ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 221I |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
|
CINNTÍ |
|
|
* |
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
8.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 221/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1715 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meán Fómhair 2023
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/1998. |
(2) |
An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach den Aontas agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine. |
(3) |
Ní aithníonn an tAontas ionghabháil neamhdhleathach na Críme agus Sevastopol a rinne Cónaidhm na Rúise, agus leanann sé de bheith á cáineadh mar shárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta. Tá an tAontas fós daingean ina thiomantas do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus tá sé tiomanta a bheartas neamhaitheantais a chur chun feidhme ina iomláine. |
(4) |
Is cúis imní don Aontas é go bhfuil staid chearta an duine i leithinis na Crimé ag dul in olcas i gcónaí, go háirithe i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin. |
(5) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart seisear a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine nádúrtha’) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998:
|
Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine) |
Ainmneacha |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
‘63. |
Elena Victorovna PODOLNAYA |
Елена Викторовна ПОДОЛЬНАЯ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ionchúisitheoir Rúiseach; Leas-Ionchúisitheoir ag ‘Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé’ Dáta breithe: 5.9.1978 Inscne: baineann Uimhir aitheantais chánach: 261803847664 |
Is Leas-Ionchúisitheoir í Elena Podolnaya ag ‘Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé’ arna bunú ag fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac Elena Podolnaya páirt sna himeachtaí cúirte arb í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne Vladyslav Yesypenko, iriseoir, agus mhol sí pianbhreith príosúnachta 11 bhliain dó. Gearradh téarma príosúnachta 6 bliana ar Vladyslav Yesypenko. Dhírigh na himeachtaí cúirte i gcoinne Vladyslav Yesypenko ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh faoin Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
8.9.2023 |
64. |
Denis Vladimirovich KOROVIN |
Денис Владимирович КОРОВИН (litriú Rúisise) |
Post/poist: Oifigeach de Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) Inscne: fireann |
Is oifigeach de Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) é Denis Korovin. Ina phost, ghlac sé páirt i gcéasadh Vladyslav Yesypenko, iriseoir, ar gearradh téarma príosúnachta 6 bliana air. Dhírigh na himeachtaí cúirte i gcoinne Denis Korovin ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh faoin Úcráine. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n áirítear céasadh, íde mhídhaonna agus tháireach, agus sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
8.9.2023 |
65 |
Dliaver Memetovich BERBEROV |
Длявер Меметович БЕРБЕРОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh ag ‘Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé’ Dáta breithe: 17.8.1978 Áit bhreithe: an Úisbéiceastáin Inscne: fireann |
Is breitheamh é Dliaver Berberov ag ‘Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé’ arna bunú ag fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac sé páirt sna himeachtaí arb í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne Vladyslav Yesypenko, iriseoir. An 16 Feabhra 2021, d’fhógair Dliaver Berberov fíorasc chás Vladyslav Yesypenko agus ghearr sé téarma príosúnachta 6 bliana air. |
8.9.2023 |
|
|
|
Seoladh: 6 Turkenicha St., Simferopol, an Chríme, An Úcráin АР Крим, г. Симферополь, ул. Туркенича 6 Cód DRFO: 2871801456 |
Dhírigh na himeachtaí cúirte i gcoinne Vladyslav Yesypenko ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh faoin Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh |
|
66. |
Vitaliy Olegovich VLASOV |
Виталий Олегович ВЛАСОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Imscrúdaitheoir ag Seirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) Dáta breithe: 7.5.1986 Áit bhreithe: Shimanovsk/Amur Oblast/Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is imscrúdaitheoir ag Seirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) é Vitaliy Vlasov. Sa phost sin, bhí sé i mbun na n-imscrúduithe i gcásanna an iriseora Vladyslav Yesypenko, i gcásanna bhaill de phobal Tatarach na Crimé sa Chrimé, lena n-áirítear Nariman Dzhelyalov, agus i gcásanna bhaill d’Fhinnéithe Iehova, lena n-áirítear Aleksandr Dubovenko agus Aleksandr Litvinyuk. Sa chomhthéacs sin, bhí baint ag Vlasov leis na feachtais ghéarleanúna chórasacha lena ndírítear ar phobal Tatarach na Crimé agus ar bhaill d’Fhinnéithe Iehova as a gcreideamh reiligiúnach. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear céasadh, íde mhídhaonna agus tháireach, gabháil agus coinneáil threallach, sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
8.9.2023 |
67. |
Viktor Viktorovich KRAPKO |
Виктор Викторович КРАПКО (litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh de ‘Chúirt Uachtarach Phoblacht na Crimé’; Iar-Bhreitheamh i gCúirt Dúiche Chív Simferopol Dáta breithe: 22.1.1989 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh é Viktor Krapko ag ‘Cúirt Uachtarach Phoblacht na Crimé’ arna bunú fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac sé páirt sna himeachtaí cúirte arb í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne Vladyslav Yesypenko, iriseoir, agus Nariman Dzhelyalov, Tatarach na Crimé. Tá Krapko freagrach freisin as cuardaigh a údarú i dtithe bhaill d’Fhinnéithe Iehova in 2021 sa Chrimé atá faoi fhorghabháil ag an Rúis. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. Sa chomhthéacs sin, bhí baint ag Krapko leis na feachtais ghéarleanúna chórasacha lena ndírítear ar phobal Tatarach agus ar bhaill d’Fhinnéithe Iehova na Crimé as a gcreideamh reiligiúnach. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
8.9.2023 |
68. |
Anastasia Ivanovna SUPRYAGA |
Анастасия Ивановна СУПРЯГА (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ionchúisitheoir in ‘Oifig an Ionchúisitheora na Crimé’ Dáta breithe: 15.3.1983 Áit bhreithe: Vinohradove, ceantar Saksky, Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé, an Úcráin Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is ionchúisitheoir í Anastasia Supryaga in ‘Oifig Ionchúisitheora na Crimé’ a bhunaigh fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac sí páirt in imeachtaí cúirte arb í an pholaitíocht ba shiocair leo agus in ionchúiseamh Akhtem Chiygoz, leas-Chathaoirleach Mejlis de chuid phobal Thatarach na Crimé, agus baill de phobal Tatarach na Crimé, lena n-áirítear Nariman Dzhelyalov. Sa chomhthéacs sin, bhí baint ag Supryaga leis na feachtais ghéarleanúna chórasacha lenar díríodh ar phobal Tatarach na Crimé agus ar bhaill d’Fhinnéithe Iehova as a gcreideamh reiligiúnach. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear gabháil nó coinneáil threallach. |
8.9.2023’ |
CINNTÍ
8.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 221/6 |
CINNEADH (CBES) 2023/1716 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999. |
(2) |
An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach den Aontas agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine. |
(3) |
Ní aithníonn an tAontas ionghabháil neamhdhleathach na Críme agus Sevastopol a rinne Cónaidhm na Rúise, agus leanann sé de bheith á cáineadh mar shárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta. Tá an tAontas fós daingean ina thiomantas do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus tá sé tiomanta a bheartas neamhaitheantais a chur chun feidhme ina iomláine. |
(4) |
Is cúis imní don Aontas é go bhfuil staid chearta an duine i leithinis na Crimé ag dul in olcas i gcónaí, go háirithe i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin. |
(5) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart seisear a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine nádúrtha’) san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999:
|
Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine) |
Ainmneacha |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
‘63. |
Elena Victorovna PODOLNAYA |
Елена Викторовна ПОДОЛЬНАЯ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ionchúisitheoir Rúiseach; Leas-Ionchúisitheoir ag ‘Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé’ Dáta breithe: 5.9.1978 Inscne: baineann Uimhir aitheantais chánach: 261803847664 |
Is Leas-Ionchúisitheoir í Elena Podolnaya ag ‘Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé’ arna bunú ag fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac Elena Podolnaya páirt sna himeachtaí cúirte arb í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne Vladyslav Yesypenko, iriseoir, agus mhol sí pianbhreith príosúnachta 11 bhliain dó. Gearradh téarma príosúnachta 6 bliana ar Vladyslav Yesypenko. Dhírigh na himeachtaí cúirte i gcoinne Vladyslav Yesypenko ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh faoin Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
8.9.2023 |
64. |
Denis Vladimirovich KOROVIN |
Денис Владимирович КОРОВИН (litriú Rúisise) |
Post/poist: Oifigeach de Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) Inscne: fireann |
Is oifigeach de Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) é Denis Korovin. Ina phost, ghlac sé páirt i gcéasadh Vladyslav Yesypenko, iriseoir, ar gearradh téarma príosúnachta 6 bliana air. Dhírigh na himeachtaí cúirte i gcoinne Denis Korovin ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh faoin Úcráine. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n áirítear céasadh, íde mhídhaonna agus tháireach, agus sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
8.9.2023 |
65 |
Dliaver Memetovich BERBEROV |
Длявер Меметович Берберов (litriú Rúisise) |

8.9.2023’. |