ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 166

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
30 Meitheamh 2023


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2023/1321 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2170 a mhéid a bhaineann le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm maidir le táirgí cruach áirithe a aistrítear go Tuaisceart Éireann

1

 

*

Rialachán (AE) 2023/1322 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 maidir le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006

6

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1323 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn

48

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2023/1324 ón gComhairle An 29 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus Rialachán (AE) 2023/194 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige

50

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1325 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (Extremadura (TGFC))

58

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1326 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (Balaton/Balatoni (STFC))

60

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1327 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm Canelli (PDO)

62

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1328 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe

63

 

*

Rialachán (AE) 2023/1329 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid polairicineoláite polaigliocróil (E 476) agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí maidir le gliocról (E 422), eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) agus polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) ( 1 )

66

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1330 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

76

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1331 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe

98

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1332 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 maidir le húdarú na hullmhóide in-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh ag Trichoderma reesei CBS 114044 a athnuachan mar bhreiseán beatha le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin agus bainbh scoite (sealbhóir an údaraithe: Roal Oy) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 902/2009 ( 1 )

102

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1333 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 maidir le hullmhóid in-1,3(4) béite-ghlúcanáise arna táirgeadh ag Aspergillus fijiensis CBS 589.94 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus bainbh scoite (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd., atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.) agus lena leasaítear Rialachán (CE)1811/2005 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004 ( 1 )

106

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1334 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 maidir le húdarú crágaigh copair d’analóg hiodrocsa mheitiainín a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 349/2010 ( 1 )

111

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1335 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

116

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1336 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2023 maidir le bearta ceartaitheacha atá le déanamh ag an mBeilg agus ag Lucsamburg maidir le spriocanna feidhmíochta áirithe le haghaidh an tríú tréimhse thagartha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3852)  ( 1 )

119

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1337 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2023 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C (2023) 4335)  ( 1 )

139

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1338 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2023 maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh táirgí áirithe do leanaí agus táirgí a bhaineann leo de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

162

 

 

MOLTAÍ

 

*

Moladh (AE) 2023/1339 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 maidir le páirt a ghlacadh sa líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda arna bhunú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus maidir le socruithe sealadacha chun taisteal idirnáisiúnta a éascú i bhfianaise dhul in éag Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

177

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1321 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2170 a mhéid a bhaineann le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm maidir le táirgí cruach áirithe a aistrítear go Tuaisceart Éireann

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/2170 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), foráiltear nach bhfuiltear le caitheamh le hearraí a allmhairítear ó lasmuigh den Aontas de bhun chuótaí rátaí taraife an Aontais ar allmhairí nó de bhun cuótaí eile ar allmhairí ach amháin má scaoiltear na hearraí sin i saorchúrsaíocht sna críocha a liostaítear ann. Leis an bhforáil sin, tugtar aghaidh ar na rioscaí d’fheidhmiú cuí mhargadh inmheánach an Aontais agus do shláine an Chomhbheartais Tráchtála a d’eascródh as an bhféidearthacht go ndéanfaí inchéimniú ar chuótaí rátaí taraife an Aontais nó ar chuótaí eile ar allmhairí. Ní áirítear Tuaisceart Éireann ar na críocha a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán sin.

(2)

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (3) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), déantar foráil gur féidir leis an Aontas cuótaí a oscailt maidir le táirgí áirithe de thionscnamh na Ríochta Aontaithe a allmhairiú isteach san Aontas. Ina theannta sin, leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, tugtar an ceart don Aontas taraif-chuótaí nó cuótaí eile ar allmhairí a thabhairt isteach maidir le hallmhairí earraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe faoi imthosca áirithe, lena n-áirítear mar chuid de chur i bhfeidhm beart coimirce iltaobhach i gcomhréir le Comhaontú EDT. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú an bhfuiltear in ann caitheamh le hearraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann faoi na taraif-chuótaí sin nó cuótaí eile ar allmhairí.

(3)

Tá an Ríocht Aontaithe faoi cheangal ag na socruithe a leagtar síos sa Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (‘an Prótacal’) a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (4) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’). Dá bhrí sin, tá difríocht bhunúsach idir an caidreamh dlíthiúil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le hearraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann agus an caidreamh dlíthiúil idir an tAontas agus aon tríú tír eile i leith earraí de thionscnamh tríú tír den sórt sin agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann.

(4)

Chuir an Ríocht Aontaithe fianaise ar fáil lena léirítear, maidir le táirgí áirithe cruach de thionscnamh na Ríochta Aontaithe atá faoi réir bearta coimirce faoi láthair faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún (5) (‘na táirgí lena mbaineann’), gur aistríodh méideanna suntasacha de na hearraí sin chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe. Chun inmharthanacht eacnamaíoch na n-aistrithe sin a áirithiú agus i bhfianaise na n-imthosca sonracha i dTuaisceart Éireann, is iomchuí foráil a dhéanamh go mbainfidh na táirgí lena mbaineann tairbhe as cuótaí rátaí taraife ábhartha an Aontais nuair a scaoiltear i saorchúrsaíocht iad i dTuaisceart Éireann.

(5)

Chun teorainn a chur leis an riosca go ndéanfaí inchéimniú ar chuótaí rátaí taraife an Aontais is infheidhme maidir leis na táirgí a mbaineann allmhairí na dtáirgí céanna de thionscnamh tíortha eile leo, nuair a scaoiltear táirgí den sórt sin i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann, ba cheart na táirgí lena mbaineann a choinsíniú go díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe.

(6)

Thairis sin, gheall an Ríocht Aontaithe na bearta is gá a dhéanamh, i gcomhréir leis an bPrótacal, chun a áirithiú go ndéantar aistrithe na dtáirgí lena mbaineann ina n-úsáidtear cuótaí rátaí taraife an Aontais a áireamh de réir na gcuótaí sin, a luaithe a scaoiltear táirgí den sórt sin i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann, ar an mbealach céanna amhail is dá ndéanfaí na táirgí sin a allmhairiú isteach san Aontas.

(7)

Ós rud é go bhféadfadh an gá atá leis na táirgí lena mbaineann a allmhairiú isteach i dTuaisceart Éireann a bheith éagsúil le himeacht ama, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun coigeartú a dhéanamh ar liosta na dtáirgí lena mbaineann. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (6). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/2170 a leasú dá réir sin.

(9)

De bhua Airteagal 5(3) agus (4) den Phrótacal, i gcomhar le hAirteagal 13(3) de, bheadh feidhm freisin ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

(10)

Chun aon chur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann ar aistrithe na dtáirgí lena mbaineann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2020/2170

Leasaítear Rialachán (AE) 2020/2170 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an dara mír seo a leanas isteach:

‘Earraí a liostaítear san Iarscríbhinn ar de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad agus atá faoi réir bearta coimirce faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún (*1) a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann le hiompar díreach as codanna eile den Ríocht Aontaithe, beifear in ann freisin caitheamh leo de bhun chuótaí rátaí taraife an Aontais ar allmhairí má scaoiltear na hearraí sin i saorchúrsaíocht i gcríoch Thuaisceart Éireann.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce chinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).’;"

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 1a

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 1b, lena leasaítear an Rialachán seo chun catagóirí áirithe earraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe atá faoi réir bearta coimirce faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159, earraí a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann le hiompar díreach as codanna eile den Ríocht Aontaithe, a chur leis an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar choinníoll gur léirigh an Ríocht Aontaithe chun sástacht an Aontais gur gá na hearraí sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann.

Airteagal 1b

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 1 Iúil 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1a a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*2).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*2)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.’;"

(3)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meitheamh 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023.

(2)  Rialachán (AE) 2020/2170 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm (IO L 432, 21.12.2020, lch. 1).

(3)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(4)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce chinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).

(6)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar Chuótaí Rátaí Taraife (TRQ)

Cóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC) (1)

Cruach – Catagóir 7

7208 51 20 , 7208 51 91 , 7208 51 98 , 7208 52 91 , 7208 90 20 , 7208 90 80 , 7210 90 30 , 7225 40 12 , 7225 40 40 , 7225 40 60 , 7225 99 00

Cruach – Catagóir 17

7216 31 10 , 7216 31 90 , 7216 32 11 , 7216 32 19 , 7216 32 91 , 7216 32 99 , 7216 33 10 , 7216 33 90

’.

(1)  Mar a shainítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/6


RIALACHÁN (AE) 2023/1322 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2023

maidir le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (‘EMCDDA’) le Rialachán (CEE) Uimh. 302/93 ón gComhairle (3). Athmhúnlaíodh an Rialachán sin in 2006 le Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(2)

Bunaíodh EMCDDA chun faisnéis fhíorasach, oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide a sholáthar don Aontas, do Bhallstáit agus do thríú tíortha rannpháirteacha faoi dhrugaí, faoi andúil i ndrugaí agus faoi na hiarmhairtí ar an leibhéal Eorpach chun cuidiú chun léargas foriomlán ar an bhfaisnéis sin a sholáthar dóibh chun ceapadh beartais a fhoirmiú agus chun tionscnaimh a threorú chun dul i ngleic le drugaí agus, ar an gcaoi sin, breisluach a chur le tionscnaimh den sórt sin nuair a dhéanann siad bearta nó nuair a chinneann siad beart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na ndrugaí ina réimsí inniúlachta faoi seach. A bhuí le bunú agus feidhmiú EMCDDA, tá feabhas follasach tagtha ar infhaighteacht faisnéise faoi dhrugaí agus andúil i ndrugaí, agus ar na hiarmhairtí atá leo, ar fud an Aontais agus go hidirnáisiúnta.

(3)

Cé go bhfuil a chuspóir ginearálta fós bailí agus cé gur cheart é a choinneáil, ní sholáthraítear a thuilleadh le Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 creat leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le drugaí. Dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar shainordú EMCDDA, chun é a ionadú agus a neartú, i measc nithe eile. Ba cheart EMCDDA a athainmniú mar ‘Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA)’ (‘an Ghníomhaireacht’). Ós rud é go bhfuil gá le leasuithe substaintiúla ar Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 chun freastal ar an gcur chuige coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais, a ghlac Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 19 Iúil 2012 agus chun forbairtí ar fheiniméan na ndrugaí a chur san áireamh, ar mhaithe le soiléireacht agus le héifeachtúlacht, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006, díríodh go príomha ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte. Cé gur den riachtanas an fócas sin a choimeád, ós rud é go bhfuil dlúthnasc idir saincheisteanna sláinte agus saincheisteanna soláthair maidir le feiniméan na ndrugaí, ní mór freisin aghaidh a thabhairt ar sholáthar na ndrugaí chun laghdú a dhéanamh ar infhaighteacht drugaí san Aontas agus srian a chur leis an éileamh ar dhrugaí agus, ar an dóigh sin, rannchuidiú leo siúd atá ag tabhairt aghaidhe ar naisc le bagairtí slándála eile. Chun sonraí agus anailís shuntasach atá fíorasach, oibiachtúil, iontaofa, inchomparáide agus uile-Aontais a sholáthar, ba cheart don Ghníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na ndrugaí, agus cur chuige fianaisebhunaithe, comhtháite, cothrom agus ildisciplíneach a bheith aici le drugaí, úsáid drugaí, neamhoird agus andúil úsáide drugaí, cosc, cóireáil, cúram, laghdú riosca agus dochair, athshlánú, ath-lánpháirtiú sóisialta agus téarnamh, margaí drugaí soláthar drugaí, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil aindleathach, agus saincheisteanna ábhartha eile a bhaineann le drugaí agus na hiarmhairtí a eascraíonn astu. Le cur chuige na Gníomhaireachta, ba cheart gné chearta an duine, na hinscne agus comhionannais inscne, gné na haoise, na sláinte, an chothromais sláinte agus an gné sóisialta a chuimsiú.

(5)

Ba cheart obair na Gníomhaireachta a dhéanamh agus aird chuí á tabhairt ar chumhachtaí an Aontais agus a Bhallstát faoi seach i réimse na ndrugaí. Ba cheart gnéithe éagsúla fheiniméan na ndrugaí agus na réitigh a chuirtear i bhfeidhm a chumhdach san obair sin. Ba cheart don Ghníomhaireacht, go háirithe, féachaint ar gach gné a bhaineann leis an tsláinte a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear gnéithe fisiciúla agus meabhracha agus an tionchar féideartha ar an tsláinte phoiblí. Ba cheart don Ghníomhaireacht féachaint freisin ar ghnéithe sóisialta, lena n-áirítear breithnithe a bhaineann le stiogmatú, imeallú agus ath-lánpháirtiú daoine a úsáideann drugaí. Ba cheart doiciméid straitéiseacha an Aontais a bhaineann le drugaí a bheith mar threoir ag an nGníomhaireacht agus é sin á dhéanamh aici.

(6)

Agus a cuid gníomhaíochtaí á saothrú aici, ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais faoi na sainorduithe atá acu faoi seach agus ba cheart di a gcuid gníomhaíochtaí a chur san áireamh chun dúbláil a sheachaint. Go háirithe, agus aird chuí á tabhairt ar a sainorduithe faoi seach, ba cheart don Ghníomhaireacht obair a dhéanamh i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), arna bunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), chun a áirithiú go mbaileofar sonraí, agus go ndéanfar faireachán ar threochtaí, maidir le soláthar drugaí, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil aindleathach agus coireanna gaolmhara eile, maidir le húsáid teicneolaíochtaí nua agus maidir le substaintí sícighníomhacha nua. Ba cheart don Ghníomhaireacht obair a dhéanamh i gcomhar le húdaráis agus comhlachtaí ábhartha i dtríú tíortha ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí, agus, le gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát ar leibhéal na Náisiún Aontaithe. Is gá go gcomhlíonfadh comhar den sórt sin noirm maidir le cearta an duine.

(7)

Chun a oiread éifeachtúlachta is féidir a bhaint amach agus aghaidh á tabhairt ar fheiniméan na ndrugaí, ba cheart don Ghníomhaireacht plé rialta a bheith aici leis na geallsealbhóirí ábhartha agus, go háirithe, leis an bpobal eolaíochta, lena n-áirítear an saol acadúil, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí daoine a úsáideann drugaí agus eagraíochtaí pobal a ndéanann tomhaltas agus díol drugaí nó coireacht a bhaineann le drugaí difear dóibh. I bhfianaise a ábhartha atá taithí eagraíochtaí na sochaí sibhialta i réimse inniúlachta na Gníomhaireachta, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint den chomhar maidir lena gníomhaíochtaí le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, mar shampla, iad siúd atá gníomhach i ngrúpaí saineolaithe ábhartha an Choimisiúin maidir le drugaí atá comhdhéanta d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ba cheart don Ghníomhaireacht na hacmhainní is gá a thiomnú chun dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí sin, faisnéis a mhalartú leo agus chun eolas a chomhthiomsú leo, lena n-áirítear i réimse na substaintí sícighníomhacha nua. i gcás inarb iomchuí, ba cheart don Ghníomhaireacht comhairliúcháin thiomnaithe a eagrú maidir leis na hábhair a thagann faoina sainordú.

(8)

D’fhonn faisnéis iontaofa maidir le drugaí agus staid na ndrugaí a scaipeadh, ba cheart don Ghníomhaireacht dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide maidir le hábhair a thagann faoina sainordú. Uaireanta, áfach, is féidir iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe a bheith ag baint leis an gcumarsáid a dhéantar leis an bpobal i gcoitinne i réimse na ndrugaí. Mar chuid dá gníomhaíochtaí cumarsáide agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart don Ghníomhaireacht machnamh a dhéanamh, dá bhrí sin, faoina cuid tuarascálacha a scaipeadh, lena n-áirítear tuarascálacha tosaigh agus tuarascálacha measúnaithe riosca ar shubstaintí sícighníomhacha nua, chuig an bpobal eolaíochta agus chuig eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’fhonn díobháil fhéideartha a bhaineann le drugaí a íoslaghdú. I gcás ina gcuirtear cosc ar an nGníomhaireacht a tuarascálacha a scaipeadh, go háirithe mar gheall ar fhaisnéis rúnaicmithe nó faisnéis íogair neamhaicmithe a bheith ann, d’fhéadfadh sí machnamh a dhéanamh ar achoimrí ar na tuarascálacha sin a fhoilsiú d’fhonn díobháil fhéideartha a bhaineann le drugaí a íoslaghdú.

(9)

Ba cheart don Ghníomhaireacht an aird chuí a thabhairt ar úsáid ilsubstaintí ina cuid oibre toisc go bhfuil úsáid den sórt sin ag éirí níos coitianta.

(10)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a cuid gníomhaíochtaí a fhorbairt maidir le trí phríomhréimse inniúlachta, eadhon faireachán, as a dtiocfaidh beartais a bhfuil bonn eolais níos fearr fúthu; ullmhacht, as a dtiocfaidh gníomhaíochtaí ar fearr an bonn eolais fúthu; agus forbairt inniúlachtaí, as a dtiocfaidh freagairtí níos láidre ón Aontas agus ó na Ballstáit ar fheiniméan na ndrugaí.

(11)

Ba cheart anailísiú agus scaipeadh sonraí fós a bheith ar phríomhchúram na Gníomhaireachta. Agus sonraí á mbailiú, á n-anailísiú nó á scaipeadh aici, ba cheart don Ghníomhaireacht an creat dlíthiúil maidir le próiseáil sonraí pearsanta a chomhlíonadh agus níor cheart di aon sonraí a scaipeadh nó a tharchur lena bhféadfaí daoine aonair nó grúpaí beaga daoine aonair a aithint. Bailítear sonraí trí phointí fócasacha náisiúnta agus ba cheart na pointí sin a bheith ina bpríomhsholáthraithe sonraí le haghaidh na Gníomhaireachta i gcónaí. D’fhéadfadh an Ghníomhaireacht foinsí breise a úsáid agus cruinnithe saineolaithe a eagrú freisin, lena n-áirítear cruinnithe fíorúla. Ina theannta sin, tá fáil níos mó ag teacht ar fhoinsí sonraí atá níos gaire d’fhíor-am trí mhodhanna nuálacha bailithe sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a bheith ag an nGníomhaireacht ar na sonraí ábhartha atá ar fáil chun léargas iomlánaíoch a fháil ar fheiniméan na ndrugaí san Aontas agus ar na fachtóirí seachtracha a bhfuil tionchar acu air. D’fhonn a áirithiú go mbeidh gach pointe fócasach náisiúnta ar an eolas i gcónaí faoin staid ina Bhallstát, ba cheart eolas a thabhairt di ar bhonn rialta maidir le sonraí a bhaineann lena Ballstát, sonraí a bhailítear ó fhoinsí breise faisnéise agus gníomhaíochtaí líonra na saotharlann fóiréinseach agus tocsaineolaíoch a bhunaítear leis an Rialachán seo.

(12)

Is gníomhaithe lárnacha iad na pointí fócasacha náisiúnta i gcóras faireacháin agus tuairiscithe an Aontais maidir le drugaí. Bailíonn siad faisnéis agus gineann siad sonraí inchomparáide atá fónta ó thaobh na heolaíochta de maidir le staid náisiúnta na ndrugaí, sonraí a chuireann leis an bhfaireachán ar an staid ar fud an Aontais. Tá na pointí fócasacha náisiúnta ríthábhachtach freisin sa phróiseas chun modheolaíochtaí agus uirlisí bailithe sonraí a fheabhsú agus chun treoirlínte ábhartha a fhorbairt chun iad a chur chun feidhme. Ina theannta sin, glacann na pointí fócasacha náisiúnta páirt i gcóras luathrabhaidh agus tuairiscíonn siad treochtaí nua in úsáid substaintí sícighníomhacha atá ann cheana. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh caidreamh comhthreisitheach idir an Ghníomhaireacht agus na pointí fócasacha náisiúnta. Ba cheart ceanglais sonraí na Gníomhaireachta a léiriú sna pointí fócasacha náisiúnta. Ba cheart cumhacht a thabhairt do na pointí fócasacha náisiúnta laistigh de na Ballstáit na sonraí ábhartha uile a fháil ó na húdaráis náisiúnta éagsúla. Cé gur cheart, i sainordú na Gníomhaireachta, aon bhearta comhchuibhithe a sheachaint agus na cinntí maidir le rialachas, struchtúr nó bunchúraimí na bpointí fócasacha náisiúnta i ndáil le húdaráis inniúla náisiúnta eile a fhágáil ag na Ballstáit, i gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart, mar sin féin, don sainordú sin cuíchóiriú a chumasú ar bhailiú sonraí sna Ballstáit a mhéid is féidir chun tuairisciú dúbailte agus dúbláil iarrachtaí a sheachaint.

(13)

Ní mór bonn a chur faoi chaidreamh iontaoibhe frithpháirtí agus idirphlé leanúnaigh idir an Ghníomhaireacht agus na pointí fócasacha náisiúnta, bunaithe ar shásra feidhmiúil soiléir éifeachtach agus ar shraith rialacha. Ba cheart, dá bhrí sin, cumhacht a thabhairt don Ghníomhaireacht tacaíocht airgeadais a thabhairt do na pointí fócasacha náisiúnta agus rannchuidiú lena bhfeidhmiú éifeachtach, lena n-áirítear trí mheasúnú a sholáthar ar gach pointe fócasach náisiúnta a bhaineann go díreach lena rannchuidiú le gníomhaíocht chomhordaithe de chuid an Aontais i réimse na ndrugaí.

(14)

D’fhonn tacú le gníomhaíocht éifeachtach de chuid an Aontais i réimse na ndrugaí agus rannchuidiú le hobair na Gníomhaireachta, ba cheart do na pointí fócasacha náisiúnta, inter alia, ról comhordúcháin a ghlacadh chucu féin i ngníomhaíochtaí a bhaineann le bailiú agus faireachán comhleanúnach sonraí a bhaineann le drugaí a áirithiú, cumarsáid leis an nGníomhaireacht agus cinnteoireacht fianaisebhunaithe a chur chun cinn, dearcadh náisiúnta trasearnála agus cuimsitheach ar staid na ndrugaí a áirithiú, lena n-áirítear aon fhaisnéis ábhartha maidir le treochtaí agus dúshláin nua, agus rannchuidiú le táscairí ábhartha a bhunú. Ina theannta sin, agus i gcomhréir leis an inniúlacht náisiúnta, tá ról lárnach ag na pointí fócasacha náisiúnta maidir le cinnteoireacht fhianaisebhunaithe a chur chun cinn agus tacú léi, tacú le córais chomhoibrithe, riachtanais faisnéise na ngeallsealbhóirí ábhartha a mheasúnú agus fardal cothrom le dáta de na foinsí náisiúnta faisnéise drugaí a chur le chéile.

(15)

Chun bailiú sonraí agus malartú faisnéise, idir cháilíochtúil agus chainníochtúil, a éascú agus a struchtúrú agus chun tacú le córas faireacháin comhtháite agus idir-inoibritheach a bhunú lena gcumasófar faireachán fíor-ama, ba cheart don Ghníomhaireacht na réitigh digiteacha iomchuí a fhorbairt a bheidh ag teastáil chun a cuid cúraimí a chomhlíonadh agus na réitigh sin a chur i bhfeidhm.

(16)

Chun é a chur ar cumas don Ghníomhaireacht úsáid níos fearr a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil di, mar shampla bearta níos réamhghníomhaí a ghlacadh, mar shampla, measúnuithe ar bhagairtí, tuarascálacha agus foláirimh faisnéise straitéisí, agus chun feabhas a chur ar ullmhacht an Aontais i leith forbairtí amach anseo, ba cheart acmhainneacht faireacháin agus anailíse na Gníomhaireachta a neartú le hais acmhainneacht faireacháin agus anailíse EMCDDA.

(17)

Chun ullmhacht an Aontais a fheabhsú, is gá léargas iomlánaíoch a fháil ar fhorbairtí a d’fhéadfadh teacht ar fheiniméan na ndrugaí amach anseo. Chun í féin a ullmhú agus chun gur fearr a sholáthrófar do lucht déanta beartas le haghaidh forbairtí mar sin amach anseo, ba cheart don Ghníomhaireacht cleachtaí fadbhreathnaitheacha rialta a dhéanamh agus meigithreochtaí á gcur san áireamh, is é sin le rá treochtaí fadtéarmacha spreagthacha atá inbhraite faoi láthair agus gur dóichí go mbeidh tionchar suntasach acu ar an todhchaí, agus é d’aidhm aici dúshláin agus deiseanna nua a shainaithint chun freagairt d’fhadhbanna drugaí.

(18)

Is minice anois an teicneolaíocht ag cumasú an fheiniméin drugaí, mar a léiríodh le linn phaindéim COVID-19, nuair a tugadh faoi deara gur baineadh úsáid níos mó as teicneolaíochtaí nua chun dáileadh drugaí a éascú. Meastar go bhfuil baint ag thart ar dhá thrian de na tairiscintí ar mhargaí an idirlín dhorcha le drugaí. Tá ardáin éagsúla á n-úsáid ag an trádáil i ndrugaí, lena n-áirítear líonraí meán sóisialta agus feidhmchláir mhóibíleacha. Léirítear an fhorbairt sin i bhfreagairtí d’fheiniméan na ndrugaí, agus úsáid níos mó á baint as cumarsáid ar líne agus idirghabhálacha ar líne, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha agus idirghabhálacha ríomhshláinte. Ba cheart don Ghníomhaireacht, in éineacht le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus dúbailt iarrachtaí á seachaint, faireachán a dhéanamh ar na forbairtí sin mar chuid dá cur chuige iomlánaíoch maidir le feiniméan na ndrugaí.

(19)

Ba cheart aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar shubstaintí sícighníomhacha nua lena ngabhann rioscaí sláinte agus sóisialta ar fud an Aontais. Is gá faireachán a dhéanamh ar shubstaintí sícighníomhacha nua dá bhrí sin, chun gur féidir freagairt dóibh go tapa, chun an Córas Luathrabhaidh a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 a chothabháil. Rinneadh leasú le déanaí ar fhorálacha ábhartha den Rialachán sin a bhaineann leis an malartú faisnéise agus ar an gcóras luathrabhaidh maidir le substaintí sícighníomhacha nua, lena n-áirítear tuarascálacha tosaigh agus measúnuithe riosca ar shubstaintí sícighníomhacha nua, agus ba cheart iad a fhágáil gan athrú sa Rialachán seo.

(20)

Bunaithe ar an bhfaireachán neartaithe a rinne an Ghníomhaireacht agus ar an taithí atá faighte aici sa mheasúnú riosca ar shubstaintí sícighníomhacha nua, ba cheart don Ghníomhaireacht cumais ghinearálta a fhorbairt i ndáil le measúnuithe ar bhagairtí sláinte agus slándála. Tá géarghá le hacmhainneacht níos mó chun bagairtí nua a shainaithint go réamhghníomhach agus go gasta agus chun eolas a chur ar fáil chun frithbhearta a fhorbairt toisc go gciallaíonn cineál dinimiciúil reatha fheiniméan na ndrugaí gur féidir le dúshláin ghaolmhara leathadh go tapa thar theorainneacha.

(21)

Ós rud é go bhféadfadh substaintí contúirteacha agus patrúin tomhaltais áirithe díobháil a dhéanamh don tsláinte, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann foláirimh a eisiúint a chomhlánódh na córais náisiúnta foláirimh ábhartha gan dochar a dhéanamh dóibh. Chun tacú leis an bhfeidhm sin, ba cheart don Ghníomhaireacht córas foláirimh Eorpach a fhorbairt maidir le drugaí atáinrochtana ag údaráis náisiúnta air. Leis an gcóras sin, ba cheart mearmhalartú faisnéise a éascú a bhféadfadh gá a bheith le bearta tapa ina leith, chun an tsláinte, na gnéithe sóisialta, an tsábháilteacht agus an tslándáil a chosaint. Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, córas foláirimh a fhorbairt chun faisnéis faoi rioscaí sainaitheanta a chur ar fáil do dhaoine a úsáideann drugaí sonracha nó a d’fhéadfadh drugaí sonracha a úsáid.

(22)

Is substaintí iad réamhtheachtaithe drugaí a bhfuil gá leo chun drugaí, mar shampla, amfataimíní, cócaon agus hearóin a tháirgeadh. Ba cheart an cosc ar atreorú agus gáinneáil réamhtheachtaithe drugaí ó bhealaí dleathacha go táirgeadh neamhdhleathach drugaí a neartú ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar tháirgeadh neamhdhleathach drugaí san Aontas. Chun tacú leis an iarracht sin, ba cheart ról a bheith ag an nGníomhaireacht i ndáil le faireachán a dhéanamh ar atreorú agus ar gháinneáil réamhtheachtaithe drugaí agus i ndáil le cúnamh a thabhairt don Choimisiún dlí an Aontais maidir le réamhtheachtaithe drugaí a chur chun feidhme.

(23)

Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar an ngá atá le sonraí fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha agus saineolas, agus, mar an gcéanna, comhordú níos fearr idir saotharlanna sna Ballstáit, ní mór líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha a bhunú atá eolach ar réimse na ndrugaí agus ar dhíobháil a bhaineann leo. Leis an líonra sin, ba cheart a chur ar a cumas don Ghníomhaireacht rochtain a bheith aici ar fhaisnéis ábhartha, cur le hacmhainneachtaí na Gníomhaireachta sa réimse sin agus tacú le malartú eolais idir na saotharlanna ábhartha sna Ballstáit, gan na costais arda a bhaineann lena saotharlann féin a chruthú agus a reáchtáil a thabhú ag an nGníomhaireacht.

(24)

Ba cheart an líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha a bheith ionadaíoch do na Ballstáit sa chaoi gur cheart cead a bheith ag gach ceann acu suas le trí shaotharlann a cheapadh don líonra, lena gcumhdófaí saineolas tocsaineolaíoch agus fóiréinseach. Chun an clúdach is leithne is féidir a áirithiú, ba cheart an deis a thabhairt freisin do shaineolaithe ó shaotharlanna eile atá ábhartha d’obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear saineolaithe ón Líonra Eorpach um Shaotharlanna Custaim, a bheith rannpháirteach sa líonra. Chuirfeadh comhar den sórt sin ar a gcumas do na saotharlanna uile atá i gceist foghlaim ó chéile ar fud réimsí éagsúla, tacú le faisnéis a chomhroinnt idir saotharlanna ábhartha agus na costais ar shaotharlanna aonair a laghdú.

(25)

Chun cur leis an eolas sa réimse a chumhdaítear le sainordú na Gníomhaireachta agus chun tacú leis na Ballstáit, ba cheart don Ghníomhaireacht tionscadail ábhartha a shainaithint agus a mhaoiniú, mar shampla, caighdeáin tagartha a fhorbairt maidir le drugaí nua, forbairt a dhéanamh ar staidéir thocsaineolaíocha nó chógaseolaíochta, cuir chuige nuálacha i leith taighde a chur chun feidhme, agus próifíliú drugaí. Ba cheart na tionscadail a mhaoiníonn an Ghníomhaireacht a chur san áireamh i dtuarascáil bhliantúil chomhdhlúite na Gníomhaireachta agus ba cheart iad a chur ar fáil don phobal.

(26)

Beidh an Ghníomhaireacht in ann rochtain a fháil ar shonraí agus an taithí eolaíoch is gá a fháil chun idirghabhálacha fianaisebhunaithe, agus dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn, chun feasacht a mhúscailt faoi iarmhairtí díobhálacha drugaí, cosc, bearta laghduithe riosca agus díobhála, cóireáil, cúraim, athshlánú agus téarnamh, agus i gcás inarb ábhartha, chun cur chuige inscne-íogair a ghlacadh agus chun gné na haoise a chur san áireamh. Ba cheart don Ghníomhaireacht cur chun feidhme agus nuashonrú na gcaighdeán cáilíochta maidir le cosc drugaí atá ann cheana (Caighdeáin Cháilíochta Eorpacha maidir le Drugaí a Chosc) agus curaclaim lena gcuirfear an t-eolas faoi na hidirghabhálacha agus faoin gcur chuige fianaisebhunaithe is éifeachtaí chun drugaí a chosc ar fáil do lucht cinnteoireachta agus lucht déanta beartas (Curaclam an Aontais Eorpaigh um Chosc Drugaí) a chur chun cinn, lena n-áirítear curaclaim maidir le conas dul i bhfeidhm ar dhaonraí ardriosca.

(27)

I bhfianaise na gné uile-Aontais a bhaineann léi, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta agus ar oiliúint náisiúnta, mar shampla bearta maidir le cosc, lena n-áirítear cosc atá inscne-íogair agus oiriúnach ó thaobh aoise de, cóireáil, laghdú díobhála, téarnamh agus bearta gaolmhara eile, chun a chinneadh an léiríonn siad an staid eolaíochta is déanaí agus an bhfuil a n-éifeachtachta cruthaithe acu. D’fhéadfadh measúnú dearfach ar bhearta náisiúnta a bheith ina lipéad cáilíochta.

(28)

Ós rud é go mbeidh seasamh uathúil ag an nGníomhaireacht ar leibhéal an Aontais agus go mbeidh sí in ann sonraí agus dea-chleachtais a chur i gcomparáid lena chéile, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann tacaíocht a thairiscint, lena n-áirítear, i gcás ina gceanglódh Ballstát uirthi sin a dhéanamh, cúnamh a thabhairt straitéisí náisiúnta drugaí a mheas agus a dhréachtú ar bhealach níos struchtúrtha ar fud na mBallstát. Ina theannta sin, maidir le ról na Gníomhaireachta i ndáil le hoiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit i gcur chun feidhme caighdeán cáilíochta agus dea-chleachtas, ba cheart an ról sin a neartú i bhfianaise an tsaineolais a bheidh á fhorbairt aici sna réimsí sin.

(29)

Ba cheart an comhar idirnáisiúnta a bheith mar chuid de phríomhchúraimí na Gníomhaireachta, agus freagrachtaí bunaithe i dtéarmaí soiléire, ionas go mbeidh sí in ann dul i mbun gníomhaíochtaí den sórt sin go hiomlán agus freagairt d’iarrataí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí eile agus ó thríú tíortha. Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann uirlisí leormhaithe eolaíocha agus fianaisebhunaithe a thairiscint ar mhaithe le forbairt agus cur chun feidhme ghné sheachtrach bheartas drugaí an Aontais agus le ról tábhachtach an Aontais ar an leibhéal iltaobhach, i gcomhréir leis na Conarthaí, mar mhodh chun cur chun feidhme éifeachtúil agus comhleanúnach bheartais an Aontais maidir le drugaí a áirithiú go hinmheánach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ba cheart an obair sa réimse sin a bheith bunaithe ar chreat comhair idirnáisiúnta arna fhorbairt ag an nGníomhaireacht. Ba cheart don chreat comhair idirnáisiúnta a bheith i gcomhréir leis na Conarthaí agus le tosaíochtaí an Aontais maidir le comhar idirnáisiúnta agus faoi threoir ionstraimí ábhartha na Náisiún Aontaithe. Ba cheart don Ghníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat comhair idirnáisiúnta ar bhonn rialta chun a áirithiú go léirítear forbairtí agus tosaíochtaí idirnáisiúnta go leordhóthanach ann.

(30)

Chun cabhrú le cistiú an Aontais i gcomhair taighde slándála agus sláinte chun a phoitéinseal iomlán a fhorbairt agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an bheartais drugaí, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint agus cláir réime an Aontais um thaighde agus nuálaíocht atá ábhartha maidir le cuspóirí na Gníomhaireachta a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. I gcás ina dtabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint nó clár réime de chuid an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, níor cheart di maoiniú a fháil ón gclár sin agus ba cheart di gach beart is gá a dhéanamh chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Ba cheart don Ghníomhaireacht páirt a ghlacadh i dtionscnaimh uile-Aontais ina dtugtar aghaidh ar thaighde agus nuálaíocht chun a áirithiú go ndéanfar na teicneolaíochtaí is gá le haghaidh a cuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus go mbeidh na teicneolaíochtaí sin ar fáil lena n-úsáid. Na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá beartaithe, ba cheart iad a leagan amach sa doiciméad clársceidealaithe aonair ina bhfuil clár oibre ilbhliantúil agus bliantúil na Gníomhaireachta.

(31)

Ba cheart ionadaíocht a dhéanamh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta chun a chuid oibre a mhaoirsiú go héifeachtach. Ba cheart comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Bhoird Bainistíochta a cheapadh agus na scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha atá acu á gcur san áireamh. Ba cheart do chomhaltaí malartacha gníomhú mar chomhaltaí in éagmais na gcomhaltaí ábhartha. Féadfaidh comhaltaí malartacha freastal ar chruinnithe freisin agus comhaltaí ábhartha i láthair, gan costais bhreise a chruthú don Ghníomhaireacht mar thoradh air sin, agus gan páirt a bheith acu sna vótaí.

(32)

Ba cheart na cumhachtaí is gá a thabhairt don Bhord Bainistíochta, go háirithe chun an buiséad, na rialacha airgeadais agus na doiciméid phleanála iomchuí a ghlacadh, agus chun an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a ghlacadh. Chun feidhmiú neamhspleách agus iomláine na Gníomhaireachta a áirithiú, ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha a ghlacadh freisin chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil lena chomhaltaí, comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, comhaltaí an Choiste Eolaíoch, comhaltaí Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí (‘líonra Reitox’), saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht. Agus an méid sin á dhéanamh aici, tá sé tábhachtach go dtabharfadh an Ghníomhaireacht an aird chuí ar na moltaí agus ar na treoirlínte maidir leis an ábhar sin, go háirithe na cinn ón Ombudsman Eorpach agus ó Threoirlínte an Choimisiúin an 10 Nollaig 2013 maidir le coinbhleachtaí leasa i ngníomhaireachtaí díláraithe an Aontais a chosc agus a bhainistiú. Ba cheart don Bhord Bainistíochta cumhachtaí údaráis ceapacháin a fheidhmiú i leith bhaill foirne na gníomhaireachta lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

(33)

Tá sé tábhachtach go ndéanfadh na páirtithe uile a ndéantar ionadaíocht orthu ar an mBord Bainistíochta agus a rannchuidíonn leis an obair sin iarracht na peirspictíochtaí agus an taithí a mhéadú, agus leanúnachas a chuid oibre sa struchtúr a áirithiú ag an am céanna. Ba cheart do na páirtithe uile díriú ar chothromaíocht inscne a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

(34)

Ba cheart do Bhord Feidhmiúcháin cúnamh a thabhairt don Bhord Bainistíochta chun cinntí na Gníomhaireachta a ullmhú. Ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith i gceannas ar an nGníomhaireacht. Ba cheart do Choiste Eolaíochta leanúint de chúnamh a thabhairt don Bhord Bainistíochta agus don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le hábhair eolaíocha ábhartha.

(35)

Ba cheart don Bhord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach a dhéanfaidh an Coimisiún a eagrú agus a bhainistiú. I gcomhréir leis an gcleachtas a leanann EMCDDA agus stiúrthóir feidhmiúcháin á cheapadh aige, ba cheart don Choimisiún féachaint ar ionadaí ón mBord Bainistíochta a bheith ann mar bhreathnóir sa nós imeachta ceapacháin. Ba cheart ionchur roimh ré ón mBord Bainistíochta maidir le feidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a áireamh sa mheasúnú a dhéanfaidh an Coimisiún ag deireadh an chéad téarma oifige tosaigh 5 bliana a bheidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

(36)

Tá sé tábhachtach go mbeadh acmhainní leordhóthanacha ag an nGníomhaireacht chun a cúraimí, a cuspóirí agus a freagrachtaí faoin Rialachán seo a chur i gcrích agus ba cheart buiséad uathrialach a dheonú di a léireoidh a misean. Ba cheart í a mhaoiniú go príomha trí ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontas eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart don Chúirt Iniúchóirí cuntais na Gníomhaireachta a iniúchadh.

(37)

Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do Bhallstáit agus geallsealbhóirí eile feiniméan na ndrugaí a thuiscint agus aghaidh a thabhairt air, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt isteach don Ghníomhaireacht seirbhísí breise a sholáthar, thar a príomhchúraimí a leagtar síos sa Rialachán seo, i gcoinne táillí a íoc. Ba cheart an modh trína ríomhtar táillí arna dtobhach ag an nGníomhaireacht a bheith trédhearcach. Ba cheart go gcumhdódh na táillí arna dtobhach ag an nGníomhaireacht na costais iomlána i dtaca leis na gníomhaíochtaí a sholáthar a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraítear, lena n-áirítear costais foirne agus oibríochtúla. I gcás ina thoibhítear táillí i mbliain airgeadais, ba cheart tuarascáil ar na táillí sin a bheith ag gabháil le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta. Bheadh tuarascálacha den sórt sin faoi réir iniúchadh ag an Cúirt Iniúchóirí freisin. Ba cheart táillí a shocrú ag leibhéal lena seachnófar easnamh nó carnadh suntasach barrachais, agus ba cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu nuair nach amhlaidh an cás.

(38)

Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle freisin. Thairis sin, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a bheith in ann iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt faoi fheidhmiú a chuid dualgas.

(39)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir leis an nGníomhaireacht. Ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith chomh trédhearcach agus is féidir maidir lena cuid gníomhaíochtaí, agus fós gan baint amach chuspóir a cuid oibríochtaí a chur i mbaol.

(40)

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Comhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (8), ar aontaigh EMCDDA dóibh, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an nGníomhaireacht.

(41)

Próiseálann an Ghníomhaireacht sonraí a bhfuil cosaint faoi leith ag teastáil uathu, go háirithe Faisnéis Rúnaicmithe an Aontas Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe. Ba cheart don Ghníomhaireacht rialacha maidir le rúndacht agus próiseáil faisnéise den sórt sin a tharraingt suas. Ba cheart na rialacha maidir le cosaint FRAE a bheith comhsheasmhach le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 (9) agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (10) ón gCoimisiún. I gcomhréir leis na gníomhartha dlí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht staonadh ó shonraí íogaire a fhoilsiú. Ba cheart di staonadh freisin ó fhaisnéis rúnda ghnó tríú páirtithe a nochtadh.

(42)

Chun feidhmíocht na Gníomhaireachta a rialú agus a áirithiú agus chun a chinntiú go gceadófar di, de réir an tsainordaithe atá aici, na gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo a chur i gcrích a cheanglaítear le forbairtí sa mhargadh drugaí agus beartas, ba cheart meastóireacht sheachtrach a dhéanamh ar obair na Gníomhaireachta ar bhonn rialta agus ba cheart a sainordú a oiriúnú dá réir, más gá.

(43)

Ba cheart don Ghníomhaireacht, agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán, comhoibriú go dlúth le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus le comhlachtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha eile, lena n-áirítear comhlachtaí teicniúla ábhartha, laistigh agus lasmuigh den Aontas chun a clár oibre a chur chun feidhme, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha agus inniúlachtaí na mBallstát, go háirithe chun dúbailt oibre a sheachaint agus chun rochtain a áirithiú ar na sonraí agus ar na huirlisí uile is gá chun a sainordú a chur i gcrích.

(44)

Ba cheart don Ghníomhaireacht teacht in ionad EMCDDA agus teacht i gcomharbas air. Ba cheart di, dá bhrí sin, a bheith ina comharba dlíthiúil ar chonarthaí EMCDDA go léir, lena n-áirítear na conarthaí fostaíochta, na dliteanais agus na haonaid réadmhaoine. Na comhaontuithe idirnáisiúnta a thug EMCDDA i gcrích roimh an 2 Iúil 2024 ba cheart go bhfanfadh siad i bhfeidhm.

(45)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon gníomhaireacht a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na ndrugaí, a ghnóthú go leormhaith ach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Cuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta

Airteagal 1

Bunú na Gníomhaireachta

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) (‘an Ghníomhaireacht’).

2.   Tagann an Ghníomhaireacht in ionad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (‘EMCDDA’) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 agus tagann sí i gcomharbas air.

Airteagal 2

Stádas dlíthiúil agus suíomh

1.   Comhlacht de chuid an Aontais, ag a mbeidh pearsantacht dhlítheanach, a bheidh sa Ghníomhaireacht.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Go háirithe, beidh sí in ann maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt, agus beidh sí in ann a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Is i Liospóin, an Phortaingéil, a bheidh suíomh na Gníomhaireachta.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘druga’ aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

substaint a chumhdaítear faoi Choinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha, 1961, arna leasú le Prótacal 1972, nó faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha, 1971;

(b)

aon cheann de na substaintí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle (11);

(2)

ciallaíonn ‘substaint shícighníomhach nua’ substaint shícighníomhach nua mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 4, de Chinneadh Réime 2004/757/CGB;

(3)

ciallaíonn ‘úsáid ilsubstaintí’ úsáid substainte nó úsáid cineáil substainte sícighníomhaí amháin nó níos mó, bíodh sí aindleathach nó dleathach, go háirithe táirgí íocshláinte, alcól agus tobac, i gcomhthráth le húsáid drugaí nó roimh nó i ndiaidh úsáid drugaí taobh istigh d’achar gairid ama;

(4)

ciallaíonn ‘réamhtheachtaí druga’ substaint a rialaítear agus a ndéantar faireachán uirthi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle (13);

(5)

ciallaíonn ‘tír rannpháirteach’ Ballstát nó tríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an mBallstát nó ag an tríú tír leis an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 54 den Rialachán seo;

(6)

ciallaíonn ‘eagraíocht idirnáisiúnta’ eagraíocht agus a cuid fochomhlachtaí arna rialú ag an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn comhaontú den sórt sin;

(7)

ciallaíonn ‘Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí’ Coinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe ar Dhrugaí Támhshuanacha 1961 arna leasú le Prótacal 1972, Coinbhinsiún 1971 na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha agus Coinbhinsiún 1988 na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha;

(8)

ciallaíonn ‘córas na Náisiún Aontaithe’ córas an tsásra rialaithe a bunaíodh le Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí.

Airteagal 4

Cúram Ginearálta na Gníomhaireachta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis fhíorasach, oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide a sholáthar don Aontas agus do na Ballstáit, chomh maith le luathrabhadh agus measúnú riosca ar leibhéal an Aontais maidir le drugaí, úsáid drugaí, neamhoird úsáide drugaí agus andúil i ndrugaí, cosc, cóireáil, cúram, laghdú riosca agus dochair, athshlánú, athimeascadh sóisialta, téarnamh, margaí agus soláthar drugaí, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil aindleathach, agus saincheisteanna ábhartha eile a bhaineann le drugaí agus a n-iarmhairtí; agus

(b)

gníomhaíochtaí iomchuí nithiúla atá fianaisebhunaithe a mholadh maidir le conas aghaidh a thabhairt, ar bhealach éifeachtúil tráthúil, ar na dúshláin a bhaineann le drugaí, úsáid drugaí, neamhoird úsáide drugaí agus andúil i ndrugaí, cosc, cóireáil, cúram, laghdú riosca agus dochair, athshlánú, athimeascadh sóisialta, téarnamh, margaí agus soláthar drugaí, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil aindleathach, agus saincheisteanna ábhartha eile a bhaineann le drugaí agus a n-iarmhairtí.

2.   Agus a cúraimí á gcur i gcrích aici, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcomhlíonfar go hiomlán na rialacha maidir le cearta bunúsacha agus cosaint sonraí agus glacfaidh sí cur chuige fianaisebhunaithe, comhtháite, cothrom agus ildisciplíneach i leith fheiniméan na ndrugaí. Leis an gcur chuige sin, cuimseofar cearta an duine, inscne agus comhionannas inscne, aois, sláinte, cothromas sláinte agus gnéithe sóisialta.

Airteagal 5

Cúraimí sonracha

1.   Chun an cúram ginearálta a leagtar amach in Airteagal 4(1) a chur i gcích, beidh na cúraimí sonracha seo a leanas ag an nGníomhaireacht:

(a)

cúraimí faireacháin, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

faisnéis agus sonraí de bhun Airteagal 6(1) a bhailiú agus a anailísiú;

(ii)

scaipeadh faisnéise, sonraí agus torthaí anailísí de bhun Airteagal 6(5); agus

(iii)

faireachán a dhéanamh ar fheiniméan na ndrugaí, lena gcuimsítear na gnéithe sláinte, cearta an duine, gnéithe sóisialta, sábháilteachta agus slándála de, de bhun Airteagal 7;

(b)

cúraimí ullmhachta, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

malartú faisnéise, agus an córas luathrabhaidh, maidir le substaintí sícighníomhacha nua, lena n-áirítear tuarascálacha tosaigh agus measúnuithe riosca a ullmhú, de bhun Airteagail 8 go 11;

(ii)

measúnú ar bhagairt na sláinte agus na slándála agus ullmhacht de bhun Airteagal 12;

(iii)

córas foláirimh Eorpach um dhrugaí a bhunú agus a oibriú de bhun Airteagal 13;

(iv)

faireachán a dhéanamh ar na forbairtí a bhaineann le hatreorú agus le gáinneáil réamhtheachtaithe drugaí agus rannchuidiú le cur chun feidhme dhlí an Aontais i ndáil le réamhtheachtaithe drugaí de bhun Airteagal 14;

(v)

líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha a bhunú agus a oibriú de bhun Airteagal 15;

(c)

cúraimí forbartha inniúlachta, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

forbairt agus cur chun cinn idirghabhálacha fianaisebhunaithe, dea-chleachtas agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta de bhun Airteagal 16;

(ii)

an measúnú ar bhearta náisiúnta de bhun Airteagal 17;

(iii)

tacú leis na Ballstáit de bhun Airteagal 18;

(iv)

oiliúint de bhun Airteagal 19;

(v)

comhar idirnáisiúnta agus cúnamh teicniúil de bhun Airteagal 20;

(vi)

gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta de bhun Airteagal 21.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí dá dtagraítear in Airteagal 32 (‘líonra Reitox’) a bhunú agus a chomhordú, i gcomhairle agus i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus leis na heagraíochtaí sna tíortha rannpháirteacha.

3.   Gníomhóidh an Ghníomhaireacht ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil, neamhchlaonta agus mionchúiseach ó thaobh na heolaíochta de nuair a bheidh na cúraimí sonracha a leagtar amach i mír 1 á gcur i gcrích aici.

4.   Tacóidh an Ghníomhaireacht le gníomhaíocht náisiúnta agus gníomhaíocht an Aontais agus cuirfidh sí feabhas ar an gcomhordú eatarthu ina réimsí gníomhaíochta. Éascóidh an Ghníomhaireacht malartú faisnéise idir cinnteoirí, taighdeoirí, speisialtóirí agus iad siúd a bhfuil baint acu le saincheisteanna a bhaineann le drugaí in eagraíochtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha.

5.   Tacóidh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, arna sainaithint sna doiciméid straitéiseacha is infheidhme de chuid an Aontais a bhaineann le drugaí, agus na doiciméid straitéiseacha sin á gcur chun feidhme, de réir mar is iomchuí.

6.   Agus na cúraimí sonracha a leagtar amach i mír 1 á gcur i gcrích aici, féadfaidh an Ghníomhaireacht:

(a)

cruinnithe saineolaithe a eagrú;

(b)

meithleacha ad hoc a chur ar bun; agus

(c)

tionscadail a mhaoiniú, de réir mar is gá.

I gcás ina n-eagraíonn an Ghníomhaireacht cruinnithe, ina mbunaíonn sí meithleacha nó ina maoiníonn sí tionscadail faoin gcéad mhír, coinneoidh sí líonra Reitox ar an eolas.

7.   Chun an uas-éifeachtúlacht a bhaint amach i ndáil le faireachán a dhéanamh ar fheiniméan na ndrugaí, measúnú a dhéanamh air agus freagra a thabhairt dó, comhoibreoidh an Ghníomhaireacht go gníomhach le geallsealbhóirí ábhartha agus a cúraimí sonracha a leagtar amach i mír 1 á gcur i gcrích aici, lena n-áirítear:

(a)

comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, laistigh de theorainneacha a sainorduithe, go háirithe Europol, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (15), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), arna bunú le Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(b)

comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí idirnáisiúnta eile, go háirithe Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC), Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe agus an Bord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach; agus

(c)

an pobal eolaíochta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

8.   Rachaidh an Ghníomhaireacht i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide ar a tionscnamh féin, ar gníomhaíochtaí iad a thagann faoina sainordú. Ní dhéanfaidh leithdháileadh acmhainní ar ghníomhaíochtaí cumarsáide dochar d’fheidhmiú éifeachtach na gcúraimí sonracha a leagtar amach i mír 1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí cumarsáide i gcomhréir le straitéisí cumarsáide ábhartha agus pleananna scaipthe ábhartha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta. Féadfaidh an Ghníomhaireacht geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an pobal eolaíochta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a rannpháirtiú i bhforbairt na straitéisí agus na bpleananna sin.

CAIBIDIL II

Faireachán

Airteagal 6

Faisnéis agus sonraí a bhailiú agus a scaipeadh

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis agus sonraí ábhartha a bhailiú, lena n-áirítear faisnéis agus sonraí arna gcur in iúl ag na pointí fócasacha náisiúnta, atá mar thoradh ar thaighde, atá ar fáil ó fhoinsí oscailte, agus a thagann ó fhoinsí an Aontais, ó fhoinsí neamhrialtasacha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí inniúla;

(b)

faisnéis agus sonraí a bhailiú a bhfuil gá leo chun faireachán a dhéanamh ar úsáid ilsubstaintí agus ar a hiarmhairtí de bhun Airteagal 7(1), pointe (d);

(c)

an fhaisnéis agus na sonraí atá ar fáil a bhailiú ó phointí fócasacha náisiúnta, i gcomhar le Europol, maidir le substaintí sícighníomhacha nua agus an fhaisnéis sin a chur in iúl gan moill mhíchuí do na pointí fócasacha náisiúnta, do’aonaid náisiúnta Europol agus don Choimisiún;

(d)

faisnéis agus sonraí maidir le réamhtheachtaithe drugaí, agus maidir le hatreorú agus gáinneáil réamhtheachtaithe drugaí a bhailiú agus a anailísiú;

(e)

staidéir taighde agus faireacháin, suirbhéanna, staidéir féidearthachta agus treoirthionscadail is gá chun a cúraimí a chur i gcrích a dhéanamh agus a choimisiúnú;

(f)

inchomparáideacht, oibiachtúlacht agus iontaofacht fheabhsaithe na faisnéise agus na sonraí a áirithiú ar leibhéal an Aontais trí tháscairí agus caighdeáin chomhchoiteanna de chineál neamhcheangailteach a bhunú, i gcomhar leis na pointí fócasacha náisiúnta, táscairí agus comhchaighdeáin neamhcheangailteacha, d’fhonn aonfhoirmeacht níos fearr a áirithiú maidir leis na modhanna tomhais arna n-úsáid ag na Ballstáit agus ag an Aontas; féadfaidh an Ghníomhaireacht a mholadh comhchaighdeáin neamhcheangailteacha den sórt sin a chomhlíonadh;

(g)

comhoibriú go dlúth le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe UNODC agus Bord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach, chun fógraí a éascú agus chun ualaí neamhriachtanacha ar Bhallstáit a sheachaint.

2.   Baileoidh an Ghníomhaireacht na sonraí náisiúnta ábhartha trí na pointí fócasacha náisiúnta. Sula mbaileoidh siad na sonraí, Pléifidh an Ghníomhaireacht an pacáiste náisiúnta tuairiscithe leis na pointí fócasacha náisiúnta agus tiocfaidh siad ar chomhaontú le chéile maidir leis. D’fhéadfadh an Ghníomhaireacht foinsí breise faisnéise a úsáid le haghaidh sonraí náisiúnta. I gcás ina n-úsáideann an Ghníomhaireacht foinsí breise den sórt sin, coinneoidh sé an pointe fócasach náisiúnta lena mbaineann ar an eolas go cuí. Déanfar na sonraí a bhailítear, i gcás inar féidir, a imdhealú de réir gnéis agus, i gcás inar féidir, de réir inscne. Cuirfear gnéithe inscne-íogaire an bheartais drugaí san áireamh le sonraí den sórt sin.

3.   Forbróidh an Ghníomhaireacht, laistigh dá sainordú, modhanna agus cineálacha cur chuige bailithe sonraí, lena n-áirítear trí thionscadail le comhpháirtithe seachtracha.

4.   Forbróidh an Ghníomhaireacht na réitigh dhigiteacha is gá chun faisnéis agus sonraí a bhailiú, a bhailíochtú, a anailísiú, a thuairisciú, a bhainistiú agus a mhalartú, lena n-áirítear ar bhealach uathoibrithe.

5.   Scaipfidh an Ghníomhaireacht faisnéis agus sonraí tríd an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a tháirgeann sí a chur ar fáil don Aontas, do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear maidir le forbairtí nua agus treochtaí athraitheacha;

(b)

scaipeadh forleathan a cuid anailíse, conclúidí agus tuarascálacha a áirithiú, lena n-áirítear ar an bpobal eolaíochta, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ar na pobail dá ndéantar difear, daoine a úsáideann drugaí san áireamh, cé is moite d’fhaisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe dá dtagraítear in Airteagal 49;

(c)

tuarascáil rialta a fhoilsiú, ar bhonn na sonraí a bhailíonn sí, maidir le staid fheiniméan na ndrugaí agus treochtaí atá ag teacht chun cinn;

(d)

acmhainní doiciméadachta eolaíochta oscailte a chur ar bun agus a chur ar fáil;

(e)

faisnéis a sholáthar faoi chaighdeáin cháilíochta, dea-chleachtais fianaisebhunaithe, cuir chuige nuálacha agus faoi thorthaí taighde is féidir a chur chun feidhme sna Ballstáit agus malartú faisnéise maidir leis na caighdeáin agus na cleachtais sin, agus a gcur chun feidhme, a éascú.

6.   I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis agus sonraí imdhealaithe a scaipeadh, go háirithe de réir Ballstáit, gnéis, inscne, aoise, míchumais agus stádas socheacnamaíoch, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go háirithe maidir le cosaint sonraí.

7.   Agus faisnéis agus sonraí faoi mhír 5 á scaipeadh aici, cuirfidh an Ghníomhaireacht tagairtí d’fhoinsí na faisnéise agus na sonraí sin leo.

8.   Ní scaipfidh ná ní tharchuirfidh an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis agus sonraí a lenar féidir daoine aonair nó grúpaí beaga daoine aonair a shainaithint.

Airteagal 7

Faireachán a dhéanamh ar fheiniméan na ndrugaí agus dea-chleachtais a chomhroinnt

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar an méid seo a leanas:

(a)

feiniméan na ndrugaí san Aontas ar bhealach iomlánaíoch, trí tháscairí eipidéimeolaíocha agus táscairí eile a úsáid, lena gcumhdaítear gnéithe na sláinte, chearta an duine, sóisialta, sábháilteachta agus slándála de, lena n-áirítear cur chun feidhme na ndoiciméad straitéiseach is infheidhme de chuid an Aontais a bhaineann le drugaí;

(b)

dea-chleachtais fianaisebhunaithe agus cineálacha cur chuige nuálacha maidir le freagairtí i ndáil le sláinte, cearta an duine, cúrsaí sóisialta, sábháilteacht nó slándáil;

(c)

úsáid drugaí, neamhoird úsáide drugaí, andúil i ndrugaí agus rioscaí gaolmhara sláinte, díobháil a bhaineann le drugaí, iompraíocht a bhfuil riosca ag gabháil léi a bhaineann le húsáid drugaí agus treochtaí atá ag teacht chun cinn sna réimsí sin;

(d)

úsáid ilsubstaintí agus a hiarmhairtí, go háirithe na rioscaí méadaithe maidir le fadhbanna sláinte agus sóisialta, na nithe is deitéarmanaint shóisialta maidir le húsáid drugaí, neamhoird agus andúil in úsáid drugaí, agus na himpleachtaí do bheartais agus do fhreagairtí;

(e)

úsáid drugaí agus ilsubstaintí agus a hiarmhairtí ó thaobh aoise agus inscne de, go háirithe a tionchar ar fhoréigean inscnebhunaithe;

(f)

treochtaí atá ag teacht chun cinn i bhfeiniméan na ndrugaí san Aontas agus go hidirnáisiúnta a mhéid a bhfuil tionchar acu ar an Aontas; áireofar le faireachán faoin bpointe seo faireachán ar sholáthar drugaí, lena n-áirítear táirgeadh, gáinneáil aindleathach agus coireanna gaolmhara eile agus úsáid teicneolaíochtaí nua, gan dochar do shainorduithe comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais;

(g)

i gcomhar le Europol agus le tacaíocht ó phointí fócasacha náisiúnta agus ó aonaid náisiúnta Europol, gach substaint shícighníomhach nua atá tuairiscithe ag na Ballstáit;

(h)

réamhtheachtaithe drugaí agus atreorú agus gáinneáil réamhtheachtaithe drugaí;

(i)

cur chun feidhme bheartais an Aontais agus beartais náisiúnta maidir le drugaí, lena n-áirítear d’fhonn tacú le forbairt agus le meastóireacht neamhspleách beartas den sórt sin.

2.   Bunaithe ar a gníomhaíochtaí faireacháin faoi mhír 1, déanfaidh an Ghníomhaireacht dea-chleachtais fianaisebhunaithe agus cineálacha cuir chuige nuálacha a shainaithint agus tacóidh sí leo, agus i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sí iad a chomhfhorbairt. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na dea-chleachtais agus na cur chuige sin a chomhroinnt leis na Ballstáit agus éascóidh sí malartú dea-chleachtas agus cur chuige den sórt sin eatarthu.

3.   Forbróidh an Ghníomhaireacht uirlisí agus ionstraimí chun cabhrú leis na Ballstáit faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartais náisiúnta, i gcomhar leis na pointí fócasacha náisiúnta, agus chun cuidiú leis an gCoimisiún faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartais an Aontais.

4.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht faoi chleachtaí fadbhreathnaitheachta rialta, agus an fhaisnéis atá ar fáil á cur san áireamh. Forbróidh sí, ar an mbonn sin, cásanna ábhartha maidir le beartas drugaí a fhorbairt amach anseo.

CAIBIDIL III

Ullmhacht

Airteagal 8

Malartú faisnéise maidir le substaintí sícighníomhacha nua, agus córas luathrabhaidh maidir leo

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh a phointe fócasach náisiúnta agus a aonad náisiúnta Europol an fhaisnéis atá ar fáil maidir le substaintí sícighníomhacha nua a sholáthar don Ghníomhaireacht agus do Europol, agus a sainorduithe faoi seach á gcur san áireamh, ar bhealach tráthúil agus gan moill mhíchuí. Bainfidh an fhaisnéis sin le brath agus le sainaithint na substaintí sin, lena n-úsáid agus le patrúin a n-úsáide, lena monarú, lena n-eastóscadh, lena ndáileadh agus lena modhanna dáilte, lena ngáinneáil, lena n-úsáid tráchtála, mhíochaine agus eolaíoch, agus leis na rioscaí féideartha agus sainaitheanta a ghabhann leis na substaintí sin.

2.   I gcomhar le Europol, déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoi shubstaintí sícighníomhacha nua a bhailiú, a chomhthiomsú, a anailísiú agus a mheasúnú. Cuirfidh sí an fhaisnéis sin in iúl go tráthúil do na pointí fócasacha náisiúnta, d’aonaid náisiúnta Europol agus don Choimisiún d’fhonn aon fhaisnéis a theastaíonn le haghaidh luathrabhaidh a sholáthar dóibh.

Tarraingeoidh an Ghníomhaireacht suas na tuarascálacha tosaigh nó na tuarascálacha comhcheangailte tosaigh de bhun Airteagal 9 ar bhonn na faisnéise arna bailiú de bhun na chéad fhomhíre.

Airteagal 9

Tuarascáil tosaigh

1.   I gcás ina measann an Ghníomhaireacht, an Coimisiún nó tromlach de na Ballstáit go bhfuil ábhar imní ann, mar gheall ar an bhfaisnéis faoi shubstaint shícighníomhach nua a bailíodh i mBallstát amháin nó níos mó agus a comhroinneadh leis an nGníomhaireacht, an Coimisiún nó tromlach de na Ballstáit go bhféadfadh rioscaí don tsláinte nó rioscaí sóisialta a bheith ag gabháil leis an tsubstaint shícighníomhach nua ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil tosaigh a tharraingt suas ar an tsubstaint shícighníomhach nua.

Chun críoch na chéad fhomhíre, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas maidir lena mian go ndéanfaí tuarascáil tosaigh a tharraingt suas. I gcás ina gcuireann tromlach na mBallstát an Coimisiún ar an eolas, tabharfaidh an Coimisiún treoir don Ghníomhaireacht dá réir agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas ina leith.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas i dtuarascáil tosaigh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

réamhléiriú ar chineál, líon agus scála na dteagmhas a léiríonn fadhbanna sláinte agus sóisialta ina bhféadfadh an tsubstaint shícighníomhach nua a bheith i gceist, agus patrúin úsáide na substainte sícighníomhaí nua;

(b)

réamhléiriú ar chur síos ceimiceach agus fisiceach na substainte sícighníomhaí nua agus na modhanna agus na réamhtheachtaithe a úsáidtear lena monarú nó lena heastóscadh;

(c)

réamhléiriú ar chur síos cógaseolaíoch agus tocsaineolaíoch na substainte sícighníomhaí nua;

(d)

réamhléiriú ar rannpháirtíocht grúpaí coiriúla i monarú nó i ndáileadh na substainte sícighníomhaí nua;

(e)

faisnéis maidir le húsáid mhíochaine na substainte sícighníomhaí nua ag an duine nó sa tréidliacht, lena n-áirítear a húsáid mar shubstaint ghníomhach i dtáirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta;

(f)

faisnéis maidir le húsáid tráchtála agus thionsclaíoch na substainte sícighníomhaí nua, le méid na húsáide sin, agus ar úsáid na substainte ar mhaithe le taighde eolaíoch agus forbairt eolaíoch;

(g)

faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an tsubstaint shícighníomhach nua faoi réir aon bhearta sriantacha in aon Bhallstát;

(h)

faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an tsubstaint shícighníomhach nua á measúnú faoi láthair nó cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh í a mheasúnú laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe;

(i)

faisnéis ábhartha eile, i gcás ina bhfuil sí ar fáil.

3.   Chun críoch na tuarascála tosaigh dá dtagraítear i mír 1, úsáidfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis atá ar fáil di.

4.   I gcás ina measann an Ghníomhaireacht gur gá déanamh amhlaidh, iarrfaidh sí ar na pointí fócasacha náisiúnta faisnéis bhreise a sholáthar ar shubstaint shícighníomhach nua. Soláthróidh na pointí fócasacha náisiúnta faisnéis den sórt sin laistigh de 2 sheachtain tar éis dóibh iarraidh den sórt sin a fháil.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan moill mhíchuí, tar éis di tús a chur le tuarascáil tosaigh a tharraingt suas de bhun mhír 1, faisnéis a iarraidh ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an tsubstaint, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, ina substaint ghníomhach nua i gceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil údarú margaíochta faighte aige i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

(b)

táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta atá ina ábhar d’iarratas ar údarú margaíochta;

(c)

táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil a údarú margaíochta curtha ar fionraí ag an údarás inniúil;

(d)

táirge neamhúdaraithe íocshláinte lena úsáid ag an duine i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) de Threoir 2001/83/CE nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta arna ullmhú ar an toirt i gcomhréir le hAirteagal 112(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/6;

(e)

táirge íocshláinte imscrúdaitheach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d) de Threoir 2001/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

I gcás ina mbaineann an fhaisnéis a tugadh faoin gcéad fhomhír le húdaruithe margaíochta arna ndeonú ag na Ballstáit, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis sin ar fáil don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach arna iarraidh sin di.

6.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan moill mhíchuí, tar éis di tús a chur le tuarascáil tosaigh a tharraingt suas de bhun mhír 1, faisnéis a iarraidh ar Europol maidir le rannpháirtíocht grúpaí coiriúla i monarú, i ndáileadh agus i modhanna dáilte na substainte sícighníomhaí nua agus i ngáinneáil uirthi, agus maidir le haon úsáid a bhaintear as an tsubstaint shícighníomhach nua.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan moill mhíchuí, tar éis di tús a chur le tuarascáil tosaigh a tharraingt suas de bhun mhír 1, a iarraidh ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), agus ar an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), an fhaisnéis agus na sonraí atá ar fáil dóibh maidir leis an tsubstaint shícighníomhach nua a sholáthar.

8.   Is le socruithe oibre a leagfar amach sonraí an chomhair idir an Ghníomhaireacht agus gníomhaireachtaí an Aontais dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 den Airteagal seo. Tabharfar na socruithe oibre sin i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 53(2).

9.   Urramóidh an Ghníomhaireacht na coinníollacha maidir le húsáid faisnéise, ar coinníollacha iad a chuirfear in iúl don Ghníomhaireacht, lena n-áirítear coinníollacha maidir le rochtain ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis, maidir le slándáil faisnéise agus sonraí, agus maidir le cosaint sonraí rúnda, lena n-áirítear sonraí íogaire agus faisnéis rúnda ghnó de chuid tríú páirtithe.

10.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil tosaigh dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát laistigh de 5 seachtaine ó na hiarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 a dhéanamh.

11.   I gcás ina mbailíonn an Ghníomhaireacht faisnéis maidir le roinnt substaintí sícighníomhacha nua a measann sí go bhfuil struchtúr ceimiceach comhchosúil acu, cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát tuarascáil tosaigh aonair dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh gach ceann de na substaintí sícighníomhacha nua sin, nó tuarascálacha comhcheangailte tosaigh ina mbeidh trácht ar roinnt substaintí sícighníomhacha nua, ar choinníoll go mbeidh saintréithe gach substainte sícighníomhaí nua sainaitheanta go soiléir, agus déanfaidh sé amhlaidh laistigh de 6 seachtaine ó na hiarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 a dhéanamh.

Airteagal 10

An nós imeachta measúnaithe riosca agus tuarascáil

1.   Laistigh de 2 sheachtain ó thuarascáil tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 9(10) a fháil, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an nGníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an tsubstaint shícighníomhach nua agus tuarascáil ar an measúnú riosca a tharraingt suas ina leith, i gcás ina léirítear sa tuarascáil tosaigh go bhféadfadh rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus, i gcás inarb infheidhme, rioscaí tromchúiseacha sóisialta, a bheith ag gabháil leis an tsubstaint shícighníomhach nua sin. Is é an Coiste Eolaíochta a dhéanfaidh an measúnú riosca.

2.   Laistigh de 2 sheachtain ó thuarascálacha tosaigh aonair nó tuarascáil chomhcheangailte tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 9(11) a fháil, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le roinnt substaintí sícighníomhacha nua a bhfuil struchtúr ceimiceach comhchosúil acu agus tuarascáil ar an measúnú comhcheangailte riosca a tharraingt suas ina leith, i gcás ina léirítear sa tuarascáil chomhcheangailte tosaigh go bhféadfadh rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus, i gcás inarb infheidhme, rioscaí tromchúiseacha sóisialta, a bheith ag gabháil leis na substaintí sícighníomhacha nua sin. Is é an Coiste Eolaíochta a dhéanfaidh an measúnú comhcheangailte riosca.

3.   Beidh an méid seo a leanas sa tuarascáil ar an measúnú riosca nó sa tuarascáil ar an measúnú comhcheangailte riosca:

(a)

an fhaisnéis atá ar fáil maidir le hairíonna ceimiceacha agus fisiceacha na substainte sícighníomhaí nua nó na substaintí sícighníomhacha nua agus leis na modhanna agus leis na réamhtheachtaithe a úsáidtear chun í nó iad a mhonarú nó a eastóscadh;

(b)

an fhaisnéis atá ar fáil maidir le hairíonna cógaseolaíocha agus tocsaineolaíocha na substainte sícighníomhaí nua nó na substaintí sícighníomhacha nua;

(c)

anailís ar na rioscaí sláinte a bhaineann leis an tsubstaint shícighníomhach nua nó leis na substaintí síchighníomhacha nua, go háirithe maidir leis an ngéarthocsaineacht agus leis an tocsaineacht ainsealach a bhaineann léi nó leo, leis an dóchúlacht go mbainfear mí-úsáid aisti nó astu, leis an bhféidearthacht go n-éireoidh duine spleách uirthi nó orthu, agus leis na héifeachtaí féideartha fisiceacha, meabhracha agus iompraíochta atá aici nó acu;

(d)

anailís ar na rioscaí sóisialta a ghabhann leis an tsubstaint shícighníomhach nua nó leis na substaintí sícighníomhacha nua— go háirithe a tionchar nó a dtionchar ar fheidhmiú sóisialta, ar an ord poiblí agus ar ghníomhaíochtaí coiriúla, agus rannpháirtíocht grúpaí coiriúla i monarú, i ndáileadh agus i modhanna dáilte, agus i ngáinneáil na substainte sícighníomhaí nua nó na substaintí sícighníomhacha nua;

(e)

an fhaisnéis atá ar fáil maidir le méid agus patrúin úsáide na substainte sícighníomhaí nua nó na substaintí sícighníomhacha nua agus leis an bhfáil atá uirthi nó orthu agus leis an bhféidearthacht go scaipfear í nó iad laistigh den Aontas;

(f)

an fhaisnéis atá ar fáil maidir le húsáid tráchtála agus thionsclaíoch na substainte sícighníomhaí nua nó na substaintí sícighníomhacha nua, le méid na húsáide sin, agus le húsáid na substainte nó na substaintí ar mhaithe le taighde eolaíoch agus forbairt eolaíoch;

(g)

faisnéis ábhartha eile, i gcás ina bhfuil sí ar fáil.

4.   Déanfaidh an Coiste Eolaíochta measúnú riosca chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a ghabhann leis an tsubstaint shícighníomhach nua nó leis an ngrúpa substaintí sícighníomhacha nua. I gcás gach measúnaithe riosca den sórt sin, beidh sé de cheart ag an gCoimisiún, an Ghníomhaireacht, Europol agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach faoi seach beirt bhreathnóirí a cheapadh.

5.   Déanfaidh an Coiste Eolaíochta an measúnú riosca dá dtagraítear i mír 4 ar bhonn na faisnéise atá ar fáil agus ar bhonn aon fhianaise eolaíoch ábhartha eile. Cuirfidh sé tuairimí uile chomhaltaí a choiste san áireamh. Eagróidh an Ghníomhaireacht an nós imeachta um measúnú riosca, lena n-áirítear sainaithint na riachtanas faisnéise a bheidh ann amach anseo mar aon le staidéar ábhartha.

6.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil ar an measúnú riosca nó an tuarascáil ar an measúnú comhcheangailte riosca faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát laistigh de 6 seachtaine ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún tuarascáil ar an measúnú riosca a tharraingt suas de bhun mhír 1 nó tuarascáil ar an measúnú comhcheangailte riosca a tharraingt suas de bhun mhír 2.

7.   Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón nGníomhaireacht a fháil, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse ar lena linn atá an measúnú riosca nó an measúnú comhcheangailte riosca a leagtar amach i mír 6 le críochnú ar mhaithe le taighde breise agus bailiú sonraí breise a cheadú. Beidh faisnéis maidir leis an tréimhse ama a theastaíonn chun an measúnú riosca nó an measúnú comhcheangailte riosca a chríochnú in iarraidh den sórt sin.

8.   Ina theannta sin, soláthróidh an Ghníomhaireacht mear-mheasúnuithe riosca tráthúla, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), i gcás bagairt dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), den Rialachán sin, i gcás ina dtagann an bhagairt sin faoi shainordú na Gníomhaireachta.

Airteagal 11

Eisiamh ón measúnú riosca

1.   Ní dhéanfar aon mheasúnú riosca sa chás go bhfuil céim i bhfad amach sroichte sa mheasúnú ar an tsubstaint shícighníomhach nua laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe, eadhon a luaithe a bheidh Coiste Saineolaithe na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar Spleáchas ar Dhrugaí tar éis a athbhreithniú criticiúil, mar aon le moladh i scríbhinn, a fhoilsiú, ach amháin sa chás go bhfuil sonraí leordhóthanacha agus faisnéis leordhóthanach ann chun a thabhairt le tuiscint go bhfuil gá le tuarascáil ar an measúnú riosca ar leibhéal an Aontais, a luafar na cúiseanna atá léi sa tuarascáil tosaigh le haghaidh na substainte sin.

2.   Ní dhéanfar aon mheasúnú riosca i gcás inarb amhlaidh, tar éis measúnú laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe, gur cinneadh gan an tsubstaint shícighníomhach nua a sceidealú ach amháin sa chás go bhfuil sonraí leordhóthanacha agus faisnéis leordhóthanach ann chun a thabhairt le tuiscint go bhfuil gá le tuarascáil ar an measúnú riosca ar leibhéal an Aontais, a luafar na cúiseanna atá léi sa tuarascáil tosaigh le haghaidh na substainte sin.

3.   Ní dhéanfar aon mheasúnú riosca sa chás go bhfuil an tsubstaint shícighníomhach nua ina substaint ghníomhach i gceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a)

táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil údarú margaíochta faighte aige i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6;

(b)

táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta atá ina ábhar d’iarratas ar údarú margaíochta;

(c)

táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine nó i dtáirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil a údarú margaíochta curtha ar fionraí ag an údarás inniúil;

(d)

táirge íocshláinte imscrúdaitheach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Threoir 2001/20/CE.

Airteagal 12

Measúnú ar bhagairt sláinte agus slándála agus ullmhacht

1.   Forbróidh an Ghníomhaireacht cumas straitéiseach atá fianaisebhunaithe maidir le measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála chun forbairtí nua ar fheiniméan na ndrugaí a shainaithint go luath, ar forbairtí iad a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar shláinte, ar ghnóthaí sóisialta, ar shábháilteacht nó ar shlándáil san Aontas, agus tríd an méid sin a dhéanamh, chun cuidiú le hullmhacht na ngeallsealbhóirí ábhartha a mhéadú chun freagairt ar bhagairtí nua ar bhealach éifeachtach, tráthúil.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála a sheoladh ar a tionscnamh féin bunaithe ar bhreithmheas inmheánach ar chomharthaí a eascraíonn as faireachán rialta, taighde nó foinsí faisnéise iomchuí eile. Féadfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála a sheoladh freisin arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i mír 1.

3.   Is éard a bheidh i measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála meastóireacht mhear ar fhaisnéis atá ann cheana agus, i gcás inar gá, ar bhailiú faisnéise nua trí líonraí faisnéise na Gníomhaireachta. Forbróidh an Ghníomhaireacht modhanna iomchuí um mhear-mheasúnaithe eolaíocha.

4.   I gcás, tar éis measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála, ina ndéanfaidh an Gníomhaireacht tuarascáil ar an measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála a tharraingt suas sa tuarascáil sin tabharfar tuairisc ar an mbagairt arna sainaithint, an staid reatha bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás nach ndéanfaí aon ghníomhaíocht. Leagfar amach leis an tuarascáil ar an measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála roghanna maidir le hullmhacht agus freagairt is féidir a ghlacadh chun an bhagairt arna sainaithint a mhaolú agus chun freagairt di, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, idirghabhálacha fianaisebhunaithe maidir le laghdú éilimh, laghdú riosca agus dochair agus téarnamh. D’fhéadfadh bearta leantacha a bheith sa tuarascáil ar an measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála freisin. Seolfaidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil ar an measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála chuig an gCoimisiún agus, de réir mar is iomchuí, chuig na Ballstáit.

5.   Oibreoidh an Ghníomhaireacht i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála a dhéanamh trí pháirt a thabhairt dóibh sa mheasúnú de réir mar is iomchuí. I gcás ina bhfuil an bhagairt fhéideartha faoi réir anailíse faoi shásra eile de chuid an Aontais cheana féin, ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar bhagairtí sláinte agus slándála.

6.   Le comhaontú ón gCoimisiún, déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnuithe ar bhagairtí sláinte agus slándála ar bhagairtí a bhaineann le drugaí a eascraíonn as áiteanna lasmuigh den Aontas, ar bagairtí iad a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an tsláinte, ar ghnéithe sóisialta, ar an tsábháilteacht nó ar an tslándáil laistigh den Aontas.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar fhorás na staide agus, i gcás inar gá, tabharfaidh sí na measúnuithe ar bhagairtí sláinte agus slándála cothrom le dáta dá réir.

Airteagal 13

Córas foláirimh Eorpach um dhrugaí

1.   Bunóidh agus bainisteoidh an Ghníomhaireacht córas mear-fholáirimh Eorpach um dhrugaí, ar córas é a chomhlánóidh na córais foláirimh náisiúnta ábhartha agus gan dochar dóibh. Beidh an córas foláirimh Eorpach um dhrugaí comhlántach leis an gcóras luathrabhaidh dá dtagraítear in Airteagal 8.

2.   Déanfaidh na pointí fócasacha náisiúnta, i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis maidir le riosca tromchúiseach díreach nó indíreach atá tagtha chun cinn i ndáil le drugaí ar riosca é do shláinte, do ghnéithe sóisialta, do shábháilteacht nó do shlándáil agus d’aon fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun freagra a chomhordú aon uair a fhaigheann siad amach faoin bhfaisnéis sin, mar shampla:

(a)

cineál agus foinse an riosca;

(b)

dáta agus áit an teagmhais lena mbaineann an riosca;

(c)

na modhanna nochta, tarchurtha nó scaipthe;

(d)

sonraí anailíseacha agus tocsaineolaíocha;

(e)

modhanna sainaitheantais;

(f)

rioscaí sláinte;

(g)

rioscaí sóisialta, sábháilteachta agus slándála;

(h)

bearta sláinte a cuireadh chun feidhme nó a bhfuil sé beartaithe iad a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta;

(i)

bearta seachas bearta sláinte;

(j)

aon fhaisnéis eile is ábhartha maidir leis an riosca tromchúiseach don tsláinte i dtrácht.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís agus measúnú ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí atá ar fáil maidir le rioscaí tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte agus comhlánóidh sí an fhaisnéis sin le haon fhaisnéis eolaíoch agus theicniúil atá ar fáil ón gcóras luathrabhaidh dá dtagraítear in Airteagal 8 agus le measúnuithe eile ar bhagairtí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 12, ó chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird ar an bhfaisnéis foinse oscailte agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil a gheofar trína cuid uirlisí bailithe sonraí agus ó na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an pobal eolaíochta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

4.   Bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí a gheofar de bhun mhír 3, déanfaidh an Ghníomhaireacht fógraí mear-fholáirimh spriocdhírithe faoi riosca a sholáthar do na húdaráis náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear na pointí fócasacha náisiúnta. Féadfaidh an Ghníomhaireacht roghanna freagartha a mholadh i bhfógraí riosca den sórt sin. Féadfaidh na Ballstáit na roghanna freagartha sin a mheas mar chuid dá bpleanáil ullmhachta agus dá ngníomhaíochtaí freagartha náisiúnta.

5.   Cuirfidh na pointí fócasacha náisiúnta, i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi fhaisnéis bhreise atá ar fáil dóibh chun a chur ar a cumas don Ghníomhaireacht anailís agus measúnú breise a dhéanamh ar na rioscaí dá dtagraítear i mír 2 agus ar na bearta a cuireadh chun feidhme nó ar na bearta a rinneadh tar éis na fógraí mear-fholáirimh faoi riosca dá dtagraítear i mír 4 a fháil.

6.   Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht go dlúth leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit chun an comhleanúnachas is gá a chur chun cinn sa phróiseas cumarsáide maidir le rioscaí.

7.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht rannpháirtíocht sa chóras foláirimh Eorpach um dhrugaí a oscailt do thríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta. Beidh an rannpháirtíocht sin bunaithe ar chómhalartacht agus cuimseoidh sí bearta rúndachta a bheidh coibhéiseach leis na bearta is infheidhme sa Ghníomhaireacht.

8.   I ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, go háirithe leis na pointí fócasacha náisiúnta, déanfaidh an Ghníomhaireacht, más gá, córas foláirimh a fhorbairt chun faisnéis maidir le riosca sonracha chur ar fáil, i gcás inarb iomchuí, do dhaoine a úsáideann drugaí sonracha nó a d’fhéadfadh úsáid a bhaint astu.

9.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht a foláirimh maidir le drugaí a thabhairt cothrom le dáta, nuair is gá.

Airteagal 14

Réamhtheachtaithe drugaí

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún ó thaobh faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí a bhaineann le hatreorú agus gáinneáil ar réamhtheachtaithe drugaí, agus ó thaobh measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathrú a dhéanamh ar an gcatagóir de shubstaintí sceidealaithe agus neamhsceidealaithe atá liostaithe, sin nó cur leis nó baint de, i ndáil le Rialacháin (CE) Uimh. 273/2004 agus (CE) Uimh. 111/2005, lena n-áirítear maidir lena n-úsáidí dleathacha agus aindleathacha a shainaithint agus a mheasúnú.

2.   Ullmhóidh an Ghníomhaireacht, aisti féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún, tuarascáil ar mheasúnú ar bhagairt maidir le réamhtheachtaithe drugaí.

Airteagal 15

Líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha

1.   Bunóidh agus bainisteoidh an Ghníomhaireacht líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha atá gníomhach in imscrúduithe fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha ar dhrugaí agus ar dhíobháil a bhaineann le drugaí (‘an líonra’).

2.   Feidhmeoidh an líonra go príomha mar fhóram chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

sonraí a ghiniúint agus faisnéis a mhalartú maidir le forbairtí agus treochtaí nua;

(b)

oiliúint a eagrú chun inniúlacht na saineolaithe drugaí fóiréinseacha agus tocsaineolaíochta a fheabhsú;

(c)

tacú le cur chun feidhme na scéimeanna dearbhaithe cáilíochta; agus

(d)

tacú le comhchuibhiú breise a dhéanamh ar mhodhanna bailithe sonraí agus ar mhodhanna anailíseacha.

Cuirfear na pointí fócasacha náisiúnta ar an eolas ar bhonn rialta, ar a laghad uair amháin sa bhliain, maidir le gníomhaíochtaí an líonra. Beidh rochtain ag na pointí fócasacha náisiúnta ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna nginiúint ag an líonra.

3.   Beidh sé de cheart ag gach Ballstát, trína ionadaí ar an mBord Bainistíochta, suas le trí shaotharlann a cheapadh chuig an líonra, a bhfuil speisialtóireacht acu in anailís fhóiréinseach, tocsaineolaíocht nó réimsí ábhartha eile a bhaineann le drugaí, chun gníomhú mar shaotharlanna ionadaíocha náisiúnta. Saotharlanna nó saineolaithe breise atá gníomhach go háirithe in imscrúduithe fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha ar dhrugaí agus ar dhíobháil a bhaineann le drugaí, féadfaidh an Ghníomhaireacht na saotharlanna sin a roghnú le haghaidh tionscadail ar leith.

4.   Beidh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin ina chomhalta den líonra agus beidh sé ina ionadaí don Choimisiún sa líonra.

5.   Comhoibreoidh an líonra go dlúth leis na líonraí agus leis na heagraíochtaí atá ann cheana féin agus atá gníomhach sna réimsí céanna leis an líonra agus cuirfidh sé a gcuid oibre san áireamh chun forluí a sheachaint. Cuirfear líonra Reitox ar an eolas go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, faoi obair an líonra.

6.   Is í an Ghníomhaireacht a bheidh ina cathaoirleach ar an líonra agus tionólfaidh sí cruinniú amháin ar a laghad in aghaidh na bliana. Féadfaidh an líonra a chinneadh meithleacha a chruthú ar a bhféadfaidh comhaltaí den líonra cathaoirleacht a dhéanamh.

7.   Cuirfidh an líonra ar a cumas don Ghníomhaireacht rochtain a fháil ar shonraí fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha, arna nginiúint nó arna mbailiú ag saotharlanna an líonra lena n-áirítear, i gcás inar gá, chun anailís a dhéanamh ar shubstaintí sícighníomhacha nua.

8.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht tionscadail shonracha a shainaithint agus a mhaoiniú chun obair an líonra a chur chun cinn, de réir mar is iomchuí agus bunaithe ar rialacha agus nósanna imeachta soiléire agus trédhearcacha. Bunóidh an Ghníomhaireacht na rialacha agus na nósanna imeachta sin sula ndéanfaidh sí na tionscadail sin a shainaithint.

9.   Cruthóidh an Ghníomhaireacht bunachar sonraí chun an fhaisnéis agus na sonraí arna mbailiú nó arna nginiúint ag an líonra a stóráil, a anailísiú agus a chur ar fáil, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Rialachán seo, lena n-áirítear Airteagal 6(8) agus Airteagal 49.

CAIBIDIL IV

Forbairt inniúlachtaí

Airteagal 16

Idirghabhálacha fianaisebhunaithe, dea-chleachtais agus múscailt feasachta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht idirghabhálacha fianaisebhunaithe agus dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn maidir le, agus feasacht a mhúscailt faoi, éifeachtaí díobhálacha drugaí, cosc, cóireáil, cúram, laghdú riosca agus díobhála, athshlánú, athimeascadh sa tsochaí agus téarnamh. I gcás inarb ábhartha, glacfaidh an Ghníomhaireacht cur chuige atá inscne-íogair agus cuirfidh sí gné na haoise san áireamh. Féadfar idirghabhálacha fianaisebhunaithe, dea-chleachtais agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta a oiriúnú don chomhthéacs náisiúnta agus a chur chun feidhme ar leibhéal náisiúnta agus, nuair is gá, féadfar iad a dhíriú ar ghrúpaí sonracha.

2.   Beidh idirghabhálacha fianaisebhunaithe, dea-chleachtais agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na noirm i ndáil le cearta an duine agus an dearcadh polaitiúil a leagtar amach sna doiciméid straitéiseacha is infheidhme ón Aontas a bhaineann le drugaí.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht cur chun feidhme na gcaighdeán cáilíochta atá ann cheana chun drugaí a chosc a chur chun cinn agus iad a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá. Cuirfidh an Ghníomhaireacht oiliúint nó tacaíocht ar fáil de bhun Airteagal 19. Forbróidh an Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, caighdeáin cháilíochta do laghdú riosca agus díobhála, do chóireáil, do théarnamh, do chúram agus d’athshlánú.

4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht tacaíocht a thairiscint do na Ballstáit agus cuideoidh sí leo, faoi réir a réamh-chomhaontú, idirghabhálacha náisiúnta a fhorbairt i réimse a sainordaithe.

Airteagal 17

Scéim measúnaithe le haghaidh bearta náisiúnta

1.   Arna iarraidh sin d’údarás náisiúnta de chuid tír rannpháirteach, déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar bhearta náisiúnta i gcomhréir leis an bprótacal oibríochta caighdeánach dá bhforáiltear i mír 3.

2.   Sula ndéanfaidh sí measúnú ar bheart náisiúnta, déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht air agus déanfaidh sí anailís ar an gcomhlíonann sé staid na himeartha eolaíoch is déanaí agus an bhfuil cruthúnas ann go bhfuil sé úsáideach ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí dearbhaithe atá aici.

3.   Forbróidh an Ghníomhaireacht nós imeachta um measúnú. Leagfaidh an Ghníomhaireacht an nós imeachta um measúnú amach ar bhealach trédhearcach i bprótacal oibríochta caighdeánach. Formheasfaidh an Bord Bainistíochta an prótacal oibríochta caighdeánach agus aon athrú air sula gcuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm é.

4.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Bord Bainistíochta ar an eolas go tráthrialta faoi na measúnuithe a dhéanfaidh sí de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 18

Tacaíocht do na Ballstáit

1.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Ghníomhaireacht tacú le meastóireacht neamhspleách ar a bheartais maidir le drugaí agus le beartais fianaisebhunaithe maidir le drugaí a fhorbairt i gcomhréir leis na doiciméid straitéiseacha is infheidhme de chuid an Aontais a bhaineann le drugaí.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht tacaíocht a thairiscint do na Ballstáit agus, faoi réir a réamh-chomhaontaithe, cuideoidh sí leo lena mbeartais náisiúnta maidir le drugaí, a gcaighdeáin cháilíochta, a ndea-chleachtais agus a gcuir chuige nuálacha a chur chun feidhme. Éascóidh an Ghníomhaireacht malartuithe faisnéise, lena n-áirítear maidir leis an dlí ábhartha agus dea-chleachtais, idir údaráis agus saineolaithe náisiúnta.

3.   Nuair a thacaíonn sí le meastóireacht ar bheartais drugaí, gníomhóidh an Ghníomhaireacht go neamhspleách agus beidh a caighdeáin eolaíocha agus cur chuige fianaisebhunaithe ina dtreoir di.

Airteagal 19

Oiliúint

Faoi chuimsiú raon feidhme a sainordaithe agus i gcomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

oiliúint speisialaithe agus curaclaim speisialaithe a chur ar fáil i réimsí a bhaineann le leas an Aontais agus i réimsí ábhartha;

(b)

uirlisí agus córais tacaíochta a bhaineann le hoiliúint a chur ar fáil chun malartú eolais ar fud an Aontais a éascú;

(c)

cúnamh a thabhairt do na Ballstáit chun tionscnaimh oiliúna agus tionscnaimh fothaithe acmhainneachta a eagrú.

Airteagal 20

Comhar idirnáisiúnta agus cúnamh teicniúil

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

creat um chomhar idirnáisiúnta a fhorbairt, rud a bheidh le formheas ag an mBord Bainistíochta faoi réir formheas roimh ré ón gCoimisiún, agus treoróidh an Coimisiún gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i réimse an chomhair idirnáisiúnta;

(b)

oibriú go gníomhach i gcomhar leis na heagraíochtaí agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 53(1);

(c)

tacú le malartú agus scaipeadh dhea-chleachtais an Aontais agus le malartú agus scaipeadh torthaí taighde is féidir a chur chun feidhme ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(d)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ar fheiniméan idirnáisiúnta na ndrugaí a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt don Aontas nó a bhféadfadh impleachtaí a bheith acu don Aontas trí fhaireachán agus anailís a dhéanamh ar fhaisnéis atá ar fáil ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, ó údaráis náisiúnta, ó thorthaí taighde agus ó fhoinsí ábhartha eile faisnéise;

(e)

sonraí agus anailís ar staid na ndrugaí san Eoraip a sholáthar i gcruinnithe idirnáisiúnta iomchuí agus i bhfóraim theicniúla iomchuí, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, agus tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit san idirphlé idirnáisiúnta maidir le drugaí;

(f)

é a chur chun cinn go n-ionchorprófar na sonraí uile is ábhartha maidir le drugaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus arna mbailiú sna Ballstáit nó a thagann as an Aontas i gcláir faireacháin idirnáisiúnta agus i gcláir rialaithe drugaí, go háirithe na cláir sin a bhunaigh na Náisiúin Aontaithe agus a sainghníomhaireachtaí, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir le faisnéis a tharchur faoi Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí;

(g)

tacú leis na Ballstáit le tuairisciú na faisnéise ábhartha agus le soláthar na hanailíse is gá do chóras na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear na sonraí ábhartha uile a bhaineann le substaint shícighníomhach nua a chur faoi bhráid UNODC agus faoi bhráid na hEagraíochta Domhanda Sláinte;

(h)

tacú le tríú tíortha, go háirithe tíortha is iarrthóirí, a mbeartais drugaí a fhorbairt i gcomhréir le prionsabail a leagtar amach sna doiciméid straitéiseacha is infheidhme de chuid an Aontais a bhaineann le drugaí, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt don mheastóireacht neamhspleách ar a gcuid beartas agus na tríú tíortha sin a spreagadh chun tacú le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus lena rannpháirteachas i bhforbairt, i gcur chun feidhme agus i meastóireacht beartas drugaí.

2.   Beidh sé mar aidhm leis an gcreat comhair idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), tacú le hiarrachtaí tríú tíortha aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna drugaí ar bhealach fianaisebhunaithe, comhtháite, cothrom agus ildisciplíneach agus i gcomhréir iomlán leis na noirm idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus na hiarrachtaí sin a neartú a thuilleadh. Leis an gcreat comhair idirnáisiúnta sin, cuirfear san áireamh doiciméid bheartais ábhartha an Aontais agus breathnófar ar fhorbairtí fheiniméan na ndrugaí. Leagfar amach ann na tíortha tosaíochta nó na réigiúin tosaíochta maidir le comhar agus príomhthorthaí an chomhair freisin. Cuirfear san áireamh ann freisin an taithí agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit. Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht agus athbhreithniú rialta ar an gcreat um chomhar idirnáisiúnta.

3.   Arna iarraidh sin don Choimisiún agus faoi réir formheas ón mBord Bainistíochta, aistreoidh an Ghníomhaireacht a saineolas chuig tríú tíortha agus soláthróidh sí cúnamh teicniúil do thríú tíortha, go háirithe tíortha is iarrthóirí, i gcomhréir leis an gcreat comhair idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).

Díreoidh an cúnamh teicniúil, go háirithe, ar bhunú nó ar chomhdhlúthú pointí fócasacha náisiúnta, córas bailithe sonraí náisiúnta, córais luathrabhaidh náisiúnta agus ar chur chun cinn dea-chleachtas i réimsí an choisc, na cóireála, an chúraim, an laghdaithe riosca agus díobhála, an athshlánaithe, an athimeasctha sa tsochaí agus an téarnaimh, agus ina dhiaidh sin cabhróidh sé le naisc struchtúracha leis an gcóras luathrabhaidh dá dtagraítear in Airteagal 8 agus le líonra Reitox a chruthú agus a neartú. Féadfaidh an Ghníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí náisiúnta tríú tír i gcás ina n-iarrann an tríú tír sin go ndéanfadh sí amhlaidh.

4.   Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagail 53 agus 54.

Airteagal 21

Taighde agus nuálaíocht

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit chun príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, ar cláir iad atá ábhartha chun a cúraimí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5, faoi seach, a bhaint amach. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar an trasnachas mar phrionsabal trasearnálach ina gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde. I gcás ina dtabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún chun príomhthéamaí taighde a shainaithint, nó chun clár réime de chuid an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, ní bhfaighidh an Ghníomhaireacht maoiniú ón gclár sin.

2.   Beidh an Ghníomhaireacht gníomhach ó thaobh faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta chun na cúraimí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5, faoi seach, a chomhlíonadh, agus cuirfidh sí leis na gníomhaíochtaí sin freisin, agus ina theannta sin tacóidh sí le gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid na mBallstát agus cuirfidh sí chun cinn a gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a gcumhdaítear sa Rialachán seo lena n-áirítear forbairt, oiliúint, tástáil agus bailíochtú algartam chun uirlisí a fhorbairt. Déanfaidh an Ghníomhaireacht torthaí taighde agus gníomhaíochtaí nuálaíochta den sórt sin a scaipeadh ar Pharlaimint na hEorpa, ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún i gcomhréir leis na rialacha slándála dá bhforáiltear in Airteagal 49.

3.   Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú thimthriall an taighde agus na nuálaíochta agus glacfaidh sí páirt sna gníomhaíochtaí sin, mar shampla Mol Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh don tSlándáil Inmheánach agus an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte, arna bhunú le Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 (26).

4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht treoirthionscadail a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo a phleanáil agus a chur chun feidhme.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht gach beart is gá chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint i gcur chun feidhme na dtreoirthionscadal dá dtagraítear i mír 4. Poibleoidh sí faisnéis faoina tionscadail taighde, lena n-áirítear tionscadail taispeána. Áireofar san fhaisnéis sin na comhpháirtithe comhair lena mbaineann agus buiséad an tionscadail.

6.   Cruthóidh an Ghníomhaireacht bunachar sonraí ina ndéanfar cláir thaighde a bhaineann le drugaí a stóráil, a anailísiú agus a chur ar fáil.

CAIBIDIL V

Eagrú na Gníomhaireachta

Airteagal 22

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

1.   Is mar seo a leanas a bheidh struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:

(a)

Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 24;

(b)

Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 28;

(c)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagal 30;

(d)

Coiste Eolaíoch a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 31; agus

(e)

Líonra Reitox.

2.   Ní bheidh aon leasanna airgeadais ná aon leasanna eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhchlaontacht ag comhaltaí struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta. Gníomhóidh siad ar mhaithe le leas an phobail agus cuirfidh siad a ngníomhaíochtaí i gcrích ar bhealach neamhspleách, neamhchlaonta agus trédhearcach. Déanfaidh siad dearbhú bliantúil maidir lena leasanna, a fhéadfaidh a bheith inrochtana arna iarraidh sin.

Airteagal 23

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Is mar a leanas a bheidh comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta:

(a)

ionadaí amháin ó gach Ballstát, ag a mbeidh ceart vótála;

(b)

beirt ionadaithe ón gCoimisiún ag a mbeidh ceart vótála.

2.   Sa Bhord Bainistíochta, beidh:

(a)

beirt saineolaithe neamhspleácha arna n-ainmniú ag Parlaimint na hEorpa, atá eolach go háirithe i réimse na ndrugaí, agus ag a bhfuil ceart vótála;

(b)

ionadaí amháin ó gach tríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích aici leis an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 54, gan ceart vótála.

3.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht ar an gcomhalta agus an comhalta sin as láthair agus féadfaidh sé nó sí freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

4.   I dtaca le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha, ceapfar iad i bhfianaise a gcuid eolais sna réimsí a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), agus na scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha atá acu á gcur san áireamh. Déanfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta iarracht ráta athraithe a n-ionadaithe a theorannú, chun leanúnachas obair an Bhoird Bainistíochta a áirithiú. Beidh sé d’aidhm ag na páirtithe uile cothromaíocht inscne a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

5.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt, mar bhreathnóirí, d’ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-oibríonn an Ghníomhaireacht i gcomhar leo i gcomhréir le hAirteagal 53.

6.   4 bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha. Téarma in-athnuaite a bheidh sa téarma sin.

Airteagal 24

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta:

(a)

gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a threorú go ginearálta;

(b)

an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 36 a ghlacadh sula gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é chun a thuairim a fháil ina leith;

(c)

tar éis an tuairim ón gCoimisiún a fháil, doiciméad clársceidealaithe aonair na Gníomhaireachta a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála;

(d)

buiséad bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála, agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i leith bhuiséad na Gníomhaireachta i gcomhréir le Caibidil VI;

(e)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a mheasúnú agus a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála, an tuarascáil agus an measúnú uirthi araon a sheoladh faoin 1 Iúil gach bliain, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí agus a áirithiú go gcuirfear an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ar fáil don phobal;

(f)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42;

(g)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh, a bheidh comhréireach leis na rioscaí calaoise, agus costais agus sochair na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(h)

straitéis a ghlacadh chun gnóthachain éifeachtúlachta agus sineirgí a bhaint amach le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;

(i)

rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil lena chomhaltaí, comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, comhaltaí an Choiste Eolaíoch agus comhaltaí líonra Reitox, agus le saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht mar a thagraítear don mhéid sin in Airteagal 44, agus foilseoidh sé go bliantúil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta dearbhuithe leasanna chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta;

(j)

an prótacal oibríochta caighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 17(3) a fhormheas;

(k)

creat idirnáisiúnta um chomhar de chuid na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointe (a), agus na cláir um chúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 20(3) a fhormheas;

(l)

an leibhéal cómhaoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(5) a fhormheas;

(m)

na straitéisí cumarsáide agus na pleananna scaipthe dá dtagraítear in Airteagal 5(8) a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;

(n)

glacfaidh sé a rialacha nós imeachta, agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad, lena n-áirítear rialacha chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú;

(o)

i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, feidhmeoidh sé, i dtaobh bhaill foirne na Gníomhaireachta, na cumhachtaí arna dtabhairt le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na ‘Rialacháin Foirne’) don údarás ceapacháin agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (‘Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile’) don údarás atá cumhachtaithe chun conradh fostaíochta a thabhairt i gcrích, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (27), (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’);

(p)

i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na rialacha cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;

(q)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb ábhartha, cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur leis an téarma oifige nó cinneadh maidir le cur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 29;

(r)

oifigeach cuntasaíochta a cheapadh faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh neamhspleách agus dualgais an oifigigh cuntasaíochta á gcomhlíonadh;

(s)

comhaltaí an Choiste Eolaíoch a cheapadh;

(t)

an liosta saineolaithe a bheidh le húsáid chun an Coiste Eolaíoch a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 31(6) a fhormheas;

(u)

cinntí a dhéanamh tar éis an mheasúnaithe ar na pointí fócasacha náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 35;

(v)

an modh chun táillí a ríomh agus an chaoi a n-íoctar táillí a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 38;

(w)

a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar thorthaí agus ar mholtaí a thiocfaidh as na tuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) arna bunú le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom (28) ón gCoimisiún agus ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) arna bunú le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (29), dá dtagraítear in Airteagal 48 den Rialachán seo;

(x)

gach cinneadh a dhéanamh maidir le bunú struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta agus iad a mhodhnú, i gcás inar gá, agus riachtanais ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta á gcur san áireamh agus ag féachaint do bhainistiú buiséadach fónta;

(y)

socruithe oibre a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh ar bhonn Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar bhonn Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

Nuair is gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 25

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí ag a bhfuil ceart vótála. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí na mBord Bainistíochta ag a bhfuil ceart vótála.

2.   Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh, go huathoibríoch, i gcás ina gcuirfear bac uirthi nó air a cuid nó a chuid dualgas a chomhlíonadh.

3.   4 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan aon uair amháin. Mar sin féin, i gcás ina dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

4.   Leagfar amach an nós imeachta mionsonraithe le haghaidh thoghadh an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh i rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta.

Airteagal 26

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a thionóil.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i bpléití an Bhoird Bainistíochta.

3.   Tionólfar gnáthchruinniú amháin ar a laghad de chuid an Bhoird Bainistíochta gach bliain. Ina theannta sin, tionólfar cruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian dá chomhaltaí ar a laghad.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta a iarraidh ar aon duine, lena n-áirítear ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar díol spéise a thuairim freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnóra.

5.   Faoi réir rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ag na cruinnithe.

6.   Is í an Ghníomhaireacht a chuirfidh an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 27

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.   Gan dochar d’Airteagal 24(1), pointí (c) agus (d), d’Airteagal 25(1), d’Airteagal 35(6), Airteagal 29(8) ná d’Airteagal 53(2), déanfar cinntí an Bhoird Bainistíochta le tromlach dá chomhaltaí uile ag a bhfuil ceart vótála.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil cearta vótála. In éagmais comhalta ag a bhfuil ceart vótála, beidh a chomhalta malartach nó a comhalta malartach i dteideal a cheart vótála nó a ceart vótála a fheidhmiú.

3.   Glacfaidh an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach páirt sa vótáil.

4.   Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vótáil.

5.   Bunófar socruithe vótála níos sonraí le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, go háirithe na cúinsí ina bhféadfadh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

Airteagal 28

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh a dhéanamh maidir leis na hábhair sin dá bhforáiltear sna rialacha airgeadais arna nglacadh de bhun Airteagal 42 agus nach bhforchoimeádtar don Bhord Bainistíochta faoin Rialachán seo;

(b)

obair leantach leordhóthanach a áirithiú maidir leis na torthaí agus na moltaí is toradh ar thuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus ar mheastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus ar imscrúduithe de chuid OLAF agus OIPE dá dtagraítear in Airteagal 48

(c)

gan dochar do fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, a leagtar amach in Airteagal 30, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme chinntí an Bhoird Bainistíochta, d’fhonn maoirseacht ar bhainistíocht riaracháin agus bhuiséadach a threisiú.

2.   I gcás inar gá, mar thoradh ar phráinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh in ionad an Bhoird Bainistíochta, go háirithe faoi ábhair bainistithe riaracháin, lena n-áirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí agus ábhair bhuiséadacha. Leagfar amach na coinníollacha maidir le cinntí sealadacha den sórt sin a dhéanamh i rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta.

3.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, beirt chomhaltaí eile arna gceapadh ag an mBord Bainistíochta as measc a chomhaltaí ag a bhfuil ceart vótála agus an bheirt ionadaithe ón gCoimisiún ar an mBord Bainistíochta.

Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ina Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin.

Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin mar bhreathnóir. Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí eile freastal ar a chuid cruinnithe.

4.   4 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan aon uair amháin. Mar sin féin, i gcás ina dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige ar an mBord Feidhmiúcháin in éag go huathoibríoch ar an dáta sin..

5.   Tionólfar ar a laghad dhá ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Feidhmiúcháin gach bliain. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin dá chuid comhaltaí.

6.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin a chinneadh trí chomhthoil i measc a chomhaltaí. Mura mbeidh an Bord Feidhmiúcháin in ann cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, cuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta.

7.   Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin.

Airteagal 29

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach ag an nGníomhaireacht faoi Airteagal 2, pointe (a), de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, ó liosta de thriúr iarrthóirí ar a laghad a mholfaidh an Coimisiún ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach. Déanfar glao ar léirithe spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i meáin iomchuí eile mar chuid den nós imeachta roghnúcháin. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta maidir leis an dréachtghlao ar léirithe spéise. Féadfaidh an Coimisiún ionadaí ón mBord Bainistíochta a áireamh mar bhreathnóir sa nós imeachta roghnúcháin.

Sula gceapfaidh an Bord Bainistíochta iad do phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, féadfar a iarraidh ar na hiarrthóirí ar an ngearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, gan mhoill, ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste a fhreagairt. Tar éis di éisteacht leis an ráiteas agus na freagraí, féadfaidh Parlaimint na hEorpa tuairim a ghlacadh lena leagfar amach a dearcthaí, agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta.

3.   Chun an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, is é Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

4.   Is 5 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, lena n-áirítear ionchur roimhe ré ón mBord Bainistíochta, agus ar chúraimí agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo.

5.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún ina gcuirtear an measúnú dá dtagraítear i mír 4 san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin aon uair amháin, ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana.

Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas má tá sé ar intinn aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Sula ndéanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, féadfar a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh, gan mhoill, os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste a fhreagairt.

6.   Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar cuireadh síneadh lena chonradh, ní fhéadfaidh sé páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse iomláine.

7.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, ar bhealach a chomhlíonann na ceanglais rúndachta is infheidhme, faoi na cúiseanna atá le cinneadh den sórt sin.

8.   Tiocfaidh an Bord Bainistíochta ar chinntí maidir le ceapachán, le síneadh téarma oifige nó le cur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ar bhonn tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála.

Airteagal 30

Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach as bainistiú na Gníomhaireachta. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Bainistíochta.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, nó an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú a dualgas nó a dhualgas agus ní iarrfaidh sé nó ní thógfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná aon chomhlacht eile.

3.   Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin do Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmiú a dualgas nó a dhualgas nuair a iarrtar sin uirthi nó air. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt ar fheidhmiú a dualgas nó a dhualgas.

4.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina ionadaí dlíthiúil don Ghníomhaireacht.

5.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme chúraimí sonracha na Gníomhaireachta a leagtar amach in Airteagal 5. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

riarachán laethúil na Gníomhaireachta;

(b)

cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(c)

an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 36 a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(d)

an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(e)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(f)

an leibhéal cómhaoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(5), a mholadh don Bhord Bainistíochta, i gcás ina bhfuil cómhaoiniú den sórt sin le deonú do na pointí fócasacha náisiúnta;

(g)

an modh chun táillí a ríomh agus chun an chaoi a n-íoctar táillí a mholadh don Bhord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 38;

(h)

plean gníomhaíochta leantach a ullmhú i ndáil le conclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta agus na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus le conclúidí imscrúduithe de chuid OLAF agus OIPE, dá dtagraítear in Airteagal 48, agus tuairisc a chur chuig an gCoimisiún dhá uair sa bhliain, agus chuig an mBord Bainistíochta agus an Bord Feidhmiúcháin ar bhonn rialta, maidir leis an dul chun cinn at déanta;

(i)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OLAF agus ag OIPE, trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm agus trí aon iompar coiriúil a thuairisciú do OIPE i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/1939 ar ina leith a d’fhéadfadh OIPE a inniúlacht a fheidhmiú;

(j)

straitéis frithchalaoise, agus straitéisí gnóthachan éifeachtúlachta agus sineirgí a ullmhú don Údarás agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena bhformheas;

(k)

an dréacht de na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ullmhú;

(l)

dréachtráiteas na Gníomhaireachta ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú, agus a buiséad a chur chun feidhme.

6.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh oifigeach idirchaidrimh amháin nó níos mó a phostáil in institiúidí an Aontais agus i gcomhlachtaí, oifigigh agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais chun cúraimí na Gníomhaireachta a chur i gcrích ar bhealach éifeachtúil éifeachtach. Gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin toiliú roimh ré ón gCoimisiún agus ón mBord Bainistíochta. Sonrófar i gcinntí chun oifigigh idirchaidrimh a phostáil, ar bhealach ina seachnófar costais neamhriachtanacha, agus nach ndéanfar feidhmeanna riaracháin na Gníomhaireachta faoi dhó, raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh na hoifigigh idirchaidrimh.

7.   I gcás ina n-iarrfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air nó uirthi, freastalóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, gan aon mhoill mhíchuí, ar chruinnithe arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle, de réir mar a bheidh, faoi aon ábhar a bhaineann le sainordú na Gníomhaireachta.

Airteagal 31

An Coiste Eolaíoch

1.   Beidh an Coiste Eolaíoch comhdhéanta de sheachtar eolaí ar a laghad agus de 15 eolaí ar a mhéad arna gceapadh ag an mBord Bainistíochta i bhfianaise a sármhaitheasa san eolaíocht agus a neamhspleáchais, tar éis glao ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i meáin iomchuí eile. Cuirfidh an Ghníomhaireacht coiste inniúil nó coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na ceapacháin chuig an gCoiste Eolaíoch agus faoina cuid oibre. Áiritheofar leis an nós imeachta chun comhaltaí an Choiste Eolaíoch a roghnú go gcumhdóidh sainréimsí chomhaltaí an Choiste Eolaíoch na réimsí is ábhartha a bhaineann le cuspóirí na Gníomhaireachta. Beidh sé d’aidhm ag na páirtithe a mbeidh baint acu le comhaltaí a cheapadh ar an gCoiste Eolaíoch ionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach sa Choiste Eolaíoch.

2.   Déanfar comhaltaí an Choiste Eolaíochta a cheapadh ina gcáil phearsanta ar feadh tréimhse 4 bliana, tréimhse a fhéadfar a athnuachan uair amháin.

3.   Beidh comhaltaí an Choiste Eolaíoch neamhspleách agus gníomhóidh siad ar mhaithe le leas an phobail. Ní iarrfaidh siad agus ní thógfaidh siad treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

4.   I gcás nach gcomhlíonfaidh comhalta na critéir neamhspleáchais a thuilleadh, cuirfidh sí nó sé an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi. De rogha air sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta a dhearbhú, de bharr moladh ó thrian dá chomhaltaí ar a laghad nó ón gCoimisiún, go bhfuil easpa neamhspleáchais ann de pháirt comhalta agus ceapachán an duine lena mbaineann a chúlghairm. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta comhalta nua ar feadh na coda den téarma oifige atá fágtha ag an gcomhalta sin i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta chun Gnáthchomhaltaí a cheapadh.

5.   Tabharfaidh an Coiste Eolaíochta tuairim uaidh ar aon ábhar dá bhforáiltear sa Rialachán seo, sin nó ar aon ábhar eolaíoch a bhaineann le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a fhéadfaidh an Bord Bainistíochta nó an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur faoina bhráid. Foilseofar tuairimí an Choiste Eolaíoch ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.

6.   Chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a ghabhann le substaint shícighníomhach nua nó le grúpa substaintí sícighníomhacha nua, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Coiste Eolaíoch a mhéadú, ag gníomhú dó ar bhonn comhairle ó Chathaoirleach an Choiste Eolaíoch, a mhéid a mheasann sé a bheith riachtanach, trí shaineolaithe a chur leis atá ionadaíoch do na réimsí eolaíocha is ábhartha chun a áirithiú go ndéanfar measúnú cothrom ar na rioscaí a ghabhann leis an tsubstaint shícighníomhach nua nó leis na substaintí sícighníomhacha nua. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na saineolaithe sin a ainmniú as liosta saineolaithe. Formheasfaidh an Bord Bainistíochta an liosta saineolaithe gach 4 bliana.

7.   Toghfaidh an Coiste Eolaíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ar feadh fhad shainordú an Choiste Eolaíoch. Féadfaidh an Cathaoirleach a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcáil breathnóra.

8.   Tiocfaidh an Coiste Eolaíochta le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad.

9.   Cuirfear an liosta de chomhaltaí an Choiste Eolaíoch ar fáil don phobal agus déanfaidh an Ghníomhaireacht an liosta a thabhairt cothrom le dáta ar a suíomh gréasáin.

Airteagal 32

An Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí

1.   Tríd an Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí (‘líonra Reitox’), rannchuideoidh na Ballstáit le cúram na Gníomhaireachta faisnéis chaighdeánaithe chomhsheasmhach maidir le feiniméan na ndrugaí ar fud an Aontais a bhailiú agus a thuairisciú. Is éard a bheidh i líonra Reitox na pointí fócasacha náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 33 agus pointe fócasach don Choimisiún.

2.   Toghfaidh líonra Reitox Urlabhraí agus idir Leas-Urlabhraí amháin agus triúr Leas-Urlabhraithe as measc a chomhaltaí. Déanfaidh an tUrlabhraí ionadaíocht ar líonra Reitox i ndáil leis an nGníomhaireacht agus ceadófar di nó dó páirt mar bhreathnóir a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

3.   Tionólfar ar a laghad gnáthchruinniú amháin de chuid líonra Reitox gach bliain. Is í an Ghníomhaireacht a thionólfaidh na cruinnithe agus a dhéanfaidh cathaoirleacht orthu. Ina theannta sin, tionólfar cruinniú ar thionscnamh a Urlabhraí, arna iarraidh sin do thrian dá chomhaltaí.

Airteagal 33

Pointe fócasach náisiúnta

1.   Ainmneoidh gach tír rannpháirteach pointe fócasach náisiúnta amháin, arna bhunú trí bhearta dlíthiúla nó riaracháin náisiúnta iomchuí ar bhonn buan agus a mbeidh sainordú soiléir aige. Ainmniú an phointe fhócasaigh náisiúnta agus ceapadh cheannaire an phointe fhócasaigh náisiúnta, mar aon le haon athrú ar na ceapacháin sin, cuirfear in iúl don Ghníomhaireacht iad trí chomhalta náisiúnta an Bhoird Bainistíochta.

2.   Áiritheoidh an t-údarás náisiúnta freagrach go gcuirfear de chúram ar an bpointe fócasach náisiúnta na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 34(2). Is é ceannasaí an phointe fhócasaigh náisiúnta nó duine malartach a bheidh ina ionadaí don phointe fócasach náisiúnta i líonra Reitox.

3.   Beidh pointí fócasacha náisiúnta neamhspleách ó thaobh na heolaíochta de agus áiritheoidh siad cáilíocht a gcuid sonraí.

4.   Déanfaidh pointí fócasacha náisiúnta a ngníomhaíochtaí a phleanáil roimh ré agus beidh na hacmhainní leordhóthanacha buiséadacha agus na hacmhainní daonna acu arna leithdháileadh leis na buiséid náisiúnta agus arna gchómhaoiniú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, chun a sainordú agus a gcúraimí, a leagtar amach in Airteagal 34(2), a chur i gcrích, agus beidh dóthain trealaimh agus saoráidí aige chun tacú lena ngníomhaíochtaí laethúla.

5.   Is le deontas arna thabhairt ag an nGníomhaireacht a chómhaoineofar croíchostais phointe fócasach náisiúnta gach Ballstáit ar choinníoll go comhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 go 4. Chun an cómhaoiniú sin a fháil, síneoidh an pointe fócasach náisiúnta comhaontú maidir le deontais leis an nGníomhaireacht ar bhonn bliantúil. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a mholfaidh leibhéal an chómhaoinithe íosta, formheasfaidh an Bord Bainistíochta é agus déanfar athbhreithniú rialta air. Féadfaidh an Ghníomhaireacht maoiniú breise a chur ar fáil do phointí fócasacha náisiúnta ar bhonn ad hoc as a rannpháirtíocht i dtionscadail shonracha agus as cur chun feidhme na dtionscadal sin.

6.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar phointí fócasacha náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 35.

Airteagal 34

Cúraimí na bpointí fócasacha náisiúnta

1.   Is iad na pointí fócasacha náisiúnta a bheidh ina gcomhéadan agus ina n-idirghníomhaíochtaí tacaíochta ag na tíortha rannpháirteacha agus an Ghníomhaireacht.

2.   D’fhonn tacú leis an nGníomhaireacht a cuid cúraimí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5, faoi seach, a bhaint amach, agus rannchuidiú ar an gcaoi sin le gníomhaíocht chomhordaithe de chuid an Aontais, cuirfidh na pointí fócasacha náisiúnta na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích:

(a)

d’fhonn na sonraí sin a chur in iúl don Ghníomhaireacht, comhordú a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta ar na gníomhaíochtaí a bhaineann le bailiú agus faireachán sonraí a bhaineann le drugaí;

(b)

faisnéis agus sonraí ábhartha náisiúnta a bhailiú sna réimsí a chumhdaítear le hAirteagal 4, i gcomhréir leis an bpacáiste náisiúnta tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus a tharchur chuig an nGníomhaireacht; tríd an méid sin a dhéanamh, tabharfaidh an pointe fócasach náisiúnta le chéile taithí ó earnálacha éagsúla, go háirithe an tsláinte, an ceartas agus forfheidhmiú an dlí, agus oibreoidh sé, i gcás inarb ábhartha, i gcomhar le saineolaithe agus le heagraíochtaí náisiúnta, leis an bpobal eolaíochta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile atá gníomhach i réimse an bheartais maidir le drugaí;

(c)

rannchuidiú le faireachán ar dhrugaí agus ar úsáid drugaí agus le tuairisciú orthu, lena n-áirítear d’eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)

tacú, de réir mar is iomchuí, le forbairt foinsí nua sonraí eipidéimeolaíocha chun dlús a chur le tuairisciú tráthúil a dhéanamh ar threochtaí maidir le húsáid substaintí;

(e)

tacú le cleachtaí bailithe sonraí ad hoc agus spriocdhírithe i ndáil le bagairtí nua sláinte agus slándála;

(f)

faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht faoi threochtaí agus dhúshláin nua maidir le húsáid substaintí sícighníomhacha atá ann cheana nó faoi mheascáin nua de shubstaintí sícighníomhacha a bhféadfadh riosca a bheith ag baint leo don tsláinte agus le faisnéis faoi bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh a bhaineann leis an tsláinte;

(g)

rannchuidiú le malartú faisnéise maidir le substaintí sícighníomhacha nua agus leis an gcóras luathrabhaidh ina leith, i gcomhréir le Caibidil III;

(h)

rannchuidiú le príomhtháscairí ábhartha agus tacair sonraí ábhartha eile a bhunú, lena n-áirítear treoirlínte dá gcur chun feidhme, d’fhonn faisnéis iontaofa inchomparáide a fháil ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 6;

(i)

saineolaithe náisiúnta a ainmniú, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, le haghaidh plé sonrach ar na táscairí ábhartha agus do ghníomhaíochta eile ad hoc agus spriocdhírithe maidir le bailiú sonraí;

(j)

úsáid na bprótacal agus na gcaighdeán maidir le bailiú sonraí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a chur chun cinn chun faireachán a dhéanamh ar dhrugaí agus ar úsáid drugaí sa tír;

(k)

tuarascáil bhliantúil ar a ghníomhaíochtaí a thíolacadh don Ghníomhaireacht agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile;

(l)

sásraí dearbhaithe cáilíochta eile a chur chun feidhme chun iontaofacht na sonraí agus na faisnéise a fhaigheann sé a áirithiú.

3.   I gcomhréir lena gcumas, déanfaidh na pointí fócasacha náisiúnta faireachán, anailís agus léirmhíniú ar fhaisnéis ábhartha sna réimsí a chumhdaítear le hAirteagal 4. Déanfaidh na pointí fócasacha náisiúnta an fhaisnéis sin agus faisnéis faoi na beartais agus na réitigh a cuireadh i bhfeidhm, a sholáthar don Ghníomhaireacht.

4.   Déanfaidh na pointí fócasacha náisiúnta an comhar is gá leis na húdaráis, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú agus a chothabháil, d’fhonn an fhaisnéis a bhailiú atá uathu chun a gcúraimí a chur i gcrích de bhun mhír 2.

5.   Agus sonraí á mbailiú acu de bhun an Airteagail seo, áiritheoidh na pointí fócasacha náisiúnta, i gcás inar féidir, go mbeidh na sonraí a bhaileofar imdhealaithe de réir gnéis nó inscne. Déanfaidh na pointí fócasacha náisiúnta na gnéithe inscne-íogaire a bhaineann leis an mbeartas drugaí a chur san áireamh agus sonraí á mbailiú agus á dtíolacadh acu de bhun an Airteagail seo. Ní tharchuirfidh na pointí fócasacha náisiúnta aon sonraí lena bhféadfaí daoine aonair ná grúpaí beaga daoine aonair a aithint. Staonfaidh siad ó aon fhaisnéis a bhaineann le daoine aonair sonracha a tharchur.

Airteagal 35

Measúnú ar na pointí fócasacha náisiúnta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht a mheas an rannchuidíonn gach pointe fócasach náisiúnta, trí na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 34(2) a chur i gcrích, le baint amach na gcúraimí atá ar an nGníomhaireacht. Níor cheart measúnuithe den sórt sin a bheith bainteach le feidhmeanna eile de chuid an chomhlachta a bhfuil an pointe fócasach náisiúnta á óstáil aige ná leis an struchtúr foriomlán ina bhfuil an pointe fócasach náisiúnta daingnithe.

2.   Bunófar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 ar fhaisnéis ábhartha a bheidh le soláthar ag an bpointe fócasach náisiúnta. Más gá, féadfaidh an Ghníomhaireacht cuairt a thabhairt ar an bpointe fócasach náisiúnta.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht gach measúnú a dhéanann sé de bhun mhír 1 a thíolacadh don phointe fócasacha náisiúnta agus don údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann. Féadfar a áireamh i measúnuithe moltaí maidir le cur i gcrích na gcúraimí a leagtar amach in Airteagal 34(2), amlíne a leagan síos chun iad a chur chun feidhme agus tairiscint tacaíochta ón nGníomhaireacht don phointe fócasach náisiúnta chun acmhainní a fhorbairt.

4.   I gcás inar eisíodh moltaí, mar aon le hamlíne lena gcur chun feidhme de bhun mhír 3 cuirfidh an pointe fócasach náisiúnta lena mbaineann in iúl don Ghníomhaireacht go nglacann siad leis an moladh nó, i gcás easaontais, tabharfaidh sé a thuairim réasúnaithe i scríbhinn don Ghníomhaireacht.

5.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht toradh measúnaithe a dhéantar de bhun mhír 1 in iúl don Bhord Bainistíochta ag a chéad chruinniú tar éis don Ghníomhaireacht an measúnú a chríochnú. I gcás easaontas idir an Ghníomhaireacht agus an pointe fócasach náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht an measúnú, na moltaí agus an amlíne lena gcur chun feidhme a thíolacadh le haghaidh fhormheas an Bhoird Bainistíochta ag a chéad chruinniú eile trí thromlach a chomhaltaí ag a bhfuil ceart vótála i gcomhréir le hAirteagal 23. Ní ghlacfaidh ionadaí an Bhallstáit lena mbaineann páirt sa vótáil sin.

6.   Más rud é, faoin am a shonraítear i measúnú dá dtagraítear i mír 1, nach gcomhlíonann an pointe fócasach náisiúnta na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 34(2), déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag an gcéad chruinniú tar éis an ama arna shonrú sa mheasúnú ag tromlach dhá thrian de na comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála, i gcomhréir le hAirteagal 23, cinneadh maidir le gan chómhaoiniú a sholáthar go dtí go ndéanfaidh an pointe fócasach náisiúnta na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 34(2) a chur i gcrích. Ní ghlacfaidh ionadaí an Bhallstáit lena mbaineann páirt sa vótáil sin.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an chéad mheasúnú de bhun mhír 1 ar gach pointe fócasach náisiúnta go léir faoin 3 Iúil 2026. Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú rialta ar phointí fócasacha náisiúnta go tráthrialta ina dhiaidh sin, de réir mar is gá.

CAIBIDIL VI

Forálacha airgeadais

Airteagal 36

Doiciméad clársceidealaithe aonair

1.   Faoin 15 Nollaig gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil agus gach doiciméad a liostaítear in Airteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (30), bunaithe ar dhréacht arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh, agus i ndáil le clársceidealú ilbhliantúil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. I gcás ina gcinnfidh an Bord Bainistíochta gan cloí le gnéithe den tuairim ón gCoimisiún nó gnéithe a eascraíonn as dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa nó leis an gCoiste Eolaíoch, tabharfaidh sé an bonn cirt leis sin. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún é faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn.

Beidh an Doiciméad Clársceidealaithe Aonair críochnaitheach a luaithe a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go cinntitheach agus déanfar é a choigeartú dá réir, más gá sin.

2.   Sa chlár oibre bliantúil beidh cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuil coinne leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil comhleanúnach leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 4. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

Áireofar sa chlársceidealú ilbhliantúil nó bliantúil an fhaisnéis maidir le cur chun feidhme an chreata maidir le comhar idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointe (a), agus na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcreat sin. Áireofar ann freisin na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá beartaithe ag an nGníomhaireacht dá dtagraítear in Airteagal 21.

3.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua don Údarás.

Aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil, déanfar é a ghlacadh tríd an nós imeachta céanna lenar glacadh an clár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

4.   Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear na cuspóirí, na torthaí a bhfuil coinne leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach clársceidealú acmhainní freisin, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus líon na foirne.

Déanfar an clársceidealú acmhainní a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Tabharfar an clársceidealú ilbhliantúil cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí agus, go háirithe, chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 51.

5.   Déanfar na cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715.

Airteagal 37

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Gníomhaireachta gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar i mbuiséad na Gníomhaireachta iad.

2.   Beidh buiséad na Gníomhaireachta comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.   Gan dochar d’acmhainní eile, cuimseofar in ioncam na Gníomhaireachta na nithe seo a leanas:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

(b)

aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit;

(c)

na táillí a íocadh as seirbhísí arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 38;

(d)

aon ranníocaíocht airgeadais ó na heagraíochtaí agus na comhlachtaí agus na tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagail 53 agus 54, faoi seach; agus

(e)

cistiú ón Aontas faoi bhainistíocht indíreach nó i bhfoirm deontas ad hoc i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais.

4.   Déanfar méid agus tionscnamh aon ioncaim dá dtagraítear i mír 3, pointí (b) go (e), a áireamh i gcuntais bhliantúla na Gníomhaireachta agus beidh siad mionsonraithe go soiléir sa tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 41(3).

5.   Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bhonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta. Féadfaidh caiteachas chun tacú leis na pointí fócasacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 33(5) a bheith san áireamh sna costais oibriúcháin.

Airteagal 38

Táillí

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht na seirbhísí breise seo a leanas a sholáthar, arna iarraidh sin:

(a)

oiliúint saincheaptha;

(b)

gníomhaíochtaí áirithe chun tacú le Ballstáit nár sainaithníodh mar ábhar tosaíochta ach a d’fhéadfadh a bheith tairbhiúil má tá acmhainní náisiúnta ina dtaca leo;

(c)

cláir forbartha acmhainneachta le haghaidh tríú tíortha nach gcumhdaítear le cistiú tiomnaithe ar leith ón Aontas;

(d)

measúnú ar na comhlachtaí náisiúnta a bunaíodh i dtríú tíortha, go háirithe tíortha is iarrthóirí, de bhun Airteagal 20(3);

(e)

seirbhísí saincheaptha eile a thugtar, arna iarraidh sin do thír rannpháirteach, ar gá acmhainní breise a infheistiú iontu chun tacú le gníomhaíochtaí náisiúnta.

Gearrfaidh an Ghníomhaireacht táillí as seirbhísí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sheachadadh.

2.   Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, socróidh an Bord Bainistíochta, ar bhealach trédhearcach, an modh chun na táillí a ríomh agus chaoi a n-íoctar iad.

3.   Beidh na táillí comhréireach leis na costais a bhaineann leis an tseirbhís arna seachadadh ar bhealach costéifeachtach agus beidh siad leordhóthanach chun na costais sin a chumhdach. Socrófar táillí ar cibé leibhéal ar a áiritheofar go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach agus go seachnófar leo ualach míchuí airgeadais nó riaracháin a chur ar na páirtithe leasmhara.

4.   Socrófar táillí a ag leibhéal lena seachnófaí easnamh nó carnadh suntasach barrachais i mbuiséad na Gníomhaireachta. I gcás ina mbeidh comhardú dearfach suntasach sa bhuiséad, mar thoradh ar sholáthar na seirbhísí a chumhdaítear le táillí, comhardú a bheidh ann arís agus arís eile, nó i gcás ina mbeidh comhardú diúltach suntasach ann mar thoradh ar sholáthar na seirbhísí a chumhdaítear le táillí, déanfaidh an Bord Bainistíochta athbhreithniú ar an modh chun na táillí a ríomh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2.

5.   I gcás inarb infheidhme, áireoidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar na táillí a toibhíodh agus a dtionchar ar bhuiséad na Gníomhaireachta mar chuid den nós imeachta maidir le cuntais a thíolacadh a leagtar síos in Airteagal 41.

Airteagal 39

An buiséad a bhunú

1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas sealadach a tharraingt suas ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta le haghaidh na bliana airgeadais dár gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus seolfaidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, bunaithe ar an dréacht dá dtagraítear i mír 1, dréachtráiteas sealadach ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta le haghaidh na bliana airgeadais dár gcionn.

3.   Seolfar an dréachtráiteas sealadach ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain. Seolfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtráiteas críochnaitheach ar mheastacháin chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta.

4.   Seolfaidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta chuig an údarás buiséadach mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

5.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé is gá maidir leis an bplean bunaíochta agus suim an fhóirdheontais a mhuirearófar ar an mbuiséad ginearálta a iontráil i réamhdhréacht buiséad ginearálta an Aontais agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagail 313 agus 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

6.   Is é an t-údarás buiséadach a údaróidh na leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta a thabharfar don Ghníomhaireacht.

7.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta na Gníomhaireachta.

8.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad na Gníomhaireachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí ag a bhfuil ceart vótála. Beidh an buiséad críochnaitheach a luaithe a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go cinntitheach. I gcás inar gá, déanfar an buiséad a choigeartú dá réir.

9.   Tá feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 maidir le haon tionscadal tógála ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta.

Airteagal 40

An buiséad a chur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.   Gach bliain, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir leis na nósanna imeachta meastóireachta a leagtar amach in Airteagal 51 chuig an údarás buiséadach.

Airteagal 41

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.   Faoin 1 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

2.   Faoin 31 Márta den bliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí.

3.   Faoin 31 Márta den bliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

4.   Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas faoina fhreagracht féin nó faoina freagracht féin agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5.   Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair. Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

6.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

7.   Faoin 1 Iúil tar éis gach bliana airgeadais, déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta na cuntais chríochnaitheacha, in éineacht leis an tuairim ón mBord Bainistíochta, a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

8.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.

9.   Tíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá chuig Parlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht, i gcomhréir le hAirteagal 261(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 42

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh na rialacha airgeadais ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 mura rud é go mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach le haghaidh fheidhmiú na Gníomhaireachta agus mura rud é gur thug an Coimisiún toiliú don imeacht sin roimh ré.

CAIBIDIL VII

Foireann

Airteagal 43

Foráil ghinearálta

1.   Na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann na Gníomhaireachta.

2.   I gcás ina bhfostóidh an Ghníomhaireacht baill foirne ó thríú tíortha tar éis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 54 a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Ghníomhaireacht na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a comhlíonadh.

Airteagal 44

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus as baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht. Ní bheidh feidhm ag na Rialacháin Foirne ná ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht ná le baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos na rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.

CAIBIDIL VIII

Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha

Airteagal 45

Pribhléidí agus díolúintí

Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus CFAE, beidh feidhm aige maidir leis an nGníomhaireacht agus lena baill foirne.

Airteagal 46

Socruithe teanga

Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (32) maidir leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 47

An Trédhearcacht

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) maidir le próiseáil sonraí ag an nGníomhaireacht.

3.   Laistigh de 6 mhí tar éis dháta an chéad chruinnithe den Bhord Bainistíocht tar éis an 2 Iúil 2024, déanfaidh an Bord Bainistíochta bearta a shuí don Ghníomhaireacht chun Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bearta a bhaineann le hoifigeach um chosaint sonraí de chuid na Gníomhaireachta a cheapadh. Déanfar na bearta sin a shuí tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 48

Calaois a chomhrac

1.   Chun an chalaois, an t-éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF faoin 1 Deireadh Fómhair 2023, agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aici.

3.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ón nGníomhaireacht.

4.   Féadfaidh OLAF agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh laistigh de raon feidhme a sainorduithe imscrúduithe a dhéanamh, lena bhféadfar a áireamh, maidir le OLAF, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, agus é d’aidhm acu a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a mbeadh tionchar aici ar leas airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó le conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (34).

5.   Gan dochar do mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo, na comhaontuithe comhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagail 53 agus 54, na conarthaí, na comhaontuithe deontais agus na cinntí deontais de chuid na Gníomhaireachta, beidh forálacha iontu a thugann cumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin dá dtagraítear I míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 49

Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

1.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht rialacha slándála a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus (AE, Euratom) 2015/444. Cuimseoidh rialacha slándála na Gníomhaireachta, inter alia, forálacha chun faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

2.   Ní fhéadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis rúnaicmithe a mhalartú ach le húdaráis ábhartha tríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta ná ní fhéadfaidh sí FRAE a chomhroinnt le comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais ach faoi chuimsiú socruithe riaracháin. Beidh socruithe riaracháin faoi réir údarú an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. In éagmais socrú riaracháin den sórt sin, beidh aon scaoileadh eisceachtúil ad hoc FRAE chuig comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais faoi réir cinneadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Airteagal 50

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arbh iad a ranna nó a baill foirne ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu.

4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i leith damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a baill foirne féin i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na Rialacháin Foirne nó Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Airteagal 51

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 3 Iúil 2019, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún feidhmíocht na Gníomhaireachta a mheas i dtaca lena chuspóirí, lena shainordú, lena thascanna agus lena shuíomh i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin. Le meastóireachtaí den sórt sin, tabharfar aghaidh go háirithe ar an riachtanas a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus ar na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag baint le haon mhodhnú den sórt sin. Sa chéad mheastóireacht uaidh, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar na hathruithe ar shainordú agus ar chúraimí na Gníomhaireachta a thugtar isteach leis an Rialachán seo.

2.   Tráth gach dara meastóireachta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá cúramaí, lena n-áirítear meastóireacht ar an bhfuil bonn cirt ann go leanfaí ar aghaidh leis an nGníomhaireacht ó thaobh na gcuspóirí, an tsainordaithe agus na gcúraimí sin.

3.   Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta maidir le torthaí na meastóireachtaí faoin Airteagal seo. Cuirfear torthaí meastóireachtaí ar fáil don phobal.

Airteagal 52

Imscrúduithe riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 53

Comhar le heagraíochtaí agus le comhlachtaí eile

1.   Féachfaidh an Ghníomhaireacht go gníomhach le hoibriú i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhlachtaí eile, go háirithe comhlachtaí de chuid an Aontais, comhlachtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha, agus le comhlachtaí teicniúla atá inniúil in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích le comhlachtaí den sórt sin, i gcomhréir le CFAE agus leis na forálacha maidir le hinniúlacht comhlachtaí den sórt sin. Ní chumhdófar malartú faisnéise rúnaicmithe le socruithe oibre den sórt sin.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta socruithe oibre dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar dhréachtaí arna dtíolacadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis formheas roimh ré ón gCoimisiún a fháil. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl nach n-aontaíonn sé le socruithe oibre den sórt sin, glacfaidh an Bord Bainistíochta iad trí thromlach trí cheathrú de na comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála.

3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta leasuithe nó athruithe ar na socruithe oibre atá ann cheana atá teoranta ó thaobh raon feidhme de agus nach n-athraíonn raon feidhme foriomlán na socruithe oibre ná a bhfuil beartaithe leo, nó leasuithe nó athruithe ar na socruithe teicniúla oibre le comhlachtaí teicniúla eile, bunaithe ar dhréachtaí arna dtíolacadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dó an Coimisiún a chur ar an eolas.

4.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht socruithe oibre arna ndéanamh de bhun an Airteagail seo ar a suíomh gréasáin.

Airteagal 54

Comhar le tríú tíortha

1.   Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha ina cuid oibre, tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe chuige sin tugtha i gcrích acu leis an Aontas.

2.   Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha lena mbaineann in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dtabharfaidh an Ghníomhaireacht fúthu, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le baill foirne.

Maidir le cúrsaí foirne, déanfaidh socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír na Rialacháin Foirne a chomhlíonadh.

Airteagal 55

Comhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta

1.   Coinneoidh an Ghníomhaireacht comhar ar bun le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, chun críoch comhairliúcháin, malartú faisnéise agus comhthiomsú eolais trí rannpháirtíocht eagraíochtaí sin na sochaí sibhialta. Chuige sin, ainmneoidh an Ghníomhaireacht pointe teagmhála aonair faoi údarás an Stiúrthóra Feidhmiúcháin chun a áirithiú go soláthróidh sí faisnéis rialta d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir lena gníomhaíochtaí, lena n-áirítear trí leathanach gréasáin tiomnaithe a chur ar bun nó trí mhodhanna ábhartha eile. Ceadóidh an Ghníomhaireacht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sonraí agus faisnéis atá ábhartha maidir lena gníomhaíochtaí a thíolacadh.

2.   Agus ábhair shonracha á mbreithniú aici, déanfaidh an Ghníomhaireacht malartuithe tiomnaithe, i gcás inarb ábhartha, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil cáilíochtaí agus taithí ábhartha acu ar an ábhar lena mbaineann.

3.   Clárófar eagraíochtaí na sochaí sibhialta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 sa Chlár Trédhearcachta, arna bhunú le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (35). Cuirfidh an Ghníomhaireacht anliosta d’eagraíochtaí sin na sochaí sibhialta ar fáil go poiblí.

Airteagal 56

Comhaontú ceanncheathrún agus dálaí oibríochta

1.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát ina bhfuil a suíomh ag an nGníomhaireacht, na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil agus na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, foireann na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus daoine dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát sin.

2.   Déanfaidh an Ballstát ina bhfuil a suíomh ag an nGníomhaireacht na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht go rianúil agus go héifeachtúil, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint léi agus naisc iomchuí iompair.

Airteagal 57

Comharbas dlíthiúil

1.   Beidh an Ghníomhaireacht ina comharba dlíthiúil i ndáil le gach conradh arna thabhairt i gcrích ag EMCDDA, i ndáil le gach dliteanas is dlite dó agus i ndáil le gach maoin arna sealbhú dó.

2.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’fheidhm dhlíthiúil comhaontuithe agus socruithe arna dtabhairt i gcrích ag EMCDDA roimh an 2 Iúil 2024.

Airteagal 58

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta

1.   Bord Bainistíochta EMCDDA, leanfaidh sé dá chuid oibre agus dá fheidhmiú bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 agus ar na rialacha arna mbunú faoi go dtí go gceapfar ionadaithe uile an Bhoird Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo.

2.   Faoin .1 Aibreán 2024, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainm na ndaoine a cheapfaidh siad mar chomhaltaí agus mar chomhaltaí malartacha ar an mBord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 23.

3.   An Bord Bainistíochta a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 23, reáchtálfaidh sé a chéad chruinniú faoin 3 Lúnasa 2024. An tráth sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

Airteagal 59

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Maidir le Stiúrthóir EMCDDA a ceapadh ar bhonn Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006, ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha dá téarma nó dá théarma oifige, déanfar freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 30 den Rialachán seo a shannadh di/dó. Ní athrófar coinníollacha eile a conartha nó a chonartha.

Má thagann deireadh leis an téarma oifige Stiúrthóir EMCDDA idir an 1 Iúil 2023 agus an 2 Iúil 2024, agus murar cuireadh síneadh leis an téarma sin cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006, cuirfear síneadh leis go huathoibríoch go dtí an 3 Iúil 2025.

2.   I gcás nach mbeidh an Stiúrthóir a ceapadh ar bhonn Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 toilteanach ná in ann gníomhú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh an Bord Bainistíochta Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach chun na dualgais a sannadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmiú ar feadh tréimhse nach mó ná 18 mí, go dtí go gceapfar Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 29(2).

Airteagal 60

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis na pointí fócasacha náisiúnta

Faoin 1 Meitheamh 2024, déanfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ainm na n-institiúidí a ainmníodh mar phointí fócasacha náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 33(1) agus ainm cheannairí na bpointí fócasacha náisiúnta a chur ar fáil don Ghníomhaireacht. Chun na críche sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta ríomhphost a sheoladh ina ndeimhnítear an status quo reatha.

Airteagal 61

Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha

Is i gcomhréir leis na rialacha a bunaíodh le Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 a dhéanfar an nós imeachta um urscaoileadh maidir leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 15 den Rialachán sin.

Airteagal 62

Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 a aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 le héifeacht ón 2 Iúil 2024. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

2.   Fanfaidh na rialacha agus bearta inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 i bhfeidhm tar éis an 2 Iúil 2024, mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Airteagal 63

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 2 Iúil 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 323, 26.8.2022, lch. 88.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023.

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 302/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 maidir le Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí a bhunú (IO L 36, 12.2.1993, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (IO L 376, 27.12.2006, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(8)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(9)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(10)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(11)  Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí (IO L 335, 11.11.2004, lch. 8).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha (IO L 22, 26.1.2005, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 319, 4.12.2015, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1),

(19)  Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lch. 74).

(20)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(21)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

(22)  Treoir 2001/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát maidir le dea-chleachtas cliniciúil a chur chun feidhme i stiúradh trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 121, 1.5.2001, lch. 34).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann lele sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26.).

(26)  Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandálaí Sláinte 2021/C 393 I/02 (IO C 393 I, 29.9.2021, lch. 3).

(27)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(28)  Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20).

(29)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(30)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).

(31)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(32)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(33)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(34)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(35)  IO L 207, 11.6.2021, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) 1920/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1

Airteagal 8

Airteagal 2

-

Airteagal 3

Airteagal 1(2)

Airteagal 4

Airteagal 2

Airteagal 5

Airteagal 1(3) agus (5), Airteagal 2, pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 6

Iarscríbhinn I

Airteagal 7

Airteagail 5a go 5d

Airteagail 8 go11

-

Airteagal 12

-

Airteagal 13

-

Airteagal 14

-

Airteagal 15

-

Airteagal 16

-

Airteagal 17

-

Airteagal 18

-

Airteagal 19

Airteagal 2(d)

Airteagal 20

-

Airteagal 21

-

Airteagal 22

Airteagal 9(1)

Airteagal 23

-

Airteagal 24

Airteagal 9(2)

Airteagal 25

Airteagal 9(3)

Airteagal 26

Airteagal 9(1), an tríú fomhír

Airteagal 27

Airteagal 10

Airteagal 28

Airteagal 11

Airteagail 29 agus 30

Airteagal 13

Airteagal 31

Airteagal 5(1)

Airteagal 32

Airteagal 5(3)

Airteagal 33

Airteagal 5(2)

Airteagal 34

-

Airteagal 35

Airteagal 9(4), (5) agus (6)

Airteagal 36

Airteagal 14(1) go (4)

Airteagal 37

-

Airteagal 38

Airteagal 14(5) go (9)

Airteagal 39

Airteagal 15(1)

Airteagal 40

Airteagal 15(2) go (9)

Airteagal 41

-

Airteagal 42

Airteagal 18

Airteagal 43

Airteagal 18, an cúigiú mír

Airteagal 44

Airteagal 17

Airteagal 45

-

Airteagal 46

Airteagail 6 agus 7

Airteagal 47

Airteagal 16

Airteagal 48

-

Airteagal 49

Airteagal 19

Airteagal 50

Airteagal 23

Airteagal 51

-

Airteagal 52

Airteagal 20

Airteagal 53

Airteagal 21

Airteagal 54

-

Airteagal 55

-

Airteagal 56

-

Airteagal 57

-

Airteagal 58

-

Airteagal 59

-

Airteagal 60

-

Airteagal 61

Airteagal 24

Airteagal 62

Airteagal 25

Airteagal 63


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/48


CINNEADH (AE) 2023/1323 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2023

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), Airteagal 100(2) agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Bealtaine 2018, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún comhaontú saorthrádála a chaibidliú leis an Nua-Shéalainn.

(2)

An 30 Meitheamh 2022, tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (‘an Comhaontú’) i gcrích go rathúil.

(3)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (‘an Comhaontú’) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích (1).

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


RIALACHÁIN

30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/50


RIALACHÁN (AE) 2023/1324 ÓN gCOMHAIRLE

An 29 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus Rialachán (AE) 2023/194 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle (1) socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus na bearta atá nasctha go feidhmiúil leis na TACanna a shocraítear le Rialachán (AE) 2023/194, ba cheart iad a leasú chun foilsiú na comhairle eolaíche a chur san áireamh chomh maith le torthaí na gcomhairliúchán le tríú tíortha.

(2)

Le Rialachán (AE) 2023/194 socraítear ag nialas an TAC le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus in uiscí an Aontais i roinn 34.1.1 de Choiste Iascaigh an Atlantaigh Thoir Láir (CECAF) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an stoc sin le haghaidh na tréimhse sin. Chun go bhféadfar leanúint den iascaireacht go dtí go socrófar an TAC cinntitheach le haghaidh an stoic sin ar bhonn na comhairle eolaíche sin, ba cheart TAC sealadach a bhunú ar leibhéal 4 564 thona le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023. Comhfhreagraíonn an leibhéal sin do ghabhálacha an stoic sin sa tríú ráithe de 2022.

(3)

An 12 Bealtaine 2023, bhí comhairliúcháin ag an Aontas, an Ríocht Aontaithe agus an Iorua maidir le leibhéal na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh an tsaláin (Sprattus sprattus) i bhfolimistéar 4 agus roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024; chomh maith le leibhéal na TACanna le haghaidh an tsaláin don tréimhse sin in uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe d’fholimistéar 4 agus roinn 2a ICES agus in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua i roinn 3a ICES. Rinneadh na comhairliúcháin sin ar bhonn an tseasaimh ón Aontas a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 4 Bealtaine 2023. Ba cheart, dá bhrí sin, na TACanna sin a shocrú ar na leibhéil a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe agus an Iorua.

(4)

An 4 Bealtaine 2023, bhí comhairliúcháin ag an Aontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le leibhéal an TAC le haghaidh an tsaláin in uiscí an Aontais agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i ranna 7d agus 7e ICES don tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. Rinneadh na comhairliúcháin sin de bhun Airteagail 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair (2) agus ar bhonn an tseasaimh ón Aontas a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 27 Aibreán 2023. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dTaifead i Scríbhinn. Ba cheart, dá bhrí sin, an TAC sin a shocrú ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe.

(5)

Ós rud é, i ndáil le roinnt stoc, go bhfuil a mbithmhais faoi bhun an phointe tagartha teorann i dtaca le bithmhais (‘Blim’) nó nach sainíonn ICES pointí tagartha caomhnaithe ach go moltar gabhálacha nialasacha nó an t-iascach spriocdhírithe a chur ar fionraí, ba cheart toirmeasc a chur ar an tsolúbthacht ó bhliain go bliain de bhun Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle (3) in 2023.

(6)

Maidir leis na cóid le haghaidh roinnt coinníollacha maidir le cuótaí na hIorua faoi TACanna a áirítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/194, lena mbunaítear na limistéir ina bhféadfaidh an Iorua na cainníochtaí atá ar fáil di a iascach, tá siad in easnamh nó tá siad mícheart.Dá bhrí sin ba cheart Iarscríbhinn IA a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú.

(7)

Le hAirteagail 15 agus 17 de Rialachán (AE) 2022/2056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuirtear toirmeasc ar aon siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus) nó aon síodsiorc (Carcharhinus falciformis) a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a stóráil ar shoitheach iascaireachta nó a thabhairt i dtír ina iomláine nó i bpáirt sa limistéar a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú (WCPFC). Chun forálacha forluiteacha maidir leis an ábhar céanna a sheachaint, is iomchuí Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2023/194 a scriosadh.

(8)

De bhun roinnt moltaí arna ndéanamh ag an gCoimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), féadfaidh an tAontas, arna iarraidh sin, céatadán den chuóta stoc atá aige nár úsáideadh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a thabhairt ar aghaidh ón mbliain leathdhéanach nó ón mbliain roimhe sin go bliain ar leith, de réir rialacha maidir le gach stoc de chuid ICCAT arna leagan síos ag ICCAT. Le Rialachán (AE) 2022/109 agus Rialachán 2023/194 (AE) ón gComhairle (5), socraítear cuótaí an Aontais le haghaidh stoic ICCAT le haghaidh 2022 agus 2023 faoi seach i gcomhréir leis an toradh ar chruinniú bliantúil ICCAT na bliana roimhe sin, ina gcuirtear san áireamh cuótaí an Aontais nár úsáideadh agus a tugadh anonn, i gcás inarb infheidhme. Níor cheart go bhféadfaí na cuótaí sin a tugadh anonn a chomhcheangal leis na haistrithe cuótaí faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle agus, dá bhrí sin, ba cheart úsáid na n-aistrithe sin a thoirmeasc sa tréimhse sin.

(9)

Tharchuir cúig Bhallstát modhnuithe ar a bpleananna bainistíochta feirmeoireachta chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Bunaithe ar na modhnuithe sin, chuir an Coimisiún plean bainistithe feirmeoireachta modhnaithe an Aontais le haghaidh 2023 ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT an 9 Bealtaine 2023 agus d’fhoilsigh ICCAT na modhnuithe sin ar phlean sin an Aontais an 11 Bealtaine 2023. Ba cheart, dá bhrí sin, uas-ionchur agus uasacmhainn feirmeoireachta an Aontais a leasú i gcomhréir leis na modhnuithe sin.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2023/194 agus (AE) 2022/109 a leasú dá réir sin.

(11)

Chun go bhféadfar leanúint den iascaireacht an 1 Iúil 2023 agus ina dhiaidh sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm gan mhoill.

(12)

Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo lena leasaítear forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2023/194 ón 1 Eanáir 2023, i gcomhréir le tréimhse cur i bhfeidhm na bhforálacha leasaithe sin. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh ainseabhaithe agus an tsaláin agus Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2023/194 a scriosadh ón 1 Iúil 2023. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le ICCAT agus lena leasaítear forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2022/109 ón 1 Eanáir 2022, i gcomhréir le tréimhse cur i bhfeidhm na bhforálacha leasaithe sin. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla ná don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, ós rud é go méadaítear na deiseanna iascaireachta lena mbaineann leis na leasuithe sin nó nár aistríodh na cainníochtaí ábhartha go fóill faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) 2023/194

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 mar a leanas:

(a)

scriostar Airteagal 45;

(b)

leasaítear Iarscríbhinní IA agus ID i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) 2022/109

Leasaítear Iarscríbhinn ID a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/109 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin:

(a)

Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Eanáir 2022;

(b)

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (a) ón 1 Iúil 2023;

(c)

In Iarscríbhinn I, beidh feidhm pointe 1, fophointí (a) agus (b) ón 1 Iúil 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).

(2)  An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 149, 30.4.2021, lch. 10).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).

(4)  Rialachán (AE) 2022/2056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 276, 26.10.2022, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (IO L 252, 16.9.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/194 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn IA:

(a)

i gCuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i gcomhair ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais de CECAF 34.1.1:

‘Speiceas:

An t-ainseabhaí

Engraulis encrasicolus

Limistéar:

9 agus 10; Uiscí an Aontais de CECAF 34.1.1

(ANE/9/3411)

An Spáinn

2 183

(1)

TAC réamhchúraim

An Phortaingéil

2 381

(1)

An tAontas

4 564

(1)

 

 

 

TAC

4 564

(1)

(1)

Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023.’;

(b)

i gCuid B d’Iarscríbhinn IA, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i gcomhair stoic

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i gcomhair an tsaláin (Sprattus sprattus) agus foghabhálacha gaolmhara i roinn 3a ICES:

‘Speiceas:

An salán agus foghabhálacha gaolmhara

Sprattus sprattus

Limistéar:

3a

(SPR/03A.)

An Danmhairg

17 608

(1)(2)(3)

TAC anailíseach

An Ghearmáin

37

(1)(2)(3)

An tSualainn

6 662

(1)(2)(3)

An tAontas

24 307

(1)(2)(3)

 

 

 

TAC

26 278

(2)

(1)

Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní agus cadóg (OTH/*03A.). Foghabhálacha faoitíní agus cadóg arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(2)

Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(3)

Féadfar aistrithe an chuóta seo a dhéanamh chuig uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 2a agus 4. Tabharfar fógra, áfach, don Choimisiún agus don Ríocht Aontaithe roimh ré faoi aistrithe den sórt sin.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i gcomhair an tsaláin agus foghabhálacha gaolmhara (Sprattus sprattus) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus in uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES, agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES:

‘Speiceas:

An salán agus foghabhálacha gaolmhara

Sprattus sprattus

Limistéar:

Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; Uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a

(SPR/2AC4-C)

An Bheilg

 

1 221

(1)(2)

TAC anailíseach

An Danmhairg

 

96 624

(1)(2)

An Ghearmáin

 

1 221

(1)(2)

An Fhrainc

 

1 221

(1)(2)

An Ísiltír

 

1 221

(1)(2)

An tSualainn

 

1 330

(1)(2)(3)

An tAontas

 

102 838

(1)(2)

An Iorua

 

10 000

(1)

Oileáin Fharó

 

0

(1)(4)

An Ríocht Aontaithe

 

4 482

(1)

 

 

 

 

TAC

 

117 320

(1)

(1)

Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(2)

Féadfaidh suas le 2 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní (OTH/*2AC4C). Foghabhálacha faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(3)

Lena n-áirítear spéirlintí.

(4)

Féadfaidh suas le 4 % de a bheith ina fhoghabhálacha scadán.’;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i gcomhair an tsaláin (Sprattus sprattus) i ranna 7d agus 7e ICES:

‘Speiceas:

An salán

Sprattus sprattus

Limistéar:

7d agus 7e

(SPR/7DE.)

An Bheilg

 

5

(1)

TAC anailíseach

An Danmhairg

 

341

(1)

An Ghearmáin

 

5

(1)

An Fhrainc

 

73

(1)

An Ísiltír

 

73

(1)

An tAontas

 

497

(1)

An Ríocht Aontaithe

 

1 940

(1)

 

 

 

 

TAC

 

2 437

(1)

(1)

Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.’;

(c)

i gcuid B agus F, sna táblaí le haghaidh: (i) scadáin (Clupea harengus) i ranna 7a ICES laisteas de 52° 30’ T, 7g, 7h, 7j agus 7k; agus (ii) faoitíní (Merlangius merlangus) i ranna 7b, 7c, 7d, 7e, 7f, 7g, 7h, 7j agus 7k ICES; (iii) langaí gorma (Molva dypterygia) in uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéar 12 ICES; (iv) langaí gorma in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéar 2 ICES agus uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES; (v) langaí gorma in uiscí an Aontais i roinn 3a ICES; agus (vi) séaclaí Artacha (Pandalus borealis) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES agus uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES; agus deargáin (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéir ICES 6, 7 agus 8 ICES,cuirtear isteach an méid seo a leanas:

‘Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.’;

(d)

i gcuid B:

(i)

i bhfonóta 2 den tábla le haghaidh an scadáin (Clupea harengus) in uiscí an Aontais, na Ríocht Aontaithe agus na hIorua i bhfolimistéar 4 ICES lastuaidh de 53° 30’ T, cuirtear an méid seo isteach in ionad an chóid:

‘HER/*04B-C’;

(ii)

i bhfonóta 2 den tábla le haghaidh an troisc (Gadus morhua) i bhfolimistéar 4 ICES; uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES; an chuid de roinn 3a nach gcumhdaítear le Skagerrak agus Kattegat, ag deireadh na chéad abairte, cuirtear isteach an cód seo a leanas:

‘(COD/*3AX4-EU)’;

(iii)

i bhfonóta 2 den tábla le haghaidh na cadóige (Melanogrammus aeglefinus) i bhfolimistéar 4 ICES; uiscí na Ríochta Aontaithe de roinn 2a ICES, ag deireadh na chéad abairte, cuirtear an cód seo a leanas isteach:

‘(HAD/*04-EU)’;

(iv)

i bhfonóta 1 den tábla le haghaidh an fhaoitín (Merlangius merlangus) i bhfolimistéar 4 ICES; uiscí na Ríochta Aontaithe de roinn 2a ICES, ag deireadh na chéad abairte, cuirtear an cód seo a leanas isteach:

‘(WHG/*04-EU)’;

(v)

i bhfonóta 4 den tábla le haghaidh an fhaoitín ghoirm, (Micromesistius poutassou) in uiscí na Ríochta Aontaithe, an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta i limistéir 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8a, 8b, 8d, 8e, 12 agus 14 ICES, scriostar ‘2a’ agus, ag deireadh na habairte, cuirtear an cód seo a leanas isteach:

‘(WHB/*46AB7-EU)’;

(vi)

i bhfonóta 5 den tábla le haghaidh an fhaoitín ghoirm, (Micromesistius poutassou) in uiscí na Ríochta Aontaithe, an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta i limistéir 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8a, 8b, 8d, 8e, 12 agus 14 ICES, scriostar ‘2a’ agus, i ndiaidh ‘12°I’, cuirtear an cód seo a leanas isteach:

‘(WHB/*46AB7)’;

(vii)

i bhfonóta 1 den tábla le haghaidh na leathóige (Pleuronectes platessa) i bhfolimistéar 4 ICES; uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES; an chuid de roinn 3a nach gcumhdaítear le Skagerrak agus Kattegat, ag deireadh na chéad abairte, cuirtear isteach an cód seo a leanas:

‘(PLE/*3AX4-EU)’.

(2)

in Iarscríbhinn ID, sna táblaí i gcomhair an mhéid seo a leanas: (i) an tuinnín colgach an Tuaiscirt (Thunnus alunga) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T; (ii) tuinnín colgach an Deiscirt san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T; (iii) tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus) san Aigéan Atlantach; (iv) an colgán (Xiphias gladius) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T; agus (v) an colgán san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T, cuirtear an méid seo a leanas isteach:

‘Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.’.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/194, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

‘6.

Uas-acmhainneacht i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú tuinníní gorma le haghaidh gach Ballstáit agus uas-ionchur tuinníní gorma a ghabhfar go fiáin a fhéadfaidh gach Ballstát a chionroinnt ar a fheirmeacha san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

Tábla A

Uas-acmhainneacht i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú tuinníní

 

An líon feirmeacha

Acmhainneacht (i dtonaí)

An Ghréig

2

2 100,00

An Spáinn

4

11 852,00

An Chróit

4

7 880,00

An Iodáil

2

9 370,00

An Chipir

0

0

Málta

6

16 579,65

An Phortaingéil

2

500,00

Tábla B

Uas-ionchur tuinníní gorma a ghabhtar go fiáin (i dtonaí)

An Ghréig

649,00

An Spáinn

8 237,93

An Chróit

2 947,00

An Iodáil

1 100,00

An Chipir

0

Málta

11 842,61

An Phortaingéil

350,00 ’.


IARSCRÍBHINN III

In Iarscríbhinn ID a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/109, sna táblaí i gcomhair an mhéid seo a leanas: (i) tuinnín colgach an Tuaiscirt (Thunnus alunga) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T; (ii) tuinnín colgach an Deiscirt san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T; (iii) tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus) san Aigéan Atlantach; (iv) an colgán (Xiphias gladius) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T; agus (v) an colgán san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T, cuirtear an méid seo a leanas isteach:

‘Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.’.


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/58


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1325 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meitheamh 2023

lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (‘Extremadura’ (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 99 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar leasuithe a fhormheas ar thásc geografach faoi chosaint ‘Extremadura’, a chuir an Spáinn ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2)

D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar na leasuithe ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Extremadura’ (TGFC) formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  IO C 40, 2.2.2023, lch. 8.


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/60


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1326 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meitheamh 2023

lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (‘Balaton/Balatoni’ (STFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar leasuithe a fhormheas ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Balaton/Balatoni’, a chuir an Ungáir ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2)

D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar na leasuithe ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Balaton/Balatoni’ (STFC) is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  IO C 114, 29.3.2023, lch. 12.


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/62


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1327 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meitheamh 2023

lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm ‘Canelli’ (PDO)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a chuir an Iodáil ar aghaidh an t-ainm ‘Canelli’ a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm ‘Canelli’ a chosaint agus a iontráil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cosnaítear leis seo an t-ainm ‘Canelli’ (PDO).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  IO C 43, 6.2.2023, lch. 5.


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/63


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1328 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183(b) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar de thoradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5(6)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe.

(2)

Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin.

(4)

Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiún,

Ar son an Uachtaráin,

Wolfgang BURTSCHER

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  IO L 150, 20.5.2014, lch. 1.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus chun praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN I

Cód AC

Tuairisc ar na hearraí

Praghas ionadaíoch

(EUR/100 kg)

An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3

(EUR/100 kg)

Tionscnamh (1)

0207 14 10

Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite

243,3

17

BR


(1)  Ainmníocht arna socrú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hainmníocht na dtíortha agus na gcríoch le haghaidh an staidrimh Eorpaigh maidir le trádáil idirnáisiúnta in earraí agus maidir leis an mionscagadh geografach i ndáil le staidreamh gnó eile (IO L 334, 13.10.2020, lch 2).


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/66


RIALACHÁN (AE) 2023/1329 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid polairicineoláite polaigliocróil (E 476) agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí maidir le gliocról (E 422), eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) agus polairicineoláit pholaigliocróil (E 476)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) agus Airteagal 14 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta de chuid an Aontais de bhreiseáin bhia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3) leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(3)

Féadfar liostaí an Aontais de bhreiseáin bhia agus na sonraíochtaí a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil.

(4)

Is substaintí atá údaraithe i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 gliocról (E 422), eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) agus polairicineoláit pholaigliocróil (E 476).

(5)

An 15 Márta 2017, d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar ghliocról (E 422) mar bhreiseán bia (4), tuairim inar thángthas ar an gconclúid nach raibh aon ghá le hiontógáil laethúil inghlactha uimhriúil agus nárbh ábhar imní é an breiseán bia ó thaobh na sábháilteachta de i leith na n-úsáidí a tuairiscíodh. Mhol an tÚdarás roinnt modhnaithe ar na sonraíochtaí maidir le E 422 a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 agus mhol sé go gcuirfí breis faisnéise ar fáil don Údarás maidir leis na húsáidí agus na leibhéil úsáide.

(6)

An 23 Samhain 2018, sheol an Coimisiún glao poiblí ar shonraí teicniúla maidir leis an mbreiseán bia gliocról (E 422), glao inar díríodh ar na riachtanais sonraí a shainaithin an tÚdarás.

(7)

Tar éis d’oibreoirí gnó leasmhara sonraí a chur isteach, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a sholáthar chun a dheimhniú go raibh na sonraí teicniúla a sholáthair na hoibreoirí gnó leasmhara leordhóthanach mar thaca le leasú ar na sonraíochtaí maidir leis an mbreiseán bia gliocról (E 422) chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na caighdeáin reatha, de réir mar a mhol an tÚdarás.

(8)

Sa tuairim eolaíoch uaidh a glacadh an 18 Bealtaine 2022 (5), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh oiriúnú le déanamh ar na sonraíochtaí a bhí i bhfeidhm san am maidir le gliocról (E 422), go háirithe trí na huasteorainneacha le haghaidh dúile tocsaineacha (arsanaic, luaidhe, mearcair agus caidmiam) a laghdú, tríd an modh aitheantais atá bunaithe ar ghiniúint acroiléine le linn téimh a scriosadh, tríd an tástáil maidir le láithreacht acroiléine a scriosadh, trí uasteorainn le haghaidh acroiléine a áireamh sna sonraíochtaí agus tríd an sainmhíniú ar ghliocról (E 422) a mhodhnú.

(9)

Dá bhrí sin, is iomchuí na sonraíochtaí maidir le gliocról (E 422) a leasú. Ba cheart an sainmhíniú ar an mbreiseán bia a leasú ionas nach mbeidh feidhm aige ach maidir leis na modhanna monaraíochta a ndearna an tÚdarás measúnú ar shonraí ina leith. Na huasteorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le dúile tocsaineacha, ba cheart iad a laghdú i gcomhréir leis an tuairim eolaíoch ón Údarás, agus na leibhéil is féidir a bhaint amach faoi láthair trí dhea-chleachtais mhonaraíochta a chur i bhfeidhm á chur san áireamh. An modh aitheantais le haghaidh gliocróil atá bunaithe ar ghiniúint acroiléine le linn téimh, ba cheart é a scriosadh ós rud é go bhfuil an cion gliocróil in E 422 le cinneadh trí mhodh anailíse iomchuí. Ba cheart an tástáil maidir le láithreacht acroiléine a scriosadh agus uasteorainn uimhriúil le haghaidh acroiléine a áireamh sna sonraíochtaí i gcomhréir leis an tuairim eolaíoch ón Údarás agus an leibhéal is féidir a bhaint amach faoi láthair trí dhea-chleachtais mhonaraíochta a chur i bhfeidhm á chur san áireamh.

(10)

Ós rud é nár shainaithin an tÚdarás aon ábhar imní láithreach ó thaobh na sláinte de a bhaineann le láithreacht dúl tocsaineach nó acroiléine, is iomchuí úsáid an bhreiseáin bia gliocról (E 422) arna chur ar an margadh go dleathach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a cheadú ar feadh idirthréimhse.

(11)

Ar na cúiseanna céanna, maidir le bianna ina bhfuil an breiseán bia gliocról (E 422), ar breiseán bia é a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is iomchuí cead a thabhairt na bianna sin a chur ar an margadh go fóill ar feadh idirthréimhse agus a fhágáil ar an margadh go dtí a ndáta ar fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

(12)

An 20 Nollaig 2017, d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) mar bhreiseán bia (6), tuairim inar thángthas ar an gconclúid nach raibh aon ghá le hiontógáil laethúil inghlactha uimhriúil agus nárbh ábhar imní é an breiseán bia ó thaobh na sábháilteachta de i leith na n-úsáidí a tuairiscíodh. Mhol an tÚdarás roinnt modhnaithe ar na sonraíochtaí maidir le E 475 a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012.

(13)

An 23 Samhain 2018, sheol an Coimisiún glao poiblí ar shonraí teicniúla maidir leis an mbreiseán bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475), glao inar díríodh ar na riachtanais sonraí a shainaithin an tÚdarás.

(14)

Tar éis d’oibreoirí gnó leasmhara sonraí a chur isteach, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a sholáthar chun a dheimhniú go raibh na sonraí teicniúla a sholáthair na hoibreoirí gnó leasmhara leordhóthanach mar thaca le leasú ar na sonraíochtaí maidir leis an mbreiseáin bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na caighdeáin atá i bhfeidhm faoi láthair, de réir mar a mhol an tÚdarás.

(15)

Sa tuairim eolaíoch uaidh a glacadh an 1 Aibreán 2022 (7), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh oiriúnú le déanamh ar na sonraíochtaí a bhí i bhfeidhm san am maidir le heistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475), go háirithe trí na huasteorainneacha le haghaidh dúile tocsaineacha a laghdú, trí uasteorainneacha maidir le heisíontais agus comhábhair ar ábhair imní iad ó thaobh na sábháilteachta de a áireamh sna sonraíochtaí agus tríd an sainmhíniú ar eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) a mhodhnú.

(16)

Dá bhrí sin, is iomchuí na sonraíochtaí maidir le heistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) a leasú. Ba cheart an sainmhíniú ar an mbreiseán bia a leasú ionas nach n-úsáidfear ach gliocról a chomhlíonann na sonraíochtaí le haghaidh an bhreiseáin bia (E 422) chun an breiseán bia a tháirgeadh. Na huasteorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le dúile tocsaineacha, ba cheart iad a laghdú agus ba cheart uasteorainneacha le haghaidh na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD), eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) agus aigéad éarúcach a leagan síos i gcomhréir leis an tuairim eolaíoch ón Údarás, agus an leibhéal is féidir a bhaint amach faoi láthair trí dhea-chleachtais mhonaraíochta a chur i bhfeidhm á chur san áireamh.

(17)

Ós rud é go bhfuil teicnící monaraíochta nua á gcur chun feidhme lena dtáirgtear an breiseán bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) ina bhfuil leibhéil níos ísle d’eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól), is iomchuí idirthréimhse a sholáthar do mhonaróirí breiseán bia chun 5 mg/kg a bhaint amach mar uasleibhéal le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) sa bhreiseán bia (E 475). Mar sin féin, ós rud é go bhfuil eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha géineatocsaineach agus carcanaigineach, ba cheart feidhm a bheith ag 10 mg/kg mar uasleibhéal idirmheánach le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(18)

Ós rud é nár shainaithin an tÚdarás aon ábhar imní láithreach ó thaobh na sláinte de a bhaineann le dúile tocsaineacha, le 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD), le heistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha, le haigéad éarúcach nó le heistir ghlicidile d’aigéid shailleacha a bheith i láthair, is iomchuí úsáid an bhreiseáin bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a cheadú ar feadh idirthréimhse agus cead a thabhairt bianna ina bhfuil an breiseán bia sin a chur ar an margadh go fóill ar feadh na hidirthréimhse céanna agus a fhágáil ar an margadh go dtí a ndáta ar fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

(19)

Ar na cúiseanna céanna, agus i bhfianaise a chion laghdaithe d’eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha, maidir leis an mbreiseáin bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) a chuirtear ar an margadh go dleathach tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a chomhlíonann an t-uasleibhéal idirmheánach laghdaithe le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól), ba cheart úsáid an bhreiseáin bia sin a cheadú go dtí go n-ídeofar na stoic agus ba cheart cead a thabhairt bianna ina bhfuil an breiseán bia sin a chur ar an margadh agus a fhágáil ar an margadh go dtí a ndáta ar fearr roimhe nó a ndáta éagtha.

(20)

An 24 Márta 2017, d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar pholairicineoláit pholaigliocróil (E 476) mar bhreiseán bia (8). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, i bhfianaise an tacair sonraí, go bhfuil sé réasúnta an iontógáil laethúil inghlactha a mhéadú go dtí 25 mg/kg meáchan coirp in aghaidh an lae. Mhol an tÚdarás roinnt modhnaithe ar na sonraíochtaí maidir le E 476 a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012.

(21)

An 23 Samhain 2018, sheol an Coimisiún glao poiblí ar shonraí teicniúla maidir leis an mbreiseán bia polairicineoláit pholaigliocróil (E 476), glao inar díríodh ar na riachtanais sonraí a shainaithin an tÚdarás.

(22)

An 18 Márta 2020, cuireadh isteach iarratas ar údarú chun polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) a úsáid mar eiblitheoir i reoiteoga le haghaidh eibleachtaí saille agus ola den chineál uisce-in-ola agus in anlainn eiblithe ina a bhfuil cion saille is mó ná 20 %. Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(23)

Le polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) is féidir eibleachtaí cobhsaí uisce-in-ola ina bhfuil braoiníní atá ar mhéid níos lú a tháirgeadh, ar eibleachtaí iad is féidir a reo chun reoiteoga uachtarúla boga a tháirgeadh nach bhfuil gá acu leis an oiread céanna fuinnimh sa mhodh monaraíochta agus a bhfuil cobhsaíocht fheabhsaithe acu sa slabhra soláthair táirgí reoite. Tugann sé deis saillte agus olaí ina bhfuil cion íseal de shaill sháithithe agus méideanna níos lú siúcraí a úsáid i reoiteoga. Is é 4 000 mg/kg an leibhéal polairicineoláite polaigliocróil (E 476) is gá chun an fheidhm theicneolaíoch atá beartaithe a bhaint amach.

(24)

Le polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) is féidir freisin an cion ola in anlainn eiblithe (e.g. maonáis nó blastáin sailéid) a laghdú gan éifeacht dhiúltach ar an mothú béil. Ní leor an t-uasleibhéal atá údaraithe faoi láthair, is é sin 4 000 mg/kg, i gcás táirgí ina bhfuil cion saille is mó ná 20 %. Is é 8 000 mg/kg an leibhéal úsáide polairicineoláite polaigliocróil (E 476) is gá chun an fheidhm theicneolaíoch atá beartaithe a bhaint amach i dtáirgí ina bhfuil cion saille is mó ná 20 %.

(25)

Tar éis d’oibreoirí gnó leasmhara sonraí a chur isteach mar fhreagairt ar an nglao poiblí ar shonraí teicniúla agus tar éis an t-iarratas ar leathnú úsáide polairicineoláite polaigliocróil (E 476) a bheith curtha isteach, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a sholáthar chun a dheimhniú go raibh na sonraí teicniúla a sholáthair na hoibreoirí gnó leasmhara leordhóthanach mar thaca le leasú ar na sonraíochtaí maidir leis an mbreiseáin bia polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na caighdeáin reatha, de réir mar a mhol an tÚdarás.

(26)

Sa tuairim eolaíoch uaidh a glacadh an 30 Márta 2022 (9), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach dtiocfadh aon ábhar imní ó thaobh na sábháilteachta de as an leathnú úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go raibh oiriúnú le déanamh ar na sonraíochtaí a bhí i bhfeidhm san am maidir le polairicineoláit pholaigliocróil (E 476), go háirithe trí na huasteorainneacha le haghaidh dúile tocsaineacha a laghdú, trí uasteorainneacha maidir le heisíontais ar ábhair imní iad ó thaobh na sábháilteachta de a áireamh sna sonraíochtaí agus tríd an sainmhíniú ar pholairicineoláit pholaigliocróil (E 476) a mhodhnú.

(27)

Dá bhrí sin is iomchuí polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) a údarú i gcatagóir bhia 03 ‘Reoiteoga’ ag uasleibhéal 4 000 mg/kg, an t-uasleibhéal údaraithe i gcatagóir bhia 12.6 ‘Anlainn’ a mhéadú go dtí 8 000 mg/kg i gcás anlainn eiblithe ina bhfuil cion saille 20 % nó níos mó agus a sonraíochtaí a leasú i bhfianaise na tuairime eolaíche ón Údarás. Ba cheart an sainmhíniú ar an mbreiseán bia a leasú ionas nach n-úsáidfear ach gliocról a chomhlíonann na sonraíochtaí le haghaidh an bhreiseáin bia (E 422) chun an breiseán bia a tháirgeadh. Na huasteorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le dúile tocsaineacha, ba cheart iad a laghdú agus ba cheart uasteorainneacha le haghaidh na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD) agus eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) a leagan síos i gcomhréir leis an tuairim eolaíoch ón Údarás, agus an leibhéal is féidir a bhaint amach faoi láthair trí dhea-chleachtais mhonaraíochta a chur i bhfeidhm á chur san áireamh.

(28)

Ós rud é nár shainaithin an tÚdarás aon ábhar imní láithreach ó thaobh na sláinte de a bhaineann le dúile tocsaineacha, 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD), eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha nó eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha a bheith i láthair, is iomchuí úsáid an bhreiseáin bia polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) arna chur ar an margadh go dleathach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a cheadú ar feadh idirthréimhse.

(29)

Ar na cúiseanna céanna, maidir le bianna ina bhfuil an breiseán bia polairicineoláit pholaigliocróil (E 476), ar breiseán bia é a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is iomchuí cead a thabhairt na bianna sin a chur ar an margadh go fóill ar feadh idirthréimhse agus a fhágáil ar an margadh go dtí a ndáta ar fearr roimhe nó a ndáta éagtha.

(30)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir sin.

(31)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 231/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

An breiseán bia gliocról (E 422) a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 20 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, luaidhe, mearcair, caidmiam ná acroiléine is infheidhme ón 20 Iúil 2023, féadfar é a chur i mbia i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 go dtí an 20 Eanáir 2024.

Bianna ina bhfuil an breiseán bia gliocról (E 422), ar breiseán bia é a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 20 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, luaidhe, mearcair, caidmiam ná acroiléine is infheidhme ón 20 Iúil 2023, féadfar iad a chur ar an margadh go fóill go dtí an 20 Eanáir 2024, agus féadfar iad a mhargú go fóill go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

An breiseán bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 20 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, luaidhe, mearcair, caidmiam, na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD), aigéad éarúcach ná eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) is infheidhme ón ... an 20 Iúil 2023 féadfar é a chur i mbia i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 go dtí an 20 Eanáir 2024.

Bianna ina bhfuil an breiseán bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475), ar breiseán bia é a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 20 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, luaidhe, mearcair, caidmiam, na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD), aigéad éarúcach ná eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) ná acroiléine is infheidhme ón an 20 Iúil 2023, féadfar iad a chur ar an margadh go fóill go dtí an 20 Eanáir 2024, agus féadfar iad a mhargú go fóill go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

An breiseán bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) a cuireadh ar an margadh go dleathach tar éis an 20 Iúil 2023 agus suas leis an 20 Eanáir 2024 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) is infheidhme ón 20 Eanáir 2024, féadfar é a chur i mbia i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 go dtí go n-ídeofar na stoic.

Bianna ina bhfuil an breiseán bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475), ar breiseán bia é a cuireadh ar an margadh go dleathach tar éis an 20 Iúil 2023 agus suas leis an 20 Eanáir 2024 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) is infheidhme ón 20 Eanáir 2024, féadfar iad a chur ar an margadh go fóill agus féadfar iad a mhargú go fóill go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

An breiseán bia polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 20 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, luaidhe, mearcair, caidmiam, na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD), ná eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) is infheidhme ón 20 Iúil 2023, féadfar é a chur i mbia i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 go dtí an 20 Eanáir 2024.

Bianna ina bhfuil an breiseán bia polairicineoláit pholaigliocróil (E 476), ar breiseán bia é a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 20 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, luaidhe, mearcair, caidmiam, na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD) ná eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) is infheidhme ón 20 Iúil 2023, féadfar iad a chur ar an margadh go fóill go dtí an 20 Eanáir 2024, agus féadfar iad a mhargú go fóill go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(2)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(3):4720.

(5)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(6):7353.

(6)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(12):5089.

(7)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(5):7308.

(8)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(3):4743.

(9)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(5):7294.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Cuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 1333/2008 mar a leanas:

(1)

i gCatagóir 03 (Reoiteoga), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh E 473-474:

 

‘E 476

Polairicineoláit pholaigliocróil

4 000

 

seachas soirbéad’

(2)

i gCatagóir 12.6 (Anlainn), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 476 (Polairicineoláit pholaigliocróil):

 

‘E 476

Polairicineoláit pholaigliocróil

4 000

 

anlainn eiblithe ina bhfuil cion saille is lú ná 20 %, agus iad sin amháin

 

E 476

Polairicineoláit pholaigliocróil

8 000

 

anlainn eiblithe ina bhfuil cion saille 20 % nó níos mó, agus iad sin amháin’


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 231/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh an bhreiseán bia E 422 Gliocról:

E 422 GLIOCRÓL

Comhchiallaigh

Glicrin; Glicrín

Sainmhíniú

Is ó olaí glasraí agus saillte glasraí amháin a fhaightear gliocról, bíodh sin go díreach nó ón ngliocról amh a fhaightear mar sheachtháirge ó tháirgeadh bithdhíosail, agus déantar próiseáil íonúcháin air lena mbaineann driogadh agus céimeanna glantacháin eile chun gliocról mínphróiseáilte a fháil.

Einecs

200-289-5

Ainm ceimiceach

1,2,3-própáintrí-ól; Gliocról; Tríhiodrocsaprópán

Foirmle cheimiceach

C3H8O3

Meáchan móilíneach

92,10

Measúnacht

Cion gliocróil nach lú ná 98 % ar bhonn ainhidriúil

Tuairisc

Leacht síoróipeach tais-scópach trédhearcach éadathach nach bhfuil ach boladh éadrom air, ar boladh é nach bhfuil géar ná míthaitneamhach

Sainaithint

 

Dlús coibhneasta (25 °C/25 °C)

Nach lú ná 1,257

Comhéifeacht athraonta

[n]D 20 idir 1,471 agus 1,474

Íonacht

 

Cion uisce

Nach mó ná 5 % (Modh Karl Fischer)

Luaith shulfáitithe

Nach mó ná 0,01 % arna cinneadh ag 800 ± 25 °C

Bútáintrí-óil

Nach mó ná 0,2 %

Acroiléin

Nach mó ná 3 mg/kg

Aigéid shailleacha agus eistir

Nach mó ná 0,1 % arna sloinneadh mar aigéad bútarach

Comhdhúile clóirínithe

Nach mó ná 30 mg/kg (mar chlóirín)

3-Monaclóraprópán-1,2-dé-ól (3-MCPD)

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Arsanaic

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Luaidhe

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Mearcair

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Caidmiam

Nach mó ná 0,1 mg/kg’

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh an bhreiseán bia E 475 Eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha:

E 475 EISTIR PHOLAIGLIOCRÓIL D’AIGÉID SHAILLEACHA

Comhchiallaigh

Eistir aigéad sailleach de pholaigliocróil; Eistir pholaiglicrine d’eistir d’aigéid shailleacha

Sainmhíniú

Táirgtear eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha trí pholaigliocról a eistearú le saillte bia agus le holaí bia nó le haigéid shailleacha a fhaightear i saillte bia agus in olaí bia. Is dé-, trí- agus teitrigliocról den chuid is mó atá sa pháirt pholaigliocróil, agus níl níos mó ná 10 % den pháirt pholaigliocróil sin comhdhéanta de pholaigliocróil atá comhionann le heiptigliocról nó níos airde ná sin.

Táirgtear an polaigliocról as gliocról a chomhlíonann na sonraíochtaí maidir le E 422.

Einecs

 

Ainm ceimiceach

 

Foirmle cheimiceach

 

Meáchan móilíneach

 

Measúnacht

Cion an eistir aigéid shailligh iomláin nach lú ná 90 %

Tuairisc

Leachtanna atá idir olúil agus an-slaodach ar dhath idir buí éadrom agus ómrach; soladacha plaisteacha nó boga ar dhath idir crón éadrom agus donnbhuí; agus soladacha crua céiriúla ar dhath idir crón éadrom agus donn

Sainaithint

 

Tástáil le haghaidh gliocróil

Pas sa tástáil

Tástáil le haghaidh polaigliocról

Pas sa tástáil

Tástáil le haghaidh aigéid shailleacha

Pas sa tástáil

Intuaslagthacht

Tá raon ag na heistir idir an-hidrifileach agus an-lipifileach, ach go ginearálta bíonn an aicme sin substaintí ineasraithe in uisce agus intuaslagtha i dtuaslagóirí orgánacha agus in olaí

Íonacht

 

Luaith shulfáitithe

Nach mó ná 0,5 % (800 ± 25 °C)

Aigéid seachas aigéid shailleacha

Níos lú ná 1 %

Saoraigéid shailleacha

Nach mó ná 6 % arna meas mar aigéad oiléach

Iomlán an ghliocróil agus an pholaigliocróil

Nach lú ná 18 % agus nach mó ná 60 %

Gliocról saor agus polaigliocról saor

Nach mó ná 7 %

Arsanaic

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Luaidhe

Nach mó ná 0,3 mg/kg

Mearcair

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Caidmiam

Nach mó ná 0,1 mg/kg

An tsuim de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha, arna sloinneadh mar 3-MCPD

Nach mó ná 2,5 mg/kg

Eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha, arna sloinneadh mar ghliciodól

Nach mó ná 10 mg/kg. Beidh feidhm aige seo ón 20 Iúil 2023 go dtí an 20 Eanáir 2024.

Nach mó ná 5 mg/kg. Beidh feidhm aige seo ón 20 Eanáir 2024.

Aigéad éarúcach

Nach mó ná 2 %

Tá feidhm ag na critéir íonachta maidir leis an mbreiseán agus é saor ó shalainn sóidiam, photaisiam agus chailciam d’aigéid shailleacha; mar sin féin, féadfar na substaintí sin a bheith i láthair suas le huasleibhéal de 6 % (arna sloinneadh mar oláit sóidiam).’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh an bhreiseán bia E 476 Polairicineoláit pholaigliocróil:

E 476 POLAIRICINEOLÁIT PHOLAIGLIOCRÓIL

Comhchiallaigh

Eistir ghliocróil d’aigéid shailleacha chomhdhlúite ó ola ricne; Eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha phola-chomhdhlúite ó ola ricne; Eistir pholaigliocróil d’aigéad ricineoiléach idir-eistearaithe; PGPR

Sainmhíniú

Ullmhaítear polairicineoláit pholaigliocróil trí pholaigliocról a eistearú le haigéid shailleacha chomhdhlúite ó ola ricne. An ola ricne a úsáidtear chun polairicineoláit pholaigliocróil a tháirgeadh, tá sí saor ó ricin.

Táirgtear an polaigliocról as gliocról a chomhlíonann na sonraíochtaí maidir le E 422.

Einecs

 

Ainm ceimiceach

 

Foirmle cheimiceach

 

Meáchan móilíneach

 

Measúnacht

 

Tuairisc

Leacht trédhearcach an-slaodach

Sainaithint

 

Intuaslagthacht

Dothuaslagtha in uisce agus in eatánól; intuaslagtha in éitear, i hidreacarbóin agus i hidreacarbóin halaiginithe

Tástáil le haghaidh gliocróil

Pas sa tástáil

Tástáil le haghaidh polaigliocról

Pas sa tástáil

Tástáil le haghaidh aigéad ricineoiléach

Pas sa tástáil

Comhéifeacht athraonta

[n]D 65 idir 1,4630 agus 1,4665

Íonacht

 

Polaigliocróil

Beidh an pháirt pholaigliocróil comhdhéanta de chion dé-, trí- agus teitrigliocról nach lú ná 75 %, agus ní bheidh níos mó ná 10 % den pháirt pholaigliocróil sin comhdhéanta de pholaigliocróil atá comhionann le heiptigliocról nó níos airde ná sin

Luach hiodrocsaile

Nach lú ná 80 agus nach mó ná 100

Luach aigéid

Nach mó ná 6

Arsanaic

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Luaidhe

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Mearcair

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Caidmiam

Nach mó ná 0,1 mg/kg

An tsuim de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha, arna sloinneadh mar 3-MCPD

Nach mó ná 2,5 mg/kg

Eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól)

Nach mó ná 1 mg/kg’


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/76


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1330 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2023

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (‘an bun-Rialachán’) iad (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/763 (2), d'fhorchuir an Coimisiún Eorpach ('an Coimisiún') dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré ('na bearta bunaidh'). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tabharfar 'an t-imscrúdú bunaidh' anseo feasta air. Bhí na bearta i bhfoirm rátaí dleachta seasta ar an leibhéal EUR 104,46 in aghaidh an ghlantona, don ghrúpa onnmhairiúcháin comhoibríoch aonair agus do gach cuideachta eile.

(2)

Is éard a bhí i gceist leis na breithiúnais i gcásanna T-383/17 (3) agus C-260/20 P (4) neamhniú na mbeart don ghrúpa onnmhairiúcháin comhoibríoch aonair. Le Rialachán (AE) 2023/593 (5), d'ath-fhorchuir an Coimisiún Eorpach na dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré ar an leibhéal athbhreithnithe EUR 103,16 in aghaidh an ghlantona, don ghrúpa onnmhairiúcháin comhoibríoch aonair agus do gach cuideachta eile.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(3)

I ndiaidh foilsiú fógra maidir le dul in éag a bheith ag teacht (6), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) (‘an bun-Rialachán’).

(4)

Is é Comhlachas Páipéir Theirmigh na hEorpa ('an t-iarratasóir') a chuir an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 1 Feabhra 2022 thar ceann thionscal an Aontais a dhéanann páipéar teirmeach éadrom áirithe de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dhócha go leanfaí den dumpáil nó go dtarlódh sí arís agus go leanfaí den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlódh sí arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(5)

I ndiaidh don Choimisiún a chinneadh, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gurbh ann d'fhianaise leordhóthanach chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 3 Bealtaine 2022 maidir le hallmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré ('an tír lena mbaineann') isteach san Aontas, ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (7)(‘an Fógra Tionscnaimh’).

1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(6)

Leis an imscrúdú maidir le leanúint nó atarlú na dumpála, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 ('tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe'). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh an díobháil arís, is imscrúdú é ina gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh na tréimhse imscrúduithe athbhreithnithe ('an tréimhse faoi bhreithniú').

1.5.   Páirtithe leasmhara

(7)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun páirt a ghlacadh san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, an táirgeoir aitheanta i bPoblacht na Cóiré agus údaráis Phoblacht na Cóiré, allmhaireoirí, úsáideoirí agus trádálaithe aitheanta, ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an éaga agus thug sé cuireadh dóibh páirt a ghlacadh ann.

(8)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

1.6.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(9)

Fuair an Coimisiún barúlacha maidir le tionscnamh ó Hansol Paper Co. Ltd. ('Hansol Paper'). Mhaígh an páirtí sin nach léirítear sna sonraí san iarraidh go bhfuil díobháil ábhartha á déanamh do thionscal an Aontais.

(10)

Mheabhraigh an Coimisiún go ndearna Hansol Paper scrúdú ar an iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 11(2) agus le míreanna ábhartha eile d'Airteagal 11 den bhun-Rialachán, agus bhain sé an tátal as gur comhlíonadh na ceanglais maidir le himscrúdú a thionscnamh, i.e., go raibh leordhóthanacht agus cruinneas na fianaise a chuir na hiarratasóirí isteach ina fhianaise leordhóthanach inar taispeánadh an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil dhíobhálach nó go gcuirfí tús léi arís.

(11)

Chuige sin, mheabhraigh sé freisin nach gá, ag céim na hiarrata, go mbeadh an fhianaise chéanna os comhair an Choimisiúin maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil agus go gcuirfear tús leis an dumpáil agus an díobháil arís maidir leis an gcainníocht agus leis an gcáilíocht a bheadh riachtanach chun na bearta a leathnú. Is éard is imscrúdú frithdhumpála ann ná próiseas ina mbaintear amach cinnteacht diaidh ar ndiaidh de réir mar a théann an t-imscrúdú ar aghaidh go bhfuil na heilimintí ann is gá chun beart a ghlacadh nó a fhadú nó chun imeachtaí a fhoirceannadh. Ina theannta sin, níl sé curtha as an áireamh go bhféadfadh earráidí nó míchruinnis áirithe a bheith san iarratas. Mar sin féin, toisc gurb ann dóibh ní gá go mbeidh tionchar acu ar an gconclúid fhoriomlán go bhfuil fianaise leordhóthanach san iarraidh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil dhíobhálach nó go dtarlóidh sí arís agus gur fiú an comhad a fhiosrú.

(12)

Ina theannta sin, is léir ón gcaighdeán dlíthiúil fianaise a theastaíonn le haghaidh iarrata (fianaise leordhóthanach) nach bhfuil cainníocht agus cáilíocht na faisnéise san iarraidh mar an gcéanna leis an gceann a bhí ar fáil ag deireadh an imscrúdaithe. Níl sé curtha as an áireamh go dtiocfadh athruithe ar an scéal idir céim na hiarrata agus deireadh an imscrúdaithe. Mar sin féin, ní gá go mbeadh tionchar ag athruithe den sórt sin ar an gconclúid fhoriomlán gur fiú an comhad a fhiosrú ós rud é go bhfuil fianaise leordhóthanach ann maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil dhíobhálach nó go dtarlóidh sí arís.

(13)

Maidir leis an éileamh nach léireofaí sna sonraí san iarraidh go bhfuil díobháil ábhartha á déanamh do thionscal an Aontais, d'áitigh Hansol Paper go léireofaí sna táscairí eacnamaíocha arna soláthar san iarraidh go bhfuil allmhairí ón gCóiré ar leibhéil neamhdhíobhálacha, go bhfuil sciar diomaibhseach den mhargadh sa Chóiré agus go bhfuil ag éirí go maith le tionscal an Aontais maidir leis an méid díolachán, sciar den mhargadh, infheistíochtaí agus éifeachtúlacht oibriúcháin. De réir Hansol Paper, admhaíodh san iarraidh go bhfuil laghdú tagtha ar phraghsanna díola tháirgeoirí an Aontais thar an tréimhse faoi bhreathnú ach mhaígh sé go bhfuil sé sin mar gheall ar thosca eile ar fud an mhargaidh nach bhfuil aon bhaint acu le hallmhairí ón gCóiré.

(14)

Shoiléirigh an Coimisiún go líomhnaíonn an t-iarratasóir san iarraidh an dóchúlacht go leanfar den díobháil ón tír lena mbaineann nó go dtarlóidh sí arís. Mheas an Coimisiún go deimhin, gur sholáthair an t-iarratasóir, san iarraidh, fianaise leordhóthanach lena léirítear go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais, i ndiaidh tréimhse thosaigh téarnaimh, nuair a mhéadaigh na hallmhairí ón tír lena mbaineann idir an 1 Deireadh Fómhair 2020 agus an 30 Meán Fómhair 2021. I ndáil leis sin, mheabhraigh sí gur gá scrúdú a dhéanamh, inter alia, ar na tosca ábhartha de réir na tuairisce in Airteagal 5(2)(d) den bhun-Rialachán chun teacht ar chonclúid maidir le díobháil ábhartha. Go deimhin, sonraítear i bhfoclaíocht Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán go gcuimseofar sa ghearán fianaise faoi na hathruithe ar mhéid na n-allmhairí a bhfuil sé líomhainte gur dumpáladh iad, éifeacht na n-allmhairí sin ar phraghsanna an táirge chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus tionchar iarmhartach na n-allmhairí ar thionscal an Aontais, mar a léirítear le tosca agus innéacsanna ábhartha (ní gá go bhfuil siad go léir i gceist) a bhaineann le staid thionscal an Aontais, amhail na cinn a liostaítear in Airteagal 3(3) agus (5). Tá sé sin infheidhme mutatis mutandis maidir leis an anailís ar dhóchúlacht in athbhreithniú éaga. Mar an gcéanna, ní mór meath a léiriú le gach tosca chun díobháil ábhartha a shuíomh (agus dá bhrí sin, an dóchúlacht go leanfar den díobháil ábhartha nó go dtarlóidh sí arís). Ina theannta sin, má tá tosca eile ann a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar staid thionscal an Aontais, ní gá go dtabharfadh sé sin le tuiscint nach bhfuil éifeacht na n-allmhairí dumpáilte ar an tionscal sin ábhartha (arís, tá sé sin infheidhme ar an mbealach céanna maidir leis an anailís ar dhóchúlacht). Is fíor sin i gcás athbhreithniú éaga ina ndírítear ar cad a tharlódh dá ndéanfaí bearta a aisghairm. Thairis sin, i gcás athbhreithniú éaga, d'fhéadfadh éifeacht dhearfach áirithe a bheith ag bearta frithdhumpála fiú má leantar den díobháil ar an iomlán. Ar aon nós, thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh ar an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil arís. Léirigh sé, go háirithe, go bhfuil an ró-acmhainneacht shuntasach táirgeachta ina saintréith de chuid mhargadh na Cóiré. Ní féidir le margadh baile na Cóiré an táirgeadh iomarcach sin a ionsú. Dá bhrí sin, tá margadh an Aontais, arb é an margadh páipéir theirmigh is mó ar domhan é, tarraingteach d'onnmhaireoirí na Cóiré ó thaobh méide de. Ina theannta sin, is deacair rochtain a fháil ar mhargaí onnmhairiúcháin eile ar chúiseanna éagsúla (8). Ar an mbonn sin, bhí an Coimisiún i dteideal an t-imscrúdú a thionscnamh.

(15)

A mhéid a bhaineann le líomhaintí Hansol Paper maidir le forbairt dhearfach roinnt táscairí díobhála san iarraidh, e.g. sciar den mhargadh agus an méid díolachán, thug an Coimisiún dá aire gur minic a bhíonn tionchar dearfach ag bearta frithdhumpála ar staid thionscal an Aontais – ar toisc í a cuireadh san áireamh, ar ndóigh, in anailís an Choimisiúin.

(16)

Maidir leis an mbarúil faoi leas an Aontais, níl aon oibleagáid dhlíthiúil ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar leas an Aontais ag an gcéim thionscnaimh.

1.7.   Sampláil

(17)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.7.1.   Sampláil ar tháirgeoirí Aontais

(18)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún sampla de thrí thairgeoir de chuid an Aontais. Na critéir arna n-úsáid chun an sampla a roghnú i gcás ina raibh an méid ba mhó díolachán ionadaíoch agus táirgeadh an táirge chomhchosúil san Aontas idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2021. Ba iad táirgeoirí sampláilte an Aontais a bhí i gceist le 86 % de mhéid iomlán measta na táirgeachta agus na ndíolachán san Aontas. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Fuarthas barúil amháin ó chomhlachas an Aontais a thacaigh leis an sampla sealadach. Deimhníodh an sampla an 12 Bealtaine 2022. Is sampla é atá ionadaíoch do thionscal an Aontais.

1.7.2.   Allmhaireoirí a shampláil

(19)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Níor sholáthair aon allmhaireoir neamhghaolmhar an fhaisnéis a iarradh. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nár ghá sampláil a dhéanamh.

1.8.   Freagraí ar an gceistneoir

(20)

D'iarr an Coimisiún ar thrí tháirgeoir sampláilte ón Aontas agus ar an bpríomhtháirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa Chóiré na ceistneoirí ábhartha a cuireadh ar fáil ar líne (9) ar lá an tionscnaimh a líonadh isteach.

(21)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó thrí tháirgeoir sampláilte ón Aontas, ón bpríomhtháirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta, Hansol Paper, agus óna allmhaireoirí gaolmhara Hansol Europe B.V. agus Hansol America Inc. Thairis sin, thug an t-iarratasóir freagra ar an gceistneoir le macrashonraí.

1.9.   Fíorú

(22)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil agus nó go dtarlóidís arís agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

Táirgeoirí an Aontais

Koehler Paper SE, Oberkirch, an Ghearmáin

Mitsubishi HiTec Paper Europe GmbH, Bielefeld, an Ghearmáin.

Jujo Thermal Oy, Kauttua, an Fhionlainn.

Táirgeoir onnmhairiúcháin i bPoblacht na Cóiré

Hansol Paper Co. Ltd, Seoul agus Seocheon-gun, Chungcheongnam-do, Poblacht na Cóiré ('Hansol Paper')

Allmhaireoirí gaolmhara

Hansol Europe B.V., Hoofddorp, an Ísiltír ('Hansol Europe')

Hansol America Inc., Fort Lee, Stáit Aontaithe Mheiriceá ('Hansol America')

1.10.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(23)

An 27 Aibreán 2023, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a bhfuil sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil i bhfeidhm. An 10 Bealtaine 2023, sheol an Coimisiún nuashonrú ar an ríomh maidir le sladghearradh chuig Hansol Paper amháin. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh. Fuarthas tuairimí ó na hiarratasóirí agus ó Hansol Paper.

(24)

Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha arna ndéanamh ag na páirtithe leasmhara agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarb iomchuí. Níor iarr aon pháirtí éisteacht.

1.11.   Sonraí a chur i láthair

(25)

I bhfianaise líon teoranta na bpáirtithe a chuir sonraí isteach, theastaigh cuid de na figiúirí atá curtha i láthair thíos a chur i bhfoirm raonta chun sáruithe rúndachta a sheachaint. Tugtar na sonraí ón táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch aonair i bhfoirm raonta freisin toisc gurb í an t-aon chuideachta a chomhoibrigh.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(26)

Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge a bhí faoin imscrúdú bunaidh, mar atá páipéar teirmeach éadrom áirithe a bhfuil 65 g/m2 nó níos lú meáchain ann; i rollaí atá 20 cm ar leithead nó níos mó, nuair is 50 kg nó níos mó an meáchan (lena n-áirítear an páipéar) atá sa rolla agus nuair is 40 cm nó níos mó an trastomhas (lena n-áirítear an páipéar) atá aige ('ollrollaí'); le bonnbhrat nó gan bhonnbhrat ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh; iad brataithe le substaint atá teirmíogair ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh; agus le barrbhrat nó gan bharrbhrat ('an táirge faoi athbhreithniú'), atá faoi láthair faoi na chóid AC ex 4809 90 00, ex 4811 90 00, ex 4816 90 00 agus ex 4823 90 85 (cóid TARIC: 4809900010, 4811900010, 4816900010, 4823908520).

(27)

Is páipéar speisialtachta atá i bpáipéar teirmeach éadrom. Tá brat gníomhach teirmeach air a imoibríonn chun íomhá a chruthú nuair a chuireann printéirí le cnogaí printéara teirmeacha teas i bhfeidhm air. Úsáidtear páipéar teirmeach éadrom le haghaidh feidhmeanna pointe díola amhail na hadmhálacha a eisíonn lucht miondíola, ach lena chois sin, le haghaidh lipéid féinghreamaitheacha le haghaidh pacáistiú ríomhthráchtála, ticéid agus clibeanna.

(28)

Is féidir páipéar teirmeach éadrom a tháirgeadh le roinnt cineálacha forbróirí ceimiceacha. Baineann an t-imscrúdú reatha leis na cineálacha go léir.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(29)

Is éard atá sa táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo, an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Phoblacht na Cóiré.

2.3.   Táirge comhchosúil

(30)

Faoi mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, is amhlaidh a deimhníodh leis an imscrúdú den athbhreithniú éaga sin go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus teicniúla céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi athbhreithniú a táirgeadh agus a díoladh ar mhargadh intíre Phoblacht na Cóiré; agus

an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeann agus a dhíolann tionscal an Aontais san Aontas.

(31)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

2.4.   Éilimh maidir le raon táirge

(32)

In aighneacht dar dáta an 1 Iúil 2022, d'iarr an táirgeoir onnmhairiúcháin go ndéanfaí a shoiléiriú an ndéanfaí cineálacha nua táirgí arna dtáirgeadh ag tionscal an Aontais chuimsiú le raon feidhme an athbhreithnithe éaga nó a eisiamh uaidh. Ní úsáidtear aon fhorbróir ceimiceach leis na cineálacha nua sin táirgí agus scaoiltear an íomhá bunaithe ar fhisic seachas ar phróiseas ceimiceach. I nóta leis an gcomhad dar dáta an 19 Meán Fómhair 2022 soiléiríodh raon feidhme an imscrúdaithe sa chiall nach bhfuil ach páipéar teirmeach éadrom lena n-úsáidtear forbróir ceimiceach cumhdaithe ag an imeacht.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Réamhbharúlacha

(33)

Le linn thréimhse an imscrúdúcháin athbhreithnithe, leanadh d'allmhairiú páipéir theirmigh éadroim ó Phoblacht na Cóiré, cé go raibh na hallmhairí ar leibhéal ní b'ísle ná mar a bhí i dtréimhse an imscrúdaithe bunaidh (i.e. ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015). De réir thábla 2 thíos, allmhairí páipéir theirmigh éadroma ó Phoblacht na Cóiré ab ea 2,7 % de mhargadh an Aontais i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le sciar 13,6 % den mhargadh le linn an imscrúdaithe bunaidh.

(34)

Chomhoibrigh Hansol Paper leis an imscrúdú. Ba é Hanson Paper a bhí i gceist le (gar do) gach allmhaire den táirge faoi athbhreithniú ó Phoblacht na Cóiré. Níor tháinig aon táirgeoir onnmhairiúcháin eile chun tosaigh. Tá na torthaí maidir le leanúint na dumpála bunaithe ar shonraí fíoraithe Hansol Paper.

3.2.   Leanúint na dumpála le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

3.2.1.   Gnáthluach

(35)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús féachaint an raibh méid iomlán na ndíolachán intíre don táirgeoir onnmhairiúcháin a bhí ag comhoibriú go hiomlán ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Is díolacháin ionadaíocha iad na díolacháin intíre má tá méid na ndíolachán intíre iomlán den táirge comhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin comhionann le 5 % ar a laghad de mhéid a dhíolachán onnmhairiúcháin iomlán den táirge faoi athbhreithniú leis an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an mbonn sin, bhí na díolacháin iomlána a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin maidir leis an táirge comhchosúil ar an margadh intíre ionadaíoch.

(36)

Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú chuig an Aontas do na táirgeoirí onnmhairiúcháin le díolacháin intíre ionadaíocha.

(37)

Rinne an Coimisiún scrúdú ansin lena fháil amach an raibh na díolacháin intíre a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin ar an margadh intíre le haghaidh gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Díolacháin intíre cineáil táirge, tá siad ionadaíoch má tá méid na ndíolachán intíre iomlán den chineál táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbreithnithe comhionann le 5 % ar a laghad de mhéid na ndíolachán onnmhairiúcháin iomlán den chineál táirge chomhionainn nó inchomparáide leis an Aontas. Shuigh an Coimisiún, i gcás cineálacha áirithe táirgí a onnmhairíodh chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, nach raibh aon díolachán intíre ann agus, dá bhrí sin, nach raibh siad ionadaíoch.

(38)

Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún an cion de dhíolacháin bhrabúsacha le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre le haghaidh gach cineáil táirge le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe lena chinneadh ar cheart díolacháin intíre iarbhír a úsáid chun an gnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán.

(39)

Bunaítear an gnáthluach ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge, cibé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, má:

(a)

bhí méid díolachán an chineáil táirge, a díoladh ar phraghas glandíolacháin a bhí comhionann leis an gcostas táirgeachta a ríomhadh nó níos mó ná sin, comhionann le breis agus 80 % de mhéid díolachán iomlán an chineáil táirge sin; agus

(b)

tá meánphraghas díola ualaithe an chineáil táirge sin comhionann le costas aonaid na táirgeachta nó níos airde ná sin.

(40)

Sa chás sin, is é an gnáthluach meánphraghsanna ualaithe dhíolacháin intíre uile an chineáil táirge sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(41)

Is é an gnáthluach an praghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge a bhaineann le díolacháin intíre bhrabúsacha na gcineálacha táirgí sin, agus an méid sin amháin, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, má:

(a)

tá méid díolachán brabúsach an chineáil táirge comhionann le 80 %, nó níos lú, de mhéid díolachán iomlán an chineáil sin: nó

(b)

tá meánphraghas ualaithe an chineáil táirge sin faoi bhun chostas aonaid na táirgeachta.

(42)

Léiríodh san anailís ar na díolacháin intíre, ag brath ar an gcineál táirge, go raibh idir 32 % agus 100 % de na díolacháin intíre go léir brabúsach agus go raibh an meánphraghas díola ualaithe maidir le gach cineál táirge níos airde ná an costas táirgthe. Dá réir sin, de réir an chineáil táirge, ríomhadh an gnáthluach mar mheánphraghsanna ualaithe na ndíolachán intíre uile le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, sin nó mar mheán ualaithe na ndíolachán brabúsach amháin.

(43)

I gcás nár díoladh cineál táirge ar an margadh intíre, agus in éagmais praghas díola intíre de chineál táirge den sórt sin ag aon táirgeoir onnmhairiúcháin eile, ríomh an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus (6) den bhun-Rialachán.

(44)

Ríomhadh an gnáthluach tríd an méid seo a leanas a chur leis an meánchostas táirgeachta ar tháirge comhchosúil an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe:

(a)

na meánchostais díola, ghinearálta agus riaracháin ('DGR') ualaithe a thabhaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, i ngnáthchúrsa na trádála, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe; agus

(b)

an meánbhrabús ualaithe a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, i ngnáthchúrsa na trádála, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.2.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(45)

D'onnmhairigh Hansol Paper an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trína chuideachta ghaolmhar Hansol Europe.

(46)

Maidir le díolacháin an táirgeora onnmhairiúcháin go díreach le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas iarbhír a íocadh nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge faoi athbhreithniú nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán.

(47)

Maidir le díolacháin an táirgeora onnmhairiúcháin chuig an Aontas trí Hansol Europe ag gníomhú mar allmhaireoir, ba ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas a suíodh an praghas onnmhairiúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas maidir le gach costas a tabhaíodh idir allmhairiú agus athdhíol, lena n-áirítear costais DGR, agus brabúis a fabhraíodh.

(48)

Maidir leis an gcorrlach brabúis a úsáideadh, i gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe chúirteanna an Aontais (10), níor bhain an Coimisiún úsáid as corrlach brabúis na cuideachta gaolmhaire toisc go meastar go bhfuil sé neamhiontaofa. In éagmais aon fhaisnéis eile, chuaigh sé i muinín an chorrlaigh bhrabúis 4,5 % a úsáideadh san imscrúdú bunaidh freisin (11).

3.2.3.   Comparáid

(49)

Rinne an Coimisiún comparáid, in aghaidh an chineáil táirge, idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin an táirgeora onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha.

(50)

I gcás ina raibh údar leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, choigeartaigh an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin le haghaidh difríochtaí lena ndéantar difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Baineadh coigeartuithe maidir le costais iompair, costais láimhseála agus lódála, muirir bhainc, dleachtanna custaim an Aontais, lacáistí ag deireadh na bliana, coimisiúin agus aistarraingt dleachta as praghsanna díola intíre agus/nó onnmhairiúcháin, i gcás inar tuairiscíodh iad agus ina bhfuarthas go raibh údar leo. Shuigh an Coimisiún nach raibh aon údar leis na maímh ar choigeartuithe a bhain le costais phacála agus costais chreidmheasa.

(51)

Bhí an phacáil maidir le honnmhairiú agus maidir le díolacháin intíre comhionann go bunúsach, agus dá bhrí sin ní raibh aon chúis leis an éileamh coigeartaithe a dheonú.

(52)

Foráiltear le hAirteagal 2(10)(g) den bhun-Rialachán, i gcás go gcuirtear creidmheas san áireamh mar thoisc agus na praghsanna a ghearrfar á gcinneadh, go bhféadfadh sé go mbeadh údar le coigeartú. Dhiúltaigh an Coimisiún an coigeartú costais creidmheasa bunaithe ar an réasúnaíocht nár nochtadh é, toisc gur de chineál íogair é, ach don táirgeoir onnmhairiúcháin amháin. Chinn an Coimisiún nach raibh costas an chreidmheasa a deonaíodh ar cheann de na tosca a chuir an páirtí san áireamh agus na praghsanna a gearradh á gcinneadh.

3.2.4.   Corrlach dumpála

(53)

Rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge faoi athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

(54)

Ar an mbonn sin, i gcás Hansol Paper ba é 29 % an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc. Is é an chonclúid ar ar thángthas dá bhrí sin gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(55)

Tar éis an nochta deiridh, thug Hansol Paper dá aire gur tháinig an chuid is mó den dumpáil ó pháipéar teirmeach de ghrád lipéid agus gur léirigh sé an difríocht ó thaobh meascán táirgí idir a dhíolacháin isteach san Aontas san imscrúdú bunaidh agus an t-imscrúdú athbhreithnithe. Tugann an Coimisiún chun cuimhne go ndearnadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a chur i gcomparáid de réir chineál an táirge, mar a thuairiscítear sna ranna thuas, agus, i ndeireadh na dála, nár ghá ach corrlach dumpála aonair amháin a bhunú le haghaidh dhíolacháin na dtáirgí uile a chumhdaítear leis na bearta atá i bhfeidhm. Dá bhrí sin, cuireadh an difríocht sa mheascán táirgí idir an t-imscrúdú bunaidh agus an t-athbhreithniú san áireamh agus an corrlach dumpála á shuí.

3.3.   An dóchúlacht go leanfar den dumpáil má dhéantar na bearta a aisghairm

(56)

Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann don dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i bPoblacht na Cóiré agus tarraingteacht mhargadh an Aontais i gcomparáid le margaí eile.

3.3.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise i bPoblacht na Cóiré

(57)

De réir na faisnéise margaidh, ba é Hansol Paper an táirgeoir ba mhó i bhfad den táirge faoi athbhreithniú i bPoblacht na Cóiré. D'athraigh a acmhainneacht táirgeachta de réir na foinse. I dTuarascáil Inbhuanaitheachta Hansol Paper 2019, suíodh é sin ag 355 000 tona in aghaidh na bliana don roinnt lena n-áirítear páipéar teirmeach éadrom (12). Le linn an imscrúdaithe, agus é á admháil gurbh é an figiúr sin acmhainneacht deartha an bhrataithe theirmigh, chuir Hansol Paper figiúirí acmhainneachta táirgeachta isteach de thart ar 250 000 – 300 000 tona in aghaidh na bliana. Le linn an fhíorúcháin ar an láthair, mhaígh an chuideachta go raibh an figiúr a luadh i dTuarascáil 2019 míchruinn. Mheas an chuideachta gur cruinne na figiúirí maidir le hacmhainneacht in Thermal Paper 2019-2024 World Market Study [Staidéar Margaidh Domhanda ar Pháipéar Teirmeach 2019 -2024] de chuid Laves Chemie Consulting. Measadh sa staidéar sin gurb é 260 000 tona in aghaidh na bliana acmhainneacht táirgeachta páipéir theirmigh Hansol Paper (13).

(58)

De réir an staidéir thuasluaite a rinne Laves Chemie Consulting, go dtí le déanaí bhí trí tháirgeoir páipéir theirmigh eile i bPoblacht na Cóiré lenar bhain hacmhainneacht táirgeachta iomlán de 45 000 tona (14). Mar sin féin, ní léir fós a mhéid a d'fhéadfaí an acmhainneacht sin a ghníomhachtú le haghaidh páipéar teirmeach éadrom dá dtabharfaí cúis leis sin le himthosca an mhargaidh. De réir tháirgeoirí an Aontais, is é Donghwa Ind co. Ltd an t-aon táirgeoir eile ón gCóiré a bheadh páipéar teirmeach á tháirgeadh aige fós, agus acmhainneacht táirgeachta 15 000 tona aige in aghaidh na bliana (15).

(59)

I bhfianaise a bhfuil thuas, cé nárbh fhéidir leis an gCoimisiún an acmhainneacht bhreise sa Chóiré a chainníochtú ar an iomlán, bhí sé ábalta a shuíomh go bhfuil an acmhainneacht táirgeachta suntasach, mar go bhfuil sí thart ar 10 n-oiread níos mó ná an tomhaltas intíre sa Chóiré agus beagnach dhá oiread thomhaltas an Aontais. Ina theannta sin, tá sé fógartha arís agus arís eile ag Hansol Paper go bhfuil sé beartaithe aige a ghnó páipéir theirmigh a leathnú, mar a thaispeántar ina thuarascáil airgeadais don chéad leath de 2021 (16) agus i dtuarascálacha airgeadais ina dhiaidh sin (in 2022 freisin (17)). Chuirfeadh leathnú dá leithéid le hacmhainneacht táirgeachta páipéir theirmigh na Cóiré i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rud a bhí i bhfad níos airde cheana ná tomhaltas an pháipéir theirmigh éadroim san Aontas (féach Tábla 1).

(60)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt Hansol Paper go raibh torthaí an Choimisiúin maidir le hacmhainneacht sa Chóiré gan bhunús agus mícheart mar gheall ar an méid seo a leanas: (i) ba é Hansol Paper an t-aon táirgeoir amháin den táirge faoi athbhreithniú sa Chóiré, (ii) go raibh míthuiscint bainte ag an gCoimisiún as na fógraí ó Hansol Paper maidir le leathnú agus (iii) go raibh áibhéil déanta ag an gCoimisiún agus é ag suí go raibh acmhainneacht táirgeachta Hansol Paper an-solúbtha.

(61)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Maidir le maíomh Hansol Paper gurbh é an t-aon táirgeoir amháin é den táirge faoi athbhreithniú sa Chóiré, thug an Coimisiún dá aire go raibh faisnéis eile sa chomhad a tháinig salach air sin, lena n-áirítear ráitis a rinne Hansol Paper féin le linn an imscrúdaithe ar athbhreithniú éaga (18). Cé nach bhfuil aon athrú tagtha ar thuairim an Choimisiúin gurb é Hansol Paper an t-aon táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch amháin san imscrúdú athbhreithnithe seo, níor tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh é Hansol Paper an t-aon táirgeoir amháin páipéir theirmigh éadroma i bPoblacht na Cóiré. A mhalairt ar fad, mar a mhínítear in aithris (58) thuas, thug an fhianaise sa chomhad le fios go bhféadfadh táirgeoir amháin eile ar a laghad de pháipéar teirmeach éadrom, mar atá Donghwa Ind co. Ltd, a bheith ag táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú i bPoblacht na Cóiré. Thug an Coimisiún dá aire gur áiríodh ar shuíomh gréasáin Donghwa Ind (19) tagairtí do tháirgeadh páipéar teirmeach i gcoitinne agus pictiúir de tháirgí amhail admhálacha pointe díola a dhéantar de ghnáth as páipéar teirmeach éadrom. Thug an Coimisiún dá aire freisin, i bhfianaise na fianaise bréagnaithí, nár chuid Hansol Paper fianaise faoina bhráid a thabharfadh bunús lena mhaíomh gurb é an t-aon táirgeoir páipéir theirmigh éadroim i bPoblacht na Cóiré é. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(62)

Níor aontaigh an Coimisiún nach raibh aon acmhainneacht bhreise sa Chóiré, mar a dúirt Hansol. Mar shampla, sholáthair Hansol Paper figiúirí maidir le hacmhainneacht a bhí chomh íseal sin go mbeadh a úsáid acmhainneachta tuairiscithe níos mó ná 100 % i mblianta áirithe den tréimhse faoi bhreathnú.

(63)

Maidir leis an míthuiscint líomhnaithe ar na fógraí ó Hansol Paper maidir le leathnú agus saincheist na hacmhainneachta táirgeachta solúbtha, níor aontaigh an Coimisiún leis sin. D’fhógair Hansol Paper féin arís agus arís eile go poiblí ina thuarascálacha airgeadais go raibh sé ar intinn aige a ghnó páipéar teirmeach a leathnú (20). Gan infheistíochtaí a bheadh dírithe ar acmhainneacht a mhéadú a bheith san áireamh sna pleananna infheistíochta a bhí ar fáil tráth na cuairte fíorúcháin, ní fhágann sin nach bhféadfadh Hansol Paper beart a dhéanamh de réir a chuid fógraí ag tráth níos déanaí. In aon chás, tá an iliomad modhanna ag Hansol Paper chun a ghnó páipéar teirmeach a leathnú, lena n-áirítear acmhainneacht a mhalartú. Mar a luaigh an páirtí féin in 2022 Hansol Paper Sustainability Report (21) [Tuarascáil Hansol Paper maidir le hInbhuanaitheacht 2022], tá saoráidí táirgthe solúbtha ag Hansol Paper gan aon agó. Fiú mura bhfuil cainníochtú na solúbthachta le fáil go follasach, ós rud é go raibh sé le feiceáil sa tuarascáil, tugtar le fios nach beag an tsolúbthacht chéanna agus, dá bhrí sin, gur fiú fógra poiblí a dhéanamh faoi. Ní chuireann an meascán táirgí atá i bplean táirgthe 2023 Hansol Paper cosc ar an bpáirtí méid nach diomaibhseach dá acmhainneacht a athrú chuig an táirge faoi athbhreithniú nuair is gá.

3.3.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais i gcomparáid le margaí eile

(64)

Tá margadh intíre Phoblacht na Cóiré beag, agus tomhaltas bliantúil idir 20 000 - 37 200 tona ann (22). Tá táirgeadh bliantúil Hansol Paper leis féin 4 go 9 n-oiread níos mó ná tomhaltas an táirge faoi athbhreithniú ina mhargadh intíre. Suíodh san imscrúdú go bhfuil an tomhaltas intíre, de réir méide, ag laghdú agus laghdú 29 % tagtha ar dhíolacháin intíre páipéir theirmigh éadroim Hansol Paper, táirgeoir ceannasach na tíre, le linn na tréimhse faoi bhreathnú (23). Dá bhrí sin, tá tionscal páipéir theirmigh éadroim na Cóiré dírithe ar onnmhairiú. Maidir le brabúsacht dhíolacháin intíre Hansol Paper, féach roinn 3.2.1 thuas.

(65)

Ar bhonn shonraí fíorúcháin Hansol Paper, shuigh an Coimisiún gur tháinig méadú ar mhéid onnmhairí na Cóiré chuig cinn scríbe seachas an tAontas le linn na tréimhse faoi athbhreithniú (24). Shonraigh sé freisin go raibh onnmhairí na Cóiré, go háirithe chuig na Stáit Aontaithe, suntasach (25). Mar sin féin, tháinig laghdú ar phraghsanna díola onnmhairí na Cóiré chuig cinn scríbe seachas an tAontas le linn na tréimhse faoi athbhreithniú. Tá sé sin le feiceáil go soiléir ar mhargadh na Stát Aontaithe (26). Thairis sin, d'fhorchuir údaráis na Stát Aontaithe bearta frithdhumpála ar allmhairí páipéir theirmigh de thionscnamh, inter alia, Phoblacht na Cóiré an 27 Meán Fómhair 2021 (27). Ar na cúiseanna sin, i dtéarmaí praghsanna, níl margadh na Stát Aontaithe chomh tarraingteach anois d'onnmhairí na Cóiré.

(66)

Is é margadh an Aontais an margadh is mó ar domhan le haghaidh páipéar teirmeach éadrom, agus baineann thart ar 25 % den tomhaltas domhanda leis, agus tá acmhainneacht ard fáis aige i ndearbhthéarmaí (28). Soiléiríodh leis an imscrúdú go bhfuil margadh an Aontais tarraingteach ó thaobh praghsanna de i gcomparáid le margaí eile. I ndiaidh fhorchur na mbeart frithdhumpála in 2017, tháinig laghdú suntasach ar allmhairí ó Phoblacht na Cóiré agus b'ionann iad agus 1 000 - 2 500 tona go díreach in 2020. Ó shin i leith, áfach, agus in ainneoin na ndleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm, tháinig méadú arís ar dhíolacháin na Cóiré leis an Aontas (29) agus ba é 4 500 – 6 000 tona a bhí i gceist leo i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, arb ionann sin agus sciar 2,7 % den mhargadh.

(67)

Tar éis an nochta deiridh, d’iarr Hansol Paper ar an gCoimisiún corrlach dumpála a ríomh le haghaidh díolacháin Hansol le margaí tríú tíortha ar an bhforas gur chleachtas comhsheasmhach atá i ríomh den sórt sin sna hathbhreithnithe éaga a dhéanann an Coimisiún agus nár mheas an Coimisiún an raibh dumpáil tugtha le fios i bpraghsanna onnmhairiúcháin Hansol Paper chuig margaí taobh amuigh den Aontas. Shoiléirigh an Coimisiún gurb é is cuspóir d’athbhreithniú éaga a shuí an dócha go leanfaí de dhumpáil agus díobháil nó go dtarlóidís arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Ós rud é gur cinneadh gur tharla dumpáil nach beag le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe le haghaidh díolacháin leis an Aontas agus i bhfianaise na conclúide ar ar thángthas ina dhiaidh sin maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, níor ceanglaíodh ar an gCoimisiún aon chinneadh dumpála eile a dhéanamh san imscrúdú seo. Maidir le praghsanna onnmhairiúcháin Hansol Paper chuig margaí taobh amuigh den Aontas, rinneadh anailís orthu in aithris (65) thuas. Déantar tuilleadh anailíse orthu sna haithrisí thíos.

(68)

Tar éis an nochta deiridh, líomhnaigh Hansol Paper gur cheart don Choimisiún a chinneadh nach raibh margadh páipéir theirmigh éadroim an Aontais tarraingteach a thuilleadh i bhfianaise na faisnéise a chuir Hansol Paper isteach cheana féin (agus, de réir na líomhna, nár leor mar a chuir an Coimisiún san áireamh í) agus, go háirithe, na maímh nach mbeadh Hansol Paper dírithe a thuilleadh ar mhargadh an Aontais, an tábhacht a bhaineann le margadh na Stát Aontaithe do Hansol Paper, leibhéal bhearta frithdhumpála na Stát Aontaithe maidir le páipéar teirmeach agus nár thug an Coimisiún tuairisc sa Rialachán seo ar ghníomhaíochtaí Hansol Paper i dtríú margaí eile.

(69)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an líomhain nár tharraingteach an Aontais d’onnmhairí na Cóiré. Maidir leis na fíorais nárbh é margadh an Aontais príomh-mhargadh Hansol Paper ó thaobh méide de le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus go raibh díolacháin nach beag ag Hansol Paper leis na Stáit Aontaithe, ní bhaineann siad an bonn de tharraingteacht mhargadh an Aontais. Chomh maith leis sin, mhaígh an Coimisiún go bhfágann na bearta frithdhumpála atá ag na Stáit Aontaithe nach bhfuil margadh na Stát Aontaithe chomh tarraingteach céanna agus a bhí sé sular forchuireadh aon bheart, fiú mura bhfuil leibhéal na mbeart toirmeascach. Maidir le díolacháin Hansol Paper ar mhargaí eile, ní raibh an Coimisiún in ann a mhéideanna díolacháin agus a phraghsanna ar mhargaí eile de réir tíre a nochtadh sa Rialachán seo a mhéid a mheas an páirtí go raibh an fhaisnéis sin íogair (i.e. an t-aon fhoinse le haghaidh sa sonraí atá i gceist). Mar sin féin, bhreithnigh an Coimisiún straitéis díolacháin agus praghsanna Hansol ar mhargaí eile, mar a roinn sé leis an bpáirtí trí na tuarascálacha fíorúcháin. I ndáil leis sin, chinn an Coimisiún, ar fud an domhain, go bhfuil táirgeadh páipéir theirmigh le fáil i dornán tíortha, mar a léirítear i Thermal Paper 2019-2024 World Market Study [Staidéar Margaidh Domhanda 2019-2024 maidir le Páipéar Teirmeach] ó Laves Chemie. Dá bhrí sin, ní bhíonn táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú i ngleic le hiomaíocht ó tháirgeoirí áitiúla ach i ndornán limistéar ar domhan. Bhí Meiriceá Theas agus Láir, an Afraic, an Astraláise agus an chuid is mó de thíortha na hÁise, mar sin, ina nglan-allmhaireoirí páipéir theirmigh (30), ón gCóiré den chuid is mó. Fiú más rud é, i bprionsabal, go ndealraíonn sé go mbeadh margaí nach bhfuil táirgeadh intíre (suntasach) iontu níos tarraingtí ar an gcéad amharc, chinn an Coimisiún gur tháinig laghdú, i dtéarmaí ginearálta, ar phraghsanna díola an táirge faoi athbhreithniú le margaí onnmhairiúcháin nach margaí de chuid an Aontais iad, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe, le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar aon dul le praghsanna an Aontais. Léirigh comparáid idir praghsanna díola Hansol Paper le gach margadh onnmhairiúcháin taobh amuigh den Aontas agus praghsanna díola Hansol Paper leis an Aontas, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, go raibh praghsanna an Aontais níos airde go comhsheasmhach ar an iomlán ná praghsanna díola Hansol Paper leis an gcuid eile den domhan. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún maidir le margadh an Aontais, an margadh is mó le haghaidh páipéar teirmeach éadrom ar domhan agus margadh a bhfuil acmhainneacht ard fáis ann i ndearbhthéarmaí, gur margadh tarraingteach é d’onnmhairí ón gCóiré ó thaobh méide agus praghsanna de, gan beann ar na hathruithe ar líonra díolacháin Hansol Paper ó rinneadh an t-imscrúdú bunaidh.

3.3.3.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil

(70)

I bhfianaise a thorthaí ar leanúint den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar a leagtar amach in aithris (54), gurb ann d'acmhainneacht táirgeachta sholúbtha nach diomaibhseach i bPoblacht na Cóiré, spéis na Cóiré atá ag fás arís i margadh mór an Aontais lena mbaineann praghsanna tarraingteacha agus na bearta frithdhumpála a forchuireadh le déanaí ar a phríomh-mhargadh onnmhairiúcháin reatha (31), d'fhéadfaí a bheith ag súil le méadú eile ar allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann má aisghairtear na bearta. Dá bhrí sin, chinn Coimisiún gur mhór an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil dá rachadh na bearta frithdhumpála ar allmhairí an táirge lena mbaineann in éag.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeadh an Aontais

(71)

Rinne cúig tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is ionann na táirgeoirí sin agus 'tionscal an Aontais' de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(72)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ag thart ar 360 727 tona. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail freagra an cheistneora a chuir an t-iarratasóir isteach a chros-seiceáil sé i gcoinne freagraí aonair an cheistneora ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Mar a léirítear in aithris (18), roghnaíodh trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla, táirgeoirí a dhéanann tuairim agus 86 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(73)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn: (a) sonraí an iarratasóra maidir le díolacháin thionscal an Aontais den táirge comhchosúil, arna gcros-seiceáil go páirteach leis na méideanna díolachán a thuairiscigh táirgeoirí sampláilte an Aontais (32); agus (b) allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó gach tríú tír mar a tuairiscíodh in Eurostat agus anailís ar shonraí onnmhairiúcháin an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch.

(74)

Tháinig an fhorbairt a leanas ar thomhaltas an Aontais:

Tábla 1

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

179 500 –184 000

170 000 –174 500

165 500 –170 000

177 000 –181 500

Innéacs

100

94

92

98

Foinse: Eurostat, Freagraí ar an gceistneoir agus Iarraidh.

(75)

Tháinig laghdú 8 % ar thomhaltas an Aontais ó 2018 go 2020. Chuaigh paindéim dhomhanda COVID i gcion ar thomhaltas an Aontais in 2020, ach tháinig téarnamh ar thomhaltas an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus feictear laghdú foriomlán 2 % ar an iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.3.1.   Méid na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh díobh ón tír lena mbaineann

(76)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn an fhreagra ar an gceistneoir a chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch isteach agus ar bhonn an staidrimh ó Eurostat. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ar bhonn thomhaltas an Aontais.

(77)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 2

Méid (tonaí) na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann (tonaí)

2 500 –4 000

1 500 – 3 000

1 000 – 2 500

4 500 – 6 000

Innéacs

100

64

48

165

An sciar den mhargadh

1,6  %

1,1  %

0,9  %

2,7  %

Innéacs

100

68

53

167

Foinse: Ceistneoir faoin dumpáil agus Eurostat.

(78)

Tháinig laghdú ar mhéid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann ó 2018 go 2020. Mar sin féin, tháinig méadú suntasach ar an méid le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus tá méadú 65 % tagtha air ó fhigiúr 2018. Tháinig méadú ar an sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó 1,6 % in 2018 go 2,7 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(79)

Chun na méideanna agus na luachanna allmhairiúcháin sa tréimhse faoi bhreathnú a shuí, rinne an Coimisiún anailís ar na sonraí onnmhairiúcháin arna dtuairisciú ag Hansol Paper, an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch sa tír lena mbaineann, i bhfianaise an staidrimh allmhairiúcháin arna thaifeadadh in Eurostat. D'aimsigh an Coimisiún neamhréireachtaí idir onnmhairí tuairiscithe Hansol Paper chuig an Danmhairg, chuig an Eastóin, chuig an bhFionlainn agus chuig an Liotuáin agus allmhairí sna Ballstáit sin a taifeadadh in Eurostat. Ar bhonn na faisnéise a chuir an chuideachta isteach, chinn an Coimisiún nár tháinig an táirge faoi athbhreithniú arna onnmhairiú ag Hansol Paper chuig an Danmhairg, chuig an Eastóin, chuig an bhFionlainn agus go páirteach chuig an Liotuáin freisin, isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Is dócha go raibh na díolacháin sin fós faoi bhealach agus/nó go raibh siad beartaithe do thíortha lasmuigh den Aontas. Dá bhrí sin, maidir le hallmhairí chuig na ceithre Bhallstát thuasluaite, bhraith an Coimisiún ar staidreamh a taifeadadh in Eurostat.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(80)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn an fhreagra ar an gceistneoir a chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin agus an staidreamh ó Eurostat isteach.

(81)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánphraghas allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 3

praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánphraghas allmhairí ó Phoblacht na Cóiré

1 800 – 2 000

1 550 – 1 750

1 450 – 1 650

1 450 – 1 650

Innéacs

100

91

82

81

Foinse: Ceistneoir faoin dumpáil agus Eurostat

(82)

Tháinig laghdú 19 % ar an meánphraghas allmhairí ón tír lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(83)

Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid lena chéile:

na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh chineál táirge tháirgeoirí sampláilte an Aontais, ar praghsanna iad a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú don leibhéal díreach ón monarcha; agus

meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh an chineáil táirge a allmhairítear ón táirgeoir comhoibríoch chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna mbunú ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CAL), mar aon le coigeartuithe iomchuí ar chostais iar-allmhairiúcháin.

(84)

Rinneadh an chomparáid praghsanna ar bhonn an chineáil idirbhirt ar an leibhéal trádála céanna, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán den láimhdeachas teoiriciúil (cainníochtaí onnmhairithe an táirgeora onnmhairiúcháin arna luacháil ag praghas díola thionscal an Aontais) de réir shamhail gach táirgeora onnmhairiúcháin i gcás inar aimsíodh PCN comhionann do thionscal an Aontais.

(85)

Léiríodh meánchorrlach sladghearrtha ualaithe de 13.7 % ag na hallmhairí ón tír lena mbaineann ar mhargadh an Aontais. Fuarthas go raibh sladghearradh á dhéanamh ar thart ar 83 % de na méideanna allmhairí.

(86)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Hansol Paper gur bhain formhór an tsladghearrtha le páipéar teirmeach de ghrád lipéid nach mbaineann leis na táirgí a chumhdaítear leis an imscrúdú bunaidh. Ríomh an Coimisiún an corrlach sladghearrtha ar chomparáid cineáil táirge mar a rinneadh san imscrúdú bunaidh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

4.4.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas Poblacht na Cóiré.

(87)

Tháinig allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe ó thríú tíortha seachas Poblacht na Cóiré ón tSín agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá go príomha.

(88)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt méid na n-allmhairí, mar aon leis an sciar den mhargadh agus na treochtaí praghais a bhain le hallmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe ó thríú tíortha eile:

Tábla 4

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Daon-Phoblacht na Síne

Méid (tonnaí)

6 000 -7 500

4 500 -6 000

3 500 -5 000

3 500 -5 000

 

Innéacs

100

80

62

48

 

An sciar den mhargadh

3,5  %

3,0  %

2,4  %

1,7  %

 

Innéacs

100

85

67

49

 

Meánphraghas (EUR/tona

1 500 -1 650

1 600 -1 750

1 500 -1 650

1 500 -1 650

 

Innéacs

100

104

96

96

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Méid (tonnaí)

2 850 -3 000

2 350 -2 500

2 850 -3 000

3 000 -3 150

 

Innéacs

100

84

100

105

 

An sciar den mhargadh

1,6  %

1,4  %

1,7  %

1,7  %

 

Innéacs

100

89

109

107

 

Meánphraghas (EUR/tona)

2 400 -2 550

2 950 -3 100

2 950 -3 100

2 800 -2 950

 

Innéacs

100

122

120

115

Iomlán na dtríú tíortha seachas an tír lena mbaineann

Méid (tonnaí)

10 000 -11 500

9 500 -11 000

9 000 -10 500

9 000 -10 500

 

Innéacs

100

93

87

90

 

An sciar den mhargadh

5,8  %

5,7  %

5,5  %

5,3  %

 

Innéacs

100

98

95

91

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 950 – 2 150

2 250 –2 450

2 250 –2 450

2 450 – 2 650

 

Innéacs

100

115

118

126

Foinse: Eurostat

(89)

Tháinig laghdú níos mó ná 50 % ar allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig méadú 5 % ar allmhairí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tháinig laghdú seasta ar an sciar den mhargadh de chuid tríú tíortha eile ó 5.8 % in 2018 go 5.3 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha Ginearálta

(90)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscal an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh.

(91)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí i bhfreagra an iarratasóra ar an gceistneoir, arna gcros-seiceáil go cuí leis an bhfaisnéis san iarraidh agus le staidreamh Eurostat. Bhain na sonraí leis na táirgeoirí uile de chuid an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ar an gceistneoir a chuir tháirgeoirí sampláilte an Aontais isteach. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch do staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(92)

Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, an sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh tar éis dumpáil a tharla cheana.

(93)

Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thiomsú.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.5.2.1.   Táirgeadh, acmhainn táirgeachta agus úsáid acmhainne

(94)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 5

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid táirgeachta (tonaí)

399 607

392 619

348 216

360 727

Innéacs

100

98

87

90

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

563 021

581 338

640 533

633 474

Innéacs

100

103

114

113

Úsáid acmhainneachta

71 %

68 %

54 %

57 %

Innéacs

100

95

77

80

Foinse: Ceistneoir agus Iarraidh na Díobhála.

(95)

Tháinig laghdú 10 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí laghdú 13 % ar an méid táirgeachta in 2020 i ndáil le 2018, mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19.

(96)

Tháinig méadú ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí sí fós réasúnta cobhsaí le linn 2020 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(97)

Tháinig laghdú 23 % ar an ráta na húsáide acmhainneachta idir 2018 agus 2020. Tháinig méadú beag 3 phointe céatadáin ar an ráta úsáide idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.5.2.2.   Méid díolacháin agus an sciar den mhargadh

(98)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig forbairt ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 6

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid díolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

168 151

159 905

156 357

164 118

Innéacs

100

95

93

98

An sciar den mhargadh

92,6  %

93,2  %

93,7  %

92,0  %

Innéacs

100

101

101

99

Foinse: Ceistneoir díobhála, Iarraidh agus Eurostat.

(99)

Tháinig laghdú 2 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Arís, tháinig laghdú suntasach ar dhíolacháin in 2020, laghdú a bhain le géarchéim COVID. Bhí méadú ar dhíolacháin i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe atá cosúil leis an treocht tomhaltais a léirítear i dTábla 1.

(100)

Bhí an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ag 92 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.5.2.3.   Fás

(101)

Le linn na tréimhse a measadh, tháinig laghdú 2 % ar thomhaltas an Aontais. Ag an am céanna, bhí laghdú den chineál céanna ar dhíolacháin an tionscail ar mhargadh an Aontais. Níor tháinig ach laghdú beag ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais, ó 92.6 % go 92 %.

4.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(102)

Tháinig forbairt ar fhostaíocht agus ar tháirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 7

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Líon na bhfostaithe

1 080

1 057

951

870

Innéacs

100

98

88

81

Táirgiúlacht (tonaí/fostaí)

370

371

366

415

Innéacs

100

100

99

112

Foinse: Ceistneoir agus Iarraidh na Díobhála

(103)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú suntasach ar líon na bhfostaithe a bhí fostaithe ag tionscal an Aontais, laghdú 19 bpointe céatadáin ar an iomlán.

(104)

Bhí táirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais cobhsaí le linn na tréimhse 2018 go 2020 agus tá méadú 13 % tagtha uirthi ó 2020.

4.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(105)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí an corrlach dumpála aonair a aimsíodh don táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch fós suntasach (féach aithris (54) thuas).

(106)

In ainneoin go raibh dumpáil fós ar siúl don tír lena mbaineann, áfach, léirítear san anailís ar na táscairí díobhála go raibh tionchar dearfach ag na bearta atá i bhfeidhm ar thionscal an Aontais.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.5.3.1.   Praghsanna agus tosca a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(107)

Is mar a leanas a d’fhorbair mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe tháirgeoirí sampláilte an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An meánphraghas díolachán aonaid san Aontas ar an margadh iomlán

1 721

1 729

1 525

1 518

Innéacs

100

100

89

88

Costas táirgthe in aghaidh an aonaid

1 557

1 504

1 377

1 453

Innéacs

100

97

88

93

Foinse: Ceistneoir díobhála

(108)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 12 % ar mheánphraghas díola thionscal an Aontais. Tháinig laghdú 7 % ar an gcostas táirgthe idir 2018 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig laghdú 12 % air ar dtús idir 2018 agus 2020, ach tháinig méadú 5.5 % air ansin idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tharla sé sin mar gheall ar mhéadú ar chostas ar amhábhair, go háirithe costas laín adhmaid, agus na costais fuinnimh.

4.5.3.2.   Costais saothair

(109)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 9

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

61 576

68 809

74 604

75 027

Innéacs

100

112

121

122

Foinse: Ceistneoir díobhála

(110)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig méadú 22 % ar na costais saothair. Bhí laghdú ar líon na bhfostaithe ag an am céanna. Bhí an méadú sin ar chostais saothair i bhfad níos airde ná an méadú foriomlán ar na costais do thionscal an Aontais mar gheall ar bhoilsciú.

4.5.3.3.   Fardail

(111)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 10

Fardail

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonnaí)

17 878

18 452

15 810

16 082

Innéacs

100

103

88

90

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

5,3  %

5,5  %

5,2  %

5,0  %

Innéacs

100

105

100

96

Foinse: Ceistneoir díobhála

(112)

Léiríonn na stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht bonn seasmhach thar an tréimhse faoi bhreathnú. Is gnách go ndéantar an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh ar ordú agus dá bhrí sin is gnách go mbíonn na stoic deiridh cobhsaí. Mar sin féin, tháinig laghdú 10 % ar leibhéal an stoic deiridh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a tharla ag an am céanna le laghdú ar an táirgeadh le linn na tréimhse céanna.

4.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a ardú

(113)

Tháinig forbairt ar bhrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar thoradh ar infheistíochtaí tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 11

- Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2018

2019

2020

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

11,3 %

14,8 %

12,2 %

6,6 %

Innéacs

100

131

108

59

Sreabhadh airgid (EUR)

87 661 559

87 198 733

67 116 931

41 474 900

Innéacs

100

99

77

47

Infheistíochtaí (EUR)

34 123 041

58 784 540

61 376 912

6 839 111

Innéacs

100

172

180

20

Toradh ar infheistíochtaí

104 %

50 %

25 %

24 %

Innéacs

100

49

24

24

Foinse: Ceistneoir díobhála

(114)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais trí ghlanbhrabús roimh cháin díolacháin an táirge chomhchosúil i gcás custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(115)

Bhí an bhrabúsacht dearfach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I ndiaidh méadú ar na costais táirgthe, áfach, thit an mbrabúsacht le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ag laghdú go 6.6 %, figiúr atá i bhfad faoi bhun an spriocbhrabúis 11.5 % a suíodh san imscrúdú bunaidh. Tá an laghdú ar an mbrabúsacht mar gheall i bpáirt ar an méadú ar chostais idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe atá taifeadta in aithris (108), agus tharla sé ag an am céanna leis an mborradh suntasach ar allmhairí ón tír lena mbaineann sa tréimhse chéanna.

(116)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. D'fhorbair an treocht i nglansreabhadh airgid anuas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ag laghdú 53 %. Tá sé sin cosúil leis an gcás a tharla san imscrúdú bunaidh.

(117)

Lean tionscal an Aontais den infheistíocht le linn na tréimhse 2018 go 2020. Tháinig laghdú mór, áfach, ar an infheistíocht sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(118)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Anuas a bhí a threocht le linn na tréimhse faoi bhreathnú tráth a tháinig laghdú 76 % air. Tá an laghdú sin ar an toradh ar infheistíochtaí ag teacht leis an laghdú ar an mbrabúsacht.

(119)

Bhí tionchar ag an mbrabúsacht laghdaitheach ar chumas thionscal an Aontais caipiteal a thiomsú, mar is léir ón laghdú suntasach ar an infheistíocht le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.6.   Conclúid faoi dhíobháil

(120)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí sciar den mhargadh de chuid thionscal an Aontais fós ard agus cobhsaí, ag 92 % nó os a chionn. Tháinig laghdú beag ar mhéideanna díolachán ar mhargadh an Aontais, ag tarlú ag an am céanna le laghdú comhchosúil ar thomhaltas.

(121)

Maidir le táscairí airgeadais, bhí brabúsacht thionscal an Aontais dearfach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus bhí sí os cionn an spriocbhrabúis de 11.5 % nó thart air sin, arna bhunú san imscrúdú bunaidh le linn an chuid is mó den tréimhse faoi bhreathnú. Go sonrach, rinne tionscal an Aontais brabúis os cionn 11.3 %, 14.8 % agus 12.2 % sna blianta 2018, 2019 agus 2020 faoi seach. Mar sin féin, tháinig méadú 5,5 % ar na costais ó 2020 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus d'fhan na praghsanna cobhsaí, rud a raibh laghdú go 6,6 % ar an mbrabúsacht mar thoradh air. Tharla sé sin freisin ag an am céanna le méadú ar allmhairí dumpáilte, ó 0.9 % de sciar den mhargadh in 2020 go 2.7 % den sciar den mhargadh i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(122)

Léirítear sna táscairí a ndearnadh scrúdú orthu gur baineadh amach a dtoradh beartaithe leis na bearta frithdhumpála, is é sin deireadh a chur leis an díobháil a bhain do tháirgeoirí an Aontais. Go deimhin, le forchur na mbeart bunaidh in 2017, cuireadh ar chumas thionscal an Aontais sciartha arda den mhargadh san Aontas a aisghabháil agus a choinneáil agus brabúis a dhéanamh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, thit brabúsacht thionscal an Aontais faoi bhun an spriocbhrabúis i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i ngeall ar an mbrú praghsanna ó na hallmhairí dumpáilte lenar cuireadh cosc ar thionscal an Aontais a bpraghsanna a mhéadú i gcomhréir leis an méadú ar a gcostas táirgthe.

(123)

Ar bhonn a bhfuil thuas, bhí staid thionscal an Aontais a fíoraíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe díobhálach. Gan beann ar an gcáileodh an díobháil sin cheana mar ábhar de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán, chinn an Coimisiún anailís a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlódh an díobháil arís.

(124)

Tar éis an nochta, mhaígh Hansol Paper nach raibh staid thionscal an Aontais díobhálach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(125)

Mar a luaitear in aithris (83), bhunaigh an Coimisiún corrlach sladghearrtha 13,7 %. Thug an Coimisiún dá aire freisin in aithris (114) gur tháinig laghdú suntasach ar an infheistíocht i gcás thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, sa dóigh gur thit sé 80 %. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí brabúsacht thionscal an Aontais i bhfad níos ísle ná brabúsacht an spriocbhrabúis 11,5 % a bunaíodh san imscrúdú bunaidh. Léiríonn na saincheisteanna sin go léir staid dhíobhálach thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

5.   AN DÓCHÚLACHT GO dTARLÓIDH DÍOBHÁIL ARÍS

(126)

Rinne an Coimisiún tuilleadh measúnaithe, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, an dóigh go dtarlóidh an díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ó Phoblacht na Cóiré ba chúis léi ar an gcéad dul síos dá ligfí do na bearta ina haghaidh dul as feidhm.

(127)

Maidir leis sin, rinne an Coimisiún anailís ar na gnéithe a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tír lena mbaineann, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag méid na n-allmhairí agus ag na praghsanna allmhairiúcháin ar staid thionscal an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag.

(128)

Mar a thuairiscítear in aithrisí (57) go (59), tá sé de chumas ag an táirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann a leithdháileadh acmhainneachta táirgeachta a mhéadú ar son tháirgeadh an pháipéir theirmigh éadroim. Go deimhin, sonraíodh i dtuarascáil inbhuanaitheachta Hansol Paper an fhéidearthacht le haghaidh cumais inathraitheachta a fhágann gur féidir cineálacha éagsúla páipéir a tháirgeadh de réir staid an mhargaidh. Ina theannta sin, mar a luaitear in aithris (59), tá an acmhainneacht táirgeachta sa Chóiré suntasach, mar go bhfuil sí thart ar 10 n-oiread níos mó ná an tomhaltas intíre sa tír agus beagnach dhá oiread thomhaltas an Aontais.

(129)

Ar an dara dul síos, mar a thuairiscítear in aithris (66), is é margadh an Aontais an margadh is mó ar domhan le haghaidh páipéar teirmeach éadrom, agus thart ar 25 % den tomhaltas domhanda i gceist leis. Ina theannta sin, mar a thuairiscítear in aithris (65), d'fhorchuir údaráis na Stát Aontaithe bearta frithdhumpála ar an táirge lena mbaineann le déanaí, agus mar gheall air sin níl an margadh mór sin chomh tarraingteach d'onnmhairí na Cóiré anois. Ina theannta sin, díoladh na honnmhairí sin, i dtréimhsí áirithe den tréimhse faoi bhreathnú, ar phraghsanna níos airde ar mhargadh an Aontais i gcomparáid le margadh na Stát Aontaithe. Mar thoradh air sin tá margadh an Aontais tarraingteach i dtéarmaí praghais agus inrochtaineachta araon agus is mór an dóchúlacht atá ann go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

(130)

Ar an tríú dul síos, mar a léirítear i dtáblaí 2 agus 3, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú ar na méideanna allmhairiúcháin ón tír lena mbaineann, agus tháinig laghdú ar na praghsanna allmhairiúcháin. Tá na praghsanna allmhairiúcháin sin níos ísle ná praghsanna thionscal an Aontais. Go deimhin, mar a thuairiscítear in aithrisí (83) go (85), léiríodh san anailís um shladghearradh a rinne an Coimisiún corrlach sladghearrtha 13,7 % gan dleachtanna i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léirítear leis sin, dá ligfí do na bearta dul in éag, go mbeadh dreasacht ag onnmhaireoirí na Cóiré táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas ar leibhéil praghsanna díobhálacha. Chuirfeadh sé sin brú praghsanna ar thionscal an Aontais sa dóigh go gcaillfeadh sé méideanna díolachán agus/nó bheadh oibleagáid air ansin a leibhéil praghsanna a laghdú, agus rachfaí i gcion ar an mbrabúsacht dá bhrí sin.

(131)

Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ó Phoblacht na Cóiré ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa na mbeart agus gur dócha go dtarlódh an díobháil ábhartha arís.

6.   LEAS AN AONTAIS

(132)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus úsáideoirí.

(133)

Tugadh deis do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl de bhun Airteagal 21(2) den bhun-Rialachán.

(134)

Ar an mbonn sin, scrúdaigh an Coimisiún an raibh cúiseanna láidre ann a d’fhágfadh go gcinnfí nach bhfuil sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana a choinneáil ar bun, d’ainneoin na gconclúidí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus an dóchúlacht go dtarlódh an díobháil arís.

6.1.   Leas thionscal an Aontais

(135)

Tá cúig tháirgeoir i dtionscal an Aontais atá lonnaithe i dtrí Bhallstát (an Ghearmáin, an Spáinn agus an Fhionlainn). Bhí gach táirgeoir den chúigear i bhfabhar an athbhreithnithe éaga.

(136)

De réir na conclúide ar ar thángthas in aithris (123), ba dhíobhálach an staid do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Thairis sin, de réir na conclúide ar ar thángthas in aithris (130), ní bheadh tionscal an Aontais in ann déileáil leis dá gcuirfí deireadh leis na bearta, toisc gur dócha go mbeadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte mar thoradh air. Chuirfí inmharthanacht airgeadais fhadtéarmach an tionscail i mbaol, dá bhrí sin, dá ligfí do na bearta dul in éag.

(137)

Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, go bhfuil sé chun leas thionscal an Aontais leanúint de na bearta.

6.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara agus úsáideoirí neamhghaolmhara

(138)

Cuireadh gach allmhaireoir neamhghaolmhar agus úsáideoir ar an eolas faoi thionscnamh an athbhreithnithe. Ní bhfuair an Coimisiún aon chomhar, áfach, ó allmhaireoirí neamhghaolmhara ná ó úsáideoirí.

(139)

Dá bhrí sin, ní raibh aon chomhartha ann a léireodh go mbeadh tionchar diúltach ag na bearta dá gcoinneofaí ar bun iad ar na húsáideoirí agus/nó ar na hallmhaireoirí, a bheadh níos mó ná tionchar dearfach na mbeart.

6.3.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(140)

Ar bhonn an méid thuasluaite, chinn an Coimisiún nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana maidir le páipéar teirmeach éadrom ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Cóiré é a choinneáil ar bun.

7.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(141)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dóchúlacht go dtarlódh dumpáil arís, maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den díobháil agus maidir le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le páipéar teirmeach éadrom áirithe ó Phoblacht na Cóiré a choinneáil ar bun.

(142)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a raibh sé beartaithe ar a mbonn sin a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana ar bun. Tugadh tréimhse áirithe do na páirtithe uile inarbh fhéidir leo aighneachtaí a dhéanamh de bhun an nochta sin agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Cuireadh na haighneachtaí agus na barúlacha san áireamh mar ba chuí.

(143)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(144)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe a bhfuil meáchan 65 g/m2 nó níos lú iontu; i rollaí atá 20 cm ar leithead nó níos mó, nuair is 50 kg nó níos mó an meáchan (lena n-áirítear an páipéar) atá sa rolla agus nuair is 40 cm nó níos mó an trastomhas (lena n-áirítear an páipéar) atá aige ('ollrollaí'); le bonnbhrat nó gan bhonnbhrat ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh; iad brataithe le substaint atá teirmíogair ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh; agus le barrbhrat nó gan bharrbhrat, atá faoi láthair faoi na cóid AC ex 4809 90 00, ex 4811 90 00, ex 4816 90 00 agus ex 4823 90 85 (cóid TARIC: 4809900010, 4811900010, 4816900010, 4823908520), de thionscnamh Phoblacht na Cóiré.

2.   Méid seasta EUR 103,16 in aghaidh an ghlantona a bheidh i ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an táirge a shonraítear i mír 1.

3.   Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidhm ag na forálacha sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2017/763 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré, (IO L 114, 3.5.2017, lch. 3).

(3)  ECLI:EU:T:2020:139.

(4)  ECLI:EU:C:2022:370.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/593 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré a mhéid a bhaineann le Grúpa Hansol agus lena leasaítear an dleacht iarmharach (IO L 79, 17.3.2023, lch. 54).

(6)  IO C 314, 6.8.2021, lch. 9.

(7)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré (IO C 180, 3.5.2022, lch. 4).

(8)  Iarraidh roinn 10.3, lgh 26-28.

(9)  https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2596

(10)  Féach mar shampla mír 68 de Bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (An Dara Dlísheomra), an 17 Márta 2015 i gCás T-466/12, RFA International, LP v an Coimisiún Eorpach.

(11)  Le haghaidh sonraí, féach aithris (40) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2005 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré (IO L 310, 17.11.2016, lch. 1).

(12)  Iarraidh, míreanna 99 go 101 (lgh 23-24).

(13)  Laves Chemie Consulting: Thermal Paper 2019-2024 World Market Study [Staidéar Margaidh Domhanda ar Pháipéar Teirmeach 2019 -2024], Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an iarraidh (t22.002094).

(14)  Laves Chemie Consulting: Thermal Paper 2019-2024 World Market Study [Staidéar Margaidh Domhanda ar Pháipéar Teirmeach 2019 -2024], Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an iarraidh, leathanach 19.

(15)  Leagan oscailte de fhreagraí an cheistneora in t22.003621 (Koehler), t22.003615 (Jujo) agus t22.003616 (Mitshubishi).

(16)  Le haghaidh sleachta féach, inter alia, leathanach 24 den iarraidh.

(17)  Chun teacht ar thuarascáil airgeadais Hansol Paper lena gcumhdaítear na chéad trí ráithe de 2022, féachhttps://dart.fss.or.kr/dsaf001/main.do?rcpNo=20221111000618 (sa Chóiréis).

(18)  An 10 Bealtaine 2022 (t22.002756) thagair Hansol Paper dó féin mar ‘príomhtháirgeoir onnmhairiúcháin páipéir theirmigh éadroim sa Chóiré’.

(19)  Suíomh gréasáin na cuideachta: http://www.donghwaind.co.kr

(20)  Féach fonótaí 16 agus 17 thuas.

(21)  Tuarascáil Hansol Paper maidir le hInbhuanaitheacht 2022 le fáil ag https://www.hansolpaper.co.kr/m/eng/management/data. Tá an méid seo ar leathanach 10 den tuarascáil: “Tá córas saoráide solúbtha ag muillean Janghang... ar féidir leis díriú ar pháipéar ábhair speisialta - páipéar priontála ardchaighdeáin, páipéar teirmeach agus páipéar lipéid, mar shampla - de réir choinníollacha an mhargaidh.... Tá córas saoráide solúbtha ag muillean Shintanjin... chun páipéar priontála agus páipéar teirmeach a tháirgeadh...”.

(22)  Laves Chemie Consulting: Thermal Paper 2019 -2024 World Market Study [Staidéar Margaidh Domhanda ar Pháipéar Teirmeach 2019 -2024], Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an iarraidh, tábla 'Balance of Supply and Demand in Metric Tonnes' [Cothromú an tSoláthair agus an Éilimh i dTonaí Méadracha], leathanach 22, inar suíodh gurbh ionann an tomhaltas páipéir theirmigh sa Chóiré agus 60 000 tona in 2019. Measadh i leagan oscailte den cheistneoir in t22.003621 (Koehler), t22.003615 (Jujo) agus t22.003616 (Mitshubishi) gur 37 200 tona tomhaltas bliantúil páipéir theirmigh éadroim sa Chóiré.

(23)  Freagra Hansol Paper ar an gceistneoir (t22.003569), tábla C.2 (cainníocht díolachán).

(24)  Ibid.

(25)  Iarraidh, Iarscríbhinn 6, leathanach 21 (‘Onnmhairíonn an Chóiré 78 % dá cuid táirgeachta chuig Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Láir agus Theas, agus chuig tíortha eile na hÁise freisin. …”).

(26)  Freagra Hansol Paper ar an gceistneoir (t22.003569), táblaí K.3 den chomhad 'R768 Táblaí K-L-M (HAI) - OPEN.pdf', ar ina bhfianaise, a tháinig laghdú 13 %, thar an tréimhse faoi athbhreithniú, ar láimhdeachas an táirge faoi athbhreithniú de chuid Hansol America agus tháinig méadú 2 % ar an méid díolachán. Tabhair faoi deara, de réir Census Bureau na Stát Aontaithe, gur tháinig laghdú 2 223 USD/tona in 2018 go 1 645 USD/tona in 2020 ar praghsanna páipéir théirmigh na Cóiré (féach 'staidreamh allmhairiúcháin' ar an suíomh gréasáin seo a leanas de chuid Riarachán Trádála Idirnáisiúnta na Stát Aontaithe: https://www.trade.gov/faq/final-determinations-antidumping-duty-investigations-thermal-paper-germany-japan-south-korea).

(27)  Féach suíomh gréasáin oifigiúil Riarachán Trádála Idirnáisiúnta na Stát Aontaithe, mar atá https://www.trade.gov/faq/final-determinations-antidumping-duty-investigations-thermal-paper-germany-japan-south-korea.

(28)  Iarraidh, in Iarscríbhinn 6, táblaí 'Tomhaltas de réir Gráid agus Limistéar Geografach 2020', 'Tomhaltas de réir Limistéir Gheografaigh i dTonaí Méadracha 2022-2024' agus 'Tomhaltas de réir Gráid agus Limistéar Geografach 2024'.

(29)  Freagra Hansol Paper ar an gceistneoir (t22.003569), táblaí K.3 den chomhad 'R768 Táblaí K-L -M (HEB) - OPEN.pdf'.

(30)  Iarraidh, Iarscríbhinn 6, leathanach 21 (‘Onnmhairíonn an Chóiré 78 % dá cuid táirgeachta chuig Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Láir agus Theas go príomha, agus chuig tíortha eile na hÁise freisin. (...) Tá onnmhairí Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas gan tábhacht. Tá allmhairí (go Meiriceá Láir agus Theas) ag 50 % den tomhaltas ón Eoraip go príomha, agus ó Mheiriceá Thuaidh, ón tSín, agus ón gCóiré. Is éard atá i dtíortha an chuid eile den domhan sa chomhthéacs seo an Áise (seachas an tSín, an tSeapáin, an Chóiré), an Afraic, agus an Astraláise. Tá onnmhairí (de réir tíortha an chuid eile den domhan) neamhshuntasach ach allmhairíonn tíortha an chuid eile den domhan 80 % den tomhaltas ón gCóiré, ón tSín agus ón Eoraip go príomha...”).

(31)  De réir Census Bureau na Stát Aontaithe 54 337 tona a bhí i gceist leis na hallmhairí páipéir theirmigh ón gCóiré in 2020 (féach 'staidreamh allmhairiúcháin' ar an suíomh gréasáin seo a leanas de chuid Riarachán Trádála Idirnáisiúnta na Stát Aontaithe: https://www.trade.gov/faq/final-determinations-antidumping-duty-investigations-thermal-paper-germany-japan-south-korea).

(32)  Foinse: freagra ar an gceistneoir arna chur isteach ag an iarratasóir agus freagraí aonair ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir arna bhfíorú .

(33)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/98


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1331 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (1), agus go háirithe Airteagal 20 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (2), agus go háirithe Airteagal 16 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   CÚLRA

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 (3) forchuireann an tAontas beart coimirce cinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach. Is i bhfoirm taraif-chuóta ar allmhairí (‘TRQ’) atá an beart, agus ceadaítear allmhairí saor ó dhleacht laistigh de chuóta atá bunaithe ar shreabha trádála stairiúla. Tá feidhm ag an gcuóta saor ó dhleacht maidir le hallmhairí isteach i gcríoch an Aontais. Tá feidhm ag dleacht chosanta 25 % maidir le hallmhairí a théann thar an gcuóta is infheidhme.

(2)

Le Rialachán (AE) 2023/1321 (4) leasaíodh Rialachán (AE) 2020/2170 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm.

(3)

Mar thoradh ar an leasú seo, catagóirí cruach 7 (Plátaí Cuartó Neamh-Chóimhiotail agus Cóimhiotail Eile (6)) agus 17 (Uillinneacha, cruthanna agus cónaisc déanta as iarann nó as cruach neamhchóimhiotail (7)) sa bheart coimirce, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/2170, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann trí iompar díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe, beidh siad incháilithe le haghaidh cóireála de bhun na gcuótaí ráta taraife ábhartha de chuid an Aontais má scaoiltear na hearraí sin le haghaidh saorchúrsaíochta i gcríoch Thuaisceart Éireann.

2.   NÓS IMEACHTA

(4)

An 30 Márta 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh inar míníodh, tar éis Rialachán (AE) 2020/2170 a leasú, gur ghá don Choimisiún rialachán coimirce an Aontais a leasú trí TRQ nua a chruthú a bheadh teoranta d’aistrithe go Tuaisceart Éireann de na catagóirí táirgí a áirítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1321, ar táirgí iad de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a choinsínítear go díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh aistrithe na dtáirgí laistigh de na catagóirí táirgí sin de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, agus a choinsínítear go díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe, dul isteach saor ó dhleacht i dTuaisceart Éireann go dtí go mbeidh an cuóta leithdháilte ídithe. As an gcuóta sin, bheadh feidhm ag dleacht choimirce 25 %. Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara a mbarúil a chur in iúl maidir le hábhar an Fhógra.

(5)

Chun méid leordhóthanach TRQanna a ríomh lena n-áiritheofaí, mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2023/1321, inmharthanacht eacnamaíoch na n-aistrithe díreacha sin go Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe, i bhfianaise na n-imthosca sonracha i dTuaisceart Éireann, rinne an Coimisiún anailís ar an staidreamh (8) a bhí ar fáil chun méid na n-aistrithe chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe a ríomh.

(6)

Tá na taraif-chuótaí a chruthaítear leis an Rialachán seo le húsáid go heisiach ag earraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, mar a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1321, agus a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann trí iompar díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta i gcríoch Thuaisceart Éireann. Dá bhrí sin, ní dhéanann na taraif-chuótaí nua sin difear do leithdháileadh ná do mhéideanna TRQanna atá ann cheana le haghaidh tríú tíortha, isteach i gcríoch an Aontais.

Barúlacha ó pháirtithe leasmhara

(7)

Leis an bhFógra Tionscnaimh, tugadh an deis do pháirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach laistigh de sprioc-am a leagadh síos. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil ó aon pháirtí leasmhar.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Choimircí arna bhunú faoi Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2015/478 agus faoi Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2015/755 faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear codanna 7 agus 17 den tábla in ‘Iarscríbhinn IV, IV.1 — Méideanna na dtaraif-chuótaí’ a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/159 agus is mar seo a leanas a léifear:

Uimhir an Táirge

Catagóir an táirge

Cóid AC

Leithdháileadh de réir tíre (I gCás inarb Infheidhme)

Bliain 5

Bliain 6

Dleachtráta breise

Uimhreacha ordaithe

Ó 1.7.2022 go 30.9.2022

Ó 1.10.2022 go 31.12.2022

Ó 1.1.2023 go 31.3.2023

Ó 1.4.2023 go 30.6.2023

Ó 1.7.2023 go 30.9.2023

Ó 1.10.2023 go 31.12.2023

Ó 1.1.2024 go 31.3.2024

Ó 1.4.2024 go 30.6.2024

Méid na dtaraif-chuótaí (glantonaí)

Méid na dtaraif-chuótaí (glantonaí)

‘7

Plátaí Cuartó Neamh-Chóimhiotail agus Cóimhiotail Eile

7208 51 20 , 7208 51 91 , 7208 51 98 , 7208 52 91 , 7208 90 20 , 7208 90 80 , 7210 90 30 , 7225 40 12 , 7225 40 40 , 7225 40 60 , 7225 99 00

An Úcráin

270 017,57

270 017,57

264 147,62

267 082,59

280 051,01

280 051,01

277 006,97

277 006,97

25  %

09.8836

Tíortha eile

554 571,27

554 571,27

542 515,37

548 543,32

575 178,29

575 178,29

568 926,35

568 926,35

25  %

(9)

An Ríocht Aontaithe (chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)

-

-

-

-

5 231,58

5 231,58

5 174,72

5 174,72

25  %

09.8498’

‘17

Uillinneacha, Cruthanna agus Cónaisc déanta as Iarann nó as Cruach Neamh-Chóimhiotail

7216 31 10 , 7216 31 90 , 7216 32 11 , 7216 32 19 , 7216 32 91 , 7216 32 99 , 7216 33 10 , 7216 33 90

An Úcráin

30 113,25

30 113,25

29 458,61

29 785,93

31 232,21

31 232,21

30 892,73

30 892,73

25  %

09.8891

Tíortha eile

64 947,85

64 947,85

63 535,94

64 241,90

67 361,21

67 361,21

66 629,03

66 629,03

25  %

(18)

An Ríocht Aontaithe (chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)

-

-

-

-

14 061,23

14 061,23

13 908,39

13 908,39

25  %

09.8499’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16) (‘an rialachán maidir le bearta coimirce’).

(2)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear beart coimirce chinntitheacha in aghaidh allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).

(4)  Rialachán (AE) 2023/1321 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2170 a mhéid a bhaineann le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm maidir le táirgí cruach áirithe a aistrítear go Tuaisceart Éireann. (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil).

(5)  Rialachán (AE) 2020/2170 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm (IO L 432, 21.12.2020, lch. 1).

(6)  Cóid AC (mar eolas amháin): 7208 51 20, 7208 51 91, 7208 51 98, 7208 52 91, 7208 90 20, 7208 90 80, 7210 90 30, 7225 40 12, 7225 40 40, 7225 40 60, 7225 99 00.

(7)  Cóid AC (mar eolas amháin): 7216 31 10, 7216 31 90, 7216 32 11, 7216 32 19, 7216 32 91, 7216 32 99, 7216 33 10, 7216 33 90.

(8)  Sonraí atá ar fáil ón gcóras leictreonach a bunaíodh ar bhonn Airteagail 55 agus 56 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/102


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1332 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2023

maidir le húdarú na hullmhóide in-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh ag Trichoderma reesei CBS 114044 a athnuachan mar bhreiseán beatha le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin agus bainbh scoite (sealbhóir an údaraithe: Roal Oy) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 902/2009

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 902/2009 ón gCoimisiún (2), údaraíodh ullmhóid einsíme in-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh ag Trichoderma reesei CBS 114044 ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun athnuachan a dhéanamh ar údarú na hullmhóid in-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh ag Trichoderma reesei CBS 114044 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar bheith ina mbéaróga, turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin agus bainbh scoite i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus sa bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. Tá an ullmhóid ar fáil i bhfoirmlithe soladacha agus leachtacha. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(4)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) sna tuairimí uaidh an 4 Deireadh Fómhair 2019 (3) agus an 27 Eanáir 2021 (4) go bhfuil an ullmhóid fós sábháilte do shicíní lena ramhrú, do shicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, do thurcaithe lena ramhrú, do thurcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin agus do bhainbh scoite, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Fuair sé amach go bhfuil an ullmhóid neamh-ghreannach don chraiceann, agus nach bhfuil an fhoirm leachtach a tástáladh greannach do na súile agus nach íogróir deirmeach atá ann. Shonraigh sé freisin gur cheart a mheas go bhféadfadh an breiseán a bheith ina íogróir riospráide i ngach foirm. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. Rinne an tÚdarás fíorú freisin ar an tuarascáil faoi mhodh anailíse an bhreiseáin beathaithe agus é i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Léirítear leis an measúnú ar an ullmhóid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid an bhreiseáin sin a athnuachan mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin.

(6)

Mar thoradh ar údarú na hullmhóide mar bhreiseán beathaithe a athnuachan, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 902/2009 a aisghairm.

(7)

Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú na hullmhóide a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Athnuachan an údaraithe

Údarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   Maidir le hullmhóid in-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh ag Trichoderma reesei CBS 114044 agus réamh-mheascáin a bhfuil sí iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 20 Eanáir 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 20 Iúil 2023 féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Maidir le hábhair bheatha agus beatha chumaisc ina bhfuil an ullmhóid dá dtagraítear i mír 1, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 20 Iúil 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 20 Iúil 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

Airteagal 3

Aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 902/2009

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 902/2009.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 902/2009 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2009 maidir le hullmhóid einsíme in-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh ag Trichoderma reesei (CBS 114044) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe Roal Oy) (IO L 256, 29.9.2009, lch. 23).

(3)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2019;17(11):5880.

(4)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2021;19(3):6458.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta.

4a8i

Roal Oy

In-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8.)

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid in-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh ag Trichoderma reesei CBS 114044 ag a bhfuil íosghníomhaíocht:

foirm sholadach: 160 000 BXU (1)/g

foirm leachtach: 160 000 BXU/g

Tréithriú na substainte gníomhaí

In-1,4-béite-xiolanáis (CE 3.2.1.8.) arna táirgeadh ag Trichoderma reesei CBS 114044

Modh anailíse  (2)

Tréithriú na substainte gníomhaí sa bhreiseán agus sa réamh-mheascán: measúnacht siúcra dhí-ocsaídithe le haghaidh in-1,4- béite-xiolanáise trí imoibriú dathmhéadrach an imoibrí aigéid dhénítreasailciligh maidir le toradh an tsiúcra dhí-ocsaídithe ag pH 5,3 agus 50 °C;

Tréithriú na substainte gníomhaí sa bheatha chumaisc: modh dathmhéadrach lena dtomhaistear ruaim uiscethuaslagtha a scaoileann an einsím ó shubstráit speilt arabainocsaláin trasnasctha le hasairín.

Sicíní lena ramhrú agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga

-

8 000 BXU

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin, lena n-áirítear trealamh cosanta don análú, don chraiceann agus do na súile i gcás foirmeacha soladacha agus trealamh cosanta don análú i gcás foirmeacha leachtacha.

20 Iúil 2033

Turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin

16 000 BXU

Bainbh (scoite)

24 000 BXU


(1)  Is é 1 BXU méid na heinsíme lena scaoiltear 1 nmol de shiúcraí dí-ocsaídithe mar xiolóis in aghaidh an tsoicind ó xiolán beithe ag pH 5,3 agus 50 °C.

(2)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/106


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1333 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2023

maidir le hullmhóid in-1,3(4) béite-ghlúcanáise arna táirgeadh ag Aspergillus fijiensis CBS 589.94 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus bainbh scoite (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd., atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.) agus lena leasaítear Rialachán (CE)1811/2005 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint doRialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin déantar foráil maidir le hathmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Rinneadh ullmhóid in-1,3(4) béite-ghlúcanáise arna táirgeadh ag Aspergillus fijiensis CBS 589.94 (a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe sin mar Aspergillus aculeatus) a údarú gan teorainn ama i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú le Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004 (3) ón gCoimisiún agus le Rialachán (CE) Uimh. 1811/2005 on gCoimisiún le haghaidh bainbh (scoite) (4). Cuireadh an ullmhóid sin isteach i gClár na mbreiseán beathaithe ina dhiaidh sin mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas maidir le hullmhóid in-1,3(4) béite-ghlúcanáise arna táirgeadh ag Aspergillus fijiensis CBS 589.94 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh bainbh scoite. D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘méadaitheoirí díleáiteachta’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(4)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) sa tuairim uaidh an 23 Samhain 2022 (5) nach bhfuil tionchar díobhálach ag an ullmhóid ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Maidir le sábháilteacht do na húsáideoirí agus an ullmhóid á láimhseáil acu, mar gheall ar easpa sonraí maidir leis na foirmlithe deiridh, ní fhéadfadh an tÚdarás teacht ar chonclúid maidir le hacmhainneacht an bhreiseáin a bheith greannach i leith an chraicinn nó na súl nó maidir lena acmhainneacht a bheith ina íogróir deirmeach, ach mheas sé gur íogróir riospráide é an breiseán mar gheall ar nádúr próitéineach na substainte gníomhaí. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an breiseán éifeachtúil mar bhreiseán zóiteicniúil i sicíní lena ramhrú agus bainbh scoite ar an íosleibhéal a mholtar, is é sin 10 FBG/kg de bheatha. Rinne sé an tuarascáil maidir leis na modhanna anailíse ar na breiseáin bheathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a fhíorú freisin.

(5)

Léirítear leis an measúnú ar an mbreiseán go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid an bhreiseáin sin a údarú. Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin.

(6)

Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú na substaintí lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh.

(7)

Mar thoradh ar ullmhóid in-1,3(4) béite-ghlúcanáise arna táirgeadh ag Aspergillus fijiensis CBS 589.94 a údarú mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1811/2005 a leasú agus Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004 a aisghairm.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1811/2005

Scriostar Airteagal 1 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1811/2005.

Airteagal 3

Aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004.

Airteagal 4

Bearta idirthréimhseacha

1.   An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an ullmhóid sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 20 Eanáir 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 20 Iúil 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   An bheatha chumaisc agus na hábhair bheatha ina bhfuil an ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 20 Iúil 2024, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 20 Iúil 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003,lch. 29.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004 ón gCoimisiún an 08 Iúil 2004 maidir le húdarú buan breiseán áirithe atá údaraithe cheana in ábhair bheatha (IO L 239, 9.7.2004, lch. 8).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1811/2005 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2005 maidir le húdaruithe sealadacha agus buana breiseán áirithe in ábhair bheatha agus maidir le húdarú sealadach úsáide nua breiseán atá údaraithe cheana in ábhair bheatha (IO L 291, 5.11.2005, lch. 12).

(5)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2023;21(1):7703.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta

4a1603

DSM Nutritional Products Ltd., atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.

In -1.3(4)-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.6)

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid in-1.3(4)-béite-ghlúcanáise (EC 3.2.1.6) arna táirgeadh ag Aspergillus fijiensis CBS 589.94 ag a bhfuil íosghníomhaíocht:

Foirm bhrataithe: 50 FBG (1)/g.

Foirm leachtach: 120 FBG/mL

Tréithriú na substainte gníomhaí

In -1.3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Aspergillus fijiensis CBS 589.94

Modh anailíse  (2)

Maidir le gníomhaíocht 1.3(4)-béite-ghlúcanáise sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú: modh dathmhéadrach lena dtomhaistear comhdhúil dhaite a tháirgtear leis an aigéad dénítreasalaicileach bunaithe ar hidrealú einsímeach béite-ghlúcáin ag pH 5.0 agus 50 °C.

Maidir le gníomhaíocht 1.3(4)-béite-ghlúcanáise i réamh-mheascáin agus i mbeatha chumaisc a chainníochtú: modh dathmhéadrach lena dtomhaistear blúirí ruaime uiscethuaslagtha bunaithe ar hidrealú einsímeach ar asó-eorna-ghlúcán trasnasctha ag pH 4.5 agus 50 °C.

Sicíní lena ramhrú

Bainbh scoite

-

10 FBG

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

20 Iúil 2033


(1)  Freagraíonn aonad glúcóis (FBG) amháin do mhéid na heinsíme lena scaoiltear, faoi choinníollacha caighdeánacha (pH 5.0 agus 30 °C), glúcós nó carbaihiodráití dí-ocsaídithe eile ag ráta a chomhfhreagraíonn do 1 μmol de ghlúcós in aghaidh an nóiméid.

(2)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en.


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/111


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1334 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2023

maidir le húdarú crágaigh copair d’analóg hiodrocsa mheitiainín a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 349/2010

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le breiseáin a údarú lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 349/2010 ón gCoimisiún údaraíodh an ullmhóid crágaigh copair d’analóg hiodrocsa mheitiainín ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (2).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú an chrágaigh copair d’analóg hiodrocsa mheitiainín a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, inar iarradh go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile de riandúile’. Áiríodh san iarratas togra maidir le coinníollacha an údaraithe reatha a leasú, arb é a bhí i gceist leis an ola mhianra a bhaint as an mbreiseán agus, dá bhrí sin, tá an breiseán le meas mar shubstaint agus ní mar ullmhóid a thuilleadh. Ina theannta sin, rinneadh an t-íoschion copair sa bhreiseán a mhodhnú beagán. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin.

(4)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) sa tuairim uaidh an 5 Bealtaine 2021 (3) gur sholáthair an t-iarratasóir fianaise go bhfuil an breiseán, ina chomhdhéanamh nua, fós sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide a údaraítear faoi láthair. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go meastar gur greannaitheoir craicinn agus súl é an breiseán agus gur íogróir craicinn é, agus meastar go mbaineann riosca íseal íograithe riospráide leis. Luaigh an tÚdarás nach bhfuil tionchar ag an modhnú atá beartaithe ar choinníollacha an údaraithe bunaidh ar éifeachtúlacht an bhreiseáin. Ar deireadh, níor mheas sé go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (4), ba é meas na Saotharlainne Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas sa mheasúnú roimhe seo bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair.

(6)

Léirítear leis an measúnú ar chrágach copair d’analóg hiodrocsa mheitiainín go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(7)

Mar thoradh ar údarú crágaigh copair d’analóg hiodrocsa mheitiainín mar bhreiseán beathaithe a athnuachan, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 349/2010 a aisghairm.

(8)

Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú an chrágaigh copair d’analóg hiodrocsa mheitiainín a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh, i ndáil le comhdhéanamh an bhreiseáin, a bhfuil substaint ann anois, agus leis an modhnú díorthaithe ar uimhir aitheantais an bhreiseáin.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Athnuachan an údaraithe

Maidir le húdarú na substainte a shonraítear san Iarscríbhinn, breiseán a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile de riandúile’, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 349/2010.

Airteagal 3

Bearta idirthréimhseacha

1.   An breiseán a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 20 Eanáir 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 20 Iúil 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 20 Iúil 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 20 Iúil 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe, i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán iontu a shonraítear san Iarscríbhinn, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 20 Iúil 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 20 Iúil 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe, i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 349/2010 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2010 maidir le crágach copair d’analóg hiodrocsa mheitiainín a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 104, 24.4.2010, lch. 31).

(3)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2021;19(5):6618.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí na Saotharlainne Tagartha Comhphobail i ndáil le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

Cion den dúile (Cu) i mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: comhdhúile de riandúile

3b410i

Crágach copair d’analóg hiodrocsa mheitiainín

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Crágach copair d’analóg hiodrocsa mheitiainín ina bhfuil íoschion copair 16 % agus íoschion aigéid bhútánóch (2-hiodrocsa-4-meitiltia) 78 %

Uaschion nicile: 20 csm.

Foirm sholadach

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

Bó-ainmhithe:

Bó-ainmhithe sula gcuirtear tús leis an athchogaint: 15 (iomlán);

Bó-ainmhithe eile: 30 (iomlán).

Ainmhithe de chineál caorach: 15 (iomlán).

Ainmhithe de chineál gabhair: 35 (iomlán)

Bainbh:

Bainbh diúil agus bainbh scoite suas le 4 seachtaine i ndiaidh iad a bhaint den diúl: 150 (iomlán);

Ón 5ú seachtain i ndiaidh iad a scoitheadh go suas le 8 seachtaine i ndiaidh iad a scoitheadh: 100 (iomlán).

Crústaigh: 50 (iomlán).

Ainmhithe eile: 25 (iomlán).

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

3.

Áireofar na focail seo a leanas ar an lipéadú:

i gcás beatha le haghaidh caorach, má sháraíonn leibhéal an chopair sa bheatha 10 mg/kg: ‘D’fhéadfadh leibhéal an chopair sa bheatha seo a bheith ina chúis le nimhiú i bpórtha áirithe caorach.’

i gcás beatha le haghaidh bó-ainmhithe tar éis tús a chur leis an athchogaint más lú ná 20 mg/kg leibhéal an chopair sa bheatha: ‘D’fhéadfadh leibhéal an chopair sa bheatha seo a bheith ina chúis le heasnaimh chopair i bhféaraigh innilte eallaigh ina bhfuil cion ard molaibdéinim nó sulfair.’

20 Iúil 2033

Tréithriú na substaintí gníomhacha:

Foirmle cheimiceach: bis(-2-hiodrocsa-4-meitiltia)bútánóáit chopair:

Cu(CH3S(CH2)2-CH(OH)-COO)2

CAS: 292140-30-8

Modhanna anailíse:  (1)

Maidir le cion na hanalóige hiodrocsa meitiainín sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú: tíotraiméadracht, toirtmheascadh poitéinsiméadrach tar éis imoibriú ocsaídiúcháin agus dí-ocsaídiúcháin.

Maidir le cion iomlán an chopair sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-AES (EN 15510 nó EN 15621) nó

Speictriméadracht ionsúite adamhaigh, AAS (EN ISO 6869) nó

Maidir le cion iomlán an chopair sna réamh-mheascáin a chainníochtú:

Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-AES (EN 15510 nó EN 15621) nó

Speictriméadracht ionsúite adamhaigh, AAS (EN ISO 6869) nó

Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-MS (EN 17053).

Maidir le cion iomlán an chopair sa bheatha chumaisc a chainníochtú:

Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-AES (EN 15510 nó EN 15621) nó

Speictriméadracht ionsúite adamhaigh, AAS (Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún, (Iarscríbhinn IV-C) nó ISO 6869) nó

Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach, ICP-MS (EN 17053).


(1)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


CINNTÍ

30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/116


CINNEADH (AE) 2023/1335 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2023

lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (1), agus go háirithe Airteagal 16 de,

Ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 maidir le rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (2),

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2023/133 ón gComhairle an 17 Eanáir 2023 lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (3),

Ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe agus do rangú na n-iarrthóirí arna tharraingt suas ag an bpainéal roghnúcháin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/1939 bunaíodh OIPE.

(2)

Tá na hIonchúisitheoirí Eorpacha le himscrúduithe agus ionchúisimh a mhaoirsiú i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1939.

(3)

Sainorduithe ochtar Ionchúisitheoirí Eorpacha arna gceapadh ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 3 bliana le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1117 ón gComhairle (4), rachaidh siad in éag an 28 Iúil 2023. Chun a áirithiú go leanfaidh Coláiste OIPE, ina bhfuil an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus Ionchúisitheoir Eorpach amháin ó gach Ballstát rannpháirteach ag feidhmiú, is gá don Chomhairle ochtar Ionchúisitheoirí Eorpacha a cheapadh sna poist sin a bheidh folamh ón 29 Iúil 2023.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696, leagtar síos rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (‘rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin’).

(5)

De bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá gach Ballstát rannpháirteach le triúr iarrthóirí ar phost an Ionchúisitheora Eorpaigh a ainmniú as measc iarrthóirí atá ina gcomhaltaí gníomhacha de sheirbhís ionchúisithe nó de bhreithiúnacht an Bhallstáit ábhartha, nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus ag a bhfuil na cáilíochtaí is gá lena gceapadh d’ardoifig ionchúisimh nó bhreithiúnach ina mBallstáit faoi seach, agus ag a bhfuil an taithí phraiticiúil ar chórais dlí náisiúnta, ar imscrúduithe airgeadais agus ar chomhar breithiúnach idirnáisiúnta in ábhair choiriúla.

(6)

An Ghréig, an Iodáil, an Chipir, an Liotuáin, agus an Ostair a d’ainmnigh na hiarrthóirí do na poist sin a bheidh folamh ón 29 Iúil 2023.

(7)

Dhréachtaigh an painéal roghnúcháin na tuairimí réasúnaithe agus an rangú do gach ceann de na hiarrthóirí ainmnithe a chomhlíon na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, agus chuir sé faoi bhráid na Comhairle iad an 2 Bealtaine 2023.

(8)

De bhun an cheathrú mír de Riail VII.2 de rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin, rinne an painéal roghnúcháin na hiarrthóirí a rangú de réir a gcáilíochtaí agus a dtaithí. Cuirtear ord rogha an phainéil roghnúcháin in iúl leis an rangú sin agus níl sé ina cheangal ar an gComhairle.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, tar éis di na tuairimí réasúnaithe ón bpainéal roghnúcháin a fháil, tá an Chomhairle chun duine de na hiarrthóirí a roghnú agus a cheapadh mar Ionchúisitheoir Eorpach an Bhallstáit rannpháirtigh lena mbaineann.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, chun na hIonchúisitheoirí Eorpacha a roghnú agus a cheapadh ar feadh téarma neamh-inathnuaite 6 bliana.

(11)

Mheasúnaigh an Chomhairle fiúntais na n-iarrthóirí faoi seach, agus na tuairimí réasúnaithe a chuir an painéal roghnúcháin isteach á gcur san áireamh.

(12)

I dtaca leis an tuairim réasúnaithe a bhaineann leis na hiarrthóirí arna n-ainmniú ag an gCipir, bunaítear go leordhóthanach leis na forais a chuir an painéal roghnúcháin ar aghaidh gurb amhlaidh, i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla sa Bhallstát sin, nach féidir leis an mBallstát sin go hoibiachtúil teacht ar a thuilleadh iarrthóirí incháilithe faoi cheann tréimhse réasúnach, ainneoin go ndearna an Ballstát sin gach iarracht déanamh amhlaidh. Dá bhrí sin, comhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa tríú mír de Riail VII.2. de rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin. I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla thuasluaite, mheas an Chomhairle gur thug an tuairim réasúnaithe a cuireadh isteach i dtaca leis na hiarrthóirí a d’ainmnigh an Chipir rogha dhóthanach iarrthóirí oiriúnacha di agus, ós rud é go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha ar éifeachtacht dhlí an Aontais ag aon mhoill bhreise i gceapadh na nIonchúisitheoirí Eorpacha, chinn sí imeacht ar aghaidh ar an mbonn sin.

(13)

Ar bhonn measúnú ar fhiúntais na n-iarrthóirí faoi seach, lean an Chomhairle an t-ord rogha neamhcheangailteach a léirigh an painéal roghnúcháin do na hiarrthóirí arna n-ainmniú ag an nGréig, ag an gCipir, ag an Liotuáin agus ag an Ostair.

(14)

A mhéid a bhaineann leis na hiarrthóirí arna n-ainmniú ag an Iodáil, ar bhonn measúnú ar fhiúntais na n-iarrthóirí sin faoi seach, a rinneadh i gcomhlachtaí ullmhúcháin ábhartha na Comhairle, agus aird á tabhairt ar an tuairim réasúnaithe a chuir an painéal roghnúcháin isteach, ar fhaisnéis chomhlántach agus doiciméid ábhartha arna gcur isteach ag an Iodáil, níor lean an Chomhairle an t-ord rogha neamhcheangailteach ón bpainéal roghnúcháin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina nIonchúisitheoirí Eorpacha OIPE ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 6 bliana ón 29 Iúil 2023:

 

Nikolaos PASCHALIS (5),

 

Andrea VENEGONI (6),

 

Anne PANTAZI LAMPROU (7),

 

Gedgaudas NORKŪNAS (8),

 

Ursula SCHMUDERMAYER (9).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.

(2)  IO L 282, 12.11.2018, lch. 8.

(3)  IO L 17, 19.1.2023, lch. 90.

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1117 ón gComhairle an 27 Iúil 2020 lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L 244, 29.7.2020, lch. 18).

(5)  Arna ainmniú ag an nGréig.

(6)  Arna ainmniú ag an Iodáil.

(7)  Arna hainmniú ag an gCipir.

(8)  Arna ainmniú ag an Liotuáin.

(9)  Arna hainmniú ag an Ostair.


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/119


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1336 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Meitheamh 2023

maidir le bearta ceartaitheacha atá le déanamh ag an mBeilg agus ag Lucsamburg maidir le spriocanna feidhmíochta áirithe le haghaidh an tríú tréimhse thagartha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3852)

Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair (1) a chruthú (an creat-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an tríú mír, de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair (2), agus go háirithe Airteagal 15(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

De bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis (‘FABanna’), le haghaidh gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Ní mór do na spriocanna feidhmíochta sin a bheith i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún le haghaidh na tréimhse tagartha lena mbaineann.

(2)

Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 (3) leagadh amach bearta maolaithe eisceachtúla ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (‘TT3’). Ar na bunúis sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (4) ón gCoimisiún leagadh amach spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (‘TT3’).

(3)

Ghlac an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg agus an Ísiltír i gcomhpháirt ar leibhéal Bhloc Feidhme Aerspáis na hEorpa Láir (‘FABEC’) dréachtphlean feidhmíochta le haghaidh TT3 (‘an dréachtphlean feidhmíochta’) a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin i nDeireadh Fómhair 2021. Tar éis measúnú, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 (5) nach raibh na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge-Lucsamburg (‘limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg’) a bhí sa dréachtphlean feidhmíochta sin i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais agus leag sé amach moltaí chun na spriocanna feidhmíochta áitiúla sin a athbhreithniú. Tá an Eilvéis ina ball freisin de FABEC agus bhí sí mar chuid de dhréachtphlean feidhmíochta FABEC. Mar Thríú Tír faoi réir na scéime feidhmíochta agus muirearaithe de bhun an Chomhaontaithe Aeriompair idir an tAontas agus an Eilvéis, tugadh fógra don Eilvéis ar leithligh, trí Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/780 ón gCoimisiún (6) an 13 Aibreán 2022, maidir le neamhréir spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta áitiúla na Beilge agus Lucsamburg atá i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC.

(4)

An 13 Iúil 2022, chuir an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg agus an Ísiltír dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC (‘an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe’) le haghaidh TT3 faoi bhráid an Choimisiúin.

(5)

An 24 Deireadh Fómhair 2022, thionscain an Coimisiún ina Chinneadh (AE) 2022/2255 (7) an scrúdú mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 15(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 (‘an scrúdú mionsonraithe’) maidir leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta athbhreithnithe arna mbeartú le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg, a áirítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

(6)

Chuir an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír an Coimisiún ar an eolas, an 28 Deireadh Fómhair 2022, an 3 Samhain 2022 agus 4 Samhain 2022 faoi seach, gur tharraing siad siar ón dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a bhunaítear i gcomhpháirt ar leibhéal FABEC. Go comhuaineach, chuir na Ballstáit sin dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe aonair le haghaidh TT3 faoi bhráid an Choimisiúin.

(7)

Tar éis measúnú nua, shuigh an Coimisiún go raibh na spriocanna feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe faoi seach i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais agus chuir sé an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír ar an eolas faoi sin trí Chinntí (AE) 2023/176 (8), (AE) 2023/177 (9) agus (AE) 2023/179 (10) ón gCoimisiún faoi seach. Chuir an Eilvéis an Coimisiún ar an eolas freisin faoina tarraingt siar ón dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus chuir sí dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe isteach go comhuaineach an 4 Samhain 2022. Shuigh an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá i ndréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe na hEilvéise i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais agus chuir sé an Eilvéis ar an eolas faoi sin le Cinneadh (AE) 2022/178 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022.

(8)

Níor thug an Bheilg ná Lucsamburg fógra maidir le haon phlean feidhmíochta náisiúnta ar leithligh. Dá thoradh sin, an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a bunaíodh roimhe sin ar leibhéal FAB, agus faoi réir scrúdú mionsonraithe ón gCoimisiún arna thionscnamh lena Chinneadh (AE) 2022/2255, leanann sé de bheith ina bhunús le haghaidh an mheasúnaithe ar spriocanna feidhmíochta na Beilge agus Lucsamburg.

(9)

Dá bhrí sin, níor cheart an Cinneadh seo a bheith dírithe ach ar an mBeilg agus ar Lucsamburg toisc gur tharraing an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír siar ón dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe arna chur isteach ag FABEC agus gur chuir siad pleananna feidhmíochta náisiúnta ar leithligh isteach. Suíodh go raibh na pleananna sin i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais (féach na cinntí ón gCoimisiún dá dtagraítear in aithris (7)).

(10)

An 27 Deireadh Fómhair 2022, sheol seirbhísí an Choimisiúin an chéad iarraidh ar fhaisnéis chuig an mBeilg maidir leis na heilimintí a chumhdaítear leis an scrúdú mionsonraithe. Litir sheirbhísí an Choimisiúin chuig an mBeilg an 27 Deireadh Fómhair 2022, seoladh í go comhuaineach freisin chuig Lucsamburg, chun críoch faisnéise amháin. Mar fhreagairt ar an iarraidh sin, chuir údaráis na Beilge faisnéis ar aghaidh chuig seirbhísí an Choimisiúin, an 6 Samhain 2022 agus an 9 Samhain 2022, ar faisnéis í a fuarthas ó sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta (‘ANSPanna’).

(11)

An 9 Samhain 2022, reáchtáil seirbhísí an Choimisiúin cruinniú le húdaráis na Beilge.

(12)

An 11 Samhain 2022, sheol seirbhísí an Choimisiúin an dara hiarraidh ar fhaisnéis chuig an mBeilg agus fuair siad doiciméid bhreise ó údaráis na Beilge an 28 Samhain 2022. An litir ó sheirbhísí an Choimisiúin chuig an mBeilg an 11 Samhain 2022, seoladh í go comhuaineach freisin chuig Lucsamburg, chun críoch faisnéise amháin.

(13)

An 29 Samhain 2022, d’iarr seirbhísí an Choimisiúin faisnéis bhreise ón mBeilg. D’fhreagair údaráis na Beilge an iarraidh sin an 8 Nollaig 2022 agus chomhlánaigh siad freisin na sonraí agus an fhaisnéis a bhí curtha isteach acu an 28 Samhain 2022. An litir ó sheirbhísí an Choimisiúin chuig an mBeilg an 29 Samhain 2022, cuireadh í go comhuaineach freisin chuig Lucsamburg, chun críoch faisnéise amháin.

(14)

An 8 Nollaig 2022 agus an 15 Nollaig 2022, bhuail seirbhísí an Choimisiúin le húdaráis na Beilge.

(15)

An 20 Nollaig 2022, sheol ranna an Choimisiúin iarraidh chríochnaitheach ar fhaisnéis chuig an mBeilg. An 12 Eanáir 2023, sholáthair údaráis na Beilge faisnéis bhreise mar fhreagairt ar an iarraidh sin. An litir ó sheirbhísí an Choimisiúin chuig an mBeilg an 20 Nollaig 2022, cuireadh í go comhuaineach freisin chuig Lucsamburg, chun críoch faisnéise amháin.

(16)

An 3 Feabhra 2023, d’iarr seirbhísí an Choimisiúin ar Lucsamburg aon bharúil nó ráiteas ábhartha a chur isteach, ar barúil nó ráiteas í nó é a bheadh comhlántach leis na hábhair arna soláthar ag an mBeilg mar fhreagairt ar na hiarrataí faisnéise dá dtagraítear in aithrisí (10), (12), (13) agus (15). Níor chuir údaráis Lucsamburg aon fhaisnéis isteach mar fhreagairt ar iarraidh sheirbhísí an Choimisiúin.

(17)

An 2 Márta 2023, bhuail seirbhísí an Choimisiúin le húdaráis na Beilge agus Lucsamburg.

MEASÚNÚ AR NA SPRIOCANNA FEIDHMÍOCHTA ATHBHREITHNITHE LE LINN AN SCRÚDAITHE MHIONSONRAITHE

Raon feidhme an scrúdaithe mhionsonraithe

(18)

An Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta (‘PRB’), a thugann cúnamh don Choimisiún le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, chuir sé tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an measúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus maidir leis an scrúdú mionsonraithe ar na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta athbhreithnithe arna mbeartú le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg.

(19)

Tugann an Coimisiún faoi deara go leanann na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta, inniúlachta agus comhshaoil a leagtar síos sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe de bheith gan athrú. Níor ardaigh an Coimisiún aon toradh ar na spriocanna feidhmíochta sin ina Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/758 ná ina Chinneadh (AE) 2022/2255. Dá bhrí sin, ní leagtar amach aon bharúil bhreise sa Chinneadh seo maidir leis an measúnú ar spriocanna feidhmíochta sábháilteachta, inniúlachta ná comhshaoil.

(20)

Leis an scrúdú mionsonraithe cuireadh é ar a chumas don Choimisiún tuilleadh anailíse a dhéanamh ar na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta arna mbeartú ag an mBeilg agus ag Lucsamburg (mar a chuirtear i láthair sa tábla thíos), i bhfianaise na n-údar amhrais a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2255 maidir lena gcomhsheasmhacht leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge-Lucsamburg

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020-2021

2022

2023

2024

Spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe faoi bhealach maidir leis an gcostas aonaid arna shuí, arna sloinneadh i dtéarmaí réadacha i bpraghsanna 2017 (‘EUR 2017’)

EUR 81,78

EUR 83,26

EUR 189,52

EUR 104,47

EUR 94,18

EUR 89,87

(21)

Leis an scrúdú mionsonraithe cumhdaíodh na heilimintí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2022/2255 agus díríodh ar sheirbhísí a bhaineann le haerspás na Beilge. Ar an gcúis sin, bhí iarrataí sheirbhísí an Choimisiúin ar fhaisnéis (féach aithrisí (10) go (15)) dírithe ar údaráis na Beilge, agus is chun críoch faisnéise amháin a fuair údaráis náisiúnta ábhartha Lucsamburg na hiarrataí sin.

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317

(22)

Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta athbhreithnithe a chuirtear i láthair in aithris (18) leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i gcomhréir leis na critéir mheasúnaithe atá i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 agus torthaí an scrúdaithe mhionsonraithe a leagtar amach in aithrisí (26) go (67) thíos á gcur san áireamh.

(23)

Maidir leis na critéir a leagtar síos i bpointí 1.4(a) agus 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gurb amhlaidh leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg a dhéantar an treocht CAAS ar fud an Aontais le linn TT3 agus an treocht CAAS fhadtéarmach ar fud an Aontais le linn TT2 agus TT3 le chéile a thearcfheidhmiú. Go deimhin, leis an treocht CAAS le haghaidh TT3 de + 1,9 % a bhaineann leis an mBeilg agus le Lucsamburg ní chomhlíontar an treocht ar fud an Aontais de + 1,0 % le linn na tréimhse céanna, cé go bhfuil a dtreocht CAAS fhadtéarmach de + 1,1 % i bhfad os cionn leibhéal na treochta comhfhreagraí ar fud an Aontais, is é sin - 1,3 %.

(24)

Maidir leis na critéir a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, shuigh an Coimisiún go bhfuil an luach bonnlíne le haghaidh CAAS de EUR 83,26 a bhaineann leis an mBeilg agus le Lucsamburg in EUR2017 13,2 % níos airde ná an meánluach bonnlíne de EUR2017 73,53 a bhaineann leis an ngrúpa comparáide ábhartha.

(25)

Mar chuid den scrúdú mionsonraithe, thug an Coimisiún bunús breise lena mheasúnú ar spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta na Beilge-Lucsamburg ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 trí anailís a dhéanamh ar na heilimintí seo a leanas:

na costais arna suí le haghaidh an limistéir muirearaithe, arna miondealú de réir an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta (‘ANSP’);

an chastacht a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar sa limistéar muirearaithe;

na socruithe soláthair seirbhíse trasteorann le tíortha comharsanacha, agus a dtionchar airgeadais agus oibríochtúil; agus

leithdháileadh na gcostas idir seirbhísí faoi bhealach agus críochfoirt.

Torthaí maidir leis na costais arna suí le haghaidh an limistéir muirearaithe, arna miondealú de réir ANSP

(26)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb é a thagann as an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe costas aonaid arna shuí (‘CAAS’) de EUR 89,87 (in EUR 2017) le haghaidh na bliana 2024 le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg, mar a chuirtear i láthair in aithris (18). Is é sin an leibhéal is airde CAAS le haghaidh 2024 de na limistéir mhuirearaithe faoi bhealach uile a chuimsítear i raon feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe.

(27)

Is amhlaidh atá trí ANSP, is é sin skeyes, Lárionad Rialaithe Limistéar Uachtarach Maastricht (‘MUAC’) agus Riarachán Aerloingseoireachta Lucsamburg (‘ANA Lucsamburg’), ag fónamh don limistéar muirearaithe faoi scrúdú. Ina theannta sin, tabhaítear costais arna suí i leith údaráis mhaoirseachta náisiúnta (‘NSAnna’) na Beilge agus Lucsamburg faoi seach.

(28)

Leis an tábla thíos cuirtear i láthair conas atá bonn costais an limistéir muirearaithe roinnte in aghaidh an eintitis agus conas a tháinig éabhlóid ar na costais faoi seach de chuid na n-eintiteas sin le himeacht ama.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge-Lucsamburg

Luach bonnlíne 2014

(EUR 2017)

Luach bonnlíne 2019

(EUR 2017)

Costais arna suí 2024

(EUR 2017)

Athrú  (11) in aghaidh na bliana idir 2014 agus 2024

Athrú  (12) in aghaidh na bliana idir 2019 agus 2024

skeyes

EUR 114 M

EUR 131 M

EUR 135 M

+1,8  %

+0,7  %

MUAC

EUR 54 M

EUR 61 M

EUR 75 M

+3,7  %

+5,5  %

ANA Lucsamburg

EUR 6 M

EUR 6 M

EUR 6 M

+0,7  %

-0,9  %

NSAnna de chuid na Beilge agus Lucsamburg  (13)

EUR 13 M

EUR 13 M

EUR 12 M

-0,5  %

-1,9  %

Iomlán

EUR 187 M

EUR 211 M

EUR 228 M

+2,2  %

+2,0  %

(29)

I leith na gcostas arna suí le haghaidh 2024, tugann an Coimisiún faoi deara go dtabhaíonn skeyes 59 % de na costais arna suí de chuid an limistéir muirearaithe, cé go bhfuil MUAC ina chúis le 33 % den bhonn costais. Seasann an sciar comhcheangailte de ANA Lucsamburg agus de na NSAnna de chuid na Beilge agus Lucsamburg do 8 % de na costais arna suí.

(30)

Aithníonn an Coimisiún gurb amhlaidh leis an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a dhéantar laghdú EUR 19,3 M (in EUR 2017) ar na costais iomlána arna suí le haghaidh an limistéir muirearaithe le haghaidh na bliana 2024 i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta. Tugann an Coimisiún faoi deara go rannchuidíonn skeyes go mór leis an laghdú sin le laghdú costais EUR 16 M (in EUR 2017). De réir na Beilge, bhain skeyes an laghdú costais sin amach tríd an méid seo a leanas:

feabhsuithe táirgiúlachta (- EUR 5,5 M in EUR 2017);

an t-athbhreithniú ar a phlean infheistíochta agus costais oibríochtúla eile (- EUR 4,2 M in EUR 2017); agus

laghdú costais eisceachtúil arna chistiú tríd an mbarrachas a thagann as an difríocht idir na costais arna suí agus a leagtar síos sa dréachtphlean feidhmíochta le haghaidh na bliana 2021 agus na costais iarbhír a taifeadadh le haghaidh na bliana sin (- EUR 6,5 M in EUR 2017).

(31)

Ar an taobh eile, tugann an Coimisiún faoi deara gur lean costais MUAC arna leithdháileadh ar an limistéar muirearaithe de bheith gan athrú nach mór sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, ós rud é nár cuireadh i bhfeidhm ach mionlaghdú costais cothrom le EUR 0,3 M (in EUR 2017).

(32)

Bunaithe ar an meastóireacht arna déanamh ag PRB, tugann an Coimisiún faoi deara gur mhéadaigh skeyes agus MUAC araon a gcostais go substaintiúil i dtéarmaí réadacha le linn TT2 agus gur lean na costais sin de bheith ag méadú le linn TT3, agus iad tiomnaithe den chuid is mó le costais foirne níos airde agus costais oibriúcháin eile. In 2024, tá costais foirne skeyes beartaithe a bheith 6,9 % níos airde ná a leibhéal 2019, rud atá cothrom le difríocht EUR 6,5 M (in EUR 2017). Le haghaidh MUAC, tá an méadú ar chostais foirne arna dtabhú sa limistéar muirearaithe, i gcomparáid leis an staid in 2019, níos suntasaí fós, ós rud é go bhfuil sé beartaithe go mbeidh na costais sin 30 % níos airde in 2024 ná mar a bhí in 2019, ar méadú EUR 15,0 M (in EUR 2017) é sin..

(33)

Na costais arna suí agus a leagtar síos i leith ANA Lucsamburg agus na NSAnna de chuid na Beilge agus Lucsamburg, níl siad ina gcúis le haon údar imní.

Barúlacha sonracha maidir le skeyes

(34)

I leith skeyes, ag a bhfuil an cion is mó de na costais arna suí sa limistéar muirearaithe, fuair an Coimisiún anailís tagarmharcála bhreise ó PRB. Leis an anailís sin léirítear gur tháinig meath ar fheidhmíocht chostéifeachtúlachta choibhneasta skeyes i gcomparáid le LVNL (14), ag a bhfuil timpeallacht oibríochtúil an-chosúil agus a áirítear sa ghrúpa comparáide céanna chun measúnú a dhéanamh ar spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta (15). I ndeireadh TT2, bhí costas aonaid skeyes le haghaidh 2019 2,2 % níos airde ná costas aonaid LVNL (16). Faoi dheireadh TT3, in 2024, tar éis chostas aonaid skeyes a choigeartú le haghaidh an laghdaithe aonuaire EUR 6,5 M (in EUR 2017) dá dtagraítear in aithris (30), tá coinne leis go mbeidh costas aonaid skeyes 9,4 % níos airde ná costas aonaid LVNL.

(35)

Ar bhonn mheastóireacht PRB, is é is príomhchúis leis an difríocht sin sa chostéifeachtúlacht idir skeyes agus LVNL na costais foirne. Bunaithe ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, tá sé beartaithe ag skeyes 23 % níos mó ná LVNL a chaitheamh in 2024 ar chostais foirne in aghaidh an aonaid seirbhíse faoi bhealach. Arna sloinneadh i dtéarmaí airgeadaíochta agus arna coigeartú do bhonn costais bliantúil skeyes, is é a bheadh sa bhearna sin formhuirear EUR 18,7 M (in EUR 2017) ar úsáideoirí aerspáis le haghaidh na bliana sin.

(36)

Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil tionchar suntasach ag costais a dhíorthaíonn ó scéim luathscoir ar a dtugtar ‘córas infhaighteachta feidhmiúil DISPO’ (‘scéim DISPO’ nó ‘DISPO’) ar chostéifeachtúlacht skeyes, ar scéim é lena gceadaítear, i gcomhréir le dlí na Beilge (17), do rialtóirí aerthráchta (‘ATCOnna’) a oibríonn in skeyes tarraingt siar ó dhualgas 5 bliana roimh a ndáta scoir dlíthiúil. Le linn na 5 bliana sin, faigheann siad liúntas atá cothrom le idir 75 % agus 85 % dá dtuarastal deiridh. De réir na faisnéise a sholáthraítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, cuirtear ATCOnna in DISPO ag aois 56 faoi láthair agus tá an teorainn aoise sin le hardú chuig 57 ó 2025 ar aghaidh.

(37)

Tugann an Coimisiún faoi deara go ndéanann skeyes costais scéim DISPO a sheasamh go hiomlán, a chuireann na costais sin ar aghaidh chuig úsáideoirí aerspáis trína bhoinn costais faoi bhealach agus críochfoirt. Bunaithe ar na sonraí costais stairiúla agus na meastacháin costais todhchaí mhionsonraithe le haghaidh TT3 arna soláthar ag an mBeilg, tá na costais faoi bhealach a thagann as DISPO cothrom le EUR 29 M san iomlán (in EUR 2017) le linn TT3 agus tháinig méadú faoi dhó orthu nach mór i gcomparáid le TT2. I leith na bliana 2024, thuairiscigh an Bheilg go bhfuil na costais arna suí faoi bhealach a thagann as scéim DISPO cothrom le EUR 8,7 M (in EUR 2017).

(38)

Aithníonn an Coimisiún go gcruthaítear costas méadaitheach DISPO le himeacht ama leis an líon níos airde ATCOnna a thairbhíonn den scéim sin. Go deimhin, cé gur thuairiscigh an Bheilg 43 FTE san iomlán le haghaidh skeyes faoi DISPO in 2022, tá coinne leis go sroichfidh an líon sin 71 FTE in 2024. Tá coinne ag an mBeilg leis go dtiocfaidh méadú céimneach seasta ar an líon FTEnna faoi DISPO, fiú tar éis TT3, go dtí 2030 ar a laghad.

(39)

Tugann an Coimisiún faoi deara le linn a socrúcháin faoi scéim DISPO go leanann na ATCOnna lena mbaineann de bheith ar fáil do skeyes agus gur féidir go ndéanfaidh skeyes iad a athghairm chun seirbhíse tráth ar bith, agus luach saothair iomlán ann, chun cúraimí seachas cúraimí ATCO oibríochtúil a dhéanamh. Mar sin féin, le faisnéis arna soláthar ag an mBeilg léirítear nach ndearna skeyes ach líon an-teoranta ATCOnna a chuirtear faoi DISPO a athghairm iarbhír. Ó 2015, athghaireadh 17 ATCO, cuid díobh roinnt uaireanta le haghaidh feidhmeanna éagsúla. Ag féachaint do na meastacháin arna soláthar ag PRB, leis na ATCOnna athghairthe sin soláthraíodh rannchuidiú de thart ar 4 FTE in 2022 le gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar seirbhíse faoi bhealach. Ní sheasann na 4 FTE sin ach d’aon deichiú den chomhthiomsú iomlán FTEnna a d’fhéadfadh a bheith ar fáil faoi DISPO. Léirítear leis sin go mbaineann skeyes úsáid an-teoranta as an bhfoireann atá ar fáil faoi DISPO.

(40)

Níor bheartaigh an Bheilg aon bheart maolaithe sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe chun tionchar airgeadais méadaitheach sin scéim DISPO a theorannú ar bhonn costais TT3.

Barúlacha sonracha maidir le MUAC

(41)

Rinne an Coimisiún scrúdú breise ar conas a rinne na Ballstáit a bhaineann le Comhaontú MUAC (18), is é sin an Bheilg, an Ghearmáin, Lucsamburg agus an Ísiltír (‘Stáit MUAC’) a gcostais iomlána arna suí agus arna dtabhú ag MUAC a leithdháileadh ar a limistéir mhuirearaithe faoi seach.

(42)

Ina leith sin, tugann an Coimisiún faoi deara go ndéantar na costais arna suí de chuid MUAC a dháileadh idir Stáit MUAC ar bhonn critéar aonair amháin, is é sin an líon ATCOnna cáilithe i seirbhís nó a bheartaítear a bheith i seirbhís sna trí ghrúpa earnála (19) de chuid MUAC an 1 Eanáir gach bliain. Tugann an Coimisiún faoi deara thairis sin go ndéantar 92 % de chostais ghrúpa earnáil na Bruiséile (‘earnáil na Bruiséile’) a leithdháileadh ar limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg. Tá an dá ghrúpa eile de chuid earnáil MUAC, is é sin ‘grúpa earnáil DECO’ agus ‘grúpa earnáil Hannover’, suite lasmuigh de raon feidhme geografach limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg agus dá réir sin ní ghineann siad costais a leithdháiltear ar an limistéar muirearaithe sin.

(43)

Tuigeann an Coimisiún gur leagadh amach an mhodheolaíocht leithdháilte costas i gComhaontú MUAC agus gurb é atá mar bhonn taca fúithi an toimhde go léirítear leis an líon ATCOnna i ngach earnáil an t-ualach oibre chun na seirbhísí a sholáthar agus dá réir sin costais na seirbhísí agus castacht gach earnála.

(44)

Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara gur léirigh an Bheilg a húdair imní le blianta beaga anuas maidir le héifeachtaí na modheolaíochta leithdháilte costas sin ar a limistéar muirearaithe. Go háirithe, áitíonn an Bheilg go bhfuil a ranníocaíocht le costais iomlána MUAC, arna ríomh ar bhonn an lín ATCOnna arna leithdháileadh ar earnáil na Bruiséile, ard go díréireach agus é a á chur san áireamh go ndéanann earnáil na Bruiséile líon níos ísle d’aonaid seirbhíse agus ioncam gaolmhar níos ísle a ghiniúint go comparáideach ná an dá earnáil eile de chuid MUAC. Thairis sin, cuireann an Bheilg in iúl gurb amhlaidh le castacht níos airde a haerspáis, as a dtagann ualach oibre breise le haghaidh ATCOnna, a mhínítear an costas níos airde in aghaidh an aonaid seirbhíse a bhaineann le hearnáil na Bruiséile de chuid MUAC i gcomparáid leis an dá earnáil MUAC eile.

(45)

Bunaithe ar mheastóireacht PRB, tugann an Coimisiún faoi deara gurb amhlaidh a tháinig méadú le himeacht ama ar an sciar de chostais iomlána MUAC a leithdháiltear ar an mBeilg agus ar Lucsamburg, ós rud é gur tháinig méadú ar an líon ATCOnna a sannadh d’earnáil na Bruiséile. Dá réir sin, cé gur rannchuidigh an Bheilg agus Lucsamburg le 32 % de chostais MUAC in 2014, d’ardaigh an sciar sin chuig 34 % in TT3. Is measa fós éifeacht an athraithe sin ar bhonn costais limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg de dheasca an mhéadaithe fhoriomláin ar chostais iomlána MUAC. Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na costais arna suí de chuid MUAC le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg socraithe ag 39 % níos airde i dtéarmaí réadacha le haghaidh 2024 ná in 2014 (20), cé go dtuartar nach mbeidh na haonaid seirbhíse le haghaidh an limistéir muirearaithe in 2024 ach 11 % os cionn a leibhéil 2014.

(46)

Tugann an Coimisiún faoi deara an ráiteas arna dhéanamh ag an mBeilg le linn an scrúdaithe mhionsonraithe lena léirítear go bhfuil an mhodheolaíocht chun cistiú a dhéanamh ar chostais MUAC a bunaíodh in 1986 ‘bunaithe ar chóras gnóthaithe costais’ agus ‘nach leanann sí an rialú eacnamaíoch arna forchur leis an scéim feidhmíochta’. De réir na mbarúlacha gaolmhara arna n-ardú ag PRB, tairbhíonn MUAC de facto, de chóras gnóthaithe costais iomláin mar a thugtar air. Dá réir sin, d’ainneoin gur soláthraí seirbhíse aerloingseoireachta é a thagann faoi raon feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, ní iompraíonn MUAC na rioscaí airgeadais ná ní chuireann sé i bhfeidhm na dreasachtaí airgeadais a dhíorthaíonn ón sásra comhroinnte riosca tráchta a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, an sásra comhroinnte riosca costais a leagtar amach in Airteagal 28 den Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/317 sin ná na dreasachtaí chun spriocanna acmhainneachta a leagtar amach in Airteagal 11(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin a bhaint amach.

(47)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb amhlaidh leis an bhfaisnéis a fuarthas den chéad uair le linn an scrúdaithe mhionsonraithe ar chur chun feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe i leith MUAC a ardaítear údair imní ó thaobh comhlíontacht leis na ceanglais dlí ábhartha. Tá an chonclúid sin gan dochar d’aon imeacht um shárú, a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh i leith an ábhair sin.

Costais a bhaineann leis na hinfheistíochtaí TT2 a cuireadh ar athló nó a cealaíodh

(48)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb amhlaidh, le linn TT2, a chuir skeyes agus MUAC roinnt infheistíochtaí beartaithe i sócmhainní seasta ar athló nó a chealaigh siad iad, ar infheistíochtaí iad a bhí mar chuid de phlean feidhmíochta TT2. Muirearaíodh na hinfheistíochtaí sin go páirteach ar úsáideoirí aerspáis mar chuid den bhonn costais le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg d’ainneoin nár críochnaíodh na hinfheistíochtaí sin agus dá réir sin nár soláthraíodh na tairbhí oibríochtúla lena raibh coinne leo. De réir na ríomhanna arna ndéanamh ag PRB, lenar gineadh, i dtéarmaí ainmniúla agus le haghaidh TT2 ina iomláine, gnóthachan EUR 7,8 M i leith skeyes agus gnóthachan EUR 2,1 M i leith MUAC. Léiríonn an Bheilg nach bhfuil sé beartaithe aici aon mhéid a mhuirearaítear in TT2 a aisíoc le húsáideoirí aerspáis le haghaidh na n-infheistíochtaí atá beartaithe agus nach bhfuil críochnaithe i sócmhainní seasta ós rud é go measann sí nach bhfuil aon cheanglas dlí ann déanamh amhlaidh i leith TT2.

(49)

I gcás ina dtugtar cuid de na hinfheistíochtaí TT2 sin chun críche ag céim níos déanaí, i gcomhréir le hAirteagal 22(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, ba cheart do NSAnna de chuid na Beilge agus Lucsamburg a áirithiú maidir le haon mhéid gaolmhar, a gnóthaíodh cheana in TT2, nach muirearaítear iad an dara huair ar úsáideoirí aerspáis in TT3 ná i dtréimhsí tagartha ina dhiaidh sin.

Torthaí maidir leis an gcastacht a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar sa limistéar muirearaithe, agus a héabhlóid le himeacht ama

(50)

D’áitigh an Bheilg agus Lucsamburg gur príomhthoisc í castacht an aerspáis i dtaca le diall a spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta beartaithe ó na treochtaí CAAS ar fud an Aontais. Míníonn an Bheilg agus Lucsamburg go háirithe go méadaítear ualach oibre coibhneasta ATCOnna le castacht aerspás na Beilge-Lucsamburg agus dá réir sin go bhfuil drochéifeacht aige sin ar tháirgiúlacht ATCO agus ar an mbonn costais faoi bhealach.

(51)

Ag féachaint do na torthaí arna ndéanamh ag PRB, aithníonn an Coimisiún go bhfuil an t-aerspás i limistéar muirearaithe na Beilge agus Lucsamburg an-chasta de dheasca an lín ard eitiltí agus an mheascáin de ruthaig eitiltí. Dá réir sin, tá dálaí oibríochta casta roimh skeyes agus MUAC.

(52)

Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara nár sholáthair an Bheilg ná Lucsamburg aon fhianaise lena léirítear gur éirigh na hoibríochtaí níos casta in TT3 ná in TT2, ná go méadódh an chastacht a thuilleadh sna míonna a bhí fágtha de TT3.

(53)

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, a ndearadh PRB tuilleadh anailíse uirthi, lean an chastacht de bheith sách cobhsaí le linn TT2 i leith skeyes agus MUAC araon. A mhéid a bhaineann le 2020 agus 2021, ní féidir teacht ar aon chonclúid thábhachtach maidir le castacht oibríochtaí de dheasca na leibhéal tráchta atá íseal go heisceachtúil, a tháinig as paindéim COVID-19. A mhéid a bhaineann leis an gcuid eile de TT3, níl aon fhianaise ann chun glacadh leis go n-athródh an chastacht go suntasach leis an staid a breathnaíodh le linn TT2.

(54)

Ós rud é go raibh castacht sách ard na n-oibríochtaí i limistéar muirearaithe na Beilge agus Lucsamburg seasmhach le himeacht ama faoi ghnáthdhálaí tráchta, mar a mhínítear in aithrisí (52) agus (53), measann an Coimisiún nach féidir an chastacht sin a agairt mar réasúnú le haghaidh na méaduithe costais in TT3. Dá réir sin, déantar na torthaí in aithris (23) maidir leis na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i bpointí 1.4(a) agus (b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a choinneáil ar bun.

(55)

Thairis sin, meabhraíonn an Coimisiún gur cuireadh castacht na n-oibríochtaí san áireamh cheana agus na grúpaí comparáide de ANSPanna á sainmhíniú, a úsáidtear chun críoch an chritéir measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Faoi láthair cuimsítear le grúpaí comparáide socraithe ANSPanna ag a bhfuil dálaí oibríochtúla agus eacnamaíocha comhchosúla agus cuimsítear le grúpa comparáide na Beilge agus Lucsamburg an Ostair, an Eilvéis agus an Ísiltír, a bhfuil timpeallacht oibríochtúil sách casta rompu uile. Dá réir sin, déantar an toradh in aithris (24) maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a choinneáil ar bun.

Torthaí maidir leis na socruithe soláthair seirbhíse trasteorann le tíortha comharsanacha, agus a dtionchar airgeadais agus oibríochtúil

(56)

Sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, míníonn an Bheilg agus Lucsamburg go n-áirítear in earnáil na Bruiséile de chuid MUAC soláthar seirbhísí trasteorann in aerspás na Fraince agus na Gearmáine. Sonraíonn an Bheilg agus Lucsamburg, ina theannta sin, go ndéantar na haonaid seirbhíse faoi bhealach le haghaidh na n-eitiltí a rialaíonn MUAC sna limistéir thrasteorann sin a thaifeadadh i limistéir mhuirearaithe na mBallstát sin, cé go ndéantar na costais le haghaidh na seirbhísí soláthraithe sin a mhuirearú ar na húsáideoirí a eitlíonn i limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg. Cuireann an Bheilg agus Lucsamburg in iúl gurb é a thagann as an staid sin costas aonaid méadaithe arna shuí ina limistéar muirearaithe.

(57)

Le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, rinne an Coimisiún anailís ar na socruithe soláthair seirbhíse trasteorann a bhaineann le limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg. Shuigh an Coimisiún go soláthraíonn MUAC seirbhísí i dtrí limistéar thrasteorann atá lonnaithe sa Fhrainc agus sa Ghearmáin, a bhfuil tábhacht leo ó thaobh an ualaigh oibre agus ar lena aghaidh nach bhfaigheann MUAC aon chúiteamh airgeadais ó na Ballstáit a bhfuil an soláthar seirbhíse tarmligthe acu. Is féidir an bharúil chéanna a thabhairt maidir le dhá limistéar thrasteorann atá lonnaithe in aerspás na hÍsiltíre ina bhfuil soláthar seirbhísí tarmligthe chuig skeyes.

(58)

Bunaithe ar thuilleadh anailíse arna déanamh ag PRB, measann an Coimisiún gur sheas na seirbhísí arna soláthar ag MUAC agus skeyes sna limistéir thrasteorann dá dtagraítear in aithris (57) do chostas iomlán de thart ar EUR 12,2 M (in EUR 2017) in 2019, a seasann sciar MUAC de do EUR 6,8 M (in EUR 2017) agus sciar skeyes de do EUR 5,4 M (in EUR 2017).

(59)

Tugann an Coimisiún faoi deara, áfach, nár thuairiscigh an Bheilg aon athrú i soláthar seirbhísí arna dhéanamh ag skeyes agus MUAC i limistéir thrasteorann le linn TT2 ná TT3. Níor leathnaigh na gníomhaíochtaí sin ó thaobh raon feidhme ná níor gineadh ualach oibre breise leo le haghaidh na ANSPanna le linn TT2 agus TT3. Dá réir sin, ós rud é gur lean na costais ghaolmhara de bheith cobhsaí go comhréireach mar sciar de bhonn costais iomlán limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg, na seirbhísí arna soláthar ag skeyes agus MUAC i limistéir thrasteorann níl tionchar suntasach acu ar ríomh na dtreochtaí costéifeachtúlachta. Dá réir sin, déantar na torthaí in aithris (23) maidir leis na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i bpointí 1.4(a) agus (b) d’Iarscríbhinn IV a choinneáil ar bun.

(60)

Ar deireadh, cé gurb amhlaidh a thugtar leis na socruithe soláthair seirbhíse trasteorann scrúdaithe tairbhí suntasacha trí chastacht oibríochtaí a laghdú agus éifeachtúlacht na seirbhísí a fheabhsú, is é atá i gceist leis an bprionsabal ‘íoc mar a úsáidtear’ a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 550/2004 gur ‘cheart d’úsáideoirí aerspáis íoc as na costais a ghineann siad ag an bpointe úsáide, nó chomh gar agus is féidir dó sin’ (21). Dá réir sin, le hAirteagal 21(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ceanglaítear go mbeidh limistéir mhuirearaithe ‘i gcomhréir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta’ agus sonraítear gur ‘féidir a áireamh leo seirbhísí arna soláthar ag soláthraí seirbhíse aerloingseoireachta a bhunaítear i mBallstát eile i ndáil le haerspás trasteorann’. Le hAirteagal 22(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin sonraítear a thuilleadh maidir leis an mbonn costais le haghaidh limistéar muirearaithe ‘gurb é a bheidh ann na costais arna suí a bhaineann le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta sa limistéar muirearaithe lena mbaineann’.

(61)

I bhfianaise ar luadh in aithris (60), measann an Coimisiún gurb amhlaidh maidir leis na socruithe airgeadais atá i bhfeidhm maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta sna limistéir thrasteorann dá dtagraítear in aithris (57), nach bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais dlí atá mar bhonn taca faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Tá an chonclúid sin gan dochar d’aon imeacht um shárú, a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh i leith an ábhair sin.

(62)

I bhfianaise nach bhfuil maoiniú na seirbhísí dá bhforáiltear i limistéir thrasteorann i gcomhréir leis na forálacha dlí dá dtagraítear in aithris (60), ní féidir é a úsáid chun údar a thabhairt le haon choigeartú ar an luach bonnlíne le haghaidh 2019 chun críoch an chritéir measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Thairis sin, ag féachaint do na torthaí arna ndéanamh ag PRB, fiú dá mbeadh an luach bonnlíne le haghaidh 2019 de limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg coigeartaithe le haghaidh seirbhísí arna soláthar i limistéir thrasteorann, thiocfadh difríocht de + 5.9 % as sin fós féin le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg i gcomparáid le meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide. Dá réir sin, déantar an toradh in aithris (24) maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a choinneáil ar bun.

Torthaí maidir le leithdháileadh na gcostas idir seirbhísí faoi bhealach agus críochfoirt

(63)

Thug an Bheilg modheolaíocht leithdháilte costais athbhreithnithe isteach in TT3 chun costais arna suí a chionroinnt idir seirbhísí faoi bhealach agus críochfoirt le haghaidh TT3. Baineann na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm le leithdháileadh chostais na seirbhísí rialaithe ascnaimh ‘costais ascnaimh’) arna dtabhú ag skeyes agus leithdháileadh na gcostas arna dtabhú ag NSA na Beilge. Tugann an Coimisiún faoi deara gur chinn an Bheilg a gcostais ascnaimh a leithdháileadh go hiomlán nach mór ar sheirbhísí faoi bhealach as a dtagann costais bhreise arna suí a aistriú chuig limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg in TT3.

(64)

Tugann an Coimisiún faoi deara gur choigeartaigh an Bheilg agus Lucsamburg na luachanna bonnlíne le haghaidh 2014 agus 2019 sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe chun na hathruithe i leithdháileadh na gcostas idir seirbhísí faoi bhealach agus críochfoirt a chur san áireamh. Dá bhrí sin, níl tionchar díreach ag na hathruithe sin ar an measúnú ar na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(65)

Mar sin féin, ag féachaint don mheastóireacht arna déanamh ag PRB, tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna an Bheilg méadú EUR 14,3 M (in EUR 2017) ar luach bonnlíne 2019 le haghaidh an limistéir muirearaithe faoi bhealach cé go ndearna sé laghdú EUR 4,4 M (in EUR 2017) an tráth céanna ar an luach bonnlíne le haghaidh a limistéir muirearaithe críochfoirt, lena n-áirítear aerfort na Bruiséile (EBBR). Tá an Coimisiún feasach go dtabhaíonn skeyes costais freisin i ndáil le seirbhísí ascnaimh arna soláthar ag aerfoirt réigiúnacha, atá lasmuigh de raon feidhme an phlean feidhmíochta in TT3. Mar sin féin, measann an Coimisiún gur mhainnigh ar an mBeilg míniú agus údar leordhóthanach a thabhairt ar an neamhréireacht mhór idir na coigeartuithe arna gcur i bhfeidhm maidir leis na luachanna bonnlíne faoi bhealach agus críochfoirt, ós rud é gur cosúil go bhfuil na costais ascnaimh arna n-athdháileadh a bhaineann le haerfoirt réigiúnacha lasmuigh de raon feidhme an phlean feidhmíochta díréireach.

(66)

Thairis sin, suíonn an Coimisiún gurb amhlaidh, trína chostais ascnaimh a áireamh go hiomlán nach mór sa bhonn costais faoi bhealach, nár leithdháil an Bheilg na costais sin ar bhealach comhréireach idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt ar bhonn modheolaíocht thrédhearcach. Measann an Coimisiún gurb amhlaidh le leithdháileadh den sórt sin ar chostais ascnaimh a mhainnítear na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 15(2), pointe (e), de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 agus in Airteagal 22(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a chomhlíonadh.

(67)

Dá bhrí sin, i bhfianaise na mbarúlacha in aithrisí (63) go (66), tá an Cinneadh seo gan dochar d’aon imeacht um shárú, a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh i leith na n-athruithe ar an modheolaíocht leithdháilte costais arna cur i bhfeidhm in TT3 ag an mBeilg.

Conclúid maidir leis an measúnú ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317

(68)

I bhfianaise na mbarúlacha roimhe seo, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach ndéantar leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg aon cheann de na critéir mheasúnaithe a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a chomhlíonadh.

Measúnú ar na bearta arna n-agairt ag an mBeilg agus ag Lucsamburg chun údar a thabhairt leis na dialltaí a breathnaíodh ó na treochtaí costéifeachtúlachta ar fud an Aontais

(69)

Thairis sin, de bhun phointe 1.4(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na dialltaí ó na critéir a leagtar amach i bpointí 1.4(a), 1.4(b) agus 1.4(c) den Iarscríbhinn sin riachtanach agus comhréireach chun gur féidir na spriocanna feidhmíochta a bhaint amach sa phríomhréimse feidhmíochta acmhainneachta nó chun bearta athstruchtúraithe de réir bhrí Airteagal 2(18) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a chur chun feidhme. Go háirithe, d’fhíoraigh an Coimisiún cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh is ann do na dialltaí a breathnaíodh ón treocht CAAS ar fud an Aontais agus ón treocht CAAS fhadtéarmach ar fud an Aontais go heisiach de bharr costais bhreise arna suí le haghaidh bearta a bhaineann le hacmhainneacht.

(70)

Ag féachaint do na ríomhanna arna ndéanamh ag PRB, tugann an Coimisiún faoi deara gurb amhlaidh atá an difríocht mheasta idir na costais faoi bhealach arna suí in TT3 a bhaineann le limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg le haghaidh na bliana 2024 agus na costais arna suí agus a cheanglófaí chun an treocht CAAS ar fud an Aontais in TT3 a chomhlíonadh cothrom le thart ar EUR 8,2 M in EUR2017, cé go mbreathnaítear difríocht chomhfhreagrach de thart ar EUR 43,7 M in EUR2017 i leith na treochta CAAS fadtéarmaí ar fud an Aontais.

(71)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil seacht mbeart sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach (‘bearta a bhaineann le hacmhainneacht’), a measann an Bheilg agus Lucsamburg go bhfuil gá leo chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach agus lena dtabharfaí údar de réir na Beilge agus Lucsamburg le dialltaí a spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ó na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais.

(72)

Tar éis na dtorthaí a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2255 i leith na mbeart sin a bhaineann le hacmhainneacht, rinne an Coimisiún tuilleadh anailíse ar na bearta sin.

Beart 1

(73)

Is é atá sa chéad bheart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 1’) ATCOnna a bheith á n-earcú ag skeyes agus oiliúint a bheith á cur aige orthu chun leibhéil foirne ATCO leordhóthanacha a choinneáil ar bun in TT3 agus sa cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’). Míníonn an Bheilg agus Lucsamburg go bhfuil Beart 1 fíor-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an lucht saothair ATCO atá ag dul in aois agus dá dheasca sin ar an líon ard díobh a bhfuil coinne leis go rachaidh siad ar scor le linn TT3 agus TT4. Díorthaíonn an scor sin go háirithe ó chur i bhfeidhm scéim DISPO dá dtagraítear in aithris (36).

(74)

Chuir an Bheilg i dtábhacht a thuilleadh, le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, go dtiocfadh laghdú 15 % ar an líon ATCOnna in oibríochtaí ag skeyes faoi dheireadh TT3 gan na gníomhaíochtaí oiliúna agus earcaíochta dá bhforáiltear faoi Bheart 1. De réir na Beilge, thiocfadh laghdú suntasach ar an acmhainneacht as sin.

(75)

I bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag an mBeilg, comhaontaíonn an Coimisiún gur gá do skeyes oiliúint a chur ar ATCOnna agus iad a earcú chun leibhéil foirne ATCO a choinneáil ar bun agus a fheabhsú agus chun a áirithiú go mbeidh an líon ATCOnna leordhóthanach i bhfianaise na héabhlóide tráchta atá tuartha amach anseo. Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara freisin gurb é is cúis, den chuid is mó, leis an ngá le hoiliúint chomh fairsing sin a chur ar ATCOnna nua an luathscor a dhíorthaíonn as scéim DISPO.

(76)

Mhéadaigh costais iomlána Bheart 1 sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus tá siad cothrom le thart ar EUR 27 M (in EUR 2017) le linn TT3. I gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta, tá costais Bheart 1, i dtéarmaí ainmniúla, 22,4 % níos airde le haghaidh 2022, 49,0 % níos airde le haghaidh 2023 agus 36,8 % níos airde le haghaidh 2024.

(77)

Áitíonn an Bheilg go dtugtar údar le costais mhéadaithe Bheart 1 leis an tionchar atá ag boilsciú níos airde agus le meastachán níos cruinne ar chostais iarbhír earcaíochtaí nua, de bharr téarnamh tráchta níos gasta agus an ráta teipe de chuid mic léinn ATCO a bheith níos airde ná mar a bhí coinne leis sna timthriallta oiliúna a críochnaíodh cheana le linn TT3. Go sonrach, míníonn an Bheilg gur thug skeyes a phlean gnó cothrom le dáta sular cuireadh isteach an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus go bhfuil sé beartaithe anois aige ATCOnna breise a earcú ag a uasacmhainneacht oiliúna le linn na mblianta 2022 go 2024.

(78)

Tugann an Coimisiún faoi deara, go comhthreomhar, faoin dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe go bhfuil an líon ATCOnna a bheartaítear a bheith in oibríochtaí in 2024 6 % níos ísle ná sa dréachtphlean feidhmíochta. Glacann an Coimisiún leis go dtagann an staid sin as ráta teipe na mac léinn ATCO faoi oiliúint ag skeyes a bheith níos airde ná mar a réamh-mheasadh, rud a luaitear in aithris (77).

(79)

Tugann an Coimisiún faoi deara, go bhfuil na méaduithe costais maidir le Beart 1, dá dtagraítear in aithris (76), i bhfad níos airde ná na hathruithe ar an innéacs boilscithe a léirítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe. Tugann an Coimisiún faoi deara go raibh na costais a cuireadh i láthair i dtús sa dréachtphlean feidhmíochta maidir le Beart 1 teoranta d’oiliúint a chur ar rialtóirí chun críoch na seirbhísí faoi bhealach arna soláthar ag skeyes i raon feidhme limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg. Mar sin féin, bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas ón mBeilg le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, leis na costais mhéadaithe ar Bheart 1 a áirítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe cumhdaítear freisin oiliúint a bheith á cur ar rialtóirí ag skeyes le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt. Costais a bhaineann leis an limistéar muirearaithe críochfoirt, níor cheart iad a áireamh i mBeart 1.

(80)

Dá réir sin, measann an Coimisiún nár mhínigh an Bheilg go leordhóthanach, d’ainneoin gur iarradh uirthi déanamh amhlaidh, conas a rinneadh na gníomhaíochtaí oiliúna ATCO beartaithe agus an glacadh isteach beartaithe de mhic léinn ATCO i leith seirbhísí faoi bhealach a oiriúnú idir an dréachtphlean feidhmíochta agus an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe. Ina theannta sin, níor thug an Bheilg bunús, i leith seirbhísí faoi bhealach, leis na costais mheasta arna dtabhú ag skeyes in aghaidh an mhic léinn ATCO ná níor sholáthair sí mínithe ar ard-inathraitheacht na gcostas sin ó bhliain go chéile. I bhfianaise na gcomaoineacha sin, ní raibh an Coimisiún in ann a chainníochtú conas a bhí an méadú pleanáilte ar an líon mac léinn ATCO ag skeyes, a luaitear in aithris (77), ina rannchuidiú leis an athrú ar chostais Bheart 1 a bhreathnaítear in aithris (76) maidir le seirbhísí faoi bhealach.

(81)

Fiú ag glacadh leis gurb amhlaidh a bheadh costais oiliúna níos airde tabhaithe ag skeyes i leith seirbhísí faoi bhealach agus de bharr líon méadaithe de mhic léinn ATCO ó 2022 go 2024, measann an Coimisiún go maolaítear na costais oiliúna níos airde sin go méid suntasach ar a laghad leis na costais foirne laghdaithe a dhíorthaíonn ón líon níos ísle ATCOnna beartaithe in oibríochtaí le linn na tréimhse céanna, mar a bhreathnaítear in aithris (78).

(82)

Tugann an Coimisiún faoi deara go dtagann na costais arna dtabhú le haghaidh Bheart 1 de facto go méid suntasach as scéim DISPO a roghnaigh an Bheilg féin a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm maidir leis na ATCOnna a oibríonn ag skeyes. Is léir gurb é a thagann as scéim DISPO, le linn TT3, líon ard ATCOnna a bheith ag dul ar scor, ar ualach airgeadais agus oibríochtúil suntasach ar skeyes é ATCOnna nua a bheith á gcur ina n-ionad go comhuaineach. Mar sin féin, ag féachaint don mheastóireacht arna déanamh ag PRB agus don ghá dianriachtanach go n-áiritheodh skeyes soláthar slán agus leanúnach na hacmhainneachta a cheanglaítear in TT3, measann an Coimisiún, ar an iomlán, go bhfuil gá le Beart 1 chun na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla a bhaint amach. Mar sin féin, measann an Coimisiún gur mhainnigh ar an mBeilg údar a thabhairt leis gurb amhlaidh atá údar leis an méadú suntasach ar na costais a chuirtear i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh Bheart 1, i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta, agus atá an méadú sin comhréireach, seachas a mhéid a bhaineann le héifeacht an tuair boilscithe níos airde ar na costais sin. Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann leis na costais bhreise a mheastar a bheith riachtanach agus comhréireach chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gurb iad na costais atá le cur san áireamh i leith Bheart 1 na cinn sin a chuirtear i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta, arna dtiontú i dtéarmaí réadacha.

Beart 2

(83)

Is é atá sa dara beart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 2’) córas bainistíochta aerspáis aonair, comhtháite agus comhchuibhithe a bheith á chur in ionad a chórais bainistíochta aerthráchta (‘BAT’) ag skeyes, rud atá le forbairt le MUAC agus Cosaint na Beilge mar chuid den tionscadal ‘Seirbhísí Aerthráchta Comhroinnte Córas 3’ (‘tionscadal SAS 3’). Mar sin féin, níl sé pleanáilte go dtiocfaidh an córas BAT nua sin de chuid skeyes i bhfeidhm ach tar éis dheireadh TT3, agus is féidir nach dtiocfaidh sé i bhfeidhm roimh 2030, agus dá réir sin níl ach gníomhaíochtaí ullmhúcháin pleanáilte le haghaidh TT3.

(84)

Le Beart 2 áirítear freisin uasghrádú meán-saolré an chórais BAT atá ag skeyes faoi láthair, rud ba cheart teacht chun bheith oibríochtúil le linn céim idirthréimhseach roimh rolladh amach an chórais BAT nua a dhíorthaíonn ó thionscadal SAS 3. Shoiléirigh an Bheilg, le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, go n-áirítear leis an uasghrádú meán-saolré uasghrádú teicniúil agus uasghrádú feidhmiúil, agus tá coinne leis go gcumasófar acmhainneacht bhreise leis sin in TT4.

(85)

Íslíodh costais iomlána Bheart 2 sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus tá siad cothrom le EUR 7,4 M (in EUR 2017) le linn TT3. I gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta, tá costais Bheart 2, i dtéarmaí ainmniúla, 1,9 % níos ísle le haghaidh 2022, 9,5 % níos ísle le haghaidh 2023 agus 11,9 % níos ísle le haghaidh 2024. Shoiléirigh an Bheilg go léirítear leis na hathruithe sin ar bhealach níos fearr luach iarbhír an chonartha arna shíniú ag skeyes i Nollaig 2021 le haghaidh an uasghrádaithe meán-saolré ar an gcóras BAT atá aige faoi láthair.

(86)

Shoiléirigh an Bheilg gurb amhlaidh le linn an scrúdaithe mhionsonraithe nach dtabhófar aon chostas dímheasa in TT3 maidir leis an gcóras BAT nua a eascraíonn as tionscadal SAS 3. Mar sin féin, is léir ón bhfaisnéis arna soláthar ag an mBeilg go bhfuil sé pleanáilte costas caipitil ar ‘chóras BAT nua’ a mhuirearú cheana in TT3, d’ainneoin nach dtarlódh cur in úsáid an chórais sin ach roinnt blianta tar éis dheireadh TT3.

(87)

Measann an Coimisiún go bhfuil údar dá réir sin le huasghrádú pleanáilte agus athsholáthar iardain an chórais BAT atá ag skeyes faoi láthair, agus sin ó thaobh oibríochtúil, agus gur féidir a mheas go bhfuil gá leo chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach.

(88)

Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil údair amhrais thromchúiseacha ann maidir le cur chun feidhme tráthúil Bheart 2. Go deimhin, le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, chuir tríú páirtithe an Coimisiún ar an eolas go raibh skeyes ag smaoineamh ar tharraingt siar ó thionscadal SAS 3, rud atá mar bhonn taca faoi fhorbairt phleanáilte an chórais BAT nua. Níor chuir údaráis na Beilge in aghaidh na faisnéise sin, ach chuir siad i dtábhacht go raibh pléití fós ar bun idir na páirtithe rannpháirteacha maidir le todhchaí an tionscadail. I bhfianaise na mbarúlacha sin, measann an Coimisiún nár sholáthair an Bheilg dearbhú leordhóthanach maidir le cur chun feidhme thionscadal SAS 3 ná aon réiteach malartach a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás nach dtagann ann don tionscadal.

(89)

Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara gurb é atá i gcostais Bheart 2 sciar mór de chostais oibriúcháin eile, go háirithe costais tionscadail a bhaineann le hullmhú uasghrádú meán-saolré an chórais BAT atá ann cheana agus i ndáil leis an gcóras nua. Measann an Coimisiún go mbaineann na costais oibriúcháin sin le gnáthfheidhmiú ANSP agus, contrátha leis na córais BAT féin agus lena gcomhpháirteanna, nach féidir a mheas gur tabhaíodh go díreach iad chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach.

(90)

Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann leis na costais bhreise a mheastar a bheith riachtanach agus comhréireach chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart na costais atá le cur san áireamh i leith Bheart 2 a bheith teoranta do na costais dímheasa agus do chostas an chaipitil arna thabhú le haghaidh an uasghrádaithe meán-saolré ar chóras BAT skeyes.

Beart 3

(91)

An tríú beart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 3’), baineann sé leis an leasú ar na Coinníollacha Fostaíochta Ginearálta atá infheidhme maidir le ATCOnna a oibríonn ag MUAC (‘pacáiste GCE’) tar éis comhaontú comhchoiteann arna thabhairt i gcrích in 2019 roimh ráig phaindéim COVID-19. Is é atá i mBeart 3 méadú 10,75 % ar luach saothair ATCOnna a oibríonn ag MUAC, mar mhalairt ar eagraíocht oibre níos solúbtha.

(92)

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, leis na forálacha solúbthachta a thugtar isteach mar chuid de Bheart 3 áirítear méadú ar an am oibre bliantúil le haghaidh foireann ATCO nua-earcaithe, rialacha nua maidir le heagrú sealanna, an fhéidearthacht laethanta oibre breise a chonrú ó ATCOnna, pleanáil saoire agus ama oibre bhliantúil níos solúbtha, chomh maith leis an bhféidearthacht síneadh féideartha leis an aois scoir chuig 60 bliain d’aois a chomhaontú le ATCOnna atá fostaithe cheana.

(93)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb é is cuspóir do Bheart 3, go bunúsach, infhaighteacht ATCOnna agus solúbthacht an uainchláir a mhéadú chun freastal ar an éileamh tráchta. Chuir an Bheilg i dtábhacht go raibh coinne leis go ndéanfar le Beart 3, sna dálaí tráchta a bhí ann roimh COVID, moilleanna ar bhainistíocht na sreibhe aerthráchta a laghdú, agus dá réir sin na costais a thagann as sin a sheachaint le haghaidh úsáideoirí aerspáis. Shoiléirigh an Bheilg a thuilleadh gur measadh Beart 3 i dtosach chun a cheadú do MUAC sealanna breise a chur ar bun le haghaidh ATCOnna, agus gnóthachan 1 050 seal bhreise ann in 2019 agus 3 150 seal bhreise ann in 2024.

(94)

Ina anailís a sholáthair sé don Choimisiún, tháinig PRB ar an gconclúid gurb amhlaidh le Beart 3 a chuirtear é ar a chumas do MUAC acmhainneacht bhreise a thairiscint d’úsáideoirí aerspáis le linn na mblianta féilire 2023 agus 2024, agus dá réir sin a rannchuidítear le spriocanna acmhainneachta a bhaint amach in TT3 in imthosca ina bhfuil méideanna tráchta inchomparáide lena leibhéal roimh an bpaindéim.

(95)

Mhéadaigh costais iomlána Bhearta 3 sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus tá siad cothrom le thart ar EUR 13,2 M (in EUR 2017) le linn TT3. I gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta, tá costais Bheart 3, i dtéarmaí ainmniúla, 7,4 % níos airde le haghaidh 2022, 9,0 % níos airde le haghaidh 2023 agus 9,2 % níos airde le haghaidh 2024. De réir na faisnéise arna soláthar ag an mBeilg le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, is é is cúis leis na méaduithe costais sin an boilsciú atá níos airde ná mar a bhí coinne leis, as a dtagann innéacsú ar thuarastail ATCOnna a oibríonn ag MUAC.

(96)

Léirigh an Bheilg, tráth a formheasa, gur measadh go raibh costais Bheart 3 coibhéiseach le ATCOnna breise a fhostú chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais foirne ATCO a bhí ar MUAC. Mar sin féin, níor tacaíodh leis an maíomh sin le haon fhigiúr ná fianaise ar thionchar foriomlán Bheart 3 ar bhonn costais TT3. Dá réir sin, ní raibh an Coimisiún in ann a fhíorú go mbeadh costas Bheart 3 in TT3 coibhéiseach leis an gcostas a thabhódh MUAC as ATCOnna breise a fhostú chun na tairbhí acmhainneachta céanna a sholáthar.

(97)

Tugann an Coimisiún faoi deara gur shuigh PRB go bhfuil údar leis na costais arna gcur i láthair ag an mBeilg agus ag Lucsamburg faoi Bheart 3 agus go bhfuil siad ar cóimhéid leis na tairbhí a thagann as sin le haghaidh úsáideoirí aerspáis, lena n-áirítear seachaint moilleanna ATFM agus na ndrochthionchar airgeadais agus oibríochtúil a thagann as sin le haghaidh úsáideoirí aerspáis lena n-áirítear paisinéirí agus an comhshaol.

(98)

Go háirithe, cuireann PRB in iúl go bhfuil fianaise ann gurb amhlaidh le pacáiste GCE a chuimsítear faoi Bheart 3 a cuireadh é ar a chumas do MUAC feidhmíocht acmhainneachta a bhí feabhsaithe go suntasach a sholáthar ina chéad bhliain den chur chun feidhme, is é sin 2019, lenar seachnaíodh EUR 30 M mheasta de chostais indíreacha ó mhoilleanna BAT le haghaidh úsáideoirí aerspáis. Tugann PRB faoi deara thairis sin gur cruthaíodh, in 2020 agus 2021, leis an mórshleabhcadh tráchta de dheasca phaindéim COVID-19 imthosca eisceachtúla inarb amhlaidh nach raibh gá leis na forálacha solúbthachta breise a cuireadh ar bun faoi Bheart 3. Mar sin féin, measann PRB gur mhaolaigh MUAC tionchar Bheart 3 go leordhóthanach i leith 2020 agus 2021, ós rud é go sonraítear leis an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe go ndearnadh ‘cuid de na sealanna barrachais ó 2020 agus ón gcéad ráithe de 2021’ a chur siar lena n-úsáid sa chuid eile de TT3 gan aon chostas breise. Tagann PRB ar an gconclúid go bhfuil údar, ar an bhforiomlán, le Beart 3 ar chúiseanna acmhainneachta in TT3, ós rud é go bhfuil sé fabhrach d’infhaighteacht fheabhsaithe ar acmhainní agus uasmhéadú ar an acmhainneacht arna cur ar fáil tráthanna ardéilimh tráchta.

(99)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil gá le Beart 3 chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach agus go bhfuil a chostais comhréireach i bhfianaise a dtionchair oibríochtúil thairbhiúil ar sholáthar acmhainneachta.

Beart 4

(100)

Is é atá sa cheathrú beart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 4’) próiseas anailíse iar-oibríochtaí feabhsaithe a bheidh le cur i bhfeidhm ag MUAC agus tacaíocht á fáil ó uirlisí ábhartha agus ‘saoráidí faisnéise gnó’. Léirigh an Bheilg agus Lucsamburg gurb é is cuspóir do Bheart 4, dá ngairtear sa phlean feidhmíochta athbhreithnithe an ‘tionscadal PABI’, tuilleadh optamaithe ar phleanáil oibríochtaí laethúla MUAC a chumasú.

(101)

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, le Beart 4 ba cheart rannchuidiú le freastal ar éileamh tráchta amach anseo agus srianta oibríochtúla nach gá a sheachaint le haghaidh úsáideoirí aerspáis (dá ngairtear ‘ró-rialáil’), as a dtagann moilleanna ATFM. Tugann an Coimisiún faoi deara gur léirigh an Bheilg go dtiocfadh Beart 4 chun bheith oibríochtúil in 2022, cé nár dheimhnigh an Bheilg an fhaisnéis sin go sainráite le linn an scrúdaithe mhionsonraithe.

(102)

Ag féachaint don mheastóireacht arna déanamh ag PRB, comhaontaíonn an Coimisiún gurb amhlaidh leis na cumais anailísíochta oibríochtúla a chuirtear i láthair faoi Bheart 4 a rannchuidítear leis an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d’fhonn an acmhainneacht a chuirtear ar fáil d’úsáideoirí aerspáis, tráth ardéilimh tráchta go háirithe, a uasmhéadú.

(103)

Tá costais iomlána Bheart 4 cothrom le thart ar EUR 0,9 M (in EUR 2017) le linn TT3 agus tá siad gan athrú ón dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021. Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearnadh PRB athbhreithniú ar chostais Bheart 4 agus go measann sé go bhfuil údar leo.

(104)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil gá le Beart 4 chun tacú le baint amach leanúnach spriocanna acmhainneachta agus measann sé go bhfuil costais Bheart 4 comhréireach i bhfianaise na ngnóthachan struchtúrtha, oibríochtúil a mheastar a sholáthrófar leo.

Beart 5

(105)

Baineann an cúigiú beart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 5’) le hoiliúint ab initio a chur ar ATCOnna nua le haghaidh earnáil na Bruiséile de chuid MUAC. De réir an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, rinneadh na gníomhaíochtaí oiliúna ATCO a chuimsítear faoi Bheart 5 a sheachfhoinsiú chuig eagraíocht oiliúna sheachtrach bunaithe sa Fhrainc.

(106)

Míníonn an Bheilg go bhfuil gá le hearcú ATCO leanúnach agus oiliúint ab initio ó MUAC chun srianta acmhainneachta a sheachaint in TT3 agus i dtréimhsí tagartha amach anseo. I bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag an mBeilg, comhaontaíonn an Coimisiún gur gá do MUAC oiliúint a chur ar ATCOnna nua chun leibhéil foirne ATCO a choinneáil ar bun agus a fheabhsú agus chun a áirithiú go mbeidh an líon ATCOnna leordhóthanach i bhfianaise na héabhlóide tráchta atá tuartha amach anseo.

(107)

Tá costais iomlána Bheart 5 cothrom le thart ar EUR 14,2 M (in EUR 2017) le linn TT3. Le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, sholáthair an Bheilg miondealú ar chostais Bheart 5 faoi thrí chatagóir, is é sin na costais foirne ar mhic léinn ATCO, costais le haghaidh píolótaí ionsamhlóra agus na costais arna muirearú ag an eagraíocht oiliúna. Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna PRB athbhreithniú ar chostais Bheart 5 agus go measann sé go bhfuil údar leo.

(108)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil gá le Beart 5 chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach agus go bhfuil a chostais comhréireach i bhfianaise a dtionchair oibríochtúil ar sholáthar acmhainneachta.

Beart 6

(109)

Is é atá sa séú beart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 6’) ATCOnna breise a fhostú le haghaidh earnáil na Bruiséile de chuid MUAC chun freastal ar an éileamh tráchta in TT3 agus sna blianta ina dhiaidh sin.

(110)

De réir na faisnéise atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, tá sé pleanáilte go n-ardóidh an líon ATCOnna sin go substaintiúil ó 106 chuig 119 ATCO le linn TT3. Léirigh an Bheilg go gcumasóidh an fhoireann ATCO bhreise amanna oscailte earnála méadaithe agus solúbthacht oibríochtúil mhéadaithe. I bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag an mBeilg, comhaontaíonn an Coimisiún gur gá do MUAC ATCOnna breise a earcú chun tacú le spriocanna acmhainneachta a bhaint amach.

(111)

Tá costais iomlána Bheart 6 cothrom le thart ar EUR 4,4 M (in EUR 2017) le linn TT3. Baineann na costais sin le luach saothair na ATCOnna breise a thagann i seirbhís le linn TT3. Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna PRB athbhreithniú ar chostais Bheart 6 agus go measann sé go bhfuil údar leo.

(112)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil gá le Beart 6 chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach agus go bhfuil a chostais comhréireach i bhfianaise a dtionchair oibríochtúil ar sholáthar acmhainneachta.

Beart 7

(113)

Leis an seachtú beart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 7’) cumhdaítear forbairt córais pleanála lucht saothair nua ó MUAC chun tacú le chur chun feidhme ceanglas oibríochtúil nua. Le Beart 7 áirítear forbairt creata nua le haghaidh pleanáil lucht saothair, uirlis uainchláir nuachóirithe agus uirlisí pleanála lucht saothair eile is gá chun ceanglais oibríochtúla nua a chur chun feidhme.

(114)

Ag féachaint don mheastóireacht arna déanamh ag PRB, comhaontaíonn an Coimisiún go mbeidh na gnóthachain éifeachtúlachta a chumasaítear leis an gcóras pleanála lucht saothair nua ina rannchuidiú le feidhmíocht oibríochtúil fheabhsaithe agus le soláthar níos éifeachtúla ar sheirbhísí.

(115)

Tá costais iomlána Bheart 7 cothrom le thart ar EUR 0,8 M (in EUR 2017) le linn TT3. Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna PRB athbhreithniú ar chostais Bheart 7 agus go measann sé go bhfuil údar leo.

(116)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil gá le Beart 7 chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach agus go bhfuil a chostais comhréireach i bhfianaise a dtionchair oibríochtúil ar an soláthar acmhainneachta.

Tionchar comhcheangailte na mbeart a bhaineann le hacmhainneacht arna gcur i láthair ag an mBeilg agus ag Lucsamburg

(117)

Rinne an Coimisiún tuilleadh anailíse ar na seacht mbeart a bhaineann le hacmhainneacht arna gcur i láthair ag an mBeilg agus ag Lucsamburg i leith a dtionchair fhoriomláin agus chun meastóireacht a dhéanamh ar cé acu is gá nó nach gá na bearta sin uile a chur chun feidhme go comhuaineach chun na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla a bhaint amach.

(118)

Ina leith sin, tugann an Coimisiún torthaí PRB faoi deara ar dá réir is amhlaidh atá na seacht mbeart sin a bhaineann le hacmhainneacht, a mheastar le chéile, iomchuí agus atá údar leo i bhfianaise a dtionchair oibríochtúil fhoriomláin a bhfuil coinne leis agus an tionchair chomhcheangailte ar sholáthar acmhainneachta a thagann as sin. De réir anailís PRB, le cur chun feidhme comhcheangailte na mbeart sin cuirtear é ar a gcumas do skeyes agus MUAC bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar na leibhéil tráchta thuartha tráthanna éilimh buaicthráchta, agus solúbthacht agus athléimneacht an tsoláthair seirbhíse á neartú i gcás imthosca gan choinne nó luaineacha. Deimhníonn PRB a thuilleadh gurb amhlaidh nach é a thagann as cur chun feidhme na mbeart sin a bhaineann le hacmhainneacht agus a dhéantar le chéile ró-acmhainneacht i leith na seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraítear in aerspás na Beilge agus Lucsamburg sna míonna atá fágtha de TT3 (22). Ar deireadh, cuireann PRB in iúl gurb amhlaidh atá na bearta a chuirtear i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i ndáil le hoiliúint a chur ar rialtóirí aerthráchta breise agus iad a fhostú comhlántach leis na bearta eagraíochtúla agus teicniúla lena gcumasaítear soláthar acmhainneachta feabhsaithe.

Conclúidí maidir leis na bearta arna n-agairt ag an mBeilg agus ag Lucsamburg chun údar a thabhairt leis na dialltaí a breathnaíodh ó na treochtaí costéifeachtúlachta ar fud an Aontais

(119)

I leith na gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tagann an Coimisiún ar an gconclúid ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (71) go (118) go bhfuil na costais arna gcur i láthair ag an mBeilg agus ag Lucsamburg le haghaidh Bhearta 1 agus 2 riachtanach agus comhréireach go páirteach chun spriocanna feidhmíochta acmhainneachta a bhaint amach, cé gurb amhlaidh i leith Bhearta 3 go 7 atá na costais a chuirtear i láthair riachtanach agus comhréireach go hiomlán chun an spriocanna sin a bhaint amach.

(120)

Leis an tábla thíos léirítear an ranníocaíocht a thagann as na bearta a bhaineann le hacmhainneacht leis na bearnaí leis na treochtaí CAAS ar fud na Aontais a bhreathnaítear in aithris (70) maidir leis an mbliain ábhartha, is é sin 2024.

Bearta a bhaineann le hacmhainneacht arna gcur i láthair ag an mBeilg agus ag Lucsamburg

Ranníocaíocht leis an mbearna leis na treochtaí CAAS ar fud an Aontais le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg, arna sloinneadh in EUR 2017, agus na costais á gcur san áireamh, ar costais iad a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach agus comhréireach chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach

Beart 1

EUR 7,7 M (23)

Beart 2

EUR 0,3 M (24)

Beart 3

EUR 4,4 M

Beart 4

EUR 0,3 M

Beart 5

EUR 4,7 M

Beart 6

EUR 1,5 M

Beart 7

EUR 0,3 M

Iomlán

EUR 19,2 M

(121)

Mar a chuirtear i láthair sa tábla a leagtar amach in aithris (120), leis na bearta a bhaineann le hacmhainneacht tugtar údar le barrachas EUR 19,2 M (in EUR 2017) in aghaidh na dtreochtaí CAAS ar fud an Aontais. Tá an barrachas sin níos mó ná an diall lena bhfuil coinne ón treocht CAAS ar fud an Aontais in TT3, rud atá cothrom le EUR 8,2 M (in EUR 2017), ach tá sé níos lú ná an diall measta EUR 43,7 M (in EUR 2017) ón treocht CAAS fhadtéarmach ar fud an Aontais. Dá réir sin, tá bearna nach bhfuil údar léi ag an mBeilg agus ag Lucsamburg fós, rud atá cothrom le EUR 24,5 M (in EUR 2017) in aghaidh na treochta CAAS fadtéarmaí ar fud an Aontais.

(122)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i leith na Beilge ná Lucsamburg.

(123)

Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara nár chuir an Bheilg ná Lucsamburg i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe aon bheart athstruchtúraithe lena dtabharfaí údar le diall ón treocht CAAS ar fud an Aontais ná ón treocht CAAS fhadtéarmach ar fud an Aontais de bhun na gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

Conclúid maidir leis an measúnú ar na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe

(124)

I bhfianaise an mheasúnaithe a leagtar amach in aithrisí (22) go (123), tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

TORTHAÍ ÓN ATHBHREITHNIÚ AR NA SPRIOCANNA FEIDHMÍOCHTA ATHBHREITHNITHE ARNA DHÉANAMH I gCOMHRÉIR LE POINTE 2 D’IARSCRÍBHINN IV A GHABHANN LE RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2019/317

Spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta críochfoirt athbhreithnithe – pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317

(125)

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, d’ardaigh an Coimisiún údair imní maidir leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta críochfoirt arna mbeartú ag an mBeilg sa dréachtphlean feidhmíochta. Níl feidhm ag na spriocanna costéifeachtúlachta sin ach i leith na seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a sholáthraítear in aerfort na Bruiséile. Mheas an Coimisiún sa Chinneadh Cur Chun Feidhme sin gur cheart don Bheilg tuilleadh údair a thabhairt leis na spriocanna sin nó iad a laghdú.

(126)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta críochfoirt feabhsaithe le haghaidh na Beilge sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i leith na mblianta féilire 2022 go 2024, lena n-áirítear laghdú ar na costais arna suí i dtéarmaí réadacha le haghaidh na mblianta féilire sin. Tugann an Coimisiún faoi deara go leanann an treocht CAAS chríochfoirt de + 4,5 % le linn TT3 de bheith níos airde mar sin féin ná an treocht CAAS faoi bhealach de + 1,9 % le linn RP3 agus de bheith níos airde ná an treocht CAAS chríochfoirt iarbhír de + 0,5 % a breathnaíodh le linn TT2. Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara go leanann an CAAS le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt ag aerfort na Bruiséile de bheith níos airde, le corrlach suntasach measta de 55 %, ná an CAAS críochfoirt airmheánach dá ghrúpa comparáide ábhartha aerfort.

(127)

I bhfianaise an mheasúnaithe a leagtar amach in aithrisí (125) agus (126), tagann an Coimisiún ar an gconclúid go leanann na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta críochfoirt athbhreithnithe arna mbeartú ag an mBeilg de bheith ina gcúis imní. Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún a thuairim, mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, gur cheart don Bheilg údair leordhóthanacha a sholáthar leis na spriocanna sin nó iad a laghdú.

Scéimeanna dreasachta chun spriocanna feidhmíochta acmhainneachta a bhaint amach – pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317

(128)

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an Bheilg agus Lucsamburg lena scéimeanna dreasachta a athbhreithniú chun spriocanna acmhainneachta críochfoirt agus faoi bhealach a bhaint amach ar bhealach a fhágann go socraítear an míbhuntáiste airgeadais uasta a eascraíonn as na scéimeanna dreasachta sin ar leibhéal ag a bhfuil tionchar ábhartha ar an ioncam faoi riosca. Tugann an Coimisiún faoi deara nach ndearna an Bheilg ná Lucsamburg aon athrú ar na scéimeanna dreasachta sin sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

(129)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go leanann na scéimeanna dreasachta arna leagan amach ag an mBeilg agus ag Lucsamburg sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe de bheith ina gcúis imní. Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún a thuairim gur cheart don Bheilg agus do Lucsamburg athbhreithniú a dhéanamh ar na scéimeanna dreasachta chun spriocanna acmhainneachta críochfoirt agus faoi bhealach a bhaint amach ionas go mbeidh na míbhuntáistí airgeadais uasta a eascraíonn as na scéimeanna dreasachta sin socraithe ar leibhéal ag a bhfuil tionchar ábhartha ar an ioncam faoi riosca, mar a cheanglaítear le hAirteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I dtuairim an Choimisiúin is é ba cheart teacht as an scéim dreasachta athbhreithnithe míbhuntáiste airgeadais uasta atá cothrom le 1 % de na costais arna suí nó atá níos airde ná sin.

CONCLÚIDÍ

(130)

I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart don Bheilg agus do Lucsamburg bearta ceartaitheacha a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 11(3), pointe (c), an tríú mír, de Rialachán (AE) Uimh. 549/2004. Leis na bearta ceartaitheacha sin ba cheart é a chur ar a gcumas don Bheilg agus do Lucsamburg comhsheasmhacht a bhaint amach leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais le haghaidh TT3 lena gcomhfhreagraítear, ar bhonn mheasúnú an Choimisiúin a leagtar amach sa Chinneadh seo, do laghdú EUR 24,5 M ar na costais arna suí le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge agus Lucsamburg, arna shloinneadh i dtéarmaí réadacha i bpraghsanna 2017.

(131)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil sé beartaithe ag an mBeilg athbhreithniú ar chomhlíontacht a dhéanamh ar fheidhmíocht skeyes agus MUAC, inar iarr sé ar sheirbhísí an Choimisiúin a bheith páirteach mar bhreathnóirí. Tuigeann an Coimisiún go dtacófar leis an athbhreithniú ar chomhlíontacht le hullmhú dréachtphlean feidhmíochta chríochnaithigh ón mBeilg, ar cheart na bearta ceartaitheacha a chur san áireamh leis. I gcás ina gcuirfear fianaise nua ar fáil leis an athbhreithniú sin ar chomhlíontacht, beartaíonn an Coimisiún an fhianaise nua sin a chur san áireamh.

(132)

Bearta ceartaitheacha áirithe atá le déanamh ag an mBeilg agus ag Lucsamburg i gcomhréir leis an gCinneadh seo, d’fhéadfadh sé, de dheasca a gcineáil, nach mbeadh a n-éifeachtaí iomlána leo in TT3. Mar sin féin, ba cheart don Bheilg agus do Lucsamburg tosú ar iad a chur chun feidhme in TT3, ar bhonn gealltanais cheangailteacha atá le leagan amach mar chuid dá ndréachtphleananna feidhmíochta críochnaitheacha, fiú má ghintear feabhsuithe costéifeachtúlachta leis na bearta sin sa chéad tréimhse thagartha eile.

(133)

Ba cheart na bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm mar chuid de na dréachtphleananna feidhmíochta críochnaitheacha atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ó dháta glactha an Chinnidh seo, i gcomhréir le hAirteagal 15(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Na dréachtphleananna feidhmíochta críochnaitheacha sin, ba cheart don Bheilg agus do Lucsamburg iad a ghlacadh, ar an leibhéal náisiúnta, go haonarach, ós rud é nár leanadh de ghníomhaíochtaí chun spriocanna feidhmíochta a leagan síos ar leibhéal FABEC de thoradh tharraingt siar na Fraince, na Gearmáine agus na hÍsiltíre ó dhréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC, mar a mhínítear in aithris (6).

(134)

I bhfianaise na dtorthaí a leagtar amach sa Chinneadh seo, ba cheart don Bheilg agus do Lucsamburg, go háirithe, aghaidh iomchuí a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

(a)

Cur i bhfeidhm mícheart na bhforálacha dlíthiúla faoi seach lena rialaítear comhroinnt riosca tráchta, comhroinnt riosca costais agus scéimeanna dreasachta i leith MUAC, dá dtagraítear in aithrisí (46) agus (47);

(b)

Fíorú iarrtha ag na NSAnna nach ndéantar na costais a mhuirearaítear in TT2 le haghaidh na n-infheistíochtaí a cealaíodh agus ar ar cuireadh moill i sócmhainní seasta a mhuirearú faoi dhó ar úsáideoirí aerspáis i gcás ina dtagann ann do na hinfheistíochtaí sin ag tráth níos déanaí, dá dtagraítear in aithrisí (48) agus (49);

(c)

Socruithe maoiniúcháin míchearta le haghaidh na gcostas arna dtabhú le haghaidh seirbhísí arna soláthar i limistéir thrasteorann, dá dtagraítear in aithrisí (56) go (62);

(d)

Leithdháileadh mícheart na gcostas ascnaimh idir seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt agus faoi bhealach i leith skeyes, dá dtagraítear in aithrisí (63) go (67);

(e)

Easpa údair leordhóthanacha le spriocanna costéifeachtúlachta críochfoirt iomarcacha na Beilge, dá dtagraítear in aithrisí (125), (126) agus (127);

(f)

Leibhéal mícheart de na míbhuntáistí airgeadais uasta i scéimeanna dreasachta na Beilge agus Lucsamburg lena dtacaítear leis na spriocanna acmhainneachta críochfoirt agus faoi bhealach a bhaint amach, dá dtagraítear in aithrisí (128) agus (129).

(135)

Níor thug an Coiste um Aerspás Aonair tuairim uaidh. Measadh go raibh gá le gníomh cur chun feidhme agus chuir an cathaoirleach an dréachtphlean cur chun feidhme faoi bhráid an choiste achomhairc lena phlé a thuilleadh. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)   Déanfaidh an Bheilg agus Lucsamburg bearta ceartaitheacha a shainmhíniú agus a chur in iúl don Choimisiún, ar bearta iad arna ndearadh chun comhsheasmhacht spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta náisiúnta leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais a bhaint amach le haghaidh an tríú tréimhse thagartha laistigh de 3 mhí ó dháta glactha an Cinnidh seo.

(2)   Tosóidh an Bheilg agus Lucsamburg ar na bearta ceartaitheacha sin a chur i bhfeidhm i leith skeyes agus Lárionad Rialaithe Limistéar Uachtarach Maastricht (‘MUAC’) in TT3. Is é a thiocfaidh as na bearta sin laghdú ar na costais arna suí le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge agus Lucsamburg atá cothrom le méid as a dtagann comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta náisiúnta leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais. Déanfaidh an Bheilg agus Lucsamburg an méid sin a chinneadh ar bhealach níos beaichte ar bhonn thorthaí an athbhreithnithe ar chomhlíontacht dá dtagraítear in aithris (131) den Chinneadh seo agus arna n-athbhreithniú ag an gCoimisiún mar chuid dá mheasúnú faoi Airteagal 15(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún, agus an fhianaise a thagann ón athbhreithniú sin ar chomhlíontacht á cur san áireamh. Is é a thiocfaidh as na bearta ceartaitheacha laghdú ar chostais oibriúcháin skeyes agus MUAC araon.

(3)   Agus na bearta ceartaitheacha á sainmhíniú, féadfaidh an Bheilg agus Lucsamburg na bearta breise beartaithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a chur san áireamh freisin.

(4)   Áireoidh an Bheilg agus Lucsamburg faisnéis ina bpleananna feidhmíochta faoi seach lena léirítear go gcuirfidh skeyes agus MUAC na bearta ceartaitheacha chun feidhme go héifeachtach.

Airteagal 2

Is ar Ríocht na Beilge agus Ard-Diúcacht Lucsamburg atá an Cinneadh seo dírithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina-Ioana VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

(2)  IO L 56, 25.2.2019, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (2020–2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i leith an tríú tréimhse thagartha (2020–2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le neamhréir spriocanna feidhmíochta áirithe atá sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach ag an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí maidir leis na spriocanna sin a athbhreithniú (IO L 135, 12.5.2022, lch. 4).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/780 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le neamhréireacht spriocanna feidhmíochta áirithe a áirítear sa dréachtphlean feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a chuir an Eilvéis isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh i leith an tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí chun na spriocanna sin a athbhreithniú (IO L 139, 18.5.2022, lch. 218).

(7)  Cinneadh (AE) 2022/2255 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2022 maidir le tús a chur le mionscrúdú ar spriocanna feidhmíochta áirithe atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a chuir an Bheilg, an Ghearmáin an Fhrainc, Lucsamburg agus an Ísiltír isteach ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 17.11.2022, lch. 71).

(8)  Cinneadh (AE) 2023/176 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Fhrainc isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh i leith an tríú tréimhse thagartha, (IO L 25, 27.1.2023, lch. 70).

(9)  Cinneadh (AE) 2023/177 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Ghearmáin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh i leith an tríú tréimhse thagartha (IO L 25, 27.1.2023, lch. 79).

(10)  Cinneadh (AE) 2023/179 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Ísiltír isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh i leith an tríú tréimhse thagartha (IO L 25, 27.1.2023, lch. 95).

(11)  An ráta fáis iolraithe bliantúil (CAGR).

(12)  An ráta fáis iolraithe bliantúil (CAGR).

(13)  Na costais arna dtabhú ag an mBeilg agus ag Lucsamburg i leith Choinbhinsiún Idirnáisiúnta Eurocontrol an 13 Nollaig, 1960 maidir le comhoibriú um shábháilteacht na haerloingseoireachta (arna leasú go deireanach) áirítear i gcostais NSA iad.

(14)  ‘Rialú Aerthráchta na hÍsiltíre’ (LVNL).

(15)  Mar a leagtar amach in Airteagal 6 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún.

(16)  Le costais aonaid skeyes agus LVNL eisiatar na haonaid seirbhíse atá inchurtha i leith MUAC laistigh dá limistéir mhuirearaithe faoi seach. Leis na costais aonaid le haghaidh skeyes agus LVNL cumhdaítear na seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach uile, lena n-áirítear seirbhísí meitéareolaíocha (MET) atá soláthraithe san Ísiltír ag soláthraí MET ar leithligh ó LVNL.

(17)  Foraithne Ríoga an 23 Aibreán 2017.

(18)  Comhaontú a bhaineann le Soláthar agus Oibriú Seirbhísí agus Saoráidí Aerthráchta ag Eurocontrol ag Lárionad Rialaithe Limistéar Maastricht, arna shíniú an 25 Samhain 1986.

(19)  Tá oibríochtaí MUAC roinnte i dtrí ghrúpa earnála, is é sin ‘grúpa earnáil na Bruiséile’, ‘grúpa earnáil DECO’ agus ‘grúpa earnáil Hannover’.

(20)  Arna ríomh ar bhonn an luacha bonnlíne le haghaidh 2014.

(21)  Aithris 22 de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (IO L 96, 31.3.2004, lch. 10).

(22)  Bunaithe ar na toimhdí tráchta atá i réamhaisnéis tráchta bonnlíne STATFOR Eurocontrol ó Dheireadh Fómhair 2021.

(23)  An méid lena léirítear an sciar de chostais Bheart 1 a shuigh an Coimisiún a bheith riachtanach agus comhréireach chun na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla a bhaint amach, i gcomhréir leis na torthaí a leagtar amach in aithris (82).

(24)  An méid lena léirítear an sciar de chostais Bheart 2 a shuigh an Coimisiún a bheith riachtanach agus comhréireach chun na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla a bhaint amach, i gcomhréir leis na torthaí a leagtar amach in aithris (90).


IARSCRÍBHINN

BEARTA BREISE BEARTAITHE

Féadfaidh an Bheilg agus Lucsamburg na bearta seo a leanas a dhéanamh chun go leigheasfar neamhréir na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais:

(1)

córas infhaighteachta feidhmiúil DISPO a chuirtear i bhfeidhm sa Bheilg a leasú, d’fhonn a thionchar ar bhonn costais limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg a laghdú;

(2)

an toradh ar chothromas de chuid skeyes a tharscaoileadh, rud a phleanáiltear a mhuirearú mar chuid den chostas caipitil;

(3)

aisíocaíocht a dhéanamh le húsáideoirí aerspáis, trí laghdú costais eisceachtúil, ar aon bharrachas ón mbliain 2022 a thagann as an sásra comhroinnte riosca tráchta nó as an difríocht idir na costais arna suí agus na costais iarbhír.


30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/139


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1337 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Meitheamh 2023

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C (2023) 4335)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é an fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éin agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig HPAI, tá baol ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go bunaíochtaí eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas.

(2)

Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach nua chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine. Tagann HPAI faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe sa Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI.

(3)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 (3) ón gCoimisiún faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais i ndáil le ráigeanna HPAI.

(4)

Go háirithe, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise arna mbunú ag na Ballstáit tar éis ráigeanna HPAI, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh siad ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus criosanna srianta breise san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(5)

Leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 le déanaí le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1175 (4) ón gCoimisiún tar éis ráigeanna HPAI in éanlaith chlóis nó in éin i mbraighdeanas sa Fhrainc, rud ba ghá a léiriú san Iarscríbhinn sin.

(6)

Ón dáta a glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1175, tá fógra tugtha ag an bhFrainc don Choimisiún faoi ráig HPAI i mbunaíocht inar coinníodh éin i mbraighdeanas, bunaíocht atá lonnaithe i réigiún riaracháin Occitania.

(7)

Rinne údarás inniúil na Fraince na bearta rialaithe galar is gá i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar an ráig sin.

(8)

Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar a rinne an Fhrainc i gcomhar leis an mBallstát sin agus tá sé sásta go bhfuil teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais sa Fhrainc arna mbunú ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, go bhfuil siad fada go leor ón mbunaíocht inar deimhníodh an ráig HPAI.

(9)

Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá tuairisc a thabhairt go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an bhFrainc ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag an mBallstát sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais don Fhrainc san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 a leasú.

(11)

Dá réir sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 a leasú chun an réigiúnú a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais chun aird a thabhairt ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag an bhFrainc i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus ré na mbeart is infheidhme ann.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 a leasú dá réir.

(13)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 134, 20.4.2021, lch. 166).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1175 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2023 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 155, 16.6.2023, lch. 36).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

Cuid A

Criosanna cosanta sna Ballstáit* lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2:

Ballstát: an Fhrainc

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Roinn: Gers (32)

FR-HPAI(P)-2023-00065

FR-HPAI(P)-2023-00068

FR-HPAI(P)-2023-00069

FR-HPAI(P)-2023-00070

FR-HPAI(P)-2023-00066

FR-HPAI(P)-2023-00071

FR-HPAI(P)-2023-00072

FR-HPAI(P)-2023-00073

FR-HPAI(P)-2023-00074

FR-HPAI(P)-2023-00075

FR-HPAI(P)-2023-00076

FR-HPAI(P)-2023-00077

FR-HPAI(P)-2023-00078

FR-HPAI(P)-2023-00079

FR-HPAI(P)-2023-00080

FR-HPAI(P)-2023-00081

FR-HPAI(P)-2023-00085

FR-HPAI(P)-2023-00088

FR-HPAI(P)-2023-00090

FR-HPAI(P)-2023-00092

FR-HPAI(P)-2023-00093

FR-HPAI(P)-2023-00094

FR-HPAI(P)-2023-00095

FR-HPAI(P)-2023-00096

FR-HPAI(P)-2023-00100

FR-HPAI(P)-2023-00101

FR-HPAI(P)-2023-00102

FR-HPAI(P)-2023-00103

FR-HPAI(P)-2023-00104

FR-HPAI(P)-2023-00105

FR-HPAI(P)-2023-00106

FR-HPAI(P)-2023-00107

FR-HPAI(P)-2023-00108

FR-HPAI(P)-2023-00109

FR-HPAI(P)-2023-00110

FR-HPAI(P)-2023-00111

FR-HPAI(P)-2023-00112

FR-HPAI(P)-2023-00113

FR-HPAI(P)-2023-00114

FR-HPAI(P)-2023-00115

FR-HPAI(P)-2023-00116

FR-HPAI(P)-2023-00122

FR-HPAI(P)-2023-00123

FR-HPAI(P)-2023-00124

FR-HPAI(P)-2023-00127

FR-HPAI(P)-2023-00128

FR-HPAI(P)-2023-00130

FR-HPAI(P)-2023-00132

FR-HPAI(P)-2023-00133

FR-HPAI(P)-2023-00134

FR-HPAI(P)-2023-00139

FR-HPAI(P)-2023-00141

FR-HPAI(P)-2023-00140

FR-HPAI(P)-2023-00144

FR-HPAI(P)-2023-00145

FR-HPAI(P)-2023-00146

FR-HPAI(P)-2023-00149

FR-HPAI(NON-P)-2023-00376

AIGNAN

ARBLADE-LE-BAS

ARBLADE-LE-HAUT

AURENSAN

AVERON-BERGELLE

AYZIEU

BARCELONNE-DU-GERS

BASCOUS

BEAUMARCHES

BELMONT

BERNEDE

BETOUS

BOURROUILLAN

BOUZON-GELLENAVE

CAHUZAC-SUR-ADOUR

CAMPAGNE-D'ARMAGNAC

CASTELNAU-D'ANGLES

CASTELNAVET

CASTILLON-DEBATS

CAUMONT

CAUPENNE-D'ARMAGNAC

CAZAUBON

CORNEILLAN

COULOUME-MONDEBAT

COURTIES

CRAVENCERES

DEMU

EAUZE

ESCLASSAN-LABASTIDE

ESPAS

ESTANG

FUSTEROUAU

GEE-RIVIERE

IZOTGES

JUILLAC

LABARTHE

LABARTHETE

LADEVEZE-RIVIERE

LAGARDE-HACHAN

LANNE-SOUBIRAN

LANNUX

LAREE

LASSERADE

LAUJUZAN

LE HOUGA

LELIN-LAPUJOLLE

LIAS-D'ARMAGNAC

LOUBEDAT

LOURTIES-MONBRUN

LOUSSOUS-DEBAT

LUPIAC

LUPPE-VIOLLES

MAGNAN

MANCIET

MARGOUET-MEYMES

MARGUESTAU

MASSEUBE

MAULEON-D'ARMAGNAC

MAULICHERES

MAUPAS

MONCLAR

MONLEZUN-D'ARMAGNAC

MONTAUT

MONTESQUIOU

MORMES

NOGARO

PANJAS

PERCHEDE

PEYRUSSE-GRANDE

PEYRUSSE-VIEILLE

POUY-LOUBRIN

POUYDRAGUIN

PRENERON

REANS

RIGUEPEU

RISCLE

SABAZAN

SAINT-ARAILLES

SAINT-ARROMAN

SAINT-AUNIX-LENGROS

SAINT-ELIX-THEUX

SAINT-GERME

SAINT-GRIEDE

SAINT-MARTIN-D'ARMAGNAC

SAINT-MICHEL

SAINT-MONT

SAINT-OST

SAINT-PIERRE-D'AUBEZIES

SAINTE-AURENCE-CAZAUX

SAINTE-CHRISTIE-D'ARMAGNAC

SALLES-D'ARMAGNAC

SARRAGACHIES

SAUVIAC

SEAILLES

SEGOS

SION

SORBETS

TARSAC

TASQUE

TERMES-D'ARMAGNAC

TOUJOUSE

TOURDUN

URGOSSE

VERGOIGNAN

VERLUS

VIC-FEZENSAC

VIELLA

VIOZAN

"AUJAN-MOURNEDE

ZP à l’ouest de route entre « Le Rentier » et « Le Sage »

ZS à l’est de cette même route"

5.7.2023

Department: Landes (40)

FR-HPAI(P)-2023-00067

FR-HPAI(P)-2023-00082

FR-HPAI(P)-2023-00083

FR-HPAI(P)-2023-00084

FR-HPAI(P)-2023-00089

FR-HPAI(P)-2023-00091

FR-HPAI(P)-2023-00097

FR-HPAI(P)-2023-00098

FR-HPAI(P)-2023-00099

FR-HPAI(P)-2023-00117

FR-HPAI(P)-2023-00118

FR-HPAI(P)-2023-00119

FR-HPAI(P)-2023-00120

FR-HPAI(P)-2023-00121

FR-HPAI(P)-2023-00125

FR-HPAI(P)-2023-00126

FR-HPAI(P)-2023-00129

FR-HPAI(P)-2023-00131

FR-HPAI(P)-2023-00136

FR-HPAI(P)-2023-00137

FR-HPAI(P)-2023-00138

FR-HPAI(P)-2023-00142

FR-HPAI(P)-2023-00143

FR-HPAI(P)-2023-00148

Aire-sur-l'Adour

Arboucave

Artassenx

Bahus-Soubiran

Bascons

Bats

Benquet

Bordères-et-Lamensans

Bourdalat

Bretagne-de-Marsan

Buanes

Castandet

Castelnau-Tursan

Cazères-sur-l'Adour

Classun

Clèdes

Duhort-Bachen

Eugénie-les-Bains

Fargues

Geaune

Grenade-sur-l'Adour

Hontanx

Labastide-d'Armagnac

Lacajunte

Lagrange

Larrivière-Saint-Savin

Latrille

Lussagnet

Mauries

Maurrin

Mauvezin-d'Armagnac

Miramont-Sensacq

Montgaillard

Montsoué

Payros-Cazautets

Pécorade

Philondenx

Pimbo

Puyol-Cazalet

Renung

Saint-Agnet

Saint-Gein

Saint-Loubouer

Saint-Maurice-sur-Adour

Saint-Sever (Est D933.S)

Samadet

Sarron

Sorbets

Urgons

Vielle-Tursan

Le Vignau

22.6.2023

Department: Hautes-Pyrénées (65)

FR-HPAI(P)-2023-00147

ARIES-ESPENAN

BETBEZE

DEVEZE

LALANNE

MONLEON-MAGNOAC

POUY

SARIAC-MAGNOAC

THERMES-MAGNOAC

VILLEMUR

22.6.2023

Cuid B

Criosanna faireachais sna Ballstáit* lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 3:

Ballstát: an Ghearmáin

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

BAYERN

DE-HPAI(P)-2023-00026

Landkreis Regensburg

Betroffen sind folgende Gemeinden bzw. Teile der

Gemeinden:

Gemeinde Bernhardswald, Ortsteile Adlmannstein, Bernhardswald, Darmannsdorf, Dingstetten, Elendbaumgarten, Erlbach, Gerstenhof, Hackenberg, Hauzendorf, Hinterappendorf, Högelstein, Kreuth, Kürn, Lehen, Lohhof, Oberharm, Oberhohenroith, Oberlipplgütl, Ödenhof, Pettenreuth, Pillmannsberg, Plitting, Rothenhofstatt, Schneckenreuth, Seibersdorf, Thalhof, Thonseigen, Unterbraunstuben, Unterlipplgütl, Weg, Wolfersdorf

Gemeinde Holzheim, Ortsteile Trischlberg, Traidenloh, Haslach, Ödenholz, Bubach

Gemeinde Lappersdorf, Ortsteile Baiern, Benhof, Einhausen, Geiersberg, Hainsacker, Kaulhausen, Lorenzen, Pielmühle, Schwaighausen, Unterkaulhausen

Markt Regenstauf, Ortsteile Asing, Birkenzant, Breitwies, Brennthal, Buchenlohe, Danersdorf, Drackenstein, Edlhausen, Eitlbrunn, Ellmau, Ferneichlberg, Forstberg, Gfangen, Glapfenberg, Grafenwinn, Grub, Hirschling, Irlbründl, Kerm, Kirchberg, Kleeberg, Kürnberg, Lindach, Mettenbach, Neuried, Oberhaslach, Oberhub, Preßgrund, Regenstauf, Reiterberg, Richterskeller, Schönleiten, Steinsberg

Gemeinde Wenzenbach, Ortsteile Abbachhof, Birkenhof, Birkenhof, Brunnhöfl, Fußenberg, Gonnersdorf, Grafenhofen, Grünthal, Irlbach, Jägerberg, Lehen, Probstberg, Roith, Schnaitterhof, Thanhausen, Zeitlhof, Ziegenhof

Gemeinde Zeitlarn, Ortsteile Laub, Neuhof, Ödenthal, Pentlhof, Regendorf, Zeitlarn

29.6.2023

Landkreis Regensburg

Markt Regenstauf, Ortsteile Wöhrhof, Diesenbach, Karlstein, Kleinramspau, Steinsberg, Fidelhof, Fronau, Hagenau, Schneitweg, Medersbach, Regenstauf, Stadel, Ramspau, Münchsried, Kleeberg

21.6.2023 - 29.6.2023

Landkreis Schwandorf

Stadt Nittenau

Ortsteile: Berglarn, Dürrmaul, Geiseck, Gunt, Hadriwa, Hammerhäng, Harthöfl, Hengersbach, Hinterberg, Hof A. Regen, Hofer Mühle, Kaaghof, Ödgarten (bei Stefling), Roneck, Rumelsölden, Schönberg (bei Sankt Martin), Steinhof (bei Sankt Martin), Untermainsbach, Vorderkohlstetten, Weinting, Wetzlgütl, Wetzlhof, Dobl, Eckartsreuth, Elendhof bei Pettenreuth, Eschlbach bei Grafenwinn, Höflarn, Knollenhof, Sankt Martin, Schwarzenberg, Steinmühl, Straßhof, Überfuhr am Regen, Weißenhof, Stefling, Hinterkohlstetten

Stadt Burglengenfeld

Ortsteile: Augustenhof, Burglengenfeld, Greinhof, Karlsberg, Wölland.

Stadt Maxhütte-Haidhof

Ortsteil: Almenhöhe, Berghof, Binkenhof, Birkenhöhe, Birkenzell, Blattenhof, Brunnheim, Deglhof, Eichelberg, Engelbrunn, Harberhof, Haugshöhe, Ibenthann, Katzheim, Kreilnberg, Lehenhaus, Lintermühle, Meßnerskreith, Neukappl, Pfaltermühle, Pirkensee, Rappenbügl, Roßbach, Stadlhof, Steinhof, Strieglhof, Verau, Winkerling, Ziegelhütte, Rohrhof, Almenhof, Fürsthof, Haidhof, Kappl, Leonberg, Ponholz, Roding, Schwarzhof, Roßbergeröd, Maxhütte

Stadt Teublitz

Ortsteile: Kuntsdorf, Saltendorf, Teublitz

29.6.2023

Landkreis Schwandorf

3 km Radius um den Ausbruchsbetrieb (Koordinaten UTM 32: 32728906/5447575).

Betroffen sind:

Stadt Maxhütte-Haidhof

Ortsteile: Waldgebiete

21.6.2023 - 29.6.2023

Stadt Regensburg

Betroffen ist die Stadt Regensburg mit den Ortsteilen Haslbach, Ödenthal sowie Teile von Sallern-Gallingkofen und Wutzelhofen.

Beginnend bei Schnittstelle B16 Richtung Cham mit östlichem Regenufer- Dem südl. Rand der B16 folgend bis zur Unterführung „Am Mühlberg“- Der Straße „Am Mühlberg“ Richtung Süden folgend bis zur Kreuzung mit „Chamer Str.”- Chamer Str. folgend Richtung Osten bis auf Höhe Grundstück „Wutzlhofen 4“- Abkickend der Straße „Wutzelhofen“ in süd-östl. Richtung folgend bis Bahndamm- Dem Bahndamm in südl- Richtung folgend bis auf Höhe nördl..Kante Sportplatz „BSC Regensburg“- Dem am nördl. Sportplatzrand verlaufenden Feldweg folgend bis zum östl. Waldrand des „Schwarzholz“- Dem Weg weiter Richtung Norden folgend bis zur Stadtgrenze- Von hier der Stadtgrenze entgegen des Uhrzeigersinnes folgend bis zur Schnittstelle B16 und Regen.

29.6.2023

Ballstát: an Fhrainc

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Département: Gers (32)

FR-HPAI(P)-2023-00065

FR-HPAI(P)-2023-00068

FR-HPAI(P)-2023-00069

FR-HPAI(P)-2023-00070

FR-HPAI(P)-2023-00066

FR-HPAI(P)-2023-00071

FR-HPAI(P)-2023-00072

FR-HPAI(P)-2023-00073

FR-HPAI(P)-2023-00074

FR-HPAI(P)-2023-00075

FR-HPAI(P)-2023-00076

FR-HPAI(P)-2023-00077

FR-HPAI(P)-2023-00078

FR-HPAI(P)-2023-00079

FR-HPAI(P)-2023-00080

FR-HPAI(P)-2023-00081

FR-HPAI(P)-2023-00085

FR-HPAI(P)-2023-00088

FR-HPAI(P)-2023-00090

FR-HPAI(P)-2023-00092

FR-HPAI(P)-2023-00093

FR-HPAI(P)-2023-00094

FR-HPAI(P)-2023-00095

FR-HPAI(P)-2023-00096

FR-HPAI(P)-2023-00100

FR-HPAI(P)-2023-00101

FR-HPAI(P)-2023-00102

FR-HPAI(P)-2023-00103

FR-HPAI(P)-2023-00104

FR-HPAI(P)-2023-00105

FR-HPAI(P)-2023-00106

FR-HPAI(P)-2023-00107

FR-HPAI(P)-2023-00108

FR-HPAI(P)-2023-00109

FR-HPAI(P)-2023-00110

FR-HPAI(P)-2023-00111

FR-HPAI(P)-2023-00112

FR-HPAI(P)-2023-00113

FR-HPAI(P)-2023-00114

FR-HPAI(P)-2023-00115

FR-HPAI(P)-2023-00116

FR-HPAI(P)-2023-00122

FR-HPAI(P)-2023-00123

FR-HPAI(P)-2023-00124

FR-HPAI(P)-2023-00127

FR-HPAI(P)-2023-00128

FR-HPAI(P)-2023-00130

FR-HPAI(P)-2023-00132

FR-HPAI(P)-2023-00133

FR-HPAI(P)-2023-00134

FR-HPAI(P)-2023-00139

FR-HPAI(P)-2023-00141

FR-HPAI(P)-2023-00140

FR-HPAI(P)-2023-00144

FR-HPAI(P)-2023-00145

FR-HPAI(P)-2023-00146

FR-HPAI(P)-2023-00149

FR-HPAI(NON-P)-2023-00376

"AUJAN-MOURNEDE

ZP à l’ouest de route entre « Le Rentier » et « Le Sage »

ZS à l’est de cette même route"

"SAINT-BLANCARD

ZS à l’Ouest des routes D 139 et D576

ZRS à l’Est"

ARMENTIEUX

ARMOUS-ET-CAU

ARROUEDE

AUSSOS

BARCUGNAN

BARRAN

BARS

BASSOUES

BAZIAN

BAZUGUES

BELLEGARDE

BELLOC-SAINT-CLAMENS

BERDOUES

BETCAVE-AGUIN

BEZOLLES

BEZUES-BAJON

BIRAN

BRETAGNE-D'ARMAGNAC

CABAS-LOUMASSES

CAILLAVET

CALLIAN

CANNET

CASTELNAU D'AUZAN LABARRÈRE

CASTEX-D'ARMAGNAC

CAZAUX-D'ANGLES

CAZENEUVE

CHELAN

CLERMONT-POUYGUILLES

COURRENSAN

CUELAS

DUFFORT

DURBAN

ESTIPOUY

GALIAX

GAZAX-ET-BACCARISSE

GONDRIN

GOUX

IDRAC-RESPAILLES

JU-BELLOC

JUSTIAN

L'ISLE-DE-NOE

LABEJAN

LADEVEZE-VILLE

LAGRAULET-DU-GERS

LALANNE-ARQUE

LAMAGUERE

LANNEMAIGNAN

LANNEPAX

LAVERAET

LE BROUILH-MONBERT

LOUBERSAN

LOUSLITGES

MANAS-BASTANOUS

MANENT-MONTANE

MARAMBAT

MARCIAC

MASCARAS

MAUMUSSON-LAGUIAN

MEILHAN

MIRANDE

MIRANNES

MONCASSIN

MONCLAR-SUR-LOSSE

MONCORNEIL-GRAZAN

MONFERRAN-PLAVES

MONGUILHEM

MONLAUR-BERNET

MONLEZUN

MONT-D'ASTARAC

MONT-DE-MARRAST

MONTIES

MOUCHES

MOUREDE

NOULENS

ORNEZAN

PANASSAC

PLAISANCE

PONSAMPERE

PONSAN-SOUBIRAN

POUYLEBON

PRECHAC-SUR-ADOUR

PROJAN

RAMOUZENS

RICOURT

ROQUEBRUNE

ROQUES

ROZES

SADEILLAN

SAINT-CHRISTAUD

SAINT-JEAN-POUTGE

SAINT-JUSTIN

SAINT-MARTIN

SAINT-MEDARD

SAINT-PAUL-DE-BAISE

SAINTE-DODE

SAMARAN

SARRAGUZAN

SCIEURAC-ET-FLOURES

SEISSAN

SERE

TACHOIRES

TIESTE-URAGNOUX

TUDELLE

21.7.2023

AIGNAN

ARBLADE-LE-BAS

ARBLADE-LE-HAUT

AURENSAN

AVERON-BERGELLE

AYZIEU

BARCELONNE-DU-GERS

BASCOUS

BEAUMARCHES

BELMONT

BERNEDE

BETOUS

BOURROUILLAN

BOUZON-GELLENAVE

CAHUZAC-SUR-ADOUR

CAMPAGNE-D'ARMAGNAC

CASTELNAU-D'ANGLES

CASTELNAVET

CASTILLON-DEBATS

CAUMONT

CAUPENNE-D'ARMAGNAC

CAZAUBON

CORNEILLAN

COULOUME-MONDEBAT

COURTIES

CRAVENCERES

DEMU

EAUZE

ESCLASSAN-LABASTIDE

ESPAS

ESTANG

FUSTEROUAU

GEE-RIVIERE

IZOTGES

JUILLAC

LABARTHE

LABARTHETE

LADEVEZE-RIVIERE

LAGARDE-HACHAN

LANNE-SOUBIRAN

LANNUX

LAREE

LASSERADE

LAUJUZAN

LE HOUGA

LELIN-LAPUJOLLE

LIAS-D'ARMAGNAC

LOUBEDAT

LOURTIES-MONBRUN

LOUSSOUS-DEBAT

LUPIAC

LUPPE-VIOLLES

MAGNAN

MANCIET

MARGOUET-MEYMES

MARGUESTAU

MASSEUBE

MAULEON-D'ARMAGNAC

MAULICHERES

MAUPAS

MONCLAR

MONLEZUN-D'ARMAGNAC

MONTAUT

MONTESQUIOU

MORMES

NOGARO

PANJAS

PERCHEDE

PEYRUSSE-GRANDE

PEYRUSSE-VIEILLE

POUY-LOUBRIN

POUYDRAGUIN

PRENERON

REANS

RIGUEPEU

RISCLE

SABAZAN

SAINT-ARAILLES

SAINT-ARROMAN

SAINT-AUNIX-LENGROS

SAINT-ELIX-THEUX

SAINT-GERME

SAINT-GRIEDE

SAINT-MARTIN-D'ARMAGNAC

SAINT-MICHEL

SAINT-MONT

SAINT-OST

SAINT-PIERRE-D'AUBEZIES

SAINTE-AURENCE-CAZAUX

SAINTE-CHRISTIE-D'ARMAGNAC

SALLES-D'ARMAGNAC

SARRAGACHIES

SAUVIAC

SEAILLES

SEGOS

SION

SORBETS

TARSAC

TASQUE

TERMES-D'ARMAGNAC

TOUJOUSE

TOURDUN

URGOSSE

VERGOIGNAN

VERLUS

VIC-FEZENSAC

VIELLA

VIOZAN

"AUJAN-MOURNEDE

ZP à l’ouest de route entre « Le Rentier » et « Le Sage »

ZS à l’est de cette même route"

6.7.2023 – 21.7.2023

Département: Landes (40)

FR-HPAI(P)-2023-00067

FR-HPAI(P)-2023-00082

FR-HPAI(P)-2023-00083

FR-HPAI(P)-2023-00084

FR-HPAI(P)-2023-00089

FR-HPAI(P)-2023-00091

FR-HPAI(P)-2023-00097

FR-HPAI(P)-2023-00098

FR-HPAI(P)-2023-00099

FR-HPAI(P)-2023-00117

FR-HPAI(P)-2023-00118

FR-HPAI(P)-2023-00119

FR-HPAI(P)-2023-00120

FR-HPAI(P)-2023-00121

FR-HPAI(P)-2023-00125

FR-HPAI(P)-2023-00126

FR-HPAI(P)-2023-00129

FR-HPAI(P)-2023-00131

FR-HPAI(P)-2023-00136

FR-HPAI(P)-2023-00137

FR-HPAI(P)-2023-00138

FR-HPAI(P)-2023-00142

FR-HPAI(P)-2023-00143

FR-HPAI(P)-2023-00148

Amou

Arsague

Arthez-d'Armagnac

Aubagnan

Audignon

Aurice

Banos

Bas-Mauco

Betbezer-d'Armagnac

Beyries

Bonnegarde

Bougue

Brassempouy

Castaignos-Souslens

Castel-Sarrazin

Cauna

Coudures

Créon-d'Armagnac

Dumes

Escalans

Estigarde

Eyres-Moncube

Le Frêche

Gabarret

Gaujacq

Hagetmau

Haut-Mauco

Herré

Horsarrieu

Laglorieuse

Lamothe

Lauret

Mant

Marpaps

Mazerolles

Monget

Monségur

Mont-de-Marsan

Montégut

Mouscardès

Nassiet

Ossages

Parleboscq

Perquie

Pomarez

Pujo-le-Plan

Sainte-Colombe

Saint-Cricq-Villeneuve

Saint-Julien-d'Armagnac

Saint-Justin

Saint-Perdon

Saint-Pierre-du-Mont

Saint-Sever (Ouest D933.S)

Sarraziet

Serres-Gaston

Tilh

Villeneuve-de-Marsan

8.7.2023

Aire-sur-l'Adour

Arboucave

Artassenx

Bahus-Soubiran

Bascons

Bats

Benquet

Bordères-et-Lamensans

Bourdalat

Bretagne-de-Marsan

Buanes

Castandet

Castelnau-Tursan

Cazères-sur-l'Adour

Classun

Clèdes

Duhort-Bachen

Eugénie-les-Bains

Fargues

Geaune

Grenade-sur-l'Adour

Hontanx

Labastide-d'Armagnac

Lacajunte

Lagrange

Larrivière-Saint-Savin

Latrille

Lussagnet

Mauries

Maurrin

Mauvezin-d'Armagnac

Miramont-Sensacq

Montgaillard

Montsoué

Payros-Cazautets

Pécorade

Philondenx

Pimbo

Puyol-Cazalet

Renung

Saint-Agnet

Saint-Gein

Saint-Loubouer

Saint-Maurice-sur-Adour

Saint-Sever (Est D933.S)

Samadet

Sarron

Sorbets

Urgons

Vielle-Tursan

Le Vignau

23.6.2023 – 8.7.2023

Department: Lot-et-Garonne (47)

FR-HPAI(P)-2023-00104

SAINTE MAURE DE PEYRIAC

SAINT PE SAINT SIMON

21.6.2023

Department: Pyrénées-Atlantiques (64)

FR-HPAI(P)-2023-00135

BAIGTS-DE-BEARN

BALANSUN

BERENX

BIRON

CASTETIS

LAA-MONDRANS

LACADEE

LANNEPLAA

MESPLEDE

"ORTHEZ

Au sud de la route de Dax (D947)

et au sud de la route de Bonnut (D56)"

PUYOO

RAMOUS

"SAINT-BOES

A l’ouest de la route de Dax (D947)"

SAINT-GIRONS-EN-BEARN

SALLES-MONGISCARD

SARPOURENX

SAULT-DE-NAVAILLES

23.6.2023

BONNUT

"ORTHEZ

Au nord de la route de Dax (D947)

et au nord de la route de Bonnut (D56)"

"SAINT-BOES

A l’est de la route de Dax (D947)"

SALLESPISSE

15.6.2023 – 23.6.2023

Department: Hautes-Pyrénées (65)

FR-HPAI(P)-2023-00141

FR-HPAI(P)-2023-00147

ARNE

AURIEBAT

BARTHE

BAZORDAN

BETPOUY

CASTELNAU-MAGNOAC

CASTELNAU-RIVIERE-BASSE

CASTERETS

CAUBOUS

CAUSSADE-RIVIERE

CIZOS

ESTIRAC

FONTRAILLES

GAUSSAN

GUIZERIX

HACHAN

HERES

LABATUT-RIVIERE

LARAN

LARROQUE

LASSALES

MADIRAN

MAUBOURGUET

MONLONG

ORGAN

PEYRET-SAINT-ANDRE

PUNTOUS

SABARROS

SADOURNIN

SAINT-LANNE

SAUVETERRE

TRIE-SUR-BAISE

VIEUZOS

1.7.2023

ARIES-ESPENAN

BETBEZE

DEVEZE

LALANNE

MONLEON-MAGNOAC

POUY

SARIAC-MAGNOAC

THERMES-MAGNOAC

VILLEMUR

23.6.2023 –

1.7.2023

Ballstát: an Pholainn

Uimhir thagartha ADIS den ráig

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

PL-HPAI(P)-2023-00068

W województwie warmińsko - mazurskim:

1.

W gminie Kętrzyn: Bałtrucie, Godzikowo, Jurki, Karolewo, Kruszewiec, Kwiedzina, Martiany, Nowa Różanka, Nowa Wieś Kętrzyńska, Nowa Wieś Mała, Pożarki, Salpik, Stara Różanka, Wajsznory, Wilamowo, Wopławki, Wymiarki, Bałowo na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Skop i Zalesie Kętrzyńskie, Czerniki na zachód od linii poprowadzonej po wschodnim brzegu jeziora Mój do miejscowości Pożarki, Mażany na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Czerniki i Dłużec, Nakomiady na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Grabno i Knis, Osewo na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Kwiedziny i Kronowo, Poganowo na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Sławkowo i Koczarki, Sławkowo na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Marszewo i Koczarki,

2.

W gminie Srokowo: Kąty, Siniec, Solanka, Chojnica na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Skierki i Młynowo, Silec na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Niedziałki i Tarławki,

3.

W gminie Barciany: Staniszewo, Skierki na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Bałtrucie i Niedziałki, Winda na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Skierki i Szczeciniak,

4.

Miasto Kętrzyn

w powiecie kętrzyńskim.

1.

w gminie Giżycko: Bogacko, Guty, Antonowo na zachód od linii poprowadzonej przez miejscowości Guty i Kietlice, Kamionki na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Pilwa i Kronowo, Sterławki Małe na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Knis i Kalinowo, Wrony na zachód od linii poprowadzonej przez miejscowości Guty i Sterławki Małe,

2.

W gminie Ryn: Kronowo na południowy wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Doba i Martiany, Orło na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Koczarki i Sterławki Małe, Sterławki Wielkie na północ od linii poprowadzonej przez miejscowość Koczarki i skrzyżowania linii kolejowej Kętrzyn - Giżycko z drogą nr 59 w miejscowości Wilkasy,

w powiecie giżyckim.

1.

W gminie Węgorzewo: Łabapa, Radzieje, Róże, Dłużec na północny wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Pilwa i Kąty, Pilwa na północny wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Dłużec i Doba, Sztynort Mały na południowy zachód od linii poprowadzonej przez miejscowości Stawiska i Gajewo, Tarławki na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Silec i Kamionek Wielki

w powiecie węgorzewskim.

25.6.2023

W województwie warmińsko - mazurskim:

1.

W gminie Kętrzyn: Parcz, Czerniki na wschód od linii poprowadzonej po wschodnim brzegu jeziora Mój do miejscowości Pożarki, Osewo na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Kwiedzina i Kronowo, Mażany na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Czerniki i Dłużec

w powiecie kętrzyńskim.

1.

W gminie Giżycko: Kamionki na zachód od linii poprowadzonej przez miejscowości Pilwa i Kronowo,

2.

W gminie Ryn: Kronowo na północny zachód od linii poprowadzonej przez miejscowości Doba i Martiany

w powiecie giżyckim.

1.

W gminie Węgorzewo: Dłużec na południowy zachód od linii poprowadzonej przez miejscowości Pilwa i Kąty, Pilwa na południowy zachód od linii poprowadzonej przez miejscowości Dłużec i Doba

w powiecie węgorzewskim.

17.6.2023 – 25.6.2023

Cuid C

Criosanna srianta breise sna Ballstáit* lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1 agus in Airteagal 3a:

Ballstát: an Fhrainc

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh na bearta infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 3a

Les communes suivantes dans le département: Cher (18)

GENOUILLY

GRACAY

SAINT-OUTRILLE

21.6.2023

Les communes suivantes dans le département: Gers (32)

ANTRAS

AUCH

AUTERIVE

AUX-AUSSAT

AYGUETINTE

BEAUCAIRE

BEAUMONT

BECCAS

BETPLAN

BLOUSSON-SERIAN

BONAS

BOUCAGNERES

BOULAUR

CASSAIGNE

CASTELNAU-BARBARENS

CASTERA-VERDUZAN

CASTEX

CASTIN

CAZAUX-VILLECOMTAL

DURAN

ESTAMPES

FAGET-ABBATIAL

FOURCES

GAUJAC

GAUJAN

HAGET

HAULIES

JEGUN

LAAS

LAGARDERE

LAGUIAN-MAZOUS

LAMAZERE

LARROQUE-SAINT-SERNIN

LARTIGUE

LASSERAN

LASSEUBE-PROPRE

LAURAET

MAIGNAUT-TAUZIA

MALABAT

MANSENCOME

MARSEILLAN

MIELAN

MIRAMONT-D'ASTARAC

MONBARDON

MONGAUSY

MONPARDIAC

MONTEGUT-ARROS

MONTREAL

MOUCHAN

ORBESSAN

ORDAN-LARROQUE

PALLANNE

PAVIE

PELLEFIGUE

PESSAN

SABAILLAN

SAINT-ELIX

SAINT-JEAN-LE-COMTAL

SAINT-LARY

SAINT-MAUR

SAINT-PUY

SANSAN

SARAMON

SARCOS

SEMBOUES

SEMEZIES-CACHAN

SIMORRE

TILLAC

TOURNAN

TRAVERSERES

TRONCENS

VALENCE-SUR-BAISE

VILLECOMTAL-SUR-ARROS

VILLEFRANCHE

"SAINT-BLANCARD

ZS à l’Ouest des routes D 139 et D576

ZRS à l’Est"

SADEILLAN

SAINT-ARAILLES

SAINT-BLANCARD

21.7.2023

Les communes suivantes dans le département: Landes (40)

Argelos

Baigts

Bassercles

Bastennes

Baudignan

Bergouey

Bostens

Campagne

Campet-et-Lamolère

Castelnau-Chalosse

Castelner

Caupenne

Cazalis

Clermont

Doazit

Donzacq

Estibeaux

Gaillères

Garrey

Gibret

Gouts

Habas

Hauriet

Labastide-Chalosse

Labatut

Lacquy

Lacrabe

Lahosse

Larbey

Le Leuy

Losse

Lubbon

Lucbardez et Bargues

Maylis

Meilhan

Mimbaste

Misson

Momuy

Montaut

Montfort-en-Chalosse

Morganx

Mugron

Nerbis

Nousse

Ozourt

Peyre

Poudenx

Pouillon

Pouydesseaux

Poyartin

Rimbez-et-Baudiets

Roquefort

Saint-Aubin

Saint-Avit

Saint-Cricq-Chalosse

Saint-Cricq-du-Gave

Sainte-Foy

Saint-Gor

Saint-Martin-d'Oney

Sarbazan

Serreslous-et-Arribans

Sorde-l'Abbaye

Sort-en-Chalosse

Souprosse

Toulouzette

Uchacq-et-Parentis

Vielle-Soubiran

8.7.2023

Les communes suivantes dans le département: Lot-et-Garonne (47)

SAINTE MAURE DE PEYRIAC

SAINT PE SAINT SIMON

21.6.2023

Les communes suivantes dans le département: Pyrénées-Atlantiques(64)

ANDREIN

ARGAGNON

ARGET

AUDAUX

BARRAUTE-CAMU

BELLOCQ

BUGNEIN

BURGARONNE

CARRESSE-CASSABER

CASTAGNEDE

CASTEIDE-CANDAU

CASTETBON

CASTETNER

HAGETAUBIN

L'HOPITAL-D'ORION

LAAS

LABEYRIE

LAGOR

LAHONTAN

LOUBIENG

MASLACQ

MONT

NARP

ORAAS

ORION

ORRIULE

OSSENX

OZENX-MONTESTRUCQ

SAINT-MEDARD

SALIES-DE-BEARN

SAUVELADE

SAUVETERRE-DE-BEARN

23.6.2023

Les communes suivantes dans le département: Hautes-Pyrénées (65)

ANSOST

ARNE

ARTAGNAN

AURIEBAT

BARBACHEN

BARTHE

BAZORDAN

BETPOUY

BUZON

CAIXON

CASTELNAU-MAGNOAC

CASTELNAU-RIVIERE-BASSE

CASTERETS

CAUBOUS

CAUSSADE-RIVIERE

CIZOS

ESCAUNETS

ESTIRAC

FONTRAILLES

GARDERES

GAUSSAN

GENSAC

GUIZERIX

HACHAN

HAGEDET

HERES

LABATUT-RIVIERE

LAFITOLE

LAHITTE-TOUPIERE

LARAN

LARREULE

LARROQUE

LASCAZERES

LASSALES

LIAC

LUQUET

MADIRAN

MAUBOURGUET

MONFAUCON

MONLONG

NOUILHAN

ORGAN

OROIX

PEYRET-SAINT-ANDRE

PUNTOUS

RABASTENS-DE-BIGORRE

SABARROS

SADOURNIN

SAINT-LANNE

SARRIAC-BIGORRE

SAUVETERRE

SEGALAS

SERON

SOMBRUN

SOUBLECAUSE

TRIE-SUR-BAISE

VIC-EN-BIGORRE

VIDOUZE

VIEUZOS

VILLEFRANQUE

VILLENAVE-PRES-BEARN

1.7.2023

*

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí don Bhallstát leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/162


CINNEADH (AE) 2023/1338 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2023

maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh táirgí áirithe do leanaí agus táirgí a bhaineann leo de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (1), agus go háirithe Airteagal 4(1), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá feidhm ag Treoir 2001/95/CE maidir leis na táirgí go léir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(a) iad sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir céanna acu agus atá i rialacha dhlí an Aontais lena rialaítear sábháilteacht na dtáirgí lena mbaineann.

(2)

Na táirgí a chomhlíonann caighdeáin náisiúnta lena dtrasuitear caighdeáin Eorpacha arna dtarraingt suas faoi Threoir 2001/95/CE agus na tagairtí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tairbhíonn siad de thoimhde na sábháilteachta.

(3)

Leis an gClár Oibre nua do Thomhaltóirí 2020 (2), geallann an Coimisiún sábháilteacht na dtáirgí do leanaí a neartú, i bhfianaise a leochailí atá an catagóir tomhaltóirí seo, trí cheanglais sábháilteachta a ghlacadh atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh na dtáirgí sin. As na táirgí go léir faoinar tugadh fógra mar tháirgí contúirteacha in 2020 agus 2021 ag úsáid chóras mear-rabhaidh an Aontais, ‘Safety-Gate’, dá ngairtí roimhe seo an Córas Mear-Mhalartaithe Faisnéise ‘RAPEX’, bhí níos mó ná 20 % díobh ina dtáirgí do leanaí. Ina theannta sin, lena theachtaireacht maidir le Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí (3), is é is aidhm shuntasach don Choimisiún feabhas a chur ar shábháilteacht na leanaí in aghaidh ceimiceán guaiseach in earraí tomhaltais atá ceaptha dóibh.

(4)

Ghlac an Coimisiún cheana Cinneadh 2010/9/AE (4) maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh fáinní folctha, áiseanna folctha agus tobáin folctha agus seastáin folctha do leanaí agus do pháistí óga, Cinneadh 2010/376/AE (5) maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh táirgí áirithe i dtimpeallacht chodlata leanaí agus Cinneadh 2013/121/AE (6) maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh suíocháin áirithe do leanaí. Chomh maith leis na cinntí sin, áfach, is gá ceanglais atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha a leagan síos le haghaidh grúpa níos leithne de tháirgí leanaí agus de tháirgí a bhaineann leo.

(5)

Leagtar síos na rialacha maidir le sábháilteacht bréagán i dTreoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Tá feidhm ag Treoir 2001/95/CE, áfach, maidir leis na gnéithe agus rioscaí nó catagóirí rioscaí nach gcumhdaítear le Treoir 2009/48/CE. Ní mór dá bhrí sin ceanglais atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha maidir le táirgí do leanaí agus táirgí a bhaineann leo a bheith san áireamh sa Chinneadh seo a mhéid nach gcumhdaítear rioscaí nó catagóirí rioscaí le Treoir 2009/48/CE.

(6)

Tá na ceanglais sábháilteachta riachtanach chun caighdeáin Eorpacha maidir le táirgí áirithe do leanaí agus táirgí a bhaineann leo a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta. Ní mór a áirithiú leis na ceanglais sin go ndéanfaidh táirgí atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin an ceanglas ginearálta sábháilteachta a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2001/95/CE a chomhlíonadh.

(7)

Ba cheart a léiriú sna ceanglais sábháilteachta sin an t-eolas eolaíoch agus teicniúil nua agus forbairt an mhargaidh. Trí chur chuige guaisbhunaithe a úsáid, tugtar caoi do mheasúnú cuimsitheach ar rioscaí dar féidir leanaí a nochtadh agus iad ag úsáid táirgí atá ceaptha dóibh. Ina theannta sin, is cuidiú é an cur chuige sin chun éiginnteachtaí a bhaineann le táirgí nua amach anseo a admháil agus chun dul i ngleic leo. Ina theannta sin, is fusa comparáid a dhéanamh idir na ceanglais sin agus inneachar na gcaighdeán de bharr na formáide guaisbhunaithe, rud a éascaíonn comhlíontacht na gcaighdeán leis na ceanglais. Is gá dá bhrí sin cur chuige guaisbhunaithe a úsáid agus ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha maidir le táirgí do leanaí agus táirgí a bhaineann leo á leagan síos.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a leagtar síos le hAirteagal 15 de Threoir 2001/95/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir leis na caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2001/95/CE le haghaidh na dtáirgí seo a leanas:

(a)

táirgí do leanaí atá ceaptha lena gcaitheamh ag leanaí;

(b)

táirgí do leanaí atá ceaptha éascaíocht a dhéanamh nó cosaint a thabhairt don fheidhm suí, don fheidhm chodlata, don fheidhm folctha, don aire don chorp, don scíth, don iompar agus don luathfhoghlaim;

(c)

táirgí do leanaí atá ceaptha beathú, ól nó diúl a dhéanamh níos éasca do leanaí;

(d)

táirgí do leanaí a thugann ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) agus ceann amháin nó níos mó d’fheidhmeanna eile;

(e)

táirgí a bhaineann le táirgí do leanaí, lena n-áirítear na táirgí seo a leanas:

(i)

táirgí agus gabhálais arna ndearadh go sonrach lena n-úsáid in éineacht le táirgí do leanaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) nó i gcomhcheangal leis na táirgí sin;

(ii)

táirgí atá le húsáid agus le suí nó le suiteáil ag aosaigh atá inrochtana ag leanbh nó a thugann feidhm chosanta do leanbh.

Airteagal 2

Ceanglais sábháilteachta

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2001/95/CE maidir le táirgí áirithe do leanaí agus táirgí a bhaineann leo dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 11, 15.1.2002, lch. 4.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Clár Oibre Nua do Thomhaltóirí – athléimneacht tomhaltóirí a neartú ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe, COM(2020) 696 final an 13.11.2020.

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht atá Saor ó Thocsainí] COM(2020) 667 final 14.10.2020.

(4)  Cinneadh 2010/9/AE ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2010 maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh fáinní folctha, áiseanna folctha agus tobáin folctha agus seastáin folctha do leanaí agus do pháistí óga de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 3, 7.1.2010, lch. 23).

(5)  Cinneadh 2010/376/AE ón gCoimisiún an 2 Iúil 2010 maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh táirgí áirithe i dtimpeallacht chodlata leanaí de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 170, 6.7.2010, lch. 39).

(6)  Cinneadh 2013/121/AE ón gCoimisiún an 7 Márta 2013 maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh suíocháin áirithe do leanaí de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 65, 8.3.2013, lch. 23).

(7)  Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

CEANGLAIS SÁBHÁ ILTEACHTA ATÁ LE COMHLÍONADH AG CAIGHDEÁIN EORPACHA MAIDIR LE TÁIRGÍ ÁIRITHE DO LEANAÍ AGUS TÁIRGÍ A BHAINEANN LEO DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

1.

Chemical hazards 166

2.

Thermal hazards 167

3.

Flammability hazards 167

4.

Entrapment hazards 168

5.

Hazards from moving parts – including shearing, cutting crushing hazards. 168

6.

Hazards from children’s products designed to fold for storage and transportation 169

7.

Hazards from children’s products designed to be dismantled for storage and transportation 169

8.

Hazards related to attachment mechanisms and opening and closing systems 169

9.

Hazards associated with wheeled products 170

10.

Entanglement hazards 170

11.

Choking hazards 170

12.

Suffocation hazards 171

12.1.

Hazards linked to breathing 171

13.

Ingestion hazards 171

14.

Insertion and aspiration hazards 171

15.

Hazardous points, edges and projections 171

16.

Structural integrity hazards 172

17.

Hazards associated with protective functions 172

18.

Hazards associated with restraint systems 173

19.

Hazards associated with stability 173

20.

Falling hazards 173

21.

Drowning hazards 174

22.

Electrical hazards 174

23.

Biometric hazards 174

24.

Acoustic hazards 174

25.

Radiation hazards 174

26.

Radioactive hazards 175

27.

Hygiene’s hazards 175

28.

Hazards associated with information supplied with the product 175

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha maidir le táirgí áirithe do leanaí agus táirgí a bhaineann leo dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo. Beartaítear leis na ceanglais sin a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirgí atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin an ceanglas ginearálta sábháilteachta a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Threoir 2001/95/CE.

Ní chuirfidh táirgí do leanaí sábháilteacht ná sláinte leanaí ná cúramóirí i mbaol nuair a bhaintear úsáid astu faoi choinníollacha úsáide a mbeadh coinne réasúnta leo, agus aird á tabhairt ar iompraíocht, ar chumais nó ar leochaileacht leanaí agus cúramóirí.

Aon uair is féidir, cuirfear riachtanais speisialta úsáideoirí faoi mhíchumas - cúramóirí agus leanaí araon - san áireamh chun a sábháilteacht a áirithiú.

Tabharfar tosaíocht i gcónaí don tsábháilteacht trí dhearadh.

Cuirfear faisnéis iomchuí ar na táirgí do leanaí, faisnéis a tharraingeoidh aird tuismitheoirí agus cúramóirí - agus/nó ar an bpacáistíocht - lena léireofar na guaiseacha ar gnéithe dílse iad d’úsáid na dtáirgí agus na modhanna lena seachaint. Áireofar air sin rabhaidh (picteagraim agus/nó téacs) agus treoracha úsáide agus/nó cothabhála.

Coinneoidh táirgí do leanaí a sábháilteacht agus a saintréithe sábháilteachta ar bun le linn a saolré intuartha. Dearfar agus monarófar iad ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le haon ghuais atá bainteach lena n-úsáid leanúnach thar an tréimhse ama intuartha.

Táirgí do leanaí atá ceaptha lena n-úsáid i gcúrsa seirbhíse, comhlíonfaidh siad ceanglais shonracha chun a chur san áireamh go mbaintear úsáid níos minice astu, ar feadh tréimhse ama níos faide agus go bhféadfaidh siad a bheith faoi réir srianta níos doichte.

Caighdeáin arna ndréachtú de dhroim iarrataí caighdeánaithe ón gCoimisiún bunaithe ar na ceanglais sábháilteachta sin, ní mór a chur san áireamh iontu na sonraí antrapaiméadracha is déanaí, taighde leighis, comhairle sláinte aitheanta a bhaineann go sonrach le sábháilteacht leanaí (e.g. cleachtais shábháilte chodlata), agus eolas eolaíoch agus teicniúil úrscothach maidir le sábháilteacht agus/nó sláinte leanaí.

Ní mór do dhearthóirí agus do mhonaróirí a chuimhneamh nach bhfuil guaiseacha maidir le táirgí do leanaí teoranta dóibh siúd a luaitear sa doiciméad seo. Ina theannta sin, ní mór rialacha eile an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí, amhail rialacha maidir le sábháilteacht ceimiceán, a chomhlíonadh.

Ní mór guaiseacha breise a bhreithniú, a bhaineann le húsáid agus feidhmiú sábháilte táirgí (lena n-áirítear guaiseacha a bhaineann le hintleacht shaorga, leis an gcibearshlándáil, nascacht idirlín, slándáil agus príobháideachas).

Ní mór aon ghuais a bhaineann le cianchumarsáid, cianbhreathnóireacht agus cianrialú an chúramóra ar an leanbh a bhreithniú.

Forbraíonn corp, meabhair agus mothúcháin leanaí ar rátaí difriúla. Maidir le gach caighdeán a fhorbraítear chun na ceanglais sábháilteachta sin a chomhlíonadh, sonrófar go soiléir ina raon feidhme an chéim forbartha (amhail aoisghrúpa, meáchan agus airde) agus soláthrófar dá réir sin na ceanglais sábháilteachta táirge.

I gcás nach leantar an cur chuige sin, tabharfar údar leis sin san iarscríbhinn fhaisnéiseach a ghabhann leis an gcaighdeán.

Breithneofar inúsáidteacht sna caighdeáin maidir le táirgí do leanaí - ba cheart, go háirithe, dearadh an táirge do leanaí ligean d’úsáideoir aosach aonair an táirge a shuiteáil, a láimhseáil agus a úsáid.

I gcás earraí a dheartar lena n-úsáid in éineacht le táirgí do leanaí ach atá faoi réir caighdeáin eile, comhlíonfaidh siad ceanglais an dá chaighdeán araon.

1.   Guaiseacha ceimiceacha

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach nach bhfuil aon riosca ann go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine do leanaí ná do thríú páirtithe (leanaí agus aosaigh) mar gheall ar nochtadh do na substaintí ceimiceacha nó do na meascáin díobh atá i dtáirgí do leanaí nó dá bhfuil na táirgí sin comhdhéanta, nuair a úsáidtear na táirgí do leanaí mar a cheaptar nó faoi choinníoll úsáide a mbeadh coinne réasúnta leis, agus aird á tabhairt ar iompraíocht leanaí, ar an úsáid faoi leith a bhaintear as táirge agus ar na coinníollacha nochta a bhíonn ann dá toradh.

Comhlíonfaidh táirgí do leanaí - agus a bpacáistíocht - reachtaíocht ábhartha an Aontais uile a bhaineann le catagóirí táirgí áirithe nó le srianta ar shubstaintí nó ar mheascáin áirithe.

Léireofar le caighdeáin na treoirlínte is déanaí maidir le ceimiceáin agus bainfidh siad go sonrach le heolas maidir le sábháilteacht agus sláinte leanaí (maidir le rudaí a chur sa bhéal, a ionanálú agus a ionsú).

Aon uair a bhaintear úsáid as ábhair athchúrsáilte, comhlíonfaidh siad na coinníollacha céanna agus a chomhlíonann ábhair nach bhfuil athchúrsáilte.

Déanfar na treoirlínte ábhartha uile, na forálacha rialála uile agus na torthaí eolaíocha is déanaí uile maidir le táirgí comhchosúla a chur san áireamh agus na ceanglais maidir le sábháilteacht ceimiceán táirgí do leanaí á leagan síos, amhail luach teorann iomchuí ceimiceán a chinneadh. Ba cheart an úrscothacht atá ann faoi láthair maidir le modhanna tástála a chur i bhfeidhm le haghaidh an mheasúnaithe.

Mar gheall ar choinníollacha úsáide sonraí (e.g.: fad nochta, úsáid shonrach táirge) ba cheart tairseacha a oiriúnú chun an úsáid a bhfuil coinne réasúnta lena baint as an táirge a chomhlíonadh.

2.   Guaiseacha teirmeacha

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha teirmeacha. Cuirfear san áireamh iompraíocht an linbh agus na sonraí atá ar fáil maidir le teochtaí dromchla a bhaineann leis na dónna. Cumhdófar aon ghuais iarmharach le rabhaidh oiriúnacha. Áirítear le guaiseacha teirmeacha na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

Teagmháil le dromchlaí teo nó fuara.

(b)

Ionghabháil bianna nó leachtanna teo.

(c)

Scalladh.

(d)

Róthéamh (hipirteirme).

(e)

Ag éirí fuar (hipiteirme).

3.   Guaiseacha inadhainteachta

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn le guaiseacha inadhainteachta a mhéid is féidir.

Áirítear ar ghuaiseacha inadhainteachta na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

Guaiseacha mar gheall ar éifeacht splaince.

(b)

Guaiseacha mar gheall ar forleathadh lasrach.

(c)

Guaiseacha mar gheall ar iompraíocht leáite ábhar.

(d)

Guaiseacha mar gheall ar theagmháil le lasracha.

Beidh táirgí do leanaí comhdhéanta d’ábhair a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas (ní liosta cuimsitheach é):

(a)

Níl siad inlasta go héasca agus tá siad féinmhúchtach.

(b)

Má adhnann siad, dónn siad go mall agus ní leathann na lasracha ach ar ráta íseal.

(c)

Gan beann ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, deartar iad chun moill mheicniúil a chur leis an bpróiseas dócháin.

Ní bhainfear úsáid i dtáirgí do leanaí as substaintí arb eol go ndéanann siad múch an-tocsaineach i gcás dócháin. Ní bheidh ábhair indóite ina mbaol adhainte d’ábhair eile a úsáidtear sa táirge.

Substaintí agus ábhair a aithnítear a bheith ina gcontúirt thromchúiseach don tsláinte, ní aistreoidh siad ná ní scaoilfear iad i dtiúchan a d’fhéadfadh a bheith contúirteach d’úsáideoirí an táirge.

Ba cheart a shonrú leis na caighdeáin nár cheart substaintí ceimiceacha lasairmhoillitheacha a úsáid ach amháin nuair nach bhfuil aon rogha eile indéanta. Má úsáidtear substaintí ceimiceacha lasairmhoillitheacha, ní chuirfear sláinte úsáideoirí, cúramóirí ná an chomhshaoil i mbaol mar gheall ar a dtocsaineacht ná ar a ndiúscairt deireadh ré.

4.   Guaiseacha sáinnithe

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha sáinnithe a bhaineann le baill choirp an linbh. Ní mór do tháirgí sáinniú cheann, mhuineál, chabhail, ghéaga láimhe, lámha, mhéara, ghéaga coise, chosa agus bharraicíní an linbh a chosc.

Áireofar ar na ceanglais maidir le sáinniú a chosc guaiseacha a bhaineann leis na nithe seo a leanas, bíodh siad righin nó ná bíodh, ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

Oscailtí atá go hiomlán ceangailte.

(b)

Oscailtí atá ceangailte go páirteach.

(c)

Oscailtí i gcruth V.

(d)

Oscailtí i gcruth neamhrialta.

(e)

Oscailtí dinimiciúla.

(f)

Ceanglóirí.

(g)

Poill.

(h)

Bearnaí.

(i)

Brú ó ábhar mórthimpeall.

Gach táirge lena ndéantar spás cúng ar féidir leis an leanbh dul isteach ann agus a bheith sáinnithe ann, dearfar agus monarófar iad ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha a bhaineann le hiniamh.

Sonrófar go soiléir leis na caighdeáin toisí sábháilte i ndáil le guaiseacha sáinnithe. Léireofar i gcónaí leis na tomhais sin na sonraí antrapaiméadracha is déanaí a bhaineann leis na leanaí ar dócha go n-úsáidfidh siad an táirge agus go mbeidh siad i dteagmháil leis agus bainfidh siad go sonrach le heolas maidir le sábháilteacht leanaí.

Guais sáinnithe de dheasca gluaiseachta, cuirfear teorainn léi a mhéid is féidir tríd an dearadh. Cumhdófar guaiseacha iarmharacha le rabhaidh agus treoracha.

Áirítear ar ghuaiseacha atá bainteach le gluaiseacht na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

Sáinniú de dheasca meáchan táirge ag iompú béal faoi.

(b)

Sáinniú de dheasca bearnaí agus oscailtí atá bainteach le húsáid réamh-mheasta an táirge (lena n-áirítear na bearnaí agus na hoscailtí sin a chruthaíonn leanbh agus é ag gluaiseacht).

(c)

Sáinniú de dheasca bearnaí agus oscailtí a bhfuil rochtain ag an leanbh orthu ach atá cóngarach don táirge.

(d)

Sáinniú nuair a leagann an leanbh a mhuineál/scornach ar chiumhais bhog nó chrua.

(e)

Sáinniú arb é an táirge is cúis leis, ach a bhaineann le leanaí nach iad príomhúsáideoir an táirge iad.

5.   Guaiseacha a bhaineann le páirteanna gluaisteacha – lena n-áirítear guaiseacha lomtha, gearrtha agus mionbhrú.

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le páirteanna gluaisteacha. Ní mór do na táirgí cosc a chur ar ghearradh le siosúr, lomadh (i gcás ina mbogann comhpháirteanna i gcoibhneas a chéile agus ina ndéanann siad gníomhaíocht gearrtha le siosúr), mionbhrú (i gcás ina mbogann comhpháirteanna i gcoibhneas a chéile agus ina ndéanann siad gníomhaíocht chomhbhrú), scoitheadh nó gearradh an choirp ina iomláine, géag, méar agus barraicíní.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le páirteanna gluaisteacha a chosc, áireofar iad ar na guaiseacha seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Gluaiseacht an táirge féin.

(b)

Gluaiseacht agus meáchan coirp an linbh.

(c)

Fórsa seachtrach a chur i bhfeidhm/a scaoileadh.

Ní mór do dhearthóirí agus do mhonaróirí a chur san áireamh go bhféadfadh guaiseacha athrú de réir inrochtaineacht na bpáirteanna gluaisteacha; solúbthacht an ábhair (lena n-áirítear fabraic); éifeacht fórsaí agus suíomhanna fórsa; modh oibrithe na bpáirteanna gluaisteacha; cruth/ábhar na bpáirteanna; cumas an linbh; etc.

6.   Guaiseacha a bhaineann le táirgí do leanaí arna ndearadh lena bhfilleadh chun iad a stóráil agus a iompar

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le táirgí arna ndearadh lena bhfilleadh chun iad a stóráil nó a iompar. Ní mór mionbhrú, gearradh, sáinniú agus plúchadh mar gheall ar fhilleadh neamhbheartaithe a chosc leis na táirgí.

Ceanglais maidir le guaiseacha a chosc a bhaineann le táirgí arna ndearadh lena bhfilleadh chun iad a stóráil nó a iompar, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Úsáidfear feistí glasála chun cur in úsáid neamhiomlán/trí thimpiste a chosc.

(b)

Beidh an suíomh glasála/glasáilte soiléir don tuismitheoir/chúramóir.

(c)

Ní tharlóidh scaoileadh neamhbheartaithe sásraí glasála.

(d)

Inúsáidteacht an táirge chun é a chur ar a chumas d’aon duine fásta amháin é a oibriú.

(e)

Ní bheidh sé indéanta na táirgí sin a úsáid gan an sásra/na sásraí glasála a ghníomhachtú.

7.   Guaiseacha a bhaineann le táirgí do leanaí arna ndearadh lena ndíchóimeáil chun iad a stóráil agus a iompar

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le díchóimeáil táirgí lena stóráil/lena n-iompar agus le hathchóimeáil na dtáirgí sin lena n-úsáid ina dhiaidh sin.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le díchóimeáil agus athchóimeáil a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

 

Áireofar ann treoracha a bhfuil foclaíocht soiléir iontu agus atá sothuigthe agus a bhféadfaidh an gnáth-thomhaltóir neamhghairmiúil iad a thuiscint.

(a)

Soláthrófar faisnéis maidir le conas an táirge a dhíchóimeáil agus a athchóimeáil, rud a áiritheoidh a shábháilteacht leanúnach agus é in úsáid.

(b)

Ba cheart picteagraim agus léaráidí a chur san áireamh san fhaisnéis sábháilteachta ábhartha.

(c)

Ba cheart marcálacha marthanacha a mharcáil ar na táirgí do leanaí chun faisnéis sábháilteachta an-tábhachtach a chur i dtábhacht.

(d)

Aon uirlis speisialta a theastaíonn le haghaidh cóimeála agus suiteála, ba cheart í a sholáthar in éineacht leis an táirge.

(e)

Beifear in ann gach feiste cóimeála a theannadh i gceart.

(f)

Úsáidfear feistí glasála chun díchóimeáil neamhbheartaithe a chosc.

(g)

Beidh an suíomh glasála/glasáilte soiléir don tuismitheoir/chúramóir.

(h)

Ní úsáidfear scriúnna féintapála ach amháin le haghaidh páirteanna nach bhfuil sé beartaithe iad a dhíchóimeáil.

8.   Guaiseacha a bhaineann le sásraí ceangail agus córais oscailte agus dúnta

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach lena sásraí ceangail agus/nó lena gcórais oscailte agus dúnta. Ní mór mionbhrú, lomadh, gearradh, gearradh le siosúr, sáinniú, titim agus plúchadh mar gheall ar scaoileadh neamhbheartaithe a chosc leis na táirgí.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le sásraí ceangail agus córais oscailte agus dúnta a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Más féidir an táirge a úsáid i roinnt suíomhanna, coinneofar an suíomh roghnaithe ar bun le linn don táirge a bheith faoi réir gnáthfhórsaí a bhaineann le gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí an linbh.

(b)

Dearfar agus monarófar córais oscailte agus dúnta chun oibriú neamhbheartaithe a sheachaint.

9.   Guaiseacha atá bainteach le táirgí rothaí

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí a bhfuil rothaí nó roithlíní orthu (le haghaidh iompar nó gluaiseacht eile) ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le rothaí nó roithlíní agus gluaiseacht neamhbheartaithe.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le rothaí/roithlíní agus gluaiseacht neamhbheartaithe a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Déanfar gach táirge rothaí a fheistiú le feiste/feistí glasála oiriúnach(a), rud a ráthóidh cobhsaíocht nuair is gá.

(b)

Beidh gach feiste glasála sábháilte agus í in úsáid.

(c)

Beidh feidhm pháirceála ag táirgí do leanaí a bhfuil rothaí orthu, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh a bheith daingnithe go cobhsaí gan beann ar an dromchla.

10.   Guaiseacha a bhaineann le dul i bhfostú

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha a bhaineann le dul i bhfostú.

Áireofar ceanglais maidir leis na guaiseacha seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

Guaiseacha a bhaineann le dul i bhfostú.

(b)

Tarraingt táirgí teicstíle amhail comhpháirteanna éadaigh (ceanglóirí, cnaipí, maisiúcháin, fuáil nó nithe comhchosúla a mbeidh ann mar gheall orthu poill, bearnaí agus oscailtí, nó codanna den dearadh a ghobann amach).

(c)

Guaiseacha tachta mar gheall ar chordaí, ribíní, ceangail, cáblaí nó lúba.

(d)

Guaiseacha mar gheall ar shnáitheanna monaifiliméid.

(e)

Guaiseacha mar gheall ar hanlaí.

Sonrófar go soiléir leis na caighdeáin toisí sábháilte agus ceanglais tástála i ndáil le cordaí, ribíní, ceangail, cáblaí, lúba agus guaiseacha eile a bhaineann le dul i bhfostú. Léireofar i gcónaí leis na tomhais sin na sonraí antrapaiméadracha is déanaí agus bainfidh siad go sonrach le heolas maidir le sábháilteacht leanaí. Beidh málaí stórála le haghaidh táirgí sábháilte freisin.

11.   Guaiseacha tachta

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina ndíothófar guaiseacha tachta.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le tachtadh a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Aon pháirt is féidir a dhícheangal leis an bhfórsa a bhféadfadh leanbh a chur i bhfeidhm uirthi, ní bheidh sí beag go leor chun go mbeadh sí ina guais tachta.

(b)

Aon pháirt atá beag go leor chun go mbeadh sí ina guais tachta, ní bheifear in ann í a bhriseadh, a stróiceadh ná a scaradh den táirge (e.g. i gcás ina ligtear dó titim) agus an táirge in úsáid.

(c)

Aon chomhpháirt is féidir a bhaint gan uirlis a úsáid, ní bheidh sí ina guais tachta.

(d)

Aon chomhpháirt atá fada go leor chun go spreagfadh sí an fhrithluail cur amach má chuireann an leanbh an táirge ina bhéal, níor cheart a cheadú do leanaí atá ró-óg, mar gheall ar ghuais tachta, a bheith in ann suí suas gan chúnamh.

(e)

Ábhair stuála arb é atá iontu guaiseacha tachta, ní bheidh siad inrochtana i gcás ina gcuirfear faoi réir fórsaí iad a bhféadfadh leanbh a chur i bhfeidhm orthu.

(f)

Ní bheidh táirgí ina nguaiseacha mar gheall ar ionanálú de dheasca mhéid na ngnéithe atá iontu nó toisc go n-éiríonn na gnéithe sin beag nó inrochtana go leor nuair a chuirtear faoi réir fórsaí iad a bhféadfadh leanbh a chur i bhfeidhm orthu.

(g)

Cuirfear méid iomlán agus cruth na dtáirgí san áireamh, agus cuirfear réitigh theicniúla/mheicniúla i bhfeidhm i gcás inar gá (e.g. poill aeir i dtáirgí ina mbaineann an ghuais tachta le gnáthúsáid agus le húsáid réamh-mheasta an táirge).

Sonrófar go soiléir leis na caighdeáin toisí sábháilte agus ceanglais tástála i ndáil le guaiseacha tachta. Léireofar i gcónaí leis na tomhais sin na sonraí antrapaiméadracha is déanaí agus bainfidh siad go sonrach le heolas maidir le sábháilteacht leanaí.

12.   Guaiseacha plúchta

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha plúchta atá bainteach le táirgí agus lena bpacáistíocht. Tarlaíonn guaiseacha den sórt sin i gcás ina bhfuil an tsrón agus an béal blocáilte go comhuaineach.

Áireofar ceanglais maidir leis na guaiseacha seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

Plúchadh mar gheall ar ábhair thanaí/bhoga is féidir a mhúnlú chun aghaidh an linbh a chumhdach (lena n-áirítear aistreoga).

(b)

Plúchadh mar gheall ar mhálaí plaisteacha tanaí a bhfuil imlíne oscailte acu atá níos mó ná cuar-imlíne cheann an linbh.

(c)

Plúchadh mar gheall ar phacáistíocht fhéinghreamaitheach (e.g. scannán cumhdaithe).

(d)

Plúchadh mar gheall ar tháirgí cruthaithe is féidir a chur thar aghaidh an linbh agus a chruthaíonn séala aerdhíonach.

(e)

Plúchadh mar gheall ar aerbhealaí a bheith cumhdaithe ag ábhair bhoga chlúmhacha insínte, go háirithe i dtimpeallacht codlata leanaí (na leanaí is óige), nó mar gheall ar an leanbh a bheith á chuachadh féin iontu.

Seachnófar ábhair ghuaiseacha phacáistíochta i gcás inar féidir ach, nuair atá gá leo, beidh siad sábháilte de réir dearaidh (i.e.: polladh nó tiús faoin íosmhéid). Ina theannta sin, ba cheart feasacht a thabhairt do thomhaltóirí maidir le guaiseacha na pacáistíochta (i.e.: guais plúchta sheachtraigh).

12.1.   Guaiseacha a bhaineann le hanálú

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha plúchta atá bainteach le heaspa tréscaoilteachta aeir.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le tréscaoilteacht aeir a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Ní chumhdófar srón agus béal an linbh go comhuaineach.

(b)

Tochtanna, éadaí leapa nó táirgí comhchosúla eile, ní mhúnlóidh siad iad féin chun aghaidh an linbh a chumhdach.

(c)

Ní bheidh guaiseacha plúchta breise ag baint le tochtanna ná le héadaí leapa breise.

13.   Guaiseacha ionghabhála

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le hionghabháil.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le hionghabháil a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Leanfaidh comhpháirteanna ceangailte de bheith ceangailte, agus ní bhrisfear ina bpíosaí iad má thagann siad chun bheith dícheangailte.

(b)

Beidh nithe agus comhpháirteanna beaga de mhéid agus de thógáil nach rachaidh siad trí bhéal agus scornach an linbh isteach ina bholg.

(c)

Tá maighnéid, cadhnraí agus comhpháirteanna comhchosúla eile an-ghuaiseach agus ní bheidh an leanbh in ann na comhpháirteanna sin a rochtain ná a ionghabháil.

14.   Guaiseacha a bhaineann le hionsá agus asú

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha a bhaineann le hionsá agus asú mar gheall ar pháirteanna beaga a d’fhéadfaí a chur isteach sna cluasa nó sa tsrón.

15.   Pointí, imill agus starráin ghuaiseacha

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha gearrtha nó guaiseacha comhchosúla atá bainteach le pointí, imill nó starráin ghéara.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le pointí, imill nó starráin ghéara a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Ba cheart dromchlaí a bheith mín – ach amháin i gcás ina bhfuil an dromchla deartha go sonrach ar bhealach eile chun cuidiú le feidhmiú sábháilte an táirge do leanaí.

(b)

Díothófar imill, coirnéil, sreanga agus pointí géara.

(c)

Ní bheidh aon pháirt ghobach ann a bheidh ina cúis le gortú.

(d)

Páirteanna táirgí a ghobann amach, ní bheidh siad ina gcúis le gortú suntasach.

(e)

Beidh an t-ábhar saor ó scealpa.

(f)

Beidh dromchlaí miotail agus páirteanna miotalacha eile frithsheasmhach in aghaidh creimeadh agus calógú.

(g)

Ní úsáidfear gloine leatháin.

(h)

Ní bheidh aon riosca tachta ná aisficse ag baint le holann ghloine ná le mianraí comhchosúla eile.

(i)

Ní bheidh nithe crua ná géara in ábhair stuála/líonta.

16.   Guaiseacha a bhaineann le sláine struchtúrach

Beidh neart agus sláine struchtúrach leordhóthanach ag táirgí do leanaí a mhairfidh ar feadh a saolré beartaithe. Dearfar agus monarófar iad ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach lena n-úsáid leanúnach le linn tréimhse ama intuartha.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le sláine struchtúrach a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Ba cheart neart agus marthanacht leordhóthanach a bheith ag táirgí a mhairfidh ar feadh shaolré fhoriomlán an táirge.

(b)

Beidh táirgí agus ábhair (lena n-áirítear fabraicí agus fuáil) leormhaith chun bheith frithsheasmhach in aghaidh gach úsáide agus dála lena bhfuil coinne, agus ní dhíghrádófar iad ná ní thiocfaidh siad chun bheith guaiseach de dheasca a n-úsáide le himeacht ama ná de dheasca athruithe teochta, bogthaise agus neamhchosanta ar sholas ultraivialaite, etc.

(c)

Táirgí is gá a chóimeáil agus/nó a shuiteáil, tar éis iad a chóimeáil/a shuiteáil de réir threoracha an mhonaróra, beidh an tsláine struchtúrach chéanna acu agus atá ag na táirgí arna gcóimeáil/arna suiteáil ag an monaróir agus comhlíonfaidh siad gach ceanglas sábháilteachta ag a bhfuil feidhm maidir leis na táirgí sin.

(d)

Táirgí is féidir a choigeartú don leanbh agus é ag fás, ní thiocfaidh athrú ar neart na dtáirgí sin mar thoradh ar bhrú meicniúil.

(e)

Feistí daingnithe arna ndearadh chun an táirge a cheangal go slán le ní, táirgí nó feistí eile, leanfaidh siad de bheith éifeachtach ar feadh shaolré an táirge.

17.   Guaiseacha atá bainteach le feidhmeanna cosanta

Táirgí do leanaí a bhfuil feidhm chosanta acu, cuirfear srian sábháilte leo ar rochtain an linbh ar ghuaiseacha. Táirgí a choinníonn leanbh laistigh de thimpeallacht shonrach (e.g.: bacainní), nó a chosnaíonn an leanbh ar ghuaiseacha atá bainteach leis an aimsir agus/nó feithidí, nó a chuireann teorainn le gluaiseacht an linbh agus/nó a chuireann srian ar rochtain an linbh ar ghuaiseacha (e.g. cosantóirí coirnéil), soláthróidh siad go sábháilte an fheidhm chosanta atá beartaithe.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le feidhmeanna cosanta a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Beidh an fheidhm chosanta oiriúnach d’aois agus do chumas an linbh, ní thabharfar rochtain ar ghuaiseacha breise ná ní chumasófar rochtain orthu léi agus ní dhéanfar feidhmiú ná éifeachtacht na feidhme sin a laghdú agus í in úsáid.

(b)

Déanfar bacainní a dhearadh sa chaoi nach mbeidh an leanbh in ann éirí os a gcionn, dul fúthu, dul tríothu ná iad a bhaint.

(c)

Beidh airdí na mbacainní sábháilte i gcónaí agus léireofar leo céim forbartha an linbh agus na sonraí antrapaiméadracha is déanaí araon.

(d)

Táirgí lena soláthraítear feidhm chosanta don leanbh, ní bheidh siad ina gcúis le guaiseacha sáinnithe.

(e)

Ní bheidh aon sásra glasála/laiste in ann a bheith díchumasaithe ná díláithrithe ag an leanbh ná ag an gcúramóir go neamhaireach.

(f)

Is gá táirgí frithiompaithe (mar shampla táirgí lena gcuirtear cosc ar throscán, troscán stórála, scáileáin teilifíse ó bheith ag titim ar leanaí) a dhearadh sa chaoi go bhfuil ceangail agus ábhair oiriúnacha acu atá frithsheasmhach in aghaidh fórsaí a bhfuil coinne leis go mbeidh siad neamhchosanta orthu, lena n-áirítear aosú, solas ultraivialaite, etc.

(g)

Is gá sásraí frithoscailte (mar shampla táirgí a chuireann cosc ar leanaí ó bheith in ann doirse agus fuinneoga a oscailt) a dhearadh sa chaoi go bhfuil feiste glasála oiriúnach agus fórsaí oiriúnacha acu chun guaiseacha titime a chosc.

18.   Guaiseacha atá bainteach le córais bactha

Táirgí do leanaí lena ngabhann córas bactha, cuirfear srian sábháilte leo ar rochtain an linbh ar ghuaiseacha agus ní bheidh guaiseacha breise a bhaineann leis na bacainní iad féin mar thoradh air.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le córais bactha a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Ceanglófar córais bactha go slán agus ní bheidh siad ina gcúis le guaiseacha iad féin.

(b)

Beifear in ann córais bactha a choigeartú do mhéid an linbh.

(c)

Beidh córais bactha éifeachtach i gcónaí agus i ngach cás úsáide.

(d)

Cuirfear san áireamh i gcórais bactha gach gluaiseacht agus fórsa féideartha ar féidir leis an leanbh a chur i bhfeidhm orthu.

(e)

Beidh na táirgí sábháilte agus iad in úsáid agus déanfaidh siad an fheidhm bactha atá beartaithe. Beifear in ann an leanbh a bhaint as go héasca i staid éigeandála.

19.   Guaiseacha atá bainteach le cobhsaíocht

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le cobhsaíocht an táirge (lena n-áirítear titim nó iompú béal faoi).

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le cobhsaíocht a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Seachnóidh táirgí aon ghuais iompaithe a d’fhéadfadh a bheith ina cúis leis an leanbh a bheith ag titim (e.g. ardchathaoir a iompú béal faoi trí na cosa a bhrú in aghaidh an bhoird).

(b)

Beidh na táirgí cobhsaí agus sábháilte i gcónaí i gcás gluaiseachta (an linbh nó an táirge).

(c)

Ní dhéanfar sábháilteacht ná cobhsaíocht an táirge a athrú le gabhálais an táirge ná le páirteanna arna ndearadh chun iad a bhaint (e.g. bord tráidire a chur le hardchathaoir).

20.   Guaiseacha titime

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le titim.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le guaiseacha titime a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Táirgí a bhfuil hanlaí iompair acu, dearfar agus monarófar iad ar bhealach nach ndícheanglófar na hanlaí ón earra agus an leanbh á iompar.

(b)

Ceanglófar aon hanla sa chaoi nach mbeidh aon ghuais ann atá bainteach leis an leanbh a bheith ag titim amach as an táirge.

(c)

Ní thabharfaidh táirgí luasctha guaiseacha titime isteach.

(d)

Beidh táirgí ar airde (taca droma, taca láimhe, feidhm bactha, etc.) agus de neart leordhóthanach (lena n-áirítear táirgí fabraice) chun a áirithiú go gcoinnítear an leanbh isteach go sábháilte.

(e)

Táirgí a bhfuil feidhm bactha acu chun titim a chosc, beidh siad slán agus iad in úsáid agus ní bheidh guaiseacha breise a bhaineann leis na bacainní iad féin i gceist leo.

(f)

Táirgí ina bhfuil an leanbh ar shuíomh ard, ní bheidh guais titime i gceist leo (e.g. ardchathaoireacha agus a bpoill chosa, geataí sábháilteachta, etc.).

21.   Guaiseacha bá

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le bá.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le bá a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Beidh gach feiste glasála sábháilte agus é in úsáid agus ní bheidh sé ina chúis le guaiseacha breise é féin.

(b)

Beifear in ann an leanbh a bhaint as go héasca i staid éigeandála.

(c)

Ní bheidh an leanbh in ann sleamhnú amach de thimpiste as táirge, mar shampla suíochán ar snámh.

(d)

Leanfaidh táirgí ar snámh de bheith ar snámh; ní chaillfidh siad brú aeir go mear; i gcás sceite, coinneoidh siad a snámhacht iarmharach.

(e)

Leanfaidh cobhsaíocht shábháilte de bheith ag táirgí ar snámh agus ní bheidh fórsaí gaoithe ná srutha uisce in ann iad a bhaint den chobhsaíocht sin má bheartaítear iad a úsáid in uiscí oscailte.

(f)

Gach rabhadh iomchuí – nár cheart an leanbh a fhágáil ina aonar riamh, toisc go bhféadfadh bá tarlú gan mhoill agus in uisce an-éadomhain, mar shampla – sonrófar go soiléir iad.

22.   Guaiseacha leictreacha

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le húsáid táirgí leictreacha (lena n-áirítear turraing leictreach).

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le guaiseacha leictreacha a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

I gcás ina n-úsáidtear fuinneamh stóráilte (e.g. ó chadhnra), ní bheidh an sruth a úsáidtear ná dearadh an táirge do leanaí ina chúis le haon riosca don leanbh.

(b)

Ní bheidh cadhnraí agus páirteanna beo inrochtana ag leanbh.

(c)

Ní thabharfaidh cordaí táirgí leictreacha guaiseacha breise isteach.

23.   Guaiseacha bithmhéadracha

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le húsáid paraiméadar bithmhéadrach.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le guaiseacha bithmhéadracha a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

I gcás ina n-úsáidtear paraiméadair bhithmhéadracha, ní bheidh an táirge do leanaí ina chúis le haon riosca don leanbh.

(b)

Ba cheart córas cúltaca meicniúil a bheith ann i gcónaí ionas go mbeadh duine nár cláraíodh a shaintréithe sa ghléas in ann é a oibriú, go háirithe i gcás éigeandála nó má theipeann ar an gcadhnra.

24.   Guaiseacha fuaime

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le fuaimeanna.

Táirgí arna ndearadh chun fuaim a chur amach, ní chuirfidh siad amach torainn arda bhuaice agus/nó torainn arda leanúnacha lena ngabhann riosca díobhála d’éisteacht an linbh.

25.   Guaiseacha radaíochta

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha sláinte nó riosca gortaithe do na súile nó don chraiceann, ar riosca é a bhaineann le radaíocht shaorga agus nádúrtha.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le radaíocht ó fhoinsí saorga a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Aon solas a chuireann an táirge amach, beidh sé sábháilte agus ní chuirfidh sé isteach ar rithimí nádúrtha codlata.

(b)

Ní úsáidfear solas ard-déine ná solas comhchruinnithe.

(c)

Cuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha radaíochta dofheicthe (lena n-áirítear réimsí leictreacha, maighnéadacha, leictreamaighnéadacha agus cineálacha eile radaíochta).

(d)

Áireofar ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le radaíocht ó fhoinsí nádúrtha, griandónna mar shampla, a chosc.

26.   Guaiseacha radaighníomhacha

Seachnófar úsáid aon ábhar i dtáirgí do leanaí a d’fhéadfadh guaiseacha radaighníomhacha a mhéadú.

27.   Guaiseacha sláinteachais

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le sláinteachas.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le guaiseacha sláinteachais a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Dearfar táirgí ar bhealach ina seachnófar an riosca ionfhabhtaithe nó éillithe.

(b)

Guaiseacha micribhitheolaíocha mar gheall ar shláinteachas neamhleor ó ábhar de thionscnamh ainmhíoch (e.g. cleití), ní bheidh na guaiseacha sin i gceist leis na táirgí.

(c)

Beifear in ann na táirgí a ghlanadh agus comhlíonfar gach ceanglas sábháilteachta fós ina dhiaidh sin.

(d)

Comhlíonfaidh táirgí atá déanta d’ábhair athchúrsáilte na ceanglais sin freisin.

(e)

Soláthróidh an monaróir treoracha glantacháin mionsonraithe.

(f)

Ba cheart ábhar a bheith saor ó éilliú bitheolaíoch agus éilliú lotnaidí.

28.   Guaiseacha atá bainteach le faisnéis a sholáthraítear in éineacht leis an táirge

Soláthrófar faisnéis sábháilteachta, agus go háirithe chun guaiseacha a chosc nach féidir a sheachaint de bharr dhearadh an táirge féin. Faisnéis a sholáthraítear ar an táirge nó leis an táirge, soláthrófar í ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha.

Ceanglais maidir le faisnéis sábháilteachta, áireofar iad ar na nithe seo a leanas, ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Soláthrófar faisnéis sábháilteachta ar bhealach soiléir feiceálach, ina mbeidh faisnéis cheannaigh, treoracha úsáide, marcálacha agus rabhaidh.

(b)

Ba cheart picteagraim agus léaráidí soiléire agus intuigthe a úsáid nuair is féidir in ionad téacs maidir le faisnéis a bhaineann le sábháilteacht nó ina theannta sin.

(c)

Is i dteanga(cha) na tíre ina gcuirfear an táirge ar an margadh a bheidh an fhaisnéis.

(d)

Beidh marcálacha ar an táirge sofheicthe agus soléite i gcónaí le linn shaolré an táirge.

(e)

Beidh an tomhaltóir in ann gach faisnéis cheannaigh a fheiceáil go soiléir agus go héasca ag an díolphointe (lena n-áirítear díolacháin ar líne).

(f)

Soláthrófar treoracha maidir le suiteáil, cóimeáil, úsáid agus cothabháil shábháilte.

(g)

Sonrófar go soiléir na teorainneacha a bhaineann le húsáid shábháilte.

(h)

Sonrófar aois/meáchan/airde íosta/uasta (i gcás inarb ábhartha chun úsáid shábháilte an táirge a áirithiú).

(i)

I gcás ina bhféadfaidh táirge a bheith faoi réir aosú, soláthrófar faisnéis maidir le conas a sheiceáil go bhfuil an táirge fós sábháilte agus é in úsáid,

(j)

Soláthrófar faisnéis maidir le cathain agus conas an táirge a dhiúscairt/athchúrsáil i gcás ina bhféadfadh saincheist sábháilteachta a bheith ann.

(k)

Treoracha maidir leis an táirge a sheiceáil sula n-úsáidtear é, tabharfar iad in éineacht le treoir chun scor láithreach den táirge a úsáid má tá díobháil déanta don táirge ar aon bhealach.

(l)

Leis na lipéid ar tháirgí nó ar a bpacáistíocht agus na treoracha úsáide a ghabhann leo, tabharfar aird cúramóirí ar na guaiseacha, rioscaí díobhála nó fo-éifeachtaí bunúsacha a bhaineann leis na hearraí a úsáid agus ar na bealaí lenar féidir iad a sheachaint.

(m)

Ní bheidh na marcálacha ná na pictiúir ar lipéid nó ar phacáistíocht míthreorach maidir le haon cheanglas sábháilteachta sa chaighdeán.

(n)

Marcáil lenar féidir an táirge a shainaithint chun a inrianaitheacht tríd an slabhra dáilte a áirithiú, comhlíonfaidh sí reachtaíocht infheidhme an Aontais.

(o)

Táirgí do leanaí arna ndearadh lena gceangal le táirgí eile, beidh rabhaidh ag gabháil leo lena gcuirfear in iúl na guaiseacha agus na rioscaí a bhaineann leis na táirgí a cheangal le táirgí mí-oiriúnacha.

(p)

Táirgí do leanaí arna ndearadh lena gceangal le táirgí eile, beidh faisnéis cheannaigh ag gabháil leo lena gcuirfear in iúl an cineál agus an raon táirgí dá bhfuil an t-earra oiriúnach.


MOLTAÍ

30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/177


MOLADH (AE) 2023/1339 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2023

maidir le páirt a ghlacadh sa líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda arna bhunú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus maidir le socruithe sealadacha chun taisteal idirnáisiúnta a éascú i bhfianaise dhul in éag Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D’éirigh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) ina chaighdeán domhanda go tapa le haghaidh deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh, ar córas é a bhfuil 51 cheann de thríú tíortha agus críocha, chomh maith le Ballstáit uile an Aontais nasctha leis. Tríd an ngné sheachtrach de, léiríodh gurb é Deimhniú Digiteach COVID an Aontais an réiteach agus an uirlis is mó a úsáidtear chun tacú le taisteal agus téarnamh idirnáisiúnta sábháilte ar an leibhéal domhanda. Cé is moite dá úsáid i réimse an taistil, chothaigh úsáid Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais le leanúnachas an vacsaínithe trasteorann.

(2)

Bhí Deimhniú Digiteach COVID an Aontais ríthábhachtach chun an tsaorghluaiseacht agus an taisteal a chosaint agus d’fhéadfadh an teicneolaíocht is bun leis leanúint de bheith ina huirlis a bheadh úsáideach chun a bheith níos ullmhaithe do ghéarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, rud a ligfeadh do shaoránaigh agus do ghnólachtaí tionchar na ngalar teagmhálach a mhaolú agus ullmhacht chuí a áirithiú. Tá sé sin i gcomhréir freisin leis an tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 01/2023 dar teideal ‘Uirlisí lena n-éascaítear taisteal laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID-19 – Tionscnaimh ábhartha, agus tá an tionchar ag dul ó iad a bheith rathúil go dtí úsáid theoranta’.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2021/953 le dul in éag an 30 Meitheamh 2023. Ón 1 Iúil 2023, ba cheart, dá bhrí sin, eisiúint fhéideartha agus glacadh féideartha deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a dhéanamh ar bhonn agus de bhun na gcoinníollacha a leagtar síos le dlíthe náisiúnta na mBallstát. Chomh maith leis sin, aon tagairtí a dhéantar sa mholadh seo do na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Rialachán (AE) 2021/953, is ar mhaithe le tagairt amháin a dhéantar iad agus níor cheart a thuiscint go bhfuil na gníomhartha cur chun feidhme sin ná cumhachtaí an Choimisiúin chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh agus a leasú de bhun Rialachán (AE) 2021/953 á gcoimeád i bhfeidhm. Ba cheart aon tagairt do na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh roimhe seo de bhun Rialachán (AE) 2021/953 a thuiscint mar thagairtí statacha do na gníomhartha sin, ina leagan is infheidhme an 30 Meitheamh 2023.

(4)

Bunóidh EDS líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda. Is sásra é an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda chun tacú le fíorú na ndeimhnithe arna n-eisiúint ag rannpháirtithe an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda. Ar dtús, deimhnithe COVID-19 a bheadh i gceist, agus d’fhéadfaí, ag céim níos faide anonn, doiciméid eile a dheimhniú, mar shampla, taifid ar ghnáth-imdhíonadh agus an Deimhniú Idirnáisiúnta Vacsaínithe nó Próifiolacsais, a leagtar amach in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005), chun críoch taistil idirnáisiúnta agus leanúnachais cúraim.

(5)

Ba cheart féachaint ar chórais a bhunú chun tionchar géarchéimeanna sláinte domhanda ar thaisteal do shaoránaigh agus do ghnólachtaí a mhaolú mar phríomhcholún de chlár oibre an Aontais maidir le hullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte domhanda. Rannchuideodh an rannpháirtíocht i líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS le hailíniú domhanda a dhéanamh ar chaighdeáin deimhnithe sláinte agus le córas a bhunú chun deimhnithe sláinte digiteacha a aithint le haghaidh taisteal idirnáisiúnta agus leanúnachas cúraim.

(6)

An líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda atá á fhorbairt ag EDS, glacann sé creat iontaoibhe, prionsabail agus teicneolaíochtaí oscailte Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais ina struchtúr féin. Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún comhoibriú go dlúth leis an EDS d’fhonn a áirithiú go mbeidh an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda comhleanúnach leis na sonraíochtaí teicniúla a leagadh síos roimhe seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún (2). Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun nascadh le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a luaithe is féidir agus faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí. Chun aistriú rianúil a dhéanamh ó chóras Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais chuig líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, ba cheart a iarraidh ar na Ballstáit deimhnithe nua sínitheora doiciméad a eisiúint a úsáidtear chun Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais a eisiúint roimh dhul in éag Rialachán (AE) 2021/953 chun a áirithiú go mbeidh an bhailíocht theicniúil uasta acu agus na deimhnithe sin a chlárú sa tairseach idir-inoibritheachta den chreat iontaoibhe arna chur ar bun faoin Rialachán sin (‘Tairseach AE’).

(7)

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún aistriú rianúil a áirithiú do na Ballstáit chun páirt a ghlacadh i líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, trí Thairseach AE a choinneáil ar bun go dtí an 31 Nollaig 2023 ar bhealach a thacaíonn le cuspóirí an Mholta seo. Chuige sin, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún Tairseach AE a mhaoiniú tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Leis sin, ba cheart a ndóthain ama a bheith ag na Ballstáit agus na tríú tíortha atá nasctha le Tairseach AE na nósanna imeachta is gá a ghlacadh chun líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a chur ar siúl.

(8)

I gcás shaoránaigh agus cónaitheoirí uile an Aontais atá ag taisteal lasmuigh den Aontas, ba cheart modh a bheith ar fáil dóibh chun an stádas atá acu i ndáil le COVID-19 a chruthú, pé uair a iarrtar sin go sonrach orthu le haghaidh taisteal lasmuigh den Aontas. Dá bhrí sin, a luaithe a bheidh siad nasctha le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, ba cheart a iarraidh ar na Ballstáit deimhnithe atá comhoiriúnach leis an bhformáid arna leagan síos ag líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a eisiúint, arna iarraidh sin, bunaithe ar na sonraíochtaí teicniúla a leagadh síos roimhe seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073, chun taisteal idirnáisiúnta a éascú chuig tríú tíortha a éilíonn na deimhnithe sin, go háirithe i gcás éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta í. I dteannta le taisteal idirnáisiúnta a éascú, rannchuideodh an eisiúint sin le hailíniú domhanda a dhéanamh ar chaighdeáin deimhnithe sláinte agus le córas a fhorbairt chun deimhnithe sláinte digiteacha a aithint, rud a d’éascódh leanúnachas cúraim.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit na deimhnithe sin a eisiúint i bhformáid dhigiteach nó i bhformáid pháipéarbhunaithe, nó sa dá fhormáid sin. Ba cheart na sealbhóirí ionchasacha a bheith i dteideal na deimhnithe a fháil ina rogha féin formáide. An fhaisnéis atá sna deimhnithe, ba cheart í a thaispeáint freisin i bhfoirm atá inléite don duine agus ba cheart í a sholáthar ar a laghad i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna agus i mBéarla.

(10)

Le glacadh Dheimhniú Digiteach COVID AE ag líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, ba cheart é a bheith de chumas ag tríú tíortha a bhfuil ceanglais a bhaineann le COVID-19 i bhfeidhm fós acu mar choinníollacha iontrála ar a gcríocha, agus atá nasctha le Tairseach AE, glacadh leis na deimhnithe arna n-eisiúint roimh an 1 Iúil 2023 agus na deimhnithe arna n-eisiúint ina dhiaidh sin agus iad a fhíorú.

(11)

Ó thaobh taistealaithe chuig an Aontas, a luaithe a bheidh siad nasctha le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, chun a áirithiú gur féidir aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar ábhair imní maidir leis an tsláinte phoiblí a bhaineann le paindéim COVID-19, moltar do na Ballstáit leanúint de bheith in ann deimhnithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha faoi líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, ar tíortha iad a leanann de na hardchaighdeáin a chomhlíonadh a leagtar síos de bhun Rialachán (AE) 2021/953, a ghlacadh agus a fhíorú. I gcás ina n-éileoidh na Ballstáit cruthúnas ar vacsaíniú, tástáil nó téarnamh COVID-19 chun srianta ar thaisteal isteach san Aontas a tharscaoileadh, ba cheart dóibh glacadh le deimhnithe COVID-19 atá i gcomhréir go teicniúil le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS.

(12)

Ina Conclúidí maidir le vacsaíniú mar cheann de na huirlisí is éifeachtaí chun galair a chosc agus an tsláinte phoiblí a fheabhsú an 9 Nollaig 2022, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún ‘féachaint ar an mbreisluach a bhaineann le leagan digiteach de dheimhnithe vacsaínithe, agus an taithí a fuarthas á cur san áireamh le bonneagair dhigiteacha Eorpacha agus le huirlisí eile atá ann cheana, mar shampla, an Deimhniú Idirnáisiúnta Vacsaínithe nó Próifiolacsais’. Tá forbairtí comhchosúla beartaithe ag EDS, a bhfuil sé beartaithe aige líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a fhorbairt a thuilleadh, chun tacú, mar shampla, le digiteáil an Deimhnithe Idirnáisiúnta Vacsaínithe nó Próifiolacsais, nó deimhnithe vacsaínithe le haghaidh gnáth-imdhíonadh. Dá bhrí sin, iarrtar ar Bhallstáit páirt ghníomhach a ghlacadh san iarracht an líonra a fhorbairt a thuilleadh, agus cineálacha eile deimhnithe vacsaínithe nó sonraí sláinte a eisiúint, a ghlacadh agus a fhíorú, de réir mar is ábhartha.

(13)

Le linn idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2023, agus chun aistriú rianúil chuig líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a áirithiú, moltar do na Ballstáit nach bhfuil nasctha go fóill le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, i gcás éigeandáil sláinte poiblí a bheith fógartha arb ábhar imní idirnáisiúnta í, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, arna iarraidh sin, deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a eisiúint, arna iarraidh sin, go háirithe san fhormáid atá comhoiriúnach leis na sonraíochtaí teicniúla a leagadh síos roimhe seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073, ar choinníoll go leagtar síos ina ndlí náisiúnta bunús dlí le deimhnithe den sórt sin a eisiúint. Chomh maith leis sin, le linn na hidirthréimhse sin, i gcás ina n-éileoidh na Ballstáit cruthúnas ar dheimhnithe COVID-19 chun srianta ar thaisteal isteach san Aontas a tharscaoileadh, moltar dóibh glacadh le cruthúnais maidir le vacsaíniú, tástáil nó téarnamh COVID-19 a cumhdaíodh roimhe seo le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(10) nó Airteagal 8(2) de Rialacháin (AE) 2021/953, i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach i Moladh (AE) 2022/2548 ón gComhairle (4).

(14)

Le linn na tréimhse céanna, na Ballstáit sin nach bhfuil nasctha go fóill le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, moltar dóibh freisin a bheith nasctha i gcónaí le Tairseach AE, a mhéid atá an tairseach sin á coimeád ar bun ag an gCoimisiún. Na Ballstáit sin atá nasctha cheana le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, moltar dóibh an fhaisnéis a uaslódálann siad chuig líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a shioncronú le Tairseach AE.

(15)

Moltar do na Ballstáit éifeacht a thabhairt don Mholadh seo ón 1 Iúil 2023, arb é an lá tar éis dhul in éag Rialachán (AE) 2021/953, ionas go seachnófar aon chur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe maidir le taisteal idirnáisiúnta chuig tríú tíortha ina bhfuil deimhnithe COVID ag teastáil fós. Go sonrach a mhéid a bhaineann le deimhniú nua sínitheora doiciméad a eisiúint, ní féidir leis na Ballstáit doiciméad den sórt sin a eisiúint ach amháin fad atá Rialachán (AE) 2021/953 fós i bhfeidhm. Iarrtar orthu, dá bhrí sin, an bhailíocht theicniúil is mó is féidir a thabhairt don deimhniú sin agus é a chlárú i dTairseach AE sula rachaidh Rialachán (AE) 2021/953 in éag an 30 Meitheamh 2023.

(16)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar agus an Moladh seo á chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú i gcónaí go gcomhlíontar na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais a bhaineann le sonraí pearsanta, agus go háirithe go gcomhlíontar prionsabal na dleathachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Nascadh le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS

1.

Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún comhoibriú go dlúth le EDS chun an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda a fhorbairt, lena gcuirfear ar chumas EDS an creat iontaoibhe, na prionsabail agus na teicneolaíochtaí oscailte maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a ghlacadh ina struchtúr féin, ar bhonn na sonraíochtaí teicniúla a leagadh síos roimhe seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073.

2.

Moltar do na Ballstáit chun nascadh leis an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda atá á chur ar bun ag EDS, ar choinníoll go leagtar síos bunús dlí iomchuí ina ndlí náisiúnta, a luaithe is féidir agus faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí.

3.

Moltar do gach Ballstát ar mian leis a bheith páirteach i líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS deimhniú nua sínitheora dhigitigh a bhfuil an bhailíocht theicniúil is mó is féidir aige a eisiúint agus é a chlárú i dTairseach AE sula rachaidh Rialachán (AE) 2021/953 in éag.

4.

Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aistriú rianúil a éascú ó chóras Dheimhniú Digiteach COVID AE chuig líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS. Fágtar faoi na Ballstáit, áfach, cinneadh a dhéanamh i dtaobh an mian leo nascadh leis an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda agus más mian leo é seo a dhéanamh leis an teicneolaíocht atá ann cheana nó nascadh a dhéanamh níos faide anonn.

Deimhnithe a eisiúint agus glacadh leo faoi líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS

5.

A luaithe a bheidh siad nasctha le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, moltar do na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, na cúraimí arna bhforordú ag EDS maidir le hoibriú líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a chur i gcrích chomh héifeachtúil agus is féidir, ar choinníoll gur ann do bhunús dlí iomchuí i ndlí an Aontais nó ina ndlí náisiúnta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe:

(a)

go háirithe i gcás éigeandáil sláinte poiblí a bheith fógartha arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, deimhnithe COVID-19 a eisiúint, de réir mar is iomchuí, san fhormáid atá comhoiriúnach le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a bheidh bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla a leagadh síos roimhe seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073;

(b)

na deimhnithe dá dtagraítear i bhfleasc (a) den phointe seo a eisiúint i bhformáid dhigiteach nó i bhformáid pháipéarbhunaithe, nó iad araon, agus an próiseas a éascú de réir mar is iomchuí chun go mbeidh na sealbhóirí ionchasacha in ann na deimhnithe a fháil san fhormáid is rogha leo féin. Moltar go dtaispeánfaí an fhaisnéis atá sna deimhnithe freisin i bhfoirm atá inléite don duine agus í a sholáthar ar a laghad i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna agus i mBéarla.

(c)

i gcás ina n-éileoidh siad cruthúnas ar vacsaíniú, tástáil nó téarnamh COVID-19 chun srianta a tharscaoileadh, deimhnithe COVID-19 a ghlacadh atá i gcomhréir le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS.

Tuilleadh forbartha ar líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS

6.

Moltar do na Ballstáit páirt ghníomhach a ghlacadh san iarracht chun líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a fhorbairt a thuilleadh, agus na forbairtí maidir le nuashonrú na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta á gcur san áireamh, agus scrúdú a dhéanamh ar na tairbhí, na dúshláin agus na ceanglais dhlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann do dheimhnithe digiteacha EDS. lena n-áirítear féachaint ar úsáid inter alia deimhnithe digiteacha le haghaidh galair eile agus i ndáil le sonraí sláinte eile a fhíordheimhniú.

Idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2023

7.

Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Tairseach AE do Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais a choimeád ar bun ar bhealach a thacaíonn le cuspóirí an Mholta seo go dtí an 31 Nollaig 2023, go dtí go mbeidh na bearta i bhfeidhm chun nascadh leis an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda atá á chur ar bun ag EDS agus go mbeidh an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda ag feidhmiú, agus leanúint dá chur ar fáil do thríú tíortha agus do thríú críocha a bhfuil nascadh cheana féin le Tairseach AE ar choinníoll go leanfar de dheimhnithe ábhartha na dtríú tíortha agus na dtríú críocha sin a eisiúint bunaithe ar chaighdeáin agus ar chórais theicneolaíocha atá idir-inoibritheach le creat iontaoibhe Thairseach AE agus lenar féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe sin a fhíorú.

8.

Go dtí go mbeidh na Ballstáit nasctha le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS dá dtagraítear i bpointe 1, agus le linn na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2023, moltar dóibh a bheith nasctha i gcónaí le Tairseach AE, a mhéid a bheidh an tairseach sin á coimeád ar bun ag an gCoimisiún agus ar choinníoll go leagtar síos bunús dlí iomchuí ina ndlí náisiúnta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

deimhnithe COVID-19 a eisiúint, go háirithe i gcás éigeandáil sláinte poiblí a bheith fógartha arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, san fhormáid a bunaíodh ar shonraíochtaí teicniúla a leagadh síos roimhe seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073;

(b)

na deimhnithe dá dtagraítear i bhfleasc (a) den phointe seo a eisiúint i bhformáid dhigiteach nó i bhformáid pháipéarbhunaithe, nó iad araon, agus an próiseas a éascú de réir mar is iomchuí chun go mbeidh na sealbhóirí ionchasacha in ann na deimhnithe a fháil san fhormáid is rogha leo féin. Moltar go dtaispeánfaí an fhaisnéis atá sna deimhnithe freisin i bhfoirm atá inléite don duine agus í a sholáthar ar a laghad i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna agus i mBéarla;

(c)

i gcás ina n-éileoidh siad cruthúnas ar vacsaíniú, tástáil nó téarnamh COVID-19 chun srianta a tharscaoileadh, go háirithe i gcás éigeandáil sláinte poiblí a bheith fógartha arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, glacadh le cruthúnais ar vacsaíniú, téarnamh nó tástáil COVID-19 a cumhdaíodh roimhe sin le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagail 3(10) nó 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953;

9.

Na Ballstáit atá nasctha le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, moltar dóibh a áirithiú freisin, go dtí an 31 Nollaig 2023, an fhaisnéis a uaslódálann siad ar Thairseach AE agus i líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh dhomhanda EDS a shioncrónú.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO L 211, 15.6.2021, lch. 1).

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 230, 30.6.2021, lch. 32).

(3)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(4)  Moladh (AE) 2022/2548 an 13 Nollaig 2022 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i ndáil le taisteal chuig an Aontas le linn phaindéim COVID-19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/912 ón gComhairle (IO L 328, 22.12.2022, lch. 146).

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).