ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 114I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
2 Bealtaine 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/903 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2023 lena dtugtar isteach bearta coisctheacha a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh na hÚcráine

1

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 114/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/903 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Bealtaine 2023

lena dtugtar isteach bearta coisctheacha a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh na hÚcráine

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach (1), agus go háirithe Airteagal 4(9) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I ngeall ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, chun tacú le geilleagar na hÚcráine, le Rialachán (AE) 2022/870, thug an tAontas isteach bearta um léirscaoileadh trádála lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (2) (dá ngairtear an “Comhaontú Comhlachais” anseo feasta). Go háirithe, in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2022/870 foráiltear, inter alia, maidir le fionraí na dtaraif-chuótaí arna leagan síos faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais. Foráiltear leis freisin go gceadófar allmhairiú na dtáirgí arna gcumhdach leis na cuótaí sin isteach san Aontas ón Úcráin gan aon dleacht chustaim orthu.

(2)

I ngeall ar chogadh foghach na Rúise, tá srian mór freisin le rochtain na hÚcráine ar a bpoirt ar an Muir Dhuibh, agus dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an tír a cuid táirgí a onnmhairiú chuig an gcuid eile den domhan ná na táirgí atá ag teastáil uaithi a allmhairiú. Chun bagairtí ar shlándáil dhomhanda an tsoláthair bia a sheachaint, agus chun tacú le nascacht na hÚcráine leis an Aontas, d’éascaigh an Coimisiún bunú na mbealaí iompair malartacha (dá ngairtear “Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin” anseo feasta), chun trádáil dhéthaobhach mar aon le rochtain na hÚcráine ar na margaí domhanda a chumasú (3).

(3)

Mar thoradh ar iarrachtaí comhpháirteacha na mBallstát, go háirithe an Pholainn, an tSlóvaic, an Ungáir, an Rómáin agus an Bhulgáir, mar aon le hiarrachtaí na hÚcráine, na Moldóive, comhpháirtithe idirnáisiúnta eile agus an Choimisiúin, tá na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin ina líne tharrthála anois do gheilleagar na hÚcráine agus don nascacht nua leis an Aontais, agus cuidíonn siad chun géarchéim dhomhanda bia a chosc freisin (4).

(4)

Cé go bhfuil cuid mhaith feabhsuithe bainte amach le roinnt míonna anuas, tá scrogaill lóistíochta thábhachta fós ann. Go deimhin, ní leor an bonneagar fós chun déileáil leis an mborradh ar thrácht, go háirithe ag na teorainneacha idir an Úcráin agus na Ballstáit. Tá gá práinneach fós le trealamh agus tá acmhainneacht gann, rud a fhágann go bhfuil costais arda lóistíochta ann, agus tá riosca ard ann go mbeidh áiseanna stórála sna Ballstáit lena mbaineann ag lánacmhainneacht roimh i bhfad. Dá bhrí sin tá géarghá le nascacht feabhsuithe trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar an idirthuras, trí bhonneagar a fheabhsú agus trí chostais fhoriomlána lóistíochta a laghdú, rud a áiritheoidh go bhféadfaidh cruithneacht, grán buí, síolta ráibe agus síolta lus na gréine de thionscnamh na hÚcráine bogadh níos doimhne isteach san Aontas agus níos faide i gcéin de réir mar is gá.

(5)

De thoradh na gcostas arda lóistíochta agus na scrogall a shonraítear thuas, tá méadú ar na hallmhairí ón Úcráin chuig na Ballstáit atá gar don Úcráin. Tá na hallmhairí sin ag plúchadh na hacmhainneachta stórála agus na slabhraí lóistíochta, go háirithe sa Bhulgáir, sa Pholainn, sa Rómáin, sa tSlóvaic agus san Ungáir. Déanann na himthosca sin difear d’inmharthanacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí áitiúla sna Ballstáit sin. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún go bhfuil imthosca eisceachtúla ag teacht chun cinn agus go bhfuil baol ann go mbeidh tionchar acu ar na táirgeoirí áitiúla san Aontas. I bhfianaise a phráinní atá an staid, agus an ghéarghá le haghaidh a thabhairt ar an bhfadhb, tá sé dodhéanta imscrúdú a dhéanamh faoi Rialachán (AE) 2022/870 ag an gcéim seo. I bhfianaise na n-imthosca sin, measann an Coimisiún dá bhrí sin go bhfuil gá le gníomhaíocht láithreach i bhfoirm bearta coisctheacha de bhun Airteagal 4(9) den Rialachán.

(6)

Cé is moite de chur i gcrích na gconarthaí a síníodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá sé riachtanach dá bhrí sin a áirithiú i gcás cruithneachta, grán buí, síolta ráibe agus síolta lus na gréine de thionscnamh na hÚcráine, agus iad i gcomórtas le chéile le haghaidh na n-acmhainneachtaí stórála céanna, go ndéanfar iad a scaoileadh chun saorchúrsaíochta nó a chur faoin nós imeachta um stórasú custaim, faoin nós imeachta saorchreasa nó faoin nós imeachta um próiseáil isteach, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), i mBallstáit seachas an Bhulgáir, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic nó an Ungáir, agus sna Ballstáit sin amháin.

(7)

Mar sin féin, ní dhéanann an teorannú sin difear do ghluaiseacht na n-earraí sin sa Bhulgáir, sa Pholainn, sa Rómáin, sa tSlóvaic nó san Ungáir, nó tríothu, faoin nós imeachta um idirthuras custaim, dá bhforáiltear in Airteagal 226 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 chuig Ballstát eile nó chuig tír nó críoch lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

(8)

Tá an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 4(9) de Rialachán (AE) 2022/870, tar éis an Coiste um an gCód Custaim dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán sin a chur ar an eolas.

(9)

Chun iompraíocht amhantrach ó oibreoirí margaidh a chosc, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe agus ba cheart feidhm a bheith aige go dtí an 5 Meitheamh 2023,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cé is moite de chur i gcrích na gconarthaí a síníodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, scaoileadh chun saorchúrsaíochta na dtáirgí de thionscnamh na hÚcráine a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, nó iad a chur faoin nós imeachta um stórasú custaim, faoin nós imeachta saorchreasa nó faoin nós imeachta um próiseáil isteach, ní cheadófar sin ach amháin i mBallstáit seachas an Bhulgáir, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic nó an Ungáir.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh feidhm aige go dtí an 5 Meitheamh 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, (IO L 152, 3.6.2022, lch. 103).

(2)  IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

(3)  COM/2022/217 final. Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Plean gníomhaíochta le haghaidh Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin chun onnmhairiú talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú.

(4)  Idir mí na Bealtaine 2022 agus mí an Mhárta 2023, d’onnmhairigh an Úcráin níos mó ná 63 mhilliún tona d’earraí trí na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin, lena n-áirítear 32 mhilliún tona de ghrán agus de shíolta ola, agus thóg sí breis agus EUR 26 bhilliún d’ioncam ar ais chuig an Úcráin. Ina theannta sin, de thairbhe na Lánaí Dlúthpháirtíochta, bhí an Úcráin in ann beagnach 23 mhilliún tona d’earraí a allmhairiú, rud a thug breis agus EUR 48 mbilliún d’ioncam do ghnólachtaí an Aontais.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar an Táirge

Cód an Tráchtearra

Cruithneacht

Cruithneacht agus maislín

1001

Arbhar Indiach

Grán buí (arbhar Indiach)

1005

Síol ráibe

Síolta ráibe nó síolta colsa, bídís briste nó ná bídís

1205

Síolta lus na gréine

Síolta lus na gréine, bídís briste nó ná bídís

1206