ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 184

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
21 Iúil 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1505 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/420

1

 

*

Rialachán (AE) 2023/1506 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige

5

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1507 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2023 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí agus na sprioc-amanna chun meiteashonraí agus tuarascálacha cáilíochta a chur isteach le haghaidh na topaice úsáid TFC agus ríomhthráchtáil le haghaidh na bliana tagartha 2024, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

8

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1508 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2023 lena maolaítear i leith na bliana 2023 ar Airteagal 44(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha agus idirghabhálacha forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe

17

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1509 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2023 lena maolaítear i leith na bliana 2023 ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe

19

 

*

Rialachán (AE) 2023/1510 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil chaidmiam sa chíb bhlasta agus i bhfungais shaothraithe áirithe ( 1 )

21

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1511 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann le plandaí Malus sylvestris áirithe le haghaidh plandú ar de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad

25

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1512 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 19 Iúil 2023 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (EUAM RCA/1/2023)

30

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1513 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 19 Iúil 2023 maidir le rannchuidiú tríú Stát le Misean an Aontais Eorpaigh san Airméin a ghlacadh (EUMA) (EUMA/2/2023)

32

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1514 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/422

33

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1515 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1026 chun tacú le Clár Cibearshlándála agus Athléimneachta agus Dearbhaithe Faisnéise na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

37

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1516 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1340

38

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1517 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

40

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1518 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó

41

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1519 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1277 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin

45

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1520 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2023 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C (2023) 4910)  ( 1 )

46

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1521 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2023 maidir le bearta rialaithe galar speisialta áirithe ar feadh tréimhse theoranta a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C (2023) 4811)  ( 1 )

77

 

 

RIALACHA NÓS IMEACHTA

 

*

RIALACHA NÓS IMEACHTA CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

83

 

 

GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh uimh. 2/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gcomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do fhuinneamh adamhach an 3 Iúil 2023 lena gcuirtear dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor [2023/1522]

109

 

*

Cinneadh Uimh. 3/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 3 Iúil 2023 lena leasaítear Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach [2023/1523]

111

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1505 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/420

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 24 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/420 (2) lena mbunaítear liosta nuashonraithe na ndaoine, na ngrúpaí, agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir leo (‘an liosta’).

(2)

I gcás inarbh fhéidir go praiticiúil é, chuir an Chomhairle ráitis ar fáil do na daoine, na grúpaí agus na heintitis ar fad ar na cúiseanna ar cuireadh ar an liosta iad.

(3)

Trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chuir an Chomhairle na daoine, na grúpaí agus na heintitis atá ar an liosta ar an eolas gur chinn sí iad a choinneáil ar an liosta sin. Chomh maith leis sin, chuir an Chomhairle in iúl do na daoine, na grúpaí agus na heintitis sin go bhféadfaí ráiteas a iarraidh ar na cúiseanna a bhí ag an gComhairle iad a chur ar an liosta i gcás nár tugadh ráiteas den sórt sin dóibh cheana.

(4)

Tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar an liosta mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001. Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh aici, chuir an Chomhairle na barúlacha a chuir na daoine lena mbaineann faoina bráid san áireamh chomh maith leis an bhfaisnéis nuashonraithe a fuarthas ó na húdaráis náisiúnta inniúla maidir le stádas na ndaoine aonair agus na n-eintiteas atá liostaithe ar an leibhéal náisiúnta.

(5)

Tá an Chomhairle tar éis a fhíorú go bhfuil údaráis inniúla, dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle (3), tar éis cinntí a dhéanamh i dtaca le gach duine, gach grúpa agus gach eintiteas atá ar an liosta lena léirítear go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(2) agus (3) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES. Tá an Chomhairle tar éis a chinneadh freisin gur cheart na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo leanúint de bheith faoi réir na mbeart sriantach sonrach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001.

(6)

Ba cheart an liosta a nuashonrú dá réir sin, agus ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/420 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001.

Airteagal 2

Déantar, leis seo, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/420 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 344, 28.12.2001, lch. 70.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/420 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1230 (IO L 61, 27.2.2023, lch. 37).

(3)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93).


IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA nDAOINE, NA nGRÚPAÍ AGUS NA nEINTITEAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

I.   DAOINE

1.

ABDOLLAHI Hamed (a.k.a.Mustafa Abdullahi), a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Uimhir an phas: D9004878.

2.

AL-NASSER Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

3.

AL-YACOUB Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4.

ARBABSIAR Manssor (a.k.a.Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, uimhir an phas: C2002515 (an Iaráin); uimhir an phas: 477845448 (SAM). Uimhir cárta aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

5.

ASADI Assadollah (a.k.a.Assadollah Asadi), a rugadh an 22.12.1971 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

6.

BOUYERI Mohammed (a.k.a.Abu Zubair, a.k.a. Sobiar, a.k.a. Abu Zoubair), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

7.

HASSAN EL HAJJ Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Uimhir an phas: JX446643 (Ceanada).

8.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Teheran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9.

AL-DIN Hasan Izz (a.k.a. Garbaya Ahmed, a.k.a. Sa’id, a.k.a. Salwwan Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

10.

MELIAD Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Uimhir an phas: M2719127 (an Astráil).

11.

MOHAMMED Khalid Sheikh (a.k.a. Ali Salem, a.k.a. Bin Khalid Fahd Bin Adballah, a.k.a. Henin Ashraf Refaat Nabith, a.k.a. Wadood Khalid Adbul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, uimhir an phas 488555.

12.

SHAHLAI Abdul Reza (a.k.a. Abdol Reza Shala’i, a.k.a. Abd-al Reza Shalai, a.k.a. Abdorreza Shahlai, a.k.a. Abdolreza Shahla’i, a.k.a. Abdul-Reza Shahlaee, a.k.a. Hajj Yusef, a.k.a. Haji Yusif, a.k.a. Hajji Yasir, a.k.a. Hajji Yusif, a.k.a. Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, Iran, (2) Mehran Military Base, Ilam Province, Iran.

13.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Tehran na hIaráine.

II.   GRÚPAÍ AGUS EINTITIS

1.

‘Abu Nidal Organisation’ — ‘ANO’ (a.k.a. ‘Fatah Revolutionary Council’, a.k.a. ‘Arab Revolutionary Brigades’, a.k.a. ‘Black September’, a.k.a. ‘Revolutionary Organisation of Socialist Muslims’).

2.

‘Al-Aqsa Martyrs' Brigade’.

3.

‘Al-Aqsa e.V’.

4.

‘Babbar Khalsa’.

5.

‘Communist Party of the Philippines’, lena n-áirítear ‘New People's Army’ — ‘NPA’, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine.

7.

‘Gama’a al-Islamiyya’ (a.k.a. ‘Al-Gama’a al-Islamiyya’) (‘Islamic Group’ — ‘IG’).

8.

‘İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi’ — ‘IBDA-C’ (‘Great Islamic Eastern Warriors Front’).

9.

‘Hamas’, lena n-áirítear ‘Hamas-Izz al-Din-al-Qassem’.

10.

‘Hizballah Military Wing’ (a.k.a. ‘Hezbollah Military Wing’, a.k.a. ‘Hizbullah Military Wing’, a.k.a. ‘Hizbollah Military Wing’ a.k.a. ‘Hezballah Military Wing’, a.k.a. ‘Hisbollah Military Wing’, a.k.a. ‘Hizbu’llah Military Wing’, a.k.a. ‘Hizb Allah Military Wing’, a.k.a. ‘Jihad Council’ (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n-áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

11.

‘Hizbul Mujahideen’ — ‘HM’.

12.

‘Khalistan Zindabad Force’ — ‘KZF’.

13.

‘Kurdistan Workers’ Party’ — ‘PKK’ (a.k.a. ‘KADEK’, a.k.a. ‘KONGRA-GEL’).

14.

‘Liberation Tigers of Tamil Eelam’ — ‘LTTE’.

15.

‘Ejército de Liberación Nacional’ (‘an tArm um Shaoradh Náisiúnta’).

16.

‘Palestinian Islamic Jihad’ — ‘PIJ’.

17.

‘Popular Front for the Liberation of Palestine’ — ‘PFLP’.

18.

‘Popular Front for the Liberation of Palestine — General Command’ (a.k.a. ‘PFLP — General Command’).

19.

‘Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi’ — ‘DHKP/C’ (a.k.a. ‘Devrimci Sol’ (‘Revolutionary Left’), a.k.a. ‘Dev Sol’) (‘Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party’).

20.

‘Sendero Luminoso’ — ‘SL’ (‘an Chonair Lonrach’).

21.

‘Teyrbazen Azadiya Kurdistan’ — ‘TAK’ (a.k.a. “Kurdistan Freedom Falcons”, a.k.a. ‘Kurdistan Freedom Hawks’).


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/5


RIALACHÁN (AE) 2023/1506 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/194 (1) ón gComhairle socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a shocraítear le Rialachán (AE) 2023/194, ba cheart iad a leasú chun foilsiú na comhairle eolaíche a chur san áireamh chomh maith leis na torthaí ar na comhairliúcháin le tríú tíortha.

(2)

Le Rialachán (AE) 2023/194 socraítear TAC sealadach i gcomhair séaclaí Artacha (Pandalus borealis) in uiscí an Aontais agus in uiscí na hIorua i roinn 3a ICES le haghaidh 2023. Chuaigh an tAontas agus an Iorua i gcomhairle le chéile maidir le leibhéal TAC i gcomhair séaclaí Artacha i roinn 3a agus 4a Thoir ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. Rinneadh na comhairliúcháin sin ar bhonn an tseasaimh ón Aontas a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 12 Meitheamh 2023. An 29 Meitheamh 2023, tháinig an tAontas agus an Iorua ar chomhaontú maidir le TAC i roinn 3a agus 4a Thoir ICES de 6 076 thona, a bhfuil 4 253 thona de le cionroinnt ar roinn 3a ICES. Comhfhreagraíonn an leibhéal TAC sin don leibhéal de chomhairle ICES maidir leis an stoc sin don tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, dá mba rud é go raibh an chomhairle bunaithe ar an toimhde nár úsáideadh deiseanna iascaireachta ina n-iomláine sa chéad leath de 2023 agus go raibh 900 tona fós gan iascaireacht an 1 Iúil 2023. De réir na bhfigiúirí gabhála a chuir an tAontas agus an Iorua ar fáil, tá an toimhde sin ag teacht le leibhéal glactha na ndeiseanna iascaireachta an 1 Iúil 2023. Chun trasdul a dhéanamh ó TAC i gcomhair séaclaí Artacha i roinn 3a ICES a shocrú faoi dhó sa bhliain go uair sa bhliain: (i) ba cheart TAC cinntitheach le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2023 a chur in ionad an TAC shealadaigh le haghaidh an stoic sin le haghaidh 2023 ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Iorua an 17 Márta 2023, agus (ii) ba cheart an TAC le haghaidh an stoic sin don tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 a shocrú ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Iorua an 29 Meitheamh 2023.

(3)

Dá bhrí sin ba cheart Rialachán (AE) 2023/194 a leasú dá réir sin.

(4)

Chun go bhféadfar leanúint den iascaireacht, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm gan mhoill.

(5)

Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le deiseanna iascaireachta i gcomhair séaclaí Artacha ón 1 Eanáir 2023 agus ón 1 Iúil 2023 faoi seach. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, mar go bhfuil méadú tagtha ar na deiseanna iascaireachta atá i gceist nó nár ídíodh go fóill iad,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) 2023/194

Leasaítear Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/194 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023. Beidh feidhm ag pointe 2 den Iarscríbhinn, áfach, ón 1 Iúil 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cuid B d’Iarscríbhinn IA mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i gcomhair séaclaí Artacha (Pandalus borealis) i roinn 3a ICES:

‘Speiceas:

An séacla Artach

Pandalus borealis

Limistéar:

3a

(PRA/03A.)

An Danmhairg

 

1 429

(1)

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An tSualainn

 

769

(1)

An tAontas

 

2 198

(1)

 

 

 

 

TAC

 

4 117

(1)

(1)

Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2023.’

(2)

cuirtear an tábla seo a leanas isteach i ndiaidh an tábla i gcomhair séaclaí Artacha (Pandalus borealis) i roinn 3a ICES:

‘Speiceas:

An séacla Artach

Pandalus borealis

Limistéar:

3a

(PRA/03A.2)

An Danmhairg

 

1 476

(1)

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An tSualainn

 

795

(1)

An tAontas

 

2 271

(1)

 

 

 

 

TAC

 

4 253

(1)

(1)

Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.’


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1507 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Iúil 2023

lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí agus na sprioc-amanna chun meiteashonraí agus tuarascálacha cáilíochta a chur isteach le haghaidh na topaice úsáid TFC agus ríomhthráchtáil le haghaidh na bliana tagartha 2024, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) agus Airteagal 17(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le topaic úsáid TFC agus ríomhthráchtáil, soláthraítear na sonraí a cheanglaítear leis an gCompás Digiteach do Dheacáid Dhigiteach an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar spriocanna digiteacha an Aontais le haghaidh 2030, amhail Táscaire na Déine Digití, táscaire lena léirítear claochlú digiteach gnólachtaí. Soláthraítear faisnéis leis freisin maidir le beartais éagsúla eile de chuid an Aontais a bhaineann le feidhmíocht dhigiteach na hEorpa agus le tosaíocht an Choimisiúin Eorpaigh – Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach.

(2)

Chun cáilíocht na sonraí a mheas agus chun a áirithiú go mbeidh sonraí maidir le húsáid TFC agus ríomhthráchtáil inchomparáide agus comhchuibhithe, ní mór tuarascálacha meiteashonraí agus cáilíochta a sholáthar sula n-eiseofar na sonraí.

(3)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an topaic Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil dá dtagraítear i in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) na sonraí le haghaidh na bliana tagartha 2024 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

1.   An tuarascáil bhliantúil meiteashonraí ar an topaic úsáid TFC agus ríomhthráchtáil le haghaidh na bliana tagartha 2024, déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 31 Bealtaine 2024.

2.   An tuarascáil cháilíochta bhliantúil ar an topaic úsáid TFC agus ríomhthráchtáil le haghaidh na bliana tagartha 2024, déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 5 Samhain 2024.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 17.12.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí maidir leis an topaic úsáid TFC agus ríomhthráchtáil

Sainordaitheach/roghnach

Raon feidhme (scagaire)

Athróg

Athróga sainordaitheacha

(i)

i gcás gach fiontair:

(1)

príomhghníomhaíocht eacnamaíoch an fhiontair le linn na bliana féilire roimhe sin

(2)

an meánlíon fostaithe agus daoine féinfhostaithe le linn na bliana féilire roimhe sin

(3)

luach iomlán an láimhdeachais (i dtéarmaí airgeadaíochta gan CBL a áireamh) le linn na bliana féilire roimhe sin

(4)

an líon fostaithe nó daoine féinfhostaithe nó an céatadán den líon iomlán fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó

(5)

fostú speisialtóirí TFC

(6)

aon chineál oiliúna arna soláthar do speisialtóirí TFC atá fostaithe ag an bhfiontar chun scileanna a bhaineann le TFC a fhorbairt, le linn na bliana féilire roimhe sin

(7)

aon chineál oiliúna arna soláthar d’fhostaithe eile chun scileanna a bhaineann le TFC a fhorbairt, le linn na bliana féilire roimhe sin

(8)

earcú speisialtóirí TFC nó iarrachtaí speisialtóirí TFC a earcú le linn na bliana féilire roimhe sin

(9)

feidhmeanna TFC (amhail bonneagar TFC a chothabháil, tacaíocht le haghaidh bogearraí oifige, córais nó bogearraí um bainistiú gnó agus/nó réitigh gréasáin a fhorbairt nó tacaíocht a thabhairt dóibh, slándáil agus cosaint sonraí), arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair féin (lena n-áirítear daoine atá fostaithe i máthairghnóthais nó i bhfiontair chleamhnaithe), le linn na bliana féilire roimhe sin

(10)

feidhmeanna TFC (amhail bonneagar TFC a chothabháil, tacaíocht le haghaidh bogearraí oifige, córais nó bogearraí um bainistiú gnó agus/nó réitigh gréasáin a fhorbairt nó tacaíocht a thabhairt dóibh, slándáil agus cosaint sonraí), arna bhfeidhmiú ag soláthróirí seachtracha, le linn na bliana féilire roimhe sin

(ii)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó:

(11)

úsáid ceangal seasta leis an idirlíon d’aon chineál

(12)

cianrochtain (trí ríomhairí nó gléasanna iniompartha amhail fóin chliste) na ndaoine fostaithe ar chóras ríomhphoist an fhiontair

(13)

cianrochtain (trí ríomhairí nó gléasanna iniompartha amhail fóin chliste) na ndaoine fostaithe ar dhoiciméid de chuid an fhiontair (amhail comhaid, scarbhileoga, cuir i láthair, cairteacha, grianghraif)

(14)

cianrochtain (trí ríomhairí nó gléasanna iniompartha amhail fóin chliste) na ndaoine fostaithe ar fheidhmchláir ghnó nó bogearraí de chuid an fhiontair (amhail rochtain ar chuntasaíocht, díolacháin, orduithe, Bainistíocht Caidreamh Custaiméirí), seachas feidhmchláir a úsáidtear le haghaidh cumarsáid inmheánach

(15)

cianchruinnithe a reáchtáil

(16)

díolacháin ghréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó trí fheidhmchláir (lena n-áirítear eislíonta) an fhiontair le linn na bliana féilire roimhe sin

(17)

díolacháin ghréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil le linn na bliana féilire roimhe sin

(18)

díolacháin earraí nó seirbhísí ar díolachán de chineál Idirmhalartaithe Leictreonaigh Sonraí (ILS) iad (orduithe a fháil trí theachtaireachtaí ILS) le linn na bliana féilire roimhe sin

(19)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: fíordheimhniú trí phasfhocal láidir (amhail fad íosta an phasfhocail, úsáid uimhreacha agus carachtar speisialta, an pasfhocal a athrú go tráthrialta)

(20)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: fíordheimhniú trí mhodhanna bithmhéadracha a úsáidtear chun rochtain a fháil ar chóras TFC an fhiontair (amhail fíordheimhniú bunaithe ar mhéarloirg, guth, aghaidh)

(21)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: fíordheimhniú bunaithe ar theaglaim de dhá mheicníocht fíordheimhniúcháin ar a laghad (i.e. teaglaim de phasfhocal atá sainithe ag an úsáideoir, pasfhocal aonuaire (OTP), cód a ghintear trí cheadchomhartha slándála nó a fhaightear trí fhón cliste, modh bithmhéadrach (bunaithe ar mhéarloirg, guth, aghaidh, mar shampla))

(22)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: sonraí, doiciméid nó ríomhphoist a chriptiú

(23)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: cúltaca sonraí a chóipeáil go suíomh ar leithligh (lena n-áirítear iad a chóipeáil go dtí an néal)

(24)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: rialú ar rochtain ar an líonra (bainistiú chearta na n-úsáideoirí i líonra an fhiontair)

(25)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: Líonra Príobháideach Fíorúil (LPF), a leathnaíonn an líonra príobháideach thar líonra poiblí chun gur féidir sonraí a mhalartú ar bhealach slán thar líonra poiblí

(26)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: Córas faireacháin slándála TFC a úsáideadh chun gníomhaíocht amhrasach a bhrath (amhail córais chun ionradh a bhrath nó córais coiscthe a dhéanann faireachán ar iompraíocht úsáideoirí nó gairis, trácht líonra), seachas bogearraí frithvíreas agus réiteach balla dóiteáin réamhshocraithe a áirítear i gcóras oibriúcháin ríomhairí pearsanta agus ródairí

(27)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: comhaid loga a choinneáil chun gur féidir anailís a dhéanamh tar éis theagmhais slándála TFC

(28)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: measúnú riosca TFC, i.e. measúnú tráthrialta ar dhóchúlacht agus ar iarmhairtí teagmhais slándála TFC

(29)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: tástálacha slándála TFC (amhail tástálacha bréagionsaí, an córas foláirimh a thástáil, na bearta slándála a athbhreithniú, na córais chúltaca a thástáil)

(30)

daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TFC de trí oiliúint dheonach nó trí fhaisnéis atá ar fáil go hinmheánach (amhail faisnéis ar an inlíon)

(31)

daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh chúrsaí slándála TFC de trí chúrsaí oiliúna éigeantacha nó trí ábhar éigeantach a léamh

(32)

daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TFC de trí bhíthin conartha (amhail conradh fostaíochta)

(33)

doiciméid a bheith ar fáil faoi bhearta, cleachtais nó nósanna imeachta um shlándáil TFC, amhail doiciméid maidir le slándáil TFC agus rúndacht sonraí a chuimsíonn oiliúint le haghaidh fostaithe ar úsáid TFC, bearta slándála TFC, measúnú ar bhearta slándála TFC agus pleananna chun doiciméid maidir le slándáil TFC a thabhairt cothrom le dáta

(34)

teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: seirbhísí TFC gan bheith ar fáil i ngeall ar chliseadh crua-earraí nó bogearraí

(35)

teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: seirbhísí TFC gan bheith ar fáil i ngeall ar ionsaí seachtrach amhail ionsaithe bogearraí éirice, ionsaithe Diúltaithe Seirbhíse

(36)

teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí a scriosadh nó a éillíodh i ngeall ar chliseadh crua-earraí nó bogearraí

(37)

teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí a scriosadh nó a éillíodh i ngeall ar ionfhabhtú ó bhogearraí mailíseacha nó ionradh neamhúdaraithe

(38)

teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí rúnda a nochtadh i ngeall ar ionradh, atreorú mailíseach, ionsaí fioscaireachta, nó gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair d’aon ghnó

(39)

teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí rúnda a nochtadh i ngeall ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair nár gníomhaíochtaí a rinneadh d’aon ghnó iad

(40)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga a dhéanann anailís ar an teanga scríofa (amhail mianadóireacht téacsanna)

(41)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga lena ndéantar an teanga labhartha a thiontú ina formáid inléite ag meaisín (aithint cainte)

(42)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga lena ngintear an teanga scríofa nó labhartha (giniúint teanga nádúrtha, sintéis chainte)

(43)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga lena sainaithnítear nithe nó daoine bunaithe ar íomhánna nó ar fhíseáin (aithint íomhánna, próiseáil íomhánna)

(44)

úsáid meaisínfhoghlaim (amhail an domhainfhoghlaim) chun anailís a dhéanamh ar shonraí

(45)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga lena ndéantar sreafaí oibre éagsúla a uathoibriú nó lena dtugtar cúnamh don chinnteoireacht (amhail uathoibriú róbatach próiseas le bogearraí atá bunaithe ar an Intleacht Shaorga)

(46)

úsáid theicneolaíochtaí na hintleachta saorga lena gcumasaítear gluaiseacht fhisiceach meaisíní trí chinntí uathrialacha bunaithe ar bhreathnóireacht ar an timpeallacht (róbait uathoibríocha, feithicil gan tiománaí, ladrainn uathrialaitheacha)

(iii)

i gcás fiontair a úsáideann ceangal seasta idirlín d’aon chineál:

(47)

luas íoslódála uasta conraithe an cheangail sheasta idirlín is tapa sna raonta seo: [0 Mbit/s, < 30 Mbit/s], [30 Mbit/s, < 100 Mbit/s], [100 Mbit/s, < 500 Mbit/s], [500 Mbit/s, < 1 Gbit/s], [≥ 1 Gbit/s]

(48)

leordhóthanacht luas na gceangal seasta leis an idirlíon le haghaidh riachtanais iarbhír an fhiontair

(iv)

i gcás fiontair a dhíol earraí nó seirbhísí ar an ngréasán trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair agus trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(49)

luach na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán, nó an céatadán de láimhdeachas iomlán na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán, le linn na bliana féilire roimhe sin

(50)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le tomhaltóirí príobháideacha (Gnó le Tomhaltóirí: B2C), le linn na bliana féilire roimhe sin

(51)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le fiontair eile (Gnó le Gnó: B2B) agus leis an earnáil phoiblí (Gnó le Rialtas: B2G), le linn na bliana féilire roimhe sin

(52)

díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i dtír an fhiontair féin, le linn na bliana féilire roimhe sin

(53)

díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i mBallstáit eile, le linn na bliana féilire roimhe sin

(54)

díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe sa chuid eile den domhan, le linn na bliana féilire roimhe sin

(v)

i gcás fiontair a dhíol earraí nó seirbhísí ar an ngréasán trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair agus trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(55)

an céatadán de luach na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán arna ghiniúint ag díolacháin trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair (seachas eislíonta), le linn na bliana féilire roimhe sin

(56)

an céatadán de luach na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán arna ghiniúint ag díolacháin trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, le linn na bliana féilire roimhe sin

(vi)

i gcás fiontair a raibh díolacháin de chineál EDI acu, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(57)

luach na ndíolachán earraí nó seirbhísí de chineál EDI, nó an céatadán de láimhdeachas iomlán arna ghiniúint ag díolacháin earraí nó seirbhísí de chineál EDI, le linn na bliana féilire roimhe sin

(vii)

i gcás fiontair a d’earcaigh speisialtóirí TFC nó a rinne iarracht iad a earcú le linn na bliana féilire roimhe sin:

(58)

folúntais do speisialtóirí TFC a raibh sé deacair iad a líonadh

(viii)

i gcás fiontair a úsáideann teicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga, agus tagairt á déanamh go sonrach d’athróga éigeantacha (40) go (46):

(59)

úsáid bhogearraí nó chórais na hIntleachta Saorga le haghaidh margaíocht nó díolacháin (amhail próifíliú custaiméirí, barrfheabhsú praghsanna, tairiscintí margaíochta pearsantaithe, anailís mhargaidh bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, bota comhrá bunaithe ar phróiseáil teanga nádúrtha le haghaidh tacaíocht do chustaiméirí, róbait uathrialaitheacha chun orduithe a phróiseáil)

(60)

úsáid bhogearraí nó chórais na hIntleachta Saorga le haghaidh próisis táirgthe nó próisis seirbhíse (amhail cothabháil réamhfháistineach nó optamú próisis bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, uirlisí chun táirgí a aicmiú nó lochtanna a aimsiú i dtáirgí bunaithe ar radharc ríomhaireachta, ladrainn uathrialaitheacha le haghaidh faireachais ar tháirgeadh, slándála nó cigireachta, oibreacha cóimeála a dhéanann róbait fhéinrialaithe)

(61)

úsáid bhogearraí nó chórais na hIntleachta Saorga chun próisis riaracháin gnó nó bainistiú gnó a eagrú (amhail cúntóirí fíorúla gnó bunaithe ar mheaisínfhoghlaim agus/nó próiseáil teanga nádúrtha (mar shampla doiciméid a dhréachtú), anailís sonraí nó cinnteoireacht straitéiseach bunaithe ar mheaisínfhoghlaim (mar shampla measúnú riosca), pleanáil nó réamhaisnéisiú gnó bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, bainistiú acmhainní daonna bunaithe ar mheaisínfhoghlaim nó ar phróiseáil teanga nádúrtha (mar shampla scagthástáil réamhroghnúcháin ar iarrthóirí, próifíliú fostaithe nó anailís ar fheidhmíocht)

(62)

úsáid bhogearraí nó chórais na hintleachta saorga le haghaidh lóistíochta (amhail róbait uathrialaitheacha le haghaidh réitigh pioc agus pacáil i dtrádstórais le haghaidh seachadadh beartán, rianú, dáileadh nó sórtáil, optamú bealaí bunaithe ar mheaisínfhoghlaim)

(63)

úsáid bhogearraí nó chórais na hIntleachta Saorga le haghaidh slándáil TFC (amhail aghaidh-aithint bunaithe ar amharc ríomhaireachtúil chun úsáideoirí TFC a fhíordheimhniú, cibear-ionsaithe bunaithe ar mheaisínfhoghlaim a bhrath agus a chosc)

(64)

úsáid bhogearraí nó chórais na hIntleachta Saorga le haghaidh cuntasaíochta, rialaithe nó bainistithe airgeadais (amhail meaisínfhoghlaim chun anailís a dhéanamh ar shonraí a chabhraíonn le cinntí airgeadais a dhéanamh, próiseáil sonrasc bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, meaisínfhoghlaim nó próiseáil teanga nádúrtha a úsáidtear le haghaidh cúraimí leabharchoimeádta)

(65)

úsáid bhogearraí nó chórais na hIntleachta Saorga le haghaidh taighde agus forbartha (T&F) nó le haghaidh gníomhaíocht nuálaíochta, seachas taighde ar an Intleacht Shaorga (amhail anailís ar shonraí chun taighde a dhéanamh, fadhbanna taighde a réiteach, táirge/seirbhís nua nó feabhsaithe atá bunaithe ar mheaisínfhoghlaim a fhorbairt)

Athróga roghnacha

(i)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó:

(1)

an líon daoine fostaithe, nó céatadán an lín iomláin daoine fostaithe, a úsáideann gléas iniompartha a thug an fiontar dóibh lenar féidir ceangal den idirlíon trí líonraí teileafón soghluaiste chun críoch gnó

(2)

íoc chun fógraíocht a dhéanamh ar an idirlíon (amhail fógraí ar innill chuardaigh, ar na meáin shóisialta, ar shuíomhanna gréasáin nó ar aipeanna eile)

(ii)

i gcás fiontair a íocann chun fógraíocht a dhéanamh ar an idirlíon:

(3)

úsáid fógraíochta spriocdhírithe atá bunaithe ar ábhar nó eochairfhocail arna gcuardach ag úsáideoirí idirlín

(4)

úsáid fógraíochta spriocdhírithe atá bunaithe ar rianú gníomhaíochtaí úsáideoirí idirlín san am a chuaigh thart nó ar a bpróifíl

(5)

úsáid fógraíochta spriocdhírithe bunaithe ar gheoshuíomh úsáideoirí idirlín

(6)

úsáid aon mhodh eile fógraíochta spriocdhírithe ar an idirlíon seachas na modhanna a shonraítear in athróga roghnacha (3), (4) nó (5)

(iii)

i gcás fiontair a raibh díolacháin ghréasáin acu le custaiméirí atá lonnaithe in dhá cheann ar a laghad de na ceantair gheografacha seo a leanas: tír an fhiontair féin, Ballstát eile, nó an chuid eile den domhan, le linn na bliana féilire roimhe sin

(7)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i dtír an fhiontair féin, le linn na bliana féilire roimhe sin

(8)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i mBallstáit eile, le linn na bliana féilire roimhe sin

(9)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe sa chuid eile den domhan, le linn na bliana féilire roimhe sin

(iv)

i gcás fiontair ina bhfuil folúntais do speisialtóirí TFC a raibh sé deacair iad líonadh nuair a bhí iarracht á déanamh speisialtóirí TFC a earcú le linn na bliana féilire roimhe sin:

(10)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TFC a earcú i ngeall ar easpa iarratas, le linn na bliana féilire roimhe sin

(11)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TFC a earcú toisc nach raibh na cáilíochtaí ábhartha oideachais agus/nó oiliúna maidir le TFC ag na hiarratasóirí, le linn na bliana féilire roimhe sin

(12)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TFC a earcú i ngeall ar easpa taithí oibre ábhartha na n-iarratasóirí, le linn na bliana féilire roimhe sin

(13)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TFC a earcú toisc go raibh ionchais tuarastail na n-iarratasóirí ró-ard

(v)

i gcás fiontair a bhfuil doiciméid acu ar bhearta, cleachtais nó nósanna imeachta um shlándáil TFC:

(14)

am an tsainmhínithe nó an t-athbhreithniú is déanaí a rinneadh ar dhoiciméid an fhiontair maidir le bearta, cleachtais nó nósanna imeachta um shlándáil TFC: laistigh den dá mhí dhéag dheireanacha, níos mó na dhá mhí dhéag agus suas le 4 mhí is fiche ó shin, níos mó ná ceithre mhí is fiche ó shin

(vi)

i gcás fiontair a úsáideann teicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga, agus tagairt tagairt á déanamh go sonrach d’athróga éigeantacha (40) go (46):

(15)

rinne fostaithe an fhiontair féin (lena n-áirítear iad siúd atá fostaithe i máthairfhiontar nó i bhfiontar cleamhnaithe) bogearraí nó córais na hIntleachta Saorga a fhorbairt

(16)

rinne fostaithe dá chuid féin (lena n-áirítear iad siúd atá fostaithe i máthairfhiontar nó i bhfiontar cleamhnaithe) bogearraí nó córais tráchtála na hIntleachta Saorga a mhodhnú

(17)

rinne fostaithe an fhiontair féin (lena n-áirítear iad siúd atá fostaithe i máthairfhiontar nó i bhfiontar cleamhnaithe) bogearraí nó córais foinse oscailte na hIntleachta Saorga a mhodhnú

(18)

ceannaíodh bogearraí nó córais tráchtála na hIntleachta Saorga a bhí réidh le húsáid (lena n-áirítear samplaí inar ionchorpraíodh cheana féin iad in ítim nó i gcóras a ceannaíodh)

(19)

cuireadh soláthraithe seachtracha ar conradh chun bogearraí nó córais na hIntleachta Saorga a fhorbairt nó a mhodhnú

(20)

sonraí a phróiseáil (amhail inscne, aois, tionscnamh ciníoch nó eitneach, míchumas, reiligiún nó creideamh, gnéaschlaonadh, íomhánna den aghaidh, taifead ar cheannacháin, gairm bheatha nó seoladh) faoi dhaoine (amhail fostaithe, iarratasóirí ar phost nó custaiméirí) a úsáideann teicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga

(vii)

i gcás fiontair a d’úsáid teicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga chun sonraí faoi dhaoine aonair a phróiseáil:

(21)

bearta a bheith ann (amhail anailís a dhéanamh ar thorthaí samhlacha éagsúla meaisínfhoghlama, scrúdú a dhéanamh ar an tacar sonraí a úsáideadh chun oiliúint a chur ar an tsamhail mheaisínfhoghlama, méadú sonraí lena mbaineann teicnící chun pointí sonraí breise a ghiniúint go saorga ó shonraí atá ann cheana, i.e. sonraí sintéiseacha) chun na torthaí a ghintear le teicneolaíochtaí Intleachta Saorga a sheiceáil le haghaidh claontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i leith daoine aonair bunaithe ar ghnéas, aois, tionscnamh ciníoch nó eitneach, mhíchumas, reiligiún nó creideamh, ghnéaschlaonadh

(viii)

i gcás fiontar nár bhain úsáid as aon teicneolaíocht Intleachta Saorga, agus tagairt á déanamh go sonrach d’athróga éigeantacha (40) go (46):

(22)

meabhrú a dhéanamh ar úsáid aon teicneolaíocht Intleachta Saorga, agus tagairt á déanamh go sonrach d’athróga éigeantacha (40) go (46)

(ix)

i gcás fiontar nár bhain úsáid as aon teicneolaíocht Intleachta Saorga ach a smaoinigh ar a húsáid, agus tagairt á déanamh go sonrach d’athróga éigeantacha (40) go (46):

(23)

Teicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga nár úsáideadh toisc go raibh cuma ar na costais go raibh siad ró-ard

(24)

Teicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga nár úsáideadh mar go raibh easpa saineolais ábhartha san fhiontar

(25)

Teicneolaíochtaí na hintleachta saorga nár úsáideadh mar gheall ar neamh-chomhoiriúnacht leis an trealamh, leis na bogearraí nó leis na córais atá ann cheana

(26)

Teicneolaíochtaí na hintleachta saorga nár úsáideadh mar gheall ar dheacrachtaí maidir le hinfhaighteacht nó cáilíocht na sonraí riachtanacha

(27)

Teicneolaíochtaí na hintleachta saorga nár úsáideadh de bharr imní maidir le sárú ar chosaint sonraí agus ar phríobháideachas

(28)

Teicneolaíochtaí na hintleachta saorga nár úsáideadh de bharr easpa soiléireachta i dtaobh na n-iarmhairtí dlíthiúla (amhail dliteanas i gcás damáiste a tharlaíonn de bharr úsáid na hintleachta saorga)

(29)

Teicneolaíochtaí na hintleachta saorga nár úsáideadh de bharr cúinsí eiticiúla

(30)

Teicneolaíochtaí na hintleachta saorga nár úsáideadh toisc nach bhfuil siad úsáideach don fhiontar


Aonad tomhais

Dearbhfhigiúirí, seachas gnéithe a bhaineann le láimhdeachas san airgeadra náisiúnta (mílte) nó an céatadán den láimhdeachas (iomlán)

An pobal staidrimh

Cumhdach na ngníomhaíochtaí:

Ranna NACE Ath. 2 C go J, L go N agus grúpa 95.1

Cumhdach na haicme méide:

Fiontair a bhfuil 10 nduine d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe nó níos mó iontu. Maidir le fiontair a bhfuil níos lú ná 10 nduine d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe iontu, féadfar iad a chumhdach go roghnach.

Miondealuithe

Miondealú ar ghníomhaíochtaí

chun comhiomláin náisiúnta a ríomh:

comhiomláin ranna NACE Ath. 2 agus grúpaí C+D+E+F+G+H+I+J+L+M+N+95.1, D+E

Ranna NACE Ath. 2: C, F, G, H, I, J, L, M, N

Rannáin NACE Ath. 2: 47, 55

comhiomláin rannáin NACE Ath. 2: 10 + 11 + 12 + 13 + 14 + 15 + 16 + 17 + 18, 19 + 20 + 21 + 22 + 23, 24 + 25, 26 + 27 + 28 + 29 + 30 + 31 + 32 + 33

comhiomlán rannáin agus ghrúpaí NACE Ath. 2: 26.1 + 26.2 + 26.3 + 26.4 + 26.8 + 46.5 + 58.2 + 61 + 62 + 63.1 + 95.1

le bheith mar chuid de na hiomláin Eorpacha amháin

Ranna NACE Ath. 2: D, E

Rannáin NACE Ath. 2: 19, 20, 21, 26, 27, 28, 45, 46, 61, 72, 79

Grúpa NACE Ath. 2: 95.1

comhiomláin rannáin NACE Ath. 2: 10 + 11 + 12, 13 + 14 + 15, 16 + 17 + 18, 22 + 23, 29 + 30, 31 + 32 + 33, 58 + 59 + 60, 62 + 63, 69 + 70 + 71, 73 + 74 + 75, 77 + 78 + 80 + 81 + 82

Aicme méide an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe: 10+, 10-49, 50-249, 250+; roghnach: 0-9, 0-1, 2-9

An spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur

5 Deireadh Fómhair 2024


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/17


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1508 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Iúil 2023

lena maolaítear i leith na bliana 2023 ar Airteagal 44(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha agus idirghabhálacha forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 44(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 44(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116, ón 16 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain, féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas go 50 % a íoc le haghaidh idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha agus roimh an 1 Nollaig féadfaidh siad réamhíocaíochtaí suas go 75 % a íoc le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(2)

Tá an earnáil talmhaíochta faoi bhrú mar gheall ar phaindéim COVID-19, ar a tionchar ar shlabhraí an tsoláthair bia, agus ar an mborradh atá tagtha ar phraghsanna an fhuinnimh agus na n-ionchur talmhaíochta ó bhí fómhar 2021 ann. Ina theannta sin, le hionradh na Rúise ar an Úcráin géaraíodh ar an staid agus bhí tionchar diúltach breise aige ar earnáil na talmhaíochta. Tá méadú nach beag tagtha ar phraghsanna ionchuir, amhail costais fuinnimh, leasacháin agus beatha i ngach earnáil talmhaíochta.

(3)

Mar thoradh air sin, tháinig méadú nach beag ar sciar na gcostas fuinnimh agus leasachán sa tomhaltas idirmheánach iomlán in 2022, agus is i bhfeirmeacha barr páirce agus i bhfeirmeacha barr buan a bhí an méadú is mó le sonrú, agus a neamhchosaint ar chostais leasacháin ba chúis leis sin sa dá chás. Is airde fós ná riamh na praghsanna leasacháin. De réir na sonraí is éard atá déanta ag na feirmeoirí mar fhreagairt air sin, an úsáid a bhaineann siad as leasacháin a laghdú, cé nach fios fós na hiarmhairtí a bheidh aige sin ar tháirgeacht agus ar cháilíocht na dtráchtearraí bia agus beatha.

(4)

Tá méadú tagtha, i gcomhréir leis an mboilsciú ginearálta, ar phraghsanna ionchur eile i gcás feirmeoirí agus oibreoirí biashlabhra san Aontas, amhail táirgí cosanta plandaí agus cóireálacha sláinte ainmhithe, innealra agus pacáistiú, mar shampla.

(5)

Le déanaí, tá laghdú nach beag ag teacht ar phraghsanna fhormhór na dtráchtearraí talmhaíochta amhail gránaigh, olashíolta agus táirgí déiríochta. I roinnt Ballstát, tá an staid tar éis éirí thar a bheith deacair ós rud é gur in olcas a chuaigh an cóimheas idir praghsanna ionchuir agus praghsanna tráchtearraí.

(6)

Na cúinsí sin, mar aon le drochtheagmhais mheitéareolaíocha a tharla le déanaí i réigiúin áirithe, amhail triomach agus tuilte foircneacha, d’fhéadfaidís fadhbanna leachtachta a chruthú do tháirgeoirí talmhaíochta. Chun dul i ngleic leis na fadhbanna leachtachta sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit réamhíocaíochtaí méadaithe a íoc i leith na bliana éilimh 2023.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta agus ón gCoiste um an gComhbheartas Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   De mhaolú ar Airteagal 44(2), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116, i leith na bliana éilimh 2023, féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas go 70 % a íoc le haghaidh idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha faoi Theideal III, Caibidil II de Rialachán (AE) 2021/2115, agus le haghaidh na mbeart dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

2.   De mhaolú ar Airteagal 44(2), an dara fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2116, i leith na bliana éilimh 2023, féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas go 85 % a íoc i leith na tacaíochta arna deonú faoi idirghabhálacha forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe faoi Theideal III, Caibidil IV, de Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/19


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1509 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Iúil 2023

lena maolaítear i leith na bliana 2023 ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 75(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 104(1), an dara fomhír, pointe (a)(iv), de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leanfaidh Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 d’fheidhm a bheith aige a mhéid a bhaineann le CETFT, i ndáil le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú chur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(2)

De bhun Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas go 75 % a íoc le haghaidh bearta tacaíochta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

(3)

Tá an earnáil talmhaíochta faoi bhrú mar gheall ar phaindéim COVID-19, ar a tionchar ar shlabhraí an tsoláthair bia, agus ar an mborradh atá tagtha ar phraghsanna an fhuinnimh agus na n-ionchur talmhaíochta ó bhí fómhar 2021 ann. Ina theannta sin, le hionradh na Rúise ar an Úcráin géaraíodh ar an staid agus bhí tionchar diúltach breise aige ar earnáil na talmhaíochta. Tá méadú nach beag tagtha ar phraghsanna ionchuir, amhail costais fuinnimh, leasacháin agus beatha i ngach earnáil talmhaíochta.

(4)

Mar thoradh air sin, tháinig méadú nach beag ar sciar na gcostas fuinnimh agus leasachán sa tomhaltas idirmheánach iomlán in 2022, agus is i bhfeirmeacha barr páirce agus i bhfeirmeacha barr buan a bhí an méadú is mó le sonrú, agus a neamhchosaint ar chostais leasacháin ba chúis leis sin sa dá chás. Is airde fós ná riamh na praghsanna leasacháin. De réir na sonraí is éard atá déanta ag na feirmeoirí mar fhreagairt air sin, an úsáid a bhaineann siad as leasacháin a laghdú, cé nach fios fós na hiarmhairtí a bheidh aige sin ar tháirgeacht agus ar cháilíocht na dtráchtearraí bia agus beatha.

(5)

Tá méadú tagtha, i gcomhréir leis an mboilsciú ginearálta, ar phraghsanna ionchur eile i gcás feirmeoirí agus oibreoirí biashlabhra san Aontas, amhail táirgí cosanta plandaí agus cóireálacha sláinte ainmhithe, innealra agus pacáistiú, mar shampla.

(6)

Le déanaí, tá laghdú nach beag ag teacht ar phraghsanna fhormhór na dtráchtearraí talmhaíochta amhail gránaigh, olashíolta agus táirgí déiríochta. I roinnt Ballstát, tá an staid tar éis éirí thar a bheith deacair ós rud é gur in olcas a chuaigh an cóimheas idir praghsanna ionchuir agus praghsanna tráchtearraí.

(7)

Na cúinsí sin, mar aon le drochtheagmhais mheitéareolaíocha a tharla le déanaí i réigiúin áirithe, amhail triomach agus tuilte foircneacha, d’fhéadfaidís fadhbanna leachtachta a chruthú do tháirgeoirí talmhaíochta. Chun dul i ngleic leis na fadhbanna leachtachta sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit réamhíocaíochtaí méadaithe a íoc i leith na bliana éilimh 2023 le haghaidh bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta agus ón gCoiste um an gComhbheartas Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, i leith na bliana éilimh 2023, féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas go 85 % a íoc i leith na tacaíochta arna deonú faoin bhforbairt tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 67(2) den Rialachán sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(2)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/21


RIALACHÁN (AE) 2023/1510 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Iúil 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil chaidmiam sa chíb bhlasta agus i bhfungais shaothraithe áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (2) socraítear uasleibhéil le haghaidh caidmiam i réimse earraí bia.

(2)

An 30 Eanáir 2009, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir le caidmiam i mbia (3). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur don duán go príomha atá caidmiam tocsaineach, go háirithe do na cealla feadánacha neasacha, áit a mbailíonn sé le himeacht ama agus áit a bhféadfadh sé a bheith ina chúis le mífheidhmiú an duáin. I bhfianaise éifeachtaí tocsaineacha caidmiam ar na duáin, leag an tÚdarás iontógáil sheachtainiúil infhulaingthe síos le haghaidh caidmiam, is é sin 2,5 μg/kg meáchan coirp. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin gur rud gar don iontógáil sheachtainiúil infhulaingthe atá sa mheánteagmháil le haghaidh daoine fásta ar fud an Aontais nó go sáraíonn sé an iontógáil sin de bheagán. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go bhféadfadh foghrúpaí an iontógáil sheachtainiúil infhulaingthe a shárú de dhá oiread; feoilséantóirí, leanaí, lucht caite tobac, agus daoine atá ina gcónaí i gceantair atá thar a bheith éillithe, cuir i gcás. Dá bhrí sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur gá an teagmháil le caidmiam atá ann faoi láthair i measc an daonra a laghdú. Tar éis dó an tuairim eolaíoch sin a fháil, d’eisigh an tÚdarás tuarascáil eolaíochta an 17 Eanáir 2012, tuarascáil inar dheimhnigh sé go bhféadfadh leanaí agus daoine fásta ar theagmháil an 95ú peircintíl na luachanna treoraíochta sláintebhunaithe a shárú (4).

(3)

Agus tuairim eolaíoch agus tuarascáil eolaíoch an Údaráis á gcur san áireamh, leagadh síos uasleibhéil nua le haghaidh caidmiam i mbianna do naíonáin agus i dtáirgí seacláide/cócó faoi Rialachán (AE) Uimh. 488/2014 ón gCoimisiún (5). Glacadh Moladh 2014/193/AE ón gCoimisiún (6), moladh inar iarradh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfí na modhanna maolaithe atá ar fáil cheana in iúl d’fheirmeoirí agus go gcuirfí chun cinn iad i measc na bhfeirmeoirí agus go dtosófaí á gcur chun feidhme nó go leanfaí á gcur chun feidhme, mar aon le faireachán tráthrialta a dhéanamh ar dhul chun cinn na mbeart maolaithe trí shonraí tarluithe maidir le leibhéil chaidmiam in earraí bia a bhailiú agus na sonraí a thuairisciú, go háirithe maidir le leibhéil chaidmiam atá gar do na huasleibhéil nó atá níos airde ná sin, faoi mhí Feabhra 2018.

(4)

Ar bhonn na sonraí tarluithe a bailíodh tar éis na bearta maolaithe a chur chun feidhme, trí bhíthin Rialachán (AE) 2021/1323 ón gCoimisiún (7) laghdaíodh na huasleibhéil le haghaidh caidmiam i réimse leathan bianna.

(5)

Ó foilsíodh Rialachán (AE) 2021/1323, tá sonraí tarluithe nua ar fáil maidir leis an gcíb bhlasta agus maidir le roinnt speicis d’fhungais shaothraithe is lú a itear.

(6)

Tá feidhm ag an uasleibhéal le haghaidh caidmiam i raidisí maidir leis an gcíb bhlasta, leibhéal a laghdaíodh le Rialachán (AE) 2021/1323 ó 0,10 go 0,020 mg/kg. Laghdaíodh an t-uasleibhéal sin ar bhonn na sonraí tarluithe a bhí ar fáil an tráth sin maidir leis na speicis is mó a itear laistigh den ghrúpa tráchtearraí raidisí (Raphanus sativus var. sativus). Mar sin féin, idir an dá linn tá sonraí tarluithe níos nuaí ar fáil maidir leis an gcíb bhlasta go sonrach, rud a léiríonn go bhfuil tiúchan níos airde caidmiam sa chíb bhlasta ná atá i raidisí eile. Dá bhrí sin, is léir anois nach bhfuil an t-uasleibhéal a leagadh síos le haghaidh caidmiam sa chíb bhlasta i gcomhréir leis an bprionsabal ‘Chomh hÍseal agus is Indéanta le Réasún (ALARA)’. Thairis sin agus i bhfianaise mhéid íseal tomhaltais na cíbe blasta, ní chuireann sí ach beagán le teagmháil tomhaltóirí le caidmiam.

(7)

Le Rialachán (AE) 2021/1323 laghdaíodh na huasleibhéil le haghaidh fungais shaothraithe ó 0,20 mg/kg le haghaidh Agaricus bisporus, Lentinula edodes agus Pleurotus ostreatus agus ó 1,0 mg/kg le haghaidh fungais shaothraithe eile go 0,15 mg/kg le haghaidh Lentinula edodes agus Pleurotus ostreatus, agus go 0,050 mg/kg le haghaidh na bhfungas saothraithe eile uile, lena n-áirítear Agaricus bisporus. Laghdaíodh an t-uasleibhéal le haghaidh fungais shaothraithe seachas Lentinula edodes agus Pleurotus ostreatus ar bhonn na sonraí tarluithe a bhí ar fáil an tráth sin maidir leis na speicis is mó a itear den ghrúpa tráchtearraí sin (Agaricus bisporus). Mar sin féin, idir an dá linn tá sonraí tarluithe níos nuaí ar fáil maidir le roinnt speicis shonracha d’fhungais shaothraithe is lú a itear ná Agaricus bisporus, Lentinula edodes agus Pleurotus ostreatus, rud a léiríonn go bhfuil tiúchan níos airde caidmiam iontu ná atá in Agaricus bisporus. Dá bhrí sin, is léir anois nach bhfuil an t-uasleibhéal a leagadh síos le haghaidh caidmiam i bhfungais shaothraithe seachas Agaricus bisporus, Lentinula edodes agus Pleurotus ostreatus i gcomhréir leis an bprionsabal ‘ALARA’. Thairis sin, ós rud é gurb iad na speicis Agaricus bisporus, Lentinula edodes agus Pleurotus ostreatus an sciar is mó de mhéid iomlán na bhfungas a itear san Aontas, ní chuireann fungais shaothraithe eile ach beagán le rannchuidiú na bhfungas saothraithe eile le teagmháil tomhaltóirí le caidmiam.

(8)

Chun an prionsabal ‘ALARA’ a chur san áireamh agus rátaí neamhchomhlíontachta díréireacha a sheachaint maidir leis an gcíb bhlasta agus fungais shaothraithe seachas Agaricus bisporus, Lentinula edodes agus Pleurotus ostreatus, agus ardleibhéal sábháilteachta bia á choinneáil, ba cheart na huasleibhéil le haghaidh caidmiam sna speicis sin a mhéadú.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/915 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103).

(3)  Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra (CONTAM); Scientific opinion on cadmium in food [Tuairim eolaíoch maidir le caidmiam i mbia]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2009(980) 1-139, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2009.980.

(4)  Scientific Report of EFSA on Cadmium dietary exposure in the European population [Tuarascáil eolaíochta EFSA maidir leis an teagmháil chothúcháin le caidmiam i measc dhaonra na hEorpa]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2012;10(1), 2551 [37 lch.], https://doi.org/10.2903/j.efsa.2012.2551.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 488/2014 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil chaidmiam in earraí bia (IO L 138, 13.5.2014, lch. 75).

(6)  Moladh 2014/193/AE ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2014 maidir le láithreacht chaidmiam in earraí bia a laghdú (IO L 104, 8.4.2014, lch. 80).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1323 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le leibhéil uasta chaidmiam in earraí bia áirithe (IO L 288, 11.8.2021, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Roinn 3 (Miotail agus eilimintí eile), foroinn 3.2. (Caidmiam), den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 3.2.2.:

‘3.2.2.

Glasraí fréimhe agus tiúbair

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.2.2.1.

Glasraí fréimhe agus tiúbair, seachas na táirgí a liostaítear in 3.2.2.2., 3.2.2.3., 3.2.2.4., 3.2.2.5., 3.2.2.6. agus 3.2.2.7.

0,10

Maidir le prátaí, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le prátaí scafa.’

3.2.2.2.

Meacain bhiatais

0,060

 

3.2.2.3.

Soiliriac

0,15

 

3.2.2.4.

Raidis fhiáin, meacain bhána, salsabh

0,20

 

3.2.2.5.

Raidisí seachas an chíb bhlasta

0,020

 

3.2.2.6.

An chíb bhlasta

0,10

 

3.2.2.7.

Fréamhacha agus tiúbair thrópaiceacha, fréamhacha peirsile, tornapaí

0,050

 

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 3.2.9.:

‘3.2.9.

Fungais

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.’

3.2.9.1.

Agaricus bisporus

0,050

 

3.2.9.2.

Fungais shaothraithe seachas Agaricus bisporus

0,15

 

3.2.9.3.

Fungais fhiáine

0,50

 


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/25


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1511 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Iúil 2023

lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann le plandaí Malus sylvestris áirithe le haghaidh plandú ar de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an tríú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha go sealadach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Ar na géinis a liostaítear tá Malus Mill.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (3) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, ach nach ndearnadh measúnú iomlán fós ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach n-áirítear fós sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu, ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go n-áireofaí iad tar éis measúnú riosca iomlán breise.

(4)

An 4 Márta 2022 chuir an Ríocht Aontaithe (5) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le honnmhairiú na nithe seo a leanas chuig an Aontas: plandaí Malus sylvestris suas le 7 mbliana d’aois, iad fréamhlom agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, le haghaidh plandú; plandaí Malus sylvestris atá suas le 7 mbliana d’aois, i ndamhna fáis agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais (na plandaí ábhartha), le haghaidh plandú. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin.

(5)

An 24 Bealtaine 2023, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch a mhéid a bhaineann leis an measúnú riosca ar na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (6). Shainaithin an tÚdarás Colletotrichum aenigma, Meloidogyne mali, Eulecanium excrescens, Takahashia japonica, Víreas Fáinnebhall an Phlanda Tobac, Víreas Fáinnebhall an Phlanda Trátaí agus Erwinia amylovora mar lotnaidí atá ábhartha i leith na bplandaí sin..

(6)

Rinne an tÚdarás measúnú ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sa chomhad le haghaidh Colletotrichum aenigma, Meloidogyne mali, Eulecanium excrescens, Takahashia japonica, Víreas Fáinnebhall an Phlanda Tobac, Víreas Fáinnebhall an Phlanda Trátaí agus rinne meastachán ar a dhóiche a bhí sé go mbeadh na plandaí ábhartha saor ó na lotnaidí sin. Tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil ard-dóchúlacht ann go bhfuil na plandaí ábhartha saor ó lotnaidí. Maidir le Erwinia amylovora, rinne an tÚdarás meastóireacht féachaint ar comhlíonadh na ceanglais speisialta maidir le plandaí Malus Mill, seachas torthaí agus síolta, a thabhairt isteach sna criosanna cosanta sonraithe, atá liostaithe i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, agus maidir lena ngluaiseacht laistigh de na criosanna sin. Tháinig sé ar an gconclúid go gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe na ceanglais speisialta sin.

(7)

Ar bhonn na tuairime sin, meastar go laghdaíodh an riosca fíteashláintíochta ó na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais go leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirfear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riosca na lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin.

(8)

Na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe sa sainchomhad teicniúil, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a bhaineann leis na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a glacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais ar thabhairt isteach na bplandaí ábhartha inti a áirithiú.

(9)

Dá réir sin, níor cheart na plandaí ábhartha a mheas a thuilleadh mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

(11)

Erwinia amylovora liostaithe mar lotnaid choraintín sna criosanna cosanta, i gcás criosanna cosanta áirithe, agus mar lotnaid neamhchoraintín a rialaíonn an tAontas i gcás an chuid eile de chríoch an Aontais, in Iarscríbhinní III agus IV de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 faoi seach. Tá ceanglais speisialta ar bun i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X den Rialachán sin, chun cosc a chur ar theacht isteach agus leathadh na lotnaide laistigh de na criosanna cosanta sonraithe. Tá Víreas Fáinnebhall an Phlanda Tobac agus Víreas Fáinnebhall an Phlanda Trátaí liostaithe mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(12)

Níl Colletotrichum aenigma, Eulecanium excrescens,Takahashia japonica san áireamh fós sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Ní mór measúnú riosca iomlán ar na lotnaidí sin a chur ar fáil, chun a dhéanamh amach an gcomhlíonann an lotnaid sin na coinníollacha chun í a liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus an bhfuil na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe le liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin, mar aon leis na bearta iomchuí.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir.

(14)

Ní áirítear Meloidogyne mali sa liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais. D’fhoilsigh an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí (‘EPPO’) anailís riosca lotnaide ar an lotnaid sin i mí Mheán Fómhair 2017 (7). Ar bhonn plé leis na Ballstáit, thángthas ar an gconclúid nár cheart an lotnaid a rialáil mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais ná mar lotnaid neamhchoraintín a rialaíonn an tAontas, mar go meastar go bhfuil an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis íseal, cé go bhfuil sé le fáil i mBallstáit éigin le fada gan bearta rialála oifigiúla. Ar an gcúis sin, níl gá le haon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(5)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an ghnímh seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

(6)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2022. Tuairim Eolaíoch ar an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Malus sylvestris ón Ríocht Aontaithe. Iris EFSA 2023;21(6):8076, 122 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8076

(7)  EPPO (2017) Anailís riosca lotnaide le haghaidh Meloidogyne enterolobii. EPPO, Páras. Le fáil ag http://www.eppo.int/QUARANTINE/Pest_Risk_Analysis/PRA_intro.htm agus https://gd.eppo.int/taxon/MELGMA.


IARSCRÍBHINN I

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘Malus Mill.’:

Malus Mill., seachas:

plandaí Malus domestica nódaithe idir bliain amháin agus 2 bhliain d’aois, iad fréamhlom, suanach, gan duilleoga, le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Seirbia,

plandaí Malus domestica nódaithe suas le 3 bliana d’aois, iad fréamhlom, suanach, gan duilleoga le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Moldóive,

fréamhstoic Malus domestica suas le 3 bliana d’aois, iad fréamhlom, suanach, gan duilleoga, agus de thionscnamh na hÚcráine,

plandaí Malus domestica nódaithe suas le 3 bliana d’aois, iad fréamhlom, suanach, gan duilleoga le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Moldóive,

beangáin Malus domestica suas le bliain amháin d’aois, iad gan duilleoga agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe,

beangáin Malus domestica suas 7 mbliana d’aois, le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, agus

plandaí Malus sylvestris suas le 7 mbliana d’aois nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe’.


IARSCRÍBHINN II

Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh ‘Ligustrum delavayanum agus Ligustrum japonicum, plandaí atá suas le 20 bliain d’aois le haghaidh plandú i ndamhna fáis agus a bhfuil trastomhas uasta 18 cm acu ag bonn an ghais.’:

Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile

Cód AC

Tríú tíortha tionscnaimh

Bearta

Malus sylvestris

,

fréamhloma atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais

ex 0602 10 90

ex 0602 20 20

ex 0602 20 80

An Ríocht Aontaithe

(a)

Ráiteas oifigiúil ina luaitear an méid seo a leanas:

(i)

tá na plandaí saor ó Colletotrichum aenigma, Eulecanium excrescens agus Takahashia japonica;

(ii)

fuarthas go raibh an láithreán táirgthe saor ó Colletotrichum aenigma, Eulecanium excrescens, agus Takahashia japonica le linn cigireachtaí oifigiúla a rinneadh ag amanna iomchuí, ó thús an tséasúir fáis deiridh;

(iii)

cuireadh córas i bhfeidhm chun a áirithiú gur glanadh na huirlisí agus an t-innealra le bheith saor ó ithir agus ó bhruscar plandaí agus go ndearnadh iad a dhíghalrú le bheith saor ó Colletotrichum aenigma, sular tugadh isteach sa láithreán táirgthe iad; agus

(iv)

díreach sula ndearnadh onnmhairiú, rinneadh cigireacht oifigiúil ar choinsíneachtaí de na plandaí chun Eulecanium excrescens agus Takahashia japonica, a bhrath agus is leor méid an tsampla chun leibhéal inmhíolaithe 1 % ar a laghad a bhrath ar leibhéal muiníne 99 %; rinneadh cigireacht oifigiúil orthu chunColletotrichum aenigma a bhrath, lena n-áirítear sampláil randamach agus tástáil ar na plandaí;

(b)

áirítear i ndeimhnithe fíteashláintíochta na bplandaí sin faoin gceannteideal “Dearbhú Breise”:

(i)

an ráiteas seo a leanas: “Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún”; agus

(ii)

sonraíocht na láithreán táirgthe cláraithe.’


CINNTÍ

21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/30


CINNEADH (CBES) 2023/1512 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 19 Iúil 2023

lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (EUAM RCA/1/2023)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2019/2110 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (1), agus go háirithe Airteagal 8(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 8(1) de Chinneadh (CBES) 2019/2110, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh, na cinntí ábhartha a dhéanamh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh.

(2)

An 25 Lúnasa 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/1436 (2), lena gceaptar José Manuel MARQUES DIAS mar Cheann Misin ar EUAM RCA ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2023.

(3)

An 28 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1333 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2110 agus lena gcuirtear síneadh le sainordú EUAM RCA go dtí an 9 Lúnasa 2024.

(4)

Mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go gcuirfí síneadh le sainordú José Manuel MARQUES DIAS mar Cheann Misin ar EUAM RCA ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 9 Lúnasa 2024,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú José Manuel MARQUES DIAS mar Cheann Misin ar Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 9 Lúnasa 2024.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Iúil 2023.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)  IO L 318, 10.12.2019, lch. 141.

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/1436 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 25 Lúnasa 2022 maidir le Ceann Misin a cheapadh ar Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (EUAM RCA/1/2022) (IO L 225, 31.8.2022, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/1333 ón gComhairle an 28 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2110 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (IO L 201, 1.8.2022, lch. 25).


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/32


CINNEADH (CBES) 2023/1513 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 19 Iúil 2023

maidir le rannchuidiú tríú Stát le Misean an Aontais Eorpaigh san Airméin a ghlacadh (EUMA) (EUMA/2/2023)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/162 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 maidir le Misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) (1), agus go háirithe Airteagal 9(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 9(3) de Chinneadh (CBES) 2023/162, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le glacadh leis na rannchuidithe beartaithe le EUMA ó thríú Stáit.

(2)

Tar éis moladh ó Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha ar rannchuidiú beartaithe Cheanada le EUMA, ba cheart glacadh leis an rannchuidiú ó Cheanada agus é a mheas mar rannchuidiú suntasach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Glactar leis an rannchuidiú ó Cheanada le Misean an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) agus meastar gur rannchuidiú suntasach é.

2.   Tá Ceanada díolmhaithe ó ranníocaíochtaí airgeadais le buiséad EUMA.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Iúil 2023.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)  IO L 22, 24.1.2023, lch. 29.


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/33


CINNEADH (CBES) 2023/1514 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/422

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Nollaig 2001, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2001/931/CBES (1).

(2)

An 24 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/422 (2) lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES (‘an liosta’).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 1(6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, ní mór athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar ainmneacha na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá ar an liosta chun a áirithiú go bhfuil forais ann lena gcoimeád ar an liosta.

(4)

Leagtar amach sa Chinneadh seo toradh an athbhreithnithe a rinne an Chomhairle i dtaca leis na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo.

(5)

Tá an Chomhairle tar éis a fhíorú go bhfuil údaráis inniúla, dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, tar éis cinntí a dhéanamh i dtaca le gach duine, gach grúpa agus gach eintiteas atá ar an liosta lena léirítear go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(2) agus (3) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES. Tá an Chomhairle tar éis teacht ar an tátal freisin gur cheart na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo leanúint de bheith faoi réir na mbeart sriantach sonrach dá bhforáiltear i gComhsheasamh 2001/931/CBES.

(6)

Ba cheart an liosta a nuashonrú dá réir sin agus Cinneadh (CBES) 2023/422 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2023/422 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/422 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1241 (IO L 61, 27.2.2023, lch. 58).


IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA nDAOINE, NA nGRÚPAÍ AGUS NA n-EINTITEAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

I.   DAOINE

1.

ABDOLLAHI, Hamed (a.k.a. Mustafa Abdullahi), a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Uimhir an phas: D9004878.

2.

AL-NASSER Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

3.

AL-YACOUB Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4.

ARBABSIAR Manssor (a.k.a. Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, uimhir an phas: C2002515 (an Iaráin); uimhir an phas: 477845448 (SAM). Uimhir cárta aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

5.

ASADI Assadollah (a.k.a. Assadollah Asadi), a rugadh an 22.12.1971 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

6.

BOUYERI Mohammed (a.k.a. Abu Zubair, a.k.a. Sobiar, a.k.a. Abu Zoubair), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

7.

HASSAN EL HAJJ Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Uimhir an phas: JX446643 (Ceanada).

8.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Teheran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9.

AL-DIN Hasan Izz (a.k.a. Garbaya Ahmed, a.k.a. Sa’id, a.k.a. Salwwan Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

10.

MELIAD Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Uimhir an phas: M2719127 (an Astráil).

11.

MOHAMMED Khalid Sheikh (a.k.a. Ali Salem, a.k.a. Bin Khalid Fahd Bin Adballah, a.k.a. Henin Ashraf Refaat Nabith, a.k.a. Wadood Khalid Adbul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, uimhir an phas: 488555.

12.

SHAHLAI Abdul Reza (a.k.a. Abdol Reza Shala’i, a.k.a. Abd-al Reza Shalai, a.k.a. Abdorreza Shahlai, a.k.a. Abdolreza Shahla’i, a.k.a. Abdul-Reza Shahlaee, a.k.a. Hajj Yusef, a.k.a. Haji Yusif, a.k.a. Hajji Yasir, a.k.a. Hajji Yusif, a.k.a. Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, an Iaráin, (2) Bunáit Mhíleata Mehran, cúige Ilam, an Iaráin.

13.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Tehran na hIaráine.

II.   GRÚPAÍ AGUS EINTITIS

1.

‘Abu Nidal Organisation’ — ‘ANO’ (a.k.a. ‘Fatah Revolutionary Council’, a.k.a. ‘Arab Revolutionary Brigades’, a.k.a. ‘Black September’, a.k.a. ‘Revolutionary Organisation of Socialist Muslims’).

2.

‘Al-Aqsa Martyrs’ Brigade’.

3.

‘Al-Aqsa e.V’.

4.

‘Babbar Khalsa’.

5.

‘Communist Party of the Philippines’, lena n-áirítear ‘New People’s Army’ — ‘NPA’, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine.

7.

‘Gama’a al-Islamiyya’ (a.k.a. ‘Al-Gama’a al-Islamiyya’) (‘Islamic Group’ — ‘IG’).

8.

‘İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi’ — ‘IBDA-C’ (‘Great Islamic Eastern Warriors Front’).

9.

‘Hamas’, lena n-áirítear ‘Hamas-Izz al-Din-al-Qassem’.

10.

‘Hizballah Military Wing’ (a.k.a. ‘Hezbollah Military Wing’, a.k.a. ‘Hizbullah Military Wing’, a.k.a. ‘Hizbollah Military Wing’, a.k.a. ‘Hezballah Military Wing’, a.k.a. ‘Hisbollah Military Wing’, a.k.a. ‘Hizbu’llah Military Wing’, a.k.a. ‘Hizb Allah Military Wing’, a.k.a. ‘Jihad Council’ (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n-áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

11.

‘Hizbul Mujahideen’ — ‘HM’.

12.

‘Khalistan Zindabad Force’ — ‘KZF’.

13.

‘Kurdistan Workers’ Party’ — ‘PKK’ (a.k.a. ‘KADEK’, a.k.a. ‘KONGRA-GEL’).

14.

‘Liberation Tigers of Tamil Eelam’ — ‘LTTE’.

15.

‘Ejército de Liberación Nacional’ (‘an tArm um Shaoradh Náisiúnta’).

16.

‘Palestinian Islamic Jihad’ — ‘PIJ’.

17.

‘Popular Front for the Liberation of Palestine’ — ‘PFLP’.

18.

‘Popular Front for the Liberation of Palestine — General Command’ (a.k.a. ‘PFLP — General Command’).

19.

‘Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi’ — ‘DHKP/C’ (a.k.a. ‘Devrimci Sol’ (‘Revolutionary Left’), a.k.a. ‘Dev Sol’) (‘Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party’).

20.

‘Sendero Luminoso’ — ‘SL’ (‘an Chonair Lonrach’).

21.

‘Teyrbazen Azadiya Kurdistan’ — ‘TAK’ (a.k.a. ‘Kurdistan Freedom Falcons’, a.k.a. ‘Kurdistan Freedom Hawks’).

21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/37


CINNEADH (CBES) 2023/1515 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1026 chun tacú le Clár Cibearshlándála agus Athléimneachta agus Dearbhaithe Faisnéise na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Meitheamh 2021 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1026 (1).

(2)

An 18 Bealtaine 2023, d’iarr an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha, atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2021/1026, go gcuirfí síneadh 12 mhí, go dtí an 30 Lúnasa 2024, le cur chun feidhme an Chinnidh sin.

(3)

Níl aon impleachtaí airgeadais breise le cur chun feidhme leanúnach Chinneadh (CBES) 2021/1026 don tréimhse go dtí an 30 Lúnasa 2024.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2021/1026 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2021/1026, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 30 Lúnasa 2024.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/1026 an 21 Meitheamh 2021 chun tacú le Clár Cibearshlándála agus Athléimneachta agus Dearbhaithe Faisnéise na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 224, 24.6.2021, lch. 24).


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/38


CINNEADH (CBES) 2023/1516 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1340

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Márta 2002, chomhaontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a cheapadh.

(2)

An 8 Lúnasa 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1340 (1) lena gceaptar Johann SATTLER mar ISAE sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin. Cuireadh síneadh as a chéile le sainordú ISAE, an ceann is déanaí le Cinneadh (CBES) 2021/1193 ón gComhairle (2) agus tá sé le dul in éag an 31 Lúnasa 2023.

(3)

Ba cheart síneadh 12 mhí breise a chur le sainordú ISAE, agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 31 Lúnasa 2024.

(4)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1340 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Cuirtear síneadh le sainordú Johann SATTLER mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin go dtí an 31 Lúnasa 2024. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí).’;

(2)

cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 5(1):

‘Is é EUR 5 530 000 an méid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 31 Lúnasa 2024 a chumhdach.’;

(3)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

‘Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta ar dhul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe, faoin 31 Bealtaine 2024.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/1340 ón gComhairle an 8 Lúnasa 2019 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (IO L 209, 9.8.2019, lch. 10).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/1193 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1340 (IO L 258, 20.7.2021, lch. 46).


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/40


CINNEADH (CBES) 2023/1517 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

Sna Conclúidí uaithi, a glacadh an 29 agus an 30 Meitheamh 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an cáineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh atá ina shárú follasach ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus meabhraíodh di go bhfuil an tAontas ag tacú go daingean le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad agus ag tacú freisin le ceart bunúsach na hÚcráine í féin a chosaint in aghaidh fhogha na Rúise. Cháin an Chomhairle Eorpach go láidir freisin scriosadh d’aon ghnó an damba ag stáisiún cumhachta hidrileictreach Kakhovka, chomh maith le díbirt neamhdhleathach agus aistriú neamhdhleathach chuig an Rúis agus chuig an mBealarúis leanaí ón Úcráin agus sibhialtaigh eile atá á ndéanamh ag an Rúis.

(3)

A fhad agus a leantar de shárú a dhéanamh ar an toirmeasc ar úsáid fornirt, ar riail dhomhaolaithe den dlí idirnáisiúnta é, trí ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise, is iomchuí na bearta uile arna bhforchur ag an Aontas a choinneáil i bhfeidhm agus bearta breise a dhéanamh, más gá. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCinneadh 2014/512/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):

‘1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2024.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/41


CINNEADH (CBES) 2023/1518 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá an tSaoráid Eorpach Síochána le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú ar nós gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí tríú stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta maidir le cúrsaí míleata agus cosanta a neartú.

(2)

Léirítear leis an ngéarchéim atá i gcúigí oirthearacha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó go leanfar de bheith ag íoc an chostais thragóidigh dhaonna mura mbainfear síocháin bhuan chuimsitheach amach. Tá ceann de na géarchéimeanna daonnúla is measa agus is faide ar domhan ann mar thoradh ar éagobhsaíocht leanúnach, agus tá an baol ann go mbeadh an réigiún mar dhaingean ag an sceimhlitheoireacht agus ag líonraí coiriúla trasnáisiúnta.

(3)

Is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é an tsíocháin, an tslándáil, agus an chobhsaíocht agus an urraim do chearta an duine a áirithiú go fadtéarmach i gcúigí oirthearacha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus sa réigiún go forleathan, i gcomhréir le cur chuige comhtháite. Is eol don Aontas a thábhachtaí atá na holltoghcháin arna ngairm do mhí na Nollag 2023.

(4)

An 13 Feabhra 2023, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) iarraidh ar an Aontas ó Phoblacht Dhaonlathach an Chongó cuidiú le Fórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó príomhthrealamh a fháil agus bonneagar bunúsach a thógáil faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(5)

Cuirfear bearta cúnaimh chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(6)

Beidh an cur chun feidhme faoi réir freisin ag an measúnú leathbhliantúla ar fhorbairtí polaitiúla i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, i gcomhréir leis an gcreat modheolaíochta comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi Shaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

(7)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a shuíomh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (‘an tairbhí’) agus atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (‘an beart cúnaimh’).

2.   Is é is cuspóir don bheart cúnaimh cumais agus athléimneacht Fhórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó a neartú chun go mbeidh ar a gcumas iomláine chríochach agus ceannasacht Phoblacht Dhaonlathach an Chongó a chosaint ar bhealach níos fearr agus chun gur fearr a chosnófar an pobal sibhialta i gcoinne, go háirithe, grúpaí armtha i gcúigí oirthearacha na tíre.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar na comhpháirteanna seo a leanas leis an mbeart cúnaimh:

(a)

trealamh aonair, nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a thabhairt, do shaighdiúirí;

(b)

trealamh comhchoiteann, nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a thabhairt, ar leibhéal na briogáide, an chathláin agus na cuideachta;

(c)

bonneagar ar leibhéal cheanncheathrú na briogáide.

4.   Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 48 mí ón dáta a thabharfar an conradh i gcrích, arna shíniú ag an riarthóir um bearta cúnaimh, ag gníomhú mar oifigeach údarúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509. Ní thosóidh cur chun feidhme an chonartha roimh an 1 Márta 2024.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 20 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbaintear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéantar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme, ag teacht leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is Aireacht Cosanta Ríocht na Beilge a chuirfidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) chun feidhme.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar an tairbhí agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 á gcomhlíonadh aige. Leis an bhfaireachán sin, déanfar feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na haonaid Fhórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta na Saoráide Eorpaí Síochána a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú a dhéanamh, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh arna sholáthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na n-earraí ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh;

(c)

cigireachtaí ar an láthair, trína dtabharfaidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh nuair a bheidh an beart cúnaimh déanta chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a luaitear in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta don Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a chur ar fáil faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear rialacha comhchoiteanna chun onnmhairí de theicneolaíocht agus de threalamh míleata a rialú (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/45


CINNEADH (CBES) 2023/1519 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1277 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1277 (1), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin.

(2)

Beidh feidhm ag Cinneadh (CBES) 2021/1277 go dtí an 31 Iúil 2023. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 31 Iúil 2024.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2021/1277 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2021/1277, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Iúil 2024 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/1277 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin (IO L 277 I, 2.8.2021, lch. 16).


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/46


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1520 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Iúil 2023

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C (2023) 4910)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é an fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éin agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig HPAI, tá baol ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go bunaíochtaí eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas.

(2)

Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach nua chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine. Tagann HPAI faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe sa Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI.

(3)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 (3) ón gCoimisiún faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais i ndáil le ráigeanna HPAI.

(4)

Go háirithe, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise arna mbunú ag na Ballstáit tar éis ráigeanna HPAI, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh siad ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus criosanna srianta breise san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(5)

Leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 le déanaí le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1337 ón gCoimisiún (4) tar éis ráigeanna HPAI in éanlaith chlóis nó in éin i mbraighdeanas sa Fhrainc, rud ba ghá a léiriú san Iarscríbhinn sin.

(6)

Ón dáta a glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1337, thug an Danmhairg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Pholainn agus an tSualainn fógra don Choimisiún faoi ráigeanna HPAI i mbunaíochtaí inar coinníodh éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas, atá lonnaithe i mBardasacht Nyborg sa Danmhairg, in Schleswig-Holstein Land sa Ghearmáin, i ranna Pas-de-Calais, Landes agus La Réunion sa Fhrainc, i Réigiún Lombardia san Iodáil, i gcúige Małopolskie sa Pholainn agus i mbardasacht Gotland sa tSualainn.

(7)

Tá na bearta rialaithe galar is gá déanta ag údaráis inniúla na Danmhairge, na Gearmáine, na Fraince, na hIodáile, na Polainne, agus na Sualainne i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna.

(8)

Thairis sin, an ráig atá deimhnithe sa Ghearmáin, tá sí dlúth leis an teorainn leis an Danmhairg. Dá réir sin, tá comhoibriú cuí déanta ag údaráis inniúla na Gearmáine agus na Danmhairge maidir le bunú an chreasa faireachais is gá, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ós rud é go bhfuil an crios faireachais ag síneadh isteach i gcríoch na Danmhairge.

(9)

Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar a rinne an Danmhairg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Pholainn agus an tSualainn i gcomhar leis na Ballstáit sin agus tá sé sásta go bhfuil teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag údaráis inniúla na mBallstát sin, go bhfuil siad fada go leor ó na bunaíochtaí inar deimhníodh na ráigeanna de HPAI.

(10)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641, níl aon limistéar liostaithe faoi láthair mar chriosanna cosanta agus faireachais don Ghearmáin agus don Pholainn agus níl aon limistéar liostaithe mar chrios cosanta agus crios faireachais don Danmhairg, don Iodáil agus don tSualainn.

(11)

Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá tuairisc a thabhairt go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an Danmhairg, leis an nGearmáin, leis an bhFrainc, leis an Iodáil, leis an bPolainn agus leis an tSualainn, ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag na Ballstáit sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais don Fhrainc agus na limistéir a liostaítear mar chrios faireachais don Ghearmáin agus don Pholainn san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 a leasú.

(13)

Ina theannta sin, ba cheart criosanna cosanta a liostú don Ghearmáin agus don Pholainn agus ba cheart criosanna cosanta agus faireachais a liostú don Danmhairg, don Iodáil agus don tSualainn san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641.

(14)

Dá réir sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 a leasú chun an réigiúnú a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais chun aird a thabhairt ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag an Danmhairg, ag an nGearmáin, ag an bhFrainc, ag an Iodáil, ag an bPolainn agus ag an tSualainn, agus ar an gcrios faireachais arna bhunú go cuí ag an Danmhairg, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus ré na mbeart is infheidhme ann.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 a leasú dá réir.

(16)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 134, 20.4.2021, lch. 166).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1337 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2023 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 166, 30.6.2023, lch. 139).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

Cuid A

Criosanna cosanta sna Ballstáit* lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2:

Ballstát: an Danmhairg

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

DE-HPAI(P)-2023-00004

The parts of Nyborg and Kerteminde municipality that are contained within a circle of radius 3 km, centered on GPS coordinates

N 55.38149; E 10.6786

3.8.2023

Ballstát: an Ghearmáin

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

SCHLESWIG-HOLSTEIN

DE-HPAI(P)-2023-00027

Kreis Schleswig-Flensburg

3 km Radius um den Ausbruchsbetrieb mit den GPS-Koordinaten: 9.567511/54.785588. Betroffen sind die Gemeinden oder Teile der Gemeinden Hürup, Husby, Maasbüll, Grundhof, Munkbrarup, Ringsberg, Wees.

31.7.2023

Ballstát: an Fhrainc

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Department: Landes (40)

FR-HPAI(P)-2023-00067

FR-HPAI(P)-2023-00082

FR-HPAI(P)-2023-00083

FR-HPAI(P)-2023-00084

FR-HPAI(P)-2023-00089

FR-HPAI(P)-2023-00091

FR-HPAI(P)-2023-00097

FR-HPAI(P)-2023-00098

FR-HPAI(P)-2023-00099

FR-HPAI(P)-2023-00117

FR-HPAI(P)-2023-00118

FR-HPAI(P)-2023-00119

FR-HPAI(P)-2023-00120

FR-HPAI(P)-2023-00121

FR-HPAI(P)-2023-00125

FR-HPAI(P)-2023-00126

FR-HPAI(P)-2023-00129

FR-HPAI(P)-2023-00131

FR-HPAI(P)-2023-00136

FR-HPAI(P)-2023-00137

FR-HPAI(P)-2023-00138

FR-HPAI(P)-2023-00142

FR-HPAI(P)-2023-00143

FR-HPAI(P)-2023-00148

Aire-sur-l’Adour

Arboucave

Artassenx

Bahus-Soubiran

Bascons

Bats

Benquet

Bordères-et-Lamensans

Bourdalat

Bretagne-de-Marsan

Buanes

Castandet

Castelnau-Tursan

Cazères-sur-l’Adour

Classun

Clèdes

Duhort-Bachen

Eugénie-les-Bains

Fargues

Geaune

Grenade-sur-l’Adour

Hontanx

Labastide-d’Armagnac

Lacajunte

Lagrange

Larrivière-Saint-Savin

Latrille

Lussagnet

Mauries

Maurrin

Mauvezin-d’Armagnac

Miramont-Sensacq

Montgaillard

Montsoué

Payros-Cazautets

Pécorade

Philondenx

Pimbo

Puyol-Cazalet

Renung

Saint-Agnet

Saint-Gein

Saint-Loubouer

Saint-Maurice-sur-Adour

Saint-Sever (Est D933.S)

Samadet

Sarron

Sorbets

Urgons

Vielle-Tursan

Le Vignau

10.7.2023

FR-HPAI(P)-2023-00151

CARCARE SAINTE CROIX

CARCEN PONSON

SAINT YAGUEN

3.8.2023

FR-HPAI(P)-2023-00152

DOAZIT

HAURIET

LARBEY

MAYLIS

MONTAUT

SAINT AUBIN

3.8.2023

Department: Pas-de-Calais (62)

FR-HPAI(P)-2023-00150

AIRON-NOTRE-DAME

AIRON-SAINT-VAAST

CAMPIGNEULLES-LES-GRANDES

SAINT-AUBIN

SORRUS

25.7.2023

Department: La Réunion (974)

FR-HPAI(P)-2023-00153

SAINT LOUIS

L’ETANG SALE

SAINT PIERRE VILLE

1.8.2023

Ballstát: an Iodáil

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

IT-HPAI(P)-2023-00011

The area of the parts of Lombardia Region contained within a circle of radius of three kilometres, centred on WGS84 dec coordinates Lat. 45.154119, Long. 9.371134

9.8.2023

Ballstát: an Pholainn

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

PL-HPAI(P)-2023-00069

W województwie małopolskim:

część gmin: Kocmyrzów – Luborzyca, m.Kraków w promieniu 3 km od współrzędnych GPS: 50.12038/20.11711

25.7.2023

Ballstát: an tSualainn

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

DE-HPAI(P)-2023-00002

Those parts of the municipality of Gotland contained within a circle of a radius of three kilometres, centred on WGS84 dec. coordinates N 57.4830 and E 18.2211

21.7.2023

Cuid B

Criosanna faireachais sna Ballstáit* lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 3:

Ballstát: an Danmhairg

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

DE-HPAI (P)-2023-00027

The parts of Sønderborg and Aabenraa municipalities that are part of the German zone within the circle of radius 10 kilometres, centred on GPS coordinates:

N 54.78559; E 9.567011

9.8.2023

DK-HPAI(P)-2023-00004

The parts of Nyborg, Kerteminde, Odense and Faaborg-Midtfyn municipalities beyond the area described in the protection zone and within the circle of radius 10 kilometres, centred on GPS coordinates

N 55.38149; E 10.6786

12.8.2023

The parts of Nyborg and Kerteminde municipality that are contained within a circle of radius 3 km, centered on GPS coordinates

N 55.38149; E 10.6786

4.8.2023 – 12.8.2023

Ballstát: an Ghearmáin

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

SCHLESWIG-HOLSTEIN

DE-HPAI (P)-2023-00027

Kreis Schleswig-Flensburg und Stadt Flensburg

10 km Radius um den Ausbruchsbetrieb mit den GPS-Koordinaten: 9.567511/54.785588. Betroffen sind die Städte/Gemeinden oder Teile der Städte/Gemeinden: Stadt Flensburg, Stadt Glücksburg, Handewitt, Ausacker, Freienwill, Großsolt, Hürup, Husby, Massbüll, Tastrup, Dollerup, Grundhof, Langballig, Munkbrarup, Ringsberg, Westerholz, Wees, Sörup, Mittelangeln, Oeversee, Steinbergkirche.

9.8.2023

Kreis Schleswig-Flensburg

3 km Radius um den Ausbruchsbetrieb mit den GPS-Koordinaten: 9.567511/54.785588. Betroffen sind die Gemeinden oder Teile der Gemeinden Hürup, Husby, Maasbüll, Grundhof, Munkbrarup, Ringsberg, Wees.

1.8.2023 - 9.8.2023

Ballstát: an Fhrainc

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Département: Gers (32)

FR-HPAI(P)-2023-00065

FR-HPAI(P)-2023-00068

FR-HPAI(P)-2023-00069

FR-HPAI(P)-2023-00070

FR-HPAI(P)-2023-00066

FR-HPAI(P)-2023-00071

FR-HPAI(P)-2023-00072

FR-HPAI(P)-2023-00073

FR-HPAI(P)-2023-00074

FR-HPAI(P)-2023-00075

FR-HPAI(P)-2023-00076

FR-HPAI(P)-2023-00077

FR-HPAI(P)-2023-00078

FR-HPAI(P)-2023-00079

FR-HPAI(P)-2023-00080

FR-HPAI(P)-2023-00081

FR-HPAI(P)-2023-00085

FR-HPAI(P)-2023-00088

FR-HPAI(P)-2023-00090

FR-HPAI(P)-2023-00092

FR-HPAI(P)-2023-00093

FR-HPAI(P)-2023-00094

FR-HPAI(P)-2023-00095

FR-HPAI(P)-2023-00096

FR-HPAI(P)-2023-00100

FR-HPAI(P)-2023-00101

FR-HPAI(P)-2023-00102

FR-HPAI(P)-2023-00103

FR-HPAI(P)-2023-00104

FR-HPAI(P)-2023-00105

FR-HPAI(P)-2023-00106

FR-HPAI(P)-2023-00107

FR-HPAI(P)-2023-00108

FR-HPAI(P)-2023-00109

FR-HPAI(P)-2023-00110

FR-HPAI(P)-2023-00111

FR-HPAI(P)-2023-00112

FR-HPAI(P)-2023-00113

FR-HPAI(P)-2023-00114

FR-HPAI(P)-2023-00115

FR-HPAI(P)-2023-00116

FR-HPAI(P)-2023-00122

FR-HPAI(P)-2023-00123

FR-HPAI(P)-2023-00124

FR-HPAI(P)-2023-00127

FR-HPAI(P)-2023-00128

FR-HPAI(P)-2023-00130

FR-HPAI(P)-2023-00132

FR-HPAI(P)-2023-00133

FR-HPAI(P)-2023-00134

FR-HPAI(P)-2023-00139

FR-HPAI(P)-2023-00141

FR-HPAI(P)-2023-00140

FR-HPAI(P)-2023-00144

FR-HPAI(P)-2023-00145

FR-HPAI(P)-2023-00146

FR-HPAI(P)-2023-00149

FR-HPAI(NON-P)-2023-00376

"AUJAN-MOURNEDE

ZP à l’ouest de route entre “Le Rentier” et “Le Sage”

ZS à l’est de cette même route"

"SAINT-BLANCARD

ZS à l’Ouest des routes D 139 et D576

ZRS à l’Est"

ARMENTIEUX

ARMOUS-ET-CAU

ARROUEDE

AUSSOS

BARCUGNAN

BARRAN

BARS

BASSOUES

BAZIAN

BAZUGUES

BELLEGARDE

BELLOC-SAINT-CLAMENS

BERDOUES

BETCAVE-AGUIN

BEZOLLES

BEZUES-BAJON

BIRAN

BRETAGNE-D’ARMAGNAC

CABAS-LOUMASSES

CAILLAVET

CALLIAN

CANNET

CASTELNAU D’AUZAN LABARRÈRE

CASTEX-D’ARMAGNAC

CAZAUX-D’ANGLES

CAZENEUVE

CHELAN

CLERMONT-POUYGUILLES

COURRENSAN

CUELAS

DUFFORT

DURBAN

ESTIPOUY

GALIAX

GAZAX-ET-BACCARISSE

GONDRIN

GOUX

IDRAC-RESPAILLES

JU-BELLOC

JUSTIAN

L’ISLE-DE-NOE

LABEJAN

LADEVEZE-VILLE

LAGRAULET-DU-GERS

LALANNE-ARQUE

LAMAGUERE

LANNEMAIGNAN

LANNEPAX

LAVERAET

LE BROUILH-MONBERT

LOUBERSAN

LOUSLITGES

MANAS-BASTANOUS

MANENT-MONTANE

MARAMBAT

MARCIAC

MASCARAS

MAUMUSSON-LAGUIAN

MEILHAN

MIRANDE

MIRANNES

MONCASSIN

MONCLAR-SUR-LOSSE

MONCORNEIL-GRAZAN

MONFERRAN-PLAVES

MONGUILHEM

MONLAUR-BERNET

MONLEZUN

MONT-D’ASTARAC

MONT-DE-MARRAST

MONTIES

MOUCHES

MOUREDE

NOULENS

ORNEZAN

PANASSAC

PLAISANCE

PONSAMPERE

PONSAN-SOUBIRAN

POUYLEBON

PRECHAC-SUR-ADOUR

PROJAN

RAMOUZENS

RICOURT

ROQUEBRUNE

ROQUES

ROZES

SADEILLAN

SAINT-CHRISTAUD

SAINT-JEAN-POUTGE

SAINT-JUSTIN

SAINT-MARTIN

SAINT-MEDARD

SAINT-PAUL-DE-BAISE

SAINTE-DODE

SAMARAN

SARRAGUZAN

SCIEURAC-ET-FLOURES

SEISSAN

SERE

TACHOIRES

TIESTE-URAGNOUX

TUDELLE

21.7.2023

AIGNAN

ARBLADE-LE-BAS

ARBLADE-LE-HAUT

AURENSAN

AVERON-BERGELLE

AYZIEU

BARCELONNE-DU-GERS

BASCOUS

BEAUMARCHES

BELMONT

BERNEDE

BETOUS

BOURROUILLAN

BOUZON-GELLENAVE

CAHUZAC-SUR-ADOUR

CAMPAGNE-D’ARMAGNAC

CASTELNAU-D’ANGLES

CASTELNAVET

CASTILLON-DEBATS

CAUMONT

CAUPENNE-D’ARMAGNAC

CAZAUBON

CORNEILLAN

COULOUME-MONDEBAT

COURTIES

CRAVENCERES

DEMU

EAUZE

ESCLASSAN-LABASTIDE

ESPAS

ESTANG

FUSTEROUAU

GEE-RIVIERE

IZOTGES

JUILLAC

LABARTHE

LABARTHETE

LADEVEZE-RIVIERE

LAGARDE-HACHAN

LANNE-SOUBIRAN

LANNUX

LAREE

LASSERADE

LAUJUZAN

LE HOUGA

LELIN-LAPUJOLLE

LIAS-D’ARMAGNAC

LOUBEDAT

LOURTIES-MONBRUN

LOUSSOUS-DEBAT

LUPIAC

LUPPE-VIOLLES

MAGNAN

MANCIET

MARGOUET-MEYMES

MARGUESTAU

MASSEUBE

MAULEON-D’ARMAGNAC

MAULICHERES

MAUPAS

MONCLAR

MONLEZUN-D’ARMAGNAC

MONTAUT

MONTESQUIOU

MORMES

NOGARO

PANJAS

PERCHEDE

PEYRUSSE-GRANDE

PEYRUSSE-VIEILLE

POUY-LOUBRIN

POUYDRAGUIN

PRENERON

REANS

RIGUEPEU

RISCLE

SABAZAN

SAINT-ARAILLES

SAINT-ARROMAN

SAINT-AUNIX-LENGROS

SAINT-ELIX-THEUX

SAINT-GERME

SAINT-GRIEDE

SAINT-MARTIN-D’ARMAGNAC

SAINT-MICHEL

SAINT-MONT

SAINT-OST

SAINT-PIERRE-D’AUBEZIES

SAINTE-AURENCE-CAZAUX

SAINTE-CHRISTIE-D’ARMAGNAC

SALLES-D’ARMAGNAC

SARRAGACHIES

SAUVIAC

SEAILLES

SEGOS

SION

SORBETS

TARSAC

TASQUE

TERMES-D’ARMAGNAC

TOUJOUSE

TOURDUN

URGOSSE

VERGOIGNAN

VERLUS

VIC-FEZENSAC

VIELLA

VIOZAN

"AUJAN-MOURNEDE

ZP à l’ouest de route entre “Le Rentier” et “Le Sage”

ZS à l’est de cette même route"

6.7.2023 – 21.7.2023

Département: Landes (40)

FR-HPAI(P)-2023-00067

FR-HPAI(P)-2023-00082

FR-HPAI(P)-2023-00083

FR-HPAI(P)-2023-00084

FR-HPAI(P)-2023-00089

FR-HPAI(P)-2023-00091

FR-HPAI(P)-2023-00097

FR-HPAI(P)-2023-00098

FR-HPAI(P)-2023-00099

FR-HPAI(P)-2023-00117

FR-HPAI(P)-2023-00118

FR-HPAI(P)-2023-00119

FR-HPAI(P)-2023-00120

FR-HPAI(P)-2023-00121

FR-HPAI(P)-2023-00125

FR-HPAI(P)-2023-00126

FR-HPAI(P)-2023-00129

FR-HPAI(P)-2023-00131

FR-HPAI(P)-2023-00136

FR-HPAI(P)-2023-00137

FR-HPAI(P)-2023-00138

FR-HPAI(P)-2023-00142

FR-HPAI(P)-2023-00143

FR-HPAI(P)-2023-00148

Amou

Arsague

Arthez-d’Armagnac

Aubagnan

Audignon

Aurice

Banos

Bas-Mauco

Betbezer-d’Armagnac

Beyries

Bonnegarde

Bougue

Brassempouy

Castaignos-Souslens

Castel-Sarrazin

Cauna

Coudures

Créon-d’Armagnac

Dumes

Escalans

Estigarde

Eyres-Moncube

Le Frêche

Gabarret

Gaujacq

Hagetmau

Haut-Mauco

Herré

Horsarrieu

Laglorieuse

Lamothe

Lauret

Mant

Marpaps

Mazerolles

Monget

Monségur

Mont-de-Marsan

Montégut

Mouscardès

Nassiet

Ossages

Parleboscq

Perquie

Pomarez

Pujo-le-Plan

Sainte-Colombe

Saint-Cricq-Villeneuve

Saint-Julien-d’Armagnac

Saint-Justin

Saint-Perdon

Saint-Pierre-du-Mont

Saint-Sever (Ouest D933.S)

Sarraziet

Serres-Gaston

Tilh

Villeneuve-de-Marsan

19.7.2023

Aire-sur-l’Adour

Arboucave

Artassenx

Bahus-Soubiran

Bascons

Bats

Benquet

Bordères-et-Lamensans

Bourdalat

Bretagne-de-Marsan

Buanes

Castandet

Castelnau-Tursan

Cazères-sur-l’Adour

Classun

Clèdes

Duhort-Bachen

Eugénie-les-Bains

Fargues

Geaune

Grenade-sur-l’Adour

Hontanx

Labastide-d’Armagnac

Lacajunte

Lagrange

Larrivière-Saint-Savin

Latrille

Lussagnet

Mauries

Maurrin

Mauvezin-d’Armagnac

Miramont-Sensacq

Montgaillard

Montsoué

Payros-Cazautets

Pécorade

Philondenx

Pimbo

Puyol-Cazalet

Renung

Saint-Agnet

Saint-Gein

Saint-Loubouer

Saint-Maurice-sur-Adour

Saint-Sever (Est D933.S)

Samadet

Sarron

Sorbets

Urgons

Vielle-Tursan

Le Vignau

11.7.2023 – 19.7.2023

FR-HPAI(P)-2023-00151

FR-HPAI(P)-2023-00152

Audignon

Audon

Aurice

Baigts

Banos

Bastennes

Bégaar

Bergouey

Beylongue

Brassempouy

Campagne

Cauna

Caupenne

Cazalis

Donzacq

Gaujacq

Gouts

Lahosse

Laurède

Lesgor

Le Leuy

Lourquen

Meilhan

Momuy

Mugron

Nerbis

Ousse-Suzan

Rion-des-Landes

Sainte-Colombe

Saint-Cricq-Chalosse

Villenave

Ygos-Saint-Saturnin

12.8.2023

FR-HPAI(P)-2023-00151

CARCARE SAINTE CROIX

CARCEN PONSON

SAINT YAGUEN

4.8.2023 – 12.8.2023

FR-HPAI(P)-2023-00152

DOAZIT

HAURIET

LARBEY

MAYLIS

MONTAUT

SAINT AUBIN

4.8.2023 – 12.8.2023

Department: Lot-et-Garonne (47)

FR-HPAI(P)-2023-00104

SAINTE MAURE DE PEYRIAC

SAINT PE SAINT SIMON

21.7.2023

Department: Pas-de-Calais (62)

FR-HPAI(P)-2023-00150

ATTIN

BEAUMERIE-SAINT-MARTIN

BERCK

BEUTIN

3.8.2023

BOISJEAN

BREXENT-ENOCQ

LA CALOTTERIE

CAMPIGNEULLES-LES-PETITES

CONCHIL-LE-TEMPLE

CUCQ

ECUIRES

ETAPLES

GROFFLIERS

LEPINE

LA MADELAINE-SOUS-MONTREUIL

MERLIMONT

MONTREUIL

NEMPONT-SAINT-FIRMIN

NEUVILLE-SOUS-MONTREUIL

RANG-DU-FLIERS

SAINT-JOSSE

TIGNY-NOYELLE

LE TOUQUET-PARIS-PLAGE

TUBERSENT

VERTON

WABEN

WAILLY-BEAUCAMP

26.7.2023 – 3.8.2023

Department: Hautes-Pyrénées (65)

FR-HPAI(P)-2023-00141

FR-HPAI(P)-2023-00147

ARNE

AURIEBAT

BARTHE

BAZORDAN

BETPOUY

CASTELNAU-MAGNOAC

CASTELNAU-RIVIERE-BASSE

CASTERETS

CAUBOUS

CAUSSADE-RIVIERE

CIZOS

ESTIRAC

FONTRAILLES

GAUSSAN

GUIZERIX

HACHAN

HERES

LABATUT-RIVIERE

LARAN

LARROQUE

LASSALES

MADIRAN

MAUBOURGUET

MONLONG

ORGAN

PEYRET-SAINT-ANDRE

PUNTOUS

SABARROS

SADOURNIN

SAINT-LANNE

SAUVETERRE

TRIE-SUR-BAISE

VIEUZOS

14.7.2023

ARIES-ESPENAN

BETBEZE

DEVEZE

LALANNE

MONLEON-MAGNOAC

POUY

SARIAC-MAGNOAC

THERMES-MAGNOAC

VILLEMUR

6.7.2023 – 14.7.2023

Department: La Réunion (974)

FR-HPAI(P)-2023-00153

LES AVIRONS

ENTRE DEUX

TAMPON VILLE

SAINT PIERRE RDC

SAINT LEU PITON

10.8.2023

SAINT LOUIS

L’ETANG SALE

SAINT PIERRE VILLE

2.8.2023 – 10.8.2023

Ballstát: an Iodáil

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

IT-HPAI(P)-2023-00011

The area of the parts of Lombardia Region extending beyond the area described in the protection zone and contained within a circle of radius of ten kilometres, centred on WGS84 dec coordinates Lat. 45.154119, Long. 9.371134

19.8.2023

The area of the parts of Lombardia Region contained within a circle of radius of three kilometres, centred on WGS84 dec coordinates Lat. 45.154119, Long. 9.371134

10.8.2023 – 19.8.2023

Ballstát: an Pholainn

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

PL-HPAI(P)-2023-00069

W województwie małopolskim:

część gmin: Igłomia – Wawrzeńczyce, Kocmyrzów – Luborzyca, Słomniki, Michałowice, Zielonki, Koniusza, Wieliczka, Niepołomice, m. Kraków

w promieniu 10 km od współrzędnych GPS: 50.12038/20.11711

3.8.2023

W województwie małopolskim:

część gmin: Kocmyrzów – Luborzyca, m. Kraków w promieniu 3 km od współrzędnych GPS: 50.12038/20.11711

26.7.2023 – 3.8.2023

Ballstát: an tSualainn

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

SE-HPAI(P)-2023-00002

The area of the parts of the municipality of Gotland extending beyond the area described in the protection zone and within the circle of a radius of 10 kilometres, centred on WGS84 dec. coordinates N 57.4830 and E 18.2211

30.7.2023

Those parts of the municipality of Gotland contained within a circle of a radius of three kilometres, centred on WGS84 dec. coordinates N 57.4830 and E 18.2211

22.7.2023 – 30.7.2023

Cuid C

Criosanna srianta breise sna Ballstáit* lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1 agus in Airteagal 3a:

Ballstát: an Fhrainc

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh na bearta infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 3a

Les communes suivantes dans le département: Cher (18)

GENOUILLY

GRACAY

SAINT-OUTRILLE

11.7.2023

Les communes suivantes dans le département: Gers (32)

ANTRAS

AUCH

AUTERIVE

AUX-AUSSAT

AYGUETINTE

BEAUCAIRE

BEAUMONT

BECCAS

BETPLAN

BLOUSSON-SERIAN

BONAS

BOUCAGNERES

BOULAUR

CASSAIGNE

CASTELNAU-BARBARENS

CASTERA-VERDUZAN

CASTEX

CASTIN

CAZAUX-VILLECOMTAL

DURAN

ESTAMPES

FAGET-ABBATIAL

FOURCES

GAUJAC

GAUJAN

HAGET

HAULIES

JEGUN

LAAS

LAGARDERE

LAGUIAN-MAZOUS

LAMAZERE

LARROQUE-SAINT-SERNIN

LARTIGUE

LASSERAN

LASSEUBE-PROPRE

LAURAET

MAIGNAUT-TAUZIA

MALABAT

MANSENCOME

MARSEILLAN

MIELAN

MIRAMONT-D’ASTARAC

MONBARDON

MONGAUSY

MONPARDIAC

MONTEGUT-ARROS

MONTREAL

MOUCHAN

ORBESSAN

ORDAN-LARROQUE

PALLANNE

PAVIE

PELLEFIGUE

PESSAN

SABAILLAN

SAINT-ELIX

SAINT-JEAN-LE-COMTAL

SAINT-LARY

SAINT-MAUR

SAINT-PUY

SANSAN

SARAMON

SARCOS

SEMBOUES

SEMEZIES-CACHAN

SIMORRE

TILLAC

TOURNAN

TRAVERSERES

TRONCENS

VALENCE-SUR-BAISE

VILLECOMTAL-SUR-ARROS

VILLEFRANCHE

"SAINT-BLANCARD

ZS à l’Ouest des routes D 139 et D576

ZRS à l’Est"

SADEILLAN

SAINT-ARAILLES

SAINT-BLANCARD

21.7.2023

Les communes suivantes dans le département: Landes (40)

Argelos

Baigts

Bassercles

Bastennes

Baudignan

Bergouey

Bostens

Campagne

Campet-et-Lamolère

Castelnau-Chalosse

Castelner

Caupenne

Cazalis

Clermont

Doazit

Donzacq

Estibeaux

Gaillères

Garrey

Gibret

Gouts

Habas

Hauriet

Labastide-Chalosse

Labatut

Lacquy

Lacrabe

Lahosse

Larbey

Le Leuy

Losse

Lubbon

Lucbardez et Bargues

Maylis

Meilhan

Mimbaste

Misson

Momuy

Montaut

Montfort-en-Chalosse

Morganx

Mugron

Nerbis

Nousse

Ozourt

Peyre

Poudenx

Pouillon

Pouydesseaux

Poyartin

Rimbez-et-Baudiets

Roquefort

Saint-Aubin

Saint-Avit

Saint-Cricq-Chalosse

Saint-Cricq-du-Gave

Sainte-Foy

Saint-Gor

Saint-Martin-d’Oney

Sarbazan

Serreslous-et-Arribans

Sorde-l’Abbaye

Sort-en-Chalosse

Souprosse

Toulouzette

Uchacq-et-Parentis

Vielle-Soubiran

19.7.2023

Les communes suivantes dans le département: Lot-et-Garonne (47)

SAINTE MAURE DE PEYRIAC

SAINT PE SAINT SIMON

21.7.2023

Les communes suivantes dans le département: Pyrénées-Atlantiques(64)

AAST

ABIDOS

ABOS

ANGAIS

ANOYE

ARBUS

ARNOS

ARRICAU-BORDES

ARROS-DE-NAY

ARTHEZ-DE-BEARN

ARTIGUELOUVE

ARTIX

ARZACQ-ARRAZIGUET

AUBERTIN

AUGA

BALEIX

BALIROS

BARZUN

BASSILLON-VAUZE

BAUDREIX

BEDEILLE

BENEJACQ

BENTAYOU-SEREE

BESINGRAND

BETRACQ

BEUSTE

BOEIL-BEZING

BORDERES

BORDES

BOSDARROS

BOUEILH-BOUEILHO-LASQUE

BOUILLON

BOUMOURT

BOURDETTES

BUROSSE-MENDOUSSE

CABIDOS

CARRERE

CASTILLON (CANTON D’ARTHEZ-DE-BEARN)

CASTILLON (CANTON DE LEMBEYE)

CLARACQ

CORBERE-ABERES

COSLEDAA-LUBE-BOAST

COUBLUCQ

CUQUERON

DOAZON

ESCURES

ESLOURENTIES-DABAN

ESPOEY

FICHOUS-RIUMAYOU

GAN

GARLEDE-MONDEBAT

GAROS

GAYON

GELOS

GER

GERDEREST

GEUS-D’ARZACQ

GOMER

HOURS

JURANCON

LABASTIDE-CEZERACQ

LACOMMANDE

LACQ

LAGOS

LAHOURCADE

LALONGUE

LALONQUETTE

LANNECAUBE

LARREULE

LASSERRE

LASSEUBE

LEMBEYE

LEME

LESPIELLE

LIMENDOUS

LIVRON

LOMBIA

LOURENTIES

LOUVIGNY

LUC-ARMAU

TROIS-VILLES

PEYRET-SAINT-ANDRE

PEYRUN

MASPIE-LALONQUERE-JUILLACQ

MAURE

MAZERES-LEZONS

MERACQ

MIALOS

MIOSSENS-LANUSSE

MIREPEIX

MOMY

MONCAUP

MONEIN

MONPEZAT

MORLANNE

MOUHOUS

MOURENX

NARCASTET

NAY

NOGUERES

NOUSTY

OS-MARSILLON

PARBAYSE

PARDIES

PARDIES-PIETAT

PEYRELONGUE-ABOS

PIETS-PLASENCE-MOUSTROU

POMPS

PONSON-DEBAT-POUTS

PONSON-DESSUS

PONTIACQ-VIELLEPINTE

POULIACQ

POURSIUGUES-BOUCOUE

RIBARROUY

RONTIGNON

SAINT-ABIT

SAINT-FAUST

SAMSONS-LION

SAUBOLE

SEDZE-MAUBECQ

SEMEACQ-BLACHON

SERRES-SAINTE-MARIE

SIMACOURBE

SOUMOULOU

TARON-SADIRAC-VIELLENAVE

TARSACQ

THEZE

URDES

UROST

UZAN

UZOS

VIALER

VIGNES

14.7.2023

Les communes suivantes dans le département: Hautes-Pyrénées (65)

ANSOST

ARNE

ARTAGNAN

AURIEBAT

BARBACHEN

BARTHE

BAZORDAN

BETPOUY

BUZON

CAIXON

CASTELNAU-MAGNOAC

CASTELNAU-RIVIERE-BASSE

CASTERETS

CAUBOUS

CAUSSADE-RIVIERE

CIZOS

ESCAUNETS

ESTIRAC

FONTRAILLES

GARDERES

GAUSSAN

GENSAC

GUIZERIX

HACHAN

HAGEDET

HERES

LABATUT-RIVIERE

LAFITOLE

LAHITTE-TOUPIERE

LARAN

LARREULE

LARROQUE

LASCAZERES

LASSALES

LIAC

LUQUET

MADIRAN

MAUBOURGUET

MONFAUCON

MONLONG

NOUILHAN

ORGAN

OROIX

PEYRET-SAINT-ANDRE

PUNTOUS

RABASTENS-DE-BIGORRE

SABARROS

SADOURNIN

SAINT-LANNE

SARRIAC-BIGORRE

SAUVETERRE

SEGALAS

SERON

SOMBRUN

SOUBLECAUSE

TRIE-SUR-BAISE

VIC-EN-BIGORRE

VIDOUZE

VIEUZOS

VILLEFRANQUE

VILLENAVE-PRES-BEARN

14.7.2023

*

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí don Bhallstát leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/77


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1521 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Iúil 2023

maidir le bearta rialaithe galar speisialta áirithe ar feadh tréimhse theoranta a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mBallstáit áirithe

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C (2023) 4811)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar veicteoir-iompartha é galar an chraicinn chnapánaigh, arb é is cúis leis víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, galar a bhíonn ar bhó-ainmhithe agus is cúis le caillteanais eacnamaíocha nach beag, laghdú ar an tál bainne, cnaíteacht thromchúiseach, damáiste buan do sheithí, roinnt deacrachtaí tánaisteacha agus éineart ainsealach ar feadh míonna, agus toirmisc thrádála. Tá an galar eindéimeach san Aifric, agus áirítear é ar liosta na hEagraíochta Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe de ghalair infhógartha.

(2)

Tháinig galar an chraicinn chnapánaigh chun cinn san Aontas den chéad uair in 2015 sa Ghréig. In 2016 leath an galar go tapa in go leor tíortha in Oirdheisceart na hEorpa, lena áirítear an Albáin, an Bhulgáir, an Ghréig, an Chosaiv (*1), an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an tSeirbia. I ngach tír a bualadh cuireadh an galar faoi smacht go héifeachtach trí ollvacsaíniú bó-ainmhithe, le vacsaíní homalógacha beo, arna athdhéanamh gach bliain, i gcomhréir le sonraíochtaí na vacsaíní. Ina theannta sin, maidir leis an gCróit agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, tíortha nach raibh buailte le galar an chraicinn chnapánaigh, chuir siad vacsaíniú chun feidhme mar bheart coisctheach, i bhfianaise an galar a bheith ag tarlú i dtíortha comharsanacha.

(3)

Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún (2) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis bearta speisialta rialaithe in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh ar feadh tréimhse teoranta ama. Bhí feidhm ag an Rialachán Cur Chun Feidhme sin go dtí an 21 Aibreán 2023.

(4)

Go sonrach, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 sainítear na criosanna i mBallstát ina ndéantar vacsaíniú in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh, agus na rialacha speisialta rialaithe galar laistigh de gach crios. Aicmítear na criosanna sin mar chrios srianta I, lonnaithe lasmuigh de limistéar inar deimhníodh ráig d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, agus crios srianta II, crios a chuimsíonn limistéar inar deimhníodh ráig d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh.

(5)

Thairis sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 rinneadh foráil maidir le srianta i ndáil le gluaiseachtaí bó-ainmhithe agus táirgí uathu, táirgí geirmeacha, agus seachtháirgí ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II, agus maoluithe i ndáil leis na srianta sin. Ina theannta sin, leis an Rialachán sin rinneadh forálacha maidir le rialacha i ndáil leis na hoibleagáidí ar oibreoirí a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí bó-ainmhithe, táirgí geirmeacha, agus seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte uathu, ó chriosanna I agus II, lasmuigh de na criosanna sin.

(6)

Tháinig Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún (3) i bhfeidhm an 12 Márta 2023, agus leagtar rialacha síos leis maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear rialacha maidir le vacsaíniú in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh. Ina theannta sin, le hAirteagal 9 den Rialachán Tarmligthe sin agus le hIarscríbhinn IX a ghabhann leis déantar foráil maidir le bunú criosanna vacsaínithe I agus II a chomhfhreagraíonn do chriosanna srianta I agus II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070.

(7)

Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 leagtar síos rialacha agus srianta i ndáil le bó-ainmhithe atá vacsaínithe in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh agus i ndáil leis na táirgí geirmeacha agus na seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte uathu, ar rialacha agus srianta iad a chomhfhreagraíonn do na rialacha agus srianta a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070, seachas na rialacha agus srianta a bhaineann leis na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe.

(8)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 déantar foráil freisin maidir le tréimhsí athshlánaithe le haghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh, i ndiaidh vacsaíniú próifiolacsach éigeandála, ar tréimhsí idir 8 agus 26 mhí iad, de réir an chineál faireachais, an chrios vacsaínithe, agus an tráth a mharaítear an cás deiridh de ghalar an chraicinn chnapánaigh nó an tráth a rinneadh an vacsaíniú deiridh.

(9)

Ó bhí 2017 ann níor tuairiscíodh aon ráig de ghalar an chraicinn chnapánaigh san Eoraip, cé gur taifeadadh galar an chraicinn chnapánaigh i gcodanna d’Anatóil na Tuirce go dtí 2021 agus cé go bhfuil sé fós i láthair sa Rúis agus á leathadh go fóill san Áise, ag déanamh difear do thíortha i bhfo-ilchríoch na hIndia, san Áise Thoir agus in Oirdheisceart na hÁise. I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann san Eoraip, gach tír in Oirdheisceart na hEorpa a chuir vacsaíniú in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh chun feidhme, cé is moite den Bhulgáir, den Ghréig agus den Tuirc, tá deireadh curtha acu leis an vacsaíniú anois.

(10)

Tá a gcláir vacsaínithe in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh le haghaidh 2023 curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an mBulgáir agus ag an nGréig cheana féin, agus rinneadh meastóireacht ar na cláir sin agus formheasadh iad faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Maidir le cineál agus inneachar na meastóireachta teicniúla agus an fhormheasa ar na cláir vacsaínithe sin, comhlíonann siad sin ceanglais an phlean oifigiúil vacsaínithe chun galair chatagóir A a chosc agus a rialú in ainmhithe talún agus uisceacha, plean a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe 2023/361.

(11)

I bhfianaise Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 a bheith imithe in éag, tá sé ríthábhachtach na limistéir a shainítear mar chriosanna vacsaínithe I agus II sa Bhulgáir agus sa Ghréig i ndáil le galar an chraicinn chnapánaigh a liostú, ar criosanna vacsaínithe iad a chomhfhreagraíonn do chriosanna srianta I agus II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070, agus tá sé ríthábhachtach freisin rialacha breise a leagan síos i ndáil leis na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí bó-ainmhithe, agus i dtaca le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha agus seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte uathu, ó chriosanna vacsaínithe I agus II, lasmuigh de na criosanna sin, chun a áirithiú go mbeidh faisnéis sláinte leordhóthanach chruinn le fáil sna deimhnithe sláinte ainmhithe sin agus go mbeidh siad leanúnach leis na bearta a bhí ann roimhe sin.

(12)

Agus pleananna vacsaínithe na Bulgáire agus na Gréige le haghaidh 2023, an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an ngalar sin san Aontas, agus an tréimhse athshlánaithe maidir le galar an chraicinn chnapánaigh a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 á gcur san áireamh, beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Lúnasa 2024,

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an gCinneadh seo, bunaítear an méid seo a leanas ar leibhéal an Aontais:

(a)

criosanna vacsaínithe I agus II, i ndáil le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh in ainmhithe talún ar coimeád, criosanna nach mór a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (b)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361, agus Iarscríbhinn IX, Cuid 1, a ghabhann leis;

(b)

na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí seo a leanas ó chriosanna vacsaínithe I agus II lasmuigh de na criosanna sin, i gcomhréir leis na maoluithe maidir leis na gluaiseachtaí sin dá bhforáiltear in Airteagal 13(2), (3) agus (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361, agus na coinníollacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn IX, Cuid 3, a ghabhann leis:

(i)

bó-ainmhithe;

(ii)

táirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe;

(iii)

seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte.

Airteagal 2

Criosanna vacsaínithe I agus II a bhunú

Na Ballstáit a chuireann vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh chun feidhme, áiritheoidh siad an méid seo a leanas:

(a)

go mbunóidh a n-údaráis inniúla criosanna vacsaínithe I agus II láithreach, i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(i)

na rialacha maidir le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála a chur chun feidhme, ar rialacha iad a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361;

(ii)

na coinníollacha sonracha maidir le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála a chur chun feidhme chun galair an chraicinn chnapánaigh a chosc agus a rialú, ar coinníollacha iad a leagtar síos in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361;

(b)

go gcuimsíonn na criosanna vacsaínithe I agus II ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Oibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chriosanna vacsaínithe I agus II lasmuigh de na criosanna sin

Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chriosanna vacsaínithe I agus II lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna nó chuig Ballstát eile, i gcomhréir leis an maolú maidir le gluaiseachtaí den sórt sin a leagtar síos in Airteagal 13(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361, agus na coinníollacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn IX, Cuid 3, a ghabhann leis, ach amháin má tá deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh ag gabháil leis na hainmhithe atá le haistriú, i gcomhréir le hAirteagal 149(1) de Rialachán (AE) 2016/429, ar deimhniú é ina bhfuil ar a laghad ceann de fianuithe seo a leanas:

(a)

‘Bó-ainmhithe ó chrios vacsaínithe I i ndáil le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún agus le hIarscríbhinn IX, Cuid 3, pointe (3.1), a ghabhann leis.’;

(b)

‘Bó-ainmhithe ó chrios vacsaínithe II i ndáil le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún agus le hIarscríbhinn IX, Cuid 3, pointe (3.2), a ghabhann leis.’;

(c)

‘Bó-ainmhithe ó chrios vacsaínithe...(I nó II, sonraigh de réir mar is iomchuí) i ndáil le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún agus le hIarscríbhinn IX, Cuid 3, pointe (3.3), a ghabhann leis.’.

I gcás gluaiseachtaí laistigh den Bhallstát céanna, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach gá deimhniú sláinte ainmhithe a eisiúint, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 143(2) de Rialachán (AE) 2016/429.

Airteagal 4

Oibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a fuarthas ó bhó-ainmhithe atá ar coimeád i mbunaíochtaí atá lonnaithe i gcriosanna vacsaínithe I agus II lasmuigh de na criosanna sin

Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a fuarthas ó bhó-ainmhithe ó chriosanna vacsaínithe I agus II lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna nó chuig Ballstát eile, i gcomhréir leis an maolú maidir le gluaiseachtaí den sórt sin a leagtar síos in Airteagal 13(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361, agus na coinníollacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn IX, Cuid 3, a ghabhann leis, ach amháin má tá deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin, i gcomhréir le hAirteagal 161(4) de Rialachán (AE) 2016/429, ar deimhniú é ina bhfuil ar a laghad ceann de fianuithe seo a leanas:

(a)

‘Táirgí geirmeacha… (seamhan, ubháin agus/nó suthanna, sonraigh de réir mar is iomchuí) a fuarthas ó bhó-ainmhithe ar coimeád i gcrios vacsaínithe I i ndáil le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún agus le hIarscríbhinn IX, Cuid 3, pointe (3.4.1), a ghabhann leis.’;

(b)

‘Táirgí geirmeacha ... (seamhan, ubháin agus/nó suthanna, sonraigh de réir mar is iomchuí) a fuarthas ó bhó-ainmhithe ar coimeád i gcrios vacsaínithe II i ndáil le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún agus le hIarscríbhinn IX, Cuid 3, pointe (3.4.2), a ghabhann leis.’.

I gcás gluaiseachtaí laistigh den Bhallstát céanna, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach gá deimhniú sláinte ainmhithe a eisiúint, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 161(2) de Rialachán (AE) 2016/429.

Airteagal 5

Oibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó chriosanna vacsaínithe I agus II lasmuigh de na criosanna sin

Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí de seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó chriosanna vacsaínithe I agus II lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna nó chuig Ballstát eile, i gcomhréir leis an maolú maidir le gluaiseachtaí den sórt sin a leagtar síos in Airteagal 13(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361, agus na coinníollacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn IX, Cuid 3, a ghabhann leis, ach amháin má tá deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin, ar deimhniú sláinte é dá dtagraítear in Airteagal 22(5) agus (6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 (5) ón gCoimisiún agus úsáid á baint as an deimhniú sláinte caighdeánach maidir le gluaiseacht seachtháirgí ainmhithe ó chriosanna srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, Caibidil III, pointe 7, a ghabhann le Rialachán (AE) 142/2011 ón gCoimisiún (6), ar deimhniú é ina bhfuil ar a laghad ceann de fianuithe seo a leanas:

(a)

‘Seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte… (seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte seachas seithí agus craicne, seithí agus craicne, gruth buí, bainne agus táirgí déiríochta, sonraigh de réir mar is iomchuí) a fuarthas ó bhó-ainmhithe ar coimeád i gcrios vacsaínithe I i ndáil le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún agus le hIarscríbhinn IX, Cuid 3, pointí (3.5) agus (3.7), a ghabhann leis.’;

(b)

‘Seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte… (seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte seachas seithí agus craicne, seithí agus craicne, gruth buí, bainne agus táirgí déiríochta, sonraigh de réir mar is iomchuí) a fuarthas ó bhó-ainmhithe ar coimeád i gcrios vacsaínithe II i ndáil le vacsaíniú próifiolacsach éigeandála in aghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún agus le hIarscríbhinn IX, Cuid 3, pointí (3.6) agus (3.7), a ghabhann leis.’.

I gcás gluaiseachtaí laistigh den Bhallstát céanna, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach n-eiseofar deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 22(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Airteagal 6

Cur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Lúnasa 2024.

Airteagal 7

Seolaí

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(*1)  Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos bearta rialaithe speisialta ar feadh tréimhse theoranta a bhaineann le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh (IO L 230, 30.6.2021, lch. 10).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 52, 20.2.2023, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

(5)  IO L 174, 3.6.2020, lch. 64.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte a mhéid a bhaineann le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samplaí agus earraí áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

CRIOSANNA VACSAÍNITHE I agus II

Crios vacsaínithe I

1.

An Bhulgáir:

Críoch iomlán na Bulgáire

2.

An Ghréig:

Críoch iomlán na Gréige

Crios vacsaínithe II

Níl aon cheann ann


RIALACHA NÓS IMEACHTA

21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/83


RIALACHA NÓS IMEACHTA CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

RÉAMHRÁ

An 5 Iúil 2023 ghlac Coiste Eorpach na Réigiún na Rialacha Nós Imeachta seo a leanas ar bhonn an dara mír d’Airteagal 306 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

TEIDEAL I

COMHALTAÍ AGUS COMHLACHTAÍ AN CHOISTE

CAIBIDIL 1

COMHLACHTAÍ

Riail 1 – Comhlachtaí an Choiste

Is iad an Tionól Iomlánach, an tUachtarán, an Biúró, Comhdháil na nUachtarán agus na coimisiúin comhlachtaí an Choiste.

Riail 2 – Éagsúlacht inscne

1.

Ba cheart éagsúlacht inscne Choiste Eorpach na Réigiún a léiriú, a mhéid is féidir, i gcomhdhéanamh a chomhlachtaí.

2.

Glacfaidh an Biúró plean gníomhaíochta inscne a bheidh dírithe ar ghné na hinscne a ionchorprú i ngníomhaíochtaí uile an Choiste. Déanfar faireachán ar an bplean gníomhaíochta inscne ar bhonn bliantúil agus déanfar athbhreithniú air uair sna cúig bliana ar a laghad.

CAIBIDIL 2

COMHALTAÍ AN CHOISTE

Riail 3 – Stádas na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha

De bhun Airteagal 300 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bheidh sna comhaltaí agus sna comhaltaí malartacha. Beidh sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil acu nó beidh siad freagrach go polaitiúil do thionól tofa. Ní fhéadfaidh siad a bheith faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha agus beidh siad, chun leas ginearálta an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Riail 4 – Téarma oifige

1.

Tosóidh téarma oifige comhalta nó comhalta mhalartaigh ar an dáta a ngabhfaidh éifeacht lena cheapachán nó lena ceapachán ag an gComhairle.

2.

Déanfar téarma oifige comhalta nó comhalta mhalartaigh a fhoirceannadh trí éirí as oifig, ag deireadh an tsainordaithe thoghchánaigh ar ceapadh é nó í ar a bhonn, nó ar fháil bháis dó nó di.

3.

Ní mór do chomhalta nó comhalta malartach atá ag éirí as oifig fógra i scríbhinn a thabhairt d’Uachtarán an Choiste maidir lena rún, ag sonrú an dáta a ngabhfaidh éifeacht lena éirí nó lena héirí as oifig. Cuirfidh an tUachtarán an Chomhairle ar an eolas, agus deimhneoidh sí an folúntas agus cuirfidh sí chun feidhme an nós imeachta chun comhalta nua a cheapadh.

4.

Maidir le comhalta nó comhalta malartach a dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige sa Choiste toisc an sainordú toghchánach, ar ceapadh é nó í ar a bhonn, a bheith dulta in éag, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn láithreach d’Uachtarán an Choiste.

5.

Sna cásanna dá dtagraítear i Riail 4(2), ceapfaidh an Chomhairle duine ina ionad nó ina hionad ar feadh a bhfuil fágtha den téarma.

Riail 5 – Pribhléidí agus díolúintí

I dtaca le comhaltaí agus a gcuid comhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí, beidh pribhléidí agus díolúintí acu i gcomhréir leis an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

Riail 6 – Freastal na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha

1.

Féadfaidh comhalta malartach ón toscaireacht náisiúnta suí thar ceann aon chomhalta a bhfuil bac air nó uirthi páirt a ghlacadh i Seisiún Iomlánach; ina theannta sin, féadfar ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann ar feadh tréimhse atá teoranta do laethanta ar leith den Seisiún Iomlánach. Déanfaidh na comhaltaí uile mar aon lena gcomhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí liosta na rannpháirtithe a shíniú.

2.

Féadfaidh comhalta eile nó comhalta malartach ón toscaireacht náisiúnta nó ó ghrúpa polaitiúil lena mbaineann suí thar ceann aon chomhalta a bhfuil bac air nó uirthi páirt a ghlacadh i gcruinniú coimisiúin nó in aon chruinniú eile arna fhormheas ag an mBiúró. Déanfaidh na comhaltaí uile mar aon lena gcomhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí liosta na rannpháirtithe a shíniú.

3.

Féadfaidh comhalta nó comhalta malartach atá ceaptha ar liosta na n-ionadaithe do chomhaltaí meithle, arna bunú ar bhonn Riail 37 nó Riail 61 de na Rialacha Nós Imeachta, suí thar ceann aon chomhalta den mheitheal sin a bhaineann leis an ngrúpa polaitiúil céanna.

4.

Ní fhéadfaidh comhalta malartach nó comhalta atá ag gníomhú mar chomhalta malartach suí thar ceann níos mó ná comhalta amháin. Feidhmeoidh siad na cumhachtaí céanna mar chomhalta ag an gcruinniú ábhartha. Ní mór fógra a thabhairt don Ardrúnaíocht i gcomhréir le ceanglais fógartha maidir le tarmligean na gceart vótála, fógra nach mór a chur chuici tráth nach déanaí ná an lá roimh an gcruinniú.

5.

Ag Seisiún Iomlánach, ní aisíocfar ach speansais an chomhalta nó an chomhalta mhalartaigh amháin. Leagfaidh an Biúró amach na forálacha mionsonraithe sna socruithe cur chun feidhme maidir le speansais taistil agus chothaithe.

6.

Féadfaidh comhalta malartach a cheapfar mar rapóirtéir an dréacht-tuairim a bhfuil sé nó sí freagrach aisti a thíolacadh ag an Seisiún Iomlánach sin a bhfuil an dréacht-tuairim ar a chlár oibre. Féadfaidh an comhalta a chearta vótála nó a cearta vótála a tharmligean chuig an gcomhalta malartach sin le linn don dréacht-tuairim i gceist a bheith á plé. Ní mór fógra i scríbhinn a chur chuig an Ardrúnaí maidir le tarmligean na gceart vótála roimh an gcruinniú ábhartha.

7.

Gan dochar do Riail 24(1), scoirfidh aon tarmligean d’éifeacht a bheith leis ón uair nach mbeidh an comhalta, nach féidir leis nó léi freastal, ina chomhalta nó ina comhalta de Choiste na Réigiún níos mó.

Riail 7 – Tarmligean na gceart vótála

Ach amháin mar a fhoráiltear i Riail 6 agus i Riail 32, ní fhéadfar an ceart vótála a tharmligean.

Riail 8 – Toscaireachtaí náisiúnta agus grúpaí polaitiúla

Cuideoidh na toscaireachtaí náisiúnta agus na grúpaí polaitiúla le heagrú obair an Choiste ar bhealach cothrom.

Riail 9 – Toscaireachtaí náisiúnta

1.

Cuirfidh na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha ó gach Ballstát toscaireacht náisiúnta ar bun. Glacfaidh gach toscaireacht a cuid rialacha inmheánacha féin agus toghfaidh sí cathaoirleach. Cuirfear Uachtarán an Choiste ar an eolas go hoifigiúil faoi ainm an duine a toghadh.

2.

Déanfaidh an tArdrúnaí socruithe, laistigh de riarachán an Choiste, le go bhfaighidh toscaireachtaí náisiúnta cúnamh. Trí na socruithe sin, féadfaidh gach comhalta aonair eolas agus cúnamh a fháil freisin ina theanga oifigiúil nó ina teanga oifigiúil. Beidh na socruithe mar chuid de sheirbhís shonrach ar a mbeidh oifigigh Choiste na Réigiún nó seirbhísigh eile dá chuid agus áiritheofar leo go mbeidh na toscaireachtaí náisiúnta in ann úsáid iomchuí a bhaint as saoráidí an Choiste. Go sonrach, cuirfidh an tArdrúnaí na modhanna iomchuí ar fáil do na toscaireachtaí náisiúnta chun cruinnithe a thionól díreach roimh na Seisiúin Iomlánacha nó ina ndiaidh.

3.

Beidh comhordaitheoirí náisiúnta nach bhfuil ar fhoireann na hArdrúnaíochta de chúnamh freisin ag na toscaireachtaí náisiúnta. Cuideoidh siad leis na comhaltaí a gcuid cúraimí mar chomhaltaí den Choiste a chomhlíonadh go héifeachtúil.

Riail 10 – Grúpaí polaitiúla agus comhaltaí nach bhfuil páirteach i ngrúpa

1.

Féadfaidh comhaltaí agus comhaltaí malartacha grúpaí a chur ar bun ar léiriú iad ar a gcuid cleamhnachtaí polaitiúla. Leagfar síos na critéir le haghaidh comhaltais i rialacha inmheánacha gach grúpa pholaitiúil.

2.

Teastóidh ocht gcomhalta dhéag nó ocht gcomhalta dhéag mhalartacha ar a laghad, a mbeidh a leath díobh sin ar a laghad ina gcomhaltaí, a dhéanann ionadaíocht thar ceann aon chúigiú ar a laghad de na Ballstáit, chun grúpa polaitiúil a chur ar bun. Ní féidir le comhalta nó comhalta malartach a bheith páirteach i níos mó ná grúpa polaitiúil amháin. Déanfar grúpa polaitiúil a dhíscaoileadh má thiteann an comhaltas faoi bhun an lín is gá.

3.

Tabharfar fógra i ráiteas d’Uachtarán an Choiste nuair a chuirfear grúpa polaitiúil ar bun, nuair a dhíscaoilfear é nó nuair a dhéanfar aon athrú eile air. Sa ráiteas lena dtugtar fógra faoi ghrúpa polaitiúil a chur ar bun, sonrófar ainm an ghrúpa pholaitiúil, a chuid comhaltaí agus a bhiúró.

4.

Beidh rúnaíocht ina mbeidh baill foirne ó phearsanra na hArdrúnaíochta de chúnamh ag gach grúpa polaitiúil. Féadfaidh na grúpaí polaitiúla tograí a chur faoi bhráid an údaráis ceapacháin chun na baill foirne sin a roghnú, a cheapadh agus chun ardú céime agus fadú conartha a thabhairt dóibh. Déanfaidh an t-údarás ceapacháin a chinneadh tar éis dó dul i gcomhairle le cathaoirleach an ghrúpa pholaitiúil lena mbaineann.

5.

Tabharfaidh an tArdrúnaí a ndóthain acmhainní do na grúpaí polaitiúla agus dá gcomhlachtaí le haghaidh cruinnithe, gníomhaíochtaí agus foilseachán agus le haghaidh obair a gcuid rúnaíochtaí. Déanfar na hacmhainní do gach grúpa polaitiúil a chur in áirithe sa bhuiséad. Bainfidh na grúpaí polaitiúla agus a gcuid rúnaíochtaí úsáid iomchuí as saoráidí an Choiste.

6.

Féadfaidh na grúpaí polaitiúla agus a mbiúrónna teacht le chéile díreach roimh na Seisiúin Iomlánacha nó lena linn. Féadfaidh siad cruinnithe urghnácha a thionól dhá uair sa bhliain. Ní bheidh comhaltaí malartacha atá ag freastal ar na cruinnithe sin i dteideal speansais taistil agus chothaithe ach amháin más ionadaithe iad thar ceann comhalta as a ngrúpa polaitiúil féin.

7.

Tabharfar tacaíocht riaracháin do chomhaltaí nach bhfuil páirteach i ngrúpa. Leagfaidh an Biúró síos na socruithe mionsonraithe ar thogra ón Ardrúnaí.

Riail 11 – Grúpaí idir-réigiúnacha

Féadfaidh comhaltaí agus comhaltaí malartacha grúpaí idir-réigiúnacha a chur ar bun. Cuirfidh siad Uachtarán an Choiste ar an eolas faoi sin. Cuirfear grúpa idir-réigiúnach ar bun go cuí le cinneadh ón mBiúró.

TEIDEAL II

EAGRÚ AGUS NÓS IMEACHTA AN CHOISTE

CAIBIDIL 1

TIONÓL TOSAIGH AGUS DUL I mBUN OIFIGE AN CHOISTE

Riail 12 – Tionól an chéad chruinnithe

Tar éis gach athnuachana cúig bliana, is é an tUachtarán atá ag dul as oifig, nó ina éagmais sin, an chéad Leas-Uachtarán atá ag dul as oifig, nó ina éagmais sin, an Leas-Uachtarán is sine atá ag dul as oifig, nó ina éagmais sin, an comhalta is sine, a thionólfaidh an Coiste agus tiocfaidh siad le chéile tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis don Chomhairle a chuid comhaltaí a cheapadh.

Glacfaidh an comhalta atá ag gníomhú mar Uachtarán eatramhach faoin gcéad mhír den Riail seo ról mar ionadaí don Choiste le linn na tréimhse seo, leanfaidh sé air nó sí uirthi ag plé le gnó reatha agus déanfaidh sé nó sí cathaoirleacht ar an gcéad chruinniú ina cháil nó ina cáil mar Uachtarán eatramhach.

Eisean nó ise, maille leis na ceithre chomhalta is óige dá bhfuil i láthair agus Ardrúnaí an Choiste, a dhéanfaidh suas an Biúró eatramhach.

Riail 13 – Dul i mbun oifige an Choiste agus fíorú na ndintiúr

1.

Ag an gcéad chruinniú, cuirfidh an tUachtarán eatramhach an Coiste ar an eolas faoin teachtaireacht ón gComhairle maidir le ceapadh a chuid comhaltaí agus tuairisceoidh sé nó sí faoi aon ghníomhaíocht ar thug sé nó sí fúithi chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Choiste agus chun plé le gnó reatha. Má iarrtar a leithéid air nó uirthi, féadfaidh an tUachtarán eatramhach a chinneadh ceapadh agus dintiúir na gcomhaltaí a fhíorú, agus ina dhiaidh sin dearbhóidh sé nó sí go bhfuil an Coiste dulta i mbun oifige don téarma nua.

2.

Fanfaidh an Biúró eatramhach i mbun oifige go dtí go ndearbhófar torthaí thoghcháin chomhaltaí an Bhiúró.

CAIBIDIL 2

AN TIONÓL IOMLÁNACH

Riail 14 – Cúraimí an Tionóil Iomlánaigh

Tiocfaidh an Coiste le chéile mar Thionól Iomlánach. Is iad na príomhchúraimí a bheidh air:

(a)

tuairimí, tuarascálacha agus rúin a ghlacadh;

(b)

dréachtmheastacháin ar chaiteachas agus ioncam an Choiste a ghlacadh;

(c)

tosaíochtaí polaitiúla an Choiste a ghlacadh;

(d)

an tUachtarán, an chéad Leas-Uachtarán agus comhaltaí eile an Bhiúró a thoghadh;

(e)

coimisiúin a chur ar bun;

(f)

Rialacha Nós Imeachta an Choiste a ghlacadh agus a athbhreithniú;

(g)

cóid iompair do na comhaltaí a ghlacadh agus a athbhreithniú;

(h)

tar éis dó a fhíorú go bhfuil córam ann de réir na chéad abairte de Riail 22(1) de na Rialacha Nós Imeachta, cinneadh a dhéanamh, trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, maidir le togra ó Uachtarán an Choiste, nó ón gcoimisiún inniúil ag gníomhú dó i gcomhréir le Riail 57 agus le Riail 58, chun caingean nó iarratas ar idiragairt a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Nuair a ghlacfar an cinneadh sin, tionscnóidh an tUachtarán an chaingean thar ceann an Choiste.

Riail 15 – An Tionól Iomlánach a thionól

1.

Tionólfaidh Uachtarán an Choiste an Tionól Iomlánach uair amháin gach trí mhí ar a laghad. Socróidh an Biúró dátaí na Seisiún Iomlánach sa chéad leath den bhliain roimhe sin. Féadfaidh Seisiún Iomlánach teacht le chéile ar feadh lá amháin nó níos mó.

2.

Arna iarraidh sin i scríbhinn d’aon cheathrú ar a laghad de na comhaltaí, beidh an tUachtarán faoi cheangal Seisiún Iomlánach urghnách a thionól, a bheidh ar siúl tráth nach luaithe ná seachtain amháin agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dháta na hiarrata. Luafar an t-ábhar atá le plé ag an Seisiún Iomlánach urghnách san iarraidh i scríbhinn. Ní fhéadfar plé le haon ábhar eile.

Riail 16 – Clár Oibre an tSeisiúin Iomlánaigh

1.

Ullmhóidh an Biúró an réamhdhréacht den chlár oibre ina mbeidh liosta sealadach de na dréacht-tuairimí, na dréacht-tuarascálacha agus na dréachtrúin a bheidh á bplé ag an Seisiún Iomlánach tar éis an chéad Seisiúin Iomlánaigh eile maille leis na doiciméid eile go léir a éilíonn cinneadh.

2.

Déanfar an dréachtchlár oibre mar aon leis na doiciméid go léir a éilíonn cinneadh atá liostaithe ann a chur ar fáil go leictreonach do na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha i ngach teanga oifigiúil faoi seach aon lá oibre is fiche ar a laghad roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh.

3.

Is faoin Uachtarán atá sé an dréachtchlár oibre a ullmhú, tar éis dul i gcomhairle le Comhdháil na nUachtarán.

4.

I gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe nach féidir an sprioc-am dá dtagraítear i mír 2 a bhaint amach, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh go n-áireofar ar an dréachtchlár oibre doiciméad a éilíonn cinneadh ar choinníoll go mbeidh an doiciméad ábhartha faighte ag na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha ina dteanga oifigiúil tráth nach déanaí ná seachtain amháin roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh. Cuirfidh an tUachtarán in iúl ar leathanach clúdaigh an doiciméid a éilíonn cinneadh an chúis leis an nós imeachta seo a chur i bhfeidhm.

5.

Ní mór leasuithe i scríbhinn ar an dréachtchlár oibre a chur faoi bhráid an Ardrúnaí tráth nach déanaí ná trí lá oibre roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh.

6.

Cuirfidh an Biúró bailchríoch ar an dréachtchlár oibre ag an gcruinniú díreach roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh. Féadfaidh an Biúró a chinneadh ag an gcruinniú sin, trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, ábhair phráinneacha nó thráthúla, nach féidir a bplé a chur ar athló go dtí an chéad Seisiún Iomlánach eile, a áireamh ar an gclár oibre.

7.

Ar thogra ón Uachtarán, ó ghrúpa polaitiúil nó ó 32 chomhalta, féadfaidh an Biúró nó an Tionól Iomlánach, roimh vótáil ar na leasuithe dóibh, a chinneadh plé ar dhoiciméad a chur ar athló le haghaidh cinneadh ag Seisiún Iomlánach amach anseo.

Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo i gcásanna ina bhfuil sprioc-am socraithe ag an gComhairle, an Coimisiún nó Parlaimint na hEorpa a fhágann nach féidir glacadh doiciméid le haghaidh cinneadh a chur ar athló.

Na leasuithe uile lena mbaineann arna gcur síos go cuí, beidh siad ag gabháil le doiciméad le haghaidh cinneadh a chuirfear ar athló go dtí seisiún den Tionól Iomlánach amach anseo. Tar éis an vóta a chur ar atráth, socrófar sprioc-am nua chun leasuithe a chur síos.

Riail 17 – Tús an tSeisiúin Iomlánaigh

Cuirfidh an tUachtarán tús leis an Seisiún Iomlánach agus iarrfaidh sé nó sí go nglacfar an leagan deiridh den dréachtchlár oibre.

Riail 18 – Cead isteach don phobal, aíonna agus aoichainteoirí

1.

Beidh na Seisiúin Iomlánacha oscailte don phobal, mura gcinnfidh an Tionól Iomlánach a mhalairt i ndáil leis an gcruinniú iomlán nó le mír ar leith ar an gclár oibre.

2.

Féadfaidh ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún freastal ar Sheisiúin Iomlánacha. Féadfar a iarraidh orthu labhairt lena linn.

3.

Féadfaidh an tUachtarán cuireadh a thabhairt d’aíonna oirirce eile labhairt leis an Tionól Iomlánach freisin, ag gníomhú dó nó di ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh ón mBiúró.

Riail 19 – Caighdeáin iompair agus am labhartha

1.

Gan dochar don tsaoirse cainte, léireoidh iompar na gcomhaltaí urraim fhrithpháirteach, bunaithe ar na luachanna agus na prionsabail a leagtar síos sna téacsanna bunúsacha ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, tabharfaidh siad urraim do dhínit an Choiste agus ní bhainfidh a n-iompar an bonn de sheoladh réidh obair chomhlachtaí an Choiste nó ní chuirfidh sé isteach ar an suaimhneas in aon cheann d’áitribh an Choiste.

2.

Déanfaidh an Tionól Iomlánach, ag tús a chruinnithe agus ag gníomhú dó ar thogra ón mBiúró, am labhartha a leagan síos do gach mír ar an gclár oibre. Le linn Seisiún Iomlánach, déanfaidh an tUachtarán socrú, ag gníomhú dó nó di ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin do chomhalta, le go bhféadfar cinneadh a dhéanamh maidir le teorainn a chur leis an am labhartha.

3.

Féadfaidh an tUachtarán, nuair a bheidh díospóireachtaí ann ar shaincheisteanna ginearálta nó sonracha, a mholadh don Tionól Iomlánach gur cheart an t-am labhartha a roinnt ar na grúpaí polaitiúla agus na toscaireachtaí náisiúnta.

4.

Mar riail ghinearálta, ní fhéadfar labhairt ach ar feadh nóiméad amháin i gcás tráchtanna ar mhiontuairiscí, pointí oird agus tráchtanna ar leasuithe ar an leagan deiridh den dréachtchlár oibre nó ar an gclár oibre.

5.

Má théann na cainteoirí thar an am labhartha atá tugtha dóibh, féadfaidh an tUachtarán a gcead labhartha a tharraingt siar.

6.

Má iarrann aon chomhalta go dtabharfar an díospóireacht chun deiridh, cuirfidh an tUachtarán an iarraidh sin ar vóta.

Riail 20 – Cainteoirí ag an Tionól Iomlánach

1.

Cuirfear ainmneacha na gcomhaltaí atá ag iarraidh labhairt ar liosta san ord ina bhfaighfear a gcuid iarrataí. Iarrfaidh an tUachtarán ar chomhaltaí labhairt de réir ord an liosta sin agus aird á tabhairt aige nó aici, a mhéid is féidir, ar éagsúlacht na gcainteoirí.

2.

Féadfar tosaíocht a thabhairt, áfach, do rapóirtéir an choimisiúin lena mbaineann agus d’ionadaithe na ngrúpaí polaitiúla agus na dtoscaireachtaí náisiúnta ar mian leo labhairt thar ceann a ngrúpaí nó a dtoscaireachtaí.

3.

Faoi dhó, ar a mhéad, a fhéadfaidh duine labhairt ar an ábhar céanna, ach amháin má fhaigheann sé nó sí cead chuige sin ón Uachtarán. Beidh cead cainte ag cathaoirleach agus rapóirtéir an choimisiúin lena mbaineann, áfach, arna iarraidh sin dóibh ar feadh tréimhse a chinnfidh an tUachtarán.

Riail 21 – Pointí oird

1.

Beidh cead cainte ag comhalta chun pointe oird a ardú nó chun aire an Uachtaráin a dhíriú ar aon mhainneachtain na Rialacha Nós Imeachta a urramú. Ní mór baint a bheith ag an bpointe oird leis an gclár oibre nó leis an ábhar atá faoi chaibidil.

2.

Beidh tosaíocht ag iarraidh ar phointe oird a ardú ar gach iarraidh eile chun labhairt.

3.

Glacfaidh an tUachtarán cinneadh maidir le pointí oird láithreach i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta agus fógróidh sé nó sí a rialú láithreach tar éis na Rialacha Nós Imeachta a agairt. Ní dhéanfar aon vótáil ar rialú an Uachtaráin.

Riail 22 – Córam

1.

Beidh córam ann ag Seisiún Iomlánach má tá tromlach na gcomhaltaí i láthair. Fíorófar an córam arna iarraidh sin do chomhalta má tá sé chomhalta dhéag ar a laghad i bhfabhar na hiarrata. Mura n-iarrfar fíorú córaim, beidh gach vóta bailí beag beann ar líon na gcomhaltaí i láthair. Féadfaidh an tUachtarán cur isteach ar an Seisiún Iomlánach ar feadh deich nóiméad ar a mhéad roimh dhul ar aghaidh le fíorú an chóraim. Measfar comhaltaí a d’iarr fíorú an chóraim, ach nach bhfuil i láthair a thuilleadh i seomra an tSeisiúin Iomlánaigh, a bheith i láthair chun críocha chomhaireamh an tinrimh. Má tá níos lú ná sé chomhalta dhéag i láthair, féadfaidh an tUachtarán a rialú nach ann don chóram.

2.

Má shuitear nach bhfuil aon chóram ann, cuirfear gach mír ar an gclár oibre nach mór vótáil a dhéanamh uirthi ar athló go dtí lá an chéad chruinnithe eile, nuair a fhéadfaidh an Tionól Iomlánach vótáil go bailí ar na míreanna sin beag beann ar an líon comhaltaí a bheidh i láthair. Beidh gach cinneadh nó vótáil a rinneadh ag an gcruinniú roimh fhíorú an chóraim bailí fós.

Riail 23 – Vótáil

1.

Déanfaidh an Tionól Iomlánach a chuid cinntí trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, mura bhforáiltear a mhalairt sna rialacha seo.

2.

Is iad na foirmeacha bailí vótála ‘ar son’, ‘in aghaidh’ agus ‘staonadh’. Agus an tromlach á ríomh, ní chuirfear san áireamh ach vótaí a chaithfear ar son nó in aghaidh an téacs nó an togra. I gcás comhionannas vótaí, measfar gur diúltaíodh don téacs nó don togra.

3.

Is ceart pearsanta a bheidh sa cheart vótála. Ní vótálfaidh comhaltaí ach amháin ina gcáil aonair phearsanta.

4.

Má dhéantar toradh an chomhairimh a chonspóid, féadfaidh an tUachtarán nó comhalta vótáil eile a iarraidh, ar choinníoll go mbeidh sé chomhalta dhéag ar a laghad i bhfabhar na hiarrata.

5.

Ar thogra ón Uachtarán, ó ghrúpa polaitiúil nó ó 32 chomhalta, arna chur isteach sula nglacfar an leagan deiridh den chlár oibre, féadfaidh an Tionól Iomlánach a chinneadh vótáil ar ghlaoch rolla i gcás mír amháin nó níos mó ar an gclár oibre, rud a thaifeadfar i miontuairiscí an tSeisiúin Iomlánaigh. Mura gcinnfidh an Tionól Iomlánach a mhalairt a dhéanamh, ní úsáidfear an vótáil ar ghlaoch rolla i gcás leasuithe.

6.

Ar thogra ón Uachtarán, ó ghrúpa polaitiúil nó ó 32 chomhalta, féadfar cinneadh a dhéanamh vótáil trí bhallóid rúnda má bhaineann an cinneadh le daoine.

7.

Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh ag am ar bith go ndéanfar vótáil go leictreonach.

Beidh rochtain ag an bpobal ar thaifeadadh thoradh uimhriúil na vótála leictreonaí tar éis an tSeisiúin Iomlánaigh.

Riail 24 – Leasuithe a chur síos

1.

Is comhaltaí agus comhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí – agus, i gcás a thuairime nó a tuairime féin, aon chomhalta malartach nach bhfuil sainordaithe agus a ceapadh mar rapóirtéir – agus iad sin amháin a fhéadfaidh leasuithe ar dhoiciméid a éilíonn cinneadh a chur síos, i gcomhréir le rialacha maidir le leasuithe a chur síos.

Féadfaidh comhalta nó comhalta malartach an chomhalta sin agus é nó í sainordaithe go cuí an ceart maidir le leasuithe a chur síos ag Seisiún Iomlánach a fheidhmiú. Má tharmligeann comhalta cuid de Sheisiún Iomlánach nó Seisiún Iomlánach ina iomláine chuig comhalta malartach, ní fhéadfaidh ach duine amháin acu leasuithe a chur síos. Má chuireann an comhalta aon leasuithe ar aon chuid den Seisiún Iomlánach síos, ní fhéadfaidh an comhalta malartach a leithéid chéanna a dhéanamh ina dhiaidh sin. Ar an gcaoi chéanna, má dhéantar aon chuid den Seisiún Iomlánach a tharmligean chuig comhalta malartach agus má chuireann sé nó sí aon leasuithe ar thuairim síos – sula mbeidh aon leasuithe curtha síos ag an gcomhalta – ní fhéadfaidh an comhalta sin aon leasuithe ar an Seisiún Iomlánach a chur síos. Beidh leasuithe arna gcur síos ag comhalta nó comhalta malartach a chaillfidh an oifig sin ina dhiaidh sin, nó roimh dheonú nó tarraingt siar tarmligin, bailí fós.

2.

Gan dochar d’fhorálacha Riail 28, má tá leasuithe le déanamh ar dhoiciméid a éilíonn cinneadh, ní mór do ghrúpa polaitiúil, nó ar a laghad sé chomhalta nó sé chomhalta mhalartacha atá sainordaithe go cuí, iad a chur isteach agus ní mór a n-ainmneacha a bheith ar na leasuithe sin. Féadfaidh toscaireachtaí náisiúnta a bhfuil níos lú ná sé chomhalta iontu leasuithe a chur isteach, ar choinníoll gurb iad comhaltaí uile na toscaireachta a bheidh á gcur isteach agus go mbeidh ainmneacha comhaltaí uile na toscaireachta nó a gcuid comhaltaí malartacha arna gceapadh go cuí ar na leasuithe sin.

3.

Ní mór iad a chur isteach roimh 3 p.m. ar an aonú lá oibre dhéag roimh an gcéad lá den Seisiún Iomlánach. Ní mór a bheith in ann teacht ar leasuithe go leictreonach chomh luath agus atá siad aistrithe, ach tráth nach déanaí ná ceithre lá oibre roimh an Seisiún Iomlánach.

Aistreofar na leasuithe mar ábhar tosaíochta agus cuirfear iad chuig an rapóirtéir chun go mbeidh sé nó sí in ann leasuithe an rapóirtéara a chur faoi bhráid na hArdrúnaíochta trí lá oibre ar a laghad roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh. Ní mór baint a bheith ag leasuithe sin an rapóirtéara le leasú amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 1 agus a aithneoidh an rapóirtéir. Beidh teacht ar leasuithe an rapóirtéara ar an lá roimh an gcéad lá den Seisiún Iomlánach.

Féadfaidh an tUachtarán an sprioc-am le haghaidh cur isteach leasuithe a laghdú go híostréimhse trí lá oibre i gcásanna ina bhfuil feidhm ag Riail 16(4). Ní bheidh feidhm ag an sprioc-am i gcás leasuithe ar ábhair phráinneacha de bhun Riail 16(6).

4.

Dáilfear na leasuithe go léir ar na comhaltaí roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh.

Riail 25 – Nós Imeachta chun plé le leasuithe

1.

Beidh feidhm ag an nós imeachta vótála seo a leanas:

(a)

Ar an gcéad dul síos, an vótáil ar aon leasuithe a rinneadh ar an dréacht-doiciméad. Tabharfar tosaíocht do leasuithe seachas don téacs lena mbaineann siad.

(b)

Ar an dara dul síos, an vótáil ar an téacs sin ina iomláine, bíodh sé leasaithe nó ná bíodh.

2.

Prionsabail lena rialaítear an vótáil:

(a)

Leasuithe comhréitigh a cuireadh i láthair le linn an chruinnithe.

Más rud é gur cuireadh síos leasú amháin nó níos mó mar chuid de théacs, féadfaidh an tUachtarán, an rapóirtéir nó údair na leasuithe sin, i gcásanna eisceachtúla, leasuithe comhréitigh a mholadh. Tabharfar tosaíocht do na leasuithe comhréitigh sin sa vótáil.

Má dhéanann an rapóirtéir nó aon duine d’údair an leasaithe tosaigh agóid i gcoinne an leasaithe comhréitigh atá molta, ní dhéanfar vótáil air.

(b)

Vótáil Chomhpháirteach.

Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh, sula nglacfar leasú ar leith nó sula ndiúltófar dó, go ndéanfar vótáil chomhchoiteann ar roinnt leasuithe eile a bhfuil ábhar comhchosúil iontu nó a bhfuil cuspóirí comhchosúla leo (vótáil chomhpháirteach). Féadfaidh na leasuithe sin a bheith bainteach le codanna éagsúla den téacs bunaidh.

(c)

Blocvótáil.

Féadfaidh rapóirtéirí liosta leasuithe arna gcur síos ar a ndréacht-tuairim a tharraingt suas, a mholfaidh siad lena nglacadh (moladh vótála). Más rud é go ndearna an rapóirtéir moladh vótála, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh gur cheart vótáil le chéile (blocvótáil) ar leasuithe áirithe a chumhdaítear leis an moladh. Féadfaidh aon chomhalta, áfach, agóid a dhéanamh i gcoinne an mholta vótála, ag sonrú dó nó di cé na leasuithe ar ceart vótáil ar leithligh orthu.

(d)

Vótáil Dheighilte.

I gcás ina bhfuil dhá fhoráil nó níos mó, nó dhá thagairt nó níos mó do dhá phointe nó níos mó, sa téacs a bhfuiltear chun vótáil air, nó gur féidir an téacs a roinnt ina dhá chuid nó níos mó toisc go bhfuil brí shainiúil agus/nó luach normatach ag na codanna sin, féadfaidh an rapóirtéir, grúpa polaitiúil, toscaireacht náisiúnta nó duine ar bith de na comhaltaí a chuir isteach an leasú, vótáil dheighilte a iarraidh.

Ba cheart an iarraidh a dhéanamh ar a laghad uair an chloig roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh, mura socróidh an tUachtarán sprioc-am eile. Déanfaidh an tUachtarán cinneadh faoin iarraidh.

Ní bheidh vótáil dheighilte inghlactha i gcás leasú comhréitigh nó leasú rapóirtéara.

3.

Vótáil ar na leasuithe:

Leanfaidh an vótáil ar na leasuithe ord na bpointí sa téacs agus an t-ord tosaíochta seo a leanas:

leasuithe comhréitigh, mura rud é go bhfuil duine d’údair na leasuithe bunaidh ina gcoinne;

leasuithe rapóirtéara;

leasuithe eile.

A luaithe a ghlacfar iad, cuirfear leasuithe rapóirtéara agus leasuithe comhréitigh in ionad na leasuithe as ar díorthaíodh iad.

I gcás dhá leasú nó níos mó atá comhionann le chéile a bheith curtha síos ag údair éagsúla, déanfar vótáil orthu mar aon leasú amháin.

Ní dhéanfar vótáil ar aon leasuithe ar de chineál teanga iad.

4.

Má dhéantar dhá leasú nó níos mó atá éagsúil go hiomlán le chéile a chur síos ar an gcuid chéanna de théacs, beidh tosaíocht ag an leasú is mó a imíonn ón téacs bunaidh agus déanfar vótáil ar an leasú sin ar dtús.

5.

Fógróidh an tUachtarán sula ndéanfar an vótáil i dtaobh cé acu a chuirfeadh nó nach gcuirfeadh glacadh leasaithe ceann amháin nó níos mó de na leasuithe eile ar neamhní, toisc go bhfuil na leasuithe éagsúil go hiomlán le chéile nuair a thagraíonn siad don sliocht céanna, nó toisc iad a bheith ag teacht salach ar a chéile. Measfar gur cuireadh leasú ar neamhní má tá sé ar neamhréir le vótáil roimhe sin ar an tuairim chéanna. Má chuireann údair leasaithe i gcoinne chinneadh an Uachtaráin ina leith sin, cinnfidh an Tionól Iomlánach cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear an leasú atá faoi dhíospóid chun vótála.

6.

Mura bhfaigheann an téacs ina iomláine tromlach na vótaí arna gcaitheamh sa vótáil deiridh, cinnfidh an Tionól Iomlánach ansin cé acu a chuirfear an dréacht-tuairim ar ais chuig an gcoimisiún inniúil nó a n-éireofar as í a ullmhú. Measfar tuairim a bheith dulta in éag mura féidir tuilleadh plé a dhéanamh uirthi de réir an fhéilire idirinstitiúidigh. Cuirfidh Uachtarán an Choiste an institiúid ónar tháinig an iarraidh ar an eolas faoin méid sin.

Má chuirtear an dréacht-tuairim ar ais chuig an gcoimisiún inniúil, ní mór don choimisiún ceann de na trí rogha seo a chinneadh:

an dréacht-tuairim a chur isteach arís le haghaidh díospóireachta agus le glacadh, arna modhnú de réir na leasuithe sa Seisiún Iomlánach;

rapóirtéir nua a cheapadh agus ar an gcaoi sin próiseas dréachtaithe na tuairime a lainseáil an athuair;

éirí as an tuairim a ullmhú.

Riail 26 – Comhleanúnachas an téacs chríochnaithigh

Má chuirtear comhleanúnachas an téacs chríochnaithigh i gcontúirt de thoradh leasuithe nár dearbhaíodh neamhbhailí i gcomhréir le Riail 25(5) a ghlacadh, nó de thoradh leasú a glacadh a éilíonn codanna ábhartha eile den téacs a leasú dá réir, déanfaidh an t-údarás riaracháin – tar éis dó dul i gcomhairle leis na grúpaí polaitiúla, an rapóirtéir agus údar na leasuithe ábhartha – modhnuithe a thabhairt isteach chun an téacs críochnaitheach a dhéanamh comhleanúnach arís. Níor cheart méid na n-athruithe ar an téacs a dhul thar an méid is lú is gá chun é a dhéanamh comhleanúnach arís. Cuirfear na comhaltaí ar an eolas faoi aon athruithe a thabharfar isteach.

Riail 27 – Tuairimí práinneacha

I gcásanna práinneacha nuair nach féidir sprioc-am arna shocrú ag an gComhairle, an Coimisiún nó Parlaimint na hEorpa a chomhlíonadh faoin ngnáthnós imeachta, agus gur ghlac an coimisiún ábhartha a dhréacht-tuairim d’aon toil, déanfaidh an tUachtarán an dréacht-tuairim sin a tharchur chuig an gComhairle, an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa mar eolas. Cuirfear an dréacht-tuairim faoi bhráid an chéad Seisiúin Iomlánaigh eile lena glacadh gan leasú. Ní mór práinn na tuairime a dhearbhú sna doiciméid go léir a bhaineann leis an tuairim sin.

Riail 28 – Nósanna imeachta simplithe

Déanfar dréacht-tuairimí nó dréacht-tuarascálacha arna nglacadh d’aon toil ag coimisiún a chur faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh lena nglacadh gan athrú ach amháin má dhéanann ar a laghad 32 chomhalta nó 32 chomhalta mhalartacha atá sainordaithe go cuí nó grúpa polaitiúil leasú a chur síos i gcomhréir leis an gcéad abairt de Riail 24(3). Sa chás sin, is é an Tionól Iomlánach a phléifidh leis an leasú. Is é an rapóirtéir a thíolacfaidh an dréacht-tuairim nó an dréacht-tuarascáil ag an Seisiún Iomlánach agus féadfaidh sí a bheith ina hábhar díospóireachta. Cuirfear í ar aghaidh chuig na comhaltaí maille leis an dréachtchlár oibre.

Riail 29 – Clabhsúr a chur ar an Seisiún Iomlánach

Sula gcuirfear clabhsúr ar an Seisiún Iomlánach, fógróidh an tUachtarán an t-am agus an áit don chéad Seisiún Iomlánach eile maille le haon mhíreanna eile atá ar an gclár oibre cheana féin.

Riail 30 – Siombailí

1.

Aithníonn an Coiste na siombailí seo a leanas de chuid an Aontais agus glacann sé iad:

(a)

an bhratach ar a dtaispeántar ciorcal de dhá cheann déag de réaltaí órga ar chúlra gorm;

(b)

an roscamhrán ‘Óid don Aoibhneas’ as Naoú Siansa Ludwig van Beethoven;

(c)

an mana ‘Aontaithe san éagsúlacht’.

2.

Ceiliúrfaidh an Coiste Lá na hEorpa ar an 9 Bealtaine agus spreagfaidh sé na comhaltaí le déanamh amhlaidh.

3.

Beidh an bhratach ar foluain i bhfoirgnimh an Choiste agus tráth ócáidí oifigiúla.

4.

Seinnfear an roscamhrán ag oscailt gach seisiúin tionscnaimh ag tús téarma oifige agus in ómós seisiúin chomórtha eile, e.g. nuair atáthar ag cur fáilte roimh chinn stáit nó rialtais nó roimh chomhaltaí nua tar éis méadú.

CAIBIDIL 3

AN BIÚRÓ AGUS AN tUACHTARÁN

Riail 31 – Comhdhéanamh an Bhiúró

Beidh an Biúró comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

an tUachtarán;

(b)

an chéad Leas-Uachtarán;

(c)

Leas-Uachtarán amháin in aghaidh an Bhallstáit;

(d)

sé chomhalta is fiche eile;

(e)

cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla.

Déanfar na suíocháin ar an mBiúró (seachas suíocháin an Uachtaráin, an chéad Leas-Uachtaráin agus chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla) a roinnt ar na toscaireachtaí náisiúnta mar seo a leanas:

3 shuíochán: an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, an Spáinn;

2 shuíochán: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghréig, an Ísiltír, an Liotuáin, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSualainn, an Ungáir, Éire;

1 shuíochán: an Chipir, an Eastóin, an tSlóivéin, Laitvia, Lucsamburg, Málta.

Riail 32 – Comhaltaí ionaid ag cruinnithe an Bhiúró

1.

Ceapfaidh na toscaireachtaí náisiúnta comhalta nó comhalta malartach ón toscaireacht mar ionadaí do gach duine dá gcomhaltaí sa Bhiúró, seachas don Uachtarán agus don chéad Leas-Uachtarán.

2.

I gcás gach cathaoirligh ar ghrúpa polaitiúil, ainmneoidh an grúpa polaitiúil i gceist duine dá chomhaltaí nó dá chomhaltaí malartacha mar ionadaí.

3.

Beidh ionadaí i dteideal páirt a ghlacadh i gcruinnithe agus beidh cearta labhartha agus vótála aige nó aici nuair a bheidh ionad an chomhalta den Bhiúró i dtrácht á ghabháil aige nó aici, agus sa chás sin amháin. Maidir le tarmligean na vótála, arna thabhairt ag an gcomhalta a bhfuil cosc air nó uirthi páirt a ghlacadh i gcruinniú an Bhiúró, ní mór fógra a thabhairt ina leith don Ardrúnaí roimh an gcruinniú ábhartha i gcomhréir leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt atá riachtanach.

Riail 33 – Rialacha toghcháin

1.

Toghfaidh an Tionól Iomlánach an Biúró ar feadh téarma dhá bhliain go leith.

2.

Reáchtálfar an toghchán faoi chathaoirleacht an Uachtaráin eatramhaigh i gcomhréir le Riail 12 agus le Riail 13. Ní mór gach iarrthóireacht a chur isteach i scríbhinn chuig an Ardrúnaí ar a laghad uair an chloig sula dtosóidh an Seisiún Iomlánach. Ní reáchtálfar na toghcháin ach amháin tar éis fíorú a dhéanamh ar an gcóram láithreachta dá dtagraítear sa chéad abairt de Riail 22(1).

Riail 34 – Toghadh an Uachtaráin agus an chéad Leas-Uachtaráin

1.

Roimh na toghcháin, féadfaidh iarrthóirí do phoist an Uachtaráin agus an chéad Leas-Uachtaráin ráiteas gearr a thabhairt os comhair an Tionóil Iomlánaigh. Beidh am labhartha gach iarrthóra ar comhfhad agus is é an tUachtarán eatramhach a chinnfidh an teorainn ama sin.

2.

Reáchtálfar toghadh an Uachtaráin ar leithligh ó thoghadh an chéad Leas-Uachtaráin. Toghfar iad trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh.

3.

Is iad na foirmeacha bailí vótála ‘ar son’ agus ‘staonadh’. Agus an tromlach á ríomh, ní chuirfear san áireamh ach vótaí a chaithfear ar son na n-iarrthóirí.

4.

Mura bhfaighidh aon iarrthóir tromlach sa chéad bhallóid, reáchtálfar an dara ballóid ina measfar an t-iarrthóir a gheobhaidh an méid is mó vótaí a bheith tofa. I gcás comhionannas vótaí, déanfar cinneadh trí chrannchur.

Riail 35 – Toghadh chomhaltaí agus chomhaltaí ionaid an Bhiúró

1.

Féadfar liosta comhpháirteach a tharraingt suas de na hiarrthóirí as na toscaireachtaí náisiúnta sin nach n-ainmneoidh ach iarrthóir amháin do gach ceann de na suíocháin a leithdháilfear orthu sa Bhiúró. Féadfar an liosta sin a ghlacadh in aon bhallóid amháin má fhaigheann sé tromlach na vótaí arna gcaitheamh.

I gcásanna nach nglactar liosta comhpháirteach iarrthóirí, nó ina sáraíonn líon na n-iarrthóirí líon na suíochán a leithdháilfear ar thoscaireacht náisiúnta sa Bhiúró, cinnfear gach ceann de na suíocháin sin i mballóidí ar leithligh; sa chás sin, beidh feidhm ag na forálacha maidir le toghadh an Uachtaráin agus an chéad Leas-Uachtaráin i gcomhréir le Riail 33 agus le Riail 34(2) go (4).

2.

Beidh feidhm ag na rialacha céanna maidir le toghadh comhaltaí ionaid, a fhéadfar a thoghadh ag an am céanna is a thoghfar comhaltaí an Bhiúró.

3.

Is comhaltaí ex officio den Bhiúró iad cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla a thoghtar laistigh de gach grúpa.

Riail 36 – Fo-thoghcháin le haghaidh suíocháin fholmha sa Bhiúró

I gcás foirceannadh comhaltais Coiste nó scor comhalta ón mBiúró, cuirfear duine in ionad chomhalta an Bhiúró nó in áit a ionadaí nó a hionadaí don tréimhse atá fágtha dá théarma oifige nó dá téarma oifige i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialacha 31 go 35. Reáchtálfar an fo-thoghchán le haghaidh suíochán folamh sa Bhiúró nó suíochán folamh comhalta mhalartaigh ag Seisiún Iomlánach faoi chathaoirleacht an Uachtaráin nó a ionadaí nó a hionadaí i gcomhréir le Riail 39(3).

Riail 37 – Cúraimí an Bhiúró

Beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBiúró:

(a)

Tosaíochtaí polaitiúla an Tionóil Iomlánaigh a ullmhú agus a chur faoina bhráid ag tús a théarma, agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin; ag deireadh a théarma, tuarascáil ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí a chur faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh;

(b)

Obair an Tionóil Iomlánaigh agus na gcoimisiún a eagrú agus a chomhordú;

(c)

Cód iompair a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh;

(d)

Freagracht fhoriomlán as gnóthaí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin a bhaineann le comhaltaí agus comhaltaí malartacha, eagrú inmheánach an Choiste, a Ardrúnaíochta, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus a chomhlachtaí;

(e)

Féadfaidh an Biúró:

meithleacha comhdhéanta de chomhaltaí de chuid an Bhiúró nó an Choiste a bhunú chun comhairle a chur air i réimsí sonracha; féadfar suas le trí chomhalta dhéag a bheith ar na meithleacha sin;

cuireadh a thabhairt do chomhaltaí eile an Choiste, de bhua a gcuid saineolais nó a sainordaithe, agus daoine nach mbaineann leis an gCoiste, freastal ar a chuid cruinnithe;

(f)

Faireachán a dhéanamh ar an obair leantach maidir le tuairimí, tuarascálacha agus rúin agus maidir le measúnú tionchair bliantúil an Choiste, agus comhairle a chur ar an Uachtarán maidir le cur chun feidhme na dtorthaí;

(g)

Rannpháirtíocht an Ardrúnaí agus na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile a liostaítear i Riail 71;

(h)

Na dréachtmheastacháin ar chaiteachas agus ioncam a chur faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh i gcomhréir le Riail 73;

(i)

Údarú cruinnithe in áiteanna eile seachas an gnáthionad oibre;

(j)

Forálacha a tharraingt suas maidir le comhaltas agus modhanna oibre meithleacha, comhchoistí le tíortha iarrthacha agus comhlachtaí polaitiúla eile, ina mbíonn comhaltaí den Choiste rannpháirteach.

Cuirfear na comhchoistí comhairliúcháin ar bun le hionadaithe áitiúla agus réigiúnacha na dtíortha iarrthacha ar bhonn na bhforálacha atá leagtha síos sa chomhaontú cobhsaíochta agus comhlachais.

Is iad na rialtais a cheapfaidh go foirmiúil comhaltaí na gcomhchoistí comhairliúcháin ó thíortha iarrthacha chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann a gcuid údarás áitiúil agus réigiúnach. Déanfar na cinntí laistigh de na comhchoistí comhairliúcháin i gcomhpháirt leis na hionadaithe comhpháirtíochta, faoi chomh-chathaoirleacht Choiste na Réigiún agus na tíre iarrthaí.

Ba cheart do na comhchoistí comhairliúcháin tuarascáil agus moltaí, a dhíríonn ar réimsí atá ábhartha do na húdaráis áitiúla i bpróiseas an mhéadaithe, a ghlacadh. Is féidir tuarascálacha a chur chuig an gcomhairle comhlachais freisin.

(k)

Tar éis a fhíorú go bhfuil córam ann de réir na chéad abairte de Riail 38(2), cinneadh a dhéanamh caingean nó iarratas ar idiragairt a dhéanamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nuair nach féidir leis an Tionól Iomlánach cinneadh a dhéanamh laistigh den sprioc-am, trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, ar thogra ó Uachtarán an Choiste nó ón gcoimisiúin inniúil ag gníomhú dó i gcomhréir le Riail 57 agus le Riail 58. Nuair a ghlacfar an cinneadh sin, tabharfaidh an tUachtarán an chaingean thar ceann an Choiste agus iarrfaidh sé nó sí ar an Tionól Iomlánach ag an gcéad seisiún eile cinneadh a dhéanamh cé acu atá sé chun an chaingean a choimeád nó nach bhfuil. Más rud é, tar éis a fhíorú gurb ann don chóram dá dtagraítear sa chéad abairt de Riail 22(1), go ndéanfaidh an Tionól Iomlánach cinneadh tríd an tromlach a cheanglaítear i Riail 14(h) gan an chaingean a thabhairt, déanfaidh an tUachtarán an chaingean a tharraingt siar.

Riail 38 – Tionól an Bhiúró, córam agus cinneadh

1.

Is é an tUachtarán a thionólfaidh an Biúró, agus a shocróidh dáta an chruinnithe agus an clár oibre le comhaontú an chéad Leas-Uachtaráin. Tiocfaidh an Biúró i gceann a chéile ar a laghad uair amháin gach trí mhí, nó laistigh de 14 lá tar éis iarraidh i scríbhinn a fháil ó aon cheathrú de na comhaltaí ar a laghad.

2.

Beidh córam ann ag cruinniú den Bhiúró má tá ar a laghad leath na gcomhaltaí i láthair. Fíorófar an córam arna iarraidh sin do chomhalta má tá sé chomhalta ar a laghad i bhfabhar na hiarrata. Mura n-iarrfar fíorú córaim, beidh gach vóta bailí beag beann ar líon na gcomhaltaí i láthair. Má shuitear nach ann don chóram, féadfaidh an Biúró leanúint dá phléití ach ní tharlóidh an vótáil go dtí an chéad chruinniú eile.

3.

Déanfaidh an Biúró a chinneadh trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sna rialacha sin. Beidh feidhm ag Riail 23(2) agus (6).

4.

Gan dochar do Riail 40(4)(b), agus é nó í ag ullmhú do chinntí an Bhiúró, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar an Ardrúnaí plédhoiciméid agus moltaí le haghaidh cinnidh a tharraingt suas maidir le gach mír atá le plé; beidh na doiciméid agus na moltaí sin i gceangal leis an dréachtchlár oibre.

5.

Ní mór na doiciméid a chur ar fáil go leictreonach do na comhaltaí deich lá ar a laghad roimh thús an chruinnithe.

Ní mór an tArdrúnaí leasuithe ar dhoiciméid an Bhiúró a fháil dhá lá oibre ar a laghad roimh thús chruinniú an Bhiúró, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, agus beidh teacht orthu go leictreonach chomh luath agus a aistreofar iad. Aon uair is féidir, áireofar sna doiciméid a ullmhaítear don Bhiúró roghanna éagsúla don Bhiúró a mbeidh cead roghnachais aige orthu agus beidh siad inleasaithe chomh luath agus a fhoilsítear iad.

6.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an tUachtarán dul ar iontaoibh nós imeachta i scríbhinn chun cinneadh a ghlacadh, seachas cinneadh a bhaineann le daoine aonair. Cuirfidh an tUachtarán an cinneadh atá beartaithe chuig na comhaltaí agus iarrfaidh sé nó sí orthu é a chur ar an eolas i scríbhinn, laistigh de thrí lá oibre, faoi aon agóidí a d’fhéadfadh a bheith acu. Measfar an cinneadh a bheith glactha mura bhfaighfear agóidí ó shé chomhalta ar a laghad.

Riail 39 – An tUachtarán

1.

Stiúrfaidh an tUachtarán obair an Choiste.

2.

Is é an tUachtarán ionadaí an Choiste agus féadfaidh sé nó sí na cumhachtaí sin a tharmligean.

3.

Má tá an tUachtarán as láthair, déanfaidh an chéad Leas-Uachtarán ionadaíocht thar a cheann nó a ceann; má tá an chéad Leas-Uachtarán as láthair, déanfaidh duine eile de na Leas-Uachtaráin ionadaíocht thar a cheann nó a ceann.

4.

Tá an tUachtarán freagrach as slándáil agus dosháraitheacht áitreabh an Choiste.

Riail 40 – An Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin

1.

I gcomhréir le Riail 37, cuirfidh an Biúró Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin (CFAA) ar bun, ar coimisiún comhairleach é, faoi chathaoirleacht an Bhiúró.

2.

Socróidh an cathaoirleach dátaí an chruinnithe agus a gcláir oibre ag gníomhú dó nó di le comhaontú an chéad leaschathaoirligh.

3.

Féadfaidh CFAA rapóirtéir a cheapadh as measc a chomhaltaí chun cabhrú le CFAA a chuid tuarascálacha a ullmhú don Bhiúró maidir leis na dualgais a shanntar dó. Tuairisceoidh an comhalta do CFAA agus don Bhiúró, más gá agus i gcomhaontú leis an gcathaoirleach, faoi chuimsiú a shainchúraimí nó a sainchúraimí. Féadfaidh an comhalta sin a thuarascáil nó a tuarascáil a chur faoi bhráid CFAA trí aighneacht i scríbhinn nó trí aighneacht ó bhéal.

4.

Beidh na cúraimí seo a leanas ar CFAA:

(a)

I gcomhréir le Riail 73, comhairle a thabhairt faoin réamhdhréacht de na meastacháin ar chaiteachas agus ioncam an Choiste arna chur isteach ag an Ardrúnaí, agus é a ghlacadh.

(b)

Dréachtfhorálacha cur chun feidhme agus dréachtchinntí an Bhiúró i réimsí an airgeadais, an eagrúcháin agus an riaracháin a tharraingt suas, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le comhaltaí agus comhaltaí malartacha.

Cuirfear na doiciméid sin maille le hachoimre ar chinntí CFAA chuig comhaltaí an Bhiúró i gcomhréir le Riail 38(4) agus Riail 38(5).

(c)

Comhairle a thabhairt faoi ábhair thábhachtacha a d’fhéadfadh bainistiú fónta leithreasuithe a chur i gcontúirt nó baint amach na gcuspóirí socraithe a chosc, go háirithe i dtaca le húsáid leithreasuithe a thuar, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid reatha, aistriú leithreasuithe, nósanna imeachta a bhaineann leis na pleananna bunaíochta, leithreasuithe riaracháin agus oibríochtaí maidir le tionscadail a bhaineann le foirgnimh.

5.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an tUachtarán dul ar iontaoibh nós imeachta i scríbhinn chun cinneadh a ghlacadh. Cuirfidh an tUachtarán an cinneadh atá beartaithe chuig na comhaltaí agus iarrfaidh sé nó sí orthu é nó í a chur ar an eolas i scríbhinn, laistigh de chúig lá oibre, faoi aon agóidí a d’fhéadfadh a bheith acu. Measfar an cinneadh a bheith glactha ach amháin má fhaightear agóidí ó thrí chomhalta ar a laghad.

6.

Déanfaidh cathaoirleach CFAA ionadaíocht don Choiste maidir le húdaráis bhuiséid an Aontais.

Tuairimí, tuarascálacha agus rúin – Nós imeachta sa Bhiúró

Riail 41 – Tuairimí – Bunúis dlí

Glacfaidh an Coiste a chuid tuairimí de bhun Airteagal 307 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

(a)

nuair a théann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún i gcomhairle leis sna cásanna dá bhforáiltear sna Conarthaí agus i ngach cás eile, go háirithe sna cásanna a bhaineann le comhar trasteorann, ina measann ceann amháin de na hinstitiúidí sin gurb iomchuí déanamh amhlaidh;

(b)

ar a thionscnamh féin nuair a mheasann sé gurb iomchuí déanamh amhlaidh, i gceann amháin nó ceann eile den dá mhodh thíos:

i)

bunaithe ar Theachtaireacht, Tuarascáil nó Togra reachtach ó institiúid eile de chuid an Aontais Eorpaigh arna cur nó arna chur chuig an gCoiste mar eolas, nó bunaithe ar iarraidh ón mBallstát a bhfuil Uachtaránacht reatha na Comhairle aige nó a mbeidh an chéad Uachtaránacht eile aige;

ii)

go hiomlán ar a thionscnamh féin agus, de bhun Riail 14, ar bhonn thosaíochtaí polaitiúla an Choiste i ngach cás eile;

(c)

nuair a mheasann sé, i gcás ina dtéitear i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoi Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go bhfuil leasanna sonracha réigiúnacha i gceist.

Riail 42 – Tuairimí – Ainmniú an choimisiúin

1.

Déanfaidh an tUachtarán doiciméid a fuarthas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle Eorpach, ón gComhairle nó ón gCoimisiún a shannadh don choimisiún atá freagrach agus cuirfear an Biúró ar an eolas faoin méid sin ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige.

2.

Má thagann ábhar tuairime faoi réimse inniúlachta níos mó ná coimisiún amháin, déanfaidh an tUachtarán, tar éis dó nó di dul i gcomhairle le cathaoirligh na gcoimisiún lena mbaineann, treoirchoimisiún freagrach a ainmniú. Áiritheoidh an tArdrúnaí, sula rachaidh an tUachtarán i gcomhairle leis na cathaoirligh, go ndéanfar anailís chríochnúil ar na cúiseanna oibiachtúla atá leis go mbaineann an doiciméad i gceist le hinniúlachtaí níos mó ná aon choimisiúin amháin. Más amhlaidh nach féidir freagracht as an ábhar a dheighilt idir roinnt coimisiúin éagsúla, féadfaidh an tUachtarán a mholadh go mbunófar meitheal shealadach ina mbeidh líon comhionann ionadaithe as na coimisiúin lena mbaineann. Féadfaidh an mheitheal sin rapóirtéir amháin a ainmniú chun tuairim nó rún amháin a dhréachtú le cur faoi bhráid an tSeisiúin Iomlánaigh.

3.

Mura n-aontaíonn coimisiún le cinneadh ón Uachtarán arna dhéanamh faoi Riail 42(1) agus (2), féadfaidh sé iarratas a chur isteach trína chathaoirleach le haghaidh cinneadh ón mBiúró.

Riail 43 – Ceapadh rapóirtéara ghinearálta

1.

Mura féidir leis an gcoimisiún lena mbaineann, dréacht-tuairim a tharraingt suas faoin sprioc-am is gá, féadfaidh an Biúró a mholadh go gceapfaidh an Tionól Iomlánach rapóirtéir ginearálta, a chuirfidh dréacht-tuairim díreach faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh.

2.

I gcás nach bhfágfaidh an sprioc-am a dhóthain ama ag an Tionól Iomlánach chun rapóirtéir ginearálta a cheapadh, féadfaidh an tUachtarán rapóirtéir ginearálta a cheapadh; sa chás sin, cuirfear an Tionól Iomlánach ar an eolas ina thaobh ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige.

3.

Beidh an rapóirtéir ginearálta páirteach sa choimisiún lena mbaineann.

4.

Sa dá chás, tiocfaidh an coimisiún lena mbaineann i gceann a chéile, i gcás inar féidir, chun díospóireacht ghinearálta a dhéanamh ar an ábhar.

Riail 44 – Tuairimí féintionscnaimh

1.

Féadfaidh ceithre chomhalta den Bhiúró, coimisiún trína chathaoirleach nó 32 chomhalta den Choiste iarratais ar thuairimí féintionscnaimh faoi Riail 41(b)(ii) a chur faoi bhráid an Bhiúró. Ní mór na hiarratais sin, maille le cúiseanna, agus in éineacht leis na plédhoiciméid eile uile i gcomhréir le Riail 38(4), a chur isteach, aon uair is féidir, sula nglacfar an clár oibre bliantúil.

2.

Déanfaidh na coimisiúin cinneadh maidir le hiarratais ar thuairimí féintionscnaimh faoi Riail 41(b)(ii) trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh. Déanfaidh an Biúró cinneadh maidir le hiarratais ar thuairimí féintionscnaimh faoi Riail 41(b)(ii) trí thromlach de na vótaí arna gcaitheamh. Déanfar na tuairimí a tharchur chuig na coimisiúin ábhartha i gcomhréir le Riail 42. Cuirfidh an tUachtarán an Tionól Iomlánach ar an eolas faoi gach cinneadh ón mBiúró lena ndéantar na tuairimí féintionscnaimh sin a fhormheas agus a leithdháileadh.

Riail 45 – Rúin a chur síos

1.

Ní chuirfear rúin ar an gclár oibre ach amháin más rud é go dtagraíonn siad do ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh, go bpléann siad le hábhair is mórúdair imní ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus go mbaineann siad le saincheisteanna na huaire.

2.

Féadfaidh 32 chomhalta ar a laghad nó grúpa polaitiúil dréachtrúin nó iarratais ar dhréachtú rúin a chur faoi bhráid an Choiste. Cuirfear faoi bhráid an Bhiúró i scríbhinn na dréachtaí nó na hiarratais uile agus tabharfar le fios iontu ainmneacha na gcomhaltaí nó an ghrúpa pholaitiúil atá ag tacú leo. Ní mór an tArdrúnaí iad a fháil tráth nach déanaí ná cúig lá oibre roimh thús chruinniú an Bhiúró. Cuirfear ar fáil do na comhaltaí iad sna teangacha go léir tráth nach déanaí ná trí lá roimh chruinniú an Bhiúró. Féadfar dréachtleasuithe a chur isteach go leictreonach ón tráth a bheidh an dréachtrún ar fáil. I gcás cinneadh dearfach a fháil ón mBiúró, cuirfear na dréachtleasuithe isteach gan cheist mar leasuithe. I gcás cinneadh diúltach a fháil ón mBiúró, bainfear na dréachtleasuithe as an gcóras gan cheist.

3.

Má chinneann an Biúró go bhfuil an Coiste le dréachtrún nó iarratas ar dhréachtú rúin a phlé, féadfaidh sé:

a)

an dréachtrún a chur ar an réamhdhréacht de chlár oibre an tSeisiúin Iomlánaigh i gcomhréir le Riail 16(1);

b)

i gcomhréir leis an dara habairt de Riail 16(6), dréachtrún a chur ar an gclár oibre don chéad Seisiún Iomlánach eile. Pléifear leis na dréachtrúin sin ar an dara lá den seisiún.

4.

Maidir le dréachtrúin a thagraíonn do theagmhas nárbh fhéidir a thuar a tharla tar éis dul in éag don sprioc-am a leagtar síos i Riail 45(2) (rúin phráinneacha) agus a chomhlíonann forálacha Riail 45(1), féadfar iad a chur isteach ag tús chruinniú an Bhiúró. Má chinneann an Biúró go mbaineann an togra le príomhchúraimí an Choiste, pléifear leis an togra faoi Riail 45(3)(b). Féadfaidh aon chomhalta leasuithe ar rúin phráinneacha a chur síos le linn an tSeisiúin Iomlánaigh.

CAIBIDIL 4

COMHDHÁIL NA nUACHTARÁN

Riail 46 – Comhdhéanamh

Beidh Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta den Uachtarán, an chéad Leas-Uachtarán agus cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla. Féadfaidh comhalta eile as a ngrúpa ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla.

Riail 47 – Cumhachtaí

Pléifidh Comhdháil na nUachtarán aon cheist a chuirfidh an tUachtarán faoina bráid d’fhonn ullmhú faoi choinne na tóra ar chomhdhearcadh polaitiúil faoi chinntí atá le glacadh ag comhlachtaí eile an Choistí agus d’fhonn an tóir sin a éascú.

Ba cheart don Uachtarán, sa teachtaireacht uaidh nó uaithi chuig an mBiúró, tuairisc a thabhairt ar na pléití a tharla ag cruinniú Chomhdháil na nUachtarán.

CAIBIDIL 5

NA COIMISIÚIN

Riail 48 – Comhdhéanamh agus cumhachtaí

1.

Ag tús gach téarma cúig bliana, cuirfidh an Tionól Iomlánach coimisiúin ar bun lena obair a ullmhú. Déanfaidh sé cinneadh maidir lena gcomhdhéanamh agus a gcumhachtaí ar thogra ón mBiúró.

2.

Léireoidh comhdhéanamh na gcoimisiún comhdhéanamh náisiúnta an Choiste.

3.

Ní mór do chomhaltaí an Choiste a bheith páirteach i gcoimisiún amháin ar a laghad ach ní féidir leo a bheith páirteach i níos mó ná dhá choimisiún. Féadfaidh an Biúró eisceachtaí a dhéanamh do na comhaltaí a bhaineann le toscaireachtaí náisiúnta ar lú líon a gcomhaltaí ná líon na gcoimisiún.

Riail 49 – Cathaoirligh agus leaschathaoirligh

1.

Toghfaidh gach coimisiún a chathaoirleach, a chéad leaschathaoirleach agus dhá leaschathaoirleach eile, ar a mhéad, as measc a chomhaltaí. Toghfar iad ar feadh téarma dhá bhliain go leith.

2.

I gcás an líon iarrthóirí a bheith cothrom leis an líon suíochán atá le líonadh, féadfar na hiarrthóirí a thoghadh d’aon gháir. Murab amhlaidh an cás, nó má iarrann an séú cuid de chomhaltaí an choimisiúin amhlaidh, beidh an toghchán i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Riail 34(2) go (4) maidir le toghadh Uachtarán an Choiste agus an chéad Leas-Uachtaráin.

3.

Má chuireann cathaoirleach nó leaschathaoirleach coimisiúin deireadh lena chomhaltas nó lena comhaltas sa Choiste nó má éiríonn sé nó sí as post cathaoirligh nó leaschathaoirligh coimisiúin, líonfar an folúntas i gcomhréir le forálacha na Rialach seo.

Riail 50 – Cúraimí na gcoimisiún

1.

I gcomhréir leis na cumhachtaí a shann an Tionól Iomlánach dóibh ar bhonn Riail 48, déanfaidh na coimisiúin díospóireacht faoi bheartais an Aontais. Déanfaidh siad go háirithe dréachtleaganacha de thuairimí, tuarascálacha agus rúin a tharraingt suas lena nglacadh sa Tionól Iomlánach.

2.

Déanfaidh na coimisiúin cinneadh maidir leis na tuairimí a ullmhú faoi:

Riail 41(a);

Riail 41(b)(i);

Riail 41(c).

3.

Tarraingeoidh siad suas a gcláir oibre bhliantúla i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Choiste agus seolfaidh siad chuig an mBiúró iad le go mbeidh sé ar an eolas fúthu.

Riail 51 – Tionól agus cláir oibre na gcoimisiún

1.

Socróidh cathaoirleach gach coimisiúin dátaí na gcruinnithe agus a gcláir oibre ag gníomhú dó nó di le comhaontú an chéad leaschathaoirligh.

2.

Is cathaoirleach coimisiúin a thionólfaidh coimisiún. Ní mór na comhaltaí an fógra comórtha do ghnáthchruinniú maille leis an gclár oibre a fháil tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine roimh dháta an chruinnithe.

3.

Arna iarraidh sin i scríbhinn d’aon cheathrú ar a laghad dá chomhaltaí, beidh an cathaoirleach faoi cheangal cruinniú coimisiúin urghnách a thionól, tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis chur isteach na hiarrata. Is iad na comhaltaí a chuirfidh isteach iarraidh ar chruinniú den sórt sin a shocróidh an clár oibre do chruinniú urghnách. Cuirfear í ar aghaidh chuig na comhaltaí maille leis an bhfógra comórtha.

4.

Déanfar na dréacht-tuairimí uile, agus plédhoiciméid eile is gá a aistriú, a chur chuig rúnaíocht an choimisiúin i gceist tráth nach déanaí ná cúig seachtaine roimh an dáta a bheidh socraithe don chruinniú. Cuirfear ar fáil go leictreonach iad do na comhaltaí ceithre lá oibre dhéag ar a laghad roimh dháta an chruinnithe. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an cathaoirleach na teorainneacha ama thuas a leasú.

5.

Is tríd an ríomhphost i gcomhréir leis an bhformáid chaighdeánach arna glacadh ag an mBiúró a chuirfear doiciméid faoi bhráid na rúnaíochta. Ní rachaidh na moltaí polaitiúla atá sa doiciméad thar 10 leathanach (15 000 carachtar) ar an iomlán le lamháltas nach mó ná 10 % ar chúiseanna teanga. Féadfaidh cathaoirleach an choimisiúin maoluithe a dheonú i gcásanna eisceachtúla, áfach, ina mbeidh údar maith le tuilleadh staidéir a dhéanamh ar an ábhar.

Riail 52 – Freastal an phobail agus cead isteach dóibh

1.

Síneoidh gach comhalta agus comhalta malartach a ghlacfaidh páirt sa chruinniú liosta na rannpháirtithe le haghaidh gach lae cruinnithe.

2.

Beidh imeachtaí na gcoimisiún oscailte don phobal, mura gcinnfidh coimisiún a mhalairt i ndáil leis an gcruinniú iomlán nó mír ar leith ar an gclár oibre.

3.

Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, chomh maith le cuairteoirí eile, páirt a ghlacadh i gcruinnithe na gcoimisiún agus freagra a thabhairt ar na ceisteanna ó chomhaltaí.

Riail 53 – Teorainneacha ama le tuairimí a tharraingt suas

1.

Tíolacfaidh na coimisiúin a gcuid dréacht-tuairimí laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach san fhéilire idirinstitiúideach. Ní bheidh gá le níos mó ná dhá chruinniú chun dréacht-tuairim a phlé, gan an chéad chruinniú ina n-eagrófar an obair a chur san áireamh.

2.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Biúró tuilleadh cruinnithe a údarú chun dréacht-tuairim a phlé, nó féadfaidh sé an teorainn ama faoina ndéanfar an dréacht a thíolacadh a fhadú.

Riail 54 – Ábhar na dtuairimí

1.

Is é a leagfar amach i dtuairim ón gCoiste barúlacha agus moltaí an Choiste maidir leis an gceist atá á breithniú.

2.

Sna tuairimí ón gCoiste ar thograí le haghaidh gníomhartha dlí i réimsí nach dtagann faoi réimse inniúlachta eisiach an Aontais, cuirfear in iúl barúil faoin gcaoi a gcomhlíonann an togra prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

Féadfar sna tuairimí eile ón gCoiste tagairt a dhéanamh do chur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta aon uair is iomchuí.

3.

Díreofar sna tuairimí sin freisin, aon uair is féidir, ar an tionchar a mheastar a bheidh ann don riarachán agus don airgeadas réigiúnach agus áitiúil.

4.

Ba cheart moltaí le haghaidh leasuithe ar théacs an Choimisiúin Eorpaigh a áireamh sna tuairimí ón gCoiste maidir le gníomhartha reachtacha.

5.

Más gá, déanfar ráiteas míniúcháin a tharraingt suas faoi fhreagracht an rapóirtéara agus ní dhéanfar vótáil air. Ní mór dó, áfach, a bheith i gcomhréir le téacs na tuairime a ndearnadh vótáil air.

6.

I gcás dréacht-tuairim ina moltar gníomhaíocht nua de chuid an Choiste a bhfuil impleachtaí airgeadais léi, ní mór iarscríbhinn ina bhfuil meastachán ar chostais na gníomhaíochta sin a bheith ag gabháil leis an tuairim.

Riail 55 – Obair leantach ar thuairimí, tuarascálacha agus rúin ón gCoiste

Le linn na tréimhse tar éis tuairim, tuarascáil nó rún a ghlacadh, déanfaidh an rapóirtéir agus/nó cathaoirleach an choimisiúin a ceapadh chun an dréacht den doiciméad i gceist a tharraingt suas, le cúnamh ón Ardrúnaíocht, faireachán ar dhul chun cinn an nós imeachta is bunús le comhairliúchán an Choiste, mar aon le gach gníomhaíocht is iomchuí a dhéanamh le seasaimh an Choiste a chur chun cinn mar a glacadh iad sa tuairim, agus aird chuí á tabhairt ar an bhféilire institiúideach.

Riail 56 – Tuairimí athbhreithnithe

1.

Má mheasann an coimisiún gur gá sin, féadfaidh sé dréacht-tuairim athbhreithnithe a tharraingt suas ar an ábhar céanna agus, más féidir, an rapóirtéir céanna ina bun, chun dul chun cinn idirinstitiúideach sa nós imeachta reachtach lena mbaineann a chur san áireamh agus freagairt dó.

2.

Tiocfaidh an coimisiún i gceann a chéile, nuair is féidir, chun díospóireacht a dhéanamh agus an dréacht-tuairim a ghlacadh, agus cuirfear ar aghaidh chuig an gcéad Seisiún Iomlánach eile í.

3.

I gcás nach bhfágfaidh an dul chun cinn sa nós imeachta is bunús le comhairliúchán an Choiste a dhóthain ama ag an gcoimisiún chun dréacht-tuairim athbhreithnithe a ghlacadh, cuirfidh cathaoirleach an choimisiúin sin Uachtarán an Choiste ar an eolas ina thaobh láithreach le gur féidir an nós imeachta chun rapóirtéir ginearálta a cheapadh faoi Riail 43 a agairt.

Riail 57 – Caingean um shárú phrionsabal na coimhdeachta

1.

Féadfaidh Uachtarán an Choiste nó an coimisiún atá freagrach as an dréacht-tuairim a tharraingt suas togra a dhéanamh chun caingean nó iarratas ar idiragairt a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás sárú phrionsabal na coimhdeachta trí ghníomh reachtach dá bhforáiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach mór dul i gcomhairle leis an gCoiste ina leith.

2.

Déanfaidh an coimisiún a chinneadh trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, tar éis dó a fhíorú go bhfuil an córam dá dtagraítear i Riail 63(1) ann. Cuirfear an togra ón gcoimisiún chuig an Tionól Iomlánach le haghaidh cinneadh ina leith i gcomhréir le Riail 14(h) nó chuig an mBiúró sna cásanna dá dtagraítear i Riail 37(k). Luafaidh an coimisiún na cúiseanna atá lena thogra i dtuarascáil mhionsonraithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna atá le práinn an chinnidh ar bhonn Riail 37(k).

Riail 58 – Mainneachtain comhairliúchán éigeantach a dhéanamh leis an gCoiste

1.

Más rud é nach ndeachthas i gcomhairle leis an gCoiste i gcásanna dá bhforáiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh Uachtarán an Choiste nó coimisiún togra a chur faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh, i gcomhréir le Riail 14(h), nó an Bhiúró sna cásanna dá dtagraítear i Riail 37(k), chun caingean nó iarratas ar idiragairt a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.

Déanfaidh an coimisiún a chinneadh trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, tar éis dó a fhíorú roimh ré go bhfuil an córam dá dtagraítear i Riail 63(1) ann. Luafaidh an coimisiún na cúiseanna atá lena thogra i dtuarascáil mhionsonraithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna atá le práinn an chinnidh ar bhonn Riail 37(k).

Riail 59 – Tuarascáil ar thionchar na dtuairimí

Uair sa bhliain ar a laghad, cuirfidh an Ardrúnaíocht tuarascáil faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh maidir le tionchar na dtuairimí ón gCoiste ar bhonn, inter alia, ionchur arna sheoladh ag gach coimisiún inniúil chuige chun na críche sin agus ar bhonn faisnéis arna bailiú ó na hinstitiúidí lena mbaineann.

Riail 60 – Rapóirtéirí

1.

Déanfaidh gach coimisiún, ag gníomhú dó ar thogra óna chathaoirleach, rapóirtéir nó, i gcásanna cuí-réasúnaithe, dhá rapóirtéir a cheapadh as measc a chomhaltaí nó a chomhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí chun dréacht-tuairim a tharraingt suas.

2.

Agus rapóirtéirí á gceapadh acu, áiritheoidh gach coimisiún go leithdháilfear tuairimí ar bhealach cóir agus cothrom.

3.

I gcásanna práinneacha, féadfaidh cathaoirleach an choimisiúin nós imeachta i scríbhinn a chur i bhfeidhm chun rapóirtéir a cheapadh. Iarrfaidh an cathaoirleach ar chomhaltaí an choimisiúin aon agóidí i gcoinne cheapadh an rapóirtéara mholta a chur isteach i scríbhinn laistigh de thrí lá oibre. I gcás agóide, is iad an cathaoirleach agus an chéad leaschathaoirleach a dhéanfaidh cinneadh trí chomhaontú frithpháirteach.

4.

Má cheaptar cathaoirleach coimisiúin nó leaschathaoirleach de chuid an choimisiúin sin ina rapóirtéir, déanfaidh sé nó sí, agus plé á dhéanamh ar an dréacht-tuairim, cathaoirleacht an chruinnithe a thabhairt uaidh nó uaithi do leaschathaoirleach eile nó don chomhalta is sine atá i láthair.

5.

Má scoireann rapóirtéir de bheith ag gníomhú mar chomhalta nó comhalta malartach den Choiste, déanfar rapóirtéir nua ón ngrúpa polaitiúil céanna a cheapadh laistigh den choimisiún tríd an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 3 a leanúint, más gá.

Riail 61 – Meithleacha na gcoimisiún

1.

I gcásanna cuí-réasúnaithe féadfaidh na coimisiúin meithleacha a bhunú, le formheas ón mBiúró. Féadfaidh comhaltaí na meithleacha teacht freisin ó choimisiúin eile.

2.

Mura féidir le comhalta meithle freastal ar chruinniú is féidir comhalta nó comhalta malartach ón ngrúpa polaitiúil céanna, agus atá ar liosta na n-ionadaithe don mheitheal, a chur ina ionad nó ina hionad. I gcás nach mbeidh ionadaí ar fáil ón liosta sin, is féidir aon chomhalta nó comhalta malartach ón ngrúpa polaitiúil céanna a chur in ionad an chomhalta sin.

3.

Is féidir le gach meitheal cathaoirleach agus leaschathaoirleach a cheapadh as measc a cuid comhaltaí.

4.

Is féidir le meithleacha conclúidí a ghlacadh chun tuairisc a chur chuig a gcoimisiún.

Riail 62 – Saineolaithe na rapóirtéirí

1.

Féadfaidh gach rapóirtéir seirbhísí saineolaí a iarraidh.

2.

Beidh saineolaithe na rapóirtéirí agus na saineolaithe sin a fuair cuireadh ón gcoimisiún i dteideal speansais taistil agus chothaithe.

3.

Ní dhéanann saineolaithe ionadaíocht thar ceann an Choiste, ná ní labhraíonn siad thar a cheann.

Riail 63 – Córam

1.

Beidh córam ann ag cruinniú coimisiúin má tá leath na gcomhaltaí ar a laghad i láthair.

2.

Fíorófar an córam arna iarraidh sin do chomhalta má tá deich gcomhalta ar a laghad i bhfabhar na hiarrata. Mura n-iarrfar fíorú córaim, beidh gach vóta bailí beag beann ar líon na gcomhaltaí i láthair. Féadfaidh an cathaoirleach cur isteach ar chruinniú an choimisiúin ar feadh deich nóiméad ar a mhéad roimh dhul ar aghaidh le fíorú an chóraim. Measfar comhaltaí a d’iarr fíorú an chóraim, ach nach bhfuil i láthair a thuilleadh i seomra an choimisiúin, a bheith i láthair chun críocha chomhaireamh an tinrimh. I gcás líon níos lú ná deich gcomhalta a bheith i láthair, féadfaidh an cathaoirleach a rialú nach ann don chóram.

3.

Má shuitear nach bhfuil an córam ann, féadfaidh an coimisiún tabhairt faoi na míreanna atá fágtha ar an gclár oibre nach gá vótáil a dhéanamh orthu, agus an plé agus an vótáil ar na míreanna ar an gclár oibre a cuireadh ar fionraí a chur siar go dtí an chéad chruinniú eile. Beidh gach cinneadh nó vótáil a rinneadh ag an gcruinniú roimh fhíorú an chóraim bailí fós.

Riail 64 – Leasuithe

1.

Ní mór leasuithe a chur isteach roimh 3 p.m. ar an naoú lá oibre roimh dháta an chruinnithe. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an cathaoirleach na sprioc-amanna thuas a leasú.

Is iad comhaltaí an choimisiúin sin nó comhaltaí nó comhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí faoi na coinníollacha a leagtar amach i Riail 6(2), nó i gcás a dtuairime féin, aon chomhalta malartach neamh-shainordaithe a ceapadh mar rapóirtéir, nó grúpa polaitiúil, is iad, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh leasuithe ón gcoimisiún a chur síos.

Is comhalta den choimisiún sin nó comhalta nó comhalta malartach eile atá sainordaithe go cuí, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh an ceart a fheidhmiú maidir le leasuithe a chur síos. Má tharmligeann comhalta cuid de chruinniú coimisiúin nó cruinniú coimisiúin ina iomláine chuig comhalta malartach, ní féidir ach le duine amháin acu leasuithe a chur síos. Má chuireann an comhalta aon leasuithe ar aon chuid den chruinniú coimisiúin síos, ní fhéadfaidh an comhalta malartach an rud céanna a dhéanamh ina dhiaidh sin. Ar an gcaoi chéanna, má dhéantar aon chuid den chruinniú coimisiúin a tharmligean chuig comhalta malartach agus má chuireann sé nó sí aon leasuithe ar thuairim síos – sula mbeidh aon leasuithe curtha síos ag an gcomhalta – ní féidir leis an gcomhalta sin aon leasuithe ar an gcruinniú coimisiúin a chur síos. Beidh leasuithe arna gcur síos ag comhalta nó comhalta malartach a chaillfidh an oifig sin ina dhiaidh sin, nó roimh dheonú nó tarraingt siar tarmligin, bailí fós.

Aistreofar na leasuithe mar ábhar tosaíochta agus cuirfear iad chuig an rapóirtéir chun go mbeidh sé nó sí in ann leasuithe an rapóirtéara a chur faoi bhráid na hArdrúnaíochta i bhfoirm leictreonach tráth nach déanaí ná trí lá oibre roimh dháta an chruinnithe. Ní mór baint a bheith ag leasuithe an rapóirtéara le leasú amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 1. Beifear in ann teacht ar leasuithe sin an rapóirtéara go leictreonach chomh luath agus a bheidh siad aistrithe agus ní mór iad a dháileadh i scríbhinn ag tús an chruinnithe ar a dhéanaí.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Riail 25(1) go (6).

2.

Déanfar an vótáil ar na leasuithe in ord na bpointí sa dréacht-tuairim atá faoi chaibidil.

3.

Is ar an téacs ina iomláine a dhéanfar an vótáil chríochnaitheach, bíodh sé leasaithe nó ná bíodh. Mura bhfaighidh tuairim tromlach na vótaí arna gcaitheamh, cinnfidh an coimisiún:

an dréacht-tuairim a chur isteach arís le haghaidh díospóireachta agus a glactha, mar atá sí modhnaithe ag na leasuithe a glacadh sa choimisiún, ag féachaint d’fhorálacha Riail 53;

rapóirtéir nua a cheapadh agus, ar an gcaoi sin, an próiseas dréachtaithe tuairime a lainseáil an athuair; nó,

an tuairim a thabhairt suas.

4.

A luaithe agus a ghlacfaidh coimisiún dréacht-tuairim, cuirfidh cathaoirleach an choimisiúin ar aghaidh chuig Uachtarán an Choiste í.

Riail 65 – Cinneadh gan tuairim a tharraingt suas

1.

I gcás ina measfaidh an coimisiún atá freagrach nach bhfuil aon leas réigiúnach nó áitiúil ag comhairliúchán dá dtagraítear i Riail 41(a), nó nach bhfuil aon tábhacht pholaitiúil leis, féadfaidh sé a chinneadh gan tuairim a tharraingt suas. Cuirfidh an tArdrúnaí na hinstitiúidí Eorpacha ábhartha ar an eolas faoin gcinneadh sin.

2.

I gcás ina measfaidh an coimisiún atá freagrach go bhfuil comhairliúchán dá dtagraítear i Riail 41(a) tábhachtach ach, ar chúiseanna a bhaineann le tosaíocht agus/nó toisc gur glacadh tuairimí ábhartha cheana le déanaí, nach bhfuil gá le tuairim nua, féadfaidh an coimisiún atá freagrach a chinneadh gan tuairim a eisiúint. Sa chás sin, féadfaidh an Coiste freagra a thabhairt ar institiúidí an Aontais Eorpaigh trí bhíthin tréigean a bhfuil údar leis.

Riail 66 – Nós imeachta i scríbhinn

1.

In imthosca eisceachtúla, féadfaidh cathaoirleach an choimisiúin dul ar iontaoibh nós imeachta i scríbhinn chun cinneadh a ghlacadh maidir le hoibriú an choimisiúin.

2.

Cuirfidh an cathaoirleach an togra le haghaidh cinnidh chuig na comhaltaí agus iarrfaidh sé nó sí orthu aon agóidí a chur chuige nó chuici i scríbhinn laistigh de thrí lá oibre.

3.

Measfar an cinneadh a bheith glactha mura bhfaighfear agóidí ó shé chomhalta ar a laghad.

Riail 67 – Forálacha is infheidhme maidir leis na coimisiúin

 

Beidh feidhm ag Riail 12 – Tionól an chéad chruinnithe,

 

Riail 13(2) – Dul i mbun oifige an Choiste agus fíorú na ndintiúr,

 

Riail 16(7) – Clár Oibre an tSeisiúin Iomlánaigh,

 

Riail 18 – Cead isteach don phobal, aíonna agus aoichainteoirí,

 

Riail 21 – Pointí oird,

 

Riail 23 – Vótáil, agus

 

Riail 26 – Comhleanúnachas an téacs chríochnaithigh

mutatis mutandis maidir leis na coimisiúin.

CAIBIDIL 6

RIAR AN CHOISTE

Riail 68 – Ardrúnaíocht

1.

Beidh Ardrúnaíocht de chúnamh ag an gCoiste.

2.

Beidh Ardrúnaí i gceannas ar an Ardrúnaíocht.

3.

Déanfaidh an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Ardrúnaí, an Ardrúnaíocht a eagrú sa chaoi is gur féidir a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Coiste agus a chomhlachtaí ar bhealach éifeachtúil agus go gcuideoidh sí le comhaltaí an Choiste chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Déanfar na seirbhísí a bheidh le soláthar ag an Ardrúnaíocht do na comhaltaí, na toscaireachtaí náisiúnta, na grúpaí polaitiúla agus na comhaltaí neamhcheangailte a chinneadh sa phróiseas sin.

4.

Déanfaidh an Ardrúnaíocht miontuairiscí chruinnithe chomhlachtaí an Choiste a tharraingt suas.

Riail 69 – Ardrúnaí

1.

Is ar an Ardrúnaí a bheidh an fhreagracht riarthach as na cinntí arna nglacadh ag an mBiúró nó ag an Uachtarán de bhun na Rialacha Nós Imeachta seo agus na bhforálacha dlíthiúla is infheidhme a chur chun feidhme. Freastalóidh an tArdrúnaí ar chruinnithe an Bhiúró i gcáil chomhairleach agus coimeádfaidh sé nó sí miontuairiscí na gcruinnithe sin. Cabhróidh an tArdrúnaí leis an Uachtarán d’fhonn slándáil agus dosháraitheacht áitreabh an Choiste a áirithiú.

2.

Comhlíonfaidh an tArdrúnaí a chuid nó a cuid dualgas faoi stiúradh an Uachtaráin, a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Bhiúró. Tabharfaidh an tArdrúnaí gealltanas sollúnta os comhair an Bhiúró go gcomhlíonfaidh sé nó sí a chuid nó a cuid dualgas go coinsiasach agus go hiomlán neamhchlaon. Ní fhéadfaidh sé nó sí ionadaíocht pholaitiúil a dhéanamh thar ceann an Choiste gan údarú a fháil roimh ré ón Uachtarán. Gach bliain, cuirfidh an tArdrúnaí an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ar fáil ina leagfar amach comhlíonadh a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean agus cuirfidh sé nó sí achoimre den tuarascáil sin ar fáil le go bhféadfar í a phlé más gá.

Riail 70 – Ardrúnaí a cheapadh

1.

Ceapfaidh an Biúró an tArdrúnaí ar bhonn cinneadh arna ghlacadh trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, agus ar bhonn fíorú córaim a bheith ann i gcomhréir leis an gcéad abairt de Riail 38(2).

2.

Ceapfar an tArdrúnaí ar feadh cúig bliana. Is é an Biúró a leagfaidh síos forálacha mionsonraithe an chonartha fostaíochta, de bhun fhorálacha Airteagal 2 agus forálacha gaolmhara de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.

Ní fhéadfar téarma oifige an Ardrúnaí a athnuachan ach uair amháin ar feadh uastréimhse cúig bliana.

I gcás ina mbeidh an tArdrúnaí as láthair nó ina mbeidh bac éigin ann, is Stiúrthóir arna ainmniú nó arna hainmniú ag an mBiúró a fheidhmeoidh feidhmeanna an Ardrúnaí.

3.

I gcás an Ardrúnaí, is é an Biúró a fheidhmeoidh na cumhachtaí arna dtabhairt le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh don údarás atá freagrach as conarthaí a thabhairt i gcrích.

Riail 71 – Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais

1.

Déanfar na cumhachtaí arna dtabhairt le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh don údarás ceapacháin a fheidhmiú mar seo a leanas:

i gcás oifigigh i ngrád 5 go grád 12 de ghrúpa feidhme AD agus i gcás oifigigh i ngrúpaí feidhme AST agus AST-SC, is é an tArdrúnaí a fheidhmeoidh iad;

i gcás oifigigh eile, is é an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Ardrúnaí, a fheidhmeoidh iad.

2.

Déanfar na cumhachtaí arna dtabhairt le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh don údarás atá inniúil ar chonarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích a fheidhmiú mar seo a leanas:

i gcás baill foirne shealadacha i ngrád 5 go grád 12 de ghrúpa feidhme AD agus i gcás baill foirne shealadacha i ngrúpaí feidhme AST agus AST-SC, is é an tArdrúnaí a fheidhmeoidh iad;

i gcás baill foirne shealadacha eile, is é an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Ardrúnaí, a fheidhmeoidh iad;

maidir le baill foirne shealadacha in oifig phríobháideach an Uachtaráin nó an chéad Leas-Uachtaráin:

i gcás grád 5 go grád 12 de ghrúpa feidhme AD agus i gcás grúpaí feidhme AST agus AST-SC, is é an tArdrúnaí, ag gníomhú dó nó di ar thogra ón Uachtarán, a fheidhmeoidh iad;

i gcás gráid eile i ngrúpa feidhme AD, is é an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Uachtarán, a fheidhmeoidh iad.

Déanfar baill foirne shealadacha atá fostaithe in oifig phríobháideach an Uachtaráin nó an chéad Leas-Uachtaráin a cheapadh go dtí deireadh théarma oifige an Uachtaráin nó an chéad Leas-Uachtaráin:

i gcás baill foirne ar conradh, comhairleoirí speisialta agus foireann áitiúil, is é an tArdrúnaí i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha amach i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach a cheapfaidh iad.

3.

Féadfaidh an Biúró agus an tArdrúnaí na cumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis an Riail seo a tharmligean. Sna cinntí maidir le tarmligean sonrófar an raon feidhme a bheidh ag na cumhachtaí arna dtarmligean, laistigh dá dteorainneacha agus dá dtréimhse bhailíochta, agus luafar freisin cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar iad a fho-tharmligean.

Riail 72 – Cruinnithe i seomra iata

Tiocfaidh an Biúró i gceann a chéile i seomra iata nuair a bheidh na cinntí a bhaineann leo siúd dá dtagraítear i Riail 70 agus Riail 71 á ndéanamh aige.

Riail 73 – Buiséad

1.

Déanfaidh an Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin an réamhdhréacht de na meastacháin ar chaiteachas agus ioncam an Choiste don bhliain airgeadais dár gcionn a chur faoi bhráid an Bhiúró. Cuirfidh an Biúró an dréacht sin faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh lena ghlacadh.

Déanfaidh an tUachtarán, tar éis dó nó di dul i gcomhairle le Comhdháil na nUachtarán, na treoirlínte straitéiseacha ginearálta a chur chuig an mBiúró lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin chun an buiséad don bhliain n+2 a leagan amach.

2.

Glacfaidh an Tionól Iomlánach na meastacháin ar chaiteachas agus ioncam an Choiste agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig an gCoimisiún, an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa iad in am agus i dtráth lena áirithiú go ndéanfar na sprioc-amanna atá leagtha síos sna forálacha airgeadais a chomhlíonadh.

3.

Tar éis d’Uachtarán an Choiste dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin, forghníomhóidh sé nó sí, nó cuirfidh sé nó sí faoi deara a fhorghníomhú, an ráiteas ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir leis na rialacha inmheánacha airgeadais arna nglacadh ag an mBiúró. Cuirfidh sé nó sí na feidhmeanna sin i gcrích i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

4.

De bhun an Rialacháin Airgeadais agus na rialacha airgeadais inmheánacha, déanfar cumhachtaí cur chun feidhme buiséid an Uachtaráin a tharmligean chuig an Ardrúnaí agus gníomhóidh sé nó sí mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean ón uair a cheapfar é nó í.

TEIDEAL III

FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL 1

COMHAR, SEOLADH AR AGHAIDH AGUS FOILSIÚ

Riail 74 – Comhaontuithe comhair

Ag gníomhú dó ar thogra ón Ardrúnaí, féadfaidh an Biúró comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích lena ndírítear ar fheidhmiú chumhachtaí an Choiste maidir le cur i bhfeidhm na gConarthaí a éascú nó chun a chomhar polaitiúil a fheabhsú.

Riail 75 – Tuairimí agus rúin a sheoladh ar aghaidh agus a fhoilsiú

1.

Déanfar tuairimí an Choiste, maille le haon teachtaireacht a bhaineann le húsáid nós imeachta simplithe faoi Riail 28 nó maidir le cinneadh gan tuairim a tharraingt suas faoi Riail 65, a dhíriú chuig an gComhairle, an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa. Mar a tharlaíonn i gcás rún, cuirfear iad ar aghaidh chuig an Uachtarán.

2.

Déanfar tuairimí agus rúin an Choiste a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL 2

OSCAILTEACHT DON PHOBAL, TRÉDHEARCACHT AGUS DEARBHÚ MAIDIR LE LEASANNA AIRGEADAIS NA gCOMHALTAÍ

Riail 76 – Rochtain phoiblí ar dhoiciméid

1.

Aon saoránach den Aontas nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ina chónaí nó ina cónaí nó bunaithe i mBallstát, tá ceart rochtana ar dhoiciméid Choiste na Réigiún aige nó aici i gcomhréir le hAirteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis na prionsabail, coinníollacha agus srianta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus leis na socruithe atá leagtha síos ag Biúró an Choiste. A mhéid is féidir, déanfar rochtain ar dhoiciméid an Choiste a dheonú do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile ar an tslí chéanna.

2.

Bunóidh an Coiste clár de dhoiciméid an Choiste. Glacfaidh an Biúró na rialacha inmheánacha lena rialaítear an rochtain agus tarraingeoidh sé suas liosta de na doiciméid a bhfuil rochtain dhíreach orthu.

Riail 77 – Dearbhú maidir le leasanna airgeadais na gcomhaltaí agus Cód Iompair maidir le leasanna airgeadais agus coinbhleachtaí leasa

Tar éis dóibh dul i mbun a gcuid dualgas ag an gCoiste, comhlánfaidh na comhaltaí dearbhú maidir le leasanna airgeadais, i gcomhréir leis an tsamhail arna glacadh ag an mBiúró, dearbhú a choimeádfaidh siad cothrom le dáta agus a mbeidh rochtain ag an bpobal air. Agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, urramóidh siad an Cód Iompair maidir le leasanna airgeadais agus coinbhleachtaí leasa.

CAIBIDIL 3

ÚSÁID TEANGACHA

Riail 78 – Socruithe ateangaireachta

A mhéid is féidir, déanfar na prionsabail seo a leanas maidir le socruithe ateangaireachta a urramú.

(a)

Beidh fáil ar dhíospóireachtaí an Choiste sna teangacha oifigiúla mura gcinnfidh an Biúró a mhalairt.

(b)

Beidh sé de cheart ag na comhaltaí uile labhairt os comhair an tSeisiúin Iomlánaigh i cibé teanga oifigiúil is rogha leo. Déanfar ráitis a thugtar in aon cheann de na teangacha oifigiúla a aistriú ó bhéal go dtí na teangacha oifigiúla eile agus go dtí aon teanga eile a mheasann an Biúró a bheith riachtanach. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le teangacha dá ndearnadh foráil ina leith i gcomhaontuithe riaracháin idir an Coiste agus Ballstáit éagsúla.

(c)

I gcruinnithe an Bhiúró, na gcoimisiún agus na meithleacha, beidh an ateangaireacht ar fáil ó na teangacha a bheidh in úsáid ag na comhaltaí a mbeidh a láithreacht ag an gcruinniú deimhnithe acu agus go dtí na teangacha sin.

CAIBIDIL 4

BREATHNÓIRÍ

Riail 79 – Breathnóirí

1.

I gcás Conradh ar aontachas Stáit don Aontas Eorpach a bheith sínithe, féadfaidh an tUachtarán, tar éis comhaontú an Bhiúró a fháil, a iarraidh ar rialtas an Stáit aontachais líon áirithe breathnóirí a cheapadh, atá comhionann le líon na suíochán sa Choiste a leithdháilfear ar an Stát sin.

2.

Beidh na breathnóirí sin rannpháirteach go hiomlán nó i bpáirt in imeachtaí an Choiste fad a bheidh teacht i bhfeidhm an Chonartha Aontachais ar feitheamh, agus beidh ceart labhartha acu i gcomhlachtaí an Choiste.

Ní bheidh ceart acu chun vóta a chaitheamh ná chun seasamh lena dtoghadh chuig poist sa Choiste. Ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil ag a rannpháirtíocht ar imeachtaí an Choiste.

3.

Déanfar an chóir a chuirfear orthu a asamhlú leis an gcóir a chuirtear ar chomhalta maidir le húsáid shaoráidí an Choiste agus maidir le haisíoc speansas arna dtabhú ina gcuid gníomhaíochtaí mar bhreathnóirí, laistigh de theorainneacha na n-acmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an líne bhuiséid chomhfhreagrach chun na críche sin.

CAIBIDIL 5

FORÁLACHA EAGRÚCHÁIN

Riail 80 – Cruinnithe a reáchtáil

1.

Déanfar cruinnithe reachtúla na gcomhlachtaí agus na struchtúr seo a leanas a reáchtáil ar an láthair:

(a)

an Tionól Iomlánach;

(b)

an Biúró;

(c)

Comhdháil na nUachtarán;

(d)

na coimisiúin;

(e)

an Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin;

(f)

an coimisiún ad hoc maidir leis an athbhreithniú ar na Rialacha Nós Imeachta;

(g)

na comhchoistí comhairliúcháin, na meithleacha agus comhlachtaí polaitiúla eile arna mbunú ag an mBiúró de bhun Riail 37(e) agus (j) agus a bhíonn ag déileáil le tríú tíortha;

(h)

na grúpaí polaitíochta.

2.

Ar choinníoll go mbeidh na hacmhainní buiséadacha agus teicniúla ar fáil ina chomhair, féadfaidh uachtaráin nó cathaoirligh na gcomhlachtaí agus na struchtúr thuasluaite cead a thabhairt do rapóirtéir páirt fhíorúil a ghlacadh ar bhonn eisceachtúil i gcruinniú i gcás nach acmhainn dó nó di freastal ar an gcruinniú ar an láthair ach é ar a chumas nó a cumas páirt a ghlacadh ann go cianda agus i gcás nach bhféadfaí amlíne na tuairime lena mbaineann a athrú i ngeall ar shrianta ama a eascraíonn as an bpróiseas reachtach.

3.

Féadfar cruinnithe eile a thionól ar bhonn hibrideach nó cianda i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Rialacha Nós Imeachta maidir lena gcomóradh. Cuirfear san áireamh ceisteanna buiséadacha, comhshaoil nó eagrúcháin agus rachfar i gcomhairle leis an gCoimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin i gcás inarb ábhartha.

CAIBIDIL 6

IMTHOSCA EISCEACHTÚLA

Riail 81 – Bearta urghnácha

1.

Más rud é, de thoradh imthosca eisceachtúla nach féidir a thuar, go bhfuil bac ar Choiste na Réigiún a dhualgais a chomhlíonadh agus a shainchumais a fheidhmiú faoi na Conarthaí, féadfar maolú sealadach ó roinnt de rialacha an Choiste a chur i bhfeidhm le go bhféadfaidh an Coiste leanúint de na dualgais sin a chomhlíonadh agus na sainchumais sin a fheidhmiú.

Measfar go bhfuil na himthosca sin ann i gcás ina gcinnfidh an tUachtarán, bunaithe ar fhianaise iontaofa arna soláthar ag an Ardrúnaí, go bhfuil sé nó go mbeidh sé, ar chúiseanna slándála nó sábháilteachta, nó de bhrí nach bhfuil nó nach mbeidh fáil ar mhodhanna teicniúla áirithe, dodhéanta nó contúirteach ag an gCoiste tionól nó feidhmiú i gcomhréir leis na gnáthrialacha agus na gnáthnósanna imeachta.

2.

I gcás ina bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 comhlíonta, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh, le comhaontú Chomhdháil na nUachtarán agus tar éis dul i gcomhairle, i gcás inar féidir, le cathaoirligh na gcomhlachtaí ábhartha, ceann amháin nó níos mó de na bearta urghnácha a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

Seisiún Iomlánach, cruinniú comhlachta eile den Choiste nó aon ghníomhaíocht eile atá beartaithe a thionól nó a dhéanamh a chur ar ceal nó ar athló;

(b)

Seisiún Iomlánach, cruinniú comhlachta eile den Choiste nó aon ghníomhaíocht eile a thionól nó a reáchtáil de réir an chórais cianfhreastail a leagtar síos i Riail 82;

(c)

bearta eile a chur i bhfeidhm de réir mar is iomchuí agus is gá, agus na himthosca sonracha agus eisceachtúla á gcur san áireamh.

3.

Aon bhearta urghnácha a ghlacfar i gcomhréir le mír 2, beidh teorainn ama leo, ar feadh tréimhse in-athnuaite go ceann ceithre mhí ar a mhéad, agus beidh teorainn lena raon feidhme a mhéid is gá sin chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca sonracha agus eisceachtúla.

Tiocfaidh an cinneadh lena nglacfar na bearta urghnácha i bhfeidhm tráth a fhoilsithe ar shuíomh gréasáin an Choiste nó, mura féidir é a fhoilsiú ansin, trí na modhanna is fearr atá ar fáil, agus tabharfar na cúiseanna leis sin le fios. Cuirfear na comhaltaí uile ar an eolas faoin gcinneadh gan mhoill.

Déanfaidh an tUachtarán aon bhearta arna nglacadh faoin Riail seo a chúlghairm a luaithe a bheidh deireadh leis na himthosca eisceachtúla dá dtagraítear i mír 1 arbh iad ba chúis lena nglacadh.

Riail 82 – Córas cianfhreastail

1.

I gcás ina gcinnfidh an tUachtarán i gcomhréir le Riail 80(2)(b) an córas cianfhreastail a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coiste a chuid imeachtaí a sheoladh go cianda, inter alia, trí chead a thabhairt dá chomhaltaí cearta áirithe atá acu a fheidhmiú go leictreonach.

2.

Áiritheofar a mhéid is féidir leis an gcóras cianfhreastail go mbeidh na comhaltaí in ann a ndualgais a chomhlíonadh, lena n-áirítear, go háirithe:

an ceart labhairt agus éisteacht sna Seisiúin Iomlánacha agus i gcruinnithe comhlachtaí eile den Choiste, i gcomhréir freisin le forálacha Riail 78;

an ceart a vótaí a chaitheamh ina n-aonar agus a fhíorú gur cuireadh a vótaí san áireamh.

3.

Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh ag an Uachtarán, cinnfidh sé nó sí an maidir leis na Seisiúin Iomlánacha amháin a bheidh feidhm ag an gcóras sin nó an mbeidh feidhm aige maidir le cruinnithe eile de chomhlachtaí an Choiste agus le haon ghníomhaíocht eile den Choiste.

4.

Maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le fíorú córaim agus vótáil i gcomhlachtaí an Choiste, measfar go bhfuil comhaltaí atá ag cianfhreastal ar chruinniú ag freastal ar láthair an chruinnithe freisin.

Cinnfidh an tUachtarán, i gcás inar gá, conas agus a mhéid a fhéadfaidh na comhaltaí rochtain a fháil ar an seomra cruinnithe agus an córas cianfhreastail i bhfeidhm, agus go háirithe an líon uasta comhaltaí a fhéadfaidh a bheith i láthair go fisiciúil.

CAIBIDIL 7

RIALACHA NÓS IMEACHTA

Riail 83 – Na Rialacha Nós Imeachta a athbhreithniú

1.

Is é an Tionól Iomlánach a chinnfidh trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh más gá leasú a dhéanamh ar na Rialacha Nós Imeachta seo, i bpáirt nó ina n-iomláine. Gach leath-théarma de thréimhse oifige an Choiste, tabharfaidh an Biúró moladh don Tionól Iomlánach maidir lena inmholta atá sé na Rialacha Nós Imeachta a athbhreithniú.

2.

Ceapfaidh sé coimisiún ad hoc le tuarascáil agus dréacht-téacs a tharraingt suas mar bhunús le rialacha nua a ghlacadh trí thromlach a chomhaltaí. Tiocfaidh na rialacha nua i bhfeidhm an lá tar éis lá a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Riail 84 – Treoracha an Bhiúró

Féadfaidh an Biúró treoracha a thabhairt lena gcinntítear an nós imeachta chun forálacha na Rialacha Nós Imeachta seo a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na Rialacha sin.

Riail 85 – Teacht i bhfeidhm na Rialacha Nós Imeachta

Tiocfaidh na Rialacha Nós Imeachta i bhfeidhm an lá tar éis lá a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/109


CINNEADH uimh. 2/2023 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 3 Iúil 2023

lena gcuirtear dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor [2023/1522]

AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 13(4) de Chreat Windsor tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena ndéanfar gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste, beidh siad ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Na cinntí sin a bhfuil na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis na cinntí sin a chur chun feidhme.

(2)

Ba cheart dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Rialachán (AE) 2023/1182 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh Thuaisceart Éireann agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, sa mhéid nach ndéantar leis Treoir 2001/83/CE a leasú (3), cuirfear an Rialachán sin le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 20 ‘Táirgí Íocshláinte’.

2.   Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an an 14 Meitheamh maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (4), ba cheart an Rialachán sin a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 44 ‘Sláintíocht agus fíteashláintíocht – Eile’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 03 Iúil 2023.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

James CLEVERLY


(1)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(2)  Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).

(3)  IO L 157, 20.6.2023, lch. 1.

(4)  IO L 165, 29.6.2023, lch. 103.


21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 184/111


CINNEADH Uimh. 3/2023 ÓN GCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 3 Iúil 2023

lena leasaítear Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach [2023/1523]

AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 36(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 36(4) den Chomhaontú um Tharraingt Siar tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) de (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena leasaítear Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, chun aon Chinneadh nua nó Moladh nua arna bhformheas ag an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a léiriú. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste, beidh siad ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Na cinntí sin a bhfuil na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, ní mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe na cinntí sin a chur chun feidhme.

(2)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a leasú trí dhá chinneadh ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a chur leis agus trí thrí chinneadh ar cuireadh na cinntí nua ina n-ionad a scriosadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Comhaontú um Tharraingt Siar mar a leanas:

(1)

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, i dtaca le Cinneadh Uimh. H12 an 19 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a chinneadh, cuirfear an Cinneadh sin isteach faoi ‘Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)’;

(2)

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, i dtaca le Cinneadh Uimh. H13 an 30 Márta 2022 maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (3), cuirfear an Cinneadh sin isteach faoi ‘Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)’;

(3)

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, scriosfar na gníomhartha seo a leanas:

(a)

Cinneadh Uimh. H3 an 15 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh (4), arna leasú le Cinneadh Uimh. H7 an 25 Meitheamh 2015 i dtaca leis an athbhreithniú ar Chinneadh Uimh. H3 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh (5), ar cinneadh é a gcuirtear Cinneadh Uimh. H12 an 19 Deireadh Fómhair 2021 ina ionad maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh;

(b)

Cinneadh Uimh. H4 an 22 Nollaig 2009 maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (6), ar cinneadh é a gcuirtear Cinneadh Uimh. H13 an 30 Márta 2022 ina ionad maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta;

(c)

Cinneadh Uimh. H7 an 25 Meitheamh 2015 i dtaca leis an athbhreithniú ar Chinneadh Uimh. H3 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh, ar cinneadh é a gcuirtear Cinneadh Uimh. H12 an 19 Deireadh Fómhair 2021 ina ionad maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Iúil 2023.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

James CLEVERLY


(1)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(2)  IO C 93, 28.2.2022, lch. 6.

(3)  IO C 305, 10.8.2022, lch. 4.

(4)  IO C 106, 24.4.2010, lch. 56.

(5)  IO C 52, 11.2.2016, lch. 13.

(6)  IO C 107, 27.4.2010, lch. 3.