáil le staid airgeadais an Chomhghnóthais an 31 Nollaig 2021, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta iad, ar gach slí ábharach, na hidirbhearta is bonn leis na cuntais;

2.

á aithint go mbeartaítear le Fís Eorpach spriocanna uaillmhianacha don Chomhghnóthas, spriocanna nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, e.g. i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, go bhféachfaí ar na simplithe féideartha nuair is féidir agus nuair atá siad comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

3.

ag tabhairt dá haire gur áiríodh sa bhuiséad deiridh a bhí ar fáil don chomhghnóthas don bhliain 2021 (lena n-áirítear leithreasuithe ó bhlianta roimhe sin nár úsáideadh agus ar cuireadh isteach arís iad, ioncam sannta agus ath-leithdháiltí don chéad bhliain eile) EUR 182.6 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 189.9 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;

4.

á chur in iúl go dtuigtear di go raibh tionchar ag staid phaindéim COVID-19 ar fheidhmiú an bhuiséid, go háirithe maidir le leithreasuithe íocaíochta le haghaidh caiteachas riaracháin agus, mar sin féin, go raibh ráta cur chun feidhme 99,6 % ag an gComhghnóthas le haghaidh na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in 2021 (gan na leithreasuithe nár úsáideadh sa bhliain reatha a áireamh) agus gur forghníomhaíodh na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí go 82,3 % de na cistí a bhí ar fáil, cé is moite de leithreasuithe 2021 de EUR 22,9 milliún nár úsáideadh (56,3 % den ráta forghníomhaithe má áirítear na leithreasuithe nár úsáideadh mar bhuiséad íocaíochta iomlán);

5.

ag tabhairt dá haire go raibh beagnach EUR 1 716 milliún de ranníocaíocht uasta an Aontais geallta ag an gComhghnóthas do chomhaontuithe deontais Fís 2020 sínithe, ag deireadh 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil thart ar EUR 273 mhilliún (nó 16 %) fós le híoc as an méid seo sna blianta atá le teacht; ag tabhairt dá haire freisin go raibh gealltanas dlíthiúil tugtha ag na comhaltaí príobháideacha go ndéanfaí ranníocaíochtaí comhchineáil de EUR 2 113,8 milliún a chur ar fáil.

6.

ag tabhairt dá haire gurbh é 100 % agus 83 % faoi seach an ráta cur chun feidhme do bhuiséad gealltanais agus íocaíochtaí an Chomhghnóthais do 2021 a bhí ar fáil do thionscadail Fís 2020.

7.

ag tabhairt dá aire ón Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí go ndearnadh athbhreithniú ar phleanáil 2022-2023 chun tabhairt anonn ó 2020-2021 (iarrachtaí neamhchaite agus spriocanna inghnóthaithe athphleanáilte) a áireamh chun tuairisciú ar na gníomhaíochtaí atá fágtha go dtí deireadh an chláir; ag tabhairt dá aire go mbeidh an chéad tréimhse eile ríthábhachtach mar go bhfuiltear ag súil go gcuirfear 70 % de na torthaí ar fáil sa dá bhliain dheireanacha den chlár agus go mbeidh maoiniú de ~10 % fágtha ag leibhéal an chláir; ag tabhairt dá aire freisin go mbaineann ardriosca moilleanna le roinnt réimsí Ardán Taispeána Aerárthach Nuálaíoch/Taispeántóirí Teicneolaíochta Comhtháite (IADP/ITD) agus go mbeidh gá le monatóireacht shonrach ó na comhaltaí chun a dtorthaí a sheachadadh laistigh de shaolré an chláir Spéir Ghlan 2; ag tabhairt dá aire, thairis sin, go bhfuiltear ag súil, sa chéad tréimhse eile, go daingneofar an plean go dtí a chríoch, trí mheasúnú lár na bliana (atá le déanamh i mí Iúil 2022), leis na hArdáin Taispeána Aerárthaigh Nuálaíocha (IADPanna), na Taispeántóirí Teicneolaíochta Comhtháite (ITDanna) agus na Gníomhaíochtaí Trasnacha (TAnna) agus go mbeidh ról lárnach ag na hathbhreithnithe eatramhacha ar dhul chun cinn maidir le measúnú a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht charnach a baineadh amach agus plean seachadta na dtorthaí a dhaingniú de réir an sceidil;

Foireann agus soláthar

8.

ag tabhairt dá haire go raibh 42 bhall foirne reachtúla (gníomhairí sealadacha agus gníomhairí ar conradh) san iomlán i bplean bunaíochta an Chomhghnóthais do 2021 agus go raibh beirt saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus 42 phost líonta ag deireadh 2021; ag tabhairt dá haire gur sheol an Comhghnóthas próiseas earcaíochta dhá phost in 2021 (Ceannaire Foirne agus Oifigeach Tionscadail); ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar na poist reachtúla, go mbraitheann an comhghnóthas ar sholáthraithe seirbhíse seachtraigh, amhail an stiúrthóir gréasáin, an gnólacht seirbhísí TF atá comhroinnte leis na Comhghnóthais eile, naonúr oibrithe eatramhacha agus aon sainchomhairleoir amháin maidir le cumarsáid (Scríbhneoir Béarla) chun tacaíocht bhreise a sholáthar don chomhghnóthas;

9.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, as barúlacha leantacha na mblianta roimhe seo ón gCúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) go bhfuil an staid maidir le méadú ar úsáid foirne eatramhaí le blianta beaga anuas ard fós ag thart ar 13 % den fhoireann reachtúil; á mheabhrú gur gnách méadú suntasach ar ráta athraithe foirne Chomhghnóthas IHI a bheith mar thoradh ar ardleibhéal na foirne conarthaí agus go ndéanann sé an staid foirne a dhíchobhsú tuilleadh; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart fós gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhaintear as foireann eatramhach ós rud é go bhféadfadh sé, murach sin, tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht Chomhghnóthas IHI ina hiomláine, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta, díospóidí féideartha breithiúnacha agus éifeachtúlacht foirne níos ísle; á thabhairt dá haire gur fhreagair an comhghnóthas go raibh sé d’oibleagáid air cur go leanúnach leis an úsáid a bhaintear as foireann eatramhach le blianta beaga anuas mar gheall ar na srianta a bhí ar phlean daingean bunaíochta na foirne faoi choinníoll na gcúraimí agus an ualaigh oibre atá ag dul i méid, agus gur oth léi go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh leis an dá chlár – Spéir Ghlan 2 agus an clár nua um Eitlíocht Ghlan – a bheidh ar siúl go comhthreomhar; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur réiteach níos fearr a bheadh ann níos mó solúbthachta a chur ar fáil don Chomhghnóthas maidir le líon na bpost gníomhairí ar conradh sa phlean bunaíochta foirne; á mheabhrú, áfach gur cheart don Chomhghnóthas samhail nó treoraíocht fhoirmiúil a fhorbairt faoin gcaoi le riachtanais foirne (lena n-áirítear inniúlachtaí bunriachtanacha) a mheas, agus é mar chuspóir leis sin an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní foirne.

10.

á chur in iúl gur geal léi gur chuir an comhghnóthas, i gcomhair leis na comhghnóthais eile, úsáid Systal chun feidhme tuilleadh, ar uirlis AD ar líne é chun próisis roghnaithe slána a chur i gcrích; ag tabhairt dá haire, i gcomhréir le cinneadh an Bhoird Rialaithe maidir leis an gcóras ath-aicmigh, go ndearna an Comhghnóthas an cleachtadh ath-aicmigh in 2021 agus mar thoradh air sin, go ndearnadh athaicmiú ar aon bhall foirne déag ar gníomhairí sealadacha iad agus ar triúr ball foirne ar gníomhairí ar conradh iad;

11.

á chur in iúl gur oth léi nár seoladh aon ghlao in 2021 ar thograí;

12.

ag moladh an róil láidir a bhí ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FMBanna) ó thaobh rannpháirtíochta de (29 % de líon iomlán na rannpháirtíochtaí i dtionscadail a cistíodh - 555 as 1887) agus ag moladh an ardleibhéil ratha i measc iarratasóirí ó FBManna (43 %); á mheabhrú go gcruthaíonn an Gnóthas deiseanna nua do FBManna;

13.

ag tabhairt dá haire, in 2021, go mbaineann na 17 gconradh a dámhadh agus a síníodh le conarthaí soláthair agus conarthaí sonracha chun creatchonarthaí leanúnacha a chur chun feidhme;

14.

ag tabhairt dá haire, ón Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí 2021, ó thaobh cothromaíocht inscne de, go bhfuil céatadán níos ísle de mhná ag an gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan i rannpháirtíocht chláir, comhordaitheoirí tionscadail, comhairleoirí agus saineolaithe i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil laghdú tagtha ar na figiúirí sin agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí méadaithe ó thaobh cothromaíocht inscne de;

15.

ag tabhairt dá haire nach ndearna na comhghnóthais cuid de ranníocaíochtaí na bhfostóirí d’fhoireann na gcomhghnóthas a íoc le scéim pinsin an Aontais ó 2016 i leith, ar ranníocaíochtaí a chomhfhreagraíonn do chóimheas a n-ioncam fóirdheonaithe nach ioncam de chuid an Aontais iad agus a n-ioncam iomlán, ós rud é nach ndearna an Coimisiún foráil don chaiteachas sin i mbuiséad na gcomhghnóthas ná nár iarr sé na híocaíochtaí go foirmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun fadhbanna comhchosúla a sheachaint amach anseo;

16.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an obair leantach ar mholadh 2020 ón gCúirt maidir le húsáid foirne eatramhaí fós gan réiteach; á iarraidh ar an gcomhghnóthas aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a luaithe is féidir de réir mar a chruthaíonn an staid seo éagobhsaíocht agus rioscaí suntasacha don chomhghnóthas; ag tabhairt dá haire nach féidir cur chun feidhme chlár oibre taighde agus nuálaíochta an chomhghnóthais a bhaint amach leis an leibhéal sin foirne reachtúla;

Rialú inmheánach

17.

ag tabhairt dá haire, maidir le híocaíochtaí Fís 2020, go bhfuil Comhsheirbhís Iniúchóireachta d’Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta an Choimisiúin freagrach as iniúchtaí ex-post a dhéanamh, gur thuairiscigh an Comhghnóthas ráta earráide ionadaíoch 1,8 % (i gcomparáid le 1,60 % in 2020) agus ráta earráidí iarmharacha de 1,0 % (i gcomparáid le 0,91 % in 2020) do thionscadail chláir Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh), bunaithe ar na torthaí iniúchta ex-post a bhí ar fáil ag deireadh 2020;

18.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt iniúchadh ar shampla randamach d’íocaíochtaí Fís 2020 a rinneadh in 2021, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex- post agus go ndearna an Chúirt é sin chun na rialuithe ar íocaíochtaí oibríochtúla an chomhghnóthais a mheasúnú. á chur in iúl gurb oth léi go bhfuair an Chúirt, i gcás amháin, earráid chórasach a bhain le ríomh mícheart rátaí in aghaidh na huaire do costais phearsanra agus go ndearna sí cainníochtú uirthi.

19.

ag cur béim ar an bhfíoras gur deimhníodh earráidí sistéamacha leanúnacha i gcinneadh na Cúirte maidir le costais phearsanra dhearbhaithe agus, go háirithe, go bhfuil FBManna agus tairbhithe nua i mbaol níos mó earráidí ná tairbhithe eile; á thabhairt chun suntais gur tuairiscítear na hearráidí sin go rialta sna tuarascálacha bliantúla ón gCúirt roimhe seo ó 2017 i leith; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú a dhéanamh ar rialacha Fís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe chun rátaí earráide a chobhsú faoi bhun an leibhéil ábharthachta; á chur i bhfios go láidir gur cheart don chomhghnóthas a chórais rialaithe inmheánaigh a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an riosca méadaithe i dtaca le FBManna agus tairbhithe nua agus a mholadh go láidir do chatagóirí áirithe tairbhithe a bhfuil baol níos ag baint leo, amhail FBManna agus tairbhithe nua, úsáid a bhaint as Draoi na gCostas Pearsanra; á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh na comhghnóthais uile in 2022 ar ghníomhaíochtaí le haghaidh laghduithe ar an ráta earráide a chur chun feidhme i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a mhol an Chúirt, lena n-áirítear féachaint ar na roghanna maidir le foirmeacha simplithe costas amhail costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe;

20.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur údaraíodh doiciméid thábhachtacha (mar shampla, dearbhuithe chomhaltaí an choiste meastóireachta maidir le heaspa coinbhleachtaí leasa; tuarascálacha meastóireachta ar sholáthar; tuarascálacha meastóireachta ar earcaíocht; cinntí maidir le painéil roghnóireachta um earcaíocht; cinntí dámhachtana soláthair, agus conarthaí fostaíochta) trí íomhá de shíniú an oifigigh údarúcháin a bhí freagrach a cóipeáil agus a ghreamú isteach sa doiciméad i bhformáid Word agus ansin an comhad a thiontú go formáid PDF; ag aontú le tuairim na Cúirte go bhféadfadh rioscaí dlíthiúla a bheith i gceist leis an gcleachtas seo, toisc go bhféadfaidh iarrthóir diúltaithe dúshlán a thabhairt do rialtacht na ndoiciméad meastóireachta sínithe; á iarraidh ar an gcomhghnóthas stop a chur leis an gcleachtas sin láithreach agus modh údarúcháin shláin a roghnú;

21.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú comhchuibhithe ar ‘chostais riaracháin’ i measc na gComhghnóthas, ar bonn é chun ranníocaíochtaí airgeadais a chomhaltaí a ríomh agus ar réamhchoinníoll é chun críche figiúirí inchomparáide; á iarraidh, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí treoirlínte comhchoiteanna le haghaidh gach Comhghnóthais chun cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh maidir le haicmiú catagóirí áirithe caiteachais riaracháin, amhail caiteachas ar chomhairliúcháin, staidéir, anailís, meastóireachtaí, agus cúnamh teicniúil;

22.

á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach an síniú digiteach; ag spreagadh an Chomhghnóthais oibriú i dtreo tuilleadh digitithe;

Iniúchóireacht inmheánach

23.

ag tabhairt dá haire, ón Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí, gur thug Seirbhís Iniúchta Inmheánaigh an Choimisiúin (IAS) agus an tOifigeach Iniúchta Inmheánaigh (IAO) de chuid an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí an Chomhghnóthais, i gcrích in 2021, de réir Airteagal 28 agus Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais;

24.

ag tabhairt dá haire nach ndearna IAS iniúchadh dearbhaithe nua in 2021; ag tabhairt dá haire go ndearnadh roinnt iniúchtaí leantacha ar mholtaí a ndearnadh roimhe seo; ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús le hobair leantach an Iniúchta maidir le cur chun feidhme dheontais Fhís 2020 (tuarascáil deiridh an 22 Deireadh Fómhair 2020), in Aibreán 2021; ag tabhairt dá haire gur tháinig an IAS ar an gconclúid i mí an Mheithimh 2021 go raibh na trí mholadh curtha chun feidhme go leordhóthanach agus go héifeachtach ag an gcomhghnóthas agus gur measadh dá bhrí sin go raibh siad dúnta;

25.

ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús le hobair leantach an Iniúchta maidir le Bainistiú Feidhmíochta (tuarascáil deiridh an 20 Samhain 2017), i mí Iúil 2021; ag tabhairt dá haire gur bhain an moladh lena mbaineann le Faireachán agus Tuairisciú ar Fheidhmíocht Thionscadail Fís 2020; ag tabhairt dá haire go raibh an plean gníomhaíochta comhdhéanta de thrí fhoghníomhaíocht a thug aghaidh ar laigí i bpróiseas faireacháin an Chomhghnóthais maidir le rannchuidiú na dtionscadal Spéir Ghlan 2 na gcomhpháirtithe le Cuspóirí Ardleibhéil Spéir Ghlan 2; ag tabhairt dá haire, tar éis phróiseas cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí, gur mhol an Comhghnóthas na moltaí don IAS i roinnt céimeanna mar réidh le clabhsúr, agus an nuashonrú deiridh á sholáthar i mBealtaine 2021; ag tabhairt dá haire gur tháinig an IAS ar an gconclúid i nóta sonrach don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan maidir leis an mbliain 2021, go meastar na moltaí a bheith curtha chun feidhme;

26.

ag tabhairt dá haire gur thosaigh an tIniúchadh leantach ar Bhainistíocht Feidhmíochta (eisíodh an tuarascáil deiridh an 20 Samhain 2017) agus ar Phróiseas Deontais Fís 2020 (ó shainaithint na dtopaicí glaonna go síniú an chomhaontaithe deontais) (eisíodh an tuarascáil deiridh an 15 Samhain 2016), i mí Eanáir 2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil an dá mholadh maidir le tuairiscí nósanna imeachta inmheánacha an Chomhghnóthais a nuashonrú, amhail an Lámhleabhar Bainistíochta agus an Lámhleabhar Cáilíochta, i bhfianaise phróiseas iarbhír Fís 2020, curtha chun feidhme ag an gComhghnóthas i roinnt céimeanna agus go bhfuil siad molta don IAS le haghaidh dúnadh críochnaitheach i mí na Samhna 2021; ag tabhairt dá haire gur tháinig an IAS ar an gconclúid ina tuarascáil bhliantúil don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan maidir leis an mbliain 2021, go meastar na moltaí a bheith curtha chun feidhme;

Calaois a chosc agus coinbhleachtaí leasa

27.

á chur in iúl gur geal léi gur lean an comhghnóthas, in 2021, de na cinntí arna nglacadh ag an mBord Rialaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na rialacha um choinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, ar rialacha iad is infheidhme maidir le comhlachtaí an comhghnóthais agus maidir le baill foirne an chomhghóthais, agus gur chuir na próisis ghaolmhara, mar shampla maidir le Comhaltaí Bhord Rialaithe an chomhghnóthais, saineolaithe ar nósanna imeachta meastóireachta, painéil soláthair agus earcaíochta, na bearta réamhchúraim riachtanacha i bhfeidhm go comhsheasmhach chun coinbhleachtaí féideartha a shainaithint; á chur i bhfios go láidir go bhfuil beartas comhghnóthas maidir le feidhmeanna íogaire dréachtaithe agus é bunaithe ar mheasúnú riosca tiomnaithe agus go dtabharfar chun críche é sa bhliain 2022;

28.

á chur i bhfios, de réir mheasúnú a rinne an Chúirt, gur gá an riosca a bhaineann le féimheachtaí calaoiseacha nó iompraíochtaí calaoiseacha eile, chun éalú ó na fadhbanna airgeadais agus srianta soláthair, a mheas i gcomhthéacs phaindéim Covid-19 mar bhagairt bhreise ar dhlíthiúlacht. agus rialtacht; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil sampla sainiúil riosca-bhunaithe d’iniúchtaí ex-post bunaithe ag an gComhghnóthas chun sraith tionscadal Chomhaontaithe Deontais do Chomhpháirtithe (GAP) de chuid an chomhghnóthais a chumhdach, ar tionscadail iad lena léirítear risíocht áirithe do shrianta Covid-19 de réir mar a thuairiscigh an Chúirt, amhail laigí airgeadais, moilleanna oibríochtúla, costais phearsanta arda i gcomparáid leis an meán;

29.

á chur in iúl gurb oth léi gur eisigh OLAF, sa bhliain 2021, na conclúidí agus a thuarascálacha maidir le dhá chás a bhain le deontais ón gComhghnóthas Spéire Glaine 1 agus ón gComhghnóthas Spéire Glaine 2 agus gur deimhníodh an chalaois líomhnaithe sa dá chás;

30.

ag tabhairt dá haire go ndírítear le moltaí OLAF sa dá chás ar bhearta atá le déanamh ag an gComhghnóthas chun an maoiniú a aisghabháil agus chun an t-eintiteas agus an duine a chur in iúl i gcórais CE (Bunachar Sonraí maidir le hEisiaimh); ag tabhairt dá haire go bhfuil an dlíthíocht a bhaineann leis an gcás san Iodáil (a thaisceadh in 2018) curtha i gcrích ag an gcomhghnóthas os comhair na Cúirte Ginearálta agus go ndéanfaidh an comhghnóthas iarracht breithiúnas na Cúirte Ginearálta a fhorghníomhú ar an leibhéal náisiúnta; ag tabhairt dá haire, maidir le cás na Beilge, go raibh a éilimh airgeadais cláraithe ag an gcomhghnóthais leis an leachtaitheoir cheana féin in 2017, bunaithe ar thuarascáil OLAF agus ar dhearbhú calaoise, agus go bhfuil anailís á déanamh ag an gcomhghnóthas ar an mbeart breithiúnach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta.

(1)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/509


CINNEADH (AE) 2023/1952 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan (an Comhghnóthas Spéire Glaine 2 roimh 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0108/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 558/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Spéire Glaine 2 (4) agus go háirithe Airteagal 12 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0078/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 169, 7.6.2014, lch. 77.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/511


CINNEADH (AE) 2023/1953 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha – Comhghnóthas KDT (roimh an 30 Samhain 2021, Comhghnóthas ECSEL) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla deiridh an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, in éineacht le freagraí na gcomhghnóthas (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun, ar ráiteas é a chuiran Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh a atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0109/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas ECSEL (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0082/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tÁrd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 169, 7.6.2014, lch. 152.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/513


RÚN (AE) 2023/1954 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha – KDT JU(roimh an 30 Samhain 2021, Chomhghnóthas ECSEL) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0082/2023),

A.

de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas um Chomhpháirteanna Leictreonacha agus um Chórais le haghaidh Ceannaireachta Eorpaí (ECSEL) faoin gclár Fís 2020 an 6 Bealtaine 2014 le Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 (1) ón gComhairle, a tháinig i bhfeidhm an 27 Meitheamh 2014, go ceann tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2024; de bhrí gur tháinig ECSEL in ionad agus i gcomharbas ar Chomhghnóthas ENIAC (ENIAC) agus ar Chomhghnóthas ARTEMIS (ARTEMIS), a dúnadh an 26 Meitheamh 2014; de bhrí, i mí na Samhna 2021, gur bunaíodh an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha (‘Comhghnóthas KDT’) faoin gclár Fís Eorpach le Rialachán (AE) 2021/2085 (2) ón gComhairle chun ECSEL a ionadú, don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031;

B.

de bhrí gur comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach é Comhghnóthas KDT a bhainistíonn clár taighde agus nuálaíochta arb é is aidhm dó neamhspleáchas straitéiseach an Aontais in earnáil na gcomhpháirteanna agus na gcóras leictreonach a threisiú; de bhrí gur cheart do Chomhghnóthas KDT aghaidh a thabhairt ar thopaicí atá sainithe go soiléir a chuirfeadh ar chumas thionscail an Aontais i gcoitinne na teicneolaíochtaí is nuálaí a dhearadh, a mhonarú agus a úsáid i gcomhpháirteanna agus i gcórais leictreonacha;

C.

de bhrí gurb iad comhaltaí Chomhghnóthas KDT an tAontas, arna ionadú ag an gCoimisiún, na Stáit Rannpháirteacha, agus trí chomhlachas tionscail, eadhon an Comhlachas Eorpach um Chomhtháthú an Chórais Chliste, an Comhlachas um Ghníomhaíochtaí Eorpacha Nanaileictreonaice, agus an Comhlachas Tionscail Inside, a dhéanann ionadaíocht ar gheallsealbhóirí sa mhicrileictreonaic agus sa nanaileictreonaic, i gcórais chomhtháite chliste agus i gcórais leabaithe/chibirfhisiciúla;

D.

de bhrí gur suas le EUR 1,8 billiún, lena n-áirítear suas le EUR 26,331 milliún le haghaidh costais riaracháin, atá i ranníocaíocht airgeadais an Aontais le Comhghnóthas KDT, lena n-áirítear leithreasuithe LEE, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach; de bhrí go ndéanfaidh comhaltaí príobháideacha Chomhghnóthas KDT ranníocaíochtaí EUR 2,5 billiún ar a laghad le Comhghnóthas KDT, nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe na ranníocaíochtaí sin; de bhrí go ndéanfaidh nó go socróidh na comhaltaí príobháideacha go ndéanfaidh a gcomheintitis agus a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht airgeadais suas le EUR 26,331 milliún le haghaidh chostais riaracháin Chomhghnóthas KDT don tréimhse 10 mbliana;

Ginearálta

1.

á chur in iúl gur geal léi cur chuige ginearálta na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat de bhearta chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an ‘Gníomh um Shliseanna ’);

2.

á aithint go mbeartaítear le clár Fís Eorpach spriocanna uaillmhianacha do Chomhghnóthas KDT, spriocanna nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, mar shampla i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar Chomhghnóthas KDT féachaint ar na féidearthachtaí atá ann simpliú a dhéanamh nuair is féidir agus a bheadh comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

3.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú comhchuibhithe ar chostais riaracháin i measc na gcomhghnóthas, ar bonn é chun ranníocaíochtaí airgeadais a chomhaltaí a ríomh agus ar réamhchoinníoll é don inchomparáideacht; á iarraidh, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí treoirlínte comhchoiteanna le haghaidh gach comhghnóthais chun cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh maidir le haicmiú catagóirí áirithe caiteachais riaracháin, amhail caiteachas ar chomhairliúcháin, staidéir, anailísí, meastóireachtaí, agus cúnamh teicniúil;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

4.

á chur in iúl gur geal léi go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais bhliantúla Chomhghnóthas KDT, ar gach slí ábhartha, staid airgeadais Chomhghnóthas KDT an 31 Nollaig 2021, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain sin, i gcomhréir lena rialachán airgeadais agus leis na rialacha cuntais arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta iad, ar gach slí ábharach, na hidirbhearta is bonn leis na cuntais;

5.

ag tabhairt dá haire, i mbuiséad iomlán Chomhghnóthas KDT atá ar fáil don bhliain 2021, lena n-áirítear leithreasuithe neamhúsáidte ó bhlianta roimhe sin arna n-iontráil an athuair, ioncaim shannta agus ath-leithdháiltí don chéad bhliain eile, gur áiríodh EUR 218,3 milliún le haghaidh gealltanais agus EUR 199,3 milliún le haghaidh leithreasuithe i gcomhair íocaíochta, agus gurbh é 99,4 % an ráta cur chun feidhme (i gcomparáid le 99,59 % in 2020) le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus 84 % (i gcomparáid le 88,63 % in 2020) le haghaidh leithreasuithe i gcomhair íocaíochta;

6.

ag tabhairt dá haire i dtuarascáil na Cúirte Iniúchóirí (‘tuarascáil na Cúirte’) gur chuir Comhghnóthas KDT clabhsúr airgeadais ar thionscadail leanúnacha an Chláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht ag deireadh 2021; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar chostais iomlána ghníomhaíochtaí sínithe de chuid an Chláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus ar na híocaíochtaí iarbhír a rinne Comhghnóthas KDT agus a réamhtheachtaithe, eadhon, ENIAC, ARTEMIS agus ECSEL, chun na gníomhaíochtaí sin a chómhaoiniú, go meastar gurb ionann ranníocaíochtaí deiridh na gcomhaltaí agus EUR 564,3 milliún don Aontas, EUR 812,5 milliún do Stáit Rannpháirteacha agus EUR 2 202,4 milliún de ranníocaíochtaí comhchineáil do chomhaltaí príobháideacha;

7.

ag tabhairt dá haire go raibh EUR 1 170 milliún de ranníocaíocht uasta an Aontais geallta go hiomlán ag Comhghnóthas KDT ag deireadh 2021 le haghaidh comhaontuithe deontais a síníodh le haghaidh Fís 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil thart ar EUR 190,3 milliún (16,6 %) fós le híoc as an méid sin sna blianta amach romhainn;

8.

á thabhairt dá haire gurb é 85 % an ráta cur chun feidhme do bhuiséad íocaíochta 2021 Chomhghnóthas KDT a bhí ar fáil do thionscadail Fís 2020; ag tabhairt dá haire nach raibh aon leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí oibríochtúla 2021 beagnach ag Comhghnóthas KDT toisc gur chríochnaigh sé a ghlao deireanach ar thogra faoi dheireadh 2020;

9.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt gur measadh, ag deireadh 2021, gur fiú EUR 1 594,2 milliún ranníocaíochtaí comhchineáil deiridh ionchasacha an chomhalta phríobháidigh le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla Fís 2020; ag tabhairt dá haire nach féidir le Comhghnóthas KDT ach méid iarbhír ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhaltaí príobháideacha a ríomh agus a bhailíochtú a luaithe a bheidh na híocaíochtaí go léir déanta ag Comhghnóthas KDT agus ag na Stáit Rannpháirteacha agus a luaithe a bheidh gach deimhniú deiridh tionscadail agus gach faisnéis ghaolmhar faighte; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin agus ós rud é nach raibh ach líon teoranta de thionscadail Fhís 2020 tugtha chun críche ag deireadh 2021, gurbh ionann ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe an tionscail agus EUR 300,6 milliún; ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, gurbh ionann na ranníocaíochtaí carnacha measta agus (nár bailíochtaíodh go fóill) comhchineáil ó chomhaltaí príobháideacha agus EUR 968.2 milliún, bunaithe ar mhodheolaíocht pro-rata temporis arna glacadh ag bord rialaithe Chomhghnóthas KDT;

10.

ag tabhairt dá haire gur shínigh na Stáit Rannpháirteacha, ag deireadh 2021, gealltanais chonarthacha arbh ionann iad agus EUR 1 106,2 milliún agus gur dhearbhaigh siad ranníocaíochtaí airgeadais iomlána de EUR 450,2 milliún, a d’íoc siad go díreach le tairbhithe náisiúnta na dtionscadal Fís 2020 ar thacaigh siad leo; á thabhairt dá haire gur fiú EUR 1 058,1 milliún an difríocht idir méid ranníocaíocht airgeadais na Stát Rannpháirteach agus ranníocaíocht airgeadais an Aontais. Is é is cúis le EUR 1 058,1 milliún ag deireadh 2021 nach n-aithníonn agus nach dtuairiscíonn formhór na Stát Rannpháirteach a gcostais do Chomhghnóthas KDT ach ar thabhairt chun críche thionscadail Fís 2020 a dtacaíonn siad leo;

Soláthar agus foireann

11.

ag tabhairt dá haire go ndéantar soláthar agus conarthaí a bhainistiú i gcomhréir le forálacha rialachán airgeadais Chomhghnóthas KDT agus go ndéantar iad a chomhordú laistigh d’fhoireann riaracháin agus airgeadais Chomhghnóthas KDT;

12.

ag tabhairt dá haire go ndearna Comhghnóthas KDT, chun a chuspóirí a bhaint amach agus tacaíocht leordhóthanach a thabhairt dá oibríochtaí agus dá bhonneagar, cistí a leithdháileadh chun na seirbhísí agus na soláthairtí is gá a sholáthar; ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs na bainistíochta fónta airgeadais agus na héifeachtúlachta, gur bhain Comhghnóthas KDT an úsáid is mó is féidir as na Comhaontuithe Seirbhíse éagsúla a tugadh i gcrích cheana le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, chomh maith lena chomhaltaí príobháideacha agus gur bhain sé úsáid as creatchonarthaí idirinstitiúideacha (mar shampla, seirbhísí agus trealamh TF, seirbhísí foirne eatramhacha, seirbhísí iniúchóireachta seachtracha); ag tabhairt dá haire, i bhfianaise an chomhthéacs sláintíochta mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus na srianta a forchuireadh, gur reáchtáladh formhór na gcruinnithe agus na n-imeachtaí go léir go cianda agus nach raibh ach líon an-bheag misean ar siúl sa ráithe dheireanach de 2021 agus mar thoradh air sin, in 2021, nach raibh ach fíorbheagán nósanna imeachta soláthair ag Comhghnóthas KDT, go bunúsach le haghaidh conarthaí ar luach íseal;

13.

ag tabhairt dá haire gur seoladh dhá nós imeachta idirbheartaithe ar luach an-íseal i mí na Bealtaine 2021 chun dhá chonradh a dhámhachtain don tacaíocht lóistíochta agus chun físeáin a chruthú i gcomhthéacs eagrú leagan digiteach ‘Siompóisiam Chomhghnóthas ECSEL 2021’ agus i mí Mheán Fómhair 2021, sheol ECSEL nós imeachta idirbheartaithe le haghaidh conradh ar luach íseal a bhain le seimineár ardleibhéil a eagrú;

14.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte go raibh 29 mball foirne fostaithe ag Comhghnóthas KDT an 31 Nollaig 2021, lenar áiríodh gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht; ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, gur earcaigh ECSEL, in 2021, dhá ghníomhaire conarthacha do phoist mar chúntóir airgeadais/riaracháin (a fágadh folamh tar éis d’iarbhaill foirne imeacht); ag tabhairt dá haire gur tugadh an earcaíocht chun críche sa cheathrú ráithe de 2021; ag tabhairt dá haire go ndeachaigh beirt ghníomhairí sealadacha ar scor agus go raibh duine eile curtha in ionad dhuine amháin acu cheana féin;

15.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh meánráta bliantúil na foirne eatramhaí fós ard i ngach comhghnóthas le linn na tréimhse ó 2018 go 2021, agus é ag thart ar 11 % den fhoireann reachtúil; á mheabhrú gur gnách méadú suntasach ar ráta athraithe foirne Chomhghnóthas KDT a bheith mar thoradh ar chóimheas ard na foirne conarthaí agus go ndéanann sé an staid foirne a dhíchobhsú tuilleadh; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart fós gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhaintear as foireann eatramhach ós rud é go bhféadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht an Chomhghnóthais ina hiomláine, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta, díospóidí féideartha breithiúnacha agus éifeachtúlacht foirne níos ísle;

16.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte, le togra ón gCoimisiún (3) maidir le Rialachán (AE) 2021/2085 a leasú, go ndéanfar Comhghnóthas KDT a chlaochlú ina Chomhghnóthas Sliseanna amach anseo, le sainchúram nua a bhaineann le cur chun feidhme an Tionscnaimh ‘Sliseanna don Eoraip’ faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, go dtacóidh Comhghnóthas KDT le forbairt teicneolaíochtaí nuálacha leathsheoltóra na chéad ghlúine eile lenar cheart cumas táirgthe sliseanna an Aontais a threisiú; ag tabhairt dá haire, de réir an togra sin, go gcuirfidh Comhghnóthas KDT tionscadail a bhfuil costas thart ar EUR 10,9 billiún orthu chun feidhme faoi CAI 2021–2027, agus ba cheart dó 19 mball foirne breise a earcú chun an 50 ball foirne reachtúil a bhaint amach faoi 2025; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ós rud é nach raibh ach 29 mball foirne ag Comhghnóthas KDT (13 bhall foirne shealadacha agus 16 bhall foirne ar conradh) ag deireadh 2021, go bhféadfadh dúshláin shuntasacha ó thaobh acmhainní daonna a bheith roimh an gComhghnóthas maidir leis na hearcaíochtaí nua sin a bhainistiú, sa bhreis ar na próisis nua riaracháin agus oibríochtúla atá fós le bunú;

17.

ag tabhairt dá haire, bunaithe ar thuarascáil bhliantúil 2021 ar ghníomhaíochtaí, ó thaobh cothromaíocht inscne de, gur tháinig méadú ar líon na saineolaithe ar mná iad le haghaidh athbhreithnithe i gComhghnóthas KDT i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, i gcéatadán agus i ndearbhfhigiúirí araon; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil an ráta céatadáin 19,4 % fós íseal agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí méadaithe ó thaobh cothromaíocht inscne de;

18.

ag tabhairt dá haire nach ndearna na comhghnóthais cuid de ranníocaíochtaí na bhfostóirí d’fhoireann na gComhghnóthas a íoc le scéim pinsin an Aontais ó 2016 i leith, ar ranníocaíochtaí a chomhfhreagraíonn do chóimheas a n-ioncam fóirdheonaithe tríú tír iad agus a n-ioncam iomlán, ós rud é nach ndearna an Coimisiún foráil don chaiteachas sin i mbuiséad na gcomhghnóthas ná nár iarr sé na híocaíochtaí go foirmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun fadhbanna comhchosúla a sheachaint amach anseo;

Rialuithe Inmheánacha

19.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte go leanann comhaontuithe riaracháin arna dtabhairt i gcrích ag ENIAC agus ARTEMIS leis na hÚdaráis Náisiúnta Chistiúcháin (NFAnna) d’fheidhm a bheith acu tar éis a gcumasc chun ECSEL a bhunú; ag tabhairt dá haire, faoi na comhaontuithe sin, go raibh straitéisí iniúchóireachta ex post de chuid ENIAC agus ARTEMIS ag brath go mór ar na NFAnna chun iniúchadh a dhéanamh ar éilimh ar chostais tionscadail; á chur in iúl gur oth léi nach gceadaíonn an éagsúlacht shuntasach sna modheolaíochtaí agus sna nósanna imeachta a úsáideann NFAnna do Chomhghnóthas ECSEL ráta earráidí ualaithe iontaofa aonair nó ráta earráidí iarmharacha a ríomh don Seachtú Creatchlár le haghaidh íocaíochtaí Taighde agus nach raibh ach EUR 0,6 milliún, nó 0,4 % de na híocaíochtaí oibríochtúla iomlána, i gceist le híocaíochtaí iomlána ECSEL in 2021 chun an Seachtú Clár Réime um Thaighde atá fágtha a dhúnadh, agus nár bhain riosca d’earráidí ábharthacha leo in 2021;

20.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, gurb í comhsheirbhís iniúchóireachta Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta an Choimisiúin a dhéanann na hiniúchtaí ex post i gcás íocaíochtaí Fhís 2020; á chur in iúl gur saoth léi, bunaithe ar thorthaí a iniúchta ag deireadh 2021, gur thuairiscigh Comhghnóthas KDT ráta earráide ionadaíoch 2,2 % (i gcomparáid le 2,68 % in 2020) le haghaidh Fís 2020 agus ráta earráidí iarmharach 1,2 % (i gcomparáid le 1,25 % in 2020);

21.

ag tabhairt dá haire, chun measúnú a dhéanamh ar rialuithe íocaíochta oibríochtúla Chomhghnóthas KDT, go ndearna an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) iniúchadh ar íocaíochtaí Fís 2020, arna sampláil go randamach, a rinneadh in 2021, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh, chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex post (maidir leis na hidirbhearta íocaíochta deontais arna dtástáil ag na tairbhithe, gurb ionann an tairseach tuairiscithe d’earráidí inchainníochtaithe agus 1 % de na costais iniúchta); á chur in iúl gur oth léi go ndearna an Chúirt, in dhá chás, earráidí a aimsiú agus a chainníochtú a tharla mar thoradh ar ró-éileamh ar chostais phearsanra;

22.

ag cur béim ar an bhfíoras gur deimhníodh earráidí sistéamacha leanúnacha i dtorthaí na Cúirte maidir le costais phearsanra dhearbhaithe agus, go háirithe, go bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus tairbhithe nua i mbaol níos mó earráidí ná tairbhithe eile, agus á thabhairt chun suntais go dtuairiscítear na hearráidí sin go rialta i dtuarascálacha bliantúla roimhe sin ón gCúirt ó 2017; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú a dhéanamh ar rialacha Fís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe chun rátaí earráide a chobhsú faoi bhun an leibhéil ábharthachta; á chur i bhfios go láidir gur cheart do Chomhghnóthas KDT a chórais rialaithe inmheánaigh a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an riosca méadaithe i dtaca le FBManna agus tairbhithe nua agus a mholadh go láidir do chatagóirí áirithe tairbhithe a bhfuil baol níos ag baint leo, amhail FBManna agus tairbhithe nua, úsáid a bhaint as Draoi na gCostas Pearsanra; á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh na Comhghnóthais uile in 2022 ar ghníomhaíochtaí le haghaidh laghduithe ar an ráta earráide a chur chun feidhme i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a mhol an Chúirt, lena n-áirítear féachaint ar na roghanna maidir le foirmeacha simplithe costas amhail costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe;

23.

ag tabhairt dá haire sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí go ndearna ECSEL measúnú in 2021 ar éifeachtacht a chórais rialaithe inmheánaigh bunaithe ar an gcreat athbhreithnithe; ag tabhairt dá haire gurbh é cuspóir foriomlán an chleachtais féinmheasúnaithe a thuiscint an raibh na prionsabail uile i láthair agus ag feidhmiú; ag tabhairt dá haire go raibh an cleachtadh bunaithe go príomha ar fhéinmheasúnú ar tháscairí faireacháin agus ar anailís ar thuarascálacha ag an tseirbhís iniúchóireachta inmheánaí, ag an gCúirt agus ag iniúchóirí seachtracha le tacaíocht ó fhianaise eile, amhail clár na n-eisceachtaí, an cleachtadh measúnaithe riosca, obair leantach ar ghníomhaíochtaí, moltaí, torthaí, agus plé leis an mbainistíocht ar ghníomhaíochtaí agus ar chuspóirí ECSEL;

24.

á chur in iúl gur geal léi go ndearna ECSEL measúnú ar an gcóras rialaithe inmheánaigh le linn na bliana tuairiscithe agus gur chinn sí go bhfuil sé éifeachtach agus go bhfuil na comhpháirteanna agus na prionsabail i láthair agus ag feidhmiú mar a bhí beartaithe;

Iniúchadh inmheánach

25.

ag tabhairt dá haire go ndéanann Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin Eorpaigh ról iniúchóir inmheánach Chomhghnóthas KDT, mar a shonraítear in Airteagal 28 dá rialachán airgeadais; ag tabhairt dá haire, i mí Dheireadh Fómhair 2021, gur chuir Stiúrthóir Feidhmiúcháin ECSEL na hiniúchóirí inmheánacha ar an eolas faoi na forbairtí tábhachtacha is déanaí ag ECSEL agus faoi thorthaí an chleachtais measúnaithe riosca is déanaí;

An córas láraithe nua chun ranníocaíochtaí airgeadais na Stát Rannpháirteach a bhainistiú

26.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt, go bhfuil sé d’oibleagáid ar Chomhghnóthas KDT, bunaithe ar an gCreat-Rialachán maidir le Fís Eorpach agus ar Rialachán (AE) 2021/2085, próiseas bainistíochta láraithe nua a thabhairt isteach, Córas Lárbhainistithe na Ranníocaíochtaí Airgeadais (CMFC), chun ranníocaíochtaí airgeadais a Stát Rannpháirteach a bhainistiú;

27.

ag tabhairt dá haire, faoin gcóras CMFC atá beartaithe, gur féidir le gach Stát Rannpháirteach a roghnú a ranníocaíochtaí airgeadais faoi seach a íoc le Comhghnóthas KDT ar leibhéal an tionscadail le haghaidh tairbhithe atá bunaithe ina stát; ag tabhairt dá haire, le linn an phróisis sin, go bhfuil ceart crosta ag gach Stát Rannpháirteach freisin maidir le gach saincheist a bhaineann le húsáid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta féin, a íoctar le Comhghnóthas KDT d’iarratasóirí atá bunaithe ina stát, i gcomhréir le rialacha airgeadais agus iomaíochta an Aontais; ag tabhairt dá haire go gceadaítear leis sin do Stát Rannpháirteach a chinneadh, ar bhonn tosaíochtaí straitéiseacha náisiúnta, tacú nó gan tacú le tairbhí náisiúnta de thionscadal taighde agus nuálaíochta atá roghnaithe agus formheasta;

28.

ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go mbeidh ar Chomhghnóthas KDT na híocaíochtaí cómhaoinithe a fhorghníomhú do gach Stát Rannpháirteach a roghnaíonn a ranníocaíochtaí airgeadais a chur ar iontaoibh Chomhghnóthas KDT; ag tabhairt dá haire go mbeidh air dhá phróiseas mhalartacha a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu chun tacú le comhaontuithe riaracháin le Stáit Rannpháirteacha; ag tabhairt dá haire go gcaithfidh NFA gach Stáit Rannpháirteach comhaontú riaracháin a shíniú le Comhghnóthas KDT, chun cúram ranníocaíochtaí náisiúnta a íoc a chur ar an gComhghnóthas, nó chun comhaontuithe aistrithe cistí náisiúnta a chomhordú le haghaidh íocaíochtaí chuig tairbhithe agus tuairisciú ar ranníocaíochtaí;

29.

ag tabhairt dá haire gur cúis imní don Chúirt é nach ndearna an Coimisiún measúnú ar riachtanais acmhainní breise Chomhghnóthas KDT chun an córas CMFC atá beartaithe a chur chun feidhme ná nár áiríodh iad i meastacháin acmhainní foirne tosaigh Chomhghnóthas KDT chun an clár Fís Eorpach a chur chun feidhme; ag aontú leis an gCúirt go bhféadfadh an easpa pleanála sin i dtabhairt isteach chóras CMFC in éineacht leis an staid foirne, agus an easpa uirlisí TF agus tacaíochta tionchar diúltach a imirt ar chur chun feidhme chláir Chomhghnóthas KDT agus ar bhaint amach ranníocaíochtaí na gcomhaltaí eile agus, i gcás nach mór CMFC a bhainistiú de láimh, go mbeidh sé sin dian ó thaobh acmhainní daonna; ag iarraidh ar Chomhghnóthas KDT agus ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le forbairtí breise.

(1)  Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas ECSEL (IO L 169, 7.6.2014, lch. 152).

(2)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(3)  Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna, COM(2022)0047 an 8.2.2022.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/518


CINNEADH (AE) 2023/1955 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha – Comhghnóthas KDT (roimh an 30 Samhain 2021, Comhghnóthas ECSEL) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla deiridh an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, in éineacht le freagraí na gcomhghnóthas (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0109/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas ECSEL (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0082/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 169, 7.6.2014, lch. 152.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/520


CINNEADH (AE) 2023/1956 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (roimh an 30 Samhain 2021: an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gnóthais Chomhpháirteacha AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0112/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0083/2023),

1.

Ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2021;

2.

Ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 169, 7.6.2014, lch. 108.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/522


RÚN (AE) 2023/1957 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (roimh an 30 Samhain 2021: an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do cinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0083/2023),

A.

de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin (‘Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan’) don tréimhse suas go dtí an 31 Nollaig 2017 i mí Bealtaine 2008 faoin Seachtú Clár Réime um Thaighde le Rialachán (CE) Uimh. 521/2008 (1) ón gComhairle; de bhrí, i mí Bealtaine 2014, gur ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 (2), lena gcuirtear síneadh le saolré an Chomhghnóthais faoin gclár Fís 2020 go ceann tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2024 (‘Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan 2’); de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan (an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan) i mí na Samhna 2021 le Rialachán (AE) 2021/2085 (3) ón gComhairle chun teacht in ionad Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan 2, faoin gclár Fís Eorpach don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031;

B.

de bhrí gur comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí é an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) i réimse an taighde agus na nuálaíochta i dteicneolaíocht hidrigine agus breosla-chealla agus gurb iad AE a chomhaltaí bunaidh, a ndéanann an Coimisiún, an Grúpáil Tionscail (Hydrogen Europe) agus an Ghrúpáil Taighde (Hydrogen Europe Research) ionadaíocht orthu;

C.

de bhrí go mbeidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2), lena n-áirítear leithreasuithe LEE, chun costais riaracháin agus oibriúcháin a chumhdach suas le EUR 1 bhilliún, lena n-áirítear suas le EUR 30,193 mhilliún le haghaidh costais riaracháin;

D.

de bhrí go ndéanfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Clean H2) seachas an tAontas ranníocaíocht iomlán a gcomheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe nó socróidh siad go ndéanfaidh siad ranníocaíocht iomlán EUR 1 bhilliún ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 30 30,193 milliún le haghaidh costais riaracháin, thar an tréimhse 10 mbliana mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/2085;

E.

de bhrí gurb é cuspóir foriomlán an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Clean H2) tacú le gníomhaíochtaí taighde agus nualaíochta san Aontas i réitigh agus teicneolaíochtaí hidrigine glaine, faoi chlár cistiúcháin nua an Aontais don taighde agus don nuálaíocht, is é sin Fís Eorpach;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

1.

á chur in iúl gur geal léi, de réir na tuarascála ón gCúirt Iniúchóirí ar na cuntais bhliantúla (‘tuarascáil ón gCúirt’), go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais bhliantúla an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais a tháinig chun deiridh an 31 Nollaig 2021, ar gach slí ábhartha, i ndáil le staid airgeadais an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Clean H2), torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta iad, ar gach slí ábharach, na hidirbhearta is bonn leis na cuntais;

2.

á aithint go mbeartaítear leis an gclár Fís Eorpach spriocanna uaillmhianacha don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2), spriocanna nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, amhail i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, chun féachaint ar na féidearthachtaí atá ann simpliú a dhéanamh nuair is féidir agus ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

3.

ag tabhairt dá haire go raibh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de EUR 15,8 milliún (i gcomparáid le EUR 104,2 milliún in 2020) agus leithreasuithe íocaíochta de EUR 56,2 milliún (i gcomparáid le EUR 103,8 in 2020) san áireamh sa bhuiséad críochnaitheach atá ar fáil sa Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2), lena n-áirítear leithreasuithe nár úsáideadh arís ó bhlianta roimhe sin, ioncaim shannta agus ath-leithdháileadh ar an mbliain dár gcionn, don bhliain airgeadais 2021; ag tabhairt dá haire gur shroich feidhmiú foriomlán bhuiséad 2021 na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhar íocaíochta 97 % (i gcomparáid le 94 % in 2020) agus 87 % (95 % in 2020) faoi seach;

4.

ag tabhairt dá haire, i gcomparáid le 2020, gur tháinig laghdú 85 % ar leithreasuithe 2021 i dtéarmaí gealltanas agus laghdú 44 % i dtéarmaí íocaíochtaí; ag tabhairt dá haire gur mar gheall ar an easpa glaonna a seoladh in 2021 ba chúis leis an laghdú ar bhuiséad 2021; ag tabhairt dá haire nach raibh aon réamh-mhaoiniú beartaithe do 2021;

5.

ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, as an ranníocaíocht uasta de EUR 470 milliún, amhail dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/2085 agus i gcinntí arna nglacadh dá bhun, gur ranníoc an tAontas EUR 426,5 milliún san iomlán in airgead tirim agus i gcomhchineál ón Seachtú Clár Réime um Thaighde agus gur chuir comhaltaí na nGrúpaí Tionsclaíochta agus Taighde EUR 466 mhilliún san iomlán ar fáil, arbh ionann é agus EUR 443,9 milliún de ranníocaíochtaí comhchineáil i dtionscadail an Seachtú Creatchlár Taighde;

6.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil ón gCúirt, gur gheall an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2), ag deireadh 2021, EUR 425,5 milliún (95 %) de ranníocaíocht uasta AE do chomhaontuithe deontais ón Seachtú Clár Réime um Thaighde a bhfuil thart ar EUR 3 milliún (0,7 %) de fós le híoc sna blianta atá le teacht; ag tabhairt dá haire gur sholáthair comhaltaí príobháideacha ranníocaíochtaí comhchineáil ar an leibhéal céanna; ag tabhairt dá haire gurbh é 97,8 % an ráta cur chun feidhme do bhuiséad íocaíochta 2021 an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Clean H2) atá ar fáil do thionscadail an Seachtú Clár Réime Taighde (i gcomparáid le 89 % in 2020) agus, ina theannta sin, nach raibh aon leithreasuithe faoi chomhair gealltanas oibriúcháin 2021 ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) toisc gur chríochnaigh sé a ghlao deireanach ar thograí faoi dheireadh 2014;

7.

ag tabhairt dá haire gur ranníoc an tAontas, ag deireadh 2021, EUR 545,5 milliún san iomlán ó Fhís 2020 agus gur ranníoc na comhaltaí príobháideacha EUR 50 milliún san iomlán in airgead tirim agus ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe, a chuimsíonn EUR 38,6 milliún i ranníocaíochtaí comhchineáil i dtionscadail Fís 2020 de chuid an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Clean H2);

8.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil leibhéal ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhaltaí príobháideacha bailíochtaithe le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla EUR 38,6 milliún, mar gheall ar an bhfíoras go ndeimhníonn an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) iad níos déanaí sa chlár Fís 2020, nuair a dhéantar an íocaíocht deiridh do na tionscadail agus nuair a bheidh na deimhnithe ráitis airgeadais dlite; á chur in iúl gur geal léi gur ranníoc na comhaltaí príobháideacha EUR 1 039 milliún comhchineáil san iomlán le gníomhaíochtaí breise amhail ag deireadh 2021, níos mó i bhfad ná an t-íosmhéid EUR 285 mhilliún dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/2085 do thréimhse iomlán an chláir Fís 2020;

9.

ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, gur gheall an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) EUR 646 mhilliún de ranníocaíocht uasta AE do chomhaontuithe deontais agus conarthaí sínithe an chláir Fís 2020, a bhfuil thart ar EUR 112,6 milliún (17,8 %) de fós le híoc sna blianta atá le teacht; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh gealltanas dlíthiúil tugtha ag na comhaltaí príobháideacha ranníocaíochtaí comhchineáil EUR 158,3 milliún a sholáthar;

10.

ag tabhairt dá haire gurbh é 98 % agus 87,8 % faoi seach an ráta cur chun feidhme do bhuiséad gealltanais agus íocaíochta 2021 an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Clean H2) atá ar fáil do thionscadail an chláir Fís 2020 (i gcomparáid le 97 % in 2020);

11.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú comhchuibhithe ar chostais riaracháin i measc na gcomhghnóthas, ar bonn é chun ranníocaíochtaí airgeadais a gcomhaltaí a ríomh agus ar réamhchoinníoll é chun na costais sin a dhéanamh inchomparáide; á iarraidh, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí treoirlínte comhchoiteanna le haghaidh gach comhghnóthais chun cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh maidir le haicmiú catagóirí áirithe caiteachais riaracháin, amhail caiteachas ar chomhairliúcháin, staidéir, anailísí, meastóireachtaí, agus cúnamh teicniúil;

Soláthar agus foireann

12.

á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh bainistiú tairiscintí agus conarthaí a shimpliú a mhéid is féidir trí na nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha arna seoladh ag an gCoimisiún a leanúint agus trí úsáid a bhaint as na creatchonarthaí ilbhliantúla a eascraíonn as sin; ag tabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) le Gnóthais Chomhpháirteacha eile maidir le riachtanais tairisceana chun an iarracht riaracháin a íoslaghdú; ag tabhairt dá haire, mar a rinneadh sna blianta roimhe seo, go ndearnadh formhór chonradh an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Clean H2) faoi chreatchonarthaí ilbhliantúla a bhí ann cheana, ach amháin i gcás gníomhaíochtaí soláthair oibríochtúil den chuid is mó;

13.

ag tabhairt dá haire, i dtéarmaí méide, gurb iad gníomhaíochtaí soláthair oibríochtúla, seirbhísí TF agus eagrú na Seachtaine Eorpaí Hidrigine do 2021 na conarthaí a raibh an luach is airde ag baint leo agus gur simplíodh glao ar thairiscintí a sheoladh agus a fhoilsiú, agus tairiscintí a fháil agus a oscailt trí úsáid a bhaint as eTendering, eNotices agus modúil eSubmission; ag tabhairt dá haire go gcumasaítear leis an gcóras deireanach sin tairiscintí a chlárú go huathoibríoch le córas TF an Choimisiúin Eorpaigh um bainistiú doiciméad; ag tabhairt dá haire go bhfuil an leagan is déanaí den eSubmission á úsáid ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) agus, dá bhrí sin, go bhfuil foilsiú, cur isteach agus glacadh tairiscintí agus céimeanna oscailte go hiomlán digiteach anois;

14.

á chur in iúl gur mór aici an úsáid a bhaineann an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) as Sign AE, réiteach bogearraí arna sholáthar ag Ard-Stiúrthóireacht Faisnéisíochta an Choimisiúin, lenar féidir ríomhshíniú cáilithe (QES) a chur i bhfeidhm ar dhoiciméid; ag tabhairt dá haire go bhfuil QES á chur i bhfeidhm anois ag an gclároifig (PO) maidir lena chonarthaí, rud a éascaíonn próisis ghnó tríd an am agus an costas a bhaineann le conradh a shíniú i ndúch gorm a laghdú go suntasach agus thairis sin, go bhfuil QESanna, má chuirtear i bhfeidhm iad trí úsáid a bhaint as Comharthaí AE, ceangailteach ó thaobh dlí de, ós rud é go bhfuil siad i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) le haghaidh idirbhearta leictreonacha laistigh de mhargadh inmheánach an Aontais agus go soláthraíonn siad leibhéal níos airde slándála teicniúla;

15.

Ag tabhairt dá haire go raibh 23 ghníomhaire shealadacha, dhá ghníomhaire ar conradh agus dhá shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) an 31 Nollaig 2021;

16.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021 gur mná iad 44 % de na baill foirne agus gur fir iad 56 % den fhoireann, ó thaobh cothromaíocht inscne de, agus go bhfuil aon trian de na poist bhainistíochta ag mná agus dhá thrian ag fir; á mholadh don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) tuilleadh feabhais a chur ar an gcothromaíocht inscne; á chur in iúl gur oth léi nach mó ná 33 % an céatadán de chomhordaitheoirí tionscadail ar mná iad atá ag obair, faoin gclár Fís 2020, i ngrúpaí comhairleacha de chuid an Choimisiúin, i ngrúpaí saineolaithe, i bpainéil mheastóireachta, i saineolaithe aonair, etc.;

17.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh meánráta bliantúil na mball foirne eatramhach do na comhghnóthais uile fós ard le linn na tréimhse ó 2018 go 2021 ag thart ar 11 % de bhaill foirne reachtúla; á mheabhrú gur gnách méadú suntasach ar ráta athraithe bhaill foirne an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Clean H2) a bheith mar thoradh ar chóimheas ard na foirne conarthaí agus go ndéanann sé an staid foirne a dhíchobhsú tuilleadh; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart fós gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhaintear as baill foirne eatramhacha ós rud é go bhféadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Clean H2) ina hiomláine, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta, díospóidí féideartha breithiúnacha agus éifeachtúlacht foirne níos ísle;

18.

ag tabhairt dá haire nach ndearna na comhghnóthais cuid de ranníocaíochtaí na bhfostóirí do bhaill foirne na gComhghnóthas a íoc le scéim pinsin an Aontais ó 2016 i leith, ar ranníocaíochtaí a chomhfhreagraíonn do chóimheas a n-ioncam fóirdheonaithe tríú tír iad agus a n-ioncam iomlán, ós rud é nach ndearna an Coimisiún foráil don chaiteachas sin i mbuiséad na gcomhghnóthas ná nár iarr sé na híocaíochtaí go foirmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun fadhbanna comhchosúla a sheachaint amach anseo;

19.

ag tabhairt dá haire gur eagraíodh seisiúin chomhpháirteacha TF in 2021 in éineacht leis na comhghnóthais eile agus é mar phríomhchuspóir acu ullmhú don aistriú chuig Oifig 365, SharePoint agus OneDrive;

20.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, gur ghlac baill foirne am le linn phaindéim COVID-19 chun páirt a ghlacadh in oiliúint ar líne chun a gcuid eolais a bhaineann lena bpoist a leathnú; agus ag tabhairt dá haire gur spreagadh an-mhór rannpháirtíocht san oiliúint chun baill foirne a choinneáil spreagtha agus nasctha le baill foirne le linn na dianghlasála;

21.

ag tabhairt dá haire, i mí Feabhra 2021, gur ghlac Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan 2 le Sysper agus gur cuireadh modúil nua leis an gComhghnóthas i rith na bliana; á chur in iúl gur mór aici, thairis sin, go n-úsáidfear an Córas Próiseála Misin agus go bhfuiltear ag súil leis an ngné de mheastóireachtaí foirne agus de arduithe céime do bhaill foirne; ag tacú le húsáid na huirlise earcaíochta nua, Systal, a cuireadh i bhfeidhm i gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan 2 i mí na Samhna 2021, agus déanfar an chéad earcaíocht eile trí úsáid a bhaint as an gcóras sin agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir leis na huirlisí sin cabhrú chun tacú le hearcú riachtanach oibrithe ardoilte;

Iniúchadh inmheánach

22.

Ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, go ndéantar an t-iniúchadh inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 20 de rialachán airgeadais an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Clean H2);

23.

á thabhairt chun suntais gur ghlac an tseirbhís iniúchóireachta inmheánaí (IAS) in 2021 le plean gníomhaíochta a d’fhorbair Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) chun aghaidh a thabhairt ar dhá mholadh thábhachtacha a eascraíonn as iniúchadh IAS ar chur chun feidhme deontais an chláir Fís 2020 i gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan 2 agus gur chinn sí go bhfuil an plean gníomhaíochta leormhaith chun na rioscaí a sainaithníodh a mhaolú;

24.

ag tabhairt dá haire, in 2021, i gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta a comhaontaíodh, gur chuir an Comhghnóthas na cleachtais faireacháin reatha maidir le rioscaí agus castacht na gcomhaontuithe deontais ar bhonn foirmiúil agus gur fhorbair sé treoir inmheánach chun faireachán a dhéanamh ar scaipeadh agus saothrú thorthaí thionscadail an chláir Fís 2020; ag tabhairt dá haire, faoi dheireadh 2021, gur mheas an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) na pleananna gníomhaíochta uile a bheith curtha chun feidhme ina n-iomláine;

Rialú inmheánach

25.

ag tabhairt dá haire, i dtuarascáil na Cúirte, maidir leis an Seachtú Creatchlár Taighde íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh, go ndéanann an Comhghnóthas H2 Glan iniúchtaí ex post ag na tairbhithe, agus i gcás íocaíochtaí Fís 2020, tá an chomhsheirbhís iniúchóireachta in Ard-Stiúrthóireacht Taighde agus Nuálaíochta an Choimisiúin freagrach as na hiniúchtaí ex post; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na torthaí iniúchóireachta ex-post a bhí ar fáil ag deireadh 2021, gur thuairiscigh an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) earráid ionadaíoch 2,0 % (i gcomparáid le 1,97 % in 2020) agus ráta earráidí iarmharacha 1,0 % (i gcomparáid le 1,01 % le haghaidh 2020) dá Sheachtú Creatchlár Taighde, agus ráta earráide ionadaíoch 2,16 % (mar an gcéanna le 2020) agus ráta earráidí iarmharach 1,3 % (i gcomparáid le 1,34 % do 2020) do thionscadail an chláir Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí);

26.

ag tabhairt dá haire, chun measúnú a dhéanamh ar rialuithe íocaíochta oibríochtúla an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Clean H2), go ndearna an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) iniúchadh ar íocaíochtaí Fís 2020, arna sampláil go randamach, a rinneadh in 2021, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh, chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex-post (maidir leis na hidirbhearta íocaíochta deontais arna dtástáil ag na tairbhithe, gurb ionann an tairseach tuairiscithe d’earráidí inchainníochtaithe agus 1 % de na costais iniúchta); á chur in iúl gur oth léi, i gcás amháin, gur aimsigh agus go ndearna an Chúirt cainníochtú ar earráid a tharla mar thoradh ar ró-éileamh a bheith déanta ar chostais phearsanra mar gheall ar bhotún cléireachais, agus i gcás eile, laige rialaithe shistéamach neamh-inchainníochtaithe a bhaineann leis an gcás nach bhfuil nós imeachta bailíochtaithe ag an tairbhí chun cuntas a choinneáil ar na huaireanta oibre a chaitear ar an tionscadal;

27.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, mar gheall ar earráidí sistéamacha leanúnacha i gcostais pearsanra dearbhaithe, go háirithe ó thaobh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus tairbhithe nua (ar mó an baol earráide atá iontu ná tairbhithe eile), go raibh a rialú inmheánach neartaithe cheana féin ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) chun aghaidh a thabhairt ar an riosca méadaithe maidir le FBManna agus tairbhithe nua. ag tabhairt dá haire gur léir na bearta den chéad uair in 2021 agus gur rannchuidigh siad leis an ráta earráide ionadaíoch a ísliú go suntasach ó FBManna agus ó thairbhithe nua le dhá bhliain anuas; á chur in iúl gur geal léi na torthaí dearfacha ó thaobh rátaí earráide laghdaithe agus toilteanas an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (Clean H2) leanúint leis na rialuithe rioscabhunaithe treisithe in 2022, le cabhair ón uirlis faireacháin threisithe atá ar fáil i gcóras corparáideach COMPASS/SyGMa le haghaidh bainistiú deontas an chláir Fís 2020.

28.

á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú a dhéanamh ar rialacha Fís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe chun rátaí earráide a chobhsú faoi bhun an leibhéil ábharthachta; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thosaigh gach comhghnóthas in 2022 ar ghníomhaíochtaí maidir le laghduithe ar an ráta earráide a chur chun feidhme i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a mhol an Chúirt, lena n-áirítear féachaint ar na roghanna maidir le foirmeacha simplithe costas amhail costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe.

29.

ag tabhairt dá haire, i dtuarascáil na Cúirte, maidir leis an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) go ndearnadh an obair leantach ar bharúlacha uile na mblianta roimhe sin a thabhairt chun críche mar gheall ar ghníomhaíochtaí ceartaitheacha na gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) a rinneadh le linn 2021;

Coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú, agus straitéis frithchalaoise

30.

á chur in iúl gur geal léi go raibh nósanna imeachta um choinbhleacht leasa i bhfeidhm do chomhaltaí Bhord Rialaithe Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) agus na gcomhlachtaí comhairleacha araon, agus gur athnuadh iad i mí na Nollag 2021 i raon feidhme rialacha nós imeachta nua glactha an Bhoird Rialaithe don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) agus, ina theannta sin, gur cuireadh bearta sonracha chun feidhme chun coinbhleachtaí leasa na saineolaithe atá i gceannas ar mheastóireacht ar iarratais ar dheontais agus ar an athbhreithniú ar thionscadail agus ar thairiscintí a chosc agus a bhainistiú;

31.

ag tabhairt dá haire gur rannchuidigh an Comhghnóthas u Hidrigin Ghlan (Clean H2) go gníomhach le straitéis rialaithe an chláir Fís Eorpach (ex ante, iniúchadh agus cosc calaoise) a fhorbairt trí pháirt a ghlacadh sna meithleacha tiomnaithe arna mbunú ag an gComhionad Cur Chun Feidhme agus trí ionchur a sholáthar;

32.

á chur in iúl gur geal léi go n-áirithíonn an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan (Clean H2) freisin cur chun feidhme chomhstraitéis frithchalaoise an phobail taighde; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear ar na príomhghníomhaíochtaí a eascraíonn as an straitéis seisiúin múscailte feasachta a eagrú laistigh den Chomhghnóthas agus comhar le OLAF i gcás iniúchtaí rioscabhunaithe arna ndéanamh ag an tSeirbhís Iniúchóireachta Comhchoiteann nó ag conraitheoirí seachfhoinsithe.

(1)  Rialachán (CE) Uimh. 521/2008 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2008 lena ndéantar an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin a chur ar bun (IO L 153, 12.6.2008, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 (IO L 169, 7.6.2014, lch. 108).

(3)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/527


CINNEADH (AE) 2023/1958 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (roimh an 30 Samhain 2021: an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gnóthais Chomhpháirteacha AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh ata le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0112/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0083/2023),

1.

Ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan don bhliain airgeadais 2021;

2.

Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 169, 7.6.2014, lch. 108.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/529


CINNEADH (AE) 2023/1959 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach – IHI (roimh an 30 Samhain 2021 Comhghnóthas an Tionscnaimh um Míochaine Nuálach 2) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0113/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 557/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas an Tionscnaimh um Míochaine Nuálaíoch 2 (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0069/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 169, 7.6.2014, lch. 54.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/531


RÚN (AE) 2023/1960 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach – IHI (roimh an 30 Samhain 2021 Comhghnóthas an Tionscnaimh um Míochaine Nuálach 2) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0069/2023),

A.

de bhrí, i mí na Samhna 2021, gur glacadh Rialachán (AE) 2021/2085 (1) ón gComhairle lena mbunaítear Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach (IHI) in ionad Thionscnamh um Chógais Leighis Nuálacha 2 (IMI2) faoin gclár Fís Eorpach don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031;

B.

de bhrí gur comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach do thaighde agus nuálaíochta sláinte é Comhghnóthas IHI; de bhrí gurb é is aidhm do Chomhghnóthas IHI cuidiú le héiceachóras taighde agus nuálaíochta sláinte uile-Aontais a chruthú lena n-éascaítear aistriú eolais eolaíoch go nuálaíochtaí inláimhsithe; de bhrí gur cheart go gcumhdódh na nuálaíochtaí sin cosc, diagnóisic, cóireáil agus bainistiú galar;

C.

de bhrí gurb iad a chomhaltaí bunaidh ná an t-Aontas, arna ionadú ag an gCoimisiún, Coiste Comhordúcháin na hEorpa um an Tionscal TF Raideolaíoch, Leictrimhíochaine agus Cúraim Shláinte, Advancing Healthcare, Cónaidhm Eorpach na dTionscal agus na gCumann Cógaisíochta lena n-áirítear Vaccines Europe (EFPIA), an Comhlachas Eorpach um Biththionscal, agus MedTech Europe (an comhlachas trádála Eorpach do thionscal na teicneolaíochta leighis lena n-áirítear diagnóisic, feistí leighis agus sláinte dhigiteach); de bhrí go leanann Comhghnóthas IHI samhail dhépháirteach, leis an gCoimisiún agus le comhaltaí príobháideacha ón tionscal agus ón taighde a dhéantar ionadaíocht ar an mbord rialaithe agus a rannchuidíonn le gníomhaíochtaí oibríochtúla Chomhghnóthas IHI;

D.

de bhrí gurb ionann buiséad iomlán Chomhghnóthas IHI don tréimhse 2021-2027 agus EUR 2.4 billiún, ar ón gclár Fís Eorpach a thagann a leath de; de bhrí go gcumhdófar le ranníocaíocht airgeadais an Aontais ó Fís Eorpach, lena n-áirítear leithreasaí Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, costais riaracháin agus costais oibriúcháin suas le EUR 1.2 billiún, lena n-áirítear suas le EUR 30.2 milliún le haghaidh costais riaracháin; de bhrí, idir 2021 agus 2028, go ndéanfaidh an tAontas ranníocaíocht bhreise le méid suas le EUR 22.3 milliún don bhuiséad riaracháin, rud arb ionann é agus an tabhairt anonn ó Chomhghnóthas IMI2;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

1.

á chur in iúl gur geal léi, de réir tuarascála ón gCúirt Iniúchóirí (‘tuarascáil ón gCúirt’), go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais Chomhghnóthas IHI don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2021, ar gach slí ábharach, staid airgeadais Chomhghnóthais IHI an 31 Nollaig 2021, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid thirim, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; á thabhairt chun suntais, sa bhreis air sin, de réir na tuarascála ón gCúirt, gur idirbheart dlíthiúil agus rialta é, ar gach slí ábharach, an t-idirbheart is bonn leis na cuntais;

2.

ag tabhairt dá haire go mbeartaítear le Fís Eorpach spriocanna uaillmhianacha do Chomhghnóthas IHI, spriocanna nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh Chomhghnóthas IHI agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, e.g. i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, go bhféachfaí ar na féidearthachtaí atá ann simpliú a dhéanamh nuair is féidir agus ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

3.

ag tabhairt dá haire gur EUR 11.0 milliún i leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus EUR 210.4 milliún i leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí in ioncaim shannta agus ath-leithdháiltí go dtí an chéad bhliain eile a bhí sa bhuiséad críochnaitheach a bhí ar fáil do Chomhghnóthas IHI le haghaidh 2021, lena n-áirítear leithreasaí na mblianta roimhe sin nár úsáideadh a chuir an Comhghnóthas isteach arís i mbuiséad na bliana reatha; ag tabhairt dá haire gur shroich feidhmiú buiséid na leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus na leithreasaí faoi chomhair íocaíocht 75,91 % (98.66 % in 2020) agus 95,39 % (97,08 % in 2020) faoi seach;

4.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú comhchuibhithe ar ‘chostais riaracháin’ i measc na gComhghnóthas, ar bonn é chun ranníocaíochtaí airgeadais a chomhaltaí a ríomh agus ar réamhchoinníoll é chun críche figiúirí inchomparáide; á iarraidh, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí treoirlínte comhchoiteanna ionas go nglacfaidh gach Comhghnóthas cur chuige comhchuibhithe maidir le haicmiú catagóirí áirithe caiteachais riaracháin, amhail caiteachas ar chomhairliúcháin, staidéir, anailísí, meastóireachtaí, agus cúnamh teicniúil;

5.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil leibhéal sách íseal spriocanna ranníocaíochta na gcomhaltaí á bhaint amach ag Comhghnóthas IHI; ag tabhairt dá haire, áfach, gurb é is cúis leis sin fad an tionscadail a éilítear de bharr chineál thaighde Chomhghnóthas IHI i réimse na sláinte nuálaí, agus scála na dtionscadal domhanda lena gcuirtear chun feidhme cuibhreannais; ag tabhairt dá haire go bhfuil ar Chomhghnóthas IHI EUR 84.3 milliún a íoc fós as tionscadail leanúnacha an Seachtú Clár Réime sna blianta amach romhainn;

6.

ag tarraingt aird ar an mbaol atá ann, mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar líon na dtionscadal atá ar siúl ón iliomad Creataí Airgeadais Ilbhliantúla a bheith atá á gcur chun feidhme ag an am céanna, nár leor na hacmhainní riaracháin is gá chun na cistí sin a bhainistiú go héifeachtúil; á chur in iúl gur geal léi, má thoradh ar an obair leantach a rinneadh ar urscaoileadh 2020, go bhfuil gníomhaíochtaí ag tabhairt aghaidh ar an tsaincheist sin agus go dtuairisceoidh Comhghnóthas IHI ar mhionsonraí an phróisis sa Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí le haghaidh 2022;

7.

ag tabhairt dá haire, maidir le hoibleagáidí oibríochtúla Chomhghnóthas IHI ag deireadh 2021, go raibh EUR 966 milliún de ranníocaíocht uasta ón Aontas geallta go hiomlán ag Comhghnóthas IHI le haghaidh comhaontuithe deontais an Seachtú Clár Réime a síníodh, as a bhfuil thart ar EUR 84.3 milliún (nó 8,7 %) fós le híoc sna blianta atá le teacht; ag tabhairt dá haire gur sholáthair comhaltaí príobháideacha ranníocaíochtaí comhchineáil ar an leibhéal céanna. ag tabhairt dá haire gurbh é 80 % an ráta cur chun feidhme do bhuiséad íocaíochta 2021 Chomhghnóthas IHI atá ar fáil do thionscadail an Seachtú Clár Réime; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ar éigean a bhí aon leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí oibríochtúla 2021 ag Comhghnóthas IHI, toisc go raibh a ghlao deireanach ar thograí críochnaithe aige faoi dheireadh 2014;

8.

ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, go raibh EUR 1 452,1 milliún nó 91 % geallta ag Comhghnóthas IHI, arb ionann é agus EUR 1 595,4 milliún de ranníocaíocht uasta an Aontais le haghaidh comhaontuithe deontais faoi Fís 2020 a síníodh; ag tabhairt dá haire gurbh é ba chúis leis sin nárbh fhéidir leis an nglao ar thograí in 2019 gach topaic a bhí beartaithe a chumhdach agus gur laghdaíodh buiséad an Aontais dá réir le cinneadh ón mbord rialaithe. ag tabhairt dá haire, as an méid geallta sin, go bhfuil thart ar EUR 616.8 milliún (nó 42,5 %) fós le híoc sna blianta amach romhainn; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh gealltanas dlíthiúil tugtha ag comhaltaí príobháideacha Chomhghnóthas IHI ranníocaíochtaí comhchineáil EUR 1 520,7 milliún a sholáthar;

9.

á chur i bhfios go láidir gurb é 97 % an ráta cur chun feidhme do bhuiséad íocaíochta 2021 Chomhghnóthas IHI a bhí ar fáil do thionscadail Fís 2020 agus nach raibh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas oibríochtúil 2021 ag Comhghnóthas IHI, ós rud é gur ceanglaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 557/2014 (2) go dtabharfaí na gealltanais uile roimh dheireadh 2020, agus nár tháinig Rialachán (AE) 2021/2085 i bhfeidhm ach amháin ag deireadh 2021, nár seoladh aon ghlaonna in 2021;

Feidhmíocht

10.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil, gur baineadh amach in 2021 tabhairt chun críche phunann tionscadal Chomhghnóthas IMI2, le síniú na gcomhaontuithe deontais tionscadail is déanaí de chuid Chomhghnóthas IMI2; ag tabhairt dá haire go bhfuil buiséad iomlán EUR 413 mhilliún ag na 15 thionscadal nuachruthaithe, agus go dtagann thart ar a leath den mhéid sin ó chlár Fís 2020 an Aontais, agus go dtagann an chuid eile ó ranníocaíochtaí EFPIA agus ó chomhpháirtithe comhlachaithe Chomhghnóthas IMI2 chomh maith le foinsí eile;

11.

ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur ghin tionscadail Chomhghnóthas IHI 275 shócmhainn a bhain garsprioc shuntasach amach le linn shaolré an tionscadail (ba é 50 an sprioc); ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar na sócmhainní sin, i measc nithe eile, uirlisí, modheolaíochtaí, próisis, seirbhísí, ábhair oiliúna; ag tabhairt dá haire gur samplaí de gharspriocanna iad: príomhchéimeanna trialach cliniciúla, samhlacha ainmhithe, fréamhshamhlacha, tráchtálú, paitinní agus foilseacháin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil rannpháirtithe tionscail i gcuid mhór de thionscadail Chomhghnóthas IHI ag baint úsáid as uirlisí agus próisis nua arna nginiúint ag na tionscadail, amhail samhlacha ainmhithe, caighdeáin, bithmharcóirí, nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha, ardáin scagtha a úsáid, líonraí trialacha cliniciúla;

12.

ag tabhairt chun suntais, maidir le hinfheictheacht, gur lean Comhghnóthas IHI de bhreisluach an Aontais a léiriú trí chumarsáid threallúsach le spriocghrúpaí agus béim á leagan ar oscailteacht, trédhearcacht, ábharthacht agus comhleanúnachas ghníomhaíochtaí Chomhghnóthas IHI; ag tabhairt dá haire gur lean sé de thorthaí agus de scéalta ratha an tionscadail a scaipeadh trí bhorradh a chur faoi éagsúlacht a n-aschur chun breis agus 100 alt scríofa a chur san áireamh i stíleanna éagsúla, chomh maith le físeáin ghearra, inrochtana lena gcur chun cinn trí na meáin shóisialta, agus ina theannta sin, gur cuireadh bileoga eolais thionscadail uile Chomhghnóthas IMI2 le hinneachar shuíomh gréasáin nuachruthaithe Chomhghnóthas IHI, chun a gcur chun cinn a éascú amach anseo; ag moladh do Chomhghnóthas IHI aon straitéisí infheictheachta rathúla a roinnt le Comhghnóthais eile chun a mbreisluach a chur in iúl do shaoránaigh;

Earcaíocht agus foireann

13.

ag tabhairt dá haire go ndéantar foráil leis an bplean bunaíochta foirne do 39 ngníomhaire shealadacha, 15 ghníomhaire ar conradh agus 2 shaineolaí náisiúnta ar iasacht (SNEanna), is é sin 56 bhall foirne san iomlán; ag tabhairt dá haire go raibh 50 duine i bpoist an 31 Nollaig 2021: 36 as 39 ngníomhaire shealadacha (GSanna) (92,30 %), 13 as 15 ghníomhaire ar conradh (86,70 %) agus 1 as 2 SNE (50 %); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le GSanna, go raibh na poist fholmha le líonadh in 2022 toisc go raibh dhá nós imeachta roghnúcháin fós ar siúl agus, in 2022, go raibh 1 phost SNE le ciorrú;

14.

á chur in iúl gur geal léi gur choinnigh Comhghnóthas IHI dea-chothromaíocht gheografach (20 tír éagsúla) agus cothromaíocht mhaith inscne (22 bhean, 17 bhfear) nuair a chuathas i gcomhairle le saineolaithe seachtracha;

15.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh meánráta bliantúil na foirne eatramhaí fós ard i ngach Comhghnóthas le linn na tréimhse ó 2018 go 2021, agus é ag thart ar 11 % den fhoireann reachtúil; á mheabhrú gur gnách méadú suntasach ar ráta athraithe foirne Chomhghnóthas IHI a bheith mar thoradh ar ardleibhéal na foirne conarthaí agus go ndéanann sé an staid foirne a dhíchobhsú tuilleadh; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart fós gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhaintear as foireann eatramhach ós rud é go bhféadfadh sé, murach sin, tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht Chomhghnóthas IHI ina hiomláine, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta, díospóidí féideartha breithiúnacha agus éifeachtúlacht foirne níos ísle;

16.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021 go bhfuil cothromaíocht iomchuí inscne ann agus gur mná iad 66 % den fhoireann: is mná iad 50 % de chomhaltaí an bhoird rialaithe, 61,5 % de na hainmnithigh cheaptha ag grúpa ionadaithe na Stát agus 41,7 % de chomhaltaí iomlána an choiste eolaíochta; ag moladh do Chomhghnóthas IHI an chothromaíocht sin a choinneáil;

17.

á chur in iúl gur mór aici go ndearnadh na deacrachtaí a bhaineann le tréimhse phaindéim COVID-19 a shárú mar thoradh ar na feabhsuithe leanúnacha ar shreabhadh oibre an bhainistithe tionscadail agus ar an iarracht chomhordaithe a rinne foireann Chomhghnóthas IHI, agus ar an gcaoi sin, go ndearnadh leanúnachas gnó a áirithiú, agus 96,04 % den bhuiséid oibríochtúil fheidhmiú mar thoradh air sin;

18.

ag tabhairt dá haire nach ndearna na Comhghnóthais ranníocaíochtaí fostóirí d’fhoireann na gComhghnóthas a íoc le scéim pinsin an Aontais ó 2016 i leith, ar rannaíochtaí a chomhfhreagraíonn do chóimheas a n-ioncam fóirdheonaithe nach ioncam de chuid an Aontais iad agus a n-ioncam iomlán, ós rud é nach ndearna an Coimisiún foráil don chaiteachas sin i mbuiséad na gComhghnóthas ná nár iarr sé na híocaíochtaí go foirmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun fadhbanna comhchosúla a sheachaint amach anseo;

Córais rialaithe inmheánaigh

19.

ag tabhairt dá haire, i gcás an Seachtú Creatchlár íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh, go ndéanann Comhghnóthas IHI iniúchtaí ex-post, agus i gcás íocaíochtaí Fís 2020, gurb í an Chomhsheirbhís Iniúchóireachta in Ard-Stiúrthóireacht RTD an Choimisiúin atá freagrach as na hiniúchtaí ex post; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na torthaí iniúchóireachta ex-post a bhí ar fáil ag deireadh 2021, gur thuairiscigh Comhghnóthas IHI ráta earráide ionadaíoch 1,9 % (2,16 % in 2020) agus ráta earráide iarmharach 0,8 % (1,14 %) dá Seachtú Clár Réime, agus ráta earráide ionadaíoch 0.97 % (1,13 % in 2020) agus ráta earráidí iarmharach 0,6 % (0,74 % in 2020) do thionscadail Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh);

20.

ag tabhairt dá haire, chun measúnú a dhéanamh ar rialuithe íocaíochta oibríochtúla Chomhghnóthas IHI, go ndearna an Chúirt iniúchadh randamach ar íocaíochtaí Fís 2020 a rinneadh in 2021, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh, chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex-post; ag tabhairt dá haire, i gcás amháin, gur aimsigh agus gur chainníochtaigh an Chúirt earráid chórasach a bhain le costais phearsanra a d’eascair as úsáid rátaí míchearta in aghaidh na huaire nach raibh bunaithe ar bhliain airgeadais iomlán, agus i gcás eile, earráid a d’eascair as easpa fianaise tacaíochta iomchuí maidir le trealamh dearbhaithe agus costais taistil;

21.

ag cur béim ar an bhfíoras gur deimhníodh earráidí sistéamacha leanúnacha i gcinneadh na Cúirte maidir le costais phearsanra dhearbhaithe agus, go háirithe, go bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus tairbhithe nua i mbaol níos mó earráidí ná tairbhithe eile; á thabhairt chun suntais gur tuairiscíodh na hearráidí sin go rialta sna tuarascálacha bliantúla ón gCúirt roimhe seo ó 2017 i leith; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú a dhéanamh ar rialacha Fís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe chun rátaí earráide a chobhsú faoi bhun an leibhéil ábharthachta; á chur i bhfios go láidir gur cheart do Chomhghnóthas IHI a chórais rialaithe inmheánaigh a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an riosca méadaithe i dtaca le FBManna agus tairbhithe nua agus a mholadh go láidir do chatagóirí áirithe tairbhithe a bhfuil baol níos ag baint leo, amhail FBManna agus tairbhithe nua, úsáid a bhaint as an draoi ríofa costas pearsanra; á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh na Comhghnóthais uile, in 2022, ar ghníomhaíochtaí le haghaidh laghduithe ar an ráta earráide a chur chun feidhme i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a mhol an Chúirt, lena n-áirítear féachaint ar na roghanna maidir le foirmeacha simplithe costas amhail costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe;

22.

ag tabhairt dá haire, i bhfianaise chineál ilbhliantúil na gclár agus na dtionscadal taighde aonair araon, gur le ráta na n-earráidí iarmharacha arna ríomh ar fhad an chláir a thugtar an léiriú is fónta ar thionchar airgeadais na n-earráidí agus go gcuirtear san áireamh ann na ceartúcháin a rinne Comhghnóthas IHI agus go ndéanann Comhghnóthas IHI torthaí córasacha na n-iniúchtaí a eachtarshuí, rud a mhéadaíonn go suntasach éifeacht ghlantacháin na n-iniúchtaí; á thabhairt chun suntais, thairis sin, de réir mar a théann na cláir chun cinn, go bhfoghlaimíonn tairbhithe óna n-earráidí agus, ag baint leas as ar foghlaimíodh ó thorthaí na n-iniúchtaí, go n-oibríonn Comhghnóthas IHI go leanúnach freisin chun tairbhithe a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi aon cheapa tuisle chun cuidiú leo a gcostais a thuairisciú i gceart, agus ar an gcaoi sin, earráidí a chosc;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus straitéis frithchalaoise

23.

ag tabhairt dá haire go bhfuil Straitéis Frithchalaoise ag Comhghnóthas IHI atá ailínithe le straitéis frith-chalaoise an Choimisiúin (CAFS 2019) agus leis an gComhstraitéis frith-chalaoise don teaghlach taighde (RAFS 2019), arna comhlánú le gníomhaíochtaí frithchalaoise breise a bhaineann le bainistiú agus riarachán conarthaí seirbhíse;

24.

ag tabhairt dá haire go ndéantar gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme maidir le deontais agus gníomhaíochtaí oibríochtúla a chomhordú le AS RTD agus le gníomhaireachtaí taighde eile trí phlean gníomhaíochta ilbhliantúil arna chomhordú ag an gCoiste Calaoise agus neamhrialtachta sa taighde (FAIR);

25.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gur chumhdaigh gníomhaíochtaí frithchalaoise Chomhghnóthas IMI 2 comhar le gníomhaíochtaí Choiste FAIR, rud a mhéadaigh feasacht foirne maidir le frith-chalaois, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcomhdháil na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise ‘Aontaithe i gcoinne an éillithe – Seasamh le caighdeáin eiticiúla institiúidí AE’, agus i gcleachtadh measúnaithe riosca calaoise; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur dhá chúram a bhí i gceist: ceann amháin a bhí leabaithe sa timthriall frithchalaoise bliantúil agus ceann amháin, níos fairsinge agus níos mionsonraithe, chun bunús a leagan síos don athbhreithniú ar an straitéis frithchalaoise fhoriomlán do do Chomhghnóthas IHI;

26.

á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur cuireadh in iúl d’fhoireann iomlán Chomhghnóthas IHI faisnéis rialta faoi rioscaí a bhaineann leis an gcalaois agus faoi na nósanna imeachta atá le húsáid i gcás amhras faoi chalaois/neamhrialtachtaí agus gur tugadh aird ar shaincheisteanna trasghearrthacha amhail rioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa, tarmligean údaráis, agus deighilt dualgas.

(1)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(2)   IO L 169, 7.6.2014, lch.. 54.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/536


CINNEADH (AE) 2023/1961 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach – IHI (roimh an 30 Samhain 2021 Comhghnóthas an Tionscnaimh um Míochaine Nuálach 2) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0113/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 557/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas an Tionscnaimh um Míochaine Nuálaíoch 2 (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0069/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an an Chomhghnóthais maidir leis an Tionscnamh um Shláinte Nuálaíoch don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in ris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 169, 7.6.2014, lch. 54.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/538


CINNEADH (AE, Euratom) 2023/1962 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (F4E) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna thabhairt ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0111/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Chinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus lena dtugtar buntáistí dó (4), agus go háirithe Airteagal 5 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0092/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 90, 30.3.2007, lch. 58.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/540


RÚN (AE) 2023/1963 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (F4E) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0092/2023),

A.

de bhrí, le Cinneadh 2007/198/Euratom (1) ón gComhairle, gur bunaíodh an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (an ‘Comhghnóthas’) in Aibreán 2007 ar feadh tréimhse 35 bliana;

B.

de bhrí gur thosaigh an Comhghnóthas ag obair go neamhspleách i mí an Mhárta 2008;

C.

de bhrí go bhfuil na grúpaí a leanas ina gcomhaltaí den Chomhghnóthas: an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom), a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht air, ballstáit Euratom, agus tríú tíortha a bhfuil comhaontú comhair le Euratom tugtha i gcrích acu i réimse an chomhleá núicléach rialaithe;

D.

de bhrí gurb iad cuspóirí an Chomhghnóthais rannchuidiú an Aontais a chur ar fáil do thionscadal idirnáisiúnta fuinnimh comhleá ITER, an comhaontú maidir le cur chuige níos leithne idir Euratom agus an tSeapáin a chur chun feidhme, agus ullmhú do thógáil imoibreora comhleá taispeána agus saoráidí gaolmhara;

E.

de bhrí go bhfuil seacht gcomhpháirtí dhomhanda rannpháirteach i dtionscadal ITER, eadhon, an tAontas Eorpach, a ndéanann an Euratom ionadaíocht air, na Stáit Aontaithe, an Rúis, an tSeapáin, an tSín, an Chóiré Theas agus an India, agus gurb é an tAontas Eorpach an comhpháirtí ceannasach ar aige atá sciar 45,4 % de na costais tógála agus go bhfuil sciar 9,1 % ag gach comhpháirtí eile atá rannpháirteach; rud a athróidh sa chéim tástála comhleá oibríochtúil, nuair is 34 % de na costais oibríochtúla a bheidh á gcur ar fáil ag an Aontas (2);

F.

de bhrí gur EUR 18,2 billiún (i luachanna reatha) (3) atá san eisíoc iomlán dá bhforálann an tAontas Eorpach chun a oibleagáidí agus na gníomhaíochtaí gaolmhara faoi chomhaontú ITER a chur chun feidhme go dtí 2031;

G.

de bhrí, i ndiaidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus ó Euratom an 31 Eanáir 2020, agus gur chlis ar na páirtithe an prótacal dá bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus Euratom agus an Ríocht Aontaithe a comhaontaíodh an 30 Nollaig 2020 a thabhairt i gcrích, nach bhfuil an Ríocht Aontaithe bainteach fós leis an tionscadal ITER ná ina comhalta den Chomhghnóthas agus dá réir sin nach rannchuidíonn sí lena bhuiséad;

H.

de bhrí gur deacair i gcónaí tomhas a dhéanamh ar thionchar an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin agus ar a iarmhairtí ar ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais;

Ginearálta

1.

á chur in iúl gur geal léi, sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’), go dtugtar le fios go gcuirtear i láthair sna cuntais bhliantúla, ar gach slí ábhartha, a staid airgeadais an 31 Nollaig 2021 agus torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid thirim, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní do bhliain airgeadais 2021, i gcomhréir lena rialacha airgeadais agus leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil na haistrithe is bun leis na cuntais don bhliain airgeadais 2021 dlíthiúil agus rialta, ar gach slí ábhartha;

2.

á chur in iúl gurb oth léi, mar sin féin, go dtarraingítear aird sa tuarascáil ón gCúirt ar an gcaoi a nochtar i gcuntais bhliantúla an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2021 meastachán an Chomhghnóthais ar chostas iomlán a oibleagáidí soláthair a chur i gcrích don tionscadal ITER, arna meas ag EUR 18,3 billiún (i luachanna 2021) agus go bhféadfadh méaduithe chostais suntasacha agus/nó moill thairis sin maidir le cur chun feidhme an Tionscadail ITER a bheith ann de bharr athruithe ar na príomhthoimhdí don mheastachán agus don neamhchosaint ar riosca;

3.

á aithint go mbeartaítear le Fís Eorpach spriocanna uaillmhianacha don Chomhghnóthas, spriocanna nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, amhail i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, chun féachaint ar na féidearthachtaí atá ann simpliú a dhéanamh nuair is féidir agus ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

4.

ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, ós rud é go bhfuil an Rúis ina ball de ITER-IO, go bhfuil oibleagáidí uirthi líon comhpháirteanna le haghaidh tionscadail ITER a sheachadadh go dtí láthair chóimeála ITER sa Fhrainc (Cadarache), agus rannchuidithe bliantúla a sholáthar do ITER-IO, agus go bhfuil riosca moilleanna breise ar thionscadal ITER ag baint leis agus costais mhéadaithe do thionscadal ITER;

5.

ag tabhairt dá haire go bhfuil meastachán ag an gComhghnóthas ar chostais iomlána a oibleagáidí seachadta a chur i gcrích le haghaidh thionscadal ITER (‘meastachán tráth curtha i gcrích’), a chuimsíonn costais na céime tógála agus oibríochtúla go dtí 2035, agus costais chéim an díchoimisiúnaithe agus an díghníomhaithe go dtí 2042; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur mheas an Comhghnóthas gur EUR 18.3 billiún a bheadh sa chostas iomlán sin (de réir luachanna 2021), agus gurb é a bhí ann, na híocaíochtaí uile a rinneadh i ndeireadh 2021 arb ionann agus EUR 8.3 billliún iad, agus an meastachán ar na híocaíochtaí amach anseo, arna mheas ag EUR 10 mbilliún (i luachanna 2021);

6.

á chur i bhfios go bhféadfadh sé go gcuirfí méaduithe breise ar chostais agus moill bhreise ar an tionscadal de bharr athruithe ar na príomhthoimhdí maidir leis an meastachán thuas agus an neamhchosaint ar riosca, agus go measann sí maidir le 2021, bunaithe ar an tuarascáil ón gCúirt, nár mhór aird ar leith a thabhairt ar na hócáidí a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar an meastachán tráth curtha i gcrích; á chur i bhfios, thairis sin, go n-áirítear ar na príomhthoimhdí sin an bhonnlíne nua do thionscadal ITER atá beartaithe don chéad ráithe de 2023, an mhoill ar sheachadadh comhpháirteanna, na smachtbhannaí arna bhforchur ar an Rúis, an próiseas formheasta atá ar siúl faoi láthair ag Údarás Sábháilteachta Núicléiche na Fraince (NSA) le haghaidh cóimeáil chomhpháirteanna shloc Tokomak; agus an t-athbhreithniú a meastar a tharlóidh ar mheastachán costais don Choimpléasc Teo-Chille; á thabhairt chun suntais, i gcás fadhbanna seachadadh as a n-eascródh easpa comhpháirteanna ríthábhachtacha chun leanúint leis an tionscadal, gur cheart féachaint ar shruthanna soláthair malartacha;

7.

á mheabhrú go bhfuil ITER ag dréim go hoifigiúil leis an gcéad tástáil oibríochtúil a bheith ann in 2025 agus le lánchumhacht chomhleá a bhaint amach faoi 2035; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, gur in 2016 a glacadh an bhonnlíne sin, agus de bharr moilleanna tógála agus monaraíochta ó shin, agus mar thoradh ar phaindéim COVID-19, gur ar éigean a bhainfear sprioc 2025 amach; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, de réir na tuarascála ón gCúirt, go bhfuil riosca moille thairis sin ann de bharr meascán d’fhadhbanna tógála ó fhadhbanna le táthú le chéile na gcodanna den soitheach folúis arb é an seomra cruach é ina ndéanfar na turgnaimh comhleá go fadhb an chreimthe arb é is cúis le scoilteanna suas le 2,2 milliméadar ar na painéil sciath theirmeach, rud a dhéanann difear don 23 chiliméadar uile de phíopaí fuaraithe atá táthaithe do dhromchla na comhpháirte; ag tabhairt dá haire, ós rud é go bhféadfadh saincheist na scoilte sna píopaí fuaraithe a bheith sistéamach, rud a dhéanann difear do chomhpháirteanna scéithe teirmí uile an tokamak, go ngníomhachtaíonn treo nua ITER straitéis deisiúcháin le haghaidh painéil scéithe teirmí an tokamak agus a gcodanna den soitheach folúis;

8.

ag tabhairt dá haire nach féidir meastachán a dhéanamh go beacht ar fhad agus ar chostas na ndeisiúchán ag an gcéim seo agus go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle ITER bonnlíne nua ITER a ghlacadh ag deireadh 2023, lena leagfar amach féilire le haghaidh céimeanna áirithe chun cinn agus lena ndéanfar brú siar suntasach ar na dátaí a mbeidh sé ag dréim le príomhchlocha míle a bhaint amach, rud a rachaidh i bhfeidhm ar an meastachán tráth curtha i gcrích; á iarraidh ar an gcomhghnóthas tuairisc a thabhairt ar an toradh agus ar na moilleanna a bhfuiltear ag dréim leis mar aon leis na hiarmhairtí ar chur i gcrích thionscadal ITER;

9.

ag tabhairt dá haire, a mhéid a bhaineann le ceanglais sábháilteachta núicléiche, gur ag Údarás Sábháilteachta Núicléiche (NSA) na Fraince atá an t-údarás deiridh maidir le faomhadh a dhéanamh ar aon athruithe thairis sin a dhéanfadh difear do na ceanglais sábháilteachta núicléiche, agus sa chomhthéacs sin, i dtús 2021, go ndearna an Comhghnóthas iarratas foirmiúil ag lorg faomhadh NSA don dearadh nua táthúcháin agus teicneolaíochta a bhaineann le cóimeáil chomhpháirteanna na claise tokamak; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, nár lorg NSA faisnéis bhreise ón gComhghnóthas chun a anailís a chríochnú roimh Eanáir 2022; ag tabhairt dá haire gur cuid de ghnáthphróiseas tiomsúcháin ITER-IO é an faomhadh ó NSA, ach go bhféadfadh moill bhreise roinnt míonna a bheith mar thoradh air agus tionchar aige dá réir ar an meastachán tráth curtha i gcrích;

10.

á iarraidh ar an gComhghnóthas athbhreithniú a dhéanamh ar an meastachán costais i ndáil leis an gCoimpléasc Teo-Chille chun gur féidir meastachán costais iontaofa a ullmhú i gcomhréir le céim aibíochta na riachtanas deartha ITER-IO i láthair na huaire;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

11.

ag tabhairt dá haire gur ghlac bord rialaithe an Chomhghnóthais, i mí na Nollag 2020, buiséad tosaigh an chomhghnóthais do 2021, eadhon, EUR 1 048,77 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 742,81 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus gur leasaigh an bord rialaithe an buiséad sin i mí na Samhna 2021;

12.

á chur in iúl gur geal léi gurb ionann na leithreasuithe deiridh a bhí ar fáil, lena n-áirítear airgead anonn ón mbliain roimhe sin, agus EUR 1 069,88 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 764,83 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;

13.

ag tabhairt dá haire gurbh iad 99,7 % agus 97,4 % faoi seach na rátaí cur chun feidhme do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (i gcomparáid le 100 % agus 98 % in 2020);

14.

ag tabhairt dá haire, as EUR 1 069,88 milliún a bhí ar fáil le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, go ndearnadh 88,4 % de a chur chun feidhme trí ghealltanais aonair (a chomhfhreagraíonn do EUR 942,50 milliún);

15.

ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di, i ndiaidh mholadh maidir le hurscaoileadh 2020 inar luadh an modh ríofa i gcás ranníocaíochtaí comhaltais 2020, gur ghlac an Comhghnóthas bearta ceartaitheacha, go háirithe an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair, lena chinntiú, chun nach n-ardódh an Chúirt an tsaincheist sin arís;

16.

ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, maidir le ranníocaíochtaí comhaltais 2021, gur bhain an Comhghnóthas leas as clár bliantúil agus ilbhliantúil 2020-2024 arna ghlacadh ag a bhord rialaithe an 10 Nollaig 2019, agus go meastar gur EUR 6.5 milliún a bhí sna ranníocaíochtaí comhaltais;

17.

ag tabhairt dá haire, amhail ó mhí Eanáir 2016 ar aghaidh, maidir leis na comhghnóthais sin nach ndéantar ach páirtmhaoiniú orthu as buiséad an Aontais go bhfuil sé de cheangal orthu an sciar sin ar ranníocaíochtaí an fhostóra é a íoc le scéim pinsin an Aontais, a chomhfhreagraíonn do chóimheas a n-ioncam fóirdheonaithe ó thríú tíortha lena n-ioncam iomlán (4); á chur in iúl gur chúis bhuartha di, ós rud é nach ndearna an Coimisiún foráil don chaiteachas sin i mbuiséid na gcomhghnóthas, agus nach ndearna sé na híocaíochtaí a iarraidh go foirmiúil, nár íoc na comhghnóthais na ranníocaíochtaí sin go fóill;. á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun fadhbanna comhchosúla a sheachaint amach anseo;

18.

á iarraidh i ndáil leis seo, i gcomhréir leis an treoraíocht ón gCoimisiún chuig na comhghnóthais, ar Oifig an Choimisiúin um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla ranníocaíocht an fhostóra do gach comhghnóthas a ríomh mar chéatadán den ioncam ón tríú tír i gcoibhneas le hioncam iomlán an chomhghnóthais, lena n-áirítear ioncam le haghaidh caiteachas oibríochtúil ar ioncam ó thríú tíortha; ag tabhairt dá haire, maidir le ITER, gur socraíodh an sciar céatadáin sin ag 21,6 % don tréimhse 2017-2020, nó thart ar EUR 5,8 milliún, agus ag 19,8 % don bhliain 2021, nó thart ar EUR 1,5 milliún; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, nach gcuirtear san áireamh leis an treoraíocht sin ach forálacha faoi seach na Rialachán Foirne maidir leis an modh ríofa a chinntiú le haghaidh ranníocaíochtaí fostóra na gcomhghnóthas le buiséad an Aontais, arna mbunú ar ioncam;

19.

á iarraidh ar an gComhghnóthas gan fanacht ar ríomh deiridh na ranníocaíochtaí gan íoc, ach an oibleagáid sin a bhreithniú nuair dhéantar a bhuiséad amach anseo a phleanáil, amhail trí fabhrú comhfhreagrach le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin;

20.

á chur in iúl gur eol di, mar sin féin, go n-éilítear faoi fhorálacha sonracha Reachtanna an Chomhghnóthais nach rachaidh méid iomlán na ranníocaíochtaí comhaltais thar 10 % de chostais riaracháin bhliantúla an Chomhghnóthais, rud a thabharfadh ranníocaíocht fostóra thart ar EUR 740 013 in aghaidh na bliana le tuiscint i gcás an Chomhghnóthais (bunaithe ar fhigiúirí 2021); ag tabhairt dá haire, dá réir sin, maidir leis na forálacha dlíthiúla éagsúla sin i dteannta a chéile go bhfuil riosca ann go ndéanfaí léirmhínithe éagsúla a mhionsaothrú maidir le ríomh ranníocaíocht an fhostóra i gcás an Chomhghnóthais, agus go mbeadh tionchar airgeadais éagsúil i gceist agus ag dréim leis go mbainfear an éiginnteacht dhlíthiúil sin gan mhoill; á chur in iúl gur geal léi ullmhacht an Chomhghnóthais chun dul i dteagmháil leis an gCoimisiún chun ailíniú níos soiléire a fháil ar na bunúis ábhartha dlí;

Feidhmíocht

21.

ag tabhairt dá haire gurbh é 2021 an chéad bhliain de Chreat Airgeadais ilbhliantúil 2021-2027;

22.

á chur in iúl gur geal léi, le linn 2021, go ndearna an Comhghnóthas dul chun cinn breise leis an obair agus gur lean sé de bheith ag soláthar roinnt de na mór-chomhpháirteanna do ITER chun tús a chur leis na gníomhaíochtaí cóimeála de réir mar atá beartaithe chun go mbainfear amach an Chéad Phlasma faoi dheireadh 2025; ag tabhairt dá haire go bhfuil bonnlíne an chéad phlasma á hathphleanáil ag Eagraíocht ITER faoi láthair, agus go rabhthas ag dréim leis go ndéanfaidh Comhairle ITER cinneadh maidir leis an toradh in 2022 agus go ndéanfaidh an Comhghnóthas a phleanáil a choigeartú dá réir ina dhiaidh;

23.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Comhghnóthas an fhreagracht as comhordú shuíomh na bhfoirgneamh a aistriú chuig Eagraíocht ITER 10 mbliana níos faide anonn; ag tabhairt dá haire, de réir na pleanála a bhí ag gabháil leis an socrú poiblí le haghaidh tógáil foirgneamh gur beartaíodh an t-aistriú le haghaidh Mheán Fómhair 2018, a luaithe nárbh ann a thuilleadh do na príomhrioscaí tógála ar an suíomh;

24.

ag tabhairt dá haire go raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar shlabhra soláthair an Chomhghnóthais fós, le linn 2019, ós rud é go ndearnadh difear do líon suntasach de sholáthróirí an Chomhghnóthais, go raibh srianta ar an bhfreastal ar an láthair oibre agus ar an taisteal, agus go raibh tionchair ar éifeachtúlacht faoi láthair agus amach anseo de bharr na bearta breise sláintíochta a ceanglaíodh i bhformhór na mBallstát; á chur in iúl gurb oth léi i gcás seachadtaí áirithe, go raibh moill suas le 4 mhí i gceist agus go ndearna sé difear EUR 45 mhilliún (EUR 57 milliún in 2020 - an dá fhigiúr i luachanna 2008) don ‘chostas tráth curtha i gcrích’;

25.

ag tabhairt dá haire, freisin, go ndéanann éifeacht indíreach ó phaindéim COVID-19 difear do neart conarthaí de chuid an Chomhghnóthais i gcónaí, mar thoradh ar na méaduithe móra ar phraghsanna amhábhar, agus go bhfuil an éifeacht ar an gcostas tráth curtha i gcrích á mheas i gcónaí; ag tabhairt dá haire, dá ainneoin sin, gur éifeacht tromchúiseach seachas substainteach atá ag paindéim COVID-19 agus nach bhfuil toradh ráitis airgeadais 2021 ábhartha;

Calaois, agus coinbhleachtaí leasa, a chosc

26.

ag tabhairt dá haire go ndearna an t-oifigeach frithchalaoise agus eitice cur chun feidhme straitéis frithchalaoise an chomhghnóthais don tréimshe 2020 go 2023 agus an phlean gníomhaíochta frithchalaoise atá ag gabháil léi a chur chun cinn agus a chomhordú;

27.

á chur in iúl gur geal léi go ndéantar faireachán córasach ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sa phlean gníomhaíochta frithchalaoise trí bhíthin bunachar sonraí dílsithe lena mionsonraítear raon feidhme gach gníomhaíocht ar leith, úinéir na gníomhaíochta agus an spriocdháta dá cur chun feidhme agus go ndearnadh dul chun cinn maith i ndáil le gníomhaíochtaí frithchalaoise a chur chun feidhme;

28.

ag tabhairt dá haire, ina theannta sin gur cuireadh faisnéis agus tacaíocht um chosc calaoise ar fáil ar bhonn leanúnach in 2021, go háirithe don fhoireann a bhí ag plé le soláthar, bainistiú conarthaí agus airgeadas agus gur coinníodh líonra inmheánach na gcomhfhreagróirí calaoise sa Chomhghnóthas ar an eolas ar bhonn aonair agus i gcomhthéacs cruinnithe rialta an líonra um dhearbhú;

29.

á chur in iúl gur mór aici gur cuireadh rialacha, nósanna imeachta agus an dea-chleachtas maidir leis an eitic agus cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa in iúl don fhoireann in 2021, lena n-áirítear trí lámhleabhar an Chomhghnóthais ina raibh caibidlí ar leith faoi eitic & ionracas agus cosc na calaoise, leathanach faoin sceithireacht mar aon le rannóg faoi choinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú;

Foireann agus earcaíocht

30.

á chur in iúl gurb oth léi go ndeachaigh foireann an Chomhghnóthais ar stailc i mí na Samhna 2021 agus, de réir measúnuithe inmheánacha agus seachtracha agus líon suibhéanna inmheánacha, gur easnaimh ar leibhéal na hardbhainistíochta, amhail cinnteoireacht neamh-thrédhearcach agus mhífheidhmiúil agus easpa idirphlé shóisialta, a bhí ina bpríomhchúis leis an timpeallacht oibre a bheith ag dul in olcas; ag tabhairt dá haire thairis sin, gur chuir úsáid dhíréireach acmhainní foirne seachtraí leis na dúshláin agus na rioscaí don timpeallacht oibre, rud a bhí á dheimhniú ag ionadaithe foirne an Chomhghnóthais agus sna litreacha foirmiúla uathu a seoladh chuig na Coimisinéirí freagracha; ag tabhairt dá haire gur dheimhnigh an Coimisiún (Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh) sa fhreagra a thug sé ar na litreacha, gur ar chúrsaí bainistíochta acmhainní daonna amháin a dhíreofar i measúnú bliantúil 2022 ar an gComhghnóthas agus gur mhol sé don Chomhghnóthas measúnú bainistíochta 360-céim a úsáid dá fhoireann bainistíochta;

31.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an Comhghnóthas éirithe níos spleáiche ar fhoireann sheachtrach le blianta beaga anuas; á chur i bhfáth go bhfuil breathnóireacht na Cúirte fós gan réiteach ó 2019 i leith nuair ab ionann an fhoireann sheachtrach agus 62 % d’fhoireann reachtúil an Chomhghnóthais; á thabhairt chun suntais de réir an phlean straitéisigh acmhainní reatha do 2021-2027 atá ann don Chomhghnóthas, go meastar go méadóidh an líon foirne seachtraí in 2022 go 93 % den uaslíon foirne reachtúla atá formheasta ag an gCoimisiún, agus ansin go laghdóidh sé de réir a chéile go 70 % faoi 2027; á mheabhrú go bhfuil rioscaí suntasacha ag baint leis an staid seo don Chomhghnóthas, maidir le príomhinniúlachtaí a choinneáil, cuntasacht dhoiléir, díospóidí breithiúnacha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus éifeachtúlacht foirne níos ísle i ngeall ar bhainistíocht dhíláraithe. ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart fós gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhaintear as foireann eatramhach; á mheabhrú gur cheart do bhainistíocht an Chomhghnóthais cur leis na bearta atá déanta cheana chun na rioscaí a ghabhann le húsáid foirne seachtraí a mhaolú, go háirithe, an riosca go dtarlódh bainistiú mí-éifeachtúil mar gheall ar dheighilt dhoiléir na bhfreagrachtaí idir daoine den fhoireann reachtúil agus daoine den fhoireann sheachtrach.

32.

ag tabhairt dá haire nach féidir botúin a bhaineann le hacmhainní daonna a athdhéanamh agus go bhfuil gá le hathrú ar chultúr bainistíochta agus nach mór é sin a choinneáil; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil gá le hiarrachtaí méadaithe a bhaineann le hacmhainní daonna chun go seachnófar cásanna folúntas fadtéarmach, ráta ard láimhdeachais foirne, líon iomarcach foirne seachtracha, spleáchas ar shaineolas roinnt baill foirne, ualach mór oibre agus easpa foirne agus neamhéifeachtúlachtaí mar thoradh air sin; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun dálaí fostaíochta atá tarraingteach agus cothrom ó thaobh na sochaí de a chruthú a thacóidh le cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach.

33.

ag tacú leis an bhfíoras, mar fhreagra ar an staid sin, gur sheol an Comhghnóthas roinnt gníomhaíochtaí chun an timpeallacht oibre agus dea-bhail na foirne a fheabhsú; á thabhairt faoi deara gur comhtháthaíodh na gníomhaíochtaí sin i gclár oibre um athrú, a bheidh spriocdhírithe ar ró-ualach oibre, droch-atmaisféar oibre, agus easpa cumarsáide ón mbainistíocht maidir leis na hathruithe eagraíochtúla atá beartaithe agus go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh siad éifeachtach, i bhfianaise na n-imeachtaí a tuairiscíodh;

34.

ag tabhairt dá haire gur lean Foghlaim agus Forbairt (F&F) an Chomhghnóthais de bheith ag tairiscint raon níos leithne acmhainní ar líne agus digiteacha lena dtugtar breis solúbthachta agus saoirse chun foghlaim a dhéanamh de réir mar a bhíonn sí á hiarraidh agus ag teastáil; ag tabhairt dá haire mar sin féin gur rollaigh 94 % de na baill foirne ar fad le haghaidh gníomhaíocht foghlama amháin ar a laghad le linn 2021 agus go raibh ardráta sástachta ag an bhfoireann leis na gníomhaíochtaí inmheánacha F&F – mheas 88 % d’fhoireann an Chomhghnóthais go raibh siad ar fheabhas nó go maith;

35.

ag tabhairt dá haire, amhail ón 31 Nollaig 2021, go raibh 47 n-oifigeach, 266 ghníomhaire shealadacha agus 166 ghníomhaire ar conradh sna poist foirne sa Chomhghnóthas a bhí líonta, agus ag tabhairt dá haire ina theannta sin go raibh an Comhghnóthas ag brath ar thacaíocht bheirt bhall foirne eatramhacha (in FTE) agus bheirt shaineolaithe naisiúnta ar iasacht;

36.

ag tabhairt dá haire, i dtuarascáil bhliantúil ó 2021 ar ghníomhaíochtaí, nach bhfuil aon chothromaíocht inscne iomchuí ann i measc bhaill foirne agus bainistíochta an Chomhghnóthais, agus nach mná iad ach 19 % den fhoireann agus níos lú ná 10 % den fhoireann bhainistíochta agus den fhoireann a earcaíodh in 2021; á chur in iúl gurb oth léi na figiúirí sin agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí méadaithe ó thaobh cothromaíocht inscne de;

37.

ag tabhairt dá haire, i ndiaidh an tsuirbhé ar thionchar phaindéim COVID-19 ó 2020 agus bunaithe ar na héifeachtaí uaithi, go raibh Acmhainní Daonna sa Chomhghnóthas ag díriú go gníomhach i gcónaí in 2021 ar ghníomhaíochtaí coisctheacha síceashóisialta i réimse na folláine mothúchánaí agus an bhainistithe struis;

38.

ag tabhairt dá haire, le linn 2021, gur foilsíodh 14 fhógra folúntais go seachtrach le haghaidh seisear gníomhairí shealadacha agus ochtar gníomhairí ar conradh agus gur cuireadh 14 nós imeachta roghnúcháin i gcrích ar an iomlán, agus gur foilsíodh trí cinn díobh in 2020 agus an 11 eile in 2021;

Córais bhainistíochta agus rialaithe

39.

á thabhairt faoi deara go raibh an Comhghnóthas, in 2020 agus 2021, faoi réir na ngnáthmheasúnuithe bliantúla ó shaineolaithe seachtracha agus faoi réir dianiniúchtaí inmheánacha faoinar cumhdaíodh formhór na réimsí criticiúla dá ghníomhaíochtaí, agus gur méadú ar an ualach riaracháin a bhí mar thoradh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí leasaitheacha a bhí mar fhreagairt ar na hiniúchtaí agus na measúnuithe, chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a sainaithníodh; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, gur tháinig méadú ar an ualach riaracháin mar thoradh air sin, cé nár léir go raibh na rialuithe breise éifeachtúil agus gur chuir siad feabhas ar an gcóras;

40.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Comhghnóthas, in 2021, a chaighdeáin bhainistíochta agus rialaithe inmheánaigh (MICS), a tháscairí agus a nósanna imeachta a ailíniú thairis sin le creat rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin;

41.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Comhghnóthas cur chuige céim ar chéim a leanúint maidir le láidreachtaí agus laigí an chórais rialaithe inmheánaigh a shainaithint, bunaithe ar aon easnaimh a sainaithníodh i bhfeidhmiú MICS agus gur fhoirmligh sé gníomhaíochtaí ceartaitheacha comhfhreagracha, as a lean na conclúidí maidir le bunú dhearbhú urrúis an stiúrthóra agus an tuairisciú sa tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí (CAAR)

42.

ag tabhairt dá haire, sa tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí do 2021, gur tháinig an Comhghnóthas ar an tuairim go bhfuil na comhpháirteanna uile ag oibriú as lámh a chéile ar bhealach comhtháite; ag tabhairt dá haire, áfach, ós rud é gur cinneadh go raibh easnamh criticiúil ag comhpháirt amháin, eadhon Gníomhaíochtaí rialaithe – Saincheist na folláine foirne, tháinig bainistíocht an Chomhghnóthais ar an gconclúid go raibh an córas rialaithe inmheánaigh foriomlán éifeachtach i bpáirt.

(1)   IO L 90, 30.3.2007, lch. 58.

(2)   ‘Doiciméid ITER dar teideal “Meastacháin Luacha do Chéimeanna Tógála, Oibríochta, Díghníomhaithe agus Díchoimisiúnaithe ITER agus Foirm Ranníocaíochtaí na bPáirtithe’ agus ‘Roinnt na gCostas le haghaidh gach Céim de Thionscadal ITER’.

(3)  Tá na meastacháin bunaithe ar Theachtaireacht COM(2017) 319 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2017 agus an doiciméad inmheánach oibre gaolmhar SWD(2017)232, tábla 4.

(4)  Airteagal 83a de Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal sin (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385).


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/546


CINNEADH (AE, Eurtatom) 2023/1964 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (F4E) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna thabhairt ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0111/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106(a) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Chinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus lena dtugtar buntáistí dó (4), agus go háirithe Airteagal 5 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0092/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 90, 30.3.2007, lch. 58.

(5)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/547


CINNEADH (AE) 2023/1965 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair (Comhghnóthas SESAR roimh an 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0114/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) (4) a fhorbairt, agus go háirithe Airteagal 4b de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhail rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0118/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 64, 2.3.2007, lch. 1.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/549


RÚN (AE) 2023/1966 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ChomhghnóthaTaighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair (Comhghnóthas SESAR roimh an 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0118/2023),

A.

de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas Taighde um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR) i mí Feabhra 2007 faoin Seachtú Clár Réime um Thaighde (FP7) ar feadh tréimhse ocht mbliana (SESAR 1). de bhrí go ndearnadh an Chomhairle leasú ar an rialachán bunaidh i mí an Mheithimh 2014agus gur chuir sí síneadh le saolré an Chomhghnóthais faoi chlár Fís 2020 go dtí an 31 Nollaig 2024 (SESAR).

B.

de bhrí gur ghlac an Chomhairle an Bunghníomh Aonair i mí na Samhna 2021, lena gcuirtear SESAR 3 ar bun le teacht in ionad SESAR, faoin gclár Fís Eorpach go ceann tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031 (1);

C.

de bhrí gur comhpháirtíocht phoiblí-príobháideach é Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair chun bainistíocht aerthráchta nuachóirithe a fhorbairt san Eoraip; de bhrí gurb iad a chomhaltaí bunaidh ná an tAontas Eorpach, a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht thar a cheann; an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (Eurocontrol) agus breis agus 50 eagraíocht a chuimsíonn slabhra luacha na heitlíochta ar fad, ó aerfoirt, úsáideoirí aerspáis de gach catagóir, soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, oibreoirí drón agus soláthraithe seirbhíse.

D.

de bhrí gur suas le EUR 600 milliún a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais le Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpach Aonair, lena n-áirítear leithreasaí LEE, chun costais riaracháin agus costais oibríochtúla a chumhdach, lena n-áirítear suas le EUR 30 milliún do chostais riaracháin; de bhrí go ndéanfaidh comhaltaí príobháideacha Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair nó go ndéanfaidh siad comhshocrú do dhéanamh a comheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe ranníocaíocht iomlán EUR 500 milliún ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 25 milliún le haghaidh costais riaracháin, thar an tréimhse deich mbliana;

E.

de bhrí go bhfuil Eurocontrol le ranníocaíocht iomlán suas le EUR 500 milliún a dhéanamh, lena n-áirítear suas le EUR 25 milliún le haghaidh costais riaracháin, thar an tréimhse deich mbliana; de bhrí gurb éard a bheidh sa ranníocaíocht freisin ranníocaíochtaí comhchineáil le gníomhaíochtaí breise;

F.

de bhrí nach mór d’institiúidí uile an Aontais an Rialáil Airgeadais agus ardchaighdeáin bhainistíochta a urramú;

G.

de bhrí go bhfuil sé ar cheann de spriocanna is tábhachtaí an Chomhghnóthais tacú le haistriú tapa chuig eitlíocht níos glaise, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

Ginearálta

1.

á chur i bhfios go ndéanann Comhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, mar Chomhghnóthas tríthaobhach, sa bhreis ar bhuiséad an Aontais agus ranníocaíochtaí ó chomhaltaí príobháideacha, ranníocaíochtaí ó EUROCONTROL de thart ar EUR 500 milliún le haghaidh ghníomhaíochtaí an chláir Fís Eorpach a chur chun feidhme agus, ós rud é nár bhreithnigh an Coimisiún ranníocaíochtaí EUROCONTROL ina shamhail táirgiúlachta, nach féidir an cóimheas táirgiúlachta níos ísle don Chomhghnóthas a chur i gcomparáid go díreach le cóimheas na gComhghnóthas eile;

2.

á chur in iúl gur oth léi gur thuairiscigh formhór na gComhghnóthas (ar aon dul le cinn eile), i ndiaidh na bpróiseas don bhuiséad inmheánach agus don phleanáil acmhainní, nach raibh an bhainistíocht san áireamh sa phróiseas caibidlíochta idir an mháthair-ardstiúrthóireacht agus AS BUDG; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, nach raibh siad curtha ar an eolas go leordhóthanach, de réir an Chomhghnóthais, faoin tsamhail táirgiúlachta a bhí in úsáid ag an gCoimisiún chun na hacmhainní daonna a chinneadh le haghaidh cur chun feidhme a gcuid clár faoin CAI nua agus nach raibh siad curtha ar an eolas go leordhóthanach faoin mbonn chun uasteorainn a chur leis an líon foirne, in ainneoin go raibh an buiséad a bhí le cur chun feidhme méadaithe;

3.

ag moladh an aistrithe rianúil chuig eintiteas dlíthiúil nua Chomhghnóthas SESAR 3 agus ag tabhairt dá haire gur fhorbair an Comhghnóthas roinnt sásraí trasnacha comhordúcháin, lenar ceadaíodh comhar trédhearcach agus struchtúrtha agus lenar braitheadh ar shaineolas aonair gach comhalta den eagraíocht, go háirithe, bunaíodh Grúpa Comhordaithe Aistrithe i mí Feabhra 2021;

4.

á aithint go mbeartaítear le Fís Eorpach spriocanna uaillmhianacha don Chomhghnóthas, spriocanna nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, e.g. i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, chun féachaint ar na féidearthachtaí atá ann simpliú a dhéanamh nuair is féidir agus ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

5.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Comhghnóthas maidir leis an Aerspás Digiteach Eorpach a thabhairt chun críche; ag tabhairt chun suntais go bhfuil tograí 2021-2027 le haghaidh Chomhpháirtíochtaí Eorpacha SESAR agus SCE ríthábhachtach do thodhchaí na heitlíochta digitithe agus na heitlíochta éiceolaíche agus gur gá maoiniú iomchuí a chur ar fáil dóibh;

6.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Aerspás Eorpach Aonair 2+ agus á iarraidh go ndéanfar é a ghlacadh agus a chur chun feidhme go tráthúil; á chur i bhfáth go rannchuideoidh úsáid na gcóras satailítí le haghaidh loingseoireachta, cumarsáide agus rianaithe, agus imlonnú iomlán Taighde um Bainistíocht Aerthráchta an Aerspáis Eorpaigh Aonair (SESAR) le hAerspás Digiteach Eorpach Aonair a thabhairt chun críche;

7.

á mheabhrú ról straitéiseach an Chomhghnóthais maidir le dícharbónú na hearnála eitlíochta, agus go leor dá gcuid tionscadal dírithe ar leas a bhaint as an teicneolaíocht dhigiteach chun tacú leis an aistriú i dtreo earnáil eitlíochta níos glaise;

8.

á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí foriomlána T&N a dhéanfaidh Comhghnóthas SESAR 3 ó 2021 go 2031, dá ngairtear clár an Aerspáis Dhigitigh Eorpaigh, arna n-eagrú mar chuid de Phíblíne Nuálaíochta SESAR; ag moladh freisin tosaíochtaí eile a leagtar síos do Chomhghnóthas SESAR 3 amhail: sineirgí le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile agus le cláir náisiúnta nó réigiúnacha nuachóirithe BAT a ghiaráil; rannpháirtíocht geallsealbhóirí institiúideacha agus tionscail a áirithiú; comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chinntiú; gníomhaíochtaí agus torthaí Chomhghnóthas SESAR 3 a chur chun cinn trí thionscnaimh chumarsáide;

9.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú comhchuibhithe ar ‘chostais riaracháin’ i measc na gComhghnóthas, ar téarma é chun ranníocaíochtaí airgeadais a chomhaltaí a ríomh agus ar réamhchoinníoll é chun críche figiúirí inchomparáide; á iarraidh, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí treoirlínte comhchoiteanna le haghaidh gach Comhghnóthais ionas go mbeidh siad in ann cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh maidir le haicmiú catagóirí áirithe caiteachais riaracháin, amhail caiteachas ar chomhairliúcháin, staidéir, anailís, meastóireachtaí, agus cúnamh teicniúil;

10.

ag aontú le tuairim na Cúirte Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ós rud é go bhfuil na Comhghnóthais uathrialaitheach agus freagrach as a gcláir oibre a chur chun feidhme, go bhféadfaí iad a áireamh ar bhealach níos fearr sa phróiseas pleanála d’acmhainní daonna do CAI 2021-2027;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

11.

á chur in iúl gur geal léi go bhfionntar sa tuarascáil ón gCúirt maidir le cuntais bhliantúla an Chomhghnóthais sna cuntais bhliantúla ó 2021 go ndéantar staid airgeadais an Chomhghnóthais an 31 Nollaig 2021 a chur i láthair go cothrom, i ngach cás ábhartha, agus torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain dar críoch, i gcomhréir lena rialachán airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dleathach agus rialta i ngach cás ábhartha;

12.

ag tabairt dá haire gurbh ionann an buiséad iomlán a bhí ar fáíl in 2021 (lena n-áirítear leithreasuithe ó bhlianta roimhe sin nár úsáideadh, ioncom santa agus leithdhailtí don chéad bhliain eile) agus EUR 34,8 milliún (EUR 163,2 milliún in 2020) i leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus EUR 69,9 milliún (EUR 179,2 milliún in 2020) i leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí;

13.

ag tabhairt dá haire, maidir le leibhéal reatha oibleagáidí oibríochtúla chomhaltaí an Chomhghnóthais, ag deireadh 2021, go raibh EUR 555,8 milliún d'uasranníocaíocht an Aontais geallta go hiomlán ag an gComhghnóthas le haghaidh comhaontuithe deontais sínithe agus conarthaí sínithe faoi chlár Fís 2020, a bhfuil thart ar EUR 92,5 milliún (nó 16,6 %) de fós le híoc sna blianta amach romhainn ar thionscadail agus ar chonarthaí atá fós le cur i gcrích; á thabairt dá haire, thairis sin, gur thug na comhaltaí príobháideacha gealltanas dlíthiúil chun na ranníocaíochtaí comhchineáil iomlán de EUR 280 milliún a chur ar fáil, mar a shonraítear sa chomhaontú ballraíochta earnálach, agus gur thug Eurocontrol gealltanas chun ranníocaíochtaí EUR 433,4 milliún nó 91 % den sprioc EUR 475 milliún de na ranníocaíochtaí oibríochtúla atá sainithe sa chomhaontú déthaobhach, a chur ar fáil.

14.

ag tabhairt chun suntais gurb é 93 % an ráta cur chun feidhme do bhuiséad íocaíochta an Chomhghnóthais do 2021 a bhí ar fáil do thionscadail Fís 2020 agus gur ar a bhí leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí ar bith ar bhonn oibríochtúil ag an gComhghnóthas in 2021 toisc go raibh an glao deiridh ar thograí curtha i gcrích aige faoi dheireadh 2020.

15.

ag aithint éifeachtaí leanúnacha ghéarchéim COVID-19 ar an earnáil; ag tabhairt dá haire gur chuir an Comhghnóthas roinnt beart chun feidhme, lena n-áirítear síneadh a chur le fad na ndeontas i gcás inar gá sin, chun ligean do thionscadail a ngníomhaíochtaí bailíochtaithe a thabhairt i gcrích agus torthaí teicniúla a chur ar fáil i gcomhréir le hamlínte an Mháistirphlean Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (BAT); á chur in iúl gur geal léi go raibh rath ar chomhaltaí an Chomhghnóthais agus ar a chomhpháirtithe maidir le teicneolaíochtaí agus nósanna imeachta nua a chur chun cinn trí phróiseas um scaoileadh píblíne nuálaíochta SESAR, i gcomhréir leis an amlíne arna leagan amach ag Máistirphlean BAT Eorpach – treochlár na hEorpa maidir le claochlú digiteach BAT;

16.

ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad in 2021 agus easnamh EUR 17,55 milliún (as a raibh easnamh EUR 292 513 de le haghaidh SESAR 1 tar éis aisíocaíocht deiridh ranníocaíochtaí breise airgeadais SESAR 1 agus easnamh EUR 17,26 milliún do SESAR 2020) agus gurb ionann an barrachas carnach atá fágtha agus EUR 592 241;

Feidhmíocht

17.

á chur in iúl gur geal léi gur chomhlíon an Comhghnóthas a phríomhchuspóirí beartais agus oibríochtúla go léir in 2021, mar a leagtar amach sa Doiciméad Clársceidealaithe Aonair do 2021 go 2023 (DSA 2021–2023);

18.

á chur in iúl gur mór aici go bhfuil sraith beart buiséadach curtha i bhfeidhm ag an gComhghnóthas, i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19 agus a tionchar airgeadais ar Chomhaltaí an Chomhghnóthais, a bhfuil sé mar aidhm aici tacaíocht láithreach maidir le sreabhadh airgid a sholáthar do na Comhaltaí agus don earnáil eitlíochta;

19.

ag moladh eagrú an chéad eagrán de Laethanta Nuálaíochta SESAR agus na tionscadail go léir atá tiomnaithe d’eolaithe óga;

20.

á chur in iúl gur geal léi gur lean an Comhghnóthas de 71 thionscadal a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu ar fud a thrí shraith taighde in 2021 (taighde taiscéalaíoch, taighde tionsclaíoch agus bailíochtú, agus taispeántais an-mhór), le 300 tairbhí éagsúla ar FBManna beagnach 20 % díobh, ar eagraíochtaí ardoideachais nó ollscoileanna 17 % díobh agus ar eagraíochtaí taighde iad 9 % díobh agus ag moladh beart chun líon na FBManna i líon ginearálta na dtionscadal arna mbainistiú ag an gComhghnóthas a mhéadú;

Soláthar agus foireann

21.

ag tabhairt dá haire gur chuir an Comhghnóthas teorainn lena líon uasta nósanna imeachta soláthair mar gheall ar an mbéim a chuir sé ar an bpróiseas aistrithe agus gur dhéileáil sé le deich nós imeachta soláthair, lena n-áirítear sé sholáthar ar luach an-íseal; á thabairt dá haire, ina theannta sin, gur shínigh an Comhghnóthas sé chreatchonradh seirbhíse idirinstitiúideacha, dhá chonradh seirbhíse dírí, ocht gconradh sonracha lena gcuirtear chun feidhme creatchonarthaí an Chomhghnóthais/comhaontaithe idirinstitiúideacha agus duais amháin;

22.

ag tabhairt dá haire gur shínigh an Comhghnóthas nócha leasú ar a chonarthaí, ar a chonarthaí sonracha, ar a mheabhráin tuisceana agus ar a chomhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse, don chuid is mó mar thoradh ar an aistriú chuig SESAR 3;

23.

á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh na nósanna imeachta go léir i gcrích i gcomhréir le rialacha airgeadais Chomhghnóthas SESAR chun urraim do thrédhearcacht, iomaíocht chóir i measc soláthróirí agus an úsáid is éifeachtaí as cistí an Chomhghnóthais a áirithiú;

24.

ag tabhairt chun suntais gur ghlac an Comhghnóthas ríomhthairiscint agus ríomhthíolacadh in 2021 agus gur lean Comhghnóthas SESAR d’úsáid a bhaint as uirlis phleanála chun na gníomhaíochtaí soláthair agus conartha go léir a thaifeadadh ar mhaithe le cur chun feidhme tráthúil gníomhaíochtaí soláthair a bhainistiú agus a áirithiú chun tacú lena chuspóirí; ag tabhairt dá aire, thairis sin, go ndéantar an comhad seo a nuashonrú ar bhonn seachtainiúil i gcomhar le gníomhairí tionscnaimh oibríochtúla agus leis an bhfoireann bainistíochta corparáideach;

25.

ag tabhairt dá haire go gceadaíodh le plean bunathe foirne 2021 arna fhormheas ag an gComhghnóthas 38 ngníomhaire shealadacha nó ar conradh agus beirt shaineolaithe náisiúnta ar iasacht, mar atá leagtha amach i mbuiséad ginearálta bliantúil an Aontais Eorpaigh don Choimisiún Eorpach;

26.

ag tabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí 2021, ó thaobh na cothromaíochta inscne de, nár baineadh amach aon mhéadú suntasach ar rannpháirtíocht na mban, ar chomhordaitheoirí tionscadal ar mná iad do thionscadail Fís 2020 ná ar chomhaltaí ar mná iad i ngrúpaí comhairleacha, grúpaí saineolaithe, painéil mheastóireachta, saineolaithe aonair, etc. i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; ag tabhairt dá haire gur oth léi gur tháinig laghdú iarbhír ó 30 % go 29 % in 2021 ar sciar na mban a ghlac páirt i dtionscadail Fís 2020 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; ag tabhairt dá haire gur oth léi, de réir Thuarascáil Bhliantúil an Chomhghnóthais do 2021, go bhfuil gá mór le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne ar an mBord Riaracháin (bean amháin, 27 bhfear); á chur in iúl gur cúis díomá di na figiúirí sin agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí méadaithe ó thaobh cothromaíocht inscne de;

27.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh meánráta bliantúil na foirne eatramhaí fós ard i ngach Comhghnóthas le linn na tréimhse ó 2018 go 2021, agus é ag thart ar 11 % den fhoireann reachtúil; á mheabhrú gur gnách méadú suntasach ar ráta athraithe foirne Chomhghnóthas a bheith mar thoradh ar ardleibhéal na foirne conarthaí agus go ndéanann sé an staid foirne a dhíchobhsú tuilleadh; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart fós gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhaintear as foireann eatramhach ós rud é go bhféadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht an Chomhghnóthais ina hiomláine, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta, díospóidí féideartha breithiúnacha agus éifeachtúlacht foirne níos ísle;

28.

ag tabhairt dá haire gur leanadh den obair, in 2021, ar roinnt tionscnamh in áitreabh Chomhghnóthas SESAR sa Bhruiséil chun táirgiúlacht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht na timpeallachta oibre agus na n-áiseanna a chuirtear ar fáil dá fhoireann a chothabháil;

29.

á chur i bhfios go raibh leithdháileadh éifeachtach acmhainní foirne fós ina thosaíocht do Chomhghnóthas SESAR le linn 2021 agus go raibh iarrachtaí dírithe ar fhorbairt ghairmiúil agus ghairme na foirne, chomh maith lena chinntiú gur baineadh úsáid as acmhainní foirne leithdháilte ar an mbealach is eacnamaí, is éifeachtúla agus is éifeachtaí;

30.

ag tabhairt dá haire, go ndearna an Comhghnóthas a chleachtadh breithmheasa in 2021 i gcomhréir lena rialacha cur chun feidhme, agus go raibh sé in ann an cleachtadh athaicmiúcháin a dhéanamh, ar athaicmíodh ocht ngníomhaire shealadacha mar thoradh air;

31.

ag tabhairt dá haire nach ndearna na Comhghnóthais cuid de ranníocaíochtaí na bhfostóirí d’fhoireann na gComhghnóthas a íoc le scéim pinsin an Aontais ó 2016 i leith, ar ranníocaíochtaí a chomhfhreagraíonn do chóimheas a n-ioncam fóirdheonaithe nach ioncam de chuid an Aontais iad agus a n-ioncam iomlán, ós rud é nach ndearna an Coimisiún foráil don chaiteachas sin i mbuiséad na gComhghnóthas ná nár iarr sé na híocaíochtaí go foirmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun fadhbanna comhchosúla a sheachaint amach anseo;

Rialú inmheánach

32.

ag tabhairt dá haire, go bhfuil Comhsheirbhís Iniúchóireachta de chuid Ard-Stiúrthóireacht um Thaighde agus um Fhorbairt Tuaithe an Choimisiúin freagrach as iniúchtaí ex post a dhéanamh ar íocaíochtaí Chlár Fís 2020, ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na torthaí iniúchta ex post a bhí ar fáil ag deireadh 2021, gur thuairiscigh an Comhghnóthas ráta earráide ionadaíoch 0,7 % (3,46 % in 2020) agus ráta earráidí iarmharacha 0,6 % (1% in 2020) do thionscadail Chlár Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh); ag tabhairt dá haire, ón ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an gclár Fís 2020, gurb í an aidhm dheiridh i dtaca leis an leibhéal earráide iarmhara tráth a ndúnfar na cláir, tar éis tionchar airgeadais na n-iniúchtaí, na mbeart ceartúcháin agus na mbeart aisghabhála uile a bheith curtha san áireamh, go mbainfear amach leibhéal atá chomh gar agus is féidir do 2 %;

33.

á aithint go bhféadfadh an laghdú ar na rátaí earráide in 2021 a bheith mar thoradh, i measc cúiseanna eile, ar eolas méadaithe na dtairbhithe ar na rialacha incháilitheachta agus an cuar foghlama dúchasach, mar aon le torthaí na bhfeachtas cumarsáide, na seimineáir ghréasáin agus na hoiliúna spriocdhírithe, ar tugadh aghaidh orthu go háirithe do núíosaigh agus do FBManna; á chur i bhfáth gur cheart na rátaí earráide a láimhseáil go cúramach, toisc go bhféadfaidís athrú faoi réir infhaighteacht sonraí breise ó thorthaí iniúchóireachta;

34.

ag tabhairt dá haire, chun measúnú a dhéanamh ar rialuithe oibriúcháin íocaíochta an Chomhghnóthais, go ndearna an Chúirt iniúchadh ar íocaíochtaí Fís 2020 a rinneadh in 2021 a shampláil go randamach, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh, chun na rátaí earráide iniúchta ex post a chomhthacú; ag tabhairt dá haire go bhfuair agus gur chainníochtaigh an Chúirt earráid i gcás amháin inar dhearbhaigh an tairbhí costais dhíreacha phearsanra ar cheart iad a bheith dearbhaithe mar chostais fochonraitheoireachta. á thabairt dá haire, áfach, ós rud é nach raibh foráil déanta sa chomhaontú deontais do chaiteachas den sórt sin don tairbhí, nach raibh na costais thabhaithe sin incháilithe.

35.

ag cur béim ar an bhfíoras gur deimhníodh earráidí sistéamacha leanúnacha i gcinneadh na Cúirte maidir le costais phearsanra dhearbhaithe agus, go háirithe, go bhfuil FBManna agus tairbhithe nua i mbaol níos mó earráidí ná tairbhithe eile; ag tabhairt chun suntais go dtuairiscítear na hearráidí sin go rialta sna tuarascálacha bliantúla roimhe sin ón gCúirt ó 2017 i leith; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú a dhéanamh ar rialacha Fís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe chun rátaí earráide a chobhsú faoi bhun an leibhéil ábharthachta; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Chomhghnóthas a chórais rialaithe inmheánaigh a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an riosca méadaithe i dtaca le FBManna agus tairbhithe nua agus a mholadh go láidir do chatagóirí áirithe tairbhithe a bhfuil baol níos ag baint leo, amhail FBManna agus tairbhithe nua, úsáid a bhaint as Draoi na gCostas Pearsanra; á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh na Comhghnóthais uile, in 2022, ar ghníomhaíochtaí le haghaidh laghduithe ar an ráta earráide a chur chun feidhme i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a mhol an Chúirt, lena n-áirítear féachaint ar na roghanna maidir le foirmeacha simplithe costas amhail costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe;

36.

ag tabhairt dá haire, óna Thuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí, gur chomhlíon an Comhghnóthas a chuspóirí go léir a bhaineann le bainistíocht éifeachtach airgeadais, riaracháin agus corparáideach sa réimse seo, mar atá leagtha amach sa doiciméad clársceidealaithe aonair 2021–2023 (DSA); ag tabhairt dá haire go n-áirítear leis sin faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht ghníomhaíochtaí iniúchta tionscadail an Chomhghnóthais, faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht ghníomhaíochtaí corparáideacha agus bainistíochta an Chomhghnóthais, faireachán a dhéanamh ar chlár na neisceachtaí agus na gcásanna neamhchomhlíontachta (sprioc laistigh de 1 %);

37.

ag tabhairt dá haire gur thaifead an Comhghnóthas teagmhas neamhchomhlíonta amháin a d’eascair as neamhghníomhú Chiste Ráthaíochta an chláir Fís 2020 nó Ordú Aisghabhála a eisiúint mar gheall ar fhéimheacht tairbhí (tionscadal H2020 763702 (PercEvite)) agus eisceacht amháin a bhí nasctha le fadú ré an chonartha lena rialaítear faireachán agus cothabháil chóras aláraim áitreabh an Chomhghnóthais (CTR SJU/LC/327-CTR);

Coinbhleachtaí leasa, calaois a chosc agus a bhrath

38.

á thabairt chun suntais ón Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí gur cuireadh tuarascáil ar chur chun feidhme frithchalaoise le haghaidh 2021 faoi bhráid an Stiúrthóra Feidhmiúcháin sa chéad ráithe de 2022, agus go dtugtar léi forbhreathnú ar na gníomhaíochtaí frith-chalaoise a rinne an Comhghnóthas in 2021, agus go gcuirtear síos inti go háirithe ar sheisiúin oiliúna shonracha a cuireadh ar bun i réimse na heitice agus na frithchalaoise sa cheathrú ráithe de 2021, lena gcumhdaítear sainmhínithe calaoise, foláirimh, tuairisciú ar neamhrialtachtaí tromchúiseacha, coinbhleachtaí leasa, gníomhaíochtaí seachtracha, bronntanais agus fabhair, an bunachar sonraí a ghabhann leis an gCóras Luathbhratha agus Eisiaimh, maoiniú dúbailte, agus bradaíl;

39.

ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, maidir le coinbhleachtaí leasa, gur ghlac Bord Rialaithe Chomhpháirteach SESAR 3 rialacha nua i mí na Nollag 2021 maidir le rúndacht, cosc, seachaint agus bainistiú coinbhleachtaí leasa an Comhghnóthais, in ionad na sraithe roimhe sin de rialacha a bhí infheidhme ó 2008 i leith agus ina theannta sin, i mí na Nollag 2021, gur glacadh freisin le cód iompair don Bhord Rialaithe;

Iniúchóireacht inmheánach

40.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) iniúchadh le linn 2021 ar bhainistíocht AD agus ar eitic sa Chomhghnóthas; ag tabhairt dá haire gur tharla an obair allamuigh go cianda agus gur eisíodh an tuarascáil deiridh an 9 Samhain 2021;

41.

ag tabhairt dá haire gur tháinig na hiniúchóirí ar an gconclúid go bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe an Chomhghnóthais a cuireadh i bhfeidhm do bhainistiú acmhainní daonna agus do chur chun cinn na timpeallachta eitice deartha go leordhóthanach, éifeachtúil agus curtha i bhfeidhm go héifeachtach agus go dtacaíonn siad leis an gComhghnóthas a chuspóirí gnó a bhaint amach;

42.

ag tabhairt dá aire, áfach, cé nár aithníodh aon saincheisteanna criticiúla nó fíorthábhachtacha ón iniúchadh, go measann IAS go bhfuil roinnt laigí ann agus gur féidir tuilleadh feabhais a chur ar réimsí áirithe, amhail bainistíocht ualaigh oibre, an próiseas earcaíochta agus dearbhuithe bliantúla leasa, socrú cuspóirí do dhaoine aonair, agus cumarsáid ar chúrsaí AD;

43.

á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh an Comhghnóthas SESAR plean gníomhaíochta mionsonraithe chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí na Cúirte agus ar na rioscaí bunúsacha; á chur in iúl gur geal léi freisin gur dheimhnigh IAS oiriúnacht an phlean gníomhaíochta mhionsonraithe sin agus go bhfuil an Comhghnóthas ag súil leis na gníomhaíochtaí uile a chur chun feidhme faoi dheireadh 2022.

(1)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/555


CINNEADH (AE) 2023/1967 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair (ComhghnóthasSESAR roimh an 30 Samhain 2021) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheach Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0114/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) (4) a fhorbairt, agus go háirithe Airteagal 4b de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhail rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 64, 2.3.2007, lch. 1.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/557


CINNEADH (AE) 2023/1968 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa (roimh 30 Bealtaine 2021 an Comhghnóthas Shift2Rail) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gnóthais Chomhpháirteacha AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0115/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Shift2Rail (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0090/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh ad interim do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a chuid barúlacha sa rún thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí ad interim, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 177, 17.6.2014, lch. 9.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/559


RÚN (AE) 2023/1969Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Shift2Rail) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0090/2023),

A.

de bhrí gur ghlac an Chomhairle i mí na Samhna 2021 Rialachán (AE) 2021/2085 (an Bunghníomh Aonair) (1), lena mbunaítear an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa chun teacht in ionad an Chomhghnóthais Shift2Rail faoin gclár Fís Eorpach don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031;

B.

de bhrí gur comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí é an Comhghnóthas atá tiomnaithe do bhainistiú agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta miseandírithe ar mhaithe le claochlú mór i gcórais iarnróid san Eoraip; de bhrí go n-áirítear ar phríomhchuspóirí an Chomhghnóthais rannchuidiú leis an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a bhaint amach, aistriú tapa chuig córas iarnróid Eorpach níos tarraingtí, níos áisiúla don úsáideoir, níos iomaíche, níos inacmhainne, níos fusa le cothabháil, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe a áirithiú, a bheidh comhtháite sa chóras soghluaisteachta trí chéile agus chun tacú le forbairt tionscail iarnróid Eorpaigh atá láidir agus iomaíoch ar fud an domhain;

C.

de bhrí gurb iad na baill bhunaidh an tAontas, a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht air, agus comhpháirtithe an tionscail iarnróid (príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear monaróirí trealaimh iarnróid, cuideachtaí iarnróid, bainisteoirí bonneagair agus ionaid taighde) agus go bhféadfadh eintitis eile a bheith rannpháirteach sa Chomhghnóthas mar bhaill chomhlachaithe; de bhrí nár cheart ranníocaíochtaí na mball seachas an tAontas a bheith teoranta do na costais riaracháin agus an cómhaoiniú is gá chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanamh, agus dóibh sin amháin, a chumhdach, ach gur cheart baint a bheith acu freisin le gníomhaíochtaí breise;

D.

de bhrí nach mór d’institiúidí uile an Aontais an Rialachán Airgeadais agus na hardchaighdeáin bhainistíochta a urramú;

Ginearálta

1.

á chur in iúl gur geal léi go dtugann na cuntais bhliantúla léargas fíorcheart, ar gach slí ábharthach, ar staid airgeadais an Chomhghnóthais amhail an 31 Nollaig 2021, ar thorthaí a chuid oibríochtaí, ar a shreabha airgid, agus ar na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain dar críoch an dáta céanna, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin. ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil na hidirbhearta bunaidh sna cuntais, ó thaobh na ngnéithe ábhartha uile de, dlíthiúil rialta;

2.

á aithint go mbeartaítear le Fís Eorpach spriocanna uaillmhianacha don Chomhghnóthas, spriocanna nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, e.g. i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, chun féachaint ar na féidearthachtaí atá ann simpliú a dhéanamh nuair is féidir agus ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

3.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, don tréimhse a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/2085, gur suas le EUR 600 milliún, lena n-áirítear EUR 50 milliún ar a laghad le haghaidh an Cholúin Chórasaigh agus suas le EUR 24 mhilliún le haghaidh costais riaracháin, a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa, lena n-áirítear leithreasuithe de chuid LEE, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach; ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh baill an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa, seachas an tAontas, ranníocaíocht iomlán a gcomheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht iomlán EUR 600 milliún ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 24 mhilliún le haghaidh costais riaracháin;

4.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú comhchuibhithe ar ‘chostais riaracháin’ i measc na gComhghnóthas, ar téarma é chun ranníocaíochtaí airgeadais a chomhaltaí a ríomh agus ar réamhchoinníoll é chun críche figiúirí inchomparáide; á iarraidh, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí treoirlínte comhchoiteanna le haghaidh gach Comhghnóthais ionas go mbeidh siad in ann cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh maidir le haicmiú catagóirí áirithe caiteachais riaracháin, amhail caiteachas ar chomhairliúcháin, staidéir, anailís, meastóireachtaí, agus cúnamh teicniúil;

5.

á mheabhrú, chun aeráidneodracht a bhaint amach, gur cheart cuid shuntasach den 75 % den lasta intíre a iompraítear de bhóthar sa lá atá inniu ann a aistriú chuig an iarnród agus chuig uiscebhealaí intíre; ag tabhairt dá haire go mbeidh ról méadaitheach ag an tsoghluaisteacht ilmhódach uathoibrithe agus nasctha, mar aon le córais chliste bainistithe tráchta arna gcumasú ag an digitiú;

6.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Chomhghnóthais, bunaithe ar a fhreagraí ar urscaoileadh Pharlaimint na hEorpa in 2020, chun sineirgí a fhorbairt tuilleadh idir an chomhpháirtíocht nua agus sásraí cistiúcháin an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear tionscadail arna gcistiú faoi chláir an Aontais amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Plean don Eoraip Dhigiteach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, chomh maith le InvestEU; ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar na hiarrachtaí sin gníomhaíochtaí atá beartaithe chun naisc a d’fhéadfadh a bheith ann le cláir eile de chuid an Aontais a chur chun cinn, oibriú leis na Ballstáit i nGrúpa Ionadaithe na mBallstát, agus Grúpa Imscartha a bhunú chun tacú le pleananna imlonnaithe agus infheistíochta a shainaithint agus a ailíniú le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leanúint den obair sin chun córas iarnróid níos inbhuanaithe, níos iontaofa agus níos tarraingtí a bhaint amach;

7.

ag moladh na Straitéise nua um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste ón gCoimisiún, a seoladh i mí na Nollag 2020, lena n-áirítear garspriocanna níos nithiúla don earnáil iarnróid chun todhchaí chliste agus inbhuanaithe a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go leagtar síos le Plean Gníomhaíochta 82 thionscnamh an bunús don chaoi ar féidir le córas iompair AE a chlaochlú glas agus digiteach a bhaint amach agus a bheith níos athléimní i gcoinne géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo;

8.

ag tabhairt chun suntais gur cheart don chlár Fís Eorpach rannchuidiú leis an méadú 50 % ar thrácht iarnróid ardluais faoi 2030; á chur i bhfáth gur cheart an taisteal comhchoiteann sceidealta de níos lú ná 500 km a bheith neodrach ó thaobh carbóin de laistigh den Aontas, gur cheart soghluaisteacht uathoibrithe a imlonnú ar mhórscála agus gur cheart an trácht lasta iarnróid a dhúbailt faoi 2050; á mheabhrú gur cheart go mbeadh trácht iarnróid ardluais faoi thrí agus gur cheart an Gréasán Tras-Eorpach Iompair ilmhódach (TEN-T) a fheistiú le haghaidh iompar inbhuanaithe agus cliste le nascacht ardluais a bheith oibríochtúil don chroíghréasán faoi 2030; á chur i bhfáth go bhfuil imscaradh iomlán ERTMS faoi 2030 ina ábhar tosaíochta is airde;

9.

ag tabhairt dá haire gur féidir leis an gclaochlú digiteach feabhas a chur ar na héiceachórais a bhaineann le soghluaisteacht agus iompar; ag tabhairt dá haire gur féidir leis an digitiú feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil agus costais agus, ag an am céanna, leibhéil sábháilteachta a mhéadú a chuireann le cáilíocht saoil níos airde; á iarraidh go mbeadh leibhéil níos airde uathoibrithe ann, go mbeadh nascacht níos tapúla agus níos iontaofa ann agus go ndéanfaí mórathrú ar bhainistiú na seirbhíse soghluaisteachta ó thaobh TF de; á chreidiúint go bhféadfadh an pobal tairbhe a bhaint freisin as nascacht idirlín thapa do phaisinéirí ar fhormhór na stáisiún agus na línte, teileamaitice atá dírithe ar an úsáideoir agus ilmhódúlacht éascaithe;

10.

á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Chomhghnóthais gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a éascú chun gréasán iarnróid Eorpach comhtháite a sheachadadh trí dhearadh, trí dheireadh a chur le bacainní ar idir-inoibritheacht agus trí chóras iarnróid cliste, inbhuanaithe agus athléimneach a sheachadadh chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le héabhlóid an Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid chun nascacht ar fud an Aontais a áirithiú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú leis an gComhghnóthas i bhfianaise bhuntáistí an iarnróid i dtéarmaí feidhmíochta agus sábháilteachta comhshaoil;

11.

ag tréaslú leis an gComhghnóthas as tuairisciú leanúnach, gníomhach a dhéanamh ar rannchuidiú an Chomhgnóthais le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, chomh maith lena rannchuidiú leis na spriocanna a leagtar amach i Straitéis an Choimisiúin um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus sa Deacáid Dhigiteach, agus, ar an gcaoi sin, a ailíniú féideartha le spriocanna straitéiseacha an Aontais a uasmhéadú;

12.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar an Chomhghnóthais leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid chun idir-inoibritheacht a áirithiú do na tionscadail fhorbartha;

13.

ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús oifigiúil leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa an 30 Samhain 2021;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

14.

á chur i bhfios go láidir nach n-áirítear i mbuiséad an Chomhghnóthais 2021 aon leithreasuithe ioncaim nó gealltanais/íocaíochta i ndáil le hacmhainní an Chomhghnóthais a thagann ó Fís Eorpach nó óna bhaill phríobháideacha agus nach bhfuil ann ach leithreasuithe a bhaineann le Comhghnóthas Shift2Rail agus le baill de Chomhghnóthas Shift2Rail;

15.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh in 2021, maidir le buiséad an Chomhghnóthais, mar a glacadh é ar deireadh, lena n-áirítear leithreasuithe blianta roimhe sin nár úsáideadh, a d’athiontráil an Comhghnóthas i mbuiséad na bliana reatha, ioncaim shannta agus ath-leithdháiltí go dtí an chéad bhliain eile, gurbh ionann an buiséad sin agus EUR 13,625 milliún (EUR 84,1 milliún in 2020) i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 68,440 milliún (EUR 75,8 milliún in 2020) i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;

16.

á chur in iúl gur geal léi, ag deireadh na bliana 2021, go raibh 100 % dá leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a cuireadh ar fáil ina bhuiséad gníomhach curtha chun feidhme ag an gComhghnóthas, lena n-áirítear caiteachas foirne agus riaracháin, agus go ndearna na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a chur chun feidhme i gcás 85 % de na cistí gníomhacha; ag tabhairt dá haire go raibh an cur chun feidhme i gcomparáid le buiséad iomlán an Chomhghnóthais, lena n-áirítear leithreasuithe nár úsáideadh sa bhliain reatha, ar leibhéal 100 % ó thaobh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de agus ar leibhéal 63 % ó thaobh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí de;

17.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ag deireadh 2021, a ranníoc na baill phríobháideacha EUR 189,6 milliún bailíochtaithe san iomlán, arb éard a bhí ann EUR 10,5 milliún d’airgead tirim, EUR 179,1 milliún de ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe, agus ina theannta sin EUR 208,8 milliún san iomlán de ranníocaíochtaí comhchineáil le gníomhaíochtaí breise, i gcomparáid le EUR 339,2 milliún de ranníocaíocht iomlán airgid thirim ón Aontas;

18.

ag tabhairt dá haire gur sheol an Comhghnóthas glao deiridh i leith an chláir Fís 2020 i mí Aibreáin 2021; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, leis an nglao sin, ag deireadh 2021, a bhí beagnach EUR 385,5 milliún de ranníocaíocht uasta an Aontais geallta ag an gComhghnóthas le haghaidh comhaontuithe deontais sínithe de chuid Fís 2020, agus go bhfuil thart ar EUR 96,4 milliún (25 %) de sin fós le híoc sna blianta seo romhainn; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh gealltanas dlíthiúil tugtha ag na baill phríobháideacha ranníocaíochtaí comhchineáil EUR 572,6 milliún a sholáthar;

19.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Comhghnóthas 100 % dá bhuiséad gealltanas a bhí ar fáil do thionscadail Fís 2020 a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gur thit an ráta cur chun feidhme i ndáil le buiséad íocaíochtaí oibríochtúla an Chomhghnóthais a bhí ar fáil in 2021, lena n-áirítear leithreasuithe oibríochtúla nár úsáideadh agus leithreasuithe ath-leithdháilte, go 61 % (2020: 76 %); á chur in iúl gur eol di gurb éard ba chúis leis an staid sin den chuid is mó droch-cháilíocht thuarascálacha teicniúla na dtairbhithe nó gur ghá fianaise bhreise lena ndearbhaítear gur baineadh amach torthaí an tionscadail a iarraidh ar na tairbhithe; á iarraidh ar an gComhghnóthas féachaint ar aon mhodhanna breise chun na rialacha tuairiscithe a éascú maidir le torthaí tionscadail a bhaint amach chun moilleanna a sheachaint amach anseo; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gurb éard atá i mbunáite íocaíochtaí an Chomhghnóthais cnapshuimeanna a íoctar le haghaidh pacáistí oibre tionscadail arna gcur chun feidhme i gceart ag tairbhithe iolracha; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, dá bhrí sin, mar gheall ar an moill a bhaineann le tairbhí aonair, go ndéantar difear d’íoc mhéid iomláin na cnapshuime a bhaineann leis an bpacáiste oibre;

20.

ag tabhairt dá haire gur éirigh leis an gComhghnóthas breis agus 70 íocaíocht a bhaineann le tairiscintí oibríochtúla agus le comhaontuithe deontais a dhéanamh agus gurbh é EUR 39,3 milliún luach iomlán na n-íocaíochtaí sin; ag tabhairt dá haire gur chuir an Comhghnóthas chun suntais don bhord rialaithe a thábhachtaí atá cáilíocht thuairisciú na dtairbhithe agus a riachtanaí atá sé go gcomhlíonfadh tairbhithe agus/nó conraitheoirí spriocdhátaí agus gur chuir sé in iúl don bhord rialaithe i mí na Samhna 2021 go bhfanfadh thart ar EUR 17,5 milliún de leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí gan úsáid ag deireadh na bliana de bharr na tairbhithe a bheith mall ag tíolacadh iarrataí íocaíochta agus doiciméid bhunúsacha; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh ar an gComhghnóthas an méid sin a aistriú chuig na leithreasuithe nár úsáideadh chun iad a athscríobh sna leithreasuithe íocaíochta i leith 2022: ag tabhairt dá haire gurb é tuairim an Chomhghnóthais gur bhain sé amach, leis an ath-leithdháileadh sin, ráta cur chun feidhme 84 % le haghaidh íocaíochtaí oibríochtúla (caiteachas oibríochtúil);

Feidhmíocht

21.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, le linn 2021, atá tuilleadh dul chun cinn déanta ag an gComhghnóthas maidir leis an gClár Shift2Rail a thabhairt i gcrích, cé go ndearna paindéim COVID-19 difear do na gníomhaíochtaí oibríochtúla, agus moill bhreise tuairim is sé mhí bhreise á cur ar aschuir an chláir i gcomparáid le moilleanna 2020, mar gheall, go háirithe, ar an méadú a tháinig ar líon na ngníomhaíochtaí taispeána ar an láthair a bhí gníomhach in 2021; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil bainistiú fónta airgeadais éifeachtach éifeachtúil á áirithiú de thoradh an chórais rialúcháin inmheánaigh atá i bhfeidhm;

22.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2021, a rinne an Comhghnóthas dhá dheontas ar luach iomlán EUR 2,34 milliún a dhámhachtain agus a shíniú, i réimsí ‘tionchar agus tairbhí taighde agus nuálaíochta chun an t-iarnród a dhéanamh tarraingteach do gheallsealbhóirí’ agus ‘nuálaíocht um chúplaire digiteach Uathoibrithe don Chlár Seachadta Eorpach’;

23.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, faoi dheireadh 2021, a bhain an Clár Shift2Rail garspriocanna ríthábhachtacha amach i dtéarmaí chur chun feidhme an Chláir agus go ndearnadh beagnach gach acmhainn de chuid an Chomhghnóthais Shift2Rail a ghealladh do ghníomhaíochtaí an Chláir agus go raibh na gníomhaíochtaí beartaithe uile a bhaineann le Clár Nuálach/Gníomhaíochtaí Trasearnálacha á reáchtáil i dtionscadail ar deonaíodh cistiú dóibh; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil, ar an meán, beagnach 75 % den Chlár tugtha i gcrích d’fhonn go mbainfí amach na taispeántais oibríochtúla ar leibhéal ullmhachta teicneolaíochta 6/7 (2) atá beartaithe a chur i gcrích le linn 2023; ag tabhairt dá haire go meastar gurb é EUR 123,5 milliún luach iomlán na ngníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích in 2021, agus go ndearna na baill eile, seachas an tAontas Eorpach, luach EUR 113,6 milliún de sin a chur i gcrích;

24.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, le linn 2021, a rinne an Chomhghnóthas measúnú ar a chuid taighde agus gníomhaíochtaí nuálaíochta trí chleachtadh tríú geata rialaithe; ag tabhairt dá haire gur cuireadh san áireamh sa chleachtadh sin na táirgí insoláthartha agus na tuarascálacha a tíolacadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe bhliantúil ar na tionscadail ghníomhacha arna gcomhordú ag an mball eile de chuid Shift2Rail (an tAontas agus na baill chomhlachaithe). D’áirithigh an Comhghnóthas freisin trí bhíthin an phróisis sin gur cuireadh i bhfeidhm i gceart na moltaí a rinneadh sa mheasúnú geata rialúcháin roimhe sin; ag tabhairt dá haire gurb é an toradh foriomlán gur bhain an clár tairbhe as an aiseolas sin, a bhí bunaithe freisin ar shaineolas seachtrach;

Foireann agus soláthar

25.

ag tabhairt dá haire go raibh 19 mball foirne, lena n-áirítear 1 saineolaí náisiúnta ar iasacht, ar fáil an 31 Nollaig 2021 de bharr earcaíocht a bhí ar siúl/ar feitheamh; ag tabhairt dá aire gurb amhlaidh, de réir Phlean Bunaíochta Foirne an Chomhghnóthais, gur cheart go mbeadh 23 phost ann faoi dheireadh na bliana 2021;

26.

ag tabhairt dá haire, mar gheall ar sheoladh an Chomhghnóthais nua um Iarnród na hEorpa ón 30 Samhain 2021, gurb é an plean a glacadh i gcomhthéacs an Chomhghnóthais Shift2Rail, go fóill féin, an Plean Bunaíochta Foirne; ag tabhairt dá haire nár ghlac an bord rialaithe an plean bunaíochta foirne nua go dtí an 1 Márta 2022;

27.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, gur úsáideadh an caiteachas foirne go príomha le haghaidh thuarastail fhoireann an Chomhghnóthais; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur bhain an Comhghnóthas úsáid freisin as tacaíocht sheachtrach, chun bearnaí a líonadh le linn an phróisis earcaíochta de dhroim iomlaoid foirne agus chun déileáil leis an ualach oibre suntasach a bhain le gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais;

28.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh meánráta bliantúil na foirne eatramhaí fós ard, arbh ionann é agus 18 % den fhoireann reachtúil; á mheabhrú gur gnách méadú suntasach ar ráta athraithe foirne Chomhghnóthas IHI a bheith mar thoradh ar ardleibhéal na foirne conarthaí agus go ndéanann sé an staid foirne a dhíchobhsú tuilleadh; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart fós gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhaintear as foireann eatramhach ós rud é go bhféadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht an Chomhghnóthais ina hiomláine, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta, díospóidí féideartha breithiúnacha agus éifeachtúlacht foirne níos ísle; á mheabhrú, áfach, gur cheart don Chomhghnóthas samhail nó treoraíocht fhoirmiúil a fhorbairt faoin gcaoi le riachtanais foirne (lena n-áirítear inniúlachtaí bunriachtanacha) a mheas, agus é mar chuspóir leis sin an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní foirne;

29.

á chur in iúl gur oth léi, in 2021, go raibh iomlaoid foirne fós ard agus gur fhág roinnt baill foirne agus saineolaí náisiúnta ar iasacht amháin an Comhghnóthas; ag tabhairt dá haire gurb éard ba chúis leis sin, i measc gnéithe eile, go bhfuil Comhghnóthais eile de chuid an Aontais in ann poist mar Ghníomhaire Sealadach a thairiscint in ionad poist mar ghníomhaire ar Conradh; á iarraidh go ndéanfadh acmhainní daonna iarrachtaí breise chun iomlaoid foirne a íoslaghdú;

30.

á chur in iúl gur geal léi, mar a bhí amhlaidh cheana féin in 2020, gur lean an Comhghnóthas ar aghaidh freisin in 2021 de chur chuige an Choimisiúin a leanúint mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 trí bhearta speisialta, a ceapadh chun baill foirne a chosaint, a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur áirithíodh é sin trí shocruithe teilea-oibre a chur i bhfeidhm, agus, nuair a bhíothas ag obair ar an láthair, trí theagmhálacha fisiciúla idir comhghleacaithe a laghdú agus trí úsáid a bhaint as bearta cosanta; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Comhghnóthas a dhícheall dul i ngleic le héifeachtaí diúltacha na paindéime ar mheabhairshláinte na foirne trí chlár folláine a thabhairt isteach cheana féin in 2020;

31.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021, ó thaobh cothromaíocht inscne de, go bhfuil céatadán níos ísle ban sa bhord rialála ag an gComhghnóthas ná mar a bhí sa bhliain roimhe sin, eadhon 10 % agus 13 % faoi seach, agus na comhaltaí boird a bhíonn ag malartú á gcur san áireamh, agus 33 % mar chéatadán na mban sa ghrúpa ionadaithe agus sa choiste eolaíoch, amhail in 2019 agus 2020; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil laghdú tagtha ar na figiúirí sin nó go bhfuil siad gan athrú i gcomparáid le blianta roimhe sin agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí méadaithe ó thaobh cothromaíocht inscne de;

32.

ag tabhairt dá haire, maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí soláthair, gur chomhlíon an Comhghnóthas prionsabail Rialachán Airgeadais an Aontais agus an treoraíocht a thugtar i dTreoir an Choimisiúin Eorpaigh maidir le soláthar; ag tabhairt dá haire go bhfuarthas, dá thoradh sin, an luach is fearr ar airgead ó thaobh cur chun feidhme gníomhaíochtaí de; na luachanna arna mbunú do na nósanna imeachta éagsúla soláthair, atá faoi bhun aon leibhéal ábharthachta i bhfianaise luach iomlán na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus an chláir, is toradh iad ar chomheolas na mball foirne lena mbaineann agus ar a dtaithí in eagraíochtaí príobháideacha agus poiblí roimhe seo;

33.

ag tabhairt dá haire, tar éis bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), go gcomhaontaíonn an Comhghnóthas ranníocaíochtaí pinsin a fhostóra a íoc i gcomhréir leis an ríomh atá le soláthar ag seirbhísí an Choimisiúin, a luaithe a dheimhneofar gnéithe dlíthiúla agus á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun saincheisteanna comhchosúla a sheachaint amach anseo; á iarraidh ar an gComhghnóthas gan fanacht ar ríomh deiridh na ranníocaíochtaí gan íoc, ach an oibleagáid sin a bhreithniú nuair a dhéantar a bhuiséad amach anseo a phleanáil, amhail trí fhabhrú comhfhreagrach le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin;

34.

ag moladh an Chomhghnóthais as príomhspriocanna a shainiú chun ról an iarnróid sa chóras iompair a neartú ina Chlár Gníomhaíochta Ilbhliantúil, chun a rannchuidiú a uasmhéadú chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach;

35.

ag moladh, don bhliain 2021, na maoirseachta leanúnaí atá á déanamh ag an gClároifig ar chur chun feidhme 105 thionscadal agus chonradh oibríochtúla de chuid an Chláir Shift2Rail, a bronnadh agus a síníodh ó 2016 i leith, as luach iomlán taighde agus nuálaíochta arb ionann é agus EUR 805,1 milliún;

36.

ag tabhairt dá haire go raibh ról gníomhach ag an gComhghnóthas maidir le hinfheictheacht na hearnála le linn Bhliain an Iarnróid 2021;

37.

ag moladh tuairisciú leanúnach an Chomhghnóthais, ó 2018 i leith, maidir lena rannchuidiú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach;

38.

ag cur sonrú in éifeacht leanúnach phaindéim COVID-19 ar ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais, a réamhtheachtaí, agus na hearnála iarnróid i gcoitinne agus na moilleanna breise a eascraíonn as sin i gcuid d’aschur an chláir, mar a thuairiscítear i dtuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais; á iarraidh go ndéanfaí aird a thabhairt ar an bhfíric atá curtha i bhfios go láidir ag an gComhghnóthas, go leanfaidh an phaindéim de thionchar a imirt ar oibríochtaí áirithe san earnáil iarnróid fiú tar éis do na héifeachtaí is tromchúisí a bheith ag dul ar gcúl; ag moladh agus ag spreagadh, dá bhrí sin, an Chomhghnóthais leanúint leis an anailís riosca mhionsonraithe agus leis na pleananna maolaithe atá curtha i gcrích ag a chlárfhoireann agus a chomhordaitheoirí tionscadail ó thús phaindéim COVID-19;

Iniúchadh Inmheánach

39.

ag tabhairt dá haire gur dheimhnigh seirbhís um iniúchadh inmheánach an Choimisiúin nach raibh aon lagú ar an oibiachtúlacht aonair in 2021, go háirithe trí choinbhleacht leasa, trí theorainneacha raoin feidhme, trí shrianta ar rochtain ar thaifid, ar phearsanra agus ar airíonna, nó trí theorainneacha acmhainní;

40.

ag tabhairt dá haire, tar éis dó measúnú riosca a dhéanamh sa Chomhghnóthas le linn 2020, gur dhréachtaigh an t-iniúchóir inmheánach an plean um iniúchadh inmheánach straitéiseach le haghaidh 2021-2023; ag tabhairt dá haire, in R4 2021, gur chuir an Comhghnóthas nuashonrú ar fáil don tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach maidir leis na forbairtí inmheánacha agus seachtracha a raibh tionchar acu ar a ghnó, chomh maith lena leagan nuashonraithe den chlár rioscaí; ag tabhairt dá haire go gcuirfidh an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach an t-ionchur sin san áireamh agus pleanáil á déanamh aige ar an obair iniúchta le haghaidh 2022 agus chun an chéad mheasúnú riosca domhain eile agus an plean straitéiseach iniúchta inmheánaigh i leith EU-Rail a bhunú;

41.

ag tabhairt dá haire gur sheol an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach, in 2021, ‘Iniúchadh ar chur chun feidhme agus dúnadh na ndeontas faoi Fís 2020’ agus é mar chuspóir leis an iniúchadh sin measúnú a dhéanamh ar leormhaitheas dhearadh agus éifeachtúlacht agus éifeachtacht na rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm sa Chomhghnóthas chun comhaontuithe deontais faoi Fís 2020 a chur chun feidhme agus a dhúnadh; á iarraidh ar an gComhghnóthas freagra a thabhairt ar an údarás um urscaoileadh maidir le torthaí an iniúchta;

Rialú inmheánach

42.

ag tabhairt dá haire, in 2020, gur ghlac an Comhghnóthas creat rialaithe inmheánaigh athbhreithnithe agus go ndearnadh an chéad fhéinmheasúnú bliantúil ar an gcreat rialaithe inmheánaigh athbhreithnithe i Ráithe 1, 2021 chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht agus éifeachtacht na rialuithe inmheánacha, ag féachaint siar go 2020, agus léiriú a thabhairt ar an staid reatha i ngníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh a bhí ann an tráth sin;

43.

ag tabhairt dá haire, ar an gcaoi chéanna leis sin, go ndearnadh measúnú bliantúil nua faoi chuimse creat rialaithe inmheánaigh i Ráithe 1, 2022, ina ndearnadh meastóireacht ar an staid in 2021 ar leibhéal na 17 bprionsabal aonair dá chuid, na gcúig chomhchuid dá chuid, agus ó thaobh an chreata ina iomláine; ag tabhairt dá haire go ndearnadh an measúnú sin ar bhonn 53 tháscaire agus an fhaisnéis ábhartha uile a bhí le fáil an tráth sin á cur san áireamh, lena n-áirítear na torthaí ó iniúchtaí inmheánacha/seachtracha roimhe sin agus na taifid i gclár na n-eisceachtaí agus na dteagmhas neamhchomhlíontachta a choimeádann an Comhghnóthas; ag tabhairt dá haire, tar éis measúnú cuí a dhéanamh, nár sainaithníodh aon easnaimh ábhartha sna rialuithe inmheánacha; ag tabhairt dá haire go bhfuarthas amach gur ann do phrionsabail uile agus comhpháirteanna aonair an chreata rialaithe inmhéanaigh agus go bhfuil siad ag feidhmiú go maith;

44.

ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, maidir le híocaíochtaí Fís 2020, go bhfuil an Chomhsheirbhís Iniúchta in AS RDT sa Choimisiún freagrach as an iniúchadh ex post; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na torthaí iniúchta ex post a bhí le fáil ag deireadh 2020, gur thuairiscigh an Comhghnóthas ráta earráide ionadaíoch 2,3 % (2,9 % in 2020) agus ráta earráide iarmharach 1,6 % (1,99 % in 2020) i leith thionscadail Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh);

45.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt iniúchadh randamach ar shampla d’íocaíochtaí Fís 2020 a rinneadh in 2021, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh, chun na rátaí earráidí san iniúchadh ex post a chomhthacú; ag tabhairt dá haire nár aimsigh an Chúirt aon earráidí ná laigí rialúcháin ag tairbhithe an Chomhghnóthais a sampláladh;

46.

á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh na Comhghnóthais uile in 2022 ar ghníomhaíochtaí le haghaidh laghduithe ar an ráta earráide a chur chun feidhme i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, lena n-áirítear féachaint ar na roghanna maidir le foirmeacha simplithe costas amhail costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe, lenar díríodh ar chineálacha tairbhithe ar gnách leo earráidí a dhéanamh amhail FBManna agus tairbhithe nua;

47.

ag tabhairt dá haire, ar an gcaoi chéanna leis an gcaoi a ndéileáiltear le coinbhleachtaí leasa féideartha, agus chun na ceanglais a eascraíonn as a chomhghníomh maidir leis an ábhar sin a chur chun feidhme, gur ghlac an Comhghnóthas na rialacha faoi seach trína chreat dlíthiúil inmheánach i ndáil lena Bhaill, lena fhoireann, agus le comhaltaí a bhoird rialaithe, agus go bhfuil dearbhuithe bliantúla leasanna chomhaltaí a bhoird rialaithe le fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin oifigiúil an Chomhghnóthais.

(1)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(2)  Leibhéal Ullmhachta Teicneolaíochta a shroicheann 6 ar a laghad – teicneolaíocht arna cur ar taispeáint sa timpeallacht ábhartha;


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/566


CINNEADH (AE) 2023/1970 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Shift2Rail) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gnóthais Chomhpháirteacha AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0115/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Shift2Rail (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an eiseamláir de rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0090/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí ad interim, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 177, 17.6.2014, lch. 9.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/568


CINNEADH (AE) 2023/1971 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0110/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú (4),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (5),

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0089/2023),

1.

ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 252, 8.10.2018, lch. 1.

(5)   IO L 256, 19.7.2021, lch. 3.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/570


RÚN (AE) 2023/1972 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0089/2023),

A.

de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (an ‘Comhghnóthas’) i mí Dheireadh Fómhair 2018 ar feadh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2026 (1) agus go ndearnadh uathriail air i mí Mheán Fómhair 2020;

B.

de bhrí, i mí Iúil 2021, gur ghlac an Chomhairle rialachán bunaidh nua lena gcuirtear síneadh le fad an Chomhghnóthais faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, ar feadh tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2033 (2) agus é mar mhisean leis seirbhís sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí agus éiceachóras bonneagair sonraí den chéad scoth a bheidh cónasctha, slán agus hipearnasctha a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothú san Aontas, agus tacú le forbairt agus glacadh córas sár-ríomhaireachta nuálach agus iomaíoch atá dírithe ar éileamh agus faoi stiúir an úsáideora bunaithe ar shlabhra soláthair lena n-áiritheofar comhpháirteanna, teicneolaíochtaí agus eolas a chuirfidh teorainn leis an mbaol bristí agus le forbairt raon leathan feidhmchlár a bheidh barrfheabhsaithe le haghaidh na gcóras sin, chomh maith leis an úsáid a bhainfear as an mbonneagar sár-ríomhaireachta sin a leathnú amach chuig líon mór úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, agus tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus le forbairt príomhscileanna le haghaidh eolaíocht agus thionscal na hEorpa;

C.

de bhrí gurb iad an tAontas, arna ionadú ag an gCoimisiún, na Stáit Rannpháirteacha (3), agus dhá chomhpháirtí phríobháideacha, arna n-ionadú ag an Ardán Teicneolaíochta Eorpach um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus na comhlachais um Luach Mórshonraí, comhaltaí bunaidh an Chomhghnóthais; de bhrí, ag deireadh 2021, gur ghlac bord rialaithe an Chomhghnóthais leis an iarraidh ar bhallraíocht ó thríú comhpháirtí príobháideach eile, Cuibhreannas Eorpach an Tionscail Chandamaigh;

D.

de bhrí gurb ionann an ranníocaíocht uasta airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas (lena n-áirítear leithreasuithe LEE) faoi Rialachán (AE) 2021/1173 agus EUR 3,081 billiún, lena n-áirítear EUR 92 mhilliún le haghaidh costais riaracháin, ar choinníoll go ndéanfar an méid sin a mheaitseáil nó a shárú le ranníocaíocht ó na Stáit Rannpháirteacha;

Ginearálta

1.

á chur in iúl gur geal léi go gcinntear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (‘tuarascáil ón gCúirt’) go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais an Chomhghnóthais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2021, ar gach slí ábhartha, a staid airgeadais an 31 Nollaig 2021, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; ag tabhairt chun suntais go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta, ar gach slí ábhartha;

2.

ag tabhairt dá haire, mar sin féin, gur mheas an Chúirt go raibh meánriosca ann d’iontaofacht na gcuntas bliantúil, mar gheall ar na nósanna imeachta maidir le haithint agus bainistiú sócmhainní nár bunaíodh fós, agus mar gheall ar na ceanglais maidir le tuairisciú, deimhniú agus bailíochtú ranníocaíochtaí comhchineáil a gcomhaltaí;

3.

ag tabhairt dá haire go bhfaighidh an Comhghnóthas cistiú breise de thart ar EUR 2 bhilliún ón gclár don Eoraip Dhigiteach, chomh maith le cistiú breise EUR 200 milliún ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa chun tacú leis na bonneagair le haghaidh sár-ríomhairí agus ríomhairí candamacha a fháil, a chur chun úsáide, a uasghrádú agus a oibriú;

4.

á aithint go mbeartaítear le Fís Eorpach 2020 spriocanna uaillmhianacha don Chomhghnóthas, ar spriocanna iad nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, amhail i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, go bhféachfaí ar na féidearthachtaí atá ann simpliú a dhéanamh nuair is féidir agus ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

5.

ag tabhairt dá haire gurbh í 2021 an chéad bhliain iomlán oibríochta don chomhghnóthas ó rinne uathriail air i mí Mheán Fómhair 2020;

6.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú comhchuibhithe ar chostais riaracháin i measc na gcomhghnóthas, ar bonn é chun ranníocaíochtaí airgeadais a gcomhaltaí a ríomh agus ar réamhchoinníoll é chun na costais sin a dhéanamh inchomparáide; á iarraidh, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí treoirlínte comhchoiteanna le haghaidh gach Comhghnóthais chun cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh maidir le haicmiú catagóirí áirithe caiteachais riaracháin, amhail caiteachas ar chomhairliúcháin, staidéir, anailísí, meastóireachtaí, agus cúnamh teicniúil;

Bainistíocht buiséid agus airgeadais

7.

ag tabhairt dá haire, don bhliain 2021, gurbh ionann an buiséad i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí nua agus EUR 207,5 milliún (i gcomparáid le EUR 181,5 milliún in 2020) agus an buiséad i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 722,4 milliún (i gcomparáid le EUR 509,1 milliún in 2020); ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad íocaíochtaí a bhí ar fáil agus EUR 348,2 milliún (i gcomparáid le EUR 181,5 milliún in 2020) agus an buiséad gealltanas a bhí ar fáil agus EUR 753,4 milliún (i gcomparáid le EUR 509,1 milliún in 2020); ag tabhairt dá haire go n-áirítear sa bhuiséad a bhí ar fáil leithreasuithe nár úsáideadh sna blianta roimhe sin, ar leithreasuithe iad a chuir an Comhghnóthas isteach arís i mbuiséad na bliana reatha, ioncaim shannta agus ath-leithdháiltí don bhliain dár gcionn;

8.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go ndearna an Chúirt an riosca do bhainistíocht buiséid a aicmiú mar mheánriosca don Chomhghnóthas mar gheall ar laigí a tugadh faoi deara sa phróiseas pleanála agus faireacháin buiséid agus ar chastacht agus cineál ilbhliantúil a chonarthaí agus a ghníomhaíochtaí deontais; á iarraidh ar an gComhghnóthas aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin sa bhuiséad agus sna nósanna imeachta faireacháin a bheidh ann amach anseo;

9.

ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, go raibh EUR 180 milliún geallta cheana féin ag an gComhghnóthas don chómhaoiniú 50 % faoi dheontais taighde agus nuálaíochta Fís 2020, arb é an sprioc íosta faoi Rialachán (AE) 2018/1488 é agus go maoineoidh na Stáit Rannpháirteacha an 50 % eile de chostais fhoriomlána an tionscadail, agus go rannchuideoidh comhaltaí príobháideacha sa bhreis ar chostais uasta incháilithe na ngníomhaíochtaí deontais; ag tabhairt dá haire, áfach, gur cúis bhuartha di nach raibh ach EUR 4,2 milliún de ranníocaíochtaí comhchineáil tuairiscithe ag na comhaltaí príobháideacha faoin dáta sin; ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil ardriosca ann nach mbainfear amach EUR 420 milliún de ranníocaíochtaí na gcomhaltaí príobháideacha, mar a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2018/1488, faoi dheireadh chur chun feidhme an tionscadail deontais;

10.

ag tabhairt dá haire go gceanglaítear le Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle go ndéanfaidh an Comhghnóthas tionscadail dar luach EUR 7 mbilliún iad a chur chun feidhme, ar cheart EUR 3,1 billiún de a ghiaráil ó na Stáit Rannpháirteacha agus EUR 900 milliún de a ghiaráil ó chomhaltaí príobháideacha i bhfoirm ranníocaíochtaí airgid thirim agus ranníocaíochtaí comhchineáil; ag tabhairt chun suntais gur méadú suntasach é sin i gcomparáid le CAI a bhí ann roimhe sin faoina raibh ar an gComhghnóthas tionscadail de thart ar EUR 1,4 billiún a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an riosca nach mbainfidh an Comhghnóthas amach spriocanna ranníocaíochta na gcomhaltaí eile faoi Rialachán (AE) 2021/1173;

11.

ag tabhairt dá haire, maidir le buiséad 2021 an Chomhghnóthais a bhí ar fáil do thionscadail oibríochtúla, gurbh ionann na rátaí cur chun feidhme le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas oibríochtúil agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibríochtúla agus 2 % agus 47 % faoi seach; ag tabhairt dá haire go dtugtar míniú den chuid is mó ar an ráta cur chun feidhme an-íseal le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le tús moillithe an chomhghnóthais faoi CAI 2021-2027 i mí Iúil 2021 agus le haistriú cistí EUR 700 milliún chuig an gComhghnóthas i mí na Nollag 2021 ag an gCoimisiún agus ag na Stáit Rannpháirteacha; ag tabhairt dá haire gur chuir moilleanna ó na heintitis óstacha agus saincheisteanna soláthair maidir le príomh-chomhpháirteanna mar thoradh ar an gcás paindéime domhanda i dtógáil na bhfoirgneamh (lárionaid sonraí), a bhí riachtanach chun na sár-ríomhairí a fuarthas cheana féin a óstáil agus a oibriú, leis an ráta íseal cur chun feidhme freisin;

12.

ag tabhairt dá haire gurbh é tús moillithe roinnt tionscadal nua bonneagair ba chúis le ráta íseal cur chun feidhme na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibríochtúla den chuid is mó, rud a d’fhág go raibh moill ar íocaíochtaí réamh-mhaoinithe a bhí beartaithe do 2021, agus gurbh é an t-am breise gan choinne ba ghá don obair rialaithe ex ante ar tháirgí insoláthartha, maidir leis na chéad íocaíochtaí deontais eatramhacha do thionscadail Fís 2020, ba chúis leis an ráta íseal sin freisin;

13.

ag tabhairt dá haire, a mhéid a bhaineann leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas riaracháin agus leis na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí riaracháin, nár chuir an Comhghnóthas ath-leithdháileadh mhéideanna suntasacha na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta nár úsáideadh sna blianta roimhe sin san áireamh go leordhóthanach agus buiséad riaracháin 2021 á phleanáil aige; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár úsáideadh na leithreasuithe buiséid a ath-leithdháileadh ó bhlianta roimhe sin roimh leithreasuithe nua na bliana;

14.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di nach bhfuil nósanna imeachta iontaofa fós ag an gComhghnóthas chun ranníocaíochtaí comhchineáil a dheimhniú agus a bhailíochtú, ar ranníocaíochtaí iad arna dtuairisciú ag a chomhaltaí príobháideacha agus a Stáit Rannpháirteacha agus gurb é an t-aon Chomhghnóthas amháin nach bhfuil plean straitéiseach cur chun feidhme aige chun ranníocaíochtaí comhaltaí eile a bhaint amach; á iarraidh ar an gComhghnóthas an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an easpa plean den sórt sin; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Chomhghnóthas nósanna imeachta iontaofa a chur chun feidhme chun ranníocaíochtaí comhchineáil a dheimhniú agus a bhailíochtú, chomh maith le plean straitéiseach cur chun feidhme (treochlár) a chur chun feidhme ina mbeidh garspriocanna réalaíocha agus spriocanna ranníocaíochta bliantúla do na Stáit Rannpháirteacha agus do na comhaltaí príobháideacha ar leibhéal an chláir; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-admhaíonn an Comhghnóthas an ghníomhaíocht atá molta ag an gCúirt agus go bhfuil sé tiomanta aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin go tráthúil;

15.

ag tabhairt dá haire, faoi CAI 2021-2027, gurb iad an clár Fís Eorpach agus an clár don Eoraip Dhigiteach i gcónaí ar an bpríomhacmhainn airgeadais do chomhghnóthais, agus buiséad iomlán EUR 15,1 billiún i gceist leo chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta na gcomhghnóthas a chómhaoiniú agus go gcuireann na comhghnóthais EUR 11,6 billiún chun feidhme, arb ionann é agus thart ar 12 % de bhuiséad iomlán Fís Eorpach EUR 95,5 billiún; á chur in iúl gur geal léi, ar an taobh eile, go gcuirfidh an Comhghnóthas agus an Comhghnóthas um Shliseanna a bheidh ann amach anseo (4) tionscadail mhóra fothaithe acmhainneachta, imlonnaithe agus infheistíochta chun feidhme, ar tionscadail iad a bhaineann leis an Straitéis um Margadh Aonair Digiteach Eorpach faoin gClár don Eoraip Dhigiteach agus go bhfaighidh an Comhghnóthas agus an Comhghnóthas um Shliseanna a bheidh ann amach anseo EUR 3,4 billiún i gcistí an Aontais ón gClár don Eoraip Dhigiteach, arb ionann é agus 39 % de chistiú iomlán an chláir EUR 8,6 billiún, chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme;

16.

ag tabhairt dá haire, bunaithe ar an tuarascáil ón gCúirt, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gComhghnóthas, faoi Rialacháin (AE) 2021/695 (5) agus (AE) 2021/1173, próiseas bainistíochta láraithe nua a thabhairt isteach, is é sin córas lárbhainistithe na ranníocaíochtaí airgeadais (CMFC), chun ranníocaíochtaí airgeadais a Stát Rannpháirteach a bhainistiú;

17.

ag tabhairt dá haire, faoin gcóras CMFC atá beartaithe, gur féidir le gach Stát Rannpháirteach a ranníocaíocht airgeadais faoi seach a íoc leis an gComhghnóthas ar leibhéal an tionscadail le haghaidh tairbhithe atá bunaithe ina stát agus le linn an phróisis sin, go bhfuil ceart crosta ag gach Stát Rannpháirteach freisin maidir le gach saincheist a bhaineann le húsáid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta féin a íoctar leis an gComhghnóthas le haghaidh iarratasóirí atá bunaithe ina stát, i gcomhréir le rialacha airgeadais agus iomaíochta an Aontais, lena gceadaítear do Stát Rannpháirteach cinneadh a dhéanamh, ar bhonn tosaíochtaí straitéiseacha náisiúnta, an dtacóidh sé le tairbhí náisiúnta de thionscadal taighde agus nuálaíochta roghnaithe agus formheasta nó nach dtacóidh; ag tabhairt dá haire, ar an taobh eile, go mbeidh ar an gComhghnóthas na híocaíochtaí cómhaoinithe a fhorghníomhú do gach Stát Rannpháirteacha a roghnaigh a ranníocaíochtaí airgeadais a chur ar iontaoibh an Chomhghnóthais; ag tabhairt dá haire go mbeidh ar an gComhghnóthas dhá phróiseas mhalartacha a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu chun tacú le comhaontuithe riaracháin le Stáit Rannpháirteacha; ag tabhairt dá haire go gcaithfidh údarás cistiúcháin náisiúnta gach Stáit Rannpháirtigh comhaontú a shíniú leis an gComhghnóthas, chun íocaíocht ranníocaíochtaí náisiúnta a chur de chúram air, nó chun comhaontuithe aistrithe cistí náisiúnta a chomhordú le haghaidh na n-íocaíochtaí le tairbhithe agus tuairisciú ar ranníocaíochtaí; ag tabhairt dá haire, de réir amlíne an Chomhghnóthais, gur cheart na comhaontuithe a bheith sínithe sular shínigh an Comhghnóthas a chéad samhail-chomhaontú deontais le haghaidh glaonna a seoladh faoi CAI 2021-2027; á iarraidh ar an gComhghnóthas simplithe don nós imeachta sin a bhfuil ualach mór ag baint leis a fhiosrú agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann;

18.

ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na barúlacha ón gCúirt, nach ndearna an Coimisiún measúnú ar na hacmhainní breise is gá chun an córas CMFC atá beartaithe a chur chun feidhme ná nár áiríodh iad i meastacháin acmhainní foirne tosaigh an Chomhghnóthais chun clár oibre nua taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh an easpa pleanála seo i dtabhairt isteach chóras CMFC in éineacht leis an staid foirne, agus an easpa uirlisí agus tacaíochta TF, tionchar diúltach a imirt ar chur chun feidhme chláir an Chomhghnóthais agus ar bhaint amach ranníocaíochtaí na gcomhaltaí eile; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di nach mór córas CMFC a bhainistiú de láimh, agus go mbeidh sé sin dian ó thaobh acmhainní daonna de; á iarraidh go gcuirfí an t-údarás um urscaoileadh ar an eolas faoi stádas cur chun feidhme an chórais láraithe nua sin;

Soláthar agus foireann

19.

ag tabhairt chun suntais gur mheas an Chúirt go raibh meánriosca ann do chaiteachas conartha agus do nósanna imeachta soláthair phoiblí don Chomhghnóthas, mar gheall ar na nósanna imeachta casta soláthair le haghaidh conarthaí ardluacha;

20.

ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, go raibh 15 bhall foirne reachtúla agus 3 bhall foirne eatramhacha fostaithe ag an gComhghnóthas, ar baill foirne iad a chabhraíonn leis an bhfoireann airgeadais agus cumarsáide; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, ó cuireadh deireadh le leithdháileadh post saineolaithe náisiúnta ar iasacht faoi Rialachán (AE) 2021/1173, gur cuireadh an earcaíocht ar feitheamh agus go n-earcófar oifigeach cláir in 2022 in ionad sin;

21.

á chur in iúl gur oth léi go mbaineann na príomhábhair imní a shainaithin an Chúirt leis an bhfíoras go bhfuil an Comhghnóthas gann ar fhoireann agus, mar gheall ar an easpa foirne reachtúla leordhóthanaí, go bhfuil méadú tagtha ar an úsáid a bhaintear as foireann eatramhach, rud a d’fhéadfadh laigí i mbainistíocht airgeadais, buiséid agus foirne a bheith mar thoradh air, agus go bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint leis an easpa sin ó thaobh leanúnachas gníomhaíochtaí, príomhinniúlachtaí a choinneáil agus easpa rialuithe inmheánacha leordhóthanacha, agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aici ar bhaint amach chuspóirí an Chomhghnóthais; á chur in iúl gur geal léi, faoi Rialachán (AE) 2021/1173, go bhfuil an Comhghnóthas in ann bearta a dhéanamh chun an tsaincheist sin a réiteach agus go bhfuil tús curtha aige leis an bpróiseas earcaíochta agus tosaíocht á tabhairt aige do sheasaimh riachtanacha a bhaineann le príomhfheidhmeanna an Chomhghnóthais agus le maolú riosca, amhail seasaimh an iniúchóra inmheánaigh;

22.

ag tabhairt dá haire, faoi Rialachán (AE) 2021/1173, go mbeidh ar an gComhghnóthas níos mó ná EUR 7 mbilliún a chur chun feidhme i gcistí agus, chuige sin, gur gá dó 39 mball foirne breise a earcú chun an leibhéal beartaithe a bhí aige de 54 bhall foirne reachtúla a bhaint amach faoi dheireadh 2023 (6); ag tabhairt dá haire, mar gheall ar ghlacadh moillithe Rialachán (AE) 2021/1173, nár sheol an Comhghnóthas na próisis earcaíochta is gá do sheacht bpost ardtosaíochta ach go déanach in 2021, agus nach bhféadfadh sé an fhoireann a bhí aige a mhéadú le linn 2021;

23.

ag tabhairt dá haire, maidir leis na torthaí ón gCúirt ar an staid foirne fhorbhásach sa Chomhghnóthas in 2021, go bhfuil gá le hiarrachtaí méadaithe i réimse na n-acmhainní daonna i gcoitinne agus i rannpháirtíocht phleanáil acmhainní an Choimisiúin chun feabhas a chur ar phleanáil acmhainní daonna agus go sonrach ar an bpróiseas earcaíochta, chun go seachnófar cásanna d’fholúntais fhadtéarmacha, ráta ard athraithe foirne, líon ard ball foirne seachtrach, spleáchas ar shaineolas roinnt ball foirne, ualaí iomarcacha oibre agus neamhláithreachtaí agus neamhéifeachtúlachtaí foirne dá bharr sin, agus, ina ionad sin, go ndéanfar dálaí fostaíochta atá tarraingteach agus cothrom ar bhonn sóisialta a thairiscint lena dtacaítear le cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach;

24.

ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021, gur mná iad 47 % de líon iomlán 45 shaineolaí a ghlac páirt i meastóireachtaí agus in athbhreithnithe ar thionscadail agus gur fir iad 53 % díobh; á chur in iúl gur geal léi na figiúirí sin agus ag moladh don Chomhghnóthas tuilleadh feabhais a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc bhaill foirne an Chomhghnóthais;

25.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an Comhghnóthas ag obair le hArd-Stiúrthóireacht an Bhuiséid de chuid an Choimisiúin chun soiléiriú a dhéanamh ar an staid maidir le ranníocaíochtaí pinsin foirne an Chomhghnóthais, i gcomhréir leis na moltaí ón gCúirt a rinneadh go déanach in 2021; á iarraidh ar an gComhghnóthas gan fanacht ar ríomh deiridh na ranníocaíochtaí gan íoc, ach an oibleagáid sin a bhreithniú nuair a dhéantar a bhuiséad amach anseo a phleanáil, amhail trí fhabhrú comhfhreagrach le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin, agus á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun fadhbanna comhchosúla a sheachaint amach anseo;

Feidhmíocht

26.

ag tabhairt dá haire, in 2021, go raibh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais dírithe den chuid is mó ar chur i gcrích glaonna agus gníomhaíochtaí a tionscnaíodh in 2019 agus in 2020 (tionscadail oidhreachta);

27.

á chur in iúl gur geal léi gur shínigh trí chuibhreannas déag comhaontuithe leis an gComhghnóthas in 2021 agus gur thosaigh siad ag obair i mí Aibreáin 2021; ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear leis na tionscadail na trí thopaic den ghlao Towards Extreme Scale Technologies and Applications, agus go n-úsáidtear leo níos mó ná 70 % den chistiú ainmnithe atá ar fáil faoi Fhís Eoraip 2020;

28.

ag tabhairt chun suntais go n-oibreoidh na cuibhreannais éagsúla ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chuideoidh leis an Eoraip a bheith iomaíoch ar fud an domhain i réimse na sár-ríomhaireachta agus, le deich gcinn de na tionscadail sin, go dtabharfar aghaidh ar EuroHPC-01-2019 Extreme scale computing and data driven technologies agus go mbeidh dhá thionscadal eile, MICROCARD agus REGALE, dírithe ar an topaic EuroHPC-02-2019 maidir le HPC and data centric environments and application platforms;

29.

ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndíreoidh tionscadal exaFOAM ar an topaic EuroHPC-03-2019 maidir le Industrial software codes for extreme scale computing, gur sheol an Comhghnóthas glao lena gcumhdaítear an glao Training and Education on High Performance Computing chun máistirchlár Eorpach sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta a dhearadh agus a chur ar fáil; ag tabhairt dá haire gur seoladh an glao ag tús na bliana agus, faoi mhí Dheireadh Fómhair, go raibh an Comhghnóthas in ann a fhógairt go leanfaí leis an tionscadal, a bheidh faoi stiúir Ollscoil Lucsamburg agus a dhéanfar i gcomhar le seacht n-ollscoil Eorpacha eile; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go n-éascófar oideachas agus forbairt ghairmiúil daoine a bhfuil ardchumas acu leis an tionscnamh seo, ar daoine iad atá ríthábhachtach do rath an Chomhghnóthais;

30.

ag tabhairt dá haire, in 2021, gur ullmhaigh an Comhghnóthas an dara céim de thionscadal an tionscnaimh maidir le próiseálaí Eorpach, ar bunchloch é den tionscnamh Eorpach i dtreo uathriail straitéiseach sa ríomhaireacht ardfheidhmíochta, i dteicneolaíochtaí sliseanna agus i mbonneagar, agus gur cuireadh tús in 2022 le cur chun feidhme an dara céim sin, ar céim í ar cheart di cur leis an méid a baineadh amach leis an gcéad chéim;

Rialú inmheánach

31.

á chur in iúl gur geal léi, in 2020, gur fhorbair an Comhghnóthas plean gníomhaíochta chun na gníomhaíochtaí atá fágtha de na 17 bprionsabal rialaithe inmheánaigh de chreat rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin a chur chun feidhme in 2021, agus, mar gheall ar easpa príomhfhoireann riaracháin (amhail ceann airgeadais agus riaracháin agus ceann cumais iniúchóireachta inmheánaí), nach raibh roinnt gníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh tábhachtacha formheasta go fóill ag an gComhghnóthas laistigh de sprioc-amanna 2021 a leagtar síos ina phlean gníomhaíochta;

32.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di, in ainneoin na rioscaí atá roimh an gComhghnóthas mar gheall ar an mbuiséad méadaithe atá aige, nach ndearna sé ach cleachtadh measúnaithe riosca bliantúil simplithe; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, nach raibh forbairt straitéise rialaithe agus faireacháin ná plean leanúnachais gnó agus slándála TF curtha i gcrích go hiomlán ag an gComhghnóthas faoi dheireadh 2021; á chur i bhfios go láidir gur mhéadaigh na moilleanna sin riosca rialaithe inmheánaigh an Chomhghnóthais do 2021;

33.

á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh na comhghnóthais uile in 2022 ar ghníomhaíochtaí le haghaidh laghduithe ar an ráta earráide a chur chun feidhme i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a mhol an Chúirt, lena n-áirítear féachaint ar na roghanna maidir le foirmeacha simplithe costas amhail costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe, agus díriú ar chineálacha tairbhithe ar gnách leo earráidí a dhéanamh amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide agus tairbhithe nua;

Coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú, agus straitéis frithchalaoise

34.

á chur in iúl gur geal léi gur fhorbair an Comhghnóthas sraith chuimsitheach rialacha agus nósanna imeachta chun creat soiléir oibre a chur ar fáil dá fhoireann agus go bhfuil na rialacha sin i bhfeidhm ar fud struchtúr rialachais iomlán an Chomhghnóthais, agus go bhfuil na nósanna imeachta um choinbhleacht leasa i bhfeidhm do chomhaltaí an chomhlachta rialaithe agus na gcomhlachtaí comhairleacha araon;

35.

ag tabhairt dá haire gur mór aici, ina theannta sin, gur cuireadh bearta sonracha chun feidhme chun coinbhleachtaí leasa na saineolaithe atá i gceannas ar mheastóireacht ar iarratais ar dheontais agus ar an athbhreithniú ar thionscadail agus ar thairiscintí a chosc agus a bhainistiú;

36.

á thabhairt chun suntais gur ghlac an Comhghnóthas an chomhstraitéis frithchalaoise taighde agus gur thosaigh sé á cur chun feidhme agus, maidir le réimsí eile caiteachais seachas deontais, go gcuirfidh an Comhghnóthas an straitéis frithchalaoise i bhfeidhm mutatis mutandis agus de réir analaí, ar straitéis í arna formheas ag Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta de chuid an Choimisiúin.

(1)  Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (IO L 252, 8.10.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (IO L 256, 19.7.2021, lch. 3).

(3)  Ballstáit agus Tíortha Comhlachaithe a roghnaigh a bheith ina gcomhaltaí den Chomhghnóthas: An Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeirbia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Tuirc.

(4)  I mí Feabhra 2022, mhol an Coimisiún go ndéanfaí an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha a leasú agus a athainmniú mar an Comhghnóthas um Shliseanna a bheidh amach anseo ann. Tá sé beartaithe go mbeidh de shainchúram breise ar an gComhghnóthas um Shliseanna gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta an Tionscnaimh ‘Sliseanna don Eoraip’ faoi CAI 2021-2027 a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, bainfidh an Comhghnóthas um Shliseanna úsáid as an mbuiséad ón gclár don Eoraip Dhigiteach chun borradh a chur faoi fhorbairt teicneolaíochtaí leathsheoltóra nuálacha den chéad ghlúin eile agus chun acmhainneacht táirgthe sliseanna san Eoraip a neartú.

(5)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(6)  COM(2020)569, 19.9.2020.


29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/576


CINNEADH (AE) 2023/1973 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06252/2023 – C9-0110/2023),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú (4),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (5),

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0089/2023),

1.

ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C 433, 15.11.2022, lch. 52.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 252, 8.10.2018, lch. 1.

(5)   IO L 256, 19.7.2021, lch. 3.

(6)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.