ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 160I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
26 Meitheamh 2023

Clár

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

RIALACHÁIN

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1298 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

1

CINNTÍ

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/1299 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

5

GA

II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 160/1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/… ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

(2)

An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go géar úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine ina gcoinne siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, ag tabhairt dá aire go raibh básanna chomh maith le líon mór gortuithe mar thoradh air. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine do na léirsithe ina dhiaidh sin.

(3)

Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, mar a dearbhaíodh sna conclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 é, ba cheart seachtar a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. (AE) 359/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 26 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES

(1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.

IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011:

Daoine

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘227.

Seyyed Mohammad MOUSVIAN

ar a dtugtar freisin Seyed Mohammad MOUSAVIYAN

سید محمد موسویان

Feidhm: Ionchúisitheoir Poiblí agus Réabhlóideach, Isfahan (Cúige Isfahan)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Is é Mousvian an tIonchúisitheoir Poiblí agus Réabhlóideach i gCúige Isfahan, an Iaráin. Mar sin, tá sé freagrach as na trialacha i gcoinne na n-agóideoirí Saleh Mirhashmi, Majid Kazemi agus Saeid Yaqoubi, a daoradh chun báis agus a cuireadh chun báis i mí na Bealtaine 2023.

Ina theannta sin, d’eisigh Mousvian an díotáil i gcoinne ealaíontóir ceoil de chuid na hIaráine, Toomaj Salehi, ar cuireadh ina leith go ndearna sé ‘an t-éilliú a chur chun cinn ar domhan’ agus go raibh sé rannpháirteach in agóidí i gcoinne an rialtais agus i ngníomhaíochas poiblí i gcoinne rialtas na hIaráine i mí Dheireadh Fómhair 2022. Tá sé á choinneáil i bPríosún Dastgerd ó shin faoi dhálaí cruálacha agus é ag feitheamh lena thriail. I mí na Samhna 2022, d’fhoilsigh na meáin stáit físeán ina léirítear Salehi agus dallóg air, agus é ag admháil go raibh na coireanna líomhnaithe déanta aige agus é ag gabháil leithscéal as a chuid cainte.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

26.6.2023

228.

Ali Zare NOURI

سید علی زارع نوری

Feidhm: Leas-Bhreitheamh agus comhairleoir don Chúirt Choiriúil Cúige, Isfahan

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Is é Nouri Leas-Bhreitheamh agus comhairleoir na Cúirte Coiriúla Cúige i gCúige Isfahan, an Iaráin. Mar sin, tá sé freagrach as na trialacha i gcoinne na n-agóideoirí Saleh Mirhashmi, Majid Kazemi agus Saeid Yaqoubi, a daoradh chun báis agus a cuireadh chun báis i mí na Bealtaine 2023. I bhfíseán a d’fhoilsigh meáin stáit na hIaráine, féadfar Nouri a fheiceáil ag ceistiú na dtrí chosantóir sa chúirt.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

26.6.2023

229.

Seyyed Nader SAFAVI MIRMAHALLEH

ar a dtugtar freisin Seyed Nader SAFAVI MIRMAHALLEH

ar a dtugtar freisin Nader SAFAVI

سید نادر صفوی میرمحله

Feidhm: Gobharnóir agus Ceann Comhairle Slándála Rezvanshahr i gCúige Gilan

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Seoladh: Rezvanshahr, Cúige Gilan

Is é Seyyed Nader Safavi Mirmahalleh rialtóir agus ceann Chomhairle Slándála Rezvanshahr i gCúige Gilan. Mar sin, tá sé freagrach as ordú a thabhairt d’oifigigh scaoileadh le hagóideoirí le linn na n-agóidí a bhí ann fud fad na hIaráine in 2022-2023, rud ba chúis le bás agus gortú na sluaite daoine, leanaí san áireamh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

26.6.2023

230.

Seyyed Khalil SAFAVI

ar a dtugtar freisin Seyed Khalil SAFAVI

سید خلیل صفوی

Feidhm: Ceannasaí na bPóilíní Rezvanshahr, Cúige Gilan

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Seoladh: Rezvanshahr, Cúige Gilan

Is é Seyyed Khalil Safavi Ceannasaí Póilíneachta Rezvanshahr i gCúige Gilan agus bhí an post sin aige freisin tráth na hagóide. Mar sin, tá sé freagrach as an méid a tharla in Rezvanshahr nuair a scaoil na póilíní le hagóideoirí le linn agóidí sa chathair a tharla i dtreo dheireadh Mheán Fómhair 2022, rud ba chúis le bás agus gortú na sluaite daoine, leanaí san áireamh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

26.6.2023

231.

Seyyed Abbas HOSSEINI

سید عباس حسینی

Feidhm: Gobharnóir, Amol (Cúige Mazandaran)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

I mí Eanáir 2022, ceapadh Hosseini ina ghobharnóir ar chathair Amol, Cúige Mazandaran. Mar sin, tá sé freagrach as beirt agóideoirí óga ón Iaráin ar a laghad, Ghazaleh Chalabi agus Erfan Rezaei, a mharú i mí Mheán Fómhair 2022 ar mharaigh fórsaí rialtais i gcathair Amol iad. Ina theannta sin, lean fórsaí slándála in Amol ar aghaidh ag ciapadh agóideoirí síochánta agus teaghlaigh na ndaoine sin a maraíodh.

I mí an Mheithimh 2023, cuireadh duine in ionad Hosseini mar Ghobharnóir Amol, ach ceapadh é mar Ghobharnóir Speisialta ar chathair Amol. Ina phost nua, tá ról gníomhach fós ag Hosseini mar ionadaí rialtais.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

26.6.2023

232.

Mojtaba FADA

مجتبی فدا

Feidhm: Ceannasaí IRGC i gCúige Isfahan (an Dara Briogáidire-Ghinearál) agus comhalta den Chomhairle Slándála Cúige

Náisiúntacht: Iaránach

Dáta breithe: An 21 Márta 1963

Áit bhreithe: Harsin, an Iaráin

Inscne: Fireann

Uimhir phas: F49973222 a rachaidh in éag an 27 Lúnasa 2024 (arna eisiúint ag an Iaráin)

Is é Fada ceannasaí fhórsaí IRGC i gCúige Isfahan agus tá sé ina chomhalta den Chomhairle Slándála Cúige faoi láthair. Mar sin, rinne sé maoirseacht ar ghníomhaíochtaí thrúpaí IRGC agus ar fhórsaí slándála eile mar fhreagairt ar agóidí i gcoinne an rialtais in 2022, ina bhfuair roinnt agóideoirí bás, lena n-áirítear Mahsa Mougouyi a bhí 18 mbliana d’aois.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

26.6.2023

233.

Rashid KABOUDVANDI

رشید کبودوند

ar a dtugtar freisin Rashid KABUDONDI

رشید کبودوندی

Feidhm: Ceannasaí Chór Gharda Imam Hossein Karaj, Cúige Alborz

Inscne: Fireann

Is é Kaboudvandi ceannasaí ar Chór Gharda Imam Hossein in Karaj, Cúige Alborz ó mhí na Bealtaine 2022 i leith. Mar sin, tá sé freagrach as Mohammad Reza Ghorbani a choinneáil sa phríosún agus é a mharú, agus as Amrita Abbassi a choinneáil sa phríosún agus as a héigniú ag fórsaí slándála Karaj.

Rinneadh sáruithe follasacha tromchúiseacha ar chearta an duine ag fórsaí póilíneachta a dhoiciméadú go forleathan ó cuireadh tús le hagóidí a bhain le bás Mahsa Amini i lár mhí Mheán Fómhair 2022.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.’

26.6.2023

CINNTÍ

26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 160/5

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/1299 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2023

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES.

(2)

An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go géar úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine ina gcoinne siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, ag tabhairt dá aire go raibh básanna chomh maith le líon mór gortuithe mar thoradh air. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine ar na léirsithe ina dhiaidh sin.

(3)

Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, faoi mar a dhearbhaítear i gconclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2022, ba cheart seachtar a áireamh ar liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 26 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES

(1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES:

Daoine

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘227.

Seyyed Mohammad MOUSVIAN

ar a dtugtar freisin Seyed Mohammad MOUSAVIYAN

سید محمد موسویان

Feidhm: Ionchúisitheoir Poiblí agus Réabhlóideach, Isfahan (Cúige Isfahan)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Is é Mousvian an tIonchúisitheoir Poiblí agus Réabhlóideach i gCúige Isfahan, an Iaráin. Mar sin, tá sé freagrach as na trialacha i gcoinne na n-agóideoirí Saleh Mirhashmi, Majid Kazemi agus Saeid Yaqoubi, a daoradh chun báis agus a cuireadh chun báis i mí na Bealtaine 2023.

Ina theannta sin, d’eisigh Mousvian an díotáil i gcoinne ealaíontóir ceoil de chuid na hIaráine, Toomaj Salehi, ar cuireadh ina leith go ndearna sé ‘an t-éilliú a chur chun cinn ar domhan’ agus go raibh sé rannpháirteach in agóidí i gcoinne an rialtais agus i ngníomhaíochas poiblí i gcoinne rialtas na hIaráine i mí Dheireadh Fómhair 2022. Tá sé á choinneáil i bPríosún Dastgerd ó shin faoi dhálaí cruálacha agus é ag feitheamh lena thriail. I mí na Samhna 2022, d’fhoilsigh na meáin stáit físeán ina léirítear Salehi agus dallóg air, agus é ag admháil go raibh na coireanna líomhnaithe déanta aige agus é ag gabháil leithscéal as a chuid cainte.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

26.6.2023

228.

Ali Zare NOURI

سید علی زارع نوری

Feidhm: Leas-Bhreitheamh agus comhairleoir don Chúirt Choiriúil Cúige, Isfahan

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Is é Nouri Leas-Bhreitheamh agus comhairleoir na Cúirte Coiriúla Cúige i gCúige Isfahan, an Iaráin. Mar sin, tá sé freagrach as na trialacha i gcoinne na n-agóideoirí Saleh Mirhashmi, Majid Kazemi agus Saeid Yaqoubi, a daoradh chun báis agus a cuireadh chun báis i mí na Bealtaine 2023. I bhfíseán a d’fhoilsigh meáin stáit na hIaráine, féadfar Nouri a fheiceáil ag ceistiú na dtrí chosantóir sa chúirt.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

26.6.2023

229.

Seyyed Nader SAFAVI MIRMAHALLEH

ar a dtugtar freisin Seyed Nader SAFAVI MIRMAHALLEH

ar a dtugtar freisin Nader SAFAVI

سید نادر صفوی میرمحله

Feidhm: Gobharnóir agus Ceann Comhairle Slándála Rezvanshahr i gCúige Gilan

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Seoladh: Rezvanshahr, Cúige Gilan

Is é Seyyed Nader Safavi Mirmahalleh rialtóir agus ceann Chomhairle Slándála Rezvanshahr i gCúige Gilan. Mar sin, tá sé freagrach as ordú a thabhairt d’oifigigh scaoileadh le hagóideoirí le linn na n-agóidí a bhí ann fud fad na hIaráine in 2022-2023, rud ba chúis le bás agus gortú na sluaite daoine, leanaí san áireamh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

26.6.2023

230.

Seyyed Khalil SAFAVI

ar a dtugtar freisin Seyed Khalil SAFAVI

سید خلیل صفوی

Feidhm: Ceannasaí na bPóilíní Rezvanshahr, Cúige Gilan

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Seoladh: Rezvanshahr, Cúige Gilan

Is é Seyyed Khalil Safavi Ceannasaí Póilíneachta Rezvanshahr i gCúige Gilan agus bhí an post sin aige freisin tráth na hagóide. Mar sin, tá sé freagrach as an méid a tharla in Rezvanshahr nuair a scaoil na póilíní le hagóideoirí le linn agóidí sa chathair a tharla i dtreo dheireadh Mheán Fómhair 2022, rud ba chúis le bás agus gortú na sluaite daoine, leanaí san áireamh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

26.6.2023

231.

Seyyed Abbas HOSSEINI

سید عباس حسینی

Feidhm: Gobharnóir, Amol (Cúige Mazandaran)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

I mí Eanáir 2022, ceapadh Hosseini ina ghobharnóir ar chathair Amol, Cúige Mazandaran. Mar sin, tá sé freagrach as beirt agóideoirí óga ón Iaráin ar a laghad, Ghazaleh Chalabi agus Erfan Rezaei, a mharú i mí Mheán Fómhair 2022 ar mharaigh fórsaí rialtais i gcathair Amol iad. Ina theannta sin, lean fórsaí slándála in Amol ar aghaidh ag ciapadh agóideoirí síochánta agus teaghlaigh na ndaoine sin a maraíodh.

I mí an Mheithimh 2023, cuireadh duine in ionad Hosseini mar Ghobharnóir Amol, ach ceapadh é mar Ghobharnóir Speisialta ar chathair Amol. Ina phost nua, tá ról gníomhach fós ag Hosseini mar ionadaí rialtais.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

26.6.2023

232.

Mojtaba FADA

مجتبی فدا

Feidhm: Ceannasaí IRGC i gCúige Isfahan (an Dara Briogáidire-Ghinearál) agus comhalta den Chomhairle Slándála Cúige

Náisiúntacht: Iaránach

Dáta breithe: 21.3.1963

Áit bhreithe: Harsin, an Iaráin

Inscne: Fireann

Uimhir phas: F49973222 a rachaidh in éag an 27.8.2024 (arna eisiúint ag an Iaráin)

26.6.2023’