ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 209

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
24 Lúnasa 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1653 ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2023 lena gcláraítear ainm i gclár na dtásc geografach deochanna biotáilleacha (Borzag pálinka)

1

 

 

III   Gníomhartha eile

 

 

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

 

*

Cinneadh ó Bhuanchoiste Stáit CSTE Uimh. 1/2022/SC an 8 Nollaig 2022 maidir leis an Nós Imeachta chun iarrataí ar chaighdeánú a eisiúint chuig na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú [2023/1654]

3

 

*

Cinneadh ó Bhuanchoiste Stáit CSTE Uimh. 2/2022/SC an 16 Nollaig 2022 maidir leis an maolán um riosca sistéamach atá ann cheana de bhun Airteagal 133 agus maidir leis an bhfógra ón Iorua faoin maolán O-SII a shocrú nó a athshocrú de bhun Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 79/2019 ón gComhchoiste agus leasuithe ina dhiaidh sin [2023/1655]

5

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2021/482 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma ( IO L 99 I, 22.3.2021 )

8

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1623 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2023 lena sonraítear na luachanna a bhaineann le feidhmiú monaróirí agus díormaí monaróirí gluaisteán paisinéirí nua agus feithiclí tráchtála éadroma nua don bhliain féilire 2021 agus na luachanna atá le húsáid chun na spriocanna astaíochtaí sonracha ó 2025 ar aghaidh a ríomh de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena gceartaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2087 ( IO L 200, 10.8.2023 )

9

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

24.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 209/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1653 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Lúnasa 2023

lena gcláraítear ainm i gclár na dtásc geografach deochanna biotáilleacha (‘Borzag pálinka’)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 30(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2019/787, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Ungáir ar chlárú an ainm ‘Borzag pálinka’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ní bhfuair an Coimisiún aon fhógra freasúra, i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart an t-ainm ‘Borzag pálinka’ a chlárú mar thásc geografach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an tásc geografach ‘Borzag pálinka’ cláraithe. I gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Rialachán (AE) 2019/787, an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/787, deonaítear leis an Rialachán seo í don tásc geografach ‘Borzag pálinka’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

(2)  IO C 156, 3.5.2023, lch. 23.


III Gníomhartha eile

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

24.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 209/3


CINNEADH Ó BHUANCHOISTE STÁIT CSTE Uimh. 1/2022/SC

an 8 Nollaig 2022

maidir leis an Nós Imeachta chun iarrataí ar chaighdeánú a eisiúint chuig na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú [2023/1654]

TÁ BUANCHOISTE STÁIT CSTE,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a ionchorpraíodh i gComhaontú LEE le Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 9/2014 an 14 Feabhra 2014,

Ag féachaint d’Airteagal 1(e) de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Buanchoiste Stáit CSTE,

De bhrí gur gá anois nós imeachta a bhunú chun eisiúint iarrataí ar chaighdeánú chuig na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú a chuíchóiriú,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Glactar an nós imeachta chun iarrataí ar chaighdeánú a eisiúint chuig na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú, mar a thuairiscítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2022.

Thar ceann an Bhuanchoiste

An Cathaoirleach

Kristján Andri STEFÁNSSON

An tArd-Rúnaí

Henri GÉTAZ


IARSCRÍBHINN

Nós Imeachta chun iarrataí ar chaighdeánú a eisiúint chuig na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú CEN, CENELEC agus ETSI

1.   

Is éard is iarrataí ar chaighdeánú ann ná an sásra lena n-iarrann an Coimisiún Eorpach (‘CE’) agus Buanchoiste Stáit CSTE (‘an Buanchoiste’) ar na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú (‘ESOnna’) (1) caighdeáin Eorpacha a fhorbairt agus a ghlacadh chun tacú le beartais agus reachtaíocht Eorpach, mar a thuairiscítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le caighdeánú Eorpach.

2.   

Ionchorpraíodh Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i gComhaontú LEE in 2014 (3). Sonraítear in Airteagal 1(e) de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Buanchoiste Stáit CSTE gurb é an Buanchoiste a dhéanfaidh an cúram sainorduithe (iarrataí ar chaighdeánú) a eisiúint do na ESOnna.

3.   

Déanann an Buanchoiste an t-údarás chun iarrataí ar chaighdeánú a eisiúint a tharmligean chuig an Mheitheal um Bhacainní Teicniúla ar Thrádáil (‘M BTT’).

4.   

Tráth a thugann AS GROW fógra do Rúnaíocht CSTE maidir le hiarraidh ar chaighdeánú (4), seolfaidh sé an iarraidh chuig M BTT, agus cuirfidh sé cóip chuig an gCoiste um Bacainní Teicniúla ar Thrádáil, ag iarraidh ar Stáit CSTE LEE an iarraidh a fhormheas go sainráite laistigh de 2 sheachtain.

5.   

A luaithe a fhormheasfaidh M BTT an iarraidh ar chaighdeánú thar ceann an Bhuanchoiste, seolfaidh an Rúnaíocht litir ina n-eisítear an iarraidh ar chaighdeánú chuig an ESO / ESOnna ábhartha. Seolfaidh Stiúrthóir, nó Leas-Stiúrthóir, Rannán an Mhargaidh Inmheánaigh i Rúnaíocht CSTE an litir thar ceann an Bhuanchoiste.

6.   

Seolfaidh an Rúnaíocht tuarascáil bhliantúil chuig Fochoiste I agus chuig an mBuanchoiste maidir leis na hiarrataí ar chaighdeánú a eisíodh don bhliain roimhe sin.


(1)  CEN, CENELEC agus ETSI.

(2)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(3)  Cinneadh Uimh. 9/2014 ó Chomhchoiste LEE an 14 Feabhra 2014 (IO L 211, 17.7.2014, lch. 13).

(4)  Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna.


24.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 209/5


CINNEADH Ó BHUANCHOISTE STÁIT CSTE Uimh. 2/2022/SC

an 16 Nollaig 2022

maidir leis an maolán um riosca sistéamach atá ann cheana de bhun Airteagal 133 agus maidir leis an bhfógra ón Iorua faoin maolán O-SII a shocrú nó a athshocrú de bhun Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 79/2019 ón gComhchoiste agus leasuithe ina dhiaidh sin (1) [2023/1655]

TÁ BUANCHOISTE STÁIT CSTE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe pointe 14 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis,

Ag féachaint don tuairim ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De réir Airteagal 131(6), pointe (b), de Threoir 2013/36/AE (an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil), ní mór d’údaráis inniúla nó ainmnithe athbhreithniú a dhéanamh ar rátaí maolánacha na n-institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (‘O-SIInna’) uair sa bhliain ar a laghad. De réir mhír 12, an dara fomhír den Airteagal sin, ní mór d’údaráis inniúla nó d’údaráis ainmnithe athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar shainaithint na O-SIInna a bhforchuirtear ráta maolánach den sórt sin orthu. De réir Airteagal 131(7) den Treoir sin, arna ionchorprú i gComhaontú LEE, ní mór d’údaráis inniúla nó ainmnithe fógra a thabhairt don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach (‘BERS’) sula ndéanfar ráta maolánach a shocrú nó a athshocrú le haghaidh O-SIIanna, agus tá BERS le fógraí den sórt sin a chur ar aghaidh gan mhoill chuig Buanchoiste Stáit CSTE, chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach agus chuig údaráis inniúla agus ainmnithe na bPáirtithe Conarthacha in LEE lena mbaineann.

(2)

De réir Airteagal 131(15) den Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil, i gcomhar le mír 5a, an tríú fomhír den Airteagal sin, ní mór do Bhuanchoiste Stáit CSTE bearta macrastuamachta a údarú i Stát de chuid CSTE LEE as a n-eascróidh ráta maolánach riosca shistéamaigh agus ráta maolánach OSII comhcheangailte is mó ná 5 % de mhéid na neamhchosanta ábhartha ar riosca i gcás institiúid chreidmheasa ar leith agus sraith nó foshraith neamhchosanta. De réir na nAirteagal céanna den Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil, tá BERS le tuairim a chur ar fáil do Bhuanchoiste Stáit CSTE, laistigh de 6 seachtaine tar éis fógra dá dtagraítear in Airteagal 131(7) den Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil a fháil, mar aon le tuairim i dtaobh an iomchuí an ráta maolánach riosca shistéamaigh agus an ráta maolánach O-SII comhcheangailte.

(3)

An 5 Samhain 2020, thug Aireacht Airgeadais na hIorua fógra do BERS, faoi Airteagal 133(11) de Threoir 2013/36/AE de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua féin an 1 Eanáir 2020 (3), go raibh rún aici ráta maolánach riosca shistéamaigh de 4.5 % a shocrú a bheadh infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. An 4 Nollaig 2020, ghlac BERS Moladh ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 4 Nollaig 2020 maidir leis an bhfógra ón Iorua go bhfuil rún aici ráta maolánach riosca shistéamaigh a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 133 de Threoir (AE) 2013/36/AE (ESRB/2020/14), ar moladh é inar mhol sé gur cheart a mheas go bhfuil an ráta maolánach riosca shistéamaigh atá beartaithe agus atá le cur i bhfeidhm san Iorua cuí, oiriúnach, comhréireach, éifeachtach agus éifeachtúil i ndáil leis an riosca a bhfuil Aireacht Airgeadais na hIorua ag díriú air. An 4 Nollaig 2020, ghlac Buanchoiste Stáit CSTE Moladh Uimh. 1/2020/SC ó Bhuanchoiste Stáit CSTE nár mhol sé aon athrú ann ar an mbeart faoina dtugtar fógra, agus an moladh thuasluaite ó BERS á chur san áireamh.

(4)

An 30 Meán Fómhair 2022 chuir Aireacht Airgeadais na hIorua fógra foirmiúil chuig BERS maidir lena rún é a chur de cheangal ar institiúidí áirithe maolán O-SII de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a choinneáil, i gcomhréir le hAirteagal 131 den Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil. D’admhaigh Rúnaíocht BERS go bhfuarthas an fógra an 4 Deireadh Fómhair 2022 agus chuir sí ar aghaidh é chuig Buanchoiste Stáit CSTE an 27 Deireadh Fómhair 2022 i gcomhréir le hAirteagal 131(5a) den Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil.

(5)

Beidh feidhm ag an maolán O-SII faoina dtugtar fógra maidir le trí institiúid creidmheasa intíre, agus tá ceann amháin acu sin ina fhochuideachta a bhfuil a máthaireintiteas bunaithe i dtír eile de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch. Beidh dhá cheann de na hinstitiúidí creidmheasa faoi réir maolán O-SII 1 % agus beidh ceann amháin acu faoi réir maolán 2 %.

(6)

Tá na hinstitiúidí creidmheasa aitheanta ag Aireacht Airgeadais na hIorua mar O-SIInna de bhun na gcritéar seo a leanas: (i) iomlán na sócmhainní mar sciar d’olltáirgeacht intíre (OTI) na hIorua agus/nó (ii) iasachtaí don earnáil neamhairgeadais phríobháideach mar sciar d’iomlán na n-iasachtaí don earnáil neamhairgeadais phríobháideach san Iorua. Liostaítear na critéir sin mar tháscairí roghnacha in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis na treoirlínte ón Údarás Baincéireachta Eorpach maidir leis na critéir chun coinníollacha chur i bhfeidhm Airteagal 131(3) de CRD a chinneadh i ndáil le measúnú a dhéanamh ar O-SIInna (4).

(7)

Ós rud é go mbeidh ráta maoláin is mó ná 5 % ann mar thoradh ar an maolán 4,5 % um riosca sistéamach agus ar na maoláin O-SII atá beartaithe, an 15 Samhain 2022 sholáthair BERS tuairim do Bhuanchoiste Stáit CSTE maidir leis an mbeart atá beartaithe.

(8)

Sa tuairim uaidh, agus sa Nóta Measúnaithe a ghabhann leis, déanann BERS athbhreithniú ar na rioscaí a dtugtar aghaidh orthu tríd an mbeart atá beartaithe agus measann sé go n-eascraíonn na rioscaí is cúis le hathshocrú an mhaoláin O-SII as an ról an-tábhachtach atá ag institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach leo i ngeilleagar na hIorua.

(9)

Measann BERS go bhfuil na maoláin O-SII, éifeachtach agus comhréireach, agus é á chur san áireamh go bhfuil siad carnach maidir leis an maolán um riosca sistéamach. I ndáil leis sin, cuireann BERS san áireamh go bhfuil na maoláin O-SII carnach maidir leis an maolán um riosca sistéamach. Tugann sé dá aire gurb é is aidhm do na maoláin O-SII cur le hacmhainn ionsúcháin caillteanais na n-institiúidí is tábhachtaí san Iorua agus, ar an gcaoi sin, na rioscaí cobhsaíochta airgeadais a eascraíonn as na hinstitiúidí sin a bhfuil deacrachtaí acu a laghdú. I bhfianaise a thábhachtaí atá institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo i gcóras airgeadais na hIorua mar gheall ar a méid i gcoibhneas le méid gheilleagar na hIorua agus a sciartha den mhargadh in iasachtaí don earnáil neamhairgeadais phríobháideach, measann BERS go bhfuil an beart comhréireach.

(10)

Cé go dtugann BERS dá aire gur cosúil go bhfuil forluí idir roinnt de na rioscaí a dtugann an maolán um riosca sistéamach aghaidh orthu agus an t-údar atá leis an maolán O-SII a shocrú, tagann sé ar an gconclúid go bhfuil an beart atá beartaithe iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta, nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha díréireacha ag baint leis ar chobhsaíocht airgeadais na hIorua ná ar chobhsaíocht airgeadais LEE agus nach meastar go gcruthóidh sé constaic ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Mar sin féin, tugann BERS dá aire go bhfuil táscairí sna treoirlínte ó ÚBE maidir leis an ábhar sin seachas na táscairí sin a bhaineann le méid — mar atá in úsáid ag údaráis na hIorua — a bhféadfadh impleachtaí a bheith acu do chómhalartú an mhaoláin um riosca sistéamach. Go deimhin, tugann Buanchoiste Stáit CSTE dá aire go gcuimsítear sna treoirlínte ó ÚBE maidir le O-SIInna a shainaithint táscairí a bhaineann le tábhacht don gheilleagar, tábhacht na ngníomhaíochtaí trasteorann, agus idirnascthacht leis an gcóras airgeadais. Tá forluí páirteach ag na táscairí sin leis na táscairí a úsáideann Aireacht Airgeadais na hIorua chun bonn cirt a thabhairt don mhaolán um riosca sistéamach. Tugann BERS le fios freisin gur chuir údaráis na hIorua i dtábhacht gur cuireadh na ceanglais O-SII san áireamh i gcalabrú an mhaoláin um riosca sistéamach.

(11)

Tar éis do Bhuanchoiste Stáit CSTE scrúdú a dhéanamh ar an bhfógra ó Aireacht Airgeadais na hIorua an 30 Meán Fómhair 2022 agus an tuairim ó BERS á cur san áireamh, maidir le comhcheangal an ráta mhaolánaigh O-SII faoina dtugtar fógra do na hinstitiúidí creidmheasa lena mbaineann leis an maolán um riosca sistéamach atá i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí agus na hinstitiúidí creidmheasa lena mbaineann, measann sé nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist an méid sin ar chóras airgeadais Páirtithe Conarthacha eile de chuid LEE ina iomláine nó ar chuid den chóras airgeadais sin, nó ar chóras airgeadais LEE ina iomláine, rud a chruthaíonn constaic ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo d’Aireacht Airgeadais na hIorua rátaí maolánacha O-SII a chur chun feidhme, ar rátaí iad as a n-eascraíonn an ráta maolánach riosca shistéamaigh agus riosca maolánach O-SII comhcheangailte is mó ná 5 % de mhéid ábhartha na neamhchosanta ar riosca le haghaidh na n-institiúidí creidmheasa seo a leanas, ar feadh tréimhse suas le 1 bhliain amháin dar tús an 16 Nollaig 2022, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha maidir le rátaí maolánacha riosca shistéamaigh agus O-SII a chur i bhfeidhm fós á gcomhlíonadh:

Institiúid creidmheasa

Ráta comhcheangailte agus maolánach SyRB agus O-SII

DNB Bank ASA

6,5  %

Kommunalbanken AS

5,5  %

Nordea Eiendomskreditt AS

5,5  %

Airteagal 2

Is chuig Aireacht Airgeadais na hIorua, Finansdepartementet, Akersgata 40, 0180 Osló, an Iorua, a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2022.

Thar ceann Bhuanchoiste Stáit CSTE

An Cathaoirleach

Kristján ANDRI STEFÁNSSON

Thar ceann Rúnaíocht CSTE

An tArd-Rúnaí

Henri GÉTAZ


(1)  Ceartaíodh an cinneadh seo roimh é a fhoilsiú trí cheartúchán an 2 Feabhra 2023 ag Buanchoiste Stáit CSTE.

(2)  Opinion of the European Systemic Risk Board of 15 November 2022 regarding the existing systemic risk buffer pursuant to Article 133 and the Norwegian notification of the setting or resetting of an O-SII buffer pursuant to Article 131 of Directive 2013/36/EU of the European Parliament and of the Council on access to the activity of credit institutions and the prudential supervision of credit institutions (ESRB/2022/8) [Tuairim ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 15 Samhain 2022 maidir leis an maolán um riosca sistéamach atá ann cheana de bhun Airteagal 133 agus maidir leis an bhfógra ón Iorua faoin maolán O-SII a shocrú nó a athshocrú de bhun Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (ESRB/2022/8)].

(3)  Sula ndearnadh Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil a ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 383/2021 ón gComhchoiste.

(4)  EBA/GL/2014/10.


Ceartúcháin

24.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 209/8


Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2021/482 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 99 I an 22 Márta 2021 )

Ar leathanach 37, in Airteagal 1(1):

in ionad:

‘An 22 Aibreán 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma’,

léitear:

‘An 22 Aibreán 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/184/CBES an 22 Aibreán 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma’.


24.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 209/9


Ceartúchán ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1623 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2023 lena sonraítear na luachanna a bhaineann le feidhmiú monaróirí agus díormaí monaróirí gluaisteán paisinéirí nua agus feithiclí tráchtála éadroma nua don bhliain féilire 2021 agus na luachanna atá le húsáid chun na spriocanna astaíochtaí sonracha ó 2025 ar aghaidh a ríomh de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena gceartaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2087

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 200 an 10 Lúnasa 2023 )

Ar leathanach 25, Iarscríbhinn I, cuid A, tábla 1, colún C, sraith ‘VOLKSWAGEN AG’:

in ionad:

‘1 090 43-431’,

léitear:

‘1 090 431’.

Ar leathanach 35, Iarscríbhinn III, pointe 1, tábla, colún, sraith ‘DR MOTOR COMPANY SRL’:

in ionad:

‘1 050,0-00’,

léitear:

‘1 050,00’.