ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 119

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
5 Bealtaine 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2023/912 ón gComhairle an 25 Aibreán 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

1

 

*

AISTRIÚCHÁN — Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaó ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

3

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/913 ón gComhairle an 4 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

20

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/914 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún ( 1 )

22

 

*

Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ( 1 )

103

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/916 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint Melocotón de Cieza (TGFC)

158

 

*

Rialachán (AE) 2023/917 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ( 1 )

159

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, démheatomorf, eiteafón, feanasacuin, fluaipicilíd, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, S-meitileaclór, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 ( 1 )

160

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/919 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/804 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí píopaí agus feadán gan uaim áirithe d’iarann (seachas iarann teilgthe) nó de chruach (seachas cruach dhosmálta), ar trasghearradh ciorclach, ar trastomhas seachtrach is mó ná 406,4 mm, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

166

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/920 ón gComhairle an 4 Bealtaine 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia

169

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/921 ón gComhairle an 4 Bealtaine 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive

173

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/922 ón gComhairle an 4 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

177

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/1


CINNEADH (AE) 2023/912 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Aibreán 2023

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/1665 (2),ón gComhairle, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, síníodh an Comhaontú sin thar ceann an Aontais an 17 Eanair 2023, faoi réir a thabhairt i gcrích dáta is faide anonn.

(2)

Is é is cuspóir don Chomhaontú foráil a dhéanamh maidir le cionroinnt na gcuótaí ráta taraife a áirítear i Sceideal CLXXV AE den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, de bhun Airteagal XXVIII de CGTT 1994.

(3)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach a fhormheas thar ceann an Aontais (3).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) den Chomhaontú (4).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)  Toiliú an 15 Márta (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2022/1665 an 26 Mean Fómhair ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 251, 29.9.2022, lch. 1).

(3)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L 3

(4)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh


5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/3


AISTRIÚCHÁN

COMHAONTÚ idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaó ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

TÁ AN tAONTAS EORPACH,

dá ngairtear “an tAontas” anseo feasta,

agus

STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ,

dá ngairtear “na Stáit Aontaithe” anseo feasta,

dá ngairtear “na Páirtithe” orthu araon anseo feasta,

AG FÉACHAINT don chaibidlíocht a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife a áirítear i Sceideal Taraife CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas mar a cuireadh in iúl do Chomhaltaí EDT sa doiciméad G/SECRET/42/Add.2,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

AIRTEAGAL 1

Cuótaí rátaí taraife an Aontais nach n-airítear an Ríocht Aontaithe leis a thuilleadh

Maidir leis na cuótaí ráta taraife ar ina leith a bhfuil cearta caibidlíochta nó comhairliúcháin ag na Stáit Aontaithe faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994, aontaíonn na Stáit Aontaithe agus an tAontas leis na gealltanais atá beartaithe maidir le cainníocht na gcuótaí ráta taraife a leagtar amach le haghaidh an Aontais in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le G/SECRET/42/Add.2 atá i gceangal, faoina réir an méid seo a leanas:

Cuóta ráta taraife 005 (Feoil bó-ainmhithe/Scairteach inite bó-ainmhithe): coigeartófar méid an Aontais de chuid thírshonrach na Stát Aontaithe/Cheanada chuig 10 500 tona;

Cuóta ráta taraife 015 (Feoil mucra, úr, fuaraithe nó reoite: Gearrthacha de mhucra clóis, úr, fuaraithe nó reoite ar an gcnámh nó gan chnámha, cé is moite den luan bog a chuirtear ar fáil ar leithligh): coigeartófar méid an Aontais den chuid erga omnes chuig 4 786 thona;

Cuóta ráta taraife 017 (Feoil ó mhucra, úr, fuaraithe nó reoite: luanta agus liamhása gan chnámha mucra clóis, muiceoil úr, fhuaraithe nó reoite): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 5 720 tona;

Cuóta ráta taraife 018 (Feoil ó mhucra, úr, fuaraithe nó reoite: luanta agus liamhása gan chnámha mucra clóis, úr, fuaraithe nó reoite): coigeartófar méid an Aontais de chuóta tírshonrach na Stát Aontaithe chuig 0 tona;

Cuóta ráta taraife 030 (Púdar bainne bhearrtha): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 62 917 dtona;

Cuóta ráta taraife 044 (Prátaí, úr nó fuaraithe, ón 1 Eanáir go dtí an 15 Bealtaine): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 4 295 thona;

Cuóta ráta taraife 045 (Trátaí): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 472 thona;

Cuóta ráta taraife 047 (Cairéid agus tornapaí, iad úr nó fuaraithe): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 1 244 thona;

Cuóta ráta taraife 048 (Cúcamair, úr nó fuaraithe, ón 1 Samhain go dtí an 15 Bealtaine): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 647 dtona;

Cuóta ráta taraife 051 (Oinniúin thriomaithe): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 9 770 tona;

Cuóta ráta taraife 056 (Almóinní): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 86 223 thona;

Cuóta ráta taraife 065 (Silíní fiáine úra, ón 21 Bealtaine go dtí an 15 Iúil): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 151 tona;

Cuóta ráta taraife 068 (Cruithneacht bhog - meáncháilíocht agus ísealcháilíocht): coigeartófar méid an Aontais de chuóta tírshonrach na Stát Aontaithe chuig 572 000 tona;

Cuóta ráta taraife 069 (Eorna): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 307 105 thona;

Cuóta ráta taraife 071 (Arbhar Indiach): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 276 440 tona;

Cuóta ráta taraife 074 (Rís gan scilligeadh): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 7 dtona;

Cuóta ráta taraife 076 (Rís leathmheilte nó rís lánmheilte): fo-leithdháileadh an chuóta seo ar na Stáit Aontaithe arna riar go hinmheánach faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais, coigeartófar é chuig 25 772 thona;

Cuóta ráta taraife 077 (Rís leathmheilte nó rís lánmheilte): fo-leithdháileadh an chuóta seo ar na Stáit Aontaithe arna riar go hinmheánach faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais, coigeartófar é chuig 1 910 dtona;

Cuóta ráta taraife 080 (Rís bhriste): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 28 360 tona;

Cuóta ráta taraife 110 (Súnna torthaí): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 6 551 tona;

Cuóta ráta taraife 111 (Sú fíonchaor): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 2 525 thona;

Cuóta ráta taraife 112 (Ullmhóidí bia): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 783 thona;

Cuóta ráta taraife 113 (Ullmhóidí bia): coigeartófar méid an Aontais de chuóta tírshonrach na Stát Aontaithe chuig 1 286 thona;

Cuóta ráta taraife 121 (Ullmhóidí eile den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe: Nach bhfuil aon táirgí bainne iontu nó ar lú ná 10 % de na táirgí den sórt sin atá iontu de réir meáchain): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 2 800 tona;

Cuóta ráta taraife 122 (Ullmhóidí eile den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe: Nach bhfuil aon táirgí bainne iontu nó ar lú ná 10 % de na táirgí den sórt sin atá iontu de réir meáchain): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 2 700 tona;

Cuóta ráta taraife 123 (Bia madra agus bia cait): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 1 732 thona;

Cuóta ráta taraife 011 (Séaclaí próiseáilte den speiceas Pandalus borealis): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 500 tona;

Cuóta ráta taraife 013 (Sraithadhmad de speicis bhuaircíneacha, gan substaintí eile a chur leis: - nár ullmhaíodh a shraitheanna níos mó ná an próiseas scafa, ar mó an tiús atá ann ná 8,5 mm, nó - é greanáilte, ar mó an tiús atá ann ná 18,5 mm): coigeartófar méid an Aontais den chuóta erga omnes chuig 448 500 m ciúbach.

Thairis sin, comhaontaíonn na Stáit Aontaithe agus an tAontas maidir leis an athrú seo a leanas ar ghealltanais sceidealta chun úsáid cuóta ráta taraife a éascú:

Cuóta ráta taraife 011 (Feoil bó-ainmhithe, reoite; scairteach inite bó-ainmhithe, reoite): déanfaidh an tAontas an chuid ad valorem den dleacht laistigh den chuóta a choigeartú ó 20 % go 15 %.

AIRTEAGAL 2

Caibidlíocht leanúnach an Aontais faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994

1.   Tuigeann na Stáit Aontaithe go bhfuil an tAontas ag leanúint de chaibidlíocht agus de chomhairliúcháin le Comhaltaí eile EDT a bhfuil cearta caibidlíochta nó comhairliúcháin acu faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994 mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas mar a cuireadh in iúl do Chomhaltaí EDT sa doiciméad G/SECRET/42/Add.2.

2.   Mar thoradh ar an gcaibidlíocht agus ar na comhairliúcháin sin, b’fhéidir gur mhaith leis an Aontas breithniú a dhéanamh ar athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na sciartha agus ar na cainníochtaí a leagtar amach sa liosta thuas nó ar na cinn sin a mhol an tAontas sa doiciméad G/SECRET/42/Add.2. I gcás ina mbeartaítear athrú den sórt sin maidir le gealltanas cuóta ráta taraife ón Aontas a tugadh roimhe sin agus a bhfuil ceart caibidlíochta nó comhairliúcháin ag na Stáit Aontaithe ina leith, rachaidh an tAontas i gcomhairle leis na Stáit Aontaithe d’fhonn toradh atá sásúil go frithpháirteach a lorg sula rachaidh sé ar aghaidh chuig aon athrú den sórt sin, gan dochar do chearta gach páirtí faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994.

AIRTEAGAL 3

Forálacha críochnaitheacha

1.   Tabharfaidh an tAontas agus na Stáit Aontaithe fógra dá chéile faoi thabhairt i gcrích a gcuid nósanna imeachta inmheánacha maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar dháta an fhógra deiridh.

2.   Comhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe atá sa Chomhaontú seo, lena n-áirítear chun críocha Airteagal XXVIII:3(a) agus (b) de CGTT 1994.

ARNA DHÉANAMH sa Bhruiséil, an seachtú lá déag de mhí Eanáir sa bhliain dhá mhíle fiche a trí, i ndúblach i mBéarla.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Thar ceann Stáit Aontaithe Mheiriceá


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ

G/SECRET/42/Add.2

Liosta de na cuótaí ráta taraife atá le modhnú i Sceideal CLXXV – an tAontas Eorpach

Is iad seo a leanas na modhnuithe atá beartaithe:

Tá sé beartaithe na TRQanna a chionroinnt idir an tAontas Eorpach mar a bheidh sé tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe (“AE27”) agus an Ríocht Aontaithe bunaithe ar na sreafaí trádála faoi gach TRQ le linn tréimhse ionadaíoch (2013-2015). Suíodh an chionroinnt de réir chion úsáide (%) AE27 agus na Ríochta Aontaithe faoi seach, a cuireadh i bhfeidhm maidir le méid iomlán na TRQanna sceidealaithe. Leanadh cur chuige comhsheasmhach le haghaidh gach TRQ, lena n-áirítear maidir le sonraí agus modheolaíocht. Leagtar amach thíos na lamháltais atá ann faoi láthair agus an chionroinnt atá beartaithe le haghaidh AE27.

1.   Cuótaí ráta taraife atá le modhnú i gCuid I, Roinn I-B (Táirgí Talmhaíochta)

Sraithuimhir TRQanna

Tuairisc ar an TRQ

Aonad

Téarmaí agus coinníollacha eile

___

Tír soláthair

Lamháltas atá ann faoi láthair i Sceideal CLXXV

(AE28)

Lamháltas atá beartaithe le haghaidh AE27

001

Bó-ainmhithe beo

ceann

 

710

710

002

Bó-ainmhithe beo

ceann

 

711

711

003

Bó-ainmhithe beo

ceann

 

24 070

24 070

004

Caoirigh agus gabhair bheo, seachas ainmhithe síolrúcháin folaíochta

t

IAR-PHOBLACHT IÚGSLAVACH NA MACADÓINE

215

215

004

Caoirigh agus gabhair bheo, seachas ainmhithe síolrúcháin folaíochta

t

Eile

105

105

004

Caoirigh agus gabhair bheo, seachas ainmhithe síolrúcháin folaíochta

t

Erga omnes

91

91

005

Feoil bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

Scairteach inite bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an táirge)

An Airgintín

17 000

16 936

005

Feoil bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

Scairteach inite bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an táirge)

An Astráil

7 150

2 481

005

Feoil bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

Scairteach inite bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an táirge)

Uragua

2 300

2 022

005

Feoil bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

Scairteach inite bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an táirge)

SAM/Ceanada

11 500

11 481

006

Feoil ardcháilíochta bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

t

An Nua-Shéalainn

1 300

846

007

Feoil ardcháilíochta bó-ainmhithe gan chnámha, úr nó fuaraithe

Scairteach inite bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

t

An Airgintín

12 500

12 453

008

Feoil gan chnámha bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

Scairteach inite bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

t

An Bhrasaíl

10 000

8 951

009

Feoil gan chnámha bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

Scairteach inite bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite

t

Uragua

4 076

3 584

010

Feoil bó-ainmhithe, reoite

Scairteach inite bó-ainmhithe, reoite

t (meáchan gan chnámha)

 

54 875

43 732

011

Feoil bó-ainmhithe, reoite

Scairteach inite bó-ainmhithe, reoite

t (meáchan an táirge le cnámha)

 

63 703

19 676

012

Feoil buabhaill gan chnámha, úr, fuaraithe nó reoite

t (gan chnámha)

An Airgintín

200

200

013

Feoil buabhaill gan chnámha, reoite

t (gan chnámha)

An Astráil

2 250

1 405

014

Feoil mucra, úr, fuaraithe nó reoite:

Conablaigh agus leathchonablaighmucra clóis, úr, fuaraithe nó reoite

t

 

15 067

15 067

015

Feoil mucra, úr, fuaraithe nó reoite:

Gearrthacha de mhucra clóis, úr, fuaraithe nó reoite, ar an gcnámh nó gan chnámha, cé is moite den luan bog a chuirtear ar fáil ar leithligh

t

Ceanada

4 624

4 623

015

Feoil mucra, úr, fuaraithe nó reoite:

Gearrthacha de mhucra clóis, úr, fuaraithe nó reoite, ar an gcnámh nó gan chnámha, cé is moite den luan bog a chuirtear ar fáil ar leithligh

t

Erga omnes

6 135

6 133

016

Feoil mucra, úr, fuaraithe nó reoite:

Luain mucra clóis agus gearrthacha díobh, ar an gcnámh, úr nó fuaraithe

Boilg (stríocacha) mucra clóis agus gearrthacha díobh, reoite

t

 

7 000

7 000

017

Feoil mucra, úr, fuaraithe nó reoite:

Luain agus liamhása gan chnámha mucra clóis, úr, fuaraithe nó reoite

t

 

35 265

12 680

018

Feoil mucra, úr, fuaraithe nó reoite:

Luain agus liamhása gan chnámha mucra clóis, úr, fuaraithe nó reoite

t

SAM

4 922

1 770

019

Feoil mucra, úr, fuaraithe nó reoite:

Luain bhoga mucra clóis úr, fuaraithe nó reoite

t

 

5 000

3 780

020

Caoireoil nó feoil gabhair, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an chonablaigh)

An Airgintín

23 000

17 006

020

Caoireoil nó feoil gabhair, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an chonablaigh)

An Astráil

19 186

3 837

020

Caoireoil nó feoil gabhair, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an chonablaigh)

An tSile

3 000

2 628

020

Caoireoil nó feoil gabhair, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an chonablaigh)

An Ghraonlainn

100

48

020

Caoireoil nó feoil gabhair, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an chonablaigh)

An Íoslainn

600

349

020

Caoireoil nó feoil gabhair, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an chonablaigh)

An Nua-Shéalainn

228 389

114 184

020

Caoireoil nó feoil gabhair, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an chonablaigh)

Uragua

5 800

4 759

020

Caoireoil nó feoil gabhair, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an chonablaigh)

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

850

410

020

Caoireoil nó feoil gabhair, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an chonablaigh)

Eile

200

200

020

Caoireoil nó feoil gabhair, úr, fuaraithe nó reoite

t (meáchan an chonablaigh)

Erga omnes

200

178

021

Scairteach inite bó-ainmhithe, reoite

t

An Airgintín

700

700

021

Scairteach inite bó-ainmhithe, reoite

t

Eile

800

800

022

Conablaigh cearc, úr, fuaraithe nó reoite

t

 

6 249

4 054

023

Feoil agus scairteach inite ó éanlaith chlóis, úr, fuaraithe nó reoite

t

SAM

21 345

21 345

024

Gearrthacha de shicíní, úr, fuaraithe nó reoite

t

 

8 570

8 253

025

Gearrthacha gan chnámha ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus, reoite

t

 

2 705

2 427

026

Gearrthacha ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus, reoite

t

An Bhrasaíl

9 598

8 308

026

Gearrthacha ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus, reoite

t

Erga omnes

15 500

13 471

027

Feoil turcaí, úr, fuaraithe nó reoite

t

 

1 781

1 781

028

Gearrthacha ó thurcaithe, reoite

t

An Bhrasaíl

3 110

2 692

028

Gearrthacha ó thurcaithe, reoite

t

Erga omnes

4 985

4 253

029

Feoil shaillte ó éanlaith chlóis

t

An Bhrasaíl

170 807

129 930

029

Feoil shaillte ó éanlaith chlóis

t

An Téalainn

92 610

68 385

029

Feoil shaillte ó éanlaith chlóis

t

Eile

828

824

030

Púdar bainne bhearrtha

t

 

68 537

68 536

031

Im agus saillte agus olaí eile a dhíorthaítear ó bhainne

t (i gcoibhéis ime)

 

11 360

11 360

032

Im, 6 seachtaine d’aois ar a laghad, nach bhfuil a chion saille de réir meáchain níos lú ná 80 % ach atá níos lú ná 85 % a dhéantar a mhonarú go díreach ó bhainne nó uachtar gan ábhair stóráilte a úsáid, i bpróiseas aonair neamhspleách gan bhriseadh.

Im, 6 seachtaine d’aois ar a laghad, nach bhfuil a chion saille de réir meáchain níos lú ná 80 % ach atá níos lú ná 85 % a dhéantar a mhonarú go díreach ó bainne nó uachtar gan ábhair stóráilte a úsáid, i bpróiseas aonair neamhspleách gan bhriseadh ina bhféadfadh an t-uachtar dul trí chéim ina bhfuil an tsaill ime tiubhaithe agus/nó codánaithe (an próiseas dá dtagraítear mar ‘Ammix’ agus ‘Spreadable’).

t

An Nua-Shéalainn

74 693

47 177

033

Cáis agus gruth:

Cáis phíotsa, reoite, gearrtha i bpíosaí nach mó ná 1 g meáchain gach ceann díobh, i gcoimeádáin de ghlanchion 5 kg nó níos mó, agus cion uisce inti de 52 % ar a laghad de réir meáchain, agus cion saille de 38 % ar a laghad de réir meáchain san ábhar tirim

t

 

5 360

5 360

034

Cáiseanna eile

t

 

19 525

19 525

035

Cáis agus gruth:

De chineál Emmental, lena n-áirítear Emmental próiseáilte

t

 

18 438

18 438

036

Cáis agus gruth:

Gruyère agus Sbrinz, lena n-áirítear Gruyère próiseáilte

t

 

5 413

5 413

037

Cáis agus gruth:

Cáis lena próiseáil

t

 

20 007

11 741

038

Cáis lena próiseáil

t

An Astráil

500

500

038

Cáis lena próiseáil

t

An Nua-Shéalainn

4 000

1 670

039

Cáis agus gruth:

Céadar

t

 

15 005

14 941

040

Céadar

t

An Nua-Shéalainn

7 000

4 361

040

Céadar

t

An Astráil

3 711

3 711

041

Céadar

t

Ceanada

4 000

0

042

Uibheacha éanlaithe clóis lena n-ithe, i mblaosc

t

 

135 000

114 669

043

Buíocáin uibhe

Uibheacha éan, nach bhfuil i mblaosc

t (coibhéis ubh-sa-bhlaosc)

 

7 000

7 000

044

Prátaí, úr nó fuaraithe, ón 1 Eanáir go dtí an 15 Bealtaine

t

 

4 295

4 292

045

Trátaí

t

 

472

464

046

Gairleog

t

An Airgintín

19 147

19 147

046

Gairleog

t

An tSín

48 225

40 556

046

Gairleog

t

Eile

6 023

3 711

047

Cairéid agus tornapaí, iad úr nó fuaraithe

t

 

1 244

1 192

048

Cúcamair, iad úr nó fuaraithe, ón 1 Samhain go dtí an 15 Bealtaine

t

 

1 134

500

049

Glasraí eile, iad úr nó fuaraithe (piobair mhilse)

t

 

500

500

050

Beacáin den speiceas Agaricus, ullmhaithe, leasaithe nó leasaithe go sealadach

t

An tSín

1 450

1 450

050

Beacáin den speiceas Agaricus, ullmhaithe, leasaithe nó leasaithe go sealadach

t

Erga omnes

33 980

33 980

051

Oinniúin thriomaithe

t

 

12 000

9 696

052

Casabhach

t

An Téalainn

5 750 000

3 096 027

053

Casabhach seachas millíní plúir agus mine

Ararút, salep agus fréamhacha agus tiúbair chomhchosúla a bhfuil cion mór stáirse iontu

t

An tSín

350 000

275 805

053

Casabhach seachas millíní plúir agus mine

Ararút, salep agus fréamhacha agus tiúbair chomhchosúla a bhfuil cion mór stáirse iontu

t

An Indinéis

825 000

0

053

Casabhach seachas millíní plúir agus mine

Ararút, salep agus fréamhacha agus tiúbair chomhchosúla a bhfuil cion mór stáirse iontu

t

Comhaltaí eile EDT seachas an Téalainn, an tSín agus an Indinéis

145 590

124 552

053

Casabhach seachas millíní plúir agus mine

Ararút, salep agus fréamhacha agus tiúbair chomhchosúla a bhfuil cion mór stáirse iontu

t

Tíortha eile nach Comhaltaí EDT iad

30 000

30 000

053

Casabhach seachas millíní plúir agus mine

Ararút, salep agus fréamhacha agus tiúbair chomhchosúla a bhfuil cion mór stáirse iontu

t

Tíortha eile nach Comhaltaí EDT iad

2 000

1 691

054

Prátaí milse, seachas prátaí milse lena gcaitheamh ag an duine

t

An tSín

600 000

252 641

055

Prátaí milse, seachas prátaí milse lena gcaitheamh ag an duine

t

Seachas an tSín

5 000

4 985

056

Almóinní, seachas almóinní goirte

t

 

90 000

85 958

057

Oráistí milse, úr

t

 

20 000

20 000

058

Hibridí citris eile

t

 

15 000

14 931

059

Líomóidí, ón 15 Eanáir go dtí an 14 Meitheamh

t

 

10 000

8 156

060

Fíonchaora boird, iad úr, ón 21 Iúil go dtí an 31 Deireadh Fómhair

t

 

1 500

885

061

Úlla, iad úr, ón 1 Aibreán go dtí an 31 Iúil

t

 

696

666

062

Piorraí, iad úr, seachas piorraí leanna i mbulc, ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig

t

 

1 000

810

063

Aibreoga, iad úr, ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Bealtaine

t

 

500

74

064

Aibreoga, iad úr, ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Iúil

t

 

2 500

1 387

065

Silíní, iad úr, seachas silíní searbha, ón 21 Bealtaine go dtí an 15 Iúil

t

 

800

105

066

Cruithneacht chrua (dúram)

t

 

50 000

50 000

067

Cruithneacht ardcháilíochta

t

 

300 000

300 000

068

Cruithneacht bhog (meáncháilíocht agus ísealcháilíocht)

t

SAM

572 000

571 943

068

Cruithneacht bhog (meáncháilíocht agus ísealcháilíocht)

t

Ceanada

38 853

1 463

068

Cruithneacht bhog (meáncháilíocht agus ísealcháilíocht)

t

Eile

2 371 600

2 285 665

068

Cruithneacht bhog (meáncháilíocht agus ísealcháilíocht)

t

Erga omnes

129 577

129 577

069

Eorna

t

 

307 105

306 812

070

Eorna bhraiche

t

 

50 890

20 789

071

Arbhar Indiach

t

 

277 988

269 214

072

Arbhar Indiach

t

 

500 000

500 000

073

Arbhar Indiach

t

 

2 000 000

2 000 000

074

Rís gan scilligeadh

t

 

7

5

075

Rís scilligthe (donn)

t

 

1 634

1 416

076

Rís leathmheilte nó rís lánmheilte

t

 

63 000

36 731

077

Rís leathmheilte nó rís lánmheilte

t

An Téalainn

4 313

3 663

077

Rís leathmheilte nó rís lánmheilte

t

Eile

9 187

6 859

078

Rís leathmheilte nó rís lánmheilte

t

An Téalainn

1 200

1 019

078

Rís leathmheilte nó rís lánmheilte

t

Erga omnes

25 516

22 442

079

Rís bhriste atá beartaithe le haghaidh táirgeadh earraí bia faoi fho-cheannteideal 1901 10 00

t

 

1 000

1 000

080

Rís bhriste

t

 

31 788

26 581

081

Rís bhriste

t

 

100 000

93 709

082

Sorgam gráin

t

 

300 000

300 000

083

Muiléad

t

 

1 300

888

084

Coirce oibrithe, seachas coirce garbhmheilte

t

 

10 000

231

085

Stáirse casabhaigh

t

 

8 000

6 632

086

Stáirse casabhaigh

t

 

2 000

1 658

087

Ispíní, tirim nó atá le leathadh, neamhchócaráilte

Ispíní eile

t

 

3 002

164

088

Feoil turcaí ullmhaithe

t

An Bhrasaíl

92 300

89 950

088

Feoil turcaí ullmhaithe

t

Eile

11 596

11 301

089

Circeoil phróiseáilte, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

An Bhrasaíl

15 800

10 969

089

Circeoil phróiseáilte, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

Eile

340

236

090

Feoil chócaráilte ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus

t

An Bhrasaíl

79 477

52 665

090

Feoil chócaráilte ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus

t

An Téalainn

160 033

109 441

090

Feoil chócaráilte ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus

t

Eile

11 443

8 471

091

Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

An Bhrasaíl

62 905

59 699

091

Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

An Téalainn

14 000

8 019

091

Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

Eile

2 800

1 669

092

Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

An Bhrasaíl

295

163

092

Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

An Téalainn

2 100

1 162

092

Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

Eile

470

260

093

Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

An Téalainn

10

0

094

Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

An Téalainn

13 500

8 572

094

Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

Eile

220

159

095

Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

An Téalainn

600

300

095

Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

Eile

148

0

096

Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

An Téalainn

600

278

096

Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

t

Eile

125

58

097

Feoil mucra clóis atá ullmhaithe nó leasaithe

t

 

6 161

6 161

098

Siúcra cána amh, lena mhínghlanadh

t

An Astráil

9 925

4 961

098

Siúcra cána amh, lena mhínghlanadh

t

An Bhrasaíl

388 124

358 454

098

Siúcra cána amh, lena mhínghlanadh

t

Cúba

10 000

10 000

098

Siúcra cána amh, lena mhínghlanadh

t

Erga omnes

372 876

341 460

099

Siúcra cána nó biatais

t (coibhéis siúcra bháin)

An India

10 000

5 841

099

Siúcra cána nó biatais

t (coibhéis siúcra bháin)

Tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin

1 294 700

921 707

100

Fruchtós íon ó thaobh ceimice de

t

 

4 504

4 504

101

Fruchtós íon ó thaobh ceimice de

t

 

1 253

1 253

102

Milseogra

t

 

2 289

2 245

103

Seacláid

t

 

107

81

104

Seacláid

t

 

2 026

2 026

105

Ullmhóidí bia ina bhfuil gránaigh

t

 

191

191

106

Pasta

t

 

532

497

107

Brioscaí

t

 

409

409

108

Anainn, torthaí citris, piorraí, aibreoga, silíní, péitseoga agus sútha talún, agus iad leasaithe

t

 

2 838

2 820

109

Sú oráiste, é reoite, a bhfuil dlús aige nach mó ná 1,33 g/cm3 ag teocht 20 °C

t

 

1 500

1 500

110

Súnna torthaí

t

 

7 044

6 436

111

Sú fíonchaor (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor)

t

 

14 029

0

112

Ullmhóidí bia

t

 

921

702

113

Ullmhóidí bia

t

SAM

1 550

831

114

Fíon ó fhíonchaora úra (seachas fíon súilíneach agus fíon ardcháilíochta a tháirgtear i réigiúin shonraithe) i gcoimeádáin =< 2 L agus a bhfuil a neart alcóil =< 13 %

hl

 

40 000

4 689

115

Fíon ó fhíonchaora úra (seachas fíon súilíneach agus fíon ardcháilíochta a tháirgtear i réigiúin shonraithe) i gcoimeádáin > 2 L agus a bhfuil a neart alcóil =< 13 %

hl

 

20 000

15 647

116

Fíon mormónta agus fíon eile ó fhíonchaora úra, a bhfuil substaintí aramatacha nó plandaí curtha leo mar bhlaistiú, i gcoimeádáin > 2 L agus a bhfuil a neart alcóil =< 18 %

hl

 

13 810

13 808

117

Bran, géaráin agus iarmhair eile, cibé acu atá siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, a dhíorthaítear ó ghránaigh a chriathrú, a mheilt nó a oibriú ar bhealach eile

t

 

475 000

458 068

118

Glútan arbhair

t

 

10 000

10 000

119

Ullmhóidí ina bhfuil meascán de phéacáin braiche agus d’ábhar criathraithe eorna roimh an bpróiseas brachaidh (lena bhféadfar síolta eile a áireamh iontu), le glantacháin eorna tar éis an phróisis brachaidh, agus ina bhfuil 12,5 % de phróitéin nó níos mó de réir meáchain

Ullmhóidí ina bhfuil meascán de phéacáin braiche agus d’ábhar criathraithe eorna roimh an bpróiseas brachaidh (lena bhféadfar a síolta a áireamh iontu), le glantacháin eorna tar éis an phróisis brachaidh, agus ina bhfuil 12,5 % de phróitéin nó níos mó de réir meáchain agus nach bhfuil níos mó ná 28 % de stáirse iontu

t

 

20 000

20 000

120

Ullmhóidí ina bhfuil meascán de phéacáin braiche agus d’ábhar criathraithe eorna roimh an bpróiseas brachaidh (lena bhféadfar síolta eile a áireamh iontu), le glantacháin eorna tar éis an phróisis brachaidh, agus ina bhfuil 15,5 % de phróitéin nó níos mó de réir meáchain

Ullmhóidí ina bhfuil meascán de phéacáin braiche agus d’ábhar criathraithe eorna roimh an bpróiseas brachaidh (lena bhféadfar síolta eile a áireamh iontu), le glantacháin eorna tar éis an phróisis brachaidh, agus ina bhfuil 15,5 % de phróitéin nó níos mó de réir meáchain agus nach bhfuil níos mó ná 23 % de stáirse iontu

t

 

100 000

100 000

121

Ullmhóidí eile den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe:

Nach bhfuil aon táirgí bainne iontu nó ar lú ná 10 % de na táirgí den sórt sin atá iontu de réir meáchain

t

 

2 800

2 746

122

Ullmhóidí eile den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe:

Nach bhfuil aon táirgí bainne iontu nó ar lú ná 10 % de na táirgí den sórt sin atá iontu de réir meáchain

t

 

2 700

2 670

123

Bia madra agus bia cait

t

 

2 058

1 393

124

Ubh-albaimin

t (coibhéis ubh-sa-bhlaosc)

 

15 500

15 500

2.   Cuótaí ráta taraife atá le modhnú i gCuid I, Roinn II-B (táirgí eile)

Sraithuimhir TRQanna

Tuairisc ar an TRQ

Aonad

Téarmaí agus coinníollacha eile - Tír soláthair

Lamháltas atá ann faoi láthair i Sceideal CLXXV (AE28)

Lamháltas atá beartaithe le haghaidh AE27

001

Tuinníní (den ghéineas Thunnus) agus iasc den ghéineas Euthynnus

t

 

17 250

17 221

002

Scadán

t

 

34 000

31 888

003

Colmóir airgid (Merluccius bilinearis)

t

 

2 000

1 999

004

Iasc den ghéineas Coregonus

t

 

1 000

1 000

005

Iasc den ghéineas Allocyttus agus den speiceas Pseudocyttus maculatus

t

 

200

200

006

Troisc den speiceas Gadus morhua agus Gadus ogac agus iasc den speiceas Boreogadus saida

t

 

25 000

24 998

007

Iasc ullmhaithe nó leasaithe (cé is moite d’iasc ina iomláine nó i bpíosaí): sairdíní, boiníotónna, ronnaigh den speiceas Scomber scombrus agus Scomber japonicus, iasc den speiceas Orcynopsis unicolor

t

 

865

631

008

Iasc ullmhaithe nó leasaithe (cé is moite d’iasc ina iomláine nó i bpíosaí): sairdíní, boiníotónna, ronnaigh den speiceas Scomber scombrus agus Scomber japonicus, iasc den speiceas Orcynopsis unicolor

t

An Téalainn

1 410

123

009

Iasc ullmhaithe nó leasaithe (cé is moite d’iasc ina iomláine nó i bpíosaí): tuinnín, boiníotó aigéanach nó ó iasc eile den ghéineas Euthynnus

t

 

742

742

010

Iasc ullmhaithe nó leasaithe (cé is moite d’iasc ina iomláine nó i bpíosaí): tuinnín, boiníotó aigéanach nó ó iasc eile den ghéineas Euthynnus

t

An Téalainn

1 816

1 816

011

Séaclaí den speiceas Pandalus borealis, atá scilligthe, beirithe, reoite, ach nach bhfuil ullmhaithe ar shlí eile

t

 

500

474

012

Cráifisc fionnuisce, cócaráilte le lus mín, reoite

t

 

3 000

2 965

013

Sraithadhmad de speicis bhuaircíneacha, gan substaintí eile a chur leis: — nár ullmhaíodh a shraitheanna níos mó ná an próiseas scafa, ar mó an tiús atá ann ná 8,5 mm, nó — é greanáilte, ar mó an tiús atá ann ná 18,5 mm

m ciúbach

 

650 000

482 648

014

Abhras lín neamhthuartha (seachas abhras barraigh) de 333,3  deiciteics nó níos mó (nach mó ná 30 a uimhir mhéadrach)

t

 

400

400

015

Mionearraí gloine den chineál céanna seachas na cinn seo a leanas: coirníní gloine, péarlaí bréige, agus clocha lómhara agus leathlómhara bréige

t

 

52

52

016

Fearóisileacan

t

 

12 600

12 600

017

Fearó-sileacamangainéis

t

 

18 550

18 550

018

Fearóchróimiam nach bhfuil níos mó ná 0,10 % de charbón de réir meáchain ann, agus a bhfuil níos mó ná 30 % de chróimiam ach nach bhfuil níos mó ná 90 % ann

t

 

2 950

2 804


RIALACHÁIN

5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/20


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/913 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Bealtaine 2023

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 an 18 Iúil 2005 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 9(5) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Iúil 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005.

(2)

An 1 Márta 2023, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1533 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, an fhaisnéis a nuashonrú maidir le duine amháin atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 193, 23.7.2005, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

I gCuid a) (Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 2a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 30:

“30.

Bosco TAGANDA

(dá ngairtear freisin a) Bosco Ntaganda, b) Bosco Ntagenda, c) General Taganda, d) Lydia (tráth a raibh sé páirteach in APR), e) Terminator, f) Tango Romeo (Glao-chomhartha), g) Romeo (Glao-chomhartha), h) Major)

Seoladh: an Bheilg (ón 14 Nollaig 2022).

Dáta breithe: Idir 1973 agus 1974.

Áit bhreithe: Bigogwe, Ruanda.

Náisiúntacht: Poblacht Dhaonlathach an Chongó.

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 1 Samhain 2005 (leasaithe an 13 Deireadh Fómhair 2016, an 19 Lúnasa 2020, an 1 Márta 2023).

Faisnéis eile: Rugadh i Ruanda é; bhog sé go dtí Nyamitaba, críoch Masisi, North Kivu agus é ina pháiste. Ainmníodh mar Bhriogáidire-Ghinearál FARDC é ag Foraithne ó Uachtarán an 11 Nollaig 2004, tar éis chomhaontuithe síochána Ituri. Bhí sé ina Cheann Foirne ar CNDP agus rinneadh ceannasaí míleata CNDP de ó gabhadh Laurent Nkunda i mí Eanáir 2009. Ó mhí Eanáir 2009, ba Leas-Cheannaire de facto é ar oibríochtaí frith-FDLR ‘Umoja Wetu’, ‘Kimia II’, agus ‘Amani Leo’ in North agus South Kivu. Chuaigh sé isteach i Ruanda i mí an Mhárta 2013 agus ghéill sé go deonach d’oifigigh na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta in Kigali an 22 Márta. Aistríodh chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig, an Ísiltír, é. An 9 Meitheamh 2014, dhaingnigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 13 chúiseamh i leith coireanna cogaidh agus 5 chúiseamh i leith coireanna in aghaidh an chine dhaonna ina choinne; thosaigh an triail i mí Mheán Fómhair 2015. An 8 Iúil 2019, fuair an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ciontach é in 18 scór de choireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna, a rinneadh in Ituri in 2002-2003. An 7 Samhain 2019, gearradh téarma príosúnachta 30 bliain ar an iomlán air. Tá achomharc déanta aige i gcoinne a chiontaithe agus a phianbhreithe. An 30 Márta 2021, dhearbhaigh Dlí-Sheomra Achomhairc na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a chiontú agus a phianbhreith. An 14 Nollaig 2022, aistríodh é chuig críoch na Beilge chun an pianbhreith a fhorghníomhú. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Ba é Bosco Taganda ceannasaí míleata UPC/L, a fheidhmíonn tionchar ar bheartais agus a choinníonn ceannas agus smacht ar ghníomhaíochtaí UPC/L, ceann de na grúpaí armtha agus mílíste dá dtagraítear i mír 20 de Rún 1493 (2003), a bhí páirteach i ngáinneáil ar airm, de shárú ar an lánchosc arm. Ceapadh ina Ghinearál ar FARDC é i mí na Nollag 2004, ach dhiúltaigh sé glacadh leis an ardú céime, agus, dá bhrí sin, d’fhan sé lasmuigh de FARDC. De réir Oifig Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha, bhí sé freagrach as páistí a earcú agus a úsáid in Ituri in 2002 agus 2003, agus 155 chás ina raibh freagracht dhíreach agus/nó ceannasaíochta aige as leanaí a earcú agus a úsáid in North Kivu ó 2002 go 2009. Mar Cheann Foirne CNDP, bhí freagracht dhíreach agus ceannasaíochta air as an sléacht ag Kiwanja i mí na Samhna 2008.

Rugadh i Ruanda é; bhog sé go dtí Nyamitaba, i gcríoch Masisi i gcúige North Kivu agus é ina pháiste. I mí an Mheithimh 2011, bhí cónaí air in Goma agus bhí feirmeacha móra aige i gceantar Ngungu de chríoch Masisi i gcúige North Kivu. Ainmníodh mar Bhriogáidire-Ghinearál FARDC é ag Foraithne ó Uachtarán an 11 Nollaig 2004, tar éis chomhaontuithe síochána Ituri. Bhí sé ina Cheann Foirne ar CNDP agus rinneadh ceannasaí míleata CNDP de ó gabhadh Laurent Nkunda i mí Eanáir 2009. Ó mhí Eanáir 2009, ba Leas-Cheannaire de facto é ar oibríochtaí frith-FDLR ‘Umoja Wetu’, ‘Kimia II’, agus ‘Amani Leo’ i gcúigí North agus South Kivu. Chuaigh sé isteach i Ruanda i mí an Mhárta 2013, ghéill sé go deonach d’oifigigh na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta an 22 Márta agus aistríodh go dtí an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig, an Ísiltír, é ina dhiaidh sin. An 9 Meitheamh 2014, dhaingnigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 13 chúiseamh i leith coireanna cogaidh agus 5 chúiseamh i leith coireanna in aghaidh an chine dhaonna ina choinne. Thosaigh an triail i mí Mheán Fómhair 2015.”.


5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/22


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/914 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Aibreán 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint d’Airteagal 57(2), pointe (a) den Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch i gcomhar le hAirteagal 1 de Phrótacal 21 a ghabhann leis an gComhaontú sin,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (1), agus go háirithe Airteagal 23(1) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dtaca le Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2) rinneadh é a leasú roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad, ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 bunaithe ar an bprionsabal go dtabharfar fógra éigeantach maidir le comhchruinnithe sula gcuirfear i bhfeidhm iad. Tá ag fógra iarmhairtí dlíthiúla tábhachtacha is fabhrach do na páirtithe sa chomhchruinniú beartaithe. Mar sin féin, mura gcomhlíontar an oibleagáid fógra a thabhairt beidh na páirtithe faoi dhliteanas fíneálacha a íoc agus féadfaidh míbhuntáistí ó thaobh an dlí shibhialta a bheith ann dóibh dá thoradh sin freisin. Dá bhrí sin, is gá, ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, sainmhíniú beacht a dhéanamh ar ábhar agus ar inneachar na faisnéise atá le soláthar san fhógra.

(3)

I dtaca leis na fíorais agus na himthosca is ábhartha chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcomhchruinniú a bhfuil fógra á thabhairt ina leith, is faoi na páirtithe a bhfuil an fógra á thabhairt acu atá sé iad a nochtadh go hiomlán agus go macánta don Choimisiún.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ceadaítear freisin do na gnóthais lena mbaineann a iarraidh, in aighneacht réasúnaithe, sula dtabharfar fógra, go ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó comhchruinniú, a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin sin, a tharchur chuig an gCoimisiún, nó go ndéanfaidh an Coimisiún é a tharchur chuig Ballstát amháin nó níos mó, de réir mar a bheidh. Tá sé tábhachtach go soláthrófar faisnéis leordhóthanach don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, chun é a chur ar a gcumas dóibh measúnú a dhéanamh, laistigh de ghearrthréimhse, cibé acu ba cheart tarchur a dhéanamh nó nár cheart. Chuige sin, ba cheart faisnéis shonrach áirithe a bheith san aighneacht réasúnaithe lena n-iarrtar an tarchur.

(5)

D’fhonn scrúdú na bhfógraí, na n-aighneachtaí réasúnaithe, agus na faisnéise maidir le gealltanais a shimpliú agus a bhrostú, ba cheart foirmeacha caighdeánaithe a úsáid. Leagtar na foirmeacha sin amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh athrú teacht ar fhormáid na nIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo agus féadfar foirmeacha leictreonacha ina mbeidh na ceanglais chéanna maidir le faisnéis a chur in ionad na bhfoirmeacha comhfhreagracha.

(6)

Ós rud é, ar fhógra a thabhairt, go ndéantar teorainneacha ama dlíthiúla a thionscnamh ar teorainneacha iad a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, ba cheart na coinníollacha lena rialaítear na teorainneacha ama sin agus an dáta a dtiocfaidh éifeacht leo a chinneadh freisin.

(7)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart rialacha a leagan síos chun na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a ríomh. Go háirithe, ba cheart tús agus deireadh na dtréimhsí agus na himthosca lena gcuirtear rith tréimhsí den sórt sin ar fionraí a chinneadh, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais atá ann de thoradh fhad fíorghearr na tréimhse dlíthiúla atá ar fáil le haghaidh na n-imeachtaí.

(8)

I dtaca leis na forálacha a bhaineann le himeachtaí an Choimisiúin faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, ba cheart iad a leagan amach ar dhóigh lena dtabharfar cosaint iomlán don cheart chun éisteacht a fháil agus do chearta na cosanta. Chun na gcríoch sin, ba cheart don Choimisiún idirdhealú a dhéanamh idir na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu maidir leis an gcomhchruinniú, páirtithe eile a bhfuil baint acu leis an gcomhchruinniú atá beartaithe, tríú páirtithe agus páirtithe a bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le fíneáil nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh orthu.

(9)

Ba cheart don Choimisiún deis a thabhairt do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu agus do pháirtithe eile a bhfuil baint acu leis an gcomhchruinniú atá beartaithe, arna iarraidh sin dóibh agus sula dtabharfaidh siad fógra, an comhchruinniú atá beartaithe a phlé go neamhfhoirmiúil agus faoi chuing rúin. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún, tar éis an fógra a fháil, fanacht i ndlúth-theagmháil leis na páirtithe sin, a mhéid is gá chun aon fhadhb phraiticiúil nó dhlíthiúil a phlé leo ar fadhbanna iad a thugann sé faoi deara tar éis dó an cás a scrúdú den chéad uair, d’fhonn na fadhbanna sin a réiteach trí chomhaontú frithpháirteach, más féidir.

(10)

I gcomhréir leis an bprionsabal maidir le cearta na cosanta a urramú, ba cheart deis a thabhairt do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu a mbarúlacha a chur isteach faoi na hagóidí uile a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a chur san áireamh ina chinntí. I dtaca leis na páirtithe eile a bhfuil baint acu leis an gcomhchruinniú atá beartaithe, ba cheart iad a chur ar an eolas faoi agóidí an Choimisiúin freisin agus ba cheart deis a thabhairt dóibh a dtuairimí a chur in iúl.

(11)

Ba cheart deis chun a dtuairimí a chur in iúl a thabhairt do thríú páirtithe freisin, ar tríú páirtithe iad a léirigh go bhfuil leas leordhóthanach acu ina leithéid, más rud é go ndéanann siad iarratas i scríbhinn chuige sin.

(12)

Na daoine éagsúla atá i dteideal barúlacha a chur isteach, ba cheart dóibh sin a dhéanamh i scríbhinn, chun a leasa féin agus ar mhaithe leis an dea-riarachán, gan dochar dá gceart éisteacht fhoirmiúil ó bhéal a iarraidh, i gcás inarb iomchuí, chun an nós imeachta i scríbhinn a fhorlíonadh. I gcásanna práinneacha, áfach, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann dul ar aghaidh láithreach chun éisteacht fhoirmiúil ó bhéal a thabhairt do na páirtithe a thug fógra, do pháirtithe eile lena mbaineann nó do thríú páirtithe.

(13)

Is gá rialacha a leagan síos maidir le cearta na ndaoine atá le héisteacht a fháil, ar mhéid na rochtana ar chomhad an Choimisiúin is ceart a thabhairt dóibh agus ar na coinníollacha faoina bhféadfar ionadaíocht a dhéanamh orthu nó cúnamh a thabhairt dóibh.

(14)

Agus é ag deonú rochtana ar an gcomhad, ba cheart don Choimisiún cosaint rúin ghnó nó faisnéise rúnda eile a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a iarraidh ar ghnóthais, a chuir doiciméid nó ráitis isteach, faisnéis rúnda a shainaithint.

(15)

Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú ceart a dhéanamh ar na gealltanais atá á dtairiscint ag na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu d’fhonn comhchruinniú a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, agus chun comhairliúchán cuí a áirithiú leis na páirtithe eile lena mbaineann, le tríú páirtithe agus le húdaráis na mBallstát dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, ba cheart an nós imeachta agus na teorainneacha ama a leagan síos maidir leis gealltanais a chur isteach.

(16)

I dtaca le doiciméid a tharchur chuig an gCoimisiún agus uaidh, ba cheart an tarchur sin tarlú i bprionsabal trí mhodhanna digiteacha, agus forbairtí i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus tionchar comhshaoil tarchur den sórt sin á mbreithniú. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le fógraí, aighneachtaí réasúnaithe, barúlacha mar fhreagairt ar agóidí a dhíríonn an Coimisiún ar pháirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, agus maidir le gealltanais arna dtairiscint de bhun Airteagal 6(2) nó Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME

Airteagal 1

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le rialú comhchruinnithe arna ndéanamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

CAIBIDIL II

FÓGRAÍ AGUS AIGHNEACHTAÍ EILE

Airteagal 2

Daoine atá i dteideal fógraí a chur isteach

1.   Is iad na daoine nó na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a chuirfidh fógraí isteach.

2.   I gcás ina síneoidh ionadaithe údaraithe seachtracha daoine nó gnóthas na fógraí, tabharfaidh na hionadaithe sin cruthúnas i scríbhinn ar aird go bhfuil siad údaraithe gníomhú amhlaidh.

Airteagal 3

Fógraí a chur isteach

1.   Cuirfear fógraí isteach trí úsáid a bhaint as an bhFoirm CO mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Faoi na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, féadfar fógraí a chur isteach trí úsáid a bhaint as Foirm Ghearr CO mar a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Cuirfear fógraí comhpháirteacha isteach ar aon fhoirm amháin.

2.   I dtaca leis na foirmeacha dá dtagraítear i mír 1 agus gach doiciméad tacaíochta ábhartha, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad i gcomhréir le hAirteagal 22 agus leis na treoracha atá foilsithe ag an gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Déanfar na fógraí a tharraingt suas i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais. I gcás na bpáirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, is í an teanga sin teanga an imeachta freisin, agus teanga aon imeachta dá éis sin a bhaineann leis an gcomhchruinniú céanna. Déanfar na doiciméid tacaíochta a chur isteach sa bhunteanga inar scríobhadh iad. I gcás nach teanga oifigiúil de chuid an Aontais bunteanga doiciméid, cuirfear aistriúchán go teanga na n-imeachtaí i gceangal leis.

4.   I gcás ina ndéanfar fógraí de bhun Airteagal 57 den Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, féadfar iad a chur isteach freisin i gceann amháin de theangacha oifigiúla Stáit CSTE nó i dteanga oibre Údarás Faireacháin CSTE. Más rud é nach teanga oifigiúil de chuid an Aontais í an teanga a roghnaítear le haghaidh na bhfógraí, déanfaidh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu an doiciméadacht uile a fhorlíonadh go comhuaineach le haistriúchán go teanga oifigiúil de chuid an Aontais ar fáil ag an am céanna. Is ar bhonn na teanga a roghnófar le haghaidh an aistriúcháin a chinnfear an teanga a úsáidfidh an tAontas mar theanga na n-imeachtaí le haghaidh na bpáirtithe a thug fógra.

Airteagal 4

Faisnéis agus doiciméid atá le soláthar

1.   Beidh sna fógraí an fhaisnéis, lena n-áirítear doiciméid, a cheanglaítear sna foirmeacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II. Beidh an fhaisnéis ceart agus iomlán.

2.   Ar iarraidh i scríbhinn a fháil ó na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, féadfaidh an Coimisiún an oibleagáid maidir le haon fhaisnéis faoi leith a sholáthar san fhógra a ligean ar ceal, nó aon cheanglas eile a shonraítear in Iarscríbhinní I agus II lena n-áirítear doiciméid, i gcás ina mbreithneoidh an Coimisiún nach gá na hoibleagáidí ná na ceanglais sin a chomhlíonadh chun scrúdú a dhéanamh ar an gcás.

3.   Admhóidh an Coimisiún, gan mhoill, i scríbhinn chuig na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu nó chuig a n-ionadaithe siúd go bhfuair sé an fógra agus aon fhreagra ar litir arna seoladh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 5(2) agus Airteagal (3).

Airteagal 5

An dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an bhfógra

1.   Faoi réir mhíreanna 2, 3 agus 4, gabhfaidh éifeacht le fógraí an dáta a bhfaighidh an Coimisiún iad.

2.   I gcás ina mbeidh an fhaisnéis, lena n-áirítear doiciméid, atá san fhógra neamhiomlán in aon ghné ábhartha, cuirfidh an Coimisiún na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu nó a n-ionadaithe ar an eolas ina thaobh i scríbhinn gan mhoill. Sna cásanna sin, gabhfaidh éifeacht leis an bhfógra an dáta a bhfaighidh an Coimisiún an fhaisnéis iomlán.

3.   Maidir le hathruithe ábhartha ar na fíorais atá san fhógra a tháinig chun solais tar éis an fógra a thabhairt, ar fíorais iad a bhfuil na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu ar an eolas ina dtaobh nó ar cheart dóibh a bheith ar an eolas ina dtaobh, nó aon fhaisnéis nua a thagann chun solais tar éis an fógra a thabhairt, ar faisnéis í a bhfuil na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu ar an eolas ina taobh nó ar cheart dóibh a bheith ar an eolas ina taobh, agus nár mhór fógra a bheith tugtha ina leith i gcás ina raibh siad eolach uirthi tráth an fhógra, déanfar sin a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill. I gcásanna den sórt sin, ina bhféadfadh éifeacht shuntasach a bheith ag na hathruithe ábhartha sin nó ag an bhfaisnéis nua sin ar an mbreithmheas a dhéanfar ar an gcomhchruinniú, féadfaidh an Coimisiún a bhreithniú go ngabhfaidh éifeacht leis an bhfógra an dáta a bhfaighidh sé an fhaisnéis ábhartha. Cuirfidh an Coimisiún na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu nó a n-ionadaithe ar an eolas faoin méid sin i scríbhinn gan mhoill.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, breithneofar faisnéis mhícheart nó mhíthreorach ina faisnéis neamhiomlán, gan dochar d’Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

5.   I gcás ina bhfoilseoidh an Coimisiún fíoras an fhógra de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, sonróidh sé an dáta a bhfuarthas an fógra. I gcás, tar éis míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, gur déanaí an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an bhfógra ná an dáta a shonraítear san fhoilseachán sin, eiseoidh an Coimisiún foilseachán eile ina luafar an dáta is déanaí.

Airteagal 6

Forálacha sonracha a bhaineann le haighneachtaí réasúnaithe, forlíontaí agus deimhnithe

1.   Ní mór an fhaisnéis, lena n-áirítear doiciméid, a cheanglaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, a bheith in aighneachtaí réasúnaithe de réir bhrí Airteagal 4(4) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004. Beidh an fhaisnéis a chuirfear isteach ceart agus iomlán.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 2, an tríú habairt d’Airteagal 3(1), Airteagal 3(2), (3) agus (4), Airteagal 4, Airteagal 5(1) go (4) agus Airteagal 22 den Rialachán seo maidir le haighneachtaí réasúnaithe de réir bhrí Airteagal 4(4) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 2, an tríú habairt d’Airteagal 3(1), Airteagal 3(2), Airteagal (3) agus (4), Airteagal 4, Airteagal 5(1) go (4) agus Airteagal 22 den Rialachán seo maidir le forlíontaí ar fhógraí agus le deimhnithe de réir bhrí Airteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

CAIBIDIL III

TEORAINNEACHA AMA

Airteagal 7

Tús na dtréimhsí ama

Cuirfear tús le tréimhsí ar an lá oibre, mar a shainmhínítear in Airteagal 24 den Rialachán seo, tar éis an teagmhais dá dtagraíonn an fhoráil ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

Airteagal 8

Dul in éag na dtréimhsí

1.   Rachaidh tréimhse arna ríomh i laethanta oibre in éag ag deireadh lá oibre deireanach na tréimhse sin.

2.   Rachaidh tréimhse ama arna socrú ag an gCoimisiún i dtéarmaí dáta féilire in éag ag deireadh an lae sin.

Airteagal 9

Fionraí na teorann ama

1.   Déanfar na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 9(4), Airteagal 10(1) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a fhionraí i gcás ina mbeidh ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 11(3) nó Airteagal 13(4) den Rialachán sin, ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

i dtaca le faisnéis a d’iarr an Coimisiún de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ó aon cheann de na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu nó ó pháirtí eile lena mbaineann, mar a shainmhínítear in Airteagal 11 den Rialachán seo, nach soláthrófar an fhaisnéis sin nó nach soláthrófar an fhaisnéis iomlán laistigh den teorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún;

(b)

i dtaca le faisnéis a d’iarr an Coimisiún de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ó thríú páirtí, nach soláthrófar an fhaisnéis sin nó nach soláthrófar an fhaisnéis iomlán laistigh den teorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún i ngeall ar imthosca arb iad ceann de na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu nó aon pháirtí eile lena mbaineann, mar a shainmhínítear in Airteagal 11 den Rialachán seo, atá freagrach astu;

(c)

i gcás inar dhiúltaigh ceann amháin de na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu nó aon pháirtí eile lena mbaineann, mar a shainmhínítear in Airteagal 11 den Rialachán seo, dul faoi iniúchadh a mheas an Coimisiún a bheith riachtanach ar bhonn Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 nó comhoibriú le cigireacht den sórt sin a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Rialachán sin;

(d)

i gcás inar mhainnigh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu an Coimisiún a chur ar an eolas faoi athruithe ábhartha ar na fíorais atá san fhógra, nó faoi aon fhaisnéis nua den chineál dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den Rialachán seo.

2.   Déanfar na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 9(4), Airteagal 10(1) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a fhionraí i gcás ina mbeidh ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 11(3) den Rialachán sin, gan iarraidh shimplí ar fhaisnéis a dhéanamh ar dtús, i ngeall ar imthosca arb é ceann de na gnóthais a bhaineann leis an gcomhchruinniú atá freagrach astu.

3.   Déanfar na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 9(4) agus Airteagal 10(1) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a fhionraí:

(a)

sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), ar feadh na tréimhse idir dul in éag na teorann ama atá socraithe san iarraidh shimplí ar fhaisnéis, agus tráth fála na faisnéise iomláine agus cirte a cheanglaítear le cinneadh nó nuair a chuireann an Coimisiún na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu ar an eolas nach bhfuil gá a thuilleadh leis an bhfaisnéis a iarradh i bhfianaise thorthaí a imscrúdaithe atá fós ar siúl nó forbairtí sa mhargadh;

(b)

sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), ar feadh na tréimhse idir an iarracht nár éirigh léi chun an chigireacht a dhéanamh agus críochnú na cigireachta a ordaítear le cinneadh nó nuair a chuireann an Coimisiún na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu ar an eolas nach bhfuil gá a thuilleadh leis an gcigireacht a iarradh i bhfianaise thorthaí a imscrúdaithe atá fós ar siúl nó forbairtí sa mhargadh;

(c)

sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), ar feadh na tréimhse idir an t-athrú ar na fíorais dá dtagraítear ann agus tráth fála na faisnéise iomláine agus cirte;

(d)

sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, ar feadh na tréimhse idir dul in éag na teorann ama atá socraithe sa chinneadh, agus tráth fála na faisnéise iomláine agus cirte a cheanglaítear le cinneadh nó nuair a chuireann an Coimisiún na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu ar an eolas nach bhfuil gá leis an bhfaisnéis a iarradh i bhfianaise thorthaí a imscrúdaithe atá fós ar siúl nó forbairtí sa mhargadh.

4.   Cuirfear tús le fionraí na teorann ama ar an lá oibre tar éis an dáta a tharla an teagmhas ba chúis leis an bhfionraí. Rachaidh sí in éag ag deireadh an lae ar a gcuirfear an chúis a bhí leis an bhfionraí ar neamhní. Mura lá oibre an lá sin, rachaidh fionraí na teorann ama in éag ag deireadh an lae oibre dár gcionn.

5.   Déanfaidh an Coimisiún na sonraí ar fad a fuair sé faoi chreat a imscrúdaithe a phróiseáil laistigh de thréimhse ama réasúnach, sonraí lena bhféadfadh sé a mheas nach bhfuil gá a thuilleadh le faisnéis a iarradh nó le cigireacht a ordaíodh de réir bhrí mhír 3, pointí (a), (b), agus (d).

Airteagal 10

Teorainneacha ama a chomhlíonadh

1.   Maidir leis na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 4(4), an cheathrú fomhír, Airteagal 9(4), Airteagal 10(1) agus (3), agus in Airteagal 22(3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, comhlíonfar iad i gcás ina mbeidh an cinneadh ábhartha déanta ag an gCoimisiún roimh dheireadh na tréimhse.

2.   Maidir leis na teorainneacha ama dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 4(4), sa tríú fomhír d’Airteagal 4(5), in Airteagal 9(2), sa dara fomhír d’Airteagal 22(1) agus sa dara fomhír d’Airteagal 22(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, comhlíonfaidh Ballstát lena mbaineann iad i gcás ina gcuirfidh an Ballstát sin, roimh dheireadh na tréimhse, an Coimisiún ar an eolas ina thaobh i scríbhinn nó ina ndéanfaidh sé an iarraidh i scríbhinn, nó ina gcuirfidh sé í i gceangal, de réir mar a bheidh.

3.   Maidir leis an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 9(6) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, comhlíonfar í i gcás ina gcuirfidh an t-údarás inniúil de chuid Ballstáit na gnóthais lena mbaineann ar an eolas ina thaobh roimh dheireadh na tréimhse ar an modh a leagtar amach san fhoráil sin.

CAIBIDIL IV

AN CEART A FHEIDHMIÚ CHUN ÉISTEACHT A FHÁIL AGUS ÉISTEACHTAÍ

Airteagal 11

Páirtithe dá dtabharfar éisteacht

Chun críocha an chirt chun éisteacht a fháil de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, déantar idirdhealú idir na páirtithe seo a leanas:

(a)

páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, is é sin daoine nó gnóthais a bhfuil fógra á chur isteach acu de bhun Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(b)

páirtithe eile lena mbaineann, is é sin, páirtithe sa chomhchruinniú atá beartaithe seachas na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, amhail an díoltóir agus an gnóthas arb é sprioc an chomhchruinnithe é;

(c)

tríú daoine, is é sin daoine nádúrtha nó dlítheanacha, lena n-áirítear custaiméirí, soláthróirí agus iomaitheoirí, ar choinníoll go léiríonn siad leas leordhóthanach a bheith acu de réir bhrí Airteagal 18(4), an dara abairt, de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, agus is amhlaidh sin go háirithe:

i)

le haghaidh comhaltaí chomhlachtaí riaracháin nó bainistíochta na ngnóthas lena mbaineann nó ionadaithe aitheanta a gcuid fostaithe;

ii)

le haghaidh comhlachais tomhaltóirí, i gcás ina mbaineann an comhchruinniú atá beartaithe le táirgí nó seirbhísí a úsáideann tomhaltóirí deiridh.

(d)

páirtithe a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leo de bhun Airteagal 14 nó Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

Airteagal 12

Cinntí maidir le comhchruinnithe a fhionraí

1.   I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a dhéanfaidh dochar do cheann amháin nó níos mó de na páirtithe, cuirfidh sé na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu agus páirtithe eile lena mbaineann ar an eolas i scríbhinn faoi na hagóidí atá aige agus socróidh sé teorainn ama a bhféadfaidh siad a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn lena linn.

2.   I gcás ina mbeidh cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo déanta go sealadach ag an gCoimisiún, de bhun Airteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, gan deis a bheith tugtha do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu ná do pháirtithe eile lena mbaineann a gcuid tuairimí a chur in iúl, cuirfidh sé téacs an chinnidh shealadaigh chucu gan mhoill agus socróidh sé síos teorainn ama a bhféadfaidh siad a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn lena linn.

A luaithe a bheidh a gcuid tuairimí curtha in iúl ag na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu agus ag páirtithe eile lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún cinneadh deiridh lena n-aisghairfear, lena leasófar nó lena ndaingneofar an cinneadh sealadach. I gcás nach bhfuil tuairimí na bpáirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu nó tuairimí páirtithe eile lena mbaineann curtha in iúl i scríbhinn acu laistigh den teorainn ama atá socraithe, beidh cinneadh sealadach an Choimisiúin críochnaitheach nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag.

Airteagal 13

Cinntí maidir le substaint an cháis

1.   I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 6(3) nó Airteagal 8(2) go (6) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, tabharfaidh sé éisteacht, sula rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach, do na páirtithe de bhun Airteagal 18(1) agus Airteagal (3) den Rialachán sin.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 12(2) den Rialachán seo i gcás ina ndearna an Coimisiún, agus Airteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 á chur i bhfeidhm, cinneadh de bhun Airteagal 8(5) den Rialachán sin go sealadach.

2.   Cuirfidh an Coimisiún a agóidí i scríbhinn chuig na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu i ráiteas agóidí. Tar éis don Choimisiún an ráiteas agóidí a eisiúint, féadfaidh sé aon ráiteas forlíontach amháin nó níos mó d’agóidí a dhíriú ar na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, más rud é gur mian leis an gCoimisiún agóidí nua a dhéanamh nó tréithe intreacha na n-agóidí a rinneadh roimhe a mhodhnú.

Déanfaidh an Coimisiún, agus fógra á thabhairt aige maidir le hagóidí, teorainn ama a shocrú a bhféadfaidh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu an Coimisiún a chur ar an eolas i scríbhinn lena linn faoina mbarúlacha.

Cuirfidh an Coimisiún páirtithe eile lena mbaineann ar an eolas i scríbhinn faoi na hagóidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus socróidh teorainn ama a bhféadfaidh na páirtithe sin a mbarúlacha a chur in iúl don Choimisiún i scríbhinn lena linn.

Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún barúlacha a chur san áireamh a fhaightear i ndiaidh don teorainn ama atá socraithe aige dul in éag.

3.   Ina gcuid barúlacha scríofa, féadfaidh páirtithe ar díríodh na hagóidí orthu nó a cuireadh ar an eolas faoi na hagóidí sin na fíorais ábhartha is eol dóibh a leagan amach, agus déanfaidh siad aon doiciméad ábhartha a chur i gceangal mar chruthúnas ar na fíorais a bheidh leagtha amach. Féadfaidh siad a mholadh freisin go dtabharfaidh an Coimisiún éisteacht do dhaoine a fhéadfaidh comhthacú leis na fíorais sin. Cuirfidh siad a mbarúlacha faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 22 agus leis na treoracha atá foilsithe ag an gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirfidh an Coimisiún cóipeanna de na barúlacha scríofa sin chuig údaráis inniúla na mBallstát gan mhoill.

4.   Tar éis ráiteas agóidí a eisiúint, féadfaidh an Coimisiún litir fíoras a dhíriú ar na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, á gcur ar an eolas faoi fhíorais bhreise nó nua nó faoi fhianaise is mian leis an gCoimisiún a úsáid chun comhthacú le hagóidí a rinneadh cheana.

Agus litir fíoras á seoladh, déanfaidh an Coimisiún teorainn ama a shocrú a bhféadfaidh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu an Coimisiún a chur ar an eolas i scríbhinn lena linn faoina mbarúlacha.

5.   I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 14 nó Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, tabharfaidh sé éisteacht, sula rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach, de bhun Airteagal 18(1) agus (3) den Rialachán sin, do na páirtithe a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leo.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír de mhír 2 agus i míreanna 3 agus 4.

Airteagal 14

Éisteachtaí ó bhéal

1.   I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 6(3) nó Airteagal 8(2) go (6) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, tabharfaidh sé deis do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, arna iarraidh sin dóibh ina mbarúlacha scríofa, a gcuid argóintí a fhorbairt ag éisteacht fhoirmiúil ó bhéal. Féadfaidh sé freisin, ag céimeanna eile de na himeachtaí, deis a thabhairt do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu a dtuairimí a chur in iúl ó bhéal.

2.   I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 6(3) nó Airteagal 8(2) go (6) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, tabharfaidh sé deis freisin do pháirtithe eile lena mbaineann, arna iarraidh sin dóibh ina mbarúlacha scríofa, a gcuid argóintí a fhorbairt ag éisteacht fhoirmiúil ó bhéal. Féadfaidh sé freisin, ag céimeanna eile de na himeachtaí, deis a thabhairt do pháirtithe eile lena mbaineann a dtuairimí a chur in iúl ó bhéal.

3.   I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 14 nó Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, tabharfaidh sé deis do pháirtithe a bhfuil sé beartaithe aige fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh orthu a gcuid argóintí a fhorbairt ag éisteacht fhoirmiúil ó bhéal, arna iarraidh sin dóibh ina mbarúlacha scríofa. Féadfaidh sé freisin, ag céimeanna eile de na himeachtaí, deis a thabhairt do na páirtithe sin a dtuairimí a chur in iúl ó bhéal.

Airteagal 15

Seoladh éisteachtaí ó bhéal

1.   Is é an tOifigeach Éisteachta a dhéanfaidh na héisteachtaí ó bhéal a sheoladh ar bhealach iomlán neamhspleách.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún cuireadh do na daoine atá le héisteacht a fháil freastal ar an éisteacht ó bhéal ar cibé lá a chinnfidh sé féin.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún cuireadh d’údaráis inniúla na mBallstát páirt a ghlacadh in aon éisteacht ó bhéal.

4.   Beidh na daoine dá dtugtar cuireadh freastal ar an éisteacht ó bhéal i láthair go pearsanta nó beidh ionadaithe dlíthiúla nó ionadaithe arna n-údarú ag a mbunreacht i láthair ina n-ionad de réir mar is iomchuí. Féadfaidh gnóthais agus comhlachais ghnóthas ionadaíocht a fháil freisin ó ghníomhaire a bheidh údaraithe agus ceaptha óna bhfoireann bhuan.

5.   Féadfaidh daoine a dtabharfaidh an Coimisiún éisteacht dóibh cúnamh a fháil óna ndlíodóirí nó ó dhaoine cáilithe eile a bheidh údaraithe go cuí agus ceadaithe ag an Oifigeach Éisteachta.

6.   Ní dhéanfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí. Féadfaidh gach duine éisteacht a fháil ar leithligh nó i láthair daoine eile a fuair cuireadh freastal ar an éisteacht, ag féachaint do leas dlisteanach na ngnóthas maidir lena rúin ghnó agus le faisnéis rúnda eile a chosaint.

7.   Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta a cheadú do gach páirtí de réir bhrí Airteagal 11, do sheirbhísí an Choimisiúin agus d’údaráis inniúla na mBallstát ceisteanna a chur le linn na héisteachta ó bhéal.

8.   Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta cruinniú ullmhúcháin a reáchtáil leis na páirtithe agus le seirbhísí an Choimisiúin d’fhonn eagrú éifeachtúil na héisteachta ó bhéal a éascú.

9.   Déanfar na ráitis ó gach duine a thaifeadadh. Arna iarraidh sin, déanfar taifeadadh na héisteachta ó bhéal a chur ar fáil do na daoine a d’fhreastail ar an éisteacht sin. Tabharfar aird ar leas dlisteanach na ngnóthas sin maidir lena rúin ghnó agus le faisnéis rúnda eile a chosaint.

Airteagal 16

Tríú daoine a éisteacht

1.   Más rud é go gcuireann tríú daoine iarratas ar éisteacht isteach, cuirfidh an Coimisiún in iúl dóibh i scríbhinn cineál agus ábhar na n-imeachtaí agus socróidh sé teorainn ama a bhféadfaidh siad a gcuid tuairimí a chur in iúl lena linn.

2.   I gcás ina mbeidh ráiteas agóidí nó ráiteas forlíontach agóidí eisithe, féadfaidh an Coimisiún leagan neamhrúnda den ráiteas sin a sheoladh chuig tríú daoine nó iad a chur ar an eolas faoi chineál agus faoi ábhar na n-imeachtaí ar bhealaí iomchuí eile. Chun na críche sin, sainaithneoidh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu aon fhaisnéis is faisnéis rúnda dar leo sna hagóidí, de bhun Airteagal 18(3), an dara habairt agus an tríú habairt, laistigh de 5 lá oibre ó thráth fála an ráitis. Soláthróidh an Coimisiún an leagan neamhrúnda de na hagóidí do thríú daoine nach mbeidh le húsáid ach chun críocha na n-imeachtaí ábhartha de bhun Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 agus chun na gcríoch sin amháin. Glacfaidh tríú daoine leis an srianadh úsáide sin roimh leagan neamhrúnda na n-agóidí a fháil.

I gcás nach mbeidh ráiteas agóidí eisithe, ní bheidh oibleagáid ar bith ar an gCoimisiún aon fhaisnéis a sholáthar do thríú daoine dá dtagraítear i mír 1 seachas cineál agus ábhar na n-imeachtaí.

3.   Cuirfidh na tríú daoine dá dtagraítear i mír 1 a dtuairimí in iúl i scríbhinn laistigh den teorainn ama a shocrófar. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, an deis a thabhairt do thríú daoine den sórt sin, arna iarraidh sin dóibh ina mbarúlacha scríofa, chun páirt a ghlacadh in éisteacht fhoirmiúil. Féadfaidh sé deis a thabhairt do na tríú daoine sin a dtuairimí a chur in iúl ó bhéal freisin.

4.   Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a chuid tuairimí a chur in iúl, i scríbhinn agus ó bhéal freisin, lena n-áirítear ag éisteacht ó bhéal.

CAIBIDIL V

ROCHTAIN AR AN gCOMHAD AGUS FAISNÉIS RÚNDA A LÁIMHSEÁIL

Airteagal 17

Rochtain ar an gcomhad agus doiciméid a úsáid

1.   Más rud é go n-iarrtar amhlaidh, déanfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcomhad a dheonú do na páirtithe ar dhírigh sé ráiteas agóidí orthu, chun é a chur ar a gcumas a gcearta cosanta a fheidhmiú. Deonófar an rochtain sin tar éis don Choimisiún fógra a thabhairt maidir leis an ráiteas agóidí do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin, rochtain ar an gcomhad freisin do na páirtithe eile lena mbaineann atá curtha ar an eolas faoi na hagóidí, a mhéid is gá sin chun a mbarúlacha a ullmhú.

3.   Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig:

(a)

faisnéis rúnda;

(b)

doiciméid inmheánacha an Choimisiúin;

(c)

doiciméid inmheánacha de chuid údaráis inniúla na mBallstát;

(d)

comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát;

(e)

comhfhreagras idir údaráis inniúla na mBallstát; agus

(f)

comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis iomaíochta eile.

4.   Doiciméid a fhaightear trí rochtain ar an gcomhad de bhun an Airteagail seo, ní fhéadfar iad a úsáid ach chun críocha na n-imeachtaí ábhartha de bhun Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

Airteagal 18

Faisnéis rúnda a láimhseáil

1.   Ní dhéanfaidh an Coimisiún faisnéis, lena n-áirítear doiciméid, a chur in iúl ná a chur ar fáil a mhéid inarb amhlaidh:

(a)

go bhfuil rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile inti; agus

(b)

nach measann an Coimisiún gur gá an fhaisnéis a nochtadh chun críche na n-imeachtaí.

2.   Duine, gnóthais, nó comhlachais gnóthas a chuireann a dtuairimí nó a mbarúlacha in iúl de bhun Airteagal 12, 13 agus 16 den Rialachán seo, nó a sholáthraíonn faisnéis de bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, nó a chuireann faisnéis bhreise dá éis sin faoi bhráid an Choimisiúin le linn na n-imeachtaí céanna, déanfaidh siad aon ábhar is ábhar rúnda dar leo a shainaithint go soiléir, agus cúiseanna a thabhairt leis sin, agus soláthróidh siad leagan neamhrúnda ar leithligh faoin dáta a bheidh socraithe ag an gCoimisiún.

3.   Gan dochar do mhír 2, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, ar ghnóthais agus ar chomhlachais de ghnóthais i ngach cás ina dtabharfaidh siad ar aird doiciméid nó na ráitis de bhun Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, nó i gcás ina mbeidh na doiciméid nó na ráitis sin tugtha ar aird acu, na doiciméid nó na codanna de dhoiciméid ina bhfuil rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile dá gcuid dar leo a shainaithint agus na gnóthais a shainaithint i ndáil leo a bhfuil na doiciméid sin le breithniú ina ndoiciméid rúnda freisin.

Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 freisin, ar ghnóthais nó ar chomhlachais de ghnóthais aon chuid de ráiteas agóidí, aon achoimre ar chás nó aon chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún a shainaithint i gcás ina mbeidh rúin ghnó iontu, dar leo.

I gcás ina sainaithneofar rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile, tabharfaidh na daoine, na gnóthais agus na comhlachais de ghnóthais cúiseanna leis sin agus soláthróidh siad leagan neamhrúnda ar leithligh faoin dáta a bheidh socraithe ag an gCoimisiún.

4.   I gcás ina mainneoidh daoine, gnóthais nó comhlachais gnóthas míreanna 2 nó 3 a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún glacadh leis nach bhfuil aon fhaisnéis rúnda sna doiciméid nó sna ráitis lena mbaineann.

CAIBIDIL VI

GEALLTANAIS ARNA dTAIRISCINT AG NA GNÓTHAIS LENA mBAINEANN

Airteagal 19

Teorainneacha ama chun gealltanais a chur isteach

1.   I dtaca leis na gealltanais arna dtairiscint ag na gnóthais lena mbaineann de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad laistigh de 20 lá oibre ón dáta a fhaightear an fógra.

2.   I dtaca leis na gealltanais arna dtairiscint ag na gnóthais lena mbaineann de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad laistigh de 65 lá oibre ón dáta a tionscnaíodh na himeachtaí.

I gcás ina ndéanfaidh na gnóthais lena mbaineann gealltanais a thairiscint ar dtús laistigh de thréimhse is giorra ná 55 lá oibre ón dáta a tionscnaíodh na himeachtaí ach ina gcuirfidh siad leagan modhnaithe de na gealltanais isteach 55 lá oibre nó níos faide ón dáta sin, measfar gur gealltanais nua na gealltanais mhodhnaithe chun an dara habairt d’Airteagal 10(3) a chur i bhfeidhm, de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

I gcás ina gcuirfear síneadh, de bhun na dara fomhíre d’Airteagal 10(3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, leis an tréimhse chun cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 8(1) go (3), cuirfear síneadh 65 lá oibre go huathoibríoch leis an tréimhse 65 lá oibre chun gealltanais a chur isteach.

In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún glacadh leis gealltanais a bhreithniú a bheidh tairgthe tar éis don teorainn ama ábhartha dul in éag arb í sin an teorainn ama maidir leis na tairiscintí a chur isteach mar a fhorordaítear san Airteagal seo. Agus cinneadh á dhéanamh cibé acu a ghlacfar nó nach nglacfar leis na tairiscintí a bhreithniú a bheidh tairgthe in imthosca den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún aird faoi leith ar an ngá ceanglais Airteagal 19(5) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a chomhlíonadh.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 7, 8 agus 9.

Airteagal 20

Nós imeachta chun gealltanais a chur isteach

1.   I dtaca leis na gealltanais arna dtairiscint ag na gnóthais lena mbaineann de bhun Airteagal 6(2) nó Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad i gcomhréir le hAirteagal 22 agus leis na treoracha atá foilsithe ag an gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirfidh an Coimisiún na gealltanais sin ar aghaidh chuig údaráis inniúla na mBallstát gan mhoill.

2.   Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i mír 1, déanfaidh na gnóthais lena mbaineann, an tráth céanna a dhéanfaidh siad gealltanais a thairiscint de bhun Airteagal 6(2) nó Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, an fhaisnéis a chur isteach, faisnéis a cheanglaítear leis an bhFoirm RM mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 22 agus leis na treoracha atá foilsithe ag an gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an fhaisnéis a chuirfear isteach ceart agus iomlán.

Beidh feidhm ag Airteagal 4 mutatis mutandis maidir leis an bhFoirm RM a ghabhann leis na gealltanais arna dtairiscint de bhun Airteagal 6(2) nó Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

3.   Agus gealltanais á dtairiscint de bhun Airteagal 6(2) nó Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, déanfaidh na gnóthais lena mbaineann, an tráth céanna, aon fhaisnéis is faisnéis rúnda dar leo a shainaithint go soiléir, agus cúiseanna á dtabhairt leis sin, agus soláthróidh siad leagan neamhrúnda ar leithligh.

4.   I dtaca le gealltanais arna dtairiscint de bhun Airteagal 6(2) nó Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, síneoidh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu iad, mar aon le haon pháirtí eile lena mbaineann agus ar a bhforchuirtear oibleagáidí leis na gealltanais.

5.   Foilseofar leagan neamhrúnda de na gealltanais ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta de chuid an Choimisiúin gan mhoill tar éis cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 6(2) nó Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004. Chuige sin, soláthróidh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu leagan neamhrúnda de na gealltanais don Choimisiún laistigh de 5 lá oibre tar éis cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 6(2) nó Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

Airteagal 21

Na hIontaobhaithe

1.   I dtaca leis na gealltanais arna dtairiscint ag na gnóthais lena mbaineann de bhun Airteagal 6(2) nó Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, ar chostas na ngnóthas féin lena mbaineann, féadfaidh ceapachán aon iontaobhaí neamhspleáigh amháin a bheith ar áireamh leis na gealltanais sin, chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas ag na páirtithe nó chun na gealltanais a chur chun feidhme. Féadfaidh na páirtithe na hiontaobhaithe a cheapadh, tar éis don Choimisiún iad a fhormheas, nó féadfaidh an Coimisiún na hiontaobhaithe a cheapadh. Déanfaidh na hiontaobhaithe a gcúraimí faoi mhaoirseacht an Choimisiúin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún coinníollacha nó oibleagáidí a bhaineann leis na hiontaobhaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur i gceangal lena chinneadh de bhun Airteagal 6(2) nó 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Airteagal 22

Tarchur agus síniú na ndoiciméad

1.   Tarlóidh tarchur na ndoiciméad chuig an gCoimisiún agus uaidh trí mhodhanna digiteacha, ach amháin i gcás ina gceadóidh an Coimisiún go heisceachtúil go bhféadfar modhanna eile arna sainaithint i míreanna (6) agus (7) a úsáid.

2.   I dtaca le doiciméid a chuirtear isteach trí mhodhanna digiteacha, ní mór iad a shíniú trí úsáid a bhaint as Ríomhshíniú Cáilithe (QES) amháin ar a laghad ar ríomhshíniú é a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 (‘Rialachán eIDAS’) (3) agus na leasuithe a dhéanfar air amach anseo.

3.   Foilseofar sonraíochtaí teicniúla maidir leis an modh tarchuir agus sínithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfear ar fáil iad ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta de chuid an Choimisiúin.

4.   Cé is moite de na foirmeacha a áirítear in Iarscríbhinní I, II, agus III, measfar i dtaca leis na doiciméid uile a tharchuirtear go leictreonach chuig an gCoimisiún ar lá oibre go mbeidh siad faighte an lá a seoladh iad, ar choinníoll go dtaispeánfar le hadmháil fála uathoibrithe ina stampa ama go bhfuarthas an lá sin iad. I dtaca leis na foirmeacha a áirítear in Iarscríbhinní I, II, agus III a tharchuirtear go leictreonach chuig an gCoimisiún ar lá oibre, measfar go mbeidh siad faighte an lá a seoladh iad, ar choinníoll go dtaispeánfar le hadmháil fála uathoibrithe ina stampa ama go bhfuarthas an lá sin iad roimh nó le linn na n-uaireanta oscailte a léirítear ar shuíomh gréasáin AS na hIomaíochta. I dtaca leis na foirmeacha a áirítear in Iarscríbhinní I, II, agus III a tharchuirtear go leictreonach chuig an gCoimisiún ar lá oibre tar éis na n-uaireanta oscailte a léirítear ar shuíomh gréasáin AS na hIomaíochta, measfar go mbeidh siad faighte an chéad lá oibre eile. I dtaca leis na doiciméid uile a tharchuirtear go leictreonach chuig an gCoimisiún lasmuigh de lá oibre, measfar go mbeidh siad faighte an chéad lá oibre eile.

5.   I dtaca le doiciméid a tharchuirtear go leictreonach chuig an gCoimisiún ní mheasfar go mbeidh siad faighte más rud é gurb amhlaidh maidir leis na doiciméid nó le codanna díobh:

(a)

go bhfuil siad neamh-inúsáidte (éillithe);

(b)

go bhfuil víris, bogearraí mailíseacha nó bagairtí eile iontu;

(c)

go bhfuil ríomhshínithe iontu nach féidir leis an gCoimisiún a mbailíocht a fhíorú.

Sna cásanna sin, cuirfidh an Coimisiún an seoltóir ar an eolas gan mhoill.

6.   I dtaca le doiciméid a tharchuirtear chuig an gCoimisiún trí phost cláraithe, measfar go mbeidh siad faighte an lá a thagann siad isteach ag an seoladh arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tabharfar an seoladh sin le fios ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta de chuid an Choimisiúin freisin.

7.   I dtaca le doiciméid a tharchuirtear chuig an gCoimisiún agus iad á seachadadh de láimh, measfar go mbeidh siad faighte an lá a thagann siad isteach ag an seoladh arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, fad a dhearbhófar sin in admháil ón gCoimisiún go bhfuarthas iad. Tabharfar an seoladh sin le fios ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta de chuid an Choimisiúin freisin.

Airteagal 23

Teorainneacha ama a shocrú

1.   Agus na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus (2), Airteagal 13(2) agus Airteagal 16(1) á socrú ag an gCoimisiún, tabharfaidh sé aird ar a phráinní atá an cás agus ar an méid ama is gá go n-ullmhóidh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, na páirtithe eile lena mbaineann, nó na tríú daoine a gcuid tuairimí nó barúlacha. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin laethanta saoire poiblí sa tír ina bhfuil na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, na páirtithe eile lena mbaineann, nó na tríú daoine lonnaithe.

2.   Socrófar teorainneacha ama agus dáta féilire beacht á lua leo.

Airteagal 24

Laethanta oibre

Ciallaíonn an nath ‘laethanta oibre’ i Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 agus sa Rialachán seo gach lá seachas an Satharn, an Domhnach, agus laethanta saoire an Choimisiúin arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh roimh thús gach bliana.

Airteagal 25

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Gan dochar do mhír 2, déantar Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 a aisghairm le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2023.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

2.   Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 d’fheidhm a bheith aige maidir le haon chomhchruinniú a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 agus a dtugtar fógra faoi an 31 Lúnasa 2023 nó dá éis.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.

(2)  IO L 133, 30.4.2004 lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE IO L 257, 28.8.2014, lch. 73


IARSCRÍBHINN I

FOIRM A BHAINEANN LE FÓGRA A THABHAIRT FAOI CHOMHCHRUINNIÚ DE BHUN RIALACHÁN (CE) Uimh. 139/2004 ÓN gCOMHAIRLE

(FOIRM CO)

RÉAMHRÁ

A.   Cuspóir na Foirme CO

(1)

Sonraítear san Fhoirm CO seo an fhaisnéis nach mór do pháirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu a sholáthar agus iad ag cur fógra faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le cumasc beartaithe, éadáil bheartaithe nó comhchruinniú beartaithe eile. Leagtar síos córas rialaithe cumasc an Aontais Eorpaigh i Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1) agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/914 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle, maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (an ‘Rialachán Cur Chun Feidhme’) (2), a bhfuil an Fhoirm CO seo i gceangal leis. Tabhair do d’aire na forálacha comhfhreagracha den Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (3) (‘Comhaontú LEE’).

B.   Teagmhálacha réamhfhógra agus iarrataí ar tharscaoileadh

1.   Cineálacha faisnéise arna n-iarraidh leis an bhFoirm CO

(2)

Beidh an fhaisnéis seo a leanas de dhíth ar an bhForim CO:

(a)

bunfhaisnéis ar riachtanach i bprionsabal í chun measúnú a dhéanamh ar gach comhchruinniú (Ranna 1-10);

(b)

faisnéis maidir le héifeachtúlachtaí (Roinn 11);

(c)

faisnéis le soláthar i gcásanna lena mbaineann comhfhiontair (Roinn 12).

(3)

Ní mór an fhaisnéis a iarrtar i Ranna 1-10 a sholáthar i ngach cás de réir prionsabail, agus is amhlaidh dá réir ar ceanglas í le haghaidh fógra iomlán a fháil. I Roinn 11 éilítear faisnéis maidir le héifeachtúlachtaí an idirbhirt a bhfuil fógra á thabhairt faoi, a fhéadfaidh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu a chur isteach más mian leo go mbreithneodh an Coimisiún aon mhaíomh éifeachtúlachta ina leith ón tús. Ní mór Roinn 12 a sholáthar i ngach cás lena mbaineann comhfhiontair; sna cásanna sin, is ceanglas atá san fhaisnéis sin le haghaidh fógra iomlán a fháil.

2.   Faisnéis nach bhfuil fáil uirthi go réasúnach

(4)

In imthosca eisceachtúla, i dtaca le míreanna faisnéise sonracha a cheanglaítear leis an bhFoirm CO seo, nach mbeidh fáil go réasúnach orthu ag na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu i bpáirt nó ina n-iomláine (e.g., toisc nach bhfuil fáil ar fhaisnéis faoi sprioc-chuideachta i gcás tairiscint atá faoi chonspóid). Sa chás sin, féadfaidh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu a iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis ábhartha a sholáthar nó aon cheanglas eile san Fhoirm CO a bhaineann leis an bhfaisnéis sin a ligean ar ceal. Ba cheart an iarraidh a chur isteach i gcomhréir leis na treoracha i roinn B.4.

3.   Faisnéis nach bhfuil gá léi le haghaidh scrúdú an Choimisiúin ar an gcás

(5)

De bhun Airteagal 4(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme, féadfaidh an Coimisiún an oibleagáid maidir le haon fhaisnéis ar leith a sholáthar san Fhoirm CO, lena n-áirítear doiciméid, nó aon cheanglas eile a ligean thar ceal i gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil gá le comhlíonadh na n-oibleagáidí ná na gceanglas sin chun scrúdú a dhéanamh ar an gcás.

(6)

Cé go mbeadh gá leis le haghaidh scrúdú an Choimisiúin ar chásanna áirithe, i gcásanna eile bheadh feidhm ag Airteagal 4(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme go háirithe ar fhaisnéis dá dtagraítear i ranna 3.4, 3.5, 3.6, 3.7, 5.5 agus 5.6 agus i Roinn 10 den Fhoirm CO seo.

(7)

Sna himthosca sin, féadfaidh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis ábhartha a ligean ar ceal nó aon cheanglas eile san Fhoirm CO a bhaineann leis an bhfaisnéis sin a sholáthar. Ba cheart an iarraidh seo a chur isteach i gcomhréir leis na treoracha a leagtar síos i roinn B.4.

4.   Teagmhálacha réamhfhógra agus iarrataí ar tharscaoileadh

(8)

Tugtar cuireadh do pháirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu chun dul i mbun pléití réamhfhógra i ngach gnáthchás ar bhonn dréacht-Fhoirm CO. Is seirbhís í an fhéidearthacht chun dul i mbun teagmhálacha réamhfhógra arna tairiscint ag an gCoimisiún do pháirtithe a thugann fógra ar bhonn deonach chun na nósanna imeachta foirmiúla um chumasc a ullmhú. Mar sin, cé nach céim éigeantach iad na teagmhálacha réamhfhógra, is ríluachmhar don dá pháirtí a bhfuil fógra á thabhairt acu agus don Choimisiún iad na teagmhálacha sin chun méid beacht na faisnéise is gá i bhFoirm CO a chinneadh, i measc nithe eile; agus tiocfaidh laghdú suntasach ar an bhfaisnéis a bhfuil gá léi mar thoradh orthu i móramh na gcásanna.

(9)

I gcaitheamh na dteagmhálacha réamhfhógra, féadfaidh páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu iarrataí ar tharscaoileadh a chur isteach. Breithneoidh an Coimisiún iarrataí ar tharscaoileadh ar choinníoll go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tugann na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu cúiseanna leormhaithe nach bhfuil fáil go réasúnta ar an bhfaisnéis ábhartha, agus na meastacháin is fearr a thabhairt le haghaidh na sonraí atá in easnamh, agus foinsí na meastachán sin á sainaithint. I gcás inar féidir, ní mór do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu faisnéis a thabhairt faoin áit a bhféadfadh an Coimisiún nó an Ballstát nó Stát CSTE nó na Ballstáit agus Stáit CSTE ábhartha teacht ar aon chuid den fhaisnéis iarrtha nach bhfuil fáil uirthi;

(b)

tugann na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu cúiseanna leormhaithe leis an bhfáth nach gá an fhaisnéis ábhartha chun scrúdú a dhéanamh ar an gcás.

(10)

Ba cheart iarrataí ar tharscaoileadh a dhéanamh sa dréacht-Fhoirm CO féin (ag tús na Roinne nó na Foroinne ábhartha). Is í Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta (‘AS na hIomaíochta’) de chuid an Choimisiúin a dhéileálfaidh le hiarrataí ar tharscaoileadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an dréacht-Fhoirm CO. Is gnách go mbeidh 5 lá oibre de dhíth sula bhfreagrófar iarraidh ar tharscaoileadh.

(11)

D’fhonn amhras a sheachaint, i dtaca leis an bhfíoras go mb’fhéidir gur ghlac an Coimisiún leis go bhféadfar aon fhaisnéis faoi leith a iarrtar leis an bhFoirm CO seo a fhágáil ar lár ó fhógra a dhéantar leis an bhFoirm CO, ní chuireann sé cosc ar an gCoimisiún in aon chor ón bhfaisnéis sin a iarraidh ag aon am le linn na n-imeachtaí, go háirithe trí iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 11 den Rialachán um Chumaisc.

(12)

Féadfaidh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu tagairt a dhéanamh do na ‘Dea-chleachtais maidir le hiompar Nósanna Imeachta CE um rialú cumasc’ arna bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta agus arna dtabhairt cothrom le dáta ó thráth go chéile, ina dtugtar treoraíocht maidir le teagmhálacha réamhfhógra agus ullmhú na bhfógraí.

C.   An ceanglas le haghaidh fógra ceart agus comhlánaithe

(13)

Mar a mhínítear i roinn B.1, ní mór an fhaisnéis a iarrtar i Ranna 1-10 a sholáthar i bprionsabal i ngach gnáthchás (4) agus is amhlaidh dá réir sin ar ceanglas le haghaidh fógra comhlánaithe í. Ní mór an fhaisnéis uile is gá a sholáthar sa roinn iomchuí den Fhoirm CO, agus ní mór di a bheith ceart agus comhlánaithe.

(14)

Ba cheart duit na nithe seo a leanas a thabhairt faoi deara go háirithe:

(a)

i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Rialachán um Chumaisc agus Airteagal 5(2) agus Airteagal (4) den Rialachán Cur chun Feidhme, ní thosóidh na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán um Chumaisc maidir leis an bhfógra go dtí go mbeidh an fhaisnéis uile nach mór a sholáthar in éineacht leis an bhfógra faighte ag an gCoimisiún. Áirithítear leis sin go mbeidh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar an gcomhchruinniú faoina dtugtar fógra laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán um Chumaisc;

(b)

ní mór don pháirtí nó do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt aige nó acu a fhíorú, le linn dóibh a bhfógra a ullmhú, gur cruinn, ábhartha agus cothrom le dáta iad na hainmneacha agus uimhreacha teagmhála, agus go háirithe seoltaí ríomhphoist, a sholáthraítear don Choimisiún;

(c)

i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Rialachán Cur Chun Feidhme, measfar gur faisnéis neamhiomlán í aon fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach a bheidh san fhógra;

(d)

ní mór sonraí teagmhála a iarradh a sholáthar san fhormáid a d’fhorordaigh Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta ar a suíomh gréasáin (5). Tá sé fíor-riachtanach I gcás próiseas imscrúdaithe iomchuí go mbeidh na sonraí teagmhála cruinn. Chuige seo, áirithigh go bhfuil na seoltaí ríomhphoist a sholáthraítear pearsantaithe agus sannta do dhaoine teagmhála sonracha agus nach boscaí poist cuideachta ginearálta iad (e.g., info@, hello@). Féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil an fógra neamhiomlán ar bhonn sonraí teagmhála míchuí;

(e)

faoi Airteagal 14(1), pointe (a) den Rialachán um Chumaisc, má sholáthraíonn páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu faisnéis mhícheart nó mhíthreorach, féadfar fíneálacha suas le 1 % de láimhdeachas comhiomlán an ghnóthais lena mbaineann a ghearradh orthu. Ina theannta sin, de bhun Airteagal 6(3), pointe (a), agus Airteagal 8(6), pointe (a), den Rialachán um Chumaisc, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh maidir le comhoiriúnacht comhchruinnithe faoina dtugtar fógra a chúlghairm i gcás ina mbeidh an cinneadh sin bunaithe ar fhaisnéis mhícheart a bhfuil ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú freagrach aisti.

D.   Conas fógra a thabhairt

(15)

Tá an fhaisnéis a iarrtar san Fhoirm CO seo le leagan amach agus úsáid á baint as uimhreacha na ranna agus na míreanna den Fhoirm CO atá le fáil inti; tá dearbhú le síniú de réir mar a fhoráiltear i Roinn 13 agus an doiciméadacht tacaíochta le cur i gceangal léi. I gcás ina bhforluíonn cuid (nó iomlán) den fhaisnéis a cheanglaítear le haghaidh roinn amháin le faisnéis a cheanglaítear le haghaidh roinn eile, níor cheart an fhaisnéis chéanna sin a chur isteach faoi dhó cé gur cheart crostagairt chruinn a úsáid.

(16)

I dtaca leis an bhFoirm CO a shíniú, ní mór do dhaoine déanamh amhlaidh ar daoine iad atá údaraithe de réir an dlí chun gníomhú thar ceann gach páirtí a bhfuil fógra á thabhairt acu nó ag ionadaí seachtrach údaraithe amháin nó níos mó den pháirtí nó de na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt aige/acu. Ní mór an chumhacht aturnae chomhfhreagrach a chur i gceangal leis an bhFoirm CO (6). Is féidir sonraíochtaí agus treoracha teicniúla maidir le fógraí (sínithe san áireamh) a aimsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(17)

Agus Ranna 6, 8, 9 agus 10 den Fhoirm CO seo á líonadh isteach acu, iarrtar ar na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu a machnamh a dhéanamh an fearr, de ghrá na soiléireachta, na ranna seo a chur i láthair in ord uimhriúil, nó an féidir iad a ghrúpáil le chéile le haghaidh gach margadh ar leith dá ndéantar difear (nó grúpa de mhargaí dá ndéantar difear).

(18)

Ar mhaithe le soiléireacht, féadfar faisnéis áirithe a chur sna hiarscríbhinní. Tá sé fíor-riachtanach, áfach, go ndéanfar na príomhphíosaí substainteacha faisnéise uile, go háirithe faisnéis a bhaineann leis an sciar den mhargadh atá ag na páirtithe agus a n-iomaitheoirí is mó, a chur i láthair i gcorp na Foirme CO. Ní mór nach n-úsáidtear iarscríbhinní leis an bhFoirm CO ach amháin mar fhorlíonadh ar an bhfaisnéis arna soláthar san Fhoirm CO í féin.

(19)

Déanfar na doiciméid tacaíochta a chur isteach sa bhunteanga inar scríobhadh iad; i gcás nach teanga oifigiúil de chuid an Aontais í sin, ní mór iad a aistriú go dtí teanga na n-imeachtaí (Airteagal 3(4) den Rialachán Cur Chun Feidhme).

(20)

Maidir leis na doiciméid tacaíochta d’fhéadfaí gur cóipeanna de na bunchóipeanna a bheidh iontu. Sa chás sin, ní mór don pháirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige a dheimhniú go bhfuil siad fíor agus iomlán.

E.   Rúndacht agus Sonraí Pearsanta

(21)

In Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 17(2) den Rialachán um Chumaisc mar aon leis na forálacha comhfhreagracha de Chomhaontú LEE (7) ceanglaítear ar an gCoimisiún, na Ballstáit, Údarás Faireacháin CSTE agus Stáit CSTE, mar aon lena gcuid oifigeach agus seirbhíseach eile gan faisnéis a nochtadh atá faighte acu trí chur i bhfeidhm an Rialacháin, ar faisnéis den chineál atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla í. Ní mór feidhm a bheith ag an bprionsabal céanna freisin maidir le rúndacht a chosaint idir na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu.

(22)

Má chreideann tú go ndéanfaí dochar do do leasanna dá bhfoilseofaí, nó dá nochtfaí ar shlí eile do pháirtithe eile, aon chuid den fhaisnéis a iarrtar ort a chur ar fáil, ba cheart duit an fhaisnéis sin a chur isteach ar leithligh, agus gach leathanach breise a mharcáil go soiléir mar ‘Rúin Ghnó’. Ba cheart duit fáthanna a thabhairt freisin nár cheart an fhaisnéis sin a nochtadh ná a fhoilsiú.

(23)

I gcás cumasc nó fáil i gcomhpháirt, nó i gcásanna eile ina gcomhlánaíonn níos mó ná ceann amháin de na páirtithe an fógra, féadfar rúin ghnó a chur isteach faoi chumhdach ar leithligh agus tagairt a dhéanamh dóibh san fhógra mar iarscríbhinn. Ní mór gach iarscríbhinn den sórt sin a bheith ar áireamh san fhógra go measfaí an fógra a bheith iomlán.

(24)

Próiseálfar aon sonraí pearsanta a chuirtear isteach san Fhoirm CO i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE. (8)

F.   Sainmhínithe agus treoracha chun críocha na Foirme CO seo

(25)

Chun críoch na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

‘Páirtí/páirtithe sa chomhchruinniú’ nó ‘páirtí/páirtithe’: Baineann na téarmaí seo leis an bpáirtí is faighteoir/na páirtithe is faighteoirí san éadáil agus an páirtí/na páirtithe faighte araon, nó leis na páirtithe a bheidh ag cumasc le chéile, lena n-áirítear gach gnóthas a mbeidh leas urlámhais á fháil ann nó gach gnóthas a chuirfear faoi réir tairiscint phoiblí. Mura sonraítear a mhalairt, leis na téarmaí ‘páirtí/páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt aige/acu agus ‘páirtí/páirtithe sa chomhchruinniú’ áirítear gach gnóthas a bhaineann leis na grúpaí céanna lena mbaineann na páirtithe sin.

(b)

‘Margadh ábhartha táirgí’: Margadh ábhartha táirgí ina bhfuil na táirgí nó na seirbhísí uile sin, nó iad araon, a mheasann an tomhaltóir a bheith inmhalartaithe nó inionadaithe, de bharr shaintréithe na dtáirgí nó na seirbhísí, a bpraghsanna agus na húsáide atá beartaithe leo. I gcásanna áirithe, féadfaidh margadh ábhartha táirgí a bheith comhdhéanta de roinnt táirgí nó seirbhísí aonair, nó iad araon, a bhfuil na saintréithe fisiceacha nó teicniúla céanna den chuid is mó acu agus atá inmhalartaithe. Ar na fachtóirí atá ábhartha don mheasúnú ar an margadh ábhartha táirgí tá an anailís, ar bhonn an tsainmhínithe seo, ar na fáthanna a gcuirtear táirgí nó seirbhísí sna margaí sin san áireamh agus na fáthanna a bhfágtar cinn eile as an áireamh, agus ag féachaint, mar shampla, d’inionadaitheacht táirgí agus seirbhísí, praghsanna, tras-phraghasleaisteachas an éilimh nó fachtóirí ábhartha eile (mar shampla, inionadaitheacht ó thaobh an tsoláthair i gcásanna iomchuí).

(c)

‘Margadh ábhartha geografach’: Cuimsíonn an margadh ábhartha geografach an limistéar ina bhfuil na gnóthais lena mbaineann páirteach i soláthar agus éileamh táirgí nó seirbhísí ábhartha, ina bhfuil na coinníollacha iomaíochta sách aonchineálach agus a fhéadfar a idirdhealú ó limistéir gheografacha in aice láimhe toisc, go háirithe, go bhfuil na dálaí iomaíochta difriúil go maith sna limistéir sin. Ar na fachtóirí atá ábhartha don mheasúnú ar an margadh ábhartha geografach tá, inter alia, cineál agus saintréithe na dtáirgí nó na seirbhísí lena mbaineann, bacainní iontrála, roghanna tomhaltóirí, difríochtaí suntasacha i sciar den mhargadh na ngnóthas ó limistéar geografach in aice le chéile nó difríochtaí suntasacha i bpraghsanna.

(d)

‘Forluí cothrománach’: Eascraíonn cásanna d’fhorluití cothrománacha as comhchruinniú nuair atá na páirtithe sa chomhchruinniú ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnó sa mhargadh nó sna margaí ábhartha táirgí agus geografacha céanna (lena n-áirítear táirgí píblíne a fhorbairt (9)). (10)

(e)

‘Caidreamh neamh-chothrománach’: Eascraíonn caidreamh neamh-chothrománach as comhchruinniú nuair atá gníomhaíochtaí na bpáirtithe sa chomhchruinniú i gcaidreamh nach forluí cothrománach atá ann.

(f)

‘Caidreamh ingearach’: Eascraíonn caidreamh ingearach as comhchruinniú nuair atá páirtí amháin nó níos mó sa chomhchruinniú ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnó i margadh táirgí, ar margadh é atá réamhtheachtach nó iartheachtach ó mhargadh a bhfuil páirtí ar bith eile sa chomhchruinniú gníomhach ann (lena n-áirítear táirgí píblíne a fhorbairt). (11)

(g)

‘Margaí dá ndéantar difear’: Is iad margaí dá ndéantar difear gach margadh ábhartha táirgí agus geografach, chomh maith le margaí ábhartha malartacha inchreidte táirgí agus geografacha i gcás ina bhfuil forluí cothrománach idir gníomhaíochtaí na bpáirtithe nó i gcás ina bhfuil caidreamh ingearach eatarthu agus nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh athbhreithniú faoi phointe 5 den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe (12) agus nach dtairbhíonn de chlásail solúbthachta de phointe 8 den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe.

(26)

Ní mór na sonraí airgeadais a iarrtar i Roinn 4 a sholáthar in euro ar na meánrátaí malairte a bhí i réim sna blianta nó sna tréimhsí eile i gceist.

G.   Tuairisc ar na sonraí eacnamaíocha cainníochtúla arna mbailiú ag na gnóthais lena mbaineann

(27)

Ní mór an fhaisnéis a iarrtar i ranna 5.5 agus 5.6 den Fhoirm seo a sholáthar le go measfaí an Fhoirm CO a bheith comhlánaithe.

(28)

Le tuilleadh treoraíochta a fháil, féadfaidh na páirtithe sa chomhchruinniú tagairt a dhéanamh do ‘Dhea-chleachtais Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta maidir le fianaise eacnamaíoch a chur isteach agus bailiú sonraí i gcásanna lena mbaineann cur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE agus i gcásanna cumaisc’ arna bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta agus arna nuashonrú ó thráth go chéile.

H.   Comhar idirnáisiúnta idir an Coimisiún agus údaráis iomaíochta eile

(29)

Spreagann an Coimisiún na páirtithe sa chomhchruinniú chun an comhar idirnáisiúnta idir an Coimisiún agus údaráis iomaíochta eile a bhfuil an comhchruinniú céanna á athbhreithniú acu a éascú. I dtaithí an Choimisiúin, baineann tairbhí suntasacha do na gnóthais lena mbaineann le dea-chomhar idir an Coimisiún agus údaráis iomaíochta i ndlínsí lasmuigh de LEE.

(30)

Thairis sin, spreagann an Coimisiún na páirtithe sa chomhchruinniú chun tarscaoileadh rúndachta a chur isteach a chuirfeadh ar chumas don Choimisiún faisnéis a roinnt le húdaráis iomaíochta eile lasmuigh de LEE a bhfuil an comhchruinniú céanna á athbhreithniú acu. Éascaítear le gach tarscaoileadh idirphlé agus anailís chomhpháirteach ar chomhchruinniú mar go gceadaíonn sé don Choimisiún an fhaisnéis ábhartha a roinnt le húdarás iomaíochta eile a bhfuil an comhchruinniú céanna á athbhreithniú aige, lena n-áirítear faisnéis ghnó rúnda a fhaightear ó pháirtithe sa chomhchruinniú. Chuige sin, spreagann an Coimisiún na páirtithe sa chomhchruinniú chun tarscaoileadh caighdeánach an Choimisiúin a úsáid, a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta agus a thugtar cothrom le dáta ó am go chéile.

ROINN 1

TUAIRISC AR AN GCOMHCHRUINNIÚ

1.1.

Tabhair achoimre feidhmiúcháin den chomhchruinniú, ina sonraítear na páirtithe sa chomhchruinniú, cineál an chomhchruinnithe (mar shampla, cumasc, éadáil nó comhfhiontar), réimsí gníomhaíochta na bpáirtithe sa chomhchruinniú, na margaí a mbeidh tionchar ag an gcomhchruinniú orthu (lena n-áirítear na príomh-mhargaí dá ndéantar difear (13)), agus an réasúnaíocht straitéiseach agus eacnamaíoch atá leis an gcomhchruinniú.

1.2.

Déan achoimre (suas le 500 focal) ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil faoi Roinn 1.1, lena n-áirítear: an bealach a mbaintear an comhchruinniú amach (trí bhíthin ceannach scaireanna, tairiscint phoiblí, conartha etc, mar shampla.); airteagail an Rialacháin um Chumaisc ar dá bhun a cháilítear idirbheart mar chomhchruinniú; na gnóthais lena mbaineann. I gcás gach gnóthais lena mbaineann, soláthair: Ainm iomlán, tír chorpraithe, príomh-eintiteas rialaithe, cur síos gairid ar ghníomhaíochtaí agus limistéir gheografacha na gníomhaíochta. I gcás comhfhiontair nuachruthaithe, soláthair gníomhaíochtaí atá beartaithe agus limistéir gheografacha na gníomhaíochta. Tá sé beartaithe go bhfoilseofar an achoimre seo ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta nuair a fhaightear fógra. Ní mór an achoimre a dhréachtú ar dhóigh nach bhfuil aon fhaisnéis rúnda ná rúin ghnó inti.

Sampla (scrios le haghaidh an fhógra)

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

 

[Ainm iomlán Chuideachta A] ([Gearrainm chuideachta A], [Tír thionscnaimh Chuideachta A]), arna rialú ag [Cuideachta X]

 

[Ainm iomlán Chuideachta B] ([Gearrainm chuideachta B], [Tír thionscnaimh Chuideachta B]), arna rialú ag [Cuideachta Y]

 

Faigheann [Cuideachta A], de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (b) den Rialachán um Chumaisc rialú aonair ar [Chuideachta B] (ina hiomláine/go páirteach) NÓ

 

Déanann [Cuideachta A] cumasc iomlán de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (a) den Rialachán um Chumaisc, le [Cuideachta B] NÓ

 

Faigheann [Cuideachta A] agus [Cuideachta B], de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, comhrialú ar [Chuideachta C].

Baintear amach an comhchruinniú trí [bhíthin an comhchruinniú a chur chun feidhme, e.g. trí scaireanna/sócmhainní, etc. a cheannach].

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

a.

le haghaidh [Cuideachta A]: [Tuairisc ghairid ar an ngníomhaíocht, e.g. ceimiceáin éagsúlaithe le príomhghníomaíochtaí in eolaíochtaí talmhaíochta, plaisteacha agus ceimiceáin feidhmíochta, agus táirgí agus seirbhísí hidreacarbóin agus fuinnimh].

b.

le haghaidh [Cuideachta B]: [Tuairisc ghairid ar ghníomhaíocht, e.g., teicneolaíocht agus nuálaíocht sileacón-bhunaithe le príomhghníomhaíochtaí i bhforbairt agus táirgeadh polaiméirí agus ábhar eile bunaithe ar cheimic sileacóin].

ROINN 2

FAISNÉIS MAIDIR LEIS NA PÁIRTITHE

2.1.

Faisnéis maidir leis na páirtithe sa chomhchruinniú (14)

I gcás gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú, tabhair:

2.1.1.

ainm an ghnóthais;

2.1.2.

cibé an páirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige an gnóthas nó nach bhfuil;

2.1.3.

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an teagmhálaí iomchuí, agus an post atá aige; is gá gur seoladh le haghaidh seirbhíse atá sa seoladh a thugtar, seoladh chuig ar féidir fógra a thabhairt maidir le doiciméid agus, go háirithe, cinntí ón gCoimisiún agus doiciméid nós imeachta eile, agus is gá go measfar go mbeidh an teagmhálaí a thugtar údaraithe chun glacadh le seirbhís;

2.1.4.

má cheaptar ionadaí seachtrach údaraithe amháin nó níos mó de chuid an ghnóthais, an t-ionadaí nó na hionadaithe chuig ar féidir fógra a thabhairt maidir le doiciméid agus, go háirithe, cinntí ón gCoimisiún agus doiciméid nós imeachta eile:

2.1.4.1.

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist gach ionadaí, agus an post atá aige; agus

2.1.4.2.

An chumhacht aturnae bunaidh (i gcás an pháirtí/na bpáirtithe a bhfuil fógra á thabhairt aige/acu).

2.2.

Cineál gnó na bpáirtithe

I gcás gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú, tabhair tuairisc ar chineál gnó an ghnóthais.

ROINN 3

MIONSONRAÍ AN CHOMHCHRUINNITHE, NA HÚINÉIREACHTA AGUS AN RIALAITHE (15)

Féadfar an fhaisnéis atá á lorg sa roinn seo a léiriú trí chairteacha eagrúcháin nó léaráidí a úsáid chun struchtúr úinéireachta agus rialaithe na bpáirtithe sa chomhchruinniú a thaispeáint roimh an gcomhchruinniú agus tar éis é a chur i gcrích.

3.1.

Tabhair tuairisc ar chineál an chomhchruinnithe a bhfuil fógra á thabhairt ina leith trí thagairt do na critéir ábhartha den Rialachán um Chumaisc agus den Fhógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse (16):

3.1.1.

Sainaithin na gnóthais nó na ndaoine a rialaíonn gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú ina n-aonar nó go comhpháirteach, go díreach nó go hindíreach, agus tabhair tuairisc ar struchtúr úinéireachta agus rialaithe gach ceann acu roimh an comhchruinniú a chur i gcrích.

3.1.2.

Tabhair míniú cibé an ceann de na nithe seo a leanas atá sa chomhchruinniú atá beartaithe:

(a)

cumasc iomlán;

(b)

urlámhas aonair nó comhrialú a fháil;

(c)

conradh nó modh eile chun rialú díreach nó indíreach a dheonú de réir bhrí Airteagal 3(2) den Rialachán um Chumaisc;

(d)

comhrialú a fháil i gcomhfhiontar lánfheidhme de réir bhrí Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, agus, más amhlaidh, na fáthanna go meastar an comhfhiontar a bheith lánfheidhmeach (17).

3.1.3.

Tabhair míniú faoin gcaoi a gcuirfear an comhchruinniú chun feidhme (mar shampla trí chomhaontú a chur i gcrích, trí thairiscint phoiblí a sheoladh, etc.).

3.1.4.

Faoi threoir Airteagal 4(1) den Rialachán um Chumaisc, tabhair míniú cibé acu a tharla aon cheann de na nithe seo a leanas nó nár tharla tráth an fhógra

(a)

tugadh comhaontú i gcrích;

(b)

rinneadh leas urlámhais a éadáil;

(c)

fógraíodh tairiscint phoiblí nó an rún tairiscint phoiblí a sheoladh;

(d)

léirigh na páirtithe sa chomhchruinniú intinn meoin mhacánta chun comhaontú a thabhairt i gcrích.

3.1.5.

Tabhair le fios dáta measta aon mhórtheagmhas, ar mórtheagmhais iad atá ceaptha chun an comhchruinniú a chur i gcrích;

3.1.6.

Tabhair míniú ar struchtúr úinéireachta agus rialaithe gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú tar éis an comhchruinniú a chur i gcrích.

3.2.

Tabhair tuairisc ar an réasúnaíocht eacnamaíoch atá leis an gcomhchruinniú.

3.3.

Luaigh luach an idirbhirt (an praghas ceannaigh nó luach na sócmhainní uile lena mbaineann, de réir mar a bheidh; sonraigh cibé acu cothromas, airgead, nó sócmhainní eile atá ansin).

3.4.

Tabhair tuairisc ar aon tacaíocht airgeadais nó eile a fuair aon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú ó údaráis phoiblí agus ar chineál agus méid na tacaíochta sin. Sa chomhthéacs seo:

3.4.1.

tabhair le fios cibé ar thairbhigh aon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú de chabhair atá nó a bhí faoi réir nósanna imeachta an Aontais um Státchabhair.

3.4.2.

tabhair le fios má thug tú fógra nó má tá sé beartaithe agat fógra a thabhairt faoi Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar an margadh inmheánach (IO L 330, 23.12.2022 Lch. 1-45).

3.5.

Tabhair liosta de na dlínsí uile lasmuigh de LEE inar fógraíodh nó ina bhfógrófar an comhchruinniú (roimh nó tar éis an comhchruinniú a chur i gcrích) agus/nó ina bhfuil an comhchruinniú á imscrúdú faoi na rialacha um rialú cumasc. Le haghaidh gach dlínse, tabhair le fios dáta (iarbhír nó ionchais) an fhógra, agus i gcás inarb infheidhme, sainaithin an chéim den imscrúdú.

3.6.

Le haghaidh na bpáirtithe sa chomhchruinniú, tabhair liosta de na gnóthais eile uile atá gníomhach sna margaí dá ndéantar difear agus a bhfuil 10 % nó níos mó de na cearta vótála, den scairchaipiteal eisithe nó d’urrúis eile i seilbh na ngnóthas, nó na ndaoine, den ghrúpa, ina sainaithnítear an sealbhóir agus ina luaitear an céatadán ina seilbh.

3.7.

Tabhair tuairisc cibé atá nó nach bhfuil scairsheilbh shuntasach neamhrialaithe (i.e. os cionn 10 %) ag ceann amháin nó níos mó d’iomaitheoirí na bpáirtithe in aon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú. Tabhair le fios an céatadán agus na cearta a ghabhann leis an scairsheilbh. Tabhair sonraí d’éadálacha a rinne na grúpaí le linn na 3 bliana dheireanacha, arb iad na grúpaí a sainaithníodh i Roinn 2.1 de ghnóthais atá gníomhach sna margaí dá ndéantar difear.

ROINN 4

LÁIMHDEACHAS

Le haghaidh gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú tabhair na sonraí seo a leanas le haghaidh na bliana airgeadais seo caite (18):

4.1.

láimhdeachas domhanda;

4.2.

Láimhdeachas ar fud an Aontais Eorpaigh;

4.3.

Láimhdeachas ar fud LEE (AE agus CSTE);

4.4.

láimhdeachas i ngach Ballstát (tabhair le fios an Ballstát, más ann dó, ina mbaintear amach níos mó ná dhá thrian de láimhdeachas ar fud an Aontais);

4.5.

Láimhdeachas ar fud CSTE;

4.6.

láimhdeachas i ngach Stát CSTE (tabhair le fios an Stát CSTE, más ann dó, ina mbaintear amach níos mó ná dhá thrian de láimhdeachas ar fud CSTE; tabhair le fios freisin cibé atá láimhdeachas comhcheangailte na ngnóthas lena mbaineann ar chríoch na Stát CSTE comhionann le 25 % nó níos mó dá láimhdeachas iomlán ar chríoch LEE nó nach bhfuil).

Ní mór sonraí láimhdeachais a sholáthar trí thábla teimpléid an Choimisiúin a líonadh isteach atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta.

ROINN 5

DOICIMÉADACHT AGUS SONRAÍ TACAÍOCHTA

Ní mór do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu an méid seo a leanas a sholáthar:

5.1.

cóipeanna den leagan deiridh nó is déanaí de gach doiciméad lena gcruthaítear an comhchruinniú, cibé atá sé trí chomhaontú idir na páirtithe sa chomhchruinniú, trí leas urlámhais nó tairiscint phoiblí a éadáil;

5.2.

i gcás tairiscint phoiblí, cóip de dhoiciméad na tairisceana. Mura bhfuil doiciméad na tairisceana ar fáil tráth an fhógra, ní mór cóip den doiciméad is déanaí a sholáthar ina léirítear an intinn chun tairiscint phoiblí a sheoladh, agus ní mór cóip de dhoiciméad na tairisceana a chur isteach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná nuair a phostáiltear chuig scairshealbhóirí é;

5.3.

tásc den leathanach gréasáin, más ann dó, ag a bhfuil na tuarascálacha agus cuntais bhliantúla is déanaí leis na páirtithe sa chomhchruinniú ar fáil, nó mura bhfuil aon leathanach gréasáin mar sin ann, cóipeanna de na tuarascálacha agus cuntais bhliantúla is déanaí leis na páirtithe sa chomhchruinniú;

5.4.

cóipeanna de na doiciméid seo a leanas a d’ullmhaigh nó a fuair aon chomhalta den bhord bainistíochta, den bhord stiúrthóirí, nó den bhord maoirseachta, ag brath ar struchtúr an rialachais chorparáidigh, nó an duine eile/na daoine eile a chleachtann feidhmeanna comhchosúla (nó dár tarmligeadh na feidhmeanna sin nó dár cuireadh ar a n-iontaoibh iad), nó cruinniú na scairshealbhóirí:

(a)

miontuairiscí ó chruinnithe an bhoird bainistíochta, an bhoird stiúrthóirí, an bhoird maoirseachta agus/nó ó chruinniú na scairshealbhóirí ag ar pléadh an t-idirbheart, nó sleachta ó na miontuairiscí sin a bhaineann leis an bplé ar an idirbheart;

(b)

anailísí, tuarascálacha, staidéir, suirbhéanna, láithreoireachtaí agus aon doiciméad inchomparáide chun measúnú nó anailís a dhéanamh ar an gcomhchruinniú i ndáil lena réasúnaíocht (lena n-áirítear doiciméid ina bpléitear an t-idirbheart i ndáil le héadálacha malartacha féideartha), sciartha den mhargadh, dálaí iomaíocha, iomaitheoirí (iarbhír agus ionchais), cumas d’fhás ar dhíolacháin nó leathnú isteach i margaí táirgí nó geografacha eile, agus/nó dálaí ginearálta an mhargaidh;

(c)

anailísí, tuarascálacha, staidéir, suirbhéanna, agus aon doiciméad inchomparáide ón dá bhliain dheireanacha chun measúnú a dhéanamh ar aon cheann de na margaí dá ndéantar difear (19) i ndáil le sciartha den mhargadh, dálaí iomaíocha, iomaitheoirí (iarbhír agus ionchais), agus/nó cumas d’fhás ar dhíolacháin nó leathnú isteach i margaí táirgí nó geografacha eile.

Tabhair liosta de na doiciméid a luaitear sa roinn 5.4 seo, agus tabhair le fios le haghaidh gach doiciméid dáta a ullmhaithe agus ainm agus teideal an tseolaí/na seolaithe.

5.5.

sonraí a bhailíonn agus a stórálann gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú le linn a ngnáthoibríochtaí gnó, agus a d’fhéadfadh a bheith úsáideach d’anailís eacnamaíoch chainníochtúil. Ba cheart faisnéis a áireamh leis an tuairisc ar na sonraí, go háirithe, maidir le:

(a)

cineál na sonraí sin (faisnéis maidir le díolacháin nó tairiscintí, corrlaigh bhrabúis, sonraí faoin bpróiseas soláthair, etc.);

(b)

an leibhéal dí-chomhiomlánaithe (in aghaidh na tíre, in aghaidh an táirge, in aghaidh an chustaiméara, in aghaidh an chonartha, etc.);

(c)

an tréimhse ama dá bhfuil fáil ar na sonraí ina leith agus an fhormáid;

(d)

foinse na sonraí (mar shampla, bogearraí Bainistíochta Caidreamh Custaiméirí (CRM) nó tacar sonraí a cheannaítear ó sholáthraithe seachtracha, etc.).

5.6.

tuairisc ar úsáid na sonraí a soláthraítear i roinn 5.5 le linn an ghnáthchúrsa gnó. Go háirithe, tabhair tuairisc, más ábhartha, ar na tacair sonraí inmheánacha a dhéantar leis na sonraí thuas, chomh maith leis an gcineál táirgí agus anailíse um thuairisciú inmheánach, amhail straitéis ghnó, pleananna margaíochta, pleananna infheistíochta, faisnéis faoin margadh agus faireachán ar iomaitheoirí (e.g. comparáid idir na táirgí/seirbhísí agus na táirgí píblíne le páirtí amháin sa chomhchruinniú agus iad siúd lena phríomhiomaitheoirí nó idir na cinn sin leis na páirtithe sa chomhchruinniú; straitéis agus suíomh iomaitheoirí; nó anailísí SWOT (20)).

ROINN 6

SAINITHE MARGAIDH

Feidhmíonn na margaí ábhartha táirgí agus geografacha chun an raon feidhme a shainaithint ar laistigh de nach mór measúnú a dhéanamh ar chumhacht mhargaidh an eintitis nua a thagann as an gcomhchruinniú (21). Nuair a chuireann na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu margaí ábhartha táirgí agus geografacha i láthair, ní mór dóibh, i dteannta le haon sainiú ar mhargadh táirgí agus geografach a mheasann siad a bheith ábhartha, gach sainiú malartach inchreidte ar mhargaí táirgí agus geografacha a chur faoi bhráid. Is féidir sainithe malartacha inchreidte ar mhargaí táirgí agus geografacha a shainaithint ar bhonn chinntí ón gCoimisiún agus bhreithiúnais ó Chúirteanna an Aontais roimhe seo agus (go háirithe i gcás nach bhfuil aon fhasach ann ón gCoimisiún ná ón gCúirt) faoi threoir tuairiscí ón tionscal, staidéir mhargaidh agus doiciméid inmheánacha na bpáirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu.

6.1.

Déan plé ar gach sainiú inchreidte ábhartha ar mhargaí ina bhféadfadh margaí dá ndéantar difear eascairt as an gcomhchruinniú atá beartaithe. Mínigh an chaoi a measann na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu ar cheart na margaí ábhartha táirgí agus geografacha a shainiú.

6.2.

Agus gach sainiú ábhartha inchreidte ar mhargaí atá pléite á thabhairt san áireamh, sainaithin gach margadh dá ndéantar difear (22) agus tabhair faisnéis achomair maidir le gníomhaíochtaí na bpáirtithe sa chomhchruinniú i ngach margadh ábhartha inchreidte. Cuir an oiread rónna is gá leis na táblaí chun gach margadh inchreidte a ndéanann tú measúnú air a chumhdach:

Achoimre ar Mhargaí dá nDéantar Difear

Forluití Cothrománacha

Sainiú ar mhargadh táirgí

Sainiú ar mhargadh geografach

Sciar comhcheangailte den mhargadh

[Sainaithin an bhliain]

[Sainaithin an méadrach]

 

 

 

 

 

 

Achoimre ar Mhargaí dá nDéantar Difear

Caidrimh Ingearacha

Margadh réamhtheachtach

Margadh iartheachtach

Sainiú ar mhargadh táirgí

Sainiú ar mhargadh geografach

Sciar comhcheangailte den mhargadh

[Sainaithin an bhliain][Sainaithin an méadrach]

Sainiú ar mhargadh táirgí

Sainiú ar mhargadh geografach

Sciar comhcheangailte den mhargadh

[Sainaithin an bhliain][Sainaithin an méadrach]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

6.3.

Tabhair tuairisc ar raon feidhme táirgí agus geografach gach sainiú malartach inchreidte margaí (i gcás ina n-áirítear sna margaí sin an LEE ina iomláine nó i bpáirt de) seachas na margaí dá ndéantar difear a shainaithnítear i Roinn 6.2, ina bhféadfadh tionchar suntasach a bheith an gcomhchruinniú ar tugadh fógra ina leith, mar shampla, i gcás:

(a)

ina bhfuil sciar den mhargadh ag aon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú atá níos mó ná 25 %, agus gur iomaitheoir ionchasach sa mhargadh sin é aon pháirtí eile sa chomhchruinniú. ina bhféadfaí páirtí a mheas mar iomaitheoir ionchasach, go háirithe, i gcás ina bhfuil sé beartaithe aige dul isteach i margadh, nó i gcás inar chothaigh sé an plean sin nó inar dhírigh sé air le linn na 3 bliana roimhe sin;

(b)

inarb ann d’aon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú i margadh táirgí, ar margadh in aice láimhe é a bhfuil dlúthbhaint aige le margadh táirgí a ghabhann aon pháirtí eile don chomhchruinniú, agus ina bhfuil sciartha margaidh aonair nó comhcheangailte na bpáirtithe in aon cheann de na margaí sin ag 30 % nó níos mó. Is éard is margaí táirgí ann margaí in aice láimhe a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile nuair a bhíonn na táirgí comhlántach le chéile (23) nó nuair a bhaineann siad le raon táirgí a cheannaíonn an tsraith chéanna custaiméirí de ghnáth don úsáid deiridh chéanna (24).

Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún breithniú a dhéanamh, ón tús, ar thionchar iomaíoch an chomhchruinnithe bheartaithe sna margaí a shainaithnítear faoi Roinn 6, iarrtar ar na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu an fhaisnéis a chur isteach faoi Ranna 8 agus 10 den Fhoirm CO seo i ndáil leis na margaí sin.

ROINN 7

FAISNÉIS FAOI MHARGAÍ ATÁ FAOI RÉIR PHOINTE 8 DEN FHÓGRA MAIDIR LEIS AN NÓS IMEACHTA SIMPLITHE

I gcás margaí a thagann faoi phointe 8 den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, ní gá i bprionsabal ach roinn 7 a líonadh isteach. Mar sin féin, i gcás inarb ann d’aon cheann de na himthosca a liostaítear i Roinn II.C den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, is gnách nach gcuirfear an clásal solúbthachta i bhfeidhm (25) . I gcásanna mar sin, ba cheart Ranna 6, 8, 9 agus 10 den Fhoirm seo a chomhlánú.

7.1.

Le haghaidh gach margadh a thagann faoi phointe 8 den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, ticeáil na boscaí ábhartha thíos. (26)

De réir gach sainiú inchreidte ar mhargadh, (i) is é 20 % nó níos airde sciar comhcheangailte de mhargadh na bpáirtithe, ach beidh sé fós faoi bhun 25 % i leith aon mhargaidh ábhartha ina bhforluíonn gníomhaíochtaí na bpáirtithe agus (ii) nach ann d’aon cheann de na himthosca speisialta ar a dtugtar tuairisc i roinn II.C den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe.

Faoi gach sainiú inchreidte ar mhargadh, is é 20 % nó níos airde sciartha comhcheangailte na bpáirtithe den mhargadh, ach fanann faoi bhun 25 % ar aon mhargadh ábhartha i gcás ina bhforluíonn gníomhaíochtaí na bpáirtithe agus cé gurb ann do cheann amháin nó roinnt de na himthosca speisialta ar a dtugtar tuairisc i roinn II.C den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, ní léirítear aon imní leis an gcás i ndáil le hiomaíocht ar na cúiseanna a mhínítear i bhfo-Roinn 7.4.

Ní ann d’aon cheann de na himthosca ar a dtugtar tuairisc i roinn II.C den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, agus comhlíonann an sciar aonair den mhargadh agus na sciartha comhcheangailte den mhargadh leis na páirtithe uile sa chomhchruinniú a ghabhann do ghníomhaíochtaí gnó i margadh atá réamhtheachtach nó iartheachtach ar mhargadh a mbíonn aon pháirtí eile sa chomhchruinniú ag gabháil dó (caidreamh ingearach) ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

tá siad 30 % nó níos airde ach fanann siad faoi bhun 35 % sna margaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha,

tá siad níos ísle ná 50 % i margadh amháin, agus tá sciartha aonair agus comhcheangailte na bpáirtithe uile sa chomhchruinniú den mhargadh sna margaí eile go léir a bhfuil caidreamh ingearach eatarthu níos ísle ná 10 %.

Is ann do cheann amháin nó roinnt de na himthosca ar a dtugtar tuairisc i roinn II.C den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, ní léirítear aon imní leis an gcás i ndáil le hiomaíocht ar na cúiseanna a mhínítear i Roinn 7.4, agus comhlíonann an sciar aonair den mhargadh agus na sciartha comhcheangailte den mhargadh leis na páirtithe uile sa chomhchruinniú a ghabhann do chaidreamh ingearach ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leanas:

tá siad 30 % nó níos airde ach fanann siad faoi bhun 35 % sna margaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha,

tá siad níos ísle ná 50 % i margadh amháin, agus tá sciartha aonair agus comhcheangailte na bpáirtithe uile sa chomhchruinniú den mhargadh sna margaí eile go léir a bhfuil caidreamh ingearach eatarthu níos ísle ná 10 %.

7.2.

Comhlánaigh an tábla thíos má thagann forluití cothrománacha ón gcomhchruinniú atá faoi réir phointe 8 den Fhógra maidir leis an Nó Imeachta Simplithe. Ba cheart duit an tábla a athchruthú a mhéid uaireanta agus is gá chun gach margadh inchreidte a ndearna tú breithniú air a chumhdach:

Forluití cothrománacha – Sciartha den mhargadh

Fasaigh (áirigh tagairt do mhíreanna ábhartha leis)

Margadh táirgí inchreidte a breithníodh

Margadh geografach inchreidte a breithníodh

Soláthróir

Bliain X -2

Bliain X -1

Bliain X

Luach

Méid

Luach

Méid

Luach

Méid

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 1

%

%

%

%

%

%

Gnóthas lena mbaineann 2

%

%

%

%

%

%

Gnóthas lena mbaineann 3

%

%

%

%

%

%

Comhcheangailte

%

%

%

%

%

%

Iomaitheoir 1

Ná comhlánaigh.

%

%

Iomaitheoir 2

%

%

Iomaitheoir 3

%

%

Eile

%

%

Iomlán

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

Méid an mhargaidh

EUR

 

EUR

 

EUR

 

Tabhair tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bpáirtithe sa mhargadh seo:

Tabhair tuilleadh mionsonraí anseo (go háirithe mura bhfuil aon fhasach ann, ba cheart duit tuairimí na bpáirtithe a thabhairt i leith shainiú an mhargaidh táirgí/gheografaigh):

Méadrachtaí, foinsí agus modheolaíocht a leantar chun an sciar den mhargadh a ríomh. Murab ionann luach agus méid agus na méadrachtaí is coitianta chun an sciar den mhargadh a ríomh sna margaí ábhartha, ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar bunaithe ar mhéadrachtaí malartacha agus míniú a thabhairt ina leith.

Tabhair sonraí teagmhála de chuid Iomaitheoir 1, Iomaitheoir 2, agus Iomaitheoir 3 san fhormáid fhorordaithe.

7.3.

Comhlánaigh an tábla thíos má thagann caidreamh ingearach ón gcomhchruinniú atá faoi réir phointe 8 den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe. Ba cheart duit an tábla a athchruthú a mhéid uaireanta agus is gá chun gach margadh inchreidte a ndearna tú breithniú air a chumhdach (27):

Caidreamh ingearach – Sciartha den mhargadh

RÉAMHTHEACHTACH

Fasaigh (áirigh tagairt do mhíreanna ábhartha)

Margadh táirgí inchreidte a breithníodh

Margadh geografach inchreidte a breithníodh

Soláthróir

Bliain X -2

Bliain X -1

Bliain X

Luach

Méid

Luach

Méid

Luach

Méid

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 1

%

%

%

%

%

%

Gnóthas lena mbaineann 2

%

%

%

%

%

%

Gnóthas lena mbaineann 3

%

%

%

%

%

%

Comhcheangailte

%

%

%

%

%

%

Iomaitheoir 1

Ná comhlánaigh.

%

%

Iomaitheoir 2

%

%

Iomaitheoir 3

%

%

Eile

%

%

Iomlán

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

Méid an mhargaidh

EUR

 

EUR

 

EUR

 

Tabhair tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bpáirtithe sa mhargadh seo:

Tabhair tuilleadh mionsonraí anseo (go háirithe mura bhfuil aon fhasach ann, ba cheart duit tuairimí na bpáirtithe a thabhairt i leith shainiú an mhargaidh táirgí/gheografaigh):

Méadrachtaí, foinsí agus modheolaíocht a leantar chun an sciar den mhargadh a ríomh. Murab ionann luach agus méid agus na méadrachtaí is coitianta chun an sciar den mhargadh a ríomh sna margaí ábhartha, ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar bunaithe ar mhéadrachtaí malartacha agus míniú a thabhairt ina leith.

Tabhair sonraí teagmhála de chuid Iomaitheoir 1, Iomaitheoir 2, agus Iomaitheoir 3 san fhormáid fhorordaithe.

IARTHEACHTACH

Fasaigh (áirigh tagairt do mhíreanna ábhartha)

Margadh táirgí inchreidte a breithníodh

Margadh geografach inchreidte a breithníodh

Soláthróir

Bliain X -2

Bliain X -1

Bliain X

Luach

Méid

Luach

Méid

Luach

Méid

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 1

%

%

%

%

%

%

Gnóthas lena mbaineann 2

%

%

%

%

%

%

Gnóthas lena mbaineann 3

%

%

%

%

%

%

Comhcheangailte

%

%

%

%

%

%

Iomaitheoir 1

Ná comhlánaigh.

%

%

Iomaitheoir 2

%

%

Iomaitheoir 3

%

%

Eile

%

%

Iomlán

100 %

100 %

Méid an mhargaidh

EUR

 

EUR

 

EUR

 

Tabhair tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bpáirtithe sa mhargadh seo:

Tabhair tuilleadh mionsonraí anseo (go háirithe mura bhfuil aon fhasach ann, ba cheart duit tuairimí na bpáirtithe a thabhairt i leith shainiú an mhargaidh táirgí/gheografaigh):

Méadrachtaí, foinsí agus modheolaíocht a leantar chun an sciar den mhargadh a ríomh. Murab ionann luach agus méid agus na méadrachtaí is coitianta chun an sciar den mhargadh a ríomh sna margaí ábhartha, ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar bunaithe ar mhéadrachtaí malartacha agus míniú a thabhairt ina leith.

Tabhair sonraí teagmhála de chuid Iomaitheoir 1, Iomaitheoir 2, agus Iomaitheoir 3 san fhormáid fhorordaithe.

7.4.

Coimircí agus eisiaimh.

Comhlánaigh an fhaisnéis seo maidir leis na margaí a sainaithníodh i Ranna 7.2 agus 7.3 (28).

Tá scairsheilbh shuntasach neamhrialaithe ag aon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú (i.e. os cionn 10 %) nó tras-stiúrthóireachtaí i gcuideachtaí atá gníomhach sna margaí céanna le haon cheann de na páirtithe eile nó i margaí a bhfuil caidreamh ingearach eatarthu (e.g. tá scairsheilbh mionlaigh neamhrialaithe nó comhstiúrthóirí ag an gcuideachta is faighteoir i gcuideachta atá gníomhach sa mhargadh céanna leis an sprioc-chuideachta).

Níl

Tá scairsheilbh shuntasach neamhrialaithe ag ceann amháin nó níos mó d’iomaitheoirí na bpáirtithe (i.e. os cionn 10 %) in aon cheann de na gnóthais lena mbaineann.

Má tá:

Sonraigh % na scairsheilbhe:

Sonraigh na cearta a ghabhann leis an scairsheilbh:

Níl

Tá na páirtithe gníomhach i margaí comharsanach a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile agus tá sciar den mhargadh 30 % nó níos mó ag aon cheann de na páirtithe go haonarach in aon cheann de na margaí sin faoi aon sainiú margaidh is inchreidte.

Níl

Tá níos lú ná triúr iomaitheoirí ag a bhfuil sciartha den mhargadh os cionn 5 % in aon mhargadh as a dtagann forluití cothrománacha nó caidreamh ingearach faoi aon sainiú inchreidte ar mhargadh.

Níl

Sáraítear na tairseacha ábhartha um sciar den mhargadh i dtéarmaí acmhainneachta faoi aon sainiú margaidh is inchreidte (29).

Sáraítear

Ní sháraítear

Is iontrálaithe le déanaí iad na páirtithe (nó ceann amháin díobh) sna margaí forluiteacha (i.e. tháinig siad ar an margadh le 3 bliana anuas).

Is ea

Ní hea

Is nuálaithe tábhachtacha sna margaí forluiteacha iad na páirtithe.

Is ea

Ní hea

Thug na páirtithe táirge píblíne tábhachtach chuig an margadh le 5 bliana anuas.

Thug

Níor thug

Tagann forluití táirge píblíne le píblíne nó píblíne margaithe as an gcomhchruinniú

Tagann

Ní thagann

Tá pleananna ag ceann de na páirtithe leathnú chuig margaí táirgí agus/nó margaí geografacha ina bhfuil páirtí eile sa chomhchruinniú gníomhach nó atá i gcaidreamh ingearach le margaí ina bhfuil páirtí eile sa chomhchruinniú gníomhach.

Mínigh na táirgí agus seirbhísí lena mbaineann pleananna den sórt sin agus a n-uainiú: [téacs oscailte]

Níl

I slabhraí táirgeachta ina bhfuil níos mó ná dhá leibhéal, tá sciartha den mhargadh aonair nó comhcheangailte na bpáirtithe 30 % nó níos airde in aon cheann de na leibhéil sa slabhra luacha (i dtéarmaí luacha, méide, táirgthe nó acmhainneachta).

Níl

Má d’fhreagair tú ‘tá’ ar cheann ar bith de na ceisteanna thuas, mínigh an chúis i do thuairimse nach n-eascraíonn ábhair imní maidir leis an iomaíocht as an margadh atá i gceist, agus tabhair na mionsonraí ábhartha go léir: [téacs oscailte]

ROINN 8

FAISNÉIS FAOIN MARGADH

8.1.

Maidir le gach margadh dá ndéantar difear, soláthair an fhaisnéis seo a leanas i gcás gach ceann de na 3 bliana seo caite:

8.1.1.

le haghaidh gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú, cineál ghnó an ghnóthais, na príomh-fhochuideachtaí gníomhacha agus/nó brandaí, ainmneacha táirgí, agus/nó trádmharcanna a úsáidtear i ngach ceann de na margaí sin;

8.1.2.

meastachán ar mhéid iomlán an mhargaidh ó thaobh luach na ndíolachán (in euro) agus méide (aonaid) (30). Ba cheart duit a thabhairt le fios an bonn agus na foinsí le haghaidh na ríomhanna agus doiciméid a sholáthar más ann dóibh chun na ríomhanna sin a dheimhniú;

8.1.3.

le haghaidh gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú, luach agus méid na ndíolachán, chomh maith le meastachán ar na sciartha den mhargadh;

8.1.4.

meastachán ar an sciar den mhargadh ó thaobh luacha (agus i gcás inarb iomchuí, ó thaobh toirte) atá ag gach iomaitheoir (lena n-áirítear allmhaireoirí) ag a bhfuil sciar 5 % ar a laghad den mhargadh geografach i gceist. Ba cheart duit na foinsí a shainaithint ar foinsí iad a úsáidtear leis na sciartha sin den mhargadh a ríomh, agus doiciméid a sholáthar i gcás ina bhfuil fáil orthu leis an ríomh a dheimhniú;

8.1.5.

meastachán ar an acmhainneacht iomlán sna margaí ábhartha. Ba cheart duit a thabhairt le fios an cion den acmhainneacht sin ar tugadh cuntas ina leith le 3 bliana anuas ag gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú, agus a rátaí úsáide acmhainneachta sa tréimhse sin faoi seach. Más infheidhme, ba cheart duit suíomh agus acmhainneacht na saoráidí monaraíochta a shainaithint atá gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú i margaí dá ndéantar difear;

8.1.6.

faisnéis maidir le táirgí píblíne na bpáirtithe agus a n-iomaitheoirí (lena n-áirítear céim a bhforbartha, meastachán ar na díolacháin réamh-mheasta agus ar na sciartha den mhargadh ag na páirtithe sa chomhchruinniú le linn na chéad 3 bliana agus 5 bliana eile).

Faisnéis maidir le forluití cothrománacha agus caidrimh ingearacha lena mbaineann táirgí píblíne

8.2.

Maidir le gach táirge ábhartha inchreidte agus gach sainiú ar mhargadh geografach, i gcás inarb ann d’fhorluí cothrománach nó caidreamh ingearach lena mbaineann (i) táirge margaithe amháin nó níos mó le ceann amháin nó le roinnt de na páirtithe sa chomhchruinniú agus táirge píblíne amháin nó níos mó le páirtithe eile sa chomhchruinniú (31) nó (ii) táirgí píblíne leis na páirtithe sa chomhchruinniú, ba cheart duit an fhaisnéis a áirítear leis na táblaí thíos a sholáthar:

Forluití cothrománacha lena mbaineann táirgí píblíne

Fasaigh (áirigh tagairt do mhíreanna ábhartha)

Margadh táirgí inchreidte a breithníodh

Margadh geografach inchreidte a breithníodh

Soláthróir

Bliain X -2 (32)

Bliain X -1

Bliain X

Táirgí píblíne (33)

(Tabhair ainm)

Luach

Méid

Luach

Méid

Luach

Méid

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 1

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 2

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 3

%

%

%

%

%

%

 

Comhcheangailte

%

%

%

%

%

%

 

Iomaitheoir 1

%

%

%

%

%

%

 

Iomaitheoir 2

%

%

%

%

%

%

 

Iomaitheoir 3

%

%

%

%

%

%

 

Eile

%

%

%

%

%

%

 

Iomlán

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

Ná comhlánaigh.

Méid an mhargaidh

EUR

 

EUR

 

EUR

 

Tabhair tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bpáirtithe sa mhargadh seo:

Tabhair tuilleadh mionsonraí anseo (go háirithe mura bhfuil aon fhasach ann, ba cheart duit tuairimí na bpáirtithe a thabhairt i leith shainiú an mhargaidh táirgí/gheografaigh):

Méadrachtaí, foinsí agus modheolaíocht a leantar chun an sciar den mhargadh a ríomh. Murab ionann luach agus méid agus na méadrachtaí is coitianta chun an sciar den mhargadh a ríomh sna margaí ábhartha, ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar bunaithe ar mhéadrachtaí malartacha agus míniú a thabhairt ina leith.

Tabhair faisnéis maidir le táirgí píblíne na bpáirtithe agus a n-iomaitheoirí (lena n-áirítear céim a bhforbartha, meastachán ar na díolacháin réamh-mheasta agus ar na sciartha den mhargadh ag na páirtithe sa chomhchruinniú le linn na chéad 3 bliana agus 5 bliana eile).

Tabhair sonraí teagmhála de chuid Iomaitheoir 1, Iomaitheoir 2, agus Iomaitheoir 3 san fhormáid fhorordaithe.

Caidrimh Ingearacha lena mbaineann Táirgí Píblíne

RÉAMHTHEACHTACH

Fasaigh (áirigh tagairt do mhíreanna ábhartha leis)

Margadh táirgí inchreidte a breithníodh

Margadh geografach inchreidte a breithníodh

Soláthróir

Bliain X -2 (34)

Bliain X -1

Bliain X

Táirgí Píblíne (Tabhair ainm) (35)

Luach

Méid

Luach

Méid

Luach

Méid

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 1

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 2

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 3

%

%

%

%

%

%

 

Comhcheangailte

%

%

%

%

%

%

 

Iomaitheoir 1

%

%

%

%

%

%

 

Iomaitheoir 2

%

%

%

%

%

%

 

Iomaitheoir 3

%

%

%

%

%

%

 

Eile

%

%

%

%

%

%

 

Iomlán

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

Ná comhlánaigh.

Méid an mhargaidh

EUR

 

EUR

 

EUR

 

Tabhair tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bpáirtithe sa mhargadh seo:

Tabhair tuilleadh mionsonraí anseo (go háirithe mura bhfuil aon fhasach ann, ba cheart duit tuairimí na bpáirtithe a thabhairt i leith shainiú an mhargaidh táirgí/gheografaigh)]:

Méadrachtaí, foinsí agus modheolaíocht a leantar chun an sciar den mhargadh a ríomh. Murab ionann luach agus méid agus na méadrachtaí is coitianta chun an sciar den mhargadh a ríomh sna margaí ábhartha, ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar bunaithe ar mhéadrachtaí malartacha agus míniú a thabhairt ina leith.

Tabhair faisnéis maidir le táirgí píblíne na bpáirtithe agus a n-iomaitheoirí (lena n-áirítear céim a bhforbartha, meastachán ar na díolacháin réamh-mheasta agus ar na sciartha den mhargadh a bheidh ag na páirtithe sa chomhchruinniú le linn na chéad 3 bliana agus 5 bliana eile).

Tabhair sonraí teagmhála de chuid Iomaitheoir 1, Iomaitheoir 2, agus Iomaitheoir 3 san fhormáid fhorordaithe.

IARTHEACHTACH

Fasaigh (áirigh tagairt do mhíreanna ábhartha leis)

Margadh táirgí inchreidte a breithníodh)

Margadh geografach inchreidte a breithníodh

Soláthróir

Bliain X -2 (36)

Bliain X -1

Bliain X

Táirgí píblíne

(Tabhair Ainm) (37)

Luach

Méid

Luach

Méid

Luach

Méid

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 1

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 2

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 3

%

%

%

%

%

%

 

Comhcheangailte

%

%

%

%

%

%

 

Iomaitheoir 1

%

%

%

%

%

%

 

Iomaitheoir 2

%

%

%

%

%

%

 

Iomaitheoir 3

%

%

%

%

%

%

 

Eile

%

%

%

%

%

%

 

Iomlán

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

Ná comhlánaigh.

Méid an mhargaidh

EUR

 

EUR

 

EUR

 

Tabhair tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bpáirtithe sa mhargadh seo:

Tabhair tuilleadh mionsonraí anseo (go háirithe mura bhfuil aon fhasach ann, ba cheart duit tuairimí na bpáirtithe a thabhairt i leith shainiú an mhargaidh táirgí/gheografaigh)]:

Méadrachtaí, foinsí agus modheolaíocht a leantar chun an sciar den mhargadh a ríomh. Murab ionann luach agus méid agus na méadrachtaí is coitianta chun an sciar den mhargadh a ríomh sna margaí ábhartha, ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar bunaithe ar mhéadrachtaí malartacha agus míniú a thabhairt ina leith.

Tabhair faisnéis maidir le táirgí píblíne na bpáirtithe agus a n-iomaitheoirí (lena n-áirítear céim a bhforbartha, meastachán ar na díolacháin réamh-mheasta agus ar na sciartha den mhargadh ag na páirtithe sa chomhchruinniú le linn na chéad 3 bliana agus 5 bliana eile).

Tabhair sonraí teagmhála de chuid Iomaitheoir 1, Iomaitheoir 2, agus Iomaitheoir 3 san fhormáid fhorordaithe.

ROINN 9

STRUCHTÚR AN TSOLÁTHAIR

9.1.

Tabhair míniú gairid ar struchtúr an tsoláthair i ngach ceann de na margaí dá ndéantar difear. Sonraigh go háirithe:

(a)

an chaoi a bhfeidhmíonn na margaí sin;

(b)

an bealach ina ndéanann na páirtithe sa chomhchruinniú agus a n-iomaitheoirí is mó na táirgí agus/nó na seirbhísí a tháirgeadh agus a dhíol (mar shampla, cibé a dhéanann páirtithe sa chomhchruinniú agus a n-iomaitheoirí is mó monarú agus díol ar bhonn áitiúil nó nach ndéanann);

(c)

an bealach ina ndéanann na páirtithe sa chomhchruinniú praghsáil ar na táirgí agus/nó na seirbhísí;

(d)

cineál agus méid chomhtháthú ingearach gach páirtí sa chomhchruinniú i gcomparáid leis na hiomaitheoirí is mó atá acu.

Struchtúr an éilimh

9.2.

Tabhair míniú gairid ar struchtúr an éilimh i ngach margadh dá ndéantar difear, ina sonraítear, go háirithe:

(a)

céimeanna na margaí i dtéarmaí, mar shampla, borradh, leathnú, aibíocht agus meathlú, agus réamhaisnéis ar ráta fáis an éilimh;

(b)

an tábhacht a bhaineann le roghanna custaiméirí, mar shampla ó thaobh dílseacht bhranda, seirbhísí réamhdhíola agus iardhíola a sholáthar, réimse iomlán táirgí a sholáthar nó éifeachtaí gréasáin;

(c)

an leas a bhaintear as costais mhalartaithe (ó thaobh ama agus caiteachais) le haghaidh custaiméirí agus iad ag athrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile le haghaidh an dá rud seo a leanas:

(i)

táirgí atá ann;

(ii)

táirgí nua atá ag ionadú táirgí atá ann cheana (lena n-áirítear gnáth-thréimhse chonarthaí na gcustaiméirí);

(d)

méid an chomhchruinnithe nó ráta scaipthe na gcustaiméirí;

(e)

an chaoi ina gceannaíonn custaiméirí na táirgí nó seirbhísí faoi thrácht, go háirithe cibé acu an úsáideann siad teicnící soláthair amhail iarrataí ar thogra agus nósanna imeachta tairisceana nó nach n-úsáideann.

ROINN 10

DIFREÁIL TÁIRGE AGUS DÉINE NA HIOMAÍOCHTA

10.1.

Tabhair míniú gairid ar mhéid na difreála táirge i ngach margadh dá ndéantar difear, ina sonraítear, go háirithe:

(a)

an ról agus an tábhacht a bhaineann leis an difreáil táirge i dtéarmaí cáilíochta (‘difreáil ingearach’) agus saintréithe táirge eile (‘difreáil chothrománach’ agus ‘difreáil spásúil’);

(b)

aon deighilt ar chustaiméirí ina ngrúpaí difriúla le tuairisc ar an ‘ngnáthchustaiméir’ le haghaidh gach grúpa;

(c)

le haghaidh forluití cothrománacha, an iomaíocht idir na páirtithe sa chomhchruinniú i gcoitinne, chomh maith le déine an ionadaithe idir na táirgí leis na páirtithe sa chomhchruinniú, lena n-áirítear le haghaidh gach ceann de na grúpaí custaiméirí agus ‘gnáthchustaiméirí’ a shainaithnítear mar fhreagairt ar an gceist i bpointe (b).

Córais dáileacháin agus líonraí seirbhíse

10.2.

Tabhair tuairisc ghairid ar:

(a)

na córais dáileacháin atá i réim sa mhargadh agus an tábhacht atá leo, agus a mhéid a dhéanann tríú páirtithe agus/nó gnóthais leis an ngrúpa céanna leis na páirtithe an dáileadh, chomh maith le tábhacht na gconarthaí um dháileadh eisiach agus chineálacha eile na gconarthaí fadtéarmacha;

(b)

na líonraí seirbhíse (mar shampla, cothabháil agus deisiúchán) atá i réim agus an tábhacht atá leo sna margaí sin. Cé mhéad de na seirbhísí sin a dhéanann tríú páirtithe agus/nó gnóthais leis an ngrúpa céanna leis na páirtithe?

Iontráil sa mhargadh agus imeacht ón margadh

10.3.

Le 5 bliana anuas, tabhair le fios ar tharla aon iontráil shuntasach isteach in aon mhargadh dá ndéantar difear. Más amhlaidh sin, sainaithin iontrálaithe den sórt sin, agus tabhair meastachán ar an sciar reatha den mhargadh le gach iontrálaí den sórt sin.

10.4.

Tabhair le fios i do thuairimse an bhfuil gnóthais ann (lena n-áirítear iad siúd nach n-oibríonn faoi láthair ach amháin lasmuigh den Aontas Eorpach nó de LEE) ar dóigh dóibh go rachaidh siad isteach in aon mhargadh dá ndéantar difear. Más amhlaidh, mínigh an fáth go dtarlóidh iontráil den sórt sin agus tabhair meastachán ar an tréimhse ar dócha go dtarlóidh an iontráil laistigh di.

10.5.

Tabhair tuairisc ghairid ar na príomhthosca a mbíonn tionchar acu ar iontráil isteach i ngach ceann de na margaí dá ndéantar difear, agus scrúdú á dhéanamh ar iontráil ó dhearcadh geografach agus táirgí araon. Má dhéanann tú amhlaidh, ba cheart duit an méid seo a leanas a thabhairt san áireamh i gcás inarb iomchuí:

(a)

na costais iomlána a bhaineann le hiontráil (taighde agus forbairt, táirgeadh, bunú córas dáileacháin, cur chun cinn, fógraíocht, seirbhísiú agus mar sin de) ar scála atá coibhéiseach le hiomaitheoir inmharthanach aonair, maille le lua ar an sciar den mhargadh atá ag iomaitheoir den sórt sin;

(b)

aon bhacainn dhlíthiúil nó rialála ar iontráil, amhail údarú rialtais nó socrú caighdeánach in aon fhoirm;

(c)

aon bhacainn ar rochtain le haghaidh custaiméirí, amhail na cinn úd mar thoradh ar nósanna imeachta maidir le deimhniúchán táirgí, nó an tábhacht a bhaineann le cáil agus le teist chruthaithe;

(d)

aon ghá agus féidearthacht le rochtain a fháil ar phaitinní, fios gnó agus cearta maoine intleachtúla eile sna margaí sin;

(e)

a mhéid is sealbhóirí, ceadúnaithe nó ceadúnóirí ar phaitinní, fios gnó agus/nó seirbhísí sna margaí ábhartha gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú;

(f)

an tábhacht a bhaineann le barainneachtaí scála agus le raon feidhme agus le héifeachtaí líonra le haghaidh tháirgeadh nó dháileadh táirgí agus/nó seirbhísí sna margaí dá ndéantar difear;

(g)

rochtain ar fhoinsí soláthair, amhail infhaighteacht amhábhar agus an bonneagar riachtanach.

10.6.

Mínigh an bhfuil táirgí píblíne (38) ag aon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú, nó ag aon cheann de na hiomaitheoirí nó an bhfuil sé beartaithe acu acmhainneacht táirgthe nó díolacháin a leathnú in aon cheann de na margaí dá ndéantar difear. Má tá, tabhair meastachán ar na díolacháin réamh-mheasta agus na sciartha den mhargadh ag na páirtithe sa chomhchruinniú le linn na chéad 3 bliana agus 5 bliana eile.

10.7.

Tabhair le fios cibé a tharla aon imeacht ó aon mhargadh dá ndéantar difear le 5 bliana anuas nó nár tharla. Má tharla, sainaithin an chuideachta a d’imigh ón margadh agus tabhair meastachán ar a sciar den mhargadh sa bhliain roimh an imeacht.

Taighde agus forbairt

10.8.

Tabhair cuntas ar an tábhacht atá le taighde agus forbairt le haghaidh na margaí dá ndéantar difear ó thaobh cumas gnólachtaí chun bheith iomaíoch san fhadtéarma. Mínigh cineál an taighde agus na forbartha a dhéanann na páirtithe sa chomhchruinniú sna margaí dá ndéantar difear. Má dhéanann tú amhlaidh, ba cheart duit na nithe seo a leanas a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí:

(a)

treochtaí agus déine an taighde agus na forbartha sna margaí sin agus le haghaidh na bpáirtithe sa chomhchruinniú. Is féidir déine an taighde agus na forbartha a léiriú leis an gcaiteachas ar thaighde agus forbairt; an líon fostaithe atá tiomnaithe don taighde agus forbairt (i dtéarmaí coibhéisí fostaithe lánaimseartha); líon agus tábhacht na saoráidí taighde agus forbartha; nó líon na bpaitinní a comhdaíodh le 3 bliana anuas;

(b)

cúrsa na forbartha teicneolaíochta le haghaidh na margaí sin in imeacht tréimhse ama iomchuí (lena n-áirítear minicíocht thabhairt isteach na dtáirgí agus/nó seirbhísí nua, forbairt i dtáirgí agus/nó seirbhísí, próisis táirgthe, córais dáileacháin);

(c)

an phleanáil agus na tosaíochtaí taighde a bheidh ag na páirtithe sa chomhchruinniú sna chéad 3 bliana eile.

Sonraí teagmhála

10.9.

Tabhair ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist cheann na roinne dlí (nó duine eile a chleachtann feidhmeanna comhchosúla; agus i gcásanna nach bhfuil duine den sórt sin ann, an príomhfheidhmeannach) le haghaidh (39):

(a)

na hiomaitheoirí arna sainaithint de réir roinn 8.1.4;

(b)

gach ceann de na chéad deich gcustaiméir is mó ag páirtithe i ngach ceann de na margaí dá ndéantar difear;

(c)

na hiontrálaithe le déanaí arna sainaithint faoi roinn 10.3; agus

(d)

na hiontrálaithe ionchasacha arna sainaithint faoi roinn 10.4.

Ní mór sonraí teagmhála a sholáthar trí theimpléad an Choimisiúin a úsáid, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta.

10.10.

Soláthair ainm, seoladh, uimhir ghutháin agus seoladh ríomhphost de chuid ionadaí amháin nó níos mó den phríomhcheardchumainn agus/nó den phríomhchomhlachais oibrithe atá ann i bpáirtithe an chomhchruinnithe. Ní mór sonraí teagmhála a sholáthar trí theimpléad an Choimisiúin a úsáid, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta.

ROINN 11

ÉIFEACHTÚLACHTAÍ

Dá mba mhian leat go ndéanfaidh an Coimisiún breithmheas sonrach ón tús (40) le feiceáil ar dócha go gcuirfidh na gnóthachain éifeachtúlachta a eascróidh as an gcomhchruinniú le cumas agus le dreasacht an eintitis nua chun feidhmiú ar son na hiomaíochta chun tairbhe tomhaltóirí nó nach dócha; tabhair tuairisc ar gach éifeachtúlacht, agus tabhair doiciméid tacaíochta a bhaineann léi (lena n-áirítear coigilteas costais, tabhairt isteach táirgí nua, agus seirbhís nó feabhsuithe táirgí) a mheasann na páirtithe a tharlóidh mar thoradh ar an gcomhchruinniú atá beartaithe i ndáil le haon táirge ábhartha (41).

Le haghaidh gach maíomh maidir le héifeachtúlacht, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

míniú mionsonraithe ar an gcaoi a gcuirfeadh an comhchruinniú atá beartaithe ar chumas don eintiteas nua an éifeachtúlacht a bhaint amach. Sonraigh na bearta a mheasann na páirtithe a ghlacfaidh siad chun an éifeachtúlacht a bhaint amach, na rioscaí a ghabhann leis an éifeachtúlacht a bhaint amach, agus an t-am agus na costais is gá chun í a bhaint amach;

(b)

i gcás inarb indéanta go réasúnach é, cainníochtú a dhéanamh ar an éifeachtúlacht agus míniú mionsonraithe ar an gcaoi a ndearnadh an cainníochtú a ríomh. I gcás inarb ábhartha, tabhair meastachán freisin ar thábhacht na n-éifeachtúlachtaí a bhaineann le tabhairt isteach táirgí nua nó le feabhsuithe nua ar cháilíocht. I gcás éifeachtúlachtaí a mbaineann coigilteas costais leo, luaigh ar leithligh an coigilteas costais sheasta aonuaire, an coigilteas costais sheasta athfhilltigh, agus an coigilteas costais athraithigh (in EUR in aghaidh an aonaid agus in EUR in aghaidh na bliana);

(c)

a mhéid tairbhe is dócha a bhainfidh custaiméirí as an éifeachtúlacht agus míniú mionsonraithe ar an gcaoi ar thángthas ar an gconclúid sin;

(d)

an chúis nach bhféadfadh an páirtí nó na páirtithe an éifeachtúlacht sin a bhaint amach an oiread céanna ar mhodh eile seachas tríd an gcomhchruinniú beartaithe, agus ar bhealach nach dóigh dó ábhair imní a tharraingt i ndáil le hiomaíocht.

ROINN 12

ÉIFEACHTAÍ COMHOIBRITHEACHA A BHÍONN AG COMHFHIONTAR

I gcás comhfhiontair, chun críoch Airteagal 2(4) den Rialachán um Chumaisc, freagair na ceisteanna seo a leanas:

(a)

An bhfuil gníomhaíochtaí fós ar siúl den chuid is mó ag dhá mháthairchuideachta nó níos mó sa mhargadh céanna leis an gcomhfhiontar nó i margadh atá réamhtheachtach nó iartheachtach ón margadh ina ndéanann an comhfhiontar sin a chuid gníomhaíochtaí nó i margadh in aice láimhe a bhfuil dlúthbhaint aige leis an margadh seo?

Más freagra deimhneach atá ann, tabhair le fios le haghaidh gach ceann de na margaí dá dtagraítear anseo:

i)

Láimhdeachas gach máthairchuideachta sa bhliain airgeadais roimhe sin;

ii)

an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann le gníomhaíochtaí an chomhfhiontair i ndáil leis an láimhdeachas sin;

iii)

an sciar de mhargadh atá ag gach máthairchuideachta.

(b)

Más deimhneach é an freagra ar phointe (a) agus i do thuairimse nach dtagann comhordú idir gnóthais neamhspleácha lena sriantar an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) CFAE ó chruthú an chomhfhiontair, agus i gcás inarb infheidhme, de réir bhrí fhorálacha comhfhreagracha Chomhaontú LEE (42), tabhair do chúiseanna leis sin.

(c)

Gan dochar do na freagraí ar phointí (a) agus (b) agus chun a áirithiú gur féidir leis an gCoimisiún measúnú iomlán a dhéanamh ar an gcás, má mheasann tú go bhfuil feidhm ag na coinníollacha d’Airteagal 101(3) CFAE agus, i gcás inarb infheidhme, ag forálacha comhfhreagracha Chomhaontú LEE (43), mínigh an fáth gurb amhlaidh. Faoi Airteagal 101(3) CFAE, féadfar forálacha Airteagal 101(1) CFAE a dhearbhú de bheith neamh-infheidhme má dhéanann an oibríocht:

i)

má rannchuidíonn an oibríocht le feabhas a chur le táirgeadh nó le dáileadh earraí, nó le dul chun cinn teicniúil nó eacnamaíoch a chur chun cinn;

ii)

má ligeann an oibríocht do thomhaltóirí sciar cothrom den táirge dá thoradh a fháil;

iii)

mura bhforchuireann an oibríocht srianta ar na gnóthais lena mbaineann nach bhfuil fíor-riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach; agus

iv)

mura dtugann an oibríocht caoi do na gnóthais sin ar dheireadh a chur le hiomaíocht i ndáil le cuid mhór de na táirgí atá i gceist.

ROINN 13

DEARBHÚ

Ní mór an dearbhú seo a leanas a chur ag deireadh an fhógra agus é sínithe ag na páirtithe uile a bhfuil fógra á thabhairt acu, nó thar a gceann siúd:

Dearbhaíonn an páirtí nó na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt aige nó acu, a mhéid is eol dó nó dóibh, go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha san fhógra seo fíor, ceart agus iomlán, gur cuireadh ar fáil fíorchóipeanna iomlána de dhoiciméid a cheanglaítear leis an bhFoirm CO, go bhfuil na meastacháin uile atá ann aitheanta mar mheastacháin agus gurb iad na meastacháin is fearr iad bunaithe ar na fíorais bhunúsacha atá ann, agus gur tuairimí dílse iad na tuairimí uile atá tugtha ann. Tá siad ar an eolas faoi fhorálacha Airteagal 14(1), pointe (a) den Rialachán um Chumaisc.

I gcás foirmeacha a bhfuil síniú digiteach curtha leo, is chun críche faisnéise amháin iad na réimsí a leanas. Ba cheart iad a bheith ag comhfhreagairt do mheiteashonraí an ríomhshínithe chomhfhreagraigh (na ríomhshínithe comhfhreagracha).

Dáta:

[sínitheoir 1]

Ainm:

Eagraíocht:

Post:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Ríomhphost::

[“ríomhshínithe” / síniú]

[sínitheoir 2 más infheidhme]

Ainm:

Eagraíocht:

Post:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Ríomhphost::

[“ríomhshínithe” / síniú]


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (an ‘Rialachán um Chumaisc’), (IO L 24, 29.1.2004, Lch. 1).

(2)  Féach lch 22 an Iris Oifigiúil

(3)  Féach go háirithe Airteagal 57 den Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), pointe 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Comhaontú LEE, Prótacail 21 agus 24 a ghabhann le Comhaontú LEE (ar fáil ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A21994A0103%2801%29), mar aon le Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a bhunú (‘Comhaontú Faireacháin agus Cúirte’), ar fáil ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=OJ%3AJOL_1994_344_R_0001_003. Ní mór a thuiscint go gciallaíonn aon tagairt do Stáit CSTE na Stáit CSTE sin ar Páirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE iad. Amhail ón 1 Bealtaine 2004, is iad na Stáit sin an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua.

(4)  Agus Roinn 12 i gcásanna lena mbaineann comhfhiontair.

(5)  Féach:https://ec.europa.eu/competition-policy/mergers/practical-information_en.

(6)  Féach teimpléad maidir leis an gcumhacht aturnae ag https://ec.europa.eu/competition/mergers/legislation/power_of_attorney_template_en.docx.

(7)  Féach, go háirithe, Airteagal 122 de Chomhaontú LEE, Airteagal 9 de Phrótacal 24 a ghabhann le Comhaontú LEE agus Airteagal 17(2) de Chaibidil XIII de Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú Faireacháin agus Cúirte.

(8)  IO L 295, 21.11.2018, Lch. 39. Féach freisin ráiteas príobháideachais a bhaineann le himscrúduithe Cumaisc ag https://ec.europa.eu/competition-policy/index/privacy-policy-competition-investigations_en.

(9)  Is éard is táirgí píblíne ann táirgí ar dócha go dtabharfar chun an mhargaidh iad sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma. Cumhdaíonn ‘Táirgí píblíne’ seirbhísí chomh maith.

(10)  Le forluití cothrománacha a bhaineann le táirgí píblíne, áirítear forluití cothrománacha idir táirgí píblíne agus forluití idir aon táirge amháin nó níos mó a mhargaítear agus táirge píblíne amháin nó níos mó.

(11)  Le caidrimh ingearacha a bhaineann le táirgí píblíne, áirítear caidrimh idir táirgí píblíne agus caidrimh idir aon táirge amháin nó níos mó a mhargaítear agus aon táirge píblíne amháin nó níos mó.

(12)  Fógra ón gCoimisiún chun comhchruinnithe áirithe a láimhseáil ar bhealach simplithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (IO C160, 5.5.2023, Lch. 1) (an ‘Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe’).

(13)  Féach Roinn 6 le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi conas margaí dá ndéantar difear a shainaithint.

(14)  Áirítear leis sin an sprioc-chuideachta i gcás tairiscint atá á conspóid, ar cheart na mionsonraí a chomhlánú an oiread agus ab fhéidir sa chás sin.

(15)  Féach Airteagal 3(3) go (5) agus Airteagal 5(4) den Rialachán um Chumaisc.

(16)  Féach Fógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais, (IO C 95, 16.4.2008, Lch. 1), ar fáil ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52008XC0416%2808%29 (‘Fógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse’).

(17)  Féach roinn B IV den Fhógra Comhdhlúite maidir le Dlínse.

(18)  Maidir leis an láimhdeachas a ríomh féach Fógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse.

(19)  Féach Roinn 6 le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi conas margaí dá ndéantar difear a shainaithint.

(20)  Tagraítear le SWOT d’anailís ar ‘Láidreachtaí, Laigí, Deiseanna agus Bagairtí’. Tá aon mhodh eile chun tírdhreach iomaíoch táirge/nuálaíochta éigin faoi réir na sonraí iarrtha freisin.

(21)  Féach an Fógra ón gCoimisiún maidir leis an sainiú ar an margadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Chomhphobail, (IO C 372, 9.12.1997, Lch. 5).

(22)  Le linn teagmhálacha réamhfhógra, nochtfaidh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu faisnéis i ndáil le gach margadh dá bhféadfaí difear a dhéanamh, fiú amháin má mheasann siad sa deireadh nach bhfuil difear déanta do na margaí sin agus d’ainneoin go bhféadfadh na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu a bheith de thuairim faoi leith i ndáil leis an tsaincheist maidir le sainiú margaidh.

(23)  Tugtar táirgí comhlántacha (nó seirbhísí comhlántacha) ar tháirgí (nó ar sheirbhísí), mar shampla, nuair a shamhlaítear úsáid (nó ídiú) táirge amháin go dlúth le húsáid (nó le hídiú) táirge eile, cuir i gcás meaisíní stáplála agus stáplaí, agus printéirí agus cartúis phrintéara.

(24)  Samplaí de tháirgí a bhaineann le réimse den sórt sin is ea uisce beatha agus jin a dhíoltar le beáir agus bialanna, agus ábhair éagsúla a bhaineann le pacáistiú aicme áirithe earraí a dhíoltar le táirgeoirí na n-earraí sin.

(25)  Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, pointe 11.

(26)  Ná comhlánaigh ach amháin tábla amháin le haghaidh gach margadh a thagann faoi phointe 8 den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, agus tic a chur leis na boscaí ábhartha (uile).

(27)  Mar shampla, maidir leis an gcaidreamh ingearach idir an margadh réamhtheachtach U agus an margadh iartheachtach D, má bhreithnigh tú go raibh na sainithe margaidh réamhtheachtacha U1 agus U2 inchreidte, ba cheart duit dhá thábla a áireamh: ceann amháin ar a n-áirítear faisnéis faoi U1 agus D, agus ceann amháin ar a n-áirítear faisnéis faoi U2 agus D.

(28)  Ná comhlánaigh ach tábla amháin le haghaidh gach margadh atá faoi réir phointe 8 den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na coimircí/heisiaimh ina leith (i.e., is é ‘Níl’ an freagra ar gach ceist i Roinn 7.4). Le haghaidh gach margadh atá faoi réir phointe 8 den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe a bhfuil ‘Tá’ mar fhreagra ar cheist amháin ar a laghad, ba cheart duit tábla ar leithligh a sholáthar.

(29)  Mura bhfuil an méadrach sin ábhartha le haghaidh na margaí ina gcuireann an comhchruinniú le forluí cothrománach nó le caidreamh ingearach idir gníomhaíochtaí na bpáirtithe, roghnaigh ‘ní sháraítear’.

(30)  Ní mór aschur lúide onnmhairí móide allmhairí a léiriú i luach agus méid margaidh le haghaidh na limistéar geografach atá faoi bhreithniú.

(31)  Ní gá an roinn seo a chomhlánú má nocht tú an fhaisnéis sin i roinn 8.1.6 maidir leis na táirgí píblíne céanna.

(32)  Tabhair sciartha den mhargadh má rinne ceann amháin nó níos mó de na páirtithe táirgí a mhargú.

(33)  Tabhair sciartha den mhargadh le haghaidh iomaitheoirí ag a bhfuil táirgí margaithe. Mura bhfuil aon táirge margaithe ann, soláthair trí iomaitheoir ar a laghad a fhorbraíonn táirgí iomaíocha.

(34)  Tabhair sciartha den mhargadh má rinne ceann amháin nó níos mó de na páirtithe táirgí a mhargú.

(35)  Tabhair sciartha den mhargadh le haghaidh iomaitheoirí ag a bhfuil táirgí margaithe. Mura bhfuil aon táirge margaithe ann, liostaigh trí iomaitheoir ar a laghad a fhorbraíonn táirgí iomaíocha.

(36)  Tabhair sciartha den mhargadh má rinne ceann amháin nó níos mó de na páirtithe táirgí a mhargú.

(37)  Tabhair sciartha den mhargadh le haghaidh iomaitheoirí ag a bhfuil táirgí margaithe. Mura bhfuil aon táirge margaithe ann, liostaigh trí iomaitheoir ar a laghad a fhorbraíonn táirgí iomaíocha.

(38)  Faoi threoir do d’fhreagairt ar Ranna 8.1.6 agus 8.2 thuas.

(39)  Féadfaidh an Coimisiún ag tráth ar bith, lena n-áirítear le fógra iomlán a fháil ar chomhchruinniú ar bhonn na Foirme CO seo, líon sonraí teagmhála níos airde a iarraidh le haghaidh gach ceann de chatagóirí na rannpháirtithe margaidh atá sainaitheanta san Fhoirm CO seo, agus sonraí teagmhála a iarraidh le haghaidh catagóirí eile na rannpháirtithe margaidh, mar shampla soláthróirí.

(40)  Mura dtugtar an fhaisnéis arna hiarraidh maidir le héifeachtúlachtaí ag céim an fhógra, ní fhágann sé sin nach féidir an fhaisnéis a sholáthar ag tráth nach déanaí. Dá luaithe a thugtar an fhaisnéis áfach, is é is fearr is féidir leis an gCoimisiún na maímh maidir le héifeachtúlacht a fhíorú.

(41)  Le tuilleadh treoraíochta a fháil maidir le measúnú ar éifeachtúlachtaí, féach Treoirlínte ón gCoimisiún maidir leis an measúnú ar chumaisc chothrománacha faoin Rialachán ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais, (IO C 31, 5.2.2004, Lch. 5), ar fáil aghttps://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=celex%3A52004XC0205%2802%29.

(42)  Féach Airteagal 53(1) de Chomhaontú LEE.

(43)  Féach Airteagal 53(3) de Chomhaontú LEE.


IARSCRÍBHINN II

FOIRM GHEARR CO MAIDIR LE FÓGRA A THABHAIRT FAOI CHOMHCHRUINNIÚ DE BHUN RIALACHÁN (CE) Uimh. 139/2004 ÓN gCOMHAIRLE

(FOIRM GHEARR CO)

1.   Réamhrá

(1)

Sonraítear san Fhoirm Ghearr CO an fhaisnéis nach mór do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu a chur ar fáil agus iad ag cur fógra faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le comhchruinnithe áirithe atá beartaithe atá incháilithe lena n-athbhreithniú faoin nós imeachta simplithe.

(2)

Agus an Fhoirm Ghearr CO seo á comhlánú agat, tarraingítear d’aird ar Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (1) (an “Rialachán um Chumaisc”) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/914 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú (an “Rialachán Cur Chun Feidhme”) (2), a bhfuil an Fhoirm Ghearr Co seo i gceangal leis. Tarraingítear d’aird freisin ar an bhFógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe chun comhchruinnithe áirithe a láimhseáil (3).

(3)

Mar riail ghinearálta, féadfar an Fhoirm Ghearr CO a úsáid chun fógra thabhairt do chomhchruinnithe, i gcás ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

faigheann dhá ghnóthas nó níos mó comhrialú ar chomhfhiontar, ar choinníoll nach mbeidh aon láimhdeachas reatha laistigh de chríoch an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (EEA) (4), agus nach mbeidh sé beartaithe ag na gnóthais lena mbaineann aon sócmhainn a aistriú laistigh de LEE chuig an gcomhfhiontar tráth an fhógra (5);

(b)

faigheann dhá ghnóthas nó níos mó comhrialú ar chomhfhiontar, ar choinníoll gur gníomhaíochtaí diomaibhseacha gníomhaíochtaí an chomhfhiontair in LEE. Tagraítear leis sin do chomhchruinnithe ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas (6):

i)

i dtaca le láimhdeachas reatha bliantúil an chomhfhiontair agus/nó láimhdeachas na ngníomhaíochtaí a rannchuidítear mar aon leis an láimhdeachas bliantúil ionchasach, gur lú ná EUR 100 milliún in LEE an láimhdeachas sin;

ii)

is lú ná EUR 100 milliún in LEE luach iomlán na sócmhainní arna n-aistriú chuig an gcomhfhiontar agus atá beartaithe tráth an fhógra;

(c)

cumascann dhá ghnóthas nó níos mó, nó faigheann aon ghnóthas amháin nó níos mó urlámhas aonair nó comhrialú ar ghnóthas eile, ar choinníoll nach bhfuil aon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnó sa mhargadh táirgí agus geografach céanna, ná i margadh ábhartha táirgí atá réamhtheachtach nó iartheachtach ó mhargadh táirgí ina bhfuil páirtí eile sa chomhchruinniú gníomhach (7);

(d)

cumascann dhá ghnóthas nó níos mó nó faigheann aon ghnóthas amháin nó níos mó urlámhas aonair nó comhrialú ar ghnóthas eile agus comhlíontar na coinníollacha a leagtar amach thíos faoi gach sainiú margaidh is inchreidte (8):

i)

i dtaca leis an sciar comhcheangailte den mhargadh ag na páirtithe uile sa chomhchruinniú atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnó sa mhargadh táirge agus geografach céanna (forluí cothrománach), go gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leanas:

(aa)

tá sé níos ísle ná 20 %;

(bb)

tá sé níos ísle ná 50 % agus tá an incrimint (deilte) d’Innéacs Herfindahl-Hirschman (“HHI”) a eascraíonn as an gcomhchruinniú ar an margadh sin faoi bhun 150;

ii)

na sciartha aonair agus/nó comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe uile sa chomhchruinniú atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnó i margadh táirgí, ar margadh é atá réamhtheachtach nó iartheachtach ó mhargadh táirgí a bhfuil páirtí ar bith eile sa chomhchruinniú gníomhach ann (caidreamh ingearach), comhlíonann siad ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leanas:

(aa)

tá siad níos ísle ná 30 % ar na margaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha;

(bb)

tá siad níos ísle ná 30 % ar an margadh réamhtheachtach agus tá sciar ceannaigh is lú ná 30 % ag páirtithe sa chomhchruinniú atá gníomhach sa mhargadh iartheachtach maidir le hionchuir réamhtheachtacha;

(cc)

tá siad níos ísle ná 50 % ar na margaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha araon, tá incrimint (deilte) Innéacs Herfindahl-Hirschman (HHI) a eascraíonn as an gcomhchruinniú faoi bhun 150 ar na margaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha araon, agus is ionann an gnóthas atá níos lú i dtéarmaí an sciar den mhargadh sna margaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha araon;

(e)

tá páirtí le hurlámhas aonair a fháil ar ghnóthas ar a raibh comhrialú aige cheana féin (9).

(4)

Ina theannta sin, arna iarraidh sin do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh faoin nós imeachta simplithe agus ar bhonn Foirm Ghearr CO ar chomhchruinnithe ina gcumascann dhá ghnóthas nó níos mó nó ina bhfaigheann aon ghnóthas amháin nó níos mó urlámhas aonair nó comhrialú ar ghnóthas eile, ar choinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll a leagtar amach thíos faoi gach sainiú margaidh is inchreidte (10):

(a)

i dtaca leis an sciar comhcheangailte den mhargadh ag na páirtithe uile sa chomhchruinniú a n-eascraíonn forluí cothrománach as a ngníomhaíochtaí, gur faoi bhun 25 % fós an sciar comhcheangailte sin;

(b)

i dtaca leis na sciartha aonair agus comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe uile sa chomhchruinniú atá ag gabháil do chaidreamh ingearach, go gcomhlíonann siad ceann amháin de na coinníollacha a leanas:

i)

tá siad níos ísle ná 35 % sna margaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha;

ii)

tá siad níos ísle ná 50 % in aon mhargadh amháin ach i dtaca leis na sciartha aonair agus comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe uile sa chomhchruinniú, go bhfuil na sciar sin níos lú ná 10 % sna margaí uile eile a bhfuil caidreamh ingearach eatarthu.

(5)

Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh faoin nós imeachta simplithe agus ar bhonn Foirm Ghearr CO ar chomhchruinnithe ina bhfaigheann dhá ghnóthas nó níos mó comhrialú ar chomhfhiontar, ar choinníoll (11):

(a)

is lú ná EUR 150 milliún ar chríoch LEE láimhdeachas bliantúil reatha an chomhfhiontair agus/nó láimhdeachas na ngníomhaíochtaí arna rannchuidiú; agus

(b)

i dtaca le luach iomlán na sócmhainní arna n–aistriú chuig an gcomhfhiontar in LEE agus atá beartaithe tráth an fhógra, is lú ná EUR 150 milliún é.

(6)

D’fhéadfadh an Coimisiún a chur de cheangal i gcónaí gur leis an bhFoirm CO a chuirfí an fógra in iúl i gcás inar cosúil nach bhfuil na coinníollacha maidir leis an bhFoirm Ghearr CO á gcomhlíonadh, nó, ar bhonn eisceachtúil, i gcás ina bhfuil siad á gcomhlíonadh, ach go gcinnfidh an Coimisiún, dá ainneoin sin, go bhfuil sé riachtanach fógra a thabhairt leis an bhFoirm CO le go ndéanfar imscrúdú leordhóthanach ar ábhair imní fhéideartha i ndáil le hiomaíocht.

2.   Conas an Fhoirm Ghearr CO a chomhlánú agus a sheoladh isteach

(7)

I gcás cumasc de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (a) den Rialachán um Chumaisc nó i gcás comhrialú a fháil de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (b) den Rialachán um Chumaisc, ní mór do na páirtithe sa chumasc nó iad sin a mbeidh comhrialú á fháil acu Foirm Ghearr CO a chomhlánú i bpáirt le chéile. I gcás urlámhas aonair a fháil de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (b) den Rialachán um Chumaisc, ní mór don fhaighteoir an Fhoirm Ghearr CO a chomhlánú. I gcás tairiscint phoiblí chun gnóthas a fháil, ní mór don tairgeoir an Fhoirm Ghearr CO a chomhlánú.

(8)

Is gá ranna difriúla den Fhoirm Ghearr CO a chomhlánú, ag brath ar shaintréithe an chomhchruinnithe agus na cúiseanna a bhfuil an comhchruinniú cáilithe don láimhseáil shimplithe (12):

(a)

Is gá Ranna 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 13, 14, 15, agus 16 a chomhlánú i ngach cás;

(b)

Ní mór Roinn 8 a chomhlánú má eascraíonn forluití cothrománacha idir gníomhaíochtaí na bpáirtithe as an gcomhchruinniú;

(c)

Ní mór Ranna 9 agus/nó 10 a chomhlánú má eascraíonn caidreamh ingearach idir gníomhaíochtaí na bpáirtithe as an gcomhchruinniú;

(d)

Ní mór Roinn 11 a chomhlánú i ngach cás, seachas le haghaidh comhchruinnithe a thagann faoi phointe 5(a) nó 5(c) den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe;

(e)

Ní mór Roinn 12 a chomhlánú i gcás comhfhiontair.

(9)

Roimh fhógra a chur isteach go foirmiúil faoin nós imeachta simplithe, agus gan beann ar an gcatagóir simplithe faoina dtagann an comhchruinniú, ní mór do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu iarraidh a chur isteach maidir le foireann cáis a leithdháileadh. Ní mór go léireofaí san iarraidh cineál an idirbhirt, catagóir an cháis shimplithe faoina dtagann sé agus dáta ionchasach an fhógra (13). Iarradh ar na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu chun fógra díreach a thabhairt maidir le catagóirí áirithe cásanna simplithe gan aon teagmháil réamhfhógra nó le teagmháil réamhfhógra an-ghearr (14). Sna cásanna sin, ní mór an iarraidh go leithdháilfear foireann cáis a chur isteach 1 seachtain amháin ar a laghad roimh dháta ionchasach an fhógra. I gcásanna as a n-eascraíonn cásanna d’fhorluití cothrománacha nó caidreamh neamh-chothrománacha idir gníomhaíochtaí na bpáirtithe sa chomhchruinniú, ba cheart teagmhálaithe réamhfhógra a thionscnamh tríd an iarraidh ar fhoireann cáis a leithdháileadh a chur isteach 2 sheachtain ar a laghad roimh dháta ionchasach an fhógra.

(10)

Próiseálfar aon sonraí pearsanta a chuirtear isteach san Fhoirm CO i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE. (15)

(11)

I dtaca le Foirm Ghearr CO a shíniú, ní mór do dhaoine déanamh amhlaidh ar daoine iad atá údaraithe de réir dlí le gníomhú thar ceann gach páirtí a bhfuil fógra á thabhairt acu nó ag ionadaí seachtrach údaraithe amháin nó níos mó den pháirtí nó de na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt aige/acu. Is gá na doiciméid chomhfhreagracha maidir le cumhacht aturnae a chur i gceangal leis an bhFoirm Ghearr CO (16). Foilseofar na sonraíochtaí teicniúla agus na treoracha le haghaidh sínitheoirí ó am go chéile in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Sainithe chun críche na Foirme Giorra CO seo

(12)

Chun críche na Foirme Giorra CO seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

“Páirtí/páirtithe sa chomhchruinniú” nó “páirtí/páirtithe”: an páirtí/na páirtithe is faighteoir san éadáil agus an páirtí/na páirtithe faighte araon, nó na páirtithe a bheidh ag cumasc le chéile, lena n-áirítear gach gnóthas a mbeidh leas urlámhais á fháil ann nó gach gnóthas a chuirfear faoi réir tairiscint phoiblí. Mura sonraítear a mhalairt, leis na téarmaí “páirtí/páirtithe” a bhfuil fógra á thabhairt aige/acu agus “páirtí/páirtithe sa chomhchruinniú” áirítear gach gnóthas a bhaineann leis na grúpaí céanna lena mbaineann na páirtithe sin.

(b)

“Bliain”: bliain féilire, mura sonraítear a mhalairt. Mura sonraítear a mhalairt, baineann an fhaisnéis uile a iarrtar san Fhoirm Ghearr CO leis an mbliain roimh dháta an fhógra.

4.   Ceanglas maidir le fógra ceart iomlán a thabhairt

(13)

Ní mór gach faisnéis a éilítear san Fhoirm Ghearr CO a bheith ceart agus iomlán. Is gá an fhaisnéis a theastaíonn a sholáthar sa Roinn iomchuí den Fhoirm Ghearr CO. Is faoin uile pháirtí a bheidh ag comhlánú an fhógra a bheidh sé cruinneas na faisnéise a chuirfidh sé ar fáil a chinntiú. Ba cheart na nithe seo a leanas a thabhairt faoi deara go háirithe:

(a)

Faoi Airteagal 10(1) den Rialachán um Chumaisc agus Airteagal 5(2) agus Airteagal (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme, ní thosóidh na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán um Chumaisc maidir leis an bhfógra go dtí go mbeidh an fhaisnéis uile nach mór a sholáthar in éineacht leis an bhfógra faighte ag an gCoimisiún. Áirithítear leis an gceanglas seo go mbeidh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar an gcomhchruinniú ar tugadh fógra ina leith laistigh de na teorainneacha ama dochta dá bhforáiltear sa Rialachán um Chumaisc. Má bhíonn fógra neamhiomlán, cuirfidh an Coimisiún na páirtithe a thug fógra, nó a n-ionadaithe, ar an eolas faoin méid sin i scríbhinn gan mhoill.

(b)

Ba cheart don pháirtí/do na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt aige/acu seiceáil, le linn dóibh a bhfógra a ullmhú, go bhfuil ainmneacha agus uimhreacha teagmhála agus go háirithe seoltaí ríomhphoist, a sheoltar chuig an gCoimisiún, cruinn, ábhartha agus cothrom le dáta.

(c)

I gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Rialachán Cur Chun Feidhme, measfar gur faisnéis neamhiomlán í aon fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach a bheidh san fhógra.

(d)

Ní mór sonraí teagmhála a iarrtar a sholáthar san fhormáid a d’fhorordaigh an Ard-Stiúrthóireacht Iomaíochta ar a suíomh gréasáin (17). Tá sé fíor-riachtanach I gcás próiseas imscrúdaithe iomchuí go mbeidh na sonraí teagmhála cruinn. Chuige seo, is gá duit a áirithiú go bhfuil na seoltaí ríomhphoist a sholáthraítear pearsantaithe agus sannta do dhaoine teagmhála sonracha agus nach boscaí poist cuideachta ginearálta iad (e.g., info@, hello@). Féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil an fógra neamhiomlán bunaithe ar shonraí teagmhála míchuí.

(e)

Faoi Airteagal 14(1), pointe (a) den Rialachán um Chumaisc, aon pháirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige a thugann faisnéis mhícheart nó mhíthreorach ar fáil, cibé acu d’aon ghnó nó go faillíoch, is féidir fíneálacha suas le 1 % de láimhdeachas comhiomlán an ghnóthais lena mbaineann a ghearradh orthu. Ina theannta sin, faoi Airteagal 6(3), pointe (a), agus Airteagal 8(6), pointe (a), den Rialachán um Chumaisc, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh maidir le comhoiriúnacht comhchruinnithe a chúlghairm i gcás ina bhfuil an cinneadh sin bunaithe ar fhaisnéis mhícheart a bhfuil ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú freagrach aisti.

(f)

Féadfaidh duine scríobh chuig an gCoimisiún lena iarradh air glacadh leis go bhfuil an fógra iomlán gan beann nach bhfuil faisnéis a éilítear san Fhoirm Ghearr CO seo tugtha agat, más faisnéis í nach bhfuil fáil agat go réasúnta uirthi i bpáirt nó ina hiomláine (mar shampla toisc nach raibh an fhaisnéis faoi sprioc ar fáil le linn tairiscint atá faoi chonspóid). Breithneoidh an Coimisiún iarraidh den sórt sin, má thugann tú na cúiseanna nach raibh an fhaisnéis sin ar fáil agus go dtabharfaidh tú na meastacháin is fearr is féidir leat ar na sonraí atá in easnamh chomh maith le foinsí maidir leis na meastacháin sin. I gcás inar féidir, ba cheart a thabhairt le fios cá háit a bhféadfadh an Coimisiún teacht ar aon chuid den fhaisnéis a iarradh nach raibh ar fáil duitse.

(g)

Faoi Airteagal 4(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme, féadfaidh an Coimisiún an oibleagáid maidir le haon fhaisnéis ar leith a sholáthar san fhógra a ligean ar ceal i gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil gá le comhlíonadh na n-oibleagáidí ná na gceanglas sin chun scrúdú a dhéanamh ar an gcás. Dá bhrí sin, féadfaidh tú, i réamhfhógra, iarraidh i scríbhinn a sheoladh isteach ag iarraidh ar an gCoimisiún d’oibleagáid a tharscaoileadh chun faisnéis áirithe a sholáthar a mheasann tú nach bhfuil gá léi ionas go mbeidh an Coimisiún in ann an cás a scrúdú. Ba cheart iarrataí ar tharscaoileadh den sórt sin a sheoladh an tráth céanna leis an dréacht-Fhoirm Ghearr CO sa réamhfhógra. Ba cheart iarrataí ar tharscaoileadh a dhéanamh i ríomhphost ar leithligh a sheoltar chuig an bhfoireann cáis freagrach. Déanfaidh an Coimisiún breith ar iarrataí ar tharscaoileadh chomh fada is go dtugtar údar leordhóthanach iontu ar an gcúis nach bhfuil gá leis an bhfaisnéis i gceist chun an cás a scrúdú. I gcomhréir le “Dea-chleachtais maidir le himeachtaí um rialú cumasc CE a riar” de chuid Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, is iondúil go n-éileodh Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta 5 lá oibre sula bhfreagrófaí iarrataí ar tharscaoileadh. D’fhonn amhras a sheachaint, ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach gcuirtear cosc ar an gCoimisiún in aon chor ón bhfaisnéis sin a iarraidh tráth ar bith (roimh nó tar éis an fhógra), mar shampla trí iarraidh ar fhaisnéis faoi Airteagal 11 den Rialachán um Chumaisc mar gheall gur ghlac an Coimisiún leis nach raibh gá faisnéis áirithe a iarraidh san Fhoirm Ghearr CO chun an fógra maidir le comhchruinniú a chomhlánú.

5.   Filleadh ar an ngnáthnós imeachta agus fógra faoi Fhoirm CO

(14)

Agus measúnú á dhéanamh féachaint an féidir fógra a thabhairt faoi chomhchruinniú faoin nós imeachta simplithe leis an bhFoirm Ghearr CO, áiritheoidh an Coimisiún go mbunófar gach imthoisc ábhartha ar bhealach atá soiléir a dhóthain. Maidir leis seo, is ar na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu atá an fhreagracht an fhaisnéis cheart agus iomlán a sholáthar.

(15)

Más rud é, tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcomhchruinniú, go measann an Coimisiún nach leor fógra a thabhairt faoin nós imeachta simplithe, féadfaidh an Coimisiún a cheangal go dtabharfaí fógra iomlán, nó i gcás inarb iomchuí, fógra páirteach, leis an bhFoirm Ghearr CO. D’fhéadfadh sé seo a bheith amhlaidh in aon cheann de na himthosca a leanas:

(a)

go ndealraíonn sé nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an bhFoirm Ghearr CO a úsáid;

(b)

gan beann go gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an bhFoirm Ghearr CO a úsáid, go bhfuil gá le fógra iomlán nó páirteach a thabhairt leis an bhFoirm CO chun imscrúdú iomchuí a dhéanamh ar imní fhéideartha i ndáil le hiomaíocht nó chun a shuí gur comhchruinniú de réir bhrí Airteagal 3 den Rialachán um Chumaisc atá san idirbheart;

(c)

go bhfuil faisnéis mhícheart nó mhíthreorach san Fhoirm Ghearr CO;

(d)

go gcuireann Ballstát nó Stát CSTE in iúl laistigh de 15 lá oibre ón uair a fhaightear an chóip den Fhoirm Ghearr CO gurb ann d’imní i ndáil le hiomaíocht a bhfuil bunús leis maidir leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra ina leith;

(e)

go gcuireann tríú páirtí in iúl gurb ann d’imní i ndáil le hiomaíocht a bhfuil bunús leis laistigh den teorainn ama atá leagtha síos ag an gCoimisiún le haghaidh tuairimí tríú páirtí.

(16)

Sna cásanna sin, féadfar déileáil leis an bhfógra mar fhógra atá neamhiomlán i bponc ábhartha de réir bhrí Airteagal 5(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme athbhreithnithe. Cuirfidh an Coimisiún na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu, nó a n-ionadaithe, ar an eolas faoin méid sin i scríbhinn gan mhoill. Ní bheidh éifeacht leis an bhfógra ach ar an dáta a bhfaighfear an fhaisnéis go léir atá riachtanach.

6.   Rúndacht

(17)

In Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 17(2) den Rialachán um Chumaisc mar aon leis na forálacha comhfhreagracha de Chomhaontú LEE ceanglaítear ar an gCoimisiún, na Ballstáit, Údarás Faireacháin CSTE agus Stáit CSTE, mar aon lena gcuid oifigeach agus seirbhíseach eile gan faisnéis a nochtadh atá faighte acu trí chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, ar faisnéis í den chineál atá cumhdaithe ag an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil. Ní mór feidhm a bheith ag an bprionsabal céanna freisin maidir le rúndacht a chosaint idir na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu.

(18)

Má chreideann tú go ndéanfaí dochar do do leasanna dá bhfoilseofaí, nó dá nochtfaí ar shlí eile do pháirtithe eile, aon chuid den fhaisnéis a iarrtar ort a chur ar fáil, ba cheart duit an fhaisnéis sin a chur isteach ar leithligh, agus gach leathanach breise a mharcáil go soiléir mar “Rúin Ghnó”. Ba cheart duit fáthanna a thabhairt freisin nár cheart an fhaisnéis sin a nochtadh ná a fhoilsiú.

(19)

I gcás cumasc nó fáil i gcomhpháirt, nó i gcásanna eile ina gcomhlánaíonn níos mó ná ceann amháin de na páirtithe an fógra, féadfar rúin ghnó a chur isteach faoi chumhdach ar leithligh agus tagairt a dhéanamh dóibh san fhógra mar iarscríbhinn. Ba cheart gach iarscríbhinn den sórt sin a chur i gceangal leis an bhfógra ionas gur féidir a mheas go bhfuil sé iomlán.

ROINN 1

FAISNÉIS GHINEARÁLTA AN CHÁIS

 (*1) Cás-uimhir:

M.

 (*1) Ainm an cháis:

Teanga:

Mura sonraítear a mhalairt, ba cheart tagairtí d’Airteagail sna táblaí thíos a léamh mar thagairtí d’Airteagail an Rialacháin um Chumaisc.

Fógra faoi láimhseáil shimplithe: Is ea

Rialachán um Chumaisc

Dlínse:

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 4(5)

Airteagal 22

Bunús fógartha:

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 22

Comhchruinniú:

Cumasc [Airteagal 3(1), pointe (a)] (18)

Urlámhas aonair a fháil [Airteagal 3(1), pointe (b)]

Comhrialú a fháil [Airteagal 3(1), pointe (b)] (19)

Comhrialú a fháil ar chomhfhiontar úrnua [Airteagal 3(4)] (20)

Comhrialú a fháil in aon chás eile (i.e. go bhfuil scairshealbhóir rialaithe amháin ar a laghad a bhí ann roimhe seo fós ann) [Airteagal 3(1), pointe (b) agus Airteagal 3(4)] (21)

Catagóir de chás i gcomhréir leis an bhFógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe:

Pointe 5(a) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe

Pointe 5(e) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe

Pointe 5(b) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe

Pointe 5(c) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe

Pointe 8 den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe

Pointe 5(d) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe

Pointe 9 den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe

An bhfuil an fógra nasctha le cás roimhe seo (oibríocht nasctha/idirbheart comhthreomhar/cás tréigthe nó tarraingthe siar)? TÁ ☐ NÍL ☐

Más rud é go bhfuil, soláthair cás-uimhir:

An bhfuil an fógra nasctha le comhairliúchán ar an gcomhchruinniú céanna? TÁ ☐ NÍL ☐

Más rud é go bhfuil, soláthair uimhir chomhairliúcháin:

Modh chun an comhchruinniú a chur chun feidhme:

Tairiscint phoiblí fógartha an [DÁTA].

Ceannach scaireanna

Ceannach sócmhainní

Ceannach urrús

Conradh bainistíochta nó aon mhodh conarthach eile

Ceannach scaireanna i ngnóthas nuachruthaithe ina gcuimsítear comhfhiontar

Luach an chomhchruinnithe in EUR:

Suíomh na gcuideachtaí atá rannpháirteach sa chomhchruinniú:

Laistigh den Bhallstát céanna

Laistigh den tríú tír céanna

I mBallstáit éagsúla

I dtríú tíortha éagsúla

ROINN 2

CUIDEACHTAÍ ATÁ RANNPHÁIRTEACH SA CHOMHCHRUINNIÚ AGUS A LÁIMHDEACHAS

Gnóthais lena mbaineann (22)

Catagóir (23)

Arna rialú ag

Tuairisc achomair ar ghníomhaíochtaí gnó an ghnóthais lena mbaineann

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Ba cheart duit cairt a sholáthar de struchtúr úinéireachta agus rialaithe gach gnóthais lena mbaineann roimh an comhchruinniú a chur i gcrích agus ina dhiaidh sin:

 

Gnóthais lena mbaineann

An tír thionscnaimh

Ról (24)

Láimhdeachas (i milliún EUR) (25)

Bliain an láimhdeachais (26)

Ar fud an domhain

Ar fud an Aontais

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Láimhdeachas comhcheangailte na ngnóthas ar fad lena mbaineann

 

 

 

Ní ghnóthaíonn gach ceann de na gnóthais lena mbaineann níos mó ná dhá thrian dá láimhdeachas comhiomlán ar fud an Aontais laistigh den Bhallstát céanna.

Má thugtar fógra faoin gcumasc ar bhonn Airteagal 1(3) den Rialachán um Chumaisc, ba cheart duit an tábla a leanas a chomhlánú freisin. Ba cheart duit faisnéis a áireamh maidir le gach Ballstát a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 1(3), pointí (b) agus (c) agus rónna a chur leis an tábla, más gá:

Ainm an Bhallstáit ábhartha chun críche Airteagal 1(3), pointe (b) agus (c) den Rialachán um Chumaisc

Láimhdeachas comhcheangailte na ngnóthas ar fad lena mbaineann sa Bhallstát sin

(i milliún EUR)

Ainm na ngnóthas ábhartha lena mbaineann chun críche Airteagal 1(3), pointe (c) den Rialachán um Chumaisc

Láimhdeachas an ghnóthais lena mbaineann sa Bhallstát seo

(in EUR milliúin)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Ní ghnóthaíonn gach ceann de na gnóthais lena mbaineann níos mó ná dhá thrian dá láimhdeachas comhiomlán ar fud an Aontais laistigh den Bhallstát céanna.


Láimhdeachas i gcríoch Stáit CSTE (27)

Tá láimhdeachas comhcheangailte na ngnóthas lena mbaineann i gcríoch Stáit CSTE cothrom le 25 % nó níos mó dá láimhdeachas iomlán i gcríoch an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (EEA).

TÁ ☐ NÍL ☐

Tá láimhdeachas níos mó ná EUR 250 milliún an ceann i gcríoch Stáit CSTE ag dhá ghnóthas lena mbaineann ar a laghad.

TÁ ☐ NÍL ☐

D’fhéadfadh an comhchruinniú beartaithe a bheith ina iarrthóir lena tharchur chuig Stát CSTE mar go n-eascraíonn margadh/margaí dá ndéantar difear as, laistigh de chríoch aon cheann de na Stáit CSTE a chuireann saintréithe ar fad margaidh ar leith i láthair.

TÁ ☐ NÍL ☐

ROINN 3

AINM AN TÁIRGE/NA DTÁIRGÍ LENA MBAINEANN (28) DE RÉIR NACE (29)

Ainm an táirge/na dtáirgí

NACE

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

ROINN 4

TUAIRISC ACHOIMRE AR AN GCOMHCHRUINNIÚ

Soláthair achoimre neamhrúnda (suas le 250 focal) ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil faoi Roinn 1.1, lena n-áirítear: an bealach a mbaintear an comhchruinniú amach (trí bhíthin ceannach scaireanna, tairiscint phoiblí, conartha etc, mar shampla.); airteagail an Rialacháin um Chumaisc ar dá bhun a cháilítear idirbheart mar chomhchruinniú; na gnóthais lena mbaineann. I gcás gach gnóthais lena mbaineann, soláthair: Ainm iomlán, tír chorpraithe, príomh-eintiteas rialaithe, cur síos gairid ar ghníomhaíochtaí agus limistéir gheografacha na gníomhaíochta. I gcás comhfhiontair nuachruthaithe, soláthair gníomhaíochtaí atá beartaithe agus limistéir gheografacha na gníomhaíochta. Tá sé beartaithe go bhfoilseofar an achoimre seo ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta nuair a fhaightear fógra. Ní mór an achoimre a dhréachtú ar dhóigh nach bhfuil aon fhaisnéis rúnda ná rúin ghnó inti. )

Sampla (scrios le haghaidh an fhógra)

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

 

[Ainm iomlán Chuideachta A] ([Gearrainm chuideachta A], [Tír thionscnaimh Chuideachta A], arna rialú ag [Cuideachta X]

 

[Ainm iomlán Chuideachta B] ([Gearrainm chuideachta B], [Tír thionscnaimh Chuideachta B], arna rialú ag [Cuideachta Y]

 

Faigheann [Cuideachta A], de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (b) den Rialachán um Chumaisc rialú aonair ar [Chuideachta B] (ina hiomláine/go páirteach) NÓ

 

Téann [Cuideachta A] i gcumasc iomlán de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (a) den Rialachán um Chumaisc, le [Cuideachta B] NÓ

 

Faigheann [Cuideachta A] agus [Cuideachta B], de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, comhrialú ar [Chuideachta C].

Baintear amach an comhchruinniú trí [bhíthin an comhchruinniú a chur chun feidhme, e.g. trí scaireanna/sócmhainní, etc. a cheannach)].

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

a.

le haghaidh [Cuideachta A]: [Tuairisc ghairid ar an ngníomhaíocht, e.g. ceimiceáin éagsúlaithe le príomhghníomaíochtaí in eolaíochtaí talmhaíochta, plaisteacha agus ceimiceáin feidhmíochta, agus táirgí agus seirbhísí hidreacarbóin agus fuinnimh].

b.

le haghaidh [Cuideachta B]: [Tuairisc ghairid ar ghníomhaíocht, e.g., teicneolaíocht agus nuálaíocht sileacón-bhunaithe le príomhghníomhaíochtaí i bhforbairt agus táirgeadh polaiméirí agus ábhar eile bunaithe ar cheimic sileacóin].

ROINN 5

AN RÉASÚNAÍOCHT ATÁ LEIS AN GCOMHCHRUINNIÚ AGUS UAINIÚ

5.1.   An réasúnaíocht atá leis an gcomhchruinniú

Ba cheart duit tuairisc achoimre a thabhairt ar an réasúnaíocht atá leis an gcomhchruinniú atá beartaithe.

 

5.2.   Uainiú

Ba cheart duit tuairisc achoimre a thabhairt ar uainiú an chomhchruinnithe atá beartaithe (lena n-áirítear dáta ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le dúnadh, más infheidhme).

 

5.3.   Cuir le do fhreagra le haon fhaisnéis ar mhian leat a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

 

ROINN 6

DLÍNSE (30)

6.1.   Tuairisc achomair ar an gcomhchruinniú agus athrú rialaithe (suas le 250 focal)

Sampla 1 (scrios le haghaidh an fhógra)

De bhun comhaontaithe um dhíol agus cheannach scaireanna arna shíniú an X.X.XX, gheobhaidh [Cuideachta A] scaireanna a léiríonn 75 % de chearta vótála iomlána [Chuideachta B]. Coinneoidh [an Scairshealbhóir Mionlaigh M] an 25 % atá fágtha de chearta vótála [Chuideachta B]. De bhrí go nglacfar le cinntí i ndáil le straitéis tráchtála [Chuideachta B] trí thromlach simplí, feidhmeoidh [Cuideachta A] a bhfuil tromlach na scaireanna agus na vótaí aige tionchar cinntitheach ar [Chuideachta B]. Beidh rialú aonair dá bhrí sin ag [Cuideachta A] ar [Chuideachta B].

Sampla 2 (scrios le haghaidh an fhógra)

De bhun comhaontaithe um dhíol agus cheannach scaireanna arna shíniú an X.X.XX, gheobhaidh [Cuideachta A] scaireanna a léiríonn 40 % de chearta vótála iomlána [Chuideachta B]. Coinneoidh [Cuideachta C] an 60 % atá fágtha de chearta vótála [Chuideachta B]. Beidh 7 gcomhalta ar an mbord, agus ceapfaidh [Cuideachta A] 3 díobh. Beidh cearta crosta ag [Cuideachta A] maidir le ceapachán ardbhainistíochta, maidir leis an mbuiséad, agus an plean gnó. Beidh comhrialú dá bhrí sin ag [Cuideachta A] agus [Cuideachta C] ar [Chuideachta B].

6.2.   Urlámhas rialaithe

☐   Urlámhas rialaithe aonair

Faigheann an faighteoir rialú aonair ar an sprioc/na spriocanna de réir bhrí Airteagal 3(2) den Rialachán um Chumaisc. Ba cheart duit ainmneacha an urlámhais rialaithe aonair a shonrú trí tic a chur leis na boscaí ábhartha:

Faigheann [Gnóthas 1] rialú aonair dearfach, i.e. tromlach na gceart vótála ar an sprioc/na spriocanna (rialú aonair de jure)

Faigheann [Gnóthas 1] rialú aonair diúltach ar an sprioc/na spriocanna, i.e. an fhéidearthacht chun cearta crosta aonair a fheidhmiú ar chinntí straitéiseacha (rialú aonair de jure). Ba cheart duit a mhíniú céard iad na cinntí sin:

Faigheann [Gnóthas 1] rialú aonair de facto ar an sprioc/na spriocanna lena [ba cheart duit an scairsheilbh agus cearta vótála beachta a thabhairt le fios] % mar gur dóchúil go bhfaighidh sé tromlach na gceart vótála ag cruinnithe scairshealbhóirí (na sprice).

Ba cheart duit a thabhairt le fios freisin má tá aon cheann de na gnéithe seo a leanas i láthair sa chomhchruinniú:

Seo a leanas patrúin vótála chruinnithe scairshealbhóirí na sprice/spriocanna le 5 bliana anuas: [ba cheart duit faisnéis a sholáthar maidir leis an ráta freastail ag na cruinnithe sin le haghaidh gach bliana]. Lena scairshealbhú, bheadh tromlach ag [Gnóthas 1] ag cruinnithe scairshealbhóirí na mblianta [ba cheart duit na cruinnithe sin a thabhairt le fios].

Tá na scaireanna eile scaipthe go forleathan.

Tá naisc struchtúracha, eacnamaíocha nó teaghlaigh le [Gnóthas 1] ag scairshealbhóirí tábhachtacha eile. Ba cheart duit na naisc sin a mhíniú: […].

Níl ag scairshealbhóirí eile ach leas airgeadais amháin (sa sprioc).

☐   Comhrialú a fháil

Faigheann [Gnóthas 1], [Gnóthas 2] agus [Gnóthas 3] (cuir cinn eile leis de réir mar is gá) comhrialú ar an sprioc/na spriocanna de réir bhrí Airteagal 3(2) den Rialachán um Chumaisc trí chomhionannas i gcearta vótála nó ceapachán chuig comhlachtaí cinnteoireachta nó cearta crosta (pointí 64-73 den Fhógra Comhdhlúite maidir le Dlínse ón gCoimisiún).

 

Faighteoirí

Gnóthas 1

Gnóthas 2

Gnóthas 3

Scairsheilbh sa chomhfhiontar (%)

 

 

 

Cearta vótála (%)

 

 

 

An líon ionadaithe a ceapadh i gcomhlacht cinnteoireachta an chomhlachta  (31) / an líon iomlán comhaltaí sa chomhlacht cinnteoireachta

 

 

 

Tá vóta réitigh ag ionadaí an chomhlachta bainistíochta (tá/níl)

Níl

Níl

Níl

Tá cearta crosta acu ar cheapachán bainistíochta sinsearaí (tá/níl)

Níl

Níl

Níl

Tá cearta crosta acu ar ghlacadh plean gnó (tá/níl)

Níl

Níl

Níl

Má tá, soláthair cóip den phlean nó pleananna gnó is déanaí maidir leis an sprioc.

Tá Cearta crosta acu ar ghlacadh buiséid (tá/níl)

Níl

Níl

Níl

Tá cearta crosta acu ar infheistíochtaí

Níl

Tabhair le fios sa chill thíos an leibhéal infheistíochtaí agus a minicíocht san earnáil shonrach.

Níl

Tabhair le fios sa chill thíos an leibhéal infheistíochtaí agus a minicíocht san earnáil shonrach.

Níl

Tabhair le fios sa chill thíos an leibhéal infheistíochtaí agus a minicíocht san earnáil shonrach.

 

 

 

Tá cearta eile acu a bhaineann go sonrach leis an margadh

Níl

Tabhair le fios sa chill thíos cé na cearta crosta.

Níl

Tabhair le fios sa chill thíos cé na cearta crosta.

Níl

Tabhair le fios sa chill thíos cé na cearta crosta.

 

 

 

Faigheann [Gnóthas 1], [Gnóthas 2] agus [Gnóthas 3] (cuir cinn eile leis de réir mar is gá) comhrialú ar an sprioc/na spriocanna de réir bhrí Airteagal 3(2) den Rialachán um Chumaisc trí mhodhanna eile (féach pointí 74-80 den Fhógra Comhdhlúite maidir le Dlínse ón gCoimisiún), go háirithe:

Faigheann [Gnóthas 1], [Gnóthas 2] agus [Gnóthas 3] (cuir cinn eile leis de réir mar is gá) comhrialú ar an sprioc/na spriocanna trí bhíthin comhaontaithe comhthiomsaithe, cuideachta shealbhaíochta nó aon bhealach dlíthiúil eile.

Faigheann [Gnóthas 1], [Gnóthas 2] agus [Gnóthas 3] (cuir cinn eile leis de réir mar is gá) comhrialú de facto ar an sprioc/na spriocanna ar bhonn leasanna comhchoiteanna láidre. Ba cheart duit míniú a thabhairt ar leasanna comhchoiteanna den sórt sin: […]

6.3.   Feidhmiúlacht iomlán (le comhlánú má thagann an comhchruinniú faoi Airteagal 3(4) nó Airteagal 3(1), pointe (b) i gcomhar le hAirteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc)

Tá an comhfhiontar lánfheidhme de réir bhrí Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc mar gheall go bhfeidhmíonn an comhfhiontar ar bhonn marthanach na feidhmeanna ar fad a bhaineann le heintiteas eacnamaíoch neamhspleách). Go sonrach:

Beidh acmhainní leordhóthanacha ag an gcomhfhiontar le feidhmiú go neamhspleách ar an margadh, go háirithe bainistíocht thiomanta, acmhainní airgeadais, foireann, agus sócmhainní leordhóthanacha.

Beidh a rochtain féin ag an gcomhfhiontar ar an margadh, rochtain atá neamhspleách óna mháthairchuideachtaí nó beidh láithreacht aige ann.

Bainfidh an comhfhiontar amach níos mó ná 50 % dá dhíolacháin chuig tríú páirtithe ar bhonn marthanach (i.e., níos faide ná tréimhse tosaigh 3 bliana).

Tá sé i gceist go ndéanfadh an comhfhiontar níos mó ná 50 % dá dhíolacháin leis na máthairchuideachtaí níos faide ná tréimhse tosaigh, ach déanfar iad sin bunaithe ar dhálaí an mhargaidh, lena n-áirítear ar na téarmaí agus coinníollacha céanna le díolacháin chuig tríú páirtithe.

Tá sé i gceist go bhfeidhmeoidh an comhfhiontar ar bhonn marthanach mar nach bhfuil sé socraithe le haghaidh fad teoranta gearr agus is ionann fad a ghníomhaíochtaí agus [tabhair le fios an fad].

Níl aon chinneadh tríú páirtí nó aon chinneadh seachtrach ar feitheamh a bhfuil tábhacht riachtanach ag baint leis chun gníomhaíochtaí gnó an chomhfhiontair a sheoladh.

Eile: [mínigh]

6.4.   Cuir le do fhreagra le haon fhaisnéis ar mhian leat a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

 

ROINN 7

CATAGÓIR NA LÁIMHSEÁLA SIMPLITHE (FAOI THREOIR NA BPOINTÍ ÁBHARTHA SAN FHÓGRA MAIDIR LEIS AN NÓS IMEACHTA SIMPLITHE)

(a)   Pointe 5(a) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe

Níl an comhfhiontar gníomhach laistigh de chríoch an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE):

Níl aon láimhdeachas reatha (i.e. tráth an fhógra) nó lena bhfuil coinne (sna 3 bliana tar éis an fhógra) ag an gcomhfhiontar laistigh de LEE.

Níl sé pleanáilte ag máthairchuideachtaí an chomhfhiontair aon aistriú sócmhainní a dhéanamh chuig an gcomhfhiontar laistigh de LEE tráth an fhógra. (32).

Má chomhlánaíonn an comhchruinniú na critéir i bpointe 5(a) den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, ní gá Ranna 8, 9 agus 11 thíos a chomhlánú.

AGUS/NÓ

(b)   Pointe 5(b) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe ☐

Tá gníomhaíochtaí diomaibhseacha reatha nó a bhfuil coinne leo ag an gcomhfhiontar laistigh de LEE:

Tá láimhdeachas reatha bliantúil an chomhfhiontair, agus/nó láimhdeachas na ngníomhaíochtaí arna rannchuidiú (33) tráth an fhógra mar aon leis an láimhdeachas bliantúil ionchasach sna 3 bliana tar éis an fhógra níos lú ná EUR 100 milliún in LEE.

Luach iomlán na sócmhainne arna haistriú chuig an gcomhfhiontar atá beartaithe tráth an fhógra (34) is lú ná EUR 100 milliún i LEE é.

AGUS/NÓ

(c)   Pointe 5(c) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe (35)

Níl aon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú gníomhach sa mhargadh táirge agus geografach céanna.

Níl aon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú gníomhach i margaí réamhtheachtacha nó iartheachtacha a chéile.

Má chomhlánaíonn an comhchruinniú na critéir i bpointe 5(c) den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, ní gá Ranna 8, 9 agus 11 thíos a chomhlánú.

AGUS/NÓ

(d)   Pointe 5(d) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe ☐

Cumascann dhá ghnóthas nó níos mó nó faigheann aon ghnóthas amháin nó níos mó urlámhas aonair nó comhrialú ar ghnóthas eile agus comhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí 5(d)(i) agus 5(d)(ii) den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe faoi gach sainiú margaidh is inchreidte. (36).

Leis na sciartha den mhargadh atá ag na páirtithe uile le chéile sa chomhchruinniú ar páirtithe iad atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnó sa mhargadh táirge agus geografach céanna (forluití cothrománacha), comhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leanas:

tá siad níos lú ná 20 %;

tá siad níos ísle ná 50 % agus tá an incrimint (deilte) d’Innéacs Herfindahl-Hirschman (“HHI”) a eascraíonn as an gcomhchruinniú ar na margaí sin faoi bhun 150. (37).

Leis na sciartha den mhargadh atá ag na páirtithe uile go haonarach agus le chéile sa chomhchruinniú agus atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnó i margadh táirgí, ar margadh é atá réamhtheachtach nó iartheachtach ó mhargadh táirgí ina bhfuil aon pháirtí eile sa chomhchruinniú gníomhach (caidrimh ingearacha), comhlíontar ceann amháin de na coinníollacha a leanas:

tá siad níos ísle ná 30 % réamhtheachtach agus iartheachtach;

tá siad níos ísle ná 30 % ar an margadh réamhtheachtach agus tá sciar ceannaithe an eintitis iartheachtach níos ísle ná 30 %;

tá siad níos ísle ná 50 % ar na margaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha araon, tá incrimint (deilte) HHI a eascraíonn as an gcomhchruinniú faoi bhun 150 ar na margaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha araon, agus tá an gnóthas atá níos lú i dtéarmaí sciartha den mhargadh mar an gcéanna sna margaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha. (38).

AGUS/NÓ

(e)   Pointe 5(e) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe ☐

Faigheann an páirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige urlámhas aonair ar ghnóthas ar a bhfuil comhrialú aige cheana féin.

AGUS/NÓ

(f)   Pointe 8 den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe (clásal solúbthachta) ☐

Faoi gach sainiú margaidh is inchreidte, (i) fanann sciartha comhcheangailte de mhargadh na bpáirtithe faoi bhun 25 % ar aon mhargadh ábhartha i gcás ina bhforluíonn gníomhaíochtaí na bpáirtithe agus (ii) nach bhfuil ann d’aon cheann de na cúinsí speisialta ar a dtugtar tuairisc i roinn II.C den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe.

Faoi gach sainiú margaidh is inchreidte, fanann sciartha comhcheangailte de mhargadh na bpáirtithe faoi bhun 25 % ar aon mhargadh ábhartha i gcás ina bhforluíonn gníomhaíochtaí na bpáirtithe agus cé gur ann do cheann amháin nó roinnt de na cúinsí speisialta ar a dtugtar tuairisc i roinn II.C den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, ní ardaíonn an cás aon imní i ndáil le hiomaíocht ar na cúiseanna a mhínítear i Roinn 11.

Ní ann d’aon cheann de na cúinsí ar a dtugtar tuairisc i roinn II.C maidir leis an Nós Imeachta Simplithe agus leis na sciartha den mhargadh atá ag na páirtithe uile go haonarach agus le chéile sa chomhchruinniú agus atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnó i margadh, ar margadh é atá réamhtheachtach nó iartheachtach ó mhargadh ina bhfuil aon pháirtí eile sa chomhchruinniú gníomhach (caidrimh ingearacha), comhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

tá siad níos ísle ná 35 % sna margaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha;

tá siad níos ísle ná 50 % i margadh amháin, agus tá sciartha aonair agus comhcheangailte na bpáirtithe uile sa chomhchruinniú den mhargadh sna margaí eile go léir a bhfuil caidreamh ingearach eatarthu níos ísle ná 10 %.

Is ann do cheann amháin nó roinnt de na cúinsí ar a dtugtar tuairisc i roinn II.C den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, ní ardaíonn an cás aon imní i ndáil le hiomaíocht ar na cúiseanna a mhínítear i Roinn 11 agus leis na sciartha den mhargadh atá ag na páirtithe uile go haonarach agus le chéile sa chomhchruinniú atá rannpháirteach i gcaidrimh ingearacha, comhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

tá siad níos ísle ná 35 % sna margaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha;

tá siad níos ísle ná 50 % i margadh amháin, agus tá sciartha aonair agus comhcheangailte na bpáirtithe uile sa chomhchruinniú den mhargadh sna margaí eile go léir a bhfuil caidreamh ingearach eatarthu níos ísle ná 10 %.

AGUS/NÓ

(g)   Pointe 9 den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe (clásal solúbthachta) ☐

Tá láimhdeachas reatha bliantúil an chomhfhiontair, agus/nó láimhdeachas na ngníomhaíochtaí arna rannchuidiú tráth an fhógra (39) níos mó ná EUR 100 milliún, ach níos lú ná EUR 150 milliún in LEE.

Tá luach iomlán na sócmhainní arna n-aistriú chuig an gcomhfhiontar atá beartaithe tráth an fhógra níos mó ná EUR 100 milliún, ach níos lú ná EUR 150 milliún in LEE (40).

Má tá an comhfhiontar gníomhach in LEE agus má eascraíonn forluití cothrománacha agus/nó caidrimh ingearacha as an gcomhchruinniú, ba cheart duit Roinn 8 agus/nó 9 faoi seach a chomhlánú.

Cuir le do fhreagra le haon fhaisnéis ar mhian leat a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

 

ROINN 8

FORLUITÍ COTHROMÁNACHA

8.1.

Ba cheart duit an tábla thíos a chomhlánú má eascraíonn as an gcomhchruinniú forluití cothrománacha, lena n-áirítear forluití idir (i) táirgí píblíne (41) agus táirgí margaithe nó (ii) táirgí píblíne (i.e. forluití píblíne go píblíne). (42) Ba cheart duit an tábla a athchruthú a mhéid uaireanta agus is gá chun gach margadh inchreidte a ndearna tú breithniú air a chumhdach:

Forluití cothrománacha – sciartha den mhargadh agus táirgí píblíne

Fasaigh (áirigh tagairt do na míreanna ábhartha)

Margadh táirgí inchreidte a breithníodh

Margadh geografach inchreidte a breithníodh

Soláthróir

Bliain X -2

Bliain X -1

Bliain X

Táirgí píblíne (43)

(Ainm)

Luach

Méid

Luach

Méid

Luach

Méid

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 1

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 2

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 3

%

%

%

%

%

%

 

Comhcheangailte

%

%

%

%

%

%

 

Iomaitheoir 1

Ná comhlánaigh

%

%

 

Iomaitheoir 2

%

%

 

Iomaitheoir 3

%

%

 

Eile

%

%

 

Iomlán

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

Ná comhlánaigh.

Méid an mhargaidh

EUR

 

EUR

 

EUR

 

Tabhair tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bpáirtithe sa mhargadh seo:

Tabhair tuilleadh mionsonraí anseo (go háirithe mura bhfuil aon fhasach ann, ba cheart duit tuairimí na bpáirtithe a thabhairt i leith shainiú an mhargaidh táirgí/gheografaigh)]:

Méadrachtaí, foinsí agus modheolaíocht a leantar chun an sciar den mhargadh a ríomh. Murab iad luach agus méid na méadrachtaí is coitianta chun an sciar den mhargadh a ríomh sna margaí ábhartha, ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar bunaithe ar mhéadrachtaí malartacha agus míniú a thabhairt ina leith:

Má thagann an cás faoi phointe 5(d)(i)(bb) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, ba cheart duit deilte HHI a sholáthar:

Soláthair faisnéis maidir le táirgí píblíne na bpáirtithe agus a n-iomaitheoirí (lena n-áirítear céim a bhforbartha):

Soláthair sonraí teagmhála Iomaitheoir 1, Iomaitheoir 2, agus Iomaitheoir 3 san fhormáid fhorordaithe:

8.2.

Cuir le do fhreagra le haon fhaisnéis ar mhian leat a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

 

ROINN 9

CAIDRIMH INGEARACHA

9.1.

Ba cheart duit an tábla thíos a chomhlánú má eascraíonn caidrimh ingearacha as an gcomhchruinniú, (44) lena n-áirítear idir (i) táirgí píblíne agus táirgí margaithe nó (ii) táirgí píblíne (i.e. caidrimh ingearacha píblíne go píblíne). Ba cheart duit an tábla a athchruthú a mhéid uaireanta agus is gá chun gach margadh inchreidte a ndearna tú breithniú air a chumhdach (45):

Caidrimh ingearacha – sciartha den mhargadh agus táirgí píblíne

RÉAMHTHEACHTACH

Fasaigh (áirigh tagairt do na míreanna ábhartha)

Margadh táirgí inchreidte a breithníodh

Margadh geografach inchreidte a breithníodh

Soláthróir

Bliain X -2

Bliain X -1

Bliain X

Táirgí píblíne (Ainm) (46)

Luach

Méid

Luach

Méid

Luach

Méid

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 1

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 2

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 3

%

%

%

%

%

%

 

Comhcheangailte

%

%

%

%

%

%

 

Iomaitheoir 1

Ná comhlánaigh.

%

%

 

Iomaitheoir 2

%

%

 

Iomaitheoir 3

%

%

 

Eile

%

%

 

Iomlán

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

Ná comhlánaigh.

Méid an mhargaidh

EUR

 

EUR

 

EUR

 

Tabhair tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bpáirtithe sa mhargadh seo:

Tabhair tuilleadh mionsonraí anseo (go háirithe mura bhfuil aon fhasach ann, ba cheart duit tuairimí na bpáirtithe a thabhairt i leith shainiú an mhargaidh táirgí/gheografaigh)]:

Méadrachtaí, foinsí agus modheolaíocht a leantar chun an sciar den mhargadh a ríomh. Murab iad luach agus méid na méadrachtaí is coitianta chun an sciar den mhargadh a ríomh sna margaí ábhartha, ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar bunaithe ar mhéadrachtaí malartacha agus míniú a thabhairt ina leith:

Má thagann an cás faoi phointe 5(d)(ii)(cc) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, ba cheart duit deilte HHI a sholáthar (luach agus méid le haghaidh 3 bliana):

Soláthair faisnéis maidir le táirgí píblíne na bpáirtithe agus a n-iomaitheoirí (lena n-áirítear céim a bhforbartha):

Soláthair sonraí teagmhála Iomaitheoir 1, Iomaitheoir 2, agus Iomaitheoir 3 san fhormáid fhorordaithe:

IARTHEACHTACH

Fasaigh (áirigh tagairt do mhíreanna ábhartha)

Margadh táirgí inchreidte a breithníodh)

Margadh geografach inchreidte a breithníodh

Soláthróir

Bliain X -2

Bliain X -1

Bliain X

Táirgí píblíne (Ainm) (47)

Luach

Méid

Luach

Méid

Luach

Méid

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 1

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 2

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 3

%

%

%

%

%

%

 

Comhcheangailte

%

%

%

%

%

%

 

Iomaitheoir 1

Ná comhlánaigh.

%

%

 

Iomaitheoir 2

%

%

 

Iomaitheoir 3

%

%

 

Eile

%

%

 

Iomlán

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

Ná comhlánaigh.

Méid an mhargaidh

EUR

 

EUR

 

EUR

 

Tabhair tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bpáirtithe sa mhargadh seo:

Tabhair tuilleadh mionsonraí anseo (go háirithe mura bhfuil aon fhasach ann, ba cheart duit tuairimí na bpáirtithe a thabhairt i leith shainiú an mhargaidh táirgí/gheografaigh)]:

Méadrachtaí, foinsí agus modheolaíocht a leantar chun an sciar den mhargadh a ríomh. Murab iad luach agus méid na méadrachtaí is coitianta chun an sciar den mhargadh a ríomh sna margaí ábhartha, ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar bunaithe ar mhéadrachtaí malartacha agus míniú a thabhairt ina leith:

Má thagann an cás faoi phointe 5(d)(ii)(cc) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, ba cheart duit deilte HHI a sholáthar (luach agus méid le haghaidh 3 bliana):

Soláthair faisnéis maidir le táirgí píblíne na bpáirtithe agus a n-iomaitheoirí (lena n-áirítear céim a bhforbartha):

Soláthair sonraí teagmhála Iomaitheoir 1, Iomaitheoir 2, agus Iomaitheoir 3 san fhormáid fhorordaithe:

9.2.

Cuir le do fhreagra le haon fhaisnéis ar mhian leat a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

 

ROINN 10

CAIDRIMH INGEARACHA A THAGANN FAOI PHOINTE 5(D)(II)(BB) DEN FHÓGRA ÓN GCOIMISIÚN MAIDIR LEIS AN NÓS IMEACHTA SIMPLITHE

10.1.

Ba cheart duit na táblaí thíos a chomhlánú má eascraíonn caidrimh ingearacha as an gcomhchruinniú a thagann faoi phointe 5(d)(ii)(bb) den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, lena n-áirítear idir (i) táirgí píblíne agus táirgí margaithe nó (ii) táirgí píblíne (i.e. caidrimh ingearacha píblíne go píblíne). Ba cheart duit an tábla a athchruthú a mhéid uaireanta agus is gá chun gach margadh inchreidte a ndéanann tú measúnú air a chumhdach (48):

Caidrimh ingearacha faoi phointe 5(d)(ii)(bb) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe – sciartha den mhargadh agus táirgí píblíne

RÉAMHTHEACHTACH

Fasaigh (áirigh tagairt do mhíreanna ábhartha)

Margadh táirgí inchreidte a breithníodh

Margadh geografach inchreidte a breithníodh

Soláthar táirgí i margaí réamhtheachtacha

(Sciartha den mhargadh)

Ceannach táirgí i margaí réamhtheachtacha

(Ceannach scaireanna)

 

 

 

Eintiteas

Bliain X -2

Bliain X -1

Bliain X

Táirgí píblíne (Ainm) (49)

Bliain X -2

Bliain X -1

Bliain X

 

 

 

 

Luach

Méid

Luach

Méid

Luach

Méid

 

Luach

Méid

Luach

Méid

Luach

Méid

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 1

%

%

%

%

%

%

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 2

%

%

%

%

%

%

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 3

%

%

%

%

%

%

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Comhcheangailte

%

%

%

%

%

%

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomaitheoir 1

Ná comhlánaigh

%

%

 

Ná comhlánaigh

 

 

 

Iomaitheoir 2

%

%

 

 

 

 

Iomaitheoir 3

%

%

 

 

 

 

Eile

%

%

 

 

 

 

Iomlán

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

Ná comhlánaigh

Ná comhlánaigh

 

 

 

Méid an mhargaidh

EUR

 

EUR

 

EUR

 

 

Ná comhlánaigh

Tabhair tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bpáirtithe sa mhargadh seo:

Tabhair tuilleadh mionsonraí anseo (go háirithe mura bhfuil aon fhasach ann, tabhair tuairimí na bpáirtithe i leith shainiú an mhargaidh táirgí/gheografaigh):

Méadrachtaí, foinsí agus modheolaíocht a leantar chun an sciar den mhargadh a ríomh. Murab iad luach agus méid na méadrachtaí is coitianta chun an sciar den mhargadh a ríomh sna margaí ábhartha, ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar bunaithe ar mhéadrachtaí malartacha agus míniú a thabhairt ina leith:

Soláthair faisnéis maidir le táirgí píblíne na bpáirtithe agus a n-iomaitheoirí (lena n-áirítear céim a bhforbartha):

Mínigh cibé ar cheannaigh nó nár cheannaigh ceann amháin nó níos mó de na gnóthais lena mbaineann an táirge ionchuir réamhtheachtach ó ghnóthas amháin nó níos mó lena mbaineann i mBliain X; Bliain X-1; nó Bliain X-2, ina dtugtar le fios céatadán na gceannachán sin le haghaidh iomlán na gceannachán de chuid an ghnóthais lena mbaineann:

Soláthair sonraí teagmhála Iomaitheoir 1, Iomaitheoir 2, agus Iomaitheoir 3 san fhormáid fhorordaithe:

IARTHEACHTACH

Fasaigh (áirigh tagairt do mhíreanna ábhartha)

Margadh táirgí inchreidte a breithníodh

Margadh geografach inchreidte a breithníodh

Soláthróir

Bliain X -2

Bliain X -1

Bliain X

Táirgí píblíne

(Ainm) (50)

Luach

Méid

Luach

Méid

Luach

Méid

 

 

 

Gnóthas lena mbaineann 1

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 2

%

%

%

%

%

%

 

Gnóthas lena mbaineann 3

%

%

%

%

%

%

 

Comhcheangailte

%

%

%

%

%

%

 

 

 

 

Iomaitheoir 1

Ná comhlánaigh.

%

%

 

 

 

 

Iomaitheoir 2

%

%

 

 

 

 

Iomaitheoir 3

%

%

 

 

 

 

Eile

%

%

 

 

 

 

Iomlán

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

100 %

Ná comhlánaigh.

 

 

 

Méid an mhargaidh

EUR

 

EUR

 

EUR

 

Tabhair tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bpáirtithe sa mhargadh seo:

Tabhair tuilleadh mionsonraí anseo (go háirithe mura bhfuil aon fhasach ann, ba cheart duit tuairimí na bpáirtithe a thabhairt i leith shainiú an mhargaidh táirgí/gheografaigh)]:

Méadrachtaí, foinsí agus modheolaíocht a leantar chun an sciar den mhargadh a ríomh. Murab iad luach agus méid na méadrachtaí is coitianta chun an sciar den mhargadh a ríomh sna margaí ábhartha, ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar bunaithe ar mhéadrachtaí malartacha agus míniú a thabhairt ina leith:

Soláthair faisnéis maidir le táirgí píblíne na bpáirtithe agus a n-iomaitheoirí, lena n-áirítear céim a bhforbartha:

Soláthair sonraí teagmhála Iomaitheoir 1, Iomaitheoir 2, agus Iomaitheoir 3 san fhormáid fhorordaithe:

Tabhair meastachán ar cén céatadán den éileamh iomlán ar ionchur réamhtheachtach a léirítear sa mhargadh iartheachtach i mBliain X, X-1, agus X-2. Ba cheart duit freisin na tionscail, earnálacha agus feidhmeanna deiridh a shainaithint i gcás inar féidir an t-ionchur réamhtheachtach a úsáid seachas sa mhargadh iartheachtach, lena n-áirítear céatadán an éilimh iomláin don táirge réamhtheachtach le haghaidh táirge réamhtheachtach gach tionscail, earnála agus/nó feidhme deiridh. Mura bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil don mhargadh ar fad ba cheart duit a thabhairt le fios cion na ndíolachán a rinne páirtí gníomhach sa mhargadh réamhtheachtach lena 10 bpríomhchustaiméir (lena n-áirítear na páirtithe eile, más infheidhme):

10.2.

Cuir le do fhreagra le haon fhaisnéis ar mhian leat a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

 

ROINN 11

COIMIRCÍ AGUS EISIAIMH (51)

Tá scairsheilbh shuntasach neamhrialaithe ag aon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú (i.e. os cionn 10 %) nó tras-stiúrthóireachtaí i gcuideachtaí atá gníomhach sna margaí céanna le haon cheann de na páirtithe eile nó i margaí a bhfuil caidreamh ingearach eatarthu (e.g. tá scairsheilbh mionlaigh neamhrialaithe nó comhstiúrthóirí ag an ngnóthas is faighteoir i ngnóthas atá gníomhach sa mhargadh céanna leis an sprioc).

Níl

Tá scairsheilbh shuntasach neamhrialaithe ag ceann amháin nó níos mó d’iomaitheoirí na bpáirtithe (i.e. os cionn 10 %) in aon cheann de na gnóthais lena mbaineann.

Má tá:

sonraigh % na scairsheilbhe:

sonraigh na cearta a ghabhann leis an scairsheilbh:

Níl

Tá na páirtithe gníomhach i margaí in aice láimhe agus tá sciar den mhargadh 30 % nó níos mó ag aon cheann de na Páirtithe go haonarach in aon cheann de na margaí sin faoi aon sainiú margaidh is inchreidte

Níl

Fanfaidh níos lú ná 3 iomaitheoir le sciartha den mhargadh os cionn 5 % in aon mhargadh as a dtagann forluití cothrománacha nó caidrimh ingearacha faoi aon sainiú margaidh is inchreidte.

Níl

Sáraítear na tairseacha ábhartha um sciar den mhargadh i dtéarmaí acmhainneachta faoi aon sainiú margaidh is inchreidte (52).

Níl

Is iontrálaithe le déanaí iad na páirtithe (nó ceann díobh) sna margaí forluiteacha (i.e. tháinig siad ar an margadh le 3 bliana anuas)

Is ea

Ní hea

Is nuálaithe tábhachtacha sna margaí forluiteacha iad na páirtithe.

Is ea

Ní hea

Thug na páirtithe táirge píblíne tábhachtach chuig an margadh le 5 bliana anuas.

Is ea

Ní hea

Tagann forluití táirge píblíne le píblíne nó píblíne margaithe as an gcomhchruinniú.

Tagann

Ní thagann

Tá pleananna ag ceann de na páirtithe leathnú i margaí táirgí agus/nó margaí geografacha ina bhfuil an páirtí eile gníomhach nó atá i gcaidreamh ingearach le táirgí ina bhfuil an páirtí eile gníomhach.

Mínigh na táirgí agus seirbhísí lena mbaineann pleananna den sórt sin agus a n-uainiú: [téacs oscailte].

Níl

I slabhraí táirgeachta ina bhfuil níos mó ná dhá leibhéal, tá sciartha den mhargadh aonair nó comhcheangailte na bpáirtithe 30 % nó níos airde in aon cheann de na leibhéil sa slabhra luacha (i dtéarmaí luacha, méide, táirgthe nó acmhainneachta).

Níl

Tá coinne leis go sáróidh láimhdeachas bliantúil an chomhfhiontair EUR 100 milliúin go suntasach in LEE laistigh de 3 bliana ina dhiaidh sin.

Níl

Tá coinne leis go sáróidh láimhdeachas bliantúil an chomhfhiontair EUR 150 milliúin go suntasach in LEE laistigh de 3 bliana ina dhiaidh sin.

Má tá coinne leis go sáróidh láimhdeachas bliantúil an chomhfhiontair EUR 100 milliúin go suntasach in LEE laistigh de na 3 bliana ina dhiaidh sin, soláthair an láimhdeachas a bhfuil coinne leis le haghaidh na 3 bliana amach romhainn: [téacs oscailte].

Níl

Má fhreagair tú “tá” ar cheann ar bith de na ceisteanna thuas, mínigh an chúis go gceapann tú gur cheart caitheamh leis an gcás faoin bhFógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe agus soláthair na sonraí ábhartha ar fad: [téacs oscailte].

ROINN 12

ÉIFEACHTAÍ COMHOIBRITHEACHA A BHÍONN AG COMHFHIONTAR

12.1.

An bhfuil gníomhaíochtaí ar siúl i gcónaí ag dhá mháthairchuideachta nó níos mó sa mhargadh céanna leis an gcomhfhiontar nó i margadh atá réamhtheachtach nó iartheachtach ón margadh ina ndéanann an comhfhiontar sin a chuid gníomhaíochtaí nó i margadh comharsanach a bhfuil dlúthbhaint aige leis an margadh seo?

Níl

Máthairchuideachta

Margadh

Láimhdeachas

Sciar den mhargadh

Comhfhiontar

Margadh

Láimhdeachas

Sciar den mhargadh

12.2.

Mínigh an gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 101(1) agus Airteagal 101(3) den Chonradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, i gcás inarb infheidhme na forálacha comhfhreagracha den Chomhaontú LEE, sa chás seo.

12.3.

Cuir le do fhreagra le haon fhaisnéis ar mhian leat a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

ROINN 13

SONRAÍ TEAGMHÁLA

Páirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige

Páirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige 2 (más infheidhme)

Ainm

Ainm

Seoladh

Seoladh

Uimhir theileafóin

Uimhir theileafóin

Ríomhphost

Ríomhphost

Suíomh Gréasáin

Suíomh Gréasáin

Sprioc

Uimhir theileafóin

Ainm

Ríomhphost

Seoladh

Suíomh Gréasáin

Ionadaí údaraithe an pháirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige

Ionadaí údaraithe an pháirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige 2

Ainm

Ainm

Eagraíocht

Eagraíocht

Seoladh

Seoladh

Uimhir theileafóin

Uimhir theileafóin

Ríomhphost

Ríomhphost

ROINN 14

IARSCRÍBHINNÍ

Doiciméid lena dtugtar an comhchruinniú i gcrích

Forálacha lena mbunaítear athrú i rialú:

Forálacha lena mbunaítear feidhmiúlacht iomlán:

Bundoiciméad nó bundoiciméid maidir le cumhacht aturnae (ón bpáirtí/ó na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt aige/acu)

Sonraí láimhdeachais – miondealú LEE

Modheolaíocht sciartha den mhargadh

Níor cheart an méid a leanas a sholáthar ach amháin i gcásanna ina dtagann forluití cothrománacha amháin nó níos mó agus/nó naisc ingearacha in LEE as an gcomhchruinniú:

Cóipeanna de na cuir i láthair ar fad seo a leanas a d’ullmhaigh nó a fuair aon chomhalta den bhord bainistíochta, den bhord stiúrthóirí, nó den bhord maoirseachta, i bhfianaise an struchtúir rialachais chorparáidigh, nó an duine eile/na daoine eile a chleachtann feidhmeanna comhchosúla (nó dár tarmligeadh na feidhmeanna sin nó dár cuireadh ar a n-iontaoibh iad), nó cruinniú na scairshealbhóirí chun anailís a dhéanamh ar an gcomhchruinniú dá dtugtar fógra.

Tásc den seoladh idirlín, más ann dó, i gcás ina bhfuil na tuarascálacha agus cuntais bhliantúla is déanaí leis na páirtithe sa chomhchruinniú ar fáil, nó mura bhfuil aon seoladh idirlín mar sin ann, cóipeanna de na tuarascálacha agus cuntais bhliantúla is déanaí leis na páirtithe sa chomhchruinniú.

Iarscríbhinní eile

Tabhair tuairisc

ROINN 15

FÓGRAÍ EILE

15.1.

An bhfuil an comhchruinniú infhógartha i ndlínsí eile?

Níl

Má tá, liostaigh anseo iad:

15.2.

Tabhair le fios má thug tú fógra nó má tá sé beartaithe agat fógra a thabhairt faoi Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar an margadh inmheánach (IO L 330, 23.12.2022, lgh. 1-45).

ROINN 16

DEARBHÚ

Dearbhaíonn an páirtí nó na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt aige nó acu, a mhéid is eol dó nó dóibh, go bhfuil an fhaisnéis a áirítear san fhoirm seo fíor, ceart agus iomlán, gur cuireadh ar fáil fíorchóipeanna iomlána de dhoiciméid ábhartha, go bhfuil na meastacháin uile atá ann aitheanta mar mheastacháin agus gurb iad na meastacháin is fearr iad bunaithe ar na fíorais bhunúsacha atá ann, agus gur tuairimí dílse iad na tuairimí uile atá tugtha ann.

Tá an páirtí nó na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt aige nó acu ar an eolas faoi Airteagal 14(1), pointe (a) den Rialachán um Chumaisc.

I gcás foirmeacha atá sínithe go digiteach, is le haghaidh faisnéise amháin iad na réimsí a leanas. Ba cheart iad a bheith ag comhfhreagairt do mheiteashonraí an ríomhshínithe chomhfhreagraigh (na ríomhshínithe comhfhreagracha).

Dáta:

[sínitheoir 1]

Ainm:

Eagraíocht:

Post:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Ríomhphost:

[“r-shínithe” / síniú]

[sínitheoir 2, más infheidhme]

Ainm:

Eagraíocht:

Post:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Ríomhphost:

[“r-shínithe” / síniú]


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (an “Rialachán um Chumaisc”) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(2)  Féach lch 22 an Iris Oifigiúil

(3)  Fógra ón gCoimisiún chun comhchruinnithe áirithe a láimhseáil ar bhealach simplithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (IO C 160, 5.5.2023, lch. 1) (an “Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe”).

(4)  Tagraíonn an téarma “láimhdeachas reatha” do láimhdeachas arna ghiniúint ag an gcomhfhiontar tráth an fhógra. Is féidir láimhdeachas an chomhfhiontair a chinneadh de réir na gcuntas iniúchta is déanaí ó na máthairchuideachtaí, nó ón gcomhfhiontar féin, ag brath ar infhaighteacht cuntas ar leithligh le haghaidh na n-acmhainní arna gcomhcheangal sa chomhfhiontar.

(5)  Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, pointe 5(a).

(6)  Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, pointe 5(b).

(7)  Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, pointe 5(c).

(8)  Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, pointe 5(d).

(9)  Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, pointe 5(e).

(10)  Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, pointe 8.

(11)  Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, pointe 9.

(12)  Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, pointe 9.

(13)  Is féidir teacht ar an iarraidh ar fhoireann cáis a leithdháileadh ag: https://ec.europa.eu/competition-policy/mergers/practical-information_en.

(14)  Go háirithe, idirbhearta a thagann faoi phointe 5(a) agus 5(c) den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe (Féach Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe, pointe 27).

(15)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ar fáil ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A32018R1725EUR-Lex - 32018R1725 - EN - EUR-Lex (europa.eu). Féach freisin ráiteas príobháideachais a bhaineann le himscrúduithe Cumaisc ag https://ec.europa.eu/competition-policy/index/privacy-policy-competition-investigations_en.

(16)  Féach teimpléad an doiciméid maidir le cumhacht aturnae ag https://ec.europa.eu/competition/mergers/legislation/power_of_attorney_template_en.docx.

(17)  Féach https://ec.europa.eu/competition-policy/mergers/practical-information_en..

(*1)  * le comhlánú leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn an Clár um Chumaisc

(18)  Tarlaíonn cumasc nuair a chónascann dhá ghnóthas neamhspleácha nó níos mó ina ngnóthas nua agus go dtagann deireadh leo mar eintitis dhlítheanacha ar leithligh. Féach pointí 9 agus 10 d’Fhógra Comhdhlúite maidir le Dlínse ón gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú (“Fógra Comhdhlúite maidir le Dlínse ón gCoimisiún”) (IO C 95, 16.4.2008, lch. 1), ar fáil ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52008XC0416%2808%29 le haghaidh tuilleadh faisnéise agus treoraíochta maidir le gnéithe dlínse.

(19)  Tagraíonn an cás seo do chomhrialú ar sprioc-chuideachtaí nach raibh rialaithe cheana ag aon cheann de na páirtithe a fhaigheann comhrialú (i.e. rialú a fháil ar ghnóthas ó thríú páirtí neamhghaolmhar). Féach go háirithe an Fógra Comhdhlúite maidir le Dlínse ón gCoimisiún, pointe 91.

(20)  Tagraítear sa chatagóir seo do chomhfhiontar úrnua a chruthú nach n-aistríonn máthairchuideachtaí gníomhaíocht eacnamaíoch atá ann cheana chuige (i.e. fochuideachta nó gnólacht a bhfuil láithreacht mhargaidh aige) nó i gcás nach n-aistríonn siad ach sócmhainní nach ionann iad agus gnó astu féin.

(21)  Áirítear ar na cásanna sin, i measc nithe eile, (i) comhfhiontair lánfheidhme nua a chruthú i gcás ina n-aistríonn máthairchuideachta amháin nó níos mó gnó reatha nó gníomhaíocht eacnamaíoch agus (ii) iontráil nó ionadú scairshealbhóirí rialaithe comhfhiontair. Féach go háirithe an Fógra Comhdhlúite maidir le Dlínse ón gCoimisiún, pointe 92.

(22)  Chun sainmhíniú a fháil ar ghnóthais lena mbaineann, féach an Fógra Comhdhlúite maidir le Dlínse ón gCoimisiún, pointí 129-153.

(23)  An Páirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige nó páirtí eile.

(24)  A = Faighteoir i gcás urlámhas aonair nó comhrialú a fháil (más ann do níos mó ná ceann amháin, sainmhínigh A1, A2, etc,).

T = Sprioc i gcás urlámhas aonair a fháil (más ann do níos mó ná ceann amháin, sainmhínigh T1, T2, etc,).

JV = Comhfhiontar i gcás comhrialú a fháil más ann do níos mó ná ceann amháin, sainmhínigh JV1, JV2, etc,).

MP = Páirtí Cumaisc i gcás cumaisc (más ann do níos mó ná ceann amháin, sainmhínigh MP1, MP2, etc,).

(25)  Ní mór an fhaisnéis láimhdeachais a chur ar fáil in euro ar na meánrátaí malairte a bhí i réim le linn na mblianta nó na dtréimhsí eile i gceist.

(26)  Mura dtiteann an bhliain fhioscach leis an mbliain féilire, tabhair le fios deireadh na bliana fioscaí san fhormáid (ll/mm/bbbb).

(27)  Áirítear an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua i Stáit CSTE.

(28)  Níor cheart duit a áireamh ach cóid NACE na dtáirgí a mbíonn aon forluití cothrománacha agus/nó caidrimh neamh-chothrománacha mar thoradh orthu. Le haghaidh cásanna gan forluí cothrománach ná caidreamh neamh-chothrománach, ba cheart duit cóid NACE phríomhtháirgí na sprice a áireamh.

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh, IO L 393, 30.12.2006, lch. 1, ar fáil ag EUR-Lex - 32006R1893 - EN - EUR-Lex (europa.eu).

(30)  Ba cheart duit tagairt a dhéanamh don Fhógra Comhdhlúite maidir le Dlínse ón gCoimisiún.

(31)  Ba cheart aird a thabhairt ar an gcomhlacht cinnteoireachta a dhéanann cinntí straitéiseacha den chineál ar a dtugtar tuairisc san Fhógra Comhdhlúite maidir le Dlínse ón gCoimisiún, Ranna 3.1 agus 3.2 agus é seo á chomhlánú.

(32)  Aon sócmhainn a bhfuil sé beartaithe í a aistriú chuig an gcomhfhiontar tráth an fhógra, ba cheart an tsócmhainn sin a bhreithniú, gan beann ar an dáta a aistreofar na sócmhainní sin iarbhír chuig an gcomhfhiontar.

(33)  Tagraíonn an nath “agus/nó” don éagsúlacht cásanna a chumhdaítear. Áirítear orthu sin:

i gcás sprioc-chuideachta a fháil i gcomhpháirt, is é láimhdeachas na sprioc-chuideachta sin (an comhfhiontar) an láimhdeachas atá le cur san áireamh;

i gcás comhfhiontar a chruthú lena rannchuidíonn na máthairchuideachtaí a ngníomhaíochtaí, is iad na gníomhaíochtaí rannchuidithe sin an láimhdeachas atá le cur san áireamh;

i gcás ina dtiocfaidh páirtí nua rialaithe isteach i gcomhfhiontar atá ann cheana, ní mór láimhdeachas an chomhfhiontair agus láimhdeachas na ngníomhaíochtaí lenar rannchuidigh an mháthairchuideachta nua (más ann dóibh) a chur san áireamh.

(34)  Aon sócmhainn a bhfuil sé beartaithe í a aistriú chuig an gcomhfhiontar tráth an fhógra, ba cheart an tsócmhainn sin a bhreithniú, gan beann ar an dáta a aistreofar na sócmhainní sin iarbhír chuig an gcomhfhiontar.

(35)  Is gá tic a chur leis an dá bhosca ionas go mbeadh feidhm ag an gcatagóir seo.

(36)  Tá feidhm ag na tairseacha le haghaidh forluití cothrománacha agus caidrimh ingearacha maidir le haon sainiú malartach inchreidte ar mhargadh táirgí agus ar mhargadh geografach a bhféadfadh gá a bheith lena mbreithniú i gcás ar leith. Tá sé tábhachtach go bhfuil na sainithe margaidh foluiteacha a leagtar amach san fhógra beacht go leor chun údar cuí a thabhairt leis an measúnú nach gcomhlíontar na tairseacha sin, agus go luaitear gach sainiú malartach inchreidte ar mhargadh a bhféadfadh gá a bheith lena mbreithniú (lena n-áirítear margaí geografacha atá níos cúinge ná margaí náisiúnta).

(37)  Ríomhtar HHI trí uimhreacha cearnacha sciartha margaidh aonair na ngnólachtaí ar fad sa mhargadh a shuimiú: féach Treoirlínte an Choimisiúin maidir leis an measúnú ar chumaisc chothrománacha faoin Rialachán ón gComhairle maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú, IO C 31, 5.2.2004, lch. 5, pointe 16, ar fáil ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=celex%3A52004XC0205%2802%29. Mar sin féin, chun Deilte HHI a eascraíonn as an gcomhchruinniú a ríomh, is leor suim shuimeanna cearnacha na sciartha den mhargadh atá ag na páirtithe go haonarach (toisc nach dtagann aon athrú ar na sciartha den mhargadh atá ag na hiomaitheoirí uile eile sa mhargadh agus dá bhrí sin nach dtéann siad i bhfeidhm ar thoradh na cothromóide) a bhaint de shuim chearnach na sciartha den mhargadh atá ag na páirtithe sa chomhchruinniú (lena rá ar bhealach eile, suim chearnach na sciartha den mhargadh atá ag an eintiteas cumaiscthe tar éis an chomhchruinnithe).

(38)  Is é is aidhm don chatagóir seo incrimintí beaga a chuimsiú a bhíonn i gceist le comhtháthú ingearach a bhí ann roimhe. Mar shampla, Cuideachta A atá gníomhach i margadh réamhtheachtach agus i margadh iartheachtach (ag a bhfuil sciar de 45 % i ngach ceann acu), faigheann an Chuideachta sin seilbh ar Chuideachta B atá gníomhach sa mhargadh réamhtheachtach agus sa mhargadh iartheachtach céanna (ag a bhfuil sciar de 0.5 % i ngach ceann acu). Ní chuimsítear leis an gcatagóir sin cásanna ina n-eascraíonn an chuid is mó den chomhtháthú ingearach as an idirbheart, fiú má bhíonn na sciartha den mhargadh comhcheangailte níos lú ná 50 % agus an Deilte HHI níos lú ná 150. Mar shampla, ní chuimsítear sa chatagóir seo an cás seo a leanas: Cuideachta A atá gníomhach ar bhonn réamhtheachtach agus ag a bhfuil sciar den mhargadh de 45 % agus gníomhach ar bhonn iartheachtach agus ag a bhfuil sciar den mhargadh de 0.5 %, faigheann an Chuideachta sin seilbh ar Chuideachta B atá gníomhach ar bhonn réamhtheachtach agus ag a bhfuil sciar den mhargadh de 0.5 % agus gníomhach ar bhonn iartheachtach agus ag a bhfuil sciar den mhargadh de 45 %.

(39)  Féach Fonóta 33.

(40)  Féach Fonóta 34.

(41)  Is éard is táirgí píblíne ann táirgí ar dócha go dtabharfar chun an mhargaidh iad sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma. Cumhdaíonn “Táirgí píblíne” seirbhísí chomh maith.

(42)  I gcás forluití cothrománacha lena mbaineann táirgí píblíne, ba cheart duit scaireanna a sholáthar do na táirgí margaithe a dhéanann iomaíocht sa mhargadh inchreidte ábhartha.

(43)  Ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar i gcás na bpáirtithe agus/nó na n-iomaitheoirí a thairgeann táirgí margaithe. Mura bhfuil aon táirgí margaithe, ba cheart duit 3 iomaitheoir ar a laghad a bhfuil táirgí píblíne iomaíocha á bhforbairt acu a shainaithint.

(44)  Caidrimh ingearacha a thagann faoi phointe 5(d)(ii)(bb) den Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an Nós Imeachta Simplithe a eisiamh. Le haghaidh na gcaidreamh ingearach sin, ba cheart duit Roinn 10 thíos a chomhlánú.

(45)  Mar shampla, maidir leis an gcaidreamh ingearach idir an margadh réamhtheachtach U agus an margadh iartheachtach D, má bhreithnigh tú go raibh na sainithe margaidh réamhtheachtacha U1 agus U2 inchreidte, ba cheart duit dhá thábla a áireamh: (i) faisnéis maidir le U1 agus D, agus (ii) faisnéis maidir le U2 agus D.

(46)  Ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar i gcás na bpáirtithe agus/nó na n-iomaitheoirí a thairgeann táirgí margaithe. Mura bhfuil aon táirgí margaithe, ba cheart duit 3 iomaitheoir ar a laghad a bhfuil táirgí píblíne iomaíocha á bhforbairt acu a shainaithint.

(47)  Ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar i gcás na bpáirtithe agus/nó na n-iomaitheoirí a thairgeann táirgí margaithe. Mura bhfuil aon táirgí margaithe, ba cheart duit 3 iomaitheoir ar a laghad a bhfuil táirgí píblíne iomaíocha á bhforbairt acu a shainaithint.

(48)  Mar shampla, maidir leis an gcaidreamh ingearach idir an margadh réamhtheachtach U agus an margadh iartheachtach D, má bhreithnigh tú go raibh na sainithe margaidh réamhtheachtacha U1 agus U2 inchreidte, ba cheart duit dhá thábla a áireamh: (i) faisnéis maidir le U1 agus D, agus (ii) faisnéis maidir le U2 agus D.

(49)  Ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar i gcás na bpáirtithe agus/nó na n-iomaitheoirí a thairgeann táirgí margaithe. Mura bhfuil aon táirgí margaithe, ba cheart duit 3 iomaitheoir ar a laghad a bhfuil táirgí píblíne iomaíocha á bhforbairt acu a shainaithint.

(50)  Ba cheart duit sciartha den mhargadh a sholáthar i gcás na bpáirtithe agus/nó na n-iomaitheoirí a thairgeann táirgí margaithe. Mura bhfuil aon táirgí margaithe, ba cheart duit 3 iomaitheoir ar a laghad a bhfuil táirgí píblíne iomaíocha á bhforbairt acu a shainaithint.

(51)  Ná comhlánaigh ach tábla amháin le haghaidh gach margadh a thagann faoi aon cheann de na catagóirí den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe nach bhfuil feidhm ag ceann ar bith de na coimircí/eisiaimh ina leith (i.e., is é “Níl” freagra gach ceiste i Roinn 11). Le haghaidh gach margadh a thagann faoi aon cheann de na catagóirí den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe a bhfuil “Tá” mar fhreagra ar cheist amháin ar a laghad, ba cheart duit tábla ar leithligh a sholáthar.

(52)  Má tá an méadrach ábhartha le haghaidh margaidh ina gcuireann an comhchruinniú le forluí cothrománach nó le caidreamh ingearach idir gníomhaíochtaí na bpáirtithe.


IARSCRÍBHINN III

FOIRM A BHAINEANN LE hAIGHNEACHTAÍ RÉASÚNAITHE DE BHUN AIRTEAGAIL 4(4) AGUS 4(5) DE RIALACHÁN (CE) Uimh. 139/2004 ÓN gCOMHAIRLE

(FOIRM AR)

RÉAMHRÁ

A.   Cuspóir na Foirme AR

(1)

Sonraítear leis an bhFoirm AR seo an fhaisnéis nach mór a sholáthar agus aighneacht réasúnaithe á déanamh maidir le tarchur réamhfhógra faoi Airteagal 4(4) nó (5) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1) (“an Rialachán um Chumaisc”). Leagtar síos córas rialaithe cumasc an Aontais Eorpaigh sa Rialachán um Chumaisc agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/914 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (an “Rialachán Cur Chun Feidhme”) (2) a bhfuil an Fhoirm AR seo i gceangal leis. Tabhair do d’aire na forálacha comhfhreagracha den Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (3) (“Comhaontú LEE”).

B.   Teagmhálacha roimh an Fhoirm AR agus iarrataí ar tharscaoileadh a chur isteach

(2)

Ní mór an fhaisnéis a iarrtar san Fhoirm AR seo a sholáthar i ngach cás i bprionsabal agus is ceanglas dá bhrí sin é maidir le hiarraidh chomhlánaithe ar tharchur réamhfhógra.

1.   Faisnéis nach bhfuil fáil uirthi go réasúnach

(3)

In imthosca eisceachtúla, i dtaca le heilimintí sonracha a cheanglaítear leis an bhFoirm AR seo, nach mbeidh fáil go réasúnach orthu ag na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu i bpáirt nó ina n-iomláine (e.g., toisc nach bhfuil fáil ar fhaisnéis faoi sprioc-chuideachta i gcás tairiscint atá faoi chonspóid). Sa chás sin, féadfaidh na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis ábhartha a sholáthar nó aon cheanglas eile san Fhoirm AR a bhaineann leis an bhfaisnéis sin a ligean ar ceal. Ba cheart an iarraidh sin a chur isteach i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach i bpointe B.3.

2.   Faisnéis nach bhfuil gá léi le haghaidh scrúdú an Choimisiúin ar an gcás

(4)

De bhun Airteagal 4(2) agus Airteagal 6(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme, féadfaidh an Coimisiún an oibleagáid maidir le haon fhaisnéis faoi leith a sholáthar san Fhoirm AR, lena n-áirítear doiciméid, nó aon cheanglas eile a ligean ar ceal, i gcás ina mbreithneoidh an Coimisiún nach gá na hoibleagáidí ná na ceanglais sin a chomhlíonadh chun scrúdú a dhéanamh ar an gcás. Sa chás sin, féadfaidh na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis ábhartha a sholáthar nó aon cheanglas eile san Fhoirm AR a bhaineann leis an bhfaisnéis sin a ligean ar ceal. Ba cheart an iarraidh sin a chur isteach i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach i bpointe B.3.

3.   Teagmhálacha réamhfhógra agus iarrataí ar tharscaoileadh

(5)

Páirtithe atá i dteideal Foirm AR a chur isteach, iarrtar orthu dul i mbun teagmhálacha leis an gCoimisiún roimh an aighneacht a chur isteach. Ba cheart do pháirtithe dul i mbun teagmhálacha den sórt sin ar bhonn dréacht-Fhoirm AR. I dtaca leis an bhféidearthacht le dul i mbun teagmhálacha roimh ré, is seirbhís í sin a thairgeann an Coimisiún do pháirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu ar bhonn deonach chun cur isteach foirmiúil na Foirme AR sin a ullmhú. Dá réir sin, cé nach bhfuil siad sainordaitheach, tá teagmhálacha roimh ré iontach luachmhar do na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu agus don Choimisiún araon chun an méid faisnéise atá riachtanach san Fhoirm AR seo a chinneadh go beacht agus, i bhformhór na gcásanna, tiocfaidh díobh an méid faisnéise is gá a laghdú go mór.

(6)

I gcúrsa teagmhálacha roimh ré, féadfaidh páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu iarrataí a dhéanamh ar tharscaoileadh. Breithneoidh an Coimisiún iarrataí ar tharscaoileadh ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

míníonn na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu go sásúil cén fáth nach bhfuil fáil go réasúnach ar an bhfaisnéis ábhartha agus soláthraíonn na meastacháin is fearr le haghaidh na sonraí atá ar iarraidh, agus na foinsí le haghaidh na meastachán sin á sainaithint. I gcás inar féidir, ba cheart do na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu eolas a thabhairt faoin áit a bhféadfadh an Coimisiún nó an Ballstát nó Stát CSTE nó na Ballstáit agus Stáit CSTE ábhartha teacht ar aon chuid den fhaisnéis iarrtha nach bhfuil ar fáil;

(b)

míníonn na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu go sásúil cén fáth nach gá an fhaisnéis ábhartha chun an Fhoirm AR a scrúdú.

(7)

I dtaca le hiarrataí ar tharscaoileadh, ba cheart iad a chur isteach an tráth céanna agus a chuirtear an dréacht-Fhoirm AR isteach. Ba cheart iarrataí ar tharscaoileadh a dhéanamh i dtéacs na dréacht-Fhoirme AR féin (ag tús na roinne nó na foroinne ábhartha). Déileálfaidh an Coimisiún le hiarrataí ar tharscaoileadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an dréacht-Fhoirm AR. Beidh 5 lá oibre ag teastáil ón gCoimisiún de ghnáth sula bhfreagrófar d’iarraidh ar tharscaoileadh. I gcás ina gcuirfear iarraidh ar tharscaoileadh isteach agus é d’údar cuí léi nach gá an fhaisnéis chun an Fhoirm AR a scrúdú, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an mBallstát/na Ballstáit ábhartha nó le húdarás nó le húdaráis ábhartha Stát CSTE sula gcinnfidh sé an nglacfaidh sé leis an iarraidh.

(8)

Chun amhras a sheachaint, ós rud é go mb’fhéidir gur ghlac an Coimisiún leis nach gá aon fhaisnéis faoi leith a iarrtar leis an bhFoirm AR seo chun scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh ar tharchur réamhfhógra, ní choisceann sé sin ar bhealach ar bith an Coimisiún an fhaisnéis sin a iarraidh tráth ar bith le linn na n-imeachtaí, go háirithe trí iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 11 den Rialachán um Chumaisc.

(9)

Féadfaidh na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu tagairt a dhéanamh do na “Dea-chleachtais maidir le himeachtaí um rialú cumasc CE a riar” de chuid Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta de chuid an Choimisiúin (“AS na hIomaíochta”), mar a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin AS na hIomaíochta agus a nuashonraítear ó am go ham, lena dtugtar treoraíocht maidir le teagmhálacha réamhfhógra agus maidir le hiarrataí ar tharchur réamhfhógra a ullmhú.

C.   An ceanglas maidir le haighneacht cheart chomhlánaithe a thabhairt

(10)

Ní mór an fhaisnéis a iarrtar san Fhoirm AR seo a sholáthar i ngach cás i bprionsabal agus is ceanglas dá bhrí sin é maidir le hiarraidh chomhlánaithe ar tharchur réamhfhógra. Ní mór an fhaisnéis uile a sholáthar sa roinn chuí den Fhoirm AR seo agus ní mór í a bheith ceart agus comhlánaithe.

(11)

Ba cheart duit na nithe seo a leanas a thabhairt faoi deara go háirithe:

(a)

i gcomhréir le hAirteagal 4(4) agus (5) den Rialachán um Chumaisc agus Airteagal 5(2) agus (4), agus Airteagal 6(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme, ní thosóidh na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán um Chumaisc maidir leis an bhFoirm AR go dtí go mbeidh an fhaisnéis uile nach mór a sholáthar in éineacht leis an aighneacht faighte ag an gCoimisiún. Is amhlaidh sin chun a áirithiú go mbeidh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar an iarraidh ar tharchur réamhfhógra laistigh de na teorainneacha ama dochta a leagtar síos sa Rialachán um Chumaisc.

(b)

i gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Rialachán um Chumaisc, is gnách go ndéanfar an cinneadh cás a tharchur ina iomláine nó i bpáirt chuig Ballstát nó Stát CSTE, nó gan a dhéanamh, ar bhonn na faisnéise atá san Fhoirm AR, gan an Coimisiún iarrachtaí imscrúdaithe breise a dhéanamh. I gcomhréir le hAirteagal 4(5) den Rialachán um Chumaisc, i dtaca le seasamh Ballstáit nó Stát CSTE maidir le cás a tharchur chuig an gCoimisiún, is gnách go gcinnfear an seasamh sin ar bhonn na faisnéise atá san Fhoirm AR, gan na húdaráis lena mbaineann iarrachtaí imscrúdaithe breise a dhéanamh;

(c)

dá bhrí sin, ní mór do na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu a fhíorú, le linn dóibh a n-aighneacht réasúnaithe a ullmhú, gur leor na foinsí neamhspleácha a thugtar mar thaca leis an bhfaisnéis agus na hargóintí uile ar a bhfuiltear ag brath;

(d)

i gcomhréir le hAirteagal 5(4) agus Airteagal 6(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme, breithneofar gur faisnéis neamhchomhlánaithe í aon fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach a bheidh san aighneacht réasúnaithe;

(e)

faoi Airteagal 14(1), pointe (a) den Rialachán um Chumaisc, má sholáthraíonn páirtithe a bhfuil aighneacht réasúnaithe á cur isteach acu faisnéis mhícheart nó mhíthreorach, cibé acu d’aon ghnó nó go faillíoch, féadfar fíneálacha suas le 1 % de láimhdeachas comhiomlán an ghnóthais lena mbaineann a ghearradh orthu (4).

D.   Conas aighneacht réasúnaithe a dhéanamh

(12)

Is i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais a bheidh an aighneacht réasúnaithe. Is í an teanga sin teanga na n-imeachtaí feasta le haghaidh na bpáirtithe uile a bhfuil aighneacht á cur isteach acu.

(13)

Chun an cúram a éascú d’údaráis na mBallstát agus Stát CSTE maidir leis an bhFoirm AR a láimhseáil, moltar go mór do pháirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu aistriúchán ar a n-aighneacht réasúnaithe a sholáthar don Choimisiún i dteanga nó i dteangacha a thuigfidh gach duine ar seoladh an fhaisnéis chuige. Maidir le hiarrataí ar tharchur chuig (a) Ballstát nó Ballstáit nó Stát nó Stáit CSTE, moltar go mór do na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu cóip den iarraidh a áireamh leis an aighneacht, i dteanga/i dteangacha an Bhallstáit/na mBallstát agus Stát nó Stáit CSTE ar a bhfuil an tarchur a iarradh dírithe.

(14)

Tá an fhaisnéis a iarrtar leis an bhFoirm AR sin le leagan amach agus úsáid á baint as uimhreacha na ranna agus na míreanna, agus tá dearbhú le síniú de réir mar a fhoráiltear i Roinn 6, agus an doiciméadacht tacaíochta le cur i gceangal léi. I gcás inarb ionann cuid (nó iomlán) den fhaisnéis a cheanglaítear le haghaidh roinn amháin le faisnéis a cheanglaítear le haghaidh roinn eile, níor cheart an fhaisnéis chéanna sin a chur isteach faoi dhó cé gur cheart crostagairt chruinn a úsáid.

(15)

I dtaca leis an bhFoirm AR a shíniú, ní mór do dhaoine déanamh amhlaidh ar daoine iad atá údaraithe de réir dlí le gníomhú thar ceann an pháirtí nó gach ceann de na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach aige nó acu nó ag ionadaí seachtrach údaraithe amháin nó níos mó den pháirtí nó de na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach aige nó acu. Sonraíochtaí agus treoracha teicniúla maidir le haighneachtaí réasúnaithe (lena n-áirítear sínithe), is féidir iad a aimsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(16)

Ar mhaithe le soiléireacht, féadfar faisnéis áirithe a chur sna hiarscríbhinní. Tá sé riachtanach, áfach, na príomhphíosaí substainteacha faisnéise uile a chur i láthair i gcorp na Foirme AR. Ní úsáidfear iarscríbhinní a ghabhann leis an bhFoirm AR sin ach amháin chun an fhaisnéis a sholáthraítear san Fhoirm AR féin a fhorlíonadh.

(17)

Déanfar na doiciméid tacaíochta a chur isteach sa bhunteanga inar scríobhadh iad; i gcás nach teanga oifigiúil de chuid an Aontais í sin, ní mór iad a aistriú go dtí teanga na n-imeachtaí (Airteagal 3(4) agus Airteagal 6(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme).

(18)

Maidir leis na doiciméid tacaíochta d’fhéadfaí gur cóipeanna de na bunchóipeanna a bheidh iontu. Sa chás sin, ní mór don pháirtí cur isteach a dheimhniú go bhfuil siad fíor agus iomlán.

E.   Rúndacht agus Sonraí Pearsanta

(19)

In Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 17(2) den Rialachán um Chumaisc mar aon leis na forálacha comhfhreagracha de Chomhaontú LEE (5) ceanglaítear ar an gCoimisiún, na Ballstáit, Údarás Faireacháin CSTE agus Stáit CSTE, mar aon lena gcuid oifigeach agus seirbhíseach eile gan faisnéis a nochtadh atá faighte acu trí chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, ar faisnéis í den chineál a chumhdaítear leis an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil. Ní mór feidhm a bheith ag an bprionsabal céanna freisin maidir le rúndacht a chosaint idir na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu.

(20)

Má chreideann tú go ndéanfaí dochar do do leasanna dá bhfoilseofaí, nó dá nochtfaí ar shlí eile do pháirtithe eile, aon chuid den fhaisnéis a chuir tú ar fáil, ba cheart duit an fhaisnéis sin a chur isteach ar leithligh, agus gach leathanach breise a mharcáil go soiléir mar “Rúin Ghnó”. Ba cheart duit fáthanna a thabhairt freisin nár cheart an fhaisnéis sin a nochtadh ná a fhoilsiú.

(21)

I gcás cumasc nó fáil i gcomhpháirt, nó i gcásanna eile ina gcomhlánaíonn níos mó ná ceann amháin de na páirtithe an aighneacht réasúnaithe, féadfar rúin ghnó a chur isteach in iarscríbhinní ar leithligh, agus tagairt a dhéanamh dóibh san aighneacht mar iarscríbhinn. Ionas go measfaí an fógra a bheith iomlán, ní mór gach iarscríbhinn den sórt sin a bheith ar áireamh san aighneacht réasúnaithe.

(22)

Próiseálfar aon sonra pearsanta a chuirtear isteach san Fhoirm AR i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE. (6)

F.   Sainmhínithe agus treoracha chun críocha na Foirme AR seo

(23)

Chun críocha na Foirme seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

“Páirtí/páirtithe sa chomhchruinniú” nó “páirtí/páirtithe”: Baineann na téarmaí seo leis an bpáirtí is faighteoir/na páirtithe is faighteoirí san éadáil agus an páirtí/na páirtithe faighte araon, nó leis na páirtithe a bheidh ag cumasc le chéile, lena n-áirítear gach gnóthas a mbeidh leas urlámhais á fháil ann nó gach gnóthas a chuirfear faoi réir tairiscint phoiblí. Mura sonraítear a mhalairt, leis na téarmaí “páirtí/páirtithe” a bhfuil fógra á thabhairt aige/acu agus “páirtí/páirtithe sa chomhchruinniú” áirítear gach gnóthas a bhaineann leis na grúpaí céanna lena mbaineann na páirtithe sin.

(b)

“Margadh ábhartha táirgí”: Margadh ábhartha táirgí ina bhfuil na táirgí nó na seirbhísí uile sin, nó iad araon, a mheasann an tomhaltóir a bheith inmhalartaithe nó inionadaithe, de bharr shaintréithe na dtáirgí nó na seirbhísí, a bpraghsanna agus na húsáide atá beartaithe leo. I gcásanna áirithe, féadfaidh margadh ábhartha táirgí a bheith comhdhéanta de roinnt táirgí nó seirbhísí aonair, nó iad araon, a bhfuil na saintréithe fisiceacha nó teicniúla céanna den chuid is mó acu agus atá inmhalartaithe. Ar na fachtóirí atá ábhartha don mheasúnú ar an margadh ábhartha táirgí tá an anailís, ar bhonn an tsainmhínithe seo, ar na fáthanna a gcuirtear táirgí nó seirbhísí sna margaí sin san áireamh agus na fáthanna a bhfágtar cinn eile as an áireamh, agus ag féachaint, mar shampla, d’inionadaitheacht táirgí agus seirbhísí, praghsanna, tras-phraghasleaisteachas an éilimh nó fachtóirí ábhartha eile (mar shampla, inionadaitheacht ó thaobh an tsoláthair i gcásanna iomchuí).

(c)

“Margadh ábhartha geografach”: Cuimsíonn an margadh ábhartha geografach an limistéar ina bhfuil na gnóthais lena mbaineann páirteach i soláthar agus éileamh táirgí nó seirbhísí ábhartha, ina bhfuil na coinníollacha iomaíochta sách aonchineálach agus a fhéadfar a idirdhealú ó limistéir gheografacha in aice láimhe toisc, go háirithe, go bhfuil na dálaí iomaíochta difriúil go maith sna limistéir sin. Ar na fachtóirí atá ábhartha don mheasúnú ar an margadh ábhartha geografach tá, inter alia, cineál agus saintréithe na dtáirgí nó na seirbhísí lena mbaineann, bacainní iontrála, roghanna tomhaltóirí, difríochtaí suntasacha i sciar den mhargadh na ngnóthas ó limistéar geografach in aice le chéile nó difríochtaí suntasacha i bpraghsanna.

(d)

“Forluí cothrománach”: Eascraíonn cásanna d’fhorluití cothrománacha as comhchruinniú nuair atá na páirtithe sa chomhchruinniú ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnó sa mhargadh nó sna margaí ábhartha táirgí agus geografacha céanna (lena n-áirítear táirgí píblíne a fhorbairt (7)). (8)

(e)

“Caidreamh neamh-chothrománach”: Eascraíonn caidreamh neamh-chothrománach as comhchruinniú nuair atá gníomhaíochtaí na bpáirtithe sa chomhchruinniú i gcaidreamh nach forluí cothrománach atá ann.

(f)

“Caidreamh ingearach”: Eascraíonn caidrimh ingearacha as comhchruinniú nuair atá páirtí amháin nó níos mó sa chomhchruinniú ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnó i margadh táirgí, ar margadh é atá réamhtheachtach nó iartheachtach ó mhargadh a bhfuil páirtí ar bith eile sa chomhchruinniú gníomhach ann (lena n-áirítear táirgí píblíne a fhorbairt). (9)

(g)

“Margaí dá ndéantar difear”: Is iad margaí dá ndéantar difear gach margadh ábhartha táirgí agus geografach, chomh maith le margaí ábhartha malartacha inchreidte táirgí agus geografacha i gcás ina bhfuil forluí cothrománach idir gníomhaíochtaí na bpáirtithe nó i gcás ina bhfuil caidreamh cothrománach nó ingearach eatarthu agus nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh athbhreithniú faoi phointe 5 den Fhógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe (10) agus nach dtairbhíonn de chlásail solúbthachta de phointe 8 den Fhógra Simplithe.

(h)

Ciallaíonn “bliain” bliain féilire, mura sonraítear a mhalairt. Mura sonraítear a mhalairt, baineann an fhaisnéis uile a iarrtar san Fhoirm AR seo leis an mbliain roimh dháta na haighneachta réasúnaithe.

(24)

Ní mór na sonraí airgeadais a iarrtar san Fhoirm AR seo a sholáthar in euro ar na meánrátaí malairte a bhí i réim le linn na mblianta nó na dtréimhsí eile i gceist.

G.   Comhar idirnáisiúnta idir an Coimisiún agus údaráis iomaíochta eile

(25)

Spreagann an Coimisiún na páirtithe sa chomhchruinniú chun an comhar idirnáisiúnta idir an Coimisiún agus údaráis iomaíochta eile a bhfuil an comhchruinniú céanna á athbhreithniú acu a éascú. I dtaithí an Choimisiúin, baineann tairbhí suntasacha do na gnóthais lena mbaineann le dea-chomhar idir an Coimisiún agus údaráis iomaíochta i ndlínsí lasmuigh de LEE. Chuige sin, spreagann an Coimisiún páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu mar aon leis an bhFoirm AR seo, liosta a sheoladh isteach de na dlínsí lasmuigh de LEE ina bhfuil an comhchruinniú faoi réir imréiteach rialála faoi rialacha rialaithe cumaisc roimh é a chur i gcrích nó ina dhiaidh sin.

(26)

Thairis sin, spreagann an Coimisiún na páirtithe sa chomhchruinniú chun tarscaoileadh rúndachta a chur isteach a chuirfeadh ar a chumas don Choimisiún faisnéis a roinnt le húdaráis iomaíochta eile lasmuigh de LEE a bhfuil an comhchruinniú céanna á athbhreithniú acu. Éascaítear le gach tarscaoileadh idirphlé agus anailís chomhpháirteach ar chomhchruinniú mar go gceadaíonn sé don Choimisiún an fhaisnéis ábhartha a roinnt le húdarás iomaíochta eile a bhfuil an comhchruinniú céanna á athbhreithniú aige, lena n-áirítear faisnéis ghnó rúnda a fhaightear ó pháirtithe sa chomhchruinniú. Chuige sin, spreagann an Coimisiún na páirtithe sa chomhchruinniú chun tarscaoileadh caighdeánach an Choimisiúin a úsáid, a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta agus a thugtar cothrom le dáta ó am go chéile.

ROINN 1

1.1.

Buneolas

1.1.1.

Tabhair achoimre feidhmiúcháin den chomhchruinniú, ina sonraítear na páirtithe sa chomhchruinniú, cineál an chomhchruinnithe (mar shampla, cumasc, éadáil nó comhfhiontar), réimsí gníomhaíochta na bpáirtithe sa chomhchruinniú, na margaí a mbeidh tionchar ag an gcomhchruinniú orthu (lena n-áirítear na príomh-mhargaí dá ndéantar difear), agus an réasúnaíocht straitéiseach agus eacnamaíoch atá leis an gcomhchruinniú.

1.1.2.

Tabhair le fios cibé an ndéantar an aighneacht réasúnaithe faoi Airteagal 4(4) nó Airteagal (5) den Rialachán um Chumaisc, de bhun na bhforálacha comhfhreagracha den Chomhaontú LEE, nó iad araon.

1.2.

Faisnéis faoin bpáirtí (nó na páirtithe) a bhfuil aighneacht á cur isteach aige/acu agus páirtithe eile sa chomhchruinniú (11)

Le haghaidh gach páirtí a bhfuil aighneacht réasúnaithe á déanamh acu chomh maith le gach páirtí eile sa chomhchruinniú, ba cheart duit an méid a leanas a sholáthar:

1.2.1.

ainm an ghnóthais;

1.2.2.

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an teagmhálaí iomchuí agus an post atá aige; is gá gur seoladh le haghaidh seirbhíse atá sa seoladh a thugtar chuig ar féidir fógra a thabhairt maidir le doiciméid agus, go háirithe, cinntí an Choimisiúin agus doiciméid nós imeachta eile, agus measfar go mbeidh an teagmhálaí a thugtar údaraithe chun glacadh le seirbhís;

1.2.3.

má cheaptar ionadaí seachtrach údaraithe amháin nó níos mó de chuid an ghnóthais, chuig ar féidir fógra a thabhairt maidir le doiciméid agus, go háirithe, cinntí ón gCoimisiún agus doiciméid nós imeachta eile:

1.2.3.1.

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist gach ionadaí agus an post atá acu; agus

1.2.3.2.

bundoiciméad nó bundoiciméid na cumhachta aturnae (i gcás páirtí/ na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt aige/acu) (12).

ROINN 2

CÚLRA GINEARÁLTA AGUS MIONSONRAÍ FAOIN GCOMHCHRUINNIÚ

Féadfar an fhaisnéis atá á lorg sa roinn seo a léiriú trí chairteacha eagrúcháin nó léaráidí a úsáid chun struchtúr úinéireachta agus rialaithe na bpáirtithe sa chomhchruinniú a thaispeáint roimh an gcomhchruinniú agus tar éis é a chur i gcrích.

2.1.

Tabhair tuairisc ar chineál an chomhchruinnithe a bhfuil fógra á thabhairt ina leith trí thagairt do na critéir ábhartha den Rialachán um Chumaisc agus den Fhógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse (13):

2.1.1.

sainaithin na gnóthais nó na daoine a rialaíonn gach gnóthas lena mbaineann ina n-aonar nó go comhpháirteach, go díreach nó go hindíreach, agus tabhair tuairisc ar struchtúr úinéireachta agus rialaithe gach ceann de na gnóthais lena mbaineann roimh an comhchruinniú a chur i gcrích;

2.1.2.

tabhair míniú cibé an ceann de na nithe seo a leanas atá sa chomhchruinniú atá beartaithe:

(a)

cumasc iomlán;

(b)

urlámhas aonair nó comhrialú a fháil;

(c)

conradh nó modh eile chun rialú díreach nó indíreach a dheonú de réir bhrí Airteagal 3(2) den Rialachán um Chumaisc;

(d)

comhrialú a fháil i gcomhfhiontar lánfheidhme de réir bhrí Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, agus más amhlaidh, na fáthanna go meastar an comhfhiontar a bheith lánfheidhmeach (14);

2.1.3.

mínigh cén chaoi a gcuirfear an comhchruinniú chun feidhme (mar shampla trí chomhaontú a chur i gcrích, trí thairiscint phoiblí a sheoladh, etc.);

2.1.4.

faoi threoir Airteagal 4(1) den Rialachán um Chumaisc, mínigh cibé a tharla aon cheann de na nithe seo a leanas nó nár tharla tráth an fhógra:

(a)

tugadh comhaontú i gcrích;

(b)

rinneadh leas urlámhais a éadáil;

(c)

fógraíodh tairiscint phoiblí nó an rún tairiscint phoiblí a sheoladh;

(d)

léirigh na gnóthais lena mbaineann intinn meoin mhacánta chun comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.1.5.

tabhair le fios dáta aon mhórtheagmhas a bhfuil coinne leis, ar mórtheagmhais iad atá ceaptha chun an comhchruinniú a chur i gcrích;

2.1.6.

tabhair míniú ar struchtúr úinéireachta agus rialaithe gach gnóthais lena mbaineann tar éis an comhchruinniú a chur i gcrích.

2.2.

Tabhair tuairisc ar an réasúnaíocht eacnamaíoch atá leis an gcomhchruinniú.

2.3.

Luaigh luach an chomhchruinnithe [an praghas ceannaigh (nó luach gach sócmhainne lena mbaineann de réir mar a bheidh); sonraigh cibé acu cothromas, airgead, nó sócmhainní eile atá ansin].

2.4.

Tabhair sonraí leordhóthanacha nó sonraí eile lena léiriú cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an comhchruinniú na tairseacha dlínsiúla a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán um Chumaisc tríd an bhfaisnéis seo a leanas a chur faoi bhráid maidir le gach ceann de na gnóthais lena mbaineann de réir an chomhchruinnithe don bhliain airgeadais dheireanach (15):

2.4.1.

láimhdeachas domhanda;

2.4.2.

–Láimhdeachas ar fud an Aontais;

2.4.3.

Láimhdeachas ar fud an LEE (AE agus CSTE);

2.4.4.

láimhdeachas i ngach Ballstát (tabhair le fios an Ballstát, más ann dó, ina mbaintear amach níos mó ná dhá thrian de láimhdeachas ar fud an Aontais);

2.4.5.

Láimhdeachas ar fud CSTE;

2.4.6.

láimhdeachas i ngach Stát de chuid CSTE (tabhair le fios an Stát CSTE, más ann dó, ina mbaintear amach níos mó ná dhá thrian de láimhdeachas ar fud CSTE; tabhair le fios freisin cibé atá láimhdeachas comhcheangailte na ngnóthas lena mbaineann ar chríoch na Stát CSTE comhionann le 25 % nó níos mó dá láimhdeachas iomlán ar chríoch LEE nó nach bhfuil).

Ní mór sonraí láimhdeachais a sholáthar trí thábla teimpléid an Choimisiúin a líonadh isteach atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta.

ROINN 3

SAINITHE MARGAIDH

Feidhmíonn na margaí ábhartha táirgí agus geografacha chun an raon feidhme a shainaithint ar laistigh de nach mór measúnú a dhéanamh ar chumhacht mhargaidh an eintitis nua a thagann as an gcomhchruinniú (16). Le linn do na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu margaí ábhartha táirgí agus geografacha a chur i láthair, ní mór dóibh, i dteannta le haon sainiú ar mhargaí táirgí agus geografacha a mheasann siad a bheith ábhartha, gach sainiú inchreidte ar mhargaí táirgí agus geografacha a chur faoi bhráid. Is féidir sainithe malartacha inchreidte ar mhargaí táirgí agus geografacha a shainaithint ar bhonn chinntí ón gCoimisiún agus bhreithiúnais ó Chúirteanna an Aontais roimhe seo agus (go háirithe i gcás nach bhfuil aon fhasach ann ón gCoimisiún ná ón gCúirt) faoi threoir tuairiscí ón tionscal, staidéir mhargaidh agus doiciméid inmheánacha na bpáirtithe cur isteach.

3.1.

Déan plé ar gach sainiú inchreidte ábhartha ar mhargaí ina bhféadfadh margaí dá ndéantar difear eascairt as an gcomhchruinniú atá beartaithe. Mínigh an chaoi a measann na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu ar cheart na margaí ábhartha táirgí agus geografacha a shainiú.

3.2.

Agus gach sainiú ábhartha inchreidte ar mhargaí atá pléite á thabhairt san áireamh, ba cheart duit gach margadh dá ndéantar difear a shainaithint (17) agus faisnéis achomair a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí na bpáirtithe sa chomhchruinniú i ngach margadh ábhartha inchreidte. Cuir an oiread rónna agus is gá leis na táblaí chun gach margadh inchreidte a ndéanann tú measúnú air a chumhdach:

Achoimre ar Mhargaí dá nDéantar Difear

Forluití Cothrománacha

Sainiú ar mhargadh táirgí

Sainiú ar mhargadh geografach

Sciar comhcheangailte den mhargadh

[Sainaithin an bhliain]

[Sainaithin an méadrach]

 

 

 

 

 

 

Achoimre ar Mhargaí dá nDéantar Difear

Caidrimh Ingearacha

Réamhtheachtach

Iartheachtach

Sainiú ar mhargadh táirgí

Sainiú ar mhargadh geografach

Sciar comhcheangailte den mhargadh

[Sainaithin an bhliain]

[Sainaithin an méadrach]

Sainiú ar mhargadh táirgí

Sainiú ar mhargadh geografach

Sciar comhcheangailte den mhargadh

[Sainaithin an bhliain]

[Sainaithin an méadrach]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

ROINN 4

FAISNÉIS MAIDIR LE MARGAÍ DÁ NDÉANTAR DIFEAR

Maidir le gach margadh dá ndéantar difear, ba cheart duit an fhaisnéis seo a leanas don bhliain dheireanach a chur ar fáil:

4.1.

le haghaidh gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú, cineál ghnó an ghnóthais, na príomh-fhochuideachtaí gníomhacha, brandaí, ainmneacha táirgí, agus trádmharcanna, a úsáidtear i ngach ceann de na margaí sin;

4.2.

meastachán ar mhéid iomlán an mhargaidh i dtéarmaí luacha díola (in euro) agus méid (aonaid) (18). Ba cheart duit a thabhairt le fios an bonn agus na foinsí le haghaidh na ríomhanna agus doiciméid a sholáthar más ann dóibh chun na ríomhanna sin a dheimhniú;

4.3.

le haghaidh gach ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú, luach agus méid na ndíolachán, chomh maith le meastachán ar na sciartha den mhargadh;

4.4.

meastachán ar an sciar den mhargadh i dtéarmaí luacha (agus méid i gcás inarb iomchuí) de na trí iomaitheoir is mó (rud a thugann le fios an bunús leis na meastacháin);

4.5.

más comhfhiontar é an comhchruinniú, tabhair le fios cibé a choinníonn dhá mháthairchuideachta nó níos mó cuid mhaith de ghníomhaíochtaí sa mhargadh céanna leis an gcomhfhiontar nó i margadh atá iartheachtach nó réamhtheachtach le ceann an chomhfhiontair, nó nach gcoinníonn siad iad (19) .

ROINN 5

MIONSONRAÍ NA HIARRATA TARCHURTHA AGUS NA FÁTHANNA AR CHEART AN CÁS A THARCHUR

5.1.

Maidir le tarchuir a dhéantar de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán um Chumaisc agus tarchuir a dhéantar de bhun na bhforálacha ábhartha den Chomhaontú LEE:

5.1.1.

sainaithin an Ballstát (na Ballstáit) agus an Stát CSTE (na Stáit CSTE) ar cheart dó nó dóibh i do thuairimse scrúdú a dhéanamh ar an gcomhchruinniú i gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Rialachán um Chumaisc, agus a thabhairt le fios cibé a rinne tú nó nach ndearna tú teagmháil neamhfhoirmiúil leis an mBallstát (na Ballstáit) seo agus leis an Stát CSTE (na Stáit CSTE);

5.1.2.

sonraigh cé acu atá tú ag iarraidh go ndéanfaí an cás ar fad a tharchur nó cuid de. Más amhlaidh atá tú ag iarraidh go ndéanfaí cuid den chás a tharchur, sonraigh go soiléir an chuid nó na codanna den chás dá n-iarrann tú an tarchur. Más amhlaidh atá tú ag iarraidh go ndéanfaí an cás a tharchur, ní mór duit a dheimhniú nach ann d’aon mhargadh dá ndéantar difear lasmuigh de chríoch an Bhallstáit nó na mBallstát agus an Bhallstáit nó na mBallstát CSTE dá n-iarrann tú an tarchur a dhéanamh chuige nó chucu;

5.1.3.

mura n-éiríonn margaí dá ndéantar difear as an gcomhchruinniú atá beartaithe de réir bhrí na Foirme AR seo, tabhair míniú i leith (20):

(a)

an margadh (na margaí) ina bhféadfadh an comhchruinniú difear suntasach a dhéanamh don iomaíocht laistigh de Bhallstát agus conas a d’fhéadfaí é sin a dhéanamh;

(b)

an fáth go léirítear le gach ceann de na margaí a shainaithnítear sa fhreagra don cheist a leagtar amach i bpointe (a) na saintréithe uile de mhargadh sonrach.

5.1.4.

I gcás ina n-éiríonn Ballstát agus/nó Ballstát CSTE inniúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar chás iomlán nó ar chuid de tar éis tarchuir de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán um Chumaisc, an dtoilíonn tú leis go bhféadfaidh an Ballstát nó na Ballstáit agus/nó an Stát CSTE nó na Stáit CSTE i gceist tarraingt ar an bhfaisnéis atá san Fhoirm AR seo chun críche imeachtaí náisiúnta dá chuid nó dá gcuid a bhaineann leis an gcás sin (nó le cuid de)? Ná tabhair freagra ach amháin le “Toilíonn” nó “Ní thoilíonn”.

5.2.

Maidir le tarchuir a dhéantar de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán um Chumaisc agus tarchuir a dhéantar de bhun na bhforálacha ábhartha den Chomhaontú LEE:

5.2.1.

i gcás gach Ballstáit agus Ballstáit CSTE, sonraigh cé acu an féidir nó nach féidir an comhchruinniú a athbhreithniú faoina dhlí iomaíochta náisiúnta. Ní mór an fhaisnéis seo a sholáthar trí thábla teimpléid an Choimisiúin a chomhlánú, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta. I gcás gach Ballstáit agus Ballstáit CSTE, ní mór duit “Is féidir” (más féidir an comhchruinniú a athbhreithniú de réir an dlí iomaíochta náisiúnta) nó “Ní féidir” (mura féidir é a athbhreithniú) a thabhairt le fios;

5.2.2.

le haghaidh gach Ballstáit agus Ballstáit CSTE inar chomhlánaigh tú “Is féidir” sa tábla dá dtagraítear i bpointe 5.2.1, tabhair sonraí airgeadais nó sonraí leordhóthanacha eile ina léirítear go gcomhlíonann an comhchruinniú na critéir dhlínsiúla ábhartha de réir an dlí náisiúnta is infheidhme;

5.2.3.

mínigh an fáth ar cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an gcás más rud é (21):

(a)

go n-éiríonn margaí dá ndéantar difear as an gcomhchruinniú atá beartaithe (de réir bhrí na Foirme AR seo) lena mbaineann raon feidhme náisiúnta i níos lú ná trí Bhallstát;

(b)

nach n-éiríonn margaí dá ndéantar difear as an gcomhchruinniú atá beartaithe (de réir bhrí na Foirme AR seo).

ROINN 6

DEARBHÚ

Ní mór an aighneacht réasúnaithe teacht chun críche leis an dearbhú seo a leanas a shíneoidh gach ceann de na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu nó a shíneofar ar a son:

“Dearbhaíonn an páirtí nó na páirtithe a bhfuil an aighneacht á cur isteach aige nó acu, tar éis dó nó dóibh fíorú cúramach a dhéanamh, go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha san aighneacht réasúnaithe seo, a mhéid is eol dó nó dóibh, fíor, ceart agus iomlán, gur soláthraíodh fíorchóipeanna iomlána de dhoiciméid a cheanglaítear leis an bhFoirm AR, go bhfuil na meastacháin uile atá inti sainaitheanta mar mheastacháin agus gurb iad na meastacháin is fearr iad ar na fíorais bhunúsacha atá inti, agus gur tuairimí dílse iad na tuairimí uile atá tugtha inti. Is feasach dóibh forálacha d”Airteagal 14(1), pointe (a), den Rialachán um Chumaisc.”

I gcás foirmeacha a bhfuil síniú digiteach curtha leo, is chun críche faisnéise amháin iad na réimsí seo a leanas. Ba cheart iad a bheith ag comhfhreagairt do mheiteashonraí an ríomhshínithe chomhfhreagraigh (na ríomhshínithe comhfhreagracha).

Dáta:

[sínitheoir 1]

Ainm:

Eagraíocht:

Post:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Ríomhphost::

[“ríomhshínithe” / síniú]

[sínitheoir 2 más infheidhme]

Ainm:

Eagraíocht:

Post:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Ríomhphost::

[“ríomhshínithe” / síniú]


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (an “Rialachán um Chumaisc”)( IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.)

(2)  IO L, 119,5.5.2023 lch. 22.

(3)  Féach go háirithe Airteagal 57 de Chomhaontú LEE, pointe 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Comhaontú LEE, Prótacail 21 agus 24 a ghabhann le Comhaontú LEE, (ar fáil ag EUR-Lex - 21994A0103(74) - EN - EUR-Lex (europa.eu)), mar aon le Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú (dá ngairtear “Comhaontú Faireacháin agus Cúirte” anseo feasta), ar fáil ag EUR-Lex - JOL_1994_344_R_0001_003 - EN - EUR-Lex (europa.eu) . Ní mór a thuiscint go gciallaíonn aon tagairt do Stáit CSTE na Stáit CSTE sin ar Páirtithe Conarthacha iad i gComhaontú LEE. Ón 1 Bealtaine 2004, is iad na Stáit sin an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua.

(4)  I gcás páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu a sholáthraíonn faisnéis mhícheart nó mhíthreorach san Fhoirm AR, is féidir leis an gCoimisiún na bearta a dhéanamh ar a dtugtar tuairisc san Fhógra ón gCoimisiún freisin, maidir le cás a tharchur i leith comhchruinnithe (“Fógra maidir le Tarchur”) (IO C 56, 5.3.2005, lch. 2), pointe 60, ar fáil ag EUR-Lex - 52005XC0305(01) - EN - EUR-Lex (europa.eu).

(5)  Féach, go háirithe, Airteagal 122 de Chomhaontú LEE, Airteagal 9 de Phrótacal 24 a ghabhann le Comhaontú LEE agus Airteagal 17(2) de Chaibidil XIII de Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú Faireacháin agus Cúirte.

(6)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39. Féach freisin ráiteas príobháideachais a bhaineann le himscrúduithe Cumaisc ag https://ec.europa.eu/competition-policy/index/privacy-policy-competition-investigations_en.

(7)  Is éard is táirgí píblíne ann táirgí ar dócha go dtabharfar chun an mhargaidh iad sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma. Cumhdaíonn “táirgí píblíne” seirbhísí freisin.

(8)  Le forluití cothrománacha a bhaineann le táirgí píblíne, áirítear forluití cothrománacha idir táirgí píblíne agus forluití idir aon táirge margaithe amháin nó níos mó agus táirge píblíne amháin nó níos mó.

(9)  Le caidrimh ingearacha a bhaineann le táirgí píblíne, áirítear caidrimh idir táirgí píblíne agus caidrimh idir aon táirge margaithe amháin nó níos mó agus aon táirge píblíne amháin nó níos mó.

(10)  Fógra ón gCoimisiún chun comhchruinnithe áirithe a láimhseáil ar bhealach simplithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle, (IO C 160, 5.5.2023, lch. 1) (an “Fógra maidir leis an Nós Imeachta Simplithe”).

(11)  Áirítear leis sin an sprioc-chuideachta i gcás tairiscint atá á conspóid, ar cheart na mionsonraí a chomhlánú an oiread agus ab fhéidir sa chás sin.

(12)  Féach teimpléad an doiciméid maidir le cumhacht aturnae ag https://ec.europa.eu/competition/mergers/legislation/power_of_attorney_template_en.docx.

(13)  Fógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (“Fógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse”) IO C 95, 16.4.2008, lch. 1, ar fáil ag EUR-Lex - 52008XC0416(08) - EN - EUR-Lex (europa.eu).

(14)  Féach Roinn B IV den Fhógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse.

(15)  Maidir leis na coincheapa “gnóthas lena mbaineann” agus le láimhdeachas a ríomh, féach Fógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse faoi.

(16)  Féach an Fógra ón gCoimisiún maidir leis an sainiú ar an margadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Chomhphobail IO C 372, 9.12.1997, lch. 5.

(17)  Le linn theagmhálacha réamhfhógra, nochtfaidh na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu faisnéis i ndáil le gach margadh a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, fiú amháin má mheasann siad sa deireadh nach bhfuil difear déanta do na margaí sin agus d’ainneoin go bhféadfadh na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu a bheith de thuairim faoi leith i ndáil leis an tsaincheist maidir le sainiú margaidh.

(18)  Ní mór aschur lúide onnmhairí móide allmhairí a léiriú i luach agus méid margaidh le haghaidh na limistéar geografach atá faoi bhreithniú.

(19)  Le haghaidh sainithe margaidh féach Roinn 3.

(20)  Le haghaidh phrionsabail treorach maidir le tarchur cásanna, féach an Fógra maidir le Tarchur, pointe 17 agus fonóta 21.

(21)  Le haghaidh phrionsabail treorach maidir le tarchur cásanna, féach an Fógra maidir le Tarchur, pointe 28.


IARSCRÍBHINN IV

FOIRM A BHAINEANN LEIS AN bhFAISNÉIS MAIDIR LE GEALLTANAIS ARNA gCUR ISTEACH DE BHUN AIRTEAGAL 6(2) AGUS AIRTEAGAL 8(2) DE RIALACHÁN (CE) UIMH. 139/2004 ÓN gCOMHAIRLE

(FOIRM RM)

RÉAMHRÁ

(1)

Leis an bhfoirm seo, sonraítear an fhaisnéis agus na doiciméid atá le cur isteach ag na gnóthais lena mbaineann agus gealltanais á dtairiscint acu de bhun Airteagal 6(2) nó Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004. (1) Tá gá leis an bhfaisnéis atá á hiarraidh chun go mbeidh an Coimisiún in ann scrúdú a dhéanamh ar cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil sé de chumas ag na gealltanais an comhchruinniú a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach trí bhac suntasach ar iomaíocht éifeachtach a chosc. Beidh leibhéal na faisnéise éagsúil ag brath ar chineál agus ar struchtúr an leighis atá beartaithe. Mar shampla, beidh faisnéis níos mionsonraithe riachtanach le haghaidh leigheasanna ina mbeidh gearradh amach i gceist ná mar a bheadh i gcás gnólachtaí neamhspleácha atá á ndífheistiú.

(2)

Ní mór an fhaisnéis a iarrtar san Fhoirm RM a sholáthar sa roinn iomchuí den Fhoirm RM agus ní mór í a bheith ceart agus iomlán.

(3)

I gcomhréir le hAirteagail 5(4) agus 6(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/914 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (an “Rialachán Cur Chun Feidhme”), (2) breithneofar gur faisnéis neamhiomlán í aon fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach a bheidh san Fhoirm RM.

(4)

Faoi Airteagal 14(1), pointe (a) den Rialachán um Chumaisc, má sholáthraíonn páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu faisnéis mhícheart nó mhíthreorach, cibé acu d’aon ghnó nó go faillíoch, féadfar fíneálacha suas le 1 % de láimhdeachas comhiomlán an ghnóthais lena mbaineann a ghearradh orthu.

(5)

De bhun Airteagal 6(3), pointe (a), agus Airteagal 8(6), pointe (a), den Rialachán um Chumaisc, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh maidir le comhoiriúnacht comhchruinnithe dá dtugtar fógra a chúlghairm i gcás ina mbeidh an cinneadh sin bunaithe ar fhaisnéis mhícheart a bhfuil ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú freagrach aisti.

(6)

De bhun Airteagal 4(2) agus Airteagal 20(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme, féadfaidh an Coimisiún an oibleagáid maidir le haon fhaisnéis faoi leith a sholáthar san Fhoirm RM a ligean ar ceal, lena n-áirítear doiciméid, nó aon cheanglas eile i gcás ina mbreithneoidh an Coimisiún nach gá na hoibleagáidí nó na ceanglais sin a chomhlíonadh chun scrúdú a dhéanamh ar an gcás. Sa chás sin, féadfaidh na páirtithe a bhfuil aighneacht á cur isteach acu iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis ábhartha a sholáthar nó aon cheanglas eile san Fhoirm RM a bhaineann leis an bhfaisnéis sin a ligean ar ceal. Tá an Coimisiún ar fáil chun iarrataí den sórt sin a phlé leis na páirtithe go hoscailte.

Aon sonraí pearsanta a chuirfear isteach san Fhoirm RM sin, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (3)

I dtaca leis an bhFoirm Ghearr RM a shíniú, ní mór do dhaoine déanamh amhlaidh ar daoine iad atá údaraithe de réir dlí le gníomhú thar ceann gach páirtí a bhfuil fógra á thabhairt acu agus/nó thar ceann aon pháirtí eile ag a bhfuil na gealltanais á síniú nó ag ionadaí seachtrach údaraithe amháin nó níos mó den pháirtí nó de na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt aige/acu agus/nó d’aon pháirtí eile ag a bhfuil na gealltanais á síniú. Sonraíochtaí agus treoracha teicniúla maidir le sínithe, is féidir iad a aimsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

ROINN 1

ACHOIMRE AR NA GEALLTANAIS

1.

Soláthair achoimre neamhrúnda ar chineál agus ar raon feidhme na ngealltanas atá á dtairiscint. Féadfaidh an Coimisiún an achoimre sin a úsáid le haghaidh na tástála margaidh le tríú páirtithe ar na gealltanais atá á dtairiscint.

ROINN 2

OIRIÚNACHT CHUN IMNÍ I NDÁIL LE HIOMAÍOCHT A BHAINT

2.

Soláthair faisnéis lena dtaispeántar oiriúnacht na ngealltanas atá á dtairiscint chun deireadh a chur leis an gcosc suntasach ar iomaíocht éifeachtach atá sainaitheanta ag an gCoimisiún.

ROINN 3

DIALL Ó THÉACSANNA CAIGHDEÁNACHA

3.

Soláthair iarscríbhinn, lena sainaithnítear aon diall ó na gealltanais arna dtairiscint, as téacs caighdeánach na ngealltanas atá cothrom le dáta mar atá foilsithe ar shuíomh gréasáin AS na hIomaíochta.

ROINN 4

FAISNÉIS MAIDIR LE GNÓLACHT ATÁ LE DÍFHEISTIÚ

4.

I gcás ina mbeidh dífheistiú gnólachta i gceist leis na gealltanais arna dtairiscint, soláthair an fhaisnéis agus na doiciméid a leanas.

Faisnéis ghinearálta maidir leis an ngnólacht atá le dífheistiú

Ba cheart an fhaisnéis a leanas a sholáthar maidir le gach gné d’oibriú an ghnólachta atá le dífheistiú (i.e., roimh dhífheistiú) agus maidir le haon athrú atá á bheartú don todhchaí cheana féin.

4.1.

Tabhair tuairisc ar struchtúr dlíthiúil an ghnólachta atá le dífheistiú agus soláthair eagraghram na cuideachta lena mínítear na háiteanna mar a bhfuil an gnólacht atá le dífheistiú comhtháite. Tabhair tuairisc ar na heintitis ar leis an ngnólacht atá le dífheistiú iad, agus a n-áit ghnó chláraithe agus a n-áit bhainistíochta á sonrú, mar aon leis an struchtúr eagrúcháin ginearálta agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le struchtúr riaracháin an ghnólachta atá le dífheistiú. Más rud é gur gearradh amach atá i gceist leis an ngnólacht, ba cheart an fhaisnéis uile sin a sholáthar freisin maidir leis an ngnólacht ar fad as a ngearrfaí amach an gnólacht atá le dífheistiú.

4.2.

Luaigh cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil aon bhac dlíthiúil roimh aistriú an ghnólachta atá le dífheistiú nó roimh aistriú na sócmhainní, lena n-áirítear cearta tríú páirtithe agus formheasanna riaracháin a cheanglaítear.

4.3.

Tabhair tuairisc ar shlabhra luacha iomlán na dtáirgí atá á dtáirgeadh nó na seirbhísí atá á soláthar ag an ngnólacht atá le dífheistiú, lena n-áirítear suíomh na saoráidí ábhartha. Liostaigh agus tabhair tuairisc ar na táirgí atá á monarú nó ar na seirbhísí atá á soláthar, go háirithe ar a saintréithe teicniúla agus ar a saintréithe eile, ar na brandaí atá i gceist, ar an láimhdeachas atá á ghiniúint le gach ceann de na táirgí nó de na seirbhísí sin, agus ar aon nuálaíocht nó ar aon ghníomhaíocht taighde agus forbartha nó ar aon táirge píblíne nó ar aon táirge nua atá réidh le seoladh agus ar na seirbhísí atá á mbeartú. Más rud é gur gearradh amach atá i gceist leis an ngnólacht, ba cheart an fhaisnéis uile sin a sholáthar freisin maidir leis an ngnólacht ar fad as a ngearrfaí amach an gnólacht atá le dífheistiú.

4.4.

Tabhair tuairisc ar an leibhéal ar a n-oibrítear feidhmeanna fíor-riachtanacha an ghnólachta atá le dífheistiú (mar shampla, taighde agus forbairt, táirgeadh, margaíocht agus díolacháin, loighistic, caidreamh le custaiméirí, caidreamh le soláthróirí, córais TF) más rud é nach ndéantar ar leibhéal an ghnólachta atá le dífheistiú iad. Ba cheart an ról atá á fheidhmiú ar na leibhéil eile sin a bheith sa tuairisc, mar aon leis an gcaidreamh leis an ngnólacht atá le dífheistiú agus leis na hacmhainní (amhail pearsanra, sócmhainní, acmhainní airgeadais) atá i gceist leis an bhfeidhm.

4.5.

Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na naisc idir an gnólacht atá le dífheistiú agus na heintitis eile atá á rialú ag aon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú (gan beann ar threo an naisc) amhail:

(a)

conarthaí soláthair, táirgthe, dáileacháin, seirbhíse, taighde agus forbartha nó conarthaí eile;

(b)

sócmhainní inláimhsithe nó doláimhsithe;

(c)

pearsanra atá comhroinnte nó ar iasacht;

(d)

córais chomhroinnte TF nó córais eile;

(e)

custaiméirí comhroinnte.

4.6.

Tabhair tuairisc i dtéarmaí ginearálta ar gach sócmhainn inláimhsithe agus dholáimhsithe atá á n-úsáid nó faoi úinéireacht an ghnólachta atá le dífheistiú, lena n-áirítear, in aon chás, cearta maoine intleachtúla agus brandaí. Más rud é gur gearradh amach atá i gceist leis an ngnólacht, ba cheart an fhaisnéis uile sin a sholáthar freisin maidir leis an ngnólacht ar fad as a ngearrfaí amach an gnólacht atá le dífheistiú.

4.7.

Cuir cairt eagrúcháin isteach lena sainaithneofar an líon pearsanra atá ag obair faoi láthair i ngach ceann d’fheidhmeanna an ghnólachta atá le dífheistiú agus liosta de na fostaithe sin nach féidir déanamh dá n-uireasa le haghaidh oibriú an ghnólachta atá le dífheistiú, agus tuairisc á tabhairt ar a bhfeidhmeanna. Más rud é gur gearradh amach atá i gceist leis an ngnólacht, ba cheart an fhaisnéis uile sin a sholáthar freisin maidir leis an ngnólacht ar fad as a ngearrfaí amach an gnólacht atá le dífheistiú.

4.8.

Tabhair tuairisc ar chustaiméirí an ghnólachta atá le dífheistiú, lena n-áirítear liosta custaiméirí, tuairisc ar na taifid chomhfhreagracha atá ar fáil, agus soláthair an láimhdeachas iomlán arna ghiniúint ag an ngnólacht atá le dífheistiú le gach ceann de na custaiméirí sin (in EUR agus mar chéatadán de láimhdeachas iomlán an ghnólachta atá le dífheistiú). Más rud é gur gearradh amach atá i gceist leis an ngnólacht, ba cheart an fhaisnéis uile sin a sholáthar freisin maidir leis an ngnólacht ar fad as a ngearrfaí amach an gnólacht atá le dífheistiú.

4.9.

Soláthair na sonraí airgeadais ábhartha uile le haghaidh an ghnólachta atá le dífheistiú, lena n-áirítear an láimhdeachas agus EBITDA a baineadh amach le 3 bliana airgeadais anuas, agus an réamhaisnéis don chéad 2 bhliain airgeadais eile. Más rud é go bhfuil sé ar fáil, soláthair an plean gnó nó straitéiseach atá i bhfeidhm faoi láthair le haghaidh an ghnólachta atá le dífheistiú, lena n-áirítear aon réamhaisnéis a fhéadfaidh a bheith ar fáil. Más rud é gur gearradh amach atá i gceist leis an ngnólacht, ba cheart an fhaisnéis uile a sholáthar freisin maidir leis an ngnólacht ar fad as a ngearrfaí amach an gnólacht atá le dífheistiú.

4.10.

Sainaithin agus tabhair tuairisc ar aon athrú atá tarlaithe le 2 bhliain anuas ar eagrú an ghnólachta atá le dífheistiú nó ar na naisc le gnóthais eile atá á rialú ag na páirtithe. Más rud é gur gearradh amach atá i gceist leis an ngnólacht, ba cheart an fhaisnéis uile a sholáthar freisin maidir leis an ngnólacht ar fad as a ngearrfaí amach an gnólacht atá le dífheistiú.

4.11.

Sainaithin agus tabhair tuairisc ar aon athrú, atá á bheartú le haghaidh an chéad 2 bhliain eile, in eagrú an ghnólachta atá le dífheistiú nó ar na naisc le gnóthais eile atá á rialú ag na páirtithe. Más rud é gur gearradh amach atá i gceist leis an ngnólacht, ba cheart an fhaisnéis uile sin a sholáthar freisin maidir leis an ngnólacht ar fad as a ngearrfaí amach an gnólacht atá le dífheistiú.

Faisnéis ar an ngnólacht atá le dífheistiú mar a thuairiscítear sna gealltanais arna dtairiscint agus i gcomparáid leis an ngnólacht atá le dífheistiú mar a oibrítear faoi láthair

4.12.

Agus do chuid freagraí ar cheisteanna 4.1-4.11 thuas á gcur san áireamh, leag amach na difríochtaí uile idir (i) an gnólacht atá le dífheistiú mar a thuairiscítear sna gealltanais atá á dtairiscint agus (ii) an gnólacht atá le dífheistiú mar a oibrítear faoi láthair é. I gcás inarb ann d’aon sócmhainn inláimhsithe nó dholáimhsithe, d’aon phearsanra, saoráid, conradh, táirge, taighde agus forbairt, táirge píblíne, seirbhís chomhroinnte etc. atá á dtáirgeadh nó á n-úsáid ag an ngnólacht atá le dífheistiú ar bhealach ar bith faoi láthair nó ar a bhfuil an gnólacht sin ag brath ar bhealach ar bith ach nach n-áirítear sna gealltanais, soláthair liosta cuimsitheach.

Fáil ag ceannaitheoir oiriúnach

4.13.

Mínigh na cúiseanna, dar leat féin, ar dócha go bhfaighidh ceannaitheoir oiriúnach an gnólacht atá le dífheistiú sa tráthchlár atá beartaithe sna gealltanais arna dtairiscint.

ROINN 5

DEARBHÚ

Ní mór an dearbhú a leanas a chur ag deireadh na Foirme RM atá le síniú ag na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu nó thar a gceann siúd agus ag aon pháirtí eile atá ag síniú na ngealltanas:

Dearbhaíonn na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu agus aon pháirtí eile ag a bhfuil na gealltanais á síniú, de réir mar is fearr is eol dóibh agus mar a chreideann siad, go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha san fhógra seo fíor, ceart agus iomlán, gur soláthraíodh fíorchóipeanna iomlána de dhoiciméid a cheanglaítear leis an bhFoirm RM, go bhfuil na meastacháin uile atá ann sainaitheanta mar mheastacháin agus gurb iad na meastacháin is fearr iad bunaithe ar na fíorais bhunúsacha atá ann, agus gur tuairimí dílse iad na tuairimí uile atá curtha in iúl. Tá siad ar an eolas faoi fhorálacha Airteagal 14(1), pointe (a) den Rialachán um Chumaisc.

I gcás foirmeacha a bhfuil síniú digiteach curtha leo, is chun críocha faisnéise amháin iad na réimsí seo a leanas. Ba cheart iad a bheith ag comhfhreagairt do mheiteashonraí an ríomhshínithe chomhfhreagraigh (na ríomhshínithe comhfhreagracha).

Dáta:

[sínitheoir 1]

Ainm:

Eagraíocht:

Post:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Ríomhphost::

[“ríomhshínithe” / síniú]

[sínitheoir 2 más infheidhme]

Ainm:

Eagraíocht:

Post:

Seoladh:

Uimhir theileafóin:

Ríomhphost::

[“ríomhshínithe” / síniú]


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (an “Rialachán um Chumaisc”) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1), ar fáil ag EUR-Lex - 32004R0139 - EN - EUR-Lex (europa.eu).

(2)  Féach leathanach 22 an Iris Oifigiúil

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39), ar fáil ag EUR-Lex - 32018R1725 - EN - EUR-Lex (europa.eu). Féach freisin ráiteas príobháideachais a bhaineann le himscrúduithe Cumaisc ag https://ec.europa.eu/competition-policy/index/privacy-policy-competition-investigations_en.


5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/103


RIALACHÁN (AE) 2023/915 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Aibreán 2023

maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (2) ón gCoimisiún leagtar síos uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia. Rinneadh leasú suntasach ar an Rialachán sin cheana féin go leor uaireanta agus, ós rud é go bhfuil roinnt leasuithe le déanamh ar an Rialachán sin, ba cheart Rialachán nua a chur ina ionad.

(2)

Ba cheart uasleibhéil a leagan síos ar leibhéal dian, ar féidir é a bhaint amach go réasúnach trí dhea-chleachtais talmhaíochta, iascaireachta agus déantúsaíochta a leanúint agus an riosca a bhaineann le tomhaltas an bhia a chur san áireamh. I gcás riosca don tsláinte a d’fhéadfadh a bheith ann, ba cheart uasleibhéil le haghaidh éilleán a leagan síos ag leibhéal atá chomh híseal agus is féidir le réasún (ALARA). Áirithítear le cur chuige dá leithéid go gcuirfidh oibreoirí gnó bia bearta i bhfeidhm chun éilliú a chosc agus a laghdú a mhéid is féidir chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Is iomchuí é, anuas air sin, chun sláinte naíonán agus leanaí óga, ar grúpa leochaileach iad, a chosaint, na huasleibhéil is ísle a bhunú, leibhéil ar féidir iad a bhaint amach trí rogha dhocht a dhéanamh de na hamhábhair a úsáidtear chun bianna a mhonarú don phobal sin, in éineacht, i gcás inarb iomchuí, le cleachtais shonracha mhonaraíochta. Is iomchuí an rogha dhocht sin de na hamhábhair freisin chun bia sonrach a tháirgeadh a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh, rud a leagtar amach uasleibhéal docht ina leith chun na pobail leochaileacha a chosaint.

(3)

Chun cosaint éifeachtúil don tsláinte phoiblí a áirithiú, níor cheart bia ina bhfuil éilleáin thar na huasleibhéil a chur ar an margadh sa riocht sin, agus níor cheart é a úsáid mar chomhábhar bia ná é a mheascadh le bia ach an oiread.

(4)

Ionas go bhféadfar uasleibhéil a chur i bhfeidhm maidir le bia triomaithe, le bia caolaithe, le bia próiseáilte agus le comhbhia, nach bhfuil aon uasleibhéil shonracha de chuid an Aontais leagtha síos ina leith, ba cheart d’oibreoirí gnó bia na fachtóirí sonracha tiúchana, caolaithe agus próiseála a chur ar fáil do na húdaráis inniúla agus, i gcás comhbhia, an cion comhábhar, agus na sonraí turgnamhacha iomchuí ag gabháil leo a thugann údar maith leis na fachtóirí arna moladh.

(5)

Mar gheall ar an easpa sonraí tocsaineolaíocha agus easpa fianaise eolaíche ar shábháilteacht na meitibilítí, a chruthaítear trí dhíthocsainiú ceimiceach, is iomchuí cóireáil den sórt sin ar bhia a thoirmeasc.

(6)

Aithnítear go bhféadfaí ábhar éilleán i mbia a laghdú de bharr sórtáil nó cóireálacha fisiceacha eile. Chun na héifeachtaí ar thrádáil a laghdú, is iomchuí leibhéil níos airde éilleán a cheadú i gcás táirgí áirithe, ar táirgí iad nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh ná mar chomhábhar bia. Sna cásanna sin, ba cheart na huasleibhéil le haghaidh éilleán a leagan síos agus éifeachtacht na gcóireálacha sin á cur san áireamh chun an cion éilleán i mbia a laghdú go leibhéil atá faoi bhun na n-uasleibhéal a leagtar síos le haghaidh na dtáirgí sin a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó a úsáidtear mar chomhábhar bia. Chun mí-úsáid as na huasleibhéil arda sin a sheachaint, is iomchuí forálacha a leagan síos maidir le margú, lipéadú agus úsáid na dtáirgí lena mbaineann.

(7)

Bíonn úsáidí eile ag tráchtearraí áirithe seachas bia agus nach bhfuil chomh docht nó nach bhfuil uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe infheidhme ina leith. Chun forfheidhmiú éifeachtach na n-uasleibhéal le haghaidh éilleán sna bianna sin a éascú, is iomchuí forálacha lipéadaithe oiriúnacha a leagan síos le haghaidh na mbianna sin.

(8)

Féadfaidh ardleibhéil dé-ocsainí, défheinilí polaclóirínithe atá de chineál dé-ocsainí (‘DL-PCBanna’) agus défheinilí polaclóirínithe neamh-dhé-ocsaineacha (‘NDL-PCBanna’) a bheith i speicis áirithe éisc a thagann ón réigiún Baltach. Ní chomhlíonann sciar suntasach de na speicis éisc sin ón réigiún Baltach na huasleibhéil agus dá bhrí sin ní chuirfí ar áireamh iad dá gcuirfí na huasleibhéil i bhfeidhm. Mar sin féin, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag eisiamh na n-iasc ón aiste bia ar shláinte phobal an réigiúin Bhaltaigh.

(9)

Tá córais i bhfeidhm ag an Laitvia, ag an bhFionlainn agus ag an tSualainn chun a áirithiú go gcuirfear tomhaltóirí deiridh ar an eolas faoi na moltaí cothaithe do ghrúpaí leochaileacha sainaitheanta den phobal chun srian a chur ar thomhaltas éisc ón réigiún Baltach chun rioscaí sláinte a sheachaint. Dá bhrí sin, is iomchuí maolú a choinneáil don Laitvia, don Fhionlainn agus don tSualainn lena gceadaítear dóibh údarú a thabhairt do speicis áirithe éisc de thionscnamh an réigiúin Bhaltaigh a chur ar a margaí féin don tomhaltóir deiridh gan teorainn ama lena mbaineann na leibhéil dé-ocsainí agus/nó DL-PCBanna agus/nó NDL-PCBanna atá níos airde ná na leibhéil a shocraítear sa Rialachán seo. Chun go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar an staid, ba cheart don Laitvia, don Fhionlainn agus don tSualainn leanúint de thuairisciú bliantúil a dhéanamh don Choimisiún ar na bearta atá déanta acu chun tomhaltóirí deiridh a chur ar an eolas go héifeachtach faoi na moltaí cothaithe agus chun a áirithiú nach ndéanfar éisc agus táirgí éisc nach gcomhlíonann na huasleibhéil a mhargú i mBallstáit eile, agus ar éifeachtacht na mbeart sin.

(10)

In ainneoin dea-chleachtais deataithe a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir, ní féidir na huasleibhéil reatha le haghaidh hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (‘PAHanna’) a bhaint amach i roinnt Ballstát, i bhfeoil agus táirgí feola a dheataítear ar mhodh traidisiúnta agus in iasc agus táirgí iascaigh a dheataítear ar mhodh traidisiúnta, i gcás nach féidir na cleachtais deataithe a athrú gan athrú suntasach a dhéanamh ar thréithe orgánaileipteacha an bhia. Dá bhrí sin, dá gcuirfí uasleibhéil i bhfeidhm, d’imeodh táirgí den sórt sin a dheataítear ar mhodh traidisiúnta ón margadh, agus dhúnfaí go leor fiontair bheaga agus mheánmhéide mar thoradh air sin. Is é sin an cás a bhaineann le feoil agus táirgí áirithe feola a dheataítear ar mhodh traidisiúnta in Éirinn, sa Spáinn, sa Chróit, sa Chipir, sa Laitvia, sa Pholainn, sa Phortaingéil, sa tSlóvaic, san Fhionlainn agus sa tSualainn agus an cás a bhaineann le hiasc agus táirgí áirithe iascaigh a dheataítear ar mhodh traidisiúnta sa Laitvia, san Fhionlainn agus sa tSualainn. Dá bhrí sin, ba cheart maolú gan teorainn ama a choinneáil don táirgeadh áitiúil agus don tomhaltas áitiúil i gcás feoil áirithe a dheataítear ar mhodh traidisiúnta agus táirgí feola deataithe áirithe, iasc a dheataítear ar mhodh traidisiúnta agus táirgí iascaigh deataithe sna Ballstáit sin amháin.

(11)

Tá ar na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a thuairisciú ó rialuithe oifigiúla agus ó fhaireachán ar éilleáin i gcomhréir le pleananna rialaithe agus leis na ceanglais shonracha maidir le rialuithe oifigiúla ar éilleáin a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/931 ón gCoimisiún (3) agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 ón gCoimisiún (4). I gcás éilleáin shonracha áirithe, a bhfuil gá le tuilleadh sonraí faoi tharluithe ina leith, moltar do na Ballstáit, d’oibreoirí gnó bia agus do pháirtithe leasmhara eile faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí maidir le tarluithe agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaca le bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm, chun a chur ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar an ngá le bearta atá ann cheana a mhodhnú nó bearta breise a ghlacadh. Ar na cúiseanna céanna, is iomchuí freisin go gcuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún an fhaisnéis atá bailithe acu a mhéid a bhaineann le héilleáin eile.

(12)

Ba cheart uasleibhéil mar a leagtar síos faoi láthair le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, arna leasú, a choimeád leis an Rialachán seo. Mar sin féin, i bhfianaise na taithí a fuarthas leis an Rialachán sin agus chun inléiteacht na rialacha a fheabhsú, is iomchuí, ar lámh amháin, úsáid roinnt fonótaí a sheachaint agus, ar an lámh eile, na tagairtí d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a mhéadú i gcás sainmhínithe ar na catagóirí.

(13)

I bhfianaise na taithí a fuarthas leis an Rialachán sin freisin agus chun forfheidhmiú aonfhoirmeach na n-uasleibhéal a éascú, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart tiúchan cuimse íochtair a úsáid sna cásanna sin ina leagtar síos uasleibhéil le haghaidh il-chomhdhúl (suim na dtiúchan), seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt, agus chun na codanna de na crústaigh a bhfuil feidhm ag na huasleibhéil maidir leo a shoiléiriú.

(14)

A mhéid a bhaineann le caidmiam, is iomchuí an díolúine reatha le haghaidh braiche a leathnú go dtí gach gránach a úsáidtear chun beoir nó driogáití a tháirgeadh, ar choinníoll nach gcuirtear an t-iarmhar gránaigh atá fágtha ar an margadh mar bhia, toisc go bhfuil caidmiam go príomha san iarmhar gránaigh agus dá bhrí sin tá an cion caidmiam i mbeoir an-íseal.

(15)

A mhéid a bhaineann le PAHanna, bunaithe ar na sonraí anailíseacha atá ar fáil agus ar an modh táirgthe, lenar léiríodh gur thángthas ar mhéid dhiomaibhseach de na substaintí sin i gcaife ar an toirt/i gcaife intuaslagtha, is iomchuí caife ar an toirt/caife intuaslagtha a eisiamh ón uasleibhéal le haghaidh púdar bia de thionscnamh plandaí chun deochanna a ullmhú. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le huasleibhéil le haghaidh PAHanna d’fhoirmlí naíonán, d’fhoirmlí leantacha agus d’fhoirmlí do leanaí óga agus le haghaidh bia chun críocha speisialta míochaine a bheartaítear do naíonáin agus do leanaí óga, leagtar síos iad faoi láthair le haghaidh táirgí a chuirtear ar an margadh gan idirdhealú ó fhoirm fhisiceach an táirge. Is iomchuí, dá bhrí sin, a shoiléiriú go dtagraíonn na huasleibhéil sin do na táirgí atá réidh le húsáid (a chuirtear ar an margadh sa riocht sin nó tar éis an athdhéanta de réir mar a threoraíonn an monaróir).

(16)

A mhéid a bhaineann le mealaimín, tá uasleibhéal glactha ag Codex Alimentarius, de bhreis ar an bhfoirmle naíonán púdraithe, maidir leis an bhfoirmle naíonán leachtach, leibhéal atá glactha ag an Aontas. Is iomchuí, dá bhrí sin, an t-uasleibhéal sin a chur i bhfeidhm maidir le meilimín i bhfoirmle do naíonán agus san fhoirmle leantach dá réir sin.

(17)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a aisghairm.

(18)

Nuair a leagann an Coimisiún uasteorainneacha nua síos le haghaidh éilleán i mbia, foráiltear leis, i gcás inarb iomchuí, do bhearta idirthréimhseacha chun a chur ar chumas oibreoirí eacnamaíocha ullmhú do chur i bhfeidhm na rialacha nua. Chun aistriú rianúil a áirithiú idir Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 agus an Rialachán seo, is iomchuí na bearta idirthréimhseacha a choimeád a mhéid a bhaineann leis na huasteorainneacha sin arna nglacadh ar láimh ag an Rialachán seo, atá fós ábhartha.

(19)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘bia’ bia mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

(b)

ciallaíonn ‘oibreoir gnó bia’ oibreoir gnó bia mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 3, de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(c)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ cur ar an margadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(d)

ciallaíonn ‘tomhaltóir deiridh’ tomhaltóir deiridh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 18, de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(e)

ciallaíonn ‘próiseáil’ próiseáil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (m), de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(f)

ciallaíonn ‘táirgí neamhphróiseáilte’ táirgí neamhphróiseáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (n), de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004; agus

(g)

ciallaíonn ‘táirgí próiseáilte’ táirgí próiseáilte mar a shainmhínítear i bpointe (o) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004.

Airteagal 2

Rialacha ginearálta

1.   Ní chuirfear an bia a liostaítear in Iarscríbhinn I ar an margadh agus ní úsáidfear é mar amhábhar i mbia ná mar chomhábhar i mbia i gcás ina bhfuil éilleán ann ar leibhéal atá níos airde ná an t-uasleibhéal a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

2.   Ní dhéanfar bia a chomhlíonann na huasleibhéil a leagtar síos in Iarscríbhinn I a mheascadh le bia a théann thar na huasleibhéil sin.

3.   Beidh feidhm ag na huasleibhéil a leagtar síos in Iarscríbhinn I maidir le bia mar a chuirtear ar an margadh agus maidir le cuid inite an bhia lena mbaineann, mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn sin.

4.   I gcórais ina bhfuil táirgeadh agus próiseáil gránaigh comhtháite ionas go ndéanfar gach beart atá ag teacht isteach a ghlanadh, a shórtáil agus a phróiseáil san aon fhoras amháin, beidh feidhm ag na huasleibhéil maidir le gránaigh neamhphróiseáilte sa chéim táirgeachta ag an gcéim roimh an bpróiseáil chéadchéime.

Airteagal 3

Bia triomaithe, caolaithe agus próiseáilte agus comhbhia

1.   I gcás nach leagtar síos aon uasleibhéil shonracha de chuid an Aontais in Iarscríbhinn I le haghaidh bia atá triomaithe, caolaithe, próiseáilte nó le haghaidh comhbhia (i.e. tá sé déanta as níos mó ná comhábhar amháin), cuirfear na gnéithe seo a leanas san áireamh agus na huasleibhéil a leagtar síos in Iarscríbhinn I á gcur i bhfeidhm maidir le bia den sórt sin:

(a)

athruithe ar thiúchan an éilleáin de bharr próisis thriomaithe nó chaolaithe;

(b)

athruithe ar thiúchan an éilleáin de bharr próiseála;

(c)

cionmhaireachtaí coibhneasta na gcomhábhar sa táirge;

(d)

teorainn anailíseach an chainníochtaithe.

2.   I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil rialú oifigiúil, déanfaidh an t-oibreoir gnó bia na fachtóirí sonracha tiúchana, caolaithe nó próiseála a sholáthar agus bonn cirt a thabhairt leo maidir leis na hoibríochtaí triomaithe, caolaithe nó próiseála lena mbaineann nó na fachtóirí sonracha tiúchana, caolaithe nó próiseála don bhia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte nó don chomhbhia lena mbaineann chomh maith leis an gcion comhábhar chun na hoibríochtaí a mheascadh.

I gcás nach soláthróidh an t-oibreoir gnó bia an tiúchan, an caolú nó an fachtóir próiseála is gá, nó i gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil an fachtóir sin míchuí i bhfianaise an bhoinn cirt a tugadh, saineoidh an t-údarás inniúil é féin an fachtóir sin, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil agus leis an gcuspóir an chosaint uasta a thabhairt do shláinte an duine.

3.   I gcás nach leagtar amach uasleibhéil shonracha de chuid an Aontais le haghaidh bia do naíonáin agus do leanaí óga in Iarscríbhinn I, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le huasleibhéil níos déine le haghaidh bia den sórt sin.

Airteagal 4

Toirmeasc ar dhíthocsainiú

Bia a bhfuil éilleáin a liostaítear in Iarscríbhinn I ann, ní dhéanfar é a dhíthocsainiú d’aon ghnó le cóireálacha ceimiceacha.

Airteagal 5

Bia atá le sórtáil nó a bhfuil cóireáil fhisiceach eile le déanamh air sula gcuirfear ar an margadh don tomhaltóir deiridh é nó sula n-úsáidfear mar chomhábhar bia é

1.   I gcás ina leagtar síos uasleibhéal le haghaidh éilleán in Iarscríbhinn I go sonrach a mhéid a bhaineann le bia atá le sórtáil nó a bhfuil cóireáil fhisiceach eile le déanamh air eile sula gcuirfear ar an margadh é don tomhaltóir deiridh nó sula n-úsáidfear é mar chomhábhar bia, féadfar bia den sórt sin a chur ar an margadh ar choinníoll:

(a)

nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh é nó nach n-úsáidtear mar chomhábhar bia é;

(b)

comhlíonann sé an t-uasleibhéal a leagtar síos in Iarscríbhinn I chun an t-éilleán sa bhia sin atá le sórtáil nó a bhfuil cóireáil fhisiceach eile le déanamh air, sula gcuirfear ar an margadh don tomhaltóir deiridh é nó sula n-úsáidfear mar chomhábhar bia é; agus

(c)

go bhfuil sé lipéadaithe agus marcáilte i gcomhréir le mír 2.

2.   Ar lipéad gach pacáiste aonair agus ar dhoiciméad bunaidh a ghabhann le bia dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), taispeánfar go soiléir an úsáid a bhaintear as agus beidh an fhaisnéis seo a leanas air: ‘Déanfar an táirge a shórtáil nó déanfar cóireáil fhisiceach eile air chun éilliú [ainm an éilleáin/na n-éilleán] a laghdú sula gcuirfear ar an margadh don tomhaltóir deiridh é nó sula n-úsáidfear mar chomhábhar bia é’.

Beidh an cód aitheantais coinsíneachta/baisce marcáilte go doscriosta ar gach pacáiste aonair den choinsíneacht agus ar an doiciméad bunaidh a ghabhann leis.

3.   Maidir le bia atá le sórtáil nó a bhfuil cóireáil fhisiceach eile le déanamh air chun leibhéil éillithe a laghdú, ní dhéanfar é a mheascadh roimhe sin le bia a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh ná le bia atá ceaptha lena úsáid mar chomhábhar bia.

4.   Féadfar bia a sórtáladh nó a ndearnadh cóireáil fhisiceach eile air chun leibhéil éillithe a laghdú a chur ar an margadh ar choinníoll nach sárófar na huasleibhéil a leagtar síos in Iarscríbhinn I maidir le bia a cuireadh ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó lena úsáid mar chomhábhar bia agus nach mbeidh aon iarmhair dhíobhálacha eile ann mar thoradh ar an gcóireáil a úsáideadh.

Airteagal 6

Forálacha lipéadaithe le haghaidh piseanna talún, olashíolta eile, táirgí díorthaithe uathu agus gránaigh

1.   Taispeánfar go soiléir ar lipéad gach pacáiste ar leith agus ar an doiciméad bunaidh a ghabhann leis na piseanna talún, olashíolta eile, táirgí díorthaithe uathu agus gránaigh an úsáid atá beartaithe dóibh.

Beidh an cód aitheantais coinsíneachta/baisce marcáilte go doscriosta ar gach pacáiste aonair den choinsíneacht agus ar an doiciméad bunaidh a ghabhann leis. Beidh gníomhaíocht ghnó choinsíní na coinsíneachta a thugtar ar an doiciméad a ghabhann leis ag luí leis an úsáid atá beartaithe.

2.   In éagmais faisnéis shoiléir nach é an úsáid atá beartaithe dóibh iad a chur ar an margadh mar bhia, beidh feidhm ag na huasleibhéil a leagtar síos in Iarscríbhinn I maidir le gach pis talún, olashíol eile agus táirge díorthaithe uathu agus gránaigh a chuirtear ar an margadh.

3.   An eisceacht maidir le piseanna talún agus olashíolta eile atá le brú ó chur i bhfeidhm na n-uasleibhéal a leagtar síos in Iarscríbhinn I, ní bheidh sí i bhfeidhm ach amháin maidir le coinsíneachtaí sna cásanna seo a leanas:

(a)

má tá siad lipéadaithe go soiléir ar shlí a léirítear an úsáid atá beartaithe dóibh;

(b)

má tá an fhaisnéis ‘Tá an táirge faoi réir brú chun ola glasraí scagtha a tháirgeadh’ ar lipéad gach pacáiste ar leith agus ar an doiciméad bunaidh a ghabhann leis; agus

(c)

má tá gléasra brúite mar an ceann scríbe deiridh dóibh.

Airteagal 7

Maoluithe ar Airteagal 2

1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh an Laitvia, an Fhionlainn agus an tSualainn údarú a thabhairt chun bradáin a ghabhtar go fiáin (Salmo salar) agus táirgí de thionscnamh réigiún Baltach lena mbaineann leibhéil dé-ocsainí agus/nó DL-PCBanna agus/nó NDL-PCBanna níos airde ná na cinn a leagtar amach i bpointe 4.1.5 d’Iarscríbhinn I a chur ar an margadh don tomhaltóir deiridh laistigh dá gcuóta bliantúil mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ar choinníoll:

(a)

go bhfuil córas i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfear tomhaltóirí deiridh ar an eolas go hiomlán faoi na moltaí cothaithe náisiúnta maidir leis na srianta ar chaitheamh bradán a ghabhtar go fiáin ón réigiún Baltach agus táirgí a bhaineann leo arna sainaithint ag grúpaí leochaileacha den phobal chun rioscaí sláinte féideartha a sheachaint;

(b)

go leanann an Laitvia, an Fhionlainn agus an tSualainn de na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanfar bradáin a ghabhtar go fiáin, ná táirgí uathu nach gcomhlíonann pointe 4.1.5 d’Iarscríbhinn I, a mhargú i mBallstáit eile;

(c)

go dtuairiscíonn an Laitvia, an Fhionlainn agus an tSualainn don Choimisiún gach bliain ar na bearta atá déanta acu chun tomhaltóirí deiridh a chur ar an eolas go héifeachtach faoi na moltaí cothaithe agus chun a áirithiú nach ndéanfar bradáin a ghabhtar go fiáin, agus táirgí uathu nach gcomhlíonann na huasleibhéil, a mhargú i mBallstáit eile agus chun fianaise a sholáthar maidir le héifeachtacht na mbeart sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh an Fhionlainn agus an tSualainn a údarú go gcuirfear ar a margadh faoi seach, laistigh dá gcuóta bliantúil mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, scadáin Mhuir Bhailt a ghabhtar go fiáin atá níos mó ná 17 cm (Clupea harengus membras), ruabhric a ghabhtar go fiáin (Salvelinus spp.), loimprí abhann a ghabhtar go fiáin (Lampetra fluviatilis) agus bric a ghabhtar go fiáin (Salmo trutta) agus táirgí de thionscnamh an réigiúin Bhaltaigh ina bhfuil leibhéil dé-ocsainí agus/nó DL-PCBanna agus/nó NDL-PCBanna níos airde ná na cinn a leagtar amach i bpointe 4.1.5 d’Iarscríbhinn I, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil córas i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfear tomhaltóirí deiridh ar an eolas go hiomlán maidir leis na moltaí cothaithe i ndáil leis na srianta ar chaitheamh scadáin Mhuir Bhailt a ghabhtar go fiáin atá níos mó ná 17 cm, ruabhreac a ghabhtar go fiáin, loimpre abhann a ghabhtar go fiáin agus breac a ghabhtar go fiáin ón réigiún Baltach agus táirgí a bhaineann leo arna sainaithint ag grúpaí leochaileacha den phobal chun rioscaí féideartha sláinte a sheachaint;

(b)

go leanfaidh an Fhionlainn agus an tSualainn de na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanfar scadáin Mhuir Bhailt a ghabhtar go fiáin atá níos mó ná 17 cm, ruabhric a ghabhtar go fiáin, loimprí abhann a ghabhtar go fiáin agus bric a ghabhtar go fiáin, ná táirgí uathu nach gcomhlíonann pointe 4.1.5 d’Iarscríbhinn I, a mhargú i mBallstáit eile;

(c)

go dtuairisceoidh an Fhionlainn agus an tSualainn don Choimisiún gach bliain ar na bearta atá déanta acu chun na codanna leochaileacha den phobal na moltaí cothaithe a shainaithnítear a chur ar an eolas go héifeachtach agus chun a áirithiú nach ndéanfar iasc agus táirgí éisc nach gcomhlíonann na huasleibhéil a mhargú i mBallstáit eile agus chun fianaise a sholáthar maidir le héifeachtacht na mbeart sin.

3.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh na Ballstáit seo a leanas a údarú go gcuirfear ar a margaí faoi seach don tomhaltóir deiridh an fheoil agus na táirgí feola a dheataítear ar mhodh traidisiúnta, a deataíodh ina gcríoch ina bhfuil leibhéil PAHanna atá níos airde ná na leibhéil a leagtar síos i bpointe 5.1.6 d’Iarscríbhinn I, ar choinníoll nach bhfuil níos mó ná 5,0 μg/kg sna táirgí poncanna sin le haghaidh beinsi[a]piréine agus 30,0 μg/kg le haghaidh suim beinsi[a]piréine, beinsi(a)antraicéine, beinsea[b]fluaraintéine agus críséine:

(a)

Éire, an Chróit, an Chipir, an Spáinn, an Pholainn agus an Phortaingéil: feoil agus táirgí feola a dheataítear ar mhodh traidisiúnta;

(b)

an Laitvia: muiceoil a dheataítear ar mhodh traidisiúnta, feoil sicín theodheataithe, ispíní teodheataithe agus feoil ghéim theodheataithe;

(c)

an tSlóvaic: feoil shaillte a dheataítear ar mhodh traidisiúnta, bagún a dheataítear ar mhodh traidisiúnta, ispíní a dheataítear ar mhodh traidisiúnta (klobása), i gcás ina gciallaíonn ‘a dheataítear ar mhodh traidisiúnta’ deatach a chruthú trí chineálacha adhmaid a dhó (lomáin adhmaid, min sáibh adhmaid, sliseanna adhmaid) i dteach deataigh;

(d)

an Fhionlainn: feoil táirgí feola a theodheataítear ar mhodh traidisiúnta;

(e)

an tSualainn: feoil agus táirgí feola a dheataítear thar adhmad séidte nó ábhair phlandúla eile.

Leanfaidh na Ballstáit sin agus na hoibreoirí gnó bia lena mbaineann d’fhaireachán a dhéanamh ar PAHanna a bheith i láthair i bhfeoil a dheataítear ar mhodh traidisiúnta agus i dtáirgí feola deataithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus áiritheoidh siad go gcuirfear dea-chleachtais deataithe chun feidhme i gcás inar féidir, gan tréithe orgánaileipteacha tipiciúla na dtáirgí sin a chailleadh.

4.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh na Ballstáit seo a leanas a údarú go gcuirfear ar a margaí faoi seach don tomhaltóir deiridh na táirgí iascaigh seo a leanas a dheataítear ar mhodh traidisiúnta agus a dheataítear ina gcríoch le leibhéil PAHanna atá níos airde ná na leibhéil a leagtar amach i bpointe 5.1.7 d’Iarscríbhinn I, ar choinníoll nach bhfuil níos mó ná 5,0 μg/kg sna táirgí deataithe sin le haghaidh bheinsi[a]piréine agus 30,0 μg/kg le haghaidh suim bheinsi[a]piréine, beinsi(a)antraicéine, beinsea[b]fluaraintéine agus críséine:

(a)

an Laitvia: iasc a theodheataítear ar mhodh traidisiúnta;

(b)

an Fhionlainn: iasc beag a theodheataítear ar mhodh traidisiúnta agus táirgí iascaigh a rinneadh as éisc bheaga;

(c)

an tSualainn: iasc agus táirgí iascaigh a dheataítear thar adhmad séidte nó ábhair phlandúla eile.

Leanfaidh na Ballstáit sin agus na hoibreoirí gnó bia lena mbaineann d’fhaireachán a dhéanamh ar PAHanna a bheith i láthair in iasc a dheataítear ar mhodh traidisiúnta agus i dtáirgí iascaigh deataithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus áiritheoidh siad go gcuirfear dea-chleachtais deataithe chun feidhme i gcás inar féidir, gan tréithe orgánaileipteacha tipiciúla na dtáirgí sin a chailleadh.

Airteagal 8

Faireachán agus tuairisciú

1.   Faoin 1 Iúil 2023, cuirfidh na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara in iúl don Choimisiún torthaí na n-imscrúduithe a rinneadh agus an dul chun cinn a rinneadh maidir le bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm chun éilliú ó scléaróití eargóit agus ó alcalóidigh eargóit a sheachaint i dtáirgí seagail agus i dtáirgí muilleála seagail, agus chun éilliú ó alcalóidigh eargóit a sheachaint i dtáirgí muilleála eorna, cruithneachta, speilte agus grán coirce.

Tuairisceoidh na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara gach bliain don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘Údarás’) na sonraí a bhaineann le scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit i seagal agus i dtáirgí muilleála seagail agus sonraí a bhaineann le halcalóidigh eargóit i dtáirgí muilleála eorna, cruithneachta, speilte agus grán coirce.

2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, nuair a iarrtar sin, na himscrúduithe a rinneadh agus na foinsí ábhartha a sainaithníodh tar éis Moltaí ón gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar éilleáin a bheith i mbia agus an dul chun cinn i ndáil le bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm chun éilliú a sheachaint.

3.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Údarás go bhfuil sonraí tarlaithe a bhailigh siad faoi éilleáin eile seachas na cinn dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh oibreoirí gnó bia agus páirtithe leasmhara eile sonraí faoi tharluithe den sórt sin a thíolacadh don Údarás.

4.   Soláthróidh na Ballstáit, oibreoirí gnó bia agus páirtithe leasmhara eile sonraí faoin tarlú don Údarás i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe an Údaráis.

Airteagal 9

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 10

Bearta idirthréimhseacha

1.   Féadfar bia a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh na dátaí dá dtagraítear i bpointe (a) go (k) a choinneáil ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó an dáta éaga:

(a)

an 19 Meán Fómhair 2021 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh alcalóidigh thrópáin i mbianna do naíonáin agus i mbianna próiseáilte gránachbhunaithe do naíonáin agus do leanaí óga, ina bhfuil arbhar Indiach nó a tháirgí díorthaithe a leagtar amach i bpointe 2.2.1 d’Iarscríbhinn I;

(b)

an 1 Eanáir 2022 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit a leagtar síos i bpointe 1.8 d’Iarscríbhinn I;

(c)

an 3 Bealtaine 2022 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh mearcair a leagtar síos i bpointe 3.3 d’Iarscríbhinn I;

(d)

an 1 Iúil 2022 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh alcalóidigh óipiam a leagtar síos i bpointe 2.5 d’Iarscríbhinn I;

(e)

an 1 Meán Fómhair 2022 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh alcalóidigh thrópáin a leagtar síos i bpointí 2.2.2 go 2.2.9 d’Iarscríbhinn I;

(f)

an 1 Eanáir 2023 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh ócratocsain A a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn I;

(g)

an 1 Eanáir 2023 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh aigéad hidricianach a leagtar síos i bpointe 2.3 d’Iarscríbhinn I;

(h)

an 1 Eanáir 2023 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh suim Δ9-THC agus Δ9-THCA a leagtar síos i bpointe 2.6 d’Iarscríbhinn I;

(i)

an 1 Eanáir 2023 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh suim dé-ocsainí agus le haghaidh suim dé-ocsainí agus DL-PCBanna a leagtar síos i bpointí 4.1.1, 4.1.2, 4.1.11 agus 4.1.12 d’Iarscríbhinn I;

(j)

an 1 Eanáir 2023 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh shuim na substaintí sárfhluaracaileacha a leagtar síos i bpointe 4.2 d’Iarscríbhinn I;

(k)

an 26 Márta 2023 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh arsanaice a leagtar síos i bpointe 3.4 d’Iarscríbhinn I.

2.   Féadfaidh bia a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 1 Iúil 2022 a choinneáil ar an margadh go dtí an 31 Nollaig 2023 a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil le haghaidh alcalóidigh phioróilisidín a leagtar síos i bpointe 2.4 d’Iarscríbhinn I.

3.   Is é an t-oibreoir gnó bia a iompróidh an t-ualach a bhaineann leis an dáta ar cuireadh na táirgí ar an margadh go dleathach a thaispeáint.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena leagtar síos uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i dtáirgí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/931 ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha a leagan síos maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh a mhéid a bhaineann le héilleáin i mbia (IO L 162, 17.6.2022, lch. 7).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2022 maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh a mhéid a bhaineann le héilleáin i mbia, maidir le hábhar sonrach breise i bpleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla agus maidir le socruithe sonracha breise chun iad a ullmhú (IO L 162, 17.6.2022, lch. 13).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil d’iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas bia-ábhair (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


IARSCRÍBHINN I

Uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia (1)

1

Míceatocsainí

1.1

Aflatocsainí

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

 

 

B1

Suim na rónna B1, B2, G1 agus G2

M1

Maidir le suim na n-aflatocsainí, tagraíonn uasleibhéil do thiúchain cuimse íochtair, a ríomhtar ag glacadh leis gurb ionann na luachanna go léir faoi bhun na teorann cainníochtaithe agus nialas.

1.1.1

Torthaí triomaithe atá le sórtáil nó a bhfuil cóireáil fhisiceach eile le déanamh orthu sula gcuirfear ar an margadh don tomhaltóir deiridh iad nó sula n-úsáidfear mar chomhábhar i mbia iad seachas táirgí a liostaítear in 1.1.3

5,0

10,0

-

 

1.1.2

Torthaí triomaithe a úsáidtear mar chomhábhar amháin nó mar tháirgí próiseáilte ó thorthaí triomaithe, a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó lena n-úsáid mar chomhábhar i mbia seachas na táirgí a liostaítear in 1.1.3

2,0

4,0

-

I gcás bia arb é atá ann torthaí triomaithe nach n-úsáidtear ach mar chomhábhar amháin nó i gcás táirgí próiseáilte arb é atá in 80 % ar a laghad díobh na torthaí triomaithe lena mbaineann, beidh feidhm ag na huasleibhéil arna mbunú do na torthaí triomaithe comhfhreagracha maidir leis na táirgí sin freisin. I gcásanna eile, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

1.1.3

Figí triomaithe

6,0

10,0

-

I gcás bia arb é atá ann figí triomaithe a úsáidtear mar chomhábhar amháin nó i gcás táirgí próiseáilte arb é atá in 80 % ar a laghad díobh figí triomaithe, beidh feidhm ag na huasleibhéil arna mbunú d’fhigí triomaithe maidir leis na táirgí sin freisin. I gcásanna eile, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

1.1.4

Piseanna talún agus olashíolta ola atá le sórtáil nó a bhfuil cóireáil fhisiceach eile le déanamh orthu sula gcuirfear ar an margadh don tomhaltóir deiridh iad nó sula n-úsáidfear mar chomhábhar iad i mbia

8,0

15,0

-

Seachas piseanna talún agus olashíolta eile le haghaidh brú chun ola glasraí scagtha a tháirgeadh.

Má dhéantar anailís ar phiseanna talún agus ar olashíolta eile a bhfuil blaosc do-ite acu, glactar leis, agus an cion aflatocsaine á ríomh, go bhfuil an t-éilliú go léir ar an gcuid inite.

1.1.5

Piseanna talún agus olashíolta eile a úsáidtear mar chomhábhair nó mar tháirgí próiseáilte ó phiseanna talún agus ó olashíolta eile amháin, a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó lena n-úsáid mar chomhábhar i mbia

2,0

4,0

-

Seachas amh-olaí plandúla atá beartaithe le haghaidh mínghlanadh agus olaí plandúla scagtha.

Má dhéantar anailís ar phiseanna talún agus ar olashíolta eile a bhfuil blaosc do-ite acu, glactar leis agus an cion aflatocsaine á ríomh, go bhfuil an t-éilliú go léir ar an gcuid inite.

I gcás bia ina bhfuil piseanna talún agus olashíolta ola eile a úsáidtear mar chomhábhair amháin nó i gcás táirgí próiseáilte arb é atá in 80 % ar a laghad díobh na piseanna talún agus olashíolta eile lena mbaineann, beidh feidhm ag na huasleibhéil arna mbunú do na piseanna talún comhfhreagracha agus d’olashíolta eile maidir leis na táirgí sin freisin. I gcásanna eile, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

1.1.6

Cnónna crainn atá le sórtáil nó a bhfuil cóireáil fhisiceach eile le déanamh orthu sula gcuirfear ar an margadh don tomhaltóir deiridh iad nó sula n-úsáidfear mar chomhábhar i mbia iad seachas táirgí a liostaítear in 1.1.8 agus 1.1.10

5,0

10,0

-

Má dhéantar anailís ar chnónna crann ‘sa bhlaosc’, glactar leis, agus an cion aflatocsaine á ríomh, go bhfuil an t-éilliú go léir ar an gcuid inite.

1.1.7

Cnónna crainn a úsáidtear mar chomhábhar amháin nó mar tháirgí próiseáilte ó chnónna crainn, a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó lena n-úsáid mar chomhábhar i mbia seachas táirgí a liostaítear in 1.1.9 agus 1.1.11

2,0

4,0

-

Má dhéantar anailís ar chnónna crann ‘sa bhlaosc’, glactar leis, agus an cion aflatocsaine á ríomh, go bhfuil an t-éilliú go léir ar an gcuid inite.

I gcás bia arb é atá ann cnónna crainn a úsáidtear mar chomhábhar amháin nó i gcás táirgí próiseáilte arb é atá in 80 % ar a laghad díobh na cnónna crainn lena mbaineann, beidh feidhm ag na huasleibhéil arna mbunú do na cnónna crainn maidir leis na táirgí sin freisin. I gcásanna eile, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

1.1.8

Almóinní, cnónna piostáise agus eithní aibreog atá le sórtáil nó a bhfuil cóireáil fhisiceach eile le déanamh orthu sula gcuirfear ar an margadh don tomhaltóir deiridh iad nó sula n-úsáidfear mar chomhábhar bia iad

12,0

15,0

-

Má dhéantar anailís ar chnónna crann ‘sa bhlaosc’, glactar leis, agus an cion aflatocsaine á ríomh, go bhfuil an t-éilliú go léir ar an gcuid inite.

1.1.9

Almóinní, piostáise agus eithní aibreog a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó lena n-úsáid mar chomhábhar i mbia

8,0

10,0

-

Má dhéantar anailís ar chnónna crann ‘sa bhlaosc’, glactar leis, agus an cion aflatocsaine á ríomh, go bhfuil an t-éilliú go léir ar an gcuid inite.

I gcás bia arb é atá ann almóinní, piostáise agus eithní aibreog a úsáidtear mar chomhábhar amháin nó i gcás táirgí próiseáilte arb é atá in 80 % ar a laghad díobh na cnónna crainn lena mbaineann, beidh feidhm ag na huasleibhéil arna mbunú do na cnónna crainn comhfhreagracha maidir leis na táirgí sin freisin. I gcásanna eile, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

1.1.10

Cnónna coill agus cnónna Brasaíleacha atá le sórtáil nó a bhfuil cóireáil fhisiceach eile le déanamh orthu sula gcuirfear ar an margadh don tomhaltóir deiridh iad nó sula n-úsáidfear i mbia iad

8,0

15,0

-

Má dhéantar anailís ar chnónna coill ‘sa bhlaosc’, glactar leis, agus an cion aflatocsaine á ríomh, go bhfuil an t-éilliú go léir ar an gcuid inite.

1.1.11

Cnónna coill agus cnónna Brasaíleacha a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó lena n-úsáid mar chomhábhar i mbia

5,0

10,0

-

Má dhéantar anailís ar chnónna coill “sa bhlaosc”, glactar leis, agus an cion aflatocsaine á ríomh, go bhfuil an t-éilliú go léir ar an gcuid inite.

I gcás bia arb é atá ann cnónna coill agus cnónna Brasaíleacha a úsáidtear mar chomhábhar amháin nó i gcás táirgí próiseáilte arb é atá in 80 % ar a laghad díobh na cnónna crainn, beidh feidhm ag na huasleibhéil arna mbunú do na cnónna crainn comhfhreagracha maidir leis na táirgí sin freisin. I gcásanna eile, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

1.1.12

Gránaigh agus táirgí a dhíorthaítear ó ghránaigh seachas na táirgí a liostaítear in 1.1.13, 1.1.18 agus 1.1.19

2,0

4,0

-

Lena n-áirítear táirgí gránaigh próiseáilte.

Baineann táirgí arna ndíorthú ó ghránaigh le táirgí arb é atá in 80 % ar a laghad díobh táirgí gránaigh.

1.1.13

Arbhar Indiach agus rís atá le sórtáil nó a bhfuil cóireáil fhisiceach eile le déanamh orthu, sula gcuirfear ar an margadh don tomhaltóir deiridh iad nó sula n-úsáidtear i mbia iad

5,0

10,0

-

 

1.1.14

Na spíosraí triomaithe seo a leanas:

Capsicum spp. (torthaí triomaithe de, iomlán nó meilte, lena n-áirítear sillithe, púdar sillí, piobar Chéin nó paiprice)

Piobar (torthaí ó Bheiteal spp, lena n-áirítear piobar bán agus dubh)

Noitmig (Myristica fragrans)

Tuirmiric (Curcuma longa)

Meascáin de spíosraí triomaithe ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na spíosraí triomaithe thuasluaite

5,0

10,0

-

 

1.1.15

Sinséar (Zingiber officinale) (triomaithe)

5,0

10,0

-

 

1.1.16

Bainne amh (2), bainne teaschóireáilte agus bainne chun táirgí bainnebhunaithe a mhonarú

-

-

0,050

 

1.1.17

Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin (3) agus bainne foirmle do leanaí óga (4)

-

-

0,025

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid (a chuirtear ar an margadh sa riocht sin nó tar éis an athdhéanta de réir mar a threoraíonn an monaróir).

1.1.18

Bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonán agus leanaí óga (3)

0,10

-

-

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le hábhar tirim (5) an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

1.1.19

Bia chun críoch speisialta míochaine a cheaptar do naíonáin agus do leanaí óga (3)

0,10

-

0,025

Tá feidhm ag an uasleibhéal i gcás bainne, táirgí bainne agus táirgí comhchosúla maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid (a chuirtear ar an margadh sa riocht sin nó tar éis an athdhéanta de réir mar a threoraíonn an monaróir) agus i gcás táirgí seachas bainne, táirgí bainne agus táirgí comhchosúla atá cosúil leis an ábhar tirim (5).


1.2

Ócratocsain A

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

1.2.1

Torthaí triomaithe

 

 

1.2.1.1

Torthaí fíniúna triomaithe (cuiríní, rísíní agus sabhdánaigh) agus figí triomaithe

8,0

 

1.2.1.2

Torthaí triomaithe eile

2,0

 

1.2.2

Síoróip dhátaí

15

 

1.2.3

Cnónna piostáise atá le sórtáil nó a bhfuil cóireáil fhisiceach eile le déanamh orthu sula gcuirfear ar an margadh don tomhaltóir deiridh iad nó sula n-úsáidfear i mbia iad

10,0

Má dhéantar anailís ar chnónna crann “sa bhlaosc”, glactar leis, agus an cion ócratocsaine A á ríomh, go bhfuil an t-éilliú go léir ar an gcuid inite.

1.2.4

Cnónna piostáise a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó a úsáidtear mar chomhábhar i mbia

5,0

Má dhéantar anailís ar chnónna crann “sa bhlaosc”, glactar leis, agus an cion ócratocsaine A á ríomh, go bhfuil an t-éilliú go léir ar an gcuid inite.

1.2.5

Luibheanna triomaithe

10,0

 

1.2.6

Fréamhacha sinséir (triomaithe) lena n-úsáid in insiltí luibhe

15

 

1.2.7

Fréamhacha leamhacháin (triomaithe), fréamhacha caisearbháin (triomaithe) agus bláthanna oráiste (triomaithe) lena n-úsáid in insiltí luibhe nó in ionadaigh chaife

20

 

1.2.8

Síolta lus na gréine, síolta puimcín, síolta mealbhacáin (uisce), síolta cnáibe, pónairí soighe

5,0

 

1.2.9

Gráin ghránaigh neamhphróiseáilte

5,0

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráin ghránaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh roimh an bpróiseáil chéadchéime (6).

1.2.10

Táirgí a fhaightear ó ghráin ghránaigh neamhphróiseáilte agus ó arbhar neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh seachas táirgí a liostaítear in 1.2.11, 1.2.12, 1.2.13, 1.2.23 agus 1.2.24

3,0

Lena n-áirítear táirgí gránaigh próiseáilte.

Baineann táirgí arna ndíorthú ó ghráin ghránaigh neamhphróiseáilte le táirgí ina bhfuil ar a laghad 80 % de tháirgí gránaigh.

1.2.11

Earraí bácála, sneaiceanna gránaigh agus gránaigh bhricfeasta

 

 

1.2.11.1

táirgí nach bhfuil síolta ola, cnónna ná torthaí triomaithe iontu

2,0

 

1.2.11.2

táirgí a bhfuil ar a laghad 20 % torthaí fíniúna triomaithe agus/nó figí triomaithe iontu

4,0

 

1.2.11.3

táirgí eile a bhfuil síolta ola, cnónna agus/nó torthaí triomaithe iontu

3,0

 

1.2.12

Deochanna braiche neamhalcólacha

3,0

 

1.2.13

Glútan cruithneachta nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

8,0

 

1.2.14

Pónairí caife rósta agus caife rósta meilte seachas na táirgí a liostaítear in 1.2.15

3,0

 

1.2.15

Caife intuaslagtha (caife ar an toirt)

5,0

 

1.2.16

Púdar cócó

3,0

 

1.2.17

Spíosraí triomaithe seachas na táirgí a liostaítear in 1.2.18

15

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le meascáin de spíosraí triomaithe.

1.2.18

Capsicum spp. (torthaí triomaithe de, iomlán nó meilte, lena n-áirítear sillithe, púdar sillí, piobar Chéin nó paiprice)

20

 

1.2.19

Liocras (Glycyrrhiza glabra, Glycyrrhiza inflata agus speicis eile)

 

 

1.2.19.1

Fréamh liocrais (triomaithe), lena n-áirítear mar chomhábhar in insiltí luibhe

20

 

1.2.19.2

Eastóscán liocrais lena úsáid i mbia, go háirithe i ndeochanna agus i milseogra

80

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an eastóscán íon agus neamhdhíothaithe, trína bhfaightear 1 kg d’eastóscán ó 3 kg go 4 kg d’fhréamh liocrais .

1.2.19.3

Milseogra liocrais ina bhfuil eastóscán liocrais ≥ 97 % ar bhonn tirim

50

 

1.2.19.4

Milseogra eile liocrais

10,0

 

1.2.20

Fíon (7), fíon torthaí

2,0

Áirítear fíon leathshúilíneach agus fíon súilíneach, gan fíon licéir agus fíon ag a bhfuil neart alcóil nach lú ná 15 % toirte a áireamh.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar 2005 ar aghaidh.

1.2.21

Fíon cumhraithe, deochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus manglaim táirgí fíona chumhraithe (8)

2,0

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar 2005 ar aghaidh.

Is é an t-uasleibhéal is infheidhme maidir leis na deochanna sin feidhm an chiona den fhíon agus/nó den fhíon fíonchaor atá sa táirge críochnaithe.

1.2.22

Sú fíonchaor, sú fíonchaor ó dhlúthán, sú fíonchaor comhdhlúite, neachtar fíonchaor, fíon fíonchaor agus fíon fíonchaor comhdhlúite, a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh (9)

2,0

Maidir le sú fíonchaor comhdhlúite nó dlúthánfíona fíonchaor, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le sú nó dlúthán fíona fíonchaor mar fhíon athdhéanta.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar 2005 ar aghaidh.

1.2.23

Bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonán agus leanaí óga (3)

0,50

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le hábhar tirim (5) an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

1.2.24

Bia chun críoch speisialta míochaine a cheaptar do naíonáin agus do leanaí óga (3)

0,50

Tá feidhm ag an uasleibhéal i gcás bainne, táirgí bainne agus táirgí comhchosúla maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid (a chuirtear ar an margadh sa riocht sin nó tar éis an athdhéanta de réir mar a threoraíonn an monaróir) agus i gcás táirgí seachas bainne, táirgí bainne agus táirgí comhchosúla atá cosúil leis an ábhar tirim (5).


1.3

Patúilin

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

1.3.1

Súnna torthaí, súnna torthaí comhdhlúite, agus neachtair torthaí (9)

50

Maidir le sú torthaí comhdhlúite, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le sú mar a athdhéantar é.

1.3.2

Deochanna biotáilleacha (10),, leann úll agus deochanna coipthe eile a dhíorthaítear ó úlla nó a bhfuil sú úll iontu

50

 

1.3.3

Táirgí úill sholadaigh a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh seachas na táirgí a liostaítear in 1.3.4 agus 1.3.5

25

Lena n-áirítear compóit úill agus purée úill.

1.3.4

Sú úll agus táirgí úill sholadaigh do naíonáin agus do leanaí óga (3) agus atá lipéadaithe agus a chuirtear ar an margadh sa riocht sin

10,0

Lena n-áirítear compóit úill agus purée úill.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid (a chuirtear ar an margadh sa riocht sin nó tar éis an athdhéanta de réir mar a threoraíonn an monaróir).

1.3.5

Bia do naíonáin (3)

10,0

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid (a chuirtear ar an margadh sa riocht sin nó tar éis an athdhéanta de réir mar a threoraíonn an monaróir).


1.4

Dé-ocsainivileanól

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

1.4.1

Gráin ghránaigh neamhphróiseáilte seachas na táirgí a liostaítear in 1.4.2 agus 1.4.3

1 250

Seachas gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte atá le próiseáil trí fhliuchmhuilleáil agus seachas rís.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráin ghránaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh roimh an bpróiseáil chéadchéime (6).

1.4.2

Gráin cruithneachta crua agus gráin choirce neamhphróiseáilte

1 750

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráin ghránaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh roimh an bpróiseáil chéadchéime (6).

1.4.3

Gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte

1 750

Seachas gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte a bhfuil sé soiléir ina leith e.g. trí lipéadú nó trí cheann scríbe, go bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i bpróiseas fliúchmhuilleáil amháin (táirgeadh stáirse).

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh roimh an bpróiseáil chéadchéime (6).

1.4.4

Gránaigh a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh, plúr gránaigh, seimilín, bran agus miocrób mar tháirge deiridh a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh seachas táirgí a liostaítear in 1.4.7 agus 1.4.8

750

Seachas rís agus táirgí ríse.

1.4.5

Pasta

750

Ciallaíonn pasta pasta (tirim) le cion uisce de thart ar 12 %.

1.4.6

Arán, cístí, brioscaí, sneaiceanna gránaigh agus gránaigh bhricfeasta

500

Seachas táirgí ríse.

Lena n-áirítear earraí beaga bácála.

1.4.7

Táirgí muilleála arbhair Indiaigh nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

 

 

1.4.7.1

Gránphlúr nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

1 250

Tá méid ≤500 μm ar a laghad ag 90 %, arna thomhas de réir meáchain, de na cáithníní sa táirge muilleála.

1.4.7.2

Táirgí muilleála eile d’arbhar Indiach nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

750

Tá méid ≤500 μm ag níos lú ná 90 %, arna thomhas de réir meáchain, de na cáithníní sa táirge muilleála.

1.4.8

Bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonán agus leanaí óga (3)

200

Seachas táirgí ríse.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le hábhar tirim (5) an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.


1.5

Searailionón

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

1.5.1

Gráin ghránaigh neamhphróiseáilte seachas na táirgí a liostaítear in 1.5.2

100

Seachas gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte atá le próiseáil trí fhliuchmhuilleáil agus seachas rís.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráin ghránaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh roimh an bpróiseáil chéadchéime (6).

1.5.2

Gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte

350

Seachas gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte a bhfuil sé soiléir ina leith e.g. trí lipéadú, ceann scríbe, go bhfuil sé beartaithe é a úsáid i bpróiseas fliuchmhuilleála amháin (táirgeadh stáirse).

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh roimh an bpróiseáil chéadchéime (6).

1.5.3

Gránaigh a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh, plúr gránach, seimilín, bran agus miocrób mar tháirge deiridh a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh seachas táirgí a liostaítear in 1.5.5, 1.5.6 agus 1.5.8

75

Seachas rís agus táirgí ríse.

1.5.4

Arán, cístí, brioscaí, sneaiceanna gránaigh agus gránaigh bhricfeasta seachas táirgí a liostaítear in 1.5.5

50

Seachas táirgí ríse.

Lena n-áirítear earraí beaga bácála.

1.5.5

Arbhar Indiach a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

Sneaiceanna bunaithe ar arbhar Indiach agus gránaigh bhricfeasta bunaithe ar arbhar Indiach

100

 

1.5.6

Táirgí muilleála arbhair Indiaigh nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

 

 

1.5.6.1

Gránphlúr nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

300

Tá méid ≤500 μm ar a laghad ag 90 %, arna thomhas de réir meáchain, de na cáithníní sa táirge muilleála.

1.5.6.2

Táirgí muilleála eile d’arbhar Indiach nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

200

Tá méid ≤500 μm ag níos lú ná 90 %, arna thomhas de réir meáchain, de na cáithníní sa táirge muilleála.

1.5.7

Ola arbhair Indiaigh scagtha

400

 

1.5.8

Bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonán agus leanaí óga (3)

20

Seachas táirgí ríse.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le hábhar tirim (5) an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.


1.6

Fúmainisiní

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

 

 

Suim na rónna B1 agus B2

Maidir le suim fúmainisiní, tagraíonn uasleibhéil do thiúchan cuimse íochtar, a ríomhtar ag glacadh leis gurb ionann na luachanna go léir faoi bhun na teorann cainníochtaithe agus nialas.

1.6.1

Gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte

4 000

Seachas gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte a bhfuil sé soiléir ina leith e.g. trí lipéadú, ceann scríbe, go bhfuil sé beartaithe é a úsáid i bpróiseas fliuchmhuilleála amháin (táirgeadh stáirse).

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh roimh an bpróiseáil chéadchéime (6).

1.6.2

Arbhar Indiach a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh, táirgí muilleála arbhair Indiaigh a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh, bia atá bunaithe ar arbhar Indiach a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh seachas táirgí a liostaítear in 1.6.3 agus 1.6.5

1 000

 

1.6.3

Gránaigh bhricfeasta bunaithe ar arbhar Indiach agus sneaiceanna bunaithe ar arbhar Indiach

800

 

1.6.4

Táirgí muilleála arbhair Indiaigh nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

 

 

1.6.4.1

Gránphlúr nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

2 000

Tá méid ≤500 μm ar a laghad ag 90 %, arna thomhas de réir meáchain, de na cáithníní sa táirge muilleála.

1.6.4.2

Táirgí muilleála eile d’arbhar Indiach nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

1 400

Tá méid ≤500 μm ag níos lú ná 90 %, arna thomhas de réir meáchain, de na cáithníní sa táirge muilleála.

1.6.5

Bia leanaí ina bhfuil arbhar Indiach agus bia próiseáilte atá bunaithe ar arbhar Indiach do naíonáin agus do leanaí óga (3)

200

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le hábhar tirim (5) an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.


1.7

Citininin

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

1.7.1

Forbhianna bunaithe ar rís a choiptear le giosta dearg Monascus purpureus

100

 


1.8

Scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit

 

 

1.8.1

Scléaróití eargóit

Uasleibhéal (g/kg)

Tráchtanna

 

 

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráin ghránaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh roimh an bpróiseáil chéadchéime (6).

I gcás ina ndéantar sciúradh (6) agus scléaróití eargóit a bheith ann, ní mór céim ghlanta a chur i bhfeidhm ar na gránaigh ar dtús sula ndéanfar iad a sciúradh.

Déanfar an tsampláil i gcomhréir le pointe B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 401/2006.

1.8.1.1

Gráin ghránaigh neamhphróiseáilte seachas na táirgí a liostaítear in 1.8.1.2

0,2

Seachas arbhar Indiach agus rís.

1.8.1.2

Gráin seagail neamhphróiseáilte

0,5

0,2 ón 1 Iúil 2024

 

1.8.2

Alcalóidigh eargóit

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

 

 

Suim cuimse íochtair

eirgeacoirnín/eargócoirnínín; eirgicristín/eirgicristínín; eirgicriptín/eirgicriptínín (cineál α agus β); eirgimeitrín/eirgimeitrínín; eargóisín/eargóisínín; eirgimeitrín/eirgimeitrínín

I gcás na n-alcalóideach eargót, tagraíonn uasleibhéil do thiúchan cuimse íochtair, a ríomhtar ag glacadh leis gurb ionann na luachanna go léir faoi bhun na teorann cainníochtaithe agus nialas.

1.8.2.1

Táirgí muilleála eorna, cruithneachta, speilte agus coirce (ag a bhfuil cion luatha níos ísle ná 900mg/100g d’ábhar tirim)

100

50 ón 1 Iúil 2024

 

1.8.2.2

Táirgí muilleála eorna, cruithneachta, speilte agus coirce (le cion luaithe atá comhionann nó níos mó ná 900mg/100g d’ábhar tirim)

Gráin eorna, chruithneachta, speilte agus choirce a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

150

 

1.8.2.3

Táirgí muilleála seagail

Seagal a chuirtear ar an margadh haghaidh an tomhaltóra deiridh

500

250 ón 1 Iúil 2024

 

1.8.2.4

Glútan cruithneachta

400

 

1.8.2.5

Bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonán agus leanaí óga (3)

20

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.


2

Tocsainí plandaí

2.1

Aigéad éarúcach, lena n-áirítear aigéad éarúcach cuimsithe i saill

Uasleibhéal (g/kg)

Tráchtanna

2.1.1

Olaí agus saillte plandúla a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó atá le húsáid mar chomhábhar i mbia seachas táirgí a liostaítear in 2.1.2

20,0

 

2.1.2

Ola chaimilíne, ola mhustaird agus ola bhoráiste

50,0

Le glacadh ón údarás inniúil, níl feidhm ag an uasleibhéal maidir le hola mhustaird a tháirgtear agus a úsáidtear go háitiúil.

2.1.3

Mustard (tarsann)

35,0

 


2.2

Alcalóidigh thrópáin

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

 

 

Atraipín

Scópolaimín

 

2.2.1

Bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga (3), ina bhfuil muiléad, sorgum, ruán, arbhar Indiach nó na táirgí a dhíorthaítear uathu

1,0

1,0

Baineann na táirgí díorthaithe le táirgí arb é atá in 80 % ar a laghad díobh na táirgí gránaigh sin.

Déanfar an tsampláil chun comhlíonadh an uasleibhéil a rialú i gcomhréir leis na forálacha dá bhforáiltear i bpointe J d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 401/2006.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

 

 

Suim atraipín agus scópolaimín

Maidir le suim atraipín agus scópolaimín, tagraíonn uasleibhéil do thiúchain cuimse íochtair, a ríomhtar ag glacadh leis gurb ionann na luachanna go léir faoi bhun na teorann cainníochtaithe agus nialas.

2.2.2

Gráin mhiléad neamhphróiseáilte agus gráin sorgaim

5,0

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráin ghránaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh roimh an bpróiseáil chéadchéime (6).

2.2.3

Gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte

15

Seachas gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte a bhfuil sé soiléir ina leith e.g. trí lipéadú, ceann scríbe, go bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i bpróiseas fliúchmhuilleála amháin (táirgeadh stáirse) agus seachas gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte lena bpléascadh.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráin arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh roimh an bpróiseáil chéadchéime (6).

2.2.4

Gráin ruáin neamhphróiseáilte

10

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráin ruán neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh roimh an bpróiseáil chéadchéime (6).

2.2.5

Arbhar Indiach lena róstadh

Muiléad, sorgum agus arbhar Indiach a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

Táirgí muilleála de mhuiléad, sorgum agus arbhar Indiach

5,0

 

2.2.6

Ruán a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

Táirgí muilleála de ruán

10

 

2.2.7

Insiltí luibhe (táirge triomaithe) agus comhábhair a úsáidtear le haghaidh insiltí luibhe (táirgí triomaithe) seachas táirgí a liostaítear in 2.2.8

25

Tagraíonn “insiltí luibhe (táirge triomaithe)” dóibh seo a leanas:

insiltí luibhe (táirge triomaithe) ó bhláthanna, duilleoga, gais, fréamhacha, agus aon chodanna eile den phlanda (i saicíní nó ar an mórchóir) a úsáidtear chun insileadh luibhe a ullmhú (táirge leachtach); agus

insiltí luibhe ar an toirt. I gcás eastóscáin phúdraithe, caithfear fachtóir tiúchana de 4 a chur i bhfeidhm.

2.2.8

Insiltí luibhe (táirge triomaithe) agus comhábhair a úsáidtear le haghaidh insiltí luibhe (táirgí triomaithe) de shíolta ainíse amháin

50

Tagraíonn “insiltí luibhe (táirge triomaithe)” dóibh seo a leanas:

insiltí luibhe (táirge triomaithe) ó bhláthanna, duilleoga, gais, fréamhacha, agus aon chodanna eile den phlanda (i saicíní nó ar an mórchóir) a úsáidtear chun insileadh luibhe a ullmhú (táirge leachtach); agus

insiltí luibhe ar an toirt. I gcás eastóscáin phúdraithe, caithfear fachtóir tiúchana de 4 a chur i bhfeidhm.

2.2.9

Insiltí luibhe (táirge leachtach)

0,20

 


2.3

Aigéad hidricianach, lena n-áirítear aigéad hidricianach cuimsithe i ngliocóisídí cianaigineacha

Uasleibhéal (mg/kg)

Tráchtanna

2.3.1

Ros lín neamhphróiseáilte iomlán, meilte, muilleáilte, scoilte, mionghearrtha nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

250

Níl feidhm ag an uasleibhéal maidir le holashíolta le haghaidh brú agus scagadh ola, ar choinníoll nach gcuirtear na holashíolta brúite atá fágtha ar an margadh mar bhia. I gcás ina gcuirtear na holashíolta brúite atá fágtha ar an margadh mar bhia, beidh feidhm ag na huasleibhéil agus Airteagal 3(1) agus (2) á chur san áireamh.

2.3.2

Ros lín neamhphróiseáilte, meilte, muilleáilte, scoilte, mionghearrtha a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

150

Níl feidhm ag an uasleibhéal maidir le ros lín neamhphróiseáilte iomlán, meilte, scáinte, rois mhionghearrtha a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh i gcainníochtaí beaga i gcás ina léireofar an rabhadh “Le haghaidh cócaireachta agus bácála amháin. Ná hith agus é amh!” i bpríomhréimse amhairc an lipéid (ag baint úsáid as an gclómhéid shonrach (11)). Ní mór don ros lín neamhphróiseáilte iomlán, meilte, muilleáilte, scoilte, mionghearrtha a bhfuil an teachtaireacht rabhaidh air an t-uasleibhéal dá bhforáiltear in 2.3.1 a chomhlíonadh.

2.3.3

Almóinní neamhphróiseáilte iomlána, meilte, muilleáilte, scoilte, mionghearrtha a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

35

Níl feidhm ag an uasleibhéal maidir le halmóinní searbha neamhphróiseáilte, iomlána, meilte, scoilte, mionghearrtha a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh i gcainníochtaí beaga i gcás ina léireofar an rabhadh “Le haghaidh cócaireachta agus bácála amháin. Ná hith agus é amh!” i bpríomhréimse amhairc an lipéid (ag baint úsáid as an gclómhéid shonrach (11)).

2.3.4

Eithní aibreog neamhphróiseáilte, iomlána, meilte, muilleáilte, scoilte, mionghearrtha a bheartaítear a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

20,0

Déanfaidh an t-oibreoir a chuireann eithní aibreog neamhphróiseáilte, iomlána, meilte, muilleáilte, scoilte ar fad ar an margadh don tomhaltóir deiridh, arna iarraidh sin don údarás inniúil, fianaise a sholáthar go gcomhlíonann an táirge a mhargaítear an t-uasleibhéal.

2.3.5

Casabhach (úr, scafa)

50,0

 

2.3.6

Plúr casabhaigh agus plúr taipióca

10,0

 


2.4

Alcalóidigh phioróilisidín

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

 

 

Tagraíonn an t-uasleibhéal do suim cuimse íochtair na 21 alcalóideach pioróilisidín seo a leanas:

idirmheánach/líceapsaimín/líceapsaimín-N-ocsaín, seiniciainín/seiniciveirnín, senecionine-N-ocsaíd/seiniciveirnín-N- ocsaíd, seinicifillín, seinicifillín-N-ocsaíd, reitreoirsín, reitreoirsín-N-ocsaíd, eicimidín, eicimidín-N-ocsaíd, lasaiócairpín, lasaiócairpín-N-ocsaíd, seincircín, eoraipín, eoraipín-N-ocsaíd, héilitrín agus héilitrín -N-ocsaíd

agus na 14 alcalóideach pioróilisidín bhreise seo a leanas is eol a bheith i gcomhthéacs le ceann amháin nó níos mó de na 21 alcalóideach pioróilisidín aitheanta thuas, agus úsáid á baint as modhanna anailíseacha áirithe a úsáidtear faoi láthair:

indicín, eicinitín, rindirín (comhionladh féideartha le líceapsaimín/idirmeidín), indicín-N-ocsaíd, eicinitín-N-ocsaíd, rindirín -N-ocsaíd (comhionladh féideartha le líceapsaimín-N-ocsaídín/idirmeidín-N-ocsaíd), inteigeirrimín (comhionladh féideartha le seiniciveirnín/seiniciainín), inteigeirrimín-N-ocsaíd (comhionladh féideartha le seiniciveirnín-N-ocsaíd/seiniciainín-N- ocsaíd), héileasuipín (comhionladh féideartha le eicimidín-N-ocsaíd), héileasuipín-N-ocsaíd (comhionladh féideartha le eicimidín-N-ocsaíd ), spairtióidín (comhionladh féideartha le seinicifillín), spairtióidín-N-ocsaíd (comhionladh féideartha le seinicifillín-N-ocsaíd), úsaraimín (comhionladh féideartha le reitreoirsín), úsaraimín-N-ocsaíd (comhionladh féideartha le reitreoirsín-N-ocsaíd).

Déanfar na halcalóidigh phioróilisidín, ar féidir iad a aithint ina n-aonar agus ar leithligh leis an modh anailíse a úsáidtear, a chainníochtú agus a áireamh sa tsuim.

Maidir le suim na n-alcalóideach pioróilisidín, tagraíonn uasleibhéil do thiúchan cuimse íochtair, a ríomhtar ag glacadh leis gurb ionann na luachanna go léir faoi bhun na teorann cainníochtaithe agus nialas.

2.4.1

Duilleoga boráiste (úr, reoite) a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

750

Gan dochar do rialacha náisiúnta níos sriantaí i mBallstáit áirithe maidir le halcalóidigh phioróilisidín ina bhfuil plandaí a chur ar an margadh.

2.4.2

Luibheanna triomaithe seachas na táirgí a liostaítear in 2.4.3

400

Gan dochar do rialacha náisiúnta níos sriantaí i mBallstáit áirithe maidir le halcalóidigh phioróilisidín ina bhfuil plandaí a chur ar an margadh.

2.4.3

Boráiste, luáiste, oragán cumhra agus oragán (táirge triomaithe) agus meascáin atá comhdhéanta go heisiach de na luibheanna triomaithe seo

1 000

Gan dochar do rialacha náisiúnta níos sriantaí i mBallstáit áirithe maidir le halcalóidigh phioróilisidín ina bhfuil plandaí a chur ar an margadh.

2.4.4

Tae (Camellia sinensis) agus tae blaistithe (12) (Camellia sinensis) (táirge triomaithe) seachas tae agus tae blaistithe dá dtagraítear in 2.4.5

150

Maidir le tae le torthaí triomaithe agus le luibheanna triomaithe, beidh feidhm ag Airteagal 3.

Tagraíonn “Tae (Camellia sinensis)” (táirge triomaithe) don mhéid seo a leanas:

tae (Camellia sinensis) (táirge triomaithe) ó dhuilleoga, gais agus bláthanna triomaithe (i saicíní nó ar an mórchóir) a úsáidtear chun tae a ullmhú (táirge leachtach); agus

taenna ar an toirt. I gcás eastóscáin tae phúdraithe, caithfear fachtóir tiúchana de 4 a chur i bhfeidhm.

2.4.5

Tae (Camellia sinensis), tae blaistithe (12) (Camellia sinensis) agus insiltí luibhe (táirge triomaithe) agus comhábhair a úsáidtear le haghaidh insiltí luibhe (táirgí triomaithe) do naíonáin agus do leanaí óga

75

Maidir le tae le torthaí triomaithe agus le luibheanna triomaithe, beidh feidhm ag Airteagal 3.

2.4.6

Tae (Camellia sinensis), tae blaistithe (12) (Camelliasinensis) agus insiltí luibhe (táirge leachtach) do naíonáin agus do leanaí óga

1,0

Maidir le tae le torthaí triomaithe agus le luibheanna triomaithe, beidh feidhm ag Airteagal 3.

2.4.7

Insiltí luibhe (táirge triomaithe) agus comhábhair a úsáidtear le haghaidh insiltí luibhe (táirgí triomaithe) seachas táirgí a liostaítear in 2.4.5 agus 2.4.8

200

Tagraíonn “insiltí luibhe (táirge triomaithe)” dóibh seo a leanas:

insiltí luibhe (táirge triomaithe) ó bhláthanna, duilleoga, gais, fréamhacha, agus aon chodanna eile den phlanda (i saicíní nó ar an mórchóir) a úsáidtear chun insileadh luibhe a ullmhú (táirge leachtach); agus

insiltí luibhe ar an toirt. I gcás eastóscáin phúdraithe, caithfear fachtóir tiúchana de 4 a chur i bhfeidhm.

Gan dochar do rialacha náisiúnta níos sriantaí i mBallstáit áirithe maidir le halcalóidigh phioróilisidín ina bhfuil plandaí a chur ar an margadh.

2.4.8

Insiltí luibhe (táirge triomaithe) agus comhábhair a úsáidtear le haghaidh insiltí luibhe (táirgí triomaithe) de rooibos, ainís (Pimpinella anisum), lus na meala líomóide, camán meall, tím, lus an phiobair, verbena líomóide agus meascáin atá comhdhéanta go heisiach de na luibheanna triomaithe sin seachas insiltí luibhe dá dtagraítear in 2.4.5

400

Tagraíonn “insiltí luibhe (táirge triomaithe)” dóibh seo a leanas:

insiltí luibhe (táirge triomaithe) ó bhláthanna, duilleoga, gais, fréamhacha, agus aon chodanna eile den phlanda (i saicíní nó ar an mórchóir) a úsáidtear chun insileadh luibhe a ullmhú (táirge leachtach); agus

d’insiltí luibhe ar an toirt. I gcás eastóscáin phúdraithe, caithfear fachtóir tiúchana de 4 a chur i bhfeidhm.

2.4.9

Cuimín

400

 

2.4.10

Forbhianna a bhfuil ullmhóid luibheolaíoch iontu (13) lena n-áirítear eastóscáin seachas táirgí a liostaítear in 2.4.11

400

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na forbhianna mar a chuirtear ar an margadh iad.

Gan dochar do rialacha náisiúnta níos sriantaí i mBallstáit áirithe maidir le halcalóidigh phioróilisidín ina bhfuil plandaí a chur ar an margadh.

2.4.11

Forbhianna bunaithe ar pholláin

Pailin agus táirgí pailine

500

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na forbhianna mar a chuirtear ar an margadh iad.


2.5

Alcalóidigh óipiam

Uasleibhéal (mg/kg)

Tráchtanna

 

 

 

I gcás na n-alcalóideach óipiam, tagraíonn uasleibhéil do thiúchan cuimse íochtair, a ríomhtar ag glacadh leis gurb ionann na luachanna go léir faoi bhun na teorann cainníochtaithe agus nialas.

Is éard atá san uasleibhéal suim an mhoirfín agus an chóidín, ar ina leith a chuirtear fachtóir 0,2 i bhfeidhm maidir le leibhéal an chóidín. Dá bhrí sin, is éard atá san uasleibhéal suim an mhoirfín + 0,2 × cóidín.

2.5.1

Síolta poipín iomlána, meilte nó muilleáilte a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

20

 

2.5.2

Táirgí bácála ina bhfuil síolta poipín nó táirgí próiseáilte astu

1,50

Áirítear blastóga agus sneaiceanna atá bunaithe ar phlúr agus atá réidh le hithe le táirgí bácúis freisin.

Baineann táirgí próiseáilte uathu le táirgí a bhfuil 80 % ar a laghad de tháirgí síl poipín iontu.

Soláthróidh t-oibreoir i ngnó bia atá ag soláthar na síolta poipín don oibreoir i ngnó bia atá ag monarú na dtáirgí bácúis, an fhaisnéis is gá chun é a chur ar a chumas do mhonaróir na dtáirgí bácúis na táirgí a chomhlíonann an t-uasleibhéal a chur ar an margadh . Beidh sonraí anailíseacha san áireamh leis an bhfaisnéis sin, i gcás inarb iomchuí.


2.6

Coibhéisí deilte-9-teitrihidreacannaibionóil (Δ9-THC)

Uasleibhéal (mg/kg)

Tráchtanna

 

 

 

Maidir le coibhéisí deilte-9-teitrihidreacannaibionóil (Δ9-THC), tagraíonn uasleibhéil do thiúchan cuimse íochtair, a ríomhtar ar an toimhde gurb ionann na luachanna go léir faoi bhun na teorann cainníochtaithe agus nialas.

Tagraíonn an t-uasleibhéal do shuim na deilte-9 - teitrihidreacannaibionóile (Δ9-THC) agus an aigéid deilte-9-teitrihidreacannaibionólaigh (Δ9-THCA), arna sloinneadh mar Δ9-THC.

Cuirtear fachtóir 0,877 i bhfeidhm ar an leibhéal Δ9- THCA agus tagraíonn an t-uasleibhéal don tsuim Δ9THC+0,877×Δ9-ThCA (i gcás cinneadh agus cainníochtú ar leithligh Δ9-THC agus Δ9-ThCA).

2.6.1

Síolta cnáibe

3,0

 

2.6.2

Síolta cnáibe meilte, síol cnáibe dímhillte (i bpáirt) agus táirgí eile síol cnáibe próiseáilte seachas táirgí a liostaítear in 2.6.3

3,0

Is táirgí próiseáilte iad táirgí síolta cnáibe a phróiseáiltear go heisiach ó shíolta cnáibe.

2.6.3

Ola síolta cnáibe

7,5

 


3

Miotail agus eilimintí eile

3.1

Luaidhe

Uasleibhéal (mg/kg)

Tráchtanna

3.1.1

Torthaí

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.1.1.1

Mónóga, cuiríní, caora troma, torthaí caithne

0,20

 

3.1.1.2

Torthaí seachas mónóga, cuiríní, caora troma agus torthaí caithne

0,10

 

3.1.2

Glasraí fréimhe agus tiúbair

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.1.2.1

Glasraí fréamhacha agus tiúbair seachas na táirgí a liostaítear in 3.1.2.2 agus 3.1.2.3

0,10

Maidir le prátaí, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le prátaí scafa.

3.1.2.2

Sinséar úr, tuirmiric úr

0,80

 

3.1.2.3

Salsabh

0,30

 

3.1.3

Glasraí bleibíní

0,10

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.1.4

Glasraí a thugann torthaí

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.1.4.1

Glasraí a thugann torthaí seachas na táirgí a liostaítear in 3.1.4.2

0,050

 

3.1.4.2

Grán milis

0,10

 

3.1.5

Glasraí praiseacha

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.1.5.1

Glasraí Praiseacha seachas iad sin a liostaítear in 3.1.5.2

0,10

 

3.1.5.2

Praiseach dhuilleach

0,30

 

3.1.6

Glasraí duilleogacha seachas luibheanna úra agus bláthanna inite

0,30

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.1.7

Léagúim

0,10

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.1.8

Glasraí gais

0,10

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.1.9

Fungais

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.1.9.1

Na fungais shaothraithe seo a leanas:

Beacán coiteann (Agaricus bisporus)

Beacán oisreach (Pleurotus ostreatus)

Beacán Shiitake (Lentinula edodes)

0,30

 

3.1.9.2

Fungais fhiáine

0,80

 

3.1.10

Piseánach

0,20

 

3.1.11

Gránaigh

0,20

 

3.1.12

Spíosraí triomaithe

 

 

3.1.12.1

Spíosraí ó shíolta

0,90

 

3.1.12.2

Spíosraí ó thorthaí

0,60

 

3.1.12.3

Spíosraí ó choirt

2,0

 

3.1.12.4

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

1,50

 

3.1.12.5

Spíosraí ón mbachlóg

1,0

 

3.1.12.6

Spíosraí ó phistil bláthanna

1,0

 

3.1.13

Feoil ó bhó-ainmhithe, ó chaoirigh, ó mhuca agus ó éanlaith chlóis (2) seachas na táirgí a liostaítear in 3.1.14

0,10

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

3.1.14

Scairteach (2)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

3.1.14.1

de bhó-ainmhithe agus caoirigh

0,20

 

3.1.14.2

de mhuca

0,15

 

3.1.14.3

d’éanlaith chlóis

0,10

 

3.1.15

Táirgí iascaigh (2) agus moilisc dhébhlaoscacha (2)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

3.1.15.1

Feoil mhatánach éisc

0,30

I gcás ina mbeartaítear iasc a ithe ina iomláine, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an iasc ina iomláine.

I gcás bia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte agus/nó comhbhia, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

3.1.15.2

Ceifileapóid

0,30

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an ainmhí gan ionathar.

3.1.15.3

Crústaigh

0,50

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le feoil mhatánach ó ghéagáin agus ó bholg, rud a chiallaíonn go bhfuil ceifealatóracs crústach fágtha aisti. I gcás na bportán agus na gcrústach portáin (Brachyura agus Anomura), tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an bhfeoil mhatánach ó ghéagáin.

I gcás bia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte agus/nó comhbhia, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

3.1.15.4

Moilisc dhébhlaoscacha

1,50

I gcás Pecten maximus, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an matán aduchtach agus gónad amháin.

I gcás bia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte agus/nó comhbhia, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

3.1.16

Bainne amh (2), bainne teaschóireáilte agus bainne chun táirgí bainnebhunaithe a mhonarú

0,020

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

3.1.17

Mil

0,10

 

3.1.18

Saillte agus olaí

0,10

Lena n-áirítear saill bhainne.

3.1.19

Súnna torthaí, súnna torthaí comhdhlúite, agus neachtair torthaí (9)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Maidir le sú torthaí comhdhlúite, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an sú athdhéanta.

3.1.19.1

ó chaora agus ó thorthaí beaga eile amháin

0,05

 

3.1.19.2

seachas ó chaora agus ó thorthaí beaga eile go heisiach, lena n-áirítear meascáin

0,03

 

3.1.20

Fíon (7), leann úll, leann piorraí agus fíon torthaí

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Áirítear fíon leathshúilíneach agus fíon súilíneach, gan fíon licéir agus fíon ag a bhfuil neart alcóil nach lú ná 15 % toirte a áireamh.

3.1.20.1

táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2001 go dtí fómhar torthaí 2015

0,20

 

3.1.20.2

táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2016 go dtí fómhar torthaí 2021

0,15

 

3.1.20.3

táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2022 ar aghaidh

0,10

 

3.1.21

Fíon cumhraithe, deochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus manglaim táirgí fíona chumhraithe (8)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

3.1.21.1

táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2001 go dtí fómhar torthaí 2015

0,20

 

3.1.21.2

táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2016 go dtí fómhar torthaí 2021

0,15

 

3.1.21.3

táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2022 ar aghaidh

0,10

 

3.1.22

Fíon licéir déanta as fíonchaora (7)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

3.1.22.1

táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2022 ar aghaidh

0,15

 

3.1.23

Salainn

 

 

3.1.23.1

Salainn seachas táirgí a liostaítear in 3.1.23.2

1,0

 

3.1.23.2

Na salainn neamhscagtha seo a leanas: “fleur de sel” agus “salann liath” a bhuantar de láimh ó riasca goirt a bhfuil bun cré acu

2,0

 

3.1.24

Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin (3) agus bainne foirmle do leanaí óga (4)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

3.1.24.1

a chuirtear ar an margadh mar phúdar

0,020

 

3.1.24.2

a chuirtear ar an margadh mar leacht

0,010

 

3.1.25

Deochanna do naíonáin agus leanaí óga a chuirtear ar an margadh agus a lipéadaítear mar dheochanna mar sin seachas na táirgí a liostaítear in 3.1.24 agus 3.1.27

 

 

3.1.25.1

a chuirtear ar an margadh mar leacht nó atá le hathdhéanamh de réir threoracha an mhonaróra

0,020

Lena n-airítear súnna torthaí.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid.

3.1.25.2

atá le hullmhú trí insileadh nó trí urbhruith

0,50

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

3.1.26

Bia do naíonán agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonán agus leanaí óga (3) seachas táirgí a liostaítear in 3.1.25

0,020

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

3.1.27

Bia chun críoch speisialta míochaine a cheaptar do naíonáin agus do leanaí óga (3)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

3.1.27.1

a chuirtear ar an margadh mar phúdar

0,020

 

3.1.27.2

a chuirtear ar an margadh mar leacht

0,010

 

3.1.28

Forbhianna

3,0

 


3.2

Caidmiam

Uasleibhéal (mg/kg)

Tráchtanna

3.2.1

Torthaí agus cnónna crainn

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.2.1.1

Torthaí seachas na táirgí a liostaítear in 3.2.1.2, 3.2.1.3 agus 3.2.1.4

0,050

 

3.2.1.2

Torthaí ciotrais, torthaí póma, clochthorthaí, ológa boird, torthaí cíobhaí, bananaí, mangónna, papánna agus anainn

0,020

 

3.2.1.3

Caora agus torthaí beaga, seachas na táirgí a liostaítear in 3.2.1.4

0,030

 

3.2.1.4

Sútha craobh

0,040

 

3.2.1.5

Cnónna crainn

 

Níl feidhm ag an uasleibhéal maidir le cnónna crainn le haghaidh brú agus scagtha ola, ar choinníoll nach gcuirtear na cnónna crainn brúite atá fágtha ar an margadh mar bhia. I gcás ina gcuirtear na cnónna crainn brúite atá fágtha ar an margadh mar bhia, beidh feidhm ag na huasleibhéil, agus Airteagal 3(1) agus (2) á chur san áireamh.

3.2.1.5.1

Cnónna crainn seachas táirgí a liostaítear in 3.2.1.5.2

0,20

 

3.2.1.5.2

Cnónna péine

0,30

 

3.2.2

Glasraí fréimhe agus tiúbair

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.2.2.1

Glasraí fréimhe agus tiúbair, seachas na táirgí a liostaítear in 3.2.2.2, 3.2.2.3, 3.2.2.4, 3.2.2.5 agus 3.2.2.6

0,10

Maidir le prátaí, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le prátaí scafa.

3.2.2.2

Meacain bhiatais

0,060

 

3.2.2.3

Soiliriac

0,15

 

3.2.2.4

Raidis fhiáin, meacain bhána, salsabh

0,20

 

3.2.2.5

Raidisí

0,020

 

3.2.2.6

Fréamhacha trópaiceacha agus tiúbair thrópaiceacha, fréamhacha peirsile, tornapaí

0,050

 

3.2.3

Glasraí bleibíní

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.2.3.1

Glasraí bleibíní seachas na táirgí a liostaítear in 3.2.3.2

0,030

 

3.2.3.2

Gairleog

0,050

 

3.2.4

Glasraí a thugann torthaí

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.2.4.1

Glasraí a thugann torthaí seachas na táirgí a liostaítear in 3.2.4.2

0,020

 

3.2.4.2

Ubhthorthaí

0,030

 

3.2.5

Glasraí praiseacha

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.2.5.1

Praiseach seachas táirgí a liostaítear in 3.2.5.2

0,040

 

3.2.5.2

Praiseach dhuilleach

0,10

 

3.2.6

Glasraí duilleacha agus luibheanna

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.2.6.1

Glasraí duilleacha seachas na táirgí a liostaítear in 3.2.6.2

0,10

 

3.2.6.2

Spíonáin agus duilleoga comhchosúla, síológa mustaird agus luibheanna úra

0,20

 

3.2.7

Léagúim

0,020

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.2.8

Glasraí gais

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.2.8.1

Glasraí gais seachas na táirgí a liostaítear in 3.2.8.2 agus 3.2.8.3

0,030

 

3.2.8.2

Soilirí

0,10

 

3.2.8.3

Cainneanna

0,040

 

3.2.9

Fungais

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Tá feidhm ag an uasleibhéal tar éis an chuid inite a ní agus a scaradh.

3.2.9.1

Fungais shaothraithe seachas na táirgí a liostaítear in 3.2.9.2

0,050

 

3.2.9.2

Beacán oisreach (Pleurotus ostreatus)

Beacán Shiitake (Lentinula edodes)

0,15

 

3.2.9.3

Fungais fhiáine

0,50

 

3.2.10

Piseánach agus próitéiní ó phiseánach

 

 

3.2.10.1

Piseánach seachas táirgí a liostaítear in 3.2.10.2

0,040

 

3.2.10.2

Próitéiní ó phiseánach

0,10

 

3.2.11

Olashíolta

 

Níl feidhm ag an uasleibhéal maidir le holashíolta le haghaidh brú agus scagadh ola, ar choinníoll nach gcuirtear na holashíolta brúite atá fágtha ar an margadh mar bhia. I gcás ina gcuirtear na holashíolta brúite atá fágtha ar an margadh mar bhia, beidh feidhm ag na huasleibhéil agus Airteagal 3(1) agus (2) á chur san áireamh.

3.2.11.1

Olashíolta, seachas na táirgí a liostaítear in 3.2.11.2, 3.2.11.3, 3.2.11.4, 3.2.11.5 agus 3.2.11.6

0,10

 

3.2.11.2

Síolta ráibe

0,15

 

3.2.11.3

Piseanna talún agus pónairí soighe

0,20

 

3.2.11.4

Síolta mustaird

0,30

 

3.2.11.5

Ros lín agus síolta lus na gréine

0,50

 

3.2.11.6

Síolta poipín

1,20

 

3.2.12

Gránaigh

 

Níl feidhm ag na huasleibhéil maidir le gránaigh a úsáidtear chun beoir nó driogáití a tháirgeadh, ar choinníoll nach gcuirtear an t-iarmhar gránaigh atá fágtha ar an margadh mar bhia. I gcás ina gcuirtear an t-iarmhar gránaigh atá fágtha ar an margadh mar bhia, beidh feidhm ag na huasleibhéil maidir leis, agus Airteagal 3(1) agus (2) á chur san áireamh.

3.2.12.1

Gránaigh seachas táirgí a liostaítear faoi 3.2.12.2, 3.2.12.3, 3.2.12.4 agus 3.2.12.5

0,10

 

3.2.12.2

Eorna agus seagal

0,050

 

3.2.12.3

Rís, cuineo, bran cruithneachta agus glútan cruithneachta

0,15

 

3.2.12.4

Cruithneacht chrua (Triticum durum)

0,18

 

3.2.12.5

Ginidín cruithneachta

0,20

 

3.2.13

Táirgí de bhunadh ainmhíoch (2)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

3.2.13.1

Feoil ó bhó-ainmhithe, ó chaoirigh, ó mhuca agus ó éanlaith chlóis

0,050

Seachas scairteach.

3.2.13.2

Feoil capaill

0,20

Seachas scairteach.

3.2.13.3

Ae bó-ainmhithe, caorach, muc, éanlaithe clóis agus capall

0,50

 

3.2.13.4

Duán bó-ainmhithe, caorach, muc, éanlaithe clóis agus capall

1,0

 

3.2.14

Táirgí iascaigh (2) agus moilisc dhébhlaoscacha (2)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

3.2.14.1

Feoil mhatánach éisc seachas na speicis a liostaítear in 3.2.14.2, 3.2.14.3 agus 3.2.14.4

0,050

I gcás ina mbeartaítear iasc a ithe ina iomláine, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an iasc ina iomláine.

I gcás bia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte agus/nó comhbhia, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

3.2.14.2

Feoil mhatáin na n-iasc seo a leanas:

Ronnach (speiceas Scomber)

Tuinníní (speiceas Thunnus, Katsuwonus pelamis, speiceas Euthynnus)

Bichique (Sicyopterus lagocephalus)

0,10

I gcás ina mbeartaítear iasc a ithe ina iomláine, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an iasc ina iomláine.

I gcás bia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte agus/nó comhbhia, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

3.2.14.3

Feoil mhatánach ó thuinníní piléaracha (speiceas Auxis)

0,15

I gcás ina mbeartaítear iasc a ithe ina iomláine, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an iasc ina iomláine.

I gcás bia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte agus/nó comhbhia, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

3.2.14.4

Feoil mhatáin na n-iasc seo a leanas:

Ainseabhaithe (speiceas Engraulis)

Colgáin (Xiphias gladius)

Sairdíní (Sardina pilchardus)

0,25

I gcás ina mbeartaítear iasc a ithe ina iomláine, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an iasc ina iomláine.

I gcás bia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte agus/nó comhbhia, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

3.2.14.5

Crústaigh

0,50

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le feoil mhatánach ó ghéagáin agus ó bholg, rud a chiallaíonn go bhfuil ceifealatóracs crústach fágtha aisti. I gcás na bportán agus na gcrústach portáin (Brachyura agus Anomura), tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an bhfeoil mhatánach ó ghéagáin.

I gcás bia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte agus/nó comhbhia, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

3.2.14.6

Moilisc dhébhlaoscacha

1,0

I gcás Pecten maximus, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an matán aduchtach agus gónad amháin.

I gcás bia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte agus/nó comhbhia, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

3.2.14.7

Ceifileapóid

1,0

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an ainmhí gan ionathar.

I gcás bia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte agus/nó comhbhia, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

3.2.15

Táirgí cócó agus seacláide (14)

 

 

3.2.15.1

Seacláid bhainne ina bhfuil < 30 % de sholaid iomlána cócó thirim

0,10

 

3.2.15.2

Seacláid ina bhfuil < 50 % de sholaid iomlána cócó thirim; seacláid bhainne ina bhfuil ≥ 30 % de sholaid iomlána cócó thirim

0,30

 

3.2.15.3

Seacláid ina bhfuil ≥ 50 % de sholaid iomlána cócó thirim

0,80

 

3.2.15.4

Púdar cócó a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó mar chomhábhar i bpúdar cócó milsithe nó i seacláid phúdraithe a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh (deoch sheacláide)

0,60

 

3.2.16

Salann

0,50

 

3.2.17

Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin, bianna chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga (3) agus bainne foirmle do leanaí óga (4)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

3.2.17.1

a chuirtear ar an margadh mar phúdar agus a monaraíodh as próitéiní bainne bó nó as hidrealasáití próitéine bainne bó

0,010

 

3.2.17.2

a chuirtear ar an margadh mar leacht agus a monaraíodh as próitéiní bainne bó nó as hidrealasáití próitéine bainne bó

0,005

 

3.2.17.3

a chuirtear ar an margadh mar phúdar agus a monaraíodh as aonraíocha próitéine soighe, leis féin nó i meascán le próitéiní bainne bó

0,020

 

3.2.17.4

a chuirtear ar an margadh mar leacht agus a monaraíodh as aonraíocha próitéine soighe, leis féin nó i meascán le próitéiní bainne bó

0,010

 

3.2.18

Bainne foirmle do leanaí óga (4)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

3.2.18.1

a chuirtear ar an margadh mar phúdar agus a monaraíodh as aonraíocha próitéine plandaí seachas aonraíocha próitéine soighe, leis féin nó i meascán le próitéiní bainne bó

0,020

 

3.2.18.2

a chuirtear ar an margadh mar leacht agus a monaraíodh as aonraíocha próitéine plandaí seachas aonraíocha próitéine soighe, leis féin nó i meascán le próitéiní bainne bó

0,010

 

3.2.19

Deochanna do naíonáin agus leanaí óga a chuirtear ar an margadh agus a lipéadaítear mar dheochanna mar sin seachas na táirgí a liostaítear in 3.2.17 agus 3.2.18

 

 

3.2.19.1

a chuirtear ar an margadh mar leacht nó atá le hathdhéanamh de réir threoracha an mhonaróra

0,020

Lena n-airítear súnna torthaí.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid.

3.2.20

Bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonán agus leanaí óga (3)

0,040

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

3.2.21

Forbhianna

 

 

3.2.21.1

Forbhianna seachas táirgí a liostaítear in 3.2.21.2

1,0

 

3.2.21.2

Forbhianna ina gcuimsítear 80 % ar a laghad d’fheamainn thriomaithe, de tháirgí a dhíorthaítear ó fheamainn nó ó mhoilisc dhébhlaoscacha thriomaithe (2)

3,0

 


3.3

Mearcair

Uasleibhéal (mg/kg)

Tráchtanna

3.3.1

Táirgí iascaigh (2) agus moilisc dhébhlaoscacha (2)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

I gcás ina mbeartaítear iasc a ithe ina iomláine, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an iasc ina iomláine.

I gcás bia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte agus/nó comhbhia, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

3.3.1.1

Crústaigh, moilisc agus feoil mhatánach éisc seachas na speicis a liostaítear in 3.3.1.2 agus 3.3.1.3

0,50

Maidir le crústaigh, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le feoil mhatánach ó ghéagáin agus ó bholg, rud a chiallaíonn go bhfuil ceifealatóracs crústach fágtha aisti. I gcás na bportán agus na gcrústach portáin (Brachyura agus Anomura), tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an bhfeoil mhatánach ó ghéagáin.

I gcás Pecten maximus, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an matán aduchtach agus gónad amháin.

3.3.1.2

Feoil mhatáin na n-iasc seo a leanas:

Garbhánach ascailleach (Pagellus acarne)

Scabaird dhubh (Aphanopus carbo)

Deargán (Pagellus bogaraveo)

Boiníotó (Sarda sarda)

Garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus)

Ronnach nathartha (Lepidocybium flavobrunneum)

Haileabó (speiceas Hippoglossus)

Clipí na rinne (speiceas (Genypterus capensis)

Gaithiasc (speiceas Makaira)

Scioltán (speiceas Lepidorhombus)

Iasc ola (Ruvettus pretiosus)

Gainneachán flannbhuí (Hoplostethus atlanticus)

Tusceascann bhándearg (Genypterus blacodes)

Liús (speiceas Esox)

Boiníotó aondathach (Orcynopsis unicolor)

Miontrosc (speiceas Trisopterus)

Milléad dearg (Mullus barbatus barbatus)

Gránádóir cruinnsocach (Coryphaenoides rupestris)

Colgán na ndealg (speiceas Istiophorus)

Scabaird airgid (Lepidopus caudatus)

Ronnach nathartha (Gempylus serpens)

Bradán fearna (Speiceas Acipenser)

Iasc gabhair (Mullus surmuletus)

Tuinníní (speiceas Thunnus, speiceas Euthynnus, Katsuwonus pelamis)

Siorc (gach speiceas)

Colgán (Xiphias gladius)

1,0

 

3.3.1.3

Ceifileapóid

Gastrapóid mhuirí

Feoil mhatáin na n-iasc seo a leanas:

Ainseabhaí (speiceas Engraulis)

Mangach Alascach (Theragra chalcogramma)

Trosc Atlantach (Gadus morhua)

Scadán Atlantach (Clupea harengus)

Basa (Pangasius bocourti)

Carbán (speiceas ar leis an bhfine Cyprinidae é)

Daba coiteann (Limanda limanda)

Ronnach (speiceas Scomber)

Leith Eorpach (Platichthys flesus)

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

Salán Eorpach (Sprattus sprattus)

Ollchat mara Mekong (Pangasianodon gigas)

Mangach (Pollachius pollachius)

Pollóg (Pollachius virens)

Bradán & Breac (speiceas Salmo agus speiceas Oncorhynchus, seachas Salmo trutta)

Sairdín nó Pilséar (speiceas Dussumieria, speiceas Sardina, speiceas Sardinella agus speiceas Sardinops)

Sól (Solea Solea)

Cat mara coiréalach (Pangasianodon hypopthalmus)

Faoitín (Merlangius merlangus)

0,30

Maidir le ceifileapóid, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an ainmhí gan ionathar.

3.3.2

Forbhianna

0,10

 

3.3.3

Salann

0,10

 


3.4

Arsanaic

Uasleibhéal (mg/kg)

Tráchtanna

 

 

Arsanaic neamhorgánach (suim As(III) agus As(V))

Tá feidhm ag an uasleibhéal don arsanaic neamhorgánach maidir le táirgí a liostaítear in 3.4.1 go 3.4.4.

3.4.1

Gránaigh agus táirgí gránachbhunaithe

 

Rís, rís scilligthe, rís mheilte agus rís chnagbhruite mar a shainmhínítear sa Chaighdeán Coidéacs 198-1995.

3.4.1.1

Rís mheilte neamh-chnagbhruite (rís shnasta nó rís bhán)

0,15

 

3.4.1.2

Rís chnagbhruite agus rís scilligthe

0,25

 

3.4.1.3

Plúr ríse

0,25

 

3.4.1.4

Vaiféil ríse, slisníní ríse, cnagairí ríse, cácaí ríse, calóga ríse agus rís bhricfeasta phléasctha

0,30

 

3.4.1.5

Rís atá beartaithe chun bia a tháirgeadh do naíonáin agus do leanaí óga (3)

0,10

 

3.4.1.6

Deochanna neamhalcólacha atá bunaithe ar rís

0,030

 

3.4.2

Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin, bianna chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonán agus do leanaí óga (3) agus bainne foirmle do leanaí óga (4)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

3.4.2.1

a chuirtear ar an margadh mar phúdar

0,020

 

3.4.2.2

a chuirtear ar an margadh mar leacht

0,010

 

3.4.3

Bia do naíonáin (3)

0,020

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

3.4.4

Súnna torthaí, súnna torthaí comhdhlúite athdhéanta agus neachtair torthaí (9)

0,020

 

 

 

Arsanaic iomlán

Tá feidhm ag an uasleibhéal don arsanaic iomlán maidir le táirgí a liostaítear in 3.4.5.

3.4.5

Salann

0,50

 


3.5

Stán (neamhorgánach)

Uasleibhéal (mg/kg)

Tráchtanna

3.5.1

Bia stánaithe seachas táirgí a liostaítear in 3.5.2, 3.5.3, 3.5.4 agus 3.5.5

200

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

3.5.2

Deochanna stánaithe seachas na táirgí a liostaítear in 3.5.3, 3.5.4 agus 3.5.5

100

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

Lena n-áirítear súnna torthaí agus súnna glasraí.

3.5.3

Foirmle stánaithe do naíonáin, foirmle stánaithe leantach do naíonáin (3) agus foirmle stánaithe do leanaí óga (4)

50

Seachas táirgí stánaithe triomaithe agus táirgí stánaithe púdraithe.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

3.5.4

Bia gránachbhunaithe stánaithe agus próiseáilte do naíonán agus leanaí óga (3)

50

Seachas táirgí stánaithe triomaithe agus táirgí stánaithe púdraithe.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

3.5.5

Bia stánaithe chun críoch speisialta míochaine a cheaptar do naíonáin agus do leanaí óga (3)

50

Seachas táirgí stánaithe triomaithe agus táirgí stánaithe púdraithe.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.


4

Truailleáin orgánacha mharthanacha halaiginithe

4.1

Dé-ocsainí agus PCBanna

Uasleibhéal

Tráchtanna

 

 

Suim dé-ocsainí (pg WHO-PCDD/F-TEQ/g) (15)

Suim dé-ocsainí agus PCBanna cosúil le dé-ocsainí (pg WHO-PCDD/F-PCB-TEQ/g) (15)

Suim PCBanna neamh-dé-ocsain (ng/g) (15)

Suim PCBanna neamh-dé-ocsaine de PCB28, PCB52, PCB101, PCB138, PCB153 agus PCB180 (ICES - 6).

Tagraíonn uasleibhéil do thiúchain cuimse uachtair, a ríomhtar ar an toimhde go bhfuil luachanna uile na ngineadóirí éagsúla faoi bhun na teorann cainníochtaithe cothrom leis an teorainn cainníochtaithe.

4.1.1

Feoil agus táirgí feola seachas scairteach inite agus táirgí a liostaítear in 4.1.3 agus 4.1.4 (2)

 

 

 

Níl uasleibhéil arna sloinneadh ar shaill infheidhme maidir le bia ina bhfuil < 2 % de shaill. I gcás bia ina bhfuil níos lú ná 2 % de shaill, is é an t-uasleibhéal is infheidhme an leibhéal ar bhonn táirge a chomhfhreagraíonn don leibhéal ar bhonn táirge don bhia ina bhfuil 2 % de shaill, arna ríomh ón uasleibhéal arna bhunú ar bhonn saille, agus úsáid á baint as an bhfoirmle seo a leanas: An t-uasleibhéal arna shloinneadh ar bhonn táirge maidir le bia ina bhfuil níos lú ná 2 % de shaill = an t-uasleibhéal arna shloinneadh ar shaill maidir leis an mbia sin × 0,02.

4.1.1.1

de bhó-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

2,5 pg/g saille

4,0  pg/g saille

40  ng/g saille

 

4.1.1.2

de mhuca

1,0  pg/g saille

1,25  pg/g saille

40  ng/g saille

 

4.1.1.3

d’éanlaith chlóis

1,75  pg/g saille

3,0  pg/g saille

40  ng/g saille

 

4.1.1.4

de chapall

5,0  pg/g saille

10,0  pg/g saille

-

 

4.1.1.5

de choinín

1,0  pg/g saille

1,5  pg/g saille

-

 

4.1.1.6

de thoirc (Sus scrofa)

5,0  pg/g saille

10,0  pg/g saille

-

 

4.1.1.7

d’éin ghéime fhiáine

2,0  pg/g saille

4,0  pg/g saille

-

 

4.1.1.8

fiafheoil

3,0  pg/g saille

7,5  pg/g saille

-

 

4.1.2

Ae agus táirgí a dhíorthaítear uaidh

 

 

 

 

4.1.2.1

d’ainmhithe buaibheacha agus d’ainmhithe gabhair, de mhuca, d’éanlaith chlóis agus de chapall

0,30 pg/g fliuchmheáchain

0,50  pg/g fliuchmheáchain

3,0  ng/g fliuchmheáchain

 

4.1.2.2

d’ainmhithe de chineál caorach

1,25  pg/g fliuchmheáchain

2,00  pg/g fliuchmheáchain

3,0  ng/g fliuchmheáchain

 

4.1.2.3

d’éin ghéime fhiáine

2,5  pg/g fliuchmheáchain

5,0  pg/g fliuchmheáchain

-

 

4.1.3

Saill

 

 

 

 

4.1.3.1

de bhó-ainmhithe agus caoirigh

2,5 pg/g saille

4,0  pg/g saille

40  ng/g saille

 

4.1.3.2

de mhuca

1,0  pg/g saille

1,25  pg/g saille

40  ng/g saille

 

4.1.3.3

d’éanlaith chlóis

1,75  pg/g saille

3,0  pg/g saille

40  ng/g saille

 

4.1.4

Saillte ainmhíocha measctha

1,5  pg/g saille

2,50  pg/g saille

40  ng/g saille

 

4.1.5

Táirgí iascaigh (2) agus moilisc dhébhlaoscacha (2) seachas táirgí a liostaítear in 4.1.6, 4.1.7, 4.1.8, 4.1.9 agus 4.1.10

3,5  pg/g fliuchmheáchain

6,5  pg/g fliuchmheáchain

75  ng/g fliuchmheáchain

I gcás éisc, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le feoil mhatánach éisc.

I gcás ina mbeartaítear iasc a ithe ina iomláine, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an iasc ina iomláine.

Maidir le crústaigh, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le feoil mhatánach ó ghéagáin agus ó bholg, rud a chiallaíonn go bhfuil ceifealatóracs crústach fágtha aisti.

4.1.6

Feoil mhatánach ó iasc fionnuisce a ghabhtar go fiáin agus táirgí a dhéantar astu

3,5  pg/g fliuchmheáchain

6,5  pg/g fliuchmheáchain

125  ng/g fliuchmheáchain

Seachas speicis éisc dhéghrómacha a ghabhtar in uisce úr agus táirgí a rinneadh as

I gcás ina mbeartaítear iasc a ithe ina iomláine, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an iasc ina iomláine.

4.1.7

Feoil mhatánach ó fhíogaigh fhiáine spíonacha (Squalus acanthias) agus táirgí a dhéantar astu

3,5  pg/g fliuchmheáchain

6,5  pg/g fliuchmheáchain

200  ng/g fliuchmheáchain

 

4.1.8

Feoil mhatánach ó eascanna a ghabhtar go fiáin (Anguilla anguilla) agus táirgí a dhéantar astu

3,5  pg/g fliuchmheáchain

10,0  pg/g fliuchmheáchain

300  ng/g fliuchmheáchain

 

4.1.9

Ae éisc agus táirgí a dhíorthaítear uaidh seachas na táirgí a liostaítear in 4.1.10

-

20,0  pg/g fliuchmheáchain

200  ng/g fliuchmheáchain

I gcás ae éisc stánaithe, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le cion inite iomlán an channa.

4.1.10

Olaí muirí (ola coirp éisc, ola ae éisc agus olaí orgánach muirí eile a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh)

1,75  pg/g saille

6,0  pg/g saille

200  ng/g saille

 

4.1.11

Bainne amh (2) agus táirgí déiríochta (2)

2,0  pg/g saille

4,0  pg/g saille

40  ng/g saille

Saill ime san áireamh.

Níl uasleibhéil arna sloinneadh ar shaill infheidhme maidir le bia ina bhfuil < 2 % de shaill. I gcás bia ina bhfuil níos lú ná 2 % de shaill, is é an t-uasleibhéal is infheidhme an leibhéal ar bhonn táirge a chomhfhreagraíonn don leibhéal ar bhonn táirge don bhia ina bhfuil 2 % de shaill, arna ríomh ón uasleibhéal arna bhunú ar bhonn saille, agus úsáid á baint as an bhfoirmle seo a leanas: An t-uasleibhéal arna shloinneadh ar bhonn táirge maidir le bia ina bhfuil níos lú ná 2 % de shaill = an t-uasleibhéal arna shloinneadh ar shaill maidir leis an mbia sin × 0,02.

4.1.12

Uibheacha agus táirgí uibhe seachas uibheacha gé (2)

2,5 pg/g saille

5,0  pg/g saille

40  ng/g saille

Níl uasleibhéil arna sloinneadh ar shaill infheidhme maidir le bia ina bhfuil < 2 % de shaill. I gcás bia ina bhfuil níos lú ná 2 % de shaill, is é an t-uasleibhéal is infheidhme an leibhéal ar bhonn táirge a chomhfhreagraíonn don leibhéal ar bhonn táirge don bhia ina bhfuil 2 % de shaill, arna ríomh ón uasleibhéal arna bhunú ar bhonn saille, agus úsáid á baint as an bhfoirmle seo a leanas: An t-uasleibhéal arna shloinneadh ar bhonn táirge maidir le bia ina bhfuil níos lú ná 2 % de shaill = an t-uasleibhéal arna shloinneadh ar shaill maidir leis an mbia sin × 0,02.

4.1.13

Olaí agus saillte plandúla

0,75  pg/g saille

1,25  pg/g saille

40  ng/g saille

 

4.1.14

Bia a cheaptar do naíonáin agus do leanaí óga (3)

0,1  pg/g fliuchmheáchain

0,2  pg/g fliuchmheáchain

1,0  ng/g fliuchmheáchain

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid (a chuirtear ar an margadh sa riocht sin nó tar éis an athdhéanta de réir mar a threoraíonn an monaróir).


4.2

Substaintí sárfhluarailcile

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

 

 

PFOS

PFOA

PFNA

PFHxS

Suim PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meáchan fliuch.

PFOS: aigéad sulfónach sárfhluarochtáin

PFOA: aigéad sárfhluaractanóch

PFNA: aigéad sárfhluarónanóch

PFHxS: aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin

I gcás PFOS, PFOA, PFNA, PFHxS agus a suime, tagraíonn an t-uasleibhéal do shuim na steiré-isiméirí líneacha agus brainseacha, cibé an bhfuil siad scartha go crómatagrafach nó nach bhfuil.

I gcás shuim PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS, tagraíonn na huasleibhéil do thiúchain cuimse íochtair, agus ríomhtar ar an toimhde gur nialas na luachanna uile atá faoi bhun na teorann cainníochtaithe.

4.2.1

Feoil agus scairteach inite (2)

 

 

 

 

 

 

4.2.1.1

Feoil ó bhó-ainmhithe, ó mhuca agus ó éanlaith chlóis

0,30

0,80

0,20

0,20

1,3

 

4.2.1.2

Feoil ó chaoirigh

1,0

0,20

0,20

0,20

1,6

 

4.2.1.3

Feoil ó bhó-ainmhithe, ó chaoirigh, ó mhuca agus ó éanlaith chlóis

6,0

0,70

0,40

0,50

8,0

 

4.2.1.4

Feoil ó ainmhithe géim, cé is moite d’fheoil ó bhéir

5,0

3,5

1,5

0,60

9,0

 

4.2.1.5

Scairteach ó ainmhithe géim, cé is moite de scairteach ó bhéir

50

25

45

3,0

50

 

4.2.2

Táirgí iascaigh (2) agus moilisc dhébhlaoscacha (2)

 

 

 

 

 

I gcás bia triomaithe, caolaithe nó próiseáilte agus/nó comhbhia, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir leo.

4.2.2.1

Feoil éisc

 

 

 

 

 

I gcás ina mbeartaítear iasc a ithe ina iomláine, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an iasc ina iomláine.

4.2.2.1.1

Feoil mhatánach éisc, seachas táirgí a liostaítear in 4.2.2.1.2 agus 4.2.2.1.3

Feoil mhatánach éisc a liostaítear in 4.2.2.1.2 agus 4.2.2.1.3, i gcás ina bhfuil sé beartaithe í a úsáid chun bia a tháirgeadh do naíonáin agus do leanaí óga

2,0

0,20

0,50

0,20

2,0

 

4.2.2.1.2

Feoil mhatánach ó na héisc seo a leanas, i gcás nach bhfuil sé beartaithe í a úsáid chun bia a tháirgeadh do naíonáin agus do leanaí óga:

Scadán Mhuir Bhailt (Clupea harengus membras)

Boiníotó (speiceas Sarda agus Orcynopsis)

Lota (Lota lota)

Salán Eorpach (Sprattus sprattus)

Dúleatha (Platichthys flesus agus Glyptocephalus cynoglossus)

Milléad glas (Mugil cephalus)

Bolmán (Trachurus trachurus)

Liús (speiceas Esox)

Leathóg (speicis Pleuronectes agus Lepidopsetta)

Sairdín agus pilséar (speiceas Sardina)

Dordveidhil (speiceas Dicentrarchus)

Cat mara (speicis Silurus agus Pangasius)

Loimpre mhara (Petromyzon marinus)

Cúramán (Tinca tinca)

Pollán (Coregonus albula agus Coregonus vandesius)

Iasc lonrach airgid (Phosichthys argenteus)

Bradán fiáin agus breac fiáin (speicis fhiáine Salmo agus Oncorhynchus)

Cat mara (speiceas Anarhichas)

7,0

1,0

2,5

0,20

8,0

 

4.2.2.1.3

Feoil mhatánach ó na héisc seo a leanas, i gcás nach bhfuil sé beartaithe í a úsáid chun bia a tháirgeadh do naíonáin agus do leanaí óga:

Ainseabhaí (speiceas Engraulis)

Babel (Barbus barbus)

Bréan (speiceas Abramis)

Ruabhreac (speiceas Salvelinus)

Eascann (speiceas Anguilla)

Liúsphéirse (speiceas Sander)

Péirse (Perca fluviatilis)

Róiste (Rutilus rutilus)

Smealt (speiceas Osmerus)

Iasc geal (speicis Coregonus seachas na cinn a liostaítear in 4.2.2.1.2)

35

8,0

8,0

1,5

45

 

4.2.2.2

Crústaigh agus moilisc dhébhlaoscacha

3,0

0,70

1,0

1,5

5,0

Maidir le crústaigh, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le feoil mhatánach ó ghéagáin agus ó bholg, rud a chiallaíonn go bhfuil ceifealatóracs crústach fágtha aisti. I gcás na bportán agus na gcrústach portáin (Brachyura agus Anomura), tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an bhfeoil mhatánach ó ghéagáin.

I gcás Pecten maximus, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an matán aduchtach agus gónad amháin.

I gcás crústaigh stánaithe, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le cion iomlán an channa. A mhéid a bhaineann leis an uasleibhéal don táirge ilchodach ina iomláine, beidh feidhm ag Airteagal 3(1), ag pointe (c) agus ag Airteagal 3 (2) maidir leis.

4.2.3

Uibheacha

1,0

0,30

0,70

0,30

1,7

 


5

Éilleáin a phróiseáil

5.1

Hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAHanna)

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

 

 

Beinsi[a]piréin

Suim PAHanna: beinsi(a)piréin, beinsi(a)antraicéin, beinsi(b)fluaraintéin agus criséin

Maidir le suim PAHanna, tagraíonn uasleibhéil do thiúchan cuimse íochtair, a ríomhtar ar an toimhde gurb ionann na luachanna na gceithre shubstaint go léir faoi bhun na teorann cainníochtaithe agus nialas.

5.1.1

Sceallóga banana

2,0

20,0

 

5.1.2

Púdair bhia de thionscnamh plandaí chun deochanna a ullmhú seachas táirgí a liostaítear in 5.1.4 agus 5.1.5

10,0

50,0

Tagraíonn ullmhú deochanna d’úsáid a bhaint as púdair atá mínmheilte agus atá le meascadh isteach i ndeochanna.

Seachas caife ar an toirt nó caife intuaslagtha.

5.1.3

Luibheanna triomaithe

10,0

50,0

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

5.1.4

Pónairí cócó agus táirgí díorthaithe seachas na táirgí a liostaítear in 5.1.5

5,0 μg/kg saille

30,0 μg/kg saille

Lena n-áirítear im cócó.

5.1.5

Snáithín cócó agus táirgí a dhíorthaítear ó shnáithín cócó atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhábhar i mbia

3,0

15,0

Is táirge ar leith é snáithín cócó a tháirgtear ó bhlaosc an phónaire chócó agus ina bhfuil leibhéil níos airde PAHanna ná na táirgí cócó a tháirgtear ó na goba cócó. Is táirgí idirmheánacha sa slabhra táirgthe iad an snáithín cócó agus na táirgí díorthaithe agus úsáidtear iad mar chomhábhar i mbia atá ar bheagán calraí agus ar mhórán snáithín a ullmhú.

5.1.6

Feoil dheataithe agus táirgí feola deataithe

2,0

12,0

 

5.1.7

Táirgí iascaigh deataithe (2) seachas na táirgí a liostaítear in 5.1.8

2,0

12,0

I gcás éisc, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le feoil mhatánach éisc.

I gcás ina mbeartaítear iasc a ithe ina iomláine, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an iasc ina iomláine.

Maidir le crústaigh dheataithe, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le feoil mhatánach ó ghéagáin agus ó bholg, rud a chiallaíonn go bhfuil ceifealatóracs crústach fágtha astu. I gcás na bportán deataithe agus na gcrústach portáin (Brachyura agus Anomura) tá feidhm aige maidir le feoil mhatáin ó ghéagáin.

5.1.8

Saláin dheataithe agus saláin dheataithe stánaithe (Sprattus sprattus)

Scadán Baltach deataithe ≤ 14 cm ar fad agus scadán Baltach deataithe stánaithe ≤ 14 cm ar fad (Clupea harengus membras)

Katsuobushi (boiníotó triomaithe, Katsuwonus pelamis)

Moilisc dhébhlaoscacha (2) (iad úr, fuaraithe nó reoite)

Feoil theaschóireáilte agus táirgí feola teaschóireáilte a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

5,0

30,0

I gcás ina mbeartaítear iasc a ithe ina iomláine, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an iasc ina iomláine.

Feoil agus táirgí feola a ndearnadh cóireáil teasa orthu a bhféadfadh foirmiú PAH a bheith mar thoradh uirthi, i.e. griolladh agus beárbaiciú amháin.

I gcás táirgí stánaithe, tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le cion iomlán an channa. A mhéid a bhaineann leis an uasleibhéal don táirge ilchodach ina iomláine, beidh feidhm ag Airteagal 3(1), ag pointe (c) agus ag Airteagal 3 (2) maidir leis.

5.1.9

Moilisc dhébhlaoscacha dheataithe (2)

6,0

35,0

 

5.1.10

Spíosraí triomaithe

10,0

50,0

Seachas cardamam agus Capsicum spp deataithe.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

5.1.11

Olaí agus saillte a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó lena n-úsáid mar chomhábhar i mbia

2,0

10,0

Seachas im cócó agus ola cnó cócó.

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir seo le holaí plandúla a úsáidtear mar chomhábhar i bhforbhianna.

5.1.12

Ola cnó cócó a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó lena n-úsáid mar chomhábhar i mbia

2,0

20,0

 

5.1.13

Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin (3) agus bainne foirmle do leanaí óga (4)

1,0

1,0

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid (a chuirtear ar an margadh sa riocht sin nó tar éis an athdhéanta de réir mar a threoraíonn an monaróir).

5.1.14

Bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonán agus leanaí óga (3)

1,0

1,0

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

5.1.15

Bia chun críoch speisialta míochaine a cheaptar do naíonáin agus do leanaí óga (3)

1,0

1,0

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid (a chuirtear ar an margadh sa riocht sin nó tar éis an athdhéanta de réir mar a threoraíonn an monaróir).

5.1.16

Forbhianna ina bhfuil luibheolaíochtaí agus a n-ullmhóidí (13)

Forbhianna ina bhfuil gliú beach, glóthach ríoga, spiorailiam nó a n-ullmhóidí

10,0

50,0

Níl feidhm ag an uasleibhéal maidir le forbhianna ina bhfuil olaí plandúla. Maidir le holaí plandúla a úsáidtear mar chomhábhar i bhforbhianna, féach pointe 5.1.11.


5.2

3-monaclóraprópán-1,2-dé-ól (3-MCPD)

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

5.2.1

Próitéin glasraí hidrealaithe

20

Tugtar an t-uasleibhéal maidir leis an táirge leachtach ina bhfuil 40 % d’ábhar tirim, rud a chomhfhreagraíonn don uasleibhéal 50 μg/kg san ábhar tirim. Ní mór an leibhéal a choigeartú go comhréireach de réir chion ábhar tirim na dtáirgí.

5.2.2

Anlann soighe

20

Tugtar an t-uasleibhéal maidir leis an táirge leachtach ina bhfuil 40 % d’ábhar tirim, rud a chomhfhreagraíonn don uasleibhéal 50 μg/kg san ábhar tirim. Ní mór an leibhéal a choigeartú go comhréireach de réir chion ábhar tirim na dtáirgí.


5.3

Suim na n-eistear aigéid shailligh 3-monaclórapróipiléine (3-MCPD) agus 3-MCPD, arna léiriú mar 3-MCPD

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

 

 

 

Maidir le suim na n-eistear aigéid shailligh 3-monaclórapróipiléine (3-MCPD) agus 3-MCPD , tagraíonn na huasleibhéil do thiúchan cuimse íochtair, a ríomhtar ar an toimhde go bhfuil na luachanna go léir faoi bhun na teorann cainníochtaithe nialas.

5.3.1

Olaí agus saillte plandúla, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile seachas táirgí a liostaítear in 5.3.2 a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó atá le húsáid mar chomhábhar i mbia a thagann faoi na catagóirí seo a leanas:

 

Seachas olaí olóige íona (7).

5.3.1.1

olaí agus saillte ó chnó cócó, arbhar Indiach, ráibe, lus na gréine, pónaire soighe, eithne phailme agus olaí olóige (atá comhdhéanta d’ola olóige scagtha agus d’ola olóige íon) agus meascáin d’olaí agus de shaillte le holaí agus le saillte amháin ón gcatagóir seo

1 250

Seachas olaí olóige íona (7).

5.3.1.2

olaí plandúla eile, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile agus meascáin d’olaí agus de shaillte le holaí agus de shaillte amháin ón gcatagóir seo

2 500

Lena n-áirítear olaí olóige prabhaite.

5.3.1.3

meascáin d’olaí agus de shaillte ó tháirgí a liostaítear in 5.3.1.1 agus 5.3.1.2

-

Comhlíonfaidh na holaí agus na saillte a úsáidfear mar chomhábhar don mheascán an t-uasleibhéal a bhunófar le haghaidh na hola agus na saille. Dá bhrí sin, ní rachaidh leibhéal suim na n-eistear aigéid shailligh 3-MCPD agus 3-MCPD, arna sloinneadh mar 3-MCPD sa mheascán, thar an leibhéal arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (c).

I gcás nach eol don údarás inniúil ná don oibreoir gnó bia nach dtáirgeann an meascán an comhdhéanamh cainníochtúil, ní rachaidh leibhéal shuim na n-eistear aigéid shailligh 3-MCPD agus 3-MCPD, arna sloinneadh mar 3-MCPD sa mheascán in aon chás, thar 2 500 μg/kg.

5.3.2

Olaí agus saillte plandúla, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile atá beartaithe chun bia do naíonáin agus bia próiseáilte arbhair a tháirgeadh do naíonáin agus do leanaí óga (3)

750

Nuair is meascán d’olaí nó de shaillte éagsúla den bhunús céanna nó de bhunús luibheolaíoch éagsúil atá sa táirge, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meascán. Olaí agus saillte arna n-úsáid mar chomhábhar sa mheascán, comhlíonfaidh siad an t-uasleibhéal arna bhunú don ola agus don tsaill i bpointe 5.3.1.

5.3.3

Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin agus bia chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga (3) agus bainne foirmle do leanaí óga (4)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

5.3.3.1

a chuirtear ar an margadh mar phúdar

125

 

5.3.3.2

a chuirtear ar an margadh mar leacht

15

 


5.4

Eistir aigéid shailligh ghlicidile, arna sloinneadh mar ghliciodól

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

5.4.1

Olaí agus saillte plandúla, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó atá le húsáid mar chomhábhar i mbia seachas táirgí a liostaítear in 5.4.2

1 000

Seachas olaí olóige íona (7).

5.4.2

Olaí agus saillte plandúla, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile atá beartaithe chun bia do naíonáin agus bia próiseáilte arbhair a tháirgeadh do naíonáin agus do leanaí óga (3)

500

Nuair is meascán d’olaí nó de shaillte éagsúla den bhunús céanna nó de bhunús luibheolaíoch éagsúil atá sa táirge, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meascán.

Olaí agus saillte arna n-úsáid mar chomhábhar sa mheascán, comhlíonfaidh siad an t-uasleibhéal arna bhunú don ola agus don tsaill i bpointe 5.4.1.

5.4.3

Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin agus bia chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga (3) agus bainne foirmle do leanaí óga (4)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

5.4.3.1

a chuirtear ar an margadh mar phúdar

50

 

5.4.3.2

a chuirtear ar an margadh mar leacht

6,0

 


6

Éilleáin eile

6.1

Níotráití

Uasleibhéal

(mg NO3/kg)

 

6.1.1

Spionáiste úr (Spinacia oleracea)

3 500

Níl feidhm ag an uasleibhéal maidir le spionáiste úr le haghaidh próiseála, rud a iompraítear go díreach ar an mórchóir ón bpáirc go dtí an gléasra próiseála.

6.1.2

Spionáiste caomhnaithe, domhainreoite nó reoite

2 000

 

6.1.3

Leitís úr(Lactuca sativa L.) seachas táirgí a liostaítear in 6.1.4

 

 

6.1.3.1

Leitís a fhástar faoi chlúdach, a bhaintear idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 31 Márta

5 000

Caithfear leitís a fhástar faoi chlúdach a lipéadú sa riocht sin; seachas sin, beidh feidhm ag an uasleibhéal a shonraítear in 6.1.3.2.

6.1.3.2

Leitís a fhástar faoin aer, a bhaintear idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 31 Márta

4 000

 

6.1.3.3

Leitís a fhástar faoi chlúdach, a bhaintear idir an 1 Aibreán agus an 30 Meán Fómhair

4 000

Caithfear leitís a fhástar faoi chlúdach a lipéadú sa riocht sin; seachas sin, beidh feidhm ag an uasleibhéal a shonraítear in 6.1.3.4.

6.1.3.4

Leitís a fhástar faoin aer, a bhaintear idir an 1 Aibreán agus an 30 Meán Fómhair

3 000

 

6.1.4

Leitís oigheargheal

 

Lena n-áirítear Grazer Krauthäuptl.

6.1.4.1

Leitís a fhástar faoi chlúdach

2 500

Caithfear leitís a fhástar faoi chlúdach a lipéadú sa riocht sin; seachas sin, beidh feidhm ag an uasleibhéal a shonraítear in 6.1.4.2.

6.1.4.2

Leitís a fhástar faoin aer

2 000

 

6.1.5

Rucola (Eruca sativa, Diplotaxis sp., Brassica tenuifolia, Sisymbrium tenuifolium)

 

 

6.1.5.1

a bhaintear idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 31 Márta

7 000

 

6.1.5.2

a bhaintear idir an 1 Aibreán agus an 30 Meán Fómhair

6 000

 

6.1.6

Bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonán agus leanaí óga (3)

200

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid (a chuirtear ar an margadh sa riocht sin nó tar éis an athdhéanta de réir mar a threoraíonn an monaróir).


6.2

Mealaimín

Uasleibhéal (mg/kg)

Tráchtanna

6.2.1

Bia seachas táirgí a liostaítear in 6.2.2

2,5

Níl feidhm ag an uasleibhéal maidir le bia ar féidir a chruthú ina leith gurb é is cúis leis an leibhéal meilimín níos airde ná 2,5 mg/kg ná úsáid údaraithe ciorómaisín mar fheithidicíd. Ní rachaidh leibhéal an mheilimín thar leibhéal na cioglonaide.

6.2.2

Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin (3) agus bainne foirmle do leanaí óga (4)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

6.2.2.1

a chuirtear ar an margadh mar phúdar

1,0

 

6.2.2.2

a chuirtear ar an margadh mar leacht

0,15

 


6.3

Sárchlóráit

Uasleibhéal (mg/kg)

Tráchtanna

6.3.1

Torthaí agus glasraí seachas na táirgí a liostaítear in 6.3.1.1 agus 6.3.1.2

0,05

 

6.3.1.1

Cucurbitaceae agus cál

0,10

 

6.3.1.2

Glasraí duilleacha agus luibheanna

0,50

 

6.3.2

Tae (Camellia sinensis) (táirge triomaithe)

Insiltí luibhe agus torthaí (táirge triomaithe) agus comhábhair a úsáidtear le haghaidh insiltí luibhe agus torthaí (táirgí triomaithe)

0,75

Tagraíonn “insiltí luibhe (táirge triomaithe)” dóibh seo a leanas:

insiltí luibhe (táirge triomaithe) ó bhláthanna, duilleoga, gais, fréamhacha, agus aon chodanna eile den phlanda (i saicíní nó ar an mórchóir) a úsáidtear chun insileadh luibhe a ullmhú (táirge leachtach); agus

insiltí luibhe ar an toirt. I gcás eastóscáin phúdraithe, caithfear fachtóir tiúchana de 4 a chur i bhfeidhm.

6.3.3

Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin, bianna chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga (3) agus bainne foirmle do leanaí óga (4)

0,01

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid (a chuirtear ar an margadh sa riocht sin nó tar éis an athdhéanta de réir mar a threoraíonn an monaróir).

6.3.4

Bia do naíonáin (3)

0,02

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis na táirgí atá réidh le húsáid (a chuirtear ar an margadh sa riocht sin nó tar éis an athdhéanta de réir mar a threoraíonn an monaróir).

6.3.5

Bia gránachbhunaithe próiseáilte (3)

0,01

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

(1)

Torthaí, cnónna crainn, glasraí, gránaigh, olashíolta agus spíosraí a liostaítear sa chatagóir ábhartha mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia nó i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar an mbia sin nó ar an mbeatha sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1). Chun críche an Rialacháin seo, ní chumhdaítear cnónna crainn faoin uasleibhéal le haghaidh torthaí.

(2)

Bia mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(3)

Bia mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).

(4)

Tagraíonn ‘foirmle do leanaí óga’ do dheochanna bunaithe ar bhainne agus do tháirgí comhchosúla próitéin-bhunaithe atá ceaptha do leanaí óga. Tá na táirgí seo lasmuigh de raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 (Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le foirmle do pháistí óga (COM (2016) 169 final) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52016DC0169&qid=1620902871447).

(5)

Déanfar ábhar tirim a chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 401/2006 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2006 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí in earraí bia (IO L 70, 9.3.2006, lch. 12).

(6)

Ciallaíonn próiseáil na céadchéim aon chóireáil fhisiceach nó theirmeach, seachas triomú an ghráin nó triomú ar an ngráin. Maidir le nósanna imeachta glantacháin, lena n-áirítear sciúradh, sórtáil (sórtáil datha i gcás inarb infheidhme) agus triomú ní mheasfar gur ‘próiseáil chéadchéime’ iad sa mhéid go mbíonn an grán ar fad fós slán tar éis an ghlantacháin agus na sórtála. Ciallaíonn sciúradh gránach a ghlanadh trí é a scuabadh agus/nó a sciúradh go tréan, in éineacht le baint deannaigh (e.g. asú). D’fhéadfaí sórtáil datha a dhéanamh i ndiaidh an sciúrtha roimh an muilleáil.

(7)

Bia mar a shainmhínítear i gCuid II agus i gCuid VIII d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(8)

Bia mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha táirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).

(9)

Bia mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus táirgí áirithe comhchosúla a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 58).

(10)

Bia mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17. 5. 2019, lch. 1).

(11)

An chlómhéid mar a shonraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(12)

Is éard is “tae blaistithe” ann ná tae le blasóir nó “comhábhar bia le hairíonna blaistithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 2232/96 agus (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

(13)

Faightear ullmhóidí luibheolaíocha le haghaidh forbhianna ó luibheolaíochtaí (e.g. páirteanna iomlána, plandaí, plandaí ilroinnte nó gearrtha) trí phróisis éagsúla (e.g. brú, fáscadh, eastóscadh, codánú, driogadh, tiúchan, triomú agus coipeadh). I measc na n-ullmhóidí luibheolaíocha tá plandaí mionaithe nó púdraithe, páirteanna plandaí, algaí, fungais, léicin, tintiúir, sleachta, blátholaí (seachas na holaí agus na saillte plandúla (seachas im agus ola cnó cócó) atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine go díreach nó lena n-úsáid mar chomhábhar i mbia), súnna tálta agus úscraí próiseáilte.

(14)

Is éard is “táirgí cócó agus seacláide” ann ná aon cheann de na táirgí a shainmhínítear i bpointí, 2, 3 agus 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2000 maidir le táirgí cócó agus seacláide atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (IO L 197, 3.8.2000, lch. 19).

(15)

WHO-TEQS: Déantar suim na ndé-ocsainí (débheinsi-dé-ocsain pholaclóirínithe [PCDDanna]agus na ndébheinseafúrán polaclóirínithe [PCDFanna]) agus suim na ndé-ocsainí agus na ndéfheinilí polaclóirínithe dé-ocsainiúla (PCBanna) a ríomh trí úsáid a bhaint as fachtóirí tocsaineacha coibhéisí EDS (WHO-TEFanna) agus a chur in iúl mar choibhéisí tocsaineacha EDS (WHO-TEQanna). Tá WHO-TEFanna le haghaidh measúnú riosca don duine bunaithe ar chonclúidí shainchruinniú na saineolaithe de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) – an Chláir Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Cheimiceach (IPCS) a tionóladh sa Ghinéiv i Meitheamh 2005 (Van den Berg et al. 2005, The 2005 World Health Organization Re-evaluation of Human and Mammalian Toxic Equivalency Factors for Dioxins and Dioxin-like Compounds [Atmheastóireacht 2005 na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar Fhachtóirí Tocsaineacha Coibhéisí Daonna agus Mamacha do Dhé-ocsainí agus Comhdhúile Dhé-ocsainiúla]. Toxicological Sciences 93[2], 223-241 [2006]).

Comhaicmeach

Luach TEF

Comhaicmeach

Luach TEF

Dé-ocsainí

 

PCBanna “dé-ocsainiúla”

 

Débheinsi-p-dé-ocsainí (“PCDDanna”)

 

PCBanna malartaithe neamhortacha

 

2,3,7,8-TCDD

1

PCB 77

0,0001

1,2,3,7,8-PeCDD

1

PCB 81

0,0003

1,2,3,4,7,8-HxCDD

0,1

PCB 126

0,1

1,2,3,6,7,8-HxCDD

0,1

PCB 169

0,03

1,2,3,7,8,9-HxCDD

0,1

 

 

1,2,3,4,6,7,8-HpCDD

0,01

 

 

OCDD

0,0003

 

 

 

 

PCBanna malartaithe mona-ortacha

 

2,3,7,8-TCDF

0,1

PCB 105

0,00003

1,2,3,7,8-PeCDF

0,03

PCB 114

0,00003

2,3,4,7,8-PeCDF

0,3

PCB 118

0,00003

1,2,3,4,7,8-HxCDF

0,1

PCB 123

0,00003

1,2,3,6,7,8-HxCDF

0,1

PCB 156

0,00003

1,2,3,7,8,9-HxCDF

0,1

PCB 157

0,00003

2,3,4,6,7,8-HxCDF

0,1

PCB 167

0,00003

1,2,3,4,6,7,8-HpCDF

0,01

PCB 189

0,00003

1,2,3,4,7,8,9-HpCDF

0,01

 

 

OCDF

0,0003

 

 

Giorrúcháin a úsáidtear: “T” = teitrea; “Pe” = peinti; “Hx” = heicsea; “Hp” = heiptea; “O” = ochta; “CDD” = clóraibeinsó-dé-ocsain; “CDF” = clóraibeinseafúrán; ‘CB‘ = clóraidhéfheinil


IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 9

Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2(1), 2(2), 2(3)

Airteagal 3(1), 3(2), 3(3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(1), 3(2)

Airteagal 2(1), 2(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 5(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Iarscríbhinn I, pointí 6.1.3.1, 6.1.3.3, 6.1.4.1

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

-

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 12

Airteagal 11

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I


5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/158


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/916 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Aibreán 2023

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint “Melocotón de Cieza” (TGFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Spáinn ar chlárú an ainm “Melocotón de Cieza” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Melocotón de Cieza” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Melocotón de Cieza” (TGFC) cláraithe anois.

Leis an ainm dá dtagraítear sa chéad mhír, sainítear táirge de chuid Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  IO C 20, 20.1.2023, lch. 21.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/159


RIALACHÁN (AE) 2023/917 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Bealtaine 2023

lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith catagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (1), agus go háirithe Airteagal 1(1), pointe (a), de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Polainnise de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 2, pointe (103e) a dhéanann difear d’ábhar an tsainmhínithe ar ghnóthas “meánchaipitlithe beag”, ar earráid í a dhéanann difear go hindíreach do raon feidhme na bhforálacha uile ina n-úsáidtear an téarma sin freisin.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, an leagan Polainnise de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).


5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/160


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/918 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Bealtaine 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, démheatomorf, eiteafón, feanasacuin, fluaipicilíd, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, S-meitileaclór, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 78(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE (2), meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3). Liostaítear substaintí gníomhacha atá formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gCuid B den Iarscríbhinn sin.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/708 ón gCoimisiún (4) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí fluraclóradón go dtí an 31 Bealtaine 2023. Leis an Rialachán sin, cuirtear síneadh freisin le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí meatam go dtí an 30 Meitheamh 2023, agus cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, démheatomorf, eiteafón, fluocsastróibin, foilpéad, foirmeiteanáit, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól agus S-meitileaclór go dtí an 31 Iúil 2023.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1266 ón gCoimisiún (5) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha cleataidim, cioglocsaidim, dasaimeit, déchlófop, feanasacuin, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, meataildéad, agus paclabútrasól go dtí an 31 Bealtaine 2023.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1527 ón gCoimisiún (6) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí fluaipicilíd go dtí an 31 Bealtaine 2023.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2069 ón gCoimisiún (7) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí meatalacsail go dtí an 30 Meitheamh 2023, agus cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí peanocsulam go dtí an 31 Iúil 2023.

(6)

Tá formheas na substainte gníomhaí aimeatochtraidin le dul in éag an 31 Iúil 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 200/2013 ón gCoimisiún (8).

(7)

Tá formheas na substainte gníomhaí ciafluaimeitifein le dul in éag an 31 Bealtaine 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 22/2013 ón gCoimisiún (9).

(8)

Tá formheas na substainte gníomhaí víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera le dul in éag an 31 Bealtaine 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 368/2013 ón gCoimisiún (10).

(9)

Tá formheas na substainte gníomhaí mandaprópaimid le dul in éag an 31 Iúil 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 188/2013 ón gCoimisiún (11).

(10)

Tá formheas na substainte gníomhaí víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis le dul in éag an 31 Bealtaine 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 367/2013 ón gCoimisiún (12).

(11)

Tá formheas na substainte gníomhaí Trichoderma asperellum tréithchineál T34 le dul in éag an 31 Bealtaine 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1238/2012 ón gCoimisiún (13).

(12)

Tá formheas na substainte gníomhaí Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 le dul in éag an 31 Bealtaine 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 17/2013 ón gCoimisiún (14).

(13)

Cuireadh isteach iarratais agus sainchomhaid fhorlíontacha chun formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (15), Rialachán a bhfuil feidhm go fóill aige maidir leis na substaintí gníomhacha sin de bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (16). Dhearbhaigh na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann iad a bheith inghlactha.

(14)

Maidir leis na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, feanasacuin, fluaipicilíd, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, paclabútrasól, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237, níl an measúnú riosca a rinne na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann de bhun Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 tugtha chun críche go fóill.

(15)

Maidir leis na substaintí gníomhacha boscailid, fluraclóradón, aigéad iondóiliolbútarach, peanocsulam agus prócuineaisid, beidh am breise ag teastáil ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) chun conclúid a ghlacadh agus, i gcás inarb iomchuí, chun comhairliúchán le saineolaithe a eagrú, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Thairis sin, tá am breise ag teastáil chun an cinneadh a dhéanamh maidir le bainistiú riosca ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012.

(16)

Maidir leis an tsubstaint ghníomhach próitiaconasól, d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise de bhun Airteagal 13(3a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 chun measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus i bpointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus an 15 Aibreán 2023 mar spriocdháta aige. Maidir leis na substaintí gníomhacha démheatomorf, fluocsastróibin, foilpéad, foirmeiteanáit, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil agus própamacarb, d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise de bhun Airteagal 13(3a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 chun measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus i bpointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus chuir na hiarratasóirí isteach í laistigh den spriocdháta a leagadh síos. Mar sin féin, tá am breise ag teastáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus chun teacht ar an gconclúid ábhartha mar aon leis an gcinneadh maidir le bainistiú riosca ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012.

(17)

Maidir leis na substaintí gníomhacha beintiavalacarb agus captan, chuir an tÚdarás isteach a chonclúid i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Thionscain an Coimisiún pléití ar na substaintí gníomhacha sin ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha de bhun Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 agus maidir le captan, chuir sé an tuarascáil athnuachana i láthair mar aon leis an dréacht-Rialachán i ndáil lena fhormheas. Go dtí go bhfaighfear tuairim ón gCoiste sin maidir leis an dréacht-Rialachán, tá am breise ag teastáil chun an cinneadh a dhéanamh maidir le bainistiú riosca ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012.

(18)

Maidir leis an tsubstaint gníomhach S-meitileaclór, an 3 Feabhra 2023 chuir an tÚdarás a chonclúid faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, cé is moite den mheasúnú ar na hairíonna suaite inchrínigh. Mar sin féin, tá am breise ag teastáil chun cinneadh a ghlacadh maidir le bainistiú riosca i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012.

(19)

Dá bhrí sin, is dócha nach bhféadfar aon chinneadh a dhéanamh maidir le formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan sula rachaidh a dtréimhsí formheasa in éag an 31 Bealtaine 2023, an 30 Meitheamh 2023 agus an 31 Iúil 2023 faoi seach. Níl neart ag na hiarratasóirí lena mbaineann ar na cúiseanna atá leis na moilleanna ar na nósanna imeachta athnuachana ach oiread.

(20)

Ós rud é gur dócha nach bhféadfar aon chinneadh a dhéanamh maidir le formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan sula rachaidh a dtréimhsí formheasa in éag agus nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí lena mbaineann ar na cúiseanna atá leis na moilleanna ar na nósanna imeachta athnuachana, ba cheart síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha chun gur féidir na measúnuithe a cheanglaítear a chur i gcrích agus chun bailchríoch a chur ar na nósanna imeachta cinnteoireachta rialála maidir leis na hiarratais faoi seach ar fhormheas a athnuachan. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún a leasú dá réir sin.

(21)

I gcás ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le leagan síos ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. Maidir le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar maidir le hathnuachan formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a leagan síos, de réir mar is iomchuí sna himthosca.

(22)

Ós rud é go rachaidh an formheas reatha maidir le cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, feanasacuin, fluaipicilíd, fluraclóradón, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, meataildéad, paclabútrasól, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 in éag an 31 Bealtaine 2023, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(23)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/708 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, aclóinífein, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, cairbíd chailciam, captan, ciamocsainil, démheatomorf, dódamorf, eiteafón, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd maignéisiam, meatam, meitimíotrón meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola clóibh, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, comhdhúile pireatraim, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, Fearamóin Léipidipteire Slabhra Dhírigh, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré (IO L 133, 10.5.2022, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1266 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacánól, 6-beinsioladainín, sulfáit alúmanaim, asadaraictin, búipireamáit, carbocsain, cleataidim, cioglocsaidim, dasaimeit, déchlófop, déthianón, dóidín, feanasacuin, fluaimeatúrón, flutríafól, heicsitiasocs, himeacsasól, aigéad iondoiliolbútarach, iosocsaibein, sulfar aoil, meataildéad, paclabútrasól, peinciocúrón, sintifein, tó-fluvailionáit agus teabúifeanóisíd (IO L 238, 21.9.2018, lch. 81).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1527 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha ciofluifeanaimid, fluaipicilíd, heipteamalocsalaglúcan, agus malaitian (IO L 231, 7.9.2017, lch. 3).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2069 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha floiniocaimíd (IKI-220), meatalacsail, peanocsulam agus prócuineaisid (IO L 295, 14.11.2017, lch. 51).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 200/2013 ón gCoimisiún an 8 Márta 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach aimeatochtraidin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 67, 9.3.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 22/2013 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach ciafluaimeitifein, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 11, 16.1.2013, lch. 8).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 368/2013 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 111, 23.4.2013, lch. 36).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 188/2013 ón gCoimisiún an 5 Márta 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach mandaprópaimid, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 62, 6.3.2013, lch. 13).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 367/2013 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 111, 23.4.2013, lch. 33).

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1238/2012 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Trichoderma asperellum tréithchineál T34, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 350, 20.12.2012, lch. 59).

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 17/2013 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (IO L 9, 15.1.2013, lch. 5).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh. (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 mar a leanas:

1.

Leasaítear Cuid A mar a leanas:

(1)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 88, Feinmeideafam, cuirtear “15 Feabhra 2025” in ionad an dáta;

(2)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 97, S-meitileaclór, cuirtear “15 Samhain 2024” in ionad an dáta;

(3)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 110, Milbimeictin, cuirtear “15 Feabhra 2025” in ionad an dáta;

(4)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 142, Eiteafón, cuirtear “15 Samhain 2024” in ionad an dáta;

(5)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 145, Captan, cuirtear “15 Samhain 2024” in ionad an dáta;

(6)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 146, Foilpéad, cuirtear “15 Feabhra 2025” in ionad an dáta;

(7)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 147, Foirmeiteanáit, cuirtear “15 Feabhra 2025” in ionad an dáta;

(8)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 150, Démheatomorf, cuirtear “15 Feabhra 2025” in ionad an dáta;

(9)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 152, Meitríbhúisin, cuirtear “15 Feabhra 2025” in ionad an dáta;

(10)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 154, Própamacarb, cuirtear “15 Meitheamh 2025” in ionad an dáta;

(11)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 156, Pirimeafos-meitil, cuirtear “15 Meitheamh 2025” in ionad an dáta;

(12)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 158, Beaflubútaimid, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2026” in ionad an dáta;

(13)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 163, Beintiavalacarb, cuirtear “15 Samhain 2024” in ionad an dáta;

(14)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 164, Boscailid, cuirtear “15 Aibreán 2026” in ionad an dáta;

(15)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 166, Fluocsastróibin, cuirtear “15 Meitheamh 2025” in ionad an dáta;

(16)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 168, Próitiaconasól, cuirtear “15 Lúnasa 2025” in ionad an dáta;

(17)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 215, Aclóinífein, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2026” in ionad an dáta;

(18)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 217, Meatasaclór, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2026” in ionad an dáta;

(19)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 297, Fluaipicilíd, cuirtear “31 Lúnasa 2026” in ionad an dáta;

(20)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 301, Peanocsulam, cuirtear “15 Bealtaine 2026” in ionad an dáta;

(21)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 302, Prócuineaisid, cuirtear “15 Bealtaine 2026” in ionad an dáta;

(22)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 304, Meatalacsail, cuirtear “30 Meán Fómhair 2026” in ionad an dáta;

(23)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 316, Cioglocsaidim, cuirtear “31 Lúnasa 2026” in ionad an dáta;

(24)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 322, Himeacsasól, cuirtear “31 Lúnasa 2026” in ionad an dáta;

(25)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 326, Aigéad Iondóiliolbútarach, cuirtear “15 Márta 2026” in ionad an dáta;

(26)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 329, Cleataidim, cuirtear “31 Lúnasa 2026” in ionad an dáta;

(27)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 339, Dasaimeit, cuirtear “31 Lúnasa 2026” in ionad an dáta;

(28)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 340, Meataildéad, cuirtear “31 Lúnasa 2026” in ionad an dáta;

(29)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 342, Feanasacuin, cuirtear “31 Lúnasa 2026” in ionad an dáta;

(30)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 344, Déchlófop, cuirtear “31 Lúnasa 2026” in ionad an dáta;

(31)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 348, Paclabútrasól, cuirtear “31 Lúnasa 2026” in ionad an dáta;

(32)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 354, Fluraclóradón, cuirtear “15 Márta 2026” in ionad an dáta.

2.

Leasaítear Cuid B mar a leanas:

(1)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 22, Meatam, cuirtear “30 Samhain 2025” in ionad an dáta;

(2)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 29, Trichoderma asperellum tréithchineál T34, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2025” in ionad an dáta;

(3)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 31, Ciafluaimeitifein, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2025” in ionad an dáta;

(4)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 32, Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2025” in ionad an dáta;

(5)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 33, Aimeatochtraidin, cuirtear “31 Nollaig 2025” in ionad an dáta;

(6)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 34, Mandaprópaimid, cuirtear “31 Nollaig 2025” in ionad an dáta;

(7)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 38, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2025” in ionad an dáta;

(8)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 42, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2025” in ionad an dáta.


5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/166


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/919 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Bealtaine 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/804 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí píopaí agus feadán gan uaim áirithe d’iarann (seachas iarann teilgthe) nó de chruach (seachas cruach dhosmálta), ar trasghearradh ciorclach, ar trastomhas seachtrach is mó ná 406,4 mm, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Allmhairí píopaí agus feadán gan uaim áirithe d’iarann (seachas iarann teilgthe) nó de chruach (seachas cruach dhosmálta), ar trasghearradh ciorclach, ar trastomhas seachtrach is mó ná 406,4 mm, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, tá na hallmhairí sin faoi réir dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/804 ón gCoimisiún (“an Rialachán bunaidh”) (2).

(2)

Tá na cuideachtaí Zhejiang Gross Seamless Steel Tubes Co., Ltd. agus Hubei Xinyegang Special Tube Co., Ltd., faoi réir dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha 41,4 %, cód breise TARIC (3) C204, agus 54,9 %, cód breise TARIC C172 faoi seach.

(3)

Daye Special Steel Company Ltd. (4), ar scairshealbhóir é de chuid Hubei Xinyegang Special Tube Co., Ltd. freisin, fuair sé an chuideachta Zhejiang Gross Seamless Steel Tubes Co., Ltd. an 23 Lúnasa 2019. Mar gheall ar an éadáil sin bhí Zhejiang Gross Seamless Steel Tubes Co., Ltd. agus Hubei Xinyegang Special Tube Co., Ltd. ina gcuideachtaí gaolmhara.

(4)

An 12 Meán Fómhair 2019, d’athraigh an chuideachta Daye Special Steel Company Ltd. a ainm go CITIC Pacific Special Steel Group Co., Ltd (“Grúpa CITIC Pacific”), d’athraigh Hubei Xinyegang Special Tube Co., Ltd a ainm go Daye Special Steel Co., Ltd (5) agus d’athraigh Zhejiang Gross Seamless Steel Tube Co., Ltd a ainm go Zhejiang Pacific Seamless Steel Tube Co., Ltd (6).

(5)

Dheimhnigh an Coimisiún gur ceart iad an fhaisnéis agus an fhianaise a sholáthair na cuideachtaí maidir leis na hathruithe ainm.

(6)

I bhfianaise na n-athruithe a shonraítear in aithrisí (3) agus (4), mheas an Coimisiún gur ghá dleachtráta amháin le haghaidh an Ghrúpa CITIC Pacific nuachruthaithe a chur in ionad na ndleachtrátaí aonair le haghaidh gach ceann den dá tháirgeoir onnmhairiúcháin.

(7)

Ní raibh sna hathraithe ach athrú úinéireachta i gcás Zhejiang Pacific Seamless Steel Tube Co., Ltd, agus athruithe ainmneacha, gan tionchar a imirt ar tháirgeadh ná ar oibríocht na gcuideachtaí ná ar aon imthosca eile maidir le dumpáil agus díobháil. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh údar leis na corrlaigh sin a leasú bunaithe ar ríomhanna nua i leith corrlaigh dhumpála agus dhíobhála faoi Airteagal 11(3) den (“bhun-Rialachán”). Ina ionad sin, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí leibhéal dleachta amháin a chinneadh don ghrúpa ar bhonn mheán ualaithe na sonraí arna soláthar ag an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin agus arna bhfíorú san imscrúdú bhunaidh.

(8)

Ar bhonn na sonraí sin, chinn an Coimisiún corrlach díobhála agus dumpála amháin is infheidhme maidir le Grúpa CITIC Pacific:

Cuideachta

Corrlach díobhála (%)

Corrlach dumpála (%)

Ráta frithdhumpála cinntitheach (%)

CITIC Pacific Group:

Daye Special Steel Co., Ltd

Zhejiang Pacific Seamless Steel Tube Co., Ltd

51,8

92,1

51,8

(9)

Chuir an Coimisiún na corrlaigh dhíobhála agus na corrlaigh dhumpála i gcomparáid le chéile. I gcomhréir le riail na dleachta níos lú in Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart méid na ndleachtanna a shocrú ar leibhéal na gcorrlach dumpála agus díobhála níos lú más rud é gur leor an dleacht níos lú chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Ar bhonn a bhfuil thuas, 51,8 % is ea an corrlach dleachta nua don dá chuideachta araon faoi Ghrúpa CITIC Pacific.

(10)

Nochtadh na torthaí sin do pháirtithe leasmhara agus tugadh am dóibh barúlacha a thabhairt. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15 (1) den bhun-Rialachán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An tábla in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/804, déanfar é seo a leasú mar a leanas:

Bainfear na línte thíos den tábla:

Cuideachta

Ráta frithdhumpála cinntitheach (%)

Cód breise TARIC

Hubei Xinyegang Special Tube Co., Ltd

54,9

C172

Zhejiang Gross Seamless Steel Tube Co., Ltd

41,4

C204

Ba cheart na línte seo a leanas a chur isteach sa tábla:

Cuideachta

Ráta frithdhumpála cinntitheach (%)

Cód breise TARIC

CITIC Pacific Group:

Daye Special Steel Co., Ltd

Zhejiang Pacific Seamless Steel Tube Co., Ltd

51,8

899H

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/804 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí píopaí agus feadán gan uaim áirithe d’iarann (seachas iarann teilgthe) nó de chruach (seachas cruach dhosmálta), ar trasghearradh ciorclach, ar trastomhas seachtrach is mó ná 406,4 mm, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L 121, 12.5.2017, lch. 3).

(3)  Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.

(4)  Is é Daye Special Steel Company Ltd (ainm Síneach: 大冶特殊钢股份有限公司) an seanainm a bhí ar CITIC Pacific Special Steel Group Co., Ltd., agus ní an táirgeoir Daye Special Steel Co., Ltd. (ainm Síneach: 大冶特殊钢有限公司).

(5)  D’fhíoraigh Biúró Maoirseachta agus Riaracháin Margaidh Chathair Huanghsi an t-athrú an 4 Meán Fómhair 2019.

(6)  D’fhíoraigh Biúró Maoirseachta agus Riaracháin Margaidh Cheantar Shangyu an t-athrú an 27 Lúnasa 2019.


CINNTÍ

5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/169


CINNEADH (CBES) 2023/920 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Bealtaine 2023

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle, tá an tSaoráid Eorpach Síochána le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, amhail, gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Leagtar amach mar chuspóirí i Straitéis Dhomhanda 2016 maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh neartú na slándála agus na cosanta, infheistiú a dhéanamh in athléimneacht na Stát agus na sochaithe lastoir den Aontas, cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le coinbhleachtaí agus le géarchéimeanna, oird réigiúnacha chomhoibríocha a chur chun cinn agus tacú leo, agus an rialachas domhanda a atreisiú ar bhonn an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta.

(3)

An 21 Márta 2022, d’fhormheas an tAontas an Compás Straitéiseach agus é mar chuspóir aige soláthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí a dhéanamh den Aontas, lena n-áirítear trí úsáid mhéadaithe a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le cumais chosanta na gcomhpháirtithe.

(4)

Tá an tAontas tiomanta do dhlúthchaidreamh chun tacú leis an tSeoirsia a bheith láidir, neamhspleách agus rathúil, bunaithe ar an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (2) (“an Comhaontú Comhlachais”), lena n-áirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, agus tá sé tiomanta comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a chur chun cinn agus, ag an am céanna, tacaíocht dhaingean á tabhairt do shláine chríochach na Seoirsia laistigh dá teorainneacha atá aitheanta go hidirnáisiúnta. De bhun Airteagal 5 den Chomhaontú Comhlachais, tá an tAontas agus an tSeoirsia lena n-idirphlé agus a gcomhar a threisiú agus cóineasú céimseach a chur chun cinn i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), agus tabharfaidh siad aghaidh go háirithe ar shaincheisteanna a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc, le coinbhleachtaí a réiteach go síochánta agus le bainistiú géarchéime, le cobhsaíocht réigiúnach, leis an dí-armáil, leis an neamhleathadh, le rialú arm agus le rialú onnmhairí.

(5)

Aithníonn an tAontas rannchuidiú tábhachtach na Seoirsia i ndáil le CBSC an Aontais, lena n-áirítear rannchuidiú leanúnach na Seoirsia le misin bainistithe géarchéime faoi stiúir CBSC i bPoblacht na hAfraice Láir agus i bPoblacht Mhailí.

(6)

Leis na Cinntí seo, cuirtear le Cinntí (CBES) 2021/2134 (3) agus (CBES) 2022/2352 (4) ón gComhairle maidir le tiomantas leanúnach an Aontais tacú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Cosanta na Seoirsia sna réimsí tosaíochta is práinní a neartú.

(7)

An 8 Feabhra 2023, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) iarraidh ón tSeoirsia go gcuideodh an tAontas le Fórsaí Cosanta na Seoirsia príomhthrealamh a fháil chun acmhainneachtaí na n-aonad innealtóireachta, ceannasaíochta agus rialaithe, leighis, cibearchosanta agus lóistíochta a neartú.

(8)

Táthar chun bearta cúnaimh a chur chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, agus go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (5), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(9)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe na Seoirsia (“an tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (“an beart cúnaimh”).

2.   Is é is cuspóir don bheart cúnaimh rannchuidiú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Cosanta na Seoirsia a neartú chun an tslándáil, an chobhsaíocht agus an athléimneacht náisiúnta a fheabhsú in earnáil na cosanta, i gcomhréir le beartas foriomlán an Aontais i leith na Seoirsia. Ag cur leis an tacaíocht a thug an tSaoráid Eorpach Síochána roimhe seo, is é is aidhm don bheart cúnaimh a chur ar chumas Fhórsaí Cosanta na Seoirsia an éifeachtacht oibríochtúil a fheabhsú, dlús a chur le comhlíonadh chaighdeáin agus idir-inoibritheacht an Aontais agus, ar an gcaoi sin, an pobal sibhialta a chosaint ar bhealach níos fearr le linn géarchéimeanna agus i gcásanna éigeandála. Ina theannta sin, neartófar acmhainneachtaí na Seoirsia maidir lena rannpháirtíocht i misin agus in oibríochtaí míleata CBSC an Aontais Eorpaigh.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh, soláthairtí agus seirbhísí seo a leanas, lena n-áirítear oiliúint theicniúil, i gcás ina n-iarrfar sin, ar mhaithe leis na haonaid sin de chuid Fhórsaí Talún na Seoirsia lena dtacaítear faoin mbeart cúnaimh:

a)

trealamh innealtóireachta;

b)

trealamh soghluaisteachta don bhrainse airtléire;

c)

trealamh leighis;

d)

trealamh cibearchosanta;

e)

trealamh lóistíochta.

4.   Ar feadh tréimhse 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chéad chonartha idir an Riarthóir um Bearta Cúnaimh, ag gníomhú dó ina cháil mar oifigeach údarúcháin, agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509 a mhairfidh an beart cúnaimh.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 30 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Cosanta na Seoirsia an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is iad seo a leanas a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3):

a)

an Lár-Ghníomhaireacht um Bainistiú Tionscadal maidir le hAirteagal 1(3), pointí (a), (b), (c) agus (e); agus

b)

an tAcadamh r-Rialachais maidir le hAirteagal 1(3), pointe (d).

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán seo, déanfar feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3 agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid de chuid Fhórsaí Cosanta na Seoirsia dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh, na soláthairtí agus na seirbhísí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, leis na deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

b)

tuairisciú ar an bhfardal, trína ndéanfaidh an tairbhí tuarascáil bhliantúil ar fhardal na n-earraí ainmnithe a sholáthar, go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

c)

cigireachtaí ar an láthair, ar tríothu a dheonóidh an tairbhí don Ardionadaí rochtain chun rialuithe ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh tráth a thabharfar an beart cúnaimh chun críche chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis an gcuspóir a luaitear in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta maidir le chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann a sholáthar.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  IO L 261, 30.8.2014, lch. 4.

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/2134 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia (IO L 432, 3.12.2021, lch. 55).

(4)  Cinneadh (CBES) 2022/2352 ón gComhairle an 1 Nollaig 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia (IO L 311, 2.12.2022, lch. 145).

(5)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/173


CINNEADH (CBES) 2023/921 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Bealtaine 2023

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá an tSaoráid Eorpach Síochána le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí maidir le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Leagtar amach mar chuspóirí na Straitéise Domhanda 2016 maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh an tslándáil agus an chosaint a neartú, infheistiú a dhéanamh in athléimneacht na Stát agus na sochaithe lastoir den Aontas, cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le coinbhleachtaí agus le géarchéimeanna, oird réigiúnacha chomhoibríocha a chur chun cinn agus tacú leo, agus rialachas domhanda ar bhonn an dlí idirnáisiúnta a atreisiú, lena n-áirítear comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta.

(3)

An 21 Márta 2022, d’fhormheas an tAontas an Compás Straitéiseach agus é mar chuspóir aige a bheith ina sholáthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí, lena n-áirítear trí úsáid mhéadaithe a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána mar thaca le cumais chosanta na gcomhpháirtithe.

(4)

Tá an tAontas tiomanta go mbeidh dlúthchaidreamh ann chun tacú le Poblacht na Moldóive a bheith láidir, neamhspleách agus rathúil, bunaithe ar an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, Poblacht na Moldóive den pháirt eile (2) (“an Comhaontú Comhlachais”), lena n-áirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, agus comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a chur chun cinn agus, ag an am céanna, tacaíocht dhaingean á tabhairt do cheannasacht agus d’iomláine chríochach Phoblacht na Moldóive laistigh de theorainneacha na tíre sin, ar teorainneacha iad a aithnítear go hidirnáisiúnta. De bhun Airteagal 5 den Chomhaontú Comhlachais, tá an tAontas agus Poblacht na Moldóive lena n-idirphlé agus lena gcomhar a threisiú agus le cóineasú céimseach a chur chun cinn i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), agus tá siad chun aghaidh a thabhairt go háirithe ar shaincheisteanna a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc, coinbhleachtaí a réiteach go síochánta agus le bainistiú géarchéime, le cobhsaíocht réigiúnach, leis an dí-armáil, leis an neamhleathadh, le rialú arm agus le rialú onnmhairí.

(5)

Aithníonn an tAontas go rannchuidíonn Poblacht na Moldóive go mór le CBSC an Aontais, lena n-áirítear rannchuidiú leanúnach Phoblacht na Moldóive le Misean Oiliúna an Aontais Eorpaigh i bPoblacht Mhailí.

(6)

Leis an gCinneadh seo, cuirtear le Cinntí (CBES) 2021/2136 (3) agus (CBES) 2022/1093 ón gComhairle (4) maidir le tiomantas leanúnach an Aontais tacú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive a neartú i réimsí a bhfuil riachtanais tosaíochta acu.

(7)

An 6 Feabhra 2023, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) iarraidh ó Phoblacht na Moldóive go dtabharfadh an tAontas cúnamh d’Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive chun príomhthrealamh a sholáthar chun acmhainneachtaí a haonaid faireachais aeir, soghluaisteachta, lóistíochta, cheannais agus rialaithe, agus chibearchosanta, a neartú.

(8)

Cuirfear bearta cúnaimh chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (5), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(9)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe Phoblacht na Moldóive (“an tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (“an beart cúnaimh”).

2.   Is é cuspóir an bhirt cúnaimh rannchuidiú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive a neartú d’fhonn an tslándáil, an chobhsaíocht agus an athléimneacht náisiúnta in earnáil na cosanta a fheabhsú, i gcomhréir le beartas foriomlán an Aontais maidir le Poblacht na Moldóive. Ag cur leis an tacaíocht a thug an tSaoráid Eorpach Síochána roimhe seo, cuirfidh an beart cúnaimh ar chumas Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive éifeachtacht oibríochtúil a fheabhsú, dlús a chur le caighdeáin agus idir-inoibritheacht an Aontais a chomhlíonadh, agus ar an gcaoi sin, sibhialtaigh a chosaint ar bhealach níos fearr le linn géarchéimeanna agus éigeandálaí. Neartóidh sé freisin acmhainneachtaí Phoblacht na Moldóive maidir lena rannpháirtíocht i misin agus oibríochtaí míleata CBSC an Aontais.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil deartha chun forneart marfach a sheachadadh, chomh maith leis na seirbhísí agus na soláthairtí seo a leanas, lena n-áirítear oiliúint theicniúil a chur ar na haonaid d’Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh:

(a)

trealamh faireachais aeir;

(b)

trealamh soghluaisteachta agus iompair;

(c)

trealamh lóistíochta;

(d)

trealamh ceannais agus rialaithe;

(e)

trealamh cibearchosanta.

4.   Mairfidh ré an bhirt cúnaimh go ceann 36 mhí ón dáta a thabharfar an chéad chonradh i gcrích idir an riarthóir um bearta cúnaimh, ag gníomhú dó ina cháil mar oifigeach údarúcháin, agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 40 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe is gá le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is iad seo a leanas a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme:

(a)

lárionad na hEastóine le haghaidh Infheistíochtaí Cosanta a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(3), pointí (a) go (d); agus

(b)

an tAcadamh r-Rialachais a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(3), pointe (e)

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 a bheith á gcomhlíonadh ag an tairbhí. Leis an faireachán seo, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Mar a leanas a dhéanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí a eagrú tar éis a loingsithe:

(a)

fíorú ar a sheachadadh, arb iad na húsáideoirí deiridh atá chun na deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar an úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí chun tuarascáil bhliantúil ar fhardal na n-ítimí ainmnithe a thabhairt go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

(c)

cigireachtaí ar an láthair, ar tríd atá an tairbhí chun rochtain a thabhairt don Ardionadaí chun rialuithe ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht chríochnaitheach nuair a bheidh an beart cúnaimh curtha i gcrích chun a mheasúnú ar rannchuidigh an beart cúnaimh sin leis an cuspóir a luaitear in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha don Choiste Polaitiúil agus Slándála gach 6 mhí maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh Coiste na Saoráide arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh freisin go ndéanfadh an Chomhairle an beart cúnaimh a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  IO L 260, 30.8.2014, lch. 4

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/2136 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive (IO L 432, 3.12.2021, lch. 63).

(4)  Cinneadh (CBES) 2022/1093 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive (IO L 176, 1.7.2022, lch. 22).

(5)  Comhsheasamh ón gComhairle 2008/944/CBES an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear rialacha comhchoiteanna chun onnmhairí teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata a rialú (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/177


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/922 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Bealtaine 2023

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Nollaig 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/788/CBES.

(2)

An 1 Márta 2023, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1533 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, an fhaisnéis a nuashonrú maidir le duine amháin atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 336, 21.12.2010, lch. 30.


IARSCRÍBHINN

I gCuid a) (Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 3(1)) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 30:

“30.

Bosco TAGANDA

(dá ngairtear freisin a) Bosco Ntaganda, b) Bosco Ntagenda, c) General Taganda, d) Lydia (tráth a raibh sé páirteach in APR), e) Terminator, f) Tango Romeo (Glao-chomhartha), g) Romeo (Glao-chomhartha), h) Major)

Seoladh: an Bheilg (ón 14 Nollaig 2022).

Dáta breithe: Idir 1973 agus 1974.

Áit bhreithe: Bigogwe, Ruanda.

Náisiúntacht: Poblacht Dhaonlathach an Chongó.

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 1 Samhain 2005 (leasaithe an 13 Deireadh Fómhair 2016, an 19 Lúnasa 2020, an 1 Márta 2023)

Faisnéis eile: Rugadh i Ruanda é; bhog sé go dtí Nyamitaba, críoch Masisi, North Kivu agus é ina pháiste. Ainmníodh mar Bhriogáidire-Ghinearál FARDC é ag Foraithne ó Uachtarán an 11 Nollaig 2004, tar éis chomhaontuithe síochána Ituri. Bhí sé ina Cheann Foirne ar CNDP agus rinneadh ceannasaí míleata CNDP de ó gabhadh Laurent Nkunda i mí Eanáir 2009. Ó mhí Eanáir 2009, ba Leas-Cheannaire de facto é ar oibríochtaí frith-FDLR ‘Umoja Wetu’, ‘Kimia II’, agus ‘Amani Leo’ in North agus South Kivu. Chuaigh sé isteach i Ruanda i mí an Mhárta 2013 agus ghéill sé go deonach d’oifigigh na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta in Kigali an 22 Márta. Aistríodh chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig, an Ísiltír, é. An 9 Meitheamh 2014, dhaingnigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 13 chúiseamh i leith coireanna cogaidh agus 5 chúiseamh i leith coireanna in aghaidh an chine dhaonna ina choinne; thosaigh an triail i mí Mheán Fómhair 2015. An 8 Iúil 2019, fuair an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ciontach é in 18 scór de choireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna, a rinneadh in Ituri in 2002 go 2003. An 7 Samhain 2019, gearradh téarma príosúnachta 30 bliain ar an iomlán air. Tá achomharc déanta aige i gcoinne a chiontaithe agus a phianbhreithe. An 30 Márta 2021, dhearbhaigh Dlí-Sheomra Achomhairc na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a chiontú agus a phianbhreith. An 14 Nollaig 2022, aistríodh é chuig críoch na Beilge chun an pianbhreith a fhorghníomhú. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Ba é Bosco Taganda ceannasaí míleata UPC/L, a fheidhmíonn tionchar ar bheartais agus a choinníonn ceannas agus smacht ar ghníomhaíochtaí UPC/L, ceann de na grúpaí armtha agus mílíste dá dtagraítear i mír 20 de Rún 1493 (2003), a bhí páirteach i ngáinneáil ar airm, de shárú ar an lánchosc arm. Ceapadh ina Ghinearál ar FARDC é i mí na Nollag 2004, ach dhiúltaigh sé glacadh leis an ardú céime, agus, dá bhrí sin, d’fhan sé lasmuigh de FARDC. De réir Oifig Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha, bhí sé freagrach as páistí a earcú agus a úsáid in Ituri in 2002 agus 2003, agus 155 chás ina raibh freagracht dhíreach agus/nó ceannasaíochta aige as leanaí a earcú agus a úsáid in North Kivu ó 2002 go 2009. Mar Cheann Foirne CNDP, bhí freagracht dhíreach agus ceannasaíochta air as an sléacht ag Kiwanja i mí na Samhna 2008.

Rugadh i Ruanda é; bhog sé go dtí Nyamitaba, i gcríoch Masisi i gcúige North Kivu agus é ina pháiste. I mí an Mheithimh 2011, bhí cónaí air in Goma agus bhí feirmeacha móra aige i gceantar Ngungu de chríoch Masisi i gcúige North Kivu. Ainmníodh mar Bhriogáidire-Ghinearál FARDC é ag Foraithne ó Uachtarán an 11 Nollaig 2004, tar éis chomhaontuithe síochána Ituri. Bhí sé ina Cheann Foirne ar CNDP agus rinneadh ceannasaí míleata CNDP de ó gabhadh Laurent Nkunda i mí Eanáir 2009. Ó mhí Eanáir 2009, ba Leas-Cheannaire de facto é ar oibríochtaí frith-FDLR ‘Umoja Wetu’, ‘Kimia II’, agus ‘Amani Leo’ i gcúigí North agus South Kivu. Chuaigh sé isteach i Ruanda i mí an Mhárta 2013, ghéill sé go deonach d’oifigigh na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta an 22 Márta agus aistríodh go dtí an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig, an Ísiltír, é ina dhiaidh sin. An 9 Meitheamh 2014, dhaingnigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 13 chúiseamh i leith coireanna cogaidh agus 5 chúiseamh i leith coireanna in aghaidh an chine dhaonna ina choinne. Thosaigh an triail i mí Mheán Fómhair 2015.”