ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 192

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
31 Iúil 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2023/1569 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2309 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1570 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2023 lena gceartaítear an leagan Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha a mhéid a bhaineann le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn ( 1 )

9

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1571 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint Българско бяло саламурено сирене/Bulgarsko byalo salamureno sirene (ATFC)

11

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1572 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2023 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a bhaineann le tiúbair Solanum tuberosum L de thionscnamh réigiúin áirithe den Liobáin a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, cé is moite de na tiúbair sin atá beartaithe le haghaidh plandú

12

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1573 ón gComhairle an 14 Iúil 2023 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir leis an gcinneadh ó Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite, an Mhaolaithe ar an Athrú Aeráide agus an Oiriúnaithe don Athrú Aeráide, agus Tionscadail Uisce atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Socrú sin

19

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1574 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

21

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1575 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2023 maidir le cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais atá le heisiúint faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais do 2024 ( 1 )

30

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1576 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2023 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

32

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas ( IO L 435, 6.12.2021 )

34

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 192/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1569 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Iúil 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2309 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/1574 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (CBES) 2022/2319 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/2309 (2) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí.

(2)

Le Rialachán (AE) 2022/2309, tugtar éifeacht do Chinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle (3) agus déantar foráil maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine áirithe arna n-ainmniú ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag coiste ábhartha smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a reo, ar daoine iad a ghabhann d’fhoréigean droinge, gníomhaíochtaí coiriúla nó sáruithe ar chearta an duine nó as tacú leo, nó as gníomhaíocht eile a dhéanamh a dhéanann dochar do shíocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí agus an réigiúin.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2023/1574, bunaítear critéir chomhlántacha ar ar a mbonn is féidir leis an Aontas srian taistil, reo sócmhainní agus toirmisc a chur i bhfeidhm go neamhspleách chun acmhainní a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí (‘bearta comhlántacha’).

(4)

Bunaítear freisin le Cinneadh (CBES) 2023/1574 go bhfuilfeidhm le bheith ag an díolúine dhaonnúil ó na bearta reo sócmhainní de bhun Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis na bearta comhlántacha.

(5)

Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun éifeacht a thabhairt do Chinneadh (CBES) 2023/1574, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha na bearta sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit uile.

(6)

Ba cheart don Chomhairle an chumhacht a fheidhmiú chun na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309 a bhunú agus a leasú chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an bpróiseas maidir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhunú, a leasú agus athbhreithniú a dhéanamh air.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/2309 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2022/2309 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Toirmeascfar an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cúnamh teicniúil a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata agus le hairm agus ábhar gaolmhar de gach cineál a sholáthar, a mhonarú, a chothabháil agus a úsáid, lena n-áirítear airm agus armlón, feithiclí agus trealamh míleata, trealamh paraimíleata, agus páirteanna spártha lena n-aghaidh, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, lena n-áirítear go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, chomh maith le hárachas agus athárachas, le haghaidh aon díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú arm agus ábhar gaolmhar, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar a sholáthar, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia.’

;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

1.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia iad agus atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú an duine, an eintitis nó an chomhlachta sin, go díreach nó go hindíreach, déanfar iad a reo.

2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis, nó do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia, ná ní chuirfear chun tairbhe dóibh iad.’

;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 4a

1.   Áireofar in Iarscríbhinn Ia na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí arna n-ainmniú ag an gComhairle:

(a)

atá freagrach as gníomhaíochtaí nó atá comhpháirteach i ngníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí i mbaol, nó a bhí páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

dul i mbun gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigin, go díreach nó go hindíreach, nó tacú le gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean a bhfuil baint acu le grúpaí armtha agus líonraí coiriúla a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear earcú le forneart leanaí ag grúpaí agus líonraí den sórt sin, fuadach, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe;

(ii)

tacú le gáinneáil aindleathach agus atreorú arm agus ábhar gaolmhar, nó sreabha aindleathacha airgeadais a bhaineann leis an méid sin;

(iii)

ag gníomhú ar son nó thar ceann duine nó eintiteas arna ainmniú i dtaca leis an ngníomhaíocht a thuairiscítear i bpointí (i) agus (ii) nó faoi stiúir an duine nó an eintitis sin, nó tacaíocht nó maoiniú a thabhairt dóibh ar shlí eile, lena n-áirítear trí úsáid dhíreach nó indíreach a bhaint as fáltais ó choireacht eagraithe, lena n-áirítear fáltais ó tháirgeadh aindleathach drugaí agus ó gháinneáil aindleathach drugaí agus a réamhtheachtaithe de thionscnamh Háítí nó a dhéanann idirthuras trí Háítí, an gháinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach ó Háítí, nó smuigleáil agus gáinneáil arm chuig Háítí nó ó Háítí;

(iv)

ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm, nó mar dhaoine a rinne soláthar go díreach nó go hindíreach do ghrúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí nó a rinne díol leo nó aistriú dóibh, nó mar dhaoine a fuair airm nó aon ábhar gaolmhar, nó aon chomhairle theicniúil, oiliúint nó cúnamh, lena n-áirítear maoiniú agus cúnamh airgeadais, a bhaineann le gníomhaíochtaí foréigneacha grúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí;

(v)

gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh ar gníomhartha iad lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear iad siúd lena mbaineann marú seachbhreithiúnach, lena n-áirítear mná agus leanaí, agus gníomhartha foréigin, fuadach, fuadach forfheidhmithe, nó fuadach le haghaidh fuascailte i Háítí;

(vi)

gníomhartha a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú agus sclábhaíocht ghnéasach, a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i Háítí;

(vii)

bac a chur ar chabhair dhaonnúil a thabhairt do Háítí, nó ar chabhair dhaonnúil a rochtain nó a dháileadh i Háítí;

(viii)

ionsaí a dhéanamh ar phearsanra nó ar áitribh thoscaireachtaí an Aontais agus mhisin agus oibríochtaí taidhleoireachta na mBallstát i Háítí, nó tacaíocht a thabhairt d’ionsaithe den sórt sin;

(b)

a dhéanann dochar don daonlathas nó don smacht reachta i Háítí trí mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí nó onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil; nó

(c)

atá bainteach le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí arna n-ainmniú faoi phointí (a) agus (b);

2.   Áireofar in Iarscríbhinn Ia na forais chun na daoine agus na heintitis dá dtagraítear inti a liostú.

3.   Áireofar in Iarscríbhinn Ia freisin, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nó na heintitis lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le heintitis, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin agus áit ghnó’.

(4)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn I agus ag an gComhairle a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn Ia.’;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

1.   De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin,

i gcás ina mbaineann an t-údarú le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I agus ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann don Choiste Smachtbhannaí faoin gcinneadh sin agus faoin rún atá aige údarú a dheonú, agus in éagmais cinneadh diúltach ón gCoiste Smachtbhannaí laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra sin a fháil.’

2.   De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann riachtanach do speansais urghnácha, ar choinníoll:

(a)

i gcás ina mbaineann an t-údarú le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, gur thug údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann fógra faoin gcinneadh sin don Choiste Smachtbhannaí agus go ndearna an Coiste sin an cinneadh a fhormheas; agus

(b)

i gcás ina mbaineann an t-údarú le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, go mbeidh fógra tugtha ag an mBallstát lena mbaineann do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoi na forais ar a measann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú a dheonú.

3.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

;

(6)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6a

1.   Gan dochar d’Airteagal 5, de mhaolú ar Airteagal 3(1) agus (2) agus, maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha dhaonna.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonófar faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 6b

1.   De mhaolú ar Airteagal 3, agus maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go ndéanfar na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann a íoc isteach i gcuntas nó ó chuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé beartaithe na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

;

(7)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   De mhaolú ar Airteagal 3(1), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir na nithe seo a leanas:

(i)

i gcás duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, cinneadh breithiúnach, riaracháin nó eadrána arna bhunú roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 4 a áireamh in Iarscríbhinn I, nó lian breithiúnach, riaracháin nó eadrána a tugadh roimh an dáta sin;

(ii)

i gcás duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i Airteagal 4a a áireamh in Iarscríbhinn Ia, nó cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun leas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia é an cinneadh nó an lian;

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh nó an lian a aithint; agus

(e)

i gcás duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, thug Ballstát an chinnidh nó an liain fógra don Choiste Smachtbhannaí maidir leis an gcinneadh nó maidir leis an lian.’

;

(8)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

‘1.   De mhaolú ar Airteagal 3(1), agus ar choinníoll gur íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:

(a)

go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia; agus,

(b)

nach sárú ar Airteagal 3(2) í an íocaíocht sin.’

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach

‘1a.   I gcás duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, tabharfaidh an Ballstát ábhartha fógra don Choiste Smachtbhannaí maidir leis an rún údarú a dheonú 10 lá oibre roimh ré.’

;

(9)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 4 a áireamh in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,

ar choinníoll go ndéantar aon ús, tuilleamh agus íocaíocht eile den sórt sin a reo i gcomhréir le hAirteagal 3.’

;

(10)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2

‘2.   Daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

tuairisceoidh siad roimh an 9 Eanáir 2023, nó laistigh de 6 seachtaine ón dáta a liostaítear in Iarscríbhinn I, cibé acu is déanaí, cistí nó sócmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Bhallstáit ar leis iad, atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na sócmhainní eacnamaíocha sin lonnaithe;

(aa)

tuairisceoidh siad roimh an 9 Meán Fómhair 2023 nó laistigh de 6 seachtaine ó dháta an liostaithe in Iarscríbhinn I, cibé acu is déanaí, cistí nó sócmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Bhallstáit ar leis iad, atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na sócmhainní eacnamaíocha sin lonnaithe; agus

(b)

rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun aon fhaisnéis den chineál sin a fhíorú.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas laistigh de 2 sheachtain faoin bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhír 2, pointí (a) agus (aa).’

;

(c)

cuirtear isteach an mír seo a leanas:

‘5a.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid i mír 2, pointe (aa), go dtí an 2 Meán Fómhair 2023 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha atá lonnaithe i mBallstát a raibh oibleagáid tuairiscithe chomhchosúil leagtha síos aige faoin dlí náisiúnta roimh an 1 Lúnasa 2023.’

;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(1), pointe (a):

‘(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia;’;

(12)

in Airteagal 14(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

cistí arna reo faoi Airteagal 3(1) agus údaruithe arna ndeonú faoi Airteagail 6, 6a, 6b, 7 agus 8;’;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

1.   I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbhannaí duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostú agus ráiteas faoi na cúiseanna leis an ainmniú a sholáthar, áireoidh an Chomhairle an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin in Iarscríbhinn I.

1a.   Déanfaidh an Chomhairle liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a bhunú agus a leasú.

1b.   Cuirfidh an Chomhairle a cinneadh in iúl do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a, lena n-áirítear na forais leis an liostú, go díreach, más eol an seoladh, nó murab eol an seoladh, trí fhógra a fhoilsiú, lena dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a chur isteach.

2.   I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach nó i gcás ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil i láthair, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar a cinneadh agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht ar an eolas faoi dá réir.

3.   I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbhannaí duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a dhíliostú, nó sonraí aitheantais duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear a leasú, leasóidh an Chomhairle Iarscríbhinn I dá réir.

Déanfar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a athbhreithniú go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.’

;

(14)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear an méid seo a leanas ar na cúraimí sin:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinní I agus Ia a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinní I agus Ia a ullmhú;

(c)

a mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún:

(i)

inneachar Iarscríbhinní I agus Ia a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;

(ii)

próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

2.   Ní fhéadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí sonraí ábhartha a phróiseáil, nuair is infheidhme, ar sonraí iad a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla na ndaoine nó le bearta slándála i ndáil leis na daoine sin, ach a mhéid is gá an phróiseáil sin a dhéanamh chun Iarscríbhinní I agus Ia a ullmhú.’

;

(15)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn Ia.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Féach leathanach 21. den Iris Oifigiúil.

(2)  Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 307, 28.11.2022, lch. 17).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 307, 28.11.2022, lch. 135).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN Ia

Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4a

’.

31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 192/9


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1570 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Bealtaine 2023

lena gceartaítear an leagan Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha a mhéid a bhaineann le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 42(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2), tá earráid i gCuid I, Caibidil 1, Roinn 3, pointe 1, abairt tosaigh, d’Iarscríbhinn IV lena n-athraítear brí na forála.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, maidir le cláir dhíothaithe agus maidir le stádas saor ó ghalair do ghalair áirithe atá liostaithe agus do ghalair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).


31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 192/11


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1571 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Iúil 2023

lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint ‘Българско бяло саламурено сирене/Bulgarsko byalo salamureno sirene’ (ATFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Bhulgáir ar chlárú an ainm ‘Българско бяло саламурено сирене/Bulgarsko byalo salamureno sirene’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ní mór an t-ainm ‘Българско бяло саламурено сирене/Bulgarsko byalo salamureno sirene’ a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm ‘Българско бяло саламурено сирене/Bulgarsko byalo salamureno sirene’ (ATFC) cláraithe leis seo.

Leis an ainm dá dtagraítear sa chéad mhír, sainítear táirge de chuid Aicme 1.3 ‘Cáiseanna’ faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 129, 13.4.2023, lch. 67.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 192/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1572 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Iúil 2023

lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a bhaineann le tiúbair Solanum tuberosum L de thionscnamh réigiúin áirithe den Liobáin a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, cé is moite de na tiúbair sin atá beartaithe le haghaidh plandú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 40(2) agus Airteagal 41(1) de.

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2) agus go háirithe Airteagal 52 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1614 ón gCoimisiún (3) údaraíodh na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar fhorálacha áirithe de Threoir 2000/29/CE ón gComhairle (4) i leith thiúbair Solanum tuberosum L., cé is moite de na tiúbair sin atá beartaithe le haghaidh plandú, de thionscnamh na réigiún Akkar agus Bekaa sa Liobáin (‘na plandaí sonraithe’).

(2)

An 12 Eanáir 2023, chuir an Liobáin iarratas isteach ar shíneadh a chur leis an maolú, iarratas a deonaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1614, go dtí am is faide anonn ná an 31 Márta 2023.

(3)

Cuireadh Rialachán (AE) 2016/2031 in ionad Threoir 2000/29/CE ón gComhairle, agus cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5) in ionad Iarscríbhinní I go V a ghabhann leis an Treoir sin.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, leagtar amach ceanglais a bhaineann le plandaí áirithe, táirgí planda áirithe nó réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais chun críoch an Aontais a chosaint ar rioscaí fíteashláintíochta. Le Pointe 17 (a) agus (b) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin, cuirtear toirmeasc ar thiúbair Solanum tuberosum L. a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, ach amháin más de thionscnamh tríú tíortha nó réigiúin áirithe, nó tíortha arb eol go bhfuil siad saor ó Clavibacter sepedonicus (‘an lotnaid shonraithe’), nó tíortha a chuireann rialacha i bhfeidhm a aithnítear go bhfuil siad coibhéiseach le rialacha an Aontais i gcoinne na lotnaide sin iad.

(5)

Chuir an Liobáin faisnéis isteach go raibh na réigiúin Akkar agus Bekaa saor ón lotnaid shonraithe le linn shéasúir fáis 2020, 2021 agus 2022. Leis an bhfaisnéis sin, léirítear go bhfástar na plandaí sonraithe faoi dhálaí leormhaithe fíteashláintíochta chun a áirithiú go gcosnófar críoch an Aontais ar an lotnaid shonraithe. Thairis sin, agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1614 á chur i bhfeidhm, níor aimsíodh aon lotnaid shonraithe ná lotnaidí coraintín eile de chuid an Aontais ar na plandaí sonraithe le linn a dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus ina dhiaidh sin. Ar an gcúis sin, ba cheart an maolú sin a dheonú arís faoi réir ceanglais áirithe chun a áirithiú nach mbeidh aon lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i láthair ar na plandaí sonraithe nuair a thabharfar isteach i gcríoch an Aontais iad.

(6)

Ba cheart cead a thabhairt na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais trí phoist ainmnithe rialaithe teorann amháin, chun rialuithe éifeachtacha agus laghdú ar aon riosca fíteashláintíochta a áirithiú.

(7)

Ba cheart ceanglais chigireachta a leagan amach chun rialú an riosca fíteashláintíochta a áirithiú. Ba cheart sampláil agus tástáil a dhéanamh ar na plandaí sonraithe ag na poist rialaithe teorann chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais a áirithiú i gcomhréir leis an scéim tástála atá ann cheana agus a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194 ón gCoimisiún (6), mar comhlíonann an scéim sin na caighdeáin idirnáisiúnta is cothroime le dáta.

(8)

Níor cheart na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ach amháin má tá siad lipéadaithe go hiomchuí, go háirithe chun a léiriú go bhfuil siad de thionscnamh na Liobáine agus nach bhfuil na plandaí sonraithe beartaithe le haghaidh plandú. Is gá é sin a dhéanamh chun plandú na bplandaí sonraithe a chosc agus chun a áirithiú gur féidir iad a shainaithint agus a rianú.

(9)

De bharr shrianta phaindéim COVID-19 agus coinbhleachtaí foréigneacha inmheánacha, ní raibh na hacmhainní ar fad ag an Liobáin chun measúnú iomlán a dhéanamh ar stádas lotnaidí na réigiún Akkar agus Bekaa, agus dá bhrí sin tá níos mó ama de dhíth uirthi chun an measúnú sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, ós rud é go dtugtar aghaidh leis an Rialachán seo ar riosca fíteashláintíochta ar leith, ar riosca é nach bhfuil measúnú iomlán déanta air go fóill, is de chineál sealadach a bheidh a cheanglais de bhun Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘plandaí sonraithe’ tiúbair Solanum tuberosum L. atá de thionscnamh na réigiún Akkar nó Bekaa sa Liobáin, cé is moite de na tiúbair sin atá beartaithe le haghaidh plandú;

(2)

ciallaíonn ‘lotnaid shonraithe’Clavibacter sepedonicus (Spieckermann & Kotthoff 1914) Nouioui et al. 2018;

(3)

ciallaíonn ‘limistéir saor ó lotnaidí’ na limistéir sin de Akkar nó Bekaa sa Liobáin a bhfuil sé dearbhaithe go hoifigiúil go bhfuil siad saor ón lotnaid shonraithe ag eagraíocht cosanta plandaí na Liobáine, i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta Uimh. 4 maidir le Bearta Fíteashláintíochta i ndáil leis na ceanglais maidir le limistéir saor ó lotnaidí a bhunú (7) agus ar chuir an Liobáin in iúl don Choimisiún iad go bliantúil.

Airteagal 2

Maolú ar an toirmeasc ar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

De mhaolú ar phointe 17, (a) agus (b), d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ceadófar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais faoi réir chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 3 go 7 den Rialachán seo agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis.

Airteagal 3

Deimhniú Fíteashláintíochta

Beidh deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leis na plandaí sonraithe lena n-áireofar, faoin gceannteideal ‘Dearbhú breise’, na gnéithe seo a leanas:

(a)

an ráiteas ‘I gcomhréir le ceanglais an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2 2023/1572 ón gCoimisiún’;

(b)

uimhir na luchtóige/uimhreacha na luchtóg a chomhfhreagraíonn do gach luchtóg shonrach onnmhairithe;

(c)

ainm an limistéir tionscnaimh saor ó lotnaidí; agus

(d)

ainm agus cláruimhir an táirgeora chláraithe nó na dtáirgeoirí cláraithe dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn.

Airteagal 4

Ceanglais maidir le plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

Comhlíonfaidh na plandaí sonraithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

cuireadh i láthair iad lena dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais mar luchtóga arb é atá i ngach luchtóg plandaí sonraithe arna dtáirgeadh ag táirgeoir aonair agus arna saothrú i limistéar amháin saor ó lotnaidí;

(b)

níl méid nach mó ná 1 % d’ithir agus de dhamhna fáis de réir a glánmheáchain i ngach luchtóg de na plandaí sonraithe; agus

(c)

aistrítear i málaí, i bpacáistí nó i gcoimeádáin eile iad, ar nithe iad a ndéantar gach ceann acu a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 6.

Airteagal 5

Cigireachtaí, sampláil agus tástáil a dhéanann na Ballstáit

1.   Ag na poist rialaithe teorann nó ag pointí rialaithe eile, beidh na plandaí sonraithe faoi réir na seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha a leagtar amach i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo.

2.   Déanfar amharc-chigireachtaí, sampláil agus tástáil arb é is aidhm dóibh an lotnaid a bhrath agus a shainaithint ar thiúbair shiomptómacha agus aisiomptómacha na bplandaí sonraithe, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1194.

Is é a bheidh i sampla 200 tiúbar de na plandaí sonraithe ar a laghad.

I gcás ina bhfuil níos mó ná 25 thona i luchtóg, tógfar sampla amháin le haghaidh gach 25 thona agus sampla amháin le haghaidh na coda eile den luchtóg atá fágtha.

3.   Agus na hamharc-chigireachtaí, an tsampláil agus an tástáil dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh, agus ar feitheamh thorthaí na dtástálacha sin, maidir le luchtóga uile na coinsíneachta lena mbaineann, agus na coinsíneachtaí eile uile ina bhfuil luchtóg de thionscnamh an limistéir chéanna atá saor ó lotnaidí agus atá faoi rialú údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, beidh siad faoi mhaoirseacht oifigiúil go fóill agus ní aistreofar ná ní úsáidfear iad.

4.   I gcás ina ndeimhneofar láithreacht na lotnaide sonraithe tar éis an tástáil a chur i gcrích, dá dtagraítear i mír 2, coinneofar agus caomhnófar go hiomchuí aon sampla de phlandaí sonraithe agus ábhar atá fágtha mar thoradh ar na tástálacha, agus ní thabharfar an luchtóg lena mbaineann isteach i gcríoch an Aontais. Déanfar na luchtóga uile atá fágtha dá dtagraítear i mír 3 a shampláil agus a thástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1194.

Airteagal 6

Lipéadú le haghaidh tabhairt isteach i gcríoch an Aontais

1.   Ní thabharfar na plandaí sonraithe isteach i gcríoch an Aontais ach amháin i gcás ina mbeidh lipéad orthu atá scríofa i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais agus ina bhfuil na gnéithe seo a leanas:

(a)

an tásc: ‘Áit tionscnaimh: An Liobáin’;

(b)

ainm an limistéir saor ó lotnaidí;

(c)

uimhir aitheantais an táirgeora;

(d)

uimhir na luchtóige;

(e)

an tásc ‘níltear le plandú’.

2.   Beidh an lipéad dá dtagraítear i mír 1 eisithe ag eagraíocht cosanta plandaí na Liobáine nó ag oibreoir gairmiúil atá faoi mhaoirseacht oifigiúil na heagraíochta sin.

Airteagal 7

Diúscairt dramhaíola

Maidir le dramhaíl de bharr na plandaí sonraithe a phacáistiú nó a phróiseáil i gcríoch an Aontais, déanfaidh na hoibreoirí gairmiúla í a dhiúscairt sa chaoi nach féidir an lotnaid shonraithe í féin a bhunú ná a leathadh i gcríoch an Aontais.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus tréimhse cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Lúnasa 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1614 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2019 lena n-údaraítear na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar fhorálacha áirithe de Threoir 2000/29/CE ón gComhairle i leith prátaí, cé is moite de na prátaí sin atá beartaithe le haghaidh plandú, de thionscnamh na réigiún Akkar agus Bekaa sa Liobáin (IO L 250, 30.9.2019, lch. 85).

(4)  Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánaigh atá dochrach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne leathadh na n-orgánach sin laistigh den Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2022 lena mbunaítear bearta chun Clavibacter sepedonicus (Spieckermann & Kotthoff 1914) Nouioui et al. 2018 a dhíothú agus chun leathadh Clavibacter sepedonicus a chosc (IO L 185, 12.7.2022, lch. 47).

(7)  Gluais de Théarmaí Fíteashláintíochta — Caighdeán Tagartha CIBF Uimh. 4 ‘Ceanglais maidir le limistéir saor ó lotnaidí a bhunú’ le Rúnaíocht an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí, an Róimh 2017.


IARSCRÍBHINN

Ceanglais a mhéid a bhaineann le plandaí sonraithe atá le comhlíonadh sa Liobáin dá dtagraítear in Airteagal 2

1.   Limistéir tháirgthe

Táirgeadh na plandaí sonraithe i limistéir saor ó lotnaidí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointe 2.

2.   Suirbhéanna na limistéar saor ó lotnaidí

Rinne eagraíocht cosanta plandaí na Liobáine suirbhéanna bliantúla córasacha agus ionadaíocha ar na limistéir saor ó lotnaidí sin chun an lotnaid shonraithe a bhrath le linn na 3 bliana ar fad roimh an táirgeadh agus lena linn.

Bhí na suirbhéanna ar siúl i láithreáin táirgthe na bplandaí sonraithe atá lonnaithe sna limistéir saor ó lotnaidí, agus ar phlandaí sonraithe arna saothrú sna limistéir sin.

Bhí an méid seo a leanas sna suirbhéanna:

(a)

amharc-chigireachtaí ar na láithreáin táirgthe le linn an tséasúir fáis;

(b)

scrúdú amhairc ar na plandaí sonraithe saothraithe chun siomptóim na lotnaide sonraithe a bhrath ar thiúbair ghearrtha;

(c)

tástáil saotharlainne maidir le plandaí siomptómacha agus aisiomptómacha i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1194.

Sna suirbhéanna, níor aimsíodh aon lotnaid shonraithe ná aon fhianaise eile a d’fhéadfadh a léiriú nach bhfuil an limistéar saor ón lotnaid.

Chuir eagraíocht cosanta plandaí na Liobáine torthaí na suirbhéanna ón mbliain féilire roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 31 Márta gach bliain.

3.   Táirgeoirí

Is iad na táirgeoirí atá cláraithe le heagraíocht cosanta plandaí na Liobáine a d’fhás na plandaí sonraithe.

4.   Táirgeadh ó phlandaí sonraithe deimhnithe le haghaidh plandú

Fásadh plandaí sonraithe ó phlandaí le haghaidh plandú a dheimhnítear san Aontas agus a allmhairítear ón Aontas isteach sa Liobáin nó a bhfuil sé deimhnithe ag eagraíocht cosanta plandaí na Liobáine go bhfuil siad saor ó lotnaidí coraintín de chuid an Aontais.

5.   Láithreáin táirgthe

Fásadh na plandaí sonraithe ar láithreáin táirgthe nár fásadh aon phlanda sonraithe iontu le linn na 3 bliana roimhe sin, cé is moite de na plandaí sin dá dtagraítear i bpointe (4).

6.   Láimhseáil

Láimhseáladh na plandaí sonraithe agus úsáid á baint as innealra nach n-úsáidtear ach chun plandaí sonraithe a láimhseáil agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (1) go (5) nó, i gcás inar úsáideadh chun críoch eile é, innealra a bhí glanta agus díghalraithe ar bhealach iomchuí sular láimhseáladh na plandaí sonraithe.

7.   Stóráil

Stóráladh na plandaí sonraithe i saoráidí stórála nach n-úsáidtear ach chun plandaí sonraithe a stóráil agus chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (1) go (6) nó, i gcás inar úsáideadh iad chun críoch eile, innealra a bhí faoi réir bearta sláinteachais iomchuí sular úsáideadh iad chun na plandaí sonraithe a stóráil.

8.   Tástálacha roimh phacáistiú agus onnmhairiú

Chomh gar agus is féidir d’am an onnmhairithe, agus láithreach roimh an bpacáistiú, rinneadh tástálacha ar thiúbair de na plandaí sonraithe, lena n-áirítear tiúbair aisiomptómacha, tástálacha arbh é ab aidhm dóibh láithreacht na lotnaide sonraí a bhrath agus a shainaithint, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1194, agus fuarthas amach go bhfuil siad saor ón lotnaid shonraithe.

9.   Pacáistíocht

Tá an t-ábhar pacáistíochta a úsáidtear le haghaidh na bplandaí sonraithe nua nó glanta agus díghalraithe.


CINNTÍ

31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 192/19


CINNEADH (AE) 2023/1573 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Iúil 2023

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir leis an gcinneadh ó Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite, an Mhaolaithe ar an Athrú Aeráide agus an Oiriúnaithe don Athrú Aeráide, agus Tionscadail Uisce atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Socrú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) a forbraíodh faoi chuimsiú na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, lena n-áirítear an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite, an Mhaolaithe ar an Athrú Aeráide agus an Oiriúnaithe don Athrú Aeráide, agus Tionscadail Uisce (‘an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide’) atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Socrú, rinneadh iad a thrasuí agus, dá bhrí sin, tá siad ceangailteach ó thaobh dlí san Aontas iad le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(2)

Tá na Rannpháirtithe sa Socrú (‘na Rannpháirtithe’) le teacht ar chomhaontú i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide agus é mar chuspóir acu raon feidhme an tSocraithe a mhéadú agus athbhreithniú a dhéanamh ar Fhoscríbhinn III a ghabhann léi. Ba cheart aon leasuithe a bheith i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais de bhun Chomhaontú Pháras agus bheartas aeráide an Aontais.

(3)

Faoi láthair, ní dhírítear sa Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide, a tugadh cothrom le dáta go deireanach in 2014, ach ar roinnt earnálacha a bhaineann le giniúint agus le tarchur fuinnimh. Le raon feidhme na Tuisceana Earnála maidir leis an Athrú Aeráide, cuirtear teorainn le tionchar na Tuisceana Earnála maidir leis an Athrú Aeráide agus ní thacaítear go héifeachtach le gealltanais na Rannpháirtithe faoi Chomhaontú Pháras ná le huaillmhianta an Aontais mar a chuirtear in iúl iad sa Chomhaontú Glas don Eoraip.

(4)

Leis na leasaithe atá beartaithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide, dhéanfaí a raon feidhme a leathnú chun onnmhairí ó earnálacha tionscail nach gcumhdaítear lena théarmaí faoi láthair a chur san áireamh. Dá réir sin, leis na leasuithe, cheadófaí d’onnmhairí a chomhlíonann na critéir infheidhme ó réimse is leithne fós d’earnálacha tionscail tairbhe a bhaint as na téarmaí agus na coinníollacha a bhunaítear faoin Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide. Dá réir sin, chuirfí ar chumas na ngníomhaireachtaí creidmheasanna onnmhairiúcháin ón Aontas agus ar chumas Rannpháirtithe eile ról níos mó a bheith acu maidir le tacú leis an aistriú glas agus rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

(5)

De bhun Airteagal 9 den Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide, tá na Rannpháirtithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar Fhoscríbhinn III faoi dheireadh 2020, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar na tionscnaimh idirnáisiúnta a bhaineann le hoiriúnú, le dálaí margaidh, agus leis an gcorpas taithí a fuarthas ón bpróiseas chun fógra a thabhairt, chun a chinneadh ar cheart na sainmhínithe, na critéir, na téarmaí agus na coinníollacha a choinneáil ar bun agus/nó a leasú. Mar chuid den athbhreithniú, maidir leis na critéir chun tionscadail oiriúnaithe a shainaithint, ar gá iad a oiriúnú faoi láthair chun gurb iad príomhchuspóir an tionscadail iad, ba léir nach raibh siad oiriúnach d’idirbhearta creidmheasa onnmhairiúcháin, a mbíonn gníomhaíochtaí tráchtála chun sreabhadh airgid a ghiniúint i gceist leo de ghnáth chomh maith. Dá bhrí sin, is iomchuí na critéir le haghaidh tionscadail oiriúnaithe a leagtar amach i bhFoscríbhinn III a ghabhann leis an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide a leasú, trína n-ailíniú níos dlúithe leis na caighdeáin arna n-úsáid ag na bainc forbartha.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis an gcinneadh ó na Rannpháirtithe i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide a leasú, a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ina cheangal ar an Aontas agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart gurb é seasamh an Aontais tacú leis na leasuithe atá bunaithe ar an dréachtleagan comhdhlúite den Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) i ndáil le leasuithe ar an Tuiscint Earnála maidir leis ‘an Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide’ atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Socrú, tacú leis na leasuithe arna mbunú ar an dréachtleagan comhdhlúite den Tuiscint Earnála maidir leis an Athrú Aeráide atá i gceangal leis an gCinneadh seo (2).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. CALVIÑO SANTAMARÍA


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).

(2)  Féach doiciméad ST 10121/23 ADD1 ar http://register.consilium.europa.eu.


31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 192/21


CINNEADH (CBES) 2023/1574 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Iúil 2023

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2319 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí. Leis an gCinneadh sin, cuirtear chun feidhme Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lenar bunaíodh córas smachtbhannaí maidir le Háítí, lena n-áirítear reo sócmhainní, srian taistil agus bearta spriocdhírithe trádbhac arm.

(2)

Measann an tAontas go bhfuil an staid i Háítí fós ina bagairt ar an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta sa réigiún, agus is cúis imní dó i gcónaí na leibhéil arda foréigin drong agus gníomhaíochtaí coiriúla eile, foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, míleithreasú cistí poiblí, saoirse ó phionós do dhéantóirí na coire agus an fíor-dhrochstaid dhaonnúil i Háítí a bhfuil iarmhairtí tubaisteacha acu go léir do phobal na tíre sin.

(3)

Tá an staid i Háítí tréithrithe ag éagobhsaíocht shuntasach, rud a bhaineann le leochaileacht an Stáit. Tá na dálaí slándála ginearálta thar a bheith neamhchinnte mar gheall ar líon mór drong armtha a bheith ann a ghabhann do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha, rud a chuireann bac freisin ar chúnamh daonnúil a bheith á chur ar fáil. Agus an staid amhlaidh, tá baol ann go gcuirfear isteach, inter alia, ar thoghcháin reachtacha agus uachtaránachta atá síochánta, saor, cothrom agus trédhearcach a bheith á reáchtáil, agus Rialtas Háítí toilteanach a leithéidí a ghairm faoi 2024 más féidir sin a dhéanamh más féidir sin a dhéanamh agus na dálaí slándála ginearálta cuí a bheith ann, agus tá an baol ann go gcuirfeadh an staid éagobhsaí sin bac ar chonair dhaonlathach na tíre atá leochaileach go leor.

(4)

D’iarr údaráis Háítí arís agus arís eile ar an bpobal idirnáisiúnta tacaíocht a thabhairt chun údarás an Stáit agus an smacht reachta a athbhunú, lena n-áirítear sa chomhrac i gcoinne dronganna armtha agus eagraíochtaí coiriúla eile, go háirithe trína iarraidh ar na Náisiúin Aontaithe fórsa speisialaithe idirnáisiúnta a imscaradh chun cabhrú le Póilíní Náisiúnta Háítí agus le hEagraíocht na Stát Meiriceánach meitheal thiomnaithe a chruthú a choinneodh súil ar an staid mar atá agus a dhéanfadh idirchaidreamh leis na Náisiúin Aontaithe agus le Comhphobal Mhuir Chairib.

(5)

Sa chomhthéacs seo, agus i bhfianaise na staide polaitiúla, eacnamaíche, daonnúla agus slándála i Háítí atá ag dul in olcas, measann an Chomhairle gurb iomchuí creat tiomnaithe a bhunú le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí i mbaol agus as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn ón daonlathas nó ón smacht reachta i Háítí, agus i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo.

(6)

Tá síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí a gcur i mbaol go háirithe ag daoine a ghabhann do ghníomhaíochtaí coiriúla agus foréigin nó a thacaíonn le gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean a bhfuil baint acu le grúpaí armtha agus líonraí coiriúla, a thacaíonn le gáinneáil aindleathach ar airm agus atreorú arm, a ghníomhaíonn de shárú ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe, a dhéanann gníomhartha a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó arb ionann iad agus sáruithe ar chearta an duine, nó a chuireann bac ar ghníomhaíocht dhaonnúil i Háítí.

(7)

Tá cobhsaíocht, daonlathas agus smacht reachta Háítí á gcur i mbaol freisin ag daoine a ghabhann do mhí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cístí poiblí agus d’onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil.

(8)

Measann an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag an díolúine dhaonnúil ó na bearta reo sócmhainní de bhun Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis na bearta comhlántacha a bhaineann le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo sa bhreis orthu sin a chinn an Coiste a bunaíodh le mír 19 de Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/2319 a leasú dá réir sin.

(10)

Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(1), an dara fomhír, cuirtear na focail ‘Iarscríbhinn I’ in ionad na bhfocal ‘an Iarscríbhinn’;

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 1a

1.   Toirmiscfear soláthar, díol, aistriú nó onnmhairiú díreach nó indíreach arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál, lena n-áirítear airm agus armlón, feithiclí míleata agus trealamh míleata, trealamh paraimíleata agus páirteanna spártha do na daoine agus na heintitis thuasluaite, nó chun tairbhe na ndaoine agus na n-eintiteas sin, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II, ag náisiúnaigh na mBallstát nó ó chríocha na mBallstát nó lena soithí brataí nó lena n-aerárthaí, bíodh siad de thionscnamh a gcríoch nó ná bíodh.

2.   Toirmeascfar an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cúnamh teicniúil, oiliúint nó cúnamh eile a sholáthar, lena n-áirítear pearsanra amhais armtha a sholáthar, a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata nó aon airm agus ábhar gaolmhar a sholáthar, a chothabháil nó a úsáid, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nó eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, lena n-áirítear go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, chomh maith le hárachas agus athárachas le haghaidh aon díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú arm agus ábhar gaolmhar, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar nó cúnamh eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nó eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn II;

3.   Déanfaidh na Ballstáit cigireacht, i gcomhréir lena n-údaráis náisiúnta agus lena reachtaíocht náisiúnta agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, ar gach lasta chuig Háítí ar a gcríoch, lena n-áirítear calafoirt agus aerfoirt, má tá faisnéis acu a thugann forais réasúnacha chun a chreidiúint go bhfuil nithe sa lastas a bhfuil toirmeasc faoin Airteagal seo ar a soláthar, a ndíol, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú;

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta marcála agus clárúcháin leordhóthanacha i bhfeidhm chun airm a rianú, lena n-áirítear mionairm agus armáin éadroma, i gcomhréir leis na hionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu, agus chun breithniú a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun cúnamh a thabhairt do thíortha comharsanachta, i gcás inarb ábhartha agus arna iarraidh sin dóibh, chun gáinneáil aindleathach agus atreorú aindleathach lena sáraítear na bearta a fhorchuirtear i míreanna 1 agus 2 a chosc agus a bhrath.’

;

(3)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas;

(a)

i mír 1, an dara fomhír, cuirtear na focail ‘Iarscríbhinn I’ in ionad na bhfocal ‘an Iarscríbhinn’;

(b)

i mír 5, cuirtear na focail ‘Iarscríbhinn I’ in ionad ‘an Iarscríbhinn’;

(4)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 2a

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine nádúrtha seo a leanas:

(a)

atá freagrach as gníomhaíochtaí nó atá comhpháirteach i ngníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí i mbaol, nó a bhí páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

dul i mbun gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigin, go díreach nó go hindíreach, nó tacú le gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean a bhfuil baint acu le grúpaí armtha agus líonraí coiriúla a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear earcú le forneart leanaí ag grúpaí agus líonraí den sórt sin, fuadach, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe;

(ii)

tacú le gáinneáil aindleathach ar airm agus atreorú arm agus ábhar gaolmhar, nó sreabha aindleathacha airgeadais a bhaineann leis an méid sin;

(iii)

ag gníomhú ar son nó thar ceann duine nó eintiteas arna ainmniú i dtaca leis an ngníomhaíocht a thuairiscítear i bpointe (i) nó (ii) nó faoi stiúir an duine nó an eintitis sin, nó tacaíocht nó maoiniú a thabhairt dóibh ar shlí eile, lena n-áirítear trí úsáid dhíreach nó indíreach a bhaint as fáltais ó choireacht eagraithe, lena n-áirítear fáltais ó tháirgeadh aindleathach drugaí agus ó gháinneáil aindleathach drugaí agus a réamhtheachtaithe de thionscnamh Háítí nó a dhéanann idirthuras trí Háítí, an gháinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach ó Háítí, nó smuigleáil agus gáinneáil arm chuig Háítí nó ó Háítí;

(iv)

ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm, nó a sholáthair do ghrúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí nó a rinne díol leo nó aistriú dóibh, go díreach nó go hindíreach, nó a fuair airm nó aon ábhar gaolmhar, nó aon chomhairle theicniúil, oiliúint nó cúnamh, lena n-áirítear maoiniú agus cúnamh airgeadais, a bhaineann le gníomhaíochtaí foréigneacha grúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí;

(v)

gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh ar gníomhartha iad lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear iad siúd lena mbaineann marú seachbhreithiúnach, lena n-áirítear mná agus leanaí, agus gníomhartha foréigin, fuadach, fuadach forfheidhmithe, nó fuadach le haghaidh fuascailte i Háítí;

(vi)

gníomhartha a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú agus sclábhaíocht ghnéasach, a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i Háítí;

(vii)

bac a chur ar chabhair dhaonnúil a thabhairt do Háítí, nó ar chabhair dhaonnúil a rochtain nó a dháileadh i Háítí;

(viii)

ionsaí a dhéanamh ar phearsanra nó ar áitribh thoscaireachtaí an Aontais agus mhisin agus oibríochtaí taidhleoireachta na mBallstát i Háítí, nó tacaíocht a thabhairt d’ionsaithe den sórt sin.

(b)

a dhéanann dochar don daonlathas nó don smacht reachta i Háítí trí mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí nó onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil; nó

(c)

a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha arna n-ainmniú faoi phointí (a) agus (b) nó faoi Airteagal 2(1).

Liostaítear daoine dá dtagraítear sa mhír seo in Iarscríbhinn II.

2.   Ní chuirfear de cheangal le mír 1 ar aon Bhallstát teacht isteach chuig a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.

3.   I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar don chás sin, eadhon:

(a)

mar thír óstach eagraíochta idir-rialtasaí idirnáisiúnta;

(b)

mar thír óstach comhdhála idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;

(c)

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d)

de bhun Chonradh Idir-réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

4.   Beidh feidhm ag mír 3 freisin i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstach de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).

5.   Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina dtugann Ballstát díolúine de bhun mhíreanna 3 nó 4.

6.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh a dheonú faoi mhír 1 i gcás ina mbeidh údar leis ar fhorais an riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh, nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach.

7.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 más amhlaidh go bhfuil gá le teacht isteach nó le hidirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh.

8.   Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis díolúintí a dheonú dá dtagraítear i míreanna 6 nó 7 fógra i scríbhinn don Chomhairle ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann Ballstát amháin nó níos mó agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.

9.   I gcás, de bhun mhír 3, 4, 6 nó 7, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha do dhaoine a liostaítear in Iarscríbhinn II, beidh an t-údarú teoranta go docht don chuspóir ar chuige a thugtar é agus do na daoine lena mbaineann sin go díreach.’

;

(5)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas,

(a)

i mír 1, an dara fomhír, cuirtear na focail ‘Iarscríbhinn I’ in ionad na bhfocal ‘an Iarscríbhinn’;

(b)

i mír 2, cuirtear na focail ‘Iarscríbhinn I’ in ionad na bhfocal ‘an Iarscríbhinn’;

(c)

i mír 4, pointe (b), cuirtear na focail ‘Iarscríbhinn I’ in ionad na bhfocal ‘an Iarscríbhinn’;

(6)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 3a

1.   Maidir le gach ciste agus acmhainn eacnamaíoch atá faoi úinéireacht nó faoi rialú go díreach nó go hindíreach ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí:

(a)

atá freagrach as gníomhaíochtaí nó atá comhpháirteach i ngníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí i mbaol, nó a bhí páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

dul i mbun gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigin, go díreach nó go hindíreach, nó tacú le gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean a bhfuil baint acu le grúpaí armtha agus líonraí coiriúla a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear earcú le forneart leanaí ag grúpaí agus líonraí den sórt sin, fuadach, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe;

(ii)

tacú le gáinneáil aindleathach ar airm agus atreorú arm agus ábhar gaolmhar, nó sreabha aindleathacha airgeadais a bhaineann leis an méid sin;

(iii)

ag gníomhú ar son nó thar ceann duine nó eintiteas arna ainmniú i dtaca leis an ngníomhaíocht a thuairiscítear i bpointe (i) nó (ii) nó faoi stiúir an duine nó an eintitis sin, nó tacaíocht nó maoiniú a thabhairt dóibh ar shlí eile, lena n-áirítear trí úsáid dhíreach nó indíreach a bhaint as fáltais ó choireacht eagraithe, lena n-áirítear fáltais ó tháirgeadh aindleathach drugaí agus ó gháinneáil aindleathach drugaí agus a réamhtheachtaithe de thionscnamh Háítí nó a dhéanann idirthuras trí Háítí, an gháinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach ó Háítí, nó smuigleáil agus gáinneáil arm chuig Háítí nó ó Háítí;

(iv)

ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm, nó mar dhaoine a rinne soláthar go díreach nó go hindíreach do ghrúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí nó a rinne díol leo nó aistriú dóibh, nó mar dhaoine a fuair airm nó aon ábhar gaolmhar, nó aon chomhairle theicniúil, oiliúint nó cúnamh, lena n-áirítear maoiniú agus cúnamh airgeadais, a bhaineann le gníomhaíochtaí foréigneacha grúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí;

(v)

gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh ar gníomhartha iad lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear iad siúd lena mbaineann marú seachbhreithiúnach, lena n-áirítear mná agus leanaí, agus gníomhartha foréigin, fuadach, fuadach forfheidhmithe, nó fuadach le haghaidh fuascailte i Háítí;

(vi)

gníomhartha a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú agus sclábhaíocht ghnéasach, a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i Háítí;

(vii)

bac a chur ar chabhair dhaonnúil a thabhairt do Háítí, nó ar chabhair dhaonnúil a rochtain nó a dháileadh i Háítí;

(viii)

ionsaí a dhéanamh ar phearsanra nó ar áitribh thoscaireachtaí an Aontais agus mhisin agus oibríochtaí taidhleoireachta na mBallstát i Háítí, nó tacaíocht a thabhairt d’ionsaithe den sórt sin;

(b)

a dhéanann dochar don daonlathas nó don smacht reachta i Háítí trí mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí nó onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil; nó

(c)

atá bainteach le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí arna n-ainmniú faoi phointí (a) agus (b) nó faoi Airteagal 3(1),

déanfar iad a reo.

Liostaítear daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear sa mhír seo in Iarscríbhinn II.

2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis, nó do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II, ná chun a dtairbhe.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun freastal ar bhunriachtanais na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus bhaill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as earraí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

go bhfuil siad ceaptha chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

gur den riachtanas iad i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún maidir leis an bhforas ar a measann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain, ar a laghad, roimh an údarú; nó

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta nó ón gcuntas, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, ar choinníoll go comhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú in Iarscríbhinn II, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh mar sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn II é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

5.   Ní chuirfear de chosc le mír 1 ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar eintiteas nó ar chomhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn II íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a rinneadh, nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn, roimh an dáta a liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin san Iarscríbhinn sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht, go díreach nó go hindíreach.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann;

ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1 fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.

7.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó,

(f)

gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gComhairle.’;

8.   Gan dochar do mhír 7, de mhaolú ar míeanna 1 agus 2, agus, maidir le duine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha dhaonna.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonófar faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

1.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil, an liosta in Iarscríbhinn I a leasú i gcomhréir le cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (‘An Chomhairle Slándála’) nó ag an gCoiste Smachtbhannaí.

2.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an ‘tArdionadaí’), an liosta in Iarscríbhinn II a bhunú agus a leasú.’

;

(8)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1

‘1.   I gcás ina n-ainmneoidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbhannaí duine nó eintiteas, cuirfidh an Chomhairle an duine nó an t-eintiteas sin san áireamh in Iarscríbhinn I. Cuirfidh an Chomhairle a cinneadh, lena n-áirítear forais an liostaithe, in iúl go díreach don duine nó don eintiteas lena mbaineann, más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, ar choinníoll go mbeidh deis ag an duine nó ag an eintiteas sin barúlacha a chur i láthair.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 4(2), lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, trína dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a thíolacadh.’

;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

1.   Áireofar in Iarscríbhinn I na forais chun na daoine agus na heintitis a liostú dá bhforáiltear ag an gComhairle Slándála nó ag an gCoiste Smachtbhannaí.

2.   Áireofar in Iarscríbhinn I freisin, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis a chuirfidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbhannaí ar fáil chun na daoine nó na heintitis lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh; más eol, agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh ainmneacha, áit agus dáta clárúcháin, uimhir chlárúcháin agus áit ghnó a bheith san áireamh san fhaisnéis sin.

3.   Áireofar in Iarscríbhinn II na forais chun na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear inti a liostú.

4.   Áireofar in Iarscríbhinn II freisin, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh an méid a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; cláruimhir; agus áit ghnó.’

;

(10)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Próiseálfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar Iarscríbhinní I agus II a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar Iarscríbhinní I agus II a ullmhú;

2.   Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe agus le ciontuithe coiriúla nó bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun Iarscríbhinní I agus II a ullmhú.’

(11)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 7a

Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht ná aon éileamh eile den sórt sin, mar shampla éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ar ráthaíocht nó ar shlánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é gur ceann de na páirtithe seo a leanas a dhéanann an t-éileamh:

(a)

duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht arna ainmniú, a liostaítear in Iarscríbhinn II; nó

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine nádúrtha nó dlítheanach, eintitis nó comhlacht dá dtagraítear i bpointe (a).’

;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

1.   Déanfar an Cinneadh seo a leasú nó a aisghairm de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle Slándála.

2.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2a(1) agus in Airteagal 3a (1) agus (2) go dtí 29 Iúil 2024 agus coimeádfar faoi athbhreithniú leanúnach iad. Déanfar iad a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a gcuspóirí.

3.   Agus athbhreithniú á dhéanamh aici ar bhearta sriantacha arna ndéanamh de bhun Airteagal 2a(1), an chéad fhomhír, pointe (b), agus Airteagal 3a(1), an chéad fhomhír, pointe (b), cuirfidh an Chomhairle san áireamh, de réir mar is iomchuí, cibé an bhfuil nó nach bhfuil na daoine i dtrácht faoi réir imeachtaí breithiúnacha i ndáil leis an iompar ar ina leith a liostaíodh iad.’

;

(13)

athainmnítear an Iarscríbhinn mar ‘Iarscríbhinn I’;

(14)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo leis mar Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 307, 28.11.2022, lch. 135).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN II

A.

Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2a,(1) agus in Airteagal 3a(1)

B.

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3a(1)

’.

31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 192/30


CINNEADH (AE) 2023/1575 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Iúil 2023

maidir le cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais atá le heisiúint faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais do 2024

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 9 agus Airteagal 9a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2020/1722 ón gCoimisiún (2), leagtar síos cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE do 2021 ag 1 571 583 007 lamháltas, agus an méadú ar an bhfachtóir laghdaithe línigh á chur i bhfeidhm go 2,2 % dar thús 2021. Mar thoradh ar an bhfachtóir laghdaithe línigh sin, is é 1 485 575 977 cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais do 2023.

(2)

Le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh Treoir 2003/87/CE chun cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais in 2024 a laghdú 90 milliún lamháltas, agus chun na cainníochtaí a mhéadú 78,4 milliún lamháltas le haghaidh muiriompair. Laghdaítear cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais do 2024 a leagtar amach sa Chinneadh seo faoin gcéad mhéid agus méadaítear í faoin dara méid.

(3)

Le Treoir (AE) 2023/959, leasaíodh Treoir 2003/87/CE freisin chun an fachtóir líneach a mhéadú go 4,3 % do na blianta 2024 go 2027. Tá feidhm ag an bhfachtóir líneach maidir le meánchainníocht iomlán bhliantúil na lamháltas arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir le Cinntí ón gCoimisiún maidir lena bpleananna leithdháileacháin náisiúnta don tréimhse ó 2008 go 2012, agus tá feidhm aige maidir le cainníocht na lamháltas a chomhfhreagraíonn do mheánastaíochtaí na ngníomhaíochtaí muiriompair arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757 (4) do 2018 agus 2019 a dtugtar aghaidh orthu in Airteagal 3ga de Threoir 2003/87/CE. Tá cur i bhfeidhm an fhachtóra línigh ar na cainníochtaí sin cothrom le laghdú bliantúil ar na lamháltais atá le heisiúint san Aontas de 87 924 231 lamháltas. I gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2003/87/CE, chun an luach do 2024 a leagtar amach sa Chinneadh seo a ríomh, déantar cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais a eascraíonn as na hathruithe a leagtar amach in aithris (2) a laghdú faoin méid iomlán de bharr an fhachtóra laghdaithe línigh.

(4)

Áirítear Stáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa i gcainníocht na lamháltas ar fud an Aontais do 2024 agus i laghdú bliantúil na lamháltas atá le heisiúint san Aontas mar thoradh ar chur i bhfeidhm an fhachtóra laghdaithe línigh.

(5)

De bhun Airteagal 9a(4) de Threoir 2003/87/CE, ba cheart do chainníocht na lamháltas ar fud an Aontais do 2024 eisiamh suiteálacha beaga ó CTA AE a chur san áireamh de bhun Airteagal 27 de Threoir 2003/87/CE. Níor tharla aon eisiamh den sórt sin ó foilsíodh Cinneadh (AE) 2020/1722.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2003/87/CE, foilseoidh an Coimisiún cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais faoin 6 Meán Fómhair 2023.

(7)

Déanfar cainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aerárthaigh don bhliain 2024 a fhoilsiú ar leithligh mar a leagtar amach in Airteagal 3c de Threoir 2003/87/CE, agus, dá bhrí sin, ní áirítear í i gcainníocht na lamháltas ar fud an Aontais a fhoilsítear sa Chinneadh seo.

(8)

Ar an mbonn sin, ba cheart cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE do 2024 a bheith 1 386 051 745,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh 2024, is é 1 386 051 745 cainníocht na lamháltas ar fud an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(2)   IO L 386, 18.11.2020, lch. 26.

(3)  Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).

(4)  Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).


31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 192/32


CINNEADH (AE) 2023/1576 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Iúil 2023

lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4 de,

Ag féachaint don fhógra a thug Éire gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (1) agus gur mian léi a bheith faoi cheangal ag an Rialachán sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I litir dar dáta an 27 Márta 2023, thug Éire fógra gur mian léi, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal (Uimh. 21), glacadh le Rialachán (AE) 2021/2303 agus gur mian léi a bheith faoi cheangal aige.

(2)

Soláthraíonn gach Ballstát atá rannpháirteach i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) líon áirithe saineolaithe don díorma cúltaca um thearmann dá dtagraítear in Airteagal 19(6) de Rialachán (AE) 2021/2303. Chun go bhféadfaidh Éire a bheith rannpháirteach i Rialachán (AE) 2021/2303, is gá a leagan amach, mar choinníoll sonrach atá le comhlíonadh ag Éirinn, gur cheart d’Éirinn líon sonrach saineolaithe a sholáthar don díorma cúltaca um thearmann. Toisc gur ghlac Éire leis go soláthróidh sí líon sonrach saineolaithe don díorma cúltaca um thearmann, ar an gcaoi chéanna ar ghlac na Ballstáit atá rannpháirteach in EUAA cheana féin leis sin a dhéanamh, tá na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht na hÉireann comhlíonta, agus ba cheart a rannpháirtíocht i Rialachán (AE) 2021/2303 a dheimhniú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 331(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(3)

Ba cheart d’Éirinn an líon sonrach saineolaithe a sholáthar don díorma cúltaca um thearmann dá dtagraítear in Airteagal 19(6) de Rialachán (AE) 2021/2303 go dtí go leasófar Rialachán (AE) 2021/2303 maidir leis an díorma cúltaca um thearmann,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Tá rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2303 deimhnithe.

2.   Cuirfidh Éire ochtar saineolaithe ar fáil don díorma cúltaca um thearmann dá dtagraítear in Airteagal 19(6) de Rialachán (AE) 2021/2303.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 468, 30.12.2021, lch. 1.


Ceartúcháin

31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 192/34


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 435 an 6 Nollaig 2021 )

Ar leathanach 313, Airteagal 5(8)

in ionad:

‘8.   Fíon lena gcomhlíontar ceanglais lipéadaithe Airteagal 119 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus táirgí fíona cumhraithe a chomhlíonann rialacha lipéadaithe Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 is infheidhme sa dá chás roimh an 8 Nollaig 2023 agus a táirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an dáta sin, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go n-ídeofar na stoic.’

,

léitear:

‘8.   Fíon a chomhlíonann na ceanglais lipéadaithe atá in Airteagal 119 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus táirgí fíona cumhraithe a chomhlíonann na rialacha lipéadaithe atá i Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 is infheidhme sa dá chás roimh an 8 Nollaig 2023 agus a táirgeadh roimh an dáta sin, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.’

.