ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 191

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
28 Iúil 2023


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE  ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

118

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla

181

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

28.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 191/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1542 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2023

maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de agus Airteagal 192(1) de maidir le hAirteagail 54 go 76 den Rialachán seo,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An gComhaontú Glas don Eoraip] (“an Comhaontú Glas don Eoraip”), is é atá sa teachtaireacht sin straitéis fáis na hEorpa arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta d’úsáid acmhainní. Tá aistriú ó úsáid breoslaí iontaise i bhfeithiclí go leictrea-shoghluaisteacht ar cheann de na réamhriachtanais chun sprioc na haeráidneodrachta a bhaint amach in 2050. Le gur féidir le beartais táirgí an Aontais rannchuidiú le hastaíochtaí carbóin a ísliú ar leibhéal domhanda, ní mór a áirithiú go ndéantar táirgí a mhargaítear agus a dhíoltar san Aontas a fhoinsiú agus a mhonarú ar bhealach inbhuanaithe.

(2)

Dá bhrí sin, is foinse thábhachtach fuinnimh iad ceallraí agus tá siad ar cheann de na nithe is mó lenar féidir forbairt inbhuanaithe, soghluaisteacht ghlas, fuinneamh glan agus aeráidneodracht a bhaint amach. Meastar go dtiocfaidh méadú gasta ar an éileamh ar cheallraí sna blianta atá amach romhainn, go háirithe ar cheallraí feithiclí bóthair leictreacha agus modhanna éadroma iompair a úsáideann ceallraí mar fhórsa tarraingthe, rud a fhágann go bhfuil an margadh i gcomhair ceallraí ag éirí ina mhargadh níos straitéisí ar an leibhéal domhanda. Leanfar den dul chun cinn suntasach eolaíoch agus teicniúil i réimse na teicneolaíochta ceallraí. I bhfianaise tábhacht straitéiseach ceallraí, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na hoibreoirí go léir lena mbaineann agus chun idirdhealú, bacainní ar thrádáil agus saobhadh ar an margadh i gcomhair ceallraí a sheachaint, is gá rialacha a leagan amach maidir le hinbhuanaitheacht, feidhmíocht, sábháilteacht, bailiú, athchúrsáil agus dara húsáid ceallraí, chomh maith le faisnéis faoi cheallraí d’úsáideoirí deiridh agus d’oibreoirí eacnamaíocha. Is gá creat rialála comhchuibhithe a chruthú chun déileáil le saolré iomlán ceallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

(3)

Is gá freisin dlí an Aontais maidir le bainistiú ceallraí dramhaíola a thabhairt cothrom le dáta agus bearta a ghlacadh chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint trí dhrochthionchair ghiniúint agus bhainistiú na dramhaíola a chosc nó a laghdú, trí thionchar úsáide acmhainní a laghdú agus trí éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú. Tá na bearta sin ríthábhachtach don aistriú chuig geilleagar ciorclach agus aeráidneodrach agus chuig comhshaol saor ó thoscainí, agus d’iomaíochas fadtéarmach agus uathriail straitéiseach an Aontais. Is féidir leo deiseanna eacnamaíocha tábhachtacha a chruthú, lena ndéantar sineirgí idir an geilleagar ciorclach agus beartais fuinnimh, aeráide, iompair, tionscail agus taighde a mhéadú, agus lena ndéantar an comhshaol a chosaint agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

(4)

Le Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) tá feabhas curtha ar fheidhmíocht chomhshaoil ceallraí agus bunaíodh roinnt rialacha comhchoiteanna agus oibleagáidí comhchoiteanna d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe trí rialacha comhchuibhithe i ndáil leis an gcion miotail throm i gceallraí agus lipéadú ceallraí agus rialacha agus spriocanna chun na ceallraí dramhaíola uile a bhainistiú, bunaithe ar fhreagracht leathnaithe táirgeoirí.

(5)

Sna tuarascálacha ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme, tionchar agus meastóireacht Threoir 2006/66/CE a tíolacadh in 2019, leagadh béim, ní hamháin ar ghaiscí na Treorach sin, ach ar a teorainneacha freisin, go háirithe i gcomhthéacs atá athraithe ó bhonn ina bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le ceallraí agus leis an méadú atá tagtha ar a n-úsáid.

(6)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2018 dar teideal Europe on the move -Sustainable Mobility for Europe: safe, connected and clean [An Eoraip ag gluaiseacht – Soghluaisteacht Inbhuanaithe don Eoraip: sábháilte, nasctha agus glan] áirítear an Plean um Ghníomhaíocht Straitéiseach maidir le Ceallraí. Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta sin bearta chun tacú le hiarrachtaí ar luachshlabhra ceallraí a thógáil san Eoraip, lena gcumhdaítear eastóscadh amhábhair, foinsiú agus próiseáil inbhuanaithe, ábhair inbhuanaithe ceallraí, monaraíocht ceall chomh maith le hathúsáid agus athchúrsáil ceallraí

(7)

Sa Chomhaontú Glas don Eoraip, dhearbhaigh an Coimisiún a ghealltanas an Plean um Ghníomhaíocht Straitéiseach maidir le Ceallraí a chur chun feidhme agus mhaígh sé go molfadh sé reachtaíocht chun luachshlabhra ceallraí sábháilte, ciorclach agus inbhuanaithe a áirithiú do gach ceallra, lena n-áirítear chun margadh na bhfeithiclí leictreacha, ar margadh é atá ag fás, a sholáthar.

(8)

Sna conclúidí uaithi an 4 Deireadh Fómhair 2019 maidir le “More circularity – Transition to a sustainable society” [Geilleagar níos Ciorclaí – Aistriú chuig sochaí inbhuanaithe], d’iarr an Chomhairle, inter alia, ar bheartais chomhleanúnacha lena dtacófaí le forbairt teicneolaíochtaí lena gcuirfí feabhas ar inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht ceallraí le dul leis an aistriú chuig leictrea-shoghluaisteacht. Thairis sin, d’iarr an Chomhairle go ndéanfaí athbhreithniú ar Threoir 2006/66/CE gan mhoill, ar cheart go n-áireofaí ann gach ábhar ceallra ábhartha agus go mbreathnófaí, go háirithe, ar cheanglais shonracha maidir le litiam agus cóbalt chomh maith le sásra lena gceadófaí oiriúnú na Treorach chun athruithe ar theicneolaíochtaí ceallraí sa todhchaí a léiriú inti.

(9)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 dar teideal A new Circular Economy Action Plan – For a cleaner and more competitive Europe [Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach – I gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche], maítear go ndéanfar rialacha maidir le hábhar athchúrsáilte agus bearta chun feabhas a chur ar rátaí bailithe agus athchúrsála na gceallraí go léir a mheas sa togra le haghaidh creat rialála nua do cheallraí, chun a áirithiú go n-aisghabhtar ábhair luachmhara agus chun treoir a chur ar fáil do thomhaltóirí agus go dtabharfar aghaidh leis ar chéimniú amach féideartha ceallraí neamh-in-athluchtaithe nuair atá roghanna malartacha ann. Thairis sin, maítear go ndéanfar ceanglais inbhuanaitheachta agus trédhearcachta a mheas, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh: lorg carbóin monaraíochta ceallraí, foinsiú eiticiúil amhábhar agus slándáil an tsoláthair chun athúsáid, athrú cuspóra agus athchúrsáil ceallraí a éascú.

(10)

Beidh gá le ceanglais chomhchuibhithe a bhunú i leith na dtáirgí agus na margaíochta chun aghaidh a thabhairt ar shaolré na gceallraí go léir a chuirtear ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta, chomh maith le ceanglais chun aghaidh a thabhairt go hiomlán ar chéim deireadh ré ceallraí. Is gá go mbeadh ceanglais maidir leis an gcéim deireadh ré ann chun aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí comhshaoil a bhaineann le ceallraí agus, go háirithe, chun tacú le margaí athchúrsála a chruthú do cheallraí agus margaí d’amhábhar tánaisteach ó cheallraí dramhaíola. Chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach, is é sin aghaidh a thabhairt ar shaolré iomlán cheallra in aon ionstraim dlí amháin agus bacainní ar thrádáil agus saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú an tráth céanna, ba cheart na rialacha lena leagtar amach na ceanglais maidir le ceallraí a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach do na hoibreoirí eacnamaíocha uile ar fud an Aontais agus níor cheart an deis a bheith ag aon Bhallstát iad a chur chun feidhme ar bhealach difriúil leis na Ballstáit eile. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán a chur in ionad Threoir 2006/66/CE.

(11)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach catagóir ceallraí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís laistigh den Aontas, gan beann ar cé acu a táirgeadh san Aontas iad nó a allmhairíodh iad. Ba cheart feidhm a bheith aige gan beann ar cé acu atá ceallra ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile nó a chuirtear le táirgí ar bhealach eile nó an gcuirtear ceallra ar an margadh nó i seirbhís laistigh den Aontas é as a stuaim féin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo beag beann ar cibé atá nó nach bhfuil ceallra deartha go sonrach do tháirge nó cibé acu an ceallra d’úsáid ghinearálta é nó nach bhfuil agus beag beann ar cibé atá nó nach bhfuil sé ionchorpraithe i dtáirge nó curtha ar fáil i dteannta táirge nó ar leithligh ó tháirge a bhfuil sé ceaptha a bheith úsáidte ann. Meastar go gcuirtear an ceallra ar an margadh nuair a chuirtear ar fáil é ar mhargadh an Aontais den chéad uair, trína sholáthar ag an monaróir nó ag an allmhaireoir lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce. Dá bhrí sin, ceallraí a chuireann dáileoirí i stoc san Aontas, lena n-áirítear miondíoltóirí, mórdhíoltóirí agus rannáin díolacháin monaróirí, roimh dháta chur i bhfeidhm cheanglas ábhartha an Rialacháin seo, ní gá dóibh na ceanglais sin a chomhlíonadh.

(12)

Ba cheart don Rialachán seo drochthionchair ceallraí ar an gcomhshaol a chosc agus a laghdú agus luachshlabhra ceallraí atá slán agus inbhuanaithe do gach ceallra a áirithiú, agus aird á tabhairt, mar shampla, ar lorg carbóin monaraíochta ceallraí, foinsiú eiticiúil amhábhar agus slándáil an tsoláthair chun athúsáid, athrú cuspóra agus athchúrsáil ceallraí a éascú. Ba cheart dó féachaint le feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil na gceallraí agus ar ghníomhaíochtaí na n-oibreoirí uile a bhfuil baint acu le saolré ceallraí, amhail táirgeoirí, dáileoirí agus úsáideoirí deiridh agus, go háirithe, na hoibreoirí sin a bhfuil baint acu le cóireáil agus athchúrsáil ceallraí dramhaíola. Le bearta den sórt sin, cuideofar leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach agus iomaíochas fadtéarmach an Aontais a áirithiú agus ba cheart rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol á chur san áireamh an tráth céanna. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Rialachán seo freisin na drochthionchair a bhaineann le giniúint agus bainistiú ceallraí dramhaíola ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a chosc agus a íoslaghdú agus ba cheart é a bheith mar aidhm aige úsáid acmhainní a laghdú, agus cur i bhfeidhm praiticiúil ord na réiteach dramhaíola a chur chun cinn. Dá bhrí sin, chun éagsúlachtaí a chuireann cosc ar shaorchúrsaíocht ceallraí a chosc, trí oibleagáidí agus ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos ar fud an mhargaidh inmheánaigh, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí iomchuí don Rialachán seo. Sa mhéid go bhfuil rialacha sonracha sa Rialachán seo maidir le ceallraí dramhaíola a bhainistiú, is é Airteagal 192(1) CFAE an bunús dlí iomchuí, a mhéid a bhaineann leis na rialacha sonracha sin.

(13)

Maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh ina bpacáistí ceallraí, arb é atá iontu ceallraí nó grúpaí ceall atá nasctha le chéile nó istigh i gcás mar aonad iontu féin réidh lena n-úsáid ag úsáideoirí deiridh nó i bhfeidhmchláir nach bhfuil sé beartaithe go ndéanfadh an t-úsáideoir deiridh iad a dheighilt ó chéile ná a oscailt agus atá i gcomhréir leis an sainmhíniú ar cheallraí, nó cealla ceallraí atá i gcomhréir leis an sainmhíniú ar cheallraí, ba cheart na táirgí sin a bheith faoi réir ceanglais is infheidhme maidir le ceallraí.

(14)

Maidir le ceallraí is féidir a dhéanamh réidh lena n-úsáid ag an úsáideoir deiridh le huirlisí atá ar fáil go coitianta trí fhearas “déan féin é” a úsáid, ba cheart iad a mheas mar cheallraí chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann fearais den sórt sin ar an margadh a bheith faoi réir an Rialacháin seo.

(15)

Laistigh de raon feidhme leathan an Rialacháin seo, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí difriúla ceallraí i gcomhréir lena ndearadh agus lena n-úsáid, go neamhspleách ar cheimic an cheallra uathu. Maidir le haicmiú ceallraí inaistrithe, ar thaobh amháin, agus le haicmiú ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí gluaisteáin ar an taobh eile faoi Threoir 2006/66/CE, ba cheart an t-aicmiú sin a fhorbairt a thuilleadh chun gur fearr a léireofar forbairtí nua in úsáid ceallraí. Maidir le ceallraí a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí leictreacha agus a thagann faoi chatagóir na gceallraí tionsclaíocha i dTreoir 2006/66/CE, is cuid mhór iad, cuid atá ag fás, den mhargadh mar gheall ar an bhfás tapa ar úsáid na bhfeithiclí iompair de bhóthar de chineál leictreach. Is iomchuí dá bhrí sin na ceallraí sin a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí bóthair a aicmiú mar chatagóir ar leithligh nua ceallraí feithiclí leictreacha. Níor aicmíodh ceallraí a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i modhanna éadroma iompair, amhail r-rothair agus r-scútair, mar chatagóir ar leithligh ceallra faoi Threoir 2006/66/CE. Mar sin féin, is cuid shuntasach den mhargadh iad ceallraí den sórt sin mar gheall ar iad a bheith ag dul i méid i soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe. Is iomchuí, dá bhrí sin, na ceallraí sin a aicmiú mar chatagóir ar leithligh nua ceallraí, eadhon ceallraí do mhodhanna éadroma iompair (ceallraí LMT). Aicmítear ceallraí a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí iompair eile lena n-áirítear iompar iarnróid, d’uisce agus eitlíochta nó innealra easbhóthair, faoi chatagóir na gceallraí tionsclaíocha go fóill faoin Rialachán seo. Cuimsíonn catagóir na gceallraí tionsclaíocha grúpa leathan ceallraí, atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí tionsclaíocha, bonneagar cumarsáide, gníomhaíochtaí talmhaíochta nó le haghaidh fuinneamh leictreach a ghiniúint agus a dháileadh. Ceallraí a dtugtar úsáidí tionsclaíocha dóibh tar éis iad a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó tar éis a gcuspóir a athrú, cé gur dearadh iad le haghaidh úsáid eile ar dtús, ba cheart a mheas gur ceallraí tionsclaíocha iad faoin Rialachán seo. Anuas ar an liosta neamhchuimsitheach sin de shamplaí, maidir le haon cheallra a bhfuil meáchan níos mó na 5 kg aige nach dtagann faoi aon chatagóirí eile faoin Rialachán seo, ba cheart a mheas gur ceallra tionsclaíoch é. Ceallraí a úsáidtear le haghaidh stóráil fuinnimh i dtimpeallachtaí príobháideacha nó tí, ba cheart a mheas gur ceallraí tionsclaíocha iad chun críocha an Rialacháin seo. Ceallraí a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí rothacha a mheastar gur bréagáin iad de réir bhrí Threoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), níor cheart, chun críocha an Rialacháin seo, a mheas gur ceallraí LMT iad, ach ba cheart a mheas gur ceallraí inaistrithe iad.

(16)

Tar éis ceallra a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís laistigh den Aontas den chéad uair, is féidir ceallra a athúsáid, a chuspóir a athrú, a athmhonarú, é a ullmhú le haghaidh athúsáide, nó a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra. Chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le creat an Aontais maidir le rialáil táirgí, meastar, i gcás ceallra caite, a chiallaíonn ceallra a rinneadh a athúsáid, gur ceallra é a cuireadh ar an margadh cheana féin é nuair a cuireadh ar an margadh den chéad uair é lena úsáid nó lena dháileadh. Os a choinne sin, meastar gur cuireadh ar an margadh as an nua ceallraí a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, a athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh, agus ba cheart do na ceallraí sin, dá bhrí sin, Rialachán seo a chomhlíonadh. Ina theannta sin, i gcomhréir le creat an Aontais maidir le rialáil táirgí, measfar ceallra caite a allmhairíodh ó thríú tír a bheith curtha ar an margadh nuair a thagann sé isteach san Aontas den chéad uair. Dá bhrí sin, ba cheart ceallra a athúsáideadh, a athraíodh a chuspóir, a athmhonaraíodh, a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra agus a allmhairíodh ó thríú tír sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(17)

Cumhdaíonn athmhonarú raon leathan oibríochtaí teicniúla is féidir a dhéanamh ar cheallraí nó ar cheallraí dramhaíola. A mhéid a bhaineann le ceallraí dramhaíola, is féidir a mheas gur ullmhú le haghaidh athúsáide nó ullmhú le haghaidh athrú cuspóra é athmhonarú. Ar an gcúis sin, ní gá córas sonrach a chur ar fáil sa Rialachán seo chun ceallraí dramhaíola a athmhonarú atá difriúil leis an gcóras maidir le ceallraí dramhaíola a ullmhú le haghaidh athúsáide nó a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra. A mhéid a bhaineann le ceallraí caite, tá sé mar chuspóir ag athmhonarú feidhmíocht bhunaidh an cheallra a thabhairt ar ais. Ar an gcaoi sin, is féidir breathnú ar athmhonarú mar chás foircneach athúsáide lena mbaineann díchóimeáil agus meastóireacht a dhéanamh ar chealla agus ar mhodúil an cheallra agus líon áirithe de na cealla agus de na modúil sin a athsholáthar. Chun idirdhealú a dhéanamh idir an t-athmhonarú agus an athúsáid amháin, ba cheart a mheas gur athmhonarú é nuair a thugtar toilleadh na gceallraí ar ais go 90 % ar a laghad de thoilleadh rátaithe bunaidh an cheallra agus, le tabhairt ar ais den sórt sin, is gá córas sonrach a chur i bhfeidhm.

(18)

I gcás inar tomhaltóir é an t-úsáideoir deiridh, agus inar ullmhaíodh an ceallra le haghaidh athúsáide, inar ullmhaíodh é le haghaidh athrú cuspóra, inar athraíodh a chuspóir nó inar athmhonaraíodh é, ba cheart an ceallra sin a chumhdach le conradh díolacháin a chomhlíonann Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Go háirithe, cumhdaítear le ceanglais na Treorach sin comhréireacht an táirge, dliteanas an díoltóra, lena n-áirítear an rogha maidir le tréimhse dhliteanais nó theorann níos giorra, dualgas cruthúnais, leigheasanna ar easpa comhréireachta, earraí a dheisiú nó a athsholáthar agus ráthaíochtaí tráchtála.

(19)

Ba cheart ceallraí a dhearadh agus a mhonarú chun a bhfeidhmíocht, marthanacht agus sábháilteacht a optamú agus chun a lorg comhshaoil a íoslaghdú. Is iomchuí ceanglais shonracha inbhuanaitheachta a leagan síos maidir le ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó na 2 kWh, agus do cheallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha mar is iad ceallraí den sórt sin an chuid den mhargadh ina bhfuiltear ag dréim leis an méadú is mó sa mhargadh sna blianta amach romhainn.

(20)

Maidir le sábháilteacht ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí dúisithe, soilsithe agus adhainte (ceallraí SLI), éilíonn bailíocht leanúnach chineálcheadú an Aontais le haghaidh feithiclí i gcatagóirí M, N agus O i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) go leanfaidh aon cheallra a deisíodh nó a malartaíodh de bheith ag comhlíonadh na gceanglas sábháilteachta is infheidhme. I gcás ina bhfuil athrú tagtha ar shonraí sábháilteachta, tá gá le cigireachtaí nó tástálacha breise chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais ar a bhfuil cineálcheadú an Aontais atá ann cheana bunaithe á gcomhlíonadh i gcónaí.

(21)

I gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All — EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais: I dtreo Truailliú Nialasach don Aer, d’Uisce agus d’Ithir], ba cheart beartais an Aontais a bheith bunaithe ar an bprionsabal gur cheart bearta coisctheacha a dhéanamh ag an bhfoinse. Sa teachtaireacht uaidh an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability – Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht — I dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] (“Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht”), cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir gur cheart Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a threisiú mar bhunchlocha an Aontais chun ceimiceáin a rialáil san Aontas agus gur cheart iad a chomhlánú le cineálacha cur chuige comhleanúnacha chun ceimiceáin a mheasúnú agus a bhainistiú sa reachtaíocht earnálach atá ann cheana. Ba cheart go príomha dá bhrí sin srian ag an bhfoinse a bheith ar úsáid substaintí guaiseacha i gceallraí chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint agus chun láithreacht substaintí den sórt sin i ndramhaíl a bhainistiú. Ba cheart don Rialachán seo Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006 agus (CE) Uimh. 1272/2008 a chomhlánú agus glacadh beart bainistithe riosca maidir le substaintí a chumhdaíonn céim na dramhaíola a cheadú.

(22)

I dteannta na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is iomchuí srianta a leagan amach maidir le láithreacht mearcair, caidmiam agus luaidhe i gcatagóirí áirithe ceallraí. Maidir le ceallraí a úsáidtear i bhfeithiclí a bhfuil díolúine acu faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart na ceallraí sin a eisiamh ón toirmeasc ar chaidmiam a bheith iontu. D’fhonn tuilleadh srianta a chur ar shubstaintí atá i gceallraí nó a úsáidtear ina monarú, is iomchuí mapáil a dhéanamh ar shubstaintí ar údar imní iad, a shainmhínítear sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht mar shubstaintí ar údar imní iad ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol, amhail substaintí ar an liosta iarrthóirí lena n-áireamh sa deireadh in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, ach freisin na substaintí sin a chuireann bac ar athchúrsáil i gcás amhábhair thánaisteacha atá sábháilte agus ar ardchaighdeán, i gcomhthéacs na meastóireachta ar shubstaintí atá beartaithe i bPlean Comhpháirteach Gníomhaíochta Meastóireachta REACH arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“an Ghníomhaireacht”).

(23)

Maidir le substaintí a mbaineann riosca doghlactha leo do shláinte an duine agus don chomhshaol nuair a úsáidtear i gceallraí iad nó nuair a bhíonn siad ann i gceallraí dramhaíola, chun a áirithiú gur féidir dul i ngleic leo go cuí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le srianta ar shubstaintí i gceallraí a leasú.

(24)

An nós imeachta measúnaithe chun srianta nua a ghlacadh ar shubstaintí i gceallraí agus ceallraí dramhaíola agus chun leasú a dhéanamh ar shrianta reatha ar shubstaintí i gceallraí agus ceallraí dramhaíola, ba cheart é a chuíchóiriú le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Chun cinnteoireacht, comhordú agus bainistiú éifeachtach ghnéithe teicniúla, eolaíocha agus riaracháin gaolmhara an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Ghníomhaireacht cúraimí sonraithe a dhéanamh maidir le meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí a ghabhann le substaintí i monaraíocht agus úsáid ceallraí, chomh maith leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann nuair a bheidh a ré caite chomh maith leis an meastóireacht ar na gnéithe socheacnamaíocha agus an anailís ar roghanna malartacha, i gcomhréir leis an treoir ábhartha ón nGníomhaireacht. Dá réir sin, ba cheart do na Coistí um Measúnú Rioscaí agus um Anailís Shocheacnamaíoch de chuid na Gníomhaireachta cur i gcrích cúraimí áirithe a bhronntar ar an nGníomhaireacht leis an Rialachán seo a éascú.

(25)

Chun a áirithiú go bhfuil an Rialachán seo comhleanúnach le haon leasú a dhéanfar amach anseo ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó ar dhlí eile de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo maidir le critéir inbhuanaitheachta do shubstaintí guaiseacha agus do cheimiceáin ghuaiseacha, ba cheart don Choimisiún a mheas an bhfuil gá le leasú ar Airteagail 6, 86, 87 agus 88 den Rialachán seo. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún leasuithe ar an Rialachán seo a mholadh i rialachán a bheidh ann amach anseo lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 á ullmhú aige nó i ndlí eile de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo a bhaineann le critéir inbhuanaitheachta do shubstaintí guaiseacha agus do cheimiceáin.

(26)

Chun samhail eacnamaíoch Eorpach inbhuanaithe a chur chun cinn, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, leasuithe a mholadh ar fhorálacha an Rialacháin seo lena rialaítear na srianta ar shubstaintí i gceallraí agus i gceallraí dramhaíola, lena n-áirítear toirmeasc onnmhairiúcháin a thabhairt isteach ar cheallraí nach gcomhlíonann na srianta sin.

(27)

Leis an úsáid ollmhór a bhfuiltear ag súil leis maidir le ceallraí in earnálacha ar nós soghluaisteachta agus stóráil fuinnimh, ba cheart astaíochtaí carbóin a laghdú. Mar sin féin, chun an leas is mó is féidir a bhaint as an acmhainneacht sin, is gá lorg carbóin íseal a bheith ag a saolré foriomlán. De réir na Rialacha Catagóire maidir le Lorg Comhshaoil Táirge do Cheallraí Ardfhuinnimh Shonraigh In-athluchtaithe le haghaidh Feidhmchláir Mhóibíleacha, is é an t-athrú aeráide an dara catagóir thionchair is airde do cheallraí tar éis mianadóireachta agus úsáid mianraí agus miotal. Ba cheart, dá bhrí sin, dearbhú maidir le lorg carbóin a bheith ag gabháil le ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, ceallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Is réamhriachtanas é comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha teicniúla chun lorg carbóin a ríomh do gach ceallra tionsclaíoch in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, ceallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais chun ceanglas a thabhairt isteach le haghaidh dearbhú maidir le lorg carbóin agus ina dhiaidh sin chun aicmí feidhmíochta maidir le lorg carbóin a bhunú lena bhféadfar ceallraí a bhfuil lorg carbóin níos ísle acu ar an iomlán a shainaithint. Leis na ceanglais maidir le faisnéis agus lipéadú soiléir faoi lorg carbóin ceallraí amháin, níltear ag súil go dtiocfaidh an t-athrú iompraíochta is gá chun a áirithiú go mbaintear amach cuspóir an Aontais chun na hearnálacha soghluaisteachta agus stórála fuinnimh a dhícharbónú i gcomhréir leis na cuspóirí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide. Mar sin ba cheart tairseacha uasta carbóin a tabhairt isteach, tar éis do mheasúnú tionchair tiomnaithe a bheith déanta chun na luachanna sin a chinneadh. Agus leibhéal thairseach uasta an loirg carbóin á mholadh, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, inter alia, dáileadh coibhneasta na luachanna loirg carbóin i gceallraí ar an margadh, méid an dul chun cinn ar lorg carbóin ceallraí arna gcur ar mhargadh an Aontais a laghdú agus rannchuidiú éifeachtach féideartha an bhirt sin i leith chuspóirí an Aontais maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus aeráidneodracht faoi 2050 ar a dhéanaí. Chun trédhearcacht maidir le lorg carbóin na gceallraí a chothú, agus margadh an Aontais a aistriú i dtreo ceallraí lena mbaineann lorg carbóin níos ísle, gan beann ar an áit ina ndéantar iad a tháirgeadh, tá údar le méadú carnach de réir a chéile ar na ceanglais maidir le lorg carbóin. Mar thoradh ar na ceanglais sin, le hastaíochtaí carbóin arna seachaint i saolré ceallraí, cuirfear le cuspóirí aeráide an Aontais, go háirithe maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Leis sin, d’fhéadfaí rannchuidiú freisin le beartais eile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, amhail trí bhíthin dreasachtaí nó critéir maidir le soláthar poiblí glas, rud a dhéanfaidh táirgeadh ceallraí a bhfuil níos lú tionchair ar an gcomhshaol acu a chothú.

(28)

Ba cheart go mbeadh uastairseacha an loirg carbóin saolré slán i bhfad na haimsire. Dá bhrí sin, agus gníomh tarmligthe á ghlacadh aige lena gcinntear uastairseach an loirg carbóin saolré, ba cheart don Choimisiún na próisis mhonaraíochta agus táirgthe is fearr atá ar fáil a chur san áireamh agus a áirithiú go bhfuil na critéir theicniúla a roghnaíonn sé comhsheasmhach le cuspóir an Rialacháin seo a áirithiú go ráthóidh ceallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais ardleibhéal cosanta do shláinte an duine, do shábháilteacht daoine, agus do mhaoin agus don chomhshaol.

(29)

Faightear substaintí áirithe i gceallraí, amhail cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile, as acmhainní tearca nach bhfuil ar fáil go héasca san Aontas agus measann an Coimisiún gur amhábhair chriticiúla atá i gcuid acu. I gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 dar teideal Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a Fhorbairt do théarnamh na hEorpa] is gá don Aontas a huathriail straitéiseach a fheabhsú agus a hathléimneacht a mhéadú chun í féin a ullmhú le haghaidh aon chur isteach féideartha ar an soláthar de dheasca géarchéimeanna sláinte nó eile. Má dhéantar an chiorclaíocht agus an éifeachtúlacht acmhainne a fhorbairt agus athchúrsáil agus aisghabháil na n-amhábhar sin a mhéadú an tráth céanna, is fearr mar a éireoidh leis an Eoraip an cuspóir sin a bhaint amach.

(30)

Thabharfaí tacaíocht d’fhorbairt an gheilleagair chiorclaigh dá dtiocfadh méadú ar úsáid amhábhar aisghafa agus bheifí in ann úsáid níos tíosaí a bhaint as amhábhair leis, agus an tráth céanna, dhéanfaí spleáchas an Aontais ar amhábhair ó thríú tíortha a laghdú. Maidir le ceallraí, is ábhartha é sin go háirithe i gcás cóbailt, luaidhe, litiam agus nicile. Dá bhrí sin, is gá aisghabháil ábhar den sórt sin ó dhramhaíl a chur chun cinn, trí cheanglas le haghaidh leibhéal an ábhair athchúrsáilte i gceallraí a bhunú ag baint úsáid as cóbalt, luaidhe, litiam agus nicil ina n-ábhair ghníomhacha. Dá bhrí sin, ba cheart a shocrú leis an Rialachán seo spriocanna éigeantacha maidir le hábhar athchúrsáilte le haghaidh cóbailt, luaidhe, litiam agus nicile ar cheart iad a chomhlíonadh faoi 2031. Ba cheart spriocanna níos déine a bhunú faoi 2036 le haghaidh cóbailt, litiam agus nicile. I gcás na spriocanna go léir ba cheart a chur san áireamh infhaighteacht dramhaíola ónar féidir ábhair dá leithéid a aisghabháil, indéantacht theicniúil na bpróiseas aisghabhála agus monaraíochta lena mbaineann, mar aon leis an am a theastaíonn ó na hoibreoirí eacnamaíocha chun a gcuid próiseas soláthair agus monaraíochta a oiriúnú. Dá bhrí sin, sula mbeidh spriocanna éigeantacha den sórt sin infheidhme, ba cheart an ceanglas maidir le hábhar athchúrsáilte a theorannú do nochtadh faisnéise maidir le hábhar athchúrsáilte. Is dócha gurb í dramhaíl monaraíochta ceallraí príomhfhoinse na n-amhábhar tánaisteach le haghaidh monarú ceallraí mar gheall ar an méadú ar tháirgeadh ceallraí agus ba cheart di a bheith faoi réir na bpróiseas athchúrsála céanna le dramhaíl iarthomhaltóra. Dá bhrí sin, ba cheart dramhaíl monaraíochta ceallraí a áireamh mar chuid de na spriocanna maidir le hábhar athchúrsáilte agus é mar chuspóir leis sin dlús a chur le forbairt an bhonneagair athchúrsála is gá. Mar sin féin, ní dramhaíl iad fotháirgí monaraithe ceallraí a athúsáidtear sa phróiseas táirgthe, amhail fuíoll monaraíochta, agus dá bhrí sin níor cheart iad a áireamh mar chuid de na spriocanna maidir le hábhar athchúrsáilte.

(31)

Chun an riosca maidir le soláthar gann cóbailt, luaidhe, litiam agus nicile a chur san áireamh agus chun infhaighteacht na n-amhábhar sin a mheasúnú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na spriocanna don íoschion cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile atá i láthair in ábhair ghníomhacha i gceallraí a leasú.

(32)

Chun athruithe a chur san áireamh, ar athruithe ar theicneolaíochtaí ceallraí a bhfuil tionchar acu ar na cineálacha ábhar is féidir a aisghabháil iad, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thuilleadh amhábhar agus spriocanna faoi seach a chur isteach sa liosta d’íoschionta ábhar athchúrsáilte atá in ábhair ghníomhacha i gceallraí.

(33)

Chun a áirithiú go bhfuil na ríomhanna agus fíoruithe ar an sciar céatadáin de chóbalt, de luaidhe, de litiam agus de nicil a aisghabhtar cruinn agus iontaofa agus chun a áirithiú gurb ann do dheimhneacht dhlíthiúil níos fearr, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú i dtaca le ríomh agus fíorú a dhéanamh ar an sciar céatadáin de chóbalt, de luaidhe, de litiam nó de nicil atá in ábhair ghníomhacha agus a aisghabhadh ó dhramhaíl monaraíochta ceallraí nó dramhaíl iarthomhaltóra agus ar an sciar céatadáin de luaidhe atá in ábhair ghníomhacha agus a aisghabhadh ó dhramhaíl agus tríd an bhformáid a bhunú le haghaidh na doiciméadachta teicniúla ar na sciartha céatadáin sin, i gcás gach samhla ceallra in aghaidh na bliana agus in aghaidh na monarchan monaraíochta. Ba cheart athúsáid ábhar, amhail athoibriú, athmhúnlú nó fuíoll a ghintear sa phróiseas monaraithe ceallraí, ar féidir iad a aisghabháil laistigh den phróiseas céanna lenar gineadh an t-ábhar, a eisiamh ón modheolaíocht sin.

(34)

Ba cheart ceallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a bheith inmharthanach agus ar ardfheidhmíocht. Is gá, dá bhrí sin, paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta a leagan amach do cheallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta chomh maith le ceallraí tionsclaíocha, ceallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha. I gcás ceallraí feithiclí leictreacha, d’fhorbair Meitheal UNECE um Fheithiclí Leictreacha agus um an gComhshaol ceanglais marthanachta infheithicle, atá le cur i bhfeidhm san Aontas trí rialachán a bheidh ann amach anseo maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin, i ndáil lena n-astaíochtaí agus lena marthanacht ceallraí (Euro 7) (“Rialachán Euro 7”). Dá bhrí sin, níor cheart don Rialachán seo ach ceanglais maidir le faisnéis a leagan síos maidir le feidhmíocht agus marthanacht ceallraí feithiclí leictreacha. Ar an taobh eile, i réimse na gceallraí le haghaidh stóráil fuinnimh, meastar nach bhfuil na modhanna tomhais atá ann faoi láthair chun feidhmíocht agus marthanacht ceallraí a thástáil beacht ná ionadaíoch go leor le go bhféadfaí íoscheanglais a thabhairt isteach. Ba cheart caighdeáin chomhchuibhithe leordhóthanacha nó sonraíochtaí comhchoiteanna atá ar fáil a bheith ann in éineacht le tabhairt isteach íoscheanglas a bhaineann le feidhmíocht agus marthanacht na gceallraí sin.

(35)

Chun an tionchar ar an gcomhshaol a bhíonn ag ceallraí le linn a saolré a laghdú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta a leasú le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus i dtaca le híosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar sin. Ba cheart a leagan síos leis na gníomhartha tarmligthe sin conas a bheidh feidhm ag na híosluachanna sin maidir le ceallraí a athmhonaraíodh.

(36)

Chun a áirithiú go bhfuil rialacha an Aontais maidir le feidhmíocht leictriceimiceach agus marthanacht le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla Mheitheal neamhfhoirmiúil UNECE um Fheithiclí Leictreacha agus um an gComhshaol agus i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta le haghaidh ceallraí leictreacha feithiclí a leasú. Maidir le híosluachanna na bparaiméadar sin le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha atá ionchorpraithe i mótarfheithiclí, is iomchuí íoscheanglais feidhmíochta a leagan síos trí Rialachán Euro 7 a bheidh ann amach anseo, bunaithe ar na híoscheanglais feidhmíochta a leagtar amach i Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh. 22 ó na Náisiúin Aontaithe (NA) maidir le marthanacht ceallraí infheithicle le haghaidh feithiclí leictreacha.

(37)

Is féidir le roinnt ceallraí neamh-in-athluchtaithe d’úsáid ghinearálta a bheith mí-éifeachtúil ó thaobh úsáid acmhainní agus fuinnimh de. Ba cheart ceanglais oibiachtúla maidir le feidhmíocht agus marthanacht ceallraí den sórt sin a bhunú chun a áirithiú gur lú an líon ceallraí inaistrithe ísealfheidhmíochta neamh-in-athluchtaithe d’úsáid ghinearálta atá á gcur ar an margadh, go háirithe, i gcás ina léireofaí i measúnú saolré go mbeadh sochair fhoriomlána chomhshaoil ann dá n-úsáidfí ceallraí in-athluchtaithe ina n-ionad. I gcás ceallraí atá ionchorpraithe ar fhóin phóca agus ar tháibléid, is iomchuí ceanglais feidhmíochta agus mharthanachta maidir leis na ceallraí sin a leagan síos trí rialachán éicidhearthóireachta a bheidh ann amach anseo lena dtugtar aghaidh ar fhóin agus ar tháibléid agus Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 (10) ón gCoimisiún maidir le ríomhairí agus freastalaithe ríomhaireachta a nuashonrú. I gcás ceallraí inaistrithe eile a ionchorpraítear i bhfearais eile, amhail uirlisí garraíodóireachta nó uirlisí cumhachta gan sreang, ba cheart aghaidh a thabhairt, i ngníomhartha dlí ábhartha maidir le táirgí, amhail gníomhartha cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), nó i ngníomh dlí eile de chuid an Aontais, ar an bhféidearthacht íoscheanglais feidhmíochta agus mharthanachta a leagan síos.

(38)

Chun a áirithiú go ndéantar na ceallraí inaistrithe a ionchorpraíodh i bhfearais a bhailiú, a chóireáil agus a athchúrsáil go hardchaighdeán ar leithligh a luaithe a mbeidh na fearais sin ina gceallraí dramhaíola, is gá forálacha a leagan síos chun inbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí sna fearais sin a áirithiú. Ba cheart sábháilteacht tomhaltóirí a áirithiú, i gcomhréir le dlí an Aontais agus go háirithe le caighdeáin sábháilteachta an Aontais, le linn ceallraí inaistrithe a bhaint d’fhearas nó le linn ceallraí inaistrithe a athsholáthar i bhfearas. Ba cheart a mheas gur féidir leis an úsáideoir deiridh ceallra inaistrithe a bhaint nuair is féidir é a bhaint trí uirlisí atá ar fáil ar bhonn tráchtála a úsáid agus gan gá a bheith le huirlisí speisialaithe a úsáid, ach amháin má sholáthraítear saor in aisce iad, nó uirlisí dílsithe, fuinneamh teirmeach nó tuaslagóirí chun é a dhíchóimeáil. Maidir le huirlisí atá ar fáil ar bhonn tráchtála, meastar gur uirlisí iad atá ar fáil ar an margadh do gach úsáideoir deiridh gan gá dóibh fianaise a sholáthar maidir le haon chearta dílsithe agus ar féidir iad a úsáid gan srian, ach amháin srianta a bhaineann leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ginearálta an Rialacháin seo gan dochar do na ceanglais sábháilteachta agus chothabhála maidir le feistí gairmiúla íomháithe leighis agus feistí radaiteiripe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus d’fhéadfaí iad a chomhlánú le ceanglais a leagtar síos le haghaidh táirgí áirithe a chumhachtaítear le ceallraí faoi bhearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE. I gcás ina leagtar síos ceanglais níos sonraithe le dlí eile de chuid an Aontais, ar chúiseanna sábháilteachta, maidir le ceallraí a bhaint de tháirgí, amhail bréagáin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sonracha sin.

(39)

Chun sábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le maolú teoranta le haghaidh ceallraí inaistrithe ar na ceanglais inbhainteachta agus in-athsholáthraitheachta a leagtar síos le haghaidh ceallraí inaistrithe a bhaineann le fearais ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe agus atá deartha go sonrach lena n-úsáid, i gcás fhormhór sheirbhís ghníomhach an fhearais, i dtimpeallacht ina mbíonn stealladh uisce nó sruthanna uisce orthu nó ina dtumtar in uisce go rialta iad agus atá beartaithe a bheith in-nite nó insruthlaithe. Níor cheart feidhm a bheith ag an maolú seo ach amháin nuair nach féidir, trí bhíthin an fearas a athdhearadh, sábháilteacht an úsáideora deiridh agus úsáid shábháilte leanúnach an fhearais a áirithiú tar éis don úsáideoir deiridh na treoracha a leanúint i gceart chun an ceallra a bhaint agus a athsholáthar. I gcás ina bhfuil feidhm ag an maolú, ba cheart an táirge a dhearadh sa chaoi nach mbeidh ach gairmithe neamhspleácha amháin in ann an ceallra a bhaint agus a athsholáthar, agus nach mbeidh úsáideoirí deiridh in ann sin a dhéanamh.

(40)

Maidir le ceallraí deisithe feithiclí leictreacha agus ceallraí SLI, tá feidhm ag ceanglais sábháilteachta Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir le cineálcheadú feithiclí i gcatagóirí M, N agus O agus ceallraí a dheartar agus a thógtar le haghaidh na bhfeithiclí sin. Tá sé tábhachtach gur féidir measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht ceallraí den sórt sin agus iad deisithe bunaithe ar thástálacha neamhscriosacha atá curtha in oiriúint dóibh. Maidir le ceallraí deisithe LMT, ullmhóidh an Coimisiún rialacha maidir le sábháilteacht feistí micrea-shoghluaisteachta, ag tógáil ar an taithí a fuarthas ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil maidir le ceanglais sábháilteachta, mar a fógraíodh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 dar teideal “Creat nua AE na Soghluaisteachta Uirbí”. I gcás ceallraí deisithe eile atá beartaithe do thomhaltóirí nó ar dócha go n-úsáidfidh siad iad, tá feidhm ag ceanglais Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(41)

D’fhéadfadh idir-inoibritheacht luchtóirí laistigh de chatagóirí sonracha ceallraí dramhaíl agus costais nach bhfuil gá leo a laghdú chun leasa tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile. Ba cheart a bheith in ann, dá bhrí sin, ceallraí LMT agus ceallraí in-athluchtaithe atá ionchorpraithe i gcatagóirí sonracha trealamh leictreach agus leictreonach a athluchtú, trí úsáid a bhaint as luchtairí comhchoiteanna a cheadaíonn idir-inoibritheacht laistigh de gach catagóir ceallraí. Ba cheart, dá bhrí sin, a cheangal ar an gCoimisiún leis an Rialachán seo measúnú a dhéanamh ar an gcaoi le caighdeáin chomhchuibhithe a thabhairt isteach maidir le luchtairí coiteanna do na catagóirí ceallraí sin, cé is moite d’fheistí luchtúcháin le haghaidh catagóirí agus aicmí de threalamh raidió faoi Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(42)

Ba cheart ceallraí SLI agus ceallraí feithiclí leictreacha atá ionchorpraithe i mótarfheithiclí a bheith inbhainte agus in-athsholáthraithe ag gairmithe neamhspleácha. Is iomchuí athbhreithniú ar Threoir 2000/53/CÉ a mheas chun a áirithiú gur féidir na ceallraí sin a bhaint, a athsholáthar agus a dhíchóimeáil, lena n-áirítear forálacha a mhéid a bhaineann le heilimintí nasctha, ceangail agus séalaithe. Chun ceallraí SLI agus ceallraí feithiclí leictreacha a dhearadh, a mhonarú agus a dheisiú, ba cheart do mhonaróirí faisnéis dhiagnóiseach ábhartha feithicle ar bord agus faisnéis maidir le deisiú agus cothabháil feithiclí a sholáthar ar bhonn neamh-idirdhealaitheach d’aon mhonaróir, suiteálaí nó deisitheoir leasmhar trealaimh le haghaidh feithiclí i gcatagóirí M, N agus O, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/858. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún forbairt caighdeán a spreagadh maidir le teicnící deartha agus cóimeála lena n-éascaítear cothabháil, deisiú agus athrú cuspóra ceallraí agus pacáistí ceallraí.

(43)

Is bunriachtanas é ceallraí iontaofa a bheith ann le haghaidh oibríocht agus sábháilteacht cuid mhaith táirgí, fearas agus seirbhísí. Dá bhrí sin, ba cheart ceallraí a dhearadh agus a mhonarú ar bhealach lena áirithiú nach bhfuil aon riosca ag baint leo do shláinte an duine ná do shábháilteacht daoine, do mhaoin ná don chomhshaol. Tá an méid sin ábhartha go háirithe do chórais stórála fuinnimh i gceallraí suite, nach gcumhdaítear le dlí an Aontais faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, paraiméadair a bheidh le breithniú i dtástálacha sábháilteachta a leagan síos i leith na gceallraí sin agus ba cheart iad a chomhlánú le caighdeáin infheidhme eagraíochtaí caighdeánaithe na hEorpa.

(44)

Ba cheart ceallraí a lipéadú chun faisnéis thrédhearcach, iontaofa agus shoiléir a sholáthar d’úsáideoirí deiridh faoi cheallraí agus ceallraí dramhaíola. Leis an bhfaisnéis sin chuirfí ar chumas úsáideoirí deiridh cinntí eolasacha a dhéanamh agus ceallraí agus oibreoirí dramhaíola á gceannach agus á ndiúscairt acu chun ceallraí dramhaíola a chóireáil go hiomchuí. Ba cheart lipéad a bheith ar cheallraí chun an fhaisnéis uile is gá faoina bpríomh-shaintréithe a léiriú, lena n-áirítear a dtoilleadh agus an méid substaintí guaiseacha áirithe atá iontu. Chun a áirithiú go bhfuil faisnéis ar fáil le himeacht ama, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil freisin trí bhíthin cóid QR atá priontáilte nó greanta ar cheallraí nó atá greamaithe den phacáistíocht agus de na doiciméid a ghabhann leis an gceallra agus, leis bhfaisnéis sin, ba cheart treoirlínte Chaighdeán ISO/IEC 18004:2015 a urramú. Ba cheart don chód QR rochtain a thabhairt ar phas táirgthe an cheallra. Ba cheart rochtain a bheith ag daoine faoi mhíchumas ar lipéid agus cóid QR i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(45)

Tá sé fíor-riachtanach faisnéis faoi fheidhmíocht ceallraí a áireamh ar lipéad an cheallra chun a áirithiú gur cuí a chuirtear ar an eolas úsáideoirí deiridh, go háirithe tomhaltóirí, sula gceannaíonn siad aon cheo, agus go háirithe go bhfuil bonn coiteann acu chun comparáid a dhéanamh idir ceallraí éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe a mharcáil le lipéad lena léirítear “neamh-in-athluchtaithe” agus ar a bhfuil an fhaisnéis maidir lena meán-íosfhad nuair a úsáidtear iad i bhfearais shonracha. Thairis sin, tá sé tábhachtach treoir a thabhairt don úsáideoir deiridh faoi conas ceallraí dramhaíola a dhiúscairt go hiomchuí.

(46)

Maidir le córais stórála fuinnimh i gceallraí suite, ceallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha a úsáideann córas bainistithe ceallraí, ba cheart don úsáideoir deiridh nó aon tríú páirtí eile a ghníomhaíonn thar ceann an úsáideora deiridh sin a bheith in ann staid sláinte agus saolré ionchasach na gceallraí a chinneadh tráth ar bith ó na sonraí a stóráiltear ar an gcóras bainistithe ceallraí. Ba cheart rochtain inléite amháin ar na sonraí sin a sholáthar don duine a cheannaigh an ceallra nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar cheann an duine sin tráth ar bith chun luach iarmharach an cheallra a mheas, ullmhú le haghaidh athúsáide nó ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, athrú cuspóra nó athmhonarú an cheallra a éascú nó chun an ceallra a chur ar fáil do chomhiomlánóirí neamhspleácha, de réir mar a shainítear i dTreoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), ar comhiomlánóirí iad a mbíonn stáisiúin chumhachta fhíorúla á n-oibriú acu in eangacha leictreachais. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí a bheith cothrom le dáta. Ba cheart iad a nuashonrú gach lá ar a laghad agus níos minice i gcás ina bhfuil gá leis sin chun críche sonraí. Sonraíochtaí teicniúla a eascraíonn as obair Mheitheal neamhfhoirmiúil UNECE um Fheithiclí Leictreacha agus um an gComhshaol maidir le rochtain ar shonraí i bhfeithiclí leictreacha, ba cheart iad a mheas mar thagarmharc do staid sláinte agus saolré ionchasach ceallraí feithiclí leictreacha. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin sa bhreis ar dhlí an Aontais maidir le cineálcheadú feithiclí, arb é an creat dlíthiúil iomchuí é chun aghaidh a thabhairt, inter alia, ar fheidhmeanna luchtaithe cliste amhail luchtú ó fheithicil go heangach, ó fheithicil go lasta, ó fheithicil go feithicil, ó fheithicil go banc cumhachta agus ó fheithicil go foirgneamh.

(47)

Maidir le roinnt ceanglas is sonrach do tháirgí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear ceanglais maidir le feidhmíocht, marthanacht, athrú cuspóra agus sábháilteacht, ba cheart iad a thomhas trí mhodhanna beachta iontaofa in-atáirgthe a úsáid lena gcuirtear san áireamh na tomhais, caighdeáin agus modheolaíochtaí úrscothacha ríofa a bhfuil aitheantas coitianta dóibh. Chun a áirithiú nach mbeidh aon bhacainní ar thrádáil ar an margadh inmheánach, ba cheart caighdeáin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. Maidir le modhanna agus caighdeáin den sórt sin, ba cheart, a mhéid is féidir, a chur san áireamh an úsáid a bhaintear as ceallraí san fhíorshaol, an meánréimse iompraíochta tomhaltóirí a léiriú agus ba cheart dóibh a bheith daingean chun teacht timpeall intinneach agus neamhintinneach a sheachaint. A luaithe a fhoilsítear tagairt do na caighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), ba cheart a thoimhdiú maidir leis na ceallraí a chomhlíonann an caighdeán sin go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais tháirgeshonracha sin faoin Rialachán seo, ar an gcoinníoll go mbaintear amach na híosluachanna arna mbunú do na ceanglais táirgeshonracha sin. Chun dúbailt sonraíochtaí teicniúla a sheachaint ar thaobh amháin agus chun éifeachtúlacht a uasmhéadú agus chun na leibhéil is airde saineolais agus eolais úrscothaigh a chur san áireamh ar an taobh eile, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gCoimisiún iarraidh ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó níos mó caighdeán a dhréachtú i gcás nach ann do chaighdeán ar bith. In éagmais caighdeáin fhoilsithe an tráth a chuirtear na ceanglais tháirgeshonracha i bhfeidhm, nó i gcás freagra neamhshásúil ón eagraíocht Eorpach ábhartha um chaighdeánú, ba cheart don Choimisiún, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar leo agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Ba cheart do chomhlíonadh sonraíochtaí den sórt sin a bheith ina chúis le toimhde na comhréireachta freisin. I gcásanna ina bhfaighfear easnaimh sna sonraíochtaí comhchoiteanna ag céim níos déanaí, ba cheart don Choimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, na sonraíochtaí comhchoiteanna i gceist a leasú nó a aisghairm. Tar éis do na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a bheith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ba cheart aon sonraíocht choiteann a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta ama lena dtugtar deis do mhonaróirí na hathruithe a chur san áireamh.

(48)

Is réamhriachtanas straitéiseach tábhachtach í rannpháirtíocht ghníomhach in obair na gcoistí idirnáisiúnta um chaighdeánú chun teicneolaíochtaí ceallraí a bheidh ann amach anseo a thabhairt isteach sa mhargadh. Is lú an éifeacht a bhí ag rannpháirtíocht Eorpach i roinnt de na coistí sin ná mar a d’fhéadfadh sé a bheith. Ba cheart rannpháirtíocht Eorpach a fheabhsú chun guth an Aontais sa chaighdeánú domhanda a neartú, agus d’fhonn iomaíochas chuideachtaí an Aontais a fheabhsú freisin, chun spleáchais an Aontais a laghdú agus chun leasanna, cuspóirí beartais agus luachanna an Aontais a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán agus comhordú a dhéanamh ar an gcur chuige Eorpach maidir le caighdeánú idirnáisiúnta. Le caighdeáin chomhchuibhithe a chomhlánaíonn cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana a chur san áireamh, go háirithe ar leibhéal IEC agus ISO.

(49)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil comhsheasmhacht ann maidir le caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí comhchoiteanna faoin Rialachán seo, lena n-áirítear nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

(50)

Chun a áirithiú go bhfuil rochtain éifeachtach ar fhaisnéis chun críoch faireachais margaidh, chun oiriúnú do theicneolaíochtaí nua agus chun athléimneacht a áirithiú i gcás géarchéimeanna domhanda, amhail phaindéim Covid-19, ba cheart a bheith in ann faisnéis maidir le comhréireacht le gníomhartha uile an Aontais is infheidhme maidir le ceallraí a chur ar fáil ar líne i bhfoirm dhearbhú comhréireachta AE aonair.

(51)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), leagtar síos rialacha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta, soláthraítear creat chun faireachas margaidh a dhéanamh ar tháirgí agus chun táirgí ó thríú tíortha a rialú, agus leagtar síos prionsabail ghinearálta na marcála CE. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin maidir le ceallraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a bhaineann tairbhe as an tsaorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas ceanglais lena soláthraítear ardleibhéal cosanta do leasanna an phobail, amhail sláinte an duine, sábháilteacht daoine agus an comhshaol.

(52)

Chun a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha a léiriú go gcomhlíonann ceallraí a chuirtear ar fáil ar an margadh an Rialachán seo agus d’údaráis inniúla é sin a fhíorú, is gá foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta. Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), bunaítear modúil maidir le nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta, ón gceann is lú déine go dtí an ceann is mó déine, i gcomhréir leis an leibhéal riosca lena mbaineann agus leis an leibhéal sábháilteachta is gá. I gcomhréir leis an gCinneadh sin, ina n-éilítear measúnú comhréireachta, is as na modúil sin a chaithfear na nósanna imeachta le haghaidh an mheasúnaithe sin a roghnú. Tá gá le nósanna imeachta láidre measúnaithe comhréireachta chun a áirithiú go bhfuil na ceallraí i gcomhréir le húrnuacht agus castacht an loirg carbóin agus ceanglais maidir le hábhar athchúrsáilte agus oibleagáidí díchill chuí a leagtar síos sa Rialachán seo.

(53)

Leis an marcáil CE, léirítear comhréireacht an cheallra sin leis an Rialachán seo. Leagtar amach prionsabail ghinearálta lena rialaítear an mharcáil CE agus an gaol idir í agus marcálaithe eile i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail sin maidir leis an marcáil CE ar cheallraí. Chun a áirithiú go stóráiltear, go n-úsáidtear agus go ndiúscraítear ceallraí ar bhealach atá sábháilte ó thaobh shláinte an duine agus an chomhshaoil de a chosaint, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos lena rialófaí greamú na marcála CE do cheallraí.

(54)

Éilítear idirghabháil ó chomhlachtaí um measúnú comhréireachta leis na nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun a áirithiú go gcuirtear forálacha an Rialacháin seo chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart d’údaráis na mBallstát fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na comhlachtaí sin.

(55)

De bharr úrnuacht agus chastacht na gceanglas maidir le hinbhuanaitheacht, feidhmíocht, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis i dtaca le ceallraí faoin Rialachán seo agus chun leibhéal seasmhach cáilíochta a áirithiú i measúnuithe comhréireachta ceallraí, is gá ceanglais a leagan síos do na húdaráis a thugann fógra agus a bhfuil baint acu le measúnú agus faireachán a dhéanamh ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fógra a thabhairt fúthu, ar comhlachtaí iad faoinar tugadh fógra don Choimisiún, agus ar an gcaoi sin comhlachtaí faoina dtugtar fógra a bheadh sna comhlachtaí sin. Go háirithe, ba cheart a áirithiú go bhfuil an t-údarás a thugann fógra oibiachtúil agus neamhchlaonta maidir lena ghníomhaíochtaí agus go bhfuil líon leordhóthanach ball foirne inniúil ann chun a chúraimí a chur i gcrích. Thairis sin, ba cheart a éileamh ar na húdaráis a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú ach, mar sin féin, ba cheart dóibh a bheith in ann faisnéis a mhalartú maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra le húdaráis náisiúnta, le húdaráis a thugann fógra sna Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún chun comhsheasmhacht leis an measúnú comhréireachta a áirithiú.

(56)

Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfadh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra go léir a bhfeidhmeanna ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí córa iomaíochta agus uathrialach. Dá bhrí sin, ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo ceanglais maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo fógra a fháil chun gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh. Ba cheart do na ceanglais sin leanúint d’fheidhm a bheith acu mar réamhriachtanas chun inniúlacht an chomhlachta faoina dtugtar fógra a choinneáil cothrom le dáta. Chun uathriail an chomhlachta faoina dtugtar fógra a áirithiú, ba cheart a cheangal ar an gcomhlacht faoina dtugtar fógra agus ar na baill foirne a fhostaítear ann fanacht neamhspleách ar oibreoirí eacnamaíocha sa luachshlabhra ceallraí agus ar chuideachtaí eile, lena n-áirítear comhlachais ghnó, máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí. Ba cheart a cheangal ar an gcomhlacht faoina dtugtar fógra cruthúnas doiciméadach ar a neamhspleáchas a sholáthar agus an doiciméadacht sin a sholáthar don údarás a thugann fógra. Ba cheart do na comhlachtaí faoina dtugtar fógra uainíocht a áirithiú i measc an phearsanra a bheidh i mbun cúraimí éagsúla measúnaithe comhréireachta.

(57)

I gcás ina léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta comhréireacht an cheallra leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart a thoimhdiú go gcomhlíonann an comhlacht na ceanglais chomhréireacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(58)

Is minic a ligeann comhlachtaí um measúnú comhréireachta codanna dá ngníomhaíochtaí a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó is minic a théann siad in iontaoibh fochuideachta. Maidir le gníomhaíochtaí áirithe agus próisis áirithe chinnteoireachta, i ndáil le measúnú comhréireachta ar cheallraí agus gníomhaíochtaí inmheánacha eile a bhaineann leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra, ba cheart don chomhlacht féin faoina dtugtar fógra na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh go heisiach, chun a neamhspleáchas agus a uathriail a áirithiú. Thairis sin, chun leibhéal na cosanta atá ag teastáil le ceallraí a chur ar mhargadh an Aontais a choimirciú, ba cheart d’fhochonraitheoirí agus fochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna a chomhlíonadh le comhlachtaí faoina dtugtar fógra i ndáil le feidhmíocht cúraimí um measúnaithe comhréireachta faoin Rialachán seo.

(59)

Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh baint idir na seirbhísí atá á dtairiscint ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra i mBallstát le ceallraí a chuirtear ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóid a dhéanamh maidir le comhlacht faoina dtugtar fógra. Le linn a chuid imscrúduithe, is féidir leis an gCoimisiún comhairle a lorg ó shaoráid tástála de chuid an Aontais, saoráid tástála a ainmnítear í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). Chun a áirithiú go gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme faoi dhálaí aonfhoirmeacha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a iarraidh ar an údarás a thugann fógra gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh i gcás nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra ceanglais an Rialacháin seo nó nach gcomhlíonann sé ceanglais an Rialacháin seo a thuilleadh.

(60)

Ar mhaithe leis an nós imeachta measúnaithe comhréireachta, deimhniú agus, ar deireadh, an rochtain ar an margadh a éascú agus ar mhaithe le luas a chur leis an méid sin, agus i bhfianaise úrnuacht agus chastacht na gceanglas maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis le haghaidh ceallraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is ríthábhachtach go leanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra de rochtain a bheith acu ar gach píosa trealaimh tástála agus gach saoráid tástála a theastaíonn agus go gcuirfidh siad na nósanna imeachta i bhfeidhm gan ualach nach bhfuil gá leis a chruthú d’oibreoirí eacnamaíocha. Ar na cúiseanna céanna, agus chun a áirithiú go gcaitear le hoibreoirí eacnamaíocha ar an gcaoi chéanna, is gá do na comhlachtaí faoina dtugtar fógra na nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta a chur i bhfeidhm go seasta.

(61)

Sula ndéantar cinneadh críochnaitheach cé acu is féidir nó nach féidir deimhniú comhréireachta a dheonú do cheallra, ba cheart cead a bheith ag an oibreoir eacnamaíoch ar mian leis ceallra a chur ar an margadh doiciméadacht chomhlántach a thíolaic maidir leis an gceallra uair amháin.

(62)

Ba cheart don Choimisiún comhordú agus comhoibriú iomchuí a éascú idir na comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

(63)

Is iomchuí a leagan síos na hoibleagáidí ar na hoibreoirí eacnamaíocha maidir le ceallraí a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a thuiscint go gcumhdaíonn an téarma “oibreoir eacnamaíoch” an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir, an soláthraí seirbhíse comhlíonta nó aon duine nadúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil le ceallraí a mhonarú, iad a chur ar fáil nó iad a chur ar an margadh nó iad a chur i seirbhís. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a áireamh ar cheallraí ceallraí a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, nó ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh.

(64)

Is iomchuí a fhoráil go mba cheart na ceanglais maidir le ceallraí, a chuirtear i seirbhís gan iad a chur ar an margadh roimh ré, a bheith mar an gcéanna le ceanglais maidir le ceallraí a chuirtear ar an margadh sula gcuirtear i seirbhís iad. Baineann sé sin, mar shampla, le ceallraí a úsáideann an monaróir chun a chríoch féin, nó ceallraí nach féidir, mar gheall ar a saintréithe, a chóimeáil agus a thástáil ach amháin ar an láthair ag an gceann scríbe deiridh. Mar sin féin, chun nach mbeidh gá comhlíonadh a léiriú faoi dhó don táirge céanna, níor cheart ceallraí a chuirtear ar an margadh a bheith faoi réir na gceanglas céanna nuair a chuirtear i seirbhís iad.

(65)

Ba cheart na hoibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as ceanglais an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag ceallraí, i ndáil leis na róil faoi seach atá acu sa luachshlabhra, chun a áirithiú go ndéantar leasanna an phobail a chosaint, amhail sláinte an duine, sábháilteacht daoine, cosaint maoine agus an comhshaol.

(66)

Ba cheart do gach oibreoir eacnamaíoch a bhíonn gníomhach sa slabhra soláthair agus dáilte bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach ceallraí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a fhreagraíonn do ról gach oibreora eacnamaíoch sa slabhra soláthair agus dáilte.

(67)

Is é an monaróir is fearr chun an nós imeachta measúnaithe comhréireachta a dhéanamh, ós aige atá an t-eolas mionsonraithe faoin bpróiseas deartha agus táirgthe. Dá bhrí sin, ba cheart an oibleagáid maidir le measúnú comhréireachta a bheith ar an monaróir amháin fós.

(68)

Ba cheart don mhonaróir faisnéis atá mionsonraithe go leor maidir le húsáid atá beartaithe don cheallra a sholáthar ionas go gcuirfear ar an margadh é, go gcuirfear i seirbhís é, go n-úsáidfear é agus go ndéanfar an dramhaíl a bhainistiú go cuí agus go sábháilte, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar athrú cuspóra air.

(69)

Chun cumarsáid idir na hoibreoirí eacnamaíocha, na húdaráis faireachais margaidh agus na húsáideoirí deiridh a éascú, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha, mar chuid dá sonraí teagmhála, seoladh poist agus, más ann dóibh, seoltaí ríomhphoist agus suímh gréasáin a thabhairt le fios.

(70)

Ba cheart don mhargadh aonair coinníollacha comhionanna iomaíochta a áirithiú le haghaidh na hoibreoirí eacnamaíocha uile agus cosaint ar iomaíocht éagórach. Chuige sin, is gá forfheidhmiú neartaithe ar reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le ceallraí. Tá an comhar maith idir oibreoirí eacnamaíocha agus na húdaráis faireachais margaidh ina eilimint ríthábhachtach den fhorfheidhmiú neartaithe sin a fhágann gur féidir idirghabháil agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh láithreach. Tá sé tábhachtach go bhfuil oibreoir eacnamaíoch bunaithe san Aontas chun go bhfuil duine ann ar féidir na húdaráis faireachais margaidh iarrataí a chur faoina bhráid, lena n-áirítear iarrataí chun faisnéis a sholáthar maidir le ceallraí a bheith ag comhlíonadh reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, agus ar féidir leis oibriú i gcomhar leis na húdaráis faireachais margaidh chun a áirithiú go ndéantar gníomhaíocht cheartaitheach láithreach chun cásanna neamhchomhlíonta a leigheas. Is iad seo a leanas na hoibreoirí eacnamaíocha ar cheart dóibh na cúraimí sin a dhéanamh: an monaróir, nó an t-allmhaireoir nuair nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas, nó ionadaí údaraithe a bhfuil sainordú tugtha dó ag an monaróir chun na críche sin, nó soláthraí seirbhíse comhlíonta atá bunaithe san Aontas le haghaidh ceallraí a láimhseálann sé nuair nach bhfuil aon oibreoir eacnamaíoch eile bunaithe san Aontas.

(71)

Is gá a áirithiú go gcomhlíonann ceallraí ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais ceanglais an Rialacháin seo, agus dlí eile an Aontais is infheidhme, cé acu a onnmhairíodh ina n-aonair nó a ionchorpraíodh i dtáirgí nó a cuireadh le táirgí, agus go háirithe, gur thug monaróirí na gceallraí sin faoi nósanna imeachta iomchuí measúnaithe comhréireachta maidir leis na ceallraí sin. Ba cheart foráil a dhéanamh, mar sin, maidir le hallmhaireoirí, i gcás na gceallraí a chuireann siad ar an margadh agus a chuireann siad i seirbhís, chun a áirithiú go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo agus go bhfuil an mharcáil CE ar cheallraí agus an doiciméadacht arna tarraingt suas ag monaróirí ar fáil lena n-iniúchadh ag na húdaráis náisiúnta, cibé acu a allmhairítear iad mar cheallraí nua nó caite nó mar cheallraí a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, nó ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh.

(72)

Nuair a chuireann allmhaireoir ceallra ar an margadh nó nuair a chuireann sé i seirbhís é, ba cheart dó a ainm, a thrádainm cláraithe nó a thrádmharc cláraithe a chur ar an gceallra, chomh maith leis an seoladh poist agus, más ann dóibh, seoltaí ríomhphoist agus suímh gréasáin. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin d’eisceachtaí i gcásanna ina mbeadh an ceallra róbheag chun an fhaisnéis sin a ghreamú de nó i gcás ina mbeadh ar an allmhaireoir an phacáistíocht a oscailt chun ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an allmhaireora agus na sonraí teagmhála eile a ghreamú de. Sna cásanna eisceachtúla sin, ba cheart don allmhaireoir an fhaisnéis a chur ar fáil i ndoiciméad a ghabhann leis an gceallra nó ar bhealach eile atá inrochtana láithreach. I gcás inarb ann do phacáistíocht, ba cheart don allmhaireoir an fhaisnéis ar an bpacáistíocht sin a chur in iúl.

(73)

I gcás ina gcuireann an dáileoir ceallra ar fáil ar an margadh i ndiaidh don mhonaróir nó don allmhaireoir é a chur ar an margadh nó é a chur i seirbhís, ba cheart don dáileoir gníomhú le cúram cuí chun a áirithiú nach láimhseálann sé an ceallra ar bhealach a mbeadh drochthionchar aige ar a chomhlíontacht le ceanglais an Rialacháin seo.

(74)

Maidir le haon allmhaireoir nó dáileoir a chuireann ceallra ar an margadh nó a chuireann ceallra i seirbhís faoina ainm féin nó faoina thrádmharc féin nó a dhéanann ceallra a mhodhnú ar bhealach a d’fhéadfadh cur isteach ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo nó a mhodhnaíonn cuspóir ceallra atá curtha ar an margadh cheana féin, ba cheart a mheas gurb é an duine sin an monaróir agus ba cheart dó oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh air féin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(75)

Ós rud é go bhfuil dáileoirí, allmhaireoirí agus soláthraithe seirbhíse comhlíonta, gar don mhargadh féin, ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach sna cúraimí faireachais margaidh a dhéanann na húdaráis náisiúnta agus ba cheart dóibh a bheith réidh le páirt a ghlacadh ar bhealach gníomhach, ag cur na faisnéise uile is gá faoin gceallra lena mbaineann ar fáil do na húdaráis chéanna.

(76)

Bíonn faireachas margaidh níos simplí agus níos éifeachtúla más féidir inrianaitheacht ceallra a áirithiú ar fud an luachshlabhra ar fad, agus soláthraíonn sé trédhearcacht do thomhaltóirí. Le córas éifeachtach inrianaitheachta, cuirtear ar chumas na n-údarás faireachais margaidh oibreoirí eacnamaíocha a chuir ceallraí neamh-chomhlíontacha ar an margadh nó a chuir ar fáil ar an margadh iad nó a chuir i seirbhís iad a aimsiú. Ba cheart go gceanglófaí ar oibreoirí eacnamaíocha, dá bhrí sin, an fhaisnéis maidir lena n-idirbhearta lena mbaineann ceallraí a choinneáil ar feadh tréimhse áirithe, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach.

(77)

Tá eastóscadh, próiseáil agus trádáil acmhainní mianracha nádúrtha riachtanach chun na hamhábhair is gá a chur ar fáil le haghaidh táirgeadh ceallraí. D’fhéadfadh monaróirí ceallraí cur le drochthionchair sa slabhra soláthair mianraí de thaisme, gan beann ar a stádas ná ar a dtionchar i leith soláthraithe ná ar a láthair gheografach. I gcás roinnt amhábhar, tá os cionn leath den táirgeadh domhanda beartaithe lena úsáid in iarratais ar cheallraí. Mar shampla, úsáidtear breis agus 50 % den éileamh domhanda ar chóbalt agus breis agus 60 % de litiam an domhain chun ceallraí a tháirgeadh. Úsáidtear thart ar 8 % de tháirgeadh domhanda na graifíte nádúrtha agus 6 % de tháirgeadh domhanda na nicile i monaraíocht ceallraí.

(78)

Ní sholáthraíonn ach líon beag tíortha na hamhábhair a úsáidtear chun ceallraí a mhonarú, agus, i roinnt cásanna, is féidir leis na caighdeáin ísle rialachais atá sna tíortha sin cur le fadhbanna comhshaoil agus sóisialta. Tá ceangal idir mianadóireacht agus scagadh cóbailt agus nicile agus raon leathan fadhbanna sóisialta agus comhshaoil. Cé nach mbíonn na tionchair shóisialta agus chomhshaoil chomh dian céanna i gcás na graifíte nádúrtha, is féidir tionchar tromchúiseach a bheith ag mianadóireacht graifíte nádúrtha ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol ós rud é gurb iad oibríochtaí lucht ceirde agus oibríochtaí ar mionscála den chuid is mó a dhéanann an mhianadóireacht sin, agus tarlaíonn sí den chuid is mó i suíomhanna neamhfhoirmiúla. D’fhéadfaí éiceachórais agus ithreacha a scriosadh mar thoradh ar an méid sin, agus ar an easpa pleananna i ndáil le mianaigh a dhúnadh agus athshlánú mianach a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Is dócha go gcuirfidh an méadú tuartha ar úsáid litiam sa déantúsaíocht ceallraí brú breise ar oibríochtaí eastósctha agus scagtha. Dá bhrí sin, is iomchuí litiam a chur san áireamh i raon feidhme oibleagáidí díchill chuí maidir le ceallraí. Níor cheart don mhéadú ollmhór lena bhfuiltear ag súil ar éileamh ar cheallraí san Aontas cur le méadú ar rioscaí comhshaoil agus sóisialta den sórt sin.

(79)

Meastar gur amhábhair chriticiúla don Aontas iad roinnt de na hamhábhair a úsáidtear i monarú ceallraí, amhail cóbalt, litiam agus graifít nádúrtha, mar a léirigh an Coimisiún i dteachtaireacht an 3 Meán Fómhair 2020 uaithi maidir le ‘Critical Raw Materials Resilience: Charting a Path towards greater Security and Sustainability [Athléimneacht amhábhar criticiúil: conair a leagan síos chun an tslándáil agus an inbhuanaitheacht a mhéadú], agus tá foinsiú inbhuanaithe na n-amhábhar sin riachtanach chun go bhfeidhmeoidh éiceachóras ceallraí an Aontais ar bhealach leordhóthanach.

(80)

Tá roinnt iarrachtaí deonacha curtha i bhfeidhm ag gníomhaithe sa slabhra soláthair ceallraí cheana féin chun comhlíonadh cleachtas inbhuanaithe foinsithe a spreagadh, lena n-áirítear an Tionscnamh um Dhearbhú Mianadóireachta Freagraí, an Tionscnamh um Fhreagracht i dtaobh Mianraí agus Creat um Measúnú Freagrach Thionscal an Chóbailt. Ní cinnte, áfach, go n-áiritheofar le hiarrachtaí deonacha chun scéimeanna díchill chuí a chur ar bun go gcloífidh gach oibreoir eacnamaíoch a chuirfidh ceallraí ar mhargadh an Aontais leis an tacar céanna íosrialacha.

(81)

San Aontas, ba le Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a tugadh isteach na ceanglais ghinearálta maidir le dícheall cuí i dtaca le mianraí agus miotail áirithe (23). Ní phléitear na mianraí ná na hábhair a úsáidtear i dtáirgeadh ceallraí sa Rialachán sin, áfach.

(82)

Dá bhrí sin, ag féachaint don fhás easpónantúil lena bhfuiltear ag súil ar éileamh ar cheallraí san Aontas, ba cheart d’oibreoir eacnamaíoch a chuireann ceallra ar mhargadh an Aontais beartas díchill chuí maidir le ceallraí a chur ar bun. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais a leagan síos sa Rialachán seo chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sóisialta agus comhshaoil a bhaineann le hamhábhar agus amhábhair thánaisteacha áirithe a eastóscadh, a phróiseáil agus a thrádáil chun críoch monaraíochta ceallraí. Ba cheart a chuimsiú le beartas den sórt sin gach oibreoir sa slabhra soláthair, chomh maith lena bhfochuideachtaí agus a bhfochonraitheoirí, a dhéanann amhábhair agus amhábhair thánaisteacha áirithe a eastóscadh, a phróiseáil agus a thrádáil.

(83)

Agus beartas díchill chuí rioscabhunaithe maidir le ceallraí á chur i bhfeidhm, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch é a bhunú ar chaighdeáin agus prionsabail díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta, amhail iad sin atá i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Cúrsaí Gnó agus Cearta an Duine, Deich bPrionsabal Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe, Treoirlínte Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe maidir le Measúnú Sóisialta ar Shaolré Táirgí, Dearbhú Trípháirteach Prionsabal na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta, Treoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) d’Fhiontair Ilnáisiúnta agus Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Gnó Freagrach. Leis na caighdeáin agus sna prionsabail sin, ar cheart do gach oibreoir a chur in oiriúint dá chomhthéacs sonrach agus dá imthosca sonracha, léirítear comhthuiscint idir rialtais agus geallsealbhóirí. Maidir le heastóscadh, próiseáil agus trádáil acmhainní mianracha nádúrtha a úsáidtear chun ceallraí a tháirgeadh, cuimsítear in OECD Due Diligence Guidance for Responsible Supply Chains of Minerals from Conflict-Affected and High-Risk Areas caighdeán aitheanta idirnáisiúnta lena dtugtar aghaidh ar na rioscaí sonracha a bhaineann le mórsháruithe ar chearta an duine, agus iarracht sheanbhunaithe arna déanamh ag rialtais agus geallsealbhóirí dea-chleachtas a bhunú sa réimse seo.

(84)

De réir chaighdeáin agus phrionsabail NA, EIS agus ECFE, is próiseas leanúnach réamhghníomhach agus frithghníomhach é an dícheall cuí trínar féidir le cuideachtaí a áirithiú go n-urramaíonn siad cearta an duine, an comhshaol agus nach gcuireann siad le coinbhleacht. Baineann dícheall cuí rioscabhunaithe leis na céimeanna ba cheart do chuideachtaí a ghlacadh chun tionchar díobhálach a ghabhann lena ngníomhaíochtaí nó lena gcinntí foinsithe a shainaithint, a chosc, a mhaolú, agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach eile. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha comhairliúcháin eolasacha, éifeachtacha agus fóinteacha a dhéanamh le pobail a ndéantar difear dóibh. Is féidir le cuideachta na rioscaí a ghabhann lena gníomhaíochtaí agus lena caidrimh a mheas agus bearta maolaithe rioscaí a ghlacadh, ina measc faisnéis bhreise a éileamh, caibidlíocht a dhéanamh d’fhonn an cor a cheartú, nó an rannpháirtíocht le soláthraithe a chur ar fionraí nó deireadh a chur léi, i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha dá bhforáiltear faoin méid a leanas; dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta, moltaí maidir le hiompar freagrach gnó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, uirlisí le taca rialtais, tionscnaimh dheonacha ón earnáil phríobháideach agus beartais agus córais inmheánacha chuideachta. Is cúnamh an cur chuige sin chun an cleachtadh díchill chuí a chur in oiriúint ó thaobh scála de i gcomhréir le méid ghníomhaíochtaí na cuideachta nó dá caidrimh slabhra soláthair.

(85)

Cé gur féidir le scéimeanna díchill chuí san earnáil phríobháideach tacú le hoibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí díchill chuí maidir le ceallraí a chomhlíonadh i gcomhréir le Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta agus Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach ina n-aonar as comhlíonadh na n-oibleagáidí díchill chuí a leagtar síos sa Rialachán seo.

(86)

Ba cheart beartais éigeantacha díchill chuí maidir le ceallraí a ghlacadh nó a athrú agus ba cheart aghaidh a thabhairt ar a laghad ar na catagóirí riosca is ábhartha don tsochaí agus don chomhshaol leo. Ba cheart do bheartas den sórt sin an tionchar atá ann faoi láthair agus an tionchar intuartha ar shaincheisteanna sóisialta a chuimsiú, go háirithe maidir le cearta an duine, sláinte an duine agus sábháilteacht daoine, chomh maith le sláinte agus sábháilteacht ceirde, agus cearta saothair, ar thaobh amháin, agus ar an gcomhshaol, go háirithe maidir le húsáid uisce, cosaint ithreach, aerthruailliú, athrú aeráide agus bithéagsúlacht, chomh maith le saol an phobail a chosaint, ar an taobh eile.

(87)

A mhéid a bhaineann le catagóirí riosca sóisialta, ba cheart go dtabharfadh beartais díchill chuí maidir le ceallraí aghaidh ar na rioscaí maidir le cosaint ar chearta an duine, lena n-áirítear sláinte an duine, saol an phobail lena n-áirítear saol na bpobal dúchasach, cosaint leanaí agus comhionannais inscne, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine. Ba cheart, le beartais díchill chuí maidir le ceallraí, faisnéis a áireamh maidir leis an dóigh ar rannchuidigh an t-oibreoir eacnamaíoch le cosc ar sháruithe ar chearta daonna agus faoi na hionstraimí atá i bhfeidhm i struchtúr gnó an oibreora chun éilliú agus breabaireacht a chomhrac. Ba cheart a áireamh freisin leis na beartais díchill chuí maidir le ceallraí cur chun feidhme cuí rialacha choinbhinsiúin bhunúsacha EIS de réir mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Dearbhú Trípháirteach Prionsabal EIS maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta.

(88)

Is coitianta cearta an duine a bheith á sárú i limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó limistéir ardriosca i gcás ina bhfuil limistéir den sórt sin saibhir ó thaobh acmhainní de. Dá bhrí sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar réimsí den sórt sin sa bheartas díchill chuí maidir le ceallraí atá ag oibreoirí eacnamaíocha. Áirítear i Rialachán (AE) 2017/821 forálacha maidir le liosta táscach neamh-uileghabhálach de limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus de limistéir ardriosca, ar liosta é a nuashonraítear go rialta. Tá an liosta sin ábhartha freisin maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo a bhaineann le dícheall cuí maidir le ceallraí.

(89)

A mhéid a bhaineann le catagóirí riosca don chomhshaol, ba cheart, le beartais díchill chuí maidir le ceallraí, aghaidh a thabhairt ar na rioscaí do chosaint an chomhshaoil nádúrtha agus na bithéagsúlachta i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, coinbhinsiún ina gcuirtear pobail áitiúla san áireamh mar aon le cosaint agus forbairt na bpobal sin. Ba cheart, le beartais díchill chuí maidir le ceallraí, aghaidh a thabhairt freisin ar na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, i gcomhréir le Comhaontú Pháras (24), a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras na Náisiún Aontaithe”), chomh maith le rioscaí comhshaoil a chumhdaítear le coinbhinsiúin idirnáisiúnta eile maidir leis an gcomhshaol.

(90)

Na hoibleagáidí díchill chuí maidir le ceallraí a bhaineann le rioscaí sóisialta agus comhshaoil a ghabhann le húsáid amhábhar i monaraíocht ceallraí a shainaithint agus a mhaolú, ba cheart dóibh rannchuidiú le Rún 4/19 Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe maidir le Rialachas Acmhainní Mianracha a chur chun feidhme, lena n-aithnítear rannchuidiú tábhachtach na hearnála mianadóireachta chun Clár 2030 agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

(91)

Ba cheart feidhm a bheith ag gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais lena leagtar síos na ceanglais díchill chuí sa slabhra soláthair maidir le ceallraí sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha ann sa Rialachán lena mbaineann an cuspóir, an nádúr nó an éifeacht chéanna ar féidir iad a mhionathrú ag féachaint do leasuithe reachtacha amach anseo. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt le gníomhartha dlí den sórt sin ar dhliteanas sibhialta cuideachtaí i leith damáistí a thagann chun cinn toisc gur theip orthu ceanglais díchill chuí. I gcás nach dtugtar aghaidh go hiomlán le gníomhartha dlíthiúla den sórt sin ar iarmhairtí an Rialacháin seo ar an dliteanas sibhialta de bharr oibleagáidí díchill chuí maidir le ceallraí, ba cheart a bheith in ann aghaidh a thabhairt orthu le rialacha náisiúnta.

(92)

Chun dul in oiriúint d’fhorbairtí ar an luachshlabhra ceallraí, lena n-áirítear athruithe ar raon feidhme agus ar nádúr na rioscaí comhshaoil agus sóisialta ábhartha, agus do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ar cheallraí agus ceimic ceallraí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta d’amhábhair agus catagóirí riosca, liosta de na hionstraimí idirnáisiúnta agus na hoibleagáidí díchill chuí maidir le ceallraí a leasú.

(93)

Chun comhionannas na scéimeanna díchill chuí arna bhforbairt ag rialtais, comhlachais tionscail agus grúpálacha eagraíochtaí leasmhara a bhunú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(94)

Chun meastóireacht chuí, fhónta agus chomhsheasmhach ar na scéimeanna díchill chuí a chumasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir agus an mhodheolaíocht a bhunú chun a chinneadh an gcuireann scéimeanna díchill chuí ar chumas oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais díchill chuí atá sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(95)

Is gá rialacha comhchuibhithe a bheith ann le haghaidh bainistiú dramhaíola chun a áirithiú go bhfuil táirgeoirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile faoi réir na rialacha céanna ar fud na mBallstát i gcomhthéacs chur chun feidhme na freagrachta leathnaithe táirgeora as ceallraí agus chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú ar fud an Aontais. Is féidir le freagracht leathnaithe táirgeora rannchuidiú le húsáid fhoriomlán acmhainní a laghdú, go háirithe trí ghiniúint ceallraí dramhaíola agus na drochthionchair a bhaineann le bainistiú ceallraí dramhaíola a laghdú. Is gá bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola a uasmhéadú agus a áirithiú go ndéanfar gach ceallra dramhaíola a bhailítear a athchúrsáil trí phróisis a chomhlíonann na híos-éifeachtúlachtaí athchúrsála comhchoiteanna chun ardleibhéil aisghabhála ábhar a bhaint amach. Sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún ar Threoir 2006/66/CE, fuair sé amach gurb é ceann d’easnaimh na Treorach sin nach raibh a cuid forálacha mionsonraithe go leor, rud a fhágann go bhfuil cur chun feidhme míchothrom ann agus go gcruthaítear bacainní suntasacha ar fheidhmiú margaí athchúrsála agus leibhéil fho-optamacha athchúrsála. Dá bhrí sin, dá gcuirfí le mionsonrú agus comhchuibhiú na rialacha sin, sheachnófaí saobhadh ar an margadh ina ndéantar ceallraí dramhaíola a bhailiú, a chóireáil agus a athchúrsáil agus d’áiritheofaí cur chun feidhme cothrom na gceanglas ar fud an Aontais. Bheadh mar thoradh air freisin comhchuibhiú breise ar cháilíocht na seirbhísí bainistithe dramhaíola a sholáthraíonn oibreoirí eacnamaíocha agus d’éascófaí leis feidhmiú mhargadh na n-amhábhar tánaisteach.

(96)

Chun a áirithiú go gcomhlíontar na oibleagáidí faoin Rialachán seo agus chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar an méid a chomhlíonann na táirgeoirí agus ar na heagraíochtaí um fhreagrachta táirgeoirí an Rialachán seo, is gá do na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú.

(97)

Tógtar ar na rialacha bainistithe dramhaíola agus na prionsabail ghinearálta a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) leis an Rialachán seo, ar cheart iad a chur in oiriúint chun nádúr sonrach na gceallraí dramhaíola a léiriú. Chun bailiú ceallraí dramhaíola a eagrú ar an mbealach is éifeachtaí, tá sé tábhachtach go ndéantar é gar don áit a ndíoltar na ceallraí, agus don úsáideoir deiridh araon. Ba cheart ceallraí dramhaíola a bhailiú ar leithligh ó shruthanna dramhaíola eile, amhail miotal, páipéar agus cairtchlár, gloine, plaistigh, adhmad, teicstílí agus bithdhramhaíl. Ba cheart a bheith in ann ceallraí dramhaíola a bhailiú freisin, i dteannta le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus le feithiclí a bhfuil a ré caite, trí bhíthin scéimeanna bailithe náisiúnta a cuireadh ar bun ar bhonn Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) agus Threoir 2000/53/CE. Cé go socraítear le Treoir 2006/66/CE rialacha sonracha do cheallraí, is gá cur chuige comhleanúnach agus comhlántach a ghlacadh, ag tógáil ar na struchtúir bainistithe dramhaíola atá i bhfeidhm faoi láthair agus á gcomhchuibhiú a thuilleadh. Dá réir sin, agus chun freagracht leathnaithe táirgeora a chur chun feidhme go héifeachtach maidir le bainistiú dramhaíola, ba cheart oibleagáidí a leagan síos maidir leis an mBallstát ina gcuirtear ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair.

(98)

Chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí ag táirgeoirí maidir leis an gcóireáil dramhaíola a dhéantar ar cheallraí a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit, is gá don údarás inniúil i ngach Ballstát clár a bhunú agus a bhainistiú. Ba cheart an fhaisnéis sa chlár a bheith inrochtana ag na heintitis sin a bhfuil ról acu maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh agus ar fhorfheidhmiú na freagrachta leathnaithe táirgeora. Ba cheart gurbh fhéidir an clár sin a bheith mar an gcéanna leis an gclár náisiúnta arna chur ar bun de bhun Threoir 2006/66/CE. Ba cheart é a bheith de cheangal ar tháirgeoirí clárú, chun an fhaisnéis is gá a sholáthar chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí ag táirgeoirí. Ba cheart na ceanglais chlárúcháin a shimpliú ar fud an Aontais.

(99)

I gcás eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí atá á reáchtáil ag an stát, toisc nach bhfuil sainordú táirgeora ann, níl feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhaineann le sainorduithe den sórt sin.

(100)

I bhfianaise an phrionsabail “íoc mar a thruaillítear”, is iomchuí oibleagáidí a fhorchur ar tháirgeoirí a mhéid a bhaineann le bainistiú ceallraí dramhaíola. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thuiscint go n-áirítear le táirgeoirí aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir, gan beann ar an teicníc dhíolta a úsáideann sé, lena n-áirítear trí bhíthin cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), a sholáthraíonn ceallra den chéad uair lena leithdháileadh nó lena úsáid, lena n-áirítear ceallraí a ionchorpraítear isteach i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, laistigh de chríoch Bhallstáit ar bhonn tráchtála.

(101)

Ba cheart go mbeadh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí as a gceallraí a bhainistiú ag deireadh a ré. Dá réir sin, ba cheart dóibh na costais a ghabhann le bailiú, cóireáil agus athchúrsáil na gceallraí go léir a bhailítear a mhaoiniú, chomh maith leis na costais a ghabhann le suirbhéanna ilchodacha ar dhramhaíl mheasctha chathrach, tuairisciú a dhéanamh ar cheallraí agus ar cheallraí dramhaíola agus faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí deiridh agus oibreoirí bainistithe dramhaíola faoi cheallraí agus faoi athúsáid agus bainistiú ceallraí dramhaíola. Leis na rialacha nua maidir le freagracht leathnaithe táirgeora faoin Rialachán seo, tá sé beartaithe ardleibhéal cosanta a áirithiú don chomhshaol agus don tsláinte san Aontas trí bhailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola a uasmhéadú agus trína áirithiú go ndéanfar gach ceallra a bhaileofar a athchúrsáil trí phróisis lena mbainfear amach rátaí arda éifeachtúlachta athchúrsála agus aisghabhála ábhar i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí a bhaineann le freagracht leathnaithe táirgeora maidir le gach cineál soláthair, lena n-áirítear ciandíol. Ba cheart do tháirgeoirí a bheith in ann na hoibleagáidí sin a fheidhmiú i dteannta a chéile, trí bhíthin eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghlacfadh an fhreagracht thar a gceann. Ba cheart do tháirgeoirí nó eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheith faoi réir údarú agus ba cheart dóibh a léiriú go bhfuil an acmhainn airgeadais acu leis na costais a ghabhann leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chumhdach. Agus rialacha riaracháin agus nós imeachta á leagan síos acu maidir le húdarú táirgeoirí le haghaidh comhlíonadh aonair agus maidir le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí le haghaidh comhlíonadh comhchoiteann, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann idirdhealú a dhéanamh idir na próisis do tháirgeoirí aonair agus do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí chun an t-ualach riaracháin ar tháirgeoirí aonair a theorannú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a bheith in ann ceadanna arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE a mheas mar údarú chun críocha an Rialacháin seo. I gcás inar gá chun saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint agus chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun na ranníocaíochtaí airgeadais a íocann táirgeoirí leis na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a mhodhnú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart oibreoirí bainistithe dramhaíola a dhéanann bailiú agus cóireáil i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheith faoi réir nós imeachta arna dhéanamh ag táirgeoirí na gceallraí ábhartha nó ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE. I gcás ina dtarlaíonn oibríochtaí bainistithe dramhaíola i mBallstát seachas an Ballstát inar cuireadh ceallra ar fáil ar an margadh den chéad uair, ba cheart do tháirgeoirí na costais arna dtabhú ag na hoibreoirí bainistithe dramhaíola sa Bhallstát ina ndéantar na hoibríochtaí dramhaíola a chumhdach. Sa phlé ar na tograí féideartha le haghaidh gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite agus dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, ba cheart breathnú ar shásra freagrachta leathnaithe táirgeora trasteorann a bhunú le haghaidh ceallraí dramhaíola, lena n-áirítear na ceallraí sin a ionchorpraítear i bhfeithiclí nó i bhfearais, idir na gníomhaithe ábhartha. Ina theannta sin, ba cheart bearta eile a mheas, amhail uirlisí bainistithe faisnéise agus fíoraithe, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, ionadaithe údaraithe i gcás freagracht leathnaithe táirgeora, oibreoirí bainistithe dramhaíola, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, pasanna digiteacha táirgí agus cláir táirgeoirí, agus córais náisiúnta cláraithe feithiclí nuair a chumhdaítear ceallraí feithiclí leictreacha.

(102)

Ba cheart feidhm a bheith freisin ag freagracht leathnaithe táirgeora maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh a thagann as ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, oibríochtaí athraithe cuspóra nó oibríochtaí athmhonaraithe. Dá bhrí sin, níor cheart don oibreoir eacnamaíoch a chuir an ceallra bunaidh ar an margadh costais bhreise a íoc a d’fhéadfadh teacht as an mbainistiú dramhaíola arna eascairt as saol a bheidh ag an gceallra sin ina dhiaidh sin. Ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi réir freagracht leathnaithe táirgeora a bheith in ann sásra roinnte costas a bhunú bunaithe ar shannadh iarbhír na gcostas bainistithe dramhaíola.

(103)

Is lex specialis é an Rialachán seo i ndáil le Treoir 2008/98/CE le haghaidh na n-íoscheanglas freagrachta leathnaithe táirgeora maidir le spriocanna bailithe agus athchúrsála, aisghlacadh a bheith á dhéanamh ag an dáileoir agus an dara húsáid. Ba cheart a cheangal ar Bhallstáit an fhreagracht leathnaithe táirgeora dá bhforáiltear sa Rialachán seo a shainiú, i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE agus ar bhonn comhsheasmhach leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin. Ina theannta sin, i gcás nach bhforáiltear sa Rialachán seo do chomhchuibhiú iomlán i gCaibidil VIII, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh do bhearta breise maidir leis na hábhair shonracha sin, ar choinníoll go bhfuil rialú breise den sórt sin i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE agus an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin agus leis an Rialachán seo.

(104)

Ba cheart a shonrú sa Rialachán seo conas a chuirfear i bhfeidhm inrianaitheacht oibleagáidí trádálaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) maidir le hardáin ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí a thairgeann ceallraí, lena n-áirítear ceallraí atá ionchorpraithe i bhfearais, modhanna éadroma iompair nó feithiclí eile, agus maidir le tomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas i ndáil le cláir na dtáirgeoirí a bhunaítear de bhun an Rialacháin seo. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart aon táirgeoir a thairgeann ceallraí, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, modhanna éadroma iompair nó feithiclí eile, trí bhíthin cianchonarthaí go díreach do thomhaltóirí atá lonnaithe i mBallstát, bídís bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír, ba cheart é a mheas mar thrádálaí mar a shainmhínítear é in Rialachán (AE) 2022/2065. De bhun an Rialacháin sin, ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Roinn 4 de Chaibidil III de agus a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí, ba cheart dóibh faisnéis a fháil ó na táirgeoirí sin maidir le clár na dtáirgeoirí ina bhfuil siad cláraithe chomh maith lena n-uimhir chlárúcháin agus féindeimhniú ina ngeallann siad na ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Tá cur chun feidhme na rialacha maidir le inrianaitheachta trádálaithe maidir le díol ceallraí ar líne faoi réir na rialacha forfheidhmiúcháin a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2065.

(105)

Chun a áirithiú go ndéantar athchúrsáil dramhaíola d’ardcháilíocht i slabhra soláthair ceallraí, chun úsáid amhábhar tánaisteach d’ardcháilíocht a ardú agus chun an comhshaol a chosaint, ba cheart rátaí arda bailithe agus athchúrsála ceallraí dramhaíola a bheith ann. Is céim bhunúsach ríthábhachtach é bailiú ceallraí dramhaíola maidir le hábhair luachmhara i gceallraí a aisghabháil le linn a n-athchúrsála agus maidir leis an slabhra soláthair ceallraí a choinneáil laistigh den Aontas, rud a chuirfidh borradh faoi uathriail straitéiseach an Aontais san earnáil sin. Ar an dóigh sin éascaítear leis an athchúrsáil sin rochtain ar ábhair arna n-aisghabháil a fhéadfar a úsáid arís le táirgí nua a mhonarú freisin.

(106)

Ba cheart do tháirgeoirí a bheith freagrach as bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola a mhaoiniú agus a eagrú. Ba cheart dóibh déanamh amhlaidh trí líonra aisghlactha agus bailithe agus feachtais eolais ghaolmhara a bhunú lena gcumhdófaí críoch iomlán gach Ballstáit. Ba cheart líonra den sórt sin a bheith gar don úsáideoir deiridh agus níor cheart dóibh díriú ar na limistéir agus ar na ceallraí inar brabúsach bailiú ceallraí dramhaíola agus ar na limistéir agus ceallraí sin amháin. Ba cheart a áireamh ar an líonra bailithe dáileoirí, saoráidí cóireála údaraithe do dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus d’fheithiclí a bhfuil a ré caite agus suíomhanna taitneamhachta cathartha, agus, ar a dtoil féin, gníomhaithe eile, amhail údaráis phoiblí agus scoileanna. Chun éifeachtacht an líonra bailithe agus na bhfeachtas eolais ghaolmhara a fhíorú agus a fheabhsú, ba cheart suirbhéanna ilchodacha ar leibhéal 2 NUTS, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), ar a laghad, a dhéanamh go rialta ar dhramhaíl mheasctha chathrach agus ar dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhailítear chun méid na gceallraí inaistrithe dramhaíola atá ann a chinneadh.

(107)

Ba cheart a bheith in ann ceallraí dramhaíola a bhailiú in éineacht le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, trí bhíthin scéimeanna bailithe náisiúnta a cuireadh ar bun ar bhonn Threoir 2012/19/AE agus in éineacht le feithiclí a bhfuil a ré caite i gcomhréir le Treoir 2000/53/CE. I gcásanna den sórt sin, mar íoscheanglas éigeantach cóireála, ba cheart ceallraí a bhaint de na dramhfhearais a bailíodh agus de na feithiclí a bhfuil a ré caite a bailíodh. Tar éis iad a bhaint de na dramhfhearais agus de na feithiclí a bhfuil a ré caite a bailíodh, ba cheart ceallraí a bheith faoi réir cheanglais an Rialacháin seo. Go háirithe, ba cheart ceallraí dramhaíola den sórt sin a chur san áireamh mar chuid den iarracht ar an sprioc bhailithe don chatagóir ceallra sin a bhaint amach agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir na gceanglas cóireála agus athchúrsála a leagtar síos sa Rialachán seo.

(108)

Á chur san áireamh an tionchar ar an gcomhshaol agus an caillteanas ábhar de dheasca ceallraí dramhaíola nach mbailítear ar leithligh agus nach ndéantar, dá thoradh sin, cóireáil orthu ar bhealach nach ndéanann dochar don chomhshaol, ba cheart feidhm a bheith fós ag na spriocanna bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola, spriocanna a bunaíodh faoi Threoir 2006/66/CE, agus ba cheart iad a ardú de réir a chéile. I bhfianaise an mhéadaithe atá ann faoi láthair ar dhíolacháin ceallraí LMT agus ós rud é go mbíonn saolré níos faide acu ná ceallraí inaistrithe, is iomchuí sprioc bhailithe shonrach a leagan síos le haghaidh ceallraí LMT dramhaíola, ar leithligh ón sprioc bhailithe is infheidhme maidir le ceallraí inaistrithe dramhaíola. Mar gheall ar an bhforbairt a mheastar a bheidh ag an margadh maidir le ceallraí LMT agus ceallraí inaistrithe agus an méadú le linn a saolré ionchasaí, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht maidir leis na spriocanna bailithe a ríomh agus a fhíorú chun líon iarbhír na gceallraí LMT dramhaíola agus na gceallraí inaistrithe dramhaíola atá ar fáil lena mbailiú a chinntiú ar bhealach níos fearr. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le modheolaíocht den sórt sin agus na spriocanna bailithe a leasú dá réir. Tá sé ríthábhachtach go gcoinneofar ar bun nó go méadófar leibhéal na huaillmhéine comhshaoil leis an modheolaíocht nua “Ar fáil lena bhailiú” maidir le bailiú ceallraí LMT dramhaíola agus ceallraí inaistrithe dramhaíola i gcomparáid leis an modheolaíocht atá ann cheana. Bunaithe ar staidéar ón Airmheán Comhpháirteach Taighde maidir le spriocanna malartacha bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí modhanna éadroma iompair, meastar go gcomhfhreagróidh sprioc bhailithe le haghaidh ceallraí LMT dramhaíola dar méid 51 % faoin 31 Nollaig 2028 agus 61 % faoin 31 Nollaig 2031, arna ríomh ar bhonn chainníochtaí na gceallraí LMT a chuirtear ar fáil ar an margadh i mBallstát, do sprioc bhailithe 79 % le haghaidh ceallraí LMT dramhaíola faoin 31 Nollaig 2028 agus 85 % faoin 31 Nollaig 2031, arna ríomh ar bhonn chainníochtaí na gceallraí LMT a bheidh ar fáil lena mbailiú i mBallstát. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT. Le hathbhreithniú den sórt sin, ba cheart a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar an bhféidearthacht dhá fhochatagóir ceallra inaistrithe a thabhairt isteach, eadhon in-athluchtaithe agus neamh-in-athluchtaithe, agus bheadh rátaí bailithe ar leith acu. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ullmhú a bheadh ag gabháil leis na hathbhreithnithe sin.

(109)

Chun bailiú a uasmhéadú agus rioscaí sábháilteachta a laghdú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé córas aisíoctha éarlaise a bhunú do cheallraí, go háirithe i gcás ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta, agus ar na tairbhí féideartha a bhaineann le córas den sórt sin a bhunú. Ba cheart córais náisiúnta agus córais chomhchuibhithe uile-Aontais aisíoctha éarlaise a chur san áireamh sa mheasúnú sin.

(110)

Maidir le ráta bailithe ceallraí inaistrithe dramhaíola, ba cheart leanúint dá ríomh ar bhonn na meándíolachán bliantúil sna blianta roimhe chun go mbeidh na spriocanna i gcomhréir leis an leibhéal tomhaltais ceallraí i mBallstát. Chun na hathruithe sa chatagóir ceallraí inaistrithe a léiriú ar an mbealach is fearr, agus i bpatrúin saolré agus tomhaltais ceallraí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar an modheolaíocht chun ráta bailithe na gceallraí inaistrithe dramhaíola a ríomh agus a fhíorú, agus an méid sin a dhéanamh i gcás ceallraí LMT dramhaíola freisin.

(111)

Leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit glacadh le bearta a bhaineann le táirgeoirí agus, i gcás ina gceaptar iad, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, agus spriocanna bailithe á mbaint amach acu le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola ceallraí LMT dramhaíola, léirítear an prionsabal ginearálta go dtiteann sé ar na Ballstáit éifeachtacht dhlí an Aontais a áirithiú.

(112)

Ba cheart na ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola uile a bhailiú. Chun na críche sin, ba cheart a cheangal ar tháirgeoirí ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha gach ceallra dramhaíola dá gcatagóir faoi seach a ghlacadh agus a thógáil ar ais saor in aisce ó úsáideoirí deiridh. Ba cheart oibleagáidí tuairiscithe mionsonraithe a bhunú do na táirgeoirí, na hoibreoirí bainistithe dramhaíola agus na sealbhóirí dramhaíola uile a bhfuil baint acu le bailiú ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola.

(113)

I bhfianaise ord na réiteach dramhaíola de réir mar a bhunaítear le Treoir 2008/98/CE lena dtugtar tosaíocht don chosc, ullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála agus i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle (30), níor cheart na ceallraí dramhaíola arna mbailiú a dhiúscairt ná oibríocht aisghabhála fuinnimh a dhéanamh orthu.

(114)

Ba cheart d’aon saoráid cheadaithe a dhéanann cóireáil i ndáil le ceallraí na híoscheanglais a chomhlíonadh chun drochthionchar ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a chosc agus chun gur féidir ardleibhéal aisghabhála ábhar i gceallraí a bheith ann. Le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), rialaítear roinnt gníomhaíochtaí tionsclaíocha a bhaineann le cóireáil ceallraí dramhaíola, lena ndéantar foráil maidir le ceanglais agus rialuithe sonracha údarúcháin ina léirítear an teicníocht is fearr atá ar fáil. I gcás nach gcumhdaítear gníomhaíochtaí tionsclaíocha a bhaineann le cóireáil agus athchúrsáil ceallraí le Treoir 2010/75/AE, ba cheart oibleagáid a bheith ar oibreoirí, in aon chás, an teicníocht is fearr atá ar fáil a chur i bhfeidhm, a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), den Treoir sin, agus na ceanglais shonracha a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún na ceanglais sa Rialachán seo maidir le cóireáil agus athchúrsáil ceallraí, i gcás inarb ábhartha, a oiriúnú i bhfianaise cur chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus teicneolaíochtaí nua a thagann chun cinn maidir le bainistiú dramhaíola. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na ceanglais sin a leasú.

(115)

Ba cheart spriocanna maidir le héifeachtúlacht na bpróiseas athchúrsála agus maidir le haisghabháil ábhar a bhunú chun ardcháilíocht aisghabhála ábhar a áirithiú le haghaidh an tionscail ceallraí, agus an tráth céanna chun rialacha soiléire comhchoiteanna d’athchúrsálaithe a áirithiú agus saobhadh ar an iomaíocht nó aon bhac eile ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh d’amhábhair thánaisteacha ó cheallraí dramhaíola a sheachaint. Ba cheart spriocanna maidir le héifeachtúlacht athchúrsála a bhunú, mar thomhas ar mhéid iomlán na n-ábhar a dhéantar a athchúrsáil, i gcás ceallraí luaidhe-aigéadacha, ceallraí nicile-caidmiam, ceallraí litiam agus ceallraí eile. Ba cheart spriocanna maidir le haisghabháil ábhar a bhunú freisin le haghaidh an chóbailt, na luaidhe, an litiam agus na nicile, chun ardráta aisghabhála ábhar a bhaint amach ar fud an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith fós ag na rialacha maidir le héifeachtúlachtaí athchúrsála a ríomh agus a thuairisciú mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 493/2012 (32) ón gCoimisiún. Chun a áirithiú go bhfuil ríomhanna agus fíoruithe na héifeachtúlachta athchúrsála agus na rátaí aisghabhála ábhar cruinn agus iontaofa agus chun a áirithiú gurb ann do dheimhneacht dhlíthiúil níos fearr, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú chun éifeachtúlacht athchúrsála agus na rátaí aisghabhála ábhar a ríomh agus a fhíorú i bpróisis athchúrsála ceallraí agus tríd an bhformáid a bhunú le haghaidh na doiciméadachta ar éifeachtúlacht athchúrsála agus aisghabháil ábhar le haghaidh ceallraí dramhaíola agus maidir le ceann scríbe agus toradh na gcodán aschuir deiridh, i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn XII. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh freisin ar Rialachán (AE) Uimh. 493/2012 chun go léireofaí go cuí forbairtí teicneolaíochtaí agus athruithe ar phróisis thionsclaíocha aisghabhála ann, chun raon feidhme na dteicneolaíochtaí agus na bpróiseas sin a leathnú le spriocanna atá ann cheana féin agus spriocanna nua a chumhdach, agus chun uirlisí a sholáthar le haghaidh saintréithe táirgí idirmheánacha. Ba cheart spreagadh a thabhairt do shaoráidí cóireála agus athchúrsála chun scéimeanna deimhnithe maidir le bainistíocht chomhshaoil a thabhairt isteach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33).

(116)

Níor cheart a bheith in ann cóireáil a dhéanamh ar cheallraí dramhaíola lasmuigh den Bhallstát inar bailíodh an dramhaíl nó lasmuigh den Aontas ach amháin i gcás ina bhfuil loingsiú na gceallraí dramhaíola i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) agus Rialachán Uimh. 1418/2007 ón gCoimisiún (CE) (35) agus ina gcomhlíonann an chóireáil na ceanglais is infheidhme maidir leis an gcineál sin dramhaíola, de réir a n-aicmithe i gCinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún (36). Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh sin, chun gach ceimic ceallraí a léiriú, go háirithe na cóid do cheallraí dramhaíola litiam-bhunaithe, chun sórtáil agus tuairisciú ceallraí dramhaíola den sórt sin a chumasú mar is ceart. Beidh an Rialachán seo gan dochar don aicmiú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar cheallraí dramhaíola mar dhramhaíl ghuaiseach faoi Threoir 2008/98/CE. I gcás ina ndéantar cóireáil den sórt sin lasmuigh den Aontas, chun go gcuirtear san áireamh an chóireáil sin sna héifeachtúlachtaí agus spriocanna athchúrsála, ba cheart oibleagáid a bheith ar an oibreoir bainistithe dramhaíola a ndéantar an chóireáil nó an athchúrsáil thar a ceann tuairisc a thabhairt i leith na cóireála sin d’údarás inniúil an Bhallstáit inar bailíodh na ceallraí dramhaíola sin agus a chruthú go ndearnadh an chóireáil faoi dhálaí is comhionann leis na dálaí a cheanglaítear leis an Rialachán seo agus i gcomhréir le dlí eile an Aontais maidir le sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil. Chun na ceanglais a leagan síos chun a mheas go bhfuil cóireáil den sórt sin coibhéiseach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha mionsonraithe a leagan síos ina mbeidh critéir chun dálaí coibhéiseacha a mheasúnú.

(117)

I gcás ina ndéantar ceallraí dramhaíola a onnmhairiú ón Aontas lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, le haghaidh athrú cuspóra, nó lena n-athchúrsáil, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát úsáid éifeachtach a bhaint as na cumhachtaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 chun fianaise dhoiciméadach a éileamh chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a chinntiú.

(118)

Ba cheart a bheith in ann ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nach bhfuil oiriúnach níos mó don bhunfheidhm dár monaraíodh iad a úsáid chun críche eile mar cheallraí suite stórála fuinnimh. Tá margadh ag teacht chun cinn do cheallraí tionsclaíocha caite agus ceallraí feithiclí leictreacha caite agus, dá bhrí sin, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos chun athrú cuspóra freagrach ceallraí caite a cheadú, ag cur phrionsabal an réamhchúraim san áireamh agus ag áirithiú sábháilteacht úsáide d’úsáideoirí deiridh an tráth céanna. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar cheallra caite den sórt sin agus ar an toilleadh atá ar fáil ann chun a oiriúnacht lena úsáid chun críche eile seachas don fheidhm dár ceapadh é ar dtús a chinntiú. Ba cheart, go hidéalach, cuspóir ceallraí a athrú má mheastar iad a bheith oiriúnach lena n-úsáid chun críche eile seachas dá gcuspóir bunaidh. Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na gceanglas ba cheart do cheallraí tionsclaíocha dramhaíola, ceallraí LMT dramhaíola nó ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a chomhlíonadh ionas nach dramhaíl a thuilleadh iad, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(119)

Ba cheart baint ghníomhach a bheith ag táirgeoirí agus dáileoirí le soláthar faisnéise d’úsáideoirí deiridh maidir le bailiú éigeantach ar leithligh ceallraí dramhaíola agus maidir le hinfhaighteacht scéimeanna bailithe. Ba cheart dóibh freisin úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas faoin ról tábhachtach atá ag úsáideoirí deiridh maidir le bainistiú ceallraí dramhaíola atá optamach ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú. Ba cheart do tháirgeoirí agus do dháileoirí úsáid a bhaint as teicneolaíocht faisnéise atá cothrom le dáta chun críocha faisnéise a chur in iúl do gach úsáideoir deiridh agus chun tuairisciú maidir le ceallraí a dhéanamh chomh maith leis sin. Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil ar an ngnáthbhealach, amhail fógraíocht amuigh faoin aer, póstaeir, trí fheachtais ar na meáin shóisialta, nó ar bhealach níos nuálaí, ar nós rochtain leictreonach ar shuíomhanna gréasáin le cóid QR a ghreamaítear den cheallra. Ba cheart rochtain a bheith ag daoine faoi mhíchumas ar fhaisnéis den sórt sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882.

(120)

Ionas gur féidir comhlíonadh agus éifeachtacht na n-oibleagáidí a fhíorú maidir le bailiú agus cóireáil ceallraí dramhaíola, is gá do na hoibreoirí tuairisc a thabhairt do na húdaráis inniúla. Maidir le táirgeoirí ceallraí agus oibreoirí bainistithe dramhaíola eile a bhailíonn ceallraí dramhaíola, ba cheart dóibh tuairisc a thabhairt gach bliain féilire, i gcás inarb infheidhme, ar na sonraí faoi na ceallraí a díoladh agus na ceallraí dramhaíola arna mbailiú. Maidir le cóireáil, ba cheart ceanglais tuairiscithe a fhorchur ar na hoibreoirí bainistithe dramhaíola agus na hathchúrsálaithe faoi seach.

(121)

Do gach bliain féilire, ba cheart do na Ballstáit faisnéis maidir leis an méid ceallraí a soláthraíodh laistigh dá gcríoch agus faoin méid ceallraí dramhaíola arna bhailiú a chur ar fáil don Choimisiún, de réir catagóire agus ceimice. Maidir le ceallraí inaistrithe dramhaíola agus le ceallraí LMT dramhaíola, ba cheart sonraí a thuairisciú ar leithligh, lena gceadaítear na spriocanna bailithe faoi seach a oiriúnú, ag cur an sciar atá ag ceallraí den sórt sin den mhargadh san áireamh chomh maith lena bhfeidhm shonrach agus a saintréithe sonracha. Ba cheart faisnéis den sórt sin a chur ar fáil go leictreonach agus ba cheart tuarascáil maidir le seiceáil ar cháilíocht a bheith ag gabháil léi. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis na sonraí sin agus an fhaisnéis sin a thuairisciú don Choimisiún, chomh maith leis na modhanna fíoraithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(122)

Le haghaidh gach bliana féilire, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún na rátaí d’éifeachtúlacht athchúrsála agus d’aisghabháil ábhar a baineadh amach, agus céimeanna aonair uile an phróisis athchúrsála agus na codáin aschuir á gcur san áireamh.

(123)

Chun trédhearcacht a fheabhsú sna slabhraí soláthair agus sna luachshlabhraí do na geallsealbhóirí go léir, is gá foráil a dhéanamh maidir le pas ceallra lena ndéanfar malartú faisnéise a uasmhéadú, lena gcumasaítear rianú agus lorgaireacht ceallraí agus lena soláthraítear faisnéis faoi dhéine carbóin a modhanna monaraíochta chomh maith le tionscnamh na n-ábhar a úsáidtear agus cibé acu a úsáidtear ábhar in-athnuaite, amhail ábhar a tháirgtear ó lignin go graifít ionadach, faoi chomhdhéanamh ceallraí, lena n-áirítear amhábhair agus ceimiceáin ghuaiseacha, faoi oibríochtaí agus féidearthachtaí deisithe, athraithe cuspóra agus díchóimeála agus faoi na próisis chóireála, athchúrsála agus aisghabhála a bhféadfadh na ceallraí a bheith faoina réir ag deireadh a saolré. Ba cheart don phas ceallra faisnéis a sholáthar don phobal maidir le ceallraí a chuirtear ar an margadh agus maidir lena gceanglais inbhuanaitheachta. Ba cheart dó faisnéis maidir le láimhseáil ceallraí atá cothrom le dáta a chur ar fáil d’athmhonaróirí, d’oibreoirí dara úsáid agus d’athchúrsálaithe agus faisnéis shaincheaptha amhail faisnéis faoi staid sláinte ceallraí a chur ar fáil do ghníomhaithe sonracha. Ba cheart an pas ceallra a bheith in ann tacú leis na húdaráis faireachais margaidh agus iad i mbun a gcúraimí faoin Rialachán seo, ach níor cheart dó freagrachtaí na n-údarás faireachais margaidh a ionadú ná a leasú, ar údaráis iad ar cheart dóibh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, an fhaisnéis a sholáthraítear i bpasanna ceallra a sheiceáil.

(124)

Tá faisnéis áirithe sa phas ceallra nár cheart a bheith poiblí, amhail faisnéis tráchtála íogair nach mbeadh rochtain ach ag líon teoranta daoine a bhfuil leas dlisteanach acu uirthi. Tá feidhm aige sin maidir le faisnéis maidir le díchóimeáil, lena n-áirítear sábháilteacht, agus faisnéis mhionsonraithe maidir le comhdhéanamh an cheallra, atá fíor-riachtanach do dheisitheoirí, d’athmhonaróirí, d’oibreoirí dara úsáid agus d’athchúrsálaithe. Tá feidhm aige freisin maidir le faisnéis a bhaineann le ceallraí aonair, atá fíor-riachtanach dóibh siúd a cheannaigh an ceallra nó páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann siúd chun an ceallra a chur ar fáil do chomhbhailitheoirí neamhspleácha fuinnimh nó do rannpháirtithe sa mhargadh fuinnimh, chun meastóireacht a dhéanamh ar an luach iarmharach atá aige nó ar an tsaolré atá fágtha le haghaidh úsáid bhreise, agus chun an t-ullmhúchán le haghaidh athúsáid an cheallra, an t-ullmhúchán le haghaidh athrú cuspóra an cheallra, nó athrú cuspóra nó athmhonarú an cheallra, a éascú. Níor cheart rochtain a bheith ach ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, ag údaráis faireachais margaidh agus ag an gCoimisiún ar thorthaí na dtuarascálacha tástála.

(125)

Ba cheart don phas ceallra ceadú d’oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis agus na sonraí faoi cheallraí aonair a chuirtear ar an margadh a bhailiú agus a athúsáid ar bhealach níos éifeachtaí agus roghanna níos eolaí a dhéanamh ina gcuid gníomhaíochtaí pleanála. A luaithe a chuirtear an ceallra ar an margadh, d’fhéadfadh sé, i gcásanna áirithe, a bheith níos praiticiúla do dhuine dlítheanach eile, amhail monaróir feithiclí, an fhaisnéis sa phas a nuashonrú. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag an oibreoir eacnamaíoch a chuireann an ceallra ar an margadh údarú i scríbhinn a thabhairt d’aon oibreoir eile chun gníomhú thar a cheann. Ba cheart go mbeadh an fhreagracht as comhlíonadh na bhforálacha maidir leis an bpas ceallra ar an oibreoir eacnamaíoch a chuireann an ceallra ar an margadh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an pas ceallra a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(126)

Chun a áirithiú go bhfuil an pas ceallra solúbtha, dinimiciúil agus faoi thionchar an mhargaidh agus go bhforbraíonn sé i gcomhréir le samhlacha gnó, margaí agus nuálaíocht, ba cheart é a bheith bunaithe ar chóras sonraí díláraithe, arna bhunú agus arna choinneáil ar bun ag oibreoirí eacnamaíocha. Chun rolladh amach éifeachtach an phas ceallra a áirithiú, ba cheart dearadh teicniúil, ceanglais sonraí agus oibriú an phas ceallra a bheith i gcomhréir le tacar ceanglas teicniúil fíor-riachtanach. Ba cheart na ceanglais sin a fhorbairt in éineacht leis na ceanglais le haghaidh pasanna digiteacha táirgí a cheanglaítear le dlí eile de chuid an Aontais maidir le héicidhearthóireacht táirgí inbhuanaithe. Ba cheart sonraíochtaí teicniúla, ar cheart breithniú a dhéanamh ar phrionsabail Shaoráid um Chónascadh na hEorpa le haghaidh an Líonra rSheachadta ina leith, a bhunú chun cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas fíor-riachtanach sin a áirithiú, i bhfoirm caighdeáin chomhchuibhithe a bhfoilsítear na tagairtí ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó, mar rogha chúltaca, i bhfoirm sonraíochtaí comhchoiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún. Leis an dearadh teicniúil, ba cheart a áirithiú go mbeidh sonraí á n-iompar ar an bpas ceallra ar bhealach slán lena n-urramaítear rialacha príobháideachais.

(127)

Le Rialachán (AE) 2019/1020 leagtar síos na rialacha ginearálta maidir le faireachas margaidh agus rialú táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a thagann isteach i margadh an Aontais ó thríú tíortha. Chun a áirithiú go gcomhlíonann ceallraí a bhaineann tairbhe as saorghluaiseacht earraí ceanglais lena bhforáiltear d’ardleibhéal cosanta do leasanna an phobail amhail sláinte an duine, sábháilteacht daoine, cosaint maoine agus an comhshaol, agus chun in-fhorfheidhmitheacht iomlán na n-oibleagáidí a áirithiú, go háirithe maidir le beartais díchill chuí maidir le ceallraí, faoin Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2019/1020 freisin maidir leis na ceallraí agus na hoibreoirí eacnamaíocha a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020 a leasú dá réir sin.

(128)

Le Rialachán (AE) 2019/1020 ceanglaítear ar údaráis faireachais margaidh seiceálacha iomchuí a dhéanamh ar shaintréithe táirgí ar scála leordhóthanach. Tugtar leis cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na coinníollacha aonfhoirmeacha a chinneadh i dtaca leis na seiceálacha, na critéir maidir le minicíocht na seiceálacha a chinneadh agus líon na samplaí atá le seiceáil i ndáil le táirgí áirithe nó catagóirí áirithe táirgí. Tá feidhm ag tabhairt na gcumhachtaí sin freisin maidir leis na ceallraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear i Rialachán (AE) 2019/1020.

(129)

Le Rialachán (AE) 2019/1020 tugadh isteach ionstraimí nua chun comhlíonadh agus faireachas margaidh a fheabhsú, ar ionstraimí iad atá ábhartha maidir le ceallraí freisin. Foráiltear leis go bhféadfaidh an Coimisiún saoráid tástála phoiblí i mBallstát a ainmniú mar shaoráid tástála de chuid an Aontais i gcomhair catagóirí sonracha táirgí nó i gcomhair rioscaí sonracha a bhaineann le catagóir táirgí. Cuirfidh an Coimisiún na ceallraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo san áireamh sa chéad ghlao eile ar léiriú spéise chun saoráidí tástála de chuid an Aontais a ainmniú de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1267 ón gCoimisiún (37). Foráiltear freisin le Rialachán (AE) 2019/1020 gur féidir le húdaráis faireachais margaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha nó d’úsáideoirí deiridh, d’fhonn comhlíonadh a chur chun cinn, neamhchomhlíonadh a shainaithint, feasacht a mhúscailt agus treoir a thabhairt maidir le catagóirí sonracha táirgí. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht sin freisin i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh na Ballstáit nó na húdaráis faireachais margaidh féachaint an bhféadfaí ionaid inniúlachta maidir le ceallraí a bhunú.

(130)

Níor cheart ceallraí a chur ar an margadh ach amháin mura bhfuil riosca do shláinte an duine, do shábháilteacht daoine, do mhaoin nó don chomhshaol ag baint leo nuair a stóráiltear agus a úsáidtear iad chun na críche atá beartaithe dóibh, nó faoi choinníollacha úsáide is féidir a thuar go réasúnta, is é sin le rá nuair a d’fhéadfadh coinníollacha úsáide den sórt sin eascairt as iompraíocht daoine atá dlíthiúil agus is féidir a thuar.

(131)

Ba cheart nós imeachta a bheith ann faoina gcuirfí páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta atá beartaithe a ghlacadh maidir le ceallraí a mbaineann riosca do shláinte an duine, do shábháilteacht daoine, do mhaoin nó don chomhshaol leo. Ba cheart do nós imeachta den sórt sin a cheadú do na húdaráis faireachais margaidh sna Ballstáit, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, gníomhú ag céim luath i leith ceallraí den sórt sin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil údar le bearta náisiúnta i leith ceallraí neamh-chomhlíontacha.

(132)

Ba cheart cead a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh a cheangal ar oibreoir eacnamaíoch gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh i gcás ina bhfaigheann siad nach bhfuil ceallra i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo nó gur sháraigh oibreoir eacnamaíoch na rialacha maidir le ceallra a chur ar an margadh nó maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis nó maidir dícheall cuí sa slabhra soláthair.

(133)

Is é atá sa soláthar poiblí earnáil thábhachtach maidir leis na tionchair a bhíonn ag gníomhaíochtaí an duine ar an gcomhshaol a laghdú agus maidir le haistriú an mhargaidh i dtreo táirgí níos inbhuanaithe a spreagadh. Maidir le húdaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE (38) agus 2014/25/AE (39) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/25/AE, ba cheart dóibh na tionchair chomhshaoil a chur san áireamh agus ceallraí nó táirgí ina bhfuil ceallraí á soláthar agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha ceanglais shóisialta agus comhshaoil go héifeachtach, chun an margadh a chur chun cinn agus a spreagadh i dtreo soghluaisteacht agus stóráil fuinnimh a bheidh glan agus tíosach ar fhuinneamh, agus ar an gcaoi sin cur le cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol, an aeráid agus fuinneamh.

(134)

Ar ghlacadh gníomhartha tarmligthe faoin Rialachán seo, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (40). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(135)

Maidir leis na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún leis an Rialachán seo agus nach mbaineann leis an gcinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil údar le bearta a ghlacann Ballstáit i leith ceallraí neamhchomhlíontacha, ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41).

(136)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcásanna ina gcinntíonn an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra na ceanglais dá fhógra, chun a iarraidh ar an údarás a thugann fógra an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a tharraingt siar más gá.

(137)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh lena gcinnfí cé acu atá nó nach bhfuil údar le bearta náisiúnta i leith ceallra comhlíontach a mbaineann riosca leis, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le sláinte an duine nó sábháilteacht daoine, nó le maoin nó an comhshaol a chosaint, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(138)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear na rialacha sin chun feidhme. Ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Agus pionóis á bhforchur, tá sé tábhachtach aird chuí a thabhairt ar chineál, thromchúis, raon feidhme, chineál intinneach agus athdhéanamh an tsáraithe agus ar leibhéal comhair an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, a chinntear a bheith freagrach, leis an údarás inniúil. Ba cheart, leis an ngearradh pionós, dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear coimircí nós imeachta is infheidhme agus prionsabail na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a chomhlíonadh.

(139)

I bhfianaise an ghá atá le hardleibhéal cosanta a áirithiú don chomhshaol agus an ghá forbairtí nua bunaithe ar fhíorais eolaíocha a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an tionchar atá aige ar an gcomhshaol agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart don Choimisiún a áireamh, sa tuarascáil uaithi, meastóireacht ar na forálacha maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú agus critéir faisnéise, na bearta bainistithe ceallraí dramhaíola agus na ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair. I gcás inarb iomchuí, beidh togra ag gabháil leis an tuarascáil chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.

(140)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, agus do na Ballstáit chun an bonneagar rialacháin is gá a chur ar bun chun é a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí dáta ar ar réasúnta é bailchríoch a bheith curtha ar na hullmhúcháin sin.

(141)

Chun ligean do na Ballstáit clár na dtáirgeoirí arna chur ar bun faoi Threoir 2006/66/CE a oiriúnú agus chun na bearta riaracháin is gá a ghlacadh maidir le heagrú na nósanna imeachta údarúcháin a dhéanann na húdaráis inniúla, agus leanúnachas a choinneáil le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart Treoir 2006/66/CE a aisghairm amhail ón 18 Lúnasa 2025. Ba cheart do na hoibleagáidí faoin Treoir sin a bhaineann le faireachán agus tuairisciú ar ráta bailithe ceallraí inaistrithe fanacht i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2023, agus ba cheart do na hoibleagáidí lena mbaineann le haghaidh sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún fanacht i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2025, ba cheart do na hoibleagáidí faoin Treoir sin a bhaineann le faireachán agus tuairisciú ar éifeachtúlachtaí athchúrsála na bpróiseas athchúrsála fanacht i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2025, ba cheart do na hoibleagáidí lena mbaineann le haghaidh sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún fanacht i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2027, chun leanúnachas a áirithiú go dtí go nglacfaidh an Coimisiún faoin Rialachán seo rialacha ríomha agus formáidí tuairiscithe nua.

(142)

Tá sé tábhachtach go ndéantar tionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme. Thairis sin, chun a áirithiú go bhfuil cothrom iomaíochta ann, tá sé tábhachtach go gcuirtear na teicneolaíochtaí ábhartha uile atá ar fáil san áireamh go cothrom agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ar choinníoll go gceadaítear leis na teicneolaíochtaí sin go gcomhlíonfaidh ceallraí go hiomlán aon cheanglas ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo. Ina theannta sin, níor cheart aon ualach riaracháin iomarcach a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

(143)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus drochthionchair ceallraí agus ceallraí dramhaíola chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine, sábháilteacht daoine agus maoin agus an comhshaol, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr go bhfuil gá le comhchuibhiú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú, marcáil agus faisnéis chun gur féidir ceallraí a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís laistigh den Aontas. Leagtar síos leis freisin íoscheanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora, maidir le bailiú agus cóireáil ceallraí dramhaíola agus maidir le tuairisciú.

2.   Leis an Rialachán seo, forchuirtear oibleagáidí díchill chuí maidir le ceallraí ar oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh nó a chuireann i seirbhís iad. Leagtar síos leis freisin ceanglais maidir le soláthar poiblí glas agus ceallraí nó táirgí ina bhfuil ceallraí ionchorpraithe á soláthar.

3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach catagóir cheallra, eadhon ceallraí inaistrithe, ceallraí dúisithe, soilsithe agus adhainte (ceallraí SLI), ceallraí modhanna éadroma iompair (ceallraí LMT), ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha, gan beann ar a gcruth, toirt, meáchan, dearadh, comhdhéanamh ábhar, ceimic, úsáid nó feidhm. Beidh feidhm aige freisin maidir le ceallraí a ionchorpraítear i dtáirgí nó a chuirtear le táirgí nó atá saindeartha lena n-ionchorprú i dtáirgí nó atá curtha le táirgí eile.

Chun críocha Chaibidil II, i gcás inar féidir a mheas go dtagann ceallraí a chuirtear ar an margadh faoi níos mó ná catagóir amháin, measfar go dtagann siad faoin gcatagóir a bhfuil feidhm ag na ceanglais is déine maidir leo.

4.   I gcásanna ina gcuirtear cealla ceallraí nó modúil ceallraí ar fáil ar an margadh le haghaidh úsáid deiridh, gan iad a ionchorprú ná a chóimeáil a thuilleadh i bpacáistí ceallraí níos mó nó i gceallraí níos mó, measfar gur cuireadh ar an margadh iad mar cheallraí chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh feidhm ag na ceanglais don chatagóir cheallra is comhchosúla. I gcásanna inar féidir a mheas go dtagann cealla ceallraí den sórt sin nó modúil ceallraí den sórt sin faoi níos mó ná catagóir ceallraí amháin, measfar go dtagann siad faoin gcatagóir a bhfuil feidhm ag na ceanglais is déine maidir leo.

5.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceallraí a ionchorpraítear sna nithe seo a leanas nó atá saindeartha lena n-ionchorprú sna nithe seo a leanas:

(a)

trealamh atá nasctha le leasanna slándála fíor-riachtanacha na mBallstát a chosaint, in airm, i muinisin agus in ábhar cogaidh, cé is moite de tháirgí nach bhfuil beartaithe chun críoch míleata go sonrach; agus

(b)

trealamh a dheartar lena sheoladh amach sa spás amuigh.

6.   Níl feidhm ag Caibidlí III ná VIII den Rialachán seo maidir le trealamh atá saindeartha le haghaidh sábháilteacht suiteálacha núicléacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 2009/71/Euratom ón gComhairle (42).

Airteagal 2

Cuspóirí

Is iad cuspóirí an Rialacháin seo rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh, agus drochthionchair ceallraí ar an gcomhshaol á gcosc agus á laghdú ag an am céanna, agus an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint trí na drochthionchair a bhaineann le giniúint agus bainistiú ceallraí dramhaíola a chosc agus a laghdú.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ceallra” aon fheiste a sheachadann fuinneamh leictreach arna ghiniúint trí thiontú díreach fuinnimh cheimicigh, ag a bhfuil stór inmheánach nó seachtrach, agus ina bhfuil cill ceallra nó modúil ceallraí in-athluchtaithe nó neamh-in-athluchtaithe amháin nó níos mó, nó pacáistí díobh, agus áirítear leis ceallra a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a chuspóir nó a athmhonaraíodh;

(2)

ciallaíonn “pacáiste ceallraí” aon tacar ceall ceallraí nó modúl ceallraí atá nasctha le chéile nó atá imchochlaithe i gcásáil sheachtrach, chun go mbeidh siad ina n-aonad iomlán nach bhfuil an t-úsáideoir deiridh ceaptha a scaradh óna chéile nó a oscailt;

(3)

ciallaíonn “modúl ceallraí” aon tacar ceall ceallraí atá nasctha le chéile nó atá imchochlaithe i gcásáil sheachtrach chun na cealla a chosaint ar imbhualadh seachtrach, agus atá ceaptha lena n-úsáid ina n-aonar nó in éineacht le modúil eile;

(4)

ciallaíonn “cill ceallra” an bunaonad feidhmiúil i gceallra, ina bhfuil leictreoidí, leictrilít, coimeádán, teirminéil agus, más infheidhme, deighilteoirí, agus ina bhfuil na hábhair ghníomhacha arb é a n-imoibriú a ghineann fuinneamh leictreach;

(5)

ciallaíonn “ábhar gníomhach” ábhar a imoibríonn go ceimiceach chun fuinneamh leictreach a tháirgeadh nuair a dhí-luchtaíonn an chill ceallra nó chun fuinneamh leictreach a stóráil nuair atá an ceallra á luchtú;

(6)

ciallaíonn “ceallra neamh-in-athluchtaithe” ceallra nach ndeartar chun é a athluchtú go leictreach;

(7)

ciallaíonn “ceallra in-athluchtaithe” ceallra a dheartar chun é a athluchtú go leictreach;

(8)

ciallaíonn “ceallra a bhfuil stóras seachtrach aige” ceallra atá saindeartha leis an bhfuinneamh atá aige a stóráil go heisiach i bhfeiste seachtrach nasctha amháin nó níos mó;

(9)

ciallaíonn “ceallra inaistrithe” ceallra atá séalaithe, a bhfuil meáchan 5 kg ann nó níos lú, nach bhfuil saindeartha le haghaidh úsáid thionsclaíoch agus nach ceallra feithiclí leictreacha, ceallra LMT ná ceallra SLI é;

(10)

ciallaíonn “ceallra inaistrithe d’úsáid ghinearálta” ceallra inaistrithe, bíodh sé in-athluchtaithe nó ná bíodh, atá saindeartha le bheith idir-inoibritheach agus a bhfuil ceann de na formáidí coiteanna seo a leanas aige: 4,5 Volta (3R12), cnapcheall, D, C, AA, AAA, AAAA, A23, 9 Volta (PP3);

(11)

ciallaíonn “ceallra modhanna éadroma iompair” nó “ceallra LMT” ceallra atá séalaithe, a bhfuil meáchan 25 kg ann nó níos lú agus atá saindeartha chun cumhacht leictreach a sholáthar le haghaidh fórsa tarraingthe feithiclí rothacha ar féidir iad a chumhachtú trí mhótar leictreach leis féin nó trí mheascán de chumhacht an mhótair agus cumhacht an duine, lena n-áirítear feithiclí cineálcheadaithe de chatagóir L de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), agus nach ceallra feithiclí leictreacha é;

(12)

ciallaíonn “ceallra dúiseachta, soilsithe agus adhainte” nó “ceallra SLI” ceallra atá saindeartha chun cumhacht leictreach a sholáthar le haghaidh dúiseachta, soilsithe nó adhainte agus ar féidir é a úsáid freisin chun críoch cúnta nó cúltaca i bhfeithiclí, i modhanna iompair eile nó in innealra;

(13)

ciallaíonn “ceallra tionsclaíoch” ceallra atá saindeartha le haghaidh úsáidí tionsclaíocha, atá beartaithe le haghaidh úsáidí tionsclaíocha tar éis bheith faoi réir ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó faoi réir athrú cuspóra, nó aon cheallra eile a bhfuil meáchan níos mó ná 5 kg ann agus nach ceallra feithiclí leictreacha, ceallra LMT ná ceallra SLI é;

(14)

ciallaíonn “ceallra feithiclí leictreacha” ceallra atá saindeartha chun cumhacht leictreach a sholáthar le haghaidh fórsa tarraingthe i bhfeithiclí hibrideacha nó leictreacha de chatagóir L dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, a bhfuil meáchan níos mó ná 25 kg ann, nó ceallra atá saindeartha chun cumhacht leictreach a sholáthar le haghaidh fórsa tarraingthe i bhfeithiclí hibrideacha nó leictreacha de chatagóirí M, N nó O dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/858;

(15)

ciallaíonn “córas stórála fuinnimh i gceallraí suite” ceallra tionsclaíoch a bhfuil stóras inmheánach aige atá saindeartha chun fuinneamh leictreach a stóráil amach ón eangach agus a sheachadadh isteach inti nó fuinneamh leictreach a stóráil le haghaidh úsáideoirí deiridh agus a sheachadadh chucu, gan beann ar an áit ina bhfuil an ceallra á úsáid ná ar an duine a úsáideann an ceallra;

(16)

ciallaíonn “cur ar an margadh” ceallra a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(17)

ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” ceallra a sholáthar lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(18)

ciallaíonn “cur i seirbhís” céadúsáid ceallra, chun na críche a bhí beartaithe dó, san Aontas, gan é a bheith curtha ar an margadh roimhe sin;

(19)

ciallaíonn “samhail cheallra” leagan de cheallra a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna ag na haonaid uile de atá ábhartha do cheanglais an Rialacháin seo maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú, marcáil agus faisnéis, agus an t-aitheantóir samhla céanna;

(20)

ciallaíonn “ceallra lena mbaineann riosca” ceallra a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith aige ar shláinte an duine nó sábháilteacht daoine, ar mhaoin nó ar an gcomhshaol ar bhealach a théann thar an méid a mheastar a bheith réasúnta agus inghlactha maidir leis an gcríoch atá beartaithe don cheallra nó faoi ghnáthdhálaí úsáide an cheallra lena mbaineann nó faoi dhálaí úsáide a mbeifí ag súil go réasúnta leo, lena n-áirítear fad na húsáide agus, i gcás inarb iomchuí, maidir lena chur i seirbhís, maidir lena shuiteáil agus ceanglais maidir le cothabháil;

(21)

ciallaíonn “lorg carbóin” suim na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe gás ceaptha teasa i gcóras táirgí, arna sloinneadh mar choibhéisí dé-ocsaíde carbóin agus bunaithe ar staidéar ar Lorg Comhshaoil Táirge (PEF) ag úsáid chatagóir aon tionchair amháin an athraithe aeráide;

(22)

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir nó an soláthraí seirbhíse comhlíonta nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil le ceallraí a mhonarú, a ullmhú le haghaidh athúsáide nó a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó i ndáil le cuspóir ceallraí a athrú nó i ndáil le ceallraí a athmhonarú, a chur ar fáil ar an margadh nó a chur ar an margadh, lena n-áirítear ar líne, nó i ndáil le ceallraí a chur i seirbhís i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(23)

ciallaíonn “oibreoir neamhspleách” duine nádúrtha nó dlítheanach atá neamhspleách ar an monaróir agus ar an táirgeoir agus atá páirteach go díreach nó go hindíreach i ndeisiú, cothabháil nó athrú cuspóra ceallraí, agus áirítear leis oibreoirí bainistithe dramhaíola, deisitheoirí, monaróirí nó dáileoirí trealaimh deisiúcháin, uirlisí nó páirteanna spártha, agus foilsitheoirí faisnéise teicniúla, oibreoirí a thairgeann seirbhísí cigireachta agus tástála, oibreoirí a thairgeann oiliúint do shuiteálaithe, do mhonaróirí agus do dheisitheoirí trealaimh le haghaidh feithiclí breosla mhalartaigh;

(24)

ciallaíonn “cód QR” cód maitríse meaisín-inléite lena nasctar le faisnéis mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo;

(25)

ciallaíonn “córas bainistithe ceallra” feiste leictreach lena rialaítear nó lena mbainistítear feidhmeanna leictreacha agus teirmeacha ceallra chun sábháilteacht, feidhmíocht agus ré feidhme an cheallra a áirithiú, lena mbainistítear agus lena stóráiltear na sonraí le haghaidh na bparaiméadar chun staid sláinte agus saolré ionchasach an cheallra a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a chinneadh agus lena ndéantar cumarsáid leis an bhfeithicil, na modhanna éadroma iompair nó an fearas ina bhfuil an ceallra ionchorpraithe, nó le bonneagar luchtúcháin poiblí nó príobháideach;

(26)

ciallaíonn “fearas” aon trealamh leictreach nó leictreonach, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2012/19/AE, a chumhachtaítear go hiomlán nó go páirteach le ceallra nó ar féidir é a chumhachtú le ceallra;

(27)

ciallaíonn “staid luchta” an fuinneamh atá ar fáil i gceallra arna shloinneadh mar chéatadán dá thoilleadh rátaithe arna dhearbhú ag an monaróir;

(28)

ciallaíonn “staid sláinte” léiriú ar an mbail ghinearálta atá ar cheallra in-athluchtaithe agus ar an acmhainn atá aige an fheidhmíocht shonraithe a sheachadadh i gcomparáid leis an mbail a bhí air ar dtús;

(29)

ciallaíonn “ullmhú le haghaidh athúsáide” ullmhú le haghaidh athúsáide mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (16), de Threoir 2008/98/CE;

(30)

ciallaíonn “ullmhú le haghaidh athrú cuspóra” aon oibríocht lena n-ullmhaítear ceallra dramhaíola, nó codanna de, ionas gur féidir é a úsáid do chuspóir eile nó d’fheidhm eile seachas an ceann dár dearadh i dtosach é;

(31)

ciallaíonn “athrú cuspóra” aon oibríocht arb é an toradh atá uirthi go n-úsáidtear ceallra, nach ceallra dramhaíola é, nó codanna de do chuspóir nó d’fheidhm seachas an ceann dár dearadh an ceallra i dtosach;

(32)

ciallaíonn “athmhonarú” aon oibríocht theicniúil ar cheallra caite lena n-áirítear díchóimeáil a gceall ceallraí agus a modúl ceallraí go léir agus meastóireacht orthu agus úsáid líon áirithe ceall ceallraí agus modúl ceallraí atá nua, caite nó aisghafa ó dhramhaíl, nó comhpháirteanna ceallra eile, chun toilleadh an cheallra a thabhairt ar ais go 90 % ar a laghad den toilleadh rátaithe bunaidh, agus i gcás, maidir le staid sláinte na gcealla ceallraí aonair uile, nach bhfuil difear níos mó na 3 % idir na cealla, agus ina bhfuil sé mar thoradh air sin go n-úsáidtear an ceallra don chuspóir céanna nó don fheidhm chéanna agus an ceann dár dearadh an ceallra i dtosach;

(33)

ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn ceallra nó a chuireann faoi deara ceallra a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an ceallra sin faoina ainm féin nó faoina thrádmharc féin nó a chuireann i seirbhís é chun a chríche féin;

(34)

ciallaíonn “sonraíochtaí teicniúla” doiciméad ina leagtar síos na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag táirge, próiseas nó seirbhís;

(35)

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(36)

ciallaíonn “marcáil CE” marcáil lena léiríonn monaróir go bhfuil an ceallra i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena ndéantar foráil maidir lena greamú;

(37)

ciallaíonn “creidiúnú” creidiúnú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(38)

ciallaíonn “comhlacht creidiúnaithe náisiúnta” comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(39)

ciallaíonn “measúnú comhréireachta” an próiseas lena léirítear cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú, faisnéis agus dícheall cuí;

(40)

ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus iniúchadh;

(41)

ciallaíonn “comhlacht faoina dtugtar fógra” comhlacht um measúnú comhréireachta faoinar tugadh fógra i gcomhréir le Caibidil V;

(42)

ciallaíonn “dícheall cuí maidir le ceallraí” na hoibleagáidí atá ar oibreoir eacnamaíoch, i ndáil lena chóras bainistithe, bainistiú riosca, fíoruithe tríú páirtí agus faireachas arna dhéanamh ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus nochtadh faisnéise, chun rioscaí sóisialta agus comhshaoil iarbhír agus ionchasacha a bhaineann le foinsiú, próiseáil agus trádáil na n-amhábhar agus na n-amhábhar tánaisteach a theastaíonn le haghaidh monaraíocht ceallraí a shainaithint agus a chosc agus chun dul i ngleic leis na rioscaí sin, lena n-áirítear ag soláthraithe sa slabhra agus a bhfochuideachtaí nó a bhfochonraitheoirí;

(43)

ciallaíonn “fochuideachta” duine dlítheanach trína bhfeidhmítear gníomhaíocht gnóthas rialaithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (f), de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44);

(44)

ciallaíonn “máthairchuideachta” cuideachta a rialaíonn fochuideachta amháin nó níos mó;

(45)

ciallaíonn “limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca” limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (f), de Rialachán (AE) 2017/821;

(46)

ciallaíonn “cianchonarthaí” cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir 2011/83/AE;

(47)

ciallaíonn “táirgeoir” aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile, gan beann ar an teicníc dhíolacháin a úsáidtear, lena n-áirítear trí bhíthin cianchonarthaí, ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá sé bunaithe i mBallstát agus monaraíonn sé ceallraí faoina ainm féin nó faoina thrádmharc féin, nó cuireann sé faoi deara ceallraí a dhearadh nó a mhonarú agus soláthraíonn sé iad den chéad uair faoina ainm féin nó faoina thrádmharc féin, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, laistigh de chríoch an Bhallstáit sin;

(b)

tá sé bunaithe i mBallstát agus athdhíolann sé, laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, faoina ainm féin nó faoina thrádmharc féin, ceallraí, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, arna monarú ag daoine eile, nach léirítear ainm ná trádmharc na monaróirí eile sin orthu;

(c)

tá sé bunaithe i mBallstát agus soláthraíonn sé, den chéad uair sa Bhallstát sin ar bhonn gairmiúil, ceallraí, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, ó Bhallstát eile nó ó thríú tír; nó

(d)

díolann sé ceallraí, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, trí bhíthin cianchonarthaí go díreach le húsáideoirí deiridh, cibé acu an teaghlaigh phríobháideacha iad nó nach teaghlaigh phríobháideacha iad, i mBallstát, agus tá sé bunaithe i mBallstát eile nó i dtríú tír;

(48)

ciallaíonn “ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeoirí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe i mBallstát ina gcuireann an táirgeoir ceallraí ar an margadh agus nach ionann é agus an Ballstát ina bhfuil an táirgeoir bunaithe, duine a cheapann an táirgeoir i gcomhréir le hAirteagal 8a(5), an tríú fomhír, de Threoir 2008/98/CE chun oibleagáidí an táirgeora sin faoi Chaibidil VIII den Rialachán seo a chomhlíonadh;

(49)

ciallaíonn “eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí” eintiteas dlítheanach a eagraíonn comhlíonadh oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora, ó thaobh airgeadais de nó ó thaobh airgeadais agus oibríochta de, thar ceann roinnt táirgeoirí;

(50)

ciallaíonn “ceallra dramhaíola” aon cheallra ar dramhaíl é mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE;

(51)

ciallaíonn “dramhaíl monaraíochta ceallraí” na hábhair nó na réada a dhiúltaítear le linn phróiseas monaraíochta an cheallra, nach féidir a athúsáid mar chuid lárnach den phróiseas céanna agus ar gá iad a athchúrsáil;

(52)

ciallaíonn “substaint ghuaiseach” substaint a aicmítear mar shubstaint ghuaiseach de bhun Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;

(53)

ciallaíonn “cóireáil” aon oibríocht a dhéantar ar cheallraí dramhaíola tar éis dóibh a bheith tugtha ar láimh do shaoráid i gcomhair sórtála, ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, ullmhú le haghaidh athchúrsála nó i gcomhair athchúrsála;

(54)

ciallaíonn “ullmhú le haghaidh athchúrsála” ceallraí dramhaíola a chóireáil roimh aon phróiseas athchúrsála, inter alia, pacáistí ceallraí a stóráil, a láimhseáil agus a dhíchóimeáil nó codáin nach cuid den cheallra féin iad a dheighilt;

(55)

ciallaíonn “pointe bailithe dheonaigh” aon ghnóthas neamhbhrabúsach, aon ghnóthas tráchtála nó aon ghnóthas eacnamaíoch eile nó aon chomhlacht poiblí atá páirteach, ar a thionscnamh féin, i mbailiú ar leithligh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola, a ghineann sé nó a ghineann úsáideoirí deiridh eile, sula dtugtar na ceallraí dramhaíola sin ar láimh do tháirgeoirí, d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí nó d’oibreoirí bainistithe dramhaíola le haghaidh cóireáil ina dhiaidh sin;

(56)

ciallaíonn “oibreoir bainistithe dramhaíola” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéileálann ar bhonn gairmiúil le bailiú ar leithligh nó le cóireáil ceallraí dramhaíola;

(57)

ciallaíonn “saoráid cheadaithe” bunaíocht nó gnóthas a gceadaítear di nó dó i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE cóireáil a dhéanamh ar cheallraí dramhaíola;

(58)

ciallaíonn “athchúrsálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann athchúrsáil i saoráid cheadaithe;

(59)

ciallaíonn “saolré ceallra” an tréimhse a thosaíonn nuair a mhonaraítear an ceallra agus a dtagann deireadh léi nuair a thagann an ceallra chun bheith ina dhramhaíl;

(60)

ciallaíonn “éifeachtúlacht athchúrsála” an cóimheas, arna shloinneadh mar chéatadán, a fhaightear trí mhais na gcodán aschuir is ábhar don athchúrsáil a roinnt ar mhais chodán ionchuir na gceallraí dramhaíola, i ndáil le próiseas athchúrsála;

(61)

ciallaíonn “reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú” aon reachtaíocht de chuid an Aontais lena gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú;

(62)

ciallaíonn “údarás náisiúnta” údarás formheasa nó aon údarás eile atá páirteach i bhfaireachas margaidh i mBallstát i leith ceallraí agus atá freagrach as faireachas margaidh den sórt sin;

(63)

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoi Chaibidlí IV agus VI;

(64)

ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas agus a chuireann ceallra ó thríú tír ar an margadh;

(65)

ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann ceallra ar fáil ar an margadh;

(66)

ciallaíonn “aitheantóir uathúil” teaghrán uathúil carachtar chun ceallraí a shainaithint lenar féidir nasc gréasáin a dhéanamh leis an bpas ceallra freisin;

(67)

ciallaíonn “ardán ar líne” ardán ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (i), de Rialachán (AE) 2022/2065.

(68)

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh” rannpháirtí sa mhargadh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (25), de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45).

2.   De bhreis ar na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

“dramhaíl”, “sealbhóir dramhaíola”, “bainistiú dramhaíola”, “cosc”, “bailiú”, “bailiú ar leithligh”, scéim leathnaithe freagrachta táirgeora’, “athúsáid” agus “athchúrsáil”, a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(b)

“faireachas margaidh”, “údarás faireachais margaidh”, “soláthraí seirbhíse comhlíonta”, “gníomhaíocht cheartaitheach”, “úsáideoir deiridh”, “aisghairm” agus “tarraingt siar”, chomh maith le “riosca” i ndáil le ceanglais Chaibidlí I, IV, VI, VII agus IX den Rialachán seo agus Iarscríbhinní V, VIII agus XIII a ghabhann leis, a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020;

(c)

“comhbhailitheoir neamhspleách” agus “stóráil fuinnimh” a leagtar síos in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944.

Airteagal 4

Saorghluaiseacht

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit, ar chúiseanna a bhaineann leis na ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis le haghaidh ceallraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, toirmeasc, srian ná bac ar cheallraí a chomhlíonann an Rialachán seo a bheith á gcur ar fáil ar an margadh nó á gcur i seirbhís.

2.   Ag aontaí trádála, taispeántais, léirithe nó ag imeachtaí comhchosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar cheallraí a thaispeáint, nach gcomhlíonann an Rialachán seo, ar choinníoll go dtabharfar le fios go soiléir le comhartha infheicthe nach gcomhlíonann na ceallraí sin an Rialachán seo agus nach bhféadfar iad a chur ar an margadh ná a chur i seirbhís go dtí go dtabharfar iad chun comhréireachta leis an Rialachán seo. Le linn léirithe ar cheallraí den sórt sin, glacfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha bearta leordhóthanacha chun sábháilteacht daoine a áirithiú.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis i dtaca le ceallraí

1.   Ní chuirfear ceallraí ar an margadh ná ní chuirfear i seirbhís iad ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

(a)

na ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht agus sábháilteacht a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus 12; agus

(b)

na ceanglais maidir le lipéadú agus faisnéis a leagtar síos i gCaibidil III.

2.   Maidir le haon ghnéithe nach gcumhdaítear le Caibidlí II agus III, i gcás ceallraí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís de bhun mhír 1, ní bhainfidh riosca leo do shláinte an duine, do shábháilteacht daoine, do mhaoin ná don chomhshaol.

CAIBIDIL II

Ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht agus sábháilteacht

Airteagal 6

Srianta ar shubstaintí

1.   De bhreis ar na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus in Airteagal 4(2), pointe (a), de Threoir 2000/53/CE, ní bheidh substaintí i gceallraí dá bhfuil srian in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ach amháin i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha an tsriain sin.

2.   I gcás ina bhfuil riosca doghlactha ann do shláinte an duine nó don chomhshaol, a eascraíonn as úsáid substainte i monaraíocht ceallraí nó as substaint a bheith sna ceallraí an tráth a chuirtear ar an margadh iad, nó a eascraíonn le linn chéimeanna a saolré ina dhiaidh sin, lena n-áirítear le linn athrú cuspóra nó le linn cóireáil ceallraí dramhaíola, nach ndéantar rialú leordhóthanach air nó ar gá aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun na srianta in Iarscríbhinn I a leasú, de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 86, 87 agus 88.

3.   Ní bheidh feidhm ag srianta arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo maidir le húsáid substainte i dtaighde agus i bhforbairt eolaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (23), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a dhéantar i ndáil le ceallraí.

4.   I gcás nach bhfuil feidhm ag srian, arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, maidir le taighde agus forbairt a bheidh dírithe ar tháirgí agus ar phróisis, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (22), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, sonrófar an díolúine sin, chomh maith le huaschainníocht na substainte a bheidh díolmhaithe, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

5.   Faoin 31 Nollaig 2027, ullmhóidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a cuireadh ar bun faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“an Ghníomhaireacht”), tuarascáil ar shubstaintí ar údar imní iad, eadhon substaintí a bhfuil éifeacht dhíobhálach acu ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol nó a chuireann bac ar athchúrsáil i gcás amhábhair thánaisteacha atá sábháilte agus ar ardchaighdeán, atá i gceallraí nó a úsáidtear ina monarú. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle ina sonrófar a thorthaí agus breithneoidh sé ar na bearta leantacha iomchuí lena n-áirítear glacadh na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 7

Lorg carbóin ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí LMT

1.   Maidir le ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus ceallraí LMT, déanfar dearbhú maidir le lorg carbóin a tharraingt suas le haghaidh gach samhla ceallra in aghaidh na monarchan monaraíochta, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír agus ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

faisnéis riaracháin faoin monaróir;

(b)

faisnéis faoin tsamhail cheallra;

(c)

faisnéis faoi shuíomh geografach na monarchan monaraíochta ceallraí;

(d)

lorg carbóin an cheallra, arna ríomh mar kg de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh aon kWh den fhuinneamh iomlán a sholáthraíonn an ceallra thar a ré feidhme ionchasach;

(e)

lorg carbóin an cheallra arna dhifreáil de réir chéim na saolré mar a thuairiscítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II;

(f)

uimhir aitheantais dhearbhú comhréireachta AE an cheallra;

(g)

nasc gréasáin lena dtugtar rochtain ar leagan poiblí den staidéar lena dtacaítear leis na luachanna loirg carbóin dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e).

Beidh feidhm ag an dearbhú maidir le lorg carbóin ó na tréimhsí ama seo a leanas:

(a)

an 18 Feabhra 2025 nó 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí feithiclí leictreacha;

(b)

an 18 Feabhra 2026 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu;

(c)

an 18 Lúnasa 2028 nó 18 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí LMT;

(d)

an 18 Lúnasa 2030 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu.

Go dtí go mbeidh sé inrochtana tríd an gcód QR dá dtagraítear in Airteagal 13(6), beidh an dearbhú maidir le lorg carbóin ag gabháil leis an gceallra.

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Feabhra 2024 i gcás ceallraí feithiclí leictreacha, faoin 18 Feabhra 2025 i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras seachtrach acu, faoin 18 Feabhra 2027 i gcás ceallraí LMT agus faoin 18 Feabhra 2029 i gcás ceallraí tionsclaíocha a bhfuil stóras seachtrach acu, an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a)

gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú chun lorg carbóin an cheallra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), a ríomh agus a fhíorú, i gcomhréir leis na heilimintí fíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(b)

gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid le haghaidh an dearbhaithe maidir le lorg carbóin dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

2.   Beidh lipéad feiceálach, inléite go soiléir agus doscriosta ar cheallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus ar cheallraí LMT, lipéad lena léirítear lorg carbóin an cheallra dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (d) agus lena ndearbhaítear aicme feidhmíochta an loirg carbóin dá gcomhfhreagraíonn an tsamhail cheallra ábhartha in aghaidh na monarchan monaraíochta.

I gcás ceallraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, léireofar sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII gur ríomhadh an dearbhú maidir le lorg carbóin agus an t-aicmiú gaolmhar in aicme feidhmíochta an loirg carbóin i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 1, an ceathrú fomhír, pointe (a) agus an ceathrú fomhír, pointe (a), den mhír seo.

Beidh feidhm ag na ceanglais maidir le haicme feidhmíochta an loirg carbóin sa chéad fhomhír ón:

(a)

18 Lúnasa 2026 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí feithiclí leictreacha;

(b)

18 Lúnasa 2027 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an gnímh chur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu;

(c)

18 Feabhra 2030 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí LMT;

(d)

18 Feabhra 2032 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu.

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Feabhra 2025 i gcás ceallraí feithiclí leictreacha, faoin 18 Lúnasa 2026 i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, faoin 18 Lúnasa 2028 i gcás ceallraí LMT agus faoin 18 Lúnasa 2030 6i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu, an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a)

gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí aicmí feidhmíochta an loirg carbóin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú. Ar dó an gníomh tarmligthe sin a ullmhú, cuirfidh an Coimisiún na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 8 d’Iarscríbhinn II san áireamh;

(b)

gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear na formáidí le haghaidh an lipéadaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an fhormáid le haghaidh an dearbhaithe maidir le haicme feidhmíochta an loirg carbóin dá dtagraítear san fhomhír sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 8 d’Iarscríbhinn II, athbhreithniú ar líon na n-aicmí feidhmíochta agus ar na tairseacha eatarthu, gach 3 bliana agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun líon na n-aicmí feidhmíochta agus na tairseacha eatarthu a leasú d’fhonn iad a choimeád ionadaíoch ar réaltacht an mhargaidh agus ar na forbairtí a mheastar a bheidh sa mhargadh.

3.   I gcás ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2kWh agus ceallraí LMT, léireofar, sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, go bhfuil luach an loirg carbóin saolré dearbhaithe don tsamhail ábhartha cheallra in aghaidh na monarchan monaraíochta, faoi bhun na huastairsí arna bunú sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an tríú fomhír.

Beidh feidhm ag an gceanglas maidir le huastairseach an loirg carbóin saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír amhail ón:

(a)

18 Feabhra 2028 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí feithiclí leictreacha;

(b)

18 Feabhra 2029 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu;

(c)

18 Lúnasa 2031 nó 18 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí LMT;

(d)

18 Lúnasa 2033 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu.

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Lúnasa 2026 i gcás ceallraí feithiclí leictreacha, faoin 18 Feabhra 2028 i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras seachtrach acu, faoin 18 Feabhra 2030 i gcás ceallraí LMT agus faoin 18 Feabhra 2032 i gcás ceallraí tionsclaíocha a bhfuil stóras seachtrach acu, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí uastairseach an loirg carbóin saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh. Ar dó an gníomh tarmligthe sin a ullmhú, cuirfidh an Coimisiún na coinníollacha ábhartha a leagtar amach i bpointe 9 d’Iarscríbhinn II san áireamh.

Le tabhairt isteach uastairseach an loirg carbóin saolré, tionscnófar, más gá, athaicmiú ar na haicmí feidhmíochta loirg carbóin dá dtagraítear i mír 2.

4.   Faoin 31 Nollaig 2030, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé na ceanglais san Airteagal seo a leathnú chuig ceallraí inaistrithe, agus an ceanglas a leagtar síos i mír 3 chuig ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh 2 kWh nó níos lú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh.

5.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le ceallra a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a chuspóir nó a athmhonaraíodh, má cuireadh an ceallra ar an margadh nó má cuireadh i seirbhís cheana é sula ndearnadh oibríochtaí den sórt sin air.

Airteagal 8

Ábhar athchúrsáilte i gceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí LMT agus ceallraí SLI

1.   Ón 18 Lúnasa 2028 nó 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, beidh ag gabháil le ceallraí tionsclaíocha, ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2kWh, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, le ceallraí feithiclí leictreacha agus le ceallraí SLI a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, doiciméadacht ina mbeidh faisnéis faoin sciar céatadáin de chóbalt, de litiam nó de nicil atá in ábhair ghníomhacha agus a aisghabhadh ó dhramhaíl monaraíochta ceallraí nó ó dhramhaíl iarthomhaltóra, agus faoin sciar céatadáin de luaidhe atá sa cheallra agus a aisghabhadh ó dhramhaíl, do gach samhail cheallra in aghaidh na bliana agus in aghaidh na monarchan monaraíochta.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír ón 18 Lúnasa 2033 maidir le ceallraí LMT ina bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha.

Faoin 18 Lúnasa 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú, i gcás na gceallraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, chun an sciar céatadáin de chóbalt, de litiam nó de nicil atá in ábhair ghníomhacha agus a aisghabhadh ó dhramhaíl monaraíochta ceallraí nó ó dhramhaíl iarthomhaltóra a ríomh agus a fhíorú, agus chun an sciar céatadáin de luaidhe atá sa cheallra agus a aisghabhadh ó dhramhaíl a ríomh agus a fhíorú, agus tríd an bhformáid a bhunú don doiciméadacht theicniúil.

2.   Ón 18 Lúnasa 2031, i gcás ceallraí tionsclaíocha ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí SLI a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, léireofar, sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, go bhfuil sna ceallraí sin, in ábhair ghníomhacha, an sciar céatadáin íosta seo a leanas de chóbalt, luaidhe, litiam agus nicil, faoi seach, a aisghabhadh ó dhramhaíl monaraíochta ceallraí nó ó dhramhaíl iarthomhaltóra, agus an sciar céatadán íosta de luaidhe atá sa cheallra agus a aisghabhadh ó dhramhaíl atá sa cheallra, do gach samhail cheallra in aghaidh na bliana agus in aghaidh na monarchan monaraíochta:

(a)

16 % cóbalt;

(b)

85 % luaidhe;

(c)

6 % litiam;

(d)

6 % nicil.

3.   Ó 18 Lúnasa 2036, i gcás ceallraí tionsclaíocha ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí LMT agus ceallraí SLI a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, léireofar, sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, go bhfuil sna ceallraí sin, in ábhair ghníomhacha, an sciar céatadáin íosta seo a leanas de chóbalt, luaidhe, litiam agus nicil, faoi seach, a aisghabhadh ó dhramhaíl monaraíochta ceallraí nó ó dhramhaíl iarthomhaltóra atá in ábhair ghníomhacha, agus an sciar céatadáin íosta de luaidhe atá sa cheallra agus a aisghabhadh ó dhramhaíl atá sa cheallra, do gach samhail cheallra in aghaidh na bliana agus in aghaidh na monarchan monaraíochta:

(a)

26 % cóbalt;

(b)

85 % luaidhe;

(c)

12 % litiam;

(d)

15 % nicil.

4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le ceallraí a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a chuspóir nó a athmhonaraíodh, má cuireadh na ceallraí ar an margadh nó má cuireadh i seirbhís cheana iad sula ndearnadh oibríochtaí den sórt sin orthu.

5.   Tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh faoi mhír 1, agus tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú an iomchuí é, mar gheall ar infhaighteacht reatha agus ar infhaighteacht réamh-mheasta cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna n-aisghabháil as dramhaíl, nó mar gheall ar easpa na nithe sin, le haghaidh 2030 agus 2035, agus i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch, na spriocanna a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 a athbhreithniú.

I gcás ina bhfuil údar leis agus inarb iomchuí ar bhonn an mheasúnaithe a dhéanfar faoin gcéad fhomhír nó mar gheall ar athruithe móra eile i dteicneolaíochtaí ceallraí ag a bhfuil tionchar ar an gcineál ábhar arna aisghabháil, glacfaidh an Coimisiún, faoin 18 Lúnasa 2029, gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89, chun na spriocanna a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 a leasú.

6.   I gcás ina bhfuil údar leis agus inarb iomchuí i ngeall ar fhorbairtí sa mhargadh maidir le ceimic ceallraí ag a bhfuil tionchar ar an gcineál ábhar is féidir a aisghabháil, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89, chun an Rialachán seo a leasú trí ábhair eile seachas cóbalt, luaidhe, litiam agus nicil a chur leis, le híoschionta sonracha d’ábhar athchúrsáilte in aghaidh an ábhair shonraigh i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

Airteagal 9

Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta

1.   Ón 18 Lúnasa 2028 nó 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 2, cibé acu is déanaí, comhlíonfaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta, cé is moite de chnapchealla, na híosluachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 2.

2.   Faoin 18 Lúnasa 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna éigeantacha a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta, cé is moite de chnapchealla.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun na híosluachanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a leasú nó chun paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta a chur leo sin a leagtar amach in Iarscríbhinn III i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Ar dó an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ullmhú, measfaidh an Coimisiún an gá an tionchar atá ag ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a laghdú, lena n-áirítear trí bhíthin éifeachtúlacht acmhainne na gceallraí sin a mhéadú, agus cuirfidh sé caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus scéimeanna lipéadaithe idirnáisiúnta ábhartha san áireamh.

Áiritheoidh an Coimisiún freisin nach mbeidh drochthionchar suntasach ag na forálacha a leagtar síos leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar shábháilteacht ná ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin ná na bhfearas, na modhanna éadroma iompair nó na bhfeithiclí eile ina n-ionchorpraítear na ceallraí sin, ar an inacmhainneacht ná ar an gcostas d’úsáideoirí deiridh ná ar iomaíochas an tionscail.

3.   Faoin 31 Nollaig 2030, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá bearta chun deireadh a chur, de réir a chéile, le ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe d’úsáid ghinearálta d’fhonn an tionchar atá acu ar an gcomhshaol a íoslaghdú bunaithe ar an modheolaíocht um measúnú saolré agus ar roghanna inmharthana eile d’úsáideoirí deiridh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh le haghaidh an chéimnithe amach nó le haghaidh ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos.

Airteagal 10

Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, ceallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha

1.   Ón 18Lúnasa 2024, beidh doiciméad ina bhfuil na luachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV ag gabháil le ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, ceallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha.

I gcás na gceallraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, míniú ar na sonraíochtaí teicniúla, na caighdeáin theicniúla agus na coinníollacha teicniúla arna n-úsáid chun na luachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a thomhas, a ríomh nó a mheas. Beidh sa mhíniú sin na heilimintí a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IV, ar a laghad.

2.   Ón 18 Lúnasa 2027 nó ó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 5, cibé acu is déanaí, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, comhlíonfaidh siad na híosluachanna a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun na chéad fomhíre de mhír 5 le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV.

3.   Ón 18 Lúnasa 2028 nó ó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 5, cibé acu is déanaí, comhlíonfaidh ceallraí LMT na híosluachanna a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun na dara fomhíre de mhír 5 le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV.

4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le ceallra a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a chuspóir nó a athmhonaraíodh, i gcás ina léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an ceallra sin ar an margadh nó a chuireann i seirbhís é, sula ndearnadh oibríochtaí den sórt sin air, gur cuireadh an ceallra ar an margadh nó i seirbhís roimh na dátaí a thiocfaidh na hoibleagáidí sin chun bheith infheidhme de réir na míreanna sin.

5.   Faoin 18 Feabhra 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV a bhainfidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, ag a bhfuil toilleadh os cionn 2 kWh, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, amach.

Faoin 18 Feabhra 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV a bhainfidh ceallraí LMT amach.

Ar dó na gníomhartha tarmligthe a ullmhú dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír, measfaidh an Coimisiún an gá an tionchar atá ag ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a laghdú, ar ceallraí iad ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, seachas na cinn a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, agus ceallraí LMT, agus áiritheoidh sé nach mbeidh drochthionchar suntasach ag na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha sin ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin nó na bhfearas, na modhanna éadroma iompair ná na bhfeithiclí eile ina n-ionchorpraítear na ceallraí sin, ar a n-inacmhainneacht ná ar iomaíochas an tionscail.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun na paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a leasú i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch, lena n-áirítear, go háirithe, maidir le sonraíochtaí teicniúla Mheitheal neamhfhoirmiúil UNECE um Fheithiclí Leictreacha agus an Comhshaol.

Airteagal 11

Inbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe agus cheallraí LMT

1.   Áiritheoidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ar an margadh ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe go mbeidh an t-úsáideoir deiridh tráth ar bith le linn shaolré an táirge in ann na ceallraí sin a bhaint nó a athsholáthar go héasca. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin ach amháin maidir le ceallraí iomlána agus ní maidir le cealla aonair ná codanna eile atá i gceallraí den sórt sin.

Measfar gur féidir leis an úsáideoir deiridh ceallra inaistrithe a bhaint go réidh nuair is féidir é a bhaint de tháirge trí uirlisí atá ar fáil ar bhonn tráchtála a úsáid, gan gá a bheith le húsáid uirlisí speisialaithe, ach amháin má sholáthraítear saor in aisce leis an táirge iad, le huirlisí dílsithe, le fuinneamh teirmeach, nó le tuaslagóirí chun an táirge a dhíchóimeáil.

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ar an margadh, táirgí ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe, áiritheoidh sé go mbeidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta maidir le húsáid, baint agus athsholáthar na gceallraí ag gabháil leis na táirgí sin. Cuirfear na treoracha sin agus an fhaisnéis sábháilteachta sin ar fáil go buan ar líne, ar shuíomh gréasáin a bheidh ar fáil go poiblí, ar bhealach sothuigthe d’úsáideoirí deiridh.

Beidh an mhír seo gan dochar d’aon fhorálacha sonracha lena n-áirithítear leibhéal níos airde cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine maidir le húsáideoirí deiridh a bheith in ann ceallraí inaistrithe a bhaint agus a athsholáthar, a leagtar síos in aon dlí de chuid an Aontais maidir le trealamh leictreach agus leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2012/19/AE.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar na táirgí seo a leanas ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe a dhearadh ar bhealach a fhágfaidh gur gairmithe neamhspleácha amháin a bheidh in ann an ceallra a bhaint agus a athsholáthar:

(a)

fearais atá saindeartha chun oibriú go príomha i dtimpeallacht ina mbíonn deoir anuas nó sruthanna uisce orthu nó ina dtumtar in uisce go rialta iad agus atá beartaithe a bheith in-nite nó insruthlaithe;

(b)

feistí gairmiúla íomhánna leighis agus radaiteiripe, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/745, agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/746.

Ní bheidh an maolú a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo infheidhme ach amháin nuair is gá maolú den sórt sin chun sábháilteacht an úsáideora agus an fhearais a áirithiú.

3.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 i gcás inar gá leanúnachas an tsoláthair cumhachta agus nasc buan idir an táirge agus an ceallra inaistrithe lena ngabhann chun sábháilteacht an úsáideora agus an fhearais a áirithiú nó, i gcás táirgí dar príomhaidhm sonraí a bhailiú agus a sholáthar, ar chúiseanna sláine sonraí.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun mír 2 den Airteagal seo a leasú trí tháirgí breise a chur léi atá le díolmhú ó na ceanglais inbhainteachta agus in-athsholáthraitheachta a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo. Ní ghlacfar gníomhartha tarmligthe den sórt sin ach amháin mar gheall ar fhorbairtí sa mhargadh agus dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, agus ar choinníoll go bhfuil cúiseanna imní a bhfuil bonn eolaíoch leo ann maidir le sábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh agus ceallraí inaistrithe á mbaint nó á n-athsholáthar acu, nó i gcásanna ina bhfuil riosca ann go sáródh úsáideoirí deiridh ceanglas sábháilteachta táirge amháin nó níos mó dá bhforáiltear le dlí an Aontais is infheidhme dá mbainfeadh siad nó dá n-athsholáthródh siad an ceallra.

5.   Áiritheoidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ar an margadh ina n-ionchorpraítear ceallraí LMT go mbeidh gairmí neamhspleách tráth ar bith le linn shaolré an táirge in ann na ceallraí sin, chomh maith le cealla ceallraí aonair a áirítear sa phacáiste ceallra, a bhaint nó a athsholáthar go héasca.

6.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 5, measfar é a bheith éasca ceallra inaistrithe nó ceallra LMT éasca a athsholáthar i gcás inar féidir, tar éis dó a bheith bainte as fearas nó as modh éadrom iompair, é a ionadú le ceallra comhoiriúnach eile gan difear a dhéanamh d’fheidhmiú, feidhmíocht ná sábháilteacht an fhearais sin nó na modhanna éadroma iompair sin.

7.   Áiritheoidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ar an margadh ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe nó ceallraí LMT go bhfuil na ceallraí sin ar fáil mar pháirteanna spártha den trealamh dá dtugann siad cumhacht ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis dó aonad deireanach na samhla trealaimh a chur ar an margadh, agus praghas réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach do ghairmithe neamhspleácha agus d’úsáideoirí deiridh orthu.

8.   Ní úsáidfear bogearraí chun bac a chur ar athsholáthar ceallra inaistrithe nó ceallra LMT, nó ar a bpríomh-chomhpháirteanna, le ceallra comhoiriúnach eile nó príomh-chomhpháirteanna comhoiriúnacha eile.

9.   Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe an Airteagail seo a éascú.

Airteagal 12

Sábháilteacht na gcóras stórála fuinnimh i gceallraí suite

1.   Beidh córais stórála fuinnimh i gceallraí suite a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís sábháilte le linn a ngnáthoibríochta agus a ngnáthúsáide.

2.   Faoin 18 Lúnasa 2024, maidir leis an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII:

(a)

léireofar léi go bhfuil na córais stórála fuinnimh i gceallraí suite i gcomhréir le mír 1 agus áireofar inti fianaise gur éirigh le tástálacha orthu le haghaidh na bparaiméadar sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn V, a n-úsáidfear modheolaíochtaí tástála úrscothacha ina leith. Ní bheidh feidhm ag na paraiméadair shábháilteachta ach amháin sa mhéid gurb ann do ghuais chomhfhreagrach don chóras stórála fuinnimh i gceallraí suite atá i gceist nuair a úsáidtear é faoi na coinníollacha atá beartaithe ag an monaróir;

(b)

áireofar inti measúnú ar ghuaiseacha sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann leis an gcóras stórála fuinnimh i gceallraí suite nach dtugtar aghaidh orthu in Iarscríbhinn V;

(c)

áireofar inti fianaise gur éirigh le maolú agus le tástáil ar na guaiseacha dá dtagraítear i bpointe (b); úsáidfear modheolaíochtaí tástála úrscothacha le haghaidh tástáil den sórt sin;

(d)

áireofar inti treoracha maidir le maolú i gcás ina bhféadfadh na guaiseacha sainaitheanta tarlú, mar shampla dóiteán nó pléascadh.

Athbhreithneofar an doiciméadacht theicniúil más rud é go n-ullmhaítear ceallra le haghaidh athúsáide, go n-ullmhaítear é le haghaidh athrú cuspóra, go n-athmhonaraítear é nó go n-athraítear a chuspóir.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun na paraiméadair shábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn V a leasú i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

CAIBIDIL III

Ceanglais maidir le lipéadú, marcáil agus faisnéis

Airteagal 13

Ceallraí a lipéadú agus a mharcáil

1.   Ón 18 Lúnasa 2026 nó ó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10, cibé acu is déanaí, beidh lipéid ar cheallraí ar a mbeidh an fhaisnéis ghinearálta maidir le ceallraí a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VI.

2.   Ón 18 Lúnasa 2026 nó ó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10, cibé acu is déanaí, beidh lipéad ar cheallraí in-athluchtaithe, inaistrithe, ceallraí LMT agus ceallraí SLI ar a mbeidh faisnéis maidir lena dtoilleadh.

3.   Ón 18 Lúnasa 2026 nó ó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10, cibé acu is déanaí, beidh lipéid ar cheallraí neamh-in-athluchtaithe inaistrithe ar a mbeidh faisnéis maidir lena meán-íosfhad nuair a úsáidtear iad i bhfearais shonracha agus beidh lipéad orthu lena léirítear “neamh-in-athluchtaithe”.

4.   Ón 18 Lúnasa 2025, déanfar gach ceallra a mharcáil leis an tsiombail le haghaidh bailiú ar leithligh ceallraí é (“an tsiombail bailiú ar leithligh”) mar a léirítear i gCuid B d’Iarscríbhinn VI.

Leis an tsiombail bailiú ar leithligh cumhdófar 3 % d’achar an taoibh is mó den cheallra ar a laghad, suas le huasmhéid 5 × 5 cm.

I gcás cealla ceallraí sorcóireacha, cumhdófar 1,5 % d’achar dromchla an cheallra ar a laghad leis an tsiombail bailiú ar leithligh agus beidh méid 5 × 5 cm ar a mhéad ann.

I gcás ina bhfágann méid an cheallra go mbeadh an tsiombail bailiú ar leithligh níos lú ná 0,47 × 0,47 cm, ní gá don cheallra a mharcáil leis an tsiombail sin. Ina ionad sin, déanfar siombail bailiú ar leithligh, dar méid 1 × 1 cm ar a laghad, a phriontáil ar an bpacáistíocht.

5.   Déanfar gach ceallra ina bhfuil níos mó ná 0,002 % caidmiam nó níos mó ná 0,004 % luaidhe, a mharcáil leis an tsiombail ceimiceáin don mhiotal lena mbaineann: Cd nó Pb.

Déanfar an tsiombail ceimiceáin ábhartha lena léirítear cion an mhiotail throm a phriontáil faoi bhun na siombaile bailiú ar leithligh agus is é an ceathrú cuid de mhéid na siombaile sin ar a laghad a bheidh in achar na siombaile.

6.   Ón 18 Feabhra 2027, déanfar gach ceallra a mharcáil le cód QR mar a thuairiscítear i gCuid C d’Iarscríbhinn VI. Leis an gcód QR, tabharfar rochtain ar an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ceallraí LMT, ceallraí tionsclaíocha ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus ceallraí feithiclí leictreacha, an pas ceallra i gcomhréir le hAirteagal 77;

(b)

i gcás ceallraí eile, an fhaisnéis is infheidhme dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, an dearbhú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 18, an tuairisc dá dtagraítear in Airteagal 52(3) agus an fhaisnéis maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú a leagtar síos in Airteagal 74(1), pointí (a) go (f);

(c)

i gcás ceallraí SLI, an méid cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna aisghabháil ó dhramhaíl agus atá ar na hábhair ghníomhacha sa cheallra, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8.

Beidh an fhaisnéis sin iomlán, cothrom le dáta agus cruinn.

7.   Déanfar na lipéid agus an cód QR dá dtagraítear i míreanna 1 go 6 a phriontáil nó a ghreanadh ar an gceallra ar bhealach a bheidh infheicthe, inléite agus doscriosta. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta nó nach bhfuil údar leis sin mar gheall ar chineál nó ar mhéid an cheallra, greamófar na lipéid agus an cód QR den phacáistíocht agus de na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le cineálacha malartacha lipéad cliste a úsáid in ionad an chóid QR nó sa bhreis ar an gcód QR, i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

9.   I gcás ceallraí a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, nó ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh, beidh lipéid nua orthu nó déanfar iad a mharcáil le marcanna nua i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar a mbeidh faisnéis maidir lena n-athrú stádais i gcomhréir le hAirteagal 4 d’Iarscríbhinn XIII, a bheidh inrochtana tríd an gcód QR.

10.   Glacfaidh an Coimisiún, faoin 18 Lúnasa 2025, gníomhartha cur chun feidhme chun sonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú le haghaidh na gceanglas maidir le lipéadú dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

Airteagal 14

Faisnéis maidir le staid sláinte agus le saolré ionchasach na gceallraí

1.   Ón 18 Lúnasa 2024, tabharfar, i gcóras bainistithe ceallraí na gcóras stórála fuinnimh i gceallraí suite, ceallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha, sonraí cothrom le dáta le haghaidh na bparaiméadar chun staid sláinte agus saolré ionchasach ceallraí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a chinneadh.

2.   Soláthrófar rochtain inléite amháin ar shonraí le haghaidh na bparaiméadar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII tríd an gcóras bainistithe ceallra dá dtagraítear i mír 1, agus cearta maoine intleachtúla mhonaróir an cheallra á n-urramú, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach don duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaigh an ceallra go dleathach, lena n-áirítear oibreoirí neamhspleácha nó oibrithe bainistithe dramhaíola, nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a gceann tráth ar bith, chun críoch an mhéid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an ceallra a chur ar fáil do chomhbhailitheoirí neamhspleácha nó do rannpháirtithe sa mhargadh trí stóráil fuinnimh;

(b)

meastóireacht a dhéanamh ar luach iarmharach nó ar an tsaolré atá fágtha ag an gceallra agus ar an gcumas atá ann tuilleadh úsáide a bhaint as, bunaithe ar an meastachán ar staid sláinte an cheallra;

(c)

ullmhú an cheallra le haghaidh athúsáide, ullmhú an cheallra le haghaidh athrú cuspóra, athrú cuspóra an cheallra nó athmhonarú an cheallra a éascú.

3.   I gcás inar gá d’oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, athrú cuspóra nó athmhonarú bogearraí córais bainistithe ceallraí éagsúla a uaslódáil, áireofar sa chóras bainistithe ceallraí feidhm athshocraithe bogearraí. I gcás ina n-úsáidtear an fheidhm athshocraithe bogearraí, ní bheidh an monaróir ceallraí bunaidh faoi dhliteanas i leith aon sárú ar shábháilteacht nó ar fheidhmiúlacht an cheallra a d’fhéadfaí a chur i leith bogearraí córais bainistithe ceallraí a uaslódáladh tar éis an ceallra sin a bheith curtha ar an margadh.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun leasú a dhéanamh ar na paraiméadair chun staid sláinte agus saolré ionchasach ceallraí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a chinneadh i bhfianaise fhorbairtí an mhargaidh agus an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch agus chun sineirgí a áirithiú le paraiméadair a leagtar amach i Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh. 22 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle le haghaidh feithiclí leictrithe, agus aird chuí á tabhairt ar chearta maoine intleachtúla mhonaróir na gceallraí.

5.   Beidh feidhm le forálacha an Airteagail seo sa bhreis orthu siúd a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le feithiclí a chineálcheadú.

CAIBIDIL IV

Comhréireacht ceallraí

Airteagal 15

Toimhde maidir le comhréireacht na gceallraí

1.   Chun críoch comhlíontachta ceallraí agus chun comhlíontacht ceallraí a fhíorú maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 12, 13, 14 agus 78 déanfar tástálacha, tomhais agus ríomhanna trí mhodhanna iontaofa cruinne in-atáirgthe a úsáid, lena gcuirtear san áireamh na modhanna úrscothacha a bhfuil aitheantas coitianta orthu, agus a meastar gur beag an neamhchinnteacht a bhaineann lena dtorthaí, lena n-áirítear modhanna a leagtar amach sna caighdeáin ar foilsíodh tagairtí ina leith chun na gcríoch sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh sé d’aidhm ag na caighdeáin chomhchuibhithe ionsamhlú a dhéanamh ar an bhfíorúsáid, a mhéid is féidir, agus gnáth-thástálacha á gcoinneáil ar bun an tráth céanna.

3.   Toimhdeofar maidir le ceallraí a bheidh i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, nó le codanna díobh, ar foilsíodh tagairtí ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go mbeidh na ceallraí sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 12, 13, 14 agus 78 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le caighdeáin chomhchuibhithe den sórt sin nó le codanna díobh, agus, i gcás inarb infheidhme, a mhéid a bhaintear amach na híosluachanna arna mbunú do na ceanglais sin de bhun Airteagail 9 agus 10.

Airteagal 16

Sonraíochtaí comhchoiteanna

1.   I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 12, 13, 14 agus 78 nó tástálacha dá dtagraítear in Airteagal 15(1), sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní chumhdaítear na ceanglais ná na tástálacha sin le caighdeáin chomhchuibhithe, ná le codanna díobh, ar foilsíodh tagairtí ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(b)

tá iarrtha ag an gCoimisiún ar eagraíocht Eorpach amháin nó níos mó um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas nó na dtástálacha sin; agus

(c)

comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

níor ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh ón gCoimisiún,

(ii)

tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil moill mhíchuí ag baint le glacadh na gcaighdeán comhchuibhithe arna n-iarraidh, nó

(iii)

tá caighdeán seachadta ag eagraíocht Eorpach um chaighdeánú nach bhfreagraíonn go hiomlán don iarraidh ón gCoimisiún.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí comhchoiteanna á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó an ghrúpa saineolaithe san áireamh agus rachaidh sé i gcomhairle mar is cóir leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

2.   Toimhdeofar maidir le ceallraí atá i gcomhréir le sonraíochtaí comhchoiteanna nó codanna díobh á leanúint, go mbeidh na ceallraí sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 12, 13, 14 agus 78 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí comhchoiteanna den sórt sin nó le codanna díobh, agus, más infheidhme, go mbaintear amach na híosluachanna arna mbunú le haghaidh na gceanglas sin de bhun Airteagail 9 agus 10.

3.   I gcás ina nglacann eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfar don Choimisiún é chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, nó na codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais nó na tástálacha céanna dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 17

Nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta

1.   Déanfar measúnú comhréireachta ar cheallraí maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6, 9, 10, 12, 13 agus 14 i gcomhréir le ceann amháin de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a)

i gcás ceallraí a mhonaraítear i sraith:

(i)

“Modúl A – Rialú inmheánach táirgthe”, a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VIII, nó

(ii)

“Modúl D1 – Dearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe”, a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VIII;

(b)

i gcás ceallraí nach monaraítear i sraith:

(i)

“Modúl A – Rialú inmheánach táirgthe”, a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VIII, nó

(ii)

“Modúl G – Comhréireacht bunaithe ar fhíorú aonaid”, a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn VIII.

2.   Déanfar measúnú comhréireachta ar cheallraí maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 7 agus 8 i gcomhréir le ceann amháin de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a)

“Modúl D1 - Dearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe” a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VIII i gcás ceallraí a mhonaraítear i sraith; nó

(b)

“Modúl G – Comhréireacht bunaithe ar fhíorú aonaid”, a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn VIII i gcás ceallraí nach monaraítear i sraith.

3.   Déanfar measúnú comhréireachta breise ar cheallraí a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide nó le haghaidh athrú cuspóra, nó ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh, i gcomhréir le “Modúl A – Rialú inmheánach táirgthe”, a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VIII, agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6, 9, 10, 12, 13 agus 14 á gcur san áireamh.

4.   Tarraingeofar suas taifid agus comhfhreagras a bhaineann leis na nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta ar cheallraí i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra a chomhlíonann na nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta bunaithe, nó i dteanga amháin nó níos mó lena nglacann an comhlacht sin.

Airteagal 18

Dearbhú comhréireachta AE

1.   Luafar sa dearbhú comhréireachta AE gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14.

2.   Maidir leis an dearbhú comhréireachta AE, beidh an struchtúr samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn IX ann, beidh na heilimintí arna sonrú sna modúil ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII ann, agus déanfar é a choinneáil cothrom le dáta. Aistreofar an dearbhú go dtí an teanga nó go dtí na teangacha a éilíonn an Ballstát ina gcuirtear an ceallra ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é nó ina gcuirtear an ceallra i seirbhís. Tarraingeofar suas é i bhformáid leictreonach agus, arna iarraidh sin, cuirfear ar fáil i bhformáid pháipéir é.

3.   I gcás ina bhfuil ceallra faoi réir breis agus aon ghníomh amháin de chuid an Aontais lena n-éilítear dearbhú comhréireachta AE, tarraingeofar dearbhú comhréireachta AE aonair suas i leith gach gnímh den sórt sin de chuid an Aontais. Luafar sa dearbhú sin na gníomhartha de chuid an Aontais lena mbaineann agus a dtagairtí foilseacháin.

4.   Tríd an dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin go gcomhlíonfaidh an ceallra na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo.

5.   Gan dochar do mhír 3, féadfaidh dearbhú comhréireachta AE aonair a bheith comhdhéanta de dhearbhú comhréireachta AE ar leith amháin nó níos mó a tarraingíodh suas cheana i gcomhréir le gníomh nó gníomhartha eile de chuid an Aontais, chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú.

Airteagal 19

Prionsabail ghinearálta na marcála CE

Beidh an mharcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 20

Rialacha agus coinníollacha maidir leis an marcáil CE a ghreamú

1.   Greamófar an mharcáil CE go infheicthe, go hinléite agus go doscriosta den cheallra. I gcás inarb indéanta sin nó mura mbeidh údar leis sin mar gheall ar chineál an cheallra, greamófar é den phacáistíocht agus de na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.

2.   Greamófar an mharcáil CE sula gcuirfear an ceallra ar an margadh nó sula gcuirfear i seirbhís é.

3.   Beidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra i ndiaidh na marcála CE i gcás ina gceanglaítear sin faoi Iarscríbhinn VIII. Is é an comhlacht féin faoina dtugtar fógra a ghreamóidh an uimhir aitheantais sin nó, faoina threoracha, déanfaidh an monaróir nó a ionadaí údaraithe é sin.

4.   I ndiaidh na marcála CE agus na huimhreach aitheantais dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh, más infheidhme, aon phicteagram nó aon mharc eile a bheith ann lena léirítear riosca speisialta, úsáid nó aon chontúirt atá nasctha le húsáid, stóráil, cóireáil nó iompar an cheallra.

5.   Cuirfidh na Ballstáit le sásraí atá ann cur i bhfeidhm ceart an chórais lena rialaítear an mharcáil CE a áirithiú agus déanfaidh siad gníomhaíocht iomchuí i gcás ina mbaintear úsáid mhíchuí as an marcáil sin.

CAIBIDIL V

Fógra a thabhairt faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta

Airteagal 21

Fógra a thabhairt

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta arna n-údarú chun cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 22

Údaráis a thugann fógra

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fógra a thabhairt fúthu agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear Airteagal 27 a chomhlíonadh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1 agus go ndéanfar iad i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

3.   I gcás ina dtarmligeann an t-údarás a thugann fógra an measúnú, an fógra nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chuig comhlacht, nó ina gcuireann sé ar iontaoibh comhlachta iad, comhlacht nach eintiteas rialtais é, beidh an comhlacht sin ina eintiteas dlítheanach, comhlíonfaidh sé, ar bhealach mutatis mutandis, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 agus beidh socruithe aige chun dliteanais a chumhdach arna n-eascairt as a chuid gníomhaíochtaí.

4.   Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra lánfhreagracht as na cúraimí arna bhfeidhmiú ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 23

Ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra

1.   Bunófar údarás a thugann fógra ar bhealach nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

2.   Eagrófar agus oibreofar údarás a thugann fógra ar bhealach ina ndéantar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí a choimirciú.

3.   Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach inar daoine inniúla a dhéanfaidh gach cinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta a bheidh difriúil leo siúd a rinne an measúnú ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil iarratas á dhéanamh ar fhógra acu i gcomhréir le hAirteagal 28.

4.   Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh an t-údarás a thugann fógra aon ghníomhaíochtaí a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ná ní sholáthróidh sé seirbhísí comhairliúcháin ar bhonn tráchtála nó ar bhonn iomaíoch.

5.   Déanfaidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé a choimirciú. Malartóidh sé, áfach, faisnéis maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra leis an gCoimisiún chomh maith le comhlachtaí a thugann fógra de chuid na mBallstát eile agus le húdaráis náisiúnta ábhartha eile.

6.   Beidh fáil ag údarás a thugann fógra ar líon leordhóthanach daoine inniúla agus ar chistiú leordhóthanach chun a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí.

Airteagal 24

Oibleagáid faisnéise ar údaráis a thugann fógra

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta chun na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú agus chun fógra a thabhairt fúthu agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus faoi aon athruithe ar na nósanna imeachta sin.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 25

Ceanglais a bhaineann leis na húdaráis faoina dtugtar fógra

1.   Chun críocha fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 11.

2.   Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

3.   Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí a bheidh neamhspleách ar ghnó agus a mhéid a bhaineann leis na ceallraí a ndéanann sé measúnú orthu, go háirithe ar mhonaróirí ceallraí, ar chomhpháirtithe trádála na monaróirí ceallraí, ar infheisteoirí ar scairshealbhóirí iad i monarchana na monaróirí ceallraí agus ar chomhlachtaí eile faoina dtugtar fógra agus a gcomhlachais ghnó, a máthairchuideachtaí nó a bhfochuideachtaí.

4.   Ní bheidh dearthóir, monaróir, soláthraí, allmhaireoir, dáileoir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir nó cothabhálaí na gceallraí a bheidh á measúnú, ná ionadaí aon duine de na páirtithe sin, ina chomhlacht um measúnú comhréireachta, ina chomhalta dá lucht ardbhainistíochta ná ina phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh. Leis an toirmeasc sin, ní choiscfear ceallraí a ndearnadh measúnú orthu a úsáid, ar ceallraí iad atá riachtanach le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta, ná ní choiscfear ceallraí den sórt sin a úsáid chun críoch pearsanta.

Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a lucht ardbhainistíochta ná ag an bpearsanra a bheidh freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh le dearadh, monaraíocht, margú, allmhairiú, dáileadh, suiteáil, úsáid nó cothabháil na gceallraí sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht do na páirtithe atá i gceist leis na gníomhaíochtaí sin. Ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoimhlint lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n-ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta faoina dtugtar fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm leis sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.

Áiritheoidh comhlacht um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a mháthairchuideachtaí ná a chomhchuideachtaí, a fhochuideachtaí ná a fhochonraitheoirí difear do rúndacht, oibiachtúlacht ná neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta.

5.   Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta agus a phearsanra na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta leis an ard-ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil atá riachtanach sa réimse sonrach agus beidh sé saor ó gach brú agus aslach, go háirithe ó thaobh airgeadais de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le brú agus aslach ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

6.   Beidh sé de chumas ag comhlacht um measúnú comhréireachta na cúraimí measúnaithe comhréireachta ar fad arna sannadh dó in Iarscríbhinn VIII a dhéanamh, iniúchtaí tréimhsiúla a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 48(2) agus fíorú tríú páirtí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 51 ar tugadh fógra dó ina leith, cibé acu is é an comhlacht um measúnú comhréireachta féin a dhéanann na cúraimí sin nó go ndéantar iad thar a cheann agus ar a fhreagracht féin.

Tráth ar bith, agus i gcás gach nós imeachta measúnaithe comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, i gcás iniúchtaí tréimhsiúla i gcomhréir le hAirteagal 48(2) agus fíorú tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 51, agus i gcás gach catagóire ceallra ar tugadh fógra dó ina leith, beidh fáil ag comhlacht um measúnú comhréireachta ar an méid seo a leanas:

(a)

an pearsanra is gá ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

(b)

na tuairiscí is gá ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, lena n-áirithítear trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an fhéidearthacht iad a athdhéanamh;

(c)

beartais agus nósanna imeachta iomchuí chun idirdhealú a dhéanamh idir gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus cúraimí eile;

(d)

na nósanna imeachta is gá chun cúraimí measúnaithe comhréireachta a fheidhmiú lena dtugtar aird chuí ar mhéid ghnóthais, an earnáil ina bhfeidhmíonn sé, a struchtúr, a chasta atá teicneolaíocht an cheallra atá i gceist agus mais an phróisis táirgthe nó cineál srathach an phróisis sin.

Beidh ag comhlacht um measúnú comhréireachta na modhanna is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann lena ghníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a fheidhmiú ar bhealach iomchuí, agus beidh rochtain aige ar an bhfaisnéis, ar an trealamh tástála agus ar na saoráidí tástála uile is gá. Áireofar leis sin bunú agus maoirsiú nósanna imeachta inmheánacha, beartais ghinearálta, cóid iompair nó rialacha inmheánacha eile, sannadh pearsanra do chúraimí sonracha, agus cinntí maidir le measúnú comhréireachta, gan iad a tharmligean d’fhochonraitheoir nó d’fhochuideachta.

7.   Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh:

(a)

oiliúint theicniúil fhónta agus gairmoiliúint fhónta lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile measúnaithe comhréireachta ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;

(b)

eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c)

eolas iomchuí agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus 12, 13 agus 14 agus in Airteagail 48 go 52, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 15 agus ar na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus an dlí náisiúnta;

(d)

an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena léireofar go ndearnadh measúnuithe comhréireachta.

8.   Ráthófar neamhchlaontacht comhlachta um measúnú comhréireachta, a lucht ardbhainistíochta agus an phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh.

Ní bhraithfidh luach saothair an lucht ardbainistíochta agus an phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh ar an líon measúnuithe comhréireachta a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

9.   Tógfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta polasaí árachais dliteanais ach amháin má ghabhann an stát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta sa Bhallstát a thugann fógra, nó má bhíonn an Ballstát sin féin freagrach as an measúnú comhréireachta go díreach.

10.   Déanfaidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus iad i mbun na gcúraimí i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, iniúchtaí tréimhsiúla i gcomhréir le hAirteagal 48(2), nó i mbun fíorú tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 51, ach amháin maidir leis an údarás a thugann fógra agus údaráis náisiúnta an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Cosnófar cearta dílseánaigh.

11.   Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe earnála na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra arna bhunú de bhun Airteagal 37, nó áiritheoidh sé go gcuirfear a phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh, ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus feidhmeoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta mar threoir ghinearálta na cinntí riaracháin agus na doiciméid riaracháin arna dtáirgeadh ag an ngrúpa comhordaithe earnála sin.

Airteagal 26

Toimhde maidir le comhréireacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

I gcás ina léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta a chomhréireacht leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó codanna díobh, ar foilsíodh tagairtí ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

Airteagal 27

Fochuideachtaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus fochonraitheoireacht ag comhlachtaí den sórt sin

1.   I gcás ina ligeann comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha i dtaca le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó i gcás ina dtéann comhlacht den sórt sin ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25 agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas faoi sin dá réir.

2.   Glacfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra lánfhreagracht as na cúraimí arna bhfeidhmiú ag fochonraitheoirí nó ag fochuideachtaí, cibé áit a bhfuil siad sin bunaithe.

3.   Ní fhéadfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra gníomhaíochtaí a ligean ar fochonradh ná a thabhairt d’fhochuideachta lena ndéanamh ach amháin le comhaontú ón gcliant.

4.   Coinneoidh comhlacht faoina dtugtar fógra ar fáil don údarás a thugann fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann leis an measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus a bhaineann leis an obair a dhéanann siad faoi Airteagal 48(2) agus Airteagal 51 agus faoi Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 28

Iarratas ar fhógra

1.   Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra de chuid an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

2.   Beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta ag gabháil leis an iarratas ar fhógra, agus tuairisc ar an modúl nó na modúil measúnaithe comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII nó na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 48(2) agus Airteagal 51, agus tuairisc ar na ceallraí dá maíonn an comhlacht um measúnú comhréireachta a bheith inniúil, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, i gcás inarb infheidhme, arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25.

3.   I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a sholáthar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 25 ag an gcomhlacht a fhíorú, a aithint agus chun faireachán a dhéanamh go tráthrialta air sin, lena n-áirítear doiciméadacht iomchuí lena léirítear go bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta neamhspleách de réir bhrí Airteagal 25(3).

Airteagal 29

Nós imeachta um fhógra a thabhairt

1.   Ní thabharfaidh údarás a thugann fógra fógra ach do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25.

2.   Seolfaidh an t-údarás a thugann fógra fógra chuig an gCoimisiún agus údaráis na mBallstát eile a thugann fógra faoi gach comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 1 agus úsáid á baint as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

3.   Beidh san fhógra tuairisc iomlán ar na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, ar an modúl nó ar na modúil measúnaithe comhréireachta nó na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 48(2) agus Airteagal 51, agus ar chatagóirí na gceallraí lena mbaineann agus ar fhianú ábhartha na hinniúlachta.

4.   I gcás nach bhfuil fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(2), soláthróidh an t-údarás a thugann fógra, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, fianaise dhoiciméadach lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéantar faireachán ar an gcomhlacht go tráthrialta agus go leanfaidh an comhlacht de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 25.

5.   Ní fheidhmeoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra ach amháin mura ndéanfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit eile aon agóidí ina choinne laistigh de 2 sheachtain ó thráth déanta an fhógra i gcás deimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(2) a bheidh ann nó laistigh de 2 mhí ó thráth déanta an fhógra i gcás fianaise dhoiciméadach dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a bheidh san fhógra. Chun críocha an Rialacháin seo, ní mheasfar ach comhlacht um measúnú comhréireachta den sórt sin mar chomhlacht faoina dtugtar fógra.

6.   Tabharfaidh an t-údarás a thugann fógra fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le haon athruithe arna ndéanamh ina dhiaidh sin ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 30

Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do gach comhlacht faoina dtugtar fógra. Sannfaidh sé uimhir aonair fiú i gcás ina dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha de chuid an Aontais.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí a dtugtar fógra fúthu faoin Rialachán seo a chur ar fáil go poiblí agus déanfaidh sé an liosta sin a choinneáil cothrom le dáta, lena n-áirítear na huimhreacha aitheantais arna sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta faoinar tugadh fógra dóibh.

Airteagal 31

Athruithe ar na fógraí

1.   I gcás ina bhfuil sé cinntithe ag údarás a thugann fógra nach bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 25 a thuilleadh nó go bhfuil an comhlacht ag mainneachtain a oibleagáidí a chomhlíonadh nó i gcás ina bhfuil an méid sin curtha in iúl dó, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, de réir thromchúis na mainneachtana na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

2.   I gcás fógra a bheith srianta, curtha ar fionraí nó tarraingthe siar de bhun mhír 1, nó i gcás deireadh a bheith curtha lena ghníomhaíocht ag comhlacht faoina dtugtar fógra, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go bpróiseálann comhlacht eile faoina dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin nó go gcoinnítear na comhaid sin ar fáil do na húdaráis a thugann fógra agus do na húdaráis faireachais margaidh a bheidh freagrach arna n-iarraidh sin dóibh.

Airteagal 32

Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás a bhfuil amhras air ina leith, nó a gcuirtear amhras ina leith in iúl dó, go háirithe ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag geallsealbhóirí ábhartha eile, maidir le hinniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra nó maidir leis an gcaoi a bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra ag leanúint de bheith ag comhlíonadh na gceanglas agus na bhfreagrachtaí a bhfuil sé faoina réir.

2.   Soláthróidh an t-údarás a thugann fógra, don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis uile a bhaineann leis an mbonn leis an bhfógra nó le hinniúlacht an chomhlachta faoina dtugtar fógra lena mbaineann a choinneáil ar bun.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe.

4.   I gcás ina gcinntíonn an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra na ceanglais dá fhógra nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais dá fhógra a thuilleadh, déanfaidh sé gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena gceanglaítear ar an mBallstát a thugann fógra an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a tharraingt siar más gá. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

Airteagal 33

Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 48(2), Airteagal 51 nó Iarscríbhinn VIII, de réir mar a chinntear le raon feidhme an fhógra arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 29.

2.   Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach, agus cruthú ualaigh neamhriachtanaigh d’oibreoirí eacnamaíocha á sheachaint, agus aird chuí á tabhairt ar mhéid ghnóthais, an earnáil ina bhfeidhmíonn an gnóthas, struchtúr an ghnóthais, a chasta atá an ceallra atá le measúnú, agus mais an phróisis táirgthe nó cineál srathach an phróisis sin. Urramóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra mar sin féin an méid smachta agus an leibhéal cosanta a éilítear chun go gcomhlíonfaidh an ceallra agus oibreoirí eacnamaíochta an Rialachán seo.

3.   I gcás ina bhfionnann comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13, 14, 49 agus 50, i gcaighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 15, sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 nó sonraíochtaí teicniúla eile comhlíonta, éileoidh sé go ndéanfaidh an monaróir nó oibreoir eacnamaíoch ábhartha eile gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí in oirchill an dara measúnú comhréireachta, arb é an measúnú críochnaitheach é, ach amháin mura féidir na heasnaimh a leigheas. I gcás nach féidir na heasnaimh a leigheas, ní eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an deimhniú comhréireachta ná an cinneadh formheasa.

4.   I gcás ina bhfionnann comhlacht faoina dtugtar fógra, agus an faireachán á dhéanamh aige ar chomhréireacht tar éis do chinneadh formheasa a bheith eisithe, nach ann a thuilleadh do chomhlíontacht, éileoidh sé ar an monaróir nó ar an oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) de réir mar is infheidhme, gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh agus cuirfidh sé an cinneadh formheasa ar fionraí nó tarraingeoidh sé siar é, más gá.

5.   I gcás nach ndéantar gníomhaíocht cheartaitheach dá dtagraítear i mír 4 nó nach mbainfidh an éifeacht riachtanach léi, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an cinneadh formheasa a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 34

Achomharc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar nós imeachta achomhairc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra.

Airteagal 35

Oibleagáid faisnéise ar údaráis faoina dtugtar fógra

1.   Cuirfidh comhlacht faoina dtugtar fógra an t-údarás a thugann fógra ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

aon diúltú, srianadh, fionraíocht nó tarraingt siar i ndáil le deimhniú comhréireachta nó cinneadh formheasa;

(b)

aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra a thug sé nó do na coinníollacha maidir leis an bhfógra a thug sé;

(c)

aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh sé ó údaráis faireachais margaidh maidir lena ghníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta;

(d)

arna iarraidh sin, aon ghníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a fheidhmítear laistigh de raon feidhme a fhógra agus aon ghníomhaíocht eile dá bhfeidhmítear, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2.   Soláthróidh comhlacht faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha do chomhlachtaí eile faoina dtugtar fógra a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla measúnaithe comhréireachta lena gcumhdaítear na catagóirí ceallra céanna, faisnéis ábhartha maidir le:

(a)

measúnuithe comhréireachta diúltacha agus, arna iarraidh sin, measúnuithe comhréireachta dearfacha; agus

(b)

aon chinneadh formheasa a srianadh, a fionraíodh nó a tarraingíodh siar.

Airteagal 36

Malartú taithí agus dea-chleachtais

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí agus dea-chleachtais a eagrú idir údaráis na mBallstát atá freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.

Airteagal 37

Comhordú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin i gceart i bhfoirm grúpa comhordaithe earnála de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.

Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra rannpháirteach in obair an ghrúpa comhordaithe earnála, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

CAIBIDIL VI

Oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha seachas na hoibleagáidí i gCaibidlí VII agus VIII

Airteagal 38

Oibleagáidí na monaróirí

1.   Agus cheallra á chur ar an margadh nó á chur i seirbhís acu, lena n-áirítear chun críocha an mhonaróra féin, áiritheoidh monaróirí maidir leis an gceallra:

(a)

gur dearadh agus gur monaraíodh é i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12 agus 14, agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta atá soiléir, intuigthe agus inléite ag gabháil leis i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar an margadh nó le cur i seirbhís; agus

(b)

go marcáiltear agus go lipéadaítear é i gcomhréir le hAirteagal 13.

2.   Sula gcuirfear ceallra ar an margadh nó sula gcuirfear i seirbhís é, tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII agus cuirfidh siad i gcrích an nós imeachta ábhartha measúnaithe comhréireachta, dá dtagraítear in Airteagal 17, nó socróidh siad go gcuirfear i gcrích é.

3.   I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta ábhartha measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 17 go gcomhlíonann ceallra na ceanglais is infheidhme, tarraingeoidh monaróirí dearbhú comhréireachta AE suas i gcomhréir le hAirteagal 18 agus greamóidh siad an mharcáil CE de i gcomhréir le hAirteagail 19 agus 20.

4.   Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IX agus an dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra a bheith curtha ar an margadh nó i seirbhís.

5.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm le haghaidh ceallra atá ina chuid de tháirgeadh srathach chun leanúint de bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo. Agus sin á dhéanamh, cuirfidh monaróirí san áireamh go leordhóthanach athruithe ar an bpróiseas táirgthe nó ar dhearadh nó ar shaintréithe an cheallra agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, ar na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 nó ar shonraíochtaí teicniúla eile ar faoina dtreoir a ndearbhaítear comhréireacht an cheallra nó trína bhfeidhmiú a bhfíoraítear a chomhréireacht.

6.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh aitheantas múnla agus baiscuimhir nó sraithuimhir ar na ceallraí a chuireann siad ar an margadh, nó uimhir tháirge nó gné eile lenar féidir iad a shainaithint. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an cheallra, cuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an gceallra.

7.   Luafaidh monaróirí ar an gceallra a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, a seoladh poist, lena léirítear pointe teagmhála aonair, agus, más ann dóibh, seoltaí gréasáin agus ríomhphoist. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, cuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an gceallra. Beidh na sonraí teagmhála sin i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh agus d’údaráis faireachais margaidh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar an margadh nó le cur i seirbhís, agus beidh sí soiléir, intuigthe agus soléite.

8.   Soláthróidh monaróirí rochtain ar na sonraí le haghaidh na bparaiméadar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII sa chóras bainistithe ceallra dá dtagraítear in Airteagal 14(1), i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos san Airteagal sin.

9.   Monaróirí a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís acu i gcomhréir le ceann amháin nó níos mó de na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14, déanfaidh siad an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá láithreach chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh monaróirí údarás faireachais margaidh an Bhallstáit inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach, ag tabhairt mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

10.   Soláthróidh monaróirí, de bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, don údarás sin an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an cheallra leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 a léiriú i dteanga nó i dteangacha is éasca don údarás náisiúnta sin a thuiscint. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhformáid leictreonach agus arna iarraidh sin, i bhformáid pháipéir. Comhoibreoidh monaróirí leis an údarás náisiúnta, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht arna déanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallra a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad i seirbhís.

11.   Measfar gur monaróirí chun críocha an Rialacháin seo oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann ceallraí a ullmhú le haghaidh athúsáide, a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó a gcuspóir a athrú, nó a athmhonarú, agus a chuireann ceallra a chuaigh faoi aon cheann de na hoibríochtaí sin ar an margadh nó i seirbhís.

Airteagal 39

Oibleagáidí na soláthraithe ceall ceallraí agus modúl ceallraí

Soláthróidh soláthraithe ceall ceallraí agus modúl ceallraí an fhaisnéis agus an doiciméadacht is gá chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus cealla ceallraí nó modúil ceallraí á soláthar acu do mhonaróir. Cuirfear an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar fáil saor in aisce.

Airteagal 40

Oibleagáidí na n-ionadaithe údaraithe

1.   Féadfaidh monaróir, le sainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a ainmniú.

Ní bheidh sainordú an ionadaí údaraithe bailí ach amháin nuair a ghlacfaidh an t-ionadaí údaraithe i scríbhinn é.

2.   Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 38(1) ná in Airteagail 48 go 52 agus an oibleagáid chun doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas mar chuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

3.   Feidhmeoidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón monaróir. Beidh an acmhainn iomchuí ag an ionadaí údaraithe chun na cúraimí a shonraítear sa sainordú a chomhlíonadh. Soláthróidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú don údarás faireachais margaidh, arna iarraidh sin dó, i dteanga de chuid an Aontais a chinnfidh an t-údarás sin. Áireofar sa sainordú na cúraimí a leanas ar a laghad:

(a)

an dearbhú comhréireachta AE, an doiciméadacht theicniúil, an tuarascáil fíorúcháin agus an cinneadh formheasa dá dtagraítear in Airteagal 51(2) agus na tuarascálacha iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 48(2) a choimeád ar fáil d’údaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís;

(b)

de bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an cheallra a léiriú a sholáthar dó. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhformáid leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhformáid pháipéir;

(c)

comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe.

4.   I gcás ina mbaineann riosca le ceallra, déanfaidh ionadaithe údaraithe na húdaráis faireachais margaidh a chur ar an eolas faoi sin láithreach.

Airteagal 41

Oibleagáidí na n-allmhaireoirí

1.   Ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach ceallra a bheidh i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14.

2.   Roimh dóibh ceallra a chur ar an margadh, fíoróidh allmhaireoirí an méid seo a leanas:

(a)

gur tarraingíodh suas dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII agus go ndearna an monaróir an nós imeachta ábhartha measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 17;

(b)

go bhfuil an mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an gceallra agus go bhfuil sé marcáilte agus lipéadaithe i gcomhréir le hAirteagal 13;

(c)

go bhfuil na doiciméid is gá ag gabháil leis an gceallra de bhun Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar fáil ar an margadh; agus

(d)

gur chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 38(6) agus (7).

I gcás ina measann allmhaireoir nó go bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an ceallra sin ar an margadh go dtí go dtabharfar an ceallra sin chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus an t-údarás faireachais margaidh ar an eolas, ag tabhairt mionsonraí faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

3.   Léireoidh monaróirí ar an gceallra a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, a seoladh poist, lena léirítear pointe teagmhála aonair, agus, más ann dóibh, seoltaí gréasáin agus ríomhphoist. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, cuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an gceallra. Beidh sonraí teagmhála sin i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar fáil ar an margadh, agus beidh sí soiléir, intuigthe agus soléite.

4.   Áiritheoidh allmhaireoirí, agus ceallra ar a gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair comhlíonadh Airteagail 6 go 10 ná Airteagail 12, 13 agus 14 a chur i mbaol.

5.   I gcás ina meastar gurb iomchuí é maidir leis na rioscaí a bhaineann le ceallra, déanfaidh allmhaireoirí, chun sláinte an duine agus sábháilteacht tomhaltóirí a chosaint, tástáil shamplach ar cheallraí a dhéantar a mhargú, imscrúdóidh siad iad agus, más gá, coimeádfaidh siad clár gearán, maidir le ceallraí neamh-chomhlíontacha agus ceallraí a dhéantar a aisghairm, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoi fhaireachán den sórt sin.

6.   Allmhaireoirí a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14, déanfaidh siad an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá láithreach chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh allmhaireoirí údarás faireachais margaidh an Bhallstáit inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach, ag tabhairt mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

7.   Coimeádfaidh allmhaireoirí, ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra a bheith curtha ar an margadh, cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta agus áiritheoidh siad go gcuirfear an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin.

8.   Soláthróidh allmhaireoirí, de bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, don údarás sin an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an cheallra le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 a léiriú i dteanga nó i dteangacha is éasca don údarás sin a thuiscint. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhformáid leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhformáid pháipéir. Comhoibreoidh allmhaireoirí leis an údarás náisiúnta, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí, a chuir siad ar an margadh.

Airteagal 42

Oibleagáidí na ndáileoirí

1.   Agus ceallra á chur ar fáil ar an margadh acu, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Roimh dóibh ceallra a chur ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil an táirgeoir cláraithe ar chlár na dtáirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 55;

(b)

go bhfuil an mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an gceallra agus go bhfuil sé marcáilte agus lipéadaithe i gcomhréir le hAirteagal 13;

(c)

go bhfuil na doiciméid a éilítear de bhun Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 ag gabháil leis an gceallra agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar fáil ar an margadh nó le cur i seirbhís; agus

(d)

gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 38(6) agus (7) agus Airteagal 41(3) faoi seach.

3.   I gcás ina measann dáileoir nó go bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 ná Airteagal 12, 13 nó 14, ní chuirfidh an dáileoir an ceallra sin ar fáil ar an margadh go dtí go dtabharfar an ceallra sin chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir ar an eolas chomh maith leis na húdaráis faireachais margaidh.

4.   Áiritheoidh dáileoirí, agus ceallra ar a gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair comhlíonadh Airteagail 6 go 10 ná Airteagail 12, 13 agus 14 a chur i mbaol.

5.   Áiritheoidh dáileoirí a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra atá curtha ar fáil ar an margadh acu i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 ná Airteagal 12, 13 nó 14 go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh dáileoirí údaráis faireachais margaidh an Bhallstáit inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach, ag tabhairt mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

6.   Soláthróidh dáileoirí, de bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, dó an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an cheallra le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 a léiriú i dteanga nó i dteangacha is éasca don údarás náisiúnta sin a thuiscint. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhformáid leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhformáid pháipéir; Comhoibreoidh dáileoirí leis an údarás náisiúnta, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí a chuir siad ar fáil ar an margadh.

Airteagal 43

Oibleagáidí na soláthraithe seirbhíse comhlíonta

Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta, i gcás na gceallraí a láimhseálann siad, nach ndéanfaidh na dálaí le linn ollstórála, pácáistiú, seoladh a chur ar an gceallra nó é a sheoladh, comhlíonadh Airteagail 6 go 10 ná Airteagail 12, 13 agus 14 a chur i mbaol i ndáil leis na ceallraí.

Gan dochar d’oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha ábhartha a leagtar síos sa Chaibidil seo, déanfaidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta, sa bhreis ar an gceanglas dá dtagraítear sa chéad mhír, na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 40(3), pointe (c), agus in Airteagal 40(4).

Airteagal 44

Cás ina mbíonn feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoirí

Measfar gur monaróir é allmhaireoir nó dáileoir chun críocha an Rialacháin seo agus go mbeidh siad faoi réir oibleagáidí monaróra faoi Airteagal 38, i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

cuirtear ceallra ar an margadh nó cuirtear i seirbhís é faoi ainm nó faoi thrádmharc an allmhaireora féin nó an dáileora féin;

(b)

déanann an t-allmhaireoir sin nó an dáileoir sin modhnú ar cheallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís cheana féin ar bhealach ina bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais ábhartha an Rialacháin seo; nó

(c)

déanann an t-allmhaireoir sin nó an dáileoir sin modhnú ar chuspóir ceallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís cheana féin.

Airteagal 45

Oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ar an margadh nó a chuireann i seirbhís ceallraí a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, nó ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh

1.   Oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ar an margadh nó a chuireann i seirbhís ceallraí a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh, áiritheoidh siad go ndéanfar scrúdú, tástáil feidhmíochta, pacáil agus loingsiú na gceallraí sin, agus comhpháirteanna ceallraí den sórt sin atá faoi réir aon cheann de na hoibríochtaí sin, de réir treoracha leordhóthanacha rialaithe cáilíochta agus sábháilteachta.

2.   Oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ar an margadh nó a chuireann i seirbhís ceallraí a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh an ceallra ceanglais an Rialacháin seo, aon cheanglais ábhartha maidir leis an táirge, maidir le cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine agus maidir le sábháilteacht iompair i ndlí eile de chuid an Aontais, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh an ceallra, mar thoradh ar oibríochtaí den sórt sin, teacht faoi chatagóir ceallra éagsúil. I gcás oibríochtaí athmhonaraíochta, soláthróidh na hoibreoirí eacnamaíocha sin, arna iarraidh sin, an doiciméadacht is gá d’údaráis faireachais margaidh chun a léiriú gur athmhonaraíodh an ceallra i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 46

Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha

1.   Soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin ag údarás náisiúnta an fhaisnéis seo a leanas do na húdaráis faireachais margaidh:

(a)

sainaitheantas aon oibreora eacnamaíoch a sholáthair ceallra dóibh;

(b)

sainaitheantas aon oibreora eacnamaíoch ar sholáthair siad ceallra dó, chomh maith leis an líon ceallraí agus na samhlacha beachta.

2.   Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha go bhfuil siad in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra a bheith soláthraithe dóibh agus ar feadh 10 mbliana tar éis dóibh an ceallra a sholáthar.

CAIBIDIL VII

Oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha a mhéid a bhaineann le beartais díchill chuí maidir le ceallraí

Airteagal 47

Raon feidhme na Caibidle seo

Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a raibh glanláimhdeachas níos lú ná EUR 40 milliún acu sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach, agus nach cuid de ghrúpa iad, ina bhfuil máthairghnóthais agus foghnóthais, a sháraíonn, ar bhonn comhdhlúite, an teorainn EUR 40 milliún.

Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hoibreoirí eacnamaíocha i dtaca le ceallraí a bheith á gcur ar an margadh nó á gcur i seirbhís, ar ceallraí iad a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh, má cuireadh ceallraí den sórt sin ar an margadh nó má cuireadh i seirbhís cheana iad sula ndearnadh oibríochtaí den sórt sin orthu.

Tá feidhm ag an gCaibidil seo gan dochar do na forálacha a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le hoibleagáidí díchill chuí i ndáil le mianraí agus miotail de thionscnamh limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó limistéar ardriosca.

Airteagal 48

Beartais díchill chuí maidir le ceallraí

1.   Ón 18 Lúnasa 2025, comhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh nó a chuireann i seirbhís iad na hoibleagáidí díchill chuí a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, agus in Airteagail 49, 50 agus 52 agus, chuige sin, déanfaidh siad beartais díchill chuí maidir le ceallraí a chur ar bun agus a chur chun feidhme.

2.   Maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra a mbeartais díchill chuí maidir le ceallraí a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 51 (“fíorú tríú páirtí”) agus déanfaidh an comhlacht sin faoina dtugtar fógra iniúchadh orthu ar bhonn tréimhsiúil chun a áirithiú go ndéantar na beartais díchill chuí maidir le ceallraí a choinneáil ar bun agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 49, 50 agus 52. Cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tuarascáil iniúchóireachta ar fáil don oibreoir eacnamaíoch a ndéanfar iniúchadh air.

3.   Coinneoidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo doiciméadacht lena léirítear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 49, 50 agus 52 á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear an tuarascáil fíorúcháin agus an cinneadh formheasa dá dtagraítear in Airteagal 51 agus na tuarascálacha iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra deireanach a monaraíodh faoin mbeartas ábhartha díchill chuí maidir le ceallraí a bheith curtha ar an margadh.

4.   Gan dochar don fhreagracht aonair atá ar oibreoirí eacnamaíocha as a mbeartais díchill chuí maidir le ceallraí, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, chun críocha chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 48, 49, 50 agus 52, comhoibriú le gníomhaithe eile, lena n-áirítear trí scéimeanna díchill chuí a aithnítear faoin Rialachán seo.

5.   Faoin 18 Feabhra 2025, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na gceanglas díchill chuí a leagtar síos in Airteagail 49 agus 50, ag féachaint do na rioscaí dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X agus, go háirithe, i gcomhréir leis na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointí 3 agus 4 d’Iarscríbhinn X.

6.   Féadfaidh na Ballstáit, chun faisnéis agus tacaíocht a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha agus na hoibleagáidí díchill chuí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, suíomhanna gréasáin, ardáin nó tairseacha atá tiomnaithe, go leithleach nó go comhpháirteach, a chur ar bun agus a oibriú.

7.   Féadfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta na mBallstát dá dtagraítear i mír 6 a chomhlánú, trí chur le gníomhaíocht an Aontais a dhéantar cheana chun tacú le dícheall cuí san Aontas agus i dtríú tíortha, agus chun bearta nua a cheapadh, chun cabhrú le hoibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

8.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú rialta ar an ngá atá le liosta d’amhábhair agus catagóirí riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn X a nuashonrú.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an liosta d’amhábhair i bpointe 1 d’Iarscríbhinn X agus de chatagóirí riosca i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X a leasú, i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch nó teicneolaíoch maidir le monaraíocht ceallraí agus ceimic ceallraí agus leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/821;

(b)

an liosta d’ionstraimí idirnáisiúnta i bpointe 3 d’Iarscríbhinn X a leasú, i gcomhréir le forbairtí laistigh de na fóraim idirnáisiúnta ábhartha maidir le caighdeáin a bhaineann le beartais díchill chuí agus le cosaint an chomhshaoil agus na gceart sóisialta;

(c)

na hoibleagáidí ar na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagtar síos in Airteagail 49 agus 50 a leasú i bhfianaise leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/821, agus an liosta d’ionstraimí díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a leagtar amach i bpointe 4 d’Iarscríbhinn X a leasú.

Airteagal 49

Córas bainistithe an oibreora eacnamaíoch

1.   Déanfaidh gach oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) an méid seo a leanas:

(a)

beartas díchill chuí de chuid na cuideachta maidir le ceallraí, a bhaineann le hamhábhair a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn X, agus na catagóirí riosca sóisialta agus comhshaoil gaolmhara a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X, a ghlacadh agus a chur in iúl go soiléir do sholáthróirí agus don phobal;

(b)

caighdeáin atá comhsheasmhach leis na caighdeáin a leagtar amach in ionstraimí díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a liostaítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn X a ionchorprú ina bheartas díchill chuí maidir le ceallraí;

(c)

a chóras bainistithe inmheánaigh a struchtúrú sa chaoi go dtacófar lena bheartas díchill chuí maidir le ceallraí trína chur de fhreagracht ar a leibhéal bainistíochta is airde formhaoirseacht a dhéanamh ar a bheartas díchill chuí maidir le ceallraí chomh maith le taifid a choinneáil ar bun den chóras sin ar feadh 10 mbliana ar a laghad;

(d)

córas rialuithe agus trédhearcachta a bhunú agus a fheidhmiú maidir leis an slabhra soláthair, lena n-áirítear líne chúraim nó córas inrianaitheachta, lena ndéanfar gníomhaithe réamhtheachtacha sa slabhra soláthair a shainaithint;

(e)

a bheartas díchill chuí maidir le ceallraí, lena n-áirítear bearta bainistithe riosca, a ionchorprú i gconarthaí agus comhaontuithe le soláthraithe; agus

(f)

sásra casaoide a bhunú, lena n-áirítear córas feasachta riosca luathrabhaidh agus sásra feabhsúcháin, nó foráil a dhéanamh maidir le sásraí den sórt sin trí chomhaontuithe comhoibríocha le hoibreoirí eacnamaíocha eile nó le heagraíochtaí eile nó trí dhul ar iontaoibh saineolaí nó comhlachta sheachtraigh, amhail ombudsman, a éascú; beidh sásraí den sórt sin bunaithe ar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine.

2.   Beidh doiciméadacht ina soláthraítear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad mar thaca ag an gcóras dá dtagraítear i mír 1, pointe (d):

(a)

tuairisc ar an amhábhar, lena n-áirítear a ainm trádála agus a chineál;

(b)

ainm agus seoladh an tsoláthraí a sholáthair an t-amhábhar sna ceallraí don oibreoir eacnamaíoch a chuireann na ceallraí ina bhfuil an t-amhábhar atá i gceist ar an margadh;

(c)

tír thionscnaimh an amhábhair agus na hidirbhearta margaidh ó eastóscadh an amhábhair chuig an soláthraí is gaire don oibreoir eacnamaíoch a chuireann an ceallra ar an margadh;

(d)

cainníochtaí an amhábhair sa cheallra a chuirtear ar an margadh, arna shloinneadh i gcéatadán nó de réir meáchain;

(e)

tuarascálacha fíorúcháin tríú páirtí arna n-eisiúint ag comhlacht faoina dtugtar fógra agus a bhaineann leis na soláthraithe dá dtagraítear in Airteagal 50(3);

(f)

mura bhfuil na taifid dá dtagraítear i bpointe (e) ar fáil agus i gcás ina dtionscnaíonn an t-amhábhar ó limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca, faisnéis bhreise i gcomhréir leis na moltaí sonracha d’oibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha, mar a leagtar amach i dTreoir ECFE maidir le dícheall cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca, i gcás inarb ábhartha, amhail an mianach tionscnaimh, suíomhanna ina ndéantar an t-amhábhar a chomhdhlúthú, a thrádáil agus a phróiseáil, agus ina ndéantar cánacha, táillí agus ríchíosanna a íocadh.

Cuirfidh soláthróirí dá dtagraítear in Airteagal 50(3) tuarascálacha fíorúcháin tríú páirtí dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír ar fáil d’oibreoirí iartheachtacha an tslabhra soláthair.

Airteagal 50

Oibleagáidí maidir le bainistiú riosca

1.   Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) an méid seo a leanas:

(a)

aon riosca drochthionchar ina shlabhra soláthair, a bhaineann leis na catagóirí riosca a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X mar chuid dá phlean bainistithe, a shainaithint agus a mheasúnú, lena n-áirítear ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun Airteagal 49 agus aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil go poiblí nó a chuireann geallsealbhóirí ar fáil, faoi threoir a bheartais díchill chuí maidir le ceallraí;

(b)

straitéis a cheapadh agus a chur chun feidhme chun freagairt ar na rioscaí a sainaithníodh, ionas gur féidir tionchair dhíobhálacha a chosc, a mhaolú agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach eile tríd an méid seo a leanas:

(i)

torthaí a mheasúnaithe riosca a thuairisciú chuig a leibhéal bainistíochta is airde arna shannadh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 49(1);

(ii)

bearta bainistithe riosca a ghlacadh atá i gcomhréir leis na hionstraimí díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta a liostaítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn X, agus a chumas chun tionchar a imirt á chur san áireamh, agus i gcás inar gá, bearta a dhéanamh chun brú a chur ar sholáthraithe, lena n-áirítear a bhfochuideachtaí agus a bhfochonraitheoirí, ar féidir leo an riosca arna shainaithint a chosc nó a mhaolú ar an mbealach is éifeachtaí;

(iii)

plean bainistithe riosca a cheapadh agus a chur chun feidhme, faireachán agus rianú a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-iarrachtaí maolaithe riosca, tuairisciú ar ais chuig a leibhéal bainistíochta is airde arna shannadh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 49(1), agus breithniú a dhéanamh ar rannpháirtíocht le soláthróir nó lena fhochuideachta nó lena fhochonraitheoir a chur ar fionraí nó a scor tar éis iarrachtaí ar chliseadh ar mhaolú, bunaithe ar chonarthaí agus comhaontuithe ábhartha dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 49(1);

(iv)

tuilleadh measúnuithe fíorais agus riosca a dhéanamh le haghaidh rioscaí nach mór a mhaolú, nó tar éis athrú ar imthosca.

2.   Má dhéanann oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) iarrachtaí ar mhaolú riosca agus, é ag leanúint de bheith ag trádáil nó an trádáil á cur ar fionraí go sealadach aige ag an am céanna, rachaidh sé i gcomhairle le soláthraithe agus leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, lena n-áirítear údaráis rialtais áitiúil agus náisiúnta, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí sochaí sibhialta agus tríú páirtithe a ndéantar difríocht dóibh, amhail pobail áitiúla, sula mbunófar straitéis um maolú intomhaiste riosca sa phlean bainistithe riosca dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(iii) den Airteagal seo.

3.   Sainaithneoidh agus measúnóidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) dóchúlacht na dtionchar díobhálach sna catagóirí riosca a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X, ina shlabhra luacha. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch sin na rioscaí ina shlabhra soláthair a shainaithint agus déanfaidh sé measúnú orthu mar chuid dá chóras bainistithe riosca féin. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch fíoruithe tríú páirtí ar a shlabhraí díchill chuí féin trí chomhlacht faoina dtugtar fógra i gcomhréir le hAirteagal 51. Féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch úsáid a bhaint as tuarascálacha fíoraithe tríú páirtí arna n-eisiúint de bhun Airteagal 51(2) ag comhlacht faoina dtugtar fógra a bhaineann le beartais díchill chuí maidir le ceallraí arna gcur chun feidhme ag soláthróirí sa slabhra sin i gcomhréir leis an gCaibidil seo. Féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch na tuarascálacha fíoraithe tríú páirtí sin a úsáid freisin chun measúnú a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, ar chleachtais díchill chuí na soláthróirí sin.

4.   Tuairisceoidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) torthaí an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo chuig an leibhéal bainistíochta is airde ar sannadh freagracht dó i gcomhréir le hAirteagal 49(1), pointe (c), agus cuirfidh sé an straitéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo chun feidhme.

Airteagal 51

Fíorú tríú páirtí ar bheartais díchill chuí maidir le ceallraí

1.   Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fíoruithe tríú páirtí. Maidir le fíoruithe tríú páirtí den sórt sin:

(a)

cumhdófar leis na gníomhaíochtaí, próisis agus córais uile a úsáideann oibreoirí eacnamaíocha chun a n-oibleagáidí maidir le dícheall cuí a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagail 49, 50 agus 52;

(b)

beidh mar a gcuspóir acu comhréireacht cleachtas díchill chuí oibreoirí eacnamaíocha, a chuireann ceallraí ar an margadh, a chinneadh i gcomhréir le hAirteagail 49, 50 agus 52;

(c)

i gcás inarb ábhartha, áireofar seiceálacha ar ghnóthais agus déanfar faisnéis a bhailiú ó gheallsealbhóirí;

(d)

réimsí ina bhféadfaí feabhas a dhéanamh i ndáil lena gcleachtais díchill chuí a shainaithint do na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh;

(e)

prionsabail an neamhspleáchais, na hinniúlachta agus na cuntasachta san iniúchóireacht a urramú, mar a leagtar amach i dTreoir ECFE maidir le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca.

2.   Eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tuarascáil fíorúcháin ina dtaifeadfar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo maille lena dtorthaí. I gcás ina gcomhlíonann beartais díchill chuí maidir le ceallraí dá dtagraítear in Airteagal 48 na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 49, 50 agus 52, eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cinneadh formheasa.

Airteagal 52

Faisnéis a nochtadh maidir le beartais díchill chuí maidir le ceallraí

1.   Cuirfidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) an tuarascáil fíorúcháin nó an cinneadh formheasa a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 51, na tuarascálacha iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 48(2) agus an fhianaise atá ar fáil maidir le comhlíontacht scéime díchill chuí arna aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 53, ar fáil d’údaráis faireachais margaidh na mBallstát nó d’údaráis náisiúnta na mBallstát, arna iarraidh sin dóibh.

2.   Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) an fhaisnéis ábhartha uile a fhaigheann sé agus a choinníonn sé de bhun a bheartais díchill chuí maidir le ceallraí a chur ar fáil dá neas-cheannaitheoirí iartheachtacha, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht gnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht.

3.   Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) athbhreithniú ar bhonn bliantúil ar thuarascáil maidir lena bheartas díchill chuí maidir le ceallraí agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí í, lena n-áirítear ar an idirlíon. Beidh sa tuarascáil sin, ar bhealach intuigthe d’úsáideoirí deiridh, ina sainaithnítear go soiléir na ceallraí lena mbaineann, na sonraí agus an fhaisnéis maidir leis na bearta a rinne an t-oibreoir eacnamaíoch sin chun na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 49 agus 50 a chomhlíonadh, lena n-áirítear torthaí a fuarthas maidir le tionchair dhíobhálacha shuntasacha ar na catagóirí riosca a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X, agus an chaoi ar tugadh aghaidh orthu, chomh maith le tuarascáil achomair ar an bhfíorú tríú páirtí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 51, lena n-áirítear ainm an chomhlachta faoina dtugtar fógra, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht gnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht. Cumhdófar leis an tuarascáil sin freisin, i gcás inarb ábhartha, rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil i ndáil le foinsiú, próiseáil agus trádáil na n-amhábhar atá i gceallraí.

4.   I gcás inar féidir leis an oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) a léiriú go ndíorthaítear na hamhábhair a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn X, atá sa cheallra as foinsí athchúrsáilte, déanfaidh sé, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht gnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht, a thátail a nochtadh go poiblí.

Airteagal 53

Aitheantas do scéimeanna díchill chuí

1.   Maidir le rialtais, comhlachais thionsclaíocha, agus grúpálacha d’eagraíochtaí leasmhara a rinne forbairt agus a dhéanann maoirseacht ar scéimeanna díchill chuí (“úinéirí scéime”), féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chun aitheantas a fháil ón gCoimisiún dá scéimeanna díchill chuí. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear na ceanglais maidir le faisnéis atá le bheith san iarratas ar aitheantas a fháil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

2.   I gcás, ar bhonn na fianaise agus na faisnéise arna soláthar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ina gcinneann an Coimisiún go gcumasaíonn an scéim díchill chuí dá dtagraítear sa mhír sin oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 48, 49, 50 agus 52 a chomhlíonadh, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena dtugtar aitheantas don scéim sin mar scéim atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Sula nglacfar an gníomh cur chun feidhme sin, rachfar i mbun comhairliúchán le Lárionad ECFE le haghaidh Iompar Gnó Freagrach. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le haitheantas a thabhairt do scéim díchill chuí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cleachtais éagsúla an tionscail a chumhdaítear leis an scéim sin agus ina theannta sin beidh aird aige ar an gcur chuige agus modh rioscabhunaithe atá in úsáid ag an scéim sin chun rioscaí a shainaithint.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 lena leagfar amach na critéir agus an mhodheolaíocht ar dá réir a chinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, an gcuireann scéimeanna díchill chuí ar chumas oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 48, 49, 50 agus 52 a chomhlíonadh. Fíoróidh an Coimisiún freisin ar bhonn tréimhsiúil, de réir mar is iomchuí, go leanann scéimeanna díchill chuí de bheith ag comhlíonadh na gcritéar a raibh cinneadh chun aitheantas coibhéise a thabhairt de bhun mhír 2 den Airteagal seo mar thoradh orthu.

4.   Cuirfidh úinéir scéime díchill chuí, dár tugadh aitheantas coibhéise i gcomhréir le mír 2, aon athruithe nó nuashonruithe arna ndéanamh ar an scéim sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an ndéanann athruithe nó nuashonruithe den sórt sin difear don aitheantas coibhéise don scéim sin agus déanfaidh sé beart iomchuí.

5.   Má tá fianaise ar fáil go bhfuil cásanna ann arís agus arís eile nó go bhfuil cásanna suntasacha ann inar mhainnigh ar oibreoirí eacnamaíocha a chuireann scéim aitheanta i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo chun feidhme na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 48, 49, 50 agus 52 a chomhlíonadh, scrúdóidh an Coimisiún, i gcomhairle le húinéir na scéime aitheanta díchill chuí, cibé acu a léiríonn nó nach léiríonn na cásanna sin easnaimh sa scéim.

6.   I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún mainneachtain maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 48, 49, 50 agus 52 seo a chomhlíonadh nó easnaimh i scéim aitheanta díchill chuí, féadfaidh sé tréimhse iomchuí a thabhairt d’úinéir na scéime chun gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh.

7.   I gcás ina mainníonn úinéir na scéime na gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá riachtanach a dhéanamh nó ina ndiúltaíonn sé iad a dhéanamh, agus i gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcuirfeadh an mhainneachtain nó na heasnaimh dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo as do chumas an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) a chuireann an scéim chun feidhme na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 48, 49, 50 agus 52 a chomhlíonadh, nó i gcás ina bhfuil cásanna suntasacha nó cásanna ann arís agus arís eile de neamhchomhlíonadh ó oibreoirí eacnamaíocha a chuireann scéim chun feidhme bainteach le heasnaimh sa scéim, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena dtarraingítear siar an t-aitheantas coibhéise don scéim. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

8.   Bunóidh an Coimisiún clár de scéimeanna aitheanta díchill chuí agus coinneoidh sé cothrom le dáta é. Cuirfear an clár sin ar fáil go poiblí ar an idirlíon.

CAIBIDIL VIII

Ceallraí dramhaíola a bhainistiú

Airteagal 54

Údarás inniúil

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na hoibleagáidí faoin gCaibidil seo, go háirithe as faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoin gCaibidil seo ag táirgeoirí agus ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí.

2.   Féadfaidh gach Ballstát pointe teagmhála amháin a ainmniú freisin, as measc na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, chun cumarsáid a dhéanamh leis an gCoimisiún de bhun mhír 4.

3.   Leagfaidh na Ballstáit síos mionsonraí eagrúchán agus oibríocht an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil, lena n-áirítear na rialacha riaracháin agus na rialacha nós imeachta le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(a)

táirgeoirí a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 55;

(b)

údarú a thabhairt do tháirgeoirí agus d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 58;

(c)

formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora i gcomhréir le hAirteagal 57;

(d)

sonraí ar cheallraí agus ar cheallraí dramhaíola a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 75;

(e)

faisnéis a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 76.

4.   Faoin 18 Samhain 2025, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil arna n-ainmniú de bhun mhír 1. Cuirfidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n-údarás inniúil sin in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí.

Airteagal 55

Clár na dtáirgeoirí

1.   Bunóidh na Ballstáit clár táirgeoirí a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh go gcomhlíonann táirgeoirí ceanglais na Caibidle seo.

2.   Cláróidh táirgeoirí leis an gclár dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Chuige sin, tíolacfaidh siad iarratas ar chlárú i ngach Ballstát ina gcuireann siad ceallra ar fáil ar an margadh den chéad uair.

Tíolacfaidh táirgeoirí an t-iarratas ar chlárú trí chóras próiseála sonraí leictreonach dá dtagraítear i mír 9, pointe (a).

Ní dhéanfaidh táirgeoirí ach ceallraí a chur ar fáil, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, ar mhargadh Ballstáit, má tá siad féin nó, i gcás údaraithe, a n-ionadaithe údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora, cláraithe sa Bhallstát sin.

3.   Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar an iarratas ar chlárú:

(a)

ainm, agus ainmneacha branda má tá siad ar fáil, faoina n-oibríonn an táirgeoir sa Bhallstát agus seoladh an táirgeora, lena n-áirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhir theileafóin, más ann di, seoladh gréasáin agus ríomhphoist, lena léirítear pointe teagmhála aonair;

(b)

cód céannachta náisiúnta an táirgeora, lena n-áirítear a uimhir ar an gclár trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus an uimhir Eorpach aitheantais cánach nó an uimhir náisiúnta aitheantais cánach;

(c)

an catagóir ceallraí nó na catagóirí ceallraí a bhfuil sé beartaithe ag an táirgeoir a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit, eadhon ceallraí inaistrithe, ceallraí tionsclaíocha, ceallraí LMT, ceallraí feithiclí leictreacha, nó ceallraí SLI, agus a gceimic;

(d)

faisnéis maidir le conas a chomhlíonann an táirgeoir a fhreagrachtaí a leagtar síos in Airteagal 56 agus na ceanglais faoi Airteagail 59, 60 agus 61, faoi seach:

(i)

le haghaidh ceallraí inaistrithe nó ceallraí LMT, comhlíonfar ceanglais phointe (d) tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

faisnéis i scríbhinn maidir leis na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir chun na hoibleagáidí um fhreagracht táirgeoirí a leagtar síos in Airteagal 56 a chomhlíonadh, na bearta arna gcur i bhfeidhm chun na hoibleagáidí ar leithligh i ndáil le bailiú a leagtar síos in Airteagal 59(1) nó Airteagal 60(1) a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis an líon ceallraí a chuireann an táirgeoir ar fáil ar an margadh sa Bhallstát, agus maidir leis an gcóras chun a áirithiú go bhfuil na sonraí arna dtuairisciú do na húdaráis inniúla iontaofa;

i gcás inarb infheidhme, an t-ainm agus na sonraí teagmhála, lena n-áirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhir theileafóin, seoladh gréasáin agus ríomhphoist agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí arna ceapadh ag an táirgeoir chun a oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 57(1) agus (2), lena n-áirítear an uimhir chlárúcháin trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus uimhir Eorpach aitheantais cánach nó uimhir náisiúnta aitheantais cánach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, agus sainordú an táirgeora ionadaithe.

(ii)

le haghaidh ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha, comhlíonfar ceanglais phointe (d) seo tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

faisnéis i scríbhinn maidir leis na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir chun na hoibleagáidí um fhreagracht táirgeoirí a leagtar síos in Airteagal 56 a chomhlíonadh, na bearta arna gcur i bhfeidhm chun na hoibleagáidí i ndáil le bailiú a leagtar síos in Airteagal 61(1) a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis an líon ceallraí a chuireann an táirgeoir ar fáil ar an margadh sa Bhallstát agus maidir leis an gcóras chun a áirithiú go bhfuil na sonraí arna dtuairisciú do na húdaráis inniúla iontaofa;

i gcás inarb infheidhme, an t-ainm agus na sonraí teagmhála, lena n-áirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhir theileafóin, seoladh gréasáin agus ríomhphoist agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí arna ceapadh ag an táirgeoir chun a oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 57(1) agus (2) lena n-áirítear an uimhir chlárúcháin trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus uimhir Eorpach aitheantais chánach nó uimhir náisiúnta aitheantais chánach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, agus sainordú an táirgeora ionadaithe.

(e)

ráiteas ón táirgeoir nó, i gcás inarb infheidhme, ó ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora nó ón eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a cheaptar i gcomhréir le hAirteagal 57(1) á lua go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar fíor.

4.   Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, déanfar an fhaisnéis a leagtar síos i bpointe (d) den mhír sin a sholáthar san iarratas ar chlárú faoi mhír 3 den Airteagal seo nó san iarratas ar údarú faoi Airteagal 58. Áireofar, ar a laghad, in iarratas den sórt sin ar údarú faisnéis maidir le comhlíonadh aonair nó comhlíonadh comhchoiteann na n-oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora.

5.   Féadfaidh Ballstát faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise a iarraidh, de réir mar is gá, chun clár na dtáirgeoirí a úsáid ar bhealach éifeachtúil.

6.   I gcás ina mbeidh eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ceaptha ag táirgeoir i gcomhréir le hAirteagal 57(1), comhlíonfaidh an eagraíocht sin na hoibleagáidí faoin Airteagal seo mutatis mutandis mura sonróidh an Ballstát a mhalairt.

7.   Féadfaidh ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora na hoibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann táirgeora.

I gcás ina ndéanann ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora a dhéanann ionadaíocht thar ceann níos mó ná táirgeoir amháin oibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann táirgeora, de bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3, déanfaidh an t-ionadaí údaraithe sin ainm agus sonraí teagmhála a chur ar fáil ar leithligh le haghaidh gach duine de na táirgeoirí ionadaithe.

8.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gur nós imeachta aonair é an nós imeachta clárúcháin de bhun an Airteagail seo agus an nós imeachta um údarú de bhun Airteagal 48, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais a leagtar síos i míreanna (3) go (7) den Airteagal seo.

9.   Maidir leis an údarás inniúil:

(a)

cuirfidh sé faisnéis faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar a shuíomh gréasáin trí chóras leictreonach próiseála sonraí;

(b)

deonóidh sé clárúcháin agus soláthróidh sé uimhir chlárúcháin laistigh d’uastréimhse 12 sheachtain ón tráth a sholáthraítear an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi mhíreanna 2 agus 3.

10.   Féadfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

rialacha mionsonraithe a leagan síos i leith cheanglais agus phróiseas an chlárúcháin gan ceanglais shubstainteacha a chur leis na cinn a leagtar síos i míreanna 2 agus 3;

(b)

táillí atá costas-bhunaithe agus comhréireach a mhuirearú ar tháirgeoirí chun na hiarratais dá dtagraítear i mír 2 a phróiseáil.

11.   Féadfaidh an t-údarás inniúil diúltú do tháirgeoir a chlárú nó clárú an táirgeora a tharraingt siar i gcás nach gcuirtear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus an fhianaise dhoiciméadach ghaolmhar ar fáil nó nach leor í, nó i gcás nach gcomhlíonann an táirgeoir a thuilleadh na ceanglais a leagtar síos i mír 3, pointe (d).

Déanfaidh an t-údarás inniúil clárú an táirgeora a tharraingt siar más rud é nach ann dó a thuilleadh.

12.   Déanfaidh an táirgeoir, nó, i gcás inarb infheidhme, ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí arna ceapadh thar ceann na dtáirgeoirí dá ndéanann an eagraíocht ionadaíocht, an t-údarás inniúil a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis sa chlárúchán agus faoi scor buan a mhéid a bhaineann leis na ceallraí, dá dtagraítear sa chlárúchán a chur ar fáil ar an margadh i gcríoch an Bhallstáit.

13.   I gcás nach bhfuil rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis i gclár na dtáirgeoirí, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar rochtain, saor in aisce, ar an bhfaisnéis atá sa chlár do sholáthraithe ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí.

Airteagal 56

Freagracht Leathnaithe Táirgeora

1.   Beidh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí as ceallraí a chuireann siad ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit. Comhlíonfaidh táirgeoirí den sórt sin na ceanglais atá in Airteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE agus sa Chaibidil seo.

2.   Maidir le hoibreoir eacnamaíoch a chuireann ceallra ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit, ar ceallra é a eascraíonn as ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, as oibríochtaí athraithe cuspóra nó as oibríochtaí athmhonaraíochta, measfar gur táirgeoir ceallraí den sórt sin é chun críocha an Rialacháin seo agus beidh freagracht leathnaithe táirgeora air.

3.   Táirgeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (47)(d), ceapfaidh sé ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora i ngach Ballstát ina ndíolann sé ceallraí. Is trí shainordú i scríbhinn a dhéanfar ceapachán den sórt sin.

4.   Cumhdóidh na ranníocaíochtaí airgeadais atá le n-íoc ag an táirgeoir na costais seo a leanas i leith na dtáirgí a chuireann an táirgeoir ar fáil ar an margadh sa Bhallstát lena mbaineann:

(a)

na costais a ghabhann le bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola agus le hiompar na gceallraí sin, lena gcóireáil agus lena n-athchúrsáil ina dhiaidh sin, agus aon ioncam a fhaightear óna n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó óna n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó ó luach na n-amhábhar tánaisteach arna n-aisghabháil ó cheallraí dramhaíola athchúrsáilte á gcur san áireamh;

(b)

na costais a ghabhann le suirbhé ilchodach ar dhramhaíl mheasctha chathrach arna bailiú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 69(5);

(c)

na costais a ghabhann le faisnéis a chur ar fáil maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 74;

(d)

na costais a ghabhann le bailiú sonraí agus le tuairisciú do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 75.

5.   I gcás ceallraí a chur ar fáil a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh, maidir le táirgeoirí na gceallraí bunaidh agus táirgeoirí na gceallraí a chuirtear ar an margadh mar thoradh ar na hoibríochtaí sin, féadfaidh siad araon sásra roinnte costas a bhunú agus a choigeartú, bunaithe ar shannadh iarbhír na gcostas idir na táirgeoirí éagsúla, le haghaidh na gcostas dá dtagraítear i mír 4, pointí (a), (c) agus (d).

I gcás ina bhfuil ceallra dá dtagraítear i mír 2 faoi réir níos mó ná aon fhreagracht leathnaithe táirgeora amháin, ní iompróidh an chéad táirgeoir a chuireann an ceallra sin ar fáil ar an margadh costais bhreise mar thoradh ar an sásra roinnte costas sin.

Éascóidh an Coimisiún malartú faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le sásraí roinnte costas den sórt sin.

Airteagal 57

Eagraíocht um Fhreagracht Táirgeoirí

1.   Féadfaidh táirgeoirí eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí arna húdarú i gcomhréir le hAirteagal 58 a cheapadh chun na hoibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh thar a gceann. Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh le go mbeidh ceapadh na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí éigeantach. Beidh údar le bearta den sórt sin ar bhonn na saintréithe sonracha a bhaineann le catagóir ar leith ceallraí a chuirtear ar an margadh agus ar bhonn na saintréithe gaolmhara a bhaineann le bainistiú dramhaíola.

2.   I gcás ina bhfuil oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an chóir chomhionann do tháirgeoirí gan beann ar a dtionscnamh nó ar a méid, gan ualach díréireach a chur ar tháirgeoirí cainníochtaí beaga ceallraí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide. Áiritheoidh siad an méid a leanas freisin maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag táirgeoirí leo:

(a)

déantar iad a mhodhnú i gcomhréir le hAirteagal 8a(4), pointe (b), de Threoir 2008/98/CE agus de réir chatagóir an cheallra agus cheimic an cheallra ar a laghad, agus an mharthanacht agus leibhéal an ábhair athchúrsáilte i monaraíocht na gceallraí á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí, agus á chur san áireamh freisin ar ullmhaíodh na ceallraí le haghaidh athúsáide, ar ullmhaíodh iad le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a gcuspóir nó ar athmhonaraíodh iad, agus a lorg carbóin; agus

(b)

déantar iad a choigeartú chun aon ioncaim a chur san áireamh a fhaigheann na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ó ullmhú le haghaidh athúsáide nó ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó ó luach amhábhar tánaisteach arna n-aisghabháil ó cheallraí dramhaíola athchúrsáilte.

3.   I gcás, i mBallstát, ina bhfuil eagraíochtaí iolracha um fhreagracht táirgeoirí údaraithe chun oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh thar ceann táirgeoirí, áiritheoidh siad go gcumhdófar críoch iomlán an Bhallstáit leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 59(1), Airteagal 60(1) agus Airteagal 61(1). Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó ceapfaidh siad tríú páirtí neamhspleách chun a áirithiú go gcomhlíonann eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a n-oibleagáidí ar bhealach comhordaithe.

4.   Áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí rúndacht na sonraí ina seilbh a mhéid a bhaineann le faisnéis dílseánaigh nó faisnéis is inchurtha go díreach i leith táirgeoirí aonair nó a n-ionadaithe údaraithe do freagracht leathnaithe táirgeora.

5.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8a(3), pointe (e), de Threoir 2008/98/CE, foilseoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ar a suíomhanna gréasáin gach bliain ar a laghad, faoi réir rúndacht tráchtála agus thionsclaíoch, an fhaisnéis maidir le ráta bailithe ar leithligh ceallraí dramhaíola, éifeachtúlachtaí athchúrsála agus na leibhéil aisghabhála ábhar atá bainte amach ag na táirgeoirí a cheap an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí.

6.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí faisnéis maidir leis an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh oibreoirí bainistithe dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le mír 8 ar fáil go poiblí.

7.   I gcás inar gá chun saobhadh an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos critéir chun mír 2, pointe (a), den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Ní bhainfidh an gníomh cur chun feidhme sin le cinneadh beacht leibhéal na ranníocaíochtaí agus glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

8.   Beidh na hoibreoirí bainistithe dramhaíola faoi réir nós imeachta roghnúcháin neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir thrédhearcacha dhámhachtana, arna dhéanamh ag táirgeoirí nó ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí agus nach gcuireann ualach díréireach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Airteagal 58

Comhlíonadh na freagrachta leathnaithe táirgeora a údarú

1.   Táirgeoir, i gcás ina gcomhlíontar oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair, agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí arna gceapadh i gcás ina gcomhlíontar oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn comhchoiteann, déanfaidh siad iarratas ar údarú ón údarás inniúil maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh.

2.   Ní dheonófar an t-údarú ach amháin i gcás ina léirítear an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8a(3), pointí (a) go (d), de Threoir 2008/98/cé á gcomhlíonadh agus gur leordhóthanach na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh maidir leis an líon ceallraí arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit ag an táirgeoir nó ag na táirgeoirí a ngníomhaíonn an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí thar a gceann; agus

(b)

trí fhianaise dhoiciméadach a sholáthar, go bhfuil ceanglais Airteagal 59(1) agus (2) nó ceanglais Airteagal 60(1), (2) agus (4), á gcomhlíonadh agus go bhfuil na socruithe go léir i bhfeidhm ionas gur féidir an sprioc bhailithe dá dtagraítear in Airteagal 59(3) agus in Airteagal 60(3), faoi seach, ar a laghad a bhaint amach agus a choinneáil ar bun go marthanach.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a áireamh ina mbearta lena leagtar síos rialacha riaracháin agus nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54(3), pointe (b), mionsonraí an nós imeachta údarúcháin, a fhéadfar a bheith éagsúil ag brath ar cibé an mbaineann sé le comhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann, agus na rialacha mionsonraithe chun an méid a chomhlíonann táirgeoirí nó ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a fhíorú, lena n-áirítear an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag táirgeoirí nó ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí chuige sin. Áireofar sa nós imeachta údarúcháin ceanglais maidir le fíorú na socruithe arna gcur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 59(1) agus (2) agus in Airteagal 60(1), (2) agus (4), agus amchláir don fhíorú, ar amchláir iad nach rachaidh thar 12 sheachtain ón tráth a thíolactar sainchomhad iarratais iomlán. Féadfaidh saineolaí neamhspleách an fíorú a dhéanamh, agus eiseoidh an saineolaí sin tuarascáil fíorúcháin ar thoradh an fhíoraithe.

4.   Tabharfaidh an táirgeoir nó na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí fógra don údarás inniúil gan moill mhíchuí maidir le haon athruithe ar an bhfaisnéis san údarú, le haon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe nó le scor buan oibríochtaí.

5.   Déanfar an sásra féinrialaithe dá bhforáiltear in Airteagal 8a(3), pointe (d), de Threoir 2008/98/CE go rialta, agus gach 3 bliana ar a laghad, agus arna iarraidh sin don údarás inniúil, chun a fhíorú go bhfuil na forálacha sa phointe sin á gcomhlíonadh agus go bhfuil na coinníollacha maidir le húdarú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á gcomhlíonadh i gcónaí. Déanfaidh an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, arna iarraidh sin, tuarascáil féinrialaithe agus, i gcás inar gá, an dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil. Gan dochar do na hinniúlachtaí faoi mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás inniúil barúlacha a thabhairt maidir leis an tuarascáil féinrialaithe agus maidir leis an dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí, agus cuirfidh sé aon bharúlacha den sórt sin in iúl don táirgeoir nó don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí. Déanfaidh an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí an plean gníomhaíochta ceartaithí a tharraingt suas agus a chur chun feidhme bunaithe ar na barúlacha sin.

6.   Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh an t-údarú a chúlghairm mura gcomhlíontar na spriocanna bailithe a leagtar síos in Airteagal 59(3) nó in Airteagal 60(3) nó mura gcomhlíonann an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a thuilleadh na ceanglais maidir le bailiú agus cóireáil ceallraí dramhaíola a eagrú nó má mhainníonn sé nó sí maidir le tuairisciú don údarás inniúil nó má mhainníonn sé nó sí fógra a thabhairt dó faoi aon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe, nó má scoir sé nó sí de bheith i mbun oibríochta.

7.   Déanfaidh táirgeoir, i gcás oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn aonair, agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí arna gceapadh i gcás oibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, ráthaíocht a sholáthar lena mbeartaítear na costais a chumhdach a bhaineann le hoibríochtaí bainistithe dramhaíola atá dlite don táirgeoir, nó don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora, lena n-áirítear i gcás ina scoirtear go buan dá n-oibríochtaí nó i gcás dócmhainneachta. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a shonrú maidir le ráthaíocht den sórt sin. I gcás eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí atá á reáchtáil ag an stát, féadfar ráthaíocht den sórt sin a sholáthar ar bhealach eile seachas ag an eagraíocht féin agus féadfaidh sí a bheith i bhfoirm ciste phoiblí arna mhaoiniú ag táillí táirgeoirí agus a bhfuil an Ballstát atá ag reáchtáil na heagraíochta faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach ina leith.

Airteagal 59

Ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailiú

1.   Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí go ndéantar na ceallraí inaistrithe dramhaíola uile, gan beann ar a gcineál, ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, ar an mbail atá orthu, ar a mbranda nó a dtionscnamh, a bhailiú ar leithligh ar chríoch Bhallstáit i gcás ina gcuireann siad ceallraí inaistrithe ar fáil ar an margadh den chéad uair. Chun na críche sin, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

córas aisghlactha agus bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhunú;

(b)

bailiú ceallraí inaistrithe dramhaíola a thairiscint, saor in aisce, do na heintitis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus foráil a dhéanamh maidir le ceallraí inaistrithe dramhaíola ó gach eintiteas a bhain úsáid as an tairiscint sin a bhailiú (“pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola”);

(c)

foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe praiticiúla is gá maidir le bailiú agus iompar ceallraí inaistrithe dramhaíola, lena n-áirítear coimeádáin bhailithe oiriúnacha agus coimeádáin iompair oiriúnacha a chomhlíonann ceanglais Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46) a sholáthar, saor in aisce, do na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola;

(d)

na ceallraí inaistrithe dramhaíola arna mbailiú ag na pointí bailithe cleamhnaithe a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach leis an limistéar atá i gceist agus le líon agus cineál guaiseach na gceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailítear trí na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola de ghnáth;

(e)

na ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhaintear de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach le toirt agus cineál guaiseach na gceallraí inaistrithe dramhaíola;

(f)

a áirithiú go ndéanann oibreoir bainistithe dramhaíola na ceallraí inaistrithe dramhaíola arna mbailiú ó na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus a bhaintear de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a chóireáil ina dhiaidh sin i saoráid cheadaithe i gcomhréir le hAirteagal 70.

2.   Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an méid seo a leanas i gcás chóras aisghlactha agus bailithe na gceallraí inaistrithe dramhaíola:

(a)

gur pointí bailithe atá ann a chuireann siad ar bun i gcomhar le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(i)

dáileoirí i gcomhréir le hAirteagal 62;

(ii)

saoráidí cóireála feithiclí a bhfuil a ré caite faoi réir Threoir 2000/53/CE;

(iii)

údaráis phoiblí, nó tríú páirtithe a dhéanann gníomhaíochtaí bainistithe dramhaíola thar a gceann, i gcomhréir le hAirteagal 66;

(iv)

pointí bailithe deonacha i gcomhréir le hAirteagal 67;

(v)

saoráidí cóireála dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh faoi réir Threoir 2012/19/AE; agus

(b)

go gcumhdaítear leis críoch iomlán an Bhallstáit, agus méid agus dlús an daonra, líon ionchasach ceallraí inaistrithe dramhaíola, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh á gcur san áireamh, gan a bheith teoranta do limistéir inar brabúsach ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailiú agus a bhainistiú ina dhiaidh.

3.   Táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás ina gceaptar iad faoi Airteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, déanfaidh siad na spriocanna bailithe seo a leanas, ar a laghad, le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhaint amach agus a choinneáil ar bun go marthanach:

(a)

45 % faoin 31 Nollaig 2023;

(b)

63 % faoin 31 Nollaig 2027;

(c)

73 % faoin 31 Nollaig 2030.

Ríomhfaidh táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, an ráta bailithe dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le hIarscríbhinn XI.

4.   Beidh úsáideoirí deiridh in ann ceallraí inaistrithe dramhaíola a dhiúscairt ag pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus ní ghearrfar muirear orthu ná ní chuirfear d’oibleagáid orthu ceallra nua a cheannach ná an ceallra inaistrithe a bheith ceannaithe acu ó na táirgeoirí a chuir na pointí bailithe ar bun.

5.   Ní bheidh pointí bailithe arna gcur ar bun i gcomhréir le mír 2, pointí (a)(i), (iii) agus (iv) faoi réir na gceanglas maidir le clárúchán nó cead i dTreoir 2008/98/CE.

6.   Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh lena gceanglaítear nach bhféadfaidh na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailiú ach amháin má tá conradh tugtha i gcrích acu leis na táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí.

7.   I bhfianaise na forbartha a mheastar a bheidh ar an margadh agus an mhéadaithe ar shaolré ionchasach ceallraí inaistrithe in-athluchtaithe, agus chun líon iarbhír na gceallraí inaistrithe dramhaíola atá ar fáil lena mbailiú a chinntiú ar bhealach níos fearr, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, faoi 18 Lúnasa 2027, i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an mhodheolaíocht a leasú chun ráta bailithe ceallraí inaistrithe a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ríomh agus chun an sprioc bhailithe a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo a leasú chun an sprioc bhailithe sin a oiriúnú don mhodheolaíocht nua agus an uaillmhian choibhéiseach agus na hamlínte coibhéiseacha á gcoinneáil ar bun.

Airteagal 60

Ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú

1.   Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, go ndéantar na ceallraí LMT dramhaíola uile, gan beann ar a gcineál, ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, ar an mbail atá orthu, ar a mbranda nó a dtionscnamh, a bhailiú ar leithligh ar chríoch Bhallstáit i gcás ina gcuireann siad ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair. Chun na críche sin, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

córas bailithe agus aisghlactha le haghaidh ceallraí LMT dramhaíola a bhunú;

(b)

bailiú ceallraí LMT dramhaíola a thairiscint, saor in aisce, do na heintitis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus foráil a dhéanamh maidir le ceallraí LMT dramhaíola ó gach eintiteas a bhain úsáid as an tairiscint sin a bhailiú (“pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí LMT”);

(c)

foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe praiticiúla is gá maidir le bailiú agus iompar ceallraí LMT dramhaíola, lena n-áirítear coimeádáin bhailithe oiriúnacha agus coimeádáin iompair oiriúnacha a chomhlíonann ceanglais Threoir 2008/68/CE a sholáthar, saor in aisce, do na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí LMT;

(d)

na ceallraí LMT dramhaíola arna mbailiú ag na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí LMT a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach leis an limistéar atá i gceist agus le líon agus cineál guaiseach na gceallraí LMT dramhaíola a bhailítear ag na pointí bailithe sin de ghnáth;

(e)

na ceallraí LMT dramhaíola a bhaintear as dramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach le toirt agus cineál guaiseach na gceallraí LMT dramhaíola;

(f)

a áirithiú go ndéanann oibreoir bainistithe dramhaíola na ceallraí LMT dramhaíola arna mbailiú ó na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí LMT agus a bhaintear de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a chóireáil ina dhiaidh sin i saoráid cheadaithe i gcomhréir le hAirteagal 70.

2.   Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, an méid seo a leanas i gcás chóras aisghlactha agus bailithe na gceallraí LMT dramhaíola:

(a)

gur pointí bailithe atá ann a chuireann siad ar bun i gcomhar le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(i)

dáileoirí i gcomhréir le hAirteagal 62;

(ii)

saoráidí cóireála feithiclí a bhfuil a ré caite faoi réir Threoir 2000/53/CE;

(iii)

údaráis phoiblí, nó tríú páirtithe a dhéanann gníomhaíochtaí bainistíochta dramhaíola thar a gceann, i gcomhréir le hAirteagal 66;

(iv)

pointí bailithe deonacha i gcomhréir le hAirteagal 67;

(v)

saoráidí cóireála dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh faoi réir Threoir 2012/19/AE; agus

(b)

cumhdaítear leis críoch iomlán an Bhallstáit, agus méid agus dlús an daonra, líon ionchasach na gceallraí LMT dramhaíola, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh á gcur san áireamh, gan a bheith teoranta do limistéir inar brabúsach ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú agus a bhainistiú ina dhiaidh.

3.   Táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, déanfaidh siad na spriocanna bailithe seo a leanas, ar a laghad, le haghaidh ceallraí LMT dramhaíola a bhaint amach agus a choinneáil ar bun go marthanach:

(a)

51 % faoin 31 Nollaig 2028;

(b)

61 % faoin 31 Nollaig 2031.

Ríomhfaidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an ráta bailithe dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le hIarscríbhinn XI.

4.   Déanfaidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an méid seo a leanas:

(a)

bonneagar bailithe oiriúnach a chur ar bun do na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), chun ceallraí LMT dramhaíola a chomhlíonann na ceanglais sábháilteachta is infheidhme a bhailiú ar leithligh agus na costais is gá arna dtabhú ag na pointí bailithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí tógála ar ais a chumhdach; beidh na coimeádáin chun ceallraí dramhaíola den sórt sin a bhailiú agus a stóráil go sealadach ag na pointí bailithe oiriúnach i bhfianaise líon agus cineál guaiseach na gceallraí LMT dramhaíola ar dócha a bhaileofar trí na pointí bailithe sin;

(b)

ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú ó na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), a mhinice is comhréireach le hacmhainneacht stórála an bhonneagair bailithe ar leithligh agus le líon agus cineál guaiseach na gceallraí dramhaíola a bhailítear trí na pointí bailithe sin de ghnáth; agus

(c)

foráil a dhéanamh maidir le seachadadh ceallraí LMT dramhaíola arna mbailiú ó na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil i gcomhréir le hAirteagail 70 agus 73.

5.   Beidh úsáideoirí deiridh in ann ceallraí LMT dramhaíola a dhiúscairt ag pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus ní ghearrfar muirear orthu ná ní chuirfear d’oibleagáid orthu ceallra nua a cheannach ná an ceallra LMT a bheith ceannaithe acu ó na táirgeoirí a chuir na pointí bailithe ar bun.

6.   Ní bheidh pointí bailithe arna gcur ar bun i gcomhréir le mír 2 pointí (a)(i), (iii) agus (iv) faoi réir na gceanglas maidir le clárúchán nó cead i dTreoir 2008/98/CE.

7.   Féadfaidh Ballstáit bearta a ghlacadh lena gceanglaítear nach bhféadfar ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú ag na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo ach amháin má tá conradh tugtha i gcrích acu leis na táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí.

8.   I bhfianaise na forbartha a mheastar a bheidh ar an margadh agus an mhéadaithe ar shaolré ionchasach ceallraí LMT, agus chun líon iarbhír na gceallraí LMT dramhaíola atá ar fáil lena mbailiú a chinntiú ar bhealach níos fearr, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, faoi 18 Lúnasa 2027, i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an mhodheolaíocht a leasú chun ráta bailithe ceallraí LMT dramhaíola a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ríomh agus chun an sprioc bhailithe a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo a leasú chun an sprioc bhailithe a oiriúnú don mhodheolaíocht nua agus an uaillmhian choibhéiseach agus na hamlínte coibhéiseacha á gcoinneáil ar bun.

Airteagal 61

Ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a bhailiú

1.   Táirgeoirí ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, déanfaidh siad gach ceallra SLI dramhaíola, gach ceallra tionsclaíoch dramhaíola agus gach ceallra feithiclí leictreacha dramhaíola, gan beann ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, ar an mbail atá orthu, ar a mbranda nó ar thionscnamh na catagóire faoi seach, a chuir siad ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin a thógáil ar ais saor in aisce agus gan oibleagáid ar an úsáideoir deiridh ceallra nua a cheannach, ná an ceallra a bheith ceannaithe aige uathu, agus áiritheoidh siad go ndéantar gach ceallra dramhaíola den sórt sin a bhailiú ar leithligh. Chun na críche sin, glacfaidh siad le ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a thógáil ar ais ó úsáideoirí deiridh, nó ó chórais aisghlactha agus bailithe lena n-áirítear pointí bailithe arna gcur ar bun acu i gcomhar le:

(a)

dáileoirí ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha i gcomhréir le hAirteagal 62(1);

(b)

oibreoirí a dhéanann athmhonarú nó athrú cuspóra ar cheallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha;

(c)

saoráidí cóireála agus athchúrsála dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh agus feithiclí a bhfuil a ré caite dá dtagraítear in Airteagal 65 le haghaidh ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a eascraíonn as a n-oibríochtaí;

(d)

údaráis phoiblí nó tríú páirtithe a dhéanann gníomhaíochtaí bainistíochta dramhaíola thar a gceann i gcomhréir le hAirteagal 66.

Féadfaidh Ballstáit bearta a ghlacadh lena gceanglaítear nach bhféadfaidh na heintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a bhailiú ach amháin má tá conradh tugtha i gcrích acu leis na táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí.

I gcás ina gceanglaítear ceallraí tionsclaíocha dramhaíola a dhíchóimeáil ag áitreabh úsáideoirí príobháideacha, neamhthráchtála, ní bheidh mar thoradh ar oibleagáid an táirgeora na ceallraí dramhaíola sin a thógáil ar ais aon chostais a bhaineann leis na ceallraí dramhaíola sin a dhíchóimeáil agus a bhailiú a ghearradh ar na húsáideoirí sin.

2.   Cumhdófar leis na socruithe aisghlactha arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1 críoch iomlán Bhallstáit, agus méid agus dlús an daonra, líon ionchasach ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh á gcur san áireamh, gan a bheith teoranta do limistéir inar brabúsach ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a bhailiú agus a bhainistiú ina dhiaidh.

3.   Déanfaidh táirgeoirí ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, an méid seo a leanas:

(a)

bonneagar bailithe oiriúnach a sholáthar do na córais aisghlactha agus bailithe dá dtagraítear i mír 1 chun ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a chomhlíonann na ceanglais sábháilteachta is infheidhme a bhailiú ar leithligh, agus na costais is gá arna dtabhú ag na córais aisghlactha agus bailithe sin i ndáil leis na gníomhaíochtaí tógála ar ais a chumhdach; beidh na coimeádáin chun ceallraí dramhaíola den sórt sin a bhailiú agus a stóráil ar bhonn sealadach ag na córais aisghlactha agus bailithe oiriúnach i bhfianaise líon agus cineál guaiseach na gceallraí SLI dramhaíola, na gceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus na gceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola ar dócha a bhaileofar trí na pointí bailithe sin;

(b)

ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a bhailiú ó na córais aisghlactha agus bailithe dá dtagraítear i mír 1 a mhinice is comhréireach le hacmhainneacht stórála an bhonneagair bailithe ar leithligh agus líon agus cineál guaiseach na gceallraí dramhaíola a bhailítear trí na córais aisghlactha agus bailithe sin de ghnáth; agus

(c)

foráil a dhéanamh maidir le ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola arna mbailiú ó úsáideoirí deiridh agus ó na córais aisghlactha agus bailithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe le haghaidh a gcóireála i gcomhréir le hAirteagail 70 agus 73.

4.   Féadfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (d), den Airteagal seo ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe a thabhairt ar láimh d’oibreoirí bainistithe dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 57(8) d’fhonn iad a chóireáil i gcomhréir le hAirteagal 70. Sna cásanna sin, measfar go gcomhlíonfar oibleagáid na dtáirgeoirí de bhun mhír 3, pointe (c), den Airteagal seo.

Airteagal 62

Oibleagáidí na ndáileoirí

1.   Tógfaidh dáileoirí ceallraí dramhaíola ar ais ón úsáideoir deiridh saor in aisce agus gan oibleagáid a fhorchur ar an úsáideoir deiridh ceallra nua a cheannach nó a bheith ceannaithe aige, gan beann ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, a mbranda nó a dtionscnamh mar seo a leanas:

(a)

i gcás ceallraí inaistrithe dramhaíola ag asraon miondíola an dáileora nó i gcóngaracht láithreach an asraoin sin;

(b)

i gcás ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola, ag asraon miondíola an dáileora nó gar don asraon sin.

2.   Maidir leis an oibleagáid i ndáil le tógáil ar ais a leagtar síos i mír 1:

(a)

ní bheidh feidhm aici maidir le dramhtháirgí ina bhfuil ceallraí;

(b)

beidh sí teoranta do na catagóirí ceallraí dramhaíola atá, nó a bhí, á dtairiscint mar cheallraí ag an dáileoir agus, le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola, don líon a dhiúscraíonn úsáideoirí deiridh neamhghairmiúla de ghnáth.

3.   Déanfaidh dáileoirí ceallraí dramhaíola atá aisghlactha acu a thabhairt ar láimh do na táirgeoirí nó do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí atá freagrach as na ceallraí dramhaíola sin a bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 59, 60 agus 61 faoi seach, nó chuig oibreoir bainistithe dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 57(8) d’fhonn iad a chóireáil i gcomhréir le hAirteagal 70.

4.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí faoin Airteagal seo maidir le dáileoirí a sholáthraíonn ceallraí trí bhíthin cianchonarthaí d’úsáideoirí deiridh. Déanfaidh na dáileoirí sin foráil maidir le líon leordhóthanach pointí bailithe lena gcumhdófar críoch iomlán Bhallstáit, agus méid agus dlús an daonra, líon ionchasach ceallraí inaistrithe dramhaíola, ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola, faoi seach, agus inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh á gcur san áireamh, lena gceadaítear d’úsáideoirí deiridh ceallraí a thabhairt ar ais.

5.   I gcás díolacháin lena gcuirtear seachadadh ar fáil, táirgfidh dáileoirí ceallraí inaistrithe dramhaíola, ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola, ceallraí SLI dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a ghlacadh ar ais saor in aisce ag pointe a seachadta don úsáideoir deiridh nó ag pointe bailithe áitiúil. Cuirfear an t-úsáideoir deiridh ar an eolas agus ceallra á ordú aige maidir leis na socruithe aisghlactha le haghaidh ceallra dramhaíola.

6.   Chun críocha Airteagal 30(1), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, gheobhaidh soláthraithe ardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Roinn 4 de Chaibidil III den Rialachán sin, a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí, an fhaisnéis seo a leanas ó tháirgeoirí a thairgeann ceallraí, lena n-áirítear ceallraí atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas:

(a)

mionsonraí a bhaineann le clár na dtáirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 55 agus uimhir chlárúcháin nó uimhreacha clárúcháin an táirgeora sa chlár sin;

(b)

féindeimhniúchán arna dhéanamh ag an táirgeoir nach dtairgfidh sé ach ceallraí, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, ar ina leith a chomhlíontar na ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora dá dtagraítear in Airteagal 56(1), (2), (3) agus (4), Airteagal 57(1) agus Airteagal 58(1), (2) agus (7).

Airteagal 63

Córais aisíoctha éarlaise do cheallraí

Faoin 31 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé córais aisíoctha éarlaise a bhunú do cheallraí, go háirithe i gcás ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta, agus ar na tairbhí féideartha a bhaineann le córais den sórt sin a bhunú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh.

Airteagal 64

Oibleagáidí na n-úsáideoirí deiridh

1.   Déanfaidh úsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a dhiúscairt ar leithligh ó shruthanna dramhaíola eile, lena n-áirítear ó dhramhaíl mheasctha chathrach.

2.   Déanfaidh úsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a dhiúscairt ag pointí bailithe ar leithligh ainmnithe arna gcur ar bun ag an táirgeoir nó eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, nó i gcomhréir leis na socruithe sonracha arna dtabhairt i gcrích leis nó léi, i gcomhréir le hAirteagail 59, 60 agus 61.

Airteagal 65

Oibleagáidí oibreoirí na saoráidí cóireála

1.   Déanfaidh oibreoirí saoráidí cóireála faoi réir Threoracha 2000/53/CE nó 2012/19/AE ceallraí dramhaíola a thabhairt ar láimh de thairbhe cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite nó dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh do thairgeoirí chatagóir ábhartha ceallraí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, nó d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 57(8) d’fhonn iad a chóireáil i gcomhréir le hAirteagal 70.

2.   Coimeádfaidh oibreoirí saoráidí cóireála dá dtagraítear i mír 1 taifid ar na hidirbheartaíochtaí tabhartha ar láimh sin.

Airteagal 66

Rannpháirtíocht na n-údarás bainistithe dramhaíola poiblí

1.   Féadfar ceallraí dramhaíola de thionscnamh úsáideoirí deiridh neamhthráchtála, príobháideacha a dhiúscairt ag pointí bailithe ar leithligh arna gcur ar bun ag údaráis phoiblí bainistithe dramhaíola.

2.   Áiritheoidh na húdaráis phoiblí bainistithe dramhaíola go ndéanfar ceallraí dramhaíola bailithe a chóireáil i gcomhréir le hAirteagal 70, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

iad a thabhairt ar láimh do tháirgeoirí na catagóire ábhartha ceallraí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, nó d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 57(8); nó

(b)

cóireáil a dhéanamh ar na ceallraí dramhaíola bailithe iad féin i gcomhréir le hAirteagal 68(2).

Airteagal 67

Rannpháirtíocht na bpointí bailithe deonacha

1.   Ag na pointí bailithe deonacha le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola, tabharfar ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailítear ar láimh do tháirgeoirí na gceallraí inaistrithe nó do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann, lena n-áirítear eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, nó d’oibreoirí bainistithe dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 57(8) d’fhonn iad a chóireáil i gcomhréir le hAirteagal 70.

2.   Ag na pointí bailithe deonacha le haghaidh ceallraí LMT dramhaíola, tabharfar ceallraí LMT dramhaíola a bhailítear ar láimh do tháirgeoirí na gceallraí LMT nó do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann, lena n-áirítear eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, nó d’oibreoirí bainistithe dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 57(8) d’fhonn iad a chóireáil i gcomhréir le hAirteagal 70.

Airteagal 68

Srianta maidir le ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola a thabhairt ar láimh

1.   Féadfaidh na Ballstáit srian a chur le cumas dáileoirí agus oibreoirí saoráidí cóireála dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 65, údarás bainistithe dramhaíola phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 66 agus pointí bailithe deonacha dá dtagraítear in Airteagal 67 ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola a bhailítear a thabhairt ar láimh do tháirgeoirí nó d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí nó d’oibreoir bainistithe dramhaíola lena gcóireáil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 70. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh drochthionchar ag srianta den sórt sin ar na córais bailithe agus athchúrsála.

2.   Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh freisin lena gceadaítear do na húdaráis bainistithe dramhaíola phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 66 cóireáil a dhéanamh astu féin i gcomhréir le hAirteagal 70.

Airteagal 69

Oibleagáidí ar na Ballstáit maidir le spriocanna bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go mbainfidh táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí na spriocanna bailithe a leagtar síos in Airteagal 59(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), i dtaca le ceallraí inaistrithe dramhaíola, agus a leagtar síos in Airteagal 60(3), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), i dtaca le ceallraí LMT dramhaíola.

2.   Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit go rialta, ar a laghad uair sa bhliain, faireachán ar rátaí bailithe táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, le fíorú go bhfuil beartais leordhóthanacha glactha acu chun na spriocanna bailithe a leagtar síos in Airteagal 59(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), i dtaca le ceallraí inaistrithe dramhaíola, agus a leagtar síos in Airteagal 60(3), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), i dtaca le ceallraí LMT dramhaíola a bhaint amach. Bunófar faireachán den sórt sin go háirithe ar an bhfaisnéis a tuairiscítear do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 75 agus áireofar ann fíorú na faisnéise sin, agus fíorú i dtaobh ar chomhlíon an táirgeoir an mhodheolaíocht ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn XI agus torthaí an tsuirbhé ilchodaigh dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus aon fhaisnéis eile atá ar fáil don Bhallstát.

3.   I gcás ina gcinneann Ballstát, ar bhonn an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nach ndearna táirgeoir nó, i gcás inar ceapadh í i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí bearta atá comhsheasmhach le baint amach na spriocanna bailithe a leagtar síos in Airteagal 59(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c) i dtaca le ceallraí inaistrithe dramhaíola, nó a leagtar síos in Airteagal 60(3), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b) i dtaca le ceallraí LMT dramhaíola, iarrfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin ar an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí sin gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir leis na spriocanna bailithe a leagtar síos i gceachtar de na hAirteagail sin, de réir mar is infheidhme, a bhaint amach.

4.   Gan dochar don sásra féinrialaithe dá dtagraítear in Airteagal 58(5), déanfaidh an táirgeoir nó, i gcás ina gceaptar í i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don údarás inniúil laistigh de 3 mhí ón iarraidh ón údarás inniúil dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an t-údarás inniúil sin barúlacha a thabhairt maidir leis an dréachtphlean, agus déanfaidh sé aon bharúlacha den sórt sin a chur in iúl don táirgeoir nó don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí laistigh de mhí amháin ón dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí a fháil.

I gcás ina gcuireann an t-údarás inniúil a bharúlacha maidir leis an dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí in iúl, déanfaidh an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó na barúlacha sin a fháil, an plean gníomhaíochta ceartaithí a tharraingt suas, agus na barúlacha sin á gcur san áireamh, agus cuirfidh sé chun feidhme é dá réir.

Déanfar inneachar an phlean gníomhaíochta ceartaithí agus comhlíonadh an phlean sin ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a chur san áireamh agus meastóireacht á déanamh i dtaobh an bhfuil na coinníollacha maidir leis an gclárú a leagtar síos in Airteagal 55 agus, i gcás inarb infheidhme, leis an údarú a leagtar síos in Airteagal 58 á gcomhlíonadh.

5.   Faoin 1 Eanáir 2026 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit suirbhé ilchodach ar dhramhaíl mheasctha chathrach arna bailiú agus ar shruthanna dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh don bhliain féilire roimhe sin chun cion na gceallraí inaistrithe dramhaíola agus na gceallraí LMT dramhaíola inti agus iontu sin a fháil amach. Ar bhonn na suirbhéanna sin, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go ndéanfaidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe, táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí faoi seach gníomhaíocht cheartaitheach chun líonra a bpointí bailithe cleamhnaithe a mhéadú agus feachtais faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 74(1) a chur i gcrích.

Airteagal 70

Cóireáil

1.   Ní dhéanfar ceallraí dramhaíola bailithe a dhiúscairt ná ní bheidh siad faoi réir oibríocht aisghabhála fuinnimh.

2.   Gan dochar do Threoir 2010/75/AE, áiritheoidh saoráidí ceadaithe go gcomhlíontar, le cóireáil le haghaidh ceallraí dramhaíola, Cuid A d’Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán seo, ar a laghad, agus na teicnící is fearr atá ar fáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), de Threoir 2010/75/AE.

3.   I gcás ina mbailítear ceallraí agus iad fós ionchorpraithe i ndramhfhearas, de mhodh éadrom iompair dramhaíola nó d’fheithicil a bhfuil a ré caite, bainfear iad den dramhfhearas, den mhodh iompair éadrom dramhaíola nó den fheithicil a bhfuil a ré caite i gcomhréir, i gcás inarb infheidhme, leis na ceanglais a leagtar síos i dTreoracha 2000/53/CE nó 2012/19/AE.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun leasú a dhéanamh ar na ceanglais chóireála maidir le ceallraí dramhaíola a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn XII i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch atá déanta agus na dteicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn a mhéid a bhaineann le bainistiú dramhaíola.

5.   Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna dreasachta a chur ar bun d’oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann rátaí níos airde amach ná na spriocanna a leagtar amach i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII le haghaidh éifeachtúlacht athchúrsála agus aisghabháil ábhar faoi seach.

Airteagal 71

Spriocanna maidir le héifeachtúlacht athchúrsála agus aisghabháil ábhar

1.   Áiritheoidh gach saoráid cheadaithe go nglacfar leis na ceallraí dramhaíola uile a chuirtear ar fáil don tsaoráid sin agus go ndéanfar iad a ullmhú le haghaidh athúsáide, a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó a athchúrsáil.

2.   Áiritheoidh athchúrsálaithe go mbainfear amach, leis an athchúrsáil, na spriocanna maidir le héifeachtúlachtaí athchúrsála agus na spriocanna maidir le haisghabháil ábhar a leagtar amach i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII faoi seach.

3.   Ríomhfar na rátaí d’éifeachtúlacht athchúrsála agus d’aisghabháil ábhar i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Feabhra 2025, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht chun rátaí d’éifeachtúlacht athchúrsála agus d’aisghabháil ábhar a ríomh agus a fhíorú, i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn XII, agus formáid na doiciméadachta a bhunú.

5.   Faoin 18 Lúnasa 2026 agus ar a laghad gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, de bharr forbairtí sa mhargadh, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí ceallraí ag a bhfuil tionchar ar chineál na n-ábhar arna n-aisghabháil agus ar infhaighteacht reatha agus réamh-mheasta cóbailt, copair, luaidhe, litiam nó nicile, agus i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch, an iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna maidir le héifeachtúlacht athchúrsála agus le haisghabháil ábhar a leagtar amach i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII. I gcás ina bhfuil údar leis agus inarb iomchuí ar bhonn an mheasúnaithe sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun na spriocanna maidir le héifeachtúlacht athchúrsála agus le haisghabháil ábhar a leagtar amach i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII a leasú.

6.   I gcás inarb iomchuí de bharr forbairtí sa mhargadh ag a bhfuil tionchar ar chineál na n-ábhar is féidir a aisghabháil agus i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn maidir le bainistiú dramhaíola, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89, chun Cuid C d’Iarscríbhinn XII a leasú, trí ábhair bhreise a chur leis a bhfuil spriocanna sonracha acu maidir le haisghabháil ábhar in aghaidh an ábhair shonraigh, agus Cuid B d’Iarscríbhinn XII, trí cheimic ceallraí eile a chur leis a bhfuil spriocanna sonracha acu maidir le héifeachtúlacht athchúrsála.

Airteagal 72

Ceallraí dramhaíola a loingsiú

1.   Féadfar tabhairt faoi chóireáil lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann nó lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go mbeidh loingsiú na gceallraí dramhaíola, nó codáin díobh, i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 1013/2006 agus (CE) Uimh. 1418/2007.

2.   Chun idirdhealú a dhéanamh idir ceallraí caite agus ceallraí dramhaíola, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát cigireacht a dhéanamh ar loingsithe ceallraí caite a bhfuil amhras ann gur ceallraí dramhaíola iad chun na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV a chomhlíonadh agus féadfaidh siad faireachán a dhéanamh ar loingsithe den sórt sin dá réir sin.

I gcás ina suíonn na húdaráis inniúla i mBallstát gur ceallraí dramhaíola atá i gceist le loingsiú beartaithe ceallraí caite, féadfar costais na n-anailísí iomchuí, na gcigireachtaí iomchuí agus na stórála iomchuí a dhéantar ar na ceallraí caite a bhfuil amhras ann gur dramhaíl iad a ghearradh ar tháirgeoirí na catagóire ábhartha ceallraí, ar thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann nó ar dhaoine eile a shocraíonn an loingsiú. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89, lena bhforlíontar na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV, go háirithe maidir le staid na sláinte, chun idirdhealú a dhéanamh idir loingsiú ceallraí caite agus ceallraí dramhaíola.

3.   Ní áireofar ceallraí dramhaíola nó codáin díobh arna n-onnmhairiú ón Aontas i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, i dtreo chomhlíonadh na n-oibleagáidí, na n-éifeachtúlachtaí agus na spriocanna a leagtar síos in Airteagail 70 agus 71 ach amháin má sholáthraíonn onnmhaireoir na gceallraí dramhaíola nó codán díobh fianaise dhoiciméadach arna formheas ag an údarás inniúil cinn scríbe gur tharla an chóireáil faoi choinníollacha atá coibhéiseach leis na coinníollacha a cheanglaítear leis an Rialachán seo agus i gcomhréir le dlí eile an Aontais maidir le sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 89, chun rialacha mionsonraithe a fhorlíonann na rialacha sin i mír 3 den Airteagal seo a leagan síos, trí na critéir chun dálaí coibhéiseacha a mheasúnú a leagan síos.

Airteagal 73

Ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a ullmhú le haghaidh athúsáide nó a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra

1.   Chun a dhoiciméadú nach dramhaíl a thuilleadh é ceallra LMT dramhaíola, ceallra tionsclaíoch dramhaíola agus ceallra feithiclí leictreacha dramhaíola a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, léireoidh sealbhóir an cheallra an méid seo a leanas arna iarraidh sin d’údarás inniúil:

(a)

fianaise faoi mheastóireacht ar staid sláinte nó faoi thástáil ar staid sláinte arna déanamh i mBallstát i bhfoirm cóipe den taifead lena ndearbhaítear cumas an cheallra chun an fheidhmíocht is ábhartha dá úsáid a chomhlíonadh tar éis ullmhú le haghaidh athúsáide, nó ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;

(b)

maidir le húsáid bhreise a bhaint as an gceallra a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, nó a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, déantar í sin a dhoiciméadú trí bhíthin sonrasc nó conradh i ndáil leis an gceallra a dhíol nó le húinéireacht an cheallra a aistriú;

(c)

fianaise ar chosaint iomchuí ar dhíobháil le linn iompair, lódála agus dílódála, lena n-áirítear trí phacáistiú leordhóthanach agus cruachadh iomchuí an ualaigh.

2.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mhír 1, pointe (a), ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann, ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna, mar chuid den doiciméadacht a ghabhann leis an gceallra dá dtagraítear i mír 1 nuair a chuirfear ar an margadh nó i seirbhís é.

3.   Ní dochar soláthar na faisnéise i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 d’oibleagáidí rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de a chaomhnú faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí náisiúnta ábhartha.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus fíoraithe mhionsonraithe atá le comhlíonadh ag ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola nó ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola chun scor de bheith ina ndramhaíl. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

Airteagal 74

Faisnéis maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú

1.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) de Threoir 2008/98/CE, cuirfidh táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do dháileoirí maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú i ndáil leis na catagóirí ceallraí a sholáthraíonn siad laistigh de chríoch Bhallstáit:

(a)

an ról atá ag úsáideoirí deiridh agus iad ag rannchuidiú le cosc dramhaíola, lena n-áirítear trí fhaisnéis maidir le dea-chleachtais agus moltaí a bhaineann le ceallraí a úsáid a bhfuil sé d’aidhm leo síneadh a chur lena gcéim úsáide agus leis na féidearthachtaí maidir lena n-athúsáid, lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, athrú cuspóra agus athmhonaraíocht;

(b)

an ról atá ag úsáideoirí deiridh agus iad ag rannchuidiú le bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi Airteagal 64 chun go mbeifear in ann iad a chóireáil;

(c)

na córais bailithe ar leithligh, na pointí aisghlactha agus bailithe, na córais ullmhúcháin le haghaidh athúsáide, na córais ullmhúcháin le haghaidh athrú cuspóra agus cóireála atá ar fáil le haghaidh ceallraí dramhaíola;

(d)

na treoracha sábháilteachta is gá chun ceallraí dramhaíola a láimhseáil, lena n-áirítear i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le ceallraí ina bhfuil litiam agus leis na ceallraí sin a láimhseáil;

(e)

ciall na lipéad agus na siombailí atá ar cheallraí i gcomhréir le hAirteagal 13 nó a phriontáiltear ar a bpacáistíocht nó sna doiciméid a ghabhann le ceallraí; agus

(f)

tionchar substaintí, go háirithe substaintí guaiseacha, atá i gceallraí ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine nó ar shábháilteacht daoine, lena n-áirítear an tionchar mar gheall ar dhiúscairt mhíchuí ceallraí dramhaíola, amhail caitheamh bruscair nó iad a bheith á ndiúscairt mar dhramhaíl chathrach nár sórtáladh.

Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil:

(a)

ag eatraimh ama thráthrialta le haghaidh gach samhla ceallra a luaithe a chuirtear an tsamhail cheallra lena mbaineann ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát ag an díolphointe ar a laghad ar bhealach infheicthe agus trí ardáin ar líne;

(b)

i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar fáil ar an margadh.

2.   Cuirfidh táirgeoirí faisnéis maidir leis na bearta sábháilteachta agus cosanta, lena n-áirítear bearta sábháilteachta ceirde, is infheidhme maidir le ceallraí dramhaíola a stóráil agus a bhailiú, ar fáil do dháileoirí agus d’oibreoirí dá dtagraítear in Airteagail 62, 65 agus 66 agus d’oibreoirí bainistithe dramhaíola eile a dhéanann gníomhaíochtaí maidir le hullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó cóireála.

3.   A luaithe a sholáthraítear ceallra laistigh de chríoch Bhallstáit, cuirfidh táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go leictreonach, faisnéis a bhaineann le samhlacha ceallraí sonracha maidir le cóireáil cheart fhónta a dhéanamh ar cheallraí dramhaíola ó thaobh an chomhshaoil de, saor in aisce agus arna iarraidh sin, d’oibreoirí bainistithe dramhaíola a bhíonn i mbun ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó cóireála, a mhéid is gá do na hoibreoirí sin chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh:

(a)

na próisis chun modhanna éadroma iompair, feithiclí agus fearais a dhíchóimeáil ar bhealach lena mbeifear in ann ceallraí ionchorpraithe a bhaint;

(b)

na bearta sábháilteachta agus cosanta, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le bearta sábháilteachta ceirde agus cosanta dóiteáin, is infheidhme maidir leis an stóráil, an iompar agus na próisis chóireála le haghaidh ceallraí dramhaíola.

Sainaithneofar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír na comhábhair agus na hábhair agus suíomh gach substainte guaisí i gceallraí, a mhéid is gá sin d’oibreoirí a dhéanann ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó cóireála, chun cur ar a gcumas ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i dteanga nó i dteangacha is éasca d’oibreoirí arna lua sa chéad fhomhír a thuiscint, de réir mar a chinnfidh an Ballstát ar a margadh a bhfuil an ceallra le cur ar fáil.

4.   Dáileoirí a sholáthraíonn ceallraí d’úsáideoirí deiridh, soláthróidh siad go buan ina n-áitreabh miondíola an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ar bhealach atá inrochtana go héasca agus infheicthe go soiléir d’úsáideoirí deiridh na gceallraí, agus faisnéis maidir le conas a fhéadfaidh na húsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a thabhairt ar ais saor in aisce chuig na pointí bailithe faoi seach arna mbunú ag asraonta miondíola nó thar ceann ardán ar líne. Beidh an oibleagáid sin teoranta do na catagóirí ceallraí atá, nó a bhí, á dtairiscint mar cheallraí nua ag an dáileoir nó ag an miondíoltóir.

Soláthróidh dáileoirí an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 freisin nuair a dhíolann siad a dtáirgí trí ardáin ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe.

5.   Taispeánfar na costais a chumhdaítear ag an táirgeoir faoi Airteagal 56(4), pointí (a) go (d), ar leithligh don úsáideoir deiridh ag díolphointe ceallra nua.

6.   Déanfaidh táirgeoirí na catagóire ábhartha ceallraí nó eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí feachtais múscailte feasachta a bhunú sheoladh agus dreasachtaí a chur ar fáil chun úsáideoirí deiridh a spreagadh chun ceallraí dramhaíola a dhiúscairt ar bhealach atá i gcomhréir leis an bhfaisnéis arna cur chuirtear ar fáil d’úsáideoirí deiridh i ndáil le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú i gcomhréir le mír 1.

7.   I gcás ina soláthraítear faisnéis go poiblí d’úsáideoirí deiridh faoin Airteagal seo, caomhnófar an rúndacht maidir le faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha.

Airteagal 75

Íoscheanglais maidir le tuairisciú do na húdaráis inniúla

1.   Déanfaidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe agus táirgeoirí cheallraí LMT, nó i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, de réir cheimic agus chatagóir na gceallraí agus na gceallraí dramhaíola a thuairisciú don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire:

(a)

an líon ceallraí inaistrithe agus ceallraí LMT arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch Bhallstáit, cé is moite de cheallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;

(b)

an líon ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch Bhallstáit, cé is moite de cheallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;

(c)

an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola arna bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 59 agus 60, faoi seach;

(d)

an ráta bailithe arna bhaint amach ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus cheallraí LMT dramhaíola;

(e)

an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola arna bhailiú agus an líon ceallraí LMT dramhaíola arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil;

(f)

líon na gceallraí inaistrithe dramhaíola bailithe agus ceallraí LMT dramhaíola arna onnmhairiú chuig tríú tíortha lena gcóireáil, lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;

(g)

an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena ullmhú le haghaidh athrú cuspóra.

I gcás ina mbailíonn oibreoirí bainistíochta dramhaíola seachas táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, ceallraí inaistrithe dramhaíola nó ceallraí LMT dramhaíola ó dháileoirí nó ó phointí bailithe eile le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola nó ceallraí LMT dramhaíola, tuairisceoidh siad don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola arna bhailiú de réir a gceimice.

2.   Tuairisceoidh táirgeoirí ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire an fhaisnéis seo a leanas, de réir ceimic agus catagóirí ceallraí dramhaíola:

(a)

an líon ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát, cé is moite de cheallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;

(b)

an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;

(c)

an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil;

(d)

an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna onnmhairiú chuig tríú tíortha lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó lena gcóireáil.

3.   I gcás ina mbailíonn oibreoirí bainistithe dramhaíola ceallraí dramhaíola ó dháileoirí nó ó phointí bailithe eile le haghaidh ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola nó ó úsáideoirí deiridh, tuairisceoidh siad an fhaisnéis seo a leanas don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire de réir ceimic agus catagóirí ceallraí dramhaíola:

(a)

an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe;

(b)

an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;

(c)

an líon ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil;

(d)

an líon ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola bailithe arna onnmhairiú chuig tríú tíortha lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó lena gcóireáil.

4.   Áireofar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (g), den Airteagal seo faisnéis maidir le ceallraí atá ionchorpraithe i bhfeithiclí agus i bhfearais, agus ceallraí dramhaíola a bhaintear as feithiclí agus fearais i gcomhréir le hAirteagal 65.

5.   Déanfaidh oibreoirí bainistithe dramhaíola a dhéanann cóireáil agus athchúrsálaithe an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar ceallraí dramhaíola a chóireáil le haghaidh gach bliana féilire agus ag an mBallstát inar bailíodh na ceallraí dramhaíola:

(a)

an líon ceallraí dramhaíola arna fháil lena gcóireáil;

(b)

an líon ceallraí dramhaíola a thosaigh ag dul faoi ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó próisis athchúrsála;

(c)

sonraí maidir le héifeachtúlacht athchúrsála le haghaidh ceallraí dramhaíola, aisghabháil ábhar ó cheallraí dramhaíola agus an ceann scríbe agus toradh na gcodán aschuir deiridh.

Cumhdófar gach céim aonair athchúrsála agus gach codán aschuir comhfhreagrach sa tuairisciú a dhéanfar faoin éifeachtúlacht athchúrsála agus faoi leibhéil d’ábhair aisghafa. I gcás ina ndéantar oibríochtaí athchúrsála ag níos mó ná saoráid amháin, beidh an chéad athchúrsálaí freagrach as an bhfaisnéis a bhailiú agus an fhaisnéis sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina ndéantar ceallraí dramhaíola a chóireáil an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a sholáthar d’údarás inniúil an Bhallstáit inar bailíodh na ceallraí, murab ionann iad.

Déanfar ceallraí dramhaíola a sheolfar chuig Ballstát eile lena gcóireáil sa Bhallstát eile sin a áireamh sna sonraí maidir le héifeachtúlacht athchúrsála agus aisghabháil ábhar agus áireofar iad chun na spriocanna a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a bhaint amach ag an mBallstát inar bailíodh an dramhaíl sin.

6.   I gcás ina n-onnmhairíonn sealbhóirí dramhaíola seachas iad sin dá dtagraítear i mír 5 ceallraí le haghaidh cóireála, déanfaidh siad na sonraí faoin líon ceallraí dramhaíola arna bhailiú ar leithligh a onnmhairíodh le haghaidh cóireála agus na sonraí dá dtagraítear i mír 5, pointí (b) agus (c) a thuairisciú d’údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil siad lonnaithe.

7.   Táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, oibreoirí bainistíochta dramhaíola agus sealbhóirí dramhaíola dá dtagraítear san Airteagal seo, tuairisceoidh siad laistigh de 6 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a ndéanfar na sonraí a bhailiú ina leith. Bainfidh an chéad tréimhse tuairiscithe leis an gcéad bhliain féilire iomlán tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme, lena mbunaítear an fhormáid maidir le tuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 76(5).

8.   Bunóidh na húdaráis inniúla córais leictreonacha trína dtuairisceofar sonraí dóibh agus sonróidh siad na formáidí a bheidh le húsáid.

9.   Féadfaidh an Ballstát cead a thabhairt do na húdaráis inniúla aon fhaisnéis bhreise a iarraidh is gá chun a áirithiú go bhfuil na sonraí a thuairiscítear iontaofa.

Airteagal 76

Tuairisciú don Choimisiún

1.   Cuirfidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas maidir le ceallraí inaistrithe, ceallraí LMT, ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha ar fáil go poiblí i bhfoirm chomhiomlánaithe maidir le gach bliain féilire agus san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 5, de réir catagóirí ceallraí agus a gceimice:

(a)

an líon ceallraí arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát, lena n-áirítear iad sin a ionchorpraítear i bhfearais, feithiclí nó táirgí tionsclaíocha, ach gan ceallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh, a áireamh;

(b)

an líon ceallraí dramhaíola arna bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 59, 60 agus 61, agus na rátaí bailithe arna ríomh ar bhonn na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI;

(c)

an líon ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus an líon ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola arna bhailiú agus arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;

(d)

na luachanna le haghaidh na n-éifeachtúlachtaí athchúrsála a bhaintear amach dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn XII agus na luachanna le haghaidh na haisghabhála ábhar a bhaintear amach dá dtagraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn XII, maidir leis na ceallraí arna mbailiú sa Bhallstát sin.

Cuirfidh na Ballstáit na sonraí sin ar fáil laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbailítear na sonraí. Cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil go poiblí agus go leictreonach san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5, trí úsáid a bhaint as seirbhísí sonraí atá inrochtana go héasca. Beidh na sonraí inléite, insórtáilte agus inchuardaithe ag meaisín, agus urramófar leo caighdeáin oscailte don úsáid ó thríú páirtithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún nuair a chuirtear na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil.

Bainfidh an chéad tréimhse tuairiscithe leis an gcéad bhliain féilire iomlán tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme, lena mbunaítear an fhormáid maidir le tuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le mír 5.

Sa bhreis ar na hoibleagáidí faoi Threoracha 2000/53/CE agus 2012/19/AE, áireofar le sonraí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) go (d), den Airteagal seo ceallraí atá ionchorpraithe i bhfeithiclí agus i bhfearais, agus ceallraí dramhaíola a bhaintear as na feithiclí agus na fearais sin i gcomhréir le hAirteagal 65.

2.   Cumhdófar gach céim aonair athchúrsála agus gach codán aschuir comhfhreagrach sa tuairisciú ar an éifeachtúlacht athchúrsála agus ar an aisghabháil ábhar dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (d).

3.   Beidh tuarascáil maidir le seiceáil ar cháilíocht a bheidh le cur i láthair san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5 ag gabháil leis na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil i gcomhréir leis an Airteagal seo.

4.   Baileoidh agus athbhreithneoidh an Coimisiún an fhaisnéis arna cur ar fáil i gcomhréir leis an Airteagal seo. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar eagrú bhailiú na sonraí, ar fhoinsí na sonraí agus ar an modheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit chomh maith le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí sin. Féadfaidh moltaí sonracha le haghaidh feabhais a bheith sa mheasúnú sin. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas laistigh de 6 mhí tar éis do na Ballstáit na sonraí a thuairisciú ar dtús agus gach 4 bliana dá éis sin.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Lúnasa 2025, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar síos an fhormáid maidir leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis a thuairisceofar don Choimisiún, chomh maith le modhanna measúnaithe agus dálaí oibríochtúla a bhaineann le bailiú agus cóireáil ceallraí dramhaíola, chun críocha mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

CAIBIDIL IX

Pas ceallra digiteach

Airteagal 77

Pas ceallra

1.   Ón 18 Feabhra 2027 beidh taifead leictreonach (“pas ceallra”) ag gach ceallra LMT, gach ceallra tionsclaíoch ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus gach ceallra feithiclí leictreacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís.

2.   Beidh faisnéis sa phas ceallra a bhaineann leis an tsamhail cheallra agus faisnéis a bhaineann go sonrach leis an gceallra aonair, lena n-áirítear faisnéis a eascraíonn as úsáid an cheallra sin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.

Is é a bheidh san fhaisnéis sa phas ceallra:

(a)

faisnéis a bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne uirthi i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn XIII;

(b)

faisnéis nach bhfuil inrochtana ach ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, údaráis faireachais margaidh agus an Coimisiún i gcomhréir le pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn XIII; agus

(c)

faisnéis nach bhfuil inrochtana ach ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus í a phróiseáil chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír i gcomhréir le pointí 2 agus 4 d’Iarscríbhinn XIII.

Maidir leis na críocha chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír agus chun í a phróiseáil:

(a)

bainfidh siad le díchóimeáil an cheallra, lena n-áirítear bearta sábháilteachta atá le déanamh le linn na díchóimeála, agus comhdhéanamh mionsonraithe na samhla ceallra agus beidh siad fíor-riachtanach chun go mbeidh na deisitheoirí, na hathmhonaróirí, na hoibreoirí dara húsáid agus na hathchúrsálaithe in ann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha faoi seach a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo; nó

(b)

i gcás ceallraí aonair, beidh siad fíor-riachtanach do cheannaitheoir an cheallra nó do pháirtithe a ghníomhaíonn thar ceann an cheannaitheora, chun an ceallra aonair a chur ar fáil do chomhbhailitheoirí neamhspleácha fuinnimh nó do rannpháirtithe sa mhargadh fuinnimh.

Áireofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír sa phas ceallra a mhéid is infheidhme maidir le catagóir nó le fochatagóir ceallraí lena mbaineann.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le háireamh sa phas ceallra i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

3.   Beidh an pas ceallra inrochtana tríd an gcód QR dá dtagraítear in Airteagal 13(6) a nascann le haitheantóir uathúil a ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuirfidh an ceallra ar an margadh a shannadh dó.

Comhlíonfaidh an cód QR agus an t-aitheantóir uathúil caighdeáin ISO/IEC 15459-1:2014, 15459-2:2015, 15459-3:2014, 15459-4:2014, 15459-5:2014 agus 15459-6:2014 nó a gcoibhéis.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an dara fomhír den mhír seo a leasú i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch trí na caighdeáin dá dtagraítear san fhomhír sin a ionadú nó trí chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta eile a chur leis a dhéanfaidh an cód QR agus an t-aitheantóir uathúil a chomhlíonadh.

4.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuirfidh an ceallra ar an margadh go mbeidh an fhaisnéis a bheidh sa phas ceallra cruinn, iomlán agus cothrom le dáta. Féadfaidh sé údarú i scríbhinn a thabhairt d’aon oibreoir eile gníomhú thar a cheann.

5.   Is ar chaighdeáin oscailte a bhunófar an fhaisnéis uile a áirítear sa phas ceallra agus beidh sí i bhformáid idir-inoibritheach, inaistrithe trí líonra malartaithe idir-inoibritheach sonraí oscailte gan gaibhniú díoltóirí, meaisín-inléite, struchtúrtha agus inchuardaithe, i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Airteagal 78.

6.   Déanfar an rochtain ar fhaisnéis a áirítear sa phas ceallra a rialú i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Airteagal 78.

7.   I gcás ceallra a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, nó ar athraíodh a chuspóir nó a athmhonaraíodh, aistreofar an fhreagracht as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi mhír 4 den Airteagal seo chuig an oibreoir eacnamaíoch a chuir an ceallra sin ar an margadh nó a chuir i seirbhís é. Beidh pas ceallra nua ag ceallra den sórt sin a bheidh nasctha le pas ceallra nó pasanna an cheallra bunaidh nó na gceallraí bunaidh.

I gcás ina n-athraíonn stádas an cheallra go ceallra dramhaíola, aistreofar an fhreagracht as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi mhír 4 den Airteagal chuig an táirgeoir nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), chuig an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, nó chuig an oibreoir bainistithe dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 57(8).

8.   Scoirfidh pas ceallra de bheith ann tar éis athchúrsáil a dhéanamh ar an gceallra.

9.   Faoin 18 Lúnasa 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear cé na daoine a mheasfar a bheith ina ndaoine a bhfuil leas dlisteanach acu dá dtagraítear i bpointí 2 agus 4 faoi seach d’Iarscríbhinn XIII chun críocha mhír 2, pointe (c), den Airteagal seo, agus an fhaisnéis a liostaítear sna pointí sin a mbeidh rochtain acu uirthi, agus a mhéid a fhéadfaidh siad an fhaisnéis sin a íoslódáil, a chomhroinnt, a fhoilsiú agus a athúsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

Is iad seo a leanas na critéir lena sonrófar na daoine dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), agus lena gcinnfear a mhéid a fhéadfaidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 2 agus 4 d’Iarscríbhinn XIII a íoslódáil, a chomhroinnt, a fhoilsiú agus a athúsáid:

(a)

an gá atá le faisnéis den sórt sin chun meastóireacht a dhéanamh ar stádas agus luach iarmharach an cheallra agus ar an gcumas atá ann tuilleadh úsáide a bhaint as;

(b)

an gá atá le faisnéis den sórt sin chun ullmhúchán a dhéanamh maidir le hathúsáid an cheallra, ullmhúchán a dhéanamh maidir lena chuspóir a athrú nó athrú cuspóra, athmhonarú nó athchúrsáil an cheallra, nó chun rogha a dhéanamh idir na hoibríochtaí sin;

(c)

an gá atá lena áirithiú gur teoranta don íosmhéid is gá i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme a bheidh an rochtain agus an phróiseáil ar an bhfaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de sa phas ceallra.

Airteagal 78

Dearadh teicniúil agus oibriú an phas ceallra

Le dearadh teicniúil agus oibriú an phas ceallra, comhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha seo a leanas:

(a)

beidh an pas ceallra go hiomlán idir-inoibritheach le pasanna digiteacha táirgí eile a cheanglaítear le dlí an Aontais maidir le héicidhearthóireacht, i ndáil le gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla na cumarsáide ó cheann go ceann agus an aistrithe sonraí;

(b)

beidh rochtain saor in aisce ag na tomhaltóirí, na hoibreoirí eacnamaíocha agus na gníomhaithe ábhartha eile ar an bpas ceallra agus beidh an rochtain sin bunaithe ar a gcearta rochtana faoi seach a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII agus sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 77(9);

(c)

déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 77(4) nó (7), nó na hoibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar a cheann, na sonraí a áirítear sa phas ceallra a stóráil;

(d)

má dhéanann oibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar ceann an oibreora eacnamaíoch atá freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 77(4) nó (7) na sonraí a áirítear sa phas ceallra a stóráil, nó a phróiseáil ar bhealach eile, ní cheadófar do na hoibreoirí sin sonraí den sórt sin a dhíol, a athúsáid ná a phróiseáil, ina n-iomláine nó i bpáirt, thar a bhfuil riachtanach chun na seirbhísí stórála nó próiseála ábhartha a sholáthar;

(e)

beidh an pas ceallra fós ar fáil nuair a scoirfidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 77(4) nó (7) de bheith ann nó nuair a scoirfidh sé dá ghníomhaíocht san Aontas;

(f)

beidh srian ar na cearta chun faisnéis a rochtain, a thabhairt isteach, a mhodhnú nó a thabhairt cothrom le dáta sa phas ceallra bunaithe ar na cearta rochtana a shonraítear in Iarscríbhinn XIII agus sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 77(9);

(g)

áiritheofar fíordheimhniú, iontaofacht agus sláine sonraí;

(h)

beidh an pas ceallra de chineál go n-áirithítear ardleibhéal slándála agus príobháideachais agus go seachnaítear calaois.

CAIBIDIL X

Faireachas margaidh an Aontais agus nósanna imeachta coimirce an Aontais

Airteagal 79

Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le ceallraí lena mbaineann riosca

1.   Gan dochar d’Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/1020, i gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag údaráis faireachais margaidh Ballstáit amháin chun a chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte an duine nó do shábháilteacht daoine, do mhaoin nó don chomhshaol le ceallra a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an gceallra lena mbaineann lena gcumhdófar gach ceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo.

I gcás, agus an mheastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar siúl, nach bhfaighidh na húdaráis faireachais margaidh amach nach gcomhlíonann an ceallra na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo (“ceallra neamhchomhlíontach”), cuirfidh siad de cheangal, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí is gá a ghlacadh, laistigh de thréimhse réasúnta arna forordú ag na húdaráis faireachais margaidh agus ar cóimhéid le cineál an riosca, chun an ceallra a chur i gcomhréir leis na ceanglais sin, chun é a tharraingt siar ón mhargadh, nó chun é a aisghairm.

Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin.

2.   Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.

3.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go nglacfar gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i dtaca leis na ceallraí neamhchomhlíontacha uile a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.

4.   I gcás nach nglacann an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, glacfaidh na húdaráis faireachais margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar na ceallraí neamhchomhlíontacha a chur ar fáil ar a margadh náisiúnta, chun na ceallraí sin a tharraingt siar ón margadh nó chun iad a aisghairm.

Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan mhoill, maidir leis na bearta sin.

5.   Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun ceallra neamhchomhlíontach a shainaithint, tionscnamh an cheallra sin, an cineál neamhchomhlíontachta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Léireoidh na húdaráis faireachais margaidh go háirithe cibé ar tharla an neamhchomhlíonadh i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

mainneachtain an cheallra a bheith i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 nó Airteagal 12, 13 nó 14;

(b)

easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15;

(c)

easnaimh sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16.

6.   Déanfaidh na Ballstáit seachas an Ballstát sin a thionscnaíonn an nós imeachta faoin Airteagal seo an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon bhearta arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise a bhfuil fáil acu uirthi maidir le neamhchomhlíonadh an cheallra lena mbaineann, agus, sa chás nach n-aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta a glacadh, cuirfidh siad ar an eolas iad faoina n-agóidí.

7.   I gcás, laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid i ndáil le beart sealadach arna ghlacadh ag údaráis faireachais margaidh, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go nglactar bearta sriantacha iomchuí, amhail an ceallra neamhchomhlíontach a tharraingt siar ón margadh, i dtaca leis an gceallra neamhchomhlíontach gan mhoill.

Airteagal 80

Nós imeachta coimirce an Aontais

1.   I gcás, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 79(4), (6) agus (7), a chur i gcrích, ina ndéantar agóidí in aghaidh beart arna dhéanamh ag na húdaráis faireachais margaidh, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha le dlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Féachfaidh an Coimisiún leis an meastóireacht sin a thabhairt chun críche laistigh d’aon mhí amháin.

Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinntear cé acu atá údar leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

2.   Is chuig na Ballstáit uile a dhíreoidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, agus cuirfidh sé é in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.

Má mheastar go bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, glacfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá lena áirithiú go dtarraingítear an ceallra neamhchomhlíontach siar óna margadh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Má mheastar nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, tarraingeoidh an Ballstát lena mbaineann siar an beart sin.

3.   I gcás ina meastar údar a bheith leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an cheallra i leith easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.

4.   I gcás ina meastar údar a bheith leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an cheallra i leith easnaimh sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill, gníomh cur chun feidhme lena leasaítear nó lena n-aisghairtear na sonraíochtaí comhchoiteanna lena mbaineann. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

Airteagal 81

Ceallraí comhlíontacha lena mbaineann riosca

1.   I gcás, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 79(1), ina bhfaigheann Ballstát amach, cé go bhfuil ceallra ag comhlíonadh Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14, go mbaineann riosca leis do shláinte an duine nó do shábháilteacht daoine, do chosaint maoine nó don chomhshaol (“ceallraí comhlíontacha lena mbaineann riosca”), cuirfidh sé de cheangal, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a ghlacadh, laistigh de thréimhse réasúnta arna forordú ag na húdaráis faireachais margaidh agus ar cóimhéid le cineál an riosca, chun a áirithiú nach mbainfidh an riosca sin leis an gceallra comhlíontach lena mbaineann riosca níos mó, nuair a chuirtear ar fáil ar an margadh é, chun an ceallra sin a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghairm.

2.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go nglacfar gníomhaíocht cheartaitheach i ndáil leis na ceallraí comhlíontacha uile lena mbaineann riosca a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.

3.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach i gcás ina dtarlaíonn an méid dá dtagraítear i mír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun a shainaithint na ceallraí comhlíontacha lena mbaineann riosca, tionscnamh agus slabhra soláthair ceallraí den sórt sin, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.

4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinntear cé acu atá údar leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil, agus lena molfar, más gá, bearta ceartaitheacha iomchuí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

5.   Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar iomchuí leo a bhaineann le sláinte an duine agus sábháilteacht daoine a chosaint, agus le cosaint maoine agus an chomhshaoil, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90(4).

6.   Is chuig na Ballstáit uile a dhíreoidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 agus cuirfidh sé é in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.

Airteagal 82

Gníomhaíochtaí comhpháirteacha

Féadfaidh na húdaráis faireachais margaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha nó d’úsáideoirí deiridh. Mar chuid de ghníomhaíochtaí comhpháirteacha den sórt sin, féadfaidh Ballstáit nó údaráis faireachais margaidh ionaid inniúlachta ceallra a bhunú, d’fhonn gur féidir comhlíonadh a chur chun cinn, neamhchomhlíonadh a shainaithint, feasacht a mhúscailt agus treoir a thabhairt i ndáil leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1020.

Airteagal 83

Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1.   Gan dochar d’Airteagal 79, i gcás ina bhfaigheann Ballstát amach gur tharla ceann de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a)

greamaíodh an mharcáil CE de shárú ar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó ar Airteagal 20 den Rialachán seo;

(b)

níor greamaíodh an mharcáil CE;

(c)

tá uimhir aitheantais an chomhlachta faoinár dtugtar fógra, i gcás ina gceanglaítear faoi Iarscríbhinn VIII, greamaithe de shárú ar Airteagal 20 nó níor greamaíodh í;

(d)

níor tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta AE nó níor tarraingíodh suas i gceart é;

(e)

níl an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII ar fáil nó níl sí iomlán;

(f)

tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(7) nó in Airteagal 41(3) ar iarraidh, bréagach nó neamhiomlán;

(g)

níor comhlíonadh aon cheanglas riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagail 38 nó 41;

2.   I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Ballstát lena mbaineann gach beart iomchuí chun an ceallra a shrianadh nó a thoirmeasc óna chur ar an margadh nó lena áirithiú go ndéantar é a tharraingt siar ón margadh nó a aisghairm.

Airteagal 84

Neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí díchill chuí

1.   I gcás ina bhfaigheann Ballstát amach nach gcomhlíonann oibreoir eacnamaíoch a oibleagáidí díchill chuí a leagtar síos in Airteagail 48, 49 agus 50, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann.

2.   I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 agus i gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh, glacfaidh an Ballstát lena mbaineann gach beart iomchuí chun na ceallraí a chuireann an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar an margadh a shrianadh nó a thoirmeasc óna chur ar an margadh agus, más rud é gur neamhchomhlíonadh tromchúiseach atá ann, áiritheoidh sé go ndéantar iad a tharraingt siar ón margadh nó a aisghairm.

CAIBIDIL XI

Soláthar poiblí glas agus an nós imeachta chun na srianta ar shubstaintí a leasú

Airteagal 85

Soláthar poiblí glas

1.   I gcás údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Threoir 2014/25/AE, áireoidh siad, agus ceallraí nó táirgí ina bhfuil ceallraí á soláthar acu i gcásanna a chumhdaítear leis na Treoracha sin, tionchair chomhshaoil na gceallraí sin thar a saolré d’fhonn a áirithiú go gcoinnítear tionchair den sórt sin chomh híseal agus is féidir.

2.   Ó 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chéad ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, lena mbunaítear critéir dhámhachtana le haghaidh nósanna imeachta soláthair, déanfar an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh trí na critéir dhámhachtana sin a chur i bhfeidhm. Maidir le haon nós imeachta soláthair a dhéanann údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha chun ceallraí, nó táirgí ina bhfuil ceallraí, a thagann faoi raon feidhme Airteagail 7 go 10, a cheannach, déanfar tagairt ina shonraíochtaí teicniúla agus ina chritéir dhámhachtana don chéad ghníomh tarmligthe sin chun a áirithiú go soláthraítear na ceallraí sin, nó na táirgí sin ina bhfuil ceallraí, le tionchar i bhfad níos ísle ar an gcomhshaol le linn a saolré.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, 12 mhí tar éis ghlacadh na ngníomhartha tarmligthe is déanaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), an ceathrú fomhír, pointe (a), Airteagal 8(1), Airteagal 9(2) agus Airteagal 10(5), gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 lena bhforlíonfar an Rialachán seo trí chritéir dhámhachtana a bhunú le haghaidh nósanna imeachta soláthair le haghaidh ceallraí, nó táirgí ina bhfuil ceallraí, bunaithe ar na ceanglais inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagail 7 go 10.

Airteagal 86

Nós imeachta srianta ar shubstaintí

1.   Má mheasann an Coimisiún go mbaineann riosca le húsáid substainte i monarú ceallraí, nó le substaint a bheith sna ceallraí nuair a chuirtear ar an margadh iad, nó le linn chéimeanna a saolré ina dhiaidh sin, lena n-áirítear tráth a athraítear a gcuspóir nó le linn cóireáil ceallraí dramhaíola, do shláinte an duine nó don chomhshaol nach bhfuil rialaithe go leordhóthanach agus nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais, iarrfaidh sé ar an nGníomhaireacht sainchomhad maidir le srianta a ullmhú, a chomhlíonann na ceanglais in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Beidh measúnú socheacnamaíoch sa sainchomhad maidir le srianta, lena n-áirítear anailís ar roghanna malartacha.

2.   Laistigh de 12 mhí ón iarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil agus má léirítear sa sainchomhad maidir le srianta arna ullmhú ag an nGníomhaireacht de bhun na míre sin go bhfuil gá le gníomhaíocht ar bhonn uile-Aontais, de bhreis ar aon bhearta atá i bhfeidhm cheana féin, molfaidh an Ghníomhaireacht srianta chun an próiseas a thuairiscítear i míreanna 4 go 9 den Airteagal seo agus in Airteagail 87 agus 88 a thionscnamh.

3.   Má mheasann Ballstát go mbaineann riosca le húsáid substainte i monarú ceallraí, nó le substaint atá sna ceallraí nuair a chuirtear ar an margadh iad, nó le linn chéimeanna a saolré ina dhiaidh sin, lena n-áirítear tráth a athraítear cuspóir ceallraí dramhaíola nó le linn cóireáil ceallraí dramhaíola, do shláinte an duine nó don chomhshaol nach bhfuil rialaithe go leordhóthanach agus nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais, tabharfaidh sé fógra don Ghníomhaireacht go bhfuil sé beartaithe aige sainchomhad maidir le srianta a ullmhú. Ullmhóidh an Ballstát sainchomhad maidir le srianta. Beidh measúnú socheacnamaíoch sa sainchomhad maidir le srianta, lena n-áirítear anailís ar roghanna malartacha.

Má léirítear sa sainchomhad maidir le srianta go bhfuil gá le gníomhaíocht ar bhonn uile-Aontais, de bhreis ar aon bhearta atá i bhfeidhm cheana féin, cuirfidh an Ballstát an sainchomhad faoi bhráid na Gníomhaireachta san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, chun an próiseas a thuairiscítear i míreanna 4 go 9 den Airteagal seo, agus in Airteagail 87 agus 88 a thionscnamh.

4.   Chun críocha an tsainchomhaid maidir le srianta agus an phróisis srianta, cuirfidh an Ghníomhaireacht nó na Ballstáit san áireamh aon sainchomhad, aon tuarascáil ar shábháilteacht cheimiceach nó aon mheasúnú riosca a chuirtear faoi bhráid na Gníomhaireachta nó Ballstáit faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Cuirfidh an Ghníomhaireacht nó na Ballstáit aon fhaisnéis atá ar fáil san áireamh freisin agus déanfaidh siad tagairt d’aon mheasúnú riosca ábhartha a cuireadh isteach chun críocha dlí eile de chuid an Aontais a chumhdaíonn saolré na substainte a úsáidtear sa cheallra, lena n-áirítear an chéim dramhaíola. Chuige sin, déanfaidh comhlachtaí eile arna mbunú faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil cúram comhchosúil á chur i gcrích acu faisnéis a chur ar fáil don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát lena mbaineann arna iarraidh sin dóibh.

5.   Beidh rochtain ar fhaisnéis atá i seilbh na Gníomhaireachta nuair a bheidh na cúraimí a shainítear in Airteagal 6 den Rialachán seo agus san Airteagal seo á gcomhlíonadh faoi réir Airteagal 118 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

6.   Coinneoidh an Ghníomhaireacht liosta ar bun de na substaintí a bhfuil sainchomhad maidir le srianta faoin Airteagal seo á bheartú nó idir lámha ag an nGníomhaireacht nó ag Ballstát.

7.   Seiceálfaidh an Coiste um Measúnú Riosca, arna chur ar bun de bhun Airteagal 76(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch, arna chur ar bun de bhun Airteagal 76(1)(d) den Rialachán sin, cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar leis an sainchomhad maidir le srianta arna chur isteach ceanglais Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán sin. Laistigh de 30 lá tar éis dó an sainchomhad a fháil, cuirfidh an Coiste faoi seach in iúl don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát a bhfuil na srianta á moladh aige cé acu a chomhlíontar na ceanglais leis an sainchomhad nó nach gcomhlíontar. Mura mbeidh na ceanglais á gcomhlíonadh leis an sainchomhad, tabharfar na cúiseanna ina leith don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát i scríbhinn laistigh de 45 lá ón sainchomhad a fháil. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht nó an Ballstát an sainchomhad chun comhréireachta laistigh de 60 lá ón dáta a fhaightear na cúiseanna ón gCoiste faoi seach, mura ndéantar sin, déanfar an nós imeachta faoin Airteagal seo a fhoirceannadh.

8.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht gan mhoill go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún nó ag Ballstát an próiseas srianta a thionscnamh maidir le substaint, faoin Airteagal seo, agus cuirfidh sí na geallsealbhóirí lena mbaineann ar an eolas.

9.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht an sainchomhad maidir le srianta ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, lena n-áirítear na srianta a mholtar de bhun mhíreanna 2 agus 3, gan mhoill, lena léirítear go soiléir an dáta a foilsíodh é. Iarrfaidh an Ghníomhaireacht ar na geallsealbhóirí uile lena mbaineann an méid seo a leanas a thíolacadh go haonair nó i gcomhpháirt, laistigh de 4 mhí ón dáta foilsithe:

(a)

barúlacha i dtaca leis an sainchomhad maidir le srianta agus i dtaca leis na srianta atá molta;

(b)

anailís shocheacnamaíoch ar na srianta atá molta, lena n-áirítear anailís ar roghanna malartacha, nó faisnéis ar féidir léi cur le hanailís den sórt sin, ag féachaint go grinn ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis na srianta atá molta. Beidh an anailís sin i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

10.   Glacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) laistigh de 9 mí tar éis tuairim a fháil ó Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 87(2). Mura nglacfaidh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch tuairim faoin sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 87(2) nó (5), de réir mar is infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar socheacnamaíoch an tsriain, lena n-áirítear roghanna malartacha ar an tsubstaint a bheith ar fáil agus glacfaidh sé gníomh tarmligthe faoin sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 87(2).

11.   I gcás ina n-imíonn an dréachtleasú ar Iarscríbhinn I ó thogra bunaidh an tsainchomhaid maidir le srianta, arna ullmhú de bhun an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo agus in Airteagail 87 agus 88, nó i gcás nach gcuirtear tuairimí na Gníomhaireachta san áireamh leis sin, cuirfidh an Coimisiún, ag gabháil leis, míniúchán mionsonraithe ar na cúiseanna atá leis na difríochtaí.

Airteagal 87

Tuairim ó Choistí na Gníomhaireachta

1.   Laistigh de 12 mhí ón dáta foilsithe dá dtagraítear in Airteagal 86(9), glacfaidh an Coiste um Measúnú Riosca tuairim maidir le cé atá nó nach bhfuil na srianta atá molta iomchuí ó thaobh an riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol a laghdú, bunaithe ar a mhachnamh ar na codanna ábhartha den sainchomhad maidir le srianta. Cuirfear an sainchomhad maidir le srianta arna ullmhú ag an nGníomhaireacht ar iarraidh ón gCoimisiún nó ón mBallstát san áireamh sa tuairim sin, chomh maith le tuairimí na bpáirtithe leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 86(9), pointe (a).

2.   Laistigh de 15 mhí ón dáta foilsithe dá dtagraítear in Airteagal 86(9), glacfaidh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch tuairim maidir leis na srianta atá molta, bunaithe ar a mhachnamh ar na codanna ábhartha den sainchomhad maidir le srianta agus ar an tionchar socheacnamaíoch. Ullmhóidh sé dréacht-tuairim, roimhe sin, maidir leis na srianta atá molta agus maidir leis an tionchar gaolmhar socheacnamaíoch, agus cuirfear na hanailísí nó an fhaisnéis de réir Airteagal 86(9), pointe (b), san áireamh, más ann dóibh.

3.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht an dréacht-tuairim ón gCoiste um Anailís Shocheacnamaíoch ar a suíomh gréasáin gan mhoill agus iarrfaidh sí ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a sholáthar maidir leis an dréacht-tuairim tráth nach déanaí ná 60 lá ó fhoilsiú na dréacht-tuairime sin.

4.   Glacfaidh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch a thuairim gan mhoill, agus cuirfear san áireamh, i gcás inarb iomchuí, barúlacha breise arna bhfáil faoin sprioc-am a leagfar síos i mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear san áireamh sa tuairim sin barúlacha ó na páirtithe leasmhara a tíolacadh faoi Airteagal 86(9), pointe (b) agus mír 3 den Airteagal seo.

5.   I gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir tuairim an Choiste um Measúnú Riosca agus na srianta a moladh sa sainchomhad maidir le srianta, cuirfidh an Ghníomhaireacht an sprioc-am do thuairim an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch ar athló ar feadh 90 lá ar a mhéad.

6.   I gcás ina soláthraíonn an Coiste um Measúnú Riosca agus an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch tuairim de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, bainfidh siad leas as rapóirtéirí faoi Airteagal 87 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear ann.

Airteagal 88

Tuairim a chur faoi bhráid an Choimisiúin

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairimí an Choiste um Measúnú Riosca agus an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill maidir leis na srianta a moladh de bhun Airteagal 86. I gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir tuairimí an Choiste um Measúnú Riosca agus an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch agus na srianta atá molta, cuirfidh an Ghníomhaireacht nóta míniúcháin faoi bhráid an Choimisiúin ina dtabharfar míniú mionsonraithe ar na cúiseanna atá le difríochtaí den sórt sin. Mura nglacann Coiste amháin nó an dá choiste tuairim faoin sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 87(1) agus (2), faoi seach, cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas dá réir sin, agus luafaidh sí na cúiseanna.

2.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht tuairimí an dá Choiste ar a suíomh gréasáin gan mhoill.

3.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht gach doiciméad agus fianaise a cuireadh faoina bráid nó a bhreithnigh sí ar fáil don Choimisiún nó do Bhallstát ach é sin a iarraidh.

CAIBIDIL XII

Cumhachtaí tarmligthe agus nós imeachta coiste

Airteagal 89

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(2), Airteagal 7(1), (2) agus (3), Airteagal 8(1) agus (5), Airteagal 9(2), Airteagal 10(5) agus (6), Airteagal 11(4), Airteagal 12(3), Airteagal 13(8), Airteagal 14(4), Airteagal 48(8), Airteagal 53(3), Airteagal 59(7), Airteagal 60(8), Airteagal 70(4), Airteagal 71(4), (5) agus (6), Airteagal 72(4), Airteagal 77(2) agus (3), agus Airteagal 85(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 17 Lúnasa 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2), Airteagal 7(1), (2) agus (3), Airteagal 8(1) agus (5), Airteagal 9(2), Airteagal 10(5) agus (6), Airteagal 11(4), Airteagal 12(3), Airteagal 13(8), Airteagal 14(4), Airteagal 48(8), Airteagal 53(3), Airteagal 59(7), Airteagal 60(8), Airteagal 70(4), Airteagal 71(4), (5) agus (6), Airteagal 72(4), Airteagal 77(2) agus (3), agus Airteagal 85(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(2), Airteagal 7(1), (2) agus (3), Airteagal 8(1) agus (5), Airteagal 9(2), Airteagal 10(5) agus (6), Airteagal 11(4), Airteagal 12(3), Airteagal 13(8), Airteagal 14(4), Airteagal 48(8), Airteagal 53(3), Airteagal 59(7), Airteagal 60(8), Airteagal 70(4), Airteagal 71(4), (5) agus (6), Airteagal 72(4), Airteagal 77(2) agus (3), agus 85(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 90

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/CE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 de.

CAIBIDIL XIII

Leasuithe

Airteagal 91

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1020

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs “(AE) 2016/425(35) agus (AE) 2016/426(36)”:

“(AE) 2016/425 (*1), (AE) 2016/426 (*2) agus (AE) 2023/1542 (*3)

(*1)  Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51)."

(*2)  Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99)."

(*3)  Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1);”;"

(2)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21 den liosta de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú:

“21.

Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1);”.

Airteagal 92

Leasú ar Threoir 2008/98/CE

In Airteagal 8a(7) de Threoir 2008/98/CE, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“I gcás ceallraí, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), glacfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bunaíodh roimh an 4 Iúil 2018 an tAirteagal seo faoin 18 Lúnasa 2025.

CAIBIDIL XIV

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 93

Pionóis

Faoin 18 Lúnasa 2025 déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 94

Athbhreithniú

1.   Faoin 30 Meitheamh 2031, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an tionchar atá aige ar an gcomhshaol, ar shláinte an duine agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, déanfaidh sé tuarascáil ar an méid sin a tharraingt suas agus déanfaidh sé í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Agus an dul chun cinn teicniúil agus taithí phraiticiúil arna mbaint amach sna Ballstáit á gcur san áireamh, áireoidh an Coimisiún, ina thuarascáil, meastóireacht ar na gnéithe seo a leanas den Rialachán seo:

(a)

liosta de na formáidí coiteanna a thagann faoin sainmhíniú ar cheallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta;

(b)

na ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht agus sábháilteacht a leagtar síos i gCaibidil II, lena n-áirítear an gá a d’fhéadfadh a bheith ann toirmeasc ar onnmhairithe a thabhairt isteach maidir le ceallraí nach gcomhlíonann na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(c)

na ceanglais maidir le lipéadú agus faisnéis a leagtar síos i gCaibidil III;

(d)

na ceanglais díchill chuí maidir le ceallraí a leagtar síos in Airteagail 48 go 53;

(e)

na bearta maidir le bainistiú ceallraí dramhaíola a leagtar síos i gCaibidil VIII, lena n-áirítear an fhéidearthacht dhá fho-chatagóir ceallraí inaistrithe a thabhairt isteach eadhon ceallraí inaistrithe in-athluchtaithe agus neamh-in-athluchtaithe, lena ngabhann spriocanna bailithe ar leithligh, agus an fhéidearthacht sprioc bhailithe ar leithligh a thabhairt isteach le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta;

(f)

na bearta maidir leis an bpas ceallra a leagtar amach i gCaibidil IX;

(g)

sáruithe agus éifeachtacht, comhréireacht agus athchomhairleacht na bpionós a leagtar amach in Airteagal 93;

(h)

anailís ar thionchar an Rialacháin seo ar iomaíochas earnáil na gceallraí agus ar infheistíochtaí in earnáil na gceallraí, agus ar an ualach riaracháin a eascraíonn as an Rialachán seo.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.

3.   Agus an t-athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 á chur san áireamh, áireoidh an Coimisiún meastóireacht shonrach ina thuarascáil maidir leis an ngá atá le togra reachtach chun Airteagail 6, 86, 87 agus 88 den Rialachán seo a leasú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le Caibidil VII a leasú i bhfianaise glacadh, más ann dó, gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais lena leagtar síos rialacha maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe agus dícheall cuí, lena n-áirítear oibleagáidí ar chuideachtaí maidir le drochthionchair ar chearta an duine agus drochthionchair ar an gcomhshaol i ndáil lena ngníomhaíochtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus a mbrainsí, agus a n-oibríochtaí slabhra luacha.

Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh torthaí an mheasúnaithe sin faoi cheann 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm aon cheann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nó faoin 30 Meitheamh 2031, cibé acu is túisce. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún, ag gabháil lena thuarascáil, togra reachtach lena leasaítear Caibidil VII.

5.   Faoin 30 Meitheamh 2031, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéantar measúnú ar a indéanta atá sé raon feidhme an tsainmhínithe ar “cheallraí LMT” in Airteagal 3, pointe (11), a leathnú, go háirithe trí cheallraí a chumhachtaíonn feithiclí gan rothaí a áireamh ann, agus lena ndéantar measúnú ar na hiarmhairtí teicniúla a bhaineann leis an raon feidhme sin a leathnú amhlaidh. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.

6.   Faoin 1 Eanáir 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi is fearr chun caighdeáin chomhchuibhithe a thabhairt isteach do luchtaire comhchoiteann, maidir le ceallraí in-athluchtaithe a dearadh do mhodhanna éadroma iompair, agus do cheallraí in-athluchtaithe a ionchorpraítear i gcatagóirí sonracha trealaimh leictrigh agus leictreonaigh, faoi seach, a chumhdaítear le Treoir 2012/19/AE. Déanfar feistí luchtúcháin le haghaidh catagóirí agus aicmí trealaimh raidió faoi Airteagal 3(4) de Threoir 2014/53/AE a eisiamh ó raon feidhme an mheasúnaithe sin.

Airteagal 95

Aisghairm agus rialacha idirthréimhseacha

Aisghairtear Treoir 2006/66/CE le héifeacht ón 18 Lúnasa 2025.

Mar sin féin, leanfaidh na forálacha seo a leanas d’fheidhm a bheith acu mar a leagtar amach anseo thíos:

(a)

Airteagal 11 go dtí an 18 Feabhra 2027;

(b)

Airteagal 12(4) agus (5) go dtí an 31 Nollaig 2025, ach amháin a mhéid a bhaineann leis an bhforáil a bhaineann le tarchur sonraí chuig an gCoimisiún a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige go dtí an 30 Meitheamh 2027;

(c)

Airteagal 21(2) go dtí an 18 Lúnasa 2026.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 96

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 18 Feabhra 2024, seachas mar a leagtar amach sa dara fomhír agus i bhforálacha eile den Rialachán seo.

Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas mar a leanas:

(a)

beidh feidhm ag Airteagal 11 ón 18 Feabhra 2027;

(b)

beidh feidhm ag Airteagal 17 agus ag Caibidil VI ón 18 Lúnasa 2024, seachas Airteagal 17(2) a mbeidh feidhm aige ó 12 mhí tar éis dháta chéad fhoilsithe an liosta dá dtagraítear in Airteagal 30(2);

(c)

beidh feidhm ag Caibidil VIII ón 18 Lúnasa2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Iúil 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  IO C 220, 9.6.2021, lch. 128.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2023.

(3)  Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola, agus lena leasaítear Treoir 91/157/CEE (IO L 266, 26.9.2006, lch. 1).

(4)  Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).

(6)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(9)  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh ríomhairí agus freastalaithe ríomhaireachta (IO L 175, 27.6.2013, lch. 13).

(11)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(12)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).

(14)  Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1).

(15)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(16)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).

(17)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(18)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(21)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 i ndáil le creat coiteann maidir le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

(22)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(23)  Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (IO L 130, 19.5.2017, lch. 1).

(24)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(25)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(26)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

(27)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(28)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d’aonaid chríochacha le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(30)  Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le dramhaíl a chur i líonadh talún (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

(31)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(32)  Rialachán (AE) Uimh. 493/2012 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2012 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rialacha mionsonraithe maidir le héifeachtúlachtaí athchúrsála na bpróiseas athchúrsála ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí a ríomh (IO L 151, 12.6.2012, lch. 9).

(33)  Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).

(34)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

(35)  Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2007 maidir le dramhaíl áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III nó IIIA a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a onnmhairiú lena haisghabháil chuig tíortha áirithe nach bhfuil feidhm maidir leo ag Cinneadh ECFE maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola a rialú (IO L 316, 4.12.2007, lch. 6).

(36)  Cinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2000 lena n-ionadaítear Cinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola de bhun Airteagal 1(a) de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl agus Treoir 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta de dhramhaíl ghuaiseach de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach (IO L 226, 6.9.2000, lch. 3).

(37)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1267 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2022 lena sonraítear na nósanna imeachta chun saoráidí tástála de chuid an Aontais a ainmniú chun críocha faireachais margaidh agus fíoraithe ar chomhlíonadh táirgí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 192, 21.7.2022, lch. 21).

(38)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(39)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(40)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(41)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(42)  Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18).

(43)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

(44)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

(45)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(46)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

SRIANTA AR SHUBSTAINTÍ

Colún 1

An tsubstaint nó an grúpa substaintí a ainmniú

Colún 2

Coinníollacha srianta

1.

Mearcair

Uimh. CAS 7439-97-6

Uimh. CE 231-106-7 agus a chomhdhúile

Ní bheidh níos mó ná 0,0005 % de mhearcair (arna shloinneadh mar mhiotal mearcair) de réir meáchain i gceallraí, bídís ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile nó ná bíodh.

2.

Caidmiam

Uimh. CAS 7440-43-9

Uimh. CE 231-152-8 agus a chomhdhúile

Ní bheidh níos mó ná 0,002 % de chaidmiam (arna shloinneadh mar mhiotal caidmiam) de réir meáchain i gceallraí inaistrithe, bídís ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile nó ná bíodh.

3.

Luaidhe

Uimh. CAS 7439-92-1

Uimh. CE 231-100-4 agus a comhdhúile

1.

Ón 18 Lúnasa 2024 , ní bheidh níos mó ná 0,01 % de luaidhe (arna shloinneadh mar mhiotal luaidhe) de réir meáchain i gceallraí inaistrithe, bídís ionchorpraithe i bhfearais nó ná bíodh.

2.

Ní bheidh feidhm ag an srian a leagtar amach i bpointe 1 maidir le cnapchealla soghluaiste sinc-aeir go dtí an 18 Lúnasa 2028.


IARSCRÍBHINN II

LORG CARBÓIN

1.   Raon feidhme

Soláthraítear eilimintí fíor-riachtanacha maidir le conas an lorg carbóin a ríomh san Iarscríbhinn seo.

Leis an modheolaíocht chun an lorg carbóin a ríomh agus a fhíorú dá bhforálfar trí bhíthin an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 7, cuirfear leis na heilimintí fíor-riachtanacha a áirítear san Iarscríbhinn seo, beidh sí i gcomhréir leis an leagan is déanaí de mhodh an Choimisiúin maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge agus na Rialacha Catagóire ábhartha maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge (PEFCRanna) agus léireofar léi na comhaontuithe idirnáisiúnta agus an dul chun cinn teicniúil/eolaíoch i réimse an mheasúnaithe saolré.

Beidh an ríomh a dhéanfar ar an lorg carbóin saolré bunaithe ar an liosta ábhar, ar an bhfuinneamh agus ar na hábhair choimhdeacha arna n-úsáid i monarcha mhonaraíochta shonrach chun samhail shonrach cheallra a tháirgeadh. Go háirithe, déanfar na comhpháirteanna leictreonacha, mar shampla aonaid bainistithe ceallraí agus aonaid sábháilteachta, agus na hábhair chatóideacha a shainaithint go beacht, toisc gur féidir leo a bheith ar an bpríomhspreagthóir le haghaidh lorg carbóin ceallraí.

2.   Sainmhínithe

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “sonraí gníomhaíochta” an fhaisnéis atá bainteach le próisis fad a bhíonn Fardail Saolré (LCI) á samhaltú, trína ndéantar gach ceann de thorthaí comhiomlánaithe LCI na slabhraí próisis a léiríonn na gníomhaíochtaí a bhaineann le próisis a iolrú faoi na sonraí gníomhaíochta comhfhreagraí agus tiomsaítear iad ansin chun an lorg carbóin atá bainteach leis an bpróiseas sin a ghabháil;

(b)

ciallaíonn “liosta ábhar” liosta de na hamhábhair, na fo-chóimeálacha, na cóimeálacha idirmheánacha, na fo-chomhpháirteanna agus na páirteanna, agus na méideanna de gach ceann acu, a theastaíonn chun an ceallra a mhonarú;

(c)

ciallaíonn “sonraí cuideachta-shonracha” sonraí a thomhaistear nó a bhailítear go díreach ó shaoráid amháin nó ó roinnt saoráidí (sonraí suíomh-shonracha) atá ionadaíoch ar ghníomhaíochtaí na cuideachta, tugtar “sonraí príomhúla” ar shonraí den sórt sin freisin;

(d)

ciallaíonn “aonad feidhmiúil” na gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhaineann leis na feidhmeanna, na seirbhísí, nó an dá cheann, atá á gcur ar fáil ag an gceallra;

(e)

ciallaíonn “saolré” na céimeanna leanúnacha agus idirnasctha de chóras táirge, ón amhábhair a fháil nó na hacmhainní nádúrtha a ghiniúint go dtí an diúscairt deiridh (ISO 14040:2006 nó caighdeán coibhéiseach);

(f)

ciallaíonn “fardal saolré (LCI)” an tacar comhcheangailte malairtí de shreabhadh bunúsacha, sreabhadh dramhaíola agus sreabhadh táirgí i dtacar sonraí LCI;

(g)

ciallaíonn “tacar sonraí fardail saolré (LCI)” doiciméad nó comhad lena ngabhann faisnéis saolré maidir le táirge sonrach nó tagairt eile, amhail láithreán nó próiseas, ina gcumhdaítear meiteashonraí tuairisciúla agus fardal cainníochtúil saolré, a bhféadfadh tacar sonraí aonadphróisis, tacar sonraí atá comhiomlánaithe go páirteach nó tacar sonraí comhiomlánaithe a bheith san áireamh ann;

(h)

ciallaíonn “sreabhadh tagartha” tomhas na n-aschur ó phróisis i gcóras táirge ar leith a éilítear chun an fheidhm arna sloinneadh leis an aonad feidhmiúil a chomhlíonadh (bunaithe ar ISO 14040:2006 nó caighdeán coibhéiseach);

(i)

ciallaíonn “sonraí tánaisteacha” sonraí nach mbailítear nó nach dtomhaistear go díreach ó phróiseas sonrach laistigh de shlabhra soláthair na cuideachta nó nach ndéanann an chuideachta sin meastachán orthu, ach a fhaightear ó bhunachar sonraí LCI tríú páirtí nó ó fhoinsí eile; áirítear le sonraí den sórt sin meán-sonraí ón tionscal, mar shampla, ó shonraí táirgeachta foilsithe, staidreamh rialtais, agus comhlachais tionscail, chomh maith le staidéir litríochta, staidéir innealtóireachta agus paitinní, agus is féidir leo a bheith bunaithe freisin ar shonraí airgeadais agus is féidir seachshonraí agus sonraí cineálacha eile a bheith iontu; agus áirítear leo freisin sonraí príomhúla a ghabhann trí chéim chomhiomlánaithe chothrománach;

(j)

ciallaíonn “teorainn an chórais” na gnéithe a áirítear sa chéimeanna saolré nó a fhágtar ar lár as.

Ina theannta sin, áireofar sna rialacha comhchuibhithe chun lorg carbóin ceallraí a ríomh aon sainmhíniú eile is gá lena léiriú.

3.   Aonad feidhmiúil agus an sreabhadh tagartha

Sainmhínítear an t-aonad feidhmiúil mar kWh (cileavatuair) amháin den fhuinneamh iomlán a sholáthraíonn córas an cheallra thar ré feidhme an cheallra, arna thomhas in kWh. Faightear an fuinneamh iomlán ó líon na dtimthriallta arna n-iolrú faoin méid fuinnimh a sheachadtar i gcaitheamh gach timthrialla.

Is ionann an sreabhadh tagartha agus meáchan an cheallra a theastaíonn chun feidhm shonrach a chomhlíonadh agus tomhaisfear é in kg ceallra in aghaidh kWh den fhuinneamh iomlán a sheachadann ceallra i gcaitheamh a ré feidhme. Déanfar na sonraí cainníochtúla uile maidir le hionchur agus aschur arna mbailiú ag an monaróir chun an lorg carbóin a chainníochtú a ríomh i ndáil leis an sreabhadh tagartha.

Mar eisceacht ar an gcéad mhír, i gcás ceallraí cúltaca arb é a bpríomhfheidhm leanúnachas foinse cumhachta a áirithiú, sainmhínítear an t-aonad feidhmiúil mar an cumas kWmin amháin (cileavata-nóiméad) amháin de thoilleadh cumhachta cúltaca a sholáthar tráth ar bith le linn shaolré an cheallra. Dá réir sin, is é an sreabhadh tagartha le haghaidh ceallraí cúltaca meáchan an cheallra a theastaíonn chun an fheidhm shainithe a chomhlíonadh agus tomhaisfear é in kg ceallra in aghaidh kWmin de thoilleadh cumhachta cúltaca arna roinnt ar ré feidhme an cheallra de réir blianta. Déanfar na sonraí cainníochtúla uile maidir le hionchur agus aschur arna mbailiú ag monaróirí na gceallraí cúltaca chun an lorg carbóin a chainníochtú a ríomh i ndáil leis an sreabhadh tagartha sin.

I gcásanna eisceachtúla, amhail i gcás ceallraí le haghaidh feithiclí hibrideacha neamh-inluchtaithe, féadfar aonad feidhmiúil éagsúil a shainiú sa mhodheolaíocht.

4.   Teorainn an chórais

Is iad seo a leanas na céimeanna saolré agus na próisis lena mbaineann a áireofar i dteorainn an chórais:

An chéim shaolré

Na próisis lena mbaineann

Amhábhar a fháil agus réamhphróiseáil

Áirítear mianadóireacht agus foinsiú eile ábhartha, réamhphróiseáil agus iompar ábhar gníomhach leis seo, suas go dtí monaraíocht ceall ceallraí agus comhpháirteanna ceallraí (ábhair ghníomhacha, deighilteoir, leictrilít, cásálacha, comhpháirteanna gníomhacha agus éighníomhacha ceallraí), agus comhpháirteanna leictreacha nó leictreonacha.

Táirgeadh an phríomhtháirge

Cóimeáil ceall ceallraí agus cóimeáil ceallraí leis na cealla ceallraí agus na comhpháirteanna leictreacha nó leictreonacha

Dáileadh

Iompar chuig an díolphointe

Deireadh ré agus athchúrsáil

Bailiú, díchóimeáil agus athchúrsáil

Eisiafar na próisis seo a leanas a bhaineann leis na céimeanna saolré ó theorainn an chórais:

monaraíocht trealaimh i gcomhair cóimeáil agus athchúrsáil ceallraí, toisc gur ríomhadh go bhfuil na tionchair ar an lorg carbóin diomaibhseach in PEFCRanna le haghaidh ceallraí in-athluchtaithe ardfhuinnimh sonracha le haghaidh feidhmchláir mhóibíleacha;

an próiseas cóimeála ceallraí lena n-úsáidtear comhpháirteanna córais an mhonaróra buntrealaimh (OEM); comhfhreagraíonn an próiseas sin go príomha do chóimeáil mheicniúil agus áirítear é laistigh den trealamh OEM nó den líne cóimeála feithicle; tá an tomhaltas fuinnimh agus ábhair don phróiseas sonrach seo diomaibhseach nuair a chuirtear é i gcomparáid leis an bpróiseas monaraíochta a bhaineann leis na comhpháirteanna OEM.

Eisiafar an chéim úsáide ó na ríomhanna don lorg carbóin saolré, ós rud é nach mbíonn sí faoi thionchar díreach monaróirí, seachas i gcás ina léirítear gur féidir le roghanna a dhéanann monaróirí ceallraí ag céim an dearaidh rannchuidiú go neamh-dhiomaibhseach leis an tionchar sin.

5.   Tacair sonraí cuideachta-shonracha agus tánaisteacha a úsáid

Mar gheall ar an líon ard comhpháirteanna ceallraí atá ann agus mar gheall ar chastacht na bpróiseas monaraíochta, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an úsáid a bhaintear as sonraí cuideachta-shonracha a theorannú, i gcás ina bhfuil údar leis, d’anailís próisis agus comhpháirte ar na comhpháirteanna a bhaineann go sonrach le ceallraí.

Go háirithe, beidh na sonraí gníomhaíochta go léir a bhaineann le hanóid, catóid, leictrilít, deighilteoir agus ceall-chásáil ceallraí ag tagairt do shamhail shonrach cheallra a tháirgtear i monarcha táirgthe ar leith. Dá réir sin, ní úsáidfear aon sonraí gníomhaíochta réamhshocraithe. Úsáidfear na sonraí gníomhaíochta a bhaineann go sonrach le ceallraí in éineacht leis na tacair sonraí tánaisteacha ábhartha atá comhlíontach maidir le PEF.

Toisc go mbaineann an dearbhú maidir le lorg carbóin go sonrach le samhail cheallra a tháirgtear i láithreán táirgthe sainithe, ní cheadófar sampláil sonraí a bhailítear ó mhonarchana éagsúla a tháirgeann an tsamhail cheallra chéanna.

I gcás ina dtagann athrú ar an liosta ábhar nó ar an meascán fuinnimh a úsáidtear chun samhail cheallra a tháirgeadh, déanfar an lorg carbóin don tsamhail cheallra sin a athríomh.

Áireofar leis na rialacha comhchuibhithe dá bhforáiltear trí ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) samhaltú mionsonraithe ar na céimeanna saolré seo a leanas:

amhábhar a fháil agus an chéim réamhphróiseála,

táirgeadh,

dáileadh,

féin-táirgeadh leictreachais,

deireadh ré.

6.   Measúnú tionchair ar an lorg carbóin

Ríomhfar lorg carbóin an cheallra ag úsáid an mhodha measúnaithe tionchair den tsaolré um “athrú aeráide” a mholtar i dtuarascáil 2019 an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde dar teideal Suggestions for updating the Product Environmental Footprint (PEF) method [Moltaí chun uasdátú a dhéanamh ar an modh maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge (PEF)].

Soláthrófar na torthaí mar thorthaí tréithrithe gan normalú agus ualú. Tá an liosta de thosca tréithrithe a úsáidfear ar fáil ar an Ardán Eorpach maidir le Measúnú Saolré.

7.   Fritháirimh

Ríomhtar fritháirimh i gcoibhneas le bonnlíne a léiríonn cás hipitéiseach den chuma a bheadh ar astaíochtaí in éagmais tionscadal maolaithe lena ngintear na fritháirimh.

Ní bheidh fritháirimh san áireamh sa dearbhú maidir le lorg carbóin, ach féadfar iad a thuairisciú ar leithligh mar fhaisnéis chomhshaoil bhreise agus iad a úsáid chun críoch cumarsáide.

8.   Aicmí feidhmíochta an loirg carbóin

Ag brath ar dháileadh na luachanna sna dearbhuithe maidir le lorg carbóin a bhaineann le ceallraí a chuirtear ar an margadh, sainaithneofar líon réasúnta aicmí feidhmíochta, agus beidh catagóir A ar an aicme is fearr leis an tionchar is ísle de lorg carbóin saolré, chun difreáil mhargaidh maidir le catagóirí na gceallraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chumasú.

Beidh leagan síos na tairsí le haghaidh gach aicme feidhmíochta, chomh maith le leithead na haicme sin, bunaithe ar dháileadh fheidhmíochtaí chatagóirí na gceallraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a cuireadh ar an margadh sna 3 bliana roimhe sin, na feabhsúcháin teicneolaíochta a bhfuiltear ag dréim leo, agus tosca teicniúla eile.

9.   Uastairseacha carbóin

Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailítear trí na dearbhuithe maidir le lorg carbóin agus trí dháileadh coibhneasta na n-aicmí feidhmíochta de lorg carbóin samhlacha ceallraí a chuirtear ar an margadh, agus an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil sa réimse á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún uastairseacha an loirg carbóin saolré a leagan síos le haghaidh chatagóirí na gceallraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1), tar éis dó measúnú tionchair tiomnaithe a dhéanamh chun na luachanna le haghaidh na dtairseach a chinneadh.

Agus uastairseacha an loirg carbóin saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír á leagan síos aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh dáileadh coibhneasta na luachanna loirg carbóin le haghaidh ceallraí ar an margadh, an méid dul chun cinn atá déanta maidir le lorg carbóin na gceallraí a chuirtear ar an margadh a laghdú agus rannchuidiú iarbhír agus féideartha thairseacha an loirg carbóin saolré sin do chuspóirí an Aontais maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus aeráidneodracht faoi 2050.


IARSCRÍBHINN III

PARAIMÉADAIR FEIDHMÍOCHTA LEICTRICEIMICÍ AGUS MHARTHANACHTA LE HAGHAIDH CEALLRAÍ INAISTRITHE D’ÚSÁID GHINEARÁLTA

Cuid A

Paraiméadair le haghaidh ceallraí neamh-in-athluchtaithe

1.

An mheánré íosta: an meán-am íosta a shroicheann sampla de na ceallraí ar dhíluchtú nuair a bhaintear úsáid astu faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta.

2.

Feidhmíocht díluchtaithe mhoillithe: an laghdú coibhneasta ar an meánré íosta, agus an toilleadh meán-íosfhad a tomhaiseadh ar dtús mar phointe tagartha, tar éis tréimhse ama shainithe agus faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta.

3.

Frithsheasmhacht in aghaidh sceite: frithsheasmhacht in aghaidh éalú neamhbheartaithe leictrilíte, gáis nó ábhair eile.

Cuid B

Paraiméadair le haghaidh ceallraí in-athluchtaithe

1.

Toilleadh rátaithe: luach toillte ceallra, faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta, agus arna dhearbhú ag an monaróir.

2.

Coinneáil luchtaithe (toilleadh) (1): an toilleadh is féidir le ceallra a sheachadadh tar éis stórála, faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta, ar feadh tréimhse shonrach, gan athluchtú ina dhiaidh sin agus arna shloinneadh mar chéatadán den toilleadh rátaithe.

3.

Aisghabháil luchtaithe (toilleadh): an toilleadh is féidir le ceallra a sheachadadh le hathluchtú ina dhiaidh sin tar éis stórála, faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta, ar feadh tréimhse shonrach agus arna sloinneadh mar chéatadán den toilleadh rátaithe.

4.

Buanseasmhacht i dtimthriallta, líon na dtimthriallta luchtaithe agus díluchtaithe atá ceallra in ann a dhéanamh faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta, sula dtiteann an toilleadh faoi bhun codán sonraithe den toilleadh rátaithe.

5.

Frithsheasmhacht in aghaidh sceite: frithsheasmhacht in aghaidh éalú neamhbheartaithe leictrilíte, gáis nó ábhair eile.

(1)  Luann IEC luchtú agus toilleadh. Is ionann an dá ní sin agus an chainníocht fhisiceach chéanna (luchtú); is é an t-aon difríocht amháin go léirítear an luchtú in C = A*s cé go léirítear an toilleadh in A*h. Sa chleachtas, úsáidtear toilleadh i bhformhór na gcásanna.


IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS FEIDHMÍOCHTA LEICTRICEIMICÍ AGUS MHARTHANACHTA MAIDIR LE CEALLRAÍ LMT, CEALLRAÍ TIONSCLAÍOCHA AG A BHFUIL TOILLEADH NÍOS MÓ NÁ 2 KWH AGUS CEALLRAÍ FEITHICLÍ LEICTREACHA

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “toilleadh rátaithe” líon iomlán na n-aimpéaruaireanta (Ah) is féidir a tharraingt siar ó cheallra lánluchtaithe faoi dhálaí tagartha.

(2)

ciallaíonn “meathlú toillte” an laghdú le himeacht aimsire agus de bharr úsáide a thagann ar an méid luchtaithe atá ceallra in ann a sheachadadh ag an voltas rátaithe, i dtaca leis an toilleadh rátaithe bunaidh.

(3)

ciallaíonn “cumhacht” an méid fuinnimh atá ceallra in ann a sholáthar thar thréimhse ar leith faoi dhálaí tagartha.

(4)

ciallaíonn “meathlú cumhachta” an laghdú le himeacht aimsire agus de bharr úsáide a thagann ar an méid cumhachta is féidir le ceallra a sholáthar ag an voltas rátaithe.

(5)

ciallaíonn “fritotaíocht inmheánach” mar a chuirtear in aghaidh sreabhadh srutha laistigh de cheall nó ceallra faoi dhálaí tagartha, arb é atá ann, suim na friotaíochta leictreonaice agus na friotaíochta ianaí leis an rannchuidiú don fhriotaíocht éifeachtach iomlán lena n-áirítear airíonna ionduchtacha/toilleasacha.

(6)

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir” an cóimheas den ghlanfhuinneamh a sheachadann ceallra i rith tástáil díluchtaithe don fhuinneamh iomlán a éilítear chun an staid luchtaithe tosaigh a thabhairt ar ais trí ghnáthluchtú.

Cuid A

Paraiméadair a bhaineann le feidhmíocht leictriceimiceach agus marthanacht

1.

Toilleadh rátaithe (in Ah) agus meathlú toillte (in %).

2.

Cumhacht (in W) agus meathlú cumhachta (in %).

3.

Friotaíocht inmheánach (in Ω) agus méadú sa fhriotaíocht inmheánach (in %).

4.

I gcás inarb infheidhme, éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir agus a mheathlú (in %).

5.

Saolré ionchasach an cheallra faoi na dálaí tagartha dar dearadh é, i dtéarmaí timthriallta, ach amháin i gcás feidhmeanna neamh-thimthriallacha agus blianta féilire.

Cuid B

Eilimintí chun míniú a thabhairt ar na tomhais le haghaidh na bparaiméadar a liostaítear i gCuid A

1.

An ráta díluchtaithe agus an ráta luchtaithe atá i bhfeidhm.

2.

An cóimheas idir an chumhacht ainmniúil ceallraí (W) agus fuinneamh ceallraí (Wh).

3.

Doimhneacht an díluchtaithe sa tástáil saolré.

4.

Toilleadh cumhachta ag staid luchtaithe 80 % agus 20 %.

5.

Aon ríomhanna arna ndéanamh leis na paraiméadair thomhaiste, más infheidhme.

IARSCRÍBHINN V

PARAIMÉADAIR SHÁBHÁILTEACHTA

1.   Suaitheadh teirmeach agus timthriall

Dearfar an tástáil seo chun meastóireacht a dhéanamh ar athruithe ar shláine an cheallra de dhroim méadú agus crapadh comhpháirteanna cille tar éis dóibh a bheith faoi lé athruithe as cuimse ar theocht nó athruithe tobanna ar theocht, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarmhairtí féideartha athruithe den sórt sin. Le linn turraing theirmeach, cuirfear an ceallra faoi lé dhá theorainn teochta agus coimeádfar iad ag gach teorainn teochta faoi seach ar feadh tréimhse sonraithe.

2.   Cosaint gearrchiorcaid sheachtrach

Déanfar meastóireacht leis an tástáil ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra agus gearrchiorcad seachtrach á chur i bhfeidhm. Is féidir meastóireacht a dhéanamh tríd an tástáil ar ghníomhachtú ar fheiste cosanta forshrutha nó ar chumas na gceall an sruth a sheasamh gan a bheith ina gcúis le staid ghuaiseach (mar shampla, imoibriú teirmeach ó smacht, pléascadh, dóiteán). Is iad na príomhfhachtóirí riosca giniúint teasa ar leibhéal na cille agus stuáil leictreach, rudaí ar féidir leo díobháil a dhéanamh do chiorcadra nó a bhféadfadh friotaíocht insliúcháin laghdaithe a bheith mar thoradh uirthi.

3.   Cosaint ar róluchtú

Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra i gcásanna róluchtaithe. Is iad na príomhrioscaí sábháilteachta le linn róluchtaithe dianscaoileadh na leictrilíte, na catóide agus na hanóide, dianscaoileadh eisiteirmeach shraith an idirphas leictrilíte soladaí (SEI), díghrádú deighilteora, agus an phlátáil litiam, rioscaí a bhféadfadh féin-téamh an cheallra agus imoibriú teirmeach ó smacht a bheith mar thoradh orthu. Áireofar ar na fachtóirí a dhéanann difear do thoradh na tástála, ar a laghad, an ráta luchtaithe agus an staid luchtaithe arna baint amach faoi dheireadh. Is féidir an chosaint a áirithiú trí cheachtar de rialú voltais (idirbhriseadh tar éis an teorainn-voltas luchtaithe a bhaint amach) nó de rialú srutha (idirbhriseadh tar éis an sruth uasta luchtaithe a shárú).

4.   Cosaint ar ró-dhíluchtú

Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra i gcásanna ró-dhíluchtaithe. Áirítear ar rioscaí sábháilteachta le linn ró-dhíluchtú malartú polaraíochta a bhíonn ina chúis ocsaídithe ar an tiomsaitheoir srutha anóide (Copar) agus ar an bplátáil ar an taobh catóide. Is féidir le ró-dhíluchtú ar mionleibhéal a bheith ina chúis le carnadh deindríte agus le gearrchiorcad ar deireadh.

5.   Cosaint ar ró-theocht

Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar an éifeacht atá ag teip ar rialú teochta nó ag teip ar ghnéithe eile le haghaidh cosaint in aghaidh róthéamh inmheánach le linn oibriú.

6.   Cosaint ar fhorleathadh teirmeach

Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra i gcásanna forleata theirmigh. Is féidir le himoibriú teirmeach ó smacht i gcill amháin imoibriú cascáideach a thionscnamh ar fud an cheallra iomláin ar féidir leis a bheith comhdhéanta de chealla iomadúla. D’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann dá thoradh sin lena n-áirítear sceitheadh suntasach gáis. Cuirfear san áireamh leis an tástáil sin na tástálacha atá á bhforbairt ag ISO i gcomhair feidhmeanna iompair agus Rialachán Teicniúil Domhanda na Náisiún Aontaithe.

7.   Damáiste meicniúil trí fhórsaí seachtracha

Déanfaidh na tástálacha seo ionsamhlú ar chás amháin nó níos mó ina nochtar ceallra do struis mheicniúla trí thimpiste agus ina bhfanann sé oibríoch chun na críche dá bhfuil sé deartha. Ba cheart do na critéir chun na cásanna sin a ionsamhlú a bheith i gcomhréir le húsáidí ón bhfíorshaol.

8.   Gearrchiorcad inmheánach

Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra i gcásanna gearrchiorcaid inmheánaigh. D’fhéadfadh gearrchiorcaid inmheánacha, rud atá ar cheann de na príomhthosaíochtaí ag monaróirí ceallraí, a bheith ina gcúis le hastaíochtaí, imoibriú teirmeach ó smacht, agus splancadh trínar féidir na gala leictrilíte a sceitear ón gcill a adhaint. Is féidir le neamhfhoirfeachtaí monaraíochta, láithreacht neamhíonachtaí i gcealla nó fás deindríteach litiam a bheith ina gcúis le gearrchiorcaid inmheánacha den sórt sin, agus is iadsan is cúis leis an gcuid is mó de na teagmhais sábháilteachta ar an láthair. D’fhéadfadh iliomad cásanna gearrchiorcaid inmheánacha tarlú (mar shampla, teagmháil leictreach catóide/anóide, tiomsaitheoir srutha alúmanaim/tiomsaitheoir srutha copair, tiomsaitheoir srutha alúmanaim/anóide) agus friotaíocht teagmhála éagsúil i gceist le gach ceann acu.

9.   Drochíde theirmeach

Le linn na tástála seo, déanfar an ceallra a nochtadh do theochtaí ardaithe (teocht 85 °C atá in IEC 62619) trínar féidir imoibrithe dianscaoilte eisiteirmeacha a thionscnamh agus as a bhféadfadh imoibriú teirmeach ó smacht sa chill a bheith mar thoradh orthu.

10.   Tástáil dóiteáin

Déanfar an baol pléasctha a mheasúnú tríd an gceallra a nochtadh do dhóiteán.

11.   Astú gás

Is féidir le méideanna suntasacha d’ábhair a d’fhéadfadh a bheith guaiseach a bheith i gceallraí, mar shampla leictrilítí an-inadhainte, comhábhair chreimneacha agus thocsaineacha. Má nochtar an ceallra do dhálaí áirithe, d’fhéadfaí sláine an cheallra a chur i mbaol, rud a fhágann go ndéantar gáis ghuaiseacha a sceitheadh. Dá bhrí sin, is tábhachtach go sainaithnítear astaíochtaí gás ó shubstaintí a scaoiltear ón gceallra le linn tástálacha: déanfar an riosca ó gháis thocsaineacha a astaítear ó leictrilítí neamh-uisceacha a chur san áireamh go cuí i gcás gach paraiméadair sábháilteachta a liostaítear i bpointí 1 go 10.


IARSCRÍBHINN VI

CEANGLAIS MAIDIR LE LIPÉADÚ, MARCÁIL AGUS FAISNÉIS

Cuid A: Faisnéis ghinearálta maidir le ceallraí

Cuimseofar san fhaisnéis ar lipéad ceallraí an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an gceallra:

1.

faisnéis lena sainaithnítear an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 38(7);

2.

catagóir an cheallra agus faisnéis lena sainaithnítear an ceallra i gcomhréir le hAirteagal 38(6);

3.

an áit mhonaraíochta (suíomh geografach na monarchan monaraíochta ceallraí);

4.

an dáta monaraíochta (mí agus bliain);

5.

an meáchan;

6.

an toilleadh;

7.

an cheimic;

8.

na substaintí guaiseacha atá sa cheallra, seachas mearcair, caidmiam nó luaidhe;

9.

oibreán múchta inúsáidte;

10.

amhábhair chriticiúla atá sa cheallra i dtiúchan atá corradh le 0,1 % meáchain de réir meáchain.

Cuid B: An tsiombail le haghaidh bailiú ar leithligh ceallraí

Image 1

Cuid C: Cód QR

Beidh ardchodarsnacht ar an gcód QR i gcomparáid leis an dath cúlra agus beidh sé sách mór le go mbeifear in ann é a léamh le léitheoir QR atá ar fáil go coitianta, amhail iad sin a bhíonn comhtháthaithe i bhfeistí cumarsáide láimhe.


IARSCRÍBHINN VII

NA PARAIMÉADAIR CHUN STAID SLÁINTE AGUS SAOLRÉ IONCHAIS CEALLRAÍ A CHINNEADH

Cuid A

Na paraiméadair chun staid sláinte ceallraí feithiclí leictreacha, córas stórála fuinnimh i gceallraí suite agus ceallraí LMT a chinneadh:

I gcás ceallraí feithiclí leictreacha:

staid fuinnimh dheimhnithe (SOCE).

I gcás córais stórála fuinnimh i gceallraí suite agus ceallraí LMT:

1.

an toilleadh atá fágtha;

2.

i gcás inar féidir, an cumas cumhachta atá fágtha;

3.

i gcás inar féidir, an éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir atá fágtha;

4.

an t-athrú ar rátaí féin-díluchtaithe;

5.

i gcás inar féidir, an fhriotaíocht ohmic.

Cuid B

Paraiméadair chun saolré ionchasach na gcóras stórála fuinnimh i gceallraí suite agus ceallraí LMT a chinneadh:

1.

dáta monaraíochta an cheallra agus, más infheidhme, an dáta ar cuireadh i seirbhís é;

2.

an tréchur fuinnimh;

3.

an tréchur toillte;

4.

rianú teagmhas díobhálach, amhail líon na dteagmhas de dhíluchtú domhain, an t-am a chaitear i dteochtaí foircneacha, an t-am a chaitear ag luchtú i dteochtaí foircneacha;

5.

líon na dtimthriallta lánluchtaithe – lán-díluchtaithe coibhéiseacha.


IARSCRÍBHINN VIII

NÓSANNA IMEACHTA MEASÚNAITHE COMHRÉIREACHTA

Cuid A

MODÚL A – RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE

1.   Tuairisc ar an modúl

Is é atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta measúnaithe comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2, 3 agus 4, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir faoina fhreagracht féin go gcomhlíonann na ceallraí lena mbaineann na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6, 9, 10, 12, 13 agus 14 a bhaineann leo.

2.   Doiciméadacht theicniúil

Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas. Fágfaidh an doiciméadacht go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an cheallra leis na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 agus áireofar leis anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí.

Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha do mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an cheallra. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh, i gcás inar infheidhme, sa doiciméadacht theicniúil:

(a)

tuairisc ghinearálta ar an gceallra agus a úsáid bheartaithe;

(b)

líníochtaí den dearadh coincheapúil agus líníochtaí monaraíochta agus scéimeanna comhpháirteanna, fochóimeálacha, agus ciorcaid;

(c)

na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (b) a thuiscint agus oibriú an cheallra;

(d)

sampla den lipéad a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 13;

(e)

liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, a cuireadh i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear léiriú ar na codanna de a cuireadh i bhfeidhm, liosta de na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, a cuireadh i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear léiriú ar na codanna de a cuireadh i bhfeidhm, agus liosta de na sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a úsáidtear chun críoch tomhais nó ríofa;

(f)

i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe agus na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear i bpointe (e) i bhfeidhm nó nach bhfuil siad ar fáil, tuairisc ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6, 9, 10, 12, 13 agus 14 a chomhlíonadh nó chun comhlíonadh na gceanglas sin a fhíorú;

(g)

torthaí na ríomhanna dearaidh a rinneadh agus na scrúduithe a rinneadh, agus an fhianaise theicniúil nó dhoiciméadach a úsáideadh; agus

(h)

na tuarascálacha tástála.

3.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá ionas go n-áirithítear leis an bpróiseas monaraíochta agus leis an bhfaireachán a dhéantar air go gcomhlíonann na ceallraí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus go gcomhlíonann siad na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1.

4.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

Greamóidh an monaróir an mharcáil CE de gach ceallra aonair a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1, nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an cheallra, ar an bpacáistíocht agus ar na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.

Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas maidir le gach samhail cheallra i gcomhréir le hAirteagal 18 agus coinneoidh sé é in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra deiridh leis an tsamhail cheallra faoi seach a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an tsamhail cheallra dár tarraingíodh suas é.

Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta arna iarraidh sin.

5.   Ionadaí údaraithe an mhonaróra

Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 4 a chomhlíonadh, thar ceann agus faoi fhreagracht an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú.

Cuid B

MODÚL D1 - DEARBHÚ CÁILÍOCHTA AN PHRÓISIS TÁIRGTHE

1.   Tuairisc ar an modúl

Is é atá i gceist le dearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe an nós imeachta measúnaithe comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2, 4 agus 7, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir faoin bhfreagracht aonair atá orthu, gan dochar do na hoibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha eile i gcomhréir leis an Rialachán seo, go gcomhlíonann na ceallraí lena mbaineann na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 7 agus 8, nó, de rogha an mhonaróra, na ceanglais uile is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14.

2.   Doiciméadacht theicniúil

Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas. Fágfaidh an doiciméadacht theicniúil go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an cheallra leis na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1, agus beidh ann anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí.

Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha do mheasúnú, dearadh, monarú agus úsáid bheartaithe an cheallra. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh sa doiciméadacht theicniúil, nuair is infheidhme:

(a)

tuairisc ghinearálta ar an gceallra agus ar a úsáid bheartaithe;

(b)

na líníochtaí den dearadh coincheapúil agus na líníochtaí monaraíochta agus scéimeanna comhpháirteanna, fochóimeálacha agus ciorcaid;

(c)

na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (b) a thuiscint agus oibriú an cheallra;

(d)

sampla den lipéad a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 13;

(e)

liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, nó an dá rud, arna gcur i bhfeidhm, agus, i gcás caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna, nó an dá rud, arna gcur i bhfeidhm go páirteach, léiriú ar cé na codanna díobh a cuireadh i bhfeidhm;

(f)

liosta de shonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a úsáidtear chun críoch tomhais nó ríofa agus tuairiscí ar na réitigh arna nglacadh chun na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14 a chomhlíonadh nó chun comhlíonadh na gceanglas sin a fhíorú, i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna, nó an dá rud, i bhfeidhm nó nach bhfuil fáil orthu;

(g)

torthaí na ríomhanna dearaidh a rinneadh agus na scrúduithe a rinneadh, agus an fhianaise theicniúil nó dhoiciméadach a úsáideadh;

(h)

staidéar lena dtacaítear le luachanna loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus leis an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), ina bhfuil na ríomhanna a rinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(1), an ceathrú fomhír, pointe (a), agus an fhianaise agus an fhaisnéis lena gcinntear na sonraí ionchuir do na ríomhanna sin;

(i)

staidéar lena dtacaítear le sciar ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8, ina bhfuil na ríomhanna a rinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 8(1), an dara fomhír, agus an fhianaise agus an fhaisnéis lena gcinntear na sonraí ionchuir do na ríomhanna sin; agus

(j)

na tuarascálacha tástála.

3.   Infhaighteacht na doiciméadachta teicniúla

Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh.

4.   Monaraíocht

Oibreoidh an monaróir córas cáilíochta formheasta maidir le táirgeadh, le cigireacht ar an táirge deiridh agus le tástáil na gceallraí lena mbaineann de réir mar a shonraítear i bpointe 5 é, agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 6 é.

5.   Córas cáilíochta

1.

Taiscfidh an monaróir iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta lena rogha comhlachta faoina dtugtar fógra, do na ceallraí lena mbaineann.

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, má thaisceann ionadaí údaraithe an mhonaróra an t-iarratas, a ainm agus a sheoladh freisin;

(b)

dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna faoi bhráid aon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra;

(c)

gach faisnéis is ábhartha don chatagóir cheallra atá beartaithe;

(d)

an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 5.2;

(e)

an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2.

2.

Áiritheofar leis an gcóras cáilíochta go gcomhlíonann na ceallraí na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14.

Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus na forálacha uile arna nglacadh ag an monaróir a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus ordúil trí bhíthin beartais, nósanna imeachta agus treoracha scríofa. Le doiciméadacht an chórais cáilíochta, beifear in ann léiriú comhsheasmhach a dhéanamh ar na cláir, pleananna, lámhleabhair agus taifid cháilíochta.

I ndoiciméadacht an chórais cháilíochta, beidh tuairisc leordhóthanach ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cuspóirí cáilíochta agus struchtúr eagraíochtúil, freagrachtaí agus cumhachtaí an lucht bainistíochta maidir le cáilíocht táirge;

(b)

na nósanna imeachta maidir le doiciméadú agus faireachán a dhéanamh ar na paraiméadair agus ar na sonraí is gá chun sciar an ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8 agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna loirg carbóin agus an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7 a ríomh agus a nuashonrú;

(c)

na teicnící, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha comhfhreagracha a úsáidfear i dtaca le monaraíocht, le rialú cáilíochta agus le dearbhú cáilíochta;

(d)

na scrúduithe, na ríomhanna, na tomhais agus na tástálacha a dhéanfar roimh an monaraíocht, lena linn agus ina diaidh agus cé chomh minic is a dhéanfar iad;

(e)

na taifid ar cháilíocht, amhail tuarascálacha cigireachta agus ríomh, tomhas agus sonraí tástála, sonraí calabraithe, tuarascálacha ar cháilíocht an phearsanra lena mbaineann;

(f)

na modhanna faireacháin ar ghnóthú cháilíocht an táirge a éilítear agus ar oibriú éifeachtach an chórais cáilíochta.

3.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an córas cáilíochta a mheasúnú chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 5.2.

Glacfaidh an comhlacht leis go gcomhlíontar na ceanglais sin maidir leis na heilimintí den chóras cáilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin chomhchuibhithe iomchuí.

Sa bhreis ar thaithí ar chórais bainistithe cáilíochta, beidh ag an bhfoireann iniúchóireachta ball amháin ar a laghad a bhfuil taithí aige nó aici ar mheastóireacht i réimse an táirge ábhartha agus i dteicneolaíocht an táirge lena mbaineann, agus eolas ar na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14.

Mar chuid den iniúchóireacht, tabharfar cuairt ar áitreabh an mhonaróra chun measúnú a dhéanamh.

Athbhreithneoidh an fhoireann iniúchóireachta na doiciméid theicniúla dá dtagraítear i bpointe 2 chun cumas an mhonaróra a fhíorú i dtaca leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14 a shainaithint agus na scrúduithe, na ríomhanna, na tomhais agus na tástálacha riachtanacha a chur i gcrích d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an ceallra na ceanglais sin. Seiceálfaidh an fhoireann iniúchóireachta iontaofacht na sonraí a úsáidtear chun sciar an ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8 agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna loirg carbóin agus an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7 a ríomh chomh maith le cur chun feidhme cuí na modheolaíochta ríomha ábhartha.

Tar éis measúnú a dhéanamh ar an gcóras cáilíochta, tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fógra maidir lena chinneadh don mhonaróir. Sonrófar conclúidí na hiniúchóireachta agus na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin san fhógra.

4.

Geallfaidh an monaróir go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta mar atá formheasta agus go gcoinneoidh sé ar bun é ionas go mbeidh sé leordhóthanach agus éifeachtúil i gcónaí.

5.

Coinneoidh an monaróir an comhlacht faoina dtugtar fógra agus a bhfuil an córas cáilíochta formheasta aige ar an eolas maidir le haon athrú atá beartaithe maidir leis an gcóras cáilíochta.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra meastóireacht ar aon athruithe atá beartaithe agus cinnfidh sé an leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 5.2 a chomhlíonadh nó an mbeidh gá lena athmheasúnú.

Tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fógra don mhonaróir maidir lena chinneadh. Sonrófar conclúidí an scrúdaithe agus an cinneadh réasúnaithe faoin mheasúnú san fhógra sin.

6.

Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra

1.

Is é is cuspóir don fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta formheasta.

2.

Tabharfaidh an monaróir, chun críoch measúnachta, cead don chomhlacht faoina dtugtar fógra, rochtain a fháil ar na láithreáin monaraithe, iniúchóireachta, tástála agus stórála agus tabharfaidh sé don chomhlacht an fhaisnéis riachtanach go léir, go háirithe:

(a)

doiciméadacht an chórais cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 5.2;

(b)

an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2;

(c)

na taifid ar cháilíocht, amhail tuarascálacha cigireachta agus ríomh, tomhas agus sonraí tástála, sonraí calabraithe agus tuarascálacha ar cháilíocht an phearsanra lena mbaineann.

3.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla chun a áirithiú go gcoinníonn an monaróir an córas cáilíochta ar bun agus go gcuireann sé i bhfeidhm é, agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóireachta don mhonaróir. Le linn iniúchtaí den sórt sin, seiceálfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra, ar a laghad, iontaofacht na sonraí a úsáidtear chun sciar an ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8 agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna loirg carbóin agus an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7 a ríomh, chomh maith le cur chun feidhme cuí na modheolaíochta ríomha ábhartha.

4.

Ina theannta sin, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cuairteanna gan choinne a thabhairt ar an monaróir. I rith cuairteanna den sórt sin, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra, más gá, scrúduithe, ríomhanna, tomhais agus tástálacha a dhéanamh, nó socrú lena ndéanamh, chun a fhíorú go bhfuil an córas cáilíochta ag feidhmiú i gceart. Cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tuarascáil ar fáil don mhonaróir maidir lena chuairt agus, má rinneadh tástálacha, gheobhaidh an monaróir tuarascáil tástála air sin.

7.

Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

1.

Greamóidh an monaróir an mharcáil CE, agus, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 5.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach ceallra aonair a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1, nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an cheallra, ar an bpacáistíocht agus ar na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.

2.

Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas maidir le gach samhail cheallra i gcomhréir le hAirteagal 18 agus coinneoidh sé é agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra deiridh leis an tsamhail cheallra faoi seach a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an tsamhail cheallra dár tarraingíodh suas é.

Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta arna iarraidh sin.

8.

Infhaighteacht doiciméadacht an chórais cáilíochta

Coinneoidh an monaróir, ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis don cheallra a bheith curtha ar an margadh, an méid a leanas ar fáil do na húdaráis náisiúnta:

(a)

doiciméadacht an chórais cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 5.2;

(b)

an t-athrú dá dtagraítear i bpointe 5.5, arna fhormheas;

(c)

cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointí 5.5, 6.3 agus 6.4.

9.

Oibleagáidí faisnéise an chomhlachta faoina dtugtar fógra

Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé ar an eolas an t-údarás sin a thugann fógra faoi, maidir le córais cháilíochta a n-eisítear nó a dtarraingítear siar a gcuid ceadanna, agus cuirfidh sé ar fáil, ar bhonn tréimhsiúil nó ar iarratas, don údarás sin a thugann fógra, liosta de na ceaduithe sin a diúltaíodh do chórais cháilíochta, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian leo ar aon bhealach eile.

Déanfaidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra ceaduithe córais cáilíochta atá diúltaithe aige, tarraingthe siar aige, curtha ar fionraí aige nó a bhfuil teorannú déanta aige ar aon bhealach eile orthu, a chur in iúl do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra, agus, arna iarraidh sin, ceaduithe córais cáilíochta a d’eisigh sé.

10.

Ionadaí údaraithe an mhonaróra

Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 3, 5.1, 5.5, 7 agus 8 a chomhlíonadh, thar ceann an mhonaróra agus faoi fhreagracht an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú.

Cuid C

MODÚL G – COMHRÉIREACHT BUNAITHE AR FHÍORÚ AONAID

1.   Tuairisc ar an modúl

Is é atá i gceist le comhréireacht bunaithe ar fhíorú aonaid an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2, 3 agus 5, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé faoin bhfreagracht aonair atá air, gan dochar do na hoibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha eile i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhfuil an ceallra lena mbaineann, a bhí faoi réir fhorálacha phointe 4, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 7 agus 8, nó, de rogha an mhonaróra, na ceanglais uile is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14.

2.   Doiciméadacht theicniúil

1.

Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas agus a chur ar fáil don chomhlacht faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 4. Fágfaidh an doiciméadacht theicniúil go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an cheallra leis na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 agus beidh ann anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí.

Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha do mheasúnú, dearadh, monarú agus úsáid bheartaithe an cheallra.

I gcás inarb infheidhme, beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh sa doiciméadacht theicniúil:

(a)

tuairisc ghinearálta ar an gceallra agus a úsáid bheartaithe;

(b)

na líníochtaí den dearadh coincheapúil agus na líníochtaí monaraíochta agus scéimeanna comhpháirteanna, fochóimeálacha agus ciorcaid;

(c)

na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (b) a thuiscint agus oibriú an cheallra;

(d)

sampla den lipéad a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 13;

(e)

liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, nó an dá rud, arna gcur i bhfeidhm, agus, i gcás caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna, nó an dá rud, arna gcur i bhfeidhm go páirteach, léiriú ar cé na codanna díobh a cuireadh i bhfeidhm;

(f)

liosta de shonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a úsáidtear chun críoch tomhais nó ríomha agus tuairiscí ar na réitigh arna nglacadh chun na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1 a chomhlíonadh nó chun comhréireacht ceallraí leis na ceanglais sin a fhíorú, i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna, nó an dá rud, i bhfeidhm nó nach bhfuil fáil orthu;

(g)

torthaí na ríomhanna dearaidh a rinneadh agus na scrúduithe a rinneadh agus an fhianaise theicniúil nó dhoiciméadach a úsáideadh;

(h)

staidéar lena dtacaítear leis na luachanna loirg carbóin agus an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7, ina bhfuil na ríomhanna a rinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 7(1), an ceathrú fomhír, pointe (a), agus an fhianaise agus an fhaisnéis lena gcinntear na sonraí ionchuir do na ríomhanna sin;

(i)

staidéar lena dtacaítear le sciar ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8, ina bhfuil na ríomhanna a rinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 8(1), an dara fomhír, agus an fhianaise agus an fhaisnéis lena gcinntear na sonraí ionchuir do na ríomhanna sin; agus

(j)

na tuarascálacha tástála.

2.

Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh.

3.

Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áirithítear leis an bpróiseas monaraíochta agus leis an bhfaireachán a dhéantar air go bhfuil an ceallra monaraithe i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1.

4.

Fíorú

1.

Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra, arna roghnú ag an monaróir, scrúduithe, ríomhanna, tomhais agus tástálacha iomchuí, mar a leagtar amach sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 15, sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, nó sa dá rud, nó tástálacha coibhéiseacha, chun comhréireacht an cheallra leis na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1 a sheiceáil, nó cuirfidh sé faoi deara iad a dhéanamh. In éagmais caighdeán comhchuibhithe den sórt sin nó sonraíocht chomhchoiteann, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cinneadh maidir leis na scrúduithe, na ríomhanna, na tomhais agus na tástálacha is iomchuí a bheidh le déanamh.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú comhréireachta a eisiúint i leith na scrúduithe, na ríomhanna, na dtomhas agus na dtástálacha a rinneadh, agus greamóidh sé a uimhir aitheantais den cheallra atá formheasta, nó socróidh sé lena greamú faoina fhreagracht.

2.

Coinneoidh an monaróir na deimhnithe comhréireachta ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh.

5.

Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

Greamóidh an monaróir an mharcáil CE agus, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 4, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach ceallra a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1, nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá leis de bharr chineál an cheallra, den phacáistíocht agus de na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.

Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 18 i gcás gach ceallra agus coinneoidh sé é agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an ceallra dá bhfuil sé tarraingthe suas.

Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta arna iarraidh sin.

6.

Ionadaí údaraithe an mhonaróra

Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 2.2, 4.2 agus 5 a chomhlíonadh, thar ceann an mhonaróra agus faoi fhreagracht an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú.


IARSCRÍBHINN IX

DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA AE Uimh.* …

* (uimhir aitheantais an dearbhaithe)

1.

Samhail cheallra (táirge, catagóir, agus baisc nó sraithuimhir):

2.

Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más infheidhme, ainm agus seoladh a ionadaí údaraithe:

3.

Eisítear an dearbhú comhréireachta seo faoi chúram an mhonaróra agus é sin amháin.

4.

Cuspóir an dearbhaithe (tuairisc ar an gceallra agus an ceallra a shainaithint, rud a fhágann gur féidir é a rianú, agus ina bhféadfaí, i gcás inarb iomchuí, íomhá an cheallra a bheith san áireamh ann):

5.

Tá cuspóir an dearbhaithe a thuairiscítear i bpointe 4 i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú: … (tagairt do na gníomhartha eile de chuid an Aontais atá i bhfeidhm).

6.

Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó do na sonraíochtaí comhchoiteanna atá in úsáid nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile a ndearbhaítear comhréireacht maidir leo:

7.

Rinne an comhlacht faoina dtugtar fógra … (ainm, seoladh, uimhir) … (tuairisc ar an idirghabháil) … agus d’eisigh sé an deimhniú/na deimhnithe: … (mionsonraí, lena n-áirítear an dáta a bhaineann leis, agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir le fad a bhailíochta agus na coinníollacha maidir lena bhailíocht).

8.

Faisnéis bhreise

Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:

(an áit agus an dáta eisiúna):

(ainm, feidhm) (síniú)


IARSCRÍBHINN X

LIOSTA D’AMHÁBHAIR AGUS CATAGÓIRÍ RIOSCA

1.

Amhábhair:

(a)

cóbalt;

(b)

graifít nádúrtha;

(c)

litiam;

(d)

nicil;

(e)

comhdhúile ceimiceacha bunaithe ar na hamhábhair a liostaítear i bpointí (a) go (d), atá riachtanach chun na hábhair ghníomhacha atá i gceallraí a mhonarú.

2.

Catagóirí sóisialta agus riosca comhshaoil:

(a)

an comhshaol, an aeráid agus sláinte an duine, agus aird á tabhairt ar éifeachtaí díreacha, spreagtha, indíreacha agus carnacha, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(i)

aer, lena n-áirítear truailliú aeir amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa,

(ii)

uisce, lena n-áirítear grinneall na farraige agus an comhshaol muirí, agus lena n-áirítear truailliú uisce, úsáid uisce, cainníochtaí uisce (tuilte nó séideáin) agus rochtain ar uisce,

(iii)

ithir, lena n-áirítear truailliú ithreach, creimeadh ithreach, úsáid talún agus díghrádú talún,

(iv)

bithéagsúlacht, lena n-áirítear damáiste do ghnáthóga, don fhiadhúlra, do fhlóra agus d’éiceachórais, lena n-áirítear seirbhísí éiceachórais,

(v)

substaintí guaiseacha,

(vi)

torann agus tonnchrith,

(vii)

sábháilteacht monarchana,

(viii)

úsáid fuinnimh,

(ix)

dramhaíl agus fuíll;

(b)

ceart an duine, cearta saothair agus caidreamh tionsclaíoch, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(i)

sábháilteacht agus sláinte ceirde,

(ii)

saothar leanaí,

(iii)

saothar éignithe,

(iv)

idirdhealú,

(v)

saoirsí ceardchumainn;

(c)

saol pobail, lena n-áirítear saol na bpobal dúchasach.

3.

Áirítear ar na hionstraimí idirnáisiúnta lena gcumhdaítear na rioscaí dá dtagraítear i bpointe 2:

(a)

Deich bPrionsabal Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe;

(b)

Treoirlínte Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe le haghaidh Measúnú Socheolaíoch ar Shaolré Táirgí;

(c)

an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, go háirithe Cinneadh COP VIII/28- Treoirlínte deonacha maidir le measúnú tionchair cuimsitheach ar bhithéagsúlacht;

(d)

Comhaontú Pháras na Náisiún Aontaithe;

(e)

ocht gCoinbhinsiún bhunúsacha EIS mar a shainítear faoi Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair;

(f)

aon choinbhinsiúin idirnáisiúnta chomhshaoil eile atá ina gceangal ar an Aontas nó ar a Bhallstáit;

(g)

Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair;

(h)

Bille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, lena n-áirítear an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha.

4.

Áirítear ar na hionstraimí díchill chuí is infheidhme maidir leis na ceanglais díchill chuí a leagtar síos i gCaibidil VII den Rialachán seo:

(a)

Bille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, lena n-áirítear an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

(b)

Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine;

(c)

Treoirlínte ECFE do Fhiontair Ilnáisiúnta;

(d)

Dearbhú Trípháirteach Prionsabal EIS maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta;

(e)

Treoir Díchill Chuí ECFE maidir le hIompar Gnó Freagrach;

(f)

Treoir ECFE um Dhícheall Cuí i dtaca le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca.


IARSCRÍBHINN XI

RÁTAÍ BAILITHE A RÍOMH DO CHEALLRAÍ INAISTRITHE DRAMHAÍOLA AGUS CEALLRAÍ LMT DRAMHAÍOLA

1.

Déanfaidh táirgeoirí na catagóire ábhartha ceallraí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, agus na Ballstáit an ráta bailithe a ríomh mar an céatadán a fhaightear trí mheáchan na gceallraí dramhaíola, a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 59, 60 agus 69, faoi seach, i mbliain féilire ar leith i mBallstát a roinnt ar mheáchan ceallraí den sórt sin ar an meán, a chuireann táirgeoirí ar fáil ar an margadh go díreach le húsáideoirí deiridh nó a sheachadann siad do thríú páirtithe chun iad a chur ar fáil ar an margadh d’úsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin i rith na 3 bliana féilire roimhe sin. Déanfar an ráta bailithe sin a ríomh do cheallraí inaistrithe i gcomhréir le hAirteagal 59, agus do cheallraí LMT i gcomhréir le hAirteagal 60 faoi seach.

Bliain

Bailiú sonraí

Ríomh

Ceanglas maidir le tuairisciú

Bliain 1

Díolacháin i mbliain 1 (S1)

 

 

 

Bliain 2

Díolacháin i mbliain 2 (S2)

 

 

 

Bliain 3

Díolacháin i mbliain 3 (S3)

 

 

 

Bliain 4

Díolacháin i mbliain 4 (S4)

Bailiú i mbliain 4 (C4)

Ráta bailithe (CR4) = 3*C4/(S1+S2+S3)

CR4

Bliain 5

Díolacháin i mbliain 5 (S5)

Bailiú i mbliain 5 (C5)

Ráta bailithe (CR5) = 3*C5/(S2+S3+S4)

CR5

Etc.

Etc.

Etc.

Etc.

 

2.

Déanfaidh táirgeoirí na catagóire ábhartha ceallraí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, agus na Ballstáit díolacháin bhliantúla ceallraí le húsáideoirí deiridh i mbliain ar leith a ríomh, mar mheáchan ceallraí den sórt sin a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit sa bhliain lena mbaineann, cé is moite d’aon cheallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad leis na húsáideoirí deiridh. Déanfar na díolacháin sin a ríomh ar leithligh do cheallraí inaistrithe agus do cheallraí LMT.

3.

I gcás gach ceallra, ní chomhairfear ach an chéad uair a chuirtear ar fáil ar an margadh iad i mBallstát.

4.

Beidh an ríomh dá bhforáiltear i bpointí 1 agus 2 bunaithe ar shonraí a bhaileofar nó ar mheastacháin a bheidh suntasach ó thaobh staitistice de bunaithe ar na sonraí a bhaileofar.

IARSCRÍBHINN XII

CEANGLAIS MAIDIR LE STÓRÁIL AGUS CÓIREÁIL, LENA N-ÁIRÍTEAR ATHCHÚRSÁIL

Cuid A: Stóráil, ceanglais chóireála

1.

Áireofar le cóireáil, ar a laghad, gach sreabhán agus aigéad a bhaint.

2.

Déanfar an chóireáil agus aon stóráil, lena n-áirítear stóráil shealadach, ag saoráidí cóireála, lena n-áirítear saoráidí athchúrsála, i láithreáin a bhfuil dromchlaí neamhscagacha acu agus cumhdaigh shíondíonacha oiriúnacha nó i gcoimeádáin oiriúnacha.

3.

Déanfar ceallraí dramhaíola i saoráidí cóireála, lena n-áirítear saoráidí athchúrsála, a stóráil ar bhealach a fhágann nach ndéantar iad a mheascadh le dramhaíl as ábhair sheoltacha nó indóite.

4.

Beidh réamhchúraimí agus bearta sábháilteachta speisialta i bhfeidhm chun ceallraí de chineál dramhaíola litiambhunaithe a chóireáil agus iad á láimhseáil, á sórtáil agus á stóráil. Áireofar ar bhearta den sórt sin cosaint ó neamhchosaint ar na nithe seo a leanas:

(a)

teas iomarcach, amhail teocht ard, tine nó solas díreach na gréine;

(b)

uisce, amhail deascadh agus tuile;

(c)

aon bhrú nó damáiste fisiciúil.

Stórálfar ceallraí litiam-bhunaithe dramhaíola ina ngnáthchlaonadh suiteáilte, is é sin, ní dhéanfar iad a inbhéartú riamh, agus i limistéir dhea-aeráilte agus clúdófar iad le leithlisiú rubair ardvoltais. Beidh comhartha rabhaidh ar shaoráidí stórála le haghaidh ceallraí litiam-bhunaithe dramhaíola.

5.

Déanfar mearcair a dheighilt, le linn na cóireála, i sruth inaitheanta, a dhíluailítear agus a dhiúscraítear go sábháilte agus nach féidir a bheith ina chúis le héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol.

6.

Déanfar caidmiam a dheighilt, le linn na cóireála, i sruth inaitheanta, a dtugtar ceann scríbe sábháilte dó agus nach féidir a bheith ina chúis le héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol.

Cuid B: Spriocanna maidir le héifeachtúlacht athchúrsála

1.

Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025, bainfear amach, leis an athchúrsáil, ar a laghad, na spriocanna seo a leanas maidir le héifeachtúlacht athchúrsála:

(a)

athchúrsáil 75 % de réir meánmheáchan ceallraí luaidhe-aigéadacha;

(b)

athchúrsáil 65 % de réir meánmheáchan ceallraí litiam-bhunaithe;

(c)

athchúrsáil 80 % de réir meánmheáchan ceallraí nicile-caidmiam;

(d)

athchúrsáil 50 % de réir meánmheáchan ceallraí dramhaíola eile.

2.

Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030, bainfear amach, leis an athchúrsáil, ar a laghad, na spriocanna seo a leanas maidir le héifeachtúlacht athchúrsála:

(a)

athchúrsáil 80 % de réir meánmheáchan ceallraí luaidhe-aigéadacha;

(b)

athchúrsáil 70 % de réir meánmheáchan ceallraí litiam-bhunaithe.

Cuid C: Spriocanna maidir le haisghabháil ábhar

1.

Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027, bainfear amach, leis an athchúrsáil uile, ar a laghad, na spriocanna seo a leanas maidir le haisghabháil ábhar:

(a)

90 % le haghaidh cóbailt;

(b)

90 % le haghaidh copair;

(c)

90 % le haghaidh luaidhe;

(d)

50 % le haghaidh litiam;

(e)

90 % le haghaidh nicile.

2.

Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2031, bainfear amach, leis an athchúrsáil uile, ar a laghad, na spriocanna seo a leanas maidir le haisghabháil ábhar:

(a)

95 % le haghaidh cóbailt;

(b)

95 % le haghaidh copair;

(c)

95 % le haghaidh luaidhe;

(d)

80 % le haghaidh litiam;

(e)

95 % le haghaidh nicile.


IARSCRÍBHINN XIII

FAISNÉIS ATÁ LE CUR SA PHAS CEALLRA

1.   FAISNÉIS A BHFUIL ROCHTAIN AG AN bPOBAL UIRTHI AGUS A BHAINEANN LEIS AN tSAMHAIL CHEALLRA

Áireofar i bpas ceallra an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tsamhail cheallra, faisnéis a mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi:

(a)

an fhaisnéis a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn VI;

(b)

comhdhéanamh ábhair an cheallra, lena n-áirítear a cheimic, substaintí guaiseacha atá sa cheallra, seachas mearcair, caidmiam nó luaidhe, agus amhábhair chriticiúla atá sa cheallra;

(c)

an fhaisnéis maidir leis an lorg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2);

(d)

faisnéis maidir le foinsiú freagrach mar a léirítear sa tuarascáil maidir le beartais díchill chuí maidir le ceallraí dá dtagraítear in Airteagal 52(3);

(e)

faisnéis maidir le hábhar athchúrsáilte mar atá sa doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 8(1);

(f)

sciar an ábhair in-athnuaite;

(g)

toilleadh rátaithe (in Ah);

(h)

voltas íosta, ainmniúil agus uasta, leis na raoin teochta nuair is ábhartha;

(i)

toilleadh cumhachta bunaidh (i Vatanna) agus teorainneacha, leis an raon teochta nuair is ábhartha;

(j)

saolré ionchasach an cheallra arna sloinneadh de réir timthriallta, agus an tástáil tagartha a úsáideadh;

(k)

an tairseach toillte i gcomhair tnáitheadh (i gcás ceallraí feithiclí leictreacha amháin);

(l)

an raon teochta is féidir leis an gceallra a sheasamh nuair nach mbíonn sé in úsáid (tástáil tagartha);

(m)

an tréimhse lena mbaineann an baránta tráchtála saoil féilire;

(n)

éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir tosaigh agus ag 50 % den tsaolré;

(o)

friotaíocht inmheánach na cille ceallra agus na phacáiste ceallraí;

(p)

c-ráta na tástála saolré ábhartha;

(q)

na ceanglais mharcála a leagtar síos in Airteagal 13(3) agus (4);

(r)

an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 18;

(s)

an fhaisnéis maidir le cosc agus bainistiú ceallraí dramhaíola a leagtar síos in Airteagal 74(1), pointí (a) go (f).

2.   FAISNÉIS A BHAINEANN LEIS AN tSAMHAIL CHEALLRA, FAISNÉIS NACH mBEIDH ROCHTAIN AG DAOINE UIRTHI ACH AMHÁIN IAD SIÚD A bhFUIL LEAS DLISTEANACH ACU AGUS AN COIMISIÚN

Áireofar i bpas ceallra an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tsamhail cheallra, faisnéis nach mbeidh rochtain ag daoine uirthi ach amháin iad siúd a bhfuil leas dlisteanach acu agus an Coimisiún:

(a)

comhdhéanamh mionsonraithe, lena n-áirítear na hábhair a úsáidtear sa chatóid, san anóid agus sa leictrilít;

(b)

uimhreacha páirte comhpháirteanna agus sonraí teagmhála na bhfoinsí le haghaidh páirteanna spártha athsholáthair;

(c)

faisnéis díchóimeála, lena n-áirítear iad seo a leanas ar a laghad:

scar-léaráidí den chóras/phacáiste ceallra lena dtaispeántar suíomh na gceall ceallraí,

seichimh dhíchóimeála,

cineál agus líon na dteicnící ceangail a bheidh le díghlasáil,

na huirlisí a theastóidh i gcomhair díchóimeála,

rabhaidh má tá baol go ndéanfar damáiste do pháirteanna,

méid na gceall a úsáideadh agus leagan amach;

(d)

bearta sábháilteachta.

3.   FAISNÉIS A mBEIDH ROCHTAIN AG COMHLACHTAÍ FAOINA dTUGTAR FÓGRA, AG ÚDARÁIS FAIREACHAIS MARGAIDH AGUS AG AN gCOIMISIÚN UIRTHI, AGUS ACU SIÚD AMHÁIN

Áireofar i bpas ceallra an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tsamhail cheallra, faisnéis a mbeidh rochtain ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, ag údaráis faireachais margaidh agus ag an gCoimisiún uirthi, agus acu siúd amháin:

torthaí na dtuarascálacha tástála ina gcruthaítear go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó in aon ghníomh tarmligthe nó cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo.

4.   FAISNÉIS AGUS SONRAÍ A BHAINEANN LE CEALLRA AONAIR, NACH mBEIDH ROCHTAIN AG DAOINE ORTHU ACH AMHÁIN IAD SIÚD A bhFUIL LEAS DLISTEANACH ACU

Áireofar i bpas ceallra an fhaisnéis shonrach agus na sonraí seo a leanas a bhaineann le ceallra aonair, nach mbeidh rochtain ag daoine orthu ach amháin iad siúd a bhfuil leas dlisteanach acu:

(a)

na luachanna le haghaidh paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1), nuair a chuirfear an ceallra ar an margadh agus nuair a bheidh sé faoi réir athrú ar a stádas;

(b)

faisnéis maidir le staid sláinte an cheallra de bhun Airteagal 14;

(c)

faisnéis maidir le stádas an cheallra, arna shainmhíniú mar “bunaidh”, “a chuspóir athraithe”, “athúsáidte”, “athmhonaraithe” nó “dramhaíl”;

(d)

faisnéis agus sonraí mar thoradh ar a húsáid, lena n-áirítear líon na dtimthriallta luchtaithe agus scaoilte agus na dteagmhas diúltach, amhail tionóiscí, chomh maith le faisnéis a taifeadadh ar bhonn tréimhsiúil maidir leis na dálaí comhshaoil oibriúcháin, lena n-áirítear an teocht, agus faoin staid muirir.


IARSCRÍBHINN XIV

ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE LOINGSIÚ CEALLRAÍ CAITE

1.

Chun idirdhealú a dhéanamh idir ceallraí caite agus ceallraí dramhaíola, i gcás ina maíonn an sealbhóir, arb é atá i gceist leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil na ceallraí caite nó na ceallraí dramhaíola ina sheilbh aige, go bhfuil sé i gceist aige ceallraí caite a loingsiú nó go bhfuil ceallraí caite á loingsiú aige seachas ceallraí dramhaíola, beidh ceangal ar an sealbhóir sin an méid seo a leanas a bheith ar fáil chun bunús a thabhairt leis an maíomh sin:

(a)

cóip den sonrasc agus den chonradh a bhaineann le díol nó aistriú úinéireacht na gceallraí lena luaitear go bhfuil na ceallraí beartaithe le haghaidh athúsáid dhíreach agus go bhfuil siad ag feidhmiú go hiomlán;

(b)

fianaise ar mheastóireacht nó tástáil i bhfoirm cóipe de na taifid, amhail deimhniú tástála, cruthúnas ar fheidhmiúlacht i gcás gach ceallra nó codáin de laistigh den coinsíneacht, agus an prótacal ina bhfuil an fhaisnéis uile maidir leis an taifead i gcomhréir le pointe 3;

(c)

dearbhú arna dhéanamh ag an sealbhóir á rá nach dramhaíl é aon chuid den ábhar nó den trealamh laistigh den choinsíneacht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE; agus

(d)

cosaint iomchuí ar dhíobháil le linn iompair, lódála agus dílódála, lena n-áirítear go háirithe trí phacáistiú leordhóthanach agus cruachadh iomchuí an ualaigh.

2.

Ní bheidh feidhm ag pointe 1(a) agus (b) ná ag pointe 3 i gcás ina léirítear le cruthúnas doiciméadach go bhfuil an loingsiú á dhéanamh faoi chuimsiú comhaontú aistrithe gnólacht le gnólacht agus:

(a)

go gcuirtear an ceallra caite ar ais chuig an táirgeoir nó chuig tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann lena dheisiú faoi bharántas le hintinn é a athúsáid; nó

(b)

más le haghaidh úsáid ghairmiúil an ceallra caite, go seoltar é chuig an táirgeoir nó chuig tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann nó thar ceann saoráide tríú páirtí i dtíortha lena mbaineann Cinneadh C(2001)107/Final ó Chomhairle ECFE maidir leis an athbhreithniú ar Chinneadh C(92)39/Final maidir leis an Rialú ar Ghluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíola a bhfuil Oibríochtaí Aisghabhála i gceist leo, tá feidhm acu maidir le hathchóiriú nó le deisiú faoi chonradh bailí d’fhonn iad a athúsáid; nó

(c)

más le haghaidh úsáid ghairmiúil an ceallra caite agus má tá sé lochtach, go seoltar é chuig an táirgeoir nó chuig tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann chun anailís a dhéanamh ar bhunchúis faoi chonradh bailí, i gcásanna nach féidir ach leis an táirgeoir nó le tríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a cheann an anailís sin a dhéanamh.

3.

Chun a léiriú gur ceallraí caite, seachas ceallraí dramhaíola, atá sna ceallraí atá á loingsiú, déanfaidh an sealbhóir na céimeanna seo a leanas a mhéid a bhaineann le tástáil agus coimeád taifead:

 

Céim 1: Tástáil

(a)

déanfar an ceallra a thástáil le haghaidh a staide sláinte agus déanfar meastóireacht ar an láithreacht de shubstaintí guaiseacha;

(b)

taifeadfar torthaí na meastóireachta agus na tástála dá dtagraítear i bpointe (a).

 

Céim 2: Taifead

(a)

déanfar an taifead a shocrú go daingean ach ní go buan ar an gceallra caite é féin, murar pacáladh an ceallra caite, nó ar an bpacáistíocht, ionas gur féidir é a léamh gan an phacáistíocht a bhaint;

(b)

beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa taifead:

ainm na cheallra nó an chodáin de,

uimhir aitheantais an cheallra nó an chodáin de, i gcás inarb infheidhme,

bliain an táirgthe, má tá sí ar fáil,

ainm agus seoladh na cuideachta atá freagrach as staid na sláinte a thástáil,

na cineálacha tástálacha a rinneadh le haghaidh chéim 1.

toradh na dtástálacha a rinneadh le haghaidh chéim 1, lena n-áirítear dáta na dtástálacha,

4.

I dteannta na doiciméadachta a cheanglaítear i bpointí 1, 2 agus 3, beidh an méid seo a leanas ag gabháil le gach ualach, mar shampla coimeádán loingseoireachta nó leoraí, de cheallraí caite:

(a)

doiciméad iompair iomchuí; agus

(b)

dearbhú freagrachta ón duine atá faoi dhliteanas.

5.

In éagmais cruthúnas, i bhfoirm na doiciméadachta iomchuí a cheanglaítear i bpointí 1, 2, 3 agus 4, gur ceallra caite, seachas ceallra dramhaíola, atá sa rud, agus in éagmais cosaint iomchuí ar dhamáiste le linn iompair, lódála agus dílódála, go háirithe trí phacáistíocht leordhóthanach agus trí chruachadh iomchuí an ualaigh, ar oibleagáidí de chuid an tsealbhóra a shocraíonn an t-iompar iad, measfar gur dramhaíl an rud agus toimhdeofar go bhfuil loingsiú neamhdhleathach i gceist leis an ualach. I gcásanna den sórt sin, déileálfar leis an ualach i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

IARSCRÍBHINN XV

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2006/66/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1, an chéad fhomhír, pointe 1

Airteagal 1(1)

Airteagal 1, an chéad fhomhír, pointe 2

Airteagal 1(1)

Airteagal 1, an dara fomhír

Airteagal 2

Airteagal 1(3) (4) agus (5)

Airteagal 2(1)

Airteagal 1(3) agus (4)

Airteagal 2(2)

Airteagal 1(5)

Airteagal 2(2), pointe (a)

Airteagal 1(5), pointe (a)

Airteagal 2(2), pointe (b)

Airteagal 1(5), pointe (a)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 3, pointe 1

Airteagal 3(1), pointe 1

Airteagal 3, pointe 2

Airteagal 3(1), pointe 2

Airteagal 3, pointe 3

Airteagal 3(1), pointe 9

Airteagal 3, pointe 4

Airteagal 3, pointe 5

Airteagal 3(1), pointe 12

Airteagal 3, pointe 6

Airteagal 3(1), pointe 13

Airteagal 3, pointe 7

Airteagal 3(1), pointe 50

Airteagal 3, pointe 8

Airteagal 3(2), pointe (a)

Airteagal 3, pointe 9

Airteagal 3, pointe 10

Airteagal 3(1), pointe 53

Airteagal 3, pointe 11

Airteagal 3(1), pointe 26

Airteagal 3, pointe 12

Airteagal 3(1), pointe 47

Airteagal 3, pointe 13

Airteagal 3(1), pointe 65

Airteagal 3, pointe 14

Airteagal 3(1), pointe 16

Airteagal 3, pointe 15

Airteagal 3(1), pointe 22

Airteagal 3, pointe 16

Airteagal 3, pointe 17

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 4(1)

Iarscríbhinn I

Airteagal 4(1), pointe (a)

Iarscríbhinn I, iontráil 1

Airteagal 4(1), pointe (b)

Iarscríbhinn I, iontráil 2

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(3), pointe (a)

Airteagal 4(3), pointe (b)

Airteagal 4(3), pointe (c)

Airteagal 4(4)

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 4

Airteagal 6(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 7

Airteagal 2

Airteagal 8

Airteagail 59 go 62, agus 64 go 67

Airteagal 8(1)

Airteagal 59

Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 59(1), pointe (a) Airteagal 59(1), pointe (b)

Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 62

Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (c)

Airteagal 61(1) Airteagal 62(1)

Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (d)

Airteagal 59(2), pointe (a)(ii) Airteagal 60(1), pointe (c)

Airteagal 8(1), an dara fomhír

Airteagal 59(5)

Airteagal 8(2)

Airteagal 59(1) agus Airteagal 59(2)

Airteagal 8(2), pointe (a)

Airteagal 59(1) agus Airteagal 59(2)

Airteagal 8(2), pointe (b)

Airteagal 59(2)

Airteagal 8(2), pointe (c)

Airteagal 8(3)

Airteagal 61

Airteagal 8(4)

Airteagal 61

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagail 59, 60 agus 69

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(1), an dara fomhír

Airteagal 75(4)

Airteagal 10(2)

Airteagail 59 agus 60

Airteagal 10(2), pointe (a)

Airteagal 10(2), pointe (b)

Airteagal 59(3) agus Airteagal 60(3)

Airteagal 10(3)

Airteagal 69(2) agus Airteagal 76(1), an dara fomhír

Airteagal 10(4)

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 11, an chéad fhomhír

Airteagal 11(1)

Airteagal 11, an dara fomhír

Airteagal 11(3)

Airteagal 12

Airteagal 70

Airteagal 12(1)

Airteagal 70(2)

Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 59(1), pointe (f), Airteagal 60(1), pointe (f), agus Airteagal 61(3), pointe (c)

Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 71(1)

Airteagal 12(1), an dara fomhír

Airteagal 12(1), an tríú fomhír

Airteagal 12(2)

Airteagal 71(4)

Airteagal 12(3)

Airteagal 70(3)

Airteagal 12(4)

Airteagal 71(2) agus (3)

Airteagal 12(5);

Airteagal 75(5), pointe (c), agus Airteagal 76(1), pointe (d)

Airteagal 12(6)

Airteagal 71(4)

Airteagal 13

Airteagal 13(1)

Airteagal 13(2)

-

Airteagal 14

Airteagal 70(1)

Airteagal 15

Airteagal 72

Airteagal 15(1)

Airteagal 72(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 72(3)

Airteagal 15(3)

Airteagal 72(4)

Airteagal 16

Airteagal 56

Airteagal 16(1)

Airteagal 56(1) agus (4)

Airteagal 16(1), pointe (a)

Airteagal 56(4), pointe (a)

Airteagal 16(1), pointe (b)

Airteagal 56(4), pointe (a)

Airteagal 16(2)

Airteagal 16(3)

Airteagal 56(1), pointe (c)

Airteagal 16(4)

Airteagal 74(5)

Airteagal 16(5)

Airteagal 16(6)

Airteagal 17

Airteagal 55

Airteagal 18

Airteagal 57(2), pointe (c)

Airteagal 18(1)

Airteagal 18(2)

Airteagal 18(3)

Airteagal 19

Airteagal 59(1), Airteagal 60(1), Airteagal 61(1), Airteagal 62 agus Airteagail 64 go 67

Airteagal 19(1)

Airteagal 59(2), Airteagal 60(2), Airteagal 61(1) agus Airteagail 62, 65, 66 agus 67

Airteagal 19(2)

Airteagal 57(2), pointe (c)

Airteagal 20

Airteagal 74

Airteagal 20(1)

Airteagal 74(1)

Airteagal 20(1), pointe (a)

Airteagal 74(1), pointe (f)

Airteagal 20(1), pointe (b)

Airteagal 74(1), pointe (b)

Airteagal 20(1), pointe (c)

Airteagal 74(1), pointe (c)

Airteagal 20(1), pointe (d)

Airteagal 74(1), pointe (b)

Airteagal 20(1), pointe (e)

Airteagal 74(1), pointe (e)

Airteagal 20(2)

Airteagal 74

Airteagal 20(3)

Airteagal 74(4)

Airteagal 21

Airteagal 20 Airteagal 13, Iarscríbhinn VI, Cuid A, B agus C

Airteagal 21(1)

Airteagal 13(4)

Airteagal 21(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 21(3)

Airteagal 13(5)

Airteagal 21(4)

Airteagal 13(4)

Airteagal 21(5)

Airteagal 13(4)

Airteagal 21(6)

Airteagal 21(7)

Airteagal 22a

Airteagal 23 Athbhreithniú

Airteagal 69(3), Airteagal 94

Airteagal 23(1)

Airteagal 94(1)

Airteagal 23(2)

Airteagal 94(2)

Airteagal 23(2), pointe (a)

Airteagal 23(2), pointe (b)

Airteagal 94(2), an chéad fhomhír, pointe (e)

Airteagal 23(2), pointe (c)

Airteagal 71(5) agus (6)

Airteagal 23(3)

Airteagal 94(2), an dara fomhír

Airteagal 23a

Airteagal 89

Airteagal 23a(1)

Airteagal 89(1)

Airteagal 23a(2)

Airteagal 89(2)

Airteagal 23a(3)

Airteagal 89(3)

Airteagal 23a(4)

Airteagal 89(5)

Airteagal 23a(5)

Airteagal 89(6)

Airteagal 24

Airteagal 90

Airteagal 24(1)

Airteagal 90(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 90(3)

Airteagal 24(2), an dara fomhír

Airteagal 90(3), an dara fomhír

Airteagal 25

Airteagal 93

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 95

Airteagal 29

Airteagal 96

Airteagal 30

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn XI

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn VI, Cuid B

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn XII

Iarscríbhinn III, Cuid A

Iarscríbhinn XII, Cuid A

Iarscríbhinn III, Cuid B

Iarscríbhinn XII, Cuid B

Iarscríbhinn IV

Airteagal 55


28.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 191/118


RIALACHÁN (AE) 2023/1543 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2023

maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá cuspóir leagtha amach ag an Aontas dó féin limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt. Ar mhaithe le limistéar den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas chun bearta a ghlacadh a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha, a dtagraítear dóibh go coitianta mar bhunchloch an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla laistigh den Aontas ó bhí Comhairle Eorpach Tampere ann an 15 agus 16 Deireadh Fómhair 1999.

(2)

Tá bearta chun fianaise leictreonach a fháil agus a chaomhnú le haghaidh imscrúduithe coiriúla agus ionchúisimh choiriúla ar fud an Aontais ag éirí níos tábhachtaí. Is riachtanach iad sásraí éifeachtacha chun fianaise leictreonach a fháil i dtaca le coiriúlacht a chomhrac, agus ba cheart sásraí den sórt sin a bheith faoi réir coinníollacha agus coimircí lena áirithiú go bhfuil siad ag comhlíonadh cearta bunúsacha agus prionsabail a aithnítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) go hiomlán, go háirithe prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, agus na prionsabail a bhaineann le próiseas cuí, cosaint na príobháideachta agus sonraí pearsanta agus rúndacht na cumarsáide.

(3)

Sa Ráiteas Comhpháirteach ó na hAirí Dlí agus Cirt agus ó na hAirí Gnóthaí Baile agus ó ionadaithe institiúidí an Aontais an 24 Márta 2016 maidir leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta sa Bhruiséil leagadh béim ar an ngá a bhí, mar ábhar tosaíochta, le fianaise leictreonach a chaomhnú agus a bhailiú níos gasta agus níos éifeachtaí agus chun bearta nithiúla a shainaithint chuige sin.

(4)

Leagadh béim i gconclúidí na Comhairle an 9 Meitheamh 2016 ar an méadú atá tagtha ar an tábhacht a bhaineann le fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla, agus ar an tábhacht a bhaineann leis an gcibearspás a chosaint ó mhí-úsáid agus ó ghníomhaíochtaí coiriúla ar mhaithe le leas an gheilleagair agus na sochaí agus dá bhrí sin, is gá go mbeadh uirlisí éifeachtacha ag údaráis forfheidhmithe dlí agus ag údaráis bhreithiúnacha chun gníomhartha coiriúla a bhaineann leis an gcibearspás a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

(5)

Sa teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le hAthléimneacht, Díspreagadh agus Cosaint: Building strong cybersecurity for the EU [Cibearshlándáil láidir a thógáil don Aontas], leag an Coimisiún béim ar imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach na coireachta cibearchumasaithe mar bhac fíorthábhachtach ar chibear-ionsaithe, agus ar an ngá atá le creat nós imeachta an lae inniu a chur in oiriúint níos fearr do ré an idirlín. Uaireanta, ní féidir leis na nósanna imeachta atá ann faoi láthair luas na gcibearionsaithe a láimhseáil, rud a chruthaíonn riachtanais ar leith le haghaidh comhar gasta thar theorainneacha.

(6)

Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na cibearchoireachta (3), leagadh béim ar an ngá atá le modhanna a aimsiú chun fianaise leictreonach a dhaingniú agus a fháil níos gasta, chomh maith lena thábhachtaí atá dlúthchomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí, tríú tíortha agus soláthraithe seirbhíse atá gníomhach ar chríoch na hEorpa, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus le comhaontuithe um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach atá ann cheana. Tugadh chun suntais sa rún sin ó Pharlaimint na hEorpa freisin gur féidir leis an gcreat dlíthiúil ilroinnte atá ann faoi láthair dúshláin a chruthú do sholáthraithe seirbhíse atá ag iarraidh iarrataí ar fhorfheidhmiú an dlí a chomhlíonadh agus iarradh ar an gCoimisiún creat dlíthiúil Aontais a thíolacadh le haghaidh fianaise leictreonach lena ngabhann coimircí leordhóthanacha do chearta agus saoirsí na ndaoine uile lena mbaineann, agus ag an am céanna fáiltíodh roimh obair leanúnach an Choimisiúin ar ardán comhair ina mbeidh cainéal cumarsáide slán le haghaidh malartuithe digiteacha Orduithe Imscrúdaithe Eorpacha (EIOnna) le haghaidh fianaise leictreonach agus freagraí leictreonacha idir údaráis bhreithiúnacha an Aontais.

(7)

Is féidir seirbhísí gréasánbhunaithe a sholáthar ó áit ar bith agus ní gá go mbeadh bonneagar fisiceach, áitribh ná foireann oibre acu sa tír ina dtairgtear an tseirbhís ábhartha. Dá bhrí sin, is minic a dhéantar fianaise leictreonach a stóráil lasmuigh den Stát imscrúdaithe nó le soláthraí seirbhíse lasmuigh den Stát sin, agus is minic a chruthaíonn sé sin dúshláin i ndáil le bailiú fianaise leictreonaí in imeachtaí coiriúla.

(8)

Mar gheall ar an gcaoi ina soláthraítear seirbhísí gréasánbhunaithe, is minic a dhírítear iarrataí maidir le comhar breithiúnach ar Stáit atá ag óstáil líon mór soláthraithe seirbhíse. Ina theannta sin, tá méadú tagtha ar líon na n-iarrataí toisc go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as seirbhísí gréasánbhunaithe. Le Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), foráiltear maidir leis an bhféidearthacht EIO a eisiúint chun fianaise a bhailiú i mBallstát eile. Ina theannta sin, foráiltear leis an gCoinbhinsiún a bhunaigh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (7) (‘an Coinbhinsiún maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla’) go bhféadfaí fianaise a iarraidh ar Bhallstát eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh nach mbeadh na nósanna imeachta agus na hamlínte dá bhforáiltear i dTreoir 2014/41/AE lena mbunaítear EIO agus sa Choinbhinsiún maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla, oiriúnach d’fianaise leictreonach, atá níos luainí agus a d’fhéadfaí a scriosadh ar bhealach níos éasca agus níos gasta. Is minic a thógann sé achar fada fianaise leictreonach a fháil nuair a úsáidtear bealaí an chomhair bhreithiúnaigh, agus mar thoradh air sin tarlaíonn nach mbíonn leideanna ar fáil a thuilleadh ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, níl aon chreat comhchuibhithe ann don chomhar le soláthraithe seirbhíse, agus glacann soláthraithe áirithe i dtríú tíortha le hiarrataí díreacha i gcomhair sonraí seachas inneachar de réir mar atá ceadaithe ag a ndlí náisiúnta infheidhme. Mar thoradh air sin, bíonn Ballstáit ag brath níos mó agus níos mó ar bhealaí comhair dhírigh dheonaigh le soláthraithe seirbhíse nuair is ann dóibh, agus cuireann siad uirlisí náisiúnta, coinníollacha agus nósanna imeachta éagsúla i bhfeidhm. I gcás sonraí inneachair, tá beart aontaobhach déanta ag cuid de na Ballstáit, ach tá Ballstáit eile ag brath go fóill ar chomhar breithiúnach.

(9)

Cruthaíonn an creat dlíthiúil ilroinnte dúshláin d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí, d’údaráis bhreithiúnacha agus do sholáthraithe seirbhíse atá ag iarraidh iarrataí dlíthiúla ar fhianaise leictreonach a chomhlíonadh, ós minice a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht dhlíthiúil agus, b’fhéidir, ar choinbhleachtaí dlí. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le rialacha sonracha i ndáil le comhar breithiúnach trasteorann chun fianaise leictreonach a chaomhnú agus a tháirgeadh, ar rialacha iad lena dtugtar aghaidh ar chineál sonrach na fianaise leictreonaí. Ba cheart a áireamh sna rialacha sin oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse a chumhdaítear le raon feidhme an Rialacháin seo freagairt go díreach d’iarrataí a thagann ó údaráis i mBallstát eile. Dá bhrí sin, comhlánóidh an Rialachán seo dlí an Aontais atá ann cheana agus soiléireoidh sé na rialacha is infheidhme maidir le húdaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha agus maidir le soláthraithe seirbhíse i réimse na fianaise leictreonaí, agus comhlíonadh iomlán na gceart bunúsach á áirithiú ag an am céanna.

(10)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloíonn sé leis na prionsabail a aithnítear in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt, sa dlí idirnáisiúnta agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu nó a bhfuil na Ballstáit uile ina bpáirtí iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus i mbunreachtanna na mBallstát, ina réimsí faoi seach dá gcur i bhfeidhm. Áirítear i measc na gceart agus na bprionsabal sin, go háirithe an ceart chun saoirse agus slándála, urraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosaint a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta, chomh maith leis an gceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna.

(11)

Níor cheart aon ní sa Rialachán seo a léirthuiscint mar thoirmeasc ar dhiúltú Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a thabhairt ó údarás forfheidhmithe i gcás ina bhfuil cúiseanna lena chreidiúint, ar bhonn eilimintí oibiachtúla, gur eisíodh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar mhaithe le duine a ionchúiseamh nó a phionósú mar gheall ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, náisiúntacht, teanga nó tuairimí polaitiúla an duine sin, nó go bhféadfaí seasamh an duine sin a dhochrú ar aon cheann de na cúiseanna sin.

(12)

Braitheann sásra an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh le haghaidh fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí idir na Ballstáit agus ar thoimhde go gcomhlíonann na Ballstáit dlí an Aontais, an smacht reachta agus, go háirithe, cearta bunúsacha, ar gnéithe bunriachtanacha iad de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais. Cuireann sásra den sórt sin ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta orduithe den sórt sin a sheoladh go díreach chuig soláthraithe seirbhíse.

(13)

Is cearta bunúsacha iad urraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh agus daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. I gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8(1) den Chairt, tá sé de cheart ag gach duine go ndéanfar a saol príobháideach agus a saol teaghlaigh, a n-áit chónaithe, agus a gcuid cumarsáide a urramú.

(14)

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680, agus le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) lena n-áirítear i gcás úsáid bhreise a bhaint as sonraí a fhaightear, iad a tharchur nó a aistriú ar aghaidh.

(15)

Níor cheart sonraí pearsanta a fhaightear faoin Rialachán seo a phróiseáil ach amháin nuair is gá sin a dhéanamh, agus ar bhealach atá comhréireach le críocha chosc, imscrúdú, bhrath agus ionchúiseamh na coiriúlachta nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorfheidhmiú agus cearta cosanta a fheidhmiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, go háirithe, go mbeidh feidhm ag beartais agus bearta iomchuí um chosaint sonraí maidir le tarchur sonraí pearsanta ó údaráis ábhartha chuig soláthraithe seirbhíse chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear bearta chun slándáil na sonraí a áirithiú. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse na coimircí céanna a áirithiú i dtaca le sonraí pearsanta a tharchur chuig údaráis ábhartha. Ba cheart gur ag daoine údaraithe agus acu sin amháin a bheadh rochtain ar fhaisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta ar féidir í a fháil trí phróisis fíordheimhniúcháin.

(16)

Ba cheart feidhm a bheith ag na cearta nós imeachta a leagtar amach i dTreoracha 2010/64/AE (9), 2012/13/AE (10), 2013/48/AE (11), (AE) 2016/343 (12), (AE) 2016/800 (13) agus (AE) 2016/1919 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, laistigh de raon na dTreoracha seo, i ndáil le himeachtaí coiriúla a chumhdaítear leis an Rialachán seo i dtaca leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag na Treoracha sin. Ba cheart feidhm a bheith ag na coimircí nós imeachta faoin gCairt freisin.

(17)

Chun a áirithiú go n-urramófar go hiomlán cearta bunúsacha, ba cheart don údarás breithiúnach inniúil luach cruthúnais na fianaise arna bailiú i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mheasúnú i dtriail, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis an gceart chun triail chóir a fháil agus an ceart chun cosanta go háirithe.

(18)

Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha faoina bhféadfaidh údarás breithiúnach inniúil san Aontas, in imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear imscrúduithe coiriúla, nó chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla i gcomhréir leis an Rialachán seo, ordú a thabhairt do sholáthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas fianaise leictreonach a thabhairt ar aird nó a chaomhnú trí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó trí Ordú Caomhnaithe Eorpach. Ba cheart don Rialachán seo a bheith infheidhme i ngach cás trasteorann ina bhfuil bunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil ainmnithe ag an soláthraí seirbhíse i mBallstát eile. Tá an Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí na n-údarás náisiúnta dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse atá bunaithe ar a gcríoch nó a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu ar a gcríoch chun gur féidir leo bearta náisiúnta comhchosúla a chomhlíonadh.

(19)

Níor cheart a rialú leis an Rialachán seo ach bailiú sonraí arna stóráil ag soláthraí seirbhíse tráth a fhaightear Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach. Níor cheart oibleagáid ghinearálta maidir le coinneáil sonraí a leagan síos do sholáthraithe seirbhíse agus níor cheart é a bheith d’éifeacht aige go ndéanfaí sonraí a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach. Níor cheart a údarú leis an Rialachán seo ach oiread go ndéanfaí sonraí a idirghabháil ná a fháil ar sonraí iad a stóráiltear tar éis Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a fháil.

(20)

Níor cheart do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo difear a dhéanamh don úsáid a bhaineann soláthraithe seirbhíse nó a n-úsáideoirí as criptiú. Ba cheart sonraí atá á n-iarraidh trí bhíthin Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a sholáthar nó a chaomhnú gan beann ar iad a bheith criptithe nó gan a bheith criptithe. Níor cheart, áfach, go leagfaí síos leis an Rialachán seo aon oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse sonraí a dhíchriptiú.

(21)

I mórán cásanna, ní dhéantar sonraí a stóráil ná a phróiseáil ar bhealach eile ar ghléas an úsáideora a thuilleadh, ach cuirtear ar fáil iad ar bhonneagar néalbhunaithe lena gcumasaítear rochtain a bheith orthu ó áit ar bith. Ní gá go mbeadh soláthraithe seirbhíse bunaithe i ndlínse faoi leith ná go mbeadh freastalaithe acu sa dlínse sin chun na seirbhísí sin a reáchtáil. Dá réir sin, níor cheart go mbraithfeadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar shuíomh iarbhír bhunaíocht an tsoláthraí seirbhíse ná ar shuíomh na saoráide um próiseáil nó um stóráil sonraí.

(22)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí imscrúdaitheacha na n-údarás in imeachtaí sibhialta agus riaracháin, nuair a d’fhéadfadh pionóis a bheith mar thoradh ar imeachtaí den sórt sin san áireamh.

(23)

Ós rud é go bhféadfaí imeachtaí le haghaidh cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a bhreithniú mar imeachtaí coiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme sna Ballstáit, ba cheart a shoiléiriú nár cheart Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint chun cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a sholáthar i mBallstát eile ná i dtríú tír. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach a chur faoi bhráid an Bhallstáit nó an tríú tír a d’fhéadfadh cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a sholáthar faoina dhlí náisiúnta.

(24)

Faoi chuimsiú imeachtaí coiriúla, níor cheart an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint ach amháin i gcás imeachtaí coiriúla sonracha a bhaineann le cion coiriúil sonrach atá déanta cheana, tar éis meastóireacht aonair a dhéanamh ar riachtanas agus comhréireacht na n-orduithe sin i ngach cás ar leith, agus cearta an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe á gcur san áireamh.

(25)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le himeachtaí arna dtionscnamh ag údarás eisiúna chun duine ciontaithe a d’éalaigh ón gceartas a aimsiú, chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla. I gcás inar forchuireadh an phianbhreith choimeádta nó an t-ordú coinneála le cinneadh a tugadh in absentia, áfach, níor cheart go mbeifí in ann Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint, toisc go bhfuil éagsúlacht mhór idir dlíthe náisiúnta na mBallstát maidir le cinntí breithiúnacha a thugtar in absentia ar fud an Aontais.

(26)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas, agus níor cheart go bhféadfaí na horduithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a eisiúint ach amháin i gcás sonraí a bhaineann le seirbhísí a thairgtear san Aontas. Níor cheart seirbhísí a thairgtear go heisiach taobh amuigh den Aontas a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo, fiú má tá an soláthraí seirbhíse bunaithe san Aontas. Dá bhrí sin, níor cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo aon rochtain ar shonraí seachas sonraí a bhaineann leis na seirbhísí a thairgeann na soláthraithe seirbhíse sin don úsáideoir san Aontas.

(27)

Is iad na soláthraithe seirbhíse is ábhartha maidir le fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus soláthraithe sonracha sheirbhísí na sochaí faisnéise lena n-éascaítear idirghníomhaíocht idir úsáideoirí. Dá réir sin, ba cheart go gcumhdófaí an dá ghrúpa leis an Rialachán seo. Déantar seirbhísí cumarsáide leictreonaí a shainmhíniú i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus áirítear leo seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, amhail Prótacal Idirlín Guthaithe, seirbhísí um theachtaireachtaí meandracha agus seirbhísí ríomhphoist. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán freisin maidir le soláthraithe seirbhíse eile na sochaí faisnéise de réir bhrí Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) nach gcáilíonn mar sholáthraithe seirbhíse cumarsáide leictreonaí, ach a chuireann ar chumas a n-úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile nó a tháirgeann seirbhísí dá n-úsáideoirí ar féidir úsáid a bhaint astu chun sonraí a phróiseáil nó a stóráil ar a son. Bheadh sé sin i gcomhréir leis na téarmaí a úsáidtear i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (ETS Uimh 185), arna dhéanamh i mBúdaipeist an 23 Samhain 2001 (‘Coinbhinsiún Bhúdaipeist’). Ba cheart próiseáil sonraí a thuiscint sa chiall theicniúil, is é sin cruthú nó athrú sonraí, is é sin le rá oibríochtaí teicniúla chun sonraí a thabhairt ar aird nó a athrú trí bhíthin cumhacht próiseála ríomhaire. Ba cheart a áireamh ar na catagóirí soláthraithe seirbhíse a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mar shampla, margaí ar líne a sholáthraíonn cumas do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus seirbhísí óstála eile, lena n-áirítear i gcás ina soláthraítear an tseirbhís trí néalríomhaireacht, chomh maith le hardáin chearrbhachais ar líne. I gcás nach gcuireann soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise an cumas ar fáil dá úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile ach leis an soláthraí seirbhíse amháin, nó nach soláthraíonn sé an cumas sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó i gcás nach comhpháirt shainiúil, is é sin le rá, cuid bhunriachtanach, den tseirbhís a sholáthraítear d’úsáideoirí é sonraí a stóráil, amhail seirbhísí dlí, innealtóireachta ailtireachta agus cuntasaíochta a sholáthraítear go cianda, níor cheart dó teacht faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar ‘soláthraí seirbhíse’ a leagtar síos sa Rialachán seo, fiú más seirbhísí de chuid na sochaí faisnéise iad na seirbhísí a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse sin de réir bhrí Threoir (AE) 2015/1535.

(28)

Soláthraithe seirbhísí bonneagair idirlín a bhaineann le hainmneacha agus uimhreacha a shannadh, amhail ainmneacha fearainn clárlann agus cláraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí príobháideachta agus seachfhreastalaithe nó clárlanna réigiúnacha idirlín le haghaidh seoltaí prótacail idirlín (IP), tá siad ábhartha go háirithe maidir le sainaithint a dhéanamh ar na gníomhaithe atá taobh thiar de shuíomhanna gréasáin atá mailíseach nó i mbaol. Coinníonn sonraí a d’fhéadfadh a chur ar a gcumas go ndéanfaidís duine aonair nó eintiteas atá taobh thiar de shuíomh gréasáin a úsáidtear i ngníomhaíocht choiriúil a aithint, nó íospartach i ngníomhaíocht choiriúil.

(29)

Chun a chinneadh an bhfuil seirbhísí á dtairiscint ag soláthraí seirbhíse san Aontas ní mór a mheas an gcumasaíonn an soláthraí seirbhíse daoine nádúrtha nó dlítheanacha i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit chun a chuid seirbhísí a úsáid. Mar sin féin, ba cheart a mheas nach leor inrochtaineacht chomhéadain ar líne san Aontas, amhail inrochtaineacht suímh gréasáin nó seoladh ríomhphoist nó sonraí teagmhála eile soláthraí seirbhíse nó idirghabhálaí, arna nglacadh ina n-aonar, chun a chinneadh go dtairgeann soláthraí seirbhíse seirbhísí san Aontas de réir bhrí an Rialacháin seo.

(30)

Ba cheart nasc suntasach leis an Aontas a bheith ábhartha freisin maidir lena chinneadh cibé an dtairgeann soláthraí seirbhíse seirbhísí san Aontas. Ba cheart a mheas gur ann do nasc substaintiúil den sórt sin leis an Aontas nuair atá bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse san Aontas. In éagmais bunaíocht den sórt sin, ba cheart an critéar le haghaidh nasc substaintiúil a bhunú ar chritéir shonracha fhíriciúla amhail líon suntasach úsáideoirí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, nó ar an mbonn go bhfuil gníomhaíochtaí á ndíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó. Ba cheart a chinneadh an bhfuil gníomhaíochtaí á ndíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó ar bhonn na gcúinsí ábhartha go léir, lena n-áirítear tosca amhail úsáid teanga nó airgeadra a mbaintear úsáid aisti nó as i gcoitinne sa Bhallstát sin, nó an fhéidearthacht a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a ordú. D’fhéadfaí spriocdhíriú gníomhaíochtaí ar Bhallstát a dhíorthú freisin ó fheidhmchlár (‘aip’) a bheith ar fáil san aipmhargadh náisiúnta ábhartha, bíodh sin ina fhógraíocht áitiúil nó fógraíocht a sholáthar sa teanga a úsáidtear i gcoitinne sa Bhallstát sin, nó láimhseáil an chaidrimh le custaiméirí, amhail trí sheirbhís do chustaiméirí a sholáthar sa teanga a úsáidtear i gcoitinne sa Bhallstát sin. Ba cheart a mheas go bhfuil nasc substaintiúil ann freisin i gcás ina ndíríonn soláthraí seirbhíse a chuid gníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Ar an taobh eile, maidir le seirbhís a sholáthar chun an toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) a chomhlíonadh, níor cheart a mheas, gan aon fhorais bhreise, go bhfuil an soláthar sin ag díriú nó ag spriocdhíriú gníomhaíochtaí ar chríoch ar leith laistigh den Aontas. Ba cheart feidhm a bheith ag na tosca céanna chun a chinneadh cé acu a thairgeann nó nach dtairgeann soláthraí seirbhíse seirbhísí i mBallstát.

(31)

Ba cheart don Rialachán seo catagóirí sonraí, sonraí suibscríobhaí, sonraí tráchta agus sonraí inneachair a chuimsiú. Tá an catagóiriú sin i gcomhréir le dlí go leor Ballstát agus le dlí an Aontais, amhail Treoir 2002/58/CE agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais, chomh maith leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe Coinbhinsiún Bhúdaipeist.

(32)

D’fhéadfadh seoltaí IP agus uimhreacha rochtana agus faisnéis ghaolmhar a bheith ina dtúsphointe ríthábhachtach d’imscrúduithe coiriúla nach eol céannacht duine atá faoi dhrochamhras iontu. Is iondúil go mbíonn siad mar chuid de thaifead imeachtaí, ar a dtugtar loga freastalaí freisin, a léiríonn tús agus deireadh seisiúin rochtana úsáideora ar sheirbhís. Is seoladh IP aonair, bíodh sin ina cheann statach nó ina cheann dinimiciúil, a bhíonn ann go minic nó sin aitheantóir eile a phiocann amach an comhéadan líonra a úsáideadh le linn an tseisiúin rochtana. Tá gá le faisnéis ghaolmhar maidir le tosú agus críochnú seisiúin rochtana úsáideora ar sheirbhís, amhail na poirt fhoinseacha agus stampa ama toisc gur minic a roinntear seoltaí IP i measc úsáideoirí, mar shampla i gcás ina bhfuil aistriúchán ar sheoladh líonra de ghrád iompróra (CGN) nó a choibhéis theicniúil i bhfeidhm. Mar sin féin, i gcomhréir le acquis an Aontais, caithfear a mheas gur sonraí pearsanta iad seoltaí IP agus go gcaithfidh siad tairbhe a bhaint as cosaint iomlán faoi acquis an Aontais maidir le cosaint sonraí. Ina theannta sin, in imthosca áirithe, is féidir a mheas gur sonraí tráchta iad seoltaí IP. Chomh maith leis sin, meastar gur sonraí tráchta i roinnt Ballstát iad uimhreacha rochtana agus faisnéis ghaolmhar. Mar sin féin, chun críche imscrúdú coiriúil ar leith, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar údaráis forfheidhmithe dlí seoladh IP a iarraidh chomh maith le huimhreacha rochtana agus faisnéis ghaolmhar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, sular féidir sonraí suibscríobhaí a bhaineann leis an aitheantóir sin a iarraidh ar an soláthraí seirbhíse. I gcásanna den sórt sin, is iomchuí an córas céanna agus a chuirtear i bhfeidhm do shonraí suibscríobhaí a chur i bhfeidhm, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo.

(33)

I gcás nach n-iarrtar seoltaí IP, uimhreacha rochtana agus faisnéis ghaolmhar chun an t-úsáideoir a shainaithint in imscrúdú coiriúil ar leith, agus chun na críche sin amháin, iarrtar orthu go ginearálta faisnéis níos fearr a fháil a chuireann isteach ar phríobháideachas, amhail teagmhálacha agus cá bhfuil an t-úsáideoir. Dá réir sin, d’fhéadfadh siad próifíl chuimsitheach a bhunú de dhuine aonair lena mbaineann, ach, ag an am céanna, is féidir iad a phróiseáil agus a anailísiú ar bhealach níos éasca ná sonraí inneachair, toisc go gcuirtear i láthair iad i bhformáid struchtúrtha chaighdeánaithe. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, i gcásanna den sórt sin, go gcaithfear le seoltaí IP, uimhreacha rochtana agus faisnéis ghaolmhar nach n-iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint in imscrúdú coiriúil sonrach agus chun na críche sin amháin, go gcaithfear leo mar shonraí tráchta agus go n-iarrfar iad faoi gcóras céanna le sonraí inneachair, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo.

(34)

Tá sonraí pearsanta sna catagóirí sonraí go léir agus mar sin tá siad cumhdaithe ag na coimircí faoi acquis cosanta sonraí an Aontais. Mar sin féin, ní hionann déine an tionchair ar chearta bunúsacha idir na catagóirí, go háirithe idir sonraí suibscríobhaí agus sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint mar a shainmhínítear sa Rialachán seo é, agus chun na críche sin amháin, ar thaobh amháin, agus sonraí tráchta, cé is moite de shonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, agus chun na críche sin amháin, agus sonraí inneachair ar an taobh eile. Cé go bhféadfadh sonraí suibscríobhaí chomh maith le seoltaí IP, uimhreacha rochtana agus faisnéis ghaolmhar, i gcás ina n-iarrtar iad chun an t-úsáideoir a shainaithint agus chun na críche sin amháin, a bheith úsáideach chun torthaí tosaigh a fháil in imscrúdú faoi chéannacht duine atá faoi dhrochamhras, is minic a bhíonn sonraí tráchta, cé is moite de shonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint mar a shainmhínítear sa Rialachán seo agus chun na críche sin amháin, agus sonraí inneachair níos ábhartha mar ábhar cruthúnais. Dá bhrí sin, is den bhunriachtanas é go gcumhdófaí na catagóirí sonraí sin go léir leis an Rialachán seo. Toisc nach ionann an méid a chuirtear isteach ar chearta bunúsacha sna cásanna iomchuí, ba cheart coimircí agus coinníollacha difriúla a fhorchur maidir le sonraí den sórt sin a fháil.

(35)

Maidir le cásanna ina bhfuil garbhaol ann do bheatha, do shláine coirp nó do shábháilteacht duine, ba cheart déileáil leo mar chásanna éigeandála agus ba cheart teorainneacha ama níos giorra a cheadú ar an soláthraí seirbhíse agus ar an údarás forfheidhmiúcháin. I gcás ina bhfágfadh briseadh nó scriosadh bonneagair chriticiúil mar a shainmhínítear i dTreoir 2008/114/CE ón gComhairle (19) go mbeadh bagairt den sórt sin ann, lena n-áirítear trí dhochar tromchúiseach a dhéanamh do sholáthar soláthairtí bunúsacha don daonra nó d’fheidhmiú phríomhfheidhmeanna an Stáit, ba cheart caitheamh leis an gcás sin freisin mar chás éigeandála, i gcomhréir le dlí an Aontais.

(36)

Nuair a eisítear Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach, ba cheart go mbeadh údarás breithiúnach páirteach i gcónaí sa phróiseas a bhaineann le heisiúint an ordaithe nó sa phróiseas a bhaineann lena bhailíochtú. I bhfianaise go mbíonn sonraí tráchta cé is moite de shonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir mar a shainmhínítear sa Rialachán seo a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, agus sonraí inneachair níos íogaire, chun Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint nó a bhailíochtú chun na catagóirí sonraí sin a fháil, ní mór do bhreitheamh athbhreithniú a dhéanamh. Ós rud é nach bhfuil sonraí suibscríobhaí agus sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir mar a shainmhínítear sa Rialachán seo a shainaithint chomh híogair céanna, féadfaidh ionchúisitheoir poiblí inniúil Ordú Eorpach chun sonraí den sórt sin a fháil a eisiúint nó a bhailíochtú freisin. I gcomhréir leis an gceart chun triail chóir a fháil, mar atá cosanta ag an gCairt agus ag an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, tá ar ionchúisitheoirí poiblí a bhfreagrachtaí a fheidhmiú go hoibiachtúil, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint nó a bhailíochtú ar bhonn na ngnéithe fíorasacha sa cháschomhad agus ar an mbonn sin amháin, agus an fhianaise inchoiritheach agus dhíchoiritheach uile á cur san áireamh.

(37)

Chun cosaint iomlán na gceart bunúsach a áirithiú, ba cheart aon bhailíochtú ó na húdaráis eisiúna ar Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Ordaithe Caomhnaithe a fháil i bprionsabal sula n-eiseofar an t-ordú. Níor cheart eisceachtaí a dhéanamh ar an bprionsabal sin ach amháin i gcásanna éigeandála arna mbunú go bailí nuair a iarrtar sonraí suibscríobhaí nó sonraí arna n-iarraidh chun an t-úsáideoir mar a shainítear sa Rialachán seo é a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, nó chun sonraí a chaomhnú, i gcás nach féidir réamhbhailíochtú a fháil ón údarás breithiúnach in am, go háirithe toisc nach féidir teacht ar an údarás bailíochtaithe chun bailíochtú a fháil agus go bhfuil an bhagairt ar tí tarlú agus go gcaithfear beart a dhéanamh láithreach dá bharr. Níor cheart eisceachtaí den sórt sin a dhéanamh, áfach, ach amháin i gcás ina bhféadfadh an t-údarás a eisíonn an t-ordú lena mbaineann ordú a eisiúint i gcás náisiúnta comhchosúil faoin dlí náisiúnta gan bailíochtú roimh ré.

(38)

Níor cheart Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint ach amháin i gcás ina bhfuil sin riachtanach, comhréireach, leordhóthanach agus infheidhme maidir leis an gcás atá idir lámha. Ba cheart don údarás eisiúna cearta an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe a chur san áireamh in imeachtaí a bhaineann le cion coiriúil agus níor cheart dó Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint ach amháin más rud é go bhféadfaí an t-ordú sin a eisiúint faoi na coinníollacha céanna i gcás náisiúnta comhchosúil. Agus é á mheas cibé acu Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint nó gan é a eisiúint, ba cheart a chur san áireamh an bhfuil ordú den sórt sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun an aidhm dhlisteanach a bhaint amach maidir le sonraí a fháil atá ábhartha agus riachtanach mar fhianaise i gcás aonair.

(39)

I gcásanna ina n-eisítear Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun catagóirí éagsúla sonraí a fháil, ba cheart don údarás eisiúna a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha agus na nósanna imeachta, amhail fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin, maidir le gach ceann de na catagóirí sonraí sin faoi seach.

(40)

I bhfianaise gur de chineál níos íogaire iad sonraí tráchta, cé is moite de shonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir mar a shainmhínítear sa Rialachán seo a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, agus sonraí inneachair, ba cheart idirdhealú a dhéanamh maidir le raon feidhme ábhartha an Rialacháin seo. Ba cheart go mbeadh sé indéanta Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint chun sonraí suibscríobhaí a fháil nó chun sonraí a fháil a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, agus chun na críche sin amháin, i gcás aon chion coiriúil; de bhrí gur cheart go mbeadh Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil, seachas sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir mar a shainmhínítear sa Rialachán seo é a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, nó chun sonraí inneachair a fháil, faoi réir ceanglas atá níos déine chun cineál níos íogaire na sonraí sin a léiriú. Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le tairseach i ndáil lena raon feidhme, lena gceadófaí cur chuige comhréireach, mar aon le roinnt coinníollacha agus coimircí ex ante agus ex post eile chun a áirithiú go n-urramófar an chomhréireacht agus cearta na ndaoine lena mbaineann. Ag an am céanna, níor cheart go gcuirfeadh tairseach den sórt sin teorainn le héifeachtacht an Rialacháin seo agus lena úsáid ag cleachtóirí. Má cheadaítear Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint in imeachtaí coiriúla maidir le cionta a bhfuil pianbhreith choimeádta uasta 3 bliana ar a laghad ag gabháil leo amháin, déanfar raon feidhme an Rialacháin seo a theorannú do chionta níos tromchúisí, gan difear iomarcach a dhéanamh do na féidearthachtaí a bhaineann lena úsáid ag cleachtóirí. D’eisiafadh an teorannú sin ó raon feidhme an Rialacháin seo líon suntasach cionta a mheasann na Ballstáit nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna a eisiamh óna raon feidhme, mar a léirítear i bpionós uasta níos ísle. Beidh sé de bhuntáiste ag an teorannú sin freisin go mbeidh sé infheidhme go héasca go hiarbhír.

(41)

Tá cionta faoi leith ann agus de ghnáth is i bhfoirm leictreonach amháin a bheidh an fhianaise ar fáil ina leith, ar fianaise í atá an-ghearrshaolach de réir cineáil. Is amhlaidh atá i gcás cionta cibearbhainteacha, fiú na cionta nach bhféadfaí a mheas gur cionta tromchúiseacha iontu féin iad ach a d’fhéadfadh damáiste forleathan nó mór a dhéanamh, go háirithe cionta a bhfuil tionchar íseal acu ar bhonn aonair ach a bhfuil a líon ard agus a dhéanann damáiste ar bhonn foriomlán. I bhformhór na gcásanna ina ndearnadh an cion trí chóras faisnéise, dá gcuirfí an tairseach chéanna i bhfeidhm agus a chuirtear i bhfeidhm maidir le cineálacha eile cionta, ní bheadh aon bhaol pionóis ag baint leo den chuid is mó. Leis sin, tugtar údar le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le cionta den sórt sin freisin i gcás ina ngabhann pianbhreith choimeádta uasta níos lú ná 3 bliana leo. Maidir le cionta breise a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht de réir bhrí Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) chomh maith le cionta a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí de réir bhrí Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), níor cheart an tairseach íosta d’uasphianbhreith choimeádta 3 bliana a cheangal orthu.

(42)

Mar phrionsabal, ba cheart Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a chur chuig an soláthraí seirbhíse, ag gníomhú dó mar rialaitheoir. Mar sin féin, in imthosca áirithe, is féidir leis a bheith an-dúshlánach a chinneadh cibé an bhfuil ról an rialaitheora nó ról an phróiseálaí ag soláthraí seirbhíse, go háirithe i gcás ina bhfuil roinnt soláthraithe seirbhíse rannpháirteach i bpróiseáil sonraí nó i gcás ina ndéanann soláthraithe seirbhíse na sonraí a phróiseáil thar ceann duine nádúrtha. Chun idirdhealú a dhéanamh idir róil an rialaitheora agus ról an phróiseálaí maidir le tacar áirithe sonraí, ní hamháin go bhfuil gá le heolas speisialaithe ar an gcomhthéacs dlíthiúil, ach d’fhéadfadh go mbeadh gá freisin le léiriú ar chreataí conarthacha atá an-chasta go minic lena bhforáiltear i gcás sonrach maidir le cúraimí agus róil éagsúla a leithdháileadh ar sholáthraithe seirbhíse éagsúla maidir le tacar áirithe sonraí. I gcás ina ndéanann soláthraithe seirbhíse sonraí a phróiseáil thar ceann duine nádúrtha, d’fhéadfadh sé a bheith deacair i gcásanna áirithe a chinneadh cé hé an rialaitheoir, fiú i gcás nach bhfuil ach soláthraí seirbhíse amháin i gceist. I gcás ina ndéanann soláthraí seirbhíse na sonraí lena mbaineann a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile agus nach bhfuil aon soiléireacht ann maidir le cé hé an rialaitheoir, in ainneoin iarrachtaí réasúnacha ó thaobh an údaráis eisiúna de, ba cheart go bhféadfaí, dá bhrí sin, Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a chur go díreach chuig an soláthraí seirbhíse sin. Thairis sin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé dochar a dhéanamh don imscrúdú sa chás lena mbaineann dá gcuirfí an t-ordú díreach chuig an rialaitheoir, mar shampla toisc go bhfuil amhras faoin rialaitheoir nó toisc go bhfuil duine cúisithe nó ciontaithe ann nó go bhfuil comharthaí ann go bhféadfadh an rialaitheoir a bheith ag gníomhú chun leasa an duine is ábhar don imscrúdú. Sna cásanna sin freisin, ba cheart é a bheith indéanta Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a chur go díreach chuig an soláthraí seirbhíse a phróiseálann na sonraí thar ceann an rialaitheora. Níor cheart dó sin cur isteach ar an gceart atá ag an údarás eisiúna chun ordú a thabhairt don soláthraí seirbhíse na sonraí a chaomhnú.

(43)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart don phróiseálaí a stórálann nó a phróiseálann na sonraí thar ceann an rialaitheora an rialaitheoir a chur ar an eolas faoi shonraí a thabhairt ar aird ach amháin má tá iarrtha ag an údarás eisiúna ar an soláthraí seirbhíse staonadh ón rialaitheoir a chur ar an eolas, chomh fada agus is gá agus is comhréireach, ionas nach gcuirfear bac ar na himeachtaí coiriúla ábhartha. Sa chás sin, ba cheart don údarás eisiúna na cúiseanna leis an moill maidir leis an rialaitheoir a chur ar an eolas a chur in iúl sa chás sin agus ba cheart freisin réasúnú gearr a chur leis an deimhniú a ghabhann leis a tarchuireadh chuig an seolaí.

(44)

I gcás ina ndéantar na sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile mar chuid de bhonneagar arna sholáthar ag soláthraí seirbhíse d’údarás poiblí, níor cheart go bhféadfaí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint ach amháin i gcás ina bhfuil an t-údarás poiblí dá bhfuil na sonraí á stóráil nó á bpróiseáil ar bhealach eile lonnaithe sa Stát eisiúna.

(45)

I gcásanna ina ndéanann soláthraí seirbhíse na sonraí atá faoi chosaint phribhléid ghairimiúil faoi dhlí an Stáit eisiúna a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile mar chuid de bhonneagar arna sholáthar do ghairmithe atá cumhdaithe ag pribhléid ghairmiúil (‘gairmí faoi phribhléid ghairmiúil’), ina gcáil ghnó, níor cheart go bhféadfaí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint ach amháin chun sonraí tráchta a fháil, seachas sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir mar a shainmhínítear sa Rialachán seo é a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, nó chun sonraí inneachair a fháil i gcás ina bhfuil cónaí ar an ngairmí faoi phribhléid sa Stát eisiúna, i gcás ina bhféadfadh go ndéanfaí dochar don imscrúdú dá gcuirfí an t-ordú díreach chuig an ngairmí faoi phribhléid, nó i gcás inar tarscaoileadh na pribhléidí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

(46)

Is prionsabal bunúsach dlí san Aontas é an prionsabal ne bis in idem, arna aithint leis an gCairt agus arna fhorbairt ag cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Má tá forais ag an údarás eisiúna a chreidiúint go bhféadfadh imeachtaí coiriúla comhuaineacha a bheith ar siúl i mBallstát eile, rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis an Bhallstáit sin i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle (22). I gcás ar bith, níl Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ná Ordú Caomhnaithe Eorpach le heisiúint, i gcás ina bhfuil forais ag an údarás eisiúna a chreidiúint go mbeadh sé sin contrártha don phrionsabal ne bis in idem.

(47)

Maidir le díolúintí agus pribhléidí, a d’fhéadfadh tagairt a dhéanamh do chatagóirí daoine, amhail taidhleoirí, nó caidrimh atá faoi chosaint shonrach, amhail pribhléid ghairmiúil dlíodóra nó ceart iriseoirí gan a bhfoinsí faisnéise a nochtadh, déantar tagairt dóibh in ionstraimí aitheantais fhrithpháirtigh eile amhail i dTreoir 2014/41/AE lena mbunaítear anEIO. Tá difríocht idir raon agus tionchar na ndíolúintí agus na bpribhléidí de réir an dlí náisiúnta is infheidhme ar cheart a chur san áireamh tráth a eisítear Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach, ós rud é nár cheart go mbeadh an t-údarás eisiúna in ann an t-ordú a eisiúint ach amháin i gcás ina bhféadfaí é a eisiúint faoi na coinníollacha céanna i gcás náisiúnta comhchosúil. Níl sainmhíniú comhchoiteann ann ar cad is díolúine nó pribhléid ann i ndlí an Aontais. Dá bhrí sin, fágtar faoin dlí náisiúnta é sainmhíniú beacht a thabhairt ar na téarmaí sin, agus is féidir cosaintí a áireamh sa sainmhíniú a bhfuil feidhm acu, mar shampla, maidir le gairmeacha leighis agus dlí, lena n-áirítear nuair a úsáidtear ardáin speisialaithe sna gairmeacha sin. Is féidir rialacha maidir le cinneadh agus teorannú dliteanais choiriúil a bhaineann le saoirse an phreasa agus leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile a áireamh sa sainmhíniú beacht ar dhíolúintí agus ar phribhléidí.

(48)

I gcás ina bhféachann an t-údarás eisiúna le sonraí tráchta a fháil, cé is moite de shonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir mar a shainmhínítear sa Rialachán seo é a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, nó chun sonraí inneachair a fháil, trí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint agus má tá forais réasúnacha aige lena chreidiúint go bhfuil na sonraí a iarrtar faoi chosaint díolúintí nó pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, nó go bhfuil na sonraí sin sa Stát sin faoi réir rialacha maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh agus a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa agus leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, ba cheart go mbeadh an t-údarás eisiúna in ann soiléiriú a lorg sula n-eiseofar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, lena n-áirítear trí dhul i gcomhairle le húdaráis inniúla an Stáit forfheidhmiúcháin, cibé acu go díreach nó trí Eurojust nó tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach.

(49)

Ba cheart go bhféadfaí Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint maidir le haon chion coiriúil. Ba cheart don údarás eisiúna cearta an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe a chur san áireamh in imeachtaí a bhaineann le cion coiriúil agus níor cheart dó Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint ach amháin más rud é go bhféadfaí an t-ordú sin a eisiúint faoi na coinníollacha céanna i gcás náisiúnta comhchosúil agus i gcás ina bhfuil sé riachtanach, comhréireach, leordhóthanach agus infheidhme maidir leis an gcás atá idir lámha. Agus measúnú á dhéanamh maidir le cibé acu Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint nó gan é a eisiúint, ba cheart a chur san áireamh an bhfuil ordú den sórt sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun an aidhm dhlisteanach a bhaint amach, eadhon cosc a chur ar shonraí a bhaint, a scriosadh nó a athrú, ar sonraí iad atá ábhartha agus riachtanach mar fhianaise i gcás aonair i gcásanna ina bhféadfadh sé níos mó ama a thógáil chun na sonraí sin a thabhairt ar aird.

(50)

Ba cheart Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha a chur go díreach chuig an mbunaíocht ainmnithe nó chuig an ionadaí dlíthiúil arna ainmniú ag an soláthraí seirbhíse de bhun Threoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23). Go heisceachtúil, i gcásanna éigeandála mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, i gcás nach bhfreagraíonn bunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil soláthraí seirbhíse don Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC) a ghabhann leis nó don Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR) a ghabhann leis laistigh de na sprioc-amanna nó nár ainmníodh nó nár ceapadh é laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i dTreoir (AE) 2023/1544 ba cheart go bhféadfaí an EPOC nó an EPOC-PR a chur chuig aon bhunaíocht nó ionadaí dlíthiúil eile de chuid an tsoláthraí seirbhíse san Aontas in éineacht le forfheidhmiú an ordaithe tosaigh i gcomhréir leis an Rialachán seo nó ina ionad sin. I bhfianaise na gcásanna féideartha éagsúla seo, úsáidtear an téarma ginearálta ‘seolaí’ i bhforálacha an Rialacháin seo.

(51)

I bhfianaise gur de chineál níos íogaire é Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil, seachas sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir mar a shainmhínítear sa Rialachán seo é a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, nó chun sonraí inneachair a fháil, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le sásra fógartha is infheidhme maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun na catagóirí sonraí sin a fháil. Ba cheart údarás forfheidhmiúcháin a bheith i gceist leis an sásra fógartha sin agus ba cheart an t-ordú (EPOC) a chur chuig an údarás sin an tráth céanna a chuirtear é chuig an seolaí. I gcás ina n-eisítear Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, áfach, chun fianaise leictreonach a fháil in imeachtaí coiriúla a bhfuil naisc shubstaintiúla láidre aige leis an Stát eisiúna, níor cheart go mbeadh gá le fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin. Ba cheart glacadh leis na naisc sin más rud é, tráth eisiúna an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, go bhfuil forais réasúnta ag an údarás eisiúna a chreidiúint go ndearnadh an cion, go bhfuil sé á dhéanamh nó gur dócha go ndéanfar é sa Stát eisiúna, agus i gcás ina bhfuil cónaí ar an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh sa Stát eisiúna.

(52)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go ndearnadh cion sa Stát eisiúna, go bhfuil cion á dhéanamh sa Stát eisiúna nó gur dócha go ndéanfar é sa Stát eisiúna má mheastar amhlaidh i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit eisiúna. I gcásanna áirithe, go háirithe i réimse na cibearchoireachta, is iondúil go mbíonn roinnt gnéithe fíorasacha, amhail áit chónaithe an íospartaigh, tábhachtach le breithniú agus cinneadh á dhéanamh faoin áit ina ndearnadh an cion. Mar shampla, is minic a mheastar coireanna bogearraí éirice a bheith déanta san áit ina bhfuil cónaí ar íospartach na coire sin, fiú nuair nach eol go cinnte suíomh beacht na háite ónar seoladh na bogearraí éirice. Ba cheart aon chinneadh maidir leis an áit ina ndearnadh an cion a bheith gan dochar do na rialacha maidir le dlínse ar na cionta ábhartha de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme.

(53)

Is faoin údarás eisiúna atá sé a mheas, tráth eisiúna an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil, seachas i gcás sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir mar a shainmhínítear sa Rialachán seo é a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, nó chun sonraí inneachair a fháil, agus ar bhonn an ábhair os a chomhair, an bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil cónaí sa Stát eisiúna ar an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh imthosca oibiachtúla éagsúla, a d’fhéadfadh a léiriú gur bhunaigh an duine lena mbaineann lárionad a leasanna i mBallstát ar leith nó a bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh, a bheith ábhartha. Eascraíonn sé as an ngá atá le dlí an Aontais agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus as prionsabal an chomhionannais gur cheart léirmhíniú aonfhoirmeach a thabhairt ar an gcoincheap ‘cónaí’ sa chomhthéacs áirithe sin ar fud an Aontais. D’fhéadfadh forais réasúnacha a bheith ann lena chreidiúint go bhfuil cónaí ar dhuine i Stát eisiúna, go háirithe i gcás ina bhfuil duine cláraithe mar chónaitheoir i Stát eisiúna, mar a léirítear le cárta aitheantais a bheith ag duine nó le cead cónaithe nó trína bheith cláraithe i gclár cónaithe oifigiúil. In éagmais clárúcháin sa Stát eisiúna, d’fhéadfaí áit chónaithe a thaispeáint trí léiriú a bheith tugtha ag duine go bhfuil rún aige cur faoi sa Bhallstát sin nó go bhfuil naisc áirithe aige, tar éis tréimhse sheasta láithreachta sa Bhallstát sin, leis an Stát sin atá ar comhchéim leis na naisc sin a d’eascair as cónaí foirmiúil a bhunú sa Bhallstát sin. Chun a chinneadh an bhfuil naisc leordhóthanacha idir an duine lena mbaineann agus an Stát eisiúna, i gcás ar leith, as a n-eascraíonn forais réasúnacha lena chreidiúint go bhfuil cónaí ar an duine lena mbaineann sa Stát sin, d’fhéadfaí tosca oibiachtúla éagsúla a chur san áireamh arb iad is príomhthréithe de staid an duine sin, lena n-áirítear, go háirithe, fad, cineál agus coinníollacha láithreachta an duine sa Stát eisiúna nó na naisc theaghlaigh nó na naisc eacnamaíocha atá ag an duine sin leis an mBallstát sin. D’fhéadfadh feithicil chláraithe, cuntas bainc, an fíoras gur fhan an duine sa Stát eisiúna gan bhriseadh nó tosca oibiachtúla eile a bheith ábhartha chun a chinneadh go bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil cónaí ar an duine lena mbaineann sa Stát eisiúna. Ní mheasfar gur leor cuairt ghearr, fanacht saoire, lena n-áirítear i dteach saoire, nó fanacht dá shamhail sa Stát eisiúna gan aon nasc substaintiúil breise chun cónaí a bhunú sa Bhallstát sin. I gcásanna nach bhfuil forais réasúnacha ag an údarás eisiúna chun a chreidiúint go bhfuil cónaí ar an duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg sa Stát eisiúna, tráth eisiúna an Ordaithe Eorpaigh chun sonraí tráchta a fháil, seachas sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir mar a shainmhínítear an Rialachán seo é a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, nó chun sonraí inneachair a fháil, ba cheart don údarás eisiúna fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin.

(54)

Chun foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta mear, ba cheart gurbh é an t-am a eisítear an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird an t-am ábhartha chun a chinneadh an gá fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin. Níor cheart tionchar ar an nós imeachta a bheith ag aon athrú eile ar an áit chónaithe ina dhiaidh sin. Ba cheart go mbeadh na daoine lena mbaineann in ann a gcearta a agairt chomh maith leis na rialacha maidir le cinneadh agus teorannú dliteanais choiriúil a bhaineann le saoirse an phreasa agus leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, le linn na n-imeachtaí coiriúla ar fad, agus ba cheart go mbeadh an t-údarás forfheidhmiúcháin in ann foras diúltaithe a ardú i gcásanna eisceachtúla, i gcás ina bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach agus oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt i gceist le forghníomhú an ordaithe in imthosca sonracha an cháis. Ina theannta sin, ba cheart go bhféadfaí na forais sin a agairt le linn an nós imeachta um fhorfheidhmiú.

(55)

Ba cheart Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a tharchur trí EPOC, agus ba cheart Ordú Caomhnaithe Eorpach a tharchur trí EPOC-PR. Nuair is gá sin, ba cheart an EPOC nó an EPOC-PR a aistriú chuig teanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil glacadh ag an seolaí léi. I gcás nár shonraigh an soláthraí seirbhíse aon teanga, ba cheart an EPOC nó an EPOC-PR a aistriú go teanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse lonnaithe, nó go teanga oifigiúil eile ar dhearbhaigh an bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse go nglacfaidh sí nó sé léi. I gcás ina gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, ba cheart an EPOC atá le tarchur chuig an údarás sin a aistriú go teanga oifigiúil de chuid an Stáit forfheidhmiúcháin nó go teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais lena nglacann an Stát sin. I ndáil leis sin, ba cheart a mholadh do gach Ballstát a shonrú, tráth ar bith, i ndearbhú i scríbhinn arna chur faoi bhráid an Choimisiúin, más rud é go nglacfadh siad le haistriúcháin EPOCanna agus EPOC-PRanna, agus an teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla de chuid an Aontais ina theannta sin, sa bhreis ar theanga oifigiúil nó ar theangacha oifigiúla an Bhallstáit sin. Ba cheart don Choimisiún na dearbhuithe sin a chur ar fáil do na Ballstáit uile agus don Ghréasán Breithiúnach Eorpach.

(56)

I gcás inar eisíodh EPOC agus nach gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo, ba cheart don seolaí a áirithiú, ar an EPOC a fháil, go ndéanfar na sonraí a iarrtar a tharchur go díreach chuig an údarás eisiúna nó chuig na húdaráis forfheidhmithe dlí mar a léirítear san EPOC laistigh de 10 lá ar a dhéanaí tar éis an EPOC a fháil. I gcás ina gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, ar an EPOC a fháil, ba cheart don soláthraí seirbhíse gníomhú go gasta chun na sonraí a chaomhnú. I gcás nár ardaigh an t-údarás forfheidhmiúcháin aon fhorais diúltaithe de bhun an Rialacháin seo laistigh de 10 lá tar éis an EPOC a fháil, ba cheart don seolaí a áirithiú go ndéanfar na sonraí a iarradh a tharchur go díreach chuig an údarás eisiúna nó chuig na húdaráis forfheidhmithe dlí mar a léirítear san EPOC ag deireadh na tréimhse 10 lá sin. I gcás ina ndeimhneoidh an t-údarás forfheidhmiúcháin roimh dheireadh na tréimhse 10 lá don údarás eisiúna agus don seolaí nach n-ardóidh sé aon fhorais diúltaithe, ba cheart don seolaí gníomhú a luaithe is féidir tar éis an daingnithe sin agus ag deireadh na tréimhse 10 lá sin ar a dhéanaí. Ba cheart don seolaí, agus, i gcás inarb infheidhme, don údarás forfheidhmiúcháin, cloí leis na teorainneacha ama níos giorra is infheidhme i gcásanna éigeandála mar a shainmhínítear sa Rialachán seo. Ba cheart don seolaí, agus, i gcás inarb infheidhme, don údarás forfheidhmiúcháin, an EPOC a fhorghníomhú a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach sa Rialachán seo, agus na spriocdhátaí nós imeachta agus spriocdhátaí eile arna sonrú ag an Stát eisiúna á gcur i gcuntas a mhéid is féidir.

(57)

I gcás ina measann an seolaí, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOC nó san EPOC-PR amháin, go bhféadfadh forghníomhú an EPOC nó an EPOC-PR cur isteach ar dhíolúintí nó ar phribhléidí, nó ar rialacha maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh nó a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, ba cheart don seolaí an méid sin a chur in iúl don údarás eisiúna agus don údarás forfheidhmiúcháin. Maidir le EPOCanna, i gcás nár tugadh aon fhógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, ba cheart don údarás eisiúna an fhaisnéis a fhaightear ón seolaí a chur i gcuntas, agus ba cheart dó cinneadh a dhéanamh, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón údarás forfheidhmiúcháin, an ndéanfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a tharraingt siar, a oiriúnú nó a choinneáil ar bun. I gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, ba cheart don údarás eisiúna an fhaisnéis a fuarthas ón seolaí a chur i gcuntas agus a chinneadh an ndéanfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a tharraingt siar, a oiriúnú nó a choinneáil ar bun. Ba cheart go bhféadfadh an t-údarás forfheidhmiúcháin na forais diúltaithe a leagtar amach sa Rialachán seo a ardú.

(58)

Chun go bhfeadfaidh an seolaí aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna foirmiúla a bhaineann le EPOC nó EPOC-PR, is gá nós imeachta a leagan amach chun cumarsáid a dhéanamh idir an seolaí agus an t-údarás eisiúna, agus, i gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, idir an seolaí agus an t-údarás forfheidhmiúcháin, i gcásanna ina bhfuil an EPOC nó an EPOC-PR neamhiomlán nó ina bhfuil earráidí follasacha ann nó nach bhfuil dóthain faisnéise ann chun an t-ordú lena mbaineann a fhorghníomhú. Thairis sin, i gcás nach gcuirfidh an seolaí an fhaisnéis ar fáil ar bhealach uileghabhálach nó tráthúil ar aon chúis eile, mar shampla toisc go measann sé go bhfuil coinbhleacht ann le hoibleagáid faoi dhlí tríú tír, nó toisc go measann sé nár eisíodh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart dó an t-údarás eisiúna a chur ar an eolas, agus, i gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin, an t-údarás forfheidhmiúcháin, agus na réasúnuithe a sholáthar gan an EPOC nó an EPOC-PR a fhorghníomhú go tráthúil. Dá bhrí sin, ba cheart go lamhálfaí leis an nós imeachta cumarsáide go ndéanfadh an t-údarás eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a cheartú nó a athbhreithniú go luath. Chun infhaighteacht na sonraí atá á n-iarraidh a ráthú, ba cheart don seolaí na sonraí sin a chaomhnú más féidir leis an seolaí na sonraí sin a shainaithint

(59)

Níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar an seolaí an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a chomhlíonadh i gcás ina bhfuil sé dodhéanta de facto de bharr imthosca nach bhfuil inchurtha i leith an tseolaí nó, murab ionann iad, an soláthraí seirbhíse tráth a fuarthas an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach. Ba cheart glacadh leis go bhfuil sé dodhéanta de facto glacadh leis mura custaiméir de chuid an tsoláthraí seirbhíse é an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh nó mura féidir é a shainaithint amhlaidh fiú tar éis iarraidh ar fhaisnéis bhreise a fháil chuig an údarás eisiúna, nó más rud é gur scriosadh na sonraí go dleathach sula bhfuarthas an t-ordú lena mbaineann.

(60)

Ar EPOC-PR a fháil, ba cheart don seolaí na sonraí iarrtha a chaomhnú go ceann 60 lá ar a mhéad mura ndeimhneoidh an t-údarás eisiúna gur eisíodh iarraidh ina dhiaidh sin ar thabhairt ar aird, agus sa chás sin ba cheart leanúint leis an gcaomhnú. Ba cheart go mbeadh an t-údarás eisiúna in ann síneadh 30 lá breise a chur le ré an chaomhnaithe i gcás inar gá chun gur féidir iarraidh ina dhiaidh sin a eisiúint, agus úsáid á baint as an bhfoirm a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás ina ndeimhneoidh an t-údarás eisiúna le linn na tréimhse caomhnúcháin gur eisíodh iarraidh ina dhiaidh sin ar thabhairt ar aird, ba cheart don seolaí na sonraí a chaomhnú chomh fada agus is gá chun na sonraí a thabhairt ar aird a luaithe a gheofar an iarraidh ina dhiaidh sin ar na sonraí a thabhairt ar aird. Ba cheart an dearbhú sin a sheoladh chuig an seolaí laistigh den sprioc-am ábhartha, i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit forfheidhmiúcháin nó in aon teanga eile a nglacann an seolaí léi, ag baint úsáid as an bhfoirm a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun cosc a chur ar an gcaomhnú a bheith á scor, ba cheart gur leor go n-eiseofaí an iarraidh ina dhiaidh sin ar thabhairt ar aird agus gur sheol an t-údarás eisiúna an deimhniú; níor cheart go mbeadh sé riachtanach tuilleadh foirmiúlachtaí riachtanacha a chur i gcrích maidir leis an tarchur, amhail aistriú doiciméad, ag an bpointe ama sin. I gcás nach mbíonn gá a thuilleadh leis an gcaomhnú, cuirfidh an t-údarás eisiúna na seolaithe ar an eolas gan moill mhíchuí agus cuirfear deireadh leis an oibleagáid maidir le caomhnú ar bhonn an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh ábhartha.

(61)

D’ainneoin phrionsabal na muiníne frithpháirtí, ba cheart go mbeadh an t-údarás forfheidhmiúcháin in ann forais a ardú chun Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhiúltú, i gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, bunaithe ar liosta na bhforas diúltaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo. I gcás ina dtugtar fógra don údarás forfheidhmiúcháin, nó don fhorfheidhmiú, i gcomhréir leis an Rialachán seo, d’fhéadfadh an Stát forfheidhmiúcháin a fhoráil faoina dhlí náisiúnta go mb’fhéidir go mbeadh gá le rannpháirtíocht nós imeachta cúirte sa Stát forfheidhmiúcháin chun go bhforghníomhófaí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.

(62)

I gcás ina dtugtar fógra don údarás forfheidhmiúcháin faoi Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil, seachas i gcás sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, nó chun sonraí inneachair a fháil, ba cheart an ceart a bheith aige measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a leagtar amach san ordú agus, i gcás inarb iomchuí, é a dhiúltú i gcás ina dtagann sé ar an gconclúid, bunaithe ar anailís éigeantach chuí ar an bhfaisnéis atá san ord sin agus i gcomhréir le rialacha infheidhme dhlí príomha an Aontais, go háirithe an Chairt, go bhféadfadh ceann amháin nó níos mó de na forais diúltaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a tharraingt anuas. Chun neamhspleáchas na n-údarás breithiúnach a urramú, ní mór rogha áirithe a thabhairt do na húdaráis sin agus cinntí á ndéanamh acu maidir leis na forais diúltaithe.

(63)

Ba cheart go bhféadfadh an t-údarás forfheidhmiúcháin, i gcás ina dtugtar fógra dó de bhun an Rialacháin seo, Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhiúltú i gcás ina bhfuil na sonraí a iarrtar faoi chosaint díolúintí nó pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin lena gcoisctear forghníomhú nó forfheidhmiú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, nó i gcás ina bhfuil na sonraí arna n-iarraidh cumhdaithe ag rialacha maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh nó a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, lena gcoisctear forghníomhú nó forfheidhmiú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.

(64)

Ba cheart don údarás forfheidhmiúcháin a bheith in ann ordú a dhiúltú, i gcásanna eisceachtúla, i gcás ina bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach agus oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt i gceist, in imthosca ar leith an cháis, le forghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird. Go háirithe, agus measúnú á dhéanamh ar an bhforas diúltaithe sin, i gcás ina bhfuil fianaise nó ábhar ar fáil don údarás forfheidhmiúcháin amhail an fhianaise nó an t-ábhar a leagtar amach i dtogra réasúnaithe ó thrian de na Ballstáit, ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gCoimisiún Eorpach, arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(1) CAE, lena léirítear go bhfuil riosca soiléir ann, dá ndéanfaí an t-ordú a fhorghníomhú, go bhfuil sárú tromchúiseach ar an gceart bunúsach chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa faoi Airteagal 47 den Chairt, mar gheall ar easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe a bhaineann le neamhspleáchas bhreithiúna an Stáit eisiúna, ba cheart don údarás forfheidhmiúcháin a chinneadh go sonrach agus go beacht, ag féachaint do staid phearsanta an duine lena mbaineann, agus do chineál an chiona a ndéantar na himeachtaí coiriúla ina leith, agus don chomhthéacs fíorasach atá mar bhonn leis an ordú, agus i bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag an údarás eisiúna, an bhfuil forais shuntasacha ann lena chreidiúint go bhfuil baol ann go sárófar ceart duine chun trialach córa.

(65)

Ba cheart go bhféadfadh an t-údarás forfheidhmiúcháin ordú a dhiúltú i gcás ina mbeadh forghníomhú an ordaithe sin contrártha do phrionsabal ne bis in idem.

(66)

Ba cheart go bhféadfadh an t-údarás forfheidhmiúcháin, i gcás ina dtugtar fógra dó de bhun an Rialacháin seo, Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhiúltú i gcás nach cion faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin é an t-iompar ar eisíodh an t-ordú ina leith, ach amháin má bhaineann sé le cion a liostaítear laistigh de na catagóirí cionta a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, mar atá léirithe ag an údarás eisiúna san EPOC, má tá sé inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad.

(67)

Ós rud é gur gné bhunriachtanach maidir le cearta cosanta sonraí agus cearta cosanta é an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh a chur ar an eolas, sa mhéid go gcumasaíonn sé athbhreithniú éifeachtach agus sásamh breithiúnach éifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 6 CAE agus leis an gCairt, ba cheart don údarás eisiúna an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh a chur ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi shonraí a thabhairt ar aird ar bhonn Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird. Mar sin féin, ba cheart don údarás eisiúna a bheith in ann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, moill a chur ar an duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg a chur ar an eolas nó srian a chur ar an duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg a chur ar an eolas, nó gan an duine a bhfuil a sonraí á n-iarraidh a chur ar an eolas, a mhéid a chomhlíontar agus fad a chomhlíontar coinníollacha Threoir (AE) 2016/680, agus sa chás sin ba cheart don údarás eisiúna na cúiseanna leis an moill, leis an srian nó leis an easnamh a chur in iúl sa chás agus bonn cirt gearr a chur leis san EPOC. Ba cheart do na seolaithe agus, murab ionann iad, do na soláthraithe seirbhíse na bearta oibríochtúla agus teicniúla úrscothacha is gá chun rúndacht, sicréideacht agus sláine an EPOC nó an EPOC-PR a áirithiú mar aon le rúndacht, sicréideacht agus sláine na sonraí a thabharfar ar aird nó a chaomhnófar.

(68)

Ba cheart go bhféadfadh soláthraí seirbhíse aisíocaíocht ar a chostais a éileamh chun freagra a thabhairt ar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó ar Ordú Caomhnaithe Eorpach ón Stát eisiúna, má fhoráiltear don fhéidearthacht sin i ndlí náisiúnta an Stáit eisiúna d’orduithe intíre i gcásanna comhchosúla, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit sin. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na rialacha naisiúnta maidir le haisíocaíocht agus ba cheart don Choimisiún iad a chur ar fáil go poiblí. Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le rialacha ar leithligh is infheidhme maidir le haisíoc costas a bhaineann leis an gcóras TF díláraithe.

(69)

Gan dochar do na dlíthe náisiúnta lena bhforáiltear d’fhorchur pionós coiriúil, ba cheart do na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis airgid is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na pionóis airgid dá bhforáiltear ina ndlíthe náisiúnta éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do na Ballstáit, gan mhoill, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

(70)

Agus measúnú á dhéanamh sa chás aonair ar an bpionós airgid iomchuí, ba cheart do na húdaráis inniúla na himthosca ábhartha uile a chur i gcuntas, amhail cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, cibé acu d’aon ghnó nó trí fhaillí a rinneadh é, i dtaobh ar cuireadh freagracht ar an soláthraí seirbhíse as sáruithe comhchosúla roimhe sin agus láidreacht airgeadais an tsoláthraí seirbhíse atá faoi dhliteanas. In imthosca eisceachtúla, d’fhéadfadh an t-údarás forfheidhmiúcháin cinneadh a dhéanamh staonadh ó phionóis airgid a fhorchur mar thoradh ar an measúnú sin. I ndáil leis sin, tá aird ar leith le tabhairt ar mhicrifhiontair nach gcomhlíonann Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach i gcás éigeandála mar gheall ar easpa acmhainní daonna lasmuigh de ghnáthuaireanta gnó, má tharchuirtear na sonraí gan moill mhíchuí.

(71)

Gan dochar d’oibleagáidí cosanta sonraí, níor cheart soláthraithe seirbhíse a bheith faoi dhliteanas sna Ballstáit as dochar a rinneadh dá n-úsáideoirí nó dá dtríú páirtithe mar thoradh go heisiach ar EPOC nó EPOC-PR a chomhlíonadh de mheon macánta. Ba cheart gur ar an údarás eisiúna a bheadh an fhreagracht dlíthiúlacht an ordaithe lena mbaineann a áirithiú, go háirithe a riachtanas agus a chomhréireacht.

(72)

I gcás nach gcomhlíonann an seolaí EPOC laistigh den spriocdháta nó EPOC-PR, gan cúiseanna a nglacann an t-údarás eisiúna leo a chur ar fáil, agus, más infheidhme, i gcás nár agair an t-údarás forfheidhmiúcháin aon cheann de na forais diúltaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart go mbeadh an t-údarás eisiúna in ann a iarraidh ar an údarás forfheidhmiúcháin an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a fhorfheidhmiú. Chuige sin, ba cheart don údarás eisiúna an t-ordú lena mbaineann, an fhoirm ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, mar atá comhlánaithe ag an seolaí, agus aon doiciméad ábhartha a aistriú chuig an údarás forfheidhmiúcháin. Ba cheart don údarás eisiúna an t-ordú lena mbaineann agus aon doiciméad atá le haistriú a aistriú go ceann de na teangacha a nglacann an Stát forfheidhmiúcháin leo agus ba cheart dó an seolaí a chur ar an eolas faoin aistriú. Ba cheart don Stát sin an t-ordú lena mbaineann a fhorfheidhmiú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

(73)

Leis an nós imeachta um fhorfheidhmiú, ba cheart don seolaí a bheith in ann forais i gcoinne an fhorfheidhmithe a agairt, bunaithe ar liosta de fhorais shonracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear nár eisigh nó nár bhailíochtaigh údarás inniúil an t-ordú lena mbaineann de réir mar a fhoráiltear sa Rialachán seo, nó i gcás nach mbaineann an t-ordú le sonraí atá á stóráil ag an soláthraí seirbhíse nó thar a cheann tráth a fhaightear an deimhniú ábhartha. Ba cheart go mbeadh an t-údarás forfheidhmiúcháin in ann diúltú aitheantas a thabhairt d’Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó d’Ordú Caomhnaithe Eorpach bunaithe ar na forais chéanna sin agus freisin, in imthosca eisceachtúla, mar gheall ar shárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt. Ba cheart don údarás forfheidhmiúcháin dul i gcomhairle leis an údarás eisiúna sula gcinnfidh sé gan an t-ordú a aithint nó gan é a fhorfheidhmiú, bunaithe ar na forais sin. I gcás nach gcomhlíonann an seolaí a oibleagáidí faoi Ordú Eorpach aitheanta chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó faoi Ordú Caomhnaithe Eorpach a bhfuil a in-fhorfheidhmitheacht deimhnithe ag an údarás forfheidhmiúcháin, ba cheart don údarás sin pionós airgid a fhorchur. Ba cheart an pionós sin a bheith comhréireach, go háirithe i bhfianaise imthosca sonracha amhail neamhchomhlíonadh leanúnach nó sistéamach.

(74)

D’fhéadfadh comhlíonadh Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird teacht salach ar oibleagáid faoin dlí is infheidhme i dtríú tír. Chun cúirtéis a áirithiú i leith leasanna ceannasacha tríú tíortha, chun an duine aonair lena mbaineann a chosaint agus chun aghaidh a thabhairt ar oibleagáidí coinbhleachta ar sholáthraithe seirbhíse, déantar foráil leis an Rialachán seo do shásra sonrach le haghaidh athbhreithniú breithiúnach i gcás ina gcuirfeadh comhlíonadh Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird cosc ar sholáthraí seirbhíse oibleagáidí dlíthiúla a eascraíonn as dlí tríú tír a chomhlíonadh.

(75)

I gcás ina measann seolaí go mbeadh sárú oibleagáide dlíthiúla a eascraíonn as dlí tríú tír i gceist le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird i gcás sonrach, ba cheart dó an t-údarás eisiúna agus an t-údarás forfheidhmiúcháin a chur ar an eolas faoi na cúiseanna nár forghníomhaíodh an t-ordú trí agóid réasúnaithe, ag baint úsáid as an bhfoirm dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart don údarás eisiúna athbhreithniú a dhéanamh ar an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar bhonn na hagóide réasúnaithe agus aon ionchuir arna soláthar ag an Stát forfheidhmiúcháin, agus na critéir chéanna a bheadh ar chúirt inniúil an Stáit eisiúna a leanúint á gcur i gcuntas. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an údarás eisiúna seasamh leis an ordú, ba cheart dó athbhreithniú a iarraidh ar chúirt inniúil an Stáit eisiúna, mar atá fógartha ag an mBallstát ábhartha, agus ba cheart don Bhallstát sin athbhreithniú a dhéanamh ar an ordú.

(76)

Nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir le hoibleagáid chontrártha a bheith ann i gcúinsí sonracha an cháis atá á scrúdú, d’fhéadfadh an chúirt inniúil dul i dtuilleamaí saineolas seachtrach iomchuí nuair a theastaíonn sé, mar shampla maidir le léirmhíniú ar dhlí an tríú tír lena mbaineann. Chun na críche sin, d’fhéadfadh an chúirt inniúil, mar shampla, dul i gcomhairle le húdarás lárnach an tríú tír, agus Treoir (AE) 2016/680 á cur i gcuntas. Go háirithe, ba cheart go n-iarrfadh an Stát eisiúna faisnéis ar údarás inniúil an tríú tír i gcás ina mbaineann an choinbhleacht le cearta bunúsacha nó leasanna bunúsacha eile de chuid an tríú tír a bhaineann le slándáil agus cosaint náisiúnta.

(77)

D’fhéadfaí saineolas maidir le léirmhíniú a chur ar fáil freisin trí thuairimí saineolacha i gcás fáil a bheith orthu. Ba cheart faisnéis agus cásdlí maidir le léirmhíniú ar dhlí tríú tír agus maidir le nósanna imeachta easaontachtaí dlíthe sna Ballstáit a chur ar fáil ar ardán lárnach amhail tionscadal SIRIUS nó an Gréasán Breithiúnach Eorpach, d’fhonn gur féidir sochar a bhaint as taithí agus saineolas a bailíodh maidir leis na ceisteanna céanna nó ceisteanna comhchosúla. Níor cheart go gcuirfeadh infhaighteacht faisnéise den sórt sin ar ardán lárnach cosc ar chomhairliúchán athnuaite leis an tríú tír i gcás inarb iomchuí.

(78)

Agus measúnú á dhéanamh an ann d’oibleagáidí contrártha, ba cheart don chúirt inniúil a chinneadh an bhfuil dlí an tríú tír infheidhme agus, má tá, an dtoirmisctear nochtadh na sonraí lena mbaineann le dlí an tríú tír. I gcás ina suíonn an chúirt inniúil go gcuireann dlí an tríú tír toirmeasc ar nochtadh na sonraí lena mbaineann, ba cheart don chúirt sin a chinneadh cibé acu a sheasfaidh sí leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó a chuirfidh sí i leataobh é, trí roinnt gnéithe a chur sa mheá atá ceaptha chun neart an naisc le ceachtar den dá dhlínse lena mbaineann a fhionnadh, na leasanna faoi seach maidir le nochtadh na sonraí a fháil nó nochtadh na sonraí a chosc, agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don seolaí nó don soláthraí seirbhíse as an ordú a chomhlíonadh. Ba cheart tábhacht agus béim ar leith a thabhairt do chosaint na gceart bunúsach le dlí ábhartha an tríú tír agus leasanna bunúsacha eile, amhail leasanna slándála náisiúnta an tríú tír, chomh maith le méid an naisc idir an cás coiriúil agus ceachtar den dá dhlínse agus an measúnú á dhéanamh. I gcás ina gcinneann an chúirt an t-ordú a chur i leataobh, ba cheart di é sin a chur in iúl don údarás eisiúna agus don seolaí. Má chinneann an chúirt inniúil go bhfuiltear chun seasamh leis an ordú, ba cheart di é sin a chur in iúl don údarás eisiúna agus don seolaí, agus ba cheart don seolaí sin dul ar aghaidh le forghníomhú an ordaithe sin. Ba cheart don údarás eisiúna an t-údarás forfheidhmiúcháin a chur ar an eolas faoi thoradh an nós imeachta um athbhreithniú.

(79)

Ba cheart na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le EPOC a fhorghníomhú a bheith infheidhme freisin i gcás oibleagáidí contrártha ag eascairt as dlí tríú tír. Dá bhrí sin, le linn an athbhreithnithe bhreithiúnaigh i gcás ina gcuirfeadh comhlíonadh Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird cosc ar sholáthraithe seirbhíse oibleagáid dhlíthiúil a eascraíonn as dlí tríú tír a chomhlíonadh, ba cheart na sonraí atá á lorg faoin ordú sin a chaomhnú. Más rud é, tar éis an athbhreithnithe bhreithiúnaigh, go gcinneann an chúirt inniúil Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a chur i leataobh, ba cheart go bhféadfaí Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint chun a lamháil don údarás eisiúna a iarraidh go dtabharfaí na sonraí ar aird ar bhealaí eile, amhail cúnamh dlíthiúil frithpháirteach.

(80)

Is den bhunriachtanas é go mbeadh rochtain ag na daoine go léir a n-iarrtar a gcuid sonraí in imscrúduithe coiriúla ar leigheas éifeachtach dlíthiúil, i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt. I gcomhréir leis an gceanglas sin agus gan dochar do leigheasanna dlíthiúla breise atá ar fáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart go mbeadh an ceart chun leigheasanna éifeachtacha i gcoinne an ordaithe sin ag aon duine a raibh a chuid sonraí á n-iarraidh trí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird. I gcás inar duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe an duine sin, ba cheart an ceart a bheith ag an duine sin chun leigheasanna éifeachtacha le linn na n-imeachtaí coiriúla ina bhfuil na sonraí á n-úsáid mar fhianaise. Ba cheart an ceart chun leigheasanna éifeachtacha a fheidhmiú os comhair cúirte sa Stát eisiúna i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus ba cheart go n-áireofaí ann an fhéidearthacht agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht an bhirt, lena n-áirítear a riachtanas agus a chomhréireacht, gan dochar do ráthaíochtaí maidir le cearta bunúsacha sa Stát forfheidhmiúcháin, ná do leigheasanna breise eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Níor cheart leis an Rialachán seo teorainn a chur leis na forais a d’fhéadfadh a bheith ann chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht ó thaobh ordú de. Ba cheart an ceart chun leigheasanna éifeachtacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith gan dochar don cheart leigheasanna a lorg faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus faoi Threoir (AE) 2016/680. Ba cheart faisnéis a sholáthar in am trátha faoi na féidearthachtaí faoin dlí náisiúnta maidir le leigheasanna a lorg agus ba cheart a áirithiú gur féidir iad a fheidhmiú go héifeachtach.

(81)

Ba cheart bealaí iomchuí a fhorbairt chun a áirithiú gur féidir leis na páirtithe uile comhoibriú go héifeachtúil trí mhodhanna digiteacha, trí chóras díláraithe teicneolaíochta faisnéise (TF) lenar féidir malartú leictreonach gasta, díreach, idir-inoibritheach, inbhuanaithe, iontaofa agus slán a dhéanamh ar fhoirmeacha, ar shonraí agus ar fhaisnéis a bhaineann le cásanna.

(82)

Chun gur féidir cumarsáid éifeachtúil shlán i scríbhinn a dhéanamh idir údaráis inniúla agus bunaíochtaí ainmnithe nó ionadaithe dlíthiúla soláthraithe seirbhíse faoin Rialachán seo, ba cheart modhanna leictreonacha rochtana ar na córais TF náisiúnta, cuid den chóras TF díláraithe, arna oibriú ag na Ballstáit, a chur ar fáil do na bunaíochtaí ainmnithe nó do na hionadaithe dlíthiúla sin.

(83)

Ba cheart a bheith sa chóras TF díláraithe córais TF na mBallstát agus ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an Aontais, agus pointí rochtana idir-inoibritheacha, trína bhfuil na córais TF sin idirnasctha. Ba cheart pointí rochtana an chórais TF dhíláraithe a bheith bunaithe ar an gcóras e-CODEX, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

(84)

Soláthraithe seirbhíse a bhaineann úsáid as réitigh shaincheaptha TF chun faisnéis agus sonraí a bhaineann le hiarrataí ar fhianaise leictreonach a mhalartú, ba cheart modhanna uathoibrithe a sholáthar dóibh chun rochtain a fháil ar na córais TF dhíláraithe trí bhíthin caighdeán coiteann malartaithe sonraí.

(85)

De ghnáth, ba cheart gach cumarsáid i scríbhinn idir údaráis inniúla nó idir údaráis inniúla agus bunaíochtaí ainmnithe nó ionadaithe dlíthiúla a dhéanamh tríd an gcóras TF díláraithe. Níor cheart é a bheith indéanta modhanna malartacha a úsáid ach amháin i gcás nach féidir an córas TF díláraithe a úsáid, mar shampla mar gheall ar riachtanais fhóiréinseacha shonracha, toisc go gcuireann srianta ar chumas teicniúil bac ar líon na sonraí atá le haistriú, nó toisc nach mór aghaidh a thabhairt i gcás éigeandála ar bhunaíocht eile nach bhfuil nasctha leis an gcóras TF díláraithe. Sna cásanna sin, ba cheart an tarchur a dhéanamh ar na modhanna malartacha is iomchuí, agus an gá atá le malartú gasta, slán agus iontaofa faisnéise a áirithiú á chur i gcuntas.

(86)

Chun a áirithiú go bhfuil taifead iomlán ar mhalartuithe i scríbhinn faoin Rialachán seo sa chóras TF díláraithe, ba cheart aon tarchur a dhéantar ar bhealaí malartacha a thaifeadadh sa chóras TF díláraithe gan moill mhíchuí.

(87)

Ba cheart úsáid sásraí chun barántúlacht a áirithiú, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), a mheas

(88)

Níor cheart go mbeadh soláthraithe seirbhíse, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, neamhchosanta ar chostais dhíréireacha i ndáil le bunú agus oibriú an chórais TF dhíláraithe. Mar chuid de chruthú, de chothabháil agus d’fhorbairt an chur chun feidhme tagartha, tá an Coimisiún, dá bhrí sin, le comhéadan gréasánbhunaithe a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas soláthraithe seirbhíse cumarsáid a dhéanamh go slán leis na húdaráis gan a bheith orthu a mbonneagar tiomnaithe féin a bhunú chun rochtain a fháil ar an gcóras TF díláraithe

(89)

Ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit úsáid a bhaint as bogearraí arna bhforbairt ag an gCoimisiún, eadhon na bogearraí cur chun feidhme tagartha, seachas córas náisiúnta TF. Tá na bogearraí cur chun feidhme tagartha sin le bheith bunaithe ar shocrú modúlach, rud a chiallaíonn go ndéantar na bogearraí a phacáistiú agus a sheachadadh ar leithligh ó chomhpháirteanna an chórais e-CODEX is gá chun iad a nascadh leis an gcóras TF díláraithe. Leis an leagan amach sin, ba cheart go gcuirfí ar chumas na mBallstát an bonneagar cumarsáide breithiúnaí náisiúnta atá acu cheana féin a athúsáid nó a fheabhsú chun críche úsáide trasteorann.

(90)

Ba cheart don Choimisiún a bheith freagrach as bogearraí cur chun feidhme tagartha a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt. Ba cheart don Choimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil i gcomhréir leis na ceanglais agus na prionsabail cosanta sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), Rialachán (AE) 2016/679, agus Treoir (AE) 2016/680, go háirithe prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú chomh maith le hardleibhéal cibearshlándála. Tá sé tábhachtach go mbeidh bearta teicniúla iomchuí le háireamh sna bogearraí cur chun feidhme tagartha freisin agus beifear in ann na bearta eagraíochtúla is gá a dhéanamh chun leibhéal iomchuí slándála agus idir-inoibritheachta a áirithiú.

(91)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).

(92)

Maidir le malartuithe sonraí a dhéantar tríd an gcóras TF díláraithe nó a thaifeadtar sa chóras TF díláraithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann staidreamh a bhailiú chun a n-oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh faoin Rialachán seo trína dtairseacha náisiúnta.

(93)

Chun faireachán a dhéanamh ar aschur, torthaí agus tionchar an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ar an mbliain féilire roimhe sin, bunaithe ar shonraí arna bhfáil ó na Ballstáit. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit staidreamh cuimsitheach a bhailiú agus a sholáthar don Choimisiún maidir le gnéithe éagsúla den Rialachán seo, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, na seolaithe agus cibé acu an cás éigeandála a bhí ann nó nach ea.

(94)

D’éascódh úsáid foirmeacha réamhaistrithe agus caighdeánaithe comhar agus malartú faisnéise faoin Rialachán seo, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí cumarsáid níos tapúla agus níos éifeachtaí a dhéanamh ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir. Dhéanfadh foirmeacha den sórt sin na costais aistriúcháin a laghdú agus rannchuideodh siad le caighdeán ardcháilíochta cumarsáide. Ar an mbealach céanna, d’fhágfadh foirmeacha freagartha go bhféadfaí malartú caighdeánaithe faisnéise a dhéanamh, go háirithe nuair nach bhfuil soláthraithe seirbhíse ábalta comhlíonadh a dhéanamh toisc nach ann don chuntas úsáideora nó toisc nach bhfuil aon sonraí ar fáil. D’éascódh na foirmeacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo bailiú staidrimh freisin.

(95)

Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le feabhsuithe maidir le hinneachar na bhfoirmeacha EPOC agus EPOC-PR agus maidir leis na foirmeacha a bheidh le húsáid chun faisnéis a sholáthar maidir le dodhéantacht EPOC nó EPOC-PR a fhorghníomhú, chun eisiúint iarrata ar thabhairt ar aird tar éis Ordú Caomhnaithe Eorpach a dheimhniú agus chun síneadh a chur le caomhnú fianaise leictreonaí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú na bhfoirmeacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (28). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(96)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear d’ionstraimí, comhaontuithe agus socruithe de chuid an Aontais ná d’ionstraimí, comhaontuithe agus socruithe idirnáisiúnta eile maidir le bailiú fianaise a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart d’údaráis na mBallstát an uirlis is oiriúnaí don chás atá idir lámha a roghnú. I gcásanna áirithe, b’fhéidir gurbh fhearr leo ionstraimí, comhaontuithe agus socruithe de chuid an Aontais agus ionstraimí, comhaontuithe agus socruithe idirnáisiúnta eile a úsáid agus sraith de chineálacha éagsúla beart imscrúdaitheach á hiarraidh acu nach bhfuil teoranta d’fhianaise leictreonach a thabhairt ar aird ó Bhallstát eile. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún 3 bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis na hionstraimí, na comhaontuithe agus na socruithe atá ann cheana agus dá dtagraítear sa Rialachán seo a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún freisin laistigh de 3 mhí tar éis aon chomhaontú nó socrú nua dá dtagraítear sa Rialachán seo a shíniú.

(97)

I bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta, d’fhéadfadh cineálacha nua uirlisí cumarsáide a bheith i réim laistigh de chúpla bliain, nó d’fhéadfadh bearnaí teacht chun cinn i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le meastóireacht ar a chur i bhfeidhm.

(98)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo agus ba cheart an mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar chúig chritéar na héifeachtúlachta, na héifeachtachta, na hábharthachta, an chomhleanúnachais agus bhreisluach AE, agus ba cheart an mheastóireacht sin a bheith mar bhonn do mheasúnuithe tionchair ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ba cheart measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar na torthaí a baineadh amach i dtaobh na gcuspóirí atá leis agus chomh maith leis sin, measúnú ar thionchar an Rialacháin seo ar chearta bunúsacha a bheith sa tuarascáil mheastóireachta. Ba cheart don Choimisiún faisnéis a bhailiú go rialta chun bonn eolais a chur faoin meastóireacht ar an Rialachán seo.

(99)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin feabhas a chur ar fháil agus ar áirithiú fianaise leictreonaí thar theorainneacha, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr chineál trasteorann na fianaise, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(100)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(101)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(102)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 6 Samhain 2019 (29),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha faoina bhféadfaidh údarás Ballstáit, in imeachtaí coiriúla, Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint agus, ar an gcaoi sin, ordú a thabhairt do sholáthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas agus atá bunaithe i mBallstát eile, nó, mura bhfuil sé bunaithe, a ndéanann ionadaí dlíthiúil i mBallstát eile ionadaíocht thar a cheann, fianaise leictreonach a thabhairt ar aird nó a chaomhnú beag beann ar an áit a bhfuil na sonraí.

Tá an Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí na n-údarás náisiúnta aghaidh a thabhairt ar sholáthraithe seirbhíse atá bunaithe ar a gcríoch nó a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu ar a gcríoch chun a áirithiú go gcomhlíonann siad bearta náisiúnta atá cosúil leis na bearta náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Féadfaidh duine atá faoi dhrochamhras nó duine cúisithe, nó dlíodóir thar ceann an duine sin faoi chuimsiú na gceart cosanta is infheidhme i gcomhréir leis an dlí nós imeachta coiriúil náisiúnta, Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint freisin.

3.   Ní bheidh sé d’éifeacht ag an Rialachán seo go modhnófar an oibleagáid maidir le hurraim a thabhairt do na cearta bunúsacha agus do na prionsabail dhlíthiúla a chumhdaítear sa Chairt agus in Airteagal 6 CAE, ná aon oibleagáidí is infheidhme maidir le húdaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis bhreithiúnacha ina leith sin. Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do phrionsabail bhunúsacha, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cosaint sonraí pearsanta, chomh maith leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas.

2.   Ní fhéadfar Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ná Orduithe Caomhnaithe Eorpacha a eisiúint ach amháin faoi chuimsiú agus chun críocha imeachtaí coiriúla, agus chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála 4 mhí ar a laghad a fhorghníomhú, tar éis imeachtaí coiriúla, arna fhorchur le cinneadh nár tugadh in absentia, i gcásanna inar éalaigh an duine a ciontaíodh ón gceartas. Féadfar na horduithe sin a eisiúint freisin in imeachtaí a bhaineann le cion coiriúil a bhféadfaí duine dlítheanach a chur faoi dhliteanas nó a phionósú ina leith sa Stát eisiúna.

3.   Ní dhéanfar Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha a eisiúint ach amháin i gcás sonraí a bhaineann leis na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3), a thairgtear san Aontas.

4.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le himeachtaí a thionscnaítear chun cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a sholáthar do Bhallstát eile nó do thríú tír.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird’ cinneadh lena n-ordaítear fianaise leictreonach a thabhairt ar aird, arna eisiúint nó arna bhailíochtú ag údarás breithiúnach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(1), (2), (4) agus (5), agus a dhírítear chuig bunaíocht ainmnithe nó chuig ionadaí dlíthiúil de chuid soláthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas, i gcás ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil sin lonnaithe i mBallstát eile atá faoi cheangal ag an Rialachán seo;

(2)

ciallaíonn ‘Ordú Caomhnaithe Eorpach’ cinneadh lena n-ordaítear fianaise leictreonach chun críocha an iarraidh ina dhiaidh sin ar thabhairt ar aird a chaomhnú, arna eisiúint nó arna bhailíochtú ag údarás breithiúnach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(3), (4) agus (5), agus a dhírítear chuig bunaíocht ainmnithe nó chuig ionadaí dlíthiúil de chuid soláthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas, i gcás ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil sin lonnaithe i mBallstát eile atá faoi cheangal ag an Rialachán seo;

(3)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seirbhísí seo a leanas, cé is moite de sheirbhísí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b), de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30):

(a)

seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972;

(b)

seirbhísí ainmneacha fearainn idirlín agus seirbhísí uimhrithe IP, amhail sannadh seoladh IP, clárlann ainmneacha fearainn, cláraitheoir ainmneacha fearainn agus seirbhísí seachvótála a bhaineann le hainmneacha fearainn;

(c)

seirbhísí eile na sochaí faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2015/1535 a dhéanann an méid seo a leanas:

(i)

a chuireann ar chumas a n-úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile; nó

(ii)

a fhágann gur féidir sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile thar ceann na n-úsáideoirí dá gcuirtear an tseirbhís ar fáil, ar choinníoll go bhfuil stóráil sonraí mar chompháirt shainiúil den tseirbhís a sholáthraítear don úsáideoir;

(4)

ciallaíonn ‘ a thairgeann seirbhísí san Aontas’:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát a chumasú chun na seirbhísí a liostaítear i bpointe (3) a úsáid; agus

(b)

nasc substaintiúil a bheith aige, atá bunaithe ar chritéir shonracha fhíorasacha, leis an mBallstát dá dtagraítear i bpointe (a); measfar nasc substaintiúil den sórt sin a bheith ann i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse i mBallstát, nó in éagmais bunaíocht den sórt sin, i gcás ina bhfuil líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí á spriocdhíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó;

(5)

ciallaíonn ‘bunaíocht’ eintiteas a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a shaothrú go hiarbhír ar feadh tréimhse éiginnte trí bhonneagar cobhsaí óna ndéantar an gnó a bhaineann le seirbhísí a sholáthar nó óna ndéantar an gnó a bhainistiú;

(6)

ciallaíonn ‘bunaíocht ainmnithe’ bunaíocht ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach arna hainmniú i scríbhinn ag soláthraí seirbhíse atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach in ionstraim dlí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Threoir (AE) 2023/1544, chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(1), agus Airteagal 3(1) den Treoir sin;

(7)

ciallaíonn ‘ionadaí dlíthiúil’ duine nádúrtha nó dlítheanach arna cheapadh i scríbhinn ag soláthraí seirbhíse nach bhfuil bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach in ionstraim dlí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), de Threoir (AE) 2023/1544, chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus Airteagal 3 (1) den Treoir sin;

(8)

ciallaíonn ‘fianaise leictreonach’ sonraí suibscríobhaí, sonraí tráchta nó sonraí inneachair arna stóráil ag soláthraí seirbhíse, nó thar ceann soláthraí seirbhíse, i bhfoirm leictreonach, tráth a fhaightear Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC) nó Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR);

(9)

ciallaíonn ‘sonraí suibscríobhaí’ aon sonraí atá i seilbh soláthraí seirbhíse a bhaineann leis an suibscríbhinn dá sheirbhísí, i dtaobh an mhéid seo a leanas:

(a)

céannacht an tsuibscríobhaí nó an chustaiméara amhail an t-ainm a soláthraíodh, dáta breithe, seoladh poist nó seoladh geografach, sonraí billeála agus íocaíochta, uimhir theileafóin, nó seoladh ríomhphoist;

(b)

cineál na seirbhíse agus a fad ama, lena n-áirítear sonraí teicniúla agus sonraí lena sainaithnítear bearta teicniúla gaolmhara nó comhéadain a úsáideann an suibscríobhaí nó an custaiméir nó a chuirtear ar fáil don suibscríobhaí nó don chustaiméir tráth an chlárúcháin nó an ghníomhachtaithe tosaigh, agus sonraí a bhaineann le húsáid na seirbhíse a bhailíochtú, seachas pasfhocail nó modhanna fíordheimhnithe eile a úsáidtear in ionad pasfhocal a chuireann úsáideoir ar fáil, nó a cruthaíodh ar iarrataidh ó úsáideoir;

(10)

ciallaíonn ‘sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin’ seoltaí IP agus, i gcás inar gá, na bunphoirt ábhartha agus an stampa ama ábhartha, eadhon an dáta agus an t-am, nó coibhéisí teicniúla na n-aitheantóirí sin agus faisnéis ghaolmhar arna iarraidh sin ag údaráis forfheidhmithe dlí nó ag údaráis bhreithiúnacha chun an t-úsáideoir a shainaithint in imscrúdú coiriúil sonrach, agus chun na críche sin amháin;

(11)

ciallaíonn ‘sonraí tráchta’ sonraí a bhaineann le soláthar seirbhíse a thairgeann soláthraí seirbhíse, ar sonraí iad a sholáthraíonn comhthéacs nó faisnéis bhreise faoin tseirbhís sin agus a ghineann nó a phróiseálann córas faisnéise de chuid an tsoláthraí seirbhíse, amhail foinse agus ceann scríbe teachtaireachta nó cineál eile idirghníomhaíochta, maidir le suíomh na feiste, dáta, am, fad, méid, bealach, formáid, an prótacal a úsáidtear agus an cineál comhbhrúite, agus meiteashonraí cumarsáide leictreonaí eile agus sonraí, seachas sonraí suibscríobhaí, a bhaineann le tosú agus foirceannadh seisiúin rochtana úsáideora ar sheirbhís, amhail dáta agus am na húsáide, an logáil isteach chuig an tseirbhís agus logáil amach ón tseirbhís;

(12)

ciallaíonn ‘sonraí inneachair’ aon sonraí i bhformáid dhigiteach, amhail téacs, guth, físeáin, íomhánna agus fuaim, seachas sonraí suibscríobhaí nó sonraí tráchta;

(13)

ciallaíonn ‘córas faisnéise’ córas faisnéise mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Threoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31);

(14)

ciallaíonn ‘Stát eisiúna’ an Ballstát ina n-eisítear an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach;

(15)

ciallaíonn ‘údarás eisiúna’ an t-údarás inniúil sa Stát eisiúna, ar féidir leis, i gcomhréir le hAirteagal 4, Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint;

(16)

ciallaíonn ‘Stát forfheidhmiúcháin’ an Ballstát ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil agus a ndéanann an t-údarás eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an EPOC nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach agus an EPOC-PR a tharchur chuige lena fhógairt don údarás forfheidhmiúcháin nó lena fhorfheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(17)

ciallaíonn ‘údarás forfheidhmiúcháin’ an t-údarás sa Stát forfheidhmiúcháin atá inniúil, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit sin, chun Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus EPOC nó Ordú Caomhnaithe Eorpach agus EPOC-PR arna tharchur ag an údarás eisiúna le haghaidh fógra a thabhairt nó le haghaidh forfheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo a fháil;

(18)

ciallaíonn ‘cás éigeandála’ staid ina bhfuil garbhaol ann do bheatha, do shláine fhisiciúil nó do shábháilteacht duine, nó do bhonneagar criticiúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Threoir 2008/114/CE, i gcás ina mbeadh garbhaol ann do bheatha, do shláine fhisiciúil nó do shábháilteacht duine mar thoradh ar chur isteach nó scriosadh an bhonneagair chriticiúil sin, lena n-áirítear trí dhíobháil thromchúiseach a dhéanamh do sholáthar soláthairtí bunúsacha don daonra nó d’fheidhmiú chroífheidhmeanna an Stáit;

(19)

ciallaíonn ‘rialaitheoir’ rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679;

(20)

ciallaíonn ‘próiseálaí’ próiseálaí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (8), de Rialachán (AE) 2016/679;

(21)

ciallaíonn ‘córas TF díláraithe’ líonra córas TF agus pointí rochtana idir-inoibritheacha, a oibríonn faoi fhreagracht agus faoi bhainistiú aonair gach Ballstáit, gníomhaireachta nó comhlachta de chuid an Aontais, lena gcumasaítear malartú trasteorann faisnéise ar bhealach slán iontaofa.

CAIBIDIL II

ORDÚ EORPACH CHUN FIANAISE A THABHAIRT AR AIRD, ORDÚ CAOMHNAITHE EORPACH AGUS DEIMHNITHE

Airteagal 4

Údarás eisiúna

1.   Féadfaidh na dreamanna seo a leanas Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint chun sonraí suibscríobhaí a fháil nó chun sonraí a fháil a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10):

(a)

breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí atá inniúil sa chás lena mbaineann; nó

(b)

aon údarás inniúil eile arna shainiú ag an Stát eisiúna atá, sa chás lena mbaineann, ag gníomhú ina cháil mar údarás imscrúdúcháin in imeachtaí coiriúla a bhfuil inniúlacht aige chun fianaise a bhailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; i gcás mar sin, déanfaidh breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí sa Stát eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a bhailíochtú, tar éis scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann sé na coinníollacha a bhaineann le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint faoin Rialachán seo.

2.   Féadfaidh na daoine seo a leanas Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil, seachas sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó chun sonraí inneachair a fháil, a eisiúint

(a)

breitheamh, cúirt nó breitheamh imscrúdaithe atá inniúil sa chás lena mbaineann; nó

(b)

aon údarás inniúil eile arna shainiú ag an Stát eisiúna atá, sa chás lena mbaineann, ag gníomhú ina cháil mar údarás imscrúdúcháin in imeachtaí coiriúla a bhfuil inniúlacht aige chun fianaise a bhailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; i gcás mar sin, déanfaidh breitheamh, cúirt nó breitheamh imscrúdaithe sa Stát eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a bhailíochtú, tar éis scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann sé na coinníollacha a bhaineann le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint faoin Rialachán seo.

3.   Ní fhéadfaidh ach na dreamanna seo a leanas Ordú Caomhnaithe Eorpach le haghaidh sonraí aon chatagóir a eisiúint:

(a)

breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí atá inniúil sa chás lena mbaineann; nó

(b)

aon údarás inniúil eile arna shainiú ag an Stát eisiúna atá, sa chás lena mbaineann, ag gníomhú ina cháil mar údarás imscrúdúcháin in imeachtaí coiriúla a bhfuil inniúlacht aige chun fianaise a bhailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; i gcás mar sin, déanfaidh breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí sa Stát eisiúna an tOrdú Caomhnaithe Eorpach, tar éis scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann sé na coinníollacha a bhaineann le hOrdú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint faoin Rialachán seo.

4.   I gcás ina ndearna údarás breithiúnach Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a bhailíochtú de bhun mhír 1, pointe (b), mír 2, pointe (b) nó mír 3, pointe (b), féadfar breathnú ar an údarás sin freisin mar údarás eisiúna chun an EPOC agus an EPOC-PR a tharchur.

5.   I gcás éigeandála arna bhunú go bailí, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (18), féadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) agus i mír 3, pointe (b), den Airteagal seo Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint go heisceachtúil le haghaidh sonraí suibscríobhaí nó le haghaidh sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó Ordú Caomhnaithe Eorpach gan an t-ordú lena mbaineann a bhailíochtú roimh ré, i gcás nach féidir bailíochtú a fháil in am agus i gcás ina bhféadfadh na húdaráis sin ordú a eisiúint i gcás intíre comhchosúil gan bailíochtú roimh ré. Iarrfaidh an t-údarás eisiúna bailíochtú ex post ar an ordú lena mbaineann gan moill mhíchuí, laistigh de 48 n-uair an chloig ar a dhéanaí. I gcás nach ndeonófar bailíochtú ex post den sórt sin ar an ordú lena mbaineann, déanfaidh an t-údarás eisiúna an t-ordú a tharraingt siar láithreach agus déanfaidh sé úsáid aon sonraí a fuarthas a scriosadh nó a shrianadh ar shlí eile.

6.   Féadfaidh gach Ballstát údarás lárnach amháin nó níos mó a ainmniú le bheith freagrach as tarchur riaracháin EPOCanna agus EPOC-PRanna, Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha agus fógraí, agus as sonraí agus fógraí a fháil chomh maith le comhfhreagras oifigiúil eile a bhaineann le deimhnithe nó orduithe den sórt sin a tharchur.

Airteagal 5

Coinníollacha maidir le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint

1.   Ní fhéadfaidh údarás eisiúna Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Beidh Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird riachtanach agus comhréireach chun críoch na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3), agus cearta an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine cúisithe á gcur i gcuntas, agus ní fhéadfar é a eisiúint ach amháin i gcás ina bhféadfaí ordú comhchosúil a eisiúint faoi na coinníollacha céanna i gcás baile comhchosúil.

3.   Féadfar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí suibscríobhaí a fháil nó chun sonraí a fháil a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), a eisiúint maidir le gach cion coiriúil agus maidir le forghníomhú pianbhreithe coimeádta nó ordaithe coinneála 4 mhí ar a laghad, tar éis imeachtaí coiriúla, arna fhorchur le cinneadh nár tugadh in absentia, i gcásanna inar éalaigh an duine a ciontaíodh ón gceartas.

4.   Ní eiseofar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil, seachas sonraí a iarrtar chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), den Rialachán seo nó chun sonraí inneachair a fháil, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcomhair cionta coiriúla atá inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith choimeádta d’uasmhéid 3 bliana ar a laghad; nó

(b)

i gcomhair na gcionta seo a leanas, más amhlaidh go ndearnadh na cionta sin go hiomlán nó go páirteach trí chóras faisnéise,

(i)

cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagail 3 go 8 de Threoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32);

(ii)

cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagail 3 go 7 de Threoir 2011/93/AE;

(iii)

cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagail 3 go 8 de Threoir 2013/40/AE;

(c)

cionta coiriúla mar a shainmhínítear iad in Airteagail 3 go 12 agus 14 de Threoir (AE) 2017/541;

(d)

chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála 4 mhí ar a laghad a fhorghníomhú, tar éis imeachtaí coiriúla, arna bhforchur le cinneadh nár tugadh in absentia, i gcásanna inar éalaigh an duine a ciontaíodh ón gceartas, mar gheall ar chionta coiriúla dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo.

5.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh in Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird:

(a)

an t-údarás eisiúna agus, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás bailíochtaithe;

(b)

seolaí an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird amhail dá dtagraítear in Airteagal 7;

(c)

an t-úsáideoir, ach amháin i gcás gurb é sainaithint an úsáideora an t-aon chuspóir atá leis an ordú, nó aon aitheantóir uathúil eile amhail ainm úsáideora, aitheantas logála isteach nó ainm cuntais chun na sonraí atá á n-iarraidh a chinneadh;

(d)

catagóir na sonraí a iarradh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (9) go (12);

(e)

más infheidhme, achar ama na sonraí a bhfuiltear ag iarraidh fianaise a thabhairt ar aird ina leith:

(f)

na forálacha is infheidhme de dhlí coiriúil an Stáit eisiúna;

(g)

i gcásanna éigeandála mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (18), na cúiseanna a bhfuil údar cuí leo leis an éigeandáil;

(h)

i gcásanna ina mbeidh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird dírithe go díreach ar an soláthraí seirbhís a stórálann nó a phróiseálann na sonraí ar bhealach eile na sonraí thar ceann an rialaitheora, deimhniú go ndéantar na coinníollacha a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo a chomhlíonadh;

(i)

na forais lena chinneadh go gcomhlíonann an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird na coinníollacha riachtanais agus comhréireachta faoi mhír 2 den Airteagal seo(.

(j)

cur síos achomair ar an gcás:

6.   Díreofar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar na soláthraithe seirbhíse atá ag gníomhú mar rialaitheoirí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Mar eisceacht, féadfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhíriú go díreach ar an soláthraí seirbhíse a stórálann nó a phróiseálann na sonraí ar bhealach eile na sonraí thar ceann an rialaitheora, sna cásanna seo a leanas:

(a)

nach féidir an rialaitheoir a shainaithint in ainneoin iarrachtaí réasúnta arna ndéanamh ag an údarás eisiúna; nó

(b)

go bhféadfaí dochar a dhéanamh don imscrúdú trí dhíriú ar an rialaitheoir.

7.   I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, an próiseálaí a stórálann nó a phróiseálann na sonraí ar bhealach eile thar ceann an rialaitheora, cuirfidh sé an rialaitheoir ar an eolas faoi thabhairt ar aird na sonraí ach amháin má tá iarrtha ag an údarás eisiúna ar an soláthraí seirbhíse staonadh ón rialaitheoir a chur ar an eolas, chomh fada agus is gá agus is comhréireach, ionas nach gcuirfear bac ar na himeachtaí coiriúla ábhartha. Sa chás sin, cuirfidh an t-údarás eisiúna na cúiseanna leis an moill maidir leis an rialaitheoir a chur ar an eolas in iúl i gcomhad an cháis. Cuirfear réasúnú gearr isteach san EPOC freisin.

8.   I gcás ina ndéantar na sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile mar chuid den bhonneagar atá á chur ar fáil ag soláthraí seirbhíse a eisiúint d'údarás poiblí, ní fhéadfar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint ach amháin i gcás ina bhfuil an t-údarás poiblí dá bhfuil na sonraí á stóráil nó á bpróiseáil ar bhealach eile lonnaithe sa Stát eisiúna.

9.   I gcásanna ina ndéanann soláthraí seirbhíse na sonraí atá faoi chosaint phribhléid ghairmiúil faoi dhlí an Stáit eisiúna a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile mar chuid de bhonneagar arna sholáthar do ghairmithe atá cumhdaithe ag pribhléid ghairmiúil (‘gairmí faoi phribhléid’), ina gcáil ghnó, ní fhéadfar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint chun sonraí tráchta a fháil, cé is moite de na sonraí a iarradh chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó chun sonraí inneachair a fháil, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

go bhfuil cónaí ar an ngairmí faoi phribhléid sa Stát eisiúna;

(b)

go bhféadfaí dochar a dhéanamh don imscrúdú trí dhíriú ar an ngairmí faoi phribhléid; nó

(c)

gur tarscaoileadh na pribhléidí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

10.   Má tá cúiseanna ag an údarás eisiúna lena chreidiúint maidir leis na sonraí tráchta, cé is moite de na sonraí a iarradh chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó maidir leis na sonraí inneachair a iarradh leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird go bhfuil siad faoi chosaint ag díolúintí nó ag pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, nó go bhfuil na sonraí sin faoi réir rialacha sa Stát sin maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh agus a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, féadfaidh an t-údarás eisiúna soiléiriú a lorg sula n-eiseofar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, lena n-áirítear trí dhul i gcomhairle le húdaráis inniúla an Stáit forfheidhmiúcháin, go díreach nó trí Eurojust nó tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach.

Ní eiseoidh an t-údarás eisiúna Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird má chinneann sé maidir leis na sonraí tráchta a iarradh, cé is moite de na sonraí a iarradh chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó maidir leis na sonraí inneachair go bhfuil siad faoi chosaint ag díolúintí nó ag pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, nó go bhfuil na sonraí sin faoi réir rialacha sa Stát sin maidir le cinneadh agus teorannú dliteanais choiriúil a bhaineann le saoirse an phreasa agus leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile.

Airteagal 6

Coinníollacha maidir le hOrdú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint

1.   Ní fhéadfaidh údarás eisiúna Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 5(8).

2.   Beidh Ordú Caomhnaithe Eorpach riachtanach agus comhréireach chun cosc a chur ar bhaint, scriosadh nó athrú sonraí d’fhonn iarraidh a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na sonraí sin a thabhairt ar aird trí chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, trí Ordú Imscrúdaithe Eorpach (EIO) nó trí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, agus cearta an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe á gcur san áireamh.

3.   Féadfar Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint maidir le gach cion coiriúil, más rud é go bhféadfaí é a eisiúint faoi na coinníollacha céanna i gcás intíre comhchosúil, agus chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú ar feadh 4 mhí ar a laghad, tar éis imeachtaí coiriúla, arna bhforchur le cinneadh nár tugadh in absentia, i gcásanna inar éalaigh an duine a ciontaíodh ón gceartas.

4.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh in Ordú Caomhnaithe Eorpach:

(a)

an t-údarás eisiúna agus, nuair is infheidhme, an t-údarás bailíochtaithe;

(b)

seolaí an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 7;

(c)

an t-úsáideoir, ach amháin i gcás gurb é sainaithint an úsáideora an t-aon chuspóir atá leis an ordú, nó aon aitheantóir uathúil eile amhail ainm úsáideora, aitheantas logála isteach nó ainm cuntais chun na sonraí a bhfuil caomhnú á iarraidh ina leith a chinneadh;

(d)

catagóir na sonraí a iarradh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (9) go (12);

(e)

más infheidhme, raon ama na sonraí a bhfuil caomhnú á iarraidh ina leith;

(f)

na forálacha is infheidhme maidir le dlí coiriúil an Stáit eisiúna;

(g)

na forais lena chinneadh go gcomhlíonann an tOrdú Caomhnaithe Eorpach na coinníollacha riachtanais agus comhréireachta faoi mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 7

Seolaithe Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha

1.   Díreofar Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha go díreach ar bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil de chuid an tsoláthraí seirbhíse lena mbaineann.

2.   Mar eisceacht, i gcásanna éigeandála mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (18), i gcás nach bhfreagraíonn bunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil soláthraí seirbhíse do EPOC nó EPOC-PR laistigh de na sprioc-amanna, féadfar an EPOC nó an EPOC-PR sin a dhíriú ar aon bhunaíocht nó ionadaí dlíthiúil eile de chuid an tsoláthraí seirbhíse san Aontas.

Airteagal 8

Fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin

1.   I gcás ina n-eisítear Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil, cé is moite de na sonraí a iarradh chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), nó chun sonraí inneachair a fháil, tabharfaidh an t-údarás eisiúna fógra don údarás forfheidhmiúcháin tríd an EPOC a tharchur chuig an údarás sin an tráth céanna a tharchuirfidh sé an EPOC chuig an seolaí i gcomhréir le hAirteagal 9(1) agus (2).

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 más rud é, tráth eisiúna an ordaithe, go bhfuil forais réasúnta ag an údarás eisiúna a chreidiúint:

(a)

go ndearnadh an cion, go bhfuil sé á dhéanamh nó gur dócha go ndéanfar é sa Stát eisiúna; agus

(b)

go bhfuil cónaí sa Stát eisiúna ar an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh.

3.   Agus an EPOC á tharchur dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chuig an údarás forfheidhmiúcháin, áireoidh an t-údarás eisiúna, i gcás inarb iomchuí, aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht go n-ardófaí foras diúltaithe i gcomhréir le hAirteagal 12.

4.   Beidh éifeacht fionraíochta ag an bhfógra don údarás forfheidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar oibleagáidí an tseolaí mar a leagtar amach in Airteagal 10(2), ach amháin i gcásanna éigeandála mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (18).

Airteagal 9

Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC) agus Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR).

1.   Déanfar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a tharchur chuig an seolaí mar a shainmhínítear in Airteagal 7, trí EPOC nó trí EPOC-PR.

Comhlánóidh an t-údarás eisiúna nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás bailíochtaithe an EPOC a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó an EPOC-PR a leagtar amach in Iarscríbhinn II, síneoidh sé é agus deimhneoidh sé go bhfuil an t-inneachar atá ann cruinn agus ceart.

2.   Beidh an fhaisnéis a liostaítear i bpointí (a) go (h) de mhír 5 d’Airteagal 5 in EPOC, lena n-áirítear faisnéis leordhóthanach chun gur féidir leis an seolaí an t-údarás eisiúna agus an t-údarás forfheidhmiúcháin a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo, más gá.

I gcás ina gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, beidh san EPOC a tharchuirtear chuig an údarás sin an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 5(5), pointí (a) go (j).

3.   Beidh an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 6(4), pointí (a) go (f) in EPOC-PR, lena n-áirítear faisnéis atá leordhóthanach chun gur féidir leis an seolaí an t-údarás eisiúna a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leis.

4.   Nuair is gá sin, déanfar an EPOC nó an EPOC-PR a aistriú go teanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil glacadh ag an seolaí léi dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1544. I gcás nár shonraigh an soláthraí seirbhíse aon teanga, déanfar an EPOC nó an EPOC-PR a aistriú go teanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil bunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse lonnaithe.

I gcás ina gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, déanfar an EPOC atá le tarchur chuig an údarás sin a aistriú go teanga oifigiúil de chuid an Stáit forfheidhmiúcháin nó go teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais lena nglacann an Stát sin.

Airteagal 10

EPOC a fhorghníomhú

1.   Ar EPOC a fháil, gníomhóidh an seolaí go gasta chun na sonraí atá á n-iarraidh ag an EPOC a chaomhnú.

2.   I gcás ina gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8 agus nach bhfuil aon fhoras diúltaithe ardaithe ag an údarás sin i gcomhréir le hAirteagal 12 laistigh de 10 lá tar éis an EPOC a fháil, áiritheoidh an seolaí go ndéanfar na sonraí a iarradh a tharchur go díreach chuig an údarás eisiúna nó chuig na húdaráis forfheidhmithe dlí, mar a léirítear san EPOC, ag deireadh na tréimhse 10 lá sin. I gcás ina ndeimhneoidh an t-údarás forfheidhmiúcháin roimh dheireadh na tréimhse 10 lá sin don údarás eisiúna agus don seolaí nach n-ardóidh sé aon fhoras diúltaithe, gníomhóidh an seolaí a luaithe is féidir tar éis an daingnithe sin agus ag deireadh na tréimhse 10 lá sin ar a dhéanaí.

3.   I gcás nach gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, áiritheoidh an seolaí, ar EPOC a fháil, go ndéanfar na sonraí a iarradh a tharchur go díreach chuig an údarás eisiúna nó na húdaráis forfheidhmithe dlí, mar a léirítear san EPOC, laistigh de 10 lá ar a dhéanaí tar éis an EPOC a fháil.

4.   I gcásanna éigeandála, déanfaidh an seolaí na sonraí a iarradh a tharchur gan moill mhíchuí, laistigh de 8 n-uair an chloig, ar a dhéanaí, tar éis an EPOC a fháil. I gcás ina gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, má chinneann an t-údarás forfheidhmiúcháin foras diúltaithe a ardú i gcomhréir le hAirteagal 12(1), gan mhoill agus ar a dhéanaí laistigh de 96 uair an chloig tar éis dó an fógra a fháil, féadfaidh sé fógra a thabhairt don údarás eisiúna agus don seolaí go sé bhfuil i gcoinne úsáid na sonraí nó nach féidir na sonraí a úsáid ach amháin faoi choinníollacha a shonróidh sé. I gcás ina n-ardaíonn an t-údarás forfheidhmiúcháin foras diúltaithe, más rud é go bhfuil na sonraí tarchurtha cheana féin ag an seolaí chuig an údarás eisiúna, déanfaidh an t-údarás eisiúna úsáid na sonraí a scriosadh nó a shrianadh ar bhealach eile nó, i gcás ina bhfuil coinníollacha sonraithe ag an údarás forfheidhmiúcháin, comhlíonfaidh an t-údarás eisiúna na coinníollacha sin agus úsáid á baint aige as na sonraí.

5.   I gcás ina measann an seolaí, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOC amháin, go bhféadfadh forghníomhú an EPOC cur isteach ar dhíolúintí nó ar phribhléidí, nó ar rialacha maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh nó a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, cuirfidh an seolaí an méid sin in iúl don údarás eisiúna agus don údarás forfheidhmiúcháin, san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

I gcás nár tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, cuirfidh an t-údarás eisiúna an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo san áireamh, agus cinnfidh sé, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón údarás forfheidhmiúcháin, an ndéanfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a tharraingt siar, a oiriúnú nó a chothabháil.

I gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, cuirfidh an t-údarás eisiúna an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo san áireamh, agus cinnfidh sé an ndéanfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a tharraingt siar, a oiriúnú nó a choinneáil. Féadfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin a chinneadh na forais diúltaithe a leagtar amach in Airteagal 12 a ardú.

6.   I gcás nach féidir leis an seolaí a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tabhairt ar aird na sonraí a iarradh toisc go bhfuil an EPOC neamhiomlán, go bhfuil earráidí follasacha ann nó nach bhfuil dóthain faisnéise ann chun an EPOC a fhorghníomhú, déanfaidh an seolaí, gan moill mhíchuí, an t-údarás eisiúna agus, i gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, an t-údarás forfheidhmiúcháin dá dtagraítear san EPOC a chur ar an eolas, agus déanfaidh sé soiléiriú a lorg, ag úsáid na foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Ag an am céanna, cuirfidh an seolaí in iúl don údarás eisiúna an bhféadfaí na sonraí atá á n-iarraidh a shainaithint agus na sonraí sin a chaomhnú mar a leagtar amach i mír 9 den Airteagal seo.

Freagróidh an t-údarás eisiúna go gasta agus ar a dhéanaí laistigh de 5 lá tar éis dó an fhoirm a fháil. Áiritheoidh an seolaí gur féidir leis an soiléiriú riachtanach nó aon cheartú arna sholáthar ag an údarás eisiúna a fháil, ionas go gcomhlíonfaidh an seolaí a chuid oibleagáidí mar a leagtar amach i míreanna 1 go 4. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 go dtí go gcuirfidh an t-údarás eisiúna nó an t-údarás forfheidhmiúcháin soiléiriú nó ceartúchán den sórt sin ar fáil.

7.   I gcás nach féidir leis an seolaí a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tabhairt ar aird na sonraí a iarradh de bharr dodhéantacht de facto mar gheall ar chúinsí nach bhfuil inchurtha i leith an tseolaí, déanfaidh an seolaí, gan moill mhíchuí, an t-údarás eisiúna agus, i gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, an t-údarás forfheidhmiúcháin dá dtagraítear san EPOC a chur ar an eolas, agus míneoidh sé na cúiseanna atá le dodhéantacht de facto sin, san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás eisiúna gur ann do dhodhéantacht den sórt sin, cuirfidh sé in iúl don seolaí, agus, i gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, don údarás forfheidhmiúcháin nach gá an EPOC a fhorghníomhú a thuilleadh.

8.   I ngach cás nach gcuireann an seolaí na sonraí a iarradh ar fáil, nach gcuireann sé na sonraí a iarradh ar fáil go huileghabhálach nó nach gcuireann sé na sonraí a iarradh ar fáil laistigh den sprioc-am sonraithe, ar chúiseanna seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 den Airteagal seo, déanfaidh an seolaí, gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo, na cúiseanna sin a chur in iúl don údarás eisiúna agus, i gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, don údarás forfheidhmiúcháin dá dtagraítear san EPOC, san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Déanfaidh an t-údarás eisiúna athbhreithniú ar an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird i bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag an seolaí agus, más gá, socróidh sé sprioc-am nua don seolaí chun na sonraí a thabhairt ar aird.

9.   Caomhnófar na sonraí, a mhéid is féidir, go dtí go dtabharfar ar aird iad, is cuma cé acu a iarrtar nó nach n-iarrtar na sonraí a thabhairt ar aird ar deireadh ar bhonn Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus a EPOC nó trí bhealaí eile, amhail cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, nó go dtí go dtarraingeofar siar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.

I gcás nach bhfuil gá a thuilleadh leis na sonraí a thabhairt ar aird agus iad a chaomhnú, cuirfidh an t-údarás eisiúna agus, i gcás inarb infheidhme de bhun Airteagal 16(8), an t-údarás forfheidhmiúcháin é sin in iúl don seolaí gan moill mhíchuí.

Airteagal 11

EPOC-PR a fhorghníomhú

1.   Ar EPOC-PR a fháil, caomhnóidh an seolaí na sonraí a iarradh, gan moill mhíchuí. Tiocfaidh deireadh leis an oibleagáid na sonraí a chaomhnú tar éis 60 lá, mura ndeimhneoidh an t-údarás eisiúna, trí úsáid a bhaint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn V, gur eisíodh iarraidh ina dhiaidh sin ar fhianaise a thabhairt ar aird. Le linn na tréimhse 60 lá sin, féadfaidh an t-údarás eisiúna, ag úsáid na foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, tréimhse bhreise 30 lá a chur le ré na hoibleagáide na sonraí a chaomhnú, i gcás inar gá chun gur féidir iarraidh a eisiúint ina dhiaidh sin ar fhianaise a thabhairt ar aird.

2.   Más rud é, le linn na tréimhse caomhnúcháin a leagtar amach i mír 1, go ndeimhníonn an t-údarás eisiúna gur eisíodh iarraidh ina dhiaidh sin ar fhianaise a thabhairt ar aird, caomhnóidh an seolaí na sonraí a fhad is gá chun na sonraí a thabhairt ar aird a luaithe a gheofar an iarraidh ina dhiaidh sin ar na sonraí a thabhairt ar aird.

3.   I gcás nach mbíonn gá a thuilleadh leis an gcaomhnú, cuirfidh an t-údarás eisiúna na seolaithe ar an eolas gan moill mhíchuí agus cuirfear deireadh leis an oibleagáid maidir le caomhnú ar bhonn an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh ábhartha.

4.   I gcás ina measann an seolaí, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOC-PR amháin, go bhféadfadh forghníomhú an EPOC-PR cur isteach ar dhíolúintí nó ar phribhléidí, nó ar rialacha maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh nó a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, cuirfidh an seolaí an méid sin in iúl don údarás eisiúna agus don údarás forfheidhmiúcháin, san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Cuirfidh an t-údarás eisiúna an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír san áireamh, agus cinnfidh sé, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón údarás forfheidhmiúcháin, an ndéanfar an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a tharraingt siar, a oiriúnú nó a chothabháil.

5.   I gcás nach féidir leis an seolaí a oibleagáid a chomhlíonadh maidir leis na sonraí a iarradh a chaomhnú toisc go bhfuil an EPOC-PR neamhiomlán, go bhfuil earráidí follasacha ann nó nach bhfuil dóthain faisnéise ann chun an EPOC-PR a fhorghníomhú, déanfaidh an seolaí, gan moill mhíchuí, an t-údarás eisiúna dá dtagraítear san EPOC-PR a chur ar an eolas agus soiléiriú a lorg, ag úsáid na foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Freagróidh an t-údarás eisiúna go gasta agus laistigh de 5 lá tar éis an fhoirm a fháil ar a dhéanaí. Áiritheoidh an seolaí gur féidir leis an soiléiriú is gá nó aon cheartú arna sholáthar ag an údarás eisiúna a fháil chun go gcomhlíonfaidh an seolaí a chuid oibleagáidí mar a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3. In éagmais freagairt ón údarás eisiúna laistigh den tréimhse cúig lá, beidh an soláthraí seirbhíse díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.

6.   I gcás nach féidir leis an seolaí a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le caomhnú na sonraí a iarradh de bharr dodhéantacht de facto mar gheall ar chúinsí nach bhfuil inchurtha i leith an tseolaí, cuirfidh an seolaí é sin in iúl don údarás eisiúna dá dtagraítear san EPOC-PR gan moill mhíchuí agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis an dodhéantacht de facto sin, agus úsáid á baint aige as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás eisiúna gur ann don dodhéantacht sin, cuirfidh sé in iúl don seolaí nach gá an EPOC-PR a fhorghníomhú a thuilleadh.

7.   I ngach cás nach gcaomhnaíonn an seolaí na sonraí a iarradh, ar chúiseanna seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 6, cuirfidh an seolaí na cúiseanna sin in iúl don údarás eisiúna, gan moill mhíchuí, ag úsáid na foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Déanfaidh an t-údarás eisiúna athbhreithniú ar an Ordú Caomhnaithe Eorpach i bhfianaise an údair arna sholáthar ag an seolaí.

Airteagal 12

Forais le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhiúltú

1.   I gcás ina bhfuil fógra tugtha ag an údarás eisiúna don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, agus gan dochar d’Airteagal 1(3), déanfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin, a luaithe is féidir ach ar a dhéanaí laistigh de 10 lá tar éis an fógra a fháil, nó, i gcásanna éigeandála, ar a dhéanaí laistigh de 96 uair an chloig tar éis fógra den sórt sin a fháil, measúnú ar an bhfaisnéis atá leagtha amach san ordú agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na forais diúltaithe seo a leanas a ardú:

(a)

go bhfuil na sonraí a iarradh faoi chosaint ag díolúintí nó pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin lena gcuirtear cosc ar fhorghníomhú nó forfheidhmiú an ordaithe, nó go bhfuil na sonraí a iarradh cumhdaithe ag rialacha maidir le dliteanas coiriúil a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile a chinneadh nó a theorannú, ar rialacha iad lena gcuirtear cosc ar fhorghníomhú nó ar fhorfheidhmiú an ordaithe;

(b)

i gcásanna eisceachtúla, go bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach agus oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt i gceist le forghníomhú an ordaithe i gcúinsí áirithe an cháis;

(c)

go mbeadh forghníomhú an ordaithe in aghaidh an phrionsabail ne bis in idem;

(d)

nach ionann an t-iompar ar ina leith a eisíodh an t-ordú agus cion faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, murar rud é go mbaineann sé le cion a liostaítear laistigh de na catagóirí cionta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, mar atá léirithe ag an údarás eisiúna san EPOC é, más rud é gur cion inphionóis sa Stát eisiúna é le pianbhreith coimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad;

2.   I gcás ina n-ardaíonn an t-údarás forfheidhmiúcháin foras diúltaithe de bhun mhír 1, cuirfidh sé é sin in iúl don seolaí agus don údarás eisiúna. Cuirfidh an seolaí stop le forghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus ní aistreoidh sé na sonraí, agus déanfaidh an t-údarás eisiúna an t-ordú a tharraingt siar.

3.   Sula gcinnfidh sé foras diúltaithe a ardú, rachaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin ar tugadh fógra dó de bhun Airteagal 8 i dteagmháil leis an údarás eisiúna trí aon bhealach iomchuí, chun na bearta iomchuí a bheidh le déanamh a phlé. Ar an mbonn sin, féadfaidh an t-údarás eisiúna cinneadh a dhéanamh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a oiriúnú nó a tharraingt siar. Más rud é nach dtiocfar ar réiteach tar éis an phlé sin, féadfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin ar tugadh fógra dó de bhun Airteagal 8 a chinneadh forais a ardú chun an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhiúltú agus an t-údarás eisiúna agus an seolaí a chur ar an eolas dá réir sin.

4.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás forfheidhmiúcháin forais diúltaithe a ardú de bhun mhír 1, féadfaidh sé a léiriú an bhfuil sé ag cur i gcoinne aistriú na sonraí go léir a iarradh san Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an féidir na sonraí a aistriú nó a úsáid i bpáirt amháin faoi choinníollacha arna sonrú ag an údarás forfheidhmiúcháin.

5.   I gcás gur ag údarás an Stáit forfheidhmiúcháin a bhíonn an chumhacht an díolúine nó an phribhléid a tharscaoileadh, mar a leagtar amach i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás eisiúna a iarraidh ar an údarás forfheidhmiúcháin dá dtugtar fógra de bhun Airteagal 8 dul i dteagmháil le húdarás sin an Stáit forfheidhmiúcháin sin gan mhoill chun iarraidh air an chumhacht sin a fheidhmiú. I gcás gur ag údarás Ballstáit eile nó údarás tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a bhíonn an chumhacht an díolúine nó an phribhléid a tharscaoileadh, féadfaidh an t-údarás eisiúna a iarraidh ar an údarás lena mbaineann an chumhacht sin a fheidhmiú.

Airteagal 13

Faisnéis agus rúndacht an úsáideora

1.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna, gan moill mhíchuí, an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh a chur ar an eolas faoi shonraí a thabhairt ar aird ar bhonn Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.

2.   Féadfaidh an t-údarás eisiúna, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit eisiúna, moill nó bac a chur ar an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh a chur ar an eolas, nó a chinneadh gan é a chur ar an eolas in aon chor, a mhéid a chomhlíontar, agus fad a chomhlíontar, na coinníollacha in Airteagal 13(3) de Threoir (AE) 2016/680, agus sa chás sin cuirfidh an t-údarás eisiúna na cúiseanna leis an moill, an srian nó an neamhghníomh in iúl i gcomhad an cháis. Cuirfear réasúnú gearr isteach san EPOC freisin.

3.   Agus an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á chur ar an eolas, cuirfidh an t-údarás eisiúna faisnéis faoi na leigheasanna atá ar fáil de bhun Airteagal 18 san áireamh.

4.   Déanfaidh na seolaithe agus, murab ionann iad, na soláthraithe seirbhíse na bearta oibríochtúla agus teicniúla úrscothacha is gá chun rúndacht, sicréideacht agus sláine an EPOC nó an EPOC-PR a áirithiú mar aon le rúndacht, sicréideacht agus sláine na sonraí a thabharfar ar aird nó a chaomhnófar.

Airteagal 14

Aisíocaíocht costas

1.   Féadfaidh an soláthraí seirbhíse aisíocaíocht ar a chostais a éileamh ar an Stát eisiúna, má dhéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht sin i ndlí náisiúnta an Stáit eisiúna le haghaidh orduithe intíre i gcásanna comhchosúla, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na rialacha naisiúnta maidir le haisíocaíocht agus cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí iad.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le haisíocaíocht costas an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear in Airteagal 25.

CAIBIDIL III

PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 15

Pionóis

1.   Gan dochar do na dlíthe náisiúnta lena bhforáiltear do phionóis choiriúla a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis airgid is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagail 10 agus 11 agus ar Airteagal 13(4)(), i gcomhréir le hAirteagal 16(10), agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis airgid dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeifear in ann pionóis airgid a fhorchur dar luach suas le 2 % de láimhdeachas iomlán domhanda bliantúil an tsoláthraí seirbhíse sa bhliain airgeadais roimhe sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Gan dochar d’oibleagáidí cosanta sonraí, ní bheidh soláthraithe seirbhíse faoi dhliteanas sna Ballstáit maidir le dochar a rinneadh dá n-úsáideoirí nó dá dtríú páirtithe, ar dochar é atá mar thoradh ar chomhlíonadh EPOC nó EPOC-PR de mheon macánta agus mar thoradh air sin amháin.

Airteagal 16

Nós imeachta maidir le forfheidhmiú

1.   I gcás nach gcomhlíonann an seolaí EPOC laistigh den spriocdháta nó nach gcomhlíonann sé EPOC-PR, gan cúiseanna a nglacann an t-údarás eisiúna leo a chur ar fáil, agus, más infheidhme, i gcás nár agair an t-údarás forfheidhmiúcháin aon cheann de na forais diúltaithe dá bhforáiltear in Airteagal 12, féadfaidh an t-údarás eisiúna a iarraidh ar an údarás forfheidhmiúcháin an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a fhorfheidhmiú.

Chun críche an fhorfheidhmithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, aistreoidh an t-údarás eisiúna an t-ordú lena mbaineann, an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III arna líonadh isteach ag an seolaí, agus aon doiciméad ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 19. Aistreoidh an t-údarás eisiúna an t-ordú lena mbaineann agus aon doiciméad atá le haistriú go ceann de na teangacha a nglacann an Stát forfheidhmiúcháin leo agus cuirfidh sé an seolaí ar an eolas faoin aistriú.

2.   Ar a fháil sin dó, déanfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin, gan foirmiúlachtaí breise, aitheantas a thabhairt don mhéid seo a leanas, agus déanfaidh sé na bearta is gá chun an méid seo a leanas a fhorfheidhmiú:

(a)

Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, ach amháin i gcás ina measfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin go bhfuil feidhm ag ceann de na forais dá bhforáiltear i mír 4; nó

(b)

Ordú Caomhnaithe Eorpach, ach amháin i gcás ina measfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin go bhfuil feidhm ag ceann de na forais dá bhforáiltear i mír 5.

Glacfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin an cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don ordú lena mbaineann gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dó an t-ordú sin a fháil.

3.   Cuirfidh an t-údarás forfheidhmiúcháin ceangal foirmiúil ar an seolaí a n-oibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh, agus cuirfidh sé an seolaí ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

an fhéidearthacht agóid a dhéanamh i gcoinne fhorghníomhú an ordaithe lena mbaineann trí cheann amháin nó níos mó de na forais a liostaítear i mír 4, pointí (a) go (f), nó i mír 5, pointí (a) go (e) a agairt;

(b)

na pionóis is infheidhme i gcás neamhchomhlíonta; agus

(c)

an sprioc-am chun é a comhlíonadh nó chun agóid a dhéanamh ina choinne.

4.   Ní fhéadfar forfheidhmiú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhiúltú ach amháin ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

(a)

nár eisigh nó nár bhailíochtaigh údarás eisiúna amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4 an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird;

(b)

nár eisíodh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird maidir le cion dá bhforáiltear le hAirteagal 5(4);

(c)

nach bhféadfadh an seolaí an EPOC a chomhlíonadh de bharr dodhéantacht de facto mar gheall ar chúinsí nach bhfuil inchurtha i leith an tseolaí, nó de bhrí go bhfuil earráidí follasacha san EPOC;

(d)

nach mbaineann an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird le sonraí a bhí á stóráil ag an soláthraí seirbhíse ná le sonraí a bhí á stóráil thar a cheann tráth a fhaightear an EPOC;

(e)

nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo an tseirbhís;

(f)

go bhfuil na sonraí a iarradh faoi chosaint ag díolúintí nó pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, nó go bhfuil na sonraí a iarradh cumhdaithe ag rialacha maidir le cinneadh nó teorannú dliteanais choiriúil a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, lena gcuirtear cosc ar fhorghníomhú nó ar fhorfheidhmiú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird;

(g)

i gcásanna eisceachtúla, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOC amháin, gur léir go bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach agus oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt i gceist le forghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, i gcúinsí áirithe an cháis.

5.   Ní fhéadfar forghníomhú an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh a dhiúltú ach amháin ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

(a)

nár eisigh nó nár bhailíochtaigh údarás eisiúna amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4 an tOrdú Caomhnaithe Eorpach;

(b)

nach bhféadfadh an seolaí an EPOC-PR a chomhlíonadh de bharr dodhéantacht de facto mar gheall ar chúinsí nach bhfuil inchurtha i leith an tseolaí, nó de bhrí go bhfuil earráidí follasacha san EPOC-PR;

(c)

nach mbaineann an tOrdú Caomhnaithe Eorpach le sonraí a bhí á stóráil ag an soláthraí seirbhíse ná le sonraí a bhí á stóráil thar a cheann tráth an EPOC-PR a fháil;

(d)

nach gcumhdaítear le raon an Rialacháin seo an tseirbhís;

(e)

go bhfuil na sonraí a iarradh faoi chosaint ag díolúintí nó ag pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, nó go bhfuil na sonraí a iarradh cumhdaithe ag rialacha maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh nó a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, lena gcuirtear cosc ar fhorghníomhú nó ar fhorfheidhmiú an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh;

(f)

i gcásanna eisceachtúla, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOC-PR amháin, gur léir go bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint, ar bhonn fianaise shonrach agus oibiachtúil, go mbeadh sárú follasach ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt i gceist le forghníomhú an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh i gcúinsí áirithe an cháis.

6.   I gcás ina ndéanfaidh an seolaí dá dtagraítear i mír 3, pointe (a) agóid, cinnfidh an t-údarás forfheidhmiúcháin cibé acu a fhorfheidhmeofar nó nach bhforfheidhmeofar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach ar bhonn aon fhaisnéise arna soláthar ag an seolaí agus, más gá, ar bhonn faisnéis fhorlíontach a fuarthas ón údarás eisiúna i gcomhréir le mír 7.

7.   Sula gcinnfidh sé gan an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a aithint nó gan iad a fhorfheidhmiú i gcomhréir le mír 2 nó mír 6, faoi seach, rachaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin i gcomhairle leis an údarás eisiúna trí aon bhealach iomchuí. Más iomchuí, iarrfaidh sé tuilleadh faisnéise ar an údarás eisiúna. Tabharfaidh an t-údarás eisiúna freagra ar aon iarraidh den sórt sin laistigh de 5 lá oibre.

8.   Cuirfidh an t-údarás forfheidhmiúcháin a chinntí uile in iúl láithreach don údarás eisiúna agus don seolaí.

9.   Má fhaigheann an t-údarás forfheidhmiúcháin na sonraí atá á n-iarraidh le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ón seolaí, tarchuirfidh sé na sonraí sin chuig an údarás eisiúna gan moill mhíchuí.

10.   I gcás nach gcomhlíonfaidh an seolaí a chuid oibleagáidí faoi Ordú Eorpach aitheanta chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó faoi Ordú Caomhnaithe Eorpach aitheanta a bhfuil a in-fhorfheidhmitheacht deimhnithe ag an údarás forfheidhmiúcháin, forchuirfidh an t-údarás sin pionós airgid i gcomhréir le hAirteagal 15. Beidh leigheas breithiúnach éifeachtach ar fáil in aghaidh cinneadh maidir le pionós airgid a fhorchur.

CAIBIDIL IV

COINBHLEACHTAÍ DLÍ AGUS LEIGHEASANNA

Airteagal 17

Nós imeachta maidir le hathbhreithniú i gcás coinbhleachtaí oibleagáidí

1.   I gcás ina measann seolaí go mbeadh comhlíonadh Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird i gcoinbhleacht le hoibleagáid faoi dhlí is infheidhme tríú tír, cuirfidh sé in iúl don údarás eisiúna agus don údarás forfheidhmiúcháin na cúiseanna atá aige gan an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a fhorghníomhú, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10(8) agus (9), ag úsáid na foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn III (‘an agóid réasúnaithe’).

2.   Beidh na sonraí ábhartha ar fad a bhaineann le dlí an tríú tír san áireamh san agóid réasúnaithe, chomh maith lena infheidhmeacht i dtaca leis an gcás i dtrácht agus cineál na coinbhleachta oibleagáide. Ní bheidh an agóid réasúnaithe bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)

nach ann d’fhorálacha comhchosúla maidir leis na coinníollacha, na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta chun ordú chun fianaise a thabhairt ar aird a eisiúint i ndlí infheidhme an tríú tír; nó

(b)

an fíoras go bhfuil na sonraí stóráilte i dtríú tír.

Déanfar an agóid réasúnaithe a chomhdú tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis an dáta a fuair an seolaí an EPOC.

3.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna athbhreithniú ar an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar bhonn na hagóide réasúnaithe agus aon ionchuir arna soláthar ag an Stát forfheidhmiúcháin. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an údarás eisiúna seasamh leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, iarrfaidh sé athbhreithniú ó chúirt inniúil an Stáit eisiúna. Cuirfear forghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar fionraí nó go mbeidh an nós imeachta athbhreithnithe curtha i gcrích.

4.   Ar gcéad dul síos, déanfaidh an chúirt inniúil measúnú an bhfuil coinbhleacht ann maidir le hoibleagáidí, bunaithe ar scrúdú a dhéanamh:

(a)

i dtaobh an bhfuil dlí an tríú tír infheidhme, bunaithe ar chúinsí sonracha an cháis i dtrácht; agus

(b)

i dtaobh an dtoirmisctear nochtadh na sonraí lena mbaineann le dlí an tríú tír, más infheidhme amhail dá dtagraítear i bpointe (a), nuair a chuirtear i bhfeidhm é maidir le himthosca sonracha an cháis atá i gceist.

5.   I gcás ina gcinnfidh an chúirt inniúil nach ann d’aon choinbhleacht ábhartha oibleagáidí de réir bhrí mhíreanna 1 agus 4, seasfaidh sí leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.

6.   I gcás ina suífidh an chúirt inniúil, bunaithe ar an scrúdú de bhun mhír 4, pointe (b), go dtoirmeasctar nochtadh na sonraí lena mbaineann faoi dhlí an tríú tír, cinnfidh an chúirt inniúil an seasfar leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an gcuirfear deireadh leis. Bunófar an measúnú sin go háirithe ar bhonn na bhfachtóirí seo a leanas, agus urraim ar leith á tabhairt ar na fachtóirí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b):

(a)

an leas atá á chosaint ag dlí ábhartha an tríú tír, lena n-áirítear cearta bunúsacha chomh maith le leasanna bunúsacha eile lena gcoisctear nochtadh na sonraí, go háirithe leasanna slándála náisiúnta an tríú tír;

(b)

méid an naisc idir an cás coiriúil ar eisíodh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ina leith agus ceachtar den dá dhlínse, mar a léirítear inter alia le:

(i)

suíomh, náisiúntacht agus áit chónaithe an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh nó suíomh, náisiúntacht agus áit chónaithe íospartach nó íospartaigh an chiona choiriúil atá i gceist;

(ii)

an áit a ndearnadh an cion coiriúil i dtrácht;

(c)

méid an naisc atá idir an soláthraí seirbhíse agus an tríú tír i dtrácht; sa chomhthéacs sin, ní leor suíomh stórála sonraí amháin chun nasc substaintiúil a bhunú;

(d)

leasanna an Stáit imscrúdaithe, ar leasanna iad a bhaineann leis an bhfianaise lena mbaineann a fháil, bunaithe ar thromchúis an chiona agus ar an tábhacht a bhaineann le fianaise a fháil ar bhealach gasta;

(e)

na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don seolaí nó don soláthraí seirbhíse dá ndéanfaidís an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a chomhlíonadh, lena n-áirítear na pionóis a d’fhéadfadh a bheith ann.

7.   Féadfaidh an chúirt inniúil faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil an tríú tír, agus Treoir (AE) 2016/680 á cur san áireamh aici, go háirithe Caibidil V di, agus a mhéid nach gcuirtear bac ar na himeachtaí coiriúla ábhartha leis an iarraidh sin. Go háirithe, iarrfaidh an Stát eisiúna faisnéis ar údarás inniúil an tríú tír i gcás ina mbaineann an choinbhleacht oibleagáidí le cearta bunúsacha nó leasanna bunúsacha eile de chuid an tríú tír a bhaineann le slándáil agus cosaint náisiúnta.

8.   Má chinneann an chúirt inniúil an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a chur i leataobh, cuirfidh sí é sin in iúl don údarás eisiúna agus don seolaí. Má chinneann an chúirt inniúil go seasfar leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, cuirfidh sí é sin in iúl don údarás eisiúna agus don seolaí, agus rachaidh an seolaí sin ar aghaidh le forghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.

9.   Chun críocha na nósanna imeachta faoin Airteagal seo, déanfar na teorainneacha ama a ríomh i gcomhréir le dlí náisiúnta an údaráis eisiúna.

10.   Cuirfidh an t-údarás eisiúna an t-údarás forfheidhmiúcháin ar an eolas faoi thoradh an nós imeachta um athbhreithniú.

Airteagal 18

Leigheasanna éifeachtacha

1.   Gan dochar a do leigheasanna dlíthiúla breise atá ar fáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh sé de cheart ag aon duine a raibh a chuid sonraí á n-iarraidh trí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, leigheasanna éifeachtacha a fháil in aghaidh an ordaithe sin. I gcás inar duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe an duine sin, beidh de cheart aige leigheasanna éifeachtacha a fháil le linn na n-imeachtaí coiriúla ina raibh na sonraí in úsáid. Beidh an ceart chun leigheasanna éifeachtacha dá dtagraítear sa mhír seo gan dochar don cheart leigheasanna a lorg faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus faoi Threoir (AE) 2016/680.

2.   Déanfar an ceart chun leigheasanna éifeachtacha a fheidhmiú os comhair cúirte sa Stát eisiúna i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus cuirfear san áireamh ann an fhéidearthacht agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht an bhirt, lena n-áirítear a riachtanas agus a chomhréireacht, gan dochar do ráthaíochtaí maidir le cearta bunúsacha sa Stát forfheidhmiúcháin.

3.   Chun críocha Airteagal 13(1), cuirfear faisnéis ar fáil in am trátha faoi na féidearthachtaí faoin dlí náisiúnta maidir le leigheasanna a lorg agus áiritheofar gur féidir iad a fheidhmiú go héifeachtach.

4.   Beidh feidhm ag na teorainneacha ama céanna nó ag na coinníollacha céanna eile chun leigheasanna a lorg i gcásanna intíre comhchosúla chun críocha an Rialacháin seo agus ar bhealach a ráthaíonn gur féidir leis na daoine lena mbaineann a gceart chun na leigheasanna sin a fheidhmiú go héifeachtach.

5.   Gan dochar do rialacha nós imeachta náisiúnta, áiritheoidh an Stát eisiúna agus aon Bhallstát eile ar tarchuireadh fianaise leictreonach chuige faoin Rialachán seo go n-urramófar cearta cosanta agus cothroime na n-imeachtaí agus measúnú á dhéanamh ar fhianaise a fhaightear tríd an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.

CAIBIDIL V

CÓRAS TF DÍLÁRAITHE

Airteagal 19

Cumarsáid dhigiteach shlán agus malartú sonraí slán idir údaráis inniúla agus soláthraithe seirbhíse agus idir údaráis inniúla

1.   Is trí chóras TF díláraithe (‘an córas TF díláraithe’) atá slán agus iontaofa a dhéanfar cumarsáid i scríbhinn idir údaráis inniúla agus bunaíochtaí ainmnithe nó ionadaithe dlíthiúla faoin Rialachán seo, lena n-áirítear malartú na bhfoirmeacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus na sonraí a iarradh faoi Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó faoi Ordú Caomhnaithe Eorpach.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go dtabharfar rochtain ar an gcóras TF díláraithe do bhunaíochtaí ainmnithe nó d’ionadaithe dlíthiúla soláthraithe seirbhíse atá lonnaithe sa Bhallstát sin trína gcóras TF náisiúnta faoi seach.

3.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse gur féidir lena mbunaíochtaí ainmnithe nó lena n-ionadaithe dlíthiúla an córas TF díláraithe a úsáid tríd an gcóras TF náisiúnta faoi seach chun EPOCanna agus EPOC-PRanna a fháil, na sonraí a iarradh a sheoladh chuig an údarás eisiúna agus cumarsáid a dhéanamh ar aon bhealach eile leis an údarás eisiúna agus leis an údarás forfheidhmiúcháin, dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

4.   Is tríd an gcóras TF díláraithe a dhéanfar cumarsáid i scríbhinn idir údaráis inniúla faoin Rialachán seo, lena n-áirítear malartú foirmeacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus na sonraí a iarradh faoin nós imeachta um fhorfheidhmiú dá bhforáiltear in Airteagal 16, chomh maith le cumarsáid i scríbhinn le gníomhaireachtaí nó comhlachtaí inniúla de chuid an Aontais.

5.   I gcás nach féidir cumarsáid leictreonach tríd an gcóras TF díláraithe a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 nó mír 4 de bharr, mar shampla, cur isteach ar an gcóras TF díláraithe, cineál an ábhair a tarchuireadh, teorainneacha teicniúla, amhail méid na sonraí, srianta dlíthiúla a bhaineann le hinghlacthacht na sonraí a iarradh mar fhianaise nó le ceanglais fhóiréinseacha is infheidhme maidir leis na sonraí a iarradh, nó cúinsí eisceachtúla, déanfar an tarchur trí na modhanna malartacha is iomchuí, agus an gá atá le malartú faisnéise atá gasta, slán agus iontaofa a áirithiú á chur san áireamh, agus faoinar féidir leis an údarás forfheidhmiúcháin barántúlacht a bhunú.

6.   I gcás ina ndéantar tarchur trí mhodhanna malartacha dá bhforáiltear i mír 5, déanfaidh tionscnóir an tarchuir an tarchur a thaifeadadh sa chóras TF díláraithe gan moill mhíchuí, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, dáta agus am an tarchurtha, an seoltóir agus an faighteoir, ainm an chomhaid agus a mhéid.

Airteagal 20

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad

Ní dhiúltófar éifeacht dhlíthiúil a bheith ag doiciméid a tharchuirfear mar chuid de chumarsáid leictreonach agus ní mheasfar go bhfuil siad neamh-inghlactha i gcomhthéacs nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann faoin Rialachán seo ar an bhforas amháin gur i bhfoirm leictreonach atá siad.

Airteagal 21

Sínithe agus séalaí leictreonacha

1.   An creat dlíthiúil ginearálta le haghaidh úsáid seirbhísí iontaoibhe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, beidh feidhm aige maidir le cumarsáid leictreonach faoin Rialachán seo.

2.   I gcás ina n-éilítear séala nó síniú i gcomhréir leis an Rialachán seo le doiciméad arna tharchur mar chuid den chumarsáid leictreonach faoi Airteagal 19(1) nó (4) den Rialachán seo, beidh ríomhshéala cáilithe nó ríomhshíniú cáilithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 sa doiciméad.

Airteagal 22

Bogearraí cur chun feidhme tagartha

1.   Beidh an Coimisiún freagrach as bogearraí cur chun feidhme tagartha a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt, ar bogearraí iad a fhéadfaidh Ballstáit a chur i bhfeidhm mar a gcóras cúil seachas córas TF náisiúnta. Déanfar cruthú, cothabháil agus forbairt na mbogearraí cur chun feidhme tagartha a mhaoiniú le buiséad ginearálta an Aontais.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a sholáthar agus a chothabháil saor in aisce agus tacóidh sé leo saor in aisce.

Airteagal 23

Costas an chórais TF dhíláraithe

1.   Seasfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann le suiteáil, oibriú agus cothabháil phointí rochtana an chórais TF dhíláraithe as a bhfuil an Ballstát sin freagrach.

2.   Seasfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann lena gcórais TF náisiúnta ábhartha a bhunú agus a choigeartú chun iad a dhéanamh idir-inoibritheach leis na pointí rochtana, agus seasfaidh siad na costais a bhaineann leis na córais sin a riar, a fheidhmiú agus a chothabháil.

3.   Is iad gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais a bheidh freagrach as na costais a bhaineann le suiteáil, oibriú agus cothabháil na gcomhpháirteanna sin ina bhfuil an córas TF díláraithe atá faoina gcúram.

4.   Seasfaidh gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais na costais a bhaineann lena gcórais bainistithe cásanna a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh siad idir-inoibritheach leis na pointí rochtana, agus seasfaidh siad na costais a bhaineann leis na córais sin a riar, a oibriú agus a chothabháil.

5.   Seasfaidh soláthraithe seirbhíse na costais uile is gá chun gur féidir leo an córas TF díláraithe a chomhtháthú go rathúil nó idirghníomhú leis ar bhealach eile.

Airteagal 24

Idirthréimhse

Sula dtiocfaidh an oibleagáid cumarsáid i scríbhinn a dhéanamh tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 19 i bhfeidhm (‘idirthréimhse’), déanfar an chumarsáid i scríbhinn idir údaráis inniúla agus bunaíochtaí ainmnithe nó ionadaithe dlíthiúla faoin Rialachán seo trí na modhanna malartacha is iomchuí, agus an gá atá le malartú gasta, slán agus iontaofa faisnéise a áirithiú á chur san áireamh. Sa chás go bhfuil ardáin thiomnaithe nó bealaí slána eile bunaithe ag soláthraithe seirbhíse, ag Ballstáit nó ag gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais chun láimhseáil a dhéanamh ar iarrataí ar shonraí ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí nó ó údaráis bhreithiúnacha, féadfaidh údaráis eisiúna a roghnú freisin EPOC nó EPOC-PR a tharchur trí na bealaí sin chuig bunaíochtaí ainmnithe nó chuig ionadaithe dlíthiúla le linn na hidirthréimhse.

Airteagal 25

Gníomhartha cur chun feidhme

1.   Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is gá chun an córas TF díláraithe le haghaidh na cumarsáide a bhunú agus a úsáid chun críocha an Rialacháin seo, lena leagtar amach an méid seo a leanas:

(a)

na sonraíochtaí teicniúla lena sainítear na modhanna cumarsáide trí mheán leictreonach chun críocha an chórais TF dhíláraithe;

(b)

na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh prótacail chumarsáide;

(c)

na cuspóirí slándála faisnéise agus na bearta teicniúla ábhartha lena n-áirithítear íoschaighdeáin slándála faisnéise agus ardleibhéal cibearshlándála maidir le próiseáil agus cumarsáid faisnéise laistigh den chóras TF díláraithe;

(d)

na híoschuspóirí infhaighteachta agus na ceanglais theicniúla ghaolmhara fhéideartha i ndáil leis na seirbhísí a sholáthraítear leis an gcóras TF díláraithe.

2.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26.

3.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 faoin 18 Lúnasa 2025.

Airteagal 26

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 27

Teangacha

Féadfaidh gach Ballstát a chinneadh, tráth ar bith, go nglacfaidh sé le haistriúcháin de EPOCanna agus EPOC-PRanna i dteanga oifigiúil amháin nó níos mó de chuid an Aontais mar aon lena dteanga oifigiúil nó lena dteangacha oifigiúla, agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl i ndearbhú i scríbhinn arna chur faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún na dearbhuithe ar fáil do na Ballstáit uile agus don Ghréasán Breithiúnach Eorpach.

Airteagal 28

Faireachán agus tuairisciú

1.   Faoin 18 Lúnasa 2026, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo. Leis an gclár faireacháin, leagfar amach na modhanna trína mbaileofar na sonraí chomh maith leis na tréimhsí ama ina ndéanfar sin. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le linn dóibh na sonraí a bhailiú agus a anailísiú.

2.   In aon chás, ón 18 Lúnasa 2026, baileoidh na Ballstáit staidreamh cuimsitheach agus coimeádfaidh siad taifead de staidreamh den sórt sin. Déanfar na sonraí a bailíodh don bhliain féilire roimhe sin a chur chuig an gCoimisiún gach bliain faoin 31 Márta, agus beidh an méid seo a leanas san áireamh iontu:

(a)

an líon EPOCanna agus EPOC-PRanna a eisíodh de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);

(b)

an líon EPOCanna a eisíodh faoi mhaoluithe i gcás éigeandála;

(c)

an líon EPOCanna agus EPOC-PRanna a comhlíonadh agus nár comhlíonadh de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);

(d)

an líon fógraí chuig na húdaráis forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, agus líon na EPOCanna a diúltaíodh, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe, de réir an cháis (cás éigeandála nó eile) agus de réir an fhorais leis an diúltú a ardaíodh;

(e)

i gcás EPOCanna a comhlíonadh, an mheántréimhse idir an nóiméad a eisíodh an EPOC agus an nóiméad a fuarthas na sonraí a iarradh, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);

(f)

i gcás EPOC-PRanna a comhlíonadh, an mheántréimhse idir an nóiméad a eisíodh an EPOC-PR agus an nóiméad a eisíodh an iarraidh ina dhiaidh sin ar fhianaise a thabhairt ar aird, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh agus de réir na seolaithe;

(g)

an líon Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an líon Orduithe Caomhnaithe Eorpacha arna dtarchur chuig Stát forfheidhmiúcháin agus arna bhfáil aige lena bhforfheidhmiú de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile) agus líon na n-orduithe den sórt sin a comhlíonadh;

(h)

an líon leigheasanna dlíthiúla arna n-úsáid in aghaidh Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird sa Stát eisiúna agus sa Stát forfheidhmiúcháin de réir chineál na sonraí a iarradh.

(i)

an líon cásanna nár deonaíodh bailíochtú ex post ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4(5);

(j)

forléargas ar na costais a d’éiligh soláthraithe seirbhíse i ndáil le EPOCanna nó EPOC-PRanna a fhorghníomhú agus ar na costais a d’aisíoc na húdaráis eisiúna.

3.   Ón 18 Lúnasa 2026, maidir leis na malartuithe sonraí a dhéanfar tríd an gcóras TF díláraithe de bhun Airteagal 19(1), féadfar an staidreamh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhailiú ar bhonn ríomhchláraithe le tairseacha náisiúnta. Na bogearraí cur chun feidhme tagartha dá dtagraítear in Airteagal 22, beidh an trealamh teicniúil iomchuí acu chun an fheidhmiúlacht sin a sholáthar.

4.   Féadfaidh soláthraithe seirbhíse staidreamh a bhailiú, taifead díobh a choimeád agus iad a fhoilsiú i gcomhréir leis na prionsabail maidir le cosaint sonraí atá ann cheana. Má bhailítear aon staidreamh den sórt sin don bhliain féilire roimhe sin, féadfar iad a chur chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta agus féadfar na nithe seo a leanas a áireamh leo, a mhéid is féidir:

(a)

an líon EPOCanna agus EPOC-PRanna a fuarthas de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir an Stáit eisiúna agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);

(b)

an líon EPOCanna agus EPOC-PRanna a comhlíonadh agus nár comhlíonadh de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir an Stáit eisiúna agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);

(c)

i gcás EPOCanna a comhlíonadh, an mheántréimhse a theastaíonn chun na sonraí a iarradh a chur ar fáil ón nóiméad a fuarthas an EPOC go dtí an nóiméad a soláthraíodh na sonraí, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir an Stáit eisiúna agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);

(d)

i gcás EPOC-PRanna a comhlíonadh, an mheántréimhse idir an nóiméad a eisíodh an EPOC-PR agus an nóiméad a eisítear an iarraidh ina dhiaidh sin ar fhianaise a thabhairt ar aird, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh agus de réir an Stáit eisiúna.

5.   Ón 18 Lúnasa 2027, déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh gach bliain, tuarascáil a fhoilsiú ina mbeidh na sonraí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 i bhfoirm thiomsaithe, arna bhforoinnt de réir an Bhallstáit agus chineál an tsoláthraí seirbhíse.

Airteagal 29

Leasuithe ar na deimhnithe agus ar na foirmeacha

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 30 chun Iarscríbhinní I, II, III, V agus VI a leasú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le feabhsuithe maidir le hinneachar na bhfoirmeacha EPOC agus EPOC-PR agus na bhfoirmeacha a bheidh le húsáid chun faisnéis a sholáthar maidir le dodhéantacht EPOC nó EPOC-PR a fhorghníomhú, chun eisiúint iarrata ar fhianaise a thabhairt ar aird tar éis Ordú Caomhnaithe Eorpach a dheimhniú agus chun síneadh a chur le caomhnú fianaise leictreonaí.

Airteagal 30

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 29 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 18 Lúnasa 2026.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 29 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 29 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 31

Fógraí a thabhairt don Choimisiún

1.   Faoin 18 Lúnasa 2025, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoin méid seo a leanas:

(a)

an t-údarás nó na húdaráis atá, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, inniúil i gcomhréir le hAirteagal 4 chun Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha, nó fógraí fúthu sin, a eisiúint, a bhailíochtú nó a tharchur;

(b)

an t-údarás nó na húdaráis atá inniúil chun fógraí a fháil de bhun Airteagal 8 agus chun Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha a fhorfheidhmiú thar ceann Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 16;

(c)

an t-údarás nó na húdaráis atá inniúil chun déileáil le hagóidí réasúnaithe ó sheolaithe i gcomhréir le hAirteagal 17;

(d)

na teangacha a nglactar leo, i gcomhréir le hAirteagal 27, chun fógra a thabhairt faoi EPOC, EPOC-PR, Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach, i gcás forfheidhmithe, agus chun é a tharchur.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fuarthas faoin Airteagal seo ar fáil don phobal, ar shuíomh gréasáin tiomnaithe nó ar shuíomh gréasáin an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair choiriúla dá dtagraítear in Airteagal 9 de Chinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle (33).

Airteagal 32

An gaol le hionstraimí, comhaontuithe agus socruithe eile

1.   Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’ionstraimí, comhaontuithe agus socruithe de chuid an Aontais ná d’ionstraimí, comhaontuithe agus socruithe idirnáisiúnta eile maidir le bailiú fianaise a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 18 Lúnasa 2026 maidir le haon ionstraimí, comhaontuithe agus socruithe atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1 a chuirfidh siad i bhfeidhm i gcónaí. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún laistigh de 3 mhí faoi aon chomhaontú nó socrú nua a síníodh dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 33

Meastóireacht

Faoin 18 Lúnasa 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. Tarchuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Mar chuid den tuarascáil mheastóireachta sin, beidh measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar na torthaí a baineadh amach i dtaobh na gcuspóirí atá leis mar aon le measúnú ar thionchar an Rialacháin seo ar na cearta bunúsacha. Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir leis na treoirlínte an Choimisiúin maidir le reachtóireacht níos fearr. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil mheastóireachta a ullmhú.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 18 Lúnasa 2026.

Maidir leis an oibleagáid atá ar na húdaráis inniúla agus soláthraithe seirbhíse úsáid a bhaint as an gcóras TF díláraithe a bhunaítear in Airteagal 19 le haghaidh cumarsáid i scríbhinn faoin Rialachán seo, áfach, beidh feidhm aici ó 1 bhliain tar éis ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Iúil 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 88.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023.

(3)  IO C 346, 27.9.2018, lch. 29.

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(6)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach a úsáid in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(7)  Coinbhinsiún a bhunaigh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 3).

(8)  Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(9)  Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lch. 1).

(10)  Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lch. 1).

(11)  Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 ar cheart chun dlíodóra in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus ar an gceart go gcuirfí tríú páirtí ar aon eolas nuair a chailltear an tsaoirse agus ar an gceart cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse (IO L 294, 6.11.2013, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla (IO L 65, 11.3.2016, lch. 1).

(13)  Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 ar choimircí nós imeachta do leanaí ar daoine iad atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla (IO L 132, 21.5.2016, lch. 1).

(14)  Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 ar chúnamh dlíthiúil do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir le barántas gabhála Eorpach (IO L 297, 4.11.2016, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(16)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar amach nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar maith léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1).

(19)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(20)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(21)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

(22)  Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 42).

(23)  Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla (IO L 181).

(24)  Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú leictreonach trasteorann sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 150, 1.6.2022, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73

(26)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(27)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(28)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(29)  IO C 32, 31.1.2020, lch. 11.

(30)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(31)  Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8).

(32)  Treoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle (IO L 123, 10.5.2019, lch. 18).

(33)  Cinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach (IO L 348, 24.12.2008, lch. 130).


IARSCRÍBHINN I

DEIMHNIÚ UM ORDÚ EORPACH CHUN FIANAISE A THABHAIRT AR AIRD (EPOC) MAIDIR LE FIANAISE LEICTREONACH A THABHAIRT AR AIRD

Faoi Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), ní mór do sheolaí an Deimhnithe um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird sin (EPOC) an EPOC sin a fhorghníomhú agus caithfidh sé na sonraí a iarradh a tharchur i gcomhréir leis na spriocdhátaí arna sonrú i gCuid C den EPOC sin chuig an údarás inniúil a luaitear faoi phointe (a) de Chuid L den EPOC sin.

I ngach cás, ní mór don seolaí, tar éis dó an EPOC a fháil, gníomhú go gasta chun na sonraí a iarradh a chaomhnú, ach amháin má fhágann an fhaisnéis atá san EPOC nach féidir leis na sonraí sin a aithint. Ní mór na sonraí a chaomhnú i gcónaí go dtí go dtabharfar na sonraí ar aird nó go dtí go léireoidh an t-údarás eisiúna nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás forfheidhmiúcháin nach bhfuil gá a thuilleadh leis na sonraí a chaomhnú agus a thabhairt ar aird.

Ní mór don seolaí na bearta is gá a dhéanamh chun rúndacht agus sláine an EPOC agus na sonraí a thabharfar ar aird nó a chaomhnófar a áirithiú.

CUID A: Údarás eisiúna/bailíochtaithe

An Stát eisiúna:…

An t-údarás eisiúna:…

An t-údarás bailíochtaithe (i gcás inarb infheidhme):…

NB: tá sonraí an údaráis eisiúna agus bailíochtaithe le soláthar ag an deireadh (Codanna I agus J)…

Uimhir chomhaid an údaráis eisiúna:…

Uimhir chomhaid an údaráis bailíochtaithe:…

CUID B: Seolaí

An seolaí:…

Image 2

Bunaíocht ainmnithe

Image 3

Ionadaí dlíthiúil

Image 4

Cuirtear an t-ordú seo ar fáil i gcás éigeandála don seolaí atá sonraithe toisc nár thug an bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse freagra ar an EPOC laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/1543 nó nár ainmníodh nó nár ceapadh é laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i dTreoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)

Seoladh:…

Uimh. Theileafóin/Uimh. Facs/Seoladh Ríomhphoist (más eol):…

Teagmhálaí (más eol):…

Uimhir chomhaid an tseolaí (más eol):…

An soláthraí seirbhíse lena mbaineann (murab ionann é agus an seolaí):…

Aon fhaisnéis ábhartha eile:…

CUID C: Spriocdhátaí (cuir tic leis an mbosca cuí agus comhlánaigh más gá)

Tar éis an EPOC a fháil, ní mór na sonraí arna n-iarraidh a thabhairt ar aird:

Image 5

a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí laistigh de 10 lá (i gcás nach dtugtar fógra don údarás forfheidhmiúcháin)

Image 6

i gcás ina dtugtar fógra don údarás forfheidhmiúcháin: ag deireadh na tréimhse deich lá, i gcás nach bhfuil foras diúltaithe ardaithe ag an údarás forfheidhmiúcháin laistigh den tréimhse sin, nó tar éis don údarás forfheidhmiúcháin a dheimhniú sula mbeidh an tréimhse 10 lá istigh nach luafaidh sé foras le haghaidh diúltú, a luaithe is féidir agus ag deireadh na tréimhse 10 lá ar a dhéanaí

Image 7

gan moill mhíchuí agus, ar a dhéanaí, laistigh d’ocht n-uair an chloig i gcás éigeandála ina bhfuil an méid seo a leanas i gceist:

Image 8

garbhaol do bheatha, sláine coirp nó sábháilteacht duine

Image 9

garbhaol do bhonneagar criticiúil mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (3) é, i gcás ina mbeadh garbhaol ann do bheatha, sláine coirp nó sábháilteacht duine dá gcuirfí isteach ar an mbonneagar criticiúil sin nó dá scriosfaí é, lena n-áirítear trí dhochar tromchúiseach a dhéanamh do sholáthar soláthairtí bunúsacha don phobal nó d’fheidhmiú phríomhfheidhmeanna an Stáit.

Luaigh aon spriocdhátaí nós imeachta nó spriocdhátaí eile ar cheart iad a chur san áireamh chun an EPOC seo a fhorghníomhú:…

Tabhair faisnéis bhreise i gcás inarb ábhartha:…

CUID D: Gaol le hiarraidh a rinneadh roimhe seo ar fhianaise a thabhairt ar aird nó ar chaomhnú (cuir tic leis agus comhlánaigh más infheidhme agus má tá sé ar fáil)

Image 10
Caomhnaíodh na sonraí a iarradh go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hiarraidh ar chaomhnú a rinneadh roimhe seo

arna heisiúint ag … (luaigh an t-údarás agus an uimhir chomhaid)

ar an … (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh)

agus arna tarchur ar an … (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh)

chuig … (luaigh an soláthraí seirbhíse/an t-ionadaí dlíthiúil/an bhunaíocht ainmnithe/an t-údarás inniúil a ndearnadh an iarraidh a tharchur chuige nó chuici agus, má tá sí ar fáil, an uimhir chomhaid a thug an seolaí).

Image 11
Baineann na sonraí a iarradh le hiarraidh ar fhianaise a thabhairt ar aird a rinneadh roimhe seo

arna heisiúint ag … (luaigh an t-údarás agus an uimhir chomhaid)

ar an … (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh)

agus arna tarchur ar an … (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh)

chuig … (luaigh an soláthraí seirbhíse/an t-ionadaí dlíthiúil/an bhunaíocht ainmnithe/an t-údarás inniúil a ndearnadh an iarraidh a tharchur chuige nó chuici agus, má tá sí ar fáil, an uimhir chomhaid a thug an seolaí).

Aon fhaisnéis ábhartha eile:…

CUID E: Faisnéis chun tacú le sainaithint na sonraí a iarradh (comhlánaigh a mhéid atá an fhaisnéis sin ar eolas agus a bhfuil gá léi chun na sonraí a shainaithint)

Seoladh/seoltaí IP agus stampaí ama (an dáta agus an t-amchrios san áireamh):…

Uimh. theileafóin:…

Seoladh nó seoltaí ríomhphoist:…

Uimhir nó uimhreacha IMEI:…

Seoladh nó seoltaí MAC:…

An t-úsáideoir/na húsáideoirí nó aitheantóir uathúil/aitheantóirí uathúla eile amhail ainm/ainmneacha úsáideora, aitheantas/aitheantais logála isteach nó ainm/ainmneacha cuntais:…

Ainm/ainmneacha na seirbhíse/na seirbhísí ábhartha:…

Eile:…

Más infheidhme, raon ama na sonraí a bhfuiltear ag iarraidh fianaise a thabhairt ar aird ina leith:

……

Image 12
Faisnéis bhreise más gá:…

CUID F: Fianaise leictreonach atá le tabhairt ar aird

Baineann an EPOC seo le (cuir tic sa bhosca/sna boscaí ábhartha):

(a)

Image 13

sonraí suibscríobhaí:

Image 14

ainm, dáta breithe, seoladh poist nó geografach, dáta breithe, sonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin) agus faisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an úsáideora/shealbhóir na suibscríbhinne

Image 15

dáta agus am an chéad chlárúcháin, an cineál clárúcháin, cóip de chonradh, modhanna chun céannacht a fhíorú ag nóiméad an chlárúcháin, cóipeanna de dhoiciméid a chuir an suibscríobhaí ar fáil

Image 16

an cineál seirbhíse agus fad na seirbhíse, lena n-áirítear an t-aitheantóir ná na haitheantóirí a d’úsáid an suibscríobhaí nó a cuireadh ar fáil dó tráth an chéad chlárúcháin nó an chéad ghníomhachtaithe (e.g. uimhir theileafóin, uimhir an chárta SIM, seoladh MAC) agus gléas gaolmhar/gléasanna gaolmhara

Image 17

faisnéis phróifíle (e.g. ainm an úsáideora, ainm don scáileán, grianghraf próifíle)

Image 18

sonraí maidir le bailíochtú úsáid na seirbhíse, amhail seoladh ríomhphoist malartach a chuir an t-úsáideoir/sealbhóir na suibscríbhinne ar fáil

Image 19

faisnéis maidir le cárta creidmheasa nó cárta dochair (a chuir an t-úsáideoir ar fáil chun críoch billeála), lena n-áirítear modhanna íocaíochta eile

Image 20

cóid-PUK

Image 21

eile:…

(b)

Image 22
sonraí arna n-iarraidh ar mhaithe leis an úsáideoir a aithint mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), de Rialachán (AE) 2023/1543 é, agus chun na críche sin amháin:

Image 23

taifid nasctha IP amhail seoltaí IP / logaí / uimhreacha rochtana mar aon le haitheantóirí teicniúla eile, amhail poirt foinse agus stampaí ama nó a gcomhionann, an t-aitheantas úsáideora agus an comhéadan a úsáideadh i gcomhthéacs úsáid na seirbhíse, sonraigh, más gá:…

Image 24

raon ama na sonraí a bhfuiltear ag iarraidh fianaise a thabhairt ar aird ina leith (más difriúil le cuid E):…

Image 25

eile:…

(c)

Image 26
sonraí tráchta:

(i)

i gcomhair teileafónaíocht mhóibíleach:

Image 27

aitheantóirí (A) amach agus (B) isteach (uimhir theileafóin, IMSI, IMEI)

Image 28

am agus fad ama an naisc nó na nasc

Image 29

iarrachtaí glao

Image 30

aitheantas an stáisiúin bunáite, lena n-áirítear faisnéis gheografach (comhordanáidí X/Y), ag an am a tosaíodh agus ag an am a críochnaíodh an nasc

Image 31

an t-iompróir / an teilisheirbhís a úsáideadh (e.g. UMTS, GPRS)

Image 32

eile:…

(ii)

i gcomhair an idirlín:

Image 33

faisnéis ródúcháin (seoladh IP na foinse, seoladh/seoltaí IP an chinn scríbe, uimhir phoirt/uimhreacha poirt, brabhsálaí, faisnéis maidir le ceanntásc ríomhphoist, aitheantas teachtaireachta)

Image 34

aitheantas an stáisiúin bunáite, lena n-áirítear faisnéis gheografach (comhordanáidí X/Y), ag an am a tosaíodh agus ag an am a críochnaíodh an nasc nó na naisc

Image 35

méid na sonraí

Image 36

dáta agus am an naisc nó na nasc

Image 37

achar ama an cheangail nó an tseisiúin/na seisiún rochtana

Image 38

eile:…

(iii)

i gcomhair óstála:

Image 39

comhaid loga

Image 40

ticéid

Image 41

eile:…

(iv)

eile:

Image 42

stair cheannacháin

Image 43

stair mhuirearaithe an iarmhéid réamhíoctha

Image 44

eile:…

(d)

Image 45

sonraí inneachair:

Image 46

dumpa bosca ríomhphoist (gréasáin)

Image 47

dumpa stórála ar líne (sonraí arna nginiúint ag úsáideoirí)

Image 48

dumpa leathanaigh

Image 49

loga/cúltaca teachtaireachta

Image 50

dumpa glórphoist

Image 51

inneachar freastalaí

Image 52

cúltaca gléis

Image 53

liosta teagmhálaithe

Image 54

eile:…

Image 55

Faisnéis bhreise i gcás is gá chun raon na sonraí a iarradh a shonrú nó a theorannú (tuilleadh):…

CUID G: Faisnéis faoi na bunchoinníollacha

(a)

baineann an EPOC seo (cuir tic sa bhosca/sna boscaí ábhartha):

Image 56

le himeachtaí coiriúla i leith cion coiriúil nó cionta coiriúla;

Image 57

le forghníomhú pianbhreithe coimeádta nó ordaithe coinneála 4 mhí ar a laghad tar éis imeachtaí coiriúla, arna fhorghníomhú ag cinneadh nach ndearnadh in absentia, agus i gcásanna inar éalaigh an duine a ciontaíodh ón gceartas.

(b)

Cineál agus rangú dlí an chiona/na gcionta a bhfuil an EPOC á eisiúint ina leith agus an fhoráil reachtúil is infheidhme (4):

……

(c)

Eisítear an EPOC seo le haghaidh sonraí tráchta nach n-iarrtar chun an t-úsáideoir a aithint agus chun na críche sin amháin, nó le haghaidh sonraí inneachair, nó lena n-aghaidh araon, agus baineann sé le (cuir tic sa bhosca/sna boscaí ábhartha, más infheidhme):

Image 58

cion coiriúil/cionta coiriúla atá inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith choimeádta ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad;

Image 59

ceann amháin nó níos mó de na cionta seo a leanas, más amhlaidh go ndearnadh na cionta sin go hiomlán nó go páirteach trí chóras faisnéise:

Image 60

cion/cionta mar a shainmhínítear in Airteagail 3 go 8 de Threoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) iad;

Image 61

cion/cionta mar a shainmhínítear in Airteagail 3 go 7 de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) iad;

Image 62

cion/cionta mar a shainmhínítear in Airteagail 3 go 8 de Threoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) iad;

Image 63

cionta coiriúla mar a shainmhínítear in Airteagail 3 go 12 agus Airteagal 14 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) iad.

(d)

Rialaitheoir/próiseálaí:

Díreofar Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar sholáthraithe seirbhíse atá ag gníomhú mar rialaitheoirí. Mar eisceacht, féadfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhíriú go díreach ar an soláthraí seirbhíse a phróiseálann na sonraí thar ceann an rialaitheora.

Cuir tic leis, i gcás inarb iomchuí:

Image 64

Tá an EPOC seo dírithe ar an soláthraí seirbhíse atá ag gníomhú mar rialaitheoir.

Image 65

Tá an EPOC seo dírithe ar an soláthraí seirbhíse atá ag próiseáil na sonraí thar ceann an rialaitheora nó, i gcásanna nach féidir an rialaitheoir a aithint, a d’fhéadfadh a bheith ag próiseáil na sonraí thar ceann an rialaitheora, ar na cúiseanna seo a leanas:

Image 66

ní féidir an rialaitheoir a aithint in ainneoin iarrachtaí réasúnta a bheith déanta ag an údarás eisiúna

Image 67

d’fhéadfaí dochar a dhéanamh don imscrúdú dá rachfaí i dteagmháil leis an rialaitheoir

Má tá an EPOC seo dírithe ar an soláthraí seirbhíse atá ag próiseáil na sonraí thar ceann an rialaitheora:

Image 68

cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas faoi sholáthar na sonraí

Image 69

ní chuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas faoi sholáthar na sonraí go dtí go bhfógrófar a mhalairt, toisc go ndéanfadh sé dochar don imscrúdú. Tabhair réasúnú gearr (9):…

(e)

Aon fhaisnéis ábhartha eile:…

CUID H: Faisnéis don úsáideoir

Ní dhéanfaidh an seolaí, in aon chás, an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh a chur ar an eolas faoi. Is ar an údarás eisiúna atá sé de chúram an duine sin a chur ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi sholáthar na sonraí.

Tabhair do d’aire (cuir tic leis, i gcás inar iomchuí):

Image 70

go ndéanfaidh an t-údarás eisiúna an uair a chuirfear an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh ar an eolas a chur siar, fad a chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

Image 71

is gá é sin chun nach gcuirfear bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla;

Image 72

is gá é sin chun nach ndéanfar dochar do chosc, brath, imscrúdú nó ionchúiseamh cionta coiriúla nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil;

Image 73

is gá é sin chun an tslándáil phoiblí a chosaint;

Image 74

is gá é sin chun an tslándáil náisiúnta a chosaint;

Image 75

is gá é sin chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

CUID I: Sonraí an údaráis eisiúna

An cineál údaráis eisiúna (cuir tic sa bhosca ábhartha/sna boscaí ábhartha):

Image 76

breitheamh, cúirt, nó breitheamh imscrúduithe

Image 77

ionchúisitheoir poiblí

Image 78

údarás inniúil eile mar a shainmhíníonn an Stát eisiúna é

Más tá gá le bailíochtú, comhlánaigh Cuid J freisin.

Tabhair do d’aire (cuir tic leis, más infheidhme):

Image 79

Eisíodh an EPOC seo i gcomhair sonraí suibscríobhaí nó i gcomhair sonraí arna n-iarraidh chun an t-úsáideoir a aithint, agus chun na críche sin amháin, i gcás éigeandála a bhfuil údar bailí leis gan réamhbhailíochtú, toisc nach bhféadfaí an bailíochtú a fháil in am, nó i gcomhair an dá chineál sonraí sin. Deimhníonn an t-údarás eisiúna go bhféadfadh sé ordú a eisiúint i gcás náisiúnta comhchosúil gan bhailíochtú, agus go lorgófar an bailíochtú ex post sin gan mhoill, laistigh de 48 uair an chloig ar a dhéanaí (tabhair do d’aire nach gcuirfear an seolaí ar an eolas).

Sonraí an údaráis eisiúna nó a ionadaí, nó an dá cheann araon, a dheimhníonn go bhfuil inneachar an EPOC cruinn agus ceart:

Ainm an údaráis:…

Ainm an ionadaí:…

Post atá aige/aici (teideal/grád):…

Uimhir an chomhaid:…

Seoladh:…

Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Seoladh ríomhphoist:…

Teanga/teangacha a labhraítear:…

Murab ionann agus a bhfuil thuas, údarás/pointe teagmhála (e.g. údarás lárnach) ar féidir teagmháil a dhéanamh leis maidir le haon cheist a bhaineann le forghníomhú an EPOC:

Ainm an údaráis/ainm:…

Seoladh:…

Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Seoladh ríomhphoist:…

Síniú an údaráis eisiúna nó a ionadaí a dheimhníonn go bhfuil inneachar an EPOC cruinn agus ceart:

Dáta:…

Síniú (10):…

CUID J: Sonraí an údaráis bailíochtaithe (comhlánaigh más infheidhme)

An cineál údaráis bailíochtaithe

Image 80

breitheamh, cúirt nó breitheamh imscrúdaithe

Image 81

ionchúisitheoir poiblí

Sonraí an údaráis bailíochtaithe nó a ionadaí, nó an dá cheann araon, a dheimhníonn go bhfuil inneachar an EPOC cruinn agus ceart:

Ainm an údaráis:…

Ainm an ionadaí:…

An post atá aige/aici (teideal/grád):…

Uimhir an chomhaid:…

Seoladh:…

Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Seoladh ríomhphoist:…

Teanga/teangacha a labhraítear:…

Dáta:…

Síniú (11):…

CUID K: Fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin faoina dtugtar fógra agus a chuid sonraí (más infheidhme)

Image 82
Tugtar fógra faoin EPOC seo don údarás forfheidhmiúcháin seo a leanas: …

Tabhair sonraí teagmhála an údaráis forfheidhmiúcháin faoina dtugtar fógra (má tá siad ar fáil):

Ainm an údaráis forfheidhmiúcháin:…

Seoladh:…

Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Seoladh ríomhphoist:…

CUID L: Aistriú sonraí

(a)

An t-údarás nach mór na sonraí a aistriú chuige

Image 83

údarás eisiúna,

Image 84

údarás bailíochtaithe

Image 85

údarás inniúil eile (e.g. údarás lárnach)

Ainm agus sonraí teagmhála:…

(b)

An fhormáid nó an modh a dtugtar tús áite di nó dó inar gá na sonraí a aistriú (más infheidhme):…

CUID M: Faisnéis bhreise atá le cur san áireamh (ní chuirfear chuig an seolaí í - le tabhairt don údarás forfheidhmiúcháin i gcás nach mór fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin)

Na forais lena chinneadh go gcomhlíonann an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird na coinníollacha riachtanais agus comhréireachta:

……

Cur síos achomair ar an gcás:

……

Maidir leis an gcion a bhfuil an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird á eisiúint ina leith, an cion é a ngabhann pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála sa Stát eisiúna leis ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad agus atá san áireamh i liosta na gcionta a leagtar amach thíos (cuir tic sa bhosca nó sna boscaí ábhartha)?

Image 86

rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil;

Image 87

sceimhlitheoireacht;

Image 88

gáinneáil ar dhaoine;

Image 89

teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí;

Image 90

gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha;

Image 91

gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin;

Image 92

éilliú;

Image 93

calaois, lena n-áirítear calaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) iad;

Image 94

fáltais ón gcoiriúlacht a sciúradh;

Image 95

góchumadh airgeadra, lena n-áirítear an euro;

Image 96

coireacht atá bainteach leis an ríomhaireacht;

Image 97

an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear an gháinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá i mbaol agus ar speicis phlandaí agus cineálacha plandaí atá i mbaol;

Image 98

teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú;

Image 99

dúnmharú nó mórdhíobháil choirp;

Image 100

trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna;

Image 101

fuadach, srianadh neamhdhleathach nó gabháil giall;

Image 102

ciníochas agus seineafóibe;

Image 103

robáil eagraithe nó armtha;

Image 104

gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seaniarsmaí agus saothair ealaíne;

Image 105

caimiléireacht;

Image 106

cambheartaíocht agus sracaireacht;

Image 107

góchumadh agus píoráideacht táirgí;

Image 108

doiciméid riaracháin a bhrionnú agus gáinneáil orthu;

Image 109

brionnú modhanna íocaíochta;

Image 110

gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí eile fáis;

Image 111

gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha;

Image 112

gáinneáil ar fheithiclí goidte;

Image 113

éigniú;

Image 114

coirloscadh;

Image 115

coireanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta;

Image 116

urghabháil neamhdhleathach aerárthaí nó long;

Image 117

sabaitéireacht.

I gcás inarb iomchuí, tabhair aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón údarás forfheidhmiúcháin chun a mheas an féidir forais le haghaidh diúltú a lua:

……


(1)  Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus forghníomhú pianbhreitheanna coimeádta tar éis imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 118).

(2)  Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 181).

(3)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(4)  I gcás forghníomhú pianbhreithe coimeádta nó ordaithe coinneála le haghaidh sonraí tráchta nach bhfuil ag teastáil chun an t-úsáideoir a aithint agus chun na críche sin amháin, nó sonraí inneachair, sonraigh in (b) agus (c) an cion ar forghníomhaíodh an phianbhreith ina leith.

(5)  Treoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle (IO L 123, 10.5.2019, lch. 18).

(6)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

(7)  Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8).

(8)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(9)  Ní mór don údarás eisiúna na cúiseanna atá leis an moill a chur in iúl i gcomhad an cháis, ní gá ach réasúnú gearr a chur isteach san EPOC.

(10)  Mura n-úsáidtear an córas TF díláraithe, cuir stampa oifigiúil, ríomhshéala nó fíordheimhniú den chineál céanna leis.

(11)  Mura n-úsáidtear an córas TF díláraithe, cuir stampa oifigiúil, ríomhshéala nó fíordheimhniú den chineál céanna leis.

(12)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).


IARSCRÍBHINN II

DEIMHNIÚ UM ORDÚ CAOMHNAITHE EORPACH (EPOC-PR) MAIDIR LE FIANAISE LEICTREONACH A CHAOMHNÚ

Faoi Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), ní mór do sheolaí an Deimhnithe um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR), gan moill mhíchuí tar éis dó an EPOC-PR a fháil, na sonraí arna n-iarraidh a chaomhnú. Ní mór éirí as an gcaomhnú tar éis 60 lá mura rud é go gcuireann an t-údarás eisiúna síneadh 30 lá breise leis nó go ndeimhníonn an t-údarás eisiúna go bhfuil iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird eisithe. Má dheimhníonn an t-údarás eisiúna laistigh de na tréimhsí ama sin go bhfuil iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird eisithe, ní mór don seolaí na sonraí a chaomhnú chomh fada agus is gá chun na sonraí a tabhairt ar aird a luaithe a gheofar an iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird.

Ní mór don seolaí na bearta is gá a dhéanamh chun rúndacht agus sláine an EPOC-PR agus na sonraí a chaomhnófar a áirithiú.

CUID A: Údarás eisiúna/bailíochtaithe:

An Stát eisiúna:…

An t-údarás eisiúna:…

An t-údarás bailíochtaithe (i gcás inarb infheidhme):…

NB: tá sonraí an údaráis eisiúna agus bailíochtaithe le tabhairt ag an deireadh (Codanna F agus G)

Uimhir chomhaid an údaráis eisiúna:…

Uimhir chomhaid an údaráis bailíochtaithe:…

CUID B: Seolaí

Seolaí:…

Image 118

Bunaíocht ainmnithe

Image 119

Ionadaí dlíthiúil

Image 120

Cuirtear an t-ordú seo ar fáil i gcás éigeandála don seolaí atá sonraithe toisc nár thug an bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse freagra ar an EPOC laistigh de na sprioc-amanna nó nár ainmníodh nó nár ceapadh é laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i dTreoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)

Seoladh:…

Uimh. theileafóin/Uimh. facs/Seoladh ríomhphoist (más eol):…

Teagmhálaí (más eol):…

Uimhir chomhaid an tseolaí (más eol):…

An soláthraí seirbhíse lena mbaineann (murab ionann é agus an seolaí):…

Aon fhaisnéis ábhartha eile:…

CUID C: Faisnéis chun tacú le sainaithint na sonraí arna n-iarraidh iad a chaomhnú (comhlánaigh a mhéid atá an fhaisnéis sin ar eolas agus a bhfuil gá léi chun na sonraí a shainaithint)

Image 121

Seoladh/seoltaí IP agus stampaí ama (an dáta agus an t-amchrios san áireamh):…

Image 122

Uimhir Theileafóin:…

Image 123

Seoladh nó seoltaí ríomhphoist:…

Image 124

Uimhir nó uimhreacha IMEI:…

Image 125

Seoladh nó seoltaí MAC:…

Image 126

Úsáideoir/úsáideoirí na seirbhíse nó aitheantóir uathúil/aitheantóirí uathúla eile amhail ainm/ainmneacha úsáideora, aitheantas/aitheantais logála isteach nó ainm/ainmneacha cuntais…

Image 127

Ainm/ainmneacha na seirbhíse/seirbhísí ábhartha:…

Image 128

Eile:…

Más infheidhme, raon ama na sonraí a bhfuil caomhnú á iarraidh ina leith:…

Image 129

Faisnéis bhreise más gá:…

CUID D: Fianaise leictreonach atá le caomhnú

Baineann an EPOC-PR seo le (cuir tic sa bhosca/sna boscaí ábhartha):

(a)

Image 130

sonraí suibscríobhaí:

Image 131

ainm, dáta breithe, seoladh poist nó geografach, dáta breithe, sonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin) agus faisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an úsáideora/shealbhóir na suibscríbhinne

Image 132

dáta agus am an chéad chlárúcháin, an cineál clárúcháin, cóip de chonradh, modhanna chun céannacht a fhíorú ag nóiméad an chlárúcháin, cóipeanna de dhoiciméid a chuir an suibscríobhaí ar fáil

Image 133

an cineál seirbhíse agus fad na seirbhíse, lena n-áirítear an t-aitheantóir ná na haitheantóirí a d’úsáid an suibscríobhaí nó a cuireadh ar fáil dó tráth an chéad chlárúcháin nó an chéad ghníomhachtaithe (e.g. uimhir theileafóin, uimhir an chárta SIM, seoladh MAC) agus gléas gaolmhar/gléasanna gaolmhara

Image 134

faisnéis phróifíle (e.g. ainm an úsáideora, ainm don scáileán, grianghraf próifíle)

Image 135

sonraí maidir le bailíochtú úsáid na seirbhíse, amhail seoladh ríomhphoist malartach a chuir an t-úsáideoir/sealbhóir na suibscríbhinne ar fáil

Image 136

faisnéis maidir le cárta creidmheasa nó cárta dochair (a chuir an t-úsáideoir ar fáil chun críoch billeála), lena n-áirítear modhanna íocaíochta eile

Image 137

cóid-PUK

Image 138

eile:…

(b)

Image 139

sonraí arna n-iarraidh ar mhaithe leis an úsáideoir a aithint mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe(10), de Rialachán (AE) 2023/1543 é, agus chun na críche sin amháin:

Image 140

taifid nasctha IP amhail seoltaí IP / logaí / uimhreacha rochtana mar aon le haitheantóirí eile, amhail poirt foinse agus stampaí ama nó a gcomhionann, an t-aitheantas úsáideora agus an comhéadan a úsáideadh i gcomhthéacs úsáid na seirbhíse agus a bhfuil fíorghá leo chun críoch aitheantais; sonraigh, más gá:…

Image 141

raon ama na sonraí a bhfuil caomhnú á iarraidh ina leith (má tá sé difriúil le cuid C):…

Image 142

eile:…

(c)

Image 143

sonraí tráchta:

(i)

i gcomhair teileafónaíocht mhóibíleach:

Image 144

aitheantóirí (A) amach agus (B) isteach (uimhir theileafóin, IMSI, IMEI)

Image 145

am agus fad ama an naisc nó na nasc

Image 146

iarrachtaí glao

Image 147

aitheantas an stáisiúin bunáite, lena n-áirítear faisnéis gheografach (comhordanáidí X/Y), ag an am a tosaíodh agus ag an am a críochnaíodh an nasc

Image 148

an t-iompróir / an teilisheirbhís a úsáideadh (e.g. UMTS, GPRS)

Image 149

eile:…

(ii)

i gcomhair an idirlín:

Image 150

faisnéis ródúcháin (seoladh IP na foinse, seoladh/seoltaí IP an chinn scríbe, uimhir phoirt/uimhreacha poirt, brabhsálaí, faisnéis maidir le ceanntásc ríomhphoist, aitheantas teachtaireachta)

Image 151

aitheantas an stáisiúin bunáite, lena n-áirítear faisnéis gheografach (comhordanáidí X/Y), ag an am ar tosaíodh agus ag an am a críochnaíodh an nasc/na naisc

Image 152

méid na sonraí

Image 153

dáta agus am an naisc nó na nasc

Image 154

achar ama an cheangail nó an tseisiúin/na seisiún rochtana

Image 155

eile:…

(iii)

i gcomhair óstála:

Image 156

comhaid loga

Image 157

ticéid

Image 158

eile:…

(iv)

eile

Image 159

stair cheannacháin

Image 160

stair mhuirearaithe an iarmhéid réamhíoctha

Image 161

eile:…

(d)

Image 162

sonraí inneachair:

Image 163

dumpa bosca ríomhphoist (gréasáin)

Image 164

dumpa stórála ar líne (sonraí arna nginiúint ag úsáideoirí)

Image 165

dumpa leathanaigh

Image 166

loga/cúltaca teachtaireachta

Image 167

dumpa glórphoist

Image 168

inneachar freastalaí

Image 169

cúltaca gléis

Image 170

liosta teagmhálaithe

Image 171

eile:…

Image 172

Faisnéis bhreise i gcás is gá chun raon na sonraí a iarradh a shonrú nó a theorannú (tuilleadh):…

CUID E: Faisnéis faoi na bunchoinníollacha

(a)

baineann an EPOC seo (cuir tic sa bhosca/sna boscaí ábhartha):

Image 173

le himeachtaí coiriúla i leith cion coiriúil;

Image 174

le forghníomhú pianbhreithe coimeádta nó ordaithe coinneála 4 mhí ar a laghad tar éis imeachtaí coiriúla, arna fhorghníomhú ag cinneadh nach ndearnadh in absentia agus i gcásanna inar éalaigh an duine a ciontaíoadh ón gceartas.

(b)

Cineál agus rangú dlí an chiona/na gcionta a bhfuil an EPOC-PR á eisiúint ina leith agus an fhoráil reachtúil is infheidhme (3):…

CUID F: Sonraí an údaráis eisiúna

An cineál údaráis eisiúna (cuir tic sa bhosca ábhartha/sna boscaí ábhartha):

Image 175

breitheamh, cúirt nó breitheamh imscrúdaithe

Image 176

ionchúisitheoir poiblí

Image 177

údarás inniúil eile a shainítear i ndlí an Stáit eisiúna

Más gá bailíochtú, comhlánaigh Cuid G chomh maith.

Tabhair do d’aire (cuir tic leis, más infheidhme):

Image 178

Eisíodh an EPOC-PR seo i gcomhair sonraí suibscríobhaí nó i gcomhair sonraí a iarradh chun an t-úsáideoir a aithint, agus chun na críche sin amháin, i gcás éigeandála a bhfuil údar bailí leis gan réamhbhailíochtú, toisc nach bhféadfaí an bailíochtú a fháil in am, nó i gcomhair an dá chineál sonraí sin. Deimhníonn an t-údarás eisiúna go bhféadfadh sé ordú a eisiúint i gcás náisiúnta comhchosúil gan bhailíochtú, agus go lorgófar an bailíochtú ex post sin gan mhoill, laistigh de 48 n-uair an chloig ar a dhéanaí (tabhair do d’aire nach gcuirfear an seolaí ar an eolas).

Tagraíonn an cás éigeandála seo do gharbhaol do bheatha, sláine coirp nó sábháilteacht duine nó do gharbhaol do bhonneagar criticiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a) de Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (4) é, i gcás ina mbeadh garbhaol ann do bheatha, sláine coirp nó sábháilteacht duine dá gcuirfí isteach ar an mbonneagar criticiúil sin nó dá scriosfaí é, lena n-áirítear trí dhochar tromchúiseach a dhéanamh do sholáthar soláthairtí bunúsacha don phobal nó d’fheidhmiú phríomhfheidhmeanna an Stáit.

Sonraí an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí a dheimhníonn go bhfuil inneachar an EPOC-PR cruinn agus ceart:

Ainm an údaráis:…

Ainm an ionadaí:…

Post atá aige/aici (teideal/grád):…

Uimhir an chomhaid: .…

Seoladh:…

Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Seoladh ríomhphoist:…

Teanga/teangacha a labhraítear:…

Murab ionann agus a bhfuil thuas, údarás/pointe teagmhála (e.g. údarás lárnach) ar féidir teagmháil a dhéanamh leis maidir le haon cheist a bhaineann le forghníomhú an EPOC-PR:

Ainm an údaráis/ainm:…

Seoladh:…

Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Seoladh ríomhphoist:…

Síniú an údaráis eisiúna nó a ionadaí a dheimhníonn go bhfuil inneachar an EPOC-PR cruinn agus ceart:

Dáta:…

Síniú (5):…

CUID G: Sonraí an údaráis bailíochtaithe (comhlánaigh más infheidhme)

An cineál údaráis bailíochtaithe:

Image 179

breitheamh, cúirt nó breitheamh imscrúdaithe

Image 180

ionchúisitheoir poiblí

Sonraí an údaráis bailíochtaithe nó a ionadaí, nó iad araon, a dheimhníonn go bhfuil inneachair an EPOC-PR cruinn agus ceart:

Ainm an údaráis:…

Ainm an ionadaí:…

An post atá aige/aici (teideal/grád):…

Uimhir an chomhaid:…

Seoladh:…

Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Seoladh ríomhphoist:…

Teanga/teangacha a labhraítear:…

Dáta:…

Síniú (6):…


(1)  Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus forghníomhú pianbhreitheanna coimeádta tar éis imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 118).

(2)  Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 181).

(3)  I gcás forghníomhú pianbhreithe coimeádta nó ordaithe coinneála, sonraigh an cion ar forghníomhaíodh an phianbhreith ina leith.

(4)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair criticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(5)  Mura n-úsáidtear an córas TF díláraithe, cuir stampa oifigiúil, ríomhshéala nó fíordheimhniú den chineál céanna leis.

(6)  Mura n-úsáidtear an córas TF díláraithe, cuir stampa oifigiúil, ríomhshéala nó fíordheimhniú den chineál céanna leis.


IARSCRÍBHINN III

FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN DODHÉANTACHT A BHAINEANN LE EPOC / EPOC-PR A FHORGHNÍOMHÚ

Faoi Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), i gcás nach féidir leis an seolaí an oibleagáid atá air a chomhlíonadh sonraí arna n-iarraidh a chaomhnú faoi EPOC-PR nó iad a thabhairt ar aird faoi EPOC, nó nach féidir leis an spriocdháta sonraithe a chomhlíonadh nó nach dtugann sé na sonraí ar aird go cuimsitheach, ba cheart don seolaí an fhoirm seo a chomhlánú agus a chur ar ais chuig an údarás eisiúna agus, i gcás inar tugadh fógra agus i gcásanna eile más infheidhme, chuig an údarás forfheidhmiúcháin dá dtagraítear san EPOC, gan moill mhíchuí.

I gcás inar féidir, caomhnóidh an seolaí na sonraí arna n-iarraidh fiú nuair is gá a thuilleadh faisnéise chun iad a shainaithint go cruinn, ach amháin mura leor an fhaisnéis san EPOC/EPOC-PR chun na críche sin. Más gá soiléirithe ón údarás eisiúna, lorgóidh an seolaí iad, gan moill mhíchuí, tríd an bhfoirm seo a úsáid.

CUID A: Deimhniú lena mbaineann

Baineann an fhaisnéis seo a leanas le:

Image 181

Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC)

Image 182

Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR)

CUID B: Údarás/údaráis ábhartha

An t-údarás eisiúna:…

Uimhir chomhaid an údaráis eisiúna:…

An t-údarás bailíochtaithe, más infheidhme:…

Uimhir chomhaid an údaráis bailíochtaithe, más infheidhme:…

An dáta a eisíodh an EPOC/EPOC-PR:…

An dáta a fuarthas an EPOC/EPOC-PR:…

An t-údarás forfheidhmiúcháin, más infheidhme:…

Uimhir chomhaid an údaráis forfheidhmiúcháin, má tá sí ar fáil:…

CUID C: Seolaí an EPOC/EPOC-PR

Seolaí an EPOC/EPOC-PR:…

Uimhir chomhaid an tseolaí:…

CUID D: Na cúiseanna nach ndearnadh an forghníomhú

(a)

Ní fhéadfar an EPOC/EPOC-PR a fhorghníomhú nó ní fhéadfar é a fhorghníomhú laistigh den sprioc-am sonraithe ar an gcúis nó na cúiseanna seo a leanas:

Image 183

tá sé neamhiomlán

Image 184

tá earráidí follasacha ann

Image 185

níl dóthain faisnéise ann

Image 186

ní bhaineann sé le sonraí a bhí á stóráil ag an soláthraí seirbhíse ná le sonraí a bhí á stóráil thar a cheann ag an am a fuarthas an EPOC/EPOC-PR

Image 187

cúiseanna eile dodhéantachta de facto i ngeall ar imthosca a bhí i bhfeidhm tráth a fuarthas EPOC/EPOC-PR ach nach é an seolaí ná soláthraí na seirbhíse is cúis leo

Image 188

níor eisigh nó níor bhailíochtaigh údarás eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird/an tOrdú Caomhnaithe Eorpach de réir mar a shonraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/1543

Image 189

maidir leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil nár iarradh chun an t-úsáideoir a aithint mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/1543 é agus chun na críche sin amháin, nó chun sonraí inneachair a fháil, eisíodh an t-ordú sin i leith cion nach gcumhdaítear le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2023/1543.

Image 190

ní cumhdaítear an tseirbhís arna soláthar ag an seolaí i Rialachán (AE) 2023/1543.

Image 191

tá na sonraí atá á n-iarraidh faoi chosaint ag díolúintí nó pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin nó tá na sonraí atá á n-iarraidh cumhdaithe ag rialacha maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh nó a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile lena gcuirtear cosc le forghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh.

Image 192

bheadh comhlíonadh an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ag teacht salach ar an dlí/na dlíthe is infheidhme i dtríú tír. Comhlánaigh Cuid (E) freisin.

(b)

Tabhair míniú breise ar na cúiseanna nach ndearnadh an forghníomhú dá dtagraítear i bpointe (i), agus, i gcás inar gá, luaigh agus mínigh aon chúiseanna eile nach liostaítear faoi phointe (i):

……

CUID E: Coinbhleacht oibleagáidí a eascraíonn as dlí tríú tír

I gcás coinbhleacht oibleagáidí a eascraíonn as dlí tríú tír, cuir an fhaisnéis seo a leanas san áireamh:

an teideal ar dhlí nó dlíthe an tríú tír:

……

an fhoráil reachtúil/na forálacha reachtúla is infheidhme agus téacs na forála/na bhforálacha ábhartha:

……

cineál na coinbhleachta oibleagáide, lena n-áirítear an leas atá faoi chosaint ag dlí an tríú tír:

Image 193

cearta bunúsacha daoine aonair (sonraigh le do thoil):

……

Image 194

leasanna bunúsacha an tríú tír a bhaineann le slándáil náisiúnta agus le cosaint (sonraigh le do thoil):

……

Image 195

leasanna eile (sonraigh le do thoil):

……

mínigh an chúis a bhfuil an dlí infheidhme sa chás seo:

……

mínigh an chúis a measann tú go bhfuil coinbhleacht ann sa chás seo:

……

mínigh an nasc atá idir an soláthraí seirbhíse agus an tríú tír i dtrácht:

……

na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don seolaí dá ndéanfadh sé an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a chomhlíonadh, lena n-áirítear na pionóis a d’fhéadfaí a thabhú:

……

Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile:…

CUID F: Iarraidh ar fhaisnéis nó soiléiriú breise (comhlánaigh más infheidhme)

Tá tuilleadh faisnéise á iarraidh ar an údarás eisiúna chun go ndéanfar an EPOC/EPOC-PR a fhorghníomhú:

……

CUID G: Caomhnú sonraí

Maidir leis na sonraí a iarradh (cuir tic sa bhosca cuí agus comhlánaigh):

Image 196

tá siad á gcaomhnú go dtí go dtabharfar na sonraí ar aird nó go dtí go gcuirfidh an t-údarás eisiúna nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás forfheidhmiúcháin in iúl nach gá na sonraí a chaomhnú ná a thabhairt ar aird a thuilleadh nó go dtí go dtabharfadh an t-údarás eisiúna an fhaisnéis is gá ar fáil ionas gur féidir méid na sonraí atá le caomhnú nó le tabhairt ar aird a laghdú

Image 197

níltear á gcaomhnú (ná tarlaíodh sé sin ach go heisceachtúil, e.g. mura bhfuil na sonraí ag soláthraí na seirbhíse nuair a fhaigheann sé an iarraidh nó mura féidir leis na sonraí a iarradh a shainaithint go leordhóthanach)

CUID H: Sonraí teagmhála bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dhlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse

Ainm bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dhlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse: …

Ainm an duine teagmhála:…

Post:…

Seoladh:…

Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…

Seoladh ríomhphoist:…

Ainm an duine údaraithe:…

Dáta…

Síniú (2):…


(1)  Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus forghníomhú pianbhreitheanna coimeádta tar éis imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 118).

(2)  Mura n-úsáidtear an córas TF díláraithe, cuir stampa oifigiúil, ríomhshéala nó fíordheimhniú den chineál céanna leis.


IARSCRÍBHINN IV

CATAGÓIRÍ NA gCIONTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 12(1), POINTE (D)

(1)

rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil;

(2)

sceimhlitheoireacht;

(3)

gáinneáil ar dhaoine;

(4)

teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí;

(5)

gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha;

(6)

gáinneáil aindleathach ar airm, lón cogaidh agus pléascáin;

(7)

éilliú;

(8)

calaois, lena n-áirítear calaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(9)

sciúradh na bhfáltas ón gcoiriúlacht;

(10)

góchumadh airgeadra, lena n-áirítear an euro;

(11)

coireacht atá bainteach leis an ríomhaireacht;

(12)

coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt;

(13)

teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú;

(14)

dúnmharú nó mórdhíobháil choirp;

(15)

trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna;

(16)

fuadach, srianadh neamhdhlíthiúil nó gabháil giall;

(17)

ciníochas agus seineafóibe;

(18)

robáil eagraithe nó armtha;

(19)

gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne;

(20)

caimiléireacht;

(21)

cambheartaíocht agus sracaireacht;

(22)

góchumadh agus píoráideacht na dtáirgí;

(23)

brionnú doiciméad riarachán agus an gháinneáil orthu;

(24)

brionnú modhanna íocaíochta;

(25)

gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile;

(26)

gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha;

(27)

gáinneáil ar fheithiclí goidte;

(28)

éigniú;

(29)

coirloscadh;

(30)

coireanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta;

(31)

urghabháil neamhdhleathach aerárthaí nó long;

(32)

sabaitéireacht.


(1)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).


IARSCRÍBHINN V

DEIMHNIÚ GUR EISÍODH IARRAIDH AR FHIANAISE A THABHAIRT AR AIRD TAR ÉIS ORDÚ CAOMHNAITHE EORPACH

Faoi Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), ní mór don seolaí, tar éis dó an Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR) a fháil, na sonraí atá á n-iarraidh a chaomhnú gan moill mhíchuí. Ní mór éirí as an gcaomhnú tar éis 60 lá mura rud é go gcuireann an t-údarás eisiúna síneadh 30 lá breise leis nó go ndeimhníonn an t-údarás eisiúna go bhfuil an iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird eisithe trí úsáid a bhaint as an bhfoirm a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.

Tar éis an deimhnithe sin, ní mór don seolaí na sonraí a chaomhnú chomh fada agus is gá chun na sonraí a tabhairt ar aird a luaithe a gheofar an iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird.

CUID A: Údarás eisiúna an EPOC-PR

An Stát eisiúna:…

An t-údarás eisiúna:…

Murab ionann é agus an pointe teagmhála a luaitear san EPOC-PR, an t-údarás/an pointe teagmhála (e.g. údarás lárnach) ar féidir teagmháil a dhéanamh leis maidir le haon cheist a bhaineann le forghníomhú an EPOC-PR:

Ainm agus sonraí teagmhála:…

CUID B: Seolaí an EPOC-PR

Seolaí:…

Seoladh:…

Fón/facs/ríomhphost (más eol):…

Teagmhálaí (más eol):…

Uimhir chomhaid an tseolaí (más eol):…

An soláthraí seirbhíse lena mbaineann (murab ionann é agus an seolaí):…

Aon fhaisnéis ábhartha eile:…

CUID C: Faisnéis faoin EPOC-PR

Caomhnaítear na sonraí i gcomhréir leis an EPOC-PR a eisíodh an… (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh) agus a tarchuireadh an… (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh) ag a bhfuil an uimhir chomhaid… (luaigh an uimhir chomhaid).

Image 198

Chuir an t-údarás eisiúna … síneadh 30 lá leis, uimhir chomhaid … an … (cuir tic sa bhosca agus sonraigh, más infheidhme).

CUID D: Deimhniú

Deimhnítear leis seo gur eisíodh an iarraidh seo a leanas ar fhianaise a thabhairt ar aird (cuir tic sa bhosca cuí agus comhlánaigh, más gá):

Image 199

Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird arna eisiúint ag… (luaigh an t-údarás) an… (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh) agus a tarchuireadh an… (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh) ag a bhfuil an uimhir chomhaid… (luaigh an uimhir chomhaid) agus a tarchuireadh chuig… (luaigh an soláthraí seirbhíse/an bhunaíocht ainmnithe/an t-ionadaí dlíthiúil/an t-údarás inniúil a ndearnadh an iarraidh a tharchur chuige nó chuici agus, má tá sí ar fáil, an uimhir chomhaid a thug an seolaí).

Image 200

Ordú Imscrúdaithe Eorpach arna eisiúint ag… (luaigh an t-údarás) an… (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh) agus a tarchuireadh an… (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh) ag a bhfuil an uimhir chomhaid … (luaigh an uimhir chomhaid) agus a tarchuireadh chuig… (luaigh an Stát agus an t-údarás inniúil ar tarchuireadh chuige é agus, má tá sí ar fáil, an uimhir chomhaid a thug na húdaráis iarrtha).

Image 201

Iarraidh ar Chúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach arna heisiúint ag… (luaigh an t-údarás) an… (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh) agus a tarchuireadh an… (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh) ag a bhfuil an uimhir chomhaid… (luaigh an uimhir chomhaid) agus a tarchuireadh chuig… (luaigh an Stát agus an t-údarás inniúil a ndearnadh an iarraidh a tharchur chuige agus, má tá sí ar fáil, an uimhir chomhaid a thug na húdaráis iarrtha).

Síniú an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí:

Ainm:…

Dáta:…

Síniú (2):…


(1)  Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus forghníomhú pianbhreitheanna coimeádta tar éis imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 118).

(2)  Mura n-úsáidtear an córas TF díláraithe, cuir stampa oifigiúil, ríomhshéala nó fíordheimhniú den chineál céanna leis.


IARSCRÍBHINN VI

SÍNEADH A CHUR LE FIANAISE LEICTREONACH A CHAOMHNÚ

Faoi Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), ní mór don seolaí, tar éis dó an Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR) a fháil, na sonraí atá á n-iarraidh a chaomhnú gan moill mhíchuí. Ní mór éirí as an gcaomhnú tar éis 60 lá, mura rud é go ndeimhníonn an t-údarás eisiúna gur eisíodh an iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird. Laistigh de 60 lá, féadfaidh an t-údarás eisiúna síneadh 30 lá breise a chur le fad an chaomhnaithe i gcás inar gá chun gur féidir an iarraidh ina dhiaidh sin a eisiúint, agus úsáid á baint as an bhfoirm a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.

CUID A: Údarás eisiúna an EPOC-PR

An Stát eisiúna: ……

An t-údarás eisiúna: ……

Uimhir chomhaid an údaráis eisiúna: ……

Murab ionann é agus an pointe teagmhála a luaitear an EPOC-PR, an t-údarás/an pointe teagmhála (e.g. údarás lárnach) ar féidir teagmháil a dhéanamh leis maidir le haon cheist a bhaineann le forghníomhú an EPOC-PR:

Ainm agus sonraí teagmhála: ……

CUID B: Seolaí an EPOC-PR

Seolaí: ……

Seoladh: ……

Fón/facs/ríomhphost (más eol): ……

Teagmhálaí (más eol): ……

Uimhir chomhaid an tseolaí (más eol): ……

An soláthraí seirbhíse lena mbaineann (murab ionann é agus an seolaí): ……

Aon fhaisnéis ábhartha eile: ……

CUID C: Faisnéis faoi EPOC-PR roimhe seo

Caomhnaítear na sonraí i gcomhréir leis an EPOC-PR a eisíodh an …… (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh) agus a tarchuireadh an …… (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh) ag a bhfuil an uimhir chomhaid …… (luaigh an uimhir chomhaid) agus a tarchuireadh chuig ……

CUID D: Síneadh a chur leis an ordú caomhnaithe roimhe seo

Leis seo, cuirtear síneadh 30 lá breise leis an oibleagáid sonraí a chaomhnú faoin EPOC-PR mar a shonraítear i gCuid C.

Síniú an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí:

Ainm: ……

Dáta: ……

Síniú (2): ……


(1)  Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus forghníomhú pianbhreitheanna coimeádta tar éis imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 118).

(2)  Mura n-úsáidtear an córas TF díláraithe, cuir stampa oifigiúil, ríomhshéala nó fíordheimhniú den chineál céanna leis.


TREORACHA

28.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 191/181


TREOIR (AE) 2023/1544 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2023

lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 53 agus 62 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is féidir seirbhísí líonrabhunaithe a sholáthar as aon áit agus ní theastaíonn aon bhonneagar fisiciúil, aon áitreabh ná aon fhoireann sa tír ina dtairgtear an tseirbhís ábhartha, ná go deimhin sa mhargadh inmheánach féin. Mar thoradh air sin, is féidir é a bheith deacair cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais agus a bhfuil feidhm acu maidir leis na soláthraithe seirbhíse lena mbaineann, go háirithe an oibleagáid ordú nó cinneadh ó údarás breithiúnach a chomhlíonadh. Is amhlaidh a bhíonn, go háirithe, sa dlí coiriúil, i gcás ina mbíonn deacrachtaí ag údaráis na mBallstát a gcuid cinntí a sheirbheáil, a fhorfheidhmiú agus comhlíonadh na gcinntí sin a áirithiú, go háirithe i gcás ina soláthraítear na seirbhísí ábhartha as suíomh atá lasmuigh dá gcríoch féin. I bhfianaise an méid sin, ghlac na Ballstáit roinnt beart neamhionann ar mhaithe lena reachtaíocht féin a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. Áirítear leis sin bearta chun dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse i ndáil le fianaise leictreonach is ábhartha a fháil maidir le himeachtaí coiriúla. Chuige sin, tá roinnt Ballstát tar éis reachtaíocht a ghlacadh, nó tá siad ar tí a glactha, a fhorchuirfidh ar roinnt soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí laistigh de chríoch na mBallstát sin ionadaíocht dhlíthiúil éigeantach a bheith acu ar an gcríoch sin. Cruthaítear le ceanglais den sórt sin bacainní ar shaorsholáthar seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach.

(2)

In éagmais cur chuige uile-Aontais, tá riosca ann go ndéanfaidh Ballstáit iarracht réiteach a fháil ar na heasnaimh atá ann cheana i dtaca le fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla trí oibleagáidí neamhionanna náisiúnta a fhorchur. Chruthódh oibleagáidí difriúla náisiúnta den sórt sin tuilleadh bacainní ar shaorsholáthar seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach.

(3)

In éagmais cur chuige uile-Aontais, tá éiginnteacht dhlíthiúil ann a dhéanann difear do lucht soláthair seirbhísí agus na húdaráis náisiúnta araon. Tá feidhm ag oibleagáidí neamhionanna a d’fhéadfadh a bheith ar neamhréir le chéile maidir le soláthraithe seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí i mBallstáit éagsúla, rud a fhágann go mbíonn na soláthraithe seirbhíse sin faoi réir pionóis dhifriúla i gcás ina dtarlaíonn sáruithe. Is dóigh go dtiocfaidh méadú eile ar na héagsúlachtaí sin sa chreat imeachtaí coiriúla i ngeall ar an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le seirbhísí cumarsáide agus seirbhísí na sochaí faisnéise ó lá go lá agus sa tsochaí. Ní amháin go bhfuil éagsúlachtaí den sórt sin ina bacainn ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, ach cruthaíonn siad fadhbanna maidir le bunú agus dea-fheidhmiú limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais freisin.

(4)

Chun éagsúlachtaí sa chreat dlíthiúil a sheachaint agus chun a áirithiú go mbeidh gnóthais atá gníomhach sa mhargadh inmheánach faoi réir na n-oibleagáidí céanna nó oibleagáidí comhchosúla, tá roinnt gníomhartha dlí glactha ag an Aontas i réimsí gaolmhara amhail cosaint sonraí, eadhon Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Chun an leibhéal cosanta a thugtar do na hábhair sonraí a mhéadú, foráiltear le Rialachán (AE) 2016/679, maidir le rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a thairgeann earraí nó seirbhísí d’ábhair sonraí san Aontas nó a dhéanann faireachán ar iompraíocht na n-ábhar sonraí i gcás ina ndéantar an iompraíocht sin san Aontas, go ndéanfaidh siad ionadaí dlíthiúil san Aontas a ainmniú, ach amháin i gcás nach ndéantar an phróiseáil ar shonraí ach ó am go chéile, nach n-áirítear léi próiseáil mhórscála ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta nó próiseáil ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe agus cionta coiriúla, agus nach dóigh go mbeidh riosca ann do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha dá barr, agus aird á tabhairt ar chineál, comhthéacs, raon feidhme agus críocha na próiseála nó ar cé acu údarás nó comhlacht poiblí an rialaitheoir nó an próiseálaí.

(5)

Trí rialacha comhchuibhithe a leagan amach maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla soláthraithe seirbhísí áirithe san Aontas a cheapadh chun cinntí agus orduithe arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, chun críoch fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla, ba cheart na bacainní atá ann faoi láthair ar shaorsholáthar seirbhísí a bhaint, agus ba cheart cosc a chur le haon chur chuige éagsúil náisiúnta a bheith á fhorchur ina leith sin amach anseo. Ba cheart, dá bhrí sin, cothrom na Féinne a bhaint amach do sholáthraithe seirbhísí. Ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil soláthraithe seirbhíse bunaithe san Aontas, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-ainmneoidh soláthraithe seirbhíse bunaíocht ainmnithe nó go gceapfaidh siad ionadaí dlíthiúil. Níor cheart go ndéanfadh na rialacha comhchuibhithe sin maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh difear do na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe seirbhíse faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais. Thairis sin, ba cheart forfheidhmiú níos éifeachtaí ar an dlí coiriúil a éascú i limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais.

(6)

Ba cheart na bunaíochtaí ainmnithe agus na hionadaithe dlíthiúla dá bhforáiltear sa Treoir seo fónamh mar sheolaithe le haghaidh cinntí agus orduithe chun críche fianaise leictreonach a bhailiú ar bhonn Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Threoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus an Choinbhinsiúin arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (7), lena n-áirítear i gcás ina ndéantar na cinntí agus na horduithe sin a tharchur i bhfoirm deimhnithe.

Ba cheart dul i muinín na bunaíochta ainmnithe nó an ionadaí dhlíthiúil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sna hionstraimí agus sa reachtaíocht is infheidhme maidir leis na himeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear i gcás ina gceadaítear leis na hionstraimí lena mbaineann orduithe a sheirbheáil go díreach i gcásanna trasteorann ar an mbunaíocht ainmnithe nó ar ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse, nó i gcás ina bhfuil na hionstraimí sin bunaithe ar an gcomhar idir na húdaráis bhreithiúnacha inniúla. Ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil gníomhú i gcomhréir leis an ról a leagtar amach dóibh san ionstraim lena mbaineann i gcás ina ndéantar foráil maidir lena rannpháirtíocht. Maidir le cinntí agus orduithe chun críche fianaise leictreonach a bhailiú ar bhonn an dlí náisiúnta, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann iad a dhíriú ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú mar ionadaí dlíthiúil nó mar bhunaíocht ainmnithe soláthraí seirbhíse ar a gcríoch.

(7)

Ba cheart do na Ballstát a áirithiú go mbeidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse a bheidh ag tairiscint seirbhísí san Aontas an 18 Feabhra 2026 aon bhunaíocht ainmnithe amháin a ainmniú nó aon ionadaí dlíthiúil amháin a cheapadh ar a laghad faoin 18 Lúnasa 2026 agus go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse a thosóidh ag tairiscint seirbhísí san Aontas tar éis an dáta sin aon bhunaíocht ainmnithe amháin a ainmniú nó aon ionadaí dlíthiúil amháin a cheapadh ar a laghad a ainmniú laistigh de 6 mhí ón dáta a thosóidh siad ag tairiscint seirbhísí san Aontas. Gan dochar do na coimircí cosanta sonraí, d’fhéadfaí an bhunaíocht ainmnithe sin nó an t-ionadaí dlíthiúil sin a roinnt idir soláthraithe seirbhíse éagsúla, go háirithe soláthraithe seirbhíse ar fiontair bheaga nó mheánmhéide iad.

(8)

An oibleagáid bunaíocht ainmnithe a ainmniú nó ionadaí dlíthiúil a cheapadh, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le soláthraithe seirbhísí a thairgeann seirbhísí san Aontas, is é sin le rá i mBallstát amháin nó níos mó. Maidir le cás ina mbíonn soláthraí seirbhísí bunaithe ar chríoch Ballstáit agus ina dtairgeann sé seirbhísí ar chríoch an Bhallstáit sin agus ar an gcríoch sin amháin, níor cheart cás den sórt sin a chumhdach faoin Treoir seo.

(9)

Chun críche fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla, ba cheart na Ballstáit a bheith fós in ann dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse atá bunaithe ar a gcríoch i gcásanna nach mbaineann ach leis an tír sin i gcomhréir le dlí an Aontais agus a ndlí náisiúnta faoi seach. D’ainneoin na bhféidearthachtaí dá bhforáiltear faoi láthair sa dlí náisiúnta chun dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse ar a gcríoch féin, níor cheart do na Ballstáit dul timpeall ar na prionsabail is bun leis an Treoir seo ná le Rialachán (AE) 2023/1543.

(10)

Chun a chinneadh an bhfuil seirbhísí á dtairiscint ag soláthraí seirbhíse san Aontas, ní mór a mheas an gcuireann an soláthraí seirbhíse ar chumas daoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó a chuid seirbhísí a úsáid. Ba cheart a mheas, áfach, nach leor, ann féin, rochtain a bheith ar chomhéadan ar líne san Aontas, mar shampla rochtain ar shuíomh gréasáin nó seoladh ríomhphoist nó sonraí teagmhála eile soláthraí seirbhíse nó idirghabhálaí, chun a chinneadh an bhfuil seirbhísí á dtairiscint ag soláthraí seirbhíse san Aontas de réir bhrí na Treorach seo.

(11)

Chun a chinneadh an bhfuil seirbhísí á dtairiscint ag soláthraí seirbhíse san Aontas, ní mór a shuí, sa bhreis ar a mheas an gcuireann an soláthraí seirbhíse ar chumas daoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó a chuid seirbhísí a úsáid, an bhfuil nasc substaintiúil ann leis an Aontas. Ba cheart a mheas gur ann do nasc substaintiúil den sórt sin leis an Aontas i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse san Aontas. In éagmais bunaíocht den sórt sin, ba cheart an critéar le haghaidh nasc substaintiúil a bhunú ar chritéir shonracha fhíriciúla amhail líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó, nó ar an mbonn go bhfuil gníomhaíochtaí á spriocdhíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó. Ba cheart a chinneadh an bhfuil gníomhaíochtaí á spriocdhíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó ar bhonn na n-imthosca ábhartha go léir, lena n-áirítear tosca amhail úsáid teanga nó airgeadra a mbaintear úsáid aisti nó as go forleathan sa Bhallstát sin nó an deis a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a ordú.

D’fhéadfaí a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí á spriocdhíriú ar Bhallstát freisin bunaithe ar fheidhmchlár (“aip”) a bheith ar fáil san aipmhargadh náisiúnta ábhartha, ar fhógraíocht a bheith á soláthar go háitiúil nó sa teanga a úsáidtear go forleathan sa Bhallstát sin nó ar an gcaoi a láimhseáiltear an caidreamh le custaiméirí, amhail trí sheirbhís do chustaiméirí a bheith á soláthar sa teanga a úsáidtear go forleathan sa Bhallstát sin. Ba cheart a mheas go bhfuil ceangal tábhachtach ann freisin i gcás ina ndíríonn soláthraí seirbhísí a chuid gníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ar an taobh eile, maidir le seirbhís a sholáthar chun an toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a chomhlíonadh, níor cheart a mheas, gan aon fhorais bhreise, go bhfuil an soláthar sin ag díriú nó ag spriocdhíriú gníomhaíochtaí ar chríoch ar leith laistigh den Aontas. Ba cheart feidhm a bheith ag na tosca céanna agus cinneadh á dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil seirbhísí á dtairiscint ag soláthraí seirbhíse i gcríoch Ballstáit.

(12)

Tá feidhm ag ionstraimí difriúla a thagann faoi raon feidhme Theideal V de Chaibidil 4 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhar idir na Ballstáit le linn fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla. Mar thoradh ar an ngeoiméadracht athraitheach atá i limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, is gá a áirithiú nach n-éascaítear leis an Treoir seo go gcruthófar tuilleadh neamhionannas nó bacainní maidir le soláthar seirbhísí sa mhargadh inmheánach trí chead a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse a bhfuil seirbhísí á dtairiscint acu ar chríoch na mBallstát bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú nó ionadaithe dlíthiúla a cheapadh sna Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san ionstraimí dlí ábhartha. Dá bhrí sin, ba cheart aon bhunaíocht ainmnithe amháin nó aon ionadaí dlíthiúil amháin ar a laghad a ainmniú nó a cheapadh i mBallstát atá rannpháirteach sna hionstraimí dlí ábhartha de chuid an Aontais chun nach lagófar éifeachtacht an ainmniúcháin nó an cheapúcháin dá bhforáiltear sa Treoir seo agus chun úsáid a bhaint as na sineirgí a bhaineann le bunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil a bheith ann chun cinntí agus orduithe a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, ar cinntí agus orduithe iad a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) 2023/1543, Treoir 2014/41/AE agus an Coinbhinsiún arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, trí bhunaíocht ainmnithe a ainmniú nó ionadaí dlíthiúil a cheapadh, a d’fhéadfaí a úsáid chun comhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla náisiúnta a áirithiú freisin, d’fhéadfaí leas a bhaint as na sineirgí a bhaineann le pointe soiléir rochtana a bheith ann chun dul i dteagmháil leis na soláthraithe seirbhíse chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

(13)

Ba cheart an tsaoirse a bheith ag soláthraithe seirbhíse an Ballstát a roghnú ina n-ainmneoidh siad a mbunaíocht ainmnithe nó, i gcás inarb infheidhme, ina gceapfaidh siad a n-ionadaí dlíthiúil agus níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann an tsaor-rogha sin a shrianadh, mar shampla trí oibleagáid a fhorchur an bhunaíocht ainmnithe a ainmniú nó an t-ionadaí dlíthiúil a cheapadh ar a gcríoch. Ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo freisin, áfach, maidir le srianta áirithe a bhaineann leis an tsaor-rogha sin atá ag soláthraithe seirbhíse, go háirithe an chaoi ar cheart an bhunaíocht ainmnithe a bheith bunaithe nó, i gcás inarb infheidhme, cónaí a bheith ar an ionadaí dlíthiúil i mBallstát ina soláthraíonn an soláthraí seirbhíse seirbhísí nó ina bhfuil sé bunaithe, chomh maith le foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáid chun bunaíocht ainmnithe a ainmniú nó ionadaí dlíthiúil a cheapadh i gceann amháin de na Ballstáit atá rannpháirteach in ionstraim dlí dá dtagraítear sa Treoir seo. I gcás nach ndéantar ach ionadaí dlíthiúil a cheapadh, níor cheart a mheas gur ionann sin agus gníomh de chuid an tsoláthraí seirbhísí.

(14)

Is iad na soláthraithe seirbhíse is ábhartha maidir le fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus soláthraithe sonracha sheirbhísí na sochaí faisnéise lena n-éascaítear idirghníomhaíocht idir úsáideoirí. Dá bhrí sin, ba cheart an dá ghrúpa sin a chumhdach leis an Treoir seo. Sainmhínítear seirbhísí cumarsáide leictreonaí i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus tá seirbhísí cumarsáide idirphearsanta san áireamh, amhail Prótacal Idirlín Guthaithe, seirbhísí um theachtaireachtaí meandracha agus seirbhísí ríomhphoist. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le soláthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise de réir bhrí Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) nach gcáilíonn mar sholáthraithe seirbhíse cumarsáide leictreonaí, ach a chuireann ar chumas a n-úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile nó a tháirgeann seirbhísí dá n-úsáideoirí ar féidir úsáid a bhaint astu chun sonraí a phróiseáil nó a stóráil ar a son. Bheadh sé sin i gcomhréir leis na téarmaí a úsáidtear i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (CETS Uimh. 185), a rinneadh i mBúdaipeist an 23 Samhain 2001, dá ngairtear Coinbhinsiún Bhúdaipeist freisin. Ba cheart próiseáil sonraí a thuiscint sa chiall theicniúil, is é sin cruthú nó athrú sonraí, is é sin le rá oibríochtaí teicniúla chun sonraí a thabhairt ar aird nó a athrú trí bhíthin cumhacht próiseála ríomhaire.

Ba cheart go n-áireofaí ar na catagóirí soláthraithe seirbhíse a chumhdaítear leis an Treoir seo, mar shampla, margaí ar líne a chuireann ar chumas tomhaltóirí agus gnólachtaí cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus le seirbhísí óstála eile, lena n-áirítear i gcás ina soláthraítear an tseirbhís trí néalríomhaireacht, chomh maith le hardáin chluichíochta agus ardáin chearrbhachais ar líne. I gcás nach gcuireann soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise ar chumas a chuid úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus gur leis an soláthraí seirbhíse amháin is féidir leo cumarsáid a dhéanamh, nó i gcás nach comhpháirt shainiúil é sonraí a stóráil, is é sin le rá, cuid bhunriachtanach, den tseirbhís a sholáthraítear d’úsáideoirí é an cumas sonraí a stóráil, amhail seirbhísí dlí, innealtóireachta, ailtireachta agus cuntasaíochta a sholáthraítear ó chian, níor cheart dó teacht faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar “sholáthraí seirbhíse” a leagtar síos sa Treoir seo, fiú más rud é go bhfuil na seirbhísí a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse sin ina seirbhísí na sochaí faisnéise de réir bhrí Threoir (AE) 2015/1535.

(15)

Tá soláthraithe seirbhísí bonneagair idirlín a bhaineann le sannadh ainmneacha agus uimhreacha, amhail clárlanna ainmneacha fearainn agus cláraitheoirí agus soláthraithe príobháideachta agus seachsholáthraithe seirbhíse, nó clárlanna idirlín réigiúnacha le haghaidh seoltaí prótacal idirlín (“seoltaí IP”), thar a bheith ábhartha maidir leis na gníomhaithe atá taobh thiar de shuíomhanna gréasáin atá mailíseach nó atá haiceáilte a aithint. Coinníonn siad sonraí lena bhféadfaí duine aonair nó eintiteas atá laistiar de shuíomh gréasáin a úsáidtear i ngníomhaíocht choiriúil, nó íospartach i ngníomhaíocht choiriúil, a aithint.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá a sholáthar dá mbunaíochtaí ainmnithe agus dá n-ionadaithe dlíthiúla chun na cinntí agus na horduithe, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a fhaightear ó aon Bhallstát a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit a fhíorú freisin go bhfuil na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá faighte ag na bunaíochtaí ainmnithe nó na hionadaithe dlíthiúla atá ina gcónaí ar a gcríoch ó na soláthraithe seirbhíse chun cinntí agus orduithe, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a fhaightear ó aon Bhallstát, a chomhlíonadh agus go bhfuil siad ag comhoibriú leis na húdaráis inniúla agus na cinntí agus orduithe sin á bhfáil acu, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme. Níor cheart easpa beart den sórt sin nó laigí sna bearta sin a úsáid chun údar a thabhairt le neamhchomhlíonadh cinntí nó orduithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

Sa bhreis air sin, níor cheart soláthraithe seirbhíse a bheith in ann údar a thabhairt leis an gcaoi nár chomhlíon siad oibleagáidí a eascraíonn ón gcreat dlíthiúil is infheidhme ar chinntí nó orduithe, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a fháil ar an bhforas go bhfuil easpa nósanna imeachta inmheánacha ann, nó go bhfuil siad neamhéifeachtach, ós rud é go bhfuil siad freagrach as na hacmhainní agus na cumhachtaí is gá a sholáthar chun comhlíonadh na gcinntí agus na n-orduithe sin a áirithiú. Níor cheart ach oiread go mbeadh bunaíochtaí ainmnithe nó ionadaithe dlíthiúla in ann údar a thabhairt le neamhchomhlíonadh den sórt sin trína mhaíomh, mar shampla, nach bhfuil sé de chumhacht acu sonraí a sholáthar. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil agus an soláthraí seirbhísí araon a chur faoi dhliteanas comhpháirteach agus leithleach i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn ón gcreat dlíthiúil is infheidhme ar chinntí agus orduithe, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a fháil, ionas gur féidir gach ceann acu a chur faoi réir pionóis i gcás aon neamhchomhlíonadh. Go sonrach, níor cheart gur féidir leis an soláthraí seirbhíse ná an bhunaíocht ainmnithe, ná an t-ionadaí dlíthiúil i gcás inarb infheidhme, úsáid a bhaint as an easpa nósanna imeachta inmheánacha iomchuí atá idir an soláthraí seirbhíse agus an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil mar údar cuí le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin. Níor cheart feidhm a bheith ag dliteanas comhpháirteach agus leithleach maidir le gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí de chuid an tsoláthraí seirbhíse nó na bunaíochta ainmnithe nó de chuid an ionadaí dhlíthiúil, i gcás inarb infheidhme, arb ionann iad agus cion coiriúil sa Bhallstát atá ag gearradh na bpionós.

(17)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh gach soláthraí seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch lena mbaineann, arna ainmniú de bhun na Treorach seo, fógra i scríbhinn a thabhairt d’údarás lárnach an Bhallstáit ina bhfuil a bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil, faoi shonraí teagmhála na bunaíochta ainmnithe nó an ionadaí dhlíthiúil sin, agus faoi aon athruithe a dhéantar ina leith. Ba cheart faisnéis a thabhairt san fhógra freisin faoi na teangacha inar féidir dul i dteagmháil leis an mbunaíocht ainmnithe nó leis an ionadaí dlíthiúil, ar cheart a bheith san áireamh ann ceann amháin nó níos mó de na teangacha oifigiúla mar a leagtar síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil, ach gur féidir teangacha oifigiúla eile an Aontas a bheith san áireamh ann freisin, amhail teanga an Bhallstáit ina bhfuil a gceanncheathrú lonnaithe. I gcás ina n-ainmníonn soláthraí seirbhíse roinnt bunaíochtaí ainmnithe nó ina gceapann sé roinnt ionadaithe dlíthiúla i gcomhréir leis an Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go léiríonn an soláthraí seirbhíse sin, i gcás gach bunaíochta ainmnithe nó ionadaí dhlíthiúil, raon feidhme críochach beacht a ainmnithe nó a cheapúcháin. Ba cheart críoch na mBallstát uile atá rannpháirteach sna hionstraimí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a chumhdach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndíríonn a n-údaráis inniúla faoi seach a gcinntí agus a n-orduithe uile de bhun na Treorach seo ar bhunaíocht ainmnithe arna léiriú nó ar ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a dtugtar fógra dóibh ina leith i gcomhréir leis an Treoir seo ar fáil go poiblí ar leathanach gréasáin tiomnaithe de chuid an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair choiriúla chun an comhordú idir na Ballstáit agus an dul i muinín a bhaineann údaráis ó Bhallstát eile as na bunaíochtaí ainmnithe nó as an ionadaí dlíthiúil a éascú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar nuashonrú rialta ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart é a bheith indéanta freisin na sonraí sin a scaipeadh tuilleadh chun rochtain ar an bhfaisnéis sin ag na húdaráis inniúla a éascú, amhail trí shuíomhanna tiomnaithe inlín nó trí fhóraim agus ardáin.

(18)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus ba cheart dóibh gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do na Ballstáit, faoin dáta a leagtar amach sa Treoir seo, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. Ba cheart do na Ballstáit freisin an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi sholáthraithe seirbhíse neamhchomhlíontacha, faoi bheart forfheidhmiúcháin ábhartha arna ndéanamh ina gcoinne agus faoi na pionóis arna bhforchur ina leith. Níor cheart, faoi imthosca ar bith gur toirmeasc ar an soláthar seirbhísí, bíodh sé buan ná sealadach, a bheadh mar thoradh ar na pionóis sin. Ba cheart do na Ballstáit a mbearta forfheidhmiúcháin a chomhordú i gcás ina dtairgeann soláthraí seirbhíse seirbhísí i roinnt Ballstát. Ba cheart do na húdaráis lárnacha comhordú a dhéanamh chun cur chuige comhleanúnach agus comhréireach a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún an comhordú sin a éascú más gá, agus ba cheart, ar aon chaoi, é a chur ar an eolas faoi chásanna sáraithe. Ní rialaítear leis an Treoir seo na socruithe conarthacha le haghaidh iarmhairtí airgeadais na bpionós a fhorchuirtear ina leith a aistriú nó a mhalartú idir soláthraithe seirbhíse, bunaíochtaí ainmnithe agus ionadaithe dlíthiúla.

(19)

Agus na pionóis iomchuí is infheidhme i leith sáruithe ag soláthraithe seirbhíse á gcinneadh acu, ba cheart do na húdaráis inniúla na himthosca ábhartha uile a chur san áireamh, amhail acmhainneacht airgeadais an tsoláthraí seirbhíse, cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, cé acu a rinneadh d’aon ghnó nó trí fhaillí é agus cé acu a bhí an soláthraí seirbhíse freagrach as sáruithe comhchosúla roimhe sin nó nach raibh. Ba cheart aird ar leith, ina leith sin, a thabhairt ar mhicrifhiontair.

(20)

Tá an Treoir seo gan dochar do chumhachtaí na n-údarás náisiúnta in imeachtaí sibhialta agus riaracháin, lena n-áirítear i gcás inar féidir le pionóis a bheith mar thoradh ar na himeachtaí sin.

(21)

Chun a áirithiú go gcuirfear an Treoir i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach, ba cheart sásraí breise a chur i bhfeidhm don chomhordú idir na Ballstáit. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit údarás lárnach amháin nó níos mó a ainmniú ar féidir leis faisnéis agus cúnamh a thabhairt do na húdaráis lárnacha sna Ballstáit eile maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, go háirithe i gcás ina bhfuil bearta forfheidhmiúcháin faoin Treoir seo á mbreithniú. Leis an sásra comhordúcháin sin, ba cheart a áirithiú go gcuirfear na Ballstáit ábhartha ar an eolas faoin rún atá ag Ballstát beart forfheidhmiúcháin a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil ar chumas na n-údarás lárnach aon fhaisnéis ábhartha agus cúnamh a thabhairt dá chéile sna himthosca sin, agus obair i gcomhar le chéile i gcás inarb ábhartha. D’fhéadfadh comhordú ar bheart forfheidhmiúcháin idir na húdaráis inniúla i mBallstáit éagsúla a bheith i gceist leis an gcomhar idir na húdaráis lárnacha i gcás beart forfheidhmiúcháin. Ba cheart a bheith mar aidhm ag an gcomhar sin coinbhleachtaí inniúlachta, idir dhearfach agus diúltach, a sheachaint. Chun beart forfheidhmiúcháin a chomhordú, ba cheart do na húdaráis lárnacha ról a thabhairt don Choimisiún freisin i gcás inarb ábhartha. Níor cheart don oibleagáid atá ar an húdaráis sin chun dul i mbun comhair dochar a dhéanamh don cheart atá ag Ballstát aonair pionóis a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse a mhainníonn a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Trí údaráis lárnacha a ainmniú agus faisnéis a fhoilsiú fúthu, bheadh sé níos éasca ar sholáthraithe seirbhíse fógra a thabhairt faoi ainmniú agus sonraí teagmhála a mbunaíochta ainmnithe nó a n-ionadaí dhlíthiúil don Bhallstát ina bhfuil a mbunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar a n-ionadaí dlíthiúil. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoina n-údarás lárnach ainmnithe nó faoina n-údaráis lárnacha ainmnithe, agus ba cheart don Choimisiún liosta de na húdaráis lárnacha ainmnithe a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit agus é a chur ar fáil go poiblí.

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon deireadh a chur le bacainní ar shaorsholáthar seirbhísí faoi chuimsiú fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr gur seirbhísí gan teorainneacha iad na seirbhísí sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(23)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus thug sé tuairim uaidh an 6 Samhain 2019 (13),

(24)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo ar bhonn na gcúig chritéar seo: éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach don Aontas, agus ba cheart an mheastóireacht sin a bheith mar bhonn do mheasúnuithe tionchair ar aon bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo. Ba cheart an mheastóireacht a chur i gcrích faoin 18 Lúnasa 2029, ionas gur féidir sonraí leordhóthanacha a bhailiú faoina cur chun feidhme praiticiúil. Ba cheart faisnéis a bhailiú go rialta chun bonn eolais a chur faoin meastóireacht ar an Treoir seo,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Treoir seo na rialacha maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh ag soláthraithe seirbhíse áirithe a thairgeann seirbhísí san Aontas, chun cinntí agus orduithe arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, chun críoch fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

2.   Tá feidhm ag an Treoir seo i leith cinntí agus orduithe chun críche fianaise leictreonach a bhailiú ar bhonn Rialachán (AE) 2023/1543, Threoir 2014/41/AE agus an Choinbhinsiúin arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh. Tá feidhm ag an Treoir seo freisin i leith cinntí agus orduithe chun críche fianaise leictreonach a bhailiú ar bhonn an dlí náisiúnta a dhíríonn Ballstát ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú mar ionadaí dlíthiúil nó mar bhunaíocht ainmnithe de chuid soláthraí seirbhíse ar chríoch an Bhallstáit sin.

3.   Tá an Treoir seo gan dochar do na cumhachtaí atá ag na húdaráis náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta chun dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse atá bunaithe ar a gcríoch go díreach, chun chríoch fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla a bhailiú.

4.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit oibleagáidí sa bhreis ar na hoibleagáidí sin a eascraíonn ón Treoir seo a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse, go háirithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú nó ionadaithe dlíthiúla a cheapadh, chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1.

5.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na soláthraithe seirbhíse a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), a thairgeann a gcuid seirbhísí san Aontas. Níl feidhm aici i leith na soláthraithe seirbhíse sin atá bunaithe ar chríoch Ballstáit aonair a thairgeann seirbhísí ar chríoch an Bhallstáit sin, agus ar chríoch an Bhallstáit sin amháin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí seo a leanas, cé is moite de sheirbhísí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b), de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14):

(a)

seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972;

(b)

seirbhísí maidir le hainmneacha fearainn idirlín agus maidir le huimhriú IP, amhail sannadh seoltaí IP, clárlann ainmneacha fearainn, cláraitheoir ainmneacha fearainn agus seirbhísí príobháideachta a bhaineann le hainmneacha fearainn agus seachsheirbhísí;

(c)

seirbhísí eile na sochaí faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2015/1535 a dhéanann an méid seo a leanas:

(i)

a chuireann ar chumas dá n-úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile; nó

(ii)

a fhágann gur féidir sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile thar ceann na n-úsáideoirí dá gcuirtear an tseirbhís ar fáil, ar choinníoll gur comhpháirt shainiúil den tseirbhís a sholáthraítear don úsáideoir é na sonraí a stóráil;

(2)

ciallaíonn “a thairgeann seirbhísí ar chríoch Ballstáit”:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát a chumasú chun na seirbhísí dá liostaítear i bpointe (1) a úsáid; agus

(b)

nasc substaintiúil a bheith ann, bunaithe ar na critéir shonracha fhíorasacha, leis an mBallstát dá dtagraítear i bpointe (a); meastar an nasc substaintiúil sin a bheith ann i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhísí sa Bhallstát sin, nó, in éagmais na bunaíochta sin, i gcás ina bhfuil líon suntasach úsáideoirí sa Bhallstát sin, nó i gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo an Bhallstáit sin;

(3)

ciallaíonn “a thairgeann seirbhísí san Aontas”:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát a chumasú chun na seirbhísí dá liostaítear i bpointe (1) a úsáid; agus

(b)

nasc substaintiúil a bheith ann atá bunaithe ar na critéir shonracha fhíorasacha leis an mBallstát dá dtagraítear i bpointe (a); meastar an nasc substaintiúil sin a bheith ann i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhísí i mBallstát, nó, in éagmais na bunaíochta sin, i gcás ina bhfuil líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo Ballstát amháin nó níos mó;

(4)

ciallaíonn “bunaíocht” eintiteas a shaothraíonn gníomhaíocht eacnamaíoch go hiarbhír ar feadh tréimhse éiginnte trí bhonneagar seasmhach óna seoltar an gnó um sheirbhísí a sholáthar nó óna mbainistítear an gnó;

(5)

ciallaíonn “bunaíocht ainmnithe” bunaíocht ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach arna hainmniú i scríbhinn ag soláthraí seirbhíse atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach in ionstraim dlí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 3(1);

(6)

ciallaíonn “ionadaí dlíthiúil” duine nádúrtha nó dlítheanach arna cheapadh i scríbhinn ag soláthraí seirbhíse nach bhfuil bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach in ionstraim dlí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 3(1).

Airteagal 3

Bunaíochtaí ainmnithe agus ionadaithe dlíthiúla

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-ainmneoidh nó go gceapfaidh na soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas seolaí amháin ar a laghad chun cinntí agus orduithe a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2) (“cinntí agus orduithe a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2)”) arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, mar a leanas:

(a)

i gcás soláthraithe seirbhíse atá bunaithe san Aontas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, áiritheoidh na Ballstáit ina bhfuil na soláthraithe seirbhíse bunaithe go n-ainmneoidh na soláthraithe seirbhíse sin an bhunaíocht ainmnithe nó na bunaíochtaí ainmnithe atá freagrach as na gníomhaíochtaí a thuairiscítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo;

(b)

i gcás soláthraithe seirbhíse nach bhfuil bunaithe san Aontas, ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, áiritheoidh na Ballstáit go gceapfaidh na soláthraithe seirbhíse sin a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch an t-ionadaí dlíthiúil nó na hionadaithe dlíthiúla atá freagrach as na gníomhaíochtaí a thuairiscítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo sna Ballstáit atá rannpháirteach sna hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(c)

i gcás soláthraithe seirbhíse atá bunaithe i mBallstáit nach bhfuil rannpháirteach sna hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), áiritheoidh na Ballstáit go gceapfaidh na soláthraithe seirbhíse sin a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch an t-ionadaí dlíthiúil nó na hionadaithe dlíthiúla atá freagrach as na gníomhaíochtaí a thuairiscítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo sna Ballstáit atá rannpháirteach sna hionstraimí sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas maidir leis na seolaithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

go bhfuil siad bunaithe agus go bhfuil cónaí orthu i mBallstát ina dtairgeann na soláthraithe seirbhíse a gcuid seirbhísí; agus

(b)

gur féidir leo a bheith faoi réir nósanna imeachta forfheidhmiúcháin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndíreofar cinntí agus orduithe a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2) chuig an mbunaíocht ainmnithe nó chuig an ionadaí dlíthiúil arna ainmniú nó arna cheapadh chun na críche sin, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá a sholáthar dá mbunaíochtaí ainmnithe agus dá n-ionadaithe dlíthiúla chun cinntí agus orduithe a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2) a fhaightear ó Bhallstát a chomhlíonadh. Déanfaidh an Ballstát a fhíorú freisin go bhfuil na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá faighte ag na bunaíochtaí ainmnithe atá bunaithe ar a gcríoch nó ag na hionadaithe dlíthiúla atá ina gcónaí ar a gcríoch ó na soláthraithe seirbhíse chun na cinntí agus orduithe sin a fhaightear ó Bhallstát a chomhlíonadh agus go bhfuil siad ag comhoibriú leis na húdaráis inniúla agus na cinntí agus orduithe á bhfáil acu, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil agus an soláthraí seirbhísí araon a chur faoi dhliteanas comhpháirteach agus leithleach i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn ón gcreat dlíthiúil is infheidhme ar chinntí agus orduithe, a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2), a fháil, ionas go bhféadfaidh gach ceann acu a bheith faoi réir pionóis i gcás neamhchomhlíonadh ag aon cheann acu. Go sonrach, áiritheoidh na Ballstáit nach féidir leis an soláthraí seirbhíse ná an bhunaíocht ainmnithe, ná an t-ionadaí dlíthiúil i gcás inarb infheidhme, úsáid a bhaint as an easpa nósanna imeachta inmheánacha iomchuí atá idir an soláthraí seirbhíse agus an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil mar bhonn cirt le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin. Ní bheidh feidhm ag dliteanas comhpháirteach agus leithleach i gcás gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhíse ná na bunaíochta ainmnithe, ná an ionadaí dhlíthiúil i gcás inarb infheidhme, arb ionann iad agus cion coiriúil sa Bhallstát atá i mbun na pionóis a fhorchur.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas ón 18 Feabhra 2026 bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú nó ionadaithe dlíthiúla a cheapadh faoin 18 Lúnasa 2026 agus go bhfuil sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse a thosaíonn ag tairiscint seirbhísí san Aontas tar éis an 18 Feabhra 2026 bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú nó ionadaithe dlíthiúla a cheapadh laistigh de 6 mhí ón dáta a thosaíonn siad ag tairiscint seirbhísí san Aontas.

Airteagal 4

Fógraí agus teangacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach soláthraí seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí ina gcríoch fógra i scríbhinn a thabhairt d’údarás lárnach, arna ainmniú de bhun Airteagal 6, an Bhallstáit ina bhfuil a bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil, faoi shonraí teagmhála na bunaíochta nó an ionadaí dhlíthiúil sin, agus faoi aon athruithe a dhéantar ina leith.

2.   Sonrófar san fhógra dá dtagraítear i mír 1 an teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Aontais, dá dtagraítear i Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (15), inar féidir dul i dteagmháil leis an ionadaí dlíthiúil nó leis an mbunaíocht ainmnithe. Áireofar ar na teangacha sin ceann amháin nó níos mó de na teangacha oifigiúla mar a leagtar síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil.

3.   I gcás ina n-ainmníonn soláthraí seirbhíse roinnt bunaíochtaí ainmnithe nó ina ndéanann soláthraí seirbhíse roinnt ionadaithe dlíthiúla a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), áiritheoidh na Ballstáit go sonróidh na soláthraithe seirbhíse sin, san fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an raon feidhme críochach beacht maidir le hainmniú nó maidir le ceapadh na mbunaíochtaí ainmnithe nó na n-ionadaithe dlíthiúla sin. Sonrófar san fhógra an teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Aontais nó na mBallstát inar féidir dul i dteagmháil le gach ceann de na bunaíochtaí ainmnithe nó na hionadaithe dlíthiúla.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a dtugtar fógra dóibh ina leith i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil don phobal ar leathanach tiomnaithe gréasáin de chuid an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair choiriúla. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar nuashonrú rialta ar an bhfaisnéis sin. Féadfar an fhaisnéis sin a scaipeadh tuilleadh chun rochtain ag na húdaráis inniúla uirthi a éascú.

Airteagal 5

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 4 a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit, faoin 18 Feabhra 2026, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. Déanfaidh na Ballstáit freisin an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi sholáthraithe seirbhíse neamhchomhlíontacha, faoi bheart forfheidhmiúcháin ábhartha atá déanta ina gcoinne agus faoi na pionóis arna bhforchur ina leith.

Airteagal 6

Na húdaráis lárnacha

1.   I gcomhréir lena gcóras dlíthiúil féin, ainmneoidh na Ballstáit údarás lárnach amháin nó níos mó chun a áirithiú go ndéanfar an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach agus comhréireach.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin údarás lárnach nó faoi na húdaráis lárnacha atá ainmnithe acu de bhun mhír 1. Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis lárnacha ainmnithe ar aghaidh chuig na Ballstáit agus beidh an liosta ar fáil go poiblí.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis lárnacha comhordú agus comhar le chéile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún, agus go gcuirfidh na húdaráis lárnacha aon fhaisnéis agus cúnamh iomchuí ar fáil dá chéile chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach agus comhréireach. Cumhdófar le comhordú, comhar agus soláthar faisnéise agus cúnaimh den sórt sin, go háirithe, bearta forfheidhmiúcháin.

Airteagal 7

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun comhlíonadh na Treorach seo a thabhairt i bhfeidhm faoin 18 Feabhra 2026. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

3.   Déanfaidh na Ballstáit téacs bhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 8

Meastóireacht

Faoin 18 Lúnasa 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le treoirlínte ón gCoimisiúin maidir le reachtóireacht níos fearr. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 10

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Iúil 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 88.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023.

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(5)  Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus forghníomhú pianbhreitheanna coimeádta tar éis imeachtaí coiriúla (Féach leathanach 118 den Iris Oifigiúil).

(6)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach a úsáid in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(7)  An Coinbhinsiún arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 3) agus an Prótacal a ghabhann leis (IO C 326, 21.11.2001, lch. 2).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(11)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(13)  IO C 32, 31.1.2020, lch. 11.

(14)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(15)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).