ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 154

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
15 Meitheamh 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1161 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil Spray On i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 maidir le ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha le haghaidh rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais ( 1 )

10

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1163 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2023 maidir le monaihidreaclóiríd L-Lisín agus sulfáit L-Lisín arna dtáirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 17927 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch ( 1 )

41

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1164 ón gCoiste Polaitiúil Agus Slándála an 13 Meitheamh 2023 maidir le Ceann Misin Mhisean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv a cheapadh (EULEX KOSOVO) (EULEX KOSOVO/1/2023)

47

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh ( IO L 231, 30.6.2021 )

49

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2023/142 ón gComhairle an 17 Eanáir 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a mhéid a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus inniúil chun feidhmiú mar shaineolaithe a bhunú, agus le rialacha nós imeachta an phainéil saineolaithe a ghlacadh ( IO L 19, 20.1.2023 )

50

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/860 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht, an dearbhú bainistíochta, an comhlacht comhordúcháin, an comhlacht deimhniúcháin, agus forálacha áirithe i ndáil le CERT agus CETFT (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh IO L 111 an 26 Aibreán 2023 )

51

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

15.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 154/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1161 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meitheamh 2023

lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘Spray On’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Aibreán 2019, chuir Laboratorium Dr. Deppe GmbH iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún (2), iarratas ar údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil chéanna, dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán sin, ar a dtugtar ‘Spray On’, de chineálacha táirgí 2 agus 4, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-UR051118-16 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha (‘an Clár’). Sonraíodh san iarratas freisin uimhir iarratais na fine táirgí bithicídeacha tagartha gaolmhaire, ‘Knieler & Team Propanol Family’, ar fine í atá taifeadta sa Chlár faoi chás-uimhir BC-AQ050985-22.

(2)

Is iad própán-1-ól agus própán-2-ól na substaintí gníomhacha atá sa táirge bithicídeach singil céanna ‘Spray On’, ar substaintí iad a áirítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineálacha táirgí 2 agus 4.

(3)

An 8 Nollaig 2021, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (3) faoi bhráid an Choimisiúin mar aon leis an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh le haghaidh ‘Spray On’ i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013.

(4)

Is é conclúid na tuairime nach bhfuil sna difríochtaí a bheartaítear idir an táirge bithicídeach singil céanna agus an táirge bithicídeach tagartha gaolmhar ach faisnéis a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athrú riaracháin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (4), agus, ar bhonn mheasúnú ar an bhfine táirgí bithicídeacha tagartha ghaolmhar ‘Knieler & Team Propanol Family’ agus faoi réir chomhlíonadh an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh, go gcomhlíonann an táirge bithicídeach singil céanna na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5)

An 20 Deireadh Fómhair 2022, sheol an Ghníomhaireacht an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Aontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil chéanna ‘Spray On’ a dheonú.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear údarú Aontais ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0027669-0000 do Laboratorium Dr. Deppe GmbH chun an táirge bithicídeach singil céanna ‘Spray On’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Tá an t-údarú Aontais bailí ón 5 Iúil 2023 go dtí an 31 Iúil 2032.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2013 lena sonraítear nós imeachta maidir le húdarú na dtáirgí bithicídeacha céanna i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 125, 7.5.2013, lch. 4).

(3)  ECHA opinion for ‘Spray On’ [Tuairim ó ECHA maidir le ‘Spray On’], an 8 Nollaig 2021, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe ar tháirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4).


IARSCRÍBHINN

Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach

Spray On

Cineál táirge 2 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)

Cineál táirge 4 - An réimse bia agus beatha (Dífhabhtáin)

Uimhir an údaraithe: EU-0027669-0000

Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0027669-0000

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Trádainm (nó trádainmneacha) an táirge

Trádainm (nó trádainmneacha)

Spray On

Medizid Rapid Optima Pro

MyClean DS plus

MyClean DS basic

Bavicid Quick

Immix Clean Pro

Medizid Rapid Pro

1.2.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

Laboratorium Dr. Deppe GmbH

Seoladh

Hooghe Weg 35, 47906 Kempen An Ghearmáin

Uimhir an údaraithe

EU-0027669-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

EU-0027669-0000

Dáta an údaraithe

5.7.2023

Dáta éaga an údaraithe

31.07.2032

1.3.   Déantóir (nó déantóirí) an táirge

Ainm an déantóra

Laboratorium Dr. Deppe GmbH

Seoladh an déantóra

Hooghe Weg 35, 47906 Kempen An Ghearmáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Laboratorium Dr. Deppe GmbH, Hooghe Weg 35, 47906 Kempen An Ghearmáin

1.4.   Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

Propan-1-ol

Ainm an déantóra

OQ Chemicals GmbH (formerly Oxea GmbH)

Seoladh an déantóra

Rheinpromenade 4a, 40789 Monheim am Rhein An Ghearmáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

OQ Chemicals Corperation (formerly Oxea Coperation), 2001 FM 3057 TX, 77414 Bay City Stáit Aontaithe Mheiriceá


Substaint ghníomhach

Propan-1-ol

Ainm an déantóra

BASF SE

Seoladh an déantóra

Carl-Bosch-Str. 38, 67056 Ludwigshafen An Ghearmáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

BASF SE, Carl-Bosch-Str. 38, 67056 Ludwigshafen An Ghearmáin


Substaint ghníomhach

Propan-1-ol

Ainm an déantóra

SASOL Chemie GmbH & Co. KG

Seoladh an déantóra

Secunda Chemical Operations, Sasol Place, 50 Katherine Street, 2090 Sandton An Afraic Theas

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Secunda Chemical Operations, PDP Kruger Street, 2302 Secunda An Afraic Theas


Substaint ghníomhach

Propan-2-ol

Ainm an déantóra

Stockmeier Chemie GmbH & Co. KG

Seoladh an déantóra

Am Stadtholz 37, 33609 Bielefeld An Ghearmáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

INEOS Solvent Germany GmbH, Römerstrasse 733, 47443 Moers An Ghearmáin


Substaint ghníomhach

Propan-2-ol

Ainm an déantóra

Brenntag GmbH

Seoladh an déantóra

Stinnes-Platz 1, 45472 Mülheim an der Ruhr An Ghearmáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Shell Nederland Raffinaderij B.V., 3196 KK Rotterdam-Pernis An Ísiltír

Exxon Mobil, LA 70805 Baton Rouge Stáit Aontaithe Mheiriceá

2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Propan-1-ol

 

Substaint Ghníomhach

71-23-8

200-746-9

14,925

Propan-2-ol

 

Substaint Ghníomhach

67-63-0

200-661-7

44,73

2.2.   Cineál foirmlithe

AL - Aon leacht eile

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM

Ráitis ghuaise

Leacht agus gal an-inlasta.

Ina chúis le damáiste tromchúiseach don tsúil.

D’fhéadfadh a bheith ina chúis le codlatacht nó meadhrán.

D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le tirimeacht chraicinn nó le scoilteadh craicinn.

Ráitis réamhchúraim

Coimeád amach ó theas, dromchlaí te, spréacha, lasracha oscailte agus foinsí adhainte eile. - Cosc ar thobac.

Coinnigh an coimeádán dúnta go docht.

Seachain análú gala.

Ná húsáid ach taobh amuigh nó i limistéar dea-aeráilte.

Caith súilchosaint.

MÁ IONANÁLAÍTEAR:Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach.

MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE SÚILE:Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad.Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

Glaoigh láithreach ar LÁRIONAD NIMHIÚCHAIN nó dochtúir/lia.

Stóráil in áit atá aeráilte go maith.Coinnigh fionnuar.

Stóráil faoi ghlas.

Diúscair coimeádán chuig pointe bailithe dramhaíola údaraithe.

4.   ÚSÁID (nó ÚSÁIDÍ) ÚDARAITHE

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1.

Úsáid # 1 – díghalrúchán dromchla RTU beag crua neamhscagach, leachtach

An cineál táirge

PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

neamhbhainteach.

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha:

Ainm eolaíoch: other

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Víris imchlúdaithe

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

áiseanna cúraim sláinte agus an tionscal cógaisíochta agus cosmaideach, othar máguaird, limistéir/deasca oibre, trealamh ginearálta (seachas dromchlaí teagmhála bia): díghalrúchán dromchlaí beaga crua/neamh-scagacha.

le haghaidh úsáid ghairmiúil amháin.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Feidhmiú de láimh

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Dífhabhtán dromchla réidh le húsáid ag teocht an tseomra (20 ± 2 °C).

Déantar an dromchla iomlán atá le díghalrú a fhliuchadh trína dhoirteadh nó trína spraeáil ó achar gearr agus ina dhiaidh sin é a chuimilt go maith le héadach. Ba cheart go mbeadh méid an táirge leordhóthanach (uasmhéid 50 ml/m2) chun an dromchla a choinneáil fliuch i rith an ama teagmhála.

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: Am nochta íosta: • chun baictéir, giostaí agus víris chlúdaithe a rialú: 60 soic.

Airí caolaithe: Réidh le táirge a úsáid

Airí uainithe:

Is é 1-2 in aghaidh an lae minicíocht réasúnta díghalrúcháin i seomra othair. Is é 6 in aghaidh an lae an líon uasta forchur. Ní gá aon eatraimh sábháilteachta a mheas idir na céimeanna forchuir.

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Tionsclaíoch

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

125, 150, 500, 1 000 ml i mbuidéil thrédhearcacha/bhána poileitiléin ard-dlúis (HDPE) le caipíní smeacha polapróipiléin (PP) (oiriúint: Scriúdhúnadh PP le ceann spraeála);

Ceanastar trédhearcach/bán HDPE 5 000 ml le scriúchaidhp HDPE.

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Ba chóir dromchlaí a bheith glan go soiléir i gcónaí sula ndéantar iad a dhíghalrú. Is é 6 in aghaidh an lae an líon uasta forchur.

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.2.   Tuairisc úsáide

Tábla 2.

Úsáid # 2 – díghalrúchán dromchla RTU beag crua neamhscagach, leachtach

An cineál táirge

PT04 - An réimse bia agus beatha (Dífhabhtáin)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

neamhbhainteach.

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

áiseanna cúraim sláinte agus i dtionscal an bhia, otharmáguaird, ullmhú agus láimhseáil bia i gcistiní/bialanna: díghalrúchán dromchlaí beaga crua/neamhscagacha.

le haghaidh úsáid ghairmiúil amháin.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Feidhmiú de láimh

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Dífhabhtán dromchla réidh le húsáid ag teocht an tseomra (20 ± 2 °C).

Déantar an dromchla iomlán atá le díghalrú a fhliuchadh trína dhoirteadh nó trína spraeáil ó achar gearr agus ina dhiaidh sin é a chuimilt go maith le héadach. Ba cheart go mbeadh méid an táirge leordhóthanach (uasmhéid 50 ml/m2) chun an dromchla a choinneáil fliuch i rith an ama teagmhála.

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: Am nochta íosta: chun baictéir, giostaí agus víris a rialú ag 20 °C: 60 soic.

Airí caolaithe: Réidh le táirge a úsáid

Airí uainithe:

Is féidir na táirgí a úsáid chomh minic agus is gá. Is ionann 1-2 in aghaidh an lae agus minicíocht réasúnta i gcistiní. Ní gá aon eatraimh sábháilteachta a mheas idir na céimeanna forchuir.

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Tionsclaíoch

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

125, 150, 500, 1 000 ml i mbuidéil thrédhearcacha/bhána poileitiléin ard-dlúis (HDPE) le caipíní smeacha polapróipiléin (PP) (oiriúint: Scriúdhúnadh PP le ceann spraeála);

Ceanastar trédhearcach/bán HDPE 5 000 ml le scriúchaidhp HDPE.

4.2.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Ba chóir dromchlaí a bheith glan go soiléir i gcónaí sula ndéantar iad a dhíghalrú.

4.2.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.2.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.2.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.2.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)

5.1.   Treoracha úsáide

Le haghaidh úsáid ghairmiúil amháin.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Coinnigh as rochtain leanaí.

Tá sé éigeantach cosaint súl a úsáid le linn an táirge a láimhseáil.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Bearta garchabhrach ginearálta: Bog an duine atá buailte amach ón limistéar éillithe. Aimsigh comhairle/aire leighis má bhraitheann tú tinn. Taispeáin an bhileog seo más féidir.

MÁ IONANÁLAÍTEAR É: Bog go haer úr agus fan ar do shuaimhneas i riocht compordach le haghaidh análaithe. Cuir glaoch ar LÁRIONAD NIMHIÚCHAIN nó ar dhochtúir.

MÁ BHAINEANN SÉ LEIS AN gCRAICEANN: Nigh an craiceann láithreach le neart uisce. Ina dhiaidh sin bain díot na héadaí éillithe ar fad agus nigh iad sula n-athúsáidtear iad. Lean ort ag níochán an chraicinn le huisce ar feadh 15 nóiméad. Cuir glaoch ar LÁRIONAD NIMHIÚCHAIN nó ar dhochtúir.

MÁ BHÍONN SÉ SNA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh cúpla nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad ann agus furasta a dhéanamh. Lean ar aghaidh á sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad.

Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh míochaine a fháil.

Faisnéis do Phearsanra Cúraim Sláinte/dochtúir: Ba chóir na súile a shruthlú arís agus arís eile ar an mbealach chuig an dochtúir má tá nochtadh súl ann do cheimiceáin alcaileacha (pH> 11), aimíní agus aigéid cosúil le haigéad aicéiteach, aigéad formach nó aigéad próipianach.

MÁ` SHLOGTAR É: Sruthlaigh amach an béal láithreach. Tabhair rud éigin le hól don duine, má tá an duine a bhí nochta dó in ann slogadh. NÁ spreag aiseag. Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh míochaine a fháil.

Bearta scaoilte de thaisme:

Stop an sceitheadh má tá sé sábháilte déanamh amhlaidh. Bain amach foinsí adhainte. Bain úsáid as cúram speisialta chun luchtanna leictreacha statacha a sheachaint. Ní cheadaítear lasracha oscailte. Ná caitear tobac.

Cosc ar iontráil chuig séaraigh agus uiscí poiblí.

Cuimil le hábhar ionsúiteach (éadach mar shampla). Maothaigh doirteadh le solaid támhacha, amhail cré nó cré dhiatómúil a luaithe is féidir. Tóg suas go meicniúil (scuabadh, sluaisteáil). Déan é a dhiúscairt de réir na rialachán áitiúil ábhartha.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Caithfear diúscairt a dhéanamh de réir na rialachán oifigiúil. Ná folmhaigh isteach i ndraenacha. Ná faigh réidh le dramhaíl tí. Déan an t-ábhar/an coimeádán a dhiúscairt ag pointe bailithe dramhaíola údaraithe. Folmhaigh an phacáistíocht go hiomlán sula ndéantar í a dhiúscairt. Nuair a bhíonn siad folamh go hiomlán, bíonn coimeádáin in-athchúrsáilte cosúil le haon phacáisíocht eile.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Seilfré 24 mí

Déan iad a stóráil i limistéar atá tirim, fionnuar, dea-aeráilte. Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Coinnigh amach as solas díreach.

Teocht stórála molta: 0-30 °C

Ná stóráil ag teochtaí faoi bhun 0 °C

Ná stóráil in aice le bia, deoch ná ábhar beatha ainmhithe. Coinnigh ar shiúl ó ábhar indóite.

6.   FAISNÉIS EILE


(1)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe.


15.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 154/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1162 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Meitheamh 2023

maidir le ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha le haghaidh rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (1), agus go háirithe Airteagal 24(2) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Trasteorann Leictreachais,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tugadh isteach roinnt rialacha lena gcumhachtaítear tomhaltóirí agus lena soláthraítear dóibh na huirlisí chun rochtain a fháil ar shonraí tomhaltais agus costais. Go háirithe, ba cheart córais méadraithe chliste a chuireann ar a gcumas do thomhaltóirí rochtain a fháil ar shonraí tomhaltais oibiachtúla trédhearcacha a bheith idir-inoibritheach agus in ann na sonraí is gá a sholáthar le haghaidh córais bainistithe fuinnimh do thomhaltóirí. Chuige sin, ceanglaíonn Treoir (AE) 2019/944 ar na Ballstáit aird chuí a bheith acu ar úsáid na gcaighdeán ábhartha atá ar fáil, lena n-áirítear na caighdeáin sin lena gcumasaítear an idir-inoibritheacht ar leibhéal na samhla sonraí agus an chisil feidhmithe, ar na dea-chleachtais agus ar a thábhachtaí atá sé malartú sonraí a fhorbairt, ar sheirbhísí fuinnimh todhchaíocha agus nuálacha, ar leathadh amach eangacha cliste agus ar an margadh inmheánach don leictreachas.

(2)

Is é an Rialachán seo an chéad cheann de shraith gníomhartha cur chun feidhme ar cheart a fhorbairt ina leagtar amach ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha le haghaidh rochtain ar shonraí chun Airteagal 24 de Threoir (AE) 2019/944 a chur chun feidhme go hiomlán. Na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, tá siad ann chun an idir-inoibritheacht a éascú agus chun cur le héifeachtacht na n-idirbheart a bhaineann le rochtain ar shonraí agus lena malartú ag rannpháirtithe sa mhargadh, agus i ndeireadh na dála ag seirbhísí fuinnimh, chun iomaíocht sa mhargadh miondíola a chur chun cinn agus costais riaracháin iomarcacha ar na páirtithe incháilithe a sheachaint.

(3)

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí méadraithe agus tomhaltais i bhfoirm sonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe agus sonraí méadraithe agus tomhaltais atá gar d’fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe. Leagtar síos leis rialacha lena gcuirtear ar a gcumas do custaiméirí deiridh sa mhargadh miondíola leictreachais agus páirtithe incháilithe rochtain a fháil ar na sonraí sin ar bhealach tráthúil simplí slán. Thairis sin, áirithítear leis go mbeidh rochtain thrédhearcach gan uaim ag soláthróirí agus ag soláthraithe seirbhíse ar shonraí na gcustaiméirí deiridh, ar bhealach go mbeidh sé éasca dóibh na sonraí a thuiscint agus a úsáid, ar choinníoll go mbeidh an cead is gá tugtha ag custaiméirí. Ar an gcead sin a fháil, soláthraíonn an riarthóir sonraí méadraithe na sonraí ábhartha a chumhdaítear leis an údarú seo don pháirtí incháilithe arna roghnú ag an gcustaiméir deiridh. Thairis sin, d’fhéadfaí an nós imeachta údaraithe sonrach sin a nascadh le comhaontú conarthach, nó le clásal sainráite laistigh den chomhaontú conarthach leis an bpáirtí incháilithe. Ar an gcaoi sin, áirithítear an idir-inoibritheacht ar bhealach lena n-urramaítear cearta tomhaltóirí maidir lena gcuid sonraí, agus tá comhthuiscint ag rannpháirtithe sa mhargadh ar na cineálacha sonraí agus sreafaí oibre is gá le haghaidh seirbhísí agus próisis shonracha. Is féidir a cheangal ar chustaiméirí cead a thabhairt do sholáthróirí nó do rannpháirtithe eile sa mhargadh amhail comhbhailitheoirí mar chuid dá gcomhaontuithe conarthacha. I gcás ina ndéanann custaiméir a chonradh le soláthróir nó le rannpháirtí eile sa mhargadh a fhoirceannadh, ba cheart rochtain a bheith ag an soláthróir nó ag an rannpháirtí sa mhargadh fós ar na sonraí méadraithe is gá chun críoch billeála nó cothromaithe. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar sonraí méadraithe áirithe a chomhroinnt chun críoch dlisteanach poiblí, mar shampla le húdaráis chomhshaoil nó staidrimh agus chomh maith le hoibreoirí córais nó rannpháirtithe eile sa mhargadh.

(4)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a bheith i gceist le sonraí atá gar d’fhíor-am léamha méadair a thagann ó chórais méadraithe chliste ar cuireadh tús le hoibreacha ina leith tar éis an 4 Iúil 2019, nó a chuirtear in úsáid go córasach tar éis an dáta sin, i gcomhréir le hAirteagal 19(6) agus Airteagal 20 de Threoir (AE) 2019/944. Is féidir sonraí den sórt sin a fháil lena n-úsáid agus lena bpróiseáil a thuilleadh ag córas bainistithe fuinnimh, ag taispeáint sa bhaile, nó ag córas eile dá ngairtear ‘córas tomhaltais sonraí atá gar d’fhíor-am’ chun críocha an Rialacháin seo.

(5)

Is é cleachtas an tionscail an idir-inoibritheacht a dheighilt ina cúig chiseal. Baineann an ciseal gnó leis na cuspóirí gnó agus na róil ghnó le haghaidh seirbhísí nó próisis áirithe. Baineann an ciseal feidhme leis na cásanna úsáide, comhroinnt sonraí agus bainistiú ceada. Baineann an ciseal faisnéise le samhlacha sonraí agus samhlacha faisnéise, amhail CIM (2). Baineann an ciseal cumarsáide leis na prótacail chumarsáide agus formáidí sonraí amhail CSV (3) nó XML (4). Baineann an ciseal comhpháirte le hardáin malartaithe sonraí, feidhmchláir agus crua-earraí amhail méadair agus braiteoirí.

(6)

Leagtar síos leis an Rialachán seo sraith rialacha maidir le hidir-inoibritheacht le haghaidh rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais agus na cleachtais náisiúnta atá ann cheana á gcur san áireamh. Sainítear leis an ‘tsamhail tagartha’ a leagtar amach sa Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta coiteanna ar leibhéal an Aontais le haghaidh na gciseal gnó, feidhme agus faisnéise, i gcomhréir le cleachtais náisiúnta.

(7)

Comhlíonadh na gceanglas idir-inoibritheachta sin agus na nósanna imeachta sin um rochtain ar shonraí, braitheann sé ar an tsamhail tagartha chéanna le haghaidh sonraí méadraithe agus tomhaltais a bheith á húsáid ag na Ballstáit. Trí shamhail tagartha a bhunú, is é is aidhm don Rialachán seo a áirithiú go bhfuil tuiscint fhrithpháirteach agus shoiléir ag rannpháirtithe sa mhargadh ar na róil, na freagrachtaí agus na nósanna imeachta um rochtain ar shonraí. An tráth céanna, cuireann cur chun feidhme na samhla tagartha ar a gcumas do na Ballstát cisil chumarsáide agus chomhpháirte a chinneadh i gcomhréir le sainiúlachtaí agus cleachtais náisiúnta.

(8)

Déantar cur síos sa tsamhail tagartha ar shreafaí oibre a theastaíonn le haghaidh seirbhísí agus próisis shonracha ar bhonn sraith íosta ceanglas chun a áirithiú gur féidir nós imeachta ar leith a reáchtáil i gceart, agus oiriúnú náisiúnta á cheadú an tráth céanna. Tá sé comhdhéanta de (i) ‘eiseamláir’ le sraith ról/freagrachtaí agus a n-idirghníomhaíochtaí; (ii) ‘samhail faisnéise’ ina bhfuil ábhair faisnéise, a saintréithe, agus an gaol idir na hábhair sin; agus (iii) ‘samhail ar phróiseas’ ina sonraítear na céimeanna nós imeachta.

(9)

Tá an tsamhail tagartha neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus níl sí ceangailte go díreach de mhionsonraí sonracha cur chun feidhme ar bith. Mar sin féin, léirítear sa tsamhail tagartha, a mhéid is féidir, sainmhínithe agus téarmaíocht a úsáidtear sna caighdeáin atá ar fáil agus sna tionscnaimh Eorpacha ábhartha, amhail Eiseamláir an Mhargaidh Leictreachais Chomhchuibhithe (5) agus Samhail Choiteann Faisnéise an Choimisiúin Idirnáisiúnta Leictriteicniúil2. I gcás inar féidir, ba cheart na caighdeáin Eorpacha atá ar fáil a úsáid sa tsamhail tagartha.

(10)

Tuairiscítear sa Rialachán seo róil agus freagrachtaí na rannpháirtithe sa mhargadh maidir le malartú faisnéise faoin tsamhail tagartha, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí an riarthóra sonraí méadraithe, an riarthóra pointe méadraithe, an tsoláthróra rochtana sonraí agus an riarthóra ceada. Ba cheart rannpháirtithe sa mhargadh a mhalartaíonn faisnéis de réir na nósanna imeachta sonracha a dtugtar tuairisc orthu sa Rialachán seo a bheith in ann róil agus freagrachtaí arna sannadh ag an tsamhail tagartha a ghlacadh chucu féin ina n-aonar nó i gcomhpháirt agus féadfaidh siad níos mó ná ról amháin a dhéanamh freisin.

(11)

Tá sé tábhachtach go mbeadh an deis ag páirtithe incháilithe a dtáirgí agus a nósanna imeachta a thástáil sula leathfar amach iad. Ba cheart do riarthóirí sonraí méadraithe agus do riarthóirí ceada, lena n-áirítear eintiteas lárnach má tá sé ainmnithe ag an mBallstát, rochtain a sholáthar do pháirtithe incháilithe ar shaoráidí chun a dtáirgí agus a seirbhísí a thástáil roimh leathadh amach a mhéid is féidir, chun fadhbanna cur chun feidhme teicniúla a sheachaint, agus chun a n-oibríochtaí a mhionchoigeartú chun a áirithiú go n-oibríonn a gcuid táirgí agus seirbhísí go rianúil i gcomhréir le nósanna imeachta an Rialacháin seo.

(12)

Faoin Rialachán cur chun feidhme seo, agus chun cuidiú le sainaithint agus fíordheimhniú páirtithe atá ag iarraidh rochtain ar shonraí, moltar do na Ballstáit soláthraithe rochtana sonraí agus riarthóirí cead a spreagadh le tacú, a mhéid is féidir, le réitigh dhigiteacha a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Rialachán eIDAS’) chun custaiméirí deiridh agus/nó páirtithe incháilithe a shainaithint agus a fhíordheimhniú go leictreonach. Agus é sin á dhéanamh acu, ba cheart do sholáthraithe rochtana sonraí agus do riarthóirí ceada úsáid mhaith a bhaint as bonneagar náisiúnta atá ann cheana féin. Ba cheart úsáid réiteach digiteach a bheith ina cuidiú le cur le héifeachtacht na seirbhísí agus na n-idirbheart ar líne a bhaineann le fuinneamh agus an ghnó leictreonaigh agus na tráchtála leictreonaí san Aontas.

(13)

Tá sé tábhachtach ní hamháin go mbeadh rochtain ag páirtithe incháilithe, ach ag custaiméirí freisin, ar a gcuid sonraí féin, lena n-áirítear sonraí ón méadrú cliste. Dá bhrí sin, áirithítear leis an Rialachán seo go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh freisin ar shonraí méadraithe agus tomhaltais atá gar d’fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe ó chórais méadraithe chliste má iarrann siad iad i gcomhréir le hAirteagal 20, pointe (e), de Threoir (AE) 2019/944.

(14)

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú conas na ceanglais idir-inoibritheachta a chur chun feidhme ina gcóras náisiúnta chun a gcleachtais náisiúnta a léiriú, go háirithe maidir le gnéithe a bhaineann leis an gciseal cumarsáide agus comhpháirte. Cé go n-áirithítear leis sin go bhfuil an tsamhail cur chun feidhme bunaithe ar chleachtais náisiúnta atá ann cheana, déanann sé níos deacra ar pháirtithe incháilithe freisin tuiscint a fháil ar an gcaoi a gcuirtear an tsamhail tagartha chun feidhme ar fud an Aontais sna Ballstáit, go háirithe maidir leis an gciseal cumarsáide agus comhpháirte. D’fhéadfadh sé sin bac a chur ar iontráil páirtithe incháilithe ar mian leo a bheith gníomhach i mBallstáit eile. Dá bhrí sin, ba cheart stóras coiteann cleachtas náisiúnta a bhunú maidir leis an gcaoi a gcuirtear an tsamhail tagartha chun feidhme i gcleachtais náisiúnta na mBallstát agus ba cheart é a chur ar fáil go poiblí. Foilsiú na dtuarascálacha sin, is cuid é de na nósanna imeachta trédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha a thugtar isteach leis an Rialachán seo, toisc go rannchuideoidh sé le feabhas a chur ar an rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais ar fud an Aontais trí chur leis an bhfeasacht agus le soiléireacht a sholáthar maidir leis na rialacha is infheidhme, agus go gcuideoidh sé le bacainní ar iontrálaithe nua sa mhargadh a laghdú. Thairis sin, cuirfidh sé ar a gcumas do rannpháirtithe sa mhargadh freisin cosúlachtaí, difríochtaí agus gaolmhaireacht idir socruithe náisiúnta na mBallstát a aithint agus tuiscint níos fearr a fháil orthu. Chomh maith leis sin, cuideoidh sé freisin le dea-chleachtais a roinnt idir na Ballstáit agus le feabhas a chur ar an idir-inoibritheacht.

(15)

Chun trédhearcacht na rochtana ar nósanna imeachta sonraí a áirithiú go héifeachtach, bheadh sé riachtanach na tuarascálacha ar chleachtais náisiúnta arna soláthar ag na Ballstáit a bhailiú agus na tuarascálacha sin a chur ar fáil, ar leibhéal an Aontais, agus an tráth céanna cúnamh a thabhairt do na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar chleachtais náisiúnta. I ndáil leis an méid sin, chuideodh an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (‘ENTSO don Leictreachas’) agus an tEintiteas Eorpach d’Oibreoirí Córais Dáileacháin (‘an t-eintiteas AE do OCDanna’), le trédhearcacht na rochtana ar nósanna imeachta sonraí laistigh den Aontas a áirithiú, trína n-obair chomhoibríoch leanúnach agus i gcomhthéacs a gcúraimí a bhaineann le bainistiú sonraí agus le hidir-inoibritheacht sonraí, de bhun Airteagal 30(1), pointí (g) agus (k), agus Airteagal 55(1), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2019/943 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Bhunófaí an comhar sin ar na freagrachtaí atá ar an dá chomhlacht cheana, is é sin an fhreagracht atá ar eintiteas AE do OCDanna rannchuidiú le digitiú na gcóras dáileacháin agus a bheith rannpháirteach, i gcomhar leis na húdaráis ábhartha agus le heintitis rialáilte, i mbainistiú sonraí a fhorbairt, chomh maith leis an bhfreagracht atá ar ENTSO don Leictreachas rannchuidiú le bunú ceanglas idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha le haghaidh rochtain ar shonraí dá bhforáiltear in Airteagal 24 de Threoir (AE) 2019/944 agus in Airteagail 30 agus 55 de Rialachán (AE) 2019/943 maidir le Leictreachas.

(16)

I gcomhthéacs na nósanna imeachta a dtugtar tuairisc orthu sa tsamhail tagartha le haghaidh sonraí méadraithe agus tomhaltais a thugtar isteach leis an Rialachán seo agus leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, tá sonraí á bhfáil agus á bpróiseáil ag páirtithe incháilithe. Aon phróiseáil a dhéanfar ar shonraí pearsanta faoin ngníomh cur chun feidhme seo, amhail uimhreacha aitheantais méadair nó pointe nasctha, a mhalartaítear trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme seo, ní mór di Rialachán (AE) 2016/679 (8) a chomhlíonadh, lena n-áirítear na ceanglais próiseála agus coinneála in Airteagal 5(1) agus Airteagal 6(1) den Rialachán thuasluaite ach gan a bheith teoranta dóibh. Thairis sin, agus ós rud é go gcáilíonn méadair chliste mar threalamh teirminéil, tá feidhm freisin ag Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (9). Dá réir sin, ba cheart do pháirtithe incháilithe ábhartha a n-oibleagáidí a chomhlíonadh a eascraíonn as an Treoir seo, lena n-áirítear Airteagal 5(3).

(17)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus thug sé tuairim uaidh an 24 Lúnasa 2022.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil 1 –

ábhar agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán cur chun feidhme seo, leagtar síos ceanglais idir-inoibritheachta agus rialacha maidir le nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha le haghaidh rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais leictreachais ag custaiméirí deiridh agus ag páirtithe incháilithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/944. Leagtar amach ann freisin nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha le haghaidh rochtain ar shonraí a éilíonn tuairisciú agus foilsiú cleachtas náisiúnta ina gcuirtear an tsamhail tagartha i bhfeidhm.

2.   Chun cur i bhfeidhm na gceanglas idir-inoibritheachta a áirithiú, bunaítear leis an Rialachán seo samhail tagartha le haghaidh sonraí méadraithe agus tomhaltais ina leagtar amach na rialacha agus na nósanna imeachta a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm chun an idir-inoibritheacht a chumasú. Liostaítear ann na rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais a mbaineann an gníomh sin leo agus na róil agus na freagrachtaí a chomhlíonann siad ina n-aonar nó i gcomhpháirt, mar a thuairiscítear in Airteagail 5, 6, 7 agus 8 den Rialachán seo agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus is féidir le rannpháirtí amháin sa mhargadh leictreachais níos mó ná ról amháin a dhéanamh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin Cur Chun Feidhme seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘samhail tagartha’ na nósanna imeachta is gá chun rochtain a fháil ar shonraí ina dtugtar tuairisc ar an malartú faisnéise íosta is gá idir rannpháirtithe sa mhargadh;

(2)

ciallaíonn ‘sonraí méadraithe agus tomhaltais’ léamha méadair tomhaltais leictreachais ón eangach, nó leictreachas a chuirtear isteach san eangach, nó tomhaltas ó shaoráidí giniúna ar an láthair atá nasctha leis an eangach, lena n-áirítear sonraí stairiúla bailíochtaithe agus sonraí atá gar d’fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe;

(3)

ciallaíonn ‘sonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe’ sonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil a bhailítear ó mhéadar, ó ghnáthmhéadar nó ó mhéadar cliste, nó ó chóras méadraithe chliste, nó a críochnaíodh le luachanna ionadacha a chinntear ar shlí eile i gcás nach bhfuil méadar ar fáil;

(4)

ciallaíonn ‘méadar cliste’ gaireas méadraithe leictreonaigh a úsáidtear laistigh de chóras méadraithe chliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2(23) de Threoir (AE) 2019/944;

(5)

ciallaíonn ‘sonraí méadraithe agus tomhaltais atá gar d’fhíor-am’ sonraí méadraithe agus tomhaltais arna soláthar go leanúnach ag méadar cliste nó ag córas méadraithe chliste laistigh de thréimhse ghearr ama, laistigh de shoicindí de ghnáth nó suas leis an tréimhse shocraíochta éagothroime sa mhargadh náisiúnta, nach bhfuil bailíochtaithe agus a chuirtear ar fáil trí chomhéadan caighdeánaithe nó trí chianrochtain i gcomhréir le hAirteagal 20(a) de Threoir (AE) 2019/944 maidir le Leictreachas;

(6)

ciallaíonn ‘páirtí incháilithe’ eintiteas a thairgeann seirbhísí a bhaineann le fuinneamh do chustaiméirí deiridh, amhail soláthróirí, oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin, oibreoirí tarmligthe agus tríú páirtithe eile, comhbhailitheoirí, cuideachtaí seirbhísí fuinnimh, pobail fuinnimh in-athnuaite, pobail fuinnimh saoránach agus soláthraithe seirbhísí cothromúcháin, a mhéid a thairgeann siad seirbhísí a bhaineann le fuinneamh do chustaiméirí deiridh;

(7)

ciallaíonn ‘riarthóir sonraí méadraithe’ páirtí atá freagrach as sonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe a stóráil agus na sonraí sin a dháileadh ar chustaiméirí deiridh agus/nó ar pháirtithe incháilithe;

(8)

ciallaíonn ‘cead’ an t-údarú a thugann custaiméir deiridh do pháirtí incháilithe ar bhonn comhaontú conarthach atá acu leis an bpáirtí sin, chun rochtain a fháil ar a sonraí méadraithe agus tomhaltais atá á mbainistiú ag an riarthóir sonraí méadraithe chun seirbhís shonrach a sholáthar;

(9)

ciallaíonn ‘cead gníomhach’ cead nár cúlghaireadh ná nár chuaigh in éag;

(10)

ciallaíonn ‘riarthóir ceada’ páirtí atá freagrach as clár ceadanna rochtana ar shonraí a riar le haghaidh sraith pointí méadraithe, lena gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil do chustaiméirí deiridh agus do pháirtithe incháilithe san earnáil, arna iarraidh sin;

(11)

ciallaíonn ‘loga rochtana ar shonraí’ taifead arna stampáil maidir le ham de na míreanna sonraí a bhfuarthas rochtain orthu lena n-áirítear sainaithint an chustaiméara deiridh nó an pháirtí incháilithe ar a laghad a bhfuil rochtain aige ar na sonraí agus, más infheidhme, sainaithint an cheada a úsáideadh chun rochtain a fháil ar na sonraí;

(12)

ciallaíonn ‘riarthóir pointe méadraithe’ páirtí atá freagrach as saintréithe pointe méadraithe a riar agus a chur ar fáil, lena n-áirítear clárú páirtithe incháilithe agus custaiméirí deiridh atá nasctha leis an bpointe méadraithe;

(13)

ciallaíonn ‘soláthraí rochtana sonraí’ páirtí atá freagrach as rochtain a éascú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcomhar le páirtithe eile, ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe ag an gcustaiméir deiridh nó ag páirtithe incháilithe;

(14)

ciallaíonn ‘loga soláthair ceada’ taifead arna stampáil maidir le ham i dtaobh an uair a deonaíodh, a cúlghaireadh nó a foirceannadh cead páirtí incháilithe nó custaiméara deiridh, lena n-áirítear aitheantóir ceada, agus aitheantóir páirtí;

(15)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse céannachta’ páirtí a bhainistíonn faisnéis chéannachta; a dhéanann faisnéis chéannachta a eisiúint, a stóráil, a chosaint, a choinneáil cothrom le dáta, agus a bhainistiú do dhuine nádúrtha nó dlítheanach agus a dhéanann seirbhísí fíordheimhnithe a sholáthar do pháirtithe incháilithe agus custaiméirí deiridh;

(16)

ciallaíonn ‘fíordheimhniú’ nós imeachta leictreonach lenar féidir duine nádúrtha nó dlítheanach a shainaithint go leictreonach;

(17)

ciallaíonn ‘oibreoir méadair’ páirtí atá freagrach as méadair fhisiceacha a shuiteáil, a choinneáil ar siúl, a thástáil agus a dhíchoimisiúnú;

(18)

ciallaíonn ‘córas tomhaltais sonraí atá gar d’fhíor-am’ córas nó gaireas a fhaigheann sreabhadh sonraí atá gar d’fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe ó chóras méadraithe chliste dá dtagraítear in Airteagal 20, an chéad fhomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2019/944.

Caibidil 2 –

Ceanglais Idir-Inoibritheachta agus Nósanna Imeachta Trédhearcacha agus Neamh-Idirdhealaitheacha maidir le Rochtain ar Shonraí

Roinn 1:

Na ceanglais idir-inoibritheachta - Samhail tagartha

Airteagal 3

Cur chun feidhme na samhla tagartha

Chun na ceanglais idir-inoibritheachta a chomhlíonadh, cuireann gnóthais leictreachais sa mhargadh miondíola leictreachais an tsamhail tagartha a leagtar amach sa Chaibidil seo agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm.

Airteagal 4

Samhail tagartha agus faisnéis maidir le heagrú margaí

1.   Tuairisceoidh na Ballstáit na cleachtais náisiúnta maidir le cur chun feidhme na gceanglas agus na nósanna imeachta idir-inoibritheachta le haghaidh rochtain ar shonraí, i gcomhréir le hAirteagal 10, agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na cleachtais sin na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis faoi eagrú an mhargaidh náisiúnta maidir le róil agus freagrachtaí sonracha a leagtar amach i dTábla I den Iarscríbhinn ar fáil go héasca do gach páirtí incháilithe agus do gach custaiméir deiridh.

3.   Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo sainaithint na bpáirtithe sin a ghníomhaíonn sa mhargadh náisiúnta mar na riarthóirí sonraí méadraithe, na riarthóirí pointe méadraithe, soláthraithe rochtana sonraí agus na riarthóirí ceada, a leagtar a bhfreagrachtaí amach in Airteagail 5, 6, 7 agus 8 den Rialachán seo.

Airteagal 5

Na freagrachtaí a bhíonn ar riarthóir sonraí méadraithe

1.   Chun rochtain rianúil ar shonraí a áirithiú do chustaiméirí deiridh agus do pháirtithe incháilithe, déanfaidh an riarthóir sonraí méadraithe an méid seo a leanas:

(a)

sonraí méadraithe agus tomhaltais atá bailíochtaithe a chur ar fáil do chustaiméirí deiridh agus do pháirtithe incháilithe i gcomhréir leis an Rialachán seo trí chomhéadan ar líne nó trí chomhéadan iomchuí eile, arna iarraidh sin, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, agus gan moill mhíchuí;

(b)

a áirithiú gur féidir le custaiméirí deiridh (i) rochtain a fháil ar a sonraí méadraithe agus tomhaltais atá bailíochtaithe; (ii) iad a chur ar fáil do pháirtithe incháilithe agus (iii) iad a fháil i bhformáid struchtúrtha a úsáidtear go coitianta, atá inléite ag meaisín agus atá idir-inoibritheach;

(c)

loga rochtana ar shonraí a choinneáil cothrom le dáta agus é a chur ar fáil do chustaiméirí deiridh trí chomhéadan ar líne nó trí chomhéadan iomchuí eile, saor in aisce, gan moill neamhriachtanach, agus ar iarraidh ón gcustaiméir deiridh;

(d)

agus sonraí á n-aistriú chuig páirtithe incháilithe, agus an dlí ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta á urramú, áiritheoidh sé, i gcomhar leis an riarthóir ceada i gcás inarb infheidhme, go bhfuil cead gníomhach nó bunús dlí eile ann chun na sonraí a tharchur nó a phróiseáil go dleathach, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, é sin a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

2.   Coinneoidh riarthóirí sonraí méadraithe faisnéis chomhlántach maidir le sonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil i gcomhréir le hIarscríbhinn I.4, pointí (a) agus (b), a ghabhann le Treoir (AE) 2019/944. Ar feadh na tréimhse coinneála, coinneofar na sonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil ar fáil, mar aon leis an bhfaisnéis loga chomhfhreagrach, le go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh agus ag páirtithe incháilithe ar iarraidh ó na custaiméirí deiridh.

3.   Tabharfaidh riarthóirí sonraí méadraithe rochtain do pháirtithe incháilithe ar shaoráidí tástála inar féidir leis an bpáirtí incháilithe tástáil a dhéanamh ar chomhoiriúnacht a gcóras le córais an riarthóra sonraí méadraithe a bhfuil na nósanna imeachta sa Rialachán seo á gcur chun feidhme aige. Beidh an tsaoráid tástála ar fáil sula gcuirfear na nósanna imeachta chun feidhme agus le linn dóibh a bheith ag feidhmiú.

4.   I gcás ina mbeidh foráil déanta ag na Ballstáit maidir leis sin, féadfaidh eintiteas ainmnithe na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 a chomhroinnt leis an riarthóir sonraí méadraithe.

Airteagal 6

Na freagrachtaí a bhíonn ar riarthóir pointe méadraithe

Cuirfidh an riarthóir pointe méadraithe an riarthóir ceada ar an eolas, agus i gcás inarb ábhartha an riarthóir sonraí méadraithe ar an leibhéal náisiúnta, gan moill mhíchuí, faoi aon athrú ar shannadh na gcustaiméirí deiridh do phointí méadraithe, agus faoi aon tarlú seachtrach eile lena neamhbhailítear ceadanna gníomhacha arna ndeonú ina réimse freagrachta.

Airteagal 7

Freagrachtaí an tsoláthraí rochtana sonraí

1.   I gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Threoir (AE) 2019/944, cuirfidh soláthraithe rochtana sonraí an méid seo a leanas ar fáil go poiblí trí chomhéadan ar líne:

(a)

gach nós imeachta ábhartha a úsáideann siad chun rochtain a thabhairt ar shonraí mar a thuairiscítear sa tsamhail tagartha a leagtar amach sa Chaibidil seo agus san Iarscríbhinn i gcás ina gcuirtear cás sonrach rochtana na gcustaiméirí deiridh i láthair;

(b)

na modhanna atá ag custaiméirí deiridh chun rochtain a fháil, gan moill neamhriachtanach, ar a sonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil, i gcomhar leis an riarthóir sonraí méadraithe i gcás inarb infheidhme. Beifear in ann é sin a dhéanamh de réir mar a thugtar tuairisc air sna nósanna imeachta san Iarscríbhinn um rochtain a bheith ag an gcustaiméir deiridh ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe.

2.   Déanfaidh soláthraithe rochtana sonraí a bhfaisnéis loga a choimeád agus a chur ar fáil do chustaiméirí deiridh, lena n-áirítear an t-am a tugadh rochtain ar shonraí do pháirtí incháilithe nó do chustaiméir deiridh, agus an cineál sonraí lena mbaineann. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar líne, saor in aisce, gan moill neamhriachtanach, aon uair a iarrann custaiméir deiridh rochtain.

3.   I gcás ina mbeidh foráil déanta ag na Ballstáit maidir leis sin, féadfaidh eintiteas ainmnithe na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chomhroinnt leis an soláthraí rochtana sonraí.

Airteagal 8

Freagrachtaí an riarthóra ceada

1.   Déanfaidh an riarthóir ceada an méid seo a leanas:

(a)

cead a thabhairt rochtain a fháil ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe do pháirtithe incháilithe agus ceadanna a chúlghairm, gan moill neamhriachtanach, ar iarraidh ó na custaiméirí deiridh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a dtugtar tuairisc orthu san Iarscríbhinn;

(b)

forléargas ar cheadanna comhroinnte sonraí gníomhacha agus stairiúla a chur ar fáil do chustaiméirí deiridh arna iarraidh sin dóibh, de réir mhír (2) d’Airteagal 5;

(c)

fógraí faoi neamhbhailíochtú ceadanna a fuarthas i gcomhréir leis na nósanna imeachta sa Rialachán seo a phróiseáil;

(d)

an riarthóir sonraí méadraithe (céim 3.5 agus céim 4.9 san Iarscríbhinn), an páirtí incháilithe más gá (céim 4.11) agus an custaiméir deiridh (céim 3.4 agus céim 4.13) a chur ar an eolas a luaithe a thabharfar fógra don riarthóir ceada go ndearnadh cead a neamhbhailíochtú;

(e)

loga soláthair ceada a choinneáil do na custaiméirí deiridh agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil dóibh ar líne, saor in aisce, gan moill mhíchuí, agus arna iarraidh sin dóibh;

(f)

na nósanna imeachta ábhartha a úsáideann siad chun rochtain ar shonraí a sholáthar a chur ar fáil go poiblí mar a thuairiscítear sa tsamhail tagartha agus mar a léirítear san Iarscríbhinn, i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Threoir (AE) 2019/944.

2.   Comhoibreoidh riarthóirí ceada le páirtithe incháilithe agus le riarthóirí sonraí méadraithe chun tástáil na bpróiseas chun an tsamhail tagartha a chur chun feidhme a éascú. Tarlóidh an comhar sin sula gcuirfear na nósanna imeachta chun feidhme agus le linn dóibh a bheith ag feidhmiú.

3.   I gcás ina mbeidh foráil déanta ag na Ballstáit maidir leis sin, féadfaidh eintiteas ainmnithe na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chomhroinnt leis an riarthóir ceada.

Airteagal 9

Ceanglais agus nósanna imeachta idir-inoibritheachta maidir le rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais atá gar d’fhíor-am

Chun rochtain a áirithiú ar shonraí méadraithe agus tomhaltais atá gar d’fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe do chustaiméirí deiridh, trí chomhéadan caighdeánaithe nó trí chianrochtain, cuirfidh na Ballstáit na modhanna arna mbunú i gcomhréir le Nósanna Imeachta 5 agus 6 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm.

Roinn 2:

Nósanna imeachta trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha maidir le rochtain ar shonraí - Tuairisciú agus stóras cleachtas náisiúnta

Airteagal 10

Tuairisciú cleachtas náisiúnta

1.   Chun trédhearcacht agus neamh-idirdhealú nósanna imeachta náisiúnta maidir le rochtain ar shonraí a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir (AE) 2019/944, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

mapáil ar chleachtais náisiúnta a dhéanamh agus a choinneáil cothrom le dáta ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tuairisc mhionsonraithe freisin agus míniú mionsonraithe ar an gcaoi a ndéantar céimeanna nós imeachta Tháblaí III.1 go III.6 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus na céimeanna a cuireadh le chéile, más ann dóibh, agus an t-ord ina ndéantar na céimeanna á leagan amach; agus

(b)

mapáil na gcleachtas náisiúnta dá dtagraítear i mír (a) a thuairisciú don Choimisiún, ar cleachtais iad a fhoilseofar i stóras a mbeidh rochtain ag an bpobal air agus a bhunófar de bhun Airteagal 12.

2.   Áireofar sa tuairisciú faisnéis faoi chur chun feidhme náisiúnta na samhla tagartha agus na ról éagsúil, na malartuithe faisnéise, agus na nósanna imeachta.

3.   Cuirfear san áireamh sa tuairisciú sin an treoir arna forbairt ag an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 13.

4.   Soláthróidh na Ballstáit tuairisciú na gcleachtas náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 5 Iúil 2025.

5.   Má d’aistrigh Ballstát chuig córas náisiúnta nua bainistithe sonraí roimh an 5 Eanáir 2025, féadfar an tuairisciú a theorannú do na socruithe nua ar choinníoll go gcumhdóidh an córas sin os cionn 90 % de na custaiméirí deiridh faoin 5 Iúil 2026.

Airteagal 11

Comhar maidir le trédhearcacht sonraí idir an t-eintiteas AE do OCDanna agus ENTSO don Leictreachas

1.   Maidir leis an gcomhar dá bhforáiltear idir an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (‘ENTSO don Leictreachas’) agus an tEintiteas Eorpach d’Oibreoirí Córais Dáileacháin (‘an t-eintiteas AE do OCDanna’), in Airteagal 30(1), pointí (g) agus (k), agus in Airteagal 55(1), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2019/943, féadfaidh an comhar sin a bheith i bhfoirm Meitheal Chomhpháirteach lena mbunaítear próiseas chun cleachtais náisiúnta arna soláthar ag na Ballstáit a bhailiú agus a fhoilsiú. Féadfaidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna comhoibriú ar an gcaoi sin freisin chun comhairle a chur ar an gCoimisiún agus tacaíocht a thabhairt dó maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhartha cur chun feidhme maidir le hidir-inoibritheacht sonraí faoi Airteagal 24(2) de Threoir (AE) 2019/944 agus maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu.

2.   Agus a gcomhairle á hullmhú acu agus a ngníomhaíochtaí tacaíochta á ndéanamh acu don Choimisiún, oibríonn ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna i ndlúthchomhar le hionadaithe na n-údarás rialála náisiúnta, le húdaráis inniúla agus le heintitis rialáilte a bhfuil róil institiúideacha acu ar an leibhéal náisiúnta maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar shonraí méadraithe agus tomhaltais, chomh maith leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar fad, lena n-áirítear comhlachais tomhaltóirí, miondíoltóirí leictreachais, eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, soláthraithe seirbhísí agus teicneolaíochta agus monaróirí trealaimh agus comhpháirteanna.

Airteagal 12

Cúraimí faoin eintiteas AE do OCDanna agus comhar ENTSO don Leictreachas maidir le trédhearcacht sonraí

1.   Chun trédhearcacht na rochtana ar shonraí ar fud an Aontais a áirithiú, áireofar ar na príomhchúraimí a dhéanfaidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna faoin gcomhar eatarthu maidir le trédhearcacht sonraí na nithe seo a leanas:

(a)

treoraíocht a fhorbairt chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar chleachtais náisiúnta mar a leagtar amach in Airteagal 13;

(b)

bailiú na dtuarascálacha ar chleachtais náisiúnta arna soláthar ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na samhla tagartha, mar a leagtar amach in Airteagal 10;

(c)

na tuarascálacha ar chleachtais náisiúnta a fhoilsiú i stóras a bheidh ar fáil go poiblí agus a choinneofar cothrom le dáta.

2.   Féadfaidh ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna oibriú i gcomhar freisin chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún, agus an próiseas a leagtar amach i mír 2 d’Airteagal 11 á leanúint acu, maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na samhla tagartha a áirítear sa Rialachán seo agus ar a fhorbairt bhreise mar thoradh ar athruithe rialála, margaidh nó teicneolaíochta, agus tacú leis an gCoimisiún, arna iarraidh sin dó, ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a fhorbairt, mar chuid de ghníomhartha cur chun feidhme amach anseo, le haghaidh rochtain ar shonraí a theastaíonn maidir le haistriú custaiméirí, freagairt don éileamh, agus seirbhísí eile dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir (AE) 2019/944.

Airteagal 13

Treoraíocht maidir le tuairisciú cleachtas náisiúnta

Tráth nach déanaí ná an 5 Iúil 2024, déanfaidh an Coimisiún treoraíocht maidir le tuairisciú cleachtas náisiúnta a fhorbairt agus a chur ar fáil go poiblí, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas agus ón eintiteas AE do OCDanna.

CAIBIDIL 3

Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 3 an 5 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 158, 14.6.2019, lch 125.

(2)  CIM - An tSamhail Choiteann Faisnéise, https://www.iec.ch/homepage.

(3)  Formáid sonraí CSV - Formáid sonraí Luachanna Camógdheighilte.

(4)  Formáid sonraí XML - Formáid Teanga Marcála Inbhreisithe.

(5)  HEMRM - Eiseamláir Chomhchuibhithe (le haghaidh an Mhargaidh Leictreachais) le ebIX®, ENTSO-E, agus EFET.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE; (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73)

(7)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas; (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54)

(8)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).(IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)

(9)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le r-phríobháideachas); (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37)

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE; (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

An tsamhail tagartha le haghaidh rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais

Tá an tsamhail tagartha do shonraí méadraithe agus tomhaltais comhdhéanta de shraith nósanna imeachta tagartha le haghaidh rochtain ar shonraí agus na malartuithe faisnéise is gá idir róil a ghlacann gníomhaithe sa mhargadh maidir leis an gcás sonrach seo.

Léiríonn na táblaí san Iarscríbhinn seo an tacar faisnéise sin atá sa tsamhail thagartha. Féadfar na céimeanna nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a chomhcheangal nó a dhéanamh in ord eile nuair a chuirtear i bhfeidhm iad ar an leibhéal náisiúnta.

Tá faisnéis i dTábla I maidir le struchtúr agus timpeallacht an mhargaidh náisiúnta, faisnéis atá úsáideach go háirithe do pháirtithe incháilithe ar mhaith leo a n-oibríocht a chur ar bun sa chríoch shonrach agus úsáid a bhaint as rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais i ngach Ballstát. I dTábla I, liostaítear go príomha faisnéis nach mór a bheith inrochtana do pháirtithe incháilithe chun bonneagar réamhriachtanais a chlárú, a ionduchtú nó a bhunú chun páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta a liostaítear i dTábla III agus, dá réir sin, faisnéis a chur in iúl agus a mhalartú le gníomhaithe ábhartha sa mhargadh a dhéanann na róil agus na freagrachtaí a luaitear i dTábla II a ghabháil orthu féin.

Tábla I-

Faisnéis ghinearálta faoi thimpeallachtaí na mBallstát

Sainaitheantas

Ainm

Tuairisc

I1

Údarás inniúil náisiúnta

Ainm

Ainm an údaráis inniúil náisiúnta a ceapadh.

Suíomh gréasáin

Suíomh gréasáin an údaráis inniúil náisiúnta a ceapadh.

Oifigeach teagmhála

Sonraí teagmhála an eintitis atá freagrach as mapáil na gcleachtas náisiúnta a bhainistiú.

Nóta: Is féidir leis an údarás inniúil seo a bheith ina eintiteas poiblí nó príobháideach.

I2

Faisnéis maidir le bunú bhainistiú sonraí na mBallstát

Ainm

Más infheidhme, ainm na timpeallachta bainistithe agus malartaithe sonraí i gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir (AE) 2019/944.

Suíomh gréasáin

Más infheidhme, nasc chuig suíomh gréasáin ina mínítear na forálacha maidir le rochtain ar shonraí i mBallstát.

Oifigeach teagmhála

Sonraí teagmhála an eintitis atá freagrach as forálacha náisiúnta maidir le bainistiú sonraí.

Bunús rialála náisiúnta

Tagairt don bhunús dlí leis an mbonneagar comhroinnte sonraí.

Doiciméadacht

Tuairisc fhéinleorga ar fhorálacha an Bhallstáit maidir le rochtain ar shonraí.

I3

Faisnéis faoi riarthóirí sonraí méadraithe i mBallstát

(aon mhapáil amháin in aghaidh gach riarthóra sonraí méadraithe ghníomhaigh i mBallstát)

Ainm

Ainm na heagraíochta.

An cineál sainaitheantais

Cód clárúcháin ACER, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI), Cód Aitheantais Bainc (BIC), Cód Aitheantais Fuinnimh (EIC), Uimhir Suímh Dhomhanda (GLN/GS1) nó Cód Aitheantais Náisiúnta (NIC).

Sainaithint eagraíochta

Cód nó sainaithint na heagraíochta (arna hainmniú mar ‘riarthóir sonraí méadraithe’) ar bhonn na gcineálacha sainaitheantais a luaitear sa réimse roimhe seo.

Suíomh gréasáin

Más infheidhme, nasc chuig suíomh gréasáin nó feidhmchlár a úsáidtear chun sonraí a íoslódáil.

Oifigeach teagmhála

Sonraí teagmhála an eintitis atá freagrach as rochtain ar shonraí ag custaiméirí deiridh nó ag páirtithe incháilithe.

Limistéar na heangaí méadraithe

Tuairisc ar shraith na bpointí méadraithe a bhfuil an riarthóir sonraí méadraithe ag riar sonraí méadraithe ina leith.

I4

Faisnéis faoi riarthóirí pointe méadraithe i mBallstát

(aon mhapáil amháin in aghaidh gach riarthóra pointe méadraithe ghníomhaigh i mBallstát)

Ainm

Ainm na heagraíochta.

An cineál sainaitheantais

Cód clárúcháin ACER, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI), Cód Aitheantais Bainc (BIC), Cód Aitheantais Fuinnimh (EIC), Uimhir Suímh Dhomhanda (GLN/GS1) nó Cód Aitheantais Náisiúnta (NIC).

Sainaithint eagraíochta

Cód nó sainaithint na heagraíochta (arna hainmniú mar ‘riarthóir pointe méadraithe’) ar bhonn na gcineálacha sainaitheantais a luaitear sa réimse roimhe seo.

Suíomh gréasáin

Más infheidhme, nasc chuig suíomh gréasáin nó feidhmchlár a úsáidtear chun sonraí a íoslódáil.

Oifigeach teagmhála

Sonraí teagmhála an eintitis atá freagrach as rochtain ar shonraí ag custaiméirí deiridh nó ag páirtithe incháilithe.

Limistéar na heangaí méadraithe

Tuairisc ar shraith na bpointí méadraithe a bhfuil an riarthóir pointe méadraithe freagrach astu.

I5

Faisnéis faoin soláthraí rochtana sonraí

(ní mór gníomhaí amháin ar a laghad a mhapáil in aghaidh gach pointe méadraithe i mBallstát)

Ainm

Ainm na heagraíochta.

An cineál sainaitheantais

Cód clárúcháin ACER, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI), Cód Aitheantais Bainc (BIC), Cód Aitheantais Fuinnimh (EIC), Uimhir Suímh Dhomhanda (GLN/GS1) nó Cód Aitheantais Náisiúnta (NIC).

Sainaithint eagraíochta

Cód nó sainaithint na heagraíochta ar bhonn na gcineálacha sainaitheantais a luaitear sa réimse roimhe seo.

Suíomh gréasáin

Más infheidhme, nasc chuig suíomh gréasáin feidhmchláir gréasáin a úsáidtear le haghaidh rochtain ar shonraí custaiméara deiridh.

Oifigeach teagmhála

Sonraí teagmhála an eintitis atá freagrach as rochtain ar shonraí custaiméara deiridh.

Freagracht as bainistiú ceada

Riarthóirí sonraí méadraithe dá mbainistíonn an soláthraí rochtana sonraí an rochtain ar shonraí custaiméara deiridh.

Soláthraí seirbhíse céannachta

An soláthraí seirbhíse céannachta a d’úsáid an soláthraí rochtana sonraí chun custaiméirí deiridh a fhíordheimhniú.

I6

Faisnéis faoi riarthóirí ceada i mBallstát

(aon mhapáil amháin ar a laghad in aghaidh gach riarthóra ceada ghníomhaigh i mBallstát)

Ainm

Ainm na heagraíochta.

An cineál sainaitheantais

Cód clárúcháin ACER, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI), Cód Aitheantais Bainc (BIC), Cód Aitheantais Fuinnimh (EIC), Uimhir Suímh Dhomhanda (GLN/GS1) nó Cód Aitheantais Náisiúnta (NIC).

Sainaithint eagraíochta

Cód nó sainaithint na heagraíochta ar bhonn na gcineálacha sainaitheantais a luaitear sa réimse roimhe seo.

Suíomh gréasáin

Más infheidhme, nasc chuig suíomh gréasáin feidhmchláir gréasáin a úsáidtear chun cead a riar.

Oifigeach teagmhála

Sonraí teagmhála an eintitis atá freagrach as comhroinnt sonraí.

Freagracht as bainistiú ceada

Riarthóirí sonraí méadraithe dá mbainistíonn an riarthóir ceada ceadanna.

Nóta: tá sé bailí freisin do riarthóir sonraí méadraithe roinnt riarthóirí ceada a úsáid, agus do riarthóir ceada gníomhú thar ceann riarthóirí sonraí méadraithe iolracha.

Rochtain a dhoiciméadú

Míniú féinleorga ar fhorálacha na mBallstát maidir le leas a bhaint as rochtain ag páirtí incháilithe ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe. Moltar leagan Béarla den doiciméadacht seo a chur san áireamh freisin.

Soláthraí seirbhíse céannachta

An soláthraí seirbhíse céannachta a d’úsáid an riarthóir ceada chun custaiméirí deiridh a fhíordheimhniú.

Ionduchtú páirtí incháilithe

Nasc chuig doiciméadacht Bhéarla an nós imeachta ionduchtaithe nó míniú iomlán féinleorga i mBéarla ar conas is féidir le páirtí incháilithe ionduchtú chuig an timpeallacht táirgthe chun úsáid a bhaint as rochtain ag páirtí incháilithe ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe.

Ionduchtú páirtí incháilithe a thástáil

Nasc, más infheidhme, chuig doiciméadacht Bhéarla an nós imeachta ionduchtaithe nó míniú iomlán féinleorga i mBéarla ar conas is féidir le páirtí incháilithe ionduchtú chuig timpeallacht tástála chun úsáid a bhaint as rochtain ag páirtí incháilithe ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe.

Liosta praghsanna ar rochtain ar shonraí ag páirtithe incháilithe

Tuairisc uileghabhálach ar na costais uile ar pháirtithe incháilithe.

I7

Faisnéis faoi chomhéadain chaighdeánaithe atá gar d’fhíor-am de mhéadair chliste nó de chórais méadraithe chliste i mBallstát de réir Airteagal 20, pointe (a), de Threoir (AE) 2019/944

(ní mór aon mhapáil amháin ar a laghad a bheith infheidhme i gcás gach sonraíocht chomhéadain a úsáidtear le haghaidh méadair chliste arna leathadh amach i mBallstát tar éis an 4 Iúil 2019)

Ainm

Ainmniúchán cineáil shamhail an mhéadair.

Aicme bhunúsach an chomhéadain a úsáidtear

Tabhair an leibhéal voltais dá n-úsáidtear samhail an mhéadair.

Maidir le voltas meánach agus voltas ard, sonraigh go mion an comhéadan caighdeánaithe nó an chianrochtain a úsáidtear.

Maidir le voltas íseal, ba cheart na freagraí a theacht i ndiaidh an aicmithe (pioc na roghanna is infheidhme):

H1 (mar a shainmhínítear in CEN/CENELEC/ETSI TR 50572:2011 (1))

H2 (mar a shainmhínítear in CEN/CENELEC/ETSI TR 50572:2011)

H3 (mar a shainmhínítear in CEN/CENELEC/ETSI TR 50572:2011)

Cianrochtain (sonraigh go mion)

Díoltóir

Ainm eagraíocht díoltóra chomhpháirteanna an mhéadair chliste nó an chórais méadraithe chliste

Riarthóirí pointe méadraithe a úsáideann an tsamhail

Aitheantóirí na riarthóirí pointe méadraithe a úsáideann an tsamhail.

Caighdeán an chomhéadain fhisiciúil

Ainm agus leagan an chaighdeáin a úsáidtear.

Prótacal cumarsáide

Ainm agus leagan an chaighdeáin a úsáidtear.

Formáidí sonraí

Ainm agus leagan an chaighdeáin a úsáidtear.


Tábla II –

Róil

Ainm an róil

Cineál an róil

Tuairisc ar an ról

Custaiméir deiridh

Gnólacht

Mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) de Threoir (AE) 2019/944.

Tagraíonn sé seo do pháirtí atá nasctha leis an eangach a cheannaíonn leictreachas dá úsáid féin. Nóta: áirítear leis sin freisin cás an chustaiméara ghníomhaigh agus rannpháirtithe na bpobal fuinnimh in-athnuaite nó na bpobal fuinnimh saoránach.

Údarás inniúil

Gnólacht

D’fhéadfadh údarás inniúil a bheith ina eintiteas poiblí nó príobháideach i mBallstát.

Páirtí incháilithe

Gnólacht

Is éard atá i ‘bpáirtí incháilithe’ eintiteas a thairgeann seirbhísí a bhaineann le fuinneamh do chustaiméirí deiridh, amhail soláthróirí, oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin, oibreoirí tarmligthe agus tríú páirtithe eile, comhbhailitheoirí, cuideachtaí seirbhísí fuinnimh, pobail fuinnimh in-athnuaite, pobail fuinnimh saoránach agus soláthraithe seirbhísí cothromúcháin, a mhéid a thairgeann siad seirbhísí a bhaineann le fuinneamh do chustaiméirí deiridh;

Riarthóir sonraí méadraithe

Gnólacht

Páirtí atá freagrach as sonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe a stóráil agus na sonraí sin a dháileadh ar chustaiméirí deiridh agus/nó ar pháirtithe incháilithe.

Riarthóir pointe méadraithe

Gnólacht

Páirtí atá freagrach as saintréithe pointe méadraithe a riar agus a chur ar fáil, lena n-áirítear clárú páirtithe incháilithe agus custaiméirí deiridh atá nasctha leis an bpointe méadraithe.

Soláthraí rochtana sonraí

Gnólacht

Páirtí atá freagrach as rochtain a éascú don chustaiméir deiridh nó do pháirtithe incháilithe, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcomhar le páirtithe eile, ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe.

Riarthóir ceada

Gnólacht

Páirtí atá freagrach as clár ceadanna rochtana ar shonraí a riar le haghaidh sraith pointí méadraithe, lena gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil do chustaiméirí deiridh agus do pháirtithe incháilithe san earnáil, arna iarraidh sin.

Soláthraí seirbhíse céannachta

Gnólacht agus/nó Córas

Páirtí a bhainistíonn faisnéis chéannachta; a dhéanann faisnéis chéannachta a eisiúint, a stóráil, a chosaint, a choinneáil cothrom le dáta, agus a bhainistiú do dhuine nádúrtha nó dlítheanach agus a dhéanann seirbhísí fíordheimhnithe a sholáthar do pháirtithe incháilithe agus custaiméirí deiridh.

Oibreoir méadair

Gnólacht agus/nó Córas

Páirtí atá freagrach as méadair fhisiceacha a shuiteáil, a choinneáil ar siúl, a thástáil agus a dhíchoimisiúnú.

Méadar cliste

Córas

Gaireas méadraithe leictreonaigh a úsáidtear laistigh de chóras méadraithe chliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2(23) de Threoir (AE) 2019/944.

Nóta: Tacaíonn córas méadraithe chliste den sórt sin leis na feidhmiúlachtaí a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 20 de Threoir (AE) 2019/944.

Córas tomhaltais sonraí atá gar d’fhíor-am

Córas

Córas nó gaireas a fhaigheann sreabhadh sonraí atá gar d’fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe ó chóras méadraithe chliste dá dtagraítear in Airteagal 20, an chéad fhomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2019/944.

Nóta: d’fhéadfadh, mar shampla, córas bainistithe fuinnimh, taispeáint sa bhaile nó córas eile a bheith i gceist.

Maidir le gach ról den chineál Gnólacht, tá coinne le gníomhú ar bhealach slán fíordheimhnithe agus trí bhealaí cumarsáide iontaofa. Ar an gcúis sin, ní liostaítear na céimeanna fíordheimhnithe a úsáidtear do na comhpháirtithe cumarsáide sin sna nósanna imeachta a liostaítear thíos. Is iad sin ‘rochtain ag an gcustaiméir deiridh ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe’, ‘rochtain ag páirtí incháilithe ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe’, ‘foirceannadh seirbhíse ag páirtí incháilithe’, ‘cúlghairm ceada ghníomhaigh ag an gcustaiméir deiridh’, ‘gníomhachtaigh sreabhadh sonraí atá gar d’fhíor-am ó mhéadar cliste nó ó chóras méadraithe chliste’, agus ‘léamh sonraí atá gar d’fhíor-am ó mhéadar cliste nó ó chóras méadraithe chliste’.

Tábla III –

Coinníollacha Nós Imeachta

Uimh.

Ainm an nós imeachta

An príomhghníomaí

Réamhchoinníoll

1

Rochtain ag an gcustaiméir deiridh ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe

Custaiméir deiridh

Ionduchtaíodh an custaiméir deiridh.

2

Rochtain ag páirtí incháilithe ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe

Custaiméir deiridh

Ionduchtaíodh an custaiméir deiridh.

Ionduchtaíodh an páirtí incháilithe.

3

Foirceannadh seirbhíse ag páirtí incháilithe

Páirtí incháilithe

Tá cead gníomhach ar fáil nó bunús dlí nó conarthach eile.

4

Cúlghairm ceada ghníomhaigh ag an gcustaiméir deiridh

Custaiméir deiridh

Tá cead gníomhach ar fáil.

5

Gníomhachtaigh sreabhadh sonraí atá gar d’fhíor-am ó mhéadar cliste nó ó chóras méadraithe chliste

Custaiméir deiridh

Suiteáiltear méadar cliste nó córas méadraithe chliste i bpointe méadraithe an chustaiméara deiridh.

6

Léamh sonraí atá gar d’fhíor-am ó mhéadar cliste nó ó chóras méadraithe chliste

Córas tomhaltais sonraí atá gar d’fhíor-am

Cuireadh na céimeanna i Nós Imeachta 5 i gcrích.

Sa nós imeachta um ‘rochtain ag páirtí incháilithe ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe’, mar a shonraítear i dTábla III.2, déantar ‘sonraí amach anseo’ a chumhdaítear le cead (ach fós laistigh de thréimhse an cheada) a láimhseáil ar bhealach éagsúil le ‘sonraí atá ar fáil cheana féin’. Ciallaíonn an dara ceann acu sin sonraí atá ar fáil cheana féin ag an riarthóir sonraí méadraithe tráth a thugtar an cead, ach ciallaíonn ‘sonraí amach anseo’ sonraí a chumhdaítear leis an gcead ach nach bhfuil ar fáil ag an bpointe ama sin ná i bhformhór na gcásanna toisc go gcuirfear ar fáil iad amach anseo. Sa nós imeachta lena bhfuil baint ag ‘rochtain ag páirtí incháilithe ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe’, a dtugtar tuairisc air i dTábla III.2, léirítear rochtain ar shonraí stairiúla agus sonraí amach anseo mar nós imeachta aontaithe. Agus cleachtais náisiúnta á mapáil, féadfar nósanna imeachta ar leithligh a thabhairt ar an dá chás sin.

An tsamhail tagartha le haghaidh soláthar sonraí atá gar d’fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe, mar a léirítear i nós imeachta 5 i dTábla III.5 agus i nós imeachta 6 i dTábla III.6, tá sí bunaithe ar an ailtireacht tagartha fheidhmiúil don mhéadrú cliste a shainítear i gcaighdeáin1. Sonraítear san ailtireacht tagartha fheidhmiúil sin léiriú cineálach ar na bonneagair méadraithe chliste a úsáidtear sna Ballstáit. Sainítear ann na comhéadain ‘H1’, ‘H2’ agus ‘H3’, mar a thugtar orthu, a fhéadfar a úsáid chun sonraí atá gar d’fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe a sholáthar. Mar sin féin, is féidir na caighdeáin agus na míreanna sonraí céanna a úsáid cibé comhéadan a úsáidtear. Tugann roinnt oibreoirí méadair cianrochtain ar na sonraí sin freisin. Tá nósanna imeachta 5 agus 6 neodrach ó thaobh an chur chun feidhme maidir leis an modh rochtana a chuirtear ar fáil.

Maidir le soláthar sonraí atá gar d’fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe trí chomhéadan caighdeánaithe i gcás inarb infheidhme, tabharfaidh na Ballstáit aird chuí ar úsáid na gcaighdeán ábhartha atá ar fáil, lena n-áirítear caighdeáin lena gcumasaítear idir-inoibritheacht. Gan dochar d’fhorbairtí amach anseo, áirítear an méid seo a leanas leis na caighdeáin atá ar fáil faoi láthair agus atá in úsáid i gcleachtais náisiúnta tráth fhoilsiú an Rialacháin seo (is liosta neamh-uileghabhálach é seo):

EN 50491-11

sraith EN 62056 – DLMS/COSEM

sraith EN 13757 – M-Bus Sreangaithe agus Gan Sreang

EN16836 - Zigbee SEP 1.1

Is léaráidí de chineál léiritheach iad na léaráidí thíos ina léirítear na nósanna imeachta a dtugtar tuairisc orthu i dTáblaí III.1 go III.6 agus leanann siad an tSamhail ar Phróiseas Gnólachta agus Nodaireacht 2.0 (2). Sainmhínítear na hábhair faisnéise dá dtagraítear sa cholún dar teideal ‘Faisnéis a mhalartaítear (IDanna)’ i dTábla IV.

Tábla III.1-

Nós imeachta 1

Ainm an nós imeachta

Rochtain ag an gcustaiméir deiridh ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe

Uimh. na Céime

Céim

Tuairisc ar an gcéim

Táirgeoir faisnéise

Glacadóir faisnéise

Faisnéis a mhalartaítear (IDanna)

1.1

An soláthraí rochtana sonraí a shainaithint

Sainaithníonn na custaiméirí deiridh an soláthraí rochtana sonraí atá freagrach as na pointí méadraithe dá gcuid atá á meas.

Údarás inniúil

Custaiméir deiridh

[ní bhaineann le hábhar]

1.2

An custaiméir deiridh a fhíordheimhniú

Sainaithníonn custaiméirí deiridh iad féin don soláthraí rochtana sonraí.

Custaiméir deiridh

Soláthraí rochtana sonraí

[ní bhaineann le hábhar]

1.3

Dintiúir a sheiceáil

Aistríonn soláthraí rochtana sonraí faisnéis fíordheimhnithe chuig soláthraí seirbhíse céannachta.

Soláthraí rochtana sonraí

Soláthraí seirbhíse céannachta

[ní bhaineann le hábhar]

1.4

An custaiméir deiridh a chur ar an eolas faoi thorthaí na seiceála ar dhintiúir

Cuireann soláthraí rochtana sonraí toradh an bhailíochtaithe in iúl agus soláthraíonn sé léiriú fóinteach i gcás iarraidh neamhbhailí.

Soláthraí rochtana sonraí

Custaiméir deiridh

[ní bhaineann le hábhar]

1.5

An custaiméir deiridh agus an pointe méadraithe a nascadh

Faigheann an custaiméir deiridh amach aitheantas an phointe méadraithe chun sonraí a iarraidh.

Soláthraí rochtana sonraí

Custaiméir deiridh

A - Sainaitheantas an phointe méadraithe

1.6

Sonraí a iarraidh

Sonraíonn an custaiméir deiridh na sonraí a iarradh.

Custaiméir deiridh

Soláthraí rochtana sonraí

C - Iarraidh ar shonraí méadraithe

1.7

Iarraidh a bhailíochtú ag soláthraí rochtana sonraí

Bailíochtaíonn an soláthraí rochtana sonraí an iarraidh ar shonraí méadraithe sonraithe agus soláthraíonn sé léiriú fóinteach i gcás iarraidh neamhbhailí.

Soláthraí rochtana sonraí

Custaiméir deiridh

D - Iarraidh ar fhaisnéis maidir le bailíochtú

1.8

An iarraidh a chur ar aghaidh chuig riarthóir méadraithe sonraí lena bailíochtú

Seiceáil an bhfuil sonraíocht na sonraí a iarradh ó thaobh ama, raon feidhme, inrochtaineacht de etc. inghlactha.

Soláthraí rochtana sonraí

Riarthóir sonraí méadraithe

C - Iarraidh ar shonraí méadraithe

1.9

Iarraidh shonraithe ag riarthóir sonraí méadraithe a bhailíochtú

Bailíochtaíonn an riarthóir sonraí méadraithe an iarraidh ar shonraí méadraithe sonraithe.

Riarthóir sonraí méadraithe

Soláthraí rochtana sonraí

D - Iarraidh ar fhaisnéis maidir le bailíochtú

1.10

An custaiméir deiridh a chur ar an eolas faoi thorthaí an bhailíochtaithe

Mura bhfuil an t-ionchur bailí, ba cheart an chúis a léiriú le teachtaireacht fhiúntach.

Soláthraí rochtana sonraí

Custaiméir deiridh

D - Iarraidh ar fhaisnéis maidir le bailíochtú

1.11

Fógra a thabhairt do riarthóir sonraí méadraithe

Ní mór fógra a thabhairt faoi iarraidh ar shonraí méadraithe chun an pacáiste sonraí a iarradh a sholáthar.

Soláthraí rochtana sonraí

Riarthóir sonraí méadraithe

C - Iarraidh ar shonraí méadraithe

1.12

Sonraí a aistriú

Faigheann custaiméirí deiridh na sonraí a iarradh gan moill mhíchuí.

Riarthóir sonraí méadraithe

Custaiméir deiridh

E - Sonraí stairiúla atá bailíochtaithe

Image 1

Léaráid 1 – Nós imeachta um ‘Rochtain ag an gcustaiméir deiridh ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe’

Tábla III.2 –

Nós imeachta 2

Ainm an nós imeachta

Rochtain ag páirtí incháilithe ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe

Uimh. na Céime

Céim

Tuairisc ar an gcéim

Táirgeoir faisnéise

Glacadóir faisnéise

Faisnéis a mhalartaítear (IDanna)

2.1

An riarthóir ceada a shainaithint

Sainaithníonn na custaiméirí deiridh an riarthóir ceada atá freagrach as na pointí méadraithe dá gcuid atá á meas.

Údarás inniúil

Custaiméir deiridh

[ní bhaineann le hábhar]

2.2

An páirtí incháilithe a shainaithint

Sainaithníonn custaiméirí deiridh an páirtí incháilithe a bhfuil sé ar intinn acu sonraí a chur ar fáil dó.

[ní bhaineann le hábhar]

Custaiméir deiridh

[ní bhaineann le hábhar]

2.3

Mionsonraí réamhshocraithe ceada

Sonrú na sonraí a theastaíonn ón bpáirtí incháilithe. Bealaí roghnacha (ach atá ar fáil go ginearálta) chun sonraí a theastaíonn a shonrú (mar shampla trí chliceáil ar chnaipe ‘roinn mo chuid sonraí’) chun nach mbeidh ar an gcustaiméir deiridh ionchuir chasta a dhéanamh.

Páirtí incháilithe

Riarthóir ceada

G - Faisnéis réamhshocraithe maidir le cead

2.4

An custaiméir deiridh a fhíordheimhniú

Sainaithníonn custaiméirí deiridh iad féin don riarthóir ceada.

Custaiméir deiridh

Riarthóir ceada

[ní bhaineann le hábhar]

2.5

Dintiúir a sheiceáil

Aistríonn riarthóir ceada faisnéis fíordheimhnithe chuig soláthraí seirbhíse céannachta.

Riarthóir ceada

Soláthraí seirbhíse céannachta

[ní bhaineann le hábhar]

2.6

An custaiméir deiridh a chur ar an eolas faoi thorthaí na seiceála ar dhintiúir

Cuireann riarthóir ceada toradh an bhailíochtaithe in iúl agus soláthraíonn sé léiriú fóinteach i gcás iarraidh neamhbhailí.

Riarthóir ceada

Custaiméir deiridh

[ní bhaineann le hábhar]

2.7

An custaiméir deiridh agus an pointe méadraithe a nascadh

Faigheann an custaiméir deiridh amach aitheantas an phointe méadraithe chun sonraí a iarraidh.

Riarthóir ceada

Custaiméir deiridh

A - Sainaitheantas an phointe méadraithe

2.8

Tréithe an cheada a shonrú

Sonraíonn custaiméirí deiridh na sonraí a bhfuil sé ar intinn acu a chur ar fáil agus dearbhaíonn siad a gcead don riarthóir ceada. Is féidir cúnamh a fháil leis sin freisin ó iarrataí réamhshonraithe ar chead a thagann ón bpáirtí incháilithe trí chéim 2.3.

Custaiméir deiridh

Riarthóir ceada

H - Faisnéis bhunúsach maidir le cead

2.9

An iarraidh ar chead sonraithe a bhailíochtú ag riarthóir ceada

Bailíochtaíonn an riarthóir ceada an iarraidh ar chead sonraithe agus soláthraíonn sé léiriú fóinteach i gcás iarraidh neamhbhailí.

Riarthóir ceada

Custaiméir deiridh

D - Iarraidh ar fhaisnéis maidir le bailíochtú

2.10

An iarraidh ar chead a chur ar aghaidh chuig riarthóir méadraithe sonraí lena bailíochtú

Más infheidhme, seiceáil an bhfuil sonraíocht na sonraí a iarradh ó thaobh ama, raon feidhme, inrochtaineacht, teidlíocht de etc. inghlactha.

Riarthóir ceada

Riarthóir sonraí méadraithe

H - Faisnéis bhunúsach maidir le cead

2.11

Iarraidh shonraithe ar chead ag riarthóir sonraí méadraithe a bhailíochtú

Más infheidhme, bailíochtaíonn an riarthóir sonraí méadraithe an iarraidh ar chead sonraithe.

Riarthóir sonraí méadraithe

Riarthóir ceada

D - Iarraidh ar fhaisnéis maidir le bailíochtú

2.12

An custaiméir deiridh a chur ar an eolas faoi thoradh an bhailíochtaithe

Mura bhfuil an t-ionchur bailí, ba cheart an chúis a léiriú le teachtaireacht fhiúntach.

Riarthóir ceada

Custaiméir deiridh

D - Iarraidh ar fhaisnéis maidir le bailíochtú

2.13

Cead a stóráil

Stórálann riarthóir ceada an cead, mar aon le haitheantóir uathúil le haghaidh tagartha agus stampa ama a léiríonn an cruthú.

Riarthóir ceada

Riarthóir ceada

I - Faisnéis faoi chead bunaithe

2.14

Tabhair fógra don chustaiméir deiridh

Cuireann an riarthóir ceada in iúl don chustaiméir deiridh gur bunaíodh an cead.

Riarthóir ceada

Custaiméir deiridh

I - Faisnéis faoi chead bunaithe

2.15

Fógra a thabhairt don pháirtí incháilithe

Cuireann an riarthóir ceada in iúl don pháirtí incháilithe gur bunaíodh an cead.

Riarthóir ceada

Páirtí incháilithe

I - Faisnéis faoi chead bunaithe

2.16

Fógra a thabhairt do riarthóir sonraí méadraithe

Céim roghnach. Cuireann an riarthóir ceada in iúl don riarthóir sonraí méadraithe gur bunaíodh an cead.

Riarthóir ceada

Riarthóir sonraí méadraithe

I - Faisnéis faoi chead bunaithe

2.17

Na sonraí atá ar fáil cheana féin a aistriú

Go dtí críochphointe an léimh a iarradh nó go dtí an stampa ama reatha (i gcásanna gur amach anseo an críochphointe léimh a iarradh), aistrítear sonraí ón riarthóir sonraí méadraithe mar a shonraítear sa chead chuig an bpáirtí incháilithe.

Nóta: Déanfar saintréithe thruicearú aistriú an chineáil sin sonraí a mhapáil in aghaidh na céime seo.

[ní bhaineann le hábhar]

[ní bhaineann le hábhar]

[ní bhaineann le hábhar]

2.18

Aistriú sonraí a bheidh ar fáil amach anseo

Maidir le heatraimh nach bhfuil ar fáil faoi láthair ach a bheidh ar fáil amach anseo - ach a chumhdófar leis an gcead freisin - aistrítear na sonraí sonracha ón riarthóir sonraí méadraithe trí úsáid a bhaint as an tásc a shainítear leis an tréith ‘Sceideal tarchuir’ den ábhar faisnéise a dtugtar tuairisc air i dTábla IV.

Nóta: Déanfar saintréithe thruicearú aistriú an chineáil sin sonraí a mhapáil in aghaidh na céime seo.

[ní bhaineann le hábhar]

[ní bhaineann le hábhar]

[ní bhaineann le hábhar]

2.19

Sonraí a aistriú

Tá sonraí á n-aistriú go hiarbhír chuig an bpáirtí incháilithe.

Nóta: Déanfar cur chuige cumarsáide (mar shampla ‘tarraingt trí REST API’, ‘brú trí chumarsáid teachtaireachtbhunaithe’), réamhriachtanais agus saintréithe an aistrithe iarbhír a mhapáil sa chéim seo.

Riarthóir sonraí méadraithe

Páirtí incháilithe

F - Sonraí stairiúla atá bailíochtaithe le faisnéis faoin gcustaiméir deiridh

Image 2

Léaráid 2 – Nós imeachta um ‘Rochtain ag páirtí incháilithe ar shonraí méadraithe agus tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe’

Tábla III.3 –

Nós imeachta 3

Ainm an nós imeachta

Foirceannadh seirbhíse ag páirtí incháilithe

Uimh. na Céime

Céim

Tuairisc ar an gcéim

Táirgeoir faisnéise

Glacadóir faisnéise

Faisnéis a mhalartaítear (IDanna)

3.1

Deireadh an cheada a thruicearú

Measann páirtí incháilithe gur cuireadh deireadh leis an tseirbhís nó leis an gcuspóir a tarchuireadh leis an gcead.

Páirtí incháilithe

-

[ní bhaineann le hábhar]

3.2

Cúramaí dheireadh an cheada a fhorghníomhú

Déanfaidh an páirtí incháilithe na cúraimí uile is gá chun a fhreagrachtaí gaolmhara a chomhlíonadh láithreach agus gan moill mhíchuí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Páirtí incháilithe

-

[ní bhaineann le hábhar]

3.3

Fógra a thabhairt don riarthóir ceada

Cuirfidh an páirtí incháilithe an riarthóir ceada ar an eolas láithreach agus gan moill neamhriachtanach.

Páirtí incháilithe

Riarthóir ceada

J - Fógra faoi fhoirceannadh seirbhíse

3.4

Tabhair fógra don chustaiméir deiridh

Cuireann an riarthóir ceada an fhaisnéis ar fáil don chustaiméir deiridh gur cúlghaireadh an cead.

Riarthóir ceada

Custaiméir deiridh

J - Fógra faoi fhoirceannadh seirbhíse

3.5

Fógra a thabhairt do riarthóir sonraí méadraithe

Cuireann an riarthóir ceada an fógra sonrach ar aghaidh chuig an riarthóir sonraí méadraithe.

Riarthóir ceada

Riarthóir sonraí méadraithe

J - Fógra faoi fhoirceannadh seirbhíse

3.6

Deireadh le comhroinnt sonraí

Stadann an riarthóir sonraí méadraithe de shonraí a aistriú chuig an bpáirtí incháilithe.

Riarthóir sonraí méadraithe

Páirtí incháilithe

J - Fógra faoi fhoirceannadh seirbhíse

Image 3

Léaráid 3 – Nós imeachta um ‘Foirceannadh seirbhíse ag páirtí incháilithe’

Tábla III.4 –

Nós imeachta 4

Ainm an nós imeachta

Cúlghairm ceada ghníomhaigh ag an gcustaiméir deiridh

Uimh. na Céime

Céim

Tuairisc ar an gcéim

Táirgeoir faisnéise

Glacadóir faisnéise

Faisnéis a mhalartaítear (IDanna)

4.1

An riarthóir ceada a shainaithint

Sainaithníonn na custaiméirí deiridh an riarthóir ceada atá freagrach as na pointí méadraithe dá gcuid atá á meas.

Údarás inniúil

Custaiméir deiridh

[ní bhaineann le hábhar]

4.2

An custaiméir deiridh a fhíordheimhniú

Sainaithníonn custaiméirí deiridh iad féin don riarthóir ceada.

Custaiméir deiridh

Riarthóir ceada

[ní bhaineann le hábhar]

4.3

Dintiúir a sheiceáil

Aistríonn riarthóir ceada faisnéis fíordheimhnithe chuig soláthraí seirbhíse céannachta.

Riarthóir ceada

Soláthraí seirbhíse céannachta

[ní bhaineann le hábhar]

4.4

An custaiméir deiridh a chur ar an eolas faoi thorthaí na seiceála ar dhintiúir

Cuireann riarthóir ceada toradh an bhailíochtaithe in iúl agus soláthraíonn sé léiriú fóinteach i gcás iarraidh neamhbhailí.

Riarthóir ceada

Custaiméir deiridh

[ní bhaineann le hábhar]

4.5

Liosta ceadanna

Cuireann riarthóir ceada liosta ar fáil don chustaiméir deiridh de cheadanna gníomhacha agus ceadanna atá imithe in éag a thug sé roimhe seo

Riarthóir ceada

Custaiméir deiridh

I - Faisnéis faoi chead bunaithe

4.6

Cúlghairm an cheada a thruicearú (sainráite)

Cuireann an custaiméir deiridh in iúl don riarthóir ceada cén cead a chúlghairfear.

Custaiméir deiridh

Riarthóir ceada

I - Faisnéis faoi chead bunaithe

4.7

Athrú ar theidlíocht pointe méadraithe a fháil (intuigthe)

Mar thoradh ar chúiseanna seachtracha (mar shampla, bogadh amach), déantar teidlíocht custaiméara deiridh i leith pointe méadraithe a neamhbhailíochtú. Cuireann an riarthóir pointe méadraithe an riarthóir sonraí méadraithe ar an eolas faoi na himeachtaí sin.

Riarthóir pointe méadraithe

Riarthóir sonraí méadraithe

[ní bhaineann le hábhar]

4.8

Fógra a thabhairt don riarthóir ceada

Cuireann riarthóir sonraí méadraithe in iúl don riarthóir ceada gur gá gach cead don phointe méadraithe a chúlghairm.

Riarthóir sonraí méadraithe

Riarthóir ceada

I - Faisnéis faoi chead bunaithe

4.9

Fógra a thabhairt do riarthóir sonraí méadraithe

Cuireann an riarthóir ceada an riarthóir sonraí méadraithe ar an eolas faoin gcúlghairm.

Riarthóir ceada

Riarthóir sonraí méadraithe

I - Faisnéis faoi chead bunaithe

4.10

Deireadh a chur le comhroinnt sonraí

Ní ceadmhach don riarthóir sonraí méadraithe sonraí a aistriú faoi raon feidhme an cheada chúlghairthe a thuilleadh.

Riarthóir sonraí méadraithe

[ní bhaineann le hábhar]

[ní bhaineann le hábhar]

4.11

Fógra a thabhairt don pháirtí incháilithe

Ní mór don riarthóir ceada an páirtí incháilithe dá ndéantar difear a chur ar an eolas láithreach agus gan moill neamhriachtanach.

Riarthóir ceada

Páirtí incháilithe

I - Faisnéis faoi chead bunaithe

4.12

Cúramaí dheireadh an cheada a fhorghníomhú

Déanann an páirtí incháilithe na cúraimí uile is gá chun a fhreagrachtaí gaolmhara a chomhlíonadh láithreach agus gan moill mhíchuí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Páirtí incháilithe

[ní bhaineann le hábhar]

[ní bhaineann le hábhar]

4.13

Tabhair fógra don chustaiméir deiridh

Cuireann an riarthóir ceada an fhaisnéis ar fáil don chustaiméir deiridh gur cúlghaireadh an cead.

Riarthóir ceada

Custaiméir

I - Faisnéis faoi chead bunaithe

Image 4

Léaráid 4 - Nós imeachta um ‘Cúlghairm ceada ghníomhaigh ag an gcustaiméir deiridh’

Tábla III.5 –

Nós imeachta 5

Ainm an nós imeachta

Gníomhachtaigh sreabhadh sonraí atá gar d’fhíor-am ó mhéadar cliste nó ó chóras méadraithe chliste (i gcás inarb infheidhme)

Uimh. na Céime

Céim

Tuairisc ar an gcéim

Táirgeoir faisnéise

Glacadóir faisnéise

Faisnéis a mhalartaítear (IDanna)

5.1

An t-oibreoir méadair a shainaithint

Faigheann an custaiméir deiridh amach faisnéis teagmhála do pháirtí freagrach chun sreabhadh sonraí a ghníomhachtú.

Údarás inniúil

Custaiméir deiridh

[ní bhaineann le hábhar]

5.2

Iarrataí ó chustaiméirí deiridh sreabhadh sonraí atá gar d’fhíor-am a chasadh air

Seolann an custaiméir deiridh an fhaisnéis is gá chun sreabhadh sonraí a dhéanamh inrochtana chuig an oibreoir méadair.

Custaiméir deiridh

Oibreoir méadair

M - Iarraidh ar shreabhadh sonraí a ghníomhachtú

5.3

Dintiúir an mhéadair a sholáthar

Seolann an t-oibreoir méadair an fhaisnéis uile is gá chun sonraí a shreabhann as an méadar a ídiú agus/nó a dhíchriptiú chuig an gcustaiméir deiridh.

Oibreoir méadair

Custaiméir deiridh

N - Deimhniú gur gníomhachtaíodh sreabhadh sonraí

Image 5

Léaráid 5 - Nós imeachta um ‘Gníomhachtaigh sreabhadh sonraí atá gar d’fhíor-am ó mhéadar cliste nó ó chóras méadraithe chliste’

Tábla III.6 –

Nós imeachta 6

Ainm an nós imeachta

Léamh sonraí atá gar d’fhíor-am ó mhéadar cliste nó ó chóras méadraithe chliste

Uimh. na Céime

Céim

Tuairisc ar an gcéim

Táirgeoir faisnéise

Glacadóir faisnéise

Faisnéis a mhalartaítear (IDanna)

6.1

Córas tomhaltais sonraí atá gar d’fhíor-am a nascadh le méadar

Más infheidhme, nascann custaiméir deiridh córas tomhaltais sonraí atá gar d’fhíor-am le comhéadan atá gar d’fhíor-am agus soláthraíonn sé dintiúir nó deimhnithe mar a shainítear le nósanna imeachta náisiúnta.

Custaiméir deiridh

[ní bhaineann le hábhar]

[ní bhaineann le hábhar]

6.2

Sonraí a aistriú trí chomhéadan atá gar d’fhíor-am

Brúigh nó tarraing sonraí trí chomhéadan sonraí atá gar d’fhíor-am an mhéadair (áitiúil nó cianda).

Méadar cliste nó córas méadraithe chliste

Córas tomhaltais sonraí atá gar d’fhíor-am

O - Sonraí amha méadair

6.3

Sonraí a léirmhíniú

Déanann córas tomhaltais sonraí atá gar d’fhíor-am na sonraí a fuarthas sa chéim roimhe a phróiseáil. Más gá, déanann sé na sonraí a dhíchriptiú trí úsáid a bhaint as an sifear a chuir an t-oibreoir méadair ar fáil i gcéim 5.3. Moltar ag deireadh chéim 6.3, tréithe ábhar faisnéise P a bheith ar fáil i bhfoirm is féidir a úsáid go héasca sna próisis leantacha. Agus an chéim seo á mapáil, ní leor tagairt a dhéanamh do chaighdeán - ní mór tuairiscí ar na céimeanna riachtanacha go léir a sholáthar go huileghabhálach.

Nóta: Ní cuid den tsamhail tagartha seo úsáid, próiseáil nó aistriú breise sonraí méadair inphróiseáilte.

Córas tomhaltais sonraí atá gar d’fhíor-am

Córas tomhaltais sonraí atá gar d’fhíor-am

P - Sonraí méadair inphróiseáilte

Image 6

Léaráid 6 - Nós imeachta um ‘Léamh sonraí atá gar d’fhíor-am ó mhéadar cliste nó ó chóras méadraithe chliste’

Tábla IV —

Ábhair faisnéise a mhalartaítear

Faisnéis a mhalartaítear, ID

Ainm na faisnéise

Tuairisc ar an bhfaisnéis a mhalartaítear

A

Sainaitheantas an phointe méadraithe

Aitheantóir an phointe méadraithe

Aitheantóir uathúil don phointe méadraithe laistigh de spás sainaitheanta méadair an riarthóra sonraí méadraithe.

B

Sonraíocht sonraí méadraithe

Stampa ama thús an léimh

Tús an eatraimh ama a chumhdaítear leis an bpacáiste sonraí.

Stampa ama chríoch an léimh

Deireadh an eatraimh ama a chumhdaítear leis an bpacáiste sonraí.

Treo

Sreabhthreo arna mhéadrú ag an bpointe méadraithe. D’fhéadfadh táirgeadh amháin, tomhaltas nó cumasc den dá rud a bheith i gceist.

Táirge fuinnimh

Táirge fuinnimh arna thomhas de réir an phointe méadraithe (mar shampla, fuinneamh gníomhach, fuinneamh freasaitheach).

C

Iarraidh ar shonraí méadraithe

Aitheantóir an phointe méadraithe

Aitheantóir uathúil don phointe méadraithe laistigh de spás sainaitheanta méadair an riarthóra sonraí méadraithe.

Sonraíocht sonraí méadraithe

Ábhar faisnéise B - Sonraíocht sonraí méadraithe

D

Iarraidh ar fhaisnéis maidir le bailíochtú

Toradh an bhailíochtaithe

Faisnéis faoi thoradh na céime bailíochtaithe.

E

Sonraí stairiúla atá bailíochtaithe

Meiteashonraí

Aitheantóir an phointe méadraithe

Aitheantóir uathúil don phointe méadraithe laistigh de spás sainaitheanta méadair an riarthóra sonraí méadraithe.

Stampa ama an chruthaithe

Stampa ama maidir leis an uair a gineadh an pacáiste sonraí.

Táirge fuinnimh

Táirge fuinnimh arna thomhas de réir an phointe méadraithe (mar shampla, fuinneamh gníomhach, fuinneamh freasaitheach).

Stampa ama thús an léimh

Stampa ama thús na hamshraithe.

Stampa ama chríoch an léimh

Stampa ama chríoch na hamshraithe.

Aonad tomhais

An t-aonad tomhais inar luadh na cainníochtaí sa réimse ‘Cainníocht’.

Faisnéis faoin amshraith (uair in aghaidh an eatraimh sa léamh)

Stampa ama túis

Stampa ama túis an eatraimh.

Stampa ama críche

Stampa ama críche an eatraimh.

Treo

Sreabhthreo arna mhéadrú ag an bpointe méadraithe. D’fhéadfadh táirgeadh, tomhaltas nó cumasc den dá rud a bheith i gceist.

Cáilíocht an léimh

Léiriú ar cháilíocht léamh an eatraimh (mar shampla, ar bhonn an luach a bheith méadraithe nó measta).

Cainníocht

Méid a thomhlaítear nó a ghintear.

F

Sonraí stairiúla atá bailíochtaithe le faisnéis faoin gcustaiméir deiridh

Sonraí stairiúla atá bailíochtaithe

Ábhar faisnéise E - Sonraí stairiúla atá bailíochtaithe

Custaiméir deiridh

Faisnéis lenar féidir leis an bpáirtí incháilithe a fhíorú go bhfaigheann sé na sonraí don chustaiméir deiridh ceart.

G

Faisnéis réamhshocraithe maidir le cead

Páirtí incháilithe

Páirtí incháilithe ar tugadh an cead ina leith.

Aitheantóir an phointe méadraithe

Roghnach. Aitheantóir uathúil don phointe méadraithe laistigh de spás sainaitheanta méadair an riarthóra sonraí méadraithe.

Sonraíocht sonraí méadraithe

Ábhar faisnéise B - Sonraíocht sonraí méadraithe

Cuspóir

An cuspóir sonraithe, sainráite agus dlisteanach a bhfuil sé beartaithe ag an bpáirtí incháilithe na sonraí a phróiseáil ina leith. Maidir le sonraí neamhphearsanta, tá sé seo roghnach.

Sceideal tarchuir

I gcás sonraí amach anseo a chumhdaítear leis an gcead, ach nach bhfuil ar fáil tráth a bhunaítear an cead, tá na pacáistí sonraí tréimhsiúlachta — cathain agus cé chomh minic — le cur ar fáil i gcás inarb infheidhme.

Stampa ama theorainn an cheada

An stampa ama faoina gcaithfidh an páirtí incháilithe na sonraí a fuarthas a scriosadh, fiú mura gcomhlíontar an cuspóir próiseála faoin am sin.

H

Faisnéis bhunúsach maidir le cead

Custaiméir deiridh

An custaiméir deiridh a thug an cead.

Páirtí incháilithe

Páirtí incháilithe ar tugadh an cead ina leith.

Iarraidh ar shonraí méadraithe

Ábhar faisnéise C - Iarraidh ar shonraí méadraithe

Cuspóir

An cuspóir sonraithe, sainráite agus dlisteanach a bhfuil sonraí á bpróiseáil ina leith. Maidir le sonraí neamhphearsanta, tá sé seo roghnach.

Sceideal tarchuir

I gcás sonraí amach anseo a chumhdaítear leis an gcead, ach nach bhfuil ar fáil tráth a bhunaítear an cead, tá na pacáistí sonraí tréimhsiúlachta — cathain agus cé chomh minic — le cur ar fáil i gcás inarb infheidhme (mar shampla, i gcásanna malartaithe sonraí ina mbrúitear sonraí seachas iad a iarraidh).

Tréimhse uasta an cheada

An stampa ama ar ina dhiaidh a bheidh ar an bpáirtí incháilithe an cead a mheas mar chead a chuaigh in éag nó a cúlghaireadh, fiú mura gcomhlíontar an cuspóir próiseála faoin am sin.

I

Faisnéis faoi chead bunaithe

Aitheantóir ceada

Aitheantóir uathúil de chuid an cheada.

Stampa ama an chruthaithe

Stampa ama cruthaithe a cheangail an riarthóir ceada den chead.

Faisnéis bhunúsach maidir le cead

Ábhar faisnéise H - Faisnéis faoi chead

J

Fógra faoi fhoirceannadh seirbhíse

Aitheantóir ceada

Aitheantóir uathúil de chuid an cheada a thagraíonn d’ábhar faisnéise I - Faisnéis faoi chead bunaithe.

Stampa ama an fhoirceanta

Stampa ama ina léirítear an pointe ama nuair a mheasfaidh an páirtí incháilithe an tseirbhís a bheith foirceanta.

K

Mionsonraí na faisnéise maidir leis an gcead liostaithe

Mionsonraí an cheada

Tréithe an cheada mar a thuairiscítear in I — Faisnéis faoi chead bunaithe.

An chúis le deireadh an cheada

Mura bhfuil an cead gníomhach a thuilleadh, an fáth a measann an riarthóir ceada go bhfuil deireadh leis an gcead. Mar shampla, is féidir leis sin comhlíonadh cuspóra, baint amach stampa ama dheireadh an cheada, cúlghairm custaiméara deiridh nó foirceannadh ag an bpáirtí incháilithe a léiriú.

Stampa ama dheireadh an cheada

Mura bhfuil an cead gníomhach a thuilleadh, an stampa ama ón uair a mheasann an riarthóir ceada go bhfuil deireadh leis an gcead

L

Fógra faoi chúlghairm ó riarthóir ceada

Aitheantóir ceada

Aitheantóir uathúil de chuid an cheada a thagraíonn d’ábhar faisnéise I - Faisnéis faoi chead bunaithe.

Stampa ama dheireadh an cheada

Stampa ama don uair ba cheart a mheas go bhfuil an chúlghairm gníomhach.

M

Iarraidh ar shreabhadh sonraí a ghníomhachtú

Aitheantóir méadair

Aitheantóir le haghaidh an ghairis méadraithe nó an phointe méadraithe a éilíonn an t-oibreoir méadair chun an méadar ceart a shainaithint.

Faisnéis riachtanach eile

Liosta de na tréithe eile go léir a theastaíonn ón oibreoir méadar chun an sreabhadh sonraí a chumasú.

N

Deimhniú gur gníomhachtaíodh sreabhadh sonraí

Nascacht fhisiciúil

Faisnéis maidir le comhéadan fisiciúil an mhéadair agus conas gairis sheachtracha a nascadh.

Sifear

Sainordaitheach, má tá gá le sifear chun an sreabhadh faisnéise a dhíchriptiú.

Dintiúir

Sainordaitheach, má tá dintiúir ag teastáil chun rochtain a fháil ar chomhéadan an mhéadair chliste.

Faisnéis riachtanach eile

Liosta de na tréithe eile go léir a theastaíonn ón oibreoir méadar chun an sreabhadh sonraí a chumasú agus chun é a léirmhíniú go séimeantach.

O

Sonraí amha méadair

Pacáiste sonraí

Liosta tréithe sna sonraí amha a fuarthas. Má chuirtear tagairt do chaighdeán ar fáil anseo i mapáil na gcleachtas náisiúnta, ní mór an caighdeán sin a bheith ar fáil go poiblí i bhfoirm atá inrochtana go héasca nó saor in aisce. Seachas sin, ní mór gach eilimint den phacáiste sonraí sonrach a liostú agus a mhapáil.

P

Sonraí méadair inphróiseáilte

(méid íosta atá sna tréithe a dtugtar tuairisc orthu - féadfar míreanna sonraí eile a sholáthar agus a dhoiciméadú freisin má tá siad ar fáil i suíomhanna náisiúnta)

Stampa ama na sonraí méadraithe

Am na gabhála sonraí mar a mheas an méadar cliste nó an córas méadraithe chliste é.

Luach na cumhachta gníomhaí arna hallmhairiú

Cumhacht ghníomhach tosaigh mheandarach P+ (ina W)

Aonad tomhais na cumhachta gníomhaí arna hallmhairiú

-

Luach na cumhachta gníomhaí arna honnmhairiú

Cumhacht ghníomhach mheandarach droim ar ais P+ (ina W)

Aonad tomhais na cumhachta gníomhaí arna honnmhairiú

-

Fuinneamh gníomhach arna allmhairiú A+

Fuinneamh gníomhach tosaigh A+ (ina Wh)

Aonad tomhais an fhuinnimh ghníomhaigh arna allmhairiú A+

-

Fuinneamh gníomhach arna onnmhairiú

Fuinneamh gníomhach droim ar ais A- (ina Wh)

Aonad tomhais an fhuinnimh ghníomhaigh arna onnmhairiú

-


(1)  CEN/CLC/ETSI/TR 50572:2011 - ‘Ailtireacht tagartha fheidhmiúil le haghaidh cumarsáid i gcórais méadraithe chliste’, ag CEN/CLC/Grúpa Comhordaithe ETSI maidir le Méadair Chliste.

(2)  Samhail ar Phróiseas Gnólachta agus Nodaireacht 2.0: https://www.omg.org/spec/BPMN/2.0.2/PDF.


15.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 154/41


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1163 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meitheamh 2023

maidir le monaihidreaclóiríd L-Lisín agus sulfáit L-Lisín arna dtáirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 17927 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le monaihidreaclóiríd L = Lisín agus sulfáit L-Lisín arna dtáirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 17927 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(3)

Baineann an t-iarratas le monaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-lisín arna dtáirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 17927 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseáin atá le haicmiú sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’.

(4)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ina thuairim an 27 Meán Fómhair 2022 (2) nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag monaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-Lisín arna dtáirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 17927 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe.

(5)

Chinn an tÚdarás go meastar go bhfuil an-seans ann go nochtfar monaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-Lisín a tháirgtear le Corynebacterium glutamicum CGMCC 17927 trí ionanálú agus nach féidir leis, in éagmais sonraí, cinneadh a dhéanamh maidir le hacmhainneacht an dá bhreiseán a bheith ina ngreannaitheoir don chraiceann agus do na súile nó bheith ina n-íogróirí deirmeacha.

(6)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh na breiseáin a bheith éifeachtúil i gcás gach speicis ainmhíoch. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar na breiseáin bheathaithe arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(7)

Léirítear leis an measúnú ar mhonaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-Lisín arna dtáirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 17927 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substaintí sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí na mbreiseán a chosc.

(8)

I bhfianaise thuairim an Údaráis, ba cheart go n-ardófaí le lipéad na mbreiseán agus na réamh-mheascán feasacht gur cheart na haimíonaigéid uile atá riachtanach agus riachtanach go coinníollach chun míchothromaíochtaí a sheachaint a chur san áireamh san fhorlíonadh le L-lísín, go háirithe trí uisce óil. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart leibhéal uasta a bhunú le haghaidh sulfáit L-lísín mar gheall ar na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann ón gcion ard de shulfáit intreach sa bhreiseán. Measadh go raibh an leibhéal 10 000 mg/kg d’ábhar beatha iomlán sábháilte de réir thuairim an Údaráis an 16 Meitheamh 2015 (3) a eisíodh maidir le sulfáit L-lísín eile.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’, údaraítear iad mar bhreiseáin i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(10):7613.

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2015;13(7):4155


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse.

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus analóga

3c322IV

Monaihidreaclóiríd L-lísín

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Monaihidreaclóiríd L-lísín ina bhfuil íoschion L-lísín 78,8 % ar bhonn ábhair thirim agus uaschion taise 1 %

Foirm sholadach

Gach speiceas

-

 

 

1.

Sonrófar an cion lísín ar lipéadú an bhreiseáin

2.

Féadfar an breiseán a úsáid trí uisce óil.

3.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar na dálaí stórála, an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa agus an chobhsaíocht in uisce óil a shonrú.

4.

Ar lipéad an bhreiseáin agus an réamh-mheascáindéanfar an méid seo a leanas a shonrú: ‘Agus forlíonadh á dhéanamh leL-lísín, go háirithe in uisce óil, ba cheart na haimíonaigéid uile atá riachtanach agus riachtanach go coinníollach a chur san áireamh chun míchothromaíochtaí a sheachaint.’

5.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachta beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta análaithe, súl agus craicinn.

an 6 Iúil 2033

Tréithriú na substainte gníomhaí

Monaihidreaclóiríd L-lísín arna táirgeadh ag Corynebacterium glutamicum [CGMCC 17927]

Foirmle cheimiceach: C6H14N2O2

Uimhir CAS: 657-27-2

Modh anailíse  (1)

Maidir le monaihidreaclóiríd L-lísín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint: Codex na gCeimiceán Bia dar teideal ‘Monagraf monaihidreaclóiríde L-lísín’

Maidir le lísín a chainníochtú sna breiseáin agus i réamh-mheascáin bheathaithe (ina bhfuil níos mó ná 10 % lísín): – crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS/FLD) – EN ISO 17180

Maidir le lísín i réamh-mheascáin agus i mbeatha cumaisc a chainníochtú: – crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS), Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (Iarscríbhinn III, F)

Maidir le lísín in uisce a chainníochtú: – crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS/FLD); nó – crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS)


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse.

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus analóga

3c329

Sulfáit L-lísín

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Sulfáit L-lísín ina bhfuil íoschion L-lísín 55 % ar bhonn ábhair thirim agus uaschion de:

4 % de bhogthais;

26,5 % de shulfáit;

0,8 % aimínaigéid shaora seachas lísín

Foirm sholadach

Gach speiceas

-

-

10 000

1.

Sonrófar an cion lísín ar lipéadú an bhreiseáin.

2.

Féadfar an breiseán a úsáid trí uisce óil.

3.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar na dálaí stórála, an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa agus an chobhsaíocht in uisce óil a shonrú.

4.

Ar lipéad an bhreiseáin agus an réamh-mheascáindéanfar an méid seo a leanas a shonrú: ‘Agus forlíonadh á dhéanamh le sulfáit L-lísín, go háirithe in uisce óil, ba cheart na haimíonaigéid uile atá riachtanach agus riachtanach go coinníollach a chur san áireamh chun míchothromaíochtaí a sheachaint.’

5.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachta beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta análaithe, súl agus craicinn.

an 6 Iúil 2033

Tréithriú na substainte gníomhaí

Monaihidreaclóiríd L-lísín arna táirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC

17927

Foirmle cheimiceach: C12H28N4O4-O4S

Uimhir CAS: 60343-69-3

Modh anailíse  (2)

Maidir le sulfáit sa bhreiseán beathaithe (sulfáit L-lísín) a shainaithint: Monagraf in Pharmacopoeia Eorpach 20301

Maidir le lísín a chainníochtú sna breiseáin agus i réamh-mheascáin bheathaithe (ina bhfuil níos mó ná 10 % lísín): – crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS/FLD) – EN ISO 17180

Maidir le lísín i réamh-mheascáin agus i mbeatha cumaisc a chainníochtú: – crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS), Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (Iarscríbhinn III, F)

Maidir le lísín in uisce a chainníochtú: – crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS/FLD); nó – crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS)


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(2)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en


CINNTÍ

15.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 154/47


CINNEADH (CBES) 2023/1164 ón gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 13 Meitheamh 2023

maidir le Ceann Misin Mhisean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (*1) a cheapadh (EULEX KOSOVO) (EULEX KOSOVO/1/2023)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle an 4 Feabhra 2008 maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, EULEX KOSOVO (1), agus go háirithe Airteagal 12(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 12(2) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES, údaraítear don Choiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh.

(2)

An 5 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1095 (2), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES agus lena gcuirtear síneadh le sainordú EULEX KOSOVO go dtí an 14 Meitheamh 2025.

(3)

An 10 Bealtaine 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/734 (3), lena gceaptar Lars-Gunnar WIGEMARK ina Cheann Misin ar EULEX KOSOVO don tréimhse ón 15 Meitheamh 2022 go dtí an 14 Meitheamh 2023.

(4)

Mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála síneadh a chur le sainordú Lars-Gunnar WIGEMARK mar Cheann Misin EULEX KOSOVO go dtí 25 Meitheamh agus Giovanni Pietro BARBANO a cheapadh ina Cheann Misin ar EULEX KOSOVO ón 26 Meitheamh 2023 go dtí 14 Meitheamh 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Lars-Gunnar Wigemark mar Cheann Misin ar Mhisean Smachta Reatha an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO) don tréimhse ón 15 Meitheamh 2023 go dtí 25 Meitheamh 2023.

Airteagal 2

Leis seo, ceaptar Giovanni Pietro BARBANO ina Cheann Misin ar Mhisean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO) ón 26 Meitheamh 2023 go dtí an 14 Meitheamh 2025.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(*1)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/ 1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  IO L 42, 16.2.2008, lch. 92.

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/1095 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, EULEX KOSOVO (IO L 146, 6.6.2023, lch. 22).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/734 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 10 Bealtaine 2022 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO) (IO L 136, 13.05.2022, lch. 104).


Ceartúcháin

15.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 154/49


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 231 an 30 Meitheamh 2021 )

Ar leathanach 135, Airteagal 49, mír 4

in ionad:

‘4.

Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis iniúchóireachta ar na cláir Interreg lena mbaineann ar an eolas in am trátha faoin sampla coiteann arna roghnú chun deis a thabhairt do na húdaráis sin na hiniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí, i gcoitinne, faoin 1 Meán Fómhair tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta.’,

léitear:

‘4.

Faoin 1 Meán Fómhair tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta, mar riail ghinearálta, cuirfidh an Coimisiún na húdaráis iniúchóireachta ar na cláir Interreg lena mbaineann ar an eolas in am trátha faoin sampla coiteann arna roghnú chun deis a thabhairt do na húdaráis sin na hiniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí.’.

15.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 154/50


Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2023/142 ón gComhairle an 17 Eanáir 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a mhéid a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus inniúil chun feidhmiú mar shaineolaithe a bhunú, agus le rialacha nós imeachta an phainéil saineolaithe a ghlacadh

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 19 an 20 Eanáir 2023 )

Ar leathanach 136, teideal,

in ionad:

‘DRÉACHT-

CINNEADH Uimh. .../2022 ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL AGUS UM FHORBAIRT INBHUANAITHE FAOIN gCOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA EACNAMAÍCHE IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN tSEAPÁIN

an …

a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar shaineolaithe a bhunú, agus le rialacha nós imeachta don phainéal saineolaithe a ghlacadh’,

léitear:

‘DRÉACHT-

CINNEADH Uimh. .../2023 ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL AGUS UM FHORBAIRT INBHUANAITHE FAOIN gCOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA EACNAMAÍCHE IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN tSEAPÁIN

an …

a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar shaineolaithe a bhunú, agus le rialacha nós imeachta don phainéal saineolaithe a ghlacadh’.


15.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 154/51


Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/860 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht, an dearbhú bainistíochta, an comhlacht comhordúcháin, an comhlacht deimhniúcháin, agus forálacha áirithe i ndáil le CERT agus CETFT

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh IO L 111 an 26 Aibreán 2023 )

Ar leathanach 25, Airteagal 2, pointe 4, a chuirtear in ionad Airteagal 64, an dara mír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128:

in ionad:

‘(a)

Airteagal 2, Airteagal 3(1), an chéad fhomhír (2), Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 7, Airteagail 21 go 25, Airteagal 27, Airteagal 28, Airteagal 29, Airteagal 30(1), pointí (a), (b), (c), Airteagal 30(2), (3) agus (4), Airteagail 31 go 40 agus Airteagail 42 go 47 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu:’

léitear:

‘(a)

Airteagal 2, Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, Airteagal 3(2), Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 7, Airteagail 21 to 25, Airteagal 27, Airteagal 28, Airteagal 29, Airteagal 30(1), pointí (a), (b) agus (c), Airteagal 30(2), (3) agus (4), Airteagail 31 go 40 agus Airteagail 42 go 47 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu:’.

Ar leathanach 28, san Iarscríbhinn, sa cheartúchán ar Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, i dteideal Iarscríbhinn VIII:

in ionad:

FAISNÉIS CHUN CRÍCHE TRÉDHEARCACHTA DE BHUN AIRTEAGAL 58

léitear:

‘FAISNÉIS CHUN CRÍOCH TRÉDHEARCACHTA DE BHUN AIRTEAGAL 58 4’.

Ar leathanach 28, san Iarscríbhinn, sa cheartúchán ar Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, i bhfonóta 3 d’Iarscríbhinn VIII:

in ionad:

3

An fhaisnéis maidir le dáta tosaigh na gcineálacha idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha, na gcineálacha idirghabhálacha le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe maidir le srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar agus maidir le míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar agus na mbeart faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 agus (AE) Uimh. 229/2013, níl sí ábhartha toisc go ndéantar na bearta agus na cineálacha oibríochtaí idirghabhála sin go bliantúil.

Chun an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú:

(a)

caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i ndáil leis an mbliain féilire 2022 agus roimhe sin;

(b)

le haghaidh bearta arna gcur chun feidhme faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh 1144/2014 go dtí an 31 Nollaig 2022;

(c)

le haghaidh na scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, pointe (c), agus in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tar éis an 31 Nollaig 2022 agus go dtí deireadh na scéimeanna cabhrach sin; agus

(d)

íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta i gcreat cur chun feidhme clár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

ní fhoilseofar sa tábla seo ach an fhaisnéis arna forordú in Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, fágfar na colúin eile bán nó marcálfar iad le N/A.’.

léitear:

3

An fhaisnéis maidir le dáta tosaigh na gcineálacha idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha, na gcineálacha idirghabhálacha le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe maidir le srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar agus maidir le míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar agus na mbeart faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 agus (AE) Uimh. 229/2013, níl sí ábhartha toisc go ndéantar na bearta agus na cineálacha oibríochtaí idirghabhála sin go bliantúil.

4

Chun an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú:

(a)

caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i ndáil leis an mbliain féilire 2022 agus roimhe sin;

(b)

le haghaidh bearta arna gcur chun feidhme faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1144/2014 go dtí an 31 Nollaig 2022;

(c)

le haghaidh na scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, pointe (c), agus in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2021/2117 maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tar éis an 31 Nollaig 2022 agus go dtí deireadh na scéimeanna cabhrach sin; agus

(d)

íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta i gcreat cur chun feidhme clár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

ní fhoilseofar sa tábla seo ach an fhaisnéis arna forordú in Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, fágfar na colúin eile bán nó marcálfar iad le N/B.’.

Ar leathanach 37, san Iarscríbhinn, sa cheartúchán ar Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, maidir leis an roinn ‘Na bearta dá bhforáiltear i dTeideal III, Caibidil I, de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013’, pointe VI.5, an cúigiú sraith, an tríú colún den tábla:

in ionad:

‘Is é is aidhm don bheart seo feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil gabháltas talmhaíochta agus fiontar tuaithe a fheabhsú, éifeachtúlacht earnálacha margaíochta agus próiseála na dtáirgí talmhaíochta a fheabhsú, bonneagar a bhfuil gá leis le haghaidh fhorbairt na talmhaíochta agus na foraoiseachta a chur ar fáil agus tacú le hinfheistíochtaí neamhthuillmheacha is gá chun aidhmeanna comhshaoil a bhaint amach.’,

léitear:

‘Is é is aidhm don bheart seo cabhrú le feirmeoirí tubaistí nádúrtha agus teagmhais thurraingeacha a chosc nó acmhainneacht talmhaíochta, a ndearnadh damáiste di, a athbhunú, tar éis a aitheanta sin go foirmiúil d’údaráis phoiblí inniúla na mBallstát, chun cabhrú le hinmharthanacht agus iomaíochas na feirme in aghaidh teagmhais den sórt sin.’.