ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 156

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
19 Meitheamh 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1176 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le léarscáileanna táscacha an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair ( 1 )

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1177 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2023 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta réamhshocraithe de shlite beatha chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí

6

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1178 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2023 lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/47 lena n-údaraítear tráil T90 mhalartacha a úsáid in iascach Mhuir Bhailt, de mhaolú ar Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle

31

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1179 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Bohusläns blåmusslor(STFC))

32

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1180 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2023 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i ndáil le rúin áirithe a ndéanfar vótáil orthu ag an 21ú Comhthionól Ginearálta den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), atá le tionól an 9 Meitheamh 2023

33

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1181 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1694 chun tacú le huiliú, cur chun feidhme agus neartú an Choinbhinsiúin maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW)

37

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

19.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 156/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1176 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le léarscáileanna táscacha an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (1), agus go háirithe le hAirteagal 49(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 maidir leis an bhféidearthacht léarscáileanna táscacha an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) de chuid tíortha comharsanacha sonracha a oiriúnú, nó léarscáileanna nua a chur leo, bunaithe ar chomhaontuithe ardleibhéil maidir le gréasáin bonneagair iompair idir an tAontas agus na tíortha comharsanacha lena mbaineann.

(2)

An 29 Meitheamh 2022, síníodh comhaontú ardleibhéil dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 idir an tAontas agus an Úcráin. Baineann an comhaontú maidir leis na hathruithe ar léarscáileanna táscacha TEN-T leis na línte iarnróid, na bóithre, agus le huiscebhealaí intíre a chur san áireamh. Leis na hathruithe ar na léarscáileanna táscacha, ba cheart an tAontas a bheith in ann a chomhar leis an Úcráin a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 348, 20.12.2013, lch. 1


IARSCRÍBHINN

leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad léarscáileanna 16.7 agus 16.8:

Image 1

Image 2

(2)

cuirtear an léarscáil 16.9 seo a leanas léi:

Image 3


19.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 156/6


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1177 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Aibreán 2023

lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta réamhshocraithe de shlite beatha chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (1), agus go háirithe Airteagal 9, an tríú mír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 bunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) agus sainítear cuspóir agus feidhmiúlachtaí an chórais agus na freagrachtaí a bhaineann leis. Leis an Rialachán sin, leagtar amach coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le malartú sonraí idir na Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe.

(2)

Mar chuid den fhoirm iarratais le haghaidh víosaí gearrfhanachta atá le líonadh isteach ag gach iarratasóir, tá sé de cheanglas ar iarratasóirí sonraí pearsanta a bhaineann lena slí bheatha reatha a sholáthar. Agus sonraí á n-iontráil sa chomhad iarratais de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, tá an tslí bheatha le cur isteach tríd an tslí bheatha a roghnú ó liosta réamhshocraithe de shlite beatha (grúpa poist).

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a leagan síos chun críocha VIS. Ba cheart an t-Aicmiú Caighdeánach Idirnáisiúnta Gairmeacha (ISCO) arna ghlacadh ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair a úsáid le haghaidh an liosta. Chun a áirithiú go bhfuil na sonraí maidir le slite beatha na n-iarratasóirí sonrach a ndóthain, ba cheart ceangal a bheith ar an údarás víosaí grúpaí poist a roghnú a chomhfhreagraíonn do leibhéal 2 ar a laghad (fo-mhórghrúpa) den Chaighdeán, ach a chomhfhreagraíonn do leibhéal 3 (mionghrúpa) nó do leibhéal 4 (grúpa aonaid) freisin, má tá siad ar fáil.

(4)

Ba cheart go n-áiritheofaí leis an réimse sonraí maidir le slí bheatha reatha an iarratasóra sa chomhad iarratais VIS nach dtaispeánfar ach na roghanna ábhartha agus go gcuideofar go gníomhach leis an údarás víosaí an grúpa poist a aimsiú trí roghanna a scagadh ar bhonn roghnúcháin a rinneadh roimhe sin.

(5)

Tá feidhm ag forálacha sonracha maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa, ar baill teaghlaigh iad le saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir leo nó baill teaghlaigh náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, agus nach bhfuil cárta cónaithe acu de bhun Threoir 2004/38/CE. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag an liosta réamhshocraithe de shlite beatha reatha (grúpaí poist) maidir le baill teaghlaigh náisiúnach den Ríocht Aontaithe ar tairbhithe iad féin den Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe sa Stát óstach a bhfuil an t-iarratas ar víosa á dhéanamh ina leith.

(6)

Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le acquis Schengen, thug an Danmhairg fógra i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le Rialachán (AE) 2021/1134 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Danmhairg faoi cheangal ag an Rialachán seo.

(7)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (4). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6).

(9)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8).

(10)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10).

(11)

Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 faoi seach.

(12)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus thug sé tuairim uaidh an 2 Nollaig 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Slí bheatha faoi láthair

1.   De bhun Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (4)(l) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, chun réimse sonraí na slí beatha reatha sa chomhad iarratais a líonadh isteach, roghnóidh an t-údarás víosaí ceann amháin de na roghanna seo a leanas:

(a)

fostaithe;

(b)

féinfhostaithe;

(c)

dífhostaithe/gan phost;

(d)

ar scor;

(e)

mac léinn.

2.   I gcás ina roghnóidh an t-údarás víosaí pointe (a) nó pointe (b) de mhír 1, roghnóidh an t-údarás víosaí slí bheatha reatha an iarratasóra ón liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a leagtar síos san Iarscríbhinn.

3.   I gcás ina roghnóidh an t-údarás víosaí pointe (c), (d) nó pointe (e) de mhír 1, ní roghnóidh an t-údarás víosaí aon slí bheatha ón liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a leagtar síos san Iarscríbhinn.

4.   I gcás inar mionaoiseach an t-iarratasóir, ní bheidh ach na roghanna i mír 1, pointí (a), (b), (c) nó (e) le feiceáil agus le fáil lena roghnú.

5.   Cuideoidh an réimse sonraí maidir le slí bheatha reatha an iarratasóra sa chomhad iarratais VIS leis an údarás víosaí an grúpa poist ábhartha a aimsiú trí roghanna a scagadh ar bhonn na roghanna a roghnaíodh roimhe sin.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag na forálacha sa Rialachán seo ó dháta thús oibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.

(2)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).

(4)  Ní thagann an Rialachán seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(5)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(6)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(7)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(8)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(9)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(10)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

LIOSTA RÉAMHSHOCRAITHE DE SHLITE BEATHA

Nuair a dhéanann an t-údarás víosaí sonraí a iontráil i gcomhad iarratais, ní mór dó an tslí bheatha reatha a thógtar ón bhfoirm iarratais a iontráil trí ghrúpa poist amháin a roghnú ón liosta réamhshocraithe slite beatha (grúpaí poist) atá liostaithe thíos.

Tá an liosta bunaithe ar na mórghrúpaí, na fo-mhórghrúpaí, na mionghrúpaí agus na grúpaí aonaid in Aicmiú Caighdeánach Idirnáisiúnta Gairmeacha 2008 (ISCO-08):

Leibhéal 1: Mórghrúpaí

Leibhéal 2: Fo-mhórghrúpaí

Leibhéal 3: Mionghrúpaí

Leibhéal 4: Grúpaí aonaid

1.   Bainisteoir

1.1.

Príomhoifigeach feidhmiúcháin, oifigeach sinsearach nó reachtóir

1.1.1.

Reachtóir nó oifigeach sinsearach

1.1.1.1.

Reachtóir

1.1.1.2.

Oifigeach rialtais sinsearach

1.1.1.3.

Taoiseach traidisiúnta nó ceann na gráige

1.1.1.4.

Oifigeach sinsearach in eagraíocht sainleasa

1.1.2.

Stiúrthóir bainistíochta nó príomhfheidhmeannach

1.2.

Bainisteoir riaracháin nó tráchtála

1.2.1.

Bainisteoir seirbhísí gnó nó bainisteoir riaracháin

1.2.1.1.

Bainisteoir airgeadais

1.2.1.2.

Bainisteoir acmhainní daonna

1.2.1.3.

Bainisteoir beartais nó pleanála

1.2.1.4.

Bainisteoir seirbhísí gnó nó bainisteoir riaracháin nach n-aicmítear in aon áit eile

1.2.2.

Bainisteoir díolacháin, margaíochta nó forbartha

1.2.2.1.

Bainisteoir díolacháin nó margaíochta

1.2.2.2.

Bainisteoir fógraíochta nó caidrimh phoiblí

1.2.2.3.

Bainisteoir taighde agus forbartha

1.3.

Bainisteoir táirgthe nó seirbhísí speisialaithe

1.3.1.

Bainisteoir táirgthe sna réimsí talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh

1.3.1.1.

Bainisteoir táirgthe talmhaíochta nó táirgthe foraoiseachta

1.3.1.2.

Bainisteoir táirgthe dobharshaothraithe nó táirgthe iascaigh

1.3.2.

Bainisteoir monaraíochta, mianadóireachta, tógála, nó dáileacháin

1.3.2.1.

Bainisteoir monaraíochta

1.3.2.2.

Bainisteoir mianadóireachta

1.3.2.3.

Bainisteoir tógála

1.3.2.4.

Bainisteoir soláthair nó dáileacháin nó bainisteoir eile den chineál sin

1.3.3.

Bainisteoir seirbhíse teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide

1.3.4.

Bainisteoir seirbhísí gairmiúla

1.3.4.1.

Bainisteoir seirbhísí cúraim leanaí

1.3.4.2.

Bainisteoir seirbhísí sláinte

1.3.4.3.

Bainisteoir seirbhísí cúraim seanóirí

1.3.4.4.

Bainisteoir leasa shóisialta

1.3.4.5.

Bainisteoir oideachais

1.3.4.6.

Bainisteoir brainse seirbhísí airgeadais nó árachais

1.3.4.7.

Bainisteoir seirbhísí gairmiúla nach n-aicmítear in aon áit eile

1.4.

Bainisteoir fáilteachais, miondíola nó seirbhísí eile

1.4.1.

Bainisteoir óstáin nó bialainne

1.4.1.1.

Bainisteoir óstáin

1.4.1.2.

Bainisteoir bialainne

1.4.2.

Bainisteoir trádála miondíola nó mórdhíola

1.4.3.

Bainisteoir seirbhísí eile

1.4.3.1.

Bainisteoir lárionaid spórt, áineasa nó cultúir

1.4.3.2.

Bainisteoir seirbhísí nach n-aicmítear in aon áit eile

2.   Gairmí

2.1.

Gairmí eolaíochta nó innealtóireachta

2.1.1.

Gairmí eolaíochta fisicí nó domhaneolaíochta

2.1.1.1.

Fisiceoir nó réalteolaí

2.1.1.2.

Meitéareolaí

2.1.1.3.

Ceimiceoir

2.1.1.4.

Geolaí nó geoifisiceoir

2.1.2.

Matamaiticeoir, achtúire nó staitisteoir

2.1.3.

Gairmí eolaíochta beatha

2.1.3.1.

Bitheolaí, luibheolaí, zó-eolaí nó gairmí eile den chineál sin

2.1.3.2.

Comhairleoir feirmeoireachta, foraoiseachta nó iascaigh

2.1.3.3.

Gairmí cosanta comhshaoil

2.1.4.

Gairmí innealtóireachta (seachas leictriteicneolaíocht)

2.1.4.1.

Innealtóir tionsclaíoch nó innealtóir táirgthe

2.1.4.2.

Innealtóir sibhialta

2.1.4.3.

Innealtóir comhshaoil

2.1.4.4.

Innealtóir meicniúil

2.1.4.5.

Innealtóir ceimiceach

2.1.4.6.

Innealtóir mianadóireachta, miotalóir nó gairmí eile den chineál sin

2.1.4.7.

Gairmí innealtóireachta nach n-aicmítear in aon áit eile

2.1.5.

Innealtóir leictriteicneolaíochta

2.1.5.1.

Innealtóir leictreach

2.1.5.2.

Innealtóir leictreonaice

2.1.5.3.

Innealtóir teileachumarsáide

2.1.6.

Ailtire, pleanálaí, suirbhéir nó dearthóir

2.1.6.1.

Ailtire tógála

2.1.6.2.

Ailtire tírdhreacha

2.1.6.3.

Dearthóir táirgí nó dearthóir ball éadaigh

2.1.6.4.

Pleanálaí baile nó tráchta

2.1.6.5.

Cartagrafaí nó suirbhéir

2.1.6.6.

Dearthóir grafaicí nó ilmheán

2.2.

Gairmí sláinte

2.2.1.

Dochtúir leighis

2.2.1.1.

Liachleachtóir ginearálta

2.2.1.2.

Liachleachtóir speisialaithe

2.2.2.

Gairmí altranais nó cnáimhseachais

2.2.2.1.

Gairmí altranais

2.2.2.2.

Gairmí cnáimhseachais

2.2.3.

Gairmí leighis thraidisiúnta nó leighis chomhlántaigh

2.2.3.1.

Gairmí leighis thraidisiúnta nó leighis chomhlántaigh

2.2.3.2.

Paraimhíochaineoir

2.2.4.

Tréidlia

2.2.5.

Gairmí sláinte eile

2.2.5.1.

Fiaclóir

2.2.5.2.

Poitigéir

2.2.5.3.

Gairmí sláinte comhshaoil nó gairmí sláinte ceirde nó gairmí sláinteachais

2.2.5.4.

Fisiteiripeoir

2.2.5.5.

Diaitéiteach nó saineolaí cothúcháin

2.2.5.6.

Éisteolaí nó teiripeoir urlabhra

2.2.5.7.

Optaiméadraí nó radharceolaí oftalmach

2.2.5.8.

Gairmí sláinte nach n-aicmítear in aon áit eile

2.3.

Gairmí múinteoireachta

2.3.1.

Múinteoir ollscoile nó ardoideachais

2.3.2.

Múinteoir gairmoideachais

2.3.3.

Múinteoir oideachais meánscoile

2.3.4.

Múinteoir oideachais bunscoile nó luath-óige

2.3.4.1.

Múinteoir bunscoile

2.3.4.2.

Múinteoir luath-óige

2.3.5.

Gairmí múinteoireachta eile

2.3.5.1.

Speisialtóir modhanna oideachais

2.3.5.2.

Múinteoir riachtanais speisialta

2.3.5.3.

Múinteoir teanga eile

2.3.5.4.

Múinteoir ceoil eile

2.3.5.5.

Múinteoir ealaíon eile

2.3.5.6.

Oiliúnóir teicneolaíochta faisnéise

2.3.5.7.

Gairmí múinteoireachta nach n-aicmítear in aon áit eile

2.4.

Gairmí gnó nó riaracháin

2.4.1.

Gairmí airgeadais

2.4.1.1.

Cuntasóir

2.4.1.2.

Comhairleoir airgeadais nó infheistíochta

2.4.1.3.

Anailísí airgeadais

2.4.2.

Gairmí riaracháin

2.4.2.1.

Anailísí bainistíochta nó eagraíochta

2.4.2.2.

Gairmí riaracháin beartais

2.4.2.3.

Gairmí pearsanra nó gairme

2.4.2.4.

Gairmí oiliúna nó gairmí forbartha foirne

2.4.3.

Gairmí díolacháin, margaíochta nó caidrimh phoiblí

2.4.3.1.

Gairmí fógraíochta nó margaíochta

2.4.3.2.

Gairmí caidrimh phoiblí

2.4.3.3.

Gairmí díolacháin theicniúil agus díolacháin míochaine (seachas teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide)

2.4.3.4.

Gairmí díolacháin teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide

2.5.

Gairmí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide

2.5.1.

Forbróir nó anailísí bogearraí nó feidhmchlár

2.5.1.1.

Anailísí córas

2.5.1.2.

Forbróir bogearraí

2.5.1.3.

Forbróir gréasáin nó ilmheán

2.5.1.4.

Ríomhchláraitheoir feidhmchlár

2.5.1.5.

Forbróir nó anailísí bogearraí nó feidhmchlár nach n-aicmítear in aon áit eile

2.5.2.

Gairmí bunachair sonraí nó líonra

2.5.2.1.

Dearthóir nó riarthóir bunachair sonraí

2.5.2.2.

Riarthóir córas

2.5.2.3.

Gairmí líonra ríomhairí

2.5.2.4.

Gairmí bunachair sonraí nó líonra nach n-aicmítear in aon áit eile

2.6.

Gairmí dlí, gairmí sóisialta nó gairmí cultúir

2.6.1.

Gairmí dlí

2.6.1.1.

Dlíodóir

2.6.1.2.

Breitheamh

2.6.1.3.

Gairmí dlí nach n-aicmítear in aon áit eile

2.6.2.

Leabharlannaí, cartlannaí nó coimeádaí

2.6.2.1.

Cartlannaí nó coimeádaí

2.6.2.2.

Leabharlannaí nó gairmí eile den chineál sin

2.6.3.

Gairmí sóisialta nó reiligiúnach

2.6.3.1.

Eacnamaí

2.6.3.2.

Socheolaí, antraipeolaí nó gairmí eile den chineál sin

2.6.3.3.

Fealsúnaí, staraí nó eolaí polaitiúil

2.6.3.4.

Síceolaí

2.6.3.5.

Gairmí oibre sóisialta nó gairmí comhairleoireachta

2.6.3.6.

Gairmí reiligiúnach

2.6.4.

Údar, iriseoir nó teangeolaí

2.6.4.1.

Údar nó scríbhneoir eile

2.6.4.2.

Iriseoir

2.6.4.3.

Aistritheoir, ateangaire nó teangeolaí eile

2.6.5.

Ealaíontóir cruthaitheach nó taibhealaíontóir

2.6.5.1.

Amharc-ealaíontóir

2.6.5.2.

Ceoltóir, amhránaí nó cumadóir

2.6.5.3.

Damhsóir nó cóiréagrafaí

2.6.5.4.

Léiritheoir nó stiúrthóir scannán, stáitse nó léirithe eile

2.6.5.5.

Aisteoir

2.6.5.6.

Láithreoir raidió, teilifíse nó láithreoir ar na meáin eile

2.6.5.7.

Ealaíontóir cruthaitheach nó taibhealaíontóir nach n-aicmítear in aon áit eile

3.   Teicneoir nó gairmí comhlach

3.1.

Gairmí comhlach eolaíochta nó innealtóireachta

3.1.1.

Teicneoir eolaíochta fisicí nó eolaíochta innealtóireachta

3.1.1.1.

Teicneoir eolaíochta ceimicí nó fisicí

3.1.1.2.

Teicneoir innealtóireachta sibhialta

3.1.1.3.

Teicneoir innealtóireachta leictrí

3.1.1.4.

Teicneoir innealtóireachta leictreonaice

3.1.1.5.

Teicneoir innealtóireachta meicniúla

3.1.1.6.

Teicneoir innealtóireachta ceimicí

3.1.1.7.

Teicneoir mianadóireachta nó miotalóireachta

3.1.1.8.

Línitheoir

3.1.1.9.

Teicneoir eolaíochta fisicí nó eolaíochta innealtóireachta nach n-aicmítear in aon áit eile

3.1.2.

Maoirseoir mianadóireachta, monaraíochta nó tógála

3.1.2.1.

Maoirseoir mianadóireachta

3.1.2.2.

Maoirseoir monaraíochta

3.1.2.3.

Maoirseoir tógála

3.1.3.

Teicneoir rialaithe próiseas

3.1.3.1.

Oibreoir gléasra um tháirgeadh cumhachta

3.1.3.2.

Oibreoir loisceora nó oibreoir gléasra cóireála uisce

3.1.3.3.

Rialtóir gléasra próiseála ceimiceán

3.1.3.4.

Oibreoir gléasra i scaglann peitriliam nó gáis nádúrtha

3.1.3.5.

Rialtóir próiseas táirgthe miotail

3.1.3.6.

Teicneoir rialaithe próiseas nach n-aicmítear in aon áit eile

3.1.4.

Teicneoir eolaíochta beatha nó gairmí comhlach eile den chineál sin

3.1.4.1.

Teicneoir eolaíochta beatha (seachas teicneoir míochaine)

3.1.4.2.

Teicneoir talmhaíochta

3.1.4.3.

Teicneoir foraoiseachta

3.1.5.

Teicneoir nó rialtóir loinge nó aerárthaigh

3.1.5.1.

Innealtóir loinge

3.1.5.2.

Oifigeach deice loinge nó píolóta loinge

3.1.5.3.

Píolóta aerárthaigh nó gairmí comhlach eile den chineál sin

3.1.5.4.

Rialtóir aerthráchta

3.1.5.5.

Teicneoir leictreonaice um shábháilteacht aerthráchta

3.2.

Gairmí comhlach sláinte

3.2.1.

Teicneoir míochaine nó cógaisíochta

3.2.1.1.

Teicneoir trealaimh íomháithe míochaine nó trealaimh theiripigh

3.2.1.2.

Teicneoir saotharlainne míochaine nó paiteolaíochta

3.2.1.3.

Teicneoir nó cúntóir cógaisíochta

3.2.1.4.

Teicneoir próistéitice míochaine nó próistéitice fiaclóireachta

3.2.2.

Gairmí comhlach altranais nó cnáimhseachais

3.2.2.1.

Gairmí comhlach altranais

3.2.2.2.

Gairmí comhlach cnáimhseachais

3.2.3.

Gairmí comhlach leighis thraidisiúnta nó leighis chomhlántaigh

3.2.3.1.

Gairmí comhlach leighis thraidisiúnta nó leighis chomhlántaigh

3.2.4.

Teicneoir nó cúntóir tréidliachta

3.2.4.1.

Teicneoir nó cúntóir tréidliachta

3.2.5.

Gairmí comhlach sláinte eile

3.2.5.1.

Cúntóir nó teiripeoir fiaclóireachta

3.2.5.2.

Teicneoir taifead leighis nó teicneoir faisnéise sláinte

3.2.5.3.

Oibrí sláinte pobail

3.2.5.4.

Radharceolaí dáiliúcháin

3.2.5.5.

Teicneoir nó cúntóir fisiteiripe

3.2.5.6.

Cúntóir leighis

3.2.5.7.

Cigire sláinte comhshaoil, cigire sláinte ceirde nó gairmí comhlach eile den chineál sin

3.2.5.8.

Oibrí otharchairr

3.2.5.9.

Gairmí comhlach sláinte nach n-aicmítear in aon áit eile

3.3.

Gairmí comhlach gnó nó riaracháin

3.3.1.

Gairmí comhlach airgeadais nó matamaitice

3.3.1.1.

Déileálaí nó bróicéir airgeadais nó urrús

3.3.1.2.

Oifigeach creidmheasa nó iasachtaí

3.3.1.3.

Gairmí comhlach cuntasaíochta

3.3.1.4.

Gairmí comhlach staidrimh nó matamaitice nó gairmí meánleibhéil eile den chineál sin

3.3.1.5.

Luachálaí nó meastóir caillteanais

3.3.2.

Gníomhaire nó bróicéir díolacháin nó ceannaigh

3.3.2.1.

Ionadaí árachais

3.3.2.2.

Ionadaí díolacháin tráchtála

3.3.2.3.

Ceannaitheoir

3.3.2.4.

Bróicéir trádála

3.3.3.

Gníomhaire seirbhísí gnó

3.3.3.1.

Gníomhaire imréitigh nó gníomhaire seolta lasta

3.3.3.2.

Pleanálaí comhdhálacha nó imeachtaí

3.3.3.3.

Gníomhaire nó conraitheoir fostaíochta

3.3.3.4.

Gníomhaire réadmhaoine nó bainisteoir maoine

3.3.3.5.

Gníomhaire seirbhísí gnó nach n-aicmítear in aon áit eile

3.3.4.

Rúnaí riaracháin nó rúnaí speisialaithe

3.3.4.1.

Maoirseoir oifige

3.3.4.2.

Rúnaí dlí

3.3.4.3.

Rúnaí riaracháin nó rúnaí feidhmiúcháin

3.3.4.4.

Rúnaí leighis

3.3.5.

Gairmí comhlach rialtais um rialáil

3.3.5.1.

Cigire custam nó teorann

3.3.5.2.

Oifigeach rialtais um cháin nó mál

3.3.5.3.

Oifigeach rialtais um shochair shóisialta

3.3.5.4.

Oifigeach rialtais um cheadúnú

3.3.5.5.

Cigire nó bleachtaire sna póilíní

3.3.5.6.

Gairmí comhlach rialtais um rialáil nach n-aicmítear in aon áit eile

3.4.

Gairmí comhlach dlí, gairmí meánleibhéil sóisialta, gairmí meánleibhéil cultúir nó gairmí meánleibhéil eile den chineál sin

3.4.1.

Gairmí comhlach dlí, gairmí meánleibhéil sóisialta nó gairmí meánleibhéil reiligiúnach

3.4.1.1.

Gairmí comhlach dlí nó gairmí meánleibhéil eile den chineál sin

3.4.1.2.

Gairmí comhlach oibre sóisialta

3.4.1.3.

Gairmí comhlach reiligiúnach

3.4.2.

Oibrí spóirt nó corpacmhainne

3.4.2.1.

Lúthchleasaí nó imreoir spóirt

3.4.2.2.

Cóitseálaí, traenálaí nó oifigeach spóirt

3.4.2.3.

Traenálaí nó ceannaire cláir corpacmhainne nó áineasa

3.4.3.

Gairmí comhlach ealaíon, cultúir nó cócaireachta

3.4.3.1.

Grianghrafadóir

3.4.3.2.

Dearthóir intí nó maisitheoir

3.4.3.3.

Teicneoir dánlainne, músaeim nó leabharlainne

3.4.3.4.

Cócaire

3.4.3.5.

Gairmí comhlach ealaíon nó cultúir eile

3.5.

Teicneoir faisnéise nó cumarsáide

3.5.1.

Teicneoir oibríochtaí nó teicneoir tacaíochta d’úsáideoirí i réimse na teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

3.5.1.1.

Teicneoir oibríochtaí i réimse na teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

3.5.1.2.

Teicneoir tacaíochta d’úsáideoirí i réimse na teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

3.5.1.3.

Teicneoir líonraí nó córas ríomhairí

3.5.1.4.

Teicneoir gréasáin

3.5.2.

Teicneoir teileachumarsáide nó craolacháin

3.5.2.1.

Teicneoir craolacháin nó closamhairc

3.5.2.2.

Teicneoir innealtóireachta teileachumarsáide

4.   Oibrí tacaíochta cléireachais

4.1.

Cléireach ginearálta nó cléireach méarchláir

4.1.1.

Cléireach ginearálta oifige

4.1.1.1.

Cléireach ginearálta oifige

4.1.2.

Rúnaí (ginearálta)

4.1.2.1.

Rúnaí (ginearálta)

4.1.3.

Oibreoir méarchláir

4.1.3.1.

Clóscríobhaí nó oibreoir próiseála focal

4.1.3.2.

Cléireach iontrála sonraí

4.2.

Cléireach seirbhísí custaiméara

4.2.1.

Airgeadóir, bailitheoir airgid nó cléireach eile den chineál sin

4.2.1.1.

Airgeadóir bainc nó cléireach eile den chineál sin

4.2.1.2.

Geallghlacadóir, rácadóir nó oibrí cearrbhachais eile den chineál sin

4.2.1.3.

Geallbhróicéir nó iasachtóir airgid

4.2.1.4.

Bailitheoir fiach nó oibrí eile den chineál sin

4.2.2.

Oibrí faisnéise cliant

4.2.2.1.

Comhairleoir nó cléireach i ngníomhaire taistil

4.2.2.2.

Cléireach faisnéise in ionad teagmhála

4.2.2.3.

Oibreoir lasc-chláir teileafón

4.2.2.4.

Fáilteoir óstáin

4.2.2.5.

Cléireach i seirbhís faisnéise

4.2.2.6.

Fáilteoir (ginearálta)

4.2.2.7.

Agallóir suirbhéanna nó taighde margaíochta

4.2.2.8.

Oibrí faisnéise cliant nach n-aicmítear in aon áit eile

4.3.

Cléireach i seirbhís cuntasaíochta nó airgeadais nó cléireach taifeadta ábhair

4.3.1.

Cléireach i seirbhís cuntasaíochta nó airgeadais

4.3.1.1.

Cléireach cuntasaíochta nó leabharchoimeáid

4.3.1.2.

Cléireach staidrimh, airgeadais nó árachais

4.3.1.3.

Cléireach párolla

4.3.2.

Cléireach taifeadta ábhair nó cléireach iompair

4.3.2.1.

Cléireach stoic

4.3.2.2.

Cléireach táirgthe

4.3.2.3.

Cléireach iompair

4.4.

Oibrí tacaíochta cléireachais eile

4.4.1.

Oibrí tacaíochta cléireachais eile

4.4.1.1.

Cléireach leabharlainne

4.4.1.2.

Iompróir poist nó cléireach sórtála

4.4.1.3.

Cléireach códaithe, profléitheoireachta nó cléireach eile den chineál sin

4.4.1.4.

Scríobhaí nó oibrí eile den chineál sin

4.4.1.5.

Cléireach comhdaithe nó cóipeála

4.4.1.6.

Cléireach pearsanra

4.4.1.7.

Oibrí tacaíochta cléireachais nach n-aicmítear in aon áit eile

5.   Oibrí seirbhíse nó díolacháin

5.1.

Oibrí seirbhíse pearsanta

5.1.1.

Freastalaí taistil, stiúrthóir ticéad nó treoraí

5.1.1.1.

Freastalaithe taistil nó stíobhard taistil

5.1.1.2.

Stiúrthóir ticéad iompair

5.1.1.3.

Treoraí taistil

5.1.2.

Cócaire

5.1.3.

Freastalaí nó freastalaí beáir

5.1.3.1.

Freastalaí

5.1.3.2.

Freastalaí beáir

5.1.4.

Gruagaire, sciamheolaí nó oibrí eile den chineál sin

5.1.4.1.

Gruagaire

5.1.4.2.

Sciamheolaí nó oibrí eile den chineál sin

5.1.5.

Maoirseoir foirgnimh nó maoirseoir cúraim tí

5.1.5.1.

Maoirseoir glantacháin nó maoirseoir cúraim tí in oifigí, in óstáin nó in áitribh eile

5.1.5.2.

Coimeádaí tí in áit chónaithe phríobháideach

5.1.5.3.

Feighlí foirgnimh

5.1.6.

Oibrí seirbhísí pearsanta eile

5.1.6.1.

Astralaí, duine feasa nó oibrí eile den chineál sin

5.1.6.2.

Compánach nó giolla coimhdeachta

5.1.6.3.

Adhlacóir nó balsamóir

5.1.6.4.

Grúmaeir peataí nó oibrí cúraim ainmhithe

5.1.6.5.

Teagascóir tiomána

5.1.6.6.

Oibrí seirbhísí pearsanta nach n-aicmítear in aon áit eile

5.2.

Oibrí díolacháin

5.2.1.

Díoltóir sráide nó margaidh

5.2.1.1.

Díoltóir stainnín nó margaidh

5.2.1.2.

Díoltóir bia sráide

5.2.2.

Oibrí díolacháin i siopa

5.2.2.1.

Siopadóir

5.2.2.2.

Maoirseoir siopa

5.2.2.3.

Cúntóir díolacháin i siopa

5.2.3.

Airgeadóir nó cléireach ticéad

5.2.3.1.

Airgeadóir nó cléireach ticéad

5.2.4.

Oibrí díolacháin eile

5.2.4.1.

Mainicín faisin nó mainicín de chineál eile

5.2.4.2.

Taispeántóir táirgí

5.2.4.3.

Díoltóir a théann ó dhoras go doras

5.2.4.4.

Oibrí teilidhíola

5.2.4.5.

Oibrí i stáisiún seirbhíse

5.2.4.6.

Oibrí ag cuntar seirbhíse bia

5.2.4.7.

Oibrí díolacháin nach n-aicmítear in aon áit eile

5.3.

Oibrí cúraim phearsanta

5.3.1.

Oibrí cúraim leanaí nó cúntóir múinteora

5.3.1.1.

Oibrí cúraim leanaí

5.3.1.2.

Cúntóir múinteora

5.3.2.

Oibrí cúraim phearsanta sna seirbhísí sláinte

5.3.2.1.

Cúntóir cúraim sláinte

5.3.2.2.

Cúntóir cúraim sláinte in áit chónaithe phríobháideach

5.3.2.3.

Oibrí cúraim phearsanta sna seirbhísí sláinte nach n-aicmítear in aon áit eile

5.4.

Oibrí seirbhísí cosanta

5.4.1.

Oibrí seirbhísí cosanta

5.4.1.1.

Comhraiceoir dóiteáin

5.4.1.2.

Póilín

5.4.1.3.

Garda príosúin

5.4.1.4.

Garda slándála

5.4.1.5.

Oibrí seirbhísí cosanta nach n-aicmítear in aon áit eile

6.   Oibrí oilte talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh

6.1.

Oibrí oilte talmhaíochta atá dírithe ar an margadh

6.1.1.

Garraíodóir margaidh nó saothróir barr tráchtála

6.1.1.1.

Saothróir barr páirce nó glasraí

6.1.1.2.

Saothróir crann nó tor

6.1.1.3.

Garraíodóir, saothróir gairneoireachta nó plandlainne

6.1.1.4.

Saothróir barr measctha

6.1.2.

Táirgeoir ainmhithe

6.1.2.1.

Táirgeoir beostoic nó déiríochta

6.1.2.2.

Táirgeoir éanlaithe

6.1.2.3.

Beachaire nó síodashaothróir

6.1.2.4.

Táirgeoir ainmhithe nach n-aicmítear in aon áit eile

6.1.3.

Táirgeoir barr measctha nó táirgeoir ainmhithe

6.2.

Oibrí oilte tráchtála foraoiseachta, iascaigh nó fiaigh atá dírithe ar an margadh

6.2.1.

Oibrí foraoiseachta nó oibrí eile den chineál sin

6.2.2.

Oibrí iascaigh, fiagaí nó gaisteoir

6.2.2.1.

Oibrí dobharshaothraithe

6.2.2.2.

Oibrí iascaigh in uiscí intíre nó in uiscí cósta

6.2.2.3.

Oibrí iascaigh domhainfharraige

6.2.2.4.

Fiagaí nó gaisteoir

6.3.

Feirmeoir, iascaire, fiagaí nó cnuasaitheoir leorchothaitheach

6.3.1.

Feirmeoir barr leorchothaitheach

6.3.2.

Feirmeoir beostoic leorchothaitheach

6.3.3.

Feirmeoir barr measctha leorchothaitheach nó feirmeoir beostoic leorchothaitheach

6.3.4.

Iascaire, fiagaí, gaisteoir nó cnuasaitheoir leorchothaitheach

7.   Oibrí ceardaíochta nó ceardaí eile den chineál sin

7.1.

Ceardaí tógála nó ceardaí eile den chineál sin, seachas leictreoir

7.1.1.

Ceardaí fráma foirgneamh nó ceardaí eile den chineál sin

7.1.1.1.

Tógálaí tí

7.1.1.2.

Bríceadóir nó oibrí eile den chineál sin

7.1.1.3.

Saor cloiche, gearrthóir, scoilteoir nó snoíodóir cloiche

7.1.1.4.

Oibrí leagtha coincréite, bailchríochnaitheoir coincréite nó oibrí eile den chineál sin

7.1.1.5.

Siúinéir nó saor adhmaid

7.1.1.6.

Ceardaí fráma foirgneamh nó ceardaí eile den chineál sin nach n-aicmítear in aon áit eile

7.1.2.

Bailchríochnaitheoir foirgneamh nó ceardaí eile den chineál sin

7.1.2.1.

Díonadóir

7.1.2.2.

Feisteoir urlár nó cóiritheoir tíleanna

7.1.2.3.

Pláistéir

7.1.2.4.

Oibrí inslithe

7.1.2.5.

Gloineadóir

7.1.2.6.

Pluiméir nó feisteoir píopaí

7.1.2.7.

Meicneoir aerchóiriúcháin nó cuisniúcháin

7.1.3.

Péintéir, glantóir struchtúir foirgneamh nó ceardaí eile den chineál sin

7.1.3.1.

Péintéir nó oibrí eile den chineál sin

7.1.3.2.

Péintéir spraeála nó oibrí vearnaiseála

7.1.3.3.

Glantóir struchtúir foirgneamh

7.2.

Ceardaí miotail, innealra nó ceardaí eile den chineál sin

7.2.1.

Oibrí miotail leatháin nó miotail struchtúraigh, múnlóir, táthaire nó oibrí eile den chineál sin

7.2.1.1.

Múnlóir miotail nó déantóir croíleacán

7.2.1.2.

Táthaire nó gearrthóir lasrach

7.2.1.3.

Oibrí miotail leatháin

7.2.1.4.

Ullmhaitheoir nó ardaitheoir miotail struchtúraigh

7.2.1.5.

Rigeálaí nó spladhsálaí cáblaí

7.2.2.

Gabha dubh, déantóir uirlisí nó ceardaí eile den chineál sin

7.2.2.1.

Gabha dubh, gabha casúir nó oibrí fáisceáin gaibhneachta

7.2.2.2.

Déantóir uirlisí nó oibrí eile den chineál sin

7.2.2.3.

Feisteoir uirlisí nó oibreoir uirlisí ar innealra miotalóireachta

7.2.2.4.

Snasaire miotail, líomhadóir rotha nó líomhadóir uirlisí

7.2.3.

Meicneoir innealra nó deisitheoir innealra

7.2.3.1.

Meicneoir mótarfheithiclí nó deisitheoir mótarfheithiclí

7.2.3.2.

Meicneoir innill aerárthaí nó deisitheoir innill aerárthaí

7.2.3.3.

Meicneoir nó deisitheoir innealra talmhaíochta nó innealra thionsclaíoch

7.2.3.4.

Deisitheoir rothar nó deisitheoir eile den chineál sin

7.3.

Oibrí lámhcheirde nó oibrí clódóireachta

7.3.1.

Oibrí lámhcheirde

7.3.1.1.

Déantóir nó deisitheoir beachtuirlisí

7.3.1.2.

Déantóir nó tiúnóir uirlisí ceoil

7.3.1.3.

Oibrí seodra nó miotail lómhair

7.3.1.4.

Criadóir nó oibrí eile den chineál sin

7.3.1.5.

Déantóir, gearrthóir, líomhadóir nó bailchríochnaitheoir gloine

7.3.1.6.

Scríbhneoir comharthaí, péintéir maisiúil, greanadóir nó eitseálaí

7.3.1.7.

Oibrí lámhcheirde adhmaid, caoladóireachta nó ábhair eile den chineál sin

7.3.1.8.

Oibrí lámhcheirde teicstílí, leathair nó ábhair eile den chineál sin

7.3.1.9.

Oibrí lámhcheirde nach n-aicmítear in aon áit eile

7.3.2.

Ceardaí clódóireachta

7.3.2.1.

Teicneoir réamhphreasa

7.3.2.2.

Clódóir

7.3.2.3.

Bailchríochnaitheoir clódóireachta nó oibrí ceangail

7.4.

Ceardaí leictreach nó leictreonaice

7.4.1.

Suiteálaí trealaimh leictrigh nó deisitheoir trealaimh leictrigh

7.4.1.1.

Leictreoir foirgneamh nó leictreoir eile den chineál sin

7.4.1.2.

Meicneoir leictreach nó feisteoir leictreach

7.4.1.3.

Suiteálaí línte leictreacha nó deisitheoir línte leictreacha

7.4.2.

Suiteálaí leictreonaice nó teileachumarsáide nó deisitheoir leictreonaice nó teileachumarsáide

7.4.2.1.

Seirbhíseoir leictreonaice nó meicneoir leictreonaice

7.4.2.2.

Suiteálaí nó seirbhíseoir teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

7.5.

Ceardaí próiseála bia, ceardaí adhmadóireachta, ceardaí éadaí nó oibrí ceardaíochta eile nó ceardaí eile den chineál sin

7.5.1.

Ceardaí próiseála bia nó ceardaí eile den chineál sin

7.5.1.1.

Búistéir, ceannaí éisc nó ullmhaitheoir bia eile den chineál sin

7.5.1.2.

Báicéir, cócaire taosráin nó sólaisteoir

7.5.1.3.

Déantóir táirgí déiríochta

7.5.1.4.

Caomhnóir torthaí nó glasraí nó caomhnóir eile den chineál sin

7.5.1.5.

Blastóir bia nó deochanna nó grádóir bia nó deochanna

7.5.1.6.

Ullmhaitheoir tobac nó déantóir táirgí tobac

7.5.2.

Cóiritheoir adhmaid, caibinéadaire nó ceardaí eile den chineál sin

7.5.2.1.

Cóiritheoir adhmaid

7.5.2.2.

Caibinéadaire nó oibrí eile den chineál sin

7.5.2.3.

Feisteoir uirlisí nó oibreoir uirlisí ar mheaisín adhmadóireachta

7.5.3.

Ceardaí éadaí nó ceardaí eile den chineál sin

7.5.3.1.

Táilliúir, gúnadóir, fionnadóir nó haitéir

7.5.3.2.

Déantóir patrún éadaí, gearrthóir éadaí nó ceardaí eile den chineál sin

7.5.3.3.

Oibrí fuála nó bróidnéireachta nó oibrí eile den chineál sin

7.5.3.4.

Cumhdaitheoir nó oibrí eile den chineál sin

7.5.3.5.

Leasaitheoir nó mangaire seithí

7.5.3.6.

Gréasaí nó oibrí eile den chineál sin

7.5.4.

Oibrí ceardaíochta eile nó oibrí eile den chineál sin

7.5.4.1.

Tumadóir faoi uisce

7.5.4.2.

Séidire

7.5.4.3.

Grádóir táirgí nó tástálaí táirgí (seachas bia agus deochanna)

7.5.4.4.

Toitreoir nó oibrí srianta lotnaidí nó fiailí eile

7.5.4.5.

Oibrí ceardaíochta nó oibrí eile den chineál sin nach n-aicmítear in aon áit eile

8.   Oibreoir gléasra nó meaisín nó cóimeálaí gléasra nó meaisín

8.1.

Oibreoir gléasra do-aistrithe nó meaisín do-aistrithe

8.1.1.

Oibreoir gléasra próiseála mianadóireachta nó mianraí

8.1.1.1.

Mianadóir nó cairéalaí

8.1.1.2.

Oibreoir gléasra próiseála mianraí nó cloch

8.1.1.3.

Druileálaí toibreacha, tolladóir nó oibrí eile den chineál sin

8.1.1.4.

Oibreoir meaisín próiseála stroighne, cloch nó táirgí mianracha eile

8.1.2.

Oibreoir gléasra próiseála nó bailchríochnaithe miotail

8.1.2.1.

Oibreoir gléasra próiseála miotail

8.1.2.2.

Oibreoir meaisín bailchríochnaithe, plátála nó brataithe miotail

8.1.3.

Oibreoir gléasra nó meaisín táirgí ceimiceacha nó táirgí grianghrafadóireachta

8.1.3.1.

Oibreoir gléasra nó meaisín táirgí ceimiceacha

8.1.3.2.

Oibreoir meaisín táirgí grianghrafadóireachta

8.1.4.

Oibreoir meaisín táirgí rubair, plaisteacha nó páipéir

8.1.4.1.

Oibreoir meaisín táirgí rubair

8.1.4.2.

Oibreoir meaisín táirgí plaisteacha

8.1.4.3.

Oibreoir meaisín táirgí páipéir

8.1.5.

Oibreoir meaisín táirgí teicstíle, fionnaidh nó leathair

8.1.5.1.

Oibreoir meaisín ullmhaithe snáithíní, meaisín sníomhacháin nó meaisín tochráin

8.1.5.2.

Oibreoir meaisín fíodóireachta nó cniotála

8.1.5.3.

Oibreoir meaisín fuála

8.1.5.4.

Oibreoir meaisín tuartha, ruaimneoireachta nó glanta fabraice

8.1.5.5.

Oibreoir meaisín ullmhaithe fionnaidh nó leathair

8.1.5.6.

Oibreoir meaisín gréasaíochta nó meaisín eile den chineál sin

8.1.5.7.

Oibreoir meaisín níocháin

8.1.5.8.

Oibreoir meaisín táirgí teicstíle, fionnaidh nó leathair nach n-aicmítear in aon áit eile

8.1.6.

Oibreoir meaisín táirgí bia nó meaisín eile den chineál sin

8.1.6.1.

Oibreoir meaisín táirgí bia nó meaisín eile den chineál sin

8.1.7.

Oibreoir gléasra próiseála adhmaid nó gléasra déanta páipéir

8.1.7.1.

Oibreoir gléasra laín nó gléasra déanta páipéir

8.1.7.2.

Oibreoir gléasra próiseála adhmaid

8.1.8.

Oibreoir gléasra do-aistrithe nó meaisín do-aistrithe eile

8.1.8.1.

Oibreoir gléasra gloine nó ceirmeachta

8.1.8.2.

Oibreoir innill gaile nó coire

8.1.8.3.

Oibreoir meaisín pacála, buidéalaithe nó lipéadaithe

8.1.8.4.

Oibreoir gléasra do-aistrithe nó meaisín do-aistrithe eile nach n-aicmítear in aon áit eile

8.2.

Cóimeálaí

8.2.1.

Cóimeálaí

8.2.1.1.

Cóimeálaí innealra mheicniúil

8.2.1.2.

Cóimeálaí trealaimh leictrigh nó trealaimh leictreonaice

8.2.1.3.

Cóimeálaí nach n-aicmítear in aon áit eile

8.3.

Tiománaí nó oibreoir gléasra soghluaiste

8.3.1.

Tiománaí innill traenach nó oibrí eile den chineál sin

8.3.1.1.

Tiománaí innill traenach

8.3.1.2.

Oibreoir coscáin, comhartha nó ladhróige iarnróid

8.3.2.

Tiománaí gluaisteáin, veain nó gluaisrothair

8.3.2.1.

Tiománaí gluaisrothair

8.3.2.2.

Tiománaí gluaisteáin, tacsaí nó veain

8.3.3.

Tiománaí trucaile troime nó tiománaí bus

8.3.3.1.

Tiománaí bus nó tram

8.3.3.2.

Tiománaí trucaile troime nó tiománaí leoraí

8.3.4.

Oibreoir gléasra soghluaiste

8.3.4.1.

Oibreoir gléasra soghluaiste talmhaíochta nó foraoiseachta

8.3.4.2.

Oibreoir scartaire nó oibreoir gléasra eile den chineál sin

8.3.4.3.

Oibreoir craein tógála, ardaitheora nó gléasra eile den chineál sin

8.3.4.4.

Oibreoir forcardaitheora

8.3.5.

Ball foirne deice loinge nó oibrí eile den chineál sin

9.   Slí bheatha neamhoilte

9.1.

Glantóir nó cúntóir

9.1.1.

Glantóir nó cúntóir in áit chónaithe phríobháideach nó in óstán nó in oifig

9.1.1.1.

Glantóir nó cúntóir in áit chónaithe phríobháideach

9.1.1.2.

Glantóir nó cúntóir in oifigí, in óstáin nó in áitribh eile

9.1.2.

Glantóir feithiclí, fuinneog nó éadaí nó oibrí eile a dhéanann níochán de láimh

9.1.2.1.

Oibrí níocháin éadaí de láimh nó oibrí iarnála éadaí

9.1.2.2.

Glantóir feithiclí

9.1.2.3.

Glantóir fuinneog

9.1.2.4.

Oibrí glantacháin eile

9.2.

Saothraí talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh

9.2.1.

Saothraí talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh

9.2.1.1.

Saothraí feirme barr

9.2.1.2.

Saothraí feirme beostoic

9.2.1.3.

Saothraí feirme barr measctha nó feirme beostoic

9.2.1.4.

Saothraí gairdín nó gairneoireachta

9.2.1.5.

Saothraí foraoiseachta

9.2.1.6.

Saothraí iascaigh nó dobharshaothraithe

9.3.

Saothraí mianadóireachta, tógála, monaraíochta nó iompair

9.3.1.

Saothraí mianadóireachta nó tógála

9.3.1.1.

Saothraí mianadóireachta nó cairéalaithe

9.3.1.2.

Saothraí innealtóireachta sibhialta

9.3.1.3.

Saothraí tógála foirgneamh

9.3.2.

Saothraí monaraíochta

9.3.2.1.

Pacálaí de láimh

9.3.2.2.

Saothraí monaraíochta nach n-aicmítear in aon áit eile

9.3.3.

Saothraí iompair nó stórála

9.3.3.1.

Tiománaí feithicle arna tiomáint de láimh nó de throitheán

9.3.3.2.

Tiománaí feithiclí nó innealra arna dtarraingt ag ainmhithe

9.3.3.3.

Láimhseálaí lasta

9.3.3.4.

Líontóir seilfeanna

9.4.

Cúntóir ullmhaithe bia

9.4.1.

Cúntóir ullmhaithe bia

9.4.1.1.

Ullmhaitheoir mearbhia

9.4.1.2.

Cúntóir cistine

9.5.

Oibrí díolacháin nó seirbhísí sráide nó oibrí eile den chineál sin

9.5.1.

Oibrí seirbhísí sráide nó oibrí eile den chineál sin

9.5.2.

Díoltóir sráide (seachas bia)

9.6.

Oibrí bruscair nó oibrí neamhoilte eile

9.6.1.

Oibrí bruscair

9.6.1.1.

Bailitheoir bruscair nó ábhair athchúrsála

9.6.1.2.

Sórtálaí bruscair

9.6.1.3.

Scuabadóir nó saothraí eile den chineál sin

9.6.2.

Oibrí neamhoilte eile

9.6.2.1.

Teachtaire, seachadóir pacáistí nó póirtéir bagáiste

9.6.2.2.

Oibrí ócáideach

9.6.2.3.

Léitheoir méadar nó bailitheoir meaisín díola

9.6.2.4.

Bailitheoir uisce nó brosna

9.6.2.5.

Oibrí neamhoilte nach n-aicmítear in aon áit eile

10.   Slí bheatha sna fórsaí armtha

10.1.

Oifigeach coimisiúnaithe sna fórsaí armtha

10.2.

Oifigeach neamhchoimisiúnaithe sna fórsaí armtha

10.3.

Slí bheatha sna fórsaí armtha, céim eile

19.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 156/31


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1178 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Aibreán 2023

lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/47 lena n-údaraítear tráil T90 mhalartacha a úsáid in iascach Mhuir Bhailt, de mhaolú ar Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 8 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earráidí sna leaganacha Cróitise, Fionlainnise, Gréigise, Laitvise agus Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/47 ón gCoimisiún (2) in Airteagal 4(1), pointe (b), a mhéid a bhaineann leis an údarú chun úsáid a bhaint as tráil T90 a chomhlíonann na sonraíochtaí maidir le líon na mogall arb éard a bheidh ann 80 mogall timpeall in aon imlíne de cheann an tráil sensu stricto agus den síneadh, gan na ceangail agus na dlúthchiumhaiseanna san áireamh. Déanann na hearráidí sin difear do shubstaint na forála sin.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Cróitise, Fionlainnise, Gréigise, Laitvise agus Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/47 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 191, 15.7.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/47 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2017 lena n-údaraítear tráil T90 mhalartacha a úsáid in iascach Mhuir Bhailt, de mhaolú ar Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 7, 12.1.2018, lch. 21).


19.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 156/32


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1179 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meitheamh 2023

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Bohusläns blåmusslor’(STFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an tSualainn ar chlárú an ainm ‘Bohusläns blåmusslor’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Bohusläns blåmusslor’ a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm ‘Bohusläns blåmusslor’ (STFC) cláraithe anois.

Leis an ainm dá dtagraítear sa chéad mhír, sainítear táirge de chuid Aicme 1.7. Éisc, moilisc, crústaigh úra agus táirgí díorthaithe a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 60, 17.2.2023, lch. 62.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


CINNTÍ

19.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 156/33


CINNEADH (AE) 2023/1180 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2023

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i ndáil le rúin áirithe a ndéanfar vótáil orthu ag an 21ú Comhthionól Ginearálta den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), atá le tionól an 9 Meitheamh 2023

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanfaidh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV) scrúdú ar rúin (‘dréachtrúin ó OIV’) sa chéad Chomhthionól Ginearálta eile a bheidh aici an 9 Meitheamh 2023. Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na rúin chun críocha Airteagal 218(9) den Chonradh.

(2)

Níl an tAontas ina chomhalta de OIV. Mar sin féin, an 20 Deireadh Fómhair 2017 bhronn OIV ar an Aontas an stádas ar leith dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialacha Nós Imeachta OIV.

(3)

Tá 20 Ballstát ina gcomhaltaí de OIV. Beidh deis ag na Ballstáit sin leasuithe ar na dréachtrúin ó OIV a mholadh agus iarrfar orthu na dréachtrúin sin a ghlacadh ag an gcéad Chomhthionól Ginearálta eile de chuid OIV an 9 Meitheamh 2023.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil leis na dréachtrúin ó OIV a bhunú maidir le hábhair atá faoina inniúlacht ag cruinnithe OIV. Ba cheart an seasamh sin a chur in iúl do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad ag cruinnithe OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.

(5)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún (2), beidh éifeachtaí dlíthiúla le rúin áirithe arna nglacadh agus arna bhfoilsiú ag OIV.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 80(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 go mbeidh ar an gCoimisiún na cleachtais fhíoneolaíocha agus na modhanna anailíse a mhol agus a d’fhoilsigh OIV a chur san áireamh agus é ag údarú cleachtais fhíoneolaíocha.

(7)

Foráiltear le hAirteagal 80(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus modhanna anailíse á leagan síos ag an gCoimisiún lena gcinnfear comhdhéanamh tháirgí earnáil an fhíona, go mbunóidh sé na modhanna sin ar aon mhodh ábhartha arna mholadh agus arna fhoilsiú ag OIV mura rud é go bhfuil siad neamhéifeachtach nó neamhchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an Aontas.

(8)

Foráiltear le hAirteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i dtaca le táirgí earnáil an fhíona a allmhairítear chun an Aontais, go bhfuil na táirgí sin le táirgeadh i gcomhréir le cleachtais fíoneolaíochta arna n-údarú ag an Aontas de bhun an Rialacháin sin nó, roimh an údarú sin, go dtáirgfear iad i gcomhréir le cleachtais fíoneolaíochta arna moladh agus arna bhfoilsiú ag OIV.

(9)

Bunaítear le Dréachtrún OENO-SCMA 20-666 modh anailíse nua le haghaidh fíonta. Leasaítear le Dréachtrún OENO-SCMA 21-687 an modh anailíse a úsáidtear chun cion aigéid shorbaigh, bheansóch agus shalaiciligh i bhfíon a chinneadh trí chrómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochta a úsáid. I gcomhréir le hAirteagal 80(3)(a), agus Airteagal 80(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na Rúin sin.

(10)

Gabhann Dréachtrún OENO-TECHNO 19-657 ionad cleachtais fhíoneolaíoch atá ann cheana le haghaidh fíona agus bunaítear le Dréachtrún OENO-TECHNO 19-658 cleachtas fíoneolaíoch nua le haghaidh fínéagar fíona. I gcomhréir le hAirteagal 80(3)(a), agus Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na Rúin sin.

(11)

Rinne saineolaithe eolaíocha agus teicniúla earnáil an fhíona plé fairsing ar na dréachtrúin sin ó OIV. Cuireann siad le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán fíona agus leagfar amach leo creat lena n-áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil an fhíona. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leo.

(12)

Chun go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann le linn na caibidlíochta roimh chruinniú Chomhthionól Ginearálta OIV an 9 Meitheamh 2023, ba cheart údarú a thabhairt do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad aontú le hathruithe ar na dréachtrúin sin ó OIV ar choinníoll nach n-athraítear a substaint leis na hathruithe sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhthionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 9 Meitheamh 2023, leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Déanfaidh Ballstáit atá ina gcomhaltaí de OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur in iúl.

Airteagal 3

1.   I gcás inar dóigh go ndéanfar difear, le faisnéis eolaíoch nua nó faisnéis theicniúil nua arna cur i láthair roimh chruinnithe OIV, nó lena linn, don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, iarrfaidh na Ballstáit ar Comhaltaí de OIV iad go gcuirfear an vótáil i dTionól Ginearálta OIV ar athlá go dtí go mbunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.

2.   Tar éis cruinnithe comhordúcháin agus in éagmais cinneadh eile ón gComhairle lena mbunaítear seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, féadfaidh na Ballstáit ar Comhaltaí de OIV iad, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, aontú le hathruithe teicniúla ar na dréachtrúin ó OIV dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo nach n-athraítear a substaint leo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MALMER STENERGARD


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir an neart alcóil a mhéadú, cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe agus srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, an t-íoschéatadán alcóil i gcás táirgí agus a ndiúscairt, agus foilsiú comhad de chuid OIV (IO L 149, 7.6.2019, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, tacóidh siad leis na dréachtrúin seo a leanas, ar chéim 7 le linn Thionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 9 Meitheamh 2023:

OENO-SCMA 20-666: Anailís ilghnéithe ar fhíon trí Speictriméadracht Astaíochta Adamhaí le Plasma Cúpláilte go hIonduchtach (ICP-MS) a úsáid

OENO-SCMA 21-687: Bailíochtú ar mhodh tástála aigéid shorbaigh i bhfíonta trí chrómatagrafaíocht leachta (OIV-OENO 06-2006) a úsáid

OENO-TECHNO 19-657: Cóireáil fíona trí theicneolaíocht scannáin a úsáid mar aon le hionsú ar charbón gníomhachtaithe nó polaiméirí eile le haghaidh úsáid fhíoneolaíoch chun feanóil sho-ghalaithe a laghdú

OENO-TECHNO 19-658: Fínéagar fíona – Miotail a bhaint as fínéagar le roisín crágtha’.


19.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 156/37


CINNEADH (CBES) 2023/1181 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meitheamh 2023

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1694 chun tacú le huiliú, cur chun feidhme agus neartú an Choinbhinsiúin maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Meán Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1694 (1).

(2)

Tá Cinneadh (CBES) 2021/1694 le dul in éag 24 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de, i gcrích, i.e. an 8 Deireadh Fómhair 2023.

(3)

An 23 Eanáir 2023, d’iarr an ghníomhaireacht cur chun feidhme, Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), síneadh gan chostas ar thréimhse cur chun feidhme do na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2021/1694 (‘na tionscadail’) go dtí an 8 Bealtaine 2024. Le síneadh den sórt sin, bheadh UNODA in ann na tionscadail a thabhairt chun críche, tionscadail a raibh tionchar diúltach ag moilleanna ar earcaíocht ar a gcur chun feidhme.

(4)

Maidir le síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme do na tionscadail go dtí an 8 Bealtaine 2024, níl aon impleacht aige a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2021/1694 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2021/1694, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 8 Bealtaine 2024.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in/sa Lucsamburg,16 Meitheamh 2023

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. SVANTESSON


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/1694 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2021 chun tacú le huiliú, cur chun feidhme agus neartú an Choinbhinsiúin maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW) (IO L 334, 22.9.2021, lch. 14).