ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 187

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
26 Iúil 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1535 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2023 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus 2020/1213 a mhéid a bhaineann le plandaí Acer campestre, Acer palmatum, Acer platanoides agus Acer pseudoplatanus le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe

1

 

*

Rialachán (AE) 2023/1536 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh nicitín i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe ( 1 )

6

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1537 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh i ndáil le húsáid táirgí cosanta plandaí a bheidh le tarchur le haghaidh na bliana tagartha 2026 le linn an chórais idirthréimhsigh 2025-2027 agus a mhéid a bhaineann le staidreamh i ndáil le táirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh ( 1 )

26

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1538 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh ar tháirgeadh barr ( 1 )

40

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1539 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

74

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1540 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2023 lena leasaítear agus lena gceartaítear Cinneadh (AE) 2021/1870 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE maidir le táirgí cosmaideacha agus táirgí cúraim ainmhithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 4845)  ( 1 )

76

 

 

GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Choiste CCE arna bhunú leis an gComhaontú Eatramhach d’fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a bhunú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile an 6 Iúil 2023 maidir le Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe a bhunú [2023/1541]

81

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

26.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1535 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Iúil 2023

lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus 2020/1213 a mhéid a bhaineann le plandaí Acer campestre, Acer palmatum, Acer platanoides agus Acer pseudoplatanus le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an tríú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha go sealadach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Ceann de na géinis liostaithe is ea Acer L.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (3) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach n-áirítear go fóill sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu, ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go n-áireofaí iad tar éis measúnú riosca iomlán breise.

(4)

An 3 Bealtaine 2022, chuir an Ríocht Aontaithe (5) iarrataí faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na plandaí seo a leanas le haghaidh plandú a onnmhairiú chuig an Aontas (‘na plandaí ábhartha’):

plandaí Acer campestre atá suas le 15 bliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 88 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais;

plandaí Acer palmatum atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais;

plandaí Acer platanoides atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais; agus

plandaí Acer pseudoplatanus atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 88 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais.

Cuireadh leis na hiarrataí sin leis na sainchomhaid theicniúla ábhartha.

(5)

An 24 Bealtaine 2023, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) 4 thuairim eolaíocha maidir leis an measúnú riosca ar na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (6)(7)(8)(9). Shainaithin an tÚdarás Bemisia tabaci, Coniella castaneicola, Cryphonectria parasitica, Entoleuca mammata, Eulecanium excrescens, Meloidogyne fallax, Meloidogyne mali, Phytophthora ramorum, Scirtothrips dorsalis agus Takahashia japonica mar lotnaidí atá ábhartha do gach ceann de na speicis de na plandaí ábhartha.

(6)

Rinne an tÚdarás meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sna sainchomhaid agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht go mbeadh na plandaí ábhartha saor ó na lotnaidí sin. Tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil dóchúlacht mhaith ann go mbeadh ‘na plandaí ábhartha’ saor ó na lotnaidí sin.

(7)

Ar bhonn na dtuairimí sin, meastar go laghdaíodh an riosca fíteashláintíochta ó na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais go leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirfear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riosca na lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin.

(8)

Na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe sna sainchomhaid theicniúla, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a bhaineann leis na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a glacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais ar thabhairt isteach na bplandaí ábhartha inti a áirithiú.

(9)

Dá réir sin, níor cheart na plandaí ábhartha a mheas a thuilleadh mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

(11)

Liostaítear Bemisia tabaci, Cryphonectria parasitica agus Entoleuca mammata mar lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta, le haghaidh criosanna cosanta áirithe i gcríoch an Aontais, in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Liostaítear Meloidogyne fallax, Phytophthora ramorum agus Scirtothrips dorsalis mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(12)

Níl Coniella castaneicola, Eulecanium excrescensTakahashia japonica san áireamh fós sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Is gá go mbeadh measúnú riosca iomlán ar na lotnaidí sin ar fáil chun a shuí an gcomhlíonann na lotnaidí sin na coinníollacha chun iad a liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus an gcomhlíonann na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe na coinníollacha chun iad a liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin, mar aon leis na bearta iomchuí.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir.

(14)

Ní áirítear Meloidogyne mali sa liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais. D’fhoilsigh an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí (‘EPPO’) anailís riosca lotnaide ar an lotnaid sin i mí Mheán Fómhair 2017 (10). Ar bhonn an phlé leis na Ballstáit, thángthas ar an gconclúid nár cheart an lotnaid a rialáil mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais ná mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais mar, cé go raibh an lotnaid i láthair i mBallstáit áirithe ar feadh i bhfad gan bearta rialaithe oifigiúla, meastar go bhfuil a tionchar ar na Ballstáit sin íseal. Ar an gcúis sin, ní gá aon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(5)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an ghnímh seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

(6)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2023. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Acer campestre plants from the UK [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Acer campestre ón Ríocht Aontaithe]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2023; 21(7):8071, 291 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8071

(7)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2023. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Acer palmatum plants from the UK [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Acer palmatum ón Ríocht Aontaithe]. Iris EFSA 2023;21(7):8075, 228 lch. https://doi. org/10.2903/j.efsa.2023.8075

(8)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2023. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Acer platanoides plants from the UK [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Acer platanoides ón Ríocht Aontaithe]. Iris EFSA 2023;21(7):8073, 268 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8073

(9)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2023. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Acer psuedoplatanus plants from the UK [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Acer psuedoplatanus ón Ríocht Aontaithe]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2023; 21(7):8074, 271 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8074

(10)  EPPO (2017) Anailís riosca lotnaide le haghaidh Meloidogyne enterolobii. EPPO, Páras. Le fáil ar http://www.eppo.int/QUARANTINE/Pest_Risk_Analysis/PRA_intro.htm agus https://gd.eppo.int/taxon/MELGMA.


IARSCRÍBHINN I

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘ Acer L.’,:

Acer L., seachas:

Plandaí Acer japonicum Thunberg, Acer palmatum Thunberg, agus Acer shirasawanum Koidzumi, iad fréamhlom, suanach, saor ó dhuilleoga, beangaithe nó a bhfuil bachlóga orthu agus iad idir bliain agus trí bliana d’aois, le haghaidh plandú, de thionscnamh na Nua-Shéalainne;

plandaí Acer campestre suas le 15 bliana d’aois nach mó ná 88 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe;

plandaí Acer palmatum suas le 7 mbliana d’aois nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe;

plandaí Acer palmatum suas le 7 mbliana d’aois nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe; agus

plandaí Acer pseudoplatanus suas le 7 mbliana d’aois nach mó ná 88 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’


IARSCRÍBHINN II

Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach roimh ‘Acer japonicum Thunberg, Acer palmatum Thunberg agus Acer shirasawanum Koidzumi, iad fréamhlom, suanach, saor ó dhuilleoga, beangaithe nó a bhfuil bachlóga orthu agus iad idir bliain agus trí bliana d’aois, le haghaidh plandú, de thionscnamh na Nua-Shéalainne:

Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile

Cód CN

Tríú tíortha tionscnaimh

Bearta

‘—

plandaí Acer campestre, atá suas le 15 bliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 88 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais;

plandaí Acer palmatum atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais;

plandaí Acer platanoides atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais; agus

plandaí Acer pseudoplatanus atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 88 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais.

ex 0602 90 41 ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 ex 0602 90 48

an Ríocht Aontaithe

(a)

Ráiteas oifigiúil ina ndeirtear:

(i)

go bhfuil na plandaí saor ó Coniella castaneicola, Eulecanium excrescens agus Takahashia japonica;

(ii)

go bhfuarthas an láithreán táirgthe saor ó Coniella castaneicola, Eulecanium excrescens, agus Takahashia japonica le linn cigireachtaí oifigiúla a rinneadh ag amanna iomchuí, ó thús an tséasúir fáis deiridh;

(iii)

gur cuireadh córas i bhfeidhm chun a áirithiú gur glanadh na huirlisí agus an t-innealra le bheith saor ó ithir agus ó bhruscar plandaí agus go ndearnadh iad a dhíghalrú le bheith saor ó Coniella castaneicola, sular tugadh isteach sa láithreán táirgthe iad; agus

(iv)

díreach sula ndearnadh onnmhairiú, go ndearnadh cigireacht oifigiúil ar choinsíneachtaí de na plandaí chun Eulecanium excrescens, agus Takahashia japonica, a aimsiú agus gur leor méid an tsampla chun leibhéal inmhíolaithe 1 % ar a laghad a bhrath ar leibhéal muiníne 99 %; agus go ndearnadh cigireacht oifigiúil chun Coniella castaneicola a aimsiú, lena n-áirítear trí shampláil randamach agus trí thástáil a dhéanamh ar na plandaí;

(b)

go n-áirítear i ndeimhnithe fíteashláintíochta na bplandaí sin faoin gceannteideal “Dearbhú Breise”:

(i)

an ráiteas seo a leanas: “Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún”; agus

(ii)

sonraíocht na láithreán táirgthe cláraithe.’


26.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/6


RIALACHÁN (AE) 2023/1536 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Iúil 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh nicitín i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcás nicitín, socraíodh uasleibhéil iarmhar (‘MRLanna’) in Iarscríbhinn III, Cuid A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(2)

Le Rialachán (AE) 2023/377 ón gCoimisiún (2), laghdaíodh an MRL sealadach atá ann cheana le haghaidh nicitín ó 0,6 mg/kg go 0,5 mg/kg ar bhonn sonraí faireacháin inar léiríodh gur féidir leibhéal níos ísle mar sin a bhaint amach. Tar éis an 22 Feabhra 2026 laghdófar an leibhéal sin a thuilleadh go 0,4 mg/kg ach amháin i gcás ina modhnófar é a thuilleadh i bhfianaise faisnéis nua a sholáthrófar faoin 30 Meitheamh 2025. Ós rud é gur shainaithin an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (UÉSB) (‘An tÚdarás’) rioscaí do-ghlactha do thomhaltóirí ó na MRLanna atá ann cheana le haghaidh taenna (3), le Rialachán (AE) 2023/377 níor foráladh maidir le socruithe idirthréimhseacha le haghaidh taenna a táirgeadh sular modhnaíodh na MRLanna.

(3)

Fuair an tÚdarás faisnéis nua ó Éirinn ina luaitear nár léiríodh go cruinn teagmháil leanaí na hÉireann le nicitín i dtaenna sna sonraí maidir le tomhaltas na hÉireann, sonraí ar ar a mbonn a shainaithin an tÚdarás rioscaí do-ghlactha do thomhaltóirí ón MRL atá ann cheana le haghaidh nicitín i dtaenna, agus go ndéanfaí rómheastachán ar an riosca dá mbarr. Ar bhonn na faisnéise nua sin, rinne an tÚdarás measúnú nua ar ghéar-riosca (gearrthéarmach) cothúcháin i gcás nicitín i dtaenna nár chuir sé sonraí na hÉireann maidir le tomhaltas a measadh roimhe sin san áireamh ann, agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil an MRL 0,6 mg/kg atá ann faoi láthair le haghaidh nicitín i dtaenna sábháilte do thomhaltóirí (4). Dá bhrí sin, chun go mbeifear in ann táirgí a mhargú, a phróiseáil agus a thomhailt ar an ngnáthshlí, is iomchuí a fhoráil maidir le socrú idirthréimhseach le haghaidh taenna a tháirgtear sula laghdófar an MRL le haghaidh nicitín i dtaenna go 0,5 mg/kg, dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2023/377, mar coinneofar leibhéal ard cosanta don tomhaltóir.

(4)

A mhéid a bhaineann le nicitín i mogóirí róis ar laghdaíodh an MRL sealadach ina leith ó 0,3 mg/kg go 0,2 mg/kg le Rialachán (AE) 2023/377, dheimhnigh an tÚdarás na rioscaí do-ghlactha do thomhaltóirí a sainaithníodh roimhe sin ón MRL 0,3 mg/kg atá ann cheana. Dá bhrí sin, ní féidir aon socrú idirthréimhseach a cheadú le haghaidh mogóirí róis a tháirgtear sula laghdófar an MRL.

(5)

A mhéid a bhaineann le nicitín i spíosraí ó shíolta agus i spíosraí ó thorthaí, socraíodh MRLanna sealadacha ar leibhéal 0,02 mg/kg le Rialachán (AE) 2023/377 go dtí an 22 Feabhra 2030, go dtí go gcuirfí sonraí agus faisnéis nua isteach maidir le nicitín a bheith ag teacht chun cinn go nádúrtha sna táirgí sin nó a bheith á chruthú go nádúrtha iontu, agus go dtí go ndéanfaí meastóireacht ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis sin. Fuair an Coimisiún faisnéis nua ó Shaotharlanna tagartha an Aontais ina luaitear go bhféadfaí go mbeadh teorainn chinnidh (LOD) 0,05 mg/kg níos iomchuí i gcás spíosraí ó shíolta agus spíosraí ó thorthaí. Dá bhrí sin, is iomchuí na MRLanna le haghaidh na dtáirgí sin a bhunú ag an LOD 0,05 mg/kg. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; san athbhreithniú, cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil faoin 22 Feabhra 2030.

(6)

A mhéid a bhaineann le nicitín i gcainéal, socraíodh MRL sealadach ar leibhéal 0,07 mg/kg le Rialachán (AE) 2023/377, ar bhonn tacar comhsonraí le haghaidh spíosraí ó choirt, spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm, spíosraí ón mbachlóg, píosraí ó phistil bláthanna agus spíosraí arail. Cuireadh sonraí faireacháin sonracha maidir le cainéal faoi bhráid an Choimisiúin le déanaí ina léirítear go bhféadfadh iarmhair teach chun cinn sa táirge sin ar leibhéil atá níos airde ná an MRL sealadach arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/377. Ar bhonn na sonraí níos mionsonraithe sin, ba cheart an MRL sealadach a shocrú ar leibhéal 0,2 mg/kg a chomhfhreagraíonn don 95ú peircintíl de na torthaí ó na samplaí. Déanfar athbhreithniú ar an MRL sin; san athbhreithniú, cuirfear san áireamh sonraí faireacháin breise a bheidh ar fáil faoin 22 Feabhra 2030.

(7)

Ar bhonn na measúnuithe riosca ábhartha ón Údarás (5) agus na tosca a bhaineann leis an ábhar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air á gcur san áireamh, comhlíontar ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leis na modhnuithe atá á mbeartú ar na MRLanna.

(8)

Ar chúiseanna teicniúla, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe ar na MRLanna le haghaidh spíosraí ó shíolta, spíosraí ó thorthaí agus cainéil tráth níos déanaí ná leasuithe Rialachán (AE) 2023/377, agus ba cheart feidhm a bheith ag an bhforáil idirthréimhseach le haghaidh na MRLanna nua le haghaidh taenna mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/377 ag an am céanna le Rialachán (AE) 2023/377 ionas nach mbeidh aon bhearna sa socrú.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é le Rialachán (AE) 2023/377 agus beidh feidhm aige maidir le taenna a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh an 14 Meán Fómhair 2023.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 15 Meán Fómhair 2023.

Beidh feidhm ag Airteagal 2, áfach, ón 14 Meán Fómhair 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2023/377 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III, IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh clóiríd bheansalcóiniam (BAC), clórprófam, clóiríd dédheicildémheitiolamóiniam (DDAC), flutríafóil, meatasaclóir, nicitín, próifeanafos, cuisileafop-P, alúmanaisileacáit sóidiam, tiaibeandasóil, agus trí-aidhémheanóil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 55, 22.2.2023, lch. 1).

(3)  An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia. Statement on the short-term (acute) dietary risk assessment for the temporary maximum residue levels for nicotine in rose hips, teas and capers [Ráiteas maidir leis an measúnú ar riosca gearrthéarmach (géar) cothúcháin i ndáil leis na huasleibhéil shealadacha iarmhar le haghaidh nicitín i mogóirí róis, i dtaenna agus i gcaprais]. EFSA Journal [Iris ÚESB] 2022;20(9):7566.

(4)  An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia. Statement on the revised targeted risk assessment for certain maximum residue levels for nicotine. [Ráiteas maidir leis an measúnú riosca spriocdhírithe athbhreithnithe le haghaidh uasleibhéil iarmhar áirithe i gcás nicitín]. EFSA Journal [Iris ÚESB], 2023;21(3):7883.

(5)  An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia. Reasoned Opinion on the setting of temporary MRLs for nicotine in tea, herbal infusions, spices, rose hips and fresh herbs [Tuairim réasúnaithe maidir le MRLanna sealadacha a shocrú le haghaidh nicitín i dtae, insiltí luibhe, spíosraí, mogóirí róis agus luibheanna úra]. EFSA Journal [Iris ÚESB], 2011;9(3):2098.


IARSCRÍBHINN

I gcuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh ‘Nicitín’:

Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

Códuimhir

Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo (**)

Nicitín

(1)

(2)

(3)

0100000

TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

 

0110000

Torthaí citris

0,01  (*)

0110010

Seadóga

 

0110020

Oráistí

 

0110030

Líomóidí

 

0110040

Líomaí

 

0110050

Mandairíní

 

0110990

Eile (2)

 

0120000

Cnónna crann

0,02  (*)

0120010

Almóinní

 

0120020

Cnónna Brasaíleacha

 

0120030

Cnónna caisiú

 

0120040

Castáin

 

0120050

Cnónna cócó

 

0120060

Cnónna coill

 

0120070

Macadaimia

 

0120080

Cnónna peacáin

 

0120090

Eithní cnónna péine

 

0120100

Cnónna pistéise

 

0120110

Gallchnónna

 

0120990

Eile (2)

 

0130000

Torthaí póma

0,01  (*)

0130010

Úlla

 

0130020

Piorraí

 

0130030

Cainchí

 

0130040

Torthaí ón meispeal Gearmánach

 

0130050

Locuatanna

 

0130990

Eile (2)

 

0140000

Torthaí cloiche

0,01  (*)

0140010

Aibreoga

 

0140020

Silíní (iad milis)

 

0140030

Péitseoga

 

0140040

Plumaí

 

0140990

Eile (2)

 

0150000

Caora agus torthaí beaga

 

0151000

(a)

fíonchaora

0,01  (*)

0151010

Fíonchaora boird

 

0151020

Fíniúnacha coiteanna

 

0152000

(b)

sútha talún

0,01  (*)

0153000

(c)

torthaí cána

0,01  (*)

0153010

Sméara dubha

 

0153020

Eithreoga

 

0153030

Sútha craobh (iad dearg agus buí)

 

0153990

Eile (2)

 

0154000

(d)

torthaí beaga eile agus caora eile

 

0154010

Fraocháin

0,01  (*)

0154020

Mónóga

0,01  (*)

0154030

Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

0,01  (*)

0154040

Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

0,01  (*)

0154050

Mogóirí róis

0,2 (+)

0154060

Maoildearga (iad dubh agus bán)

0,01  (*)

0154070

Torthaí ón sceach gheal asaróil

0,01  (*)

0154080

Caora troim

0,01  (*)

0154990

Eile (2)

0,01  (*)

0160000

Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

 

0161000

(a)

craiceann inite

 

0161010

Dátaí

0,01  (*)

0161020

Figí

0,01  (*)

0161030

Ológa boird

0,02  (*)

0161040

Cumcuait

0,01  (*)

0161050

Torthaí réaltúla

0,01  (*)

0161060

Dátphlumaí Seapánacha

0,01  (*)

0161070

Plumaí láva

0,01  (*)

0161990

Eile (2)

0,01  (*)

0162000

(b)

craiceann do-ite, é beag

0,01  (*)

0162010

Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

 

0162020

Lítsíonna

 

0162030

Páiseoga

 

0162040

Piorraí deilgneacha

 

0162050

Réalt-úlla

 

0162060

Dátphlumaí Meiriceánacha

 

0162990

Eile (2)

 

0163000

(c)

craiceann do-ite, é mór

 

0163010

Abhacáid

0,02  (*)

0163020

Bananaí

0,01  (*)

0163030

Mangónna

0,01  (*)

0163040

Papánna

0,01  (*)

0163050

Pomagránaití

0,01  (*)

0163060

Céiriomoighe

0,01  (*)

0163070

Guábhaí

0,01  (*)

0163080

Anainn

0,01  (*)

0163090

Torthaí aráin

0,01  (*)

0163100

Duraígh

0,01  (*)

0163110

Úlla deilgneacha

0,01  (*)

0163990

Eile (2)

0,01  (*)

0200000

GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

 

0210000

Glasraí fréimhe agus tiúbair

0,01  (*)

0211000

(a)

prátaí

 

0212000

(b)

glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

 

0212010

Casabhaigh

 

0212020

Prátaí milse

 

0212030

Ionaim

 

0212040

Ararút

 

0212990

Eile (2)

 

0213000

(c)

glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

 

0213010

Meacain bhiatais

 

0213020

Meacain dhearga

 

0213030

Soiliriac/soilire tornapa

 

0213040

Meacain ragaim

 

0213050

Bliosáin ghréine

 

0213060

Meacain bhána

 

0213070

Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

 

0213080

Raidisí

 

0213090

Salsabh

 

0213100

Svaeideanna

 

0213110

Tornapaí

 

0213990

Eile (2)

 

0220000

Glasraí bleibíní

0,01  (*)

0220010

Gairleog

 

0220020

Oinniúin

 

0220030

Seallóidí

 

0220040

Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

 

0220990

Eile (2)

 

0230000

Glasraí a thugann torthaí

0,01  (*)

0231000

(a)

Solanaceae agus Malvaceae

 

0231010

Trátaí

 

0231020

Piobair

 

0231030

Ubhthorthaí

 

0231040

Ocra

 

0231990

Eile (2)

 

0232000

(b)

guird a bhfuil craiceann inite acu

 

0232010

Cúcamair

 

0232020

Gircíní

 

0232030

Cúirséid

 

0232990

Eile (2)

 

0233000

(c)

guird a bhfuil craiceann do-ite acu

 

0233010

Mealbhacáin

 

0233020

Puimcíní

 

0233030

Mealbhacáin uisce

 

0233990

Eile (2)

 

0234000

(d)

arbhar milis

 

0239000

(e)

glasraí eile a thugann torthaí

 

0240000

Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

0,01  (*)

0241000

(a)

praiseach bhlátha

 

0241010

Brocailí

 

0241020

Cóilis

 

0241990

Eile (2)

 

0242000

(b)

praiseach chinn

 

0242010

Bachlóga Bruiséile

 

0242020

Cabáistí cinn

 

0242990

Eile (2)

 

0243000

(c)

praiseach dhuilleach

 

0243010

Cabáistí Síneacha

 

0243020

Cáil

 

0243990

Eile (2)

 

0244000

(d)

cálráibí

 

0250000

Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

 

0251000

(a)

leitísí agus plandaí sailéid

0,01  (*)

0251010

Ceathrúna uain

 

0251020

Leitísí

 

0251030

Searbháin muc

 

0251040

Biolair agus eascróga agus peacáin eile

 

0251050

Biolair thalún

 

0251060

Roicéad Rómánach/rucola

 

0251070

Mustard dearg

 

0251080

Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí)

 

0251990

Eile (2)

 

0252000

(b)

spionáistí agus duilleoga comhchosúla

0,01  (*)

0252010

Spionáistí

 

0252020

Puirsleáin

 

0252030

Seardas/duilleoga biatais

 

0252990

Eile (2)

 

0253000

(c)

duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

0,01  (*)

0254000

(d)

biolair uisce

0,01  (*)

0255000

(e)

sreabháin na Beilge

0,01  (*)

0256000

(f)

luibheanna agus bláthanna inite

0,1 (+)

0256010

Costóg

(+)

0256020

Síobhas

(+)

0256030

Duilleoga soilire

(+)

0256040

Peirsil

(+)

0256050

Sáiste

(+)

0256060

Marós

(+)

0256070

Tím

(+)

0256080

Basal agus bláthanna inite

(+)

0256090

Duilleog labhrais

(+)

0256100

Dragan

(+)

0256990

Eile (2)

(+)

0260000

Léagúim

0,01  (*)

0260010

Pónairí (a bhfuil faighneoga acu)

 

0260020

Pónairí (gan faighneoga)

 

0260030

Piseanna (a bhfuil faighneoga acu)

 

0260040

Piseanna (gan faighneoga)

 

0260050

Lintilí

 

0260990

Eile (2)

 

0270000

Glasraí gais

0,01  (*)

0270010

Lus súgach

 

0270020

Cardúin

 

0270030

Soilirí

 

0270040

Finéal Fhlórans

 

0270050

Bliosáin chruinne

 

0270060

Cainneanna

 

0270070

Biabhóg

 

0270080

Péacáin bhambú

 

0270090

Croíthe pailme

 

0270990

Eile (2)

 

0280000

Fungais, caonaigh agus léicin

 

0280010

Fungais shaothraithe

0,01  (*)

0280020

Fungais fhiáine

0,02 (+)

0280990

Caonaigh agus léicin

0,01  (*)

0290000

Algaí agus orgánaigh phrócaróit

0,01  (*)

0300000

PISEÁNAIGH

0,01  (*)

0300010

Pónairí

 

0300020

Lintilí

 

0300030

Piseanna

 

0300040

Lúipíní/pónairí lúipíní

 

0300990

Eile (2)

 

0400000

OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

0,02  (*)

0401000

Olashíolta

 

0401010

Ros lín

 

0401020

Piseanna talún

 

0401030

Síolta poipín

 

0401040

Síolta seasamain

 

0401050

Síolta lus na gréine

 

0401060

Síolta ráibe

 

0401070

Pónairí soighe

 

0401080

Síolta mustaird

 

0401090

Síolta cadáis

 

0401100

Síolta puimcín

 

0401110

Síolta cróch bréige

 

0401120

Síolta borráiste

 

0401130

Caimilín

 

0401140

Síolta cnáibe

 

0401150

Pónairí ricne

 

0401990

Eile (2)

 

0402000

Olathorthaí

 

0402010

Ológa le haghaidh táirgeadh ola

 

0402020

Eithní pailme ola

 

0402030

Torthaí pailme ola

 

0402040

Capac

 

0402990

Eile (2)

 

0500000

GRÁNAIGH

0,02  (*)

0500010

Eorna

 

0500020

Ruán agus bréag-ghránaigh eile

 

0500030

Arbhar Indiach/arbhar

 

0500040

Muiléad coiteann

 

0500050

Coirce

 

0500060

Rís

 

0500070

Seagal

 

0500080

Sorgam

 

0500090

Cruithneacht

 

0500990

Eile (2)

 

0600000

TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

 

0610000

Taenna

0,5 (+)

0620000

Pónairí caife

 

0630000

Insiltí luibhe ó

0,3 (+)

0631000

(a)

bláthanna

(+)

0631010

Camán meall

(+)

0631020

Roiseog

(+)

0631030

Rós

(+)

0631040

Seasmain

(+)

0631050

Teile

(+)

0631990

Eile (2)

(+)

0632000

(b)

duilleoga agus luibheanna

(+)

0632010

Sú talún

(+)

0632020

Rooibos

(+)

0632030

Maité

(+)

0632990

Eile (2)

(+)

0633000

(c)

fréamhacha

(+)

0633010

Caorthann corraigh

(+)

0633020

Ginsing

(+)

0633990

Eile (2)

(+)

0639000

(d)

aon chuid eile den phlanda

(+)

0640000

Pónairí cócó

0,05  (*)

0650000

Carúib

0,05  (*)

0700000

LEANNLUSANNA

0,05  (*)

0800000

SPÍOSRAÍ

 

0810000

Spíosraí ó shíolta

0,05  (*)(+)

0810010

Ainís

(+)

0810020

Calaindí

(+)

0810030

Soilire

(+)

0810040

Lus an choire

(+)

0810050

Cuimín

(+)

0810060

Lus mín

(+)

0810070

Finéal

(+)

0810080

Feinigréag

(+)

0810090

Noitmig

(+)

0810990

Eile (2)

(+)

0820000

Spíosraí ó thorthaí

0,05  (*)(+)

0820010

Ilspíosra/pimeantó

(+)

0820020

Piobar Szechuan

(+)

0820030

Cearbhas

(+)

0820040

Cardamam

(+)

0820050

Caor aitil

(+)

0820060

Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

(+)

0820070

Fanaile

(+)

0820080

Tamarain

(+)

0820990

Eile (2)

(+)

0830000

Spíosraí ó choirt

 

0830010

Cainéal

0,2 (+)

0830990

Eile (2)

0,07 (+)

0840000

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

(+)

0840010

Liocras

0,07 (+)

0840020

Sinséar (10)

 

0840030

Tuirmiric/curcuma

0,07 (+)

0840040

Meacain ragaim (11)

 

0840990

Eile (2)

0,07 (+)

0850000

Spíosraí ón mbachlóg

0,07 (+)

0850010

Clóibh

(+)

0850020

Caprais

(+)

0850990

Eile (2)

(+)

0860000

Spíosraí ó phistil bláthanna

0,07 (+)

0860010

Cróch

(+)

0860990

Eile (2)

(+)

0870000

Spíosraí arail

0,07 (+)

0870010

Maicis

(+)

0870990

Eile (2)

(+)

0900000

PLANDAÍ SIÚCRA

0,01  (*)

0900010

Fréamhacha biatas siúcra

 

0900020

Cánaí siúcra

 

0900030

Fréamhacha siocaire

 

0900990

Eile (2)

 

1000000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

 

1010000

Tráchtearraí ó

0,01  (*)

1011000

(a)

mucra

 

1011010

Matán

 

1011020

Saill

 

1011030

An t-ae

 

1011040

An duán

 

1011050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1011990

Eile (2)

 

1012000

(b)

bó-ainmhí

 

1012010

Matán

 

1012020

Saill

 

1012030

An t-ae

 

1012040

An duán

 

1012050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1012990

Eile (2)

 

1013000

(c)

caoraigh

 

1013010

Matán

 

1013020

Saill

 

1013030

An t-ae

 

1013040

An duán

 

1013050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1013990

Eile (2)

 

1014000

d)

gabhar

 

1014010

Matán

 

1014020

Saill

 

1014030

An t-ae

 

1014040

An duán

 

1014050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1014990

Eile (2)

 

1015000

(e)

eachaí

 

1015010

Matán

 

1015020

Saill

 

1015030

An t-ae

 

1015040

An duán

 

1015050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1015990

Eile (2)

 

1016000

(f)

éanlaith chlóis

 

1016010

Matán

 

1016020

Saill

 

1016030

An t-ae

 

1016040

An duán

 

1016050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1016990

Eile (2)

 

1017000

(g)

ainmhithe talún feirme eile

 

1017010

Matán

 

1017020

Saill

 

1017030

An t-ae

 

1017040

An duán

 

1017050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1017990

Eile (2)

 

1020000

Bainne

0,01  (*)

1020010

Eallach

 

1020020

Caoirigh

 

1020030

Gabhar

 

1020040

Capall

 

1020990

Eile (2)

 

1030000

Uibheacha éan

0,05  (*)

1030010

An chearc

 

1030020

Lacha

 

1030030

Géanna

 

1030040

Gearg

 

1030990

Eile (2)

 

1040000

Mil agus táirgí beachaireacht eile (7)

0,05  (*)

1050000

Débheathaigh agus Reiptílí

0,01  (*)

1060000

Ainmhithe inveirteabracha talún

0,01  (*)

1070000

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

0,01  (*)

1100000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

 

1200000

TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

 

1300000

TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

 

Nicitín

Ní léiríonn an fhianaise eolaíoch go cinntitheach go dtagann nicitín chun cinn go nádúrtha sa bharr lena mbaineann agus níl míniú inti ar an mbealach a gcruthaítear é. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an MRL, cuirfidh sé an fhaisnéis san áireamh, má chuirtear isteach í faoin 22 Feabhra 2030, nó, mura gcuirtear an fhaisnéis sin isteach faoin dáta sin, an easpa faisnéise.

0154050 Mogóirí róis

0256000 (f) luibheanna agus bláthanna inite

0256010 Costóg

0256020 Síobhas

0256030 Duilleoga soilire

0256040 Peirsil

0256050 Sáiste

0256060 Marós

0256070 Tím

0256080 Basal agus bláthanna inite

0256090 Duilleog labhrais

0256100 Dragan

0256990 Eile (2)

0630000 Insiltí luibhe ó

0631000 (a) bláthanna

0631010 Camán meall

0631020 Roiseog

0631030 Rós

0631040 Seasmain

0631050 Teile

0631990 Eile (2)

0632000 (b) duilleoga agus luibheanna

0632010 Sú talún

0632020 Rooibos

0632030 Maité

0632990 Eile (2)

0633000 (c) fréamhacha

0633010 Caorthann corraigh

0633020 Ginsing

0633990 Eile (2)

0639000 (d) aon chuid eile den phlanda

0800000 SPÍOSRAÍ

0810000 Spíosraí ó shíolta

0810010 Ainís

0810020 Calaindí

0810030 Soilire

0810040 Lus an choire

0810050 Cuimín

0810060 Lus mín

0810070 Finéal

0810080 Feinigréag

0810090 Noitmig

0810990 Eile (2)

0820000 Spíosraí ó thorthaí

0820010 Ilspíosra/pimeantó

0820020 Piobar Szechuan

0820030 Cearbhas

0820040 Cardamam

0820050 Caor aitil

0820060 Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

0820070 Fanaile

0820080 Tamarain

0820990 Eile (2)

0830000 Spíosraí ó choirt

0830010 Cainéal

0830990 Eile (2)

0840000 Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

0840010 Liocras

0840030 Tuirmiric/curcuma

0840990 Eile (2)

0850000 Spíosraí ón mbachlóg

0850010 Clóibh

0850020 Caprais

0850990 Eile (2)

0860000 Spíosraí ó phistil bláthanna

0860010 Cróch

0860990 Eile (2)

0870000 Spíosraí arail

0870010 Maicis

0870990 Eile (2)

Tá feidhm ag an MRL seo a leanas maidir le beacáin fhiáine thriomaithe: 2,3 mg/kg le haghaidh ceap, 1,2 mg/kg le haghaidh beacáin fhiáine thriomaithe nach ceapa iad. Léiríonn sonraí faireacháin atá ann le déanaí go dtagann iarmhair nicitín chun cinn i gceapa triomaithe agus i mbeacáin fhiáine thriomaithe nach ceapa iad. Ní léiríonn an fhianaise eolaíoch go cinntitheach go dtagann nicitín chun cinn go nádúrtha sa bharr lena mbaineann agus níl míniú inti ar an mbealach a gcruthaítear é. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an MRL, cuirfidh sé an fhaisnéis san áireamh, má chuirtear isteach í faoin 25 Iúil 2029, nó, mura gcuirtear an fhaisnéis sin isteach faoin dáta sin, an easpa faisnéise.

0280020 Fungais fhiáine

Ní léiríonn an fhianaise eolaíoch go cinntitheach go dtagann nicitín chun cinn go nádúrtha sa bharr lena mbaineann agus níl míniú inti ar an mbealach a gcruthaítear é. MRL sealadach bailí go dtí an 22 Feabhra 2026. Tar éis an dáta sin beidh MRL 0,4 mg/kg ann mura modhnaítear a thuilleadh é le Rialachán i bhfianaise faisnéis nua a chuirfear ar fáil faoin 30 Meitheamh 2025 ar a dhéanaí.

0610000 Taenna


(*)  Léiríonn an () íosteorainn an chinnidh anailísigh

(**)  Chun liosta iomlán na dtáirgí ar de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí iad a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I


26.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/26


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1537 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Iúil 2023

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh i ndáil le húsáid táirgí cosanta plandaí a bheidh le tarchur le haghaidh na bliana tagartha 2026 le linn an chórais idirthréimhsigh 2025-2027 agus a mhéid a bhaineann le staidreamh i ndáil le táirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 4(6), 5(10), 9(4) agus 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2022/2379 bunaítear creat comhtháite chun staidreamh Eorpach, a mhéid a bhaineann le hionchur agus aschur talmhaíochta.

(2)

Tá feidhm ag rialacha idirthréimhseacha maidir leis an topaic mhionsonraithe, úsáid táirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht, do na blianta 2025, 2026 agus 2027, mar a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2022/2379. Faoi na rialacha sin, níl sonraí maidir leis na húsáidí le seoladh ach aon uair amháin, le haghaidh na bliana tagartha 2026.

(3)

Ba cheart staidreamh maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh a bhailiú go bliantúil ón mbliain tagartha 2025 ar aghaidh.

(4)

Is gá na ceanglais maidir le sonraí a shonrú chun staidreamh a tháirgeadh maidir le hionchur agus aschur talmhaíochta a mhéid a bhaineann le táirgí cosanta plandaí chun sonraí inchomparáide a sholáthar idir na Ballstáit agus chun comhchuibhiú a bhaint amach.

(5)

Le Rialachán (AE) 2022/2379 suitear go bhfuil sonraí staidrimh lena gcumhdaítear gné an táirgthe orgánaigh fíor-riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an phlean gníomhaíochta maidir le táirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas. Is cuid thábhachtach de na sonraí sin é táirgí cosanta plandaí a úsáid i dtáirgeadh orgánach.

(6)

De bhun Airteagal 5(10) de Rialachán (AE) 2022/2379, sonraítear leis an Rialachán seo gnéithe teicniúla na sonraí atá le soláthar. Is éard atá sna heilimintí sin liosta na n-athróg, tuairiscí ar na hathróga, na haonaid bhreathnóireachta, na ceanglais bheachtais atá le cur i bhfeidhm, na rialacha modheolaíochta atá le cur i bhfeidhm, agus na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur.

(7)

Ba cheart cumhdach na dtacar sonraí a shonrú thar na ceanglais in Airteagal 4(1) agus 4(5) de Rialachán (AE) 2022/2379, i gcás inarb iomchuí, chun neamhréireachtaí idir na Ballstáit a sheachaint. Is gá, go háirithe, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2022/2379, de mhaolú ar Airteagal 4(5), pointe (b), liosta coiteann barr a shonrú do na Ballstáit uile chun faisnéis a sholáthar maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí. Leis an liosta, mar aon le féarthailte buana, ba cheart 75 % den limistéar talmhaíochta a úsáidtear ar leibhéal an Aontais a chumhdach. Is féidir leis na Ballstáit an liosta sin a chomhlánú le barra atá ábhartha go náisiúnta.

(8)

Ba cheart na tréimhsí tagartha a luaitear in Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2022/2379 a shonrú a thuilleadh.

(9)

Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar chumhdach na dtacar sonraí chun staidreamh maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí le haghaidh cóireáil síolta agus stórála a chur san áireamh a luaithe a mheastar é a bheith indéanta ó thaobh na teicneolaíochta de.

(10)

Chun an staidreamh maidir le táirgí cosanta plandaí a choimeád comhsheasmhach le nuashonruithe tráthrialta ar liosta na substaintí gníomhacha formheasta, ní mór iad a ailíniú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2).

(11)

Tá gá le staidreamh maidir le táirgí cosanta plandaí chun faireachán a dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta agus ar na beartais ábhartha lena dtacaítear le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí, amhail na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus an Comhaontú Glas, agus a spriocanna gaolmhara.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceanglais maidir le sonraí

(1)   Soláthróidh na Ballstáit sonraí i réimse an staidrimh maidir le táirgí cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (e) de Rialachán (AE) 2022/2379 i bhfoirm tacair sonraí chomhiomlánaithe.

(2)   Cumhdófar leis an staidreamh an méid seo a leanas:

(a)

gach substaint ghníomhach mar a shonraítear i bpointí (i) agus (ii) den Airteagal seo agus atá sna táirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh de réir bhrí Airteagal 3, pointe 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena n-áirítear na substaintí sin a chuirtear ar an margadh faoi chead trádála comhthreomhaire dá dtagraítear in Airteagal 52 den Rialachán sin:

(i)

na substaintí gníomhacha a liostaítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011;

(ii)

na substaintí gníomhacha atá i dtáirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh i staideanna éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, seachas na substaintí sin dá dtagraítear i bpointe (i), agus gan beann ar a stádas formheasa;

(b)

úsáid na substaintí gníomhacha dá dtagraítear i bpointe (a) ag úsáideoirí gairmiúla sa talmhaíocht.

(3)   Tarchuirfear na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 2

Tacair sonraí

(1)   Sonraítear inneachar sonraí na dtacar sonraí in Iarscríbhinn I do na topaicí mionsonraithe

(1)

Táirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh;

(2)

Úsáid táirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht.

(2)   Le haghaidh gach tacair sonraí, sonraítear an méid seo a leanas i Roinn I in Iarscríbhinn I:

(1)

tuairisc ar an inneachar sonraí;

(2)

na hathróga atá le soláthar maidir le táirgeadh orgánach;

(3)

na sprioc-amanna i gcomhair tharchur na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat);

(4)

na tréimhsí tagartha;

(5)

na haonaid tomhais.

(3)   Le haghaidh gach tacair sonraí, sonraítear an méid seo a leanas i Roinn II in Iarscríbhinn I, i gcás inarb iomchuí:

(1)

tuairisc ar na haonaid tomhais;

(2)

ceanglais theicniúla a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis na hathróga.

Airteagal 3

Ceanglais cháilíochta

Nuair a bhaileofar sonraí bunaithe ar shamplaí staidrimh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na torthaí ualaithe ionadaíoch ar an daonra staidrimh laistigh den aonad geografach ábhartha. I gcás nach bhfuil ceanglais bheachtais infheidhme, mar shampla mar gheall ar fhoinsí seachas suirbhéanna staidrimh, déanfar cáilíocht an staidrimh a áirithiú ar mhodhanna eile ionas go mbeidh siad ionadaíoch ar an raon feidhme a dtugann siad tuairisc air, agus comhlíonfaidh siad na critéir cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 4

Aicmithe

Déanfar na substaintí gníomhacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a thuairisciú trí úsáid a bhaint as an aicmiú a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 5

Tuairiscí

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na tuairiscí ar théarmaí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III iad.

Airteagal 6

Córas idirthréimhseach

Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir leis na tréimhsí tagartha 2025-2027. Ní bheidh feidhm ag rialacha an chórais idirthréimhsigh a bhunaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2022/2379 don tréimhse 2025-2027 ach amháin maidir le sonraí faoin topaic mhionsonraithe, úsáid táirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 315, 7.12.2022, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

TACAR SONRAÍ 1

Táirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh

Réimse:

e.

Staidreamh ar tháirgí cosanta plandaí

Topaic:

i.

Táirgí cosanta plandaí

Topaic mhionsonraithe:

i.1

Táirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh

ROINN I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí na substaintí gníomhacha go léir i ngach táirge cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh sna Ballstáit le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear na substaintí sin a chuirtear ar an margadh faoi chead trádála comhthreomhaire (1) agus/nó faoi údaruithe éigeandála (2).

Catagóirí táirgí cosanta plandaí

Sprioc-am

An 31 Nollaig bliain N+1

Substaintí gníomhacha i dtáirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh, iomlán

Q

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

Q

:

Cainníocht na substaintí gníomhacha a chuirtear ar an margadh (kg)

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

Tréimhsiúlacht

:

Bliantúil

Leibhéal geografach

:

Náisiúnta

ROINN II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Cainníocht na substaintí gníomhacha: is é sin cainníocht na substaintí gníomhacha sna táirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(a).

Ceanglais theicniúla a bhaineann leis na hathróga

Déanfar na sonraí a dtugtar tuairisc orthu sa tábla thuas a tharchur: de réir substaint ghníomhach aonair, de réir aicmí ceimiceacha, de réir catagóirí táirgí agus de réir mórghrúpaí, mar a léirítear in Iarscríbhinn II.

TACAR SONRAÍ 2

Úsáid táirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht

Réimse:

e.

Staidreamh ar tháirgí cosanta plandaí

Topaic:

i.

Táirgí cosanta plandaí

Topaic mhionsonraithe:

i.2

Úsáid táirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht

ROINN I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí na limistéir barr don liosta coiteann barr, ar ghabháltais talmhaíochta sna Ballstáit, a chóireáiltear le táirgí cosanta plandaí, agus cainníochtaí na substaintí gníomhacha uile a úsáidtear le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear faoi údaruithe éigeandála (3).

Saintréithe barr

Sprioc-am

An 31 Nollaig bliain N+1

Limistéar atá faoi chóireáil

Cainníocht na substainte gníomhaí

Cruithneacht bhog agus speilt

NAT, OAT

NQS, OQS

Cruithneacht chrua (dúram)

NAT, OAT

NQS, OQS

Eorna

NAT, OAT

NQS, OQS

Grán buí agus meascán coba arbhair Indiaigh

NAT, OAT

NQS, OQS

Arbhar Indiach glas

NAT, OAT

NQS, OQS

Síolta ráibe agus síolta ráibe tornapa

NAT, OAT

NQS, OQS

Síol lus na gréine

NAT, OAT

NQS, OQS

Prátaí (lena n-áirítear prátaí síl)

NAT, OAT

NQS, OQS

Biatas siúcra (seachas síol)

NAT, OAT

NQS, OQS

Úlla

NAT, OAT

NQS, OQS

Fíonchaora le haghaidh fíona

NAT, OAT

NQS, OQS

Fíonchaora boird

NAT, OAT

NQS, OQS

Oráistí

NAT, OAT

NQS, OQS

Ológa

NAT, OAT

NQS, OQS

Cabáistí

NAT, OAT

NQS, OQS

Cairéid

NAT, OAT

NQS, OQS

Oinniúin

NAT, OAT

NQS, OQS

Trátaí amuigh

NAT, OAT

NQS, OQS

Trátaí faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana

NAT, OAT

NQS, OQS

Sútha talún amuigh

NAT, OAT

NQS, OQS

Sútha talún faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana

NAT, OAT

NQS, OQS

N

:

An bhliain dá dtagraíonn na sonraí

NAT

:

Limistéar neamhorgánach atá faoi chóireáil (ha)

OAT

:

Limistéar orgánach (limistéar atá á thiontú agus limistéar deimhnithe) atá faoi chóireáil (ha)

NQS

:

Cainníocht na substaintí gníomhacha uile a úsáidtear ar limistéar neamhorgánach (kg)

OQS

:

Cainníocht na substaintí gníomhacha go léir a úsáidtear ar limistéar orgánach (limistéar atá á thiontú agus limistéar deimhnithe) (kg)

Tréimhse thagartha

:

Bliain an fhómhair

Tréimhsiúlacht

:

2026

Leibhéal geografach

:

Náisiúnta

ROINN II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Limistéar atá faoi chóireáil (ha): is é sin limistéar fisiciúil an bhairr atá le sábháil, i mbliain an fhómhair, a chóireáiltear uair amháin ar a laghad le linn na tréimhse tagartha le substaint ghníomhach ar leith a aicmítear mar a léirítear in Iarscríbhinn II, go neamhspleách ar an líon uaireanta a cuireadh an tsubstaint ar an limistéar.

Limistéar neamhorgánach atá faoi chóireáil (ha): is é sin limistéar atá faoi chóireáil, seachas limistéir atá deimhnithe mar limistéir orgánacha nó limistéir atá á dtiontú.

Limistéar orgánach atá faoi chóireáil (ha): is é sin limistéar atá faoi chóireáil agus a dheimhnítear a bheith orgánach nó atá á thiontú de réir Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

Cainníocht na substainte gníomhaí (kg): is é sin méid gach ceann de na substaintí gníomhacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(a), a aicmítear mar a léirítear in Iarscríbhinn II, a úsáidtear ar an mbarr le linn na tréimhse tagartha.

An chainníocht a úsáidtear ar limistéar neamhorgánach (kg): is é sin an méid substaintí gníomhacha a úsáidtear ar bharra a shábháiltear ó limistéir neamhorgánacha.

An chainníocht a úsáidtear ar limistéar orgánach (kg): is é sin an méid substaintí gníomhacha a úsáidtear ar bharra ó limistéir orgánacha (atá deimhnithe mar limistéir orgánacha nó limistéir atá á dtiontú).

Ceanglais theicniúla a bhaineann leis na hathróga

Déanfar na sonraí a dtugtar tuairisc orthu sa tábla thuas a tharchur: de réir substaint ghníomhach aonair, de réir aicmí ceimiceacha, de réir catagóirí táirgí agus de réir mórghrúpaí, mar a léirítear in Iarscríbhinn II.

Cumhdófar leis na sonraí na substaintí gníomhacha uile sna táirgí cosanta plandaí uile a úsáidtear sna Ballstáit le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear faoi údaruithe éigeandála. Áireofar leis na sonraí gach cóireáil ó chur/ó phlandú go deireadh an fhómhair.

Baileofar na sonraí maidir leis an limistéar atá faoi chóireáil ar bhealach lena bhféadfar na sonraí limistéir agus cainníochta de réir bairr (gan comhaireamh dúbailte) a bheith ar fáil freisin ar leibhéal an chomhiomlánaithe in aicmí ceimiceacha, i gcatagóirí táirgí agus i mórghrúpaí.

Áireofar leis na sonraí na substaintí gníomhacha uile i ngach táirge cosanta plandaí a úsáidtear ar ghabháltais talmhaíochta (ní chuirtear san áireamh a n-úsáid i saoráidí stórála agus chun síolta a chur).


(1)  Mar a shainmhínítear in Airteagal 52 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)  Mar a shainmhínítear in Airteagal 53 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(3)  Mar a shainmhínítear in Airteagal 53 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(4)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

AICMIÚ SUBSTAINTÍ GNÍOMHACHA A ÁIRÍTEAR SNA TÁIRGÍ COSANTA PLANDAÍ

Mórghrúpaí

Catagóirí táirgí

Aicmí ceimiceacha (1)

Iomlán na substaintí gníomhacha i dtáirgí cosanta plandaí

 

 

Fungaicídí agus baictéiricídí

 

 

 

Fungaicídí neamhorgánacha

 

 

 

Comhdhúile copair

 

 

Sulfar neamhorgánach

 

 

Fungaicídí neamhorgánacha eile

 

Fungaicídí bunaithe ar charbamáití agus ar dhéthiacarbamáití

 

 

 

Fungaicídí carbanaláite

 

 

Fungaicídí carbamáite

 

 

Fungaicídí déthiacarbamáite

 

 

Fungaicídí eile bunaithe ar charbamáití agus ar dhéthiacarbamáití

 

Fungaicídí bunaithe ar bheinsimíodasóil

 

 

 

Fungaicídí beinsimíodasóil

 

 

Fungaicídí eile bunaithe ar bheinsimíodasóil

 

Fungaicídí bunaithe ar imíodasóil agus ar thrí-asóil

 

 

 

Fungaicídí conasóil

 

 

Fungaicídí imíodasóil

 

 

Fungaicídí eile bunaithe ar imíodasóil agus ar thrí-asóil

 

Fungaicídí bunaithe ar mhorfóilíní

 

 

 

Fungaicídí morfóilín

 

 

Fungaicídí eile bunaithe ar mhorfóilíní

 

Fungaicídí de thionscnamh micribhitheolaíoch nó luibheolaíoch

 

 

 

Fungaicídí micribhitheolaíocha

 

 

Fungaicídí luibheolaíocha

 

 

Fungaicídí eile de thionscnamh micribhitheolaíoch nó luibheolaíoch

 

Baictéiricídí

 

 

 

Baictéiricídí neamhorgánacha

 

 

Baictéiricídí eile

 

Fungaicídí agus baictéiricídí eile

 

 

 

Fungaicídí nítrigine alafataí

 

 

Fungaicídí aimíde

 

 

Fungaicídí anailíde

 

 

Fungaicídí aramatacha

 

 

Fungaicídí décharbocsaimíde

 

 

Fungaicídí déníotranailín

 

 

Fungaicídí dénítrifeanóil

 

 

Fungaicídí orgánafosfair

 

 

Fungaicídí ocsasóil

 

 

Fungaicídí feinilpioróil

 

 

Fungaicídí tailimíde

 

 

Fungaicídí pirimidín

 

 

Fungaicídí cuineoilín

 

 

Fungaicídí cuineoin

 

 

Fungaicídí stróbalúracha

 

 

Fungaicídí úiré

 

 

Fungaicídí neamhaicmithe

Luibhicídí, gas-scriostóirí agus scriostóirí caonaigh

 

 

 

Luibhicídí bunaithe ar fhíteahormóin fheanocsacha

 

 

 

Luibhicídí feanocsacha

 

 

Luibhicídí eile bunaithe ar fhíteahormóin fheanocsacha

 

Luibhicídí bunaithe ar thrí-aisíní agus ar thrí-aisíonóin

 

 

 

Luibhicídí trí-aisín

 

 

Luibhicídí trí-aisíonóin

 

 

Luibhicídí eile bunaithe ar thrí-aisíní agus ar thrí-aisíonóin

 

Luibhicídí bunaithe ar aimídí agus ar anailídí

 

 

 

Luibhicídí aimíde

 

 

Luibhicídí anailíde

 

 

Luibhicídí clóraicéatanailíde

 

 

Luibhicídí eile bunaithe ar aimídí agus ar anailídí

 

Luibhicídí bunaithe ar charbamáití agus ar bhios-carbamáití

 

 

 

Luibhicídí bios-carbamáite

 

 

Luibhicídí carbamáite

 

 

Luibhicídí eile bunaithe ar charbamáití agus ar bhios-carbamáití

 

Luibhicídí bunaithe ar dhíorthaigh dhéníotranailín

 

 

 

Luibhicídí déníotranailín

 

 

Luibhicídí eile bunaithe ar dhíorthaigh dhéníotranailín

 

Luibhicídí bunaithe ar dhíorthaigh úiré, úraicile nó shulfóiniolúiré

 

 

 

Luibhicídí sulfóiniolúiré

 

 

Luibhicídí úraicile

 

 

Luibhicídí úiré

 

 

Luibhicídí eile bunaithe ar dhíorthaigh úiré, úraicile nó shulfóiniolúiré

 

Luibhicídí eile

 

 

 

Luibhicídí aralocsaifeanocsa-próipianacha

 

 

Luibhicídí beinseafúráin

 

 

Luibhicídí aigéid bheansóigh

 

 

Luibhicídí déphiridiliam

 

 

Luibhicídí cioglaiheacsáindé-óin

 

 

Luibhicídí dé-aisín

 

 

Luibhicídí décharbocsaimíde

 

 

Luibhicídí éitir défheinile

 

 

Luibhicídí imíodasóilíonóin

 

 

Luibhicídí neamhorgánacha

 

 

Luibhicídí iseacsasóil

 

 

Luibhicídí nítríle

 

 

Luibhicídí orgánafosfair

 

 

Luibhicídí feinilpiorasóil

 

 

Luibhicídí pireadaisíonóin

 

 

Luibhicídí piridíoncarbocsaimíde

 

 

Luibhicídí aigéid phiridíoncarbocsailigh

 

 

Luibhicídí aigéid phiridiolocsaicéitigh

 

 

Luibhicídí cuineoilín

 

 

Luibhicídí tiaidé-aisín

 

 

Luibhicídí tiacarbamáite

 

 

Luibhicídí trí-asóil

 

 

Luibhicídí trí-asóilíonóin

 

 

Luibhicídí trí-asólóin

 

 

Luibhicídí tríchéatóin

 

 

Luibhicídí neamhaicmithe

Feithidicídí agus acairicídí

 

 

 

Feithidicídí bunaithe ar phireatróidí

 

 

 

Feithidicídí pireatróide

 

 

Feithidicídí eile bunaithe ar phireatróidí

 

Feithidicídí bunaithe ar hidreacarbóin chlóirínithe

 

 

 

Feithidicídí dé-aimíde antrainilí

 

 

Feithidicídí eile bunaithe ar hidreacarbóin chlóirínithe

 

Feithidicídí eile bunaithe ar charbamáití agus ar charbamáit ocsaíme

 

 

 

Feithidicídí carbamáite ocsaíme

 

 

Feithidicídí carbamáite

 

 

Feithidicídí eile bunaithe ar bunaithe ar charbamáití agus ar charbamáit ocsaíme

 

Feithidicídí bunaithe ar orgánafosfáití

 

 

 

Feithidicídí orgánafosfair

 

 

Feithidicídí eile bunaithe ar orgánafosfáití

 

Feithidicídí de thionscnamh micribhitheolaíoch nó luibheolaíoch

 

 

 

Feithidicídí micribhitheolaíocha

 

 

Feithidicídí luibheolaíocha

 

 

Feithidicídí eile de thionscnamh micribhitheolaíoch nó luibheolaíoch

 

Acairicídí

 

 

 

Acairicídí piorasóil

 

 

Acairicídí teatraisín

 

 

Acairicídí eile

 

Feithidicídí eile

 

 

 

Feithidicídí arna dtáirgeadh trí choipeadh

 

 

Feithidicídí beansóilúiré

 

 

Feithidicídí carbasáite

 

 

Feithidicídí diaisilhiodraisín

 

 

Rialaitheoirí fáis feithidí

 

 

Feithidicídí nítreaguainidín

 

 

Feithidicídí orgánastáin

 

 

Feithidicídí ocsáidé-aisín

 

 

Feithidicídí éitir feinile

 

 

Feithidicídí piorasóil (feinile)

 

 

Feithidicídí piridín

 

 

Feithidicídí piridilmeitiolaimín

 

 

Feithidicídí eistir suilfíte

 

 

Feithidicídí aigéid theatrónaigh

 

 

Fearamóin léipidipteire slabhra dhírigh (SCLPS) mealltóirí feithidí

 

 

Mealltóirí feithidí eile

 

 

Feithidicídí-acairicídí neamhaicmithe

Moiliscicídí

 

 

 

Moiliscicídí

 

 

 

Moiliscicídí

Rialaitheoirí fáis plandaí

 

 

 

Rialaitheoirí fiseolaíocha fáis plandaí

 

 

 

Rialaitheoirí fiseolaíocha fáis plandaí

 

 

Rialaitheoirí fiseolaíocha fáis plandaí eile

 

Táirgí frithphéactha

 

 

 

Táirgí frithphéactha

 

 

Táirgí frithphéactha eile

 

Rialaitheoirí fáis plandaí eile

 

 

 

Rialaitheoirí fáis plandaí eile

Táirgí cosanta plandaí eile

 

 

 

Olaí plandúla

 

 

 

Olaí plandúla

 

Steirileáin ithreach (lena n-áirítear néimeataicídí)

 

 

 

Bróimíd mheitile

 

 

Néimeataicídí bitheolaíocha

 

 

Néimeataicídí orgánafosfair

 

 

Steirileáin ithreach eile

 

Creimiricídí

 

 

 

Creimiricídí

 

Na táirgí cosanta plandaí eile uile

 

 

 

Díghalráin

 

 

Éarthaigh

 

 

Táirgí cosanta plandaí eile


(1)  Tá feidhm aige freisin maidir le táirgí cosanta plandaí de thionscnamh micribhitheolaíoch nó luibheolaíoch, chun críoch comhchuibhithe.


IARSCRÍBHINN III

TUAIRISCÍ

Is táirge é táirge cosanta plandaí san fhoirm ina soláthraítear don úsáideoir é, arb éard atá ann substaintí gníomhacha, teorantóirí nó sineirgígh nó a bhfuil substaintí gníomhacha, teorantóirí nó sineirgígh ann, agus tá sé ceaptha le haghaidh ceann de na húsáidí a thuairiscítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

Substaintí gníomhacha: ciallaíonn sé sin substaintí gníomhacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

Cur ar an margadh: ciallaíonn sé sin cur ar an margadh mar a shainmhínítear i bpointe 9 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

Barra: ciallaíonn sé sin barra talmhaíochta, mar a thuairiscítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1538 (1).

Aicmiú substaintí gníomhacha a áirítear sna táirgí cosanta plandaí: substaintí gníomhacha a chomhiomlánú de réir mórghrúpaí, catagóirí táirgí agus aicmí ceimiceacha.

Bliain an fhómhair: An bhliain féilire ina gcuirtear tús leis an bhfómhar, lena n-áirítear an tréimhse ina ndéantar na bearta ullmhúcháin uile (amhail saothrú, plandáil, agus úsáid leasachán agus táirgí cosanta plandaí) chun an fómhar sin a áirithiú, le linn na bliana féilire roimhe sin freisin.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1538 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh ar tháirgeadh barr (féach leathanach 40 den Iris Oifigiúil).


26.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/40


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1538 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Iúil 2023

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh ar tháirgeadh barr

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4(6), Airteagal 5(10), Airteagal 7(2) agus Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2022/2379 bunaítear creat comhtháite chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a chur ar fáil agus a scaipeadh a mhéid a bhaineann le hionchuir agus aschuir talmhaíochta.

(2)

Is gá sonrú a dhéanamh ar na ceanglais sonraí a bhaineann le staidreamh a chur ar fáil maidir le hionchuir agus aschuir talmhaíochta a mhéid a bhaineann le staidreamh ar tháirgeadh barr chun sonraí inchomparáide idir na Ballstáit a sholáthar agus chun comhchuibhiú a bhaint amach.

(3)

De bhun Airteagal 5(10) de Rialachán (AE) 2022/2379, sonraítear sa Rialachán seo gnéithe teicniúla na sonraí atá le soláthar. Is éard atá sna gnéithe sin liosta de na hathróga, tuairiscí ar na hathróga, na haonaid bhreathnóireachta, na ceanglais bheachtais atá le cur i bhfeidhm, na rialacha modheolaíochta atá le cur i bhfeidhm, agus na sprioc-amanna le haghaidh tharchur na sonraí.

(4)

Is gá sonrú a dhéanamh ar na hathróga a bhfuil na gnéithe réigiúnacha agus orgánacha ag teastáil ina leith toisc nach bhfuil siad riachtanach ach i gcás roinnt athróg.

(5)

Ní mór cumhdach na dtacar sonraí a shonrú de bhreis ar na ceanglais in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2022/2379 i gcás inarb iomchuí, chun neamhréireachtaí idir na Ballstáit a sheachaint.

(6)

Ba cheart breis sonraithe a dhéanamh ar na tréimhsí tagartha a luaitear in Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2022/2379.

(7)

Táscairí tábhachtacha i dtáirgeadh talmhaíochta is ea achartháirgeacht na mbarr agus ba cheart, dá bhrí sin, an achartháirgeacht sin a bheith ina gcuid de na sonraí. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) an táscaire sin a ríomh ar bhonn na sonraí arna dtarchur.

(8)

Bíonn éagsúlacht mhór idir cion bogthaise barr táirgthe agus cion siúcra biatas siúcra ó bhliain go bliain, rud a chruthaíonn bacainní ó thaobh comparáid a dhéanamh idir méideanna táirgeachta thar tréimhse agus ó thír go tír. Dá bhrí sin, tá gá le faisnéis maidir le cion caighdeánach náisiúnta bogthaise agus cion caighdeánach náisiúnta siúcra chun staidreamh inchomparáide a chruthú.

(9)

De bhun Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2022/2379, is féidir na Ballstáit a dhíolmhú ó shonraí a sholáthar le haghaidh athróga réamhshainithe ag sprioc-amanna áirithe más rud é gur tionchar teoranta is ea tionchar a dtáirgeachta ar iomlán na n-athróg sin san Aontas. Is amhlaidh atá má tá a dtáirgeacht faoi bhun tairseacha sonracha. Is gá sonrú a dhéanamh ar na tairseacha sin, ar an modheolaíocht a úsáideadh chun iad a bhunú, ar na foinsí sonraí a úsáideadh agus an mhodheolaíocht sin á cur i bhfeidhm, agus ar na sonraí a bhfuil feidhm ag an díolúine sin maidir leo.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach mar a bunaíodh le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceanglais sonraí

Soláthróidh na Ballstáit sonraí i réimse an staidrimh ar tháirgeadh barr dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2379 i bhfoirm tacair sonraí comhiomlánaithe. Déanfar na sonraí maidir le táirgeacht iomlán agus táirgeadh orgánach a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) ar an leibhéal geografach is gá.

Airteagal 2

Tacair sonraí

(1)   Sonraítear inneachar sonraí na dtacar sonraí iontu seo a leanas:

(1)

Iarscríbhinn I i gcás topaic (i), limistéar barr agus táirgeadh, i gcás na dtopaicí mionsonraithe

(1)

Barra curaíochta agus féarthailte buana,

(2)

Gairneoireacht seachas barra buana,

(3)

Barra buana;

(2)

Iarscríbhinn II i gcás topaic (ii), comharduithe barr, le haghaidh na dtopaicí mionsonraithe

(1)

Comharduithe gránbharr,

(2)

Comharduithe olashíolta;

(3)

Iarscríbhinn III i gcás topaic (iii), féarthailte, le haghaidh na topaice mionsonraithe

(1)

Bainistiú féarthailte.

(2)   I gcás gach tacair sonraí, sonraítear an méid seo a leanas i roinn I:

(1)

tuairisc ar an inneachar sonraí;

(2)

na hathróga atá le soláthar ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inar gá, ar an leibhéal réigiúnach;

(3)

na hathróga atá le soláthar maidir le táirgeadh orgánach:

(4)

na sprioc-amanna le haghaidh tharchur na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat);

(5)

na tréimhsí tagartha.

(3)   Maidir le gach tacar sonraí, sonraítear i roinn II, i gcás inarb iomchuí:

(1)

tuairisc ar na haonaid tomhais;

(2)

ceanglais theicniúla a bhaineann leis na hathróga;

(3)

tairseacha le haghaidh díolúintí ó sprioc-amanna le haghaidh tharchur na sonraí.

Airteagal 3

Ceanglais bheachtais

I gcás ina ndéanfar sonraí a bhailiú ar bhonn samplaí staidrimh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na torthaí ualaithe ionadaíoch maidir leis an daonra staidrimh laistigh den aonad geografach ábhartha agus go gceapfar iad chun na ceanglais bheachtais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh. I gcás nach bhfuil ceanglais bheachtais infheidhme, mar shampla mar gheall ar fhoinsí seachas suirbhéanna staidrimh, áiritheofar cáilíocht an staidrimh ionas go mbeidh siad ionadaíoch maidir leis an raon feidhme a dtugann siad tuairisc air, agus comhlíonfaidh siad na critéir cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 4

Tuairiscí

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na tuairiscí ar théarmaí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Airteagal 5

Modheolaíocht le haghaidh díolúintí

(1)   Féadfar na Ballstáit a dhíolmhú ó sprioc-amanna rialta áirithe le haghaidh sonraí a tharchur más rud é gur tionchar teoranta is ea tionchar an Bhallstáit sin ar iomlán na n-athróg sin san Aontas.

(2)   Deonófar díolúintí tarchuir sonraí le haghaidh athróga i dtacair sonraí den topaic ‘limistéar barr agus táirgeadh barr’ ar choinníoll nach ndéanfaidh a gcur i bhfeidhm an fhaisnéis faoi iomlán ionchasach an Aontais den athróg chomhfhreagrach a laghdú níos mó ná 5 %. Ríomhfaidh an Coimisiún (Eurostat) luachanna tairsí tagartha i gcás tháirgeadh gach bairr atá faoi réir díolúintí. Déanfar na luachanna tairsí tagartha sin a ríomh ar bhonn meán 3 bliana de shonraí staidrimh maidir le méideanna táirgeachta.

(3)   Maidir le Ballstát ina raibh táirgeadh bairr níos ísle ná an luach tairsí tagartha, nó cothrom leis, ar feadh 3 bliana as a chéile, díolmhófar é ó shonraí a tharchur le haghaidh na n-athróg (na bhfo-athróg) uile a bhaineann leis an mbarr sin le haghaidh spriocdhátaí áirithe, mar a léirítear i ngach roinn II de na tacair sonraí in Iarscríbhinn I. Cúlghairfear an díolúine go huathoibríoch má sháraíonn luach ábhartha táirgeachta an Bhallstáit an luach tairsí tagartha gach bliain de 3 bliana as a chéile. Tosóidh an tarchur sonraí don bhliain tagartha tar éis an tríú bliain as a chéile ina sárófar an luach tairsí tagartha. Déanfar an díolúine a athbhunú go huathoibríoch má bhíonn táirgeadh an bhairr ábhartha ag an mBallstát faoi bhun na tairsí tagartha, nó cothrom léi, gach bliain de 3 bliana as a chéile.

(4)   Leagtar síos na luachanna tairsí tagartha i ngach roinn II d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh an Coimisiún aon cheann de na luachanna sin a leasú má fhanann meániomlán an Aontais níos lú ná 90 % nó níos mó ná 110 % d’iomlán an Aontais a úsáidtear chun na luachanna tairsí tagartha a ríomh ar feadh 3 bliana as a chéile.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 315, 7.12.2022, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).


IARSCRÍBHINN I

Limistéar barr agus táirgeadh barr

TACAR SONRAÍ i.1

Barra curaíochta agus féarthailte buana

Réimse:

b.

Staidreamh ar tháirgeadh barr

Topaic:

i.

Limistéar barr agus táirgeadh barr

Topaic mhionsonraithe:

i.1

Barra curaíochta agus féarthailte buana

ROINN I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí luathmheastacháin agus staidreamh deiridh ar limistéir, ar tháirgeadh agus ar tháirgeacht na mbarr curaíochta talmhaíochta agus na bhféarthailte buana, a fhástar lena mbuaint go príomha sa tréimhse tagartha, ar ghabháltais talmhaíochta sna Ballstáit, lena n-áirítear na barra a fhástar de réir prionsabail orgánacha.

 

 

Sonraí ar an leibhéal náisiúnta

Sonraí ar an leibhéal réigiúnach

Sonraí maidir le táirgeadh orgánach

Saintréithe barr

Sprioc-amanna tarchuir sonraí

31 Eanáir bliain N (1)

30 Meitheamh bliain N (1)

31 Lúnasa bliain N (1)

30 Meán Fómhair bliain N

30 Samhain bliain N

31 Márta bliain N + 1

30 Meán Fómhair bliain N+1

30 Meán Fómhair bliain N+1

30 Meán Fómhair bliain N+1

Limistéar talmhaíochta a úsáidtear seachas gairdíní cistine (2)

 

 

 

 

 

 

MA

MA

OMU, OMC, OMA

 

Talamh arúil (3)

 

 

 

 

 

 

MA

MA

OMU, OMC, OMA

 

 

Gránaigh le haghaidh táirgeadh gráin (síol san áireamh)

 

 

 

 

 

 

MA, SA, PR

SA, PR

 

 

 

 

Cruithneacht agus speilt

 

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Cruithneacht bhog agus speilt

 

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

OF, OP

 

 

 

 

 

Cruithneacht bhog gheimhridh agus speilt

SA

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Cruithneacht bhog earraigh agus speilt

 

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Cruithneacht chrua

SA

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

OF, OP

 

 

 

Seagal

SA

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

OF, OP

 

 

 

Eorna

 

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

OF, OP

 

 

 

 

Eorna gheimhridh

SA

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Eorna earraigh

 

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

 

 

 

 

Coirce

 

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

Arbhar Indiach gráin agus meascán arbhair déise

 

SA

 

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

OF, OP

 

 

 

Triteacál

SA

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

Sorgam

 

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

Rís

 

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

 

Rís Indica

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Rís Japonica

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

Meascáin de ghránaigh gheimhridh (maislín)

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

Meascáin de ghránaigh earraigh (grán measctha seachas maislin)

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

Gránaigh eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile (muiléad, síolta éan, etc.)

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

Bréag-ghránaigh

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Ruán

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Cuineo

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Bréag-ghránaigh eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

Piseánaigh thirime agus barra próitéine le haghaidh táirgeadh gráin (síol agus meascáin de ghránaigh agus de phiseánaigh san áireamh)

 

 

 

 

 

 

MA, SA, PR

SA, PR

 

 

 

 

Piseanna machaire

 

SA

 

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

Pónairí leathana agus pónairí machaire

 

SA

 

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

Lúipíní milse

 

 

 

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

Lintilí

 

 

 

SA

SA

SA, PR

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

Peasairí

 

 

 

SA

SA

SA, PR

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

Sicphiseánaigh

 

 

 

SA

SA

SA, PR

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

Piseánaigh thirime agus barra próitéine eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

Barra fréimhe

 

 

 

 

 

 

MA, SA, PR

 

 

 

 

 

Prátaí (prátaí síl san áireamh)

 

SA

 

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

Biatas siúcra (seachas síol)

 

SA

 

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

OF, OP

 

 

 

Barra fréimhe eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

Barra tionsclaíocha

 

 

 

 

 

 

MA, SA

 

 

 

 

 

Olashíolta

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Síol ráibe agus síol tornapa ráibe

 

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

OF, OP

 

 

 

 

 

Síolta ráibe geimhridh agus síolta tornapa ráibe

SA

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Síolta ráibe earraigh agus síolta tornapa ráibe

 

SA

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Síol lus na gréine

 

SA

 

 

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

OF, OP

 

 

 

 

Soighe

 

SA

 

 

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

OF, OP

 

 

 

 

Ros lín (líon ola)

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Síolta cadáis

 

 

 

 

 

 

PR

 

 

 

 

 

 

Barra olashíl eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

Barra snáithín

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Snáithín lín

 

 

 

SA

SA

SA, PR

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Cnáib

 

 

 

SA

SA

SA, PR

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Snáithín cadáis

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Barra snáithín eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

Tobac

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

Leannlusanna

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

Plandaí aramatacha, plandaí míochaine agus plandaí cócaireachta

 

 

 

 

 

 

SA

 

OF

 

 

 

Barra fuinnimh nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

 

 

 

 

MA, PR

 

 

 

 

 

Barra tionsclaíocha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

 

 

 

 

SA

 

 

 

 

Plandaí arna mbuain glas de thalamh arúil

 

 

 

 

 

 

MA, PR

MA

 

 

 

 

Féara sealadacha agus féaraigh shealadacha

 

 

 

 

 

 

MA, PR

MA

OMA

 

 

 

Plandaí léagúmacha arna mbuain glas

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

OF, OP

 

 

 

 

Meidic na mbó

 

 

 

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Meascáin féar léagúmach

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

 

Plandaí léagúmacha eile arna mbuain glas agus nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

Arbhar Indiach glas

 

SA

 

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

SA, PR

OF, OP

 

 

 

Gránaigh eile arna mbuain glas (seachas arbhar Indiach glas)

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

 

Plandaí eile arna mbuain glas de thalamh arúil agus nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

 

 

 

 

SA, PR

 

 

 

 

Síolta agus síolphlandaí

 

 

 

 

 

 

MA

 

OMA

 

 

Talamh branair

 

 

 

 

 

 

MA

MA

 

 

 

Barra eile talún arúla nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

 

 

 

 

MA

 

 

 

Féarthalamh buan

 

 

 

 

 

 

MA, PR

MA

OMU, OMC, OMA

 

 

Féaraigh bhuana agus móinéir bhuana, seachas féaraigh gharbha

 

 

 

 

 

 

MA, PR

 

 

 

 

Féaraigh gharbha bhuana

 

 

 

 

 

 

MA, PR

 

 

 

 

Féarthailte buana nach n-úsáidtear a thuilleadh le haghaidh táirgthe agus atá incháilithe d’íocaíocht fóirdheontas

 

 

 

 

 

 

MA

 

 

Is é N an bhliain dá dtagraíonn na sonraí

MA

=

príomhlimistéar iomlán (1 000 ha), limistéir orgánacha san áireamh

SA

=

limistéar curtha iomlán (1 000 ha), limistéir orgánacha san áireamh

OF

=

limistéar curtha orgánach deimhnithe (1 000 ha)

OMC

=

príomhlimistéar orgánach deimhnithe

OMU

=

an príomhlimistéar atá á thiontú go limistéar orgánach (1 000 ha)

OMA

=

príomhlimistéar atá deimhnithe nó atá á thiontú go limistéar orgánach (1 000 ha)

PR

=

táirgeacht buainte iomlán (1 000 tona), táirgeadh orgánach san áireamh

OP

=

táirgeacht buainte orgánach deimhnithe (1 000 tona)

Tréimhse thagartha: Bliain an fhómhair

ROINN II

Tuairisc ar na haonaid tomhais:

An limistéar curtha: tagraíonn sé sin don limistéar iomlán a cuireadh nó a plandaíodh le barr a dtosaíonn a fhómhar le linn na bliana féilire tagartha, gan beann ar an uair a rinneadh an phlandáil. I gcás ina gcuirtear nó ina bplandáiltear an barr níos mó ná uair amháin i rith na bliana ar an dáileacht chéanna, déanfar an limistéar a iolrú faoi líon na bplanduithe.

Príomhlimistéar: tagraíonn sé do limistéar fisiciúil na dáileachta/na ndáileachtaí, is cuma cé acu barr aonair amháin nó roinnt barra éagsúla a bhí ann le linn na bliana Fómhair. i gcás barra bliantúla, comhfhreagraíonn an príomhlimistéar don limistéar curtha; i gcás barra comhchuraíochta, comhfhreagraíonn sé don limistéar ina bhfuil na barra curtha le chéile; i gcás síolchur nó barra i ndiaidh a chéile, ní chuirfear an limistéar san áireamh ach aon uair amháin; i gcás barra buana, sa bhreis ar an limistéar táirgthe, déantar plandálacha óga neamhtháirgiúla agus limistéir atá tréigthe go sealadach a chur san áireamh. Ar an gcaoi sin, ní liostaítear gach limistéar ach aon uair amháin.

Táirgeadh buainte: tagraíonn sé don táirgeacht buainte iomlán as ar baineadh caillteanais bhuainte.

Déanfar an táirgeadh i gcás gránach, piseánaigh thirime agus olashíolta a thuairisciú i dtéarmaí meáchan tirim glan na ngrán ar an leibhéal cobhsaí bogthaise margaidh caighdeánaí sa tír. Tuairiscítear rís i dtéarmaí gort ríse.

Ba cheart sonraí táirgthe barra fréimhe a thuairisciú i dtéarmaí meáchain ghlain, i.e. saor ó bharra agus duilleoga plandaí, ithir agus láib.

Cuirtear an méid buana a dhéantar trí ghearradh agus trí innilt san áireamh i dtáirgeadh plandaí arna mbuain glas de thalamh arúil agus ó fhéarthailte buana. Tuairisceofar na sonraí i dtéarmaí ábhair thirim.

Déanfar táirgeadh barr eile a thuairisciú ar an leibhéal cobhsaí bogthaise margaidh caighdeánaí sa tír i gcás ina mbíonn tionchar ag bogthaise ar an margú, san fhoirm a úsáidtear go príomha le haghaidh trádála.

Cuirfidh na tíortha faisnéis ar fáil don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na eibhéal cobhsaí bogthaise margaidh caighdeánaí sna tíortha a luaitear thuas, faisnéis ar a mbonn a dhéanfaidh Eurostat an táirgeadh a athríomh de réir an chaighdeáin AE maidir le bogthaise chun críoch caighdeánaithe.

I gcás biatas siúcra, cuirfidh tíortha sonraí ar fáil don Choimisiún (Eurostat) maidir le cion siúcra tháirgeadh buainte na bliana Fómhair agus cuirfidh siad na sonraí deiridh maidir le táirgeadh ar fáil don Choimisiún (Eurostat), sonraí ar a mbonn a dhéanfaidh Eurostat i gcion siúcra caighdeánach AE (16 %) a athríomh chun críoch caighdeánaithe.

Limistéar orgánach deimhnithe: tagraíonn sé sin do limistéir, cé is moite de limistéir atá sa tréimhse thiontaithe dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a bhainistítear i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgeadh orgánach, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848 nó, i gcás inarb infheidhme, sa reachtaíocht is déanaí

Limistéar atá á thiontú go limistéar orgánach: tagraíonn sé sin do limistéir atá sa tréimhse thiontaithe dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/848 nó, i gcás inarb infheidhme, sa reachtaíocht is déanaí, a bhainistítear i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgeadh orgánach.

Limistéar orgánach deimhnithe nó limistéar atá á thiontú go limistéar orgánach: tagraíonn sé do limistéir atá ina limistéir orgánacha dheimhnithe nó ina limistéir atá á dtiontú go limistéir orgánacha.

Táirgeadh buainte orgánach deimhnithe: tagraíonn sé sin don táirgeadh buainte ó ‘limistéir orgánacha dheimhnithe’ mar a shainmhínítear thuas.

Áirítear limistéir orgánacha agus táirgeadh orgánach sna limistéir iomlána agus sa táirgeadh.

Ceanglais theicniúla a bhaineann leis na hathróga

Déantar achartháirgeacht barr a ríomh tríd an táirgeacht buainte iomlán a roinnt ar an limistéar curtha iomlán. Déanfaidh Eurostat achartháirgeacht barr a ríomh ar bhonn na sonraí a tharchuirfear. Déanfar teagmhais a bhaineann leis an aimsir a mbíonn mórthionchar acu ar an táirgeadh buainte a thuairisciú don Choimisiún (Eurostat).

Luachanna tairsí tagartha maidir le díolúine tarchuir sonraí

Is iad seo a leanas na luachanna tairsí tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 5(2):

Athróg thagartha:

An rud a tháirgtear

Luach tairsí tagartha (1 000 tona)

Díolúine tarchuir

Cruithneacht bhog agus speilt

1 700

31 Eanáir bliain N

30 Meitheamh bliain N

31 Lúnasa bliain N

Cruithneacht chrua

170

Seagal

80

Eorna

500

Coirce

70

Arbhar Indiach gráin agus meascán arbhair déise

1 100

Triteacál

120

Sorgam

15

Rís

65

Piseanna machaire

25

Pónairí leathana agus pónairí machaire

15

Prátaí

350

Biatas siúcra

1 500

Síol ráibe agus síol tornapa ráibe

300

Síol lus na gréine

150

Soighe

60

Arbhar Indiach glas

2 000

TACAR SONRAÍ i.2

Gairneoireacht seachas barra buana

Réimse:

b.

Staidreamh ar tháirgeadh barr

Topaic:

i.

Limistéar barr agus táirgeadh barr

Topaic mhionsonraithe:

i.2

Gairneoireacht seachas barra buana

ROINN I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí luathmheastacháin agus staidreamh deiridh ar limistéir, ar tháirgeadh agus ar tháirgeacht na mbarr gairneoireachta, a fhástar lena mbuain sa tréimhse thagartha ar ghabháltais talmhaíochta sna Ballstáit, lena n-áirítear na barra a fhástar de réir prionsabail orgánacha.

 

Sonraí ar an leibhéal náisiúnta

Sonraí maidir le táirgeadh orgánach

Saintréithe barr

Sprioc-amanna tarchuir sonraí

30 Meitheamh bliain N (5)

30 Meán Fómhair bliain N  (5)

31 Bealtaine bliain N+ 1

30 Meán Fómhair bliain N+1

30 Meán Fómhair bliain N+1

 

 

Glasraí úra (mealbhacáin san áireamh) agus sútha talún

 

 

HA, PR

MA

OH, OP

 

 

 

Glasraí úra (mealbhacáin san áireamh)

 

 

HA, PR

 

OH, OP

 

 

 

 

Brasacaigh

 

 

HA, PR

 

OH, OP

 

 

 

 

 

Cóilis agus brocailí

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Bachlóga Bruiséile

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Cabáistí

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Brasacaigh eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

Glasraí duilleacha agus glasraí gasacha (seachas brasacaigh)

 

 

HA, PR

 

OH, OP

 

 

 

 

 

Cainneanna

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Soilire

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Leitísí

 

 

HA, PR, PRG

 

 

 

 

 

 

 

Eindíbhí

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Spionáiste

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Lus súgach

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Siocairí

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Bliosáin

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Glasraí duilleacha nó gasacha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

Glasraí a shaothraítear le haghaidh torthaí (mealbhacáin san áireamh)

 

 

HA, PR

 

OH, OP

 

 

 

 

 

Trátaí

HA

HA, PR

HA, PR, PRG

 

OH, OP

 

 

 

 

 

Cúcamair agus gircíní

 

 

HA, PR, PRG

 

 

 

 

 

 

 

Ubhthorthaí

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Cúirséid agus mearóga

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Guird agus puimcíní

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Mealbhacáin

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Mealbhacáin uisce

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Piobair

 

 

HA, PR, PRG

 

 

 

 

 

 

 

Glasraí eile a shaothraítear le haghaidh torthaí agus nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

Glasraí fréimhe, tiúbair agus bleibín

 

 

HA, PR

 

OH, OP

 

 

 

 

 

Meacain dhearga

 

 

HA, PR

 

OH, OP

 

 

 

 

 

Oinniúin agus seallóidí

 

 

HA, PR

 

OH, OP

 

 

 

 

 

Biatas

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Soiliriac

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Raidisí

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Gairleog

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Glasraí fréimhe, tiúbair agus bleibín eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

Piseánaigh úra

 

 

HA, PR

 

OH, OP

 

 

 

 

 

Piseanna úra

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Pónairí úra

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Piseánaigh úra eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

 

Glasraí úra eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

HA, PR

 

 

 

 

 

Sútha talún

 

 

HA, PR, PRG

 

OH, OP

 

 

Bláthanna agus plandaí ornáideacha (seachas plandlanna)

 

 

 

MA

 

Beacáin shaothraithe

 

 

PR

 

OP

 

Beacáin coiteann

 

 

PR

 

 

 

Beacáin shaothraithe eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

 

PR

 

 

Is é N an bhliain dá dtagraíonn na sonraí

MA

=

príomhlimistéar iomlán (1 000 ha)

HA

=

limistéar buainte iomlán (1 000 ha)

OH

=

limistéar orgánach buainte deimhnithe (1 000 ha)

PR

=

táirgeadh buainte iomlán (1 000 tona)

PRG

=

táirgeadh iomlán faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana (1 000 tona)

OP

=

táirgeacht buainte orgánach deimhnithe (1 000 tona)

Tréimhse thagartha: Bliain an fhómhair

ROINN II

Tuairisc ar na haonaid tomhais:

Limistéar a buanadh: tagraíonn sé sin don limistéar de bharr ar leith arna bhuain le linn na bliana Fómhair tagartha. Má chuirtear nó má phlandáiltear an limistéar céanna roinnt uaireanta le linn na tréimhse tagartha, déanfar an limistéar a iolrú faoi líon uaireanta sa bhliain a buanadh an limistéar

Príomhlimistéar: Féach tacar sonraí i.1, roinn II

Táirgeadh buainte: Féach tacar sonraí i.1, roinn II

Limistéar orgánach deimhnithe: Féach tacar sonraí i.1, roinn II

Táirgeadh buainte orgánach deimhnithe: Féach tacar sonraí i.1, roinn II

Ceanglais theicniúla a bhaineann leis na hathróga

Déantar achartháirgeacht barr a ríomh tríd an táirgeacht iomlán buainte a roinnt ar an limistéar iomlán buainte. Déanfaidh Eurostat achartháirgeacht barr a ríomh ar bhonn na sonraí a tharchuirfear. Déanfar teagmhais a bhaineann leis an aimsir a mbíonn mórthionchar acu ar an táirgeadh buainte a thuairisciú don Choimisiún (Eurostat).

Luachanna tairsí tagartha maidir le díolúine tarchuir sonraí

Is iad seo a leanas na luachanna tairsí tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 5(2):

Athróg thagartha

Luach tairsí tagartha (1 000 tona)

Díolúine tarchuir

Táirgeacht trátaí

250

30 Meitheamh bliain N

30 Meán Fómhair bliain N

TACAR SONRAÍ i.3

Barra buana

Réimse:

b.

Staidreamh ar tháirgeadh barr

Topaic:

i.

Limistéar barr agus táirgeadh barr

Topaic mhionsonraithe:

i.3

Barra buana

ROINN I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí luathmheastacháin agus staidreamh deiridh ar limistéir, ar tháirgeacht agus ar achartháirgeacht na mbarr talmhaíochta buan, a fhástar lena mbuain go príomha sa tréimhse tagartha ar ghabháltais talmhaíochta sna Ballstáit, lena n-áirítear na barra a fhástar de réir prionsabail orgánacha.

Saintréithe barr

 

Sonraí ar an leibhéal náisiúnta

Sonraí ar an leibhéal réigiúnach

Sonraí maidir le táirgeadh orgánach

Sprioc-amanna tarchuir sonraí

30 Samhain bliain N  (6)

31 Márta bliain N+1

30 Meán Fómhair bliain N+1

30 Meán Fómhair bliain N+1

30 Meán Fómhair bliain N+1

 

Barra buana

 

 

MA

MA

OMC, OMU, OMA

 

 

Barra buana lena gcaitheamh ag an duine

 

PA, PR

MA, PA, PR

 

 

 

 

 

Torthaí, caora agus cnónna (seachas torthaí citris, fíonchaora agus sútha talún)

 

PA, PR

MA

MA

OPA, OP

 

 

 

 

Torthaí ó chriosanna aeráide measartha

 

PA, PR

 

 

OPA

 

 

 

 

 

Torthaí póma

 

PA, PR

 

 

OPA

 

 

 

 

 

 

Úlla

PA, PR

PA, PR

 

 

OPA, OP

 

 

 

 

 

 

Piorraí

PA, PR

PA, PR

 

 

OPA, OP

 

 

 

 

 

 

Torthaí póma eile nach n-aicmítear in aon áit eile

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

Clochthorthaí

 

PA, PR

 

 

OPA

 

 

 

 

 

 

Péitseoga

PA, PR

PA, PR

 

 

OPA, OP

 

 

 

 

 

 

Neachtairíní

PA, PR

PA, PR

 

 

OPA, OP

 

 

 

 

 

 

Aibreoga

 

PA, PR

 

 

OPA, OP

 

 

 

 

 

 

Silíní

 

PA, PR

 

 

OPA, OP

 

 

 

 

 

 

 

Silíní milse

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Silíní searbha

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Plumaí

 

PA, PR

 

 

OPA, OP

 

 

 

 

 

 

Clochthorthaí eile nach n-aicmítear in aon áit eile

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Torthaí ó chriosanna aeráide fothrópaiceacha agus trópaiceacha

 

PA, PR

 

 

OPA

 

 

 

 

 

Figí

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

Cíobhaíonna

 

PA, PR

 

 

OPA, OP

 

 

 

 

 

Abhacáid

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

Bananaí

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

Torthaí eile ó chriosanna aeráide fothrópaiceacha agus ó chriosanna aeráide trópaiceacha nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Caora (seachas sútha talún)

 

PA, PR

 

 

OPA, OP

 

 

 

 

 

Cuiríní dubha

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

Cuiríní dearga

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

Sútha craobh

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

Fraocháin

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

Caora eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Cnónna

 

PA, PR

 

 

OPA, OP

 

 

 

 

 

Gallchnónna

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

Collchnónna

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

Almóinní

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

Castáin

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

 

Cnónna eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

PA, PR

 

 

 

 

 

 

Torthaí citris

 

PA, PR

MA, PA, PR

MA

OPA, OP

 

 

 

 

Oráistí

PA, PR

PA, PR

PA, PR

 

OPA, OP

 

 

 

 

Torthaí beaga citris

 

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Satsúmaí

PA, PR

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Cleimintíní

PA, PR

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Torthaí beaga citris eile agus hibridí mandairín eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

 

Líomóidí agus líomaí aigéadacha

 

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

 

Pomalónna agus seadóga

 

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

 

Torthaí citris eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

Fíonchaora

 

PA, PR

MA, PA, PR

MA

OPA, OP

 

 

 

 

Fíonchaora le haghaidh fíonta

 

PA, PR

PA, PR

 

OPA, OP

 

 

 

 

 

Fíonchaora le haghaidh fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) acu

 

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Fíonchaora le haghaidh fíonta a bhfuil tásc geografach faoi chosaint (TGFC) acu

 

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

 

 

Fíonchaora le haghaidh fíonta eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile (nach bhfuil STFC/TGFC acu)

 

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

 

Fíonchaora boird

 

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

 

Fíonchaora le haghaidh rísíní

 

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

 

Fíonchaora chun críoch eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

Ológa

PA, PR

PA, PR

MA, PA, PR

MA

OPA, OP

 

 

 

 

Ológa boird

PA

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

 

Ológa le haghaidh ola

PA

PA, PR

PA, PR

 

 

 

 

 

Barra buana eile lena gcaitheamh ag an duine nach n-aicmítear in áit ar bith eile

 

PA, PR

MA

 

 

 

 

Plandlanna

 

 

MA

 

 

 

 

Barra buana eile

 

 

MA

 

 

Is é N an bhliain dá dtagraíonn na sonraí

MA

=

príomhlimistéar iomlán (1 000 ha)

PA

=

limistéar táirgthe iomlán (1 000 ha)

OPA

=

limistéar táirgthe orgánach deimhnithe (1 000 ha)

OMC

=

príomhlimistéar orgánach deimhnithe

OMU

=

an príomhlimistéar atá á thiontú go limistéar orgánach (1 000 ha)

OMA

=

príomhlimistéar atá deimhnithe nó atá á thiontú go limistéar orgánach (1 000 ha)

PR

=

táirgeadh buainte iomlán (1 000 tona)

OP

=

táirgeacht buainte orgánach deimhnithe (1 000 tona)

Tréimhse thagartha: Bliain an fhómhair

ROINN II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Limistéar táirgthe: tagraíonn sé sin don limistéar is féidir a bhuain go príomha le linn na bliana Fómhair tagartha.

Príomhlimistéar: Féach tacar sonraí i.1, roinn II

Táirgeadh buainte: Féach tacar sonraí i.1, roinn II

Limistéar orgánach deimhnithe: Féach tacar sonraí i.1, roinn II

Príomhlimistéar deimhnithe nó limistéar atá á thiontú go limistéar orgánach: Féach tacar sonraí i.1, roinn II

Táirgeadh buainte orgánach deimhnithe: Féach tacar sonraí i.1, roinn II

Ceanglais theicniúla a bhaineann leis na hathróga

Déantar achartháirgeacht barr a ríomh tríd an táirgeacht bhuana iomlán a roinnt ar an limistéar táirgthe iomlán. Déanfaidh Eurostat achartháirgeacht barr a ríomh ar bhonn na sonraí a tharchuirfear. Déanfar teagmhais a bhaineann leis an aimsir a mbíonn mórthionchar acu ar an táirgeadh buainte a thuairisciú don Choimisiún (Eurostat).

Luachanna tairsí tagartha maidir le díolúine tarchuir sonraí

Is iad seo a leanas na luachanna tairsí tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 5(2):

Athróg thagartha:

An rud a tháirgtear

Luach tairsí tagartha (1 000 tona)

Díolúine tarchuir

Úlla

150

30 Samhain bliain N

Piorraí

40

Péitseoga

90

Neachtairíní

80

Oráistí

300

Cleimintíní

140

Satsúmaí

120

Ológa

700


(1)  Féach roinn II mar a bhfuil na rialacha maidir le díolúine ó tharchur sonraí

(2)  Cuirtear na limistéir i dtacar sonraí i.2 agus i.3 san áireamh sa limistéar talmhaíochta a úsáidtear, seachas limistéar na mbeacán saothraithe i dtacar sonraí i.2

(3)  Cuirtear na limistéir i dtacar sonraí i.2 san áireamh i limistéar na talún arúla

(4)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(5)  Féach roinn II le haghaidh na rialacha maidir le díolúine tarchuir sonraí

(6)  Féach roinn II le haghaidh na rialacha maidir le díolúine tarchuir sonraí


IARSCRÍBHINN II

COMHARDUITHE BARR

TACAR SONRAÍ ii.1

Comharduithe gránach

Réimse:

b.

Staidreamh ar tháirgeadh barr

Topaic:

ii.

Comharduithe barr

Topaic mhionsonraithe:

ii.1

Comharduithe gránach

ROINN I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí soláthairtí, úsáidí agus stoic na bpríomh-ghránach agus na dtáirgí céadleibhéil a bheidh mar thoradh orthu sna Ballstáit le linn na tréimhse tagartha.

Saintréithe barr

Cruithneacht bhog agus speilt

Cruithneacht chrua

Seagal

Eorna

Coirce

Triteacál

Arbhar Indiach gráin agus meascán arbhair déise

An spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur

Deireadh na bliana margaíochta + 11 mhí

Saintréithe comharduithe

Soláthar

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

Táirgeacht buainte

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

 

Caillteanais agus diomailt ar ghabháltais talmhaíochta

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

Allmhairí

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

 

Allmhairí laistigh den Aontas

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

 

Allmhairí lasmuigh den Aontas

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

Stoc tosaigh ag tús na bliana margaíochta

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Úsáid

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

Úsáidí baile

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

 

Úsáidí baile – caitheamh ag an duine

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

 

Úsáidí baile – úsáid thionsclaíoch

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

 

 

Úsáidí baile – úsáid bitheatánóil thionsclaíoch, bithbhreosla nó bithgháis eile

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

 

Úsáidí baile – úsáidtear ina bhfoirm iomlán le haghaidh beatha ainmhithe

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

 

Úsáidí baile– síolta

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

 

Úsáidí baile - caillteanais

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

Onnmhairí

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

 

Onnmhairí laistigh den Aontas

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

 

Onnmhairí lasmuigh den Aontas

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

 

Stoic deiridh ag deireadh na bliana margaíochta

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

Q

=

Cainníocht (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

Tréimhse thagartha: Bliain mhargaíochta N (1 Iúil bliain N – 30 Meitheamh bliain N+ 1)

ROINN II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Tagraíonn cainníocht do chainníocht an bhairr, nó a choibhéis arna sloinneadh mar ghráin, a úsáidtear le haghaidh na hítime comhardaithe sa leibhéal cobhsaí bogthaise margaidh caighdeánaí sa tír.

TACAR SONRAÍ ii.2

Comharduithe olashíolta

Réimse:

b.

Staidreamh ar tháirgeadh barr

Topaic:

ii.

Comharduithe barr

Topaic mhionsonraithe:

ii.2

Comharduithe olashíolta

ROINN I

Inneachar sonraí

Cumhdófar sna sonraí soláthairtí, úsáidí agus stoic na bpríomh-olashíolta le linn na tréimhse tagartha sna Ballstáit

Saintréithe barr

Síol ráibe agus síol tornapa ráibe

Síol lus na gréine

Soighe

An spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur

Deireadh na bliana margaíochta + 11 mhí

Saintréithe comharduithe

Soláthar

Q

Q

Q

 

Táirgeacht buainte

Q

Q

Q

 

 

Caillteanais agus diomailt ar ghabháltais talmhaíochta

Q

Q

Q

 

Allmhairí

Q

Q

Q

 

 

Allmhairí laistigh den Aontas

Q

Q

Q

 

 

Allmhairí lasmuigh den Aontas

Q

Q

Q

 

Stoc tosaigh ag tús na bliana margaíochta

Q

Q

Q

Úsáid

Q

Q

Q

 

Úsáidí baile

Q

Q

Q

 

 

Úsáidí baile caitheamh ag an duine

Q

Q

Q

 

 

Úsáidí baile – úsáidtear ina bhfoirm iomlán le haghaidh beatha ainmhithe

Q

Q

Q

 

 

Úsáidí baile – brú

Q

Q

Q

 

 

 

Brú le haghaidh olaí – caitheamh ag an duine

Q

Q

Q

 

 

 

Brú le haghaidh olaí – bithbhreoslaí

Q

Q

Q

 

 

 

Brú le haghaidh olaí – úsáid thionsclaíoch eile

Q

Q

Q

 

 

Úsáidí baile síolta

Q

Q

Q

 

 

Úsáidí baile caillteanais

Q

Q

Q

 

Onnmhairí

Q

Q

Q

 

 

Onnmhairí laistigh den Aontas

Q

Q

Q

 

 

Onnmhairí lasmuigh den Aontas

Q

Q

Q

 

Stoic deiridh ag deireadh na bliana margaíochta

Q

Q

Q

Q

=

Cainníocht (1 000 tona) ar an leibhéal náisiúnta

Tréimhse thagartha: Bliain mhargaíochta N (1 Iúil bliain N – 30 Meitheamh bliain N+ 1).

ROINN II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Tagraíonn cainníocht do chainníocht an bhairr, nó a choibhéis arna sloinneadh mar shíolta, a úsáidtear le haghaidh na hítime comhardaithe sa leibhéal cobhsaí bogthaise margaidh caighdeánaí sa tír.


IARSCRÍBHINN III

FÉARTHAILTE

TACAR SONRAÍ iii.1

Bainistiú limistéar féaraigh

Réimse:

b.

Staidreamh ar tháirgeadh barr

Topaic:

iii.

Féarthailte

Topaic mhionsonraithe:

iii.1

Bainistiú féarthailte

ROINN I

Inneachar sonraí

Cumhdófar leis na sonraí na limistéir féarthailte buana agus sealadacha arna n-aicmiú de réir aoise, cumhdaigh agus bainistíochta sna Ballstáit le linn na tréimhse tagartha.

 

Limistéar iomlán

Limistéar iomlán a bhainistítear

Limistéar a bhainistítear agus a gcuirtear leasachán air

An spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur

30 Meán Fómhair bliain N+1

Saintréithe barr

 

Féarthailte buana (20 bliain agus níos mó)

MA, MAR

MA

MA

Féarthailte buana (idir 11 agus 19 mbliana)

MA, MAR

MA

MA

Féarthailte buana (6-10 mbliana)

MA, MAR

MA

MA

Féara sealadacha agus féaraigh shealadacha

MA, MAR

 

 

 

Aois 1-3 bliana

MA, MAR

 

 

 

Aois 4-5 bliana

MA, MAR

 

 

An cion de na féarthailte buana iomlána ina bhfuil

 

 

 

 

Clúdach crann/tor

MA, MAR

 

 

 

Limistéir agrafhoraoiseachta bainistithe

MA, MAR

 

 

Aonaid tomhais

MA

=

príomhlimistéar iomlán (1 000 ha)

MAR

=

príomhlimistéar ar an leibhéal réigiúnach

Minicíocht

:

Blianta dar críoch 0, 3 nó 6

Tréimhse thagartha

:

Bliain féilire

ROINN II

Tuairisc ar na haonaid tomhais

Príomhlimistéar: féach tacar sonraí i.1


IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS BHEACHTAIS

Sonraí a bhaileofar le haghaidh sampla agus a eachtarshuitear chuig daonra staitistiúil iomlán tacair sonraí, comhlíonfaidh siad na ceanglais bheachtais a leagtar amach i dTábla 1.

Tá feidhm ag na ceanglais bheachtais maidir le tarchur deiridh na meastachán náisiúnta le haghaidh athróga sonracha a bhaineann leis na tacair sonraí a liostaítear i dTábla 1.

Tagraíonn na hathróga do na príomhréimsí ar an leibhéal náisiúnta.

Sainmhínítear na daonraí ábhartha sa chéad cholún de Thábla 1.

Tábla 1.

Ceanglais bheachtais

Daonra ábhartha

Athróg arb infheidhme ceanglais bheachtais maidir léi

Earráid chaighdeánach choibhneasta

Tacar sonraí: Barra curaíochta agus féarthailte buana

Na gabháltais talmhaíochta a bhfuil an athróg ábhartha ag baint leo

Príomhlimistéir gránach le haghaidh táirgeadh gráin

3  %

Príomhlimistéir piseánach tirim agus barra próitéine le haghaidh táirgeadh gráin

Príomhlimistéir barr fréimhe

Príomhlimistéir barr tionsclaíoch

Príomhlimistéir plandaí arna mbuain glas de thalamh arúil

Príomhlimistéir féarthailte buana

Tacar sonraí: Gairneoireacht seachas barra buana

Na gabháltais talmhaíochta a bhfuil táirgeadh gairneoireachta acu seachas barra buana.

Príomhlimistéir glasraí úra (lena n-áirítear mealbhacáin) agus sútha talún

3  %

Tacar sonraí: Barra buana

Na gabháltais talmhaíochta a bhfuil barra buana iontu.

Príomhlimistéir barr buan

3  %


IARSCRÍBHINN V

TUAIRISCÍ

Bliain an fhómhair

An bhliain féilire ina gcuirtear tús leis an bhfómhar, lena n-áirítear an tréimhse ina ndéantar na bearta ullmhúcháin go léir (amhail saothrú, plandáil, agus leasacháin agus táirgí cosanta plandaí a chur) chun an fómhar sin a áirithiú, le linn na bliana féilire roimhe sin freisin.


Limistéar talmhaíochta a úsáidtear seachas gairdíní cistine

An limistéar iomlán a úsáidtear mar thalamh arúil, féarthailte buana, agus le haghaidh barra buana.

Talamh arúil

Talamh a oibrítear (é treafa nó curtha) agus/nó a phlandáiltear go rialta, faoi chóras uainíochta barr go ginearálta.

Barra geimhridh

Barra a chuirtear roimh an ngeimhreadh nó le linn an gheimhridh.

Barra earraigh

Barra a chuirtear san earrach.

Gránaigh le haghaidh táirgeadh gráin (síol san áireamh)

Na gránaigh uile arna mbuain tirim le haghaidh gráin, gan beann ar an úsáid a bhaintear astu.

Cruithneacht agus speilt

Triticum aestivum L. emend. Fiori et Paol., Triticum spelta L., Triticum monococcum L, agus Triticum durum Desf.

Cruithneacht bhog agus speilt

Triticum aestivum L. emend. Fiori et Paol., Triticum spelta L. agus Triticum monococcum L. agus speicis eile den fhine Triticum a fhástar le haghaidh cáilíochtaí comhchosúla.

Cruithneacht chrua

Triticum durum Desf.

Seagal

Secale cereale L.

Meascáin de ghránaigh gheimhridh (maislín)

Meascáin de sheagal agus de ghránaigh eile agus meascáin eile de ghránaigh a chuirtear roimh an ngeimhreadh (maislín) nó lena linn.

Eorna

Hordeum vulgare L.

Coirce

Avena sativa L.

Meascáin de ghránaigh earraigh (grán measctha seachas maislin)

Gránaigh a chuirtear san earrach agus a fhástar mar mheascáin.

Arbhar Indiach gráin agus meascán arbhair déise

Zea mays L. a bhuantar le haghaidh gráin, mar shíol nó mar mheascán arbhair déise

Triteacál

x Triticosecale Wittmack.

Sorgam

Sorghum bicolor (L.) Conrad Moench nó Sorghum x sudanense (Piper) Stapf.

Rís

Oryza sativa L.

Rís Indica

Oryza sativa ssp. indica

Rís Japonica

Oryza sativa ssp. japonica

Gránaigh eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Gránaigh arna mbuain tirim le haghaidh gráin agus nach bhfuil taifead orthu faoi ítimí roimhe seo, amhail muiléad (Panicum miliaceum L.), síolta éan (Phalaris canariensis L.) agus gránaigh eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile.

Bréag-ghránaigh

Plandaí a tháirgeann torthaí nó síolta, a úsáidtear agus a chaitear mar ghráin, cé nach féara ná gránaigh fhíora iad de réir sainmhíniú luibheolaíoch.

Ruán

Fagopyrum esculentum Mill.

Cuineo

Chenopodium quinoa Willd.

Bréag-ghránaigh eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Bréag-ghránaigh nach n-aicmítear in áit ar bith eile.

Piseánaigh tirime agus barra próitéine le haghaidh táirgeadh gráin

Gach piseánach tirim agus barra próitéine a bhuantar agus iad tirim le haghaidh gráin, gan beann ar a n-úsáid.

Piseanna machaire

Gach cineál piseanna machaire (Pisum sativum L. convar. sativumPisum sativum L. convar. arvense L. nó convar. speciosum) a bhuantar agus iad tirim.

Pónairí leathana agus pónairí machaire

Gach cineál pónairí leathana nó pónairí machaire (Vicia faba L. (partim)) a bhuantar agus iad tirim.

Lúipíní milse

Gach lúipín mhilse (Lupinus sp.) a bhuantar agus iad tirim le haghaidh gráin.

Lintilí

Lens culinaris Medikus.

Sicphiseánaigh

Cicer arietinum L.

Peasairí

Vicia sativa subsp. Sativa L a bhuantar agus iad tirim le haghaidh gráin.

Piseánaigh thirime agus barra próitéine eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Piseánaigh thirime agus barra próitéine a bhuantar agus iad tirim le haghaidh gráin, nach bhfuil taifead orthu in aon áit eile faoi ítimí roimhe seo.

Barra fréimhe

Barra a shaothraítear dá bhfréamh, dá dtiúbar nó a ngas modhnaithe. Ní áirítear san ítim glasraí fréimhe, glasraí tiúbair ná glasraí bleibe amhail cairéid, biatas nó svaeideanna, i measc nithe eile.

Prátaí (lena n-áirítear prátaí síl)

Solanum tuberosum L.

Biatas siúcra (seachas síol)

Béite vulgaris L. subsp. vulgaris var. altissima Döll, beartaithe go príomha do thionscal an tsiúcra agus do tháirgeadh alcóil.

Barra fréimhe eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Biatas farae (Beta vulgaris L.) agus plandaí den fhine Brassicae a bhuantar go príomha le haghaidh beatha ainmhithe, gan beann ar cé acu an fréamhacha nó gais iad, agus plandaí eile a shaothraítear go príomha dá bhfréamhacha le haghaidh farae, nach n-aicmítear in áit ar bith eile.

Barra tionsclaíocha

Barra tionsclaíocha, nach ndíoltar go díreach de ghnáth lena gcaitheamh toisc gur gá iad a phróiseáil go tionsclaíoch roimh a n-úsáid deiridh.

Olashíolta

Barra a fhástar go príomha le haghaidh a n-ábhar ola.

Síol ráibe agus síol tornapa ráibe

Ráib (Brassica napus L.) agus ráib tornapa (Brassica rapa L. var. oleifera (Lam.)) a fhástar chun ola a tháirgeadh agus a bhuantar agus iad ina ngráin thirime.

Síol lus na gréine

Helianthus annuus L., a bhuantar agus iad ina ngráin thirime.

Soighe

Glicín max L. Merril, a lománaíodh mar ghráin thirim, gan beann ar úsáid.

Ros lín (líon ola)

Cineálacha rois lín (líon) (Linum usitatissimum L.), a fhástar go príomha chun ola a tháirgeadh, agus a bhuantar agus iad ina ngráin thirime.

Barra olashíl eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Barra eile a fhástar go príomha dá gcion ola, a bhuantar agus iad ina ngráin thirime, nach n-aicmítear in áit ar bith eile.

Barra snáithín

Barra a fhástar go príomha le haghaidh a n-ábhar snáithíneach.

Snáithín lín

Cineálacha lín (rós lín) (Linum usitatissimum L.), a fhástar go príomha chun snáithín a tháirgeadh.

Cnáib

Cannabis sativa L. a fhástar le haghaidh tuí agus úsáidí tionsclaíocha eile den chineál céanna.

Cadás

Gossypium spp., a bhuantar le haghaidh úsáid snáithíní agus/nó olashíl.

Barra snáithín eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Plandaí eile a fhástar go príomha dá gcion snáithín, nach n-aicmítear in áit ar bith eile, amhail siúit (Corchorus capsularis L.), abacá alias Mhainile (Musa textilis Née), siseal (Agave sisalana Perrine), agus ceineaf (Hibiscus cannabinus L.).

Tobac

Nicotiana tabacum L. a fhástar le haghaidh duilleoga

Leannlusanna

Humulus lupulus L. a fhástar le haghaidh buaircíní síolta.

Plandaí aramatacha, plandaí míochaine agus plandaí cócaireachta

Plandaí aramatacha, míochaineacha agus cócaireachta, a shaothraítear chun críoch cógaisíochta, chun cumhráin a mhonarú nó lena gcaitheamh ag an duine.

Barra fuinnimh nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Barra a úsáidtear go heisiach chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, nach n-aicmítear in áit ar bith eile, agus a shaothraítear ar thalamh arúil.

Barra tionsclaíocha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Barra tionsclaíocha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile.

Plandaí arna mbuain glas de thalamh arúil

Na barra talún arúla uile atá glas tráth a bhuantar iad agus a bhfuil sé beartaithe go príomha iad a úsáid le haghaidh beatha ainmhithe, foráiste nó táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, is é sin gránaigh, féara, plandaí léagúmacha nó tionsclaíocha agus barra eile talún arúla atá ‘glas’ tráth a bhuantar agus a úsáidtear iad.

Féara sealadacha agus féaraigh shealadacha

Plandaí féir le haghaidh innilte, féar tirim nó sadhlais a chuimsítear i ngnáthuainíocht na mbarr, ar nithe iad a mhaireann bliain amháin ar a laghad agus níos lú ná 5 bliana de ghnáth, arna gcur le féar nó le meascáin féir nó féir.

Plandaí léagúmacha arna mbuain glas

Plandaí léagúmacha arna bhfás agus arna mbuain glas mar phlanda iomlán le haghaidh farae go príomha nó lena n-úsáid mar fhuinneamh. Áirítear meascáin de bharra agus de phlandaí féir atá léagúmacha den chuid is mó (de ghnáth > 80 % de léagúim), arna mbuain glas nó arna dtriomú mar fhéar tirim.

Meidic na mbó

Medicago spp. a shaothraítear ina aonar nó i meascán le céatadán ard.

Meascáin féar léagúmach

Féarthailte sealadacha a chuirtear le meascán de léagúim féir agus foráiste (de ghnáth < 80 % de léagúim), arna mbuain glas nó arna dtriomú mar fhéar tirim.

Plandaí léagúmacha eile arna mbuain glas agus nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Plandaí léagúmacha eile arna mbuain glas go príomha le haghaidh farae, nó le haghaidh úsáid fuinnimh.

Arbhar Indiach glas

Zea mays L. a fhástar go príomha le haghaidh sadhlais (an dias iomlán, codanna di nó an planda ina iomlán) agus nár buaineadh le haghaidh gráin.

Gránaigh eile arna mbuain glas (seachas arbhar Indiach glas)

Na gránaigh uile (seachas arbhar Indiach) arna bhfás agus arna mbuain glas ina bplanda iomlán a úsáidtear le haghaidh farae nó chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh (bithmhais a tháirgeadh).

Plandaí eile arna mbuain glas de thalamh arúil agus nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Barra eile bliantúla nó ilbhliantúla (níos lú ná 5 bliana) a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid go príomha le haghaidh farae ainmhithe arna mbuain glas. Agus fuílleach na mbarr nach n-aicmítear áit ar bith eile nuair a scriosadh an príomhbhuaint, ach a bhféadfaí na hiarmhair a úsáid fós (mar fharae, nó mar fhuinneamh in-athnuaite).

Síolta agus síolphlandaí

Limistéir ina dtáirgtear síolta barra fréimhe (seachas prátaí agus plandaí eile ina n-úsáidtear na fréamhacha mar shíolta chomh maith), barra farae, féara, barra tionsclaíocha (seachas olashíolta) agus síolta agus síológa glasraí agus bláthanna.

Talamh branair

Talamh arúil a chuimsítear i gcóras uainíocht na mbarr nó a choinnítear i ndea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC), bíodh sé oibrithe nó ná bíodh, ach nach mbuainfear ar feadh bliain Fómhair amháin. Is í an tsaintréith riachtanach atá ag talamh branair go bhfágtar é lena athshlánú, de ghnáth ar feadh bliain Fómhair ar fad. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i dtalamh branair:

(i)

talamh lom gan bharra ar bith air; nó

(ii)

talamh le fás nádúrtha spontáineach agus a fhéadfar é a úsáid mar bheatha nó a threabhadh ann; nó

(iii)

talamh a chuirtear go heisiach chun aoileach glas a tháirgeadh (talamh branair glas).

Barra eile talún arúla nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Barra curaíochta nach n-aicmítear in aon áit eile

Féarthalamh buan

Talamh a úsáidtear go buan (ar feadh roinnt blianta as a chéile, 5 bliana nó níos mó de ghnáth) chun farae luibheach, foráiste nó barra chun críoch fhuinnimh a fhás trína shaothrú (é curtha) nó go nádúrtha (é féinsíolaithe), agus nach n-áirítear in uainíocht na mbarr ar an ngabháltas talmhaíochta. Is féidir féarthailte a úsáid le haghaidh innilte, iad a lomadh le haghaidh sadhlais agus féar tirim agus iad a úsáid chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh.

Féaraigh bhuana agus móinéir bhuana, seachas féaraigh gharbha

Féarach buan ar ithreacha ar dhea-cháilíocht nó meáncháilíocht is féidir a úsáid de ghnáth le haghaidh dianinnilte.

Féaraigh gharbha bhuana

Féarthailte buana a mbíonn toradh íseal orthu, ar ithir ar cháilíocht íseal de ghnáth, mar shampla ar thalamh cnocach agus ag airdí arda, nach bhfeabhsaítear de ghnáth le leasachán, saothrú, athshíolú ná draenáil. De ghnáth, ní féidir na limistéir seo a úsáid ach amháin d’innilt fhairsing agus ní gnách iad a lomadh nó a lomadh ar bhealach fairsing toisc nach féidir leo tacú le líon mór ainmhithe.

Féarthailte buana nach n-úsáidtear a thuilleadh le haghaidh táirgthe agus atá incháilithe d’íocaíocht fóirdheontas

Féarthailte buana agus de mhóinéir bhuana nach n-úsáidtear a thuilleadh chun críoch táirgthe, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 nó, i gcás inarb infheidhme, leis an reachtaíocht is déanaí, agus a choinnítear i riocht atá oiriúnach don innilt nó don saothrú gan aon ghníomhaíocht ullmhúcháin a dhéanamh sa bhreis ar úsáid gnáthmhodhanna agus innealra talmhaíochta agus atá incháilithe do thacaíocht airgeadais.


Glasraí úra (mealbhacáin san áireamh) agus sútha talún

Na Brasacaigh uile, na glasraí duilleacha agus gais uile, na glasraí uile a shaothraítear le haghaidh torthaí, na glasraí fréimhe, tiúbair agus bleibe uile, an piseánach úr uile, na glasraí eile uile a bhuantar agus iad úr (gan bheith tirim) agus na sútha talún uile. Tagraíonn sé do ghlasraí agus sútha talún a fhástar ar thalamh arúil lasmuigh agus iad ar uainíocht le barra talmhaíochta nó gairneoireachta eile agus do ghlasraí agus sútha talún a fhástar faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana.

Glasraí úra (mealbhacáin san áireamh)

Na Brasacaigh uile, na glasraí duilleacha agus gais uile, na glasraí uile a shaothraítear le haghaidh torthaí, na glasraí fréimhe, tiúbair agus bleibe uile, an piseánach úr uile, na glasraí eile uile a bhuantar agus iad úr (gan bheith tirim).

Brasacaigh

Gach brasacach a saothraítear le haghaidh duilleoga, gais, bláthra, bachlóga chomh maith le fréamhacha agus tiúbair glasraí, a bhuantar úr (gan bheith tirim).

Cóilis agus brocailí

Cóilis (Brassica oleracea L. convar. Botrytis (L.)), Brocailí (Brassica oleracea L. var. botrytis subvar. cymos), Cóilis glas (cineál glas cóilise), Mionbhrocailí, Brocailí Síneach, Cál Síneach nó kailaan (hibrid brocailí agus gai lan (Brassica oleracea L. var. alboglabra)), brocailí Romanesco (Brassica oleracea convar. Botrytis var. botrytis) san áireamh.

Bachlóga Bruiséile

Brassica oleracea L. var. Gemmifera DC.

Cabáistí

Áirítear leis sin cabáiste bán (Brassica oleracea L. var. oleracea), cabáiste bioreach (Brassica oleracea L. convar. capitata Alef. var. alba DC), cabáiste dearg (Brassica oleracea L. convar. capitata Alef. Var. capitata L. f. rubra), cabáiste saváí (Brassica oleracea L. convar. capitata Alef. var. sabauda L.).

Brasacaigh eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Gach brasacach eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Glasraí duilleacha agus glasraí gasacha (seachas brasacaigh)

Na glasraí duilleacha nó glasraí gasacha uile (seachas brasacaigh): cainneanna, soilire, leitísí, searbháin, spionáiste, asparagas, siocaire, bliosáin agus glasraí duilleacha nó gaisithe eile.

Cainneanna

Allium porrum L agus speicis eile den fhine Allium a fhástar le haghaidh cáilíochtaí comhchosúla.

Soilire

Apium graveolens var. Dulce (Mill.) Pers.

Leitísí

Lactuca spp.

Eindíbhí

Searbháin (Cichorium endivia L. var. crispum Lam.) agus scaról (Cichorium endivia L. var. latifolium Lam.).

Spionáiste

Spinacia oleracea L.

Lus súgach

Asparagus officinalis L.

Siocairí

Cineálacha siocaire (Cichorium intybus L.) le haghaidh sailéad agus le haghaidh ionúilin nó caife a phróiseáil.

Bliosáin

Cynara scolymus L.

Glasraí duilleacha nó gasacha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Glasraí duilleacha nó gasacha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Glasraí a shaothraítear le haghaidh torthaí (lena n-áirítear mealbhacáin)

Na Glasraí uile a shaothraítear le haghaidh torthaí: trátaí, cúcamair, gircíní, ubhthorthaí, cúirséid agus mearóga, guird agus puimcíní, cantalúip agus mealbhacáin uisce, piobair (Capsicum spp.) agus glasraí eile a shaothraítear le haghaidh torthaí.

Trátaí

Na trátaí uile (Solanum lycopersicon L. Syn. Lycopersicon lycopersicum (L.) H. Karst. Syn. Lycopersicon esculentum Mill.).

Cúcamair & gircíní

Cúcamair (Cucumis sativus L.), lena n-áirítear na saothraithe sonracha a úsáidtear go ginearálta le haghaidh cúcamar picilte (gircíní). Áirítear gircíní leadán Thiar Indiach agus gircíní (Cucumis anguria L.).

Ubhthorthaí

Solanum melongena L.

Cúirséid agus mearóga

Cineálacha cúirséid agus mearóga (Cucurbita pepo L. ssp. Pepo).

Guird agus puimcíní

Cineálacha guird (Cucurbita moschata Duchesne) agus puimcíní (Curcubita maxima spp.) atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine.

Mealbhacáin

Cucumis melo L.

Mealbhacáin uisce

Citrullus lanatus (Thunb.) Matsum. & Nakai.

Piobair

Gach piobar (milis) (Capsicum annuum L.) agus piobair sillí (Capsicum frutescens L.).

Glasraí eile a shaothraítear le haghaidh torthaí agus nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Glasraí eile a shaothraítear le haghaidh torthaí lena gcaitheamh ag an duine, nach n-aicmítear in aon áit eile.

Glasraí fréimhe, tiúbair agus bleibín

Gach glasra ar tiúbair, fréimhe nó bleibíní iad Meacain dhearga, oinniúin, seallóidí, biatas, soiliriac, raidisí, gairleog agus glasraí fréimhe, tiúbair agus bleibíní eile.

Meacain dhearga

Daucus carota L. ssp. sativus (Hoffm.) Hayek.

Oinniúin agus seallóidí

Oinniún coiteann (Allium cepa L.), cainneann fhiáin (Allium ampeloprasum L.), oinniún gallda (Allium fistulosum L.) agus seallóid (Allium ascalonicum L.) agus speicis eile d’fhine Allium a fhástar le haghaidh cáilíochtaí comhchosúla.

Biatas

Beta vulgaris L. var. conditiva Alef.

Soiliriac

Apium graveolens L. var. rapaceum.

Raidisí

Gach raid (Raphanus sativus L.), a bhuantar agus a úsáidtear mar ghlasraí.

Gairleog

Allium sativum L.

Glasraí fréimhe, tiúbair agus bleibín eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Glasraí fréimhe, tiúbair agus bleibíní lena gcaitheamh ag an duine, nach n-aicmítear in aon áit eile.

Piseánaigh úra

Gach piseánach úr, amhail piseanna, pónairí agus piseánaigh úra eile lena gcaitheamh ag an duine.

Piseanna úra

Gach pis (Pisum sativum L. (partim)) a bhuantar agus iad úr lena gcaitheamh ag an duine.

Pónairí úra

Pónairí coiteanna agus pónairí reatha (Phaseolus spp.) agus pónaire mung, piseanna bó agus pónairí mungó (Vigna spp.) a bhuantar agus iad úr lena gcaitheamh ag an duine.

Piseánaigh úra eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Piseánaigh úra lena gcaitheamh ag an duine nach n-aicmítear in aon áit eile.

Glasraí úra eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Na glasraí úra eile go léir atá lena gcaitheamh ag an duine nach n-aicmítear in aon áit eile.

Sútha talún

Fragaria spp.

Bláthanna agus plandaí ornáideacha (seachas plandlanna)

Na bláthanna agus na plandaí ornáideacha uile a bheartaítear a dhíol mar bhláthanna gearrtha, mar bhláthanna potaithe, ceapaí agus balcóin agus mar bhláthanna bleibíní agus cormáin agus plandaí ornáideacha eile.

Beacáin shaothraithe

Beacáin shaothraithe a fhástar i bhfoirgnimh a tógadh nó a oiriúnaíodh go speisialta chuige sin, agus in áitribh, uaimheanna agus siléir faoi thalamh.

Beacáin coiteann

Beacáin bhoird (Agaricus bisporus L.).

Beacáin shaothraithe eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Beacáin shaothraithe eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile


Barra buana

Na crainn torthaí uile, na crainn torthaí citris uile, na crainn cnónna uile, na plandálacha caor uile, na fíonghoirt uile, na crainn ológ uile agus na barra buana eile a úsáidtear mar bhia don duine (e.g. tae, caife nó carúb) agus chun críoch eile (e.g. plandlanna, crainn Nollag nó plandaí lena gcur agus lena sníomh amhail pailm ratáin nó bambú).

Barra buana lena gcaitheamh ag an duine

Na crainn torthaí uile, na crainn torthaí citris uile, na crainn cnónna uile, na plandálacha caor uile, na fíonghoirt uile, na crainn ológ uile agus na barra buana eile a úsáidtear mar bhia don duine (e.g. tae, caife nó carúb).

Torthaí, caora agus cnónna (seachas torthaí citris, fíonchaora agus sútha talún)

Úlloird torthaí póma, clochthorthaí, caor, cnónna agus torthaí ó chriosanna aeráide trópaiceacha agus fothrópaiceacha.

Torthaí ó chriosanna aeráide measartha

Úlloird torthaí póma, clochthorthaí, caor agus cnónna, seachas torthaí ó chriosanna aeráide trópaiceacha agus fothrópaiceacha.

Torthaí póma

Torthaí póma amhail úlla (Malus spp.), piorraí (Pyrus spp.), cainchí (Cydonia oblonga Mill.) nó torthaí ón meispeal Gearmánach (Mespilus germanica, L.)

Úlla

Malus pumila Miller syn. Malus domestica (Borkh.) Borkh.

Piorraí

Pyrus communis L.

Torthaí póma eile nach n-aicmítear in aon áit eile

Torthaí póma nach n-aicmítear in aon áit eile.

Clochthorthaí

Clochthorthaí, amhail péitseoga agus neachtairíní (Prunus persica (L.) Batch), aibreoga (Prunus armeniaca L. agus cinn eile), silíní milse agus searbha (Prunus avium L., P. cerasus), plumaí (Prunus domestica L. agus cinn eile) agus clochthorthaí eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile amhail draighean/draighean donn(Prunus spinosa L.) nó locuatanna (Eriobotrya japonica (Thunb.) Lindl.).

Péitseoga

Prunus persica (L.) Batch.

Neachtairíní

Prunus persica (L.) Batsch. var. nucipersica.

Aibreoga

Prunus armeniaca L.

Silíní

Silíní milis (Prunus avium L.) agus silíní searbha (Prunus cerasus L.)

Silíní milse

Prunus avium L.

Silíní searbha

Prunus cerasus L.

Plumaí

Prunus domestica L.

Clochthorthaí eile nach n-aicmítear in aon áit eile

Clochthorthaí nach n-aicmítear in aon áit eile.

Torthaí ó chriosanna aeráide fothrópaiceacha agus trópaiceacha

Na torthaí uile ó chriosanna aeráide fothrópaiceacha agus trópaiceacha, amhail figí (Ficus carica L.), cíobhaíonna (Actinidia chinensis Planch.), abhacáid (Persea americana Mill.) nó bananaí (Musa spp.).

Figí

Ficus carica L.

Cíobhaíonna

Actinidia chinensis Planch.

Abhacáid

Persea americana Mill.

Bananaí

Musa spp.

Torthaí eile ó chriosanna aeráide fothrópaiceacha agus ó chriosanna aeráide trópaiceacha nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Torthaí ó chriosanna aeráide fothrópaiceacha agus trópaiceacha nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Caora (seachas sútha talún)

Na caora saothraithe eile amhail cuiríní dubha (Ribes nigrum L.), cuiríní dearga (Ribes rubrum L.), sútha craobh (Rubus idaeus L.) agus fraocháin ghorma (Vaccinium corymbosum L.).

Cuiríní dubha

Ribes nigrum L.

Cuiríní dearga

Ribes rubrum L., an cineál bán san áireamh freisin.

Sútha craobh

Rubus idaeus L.

Fraocháin

Vaccinium corymbosum L.

Caora eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Caora eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile.

Cnónna

Gach crann cnó: Gallchnónna, cnónna coill, almóinní, crón agus cnónna eile.

Gallchnónna

Juglans regia L.

Collchnónna

Corylus avellana L.

Almóinní

Prunus dulcis (Mill.) D.A.Webb.

Castáin

Castanea sativa Mill.

Cnónna eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Cnónna nach n-aicmítear in aon áit eile.

Torthaí citris

Torthaí citris (Citrus spp.): oráistí, torthaí citris beaga, líomóidí, líomaí, pomalónna, seadóga agus torthaí citris eile.

Oráistí

Oráistí, lena n-áirítear cineálacha an imleacáin, na cineálacha bána agus na cineálacha craoraga (Citrus sinensis (L.) Osbeck) agus Oráistí Sevilla (Citrus aurantium L.).

Torthaí beaga citris

Na torthaí citris beaga uile.

Cleimintíní

Citris x clementina.

Satsúmaí

Citrus unshiu var. owari, clausellina, planellina, etc.

Torthaí citris beaga eile agus hibridí mandairín eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Na torthaí citris beaga uile eile nach n-aicmítear in aon áit eile.

Líomóidí agus líomaí aigéadacha

Citrus limon (L.) Burm.f., C. jambhiri Lush., C. meyeri Yu. Tanaka, C. pseudolimon Tanaka nó hibridí a tuismíodh ó cheann díobh sin.

Pomalónna agus seadóga

Pomalónna (Citrus maxima (Merr., Burm. f.)) agus seadóga (Citrus paradisi (Macfad.)).

Torthaí citris eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Torthaí citris nach n-aicmítear in áit ar bith eile.

Fíonchaora

Vitis vinifera L., a úsáidtear chun gach críche.

Fíonchaora le haghaidh fíonta

Cineálacha fíonchaor a fhástar de ghnáth chun sú, úrfhíon agus/nó fíon a tháirgeadh.

Fíonchaora le haghaidh fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) acu

Cineálacha fíonchaor a fhástar de ghnáth chun fíon a tháirgeadh a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint acu agus a chomhlíonann ceanglais (i) Rialachán (CE) Uimh. 491/2009 2 ón gComhairle nó, i gcás inarb infheidhme, ceanglais na reachtaíochta is déanaí agus (ii) na rialacha náisiúnta comhfhreagracha.

Fíonchaora le haghaidh fíonta a bhfuil tásc geografach faoi chosaint (TGFC) acu

Cineálacha fíonchaor a fhástar de ghnáth chun fíon a tháirgeadh a bhfuil tásc geografach faoi chosaint acu agus a chomhlíonann ceanglais (i) Rialachán (CE) Uimh. 491/2009 nó, i gcás inarb infheidhme, ceanglais na reachtaíochta is déanaí agus (ii) na rialacha náisiúnta comhfhreagracha.

Fíonchaora le haghaidh fíonta eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile (nach bhfuil STFC/TGFC acu)

Cineálacha fíonchaor a fhástar de ghnáth chun fíonta seachas fíonta STFC agus TGFC a tháirgeadh.

Fíonchaora boird

Cineálacha fíonchaor a fhástar de ghnáth chun fíonchaora úra a tháirgeadh.

Fíonchaora le haghaidh rísíní

Cineálacha fíonchaor a fhástar de ghnáth chun rísíní a tháirgeadh.

Fíonchaora chun críoch eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Cineálacha fíonchaora chun críocha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile (críocha seachas fíonta, sú, úrfhíonta, úsáid boird ná rísíní).

Ológa

Crainn ológ (Olea europaea L.) a fhástar chun ológa a tháirgeadh.

Ológa boird

Crainn olóige chun ológa boird a tháirgeadh.

Ológa le haghaidh ola

Crainn olóige chun ola olóige a tháirgeadh.

Barra buana eile lena gcaitheamh ag an duine nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Barra buana lena gcaitheamh ag an duine nach n-aicmítear in áit ar bith eile.

Plandlanna

Limistéir ina mbíonn plandaí óga ligneacha (adhmadacha) ag fás faoin aer, plandaí a thrasphlandaítear ina dhiaidh sin.

Barra buana eile

Barra buana nach n-aicmítear in áit ar bith eile, plandaí trilseánaithe agus plandaí caoladóireachta (a bhuantar gach bliain de ghnáth) agus crainn a chuirtear le haghaidh crainn Nollag ar an limistéar talmhaíochta a úsáidtear.

Comharduithe barr

Táirgí céadleibhéil

Táirgí a eascraíonn as an gcéad phróiseáil ar tháirge neamhphróiseáilte (amh) sa staid bhunaidh, amhail plúr.

Caillteanais agus diomailt ar ghabháltais talmhaíochta

Caillteanais a tharlaíonn tar éis na buana, i.e. sa stóras nó le linn ullmhú le haghaidh díola, e.g. sórtáil.

Allmhairí laistigh den Aontas

Méid na n-allmhairí laistigh den Aontas de na táirgí barr.

Allmhairí lasmuigh den Aontas

Méid na n-allmhairí lasmuigh den Aontas de na táirgí barr.

Stoc tosaigh

Na táirgí barr uile (gránaigh agus olashíolta i gcoibhéis gráin) atá ar fáil ar an bhfeirm nó ar an margadh ag tús na bliana margaíochta barr (1 Iúil bliain N).

Stoc deiridh

Na táirgí barr uile (gránaigh agus olashíolta i gcoibhéis gráin) atá ar fáil sa stoc ag deireadh na bliana margaíochta barr (30 Meitheamh bliain N+ 1) atá cothrom le stoc tosaigh na chéad tréimhse tagartha eile.

Úsáidí baile

Na húsáidí féideartha uile a bhaintear táirgí barr (seachas onnmhairí agus stoc deiridh) sa limistéar tagartha le linn na tréimhse tagartha.

Úsáidí baile - caitheamh ag an duine

Cainníochtaí táirgí barr amh nó próiseáilte a úsáidtear lena gcaitheamh ag an duine sa limistéar tagartha agus le linn na tréimhse tagartha, cé is moite de chainníochtaí olashíolta a úsáidtear lena mbrú le haghaidh olaí lena gcaitheamh ag an duine.

Úsáidí baile – úsáid thionsclaíoch

Cainníocht táirgí barr a úsáideann an tionscal chun táirgí tionsclaíocha a tháirgeadh cé is moite de na táirgí sin atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, seachas cainníochtaí olashíolta a úsáidtear lena mbrú le haghaidh olaí lena gcaitheamh ag an duine.

Úsáidí baile – úsáid bitheatánóil thionsclaíoch, bithbhreosla nó bithgháis eile

Cainníochtaí táirgí barr a úsáideann an tionscal chun bitheatánól nó bithbhreoslaí eile nó bithghás a tháirgeadh.

Úsáidí baile – úsáidtear ina bhfoirm iomlán le haghaidh beatha ainmhithe

Cainníochtaí táirgí barr (amh nó próiseáilte) a úsáidtear le haghaidh beatha dhíreach ainmhithe ar an bhfeirm nó atá á n-úsáid ag tionscal na n-ábhar beatha, seachas seachtháirgí ó phróisis thionsclaíocha eile (e.g. cácaí olashíolta).

Úsáidí baile – síolta

Cainníochtaí síolta a úsáidtear le haghaidh síolú le linn an chéad timthrialla táirgthe eile.

Úsáidí baile – caillteanais

Caillteanais a tharlaíonn le linn úsáid táirgí barr lena gcaitheamh ag an duine, úsáid thionsclaíoch, beatha ainmhithe agus síolta.

Úsáidí baile – brú

Na cainníochtaí olashíolta a úsáidtear le haghaidh brú (próiseáil) chun olaí plandúla agus cácaí a tháirgeadh.

Brú le haghaidh olaí – caitheamh ag an duine

Na cainníochtaí olashíolta a úsáidtear le haghaidh brú (próiseáil) chun olaí plandúla a tháirgeadh lena gcaitheamh ag an duine, seachas cainníochtaí a úsáidtear lena gcaitheamh ag an duine gan iad a bhrú.

Brú le haghaidh olaí - bithbhreoslaí

Na cainníochtaí olashíolta a úsáidtear le haghaidh brú (próiseáil) chun olaí plandúla a tháirgeadh le haghaidh úsáidí tionsclaíocha le haghaidh bithbhreoslaí.

Brú le haghaidh olaí – úsáid thionsclaíoch eile

Na cainníochtaí olashíolta a úsáidtear le haghaidh brú (próiseáil) chun olaí plandúla a tháirgeadh le haghaidh úsáidí tionsclaíocha seachas bithbhreoslaí.

Onnmhairí laistigh den Aontas

Méid na n-onnmhairí laistigh den Aontas de na táirgí barr.

Onnmhairí lasmuigh den Aontas

Méid na n-onnmhairí lasmuigh den Aontas de na táirgí barr.

Féarthailte agus féarach

Féarthailte

Limistéir talmhaíochta a chumhdaítear le plandaí féir den chuid is mó, chun farae luibheach, foráiste nó barra a bhfuil cuspóir fuinnimh acu a fhás, gan beann ar aois.

Féarthailte buana bainistithe

Féarthailte buana a bhainistítear go rialta (ní gá go mbeadh sé á dhéanamh gach bliain) trí tháirgí cosanta plandaí a athshíolú, a uisciú, a thoirchiú nó a chóireáil le táirgí cosanta plandaí mar chuid de na pleananna bainistíochta fadtéarmacha feirme, lena n-áirítear limistéir nach n-úsáidtear a thuilleadh chun críocha táirgthe agus atá incháilithe d’íocaíocht fóirdheontas.

Féarthailte buana leasaithe

Féarthalamh buan bainistithe a chuirtear leasú air go rialta (fiú mura go bliantúil é) agus ar a úsáidtear leasacháin neamhorgánacha nó orgánacha seachas bualtrach féaránach mar chuid de na pleananna bainistíochta fadtéarmacha feirme.

Clúdach crann – tor (ar fhéarthailte)

Limistéir féarthalún a bhfuil clúdach plandaí orthu de speicis phlandaí ag a bhfuil gais adhmadacha (crainn agus toir) seachas limistéir agrafhoraoiseachta agus limistéir ina dtarlaíonn gníomhaíochtaí talmhaíochta agus foraoiseachta go comhthreomhar (e.g. montado agus dehesa).

Limistéir agrafhoraoiseachta bainistithe (ar fhéarthailte)

Is éard is córas agrafhoraoiseachta ann cineál áirithe córais úsáide talún agus cineál áirithe teicneolaíochta ina n-úsáidtear ilbhliantóga adhmadacha (crainn, toir, etc.) d’aon ghnó san aonad talún bainistíochta céanna i dteannta barra talmhaíochta agus/nó ainmhithe. Ní chuirtear san áireamh ach limistéir agrafhoraoiseachta ar fhéarthailte. Ní áirítear láithreacht crann agus tor nach mbaineann le córas agrafhoraoiseachta.

1

Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.

2

IO L 154, 17.6.2009, lch. 1.


CINNTÍ

26.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/74


CINNEADH (AE) 2023/1539 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (1), agus go háirithe Airteagal 16 de,

Ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 maidir le rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (2),

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2023/133 ón gComhairle an 17 Eanáir 2023 lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (3),

Ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe agus do rangú na n-iarrthóirí arna tharraingt suas ag an bpainéal roghnúcháin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/1939 bunaíodh OIPE.

(2)

Tá na hIonchúisitheoirí Eorpacha le himscrúduithe agus ionchúisimh a mhaoirsiú i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1939.

(3)

Sainorduithe ochtar Ionchúisitheoirí Eorpacha arna gceapadh ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 3 bliana le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1117 ón gComhairle (4), rachaidh siad in éag an 28 Iúil 2023. Chun a áirithiú go leanfaidh Coláiste OIPE, ina bhfuil an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus Ionchúisitheoir Eorpach amháin ó gach Ballstát rannpháirteach ag feidhmiú, is gá don Chomhairle ochtar Ionchúisitheoirí Eorpacha a cheapadh sna poist sin a bheidh folamh ón 29 Iúil 2023.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696, leagtar síos rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (‘rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin’).

(5)

De bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá gach Ballstát rannpháirteach le triúr iarrthóirí ar phost an Ionchúisitheora Eorpaigh a ainmniú as measc iarrthóirí atá ina gcomhaltaí gníomhacha de sheirbhís ionchúisithe nó de bhreithiúnacht an Bhallstáit ábhartha, nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus ag a bhfuil na cáilíochtaí is gá lena gceapadh d’ardoifig ionchúisimh nó bhreithiúnach ina mBallstáit faoi seach, agus ag a bhfuil an taithí phraiticiúil ar chórais dlí náisiúnta, ar imscrúduithe airgeadais agus ar chomhar breithiúnach idirnáisiúnta in ábhair choiriúla.

(6)

Tá na hiarrthóirí ar na poist sin a bheidh folamh ón 29 Iúil 2023 ainmnithe ag an Spáinn agus ag an bPortaingéil.

(7)

Dhréachtaigh an painéal roghnúcháin na tuairimí réasúnaithe agus an rangú do gach ceann de na hiarrthóirí ainmnithe a chomhlíon na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, agus chuir sé faoi bhráid na Comhairle iad an 30 Meitheamh 2023.

(8)

De bhun an cheathrú mír de Riail VII.2 de rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin, rinne an painéal roghnúcháin na hiarrthóirí a rangú de réir a gcáilíochtaí agus a dtaithí. Cuirtear ord rogha an phainéil roghnúcháin in iúl leis an rangú sin agus níl sé ina cheangal ar an gComhairle.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, tar éis di na tuairimí réasúnaithe ón bpainéal roghnúcháin a fháil, tá an Chomhairle chun duine de na hiarrthóirí a roghnú agus a cheapadh mar Ionchúisitheoir Eorpach an Bhallstáit rannpháirtigh lena mbaineann.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, leis na hIonchúisitheoirí Eorpacha a roghnú agus a cheapadh ar feadh téarma neamh-inathnuaite 6 bliana.

(11)

Mheasúnaigh an Chomhairle fiúntais na n-iarrthóirí faoi seach, agus na tuairimí réasúnaithe a chuir an painéal roghnúcháin isteach á gcur san áireamh.

(12)

Ar bhonn measúnú ar fhiúntais na n-iarrthóirí faoi seach, lean an Chomhairle an t-ord rogha neamhcheangailteach a léirigh an painéal roghnúcháin do na hiarrthóirí arna n-ainmniú ag an Spáinn agus ag an bPortaingéil,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina nIonchúisitheoirí Eorpacha OIPE ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 6 bliana ón 29 Iúil 2023:

 

Ignacio DE LUCAS MARTÍN (5),

 

José António LOPES RANITO (6).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.

(2)   IO L 282, 12.11.2018, lch. 8.

(3)   IO L 17, 19.1.2023, lch. 90.

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1117 ón gComhairle an 27 Iúil 2020 lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí (IO L 244, 29.7.2020, lch. 18).

(5)  Arna ainmniú ag an Spáinn.

(6)  Arna ainmniú ag an bPortaingéil.


26.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/76


CINNEADH (AE) 2023/1540 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Iúil 2023

lena leasaítear agus lena gceartaítear Cinneadh (AE) 2021/1870 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE maidir le táirgí cosmaideacha agus táirgí cúraim ainmhithe

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 4845)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

Tar éis dul i gcomhairle le Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2021/1870 ón gCoimisiún (2), bunaíodh critéir Éicilipéad AE agus ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú le haghaidh na ngrúpaí táirgí ‘táirgí cosmaideacha’ agus ‘táirgí cúraim ainmhithe’.

(2)

Chuir páirtithe leasmhara tionscail agus comhaltaí Bhord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú in iúl go bhféadfaí roinnt forálacha de Chinneadh (AE) 2021/1870 a léirmhíniú ar bhealaí éagsúla, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le neamhréireachtaí i gcur chun feidhme praiticiúil an Chinnidh sin. Chun cur i bhfeidhm neamhréireach den sórt sin a sheachaint, agus chun soiléireacht dhlíthiúil agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá foráil a dhéanamh maidir le foclaíocht níos soiléire sna forálacha sin.

(3)

Sa sainmhíniú ar ‘cion gníomhach’ sa roinn creata d’Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1870, tá botún ar cheart é a cheartú chun a shoiléiriú gurb iad na hoibreáin chuimilte orgánacha/oibreáin scríobacha orgánacha nach bhfuil le háireamh i ríomh cion gníomhach an táirge chosmaidigh nó na dtáirgí cúraim ainmhithe. Go deimhin, substaintí neamhorgánacha, lena n-áirítear oibreáin chuimilte orgánacha/oibreáin scríobacha orgánacha, déantar iad a eisiamh, de réir sainmhínithe.

(4)

Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm i gceart fo-chritéar 4(a)(iii) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1870- i.e. díolúine na gcomhdhúl since a aicmítear mar H410 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), in ungadh/uachtar since, fo-chritéar 4(a)(i), ba cheart í a cheartú chun a shonrú nach gá do shubstaintí atá díolmhaithe i bhfo-chritéar 4(a)(iii) na ceanglais a leagtar amach i bhfo-chritéar 4(a)(i) a chomhlíonadh.

(5)

Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm i gceart fo-chritéar 4(b) in Iarscríbhinn I agus fo-chritéar 3(b) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1870, ba cheart na fo-chritéir sin a cheartú chun a shonrú gur féidir na substaintí a liostaítear sna fo-chritéir a bheith sa táirge deiridh má tá siad ann i bhfoirm eisíontas. Tá gá leis sin chun go mbeidh na ceanglais comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a thuairiscítear i dTábla 1 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1870 agus i dTábla 1 in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin a mhéid a bhaineann leis na fo-chritéir sin.

(6)

Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm i gceart fo-chritéar 4(c) in Iarscríbhinn I agus fo-chritéar 3(c) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1870, ba cheart fonóta 12 in Iarscríbhinn I agus fonóta 10 in Iarscríbhinn II a cheartú chun an nasc ceart ba cheart d’iarratasóirí Éicilipéad an AE a úsáid a leagan amach go soiléir.

(7)

Chun soiléiriú a dhéanamh ar léirmhíniú na habairte tosaigh de chritéar 5 in Iarscríbhinn I agus de chritéar 4 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1870, ba cheart an abairt tosaigh sin a cheartú chun a leagan amach gur do tháirgí leachtacha amháin is gá an ceanglas maidir le híosmhéid na pacáistíochta a cheadaítear a chomhlíonadh, mar a mholann an t-aonad san abairt sin cheana féin.

(8)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm i gceart fo-chritéir 5(d) in Iarscríbhinn I agus fo-critéar 4(d) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1870, i gcomhréir úrscothacht na dteicneolaíochtaí athchúrsálaleis na teicneolaíochtaí athchúrsála úrscotha (4) agus leis an bplé a rinneadh le páirtithe leasmhara le linn phróiseas athbhreithnithe (5) chritéir Éicilipéad an AE, ba cheart Tábla 8 in Iarscríbhinn I agus Tábla 7 in Iarscríbhinn II a leasú chun a shonrú go gceadaítear lipéid pholapróipiléine (PP) agus cumhdaigh pololaifíní a úsáidtear i bpacáistíocht PP agus i lipéid phoileitiléine (PE) agus cumhdaigh PE a úsáidtear i bpacáistíocht poileitiléine ard-dlúis i dtáirgí Éicilipéad an AE.

(9)

Chun a áirithiú go ndéanfar fíorú ceart ar chritéar 3 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1870, ba cheart an roinn den chritéar sin maidir le measúnú agus fíorú a cheartú chun a áirithiú go gcuirfidh iarratasóirí ar Éicilipéad an AE Bileog Sonraí Sábháilteachta (BSS) an táirge deiridh, chomh maith le SDSanna aon substainte agus meascáin sa táirge deiridh, go gcuirfidh siad isteach iad chun comhlíonadh an chritéir sin a chruthú.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2021/1870 a leasú agus a cheartú dá réir. Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 66/2010.

(11)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, ba cheart dáta soiléir chur i bhfeidhm an Chinnidh seo a shonrú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear agus ceartaítear Cinneadh (AE) 2021/1870 mar a leanas:

 

Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

 

Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 26 Iúil 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 27, 30.1.2010, lch. 1.

(2)  Cinneadh (AE) 2021/1870 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE maidir le táirgí cosmaideacha agus táirgí cúraim ainmhithe (IO L 379, 26.10.2021, lch. 8).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(4)  https://recyclass.eu/guidelines/natural-pe-hd-containers-and-tubes/

https://recyclass.eu/guidelines/natural-pp-containers-and-tubes/

(5)  féach Faraca, G., Vidal Abarca Garrido, C., Kaps, R.B., Fernandez Carretero, A. agus Wolf, O., Revision of EU Ecolabel Criteria for Cosmetic Products and Animal Care Products (Rinse-off Cosmetic Products roimhe seo), EUR 30724 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021, ISBN 978-92-76-38088-7 (ar líne), doi:10.2760/014175 (ar líne), JRC125388.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1870 mar a leanas:

(1)

sa roinn creata, cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs shainmhíniú 1:

‘1)

ciallaíonn ‘cion gníomhach’ (AC) suim na substaintí orgánacha isteach sa táirge, arna shloinneadh i ngraim, arna ríomh ar bhonn fhoirmliú iomlán an táirge deiridh, ach gan cion uisce na gcomhábhar agus na hoibreáin chuimilte orgánacha/oibreáin scríobacha orgánacha;’;

(2)

ceartaítear critéar 4, ‘Substaintí eisiata agus srianta’ mar a leanas:

(a)

i bpointe 4(a)(i), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Mura sonraítear a mhalairt i dTábla 5, nó mura ndíolmhaítear iad i bpointe (4)(a)(iii), ní bheidh substaintí sa táirge ag an tiúchan 0,0100 % de réir meáchain nó os a chionn i gcás táirgí insruthlaithe agus 0,0010 % meáchan de réir meáchain i gcás cosmaidí neamh-insruthlaithe a chomhlíonann critéir aicmithe na n-aicmí guaise, na gcatagóirí agus na gcód don ráiteas guaise a liostaítear i dTábla 4, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.’;

(b)

sa chéad mhír de phointe (4)(b), scriostar na focail ‘, ná mar eisíontais‘;

(c)

sa Roinn ‘Measúnú agus Fíorú’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ábhar fhonóta 12:

‘https://www.echa.europa.eu/candidate-list-table’;

(3)

leasaítear agus ceartaítear critéar 5, ‘Pacáistíocht’ mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Is é 150 ml an toirt íosta chun táirge leachtach insruthlaithe seachas taos fiacla a dheimhniú.’;

(b)

i dTábla 8, an dara sraith, an dara colún, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fleiscín:

‘—

Aon ábhar plaisteach eile le haghaidh cumhdaigh/lipéid ina bhfuil < 1 g/cm3 a úsáidtear le pacáistíocht PP nó PEAD (seachas lipéid PP agus cumhdaigh pololaifíní a úsáidtear i gcomhar le pacáistíocht PP nó i lipéid PE agus cumhdaigh PE a úsáidtear i gcomhar le pacáistíocht PEAD)’.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1870 mar a leanas:

(1)

sa roinn creata, cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs shainmhíniú 1:

‘1)

ciallaíonn ‘cion gníomhach’ (AC) suim na substaintí orgánacha isteach sa táirge, arna shloinneadh i ngraim, arna ríomh ar bhonn fhoirmliú iomlán an táirge deiridh, ach gan cion uisce na gcomhábhar agus na hoibreáin chuimilte orgánacha/oibreáin scríobacha orgánacha;’;

(2)

ceartaítear critéar 3, Substaintí eisiata agus srianta, mar a leanas:

(a)

ceartaítear pointe 3(b), an chéad mhír, mar a leanas:

(i)

sa chéad abairt, scriostar na focail ‘, ná mar eisíontais‘;

(ii)

sa dara habairt, scriostar na focail ‘, ná mar eisíontais‘;

(b)

ceartaítear an roinn ‘Measúnú agus Fíorú’ mar a leanas:

(i)

sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

BSS an táirge deiridh agus aon substainte/meascáin agus a thiúchan sa táirge deiridh’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ábhair i bhfonóta 10:

‘https://www.echa.europa.eu/candidate-list-table’;

(3)

leasaítear agus ceartaítear critéar 4, ‘Pacáistíocht’ mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Is é 150 ml an toirt íosta chun táirge cúraim ainmhithe leachtach a dheimhniú.’;

(b)

i dTábla 7, an dara sraith, an dara colún, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fleiscín:

‘—

Aon ábhar plaisteach eile le haghaidh cumhdaigh/lipéid ina bhfuil < 1 g/cm3 a úsáidtear le pacáistíocht PP nó PEAD (seachas lipéid PP agus cumhdaigh pololaifíní a úsáidtear i gcomhar le pacáistíocht PP nó i lipéid PE agus cumhdaigh PE a úsáidtear i gcomhar le pacáistíocht PEAD)’.


GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

26.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/81


CINNEADH Uimh. 1/2023 Ó CHOISTE CCE ARNA BHUNÚ LEIS AN GCOMHAONTÚ EATRAMHACH D’FHONN COMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA EACNAMAÍCHE A BHUNÚ IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS A BHALLSTÁIT, DE PHÁIRT, AGUS PÁIRTÍ NA HAFRAICE LÁIR, DEN PHÁIRT EILE

an 6 Iúil 2023

maidir le Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe a bhunú [2023/1541]

TÁ COISTE CCE,

Ag féachaint don Chomhaontú Eatramhach d’fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a bhunú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile, agus go háirithe d’Airteagal 92 de,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1/2016 ó Choiste CCE an 15 Nollaig 2016 maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta, agus go háirithe d’Airteagal 5 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 92 de Chomhaontú Eatramhach d’fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a bhunú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) (1) go bhfuil Coiste CCE le bheith freagrach as riarachán gach earnála a chumhdaítear sa Chomhaontú agus as na cúraimí uile dá dtagraítear ann a chomhlánú.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 5 de Chinneadh Uimh. 1/2016 ó Choiste CCE an 15 Nollaig 2016 maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta (2) go bhfuil Coiste CCE in ann fochoistí a chur ar bun, faoina údarás féin, atá freagrach as ábhair shonracha a láimhseáil faoin gComhaontú.

(3)

Is gá Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe a bhunú,

TAR ÉIS AN CHINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, bunaítear Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe don Chomhpháirtíocht idir an Comhphobal Eorpach agus Páirtí na hAfraice Láir chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh.

2.   Is é príomhaidhm Fhochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe malartuithe faisnéise faoi shaincheisteanna maidir le forbairt talmhaíochta, tréadacha agus tuaithe a éascú.

Airteagal 2

1.   Beidh Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe freagrach as staidéar a dhéanamh ar dhoiciméid chun tuairimí a fhorbairt agus a eisiúint maidir le saincheisteanna talmhaíochta, tréadacha agus tuaithe chomh maith le moltaí a dhéanamh maidir leo. Cuirfidh sé ar a gcumas do na Páirtithe a gcuid taithí, faisnéise agus dea-chleachtas a mhalartú agus comhairliúchán a dhéanamh le chéile faoi gach ábhar a bhaineann leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a shainmhínítear in Airteagal 2 de Theideal I den Chomhaontú, agus a thagann faoi raon an fhochoiste mar a thuairiscítear thíos.

2.   Beidh an Fochoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe freagrach as an méid a leanas, faoi údarás Choiste CCE:

(a)

faireachán ar gach gné de Theidil II, III agus V den Chomhaontú a bhaineann le trádáil táirgí talmhaíochta agus beostoic, le cúrsaí sláintíochta agus fíteasláintíochta, le slándáil bia agus forbairt tuaithe, chomh maith le maoin intleachtúil agus saincheisteanna maidir le forbairt inbhuanaithe, toisc go mbaineann siad le táirgí talmhaíochta agus beostoic;

(b)

páirt a ghlacadh in idirphlé beartais faoi thalmhaíocht, beostoc agus forbairt tuaithe sna réimsí seo a leanas:

(i)

táirgeadh, tomhaltas, tionscnamh trádála agus forbairtí sa mhargadh i gcás táirgí talmhaíochta agus beostoic;

(ii)

infheistiú sna hearnálacha talmhaíochta agus tréadacha a chur chun cinn, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ar mhionscála;

(iii)

beartais talmhaíochta agus forbartha tuaithe, reachtaíocht agus rialacháin, lena n-áirítear beartais ar thásca geografacha agus an fheirmeoireacht orgánach;

(iv)

teicneolaíochtaí nua, taighde agus nuálaíocht, agus aistriú eolais chuig an earnáil talmhaíochta chomh maith le gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun an t-aistriú chuig córais bhia inbhuanaithe a chur chun cinn.

3.   Beidh Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe freagrach freisin as an bhfaireachán ar chur chun feidhme mholtaí Choiste CCE maidir leis an réimse inniúlachta a shainmhínítear i mír 2.

4.   Cuirfidh Fochoiste CCE a thuairimí faoi bhráid Choiste CCE.

Airteagal 3

I bhFochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, beidh ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach, ar thaobh amháin, agus ionadaithe ó Pháirtí na hAfraice Láir, ar an taobh eile. Féadfaidh na páirtithe a bhfuil ionadaíocht acu ann cinneadh a dhéanamh le chéile cuireadh a thabhairt do rannpháirtithe eile, go háirithe geallsealbhóirí a bhaineann réimse inniúlachta an Fhochoiste leo.

Airteagal 4

Tiocfaidh Fochoiste CCE le chéile ar an láthair nó trí leas a bhaint as modhanna iomchuí eile atá comhaontaithe ag na Páirtithe. Cinnfear clár agus minicíocht chruinnithe an fhochoiste trí chomhthoil idir na páirtithe.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in Yaoundé, an 6 Iúil 2023.

Thar ceann Phoblacht Chamarún

Jean TCHOFFO

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Cristina MIRANDA GOZALVEZ


(1)   IO L 57, 28.2.2009, lch. 2.

(2)   IO L 17, 21.1.2017, lch. 46.