ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 236

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
26 Meán Fómhair 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2048 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2023 lena gceartaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) Uimh. 626/2011, (AE) 2019/2015, (AE) 2019/2016 agus (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le ceanglais lipéadaithe fuinnimh i gcás aerchóiritheoirí, foinsí solais, fearais chuisniúcháin agus fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh ( 1 )

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2049 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo atá faoi réir toirmisc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú ( 1 )

21

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/2050 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2018/1220 ón gCoimisiún maidir le rialacha nós imeachta an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

24

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

26

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2052 ón gCoimisiún an 25 September 2023 gan fosfáit siorcóiniam hidrigine sóidiam airgid a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

40

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

26.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 236/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2048 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Iúil 2023

lena gceartaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) Uimh. 626/2011, (AE) 2019/2015, (AE) 2019/2016 agus (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le ceanglais lipéadaithe fuinnimh i gcás aerchóiritheoirí, foinsí solais, fearais chuisniúcháin agus fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (1), agus go háirithe Airteagal 16 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialacháin Tarmligthe (AE) Uimh. 626/2011 (2), (AE) 2019/2015 (3), (AE) 2019/2016 (4) agus (AE) 2019/2018 (5) ón gCoimisiún, bunaíodh forálacha maidir le lipéadú fuinnimh i gcás aerchóiritheoirí, foinsí solais, fearais chuisniúcháin agus fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh faoi seach.

(2)

Tá earráid sa sainmhíniú i bpointe (47) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 626/2011 a mhéid a bhaineann le haonad an tomhaltais fuinnimh de chuid aerchóiritheoirí dédhuchta.

(3)

Tá earráidí le sonrú i bpointí éagsúla d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe AE Uimh. 626/2011 mar go léirítear leis go bhfuiltear leis an bhfaisnéis ar thomhaltas fuinnimh san uair ina kWh in aghaidh 60 nóiméad a shlánú suas go dtí an tslánuimhir is gaire chun go n-áireofar é sa lipéad fuinnimh le haghaidh aerchóiritheoirí aonduchta agus dédhuchta.

(4)

Tá earráidí le sonrú i bpointí éagsúla d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 626/2011 a mhéid a bhaineann le riail slánaithe na dtoillte téimh agus fuaraithe agus na méadrachtaí éifeachtúlachta fuinnimh SEER, SCOP, EER, COP.

(5)

Ba cheart Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 a cheartú toisc go bhfuil an focal ‘príomhlíonra’ ar iarraidh.

(6)

Ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 a cheartú toisc nár cheart don raon [0-100] a bheith ag tagairt ach amháin do Threoiruimhir Dath-Scáthaithe.

(7)

In Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 tá earráid maidir leis an bparaiméadar teirmidinimiciúil (rc) le haghaidh an chineáil roinne urrainne 2-réalta.

(8)

Tá earráid in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018, toisc gur fágadh ar lár tagairt do Thábla 4 agus go bhfuil gá leis an tagairt sin chun a shoiléiriú nach gceadaítear aon lamháltas le haghaidh teochta.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin Tharmligthe (AE) Uimh. 626/2011, (AE) 2019/2015, (AE) 2019/2016 agus (AE) 2019/2018 a cheartú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartúcháin ar Rialachán Tarmligthe (AE) 626/2011

Ceartaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 626/2011 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ceartúcháin ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015

Ceartaítear Iarscríbhinní VI agus IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Ceartúcháin ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016

Ceartaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Ceartúcháin ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018

Ceartaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 4ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 198, 28.7.2017, lch. 1.

(2)   IO L 178, 6.7.2011, lch. 1.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh foinsí solais agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 68).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 102).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu (IO L 315, 5.12.2019, lch. 155).


IARSCRÍBHINN 1

Leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 626/2011 ón gCoimisiún mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn I, sainmhíniú (47), cuirtear ‘kWh/h’ in ionad na bhfocal ‘kWh/a’.

(2)

In Iarscríbhinn III, déantar na pointí seo a leanas a leasú mar a leanas:

i bpointe 1.1.(a).V cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 1.1.(a).VI cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 1.1.(a).VII cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 1.1.(a).VIII cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 1.1.(a).IX cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 1.5.iv.10 cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 2.1.(a).V cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 2.1.(a).VI cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 2.1.(a).VII cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 2.5.iv.10 cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 3.1.(a).V cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 3.1.(a).VI cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 3.1.(a).VII cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 3.5.iv.9 cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 4.1.(a).V cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 4.1.(a).VI cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 4.1.(a).VII cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 4.2.iv.11 cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 4.3.(a).V cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 4.3.(a).VI cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 4.3.(a).VII cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 4.4.iv.11 cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 4.5.(a).V cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 4.5.(a).VI cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 4.5.(a).VII cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 4.6.iv.11 cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 5.1.(a).V cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 5.1.(a).VI cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 5.1.(a).VII cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 5.2.iv.11 cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 5.3.(a).V cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 5.3.(a).VI cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 5.3.(a).VII cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 5.4.iv.11 cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 5.5.(a).V cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 5.5.(a).VI cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 5.5.(a).VII cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

i bpointe 5.6.iv.11 cuirtear ‘arna shlánú go dtí’ in ionad ‘arna shlánú suas go dtí’

(3)

In Iarscríbhinn III, déantar na pointí seo a leanas a leasú mar a leanas:

i bpointe 4.1.(a).VII cuirtear ‘go dtí ionad deachúlach amháin’ in ionad ‘go dtí an tslánuimhir is gaire’

i bpointe 4.3.(a).VII cuirtear ‘go dtí ionad deachúlach amháin’ in ionad ‘go dtí an tslánuimhir is gaire’

i bpointe 4.5.(a).VII cuirtear ‘go dtí ionad deachúlach amháin’ in ionad ‘go dtí an tslánuimhir is gaire’

i bpointe 5.1.(a).VII cuirtear ‘go dtí ionad deachúlach amháin’ in ionad ‘go dtí an tslánuimhir is gaire’

i bpointe 5.3.(a).VII cuirtear ‘go dtí ionad deachúlach amháin’ in ionad ‘go dtí an tslánuimhir is gaire’

i bpointe 5.5.(a).VII cuirtear ‘go dtí ionad deachúlach amháin’ in ionad ‘go dtí an tslánuimhir is gaire’

(4)

In Iarscríbhinn III, déantar na pointí seo a leanas a leasú mar a leanas:

i bpointe 4.2.iv.12 cuirtear ‘X,Y’ in ionad ‘XY’

i bpointe 4.4.iv.12 cuirtear ‘X,Y’ in ionad ‘XY’

i bpointe 4.6.iv.12 cuirtear ‘X,Y’ in ionad ‘XY’

i bpointe 5.2.iv.12 cuirtear ‘X,Y’ in ionad ‘XY’

i bpointe 5.4.iv.12 cuirtear ‘X,Y’ in ionad ‘XY’

i bpointe 5.6.iv.12 cuirtear ‘X,Y’ in ionad ‘XY’

(5)

In Iarscríbhinn III, déantar na pointí seo a leanas a leasú mar a leanas:

(1)

In ionad na híomhá i roinn 4.1 cuir isteach an íomhá seo a leanas:

Image 1

(2)

In ionad na híomhá i roinn 4.2 cuir isteach an íomhá seo a leanas:

Image 2

(3)

In ionad na híomhá i roinn 4.3 cuir isteach an íomhá seo a leanas:

Image 3

(4)

In ionad na híomhá i roinn 4.4 cuir isteach an íomhá seo a leanas:

Image 4

(5)

In ionad na híomhá i roinn 4.5 cuir isteach an íomhá seo a leanas:

Image 5

(6)

In ionad na híomhá i roinn 4.6 cuir isteach an íomhá seo a leanas:

Image 6

(7)

In ionad na híomhá i roinn 5.1 cuir isteach an íomhá seo a leanas:

Image 7

(8)

In ionad na híomhá i roinn 5.2 cuir isteach an íomhá seo a leanas:

Image 8

(9)

In ionad na híomhá i roinn 5.3 cuir isteach an íomhá seo a leanas:

Image 9

(10)

In ionad na híomhá i roinn 5.4 cuir isteach an íomhá seo a leanas:

Image 10

(11)

In ionad na híomhá i roinn 5.5 cuir isteach an íomhá seo a leanas:

Image 11

(12)

In ionad na híomhá i roinn 5.6 cuir isteach an íomhá seo a leanas:

Image 12


IARSCRÍBHINN 2

Leasaítear Iarscríbhinní VI agus IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn VI, cuirtear ‘foinsí príomhlíonra solais LED agus OLED’ in ionad ‘foinsí solais LED agus OLED’ sna pointí seo a leanas:

pointe 1.(e)(11),

pointe 1.(e)(12);

(2)

In Iarscríbhinn IX, Tábla 9, in ionad na tagartha ‘Treoiruimhir Dath-Scáthaithe agus R9 [0-100]’ cuirtear ‘Treoiruimhir Dath-Scáthaithe [0-100] agus R9’.


IARSCRÍBHINN 3

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 ón gCoimisiún mar a leanas:

 

I bpointe 1, Tábla 7, cuirtear ‘2,10’ in ionad ‘1,80’ mar pharaiméadar teirmidinimiciúil (rc) le haghaidh an chineáil roinne urrainne 2-réalta.


IARSCRÍBHINN 4

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún mar a leanas:

 

In Iarscríbhinn IV, pointe 2(b), déantar an téacs seo a leanas:

‘seasann —

Edaily do thomhaltas fuinnimh an fhearais cuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh thar 24 uair an chloig, arna shloinneadh ina kWh/24 uair an chloig agus slánaithe go dtí trí ionad dheachúlacha.’

 

a ionadú leis an méid seo a leanas

‘seasann —

Edaily do thomhaltas fuinnimh an fhearais cuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh thar 24 uair an chloig, arna shloinneadh ina kWh/24 uair an chloig, slánaithe go dtí trí ionad dheachúlacha agus arna thomhas de réir na ndálaí teochta a shonraítear i dTábla 4 le haghaidh na haicme teochta ábhartha.’.


26.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 236/21


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2049 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo atá faoi réir toirmisc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 20 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/852, onnmhairiú, allmhairiú agus monarú a dhéanamh san Aontas ar na táirgí ar cuireadh mearcair leo a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, tá sé le toirmeasc ó na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, seachas na táirgí sin atá fíor-riachtanach le haghaidh cosaint shibhialta agus úsáidí míleata agus na táirgí sin a úsáidtear le haghaidh taighde, calabrú ionstraimíochta nó mar chaighdeán tagartha.

(2)

Thug an tAontas Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (an ‘Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2017/939 (2) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2017. Toirmisctear le hAirteagal 4(1) den Choinbhinsiún onnmhairiú, allmhairiú agus mhonarú a dhéanamh ar tháirgí ar cuireadh mearcair leo a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin tar éis an dáta a chuirfear deireadh le húsáid an mhearcair de réir a chéile a shonraítear le haghaidh na dtáirgí sin. Ceanglaítear le hAirteagal 4(8) den Choinbhinsiún ar Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (‘COP’) athbhreithniú a dhéanamh ar Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

(3)

Chuir an tAontas tograí isteach chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/727 ón gComhairle (3). Ag an gceathrú cruinniú de COP, a tionóladh ón 21 go dtí an 25 Márta 2022, glacadh Cinneadh MC-4/3 lena leasaítear Cuid I d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún trí ocht dtáirge ar cuireadh mearcair leo a áireamh san Iarscríbhinn sin. Thacaigh an tAontas leis an gCinneadh sin trí bhíthin Chinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle (4).

(4)

I gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852, liostaítear cheana féin straidhntomhsairí atá le húsáid i bpleitismeagraif mar cheann de na táirgí ar cuireadh mearcair leo a áirítear i gCuid I d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún le Cinneadh MC-4/3 chomh maith le dlúthshoilse fluaraiseacha a bhfuil ballasta comhtháite iontu (CFL.i) chun críoch soilsithe ghinearálta ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair is mó ná 2,5 mg in aghaidh an dóire lampa. Mar thoradh air sin agus chun Rialachán (AE) 2017/852 a ailíniú le Cinneadh MC-4/3, is gá seacht dtáirge ar cuireadh mearcair leo a áireamh i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin: (i) dlúthshoilse fluaraiseacha a bhfuil ballasta comhtháite iontu (CFL.i) chun críoch soilsithe ghinearálta ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair nach mó ná 2,5 mg in aghaidh an dóire lampa, (ii) lampaí fluaraiseacha catóide fuaire (CCFLanna) agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (EEFLanna) den uile fhad le haghaidh taispeántais leictreonacha, (iii) trasduchtóirí brú leáite, tarchuradóirí brú leáite agus braiteoirí brú leáite, (iv) folúschaidéil mearcair, (v) cothromóirí boinn agus meáchain rotha, (vi) scannán agus páipéar fótagrafach agus (vii) tiomántán le haghaidh satailítí agus spásárthaí.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/852 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 137, 24.5.2017, lch. 1.

(2)  Cinneadh ón gComhairle (AE) 2017/939 an 11 Bealtaine 2017 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 142, 2.6.2017, lch. 4).

(3)  Cinneadh (AE) 2021/727 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tograí a tíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo agus próisis mhonaraithe ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair, a leasú (IO L 155, 5.5.2021, lch. 23).

(4)  Cinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L 107, 6.4.2022, lch. 78).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852 mar a leanas:

(1)   cuirtear isteach an iontráil 3a seo a leanas:

Táirgí ar cuireadh mearcair leo

An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo

‘3a.

Dlúthshoilse fluaraiseacha a bhfuil ballasta comhtháite iontu (CFL.i) chun críoch soilsithe ghinearálta ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair nach mó ná 2,5 mg in aghaidh an dóire lampa.

31.12.2025’.

(2)   cuirtear isteach an iontráil 6a seo a leanas:

Táirgí ar cuireadh mearcair leo

An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo

‘6a.

Na lampaí fluaraiseacha catóide fuaire (CCFLanna) agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (EEFLanna) den uile fhad le haghaidh taispeántais leictreonacha, nach n-áirítear in iontráil 6.

31.12.2025’.

(3)   cuirtear isteach na hiontrálacha 10 agus 11 seo a leanas:

Táirgí ar cuireadh mearcair leo

An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo

‘10.

Na feistí tomhais leictreacha agus leictreonacha seo a leanas seachas na cinn siúd atá suiteáilte i dtrealamh mórscála nó iad siúd a úsáidtear le haghaidh tomhas ardchruinnis i gcás nach bhfuil gléas oiriúnach atá saor ó mhearcair le fáil:

(a)

trasduchtóirí brú leáite;

(b)

tarchuradóirí brú leáite;

(c)

braiteoirí brú leáite.

31.12.2025

11.

Táirgí eile ar cuireadh mearcair leo:

(a)

Folúschaidéil mearcair;

(b)

Cothromóirí boinn agus meáchain rotha;

(c)

Scannán agus páipéar fótagrafach;

(d)

Tiomántán le haghaidh satailítí agus spásárthaí;

31.12.2025’.


CINNTÍ

26.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 236/24


CINNEADH (AE) 2023/2050 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2018/1220 ón gCoimisiún maidir le rialacha nós imeachta an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1) agus go háirithe Airteagal 143(4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh rialacha nós imeachta an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 le Cinneadh (AE) 2018/1220 ón gCoimisiún (2). Chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar éifeachtacht an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh (‘EDES’) ar leis an gCoimisiún é, is gá a áirithiú go ndéanfaidh oifigigh ardleibhéil atá speisialaithe i gcúrsaí frithchalaoise agus cosanta buiséid ionadaíocht ar an gCoimisiúin sa phainéal sin.

(2)

Chuige sin, tar éis Cinneadh ón gColáiste an 11 Iúil 2023 lena gcruthaítear post sealadach mar Phríomhchomhairleoir BUDG.PA02 ‘Saincheisteanna airgeadais agus dlí, an smacht reachta, cosc ar chalaois agus EDES’ (3), ba cheart sealbhóir an phoist sin a bheith ar dhuine den bheirt bhuanionadaithe ar an gCoimisiún.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2018/1220 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE) 2018/1220, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Príomhchomhairleoir AS BUDG atá freagrach as ‘Saincheisteanna airgeadais agus dlí, an smacht reachta, cosc ar chalaois agus EDES’ in Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, tá sé ar dhuine de bheirt bhuanchomhaltaí an phainéil a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 143 (2)(b) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Ainmneoidh Ard-Stiúrthóir an Bhuiséid oifigeach a thagann ar a laghad ó phost de chineál cinn aonaid nó a choibhéis chun ionadaíocht a dhéanamh ar an mbuanchomhalta sin. ’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(2)  Cinneadh (AE) 2018/1220 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2018 maidir le rialacha nós imeachta an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 226, 7.9.2018, lch. 7).

(3)  Pointe 8, an dara fleasc, de na cinntí riaracháin agus buiséadacha a rinne an Coimisiún ag an 2 464 ú cruinniú a bhí aige an 11 Iúil 2023.


26.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 236/26


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2051 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Meán Fómhair 2023

lena sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (1) (an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN), agus go háirithe Airteagal 31 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   RÉAMHRÁ

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 (an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN) bunaítear córas de chuid an Aontais chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (INNN) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

(2)

Le Caibidil VI den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN leagtar síos an nós imeachta um thríú tíortha neamh-chomhoibríocha a shainaithint, um démarches i leith na dtíortha sin, um liosta de na tíortha sin a bhunú, um thíortha a bhaint den liosta sin, um an liosta sin a fhoilsiú agus um aon bheart éigeandála.

(3)

De bhun Airteagal 31 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, tá an Coimisiún le tríú tíortha a shainaithint a measann sé gur tíortha neamh-chomhoibríocha iad sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN. Féadfar tríú tír a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch i gcás go mainníonn sí i gcomhlíonadh na ndualgas atá uirthi faoin dlí idirnáisiúnta, mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh, gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

(4)

Maidir le tríú tíortha neamh-chomhoibríocha a shainaithint faoi Airteagal 31 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, bunófar an tsainaithint sin ar an athbhreithniú a dhéanfar ar an bhfaisnéis uile mar a leagtar amach faoi Airteagal 31(2) den Rialachán sin. Bunófar í ar an athbhreithniú a dhéanfar ar an bhfaisnéis uile a fuarthas de bhun an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN nó, de réir mar is iomchuí, ar aon fhaisnéis ábhartha eile, amhail sonraí na gabhála, faisnéis trádála a fhaightear ó staidreamh náisiúnta agus ó fhoinsí iontaofa eile, cláir agus bunachair soithí, doiciméid ghabhála nó cláir doiciméad staidrimh agus liostaí de shoithí NNN arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna), chomh maith le haon fhaisnéis eile a fhaightear sna calafoirt agus ar na meánna.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, tá an Chomhairle le cinneadh a dhéanamh maidir le liosta de thíortha neamh-chomhoibríocha. Na bearta a leagtar amach in Airteagal 38 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, tá feidhm acu maidir leis na tíortha sin.

(6)

De réir Airteagal 12(2) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, ní dhéanfar táirgí iascaigh a allmhairiú isteach san Aontas ach amháin nuair atá deimhniú gabhála ag gabháil leo i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(7)

De bhun Airteagal 20(1) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, ní ghlacfar le deimhnithe gabhála bailíochtaithe ó Stáit bhrataí tríú tír ach amháin má thugann an Stát brataí lena mbaineann fógra don Choimisiún lena ndeimhneoidh sé na socruithe náisiúnta maidir le cur chun feidhme, rialú agus forfheidhmiú na ndlíthe, na rialachán agus na mbeart caomhnúcháin agus bainistíochta is gá dá shoithí iascaireachta a chomhlíonadh, agus lena ndeimhneoidh sé gur tugadh an chumhacht dá chuid údarás poiblí fianú a dhéanamh ar fhírinne na faisnéise atá sna deimhnithe gabhála.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 20(4) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, ní mór don Choimisiún oibriú i gcomhar le tríú tíortha ar leibhéal riaracháin i réimsí a bhaineann le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin sin a bhaineann le deimhniú gabhála.

(9)

Níor chuir Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága (dá ngairtear ‘Oileán na Tríonóide agus Tobága’ anseo feasta) a fógra mar Stát brataí faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 20 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN.

(10)

Ar bhun na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 31(2) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, mheas an Coimisiún go raibh tásca láidre ann gur mhainnigh Oileán na Tríonóide agus Tobága i gcomhlíonadh na ndualgas a bhí air faoin dlí idirnáisiúnta, mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh, gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh nó a dhíothú. Deimhníodh na torthaí sin le linn chuairt an Choimisiúin i mí na Samhna 2015.

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, le Cinneadh an 21 Aibreán 2016 (2), fógra a thabhairt d’Oileán na Tríonóide agus Tobága go bhféadfaí é a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN de bhun an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN.

(12)

Cuimsíodh i gCinneadh an 21 Aibreán 2016 faisnéis maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ba bhun leis an sainaithint fhéideartha sin.

(13)

Cuireadh an Cinneadh in iúl d’Oileán na Tríonóide agus Tobága le fógra mar aon le litir ina n-iarrtar ar Oileán na Tríonóide agus Tobága plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, ar plean é a mhol an Coimisiún sa Chinneadh sin chun na heasnaimh a sainaithníodh a cheartú.

(14)

Go háirithe, d’iarr an Coimisiún ar Oileán na Tríonóide agus Tobága gach beart is gá a dhéanamh chun na gníomhaíochtaí atá sa phlean gníomhaíochta a mhol an Coimisiún a chur chun feidhme agus chun measúnú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme.

(15)

Tugadh an deis d’Oileán na Tríonóide agus Tobága freagairt do Chinneadh an 21 Aibreán 2016 agus d’fhaisnéis ábhartha eile a chuir an Coimisiún in iúl, agus ar an mbealach sin bhí an deis aige fianaise a chur isteach lena mbréagnaítear nó lena gcomhlánaítear na fíricí a luaitear i gCinneadh an 21 Aibreán 2016. Deimhníodh d’Oileán na Tríonóide agus Tobága go raibh sé de cheart aige faisnéis bhreise a iarraidh, nó a chur ar fáil.

(16)

De bhíthin Chinneadh an 21 Aibreán 2016 ón gCoimisiún, chuir an Coimisiún tús le próiseas idirphlé le hOileán na Tríonóide agus Tobága.

(17)

Lean an Coimisiún de lorg agus d’fhíorú na faisnéise ar fad a mheas sé a bheith riachtanach. Breithníodh na barúlacha ó bhéal agus i scríbhinn a chuir Oileán na Tríonóide agus Tobága isteach tar éis Chinneadh an 21 Aibreán 2016 agus cuireadh san áireamh iad. Coimeádadh Oileán na Tríonóide agus Tobága ar an eolas, ó bhéal nó i scríbhinn, faoi bhreithnithe an Choimisiúin.

(18)

I bhfianaise na ngnéithe a bailíodh, mar a léirítear in aithrisí (42) go (99), níor thug Oileán na Tríonóide agus Tobága aghaidh go leordhóthanach ar na réimsí imní ná ar na heasnaimh a dtugtar tuairisc orthu i gCinneadh an 21 Aibreán 2016 ná níor chuir sé chun feidhme na bearta a moladh sa phlean gníomhaíochta a ghabhann leis an gCinneadh.

2.   AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE hOILEÁN NA TRÍONÓIDE AGUS TOBÁGA

(19)

An 21 Aibreán 2016 thug an Coimisiún fógra d’Oileán na Tríonóide agus Tobága, de bhun Airteagal 32 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, gur bhreithnigh sé an fhéidearthacht go ndéanfaí Oileán na Tríonóide agus Tobága a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch.

(20)

D’iarr an Coimisiún ar Oileán na Tríonóide agus Tobága plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar lena sheirbhísí, chun na heasnaimh a sainaithníodh i gCinneadh an 21 Aibreán 2016 a cheartú.

(21)

Bhain na príomheasnaimh a shainaithin an Coimisiún le roinnt teipeanna maidir le hoibleagáidí an dlí idirnáisiúnta a chur chun feidhme, go háirithe i dtaobh creat dlíthiúil leordhóthanach a ghlacadh, easpa uirlisí éifeachtúla leordhóthanacha chun faireachán éifeachtach ar shoithí iascaireachta a áirithiú, easpa scéime breathnóirí agus cláir iniúchta agus easpa rialuithe ar chalafoirt iascaigh. Bhain easnaimh eile a sainaithníodh le heaspa comhlíontachta leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta a eascraíonn as moltaí agus rúin ó eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna). Sainaithníodh freisin nár cuireadh chun feidhme moltaí agus rúin neamhcheangailteacha ó chomhlachtaí ábhartha amhail Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe i gcoinne Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (PGI-INNN) (3) agus Treoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí (4). Mar sin féin, is mar fhianaise thacaíochta amháin a measadh an mhainneachtain i gcur chun feidhme na moltaí agus na rún sin agus níor measadh í mar bhonn leis an bhfógra.

(22)

Trí bhíthin a chuid litreacha dar dáta an 27 Bealtaine 2016, an 1 Márta 2017, an 2 Deireadh Fómhair 2017, an 23 Samhain 2021 agus an 18 Samhain 2022, chuir Oileán na Tríonóide agus Tobága in iúl don Choimisiún go raibh sé toilteanach aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh i gCinneadh an 21 Aibreán 2016, chun oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún, agus gur ghlac sé leis an bplean gníomhaíochta.

(23)

Trína litir dar dáta an 27 Bealtaine 2016, chuir Oileán na Tríonóide agus Tobága dréachtphlean gníomhaíochta náisiúnta ar fáil, cé nach raibh aon tréimhse ama ann lena ghlacadh, liosta de na soithí iascaireachta uile a bhfuil bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága ar foluain acu, teimpléid i gcomhair ceadúnas iascaireachta agus i gcomhair tuarascáil ar thuras agus onnmhairiú le haghaidh báid spiléireachta, chomh maith le faisnéis faoi struchtúr inmheánach na n-údarás iascaigh.

(24)

An 5 Nollaig 2016 chuir Oileán na Tríonóide agus Tobága an Coimisiún ar an eolas faoi athruithe inmheánacha eagraíochtúla agus an 25 Feabhra 2017 thug siad cothrom le dáta iad maidir leis na gníomhaíochtaí a rinne na húdaráis, nó a bhí beartaithe acu a dhéanamh, chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh. Mar sin féin, tríd an gcumarsáid sin, d’fhógair na húdaráis go raibh bailchríoch agus cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta le cur i gcrích tráth níos déanaí.

(25)

An 2 Márta 2017 tháinig an Coimisiún agus údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága le chéile chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme an phlean gníomhaíochta chun na heasnaimh a sainaithníodh a réiteach. Le linn an chruinnithe sin, d’athdhearbhaigh údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága a dtoilteanas aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh agus oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún. Mar sin féin, ní dhearnadh aon ghníomh ina leith sin tar éis an chruinnithe.

(26)

An 10 Aibreán 2017 chuir an Coimisiún litir chuig Príomh-Aire Oileán na Tríonóide agus Tobága le fáiltiú roimh ghealltanas Oileán na Tríonóide agus Tobága feabhas a chur ar a bheartas náisiúnta sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN agus urraim a thabhairt d’oibleagáidí idirnáisiúnta Oileán na Tríonóide agus Tobága mar Stát brataí, Stát cósta, Stát calafoirt agus Stát margaidh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an litir sin.

(27)

An 7 Meán Fómhair 2017, an 17 Meán Fómhair 2017 agus an 3 Samhain 2017 chuir údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága an méid seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin: (i) dréachtchóip den mheabhrán tuisceana (MT) idirghníomhaireachta chun críoch an chomhair i rialáil na hiascaireachta agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht agus i dtrádáil éisc agus táirgí éisc; (ii) teimpléad le haghaidh MT atá le síniú ag Oileán na Tríonóide agus Tobága agus ag tríú Stáit chun an comhar a fheabhsú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú; agus (iii) dréacht de na nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha idirghníomhaireachta maidir le hiasc agus táirgí éisc a allmhairiú, clárú soithí iascaireachta, dearbhuithe soithí iascaireachta ar theacht isteach agus imeacht ó chalafort, allmhairiú soithí iascaireachta (níos lú ná 250 tona) atá le húsáid le haghaidh iascaireachta, onnmhairiú éisc agus táirgí éisc, ceadúnas aire a eisiúint le haghaidh faoiseamh ó dhleacht chustaim, tabhairt i dtír, trasloingsiú agus idirthuras éisc agus táirgí éisc, faireachán a dhéanamh ar shoithí iascaireachta, iniúchadh a dhéanamh ar shoithí iascaireachta ag an gcalafort.

(28)

An 7 Samhain 2017 bhuail an Coimisiún go cianda le húdaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága chun plé a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí leanúnacha Oileán na Tríonóide agus Tobága maidir leis an gcomhrac i gcoinne iascaireacht NNN.

(29)

Trí bhíthin cumarsáid i scríbhinn, chuir Oileán na Tríonóide agus Tobága achoimre isteach an 24 Samhain 2017 ar na gníomhaíochtaí a bhí beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar iascaireacht NNN chomh maith le liosta de na soithí iascaireachta nach n-oibríonn ar mionscála agus a bhfuil bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága ar foluain acu. An 5 Meitheamh 2018 fuair an Coimisiún cóip den dréacht-Bhille Bainistithe Iascaigh.

(30)

An 8 Feabhra 2019 bhuail an Coimisiún go cianda le húdaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága chun plé a dhéanamh ar dhul chun cinn na tíre maidir le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a áirítear i gCinneadh an 21 Aibreán 2016. Deimhníodh ag an gcruinniú an easpa dul chun cinn a rinneadh maidir le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh i gCinneadh an 21 Aibreán 2016.

(31)

An 24 Deireadh Fómhair 2019 d’aontaigh Oileán na Tríonóide agus Tobága do Chomhaontú Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Bearta Stát an Chalafoirt agus ghlac sé leis an gComhaontú chun Comhlíontacht Bád Iascaireachta ar an Mórmhuir i dtaca le Bearta Idirnáisiúnta Caomhnúcháin agus Bainistíochta a chur chun cinn (5).

(32)

An 22 Meitheamh 2020, trí bhíthin cumarsáid i scríbhinn, thug údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága nuashonrú ar na gníomhaíochtaí chun an plean gníomhaíochta chun iascaireacht NNN a chomhrac a chur chun feidhme. Chuir siad isteach an leagan athbhreithnithe den dréacht-Bhille Bainistithe Iascaigh agus thug siad liosta na dtosaíochtaí oibríochtúla, i.e. an rún Cigireacht Iascaigh a bhunú agus Córas um Fhaireachán Soithí a shuiteáil ar shoithí iascaireachta nach n-oibríonn ar mionscála agus a bhfuil bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága ar foluain acu.

(33)

An 21 Meán Fómhair 2021 bhuail an Coimisiún le húdaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis an athbhreithniú ar an gcreat dlíthiúil, ar shuiteáil an Chórais um Fhaireachán Soithí ar shoithí iascaireachta nach n-oibríonn ar mionscála (agus béim ar leith á leagan ar na báid spiléireachta a oibríonn i limistéar Choinbhinsiún Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT)), chomh maith le haon dul chun cinn a mhéid a bhaineann le tabhairt i dtír agus iniúchtaí sa chalafort, cruthú na Cigireachta Iascaigh agus stádas an chabhlaigh. Deimhníodh ag an bhfíschomhdháil an easpa dul chun cinn a rinneadh sna réimsí a sainaithníodh i gCinneadh an 21 Aibreán 2016.

(34)

An 24 Meán Fómhair 2021 chuir údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága faoi bhráid an Choimisiúin (i) cóip chríochnaithe agus shínithe den MT idirghníomhaireachta chun críocha an chomhair i rialáil na hiascaireachta, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht agus na trádála ábhartha, mar aon le nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha atá i bhfeidhm, (ii) an dréacht-teimpléad le haghaidh MT idir Oileán na Tríonóide agus Tobága agus tríú tíortha (a roinneadh leis an gCoimisiún cheana féin an 17 Meán Fómhair 2017), agus (iii) cóip den tuarascáil ar an athbhreithniú faireacháin, rialaithe agus faireachais (lena n-áirítear measúnú calafoirt) in Oileán na Tríonóide agus Tobága faoi Thionscadal Tacaíochta Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Bearta Stát an Chalafoirt.

(35)

Ina theannta sin, an 2 agus an 7 Deireadh Fómhair 2021, roinn údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága liosta leis an gCoimisiún de chuairteanna soithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu ar chalafoirt idir 2018 agus 2020 agus liosta de shoithí iascaireachta a bhfuil bratach Oileán na Tríonóide agus Thobága ar foluain acu atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

(36)

Trí bhíthin litir dar dáta an 25 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Coimisiún i dtábhacht na hábhair imní atá aige a mhéid a bhaineann le forbairt an idirphlé agus leis an easpa dul chun cinn ag Oileán na Tríonóide agus Tobága i dtaca le haghaidh a thabhairt ar na moltaí a chuimsítear sa phlean gníomhaíochta a ghabhann le Cinneadh an 21 Aibreán 2016.

(37)

An 9 Samhain 2021 chuir údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága tuarascáil isteach ar dhul chun cinn ina raibh (i) faisnéis maidir le stádas chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta náisiúnta, (ii) tuarascáil maidir leis an straitéis náisiúnta agus treochlár chun forálacha an Chomhaontaithe maidir le Bearta Stát an Chalafoirt agus ionstraimí agus sásraí idirnáisiúnta comhlántacha chun iascaireacht NNN a chomhrac a chur chun feidhme go héifeachtach, agus (iii) dréachtphlean oibre an Choiste arna bhunú faoin bplean gníomhaíochta náisiúnta a luaitear in aithris (23) chun maoirseacht, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme an MT le haghaidh an chomhair i rialáil na hiascaireachta, gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht agus na trádála ábhartha.

(38)

Mar fhreagairt ar an litir a sheol an Coimisiún an 23 Samhain 2021, d’athdhearbhaigh Oileán na Tríonóide agus Tobága tiomantas údaráis na tíre iascaireacht NNN a chomhrac. Thug an Coimisiún freagra ar an litir sin an 2 Nollaig 2021 inar cuireadh i dtábhacht an gá atá le gníomhaíochtaí éifeachtacha chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh i gcórais rialaithe Oileán na Tríonóide agus Tobága chun iascaireacht NNN a chomhrac.

(39)

Idir an 14 agus an 16 Nollaig 2022 thug an Coimisiún cuairt ar Oileán na Tríonóide agus Tobága arb é ab aidhm di meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh ó Chinneadh an 21 Aibreán 2016. Deimhníodh sa chuairt nár tugadh aghaidh ar na heasnaimh a sainaithníodh sa Chinneadh.

3.   OILEÁN NA TRÍONÓIDE AGUS TOBÁGA A SHAINAITHINT MAR THRÍÚ TÍR NEAMH-CHOMHOIBRÍOCH

(40)

De bhun Airteagal 31(3) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, rinne an Coimisiún athbhreithniú i dtaca le comhlíontacht Oileán na Tríonóide agus Tobága lena chuid oibleagáidí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh. Chun críoch an athbhreithnithe sin, chuir an Coimisiún san áireamh na critéir a leagtar síos in Airteagal 31(4) go (7) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN.

3.1.   Bearta a rinneadh i leith atarlú iascaireacht NNN agus sreafaí trádála táirgí a eascraíonn as iascaireacht NNN (Airteagal 31(4) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN)

(41)

Mar a léiríodh i gCinneadh an 21 Aibreán 2016, shuigh an Coimisiún gur mhainnigh Oileán na Tríonóide agus Tobága ina dhualgais a chomhlíonadh faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta agus Stát margaidh i ndáil le hiascaireacht NNN arna déanamh ag soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu nó ag a náisiúnaigh, nó ag soithí iascaireachta a úsáideann a chalafoirt, nó lenar thacaigh siad, agus i ndáil le rochtain ag táirgí iascaigh a eascraíonn as iascaireacht NNN ar an margadh a chosc.

(42)

De bhun Airteagal 18(3)(a) de Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc, déanfaidh na Stáit rialú ar na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu ar an mórmhuir trí bhíthin ceadúnais, údaruithe nó ceadanna iascaireachta, i gcomhréir le haon nós imeachta is infheidhme arna chomhaontú ar an leibhéal foréigiúnach, réigiúnach nó domhanda. Ina theannta sin, foráiltear le moltaí a leagtar amach i bpointe 45 de PGI-INNN agus i mír 8(2)(2) de Chód Iompair Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le hIascach Freagrach (6) gur cheart do na Stáit bhrataí a áirithiú go bhfuil údarú bailí ag gach ceann de na soithí atá i dteideal a mbratach a bheith ar foluain aici agus í ag oibriú lasmuigh dá n-uiscí. Tá moladh den chineál céanna cuimsithe freisin i bpointí 29 agus 30 de Threoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí.

(43)

Cuireadh in iúl in aithris (14) de Chinneadh an 21 Aibreán 2016 nach dtugtar de chumhacht d’údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága leis an gcreat dlíthiúil maidir le bainistiú iascaigh Oileán na Tríonóide agus Tobága, mar a bunaíodh le hAcht Iascaigh 1916 (7) agus le hAcht 1986 um Uiscí Oileánrach agus um Limistéar Eacnamaíoch Eisiach (8), bearta a chur chun feidhme chun rialú éifeachtach a dhéanamh ar shoithí iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain acu ná ar úsáid a chalafort ag soithí iascaireachta.

(44)

Ní bhunaítear le hAcht Iascaigh 1916 córas éigeantach ceadúnas iascaireachta. Cé gur ghlac na húdaráis iascaigh leis an gcleachtas ceadúnas iascaireachta a eisiúint, níl aon éifeacht dhlíthiúil aige sin. De réir na faisnéise atá i seilbh an Choimisiúin, is trí reacht trádála lena gceanglaítear ar gach onnmhaireoir ceadúnas onnmhairiúcháin a bheith aige chun rochtain a fháil ar na margaí eachtracha a dhéantar an t-aon rialú ar cheadúnú. 3 mhí atá i dtréimhse bhailíochta an cheadúnais onnmhairiúcháin sin, agus ina dhiaidh sin ní mór don onnmhaireoir iarratas eile a chur chuig na húdaráis ábhartha. Cé go bhfaigheann na húdaráis iascaigh iarratais ar na ceadúnais onnmhairiúcháin go díreach ó longúinéirí, ní thugtar de chumhacht dóibh iad a fhormheas ná a dhiúltú i gcásanna neamhchomhlíontachta. Go bhfios don Choimisiún, níor diúltaíodh aon iarratas ar cheadúnais onnmhairiúcháin go dtí seo. Thairis sin, na soithí iascaireachta a bhfuil bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága ar foluain acu agus nach n-onnmhairíonn a ngabhálacha chuig margaí eachtracha, ní thagann siad faoi raon feidhme an rialaithe sin.

(45)

De bhun Airteagal 94(2)(b) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, 1982 (UNCLOS), ceanglaítear ar an mBratstát rialú ar na soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu a áirithiú, trí dhlínse a ghlacadh faoina dhlí inmheánach ar longa a bhfuil a bhratach ar foluain acu. Thairis sin, faoi Airteagal 18(3)(g)(iii) de Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc, ba cheart don Stát brataí rialú a dhéanamh ar na soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu trí bhearta faireacháin, rialaithe agus faireachais, ar cheart a áireamh orthu, inter alia, cur chun feidhme scéimeanna iniúchta náisiúnta, cláir breathnóirí náisiúnta agus córais um fhaireachán soithí. Thairis sin, ceanglaítear le pointí 1 agus 3 de Mholadh 18-10 ó ICCAT go ndéanfar Córas um Fhaireachán Soithí a fheistiú ar gach soitheach ar mó ná 15 mhéadar a fad foriomlán agus a oibríonn i limistéar Choinbhinsiún ICCAT agus ceanglaítear uirthi a suíomh a tharchur uair amháin gach 2 uair an chloig ar a laghad. Ar an gcaoi chéanna, moltar i bpointe 31 de Threoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí gur cheart do Stáit bhrataí scéim rialaithe a chur chun feidhme ar shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus luaitear i bpointe 24 de PGI-INNN gur cheart do Stáit faireachán, rialú agus faireachas cuimsitheach éifeachtach a dhéanamh ar an iascaireacht, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí chóras um fhaireachán soithí a chur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí.

(46)

Ar bhonn na mbarúlacha a tugadh le linn na gcuairteanna a rinneadh ar Oileán na Tríonóide agus Tobága i mí na Samhna 2015 agus i mí na Nollag 2022 agus tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a bhí ar fáil, chinn an Coimisiún nach raibh údaráis inniúla Oileán na Tríonóide agus Tobága in ann rialú leordhóthanach a áirithiú ar na gníomhaíochtaí a dhéanann a gcabhlach iascaireachta.

(47)

Go sonrach, níl aon fhoráil in Acht Iascaigh 1916 maidir le rialú agus faireachas soithí iascaireachta a bhfuil bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága ar foluain acu, lena n-áirítear iad siúd a oibríonn lasmuigh d’uiscí atá faoi dhlínse Oileán na Tríonóide agus Tobága. I ndáil leis sin, is ar bhonn deonach amháin a dhéantar gléas feidhmiúil a shuiteáil a chuireann ar a chumas d’Oileán na Tríonóide agus Tobága rianú agus faireachán a dhéanamh ar na soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu trí Chóras um Fhaireachán Soithí.

(48)

Go dtí mí na Nollag 2022 bhí 25 shoitheach iascaireachta nach n-oibríonn ar mionscála (báid spiléireachta) ag Oileán na Tríonóide agus Tobága a raibh a bhratach ar foluain acu agus a bhí údaraithe le hoibriú i Limistéar Choinbhinsiún ICCAT, nach raibh ach 21 acu feistithe ar bhonn deonach le Córas um Fhaireachán Soithí oibríochtúil ar bord. Ina theannta sin, le linn chuairt mhí na Nollag 2022, thug an Coimisiún faoi deara nár tharchuir soitheach iascaireachta, a raibh bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága ar foluain aici agus a bhí údaraithe le hoibriú i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, comhartha de chuid an Chórais um Fhaireachán Soithí ar feadh níos mó ná 165 lá.

(49)

Le linn na cuairte céanna, chuir údaráis iascaigh Oileán na Tríonóide agus Tobága in iúl don Choimisiún nach bhfuil na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu údaraithe le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí atá faoi dhlínse tríú tíortha. Mar sin féin, de réir sonraí a gineadh ón ardán chun Córas um Fhaireachán Soithí arna shuiteáil go deonach a bhainistiú, shainaithin an Coimisiún soitheach iascaireachta a raibh bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága ar foluain aici a líomhnaítear go raibh sí ag iascaireacht i limistéar eacnamaíoch eisiach tríú tír.

(50)

An tráth céanna, ceanglaítear le hAirteagal 18(3)(g)(ii) de Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc ar pháirtithe bearta a thionscnamh chun rialú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu, lena n-áirítear cur chun feidhme clár breathnóirí náisiúnta agus clár breathnóirí foréigiúnacha agus réigiúnacha ina bhfuil an Stát brataí rannpháirteach. Ar an gcaoi chéanna, faoi Mholadh 16-14 ó ICCAT, áiritheoidh gach páirtí conarthach clúdach breathnóra 5 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta i ngach iascach spiléir pheiligigh, gach iascach peaslín saighne, gach iascach báid baoite, gach iascach gaistí, gach iascach eangaí geolbhaigh agus gach iascach tráil. Ní bhunaítear cumhachtú chun clár breathnóirí intíre (eolaíoch nó eile) a bhunú le hAcht Iascaigh 1916, áfach, ná ní dhéantar foráil leis maidir le cumhachtú chun ceann a bhunú. Ar bhonn trialach tugadh turas amháin a ndearnadh faireachán breathnóra air chun críche i mí Mheán Fómhair 2022 mar mhisean aimsithe fíoras. Dheimhnigh údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága nach féidir roinnt bád spiléireachta nach n-oibríonn ar mionscála agus a bhfuil bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága ar foluain acu a fheistiú chun freastal ar bhreathnóirí.

(51)

D’ainneoin nach ann don chreat dlí riachtanach ná do na modhanna oibríochtúla riachtanacha atá i bhfeidhm chun rialú a dhéanamh ar iascaireacht agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta soithí a bhfuil bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága ar foluain acu, lean údaráis na tíre de bheith ag deonú a brataí agus a n-údaruithe iascaireachta do shoithí iascaireachta. Mar shampla, tógadh soitheach iascaireachta nua i mí Eanáir 2022, cláraíodh í agus bhí sí i dteideal bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága a bheith ar foluain aici agus údaraíodh í le hiascaireacht a dhéanamh i Limistéar Choinbhinsiún ICCAT. Le linn chuairt mhí na Nollag 2022, chuir údaráis iascaigh Oileán na Tríonóide agus Tobága an Coimisiún ar an eolas freisin go raibh sé ar intinn acu leanúint de chur lena gcabhlach iascaireachta tionsclaíoch náisiúnta.

(52)

Dá thoradh sin, i dtaca le soithí iascaireachta atá cláraithe in Oileán na Tríonóide agus Tobága agus a bhfuil a bhratach ar foluain acu, ní féidir don Choimisiún a chur as an áireamh go ndearna siad iascaireacht NNN nó gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht i limistéir lasmuigh de dhlínse náisiúnta Oileán na Tríonóide agus Tobága, lena n-áirítear limistéir atá faoi dhlínse tríú tíortha, ná gur bhain siad úsáid as calafoirt tríú tíortha.

(53)

Measann an Coimisiún mar sin gur mhainnigh Oileán na Tríonóide agus Tobága ina fhreagrachtaí mar Stát brataí a chomhlíonadh, mar atá a chabhlach a rialú agus cosc a chur ar a chabhlach a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN in uiscí lasmuigh dá dhlínse. Is sárú é sin ar Airteagal 94(1) agus (2) de UNCLOS, lena bhforáiltear go bhfuil gach Stát lena dhlínse ar shoithí iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain acu, maille lena rialú ar na soithí sin, a áirithiú go héifeachtach. Tá sé sin ina shárú freisin ar Airteagal 18 de Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc lena gceanglaítear ar Stáit a ndéanann a soithí iascaireacht ar an mórmhuir bearta rialaithe a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonann na soithí sin rialacha ERBI. Dá bhrí sin, mhainnigh Oileán na Tríonóide agus Tobága ina oibleagáid maidir le dícheall cuí a chomhlíonadh sa mhéid nár bhain sé úsáid as modhanna leordhóthanacha, nach ndearna sé an iarracht ab fhearr ab fhéidir a dhéanamh ná nach ndearna sé a lándícheall chun cosc a chur ar ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN ag longa a bhfuil a bhratach ar foluain acu. Níl an mhainneachtain sin i gcomhréir ach oiread le míreanna 34 agus 35 de PGI-INNN lena bhforáiltear gur cheart do na Stáit a áirithiú, i dtaca le soithí iascaireachta atá i dteideal a bheith faoina mbratach, nach bhfuil na soithí sin ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN ná nach dtacaíonn siad leis na gníomhaíochtaí sin agus lena n-áirithítear freisin, sula gcláróidh siad soitheach iascaireachta, gur féidir le Stáit bhrataí a bhfreagracht a fheidhmiú chun a áirithiú nach mbeidh na soithí sin ag gabháil d’iascaireacht NNN.

(54)

Faoi Airteagal 31(4)(b) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, scrúdaigh an Coimisiún freisin na bearta a ghlac Oileán na Tríonóide agus Tobága i ndáil le rochtain ar a mhargadh ag táirgí iascaigh a eascraíonn as iascaireacht NNN.

(55)

Cheal rialú a bheith á dhéanamh ag Oileán na Tríonóide agus Tobága ar shoithí iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain acu, is féidir leis na soithí sin táirgí iascaigh a thabhairt i dtír agus/nó iad a thrasloingsiú i gcalafoirt náisiúnta nó calafoirt tríú tíortha agus dá bhrí sin ní féidir leis bac a chur ar tháirgí iascaigh a eascraíonn as iascaireacht NNN a theacht isteach sna margaí.

(56)

Thairis sin, ar bhonn comparáide idir an fhaisnéis a chuir Oileán na Tríonóide agus Tobága ar fáil don Choimisiún le linn chuairt mhí na Nollag 2022 agus faisnéis atá ar fáil go poiblí, is cosúil nach bhfuil Oileán na Tríonóide agus Tobága in ann faisnéis chruinn iomlán a chur ar fáil maidir leis na speicis mhórimirceacha a ghabh a chabhlach iascaireachta mórmhara ná ar na táirgí iascaigh a thugtar i dtír nó a thrasloingsítear ina chalafoirt. Deimhnítear leis sin nach bhfuil Oileán na Tríonóide agus Tobága in ann táirgí iascaigh a rianú nuair a bhíonn baint acu le sreafaí trádála náisiúnta agus idirnáisiúnta.

(57)

Faoi Airteagal 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc, áiritheoidh gach Stát go ndéanfaidh soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu sonraí na logleabhar iascaireachta maidir le gabháil agus iarracht, lena n-áirítear sonraí maidir le hoibríochtaí iascaireachta ar an mórmhuir, a sheoladh chuig an riarachán iascaigh náisiúnta ag eatraimh sách minic chun ceanglais náisiúnta agus oibleagáidí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Léirítear an méid sin freisin i bpointe 51.5 de PGI-INNN, ina moltar do Stáit chósta a áirithiú go gcoinneoidh gach soitheach atá ag iascaireacht ina n-uiscí logleabhar ina ndéantar taifeadadh ar a gníomhaíochtaí iascaireachta i gcás inarb iomchuí.

(58)

Níl aon fhoráil dhlíthiúil náisiúnta ann faoi láthair le haghaidh shoithí iascaireachta Oileán na Tríonóide agus Tobága maidir le húsáid logleabhar iascaireachta, dearbhuithe tabhairt i dtír, dearbhuithe trasloingsithe nó nótaí díolacháin. Ina ionad sin, bíonn na húdaráis iascaigh ag brath ar chóras chun sonraí gabhála agus iarrachta a chur isteach go deonach le haghaidh turais iascaireachta aonair agus tuarascálacha onnmhairiúcháin amháin i gcás soithí iascaireachta a bhfuil bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága ar foluain acu agus a bhfuil sraibhé beartaithe a ngabhálacha a onnmhairiú chuig margaí tríú tíortha. Cé gur chuir na húdaráis iascaigh in iúl don Choimisiún gur gá na tuarascálacha onnmhairiúcháin sin a chur isteach tar éis gach turais iascaireachta, níl aon bhunús dlí lena gcur faoi bhráid na n-údarás náisiúnta iascaigh. I bhfianaise na heaspa forálacha dlíthiúla, ní féidir an meastachán ar chumhdach turais agus onnmhairiúcháin ghníomhaíochtaí an chabhlaigh náisiúnta a fhíorú.

(59)

Tá an córas um thuairisciú ar thuras a dtugtar tuairisc air thuas nasctha le ceadúnais onnmhairiúcháin a dheonú ach, i bhfianaise na heaspa forálacha dlíthiúla a fhágann go bhfuil sé éigeantach tuarascáil ar thuras a chur isteach, níl aon oibleagáid dhlíthiúil ar na húdaráis náisiúnta eisiúint an cheadúnais onnmhairiúcháin a dhiúltú i gcás nach gcuirtear isteach an tuarascáil ar thuras agus ar onnmhairiú. Maidir le táirgí iascaigh nach bhfuil ceaptha lena n-onnmhairiú, níl aon sásra éigeantach taifeadta i bhfeidhm.

(60)

Maidir le tabhairt i dtír speiceas atá á mbainistiú ag soithí iascaireachta ICCAT a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu, dheimhnigh údaráis iascaigh Oileán na Tríonóide agus Tobága nach bhfuil siad in ann, agus faisnéis á bailiú acu maidir leis an úsáid a bhaineann soithí iascaireachta tríú tír atá ag gabháil do speicis ICCAT a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú as calafoirt náisiúnta, cruinneas na sonraí arna gcur isteach ag oibreoirí soithí chuig údaráis chalafoirt a fhíorú ná nach bhfuil siad in ann sonraí a dheighilt maidir le hoibríochtaí trasloingsithe agus tabhairt i dtír. Ina theannta sin, luaigh na húdaráis iascaigh go mbíonn an fhaisnéis a bhailíonn siad maidir leis an úsáid a bhaineann soithí iascaireachta eachtracha as calafoirt náisiúnta teoranta dóibh siúd a bhíonn ag gabháil do speicis ICCAT a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú. Ní dhéantar taifeadadh ar speicis nach bhfuil á mbainistiú ag ICCAT ná ní bhíonn siad faoi réir aon oibleagáid tuairiscithe.

(61)

I bhfianaise easpa rialuithe iascaigh seanbhunaithe ar ghníomhaíochtaí soithí iascaireachta agus ar oibríochtaí tabhairt i dtír agus trasloingsithe, ní féidir le húdaráis iascaigh Oileán na Tríonóide agus Tobága an t-iasc a thugtar i dtír nó a thrasloingsítear ina gcalafoirt ag soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu nó ag soithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu a rianú ar fud an tslabhra soláthair. Leis an easnamh sin, ní cheadaítear d’údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága a dheimhniú nach n-eascraíonn táirgí iascaigh atá dírithe ar mhargaí náisiúnta agus tríú tíortha as iascaireacht NNN.

(62)

De bhun Airteagal 18(3)(f) de Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc, cuirfidh na Stáit bhrataí ceanglais i bhfeidhm chun gabhálacha spriocspeiceas agus speiceas nach spriocspeicis iad a fhíorú trí mhodhanna amhail, inter alia, faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha arna dtabhairt i dtír. Cuireann PGI-INNN treoir ar fáil maidir le bearta a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a bhaineann leis an margadh ar bearta iad lena dtacaítear le laghdú nó deireadh a chur leis an trádáil in iasc agus i dtáirgí iascaigh a dhíorthaítear ó iascaireacht NNN. Moltar ann freisin ag pointe 71 gur cheart do Stáit bearta a dhéanamh chun trédhearcacht a margaí a fheabhsú d’fhonn inrianaitheacht éisc nó táirgí éisc a cheadú. Ar an gcuma chéanna, leagtar amach in Airteagal 11 de Chód Iompair Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe dea-chleachtais maidir le gníomhaíochtaí iarbhuaine agus trádáil fhreagrach idirnáisiúnta agus iarrtar ar Stáit a áirithiú go ndéanfar iasc agus táirgí iascaigh a thrádáil ar bhonn idirnáisiúnta agus intíre i gcomhréir le cleachtais fhónta chaomhnúcháin agus bhainistithe trí fheabhas a chur ar shainaithint thionscnamh an éisc agus na dtáirgí iascaigh.

(63)

Ar bhonn na faisnéise a fuarthas le linn na gcuairteanna ar an láthair, measann an Coimisiún nach bhfuil Oileán na Tríonóide agus Tobága in ann trédhearcacht a mhargaidh ná táirgí iascaigh a thrádáiltear go hidirnáisiúnta a ráthú toisc nach n-áirithítear inrianaitheacht éisc ná táirgí iascaigh. I ndáil leis sin, ní chomhlíonann Oileán na Tríonóide agus Tobága Airteagal 23 de Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc, lena gceanglaítear ar Stáit chalafoirt beart a dhéanamh chun éifeachtacht na mbeart idirnáisiúnta caomhnúcháin agus bainistíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear iniúchtaí calafoirt ar dhoiciméid, gléasanna nó gabhálacha agus toirmeasc ar thabhairt i dtír nó ar thrasloingsiú i gcás ina bhfuil sé suite go ndearnadh an ghabháil ar bhealach a bhaineann an bonn d’éifeachtacht na mbeart idirnáisiúnta caomhnúcháin agus bainistíochta.

(64)

Ina theannta sin, maidir leis an gcleachtas iasc a thabhairt i dtír i gcalaí príobháideacha agus a lódáil go díreach i gcoimeádáin lena loingsiú a thuilleadh chuig tríú tíortha gan aon rialú iascaigh iomchuí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta ag údaráis iascaigh Oileán na Tríonóide agus Tobága, is é tuairim an Choimisiúin go gcuireann sé inrianaitheacht na dtáirgí iascaigh lena mbaineann i mbaol (9).

(65)

De réir staitisticí atá ar fáil go poiblí arna mbailiú ag an gCoimisiún, tá tásca láidre ann maidir le hidirthuras féideartha éisc a líomhnaítear a eascraíonn as gníomhaíochtaí iascaireachta NNN ó shoithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu trí chalafoirt Oileán na Tríonóide agus Tobága. Mar shampla, léirítear sna sonraí allmhairiúcháin arna dtuairisciú ag tríú tír gur onnmhairíodh níos mó ná 1 000 tona de thuinníní colgacha reoite (Thunnus alalunga) a onnmhairíodh ó Oileán na Tríonóide agus Tobága in 2021 (10). Le haghaidh na bliana sin, ba é 267 dtonna cuóta ICCAT Oileán na Tríonóide agus Tobága i gcomhair tuinníní colgacha.

(66)

Na rialuithe riachtanacha d’fhonn cosc a chur ar tháirgí iascaigh a d’fhéadfadh eascairt as iascaireacht NNN a thabhairt i dtír i gcalafoirt náisiúnta, níl sé de chumhacht ag údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága iad a dhéanamh ná gan iad a dhéanamh, agus tá an baol ann dá bharr sin go dtabharfar na táirgí sin isteach sna margaí.

(67)

I bhfianaise na bhforbairtí a tharla tar éis an 21 Aibreán 2016, measann an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 31(3) agus (4) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, gur mhainnigh Oileán na Tríonóide agus Tobága i gcomhlíonadh na ndualgas atá air faoin dlí idirnáisiúnta gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú agus, de bhun Airteagal 31(3) agus (4)(b) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, nach ndearna sé beart leordhóthanach chun cosc a chur ar tháirgí iascaigh a eascraíonn as iascaireacht NNN na margaí a rochtain.

3.2.   Mainneachtain sa chomhar agus san fhorfheidhmiú (Airteagal 31(5) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN)

(68)

Mar a thugtar tuairisc air in aithrisí (19) go (26) de Chinneadh an 21 Aibreán 2016, rinne an Coimisiún anailís féachaint ar oibrigh Oileán na Tríonóide agus Tobága i gcomhar go héifeachtach leis an gCoimisiún maidir le himscrúduithe a bhaineann le hiascaireacht NNN agus le gníomhaíochtaí gaolmhara. Suíodh leis an anailís sin, de bhun Airteagal 31(3) agus (5) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, go bhfuil tásca láidre ann nár chomhlíon Oileán na Tríonóide agus Tobága a dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí i ndáil le hiarrachtaí comhair agus forfheidhmithe.

(69)

Tar éis Chinneadh an 21 Aibreán 2016, lean údaráis iascaigh Oileán na Tríonóide agus Tobága de bheith ag oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun freagairt d’iarrataí ar fhaisnéis agus aiseolas a thabhairt ina leith.

(70)

Mar sin féin, rinneadh na freagraí a chuir údaráis náisiúnta Oileán na Tríonóide agus Tobága isteach a theorannú leis an gcreat dlíthiúil iascaigh atá as dáta, creat nach ndéantar foráil ann maidir le rialú iascaigh a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus atá á athbhreithniú le 8 mbliana anuas gan aon amlíne shonrach lena ghlacadh. Chuir an easpa creata dhlíthiúil sin bac ar aon chomhar éifeachtach leis an gCoimisiún. Leanadh de na gealltanais agus na gníomhaíochtaí a fógraíodh sna freagraí ó údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága a chur ar athló, agus ar an gcaoi sin níor baineadh amach cuspóir an idirphlé maidir le INNN.

(71)

Le hAirteagal 19(1) de Comhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc ceanglaítear ar Stáit a áirithiú go gcomhlíonann soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu bearta caomhnúcháin agus bainistíochta réigiúnacha agus foréigiúnacha. Sonraítear ann thairis sin gur cheart na smachtbhannaí is infheidhme i ndáil le sáruithe a bheith dian a ndóthain chun an comhlíonadh a áirithiú go héifeachtach agus chun sáruithe a dhíspreagadh cibé áit a dtarlóidís agus ba cheart iad a bheith ina mbearta a bhainfidh de chiontóirí aon tairbhe a fhabhróidh as a ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Tá foclaíocht chomhchosúil i bpointe 21 de PGI-INNN agus i bpointe 38(a) de Threoirlínte Deonacha Phlean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí.

(72)

Mar sin féin, mar a thuairiscítear in aithris (21) de Chinneadh an 21 Aibreán 2016, i gcreat dlíthiúil Oileán na Tríonóide agus Tobága atá as dáta ní áirítear sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN ná sáruithe tromchúiseacha ná ní bhunaítear leis liosta cuimsitheach de sháruithe tromchúiseacha a dtabharfar aghaidh orthu le smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha. Ní leor an chaoi a gcaitear le sáruithe ná le sáruithe tromchúiseacha chun comhlíonadh a áirithiú, chun sáruithe a dhíspreagadh cibé áit a dtarlaíonn siad, agus chun na tairbhí a fhabhraíonn óna ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha a bhaint de chiontóirí. Mar thoradh air sin, níl córas smachtbhannaí Oileán na Tríonóide agus Tobága mar atá sé faoi láthair cuimsitheach agus tá sé neamhleor chun a fheidhm dhíspreagtha a bhaint amach.

(73)

I ndáil le comhar le gníomhaíochtaí rialaithe ar an leibhéal foréigiúnach agus ar an leibhéal réigiúnach agus lena gcomhordú, dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Chomhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt, mainníonn Oileán na Tríonóide agus Tobága in oibriú i gcomhar le tríú tíortha a n-úsáideann a soithí a gcalafoirt chun críoch gabhálacha a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú mar a fhoráiltear i bpointe 28 de PGI-INNN. Thairis sin, níl comhaontuithe ná socruithe déanta ag Oileán na Tríonóide agus Tobága le Stáit eile chun oibriú i gcomhar chun na dlíthe is infheidhme agus na bearta caomhnúcháin agus bainistíochta arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó domhanda a fhorfheidhmiú go héifeachtach, mar a fhoráiltear i bpointe 31 de PGI-INNN.

(74)

Cuireann na heasnaimh thuas ar Oileán na Tríonóide agus Tobága cosc ar Airteagail 63, 64 agus 117 go 119 de UNCLOS a chomhlíonadh lena mbunaítear an dualgas ar gach stát oibriú i gcomhar maidir le beo-acmhainní muirí a chaomhnú agus a bhainistiú, lena n-áirítear stoic traslimistéir agus speicis mhórimirceacha. In Airteagail 7, 8 agus 20 de Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc, déantar forbairt bhreise ar an oibleagáid atá ar Stáit oibriú i gcomhar le chéile, maidir le bearta comhoiriúnacha caomhnúcháin agus bainistíochta a leagan síos agus maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú na mbeart sin a áirithiú faoi seach. Sonraítear é sin a thuilleadh i bpointí 28 agus 51 de PGI-INNN, ina leagtar amach cleachtais mhionsonraithe le haghaidh comhar díreach idir Stáit, lena n-áirítear malartú sonraí nó faisnéise atá ar fáil do Stáit chósta.

(75)

Mar a chuirtear i dtábhacht in aithrisí (34) go (36) de Chinneadh an 21 Aibreán 2016, ní féidir leibhéal forbartha Oileán na Tríonóide agus Tobága a mheas mar fhachtóir a bhaineann an bonn d’inniúlacht na n-údarás inniúil a chuid oibleagáidí mar Stát brataí, Stát cósta, Stát calafoirt agus Stát margaidh a chomhlíonadh.

(76)

I bhfianaise aithrisí (34) go (36) de Chinneadh an 21 Aibreán 2016 agus na bhforbairtí tar éis an 21 Aibreán 2016, is é tuairim an Choimisiúin fós, i gcomhréir le hAirteagal 31(3) agus (5) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, gur mhainnigh Oileán na Tríonóide agus Tobága i gcomhlíonadh na ndualgas atá air faoin dlí idirnáisiúnta i leith an chomhair agus an fhorfheidhmiúcháin.

3.3.   Mainneachtain i rialacha idirnáisiúnta a chur chun feidhme (Airteagal 31(6) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN)

(77)

Mar a thuairiscítear in aithrisí (27) go (33) de Chinneadh an 21 Aibreán 2016, rinne an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a mheastar a bheith ábhartha maidir le stádas Oileán na Tríonóide agus Tobága mar pháirtí conarthach in UNCLOS, i gComhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc agus i gCoinbhinsiún ICCAT. Suíodh leis an anailís sin, de bhun Airteagal 31(3) agus (6) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, go bhfuil tásca láidre ann nár chomhlíon Oileán na Tríonóide agus Tobága na dualgais atá air faoin dlí idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le rialacha idirnáisiúnta, rialacháin idirnáisiúnta agus bearta idirnáisiúnta caomhnúcháin agus bainistíochta.

(78)

Ní mór a thabhairt faoi deara go ndíríonn cabhlach iascaireachta tionsclaíoch Oileán na Tríonóide agus Tobága ar thuinníní agus ar speicis mhórimirceacha eile i limistéar Choinbhinsiún ICCAT. Mar sin, ba cheart d’Oileán na Tríonóide agus Tobága oibriú i gcomhar le ICCAT, leis an ERBI atá inniúil sa limistéar sin agus as na speicis sin, agus leis na Stáit ábhartha uile lena mbaineann. Cé gur páirtí conarthach in ICCAT é Oileán na Tríonóide agus Tobága, áfach, níl a dhualgas á chomhlíonadh aige, faoi Airteagal IX de Choinbhinsiún ICCAT, gach beart is gá a dhéanamh chun forfheidhmiú an Choinbhinsiúin sin a áirithiú.

(79)

Tá Oileán na Tríonóide agus Tobága ag sárú na hoibleagáide atá air mar Stát brataí freisin, i gcomhréir le hAirteagal 117 de UNCLOS, bearta a ghlacadh i leith a náisiúnach chun beo-acmhainní na mórmhara a chaomhnú.

(80)

Mar a thuairiscítear in aithris (31) thuas, d’aontaigh Oileán na Tríonóide agus Tobága don Chomhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt i mí Dheireadh Fómhair 2019. Mar sin féin, níor cuireadh na hoibleagáidí agus na bearta a leagtar síos san ionstraim idirnáisiúnta a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne iascaireacht NNN chun feidhme go fóill trí bhíthin reachtaíocht náisiúnta.

(81)

De réir Airteagal 7 den Chomhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt, ainmneoidh agus poibleoidh gach Páirtí na calafoirt a bhféadfaidh soithí iascaireachta eachtracha cead isteach iontu a iarraidh agus beidh acmhainneacht leordhóthanach aige iniúchtaí a dhéanamh.

(82)

D’ainneoin easpa bunús dlí a eascraíonn as easpa chur chun feidhme oibleagáidí an Chomhaontaithe maidir le Bearta Stát an Chalafoirt tríd an reachtaíocht náisiúnta, thug Oileán na Tríonóide agus Tobága fógra do Rúnaíocht Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe faoi thrí chalafort ainmnithe faoin gComhaontú maidir le Bearta Stát an Chalafoirt (lena n-áirítear calaí príobháideacha). Mar sin féin, níl údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága in ann a áirithiú nach dtiocfaidh soithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu chuig calafoirt nach bhfuil ainmnithe toisc nach bhfuil aon reachtaíocht náisiúnta ghaolmhar i bhfeidhm. Le linn na cuairte a rinneadh i mí na Nollag 2022, fuair an Coimisiún doiciméadacht lena léirítear go raibh ceadúnas iascaireachta ag soitheach iascaireachta a raibh bratach tríú tír ar foluain aici lenar údaraíodh di dul chuig dhá cheann de na trí chalafort ainmnithe de chuid Oileán na Tríonóide agus Tobága, ach chuig calafort neamhainmnithe freisin. Thairis sin, le linn na cuairte céanna, cuireadh in iúl don Choimisiún gurb iad údaráis chustaim Oileán na Tríonóide agus Tobága a bhfuil sé de chumhacht acu calafoirt fhormheasta agus calaí díluchtaithe a ainmniú chun críoch custaim. Mar sin féin, ní hionann na calafoirt sin (45 cinn san iomlán) agus na calafoirt a d’ainmnigh na húdaráis iascaigh agus a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe. Ar deireadh, léirítear i mbunachair sonraí oscailte líon suntasach soithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu a thagann isteach ag calafoirt neamhainmnithe in Oileán na Tríonóide agus Tobága.

(83)

Áirítear ar an dá phríomhchalafort ainmnithe roinnt calaí príobháideacha nach bhfuil faoi rialú na n-údarás iascaigh. Ní bhíonn saor-rochtain ag na calaí príobháideacha sin ar shaoráidí calafoirt ná ní bhíonn aon duine dá n-ionadaithe lonnaithe sna calafoirt ar bhonn buan. Ní bhíonn rochtain ag na húdaráis iascaigh ar chalafoirt ach i gcomhar le gníomhaireachtaí eile lena mbaineann. Mar shampla, d’fhéadfaidís a bheith in ann páirt a ghlacadh in iniúchtaí calafoirt, ach faoi dhlínse gníomhaireachtaí eile amháin (e.g. údaráis chustaim nó chalafoirt).

(84)

Ina theannta sin, ní chuireann Oileán na Tríonóide agus Tobága na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 den Chomhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt chun feidhme maidir leis an oibleagáid atá ar shoithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tír ar foluain acu faisnéis shonrach a chur isteach roimh dhul isteach sa chalafort, ná na cinn a leagtar amach in Airteagal 9 den Chomhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt maidir leis an údarú nó diúltú i dtaobh dul isteach i gcalafort. Go háirithe, ní cheanglaítear le creat dlíthiúil náisiúnta Oileán na Tríonóide agus Tobága atá ann faoi láthair ar shoithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tír ar foluain acu an fhaisnéis a chur isteach a áirítear in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt. Cuireann sé sin bac ar na húdaráis náisiúnta a chinneadh ar ghabh na soithí a d’iarr cead dul isteach i gcalafoirt Oileán na Tríonóide agus Tobága d’iascaireacht NNN nó do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht a thacaíonn le hiascaireacht den sórt sin. Thairis sin, leis an reachtaíocht náisiúnta, ní thugtar de chumhacht do na húdaráis cead isteach a dheonú nó a dhiúltú do shoithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu a thugann cuairt ar chalafort in Oileán na Tríonóide agus Tobága i gcás ina bhfuil cruthúnas leordhóthanach ann gur ghabh siad d’iascaireacht NNN nó gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht a thacaíonn le hiascaireacht den sórt sin. Tá forálacha le fáil, agus níl aon fhoráil eile is infheidhme, sa reachtaíocht mhuirí agus chustaim i ndáil le húdarú le dul isteach i gcalafort nó diúltú a eisiúint is infheidhme maidir le gach soitheach agus chun críoch na reachtaíochta sin amháin.

(85)

Ó bhí 2022 ann, tá údaráis iascaigh Oileán na Tríonóide agus Tobága ag oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta chustaim agus mhuirí chun rochtain pháirteach a fháil ar an bhfaisnéis maidir le cuairteanna ar chalafoirt agus maidir le táirgí iascaigh ar bord soithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu a thugann cuairt ar chalafoirt in Oileán na Tríonóide agus Tobága a cuireadh isteach chun ceanglais náisiúnta mhuirí agus chustaim a chomhlíonadh. Táthar ag oibriú i gcomhar mar sin ar bhonn socruithe idirghníomhaireachta. Ní fhaightear faisnéis ach i bpáirt, áfach, agus ní dhéantar aon ghníomhaíocht forfheidhmithe mar gheall ar easpa forálacha leordhóthanacha lena dtrasuitear oibleagáidí an Chomhaontaithe ar Bhearta Stát an Chalafoirt i ndlí náisiúnta Oileán na Tríonóide agus Tobága.

(86)

Mar shampla, d’fhéadfadh sé go raibh dhá shoitheach iascaireachta (11) nach n-áirítear ar thaifead ICCAT de shoithí údaraithe i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta neamhúdaraithe i Limistéar Choinbhinsiún ICCAT. Chuaigh na soithí sin chuig caladh príobháideach i gcalafort de chuid Oileán na Tríonóide agus Tobága agus d’úsáid siad é an 10 agus an 20 Meán Fómhair 2019 agus an 4 agus an 18 Deireadh Fómhair 2019. Chuir na húdaráis iascaigh in iúl nach raibh aon fhaisnéis ina seilbh acu maidir leis an iasc a bhí ar bord na soithí sin a d’fhéadfaí a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ag an gcaladh príobháideach.

(87)

De bhun Airteagal 12 den Chomhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt, tá gach Páirtí le hiniúchadh a dhéanamh ar líon na soithí ina chalafoirt is gá chun leibhéal bliantúil iniúchta a bhaint amach ar leordhóthanach é chun cuspóir an Chomhaontaithe a bhaint amach.

(88)

Faoi Airteagal 28 den Acht um Uiscí Oileánraigh agus um Limistéar Eacnamaíoch Eisiach, 1986, níl sé de chumhacht ag na húdaráis iascaigh iniúchtaí a dhéanamh ar shoithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu ach amháin sna huiscí oileánraigh, sna farraigí teorann agus sa limistéar eacnamaíoch eisiach, agus níl sé de chumhacht acu iad a dhéanamh ag calafoirt. Ar an gcaoi sin, ní thugtar an chumhacht do na húdaráis iniúchtaí a dhéanamh i gcalafoirt ainmnithe mar a cheanglaítear le hAirteagal 7 den Chomhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt, rud nach gcomhlíonann an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 12 den Chomhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt.

(89)

Mar a thuairiscítear in aithrisí (28) go (30) de Chinneadh an 21 Aibreán 2016, rinne an Coimisiún anailís ar fhaisnéis a measadh a bheith ábhartha ó na sonraí a bhí ar fáil arna bhfoilsiú ag ERBInna, go háirithe ICCAT.

(90)

Chuir ICCAT in iúl go hoifigiúil d’údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága nár chomhlíon an tír a cuid oibleagáidí go hiomlán agus go héifeachtach i gcomhréir le Moltaí áirithe ó ICCAT. Dá bhrí sin, sainaithníodh Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír neamhchomhlíontach in 2016 (12) agus fuair sé litir maidir le comhlíontacht ó ICCAT gach bliain ó shin (13).

(91)

Go sonrach, leagtar síos i Moladh 18-09 ó ICCAT, i measc nithe eile, 5 % ar a laghad d’iniúchtaí calafoirt ar shoithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu gach bliain (14). Líon na gcuairteanna ar chalafoirt a thug na soithí iascaireachta tríú tír sin a dhearbhaigh na húdaráis iascaigh in Oileán na Tríonóide agus Tobága in 2022, ós rud é gur sháraigh sé 1 200 agus, mar a luaitear in aithris (82), nach bhfuil aon reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm lena gcuirtear chun feidhme ceanglais an Chomhaontaithe ar Bhearta Stát an Chalafoirt maidir le faisnéis shonrach a chur isteach roimh dhul isteach i gcalafoirt náisiúnta, glactar leis go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an bhfíorlíon cuairteanna ar chalafoirt. Le 5 bliana anuas (2018-2022), ní dhearna údaráis iascaigh Oileán na Tríonóide agus Tobága ach ceithre iniúchadh ar shoithí iascaireachta a raibh bratach tríú tír ar foluain acu ar bhonn deonach agus le comhaontú sainráite ó na longúinéirí.

(92)

Ina theannta sin, mar a luaitear in aithris (50) thuas, le Moladh 16-14 ó ICCAT tugtar isteach oibleagáid clúdach breathnóra 5 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta a áirithiú i ngach iascach spiléir pheiligigh, gach iascach peaslín saighne, gach iascach báid baoite, gach iascach gaistí, gach iascach eangaí geolbhaigh agus gach iascach tráil. Ní chomhlíonann Oileán na Tríonóide agus Tobága an ceanglas sin, toisc nach mbunaíonn Acht Iascaigh 1916 nó aon fhoreachtaíocht ghaolmhar clár breathnóirí intíre (eolaíoch nó eile) (15).

(93)

Mar a luaitear in aithris (45) thuas, mainníonn Oileán na Tríonóide agus Tobága freisin i Moladh 18-10 ó ICCAT a chur chun feidhme, ina dtugtar sainordú do gach soitheach ar mó ná 15 mhéadar a fad foriomlán agus a oibríonn i Limistéar an Choinbhinsiúin a bheith feistithe le Córas um Fhaireachán Soithí agus a suíomh a tharchur uair amháin gach 2 uair an chloig ar a laghad.

(94)

Coisceann na fíorais a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí (90) go (93) ar Oileán na Tríonóide agus Tobága a oibleagáidí comhair agus caomhnúcháin a chomhlíonadh, rud nach bhfuil i gcomhréir leis an dualgas oibriú i gcomhar ná leis an oibleagáid bearta a dhéanamh is gá chun beo-acmhainní na mórmhara a chaomhnú mar a cheanglaítear le hAirteagail 117 agus 118 de UNCLOS, nó dul i gcomhar chun na bearta sin a dhéanamh.

(95)

I gcomhréir le hAirteagal 31(6)(c) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, rinne an Coimisiún anailís féachaint an raibh baint ag Oileán na Tríonóide agus Tobága le haon ghníomh nó le haon neamhghníomh a d’fhéadfadh éifeachtacht na ndlíthe, na rialachán nó na mbeart caomhnúcháin agus bainistíochta idirnáisiúnta is infheidhme a laghdú.

(96)

Mar a léirítear in aithris (31) de Chinneadh an 21 Aibreán 2016, ní chomhlíonann Oileán na Tríonóide agus Tobága a oibleagáidí comhair agus caomhnúcháin mar Stát Brataí faoi Airteagail 117 go 119 de UNCLOS.

(97)

In éineacht leis na fíricí a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí (48) agus (49), mainníonn Oileán na Tríonóide agus Tobága freisin in Airteagal 18 de Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc a chomhlíonadh, lena gceanglaítear ar Stáit a ndéanann a soithí iascaireacht ar an mórmhuir bearta rialaithe a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonann na soithí sin rialacha ERBI.

(98)

Mar a léirítear in aithrisí (73), (82), (83), (84), (85) agus (88), mainníonn Oileán na Tríonóide agus Tobága i gcomhlíonadh Airteagail 6, 7, 8, 9 agus 12 agus Airteagal eile de Chuid 4 den Chomhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt lena gceanglaítear ar Stáit iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú trí bhearta éifeachtacha Stát an Chalafoirt a chur chun feidhme.

(99)

I bhfianaise aithrisí (28) go (32) de Chinneadh an 21 Aibreán 2016 agus na bhforbairtí a rinneadh ina dhiaidh sin agus a luaitear thuas, measann an Coimisiún, de bhun Airteagal 31(3) agus (6) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, gur mhainnigh Oileán na Tríonóide agus Tobága sna dualgais atá air faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh i leith rialacha agus rialacháin idirnáisiúnta chomh maith le bearta caomhnúcháin agus bainistíochta.

3.4.   Srianta sonracha na dtíortha atá i mbéal forbartha (Airteagal 31(7) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN)

(100)

Meabhraítear gur measadh in 2021, de réir Innéacs na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Dhaonna, gur thír an-ard ó thaobh forbraíocht dhaonna é Oileán na Tríonóide agus Tobága (é rangaithe ar an 57ú tír as 191 tír) (16).

(101)

Mar a thugtar tuairisc air in aithris (36) de Chinneadh an 21 Aibreán 2016, níor aimsíodh aon fhianaise a thabharfadh le fios gur de thoradh srianta forbartha a mhainnigh Oileán na Tríonóide agus Tobága ina dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

(102)

Thairis sin, i dtaca leis na heasnaimh a shuitear a bheith ann i gcás Oileán na Tríonóide agus Tobága, amhail easpa forálacha sonracha sa chreat dlíthiúil náisiúnta a thagraíonn do bhainistiú a chabhlaigh iascaireachta agus easpa forálacha sonracha chun gníomhaíochtaí iascaireachta NNN a chomhrac, a dhíspreagadh agus a dhíothú, an easpa nósanna imeachta éigeantacha lena n-áiritheofaí fíorú ceart ar chlárú soithí iascaireachta faoina bhratach agus an easpa maidir le córas éigeantach chun tabhairt i dtír a rialú agus iniúchtaí calafoirt neamhleora, ní féidir comhchoibhneas a dhéanamh idir cineál na n-easnamh sin agus leibhéal forbartha Oileán na Tríonóide agus Tobága agus na srianta sonracha a d’fhéadfadh a bheith air.

(103)

Thairis sin, fuair údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága tacaíocht ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gníomhaíochtaí náisiúnta a neartú chun iascaireacht NNN a chomhrac (17).

(104)

I bhfianaise aithrisí (34), (35) agus (36) de Chinneadh an 21 Aibreán 2016 agus na bhforbairtí tar éis an dáta sin, is é tuairim an Choimisiúin, de bhun Airteagal 31(7) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, nach gcuireann leibhéal forbartha Oileán na Tríonóide agus Tobága isteach ar a fheidhmíocht fhoriomlán mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh i ndáil le hiascach agus, dá bhrí sin, nach féidir leibhéal forbartha Oileán na Tríonóide agus Tobága a ghlacadh mar leithscéal ná mar údar maith ar shlí eile i leith neamh-leordhóthanacht a ghníomhaíochtaí chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

4.   CONCLÚID MAIDIR LE TÍR A SHAINAITHINT MAR THRÍÚ TÍR NEAMH-CHOMHOIBRÍOCH

(105)

I bhfianaise na gconclúidí ar thángthas orthu maidir le mainneachtain Oileán na Tríonóide agus Tobága ina dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh mar Stát brataí, mar Stát calafoirt, mar Stát cósta nó mar Stát margaidh agus gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, ba cheart an tír sin a shainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN.

(106)

Ag féachaint d’Airteagal 18(1)(g) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, tá sé de cheanglas ar údaráis inniúla na mBallstát diúltú táirgí iascaigh a allmhairiú isteach san Aontas, agus an diúltú sin a dhéanamh gan aon fhianaise bhreise a iarraidh ná iarraidh ar chúnamh a chur chuig an Stát brataí, i gcás ina dtagann i bhfios dóibh gur údaráis Stáit brataí a shainaithnítear mar Stát neamh-chomhoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán sin a bhailíochtaigh an deimhniú gabhála.

(107)

Ba cheart a lua, i dtaca le sainaithint Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír a mheasann an Coimisiún a bheith neamh-chomhoibríoch, nach bhfágann an tsainaithint sin nach bhféadfadh an Chomhairle beart eile a dhéanamh ina dhiaidh sin chun liosta de thíortha neamh-chomhoibríocha a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN.

5.   NÓS IMEACHTA COISTE

(108)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Iascach agus Dobharshaothrú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thríú tír a measann an Coimisiún gur tríú tír neamh-chomhoibríoch í sa chomhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.

(2)  Cinneadh ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2016 maidir le fógra a thabhairt d’Oileán na Tríonóide agus Tobága go bhféadfaí é a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (IO C 144, 23.4.2016, lch. 14).

(3)  Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, 2001.

(4)  Treoirlínte Deonacha maidir le Feidhmíocht Stát Brataí, mí an Mhárta 2014, a fuarthas ó: http://www.fao.org/3/a-i4577t.pdf

(5)  An Comhaontú chun Comhlíontacht Bád Iascaireachta ar an Mórmhuir i dtaca le Bearta Idirnáisiúnta Caomhnúcháin agus Bainistíochta a chur chun cinn, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, 1993.

(6)  Cód Iompair Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le hEagraíocht Fhreagrach Iascaigh, Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, 1995.

(7)  https://rgd.legalaffairs.gov.tt/laws2/alphabetical_list/lawspdfs/67.51.pdf.

(8)  https://rgd.legalaffairs.gov.tt/laws2/alphabetical_list/lawspdfs/51.06.pdf.

(9)  Sea Lots, áit a dtugann soithí atá faoi bhratach na Téaváine, an Chósta Eabhair, na Síne agus Veiniséala cuairteanna air.

(10)  Mar sin féin, i bhfianaise na heaspa rialuithe ag an gcalafort agus na n-oibleagáidí tuairiscithe neamhleora, is deacair a chruthú nár tháinig na gabhálacha sin ó shoithí a raibh bratach Oileán na Tríonóide agus Tobága ar foluain acu.

(11)  Ó shin i leith, rinne na soithí sin athrú brataí go tríú tír agus rinneadh iad a liostú mar shoithí NNN in ICCAT an 24 Samhain 2021 as tuinníní nó speicis den chineál sin a shaothrú gan údarú laistigh de Limistéar an Choinbhinsiúin. Rinneadh na soithí a thrasliostú ansin go liostaí INNN IOTC, SIOFA, CCSBT, IATTC agus NEAFC go luath in 2022.

(12)  Doiciméad ICCAT Uimh. COC-308_Foscríbhinn 2, 2016.

(13)  Doiciméad ICCAT Uimh. COC-308_APP_1/2021.

(14)  Pointe 29 https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2018-09-e.pdf

(15)  Doiciméad ICCAT Uimh. COC-308_Foscríbhinn 2, 2022, Doiciméad Uimh. COC-308_Foscríbhinn 2, 2021, Doiciméad Uimh. COC-308_Foscríbhinn 2, 2020, Doiciméad Uimh. COC-308_Foscríbhinn 2, 2019, Doiciméad Uimh. COC-308_Foscríbhinn 2, 2018, Doiciméad Uimh. COC-308_Foscríbhinn 2, 2017.

(16)  Faisnéis a fuarthas ó https://hdr.undp.org/en/countries/profiles/CMR.

(17)  https://www.fao.org/iuu-fishing/capacity-development/en/


26.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 236/40


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2052 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 September 2023

gan fosfáit siorcóiniam hidrigine sóidiam airgid a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Airítear fosfáit siorcóiniam hidrigine sóidiam airgid sa liosta sin (Uimh. CE: 422-570-3; Uimh. CAS: 265647-11-8) le haghaidh cineál táirge 4.

(2)

Ainmníodh an tSualainn mar an Ballstát is rapóirtéir. Rinne údarás inniúil na Sualainne (‘an t-údarás inniúil meastóireachta’) meastóireacht ar fhosfáit siorcóiniam hidrigine sóidiam airgid lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál 4 agus i ndífhabhtáin do láithreacha bia agus beatha, dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

An 12 Meitheamh 2017, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnaithe maidir leis an iarratas mar aon le conclúidí a mheastóireachta féin faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘ECHA’). Phléigh ECHA an tuarascáil mheasúnaithe agus na conclúidí ag cruinnithe teicniúla.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ó ECHA maidir le hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 arna léamh i gcomhar le hAirteagail 75(1) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ghlac an Coimisiún um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ó ECHA an 3 Márta 2021 (3), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil mheastóireachta.

(5)

De réir chonclúidí na tuairime ó ECHA, níor léiríodh éifeachtúlacht leordhóthanach i gcás na húsáide a bhaineann leis an táirge bithicídeach ionadaíoch a ionchorprú in earraí a bhíonn i dteagmháil le bia. Dá bharr sin, ní mheastar go gcomhlíonfaidh táirgí de chineál táirge 4 ina bhfuil fosfáit siorcóiniam hidrigine sóidiam airgid na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(1), pointe (b)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Is í conclúid ECHA freisin gur sainaithníodh rioscaí do-ghlactha do shláinte an duine de thoradh ar bhia a bhí i dteagmháil le polaiméirí cóireáilte a thomhailt, agus nach bhféadfaí aon bheart maolaithe riosca leordhóthanach a shainaithint chun na rioscaí sin a mhaolú. Dá bharr sin, ní mheastar go gcomhlíonfaidh táirgí de chineál táirge 4 ina bhfuil fosfáit siorcóiniam hidrigine sóidiam airgid na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

Rinneadh measúnú ar fosfáit siorcóiniam hidrigine sóidiam airgid de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). An 26 Bealtaine 2004, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) tuairim lena ndéantar meastóireacht ar shábháilteacht fosfáite siorcóiniam hidrigine sóidiam lena húsáid in ábhair phlaisteacha a bhíonn i dteagmháil le plaisteach (5). Sa tuairim sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go ndéanfadh srian 0,05 mg/kg bia (mar airgead) le haghaidh fosfáit siorcóiniam hidrigine sóidiam an iontógáil a theorannú go níos lú ná 12,5 % den leibhéal ag a mbreathnaítear aon éifeacht dhíobhálach i ndaoine, agus dá bhrí sin mhol sé teorainn ascnaimh ghrúpa shonrach 0,05 mg Ag/kg bia. Cé nach n-údaraítear fosfáit siorcóiniam hidrigine sóidiam lena húsáid in ábhair phlaisteacha a bhíonn i dteagmháil le Bia ar leibhéal an Aontais, áiríodh í i liosta breiseán sealadach a fhéadfar a úsáid in ábhair phlaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia faoi réir an dlí náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 6(5) de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 (6).

(8)

I gcomhthéacs na meastóireachta ar chomhdhúile airgid faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, d’eisigh EFSA agus ECHA doiciméad comhpháirteach (7) i mí Feabhra 2020 (‘doiciméad comhpháirteach EFSA-ECHA’), doiciméad inar tháinig siad ar an gconclúid go bhfuil a dtuairimí faoi seach maidir le húsáid comhdhúl airgid comhsheasmhach le Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, faoi seach, agus go mbaineann na difríochtaí ina gconclúidí ar an measúnú riosca lena spriocanna, tacair sonraí agus modheolaíochtaí éagsúla.

(9)

Agus an tuairim ó ECHA agus an doiciméad comhpháirteach EFSA-ECHA á gcur san áireamh, is iomchuí gan fosfáit siorcóiniam hidrigine sóidiam a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4.

(10)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Fosfáit siorcóiniam hidrigine sóidiam airgid (CE Uimh: 422-570-3; Uimh. CAS: 265647-11-8) ní fhormheastar í mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).

(3)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: fosfáit siorcóiniam hidrigine sóidiam airgid, Cinéal táirge: 4, ECHA/BPC/278/2021, a glacadh an 3 Márta 2021.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dteagmháil le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).

(5)  Painéal EFSA um Bhreiseáin Bia, Blastáin, Áiseanna Próiseála agus Ábhair a Bhíonn i dTeagmháil le Bia, 2004. Tuairim ón bPaineál Eolaíoch maidir leis an 4ú liosta de shubstaintí in ábhair a bhíonn i dteagmháil le bia. EFSA Journal [Iris EFSA] 2004; 2(6):65a, 17 lch. doi.org/10.2903/j.efsa.2004.65a.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear a bheith i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1).

(7)  Doiciméad comhpháirteach EFSA – ECHA mhí Feabhra 2020. Comparáid idir na meastóireachtaí a rinneadh ar chomhdhúile airgid a úsáideann EFSA agus ECHA mar shubstaintí gníomhacha bithicídeacha in ábhair a bhíonn i dteagmháil le bia (FCM).