ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
66 |
|
|
Ceartúcháin |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/1545 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Iúil 2023
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú ailléirginí cumhráin i dtáirgí cosmaideacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (1), agus go háirithe Airteagal 31(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is comhdhúile orgánacha iad substaintí cumhráin a bhfuil bolaithe tréithiúla orthu, ar bolaithe iad a bhíonn taitneamhach de ghnáth. Úsáidtear go forleathan iad i gcumhráin agus i dtáirgí cosmaideacha cumhraithe eile, ach freisin i go leor táirgí eile amhail glantaigh, bogthóirí fabraice agus táirgí tí eile. |
(2) |
Is imoibríocht athraithe ar leith í ailléirge teagmhála sa chóras imdhíonachta daonna, ar imoibríocht í a mhaireann ar feadh an tsaoil. Nuair a bhíonn ath-nochtadh le méid leordhóthanach ailléirgine ann, d’fhéadfadh sé go bhforbrófar eachma (deirmitíteas teagmhála ailléirgeach). Nuair a bhí duine íograithe cheana féin d’ailléirgin, is leor tiúchan i bhfad níos ísle de chun comharthaí ailléirge a spreagadh. Is féidir an céatadán den daonra san Aontas a bhfuil ailléirge ailléirginí cumhráin orthu a mheas ag 1–9 % (2). |
(3) |
Is é is aidhm do bhearta éagsúla an daonra ar fad a chosaint ar ailléirgí cumhráin a fháil (galarchosc príomhúil) agus daoine íograithe a chosaint ar chomharthaí ailléirge a fhorbairt (cosc tánaisteach). |
(4) |
Chun críoch galarchosc príomhúil, d’fhéadfadh sé gur leor srian a chur ar ailléirginí cumhráin. Mar sin féin, d’fhéadfadh siomptóim teacht ar dhaoine íograithe nuair a nochtar iad do thiúchain níos ísle d’ailléirgin ná na huasleibhéil cheadaithe. Dá bhrí sin, mar bheart um chosc tánaisteach, tá sé tábhachtach faisnéis a sholáthar maidir le hailléirginí cumhráin aonair a bheith i dtáirgí cosmaideacha ionas gur féidir le daoine íograithe teagmháil leis an tsubstaint a bhfuil ailléirge orthu ina leith a sheachaint. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 19(1), pointe (g), de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, ní chuirfear táirge cosmaideach ar fáil ar mhargadh an Aontais ach amháin i gcás ina léirítear liosta comhábhar ar a phacáistíocht. Thairis sin, sonraítear san Airteagal sin go ndéanfar tagairt do chumhrán agus do chomhdhéanaimh aramatacha agus dá n-amhábhar leis na téarmaí ‘parfum’ nó ‘aroma’ sa liosta comhábhar agus go mbeidh siad comhlánaithe le substaintí a gceanglaítear iad a lua faoin gcolún ‘Eile’ in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Faoi láthair, tá 24 ailléirgin chumhráin a liostaítear in iontrálacha 45 agus 67 go 92 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 le lua ar an liosta comhábhar (lipéadaithe ina n-aonar). |
(6) |
Mar fhreagra ar an iarraidh ón gCoimisiún nuashonrú a dhéanamh ar liosta na n-ailléirginí cumhráin a bhfuil lipéad aonair orthu, ghlac an Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí (CEST) tuairim ag an gcruinniú iomlánach a bhí aige an 26-27 Meitheamh 2012 (3). Dheimhnigh sé go bhfuil na hailléirginí cumhráin a liostaítear in iontrálacha 45 agus 67–92 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 fós ábhartha. Ina theannta sin, shainaithin sé 56 ailléirgin chumhráin bhreise, arb iad is cúis go soiléir le hailléirgí i ndaoine agus nach bhfuil aon cheanglas acu faoi láthair maidir le lipéadú aonair. |
(7) |
I bhfianaise thuairim CEST, is féidir teacht ar an gconclúid go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine mar thoradh ar úsáid a bhaint as ailléirginí cumhráin breise arna sainaithint ag CEST agus gur gá tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na hailléirginí cumhráin sin a bheith ann. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáid a thabhairt isteach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 maidir leis na hailléirginí cumhráin sin a lipéadú ina n-aonar nuair is mó a dtiúchan ná 0,001 % i dtáirgí neamhshruthlaithe agus 0,01 % i dtáirgí sruthlaithe. Ina theannta sin, maidir le substaintí cumhráin, amhail prehaiptein agus prohaiptein, ar féidir iad a chlaochlú go hailléirginí teagmhála aitheanta trí ocsaídiú aeir nó bithghníomhachtú, ba cheart déileáil leo mar shubstaintí atá coibhéiseach le hailléirginí cumhráin agus iad a bheith faoi réir na srianta céanna agus na gceanglas rialála eile. |
(8) |
Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus soiléireacht, is gá freisin iontrálacha áirithe atá ann cheana maidir le hailléirginí cumhráin in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a nuashonrú trí ainmneacha coitianta na substaintí a ailíniú leo sin atá sa leagan is déanaí de Ghluais na gComhábhar Coiteann dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán sin, agus trí shubstaintí comhchosúla a ghrúpáil in aon iontráil amháin. Ina theannta sin, nuair is ann do roinnt ainmneacha comhábhar coiteann do shubstaint, ba cheart a leagan amach sa cheanglas lipéadaithe aonair cén t-ainm atá le húsáid ar liosta na gcomhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), chun an lipéadú a chuíchóiriú agus a dhéanamh níos áisiúla don tomhaltóir, chomh maith le hobair na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na n-údarás náisiúnta a éascú. |
(9) |
Ar mhaithe le hiomláine agus soiléireacht, is gá freisin iontrálacha áirithe atá ann cheana maidir le hailléirginí cumhráin in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a nuashonrú trí isiméirí a chur leo agus trí uimhreacha CAS agus CE faoi seach a chomhlánú agus a leasú, agus ar an gcaoi sin obair na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na n-údarás náisiúnta a éascú. |
(10) |
Ós rud é gur dócha go mbeidh iontrálacha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) 1223/2009 ina gcomhcheanglaítear srianta atá ann cheana agus srianta nua mar thoradh ar liosta nuashonraithe na n-ailléirginí cumhráin, is gá foráil a dhéanamh gur cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha, ar thaobh amháin, leanúint de na srianta atá ann cheana a chur i bhfeidhm, agus, ar an taobh eile, tréimhse réasúnach ama a cheadú dóibh chun srianta nua a chomhlíonadh. |
(11) |
Maidir leis na srianta nua, ba cheart tréimhse réasúnach ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun oiriúnú dóibh trí na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar fhoirmliú na dtáirgí agus ar choimeádáin chun a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí cosmaideacha a chomhlíonann na ceanglais ar an margadh. Ba cheart tréimhse réasúnach ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha freisin chun táirgí cosmaideacha a tharraingt siar ón margadh, ar táirgí iad nach gcomhlíonann na ceanglais nua sin agus a cuireadh ar an margadh sula raibh feidhm ag na forálacha nua lipéadúcháin. I bhfianaise chéatadán réasúnta íseal agus cobhsaí na dtomhaltóirí a dtagann deirmitíteas teagmhála ailléirgeach orthu, líon mór na n-ailléirginí cumhráin nua atá le lipéadú ina n-aonar agus líon suntasach na dtáirgí cosmaideacha lena mbaineann, ba cheart 3 agus 5 bliana, faoi seach, a bheith san idirthréimhse. |
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Cosmaideacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 342, 22.12.2009, lch. 59.
(2) Staidéar measúnaithe tionchair ar lipéadú cumhráin ar tháirgí cosmaideacha [‘Impact assessment study on fragrance labelling on cosmetic products’] — Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu), lch. 64.
(3) CEST (An Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí), tuairim maidir le hailléirginí cumhráin i dtáirgí cosmaideacha (SCCS/1459/11), an 26-27 Meitheamh 2012.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 45, 46, 70, 73, 86, 88, 109, 114, 122, 124, 131, 133, 154, 157, 175, 196 agus 324:
|
(2) |
scriostar iontrálacha 125,126, 158, 160-163, 165, 167 agus 168; |
(3) |
cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
(*1) Táirgí cosmaideacha a bhfuil an tsubstaint sin iontu agus nach gcomhlíonann na srianta, is féidir iad a chur ar mhargadh an Aontais go dtí 31 Iúil 2026 agus iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais go dtí 31 Iúil 2028.
(*2) Táirgí cosmaideacha a bhfuil an tsubstaint sin iontu agus nach gcomhlíonann na srianta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na srianta is infheidhme faoin 15 Lúnasa 2023, is féidir iad a chur ar mhargadh an Aontais go dtí 31 Iúil 2026 agus iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais go dtí 31 Iúil 2028.
(*3) Lena n-úsáid mar bhlátholaí (Lippia citriodora Kunth.) agus díorthaigh Beirbhéine, féach Iarscríbhinn II, Uimh. 450.’
(*4) Táirgí cosmaideacha a bhfuil an tsubstaint sin iontu agus nach gcomhlíonann an srian/na srianta, is féidir iad a chur ar mhargadh an Aontais go dtí an 31 Iúil 2026 agus iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais go dtí an 31 Iúil 2028.
(*5) Ós rud é gur aonteirpéin í an tsubstaint sin, tá sí faoi réir an tsriain ar luach sárocsaíde a leagtar amach in iontráil 130.
(*6) Maidir le húsáid ‘Ola ó shíolta Laurus nobilis L.’, féach Iarscríbhinn II, Uimh. 359’.
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/24 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1546 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Iúil 2023
lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’ (TGFC), ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’ (TGFC), ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ (TGFC) agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/Figatellu de l’Ile de Beauté’ (TGFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(3)(b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, maidir leis an iarratas ón bhFrainc ar chlárú na n-ainmneacha: Foilsíodh ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’ (PGI-FR-02427) (2), ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’ (PGI-FR-02431) (3), ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ (TGFC-FR-02429) (4) agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/figatellu de l’Ile de Beauté’ (PGI-FR-02432) (5) mar Thásca Geografacha faoi Chosaint (TGFC) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(2) |
Fuarthas trí fhógra freasúra maidir leis na hiarratais thuas ón Iodáil, ón Spáinn agus ó eagraíocht idirnáisiúnta atá bunaithe san Eilvéis. |
(3) |
Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na ráitis freasúra réasúnaithe agus a chinneadh go raibh siad inghlactha, i gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’iarr an Coimisiún ar na freasúróirí dul i mbun comhairliúcháin iomchuí d’fhonn teacht ar chomhaontú. |
(4) |
Tháinig deireadh leis na comhairliúcháin idir an Fhrainc agus na freasúróirí gan teacht ar chomhaontú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leis an gclárú i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh aige. |
(5) |
Ar an gcéad dul síos, d’agair na freasúróirí neamhchomhlíonadh na n-iarratas ar TGFC: ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’, ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’, ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/Figatellu de l’Ile de Beauté’ leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. I ndáil leis sin, d’áitigh na freasúróirí nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa sainmhíniú ar thásc geografach faoi chosaint faoin Airteagal thuasluaite, toisc, dar leo, nach mbaineann aon saintréithe sonracha leis na táirgí a chumhdaítear le hiarratais reatha TGFC a d’fhéadfadh a bheith nasctha leis an limistéar geografach lena mbaineann. Tugadh aird freisin ar mhodhanna táirgthe a líomhnaítear a bheith tionsclaíoch, amhail deatú a dhéantar ar na táirgí charcuterie i gceist, rud a léireodh, de réir na bhfreasúróirí, nach ann do nasc leis an limistéar geografach. |
(6) |
Thairis sin, mhaígh na freasúróirí nach raibh an t-ainm ‘Ile de Beauté’ in úsáid sa trádáil, tráth a cuireadh isteach na hiarratais ar TGFC, rud atá contrártha le ceanglais Airteagal 7(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
(7) |
Thagair na freasúróirí freisin do shárú féideartha ar na rialacha maidir le comhainmneachas atá in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 i bhfianaise na ATFCanna ón gCorsaic atá ann cheana: ‘Lonzo de Corse’/‘Lonzo de Corse – Lonzu’, ‘Jambon sec de Corse’/‘Jambon sec de Corse – Prisuttu’ agus ‘Coppa de Corse’/‘Coppa de Corse – Coppa di Corsica’. Chun na críche sin, d’fhiafraigh na freasúróirí, ag féachaint don chuspóir sonrach atá á shaothrú ag an Airteagal thuas, an é nach bhféadfadh comhainmneachas a bheith ann ach amháin i gcás téarmaí comhionanna nó, chomh maith leis sin, i gcás nathanna atá comhchiallach. |
(8) |
Thairis sin, d’áitigh na freasúróirí go ndéanfadh clárú an TGFC atá beartaithe dochar do na ATFCanna thuas a bheith ann, mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Sa chomhthéacs sin, thug siad ar aird go dtagraíonn na hainmneacha faoi na ceithre iarratas ar TGFC do tháirgí a tháirgtear i limistéar geografach atá beagnach comhionann le limistéar táirgí charcuterie eile, a bhfuil a n-ainmneacha aitheanta cheana féin mar na ATFCanna thuasluaite. Cé go ndealraíonn sé go bhfuil na hainmneacha faoi na ceithre iarratas TGFC i gceist éagsúil leis na hainmneacha ATFC a léirítear thuas ó thaobh foclóireachta de, tuigtear do thomhaltóirí go bhfuil ‘Ile de Beauté’ comhchiallach le ‘Corse’ (an Chorsaic) ina chuid de na hainmneacha ATFC sin. Dá dheasca sin, creideann na freasúróirí go bhféadfadh an tuiscint mhíchuí a bheith ag na tomhaltóirí go bhfuil nasc idir ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’, ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’, ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/Figatellu de l’Ile de Beauté’ agus ATFCanna cláraithe: ‘Lonzo de Corse’/‘Lonzo de Corse – Lonzu’, ‘Jambon sec de Corse’/‘Jambon sec de Corse – Prisuttu’ agus ‘Coppa de Corse’/‘Coppa de Corse – Coppa di Corsica’. I dtuairim na bhfreasúróirí, d’fhéadfadh an mearbhall a bheith níos dóchúla toisc go mbaineann na táirgí a ainmnítear mar tháirgí TGFC agus ATFC leis an gcatagóir táirge chéanna (charcuterie). |
(9) |
Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar na hargóintí a léirigh na freasúróirí i bhfianaise fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus tá torthaí na gcomhairliúchán iomchuí a rinneadh idir an t-iarratasóir agus na freasúróirí curtha san áireamh aige. |
(10) |
A mhéid a bhaineann le neamhchomhlíonadh líomhnaithe na n-iarratas ar TGFC leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 sa chomhthéacs nach bhfuil na saintréithe sonracha iontu a d’fhéadfadh a bheith nasctha leis an limistéar geografach lena mbaineann, ba cheart an méid seo a leanas a mheas:
|
(11) |
Maidir leis an maíomh nach ann d’aon fhianaise ar úsáid roimhe sin nó úsáid tráchtála an ainm ‘Ile de Beauté’ le haghaidh na dtáirgí charcuterie i gceist, ba cheart a athdhearbhú nach gceanglaítear le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 aon fhad sonrach a bhaineann le réamhúsáid na n-ainmneacha a chosaint ná nach dtoimhdítear sin leis. Thug an t-iarratasóir ar aird úsáid sheanbhunaithe na n-ainmneacha TGFC le blianta beaga anuas agus tharraing sé aird ar ghníomhaíochtaí éagsúla cumarsáide nó margaíochta a rinneadh chun úsáid na n-ainmneacha a chur chun cinn ó bhí 2015 ann. I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, i ndáil leis an gcoinníoll maidir le húsáid an ainm sa trádáil, dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart a mheas go bhfuil sé comhlíonta. |
(12) |
I gcás na n-éileamh a bhaineann le sárú líomhnaithe nó féideartha ar Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 i gcás chlárú na n-ainmneacha TGFC i gceist, ba cheart na héilimh sin a dhiúltú toisc nach dtagann an cás sa chás seo faoi raon feidhme na forála thuasluaite, lena leagtar síos na rialacha go heisiach le haghaidh comhainmneacha i bpáirt nó ina n-iomláine. Is é a thuigtear go coitianta gurb é atá i gcomhainmneacha focail a bhfuil an litriú nó fuaimniú céanna acu , ach bríonna agus bunúis éagsúla. Tá ‘Ile de Beauté’ agus ‘Corse/An Chorsaic’ litrithe agus fógartha ar bhealach éagsúil agus dá bhrí sin ní féidir a mheas gur comhainmneacha iad. Tá codanna de na hainmneacha a thagraíonn do na cineálacha charcuterie in ainmneacha TGFC agus ATFC araon go hiomlán difriúil freisin. Dá réir sin, níl na hainmneacha TGFC a mholtar a chlárú comhainmneach go hiomlán ná go páirteach leis na hainmneacha ATFC atá cláraithe, ‘Lonzo de Corse/Lonzo de Corse – Lonzu’, ‘Jambon sec de Corse/Jambon sec de Corse – Prisuttu’ agus ‘Coppa de Corse/Coppa de Corse – Coppa di Corsica’. |
(13) |
Maidir le háitiú na bhfreasúróirí go ndéanfadh clárú na TGFCanna atá beartaithe dochar do na ATFCanna thuas a bheith ann, mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, measann an Coimisiún nach dóchúil gurb ann do riosca éifeachtachta diúltaí den chineál sin. Tá na hainmneacha TGFC a chumhdaítear leis na hiarratais reatha éagsúil go leor leis na hainmneacha ATFC atá cláraithe, chomh maith leis na táirgí a bhaineann leo. Dá bhrí sin, dá mbeidís ar an margadh in éineacht ní bheadh sin míthreorach do thomhaltóirí ná ní bheadh tionchar diúltach acu ar na ATFCanna faoi chosaint. Go deimhin, is timchaint ghnách ar an gCorsaic é ‘Ile de Beauté’, de réir mar a thuigtear do thomhaltóirí Francacha é go háirithe, agus úsáidtear an téarma ‘Ile de Beauté’ chun tagairt a dhéanamh don Chorsaic, go háirithe ar na suíomhanna gréasáin turasóireachta. Dá bhrí sin, is féidir an dá théarma seo a mheas mar chomhchiallaigh in aigne na dtomhaltóirí. Mar sin féin, ó thaobh foclóireachta de, mar a mhínítear thuas, ní dócha go mbeidh aon mhearbhall in aigne an tomhaltóra. Maidir leis na hainmneacha TGFC agus na hainmneacha ATFC araon atá á mbreithniú, is comhainmneacha iad araon lena léirítear an áit tionscnaimh agus an cineál táirge. Baineann na téarmaí coincréiteacha pancetta/panzetta, saucisson sec/salciccia, bulagna, nó figatelli/figatellu le cineálacha sonracha charcuterie, atá éagsúil le táirgí a ainmnítear mar lonzo/lonzu, jambon sec/prisuttu nó coppa. Ba cheart do ghnáth-thomhaltóir, fiú mura saineolaí i gcineálacha charcuterie é, a bheith in ann teacht ar an gconclúid go dtagraíonn téarmaí éagsúla do tháirgí éagsúla, a bhfuil saintréithe éagsúla acu. Is ríthábhachtach gnéithe amhairc agus an fhoirm, ina gcuirtear táirgí ar an margadh (cur i láthair an táirge don tomhaltóir deiridh – cuma, méid, cruthanna, etc.) ó thaobh idirdhealú a dhéanamh idir na táirgí. I bhfianaise na ndifríochtaí idir táirgí TGFC agus táirgí ATFC agus idir a n-ainmneacha, tá an Coimisiún den tuairim nach mbeadh tionchar diúltach ag clárú na gceithre ainm TGFC atá á mbreithniú ar na táirgí a bhaineann leis na hainmneacha ATFC ‘Lonzo de Corse/Lonzo de Corse – Lonzu’, ‘Jambon sec de Corse/Jambon sec de Corse – Prisuttu’ agus ‘Coppa de Corse/Coppa de Corse – Coppa di Corsica’. D’fhéadfadh táirgí TGFC agus ATFC den sórt sin a bheith ann in éineacht, toisc go mbeadh na tomhaltóirí in ann idirdhealú eatarthu ar an margadh agus roghanna ceannaigh comhfhiosacha a dhéanamh. Dá thoradh sin, baintear de thátal as sin nach mbeadh clárú na n-ainmneacha TGFC atá beartaithe ina chúis leis an éifeacht a luaitear in Airteagal 10(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
(14) |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, ba cheart na hainmneacha ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’, ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’, ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/Figatellu de l’Ile de Beauté’ a iontráil sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint. |
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hainmneacha ‘Pancetta de l’Ile de Beauté/Panzetta de l’Ile de Beauté’ (TGFC ), ‘Saucisson sec de l’Ile de Beauté/Salciccia de l’Ile de Beauté’ (TGFC ), ‘Bulagna de l’Ile de Beauté’ (TGFC ) agus ‘Figatelli de l’Ile de Beauté/Figatellu de l’Ile de Beauté’ (TGFC), tá siad cláraithe.
Leis na hainmneacha sa chéad mhír, sainaithnítear táirge de chuid Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (6).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 417, 14.10.2021, lch. 36.
(3) IO C 417, 14.10.2021, lch. 32.
(4) IO C 421, 18.10.2021, lch. 15.
(5) IO C 418, 15.10.2021, lch. 44.
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/28 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1547 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Iúil 2023
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Gower Salt Marsh Lamb’ (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(3)(b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an t-iarratas a thíolaic an Ríocht Aontaithe chun an t-ainm ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a chlárú mar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Fuair an Coimisiún fógra freasúra ón bhFrainc an 8 Márta 2022. Chuir an Coimisiún an fógra freasúra ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe an 10 Márta 2022. Chuir an Fhrainc ráiteas freasúra réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin an 6 Bealtaine 2022. |
(3) |
Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ráiteas freasúra réasúnaithe agus a chinneadh go raibh sé inghlactha, i gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’iarr sé ar an Ríocht Aontaithe agus ar an bhFrainc, trí litir dar dáta an 30 Meitheamh 2022, dul i mbun comhairliúcháin iomchuí d’fhonn teacht ar chomhaontú. |
(4) |
An 28 Meán Fómhair 2022, arna iarraidh sin don Ríocht Aontaithe, chuir an Coimisiún síneadh 1 mhíosa leis an sprioc-am le haghaidh comhairliúchán. Tháinig deireadh leis na comhairliúcháin idir an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc gan teacht ar chomhaontú. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leis an gclárú i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh aige. |
(6) |
Seo a leanas achoimre ar phríomhargóintí na Fraince mar a leagtar amach ina ráiteas freasúra réasúnaithe agus sna comhairliúcháin a rinneadh leis an Ríocht Aontaithe. |
(7) |
Mhaígh an Fhrainc gur cheart a shonrú mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(1)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 cé acu atá nó nach bhfuil reo na feola údaraithe. Dá gceadófaí an reo, dúirt an freasúra go bhféadfadh sin an margadh a dhíchobhsú don dá PDO de chuid na Fraince ‘Prés-salés de la baie de Somme’ agus ‘Prés-salés du Mont-Saint-Michel’, nach mbíonn ar fáil ar an margadh ach ó mhí Iúil go mí na Samhna, agus go mbeadh iomaíocht éagórach ann mar thoradh air sin. Cuireann sonraíochtaí na dtáirgí sin cosc ar reo agus leá na feola. |
(8) |
Thairis sin, mhaígh an freasúra gur cheart forálacha lena sainítear na riasca goirte a sholáthraítear sa tsonraíocht táirge a chur leis an doiciméad aonair ós rud é gur gá an nasc idir an táirge a mhaítear mar STFC agus an limistéar geografach críochaithe a shainiú sa doiciméad aonair i gcomhréir le hAirteagal 8(1)(c)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
(9) |
Shonraigh an Ríocht Aontaithe gur cheart, más féidir, an fheoil a dhíol agus a ithe úr, cé go bhféadfar an fheoil a reo. Má dhéantar an fheoil a reo ní mór í a dhíol reoite. Rinneadh an tsonraíocht táirge chomh maith leis an doiciméad aonair a leasú dá réir. |
(10) |
Sa doiciméad aonair chuir an Ríocht Aontaithe na léarscáileanna agus na comhordanáidí GPS san áireamh freisin lena ndéantar na riasca goirte a chríochú. |
(11) |
Mheas an Fhrainc nár leor na leasuithe sin chun a héilimh a shásamh agus d’iarr sí soiléirithe breise maidir leis an tréimhse ina mbíonn an táirge reoite ar fáil ar an margadh. A mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar riasca goirte, d’iarr sí go gcuimseofaí codanna áirithe den tsonraíocht táirge sa doiciméad aonair, go háirithe an sainmhíniú mionsonraithe ar ‘riasc goirt’ agus na ceanglais shonracha ghaolmhara. |
(12) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar na hargóintí a nochtadh sa ráiteas freasúra réasúnaithe ón bhFrainc i bhfianaise fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus torthaí na gcomhairliúchán iomchuí a rinneadh idir an t-iarratasóir agus an freasúra á gcur san áireamh aige, agus tháinig sé ar na conclúidí seo a leanas. |
(13) |
A mhéid a bhaineann le neamhchomhlíonadh líomhnaithe an iarratais ar STFC leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ní modh chun an táirge a fháil per se é reo na feola. Le hAirteagal 7(1)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ní cheanglaítear riail shonrach a chuimsiú maidir leis an bhféidearthacht an fheoil a reo, ná maidir leis an tréimhse inar féidir an táirge a dhíol reoite. Fágtar é sin faoi rogha an iarratasóra cibé acu rialacha den chineál sin a chur isteach nó gan iad a chur isteach. Tar éis an fhreasúra, roghnaigh an t-iarratasóir córas an táirge reoite a shonrú. Tá rialacha maidir le reo an táirge ábhartha don tuairisc ar an táirge. I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart a mheas gur comhlíonadh an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
(14) |
A mhéid a bhaineann leis an maíomh maidir le neamhchomhlíonadh líomhnaithe Airteagal 8(1)(c)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tugtar tuairisc cheart uileghabhálach sa doiciméad aonair ar ‘an nasc idir an táirge agus an timpeallacht gheografach nó an tionscnamh geografach’. Tá tionchar ag dhá phríomhthoisc ar shaintréithe agus ar cháilíocht an táirge lena n-áirítear aiste bia nádúrtha an uain, mar atá innilt a dhéanamh ar fhásra uathúil an réisc ghoirt a fhaightear ar chósta thuaidh Gower. Sonraítear sa doiciméad aonair thairis sin go bhfuil raon uathúil plandaí halaifíteacha sna riasca goirte, go príomha ina measc pobail plandaí de chuid an réisc láir agus uachtair ina bhfuil ceannas láidir ag an dá speiceas seo a leanas ó Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga ón gComhphobal Eorpach: Móinéir Sháile Atlantacha agus Lus na Gloine agus bliantóga eile a dhéanann láib agus gaineamh a choilíniú. Chuir an t-iarratasóir léarscáil agus comhordú GPS lena léirítear limistéar na riasc goirt sin sa doiciméad aonair freisin mar fhreagairt ar an éileamh a rinne an Fhrainc. Achoimre ar an tsonraíocht táirge is ea an doiciméad aonair. Na heilimintí breise a d’iarr an freasúra a chur isteach, ní eilimintí riachtanacha iad chun tuiscint a fháil ar an modh táirgthe. I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart a mheas gur comhlíonadh ceanglais Airteagal 8(1)(c)(ii) den Rialachán sin. |
(15) |
I gcomhthéacs na gcomhairliúchán idir na páirtithe, leasaíodh an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge araon. Ós rud é nach meastar na leasuithe sin a bheith substaintiúil, i gcomhréir le hAirteagal 51(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ní dhearna an Coimisiún an grinnscrúdú ar an iarratas an athuair agus tháinig sé ar an gconclúid gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le clárú. |
(16) |
I bhfianaise an mhéid thuas, ba cheart an t-ainm ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a chlárú sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint. Ba cheart an leagan comhdhlúite den doiciméad aonair a fhoilsiú mar fhaisnéis amháin. |
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm ‘Gower Salt Marsh Lamb’ (STFC) cláraithe.
Leis an ainm sa chéad fhomhír, sainaithnítear táirge ó Aicme 1.1. Feoil (agus scairteach) úr a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leagtar amach an doiciméad aonair comhdhlúite.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 492, 8.12.2021, lch. 8.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
IARSCRÍBHINN
DOICIMÉAD AONAIR
‘Gower Salt Marsh Lamb’
Uimh. AE: PDO-GB-02452 – 1.4.2019
STFC (X) TGFC ( )
1. Ainmneacha [STFC nó TGFC]
‘Gower Salt Marsh Lamb’
2. Ballstát nó Tríú Tír
An Ríocht Aontaithe
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. Cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]
Aicme 1.1 Feoil (agus scairteach) úr
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Uaineoil den scoth is ea ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a bheirtear, a thógtar agus a mharaítear ar leithinis Gower i nDeisceart na Breataine Bige. Fásra agus timpeallacht uathúil na riasc goirt ar chósta thuaidh Gower, mar a mbíonn na huain ag innilt, a thugann a saintréithe don fheoil.
Is táirge séasúrach nádúrtha é ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a bhíonn ar fáil ó mhí an Mheithimh go dtí deireadh mhí na Nollag. Níl srian ar bith ann maidir leis na pórtha caorach (nó na caoirigh chrosphóraithe) is féidir a úsáid chun ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a tháirgeadh. Mar sin féin, is iad na pórtha crua atá níos éadroime agus níos lúfaire agus a rathaíonn ar fhásra an réisc ghoirt na pórtha is oiriúnaí.
Idir 4 mhí agus 10 mí d’aois a bhíonn ‘Gower Salt Marsh Lamb’ tráth an mharaithe. Ní mór do gach uan ar a laghad 2 mhí san iomlán a chaitheamh (agus 50 % dá shaol ar a laghad) agus é ag innilt an réisc ghoirt cé go gcaithfidh roinnt uan suas le 8 mí ag innilt an réisc ghoirt.
Déantar na huain a thógáil go forleathan agus is ainmhithe iad a bhíonn ‘aclaí’ go nádúrtha agus achair fhada á n-innilt acu ar na riasca goirte. Cuireann sé sin le saintréithe sonracha ‘Gower Salt Marsh Lamb’, agus na huain ag teacht chun aibíochta ar bhonn níos moille, an chothromaíocht is fearr is féidir á baint amach acu idir feoil thrua agus saill le ‘dáileadh comhsheasmhach agus cumraíocht chomhsheasmhach de mharmarú saille trí shnáithíní uile na matán’. Bíonn ailt na gcos an-ghlinn le dea-chruth ar na matáin agus bíonn dath dorcha dearg ar an bhfeoil amh.
Bíonn meáchan cóirithe idir 16 kg agus 23 kg i gconablach ‘Gower Salt Marsh Lamb’ tráth a mharaithe. Is éard atá i gceist le ‘Gower Salt Marsh Lamb’ conablach EUROP arna aicmiú sna haicmí saille ó 2L go 3L agus le cruth ó U go O, agus aicmítear formhór na n-uan le cruth R agus in aicme saille 3L.
Nuair a chócaráiltear é (mar a thugann painéal anailíse céadfaí neamhspleách tuairisc air) seachadann ‘Gower Salt Marsh Lamb’‘blas cothromaithe uaineola atá éadrom, milis agus íogair, ar a bhfuil iarracht de bhlas féarach, de bhlas luibheanna agus de bhlas úr atá beagán goirt, agus fágann sé iarbhlas taitneamhach iarmharach blasta uaineola sa bhéal’. Tá dath uachtarach ar an tsaill (a bhfuil dáileadh maith uirthi agus a leanann de bheith infheicthe tar éis cócarála) agus leánn sí le linn cócaireachta chun uigeacht ghlan neamh-ghréisceach a fhágáil ar an gcarball. Tá ‘dea-bholadh milis fíneálta’ ón uaineoil agus tá sí ‘bog agus súmhar’. Tar éis d’anailíseoir uigeachta measúnú a dhéanamh uirthi, choinnigh ‘Gower Salt Marsh Lamb’ sláine shnáithíní a mhatán, rud a chiallaíonn go mbíonn sé ‘súmhar ón gcéad ghreim’.
Is féidir ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a dhíol mar chonablach nó ina ghearrthacha feola. Ba cheart, más féidir, an fheoil a dhíol agus a ithe úr, cé go bhféadfar í a reo. Ní mór aon fheoil atá reoite a dhíol mar fheoil reoite.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
An foráiste arna innilt agus arna chaomhnú araon, ní mór é a theacht ón limistéar ainmnithe agus is é an rún atá ann 100 % den bheatha ar fad a fhoinsiú. Mar sin féin, in imthosca eisceachtúla ceadaítear beatha arna ceannach isteach suas le huasmhéid 25 % d’ábhar tirim sa bhliain. Déantar é sin a iniúchadh trí thaifid innilte agus chaomhantais agus trí fhianaise a thaifeadadh i ndialanna táirgeora ar ionchuir bheatha a allmhairítear isteach san fheirm.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe
I ngach cás ní mór ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a bhreith, a thógáil agus a mharú sa limistéar ainmnithe.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Leithinis Gower
Leithinis Gower i nDeisceart na Breataine Bige arna críochú de réir an toghcheantair tá na teorainneacha mar a liostaítear thíos iad agus mar a léirítear i Léarscáil A;
Teorainneacha Toghcheantair Leithinis Gower |
Gorseinon, Llwchrwr, Gowerton, Dunvant, Killay, Upper Killay, Mumbles, Bishopston, Pennard, Llanrhidian Higher, Llanrhidian Lower, Ilston, Penrice, Reynoldstone, Port Eynon, Rhossili, Llangennith, Llanmadoc, Port Eynon, Rhossili, Llangennith, Llanmadoc, Cheriton |
Léarscáil A
Leithinis Gower ina léirítear teorainneacha na dtoghcheantar
Ar Leithinis Gower tá na riasca goirte ar chósta thuaidh na leithinse mar a léirítear i Léarscáil B thíos:
Léarscáil B
Ina léirítear riasca goirte Gower thuaidh
Mar is léir ón léarscáil thuas tá na riasca goirte seo, ar an iomlán, sa limistéar ó Whitford Burrows soir go Loughor Bridge ar an A484. Sa limistéar sin tá:
1) |
Riasc goirt Llanrhidian agus Landimore – thoir ó líne ó Whitford Burrows go Salt House Point
|
2) |
Riasc goirt Penclawdd agus Crofty – ó Salthouse Point go Loughor Bridge
|
3) |
Riasc goirt Cwm Ivy – mar a imlínítear le dath gorm dorcha ar Léarscáileanna B agus C thíos.
|
Léarscáil C
Riasc goirt Cwm Ivy
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an cháil ar ‘Gower Salt Marsh Lamb’ gur táirge ardcháilíochta é a bheirtear, a thógtar agus a mharaítear ar leithinis Gower i nDeisceart na Breataine Bige. Táirge séasúrach nádúrtha is ea é a bhíonn ar fáil ó mhí an Mheithimh go dtí deireadh mhí na Nollag.
Déantar an uaineoil a tháirgeadh le córas fairsing traidisiúnta feirmeoireachta ina mbíonn tionchar ag an dá phríomhthoisc rannchuiditheacha seo a leanas ar shaintréithe agus ar cháilíochtaí an táirge deiridh;-
— |
Aiste bia nádúrtha an uain, mar atá innilt a dhéanamh ar fhásra uathúil an réisc ghoirt a fhaightear ar chósta thuaidh Gower. |
— |
Bonn eolais agus scileanna na dtáirgeoirí a ndearnadh forbairt orthu i gcaitheamh na nglún agus a fágadh gan athrú den chuid is mó. |
Cruthaíonn na tosca sin nasc láidir idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh agus cuireann siad le blas uathúil agus saintréithe an táirge.
Déanann uain ‘Gower Salt Marsh Lamb’ na riasca goirte a innilt ar chósta thuaidh leithinis Gower ar feadh 2 mhí ar a laghad ach déanann roinnt uan na riasca goirte a innilt ar feadh suas le 8 mí. Tá tuairim is 4 000 acra sna riasca goirte sin agus tá 22 % d’acmhainn riasca goirte na Breataine Bige iontu.
Díorthaítear fásra an réisc ghoirt nádúrtha ó mheascán dá aeráid agus dá ithreacha. Bíonn tionchar ag salandacht agus pH na hithreach ar chineál agus dáileadh uathúil an fhásra. Tá na riasca goirte aigéadach go nádúrtha agus is é 4 an pH tipiciúil. Gné ar leith de riasca goirte Gower Thuaidh is ea go bhfuil cion ard gainimh iontu agus go bhfuil siad draenáilte go maith. Is é sin a fhágann gur líonmhaire féara an réisc ghoirt arb iad is cúis leis na riasca a bheith ina n-acmhainn luachmhar innilte ar a rathaíonn uain ‘Gower Salt Marsh Lamb’.
Tá raon uathúil plandaí halaifíteacha sna riasca goirte, go príomha ina measc pobail plandaí de chuid an réisc láir agus uachtair ina bhfuil ceannas láidir ag an dá speiceas seo a leanas ó Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga ón gComhphobal Eorpach;-
— |
Móinéir Sháile Atlantacha |
— |
Lus na Gloine agus bliantóga eile a dhéanann láib agus gaineamh a choilíniú. |
Éagsúlacht agus raon na halaifítí sin a fhaightear ar riasca goirte Gower thuaidh agus arb iad aiste bhia an uain iad, is iad a chuireann le ‘blas féarach agus blas luibheanna atá beagán goirt’ a bhíonn ar ‘Gower Salt Marsh Lamb’.
Tá luach beatha na riasc íseal i gcomparáid le féarthailte a gcuireadh feabhas orthu ó thaobh na talmhaíochta de. Téann na huain ar thóir foráiste thar stráicí móra oscailte talún, nós as a n-eascraíonn conablach trua le forbairt mhaith matán agus ailt an-ghlinn cos. Mar thoradh ar an gcóras fairsing sin innilte aibíonn uain ‘Gower Salt Marsh Lamb’ níos moille ná uain a thógtar ar bhealach níos déine, rud a chuireann le saintréithe chonablach an uain agus lena cháilíochtaí itheacháin. Tugann moille sin an fháis níos mó ama do ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a ‘bhlas cothromaithe éadrom milis íogair’ lena ‘iarracht de bhlas féarach, de bhlas luibheanna agus de bhlas úr atá beagán goirt’ a fhorbairt go hiomlán ó aiste bhia an uain a bhíonn saibhir ó thaobh speicis halaifítí de.
Teastaíonn eolas ar leith agus scileanna sonracha chun uain ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a thógáil agus a tháirgeadh, ar uain iad a dhéanann tír-raon uathúil atá dúshlánach go fisiciúil a innilt. Tháinig na scileanna sin, agus traidisiúin a forbraíodh le himeacht ama, aniar trí na glúine. Liostaítear na scileanna sonracha thíos;
— |
Tuiscint ar an riasc goirt agus ar a raonta taoide chun caoirigh agus uain a chosaint ar an mbaol ó ardú ar thaoidí. Braitheann obair an táirgeora ar thaoidí agus ar an tábla taoide, a rialaíonn uainiú na gcúraimí móra go léir.
|
Tá riasca goirte Gower á n-innilt ag uain ó bhí na meánaoiseanna ann agus is beag athrú a tháinig ar innilt na riasc goirt i gcaitheamh na mblianta. In 1976 bhí cearta innilte ag 30 feirmeoir ar riasca goirte Gower agus mhair na mílte caorach ar na riasca goirte sin. In 2018 bhí thart ar 3 500 uan in aghaidh na bliana le hochtar táirgeoirí á dtógáil ar na riasca goirte sin.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
Gower Salt Marsh Lamb - GOV.UK (www.gov.uk)
CINNTÍ
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/36 |
CINNEADH (AE) 2023/1548 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 1 Meitheamh 2023
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh (EGF/2023/000 TA 2023 — Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua (2) a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 9 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe ar cuireadh ar iomarcaíocht iad agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir. |
(2) |
Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3). |
(3) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/691 go bhféadfar uasmhéid 0,5 % d’uasmhéid bliantúil CED a úsáid gach bliain le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. |
(4) |
Tá an cúnamh sin riachtanach chun oibleagáidí maidir le cur chun feidhme CED a chomhlíonadh, oibleagáidí a fhorchuirtear le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/691, go háirithe maidir le faireachán agus bailiú sonraí chomh maith le gníomhaíochtaí cumarsáide agus na gníomhaíochtaí sin lena bhfeabhsaítear infheictheacht CED. |
(5) |
Ba cheart CED a shlógadh, dá bhrí sin, chun méid EUR 190 000 a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2023, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh chun méid EUR 190 000 a sholáthar ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ina leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Meitheamh 2023.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. KULLGREN
(1) IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/38 |
CINNEADH (AE) 2023/1549 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Iúil 2023
maidir le Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chuid Europol a cheapadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle (1) agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, agus go háirithe Airteagail 54 agus 55 de,
Ag gníomhú di mar an t-údarás a bhfuil an chumhacht aige Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Europol a cheapadh,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tagann deireadh le téarma oifige duine de Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin reatha Europol an 31 Iúil 2023. Is gá, dá bhrí sin, Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nua de chuid Europol a cheapadh. |
(2) |
Bunaítear le cinneadh Bhord Bainistíochta Europol an 1 Bealtaine 2017 na rialacha maidir le Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Europol a roghnú, a dtéarma oifige a fhadú agus iad a chur as oifig. |
(3) |
Meastar ceann de na poist mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chuid Europol a bheith folamh de bhun Airteagal 3(1), pointe (b), den chinneadh ó Bhord Bainistíochta Europol an 1 Bealtaine 2017 ón 1 Samhain 2022. Foilsíodh fógra folúntais don phost mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chuid Europol in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 31 Deireadh Fómhair 2022 (2). |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (AE) 2016/794, rinne coiste roghnúcháin, arna bhunú ag an mBord Bainistíochta (‘an Coiste Roghnúcháin’), gearrliosta iarrthóirí a tharraingt suas. D’ullmhaigh an Coiste Roghnúcháin tuarascáil chuí-réasúnaithe agus thíolaic sí í chuig an mBord Bainistíochta an 13 Márta 2023. |
(5) |
Ar bhonn na tuarascála ón gCoiste Roghnúcháin agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 agus leis an gcinneadh ón mBord Bainistíochta an 1 Bealtaine 2017, d’eisigh an Bord Bainistíochta tuairim réasúnaithe an 22 Márta 2023 maidir le Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nua de chuid Europol a cheapadh, inar mhol sé don Chomhairle gearrliosta de thriúr iarrthóirí atá oiriúnach don phost. |
(6) |
An 24 Aibreáin 2023, roghnaigh an Chomhairle Ștefan-Andrei LINȚĂ mar an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nua de chuid Europol, agus chuir sí an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile de Pharlaimint na hEorpa (‘Coiste LIBE’), arb é an coiste inniúil chun críocha Airteagal 54(2), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2016/794, ar an eolas faoin roghnú sin. |
(7) |
An 23 Bealtaine 2023, tháinig Ștefan-Andrei LINȚĂ os comhair Choiste LIBE. An 1 Meitheamh 2023, thug Coiste LIBE a thuairim uaidh i gcomhréir le hAirteagal 54(2), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2016/794, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar, leis seo, Ștefan-Andrei LINȚĂ mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chuid Europol don tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2027 ag grád AD 14.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/40 |
CINNEADH (AE) 2023/1550 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Iúil 2023
lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Gearmáine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
(3) |
Tiocfaidh suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún chun bheith folamh ón 3 Lúnasa 2023, tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a ceapadh Peter KURZ. |
(4) |
Mhol Rialtas na Gearmáine Wolfram LEIBE, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Oberbürgermeister der Stadt Trier (Ardmhéara Chathair Trier), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí deireadh an téarma oifige reatha an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Wolfram LEIBE, ionadaí do chomhlacht áitiúil a bhfuil aige sainordú toghchánach, Oberbürgermeister der Stadt Trier (Ardmhéara Chathair Trier), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 25 Eanáir 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PLANAS PUCHADES
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/42 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1551 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Iúil 2023
lena n-údaraítear don Ghearmáin beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe d’Airteagal 395(1) di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 10 Samhain 2022, d’iarr an Ghearmáin údarú le haghaidh beart speisialta de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE chun ríomhshonrascadh sainordaitheach a thabhairt isteach i gcás na n-idirbheart ar fad a dhéantar idir daoine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Gearmáine (‘an beart speisialta’). |
(2) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 8 Feabhra 2023, shonraigh an Ghearmáin gurb é an 1 Eanáir 2025 an dáta iarrtha le haghaidh theacht i bhfeidhm an bhirt speisialta. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Ghearmáin chuig na Ballstáit eile i litreacha dar dáta an 22 Feabhra 2023. Le litir dar dáta an 23 Feabhra 2023, thug an Coimisiún fógra don Ghearmáin go raibh an fhaisnéis uile ba ghá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
(4) |
Tá sé beartaithe ag an nGearmáin an beart speisialta a chur i bhfeidhm mar chéad chéim i gcur chun feidhme córais tuairiscithe idirbheart-bhunaithe. Bhainfeadh sochar le córas tuairiscithe den sórt sin i ndáil le calaois agus imghabháil cánach breisluacha (CBL) a chomhrac. Leis an mbeart speisialta, chuirfí ar chumas na n-údarás cánach slabhraí chalaois CBL a shainaithint níos luaithe agus chuirfí ar a gcumas dóibh fíoruithe tráthúla agus uathoibríocha a dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht idir an CBL a dearbhaíodh agus an CBL atá dlite. Leis an gcóras tuairiscithe idirbheart-bhunaithe, bheifí in ann neamhréireacht den sórt sin a bhrath agus a sheiceáil go luath. Ina theannta sin, measann an Ghearmáin go gcuirfí deireadh leis an ngá atá le hiarraidh níos maorlathaí ar shonraisc ó na húdaráis chánach le rochtain thráthúil ar shonraí sonraisc, agus dá réir sin go gcuirfí dlús leis an gcomhrac in aghaidh chalaois CBL agus go n-éascófaí an comhrac sin. |
(5) |
Measann an Ghearmáin nach n-eascródh ualach an-ard ar dhaoine inchánach as an mbeart speisialta a thabhairt isteach ós rud é gur cleachtas coiteann é an ríomhshonrascadh cheana in go leor earnálacha den gheilleagar agus go bhfuil sé sainordaitheach i réimse an tsoláthair phoiblí. Ina theannta sin, rachadh an beart speisialta chun tairbhe do dhaoine inchánach trí phróisis a dhigitiú agus tríd an ualach riaracháin atá orthu a laghdú. Ar deireadh, d’eascródh coigilteas fadtéarmach as úsáid ríomhshonrasc mar go gcuirfí deireadh le sonraisc pháipéir, agus ar an gcaoi sin laghdódh na costais a bhaineann le sonraisc a eisiúint, a sheoladh, a phróiseáil agus a stóráil. |
(6) |
An 8 Nollaig 2022, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach. Molann an Coimisiún go leasófaí Airteagal 218 agus go scriosfaí Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go nglacfaí Treoir lena leasaítear na hAirteagail sin, Treoir lena gceadófaí do na Ballstáit ríomhshonrascadh sainordaitheach a chur chun feidhme, agus lena gcuirfí deireadh leis an ngá maoluithe breise ar Threoir 2006/112/CE a iarraidh. Dá bhrí sin, ón dáta a cheanglófaí ar na Ballstáit aon fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir lena leasaítear na hAirteagail sin a chur i bhfeidhm, ba cheart don Chinneadh seo scor d’fheidhm a bheith aige. |
(7) |
I bhfianaise raon feidhme leathan agus úrnuacht an bhirt speisialta, tá sé tábhachtach meastóireacht a dhéanamh ar a thionchar ar chalaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus ar dhaoine inchánach. Dá bhrí sin, i gcás ina measann an Ghearmáin gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta, ba cheart di tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an iarraidh ar shíneadh, lena n-áirítear measúnú ar an mbeart speisialta maidir lena éifeachtacht sa chomhrac in aghaidh chalaois agus imghabháil CBL agus ó thaobh bailiú cánach a shimpliú de. |
(8) |
Níor cheart difear a dhéanamh do cheart na gcustaiméirí sonraisc pháipéir a fháil de thoradh an bhirt speisialta i gcás idirbhearta laistigh den Chomhphobal. |
(9) |
Ba cheart an beart speisialta a bheith teoranta ó thaobh ama ionas gur féidir breithmheas a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sé iomchuí éifeachtach i bhfianaise a chuspóirí. |
(10) |
Tá an beart speisialta i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú ós rud é go bhfuil teorainn ama agus raon feidhme leis. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n-aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile. |
(11) |
Ní bheidh tionchar diúltach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais chríochnaithigh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagal 218 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear an Ghearmáin gan glacadh ach le sonraisc, arna n-eisiúint ag daoine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Gearmáine, i bhfoirm doiciméad nó teachtaireachtaí i bhformáid leictreonach.
Airteagal 2
De mhaolú ar Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear an Ghearmáin foráil a dhéanamh nach mbeidh úsáid ríomhshonrasc arna n-eisiúint ag daoine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Gearmáine faoi réir ghlacadh an fhaighteora atá bunaithe i gcríoch na Gearmáine.
Airteagal 3
Tabharfaidh an Ghearmáin fógra don Choimisiún faoi na bearta náisiúnta lena gcuirfear an beart speisialta a leagtar síos in Airteagail 1 agus 2 chun feidhme.
Airteagal 4
1. Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
2. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2025 go dtí an dáta is luaithe den dá dháta seo a leanas:
(a) |
An 31 Nollaig 2027; nó |
(b) |
an dáta óna mbeidh ar na Ballstáit aon fhorálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm a cheanglaítear orthu a ghlacadh i gcás ina nglacfar treoir lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach, go háirithe Airteagail 218 agus 232 den Treoir sin. |
3. Má mheasann an Ghearmáin gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta a legatar síos in Airteagail 1 agus 2, cuirfidh an Ghearmáin iarraidh ar shíneadh faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon lena tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus chun bailiú cánach a shimpliú. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin freisin ar thionchar na mbeart sin ar dhaoine inchánach agus go háirithe cé acu a mhéadaíonn nó nach méadaíonn na bearta sin a n-ualach riaracháin agus a gcostais riaracháin.
Airteagal 5
Is chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PLANAS PUCHADES
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/45 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1552 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Iúil 2023
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 a mhéid a bhaineann le tréimhse údaraithe, agus le raon feidhme, an bhirt speisialta arna dhéanamh ag an Iodáil de mhaolú ar Airteagail 206 agus 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe d’Airteagal 395(1) di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1401 ón gComhairle (2), údaraíodh an Iodáil, go dtí an 31 Nollaig 2017, a cheangal go mbeadh cáin bhreisluacha (CBL) atá dlite ar sholáthairtí d’údaráis phoiblí le híoc ag na húdaráis sin isteach i gcuntas bainc leithleach, blocáilte de chuid na n-údarás cánach (‘an beart speisialta’). Is éard a bhí sa bheart speisialta ná maolú ar Airteagail 206 agus 226 de Threoir 2006/112/CE i ndáil le rialacha um íoc agus sonrascadh CBL. |
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 ón gComhairle (3), údaraíodh an Iodáil an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2020, agus leathnaíodh raon feidhme an bhirt speisialta chun go gcuirfí san áireamh soláthairtí do chuideachtaí áirithe atá á rialú ag údaráis phoiblí agus do chuideachtaí atá liostaithe ar an stocmhalartán agus a áirítear in innéacs Milano Indice di Borsa, stocmhalartán de chuid Financial Times Stock Exchange (‘FTSE MIB’). Cuireadh síneadh leis an mbeart speisialta ina dhiaidh sin go dtí an 30 Meitheamh 2023 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1105 ón gComhairle (4). |
(3) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2022, d’iarr an Iodáil údarú chun leanúint le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta go dtí an 31 Nollaig 2026. Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 8 Bealtaine 2023, d’iarr an Iodáil go ndéanfaí, ón 1 Iúil 2025 ar aghaidh, raon feidhme an bhirt speisialta a shrianadh do sholáthairtí earraí agus seirbhísí d’údaráis phoiblí agus do chuideachtaí áirithe arna rialú ag údaráis phoiblí. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Iodáil chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 11 Bealtaine 2023. Le litir dar dáta an 12 Bealtaine 2023, thug an Coimisiún fógra don Iodáil go raibh an fhaisnéis uile ba ghá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
(5) |
Tá an beart speisialta mar chuid de phacáiste beart a thug an Iodáil isteach chun calaois chánach agus imghabháil cánach a chomhrac. An pacáiste beart sin, lena n-áirítear ríomhshonrascadh sainordaitheach a údaraítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/593 ón gComhairle (5), tá sé curtha in ionad bearta rialaithe eile agus cuireann sé ar a gcumas d’údaráis chánach na hIodáile na hoibríochtaí éagsúla arna ndearbhú ag na daoine inchánach a chros-seiceáil agus faireachán a dhéanamh ar a gcuid íocaíochtaí CBL. |
(6) |
Measann an Iodáil, i gcomhthéacs an phacáiste beart a cuireadh chun feidhme, go ngiorraíonn an ríomhshonrascadh sainordaitheach an t-am a theastaíonn ón gcóras riaracháin cánach chun teacht ar an eolas faoi chás féideartha calaoise nó imghabhála cánach a bheith ann. Mar sin féin, measann an Iodáil freisin, in éagmais an tsásra íocaíochta scoilte a tugadh isteach leis an mbeart speisialta, go bhféadfadh sé a bheith dodhéanta méideanna CBL atá dlite ó dhaoine inchánach atá i mbun na calaoise cánach nó na himghabhála cánach a aisghabháil tar éis don chros-seiceáil a bheith déanta toisc, idir an dá linn, go bhféadfadh na daoine inchánacha sin a bheith dócmhainneach. Dá bhrí sin, is léir go bhfuil an sásra íocaíochta deighilte, mar bheart ex ante, an-éifeachtach agus go bhfuil sé comhlántach leis an ríomhshonrascadh sainordaitheach, mar bheart ex post. |
(7) |
Thug an Iodáil gealltanas arís agus arís eile nach n-iarrfadh sí an beart speisialtaa athnuachan, tar éis an pacáiste beart a chur chun feidhme ina iomláine. Mar sin féin, measann an Iodáil, i bhfianaise éifeachtacht an bhirt speisialta agus na sineirgí atá aige le bearta eile a chuirtear i bhfeidhm, go háirithe an ríomhshonrascadh sainordaitheach, gur cheart síneadh a chur leis an mbeart speisialta chun nach dtitfí ar gcúl sna hiarrachtaí a rinneadh chun an difríocht fhoriomlán idir an t-ioncam measta ó CBL agus an méid a bailíodh go hiarbhír san Iodáil a laghdú. Mar sin féin, chun a gealltanas an beart speisialta a chéimniú amach de réir a chéile a chomhlíonadh, rinne an Iodáil modhnú ar a hiarraidh soláthairtí earraí agus seirbhísí do chuideachtaí atá liostaithe ar an stocmhalartán agus atá ar áireamh in innéacs FTSE MIB a eisiamh ó raon feidhme an bhirt speisialta ón 1 Iúil 2025 ar aghaidh. Leis an tréimhse ama sin, daoine inchánach a ndéanann an srian ar raon feidhme an bheirt speisialta difear dóibh, beidh siad in ann na coigeartuithe oibríochtúla iomchuí a dhéanamh. Anuas air sin, cuirfí ar a gcumas d’údaráis chánach na hIodáile faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an bhirt speisialta agus meastóireacht leormhaith a dhéanamh ar bhearta malartacha féideartha. |
(8) |
Tá ar cheann d’éifeachtaí an bhirt speisialta nach féidir le soláthróirí, ós daoine inchánach iad, an CBL a íocadh ar a n-ionchur a fhritháireamh in aghaidh an CBL a fuarthas ar a soláthairtí. D’fhéadfadh sé go mbeadh soláthróirí den sórt sin de shíor i suíomh creidmheasa agus d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu a iarraidh ar na húdaráis chánach an CBL sin a íocadh ar a n-ionchur a aisíoc leo iarbhír. De réir na faisnéise a thug an Iodáil, daoine inchánach a dhéanann idirbhearta atá faoi réir an bhirt speisilata, tá siad i dteideal íocaíocht na gcreidmheasanna CBL ábhartha a fháil mar thosaíocht, laistigh de theorainn an chreidmheasa a eascraíonn as na hidirbhearta sin. Tugtar le tuiscint leis an gcleachtas sin go bpróiseáiltear mar ábhar tosaíochta na hiarrataí ar aisíocaíocht a bhaineann leis an mbeart speisialta, agus go ndéantar amhlaidh ní hamháin le linn an réamh-imscrúdaithe ach freisin le linn íoc na méideanna atá dlite ó aisíocaíochtaí neamhthosaíochta. |
(9) |
Ba cheart teorainn ama a chur leis an síneadh breise a iarradh ar an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm ionas gur féidir measúnú a dhéanamh an bhfuil an beart speisialta iomchuí agus éifeachtach. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2026. Thabharfadh sé sin go leor ama chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart arna gcur chun feidhme ag an Iodáil arbh aidhm dóibh laghdú a dhéanamh ar an imghabháil cánach sna hearnálacha lena mbaineann. |
(10) |
Chun a ráthú go ndéanfar an obair leantach is gá faoi chuimsiú an bhirt speisialta agus go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar aisíocaíochtaí CBL le daoine inchánach a chumhdaítear leis an mbeart speisialta, ba cheart a chur de cheangal ar an Iodáil tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi mhí Mheán Fómhair 2024. Ba cheart leis an tuarascáil sin aghaidh a thabhairt ar an staid fhoriomlán ó thaobh aisíocaíochtaí CBL le daoine inchánach, agus go háirithe maidir leis an meántréimhse is gá chun na haisíocaíochtaí sin a phróiseáil, agus maidir le héifeachtacht an bhirt speisialta agus aon bheart eile arna gcur chun feidhme ag an Iodáil arbh aidhm dóibh laghdú a dhéanamh ar an imghabháil cánach sna hearnálacha lena mbaineann. Ba cheart liosta de na bearta éagsúla sin, mar aon lena ndáta teacht i bhfeidhm, a bheith sa tuarascáil sin freisin. |
(11) |
Tá an beart speisialta comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú ós rud é go bhfuil teorainn ama leis agus go bhfuil sé teorannaithe d’earnálacha a bhfuil rioscaí suntasacha ag baint leo maidir le himghabháil cánach. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n-aistreofaí an imghabháil cánach go dtí earnálacha eile nó go dtí Ballstáit eile. |
(12) |
Ní bheidh tionchar diúltach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais chríochnaithigh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL. |
(13) |
D’fhonn a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí arna saothrú leis an mbeart speisialta, lena n-áirítear go gcuirfear an beart speisialta i bhfeidhm gan bhriseadh, agus lena soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an tréimhse chánach, is iomchuí údarú a dheonú chun síneadh a chur leis an mbeart speisialta le héifeacht ón 1 Iúil 2023. Ós rud é gur iarr an Iodáil údarú an 26 Meán Fómhair 2022 chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm agus go bhfuil an córas dlí a bunaíodh faoina dlí náisiúnta á chur i bhfeidhm ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 ón 1 Iúil 2023, urramaítear ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann mar is cuí. |
(14) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 ón gComhairle mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1, scriostar an tríú fleasc; |
(2) |
in Airteagal 3, an dara mhír, cuirtear an dáta ‘30 Meán Fómhair 2024’ in ionad an dáta ’30 Meán Fómhair 2021’; |
(3) |
in Airteagal 5, cuirtear an dáta ‘30 Meitheamh 2026’ in ionad an dáta ‘30 Meitheamh 2023’. |
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (1), ón 1 Iúil 2025, áfach.
Airteagal 3
Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PLANAS PUCHADES
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(2) IO L 217, 18.8.2015, lch. 7.
(3) IO L 118, 6.5.2017, lch. 17.
(4) IO L 242, 28.7.2020, lch. 4.
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/593 ón gComhairle an 16 Aibreán 2018 lena n-údaraítear do Phoblacht na hIodáile beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 99, 19.4.2018, lch. 14).
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/48 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1553 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Iúil 2023
lena n-údaraítear don Rómáin beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe d’Airteagal 395(1) di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 14 Eanáir 2022, d’iarr an Rómáin údarú le haghaidh beart speisialta de mhaolú ar Airteagail 178, 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE chun ríomhshonrascadh sainordaitheach a thabhairt isteach le haghaidh na n-idirbheart uile a dhéantar idir daoine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Rómáine (‘an beart speisialta’). Iarradh an beart speisialta ar feadh tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 31 Nollaig 2025. |
(2) |
I litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2022, chuir an Rómáin in iúl don Choimisiún nach raibh gá a thuilleadh leis an maolú ar Airteagal 178 de Threoir 2006/112/CE arna iarraidh. Ina theannta sin, d’iarr an Rómáin go ndeonófaí an t-údarú le haghaidh tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2026, in ionad na tréimhse a iarradh i dtosach. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara mhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Rómáin chuig na Ballstáit eile, i litreacha dar dáta an 8 Nollaig 2022. Le litir dar dáta an 9 Nollaig 2022, thug an Coimisiún fógra don Rómáin go raibh an fhaisnéis uile ba ghá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
(4) |
Áitíonn an Rómáin go rachadhan ríomhshonrascadh sainordaitheach le haghaidh idirbhearta idir daoine inchánach atá bunaithe sa Rómáin, mar aon leis an oibleagáid na sonraí maidir leis na hidirbhearta sin a thuairisciú do na húdaráis chánach, chun tairbhe chun calaois agus imghabháil cánach breisluacha (CBL) a chomhrac. Chuirfeadh sé ar a gcumas do na húdaráis chánach fíorú tráthúil agus uathoibríoch a dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht idir an CBL a dearbhaíodh agus an CBL atá dlíte agus idir na sonraisc a eisíodh agus na sonraisc a fuarthas. Chuirfeadh an ríomhshonrascadh sin feabhas mór ar scileanna anailíse údaráis chánach na Rómáine. Ina theannta sin, uirlis chumhachtach a bheadh sa ríomhshonrascadh sainordaitheach chun rianú fíor-ama a dhéanamh ar shlabhraí chalaois CBL, rud a chuirfidh ar a gcumas do na húdaráis chánach gníomhú láithreach chun daoine inchánach atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí calaoiseacha sin a shainaithint agus a stopadh. |
(5) |
Measann an Rómáin go rachadh tabhairt isteach an bhirt speisialta chun tairbhe do dhaoine inchánach freisin trí dhigitiú na bpróiseas sonrascaithe agus tríd a n-ualach riaracháin a laghdú, agus an tráth céanna áiritheofar timpeallacht chothrom iomaíoch idir daoine inchánach. D’eascródh íocaíochtaí níos tapúla, coigilteas costas tarchuir, próiseáil thapa agus shaor sonraí sonraisc agus costais laghdaithe maidir le cartlannú do dhaoine inchánach as digitiú na bpróiseas sonrascaithe. Ina theannta sin, mar thoradh ar an mbeart speisialta a thabhairt isteach, bainfear an oibleagáid atá ann faoi láthair faisnéis faoi sholáthairtí baile a thuairisciú, rud lena laghdófar an t-ualach riaracháin ar dhaoine inchánach. |
(6) |
An 8 Nollaig 2022, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach. Molann an Coimisiún go leasófaí Airteagal 218 agus go scriosfaí Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go nglacfaí Treoir lena leasaítear na hAirteagail sin, Treoir lena gceadófaí do na Ballstáit ríomhshonrascadh sainordaitheach a chur chun feidhme, agus lena gcuirfí deireadh leis an ngá maoluithe breise ar Threoir 2006/112/CE a iarraidh. Dá bhrí sin, ón dáta a cheanglófaí ar na Ballstáit aon fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir lena leasaítear na hAirteagail sin a chur i bhfeidhm, ba cheart don Chinneadh seo scor d’fheidhm a bheith aige. |
(7) |
I bhfianaise raon feidhme leathan agus úrnuacht an bhirt speisialta, tá sé tábhachtach meastóireacht a dhéanamh ar a thionchar ar chalaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus ar dhaoine inchánach. Dá bhrí sin, i gcás ina measann an Rómáin gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta, ba cheart di tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an iarraidh ar shíneadh, lena n-áirítear measúnú ar an mbeart speisialta maidir lena éifeachtacht sa chomhrac in aghaidh chalaois agus imghabháil CBL agus ó thaobh bailiú cánach a shimpliú de. |
(8) |
Níor cheart difear a dhéanamh do cheart na gcustaiméirí sonraisc pháipéir a fháil de thoradh an bhirt speisialta i gcás idirbhearta laistigh den Chomhphobal. |
(9) |
Ba cheart an beart speisialta a bheith teoranta ó thaobh ama ionas gur féidir breithmheas a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sé iomchuí éifeachtach i bhfianaise a chuspóirí. |
(10) |
Tá an beart speisialta i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú ós rud é go bhfuil teorainn ama agus raon feidhme leis. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n-aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile. |
(11) |
Ní bheidh tionchar diúltach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais chríochnaithigh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagal 218 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear an Rómáin gan glacadh ach le sonraisc, arna n-eisiúint ag daoine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Rómáine, i bhfoirm doiciméad nó teachtaireachtaí i bhformáid leictreonach.
Airteagal 2
De mhaolú ar Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear an Rómáin foráil a dhéanamh nach mbeidh úsáid ríomhshonrasc arna n-eisiúint ag daoine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Rómáine faoi réir ghlacadh an fhaighteora atá bunaithe i gcríoch na Rómáine.
Airteagal 3
Tabharfaidh an Rómáin fógra don Choimisiún faoi na bearta náisiúnta lena gcuirfear an beart speisialta a leagtar síos in Airteagail 1 agus 2 chun feidhme.
Airteagal 4
1. Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
2. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2024 go dtí an dáta is luaithe den dá dháta seo a leanas:
(a) |
31 Nollaig 2026; nó |
(b) |
an dáta óna mbeidh ar na Ballstáit aon fhorálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm a cheanglaítear orthu a ghlacadh i gcás ina nglacfar treoir lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach, go háirithe Airteagail 218 agus 232 den Treoir sin. |
3. Má mheasann an Rómáin gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta a legatar síos in Airteagail 1 agus 2, cuirfidh an Rómáin iarraidh ar shíneadh faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus chun bailiú cánach a shimpliú. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin freisin ar thionchar na mbeart sin ar dhaoine inchánach agus go háirithe cé acu a mhéadaíonn nó nach méadaíonn na bearta sin a n-ualach riaracháin agus a gcostais riaracháin.
Airteagal 5
Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PLANAS PUCHADES
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/51 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1554 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Iúil 2023
maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Chróit
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 4985)
(Is é an téacs Cróitise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
(2) |
I gcás ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine, tá riosca tromchúiseach ann go bhféadfadh an galar sin leathadh chuig muc-ainmhithe fiáine eile agus chuig bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád. |
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le bearta áirithe atá le glacadh i gcás dearbhú oifigiúil ar ráig ghalair i gcatagóir A i measc ainmhithe fiáine, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine. Leis na forálacha sin, déantar foráil, go háirithe, maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú, maille le toirmisc ar ghluaiseachtaí ainmhithe fiáine de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch díobh. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc. Go háirithe, i gcás ráige den ghalar sin i measc muc-ainmhithe fiáine i limistéar de Bhallstát, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (b), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 6 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin go bhfuil an limistéar sin le liostú mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis agus go bhfuil an limistéar ionfhabhtaithe, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, le coigeartú gan mhoill chun go gcuimseofar ann, ar a laghad, an crios srianta II. Maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, áirítear leo, inter alia, toirmisc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus a dtáirgí lasmuigh de na criosanna srianta sin. |
(5) |
Chuir an Chróit an Coimisiún ar an eolas gur deimhníodh go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhí fiáin i Réigiún Karlovacka an 13 Iúil 2023. Dá réir sin, bhunaigh údarás inniúil an Bhallstáit sin crios ionfhabhtaithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. |
(6) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní ar thrádáil ag tríú tíortha nach bhfuil údar leo a sheachaint, is gá an crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc sa Chróit a shainaithint ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an mBallstát sin. |
(7) |
Chun leathadh fhiabhras Afracach na muc a chosc, go dtí go liostófar an limistéar sa Chróit atá buailte ag an ráig seo a tharla le déanaí i muc-ainmhithe fiáine mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos ann, a bhfuil feidhm acu maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus a dtáirgí lasmuigh de na criosanna sin, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sin freisin maidir le gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí sin ón gcrios ionfhabhtaithe arna bhunú ag an gCróit de dhroim na ráige sin a tharla le déanaí, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
(8) |
Dá réir sin, ba cheart an crios ionfhabhtaithe sin a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart é a bheith faoi réir na mbeart rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a bhfuil feidhm acu maidir le criosanna srianta II a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Mar gheall ar an staid eipidéimeolaíoch nua seo a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil, áfach, agus an riosca láithreach méadaithe maidir le leathadh an ghalair á chur san áireamh, níor cheart gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe ar coimeád agus a dtáirgí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú ón gcrios ionfhabhtaithe i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Ba cheart fad an chriosúcháin sin a leagan síos sa Chinneadh seo freisin. |
(9) |
Dá bhrí sin, chun na rioscaí a eascróidh as an ráig d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí i measc muc-ainmhithe fiáine sa Chróit a mhaolú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Chinneadh seo nár cheart don Chróit gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sa chrios ionfhabhtaithe agus de tháirgí ó na hainmhithe sin chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú go dtí dáta dhul in éag an Chinnidh seo. |
(10) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
(11) |
Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart an crios ionfhabhtaithe sa Chróit a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart ré an chriosúcháin sin a shocrú. |
(12) |
Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Áiritheoidh an Chróit go mbunóidh an Chróit láithreach crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Airteagal 3, pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus go gcuimseofar ann, ar a laghad, na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc is infheidhme maidir le criosanna srianta II a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, áiritheoidh an Chróit go mbeidh feidhm acu sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
Airteagal 3
Maidir le coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn agus de tháirgí ó na hainmhithe sin, áiritheoidh an Chróit nach n-údarófar iad le haghaidh gluaiseachtaí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha.
Airteagal 4
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 12 Deireadh Fómhair 2023.
Airteagal 5
Is chuig Poblacht na Cróite a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, IO L 174, 3.6.2020, lch. 64.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 65).
IARSCRÍBHINN
Limistéir a bunaíodh mar an crios ionfhabhtaithe sa Chróit dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
12.10.2023 |
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/55 |
CINNEADH (AE) 2023/1555 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Iúil 2023
maidir le rochtain ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna agus ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha a thabhairt d’údaráis na hEilvéise
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2017/2397, tá ar na Ballstáit teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse agus logleabhair a thaifeadadh go hiontaofa gan mhoill i mbunachair sonraí an Choimisiúin chun Treoir (AE) 2017/2397 a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi, chun sábháilteacht a chothabháil, chun loingseoireacht a éascú, agus freisin chun críocha staidrimh agus chun an malartú faisnéise a éascú idir na húdaráis a chuireann an Treoir sin chun feidhme. Chuige sin, bhunaigh an Coimisiún an Bunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna (‘ECDB) le haghaidh teastais cháilíochta agus leabhair taifid seirbhíse agus an Bunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha (‘EHDB’) le haghaidh logleabhar trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473 ón gCoimisiún a ghlacadh (2). |
(2) |
In Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2017/2397 agus in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473, déantar foráil bhreise maidir le faisnéis a bhaineann le teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse agus logleabhair a aithnítear de bhun Airteagal 10(2) de Threoir (AE) 2017/2397 a áireamh i mbunachair sonraí an Choimisiúin. In Airteagal 10(2) de Threoir (AE) 2017/2397, déantar tagairt do theastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse nó logleabhair arna n-eisiúint i gcomhréir leis na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin (3), ar doiciméid iad atá bailí ar uiscebhealaí intíre an Aontais má tá ceanglais na Rialachán sin comhionann le ceanglais Threoir (AE) 2017/2397 agus má aithníonn an tríú tír eisiúna, laistigh dá dlínse, doiciméid de chuid an Aontais de bhun Threoir (AE) 2017/2397. |
(3) |
Eisíonn an Eilvéis teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse nó logleabhair ar bhonn na Rialachán maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin faoi cheanglais atá comhionann leo siúd atá i dTreoir (AE) 2017/2397 agus glacann sí le doiciméid chomhfhreagracha an Aontais ina dlínse ionas go bhfuil teastais cháilíochta na hEilvéise bailí ar uiscebhealaí intíre an Aontais de bhun Airteagal 10(2) de Threoir (AE) 2017/2397. |
(4) |
De bhun Airteagal 2.01 de na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin, a glacadh i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/1912 ón gComhairle (4), tá sé d’oibleagáid ar an Eilvéis freisin gach teastas cáilíochta, leabhar taifid seirbhíse agus logleabhar a eisíonn údarás inniúil, agus na sonraí atá iontu, a áireamh sa chlár náisiúnta atá le coinneáil mar a cheanglaítear le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2017/2397 agus a cláir náisiúnta a nascadh leis an gclár a choinníonn an Coimisiún i gcomhréir le ceanglais Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473. |
(5) |
An 20 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Eilvéis iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun rochtain a fháil ar bhunachair sonraí an Choimisiúin. |
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 25(4) de Threoir (AE) 2017/2397, féadfar rochtain ar an mbunachar sonraí a dheonú do thríú tíortha a eisíonn teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse nó logleabhair ar bhonn na Rialachán maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin a mhéid is gá chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2017/2397 ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le cosaint sonraí atá in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), nach gcuireann an tríú tír teorainn le rochtain na mBallstát nó an Choimisiúin ar a bunachar sonraí comhfhreagrach agus go n-áirithíonn an Coimisiún nach n-aistríonn an tríú tír na sonraí chuig tríú tír eile nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta gan údarú sainráite i scríbhinn ón gCoimisiún agus faoi na coinníollacha a shonraíonn an Coimisiún. |
(7) |
Tá sé aitheanta ag an gCoimisiún go soláthraíonn an Eilvéis leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí (6). Thairis sin, dhearbhaigh an Eilvéis le litir oifigiúil go dtabharfaidh sí rochtain ar a bunachair sonraí chomhfhreagracha agus nach n-aistreoidh sí aon sonraí chuig tríú tír eile ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta gan údarú sainráite i scríbhinn a fháil ón gCoimisiún agus faoi na coinníollacha a shonróidh an Coimisiún. |
(8) |
Ar deireadh, ní mór rochtain ar bhunachair sonraí an Choimisiúin a bheith riachtanach chun na gcríoch a luaitear in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2017/2397 maidir leis an Treoir a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi, chun sábháilteacht a chothabháil, chun loingseoireacht a éascú, agus freisin chun críocha staidrimh agus chun an malartú faisnéise a éascú idir na húdaráis ábhartha. |
(9) |
Ós rud é go n-oibríonn baill chriú a bhfuil cáilíochtaí na hEilvéise acu go rialta in uiscebhealaí intíre an Aontais agus nach mór na teastais cháilíochta, na leabhair taifid seirbhíse nó na logleabhair a eisíonn an Eilvéis na ceanglais atá comhionann leo sin a cheanglaítear le Treoir (AE) 2017/2397 a chomhlíonadh, tá gá le malartú faisnéise ábhartha idir na Ballstáit agus an Eilvéis chun Treoir (AE) 2017/2397 a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi agus loingseoireacht ar bhealach sábháilte agus ceart gan bhriseadh á háirithiú in uiscebhealaí intíre an Aontais. Thairis sin, má thugtar rochtain don Eilvéis ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna agus ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha, beidh an Coimisiún in ann clár iomlán de shonraí ábhartha criú a choinneáil agus cuirfidh sé le cuspóirí staidrimh. Dá bhrí sin, chun na gcríoch a luaitear in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2017/2397, is gá rochtain ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna agus ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha a thabhairt d’údaráis inniúla na hEilvéise. |
(10) |
I ndiaidh dó measúnú a dhéanamh ar iarraidh na hEilvéise, measann an Coimisiún gurb iomchuí rochtain ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna agus ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha a thabhairt d’údaráis na hEilvéise, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tabharfar rochtain ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Criúnna (‘ECDB) agus ar an mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha d’údaráis na hEilvéise.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 345, 27.12.2017, lch. 53.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin do bhunachair sonraí le haghaidh teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse agus logleabhair de chuid an Aontais (IO L 100, 1.4.2020, lch. 1).
(3) Iarscríbhinn 2022-II-9 go CC/R 2022 II, V.
(4) Cinneadh (AE) 2022/1912 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin maidir le glacadh na Rialachán athbhreithnithe maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin (IO L 261, 7.10.2022, lch. 48).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(6) Féach https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32000D0518&from=GA.
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/58 |
CINNEADH (CBES) 2023/1556 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 19 Iúil 2023
maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/2/2023)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472, lenar bunaíodh agus lenar seoladh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) don tréimhse go dtí an 31 Márta 2021. |
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 8(3) de Chinneadh (CBES) 2020/472 go bhfuil, d’ainneoin na tréimhse sin, údarú na hoibríochta le hathdhearbhú gach 4 mhí agus go bhfuil an oibríocht le fadú ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála mura bhfuil éifeacht tarraingthe ag imscaradh shócmhainní muirí na hoibríochta ar imirce ar bhonn fianaise chuí-réasúnaithe arna bailiú de réir na gcritéar a leagtar amach sa Phlean Oibríochta. |
(3) |
An 20 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/653 (2), lenar cuireadh síneadh leis an oibríocht go dtí an 31 Márta 2025, faoi réir an nós imeachta athdhearbhúcháin chéanna. |
(4) |
Chuir an Ceannasaí Oibríochta tuarascálacha míosúla ar fáil maidir le tosca tarraingthe. |
(5) |
Ba cheart údarú na hoibríochta a athdhearbhú don 11ú fothréimhse 4 mhí dá sainordú agus ba cheart an oibríocht a fhadú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athdhearbhaítear leis seo údarú EUNAVFOR MED IRINI agus déantar an oibríocht a fhadú ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 30 Samhain 2023.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Iúil 2023.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach
(1) IO L 101, 1.4.2020, lch. 4.
(2) Cinneadh (CBES) 2023/653 ón gComhairle an 20 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/472 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (IO L 81, 21.3.2023, lch. 27).
Ceartúcháin
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/59 |
Ceartúchán ar Threoir Tarmligthe (AE) 2023/1526 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine maidir le luaidhe mar chobhsaitheoir teirmeach i gclóiríd pholaivinile a úsáidtear mar bhunábhar i mbraiteoirí a úsáidtear i bhfeistí leighis diagnóiseacha in vitro
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 185 an 24 Iúil 2023 )
Ar leathanach 27, sa chéad fhomhír in Airteagal 2:
in ionad:
‘XX XX XXXX’,
léitear:
‘31 Eanáir 2024’;
ar leathanach 27, sa dara fomhír in Airteagal 2
in ionad:
‘XX XX XXXX’,
Léitear
‘1 Feabhra 2024’.
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/60 |
Ceartúchán ar Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 58 an 27 Feabhra 2020 )
Ar leathanach 33, Airteagal 45(2):
in ionad:
‘… a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 6(9), ach amháin má tá cúis réasúnach ag Ballstát amhras a bheith air faoi chalaois nó faoi neamhrialtacht..’,
léitear:
‘… a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 6(10), ach amháin má tá cúis réasúnach ag Ballstát amhras a bheith air faoi chalaois nó faoi neamhrialtacht..’.
27.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/61 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil)
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 405 an 2 Nollaig 2020 ) (IO L Eagrán Speisialta Gaeilge 405, lch. 40)
1. |
Ar leathanach 63, Iarscríbhinn I, Foirm C |
in ionad:
‘Uimh. Thagartha an údaráis a bhfuiltear ag iarraidh air:
Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:’,
léitear:
‘Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:
Uimh. Thagartha an údaráis a bhfuiltear ag iarraidh air:’.
2. |
Ar leathanach 71, Iarscríbhinn I, Foirm J |
in ionad:
‘Uimh. Thagartha an údaráis a bhfuiltear ag iarraidh air:
Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:’,
léitear:
‘Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:
Uimh. Thagartha na gníomhaireachta fála:’.