ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 146

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
6 Meitheamh 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2023/1089 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1090 ón gCoimisiún an 24 January 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe de bhearta caomhnaithe agus forfheidhmithe Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO)

3

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1091 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2023 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil APESIN alcogel i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

7

 

*

Rialachán (AE) 2023/1092 ón mBanc Ceannais Eorpach an 25 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 maidir le cumhachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur (BCE/1994/4) (BCE/2023/13)

15

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1093 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na Cóiré le haghaidh Comhaontaithe maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht Phoblacht na Cóiré i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas Phoblacht na Cóiré le Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027)

18

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1094 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

20

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/1095 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, EULEX KOSOVO

22

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1096 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bailiú agus nuashonrú tráthrialta sonraí maidir le tionóiscí a bhaineann le húsáid earraí piriteicniúla ( 1 )

24

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1097 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2023 gan ciainimíd a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 3 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

27

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

6.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 146/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1089 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)

An 5 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1094 (3), lenar leasaíodh ceann de na critéir maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostú, é chun mórdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa Rúis agus a ngarghaolta, nó daoine nádúrtha eile, a mbaineann tairbhe astu, chomh maith le daoine gnó, daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a chuireann foinse mór ioncaim ar fáil do Rialtas Cónaidhm na Rúise a chur san áireamh.

(3)

Tagann an leasú sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomh rialála ar leibhéal an Aontais chun é a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach é sna Ballstáit uile.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1), pointe (g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 :

‘(g)

príomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa Rúis agus a ngarghaolta, nó daoine nádúrtha eile, a mbaineann tairbhe astu, nó príomhdhaoine gnó, príomhdhaoine dlítheanacha, príomheintitis nó príomhchomhlachtaí a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, Rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine; nó’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).

(3)  Féach leathanach 20. den Iris Oifigiúil.


6.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 146/3


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1090 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 January 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe de bhearta caomhnaithe agus forfheidhmithe Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 50(1) agus (2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is páirtí é an tAontas sa Choinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (Coinbhinsiún NAFO), arna fhormheas le Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle (2).

(2)

Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/833 chun bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 ón gCoimisiún (3) forlíonadh Rialachán (AE) 2019/833 le roinnt bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe de chuid NAFO.

(4)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/989 ón gCoimisiún (4) leasaíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 le bearta NAFO a glacadh ag a chruinniú bliantúil in 2019.

(5)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/860 ón gCoimisiún (5) leasaíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 le bearta NAFO a glacadh ag a chruinniú bliantúil in 2020.

(6)

Le Rialachán (AE) 2021/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) leasaíodh Rialachán (AE) 2019/833 le bearta NAFO a glacadh ag a chruinnithe bliantúla in 2019 agus 2020.

(7)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1281 ón gCoimisiún (7) leasaíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 le bearta NAFO a glacadh ag a chruinniú bliantúil in 2021.

(8)

Le Rialachán (AE) 2022/2037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) leasaíodh Rialachán (AE) 2019/83 le bearta NAFO a glacadh ag a chruinniú bliantúil in 2021.

(9)

Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige i mí Mheán Fómhair 2022, leasaigh NAFO a bhearta caomhnaithe agus forfheidhmithe le nuashonruithe ar shrianta ar shoithí taighde, bearta rialaithe maidir le gabhálacha trosc a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó Roinn 3M, agus scrios sé forálacha a bhaineann le tuairisciú ar chláir breathnóirí, agus cuireadh crostagairt isteach sa logleabhar iascaireachta.

(10)

Ba cheart na hathruithe sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais freisin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/833 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Rialachán (AE) 2019/833 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 4(1), cuirtear isteach na pointí (c) agus (d) seo a leanas:

“(c)

troisc a ghabháil ó Roinn 3M, ar mó a méid ná 15 thona de ghabhálacha an Aontais i mbliain féilire amháin. Má sháraíonn gabháil an tsoithigh taighde an méid sin, déanfar an farasbarr a chomhaireamh in aghaidh an leithdháilte ar Bhallstát brataí an tsoithigh. Thairis sin, má tá an leithdháileadh ar an mBallstát maidir le troisc ó Roinn 3M ídithe, ní thabharfaidh an Ballstát sin údarú dá shoithí tuilleadh gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh. Aon ghníomhaíocht taighde atá ar siúl, cuirfidh an Ballstát brataí stop léi a luaithe a ghabhfaidh an tAontas 15 thona; nó

(d)

séaclaí a ghabháil ó Roinn 3M, ar mó a méid ná 10 dtona de ghabhálacha an Aontais i mbliain féilire amháin. Cuirfidh an Ballstát ábhartha stop le gníomhaíochtaí taighde ar shéaclaí ó Roinn 3M a luaithe a ghabhfaidh an tAontas 10 dtona.”

(2)

In Airteagal 4, scriostar mír 1a.

(3)

In Airteagal 9a, pointe (1)(c), cuirtear isteach an abairt seo a leanas:

“Déanfar cigireachtaí ar thabhairt i dtír nó ar thrasloingsiú ag ráta mar a leanas:

(i)

50 % ar a laghad i gcás inar lú ná 6 000 tona i ndeiseanna iascaireachta cuóta iomlán NAFO le haghaidh trosc i Roinn 3M, agus

(ii)

25 % ar a laghad i gcás ina mbíonn cuóta iomlán NAFO le haghaidh trosc I Roinn 3M idir 6 000 agus 12 000 tona i ndeiseanna iascaireachta.”

(4)

In Airteagal 27(7), scriostar pointe (a).

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 3ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 141, 28.5.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle an 28 Nollaig 1978 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 378, 30.12.1978, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 34, 6.2.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/989 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe de bhearta caomhnaithe agus forfheidhmithe Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO), agus le hIarscríbhinní a ghabhann leis na bearta sin (IO L 221, 10.7.2020, lch. 5).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/860 ón gCoimisiún an 23 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn a ghabhann le bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) (IO L 190, 31.5.2021 lch. 19).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 274, 30.7.2021, lch. 32).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1281 ón gCoimisiún an 4 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe de bhearta caomhnaithe agus forfheidhmithe Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO), agus le hIarscríbhinní a ghabhann leis na bearta sin (IO L 195, 22.7.2022, lch. 21).

(8)  Rialachán (AE) 2022/2037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 275, 25.10.2022, lch. 11).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124, pointe (30), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an 15ú fleasc:

“‘(15)

An ndearnadh tarraingt thrialach i gcomhréir le hAirteagal 6.6(b)(iii) nó le hAirteagal 6.10 de na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe? (Rinneadh/Ní dhearnadh)’”


6.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 146/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1091 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Meitheamh 2023

lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘APESIN alcogel’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Aibreán 2019, chuir Tana-Chemie GmbH iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún (2) maidir le húdarú Aontais an táirge bhithicídigh shingil chéanna, dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013, ar a dtugtar ‘APESIN alcogel’, de chineál táirge 1, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Taifeadadh an t-iarratas faoi chás-uimhir BC-TV051115-15 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha (‘an Clár’). Sonraíodh san iarratas freisin uimhir iarratais na fine táirgí bithicídeacha tagartha gaolmhaire, mar atá ‘Knieler & Team Propanol Family’, arna taifeadadh sa Chlár faoi chás-uimhir BC-AQ050985-22.

(2)

Is iad própán-1-ól agus própán-2-ól na substaintí gníomhacha atá in ‘APESIN alcogel’, ar substaintí iad a áirítear ar liosta an Aontais de na substaintí gníomhacha formheasta le haghaidh chineál táirgí 1 dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

An 8 Nollaig 2021, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (3) faoi bhráid an Choimisiúin mar aon leis an dréacht-achoimre ar shaintréithe na dtáirgí bithicídeacha le haghaidh ‘APESIN alcogel’ i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013.

(4)

Is é conclúid na tuairime go bhfuil na difríochtaí atá beartaithe idir an táirge bithicídeach singil céanna agus an táirge bithicídeach tagartha gaolmhar teoranta d’fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athrú riaracháin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (4), agus bunaithe ar mheasúnú na fine táirgí bithicídeacha tagartha gaolmhaire, mar atá ‘Knieler & Team Propanol Family’ agus faoi réir an dréacht-achoimre ar shaintréithe na dtáirgí bithicídeacha a chomhlíonadh, go gcomhlíonann an táirge bithicídeach singil céanna na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5)

An 20 Deireadh Fómhair 2022, rinne an Ghníomhaireacht an dréacht-achoimre ar shaintréithe na dtáirgí bithicídeacha a tharchur chuig an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Comhaontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé, dá bhrí sin, gurb iomchuí údarú Aontais a dheonú le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil chéanna ‘APESIN alcogel’.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear údarú Aontais a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0027672-0000 aige do Tana-Chemie GmbH chun an táirge bithicídeach singil céanna ‘APESIN alcogel’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe na dtáirgí bithicídeacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Tá údarú an Aontais bailí ón 26 Meitheamh 2023 go dtí an 31 Iúil 2032.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2013 lena sonraítear nós imeachta maidir le húdarú na dtáirgí bithicídeacha céanna i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 125, 7.5.2013, lch. 4).

(3)  Tuairim ó ECHA maidir le ‘APESIN alcogel’ an 8 Nollaig 2021, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe ar tháirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4).


IARSCRÍBHINN

Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach

APESIN alcogel

Cineál táirge 1 - Sláinteachas an duine (Dífhabhtáin)

Uimhir an údaraithe: EU-0027672-0000

Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0027672-0000

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Trádainm (nó trádainmneacha) an táirge

Trádainm (nó trádainmneacha)

APESIN alcogel APESIN alcogel F

1.2.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

tana-Chemie GmbH

Seoladh

Rheinallee 96, 55120 Mainz An Ghearmáin

Uimhir an údaraithe

EU-0027672-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

EU-0027672-0000

Dáta an údaraithe

26 Meitheamh 2023

Dáta éaga an údaraithe

31 Iúíl 2032

1.3.   Déantóir (nó déantóirí) an táirge

Ainm an déantóra

tana-Chemie GmbH

Seoladh an déantóra

Rheinallee 96, 55120 Mainz An Ghearmáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Werner & Mertz GmbH & Co KG, Neualmerstr. 13, 5400 Hallein An Ostair

Werner & Mertz GmbH, Rheinallee 96, 55120 Mainz An Ghearmáin

1.4.   Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

Propan-1-ol

Ainm an déantóra

OQ Chemicals GmbH (formerly Oxea GmbH)

Seoladh an déantóra

Rheinpromenade 4a, 40789 Monheim am Rhein An Ghearmáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

OQ Chemicals Corperation (formerly Oxea Coperation), 2001 FM 3057 TX, 77414 Bay City Stáit Aontaithe Mheiriceá


Substaint ghníomhach

Propan-1-ol

Ainm an déantóra

BASF SE

Seoladh an déantóra

Carl-Bosch-Str. 38, 67056 Ludwigshafen An Ghearmáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

BASF SE, Carl-Bosch-Str. 38, 67056 Ludwigshafen An Ghearmáin


Substaint ghníomhach

Propan-1-ol

Ainm an déantóra

SASOL Chemie GmbH & Co. KG

Seoladh an déantóra

Secunda Chemical Operations, Sasol Place, 50 Katherine Street, 2090 Sandton An Afraic Theas

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Secunda Chemical Operations, PDP Kruger Street, 2302 Secunda An Afraic Theas


Substaint ghníomhach

Propan-2-ol

Ainm an déantóra

INEOS Solvent Germany GmbH

Seoladh an déantóra

Römerstrasse 733, 47443 Moers An Ghearmáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

INEOS Solvent Germany GmbH, Römerstrasse 733, 47443 Moers An Ghearmáin

INEOS Solvent Germany GmbH, Shamrockstrasse 88, 44623 Herne An Ghearmáin

2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Propan-1-ol

 

Substaint Ghníomhach

71-23-8

200-746-9

30,0

Propan-2-ol

 

Substaint Ghníomhach

67-63-0

200-661-7

45,0

2.2.   Cineál foirmlithe

AL - Aon leacht eile

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM

Ráitis ghuaise

Leacht agus gal an-inlasta.

Ina chúis le damáiste tromchúiseach don tsúil.

D’fhéadfadh a bheith ina chúis le codlatacht nó meadhrán.

D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le tirimeacht chraicinn nó le scoilteadh craicinn.

Ráitis réamhchúraim

Coimeád amach ó theas, dromchlaí te, spréacha, lasracha oscailte agus foinsí adhainte eile. - Cosc ar thobac.

Coinnigh an coimeádán dúnta go docht.

Seachain análú gala.

Ná húsáid ach taobh amuigh nó i limistéar dea-aeráilte.

MÁ IONANÁLAÍTEAR:Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach.

MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE SÚILE:Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad.Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

Glaoigh láithreach ar LÁRIONAD NIMHIÚCHAIN nó dochtúir/lia.

Stóráil in áit atá aeráilte go maith.Coinnigh fionnuar.

Stóráil faoi ghlas.

Diúscair coimeádán chuig pointe bailithe dramhaíola údaraithe.

4.   ÚSÁID (NÓ ÚSÁIDÍ) ÚDARAITHE

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1. Úsáid # 1 – glóthach sláinteachais lámh

An cineál táirge

PT01 - Sláinteachas an duine (Dífhabhtáin)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

neamhbhainteach.

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Mycobacteria bacilli

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Víris imchlúdaithe

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

ospidéil agus institiúidí cúraim sláinte eile amhail otharcharranna, lialanna, tithe altranais (lena n-áirítear cúram baile na n-othar)

ceaintíní ospidéil, cistiní móra, tionscail chógaisíochta, láithreáin táirgeachta agus saotharlanna: leacht láimhe sláinteachais ar lámha ar léir iad a bheith glan agus tirim.

le haghaidh úsáid ghairmiúil amháin.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Feidhmiú de láimh

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

cuimilt

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: Dáileog: 3 ml ar a laghad (bain úsáid as dáileoirí: mar shampla socraithe go 1,5 ml in aghaidh an bhuille, 2 bhuille in aghaidh 3 ml) Am teagmhála: 30 soic.

Airí caolaithe: Réidh le táirge a úsáid

Airí uainithe:

Níl aon srian ar líon agus uainiú na bhforchur. Ní gá aon eatraimh sábháilteachta a mheas idir na céimeanna forchuir.

Féadfar an táirge a úsáid am ar bith agus chomh minic agus is gá.

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Tionsclaíoch

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

100, 125, 500, 1 000 ml i mbuidéil thrédhearcacha/bhána poileitiléin ard-dlúis (HDPE) le caipíní smeacha polapróipiléin (PP);

Ceanastar trédhearcach/bán HDPE 5 000 ml le scriúchaidhp HDPE.

500 agus 1 000 ml i mbuidéal éadrom trédhearcach HDPE le caidéal comhtháite PP.

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Is féidir na táirgí a chur i bhfeidhm go díreach nó is féidir na táirgí a úsáid i ndáileoir nó le caidéal.

Le haghaidh leacht lámh sláinteachais bain úsáid as 3 ml den táirge agus coinnigh na lámha fliuch ar feadh 30 soicind.

Ná hathlíon.

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.2.   Tuairisc úsáide

Tábla 2. Úsáid # 2 – glóthach láimhe máinliachta

An cineál táirge

PT01 - Sláinteachas an duine (Dífhabhtáin)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

neamhbhainteach.

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Mycobacteria bacilli

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Víris imchlúdaithe

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

Is féidir an táirge a úsáid mar leacht láimhe máinliachta in ospidéil agus in institiúidí cúraim sláinte eile: leacht láimhe máinliachta ar lámha agus ar rítheacha ar léir iad a bheith glan agus tirim.

Le haghaidh úsáid ghairmiúil amháin.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Feidhmiú de láimh

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

cuimilt

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: Dáileog: Cuimil méid leordhóthanach i gcodanna de 3 ml (bain úsáid as dáileoirí: mar shampla socraithe go 1,5 ml in aghaidh an bhuille, 2 bhuille in aghaidh 3 ml). Am teagmhála: 90 soic.

Airí caolaithe: Réidh le táirge a úsáid

Airí uainithe:

Níl aon srian ar líon agus uainiú na bhforchur. Ní gá aon eatraimh sábháilteachta a mheas idir na céimeanna forchuir.

Féadfar an táirge a úsáid am ar bith agus chomh minic agus is gá.

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

100, 125, 500, 1 000 ml i mbuidéil thrédhearcacha/bhána poileitiléin ard-dlúis (HDPE) le caipíní smeacha polapróipiléin (PP);

Ceanastar trédhearcach/bán HDPE 5 000 ml le scriúchaidhp HDPE.

500 agus 1 000 ml i mbuidéal éadrom trédhearcach HDPE le caidéal comhtháite PP.

4.2.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Is féidir na táirgí a chur i bhfeidhm go díreach nó is féidir na táirgí a úsáid i ndáileoir nó le caidéal.

Le haghaidh leacht láimhe máinliachta bain úsáid as 3 ml den táirge, a oiread acu agus is gá chun na lámha a choinneáil fliuch ar feadh 90 soicind.

Ná athlíon.

4.2.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.2.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.2.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

4.2.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach treoracha ginearálta maidir a úsáid.

5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)

5.1.   Treoracha úsáide

Le haghaidh úsáid ghairmiúil amháin.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Coinnigh as rochtain leanaí.

Seachain teagmháil leis na súile.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Bearta garchabhrach ginearálta: Bog an duine atá buailte amach ón limistéar éillithe. Aimsigh comhairle/aire leighis má bhraitheann tú tinn. Taispeáin an bhileog seo más féidir.

MÁ IONANÁLAÍTEAR É: Bog go haer úr agus fan ar do shuaimhneas i riocht compordach le haghaidh análaithe. Cuir glaoch ar LÁRIONAD NIMHIÚCHAIN nó ar dhochtúir.

MÁ BHAINEANN SÉ LEIS AN gCRAICEANN: Nigh an craiceann láithreach le neart uisce. Ina dhiaidh sin bain díot na héadaí éillithe ar fad agus nigh iad sula n-athúsáidtear iad. Lean ort ag níochán an chraicinn le huisce ar feadh 15 nóiméad. Cuir glaoch ar LÁRIONAD NIMHIÚCHAIN nó ar dhochtúir.

MÁ BHÍONN SÉ SNA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh cúpla nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad ann agus furasta a dhéanamh. Lean ar aghaidh á sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh míochaine a fháil.

Faisnéis do Phearsanra Cúraim Sláinte/dochtúir: Ba chóir na súile a shruthlú arís agus arís eile ar an mbealach chuig an dochtúir má tá nochtadh súl ann do cheimiceáin alcaileacha (pH> 11), aimíní agus aigéid cosúil le haigéad aicéiteach, aigéad formach nó aigéad próipianach.

MÁ` SHLOGTAR É: Sruthlaigh amach an béal láithreach. Tabhair rud éigin le hól don duine, má tá an duine a bhí nochta dó in ann slogadh. NÁ spreag aiseag. Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh míochaine a fháil.

Bearta scaoilte de thaisme:

 

Stop an sceitheadh má tá sé sábháilte déanamh amhlaidh. Bain amach foinsí adhainte. Bain úsáid as cúram speisialta chun luchtanna leictreacha statacha a sheachaint. Ní cheadaítear lasracha oscailte. Ná caitear tobac.

 

Cosc ar iontráil chuig séaraigh agus uiscí poiblí.

 

Cuimil le hábhar ionsúiteach (éadach mar shampla). Maothaigh doirteadh le solaid támhacha, amhail cré nó cré dhiatómúil a luaithe is féidir. Tóg suas go meicniúil (scuabadh, sluaisteáil). Déan é a dhiúscairt de réir na rialachán áitiúil ábhartha.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Caithfear diúscairt a dhéanamh de réir na rialachán oifigiúil. Ná folmhaigh isteach i ndraenacha. Ná faigh réidh le dramhaíl tí. Déan an t-ábhar/an coimeádán a dhiúscairt ag pointe bailithe dramhaíola údaraithe. Folmhaigh an phacáistíocht go hiomlán sula ndéantar í a dhiúscairt. Nuair a bhíonn siad folamh go hiomlán, bíonn coimeádáin in-athchúrsáilte cosúil le haon phacáisíocht eile.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Seilfré 24 mí

Déan iad a stóráil i limistéar atá tirim, fionnuar, dea-aeráilte. Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Coinnigh amach as solas díreach.

Teocht stórála molta: 0-30°C

Ná stóráil ag teochtaí faoi bhun 0°C

Ná stóráil in aice le bia, deoch ná ábhar beatha ainmhithe. Coinnigh ar shiúl ó ábhar indóite.

6.   FAISNÉIS EILE


(1)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe.


6.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 146/15


RIALACHÁN (AE) 2023/1092 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 25 Bealtaine 2023

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 maidir le cumhachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur (BCE/1994/4) (BCE/2023/13)

TÁ COMHLAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 132 de,

Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 19.1 agus 34.3 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cumhachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart pionóis arna bhforchur ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) as oibleagáidí a eascraíonn as rialacháin nó cinntí BCE a shárú a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Chun éifeachtacht agus éifeacht athchomhairleach a chumhachtaí smachtbhannaí a fhorchur a fheabhsú tuilleadh, agus ar mhaithe le comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart do BCE cinneadh chun smachtbhanna nó faisnéis a bhaineann leis a fhorchur a fhoilsiú mar riail réamhshocraithe. Áirithítear leis sin go mbeidh feidhmiú chumhacht smachtbhannaí BCE níos éifeachtaí chun gníomhú mar bhac ar na gnóthais is gá chun oibleagáidí a eascraíonn as rialacháin nó cinntí BCE a chomhlíonadh, rud a fheabhsaíonn éifeacht athchomhairleach smachtbhanna airgid.

(2)

Treisíonn foilsiú na smachtbhannaí trédhearcacht na cinnteoireachta agus cuntasacht BCE agus iad á bhforchur, lena n-áirítear trí chead a thabhairt comparáid a dhéanamh idir na smachtbhannaí a fhorchuirtear ar ghnóthais éagsúla. Dá bhrí sin, téann foilsiú smachtbhannaí chun tairbhe do na gnóthais a gceanglaítear orthu oibleagáidí a eascraíonn as rialacháin nó cinntí BCE a chomhlíonadh trí chóir chóir agus chothromasach a chur chun cinn. Ina theannta sin, áirithítear le foilsiú an mhéid sin gur féidir a fhíorú nach n-imíonn na smachtbhannaí gan údar óna chéile, rud a neartaíonn prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus a ráthaíonn cothrom iomaíochta.

(3)

Tá foilsiú smachtbhannaí arna bhforchur ag BCE i réimse a chúraimí baincéireachta ceannais comhsheasmhach leis an gcóras is infheidhme maidir le smachtbhannaí arna bhforchur i réimse na maoirseachta, ina bhfoilsítear na smachtbhannaí uile (2) mura bhfuil feidhm ag eisceachtaí sonracha. Spreagann breithnithe maidir le prionsabal na comhsheasmhachta foilsiú smachtbhannaí i ndáil le cúraimí uile BCE, toisc go bhfuil réasúnaíocht chomhchosúil le foilsiú. Fónann foilsiú smachtbhannaí, ar thaobh amháin, mar chomhartha don mhargadh agus, i gcásanna áirithe, do chontrapháirtithe ionchasacha an eintitis faoi smachtbhannaí. Ar an taobh eile, cuireann an phoiblíocht le héifeacht athchomhairleach an smachtbhanna.

(4)

Le foilsiú smachtbhannaí, treisítear infheictheacht an fhorfheidhmithe éifeachtúil, agus cothaítear muinín an phobail in BCE, agus in institiúidí an Aontais i gcoitinne.

(5)

I bhfianaise ghnéithe sonracha na margaí airgeadais, ba cheart foilsiú sonraí smachtbhanna a bheith faoi réir eisceachtaí atá sainithe go cúramach, chun leasanna margaidh, slándála agus gnó a bhfuil údar maith leo a chur san áireamh. Go háirithe, dá gcuirfeadh foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó an chórais airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá ar siúl i mbaol nó dá ndéanfaí damáiste díréireach don ghnóthas lena mbaineann, ba cheart mionsonraí smachtbhanna a fhoilsiú ar bhonn anaithnid nó a chur siar i gcás inar dócha go dtiocfaidh deireadh leis na himthosca sin laistigh de thréimhse réasúnach ama. Léirítear leis sin prionsabal na comhréireachta is infheidhme go ginearálta. Ar deireadh, ba cheart eisceacht ann ina mbeadh foilsiú faisnéise rúnda mar thoradh ar fhoilsiú, agus measann BCE nach bhféadfaí maolú a dhéanamh ar an méid a chuirfeadh leasanna dlisteanacha an phobail sa tslándáil i mbaol nach bhféadfaí iad a mhaolú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i réimse na nótaí bainc agus i maoirseacht ar chórais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo.

(6)

I gcomhréir leis an inniúlacht ghinearálta chun cinneadh a dhéanamh an bhforchuirfear smachtbhanna, cinneann an Bord Feidhmiúcháin freisin an bhfuil feidhm ag eisceacht ó fhoilsiú. I ndáil leis sin, tugann an Bord Feidhmiúcháin dá aire na forais arna dtabhairt ar aghaidh ag an aonad imscrúdúcháin nó ag an mbanc ceannais náisiúnta inniúil. Má chinneann sí go bhfuil feidhm ag eisceacht, ba cheart é sin a chur in iúl ina chinneadh an smachtbhanna a fhorchur, seachas sin, foilseofar an smachtbhanna.

(7)

I ngach cás, agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an smachtbhanna iomchuí agus ar cheart feidhm a bheith ag eisceacht ó fhoilsiú faisnéise áirithe, is é prionsabal na comhréireachta a threoraíonn BCE.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/1999/4) (3) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 (BCE/1999/4) mar a leanas:

(1.)

Leasaítear Airteagal 7a mar a leanas:

(a)

cuirtear an abairt seo a leanas le mír 1:

‘Má mheasann an t-aonad imscrúdaithe nó an banc ceannais náisiúnta inniúil go bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na heisceachtaí a leagtar amach in Airteagal 9(1), sonróidh sé é sin ina thogra’;

(b)

cuirtear isteach an mhír 7a seo a leanas:

‘7a.   Má mheasann an Bord Feidhmiúcháin, ar bhonn comhaid iomláin, go bhforchuirfear smachtbhanna, ach go bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na heisceachtaí a leagtar amach in Airteagal 9(1), cinnfidh sé an bhfoilseofar an smachtbhanna agus a mhéid a fhoilseofar é.’

;

(2).

in Airteagal 8(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

cinneadh an Bhoird Feidhmiúcháin a leasú trí aon cheann díobh seo a leanas a mhodhnú:

(i)

méid an smachtbhanna a bheidh le forchur;

(ii)

na forais is cúis le sárú;

(iii)

cibé acu a fhoilsítear nó nach bhfoilsítear an smachtbhanna agus a mhéad a fhoilsítear é;’;

(3).

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Foilseoidh BCE ar a suíomh gréasáin oifigiúil gan moill mhíchuí aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhannaí i gcás sárú ar rialachán nó ar chinneadh ó BCE, a luaithe a bheidh an cinneadh críochnaitheach i gcomhréir le hAirteagal 3(8) de Rialachán (CE) Uimh. 2532/98.

Áireofar san fhoilsiú sin faisnéis maidir le cineál an tsáraithe agus céannacht an ghnóthais lena mbaineann, chomh maith le méid agus cineál an smachtbhanna, ach amháin má chinneann an Bord Feidhmiúcháin go ndéanfadh foilsiú den sórt sin an méid seo a leanas:

(a)

cobhsaíocht na margaí airgeadais nó an chórais airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá ar siúl a chur i mbaol;

(b)

damáiste díréireach a dhéanamh don ghnóthas lena mbaineann, a mhéid is féidir a chinneadh;

(c)

foilsiú faisnéise rúnda, a chuirfeadh leasanna dlisteanacha an phobail sa tslándáil i mbaol, amhail slándáil agus cosaint shláine nótaí bainc euro, nó bainistiú slán cibirrioscaí nó rioscaí oibríochtúla do chórais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo.

Sna himthosca dá dtagraítear sa dara fomhír, pointí (a) go (c), foilseofar cinntí maidir le smachtbhannaí ar bhonn anaithnid. De rogha air sin, i gcás inar dóigh go scoirfidh imthosca den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnach ama, féadfar foilsiú faoin mír seo a chur siar go ceann cibé tréimhse ama.

Chun críocha an dara fomhír, pointe (c), féadfaidh BCE a roghnú gan cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna a fhoilsiú i gcás ina measann sé nach bhféadfar an riosca do leasanna dlisteanacha an phobail sa tslándáil a mhaolú trí na cinntí ábhartha a fhoilsiú ar bhonn anaithnid nó trína bhfoilsiú a chur siar, dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo.

I gcás ina bhfuil cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna faoi achomharc os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, déanfaidh BCE freisin, gan moill mhíchuí, faisnéis a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin oifigiúil maidir le stádas an achomhairc i dtrácht agus maidir lena thoradh.

Fanfaidh an fhaisnéis a fhoilseofar de bhun na míre seo ar shuíomh gréasáin oifigiúil BCE go ceann cúig bliana ar a laghad.’

;

(4).

cuirtear an mhír 7 seo a leanas le hAirteagal 11:

‘7.   Sna cásanna dá bhforáiltear de mhír 4, céad fhleasc, agus i mír 5, foilseoidh BCE an smachtbhanna arna fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 9(1). I gcás ina nglacfaidh an Bord Feidhmiúcháin le togra arna thíolacadh ag an mbanc ceannais náisiúnta inniúil lena gcinntear go bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na heisceachtaí a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 9(1), féadfaidh sé a chinneadh an cinneadh sin a fhoilsiú ar bhonn anaithnid nó foilsiú den sórt sin a chur siar. I gcás ina bhfuil feidhm ag an eisceacht in Airteagal 9(1), an dara fomhír, pointe (c), féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin a chinneadh gan an smachtbhanna arna fhorchur a fhoilsiú.’

.

Airteagal 2

Forálacha críochnaitheacha

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 25 Bealtaine 2023.

Do Chomhairle Rialaithe an BCE

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  IO L 318, 27.11.1998, lgh. 4.

(2)  Airteagal 18(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63), agus Airteagal 132 de Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an creat le haghaidh comhair laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair idir an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis inniúla náisiúnta agus le húdaráis náisiúnta ainmnithe (Creat-Rialachán SMA) (BCE/2014/17) (IO L 141, 14.5.2014, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 ón mBanc Ceannais Eorpach an 23 Meán Fómhair 1999 maidir le cumhachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur (BCE/1999/4) (IO L 264, 12.10.1999, lch. 21).


CINNTÍ

6.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 146/18


CINNEADH (AE) 2023/1093 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2023

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na Cóiré le haghaidh Comhaontaithe maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht Phoblacht na Cóiré i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas Phoblacht na Cóiré le Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 186 agus 212, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Comhlíonann Poblacht na Cóiré (‘an Chóiré’) na critéir i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(2)

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an gCóiré d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht na Cóiré i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas na Cóiré le Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na Cóiré (‘an Chóiré’) thar ceann an Aontais, le haghaidh comhaontaithe maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht na Cóiré i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas na Cóiré le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027).

Airteagal 2

Leagtar amach na treoracha caibidlíochta san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an Meitheal um an Áise-an Aigéine, maidir le hábhair a bhaineann leis na coinníollacha ginearálta i dtaca le rannpháirtíocht na Cóiré in aon chláir de chuid an Aontais, agus leis an Meitheal um Thaighde, maidir le hábhair a bhaineann leis na coinníollacha sonracha i dtaca le rannpháirtíocht na Cóiré sa Chlár Fís Eorpach.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. FORSSMED


(1)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha do rannpháirtíocht agus do scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).


6.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 146/20


CINNEADH (CBES) 2023/1094 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meitheamh 2023

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 9 Feabhra 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go gcáineann an Aontas go géar cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach freisin go bhfuil an tAontas faoi réir le leanúint dá bhearta sriantacha i gcoinne na Rúise a threisiú.

(4)

Tá sé measta ag an gComhairle go bhfuil caidreamh comhleasa agus comhthacaíochta ann idir Rialtas Cónaidhm na Rúise agus príomhdhaoine gnó a bhíonn ag oibriú sa Rúis. Go háirithe, cheadaigh Rialtas Cónaidhm na Rúise go córasach do phríomhdhaoine gnó Rúiseacha a saibhreas a charnadh trí shochar a bhaint as acmhainní nádúrtha agus acmhainní poiblí eile. Is é meas na Comhairle, i bhfianaise an chaidrimh idirspleáchais sin idir príomhdhaoine gnó agus Rialtas Cónaidhm na Rúise, gur cheart do phríomhdhaoine gnó a bhíonn ag oibriú in aon earnáil eacnamaíoch sa Rúis teacht faoi na critéir. Ina theannta sin, is é meas na Comhairle gur cheart leathnú a dhéanamh ar na critéir ainmniúcháin chun go bhféadfaí, de réir mar is infheidhme daoine gnó eile a liostú a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha lena gcuirtear foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Cónaidhm na Rúise chun brú a mhéadú ar Rialtas Cónaidhm na Rúise deireadh a chur leis a chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

(5)

Tá sé measta ag an gComhairle ina theannta sin go mbíodh cleachtas córasach ar siúl go minic ag príomhdhaoine gnó Rúiseacha inar dháil siad a gcistí agus a sócmhainní ar a ngarghaolta agus ar dhaoine eile, chun na sócmhainní sin a chur i bhfolach, chun dul timpeall ar na bearta sriantacha agus chun smacht a choinneáil ar na hacmhainní atá ar fáil dóibh. Dá bhrí sin, is é meas na Comhairle, maidir le garghaolta nó maidir le daoine nádúrtha eile a bhaineann tairbhe mar sin as príomhdhaoine gnó a bhíonn ag oibriú sa Rúis, gur chuí iad a ainmniú freisin, chun brú a mhéadú ar Rialtas Cónaidhm na Rúise deireadh a chur leis a chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus chun an baol go rachfar timpeall ar na bearta sriantacha a sheachaint.

(6)

Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme..

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES mar a leanas:

(1)

In Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

príomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa Rúis agus a ngarghaolta, nó daoine nádúrtha eile, a mbaineann tairbhe astu, nó daoine gnó a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine; nó’;

(2)

in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

príomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa Rúis agus a ngarghaolta, nó daoine nádúrtha eile, a mbaineann tairbhe astu, nó príomhdhaoine gnó, príomhdhaoine dlítheanacha, príomheintitis nó príomhchomhlachtaí atá a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine; nó’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


6.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 146/22


CINNEADH (CBES) 2023/1095 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meitheamh 2023

lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (*1), EULEX KOSOVO

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Feabhra 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES (1).

(2)

An 3 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/904 (2), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES agus lena gcuirtear síneadh le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO) go dtí an 14 Meitheamh 2023.

(3)

I gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh ar EULEX KOSOVO, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) gur cheart síneadh a chur le EULEX KOSOVO go dtí an 14 Meitheamh 2025. Chomhaontaigh CPS freisin, sa bhreis ar leanúint dá chúraimí a chur chun feidhme, gur cheart do EULEX KOSOVO cuidiú le húdaráis forfheidhmithe dlí na Cosaive a n-acmhainneachtaí a fhorbairt chun faisnéis a mhalartú le contrapháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta i réimse an chúnaimh dhlíthiúil agus an chomhair in ábhair choiriúla.

(4)

Níor cheart a thuiscint go ndéanann aon ní sa Chinneadh seo dochar do neamhspleáchas agus d’uathriail na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí gníomhach in imeachtaí breithiúnacha i gcomhthéacs EULEX KOSOVO.

(5)

Ós rud é go bhfuil saintréithe speisialta ag gníomhaíochtaí EULEX KOSOVO mar thaca leis na himeachtaí breithiúnacha a athlonnaíodh laistigh de Bhallstát, is iomchuí an méid a bheartaítear chun an tacaíocht do na himeachtaí breithiúnacha sin a athlonnaíodh a chumhdach a shainaithint agus foráil a dhéanamh maidir leis an gcuid sin den bhuiséad a chur chun feidhme trí bhíthin deontais.

(6)

Ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES a leasú dá réir sin.

(7)

Cuirfear EULEX KOSOVO i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meathlú teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, an chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

oibriú i gcomhar le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, le húdaráis bhreithiúnacha agus forfheidhmithe dlí na mBallstát agus tríú Stáit chun a shainordú a fhorghníomhú agus cuidiú le húdaráis forfheidhmithe dlí na Cosaive chun a n-acmhainneachtaí a fhorbairt chun faisnéis a mhalartú le contrapháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta i réimse an chúnaimh dhlíthiúil agus an chomhair in ábhair choiriúla.’;

(2)

in Airteagal 16(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomíre deiridh:

‘Is é EUR 165 310 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun caiteachas EULEX KOSOVO a chumhdach ón 15 Meitheamh 2023 go dtí an 14 Meitheamh 2025. As an méid sin, is é EUR 58 500 000 a bheidh sa mhéid a bheartaítear chun caiteachas EULEX KOSOVO a chumhdach lena shainordú a chur chun feidhme sa Chosaiv agus is é EUR 106 810 000 a bheidh sa mhéid a bheartaítear chun an tacaíocht do na himeachtaí breithiúnacha a athlonnaíodh laistigh de Bhallstát a chumhdach.

Síneoidh an Coimisiún comhaontú deontais le cláraitheoir a bheidh ag gníomhú thar ceann clárlainne a bheidh i gceannas ar riar na n-imeachtaí breithiúnacha athlonnaithe ar shuim EUR 106 810 000. Beidh feidhm ag na rialacha maidir le deontais dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir leis an gcomhaontú deontais.

Cinnfidh an Chomhairle an méid tagartha airgeadais don tréimhse ina dhiaidh sin do EULEX KOSOVO.’;

(3)

in Airteagal 20, an dara mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Rachaidh sé in éag an 14 Meitheamh 2025.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(*1)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle an 4 Feabhra 2008 maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, EULEX KOSOVO (IO L 42, 16.2.2008, lch. 92).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/904 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2021 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO) (IO L 197, 4.6.2021, lch. 114).


6.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 146/24


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1096 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meitheamh 2023

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bailiú agus nuashonrú tráthrialta sonraí maidir le tionóiscí a bhaineann le húsáid earraí piriteicniúla

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hearraí piriteicniúla (1) a chur ar fáil ar an margadh, agus go háirithe Airteagal 43(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 43(b) de Threoir 2013/29/AE, tá an Coimisiún leis na socruithe praiticiúla a chinneadh i dtaca le bailiú agus nuashonrú tráthrialta sonraí maidir le tionóiscí a bhaineann le hearraí piriteicniúla, ar mhaithe le forléargas a fháil, a mhéid is féidir, ar an staid atá ann ó thaobh tionóiscí de san Aontas, forléargas a bheidh bunaithe ar chomhphrionsabail tuairiscithe. Dá bhrí sin, bailiú, nuashonrú agus malartú tráthrialta iontaofa na sonraí sin, is uirlis thábhachtach atá ansin chun léargas soiléir a thabhairt chun grinnis ar a mhéid atá an Treoir á cur chun feidhme go héifeachtach a mhéid a bhaineann le húsáid dhleathach shábháilte earraí piriteicniúla, agus ar an gcaoi sin a mheas cé acu a bheadh gá le bearta breise comhchuibhithe nó nach mbeadh.

(2)

Tá na Ballstáit uile tar éis teacht ar chomhaontú cheana féin go bhfuil sé, i bprionsabal, úsáideach agus indéanta na sonraí a bhailiú maidir le tionóiscí a bhaineann le húsáid earraí piriteicniúla. Chruthódh bailiú sonraí a bhaineann le hearraí piriteicniúla de chatagóirí seachas F1 go F4 ualach riaracháin gan údar, áfach. Ina theannta sin, ní bhaineann riosca mí-úsáide nó tionóisce le hearraí piriteicniúla de chatagóir P1 d’fheithiclí, lena n-áirítear córais málaí aeir agus córais réamhtheannasóirí creasa sábhála, toisc gur cuid d’fheistí sábháilteachta i bhfeithiclí iad. Ós rud é go ndearna na Ballstáit sonraí maidir le tionóiscí a bhaineann le húsáid tinte ealaíne a thuairisciú don Choimisiún ar bhonn deonach cheana féin, ba cheart an córas deonach atá ann cheana féin a úsáid mar bhunús agus na socruithe praiticiúla á gcinneadh i ndáil le bailiú agus nuashonrú tráthrialta sonraí ag na Ballstáit uile maidir le tionóiscí a bhaineann le húsáid tinte ealaíne.

(3)

Chun ábharthacht agus inchomparáideacht na sonraí a áirithiú, ba cheart go n-áireofaí leis na sonraí éigeantacha íosta faisnéis maidir le líon foriomlán na dtionóiscí inar tharla díobhálacha nó maidir le líon foriomlán na ndíobhálacha a bhain le húsáid earraí piriteicniúla chomh maith le líon na ndíobhálacha a d'eascair as na tionóiscí de réir aoisghrúpa agus chineál na díobhála. Chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcúisíocht agus, ina dhiaidh sin, chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais náisiúnta nó cinntí beartais de chuid an Aontais, ba cheart sonraí breise a sholáthar má tá siad ar fáil. Chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú, i gcás nach féidir na sonraí íosta is gá a bhailiú, ba cheart tuairisciú ar shonraí eachtarshuite a bhailítear ó shamplaí ionadaíocha a cheadú.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Earraí Piriteicniúla,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sonraí éigeantacha íosta

1.   Ón 1 Eanáir 2024, le haghaidh gach bliana féilire baileoidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas ar a laghad maidir le tionóiscí a tharla laistigh dá gcríoch, tionóiscí a bhain le húsáid earraí piriteicniúla de chatagóirí F1 go F4:

(a)

líon foriomlán na dtionóiscí inar tharla díobhálacha nó líon foriomlán na ndíobhálacha a bhain le húsáid earraí piriteicniúla;

(b)

líon na ndíobhálacha arna roinnt ar aoisghrúpaí na n-íospartach mar seo a leanas:

(i)

ó 0 go 12 bliana;

(ii)

ó 13 go 18 mbliana;

(iii)

níos sine ná 18 mbliana;

(c)

líon na ndíobhálacha de réir cineáil sna catagóirí seo a leanas:

(i)

lámh nó sciathán;

(ii)

aghaidh nó ceann;

(iii)

súile;

(iv)

éisteacht;

(v)

eile;

(d)

líon na ndíobhálacha de réir a thromchúisí is atá siad sna catagóirí seo a leanas:

(i)

díobhálacha a éilíonn ospidéalú;

(ii)

básanna;

(iii)

eile.

2.   I gcás nach féidir aon cheann de na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a bhailiú, féadfaidh na Ballstáit sonraí a bhailiú ó shamplaí ionadaíocha agus iad a eachtarshuí.

3.   I gcás nach féidir sonraí a bhailiú, mar a thagraítear dó i mír 1 agus i mír 2, in aon bhliain ar leith, baileoidh na Ballstáit na sonraí eile go léir maidir le tionóiscí a bhain le húsáid earraí piriteicniúla de chatagóirí F1 go F4 a bheidh ar fáil dóibh.

Airteagal 2

Sonraí breise

De bhreis ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 1, baileoidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas, i gcás ina mbeidh siad ar fáil:

(a)

an cineál earra phiriteicniúil ba chúis leis an tionóisc;

(b)

faisnéis maidir le cé acu b'úsáid mhícheart, mí-úsáid nó mífheidhmiú an earra ba chúis leis an tionóisc;

(c)

faisnéis maidir le cé acu a cuireadh an t-earra ar fáil ar an margadh go mídhleathach nó nár cuireadh;

(d)

aon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát a bheith tábhachtach le haghaidh anailís ar shonraí maidir le tionóiscí.

Airteagal 3

Tarchur faisnéise

1.   Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 le haghaidh gach bliana féilire chuig an gCoimisiún faoin 1 Deireadh Fómhair den bhliain féilire ina dhiaidh sin.

2.   I gcás ina dtarchuirfidh na Ballstáit sonraí i gcomhréir le hAirteagal 1(2), cuirfidh siad in iúl cé na sonraí ar sonraí eachtarshuite iad.

3.   I gcás ina dtarchuirfidh na Ballstáit sonraí i gcomhréir le hAirteagal 1(3), cuirfidh siad réasúnú isteach ina míneofar cén fáth nárbh fhéidir sonraí a bhailiú ná a eachtarshuí an bhliain sin.

4.   Is san fhormáid leictreonach atá le soláthar ag an gCoimisiún a chuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 1(1), 1(2) agus 2.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Thierry BRETON

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 178, 28.6.2013, lch. 27.


6.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 146/27


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1097 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Meitheamh 2023

gan ciainimíd a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 3 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin ciainimíd (Uimh. CE: 206-992-3; Uimh. CAS: 420-04-2).

(2)

Rinneadh meastóireacht ar chiainimíd i ndáil lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 3, i dtáirgí bithicídeacha sláinteachais tréidliachta agus i dtáirgí de chineál táirge 18, i bhfeithidicídí, in acairicídí agus i dtáirgí chun artrapóid eile a rialú, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ar táirgí iad a chomhfhreagraíonn do chineálacha táirgí 3 agus 18 faoi seach mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

Ainmníodh an Ghearmáin mar an Ballstát is rapóirtéir agus, an 30 Iúil 2013, chuir a húdarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnachta mar aon lena chonclúidí faoi bhráid an Choimisiúin. Tar éis an tuarascáil mheasúnachta a bheith curtha isteach, tionóladh pléití i gcruinnithe teicniúla a d’eagraigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘An Ghníomhaireacht’).

(4)

Leanann sé ó Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir le substaintí a bhfuil meastóireacht na mBallstát curtha i gcrích ina leith faoin 1 Meán Fómhair 2013, gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar na substaintí sin i gcomhréir le forálacha Threoir 98/8/CE.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 75(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tá an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha freagrach as an tuairim ón nGníomhaireacht a ullmhú maidir le hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, an 16 Meitheamh 2016 ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na tuairimí ón nGníomhaireacht, (‘tuairimí an 16 Meitheamh 2016’) (4), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil mheastóireachta.

(6)

De réir thuairimí an 16 Meitheamh 2016, chomhlíon ciainimíd na critéir chun go n-aicmeofaí í mar charcanaigin de chatagóir 2 agus mar thocsaineach le haghaidh an atáirgthe de chatagóir 2 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus dá bhrí sin measadh go raibh airíonna réabtha inchrínigh aici freisin i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go dtí go nglacfar gníomhartha tarmligthe ina sonraítear na critéir eolaíocha chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh. I dtuairimí an 16 Meitheamh 2016 maidir leis na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann le húsáid na dtáirgí bithicídeacha ionadaíocha a cuireadh i láthair san iarratas ar fhormheas ciainimíde le haghaidh cineálacha táirge 3 agus 18, measadh freisin sna tuairimí sin go raibh na rioscaí sin inghlactha faoi réir bearta iomchuí maolaithe riosca. Mar sin féin, sa mheasúnú riosca a cuireadh i láthair sna tuairimí sin, níor cuireadh san áireamh na rioscaí a eascraíonn as airíonna réabtha inchrínigh ciainimíde.

(7)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún (6) lena leagtar amach critéir eolaíocha chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gabhadh éifeacht leis an Rialachán sin an 7 Nollaig 2017 agus tháinig sé i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2018.

(8)

In oirchill chur i bhfeidhm na gcritéar eolaíoch nua a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100, agus chun soiléireacht a sholáthar maidir leis na hairíonna guaise agus na rioscaí a eascraíonn as úsáid ciainimíde, an 26 Aibreán 2018, de bhun Airteagal 75(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht (7) tuairimí an 16 Meitheamh 2016 a athbhreithniú agus a shoiléiriú an bhfuil airíonna réabtha inchrínigh freisin ag ciainimíd ar bhonn na gcritéar eolaíoch a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin. Iarradh ar an nGníomhaireacht an chuid sin de na tuairimí a bhaineann le measúnú na n-airíonna réabtha inchrínigh, agus an chuid sin amháin, a thabhairt cothrom le dáta, mura rud é go ndearna conclúid an mheasúnaithe sin difear do thorthaí an mheasúnaithe riosca a rinneadh cheana nó do na moltaí lena bhformheas. Sa chás deireanach sin, bhí an measúnú agus na moltaí sin le tabhairt cothrom chun dáta freisin. Chun na tuairimí athbhreithnithe ón nGníomhaireacht a ullmhú, thug údarás inniúil meastóireachta na Gearmáine cuireadh don iarratasóir faisnéis bhreise a chur isteach maidir leis an measúnú ar airíonna réabtha inchrínigh ciainimíde i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100.

(9)

An 10 Nollaig 2019 ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicíde na tuairimí athbhreithnithe ón nGníomhaireacht (‘tuairimí an 10 Nollaig 2019’) (8), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta.

(10)

De réir thuairimí an 10 Nollaig 2019, tá airíonna réabtha inchrínigh ag ciainimíd a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar an duine agus ar an gcomhshaol (orgánaigh nach spriocorgánaigh iad) ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100. Dúradh sna tuairimí nach bhfuil aon mhodheolaíocht chomhaontaithe ann chun measúnú riosca a dhéanamh ar airíonna réabtha inchrínigh agus, i bhfianaise nochtadh an duine agus an chomhshaoil do chiainimíd, nach féidir riosca a bhaineann le hairíonna réabtha inchrínigh a eisiamh.

(11)

Ní raibh aon fhaisnéis i dtuairimí an 10 Nollaig 2019 maidir le cé acu is féidir nó nach féidir tairseach shábháilte a dhíorthú i ndáil le hairíonna réabtha inchrínigh ciainimíde, agus más féidir, maidir leis na rioscaí a bhaineann leis na táirgí bithicídeacha ionadaíocha a úsáid a chuirtear i láthair san iarratas ar fhormheas ciainimíde le haghaidh cineálacha táirge 3 agus 18, an bhféadfaí a mheas go bhfuil na rioscaí sin inghlactha nó nach bhfuil, i ndáil le hairíonna réabtha inchrínigh ciainimíde.

(12)

An 2 Meán Fómhair 2020, de bhun Airteagal 75(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht (9) athbhreithniú a dhéanamh thuairimí an 10 Nollaig 2019 agus a shoiléiriú an féidir tairseach shábháilte a dhíorthú i ndáil le hairíonna réabtha inchrínigh ciainimíde, agus a chinneadh an bhféadfaí a mheas maidir leis na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol an bhfuil siad inghlactha nó nach bhfuil.

(13)

An 30 Samhain 2021 ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicíde na tuairimí athbhreithnithe nua ón nGníomhaireacht (‘tuairimí an 30 Samhain 2021’) (10), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta. De réir na dtuairimí sin, ós rud é nach bhféadadh tairseach shábháilte a dhíorthú i ndáil le hairíonna réabtha inchrínigh ciainimíde, a mhéid a bhaineann leis na rioscaí do shláinte an duine don phobal i gcoitinne agus don chomhshaol araon i ndáil leis an táirge bithicídeach ionadaíoch a úsáidtear do chineál táirge 3 (le haghaidh díghalrú a dhéanann úsáideoirí gairmiúla i gcoinne Brachyspira hyodysenteriae den aoileach leachta a stóráiltear faoin urlár lataithe i gcróite muice chun muca ramhraithe a chosaint ar an ngalar muc dinnireacht) agus an cineál táirge 18 (chun rialú Musca domestica in aoileach leachtach i gcróite muice ag úsáideoirí gairmiúla), ní féidir a chinneadh an bhfuil na rioscaí sin inghlactha nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí teacht ar aon chonclúid cibé acu a chomhlíonann ciainimíd na coinníollacha formheasa nó nach gcomhlíonann.

(14)

Dá bhrí sin, ós rud é nach soláthraítear le tuairimí an 30 Samhain 2021 ón nGníomhaireacht conclúid dhearfach ná conclúid dhiúltach maidir le cé acu a chomhlíonann ciainimíd na coinníollacha formheasa nó nach gcomhlíonann, agus bunaithe ar na sonraí a bhí ar fáil san iarratas a cuireadh isteach maidir leis an bhformheas, measann an Coimisiún nár léiríodh ar deireadh go bhféadfaí coinne a bheith leis nach mbeidh éifeachtaí do-ghlactha ag an táirge bithicídeach ionadaíoch é féin, ina bhfuil ciainimíd le haghaidh cineálacha táirge 3 agus 18, agus nach bhfuil éifeachtaí do-ghlactha de thoradh a iarmhar, ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol.

(15)

Agus tuairimí an 30 Samhain 2021 á gcur san áireamh, níor léiríodh maidir le táirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 18 ina bhfuil ciainimíd, go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointí (b) (iii) agus (iv), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 10(1) de Threoir 98/8/CE. Is iomchuí, dá bhrí sin, gan ciainimíd atá lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 18 a fhormheas.

(16)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ciainimíd (Uimh. CE: 206-992-3; Uimh. CAS: 420-04-2) ní fhormheastar í mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 18.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).

(3)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(4)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: Ciainimíd, Cineál táirge: 3, ECHA/BPC/116/2016, a glacadh an 16 Meitheamh 2016; Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: Ciainimíd, Cineál táirge: 18, ECHA/BPC/117/2016, a glacadh an 16 Meitheamh 2016.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 lena leagtar amach na critéir eolaíocha chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 301, 17.11.2017, lch. 1).

(7)  Sainordú lena n-iarrtar tuairimí ón ECHA faoi Airteagal 75(1)(g) de Rialachán um Tháirgí Bithicíde (BPR) — ‘Evaluation of the Endocrine disrupting properties of certain biocidal active substances according to the new scientific criteria’ [Meastóireacht ar airíonna réabtha inchrínigh substaintí bithicídeacha gníomhacha áirithe de réir na gcritéar eolaíoch nua]

(8)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: Ciainimíd, Cineál táirge: 3, ECHA/BPC/230/2019, a glacadh an 10 Nollaig 2019; Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: Ciainimíd, Cineál táirge: 18, ECHA/BPC/231/2019, a glacadh an 10 Nollaig 2019.

(9)  Sainordú lena n-iarrtar tuairimí ón ECHA faoi Airteagal 75(1)(g) den BPR — ‘Evaluation of the level of the risks for human health and for the environment of cyanamide used in biocidal products of product types 3 and 18’ [Meastóireacht ar leibhéal na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann le ciainimíd a úsáidtear i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 3 agus 18].

(10)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: Ciainimíd, Cineál táirge: 3, ECHA/BPC/301/2021, a glacadh an 30 Samhain 2021; Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: Ciainimíd, Cineál táirge: 18, ECHA/BPC/302/2021, a glacadh an 30 Samhain 2021.