ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 230

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
19 Meán Fómhair 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1787 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní III, IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le liostú criosanna cosanta agus lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta sin, an toirmeasc ar phlandaí, ar tháirgí plandaí agus ar réada eile a thabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe, agus na ceanglais speisialta maidir lena dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe nó lena n-aistriú laistigh de na criosanna sin

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1788 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas ( 1 )

7

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1789 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 14 Meán Fómhair 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh do mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/614 (EUMPM Niger/2/2023)

12

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1790 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 14 Meán Fómhair 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar Mhisean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i Mósaimbíc (EUTM Mhósaimbíc), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1482 (EUTM Mozambique/2/2023)

14

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

19.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1787 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinní III, IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le liostú criosanna cosanta agus lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta sin, an toirmeasc ar phlandaí, ar tháirgí plandaí agus ar réada eile a thabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe, agus na ceanglais speisialta maidir lena dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe nó lena n-aistriú laistigh de na criosanna sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 32(3) agus (6), Airteagal 35(1), (2), agus (5), Airteagal 53(2) agus Airteagal 54(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2) bunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí. Le hIarscríbhinní III, IX agus X a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, bunaítear liosta na gcriosanna cosanta agus lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta sin, liosta na bplandaí, na dtáirgí plandaí agus na réad eile de thionscnamh tríú tíortha nó laistigh de chríoch an Aontais a bhfuil toirmeasc ar a dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe, agus liosta na bplandaí, na dtáirgí plandaí agus na réad eile atá le tabhairt isteach i gcriosanna cosanta nó atá le haistriú laistigh díobh, agus na ceanglais speisialta chomhfhreagracha le haghaidh criosanna cosanta.

(2)

Aithníodh codanna áirithe de chríoch na Slóivéine mar chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. Tá sé iarrtha anois ag an tSlóivéin, i gcomhréir le hAirteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, go dtarraingeofaí siar stádas a críche iomláine mar chrios cosanta i ndáil leis an lotnaid choraintín sin de chuid criosanna cosanta. Dá bhrí sin, níor cheart críoch iomlán na Slóivéine a aithint a thuilleadh mar chríoch cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al., agus ba cheart an iontráil ábhartha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a bhaint.

(3)

Maidir leis an Iodáil, aithníodh codanna áirithe de chríoch na Lombairde mar chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. In 2023 chuir an Iodáil faisnéis isteach ina léirítear gurb ann anois do Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. i mbardais Fara Gera d’Adda agus Pontirolo Nuovo i gcúige Bergamo, i mbardas Montevecchia i gcúige Lecco agus i mbardais Ceriano Laghetto agus Cogliate i gcúige Monza agus Brianza. Dá bhrí sin, níor cheart na bardais sin a aithint a thuilleadh mar chuid den chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. sa Lombaird agus ba cheart iad a scriosadh ón iontráil ábhartha sa tábla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(4)

Thairis sin, maidir le bardais Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine i gcúige Mantova sa Lombaird, d’iarr an Iodáil go n-aithneofaí na bardais sin mar chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. Ar bhonn suirbhéanna a rinneadh in 2020, 2021 agus 2022, chuir an Iodáil faisnéis isteach nach dtagann Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. chun cinn sna críocha sin, d’ainneoin go bhfuil na dálaí fabhracha ann dá theacht isteach, dá bhunú agus dá leathadh. Mar sin féin, ba cheart suirbhéanna breise a dhéanamh chun a dheimhniú nach bhfuil an lotnaid choraintín sin de chuid criosanna cosanta fós i láthair sna bardais sin. Dá bhrí sin, ba cheart bardais Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine i gcúige Mantova sa Lombaird a aithint mar chrios cosanta sealadach i ndáil le Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. go dtí an 30 Aibreán 2026.

(5)

Aithníodh codanna áirithe de chríoch na Slóvaice mar chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. Tá sé iarrtha anois ag an tSlóvaic, i gcomhréir le hAirteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, go dtarraingeofaí siar stádas a críche iomláine mar chrios cosanta i ndáil leis an lotnaid choraintín sin de chuid criosanna cosanta. Dá bhrí sin, níor cheart críoch iomlán na Slóvaice a aithint a thuilleadh mar chríoch cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al., agus ba cheart an iontráil ábhartha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a bhaint.

(6)

Aithníodh an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann (3) mar chrios cosanta sealadach i ndáil le Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al., Liriomyza huidobrensis (Blanchard), Liriomyza trifolii (Burgess) agus Thaumetopoea processionea L. go dtí an 30 Aibreán 2023. Ar bhonn torthaí suirbhéanna a sholáthair an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann in 2020, 2021 agus 2022, is cosúil go bhfuil Tuaisceart Éireann fós saor ó na lotnaidí coraintín sin de chuid criosanna cosanta. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint d’aitheantas a thabhairt don Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann mar chrios cosanta i ndáil le Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al., Liriomyza huidobrensis (Blanchard), Liriomyza trifolii (Burgess) agus Thaumetopoea processionea L. gan aon teorainn ama.

(7)

Aithníodh críoch iomlán na Seicia mar chrios cosanta i ndáil le Cryphonectria parasitica (Murrill) Barr. Tá sé iarrtha anois ag an tSeicia, i gcomhréir le hAirteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, go dtarraingeofaí siar stádas a críoch mar chrios cosanta i ndáil leis an lotnaid choraintín sin de chuid criosanna cosanta. Dá bhrí sin, níor cheart an tSeicia a aithint a thuilleadh mar chríoch cosanta i ndáil le Cryphonectria parasitica (Murrill) Barr., agus ba cheart an iontráil ábhartha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a bhaint.

(8)

Aithníodh Éire mar chrios cosanta sealadach, i ndáil le Thaumetopoea pityocampa Denis & Schiffermüller, go dtí an 30 Aibreán 2023. Ar bhonn torthaí suirbhéanna a sholáthair an Ballstát sin in 2020, 2021 agus 2022, is cosúil go bhfuil sé fós saor ón lotnaid choraintín sin de chuid criosanna cosanta. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint d’aitheantas a thabhairt d’Éirinn mar chrios cosanta i ndáil le Thaumetopoea pityocampa Denis & Schiffermüller gan aon teorainn ama.

(9)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht leis na leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ar Rialachán é ina liostaítear na criosanna cosanta agus lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta sin, ba cheart na hathruithe comhfhreagracha a dhéanamh ar Iarscríbhinní IX agus X a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ar Iarscríbhinní iad ina liostaítear na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile a bhfuil toirmeasc ar a dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe agus na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile atá le tabhairt isteach i gcriosanna cosanta nó atá le haistriú laistigh díobh faoi cheanglais speisialta, faoi seach.

(10)

Aithníodh Cantún Valais san Eilvéis mar limistéar atá saor ó Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al., agus dá réir sin tá tagairt déanta de sa tábla, i bpointí 3 agus 9, d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar áit as a bhféadfaí coirceoga beach agus plandaí óstacha Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. a onnmhairiú chuig na criosanna cosanta lena mbaineann san Aontas. Tá an Coimisiún curtha ar an eolas ag an Eilvéis anois gur tharraing sí siar stádas Chantún Valais mar limistéar atá saor ó Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. Dá bhrí sin, ní chomhlíonann Cantún Valais a thuilleadh na ceanglais le haghaidh limistéir óna bhféadfar coirceoga beach agus plandaí óstacha Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. a onnmhairiú chuig na criosanna cosanta lena mbaineann san Aontas, agus ba cheart an Cantún sin a scriosadh sa tábla, i bpointí 3 agus 9, d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní III, IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a leasú dá réir.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní III, IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(3)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/2031, agus gníomhartha de chuid an Choimisiúin atá bunaithe air, maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní III, IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leanas:

(1)

Leasaítear an tábla in Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

i roinn (a) ‘Baictéir’, leasaítear an tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

go dtí an 30 Aibreán 2026: An Iodáil (an Lombaird (bardais Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine i gcúige Mantova)).’;

(ii)

scriostar pointe (j);

(b)

i roinn (a), ‘Baictéir’, sa tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 2, cuirtear ‘An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)’ in ionad an téacs;

(c)

i roinn (b) ‘Fungais agus úimícéití’, sa tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 2, scriostar pointe (a);

(d)

i roinn (c) ‘Feithidí agus fíneoga’, sa tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 14, cuirtear ‘(b) An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)’ in ionad phointe (b);

(e)

i roinn (c) ‘Feithidí agus fíneoga’, sa tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 15, cuirtear ‘(b) An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)’ in ionad phointe (b);

(f)

i roinn (c) ‘Feithidí agus fíneoga’, sa tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 19, cuirtear ‘(a) Éire’ in ionad phointe (a);

(g)

i roinn (c) ‘Feithidí agus fíneoga’, sa tríú colún ‘Criosanna cosanta’ de phointe 20, cuirtear ‘(b) An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)’ in ionad phointe (b);

(2)

Leasaítear an tábla in Iarscríbhinn IX mar a leanas:

(a)

i bpointe 1, leasaítear an tríú colún ‘Criosanna cosanta’ mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

An Iodáil (Abruzzo, Apúlia, Basilicata, Calabria, Campania (seachas bardais Agerola, Gragnano, Lettere, Pimonte agus Vico Equense i gcúige Napoli, Amalfi, Atrani, Conca dei Marini, Corbara, Furore, Maiori, Minori, Positano, Praiano, Ravello, Scala agus Tramonti i gcúige Salerno), Lazio, Liguria, an Lombaird (seachas cúigí Milano, Sondrio agus Varese, bardais Fara Gera d’Adda agus Pontirolo Nuovo i gcúige Bergamo, bardas Montevecchia i gcúige Lecco, bardais Bovisio Masciago, Ceriano Laghetto, Cesano Maderno, Cogliate, Desio, Limbiate, Nova Milanese agus Varedo i gcúige Monza agus Brianza, agus seachas na bardais (cé is moite de Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine) i gcúige Mantova), Marche (seachas bardais Colli al Metauro, Fano, Pesaro agus San Costanzo i gcúige Pesaro agus Urbino), Molise, an tSairdín, an tSicil (seachas bardais Cesarò i gcúige Messina, Adrano, Bronte agus Maniace i gcúige Catania agus Centuripe, Regalbuto agus Troina i gcúige Enna), an Tuscáin, Umbria, Valle d’Aosta, Veneto (seachas cúige Rovigo agus cúige na Veinéise, bardais Barbona, Boara Pisani, Castelbaldo, Masi, Piacenza d’Adige, S. Urbano agus Vescovana i gcúige Padova, agus bardais Albaredo d’Adige, Angiari, Arcole, Belfiore, Bevilacqua, Bonavigo, Boschi S. Anna, Bovolone, Buttapietra, Caldiero, Casaleone, Castagnaro, Castel d’Azzano, Cerea, Cologna Veneta, Concamarise, Erbè, Gazzo Veronese, Isola della Scala, Isola Rizza, Legnago, Minerbe, Mozzecane, Nogara, Nogarole Rocca, Oppeano, Palù, Povegliano Veronese, Pressana, Ronco all’Adige, Roverchiara, Roveredo di Guà, San Bonifacio, Sanguinetto, San Pietro di Morubbio, San Giovanni Lupatoto, Salizzole, San Martino Buon Albergo, Sommacampagna, Sorgà, Terrazzo, Trevenzuolo, Valeggio sul Mincio, Veronella, Villa Bartolomea, Villafranca di Verona, Vigasio, Zevio agus Zimella i gcúige Verona))’;

(ii)

scriostar pointí (h) agus (i);

(b)

i bpointe 2, leasaítear an tríú colún ‘Criosanna cosanta’ mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

An Iodáil (Abruzzo, Apúlia, Basilicata, Calabria, Campania (seachas bardais Agerola, Gragnano, Lettere, Pimonte agus Vico Equense i gcúige Napoli, Amalfi, Atrani, Conca dei Marini, Corbara, Furore, Maiori, Minori, Positano, Praiano, Ravello, Scala agus Tramonti i gcúige Salerno), Lazio, Liguria, an Lombaird (seachas cúigí Milano, Sondrio agus Varese, bardais Fara Gera d’Adda agus Pontirolo Nuovo i gcúige Bergamo, bardas Montevecchia i gcúige Lecco, bardais Bovisio Masciago, Ceriano Laghetto, Cesano Maderno, Cogliate, Desio, Limbiate, Nova Milanese agus Varedo i gcúige Monza agus Brianza, agus seachas na bardais (cé is moite de Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine) i gcúige Mantova), Marche (seachas bardais Colli al Metauro, Fano, Pesaro agus San Costanzo i gcúige Pesaro e Urbino), Molise, an tSairdín, an tSicil (seachas bardais Cesarò i gcúige Messina, Adrano, Bronte agus Maniace i gcúige Catania, agus Centuripe, Regalbuto agus Troina i gcúige Enna), an Tuscáin, Umbria, Valle d’Aosta, Veneto (seachas cúige Rovigo agus cúige na Veinéise, bardais Barbona, Boara Pisani, Castelbaldo, Masi, Piacenza d’Adige, S. Urbano agus Vescovana i gcúige Padova, agus bardais Albaredo d’Adige, Angiari, Arcole, Belfiore, Bevilacqua, Bonavigo, Boschi S. Anna, Bovolone, Buttapietra, Caldiero, Casaleone, Castagnaro, Castel d’Azzano, Cerea, Cologna Veneta, Concamarise, Erbè, Gazzo Veronese, Isola della Scala, Isola Rizza, Legnago, Minerbe, Mozzecane, Nogara, Nogarole Rocca, Oppeano, Palù, Povegliano Veronese, Pressana, Ronco all’Adige, Roverchiara, Roveredo di Guà, San Bonifacio, Sanguinetto, San Pietro di Morubbio, San Giovanni Lupatoto, Salizzole, San Martino Buon Albergo, Sommacampagna, Sorgà, Terrazzo, Trevenzuolo, Valeggio sul Mincio, Veronella, Villa Bartolomea, Villafranca di Verona, Vigasio, Zevio agus Zimella i gcúige Verona))’;

(ii)

scriostar pointí (h) agus (i);

(3)

Leasaítear an tábla in Iarscríbhinn X mar a leanas:

(a)

i bpointe 3, sa tríú colún ‘Ceanglais speisialta le haghaidh criosanna cosanta’, scriostar pointe (b);

(b)

i bpointe 3, leasaítear an ceathrú colún ‘Criosanna cosanta’ mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

An Iodáil (Abruzzo, Apúlia, Basilicata, Calabria, Campania (seachas bardais Agerola, Gragnano, Lettere, Pimonte agus Vico Equense i gcúige Napoli, Amalfi, Atrani, Conca dei Marini, Corbara, Furore, Maiori, Minori, Positano, Praiano, Ravello, Scala agus Tramonti i gcúige Salerno), Lazio, Liguria, an Lombaird (seachas cúigí Milano, Sondrio agus Varese, bardais Fara Gera d’Adda agus Pontirolo Nuovo i gcúige Bergamo, bardas Montevecchia i gcúige Lecco, bardais Bovisio Masciago, Ceriano Laghetto, Cesano Maderno, Cogliate, Desio, Limbiate, Nova Milanese agus Varedo i gcúige Monza agus Brianza, agus seachas na bardais (cé is moite de Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine) i gcúige Mantova), Marche (seachas bardais Colli al Metauro, Fano, Pesaro agus San Costanzo i gcúige Pesaro e Urbino), Molise, an tSairdín, an tSicil (seachas bardais Cesarò i gcúige Messina, Adrano, Bronte agus Maniace i gcúige Catania, agus Centuripe, Regalbuto agus Troina i gcúige Enna), an Tuscáin, Umbria, Valle d’Aosta, Veneto (seachas cúige Rovigo agus cúige na Veinéise, bardais Barbona, Boara Pisani, Castelbaldo, Masi, Piacenza d’Adige, S. Urbano agus Vescovana i gcúige Padova, agus bardais Albaredo d’Adige, Angiari, Arcole, Belfiore, Bevilacqua, Bonavigo, Boschi S. Anna, Bovolone, Buttapietra, Caldiero, Casaleone, Castagnaro, Castel d’Azzano, Cerea, Cologna Veneta, Concamarise, Erbè, Gazzo Veronese, Isola della Scala, Isola Rizza, Legnago, Minerbe, Mozzecane, Nogara, Nogarole Rocca, Oppeano, Palù, Povegliano Veronese, Pressana, Ronco all’Adige, Roverchiara, Roveredo di Guà, San Bonifacio, Sanguinetto, San Pietro di Morubbio, San Giovanni Lupatoto, Salizzole, San Martino Buon Albergo, Sommacampagna, Sorgà, Terrazzo, Trevenzuolo, Valeggio sul Mincio, Veronella, Villa Bartolomea, Villafranca di Verona, Vigasio, Zevio agus Zimella i gcúige Verona))’;

(ii)

scriostar pointí (h) agus (i);

(c)

i bpointe 9, sa tríú colún ‘Ceanglais speisialta le haghaidh criosanna cosanta’, scriostar pointe (c);

(d)

i bpointe 9, leasaítear an ceathrú colún ‘Criosanna cosanta’ mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

An Iodáil (Abruzzo, Apúlia, Basilicata, Calabria, Campania (seachas bardais Agerola, Gragnano, Lettere, Pimonte agus Vico Equense i gcúige Napoli, Amalfi, Atrani, Conca dei Marini, Corbara, Furore, Maiori, Minori, Positano, Praiano, Ravello, Scala agus Tramonti i gcúige Salerno), Lazio, Liguria, an Lombaird (seachas cúigí Milano, Sondrio agus Varese, bardais Fara Gera d’Adda agus Pontirolo Nuovo i gcúige Bergamo, bardas Montevecchia i gcúige Lecco, bardais Bovisio Masciago, Ceriano Laghetto, Cesano Maderno, Cogliate, Desio, Limbiate, Nova Milanese agus Varedo i gcúige Monza agus Brianza, agus seachas na bardais (cé is moite de Acquanegra Sul Chiese, Asola, Bozzolo, Canneto sull’Oglio, Casalromano, Marcaria, Mariana Mantovana, Redondesco, Rivarolo Mantovano agus San Martino dall’Argine) i gcúige Mantova), Marche (seachas bardais Colli al Metauro, Fano, Pesaro agus San Costanzo i gcúige Pesaro e Urbino), Molise, an tSairdín, an tSicil (seachas bardais Cesarò i gcúige Messina, Adrano, Bronte agus Maniace i gcúige Catania, agus Centuripe, Regalbuto agus Troina i gcúige Enna), an Tuscáin, Umbria, Valle d’Aosta, Veneto (seachas cúige Rovigo agus cúige na Veinéise, bardais Barbona, Boara Pisani, Castelbaldo, Masi, Piacenza d’Adige, S. Urbano agus Vescovana i gcúige Padova, agus bardais Albaredo d’Adige, Angiari, Arcole, Belfiore, Bevilacqua, Bonavigo, Boschi S. Anna, Bovolone, Buttapietra, Caldiero, Casaleone, Castagnaro, Castel d’Azzano, Cerea, Cologna Veneta, Concamarise, Erbè, Gazzo Veronese, Isola della Scala, Isola Rizza, Legnago, Minerbe, Mozzecane, Nogara, Nogarole Rocca, Oppeano, Palù, Povegliano Veronese, Pressana, Ronco all’Adige, Roverchiara, Roveredo di Guà, San Bonifacio, Sanguinetto, San Pietro di Morubbio, San Giovanni Lupatoto, Salizzole, San Martino Buon Albergo, Sommacampagna, Sorgà, Terrazzo, Trevenzuolo, Valeggio sul Mincio, Veronella, Villa Bartolomea, Villafranca di Verona, Vigasio, Zevio agus Zimella i gcúige Verona))’;

(ii)

scriostar pointí (h) agus (i);

(e)

i bpointí 20, 21, 45 agus 52, sa cheathrú colún ‘Criosanna cosanta’, scriostar pointe (a).


19.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1788 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear do na speicis agus do na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas.

(4)

Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach anois na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr agus táirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

Tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún faoi thrí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éanlaith chlóis, i limistéir chomhairle Aberdeenshire, Albain, agus Cheshire agus Staffordshire, Sasana, ráigeanna a deimhníodh le hanailís saotharlainne (ISP cúl-trascrioptáise) an 10 Meán Fómhair 2023, an 8 Meán Fómhair 2023 agus an 7 Meán Fómhair 2023, faoi seach.

(6)

Tar éis na ráigeanna deireanacha sin den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.

(7)

Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch agus maidir leis na bearta atá déanta aici chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc.

(8)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim sna limistéir sin a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint.

(9)

Chuir na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le staideanna eipidéimeolaíocha ar a gcríoch i ndáil leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach roinnt táirgí san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(10)

Chuir na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch i ndáil le trí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i stáit Nua-Eabhrac, ráigeanna a deimhníodh idir an 25 Iúil 2023 agus an 3 Lúnasa 2023.

(11)

Chuir na Stáit Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinneadh chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin den ghalar sin, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag na Stáit Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme ar a gcríoch.

(12)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir na Stáit Aontaithe isteach. Measann an Coimisiún go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha ag na Stáit Aontaithe nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis leis na fionraí, agus, dá bhrí sin, maidir leis na tráchtearraí éanlaithe clóis ó na criosanna lena mbaineann sna Stáit Aontaithe óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, ba cheart a dteacht isteach san Aontas a athúdarú.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.

(14)

Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair sa Ríocht Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil leis na Stáit Aontaithe a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.456, US-2.457 agus US-2.458:

US

Na Stáit Aontaithe

US-2.456

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

25.7.2023

6.9.2023

US-2.457

N, P1

 

29.7.2023

6.9.2023

US-2.458

N, P1

 

3.8.2023

6.9.2023’

(ii)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.318, GB-2.319 agus GB-2.220 tar éis an ró le haghaidh chrios GB-2.317:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.318

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

7.9.2023

 

GB-2.319

N, P1

 

8.9.2023

 

GB-2.320

N, P1

 

10.9.2023’

 

(b)

i gCuid 2, san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna GB-2.318, GB-2.319 agus GB-2.320 tar éis na tuairisce ar chrios GB-2.317:

‘An Ríocht Aontaithe

GB-2.318

near Uttoxeter, East Staffordshire, Staffordshire, England, GB

The area contained within a circle of a radius of 10km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N52.87 and Long: W1.91

GB-2.319

near Warrington, South Warrington, Cheshire, England, GB

The area contained within a circle of a radius of 10km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N53.34 and Long: W2.60

GB-2.320

near Peterhead, Aberdeenshire, Scotland, GB

The area contained within a circle of a radius of 10km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N57.53 and Long: W1.94’

(2)

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(a)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.456, US-2.457 agus US-2.458:

US

Na Stáit Aontaithe

US-2.456

POU, RAT

N, P1

 

25.7.2023

6.9.2023

GBM

P1

 

25.7.2023

6.9.2023

US-2.457

POU, RAT

N, P1

 

29.7.2023

6.9.2023

GBM

P1

 

29.7.2023

6.9.2023

US-2.458

POU, RAT

N, P1

 

3.8.2023

6.9.2023

GBM

P1

 

3.8.2023

6.9.2023’

(b)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.318, GB-2.319 agus GB-2.320 tar éis na rónna le haghaidh chrios GB-2.317:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.318

POU, RAT

N, P1

 

7.9.2023

 

GBM

P1

 

7.9.2023

 

GB-2.319

POU, RAT

N, P1

 

8.9.2023

 

GBM

P1

 

8.9.2023

 

GB-2.320

POU, RAT

N, P1

 

10.9.2023

 

GBM

P1

 

10.9.2023’.

 


CINNTÍ

19.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/12


CINNEADH (CBES) 2023/1789 ón gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 14 Meán Fómhair 2023

maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh do mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/614 (EUMPM Niger/2/2023)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/2444 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir le misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2022/2444, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean EUMPM Niger a cheapadh (‘Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh’).

(2)

An 14 Márta 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/614 (2) lena gceaptar an Coirnéal Antonio D’AGOSTINO mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUPM Niger.

(3)

An 17 Lúnasa 2023, mhol údaráis mhíleata na hIodáile go gceapfaí an Coirnéal Antonio STASI chun teacht i gcomharbas ar an gCoirnéal Antonio D’AGOSTINO mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ón 19 Meán Fómhair 2023.

(4)

An 23 Lúnasa 2023, thacaigh Ceannasaí Mhisean EUMPM Niger leis an moladh sin.

(5)

An 23 Lúnasa 2023, mhol Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh go gceapfaí an Coirnéal Antonio STASI mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ón 19 Meán Fómhair 2023.

(6)

Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an gCoirnéal Antonio STASI a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ón 19 Meán Fómhair 2023 agus ba cheart Cinneadh (CBES) 2023/614 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar an Coirnéal Antonio STASI mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) ón 19 Meán Fómhair 2023.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2023/614 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 19 Meán Fómhair 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséal, an 14 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 319, 13.12.2022, lch. 86.

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/614 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 14 Márta 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh do mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) (EUMPM Niger/1/2023) (IO L 80, 20.3.2023, lch. 93).


19.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/14


CINNEADH (CBES) 2023/1790 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 14 Meán Fómhair 2023

maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar Mhisean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i Mósaimbíc (EUTM Mhósaimbíc), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1482 (EUTM Mozambique/2/2023)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/1143 ón gComhairle an 12 Iúil 2021 maidir le Misean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i Mósaimbíc (EUTM Mhósaimbíc) (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2021/1143, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí a dhéanamh maidir le rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach EUTM Mhósaimbíc, lena n-áirítear na cinntí ábhartha maidir le Ceannasaithe Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar EUTM Mhósaimbíc.

(2)

Le Cinneadh (CBES) 2022/1482 (2), cheap an Coiste Polaitiúil agus Slándála an Ceannasóir Rogério Paulo Figueira MARTINS DE BRITO mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar Mhisean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i Mósaimbíc (EUTM Mhósaimbíc).

(3)

An 14 Iúil 2023, mhol údaráis na Portaingéile go dtiocfadh an Briogáidire-Ghinearál João CARLOS de BASTOS JORGE GONÇALVES i gcomharbas ar an gCeannasóir Rogério Paulo Figueira MARTINS DE BRITO mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM Mhósaimbíc ón 15 Meán Fómhair 2023.

(4)

An 27 Iúil 2023, thacaigh Ceannasaí Misin an Aontais leis an togra sin.

(5)

An 31 Iúil 2023, mhol Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh go gceapfaí an Briogáidire-Ghinearál João CARLOS de BASTOS JORGE GONÇALVES mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ón 15 Meán Fómhair 2023.

(6)

Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBriogáidire-Ghinearál João CARLOS de BASTOS JORGE GONÇALVES a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa Mhisean EUTM Mhósaimbíc ón 15 Meán Fómhair 2023 agus ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/1482 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Briogáidire-Ghinearál João CARLOS de BASTOS JORGE GONÇALVES a cheapadh ina Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar Mhisean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i Mósaimbíc (EUTM Mhósaimbíc) ón 15 Meán Fómhair 2023.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2022/1482 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meán Fómhair 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 247, 13.7.2021, lch. 93.

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/1482 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 25 Lúnasa 2022 maidir le Misean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i Mósaimbíc (EUTM Mhósaimbíc) (EUTM Mhósaimbíc/1/2022) (IO L 233, 8.9.2022, lch. 50).