ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 196

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
4 Lúnasa 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2023/1593 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau

1

 

*

Rialachán (AE) 2023/1594 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin

3

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1595 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2023 lena nglactar le hiarraidh ar stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198

13

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1596 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2023 lena nglactar le hiarraidh ar stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198

17

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1597 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus Türkiye

21

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1598 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh 2012/285/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau

23

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1599 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine

25

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1600 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 maidir le Misean CBSC de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata vi bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA)

35

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1601 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin

37

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1602 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2023 maidir leis an líonra príomhdhéileálaithe agus sainiú na gcritéar incháilitheachta le haghaidh príomhshainorduithe agus comh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite chun críoch gníomhaíochtaí iasachtaíochta ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

44

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ( IO L 186, 25.7.2023 )

61

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1593 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Iúil 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/1598 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh 2012/285/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau (1) ,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I mí na Bealtaine 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/285/CFSP (2) agus Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 (3).

(2)

De bhun Airteagal 5(2) de Chinneadh 2012/285/CBES agus Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) Uimh 377/2012, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau agus tháinig sí ar an gconclúid gur cheart foráil maidir le díolúine dhaonnúil is infheidhme maidir le gníomhaithe áirithe, mar a liostaítear i Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a chur isteach i ndáil le bearta comhlántacha an Aontais a bhaineann le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 ón gComhairle, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Féach leathanach 23 den Iris Oifigiúil.

(2)  Cinneadh 2012/285/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/237/CBES (IO L 142, 1.6.2012, lch. 36).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 ón gComhairle an 3 Bealtaine 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau (IO L 119, 4.5.2012, lch. 1).


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/3


RIALACHÁN (AE) 2023/1594 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Lúnasa 2023

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise; faoin Úcráin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 (2).

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, tugtar éifeacht do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2023/1601 ón gComhairle (3) , cuirtear toirmeasc ar dhíol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón leis an mBealarúis. Cumhdaítear freisin earraí atá faoi réir an toirmisc sin le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Sa chomhthéacs sin, caithfear le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar lex specialis agus, dá bhrí sin, i gcás coinbhleachta, beidh tosaíocht aige ar Rialachán (AE) Uimh. 258/2012.

(4)

Le Cinneadh (CBES) 2023/1601 leathnaítear liosta na n-ítimí a chuireann le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála trí ítimí a chur leis a d’úsáid an Rúis le haghaidh a cogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine agus ítimí a chuireann le forbairt nó táirgeadh chórais mhíleata na Bealarúise, lena n-áirítear gléasanna leathsheoltóra, ciorcaid iomlánaithe leictreonacha, trealamh monaraíochta agus tástála, ceamaraí grianghrafadóireachta agus comhpháirteanna optúla, comhpháirteanna leictreacha/maighnéadacha eile, agus gléasanna, modúil agus cóimeálacha leictreonacha.

(5)

Is iomchuí toirmeasc onnmhairiúcháin a fhorchur ar earraí agus teicneolaíochta atá oiriúnach lena n-úsáid san eitlíocht agus i dtionscal an spáis, lena n-áirítear innill aerárthaí agus a bpáirteanna maidir le haerárthaí foireannaithe agus neamhfhoireannaithe araon. Ina theannta sin, le Cinneadh (CBES) 2023/1601 tugtar isteach deis le gur féidir le húdaráis inniúla náisiúnta maoluithe a dheonú chun go bhféadfar earraí eitlíochta áirithe a úsáidtear go forleathan i réimse an leighis freisin a onnmhairiú chun críoch leighis, cógaisíochta nó daonnúil.

(6)

An 26 Eanáir 2023, chuir Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) togra i láthair le haghaidh Cinneadh ón gComhairle chun Cinneadh 2012/642/CBES a leasú agus chuir an tArdionadaí agus an Coimisiún togra comhpháirteach i láthair le haghaidh Rialachán ón gComhairle chun Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú. I bhfianaise a phráinní atá sé an t-imchéimniú a chomhrac maidir le hearraí íogaire áirithe, cuirfear dlús le forálacha maidir leis na hearraí sin a ghlacadh gan dochar don chuid eile de na tograí sin.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 1ba

1.   Gan dochar d’Airteagal 1a den Rialachán seo, maidir le hairm thine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus a n-armlón, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus airm thine agus airm eile mar a liostaítear in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán seo, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, beidh toirmeasc ar na hairm sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1 agus a bhaineann le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí sin, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis; nó

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar chun na hearraí sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.’

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin (IO L 94, 30.3.2012, lch. 1).;"

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 1e agus 1f:

‘Airteagal 1e

1.   Beidh toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le haon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus a bhaineann le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, a sholáthar go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis; nó

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó i ndáil le cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

3.   Gan dochar do na ceanglais údaraithe de bhun Rialachán (AE) 2021/821, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le hearraí ná teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná le cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus d’úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, más beartaithe don mhéid seo a leanas atá sé:

(a)

críocha daonnúla, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha;

(b)

críocha leighis nó cógaisíochta;

(c)

onnmhairiú sealadach ítimí lena n-úsáid ag na meáin nuachta;

(d)

nuashonruithe bogearraí;

(e)

úsáid mar ghléasanna cumarsáide tomhaltóirí; nó

(f)

úsáid phearsanta daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Bealarúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta, agus é sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí, feithiclí nó uirlisí ceirde atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol.

Cé is moite de phointe (f) den chéad fhomhír, dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe le haghaidh chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar tharla an chéad onnmhairiú.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, agus gan dochar do na ceanglais údaraithe de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus d’úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh gur beartaithe don mhéid seo a leanas atá na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais sin:

(a)

comhar idir an tAontas, rialtais na mBallstát agus rialtas na Bealarúise in ábhair ar ábhair shibhialtacha amháin iad;

(b)

comhar idir-rialtasach i gcláir spáis;

(c)

oibriú, cothabháil, athchóireáil breosla agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;

(d)

sábháilteacht mhuirí;

(e)

líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha nach bhfuil ar fáil go poiblí agus nach maoin iad de chuid eintitis atá faoi rialú poiblí nó faoi úinéireacht phoiblí os cionn 50 %;

(f)

úsáid eisiach eintiteas atá faoi úinéireacht, nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nó tíre comhpháirtíochta;

(g)

ionadaíocht taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin; nó

(h)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Bhealarúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin.

5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, agus gan dochar do na ceanglais údaraithe de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú earraí nó teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus d’úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 3 Márta 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí mar sin a fhorghníomhú, ar choinníoll gur iarradh an t-údarú roimh an 1 Bealtaine 2022.

6.   Na húdaruithe uile a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh na húdaráis inniúla iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh an t-údarú bailí ar fud an Aontais.

7.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú má tá forais réasúnta acu leis an méid seo a leanas a chreidiúint:

(i)

go bhféadfadh sé gur úsáideoir deiridh míleata, nó duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn V atá san úsáideoir deiridh nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí murar rud é go gceadaítear díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó go gceadaítear cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi Airteagal 1fa1(a), pointe (a); nó

(ii)

go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar an chúnaimh ghaolmhair theicniúil nó airgeadais beartaithe don tionscal eitlíochta nó don tionscal spáis, murar rud é go gceadaítear an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin nó go gceadaítear an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi mhír 4, pointe (b).

8.   Féadfaidh na húdaráis inniúla údarú atá deonaithe acu de bhun mhíreanna 4 agus 5 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann siad gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach.

Airteagal 1f

1.   Earraí agus teicneolaíocht lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise, nó le forbairt earnáil cosanta agus slándála na Bealarúise, mar a liostaítear in Iarscríbhinn Va, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, beidh toirmeasc ar na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, le haon eintiteas nó comhlacht, sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus a bhaineann le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, a sholáthar go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis; nó

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

3.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir leis na hearraí ná an teicneolaíocht a liostaítear i mír 1, a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh gaolmhar teicniúil ná airgeadais a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus d’úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, más beartaithe don mhéid seo a leanas atá sé:

(a)

críocha daonnúla, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha;

(b)

críocha leighis nó cógaisíochta;

(c)

onnmhairiú sealadach ítimí lena n-úsáid ag na meáin nuachta;

(d)

nuashonruithe bogearraí;

(e)

úsáid mar ghléasanna cumarsáide tomhaltóirí; nó

(f)

úsáid phearsanta daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Bealarúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta, agus é sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí, feithiclí nó uirlisí ceirde atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol.

Cé is moite de phointe (f) den chéad fhomhír, dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe le haghaidh chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar tharla an chéad onnmhairiú.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh an t-údarás inniúil a údarú earraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus d’úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis do na húdaráis sin a chinneadh gur beartaithe don mhéid seo a leanas atá na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais sin:

(a)

comhar idir an tAontas, rialtais na mBallstát agus rialtas na Bealarúise in ábhair ar ábhair shibhialtacha amháin iad;

(b)

comhar idir-rialtasach i gcláir spáis;

(c)

oibriú, cothabháil, athchóireáil breosla agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;

(d)

sábháilteacht mhuirí;

(e)

líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha nach bhfuil ar fáil go poiblí agus nach maoin iad de chuid eintitis atá faoi rialú poiblí nó faoi úinéireacht phoiblí os cionn 50 %;

(f)

úsáid eisiach eintiteas atá faoi úinéireacht, nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nó tíre comhpháirtíochta;

(g)

ionadaíocht taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin; nó

(h)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Bhealarúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin.

4a.   Gan dochar do mhír 4(e) agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh an t-údarás inniúil a údarú earraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus d’úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis do na húdaráis sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais sin beartaithe do chlabhsúr a chur faoin 6 Feabhra 2024, ar chonarthaí agus ar oibríochtaí a bheidh ar siúl an 5 Lúnasa 2023 agus atá riachtanach chun seirbhísí teileachumarsáide sibhialta a sholáthar do phobal sibhialta na Bealarúise.

5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú earraí nó an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus d’úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 3 Márta 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí mar sin a fhorghníomhú, ar choinníoll gur iarradh an t-údarú roimh an 1 Bealtaine 2022.

5a.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú earraí a thagann faoi chóid AC 8536 69, 8536 90, 8541 30, 8541 60 mar a liostaítear in Iarscríbhinn Va a údarú go dtí an 6 Feabhra 2024, nó soláthar an chúnaimh ghaolmhair theicniúil nó airgeadais a údarú, a mhéid is gá sin chun go mbeidh comhfhiontar a bhfuil úinéireacht tromlaigh ag cuideachta atá bunaithe san Aontas air an 5 Lúnasa 2023 in ann na hearraí sin a phróiseáil sa Bhílearúis, chun críche iad a allmhairiú isteach san Aontas ina dhiaidh sin agus chun earraí a tháirgeadh san Aontas ina dhiaidh sin a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san earnáil sláinte nó cógaisíochta, nó i réimse an taighde agus na forbartha.

6.   Na húdaruithe uile a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh na húdaráis inniúla iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh an t-údarú bailí ar fud an Aontais.

7.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe de bhun mhíreanna 4 agus 5, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú má tá forais réasúnta acu leis an méid seo a leanas a chreidiúint:

(i)

go bhféadfadh sé gur úsáideoir deiridh míleata, nó duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn V atá san úsáideoir deiridh nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí murar rud é go gceadaítear díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó go gceadaítear cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi Airteagal 1fa(1); nó

(ii)

go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar an chúnaimh ghaolmhair theicniúil nó airgeadais beartaithe don tionscal eitlíochta nó don tionscal spáis, murar rud é go gceadaítear an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin nó go gceadaítear an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi mhír 4, pointe (b);

8.   Féadfaidh na údaráis inniúla údarú atá deonaithe acu de bhun mhíreanna 4 agus 5 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann siad gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach.’

;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 1sa

1.   Earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid sa tionscal eitlíochta nó sa tionscal spáis, mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn XVII, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh siad, beidh toirmeasc ar na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le haon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Beidh toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn XVII, d’aon duine, d’aon eintiteas nó d’aon chomhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

3.   Beidh toirmeasc ar aon cheann nó aon chumasc de na gníomhaíochtaí seo a leanas a sholáthar: ollchóiriú, deisiú, iniúchadh, athionadú, modhnú nó ceartú lochta a dhéanamh ar aerárthach nó ar chomhpháirt, cé is moite d’iniúchadh réamheitilte, a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn XVII, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

4.   Beidh toirmeasc ar an méid a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus a bhaineann le soláthar, monarú agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis; nó

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó i ndáil le cúnamh gaolmhar teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

5.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 4 maidir le forghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 5 Lúnasa 2023, nó maidir le forghníomhú conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú, go dtí an 4 Meán Fómhair 2023.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 4, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta a údarúrt, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, go bhforghníomhófaí léas airgeadais aerárthaigh ar tugadh i gcrích an léas roimh an 5 Lúnasa 2023, tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

gur gá a áirithiú go ndéanfaí aisíocaíochtaí léasa le duine dlítheanach, le heintiteas nó le comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nach dtagann faoi aon cheann de na bearta sriantacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo; agus

(b)

nach gcuirfear aon acmhainn eacnamaíoch ar fáil don chontrapháirtí Bealarúiseach, cé is moite d’úinéireacht an aerárthaigh a aistriú tar éis an léas airgeadais a aisíoc ina iomláine.

7.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 4, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi na coinníollacha sin a mheasann siad a bheith iomchuí, díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí a thagann faoi chóid AC 8517 71 00, 8517 79 00 agus 9026 00 00 a liostaítear in Iarscríbhinn XVII a údarú, nó cúnamh gaolmhar teicniúil, seirbhísí gaolmhara bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh gaolmhar airgeadais a údarú, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil sé riachtanach chun críoch leighis nó cógaisíochta, nó chun críoch daonnúil, mar shampla cúnamh a sheachadadh nó seachadadh an chúnaimh a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú nó chun críoch aslonnuithe.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe chun críoch leighis, cógaisíochta nó daonnúil i gcomhréir leis an mír seo, ní dheonóidh na húdaráis náisiúnta inniúla údarú le haghaidh onnmhairí d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, nó lena n-úsáid sa Bhealarúis, má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí.

8.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón a údarú.

9.   Beidh an toirmeasc i mír 1 gan dochar d’Airteagail 1e(4), pointe (b) agus 1f(4), pointe (b).

10.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 4, pointe (a) maidir le malartú faisnéise arb é is aidhm dó caighdeáin theicniúla a bhunú faoi chuimsiú na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1.’

;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn Va a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(5)

Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn XVI agus Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Lúnasa 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/1601 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin (Féach leathanach 37 IO an Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin (IO L 94, 30.3.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn Va a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1)

cuirtear an ceannteideal seo a leanas isteach i ndiaidh an teidil ‘LIOSTA NA nEARRAÍ AGUS NA TEICNEOLAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 1f(1) AGUS 1fa(1)’:

‘Cuid A’;

(2)

in ‘Catagóir I — Leictreonaic’, faoi ‘X.A.I.003’ Trealamh próiseála sonrach, seachas iad siúd a shonraítear in CML nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas:’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a:

‘a.

Athróirí minicíochta agus a gcomhpháirteanna saindeartha, seachas iad sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821’

(3)

cuirtear an chuid seo a leanas isteach:

‘Cuid B

1.   Gléasanna leathsheoltóra

Cód AC

Tuairisc

8541 10

Dé-óidí, seachas dé-óidí fótamhothálacha nó dé-óidí astaithe solais (LED)

8541 21

Trasraitheoirí, seachas trasraitheoirí fótamhothálacha ag a bhfuil ráta ídithe is lú ná 1 W

8541 29

Trasraitheoirí eile, seachas trasraitheoirí fótamhothálacha

8541 30

Tíreastóirí, DIACanna agus TRIACanna (seachas gléasanna leathsheoltóra fótamhothálacha)

8541 49

Gléasanna leathsheoltóra fótamhothálacha (seachas gineadóirí agus cealla fótavoltacha)

8541 51

Gléasanna leathsheoltóra eile: Trasduchtóirí bunaithe ar leathsheoltóir

8541 59

Gléasanna leathsheoltóra eile

8541 60

Criostail phísileictreacha shuite

2.   Ciorcaid iomlánaithe leictreonacha, trealamh monaraíochta agus tástála

Cód AC

Tuairisc

8486 10

Meaisíní agus gléasra le haghaidh peileanna nó sliseoga a mhonarú

8486 20

Meaisíní agus gléasra le haghaidh gléasanna leathsheoltóra nó ciorcaid iomlánaithe leictreonacha a mhonarú

8486 40

Meaisíní agus gléasra a shonraítear i nóta 11(C) a ghabhann leis an gcaibidil seo

8534 00

Ciorcaid phriontáilte

8542 31

Próiseálaithe agus rialaitheoirí, bídís nó ná bídís comhcheangailte le cuimhní, tiontairí, ciorcaid loighce, aimplitheoirí, ciorcaid chloig agus uainiúcháin, nó ciorcaid eile

8542 32

Cuimhní

8542 33

Aimplitheoirí

8542 39

Ciorcaid iomlánaithe leictreonacha eile

8543 20

Gineadóirí comharthaí

9030 20

Ascalascóip agus ascalagraif

9030 32

Ilmhéadair ina bhfuil gléas taifeadta

9030 39

Ionstraimí agus gléasra chun voltas, sruth, friotaíocht nó cumhacht leictreach a thomhas nó a sheiceáil, ina bhfuil gléas taifeadta

9030 82

Ionstraimí agus gléasra chun sliseoga nó gléasanna leathsheoltóra a thomhas nó a sheiceáil

3.   Ceamaraí fótagrafacha agus comhpháirteanna optúla

Cód AC

Tuairisc

8525 89

Ceamaraí eile teilifíse, digiteacha agus fístaifeadáin

9013 10

Treoracha teileascópacha le feistiú ar airm; peireascóip; teileascóip atá deartha le bheith ina gcuid de mheaisíní, fearais, ionstraimí nó gléasra den chaibidil seo nó de Roinn XVI

9013 80

Gléasanna, gléasra agus ionstraimí optúla eile

4.   Comhpháirteanna leictreacha/maighnéadacha eile

Cód AC

Tuairisc

8532 21

Toilleoirí seasta tantalaim eile

8532 24

Toilleoirí ilsraitheacha tréleictreacha ceirmeacha

8536 69

Plocóidí agus soicéid

8536 90

Gléasra eile le haghaidh ciorcaid leictreonacha a lascadh nó a chosaint, nó le haghaidh naisc a dhéanamh le ciorcaid leictreacha nó laistigh díobh (mar shampla, lasca, athsheachadáin, fiúsanna, sochtóirí borrtha, plocóidí, soicéid, cróite lampaí agus nascóirí eile, comhchumair), le haghaidh voltas nach mó ná 1 000 V; nascóirí le haghaidh snáithíní optúla, cuacha snáithíní nó cáblaí optúla

8548 00

Páirteanna leictreacha d’innealra nó de ghléasra, nach bhfuil sonraithe ná áirithe aon áit eile i gCaibidil 85

5.   Gléasanna, modúil agus cóimeálacha leictreonacha

Cód AC

Tuairisc

8471 50

Aonaid phróiseála eile seachas iad sin faoi cheannteideal 8471 41 nó 8471 49 , bíodh nó ná bíodh ceann amháin nó péire de na cineálacha aonaid seo a leanas sa chásáil chéanna leo: aonaid stórála, aonaid ionchuir, aonaid aschuir

8471 80

Aonaid le haghaidh meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha (seachas aonaid phróiseála, aonaid ionchuir nó aschuir agus aonaid stórála)

8517 62

Meaisíní le haghaidh guth, íomhánna nó sonraí eile a ghlacadh, a thiontú agus a tharchur nó a athchruthú, lena n-áirítear gléasra lasctha agus ródaithe

8517 69

Gléasra eile le haghaidh guth, íomhánna nó sonraí eile a tharchur nó a ghlacadh, lena n-áirítear gléasra le haghaidh cumarsáide i líonra le sreang nó gan sreang

8526 91

Gléasra cúnta radloingseoireachta

9014 20

Ionstraimí agus gléasra le haghaidh aerloingseoireachta nó loingseoireacht spáis (seachas compáis)

9014 80

Ionstraimí agus fearais loingseoireachta eile‘


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN XVI

Liosta na n-arm tine agus na n-arm eile dá dtagraítear in Airteagal 1ba

Cód AC

Tuairisc

9303

Airm thine eile agus gléasanna comhchosúla a oibríonn trí lánán pléascach a scaoileadh

ex 9304

Airm eile (mar shampla gunnaí nó piostail tuailme, aeir, nó gáis), seachas na cinn atá faoi cheannteideal 9307

IARSCRÍBHINN XVII

Liosta na n-earraí agus na dteicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1sa

Cód AC

Tuairisc

88

Aerárthaí, spásárthaí, agus páirteanna díobh

ex 2710 19 83

Olaí hiodrálacha lena n-úsáid i bhfeithiclí a liostaítear i gCaibidil 88

ex 2710 19 99

Olaí bealaithe eile agus olaí eile lena n-úsáid san eitlíocht

4011 30 00

Boinn neomatacha nua as rubar, den chineál a úsáidtear ar aerárthaí

ex 6813 20 00

Dioscaí agus pillíní coscáin lena n-úsáid ar aerárthaí

6813 81 00

Líneálacha agus pillíní coscáin

8411 11

Innill turba-scairde a bhfuil sá <= 25 kn acu

8411 12

Innill turba-scairde a bhfuil sá > 25 kn acu

8411 21

Turba-liáin a bhfuil <= 1 100 kw acu

8411 22

Turba-liáin a bhfuil > 1 100 kw acu

8411 91

Codanna d’innill turba-scairde nó de thurba-liáin, nach bhfuil sonraithe aon áit eile.

8517 71 00

Aeróga agus frithchaiteoirí aeróige de gach cineál; páirteanna atá oiriúnach le húsáid leo

ex 8517 79 00

Páirteanna eile a bhaineann le haeróga

9024 10 00

Meaisíní agus gléasra chun cruas, neart, in-chomhbhrúiteacht, leaisteachas nó airíonna meicniúla eile na n-ábhar a thástáil: Meaisíní agus gléasra chun miotail a thástáil

9026 00 00

Ionstraimí agus gléasra chun sreabhadh, leibhéal, brú nó athróga eile leachtanna nó gás a thomhas nó a sheiceáil (mar shampla sreabhmhéadair, tomhsairí leibhéil, manaiméadair, méadair teasa, mar shampla), seachas na hionstraimí agus na gléasra atá faoi cheannteidil 9014 , 9015 , 9028 nó 9032


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/13


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1595 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Lúnasa 2023

lena nglactar le hiarraidh ar stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’),

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (2), agus go háirithe Airteagal 2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

A.   NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM

(1)

An 13 Bealtaine 2013, d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine (‘an táirge lena mbaineann’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) a thagann isteach san Aontas trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle (‘an Rialachán bunaidh’) (3).

(2)

An 12 Iúil 2019, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 (‘an bun-Rialachán’), chuir an Coimisiún síneadh cúig bliana eile le bearta an Rialacháin bunaidh trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún.

(3)

An 28 Samhain 2019, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 ón gCoimisiún (4).

(4)

Cuireadh sampláil i bhfeidhm san imscrúdú bunaidh chun táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

(5)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ón tSín, d’fhorchuir an Coimisiún rátaí dleachta frithdhumpála aonair idir 13,1 % agus 18,3 % ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine. Forchuireadh ráta dleachta 17,9 % ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla, liostaítear iad in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131. Thairis sin, forchuireadh ráta dleachta 36,1 % ar bhonn náisiúnta ar an táirge lena mbaineann ó chuideachtaí sa tSín nár chuir iad féin in iúl ná nár chomhoibrigh leis an imscrúdú.

(6)

De bhun Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, is féidir Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú tríd an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla a dheonú do tháirgeoir onnmhairiúcháin nua, is é sin an meánráta dleachta ualaithe 17,9 %, i gcás inar leor an fhianaise a thugann an táirgeoir onnmhairiúcháin nua sin sa tSín don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar a mbunaítear na bearta, is é sin ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2011 (‘tréimhse an imscrúdaithe bunaidh’);

(b)

nach bhfuil gaol aige le haon onnmhaireoir ná táirgeoir sa tSín atá faoi réir na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198; agus

(c)

gurb amhlaidh a d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas tar éis dheireadh thréimhse an imscrúdaithe bunaidh nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas.

B.   IARRAIDH AR STÁDAS TÁIRGEORA ONNMHAIRIÚCHÁIN NUA

(7)

Chuir an chuideachta Chaozhou Jingmei Craft Products Co., Ltd. (‘Jingmei’ nó ‘an t-iarratasóir’) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua (‘NEPT’) di agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha sa tSín nár áiríodh sa sampla, is é sin 17,9 %. Mhaígh an t-iarratasóir gur chomhlíon sé na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 (‘coinníollacha NEPT’).

(8)

Chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha NEPT, chuir an Coimisiún ceistneoir ar dtús chuig an iarratasóir inar iarradh fianaise air a léiríonn gur chomhlíon sé coinníollacha NEPT.

(9)

Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfreagra ar an gceistneoir, d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise agus fianaise thacaíochta, rud a chuir an t-iarratasóir faoina bhráid.

(10)

D’fhéach an Coimisiún le gach faisnéis a mheas sé a raibh gá léi a dheimhniú lena chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir coinníollacha NEPT. Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach ina cheistneoir agus ina fhreagraí ar litreacha easnaimh; agus cheadaigh sé bunachair sonraí éagsúla ar líne lena n-áirítear Orbis (5), D&B (6), Qichacha, Aiqicha, Baidu (7), suíomh gréasáin na cuideachta Alibaba, chomh maith le foinsí eile atá ar fáil go poiblí. I gcomhthráth, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais ar an eolas faoin iarraidh ón iarratasóir agus d’iarr sé air barúlacha a thabhairt, i gcás inar ghá. Chuir tionscal an Aontais barúlacha ar fáil agus cuireadh san áireamh iad.

C.   ANAILÍS AR AN IARRAIDH

(11)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, nár onnmhairigh an t-iarratasóir chuig an Aontas an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar a mbunaítear na bearta, is é sin ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2011 (‘tréimhse an imscrúdaithe bunaidh’), le linn an imscrúdaithe shuigh an Coimisiún nár onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse sin.

(12)

Is cuideachta é an t-iarratasóir a bunaíodh in 1993, ach fuarthas amach nach ndearna sé an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas ach uair amháin — ar dhíolachán indíreach chuig an Aontas é sin – in 2012, is é sin tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, nuair a dhíol an t-iarratasóir le trádálaí Astrálach an táirge ach a sheol an t-ordú sin go díreach chuig custaiméir deiridh Éireannach (i mBaile Átha Cliath, Éire) de chuid an trádálaí Astrálaigh seo. Deimhníodh gur tharla an díolachán indíreach seo trí na doiciméid loingseoireachta agus doiciméid eile a cuireadh isteach. Ós rud é go raibh an trádálaí Astrálach sin ina chustaiméir tábhachtach de chuid an iarratasóra, agus theastaigh ón gCoimisiún a chur as an áireamh go bhféadfadh díolachán indíreach eile den sórt sin a bheith ann le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh tríd an trádálaí Astrálach sin, d’iarr an Coimisiún go gcuirfí isteach doiciméadacht iomlán na n-idirbheart uile de chuid Jingmei leis an trádálaí Astrálach sin in 2011. Níor aimsíodh aon fhianaise maidir le haon díolachán indíreach chuig an Aontas i measc na n-idirbheart sin.

(13)

Rinne an Coimisiún seiceáil freisin ar thaifid chuntasaíochta ábhartha uile an iarratasóra le haghaidh thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, lena n-áirítear ráitis ioncaim, ráitis thuairisceáin CBL, mórleabhair díolacháin, cláir díolacháin, fo-mhórleabhair an phríomhioncaim ghnó, fo-mhórleabhair cuntais iníoctha an trádálaí Astrálaigh, chomh maith leis an gcóras cánach órga. Rinneadh iad sin uile a sheiceáil trí bhíthin comhaid físe, seatanna scáileáin, grianghraif de leabhair chuntasaíochta fhisiciúla agus asbhaintí díreacha ó chórais TF, agus na figiúirí tuairiscithe a réiteach. Níor léirigh na seiceálacha sin uile aon díolachán onnmhairiúcháin chuig an Aontas le linn 2011. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur léirigh an t-iarratasóir nár onnmhairigh sé chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, tríd an bhfaisnéis an-mhionsonraithe uile a iarradh a sholáthar, faisnéis a fuarthas a bheith comhsheasmhach, iomlán agus soiléir.

(14)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

(15)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán (AE) 2019/1198 nach bhfuil gaol ag an iarratasóir le táirgeoir onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe nach bhfuil gaol ag Jingmei le haon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha atá faoi réir na mbeart frithdhumpála. Le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, bhí triúr scairshealbhóirí ag an iarratasóir, lena n-áirítear beirt daoine nádúrtha. Suíodh nach bhfuil gaol ag aon duine de na daoine nádúrtha sin le táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha atá faoi réir na mbeart frithdhumpála. Suíodh nach raibh an tríú scairshealbhóir — ar eintiteas dlíthiúil é — ag trádáil an táirge lena mbaineann agus nach raibh gaol aige le haon chuideachta Síneach atá faoi réir na mbeart frithdhumpála. In 2017, tháinig athrú ar scairsheilbh an iarratasóra, nuair a dhíol an t-eintiteas dlíthiúil thuasluaite chomh maith le duine den bheirt daoine nádúrtha a scaireanna le scairshealbhóir nua, arbh é bainisteoir ginearálta an iarratasóra é i ndiaidh an díolacháin sin. Níor tháinig aon athrú eile ar an scairsheilbh sin go dtí seo, agus tá beirt scairshealbhóirí ann, ar daoine nádúrtha iad. Tá an scairshealbhóir nua ina stiúrthóir freisin i gcuideachta shealbhaíochta darb ainm Guangdong Green Sunshine Tourism Co. Ltd., agus tá sé i seilbh 6,87 % de scaireanna na cuideachta sin. Níl baint ag an gcuideachta shealbhaíochta sin leis an táirge lena mbaineann. De réir Qichacha, áfach, duine dá scairshealbhóirí ag a bhfuil 0,41 % scaireanna, san am céanna is scairshealbhóir agus stiúrthóir Chaozhou Chenhui Ceirmeacht é, ar táirgeoir Síneach é atá faoi réir na mbeart frithdhumpála is infheidhme faoi láthair. Ós rud é go bhfuil an gaol sin thar a bheith indíreach agus go bhfuil sé i bhfad faoi bhun na tairsí 5 % (0,41 %), níor shainaithin an Coimisiún aon ghaol idir na scairshealbhóirí reatha mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme 2015/2447 ón gCoimisiún (8). Dá bhrí sin, chomhlíon an t-iarratasóir an dara critéar.

(16)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

(17)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, gurbh amhlaidh a d’onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge chuig an Aontas tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe gurb amhlaidh a d’onnmhairigh an t-iarratasóir chuig an Aontas (Éire) uair amháin in 2012, is é sin tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh. Díolachán indíreach leis an Aontas ab ea é sin, mar gur dhíol an t-iarratasóir an t-ordú le trádálaí Astrálach, ach sheol sé é go díreach chuig custaiméir deiridh an trádálaí Astrálaigh a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire. Cuireadh doiciméadacht iomlán faoin idirbheart seo ar fáil, lena n-áirítear doiciméid ordaithe, sonraisc, doiciméid loingseoireachta agus íocaíochtaí bainc, agus rinneadh an fhaisnéis a chros-seiceáil trí na doiciméid sin agus doiciméid eile san iarratas. Dá bhrí sin, chomhlíon an t-iarratasóir an tríú critéar.

(18)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

(19)

Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíonann an t-iarratasóir gach ceann de na trí choinníoll chun go ndeonófar NEPT dó, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 agus ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarratas. Dá réir sin, ba cheart an t-iarratasóir a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála 17,9 % le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla le linn an imscrúdaithe bunaidh.

D.   NOCHTADH

(20)

Cuireadh an t-iarratasóir agus tionscal an Aontais ar an eolas faoi na fíorais riachtanacha agus na breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn a measadh gurbh iomchuí an ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh i sampla an imscrúdaithe bunaidh a dheonú Chaozhou Jingmei Craft Products Co., Ltd.

(21)

Tugadh an deis do na páirtithe barúlacha a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(22)

Tá an Rialachán i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an chuideachta seo a leanas le hIarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 ina bhfuil liosta de na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla:

Cuideachta

Cód breise TARIC

‘Chaozhou Jingmei Craft Products Co., Ltd.

C933’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO L 189, 15.7.2019, lch. 8.

(3)   IO L 131, 15.5.2013, lch. 1.

(4)   IO L 321, 12.12.2019, lch. 139.

(5)  Is soláthraí domhanda sonraí faisnéise corparáidí é Orbis agus cumhdaíonn sé níos mó ná 220 milliún cuideachta ar fud an domhain. Soláthraíonn sé faisnéis chaighdeánaithe faoi chuideachtaí príobháideacha agus faoi struchtúir chorparáideacha go príomha.

(6)  Soláthraíonn réiteach bogearraí Dun agus Bradstreet (D&B) sonraí tráchtála, anailísíocht agus léargais do ghnólachtaí maidir le cuideachtaí príobháideacha agus struchtúir chorparáideacha.

(7)  Is bunachair sonraí phríobháideacha bhrabúsacha atá faoi úinéireacht na Síne é Qichacha a sholáthraíonn sonraí gnó, faisnéis chreidmheasa, agus anailísíocht do thomhaltóirí nó do ghairmithe maidir le cuideachtaí príobháideacha agus cuideachtaí poiblí atá lonnaithe sa tSín.

(8)  Leagtar amach in Airteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún, (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558) (Cód Custaim an Aontais Eorpaigh), go measfar gaol a bheith ag beirt i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de stoic nó scaireanna le cearta vótála na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann ceann amháin acu an ceann eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an dá cheann acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; (h) más daoine ón teaghlach céanna iad. Ní mheasfar gaol a bheith ag daoine atá i mbun gnó le chéile nuair is gníomhaire aonair, dáileoir aonair nó lamháltóir aonair duine acu, cibé tuairisc a dhéantar air, de chuid an duine eile ach amháin má thagann siad faoi na critéir dá dtagraítear san abairt roimhe seo.


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/17


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1596 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Lúnasa 2023

lena nglactar le hiarraidh ar stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’),

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (2), agus go háirithe Airteagal 2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

A.   NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM

(1)

An 13 Bealtaine 2013, d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine (‘an táirge lena mbaineann’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) a thagann isteach san Aontas trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle (3) (‘an Rialachán bunaidh’).

(2)

An 12 Iúil 2019, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 (‘an bun-Rialachán’), chuir an Coimisiún síneadh cúig bliana eile le bearta an Rialacháin bunaidh trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún.

(3)

An 28 Samhain 2019, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún leasú ar Rialachán (AE) 2019/1198 trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 ón gCoimisiún (4).

(4)

Cuireadh sampláil i bhfeidhm san imscrúdú bunaidh chun táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

(5)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ón tSín, d’fhorchuir an Coimisiún rátaí dleachta frithdhumpála aonair idir 13,1 % agus 18,3 % ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine. Forchuireadh ráta dleachta 17,9 % ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla, liostaítear iad in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131. Thairis sin, forchuireadh ráta dleachta 36,1 % ar bhonn náisiúnta ar an táirge lena mbaineann ó chuideachtaí sa tSín nár chuir iad féin in iúl ná nár chomhoibrigh leis an imscrúdú.

(6)

De bhun Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, is féidir Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú tríd an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla a dheonú do tháirgeoir onnmhairiúcháin nua, is é sin an meánráta dleachta ualaithe 17,9 %, i gcás inar leor an fhianaise a thugann an táirgeoir onnmhairiúcháin nua sin sa tSín don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar a mbunaítear na bearta, is é sin ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2011 (‘tréimhse an imscrúdaithe bunaidh’);

(b)

nach bhfuil gaol aige le haon onnmhaireoir ná táirgeoir sa tSín atá faoi réir na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198; agus

(c)

gurb amhlaidh a d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas tar éis dheireadh thréimhse an imscrúdaithe bunaidh nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas.

B.   IARRAIDH AR STÁDAS TÁIRGEORA ONNMHAIRIÚCHÁIN NUA

(7)

Chuir an chuideachta Shenzhen M&G Ceramics Co., Ltd. (‘M&G’ nó ‘an t-iarratasóir’) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua (‘NEPT’) di agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha sa tSín nár áiríodh sa sampla, is é sin 17,9 %. Mhaígh an t-iarratasóir gur chomhlíon sé na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 (‘coinníollacha NEPT’).

(8)

Chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha, chuir an Coimisiún ceistneoir ar dtús chuig an iarratasóir inar iarradh fianaise air a léiríonn gur chomhlíon sé coinníollacha NEPT.

(9)

Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfreagra ar an gceistneoir, d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise agus fianaise thacaíochta, rud a chuir an t-iarratasóir faoina bhráid.

(10)

D’fhéach an Coimisiún le gach faisnéis a mheas sé a raibh gá léi a dheimhniú lena chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir coinníollacha NEPT. Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach ina cheistneoir agus ina fhreagraí ar litreacha easnaimh; cheadaigh sé bunachair sonraí éagsúla ar líne, lena n-áirítear Orbis (5), D&B (6), agus Qichacha (7); agus rinne sé faisnéis faoin gcuideachta a chros-seiceáil le faisnéis a cuireadh isteach i gcásanna roimhe seo. I gcomhthráth, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais ar an eolas faoin iarraidh ón iarratasóir agus d’iarr sé air barúlacha a thabhairt, i gcás inar ghá. Ní bhfuarthas aon bharúil ó thionscal an Aontais.

C.   ANAILÍS AR AN IARRAIDH

(11)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, nár onnmhairigh an t-iarratasóir chuig an Aontas an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar a mbunaítear na bearta, is é sin ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2011 (‘tréimhse an imscrúdaithe bunaidh’), le linn an imscrúdaithe shuigh an Coimisiún nárbh ann don iarratasóir an tráth sin. Deimhníodh leis na ceadúnais ghnó agus onnmhairiúcháin gur bunaíodh an t-iarratasóir i mí na Nollag 2019 agus rinneadh cros-seiceáil air sin freisin le foinsí eile a bhí ar fáil go poiblí. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an iarratasóir an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(12)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

(13)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 nach raibh gaol ag an iarratasóir le táirgeoir onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe, de réir fhreagraí an iarratasóra ar an gceistneoir agus ar litreacha easnaimh, go bhfuil 60 % agus 40 % de na scaireanna faoi seach ag an dá scairshealbhóir M&G. Deimhníodh é sin trí Qichacha. Deimhníodh san imscrúdú nach raibh aon ghaol ag ceann de na scairshealbhóirí le cuideachtaí eile atá faoi réir na mbeart frithdhumpála thuasluaite. Bhí an dara scairshealbhóir gníomhach i gceithre chuideachta eile sa tionscal ó bhí 1995 ann, agus níl trí cinn acu sin ann a thuilleadh. A mhéid a bhaineann leis an gcuideachta atá fós ann, i ndiaidh soiléirithe a fháil a rinneadh trí fhreagraí ar litreacha easnaimh chomh maith le tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh, suíodh nach raibh gaol ag an scairshealbhóir sin le táirgeoirí atá faoi réir na mbeart frithdhumpála bunaidh. Dá bhrí sin, níor shainaithin an Coimisiún gurbh ann d’aon ghaol mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (8).

(14)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

(15)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, gurbh amhlaidh a d’onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge chuig an Aontas tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe gur onnmhairigh M&G chuig an Aontas (an Spáinn) i mí Aibreáin 2020, is é sin tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh. Sholáthair an t-iarratasóir an t-ordú, an sonrasc, an liosta pacála, an fhoirm dearbhaithe custaim, an bille luchta agus na doiciméid íocaíochta bainc. Sainaithníodh táirgí an ordaithe freisin ar shuíomh gréasáin an allmhaireora san Aontas.

(16)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

(17)

Dá réir sin, comhlíonann an t-iarratasóir gach ceann de na trí choinníoll chun go ndeonófar NEPT dó, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 agus ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarratas. Dá réir sin, ba cheart an t-iarratasóir a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála 17,9 % le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla le linn an imscrúdaithe bunaidh.

D.   NOCHTADH

(18)

Cuireadh an t-iarratasóir agus tionscal an Aontais ar an eolas faoi na fíorais riachtanacha agus na breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn a measadh gurbh iomchuí an tráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh i sampla an imscrúdaithe bunaidh a dheonú do Shenzhen M&G Ceramics Co., Ltd. (‘M&G’).

(19)

Tugadh an deis do na páirtithe barúlacha a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(20)

Tá an Rialachán i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an chuideachta seo a leanas le hIarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 ina bhfuil liosta de na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla:

Cuideachta

Cód breise TARIC

‘Shenzhen M&G Ceramics Co., Ltd.

C932’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO L 189, 15.7.2019, lch. 8.

(3)   IO L 131, 15.5.2013, lch. 1.

(4)   IO L 321, 12.12.2019, lch. 139.

(5)  Is soláthraí domhanda sonraí faisnéise corparáidí é Orbis agus cumhdaíonn sé níos mó ná 220 milliún cuideachta ar fud an domhain. Soláthraíonn sé faisnéis chaighdeánaithe faoi chuideachtaí príobháideacha agus faoi struchtúir chorparáideacha go príomha.

(6)  Soláthraíonn réiteach bogearraí Dun agus Bradstreet (D&B) sonraí tráchtála, anailísíocht agus léargais do ghnólachtaí maidir le cuideachtaí príobháideacha agus struchtúir chorparáideacha.

(7)  Is bunachar sonraí príobháideach brabúsach atá faoi úinéireacht na Síne é Qichacha a sholáthraíonn sonraí gnó, faisnéis chreidmheasa, agus anailísíocht do thomhaltóirí nó do ghairmithe maidir le cuideachtaí príobháideacha agus cuideachtaí poiblí atá lonnaithe sa tSín.

(8)  Leagtar amach in Airteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558) (Cód Custaim an Aontais Eorpaigh), go measfar gaol a bheith ag beirt i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de stoic nó scaireanna le cearta vótála na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann ceann amháin acu an ceann eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an dá cheann acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; (h) más daoine ón teaghlach céanna iad. Ní mheasfar gaol a bheith ag daoine atá i mbun gnó le chéile nuair is gníomhaire aonair, dáileoir aonair nó lamháltóir aonair duine acu, cibé tuairisc a dhéantar air, de chuid an duine eile ach amháin má thagann siad faoi na critéir dá dtagraítear san abairt roimhe seo.


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/21


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1597 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Lúnasa 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus Türkiye

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad, agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus Türkiye faoi réir dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún (2).

(2)

Nehani Tiles Private Limited, cód breise TARIC (3)C126 , cuideachta atá faoi réir an ráta dleachta frithdhumpála 7,3 % le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte, chuir sé an Coimisiún ar an eolas an 9 Márta 2023 (‘dáta an iarrata’) gur athraigh sé a ainm go Nehani Tiles Limited Liability Partnership (‘Nehani Tiles LLP’).

(3)

D’iarr an chuideachta ar an gCoimisiún a dheimhniú nach ndéanann an t-athrú ainm aon difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta frithdhumpála ab infheidhme maidir léi faoin ainm a bhí uirthi roimhe seo.

(4)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh, agus ba é a chonclúid go raibh an t-athrú ainm cláraithe i gceart leis na húdaráis ábhartha, agus nach raibh aon ghaol nua ann dá bharr le grúpaí eile de chuideachtaí nach ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu.

(5)

Dá réir sin, ní dhéanann an t-athrú ainm seo difear do thorthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún, agus go háirithe don ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir léi. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún a leasú chun ainm nua na cuideachta a léiriú, ainm ar sannadh cód breise TARIC C126 dó roimhe seo.

(6)

Dheimhnigh an fhianaise sa chomhad freisin go raibh an t-athrú ainm infheidhme ón 29 Nollaig 2022, an lá a d’eisigh an Aireacht Gnóthaí Corparáideacha Deimhniú Clárúcháin an Athraithe. Toisc gur cuireadh an t-athrú i bhfeidhm roimh an dáta a forchuireadh na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó theacht i bhfeidhm na mbeart sin, is é sin ón 10 Feabhra 2023.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún mar a leanas:

‘An India

Nehani Tiles Private Limited

Neha Ceramic Industries

Orinda Granito LLP

Orinda Industries LLP

C126’

Déantar an méid sin a ionadú leis an méid seo a leanas:

‘An India

Nehani Tiles LLP

Neha Ceramic Industries

Orinda Granito LLP

Orinda Industries LLP

C126’

2.   Cód breise TARIC C126, a sannadh do, inter alia, Nehani Tiles Private Limited roimhe seo, beidh sé infheidhme maidir le, inter alia, Nehani Tiles LLP ón 10 Feabhra 2023.

3.   Aon dleacht chinntitheach a íocadh ar allmhairí táirgí arna monarú ag Nehani Tiles LLP de bhreis ar an dleacht frithdhumpála a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le Nehani Tiles Private Limited, is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus Türkiye (IO L 41, 10.2.2023, lch. 1).

(3)  Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.


CINNTÍ

4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/23


CINNEADH (CBES) 2023/1598 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Iúil 2023

lena leasaítear Cinneadh 2012/285/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/285/CBES (1).

(2)

De bhun Airteagal 5(2) de Chinneadh 2012/285/CBES, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau agus tháinig sí ar an gconclúid gur cheart foráil maidir le díolúine dhaonnúil is infheidhme maidir le gníomhaithe áirithe, mar a liostaítear i Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a chur isteach i ndáil le bearta comhlántacha an Aontais a bhaineann le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo.

(3)

Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe atá sa Chinneadh seo a chur chun feidhme.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2012/285/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 2 de Chinneadh 2012/285/CBES, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; nó

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Cinneadh 2012/285/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/237/CBES (IO L 142, 1.6.2012, lch. 36).


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/25


CINNEADH (CBES) 2023/1599 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Lúnasa 2023

maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Eanáir 2023, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an tSaiheil agus le tíortha cósta na hAfraice Thiar, lena ndearbhaíodh go bhfuil an réigiún sin fós ina thosaíocht ag an Aontas d’ainneoin na staide slándála agus polaitiúla atá ag dul in olcas. D’aontaigh an Chomhairle Coincheap Bainistithe Géarchéime a fhorbairt chun rannpháirtíocht nithiúil agus oiliúint agus tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do stáit chósta Mhurascaill na Guine. Meabhraíodh don Chomhairle go bhfuil an tAontas le Comhairleoirí Míleata a imscaradh freisin i dtoscaireachtaí an Aontais chun an iarracht sin a threorú.

(2)

An 29 Meitheamh 2023, d’fhormheas an Chomhairle Coincheap Bainistithe Géarchéime le haghaidh comhpháirtíocht slándála agus cosanta a d’fhéadfadh a bheith ann le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (‘an Coincheap Bainistithe Géarchéime’). Tá an Coincheap Bainistithe Géarchéime bunaithe ar chur chuige comhtháite maidir le comhpháirtíocht slándála agus cosanta leis na tíortha sin, lena n-áirítear Misean a bhunú faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) (‘an Misean’), arna chomhlánú le Comhairleoirí Míleata a imscaradh i dtoscaireachtaí an Aontais, i gcomhar le bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata a sholáthar agus i sineirgíocht le tionscadail a bhaineann leis an tslándáil. Moltar sa Choincheap Bainistithe Géarchéime go n-ainmneofaí an Misean ‘Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine’.

(3)

I litir dar dáta an 6 Iúil 2023, d’iarr Uachtarán Phoblacht Bheinin ar an Aontas an Misean a imscaradh ar a chríoch.

(4)

I litir dar dáta an 10 Iúil 2023, d’iarr Uachtarán Phoblacht Ghána ar an Aontas an Misean a imscaradh ar a chríoch.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Misean a bhunú i mBeinin agus i nGána. Ba cheart an Chomhairle a bheith in ann cinneadh a dhéanamh ina dhiaidh sin chun an Misean a leathnú chuig tíortha eile san Afraic Thiar i Murascaill na Guine a leagtar amach sa Choincheap Bainistithe Géarchéime, arna iarraidh sin dóibh.

(6)

Ba cheart don Choiste Polaitiúil agus Slándála, faoi fhreagracht na Comhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, rialú polaitiúil a fheidhmiú ar an Misean, treoir straitéiseach a chur ar fáil di agus na cinntí ábhartha a dhéanamh i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 38 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(7)

Ba cheart colún sibhialtach a bheith ag an Misean, faoi cheannas agus faoi rialú straitéiseach Cheannasaí na hOibríochta Sibhialtaí, agus colún míleata, faoi cheannas agus rialú straitéiseach Ceannasaí Míleata. Ba cheart don Chomhaonad um Chomhordú Tacaíochta a áirithiú, faoi chomhchathaoirleacht Cheannasaí na hOibríochta Sibhialtaí agus an Cheannasaí Míleata, comhleanúnachas an tslabhra ceannais.

(8)

Ba cheart don Chumas Sibhialtach Pleanála agus Seolta a bheith ar fáil don Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha chun colún sibhialtach an Mhisin a phleanáil agus a sheoladh. Ba cheart é a threisiú chun críoch an Mhisin trí aonad sibhialtach ceannais agus tacaíochta.

(9)

Struchtúr statach ceannais agus rialaithe ar an leibhéal straitéiseach míleata sa Bhruiséil ba cheart a bheith sa Chumas Míleata Pleanála agus Seolta, agus ba cheart dó a bheith freagrach as pleanáil agus seoladh oibríochtúil cholún míleata an Mhisin. Ba cheart é a threisiú chun críoch an Mhisin trí aonad míleata ceannais agus tacaíochta.

(10)

Ba cheart do cheann an aonaid shibhialtaigh ceannais agus rialaithe na feidhmeanna céanna a fheidhmiú a mhéid a bhaineann le colún sibhialtach an Mhisin mar an Ceann Misin i misean sibhialtach CBSC. Ba cheart do cheann an aonaid mhíleata ceannais agus rialaithe na feidhmeanna céanna a fheidhmiú a mhéid a bhaineann le colún míleata an Mhisin agus atá ag Ceannasaí Fórsa an Mhisin i misean míleata CBSC.

(11)

Ní mór comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích a bhaineann le stádas aonad agus pearsanra faoi stiúir an Aontais agus le rannpháirtíocht tríú Stáit sa mhisean.

(12)

De bhun Airteagal 41(2) CAE, ba cheart caiteachas oibríochtúil a eascraíonn as colún sibhialtach an Mhisin a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais, agus ba cheart do na Ballstáit caiteachas oibríochtúil a eascraíonn as colún míleata an Mhisin a sheasamh i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1).

(13)

Cuirfear an Misean i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 CAE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Roinn I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Bunú

1.   Seolfaidh an tAontas Misean faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) a mbeidh sé mar chuspóir straitéiseach aige cabhrú le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine ina bhfuil an Misean sin bunaithe cumais leordhóthanacha a fhorbairt laistigh dá bhfórsaí slándála agus cosanta chun smacht a choinneáil ar an mbrú atá ar ghrúpaí armtha sceimhlitheoireachta agus freagairt dó.

2.   Ainmneofar an Misean dá dtagraítear i mír 1 ‘Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine’ (‘an Tionscnamh’).

3.   Leis seo, déantar an Misean a bhunú i mBeinin agus i nGána.

4.   Féadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh go ndéanfar an Tionscnamh a bhunú freisin i dtíortha eile san Afraic Thiar i Murascaill na Guine a leagtar amach sa Choincheap Bainistithe Géarchéime le haghaidh comhpháirtíocht slándála agus cosanta a d’fhéadfadh a bheith ann le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine, arna bhformheas ag an gComhairle an 29 Meitheamh 2023, arna iarraidh sin do na tíortha sin.

Airteagal 2

Sainordú

1.   Agus an cuspóir straitéiseach a leagtar amach in Airteagal 1(1) á shaothrú, a mhéid a bhaineann leis na tíortha dá dtagraítear in Airteagal 1(3), leis an Tionscnamh, déanfar an méid seo a leanas:

a)

rannchuideofar le hathléimneacht a fheabhsú i limistéir leochaileacha ina réigiúin thuaisceart trí fhothú acmhainneachta a gcuid fórsaí slándála agus cosanta;

b)

cuirfear oiliúint oibríochtúil réamh-imscartha ar fáil dá bhfórsaí slándála agus cosanta;

c)

tacófar le feabhas a chur ar fhórsaí slándála agus cosanta i réimsí teicniúla;

d)

cuirfear an smacht reachta agus an dea-rialachas chun cinn ina earnálacha slándála, ag díriú ar na fórsaí slándála agus cosanta, agus tacófar le cothú muiníne idir an tsochaí shibhialta agus fórsaí slándála agus cosanta.

2.   Déanfar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, cearta an duine agus prionsabal an chomhionannais inscne, cosaint na sibhialtach agus na cláir oibre faoi Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, Rún 2250 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil agus Rún 1612 (2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha a chomhtháthú go hiomlán agus a phríomhshruthú go réamhghníomhach i bpleanáil straitéiseach agus oibríochtúil, i ngníomhaíochtaí agus i dtuairisciú an Tionscnaimh.

3.   I gcur chuige solúbtha modúlach, agus de réir mar is gá chun a chúraimí a chur chun feidhme, déanfaidh an Tionscnamh foirne oiliúna soghluaiste, saineolaithe ar cuairt agus foirne freagartha géarchéime a imscaradh go sonrach chuig na tíortha dá dtagraítear in Airteagal 1(3). Cuirfidh an Tionscnamh tionscadail shibhialtacha agus mhíleata chun feidhme sna tíortha sin chun cuspóir straitéiseach an Tionscnaimh agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a shaothrú.

4.   Éascóidh an Tionscnamh cur chun feidhme na mbeart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a fhéadfaidh an Chomhairle a chinneadh mar thaca do na tíortha dá dtagraítear in Airteagal 1(3).

Airteagal 3

Rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach

1.   Faoi fhreagracht na Comhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), feidhmeoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach an Tionscnaimh. Leis seo, údaraíonn an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Áireofar san údarú sin na cumhachtaí chun na doiciméid phleanála a leasú, lena n-áirítear Plean Oibríochta do cholún sibhialtach an Tionscnaimh agus an Plean Misin do cholún míleata an Tionscnaimh, mar aon leis an slabhra ceannais. Áireofar ann freisin cumhachtaí chun cinntí a ghlacadh maidir le ceapadh chinn na n-aonad sibhialtach agus míleata ceannais agus tacaíochta. Leanfaidh cumhachtaí cinnteoireachta maidir le cuspóirí agus foirceannadh an Tionscnaimh de bheith dílsithe don Chomhairle.

2.   Tuairisceoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála don Chomhairle go tráthrialta.

3.   Gheobhaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála, ar bhonn rialta, tuarascálacha ó chathaoirleach Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC) maidir le gníomhaíochtaí cholún míleata an Tionscnaimh. Gheobhaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála, ar bhonn rialta agus de réir mar is gá, tuarascálacha ón gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha maidir le gníomhaíochtaí cholún sibhialtach an Tionscnaimh. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cuireadh a thabhairt don Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus don Cheannasaí Míleata chuig na cruinnithe dá chuid, mar is iomchuí.

Airteagal 4

Slabhra ceannais agus struchtúr

1.   Beidh slabhra ceannais aontaithe ag an Tionscnamh ós oibríocht bainistithe géarchéime é.

2.   Is sa Bhruiséil a bheidh ceanncheathrú an Tionscnaimh.

3.   Beidh colún sibhialtach ag an Tionscnamh, faoi cheannas agus faoi rialú straitéiseach Cheannasaí na hOibríochta Sibhialtaí (‘an colún sibhialtach’), agus colún míleata faoi cheannas agus rialú straitéiseach an Cheannasaí Míleata (‘an colún míleata’).

4.   Déanfaidh an Comhaonad um Chomhordú Tacaíochta a áirithiú, faoi chomhchathaoirleacht Cheannasaí na hOibríochta Sibhialtaí agus an Cheannasaí Míleata, comhleanúnachas an tslabhra ceannais.

Roinn II

Colún sibhialtach

Airteagal 5

Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha

1.   Is é Stiúrthóir Bainistíochta an Chumais Sibhialtaigh Pleanála agus Seolta (CPCC) a bheidh ina Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha don cholún sibhialtach.

2.   Beidh an CPCC ar fáil don Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha chun an colún sibhialtach a phleanáil agus a stiúradh.

3.   Is é an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha, faoi rialú polaitiúil agus faoi stiúradh straitéiseach an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus údarás foriomlán an Ardionadaí, a bheidh i gceannas ar an gcolún sibhialtach agus a rialóidh é ar an leibhéal straitéiseach.

4.   Áiritheoidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha go gcuirfear cinntí na Comhairle agus an Choiste Pholaitiúil agus Slándála chun feidhme go cuí agus go héifeachtach maidir le hoibríochtaí a chur i gcrích, lena n-áirítear trí threoracha a eisiúint ar an leibhéal straitéiseach chuig foireann cholún sibhialtach de réir mar a cheanglaítear agus trí chomhairle agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil dóibh.

5.   Tuairisceoidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha don Chomhairle tríd an Ardionadaí.

6.   Maidir leis an bhfoireann uile ar iasacht chuig an gcolún sibhialtach, fanfaidh sí, i gcomhréir le rialacha náisiúnta, faoi cheannas iomlán údaráis náisiúnta Stát tionscnaimh na hinstitiúide de chuid an Aontais lena mbaineann nó na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), de réir mar is iomchuí. Aistreoidh na húdaráis náisiúnta, institiúidí de chuid an Aontais nó SEGS, de réir mar is iomchuí, rialú oibríochtúil a bhfoirne ar iasacht chuig an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha.

7.   Beidh sé de fhreagracht fhoriomlán ar an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha a áirithiú go gcomhlíonfar dualgas cúraim an Aontais mar is ceart don fhoireann sa cholún sibhialtach.

8.   Rachaidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus cinn thoscaireachtaí an Aontais chuig na tíortha dá dtagraítear in Airteagal 1(3) i gcomhairle le chéile de réir mar is gá.

Airteagal 6

Ceann an aonaid shibhialtaigh ceannais agus tacaíochta

1.   Déanfar an CPCC a threisiú chun críoch an Tionscnaimh trí aonad sibhialtach ceannais agus tacaíochta.

2.   Glacfaidh ceann an aonaid shibhialtaigh ceannais agus tacaíochta freagracht as colún sibhialtach agus feidhmeoidh sé ceannas agus rialú air, ar an leibhéal oibríochtúil. Beidh ceann an aonaid shibhialtaigh ceannais agus tacaíochta freagrach go díreach don Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus gníomhóidh an duine sin i gcomhréir leis na treoracha ón gCeannasaí Oibríochta Sibhialtacha.

3.   Beidh ceann an aonaid shibhialtaigh ceannais agus tacaíochta ina ionadaí ar an gcolún sibhialtach ina réimse freagrachta.

4.   Is ar cheann an aonaid shibhialtaigh ceannais agus tacaíochta a bheidh freagracht riaracháin agus lóistíochta an cholúin shibhialtaigh, lena n-áirítear freagracht as na sócmhainní, na hacmhainní agus an fhaisnéis a cuireadh ar fáil don cholún sibhialtach. Féadfaidh ceann an aonaid shibhialtaigh ceannais agus tacaíochta cúraimí bainistíochta i gcúrsaí foirne agus airgeadais a tharmligean chuig baill foirne de chuid an cholúin shibhialtaigh, faoi fhreagracht fhoriomlán cheann an aonaid shibhialtaigh ceannais agus tacaíochta

5.   Is é ceann an aonaid shibhialtaigh ceannais agus tacaíochta a bheidh freagrach as rialú araíonachta ar fhoireann cholún sibhialtach. Maidir leis an bhfoireann uile ar iasacht, is iad údaráis náisiúnta an Stáit tionscnaimh, i gcomhréir le rialacha náisiúnta, an institiúid de chuid an Aontais lena mbaineann, nó SEGS, de réir mar is iomchuí, a thionscnóidh caingean araíonachta.

6.   Áiritheoidh ceann an aonaid shibhialtaigh ceannais agus tacaíochta infheictheacht iomchuí an cholúin shibhialtaigh.

Airteagal 7

Foireann

1.   Is foireann ar iasacht ó na Ballstáit, ó institiúidí an Aontais nó ó SEGS a bheidh go príomha sa cholún sibhialtach. Íocfaidh gach Ballstát, gach institiúid de chuid an Aontais agus SEGS na costais a bhaineann le haon duine den fhoireann a bheidh ar iasacht aige, lena n-áirítear speansais taistil chuig áit an imscartha agus uaidh, tuarastail, cumhdach leighis agus liúntais seachas na liúntais laethúla is infheidhme.

2.   Is iad an Ballstát, an institiúid de chuid an Aontais, nó SEGS, de réir mar is iomchuí a bheidh freagrach as aon éilimh a fhreagairt a bhaineann le baill foirne a thabhairt ar iasacht nó maidir lena mbaill foirne a thug siad ar iasacht don cholún sibhialta, agus as aon chaingean a thionscnamh i gcoinne na ndaoine sin.

3.   Féadfaidh an colún sibhialtach baill foirne idirnáisiúnta agus áitiúla a earcú ar bhonn conarthach mura féidir le pearsanra ar iasacht ó na Ballstáit na feidhmeanna is gá a chur ar fáil. Go heisceachtúil, i gcásanna cuí-réasúnaithe, nuair nach bhfuil aon iarratasóirí cáilithe ó na Ballstáit ar fáil, féadfar náisiúnaigh ó thríú Stáit rannpháirteacha a earcú ar bhonn conarthach.

4.   Leagfar síos coinníollacha fostaíochta agus cearta agus oibleagáidí na foirne idirnáisiúnta agus áitiúla sa cholún sibhialtach sna conarthaí idir an colún sibhialtach agus an ball foirne lena mbaineann.

Airteagal 8

An tslándáil

1.   Stiúrfaidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha an phleanáil maidir le bearta slándála don cholún sibhialtach agus áiritheoidh sé go gcuirfidh an Tionscnamh na bearta sin chun feidhme go cuí agus go héifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.   Beidh ceann an aonaid shibhialtaigh ceannais agus tacaíochta freagrach as slándáil an cholúin shibhialtaigh agus as a áirithiú go gcomhlíonfar na híoscheanglais slándála is infheidhme maidir leis, i gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V CAE, agus i gcomhréir le hionstraimí tacaíochta an bheartais sin.

3.   Cuirfear oiliúint slándála éigeantach ar fhoireann an cholúin shibhialtaigh sula rachaidh siad i mbun a gcuid dualgas, i gcomhréir leis an bPlean Oibríochta. Gheobhaidh siad oiliúint athnuachana rialta ar láthair na n-oibríochtaí freisin, rud a eagróidh an tOifigeach Slándála.

4.   Áiritheoidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha go ndéanfar faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (2).

Airteagal 9

Socruithe dlíthiúla

Beidh sé d’acmhainn ag an gcolún sibhialtach seirbhísí agus soláthairtí a fháil, conarthaí agus socruithe riaracháin a dhéanamh, foireann a fhostú, cuntais bhainc a shealbhú, sócmhainní a fháil agus a dhiúscairt agus a dhliteanais a urscaoileadh, agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla, de réir mar is gá chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

Airteagal 10

Socruithe airgeadais

1.   EUR 1 075 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an gcolún sibhialtach a chumhdach ar feadh 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Is í an Chomhairle a chinnfidh an méid tagartha airgeadais d’aon tréimhse ina dhiaidh sin.

2.   Bainisteofar an caiteachas uile a bhaineann leis an gcolún sibhialtach i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais. Beidh rannpháirtíocht daoine nádúrtha agus dlítheanacha i ndámhachtain conarthaí soláthair ag an gcolún sibhialtach ar oscailt gan teorainneacha. Thairis sin, ní bheidh feidhm ag aon riail tionscnaimh maidir le hearraí arna gceannach ag an gcolún sibhialtach. Faoi réir fhormheas an Choimisiúin, féadfaidh an colún sibhialtach socruithe teicniúla a thabhairt i gcrích leis na Ballstáit, leis na tíortha dá dtagraítear in Airteagal 1(3), le tríú Stáit rannpháirteacha agus le gníomhaithe idirnáisiúnta eile maidir le trealamh, seirbhísí agus áitribh a sholáthar don cholún sibhialtach.

3.   Beidh an colún sibhialtach freagrach as a bhuiséad a chur chun feidhme. Chun na críche sin, síneoidh an colún sibhialtach comhaontú leis an gCoimisiún. Urramóidh na socruithe airgeadais an slabhra ceannais dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 agus 6 agus riachtanais oibríochtúla an Tionscnaimh.

4.   Tuairisceoidh an colún sibhialtach go hiomlán don Choimisiún, agus déanfaidh an Coimisiún maoirseacht air, maidir leis na gníomhaíochtaí airgeadais arna ndéanamh faoi chuimsiú a gcomhaontaithe dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh an caiteachas a bhaineann le colún sibhialtach incháilithe ó dháta glactha an Chinnidh seo.

Airteagal 11

Aonad tionscadail shibhialtaigh

1.   Beidh aonad tionscadail shibhialtaigh ag an gcolún sibhialtach chun tionscadail shibhialtacha a shainaithint agus a chur chun feidhme chun tacú lena chúraimí a leagtar amach in Airteagal 2(1).

2.   Maidir leis na tionscadail arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag tríú Stáit atá faoina gcúram i réimsí a bhaineann leis an gcolún sibhialtach, déanfaidh an t-aonad tionscadail shibhialtaigh na tionscadail sin a éascú agus cuirfidh sé comhairle ar fáil i dtaca leo, de réir mar is iomchuí, chun tacú lena chuspóirí.

3.   Faoi réir mhír 5, údarófar an colún sibhialtach dul i muinín ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit nó ó thríú Stáit chun tionscadail a chur chun feidhme, ar tionscadail iad a shainaithneofar mar bhearta lena bhforlíontar gníomhaíochtaí eile an Tionscnaimh ar bhealach comhsheasmhach, más amhlaidh:

(a)

go bhforáiltear don tionscadal sa ráiteas airgeadais a bhaineann leis an gCinneadh seo; nó

(b)

go ndéantar an tionscadal a chomhtháthú le linn sainordaithe an Tionscnaimh trí bhíthin leasú a dhéanamh ar an ráiteas airgeadais arna iarraidh ag an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha.

4.   Rachaidh an colún sibhialtach i mbun socrú le húdaráis ábhartha na Stát dá dtagraítear i mír 3, socrú, lena gcumhdófar na nósanna imeachta sonracha chun déileáil le haon ghearán ó thríú páirtithe maidir le damáiste arna dhéanamh mar thoradh ar ghníomhartha nó ar neamhghníomh de chuid an cholúin siibhialtaigh maidir le húsáid na gcistí arna soláthar ag na Stáit sin.

5.   Ní fhéadfaidh na Stáit dá dtagraítear i mír 3 in imthosca ar bith an tAontas ná an tArdionadaí a chur faoi dhliteanas as gníomhartha nó as neamhghníomhartha arna ndéanamh ag an gcolún sibhialtach agus na cistí arna soláthar ag na Stáit sin á n-úsáid acu.

6.   Tiocfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála ar chomhaontú maidir le ranníocaíocht airgeadais ó thríú Stáit a thabhairt don aonad tionscadail shibhialtaigh.

Roinn III

Colún míleata

Airteagal 12

Ceannasaí Míleata

1.   Is é Stiúrthóir an Chumais Mhíleata Pleanála agus Seolta (MPCC) a bheidh ina Cheannasaí Míleata don cholún míleata.

2.   Struchtúr statach ceannais agus rialaithe ar an leibhéal straitéiseach míleata lasmuigh de limistéar na n-oibríochtaí a bheidh in MPCC, a bheidh freagrach as pleanáil agus seoladh oibríochtúil an cholúin mhíleata.

3.   Is é an Ceannasaí Míleata, faoi rialú polaitiúil agus faoi stiúradh straitéiseach an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus údarás foriomlán an Ardionadaí, a bheidh i gceannas ar an gcolún míleata agus a rialóidh é ar an leibhéal straitéiseach.

4.   Áiritheoidh an Ceannasaí Míleata go gcuirfear cinntí na Comhairle agus an Choiste Pholaitiúil agus Slándála chun feidhme go cuí agus go héifeachtach maidir le hoibríochtaí an cholúin mhíleata a sheoladh, lena n-áirítear trí threoracha a eisiúint chuig a phearsanra.

5.   Tuairisceoidh an Ceannasaí Míleata don Chomhairle tríd an Ardionadaí.

6.   Maidir leis an bhfoireann uile atá ar iasacht leis an gcolún míleata, fanfaidh sí, faoi cheannas iomlán údaráis náisiúnta an Stáit tionscnaimh i gcomhréir le rialacha náisiúnta, na hinstitiúide de chuid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, de réir mar is iomchuí. Aistreoidh na húdaráis náisiúnta sin, an institiúid de chuid an Aontais nó SEGS, de réir mar is iomchuí, rialú oibríochtúil a bhfoirne atá ar iasacht chuig an gCeannasaí Míleata

7.   Beidh sé de fhreagracht fhoriomlán ar an gCeannasaí Míleata a áirithiú go gcomhlíonfar dualgas cúraim an Aontais mar is ceart don fhoireann sa cholún míleata.

Airteagal 13

Ceann an aonaid mhíleata ceannais agus tacaíochta

1.   Déanfar CPCC a threisiú chun críoch an Tionscnaimh trí aonad míleata ceannais agus tacaíochta.

2.   Glacfaidh ceann an aonaid mhíleata ceannais agus tacaíochta freagracht as an gcolún míleata agus beidh sé i gceannas agus rialóidh sé é, ar an leibhéal oibríochtúil.

3.   Beidh ceann an aonaid ceannais agus tacaíochta mhíleata freagrach go díreach don Cheannasaí Míleata agus gníomhóidh an duine sin i gcomhréir leis na treoracha ón gCeannasaí Oibríochta Sibhialtacha.

Airteagal 14

Treoir mhíleata

1.   Déanfaidh EUMC faireachán ar chur i gcrích cuí na gcúraimí ag an gcolún míleata, arna dhéanamh faoi fhreagracht an Cheannasaí Mhíleata.

2.   Gheobhaidh EUMC tuarascálacha ón gCeannasaí Míleata ar bhonn rialta. Féadfaidh EUMC cuireadh a thabhairt don Cheannasaí Míleata agus do cheann an aonaid ceannais agus tacaíochta mhíleata chuig a chruinnithe, de réir mar is iomchuí.

3.   Feidhmeoidh cathaoirleach EUMC mar phríomhphointe teagmhála leis an gCeannasaí Míleata.

Airteagal 15

Socruithe airgeadais

1.   Riarfar costais choiteanna an cholúin mhíleata i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509.

2.   EUR 179 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais do chostais choiteanna an cholúin mhíleata a chumhdach ar feadh 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Is é a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha sin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 30 % le haghaidh gealltanas agus 15 % le haghaidh íocaíochtaí. Is í an Chomhairle a chinnfidh an méid tagartha airgeadais d’aon tréimhse ina dhiaidh sin.

Airteagal 16

Aonad tionscadail mhíleata

1.   Beidh aonad tionscadail mhíleata ag an gcolún míleata chun tionscadail a bhfuil impleachtaí míleata acu a shainaithint agus a chur chun feidhme chun tacú lena chúraimí a leagtar amach in Airteagal 2(1).

2.   Maidir leis na tionscadail arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag tríú Stáit atá faoina gcúram i réimsí a bhaineann leis an gcolún míleata, déanfaidh an t-aonad tionscadail mhíleata sin na tionscadail sin a éascú agus cuirfidh sé comhairle ar fáil i dtaca leo, de réir mar is iomchuí, chun tacú lena chuspóirí.

3.   Faoi réir mhír 5, údarófar an Ceannasaí Míleata dul i muinín ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit nó ó thríú Stáit chun tionscadail a chur chun feidhme, ar tionscadail iad a shainaithneofar mar bhearta lena bhforlíontar gníomhaíochtaí eile an colún míleata ar bhealach comhsheasmhach.

4.   Féadfaidh an tSaoráid Eorpach Síochána na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 30 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

5.   Ní bheidh, in imthosca ar bith, an tAontas ná an tArdionadaí faoi dhliteanas ag na Stáit dá dtagraítear i mír 3 mar thoradh ar ghníomhartha nó ar neamhghníomhartha a dhéanfadh an colún míleata maidir leis an úsáid a bhainfí as cistí ó na Stáit sin.

6.   Tiocfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála ar chomhaontú maidir le ranníocaíocht airgeadais ó thríú Stáit a thabhairt don aonad tionscadail mhíleata.

Roinn IV

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 17

Comhsheasmhacht fhreagairt agus chomhordú an Aontais

1.   Áiritheoidh an tArdionadaí cur chun feidhme an Chinnidh seo agus a chomhchuibheas le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais ar an iomlán, lena n-áirítear cláir forbartha an Aontais agus a chláir um chúnamh daonnúil.

2.   Rachaidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha, an Ceannasaí Míleata agus cinn thoscaireachtaí an Aontais chuig na tíortha dá dtagraítear in Airteagal 1(3) i gcomhairle le chéile de réir mar is gá.

3.   Gan dochar don slabhra ceannais, gheobhaidh ceann na n-aonad ceannais agus tacaíochta sibhialtach agus ceann na n-aonad ceannais agus tacaíochta míleata treoir pholaitiúil áitiúil ó chinn thoscaireachtaí an Aontais chuig na tíortha dá dtagraítear in Airteagal 1(3).

4.   Gan dochar don slabhra ceannais, gheobhaidh an fhoireann arna himscaradh i dtoscaireacht de chuid an Aontais chuig tír dá dtagraítear in Airteagal 1(3) treoir pholaitiúil áitiúil ó cheann na toscaireachta sin.

5.   Faoin Tionscnamh, comhordófar a chuid gníomhaíochtaí le gníomhaíochtaí déthaobhacha na mBallstát i réimse na slándála agus na cosanta sna tíortha dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus, de réir mar is iomchuí, le comhpháirtithe agus eagraíochtaí réigiúnacha atá ar aon intinn leo, go háirithe Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar agus Tionscnamh Accra.

Airteagal 18

Rannpháirtíocht tríú Stáit

1.   Gan dochar do neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais ná dá chreat institiúideach aonair, agus i gcomhréir le treoirlínte ábhartha na Comhairle Eorpaí, féadfar cuireadh a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach sa tionscnamh.

2.   Leis seo, tugann an Chomhairle údarás don Choiste Polaitiúil agus Slándála cuireadh a thabhairt do thríú Stáit rannchuidiú a thairiscint agus cinntí ábhartha a ghlacadh maidir le glacadh leis an rannchuidiú atá beartaithe, ar mholadh ón gCeannasaí Míleata agus ó EUMC, nó ón gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha faoi seach.

3.   Cumhdófar socruithe mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht tríú Stáit sna comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 37 CAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). I gcás ina mbeidh comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas agus ag tríú Stát lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht an tríú Stát i misin bainistíochta géarchéime de chuid an Aontais, beidh feidhm ag forálacha an chomhaontaithe úd i gcomhthéacs an Tionscnaimh.

4.   Beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag tríú Stáit, a thugann rannchuidiú don cholún sibhialtach nó a thugann rannchuidiú suntasach míleata don cholún míleata, ó thaobh bhainistiú laethúil an Tionscnaimh agus atá ag na Ballstáit atá rannpháirteach sa Tionscnamh.

5.   Leis seo, údaraíonn an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí ábhartha a ghlacadh maidir le coiste ranníocóirí sibhialtach nó míleata a chur ar bun, i gcás ina dtabharfadh tríú Stáit rannchuidiú don cholún sibhialtach nó rannchuidiú suntasach míleata don cholún míleata.

Airteagal 19

Stádas an Tionscnaimh agus a phearsanra

Beidh stádas an Tionscnaimh agus a phearsanra, lena n-áirítear na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá chun a misean a chomhlíonadh agus a fheidhmiú go rianúil, ina n-ábhar do chomhaontú arna thabhairt i gcrích ag an Aontas le gach ceann de na tíortha dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de bhun Airteagal 37 CAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 CFAE.

Airteagal 20

Scaoileadh faisnéise

1.   Údarófar an tArdionadaí faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais, arna giniúint chun críocha an Tionscnaimh, a scaoileadh leis na tríú Stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le riachtanais an Tionscnaimh, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE:

(a)

suas go dtí an leibhéal dá bhforáiltear sna comhaontuithe um shlándáil faisnéise is infheidhme arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú Stát lena mbaineann; nó

(b)

suas go dtí an leibhéal ‘CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL’ i gcásanna eile.

2.   I gcás ina mbeidh gá oibríochtúil sonrach agus láithreach ann, údarófar an tArdionadaí aon fhaisnéis rúnaicmithe AE suas go dtí an leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED, arna giniúint chun críocha an Tionscnaimh, a scaoileadh chuig an tír ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(3),i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE. Déanfar socruithe idir an tArdionadaí agus údaráis inniúla na tíre sin a tharraingt suas chun na críche sin.

3.   Údarófar an tArdionadaí aon doiciméid neamhaicmithe de chuid an Aontais atá bainteach le plé na Comhairle i ndáil leis an Tionscnamh agus atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 6(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a scaoileadh le tríú stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo (3).

4.   Féadfaidh an tArdionadaí na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3, chomh maith leis an gcumas na socruithe dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt i gcrích, a tharmligean chuig foireann SEGS, chuig an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha nó chuig an gCeannasaí Míleata.

Airteagal 21

Pleanáil agus seoladh an Tionscnaimh

Is í an Chomhairle a ghlacfaidh an Cinneadh chun an Tionscnamh a sheoladh ar éis don phlean oibríochta maidir leis an gcolún sibhialtach agus don phlean misin, lena n-áirítear na rialacha aontaithe comhraic, don cholún míleata, a bheith formheasta..

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm agus foirceannadh

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh ar feadh tréimhse 2 bhliain ón dáta a sheolfar an Tionscnamh de bhun Airteagail 21.

3.   Déanfar an Cinneadh seo a aisghairm i gcomhréir leis na pleananna a formheasadh le haghaidh fhoirceannadh an Tionscnaimh, agus gan dochar do na nósanna imeachta maidir le cuntais an cholúin mhíleata a iniúchadh agus a thíolacadh, a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2021/509.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Lúnasa 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint, (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/35


CINNEADH (CBES) 2023/1600 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Lúnasa 2023

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 maidir le Misean CBSC de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata vi bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Aibreán 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/610 (1), lenar bunaíodh Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh oiliúint i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) le sainordú go dtí an 19 Meán Fómhair 2018.

(2)

An 28 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1334 (2), lenar cuireadh síneadh le EUTM RCA go dtí an 20 Meán Fómhair 2023 agus lenar leasaíodh a shainordú.

(3)

An 13 Iúil 2023, ar bhonn an athbhreithnithe straitéisigh iomlánaíoch ar EUTM RCA agus ar Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Comhairle i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA), mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí síneadh, i bprionsabal, le sainordú EUTM RCA go dtí an 19 Meán Fómhair 2024 agus go ndéanfaí measúnú straitéiseach ar EUTM RCA agus ar EUAM RCA tráth nach déanaí ná Márta 2024.

(4)

Ba cheart Cinneadh (CBSC) 2016/610 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.   EUR 5 212 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chostais choiteanna EUTM RCA don tréimhse ón 20 Meán Fómhair 2023 go dtí an 19 Meán Fómhair 2024. Is é a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha sin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, 15 % le haghaidh gealltanas agus 0 % le haghaidh íocaíochtaí.’

;

(2)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Faoi réir measúnú straitéiseach a dhéanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tráth nach déanaí ná mí an Mhárta 2024, tiocfaidh deireadh le EUTM RCA an 19 Meán Fómhair 2024.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Lúnasa 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Cinneadh (CBES) 2016/610 ón gComhairle an 19 Aibreán 2016 maidir le Misean CBSC de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (IO L 104, 20.4.2016, lch. 21).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/1334 ón gComhairle an 28 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 maidir le Misean CBES an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (IO L 201, 1.8.2022, lch. 27).


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/37


CINNEADH (CBES) 2023/1601 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Lúnasa 2023

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1).

(2)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise go raibh oibríocht mhíleata á seoladh san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin, lena n-áirítear ó chríoch na Bealarúise. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

(3)

An 2 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/356 (2), lenar leasaíodh teideal Chinneadh 2012/642/CBES agus lenar tugadh isteach bearta sriantacha breise mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar údaráis na Bealarúise éirí as cogadh foghach na Rúise a chumasú, mar atá á dhéanamh acu faoi láthair trí chead a thabhairt d’fhórsaí armtha na Rúise críoch na Bealarúise a úsáid agus trí thacaíocht a thabhairt d’arm na Rúise. Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach nach mór do réimeas na Bealarúise cloí go hiomlán lena oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta agus go bhfuil an tAontas réidh i gcónaí tuilleadh smachtbhannaí a fhorchur i gcoinne na Bealarúise go gasta.

(5)

An 18 Eanáir 2023, d’eisigh an tAontas ráiteas maidir le staid chearta an duine sa Bhealarúis ag Coiste Airí Chomhairle na hEorpa, inar chuir sé in iúl gur cúis mhór imní dó drochstaid chearta an duine sa Bhealarúis, staid atá ag dul in olcas faoi réimeas Lukashenka, agus cháin sé arís gníomhaíochtaí an réimis i Mionsc arb é is aidhm dóibh tacú le fogha barbartha na Rúise faoin Úcráin agus na hiarrachtaí athnuaite atá á ndéanamh chun imircigh a úsáid ar bhealach ciniciúil foréigneach chun géarchéimeanna a chruthú ag teorainneacha an Aontais.

(6)

Sna conclúidí uaithi an 23 Márta 2023 agus an 29 agus 30 Meitheamh 2023, cháin an Chomhairle Eorpach an tacaíocht mhíleata leanúnach a bhí á tabhairt ag an mBealarúis do chogadh foghach na Rúise agus chuir sí i bhfios go láidir nach mór don Bhealarúis stopadh de chead a thabhairt d’fhórsaí armtha na Rúise a críoch a úsáid, lena n-áirítear chun airm núicléacha oirbheartaíochta a imscaradh.

(7)

I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar rannpháirtíocht leanúnach na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin, is iomchuí bearta sriantacha breise a thabhairt isteach.

(8)

Go háirithe, is iomchuí toirmeasc a chur ar dhíol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón. Cumhdaítear freisin earraí atá faoi réir an toirmisc sin le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Sa chomhthéacs sin, caithfear le Cinneadh 2012/642/CBES, mar lex specialis agus, dá bhrí sin, i gcás coinbhleachta, tá tosaíocht aige ar Rialachán (AE) Uimh. 258/2012.

(9)

Is iomchuí freisin síneadh breise a chur leis an toirmeasc onnmhairiúcháin ar earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide agus ardfhorbartha, agus tuilleadh srianta ar onnmhairiú a thabhairt isteach maidir le hearraí a d’fhéadfadh cur le feabhas míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise a chur chun cinn nó a hearnáil cosanta agus slándála a fhorbairt, go háirithe ítimí a d’úsáid an Rúis le haghaidh a cogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine.

(10)

Is iomchuí freisin toirmeasc onnmhairiúcháin a fhorchur ar earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid in eitlíocht agus i dtionscal an spáis, lena n-áirítear innill aerárthaí agus a bpáirteanna, d’aerárthaí foireannaithe agus neamhfhoireannaithe araon.

(11)

Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun an beart sin a chur chun feidhme.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 1a

1.   Gan dochar d’Airteagal 1 den Chinneadh seo, maidir le hairm thine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus a n-armlón, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus airm thine agus airm eile mar a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh seo, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, beidh toirmeasc ar na hairm sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le haon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1 agus a bhaineann le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis; nó

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis na hearraí sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó i ndáil le cúnamh gaolmhar teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin (IO L 94, 30.3.2012, lch. 1).’;"

(2)

in Airteagal 2c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gach earra agus teicneolaíocht dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), beidh toirmeasc ar na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, le haon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis ag náisiúnaigh de chuid Ballstát nó ó chríocha na mBallstát nó a bhfuil a soithí brataí nó a n-aerárthaí in úsáid acu, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh a gcríoch nó ná bíodh.

(*2)  Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1).’;"

(3)

in Airteagal 2c(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

ítimí a onnmhairiú go sealadach lena n-úsáid ag na meáin nuachta;’;

(4)

in Airteagal 2c(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

úsáid mar ghléasanna cumarsáide tomhaltóirí; nó;’;

(5)

in Airteagal 2c(3), scriostar pointe (f);

(6)

in Airteagal 2c(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(f)

úsáid phearsanta daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Bealarúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta, agus é sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí, feithiclí nó uirlisí ceirde atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol.’;

(7)

in Airteagal 2c(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara fomhíre:

‘Cé is moite de phointe (f) den chéad fhomhír, dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe le haghaidh chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar tharla an chéad onnmhairiú.’;

(8)

in Airteagal 2c(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha nach bhfuil ar fáil go poiblí agus nach maoin iad de chuid eintitis atá faoi rialú poiblí nó faoi úinéireacht phoiblí os cionn 50 %;’;

(9)

in Airteagal 2c(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

ionadaíochtaí taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin; nó’;

(10)

in Airteagal 2c(4), cuirtear an pointe seo a leanas:

‘(h)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Bhealarúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin.’;

(11)

in Airteagal 2c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus gan dochar do na ceanglais údaraithe de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú earraí nó teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus d’úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 3 Márta 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí mar sin a fhorghníomhú, ar choinníoll go bhfuarthas an t-údarú roimh an 1 Bealtaine 2022.’

;

(12)

in Airteagal 2c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Na húdaruithe uile a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh na húdaráis inniúla iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh an t-údarú bailí ar fud an Aontais.’

;

(13)

in Airteagal 2c (7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointí (i) agus (ii):

‘(i)

go bhféadfadh sé gur úsáideoir deiridh míleata, nó duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn II atá san úsáideoir deiridh nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí murar rud é go gceadaítear díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó go gceadaítear cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi Airteagal 2da(1), pointe (a); nó

(ii)

go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar an chúnaimh ghaolmhair theicniúil nó airgeadais beartaithe don tionscal eitlíochta nó don tionscal spáis, murar rud é go gceadaítear an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin nó go gceadaítear an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi mhír 4, pointe (b).’;

(14)

in Airteagal 2d(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

onnmhairiú sealadach ítimí lena n-úsáid ag meáin nuachta;’;

(15)

in Airteagal 2d(3), scriostar pointe (f);

(16)

in Airteagal 2d(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(f)

úsáid phearsanta daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Bealarúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta, agus é sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí, feithiclí nó uirlisí ceirde atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol.’;

(17)

in Airteagal 2d(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Cé is moite de phointe (f) den chéad fhomhír, dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe le haghaidh chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar tharla an chéad onnmhairiú.’;

(18)

in Airteagal 2d(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha nach bhfuil ar fáil go poiblí agus nach maoin iad de chuid eintitis atá faoi rialú poiblí nó faoi úinéireacht phoiblí os cionn 50 %;’;

(19)

in Airteagal 2d(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

ionadaíochtaí taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin; nó’;

(20)

cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 2d(4):

‘(h)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Bhealarúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin.’;

(21)

in Airteagal 2d, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘4a.   Gan dochar do mhír 4, pointe (e), agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh an t-údarás inniúil a údarú earraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus d’úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais beartaithe chun clabhsúr a chur, faoin 6 Feabhra 2024, ar chonarthaí agus ar oibríochtaí a bheidh ar siúl an 5 Lúnasa 2023 agus atá riachtanach chun seirbhísí teileachumarsáide sibhialta a sholáthar do phobal sibhialta na Bealarúise.’

;

(22)

in Airteagal 2d, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5a.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú earraí a thagann faoi chóid AC 8536 69, 8536 90, 8541 30 agus 8541 60 a údarú, go dtí an 6 Feabhra 2024, nó soláthar an chúnaimh ghaolmhair theicniúil nó airgeadais a údarú, a mhéid is gá sin chun go mbeidh comhfhiontar a bhfuil úinéireacht tromlaigh ag cuideachta atá bunaithe san Aontas air an 5 Lúnasa 2023 in ann na hearraí sin sa Bhealarúis a phróiseáil, chun críche iad a allmhairiú isteach san Aontas ina dhiaidh sin agus chun earraí a tháirgeadh san Aontas ina dhiaidh sin a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san earnáil sláinte nó cógaisíochta, nó i réimse an taighde agus na forbartha.’

;

(23)

in Airteagal 2d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Na húdaruithe uile a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh na húdaráis inniúla iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh an t-údarú bailí ar fud an Aontais.’

;

(24)

in Airteagal 2d(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointí (i) agus (ii):

‘(i)

go bhféadfadh sé gur úsáideoir deiridh míleata, nó duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn II atá san úsáideoir deiridh nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí, murar rud é go gceadaítear díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó go gceadaítear cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi Airteagal 2da(1), pointe (a); nó

(ii)

go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar an chúnaimh ghaolmhair theicniúil nó airgeadais beartaithe don tionscal eitlíochta nó don tionscal spáis, murar rud é go gceadaítear an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin nó go gceadaítear an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi mhír 4, pointe (b);’

(25)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 2sa

1.   Earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid sa tionscal eitlíochta nó sa tionscal spáis, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, beidh toirmeasc ar a ndíol, a soláthar, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le haon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Beidh toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, d’aon duine, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

3.   Beidh toirmeasc ar aon cheann nó ar aon chumasc de na gníomhaíochtaí seo a leanas a sholáthar: ollchóiriú, deisiú, iniúchadh, athionadú, modhnú nó ceartú lochta a dhéanamh ar aerárthach nó ar chomhpháirt, cé is moite d’iniúchadh réamheitilte, a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

4.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 nó a bhaineann le soláthar, monarú agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis; nó

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó i ndáil le cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

5.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 4 go dtí an 4 Mean Fómhair 2023 maidir le forghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 5 Lúnasa 2023, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 4, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, go bhforghníomhófaí léas airgeadais aerárthaigh ar tugadh an léas i gcrích roimh an 5 Lúnasa 2023 tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

gur gá a áirithiú go ndéanfaí aisíocaíochtaí léasa le duine dlítheanach, le heintiteas nó le comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nach dtagann faoi aon cheann de na bearta sriantacha dá bhforáiltear sa Chinneadh seo; agus

(b)

nach gcuirfear aon acmhainn eacnamaíoch ar fáil don chontrapháirtí Bealarúiseach, cé is moite d’úinéireacht an aerárthaigh a aistriú tar éis an léas airgeadais a aisíoc ina iomláine.

7.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 4, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi na coinníollacha sin a mheasann siad a bheith iomchuí, díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí a thagann faoi chóid AC 8517 71 00, 8517 79 00 agus 9026 00 00 a údarú, nó cúnamh gaolmhar teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais a údarú, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil sé riachtanach chun críoch leighis nó cógaisíochta, nó chun críoch daonnúil, mar shampla cúnamh a sheachadadh nó seachadadh an chúnaimh a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó aistriú oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar nó chun críoch aslonnuithe.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe chun críoch leighis, cógaisíochta nó daonnúil i gcomhréir leis an mír seo, ní dheonóidh na húdaráis náisiúnta inniúla údarú le haghaidh onnmhairí d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, nó lena úsáid sa Bhealarúis, má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí.

8.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

9.   Beidh an toirmeasc i mír 1 gan dochar d’Airteagail 2c(4), pointe (b) agus 2d(4), pointe (b)

10.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 4, pointe (a) maidir le malartú faisnéise arb é is aidhm dó caighdeáin theicniúla a bhunú faoi chuimsiú na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1.

11.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na nithe ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.’

;

(26)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo leis mar Iarscríbhinn VI a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Lúnasa 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 67, 2.3.2022, lch. 103).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin (IO L 94, 30.3.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN VI

Liosta na n-arm tine agus na n-arm eile dá dtagraítear in Airteagal 1a.

Cód AC

Tuairisc

9303

Airm thine eile agus gléasanna comhchosúla a oibríonn trí lánán pléascach a scaoileadh

ex 9304

Airm eile (mar shampla gunnaí agus piostail tuailme, aeir, nó gáis) seachas na cinn atá faoi cheannteideal 9307


4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/44


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1602 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Iúil 2023

maidir leis an líonra príomhdhéileálaithe agus sainiú na gcritéar incháilitheachta le haghaidh príomhshainorduithe agus comh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite chun críoch gníomhaíochtaí iasachtaíochta ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 220a (2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí a ghlac an tAontas i ndiaidh ghéarchéim COVID-19, bunaíodh líonra príomhdhéileálaithe le Cinneadh (AE, Euratom) 2021/625 ón gCoimisiún (2) chun feidhmiú mar líonra cáilithe institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ar a n-iarrann an Coimisiún urrúis fiachais a láithriú go príomhúil, na láithriúcháin sin a chur chun cinn agus, de réir mar a bheidh an cás, seirbhísí airgeadais ábhartha a sholáthar, amhail comhairle margaidh chóir agus faisnéis a sholáthar.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2022/2434 (3), ba cheart don Choimisiún iasachtaí a údaraítear faoi Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 (4) ón gComhairle agus, seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais a dhéanamh chun cláir cúnaimh airgeadais a chistiú faoi straitéis chistiúcháin éagsúlaithe. Is modh ginearálta iasachtaíochta é straitéis chistiúcháin éagsúlaithe lena gceadaítear solúbthacht maidir le huainiú agus aibíocht na n-idirbheart cistiúcháin aonair agus maidir le heisíocaíochtaí rialta seasta le tairbhithe.

(3)

Tar éis 2 bhliain d’fheidhmiú líonra na bpríomhdhéileálaithe, beidh gá le roinnt feabhsuithe go háirithe maidir leis na próisis fógraí a chuireann na príomhdhéileálaithe ar fáil, agus maidir le príomhdhéileálaí a fhionraí nó a eisiamh ón líonra.

(4)

Téitear ar iontaoibh na margaí caipitil ar scála mór, agus déantar eisiúintí go han-mhinic. Mar thoradh air sin, ba cheart eagrú na n-oibríochtaí cistithe a bheith solúbtha.

(5)

Na príomhdhéileálaithe a ligtear isteach sa líonra, tá siad i dteideal páirt a ghlacadh i gceantanna a dhéanann an Coimisiún chun iasachtaí a fháil ar mhargaí caipitil. Cuireann an sainmhíniú ar na critéir incháilitheachta leis an taithí atá ag an gCoimisiún institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a roghnú faoi chláir cúnaimh airgeadais atá ann cheana. Baintear leas freisin as dea-chleachtas eisitheoirí ceannasacha agus fornáisiúnta.

(6)

Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta a bheith i dteideal a bheith ina gcomhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe má chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta. Is é is aidhm do na critéir sin feidhmíocht éifeachtúil fheidhm na bpríomhdhéileálaithe a ráthú, go háirithe oibríochtaí margaidh a dhéanamh go hinniúil agus gealltanais frithgheallta a chomhlíonadh. I ndáil leis sin, tá sé ríthábhachtach go léireoidh príomhdhéileálaithe incháilithe struchtúr láidir eagraíochtúil, inniúlacht ghairmiúil agus bainistíochta, gníomhaíocht mhór sa mhargadh maidir le heisiúint bannaí ceannasacha agus fornáisiúnta a fhrithghealladh, agus comhlíonadh an chreata rialála ábhartha, go háirithe maidir le ceanglais (5) stuamachta an Aontais agus maoirseacht (6) orthu. I gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta, ba cheart na critéir sin agus na cinntí lena nglactar le hinstitiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta mar phríomhdhéileálaí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Mar gheall ar chomhaltas i líonraí príomhdhéileálaithe arna n-oibriú ag Ballstát nó ag eisitheoir fornáisiúnta, tá an institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta i dteideal a bheith rannpháirteach i gceantanna fiachais phoiblí an eisitheora sin. Léiriú iontaofa ar thaithí in oibríochtaí bainistíochta fiachais phoiblí atá i rannpháirtíocht rialta ghníomhach i nósanna imeachta ceantála ceannasacha nó fornáisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart incháilitheacht le haghaidh comhaltas i líonra príomhdhéileálaithe an Aontais a bheith faoin gcoinníoll go mbeadh ar a laghad Ballstát amháin nó líonra príomhdhéileálaithe nó sásra príomhdhéileála an eisitheora fhornáisiúnta Eorpaigh ina chomhalta de.

(8)

A luaithe a ligtear isteach iad ar líonra na bpríomhdhéileálaithe, ba cheart cead a bheith ag príomhdhéileálaithe an teideal ‘Comhalta de Líonra Príomh-Dhéileálaithe an Aontais Eorpaigh’ a bheith orthu agus páirt a ghlacadh i ngach ceant ar urrúis fiachais de chuid an Aontais agus de chuid Euratom. Ba cheart do na déileálaithe sin íosmheán ualaithe de na méideanna arna gceantáil a cheannach agus oibleagáidí tuairiscithe áirithe a chomhlíonadh.

(9)

Ba cheart do na príomhdhéileálaithe cloí freisin leis na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear rannpháirtíocht i líonra na bpríomhdhéileálaithe, go háirithe cearta, gealltanais agus oibleagáidí na gcomhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe, an t-athbhreithniú bliantúil, oibleagáidí tuairiscithe, chomh maith le rialacha maidir le rialuithe, le fionraí comhaltais, le heisiamh agus leis an bhféidearthacht tarraingt siar ó líonra na bpríomhdhéileálaithe.

(10)

Sa bhreis ar cheantanna, eisítear urrúis fiachais faoi na cláir iasachtaíochta trí shindeacáitiú nó láithrithe príobháideacha. Chuige sin, is é an Coimisiún a cheapann na hinstitiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann ceanglais incháilitheachta arna mbunú le haghaidh idirbhearta sindeacáite agus láithrithe príobháideacha chun críoch gach idirbhirt iasachtaíochta.

(11)

Comhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe, a cheannaíonn meánchéatadán ualaithe níos airde de na méideanna arna gceantáil ná mar a cheanglaítear le bheith ina gcomhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe agus a choinníonn sciar tánaisteach leordhóthanach den mhargadh acu in urrúis fiachais de chuid an Aontais agus de chuid Euratom, agus a chomhlíonann íoscheanglais na socruithe luachana, ba cheart dóibh a bheith incháilithe le bheith ina bpríomhbhainisteoirí in idirbhearta sindeacáite. Ba cheart don ghrúpa déileálaithe sin é a ghabháil air féin leachtacht urrús fiachais de chuid an Aontais agus de chuid Euratom a chur chun cinn trí ghníomhaíocht cruthaithe margaidh bhreise, comhairle chothrom agus faisnéis mhargaidh a sholáthar don Choimisiún agus an tAontas agus eisiúintí Euratom a chur chun cinn le hinfheisteoirí.

(12)

Ba cheart na cúraimí a bhaineann le róil an phríomhbhainisteora agus an chomh-phríomhbhainisteora a mheas mar sheirbhísí airgeadais dá dtagraítear i gCaibidil 1, Roinn 2, pointe 11.1, pointe (j), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Ceapadh príomhdhéileálaithe incháilithe ina gcomhaltaí den tsindeacáit le haghaidh idirbheart eisiúna sonrach, ba cheart, dá bhrí sin, é a bheith bunaithe ar nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré. Ba cheart seoladh iarrata ar thograí chuig déileálaithe incháilithe agus meastóireacht ar na tograí a fhaigheann an Coimisiún a bheith san áireamh sa nós imeachta um cheapadh príomhbhanaisteoirí.

(13)

Agus an ardmhinicíocht á cur san áireamh lena meastar a bhainfidh an Coimisiún leas as na margaí caipitil, is gá sásra rianúil tapa éifeachtúil a bhunú chun bainc a cheapadh mar phríomhbhainisteoirí le haghaidh idirbhearta sindeacáite. Is gá, dá bhrí sin, bonn cothrom trédhearcach a chur ar fáil chun an iarraidh ar thograí a theorannú d’fhothacar de na príomhdhéileálaithe atá incháilithe le páirt a ghlacadh i sindeacáití. Tá gá leis an roghnú breise sin chun cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le hiomaíocht sa nós imeachta soláthair maidir le seirbhísí chun tacú leis an tsindeacáit agus an gá atá le hidirbhearta atá íogair ó thaobh ama de a ullmhú go héifeachtúil, agus chun dúbláil a sheachaint in iarracht na bpríomhdhéileálaithe i leith tairiscintí ar shainorduithe sindeacáite. Ba cheart roghnú na mbanc sin a bheith bunaithe ar chritéir cháilíochtúla agus chainníochtúla, a bhaineann le cumas cruthaithe na bpríomhdhéileálaithe incháilithe tacú le heisiúint cheannasach agus fhornáisiúnta i mbunmhargaí agus i margaí tánaisteacha, agus a gcumas urrúis fiachais a dháileadh ar infheisteoirí. Leis an bpróiseas sin, ba cheart sásra uainíochta a chur ar fáil freisin lena n-áiritheofaí go mbeadh deis chothrom ar rannpháirtíocht thar gach príomhdhéileálaí incháilithe.

(14)

Ba cheart do phríomhdhéileálaithe fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon chás de neamhchomhlíonadh cleachtas margaidh agus eitice, lena n-áirítear fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon imeacht, breithiúnas, cinneadh nó smachtbhanna a bhaineann le forálacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a bhaineann leis an gcóras luathbhraite agus eisiaimh, go háirithe Airteagail 135 go 142 de. Níor cheart baint a bheith ag na fógraí sin ach le príomhdhéileálaithe iad féin agus lena máthaireintitis. Ba cheart fógra den sórt sin a bheith gan dochar don oibleagáid atá ar phríomhdhéileálaithe an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach faoi aon athrú ar na cásanna mar a dearbhaíodh le linn an phróisis iarratais.

(15)

Chun foráil a dhéanamh maidir le leachtacht mhargaidh thánaistigh níos mó in urrúis fiachais an Aontais agus Euratom, agus chun praghas-aimsiú agus trédhearcacht a fheabhsú, is iomchuí socrú luachana a thabhairt isteach lenar cheart príomhdhéileálaithe a spreagadh chun gníomhú mar chruthaitheoirí margaidh agus chun urrúis fiachais an Aontais agus Euratom a lua ar ardáin leictreonacha aitheanta. Ba cheart dreasachtaí iomchuí a thabhairt do chomhaltaí an líonra príomhdhéileálaithe chun gabháil do ghníomhaíochtaí cruthaithe margaidh den sórt sin. Chuige sin, is iomchuí na critéir a leagan síos chun an socrú luachana a chomhlíonadh.

(16)

Chun dreasachtaí breise a chur ar fáil do na príomhdhéileálaithe uile chun dul i mbun gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh, is iomchuí rochtain níos simplí ar na comh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite a chur ar fáil freisin do na príomhdhéileálaithe sin a thacaíonn le leachtacht thánaisteach an mhargaidh in urrúis fiachais an Aontais agus Euratom agus a chomhlíonann critéir íosta an tsocraithe luachana, ach nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta chun bheith ina bpríomhbhainisteoirí le haghaidh idirbhearta sindeacáite. Le rochtain den sórt sin ar chomh-phríomhshainorduithe, bheadh an Coimisiún in ann dreasachtaí breise a chur ar fáil do raon níos leithne comhaltaí líonra príomhdhéileálaithe, a dhéanann bearta chun tacú le heisiúint fiachais an Aontais agus Euratom. Dá bhrí sin, ba cheart na critéir incháilitheachta a chruthú maidir le comh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar chomh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbheart amháin ar a laghad laistigh den tréimhse a chumhdaítear le plean cistiúcháin arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2022/2544 ón gCoimisiún (7).

(17)

Is iomchuí gealltanais a bhaineann le príomhshainorduithe agus comh-phríomhshainorduithe a shainiú agus a idirdhealú go soiléir agus na comhchritéir incháilitheachta a dhéanamh comhréireach le tairbhí an róil. Chuige sin, féadfar comh-phríomhshainorduithe a bhronnadh freisin ar phríomhdhéileálaithe a chomhlíonann na critéir incháilitheachta ábhartha ach ní fhéadfaidh siad gach gealltanas breise a dhéanamh a bhfuil gá leo chun príomhshainordú a fháil. Ba cheart cuireadh a thabhairt do gach príomhdhéileálaí a chomhlíonann na critéir incháilitheachta maidir le comh-shainorduithe a bheith rannpháirteach mar chomh-shainorduithe in idirbheart sindeacáite, ach amháin i gcásanna ina n-áiritheofaí éifeachtúlacht oibríochtúil níos fearr le fothacar comh-shainorduithe incháilithe. I gcásanna den sórt sin, ba cheart na comh-shainorduithe incháilithe a roghnú ar bhonn ord aibítre le sásra uainíochta.

(18)

Chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a fheabhsú tuilleadh, ba cheart próisis fionraíochta agus eisiaimh do phríomhdhéileálaithe a bheith soiléir agus éifeachtúil. Tá sé tábhachtach a áirithiú, i gcásanna inar gá príomhdhéileálaí a chur ar fionraí, go bhféadfaí é a dhéanamh gan moill mhíchuí. I gcásanna ina dtionscnaítear próiseas eisiaimh, le próiseas den sórt sin ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do phríomhdhéileálaithe freagairt d’fhógra neamhchomhlíonta arna chur in iúl ag an gCoimisiún, agus, i gcás inarb infheidhme, bearta ceartaitheacha a dhéanamh i gcásanna inar féidir neamhchomhlíonadh den sórt sin a cheartú.

(19)

Agus an gá le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint á chur san áireamh, ba cheart rialacha faireacháin a bhunú chun comhlíontacht na gcomhaltaí de líonra an phríomhdhéileálaí leis na hoibleagáidí a leagtar amach faoin gCinneadh seo agus le forálacha ábhartha eile is infheidhme a áirithiú, go háirithe na téarmaí agus coinníollacha ginearálta. Ba cheart baint a bheith ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) leis an maoirseacht sin, i gcás inarb iomchuí.

(20)

Le Cinneadh (AE, Euratom) 2021/625 ón gCoimisiún, bunaíodh an líonra príomhdhéileálaithe agus sainíodh go háirithe critéir incháilitheachta maidir le roghnú a chomhaltaí. Le Cinneadh (AE) 2021/857 ón gCoimisiún (8) leasaíodh Cinneadh (AE, Euratom) 2021/625 ón gCoimisiún agus leathnaíodh na critéir incháilitheachta trí ghnólachtaí infheistíochta áirithe atá údaraithe chun gníomhaíochtaí frithgheallta ionstraimí airgeadais a dhéanamh a áireamh agus/nó ionstraimí airgeadais a chur ar bhonn gealltanas daingean faoi Threoir 2014/65/AE (9). Cuireann an Cinneadh seo leis na prionsabail a bunaíodh leis na cinntí thuasluaite. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a chur in ionad Chinneadh (AE, Euratom) 2021/625, agus ba cheart an cinneadh sin a aisghairm dá réir sin.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an gCinneadh seo, bunaítear líonra na bpríomhdhéileálaithe agus leagtar síos na critéir incháilitheachta agus na forálacha nós imeachta maidir le roghnú a chomhaltaí chomh maith le cearta agus oibleagáidí na gcomhaltaí sin.

2.   Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir le haon ghníomhaíocht iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a dhéanann an Coimisiún thar ceann an Aontais agus Euratom, i gcás ina roghnaíonn an Coimisiún contrapháirtithe airgeadais príobháideacha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘ceant’ próiseas eisiúna urrúis fiachais an Aontais agus Euratom bunaithe ar thairiscintí iomaíocha trí ardán ceantála ar an mbunmhargadh;

(2)

ciallaíonn ‘cláir iasachta’ cláir an Aontais agus Euratom a bhaineann le gníomhaíochtaí iasachtaíochta ar na margaí airgeadais;

(3)

ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear é in Airteagal 4, mír 1 (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(4)

ciallaíonn ‘urrúis fiachais’ nótaí agus/nó ionstraimí airgeadais gearrthéarmacha, amhail billí státchiste, chomh maith le haon ionstraim airgeadais eile, arna n-eisiúint ag an Aontas agus/nó ag Euratom;

(5)

ciallaíonn ‘gnólachtaí infheistíochta’ gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe 1, de Threoir 2014/65/AE;

(6)

ciallaíonn ‘ardán idirdhéileálaithe’ ionad trádála leictreonach déileálaí go déileálaí, atá bunaithe san Aontas Eorpach, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (24) de Threoir (AE) 2014/65/AE, i gcás ina mbíonn príomhdhéileálaithe rannpháirteach mar chruthaitheoirí margaidh le haghaidh trádála sa mhargadh tánaisteach;

(7)

ciallaíonn ‘luachan’ rátaí nó praghsanna tairisceana daingne nó iarrata a chuirtear ar ardáin idirdhéileálaithe, rud a fhágann go dtugtar idirbheart chun críche go huathoibríoch má tá rátaí nó praghsanna tairisceana nó iarrata comhfhreagracha curtha ar fáil ag rannpháirtí eile (leabhar orduithe teorann lárnach);

(8)

ciallaíonn ‘comhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe’ aon institiúid creidmheasa nó aon ghnólacht infheistíochta a chomhlíonann na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 4 agus a chuimsítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 15;

(9)

ciallaíonn ‘eisitheoir fornáisiúnta Eorpach’ Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa, an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta nó an Banc Nordach Infheistíochta.

Airteagal 3

Bunú líonra na bpríomhdhéileálaithe

Is éard a bheidh i líonra príomhdhéileálaithe an Aontais (‘líonra na bpríomhdhéileálaithe’) grúpa d’institiúidí creidmheasa agus de ghnólachtaí infheistíochta atá incháilithe chun bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais seo a leanas de chuid an Choimisiúin:

(a)

urrúis fiachais a láithriú ar na príomhmhargaí caipitil, go háirithe trí cheantanna agus idirbhearta sindeacáite;

(b)

leachtacht urrúis fiachais an Aontais agus Euratom a chur chun cinn ar na margaí airgeadais;

(c)

comhairle chóir agus faisnéis margaidh a sholáthar don Choimisiún;

(d)

láithriú urrúis fiachais an Aontais agus Euratom a chur chun cinn agus a fhorbairt.

CAIBIDIL 2

COMHALTAS I LÍONRA NA bPRÍOMHDHÉILEÁLAITHE

Airteagal 4

Critéir incháilitheachta le haghaidh líonra na bpríomhdhéileálaithe

Institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na critéir seo a leanas, beidh siad incháilithe le haghaidh comhaltas i líonra na bpríomhdhéileálaithe:

(a)

má tá siad ina n-eintitis dhlíthiúla atá bunaithe agus a bhfuil a gceannoifig acu san Aontas nó i dtír de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch;

(b)

má tá údarás inniúil de chuid an Aontais ag déanamh maoirseachta orthu agus má tá siad údaraithe chun an ghnóthaíocht a dhéanamh mar cheachtar díobh seo a leanas:

(i)

institiúid creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10); nó

(ii)

gnólacht infheistíochta atá údaraithe chun gníomhaíochtaí frithgheallta ionstraimí airgeadais a dhéanamh nó ionstraimí airgeadais a láithriú ar bhonn ceangaltas daingean i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE; agus

(c)

má tá siad ina gcomhaltaí de líonra príomhdhéileálaithe Eorpach ceannasach nó fornáisiúnta arna bhunú le bheith ina chontrapháirtí de chuid Ballstáit nó de chuid eisitheoir fornáisiúnta Eorpach. Chun críoch an Chinnidh seo, tuigfear gur ceann de na heintitis seo a leanas a bheidh i líonra príomhdhéileálaithe Eorpach ceannasach nó fornáisiúnta:

(i)

líonra, grúpa nó córas eagraithe d’institiúidí airgeadais arna gceapadh ag eisitheoir ceannasach nó fornáisiúnta chun fónamh mar chontrapháirtí margaidh i gcreat bhainistiú an fhiachais phoiblí, a mbaineann a gcomhaltas de ghnáth le heisiúintí urrús fiachais phoiblí trí cheantanna;

(ii)

sásra príomhdhéileála atá comhionann go substaintiúil leis an líonra, an grúpa nó an córas eagraithe dá dtagraítear i bpointe (i).

Airteagal 5

Gealltanais

1.   Gabhfaidh comhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe na gealltanais seo a leanas orthu féin:

(a)

íosmheán ualaithe de 0,05 % de na méideanna a chuireann an tAontas agus/nó Euratom ar ceant a cheannach ar bhonn leathbhliantúil i gcomhréir le cuid 1 d’Iarscríbhinn I;

(b)

cloí leis an oibleagáid na méideanna a thrádáiltear ar urrúis fiachais an Aontais agus Euratom a thuairisciú don Choimisiún go cruinn, go tráthúil agus go hiomlán ar bhonn míosúil de réir na formáide comhchuibhithe tuairiscithe maidir le trádáil ar mhargadh tánaisteach fiachais cheannasaigh na hEorpa arna bunú ag an bhFochoiste um Margaí Fiachais Cheannasaigh de chuid Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais an Aontais Eorpaigh.

(c)

cóip shínithe de ‘Théarmaí agus coinníollacha ginearálta le haghaidh phríomhdhéileálaithe an Aontais Eorpaigh (‘GTC’) a chur isteach;

(d)

a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú go ráithiúil ar na húdaruithe trádála a chuirfear ar fáil dá phearsanra trádála agus go mbeidh siad i bhfeidhm go bailí;

(e)

cloí le cleachtais agus eitic an mhargaidh, go háirithe

(i)

comhlíontacht a áirithiú leis na rialacha iompair agus na caighdeáin is airde i gcleachtais an mhargaidh is infheidhme maidir lena gcuid oibríochtaí i ngnó ioncaim sheasta in EUR;

(ii)

cuirfidh príomhdhéileálaithe agus a máthaireintitis bearta i bhfeidhm a bhaineann le frithsciúradh airgid (AML) agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta (CTF) i gcomhréir leis na dlíthe agus rialacháin náisiúnta agus Aontais is infheidhme.

(iii)

tabharfaidh gach príomhdhéileálaí fógra láithreach don Choimisiún faoi aon imeacht arna thionscnamh ina choinne ag údarás inniúil de chuid Ballstáit maidir leis an ngníomhaíocht a dhéanann an príomhdhéileálaí mar institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta. Tabharfaidh gach príomhdhéileálaí fógra don Choimisiún faoi aon bheart nó aon chinneadh a ghlacfar mar thoradh ar na himeachtaí sin;

(iv)

tabharfaidh gach príomhdhéileálaí fógra don Choimisiún láithreach má chiontaítear an príomhdhéileálaí nó a mháthaireintiteas i gcúiseamh coiriúil, lena n-áirítear imghabháil cánach, nó má tá sé faoi réir smachtbhannaí riaracháin nó araíonachta, nó má chuirtear ar fionraí é nó má eisiatar é ó eagraíocht tionscail in aon Bhallstát;

(v)

Má shainaithníonn údarás inniúil de chuid Ballstáit aon easnamh AML nó CTF nó má fhorchuireann sé aon smachtbhanna AML nó CTF, tabharfaidh na príomhdhéileálaithe fógra don Choimisiún láithreach agus tabharfaidh siad tuairisc faoina mbearta feabhais;

(vi)

Áiritheoidh an príomhdhéileálaí nach ndéanfaidh sé idirbhearta a thabhairt i gcrích a bhaineann le hurrúis fiachais de chuid an Aontais agus Euratom, lena mbainfeadh aon chontrapháirtí atá ionchorpraithe nó bunaithe i dtír a áirítear ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach nó a shainaithnítear mar thríú tíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) Uimh. 2015/849 agus a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 nó nach gcomhlíonann go héifeachtach na caighdeáin chánach de chuid an Aontais nó atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise nó a sháraíonn córais smachtbhannaí, go háirithe bearta sriantacha faoi Airteagal 215 CFAE.

(f)

déileáil faoi rún leis an bhfaisnéis uile a fhaightear ón gCoimisiún.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b), déanfar measúnú rialta ar cháilíocht an tuairiscithe agus tabharfar fógra faoi na torthaí don phríomhdhéileálaí leasmhar. Cuirfear in iúl don phríomhdhéileálaí mura bhfuil na sonraí a sholáthraítear cruinn

3.   Chun críocha na chéad míre 1, pointe (e), maidir le hullmhacht, neodracht margaidh agus cur i bhfeidhm ordúil agus éifeachtúil, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar iompar na bpríomhdhéileálaithe le linn idirbhearta sindeacáite agus oibríochtaí bainistíochta fiachais eile a bheith á ndéanamh.

Airteagal 6

Téarmaí agus coinníollacha ginearálta

1.   Beidh feidhm ag GTC maidir le haon ghníomhaíocht iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais a dhéanann an Coimisiún faoi na cláir iasachtaíochta faoin gCinneadh seo.

2.   Déanfar an méid seo a leanas le GTC, i gcomhréir leis an gCinneadh seo:

(a)

mionsonraí na n-oibleagáidí a bhunú ar feadh ré na rannpháirtíochta i líonra na bpríomhdhéileálaithe agus mionsonraí na gcritéar incháilitheachta do phríomhshainorduithe agus do chomh-shainorduithe;

(b)

inneachar agus nós imeachta an athbhreithnithe bhliantúil a leagan síos;

(c)

rialacha mionsonraithe maidir leis na hoibleagáidí tuairiscithe a leagan síos;

(d)

rialacha a bhunú maidir le rialuithe;

(e)

sonraí na rialacha agus an nós imeachta a bhunú maidir le comhaltas a chur ar fionraí, maidir leis an bhfionraí sin a bhaint, agus maidir le heisiamh ó líonra na bpríomhdhéileálaithe; agus

(f)

an fhéidearthacht tarraingt siar as líonra na bpríomhdhéileálaithe a rialáil;

(g)

na rialacha mionsonraithe a leagan síos le haghaidh na socruithe luachana, lena n-áirítear an tréimhse bhreathnóireachta agus na ceanglais agus an próiseas chun ardán idirdhéileálaithe a aithint;

3.   Déanfar aon teorainn ama a ríomh mar seo a leanas:

(a)

i gcás ina sloinntear teorainn ama i laethanta nó i míonna ó dháta nó ó theagmhas áirithe, níl an lá ar a dtiteann an dáta sin nó ar a dtarlaíonn an teagmhas sin nó an mhí ina bhfuil an dáta sin nó ina dtarlaíonn an teagmhas sin le háireamh mar lá nó mí laistigh den teorainn ama;

(b)

laethanta gnó amháin a bheidh sna teorainneacha ama arna sloinneadh i laethanta. Tá laethanta gnó le cinneadh i gcomhréir le féilire na laethanta saoire poiblí agus bainc i Lucsamburg (https://www.abbl.lu/fr/topic/bank-holidays/);

(c)

tá an teorainn ama a shloinntear i míonna le teacht chun deiridh nuair a rachaidh an lá sa mhí dheiridh in éag a chomhfhreagraíonn don lá céanna ar ar thit an dáta nó ar ar tharla an teagmhas ónar ríomhadh an teorainn ama.

(d)

más rud é, i dteorainn ama a shloinntear i míonna, nach lá sa mhí dheiridh é an lá ar ar cheart don tréimhse críochnú, tá an teorainn ama teacht chun deiridh nuair a thiocfaidh deireadh le lá deiridh na míosa sin;

(e)

má théann am a shloinntear i míonna in éag ar lá saoire poiblí nó bainc, tá an t-am le síneadh go dtí deireadh an chéad lae gnó ina dhiaidh sin.

Airteagal 7

Cearta na gcomhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe

Beidh na cearta seo a leanas ag comhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe:

(a)

iad féin a fhógairt mar ‘Chomhalta de Líonra Príomhdhéileálaithe an Aontais Eorpaigh’;

(b)

páirt a ghlacadh agus tairiscint a dhéanamh in aon cheant ar urrúis fiachais de chuid an Aontais nó Euratom;

(c)

aiseolas maidir lena bhfeidhmíocht a fháil ar bhonn rialta, uair sa bhliain ar a laghad, go háirithe i ndáil lena rangú sna ceantanna agus sna margaí tánaisteacha; beidh an t-aiseolas sin bunaithe ar an bpróiseas meastóireachta inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 13 le critéir oibiachtúla atá le cur in iúl do na príomhdhéileálaithe;

(d)

gan dochar do Chaibidil 3, a bheith incháilithe le haghaidh oibríochtaí bainistíochta fiachais, lena n-áirítear na hoibríochtaí seo a leanas:

(i)

láithrithe príobháideacha;

(ii)

idirbhearta athcheannaigh mar a shainítear in Airteagal 3(9) de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

(iii)

babhtálacha mar a shainítear i Roinn 1, pointe 10, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún (12).

(e)

éirí as a chomhaltas i líonra na bpríomhdhéileálaithe tráth ar bith trí fhógra a thabhairt don Choimisiún ina leith; gabhfaidh éifeacht leis an éirí as sin ar an gcéad lá gnó den chéad mhí tar éis dháta an fhógra.

CAIBIDIL 3

PRÍOMHSHAINORDUITHE AGUS COMH-PHRÍOMHSHAINORDUITHE LE hAGHAIDH IDIRBHEARTA SINDEACÁITE

Airteagal 8

Critéir incháilitheachta le haghaidh príomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite

Tá comhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe incháilithe le feidhmiú mar phríomhbhainisteoirí i gcomhair idirbhearta sindeacáite, faoi réir chomhlíonadh na gcritéar seo a leanas:

(a)

i gcás inar cheannaigh siad sciar íosta de na méideanna arna gceantáil ag an Aontas agus Euratom, ar mheán ualaithe bunaithe ar na ceantanna deireanacha ar bhonn leanúnach;

(b)

i gcás ina bhfuil siad tar éis fianaise a sholáthar, bunaithe ar na sonraí idirbheartaíochta arna dtuairisciú i gcomhréir leis an gCinneadh seo, go bhfuil sciar íosta den mhargadh ag príomhdhéileálaithe in urrúis fiachais de chuid an Aontais agus Euratom ar na margaí tánaisteacha ar bhonn leanúnach;

(c)

tar éis dóibh íoscheanglais na socruithe luachana a chomhlíonadh le linn na tréimhse breathnóireachta;

(d)

tar éis comhaontú a dhéanamh, mar chuid den GTC, leis na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta le haghaidh sainorduithe d’idirbhearta sindeacáite agus leis an sceideal táillí.

Na sciartha íosta dá dtagraítear sa chéad mhír, pointí (a) agus (b), na híoscheanglais dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (c), chomh maith le rialacha mionsonraithe eile le haghaidh sainorduithe, beidh siad bunaithe ar dhea-chleachtais margaidh, go háirithe i gcás piar-eisitheoirí, agus léireofar leo cothromaíocht na sochar agus na n-oibleagáidí do chomhaltaí líonra na bpríomhdhéileálaithe. I gcás ina n-áirítear scaireanna coibhneasta sa chritéar, cuirfear líon iomlán na bpríomhdhéileálaithe san áireamh sna céatadáin.

Airteagal 9

Critéir incháilitheachta le haghaidh comh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite

Tá comhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe incháilithe le feidhmiú mar chomh-phríomhbhainisteoirí i gcomhair idirbhearta sindeacáite, faoi réir chomhlíonadh na gcritéar seo a leanas:

(a)

tar éis comhaontú a dhéanamh, mar chuid den GTC, leis na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta le haghaidh comh-phríomhshainorduithe d’idirbhearta sindeacáite agus leis an sceideal táillí;

(b)

tar éis dóibh íoscheanglais na socruithe luachana a chomhlíonadh le linn na tréimhse breathnóireachta; agus

(c)

gan an príomh-shainordú a bheith bronnta orthu le linn na tréimhse breathnóireachta.

Na híoscheanglais dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (b) agus an tréimhse bhreathnóireachta dá dtagraítear sa chéad mhír, pointí (a) agus (c), chomh maith le rialacha mionsonraithe eile le haghaidh príomh-shainorduithe, beidh siad bunaithe ar dhea-chleachtais margaidh, lena n-áirítear dea-chleachtais piar-eisitheoirí, agus léireofar leo cothromaíocht na sochar agus na n-oibleagáidí do chomhaltaí líonra na bpríomhdhéileálaithe.

Airteagal 10

Sceideal na dtáillí

Beidh feidhm ag sceideal na dtáillí dá dtagraítear in Airteagal 8, an chéad mhír, pointe (d) agus in Airteagal 9, pointe (a) maidir le hoibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais. Le sceideal na dtáillí bunófar luach saothair a bheidh i gcomhréir leis na costais agus na rioscaí a thabhaíonn na príomhdhéileálaithe incháilithe agus oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais de chuid an Aontais agus Euratom á gcur i gcrích, agus cost-éifeachtúlacht á háirithiú don Aontas an tráth céanna agus aird á tabhairt ar shainiúlachtaí maidir le heisiúint fiachais de chuid an Aontais, go háirithe méideanna agus aibíochtaí. Déanfar tagairt do sceideal na dtáillí in iarscríbhinn a ghabhann leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le príomhshainorduithe agus comh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite.

Airteagal 11

Socruithe luachana

Tagróidh íoscheanglais na socruithe luachana dá dtagraítear faoi Airteagal 8, an chéad mhír, pointe (c) agus Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (b), d’am trádála, an líon luachana agus raonta difríochta a luaitear le haghaidh urrúis fiachais shonraithe de chuid an Aontais agus ar ardán aitheanta idirdhéileálaithe le linn na tréimhse breathnóireachta.

Airteagal 12

Gealltanais bhreise le haghaidh príomh-shainorduithe

Maidir le comhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 8, féadfar sainordú a thabhairt dóibh mar phríomhbhainisteoir le haghaidh idirbhearta sindeacáite ar bhonn an mheasúnaithe ar a dtiomantas aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

ar bhonn na hiarrachta is fearr, leachtacht urrús fiachais de chuid an Aontais agus Euratom a chur chun cinn le gníomhaíocht cruthaithe margaidh, ag cur, ar an gcaoi sin, le praghas-aimsiú, le héifeachtúlacht an mhargaidh thánaistigh agus le cur i gcrích ordúil trádála;

(b)

comhairle agus faisnéis mhargaidh chothrom a chur ar fáil don Choimisiún d’fhonn na cláir iasachtaíochta a cheapadh agus a chur chun feidhme, agus, go háirithe, comhairle a chur ar fáil sula bhfoilseofar an clár cistithe agus i gcomhthéacs ullmhú na n-idirbheart bainistíochta fiachais faoi na cláir iasachtaíochta;

(c)

faisnéis a chur ar fáil go rialta don Choimisiún maidir le treochtaí an mhargaidh, le hanailís agus taighde ar fheidhmiú na margaí ioncaim sheasta agus, go háirithe, leis na ranna ceannasacha agus fornáisiúnta agus na gníomhaireachtaí;

(d)

láithriú urrúis fiachais an Aontais agus Euratom a chur chun cinn agus a fhorbairt laistigh de phobal éagsúlaithe leathan infheisteoirí mar chuid dá straitéis ghnó.

Airteagal 13

Roghnú na sindeacáite

1.   Roghnófar sindeacáití de bhun Chaibidil 1, Roinn 2, pointe 11.1, pointe (j), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 i nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré.

2.   Seolfaidh an Coimisiún na hiarrataí ar thograí chuig foghrúpa de chomhaltaí incháilithe de líonra na bpríomhdhéileálaithe a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagail 8 agus 12, agus tairiscint á sireadh ar rannpháirtíocht mar phríomhbhainisteoirí.

3.   Roghnú an fhoghrúpa de phríomhdhéileálaithe incháilithe a ndéanfaidh an Coimisiún an iarraidh ar thograí a sheoladh chucu, bunófar é ar chritéir cháilíochtúla agus chainníochtúla oibiachtúla, a bhaineann le cumas cruthaithe na bpríomhdhéileálaithe incháilithe tacú le heisiúint cheannasach agus fhornáisiúnta i mbunmhargaí agus i margaí tánaisteacha, agus a gcumas urrúis fiachais a dháileadh ar infheisteoirí. Áireofar sna critéir sin freisin measúnú ar fheidhmíocht na ngníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 12. Cuirfidh an Coimisiún critéar uainíochta chun feidhme chun a áirithiú go n-iarrfar go rialta ar na comhaltaí incháilithe uile de líonra na bpríomhdhéileálaithe freagairt ar iarrataí ar thograí.

4.   Déanfar na tograí a gheofar ó na comhaltaí incháilithe dá dtagraítear i mír 2 a mheas ar bhonn sraith bhreise de chritéir cháilíochtúla agus chainníochtúla oibiachtúla agus i bhfianaise bunú sindeacáite, arb é a chomhdhéanamh an teaglaim is fearr bainisteoirí is féidir chun idirbheart ar leith a chur i gcrích ar an mbealach is fearr.

5.   Na critéir maidir le hiarrataí ar thograí a tharchur agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar na tograí a gheofar, cuirfear in iúl iad d’fhoghrúpa chomhaltaí líonra na bpríomhdhéileálaithe mar aon leis an iarraidh ar thograí.

6.   Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do phríomhdhéileálaithe a spéis a léiriú i sainordú mar chomh-phríomhbhainisteoirí d’idirbheart sindeacáite, chomh maith le príomhbhainisteoir comhpháirteach nó comhbhainisteoirí, bunaithe ar imthosca an mhargaidh agus d’fhonn feidhmíocht optamach idirbhirt ar leith a áirithiú. Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do gach príomhdhéileálaí atá incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 8 nó d’fhoghrúpa díobh bunaithe ar ord aibítre agus ar shásra uainíochta. Breithneofar ar chuireadh den sórt sin maidir le hidirbhreart sindeacáitithe amháin ar a laghad laistigh den tréimhse a chumhdaítear le plean cistiúcháin arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2022/2544 ón gCoimisiún.

7.   Bronnfaidh an Coimisiún sainordú mar chomh-phríomhbhainisteoirí ar na príomhdhéileálaithe uile a ghlac leis an gcuireadh dá dtagraítear i mír 6.

CAIBIDIL 4

IARRATAS AR CHOMHALTAS AGUS BUNÚ AN LIOSTA DE CHOMHALTAÍ LÍONRA NA bPRÍOMHDHÉILEÁLAITHE AGUS FAIREACHÁN

Airteagal 14

Iarratas ar chomhaltas agus liosta na bpríomhdhéileálaithe

1.   Cuirfidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta leasmhara iarratas ar chomhaltas i líonra na bpríomhdhéileálaithe faoi bhráid an Choimisiúin trí bhíthin an fhoirm iarratais agus an seicliosta atá i gceangal maidir leis na critéir iontrála atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin a líonadh agus a chur isteach.

2.   Áireofar cruthúnas go bhfuil Airteagail 4 agus 5 á gcomhlíonadh in iarratais ar iontráil i líonra na bpríomhdhéileálaithe. Tá an fhianaise agus na doiciméid tacaíochta atá le cur isteach mionsonraithe san fhoirm iarratais agus sna hiarscríbhinní a ghabhann léi.

3.   I gcás foirm iarratais neamhiomlán, faisnéis neamhiomlán nó sonraí neamhleora, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an iarratasóir an fhaisnéis bhreise is gá a chur isteach. Mura gcuirtear an fhaisnéis bhreise riachtanach ar fáil laistigh de sprioc-am sonraithe, diúltófar an fhoirm iarratais.

4.   Má sholáthraítear faisnéis nó doiciméid atá bréagach, míthreorach nó mícheart le linn an phróisis iarratais, ní cheadófar iontráil i líonra na bpríomhdhéileálaithe nó, de réir mar a bheidh, b’fhéidir go mbeadh eisiamh ó líonra na bpríomhdhéileálaithe mar thoradh air i gcomhréir le hAirteagal 17.

5.   San fhoirm iarratais, dearbhóidh gach príomhdhéileálaí go nglacann sé le GTC, agus ar an gcaoi sin admhóidh sé nádúr ceangailteach GTC agus a ghealltanas iad a urramú.

6.   Síneoidh ionadaí cuí-údaraithe de chuid an phríomhdhéileálaí an fhoirm iarratais agus GTC agus déanfaidh sé GTC a inisealacha ar gach leathanach freisin, ionadaí ar ionadaí é atá de chumhacht aige, bunaithe ar na dlíthe is infheidhme de chuid na dlínse ábhartha agus ar na doiciméid chorparáideacha ábhartha, gealltanas a thabhairt go bailí thar ceann an phríomhdhéileálaí sin chun críoch chomhlíonadh na n-oibleagáidí agus na ngníomhaíochtaí faoi GTC. Chun na críche sin, soláthrófar sliocht as clár ábhartha na gcuideachtaí nuair a bheidh an fhoirm iarratais á cur isteach.

7.   Seolfar aon chumarsáid, aon fhógra nó aon fhaisnéis a bhaineann leis an gCinneadh seo agus le GTC chuig seoladh an fhógra arna thoghadh ag na príomhdhéileálaithe san fhoirm iarratais dá gcuid agus díreofar iad ar an duine a ainmnítear san fhoirm iarratais mar ‘chomhordaitheoir’.

Airteagal 15

Iontráil i líonra na bpríomhdhéileálaithe

1.   Laistigh de 2 mhí, ar a dhéanaí, ó thíolacadh an iarratais ábhartha a ghlacfar an cinneadh maidir leis an iarratasóir a áireamh ar liosta na bpríomhdhéileálaithe. Má iarrtar ar iarratasóir faisnéis bhreise a chur isteach i gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 14, déanfar an teorainn ama maidir le cinneadh a bhaineann leis an iarratasóir sin a chur ar fionraí go dtí an dáta a gcuirfear isteach an fhaisnéis bhreise sin. Má chuireann an t-iarratasóir in iúl don Choimisiún go measann sé go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, glacfar an cinneadh laistigh de 2 mhí. Cuirfear an cinneadh in iúl don iarratasóir.

2.   Luafar sa chinneadh maidir le neamhiontráil na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe.

3.   Déanfar liosta nuashonraithe de chomhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe a fhoilsiú uair sa bhliain in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   Chun an t-athbhreithniú bliantúil a dhéanamh, iarrfar ar na príomhdhéileálaithe ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún agus dearbhú a thabhairt dó go gcomhlíonann siad fós na critéir incháilitheachta go léir maidir leis an gcomhaltas a leagtar síos in Airteagal 4.

Airteagal 16

Faireachán

Féadfaidh an Coimisiún fíoruithe a dhéanamh, nó féadfaidh sé tríú páirtí a cheapadh chun iad a dhéanamh, chun comhlíonadh an Chinnidh seo ag comhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe a sheiceáil. Comhoibreoidh comhaltaí de líonra na bpríomhdhéileálaithe leis na fíoruithe sin agus éascóidh siad a n-iompar, go háirithe tríd an bhfaisnéis agus na sonraí is gá a chur ar fáil chomh maith le rochtain orthu.

Déanfaidh gach comhalta de líonra na bpríomhdhéileálaithe na nithe seo a leanas:

(a)

an teorainn riosca a leagtar síos do ghníomhaíocht trádála urrúis fiachais an Aontais agus Euratom a sholáthar don Choimisiún i gcomhréir le GTC;

(b)

fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le haon íosghrádú ó ghníomhaireachtaí rátála san Aontas atá aitheanta ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí;

(c)

fógra a thabhairt don Choimisiún láithreach maidir le haon neamhchomhlíonadh sáraitheach i ndáil le haon chritéar incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 4.

Trí ghlacadh le GTC, tugann an príomhdhéileálaí toiliú d’iniúchtaí agus d’fhíorú a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis na sonraí a tharchuirtear chuig an gCoimisiún faoi chuimsiú a chuid oibleagáidí tuairiscithe, go háirithe maidir leis na sonraí a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar a fheidhmíocht ar an margadh tánaisteach.

Airteagal 17

Fionraí agus eisiamh ó líonra na bpríomhdhéileálaithe

1.   Is féidir comhaltas an phríomhdhéileálaí i líonra na bpríomhdhéileálaithe a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:

(a)

imeachtaí a thionscnamh i gcoinne príomhdhéileálaí dá dtagraítear in Airteagal 5, mír 1, pointe (e)(iii);

(b)

i gcás ina ndéantar nós imeachta a thionscnamh, a bhféadfadh scor comhaltais sa líonra nó an sásra dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (c) a bheith mar thoradh air;

(c)

i gcás ina bhfuil bonn le príomhdhéileálaí a eisiamh de bhun Airteagal 136 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Iarrfar le fógra réamhfhionraithe ar phríomhdhéileálaí a bharúlacha a chur isteach laistigh de theorainn ama nach lú ná 3 lá ón bhfógra a fháil, ach amháin i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe, lena n-áirítear go háirithe iad siúd a bhaineann le riosca clú. Tiocfaidh an cinneadh maidir le fionraí i bhfeidhm an chéad lá gnó tar éis dháta an fhógra don phríomhdhéileálaí neamh-chomhlíontach. Ní bhfaighidh príomhdhéileálaithe atá ar fionraí príomh-shainorduithe ná comh-shainorduithe ar feadh thréimhse a bhfionraithe.

Féadfar an fionraí a bhaint arna hiarraidh sin ón bpríomhdhéileálaí atá ar fionraí. Mar aon leis an iarraidh, cuirfidh an príomhdhéileálaí fianaise leordhóthanach isteach, de réir mar is infheidhme, nach bhfuil na himeachtaí dá dtagraítear faoin gcéad mhír, pointe (a) den chéad fhomhír ar feitheamh a thuilleadh ná nár eascair smachtbhanna de chineál ar bith astu i gcoinne an déileálaí ar fionraí nó nach bhfuil an nós imeachta dá dtagraítear faoin gcéad mhír, pointe (b) den chéad fhomhír ar feitheamh a thuilleadh ná nár eascair scor comhaltais sa líonra ná sa sásra dá dtagraítear in Airteagal 4 pointe (c) as. Déanfar an fhianaise a cuireadh i láthair a mheasúnú agus déanfar cinneadh laistigh de 15 lá oibre ón tráth a fhaightear an iarraidh, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach curtha ar fáil.

2.   Déanfar príomhdhéileálaí a eisiamh ó líonra na bpríomhdhéileálaithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach gcomhlíonann príomhdhéileálaí aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)

i gcás ina ndéantar príomhdhéileálaí a eisiamh de bhun Airteagail 135 go 142 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

(c)

neamhchomhlíonadh oibleagáidí a leagtar síos faoi phointe (a) agus faoi phointe (c) d’Airteagal 5.

3.   Beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas maidir leis an eisiamh ó líonra na bpríomhdhéileálaithe i gcásanna a leagtar síos faoi mhír 2:

(a)

iarrfar le fógra réamheisiaimh ar an bpríomhdhéileálaí a bharúlacha a chur isteach laistigh de theorainn ama nach lú ná 7 lá ón dáta a bhfaighfear an fógra;

(b)

cuirfear an cinneadh maidir le heisiamh in iúl don phríomhdhéileálaí. Gabhfaidh an cinneadh maidir le heisiamh éifeacht an chéad lá gnó tar éis dháta a fhógra don phríomhdhéileálaí eisiata.

4.   Féadfar príomhdhéileálaí a eisiamh ó líonra na bpríomhdhéileálaithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

neamhchomhlíonadh oibleagáidí a leagtar síos faoi Airteagal 5, pointí (b), (d) (e) agus (f);

(b)

gealltanas maidir le sárú dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), mar a cinneadh i gcinneadh críochnaitheach arna ghlacadh ag údarás inniúil ábhartha;

(c)

cinneadh críochnaitheach arna dhéanamh ag an údarás inniúil mar thoradh ar aon imeacht dá dtagraítear faoi Airteagal 5, an chéad mhír pointe (e)(v), nó a bhaineann le dlíthe agus rialacháin AML agus CTF;

5.   Beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas maidir leis na cásanna a leagtar síos faoi mhír 4:

(a)

Gheobhaidh an príomhdhéileálaí lena mbaineann fógra ina sonrófar na forais don neamhchomhlíonadh, iarraidh ar bharúlacha a chur isteach mar aon le bearta ceartaitheacha a bheartaíonn sé a dhéanamh chun na critéir agus/nó na hoibleagáidí ábhartha a athbhunú agus/nó chun comhlíonadh na gcritéar agus/nó na n-oibleagáidí ábhartha a áirithiú agus lena leagfar síos teorainn ama chun barúlacha a chur isteach nach lú ná 7 lá tar éis don phríomhdhéileálaí an fógra a fháil;

(b)

Agus an bharúil a cuireadh isteach mar aon leis na bearta ceartaitheacha a cuireadh in iúl, más ann dóibh, á gcur san áireamh, féadfar cinneadh a dhéanamh an príomhdhéileálaí neamh-chomhlíontach a eisiamh ó líonra na bpríomhdhéileálaithe;

(c)

Luafar sa chinneadh maidir le heisiamh na cúiseanna ar a bhfuil an t-eisiamh bunaithe;

(d)

Gabhfaidh an cinneadh maidir le heisiamh éifeacht an chéad lá gnó tar éis dháta a fhógra don phríomhdhéileálaí eisiata.

6.   Maidir le comhaltas a chur ar fionraí de bhun mhír 1, maidir le heisiamh ó chomhaltas de bhun mhíreanna 2 go 5 agus maidir le héirí as comhaltas i líonra na bpríomhdhéileálaithe de bhun Airteagal 7, pointe (e), ní bheidh aon éifeacht acu ar chearta ná ar oibleagáidí an phríomhdhéileálaí lena mbaineann i ndáil le conarthaí a tugadh i gcrích roimh an dáta éifeachtach maidir le heisiamh, fionraí nó éirí as, faoi seach.

7.   Ní bheidh fionraí oibleagáidí faoi phointe (f) den chéad mhír d’Airteagal 5 agus faoi Airteagal 16 i gceist leis an bhfionraí.

CAIBIDIL 5

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 18

Aisghairtear leis seo Cinneadh (AE, Euratom) 2021/625ón gCoimisiún.

Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 19

Leanfaidh Airteagal 8(a) agus (b) de Chinneadh (AE, Euratom) 2021/625 d’fheidhm a bheith acu maidir le hidirbhearta sindeacáite a thosóidh roimh an 1 Samhain 2023.

Beidh feidhm ag Airteagal 8, an chéad mhír, pointí (a) agus (b), Airteagal 9, an chéad mhír, pointí (a) agus (c) agus Airteagal 11 maidir le hidirbhearta sindeacáite a thosóidh ón 1 Samhain 2023;

Beidh feidhm ag Airteagal 8, an chéad mhír, pointe (c), Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (b) agus Airteagal 13(6) agus (7) maidir le hidirbhearta sindeacáite a thosóidh ón 1 Iúil 2024.

Airteagal 20

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE, Euratom) 2021/625 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le bunú líonra na bpríomhdhéileálaithe agus sainiú na gcritéar incháilitheachta le haghaidh príomhshainorduithe agus comh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite chun críoch gníomhaíochtaí iasachtaíochta ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO L 131, 16.4.2021, lch. 170).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2022/2434 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a mhéid a bhaineann le straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar mhodh ginearálta iasachtaíochta (IO L 319, 13.12.2022, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(5)  Féach, go háirithe, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  Féach, go háirithe, Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an creat le haghaidh comhar laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta idir an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis inniúla náisiúnta agus leis na húdaráis náisiúnta ainmnithe (Creat-Rialachán SAM) (IO L 141, 14.5.2014, lch. 1) agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2022/2544 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena mbunaítear na socruithe maidir le riar agus cur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais an Aontais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe agus oibríochtaí gaolmhara iasachtaithe (IO L 328, 22.12.2022, lch. 109).

(8)  Cinneadh (AE) 2021/857 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2021/625 a mhéid a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta áirithe a chuimsiú faoi réir na gcritéir incháilitheachta le haghaidh comhaltas i líonra príomhdhéileálaithe an Aontais (IO L 188, 28.5.2021, lch. 103).

(9)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) Téacs atá ábhartha maidir le (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(10)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(11)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1)

(12)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais trédhearcachta le haghaidh ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthach (IO L 87, 31.3.2017, lch. 229)

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

1.   Comhlíonadh na hoibleagáide maidir le híosmheán ualaithe 0,05 % de na méideanna a chuireann an tAontas agus/nó Euratom ar ceant a cheannach ar bhonn leathbhliantúil

(a)

Déanfar ceantanna trí chóras ceantála a oibreoidh soláthraí ceantála a roghnóidh an Coimisiún (‘soláthraí ceantála’).

(b)

Glacfar páirt sna ceantanna agus ceannófar urrúis fiachais a cuireadh ar ceant i gcomhréir le rialacha ceantála arna socrú ag an soláthraí ceantála agus arna bhformhuiniú ag an gCoimisiún. Beidh na príomhdhéileálaithe i bpáirt leis na rialacha ceantála agus comhlíonfaidh siad iad.

(c)

Ba cheart do na príomhdhéileálaithe uile a thuiscint go nglacann siad páirt sna ceantanna ar a riosca féin agus nach mbeidh an Coimisiún freagrach ar aon bhealach as cinntí aon rannpháirtí sna ceantanna agus go háirithe as aon chaillteanas, díreach nó indíreach, a thagann chun cinn i ndáil le haon idirbheart a dhéanann na rannpháirtithe sin.

(d)

Glacfaidh na príomhdhéileálaithe gach beart chun a áirithiú go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach sa cheant, go háirithe, na conarthaí leis an soláthraí ceantála a thabhairt i gcrích, aon chéim nó foirmiúlacht is gá chun bheith rannpháirteach sna ceantanna a chur i gcrích, agus an bonneagar teicniúil chun bheith rannpháirteach iontu a bheith i bhfeidhm acu.

(e)

Ní thabhóidh an Coimisiún aon chostas ná ní bheidh aon fhreagracht air i leith an phríomhdhéileálaí i ndáil leis na conarthaí idir an soláthraí ceantála agus an príomhdhéileálaí ná i ndáil leis an mbonneagar teicniúil le haghaidh an cheant.

(f)

Ní scaoilfear príomhdhéileálaithe ó chomhlíonadh a n-oibleagáide faoi Airteagal 5(a) ach amháin i gcásanna force majeure, nach mbeidh cásanna mífheidhme ná saincheisteanna teicniúla a bhaineann leis an mbonneagar san áireamh leo go háirithe.

(g)

Déanfar ríomh na méideanna arna gceannach ag príomhdhéileálaithe le linn na tréimhse ábhartha 6 mhí a ualú de réir an tábla seo a leanas:

Aibíocht iarmhair

< 3,5 mí

3,5 mí-1 bhliain

1 bhliain-4 bliana

4 bliana-8 mbliana

8 mbliana-12 bhliain

12 bhliain-17 mbliana

17 mbliana-23 bliana

> 23 bliana

Comhéifeacht

0,5

1

2,5

5,5

10

15

20

25

(h)

Cuirfear an ríomh sin i bhfeidhm ar feadh tréimhsí 6 mhí, ó mhí Aibreáin go mhí Mheán Fómhair agus ó mhí Dheireadh Fómhair go mí Mhárta. Beidh feidhm ag an tréimhse seo a leanas in 2023: ó Eanáir go Meitheamh agus ó Iúil go Márta na chéad tréimhse eile. Ní bheidh feidhm go sealadach ag Airteagal 5(a) den Chinneadh seo maidir le príomhdhéileálaithe a ligeadh isteach i líonra na bpríomhdhéileálaithe tar éis thús na tréimhse 6 mhí a shainítear i bpointe (h). Tosóidh feidhm de bheith aige ag deireadh na tréimhse 6 mhí i ndiaidh an dáta a ligfear isteach an príomhdhéileálaí sin i líonra na bpríomhdhéileálaithe.

2.   Oibleagáidí maidir le tuairisciú

(a)

Cuirfidh na príomhdhéileálaithe faisnéis isteach, arna iarraidh sin orthu, maidir leis an teorainn riosca atá leagtha síos ag an bpríomhdhéileálaí sin chun a shuíomh féin a bhainistiú, le haghaidh gníomhaíocht trádála urrúis fiachais an Aontais agus Euratom, chomh maith le faisnéis maidir leis an méid a úsáidtear an teorainn riosca. Sonrófar san iarraidh an fhaisnéis atá le cur isteach.

(b)

Tabharfaidh na príomhdhéileálaithe fógra láithreach don Choimisiún i gcás ina mbeidh sé faoi réir uasghráduithe nó íosghráduithe rátála ag ceann de na gníomhaireachtaí rátála seachtracha atá sainaitheanta ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 18 (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(c)

Tabharfaidh na príomhdhéileálaithe fógra gan mhoill don Choimisiún faoi neamhchomhlíonadh aon chritéir incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 4.

(d)

Cuirfidh na príomhdhéileálaithe aon athrú ar na sonraí teagmhála a cuireadh in iúl tríd an bhfoirm iarratais faoi bhráid an Choimisiúin trí úsáid a bhaint as an teimpléad a ghabhann leis an bhfoirm iarratais laistigh de dhá sheachtain ón dáta a tháinig an t-athrú i bhfeidhm.

(e)

Cuirfidh na príomhdhéileálaithe faoi bhráid an Choimisiúin, arna iarraidh sin dó, aon fhaisnéis is ábhartha i dtaca lena ngníomhaíochtaí mar phríomhdhéileálaithe a fhorghníomhú, go háirithe faisnéis maidir lena ngníomhaíochtaí sa bhunmhargadh agus sa mhargadh tánaisteach a bhaineann le hurrúis fiachais an Aontais agus Euratom.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil

Tábla comhghaoil

Cinneadh (AE, Euratom) 2021/625 an 14 Aibreán 2021

An Cinneadh seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 12

Airteagal 11

Airteagal 13

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13

Airteagal 15

Airteagal 14

Airteagal 16

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagail 18 agus 19

Airteagal 17

Airteagal 20


Ceartúcháin

4.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/61


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 186 an 25 Iúil 2023 )

1.

An teideal atá ar an gClár agus ar leathanach 1

in ionad:

‘RIALACHÁN (AE) 2023/1529 ÓN gCOMHAIRLE an 20 Iúil 2023… a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine’,

léitear:

‘RIALACHÁN (AE) 2023/1529 ÓN gCOMHAIRLE an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine’.

2.

Ar leathanach ar leathanach 11, Iarscríbhinn I, faoin gceannteideal ‘Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún’

in ionad:

‘AN tSEICIA

www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html

AN DANMHAIRG’,

léitear:

‘AN tSEICIA

https://fau.gov.cz/en/international-sanctions

AN DANMHAIRG’.