|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 178 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
13.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 178/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1446 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Iúil 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, cairbíd chailciam, ciamocsainil, dódamorf, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, floiniocaimíd (IKI-220), aigéad gibriline, gibriliní, halasulfúrón-meitil, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd mhaignéisiam, maltaideistrin, meitimíotrón, olaí planda/ola clóibh, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, comhdhúile pireatraim, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Liostaítear na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, cairbíd chailciam, ciamocsainil, dódamorf, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, floiniocaimíd (IKI-220), aigéad gibriline, gibriliní, halasulfúrón-meitil, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd mhaignéisiam, maltaideistrin, meitimíotrón, olaí planda/ola clóibh, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, comhdhúile pireatraim, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2). |
|
(2) |
De réir Airteagal 78(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE (3), meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011. Liostaítear substaintí gníomhacha atá formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gCuid B den Iarscríbhinn sin. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/708 ón gCoimisiún (4) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, cairbíd chailciam, ciamocsainil, dódamorf, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, aigéad gibriline, gibriliní, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd mhaignéisiam, meitimíotrón, olaí planda/ola clóibh, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, comhdhúile pireatraim, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré go dtí an 31 Lúnasa 2023. |
|
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2069 ón gCoimisiún (5), cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí floiniocaimíd (IKI-220) go dtí an 31 Lúnasa 2023. |
|
(5) |
Tá formheas na substainte gníomhaí halasulfúrón-meitil le dul in éag an 30 Meán Fómhair 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 356/2013 ón gCoimisiún (6). |
|
(6) |
Tá formheas na substainte gníomhaí maltaideistrin le dul in éag an 30 Meán Fómhair 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 355/2013 ón gCoimisiún (7). |
|
(7) |
Cuireadh isteach iarratais agus sainchomhaid fhorlíontacha chun formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (8), Rialachán a bhfuil feidhm go fóill aige maidir leis na substaintí gníomhacha sin de bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (9). Dhearbhaigh na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann iad a bheith inghlactha. |
|
(8) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, foisfíd alúmanaim, cairbíd chailciam, dódamorf, eitiléin, úsc as crann tae, floiniocaimíd (IKI-220), sulfáit iarainn, foisfíd mhaignéisiam, maltaideistrin, meitimíotrón, olaí planda/ola clóibh, olaí planda/ola cartlainne garraí, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré, níl an measúnú riosca a rinne na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann de bhun Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 tugtha chun críche go fóill. |
|
(9) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha halasulfúrón-meitil, próitéiní hidrealaithe agus comhdhúile pireatraim, beidh gá le breis ama ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) chun conclúid a ghlacadh agus, i gcás inarb iomchuí, chun comhairliúchán le saineolaithe a eagrú. Thairis sin, tá gá le breis ama chun an cinneadh maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin a ghlacadh. |
|
(10) |
Maidir leis an tsubstaint ghníomhach ciamocsainil, d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise de bhun Airteagal 13(3a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 chun measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus i bpointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus an 17 Meitheamh 2024 mar spriocdháta aige. |
|
(11) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha aigéad gibriline agus gibriliní, d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise de bhun Airteagal 13(3a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 chun measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus i bpointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus chuir na hiarratasóirí isteach í laistigh den spriocdháta a leagadh síos. Mar sin féin, tá gá le breis ama chun meastóireacht a dhéanamh uirthi agus chun an chonclúid ghaolmhar a ghlacadh agus chun an cinneadh maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin a ghlacadh. |
|
(12) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim agus iarmhair ó dhriogadh saille, tá a chonclúid uaidh curtha isteach ag an Údarás. Thionscain an Coimisiún pléití ar na substaintí gníomhacha sin ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
|
(13) |
A mhéid a bhaineann le formheas na substaintí gníomhacha aigéid shailleacha C7 go C20 (go háirithe aigéad peileargónach) agus olaí plandaí/ola ráibe, chuir an Coimisiún an tuarascáil athnuachana agus dréacht-Rialachán lena n-athnuaitear a bhformheas faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. Go dtí go bhfaighfear tuairim ón gCoiste sin maidir leis na dréacht-Rialacháin, tá gá le breis ama chun an cinneadh maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin a ghlacadh. |
|
(14) |
Ós rud é gur dócha nach bhféadfar aon chinneadh a dhéanamh maidir le formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan sula rachaidh a dtréimhsí formheasa in éag an 31 Lúnasa 2023 agus an 30 Meán Fómhair 2023, faoi seach, agus nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí lena mbaineann ar na cúiseanna atá leis na moilleanna ar na nósanna imeachta athnuachana, ba cheart síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha chun gur féidir na measúnuithe a cheanglaítear a chur i gcrích agus chun bailchríoch a chur ar na nósanna imeachta cinnteoireachta rialála maidir leis na hiarratais ar fhormheas lena mbaineann a athnuachan. |
|
(15) |
Ós rud é nach bhfuil an measúnú riosca a rinne na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann tugtha chun críche go fóill, agus i bhfianaise an ama eile is gá chun gach nós imeachta athnuachana eile lena mbaineann a chur i gcrích, i gcás na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, foisfíd alúmanaim, cairbíd chailciam, dódamorf, eitiléin, floiniocaimíd (IKI-220), sulfáit iarainn, foisfíd mhaignéisiam, meitimíotrón, sulcaitrí-ón agus úiré ba cheart tréimhse 39 mí de shíneadh a shocrú, i gcás na substaintí gníomhacha úsc as crann tae, maltaideistrin, olaí planda/ola clóibh agus olaí planda/ola cartlainne garraí ba cheart tréimhse 29 mí de shíneadh a shocrú, agus i gcás na substainte gníomhaí teabúconasól ba cheart tréimhse 35,5 mí de shíneadh a shocrú. |
|
(16) |
Ós rud é go bhfuil gá ag an Údarás le breis ama chun conclúid a ghlacadh agus, i gcás inarb iomchuí, chun comhairliúchán le saineolaithe a eagrú, i gcás na substaintí gníomhacha próitéiní hidrealaithe agus comhdhúile pireatraim, ba cheart tréimhse 19,5 mí agus 33,5 mí de shíneadh a shocrú, faoi seach. Go háirithe, nuair a d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise chun measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus i bpointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, socraítear tréimhse 35,5 mí de shíneadh i gcás na substainte ghníomhaí ciamocsainil, agus ós rud é gur gá breis ama chun meastóireacht a dhéanamh, ba cheart tréimhse 22,5 mí de shíneadh a shocrú i gcás na substaintí gníomhacha aigéad gibriline agus gibriliní. |
|
(17) |
Faoi phointe 3.6.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ní fhormheasfar substaint ghníomhach ach amháin mura n-aicmítear í ná mura bhfuil sí le haicmiú i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), mar shubstaint thocsaineach le haghaidh an atáirgthe de chatagóir 1B, mura mbeidh teagmháil an duine leis an tsubstaint ghníomhach sin i dtáirge cosanta plandaí, faoi choinníollacha réalaíocha úsáide a bheartaítear, diomaibhseach. Mar a fhoráiltear le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, leis an measúnú ar an tsubstaint ghníomhach suífear ar dtús an bhfuil na critéir formheasa a leagtar amach i bpointí 3.6.2 go 3.6.4 agus i bpointe 3.7 d’Iarscríbhinn II á gcomhlíonadh. I bhfianaise Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/217 ón gCoimisiún (11), lena leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, lena n-aicmítear halasulfúrón-meitil mar shubstaint thocsaineach le haghaidh an atáirgthe de chatagóir 1B, ba cheart tréimhse 18 mí de shíneadh a shocrú le haghaidh na substainte gníomhaí. |
|
(18) |
Ós rud é go bhfuil tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ar feitheamh, ba cheart tréimhse 15,5 mí de shíneadh a shocrú i gcás na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20 agus olaí plandaí/ola ráibe. |
|
(19) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(20) |
I gcás ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta a leagfaidh an Coimisiún síos mar dháta éaga an dáta céanna a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. Maidir le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar maidir le hathnuachan formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a leagan síos, de réir mar is iomchuí sna himthosca. |
|
(21) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/708 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, aclóinífein, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimíd, beintiavalacarb, boscailid, cairbíd chailciam, captán, ciamocsainil, démheatomorf, dódamorf, eiteafón, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd mhaignéisiam, meatam, meitimíotrón, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola clóibh, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, própamacarb, prócuineaisíd, próitiaconasól, comhdhúile pireatraim, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, Fearamóin Léipidipteire Slabhra Dhírigh, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré (IO L 133, 10.5.2022, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2069 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha floiniocaimíd (IKI-220), meatalacsail, peanocsulam agus prócuineaisíd (IO L 295, 14.11.2017, lch. 51).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 356/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach halasulfúrón-meitil, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 109, 19.4.2013, lch. 18).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 355/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach maltaideistrin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 109, 19.4.2013, lch. 14).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/217 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear, chun é a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán agus lena gceartaítear an Rialachán sin (IO L 44, 18.2.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 mar a leanas:
|
1. |
Leasaítear Cuid I mar a leanas:
|
|
2. |
Leasaítear Cuid B mar a leanas:
|
|
13.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 178/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1447 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Iúil 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Bacillus pumilus QST 2808 agus peanfluifein
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí gníomhacha a fhormheastar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún (3), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí Bacillus pumilus QST 2808 ón 31 Lúnasa 2024 go dtí an 31 Lúnasa 2025 agus le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí peanfluifein ón 31 Eanáir 2024 go dtí an 31 Bealtaine 2025, chun dáileadh cothrom freagrachtaí agus oibre a áirithiú i measc na mBallstát a bhíonn ag gníomhú mar rapóirtéir agus mar chomhrapóirtéir, agus na hacmhainní is gá don mheasúnú ar an athnuachan agus don chinnteoireacht á gcur san áireamh. |
|
(3) |
Níor cuireadh isteach aon iarratas chun formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (4). |
|
(4) |
An síneadh ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Bacillus pumilus QST 2808 agus peanfluifein, dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007, níl údar leis a thuilleadh. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh go rachaidh formheas na substaintí sin in éag ar an dáta a rachadh sé in éag gan an síneadh a chur leis. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Iúil 2023
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacánól, 1,4-démheitiolnaftailéin, 6-beinsioladainín, aicéacuinicil, Adoxophyes orana granulovirus, sulfáit alúmanaim, aimíosulbróm, Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), asadaraictin, Bacillus pumilus QST 2808, beanalacsail-M, bicsifein, búipireamáit, Candida oleophila tréithchineál O, clórantrainileapról, fosfónáit déshóidiam, déthianón, dóidín, eimimeictin, fluibeindé-aimíd, fluaimeatúrón, flucsaipiorocsad, flutríafól, heicsitiasocs, iomasamocs, iopconasól, iosocsaibein, aigéad L-ascorbach, sulfar aoil, ola oráiste, Paecilomyces fumosoroseus tréithchineál FE 9901, peindémheatailin, peanfluifein, peintiaipiorad, fosfónáití déshóidiam, prósulfúrón, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pireadailil, pirióifeanón, piorocsulam, cuinmeireac, aigéad S-scoiteach, seadacsán, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, spíonatóram, spiriteitreamat, Streptomyces lydicus tréithchineál WYEC 108, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón, tíoncarbasón, vailifeanaláit, foisfíd since (IO L 414, 9.12.2020, lch. 10).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
|
(1) |
sa séú colún, ‘Dul in éag an fhormheasa’ d’iontráil 55, peanfluifein, cuirtear ‘an 31 Eanáir 2024’ in ionad an dáta |
|
(2) |
sa séú colún, ‘Dul in éag an fhormheasa’ d’iontráil 75, Bacillus pumilus QST 2808, cuirtear ‘an 31 Lúnasa 2024’ in ionad an dáta’. |