ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 140

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
30 Bealtaine 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1040 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró

1

 

*

Comhaontu idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le Gníomhaíochtaí Oibríochtúla arna nDéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGardaTeorann agus Cósta i Montainéagró

4

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1041 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2023 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh TWP 094 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

22

 

*

Rialachán (AE) 2023/1042 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh foilpéid i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe ( 1 )

37

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1043 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil in Aerárthaí Sibhialta i ndáil le haontachas na Brasaíle leis an gComhaontú maidir leis an Trádáil in Aerárthaí Sibhialta

51

 

 

GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh Uimh. 2536/2023 ón gComhchoiste Earnála a bhunaítear faoi Airteagal 14 den Iarscríbhinn Earnála arna leasú idir na Stáit Aontaithe — an tAontas Eorpach le haghaidh dea-chleachtais monaraíochta íocshláinte (GMPanna) (an Iarscríbhinn) maidir le háireamh táirgí tréidliachta sa chumhdach táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn an 11 Bealtaine 2023 [2023/1044]

53

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 140/1


CINNEADH (AE) 2023/1040 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2023

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), agus Airteagal 79(2), pointe (c), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 (1), in imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tá comhaontú stádais le tabhairt i gcrích ag an Aontas leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(2)

An 18 Samhain 2022, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Montainéagró i ndáil le comhaontú maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró.

(3)

Tugadh an chaibidlíocht sin chun críche go rathúil nuair a cuireadh inisealacha leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró (‘an Comhaontú’).

(4)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(6)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú, agus ba cheart an dearbhú atá i gceangal leis maidir leis an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin a fhormheas, thar ceann an Aontais.

(7)

Chun go bhféadfar buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh go práinneach ar chríoch Mhontainéagró, ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró (‘an Comhaontú’) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích (3).

Airteagal 2

An Dearbhú atá i gceangal leis an gCinneadh seo, déanfar é a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 4

Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 22(2), an dara fomhír, de, ón gcéad lá den dara mí tar éis dháta a shínithe, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm (4).

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. FORSSMED


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen, (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(3)  Féach leathanach … den Iris Oifigiúil.

(4)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LEIS AN ÍOSLAINN, AN IORUA, CÓNAIDHM NA hEILVÉISE AGUS LICHTINSTÉIN

Tugann na Páirtithe sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht Mhontainéagró dá n-aire an dlúthchaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis agus Lichtinstéin, go háirithe de bhua Chomhaontuithe an 18 Bealtaine 1999 agus an 26 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhlachas na dtíortha sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.

I gcúinsí den sórt sin, is inmhianaithe go ndéanfadh údaráis na hIorua, na hÍoslainne, na hEilvéise agus Lichtinstéin, ar thaobh amháin, agus Montainéagró, ar an taobh eile, comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích gan mhoill maidir le gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró i dtéarmaí atá comhchosúil le gníomhaíochtaí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 140/4


Comhaontu idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le Gníomhaíochtaí Oibríochtúla arna nDéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGardaTeorann agus Cósta i Montainéagró

TÁ AN tAONTAS EORPACH,

agus

MONTAINÉAGRÓ,

a ngairfear ‘Páirtí’ ar gach ceann díobh, agus a ngairfear ‘Páirtithe’ orthu i bhfochair a chéile, anseo feasta,

DE BHRÍ go bhféadfaidh cásanna teacht chun cinn ina gcomhordóidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Ghníomhaireacht’) comhar oibríochtúil idir Ballstáit an Aontais agus Montainéagró, lena n-áirítear ar chríoch Mhontainéagró,

DE BHRÍ gur cheart creat dlíthiúil i bhfoirm comhaontú stádais a bhunú i gcomhair cásanna ina mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin ag na baill de na foirne a imscarfaidh an Ghníomhaireacht ar chríoch Mhontainéagró,

DE BHRÍ go bhféadfaí, leis an gcomhaontú stádais, foráil a dhéanamh maidir leis an nGníomhaireacht oifigí allamuigh a bhunú ar chríoch Mhontainéagró chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú agus chun a áirithiú gur go héifeachtach a bhainisteofar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta,

I bhFIANAISE leibhéal ard na cosanta sonraí pearsanta i Montainéagró agus san Aontas Eorpach;

I bhFIANAISE gur dhaingnigh Montainéagró Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 an 28 Eanáir 1981 maidir le Daoine Aonair a Chosaint i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus an Prótacal breise a ghabhann leis;

AG CUIMHNEAMH gur prionsabail bhunúsacha a rialaíonn an comhar idir na Páirtithe iad urraim do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha;

I bhFIANAISE gur dhaingnigh Montainéagró Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint an 4 Samhain 1950, coinbhinsiún a gcomhfhreagraíonn na cearta atá ann do na cearta atá i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

I bhFIANAISE gur cheart, i gcás gníomhaíochtaí oibríochtúla uile na Gníomhaireachta ar chríoch Mhontainéagró, lánurraim a thabhairt do chearta bunúsacha agus do na comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach, a chuid Ballstát agus/nó Montainéagró,

I bhFIANAISE go bhfuil gach duine a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil faoi oibleagáid cloí leis na caighdeáin is airde ionracais, iompair eiticiúil, agus gairmiúlachta, sin agus urraim a bheith acu do chearta bunúsacha, maille le hoibleagáidí arna bhforchur orthu le forálacha an phlean oibríochtúil agus le cód iompair na Gníomhaireachta a chomhlíonadh,

TAR ÉIS CINNEADH AN COMHAONTÚ SEO A THABHAIRT I gCRÍCH:

AIRTEAGAL 1

Raon feidhme

1.   Leis an gComhaontú seo, rialaítear gach ábhar is gá le haghaidh foirne bainistithe teorainneacha de chuid bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh chuig Montainéagró, áit ar féidir le baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin a fheidhmiú.

2.   An t-imscaradh dá dtagraítear i mír 1, féadfar é a dhéanamh ar chríoch Mhontainéagró.

Faoi réir oibleagáidí na bPáirtithe faoi dhlí na farraige, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982 go háirithe, féadfar gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh freisin i limistéar eacnamaíoch eisiach Mhontainéagró. Gníomhaíochtaí oibríochtúla arna gcur i gcrích faoin gComhaontú seo, ní dhéanfaidh siad difear d’oibleagáidí cuardaigh agus tarrthála a thagann ó dhlí na farraige, go háirithe ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982, ón gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir 1974 agus ón gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir 1979.

3.   An Comhaontú seo ná aon ghníomh a chuirtear i gcrích agus an Comhaontú á chur chun feidhme ag na Páirtithe nó thar a gceann, bunú pleananna oibríochtúla nó rannpháirtíocht in oibríochtaí trasteorann san áireamh, ní dhéanann siad difear ar bhealach ar bith do stádas ná teorainneacha chríocha na mBallstát agus Mhontainéagró faoi seach faoin dlí idirnáisiúnta.

AIRTEAGAL 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘Gníomhaireacht’ an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) nó aon leasú a dhéanfar ar an Rialachán sin;

(2)

ciallaíonn ‘gníomhaíocht oibríochtúil’ gníomhaíocht chomhpháirteach nó mear-idirghabháil teorann;

(3)

ciallaíonn ‘rialú teorann’ an ghníomhaíocht a dhéantar ag teorainn, i gcomhréir leis an gComhaontú seo agus chun críocha an Chomhaontaithe seo, mar fhreagairt do rún an teorainn sin a thrasnú, nó ar thrasnú na teorann sin, agus do na nithe sin amháin, gan beann ar aon chúinse eile, agus arb éard atá i gceist léi mar ghníomhaíocht, seiceálacha teorann, faireachas ar theorainneacha agus measúnú ar bhagairtí i leith slándáil inmheánach theorainn an stáit;

(4)

ciallaíonn ‘cumhachtaí feidhmiúcháin’ na cumhachtaí atá riachtanach i dtaca le cur i gcrích na gcúraimí a mbíonn gá leo i gcomhair rialú teorann, ar cúraimí iad a dhéantar ar chríoch Mhontainéagró le linn gníomhaíocht oibríochtúil dá bhforáiltear sa phlean oibríochtúil;

(5)

ciallaíonn ‘plean oibríochtúil’ plean is bonn do ghníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh amhail dá bhforáiltear faoi Airteagail 38 agus 74 de Rialachán (AE) 2019/1896;

(6)

ciallaíonn ‘buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh’ buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/1896;

(7)

ciallaíonn ‘foirne bainistithe teorainneacha’ foirne arna gcur le chéile as buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh le himscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann ag na teorainneacha seachtracha sna Ballstáit agus i dtríú tíortha;

(8)

ciallaíonn ‘fóram comhairliúcháin’ an comhlacht comhairleach arna bhunú ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 108 de Rialachán (AE) 2019/1896;

(9)

ciallaíonn ‘EUROSUR’ an creat le haghaidh malartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht;

(10)

ciallaíonn ‘duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha’ duine de lucht faireacháin ar chearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) 2019/1896;

(11)

ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát óna n-imscartar ball foirne nó óna gcuirtear ball foirne ar iasacht chuig buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh;

(12)

ciallaíonn ‘teagmhas’ cás a bhaineann leis an inimirce neamhdhleathach, leis an gcoireacht trasteorann nó cás ina bhfuil baol do bheatha na n-inimirceach, ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh nó Mhontainéagró, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh;

(13)

ciallaíonn ‘oibríocht chomhpháirteach’ gníomhaíocht arna comhordú nó arna heagrú ag an nGníomhaireacht chun tacú leis na húdaráis náisiúnta de chuid Mhontainéagró atá freagrach as rialú teorann atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail an inimirce neamhrialta, bagairtí reatha nó bagairtí a bheidh ann amach anseo ag teorainneacha Mhontainéagró, nó an choireacht trasteorann, sin nó atá dírithe ar chúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar le haghaidh rialú na dteorainneacha sin;

(14)

ciallaíonn ‘ball den fhoireann’ ball de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh arna imscaradh trí bhíthin foireann bainistithe teorainneacha chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht oibríochtúil;

(15)

ciallaíonn ‘Ballstát’ Ballstát den Aontas Eorpach;

(16)

ciallaíonn ‘limistéar oibríochtúil’ an limistéar geografach ina bhfuil gníomhaíocht oibríochtúil le tarlú;

(17)

ciallaíonn ‘Ballstát rannpháirteach’ Ballstát a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil trí threalamh teicniúil nó baill foirne de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a sholáthar;

(18)

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (‘ábhar sonraí’); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, nó aitheantóir ar líne nó trí thagairt a dhéanamh do cheann amháin nó níos mó de na tosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

(19)

ciallaíonn ‘mear-idirghabháil teorann’ gníomhaíocht atá dírithe ar dhul i ngleic le dúshlán sonrach díréireach ag teorainneacha Mhontainéagró trí fhoireann bainistithe teorainneacha a imscaradh i gcríoch Mhontainéagró ar feadh tréimhse theoranta ama chun rialú teorann a dhéanamh i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta de chuid Mhontainéagró atá freagrach as rialú teorann;

(20)

ciallaíonn ‘baill foirne reachtúla’ baill foirne arna bhfostú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (2).

AIRTEAGAL 3

Gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheoladh

1.   Seolfar gníomhaíocht oibríochtúil faoin gComhaontú seo trí bhíthin cinneadh i scríbhinn ó stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta (‘an stiúrthóir feidhmiúcháin’) ar iarraidh i scríbhinn ó údaráis inniúla Mhontainéagró. Áireofar le hiarraidh den sórt sin tuairisc ar an gcás, ar na haidhmeanna féideartha agus ar na riachtanais a bheidh i gceist, agus próifílí na mball foirne a bheidh de dhíth, lena n-áirítear próifílí na mball foirne sin a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin acu, de réir mar is infheidhme.

2.   Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin gur dócha go mbeadh sáruithe ar chearta bunúsacha nó ar oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta atá tromchúiseacha nó leanúnacha ag baint leis an ngníomhaíocht oibríochtúil a iarradh, nó go n-eascródh sáruithe den chineál sin as an ngníomhaíocht chéanna, ní sheolfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil.

3.   Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin go bhfuil gá le tuilleadh faisnéise chun cinneadh a dhéanamh ar cheart gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh, tar éis iarraidh a fháil faoi mhír 1, féadfaidh sé nó sí faisnéis bhreise a iarraidh nó saineolaithe na Gníomhaireachta a údarú le taisteal go Montainéagró chun measúnú a dhéanamh ar an staid ann. Éascóidh Montainéagró an taisteal sin.

4.   Cinnfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin gan gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh má mheasann sé nó sí go bhfuil cúis ann, a bhfuil údar léi, í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh de bhun fhorálacha ábhartha Airteagal 18.

AIRTEAGAL 4

Plean oibríochtúil

1.   Aontófar plean oibríochtúil i ndáil le gach gníomhaíocht oibríochtúil idir an Ghníomhaireacht agus Montainéagró i gcomhréir le hAirteagail 38 agus 74 de Rialachán (AE) 2019/1896. Beidh an plean oibríochtúil ina cheangal ar an nGníomhaireacht, ar Mhontainéagró agus ar na Ballstáit rannpháirteacha.

2.   Leis an bplean oibríochtúil, leagfar amach go mionsonrach gnéithe eagraíochtúla agus gnéithe nós imeachta na gníomhaíochta oibríochtúla, na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

tuairisc ar an gcás, maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, aidhm na hoibríochta san áireamh;

(b)

an t-achar measta a mhairfidh an ghníomhaíocht oibríochtúil chun go mbeidh sí in ann a cuspóirí a bhaint amach;

(c)

an limistéar oibríochtúil;

(d)

tuairisc mhionsonraithe ar na cúraimí a bheidh le cur i gcrích fad a bheifear i mbun feidhm oifigiúil, lena n-áirítear na cúraimí a mbíonn gá le cumhachtaí feidhmiúcháin ina leith, ar fhreagrachtaí, lena n-áirítear freagrachtaí i dtaca le hurraim do chearta bunúsacha agus do cheanglais cosanta sonraí, agus ar threoracha speisialta i gcomhair na bhfoirne bainistithe teorainneacha, lena n-áirítear treoracha maidir leis an gcuardach incheadaithe ar bhunachair sonraí agus maidir leis na hairm sheirbhíse, an t-armlón agus an trealamh atá incheadaithe i Montainéagró;

(e)

comhdhéanamh na foirne bainistithe teorainneacha, mar aon le himscaradh ball foirne ábhartha eile agus láithreacht ball eile de na baill foirne reachtúla’ na Gníomhaireachta, lucht faireacháin ar chearta bunúsacha san áireamh;

(f)

forálacha maidir le ceannas agus rialú, lena n-áirítear ainmneacha agus céimeanna na bpóilíní teorann nó na mball foirne ábhartha eile de chuid Mhontainéagró a bheidh freagrach as comhoibriú leis na baill de na foirne agus leis an nGníomhaireacht, go háirithe ainmneacha agus céimeanna na bpóilíní teorann sin nó na mball foirne ábhartha eile sin a bheidh i gceannas le linn na tréimhse imscartha, agus áit na mball de na foirne sa slabhra ceannais;

(g)

an trealamh teicniúil a bheidh le húsáid le linn na gníomhaíochta oibríochtúla, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an criú arna iarraidh, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais;

(h)

forálacha mionsonraithe maidir leis an nGníomhaireacht teagmhais a thuairisciú láithreach don bhord bainistíochta agus d’údaráis ábhartha na mBallstát rannpháirteach agus Mhontainéagró i ndáil le haon teagmhas a tharlóidh le linn gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanfar faoin gComhaontú seo;

(i)

scéim tuairiscithe agus meastóireachta ina mbeidh tagarmharcanna i ndáil leis an tuarascáil mheastóireachta, tagarmharcanna maidir le cosaint na gceart bunúsach san áireamh, agus an dáta deiridh chun an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a thíolacadh;

(j)

maidir le hoibríochtaí ar muir, faisnéis shonrach i ndáil le cur i bhfeidhm na dlínse ábhartha agus an dlí is infheidhme sa limistéar oibríochtúil, lena n-áirítear tagairtí don dlí idirnáisiúnta do dhlí an Aontais Eorpaigh agus don dlí náisiúnta maidir le hidircheapadh, tarrtháil ar muir agus díbhordáil;

(k)

téarmaí an chomhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais Eorpaigh, seachas an Ghníomhaireacht, tríú tíortha eile nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile;

(l)

treoracha ginearálta maidir le conas a áirithiú go gcosnófar na cearta bunúsacha le linn na gníomhaíochta oibríochtúla, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta agus oibleagáidí a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine;

(m)

nósanna imeachta lena ndéantar daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, íospartaigh gáinneála ar dhaoine, mionaoisigh neamhthionlactha agus daoine eile ar leochaileach a gcás, a threorú chuig na húdaráis náisiúnta inniúla chun an cúnamh iomchuí a fháil;

(n)

nósanna imeachta lena leagtar amach sásra um ghearáin (lena n-áirítear iad siúd a thaisctear faoi Airteagal 8(5)) in aghaidh aon duine atá páirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil, lena n-áirítear póilíní teorann nó baill foirne ábhartha eile de chuid Mhontainéagró agus baill de na foirne, a fháil agus a tharchur chuig an nGníomhaireacht agus chuig Montainéagró, ar gearáin iad ina líomhnaítear gur sáraíodh cearta bunúsacha i gcomhthéacs a rannpháirtíochta i ngníomhaíocht oibríochtúil de chuid na Gníomhaireachta;

(o)

socruithe lóistíochta, lena n-áirítear faisnéis maidir le dálaí oibre agus timpeallacht na limistéar ina mbeidh an ghníomhaíocht oibríochtúil le tarlú; agus

(p)

forálacha maidir le hoifig allamuigh, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 6.

3.   Beidh an plean oibríochtúil agus aon leasú air nó aon oiriúnú air faoi réir chomhaontú na Gníomhaireachta, Mhontainéagró agus aon Bhallstát atá i gcomharsanacht Mhontainéagró nó a bhfuil teorainn acu leis an limistéar oibríochtúil, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha. Déanfaidh an Ghníomhaireacht comhordú leis na Ballstáit ábhartha chun a gcomhaontú a dheimhniú.

4.   Tarlóidh malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil chun críocha EUROSUR i gcomhréir leis na rialacha chun léargas ar dhálaí sonracha a bheidh le leagan amach sa phlean oibríochtúil don ghníomhaíocht oibríochtúil lena mbaineann a shuí agus a roinnt.

5.   An mheastóireacht ar an ngníomhaíocht oibríochtúil i gcomhréir le mír 2 pointe (i), déanfaidh Montainéagró agus an Ghníomhaireacht í i gcomhar le chéile.

6.   Na téarmaí comhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir le mír 2, pointe (k), cuirfear i gcrích iad i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus de réir na n-acmhainní atá ar fáil.

AIRTEAGAL 5

Tuairisciú teagmhas

1.   Beidh sásra um thuairisciú teagmhas ag an nGníomhaireacht agus ag Aireacht Gnóthaí Baile - Stiúrthóireacht Póilíneachta Mhontainéagró araon chun gur féidir tuairisciú tráthúil a dhéanamh ar aon teagmhas a thiocfaidh chun cinn le linn gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanfar faoin gComhaontú seo.

2.   Cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Montainéagró le chéile chun gach fiosrúchán agus imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir le haon teagmhas a thuairisceofar tríd an sásra dá dtagraítear i mír 1, amhail finnéithe a shainaithint agus fianaise a bhailiú agus a sholáthar, lena n-áirítear iarrataí chun nithe a bhaineann le teagmhas a tuairiscíodh a fháil, agus más iomchuí, a thabhairt ar láimh. Féadfar tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin a chur faoi réir a dtabhairt ar ais laistigh de na téarmaí a shonróidh an t-údarás inniúil a sholáthróidh iad.

AIRTEAGAL 6

Oifigí allamuigh

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigí allamuigh a bhunú ar chríoch Mhontainéagró chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú, agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta. Bunóidh an Ghníomhaireacht suíomh na hoifige allamuigh i gcomhairle le húdaráis ábhartha Mhontainéagró.

2.   Bunófar na hoifigí allamuigh i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla agus beidh siad oibríochtúil le haghaidh na tréimhse ama is gá le go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh i Montainéagró agus sa réigiún comharsanachta. Faoi réir chomhaontú Mhontainéagró, féadfaidh an Ghníomhaireacht fad a chur leis an tréimhse ama sin.

3.   Beidh gach oifig allamuigh faoi bhainistiú ionadaí de chuid na Gníomhaireachta arna cheapadh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin mar cheann na hoifige allamuigh, duine a dhéanfaidh formhaoirseacht ar obair fhoriomlán na hoifige.

4.   I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na hoifigí allamuigh an méid seo a leanas:

(a)

tacaíocht oibríochtúil agus lóistíochta a sholáthar agus comhordú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirithiú sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;

(b)

tacaíocht oibríochtúil a sholáthar do Mhontainéagró sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;

(c)

faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bhfoirne bainistithe teorainneacha agus tuairisciú go tráthrialta do cheanncheathrú na Gníomhaireachta;

(d)

comhar a dhéanamh le Montainéagró maidir le gach saincheist a bhaineann le cur chun feidhme praiticiúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht i Montainéagró, lena n-áirítear aon saincheist bhreise a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun cinn le linn na ngníomhaíochtaí sin;

(e)

tacú leis an oifigeach comhordúcháin sa chomhar a dhéanann sé nó sí le Montainéagró maidir le gach saincheist a bhaineann lena rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht agus, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh le ceanncheathrú na Gníomhaireachta;

(f)

tacú leis an oifigeach comhordúcháin agus leis an duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha / lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a bhfuil sé de chúram air nó uirthi nó orthu faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht oibríochtúil ó thaobh comhordú agus cumarsáid a éascú, i gcás inar gá, idir na foirne bainistithe teorainneacha agus údaráis ábhartha Mhontainéagró, mar aon le haon chúraimí ábhartha;

(g)

tacaíocht lóistíochta a eagrú a bhaineann leis na baill de na foirne a imscaradh agus le trealamh teicniúil a imscaradh agus a úsáid;

(h)

an tacaíocht lóistíochta eile ar fad a chur ar fáil maidir leis an limistéar oibríochtúil a bhfuil oifig allamuigh ar leith freagrach as, d’fhonn feidhmiú rianúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht a éascú;

(i)

bainistiú éifeachtach threalamh na Gníomhaireachta féin a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear lena cuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear clárú féideartha agus cothabháil fhadtéarmach an trealaimh sin agus aon tacaíocht lóistíochta is gá; agus

(j)

tacú le baill foirne agus/nó le gníomhaíochtaí eile de chuid na Gníomhaireachta i Montainéagró mar a comhaontaíodh idir an Ghníomhaireacht agus Montainéagró.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Montainéagró na socruithe chun na cúraimí a shanntar do na hoifigí allamuigh a chomhlíonadh.

6.   Tabharfaidh Montainéagró cúnamh don Ghníomhaireacht acmhainneacht oibríochtúil na n-oifigí allamuigh a áirithiú. Leagfar amach sonraí breise i socrú ar leith idir Montainéagró agus an Ghníomhaireacht.

AIRTEAGAL 7

Oifigeach comhordúcháin

1.   Gan dochar do ról na n-oifigí allamuigh mar a shainmhínítear in Airteagal 6, ceapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó de na baill foirne reachtúla lena n-imscaradh mar oifigeach comhordúcháin (oifigigh chomhordúcháin) do gach gníomhaíocht oibríochtúil. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin Montainéagró ar an eolas maidir leis an gceapachán sin.

2.   Is iad na nithe seo a leanas a bheidh i gceist le ról an oifigigh chomhordúcháin:

(a)

gníomhú mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht, Montainéagró agus na baill de na foirne bainistithe teorainneacha, trí chuidiú a sholáthar, thar ceann na Gníomhaireachta, maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha an imscartha;

(b)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart an phlean oibríochtúil, lena n-áirítear, i gcomhar leis an duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha / lucht faireacháin ar chearta bunúsacha, a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint agus tuairisciú don stiúrthóir feidhmiúcháin ina leith sin;

(c)

gníomhú thar ceann na Gníomhaireachta maidir le gach gné d’imscaradh na bhfoirne bainistithe teorainneacha agus tuairisciú don Ghníomhaireacht faoi na gnéithe sin uile; agus

(d)

comhar agus comhordú i measc Mhontainéagró agus na mBallstát rannpháirteach a chothú.

3.   I gcomhthéacs gníomhaíochtaí oibríochtúla, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an t-oifigeach comhordúcháin a údarú le cúnamh a thabhairt i dtaca le haon easaontas faoi fhorghníomhú an phlean oibríochtúil agus imscaradh na bhfoirne bainistithe teorainneacha a réiteach.

4.   Is treoracha a chomhlíonann an plean oibríochtúil amháin a eiseoidh Montainéagró do na baill de na foirne. I gcás ina measann an t-oifigeach comhordúcháin nach bhfuil na treoracha a eisítear do na baill de na foirne i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil ná leis na hoibleagáidí dlíthiúla is infheidhme, cuirfidh sé nó sí é sin in iúl d’oifigigh Mhontainéagró a dhéanann ról comhordúcháin agus don stiúrthóir feidhmiúcháin. Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, i gcomhréir le hAirteagal 18.

AIRTEAGAL 8

Cearta bunúsacha

1.   Agus a gcuid oibleagáidí faoin gComhaontú á gcomhlíonadh acu, glacann na Páirtithe mar chúram orthu féin gníomhú i gcomhréir le gach ionstraim is infheidhme um chearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1950 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, agus an Prótacal ó 1967 a ghabhann leis, Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1965 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Cúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1966 ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1984 in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1989 um Chearta an Linbh, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2006 ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

2.   Déanfaidh baill de na foirne, le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, cearta bunúsacha a urramú go hiomlán, lena n-áirítear maidir le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn agus dínit an duine, agus tabharfaidh siad aird ar leith ar dhaoine leochaileacha. Cibé bearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí, is comhréireach a bheidh siad le cuspóirí na mbeart sin. Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, ní dhéanfaidh siad idirdhealú i gcoinne daoine ar bhonn aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

Níl cead bearta atá i mbealach na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha a dhéanamh ach amháin nuair a dhéanann baill de na foirne iad agus a gcuid cúraimí á gcomhlíonadh nó a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu nuair is gá agus nuair atá sé comhréireach maidir le cuspóirí na mbeart sin agus ní mór meas a bheith acu ar bhunbhrí na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha sin i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le gach ball foirne d’údaráis náisiúnta Mhontainéagró atá páirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil.

3.   Déanfaidh oifigeach na Gníomhaireachta um chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíontacht gach gníomhaíochta oibríochtúla maidir le caighdeáin um chearta bunúsacha is infheidhme. Féadfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha, nó a ionadaí nó a hionadaí, cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar Mhontainéagró; tabharfaidh sé nó sí tuairimí maidir leis na pleananna oibríochtúla agus cuirfidh sé nó sí an stiúrthóir feidhmiúcháin ar an eolas maidir le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha i dtaobh gníomhaíocht oibríochtúil. Tacóidh Montainéagró le hiarrachtaí faireacháin an oifigigh um chearta bunúsacha, de réir mar a iarrtar air.

4.   Aontaíonn an Ghníomhaireacht agus Montainéagró rochtain thráthúil éifeachtach ar gach faisnéis a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo a chur ar fáil don fhóram comhairliúcháin, lena n-áirítear cuairteanna ar an láthair sa limistéar oibríochtúil.

5.   Beidh sásra um ghearáin ag an nGníomhaireacht agus Montainéagró araon chun líomhaintí ar sháruithe ar chearta bunúsacha, arna ndéanamh ag a mbaill foirne agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú acu le linn gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo, a phróiseáil. Leagfar amach na sásraí sin sa phlean oibríochtúil.

AIRTEAGAL 9

Lucht faireacháin ar chearta bunúsacha

1.   Déanfaidh oifigeach um chearta bunúsacha na Gníomhaireachta duine amháin ar a laghad den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a cheapadh i ngach gníomhaíocht oibríochtúil chun, inter alia, cúnamh a thabhairt don oifigeach comhordúcháin agus comhairle a chur air.

2.   Déanfaidh duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíonadh na gceart bunúsach agus comhairle agus cúnamh a chur ar fáil maidir le cearta bunúsacha in ullmhú, cur i gcrích agus measúnú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha. Áireofar air sin, go háirithe:

(a)

ullmhú pleananna oibríochtúla a leanúint agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha chun go mbeidh sé nó sí in ann a chuid cúraimí nó a cuid cúraimí a chomhlíonadh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896;

(b)

cuairteanna a thabhairt, lena n-áirítear cuairteanna fadtéarmacha, ar na háiteanna ina dtarlaíonn gníomhaíochtaí oibríochtúla;

(c)

comhoibriú agus idirchaidreamh a dhéanamh leis an oifigeach comhordúcháin agus cúnamh agus comhairle a chur ar fáil dó nó di;

(d)

an t-oifigeach comhordúcháin a chur ar an eolas agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha maidir le haon ábhar imní i dtaca le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht oibríochtúil; agus

(e)

rannchuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (i).

3.   Beidh rochtain ag lucht faireacháin ar chearta bunúsacha, neamhspleách ar chomhlíonadh a gcúraimí, ar gach réimse ina dtarlóidh an ghníomhaíocht oibríochtúil agus ar na doiciméid uile a bhaineann le cur chun feidhme na gníomhaíochta sin.

4.   Nuair a bheidh lucht faireacháin ar chearta bunúsacha i láthair sa limistéar oibríochtúil, beidh ionchomharthaí á gcaitheamh acu chun gur féidir iad a shainaithint go soiléir mar bhaill den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha.

5.   Féadfaidh oifigeach um chearta bunúsacha na Gníomhaireachta comhar a dhéanamh le hInstitiúid Chosantóir Chearta an Duine agus Shaoirsí Mhontainéagró (Ombudsman).

AIRTEAGAL 10

Baill de na foirne

1.   Beidh an t-údarás ag baill de na foirne na cúraimí a dtugtar tuairisc orthu sa phlean oibríochtúil, lena n-áirítear na cinn a dteastaíonn cumhachtaí feidhmiúcháin ina leith, a dhéanamh.

2.   Agus na cúraimí sin á gcomhlíonadh agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú ag na baill de na foirne, comhlíonfaidh siad dlíthe agus rialacháin Mhontainéagró chomh maith le dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais Eorpaigh is infheidhme.

3.   Ní fhéadfaidh baill de na foirne cúraimí a chomhlíonadh agus cumhachtaí a fheidhmiú ach amháin ar chríoch Mhontainéagró faoi threoracha agus i láthair údaráis bainistithe teorainneacha Mhontainéagró. Féadfaidh Montainéagró baill de na foirne a údarú le cúraimí sonracha a chomhlíonadh agus cumhachtaí sonracha a fheidhmiú ar a chríoch in éagmais na n-údarás bainistithe teorainneacha faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit baile, mar is iomchuí.

4.   Is í éide bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh á caitheamh ag baill de na foirne ar baill foirne reachtúla iad, le linn dóibh a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.

Beidh a n-éide náisiúnta féin á gcaitheamh ag baill de na foirne nach baill foirne reachtúla iad agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.

Agus iad ar dualgas, ní mór do gach ball den fhoireann comhartha aitheantais pearsanta infheicthe a chaitheamh ar a éide chomh maith le harmbhanda gorm ar a mbeidh ionchomharthaí an Aontais Eorpaigh agus na Gníomhaireachta.

5.   Údaróidh Montainéagró baill de na foirne ábhartha le cúraimí a chomhlíonadh le linn gníomhaíocht oibríochtúil a éilíonn úsáid fornirt, lena n-áirítear airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid, i gcomhréir le forálacha ábhartha an phlean oibríochtúil, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

féadfaidh baill de na foirne ar baill foirne reachtúla iad airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta;

(b)

féadfaidh baill de na foirne nach baill foirne reachtúla iad airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.

6.   Déanfar úsáid fornirt, lena n-áirítear iompar agus úsáid arm seirbhíse, armlóin agus modhanna comhéigneacha eile, a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta Mhontainéagró agus i láthair údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Mhontainéagró. Féadfaidh Montainéagró baill de na foirne a údarú le forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha ábhartha Mhontainéagró, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

maidir le baill de na foirne ar baill foirne reachtúla iad, beidh an t-údarú sin le forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Mhontainéagró faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta;

(b)

maidir le baill foirne nach baill foirne reachtúla iad, beidh an t-údarás sin le forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Mhontainéagró faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.

Gan dochar do cheanglais dhlí náisiúnta Mhontainéagró, ní mór úsáid fornirt ag na baill de na foirne a bheith riachtanach agus comhréireach agus ní mór go gcomhlíonfaidh sé an dlí idirnáisiúnta ábhartha, dlí an Aontais Eorpaigh, agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear, go háirithe, na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1896.

7.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht, sula n-imscarfar na baill de na foirne, Montainéagró ar an eolas maidir leis na hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a bhfuil cead ag baill de na foirne a iompar faoi mhír 5. Féadfaidh Montainéagró, áfach, toirmeasc a chur ar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh áirithe eile a iompar, ar choinníoll go gcuirfear an cosc céanna sin i bhfeidhm ar a húdaráis bainistithe teorainneacha féin faoi dhlí Mhontainéagró féin. Sula n-imscarfar na baill de na foirne, cuirfidh Montainéagró an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh is incheadaithe agus maidir leis na coinníollacha lena n-úsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

Déanfaidh Montainéagró na socruithe is gá le haghaidh eisiúint aon cheadúnas arm is gá agus éascóidh sé allmhairiú, onnmhairiú, iompar agus stóráil na n-arm, armlóin agus trealaimh eile a bheidh ar fáil do na baill de na foirne, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht. Leagfar amach sa phlean oibríochta an nós imeachta chun ceadúnas arm a eisiúint.

8.   Féadfar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach na mball de na foirne nó i gcosaint daoine eile, i gcomhréir le dlí náisiúnta Mhontainéagró agus i gcomhréir le prionsabail ábhartha dhlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais Eorpaigh.

9.   Féadfaidh Montainéagró baill de na foirne a údarú le bunachair sonraí náisiúnta a cheadú más gá chun aidhmeanna oibríochtúla a shonraítear sa phlean oibríochtúil a bhaint amach. Áiritheoidh Montainéagró go soláthróidh sé an rochtain sin ar bhunachair sonraí ar shlí éifeachtúil agus éifeachtach.

Sula n-imscarfar na baill de na foirne, cuirfidh Montainéagró an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi na bunachair sonraí náisiúnta a fhéadfar a cheadú.

Ní cheadóidh baill de na foirne ach na sonraí sin a bhfuil gá leo chun a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú. Déanfar an ceadú sin i gcomhréir le dlí náisiúnta Mhontainéagró maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

10.   Chun gníomhaíochtaí oibríochtúla a chur chun feidhme, déanfaidh a an Aireacht Gnóthaí Baile – Stiúrthóireacht Póilíneachta Mhontainéagró oifigigh a imscaradh ar oifigigh iad atá ábalta agus toilteanach cumarsáid a dhéanamh i mBéarla chun ról comhordúcháin a chomhlíonadh thar ceann Mhontainéagró i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil.

AIRTEAGAL 11

Pribhléidí agus díolúintí mhaoine, chistí, shócmhainní agus oibríochtaí na gníomhaireachta

1.   Beidh aon áitreabh agus foirgnimh de chuid na Gníomhaireachta i Montainéagró dosháraithe. Beidh na háitribh agus na foirgnimh sin díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú.

2.   Maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta, lena n-áirítear modhanna iompair, cumarsáid, cartlanna, comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní airgeadais, is dosháraithe a bheidh siad.

3.   Áirítear le sócmhainní na Gníomhaireachta sócmhainní atá faoi úinéireacht nó faoi chomhúinéireacht Ballstáit, nó arna gcairtfhostú nó arna léasú ag Ballstát agus arna gcur ar fáil don Ghníomhaireacht. Ar bhordáil ionadaí/ionadaithe údaráis inniúla náisiúnta, pléifear leo siúd mar acmhainní i mbun seirbhíse rialtais agus déanfar iad a údarú i ndáil leis sin.

4.   Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i ndáil leis an nGníomhaireacht. Ní bheidh maoin ná sócmhainní na Gníomhaireachta faoi réir aon bheart comhéigin riaracháin ná dlíthiúil. Ní fhéadfaidh maoin na Gníomhaireachta a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh.

5.   Arna iarraidh sin d’údaráis bhreithiúnacha ábhartha Mhontainéagró, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin toiliú a thabhairt d’údaráis náisiúnta ábhartha Mhontainéagró dul isteach in áitribh agus i bhfoirgnimh agus/nó rochtain ar mhaoin agus ar shócmhainní na Gníomhaireachta i gcás ina bhfuil amhras tromchúiseach ann faoi chionta coiriúla.

Féadfar glacadh le toiliú an stiúrthóra feidhmiúcháin i gcás dóiteáin nó tubaiste eile a dteastaíonn gníomh cosanta pras ina leith.

6.   Ceadóidh Montainéagró iontráil agus baint earraí agus trealaimh arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht chuig Montainéagró chun críoch oibríochtúil.

7.   Beidh an Ghníomhaireacht díolmhaithe ó gach dleacht (lena n-áirítear dleachtanna custaim) agus ó gach cáin chomh maith le haon toirmeasc agus srian ar allmhairí agus ar onnmhairí i ndáil le hearraí agus trealamh atá beartaithe dá húsáid oifigiúil, lena n-áirítear earraí agus trealamh arna allmhairiú nó arna n-onnmhairiú ag tríú páirtí thar ceann na Gníomhaireachta.

AIRTEAGAL 12

Pribhléidí agus díolúintí na mball de na foirne

1.   Is é is aidhm do na pribhléidí agus na díolúintí a dheonófar ina dhiaidh sin do na baill den fhoireann feidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla a áirithiú le linn na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir leis an bplean oibríochta ar chríoch Mhontainéagró.

2.   Ní bheidh na baill de na foirne faoi réir aon chineál fiosrúcháin ná imeacht dlíthiúil i Montainéagró nó ag údaráis Mhontainéagró, seachas sna cúinsí dá dtagraítear i mír 3.

3.   Beidh díolúine ag baill de na foirne ó dhlínse choiriúil, shibhialta agus riaracháin Mhontainéagró i leith gach gnímh arna dhéanamh acu i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis Mhontainéagró imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a thionscnamh i gcoinne baill de na foirne, cuirfidh údaráis inniúla Mhontainéagró é sin in iúl láithreach don stiúrthóir feidhmiúcháin. Beidh an nós imeachta um fhógra a thabhairt i gcomhréir le cinneadh infheidhme na Gníomhaireachta, cinneadh a leagfar amach sa phlean oibríochtúil.

Tar éis dó fógra den sórt sin a fháil, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin in iúl d’údaráis ábhartha Mhontainéagró, gan aon mhoill mhíchuí, cé acu a rinne nó nach ndearna an ball den fhoireann an gníomh i dtrácht agus a fheidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú aige nó aici. Más rud é go ndeirtear go ndearnadh an gníomh i bhfeidhmiú feidhmeanna oifigiúla, ní thionscnófar na himeachtaí. Más rud é gur sonraíodh nach ndearnadh an gníomh i bhfeidhmiú feidhmeanna oifigiúla, féadfar na himeachtaí a thionscnamh. Beidh cáiliú an stiúrthóra feidhmiúcháin ceangailteach ar Mhontainéagró, agus ní chuirfidh sé ina aghaidh.

Go dtí go bhfaighfear an cáiliú sin, staonfaidh an Ghníomhaireacht ó aon bheart a dhéanamh atá beartaithe chun aon ionchúiseamh coiriúil a d’fhéadfadh údaráis inniúla Mhontainéagró a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an mball den fhoireann a chur i mbaol, lena n-áirítear éascú a dhéanamh ar imeacht an bhaill den fhoireann lena mbaineann ó Mhontainéagró.

Ní dhéantar baill de na foirne a dhíolmhú ó dhlínse an Bhallstáit baile mar gheall ar phribhléidí a dheonaítear dóibh agus díolúine ó dhlínse choiriúil Mhontainéagró.

4.   Má thionscnaíonn baill de na foirne imeachtaí, coiscfidh sé sin orthu díolúine a agairt ón dlínse i leith aon fhrithmhaímh a bhainfidh go díreach leis an bpríomh-mhaíomh.

5.   Áitribh, áiteanna cónaithe, modhanna iompair agus cumarsáide agus maoin na mball de na foirne, lena n-áirítear comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní, beidh siad dosháraithe, ach amháin i gcás bearta forghníomhaithe a cheadaítear de bhun mhír 10.

6.   Beidh Montainéagró freagrach as aon díobháil arna déanamh ag baill de na foirne ar thríú páirtithe agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú.

7.   I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil, nó arna déanamh ag ball foirne ar ball foirne reachtúil é agus nach mbaineann le feidhmeanna oifigiúla a fheidhmiú, féadfaidh Montainéagró a iarraidh, tríd an stiúrthóir feidhmiúcháin, go n-íocfadh an Ghníomhaireacht cúiteamh.

I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil ag ball den fhoireann, nó arna déanamh ag ball den fhoireann nach ball foirne reachtúil é, agus é gan bheith i mbun a fheidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú, féadfaidh Montainéagró a iarraidh, tríd an stiúrthóir feidhmiúcháin, go n-íocfadh an Ballstát baile lena mbaineann cúiteamh.

8.   Ní bheidh aon Pháirtí ná aon Bhallstát rannpháirteach ná an Ghníomhaireacht faoi dhliteanas i leith aon díobháil a dhéantar i Montainéagró de dheasca theagmhas force majeure nach bhfuil aon neart aige air.

9.   Ní bheidh ar bhaill de na foirne fianaise a thabhairt mar fhinnéithe in imeachtaí dlíthiúla i Montainéagró. Féadfaidh baill de na foirne fianaise a thabhairt trí ráiteas a chuirtear isteach i gcomhréir le dlí nós imeachta Mhontainéagró. Ní dhéanfaidh cur isteach an ráitis sin difear don díolúine dá bhforáiltear faoi mhír 3.

10.   Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i leith baill de na foirne, ach amháin i gcásanna ina ndéantar imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a thionscnamh ina n-aghaidh nuair nach mbaineann an t-imeacht sin lena bhfeidhmeanna oifigiúla. Maoin de chuid ball de na foirne atá deimhnithe ag an stiúrthóir feidhmiúcháin mar ní atá riachtanach chun a bhfeidhmeanna oifigiúla a chomhlíonadh, ní fhéadfaidh í a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh. In imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin ní bheidh baill de na foirne faoi réir aon srian ar a saoirse phearsanta ná aon bheart eile comhéigin.

11.   Beidh baill de na foirne, maidir le seirbhísí a sholáthar don Ghníomhaireacht, díolmhaithe ó fhorálacha um shlándáil shóisialta a d’fhéadfadh bheith i bhfeidhm i Montainéagró.

12.   Ní ghearrfar aon cháin, de chineál ar bith, i Montainéagró ar thuarastal ná díolaíocht a íocann an Ghníomhaireacht agus/nó Ballstáit bhaile le baill de na foirne, ná araon ioncam a fhaigheann baill de na foirne lasmuigh de Mhontainéagró.

13.   Ceadóidh Montainéagró iontráil earraí d’úsáid phearsanta na mball foirne agus deonóidh siad eisiamh ó gach dleacht chustaim, cáin agus costas gaolmhar seachas costais ar stóráil, iompar agus seirbhísí comhchosúla, i leith earraí den sórt sin. Ceadóidh Montainéagró onnmhairiú earraí den sórt sin freisin.

14.   Beidh bagáiste pearsanta na mball de an foirne díolmhaithe ó iniúchadh, mura bhfuil cúiseanna tromchúiseacha amhrais ann go bhfuil earraí ann nach d’úsáid phearsanta na mball de na foirne iad, nó earraí a thoirmeasctar a n-allmhairiú nó a n-onnmhairiú de réir an dlí nó atá faoi réir rialacháin choraintín Mhontainéagró. Ní iniúchfar bagáiste pearsanta den sórt sin ach amháin i láthair na mball de na foirne lena mbaineann nó ionadaí údaraithe de chuid na Gníomhaireachta.

15.   Ceapfaidh an Ghníomhaireacht agus Montainéagró pointí teagmhála a bheidh ar fáil i gcónaí agus a bheidh freagrach as malartú faisnéise agus bearta láithreacha a bheidh le déanamh maidir le haon ghníomh arna dhéanamh ag ball den fhoireann a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar dhlí coiriúil, chomh maith leis an malartú faisnéise agus na gníomhaíochtaí oibríochtúla i ndáil le haon imeacht sibhialta ná riaracháin in aghaidh ball den fhoireann.

Go dtí go mbeidh beart déanta ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile, cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Montainéagró le chéile chun na fiosrúcháin agus imscrúduithe ar fad is gá a dhéanamh maidir le haon chion coiriúil líomhainte a bhfuil leas ag an nGníomhaireacht agus Montainéagró nó iad araon ina leith, i sainaithint finnéithe agus bailiú agus soláthar fianaise, lena n-áirítear an iarraidh ar nithe a bhaineann leis an gcion coiriúil a mhaítear a fháil, agus a thabhairt ar láimh, más iomchuí. Féadfar tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin a chur faoi réir a dtabhairt ar ais laistigh de na téarmaí a shonróidh an t-údarás inniúil a sholáthróidh iad.

AIRTEAGAL 13

Baill de na foirne atá gortaithe nó éagtha

1.   Gan dochar d’Airteagal 12, beidh sé de cheart ag an stiúrthóir feidhmiúcháin cúram a ghlacadh, agus socruithe oiriúnacha a dhéanamh, i leith aisdúichiú aon bhall den fhoireann atá gortaithe nó éagtha, chomh maith lena mhaoin phearsanta.

2.   Ní dhéanfar scrúdú iarbháis ar bhall den foireann atá éagtha ach amháin le toiliú sainráite an Bhallstáit baile lena mbaineann agus i láthair ionadaí ón nGníomhaireacht nó ón mBallstát baile lena mbaineann.

3.   Rachaidh Montainéagró agus an Ghníomhaireacht i gcomhar a chéile a mhéid is féidir d’fhonn baill de na foirne atá gortaithe nó éagtha a aisdúichiú go pras.

AIRTEAGAL 14

Doiciméad creidiúnúcháin

1.   Eiseoidh an Ghníomhaireacht doiciméad i Montainéigris agus i mBéarla chuig gach ball den fhoireann chun críoch aitheantais vis-à-vis údaráis náisiúnta Mhontainéagró agus mar chruthúnas ar chearta an tsealbhóra na cúraimí a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo agus sa phlean oibríochtúil (‘an doiciméad creidiúnúcháin’).

2.   Áireofar an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an mball foirne ar an doiciméad creidiúnúcháin: ainm agus náisiúntacht, céim nó teideal poist, grianghraf digitithe a tógadh le deireanas agus na cúraimí a bheidh le déanamh le linn an imscartha. Áireofar dáta éaga ar an doiciméad creidiúnúcháin.

3.   Chun críoch aitheantais vis-à-vis údaráis náisiúnta Mhontainéagró, beidh ar bhaill de na foirne an doiciméad creidiúnúcháin a thabhairt leo i gcónaí.

4.   Aithneoidh Montainéagró go gceadaíonn an doiciméad creidiúnúcháin, in éineacht le doiciméad bailí taistil, iontráil don bhall ábhartha den fhoireann agus go gceadaíonn sé dó fanacht i Montainéagró gan gá le víosa, cead cónaithe, réamh-údarú ná aon doiciméad eile, suas leis an lá a rachaidh an doiciméad in éag.

5.   Tabharfar an doiciméad creidiúnúcháin ar ais don Ghníomhaireacht ag deireadh na tréimhse imscartha. Cuirfear údaráis inniúla Montainéagró ar an eolas maidir leis sin.

AIRTEAGAL 15

Feidhm maidir le baill foirne nach n-imscartar mar bhaill de na foirne

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 12, 13 agus 14 maidir le gach ball foirne a imscartar chuig Montainéagró faoin gcomhaontú seo nó faoi phlean oibríochtúil faoi nach baill de na foirne iad, lena n-áirítear lucht faireacháin ar chearta bunúsacha agus na baill foirne reachtúla arna n-imscaradh chuig oifigí allamuigh.

AIRTEAGAL 16

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Ní chuirfear sonraí pearsanta in iúl ach amháin má bhíonn cumarsáid den sórt sin riachtanach le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo ag údaráis inniúla Mhontainéagró nó ag an nGníomhaireacht. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údarás i gcás faoi leith, lena n-áirítear aistriú na sonraí pearsanta sin chuig an bPáirtí eile, beidh an phróiseáil sonraí sin faoi réir na rialacha um chosaint sonraí is infheidhme maidir leis an údarás sin. Áiritheoidh na Páirtithe na coimircí íosta seo a leanas mar réamhchoinníoll le haghaidh aistriú sonraí d’aon chineál:

(a)

ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí;

(b)

ní mór sonraí pearsanta a bhailiú don chuspóir sonrach, follasach agus dlisteanach a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus níor cheart don údarás atá á gcur in iúl ná don údarás is faighteoir tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir sin;

(c)

ní mór sonraí pearsanta a bheith leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis an gcuspóir dá ndéantar iad a bhailiú nó a phróiseáil a thuilleadh; go háirithe, na sonraí pearsanta a chuirtear in iúl i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an údaráis atá á gcur in iúl, féadfaidh siad baint a bheith acu le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas agus leis an ní nó na nithe sin amháin:

céadainm,

sloinne,

dáta breithe,

náisiúntacht,

céim,

bithleathanach an doiciméid taistil,

doiciméad creidiúnúcháin,

grianghraf ón doiciméad aitheantais/pas/doiciméid creidiúnúcháin,

seoladh ríomhphoist,

uimhir fóin póca,

mionsonraí an airm,

fad an imscartha,

suíomh an imscartha,

uimhreacha aitheantais aerárthaí nó soithí,

dáta teachta,

an t-aerfort teachta/an pointe trasnaithe teorann teachta,

uimhir eitilte teachta,

dáta imeachta,

an t-aerfort imeachta/an pointe trasnaithe teorann imeachta,

uimhir eitilte imeachta,

ballstát baile/tríú tír,

údarás imscartha,

cúraimí/próifíl oibríochtúil,

modh iompair,

bealach

de chuid ball de na foirne, bhaill foirne na Gníomhaireachta, breathnóirí ábhartha, nó ball de chláir malartaithe foirne;

(d)

ní mór sonraí pearsanta a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, ní mór iad a choimeád cothrom le dáta;

(e)

ní mór sonraí pearsanta a choimeád i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críche dár bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu;

(f)

ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, ag cur rioscaí sonracha na próiseála san áireamh, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scriosadh nó damáiste de thaisme, agus bearta teicniúla nó eagraíochtúla iomchuí á n-úsáid (‘sárú i ndáil le sonraí’); déanfaidh an Páirtí is faighteoir bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon sárú i ndáil le sonraí, agus cuirfidh sé an Páirtí atá á gcur in iúl ar an eolas maidir le haon sárú den sórt sin gan moill mhíchuí agus laistigh de 72 uair an chloig;

(g)

glacfaidh an t-údarás atá á gcur in iúl agus an t-údarás is faighteoir araon gach céim réasúnta chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh gan mhoill, mar is iomchuí, i gcás nach gcomhlíonann an phróiseáil an Airteagal seo, go háirithe toisc nach bhfuil na sonraí sin leormhaith ábhartha ná cruinn, nó toisc go bhfuil siad iomarcach i ndáil le críoch na próiseála; airítear leis fógra a thabhairt don Pháirtí eile maidir le haon cheartú nó léirscriosadh;

(h)

arna iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás is faighteoir an t-údarás atá á gcur in iúl ar an eolas maidir le húsáid na sonraí a cuireadh in iúl;

(i)

níl cead sonraí pearsanta a chur in iúl ach amháin do na húdaráis inniúla seo a leanas:

an Ghníomhaireacht; agus

an Aireacht Gnóthaí Baile – Stiúrthóireacht Póilíneachta Mhontainéagró

chun sonraí a chur in iúl do chomhlachtaí eile, éilítear réamh-údarú an údaráis atá á gcur in iúl;

(j)

tá an t-údarás atá á gcur in iúl agus an t-údarás is faighteoir faoi oibleagáid taifead i scríbhinn a dhéanamh ar an gcur in iúl agus ar fháil na sonraí pearsanta;

(k)

beidh formhaoirseacht neamhspleách i bhfeidhm chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear chun taifid den sórt sin a iniúchadh; beidh sé de cheart ag ábhair sonraí gearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta formhaoirseachta, agus freagra a fháil gan moill mhíchuí;

(l)

beidh sé de cheart ag ábhair sonraí faisnéis a fháil maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta, rochtain a fháil ar na sonraí sin agus go ndéanfaí sonraí míchruinne nó sonraí a próiseáladh go neamhdhleathach a ceartú nó a léirscriosadh, faoi réir srianta riachtanacha comhréireacha ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail; agus

(m)

beidh sé de cheart ag ábhair sonraí sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil i gcás shárú na gcoimircí thuasluaite.

2.   Déanfaidh gach Páirtí athbhreithniú tráthrialta ar a bheartais agus nósanna imeachta féin lena gcuirtear an Airteagal seo chun feidhme. Arna iarraidh sin don Pháirtí eile, déanfaidh an Páirtí a fuair an iarraidh athbhreithniú ar a gcuid beartas agus nósanna imeachta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta chun a shuí agus a dheimhniú go bhfuil na coimircí san Airteagal seo á gcur chun feidhme go héifeachtach. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe chuig an bPáirtí a d’iarr an t-athbhreithniú laistigh de thréimhse réasúnta.

3.   Beidh na coimircí um chosaint sonraí faoin gComhaontú seo faoi réir formhaoirseachta ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ag Gníomhaireacht um Chosaint Sonraí Pearsanta agus um Shaor-Rochtain ar Fhaisnéis Mhontainéagró.

4.   Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, mar údarás maoirseachta na Gníomhaireachta.

5.   Tarraingeoidh an Ghníomhaireacht agus Montainéagró tuarascáil chomhpháirteach suas maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo ag deireadh gach gníomhaíochta oibríochtúla. Seolfar an tuarascáil sin chuig oifigeach um chearta bunúsacha agus oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta agus do Ghníomhaireacht um Chosaint Sonraí Pearsanta agus um Shaor-Rochtain ar Fhaisnéis Mhontainéagró.

6.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Montainéagró rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir le sonraí pearsanta a chur in iúl agus a phróiseáil chun críoch gníomhaíochtaí oibríochtúla faoin gComhaontú seo i bhforálacha sonracha de na pleananna oibríochtúla ábhartha. Comhlíonfaidh na forálacha sin ceanglais ábhartha dhlí an Aontais Eorpaigh agus dhlí Mhontainéagró. Tabharfar tuairisc iontu, inter alia, ar chuspóir beartaithe an chur in iúl, ar an rialaitheoir nó ar na rialaitheoirí agus ar gach ról agus freagracht, ar na catagóirí sonraí a chuirtear in iúl, ar na tréimhsí sonracha coinneála sonraí, agus ar na coimircí íosta go léir. Ar mhaithe leis an trédhearcacht agus an intuarthacht, cuirfear na forálacha sin ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an treoraíocht ábhartha ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.

AIRTEAGAL 17

Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú

1.   Cumhdófar aon mhalartú, comhroinnt nó scaipeadh faisnéise rúnaicmithe faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo faoi chomhshocrú riaracháin ar leithligh a thabharfar i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus údaráis ábhartha Mhontainéagró agus a bheidh faoi réir fhormheas an Choimisiúin Eorpaigh roimh ré.

2.   Maidir le haon mhalartú faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo:

(a)

pléifidh an Ghníomhaireacht leis i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (3) agus pléifidh Montainéagró leis i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

(b)

gheobhaidh sé leibhéal cosanta ón bPáirtí is faighteoir atá comhionann le leibhéal na cosanta a thugtar leis na bearta a chuireann an Páirtí atá á cur in iúl i bhfeidhm maidir leis an bhfaisnéis sin i dtéarmaí rúndachta, sláine agus infhaighteachta; agus

(c)

déanfar é trí chóras malartaithe faisnéise a chomhlíonann critéir na hinfhaighteachta, na rúndachta agus na sláine le haghaidh faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe, amhail an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1896.

3.   Comhlíonfaidh na Páirtithe cearta maoine intleachtúla a bhaineann le haon sonraí a phróiseáiltear faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo.

AIRTEAGAL 18

Cinneadh maidir le maoiniú le haghaidh gníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí, a fhoirceannadh agus/nó a aistarraingt

1.   Mura gcomhlíontar na coinníollacha chun gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanamh a thuilleadh, lena n-áirítear mar a thug Montainéagró fógra faoi, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil sin a fhoirceannadh tar éis dó Montainéagró a chur ar an eolas. Cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil i scríbhinn agus áireofar leis na cúiseanna ina leith.

2.   Mura léiríonn Montainéagró urraim don Chomhaontú seo ná do phlean oibríochtúil, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin maoiniú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha a aistarraingt, agus/nó é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Montainéagró a chur ar an eolas i scríbhinn.

3.   Mura féidir slándáil rannpháirtí i ngníomhaíocht oibríochtúil arna imscaradh i Montainéagró a ráthú, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil ábhartha nó codanna di a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

4.   Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin gur tharla sáruithe ar chearta bunúsacha nó ar oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta, ar sáruithe iad atá tromchúiseacha nó ar dócha go leanfaidh siad ar aghaidh nó ar dócha go dtarlóidh siad i ndáil le gníomhaíocht oibríochtúil a dhéantar faoin gComhaontú seo, aistarraingeoidh sé nó sí maoiniú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha, agus/nó déanfaidh sé é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Montainéagró a chur ar an eolas.

5.   Féadfaidh Montainéagró a iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus áireofar leis na cúiseanna ina leith.

6.   Beidh éifeacht ag fionraí, foirceannadh nó aistarraingt maoinithe faoin Airteagal seo ón dáta a thugtar an fógra do Mhontainéagró. Ní dhéanfaidh sé difear do chearta ná oibleagáidí a eascróidh as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó an phlean oibríochtúil sula ndéantar an maoiniú a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a aistarraingt.

7.   Féadfaidh Montainéagró a iarraidh go bhfoirceannfaí imscaradh aon bhall den fhoireann nó aon bhall den fhoireann ábhartha eile nach léiríonn urraim don Chomhaontú seo ná do phlean oibríochtúil faoin gComhaontú nó a dhéanann sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht Mhontainéagró. Is é an stiúrthóir feidhmiúcháin nó an Ballstát baile lena mbaineann de réir mar is iomchuí a dhéanfaidh an cinneadh maidir leis an imscaradh a fhoirceannadh agus tabharfar fógra ina leith d’údaráis ábhartha Mhontainéagró.

AIRTEAGAL 19

Calaois a chomhrac

1.   Tabharfaidh Montainéagró fógra don Ghníomhaireacht, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus/nó an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise láithreach má fhaigheann sé amach go bhfuil líomhaintí inchreidte calaoise, éillithe nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo ann a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna an Aontais Eorpaigh.

2.   I gcás ina mbaineann líomhaintí den sórt sin le maoiniú ón Aontas Eorpach a eisíoctar i ndáil leis an gComhaontú seo, soláthróidh Montainéagró gach cúnamh riachtanach d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus/nó don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise i ndáil le gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha ar a chríoch, lena n-áirítear agallaimh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair a éascú (lena n-áirítear rochtain ar chórais faisnéise agus bunachair sonraí i Montainéagró) agus rochtain a éascú ar aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le bainistíocht theicniúil agus airgeadais ar chúrsaí arna maoiniú go páirteach nó go hiomlán ag an Aontas Eorpach.

AIRTEAGAL 20

Cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo

1.   I gcás Mhontainéagró, is í an Aireacht Gnóthaí Baile – Stiúrthóireacht Póilíneachta Mhontainéagró a chuirfidh an Comhaontú seo chun feidhme.

2.   I gcás an Aontais Eorpaigh, is í an Ghníomhaireacht a chuirfidh an Comhaontú seo chun feidhme.

AIRTEAGAL 21

Réiteach díospóidí

1.   Déanfaidh ionadaithe ón nGníomhaireacht agus ó údaráis inniúla Mhontainéagró scrúdú le chéile ar aon díospóid a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

2.   Mura dtiocfar ar aon réiteach, réiteofar díospóidí a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo le hidirbheartaíocht idir na Páirtithe agus ar an mbealach sin amháin.

AIRTEAGAL 22

Teacht i bhfeidhm, cur i bhfeidhm sealadach, leasú, fad, fionraí agus foirceannadh an Chomhaontaithe agus foirceannadh an Chomhaontaithe réamhtheachtaigh

1.   Beidh an Comhaontú seo faoi réir dhaingniú, ghlacadh nó fhormheas na bPáirtithe i gcomhréir lena nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha féin. Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta is gá chun na críche sin i gcrích.

2.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur chuir siad i gcrích na nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha i gcomhréir le mír 1.

Go dtí go gcuirfear na nósanna imeachta is gá i gcrích chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, féadfar an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón gcéad dáta den dara mí tar éis dháta a shínithe ag na Páirtithe.

3.   Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe.

4.   Tugtar an Comhaontú seo i gcrích go ceann tréimhse éiginnte. Féadfar é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh le comhaontú i scríbhinn idir na Páirtithe nó go haontaobhach ag ceachtar den dá Pháirtí.

I gcás fionraí nó foirceannadh aontaobhach, an Páirtí ar mian leis an comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, déanfaidh sé fógra a thabhairt faoi sin don Pháirtí eile i scríbhinn. Tiocfaidh foirceannadh nó fionraí aontaobhach an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa inar tugadh an fógra.

5.   Leis seo, déantar Comhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró, a síníodh i Lucsamburg an 7 Deireadh Fómhair 2019, a aisghairm agus cuirtear an Comhaontú seo ina ionad.

Le linn na tréimhse ina mbeidh an Comhaontú seo á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, cuirfear ar fionraí cur i bhfeidhm Chomhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le Gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró, a síníodh i Lucsamburg an 7 Deireadh Fómhair 2019.

Maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna seoladh ar bhonn Chomhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró, a síníodh i Lucsamburg an 7 Deireadh Fómhair 2019, a bheidh ar siúl go fóill tráth chur i bhfeidhm sealadach nó theacht i bhfeidhm an Chomhaontuithe seo, féadfar leanúint léi, faoi réir leasú nó oiriúnú an phlean oibríochtúil lena mbaineann i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

6.   Seolfar fógraí a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo, i gcás an Aontais Eorpaigh, chuig Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus, i gcás Montainéagró, chuig Aireacht Ghnóthaí Eachtracha Mhontainéagró.

Arna dhéanamh i ndúblach sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Montainéigris, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.

DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.

Image 1

 


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus Rialachán (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)   IO CE L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(3)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).


RIALACHÁIN

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 140/22


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1041 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Bealtaine 2023

lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh ‘TWP 094’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Samhain 2018, chuir TROY CHEMICAL COMPANY BV iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 le haghaidh údarú Aontais le haghaidh táirge bithicídeach ar a dtugtar TWP 094 de chineál táirge 8, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus thug sé deimhniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na Danmhairge meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Taifeadadh an t-iarratas faoi chás-uimhir BC-QN044827-14 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha.

(2)

Is é búitiolcarbamáit 3-iada-2-próipinile (IPBC) an tsubstaint ghníomhach atá in TWP 094, substaint a chuimsítear i liosta an Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 le haghaidh chineál táirge 8.

(3)

An 7 Eanáir 2022, rinne an t-údarás inniúil meastóireachta tuarascáil mheasúnaithe agus conclúidí a mheastóireachta a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(4)

An 5 Iúil 2022, chuir an Ghníomhaireacht a tuairim (2) faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, sin agus an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh (‘SPC’) atá ag ‘TWP 094’, maille leis an tuarascáil mheasúnaithe dheiridh ar an bhfine táirgí bithicídeacha.

(5)

Is é conclúid na tuairime gur táirge bithicídeach é TWP 094 de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go bhfuil sé incháilithe d’údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) den Rialachán sin agus, faoi réir chomhlíonadh an dréacht-SPC, go sásaíonn sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) den Rialachán sin.

(6)

An 18 Lúnasa 2022, rinne an Ghníomhaireacht an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a tharchur chuig an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais le haghaidh TWP 094 a dheonú.

(8)

Ina tuairim, sonraíonn an Ghníomhaíocht gur coinníoll den údarú é go ndéanfaidh sealbhóir an údaraithe tástáil stórála fadtéarmaí ag teocht chomhthimpeallach ar TWP 094 agus go soláthraíonn sé tástáil ar chúradh leanúnach agus tástáil ar mhéid an tuaslagtha agus cobhsaíocht an chaolúcháin le haghaidh chineál ullmhóide tiúchana intuaslagtha an táirge. Ba cheart seilfré bliain amháin an táirge bhithicídigh a dheimhniú le torthaí na tástála stórála fadtéarmaí, seilfré a deonaíodh bunaithe ar thástáil cobhsaíochta luathaithe le linn stórála agus ar na torthaí eatramhacha ó thástáil cobhsaíochta le linn stórála fadtéarmaí ag teocht chomhthimpeallach. An fhaisnéis atá le soláthair maidir le cúradh leanúnach agus méid an tuaslagtha agus cobhsaíocht an chaolúcháin, ba cheart airíonna teicniúla an táirge le haghaidh chineál ullmhóide tiúchana intuaslagtha an táirge a dheimhniú leis an bhfaisnéis sin.

(9)

Aontaíonn an Coimisiún le tuairimí na Gníomhaireachta agus measann sé gur cheart cur isteach thorthaí na tástála agus na faisnéise le haghaidh an chineáil ullmhóide tiúchana intuaslagtha a bheith ina choinníoll maidir leis an táirge bithicídeach TWP 094 a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid de bhun Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Cé go mbeidh sonraí le soláthar tar éis dheonú an údaraithe, measann an Coimisiún freisin nach ndéanann an méid sin difear don chonclúid maidir le comhlíonadh an choinníll faoi Airteagal 19(1), pointe (d), den Rialachán sin ar bhonn na sonraí atá ann cheana.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, deonaítear údarú Aontais darb uimhir údaraithe EU-0028968-0000 do TROY CHEMICAL COMPANY BV maidir leis an táirge bithicídeacha TWP 094 a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Tá an t-údarú Aontais bailí ón 19 Meitheamh 2023 go dtí an 31 Bealtaine 2033.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Tuairim ó ECHA an 16 Meitheamh 2022 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh TWP 094 (ECHA/BPC/348/2022), https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.


IARSCRÍBHINN I

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA (EU-0028968-0000)

Déanfaidh sealbhóir an údaraithe tástáil i ndáil le stóráil fhadtéarmach ag teocht chomhthimpeallach ar an táirge TWP 094 chun seilfré 12 mhí an táirge bhithicídigh a dheimhniú. Ní mór tástáil ar mhéid an tuaslagtha agus cobhsaíocht an chaolúcháin tar éis stóráil ar feadh 12 mhí ag teocht chomhthimpeallacht a bheith san áireamh sa staidéar. Má bhíonn díghrádú níos mó ná 10 % ann, beidh sonraí éifeachtúlachta agus faisnéis ar na táirgí díghrádúcháin agus ar a dtionchair ar mheasúnú riosca ag teastáil agus cuirfear san áireamh iad.

Soláthróidh sealbhóir an údaraithe tástáil ar chúradh leanúnach agus tástáil ar mhéid an tuaslagtha agus cobhsaíocht an chaolúcháin chun cineál ullmhóide tiúchana intuaslagtha an táirge TWP 094 a dheimhniú.

Faoin 19 Meitheamh 2024 cuirfidh sealbhóir an údaraithe torthaí na tástála agus an fhaisnéis faoi bhráid na Gníomhaireachta.


IARSCRÍBHINN II

Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach

TWP 094

Cineál táirge 8 - Leasaithigh adhmaid (Leasaithigh)

Uimhir an údaraithe: EU-0028968-0000

Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0028968-0000

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Trádainm (nó trádainmneacha) an táirge

Trádainm (nó trádainmneacha)

TWP 094

StoPrim Protect W 22

Aqua Holz-Imprägnier-Grund

Gjøco Impregnering Aqua

Omnia Preservative

Voima Aqua Base

Aqua IG-16

Aqua Holz-Imprägnierung

Induline SW-906

Sadolin QD Wood Preserver WB

Holz-Öl Imprägniergrund WX

Imprägniergrund W21000

Imprägniergrund W219

Protox Woodprotect

B3 Grundingsolie WP

GVK-Pohjuste Plus

Pinja Base

Grundolja

Villa Protect

Primex Olja plus

Primex Olja

Valtti Plus Primer

Gori Professional Træimprægnering Vandig

Sigmalife WB Primer

GORI Transparent grunder træværk 11

IM151A

profilan-prevent pro

impralan-Grund I100 pro

impralan-Grund G300 pro

impralan-Grund G400 pro

Rhenocryl pro-TL 30 EU

Rhenocryl pro-TL 45 EU

Holzschutzgrund / sous-couche de protection du bois

Impregnační základ

Impregnačný základ

Houtimpregneer

Grund pentru protecția lemnului

Holzschutzgrundierung

Osmo Træimprægnering WR Aqua 4019

Osmo Träimpregnering WR Aqua 4019

Osmo Treimpregnering WR Aqua 4019

Osmo Puunsuojapohjuste WR Aqua 4019

Osmo Color Träimpregnering WR Aqua 4019

Osmo Imprégnation pour le bois WR aqua 4019

Osmo Holz-Imprägnierung WR Aqua 4019

Osmo Impregnace dřeva WR Aqua 4019

Osmo Impregnácia dreva WR Aqua 4019

Osmo Impregnazione per legno WR Aqua 4019

Osmo Impregnálás WR Aqua 4019

Osmo Impregnat do drewna WR Aqua 4019

Osmo Houtimpregneer WR Aqua 4019

Osmo Imprégnation pour le bois WR aqua 4019

Osmo Holz-Imprägnierung WR Aqua 4019

Osmo Houtimpregneer WR Aqua 4019

Osmo Impregnarea lemnului WR Aqua 4019

Osmo WR Base Coat Aqua 4019

Osmo Color Puiduimmutus WR Aqua 4019

Osmo Impregnēšana kokam WR Aqua 4019

Osmo Impregnavimas WR Aqua 4019

Osmo WR Base Coat Aqua 4019

Osmo Impregnación para madera WR Aqua 4019

Osmo Impregnação para madeira WR Aqua 4019

Osmo Impregnacija lesa WR Aqua 4019

Osmo Impregnacija drva WR Aqua 4019

Flügger 01 Wood Tex Grund-olie

Flügger 01 Wood Tex Grund-olja

Flügger 01 Wood Tex Grunn-olje

Flügger 01 Wood Tex Grundieröl

Flügger 01 Wood Tex Primaire Bois Hydrofuge

Flügger 01 Wood Tex Olej-gruntujacy

Flügger 01 Wood Tex

Flügger 01 Wood Tex Grundolie

Holzschutzgrund

WOODEX AQUA BASE +

AM0572/00 Hydroplus protettivo per legno

458-0004/2 Idro Ceopren protettivo per legno

HI2550 Linea Blu protettivo per Legno

AM0572/00 Hydroplus Wood protection

458-0004/2 IDRO CEOPREN Wood protection

HI2550 Linea Blu Wood Protection

AA1960 Laqvin Seal

37647 Ronseal Multi-Purpose Wood Treatment

37648 Ronseal Multi-Purpose Wood Treatment

MasqueWoodPro 10

CETOL WP 5000-02

BAUFIX Holz-Imprägnierung

YM---M103/-----

674840 HF PROTECTIVE PRIMER W

Grundolja V

Ronseal Wood Preserver

Ronseal Trade Wood Preserver

Screwfix Wood Preserver

B&Q Wood Preserver

Good Home Wood Preserver

Sherwin Williams Wood Preserver

Ronseal Fence Life Wood Preserver

Ronseal Shed & Fence Preserver

Castorama Traitement Bois Extérieur

Brico Depot Traitement Bois Extérieur

Good Home Traitement Bois Extérieur

Altax Traitement Bois Extérieur

Ronseal Traitement Bois Extérieur

Valspar Traitement Bois Extérieur

Valspar Pro Traitement Bois Extérieur

Sherwin Williams Traitement Bois Extérieur

Luxens Traitement Bois Extérieur

Castorama Impregnat do drewna

Good Home Impregnat do drewna

Altax Impregnat do drewna

Valspar Impregnat do drewna

Valspar Pro Impregnat do drewna

Sherwin Williams Impregnat do drewna

Luxens Impregnat do drewna

Castorama Conservant pentru lemn

Good Home Conservant pentru lemn

Altax pentru lemn

Valspar pentru lemn

Valspar Pro pentru lemn

Sherwin Williams pentru lemn

1.2.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

TROY CHEMICAL COMPANY BV

Seoladh

Poortweg 4C, 2612PA Delft An Ísiltír

Uimhir an údaraithe

EU-0028968-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

EU-0028968-0000

Dáta an údaraithe

19 Meitheamh 2023

Dáta éaga an údaraithe

31 Bealtaine 2033

1.3.   Déantóir (nó déantóirí) an táirge

Ainm an déantóra

Troy Chemical Company BV

Seoladh an déantóra

Poortweg 4C, 2612 PA Delft An Ísiltír

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Westelijke Randweg 9, 4791 RT Klundert An Ísiltír

Industriepark 23, 56593 Horhausen An Ghearmáin

Geschwister-Scholl-Straße 127, 39218 Schönebeck/Elbe An Ghearmáin

Mecklenburger Str. 229, 23568 Lübeck An Ghearmáin

Halchtersche Str. 33, 38304 Wolfenbüttel An Ghearmáin

Am Nordturm 5, 46562 Voerde An Ghearmáin

Am Alten Galgen 14, 56410 Montabaur An Ghearmáin


Ainm an déantóra

Tikkurila Oyj

Seoladh an déantóra

Kuninkaalantie 1, FI-01301 Vantaa An Fhionlainn

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Kuninkaalantie 1, FI-01301 Vantaa An Fhionlainn

uL.Mościckiego 23, 39-200 DĘBICA An Pholainn


Ainm an déantóra

Akzo Nobel Industrial Coatings AB

Seoladh an déantóra

Staffanstorpsvägen 50, 20517 Malmö An tSualainn

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Staffanstorpsvägen 50, 20517 Malmö An tSualainn


Ainm an déantóra

Schulz Farben- und Lackfabrik GmbH

Seoladh an déantóra

An der Altnah 10, 55450 Langenlonsheim An Ghearmáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

An der Altnah 10, 55450 Langenlonsheim An Ghearmáin


Ainm an déantóra

Remmers GmbH

Seoladh an déantóra

Bernhard-Remmers-Straße 13, 49624 Löningen An Ghearmáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Bernhard-Remmers-Straße 13, 49624 Löningen An Ghearmáin

Füllenbruchstr. 13, 32120 Hiddenhausen An Ghearmáin


Ainm an déantóra

Remmers Industrielacke GmbH

Seoladh an déantóra

Füllenbruchstr. 13, 32120 Hiddenhausen An Ghearmáin

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Füllenbruchstr. 13, 32120 Hiddenhausen An Ghearmáin


Ainm an déantóra

Teknos A/S

Seoladh an déantóra

Industrivej 16, DK-6580 Vamdrup An Danmhairg

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Industrivej 16, DK-6580 Vamdrup An Danmhairg


Ainm an déantóra

Sherwin Williams

Seoladh an déantóra

Thorncliffe Park Estate, Thorncliffe Rd, Chapeltown, S35 2YP Sheffield An Ríocht Aontaithe

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Thorncliffe Park Estate, Thorncliffe Rd, Chapeltown,, S35 2YP Sheffield An Ríocht Aontaithe

Kopanińska 7, 60-119 Brodziszewo An Pholainn


Ainm an déantóra

Sherwin-Williams Italy S.r.l.

Seoladh an déantóra

Via Del Fiffo 12, 40065 Pianoro (BO) An Iodáil

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Via Del Fiffo 12, 40065 Pianoro (BO) An Iodáil


Ainm an déantóra

Sherwin-Williams Sweden AB

Seoladh an déantóra

Bellö, 570 32 Hjältevad An tSualainn

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Bellö, 570 32 Hjältevad An tSualainn


Ainm an déantóra

PPG Industries (Dyrup A/S)

Seoladh an déantóra

Gladsaxevej 300, 2860 Gladsaxe An Danmhairg

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Gladsaxevej 300, 2860 Gladsaxe An Danmhairg

1.4.   Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

3-iodo-2-propynylbutylcarbamate (IPBC)

Ainm an déantóra

Troy Corporation

Seoladh an déantóra

8 Vreeland Road, Florham Park, NJ 07105 New Jersey Stáit Aontaithe Mheiriceá

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

One Avenue L, NJ 07105 Newark Stáit Aontaithe Mheiriceá


Substaint ghníomhach

3-iodo-2-propynylbutylcarbamate (IPBC)

Ainm an déantóra

Troy Chemical Company BV

Seoladh an déantóra

Poortweg 4C, 2612 PA Delft An Ísiltír

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Industriepark 23, 56593 Horhausen An Ghearmáin

2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

3-iodo-2-propynylbutylcarbamate (IPBC)

 

Substaint Ghníomhach

55406-53-6

259-627-5

0,75

2.2.   Cineál foirmlithe

Aon leacht (AL) nó tiúchán Intuaslagtha (SL) eile

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM

Ráitis ghuaise

Díobhálach don saol uisceach le héifeachtaí buana.

Tá 3-iodo-2-propynyl butylcarbamate (IPBC) ann. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomhú ailléirgeach.

Ráitis réamhchúraim

Seachain scaoileadh isteach sa chomhshaol.

Diúscair ábhar chuig de réir rialacháin náisiúnta / áitiúla.

Diúscair coimeádán chuig de réir rialacháin náisiúnta / áitiúla.

4.   ÚSÁID (NÓ ÚSÁIDÍ) ÚDARAITHE

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1. Úsáid # 1 – Scuabadh agus rolladh (an pobal i gcoitinne, gairmiúil)

An cineál táirge

PT08 - Leasaithigh adhmaid (Leasaithigh)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Fuingicíd.

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Gnáthainm: Fungais smáil ghoirm

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Basidiomycetes:

Gnáthainm: Fungais donnlobhaidh

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

Faoin aer

Cóireáil Choisctheach Bogadhmaid Aicme úsáide 2 mar a thuairiscítear i gcaighdeán EN 335:2013 (an cás ina bhfuil an t-adhmad nó an táirge adhmadbhunaithe clúdaithe agus nach bhfuil sé neamhchosanta ar an aimsir (go háirithe báisteach agus báisteach ghaoth-thiománta) ach nuair atá sé ócáideach, ach nach bhfuil sé marthanach, d’fhéadfadh fliuchadh tarlú) Aicme úsáide aicme 3 mar a thuairiscítear i gcaighdeán EN 335:2013 (an cás ina bhfuil an t-adhmad nó an táirge adhmadbhunaithe os cionn na talún agus go bhfuil sé neamhchosanta ar an aimsir (go háirithe báisteach) Féach roinn 6 le haghaidh theidil iomlána na gcaighdeán EN.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: scuabadh agus rolladh

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Cóireáil dhromchlach

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: 100 ml/m2 (i gcoinne fungais sú-adhmaid); 150 - 160 ml/m2 (i gcoinne fungais lofa adhmaid)

Airí caolaithe: - Táirge réidh le húsáid

Airí uainithe:

1 úsáid

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

An pobal i gcoitinne (neamhghairmiúil)

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

Canna (poileitiléin ard-dlúis) HDPE: 0,375 l, 0,75 l, 1,0 l, 2,5 l, 5,0 l

D’úsáid ghairmiúil amháin:

HDPE canna: 10 l, 20 l, 25 l

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Ná caolaigh (réidh le húsáid).

Cuir an táirge ar an adhmad le scuab nó le rollóir agus lig dó triomú ar feadh thart ar 24 uair an chloig. Is féidir na huirlisí a ghlanadh le gallúnach éadrom agus uisce.

Caithfear brat uachtair a úsáid. Ní féidir leasaitheach sceo nó adhmaid a bheidh sa bhrat uachtair. Ba cheart an brat uachtair a chothabháil.

Cosnaíonn an táirge an dromchla adhmaid ar fhungais lofa adhmaid ar adhmad atá ‘meánmharthanach go beagán marthanach i ndáil le fungais’ de réir EN 350:2016: Aicme Marthanachta (DC) 3-4. Féach roinn 6 le haghaidh theideal iomlán na gcaighdeán EN.

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Ná húsáid/ná cuir é go díreach ar bhia, ar bheatha nó ar dheochanna nó in aice leo, nó ar dhromchlaí nó uirlisí ar dóigh dóibh a bheith i dteagmháil dhíreach le bia, beatha, deochanna agus beostoc/peataí.

Ná cuir in aice le dobharlaigh uisce dromchla é.

Le linn an táirge a chur (ar adhmaid) agus fad a bheidh na dromchlaí ag triomú, ná truailligh an comhshaol. Ní mór gach caillteanas den táirge a theorannú tríd an talamh a chlúdach (m.sh. le tarpól) agus é a dhiúscairt ar bhealach sábháilte.

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach an treoir ghinearálta maidir le húsáid.

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach an treoir ghinearálta maidir le húsáid.

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach an treoir ghinearálta maidir le húsáid.

4.2.   Tuairisc úsáide

Tábla 2. Úsáid # 2 – Dipeáil de láimh (gairmiúil)

An cineál táirge

PT08 - Leasaithigh adhmaid (Leasaithigh)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Fuingicíd.

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Gnáthainm: Fungais smáil ghoirm

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Basidiomycetes:

Gnáthainm: Fungais donnlobhaidh

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

Cóireáil Choisctheach Bogadhmaid Aicme úsáide 2 agus Acime úsáide 3

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: dipeáil de láimh

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Cóireáil dhromchlach

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: 100 ml/m2 (i gcoinne fungais sú-adhmaid); 150 - 160 ml/m2 (i gcoinne fungais lofa adhmaid)

Airí caolaithe: - Táirge réidh le húsáid

Airí uainithe:

1 úsáid

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

HDPE canna: 0,375 l, 0,75 l, 1,0 l, 2,5 l, 5,0 l, 10 l, 20 l, 25 l

4.2.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Ná caolaigh (réidh le húsáid).

Am triomaithe: Tirim lenaláimhseáil agus chun go mbeidh sé réidh don bhrat uachtair: thart ar 24 uair an chloig.

Glanadh na n-uirlisí: Úsáid uisce agus gallúnach éadrom.

Caithfear brat uachtair a úsáid. Ní féidir leasaitheach sceo nó adhmaid a bheidh sa bhrat uachtair. Ba cheart an brat uachtair a chothabháil.

Cosnaíonn an táirge an dromchla adhmaid ar fhungais lofa adhmaid ar adhmad atá ‘meánmharthanach go beagán marthanach i ndáil le fungais’ de réir EN 350:2016: Aicme Marthanachta (DC) 3-4. Féach roinn 6 le haghaidh theideal iomlán na gcaighdeán EN.

4.2.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Caith lámhainní atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán le linn chéim láimhseála an táirgí atá aicmithe faoin gCaighdeán Eorpach EN 374 nó a chomhionann. Ábhar lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe laistigh den fhaisnéis táirge.

Caith culaith chosanta (cineál 6, EN 13034 nó a choibhéis).

Tá sé sin gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais sa réimse sláinte agus sábháilteachta ag an obair.

Féach roinn 6 le haghaidh theidil iomlána na gcaighdeán EN agus na reachtaíochta.

Déanfar an cur trí dhipeáil de láimh ar feadh 30 nóiméad ar a mhéad in aghaidh an lae.

Ná húsáid/ná cuir é go díreach ar bhia, ar bheatha nó ar dheochanna nó in aice leo, nó ar dhromchlaí nó uirlisí ar dóigh dóibh a bheith i dteagmháil dhíreach le bia, beatha, deochanna agus beostoc/peataí.

Le linn an táirge a chur (ar adhmaid) agus fad a bheidh na dromchlaí ag triomú, ná truailligh an comhshaol. Ní mór gach caillteanas den táirge a theorannú tríd an talamh a chlúdach (m.sh. le tarpól) agus é a dhiúscairt ar bhealach sábháilte.

Ní mór adhmad úrchóireáilte a stóráil i ndiaidh cóireála faoi fhoscadh nó ar dhromchla crua neamhscagach chun caillteanais dhíreacha d’ithir agus d’uisce a chosc.

Ba cheart aon chaillteanas a bhailiú lena athúsáid nó lena dhiúscairt.

4.2.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach an treoir ghinearálta maidir le húsáid.

4.2.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach an treoir ghinearálta maidir le húsáid.

4.2.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach an treoir ghinearálta maidir le húsáid.

4.3.   Tuairisc úsáide

Tábla 3. Úsáid # 3 – Automated dipping, automated spraying, flow coating/deluging (industrial)

An cineál táirge

PT08 - Leasaithigh adhmaid (Leasaithigh)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Fuingicíd.

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Gnáthainm: Fungais smáil ghoirm

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Basidiomycetes:

Gnáthainm: Fungais donnlobhaidh

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

Cóireáil Choisctheach Bogadhmaid Aicme úsáide 2 agus Acime úsáide 3

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: dipeáil uathoibrithe, spraeáil uathoibrithe, bá/bratú sreafa

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Cóireáil dhromchlach.

Cosúil le bratú/bá sreafa, glactar leis go bhfuil spraeáil uathoibrithe ina próiseas iomlán iata go bunúsach, trína dtarlaíonn nochtadh oibreora go príomha trí adhmad cóireáilte fliuch a láimhseáil.

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: 100 ml/m2 (i gcoinne fungais sú-adhmaid); 150 - 160 ml/m2 (i gcoinne fungais lofa adhmaid)

Airí caolaithe: - Táirge réidh le húsáid

Airí uainithe:

1 úsáid

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Tionsclaíoch

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

Canna/bulc-choimeádán idirmheánach (IBC) HDPE: 120 l, 220 l, 1 000 l

4.3.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Ná caolaigh (réidh le húsáid).

Am triomaithe:go mbeidh sé tirim ar theagmháil.

Caithfear brat uachtair a úsáid. Ní féidir leasaitheach sceo nó adhmaid a bheidh sa bhrat uachtair. Déanfar an brat uachtair a chothabháil.

Cosnaíonn an táirge an dromchla adhmaid ar fhungais lofa adhmaid ar adhmad atá ‘meánmharthanach go beagán marthanach i ndáil le fungais’ de réir EN 350:2016: Aicme Marthanachta (DC) 3-4. Féach roinn 6 le haghaidh theideal iomlán na gcaighdeán EN.

4.3.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Ní mór nach ndéanfar an táirge a luchtú isteach i dtrealamh feidhme tionsclaíochta ach trí chóras pumpála/aistrithe lán-uathoibrithe amháin.

Caith lámhainní atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán le linn chéim láimhseála an táirgí atá aicmithe faoin gCaighdeán Eorpach EN 374 nó a chomhionann. Ábhar lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe laistigh den fhaisnéis táirge.

Caith culaith chosanta (cineál 6, EN 13034 nó a choibhéis).

Tá sé sin gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais sa réimse sláinte agus sábháilteachta ag an obair.

Féach roinn 6 le haghaidh theidil iomlána na gcaighdeán EN agus na reachtaíochta.

Ní ceadmhach an táirge a úsáid ach i bpróisis dipeála lán-uathoibrithe amháin ina mbíonn gach céim sa phróiseas cóireála agus triomaithe meicnithe agus nach mbíonn láimhseáil láimhe ar bith i gceist, lena n-áirítear nuair a iompraítear na hearraí cóireáilte tríd an umar dipeála chuig an draenáil/triomú agus stóráil (mura bhfuil an dromchla tirim cheana sula mbogfar chuig an stóráil iad). Nuair is iomchuí, caithfidh na hearraí adhmaid a bhfuil cóireáil le déanamh orthu a bheith daingnithe go hiomlán (m.sh. trí chriosanna teannais nó feistí clampála) roimh chóireáil agus le linn an phróiseas dipeála, agus níor cheart iad a láimhseáil de láimh go dtí go mbeidh dromchla na n-earraí cóireáilte tirim.

Déanfar adhmad úrchóireáilte a stóráil i ndiaidh cóireála faoi fhoscadh nó ar dhromchla crua neamhscagach, nó an dá rud, chun caillteanais dhíreacha don ithir, séarachas agus uisce a chosc.

Déanfar aon chaillteanas táirge a bhailiú lena athúsáid nó lena dhiúscairt.

4.3.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach an treoir ghinearálta maidir le húsáid.

4.3.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach an treoir ghinearálta maidir le húsáid.

4.3.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach an treoir ghinearálta maidir le húsáid.

4.4.   Tuairisc úsáide

Tábla 4. Úsáid # 4 – Próiseas défholúis / ísealbhrú (tionsclaíoch)

An cineál táirge

PT08 - Leasaithigh adhmaid (Leasaithigh)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Fuingicíd.

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Basidiomycetes:

Gnáthainm: Fungais donnlobhaidh

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

Cóireáil Choisctheach Bogadhmaid Aicme úsáide 2 agus Acime úsáide 3

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Próiseas défholúis / ísealbhrú

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Cóireáil choisctheach.

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: 74.6 - 79.5 kg/m3

Airí caolaithe: 10% de thuaslagán le linn úsáide (1 chuid táirge: 9 gcuid uisce)

Airí uainithe:

1 úsáid

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Tionsclaíoch

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

HDPE canna /IBC: 120 l, 220 l, 1 000 l

4.4.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Am triomaithe: go mbeidh sé tirim ar theagmháil.

4.4.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Ní mór nach ndéanfar an táirge a luchtú isteach i dtrealamh feidhme tionsclaíochta ach trí chóras pumpála/aistrithe lán-uathoibrithe amháin.

Caith lámhainní atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán le linn chéim láimhseála an táirgí atá aicmithe faoin gCaighdeán Eorpach EN 374 nó a chomhionann. Ábhar lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe laistigh den fhaisnéis táirge.

Caith culaith chosanta (cineál 6, EN 13034 nó a choibhéis).

Tá sé sin gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais sa réimse sláinte agus sábháilteachta ag an obair.

Féach roinn 6 le haghaidh theidil iomlána na gcaighdeán EN agus na reachtaíochta.

Déanfar adhmad úrchóireáilte a stóráil i ndiaidh cóireála faoi fhoscadh nó ar dhromchla crua neamhscagach, nó an dá rud, chun caillteanais dhíreacha don ithir, séarachas nó uisce a chosc.

Déanfar aon chaillteanas táirge a bhailiú lena athúsáid nó lena dhiúscairt.

4.4.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach an treoir ghinearálta maidir le húsáid.

4.4.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach an treoir ghinearálta maidir le húsáid.

4.4.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach an treoir ghinearálta maidir le húsáid.

5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)

5.1.   Treoracha úsáide

Cloígh leis na treoracha úsáide.

Ná húsáid an táirge ar adhmad nó ar struchtúir adhmaid atá beartaithe lena n-úsáid laistigh, ach amháin i gcás dromchlaí inmheánacha d’fhrámaí fuinneog seachtrach agus doirse seachtracha/frámaí dorais sheachtraigh.

Caithfidh an teocht a bheith os cionn 5°C agus caithfidh an bogthaise choibhneasta a bheith faoi 80% le linn an chuir agus an triomaithe.

Measc an táirge roimh úsáid.

Seachain teagmháil leis an gcraiceann agus leis na súile.

Nigh do lámha agus d’aghaidh i ndiaidh an táirge a chur agus a úsáid, agus roimh ithe, ól nó caitheamh tobac.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Ná húsáid ar adhmad a d’fhéadfadh teagmháil dhíreach a dhéanamh le bia, beatha agus beostoc.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

MÁ SLOGTAR É: Má thagann siomptóim ort cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

MÁ TÁ SÉ AR AN gCRAICEANN: Nigh an craiceann le huisce.Má thagann siomptóim ort cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

MÁ TÁ SÉ SNA SÚILE: Má thagann siomptóim ort sruthlaigh in uisce. Bain lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus má tá sé éasca sin a dhéanamh. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

MÁ IONANÁLAÍTEAR É: Má thagann siomptóim ort cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

Agus comhairle leighis á lorg agat, bíodh coimeádán nó lipéad an táirge in aice láimhe.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ní mór an táirge seo agus a choimeádán a dhiúscairt go sábháilte mar dhramhaíl ghuaiseach.

Ní mór táirge ar bith a bhaileofar le linn an chuir nach n-athúsáidtear a dhiúscairt go sábháilte mar dhramhaíl ghuaiseach.

Déan pacáistiú agus táirge neamhúsáidte a dhiúscairt de réir rialacháin áitiúla. Más gá, téigh i gcomhairle le hoibreoir dramhaíola gairmiúil nó le húdarás áitiúil.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Coinnigh ar shiúl é ó rochtain leanaí agus ainmhithe/peataí nach sprioc-ainmhithe iad.

Ná stóráil in aice le bia, deoch agus ábhar beatha ainmhithe.

Seilflré: 12 mhí.

Stóráil faoi 35°C

Stóráil in áit fhionnuar thirim, atá aeráilte go maith.

Cosain ar shiocán.

Cosain ar sholas.

Ní mór coimeádáin oscailte a athshéalú go cúramach agus a choinneáil ina seasamh chun sceitheadh a chosc.

6.   FAISNÉIS EILE

Maidir le hÚsáid 1 agus Úsáid 2: Gairmithe agus/nó gairmithe oilte má éiltear sin leis an reachtaíocht náisiúnta.

Teidil iomlána na gcaighdeán EN agus na reachtaíochta a luaitear i roinn 4.1.1, 4.2.1, 4.3.1, 4.2.2, 4.3.2 agus 4.4.2:

EN 335:2013 - Marthanacht adhmaid agus táirgí adhmadbhunaithe - Aicmí úsáide: sainmhínithe, cur ar adhmad soladach agus ar tháirgí adhmadbhunaithe

EN 350:2016, Marthanacht adhmaid agus táirgí adhmadbhunaithe - Tástáil agus aicmiú na marthanachta i ndáil le hoibreáin bhitheolaíocha adhmaid agus ábhar adhmadbhunaithe

EN 374 – Lámhainní cosanta in aghaidh ceimiceán contúirteacha agus ar mhiocrorgánaigh. Cuid 1: téarmaíocht agus ceanglais feidhmíochta maidir le rioscaí ceimiceacha.

EN 13034 -Éadaí cosanta in aghaidh ceimiceán leachtacha. Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta ceimiceán a thairgeann feidhmíocht chosanta teoranta in aghaidh ceimiceán leachtacha (trealamh Cineál 6 agus Cineál PB [6]).

Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe ar rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha san ionad oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE). (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11.


(1)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe.


30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 140/37


RIALACHÁN (AE) 2023/1042 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Bealtaine 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh foilpéid i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcás foilpéid, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (‘MRLanna’) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(2)

Cuireadh iarratas isteach de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 lena n-iarrtar an MRL atá ann cheana le haghaidh foilpéid i leitísí a mhodhnú.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne an Ballstát lena mbaineann meastóireacht ar an iarratas sin agus cuireadh an tuarascáil mheastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(4)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú ar an iarratas agus ar an tuarascáil mheastóireachta, agus rinne sé scrúdú faoi leith ar na rioscaí atá ann do thomhaltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairim réasúnaithe faoin MRL atá beartaithe (2). Chuir sé an tuairim ar aghaidh chuig an iarratasóir, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal í.

(5)

A mhéid a bhaineann leis an modhnú ar an MRL a d’iarr an t-iarratasóir, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais go léir maidir le hiomláine na sonraí a cuireadh isteach agus go raibh an modhnú ar an MRL a d’iarr an t-iarratasóir inghlactha a mhéid a bhaineann le sábháilteacht an tomhaltóra ar bhonn measúnú ar theagmháil an tomhaltóra i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Leis an gconclúid sin, chuir an tÚdarás san áireamh na sonraí is déanaí faoi airíonna tocsaineolaíocha na substainte. Maidir le teagmháil fhadtéarmach leis an tsubstaint sin trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a bhféadfadh sí a bheith iontu, agus maidir le teagmháil ghearrthéarmach trí go leor den táirge lena mbaineann a chaitheamh, níor léiríodh baol i leith ceachtar acu sin go sáraítear an iontógáil laethúil inghlactha ná an ghéardháileog thagartha.

(6)

Ar bhonn na tuairime réasúnaithe ón Údarás, agus na tosca ábhartha a liostaítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 á gcur san áireamh, comhlíonann an modhnú atá beartaithe ar an MRL ceanglais Airteagal 14(2) den Rialachán sin.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

(2)   Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue level for folpet in lettuces [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh foilpéid i leitísí a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(4):7309.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh foilpéid:

Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

Códuimhir

Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo (1)

Foilpéad (an tsuim d’fhoilpéad agus tailimíd, arna sloinneadh mar fhoilpéad) (R)

(1)

(2)

(3)

0100000

TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

 

0110000

Torthaí citris

0,03  ((*))

0110010

Seadóga

 

0110020

Oráistí

 

0110030

Líomóidí

 

0110040

Líomaí

 

0110050

Mandairíní

 

0110990

Eile (2)

 

0120000

Cnónna crann

0,07  ((*))

0120010

Almóinní

 

0120020

Cnónna Brasaíleacha

 

0120030

Cnónna caisiú

 

0120040

Castáin

 

0120050

Cnónna cócó

 

0120060

Cnónna coill

 

0120070

Macadaimia

 

0120080

Cnónna peacáin

 

0120090

Eithní cnónna péine

 

0120100

Cnónna pistéise

 

0120110

Gallchnónna

 

0120990

Eile (2)

 

0130000

Torthaí póma

 

0130010

Úlla

0,3

0130020

Piorraí

0,3

0130030

Cainchí

0,03  ((*))

0130040

Torthaí ón meispeal Gearmánach

0,03  ((*))

0130050

Locuatanna

0,03  ((*))

0130990

Eile (2)

0,03  ((*))

0140000

Torthaí cloiche

0,03  ((*))

0140010

Aibreoga

 

0140020

Silíní (iad milis)

 

0140030

Péitseoga

 

0140040

Plumaí

 

0140990

Eile (2)

 

0150000

Caora agus torthaí beaga

 

0151000

(a)

fíonchaora

 

0151010

Fíonchaora boird

6

0151020

Fíniúnacha coiteanna

20

0152000

(b)

sútha talún

5 (+)

0153000

(c)

torthaí cána

0,03  ((*))

0153010

Sméara dubha

 

0153020

Eithreoga

 

0153030

Sútha craobh (iad dearg agus buí)

 

0153990

Eile (2)

 

0154000

(d)

torthaí beaga eile agus caora eile

0,03  ((*))

0154010

Fraocháin

 

0154020

Mónóga

 

0154030

Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

 

0154040

Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

 

0154050

Mogóirí róis

 

0154060

Maoildearga (iad dubh agus bán)

 

0154070

Torthaí ón sceach gheal asaróil

 

0154080

Caora troim

 

0154990

Eile (2)

 

0160000

Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

 

0161000

(a)

craiceann inite

 

0161010

Dátaí

0,03  ((*))

0161020

Figí

0,03  ((*))

0161030

Ológa boird

0,15  ((*))(+)

0161040

Cumcuait

0,03  ((*))

0161050

Torthaí réaltúla

0,03  ((*))

0161060

Dátphlumaí Seapánacha

0,03  ((*))

0161070

Plumaí láva

0,03  ((*))

0161990

Eile (2)

0,03  ((*))

0162000

(b)

craiceann do-ite, é beag

0,03  ((*))

0162010

Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

 

0162020

Lítsíonna

 

0162030

Páiseoga

 

0162040

Piorraí deilgneacha

 

0162050

Réalt-úlla

 

0162060

Dátphlumaí Meiriceánacha

 

0162990

Eile (2)

 

0163000

(c)

craiceann do-ite, é mór

0,03  ((*))

0163010

Abhacáid

 

0163020

Bananaí

 

0163030

Mangónna

 

0163040

Papánna

 

0163050

Pomagránaití

 

0163060

Céiriomoighe

 

0163070

Guábhaí

 

0163080

Anainn

 

0163090

Torthaí aráin

 

0163100

Duraígh

 

0163110

Úlla deilgneacha

 

0163990

Eile (2)

 

0200000

GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

 

0210000

Glasraí fréimhe agus tiúbair

 

0211000

(a)

prátaí

0,06  ((*))(+)

0212000

(b)

glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

0,03  ((*))

0212010

Casabhaigh

 

0212020

Prátaí milse

 

0212030

Ionaim

 

0212040

Ararút

 

0212990

Eile (2)

 

0213000

(c)

glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

 

0213010

Meacain bhiatais

0,03  ((*))

0213020

Meacain dhearga

0,03  ((*))

0213030

Soiliriac/soilire tornapa

0,03  ((*))

0213040

Meacain ragaim

0,03  ((*))

0213050

Bliosáin ghréine

0,03  ((*))

0213060

Meacain bhána

0,03  ((*))

0213070

Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

0,03  ((*))

0213080

Raidisí

0,04  ((*))(+)

0213090

Salsabh

0,04  ((*))(+)

0213100

Svaeideanna

0,03  ((*))

0213110

Tornapaí

0,03  ((*))

0213990

Eile (2)

0,03  ((*))

0220000

Glasraí bleibíní

0,03  ((*))

0220010

Gairleog

 

0220020

Oinniúin

 

0220030

Seallóidí

 

0220040

Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

 

0220990

Eile (2)

 

0230000

Glasraí a thugann torthaí

 

0231000

(a)

Solanaceae agus Malvaceae

 

0231010

Trátaí

5 (+)

0231020

Piobair

0,03  ((*))

0231030

Ubhthorthaí

0,03  ((*))

0231040

Ocra

0,03  ((*))

0231990

Eile (2)

0,03  ((*))

0232000

(b)

guird a bhfuil craiceann inite acu

0,03  ((*))

0232010

Cúcamair

 

0232020

Gircíní

 

0232030

Cúirséid

 

0232990

Eile (2)

 

0233000

(c)

guird a bhfuil craiceann do-ite acu

 

0233010

Mealbhacáin

0,4 (+)

0233020

Puimcíní

0,03  ((*))

0233030

Mealbhacáin uisce

0,03  ((*))

0233990

Eile (2)

0,03  ((*))

0234000

(d)

arbhar milis

0,03  ((*))

0239000

(e)

glasraí eile a thugann torthaí

0,03  ((*))

0240000

Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

0,03  ((*))

0241000

(a)

praiseach bhlátha

 

0241010

Brocailí

 

0241020

Cóilis

 

0241990

Eile (2)

 

0242000

(b)

praiseach chinn

 

0242010

Bachlóga Bruiséile

 

0242020

Cabáistí cinn

 

0242990

Eile (2)

 

0243000

(c)

praiseach dhuilleach

 

0243010

Cabáistí Síneacha

 

0243020

Cáil

 

0243990

Eile (2)

 

0244000

(d)

cálráibí

 

0250000

Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

 

0251000

(a)

leitísí agus plandaí sailéid

 

0251010

Ceathrúna uain

0,03  ((*))

0251020

Leitísí

1,5

0251030

Searbháin muc

0,03  ((*))

0251040

Biolair agus eascróga agus peacáin eile

0,03  ((*))

0251050

Biolair thalún

0,03  ((*))

0251060

Roicéad Rómánach/rucola

0,03  ((*))

0251070

Mustard dearg

0,03  ((*))

0251080

Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí)

0,03  ((*))

0251990

Eile (2)

0,03  ((*))

0252000

(b)

spionáistí agus duilleoga comhchosúla

0,03  ((*))

0252010

Spionáistí

 

0252020

Puirsleáin

 

0252030

Seardas/duilleoga biatais

 

0252990

Eile (2)

 

0253000

(c)

duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

0,03  ((*))

0254000

(d)

biolair uisce

0,03  ((*))

0255000

(e)

sreabháin na Beilge

0,03  ((*))

0256000

(f)

luibheanna agus bláthanna inite

0,06  ((*))

0256010

Costóg

 

0256020

Síobhas

 

0256030

Duilleoga soilire

 

0256040

Peirsil

 

0256050

Sáiste

 

0256060

Marós

 

0256070

Tím

 

0256080

Basal agus bláthanna inite

 

0256090

Duilleog labhrais

 

0256100

Dragan

 

0256990

Eile (2)

 

0260000

Léagúim

0,03  ((*))

0260010

Pónairí (a bhfuil faighneoga orthu)

 

0260020

Pónairí (gan faighneoga orthu)

 

0260030

Piseanna (a bhfuil faighneoga orthu)

 

0260040

Piseanna (gan faighneoga orthu)

 

0260050

Lintilí

 

0260990

Eile (2)

 

0270000

Glasraí gais

0,03  ((*))

0270010

Lus súgach

 

0270020

Cardúin

 

0270030

Soilirí

 

0270040

Finéal Fhlórans

 

0270050

Bliosáin chruinne

 

0270060

Cainneanna

 

0270070

Biabhóg

 

0270080

Péacáin bhambú

 

0270090

Croíthe pailme

 

0270990

Eile (2)

 

0280000

Fungais, caonaigh agus léicin

0,03  ((*))

0280010

Fungais shaothraithe

 

0280020

Fungais fhiáine

 

0280990

Caonaigh agus léicin

 

0290000

Algaí agus orgánaigh phrócaróit

0,03  ((*))

0300000

PISEÁNAIGH

0,07  ((*))

0300010

Pónairí

 

0300020

Lintilí

 

0300030

Piseanna

 

0300040

Lúipíní/pónairí lúipíní

 

0300990

Eile (2)

 

0400000

OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

 

0401000

Olashíolta

0,07  ((*))

0401010

Ros lín

 

0401020

Piseanna talún

 

0401030

Síolta poipín

 

0401040

Síolta seasamain

 

0401050

Síolta lus na gréine

 

0401060

Síolta ráibe

 

0401070

Pónairí soighe

 

0401080

Síolta mustaird

 

0401090

Síolta cadáis

 

0401100

Síolta puimcín

 

0401110

Síolta cróch bréige

 

0401120

Síolta borráiste

 

0401130

Caimilín

 

0401140

Síolta cnáibe

 

0401150

Pónairí ricne

 

0401990

Eile (2)

 

0402000

Olathorthaí

 

0402010

Ológa le haghaidh táirgeadh ola

0,15  ((*))(+)

0402020

Eithní pailme ola

0,07  ((*))

0402030

Torthaí pailme oila

0,07  ((*))

0402040

Capac

0,07  ((*))

0402990

Eile (2)

0,07  ((*))

0500000

GRÁNAIGH

 

0500010

Eorna

2

0500020

Ruán agus bréag-ghránaigh eile

0,07  ((*))

0500030

Arbhar Indiach/arbhar

0,07  ((*))

0500040

Muiléad coiteann

0,07  ((*))

0500050

Coirce

2

0500060

Rís

0,07  ((*))

0500070

Seagal

0,3

0500080

Sorgam

0,07  ((*))

0500090

Cruithneacht

0,4 (+)

0500990

Eile (2)

0,07  ((*))

0600000

TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

0,1  ((*))

0610000

Taenna

 

0620000

Pónairí caife

 

0630000

Insiltí luibhe ó

 

0631000

(a)

bláthanna

 

0631010

Camán meall

 

0631020

Roiseog

 

0631030

Rós

 

0631040

Seasmain

 

0631050

Teile

 

0631990

Eile (2)

 

0632000

(b)

duilleoga agus luibheanna

 

0632010

Sú talún

 

0632020

Rooibos

 

0632030

Maité

 

0632990

Eile (2)

 

0633000

(c)

fréamhacha

 

0633010

Caorthann corraigh

 

0633020

Ginsing

 

0633990

Eile (2)

 

0639000

(d)

aon chuid eile den phlanda

 

0640000

Pónairí cócó

 

0650000

Carúib

 

0700000

LEANNLUSANNA

400 (+)

0800000

SPÍOSRAÍ

 

0810000

Spíosraí ó shíolta

0,1  ((*))

0810010

Ainís

 

0810020

Calaindí

 

0810030

Soilire

 

0810040

Lus an choire

 

0810050

Cuimín

 

0810060

Lus mín

 

0810070

Finéal

 

0810080

Feinigréag

 

0810090

Noitmig

 

0810990

Eile (2)

 

0820000

Spíosraí ó thorthaí

0,1  ((*))

0820010

Ilspíosra/pimeantó

 

0820020

Piobar Szechuan

 

0820030

Cearbhas

 

0820040

Cardamam

 

0820050

Caor aitil

 

0820060

Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

 

0820070

Fanaile

 

0820080

Tamarain

 

0820990

Eile (2)

 

0830000

Spíosraí ó choirt

0,1  ((*))

0830010

Cainéal

 

0830990

Eile (2)

 

0840000

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

 

0840010

Liocras

0,1  ((*))

0840020

Sinséar (10)

 

0840030

Tuirmiric/curcuma

0,1  ((*))

0840040

Meacain ragaim (11)

 

0840990

Eile (2)

0,1  ((*))

0850000

Spíosraí ón mbachlóg

0,1  ((*))

0850010

Clóibh

 

0850020

Caprais

 

0850990

Eile (2)

 

0860000

Spíosraí ó phistil bláthanna

0,1  ((*))

0860010

Cróch

 

0860990

Eile (2)

 

0870000

Spíosraí arail

0,1  ((*))

0870010

Maicis

 

0870990

Eile (2)

 

0900000

PLANDAÍ SIÚCRA

0,03  ((*))

0900010

Fréamhacha biatas siúcra

 

0900020

Cánaí siúcra

 

0900030

Fréamhacha siocaire

 

0900990

Eile (2)

 

1000000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

0,05  ((*))

1010000

Tráchtearraí ó

 

1011000

(a)

mucra

 

1011010

Matán

 

1011020

Saill

 

1011030

An t-ae

 

1011040

An duán

 

1011050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1011990

Eile (2)

 

1012000

(b)

bó-ainmhí

 

1012010

Matán

 

1012020

Saill

 

1012030

An t-ae

 

1012040

An duán

 

1012050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1012990

Eile (2)

 

1013000

(c)

caoraigh

 

1013010

Matán

 

1013020

Saill

 

1013030

An t-ae

 

1013040

An duán

 

1013050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1013990

Eile (2)

 

1014000

d)

gabhar

 

1014010

Matán

 

1014020

Saill

 

1014030

An t-ae

 

1014040

An duán

 

1014050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1014990

Eile (2)

 

1015000

(e)

eachaí

 

1015010

Matán

 

1015020

Saill

 

1015030

An t-ae

 

1015040

An duán

 

1015050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1015990

Eile (2)

 

1016000

(f)

éanlaith chlóis

 

1016010

Matán

(+)

1016020

Saill

(+)

1016030

An t-ae

(+)

1016040

An duán

 

1016050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1016990

Eile (2)

 

1017000

(g)

ainmhithe talún feirme eile

 

1017010

Matán

 

1017020

Saill

 

1017030

An t-ae

 

1017040

An duán

 

1017050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1017990

Eile (2)

 

1020000

Bainne

 

1020010

Eallach

 

1020020

Caoirigh

 

1020030

Gabhar

 

1020040

Capall

 

1020990

Eile (2)

 

1030000

Uibheacha éan

(+)

1030010

An chearc

(+)

1030020

Lacha

(+)

1030030

Géanna

(+)

1030040

Gearg

(+)

1030990

Eile (2)

(+)

1040000

Mil agus táirgí beachaireacht eile (7)

 

1050000

Débheathaigh agus Reiptílí

 

1060000

Ainmhithe inveirteabracha talún

 

1070000

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

 

1100000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

 

1200000

TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

 

1300000

TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

 

Foilpéad (an tsuim d’fhoilpéad agus tailimíd, arna sloinneadh mar fhoilpéad) (R)

Tá roinnt faisnéise faoi thrialacha ar iarmhair sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus an MRL á athbhreithniú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, más rud é gur cuireadh faoina bhráid í faoin 6 Feabhra 2018, nó, murar cuireadh faoina bhráid í faoin dáta sin, cuirfidh sé an easpa faisnéise sin san áireamh.

0152000 (b) sútha talún

Tá roinnt faisnéise faoi mhodhanna anailíse agus faoi chobhsaíocht stórála sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus an MRL á athbhreithniú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, más rud é gur cuireadh faoina bhráid í faoin 6 Feabhra 2018, nó, murar cuireadh faoina bhráid í faoin dáta sin, cuirfidh sé an easpa faisnéise sin san áireamh.

0161030 Ológa boird

0402010 Ológa le haghaidh táirgeadh ola

Tá roinnt faisnéise faoi thrialacha ar iarmhair agus faoi mhodhanna anailíse sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus an MRL á athbhreithniú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, más rud é gur cuireadh faoina bhráid í faoin 6 Feabhra 2018, nó, murar cuireadh faoina bhráid í faoin dáta sin, cuirfidh sé an easpa faisnéise sin san áireamh.

0211000 (a) prátaí

0231010 Trátaí

0233010 Mealbhacáin

0500090 Cruithneacht

Tá roinnt faisnéise faoi mhodhanna anailíse sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus an MRL á athbhreithniú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, más rud é gur cuireadh faoina bhráid í faoin 6 Feabhra 2018, nó, murar cuireadh faoina bhráid í faoin dáta sin, cuirfidh sé an easpa faisnéise sin san áireamh.

0213080 Raidisí

0213090 Salsabh

0700000 LEANNLUSANNA

Tá roinnt faisnéise faoi thrialacha ar iarmhair agus faoi chineál agus faoi mhéid na n-iarmhar sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus an MRL á athbhreithniú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, más rud é gur cuireadh faoina bhráid í faoin 6 Feabhra 2018, nó, murar cuireadh faoina bhráid í faoin dáta sin, cuirfidh sé an easpa faisnéise sin san áireamh.

1016010 (f) Matán

1016020 Saill

1016030 An t-ae

1030000 Uibheacha éan

1030010 Sicín

1030020 Lacha

1030030 Géanna

1030040 Gearg

1030990 Eile (2)’


((*))  Léiríonn an íosteorainn an chinnidh anailísigh

(1)  Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I


CINNTÍ

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 140/51


CINNEADH (AE) 2023/1043 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Bealtaine 2023

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil in Aerárthaí Sibhialta i ndáil le haontachas na Brasaíle leis an gComhaontú maidir leis an Trádáil in Aerárthaí Sibhialta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Comhaontú maidir leis an Trádáil in Aerárthaí Sibhialta (1) (‘an Comhaontú’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 80/271/CEE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1980.

(2)

Chuir an Bhrasaíl a hiarratas ar aontachas leis an gComhaontú faoi bhráid an Choiste um Thrádáil in Aerárthaí Sibhialta (‘an Coiste’), in éineacht lena gealltanais taraife mholta, an 14 Meitheamh 2022.

(3)

I bhfianaise na ngealltanas sin, comhlíonann iarratas na Brasaíle ar aontachas leis an gComhaontú na ceanglais a leagtar amach ann.

(4)

Tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach ar thrádáil shaor neamhshaofa in earnáil na n-aerárthaí sibhialta de thairbhe aontachas na Brasaíle leis an gComhaontú.

(5)

De bhun Airteagal 9.1.3. den Chomhaontú agus phointe 5 den Nóta Treorach maidir le Cur Chun Feidhme Airteagal 9.1.3. den Chomhaontú, tá sé de chumhacht ag an gCoiste cinneadh a dhéanamh lena n-aontaítear le téarmaí an aontachais agus a thoiliú a thabhairt don rialtas iarrthach ionstraim aontachais a thaisceadh le hArd-Stiúrthóir EDT, ina luaitear na téarmaí arna gcomhaontú amhlaidh.

(6)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste i ndáil le haontachas na Brasaíle leis an gComhaontú a bhunú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil in Aerárthaí Sibhialta, aontachas na Brasaíle leis an gComhaontú maidir leis an Trádáil in Aerárthaí Sibhialta a fhormheas.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. BUSCH


(1)   IO L 71, 17.3.1980, lch. 58.

(2)  Cinneadh Uimh. 80/271/CEE ón gComhairle an 10 Nollaig 1979 maidir le Comhaontuithe Iltaobhacha a tháinig as caiblíochtidlíochtaí trádála na mblianta 1973–1979 a chur i gcrích (IO L 71, 17.3.1980, lch. 1).


GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 140/53


Cinneadh Uimh. 2536/2023 ón gComhchoiste Earnála a bhunaítear faoi Airteagal 14 den Iarscríbhinn Earnála arna leasú idir na Stáit Aontaithe — an tAontas Eorpach le haghaidh dea-chleachtais monaraíochta íocshláinte (GMPanna) (‘an Iarscríbhinn’) maidir le háireamh táirgí tréidliachta sa chumhdach táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn

an 11 Bealtaine 2023 [2023/1044]

TÁ AN COMHCHOISTE EARNÁLA,

De bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 20 den Iarscríbhinn ar an gComhchoiste Earnála a mheas an gcuirfear táirgí tréidliachta sa chumhdach táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn,

De bhrí gur mheas an Comhchoiste Earnála go hiomchuí gur cheart táirgí tréidliachta, mar a shainítear i bhFoscríbhinn 3, mír 6, a chur sa chumhdach táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn,

Agus aird á tabhairt air go ndéantar táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha a eisiamh go sainráite ón gcumhdach táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn le hAirteagal 4(2) den Iarscríbhinn,

Á aithint dó nach féidir aon chinneadh a chur chun feidhme maidir le táirgí tréidliachta a áireamh sa chumhdach táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn ach amháin tar éis measúnuithe frithpháirteacha rathúla a dhéanamh ar údaráis ceachtar Páirtí i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le Foscríbhinn 4 den Iarscríbhinn,

Á aithint dó gur chomhaontaigh na Páirtithe chun na críche sin go gcuirfidh gach Páirtí clabhsúr ar an measúnú ar údaráis rialála an pháirtí eile mar a leagtar amach i gCeangaltán A a ghabhann leis an gCinneadh seo,

Á aithint dó gur chuir Údarás Bia agus Drugaí SAM (‘FDA’) clabhsúr ar an measúnú ar 14 údarás de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh atá inniúil ar tháirgí tréidliachta (a bhfuil cúig údarás díobh sin inniúil ar tháirgí tréidliachta amháin, agus á chur san áireamh go bhfuil ceann amháin ar a laghad de na measúnuithe cumais sin ar na cúig údarás de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh fabhrach) i gcomhréir le mír II.A d’Fhoscríbhinn 4,

Á aithint dó gur chuir an tAontas Eorpach clabhsúr ar an measúnú ar FDA i gcomhréir le mír II.B d’Iarscríbhinn 4,

Á aithint dó gur thug FDA aghaidh ar na barúlacha atá fós gan réiteach agus a tháinig as an iniúchadh i gcomhréir le mír II.B (i) d’Fhoscríbhinn 4.

Á aithint dó go bhfuil FDA tar éis mír II.B (ii) d’Fhoscríbhinn 4 a chomhlíonadh cheana féin mar chuid den mheasúnú a rinne an tAontas Eorpach ar an FDA maidir le cógaisíocht i gcomhair daoine.

Á dheimhniú dó nach bhfuil feidhm ag Airteagal 9 den Iarscríbhinn maidir le táirgí tréidliachta, mutatis mutandis, go dtí an dáta a aithneoidh FDA údaráis uile Bhallstáit an Aontais atá inniúil ar na táirgí tréidliachta a liostaítear i bhFoscríbhinn 2,

Á mheas dó gur gá liosta na nÚdarás i bhFoscríbhinn 2 den Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

1.

Tá táirgí tréidliachta, mar a shainítear i bhFoscríbhinn 3, mír 6, san áireamh sa chumhdach táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn.

Cuirfidh FDA clabhsúr ar an measúnú cumais ar údaráis Bhallstáit uile an Aontais i gcomhréir le Ceangaltán A a ghabhann leis an gCinneadh seo,

Thug FDA aghaidh ar na barúlacha atá fós gan réiteach agus a tháinig as an iniúchadh de réir mhír II.B (i) d’Fhoscríbhinn 4.

Beidh feidhm ag Airteagal 9 den Iarscríbhinn maidir le táirgí tréidliachta, mutatis mutandis, go dtí an dáta a aithneoidh FDA údaráis uile Bhallstáit an Aontais atá inniúil ar na táirgí tréidliachta a liostaítear i bhFoscríbhinn 2.

2.

Cuirtear téacs Fhoscríbhinn 2 i gCeangaltán B a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad théacs Fhoscríbhinn 2 den Iarscríbhinn.

Ceangaltán A: Sceideal le haghaidh Measúnú ar Údaráis na mBallstát do Tháirgí Tréidliachta

Ceangaltán B: Foscríbhinn 2 Liosta na nÚdarás

Síneoidh comhchathaoirligh an Chomhchoiste Earnála an Cinneadh seo, arna dhéanamh i ndúblach, dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Iarscríbhinn. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón dáta is déanaí de na sínithe seo.

Thar ceann Stáit Aontaithe Mheiriceá

Mark ABDOO

Arna shíniú in Silver Spring, MD, an 5 Bealtaine 2023

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Sylvain GIRAUD

Arna shíniú sa Bhruiséil, an 11 Bealtaine 2023


CEANGALTÁN A

Sceideal le haghaidh Measúnú ar Údaráis na mBallstát do Tháirgí Tréidliachta

1.   

Cuirfidh údaráis na mBallstát do tháirgí tréidliachta a liostaítear i bhFoscríbhinn 2 den Iarscríbhinn pacáistí iomlána i leith measúnú cumais isteach ina mbeidh an fhaisnéis a shonraítear i bhFoscríbhinn 4 den Iarscríbhinn de réir an sceidil seo a leanas:

Tráth nach déanaí ná an 1 Nollaig 2022: pacáistí i leith measúnú cumais ó naoi n-údarás déag de chuid na mBallstát;

Tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2023: pacáistí i leith measúnú cumais ó cheithre údarás bhreise de chuid na mBallstát;

Tráth nach déanaí ná an 1 Nollaig 2023: pacáistí i leith measúnú cumais ó cheithre údarás bhreise de chuid na mBallstát;

Tráth nach déanaí ná an 1 Feabhra 2024: aon phacáiste i leith measúnú cumais atá fágtha (i ngeall ar chinneadh FDA gur gá measúnú cumais iomlán a dhéanamh ar údarás Ballstáit atá inniúil ar tháirgí tréidliachta agus ar tháirgí lena n-úsáid ag daoine)

2.   

Cuirfidh FDA clabhsúr ar na measúnuithe cumais ar údaráis na mBallstát do tháirgí tréidliachta a liostaítear i bhFoscríbhinn 2 den Iarscríbhinn agus mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn 4 den Iarscríbhinn, de réir an sceidil seo a leanas, ar choinníoll go bhfaigheann FDA pacáistí iomlána i leith measúnú cumais ó na húdaráis sin ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear i bhFoscríbhinn 4 den Iarscríbhinn de réir an sceidil a leagtar amach i mír 1:

An 31 Nollaig 2022: seacht measúnú cumais déag

An 31 Nollaig 2023: cúig mheasúnú cumais bhreise

An 31 Iúil 2024: cúig mheasúnú cumais bhreise

3.   

I gcás gach údaráis Ballstáit:

(a)

Cuirfidh an tAontas Eorpach tuarascáil deiridh iniúchóireachta faoi bhráid FDA tráth nach déanaí ná 60 lá roimh dháta dlite an phacáiste i leith measúnú cumais ó údarás an Bhallstáit.

(b)

Cuirfidh an FDA seicliosta críochnaithe ar an bpacáiste i leith measúnú cumais ar fáil d’údarás an Bhallstáit tráth nach déanaí ná 20 lá tar éis do FDA an tuarascáil iniúchóireachta a fháil.

(c)

Cuirfidh údarás an Bhallstáit an pacáiste i leith measúnú cumais faoi bhráid FDA tráth nach déanaí ná 40 lá tar éis d’údarás an Bhallstáit sin an seicliosta ar an bpacáiste i leith measúnú cumais a fháil.

4.   

Cuirfear síneadh 3 mhí go huathoibríoch leis an spriocdháta chun pacáistí i leith measúnú cumais a sholáthar, mura féidir clabhsúr a chur orthu sin in am mar gheall ar iarmhairtí beart a bhaineann le paindéim COVID-19 nó teagmhas suaiteach comhchosúil, amhail srianta taistil, bearta coraintín, saoire bhreoiteachta agus ganntanais acmhainní a eascraíonn astu. Cuirfidh an tAontas Eorpach FDA ar an eolas go tráthúil faoi mhoilleanna ábhartha agus molfaidh sé amlíne nuashonraithe don chomhaontú sa Chomhchoiste Earnála.

5.   

Déanfar an teachtaireacht maidir le haitheantas údaráis na mBallstát a ndearnadh measúnú orthu a chur in iúl go pras tar éis an measúnú cumais a thabhairt chun críche (ar bhonn rollach) agus i gcomhréir le hAirteagal 7 den Iarscríbhinn.


CEANGALTÁN B

Foscríbhinn 2 Liosta na nÚdarás

Na Stáit Aontaithe:

Údarás Bia agus Drugaí

An tAontas Eorpach:

Tír

I gcás táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta

An Ostair

Gníomhaireacht na hOstaire um Shláinte agus Sábháilteacht Bia / Österreichische Agentur für Gesundheit und Ernährungssicherheit GmbH

Féach an t-údarás atá freagrach as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

An Bheilg

An Ghníomhaireacht Fheidearálach um Chógais agus Táirgí Sláinte — FAMHP/Federaal Agentschap voor geneesmiddelen en Gezondheidsproducten — FAGG/Agence fédérale des Médicaments et des produits de santé — AFMPS

Féach an t-údarás atá freagrach as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

An Bhulgáir

Gníomhaireacht Drugaí na Bulgáire / Изпълнителна агенция по лекарствата

Gníomhaireacht na Bulgáire um Sábháilteacht Bia / Българска агенция по безопасност на храните

An Chróit

An Ghníomhaireacht um Tháirgí Íocshláinte agus um Fheistí Leighis / Agencija za lijekove i medicinske proizvode (HALMED)

An Ghníomhaireacht um Tháirgí Íocshláinte agus um Fheistí Leighis / Agencija za lijekove i medicinske proizvode (HALMED)

An Stiúrthóireacht um an Aireacht Talmhaíochta, Tréidliachta agus Sábháilteachta Bia / Ministarstvo poljoprivrede, Uprava za veterinarstvo i sigurnost hrane

An Chipir

An Aireacht Sláinte — Seirbhísí Cógaisíochta / Φαρμακευτικές Υπηρεσίες, Υπουργείο Υγείας

An Aireacht Talmhaíochta, Forbartha Tuaithe agus Comhshaoil – Seirbhísí Tréidliachta / Υπουργείο Γεωργίας, Αγροτικής Ανάπτυξης και Περιβάλλοντος – Κτηνιατρικές Υπηρεσίες

An tSeicia

Institiúid Stáit um Rialú Drugaí / Státní ústav pro kontrolu léčiv (SÚKL)

An Institiúid um Rialú Stáit Bitheolaíochtaí Tréidliachta agus Íoca Leighis / Ústav pro státní kontrolu veterinárních biopreparátů a léčiv (ÚSKVBL)

An Danmhairg

Gníomhaireacht Leigheasra na Danmhairge / Lægemiddelstyrelsen

Féach an t-údarás atá freagrach as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

An Eastóin

An Ghníomhaireacht Leigheasra Stáit/ Ravimiamet

Féach an t-údarás atá freagrach as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

An Fhionlainn

Gníomhaireacht Leigheasra na Fionlainne / Lääkealan turvallisuus- ja kehittämiskeskus (FIMEA)

Féach an t-údarás atá freagrach as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

An Fhrainc

Gníomhaireacht Náisiúnta na Fraince um Leigheasra agus um Shábháilteacht Tháirgí Sláinte / Agence nationale de sécurité du médicament et des produits de santé (ANSM)

Gníomhaireacht na Fraince um Shábháilteacht Bia, Comhshaoil agus Sláinte ag an Obair — An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta / Agence Nationale de sécurité sanitaire de l’alimentation, de l’environnement et du travail – Agence Nationale du Médicament Vétérinaire (Anses-ANMV)

An Ghearmáin

Institiúid Chónaidhme Drugaí agus Feistí Leighis / Bundesinstitut für Arzneimittel und Medizinprodukte (BfArM)

Paul-Ehrlich-Institute (PEI), Institiúid Chónaidhme Vacsaíní agus Bithmhíochaine / Paul-Ehrlich-Institut (PEI) Bundesinstitut für Impfstoffe und biomedizinische Arzneimittel

An Aireacht Chónaidhme Sláinte / Bundesministerium für Gesundheit (BMG)

Údarás Lárnach na Státrialtas um Chosaint Sláinte maidir le Táirgí Íocshláinte agus Feistí Leighis / Zentralstelle der Länder für Gesundheitsschutz bei Arzneimitteln und Medizinprodukten (ZLG)  (1)

An Oifig Chónaidhme um Chosaint Tomhaltóirí agus um Shábháilteacht Bia / Bundesamt für Verbraucherschutz und Lebensmittelsicherheit (BVL)

An Aireacht Chónaidhme Bia agus Talmhaíochta, Bundesministerium für Ernährung und Landwirtschaft / Bundesministerium für Ernährung und Landwirtschaft

An Ghréig

An Eagraíocht Náisiúnta um Leigheasra / Ethnikos Organismos Farmakon (EOF) – (Εθνικός Οργανισμός Φαρμάκων))

Féach an t-údarás atá freagrach as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

An Ungáir

An Institiúid Náisiúnta Cógaisíochta agus Cothú / Országos Gyógyszerészeti és Élelmezés-egészségügyi Intézet

An Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht an tSlabhra Bia, Stiúrthóireacht na dTáirgí Íocshláinte Tréidliachta / Nemzeti Élelmiszerlánc-biztonsági Hivatal, Állatgyógyászati Termékek Igazgatósága (ÁTI)

Éire

An tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA)

Féach an t-údarás atá freagrach as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

An Iodáil

Gníomhaireacht Leigheasra na hIodáile /Agenzia Italiana del Farmaco

Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte Ainmhithe agus Táirgí Íocshláinte Tréidliachta / Ministero della Salute, Direzione Generale della Sanità Animale e dei Farmaci Veterinari

An Laitvia

An Ghníomhaireacht Leigheasra Stáit / Zāļu valsts aģentūra

An tSeirbhís Bia agus Tréidliachta / Pārtikas un veterinārais dienests

An Liotuáin

An Ghníomhaireacht Stáit um Rialú Cógas / Valstybinė vaistų kontrolės tarnyba

Seirbhís Bia agus Tréidliachta an Stáit / Valstybinė maisto ir veterinarijos tarnyba

Lucsamburg

An Aireacht Sláinte, An Rannán Cógaisíochta agus Leigheasra / Ministère de la Santé, Division de la Pharmacie et des Médicaments

Féach an t-údarás atá freagrach as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

Málta

Údarás Leigheasra Mhálta / Malta Medicines Authority (MMA)

An Roinn Sláinte agus Leasa Ainmhithe / The Animal Health and Welfare Department (AHWD)

An Ísiltír

Cigireacht Cúram Sláinte agus Óige, An Aireacht Sláinte, Leasa agus Spóirt / Inspectie Gezondheidszorg en Jeugd (IGJ), Ministerie van Volksgezondheid, Welzijn en Sport

An Bord Meastóireachta Leigheasra / College ter Beoordeling van Geneesmiddelen (CBG)

An tAonad um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta / Bureau Diergeneesmiddelen

An Pholainn

An Phríomhchigireacht Cógaisíochta / Główny Inspektorat Farmaceutyczny (GIF)

Féach an t-údarás atá freagrach as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

An Phortaingéil

Údarás Náisiúnta Leigheasra agus Táirgí Sláinte / INFARMED, I.P Autoridade Nacional do Medicamento e Produtos de Saúde, I.P

Ard-Stiúrthóireacht an Bhia agus na Tréidliachta / Direção-Geral de Alimentação e Veterinária (DGAV)

An Rómáin

An Ghníomhaireacht Náisiúnta Leigheasra agus Feistí Leighis na Rómáine / Agenţia Naţională a Medicamentului şi a Dispozitivelor Medicale din România

An tÚdarás Náisiúnta Tréidliachta agus Sábháilteachta Bia / Autoritatea Națională Sanitară Veterinară și pentru Siguranța Alimentelor

An tSlóvaic

An Institiúid Stáit um Rialú Drugaí / Štátny ústav réamh kontrolu liečiv (ŠÚKL)

An Institiúid um Rialú Stáit Bitheolaíochtaí Tréidliachta agus Íoca Leighis / Ústav pro státní kontrolu veterinárních biopreparátů a léčiv (USKVBL)

An tSlóivéin

Gníomhaireacht Phoblacht na Slóivéine um Tháirgí Íocshláinte agus um Fheistí Leighis / Javna agencija Republike Slovenije za zdravila in medicinske pripomočke (JAZMP)

Féach an t-údarás atá freagrach as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

An Spáinn

Gníomhaireacht Leigheasra agus Feistí Leighis na Spáinne / Agencia Española de Medicamentos y Productos Sanitarios  (2)

Féach an t-údarás atá freagrach as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

An tSualainn

Gníomhaireacht Táirge Leighis na Sualainne / Läkemedelsverket

Féach an t-údarás atá freagrach as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine


(1)  Chun críoch na hIarscríbhinne seo, agus gan dochar do roinnt inmheánach na hinniúlachta sa Ghearmáin maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme na hIarscríbhinne seo, tuigfear go gcumhdaítear le ZLG údaráis inniúla uile na státrialtas (Länder) a eisíonn doiciméid GMP agus a dhéanann cigireachtaí cógaisíochta.

(2)  Chun críoch na hIarscríbhinne seo, agus gan dochar do roinnt inmheánach na hinniúlachta sa Ghearmáin maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme na hIarscríbhinne seo, tuigfear go gcumhdaítear le ZLG údaráis inniúla uile na státrialtas (Länder) a eisíonn doiciméid GMP agus a dhéanann cigireachtaí cógaisíochta.