|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 208 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
23.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 208/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1650 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Bealtaine 2023
lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh fíordheimhniú láidir custaiméara agus caighdeáin chumarsáide shlána oscailte
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (1), agus go háirithe Airteagal 98(4), an dara fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sa leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 (2) ón gCoimisiún, tá earráidí in Airteagail 30, 31 agus 36 a mhéid a bhaineann leis na cineálacha soláthraithe seirbhíse lena mbaineann ceanglas sonrach. Déanann na hearráidí sin difear do shubstaint na bhforálacha sin. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 337, 23.12.2015, lch. 35.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh fíordheimhniú láidir custaiméara agus caighdeáin chumarsáide shlána oscailte (IO L 69, 13.3.2018, lch. 23).
|
23.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 208/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1651 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Bealtaine 2023
lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh tomhas leachtachta sonrach gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 42(6) den Treoir sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (1), agus go háirithe Airteagal 42(6), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun tomhas a dhéanamh ar an leibhéal leordhóthanach leachtachta ba cheart a bheith ag gnólachtaí infheistíochta, is gá critéir choiteanna a leagan síos chun meastachán a dhéanamh ar na riachtanais leachtachta chomhfhreagracha i ngnáth-imthosca agus in imthosca faoi strus, agus a chinneadh an bhfuil aon bhearna idir an leibhéal sócmhainní leachtacha arna sealbhú ag gnólachtaí infheistíochta agus na riachtanais leachtachta a shainaithnítear. |
|
(2) |
Gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha, meastar nach bhfuil ach riosca leachtachta teoranta acu i gcoibhneas le gnólachtaí infheistíochta eile. Is é sin an fáth a bhféadfaidh na húdaráis inniúla, de bhun Airteagal 43(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2019/2033, gnólachtaí infheistíochta den sórt sin a dhíolmhú ón gceanglas maidir le cumhdach leachtachta a leagtar síos in Airteagal 43(1), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. Tá an díolúine sin roghnach, áfach. Chun freastal ar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha nár dhíolmhaigh a n-údarás inniúil iad ón gceanglas sin maidir cumhdach leachtachta, bheadh sé díréireach na gnólachtaí infheistíochtaí sin a chur faoi réir na gceanglas céanna maidir le cumhdach leachtachta a bhfuil gnólachtaí infheistíochta níos mó agus níos idirnasctha faoina réir. Is iomchuí a leagan síos, dá bhrí sin, agus tomhas á dhéanamh ag na húdaráis inniúla ar an riosca leachtachta agus eilimintí riosca leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 42(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2019/2034, nár cheart dóibh ach tomhas a dhéanamh ar an riosca leachtachta nó ar eilimintí riosca leachtachta a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin agus as tosca eile, a bhaineann go sonrach le gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha, a bhfuil sé thar a bheith dóchúil go leanfaidh riosca leachtachta ábhartha astu agus nach gcumhdaítear leis na ceanglais maidir le cumhdach leachtachta a leagtar síos i gCuid Cúig de Rialachán (AE) 2019/2033. Áirítear ar na tosca sin gníomhaíochtaí lena mbainistítear punann, lena n-oibrítear saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (22), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó saoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (23), den Treoir sin, lena ndeonaítear airleacain agus iasachtaí d’infheisteoirí, chomh maith leis an riosca leachtachta cistiúcháin, agus ábharthacht an struchtúir grúpa do riosca leachtachta. |
|
(3) |
Le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 ceanglaítear ar mháthairghnólachtaí infheistíochta Aontais, ar mháthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta Aontais agus ar mháthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais na ceanglais maidir le cumhdach leachtachta a leagtar amach i gCuid Cúig den Rialachán sin a chomhlíonadh ar an leibhéal comhdhlúite. D’fhéadfadh máthairghnólacht infheistíochta Aontais, máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais agus máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais a bheith neamhchosanta, i gcás comhdhlúite, ar riosca leachtachta nó ar eilimintí riosca leachtachta atá ábhartha agus nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach leis na ceanglais sin maidir le cumhdach leachtachta. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh sé nach gcomhlíonfaidh máthairghnólacht infheistíochta Aontais, máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais agus máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais, i gcás comhdhlúite, na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 24 agus 26 de Threoir (AE) 2019/2034, agus ní dócha go gcuirfidh bearta riaracháin eile feabhas leordhóthanach ar na socruithe, na próisis, na sásraí agus na straitéisí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2019/2034 laistigh de thréimhse ama iomchuí. Dá bhrí sin, i gcás máthairghnólachtaí infheistíochta Aontais, máthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta Aontais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais den sórt sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a thomhas ar bhonn comhdhlúite cé acu atá nó nach bhfuil neamhchosaint na ngnólachtaí agus na gcuideachtaí sin ábhartha agus an gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear iad leis na ceanglais maidir le cumhdach leachtachta a leagtar síos i gCuid Cúig de Rialachán (AE) 2019/2033. |
|
(4) |
D’fhéadfadh gníomhaíochtaí éagsúla gnólachtaí infheistíochta difear a dhéanamh dá bpróifíl leachtachta ar bhealaí éagsúla. Athruithe ar luach praghsanna sócmhainne, d’fhéadfaidís caillteanais a ghiniúint agus difear a dhéanamh do chláir chomhardaithe agus staid leachtachta gnólachtaí infheistíochta, d’ainneoin nach bhfuil sócmhainní cliaint arna sealbhú ag na gnólachtaí sin ar a son féin. D’fhéadfadh gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn seirbhísí bainistithe punainne a bheith íogair do luaineachtaí margaidh a fhéadann neamhréireanna sreafa airgid a chruthú nó a ghéarú idir insreafaí ó íocaíocht táillí a fhaightear de ghnáth ar bhonn ráithiúil nó leathbhliantúil agus eis-sreafaí as íocaíocht dliteanas de réir mar a bheidh siad dlite. Dá bhrí sin, is iomchuí a shonrú le haghaidh gach seirbhíse nó gníomhaíochta infheistíochta a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE na critéir ba cheart do na húdaráis inniúla a bhreithniú agus tomhas á dhéanamh acu ar cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear riosca leachtachta nó eilimintí riosca leachtachta gnólachta infheistíochta go leordhóthanach leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta a leagtar amach i gCuid Cúig de Rialachán (AE) 2019/2033. Ba cheart a cheangal, go háirithe, ar na húdaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar na seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta sin is íogaire do luaineachtaí margaidh toisc nach féidir na luaineachtaí sin a thuar ó thaobh uainithe ná scála de, agus toisc go bhféadfaidís difear a dhéanamh don riosca leachtachta ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear glaonna níos airde ar éarlais, brabúis níos ísle agus táillí laghdaithe. |
|
(5) |
Gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe chun airleacain nó iasachtaí a dheonú d’infheisteoirí mar sheirbhís choimhdeach, tá siad neamhchosanta ar riosca leachtachta sonrach. Infheisteoirí a bheith ag aisíoc fiach go déanach, d’fhéadfadh sé sin dochar a dhéanamh do chumas gnólachta infheistíochta a oibleagáidí a chomhlíonadh, agus leachtú comhthaobhachtaí a bhfuil a bpróifíl leachtachta meathlaithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh níos lú sócmhainní leachtacha ann lena n-úsáid ar ghnáthoibríochtaí dá dheasca sin. Ba cheart do na húdaráis inniúla dá bhrí sin measúnú a dhéanamh ar an riosca méadaithe do ghnólachtaí infheistíochta a dhéanann seirbhísí den sórt sin. |
|
(6) |
Is príomhfhoinse leachtachta do ghnólachtaí infheistíochta é an cistiú, agus má bhíonn rochtain ar chistiú teoranta nó ar fionraí, d’fhéadfadh sé go scoirfí de sheirbhísí gnólachtaí infheistíochta dá dheasca agus go mbeadh tionchar diúltach aige sin ar mhargaí agus cliaint. I bhfianaise na ndifríochtaí idir gnólachtaí infheistíochta a chistiú agus institiúidí creidmheasa a ghlacann le taiscí a chistiú, agus ina fhianaise go bhféadfadh rioscaí a bheith i gceist le rochtain ar chistiú ag gnólachtaí infheistíochta den sórt sin in imthosca áirithe, is gá a shonrú cé na heilimintí ba cheart do na húdaráis inniúla a chur san áireamh agus ceanglais shonracha maidir le cumhdach leachtachta á leagan síos acu le haghaidh gnólachtaí infheistíochta den sórt sin. |
|
(7) |
D’fhéadfadh srianta móra a bheith ar ghnólachtaí infheistíochta ó thaobh rochtain a fháil ar chistiú mar gheall ar chásanna maicreacnamaíocha agus geopholaitiúla a bheith ag dul in olcas. Ba cheart do na húdaráis inniúla dá bhrí sin measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag meathlú den sórt sin ar fhoinsí cistiúcháin gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear cistiú mórdhíola agus línte creidmheasa. Ina fhianaise sin, is gá a shonrú cé na heilimintí ar cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh orthu i ndáil le teagmhais sheachtracha dhíobhálacha, rud a d’fhéadfadh riosca leachtachta gnólachtaí infheistíochta a mhéadú. |
|
(8) |
Chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla a chinneadh cé na teagmhais oibriúcháin a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar leachtacht gnólachtaí infheistíochta, is gá na teagmhais oibriúcháin a bhfuil coinne leis go mbeidh siad ar na cinn is ábhartha do ghnólachtaí infheistíochta a shonrú mar fhothacar den liosta cineálacha teagmhas caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 324 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(9) |
D’fhéadfadh riosca leachtachta méadaithe eascairt as riosca clú, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibríochtaí gnólachtaí infheistíochta. Cé nach féidir cuid de na héifeachtaí a bhíonn ag riosca clú a thuar go héasca, is féidir coinne a bheith le cinn eile, amhail rochtain laghdaithe ar an margadh nó rochtain ar leachtacht ó chontrapháirtithe. Ba cheart do na húdaráis inniúla dá bhrí sin measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag na héifeachtaí intuartha sin a bhíonn ag riosca clú ar riosca leachtachta gnólachtaí infheistíochta. |
|
(10) |
Mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag riosca leachtachta ar fheidhmiú gnólachta infheistíochta, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta faireachán cúramach a dhéanamh ar an riosca sin. I gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir (AE) 2019/2034, tá straitéisí, beartais agus próisis stóinseacha le bheith i bhfeidhm ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear chun faireachán a dhéanamh ar riosca leachtachta agus aghaidh a thabhairt ar ghanntanais leachtachta. Is gá a shonrú, dá bhrí sin, céard ba cheart do na húdaráis inniúla a mheasúnú chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an bhainistithe agus an rialaithe a dhéanann gnólachtaí infheistíochta ar riosca leachtachta. |
|
(11) |
Dé bhrí go bhféadfaidh grúpa tuilleadh leachtachta a sholáthar do ghnólacht infheistíochta, féadfaidh an grúpa sin úsáid a bhaint freisin as acmhainní leachtacha suntasacha, ar leis an ngnólacht infheistíochta iad, trí chomhaontuithe agus sásraí eile aistrithe sócmhainní idir an ghnólacht infheistíochta, ar thaobh amháin, agus an mháthairghnóthas nó aon cheann eile d’eintitis an ghrúpa ar an taobh eile. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar struchtúr foriomlán an ghrúpa agus breithniú a dhéanamh ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag comhaontuithe agus sásraí eile aistrithe sócmhainní den sórt sin ar riosca leachtachta gnólachtaí infheistíochta ar cuid de ghrúpa den sórt sin iad. |
|
(12) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(13) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú faoi Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Measúnú ar riosca leachtachta agus eilimintí riosca leachtachta lena dtugtar údar le ceanglais shonracha maidir le cumhdach leachtachta
1. Agus méid, raon feidhme agus castacht ghníomhaíochtaí na gnólachta infheistíochta á gcur san áireamh acu, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú cúramach ar an gceanglas sonrach maidir le cumhdach leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 42 de Threoir (AE) 2019/2034 trína chinneadh cén méid oiriúnach sócmhainní leachtacha atá le sealbhú ag gnólacht infheistíochta chun riachtanais leachtachta a leanann as a ghníomhaíochtaí a chumhdach. Cinnfidh na húdaráis inniúla an méid sin trí bhreithniú a dhéanamh ar na tosca riosca uile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar staid leachtachta gnólachta infheistíochta agus bearnaí leachtachta a ghiniúint, lena n-áirítear na tosca seo a leanas:
|
(a) |
cé acu atá nó nach bhfuil riosca leachtachta ann a eascraíonn as seirbhísí infheistíochta a sholáthar, agus as gníomhaíochtaí agus seirbhísí coimhdeacha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo; |
|
(b) |
cé acu atá nó nach bhfuil riosca leachtachta ann a eascraíonn as gan foinsí cistiúcháin a bheith ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo; |
|
(c) |
cé acu atá nó nach bhfuil teagmhais sheachtracha ann a dhéanann difear do leachtacht dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo; |
|
(d) |
cé acu atá nó nach bhfuil riosca oibriúcháin ann a dhéanann difear do leachtacht dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo; |
|
(e) |
cé acu atá nó nach bhfuil riosca clú ann a dhéanann difear do leachtacht dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo; |
|
(f) |
cé acu atá nó nach bhfuil bainistiú agus rialú neamhleor ar riosca leachtachta ann dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo; |
|
(g) |
i gcás inar cuid de ghrúpa í an ghnólacht infheistíochta, struchtúr an ghrúpa agus an tionchar atá aige ar leachtacht na gnólachta infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo. |
2. I gcás gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 chun cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar na tosca agus na heilimintí riosca leachtachta dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (g). An measúnú ar an riosca leachtachta a eascraíonn as seirbhísí infheistíochta a sholáthar, agus as na gníomhaíochtaí agus na seirbhísí coimhdeacha sonracha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), féadfaidh sé díriú, áfach, ar riosca leachtachta a eascraíonn as caillteanas ioncaim de thoradh bainistiú punainne, riosca leachtachta as saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe a oibriú mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointí (22) agus (23), de Threoir 2014/65/AE, agus as airleacain nó iasachtaí a dheonú d’infheisteoirí.
3. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag na húdaráis inniúla ar riachtanais leachtachta i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, déanfaidh siad na nithe uile seo a leanas:
|
(a) |
na heilimintí uile a bhféadfadh drochthionchar ábhartha a bheith acu ar riachtanais leachtachta gnólachta infheistíochta i ngnáth-imthosca agus in imthosca faoi strus a chur san áireamh; |
|
(b) |
na sonraí stairiúla atá ar fáil maidir leis na nithe uile seo a leanas a chur san áireamh, le haghaidh tréimhse ama a mheasann sé a bheith leordhóthanach:
|
|
(c) |
comhaontuithe glanluachála conarthacha faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 a bheith ann, nó sásraí eile maolaithe riosca a bheith ann a laghdódh go héifeachtach an glan-eis-sreabhadh leachtachta ionchasach atá ag gnólachtaí infheistíochta i leith contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta eile a chur san áireamh; |
|
(d) |
a chinneadh an bhfuil próisis, sásraí agus straitéisí fónta ag an ngnólacht infheistíochta chun tomhas, faireachán agus bainistíocht a dhéanamh ar a riosca leachtachta mar a leagtar amach in Airteagail 24 agus 26 de Threoir (AE) 2019/2034; |
|
(e) |
idirnaisc ionchasacha i measc na dtosca dá dtagraítear i mír 1 a chur san áireamh; |
|
(f) |
an measúnú a bhunú ar fhaisnéis iontaofa chruinn chothrom le dáta. |
Chun críocha phointe (a), is é strus margaidh agus strus atá ina chuid dhílis de ghnólacht infheistíochta a chiallóidh imthosca faoi strus, ina bhféadfadh sé nach mbeidh rochtain ar chistiú ar bhonn tráthúil nó costéifeachtach.
4. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033, cuirfidh údaráis Airteagail 2 go 7 den Rialachán seo i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí leachtachta agus eilimintí riosca leachtachta na máthairghnólachta infheistíochta Aontais, na máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais ar bhonn a gcásanna comhdhlúite.
Airteagal 2
Measúnú ar riosca leachtachta a eascraíonn as na seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta agus as seirbhísí coimhdeacha
1. I gcás gnólachtaí infheistíochta a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Roinn A, pointí (1) nó (2), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an leibhéal riachtanas leachtachta atá le cumhdach le sócmhainní leachtacha trí na nithe uile seo a leanas a chur san áireamh:
|
(a) |
gnéithe sonracha na seirbhísí a sholáthraítear do chliaint, go háirithe an neamhréir ama idir táillí a fhaightear ó chliaint agus táillí a íoctar le hardáin trádála as orduithe a tharchur nó a fhorghníomhú thar ceann cliant; |
|
(b) |
an t-eis-sreabhadh leachtachta de dhroim táillí méadaithe rochtana ar na hardáin trádála nó socruithe nach bhfuil chomh fabhrach céanna, lena n-áirítear líon laethanta cuntas iníoctha a bheith laghdaithe ag an ngnólacht infheistíochta; |
|
(c) |
moilleanna íocaíochta táillí atá dlite ó chliaint. |
2. I gcás gnólachtaí infheistíochta a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Roinn A, pointí (3) nó (6), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an leibhéal riachtanas leachtachta atá le cumhdach le sócmhainní leachtacha trí na nithe uile seo a leanas a chur san áireamh:
|
(a) |
an measúnú ar riosca leachtachta ionlae do shuíomhanna leabhair trádála na gnólachta infheistíochta; |
|
(b) |
an riosca leachtachta a eascraíonn as an riosca go dtiocfaidh athrú ar phraghas na hionstraime lena mbaineann mar gheall ar thosca a bhaineann lena heisitheoir nó le heisitheoir na hionstraime foluití agus as an athrú ar phraghas ionstraime mar gheall ar athrú ar leibhéal na rátaí úis nó mar gheall ar ghluaiseacht leathan sa mhargadh cothromais nach mbaineann le haon tréith shonrach de na hurrúis aonair; |
|
(c) |
gnéithe sonracha ghníomhaíochtaí trádála na gnólachta infheistíochta, go háirithe próifíl aibíochta na n-idirbheart, an fhéidearthacht go dtarlóidh idirbhearta fadtéarmacha agus airgeadraí na n-idirbheart; |
|
(d) |
an leibhéal ualaithe sócmhainní, saintréithe na comhthaobhachta atá le soláthar, go háirithe a haibíocht agus a hairgeadra, agus cé acu is féidir nó nach féidir le contrapháirtithe na gnólachta infheistíochta athúsáid a bhaint as na sócmhainní a sholáthraítear mar chomhthaobhacht nó iad a ath-leithghabháil; |
|
(e) |
an leibhéal corrlaigh ionlae a bhféadfadh an ghnólacht infheistíochta a bheith faoi cheangal conarthach a bhreacadh i ngnáth-imthosca agus in imthosca faoi strus; |
|
(f) |
cé acu atá nó nach bhfuil sócmhainní leachtacha leordhóthanacha nó acmhainní eile leachtachta ag an ngnólacht infheistíochta chun gníomhaíochtaí trádála a choinneáil ar bun má bhíonn mainneachtain socraíochta nó briseadh seirbhísí ann in institiúidí taisclainne nó i mbainc chomhfhreagracha airgid thirim; |
|
(g) |
trádáil nach socraítear ar an dáta socraíochta comhaontaithe toisc nach soláthraíonn an díoltóir na hurrúis nó nach soláthraíonn an ceannaitheoir na cistí an tráth iomchuí. |
3. I gcás gnólachtaí infheistíochta a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Roinn A, pointí (4), (5) nó (7), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an leibhéal riachtanas leachtachta atá le cumhdach le sócmhainní leachtacha trí na nithe uile seo a leanas a chur san áireamh:
|
(a) |
socruithe conarthacha na gnólachta infheistíochta maidir le táillí a fhaightear a bhaineann le feidhmíocht phunanna na gcliant; |
|
(b) |
an neamhréir ama idir táillí a fhaigheann an ghnólacht infheistíochta ó chliaint, agus táillí a íocann an ghnólacht infheistíochta le soláthraithe seirbhísí a bhaineann go sonrach lena ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear anailís mhargaidh, tuarascálacha speisialaithe, anailís phunainne ghinearálta nó shaincheaptha, agus seirbhísí comhiomlánaithe; |
|
(c) |
i gcás ina dtarmligeann an ghnólacht infheistíochta bainistíocht na sócmhainní, an neamhréir ama idir táillí a fhaigheann an ghnólacht infheistíochta ó chliaint agus táillí a íocann an ghnólacht infheistíochta leis an eintiteas airgeadais tarmligthe; |
|
(d) |
i gcás ina ndearna eintiteas airgeadais eile bainistíocht na sócmhainní a tharmligean go hoifigiúil chuig an ngnólacht infheistíochta, an neamhréir ama idir táillí a fhaigheann an ghnólacht infheistíochta ón eintiteas a dhéanann an tarmligean agus costais a íocann an ghnólacht infheistíochta i ndáil leis an tarmligean; |
|
(e) |
socruithe conarthacha idir an ghnólacht infheistíochta agus gníomhairí faoi cheangal, lena n-áirítear uainiú agus atarlú íocaíochtaí leis na gníomhairí faoi cheangal; |
|
(f) |
moilleanna íocaíochta táillí atá dlite ó chliaint. |
4. I gcás gnólachtaí infheistíochta a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Roinn A, pointí (8) nó (9), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an leibhéal riachtanas leachtachta atá le cumhdach le sócmhainní leachtacha trí na nithe uile seo a leanas a chur san áireamh:
|
(a) |
neamhréir ama idir táillí a fhaightear ó chliaint agus táillí a íoctar le soláthraithe seirbhíse; |
|
(b) |
moilleanna íocaíochta táillí atá dlite ó chliaint. |
5. I gcás gnólachtaí infheistíochta a dhéanann an tseirbhís choimhdeach dá dtagraítear i Roinn B, pointe (2), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an leibhéal riachtanas leachtachta atá le cumhdach le sócmhainní leachtacha trí na nithe uile seo a leanas a chur san áireamh:
|
(a) |
na méideanna airleacan agus iasachtaí gan íoc a deonaíodh do chliaint; |
|
(b) |
próifíl leachtachta na gcomhthaobhachtaí agus an mhargaidh agus teorainneacha dlíthiúla lena leachtú; |
|
(c) |
na méideanna airleacan agus iasachtaí ar mainneachtain gan íoc a deonaíodh do chliaint. |
Airteagal 3
Measúnú ar riosca leachtachta a eascraíonn as cistiú
Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar infhaighteacht agus cáilíocht foinsí cistiúcháin gnólachta infheistíochta, breithneoidh na húdaráis inniúla na nithe uile seo a leanas:
|
(a) |
foinsí cistiúcháin atá ann cheana a bheith ar fáil agus an rochtain ar fhoinsí cistiúcháin éigeandála réamhshocraithe; |
|
(b) |
cibé urraithe nó neamhurraithe iad na foinsí cistiúcháin sin; |
|
(c) |
airgeadra na bhfoinsí cistiúcháin sin; |
|
(d) |
an méid sócmhainní neamhualaithe a bheadh ar fáil chun cistiú urraithe a fháil; |
|
(e) |
aibíochtaí éagsúla na bhfoinsí cistiúcháin sin de réir an dáta aibíochta is gaire acu agus an dáta is luaithe is féidir iad a ghlao isteach go conarthach; |
|
(f) |
an riosca go gcuirfí isteach ar shreabhadh airgid thirim laethúil na gnólachta infheistíochta de thoradh briseadh ar shaoráidí creidmheasa na gnólachta infheistíochta; |
|
(g) |
foinsí cistiúcháin tiomanta ach neamhtharraingthe eile a soláthraíodh don ghnólacht infheistíochta. |
Airteagal 4
Measúnú ar theagmhais sheachtracha a dhéanann difear do leachtacht
1. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar cé acu a chuirfeadh nó nach gcuirfeadh leibhéal leachtachta gnólachta infheistíochta ar a cumas di leanúint de bheith ag comhlíonadh a ceanglais maidir le cumhdach leachtachta i ndálaí díobhálacha maicreacnamaíocha, micreacnamaíocha agus geopholaitiúla, agus na nithe uile seo a leanas á gcur san áireamh:
|
(a) |
caillteanas acmhainneachta cistiúcháin neamhurraithe páirteach nó iomlán, lena n-áirítear leachtacht nó línte creidmheasa tiomanta nó neamhthiomanta a fuarthas; |
|
(b) |
caillteanas cistiúcháin ghearrthéarmaigh urraithe páirteach nó iomlán; |
|
(c) |
oibleagáid ionchasach fiachas a athcheannach nó oibleagáidí neamhchonarthacha a chomhlíonadh. |
2. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar na teagmhais dá dtagraítear i mír 1, breithneoidh na húdaráis inniúla teagmhais a bhaineann leis an margadh, cineálacha sonracha struis a bhaineann le cás eisitheoirí shócmhainní na gnólachta infheistíochta nó a bhaineann leo siúd a sholáthraíonn cistiú don ghnólacht infheistíochta, agus meascán díobh sin.
3. I gcás inar cuid de ghrúpa í an ghnólacht infheistíochta, cinnfidh na húdaráis inniúla conas a d’fhéadfadh na dálaí díobhálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 difear a dhéanamh do staid leachtachta an ghrúpa ina iomláine agus conclúidí an mheasúnaithe a dhéantar faoi Airteagal 8.
Airteagal 5
Measúnú ar riosca oibriúcháin a dhéanann difear do leachtacht
Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar iarmhairtí aon cheann de na teagmhais oibriúcháin seo a leanas ar leachtacht na gnólachta infheistíochta:
|
(a) |
gan na córais a úsáideann an ghnólacht infheistíochta chun an margadh nó foinsí cistiúcháin a rochtain a bheith ar fáil; |
|
(b) |
briseadh seirbhísí in institiúidí taisclainne agus i mbainc chomhfhreagracha airgid thirim; |
|
(c) |
calaois sheachtrach nó inmheánach; |
|
(d) |
cúiteamh agus éilimh a bhaineann le hearráidí forghníomhaithe orduithe. |
Airteagal 6
Measúnú ar riosca clú a dhéanann difear do leachtacht
Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an gcaoi a bhféadfadh aon cheann de na teagmhais seo a leanas a bhaineann le caillteanas clú difear a dhéanamh do riosca leachtachta na gnólachta infheistíochta:
|
(a) |
tá rochtain na gnólachta infheistíochta ar an margadh laghdaithe; |
|
(b) |
tá foinsí cistiúcháin na gnólachta infheistíochta laghdaithe ag a contrapháirtithe; |
|
(c) |
laghdaíonn contrapháirtithe margaidh a neamhchosaintí ar an ngnólacht infheistíochta in oibríochtaí thar an gcuntar. |
Airteagal 7
Measúnú ar bhainistiú agus rialú fónta ar riosca leachtachta
Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil bainistiú agus rialuithe riosca fónta ar a hacmhainní leachtachta i bhfeidhm ag an ngnólacht infheistíochta, mar a leagtar amach in Airteagail 24 agus 26 de Threoir (AE) 2019/2034 trí bhreithniú a dhéanamh ar na straitéisí, beartais, próisis agus córais atá i bhfeidhm chun leibhéil oiriúnacha acmhainní leachtachta a choinneáil ar bun, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
|
(a) |
na córais chun tomhas, bainistíocht agus tuairisciú a dhéanamh ar riosca leachtachta agus creat rialachais na gnólachta infheistíochta, lena n-áirítear leordhóthanacht a feidhme bainistithe riosca; |
|
(b) |
aon bheart maolaithe, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin de chuid na gnólachta infheistíochta a bhfuil eis-sreafaí móra airgid ag teastáil lena n-aghaidh a laghdú, a línte creidmheasa a bhunú, a méadú ar an gcaipiteal in airgead tirim agus an úsáid a bhaineann sí as sócmhainní mar chomhthaobhacht in idirbhearta athcheannaigh; |
|
(c) |
stóinseacht phlean téarnaimh na gnólachta infheistíochta, i gcás ina mbeidh feidhm ag an oibleagáid chun plean téarnaimh a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/59/AE (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
Airteagal 8
Measúnú ar an struchtúr grúpa atá ábhartha do riosca leachtachta
1. I gcás inar cuid de ghrúpa í gnólacht infheistíochta, déanfaidh na húdarás inniúla measúnú ar an riosca a bhaineann le comhchruinniú iomarcach d’acmhainní leachtachta i measc eintitis an ghrúpa.
2. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil sásraí i bhfeidhm lena n-iarrtar ar ghnólacht infheistíochta cuid dá hacmhainní leachtachta nó na hacmhainní sin uile a aistriú chuig aon mháthairghnóthas nó chuig aon eintiteas eile den ghrúpa.
3. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar na sásraí a úsáidtear laistigh den ghrúpa chun rochtain ar leachtacht margaidh nó cistiúcháin a sholáthar don ghnólacht infheistíochta nó chun riosca leachtachta na gnólachta infheistíochta a mhaolú, agus go háirithe, éifeachtacht sásraí den sórt sin, bunaithe ar cé acu atá nó nach bhfuil na sásraí sin ina socruithe réamhshocraithe foirmiúla.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 314, 5.12.2019, lch. 64.
(2) Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).
(3) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(6) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
|
23.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 208/11 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1652 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Lúnasa 2023
lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Sidra da Madeira’ (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Phortaingéil ar chlárú an ainm ‘Sidra da Madeira’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
|
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Sidra da Madeira’ a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm ‘Sidra da Madeira’ (TGFC) cláraithe anois.
Leis an ainm dá dtagraítear sa chéad mhír, sainítear táirge de chuid Aicme 1.8. Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí, etc.) a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Lúnasa 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 156, 3.5.2023, lch. 31.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).