ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 180

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
17 Iúil 2023


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Macadóine Thuaidh

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2023/1462 ón gComhairle an 17 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

8

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1463 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2023 lena bhformheastar modhnú ar théarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 115(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Landwein, Qualitätswein, Kabinett/Kabinettwein, Spätlese/Spätlesewein, Auslese/Auslesewein, Strohwein, Schilfwein, Eiswein, Ausbruch/Ausbruchwein, Trockenbeerenauslese, Beerenauslese/Beerenauslesewein)

10

 

*

Rialachán (AE) 2023/1464 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formaildéad agus le scaoilteoirí formaildéid ( 1 )

12

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1465 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2023 lena ndéantar foráil maidir le tacaíocht airgeadais éigeandála do na hearnálacha atá buailte le fadhbanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar inmharthanacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí talmhaíochta

21

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1466 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní V, XIV, XV agus XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Namaib, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar liostaí na dtríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim, táirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim fhiáin agus uibheacha agus táirge uibhe a theacht isteach san Aontas ( 1 )

28

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1467 ón gComhairle an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

41

 

 

MOLTAÍ

 

*

Moladh (AE) 2023/1468 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 maidir le ceanglais feidhmíochta AE dheonacha le haghaidh trealamh braite miotail a úsáidtear i limistéir phoiblí (lasmuigh den eitlíocht)

43

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

CINNTÍ

17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/1


CINNEADH (AE) 2023/1461 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2023

lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Macadóine Thuaidh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leantar den chaidreamh idir an tAontas agus Poblacht na Macadóine Thuaidh (an Mhacadóin Thuaidh) a fhorbairt faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais’). Seoladh an chaibidlíocht aontachais idir an tAontas agus an Mhacadóin Thuaidh an 19 Iúil 2022.

(2)

Tá geilleagar na Macadóine Thuaidh buailte go mór ag an gcúlú eacnamaíochta in 2020, arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leis, chomh maith leis an ngéarchéim fuinnimh le déanaí. Chuir na himthosca sin leis an mbearna maoiniúcháin mhór sa tír, lena seasamh seachtrach atá ag dul in olcas agus leis na riachtanais fhioscacha atá ag dul i méid.

(3)

Tá tiomantas láidir d’athchóirithe breise a chur chun feidhme léirithe ag rialtas na Macadóine Thuaidh, ag díriú ar na príomhréimsí beartais a sainaithníodh sna Conclúidí Comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais idir tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar agus an Tuirc an 24 Bealtaine 2022 agus lena n-áirítear réimsí bunúsacha amhail an bhreithiúnacht, an comhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe, an dea-rialachais agus an smachta reachta.

(4)

Tá an oibríocht maidir le cúnamh macrairgeadais tugtha i gcrích go rathúil ag an Macadóin Thuaidh i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 de bhun Chinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ós rud é go bhfuil na gníomhaíochtaí athchóirithe uile a comhaontaíodh leis an Aontas sa Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear sa Chinneadh sin curtha i gcrích.

(5)

I mí Aibreáin 2022, tháinig rialtas na Macadóine Thuaidh agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) ar chomhaontú ar leibhéal na foirne maidir le líne réamhchúraim agus leachtachta 24 mhí suas le EUR 530 000 000, rud a d’fhormheas Bord Feidhmiúcháin CAI go hoifigiúil an 22 Samhain 2022. Tá sé d’aidhm ag clár CAI an staid sheachtrach atá ag dul in olcas a mhaolú, tacú le comhdhlúthú fioscach agus dlús a chur le hathchóirithe struchtúracha i roinnt réimsí, lena n-áirítear beartas cánach agus infheistíocht phoiblí.

(6)

I bhfianaise na staide eacnamaíche agus an ionchais eacnamaíoch a bheith ag dul in olcas, d’iarr an Mhacadóin Thuaidh cúnamh macrairgeadais ar an Aontas den chéad uair chun clár CAI a chomhlánú, i mí Aibreáin 2022. Chuir an Coimisiún an iarraidh sin ar feitheamh, áfach, toisc go raibh geilleagar na tíre athléimneach go leor ag an am sin agus go raibh roinnt roghanna maoinithe eile ar fáil chun freastal ar riachtanais maoinithe sheachtraigh 2022. Rinne rialtas na Macadóine Thuaidh a iarraidh ar chúnamh macrairgeadais a athnuachan i mí Dheireadh Fómhair 2022.

(7)

Ós rud é gur tír is iarrthóir ar bhallraíocht í an Mhacadóin Thuaidh, agus go bhfuil tús curtha aici le caibidlíocht aontachais meastar go bhfuil sí incháilithe chun cúnamh macrairgeadais a fháil ón Aontas.

(8)

Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na n-íocaíochtaí, agus é d’aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin sheachtraigh na Macadóine Thuaidh, agus ba cheart an cúnamh sin a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha an staid i dtaca le comhardú íocaíochtaí na Macadóine Thuaidh a fheabhsú sa ghearrthéarma.

(9)

Ós rud é go bhfuil riachtanais mhóra iarmharacha maoinithe sheachtraigh fós ann i gcomhardú íocaíochtaí na Macadóine Thuaidh, riachtanais sa bhreis ar na riachtanais a chomhlíonann na hacmhainní a chuireann CAI ar fáil, meastar, sna himthosca eisceachtúla reatha, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na tíre ar thacaíocht chun a geilleagar a chobhsú é an cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh, i gcomhar le clár CAI. Thacódh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas le cobhsú eacnamaíoch agus le clár um athchóiriú struchtúrach na Macadóine Thuaidh, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI á bhforlíonadh.

(10)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas tacaíocht a thabhairt don staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú sa Mhacadóin Thuaidh, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.

(11)

Táthar ag súil go mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ag teacht le cur chun feidhme oibríochtaí tacaíochta buiséid faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais de bhun Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(12)

Ba cheart méid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil ar na riachtanais maoiniúcháin sheachtraigh atá fós ag an Macadóin Thuaidh, agus cuirtear san áireamh cumas na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Ba cheart don chúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh na cláir agus na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag CAI agus ag an mBanc Domhanda a chomhlánú. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, ba cheart na ranníocaíochtaí airgeadais measta ó dheontóirí iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile a chur san áireamh, freisin, chomh maith leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile sa Mhacadóin Thuaidh agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine sa Mhacadóin Thuaidh.

(13)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus leis na príomhbhearta a glacadh i leith na réimsí sin, agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(14)

Ba cheart don chúnamh macrairgeadais ón Aontas tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Macadóin Thuaidh. Ba cheart don Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile le linn oibríocht an chúnaimh macrairgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú, agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(15)

Le cúnamh macrairgeadais an Aontais, ba cheart tacú leis an ngealltanas atá tugtha ag an Macadóin Thuaidh luachanna atá i gcoiteann aige leis an Aontas a urramú, amhail an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urramú chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha aige maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime atá bunaithe ar rialacha a urramú.

(16)

Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Mhacadóin Thuaidh nach mór don Mhacadóin Thuaidh sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, chomh maith leis an smacht reachta, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine. Ina theannta sin, ba cheart do na cuspóirí sonracha atá le tacaíocht mhacrairgeadais ón Aontas éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sa Mhacadóin Thuaidh a neartú, chomh maith le rialachas agus maoirseacht na hearnála airgeadais, sa Mhacadóin Thuaidh agus ba cheart dóibh athchóirithe struchtúracha atá dírithe ar fhás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú post agus comhdhlúthú fioscach a chur chun cinn. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go rialta ar chomhlíonadh an réamhchoinníll sin agus ar bhaint amach na gcuspóirí sin ag an Macadóin Thuaidh.

(17)

Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha lena chúnamh macrairgeadais, ba cheart don Mhacadóin Thuaidh na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an gcúnamh a chosc agus a chomhrac. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh don Choimisiún seiceálacha a dhéanamh, don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí a fheidhmiú maidir le cúnamh macrairgeadais ón Aontas arna sholáthar don Mhacadóin Thuaidh .

(18)

Tá scaoileadh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcáil mar údarás buiséadach.

(19)

Ba cheart méideanna a theastaíonn maidir le cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh i bhfoirm iasachtaí a bheith i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

(20)

Ba cheart don Choimisiún an cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon dul chun cinn a dhéantar maidir leis an gcúnamh sin, agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(21)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(22)

Ba cheart an cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh a bheith faoi réir coinníollacha an bheartais eacnamaíoch, a bheidh le leagan amach i Meabhrán Tuisceana (MT). Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na Macadóine Thuaidh faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh ós cionn EUR 90 000 000, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh mhacrairgeadais atá an tAontas a thabhairt don Mhacadóin Thuaidh, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an MT, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh sin a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

(23)

I bhfianaise mhéid teoranta an chúnaimh airgeadais, eadhon EUR 100 000 000, an chineáil aonuaire a bhaineann leis, agus i bhfianaise chreat ama inmhianaithe na heisíocaíochta, leis an gcur chuige cistiúcháin comhuaineach, d’áiritheofaí ní ba mhó solúbthachta agus éifeachtúlachta maidir leis na hoibríochtaí iasachtaíochta i gcomparáid leis an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe. Dá bhrí sin, mar eisceacht,, ba cheart don Choimisiún na tráthchodanna iasachta a chistiú ar an margadh caipitil i ndiaidh a chéile seachas trí bhíthin na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Is iomchuí, dá bhrí sin, an cúnamh macrairgeadais don Mhacadóin Thuaidh a chistiú trí idirbhearta airgeadais aonair.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais de EUR 100 000 000 ar a mhéid á chur ar fáil don Mhacadóin Thuaidh (‘cúnamh macrairgeadais ón Aontas’), d'fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch agus le clár substainteach um athchóiriú na Macadóine Thuaidh. Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar méid iomlán an chúnaimh. Beidh scaoileadh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas faoi réir a ghlactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i mbuiséad an Aontais don bhliain ábhartha. Beidh an cúnamh sin ina chabhair chun riachtanais airgeadais i gcomhardú na n-íocaíochtaí de chuid na Macadóine Thuaidh a chlúdach, de réir mar a shainaithnítear na riachtanais sin i gclár CAI.

2.   Chun an iasacht a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus na méideanna comhfhreagracha a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Mhacadóin Thuaidh faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis na hiasachtaí. Is é 15 bliana an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag na hiasachtaí.

3.   Is é an Coimisiún a bhainisteoidh scaoileadh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus déanfaidh sé an méid sin ar shlí a bheidh ag luí leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí a dhéanfar idir CAI agus an Mhacadóin Thuaidh, agus le heochairphrionsabail agus cuspóirí na n-athchóirithe eacnamaíocha a leagtar amach sa Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairt maidir leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus cuirfidh sé na doiciméid ábhartha ar fáil do na hinstitiúidí sin in am trátha.

4.   Déanfar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur ar fáil ar feadh tréimhse 2 bhliain go leith, ag tosú ón gcéad lá tar éis don MT dá dtagraítear in Airteagal 3(1) teacht i bhfeidhm.

5.   Má thagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na Macadóine Thuaidh le linn thréimhse eisíocaíochta an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú nó cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó ar ceal.

Airteagal 2

1.   Beidh mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Mhacadóin Thuaidh nach mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, maille leis an smacht reachta, agus ráthaíocht a thabhairt go n-urramófar cearta an duine.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll ag an Macadóin Thuaidh a leagtar amach i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (7).

Airteagal 3

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún, i gcomhar le húdaráis na Macadóine Thuaidh, coinníollacha dea-shainithe airgeadais agus beartais eacnamaíoch, a mbeidh cúnamh macrairgeadais ón Aontas faoina réir. Déanfar na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais sin a leagan amach i Meabhrán Tuisceana (MT) ina mbeidh clár ama chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha airgeadais agus beartais eacnamaíoch sin i gcomhréir leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena n-áirítear an coigeartú maicreacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Macadóin Thuaidh le tacaíocht ó CAI.

2.   Leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sa Mhacadóin Thuaidh a fheabhsú, lena n-áirítear i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a úsáid. Nuair a bheidh bearta beartais á gceapadh, tabharfar aird chuí freisin ar an dul chun cinn maidir le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, ar fhorbairt trádála atá cothrom agus bunaithe ar rialacha, agus ar thosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Macadóin Thuaidh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.   I gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Mhacadóin Thuaidh, leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas.

4.   Fíoróidh an Coimisiún go tráthrialta go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, lena n-áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha na Macadóine Thuaidh i gcomhréir leis na cuspóirí maidir leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas. Chun críocha an fhíoraithe sin, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Airteagal 4

1.   Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an Coimisiún an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ar fáil ina dhá tráthchuid chomhchoiteanna.

2.   I gcás inar gá, soláthrófar méideanna an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na dtráthchodanna faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1);

(b)

teist leanúnach shásúil maidir le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí i bhfeidhm bearta láidre maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, clár beartais a fhaigheann tacaíocht ó shocrú creidmheasa CAI nach socrú réamhchúraim é;

(c)

na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a socrófar orthu sa MT a chur chun feidhme go sásúil.

4.   Ní dhéanfar an dara tráthchuid a scaoileadh, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an chéad tráthchuid a scaoileadh.

5.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. Sna cásanna sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcur ar ceal.

6.   Is le Banc Náisiúnta na Macadóine Thuaidh a eisíocfar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas. Faoi réir na bhforálacha comhaontaithe a leagtar amach sa MT, lena n-áirítear deimhniú na riachtanas maoinithe sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na Macadóine Thuaidh ina cáil mar an tairbhí deireanach.

Airteagal 5

1.   Na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, is in euro a dhéanfar iad agus beidh an dáta luacha céanna orthu agus ní bhéarfaidh siad go mbeidh aon bhaint ag an Aontas le claochlú aibíochtaí, ná ní chuirfidh siad an tAontas i mbaol aon riosca ó thaobh ráta malairte nó ráta úis de, ná aon riosca tráchtála eile.

2.   I gcás ina gceadófar sin leis na himthosca, agus má iarann an Mhacadóin Thuaidh amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-áirítear clásal luath-aisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go bhfuil clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na n-oibríochtaí iasachtaíochta.

3.   I gcás inar féidir ráta úis níos fabhraí i leith na hiasachta a bheith ann sna himthosca agus má iarrann an Mhacadóin Thuaidh amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán a iasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchtúrúcháin i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 agus ní bheidh sé mar éifeacht leo síneadh a chur le haibíocht na n-iasachtaí lena mbaineann ná méid an chaipitil atá gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchtúrúcháin a mhéadú.

4.   Seasfaidh an Mhacadóin Thuaidh na costais uile arna dtabhú ag an Aontas a bhaineann leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe faoin gCinneadh seo.

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

Airteagal 6

1.   Cuirfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.   Is faoi bhainistiú díreach a dhéanfar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur chun feidhme.

3.   Beidh na forálacha seo a leanas uile sa chomhaontú iasachta atá le comhaontú le húdaráis na Macadóine Thuaidh:

(a)

forálacha lena n-áirithítear go ndearbhóidh an Mhacadóin Thuaidh go rialta gur baineadh úsáid cheart as an maoiniú arna fháil ó bhuiséad ginearálta an Aontais, go ndéanfaidh sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtabharfaidh sí caingean dlí chun aon chiste míleithreasaithe a cuireadh ar fáil faoin gCinneadh seo a aisghabháil;

(b)

forálacha lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus foráil á déanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtacht eile a dhéanann dochar don chúnamh macrairgeadais ón Aontas a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (9) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (10), Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus, do na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (12);

(c)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, lena n-áirítear oibríochtaí agus agallaimh fóiréinsice digití;

(d)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Choimisiún nó dá ionadaithe seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;

(e)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ar fáil, lena n-áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, ar nós measúnuithe oibríochtúla;

(f)

forálacha lena n-áirithítear go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíoc na hiasachta i gcás inar suíodh, i ndáil le bainistiú an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas, go raibh baint ag an Macadóin Thuaidh le haon ghníomh calaoise nó éillithe nó le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

(g)

forálacha lena n-áirithítear go bhfuil an Mhacadóin Thuaidh leis na costais uile arna dtabhú ag an Aontas a bhaineann leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe faoin gCinneadh seo a sheasamh.

4.   Sula gcuirfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar a fhónta atá socruithe airgeadais na tíre, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

Airteagal 7

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Leis an tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur chun feidhme;

(b)

déanfar staid eacnamaíoch agus ionchais na Macadóine Thuaidh a mheas, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;

(c)

luafar an chomhbhaint idir coinníollacha an bheartais eacnamaíoch a leagtar amach sa MT, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na tíre agus cinntí an Choimisiúin maidir le scaoileadh na dtráthchodanna atá sa chúnamh macrairgeadais ón Aontas.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dhul in éag na tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 1(4), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 12 Iúil 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Iúil 2023.

(2)  IO L 84, 20.3.2004, lch. 13.

(3)  Cinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 (IO L 165, 27.5.2020, lch. 31).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (IO L 330, 20.9.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(7)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(8)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(10)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/8


RIALACHÁN (AE) 2023/1462 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Iúil 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2012 ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1) agus Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 (2) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria, de bhun ghlacadh na gconclúidí ón gComhairle inar cháin an Chomhairle an foréigean agus na sáruithe tromchúiseacha forleathana córasacha ar chearta an duine sa tSiria.

(2)

I bhfianaise na staide sa tSiria atá ag dul in olcas agus na sáruithe tromchúiseacha forleathana córasacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear úsáid arm ceimiceach i gcoinne an phobail shibhialta, lean an Chomhairle d’ainmneacha a chur leis an liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais.

(3)

De dheasca chrith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023, ghéaraigh ar na dálaí uafásacha agus mhéadaigh fulaingt mhuintir na Siria.

(4)

Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 9 Feabhra 2023, d’athdhearbhaigh sí go bhfuil an tAontas réidh le cúnamh breise a chur ar fáil chun an fhulaingt a mhaolú sna réigiúin uile atá buailte. D’iarr sí ar chách rochtain dhaonnúil ar íospartaigh an chreatha talún sa tSiria a áirithiú gan beann ar an áit a bhfuil siad agus d’iarr sí ar an bpobal daonnúil, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, seachadadh tapa na cabhrach a áirithiú.

(5)

Bearta sriantacha an Aontais, lena n-áirítear na bearta sin arna nglacadh i bhfianaise na staide sa tSiria, níl siad ceaptha bac a chur ar an soláthar cabhrach daonnúla do dhaoine a bhfuil gá acu leis. Níl srian ar an trádáil i bhformhór na n-earnálacha idir an tAontas agus an tSiria – lena n-áirítear i mbia agus i gcógas – leis na bearta sriantacha a ghlac an Chomhairle i bhfianaise na staide sa tSiria. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le bearta aonair, tá eisceachtaí i bhfeidhm chun gur féidir cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus d’eintitis ainmnithe, i gcás ina bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó cúnamh a thabhairt don daonra sibhialta sa tSiria amháin. I gcásanna áirithe, is gá réamhúdarú a fháil ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha.

(6)

An 23 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/408 (3) agus Rialachán (AE) 2023/407 (4), lenar tugadh isteach díolúine maidir le sócmhainní daoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe agus sócmhainní eintiteas ainmnithe a reo, agus maidir leis na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh. Chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin chun dul chun tairbhe d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus do chatagóirí sainithe áirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí daonnúla agus gur cheart feidhm a bheith aici ar feadh tréimhse tosaigh 6 mhí, i.e., go dtí an 24 Lúnasa 2023.

(7)

Chun freagairt don phráinn leanúnach a bhaineann leis an ngéarchéim dhaonnúil sa tSiria atá ag dul in olcas mar gheall ar an gcrith talún agus d’fhonn seachadadh tapa na cabhrach a éascú, is iomchuí síneadh a chur leis an díolúine sin go dtí an 24 Feabhra 2024.

(8)

Tagann na leasuithe a áirítear faoin Rialachán seo faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 16a(1), de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, cuirtear an dáta ‘24 Feabhra 2024’ in ionad ‘25 Lúnasa 2023’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. CALVIÑO SANTAMARÍA


(1)  Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (IO L 16 19.1.2012, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/408 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56 I, 23.2.2023, lch. 4).

(4)  Rialachán (AE) 2023/407 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56 I, 23.2.2023, lch. 1).


17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1463 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Iúil 2023

lena bhformheastar modhnú ar théarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 115(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Landwein’, ‘Qualitätswein’, ‘Kabinett/Kabinettwein’, ‘Spätlese/Spätlesewein’, ‘Auslese/Auslesewein’, ‘Strohwein’, ‘Schilfwein’, ‘Eiswein’, ‘Ausbruch/Ausbruchwein’, ‘Trockenbeerenauslese’, ‘Beerenauslese/Beerenauslesewein’)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 115(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 28(2) agus (3) agus le hAirteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (2), tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas a chuir an Ostair ar aghaidh na téarmaí traidisiúnta ‘Landwein’, ‘Qualitätswein’, ‘Kabinett/Kabinettwein’, ‘Spätlese/Spätlesewein’, ‘Auslese/Auslesewein’, ‘Strohwein’, ‘Schilfwein’, ‘Eiswein’, ‘Ausbruch/Ausbruchwein’, ‘Trockenbeerenauslese’, ‘Beerenauslese/Beerenauslesewein’ a mhodhnú, agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

(2)

Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún (4).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 31(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, ba cheart, dá bhrí sin, an modhnú ar na téarmaí traidisiúnta ‘Landwein’, ‘Qualitätswein’, ‘Kabinett/Kabinettwein’, ‘Spätlese/Spätlesewein’, ‘Auslese/Auslesewein’, ‘Strohwein’, ‘Schilfwein’, ‘Eiswein’, ‘Ausbruch/Ausbruchwein’, ‘Trockenbeerenauslese’, ‘Beerenauslese/Beerenauslesewein’ a fhormheas agus a chur ar chlár leictreonach na dtéarmaí traidisiúnta faoi chosaint dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo an modhnú ar na téarmaí traidisiúnta ‘Landwein’, ‘Qualitätswein’, ‘Kabinett/Kabinettwein’, ‘Spätlese/Spätlesewein’, ‘Auslese/Auslesewein’, ‘Strohwein’, ‘Schilfwein’, ‘Eiswein’, ‘Ausbruch/Ausbruchwein’, ‘Trockenbeerenauslese’, ‘Beerenauslese/Beerenauslesewein’ a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2).

(3)  IO C 23, 23.1.2023, lch. 22.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, clár na n-ainmneacha faoi chosaint, cealú cosanta agus úsáid siombailí, agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas iomchuí seiceálacha (IO L 9, 11.1.2019, lch. 46).


17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/12


RIALACHÁN (AE) 2023/1464 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formaildéad agus le scaoilteoirí formaildéid

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 68(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is gás atá an-imoibríoch faoi dhálaí teochta comhthimpeallaí agus brú atmaisféaraigh é formaildéad. I gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) aicmítear é mar charcanaigin de chatagóir 1B, só-ghineach de chatagóir 2, géarthocsain de chatagóir 3, creimneach don chraiceann de chatagóir 1B agus íogróir craicinn de chatagóir 1.

(2)

Is ceimiceán d’ardtoirt táirgeachta ag a bhfuil réimse leathan úsáidí é formaildéad. Táirgtear é go hinginiúil i ndaoine agus in ainmhithe freisin agus is idirmheánach meitibileach fíor-riachtanach é i ngach cill. Thairis sin, 98 % den fhormaildéad a mhonaraítear nó a allmhairítear san Aontas, úsáidtear é mar idirmheánach ceimiceach i dtáirgeadh roisíní atá bunaithe ar fhormaildéad, teirmeaplaisteach agus ceimiceán eile a úsáidtear a thuilleadh i raon leathan feidhmeanna. Úsáidtear roisíní atá bunaithe ar fhormaildéad i dtáirgeadh réimse leathan earraí, earraí a d’fhéadfadh formaildéad a scaoileadh dá thoradh sin. Is i monaraíocht painéal adhmadbhunaithe a úsáidtear roisíní atá bunaithe ar fhormaildéad go príomha, sa chaoi go bhfeidhmíonn siad mar oibreán nascach le haghaidh cáithníní adhmaid. Úsáidtear na roisíní sin freisin i dtáirgeadh táirgí adhmadbhunaithe eile amhail troscán agus urlárlach, agus le haghaidh ballapháipéar, cúr, páirteanna i gcomhair feithiclí bóthair agus aerárthaí, táirgí teicstíle agus leathair.

(3)

An 20 Nollaig 2017 (3), de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) sainchomhad a ullmhú a chloíonn le ceanglais Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán sin (dá ngairtear ‘sainchomhad Iarscríbhinn XV’ anseo feasta), chun measúnú a dhéanamh ar an riosca do shláinte an duine de bharr formaildéid agus substaintí scaoilte formaildéid a bheith i meascáin agus in earraí lena n-úsáid ag tomhaltóirí.

(4)

An 11 Márta 2019, chuir an Ghníomhaireacht (ar a dtabharfar ‘Aighnitheoir an tSainchomhaid’ i gcomhthéacs sainchomhad a chur isteach) sainchomhad Iarscríbhinn XV (4) isteach, sainchomhad inar léiríodh nach leormhaith i ngach cás an rialú a dhéantar ar an riosca do shláinte an duine ó fhormaildéad a scaoiltear ó earraí tomhaltais i dtimpeallachtaí laistigh, agus gur gá gníomhaíocht a dhéanamh ar fud an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.

(5)

Rinne Aighnitheoir an tSainchomhaid measúnú ar ghuais formaildéid trí éifeachtaí na substainte ar roinnt críochphointí a mheas, agus tháinig sé ar an gconclúid gurb é an riosca ó ionanálú as a dtagann greannú céadfach an éifeacht is íogaire ar an duine. I sainchomhad Iarscríbhinn XV rinneadh measúnú ar na rioscaí ó fhormaildéad a ionanálú a bhaineann le nochtadh tomhaltóirí i gcomparáid le Treoirlíne na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) le haghaidh Cháilíocht an Aeir Laistigh maidir le formaildéad (meántiúchán 30 nóiméad bunaithe ar ghreannú céadfach i ndaoine) (5). Déantar foráil sa Treoirlíne maidir le luach gearrthéarmach (0,1 mg/m3) d’fhonn éifeachtaí díobhálacha ar fheidhmiú scamhóg a chosc, maille le héifeachtaí fadtéarmacha sláinte, lena n-áirítear ailse shrónfharaingeach. D’úsáid Aighnitheoir an tSainchomhaid an luach sin mar an leibhéal nár cheart do dhaoine a bheith nochta os a chionn (leibhéal néamhéifeachta díorthaithe (‘DNEL’)) agus chun an teorann astaíochta beartaithe de 0,124 mg/m3 a ríomh.

(6)

Ar bhonn na litríochta atá ar fáil agus thoradh an mheastacháin ar nochtadh, ba é tuairim Aighnitheoir an tSainchomhaid go ndéantar rialú leormhaith ar na rioscaí do shláinte an duine a bhaineann le scaoileadh formaildéid ó mheascáin lena n-úsáid ag tomhaltóirí.

(7)

Dá bhrí sin, mhol Aighnitheoir an tSainchomhaid toirmeasc a chur ar fhormaildéad agus substaintí scaoilte formaildéid in earraí a bhíonn ina gcúis le nochtadh tomhaltóirí a chur ar an margadh i gcás ina mbíonn tiúchain os cionn 0,124 mg/m3 in aer seomra tástála mar thoradh ar na scaoiltí formaildéid. Thairis sin, shonraigh Aighnitheoir an tSainchomhaid, i gcás inar úsáideadh formaildéad nó substaintí scaoilte formaildéid d’aon ghnó le linn táirgeadh feithiclí bóthair agus aerárthaí, nár cheart na feithiclí bóthair agus na haerárthaí sin a chur ar an margadh más níos airde ná 0,1 mg/m3 an tiúchan formaildéid a thomhaistear laistigh díobh agus más féidir tomhaltóirí a nochtadh d’fhormaildéad sna feithiclí agus sna haerárthaí sin (6).

(8)

Le moladh bunaidh Aighnitheoir an tSainchomhaid, bunaíodh EN 717-1 mar an modh caighdeánach chun na hastaíochtaí le haghaidh formaildéad a scaoiltear ó phainéal adhmadbhunaithe a thomhas i seomra tástála. Chun a shoiléiriú gur féidir modhanna tástála oiriúnacha eile a úsáid freisin agus chun earraí eile seachas painéal adhmadbhunaithe a chumhdach, chuir Aighnitheoir an tSainchomhaid tuairisc níos leithne ar choinníollacha agus modhanna in ionad na tagartha do chaighdeán EN 717-1 ina mholadh. D’fhéadfadh dálaí comhthimpeallacha tionchar a bheith acu ar astaíochtaí formaildéid ó earraí agus, dá bhrí sin, liostaíodh paraiméadair thástála ábhartha i sainchomhad Iarscríbhinn XV freisin.

(9)

An 13 Márta 2020 ghlac Coiste um Measúnú Riosca (‘RAC’) na Gníomhaireachta a thuairim. Ina thuairim, mheas RAC nach dtugann luach threoirlíne EDS cosaint leordhóthanach don phobal i gcoitinne agus tháinig sé ar an gconclúid go háirithe nach féidir éifeachtaí gearrthéarmacha greannaithe chéadfaigh i ndaoine a úsáid chun éifeachtaí fadtéarmacha, amhail ailse, a thuar. Ina ionad sin, shocraigh RAC DNEL 0,05 mg/m3 arna dhíothú ó shonraí maidir le héifeachtaí ainsealacha in ainmhithe don bhealach ionanálaithe agus tháinig sé ar an gconclúid gur gá teorainnluach 0,05 mg/m3 a bheith ann maidir le formaildéad a astaítear ó earraí agus le formaildéad laistigh d’fheithiclí bóthair chun an riosca a rialú.

(10)

Chinn RAC gur leormhaith an rialú a dhéantar ar an riosca do phaisinéirí ó fhormaildéad in aerárthaí.

(11)

Mhol RAC idirthréimhse 24 mhí idir teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an tsriain atá beartaithe, murab ionann agus an tréimhse 12 mhí a mhol Aighnitheoir an tSainchomhaid, toisc gur mheas sé gur gá níos mó ama a bheith ann chun modhanna caighdeánacha anailíse a fhorbairt i ngach earnáil lena mbaineann. Ba é tuairim RAC gurb é an srian atá beartaithe, arna mhodhnú ag RAC, an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint do shláinte an duine a eascraíonn as nochtadh tomhaltóirí d’fhormaildéad, ó thaobh a éifeachtachta chun an riosca a laghdú, a phraiticiúlacht agus na caoi a bhféadfar faireachán a dhéanamh air.

(12)

An 17 Meán Fómhair 2020, ghlac Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch (‘SEAC’) na Gníomhaireachta a thuairim, maidir leis an srian atá beartaithe ag Aighnitheoir an tSainchomhaid agus na modhnuithe atá beartaithe ag RAC.

(13)

Ina thuairim, d’aithin SEAC go bhfuil costais sna deicheanna milliún euro i gceist le moladh Aighnitheoir an tSainchomhaid, costais a bhaineann le táirgeadh, sampláil, tástáil agus forfheidhmiú. Ba é tuairim SEAC, áfach, go bhfuil coinne leis go mbeidh na costais sin teoranta i gcás na n-earnálacha lena mbaineann, toisc go gcomhlíonann formhór na n-earraí, lena n-áirítear feithiclí bóthair, a chuirtear ar an margadh san Aontas faoi láthair an teorainnluach atá beartaithe cheana féin. Tháinig SEAC ar an gconclúid freisin go dtiocfadh buntáistí an tsriain atá beartaithe ag Aighnitheoir an tSainchomhaid as srian a chur le hearraí a astaíonn ardtiúchan formaildéid a chur ar an margadh, allmhairí san áireamh. Mar thoradh ar an srian, laghdófaí éifeachtaí díobhálacha sláinte a bhaineann le greannú na súl agus na n-aerbhealaí uachtaracha agus le hailse shrónfharaingeach, go príomha do dhaoine atá ina gcónaí i dteaghaisí nua.

(14)

Mheas SEAC go bhféadfadh na buntáistí a bhaineann le srian a chur le hastú formaildéid ó earraí tomhaltais i dtimpeallachtaí laistigh agus laistigh d’fheithiclí bóthair, mar a bheartaítear, a bhaint amach agus costais theoranta ann don tsochaí. Dá bhrí sin, tháinig SEAC ar an gconclúid gurb é moladh Aighnitheoir an tSainchomhaid an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint do shláinte an duine, i dtéarmaí a bhuntáistí socheacnamaíocha agus a chostais shocheacnamaíocha, má áirítear maoluithe áirithe agus má ghlactar leis na coinníollacha tástála atá beartaithe.

(15)

Chun go mbeidh a ndóthain ama ag páirtithe leasmhara an srian a chur chun feidhme, mhol SEAC cur i bhfeidhm an tsriain a chur siar go ceann 24 mhí le haghaidh gach earnála. I gcás trucailí agus busanna, áfach, mhol SEAC tréimhse 36 mhí mar gheall gur gá modhanna caighdeánacha anailíse a fhorbairt chun tiúchain formaildéid a thomhas laistigh de na feithiclí sin.

(16)

Ina theannta sin, chinn SEAC go bhfuil costais shuntasacha socheacnamaíocha sna deicheanna billiún euro i gceist leis an srian atá beartaithe, arna mhodhnú ag RAC, costais a bhaineann le hinfheistíocht i dtaighde agus forbairt, teicneolaíochtaí nua, costais táirgthe níos airde, costais samplála agus tástála, chomh maith le caillteanais post. Thairis sin, d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith aige ar na hearnálacha athchúrsála agus ar an ngeilleagar ciorclach. D’aithin SEAC freisin go bhfuil roghanna malartacha atá indéanta go teicniúil ann le haghaidh feidhmeanna áirithe chun an srian atá beartaithe ag RAC a bhaint amach; ach go dteastaíonn athruithe teicneolaíochta forleathana ina leith agus, i gcásanna áirithe, úsáid roghanna malartacha nach bhfuil chomh inbhuanaithe céanna.

(17)

D’aithin SEAC go bhfuil buntáistí breise féideartha maidir le nochtadh laghduithe ag gabháil le moladh RAC, buntáistí a d’fhéadfadh laghdú níos mó ar ghreannú súl agus na n-aerbhealaí uachtaracha agus ar ailse shrónfharaingeach a bheith de thoradh orthu i gcomparáid le moladh Aighnitheoir an tSainchomhaid. Ní dhearna RAC an laghdú riosca a bhaineann leis an teorainnluach a ísliú a chainníochtú, áfach; agus dá bhrí sin, ní fios go fóill méid na mbuntáistí breise don tsláinte. Thairis sin, mar chuid dá mheasúnú, rinne SEAC anailís lenar ríomh sé, i bhfianaise na n-ardchostas socheacnamaíoch, go mbeadh ar líon na gcásanna ailse srónfharaingí i measc phobal an Aontais atá ina gcónaí i dteaghaisí nua a bheith 200 uair níos airde ná líon na gcásanna breathnaithe iarbhír, chun go mbainfeadh moladh RAC pointe cóimheá amach. Agus an anailís mheá ar mheá sin, an fhaisnéis a fuarthas ón tionscal le linn na gcomhairliúchán, agus an easpa sonraí nó faisnéise lena bhféadfaí buntáistí breise don tsláinte a chainníochtú, á gcur san áireamh, tháinig SEAC ar an gconclúid gur cosúil nach beart iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca arna shainaithint i dtéarmaí buntáistí socheacnamaíocha agus costais shocheacnamaíocha é an srian atá bunaithe ar an teorainnluach atá beartaithe ag RAC.

(18)

Chuathas i gcomhairle leis an bhFóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú i dtaca le moladh Aighnitheoir an tSainchomhaid agus cuireadh a mholtaí maidir lena chur chun feidhme agus lena fhorfheidhmiú san áireamh; is ceart a thabhairt faoi deara nár mheas an Fóram na modhnuithe a mhol RAC, toisc gur cuireadh i láthair iad i ndiaidh an chomhairliúcháin leis an bhFóram.

(19)

An 23 Feabhra 2021 chuir an Ghníomhaireacht tuairimí RAC agus SEAC faoi bhráid an Choimisiúin (7). I dtuairimí RAC agus SEAC thángthas ar an gconclúid go bhfuil riosca ann do shláinte tomhaltóirí nach rialaítear go leormhaith agus gur gá aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais mar gheall ar astaíochtaí formaildéid ó earraí isteach san aer laistigh agus ó fheithiclí bóthair isteach ina spás laistigh.

(20)

Cé go dtagraítear do thomhaltóirí sa srian atá beartaithe ag Aighnitheoir an tSainchomhaid agus i dtuairimí RAC agus SEAC, tugann an Coimisiún dá aire go dtugtar aghaidh leis an measúnú atá mar bhonn agus mar thaca ag an moladh ar an riosca don phobal a d’fhéadfadh a bheith nochta d’fhormaildéad san aer laistigh seachas oibrithe, agus lena n-áirítear daoine nach tomhaltóirí díreacha iad. Ar mhaithe leis an tsoiléireacht dhlíthiúil, is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh don phobal i gcoitinne mar an daonra a ndíríonn an srian air.

(21)

Agus sainchomhad Iarscríbhinn XV agus tuairimí RAC agus SEAC á gcur san áireamh, measann an Coimisiún riosca do-ghlactha do shláinte an duine a bheith ann de thoradh formaildéad a scaoiltear ó earraí, agus gurb é srian lena mbunaítear teorainn astaíochta le haghaidh earraí a astaíonn formaildéad chun nochtadh an phobail i gcoitinne d’fhormaildéad trí ionanálú a laghdú an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca.

(22)

Is substaint a fhaightear go nádúrtha in orgánaigh bheo é formaildéad. Thairis sin, féadfar formaildéad a scaoileadh trí dhianscaoileadh substaintí a fhaightear go nádúrtha sna hábhair a úsáidtear chun earra a tháirgeadh, amhail ó dhíghrádú lignine i ndlúthadhmad. Aontaíonn an Coimisiún le hAighnitheoir an tSainchomhaid gur cheart a dhíolmhú ó raon feidhme an tsriain seo earraí nach n-astaíonn formaildéad ach mar gheall go bhfaightear é go nádúrtha, nó mar gheall go bhfaightear substaintí scaoilte formaildéid go nádúrtha, sna hábhair óna dtáirgtear na hearraí.

(23)

Aontaíonn an Coimisiún le hAighnitheoir an tSainchomhaid go gcuireann an teorainnluach 0,124 mg/m3 atá beartaithe cosc ar earraí a astaíonn méideanna arda formaildéid a bheith curtha ar an margadh san Aontas agus gur iomchuí é chun an nochtadh d’fhormaildéad i dtimpeallachtaí laistigh a shrianadh. Mar sin féin, measann an Coimisiún nach mór é an laghdú riosca a bhaintear amach trí luach Threoirlíne EDS a bhaint amach mar gheall ar na teorainneacha astaíochtaí deonacha agus náisiúnta atá ann cheana féin agus mar gheall go bhfuil coinne leis go gcomhlíonann formhór na n-earraí a chuirtear ar an margadh faoi láthair an teorainnluach 0,124 mg/m3 cheana féin. Thairis sin, níor leor luach threoirlíne EDS a bhaint amach chun aghaidh a thabhairt ar an riosca arna shainaithint, agus tuairim RAC á cur san áireamh. Ar an gcaoi chéanna, comhlíonann formhór na dtiúchan laistigh i bhfeithiclí bóthair atá ann faoi láthair an teorainnluach 0,1 mg/m3 atá beartaithe.

(24)

Ar bhonn chonclúidí SEAC maidir leis an measúnú socheacnamaíoch, aithníonn an Coimisiún freisin go mbainfeadh tionchair mhóra shocheacnamaíocha don Aontas leis an teorainnluach 0,05 mg/m3, mar a mhol RAC; agus, i gcásanna sonracha, go n-éilítear leis an teorainnluach sin athrú go roghanna malartacha nach bhfuil chomh inbhuanaithe céanna ag a mbíonn éifeachtaí diúltacha ar an earnála athchúrsála agus ar an ngeilleagar ciorclach, go háirithe i bhfianaise nach ndearnadh measúnú ar na buntáistí breise don tsláinte a bhaineann leis an teorainn sin i gcomparáid leis an teorainn a mholann Aighnitheoir an tSainchomhaid.

(25)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar oiriúnacht na dteorainnluachanna idirmheánacha 0,080 mg/m3 agus 0,062 mg/m3 ar a ndearna SEAC measúnú i bpáirt ar bhonn ionchur ó pháirtithe leasmhara sna comhairliúcháin. Ba é conclúid an Choimisiúin gurbh fhearr an chosaint do shláinte an duine a bheadh ann le glacadh na dteorainnluachanna idirmheánacha sin, go háirithe i gcás daoine leochaileacha, i gcomparáid leis an teorainn a mholann Aighnitheoir an tSainhcomhaid, agus an tráth céanna gurbh ísle an t-ualach socheacnamaíoch agus gurb lú dúshláin eacnamaíocha a bhainfeadh leo ná mar a bhainfeadh leis an teorainn a mholann RAC, go háirithe dá n-úsáidfí iad in éineacht le hidirthréimhsí leordhóthanacha agus maoluithe sonracha.

(26)

Aithníonn an Coimisiún an méadú as cuimse ar chostais i gcás ina n-íslítear an teorainnluach, agus aithníonn sé go mbeadh na céadta milliún euro ar a laghad i gceist leis na costais chomhcheangailte mheasta don tionscal i gcás an teorainnluacha 0,080 mg/m3, i gcomparáid leis na billiúin euro i gcás an teorainnluacha 0,062 mg/m3. Tá tuilleadh anailíse déanta ag an gCoimisiún ar anailís mheá ar mheá SEAC, anailís ina ríomhtar go mbeadh ar líon na gcásanna ailse srónfharaingí i measc phobal an Aontais atá ina gcónaí i dteaghaisí nua a bheith 70 uair níos airde ná líon na gcásanna breathnaithe iarbhír, chun go mbainfeadh an teorainnluach 0,062 mg/m3 pointe cóimheá amach, agus go mbeadh orthu a bheith 30 uair níos airde i gcás an teorainnluacha 0,080 mg/m3. Mar sin féin, measann an Coimisiún gur substaint charcanaigineach é formaildéad freisin, substaint a gcuirfeadh an teorainnluach 0,062 mg/m3 ina leith buntáistí níos fearr don tsláinte ar fáil do phobal an Aontais. Cé go n-aithníonn an Coimisiún gur suntasach iad na difríochtaí costas idir an dá luach, tá sé den tuairim, i bhfianaise na mbuntáistí breise a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte, go háirithe i gcás grúpaí leochaileacha amhail leanaí, go bhfuil údar cuí leis na costais níos airde don teorainnluach níos ísle le haghaidh na n-earraí is mó a mbíonn tionchar acu ar cháilíocht an aeir laistigh.

(27)

Ina thuairim, cuireann an Coimisiún san áireamh gurb iad na príomhfhoinsí astaíochta formaildéid san aer laistigh, go háirithe i dteaghaisí nuathógtha, painéil adhmadbhunaithe agus earraí a dhéantar de phainéil adhmadbhunaithe nó earraí eile adhmadbhunaithe, chomh maith le troscán ina bhfuil adhmad nó ábhair eile, ina n-úsáidtear formaildéad seachas formaildéad a fhaightear go nádúrtha le linn a dtáirgthe. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur iomchuí teorainnluach astaíochta níos ísle a bheith ann le haghaidh na n-earraí sin agus na dtáirgí sin a dhéantar de bhreis agus earra amháin (‘táirgí casta’) arb iad na foinsí is mó formaildéid san aer laistigh agus déanann sé foráil maidir le cosaint mhéadaithe don phobal i gcoitinne, agus na costais shocheacnamaíocha á dteorannú le haghaidh na n-earnálacha sin nach gcuireann leis na hastaíochtaí an oiread céanna.

(28)

Ar an gcaoi chéanna, is iomchuí teorainn níos ísle a bhunú le haghaidh formaildéid laistigh d’fheithiclí bóthair a mbíonn an pobal i gcoitinne iontu chun cosaint leormhaith a áirithiú, go háirithe i gcás daoine leochaileacha agus sna cásanna is measa.

(29)

Dá bhrí sin, is é tuairim an Coimisiún gurb é an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca formaildéid san aer laistigh, agus laistigh d’fheithiclí bóthair, srian lena mbunaítear an teorainnluach 0,062 mg/m3 le haghaidh troscáin agus earraí adhmadbhunaithe, arna chur i bhfeidhm ar an táirge casta ina iomláine, agus ar an taobh istigh d’fheithiclí bóthair; agus an teorainnluach 0,080 mg/m3 le haghaidh gach earra eile. Thairis sin, measann an Coimisiún gur cheart an tiúchan formaildéid a astaítear ó earraí isteach san aer laistigh a thomhas faoi choinníollacha tagartha sonracha chun cur chun feidhme comhchuibhithe an tsriain sin a áirithiú. I gcásanna áirithe, ba cheart a bheith in ann coinníollacha tástála eile a úsáid freisin ar choinníoll go gcuirfí comhchoibhneas atá bailí ó thaobh na heolaíochta de i bhfeidhm ar thorthaí na tástála.

(30)

Chun na tionchair dhiúltacha a mhaolú agus na costais le haghaidh na n-earnálacha lena mbaineann a laghdú, agus chun a ndóthain ama a thabhairt do pháirtithe leasmhara an srian a chur chun feidhme, measann an Coimisiún gur iomchuí cur i bhfeidhm an tsriain a chur siar go ceann 36 mhí le haghaidh gach earnála. Maidir le feithiclí bóthair, áfach, meastar gur iomchuí é a chur siar go ceann 48 mí mar gheall ar an am fada forbartha agus margaíochta le haghaidh na bhfeithiclí sin, na ceanglais arda ábhar san earnáil mótarfheithiclí agus na slabhraí soláthair casta ina bhfuil déantúsóirí buntrealaimh san áireamh, mar aon leis an am a theastaíonn chun an modh caighdeánach anailíse a chur chun feidhme maidir le hastaíochtaí a thomhas i gcás trucailí agus busanna (8).

(31)

Maidir le hearraí atá le húsáid lasmuigh amháin faoi dhálaí intuartha, tá coinne leis go dtarlaíonn nochtadh tomhaltóirí lasmuigh de bhalla seachtrach foirgneamh, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an tsriain. Maidir le hearraí i ndéantúis nach n-úsáidtear ach lasmuigh den bhlaosc foirgnimh agus den bhac gala agus nach n-astaíonn formaildéad isteach san aer laistigh, ba cheart iad a eisiamh freisin ó raon feidhme an tsriain, toisc nach gcuireann siad leis an nochtadh d’fhormaildéad san aer laistigh.

(32)

Earraí nach n-úsáidtear ach le haghaidh úsáidí tionsclaíocha nó gairmiúla, níor cheart iad a áireamh i raon feidhme an tsriain, a fhad agus nach bhfuil na húsáidí sin ina gcúis le nochtadh an phobail i gcoitinne. Thairis sin, rialaítear nochtadh oibrithe tionsclaíocha agus gairmiúla d’fhormaildéad cheana le Treoir 98/24/CE ón gComhairle (9), agus Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(33)

Tá coinne leis go dtiocfaidh laghdú ar astaíochtaí formaildéid ó earraí le himeacht ama mar gheall ar ‘easghású’ formaildéid iarmharaigh. Dá bhrí sin, níor cheart earraí athláimhe a áireamh i raon feidhme an tsriain. Thairis sin, mhol an Fóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú maolú le haghaidh earraí athláimhe freisin, toisc go bhféadfadh sé a bheith deacair an srian a fhorfheidhmiú maidir le hearraí athláimhe.

(34)

Tá na táirgí seo a leanas faoi réir rialacha an Aontais i ndáil le teorainnluachanna maidir le formaildéad cheana féin agus dá bhrí sin, níor cheart iad a áireamh i raon feidhme an tsriain: earraí faoi raon feidhme iontráil 72 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, earraí ar táirgí bithicídeacha iad faoi raon feidhme Rialachán (AE) 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), feistí faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus trealamh cosanta pearsanta faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(35)

Le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún (14), bunaítear teorainnluach le haghaidh formaildéid maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia. Cé nach socraítear teorainn shonrach formaildéid le haghaidh ábhair agus earraí eile a bhíonn i dteagmháil le bia i ndlí an Aontais, ní mór do tháirgeoirí a bheith in ann a sábháilteacht a léiriú do na húdaráis inniúla. Tá sé d’aidhm leis na ceanglais maidir le hábhair teagmhála bia sláinte an duine a chosaint trí aghaidh a thabhairt ar ascnamh féideartha substaintí go bia. Mar gheall gur beag seans go dtarlóidh scaoileadh suntasach formaildéid ó earraí a bheartaítear a bheith i dteagmháil le bia, de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), isteach sa timpeallacht chomhthimpeallach de thoradh na gceanglas sin, measann an Coimisiún nár cheart na hearraí sin a áireamh i raon feidhme an tsriain.

(36)

Mhol Aighnitheoir an tSainchomhaid, RAC agus SEAC maolú le haghaidh bréagáin a chumhdaítear le Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), maolú lena socraítear teorainn 0,1 mg/m3 le haghaidh astaíochtaí formaildéid maidir le bréagáin adhmaid roisín-nasctha do leanaí níos óige ná 3 bliana d’aois. Measann an Coimisiún nach iomchuí an maolú sin, áfach, toisc nár cheart leanaí a chosaint ar bhealach nach bhfuil chomh dian céanna leis an gcaoi a gcosnaítear aon chuid eile den phobal. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an teorainnluach le haghaidh astaíochtaí formaildéid isteach san aer laistigh maidir le bréagáin do leanaí de gach aois.

(37)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.

(38)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(3)  https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/formaldehyde_cion_reqst_axvdossier_en.pdf/11d4a99a-7210-839a-921d-1a9a4129e93e

(4)  https://echa.europa.eu/registry-of-restriction-intentions/-/dislist/details/0b0236e182439477

(5)  EDS 2010-WHO Guidelines for Indoor Air quality: Selected Pollutants. An Ghinéiv. An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, lch. 103.

(6)  ECHA (2020). Background Document to the Opinion on the Annex XV report proposing restrictions on formaldehyde and formaldehyde releasers [Doiciméad Cúlra leis an Tuairim ar thuarascáil Iarscríbhinn XV ina moltar srianta ar fhormaildéad agus scaoilteoirí formaildéid]

(7)  Eagrán tiomsaithe thuairim RAC (arna glacadh an 12 Márta 2020) agus thuairim SEAC (arna ghlacadh an 17 Meán Fómhair 2020) arna ullmhú ag rúnaíocht ECHA

https://echa.europa.eu/documents/10162/f10b57af-6075-bb34-2b30-4e0651d0b52f

(8)  12219-10: Aer laistigh feithiclí bóthair — Cuid 10: Seomra tástála feithicle iomláine — Sonraíocht agus modhanna chun comhdhúile so-ghalaithe orgánacha taobh istigh de chábáin a chinneadh —Trucailí agus busanna.

(9)  Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).

(10)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghinigh ag an obair (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus le hearraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia, agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).

(16)  Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

‘77.

Formaildéad

Uimh. CAS 50-00-0

Uimh. CE 200-001-8

agus substaintí scaoilte formaildéid

1.

Tar éis an 6 Lúnasa 2026 ní chuirfear ar an margadh iad in earraí, más é, faoi na coinníollacha tástála a shonraítear i bhFoscríbhinn 14, gur airde ná na teorainnluachanna seo a leanas an tiúchan formaildéid a scaoiltear ó na hearraí sin:

(a)

0,062 mg/m3 le haghaidh troscáin agus earraí adhmadbhunaithe;

(b)

0,080 mg/m3 le haghaidh earraí seachas troscán agus earraí adhmadbhunaithe.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na rudaí seo a leanas:

(a)

earraí ina bhfaightear formaildéad nó substaintí scaoilte formaildéid go nádúrtha amháin sna hábhair óna dtáirgtear na hearraí;

(b)

earraí atá le húsáid lasmuigh amháin faoi dhálaí intuartha;

(c)

earraí i ndéantúis nach n-úsáidtear ach lasmuigh den bhlaosc foirgnimh agus den bhac gala agus nach n-astaíonn formaildéad isteach san aer laistigh;

(d)

earraí nach n-úsáidtear ach le haghaidh úsáidí tionsclaíocha nó gairmiúla seachas má bhíonn formaildéad a scaoiltear uathu ina chúis le nochtadh an phobail i gcoitinne faoi dhálaí úsáide intuartha;

(e)

earraí a bhfuil feidhm ag an srian a leagtar síos in iontráil 72 maidir leo;

(f)

earraí ar táirgí bithicídeacha iad faoi raon feidhme Rialachán (AE) 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (*1);

(g)

feistí faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/745;

(h)

trealamh cosanta pearsanta faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/425;

(i)

earraí a bheartaítear a bheith i dteagmháil le bia, go díreach nó go hindíreach, faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004;

(j)

earraí athláimhe.

2.

Tar éis an 6 Lúnasa 2027 ní chuirfear ar an margadh iad i bhfeithiclí bóthair, más é, faoi na coinníollacha tástála a shonraítear i bhFoscríbhinn 14, gur airde ná 0,062 mg/m3 an tiúchan formaildéid laistigh de na feithiclí sin.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le:

(a)

feithiclí bóthair nach n-úsáidtear ach le haghaidh úsáidí tionsclaíocha nó gairmiúla seachas má bhíonn an tiúchan formaildéid laistigh de na feithiclí sin ina chúis le nochtadh an phobail i gcoitinne faoi dhálaí úsáide intuartha;

(b)

feithiclí athláimhe.

(2)

cuirtear isteach Foscríbhinn 14 seo a leanas:

‘Foscríbhinn 14

1.   An formaildéad a scaoiltear isteach san aer laistigh ó earraí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhómhír, d’iontráil 77 a thomhas

An formaildéad a scaoiltear ó earraí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, d’iontráil 77, tomhaisfear é in aer seomra tástála faoi na coinníollacha tagartha carnacha seo a leanas:

(a)

(23 ± 0,5) 0C a bheidh i dteocht an tseomra tástála;

(b)

(45 ± 3) 0C a bheidh i mbogthaise choibhneasta an tseomra tástála;

(c)

(1 ± 0,02) m2/m3 a bheidh sa lódfhachtóir, arna sloinneadh mar an cóimheas idir dromchla iomlán an triailphíosa agus toirt an tseomra tástála. Baineann an lódfhachtóir sin le tástáil a dhéanamh ar phainéil adhmadbhunaithe; i gcás ábhar nó táirgí eile, más léir nach bhfuil an lódfhachtóir sin réalaíoch faoi dhálaí úsáide intuartha, féadfar lódfachtóirí i gcomhréir le Roinn 4.2.2. de EN 16516 (*2) a úsáid;

(d)

(1 ± 0,05) h-1 a bheidh i ráta malartaithe aeir an tseomra tástála;

(e)

nós imeachta anailíse iomchuí a úsáidfear chun an tiúchan formaildéid sa seomra tástála a thomhas;

(f)

modh iomchuí a úsáidfear chun na triailphíosaí a shampláil;

(g)

faoi dhó ar a laghad le linn an lae a thomhaisfear an tiúchan formaildéid in aer an tseomra tástála agus eatramh ama 3 uair an chloig ar a laghad idir dhá shampláil i ndiaidh a chéile; athdhéanfar an tomhas go dtí go mbeidh sonraí leordhóthanacha ar fáil chun an tiúchan foistine a chinneadh;

(h)

ní faide ná 28 lá a bheidh fad na tástála agus beidh sé fada go leor chun an tiúchan foistine a chinneadh;

(i)

is é an tiúchan foistine formaildéid a thomhaisfear sa seomra tástála a úsáidfear chun comhlíonadh an teorainnluacha formaildéid a scaoiltear ó earraí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, d’iontráil 77. a fhíorú.

Mura bhfuil sonraí ó mhodh tástála a úsáideann na coinníollacha tagartha a shonraítear thuas ar fáil nó mura bhfuil siad oiriúnach chun an formaildéad a scaoiltear ó earra sonrach a thomhas, féadfar sonraí a fhaightear ó mhodh tástála a úsáideann coinníollacha neamhthagartha a úsáid, i gcás ina bhfuil comhchoibhneas atá bailí ó thaobh na heolaíochta de idir torthaí an mhodha tástála a úsáidtear agus na coinníollacha tagartha.

2.   An tiúchan formaildéid laistigh d’fheithiclí dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhómhír, d’iontráil 77 a thomhas

I gcás feithiclí bóthair, lena n-áirítear trucailí agus busanna, tomhaisfear an tiúchan formaildéid i mód comhthimpeallach i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in ISO 12219-1 (*3) nó ISO 12219-10 (*4), agus is é an tiúchan a thomhaisfear a úsáidfear chun comhlíonadh an teorainnluacha dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, d’iontráil 77 a fhíorú.


(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).’;

(*2)  EN 16516: Táirgí foirgníochta – Measúnú ar scaoileadh substaintí contúirteacha – Astaíochtaí isteach san aer laistigh a chinneadh

(*3)  ISO 12219-1: Aer laistigh feithiclí bóthair — Cuid 1: Seomra tástála feithicle iomláine — Sonraíocht agus modh chun comhdhúile so-ghalaithe orgánacha taobh istigh de chábáin a chinneadh.

(*4)  ISO 12219-10: Aer laistigh feithiclí bóthair — Cuid 10: Seomra tástála feithicle iomláine — Sonraíocht agus modhanna chun comhdhúile so-ghalaithe orgánacha taobh istigh de chábáin a chinneadh — Trucailí agus busanna.


17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/21


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1465 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2023

lena ndéantar foráil maidir le tacaíocht airgeadais éigeandála do na hearnálacha atá buailte le fadhbanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar inmharthanacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí talmhaíochta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 221(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earnáil na talmhaíochta faoi bhrú mar gheall ar phaindéim COVID-19, a tionchar ar shlabhraí an tsoláthair bia, agus an sitheadh in airde i praghsanna fuinnimh agus in ionchur talmhaíochta ó bhí fómhar 2021 ann. Tháinig méadú suntasach ar phraghsanna ionchuir sna hearnálacha talmhaíochta uile. Tháinig méadú géar ar chostais fuinnimh agus leasacháin mar gheall ar na forbairtí geopholaitiúla agus geo-eacnamaíocha a bhí ann fiú sular cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, rud a rinne an staid ní ba mheasa agus a raibh tionchar suntasach diúltach aige ar na hionchais mhargaidh.

(2)

Mar thoradh air sin, tháinig méadú suntasach ar an sciar de chostais fuinnimh agus leasacháin sa tomhaltas idirmheánach iomlán in 2022, agus tugadh an méadú is mó faoi deara i dtaca le barra páirce agus feirmeacha barra buana, mar gheall ar a neamhchosaint ar chostais leasacháin sa dá chás. Tá praghsanna leasacháin ag leibhéil stairiúla an-ard go fóill. Tugtar le fios sna sonraí gur fhreagair na feirmeoirí tríd an úsáid a bhaineann siad as leasacháin a laghdú ach tá iarmhairtí diúltacha nach féidir a dhéanamh amach go cinnte fós ar tháirgeacht agus ar cháilíocht táirgí bia agus beatha ag baint leis sin go fóill.

(3)

I gcomhréir leis an mboilsciú ginearálta, tháinig méadú ar phraghsanna ionchur eile d’fheirmeoirí agus d’oibreoirí i slabhra an tsoláthair bia amhail táirgí cosanta plandaí agus cóireálacha sláinte ainmhithe, innealra agus pacáistiú.

(4)

Tháinig méadú freisin ar phraghsanna táirgí talmhaíochta in 2022 i bhfianaise an téarnaimh ó phaindéim COVID-19 agus ar na hábhair imní faoi sholáthairtí domhanda leordhóthanacha i ndiaidh ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Mar sin féin, ní raibh na praghsanna arda sin in ann na torthaí gnó a bhí ag dul in olcas mar gheall ar an méadú ar chostais ionchuir a chúiteamh in earnálacha áirithe amhail earnáil na déiríochta, earnáil an fhíona nó earnáil na dtorthaí agus na nglasraí.

(5)

Tá laghdú suntasach ag teacht ar phraghsanna fhormhór na dtáirgí talmhaíochta amhail gránaigh, olashíolta, táirgí déiríochta nó fíon le déanaí. I mBallstáit agus réigiúin áirithe, d’éirigh an staid thar a bheith deacair de réir mar a tháinig meath ar an gcóimheas idir praghsanna ionchuir agus praghsanna táirgí talmhaíochta.

(6)

De dheasca na gcostas méadaithe do tháirgeoirí, tá ag géarú ar an ardú praghsanna do thomhaltóirí ar tháirgí bia ar fud an Aontais, rud a fhágann tionchar ó thaobh tomhaltóirí a bheith in acmhainn costas an bhia a sheasamh. Léirítear sna figiúirí is déanaí go bhfuil boilsciú ard nach bhfuil aon lagú air os cionn 15 % i bpraghsanna bia do thomhaltóirí ar fud an Aontais. Is beag nár shroich na luachanna 40 % i mBallstáit áirithe. Tá fianaise ann go ndéantar difear le praghsanna arda don leibhéal tomhaltais in earnálacha áirithe bia, amhail earnáil na feola, earnáil an fhíona nó earnáil na dtorthaí agus na nglasraí. Tá tomhaltóirí ag aistriú an éilimh chuig bia nach bhfuil chomh costasach céanna agus ó bhia amhail bia orgánach, fíon agus bia lena ngabhann ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar diúltach ag athruithe éilimh den sórt sin ar infheistíocht a fhabhraíonn do tháirgeoirí.

(7)

In earnálacha feirmeoireachta áirithe agus i mBallstáit áirithe, is measa na deacrachtaí foriomlána eacnamaíocha mar gheall ar dhúshláin phráinneacha earnáilsonracha.

(8)

Rinne drochtheagmhais mheitéareolaíocha réigiúnacha eisceachtúla le déanaí amhail triomach (sa Spáinn, san Iodáil agus sa Phortaingéil) agus tuilte (san Iodáil) damáiste suntasach do tháirgeoirí talmhaíochta, rud a chuireann a n-inmharthanacht eacnamaíoch i mbaol. Cé go bhfuil tásca ann go dtarlaíonn teagmhais den sórt sin i gcomhthéacs foriomlán na rioscaí méadaitheacha don talmhaíocht de dheasca an athraithe aeráide, bhí déine na dteagmhas sin neamhghnách.

(9)

A mhéid a bhaineann le hearnáil na ngránach agus na n-olashíolta, tá na teagmhais adhaimsire a bhuail réigiúin éagsúla táirgthe san Aontas ag cur as go mór do bharra an earraigh agus an tsamhraidh, ó thaobh toirte agus cáilíochta de. Tá an earnáil sáinnithe le praghsanna laghdaitheacha. I gcomparáid leis an mbliain seo caite, tháinig laghdú thart ar 40 % ar phraghsanna gránach. Cruthaíonn sé sin fadhbanna d’fheirmeoirí ós rud é gur cheannaigh go leor acu ionchuir chostasacha le roinnt míonna agus anois tá siad sáinnithe le praghsanna margaidh ar a gcuid táirgí, praghsanna atá chomh híseal agus gur ar éigean is féidir leis na feirmeoirí a gcuid costas a ghlanadh, más féidir leo sin ar chor ar bith. Thairis sin, ní raibh roinnt feirmeoirí in ann a gcuid páirceanna a chur mar gheall ar na leibhéil ísle bogthaise ithreach agus ar na géarghanntanais uisce le haghaidh uisciúcháin, rud a fhágfaidh go dtiocfaidh laghdú ar tháirgeadh agus ar tháirgeacht. Is amhlaidh atá i gcás na Seice, na Danmhairge, na hÉireann, na Spáinne, na Fraince, na Cipire, na Laitvia, na hOstaire, na Portaingéile, na Slóivéine agus na Sualainne.

(10)

Mar thoradh ar an mboilsciú ard a dhéanann difear do thomhaltas, a meastar gur tháinig titim 10 % ar a laghad air, tá staid an mhargaidh in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí an-deacair, rud atá níos measa fós de dheasca na gcostas ard fuinnimh. Is fachtóir costais tábhachtach é fuinneamh i dtáirgeadh tithe gloine agus sa lóistíocht iarbhuana. Mar thoradh air sin, tá brú ar tháirgeoirí go fóill maidir lena gcorrlaigh d’ainneoin an mhéadaithe ar phraghsanna talmhaíochta. Tá dúshláin chomhchosúla in earnáil na leannlusanna freisin. Déanann an staid sin difear do roinnt Ballstát, go háirithe don Bheilg, don tSeicia, don Ghearmáin, don Eastóin, d’Éirinn, don Ghréig, don Chróit, don Iodáil, don Chipir, don Laitvia, don Ísiltír, don tSlóivéin agus don Fhionlainn.

(11)

In earnáil na n-ainmhithe, is cúis le deacrachtaí móra do tháirgeoirí iad praghsanna arda beatha mar aon leis an bpraghas fuinnimh agus leis an mboilsciú ginearálta. D’ainneoin na leibhéal fabhrach foriomlán praghsanna do mhairteoil, do mhuiceoil agus d’éanlaith chlóis, tá fadhbanna ag táirgeoirí lena gcostais táirgthe a chlúdach. Tá siad sin níos suntasaí fós san earnáil déiríochta, ós rud é go bhfuil laghdú suntasach ag teacht ar phraghsanna ó bhí siad ag leibhéil nach raibh ann riamh roimhe seo ag deireadh 2022. Thairis sin, déanann na praghsanna do thomhaltóirí ar tháirgí bia difear d’éileamh tomhaltóirí ar tháirgí ardchaighdeáin, ar sciar mór d’ioncam na feirmeoirí iad. Tá dúshláin mhóra in earnáil na déiríochta sa Laitvia agus sa Liotuáin ós rud é go bhfuil laghdú níos mó tagtha ar phraghsanna bainne náisiúnta iontu ná i mBallstáit eile. Ina theannta sin, tá na deacrachtaí thuasluaite ag na hearnálacha beostoic sa Bheilg, sa tSeicia, sa Ghearmáin, san Eastóin, sa Ghréig, sa Spáinn, sa Fhrainc, sa Chróit, san Iodáil, sa Chipir, i Lucsamburg, Málta, san Ostair, sa tSlóivéin agus san Fhionlainn.

(12)

Cúngú an éilimh i ngeall ar bhoilsciú, lena n-áirítear sna margaí onnmhairiúcháin, mar aon le leibhéil arda soláthair, déanann siad difear go háirithe d’earnáil an fhíona i réigiúin áirithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le fíonta dearga agus fíonta rosé. Tá costais ionchuir mhéadaithe agus teagmhais aimsire neamhrialta ina gcúis leis an éiginnteacht i margadh an fhíona freisin. Tá an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil agus an Phortaingéil buailte go trom ag dul chun cinn sin.

(13)

Maidir leis an mbeart i dtaca le driogadh sealadach géarchéime a tugadh isteach in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1225 (2) ón gCoimisiún lena gceadaítear do na Ballstáit cláir thacaíochta náisiúnta a thabhairt isteach in earnáil an fhíona, d’fhéadfadh sé nach leor é chun aghaidh a thabhairt ar an staid de dheasca theorannú airgeadais na gclár. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit tuilleadh acmhainní airgeadais a úsáid chun a leithdháiltí buiséid le haghaidh na gclár tacaíochta náisiúnta in earnáil an fhíona a threisiú d’fhonn tuilleadh oibríochtaí driogtha a mhaoiniú faoi réir na gceanglas incháilitheachta agus na gcoinníollacha tacaíochta céanna, cé is moite den spriocdháta cur chun feidhme ar cheart é a oiriúnú do na hoibríochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo. Má chinneann Ballstát leas a bhaint as an bhféidearthacht sin, ba cheart an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a bheith ar fáil le cois na leithdháiltí airgeadais a leagtar síos in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le haghaidh na mblianta airgeadais 2023 agus 2024.

(14)

Na praghsanna ionchuir atá fós an-ard, an titim i bpraghsanna táirgí talmhaíochta, chomh maith leis na fadhbanna a ndéanann difear d’earnálacha áirithe agus do Bhallstáit áirithe, d’fhéadfadh siad fadhbanna leachtachta a chruthú do tháirgeoirí talmhaíochta. Tá na Ballstáit ag dul i muinín na mbeart státchabhrach faoi rialacha an Aontais maidir le státchabhair chun iarracht a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar an staid.

(15)

Chinn an Coimisiún dhá phacáiste tacaíochta éigeandála talmhaíochta a théann chun tairbhe do Bhallstáit áirithe chun feirmeoirí a chúiteamh in earnálacha na ngránach agus na n-olashíolta, na hearnálacha ba mhó a ndearnadh difear dóibh: Bhí sé d’aidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/739 (4) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1343 (5) ón gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí díobhálacha atá ann de dheasa an bhrú ar phraghsanna sna hearnálacha sin. Baineann an tríú pacáiste tacaíochta éigeandála atá ann faoi láthair le feirmeoirí i mBallstáit eile a bhíonn thíos le fadhbanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar inmharthanacht an táirgthe talmhaíochta.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart beart eisceachtúil a ghlacadh chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sonracha a sainaithníodh agus chun teacht roimh an meath tapa ar tháirgeadh sna Ballstáit sin nár thairbhigh den dá phacáiste tacaíochta talmhaíochta le déanaí a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/739 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1343.

(17)

Is fadhbanna sonracha iad na deacrachtaí a luaitear thuas de réir bhrí Airteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ní féidir aghaidh a thabhairt orthu go héasca le bearta arna nglacadh de bhun Airteagail 219 nó 220 den Rialachán sin. Níl baint shonrach ag an staid le suaitheadh áirithe ar an margadh atá ann cheana nó le bagairt shonrach suaite. Níl baint aici le bearta a rachadh i ngleic le leathadh galar ainmhithe a chomhrac ná le laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d’ainmhithe nó do phlandaí.

(18)

Ba cheart na méideanna atá ar fáil do na Ballstáit is tairbhithe a chinneadh, agus aird á tabhairt go háirithe ar a n-ualú féin in earnáil talmhaíochta an Aontais, ar bhonn na nglan-uasteorainneacha d’íocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart a chur san áireamh sna méideanna don Spáinn, don Iodáil agus don Phortaingéil gurb iad na tíortha sin na príomh-Bhallstáit a ndéanann na teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha eisceachtúla difear dóibh. Ba cheart a chur san áireamh sna méideanna don Laitvia agus don Liotuáin go bhfuil dúshláin mhóra in earnáil na déiríochta sna tíortha sin.

(19)

Ba cheart do na Ballstáit is tairbhithe an chabhair a dháileadh trí na bealaí is éifeachtaí ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar critéir iad lena gcuirtear san áireamh méid na ndeacrachtaí agus na ndamáistí eacnamaíocha atá ag na feirmeoirí lena mbaineann. Ba cheart dóibh a áirithiú gurb iad na feirmeoirí a thairbheoidh den chabhair ar deireadh agus go seachnófar aon saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht.

(20)

Ós rud é nach rachadh na méideanna a leithdháiltear ar na Ballstáit is tairbhithe i ngleic ach i bpáirt leis na deacrachtaí eacnamaíocha atá ag feirmeoirí, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit sin tacaíocht náisiúnta bhreise a dheonú do tháirgeoirí, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo.

(21)

Chun an tsolúbthacht a thabhairt do na Ballstáit is tairbhithe an chabhair a dháileadh de réir mar a éilítear le himthosca na bhfeirmeoirí, ba cheart cead a bheith acu í a charnadh le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, gan róchúiteamh a dhéanamh leis na feirmeoirí.

(22)

Chun an róchúiteamh a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit is tairbhithe a chur san áireamh an tacaíocht arna deonú faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do na caillteanais eacnamaíocha lena mbaineann.

(23)

Ós rud é gur in euro a shocraítear an chabhair ón Aontas, is gá, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach comhuaineach a áirithiú, dáta a shocrú chun an tsuim a leithdháilfear ar na Ballstáit nár ghlac an euro mar airgeadra náisiúnta, a chomhshó, mar a rinneadh i gcás na Seice, na Danmhairge agus na Sualainne. Ós rud é nach ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le sprioc-am chun na hiarratais ar chabhair a chur isteach, is iomchuí, chun críocha Airteagal 30(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (7), dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a mheas mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte maidir leis na méideanna a leagtar amach sa Rialachán seo.

(24)

Ar chúiseanna buiséadacha, níor cheart don Aontas an caiteachas a thabhóidh na Ballstáit is tairbhithe a mhaoiniú ach amháin i gcás ina ndéanfar an caiteachas sin faoi dháta incháilitheachta áirithe. Dá bhrí sin, ba cheart an tacaíocht don bheart eisceachtúil sin a íoc faoin 31 Eanáir 2024.

(25)

Ba cheart do na Ballstáit is tairbhithe faisnéis mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur in iúl don Choimisiún chun go mbeidh an tAontas in ann faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhirt a thugtar isteach leis an Rialachán seo.

(26)

Chun a áirithiú go bhfaighidh feirmeoirí cabhair a luaithe is féidir, ba cheart a chur a gcumas do na Ballstáit is tairbhithe an Rialachán seo a chur chun feidhme gan mhoill. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(27)

Tá an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Beidh cabhair ón Aontas dar méid iomlán EUR 330 000 000 ar fáil don Bheilg, don tSeicia, don Danmhairg, don Ghearmáin, don Eastóin, d’Éirinn, don Ghréig, don Spáinn, don Fhrainc, don Chróit, don Iodáil, don Chipir, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhálta, don Ísiltír, don Ostair, don Phortaingéil, don tSlóivéin, don Fhionlainn agus don tSualainn chun tacaíocht eisceachtúil a sholáthar d’fheirmeoirí faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Na Ballstáit dá dtagraítear mír 1, úsáidfidh siad na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 3 le haghaidh na mbeart a bhfuil d’aidhm acu cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí sna hearnálacha is mó atá buailte amhail earnáil na n-ainmhithe, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil an fhíona, earnáil na ngránach agus earnáil na n-olashíolta, as na caillteanais eacnamaíocha a bhfuil tionchar acu ar inmharthanacht na dtáirgeoirí talmhaíochta.

3.   Déanfar na bearta ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha lena gcuirfear san áireamh na caillteanais eacnamaíocha a sheas na feirmeoirí atá buailte agus lena n-áiritheofar nach mbeidh na híocaíochtaí a thiocfaidh astu ina gcúis le haon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach iad na feirmeoirí a thairbheoidh go díreach d’íocaíochtaí na cabhrach ón Aontas go gcuirfear sochar eacnamaíoch na cabhrach ón Aontas ar aghaidh chucu ina iomláine.

5.   Caiteachas a sheasfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis na híocaíochtaí i leith na mbeart dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh sé incháilithe do chabhair ón Aontas ach amháin má dhéantar na híocaíochtaí sin faoin 31 Eanáir 2024.

6.   Chun críocha Airteagal 30(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, is é dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo an teagmhas oibríochtúil le haghaidh an ráta malairte a mhéid a bhaineann leis na méideanna a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Rialachán seo.

7.   Féadfar bearta faoin Rialachán seo a charnadh in éineacht le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

Airteagal 2

1.   Na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 1(1) a chuireann cláir thacaíochta náisiúnta chun feidhme in earnáil an fhíona, féadfaidh siad a leithdháiltí airgeadais a leagtar síos in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a úsáid freisin chun an beart i dtaca leis an driogadh sealadach géarchéime dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1225 a mhaoiniú, i gcomhréir leis na ceanglais agus na coinníollacha céanna dá bhforáiltear ann, cé is moite d’Airteagal 1(2) agus d’Airteagal 6, an chéad fhomhír, de.

2.   Féadfar oibríochtaí driogtha arna maoiniú faoin Rialachán seo a chur chun feidhme tráth is déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2023. Sa chás sin, Airteagail 39 go 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, mar aon le hAirteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 5, Airteagal 7(3), Airteagal 17, Airteagail 40 go 43 agus Airteagail 51, 52, 54, 59, 63 agus 65 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), beidh feidhm fós acu maidir leis na hoibríochtaí agus na híocaíochtaí sin a dhéantar ina leith. Mar an gcéanna, beidh feidhm mutatis mutandis fós ag Airteagail, 1, 2 agus 43, Airteagail 48 go 54 agus Airteagal 56 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún (9) agus Airteagail 1, 2 agus 3, Airteagail 19 go 23, Airteagail 25 go 31, Airteagal 32(1), an dara fomhír, agus Airteagail 33 go 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún (10). Ina theannta sin, beidh feidhm fós ag Airteagal 5, Airteagal 11(1), an dara fomhír, agus Airteagail 12 agus 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 (11) ón gCoimisiún maidir leis an gcaiteachas a thabhaítear agus na híocaíochtaí a dhéantar i leith na n-oibríochtaí driogtha sin.

3.   Déanfar oibríochtaí driogtha arna maoiniú faoin Rialachán seo a chur chun feidhme tréimhse leordhóthanach roimh ré chun go mbeifear in ann íocaíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis an dáta incháilitheachta le haghaidh íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(5).

4.   Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht náisiúnta bhreise suas le huasmhéid 200 % a dheonú d’oibríochtaí driogtha arna maoiniú faoin Rialachán seo i gcomhréir leis an tacaíocht náisiúnta bhreise dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

5.   An tacaíocht airgeadais ón Aontas a íoctar i gcomhair oibríochtaí driogtha a mhaoinítear i gcomhréir le mír 1, measfar í a bheith ina ranníocaíocht airgeadais ón Aontas don bhliain airgeadais ina ndéanann na Ballstáit íocaíochtaí.

Airteagal 3

1.   Ní rachaidh caiteachas an Aontais arna thabhú i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 thar mhéid iomlán na méideanna seo a leanas:

(a)

EUR 3 912 118 i gcás na Beilge;

(b)

EUR 6 862 150 i gcás na Seice;

(c)

EUR 6 352 520 i gcás na Danmhairge;

(d)

EUR 35 767 119 i gcomhair na Gearmáine;

(e)

EUR 1 722 597 i gcás na hEastóine;

(f)

EUR 9 529 841 i gcás na hÉireann;

(g)

EUR 15 773 591 i gcás na Gréige;

(h)

EUR 81 082 911 i gcás na Spáinne;

(i)

EUR 53 100 820 i gcás na Fraince;

(j)

EUR 3 371 029 i gcás na Cróite;

(k)

EUR 60 547 380 i gcás na hIodáile;

(l)

EUR 574 358 i gcás na Cipire;

(m)

EUR 6 796 780 i gcás na Laitvia;

(n)

EUR 10 660 962 i gcás na Liotuáine;

(o)

EUR 462 680 i gcás Lucsamburg;

(p)

EUR 240 896 i gcás Mhálta;

(q)

EUR 4 995 081 i gcás na hÍsiltíre;

(r)

EUR 5 529 091 i gcás na hOstaire;

(s)

EUR 11 619 548 i gcás na Portaingéile;

(t)

EUR 1 234 202 i gcás na Slóivéine;

(u)

EUR 4 269 959 i gcás na Fionlainne;

(v)

EUR 5 594 367 i gcás na Sualainne.

2.   Féadfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1) tacaíocht náisiúnta bhreise a dheonú le haghaidh na mbeart arna ndéanamh faoi Airteagal 1(2) agus féadfaidh an tacaíocht sin a bheith suas le huasmhéid 200 % den mhéid comhfhreagrach a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar choinníoll nach mbeidh na híocaíochtaí is toradh ar na bearta ina gcúis le saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht, ná le róchúiteamh.

3.   Na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus na Ballstáit sin a úsáideann a leithdháiltí airgeadais chun an beart i dtaca le driogadh sealadach géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a mhaoiniú, íocfaidh siad an tacaíocht bhreise dá dtagraítear, i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 2(4), faoi seach, faoin 31 Eanáir 2024.

Airteagal 4

Chun an róchúiteamh a sheachaint, agus tacaíocht á deonú faoin Rialachán seo, cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1) san áireamh an tacaíocht arna deonú faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do na caillteanais eacnamaíocha lena mbaineann.

Airteagal 5

1.   Tabharfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1) fógra don Choimisiún, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2023, faoin méid seo a leanas maidir le bearta arna gcur chun feidhme faoi Airteagal 1:

(a)

tuairisc ar na bearta atá le déanamh;

(b)

na critéir a úsáidtear chun na modhanna maidir le deonú na cabhrach a chinneadh agus an réasúnaíocht i dtaca leis an gcabhair a dháileadh ar fheirmeoirí;

(c)

an tionchar atá beartaithe leis na bearta d’fhonn feirmeoirí a chúiteamh as caillteanais eacnamaíocha;

(d)

na bearta atá á ndéanamh lena fhíorú go mbainfear amach an tionchar atá beartaithe leis na bearta;

(e)

na bearta atá á ndéanamh chun an saobhadh ar an iomaíocht agus an róchúiteamh a sheachaint;

(f)

an réamhaisnéis maidir le híocaíochtaí chaiteachas an Aontais arna miondealú in aghaidh na míosa go dtí an 31 Eanáir 2024;

(g)

leibhéal na tacaíochta breise arna deonú de bhun Airteagal 3(2);

(h)

na bearta atá á ndéanamh chun incháilitheacht feirmeoirí a rialú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

2.   Tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh 2024, tabharfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 2(1) fógra don Choimisiún faoi na méideanna iomlána arna n-íoc in aghaidh an bhirt, nuair is infheidhme, arna miondealú de réir chabhair an Aontais agus de réir cabhair náisiúnta breise, de réir líon agus chineál na dtairbhithe agus de réir an mheasúnaithe ar éifeachtacht an bhirt.

Airteagal 6

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1225 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2023 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh in earnáil an fhíona i mBallstáit áirithe agus lena maolaítear ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún (IO L 160, 26.6.2023, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/739 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 lena bhforáiltear do bheart tacaíochta éigeandála d’earnálacha na ngránach agus na n-olashíolta sa Bhulgáir, sa Pholainn agus sa Rómáin (IO L 96, 5.4.2023, lch. 80).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1343 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2023 lena bhforáiltear do bheart tacaíochta éigeandála d’earnálacha na ngránach agus na n-olashíolta sa Bhulgáir, san Ungáir, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic (IO L 168, 3.7.2023, lch. 22).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir thacaíochta náisiúnta in earnáil an fhíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún (IO L 190, 15.7.2016, lch. 1).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir thacaíochta náisiúnta in earnáil an fhíona (IO L 190, 15.7.2016, lch. 23).

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 255, 28.8.2014, lch. 18).


17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/28


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1466 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2023

lena leasaítear Iarscríbhinní V, XIV, XV agus XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Namaib, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar liostaí na dtríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim, táirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim fhiáin agus uibheacha agus táirge uibhe a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus catagóirí ainmhithe, na táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas.

(4)

Thar aon ní eile, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim, faoi seach, a theacht isteach san Aontas.

(5)

Tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún faoi dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcontae Cumbria, Sasana (1) agus i gcontae Aberdeenshire, Albain (1), ráigeanna a deimhníodh an 2 agus an 9 Iúil 2023 faoi seach le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(6)

Tar éis na ráige sin le déanaí den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe crios srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.

(7)

Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch agus maidir leis na bearta atá déanta aici chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc.

(8)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sa limistéar atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint.

(9)

Chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe ar fáil maidir le staideanna eipidéimeolaíocha ar a gcríocha a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach roinnt táirgí san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(10)

Go háirithe, chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch i ndáil le 32 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i gcúigí Alberta (6), British Columbia (11), Nova Scotia (1), Ontario (2), Quebec (6) agus Saskatchewan (6), ráigeanna a deimhníodh idir an 14 Aibreán 2022 agus an 6 Bealtaine 2023.

(11)

Ina theannta sin, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch i ndáil le trí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i gcontaetha Lincolnshire (2) agus East Sussex (1) i Sasana, an Ríocht Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 17 Bealtaine 2023 agus an 25 Bealtaine 2023.

(12)

Thairis sin, chuir na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch i ndáil le trí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i stáit North Dakota, South Dakota agus Tennesse, ráigeanna a deimhníodh idir an 5 Eanáir 2023 agus an 19 Aibreán 2023.

(13)

Chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinneadh chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin den ghalar sin, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe ar a gcríocha.

(14)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe isteach. Measann an Coimisiún go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha ag Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis leis an bhfionraí, agus, dá bhrí sin, gur cheart teacht isteach san Aontas tráchtearraí éanlaithe clóis ó na criosanna lena mbaineann i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas curtha ar fionraí a athúdarú.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.

(16)

Ina theannta sin, toisc nár onnmhairigh an Namaib éanlaith clóis agus táirgí geirmeacha díobh, feoil úr raitíteach, táirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim agus uibheacha agus táirge uibhe chuig an Aontas le roinnt blianta, agus nach bhfuil sé beartaithe aici iad a onnmhairiú, d’iarr an Namaib go mbainfí í den liosta de thríú tíortha óna n-údaraítear na tráchtearraí sin a theacht isteach san Aontas a leagtar amach in Iarscríbhinní V, XIV, XV agus XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. Dá bhrí sin, ba cheart na hIarscríbhinní sin a leasú dá réir.

(17)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1226 ón gCoimisiún (4) leasaíodh Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 trí dhá oscailte chrios CA-2.187 a bhí iata roimhe sin a leagan síos sna hiontrálacha le haghaidh Cheanada. Braitheadh earráid nach mór a cheartú sa ró le haghaidh an chreasa sin i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn sin a leasú dá réir.

(18)

Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach á cur san áireamh, mar aon leis an iarraidh ón Namaib, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinní V, XV, XIV agus XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne.

(19)

Ba cheart feidhm a bheith ag ceartú na hiontrála a bhaineann le Ceanada sa ró le haghaidh chrios CA-2.187 i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1226.

(20)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404

Leasaítear Iarscríbhinní V, XIV, XV agus XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le Cuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún

Ceartaítear Iarscríbhinní V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le Cuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, beidh feidhm ag Cuid II den Iarscríbhinn ón 27 Meitheamh 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1226 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an tSile, agus leis an Ríocht Aontaithe sna liostaí de thríú tíortha óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éanlaith géim a theacht isteach san Aontas (IO L 160, 26.6.2023, lch. 19).


IARSCRÍBHINN

CUID I

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.22:

CA

Ceanada

CA-2.22

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

14.4.2022

30.6.2023’;

(ii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.48 agus CA-2.49:

CA

Ceanada

CA-2.48

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

29.4.2022

30.6.2023

CA-2.49

N, P1

 

2.5.2022

30.6.2023’;

(iii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.55:

CA

Ceanada

CA-2.55

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

3.5.2022

30.6.2023’;

(iv)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.58:

CA

Ceanada

CA-2.58

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

5.5.2022

30.6.2023’;

(v)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.60:

CA

Ceanada

CA-2.60

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

10.5.2022

30.6.2023’;

(vi)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.62 agus CA-2.63:

CA

Ceanada

CA-2.62

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

12.5.2022

30.6.2023

CA-2.63

N, P1

 

13.5.2022

30.6.2023’;

(vii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.66 agus CA-2.67:

CA

Ceanada

CA-2.66

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

22.5.2022

30.6.2023

CA-2.67

N, P1

 

26.5.2022

30.6.2023’;

(viii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.69 agus CA-2.70:

CA

Ceanada

CA-2.69

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

4.6.2022

30.6.2023

CA-2.70

N, P1

 

4.6.2022

30.6.2023’;

(ix)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.72 agus CA-2.73:

CA

Ceanada

CA-2.72

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

15.6.2022

30.6.2023

CA-2.73

N, P1

 

18.6.2022

30.6.2023’;

(x)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.97:

CA

Ceanada

CA-2.97

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

21.9.2022

30.6.2023’;

(xi)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.101:

CA

Ceanada

CA-2.101

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

26.9.2022

30.6.2023’;

(xii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.104:

CA

Ceanada

CA-2.104

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

28.9.2022

30.6.2023’;

(xiii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.114:

CA

Ceanada

CA-2.114

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

27.9.2022

2.7.2023’;

(xiv)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.116:

CA

Ceanada

CA-2.116

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

30.9.2022

30.6.2023’;

(xv)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.126:

CA

Ceanada

CA-2.126

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

13.10.2022

30.6.2023’;

(xvi)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.138:

CA

Ceanada

CA-2.138

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

26.10.2022

30.6.2023’;

(xvii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.157:

CA

Ceanada

CA-2.157

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

23.11.2022

30.6.2023’;

(xviii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.168, CA-2.169 agus CA-2.170:

CA

Ceanada

CA-2.168

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

23.12.2022

30.6.2023

CA-2.169

N, P1

 

29.12.2022

30.6.2023

CA-2.170

N, P1

 

5.1.2023

30.6.2023’;

(xix)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.175:

CA

Ceanada

CA-2.175

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

3.3.2023

30.6.2023’;

(xx)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.179:

CA

Ceanada

CA-2.179

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

3.4.2023

6.7.2023’;

(xxi)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.182:

CA

Ceanada

CA-2.182

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

13.4.2023

30.6.2023’;

(xxii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.184 agus CA-2.185:

CA

Ceanada

CA-2.184

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

17.4.2023

7.7.2023

CA-2.185

 

19.4.2023

30.6.2023’;

(xxiii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.188:

CA

Ceanada

CA-2.188

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

28.4.2023

30.6.2023’;

(xxiv)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.190:

CA

Ceanada

CA-2.190

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

6.5.2023

30.6.2023’;

(xxv)

scriostar an iontráil a bhaineann leis an Namaib;

(xxvi)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna GB-2.303, GB-2.304 agus GB-2.305:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.303

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

16.5.2023

28.6.2023

GB-2.304

N, P1

 

18.5.2023

26.6.2023

GB-2.305

N, P1

 

24.5.2023

28.6.2023’;

(xxvii)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.306 agus GB-2.307 tar éis an ró le haghaidh chrios GB-2.305:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.306

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

2.7.2023

 

GB-2.307

 

9.7.2023’;

 

(xxviii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios US-2.399:

US

Na Stáit Aontaithe

US-2.399

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

5.1.2023

10.6.2023’;

(xxix)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios US-2.403:

US

Na Stáit Aontaithe

US-2.403

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

20.1.2023

12.6.2023’;

(xxx)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios US-2.455:

US

Na Stáit Aontaithe

US-2.455

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

19.4.2023

18.6.2023’;

(b)

i gCuid 2, san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas ar na criosanna GB-2.306 go GB-2.307 tar éis na tuairisce ar an gcrios GB-2.305:

‘An Ríocht Aontaithe

GB-2.306

near Bootle, Copeland, Cumbria, England, GB

The area contained with a circle of a radius of 10km, centered on WGS84 dec, coordinates Lat: N54.27 and Long: W3.38

GB-2.307

near Banff, Aberdeenshire, Scotland, GB

The area contained with a circle of a radius of 10km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N57.64 and Long: W2.57’;

(2)

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.22:

CA

Ceanada

CA-2.22

POU, RAT

N, P1

 

14.4.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

14.4.2022

30.6.2023’;

(ii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.48 agus CA-2.49:

CA

Ceanada

CA-2.48

POU, RAT

N, P1

 

29.4.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

29.4.2022

30.6.2023

CA-2.49

POU, RAT

N, P1

 

2.5.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

2.5.2022

30.6.2023’;

(iii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.55:

CA

Ceanada

CA-2.55

POU, RAT

N, P1

 

3.5.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

3.5.2022

30.6.2023’;

(iv)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.58:

CA

Ceanada

CA-2.58

POU, RAT

N, P1

 

5.5.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

5.5.2022

30.6.2023’;

(v)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.60:

CA

Ceanada

CA-2.60

POU, RAT

N, P1

 

10.5.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

10.5.2022

30.6.2023’;

(vi)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.62 agus CA-2.63:

CA

Ceanada

CA-2.62

POU, RAT

N, P1

 

12.5.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

12.5.2022

30.6.2023

CA-2.63

POU, RAT

N, P1

 

13.5.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

13.5.2022

30.6.2023’;

(vii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.66 agus CA-2.67:

CA

Ceanada

CA-2.66

POU, RAT

N, P1

 

22.5.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

22.5.2022

30.6.2023

CA-2.67

POU, RAT

N, P1

 

26.5.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

26.5.2022

30.6.2023’;

(viii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.69 agus CA-2.70:

CA

Ceanada

CA-2.69

POU, RAT

N, P1

 

4.6.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

4.6.2022

30.6.2023

CA-2.70

POU, RAT

N, P1

 

4.6.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

4.6.2022

30.6.2023’;

(ix)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.72 agus CA-2.73:

CA

Ceanada

CA-2.72

POU, RAT

N, P1

 

15.6.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

15.6.2022

30.6.2023

CA-2.73

POU, RAT

N, P1

 

18.6.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

18.6.2022

30.6.2023’;

(x)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.97:

CA

Ceanada

CA-2.97

POU, RAT

N, P1

 

21.9.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

21.9.2022

30.6.2023’;

(xi)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.101:

CA

Ceanada

CA-2.101

POU, RAT

N, P1

 

26.9.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

26.9.2022

30.6.2023’;

(xii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.104:

CA

Ceanada

CA-2.104

POU, RAT

N, P1

 

28.9.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

28.9.2022

30.6.2023’;

(xiii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.114:

CA

Ceanada

CA-2.114

POU, RAT

N, P1

 

27.9.2022

2.7.2023

GBM

P1

 

27.9.2022

2.7.2023’;

(xiv)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.116:

CA

Ceanada

CA-2.116

POU, RAT

N, P1

 

30.9.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

30.9.2022

30.6.2023’;

(xv)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.126:

CA

Ceanada

CA-2.126

POU, RAT

N, P1

 

13.10.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

13.10.2022

30.6.2023’;

(xvi)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.138:

CA

Ceanada

CA-2.138

POU, RAT

N, P1

 

26.10.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

26.10.2022

30.6.2023’;

(xvii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.157:

CA

Ceanada

CA-2.157

POU, RAT

N, P1

 

23.11.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

23.11.2022

30.6.2023’;

(xviii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.168, CA-2.169 agus CA-2.170:

CA

Ceanada

CA-2.168

POU, RAT

N, P1

 

23.12.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

23.12.2022

30.6.2023

CA-2.169

POU, RAT

N, P1

 

29.12.2022

30.6.2023

GBM

P1

 

29.12.2022

30.6.2023

CA-2.170

POU, RAT

N, P1

 

5.1.2023

30.6.2023

GBM

P1

 

5.1.2023

30.6.2023’;

(xix)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.175:

CA

Ceanada

CA-2.175

POU, RAT

N, P1

 

3.3.2023

30.6.2023

GBM

P1

 

3.3.2023

30.6.2023’;

(xx)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.179:

CA

Ceanada

CA-2.179

POU, RAT

N, P1

 

3.4.2023

6.7.2023

GBM

P1

 

3.4.2023

6.7.2023’;

(xxi)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.182:

CA

Ceanada

CA-2.182

POU, RAT

N, P1

 

13.4.2023

30.6.2023

GBM

P1

 

13.4.2023

30.6.2023’;

(xxii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.184 agus CA-2.185:

CA

Ceanada

CA-2.184

POU, RAT

N, P1

 

17.4.2023

7.7.2023

GBM

P1

 

17.4.2023

7.7.2023

CA-2.185

POU, RAT

N, P1

 

19.4.2023

30.6.2023

GBM

P1

 

19.4.2023

30.6.2023’;

(xxiii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.188:

CA

Ceanada

CA-2.188

POU, RAT

N, P1

 

28.4.2023

30.6.2023

GBM

P1

 

28.4.2023

30.6.2023’;

(xxiv)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.190:

CA

Ceanada

CA-2.190

POU, RAT

N, P1

 

6.5.2023

30.6.2023

GBM

P1

 

6.5.2023

30.6.2023’;

(xxv)

scriostar an iontráil a bhaineann leis an Namaib;

(xxvi)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna GB-2.303, GB-2.304 agus GB-2.305:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.303

POU, RAT

N, P1

 

16.5.2023

28.6.2023

GBM

P1

 

16.5.2023

28.6.2023

GB-2.304

POU, RAT

N, P1

 

18.5.2023

26.6.2023

GBM

P1

 

18.5.2023

26.6.2023

GB-2.305

POU, RAT

N, P1

 

24.5.2023

28.6.2023

GBM

P1

 

24.5.2023

28.6.2023’;

(xxvii)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.306 agus GB-2.307 tar éis an ró le haghaidh chrios GB-2.305:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.306

POU, RAT

N, P1

 

2.7.2023

 

GBM

P1

 

2.7.2023

 

GB-2.307

POU, RAT

N, P1

 

9.7.2023

 

GBM

P1

 

9.7.2023’;

 

(xxviii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios US-2.399:

US

Na Stáit Aontaithe

US-2.399

POU, RAT

N, P1

 

5.1.2023

10.6.2023

GBM

P1

 

5.1.2023

10.6.2023’;

(xxix)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios US-2.403:

US

Na Stáit Aontaithe

US-2.403

POU, RAT

N, P1

 

20.1.2023

12.6.2023

GBM

P1

 

20.1.2023

12.6.2023’;

(xxx)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios US-2.455:

US

Na Stáit Aontaithe

US-2.455

POU, RAT

N, P1

 

19.4.2023

18.6.2023

GBM

P1

 

19.4.2023

18.6.2023’;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn XV mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, i Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Namaib:

NA

An Namaib

NA-0

B

B

B

B

B

B

B

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

MPST’;

 

(b)

i gCuid 1, i Roinn B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Namaib:

NA

An Namaib

NA-0

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

MPST

 

NA-1

E

E

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

MPST’;

 

(4)

in Iarscríbhinn XIX, i gCuid 1, scriostar an iontráil a bhaineann leis an Namaib.

CUID II

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404

I gCuid 1 de Roinn B d’Iarscríbhinn V, san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.187:

CA

Ceanada

CA-2.187

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

18.4.2023

14.6.2023’.


CINNTÍ

17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/41


CINNEADH (CBES) 2023/1467 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Iúil 2023

lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1).

(2)

Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. Tar éis níos mó ná 10 mbliana, is fada ó bheith thart atá an choinbhleacht sa tSiria agus tá sí fós ina húdar fulaingthe agus éagobhsaíochta. Cuireann crith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023 a thuilleadh le fulaingt mhuintir na Siria.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 9 Feabhra 2023, rinne an Chomhairle Eorpach comhbhrón ó chroí le híospartaigh chrith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023, agus chuir sí a dlúthpháirtíocht le muintir na Tuirce agus na Siria in iúl. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil an tAontas faoi réir le tuilleadh cúnaimh a chur ar fáil chun an fhulaingt a mhaolú sna réigiúin uile atá buailte. D’iarr sí ar chách rochtain dhaonnúil ar íospartaigh an chreatha talún sa tSiria a áirithiú gan beann ar an áit a bhfuil siad agus d’iarr sí ar an bpobal daonnúil, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, seachadadh tapa na cabhrach a áirithiú.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 20 Bealtaine 2021, maidir leis an ‘Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais: dúshláin nua, na prionsabail chéanna’, d’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas aon tionchair dhiúltacha neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag bearta sriantacha an Aontais ar ghníomhaíocht dhaonnúil phrionsabálta a sheachaint agus nuair nach féidir iad a sheacaint, iad a mhaolú a mhéid is féidir. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go gcomhlíonann bearta sriantacha an Aontais na hoibleagáidí uile faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe. Chuir sí i dtreis a thábhachtaí atá sé cloí go hiomlán le prionsabail dhaonnúla agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta i mbeartas smachtbhannaí an Aontais, lena n-áirítear trí eisceachtaí daonnúla a áireamh go comhsheasmhach i gcórais beart sriantach i gcás inarb ábhartha, agus trína áirithiú go mbeidh creat éifeachtach i bhfeidhm le haghaidh na húsáide a bhaineann eagraíochtaí daonnúla as na heisceachtaí sin.

(5)

Meabhraítear don Chomhairle nach bhfuil sé i gceist le bearta sriantacha an Aontais, lena n-áirítear na bearta sin a glacadh i bhfianaise na staide sa tSiria, go gcuirfí isteach ar sholáthar na cabhrach daonnúla, lena n-áirítear cúnamh leighis, ná bac a chur ar an soláthar sin. Níl na bearta sriantacha a glacadh i bhfianaise na staide sa tSiria dírithe ar fhormhór na n-earnálacha — ina measc bia, cógais agus trealamh leighis. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le bearta aonair, tá eisceachtaí i bhfeidhm cheana chun gur féidir cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus d’eintitis ainmnithe, i gcás ina bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó chun cúnamh a thabhairt don phobal sibhialta sa tSiria amháin. I gcásanna áirithe, is gá réamhúdarú a fháil ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha.

(6)

An 23 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/408 (2), lenar tugadh isteach díolúine maidir le sócmhainní daoine nádúrtha nó dlítheanacha agus eintiteas ainmnithe a reo agus maidir leis na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, ar mhaithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus catagóirí sainithe áirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí daonnúla. Chinn an Chomhairle gur cheart don díolúine sirin, nach n-éilíonn réamhúdarú ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha, a bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse tosaigh sé mhí, i.e. go dtí an 24 Lúnasa 2023.

(7)

I bhfianaise thromchúis na géarchéime daonnúla sa tSiria, agus d’fhonn seachadadh tapa na cabhrach a éascú, is iomchuí síneadh a chur leis an díolúine sin go dtí an 24 Feabhra 2024.

(8)

Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 28a(1) de Chinneadh 2013/255/CBES, cuirtear an dáta ‘24 Feabhra 2024’ in ionad ’24 Lúnasa 2023’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. CALVIÑO SANTAMARÍA


(1)  Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/408 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56 I, 23.2.2023, lch. 4).


MOLTAÍ

17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/43


MOLADH (AE) 2023/1468 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2023

maidir le ceanglais feidhmíochta AE dheonacha le haghaidh trealamh braite miotail a úsáidtear i limistéir phoiblí (lasmuigh den eitlíocht)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Seachas i réimse na heitlíochta sibhialta, ní fhoráiltear i ndlí an Aontais, faoi láthair, do cheanglais feidhmíochta chomhchuibhithe le haghaidh trealamh braite miotail a úsáidtear mar mhodh braite i limistéir phoiblí. Tá na ceanglais sin éagsúil ó Bhallstáit go chéile, agus tá leibhéil mhíchothroma chosanta ar bhagairtí slándála ann don phobal i gcoitinne dá mbarr, sin agus leibhéil nach bhfuil ard go leor i gcónaí. Féadfaidh sceimhlitheoirí agus coirpigh eile leas a bhaint as na leochaileachtaí a eascraíonn as sin, lena n-áirítear chun ionsaithe a dhéanamh nó chun dul i mbun gníomhaíochtaí coiriúla eile sna Ballstáit ag a bhfuil leibhéal níos ísle cosanta i limistéir phoiblí.

(2)

I limistéir phoiblí go príomha a tharla ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar fud an Aontais le blianta beaga anuas, agus na hionsaithe sin dírithe ar an bpobal i gcoitinne. Chun rannchuidiú le leibhéal cosanta sách ard ar bhagairtí slándála i limistéir phoiblí ar fud an Aontais, is ar leibhéal an Aontais ba cheart ceanglais feidhmíochta dheonacha le haghaidh trealamh braite miotail a leagan amach.

(3)

An trealamh braite, lena n-áirítear trealamh braite miotail, a úsáidtear i réimse na heitlíochta sibhialta, tá sé faoi réir na gceanglas mionsonraithe a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún (1). Tá na ceanglais sin dea-shainithe agus tugtar ardleibhéal cosanta leo i réimse na heitlíochta slándála sibhialta. Dá bhrí sin, níor cheart an réimse sin a chumhdach faoin Moladh seo. Anuas air sin, ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart a shoiléiriú nár cheart don Mholadh seo difear a dhéanamh do ghníomhartha de chuid dhlí an Aontais lena rialaítear gnéithe sábháilteachta de threalamh braite miotail.

(4)

I gClár Oibre an Aontais Eorpaigh don fhrithsceimhlitheoireacht (2), gheall an Coimisiún Eorpach go dtacódh sé le forbairt ceanglas AE deonach le haghaidh teicneolaíocht bhraite chun a áirithiú go mbraithfidh siad na bagairtí is gá a bhrath, agus soghluaisteacht daoine á coinneáil ar bun an tráth céanna. Chun an gealltanas sin a chomhlíonadh, chuir an Coimisiún an Mheitheal Theicniúil um cheanglais feidhmíochta bhraite ar bun, meitheal ina bhfuil saineolaithe ó na Ballstát, monaróirí agus oifigigh ó roinnt seirbhísí de chuid an Choimisiúin, agus d’iarr sé uirthi cuidiú le ceanglais feidhmíochta AE dheonacha le haghaidh trealamh braite miotail ar leibhéal an Aontais a fhorbairt. An Moladh seo, agus go háirithe na ceanglais dheonacha ann a bhaineann le doiciméadacht faoin táirge agus feidhmiú braite miotail, tá sé bunaithe ar an obair ullmhúcháin a rinne an mheitheal sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na ceanglais feidhmíochta AE dheonacha a úsáid i soláthar poiblí trealaimh bhraite miotail atá beartaithe a úsáid i limistéir phoiblí.

(6)

Níor cheart é a bheith de cheangal ar na ballstáit trealamh braite miotail áirithe a sholáthar nó a úsáid i limistéir phoiblí. Na cinntí maidir leis an trealamh braite miotail a bheadh le soláthar nó le húsáid i limistéir phoiblí ar leith, ba cheart do na Ballstáit, agus na Ballstáit amháin, leanúint de na cinntí sin a dhéanamh, i gcomhréir le dlí an Aontais. Ba cheart na ceanglais feidhmíochta AE dheonacha a úsáid i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí soláthair na mBallstáit chun rannchuidiú le hardleibhéal feidhmíochta braite a bhaint amach ag an trealamh braite miotail a úsáideann na Ballstáit i limistéir phoiblí ar fud an Aontais.

(7)

Ba cheart a leagan amach leis na ceanglais feidhmíochta AE dheonacha roinnt caighdeán a fhreagraíonn do chineálacha difriúla úsáide an trealaimh bhraite miotail a chumhdaítear. Baineann an caighdeán is ísle leis an trealamh a bhfuil íogaireacht níos lú ag baint leis atá beartaithe le húsáid san olliompar nó i limistéir mhóra tionóil, áit ina bhfuil gá le hairm atá thar a bheith contúirteach a bhrath ach ina bhfuil tréchur ard daoine agus a gcuid ítimí agus rátaí rabhaidh núise ísle ag teastáil. Baineann an caighdeán is airde le trealamh a bhfuil íogaireacht níos mó ag baint leis atá beartaithe le húsáid in áit a bhfuil gá leis na spriocanna is lú a bhrath fiú amháin, agus áit ar féidir freastal ar ráta tréchuir íseal.

(8)

Níor cheart an tuiscint a bhaint as na ceanglais feidhmíochta dheonacha AE go bhfuil siad le cur in ionad caighdeáin feidhmíochta náisiúnta le haghaidh trealamh braite miotail, i gcás inarb ann do chaighdeáin náisiúnta den chineál sin. Go háirithe, ba cheart an saoirse a bheith ag na Ballstáit i gcónaí ceanglais feidhmíochta níos déine a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir leis an trealamh braite miotail a úsáidtear chun bagairtí slándála a bhrath i limistéir phoiblí.

(9)

Leis an Moladh seo ba cheart dreasacht indíreach a thabhairt do mhonaróirí na ceanglais a chomhlíonadh agus trealamh braite miotail á tháirgeadh amach anseo. Dá bhrí sin, sa dhoiciméad soláthair le haghaidh an trealaimh braite miotail a bheadh le húsáid chun bagairtí slándála a bhrath i limistéir phoiblí, ba cheart do na Ballstáit a cheangal go n-áiritheodh na tairgeoirí sa tairiscint an doiciméadacht faoin táirge agus an dearbhú comhréireachta bunaithe ar mhodheolaíocht an mhonaróra féin chun comhréireacht an trealaimh braite miotail leis na ceanglais feidhmíochta dheonacha sa Mholadh seo a léiriú.

(10)

Féadfaidh úsáid trealamh braite miotail i limistéir phoiblí dúshláin a chruthú ó thaobh na gceart maidir le príobháideachais agus sonraí pearsanta a chosaint. Maidir le gach gníomhaíocht a bhaineann le húsáid den sórt sin, lena n-áirítear soláthar agus oibriú an trealaimh agus aon ghníomhaíocht phróiseála ina dhiaidh sin, tá sé ríthábhachtach srian a chur leis an gcunóracht a mhéid is féidir agus, i gcás ar bith, gníomhú i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Treoir 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(11)

Agus na forbairtí teicneolaíocha ábhartha i réimse bhrath na mbagairtí slándála go háirithe á gcur san áireamh, ba cheart na ceanglais feidhmíochta dheonacha le haghaidh trealamh braite miotail a bheith faoi réir athbhreithnithe agus coigeartuithe i gcás inar gá. Dá bhrí sin, le cúnamh ón meitheal theicniúil um cheanglais feidhmíochta bhraite, leanfaidh an Coimisiún forbairtí teicneolaíocha agus forbairtí ábhartha eile go dlúth agus déanfaidh sé measúnú tráthrialta ar an ngá le coigeartuithe ar an Moladh seo.

(12)

Ar mhaithe le héifeachtacht agus trédhearcacht agus, go háirithe, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na bagairtí slándála a shainaithnítear a luaithe is féidir, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun éifeacht a thabhairt don Mholadh seo agus chun tuarascáil faoina mbearta cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thréimhse ama réasúnta.

(13)

Ar bhonn na dtuarascálacha sin agus aon fhaisnéis ábhartha eile, tar éis tréimhse ama oiriúnach, ba cheart measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ar éifeacht a thabhairt don Mholadh seo, d’fhonn, inter alia, measúnú a dhéanamh an gá gníomhartha dlí de chuid an Aontais a bhfuil brí cheangailteach leo a thabhairt isteach ar an ábhar seo,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

1.

Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘trealamh braite miotail’ gairis ar brathadóirí miotail láimhe nó brathadóirí miotail siúl tríd iad atá ceaptha chun a bhrath an bhfuil miotail nó ítimí ar dhaoine mar chuid de rialuithe slándála fisiceacha chun réada ar díol spéise iad a bhrath a d’fhéadfaí a úsáid chun bagairtí slándála a dhéanamh, amhail gairis phléascacha, airm thine agus réada a bhfuil faobhar orthu;

(b)

ciallaíonn ‘ceanglais feidhmíochta braite miotail’ na sonraíochtaí teicniúla is gá do threalamh braite miotail a chomhlíonadh, go háirithe maidir leis na torthaí atá le baint amach agus é á oibriú;

(c)

ciallaíonn ‘doiciméadacht faoin táirge’ an doiciméadacht a sholáthraítear ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach nó an dá rud, doiciméadacht ina bhfuil faisnéis faoi na ceanglais feidhmíochta braite miotail;

(d)

ciallaíonn ‘limistéir phoiblí’ aon áit fhisiciúil ar a bhfuil rochtain ag an bpobal, gan beann ar choinníollacha áirithe maidir le rochtain a bheith i bhfeidhm;

(e)

ciallaíonn ‘féindearbhú comhréireachta’ dearbhú comhréireachta leis na ceanglais feidhmíochta braite miotail a eisíonn an monaróir bunaithe ar mhodheolaíocht an mhonaróra féin;

2.

Ba cheart do na Ballstáit a cheangal sa dhoiciméad soláthair le haghaidh trealamh braite miotail atá le húsáid chun bagairtí slándála a bhrath i limistéir phoiblí, seachas i réimse na heitlíochta, go n-áiritheodh an tairgeoir sa tairiscint an doiciméadacht faoin táirge a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn.

3.

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann an trealamh braite miotail a sholáthraíonn siad chun bagairtí slándála a bhrath i limistéir phoiblí na ceanglais feidhmíochta braite miotail a leagtar amach i Roinn 3 den Iarscríbhinn, seachas nuair atá trealamh den sórt sin á sholáthar le húsáid i réimse na heitlíochta sibhialta.

4.

Ba cheart do na Ballstáit a cheangal sa dhoiciméad soláthair le haghaidh trealamh braite miotail atá le húsáid chun bagairtí slándála a bhrath i limistéir phoiblí go n-áiritheodh an tairgeoir sa tairiscint dearbhú comhréireachta leis na ceanglais feidhmíochta, dearbhú a eisíonn an monaróir, bunaithe ar mhodheolaíocht an mhonaróra féin.

5.

Faoin 10 Bealtaine 2024, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun éifeacht a thabhairt don Mholadh seo.

6.

Faoin 10 Bealtaine 2024, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún maidir lena mbearta cur chun feidhme.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Ylva JOHANSSON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún lena leagtar síos bearta mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann maidir leis an tslándáil eitlíochta ina bhfuil faisnéis, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Clár Oibre Frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach: Réamh-mheas, Cosc, Cosaint agus Freagairt, (COM(2020) 795 final).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (‘An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí’) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)

(4)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89)


IARSCRÍBHINN

Ceanglais maidir le doiciméadacht faoin táirge agus feidhmíocht trealaimh bhraite miotail

Roinn 1: Sainmhínithe

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘feiste leighis sho-ionphlandaithe ghníomhach’ (FLSIG) feistí leighis a chumhachtaítear le leictreachas is féidir a ionphlandú, a chaitheamh, nó an dá rud, agus a úsáideann ciorcadra leictreonach go hiondúil, le haghaidh fhaireachán fiseolaíoch an duine nó chun cóir leighis nó teiripe a chur ar fáil, amhail drugaí nó spreagadh leictreach;

(2)

ciallaíonn ‘coincheap na n-oibríochtaí’ (CONOPS) doiciméad ina dtugtar tuairisc ar shaintréithe an trealaimh agus ar an nós imeachta nó na nósanna imeachta chun an trealamh a oibriú i gceart;

(3)

ciallaíonn ‘plána brathadóra’ plána (dromchla déthoiseach) samhailteach a théann trí lár limistéar braiteora an bhrathadóra miotail láimhe nó an gheata miotalbhraite atá comhthreomhar le plána eilimint braite an bhrathadóra miotail láimhe nó le tairseach an gheata miotalbhraite, agus a dhéroinneann an limistéar braiteora ina dhá leath shiméadracha.

(4)

ciallaíonn ‘nós imeachta dífheistithe’ nós imeachta lena rialaítear an cleachtas inar gá na rudaí a iompraíonn daoine leo, lena n-áirítear réada móra amhail sparáin, málaí, málaí droma agus cineálacha eile bagáiste, agus réada beaga araon amhail uaireadóirí, spéaclaí, criosanna agus seodra, a bhaint agus a iniúchadh ar leithligh, mar shampla trí x-ghathanna;

(5)

ciallaíonn ‘brathadóir miotail láimhe (HHMD)’ píosa trealaimh braite miotail iniompartha atá ceaptha a bheith i ngreim láimhe an duine atá á oibriú, in aon lámh amháin go hiondúil;

(6)

ciallaíonn ‘gaireas pléascach seiftithe (IED)’ buama nó gaireas pléasctha comhchosúil a dhéantar nó a úsáidtear ar bhealaí atá éagsúil ón ngáthghníomhaíocht mhíleata;

(7)

ciallaíonn ‘plána tomhais’ plána (dromchla déthoiseach) samhailteach ar a ndéantar an brathadóir miotail láimhe nó an geata miotalbhraite a thástáil, plána atá comhthreomhar le plána an bhrathadóra agus a ndéantar tagairt dó ó phlána an bhrathadóra;

(8)

ciallaíonn ‘ráta rabhaidh núise (NAR)’ an ráta bréagrabhaidh, is é sin, an ráta rabhaidh ar ítimí miotail neafaiseacha a ríomhadh thar an líon daoine a chuaigh trí limistéar braite geata miotalbhraite;

(9)

ciallaíonn ‘ráta tréchuir’ an t-uaslíon daoine agus a n-ítimí ar féidir scagadh a dhéanamh orthu in aghaidh an aonaid ama, uair an chloig go hiondúil, agus an brathadóir fós a bheith in ann rabhadh a thabhairt maidir le haon réad miotail atá den mhéid chuí de réir an chaighdeáin slándála atá leagtha síos;

(10)

ciallaíonn ‘réad tástála’ réad a úsáidtear chun tástáil a dhéanamh ar fheidhmíocht brathadóra miotail láimhe nó geata miotalbhraite, lena n-insamhlaítear na hairíonna leictreamaighnéadacha atá ag gabháil le réad ar díol spéise é a d’fhéadfaí a bheith ina bhagairt slándála, amhail arm nó aon ítim is féidir a úsáid chun gairis slándála a neodrú;

(11)

ciallaíonn ‘caighdeán slándála’ caighdeán lena sainmhínítear an tacar bagairtí slándála is gá a bhrath, agus tá na spriocanna bagartha tagartha ionadaíoch ar an tacar;

(12)

ciallaíonn ‘geata miotalbhraite (WTMD)’ píosa trealaimh braite miotail seasta, atá suite go buan go hiondúil i suíomh ar leith agus atá tógtha i bhfoirm áirse;

(13)

ciallaíonn ‘trasnaíocht mheicniúil’ an éifeacht ar fheidhmíocht trealaimh braite miotail mar thoradh ar struchtúir nó réada miotail cóngaracha atá seasta nó a bhogann;

(14)

ciallaíonn ‘Caighdeán NIJ 0601.02’ Caighdeán 0601.02 na hInstitiúide Náisiúnta Dlí agus Cirt arna fhoilsiú in Walk-Through Metal Detectors for Use in Concealed Weapon and Contraband Detection - NIJ Standard 0601.02 le Nicholas G. Paulter Jr., Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe, Oifig na gClár Dlí agus Cirt, an Institiúid Náisiúnta Dlí agus Cirt, 2003;

(15)

ciallaíonn ‘Caighdeán NIJ 0602.02’ Caighdeán 0602.02 na hInstitiúide Náisiúnta Dlí agus Cirt arna fhoilsiú in Hand-Held Metal Detectors for Use in Concealed Weapon and Contraband Detection - NIJ Standard 0602.02 le Nicholas G. Paulter Jr., Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe, Oifig na gClár Dlí agus Cirt, an Institiúid Náisiúnta Dlí agus Cirt, 2003;

Roinn 2: Doiciméadacht faoin Táirge

Ba cheart don doiciméadacht faoin táirge na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh, ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le brathadóirí miotail láimhe (HHMD) agus geataí miotalbhraite (WTMD) mura sonraítear a mhalairt:

2.1   Toisí fisiceacha an trealaimh bhraite miotail

Ba cheart toise foriomlán an HHMD a shloinneadh mar fhad (F) x leithead (L) x airde (A) i milliméadair (mm).

Ba cheart toise foriomlán phasáiste inmheánach an WTMD agus toise foriomlán seachtrach an WTMD a shloinneadh mar fhad (F) x leithead (L) x airde (A) i milliméadair (mm).

2.2   Meáchan an trealaimh bhraite miotail

Ba cheart meáchan foriomlán an HHMD (lena n-áirítear an ceallra) agus an WTMD a shloinneadh i ngraim (g) agus i gcileagraim (kg) faoi seach.

2.3   Soláthar cumhachta

I gcás inarb infheidhme, ba cheart a áireamh sa tásc ar sholáthar cumhachta faisnéis faoi voltas srutha ailtéarnaigh (VAC), minicíocht (Hz), sruth in aimpéir (A), agus cumhacht i vatanna (W).

Ba cheart an lamháltas a shloinneadh i bpointí céatadáin (%).

2.4   Ceallra

Ba cheart a chur in iúl má áirítear soláthar cumhachta cúltaca (i.e. ceallra) don WTMD. Má áirítear, ba cheart saolré an cheallra a shloinneadh in uaireanta (h).

Ba cheart táscaire leibhéil ísil ceallra a bheith ar an HHMD. Ba cheart saolré an cheallra a shloinneadh in uaireanta (h);

2.5   Rátáil IP

Ba cheart an rátáil Cosanta Iontrála (IP) de réir EN 60529 a thuairisciú.

2.6   Timpeallacht oibriúcháin

Ba cheart an teocht oibriúcháin a shloinneadh i gcéimeanna Celsius (°C).

Ba cheart an teocht stórála a shloinneadh i gcéimeanna Celsius (°C).

Ba cheart an taise a shloinneadh i raon i bpointí céatadáin (neamh-chomhdhlúthúcháin).

Ba cheart faisnéis a sholáthar maidir leis na bearta is gá chun trasnaíocht leictreamaighnéadach dhíobhálach a sheachaint, amhail an fad idir aonaid i méadair (m) atá molta.

2.7   Rabhaí limistéir/suímh (do WTMD)

Ba cheart faisnéis maidir leis an líon limistéar braite agus a suíomh faoi thairseach an WTMD a sholáthar mar chuid den doiciméadacht faoin táirge.

2.8   Ceanglais maidir le marcáil CE

Ba cheart faisnéis a bheith sa doiciméadacht faoin táirge a léiríonn go gcomhlíonann an trealamh braite miotail na ceanglais AE maidir le marcáil CE. Tá sé de fhreagracht ar mhonaróirí a chinneadh cé na rialacha is infheidhme dá dtáirgí féin. Ar na forálacha ábhartha, tá, mar shampla:

(a)

Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1);

(b)

Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (2);

(c)

Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (3);

(d)

Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (4).

2.9   Ceanglais sábháilteachta ghinearálta

Ba cheart faisnéis a bheith sa doiciméadacht faoin táirge a léiríonn go gcomhlíontar na caighdeáin agus na noirm thagartha agus lena n-áirithítear gur féidir an trealamh braite miotail a úsáid go sábháilte, do na daoine a bhfuil scagadh á dhéanamh orthu agus do na daoine atá ag oibriú an trealaimh araon. Áirítear na cinn seo a leanas ar na caighdeáin agus na noirm thagartha sin, sa leagan formheasta is déanaí díobh:

(a)

Caighdeáin le haghaidh feistí leighis so-ionphlandaithe gníomhacha (FLSIG)

EN 50527-1: Nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar nochtadh na n-oibrithe a bhfuil feistí leighis so-ionphlandaithe gníomhacha ar iompar acu do réimsí leictreamaighnéadacha – Cuid 1: Ginearálta

EN 50527-2-x: Nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar nochtadh na n-oibrithe a bhfuil feistí leighis so-ionphlandaithe gníomhacha ar iompar acu do réimsí leictreamaighnéadacha

Cuid 2.1: Measúnú sonrach le haghaidh oibrithe a bhfuil séadairí cairdiacha acu

Cuid 2.2: Measúnú sonrach le haghaidh oibrithe a bhfuil dífhibrileoirí cardaithiontaire (ICDanna) acu

Cuid 2.3: Measúnú sonrach le haghaidh oibrithe a bhfuil néaraspreagthóirí so-ionphlandaithe acu

EN ISO 14708-X: Ionphlanduithe don mháinliacht – Feistí leighis so-ionphlandaithe gníomhacha

Cuid 2: Séadairí cairdiacha

Cuid 3: Néaraspreagthóirí so-ionphlandaithe

Cuid 4: Caidéil insilte sho-ionphlandaithe

Cuid 5: Feistí tacaíochta imshruthaithe

Cuid 6: Ceanglais ar leith maidir le feistí leighis so-ionphlandaithe gníomhacha atá ceaptha chun an taicineamhrithimeacht a chóireáil (lena n-áirítear dífhibrileoirí so-ionphlandaithe)

Cuid 7: Ceanglais ar leith maidir le córais ionphlandaithe cochla agus stoic inchinne fuaime

(b)

Caighdeáin maidir le nochtadh an duine:

EN 50364: Caighdeán táirge maidir le nochtadh an duine do réimsí leictreamaighnéadacha ó fheistí a oibríonn sa raon minicíochta 0 Hz go dtí 300 GHz, a úsáidtear san Fhaireachas Leictreonach Earraí (EAS), sa tSainaithint Radaimhinicíochta (RFID) agus in úsáidí gaolmhara

Moladh 1999/519/CE ón gComhairle an 12 Iúil 1999 maidir leis an teorannú ar nochtadh an phobail i gcoitinne do réimsí leictreamaighnéadacha (0 Hz go dtí 300 GHz)

Treoir 2013/35/AE maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (réimsí leictreamaighnéadacha);

2.10   Coincheap na n-oibríochtaí

Ba cheart coincheap na n-oibríochtaí (CONOPS) a sholáthar mar chuid den doiciméadacht faoin táirge. Má bhaineann CONOPS difriúla le caighdeáin slándála difriúla, ba cheart an méid sin a chur in iúl go soiléir.

Roinn 3: Ceanglais feidhmíochta maidir le brath miotail

Ba cheart don trealamh braite miotail na ceanglais feidhmíochta maidir le brath miotail seo a leanas a chomhlíonadh:

3.1   Caighdeáin slándála

Ba cheart an trealamh braite miotail a shocrú i ndáil leis na caighdeáin slándála iomchuí as na cúig chaighdeán seo a leanas:

3.1.1   Caighdeán 1 (do WTMD)

Tá an caighdeán seo ceaptha le húsáid i gcás inar gá airm chontúirteacha a bhrath ach ina bhfuil gá le tréchur ard agus rátaí ísle i leith rabhaidh núise. I measc na n-úsáidí tá an t-olliompar agus limistéir mhóra tionóil.

I measc na spriocanna bagartha a bhaineann leis an gcatagóir seo ba cheart na cinn seo a leanas a áireamh: raidhfilí uathoibríocha, meaisínghunnaí agus IEDanna brúbhruthaire, amhail raidhfilí ionsaithe (bíodh piléarlann iontu nó ná bíodh), AK47, Beretta M12, Colt AR-15, feireadh buama píopa (80 x 300) mm, agus IED brúbhruthaire cruach dosmálta agus alúmanaim ceithre lítear, agus réada den mhéid chéanna.

Ba cheart réada tástála lena n-insamhlaítear réada an-mhór ar díol spéise iad a úsáid don chatagóir seo. Níor cheart go mbeadh nósanna imeachta dífheistithe ag teastáil agus d’fhéadfaí cásanna taistil, málaí nó málaí droma a iompar.

3.1.2   Caighdeán 2 (do WTMD)

Na spriocanna bagartha a bhaineann leis an gcatagóir seo, ba cheart gunnaí láimhe meánmhéide (e.g. Glock 17) agus réada den mhéid chéanna a bheith i gceist.

Is réada tástála lena n-insamhlaítear réada an-mhór ar díol spéise iad ba cheart a úsáid don chatagóir seo, lena n-áirítear gunnaí láimhe lánmhéide mar a thugtar tuairisc orthu i roinn 4.6, leibhéal slándála 2, triailphíosa AM7, de chaighdeán na hInstitiúide Náisiúnta um Fhorfheidhmiú Dlí agus Ceartas Cóiriúil (NILECJ) maidir le ‘geata miotalbhraite atá le húsáid chun airm a bhrath,’ (NILECJ-STD-0601.00).

Níor cheart go mbeadh nósanna imeachta dífheistithe ag teastáil agus d’fhéadfaí málaí beaga nó málaí droma a iompar.

3.1.3   Caighdeán 3

Na spriocanna bagartha a bhaineann leis an gcatagóir seo, ba cheart gunnaí láimhe beaga, idir airm thine dhlútha agus airm thine phóca, agus réada den mhéid chéanna a bheith i gceist.

Is réada tástála lena n-insamhlaítear réada meánmhéide ar díol spéise iad ba cheart a úsáid don chatagóir seo, lena n-áirítear gunnaí láimhe a dhéantar as miotal fearómaighnéadach nó neamh-fhearómaighnéadach mar a thugtar tuairisc orthu i roinn 5.1 de Chaighdeán NIJ 0601.02 nó i gCaighdeán NIJ 0602.02. Áirítear macasamhla agus líníochtaí meicniúla i gCaighdeán NIJ 0601.02 agus i gCaighdeán NIJ 0602.02.

Ba cheart nósanna imeachta dífheistithe a bheith ag teastáil. Ba cheart gach ítim miotail a dhífheistiú seachas sparáin, uaireadóirí, criosanna, bróga agus seodra beaga.

3.1.4   Caighdeán 4

Na spriocanna bagartha a bhaineann leis an gcatagóir seo, ba ceart ceana ar faide ná 7.5 cm a lanna agus réada den mhéid chéanna a bheith i gceist.

Is réada tástála lena n-insamhlaítear réada beaga ar díol spéise iad ba cheart a úsáid don chatagóir seo, lena n-áirítear sceana ar faide ná 7.5 cm a lanna a dhéantar as miotal fearómaighnéadach nó neamh-fhearómaighnéadach mar a thugtar tuairisc orthu i roinn 5.2 de Chaighdeán NIJ 0601.02 nó i gCaighdeán NIJ 0602.02. Áirítear macasamhla agus líníochtaí meicniúla i gCaighdeán NIJ 0601.02 agus i gCaighdeán NIJ 0602.02.

Ba cheart nósanna imeachta dífheistithe a bheith ag teastáil. Ba cheart gach ítim miotail a dhífheistiú seachas uaireadóirí beaga, agus criosanna beaga.

3.1.5   Caighdeán 5

Na hítimí bagartha a bhaineann leis an gcatagóir seo, ba cheart gur airm beaga atá iontu agus ba cheart a áireamh leo, mar shampla, sceana cruach dosmálta, eochracha glais lámh, béalmhír scriúire, urchar de chalabra beag agus réada den mhéid chéanna.

Is réada tástála lena n-insamhlaítear réada an-bheag ba cheart a úsáid don chatagóir seo, lena n-áirítear airm bheaga i bhfolach ar dhuine a dhéantar as miotal fearómaighnéadach nó neamh-fhearómaighnéadach mar a thugtar tuairisc air i roinn 5.3 de Chaighdeán NIJ 0601.02 nó i gCaighdeán NIJ 0602.02. Áirítear macasamhla agus líníochtaí meicniúla i gCaighdeán NIJ 0601.02 agus i gCaighdeán NIJ 0602.02.

Ba cheart nósanna imeachta dífheistithe a bheith ag teastáil. Ba cheart gach ítim miotail a dhífheistiú.

3.2   Íogaireacht bhraite

Ba cheart don trealamh braite miotail réada ar díol spéise iad a bhrath a d’fhéadfaí a úsáid chun bagairtí slándála a dhéanamh, réada atá ar iompar ag duine nó i mála a chaitear, a iompraítear, nó a tharraingítear, gan beann ar a dtreoshuíomh, a gconair agus idirthuras, nó a luas gluaiste.

D’fhéadfadh íogaireacht bhraite an trealaimh sin a bheith éagsúil ag brath ar an gcaighdeán a chomhlíonann an trealamh a dtugtar tuairisc air i roinn 3.1 den Iarscríbhinn seo. Le caighdeán 1 éilítear trealamh leis an íogaireacht is lú, ach le caighdeán 5 éilítear trealamh leis an íogaireacht is mó.

3.2.1   Treoshuíomh agus luas gluaiste (do HHMD)

Ba cheart don HHMD an réad tástála a bhrath atá ionadaíoch ar chaighdeán slándála ar leith suite sa phlána tomhais iomchuí nó sna plánaí tomhais iomchuí do gach treoshuíomh a cheadaítear tríd an mbrathadóir a bhogadh ar luas idir 0.05 agus 2.0 m/s, mar a thugtar tuairisc air i gCaighdeán NIJ–0602.02.

3.2.2   Treoshuíomh, conair agus luas gluaiste (do WTMD)

Tugtar tuairisc ar an tacar íosta treoshuíomhanna ortagánacha ba cheart a úsáid chun íogaireacht WTMD a thástáil san fhoilseachán ó ASTM International dar teideal ‘Standard Practice for Performance Evaluation of In-Plant Walk-Through Metal Detectors’ [Gnáthchleachtas chun Measúnú a dhéanamh ar Fheidhmíocht Geataí Miotalbhraite i nGléasra] C1309 – 97 (2021).

Ba cheart don WTMD an réad tástála a bhrath atá ionadaíoch ar chaighdeán slándála ar leith ag suíomhanna conaire áirithe mar a thugtar tuairisc air i gCaighdeán NIJ–0601.02.

Na suíomhanna go léir nach dtéann an réad tástála go hiomlán leis an tairseach brathadóra nó atá ina gcúis le haon chuid den réad tástála airde uasta na limistéar braite a shárú, mar gheall ar a mhéid agus a threoshuíomh, ba cheart na suíomhanna sin a scipeáil.

Ba cheart an gnáthluas coisithe (0.5 m/s – 1.3 m/s) a úsáid mar mheánluas iompair an réada tástála agus tástáil á déanamh air.

3.3   In-atrialltacht

Ba cheart in-atrialltacht bhraite a áirithiú le córas cáilíochta an mhonaróra agus trí aonaid éagsúla trealaimh bhraite miotail a thástáil i bhfo-thacar suíomhanna.

3.4   Idirdhealú miotail (de WTMD)

Ba cheart a cheangal le ceanglais idirdhealaithe miotail do WTMD go dtugann an WTMD rabhadh maidir le réad iomchuí agus ní maidir le réad neamhurchóideach. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an idirdhealú trí thástáil a dhéanamh ar an WTMD i bhfíorthimpeallacht ach a mbeidh na feidhmíochtaí braite bailíochtaithe don chaighdeán slándála sonrach. Ba cheart nósanna imeachta dífheistithe iomchuí a bheith ag teastáil de réir an chaighdeáin slándála faoi mheastóireacht. Chun measúnú a dhéanamh ar an idirdhealú, ba cheart an cóimheas rabhadh/idirthurais iomlána ar líon daoine a théann tríd an WTMD a chomhaireamh. Ba cheart ar a laghad míle duine a bheith ag teastáil don suirbhé staidrimh sin.

3.5   Ráta rabhaidh tréchuir agus rabhaidh núise (do WTMD)

Ba cheart gur ísle ná 2 shoicind a bheadh am scagtha an WTMD. Ba cheart an ráta rabhaidh núise a bheith faoi bhun 5 % de réir na nósanna imeachta dífheistithe a dtugtar tuairisc orthu i roinn 3.1 den Iarscríbhinn seo.

3.6   Trasnaíocht mheicniúil

Níor cheart don bhrathadóir rabhadh a thabhairt nuair a dhéantar é a choigeartú chun an réad tástála den mhéid chuí a aimsiú.

3.7   Trasnaíocht ó roinnt réada miotail (do WTDM)

Do WTMD, má tá réada miotail ann seachas na spriocanna bagartha a dtugtar tuairisc orthu sa chaighdeán slándála roghnaithe, níor cheart dó sin cur isteach ar bhrath ítime bagartha agus é ag dul tríd an tairseach.

3.8   Rabhaidh shochloiste agus amhairc

Ba cheart rabhadh sochloiste agus amhairc a bheith ag gabháil leis an trealamh braite miotail. Ba cheart an rabhadh sochloiste a bheith le brath ag raon 1 mhéadar i gcás HHMD agus ag raon 2 mhéadar i gcás WTMD. Ba cheart do tháscaire amhairc a léiriú go bhfuil an HHDM ar obair agus maidir leis an WTMD ba cheart dó neart an chomhartha a bhraitear a léiriú.


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  IO L 153, 22.5.2014, lch. 62.

(3)  IO L 96, 29.3.2014, lch. 79.

(4)  IO L 96, 29.3.2014, lch. 357.