ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 205

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
18 Lúnasa 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1640 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2023 maidir leis an modheolaíocht chun sciar an bhithbhreosla agus an bhithgháis le haghaidh iompair a chinneadh, ar bithbhreosla agus bithghás iad arna dtáirgeadh ó bhithmhais a phróiseáil le breoslaí iontaise i bpróiseas comhchoiteann

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1641 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Vaca de Extremadura (TGFC))

7

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 205/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1640 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Meitheamh 2023

maidir leis an modheolaíocht chun sciar an bhithbhreosla agus an bhithgháis le haghaidh iompair a chinneadh, ar bithbhreosla agus bithghás iad arna dtáirgeadh ó bhithmhais a phróiseáil le breoslaí iontaise i bpróiseas comhchoiteann

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 28(5) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De ghnáth, tagraíonn comhphróiseáil d’aonad scaglainne ola a phróiseálann bunábhar bithmhaise in éineacht le bunábhar iontaise agus a dhéanann breoslaí deiridh díobh. Mar sin féin, féadfar an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm freisin i gcásanna eile, is é sin le rá i gcás suiteálacha a dhéanann cóireáil ar bhithleachtanna agus ar ola iontaise nó i gcás suiteálacha a dhéanann comhphróiseáil ar dhramhaíola bithbhunaithe agus neamh-bhithbhunaithe. Mar shampla, d’fhéadfadh an bunábhar bithmhaise a bheith ina ábhar bunaithe ar lipidí, amhail ola glasraí, tallola amh nó ola phirealaithe, agus is as amhola a thagann an bunábhar iontaise de ghnáth. Maidir leis na breoslaí deiridh a tháirgtear ó mheascán bunábhair den sórt sin, is iondúil gur breosla díosail, scairdbhreosla, ola théite, breosla muirí, gásailín agus comhpháirteanna gásailín atá iontu, agus uaireanta is gás própáin, comhpháirt de Ghás Peitriliam Leachtaithe, atá iontu, agus is féidir le mionchodáin de tháirgí eile a bheith iontu freisin. Thar aon ní eile, tá sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithghás i mbreoslaí comhphróiseáilte den sórt sin. Maidir le haonad táirgthe a úsáideann bithmheatán mar bhunábhar a tarraingíodh siar ón mbonneagar idirnasctha, a dheimhnítear agus a rianaítear trí chóras maischothromaíochta an bhonneagair gáis idirnasctha, ní mheastar gur cineál comhphróiseála é de réir bhrí an Rialacháin Tharmligthe seo.

(2)

Chun críocha an Rialacháin Tharmligthe seo, tagraíonn bithghás don ghás de thionscnamh an bhunábhair bithmhaise a tháirgtear ó chomhphróiseáil an bhunábhair bithmhaise sin mar aon le bunábhar iontaise chun iad a thiontú ina mbreoslaí leachtacha agus gásacha deiridh.

(3)

Chun gur féidir sciar in-athnuaite na mbreoslaí a tháirgtear i bpróiseas comhchoiteann ó bhithmhais agus ó bhunábhar iontaise a áireamh faoi chomhair na spriocanna a bhunaítear faoi Threoir (AE) 2018/2001 agus chun rannchuidiú go héifeachtach le hastaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas a laghdú, ceanglaítear le hAirteagal 28(5) den Treoir sin ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh ina sonrófar an mhodheolaíocht chun an sciar de bhithbhreosla, agus de bhithghás le haghaidh iompair, a chinneadh, a eascraíonn as bithmhais a phróiseáil le breoslaí iontaise i bpróiseas comhchoiteann.

(4)

Chun cothromaíocht a bhaint amach idir costais fíorúcháin agus cruinneas na dtástálacha, ceadaítear leis an ngníomh tarmligthe d’oibreoirí eacnamaíocha modh tástála comhchuibhithe comhchoiteann a úsáid, bunaithe ar thástáil radacarbóin (14C), nó a modhanna tástála féin a úsáid, modhanna a d’fhéadfadh a bheith sonrach do chuideachta nó do phróiseas. Chun a áirithiú, áfach, go gcuirtear modh coiteann fíorúcháin i bhfeidhm ar an margadh, oibreoirí eacnamaíocha a úsáideann modh seachas an tástáil radacarbóin (14C) mar an príomh-mhodh tástála, ba cheart dóibh úsáid rialta a bhaint as tástáil radacarbóin (14C) ar na haschuir chun cruinneas an phríomh-mhodha tástála a úsáidtear a fhíorú. Ina theannta sin, chun ligean d’oibreoirí eacnamaíocha dul i dtaithí ar chur i bhfeidhm na tástála radacarbóin (14C) in éineacht le modh tástála eile mar phríomh-mhodh, ceadaítear roinnt solúbthachta maidir leis an gcéatadán inghlactha diallais idir torthaí na bpríomhthástálacha fíoraithe agus torthaí an dara tástálacha fíorúcháin araon laistigh den chéad bhliain a chuirtear an mhodheolaíocht sin i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

MODHEOLAÍOCHT CHUN SCIAR AN BHITHBHREOSLA, AGUS AN BHITHGHÁIS LE HAGHAIDH IOMPAIR, A CHINNEADH, AR BITHBHREOSLA AGUS BITHGHÁS IAD ARNA DTÁIRGEADH Ó BHITHMHAIS A PHRÓISEÁIL LE BREOSLAÍ IONTAISE I BPRÓISEAS COMHCHOITEANN

Airteagal 1

Cur chuige foriomlán agus cur i bhfeidhm modhanna incháilithe

1.   Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann comhphróiseáil ar bhithmhais modh tástála cuideachta-shonrach nó próiseas-shonrach a fhorbairt agus a úsáid chun an sciar den bhithchion atá bunaithe ar charbón atá curtha in oiriúint dá ndearadh monarchan agus dá meascán bunábhair ar leith a chinneadh. Beidh an príomh-mhodh tástála sin bunaithe ar mhaischothromaíocht nó ar chothromaíocht fuinnimh, ar mhodhanna táirgeachta, nó ar thástáil radacarbóin (14C) (i.e. brath radacarbóin trí mhodh na Mais-Speictriméadrachta Luasaire nó an Áirimh Drithlíochta Leachta) ar na haschuir.

2.   Measfaidh oibreoirí eacnamaíocha gur teorainneacha an chórais iad an scaglann iomlán, an tsuiteáil lena ndéantar cóireáil ar bhithleachtanna agus ar ola iontaise nó an tsuiteáil a dhéanann comhphróiseáil ar ionchuir dramhaíola, gan beann ar an modh tástála a úsáidtear. Measfar gur lasmuigh de theorainneacha an chórais é cumasc breoslaí comhphróiseáilte le breoslaí eile. Déanfar an tástáil radacarbóin (14C) sula ndéanfar na breoslaí a tháirgtear trí chomhphróiseáil a chumasc a thuilleadh le breoslaí iontaise eile nó bithbhreoslaí nach raibh ina gcuid den chomhphróiseáil féin.

3.   Nuair a thuairiscíonn oibreoirí eacnamaíocha torthaí comhphróiseála, tabharfaidh siad mionsonraí maidir le cruinneas agus beachtas an mhodha tástála a úsáideadh. Coinneoidh oibreoirí eacnamaíocha cuntas ar aon mhíchruinneas ina dtomhais sreafaí nó luachanna téimh, agus tuairisceoidh siad iad, mar chuid dá bpríomh-mhodh tástála. Cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha an modh tástála céanna i bhfeidhm ar aonaid phróiseála éagsúla de chuid na scaglainne céanna, na suiteála céanna ina ndéantar cóireáil ar bhithleachtanna agus ar ola iontaise nó na suiteála céanna a dhéanann comhphróiseáil ar ionchuir dramhaíola. Mura bhfuil nasc idir na haonaid sin agus mura bhfuil aon sreabhadh eatarthu, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha modhanna tástála éagsúla a chur i bhfeidhm. I gcás suiteálacha a dhéanann comhphróiseáil ar ionchuir dhramhaílbhunaithe, ní féidir an mhodheolaíocht agus an fíorú sin trí thástáil radacarbóin (14C) a chur i bhfeidhm ach amháin más féidir tacar samplaí iontaofa agus ionadaíoch a dhéanamh ar leibhéal na n-ionchur lenar féidir an bhithchion sna hionchuir iomlána a chinneadh.

4.   Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha gur féidir le teorainn bhraite an mhodha tástála arna roghnú an sciar ionchasach de bhithbhreoslaí nó de bhithghás sa phróiseas a thomhas go héifeachtach.

5.   Nuair a thuairisceoidh oibreoirí eacnamaíocha torthaí comhphróiseála trí úsáid a bhaint as príomh-mhodh tástála seachas modh atá bunaithe ar thástáil radacarbóin (14C), úsáidfidh siad tástáil radacarbóin (14C) ar na haschuir mar bhealach rialta chun cruinneas fheidhmíocht a gcórais agus thorthaí an phríomh-mhodha tástála arna úsáid a fhíorú. Beidh gá le fíorú trí thástáil radacarbóin (14C) i gcás gach aschuir a maítear ina leith go bhfuil bithchion carbóin-bhunaithe ann.

6.   Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha doiciméadú críochnúil ar mhéideanna agus ar chineálacha na bithmhaise a théann isteach sa phróiseas comhchoiteann i gcás ina bpróiseáiltear bithmhais le breoslaí iontaise, chomh maith leis na méideanna bithbhreosla agus bithgháis a tháirgtear ón mbithmhais sin. Ina theannta sin, tabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha bunús leis an bhfaisnéis sin le fianaise, lena n-áirítear torthaí an phríomh-mhodha tástála rialaithe a leagtar amach i mír 1 agus torthaí an mhodha fíoraithe a leagtar amach i mír 5 nó in Airteagal 5 agus an sciar hidrigine de thionscnamh bitheolaíoch á chinneadh.

Airteagal 2

Modh maiscothromaíochta

1.   Má úsáidtear modh maischothromaíochta, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an anailís iomlán maischothromaíochta ar mhais iomlán na n-ionchur agus na n-aschur. Áiritheofar leis an modh maischothromaíochta go bhfuil bithchion gach aschuir comhréireach le bithchion na n-ionchur agus go leithdháilfear sciar an ábhair bhithghinigh a shainaithnítear le torthaí tástála radacarbóin 14C ar gach aschur. Cuirfear fachtóirí coinbhéartachta éagsúla i bhfeidhm maidir le gach aschur, arb iad na fachtóirí is cruinne a chomhfhreagraíonn don bhithchion tomhaiste trí thorthaí tástála radacarbóin 14C iad. Cuirfear san áireamh leis an aschur an mhais a chailltear in easgháis, i bhfuíolluiscí tionsclaíocha leachtacha agus in iarmhair sholadacha. Áireofar sa mhodh maischothromaíochta saintréithriú anailíseach breise ar bhunábhair agus ar tháirgí, amhail anailísí deiridh agus anailísí neas-chomhábhair ar shreafaí maise an chórais.

2.   Má úsáidtear modh maischothromaíochta mar an príomh-mhodh, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha an taise agus eisíontais eile nach eisíontais bhreosla iad ina mbunábhar agus in aschuir a bpróiseas táirgthe a chur san áireamh sa ríomh.

Airteagal 3

Modh cothromaíochta fuinnimh

Má úsáidtear modh cothromaíochta fuinnimh, cinnfear sciar fuinnimh an bhithchion i ngach aschur ó chéim chomhphróiseála i scaglann ola a bheith cothrom le sciar fuinnimh an bhithchion ag an ionchur scaglainne. Leis an modh cothromaíochta fuinnimh, déanfar taifead ar an gcion fuinnimh sa bhithmhais agus sna bunábhair iontaise agus ar an bhfuinneamh próisis a théann isteach sa tsaoráid chomhphróiseála. Déanfar cion fuinnimh na bithmhaise agus na mbunábhar iontaise araon a ríomh trí úsáid a bhaint as mais an bhunábhair agus as a luach téimh níos ísle (LHV, arna thomhas in MJ in aghaidh an kg). An bith-chodán, arna ríomh mar ionchur bithfhuinnimh roinnte ar an ionchur iomlán fuinnimh, cuirfear i bhfeidhm é maidir le gach aschur breosla a eascraíonn as comhphróiseáil chun bithchion na mbreoslaí deiridh a tháirgtear a chinneadh. Cuirfear fachtóirí coinbhéartachta éagsúla i bhfeidhm maidir le gach aschur, arb iad na fachtóirí is fearr a chomhfhreagraíonn don bhithchion tomhaiste trí thorthaí tástála radacarbóin 14C iad.

Airteagal 4

Modhanna toraidh

1.   I gcás ina n-úsáidtear modh toraidh, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha ceann den dá mhodh a bhfuil tuairisc orthu thíos a úsáid chun fachtóir toraidh a fháil atá le cur i bhfeidhm ar phróiseas comhchoiteann an táirgthe breosla:

(a)

Modh Toraidh A. Déanfar torthaí na dtáirgí éagsúla a bhreathnú agus a thaifeadadh ar dtús nuair a oibríonn na haonaid phróiseála le bunábhar iontaise íon amháin nó, i gcás feidhmeanna sonracha (e.g. tiúchain theoranta) ar aonaid scála phíolótacha atá ionadaíoch do na haonaid ar scála tráchtála. Ansin, cuirfear sciar de bhunábhair bhithmhaise leis an sruth ionchuir agus déanfar an éifeacht incriminteach ar na torthaí a bhreathnú agus a thaifeadadh. Déanfar an bithchion a shannadh do gach táirge ansin i gcomhréir leis an méadú ar a tháirgeacht. Ní bheidh gach fachtóir toraidh bailí ach do na hionchuir thagartha agus do na coinníollacha próisis ar bunaíodh an fachtóir toraidh ina leith, agus dóibh siúd amháin. Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha fachtóirí toraidh éagsúla a shainiú chun tagairt a dhéanamh do phróisis éagsúla agus do dhálaí oibriúcháin éagsúla. Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis na rialacha a shonraítear sa Rialachán seo, na fachtóirí toraidh nach mór d’oibreoirí eacnamaíocha a úsáid ar a gcríoch a shainiú. Má úsáidtear fachtóirí toraidh éagsúla, déanfar tástáil radacarbóin 14C gach uair a úsáidtear fachtóir toraidh nua agus déanfar an comhghaol idir na hionchuir thagartha agus na coinníollacha próisis a sheiceáil agus, más gá, a thabhairt cothrom le dáta.

(b)

Modh Toraidh B. Leis an modh seo, bunófar gaolmhaireacht idir an bith-ionchur agus an bith-aschur aonaid comhphróiseála. Cinnfear an fachtóir coinbhéartachta trí roinnt baisceanna bunábhair a phróiseáil faoi dhálaí comhphróiseála atá ar eolas, lena n-áirítear tréithriú iomlán ar ionchuir agus ar aschuir an chórais. Tar éis an comhghaol fachtóra toraidh sin a chinneadh, is féidir é a chur i bhfeidhm maidir leis an mbith-bhunábhar atá den chineál céanna agus den cháilíocht chéanna leis an mbith-bhunábhar a úsáidtear san aonad comhphróiseála céanna atá ag obair faoi na dálaí oibriúcháin céanna.

2.   Ní fhéadfaidh oibreoirí eacnamaíocha modhanna toraidh a úsáid mar phríomh-mhodh ach amháin má choinnítear an córas faoi dhálaí oibriúcháin tagartha arna sainiú acu, lena n-áirítear le haghaidh cháilíocht an bhunábhair. Má úsáideann oibreoirí eacnamaíocha modh toraidh, úsáidfidh siad tástáil radacarbóin 14C mar mhodh rialaithe chun a fhachtóir toraidh a fhíorú ar a laghad aon uair a athraíonn siad na dálaí oibriúcháin tagartha agus i gcomhréir le hAirteagal 6.

3.   Léireoidh an t-oibreoir eacnamaíoch oibriú leanúnach an ghléasra faoi dhálaí comhphróiseála atá ar eolas trí thástáil 14C a dhéanamh ar gach bith-ionchur sonrach, tástáil a úsáidtear chun a fhachtóir coinbhéartachta sonrach a ríomh.

Airteagal 5

An sciar hidrigine de thionscnamh bitheolaíoch a chinneadh

1.   Má dhéanann an córas táirgthe hidrigin in-athnuaite de thionscnamh bitheolaíoch a chomhphróiseáil, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha tionscnamh na hidrigine a dhoiciméadú agus fianaise a chur ar fáil ina leith, agus cuirfidh siad cruthúnas ar fáil chomh maith maidir leis an hidrigin a théann isteach san aonad hidreachóireála nó in aonad comhphróiseála eile, lena gcruthófar an méid seo a leanas:

(a)

nár áiríodh í mar fhuinneamh in-athnuaite in áit eile chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, agus

(b)

gur ionchorpraíodh í sa bhreosla deiridh agus nár úsáideadh í go simplí chun eisíontais a bhaint.

2.   Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha anailís choiteann eiliminteach scaglainne a úsáid amhail tástáil CHN (Carbón, Hidrigin, Nítrigin) chun cion hidrigine an ábhair a chainníochtú roimh an hidreachóireáil agus tar éis na hidreachóireála mar bhealach chun aon mhéadú a d’fhéadfadh teacht ar chion hidrigine an bhreosla a dhoiciméadú. Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha aon mhéadú den sórt sin a chur san áireamh mar bhithbhreosla nó bithghás breise san aschur. Déanfaidh an soláthraí nó na hoibreoirí eacnamaíocha féin tionscnamh bitheolaíoch na hidrigine a úsáidtear i hidreachóireáil nó i gcomhphróiseáil a dheimhniú, i gcás gur táirgeoirí iad freisin sula n-úsáidtear an hidrigin.

CAIBIDIL II

FÍORÚ AR CHRUINNEAS MHAÍMH NA N-OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA MAIDIR LE SCIAR AN BHITHBHREOSLA, AGUS AN BHITHGHÁIS LE HAGHAIDH IOMPAIR, A EASCRAÍONN AS BITHMHAIS A PHRÓISEÁIL LE BREOSLAÍ IONTAISE I BPRÓISEAS COMHCHOITEANN

Airteagal 6

Ceanglais shonracha maidir le tástáil radacarbóin (14C)

1.   Agus tástáil radacarbóin (14C) á déanamh acu, cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha modh na Mais-Speictriméadrachta Luasaire i bhfeidhm. Féadfaidh siad, áfach, modh an Áirimh Drithlíochta Leachta a chur i bhfeidhm má mheastar go mbeidh 1 % toirte ar a laghad sa bhithroinnt agus má tá an sampla oiriúnach don mhodh tástála sin, go háirithe maidir le cáithníní atá sa leacht.

2.   Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha, agus tástáil radacarbóin 14C á déanamh acu, gur féidir leis an gcineál tástála radacarbóin 14C arna roghnú an bhithroinnt a bhrath agus a chainníochtú go hiontaofa. Tabharfaidh siad mionsonraí faoi chruinneas agus faoi bheachtas na dtorthaí.

3.   Leis an tástáil radacarbóin 14C, déanfar cainníochtú freisin ar aon chaillteanas carbóin de thionscnamh bithghineach mar gheall ar an bpróiseas chun ocsaigin a bhaint den bhunábhar bithghineach trí chomparáid a dhéanamh idir carbón bithghineach agus carbón iontaise sna hionchuir agus sna táirgí aschuir.

4.   Má léiríonn tástáil radacarbóin 14C, agus é in úsáid mar dhara modh tástála maidir le fíorú an bhithchion in aschur, diallas níos mó ná 1 % i ndearbhthéarmaí, i gcomparáid le torthaí an phríomh-mhodha a d’úsáid an t-oibreoir eacnamaíoch, measfar luachanna na tástála radacarbóin 14C a bheith bailí. Sa chéad bhliain de chur i bhfeidhm na modheolaíochta sin, is féidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha diallas méadaithe de 3 % i ndearbhthéarmaí seachas 1 % a chur i bhfeidhm, go dtí go ndéanfaidh siad a gcóras modhanna tástála a mhionchoigeartú. Ina theannta sin, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch athbhreithniú ar a phríomh-mhodhanna tástála chun aon earráid sa chóras as a n-eascraíonn diallas den sórt sin a cheartú agus déanfaidh sé modh tástála a chalabrú más gá.

5.   Cinnfear an mhinicíocht chun an príomh-mhodh tástála agus an modh tástála radacarbóin 14C a dhéanamh, nuair a úsáidtear é mar dhara modh tástála maidir le fíorú, trí chastacht agus inathraitheacht phríomhpharaiméadair na comhphróiseála a chur san áireamh, ar bhealach lena n-áiritheofar go léireoidh na maímh maidir le bithchion a sciartha iarbhír tráth ar bith. Déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha an sciar bithchion a ríomh i gcás gach baisce nó coinsíneachta ar a laghad. Mura gcuirtear modh i bhfeidhm lenar féidir na dálaí oibriúcháin a bhaineann leis an gcion carbóin san aschur i gcás gach baisce nó coinsíneachta a mhapáil, déanfar an modh tástála radacarbóin 14C gach uair a bheidh athrú is mó ná 5 % ann, i gcomparáid leis na dálaí bunlíne, i gcomhdhéanamh an bhunábhair i dtéarmaí sciar an ionchuir bhithghinigh nó líon na n-ionchur hidrigine agus catalaíoch sa mhais iomlán, i bparaiméadair an phróisis i dtéarmaí theocht an phróisis i ndearbh-bhrú [K] nó i dtéarmaí bhrú an phróisis i ndearbh-bhrú [Pa] nó i gcomhdhéanamh an táirge. Soláthrófar anailís eiliminteach ar charbón, ocsaigin agus nítrigin, mar aon le hanailís ar chion an uisce agus na solad, mar bhonn chun measúnú a dhéanamh ar pharaiméadair chomhdhéanamh an táirge. I ngach cás, déanfar an modh tástála radacarbóin 14C uair amháin gach 4 mhí ar a laghad.

Airteagal 7

Taifid a choinneáil, próisis a rialú, iniúchadh agus tuairisciú a dhéanamh ar dhiallais

1.   Nuair a mhaíonn oibreoirí eacnamaíocha go bhfuil sciar sonrach de bhithbhreoslaí nó de bhithghás sa bhreosla a chuir siad ar an margadh, coinneoidh siad samplaí ar feadh 2 bhliain ar a laghad chomh maith le taifid ar shonraí tomhais agus ar ríomhanna. Tabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha rochtain iomlán do chomhlachtaí deimhniúcháin agus dá n-iniúchóirí ar na samplaí agus na taifid sin mar aon le fianaise eile. Ullmhóidh oibreoirí eacnamaíocha tuairisc mhionsonraithe ar an bpríomh-mhodh tástála a d’úsáid siad, lena n-áirítear léiriú ar a chruinneas agus a bheachtas arna fhíorú freisin tríd an tástáil radacarbóin 14C a chur i bhfeidhm agus in éineacht le nós imeachta chun é a chur i bhfeidhm.

2.   Chun rioscaí diallas a sheachaint agus chun fíorú iniúchta shiarghabhálach ar chruinneas na maímh a dhéanann scaglanna nó suiteálacha comhphróiseála eile ar an mbithroinnt ina mbreoslaí a éascú, cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha córas foriomlán maischothromaíochta i bhfeidhm lena léirítear cion bithghineach an ionchuir agus an aschuir. Déanfaidh siad an ríomh maischothromaíochta sin i gcomhthráth leis an bpríomh-mhodh tástála chun torthaí an dá mhodh a sheiceáil agus a chur i gcomparáid le chéile maidir le measúnú a dhéanamh ar an mbithroinnt i mbreoslaí deiridh a tháirgtear.

3.   Más rud é, laistigh de theorainneacha na scaglainne nó na suiteála comhphróiseála eile, go meascann oibreoirí eacnamaíocha aschur na comhphróiseála le breoslaí eile, úsáidfidh siad córas maischothromaíochta lenar féidir coinsíneachtaí breoslaí a tháirgtear mar thoradh ar bhithmhais, a dhéantar a phróiseáil le breoslaí iontaise i bpróiseas comhchoiteann, a mheascadh le breoslaí eile, agus faisnéis leordhóthanach á soláthar acu faoi shaintréithe agus méideanna na gcoinsíneachtaí, i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001.

4.   Aon diallas a shainaithníonn iniúchóirí comhlachtaí deimhniúcháin i scaireanna bithbhreoslaí nó bithgháis sa bhreosla a chuireann oibreoirí eacnamaíocha ar an margadh, caithfear leis mar mhór-neamhchomhréireacht agus tabharfar fógra ina leith láithreach do na scéimeanna deonacha nó do scéimeanna deimhniúcháin eile lena bhfíoraítear go gcomhlíonann an breosla a eascraíonn as bithmhais na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29 (2) go (7) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001.

5.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát maímh na n-oibreoirí eacnamaíocha a fhíorú freisin maidir le sciar na mbithbhreoslaí nó an bhithgháis sna breoslaí a chuireann siad ar an margadh trí úsáid a bhaint as na modhanna dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Rialachán seo. Tabharfar fógra láithreach faoi aon diallas a shainaithnítear mar thoradh ar na seiceálacha rialaithe sin don chomhlacht deimhniúcháin agus don scéim dheonach nó do scéimeanna deimhniúcháin eile a dheimhnigh na maímh.

6.   I gcás na bhfógraí sin a dhéanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin nó údaráis inniúla na mBallstát, beidh sé d’oibleagáid ar an scéim deimhniúcháin lena mbaineann gníomhú láithreach tríd an gcás a imscrúdú. Má dhearbhaíonn a n-imscrúdú torthaí an chomhlachta deimhniúcháin nó torthaí údarás inniúil an Bhallstáit, caithfidh an scéim deimhniúcháin leis na diallais mar mhór-neamhchomhréireacht agus cuirfear deimhniú an oibreora eacnamaíoch ar fionraí láithreach.

7.   Chun cruinneas na maíomh a cheartú, úsáidfear na luachanna níos ísle arna mbunú leis na seiceálacha rialaithe mar bhonn chun na maímh a athríomh. Ina theannta sin, spreagfaidh na scéimeanna deimhniúcháin an t-oibreoir eacnamaíoch chun athbhreithniú a dhéanamh ar a mhodhanna tástála chun, inter alia, aon earráid sa chóras as a dtagann diallais den sórt sin a cheartú.

8.   Déanfar éifeachtacht na mbeart a dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch a bhailíochtú le hiniúchadh eile ar an gcomhlacht deimhniúcháin sular féidir fionraí a dheimhniú a bhaint.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 205/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1641 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Lúnasa 2023

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Vaca de Extremadura’ (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Spáinn ar chlárú an ainm ‘Vaca de Extremadura’ a in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Vaca de Extremadura’ a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ba cheart an t-ainm ‘Vaca de Extremadura’ (TGFC) a chlárú.

Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír, sainítear táirge de chuid Aicme 1.1. Feoil (agus scairteach) úr atá faoi Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 130, 14.4.2023, lch. 20.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).