ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 201

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
11 Lúnasa 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1626 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a mhéid a bhaineann leis an sásra pionóis le haghaidh teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe arna gcur isteach ag CPLanna le haghaidh socraíochta ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2023/1627 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a mhéid a bhaineann le húdarú na substainte bis(2-eitilheicsil)cioglaiheacsán-1,4-décharbocsaláit (Uimh. FCM 1079) ( 1 )

4

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1628 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena ndiúltaítear d’iarratas ar thásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Лидский квас/Lidski kvas (TGFC)) (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5371)

7

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

11.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 201/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1626 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Aibreán 2023

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a mhéid a bhaineann leis an sásra pionóis le haghaidh teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe arna gcur isteach ag CPLanna le haghaidh socraíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 7(15), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 7(11) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, níl feidhm le bheith ag an gcóras pionós airgid maidir le rannpháirtithe a dteipfidh orthu agus ar contrapháirtithe lárnacha iad.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 ón gCoimisiún (2), mar is infheidhme faoi láthair, maidir le sásra sonrach i dtaca le bailiú agus dáileadh pionós airgid ag contrapháirtithe lárnacha (“sásra pionóis”) chun a áirithiú, i leith teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe, i gcás ina ndéanfaidh contrapháirtithe lárnacha iad féin a idirchur idir contrapháirtithe, nach gcuirfear pionóis airgid i bhfeidhm ar chontrapháirtithe lárnacha.

(3)

Mar gheall ar an iliomad páirtithe lena mbaineann, áfach, cuireann cur i bhfeidhm an tsásra pionóis ag contrapháirtithe lárnacha rioscaí oibriúcháin, castachtaí teicniúla agus costais leis an bpróiseas chun pionóis airgid a bhailiú agus a dháileadh le haghaidh teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe. D’fhéadfadh taisclanna lárnacha urrús pionóis maidir le teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe a ríomh, a chur i bhfeidhm, a bhailiú agus a athdháileadh ina n-iomláine ó na rannpháirtithe uile agus ar na rannpháirtithe uile a shainaithnítear sna treoracha socraíochta arna gcur isteach ag contrapháirtithe lárnacha, i gcomhréir le hAirteagail 16, 17 agus 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229, mar aon phionós eile ar theipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta neamh-imréitithe.

(4)

De bhun Airteagal 2(19) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, féadfaidh aon institiúid, contrapháirtí lárnach, gníomhaire socraíochta, oibreoir córais tithe imréitigh nó comhalta imréitigh de chontrapháirtí lárnach cáiliú mar rannpháirtí.

(5)

Chun ríomh, bailiú agus dáileadh na bpionós airgid maidir le teipeanna treoracha socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe arna gcur isteach ag contrapháirtithe lárnacha a éascú, agus san am céanna na rioscaí agus an costas a bhaineann le próiseas den sórt sin a laghdú, ba cheart do thaisclanna lárnacha urrús na pionóis airgid a bhaineann le treoracha socraíochta arna gcur isteach ag contrapháirtithe lárnacha le haghaidh idirbhearta imréitithe a ríomh, a bhailiú óna rannpháirtithe ábhartha agus a dháileadh orthu, de bhun Airteagail 16, 17 agus 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229.

(6)

I gcás ina ndéanfaidh contrapháirtithe lárnacha iad féin a idirchur idir contrapháirtithe, is iondúil gurb é nialas glanmhéid na bpionós nach mór do thaisclanna lárnacha urrús a bhailiú agus a dháileadh i ndáil le treoracha socraíochta arna gcur isteach ag contrapháirtí lárnach, ós rud é gurb é atá sna treoracha socraíochta arna gcur isteach ag an gcontrapháirtí lárnach an dá chéim de na hidirbhearta imréitithe. Mar sin féin, i gcásanna áirithe amhail seachadadh déanach urrús chuig contrapháirtí lárnach ar an dáta socraíochta atá beartaithe nach gceadaíonn na treoracha seachadta ón gcontrapháirtí lárnach a shocrú, nó i gcásanna ina bhfuil difríochtaí sna pionóis arna ríomh ag taisclanna lárnacha urrús éagsúla, féadfaidh suíomhanna neamhchomhardaithe i leith idirbhearta imréitithe fanacht i leabhair na gcontrapháirtithe lárnacha agus d’fhéadfadh glanmhéid na bpionós a bheidh le bailiú ó chontrapháirtithe lárnacha, nó le dáileadh orthu, a bheith éagsúil le nialas. I gcásanna den sórt sin, ba cheart cead a bheith ag na contrapháirtithe lárnacha glanmhéid na bpionós, an chreidmheasa nó an dochair atá fágtha a leithdháileadh ar a gcomhaltaí imréitigh. Ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha sásra iomchuí a bhunú ina rialacha chuige sin.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a leasú dá réir sin.

(8)

Chun a áirithiú nach ndéanfar difear cúlghabhálach do ríomh na bpionós le haghaidh teipeanna socraíochta a tharlóidh roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, is iomchuí forálacha idirthréimhseacha a chur san áireamh.

(9)

Ionas go mbeidh contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna lárnacha urrús in ann na hoiriúnuithe teicneolaíochta is gá a chur chun feidhme d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an sásra pionóis leasaithe, is iomchuí cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar.

(10)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a forbraíodh i ndlúthchomhar le comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin.

(11)

An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229:

‘Airteagal 19

Sásra pionóis le haghaidh teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe arna gcur isteach ag CPLanna le haghaidh socraíochta

Maidir le teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe arna gcur isteach ag contrapháirtithe lárnacha le haghaidh socraíochta, cuirfidh taisclanna lárnacha urrús Airteagail 16, 17 agus 18 i bhfeidhm.

Féadfaidh contrapháirtithe lárnacha aon ghlanmhéid atá fágtha de phionóis, creidmheas nó dochar, arna íoc de bhun Airteagal 16 agus arna dháileadh de bhun Airteagal 17(2), a leithdháileadh ar a gcomhaltaí imréitigh.

Bunóidh contrapháirtithe lárnacha sásra iomchuí ina rialacha chuige sin.’

Airteagal 2

Foráil idirthréimhseach

Airteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 de réir mar is infheidhme an 1 Meán Fómhair 2024 leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige maidir le teipeanna socraíochta a tharla roimh an 2 Meán Fómhair 2024.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 2 Meán Fómhair 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 257, 28.8.2014, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le smacht socraíochta (IO L 230, 13.9.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


11.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 201/4


RIALACHÁN (AE) 2023/1627 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Lúnasa 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a mhéid a bhaineann le húdarú na substainte bis(2-eitilheicsil)cioglaiheacsán-1,4-décharbocsaláit (Uimh. FCM 1079)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), an dara fomhír, pointí (a), (e), agus (i), agus Airteagal 11(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha sonracha maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia. Go háirithe, le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin bunaítear liosta Aontais de shubstaintí údaraithe a fhéadfar a úsáid d’aon ghnó i monarú ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia.

(2)

An 11 Nollaig 2019, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach (3) maidir le húsáid na substainte bis(2-eitilheicsil)cioglaiheacsán-1,4-décharbocsaláit (‘DEHCH’, Uimh. CAS 84731-70-4, Uimh. FCM 1079), mar bhreiseán (plaisteachán) ag suas le 25 % i bpola(clóiríd vinile) (PVC) w/w atá i dteagmháil le bianna uisciúla, aigéadacha agus ar bheagán alcóil le haghaidh stóráil fhadtéarmach ag teocht an tseomra nó faoina bun (stóráil chuisnithe agus reoite). Thairis sin, ar bhonn staidéar eolaíoch a cuireadh ar fáil don Údarás, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach cúis imní í an tsubstaint ó thaobh na géineatocsaineachta de agus thug sé dá aire nár tugadh faoi deara aon éifeacht dhíobhálach suas go dtí an dáileog is airde a tástáladh de 1 000 mg/kg de mheáchan coirp (bw) in aghaidh an lae i staidéir ar thocsaineacht ildáileog. Mar sin féin, i bhfianaise na héiginnteachta maidir leis an bhféidearthacht an tsubstaint a charnadh i ndaoine, tháinig sé ar an gconclúid nár cheart ascnamh na substainte a bheith níos mó ná 0,05 mg/kg bia, agus nár cheart an tsubstaint a úsáid ach amháin in PVC atá i dteagmháil le bianna dá sanntar ionsamhlaigh A (10 % eatánól) agus B (3 % aigéad aicéiteach), ag teocht an tseomra nó faoina bun.

(3)

Dá bhrí sin, is iomchuí an tsubstaint bis(2-eitilheicsil)cioglaiheacsán-1,4-décharbocsaláit a údarú.

(4)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a leasú dá réir.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 338, 13.11.2004, lch. 4.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1).

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020; 18(1):5973


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord uimhreach:

‘1079

 

84731-70-4

bis(2-eitilheicsil) cioglaiheacsán-1,4-décharbocsaláit (DEHCH)

níl

níl

0,05

 

Le húsáid mar bhreiseán i bpola(clóiríd vinile) (PVC) ag suas le 25 % w/w agus é i dteagmháil, ag teocht an tseomra nó faoina bhun, le bianna a sanntar ionsamhlaigh bia A nó B dóibh i dTábla 2 d’Iarscríbhinn III.‘

 


CINNTÍ

11.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 201/7


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1628 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Lúnasa 2023

lena ndiúltaítear d’iarratas ar thásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(‘Лидский квас/Lidski kvas’ (TGFC))

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5371)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinne an Coimisiún scrúdú ar an iarratas ar chlárú na n-ainmneacha ‘Лидский квас/Lidski kvas’ mar thásc geografach faoi chosaint’ (TGFC). Tagraítear san iarratas do dheoch choipthe a tháirgtear i gcathair Lida na Bealarúise agus chuir an Chuideachta faoi Theorainn Scaireanna ‘Lidskoe Pivo’ de chuid na Bealarúise isteach é an 21 Iúil 2021 (PGI-BY-02788).

(2)

Tar éis an ghrinnscrúdaithe, sheol an Coimisiún litir inar iarradh soiléiriú ar roinnt gnéithe den chomhad. Ós rud é go háirithe nach mór uisce a thagann ó fhuaráin ar leith atá lonnaithe ar thalamh ar leis an iarratasóir é a úsáid chun ‘Лидский квас/Лiдскi квас’ a tháirgeadh, agus go ndéantar an táirge a tháirgeadh de réir ‘treoir theicneolaíoch uathúil ar leith’, mar a luaitear sa tsonraíocht táirge (arb é an t-iarratasóir an t-úinéir agus an t-aon úsáideoir), iarradh ar an iarratasóir a mhíniú an féidir le táirgeoirí eile a bheith rannpháirteach i gcomhréir le prionsabail na scéime um thásca geografacha san Aontas.

(3)

Thairis sin, mhínigh an Coimisiún go bhféadfar caitheamh le duine nádúrtha nó duine dlítheanach aonair mar ghrúpa agus iarratas á chomhdú aige, i gcás ina léirítear gur comhlíonadh an dá choinníoll in Airteagal 49(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012: (a) is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a chur isteach; agus (b) maidir le tásca geografacha faoi chosaint, tá saintréithe sa limistéar geografach sainithe atá éagsúil go suntasach leis na saintréithe atá i limistéir chomharsanachta nó tá saintréithe an táirge éagsúil leis na táirgí a tháirgtear i limistéir chomharsanachta. Iarradh ar an iarratasóir údair den sórt sin a sholáthar.

(4)

Sa fhreagra sholáthair an t-iarratasóir Doiciméad Aonair agus Sonraíocht táirge cothrom le dáta, inar sonraíodh gurb í an Chuideachta Comhstoic ‘Lidskoe Pivo’ an t-aon úinéir agus an t-aon oibreoir ar na toibreacha nach mór a úsáid chun ‘Лидский квас/Lidski kvas’ a tháirgeadh agus go ndéanann an t-iarratasóir an próiseas táirgthe ar fad i gcríoch chathair Lida agus de réir ‘treoir theicneolaíoch uathúil ar leith’, ar treoir í arb é an t-iarratasóir a húinéir agus an t-aon úsáideoir dá cuid.

(5)

Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus chuir sé in iúl don iarratasóir sa litir dhiúltaithe, mura mbeidh aon bharúil faighte laistigh de 2 mhí tar éis dó an litir a fháil, go bhfuil sé ar intinn aige tús a chur leis an nós imeachta maidir le cinneadh foirmiúil ón gCoimisiún a ghlacadh lena ndiúltaítear an t-iarratas de bhun Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(6)

Chuir an Coimisiún san áireamh gur forbraíodh agus gur ceapadh córas na TGanna chun go mbeidh táirgeoirí in ann a dtáirgí a chosaint, i gcás gur táirgeoirí iad atá lonnaithe i limistéar áirithe agus a bhfuil a dtáirge éagsúil le haon táirge eile ar an margadh mar gheall ar an timpeallacht nádúrtha/shóisialta inar táirgeadh é.

(7)

Mheas an Coimisiún go dtugtar cearta comhchoiteanna le tásca geografacha faoi chosaint, murab ionann agus trádmharcanna aonair, agus, i gcodarsnacht le trádmharcanna atá faoi úinéireacht sealbhóirí atá inaitheanta go soiléir, meastar go bhfuil TGanna faoi úinéireacht comhphobail neamhshonraigh, lena gcuimsítear gach táirgeoir atá ann faoi láthair nó a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chloíonn leis an tsonraíocht ghaolmhar. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh aon táirgeoir a urramaíonn ceanglais na sonraíochta táirge an t-ainmniú faoi chosaint a úsáid.

(8)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur léir nach féidir le táirgeoirí eile a bheith rannpháirteach i gcás ‘Лидский квас/Lidski kvas’, toisc gurb é an t-iarratasóir an t-aon úinéir agus an t-aon oibreoir ar na toibreacha nach mór a úsáid chun an táirge atá i gceist a tháirgeadh.

(9)

Thairis sin, chuir an Coimisiún san áireamh gurb é an t-iarratasóir úinéir agus úsáideoir aonair na ‘treorach theicneolaíoch uathúil ar leith’, ar dá réir a tháirgtear an táirge. Dá bhrí sin, ní bhaineann saintréithe an táirge lena thionscnamh geografach faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ach le ‘modh táirgthe speisialta’, mar a thugann an t-iarratasóir tuairisc air, atá i seilbh eisiach an iarratasóra. Tugtar tuairisc ghinearálta ar na teicnící táirgthe trí na céimeanna táirgthe amháin a liostú, gan aon mhionsonraí a sholáthar a fhágfadh go bhféadfadh táirgeoirí féideartha eile a bheith rannpháirteach.

(10)

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 gur cheart iarratais ar TGanna faoi chosaint a bheith curtha isteach ag grúpa táirgeoirí, de ghnáth. Ní fhéadfaidh táirgeoir aonair iarratas a dhéanamh ar chosaint den sórt sin ach amháin má chomhlíontar coinníollacha breise Airteagal 49(1), an dara fomhír. Thug an Coimisiún dá aire nár thug an t-iarratasóir aon údar ina leith sin.

(11)

Níor thug an t-iarratasóir freagra ar an litir dhiúltaithe a sheol an Coimisiún laistigh den sprioc-am a leagadh síos.

(12)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún nach gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú ‘Лидский квас/Lidski kvas’ mar TGFC ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, go sonrach Airteagal 5(2) agus Airteagal 49(1) den Rialachán sin.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, diúltú don iarratas ar an ainm ‘Лидский квас/Lidski kvas’ a chosaint mar thásc geografach faoi chosaint.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Diúltaítear don iarratas ar chlárú an ainm ‘Лидский квас/Lidski kvas’.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo ar ionadaí dlíthiúil an iarratasóra:

EUROMARKPAT GERMANY

v.Füner Ebbinghaus Finck Hano

European Patent, Trademark and Design Attorneys

Mariahilfplatz 3

81541 München

An Ghearmáin

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.