ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 210

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
25 Lúnasa 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1656 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lotnaidicídí agus ceimiceáin thionsclaíocha a liostú ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2023/1657 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2023 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh trosc in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 i gcás soithí a bhfuil bratach na Spáinne ar foluain acu

11

 

*

Rialachán (AE) 2023/1658 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2023 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roc dústríoctha in uiscí an Aontais i gcrios 9 maidir le soithí a bhfuil bratach na Spáinne ar foluain acu

14

 

*

Rialachán (AE) 2023/1659 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2023 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh mairlíní gorma Atlantacha san Aigéan Atlantach i gcás soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu

17

 

*

Rialachán (AE) 2023/1660 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2023 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roc dústríoctha in uiscí an Aontais i limistéar 8 i gcás soithí a bhfuil bratach na Spáinne ar foluain acu

20

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1661 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2023 lena ndéantar asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2023 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin

23

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1662 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2023 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal Cultúr, oideachas, teanga agus traidisiúin na hÚcráine a chaomhnú agus a fhorbairt i mBallstáit an Aontais de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

30

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

25.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 210/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1656 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lotnaidicídí agus ceimiceáin thionsclaíocha a liostú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (1), agus go háirithe Airteagal 23(4), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012, cuirtear i bhfeidhm Coinbhinsiún Rotterdam maidir leis an Nós Imeachta um Thoiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceáin Ghuaiseacha agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (2) (‘Coinbhinsiún Rotterdam’).

(2)

Le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1379 (3) agus (AE) 2022/94 (4), chinn an Coimisiún gan formheas na substaintí famocsadón agus foismeit, faoi seach, a athnuachan mar shubstaintí gníomhacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Is é éifeacht an chinnidh sin go bhfuil toirmeasc ar úsáid na substaintí famocsadón agus foismeit sa chatagóir ‘lotnaidicídí’, ós rud é nár formheasadh iad le haghaidh aon úsáid eile sa chatagóir sin. Dá bhrí sin, ba cheart famocsadón agus foismeit a chur le liostaí na gceimiceán a leagtar amach i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(3)

Trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2081 (6), chinn an Coimisiún gan formheas na substainte iondocsacarb a athnuachan mar shubstaint ghníomhach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Tá an cinneadh sin ina shrian mór ar úsáid na substainte sin ar leibhéal na catagóire ‘lotnaidicídí’ de bhrí, faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), nach bhformheastar úsáid iondocsacarb i dtáirgí bithicídeacha ach amháin le haghaidh chineál táirge 18 san fhochatagóir ‘lotnaidicíd eile lena n-áirítear bithicídí’. Dá bhrí sin, ba cheart iondocsacarb a chur le liostaí na gceimiceán a leagtar amach i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/795 (8), chinn an Coimisiún an formheas ar an tsubstaint alfa-cipirmeitrin mar shubstaint ghníomhach faoi Rialachán (AE) Uimh. 1107/2009 a tharraingt siar. Is é éifeacht an chinnidh sin go bhfuil toirmeasc ar alfa-cipirmeitrin a úsáid san fhochatagóir ‘lotnaidicíd sa ghrúpa táirgí cosanta plandaí’. Ina theannta sin, aicmiú comhchuibhithe alfa-cipirmeitrine faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), tá an t-aicmiú sin ina fhianaise leordhóthanach gur údar imní maidir le sláinte an duine nó an comhshaol atá sa tsubstaint sin. Dá bhrí sin, ba cheart alfa-cipirmeitrin a chur leis an liosta ceimiceán a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(5)

Tharraing an tionscal siar an tsubstaint ghníomhach brómaidé-ólón ón bpróiseas formheasa faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Is é éifeacht na tarraingthe siar sin go bhfuil toirmeasc ar úsáid brómaidé-ólóin san fhochatagóir ‘lotnaidicíd sa ghrúpa táirgí cosanta plandaí’. Ina theannta sin, aicmiú comhchuibhithe brómaidé-ólóin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, tá an t-aicmiú sin ina fhianaise leordhóthanach gur údar imní maidir le sláinte an duine nó leis an gcomhshaol atá sa tsubstaint sin. Dá bhrí sin, ba cheart brómaidé-ólón a chur leis an liosta ceimiceán a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(6)

Tharraing an tionscal siar an tsubstaint ghníomhach meatam-sóidiam ón bpróiseas formheasa faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Is é éifeacht na tarraingthe siar sin go bhfuil toirmeasc ar gach úsáid meatam-sóidiam san fhochatagóir ‘lotnaidicíd eile lena n-áirítear bithicídí’. Ina theannta sin, aicmiú comhchuibhithe na substainte sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, tá an t-aicmiú sin ina fhianaise leordhóthanach gur údar imní maidir le sláinte an duine nó leis an gcomhshaol atá sa tsubstaint sin. Dá bhrí sin, ba cheart meatam-sóidiam a chur leis an liosta ceimiceán a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(7)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/782 (10), chinn an Coimisiún an formheas ar an tsubstaint isipiorasam mar shubstaint ghníomhach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a tharraingt siar. Is é éifeacht an chinnidh sin go bhfuil toirmeasc ar gach úsáid isipiorasam sa chatagóir ‘lotnaidicídí’, ós rud é nár formheasadh é le haghaidh aon úsáid eile sa chatagóir sin. Dá bhrí sin, ba cheart isipiorasam a chur le liostaí na gceimiceán a leagtar amach i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(8)

Tharraing an tionscal siar an tsubstaint ghníomhach dé-úrón ón bpróiseas formheasa faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Is é éifeacht na tarraingthe siar go bhfuil úsáid dé-úróin an-teoranta ar leibhéal na catagóire ‘lotnaidicídí’ de bhrí, faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, nach gceadaítear úsáid dé-úróin i dtáirgí bithicídeacha ach amháin le haghaidh chineáil táirge 7 agus 10 san fhochatagóir ‘lotnaidicíd eile lena n-áirítear bithicídí’. Ina theannta sin, aicmiú comhchuibhithe dé-úróin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, tá an t-aicmiú sin ina fhianaise leordhóthanach gur údar imní maidir le sláinte an duine nó leis an gcomhshaol atá sa tsubstaint sin. Dá bhrí sin, ba cheart dé-úrón a chur le liostaí na gceimiceán a leagtar amach i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(9)

Tharraing an tionscal siar ón bpróiseas formheasa faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 na substaintí gníomhacha asamsulfúrón, cairbeataimíd, carbocsain, ciopróconasól, eitimeatsulfúrón-meitil, eitrídhé-asól, feinabúconasól, flucuineonasól, lúifeanúrón, meatasulam, míoclóbútainil, peinciocúrón, próclóras, prófocsaidim, spiridhéchlóifein agus trífhlumasól. Is é éifeacht na tarraingthe siar sin go bhfuil toirmeasc ar úsáid na substaintí sin sa chatagóir ‘lotnaidicídí’, ós rud é nár formheasadh iad le haghaidh aon úsáid eile sa chatagóir sin. Ina theannta sin, aicmiú comhchuibhithe na substaintí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, tá an t-aicmiú sin ina fhianaise leordhóthanach gur údar imní maidir le sláinte an duine nó leis an gcomhshaol iad na substaintí sin. Dá bhrí sin, ba cheart a substaintí sin a chur le liostaí na gceimiceán a leagtar amach i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(10)

Le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2018/622 (11), (AE) 2020/1765 (12) agus (AE) 2021/98 (13), chinn an Coimisiún gan na substaintí clóraiféin agus eisbitrin a fhormheas mar shubstaintí gníomhacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Is é éifeacht an chinnidh sin go bhfuil toirmeasc ar gach úsáid clóraiféine agus eisbitrine sa chatagóir ‘lotnaidicídí’, ós rud é nár formheasadh na substaintí sin le haghaidh aon úsáid eile sa chatagóir sin. Dá bhrí sin, ba cheart clóraiféin agus eisbitrin a chur le liostaí na gceimiceán a leagtar amach i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(11)

Tharraing an tionscal siar an tsubstaint ghníomhach feanocsacarb ó na próisis formheasa faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Is é éifeacht na dtarraingtí siar sin go bhfuil toirmeasc ar úsáid feanocsacarb sa chatagóir ‘lotnaidicídí’. Ina theannta sin, aicmiú comhchuibhithe feanocsacarb faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, tá an t-aicmiú sin ina fhianaise leordhóthanach gur údar imní maidir le sláinte an duine nó leis an gcomhshaol atá sa tsubstaint sin. Dá bhrí sin, ba cheart feanocsacarb a chur le liostaí na gceimiceán a leagtar amach i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(12)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/172 ón gCoimisiún (14), cuireadh an tsubstaint trífhlumúrón leis an liosta ceimiceán a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012, bunaithe ar thoirmeasc san fhochatagóir ‘lotnaidicíd eile lena n-áirítear bithicídí’. Ina theannta sin, tharraing an tionscal an tsubstaint ghníomhach trífhlumúrón siar ón bpróiseas formheasa faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus tá conclúidí an mheasúnaithe riosca faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ina bhfianaise leordhóthanach gur údar imní maidir le sláinte an duine nó leis an gcomhshaol atá sa tsubstaint sin, rud atá ina thoirmeasc san fhochatagóir ‘lotnaidicíd sa ghrúpa táirgí cosanta plandaí’. Dá bhrí sin, tá toirmeasc ar gach úsáid trífhlumúróin sa chatagóir ‘lotnaidicídí’ agus ba cheart é a chur leis an liosta ceimiceán a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(13)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1078/2014 ón gCoimisiún (15), cuireadh an tsubstaint ciafluitrin leis an liosta ceimiceán a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012, bunaithe ar thoirmeasc san fhochatagóir ‘lotnaidicíd sa ghrúpa táirgí cosanta plandaí’. Tá an toirmeasc sin ina shrian mór ar úsáid na substainte sin ar leibhéal na catagóire ‘lotnaidicídí’ de bhrí, faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 nach bhformheastar úsáid ciafluitrine i dtáirgí bithicídeacha ach amháin le haghaidh chineál táirge 18 san fhochatagóir ‘lotnaidicíd eile lena n-áirítear bithicídí’. Dá bhrí sin, ba cheart ciafluitrin a chur leis an liosta ceimiceán a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(14)

Níl na substaintí clóirfeinveanfos agus tearbúfos formheasta mar shubstaintí gníomhacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus níl na substaintí sin formheasta mar shubstaintí gníomhacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Dá bhrí sin, tá toirmeasc ar gach úsáid clóirfeinveanfos agus tearbúfos sa chatagóir ‘lotnaidicídí’ agus ba cheart iad a liostú i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012. Ós rud é go liostaítear clóirfeinveanfos agus tearbúfos cheana i gCuid 1 cheana ba cheart iad a chur leis an liosta ceimiceán a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(15)

Na substaintí 1-brómaprópán, taláit dé-isipeintile, aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, eistir ailcile dé-C6-8 bhrianseacha, ar mhórán C7, aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, eistir ailcile di-C7-11 bhrianseacha agus líneacha, aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, dépheintileistear, brainseach agus líneach, taláit bhis(2-meitocsa-eitil), taláit dépheintile agus taláit n-peintil-isipeintile, liostaítear na substaintí sin in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) ós rud é gur sainaithníodh iad roimhe sin mar shubstaintí arb údar mór imní iad. Dá thoradh sin, tá na substaintí sin faoi réir a n-údaraithe i gcomhréir le Teideal VII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Ós rud é nár deonaíodh aon údarú, tá srian mór ar na substaintí sin le haghaidh úsáid thionsclaíoch. Dá bhrí sin, ba cheart a substaintí sin a chur le liostaí na gceimiceán a leagtar amach i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(16)

Ag a deichiú cruinniú a tionóladh ón 6 go dtí an 17 Meitheamh 2022, chinn Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Rotterdam éitear deacabrómaidhéfheinile agus aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara, a áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin, rud a d’fhág na ceimiceáin sin faoi réir an nós imeachta um thoiliú feasach a chur in iúl roimh ré faoin gCoinbhinsiún sin. Dá bhrí sin, ba cheart na ceimiceáin sin a chur leis an liosta ceimiceán a leagtar amach i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012. Ós rud é go liostaítear cheana féin éitear deacabrómaidhéfheinile agus aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ba cheart na ceimiceáin sin a bhaint den liosta ceimiceán a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012.

(17)

Ba cheart na hiontrálacha maidir le brómocsainil, eapocsaconasól agus eatocsaláití naoinilfeanóil a áirítear sna liostaí ceimiceán a leagtar amach i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a leasú tríd an raon feidhme a shoiléiriú nó trí aitheantóirí uimhriúla breise a chur leo d’fhonn cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 a éascú.

(18)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 a leasú dá réir.

(19)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach a thabhairt do pháirtithe leasmhara chun na bearta is gá a dhéanamh chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus do na Ballstáit chun na bearta is gá a dhéanamh chun é a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2023 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 201, 27.7.2012, lch. 60.

(2)   IO L 63, 6.3.2003, lch. 29.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1379 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí famocsadón i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 297, 20.8.2021, lch. 32).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/94 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí foismeit, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 16, 25.1.2022, lch. 33).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2081 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí iondocsacarb, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 426, 29.11.2021, lch. 28).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/795 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2021 lena dtarraingeofar siar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach alfa-cipirmeitrin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún(IO L 174, 18.5.2021, lch. 2).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/782 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 lena dtarraingítear siar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach isipiorasam i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1037/2012 ón gCoimisiún (IO L 140, 19.5.2022, lch. 3).

(11)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/622 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2018 gan clóraiféin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 3 (IO L 102, 23.4.2018, lch. 80).

(12)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1765 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 gan clóraiféin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2 (IO L 397, 26.11.2020, lch. 24).

(13)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/98 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2021 gan eisbitrin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (IO L 31, 29.1.2021, lch. 214).

(14)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/172 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2017 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (IO L 32, 6.2.2018, lch. 6).

(15)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1078/2014 ón gCoimisiún an 7 Lúnasa 2014 lena n-aisghairtear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (IO L 297, 15.10.2014, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena gcruthaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 mar a leanas:

(1)

i gCuid 1, sa tábla, cuirtear na hiontrálacha a leanas léi:

Ceimiceán

Uimh. CAS

Uimh. CE

Cód AC(***)

Fochatagóir (*)

Teorainn ar úsáid (**)

Tíortha nach n-éilítear aon fhógra ina leith

‘1-Brómaprópán (bróimíd n-próipile) (+)

106-94-5

203-445-0

ex 2903 69 19

i(1)-i(2)

sr-b

 

Aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, eistir ailcile dé-C6-8 bhrianseacha, ar mhórán C7 (+)

71888-89-6

276-158-1

ex 2917 34 00

i(1)-i(2)

sr-b

 

Aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, eistir ailcile dé-C7-11 bhrianseacha agus líneacha (+)

68515-42-4

271-084-6

ex 2917 34 00

i(1)-i(2)

sr-b

 

Aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, eistear dépheintile, brainseach agus líneach (+)

84777-06-0

284-032-2

ex 2917 34 00

i(1)-i(2)

sr-b

 

Alfa-cipirmeitrin

67375-30-8

 

ex 2926 90 70

p(1)

b

 

Asamsulfúrón (+)

120162-55-2

 

ex 2935 90 90

p(1)

b

 

Taláit bhis(2-meitocsa-eitil) (+)

117-82-8

204-212-6

ex 2917 34 00

i(1)-i(2)

sr-b

 

Brómaidé-ólón

28772-56-7

249-205-9

ex 2932 20 90

p(1)

b

 

Cairbeataimíd (+)

16118-49-3

240-286-6

ex 2924 29 70

p(1)

b

 

Carbocsain (+)

5234-68-4

226-031-1

ex 2934 99 90

p(1)

b

 

Clóraiféin (+)

120-32-1

204-385-8

ex 2908 19 00

p(2)

b

 

Ciopróconasól (+)

94361-06-5

 

ex 2933 99 80

p(1)

b

 

Taláit dé-isipeintile (+)

605-50-5

210-088-4

ex 2917 34 00

i(1)-i(2)

sr-b

 

Taláit dépheintile (+)

131-18-0

205-017-9

ex 2917 34 00

i(1)-i(2)

sr-b

 

Dé-úrón (+)

330-54-1

206-354-4

ex 2924 21 00

p(1)

b

 

Eisbitrin (+)

260359-57-7

 

ex 2916 20 00

p(2)

b

 

Eitimeatsulfúrón-meitil (+)

97780-06-8

 

ex 2935 90 90

p(1)

b

 

Eitrídhé-asól (+)

2593-15-9

219-991-8

ex 2934 99 90

p(1)

b

 

Famocsadón (+)

131807-57-3

 

ex 2934 99 90

p(1)

b

 

Feanbúconasól (+)

114369-43-6

406-140-2

ex 2933 99 80

p(1)

b

 

Feanocsacarb (+)

72490-01-8

276-696-7

ex 2924 29 70

p(1)-p(2)

b-b

 

Flucuineonasól (+)

136426-54-5

411-960-9

ex 2933 59 95

p(1)

b

 

Iondocsacarb (+)

173584-44-6

144171-61-9

 

ex 2934 99 90

p(1)

b

 

Isipiorasam (+)

881685-58-1

 

ex 2933 19 90

p(1)

b

 

Lúifeanúrón (+)

103055-07-8

410-690-9

ex 2924 21 00

p(1)

b

 

Meatam-sóidiam

137-42-8

205-293-0

ex 2930 20 00

p(2)

b

 

Meatasulam (+)

139528-85-1

410-240-1

ex 2935 90 30

p(1)

b

 

Míoclóbútainil (+)

88671-89-0

410-400-0

ex 2933 99 80

p(1)

b

 

taláit n-peintil-isipeintile (+)

776297-69-9

 

ex 2917 34 00

i(1)-i(2)

sr-b

 

Peinciocúrón (+)

66063-05-6

266-096-3

ex 2924 21 00

p(1)

b

 

Foismeit (+)

732-11-6

211-987-4

ex 2930 90 98

p(1)

b

 

Próclóras (+)

67747-09-5

266-994-5

ex 2933 29 90

p(1)

b

 

Prófocsaidim (+)

139001-49-3

 

ex 2934 99 90

p(1)

b

 

Spiridhéchlóifein (+)

148477-71-8

 

ex 2932 20 90

p(1)

b

 

Trífhlumasól (+)

68694-11-1

 

ex 2933 29 90

p(1)

b’

 

(2)

i gCuid 1, sa tábla, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha maidir le héitear bis(peinteabrómaifeinil), brómocsainil, clóirfeinveanfos, ciafluitrin, eapocsaconasól, eatocsaláití naoinilfeanóil, aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara, tearbúfos agus trífhlumúrón:

Ceimiceán

Uimh. CAS

Uimh. CE

Cód AC(***)

Fochatagóir (*)

Teorainn ar úsáid (**)

Tíortha nach n-éilítear aon fhógra ina leith

‘Éitear bis(peinteabrómaifeinil) (éitear deacabrómaidhéfheinile) (#)

1163-19-5

214-604-9

ex 2909 30 38

i(1)-i(2)

sr-b

 

Brómocsainil agus a heistir bhútairile, heipteanóile agus ochtánóile (+)

1689-84-5

3861-41-4

56634-95-8

1689-99-2

216-882-7

223-374-9

260-300-4

216-885-3

ex 2926 90 70

p(1)

b

 

Clóirfeinveanfos (+)

470-90-6

207-432-0

ex 2919 90 00

p(1)-p(2)

b-b

 

Ciafluitrin (+)

68359-37-5

269-855-7

ex 2926 90 70

p(1)

b

 

Eapocsaconasól (+)

135319-73-2

133855-98-8

406-850-2

ex 2934 99 90

p(1)

b

 

Eatocsaláití naoinilfeanóil (C2H4O)nC15H24O (+)

9016-45-9

26027-38-3

68412-54-4

37205-87-1

127087-87-0

agus eile

500-024-6

500-045-0

500-209-1

932-337-2

500-315-8

agus eile

ex 3402 42 00

ex 3907 29 11

ex 3824 99 92

i(1)-i(2)

p(1)-p(2)

sr-sr

b-b

 

Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara (#)

335-67-1

agus eile

206-397-9

agus eile

ex 2915 90 70

i(1)-i(2)

sr-b

 

Tearbúfos (+)

13071-79-9

235-963-8

ex 2930 90 98

p(1)-p(2)

b-b

 

Trífhlumúrón (+)

64628-44-0

264-980-3

ex 2924 21 00

p(1)-p(2)

b-b’

 

(3)

i gCuid 2, sa tábla, cuirtear na hiontrálacha a leanas léi:

Ceimiceán

Uimh. CAS

Uimh. CE

Cód AC(***)

Catagóir (*)

Teorainn ar úsáid (**)

‘1-brómaprópán (bróimíd n-próipile)

106-94-5

203-445-0

ex 2903 69 19

i

sr

Aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, eistir ailcile dé-C6-8 bhrianseacha, ar mhórán C7

71888-89-6

276-158-1

ex 2917 34 00

i

sr

Aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, eistir ailcile dé-C7-11 bhrianseacha agus líneacha

68515-42-4

271-084-6

ex 2917 34 00

i

sr

Aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, eistear dépheintile, brainseach agus líneach

84777-06-0

284-032-2

ex 2917 34 00

i

sr

Asamsulfúrón

120162-55-2

 

ex 2935 90 90

p

b

Taláit bhis(2-meitocsa-eitil)

117-82-8

204-212-6

ex 2917 34 00

i

sr

Cairbeataimíd

16118-49-3

240-286-6

ex 2924 29 70

p

b

Carbocsain

5234-68-4

226-031-1

ex 2934 99 90

p

b

Clóirfeinveanfos

470-90-6

207-432-0

ex 2919 90 00

p

b

Clóraiféin

120-32-1

204-385-8

ex 2908 19 00

p

b

Ciafluitrin

68359-37-5

269-855-7

ex 2926 90 70

p

sr

Ciopróconasól

94361-06-5

 

ex 2933 99 80

p

b

Taláit dé-isipeintile

605-50-5

210-088-4

ex 2917 34 00

i

sr

Taláit dépheintile

131-18-0

205-017-9

ex 2917 34 00

i

sr

Dé-úrón

330-54-1

206-354-4

ex 2924 21 00

p

sr

Eisbitrin

260359-57-7

 

ex 2916 20 00

p

b

Eitimeatsulfúrón-meitil

97780-06-8

 

ex 2935 90 90

p

b

Eitrídhé-asól

2593-15-9

219-991-8

ex 2934 99 90

p

b

Famocsadón

131807-57-3

 

ex 2934 99 90

p

b

Feanbúconasól

114369-43-6

406-140-2

ex 2933 99 80

p

b

Feanocsacarb

72490-01-8

276-696-7

ex 2924 29 70

p

b

Flucuineonasól

136426-54-5

411-960-9

ex 2933 59 95

p

b

Iondocsacarb

173584-44-6

144171-61-9

 

ex 2934 99 90

p

sr

Isipiorasam

881685-58-1

 

ex 2933 19 90

p

b

Lúifeanúrón

103055-07-8

410-690-9

ex 2924 21 00

p

b

Meatasulam

139528-85-1

410-240-1

ex 2935 90 30

p

b

Míoclóbútainil

88671-89-0

410-400-0

ex 2933 99 80

p

b

taláit n-peintil-isipeintile

776297-69-9

 

ex 2917 34 00

i

sr

Peinciocúrón

66063-05-6

266-096-3

ex 2924 21 00

p

b

Foismeit

732-11-6

211-987-4

ex 2930 90 98

p

b

Próclóras

67747-09-5

266-994-5

ex 2933 29 90

p

b

Prófocsaidim

139001-49-3

 

ex 2934 99 90

p

b

Spiridhéchlóifein

148477-71-8

 

ex 2932 20 90

p

b

Tearbúfos

13071-79-9

235-963-8

ex 2930 90 98

p

b

Trífhlumasól

68694-11-1

 

ex 2933 29 90

p

b

Trífhlumúrón

64628-44-0

264-980-3

ex 2924 21 00

p

b’

(4)

i gCuid 2, sa tábla, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann le brómocsainil, eapocsaconasól agus eatocsaláití naoinilfeanóil:

Ceimiceán

Uimh. CAS

Uimh. CE

Cód AC(***)

Catagóir (*)

Teorainn ar úsáid (**)

‘Brómocsainil agus a heistir bhútairile, heipteanóile agus ochtánóile

1689-84-5

3861-41-4

56634-95-8

1689-99-2

216-882-7

223-374-9

260-300-4

216-885-3

ex 2926 90 70

p

b

Eapocsaconasól

135319-73-2

133855-98-8

406-850-2

ex 2934 99 90

p

b

Eatocsaláití naoinilfeanóil (C2H4O)nC15H24O

9016-45-9

26027-38-3

68412-54-4

37205-87-1

127087-87-0

agus eile

500-024-6

500-045-0

500-209-1

932-337-2

500-315-8

agus eile

ex 3402 42 00

ex 3907 29 11

ex 3824 99 92

i

p

sr

b’

(5)

i gCuid 2, sa tábla, scriostar na hiontrálacha a leanas:

Ceimiceán

Uimh. CAS

Uimh. CE

Cód AC(***)

Catagóir (*)

Teorainn ar úsáid (**)

‘Éitear bis(peinteabrómaifeinil)

1163-19-5

214-604-9

ex 2909 30 38

i(1)-i(2)

sr-b

Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara

335-67-1

agus eile

206-397-9

agus eile

ex 2915 90 70

agus eile

i(1)-i(2)

sr-b’

(6)

i gCuid 3, sa tábla, cuirtear na hiontrálacha a leanas léi:

Ceimiceán

Uimhir nó uimhreacha CAS ábhartha

Cód HS

Substaint íon (**)

Cód HS

Meascáin ina bhfuil substaint (**)

Catagóir

‘Éitear bis(peinteabrómaifeinil) (éitear deacabrómaidhéfheinile)

1163-19-5

2909.30

3824.99

Den chineál tionsclaíoch

Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara

335-67-1

agus eile

2915.90

agus eile

 

Den chineál tionsclaíoch’


25.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 210/11


RIALACHÁN (AE) 2023/1657 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Lúnasa 2023

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh trosc in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 i gcás soithí a bhfuil bratach na Spáinne ar foluain acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2023.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a leithdháileadh le haghaidh 2023 ídithe ag gabhálacha an stoic troisc in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 ag soithí a bhfuil bratach na Spáinne ar foluain acu nó atá cláraithe sa Spáinn.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta le haghaidh 2023 a leithdháileadh ar an Spáinn le haghaidh an stoic trosc in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta an stoic sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Spáinne ar foluain acu nó atá cláraithe sa Spáinn. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabhann na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Thar ceann an Uachtaráin

Helena DALLI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

06/TQ194

Ballstát

an Spáinn

Stoc

COD/1N2AB.

Speiceas

Trosc (Gadus Morhua)

Limistéar

Uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2

Dáta Deiridh

29 Meitheamh 2023


25.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 210/14


RIALACHÁN (AE) 2023/1658 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Lúnasa 2023

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roc dústríoctha in uiscí an Aontais i gcrios 9 maidir le soithí a bhfuil bratach na Spáinne ar foluain acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2023/194 (2) ón gComhairle cuótaí le haghaidh 2023.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2023 ídithe ag gabhálacha an stoic roc dústríoctha in uiscí an Aontais i gcrios 9 ag soithí a bhfuil bratach na Spáinne ar foluain acu nó ag soithí atá cláraithe sa Phortaingéil.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar an Spáinn le haghaidh an stoic roc dústríoctha in uiscí an Aontais i gcrios 9 le haghaidh 2023 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

1.   Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar iascaireacht an stoic sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Spáinne ar foluain acu nó atá cláraithe sa Spáinn. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg agus ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.

2.   Maidir le héisc agus táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.

3.   Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Thar ceann an Uachtaráin

Helena DALLI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1

(2)  Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

07/TQ194

Ballstát

an Spáinn

Stoc

RJU/9-C.

Speicis

Roc dústríoctha (Raja undulata)

Limistéar

Uiscí an Aontais in 9

Dáta Deiridh

1 Márta 2023


25.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 210/17


RIALACHÁN (AE) 2023/1659 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Lúnasa 2023

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh mairlíní gorma Atlantacha san Aigéan Atlantach i gcás soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2023.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2023 ídithe ag gabhálacha an stoic mairlíní gorma Atlantacha san Aigéan Atlantach ag soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu nó atá cláraithe sa Phortaingéil.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a leithdháiltear ar an bPortaingéil le haghaidh an stoic mairlíní gorma Atlantacha san Aigéan Atlantach le haghaidh 2023 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta an stoic sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu nó atá cláraithe sa Phortaingéil. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabhann na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Thar ceann an Uachtaráin

Helena DALLI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

09/TQ194

Ballstát

an Phortaingéil

Stoc

BUM/ATLANT

Speiceas

Mairlín gorm Atlantach (Makaira nigricans)

Limistéar

an tAigéan Atlantach

Dáta Deiridh

31 Iúil 2023


25.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 210/20


RIALACHÁN (AE) 2023/1660 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Lúnasa 2023

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roc dústríoctha in uiscí an Aontais i limistéar 8 i gcás soithí a bhfuil bratach na Spáinne ar foluain acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh (1) a áirithiú, agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2023/194 (2) ón gComhairle cuótaí le haghaidh 2023.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2023 ídithe ag gabhálacha an stoic roc dústríoctha in uiscí an Aontais i limistéar 8 ag soithí a bhfuil bratach na Spáinne ar foluain acu.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar an Spáinn le haghaidh an stoic roc dústríoctha in uiscí an Aontais i limistéar 8 le haghaidh 2023 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

1.   Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar iascaireacht an stoic sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Spáinne ar foluain acu nó atá cláraithe sa Spáinn. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg agus ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.

2.   Maidir le héisc agus táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.

3.   Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Thar ceann an Uachtaráin

Helena DALLI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

08/TQ194

Ballstát

an Spáinn

Stoc

RJU/8-C

Speiceas

Roc dústríoctha (Raja undulata)

Limistéar

Uiscí an Aontais in 8

Dáta deiridh

1 Bealtaine 2023


25.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 210/23


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1661 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Lúnasa 2023

lena ndéantar asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2023 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 105(1), (2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos cuótaí iascaireachta le haghaidh 2022 le Rialachán (AE) 2021/91 (2), (AE) 2021/1888 (3), (AE) 2022/109 (4) agus (AE) 2022/110 (5) ón gComhairle.

(2)

Leagtar síos cuótaí iascaireachta le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2022/2090 (6), (AE) 2023/194 (7) agus (AE) 2023/195 (8) ón gComhairle.

(3)

De bhun Airteagal 105(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, i gcás inar shuigh an Coimisiún gur sháraigh Ballstát na cuótaí iascaireachta a leithdháileadh chuige, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ó chuótaí a leithdháilfear sa todhchaí chuig an mBallstát sin.

(4)

Le hAirteagal 105(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, déantar foráil go bhfuil na hasbhaintí sin le déanamh an bhliain ina dhiaidh sin nó na blianta ina dhiaidh sin trí na fachtóirí iolraithe faoi seach a chur i bhfeidhm de réir mar a leagtar amach ann.

(5)

Sháraigh Ballstáit áirithe a gcuótaí iascaireachta le haghaidh 2022. Dá bhrí sin, ba cheart asbhaintí a dhéanamh ó na cuótaí iascaireachta a leithdháiltear orthu in 2023 agus, i gcás inarb ábhartha, sna blianta ina dhiaidh sin, maidir leis na stoic a ndearnadh ró-iascaireacht orthu.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1926 (9) ón gCoimisiún bunaíodh asbhaintí ó na cuótaí iascaireachta le haghaidh stoic áirithe in 2022 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin. In 2021, rinne an Phortaingéil ró-iascaireacht ar a cuóta iascaireachta le haghaidh ainseabhaithe i limistéir 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 (ANE/9/3411). Tar éis iarraidh a fháil ón bPortaingéil an 22 Lúnasa 2022, chomhaontaigh an Coimisiún an asbhaint a scaipeadh thar 2 bhliain i gcomhréir le pointe 3(a) den Teachtaireacht ón gCoimisiún 2022/C 369/03 (10) (‘na Treoirlínte’). Foráiltear le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2458 (11) ón gCoimisiún gur 1 477,376 thona a bheidh san asbhaint bhliantúil in 2022 agus 2023. Ós rud é go meastar go mbeidh cuóta leordhóthanach fágtha ag an bPortaingéil ag deireadh shéasúr iascaireachta 2022 le haghaidh ANE/9/3411, an 19 Aibreán 2023 d’iarr sí ar an gCoimisiún scaipeadh na hasbhainte thar 2 bhliain a chur ar ceal. Dá bhrí sin, d’oibrigh an Coimisiún an asbhaint iomlán, i.e. 2 954,752 thona - lena n-áirítear fachtóir iolraithe 1,40 maidir le cuóta na Portaingéile le haghaidh ANE/9/3411 le haghaidh shéasúr iascaireachta 2022. Dá bhrí sin, níl aon asbhaint gan íoc le hoibriú maidir le cuóta na Portaingéile a leithdháileadh ar shéasúr iascaireachta 2023 don stoc sin.

(7)

Cuireadh na Treoirlínte in ionad Theachtaireacht 2012/C 72/07 chun oiriúnú a dhéanamh, i gcás inarb infheidhme, ar an amlíne le haghaidh asbhaintí i gcás ró-iascaireachta ar chuóta le haghaidh stoc arna bhainistiú ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh go dtí an amlíne le haghaidh asbhaintí a leagtar síos sna heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh lena mbaineann maidir leis na stoic sin. Le Moladh 21-01 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) maidir le clár ilbhliantúil um chaomhnú agus bainistiú le haghaidh tuinníní trópaiceacha (12) chomh maith le Moladh 22-03 ICCAT maidir le caomhnú cholgán an Atlantaigh Thuaidh (13), leagtar síos go ndéanfar aon bhreis ar an gcuóta coigeartaithe bliantúil sa bhliain 2022 a asbhaint ón gcuóta/ón teorainn ghabhála le haghaidh 2024. Ar an mbonn sin, na hasbhaintí, lena n-áirítear asbhaintí a eascraíonn as fachtóirí iolraithe is infheidhme, mar gheall ar ró-iascaireacht a bunaíodh in 2022 i gcás an stoic tuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach (BET/ATLANT) agus an stoic colgán san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T (SWO/AN05N), an dá rud atá á mbainistiú ag ICCAT, níor cheart iad a chur i bhfeidhm ach amháin in 2024.

(8)

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí tuilleadh nuashonruithe nó ceartúchán, i gcás na hasbhainte atá á déanamh faoi láthair nó i gcás asbhaint a rinneadh cheana, má bhraitear earráidí, easnaimh nó míthuairisciú maidir leis na figiúirí gabhála a dhearbhaíonn na Ballstáit de bhun Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(9)

Ós rud é go sloinntear cuótaí i dtona, níor cheart ró-iascaireacht de chainníochtaí is lú ná 1 thona a chur san áireamh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Laghdófar na cuótaí iascaireachta a shocraítear le haghaidh 2023 i Rialacháin (AE) 2022/2090, (AE) 2023/194 agus (AE) 2023/195 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/91 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear, le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022, na deiseanna iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais maidir le stoic éisc dhomhainfharraige áirithe (IO L 31, 29.1.2021, lch. 20).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1888 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2021 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/92 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 384, 29.10.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, 31.1.2022, lch. 165).

(6)  Rialachán (AE) 2022/2090 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2022 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 281, 31.10.2022, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 (IO L 28, 31.1.2023, lch. 220).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1926 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2022 lena ndéantar asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2022 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin (IO L 265, 12.10.2022, lch. 67).

(10)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlínte i ndáil le hasbhaint cuótaí faoi Airteagal 105(1), (2) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus a chuirtear in ionad Theachtaireacht 2012/C 72/07 2022/C 369/03 (IO C 369, 27.9.2022, lch. 3).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2458 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndéantar asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2022 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1926 ón gCoimisiún (IO L 321, 15.12.2022, lch. 10).

(12)  Moladh 21-01 ó ICCAT lena n-ionadaítear Moladh 19-02 lena n-ionadaítear Moladh 16-01 maidir le clár ilbhliantúil um chaomhnú agus bainistiú le haghaidh tuinníní trópaiceacha.

(13)  Moladh 22-03 ó ICCAT lena n-ionadaítear moladh forlíontach 21-02 lena leathnaítear agus lena leasaítear Moladh 17-02 maidir le caomhnú cholgán an Atlantaigh Thuaidh


IARSCRÍBHINN

ASBHAINTÍ Ó CHUÓTAÍ IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH 2023 I LEITH STOIC A nDEARNADH RÓ-IASCAIREACHT ORTHU

Ballstát

Cód an speicis

Cód an limistéir

Ainm an speicis

Ainm an limistéir

Cuóta tosaigh 2022 (i dtonaí)

Gabhálacha arna gceadú 2022 (Cainníocht iomlán arna hoiriúnú i dtonaí)  (1)

Gabhálacha iomlána 2022 (cainníocht i dtonaí)

Ídiú cuóta i gcomparáid leis na gabhálacha arna gceadú

Ró-iascaireacht i gcomparáid leis na gabhálacha arna gceadú (cainníocht i dtonaí)

Fachtóir iolraithe  (2)

Fachtóir iolraithe breise  (3)  (4)

Asbhaintí nach ndearnadh ó bhliain/bhlianta roimhe (5) (cainníocht i dtonaí)

Asbhaintí le cur i bhfeidhm in 2023 (cainníocht i dtonaí)

BE

SRX

07D.

Sciataí agus roic

7d

134,000

136,500

137,765

100,93  %

1,265

/

/

/

1,265

BE

SRX

67AKXD

Sciataí agus roic

Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 6a, 6b, 7a-c agus 7e-k

814,000

1 207,000

1 209,702

100,22  %

2,702

/

/

/

2,702

DE

HER

4AB.

An scadán

Uiscí an Aontais, na Ríocht Aontaithe agus na hIorua in 4 lastuaidh de 53° 30′ T

41 147,000

37 114,880

38 224,556

102,99  %

1 109,676

/

A (6)

/

1 109,676

DE

OTH

1N2AB

Speicis eile

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

71,000

72,800

92,797

127,47  %

19,997

1,00

/

/

19,997

DK

COD

03AN.

An trosc

Skagerrak

1 515,000

1 503,751

1 521,783

101,20  %

18,032

/

C (6)

/

18,032

DK

COD

2A3AX4

An trosc

4; Uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; an chuid sin de 3a nach bhfuil cumhdaithe le Skagerrak agus Kattegat

1 951,000

1 980,700

2 018,970

101,93  %

38,270

/

C (6)

/

38,270

DK

HAD

03A.

An chadóg

3a

2 225,000

2 508,851

2 735,449

109,03  %

226,598

/

C (6)

/

226,598

DK

HER

5B6ANB

An scadán

6b agus 6aN; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b

/

/

8,077

N/B

8,077

1,00

/

 

8,077

DK

OTH

1N2AB

Speicis eile

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

/

2,038

N/B

2,038

1,00

/

/

2,038

DK

RJC

1N2AB

An glasán

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

/

17,317

N/B

17,317

1,00

/

/

17,317

DK

POL

4N-S62

An séacla Artach

Uiscí na hIorua laisteas de 62°T

200,000

203,000

205,041

101,01  %

2,041

/

/

/

2,041

DK

SPR

03A.

An salán agus foghabhálacha gaolmhara

3a

8 422,000

20,186

34,428

170,55  %

14,242

1,00

/

/

14,242

DK

SAN

1X14

An faoitín gorm

Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8a, 8b, 8d, 8e, 12 agus 14

36 723,000

45 035,026

45 516,979

101,07  %

481,953

/

/

/

481,953

ES

ALF

3X14-

Alfainsíní

Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 12 agus 14

51,000

58,000

59,069

101,84  %

1,069

/

/

/

1,069

ES

COD

1/2B.

An trosc

1 agus 2b

9 688,000

9 290,212

9 409,547

101,28  %

119,335

/

A (6)

/

119,335

ES

COD

1N2AB

An trosc

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

2 602,000

2 744,006

2 804,069

102,19  %

60,063

/

/

/

60,063

ES

GHL

1N2AB

An haileabó Graonlannach

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

32,719

55,066

168,30  %

22,347

1,00

A

/

33,521

ES

HAD

1N2AB

An chadóg

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

0,554

17,963

3 242,42  %

17,409

1,00

/

/

17,409

ES

OTH

1N2AB

Speicis eile

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

/

35,447

N/B

35,447

1,00

A

/

53,171

ES

POL

08C.

An mangach

8c

149,000

172,001

173,627

100,95  %

1,626

/

/

/

1,626

ES

RJC

1N2AB

An glasán

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

17,250

25,413

147,32  %

8,163

1,00

/

/

8,163

ES

REB

1N2AB

An phéirse mhara

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

106,000

103,211

104,593

101,34  %

1,382

/

/

/

1,382

ES

NOS

9-C.

An roc dústríoctha

Uiscí an Aontais in 9

15,000

18,000

19,348

107,49  %

1,348

/

/

/

1,348

FR

JAX

4BC7D

An bolmán agus foghabhálacha gaolmhara

Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4b, 4c agus 7d

267,000

396,532

461,312

116,34  %

64,780

1,00

/

/

64,780

FR

SPR

7FG.

An roc mionsúileach

7f agus 7g

36,000

57,000

83,299

146,14  %

26,299

1,00

/

/

26,299

FR

NOS

8-C.

An roc dústríoctha

Uiscí an Aontais in 8

13,000

23,000

24,081

104,70  %

1,081

/

/

/

1,081

IE

HER

6AS7BC

An scadán

6aS, 7b, 7c

1 236,000

1 267,563

1 298,400

102,43  %

30,837

/

/

/

30,837

IE

RJC

1N2AB

An glasán

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

28,810

51,017

177,08  %

22,207

1,00

/

/

22,207

MT

ALF

MED

Tuinnín colgach na Meánmhara

An Mheánmhuir

41,190

41,190

49,876

121,09  %

8,686

1,00

/

/

8,686

NL

RJC

1N2AB

An glasán

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

4,000

47,097

1 177,43  %

43,097

1,00

/

/

43,097

PL

MAC

2A34.

An ronnach

3a; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 2a, 3b, 3c, 3d agus 4

/

/

10,934

N/B

10,934

1,00

/

/

10,934

PT

ALF

3X14-

Alfainsíní

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 12 agus 14

145,000

142,314

145,155

102,00  %

2,841

/

A (6)

/

2,841

PT

NOS

9-C.

An roc dústríoctha

Uiscí an Aontais in 9

15,000

32,000

33,907

105,96  %

1,907

/

/

/

1,907

SE

I/F

04-N

Éisc thionsclaíocha

Uiscí na hIorua in 4

800,000

800,000

808,349

101,04  %

8,349

/

/

/

8,349


(1)  Cuótaí atá ar fáil do Bhallstát de bhun na Rialachán ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta tar éis malartuithe deiseanna iascaireachta a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22), aistrithe cuótaí ó 2021 go 2022 i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise le haghaidh bhainistíocht TACanna agus cuótaí ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3) agus le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó athdháileadh agus asbhaint deiseanna iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 37 agus Airteagal 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(2)  De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Beidh feidhm ag asbhaint atá comhionann leis an ró-iascaireacht * 1,00 i ngach cás inar cothrom le 100 tona nó níos lú ná sin an ró-iascaireacht.

(3)  De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus ar choinníoll gur mó ná 10 % an ró-iascaireacht.

(4)  Léiríonn an litir ‘A’ gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1.5 i bhfeidhm de bharr go ndearnadh ró-iascaireacht leanúnach sna blianta 2020, 2021 agus 2022. Léiríonn an litir ‘C’ gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1.5 i bhfeidhm de bharr go bhfuil an stoc faoi réir plean ilbhliantúil.

(5)  Cainníochtaí atá fágtha ó bhliain/bhlianta roimhe.

(6)  Níl an fachtóir iolraithe breise infheidhme mar nach ndeachaigh an ró-iascaireacht thar 10 % de na gabhálacha arna gceadú.


CINNTÍ

25.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 210/30


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1662 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Lúnasa 2023

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Cultúr, oideachas, teanga agus traidisiúin na hÚcráine a chaomhnú agus a fhorbairt i mBallstáit an Aontais’ de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh iarraidh ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Cultúr, oideachas, teanga agus traidisiúin na hÚcráine a chaomhnú agus a fhorbairt i mBallstáit an Aontais’ faoi bhráid an Choimisiúin an 17 Iúil 2023.

(2)

Rinneadh an iarraidh sin tar éis na hiarrata ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Tionscnamh ó shaoránaigh an Aontais maidir le stádas speisialta a dheonú don Úcráinis san Aontas Eorpach’, tionscnamh a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 26 Aibreán 2023.

(3)

Maidir leis an iarraidh ar chlárú a cuireadh isteach an 26 Aibreán 2023, chuir an Coimisiún in iúl don ghrúpa eagraithe, trí litir dar dáta an 24 Bealtaine 2023 (C(2023) 3440 final), agus de bhun Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2019/788, gur comhlíonadh na ceanglais maidir le clárú a leagtar amach in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (d) agus (e), den Rialachán sin agus nach raibh Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointe (b) de infheidhme. Mhínigh an Coimisiún freisin, áfach, nár chomhlíon an tionscnamh an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/788. Tagraíodh sa tionscnamh do Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh de chuid Chomhairle na hEorpa mar bhunús dlí ábhartha, seachas forálacha na gConarthaí. Agus cuspóirí an tionscnaimh á scrúdú ag an gCoimisiún, thagair sé d’Airteagal 342 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus mhínigh sé nár thug sé sin bunús dlí don Choimisiún rialachán ón gComhairle a mholadh lena rialófaí úsáid na hÚcráinise in institiúidí an Aontais, ós rud é nach ndéantar foráil le hAirteagal 342 CFAE maidir le haon ról don Choimisiún. Ar an gcaoi chéanna, maidir leis an gceart an Úcráinis a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh le húdaráis áitiúla agus le comhlachtaí rialtais, níl sé de chumhacht ag an gCoimisiún aon reachtaíocht a mholadh ina leith sin. Maidir leis an gcuspóir feasacht ar éagsúlacht teangacha agus ilteangachas san Aontas a mhéadú agus beartais a chur chun cinn lena dtacaítear le teangacha agus cultúir mhionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn ar fud na hEorpa, d’fhéadfadh an Coimisiún reachtaíocht a mholadh bunaithe ar Airteagal 167 CFAE, ach i bhfianaise Airteagal 167(5) CFAE, níor mhór aon ghníomhaíocht ón gCoimisiún a theorannú do ‘bhearta dreasachta’. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl do na heagraithe de bhun Airteagal 6(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/788 go bhféadfaidís an tionscnamh a leasú chun measúnú an Choimisiúin a chur san áireamh, nó an tionscnamh tosaigh a choimeád ar bun, nó a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 6(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2019/788.

(4)

An 17 Iúil 2023, chuir an grúpa eagraithe an tionscnamh isteach arís.

(5)

Is mar a leanas a chuir na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh leasaithe in iúl: ‘chun go ndéanfaidh an tAontas Eorpach gníomhaíochtaí breise chun tacú le dídeanaithe ón Úcráin. D’fhéadfadh an Coimisiún reachtaíocht a mholadh bunaithe ar Airteagal 167 CFAE, lena ndíreofaí ar éagsúlacht náisiúnta agus réigiúnach agus ar an oidhreacht chultúrtha. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh bearnaí cultúrtha a líonadh agus oidhreacht chultúrtha agus teanga na hÚcráine a chumhachtú i measc chomhphobal an Aontais, agus ar an mbealach sin braistint chomhuintearais a chothú agus lánpháirtiú na ndídeanaithe ón Úcráin a chur chun cinn. Is féidir linn oibriú i dtreo Eoraip níos cuimsithí agus níos comhchuí trí éagsúlacht teangacha agus féiniúlachtaí cultúrtha a aithint agus a ghlacadh chugainn féin, trí struchtúr uile-Eorpach d’ionaid lánpháirtíochta a bhunú.’

(6)

In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh leasaithe, tugtar tuilleadh sonraí faoi ábhar, faoi chuspóirí agus faoi chúlra an tionscnaimh. Tagraítear inti do chaomhnú chultúr, theanga, thraidisiúin agus oidhreacht na ndídeanaithe ón Úcráin agus do ‘straitéis reachtach a chur le chéile chun an Úcráinis a chosaint mar theanga de chuid an Aontais amach anseo’. Sa chomhthéacs sin, luaitear san iarscríbhinn go bhfuil stádas na hÚcráine mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas ar na ‘forais le haghaidh lánpháirtiú iomlán shaoránaigh na hÚcráine sa chomhphobal Eorpach’. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an tionscnamh leasaithe ‘cultúr, oideachas, teanga agus traidisiúin na hÚcráine a chaomhnú agus a fhorbairt i mBallstáit an Aontais’ ar bhonn Airteagal 167(2), (3) agus (4) CFAE. Chun na haidhmeanna sin a bhaint amach, molann na heagraithe ionaid faisnéise a bhunú i mBallstáit ina bhfuil líon dídeanaithe san Úcráin nach lú ná 10 000 duine, ‘le tacaíocht airgeadais agus faoi choimirce struchtúir an Aontais Eorpaigh’.

(7)

Measann an Coimisiún go bhféadfaí na bearta a iarrtar leis an tionscnamh a mholadh, i bprionsabal, faoi Airteagal 79(4) CFAE, lena gceadaítear ‘bearta a ghlacadh chun dreasachtaí agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht na mBallstát d’fhonn lánpháirtiú na náisiúnach tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríocha a chur chun cinn’ ach ‘gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát’. Ar choinníoll go bhfuil an tionscnamh teoranta do lánpháirtiú na ndídeanaithe ón Úcráin a chur chun cinn sna Ballstáit lena mbaineann, bheadh Airteagal 79(4) CFAE ina bhunús dlí iomchuí. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist le lánpháirtiú den sórt sin eolas a fháil ar theangacha náisiúnta agus ar shochaí na mBallstát lena mbaineann d’fhonn cumarsáid a éascú idir na dídeanaithe ón Úcráin agus saoránaigh an Aontais, agus idirghníomhaíocht a spreagadh agus caidreamh sóisialta a fhorbairt eatarthu.

(8)

Measann an Coimisiún freisin go bhféadfadh Airteagal 78(2), pointe (c), CFAE, lenar féidir bearta reachtacha a ghlacadh le haghaidh ‘comhchóras cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe i gcás insreabhadh ollmhór’, a bheith ina mbunús dlí breise, ar choinníoll go bhfuil an tionscnamh teoranta do na dídeanaithe ón Úcráin ar tairbhithe cosanta sealadaí iad, agus iad siúd amháin, agus go bhfuil raon feidhme ama an tionscnaimh teoranta do thréimhse na cosanta sealadaí ansin.

(9)

Ina theannta sin, maidir leis na bearta sonracha a mholtar leis an tionscnamh leasaithe chun cultúr, teanga, traidisiúin agus oidhreacht mhuintir na hÚcráine a chaomhnú, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a chur isteach ar bhonn Airteagal 167 CFAE, chun eolas ar chultúr na bpobal Eorpach agus a scaipeadh a fheabhsú agus an oidhreacht chultúrtha a chosaint. Mar sin féin, de bhun Airteagal 167(5) CFAE, níor mhór aon ghníomhaíocht a dhéanfadh an Coimisiún ina leith sin a theorannú do ‘bhearta dreasachta’ a mholadh.

(10)

Ar na cúiseanna sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chuid den tionscnamh leasaithe ann ar follas nach dtagann sí faoi chuimsiú chumhachtaí an Choimisiúin togra a chur isteach le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(11)

Is conclúid é sin atá gan dochar don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha is gá le go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht le cearta bunúsacha.

(12)

Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa eagraithe go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788 agus gur i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin atá na teagmhálaithe ainmnithe aige.

(13)

Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘Cultúr, oideachas, teanga agus traidisiúin na hÚcráine a chaomhnú agus a fhorbairt i mBallstáit an Aontais’ a chlárú.

(15)

An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní rud í a thugann le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar aon bhealach go bhfuil ábhar an tionscnaimh leasaithe cruinn fíorasach, agus is é grúpa eagraithe an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann a bhfuil sa tionscnamh leasaithe ach tuairimí an ghrúpa eagraithe in iúl, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Clárófar tionscnamh na saoránach Eorpach dar teideal ‘Cultúr, oideachas, teanga agus traidisiúin na hÚcráine a chaomhnú agus a fhorbairt i mBallstáit an Aontais’.

Airteagal 2

Is chuig grúpa eagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh dar teideal ‘Cultúr, oideachas, teanga agus traidisiúin na hÚcráine a chaomhnú agus a fhorbairt i mBallstáit an Aontais’ a dhírítear an Cinneadh seo, grúpa a ndéanann an tUasal Konstantins ČERŅENOKS agus an tUasal Dmitrijs SARAFANOVS ionadaíocht air, ag gníomhú dóibh mar theagmhálaithe thar a cheann.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Věra JOUROVÁ

Leas-Uachtarán


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.