|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 104 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/827 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla rialála lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 a mhéid a bhaineann le réamhchead chun cistí dílse a laghdú agus na ceanglais a bhaineann le hionstraimí dliteanas incháilithe ( 1 ) |
|
|
|
* |
||
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
||
|
|
|
MOLTAÍ |
|
|
|
* |
||
|
|
|
TREOIRLÍNTE |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
19.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 104/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/827 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Deireadh Fómhair 2022
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla rialála lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 a mhéid a bhaineann le réamhchead chun cistí dílse a laghdú agus na ceanglais a bhaineann le hionstraimí dliteanas incháilithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglas stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 28(5), an tríú fomhír, Airteagal 29(6), an tríú fomhír, Airteagal 52(2), an tríú fomhír, Airteagal 72b(7), an ceathrú fomhír, Airteagal 76(4), an tríú fomhír, Airteagal 78(5), an tríú fomhír, Airteagal 78a(3), an ceathrú fomhír, agus Airteagal 79(2), an tríú fomhír, den Rialachán sin,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) lena leasaítear an téarmaíocht a úsáidtear i roinnt Airteagal i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart na leasuithe sin a léiriú i Rialachán Tarmligthe (AE) ón gCoimisiún Uimh. 241/2014 (3), ina leagtar amach caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh ceanglais cistí dílse i gcomhair institiúidí. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2019/876 tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ceanglais nua le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcomhair institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) agus le haghaidh fochuideachtaí ábhartha d’institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo agus nach institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh iad, chomh maith le critéir chomhchuibhithe le haghaidh míreanna dliteanas incháilithe agus ionstraimí chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. Le Rialachán (AE) 2019/876 tugadh isteach Airteagal 72b(7) agus Airteagal 78a(3) freisin i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena gceanglaítear ar an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonraítear roinnt de na critéir incháilitheachta le haghaidh ionstraimí dliteanas incháilithe chomh maith leis an gcóras ceada chun na hionstraimí sin a laghdú. Na ceanglais cistí dílse i gcomhair institiúidí agus na ceanglais nua maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, tá an cuspóir céanna á saothrú acu maidir lena áirithiú go mbeidh acmhainn iniomparthachta caillteanas leordhóthanach ag na hinstitiúidí. Chuige sin, tá na caighdeáin le haghaidh ionstraimí cistí dílse agus na caighdeáin le haghaidh ionstraimí dliteanas incháilithe nasctha go dlúth le chéile, go háirithe i gcás ina gceanglaítear go sainráite le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go mbeadh na caighdeáin sin ailínithe go hiomlán. Chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú idir na caighdeáin le haghaidh ionstraimí cistí dílse agus na caighdeáin le haghaidh ionstraimí dliteanas incháilithe, agus chun léargas cuimsitheach agus dlúthrochtain ar na caighdeáin sin a éascú do dhaoine a bheidh faoina réir, is iomchuí na caighdeáin le haghaidh ionstraimí dliteanas incháilithe a ionchorprú i Rialachán Tarmligthe (AE) ón gCoimisiún Uimh. 241/2014. |
|
(3) |
Maidir leis na ceanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), comhroinntear an cuspóir céanna iontu chun a áirithiú go mbeidh acmhainn iniomparthachta caillteanas leordhóthanach ag na hinstitiúidí. Chuige sin, tugadh isteach le Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) i dTreoir 2014/59/AE Airteagal 45b(1), lenar cuireadh síneadh, le haghaidh gach eintitis réitigh, na critéir incháilitheachta le haghaidh ionstraimí dliteanas incháilithe chuig dliteanais atá incháilithe chun an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a chomhlíonadh, cé is moite den chritéar dá dtagraítear in Airteagal 72b(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Maidir le heintitis réitigh ar eintitis G-SIInna iad agus fochuideachtaí ábhartha de chuid an Aontais d’institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo agus nach institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh iad, tugadh Airteagal 45d isteach i dTreoir 2014/59/AE le Treoir (AE) 2019/879. Foráiltear leis an bhforáil sin ina mír 1, pointe (a), agus ina mír 2, pointe (a), arna léamh araon i gcomhar le hAirteagal 45b(1), an dara fomhír, go bhfuil incháilitheacht na ndliteanas maidir leis an íosleibhéal a cheanglaítear de MREL a chomhlíonadh ag brath ar na dliteanais sin na critéir incháilitheachta le haghaidh ionstraimí dliteanas incháilithe a chomhlíonadh. Ceanglaítear leis na critéir sin, inter alia, nach gcisteodh an institiúid na dliteanais go díreach nó go hindíreach, nach féidir na dliteanais a laghdú gan réamhchead ón údarás réitigh, agus nach mbeidh dreasacht sna dliteanais chun fuascailt a dhéanamh, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Mar an gcéanna, i ndáil le heintitis nach eintitis réitigh iad, tugadh Airteagal 45f isteach i dTreoir 2014/59/AE le Treoir (AE) 2019/879. D’fhág mír 2, pointe (a)(ii) agus pointe (a)(v) den Airteagal sin go raibh incháilitheacht dliteanas faoi réir critéir incháilitheachta áirithe a chomhlíonadh i ndáil le hionstraimí dliteanas incháilithe agus faoi réir an cheanglais nach bhfuil éadáil úinéireacht na ndliteanas á cistiú go díreach ná go hindíreach ag an eintiteas atá faoi réir an Airteagail sin. Is gá, dá bhrí sin, a leagan síos maidir le forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 a bhaineann le cistiú díreach agus indíreach ionstraimí dliteanas incháilithe, foirm agus cineál na ndreasachtaí chun ionstraimí den sórt sin a fhuascailt agus le réamhchead chun iad a laghdú, gur cheart na forálacha sin a chur i bhfeidhm freisin ar bhealach comhsheasmhach chun críocha Airteagal 45b(1) agus Airteagal 45f(2), pointe (a)(ii) agus pointe (a)(v), de Threoir 2014/59/AE. Chun an comhsheasmhacht sin a áirithiú, ba cheart an téarma “ionstraimí dliteanas incháilithe” a thuiscint freisin mar thagairt do “dhliteanais incháilithe” dá dtagraítear in Airteagal 45b agus Airteagal 45f(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, gan beann ar a mbeidh fágtha de théarma na ndliteanas sin, agus ba cheart feidhm a bheith ag an téarma “institiúid” freisin maidir le haon eintiteas atá faoi réir MREL i gcomhréir le hAirteagal 45(1) den Treoir sin. |
|
(4) |
Fágann Airteagal 28(1), pointe (b), Airteagal 52(1), pointe (c), agus Airteagal 63, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go mbraitheann incháilitheacht na n-ionstraimí cistí dílse ar an gcoinníoll nach bhfuil siad á gcistiú go díreach nó go hindíreach ag an institiúid. Le Rialachán (AE) 2019/876, trí Airteagal 72b(2), pointe (c) a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuireadh síneadh leis an gcoinníoll sin chuig ionstraimí dliteanas incháilithe, agus an difríocht a bhí ann, i gcomhréir leis an gcaighdeán maidir leis an gCumas Iomlán Ionsúcháin Caillteanais (TLAC), nár cheart d’ionstraimí dliteanas incháilithe a bheith á gcistiú go díreach ná go hindíreach ag an eintiteas réitigh. Le hAirteagal 72b(7), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sainordaítear do ÚBE sonrú a dhéanamh, trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála, ar na foirmeacha agus an cineál cistiúcháin indírigh is infheidhme maidir le hionstraimí dliteanas incháilithe. De réir Airteagal 72b(7), an dara fomhír, den Rialachán sin, déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ailíniú go hiomlán leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 28(5), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arb é Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 é. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin Tharmligthe sin freisin maidir le hionstraimí dliteanas incháilithe, dá bhrí sin. |
|
(5) |
Cuireann an critéar incháilitheachta maidir le cistiú díreach agus indíreach cosc ar éadáil úinéireacht ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe arna gcistiú go díreach nó go hindíreach ag institiúid nó ag eintiteas réitigh. D’uireasa an chritéir sin, d’fhéadfadh na heintitis sin caillteanas a dhéanamh arís, rud a d’fhéadfadh an faoiseamh caillteanais a bhí na hionstraimí in ainm is a sholáthar a laghdú nó a neodrú. Is ann do phriacal maidir le lúb aischothaithe den sórt sin freisin laistigh de bhaincéireacht agus de ghrúpaí réitigh, i gcomhthéacs eisiúint agus suibscríobh ionstraimí mar shampla, atá incháilithe chun an ceanglas nua inmheánach MREL a chomhlíonadh, a leagtar síos in Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE. Na rialacha maidir le cistiú díreach agus indíreach ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe, ba cheart dóibh slabhraí cistiúcháin a choinníonn priacail ar bun laistigh de ghrúpa a ghabháil dá bhrí sin, gan beann ar cé acu a bhaineann infheisteoir seachtrach leis na slabhraí cistiúcháin sin nó nach mbaineann. Go deimhin, is gá cásanna a ghabháil de chistiú ciorclach inghrúpa ionas nach mbeifear ag teacht timpeall ar na rialacha maidir le cistiú díreach agus indíreach ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe a d’fhéadfadh tarlú, mar shampla, nuair a sholáthraítear cistiú trí fhochuideachtaí den institiúid nó den eintiteas réitigh nó trí eintitis eile lena bhfuil idirthuilleamaíochtaí ag an institiúid nó ag an eintiteas réitigh. Níor cheart gá a bheith leis, dá bhrí sin, go soláthraíonn an institiúid sin an cistiú chun a mhaíomh mar thátal go bhfuil ionstraimí nó dliteanais chaipitil á gcistiú go díreach nó go hindíreach ag an institiúid a eisíonn ionstraimí nó dliteanais den sórt sin. Dá réir sin, d’fhéadfadh cáiliú cistiúcháin mar chistiú díreach nó indíreach a bheith indéanta freisin i gcás ina soláthraíonn eintiteas atá áirithe i raon feidhme chomhdhlúthú stuamachta nó cuntasaíochta na hinstitiúide, na scéime cosanta institiúidí nó an líonra institiúidí atá cleamhnaithe le comhlacht lárnach ar leis an institiúid é an cistiú sin, nó i raon feidhme mhaoirseacht fhorlíontach na hinstitiúide. Ba cheart feidhm a bheith aige sin gan beann ar cé acu ar le grúpa réitigh eile an t-eintiteas eile. |
|
(6) |
Le Rialachán (AE) 2017/2401 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) baineadh an sainmhíniú ar “barrachas an raoin difríochta” ó Airteagal 242 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ó tharla go n-úsáidtear an téarma sin in Airteagal 12(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 trí thagairt a dhéanamh d’Airteagal 242 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is gá Airteagal 12(3) den Rialachán Tarmligthe sin a leasú trí sainmhíniú den téarma “barrachas an raoin difríochta” a thabhairt isteach díreach san Airteagal sin. |
|
(7) |
Fágann Airteagal 52(1), pointe (g), agus Airteagal 63, pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go mbeidh incháilitheacht ionstraimí Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Leibhéal 2 coinníollach ar aon dreasacht a bheith in easnamh maidir lena bpríomhshuim a bheidh le fuascailt. Le Rialachán (AE) 2019/876, trí Airteagal 72b(2), pointe (g) a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuireadh síneadh leis an gceanglas sin chuig ionstraimí dliteanas incháilithe, agus an difríocht a bhí ann, i gcás ionstraimí dliteanas incháilithe go gceadaítear dreasachtaí le fuascailt a dhéanamh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart an leasú sin a léiriú i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014. |
|
(8) |
I ndáil le sealúchais innéacs, tugadh Airteagal 76 isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2019/876. Cuireadh síneadh leis an Airteagal sin ar raon feidhme an réamhcheada atá le deonú ag an údarás inniúil – ag ligean d’institiúid meastachán coimeádach a úsáid de risíocht fholuiteach na hinstitiúide ar ionstraimí a áirítear in innéacsanna – chuig ionstraimí dliteanas incháilithe institiúidí. Ba cheart an leasú sin a léiriú i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014. Na forálacha sa Rialachán sin maidir le meastacháin a úsáidtear mar rogha mhalartach ar ríomh na risíochtaí foluiteacha ar ionstraimí cistí dílse a áirítear in innéacsanna a bheith “sách coimeádach” agus an bhrí atá le “ródhian ó thaobh na hoibre de”, ba cheart iad a leasú dá réir sin chun feidhm a bheith acu freisin maidir le hionstraimí dliteanas incháilithe. |
|
(9) |
Chuir Rialachán (AE) 2019/876 Airteagal 78(1), an dara fomhír, isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla réamhchead ginearálta a dheonú d’institiúidí chun cistí dílse a laghdú de mhéid réamhchinntithe agus ar feadh tréimhse ama teoranta. Is gá dá bhrí sin réamhchoinníollacha agus teorainneacha is infheidhme maidir le réamhchead chun críocha déanamh margaíochta a bhaint as Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014, toisc go bhfuil na réamhchoinníollacha agus na teorainneacha sin leabaithe anois sa chóras réamhcheada ginearálta a leagtar síos in Airteagal 78(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
|
(10) |
Na córais réamhcheada chun cistí dílse a laghdú, atá leagtha síos in Airteagal 78 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus chun ionstraimí dliteanas incháilithe a laghdú, a leagtar síos in Airteagal 78a den Rialachán sin, is é is aidhm dóibh araon comhlíontacht a áirithiú le ceanglais rialála a bhaineann le cistí dílse agus cistí dílse agus dliteanais incháilithe, agus tá roinnt gnéithe comhchosúla ag baint leo. Is gá caighdeánú a dhéanamh ar na próisis a leanann údaráis inniúla agus údaráis réitigh maidir leis an réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78(1), an dara fomhír, agus in Airteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 araon, agus aon chead eile dá dtagraítear sna hAirteagail sin dá bhrí sin. Ina theannta sin, chun a áirithiú go gcuirtear sonraíochtaí aon réamhcheada san áireamh, agus chun a áirithiú go n-úsáidtear na ceadanna sin go hiomchuí dá gcríocha sonracha, is gá a leagan síos gur cheart a cheangal ar údaráis inniúla agus ar údaráis réitigh an tréimhse dá ndeonaítear réamhchead seachas réamhchead ginearálta a shonrú, agus gur cheart uasteorainn a bhunú maidir leis an tréimhse shonraithe sin. |
|
(11) |
Ceanglaítear le hAirteagal 78(1), an dara fomhír, agus le hAirteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go ndéanfaí an réamhchead ginearálta maidir le laghdú ar ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe a dheonú ar feadh tréimhse sonraithe nach rachaidh thar 1 bhliain amháin. Iarratas ar athnuachan réamhchead ginearálta nach ndeachaigh in éag go fóill, níor cheart an leibhéal céanna grinnscrúdúcháin nó idirghníomhaíochta a cheangal leis idir údaráis is a cheanglaítear maidir leis an iarratas ar an gcead bunaidh, mura iarr an institiúid méadú ar an méid réamhchinntithe a leagadh síos nuair a deonaíodh an cead bunaidh agus nár athraíodh é leis an réasúnaíocht a soláthraíodh nuair a iarradh an cead bunaidh. Dá dhroim sin, sna imthosca sonracha sin, ba cheart ábhar an iarratais a bheidh le tíolacadh ag institiúidí agus an t-uainiú maidir le tíolacadh an iarratais sin a laghdú. |
|
(12) |
Ceanglaítear le hAirteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar institiúidí réamhchead an údaráis réitigh a fháil chun ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí dliteanas incháilithe a chur i gcrích. De réir Airteagal 78a(1) den Rialachán sin, ní fhéadfar an cead a dheonú ach amháin i gcás inar comhlíonadh roinnt coinníollacha, lena n-áirítear an coinníoll go ndéanann an institiúid na hionstraimí dliteanas incháilithe a ionadú le cistí dílse nó le hionstraimí dliteanas incháilithe atá ar an gcáilíocht chéanna nó ar cháilíocht níos airde faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide. Ceanglaítear le hAirteagal 78a(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go mbeidh na caighdeáin maidir leis an mbrí atá le “inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide” i gcomhthéacs ionstraimí dliteanas incháilithe ailínithe go hiomlán lena choibhéis maidir le cistí dílse. Is gá, dá bhrí sin, a shonrú go n-úsáidfear an bhrí chéanna maidir le “inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide” le haghaidh an dá chineál ionstraime. |
|
(13) |
Is gá na córais réamhcheada ghinearálta le haghaidh ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe a ailíniú chun a áirithiú go gcuirtear na córais sin i bhfeidhm go comhleanúnach ar fud an Aontais. Ba cheart an méid réamhchinntithe a bheidh le socrú ag údaráis réitigh le linn dóibh an réamhchead ginearálta a dheonú chun ionstraimí dliteanas incháilithe a laghdú a bheith faoi réir teorainneacha, dá bhrí sin, gan cosc a chur ar údaráis réitigh méideanna réamhchinntithe níos ísle a shocrú le haghaidh institiúid ar leith i gcás ina bhfuil údar leis sin mar gheall ar imthosca sonracha an cháis. Is gá freisin cosc a chur ar institiúidí feidhmiú ar leibhéal ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe a dteipfeadh orthu a léiriú nach mbeadh cuid de na hionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe ar fáil chun caillteanais a sheasamh nuair ba ghá. I gcás réamhchead ginearálta, ba cheart an méid réamhchinntithe dá bhfuil a chead tugtha ag an údarás lena mbaineann a asbhaint ón bpointe a dheonaítear an t-údarú dá bhrí sin. |
|
(14) |
Is gá láimhseáil chomhréireach a áirithiú le haghaidh institiúidí a bhforáiltear lena bpleananna réitigh go bhfuil siad le foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta agus dá bhfuil an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Threoir 2014/59/AE socraithe ag an údarás réitigh ar leibhéal nach mó ná méid leordhóthanach chun caillteanais a sheasamh. Ba cheart do na hinstitiúidí sin a bheith in ann cead a iarraidh dá bhrí sin, lena n-áirítear réamhchead ginearálta, chun ionstraimí dliteanas incháilithe a laghdú bunaithe ar chóras iarratais níos simplí. Ba cheart le córas den sórt sin ceanglais laghdaithe maidir le faisnéis a chuimsiú agus, chun an t-ualach riaracháin a laghdú tuilleadh ar na hinstitiúidí sin agus ar údaráis réitigh, ba cheart a mheas go bhfuil an réamhchead deonaithe in éagmais freagra ón údarás réitigh. Ag glacadh leis nach gá do na hinstitiúidí sin ionstraimí dliteanas incháilithe a eisiúint chun an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh, níor cheart do mhéid réamhchinntithe na n-ionstraimí dliteanas incháilithe atá le laghdú a bheith faoi réir na dteorainneacha céanna is atá i gceist le haghaidh institiúidí eile. |
|
(15) |
Ordaítear le hAirteagal 78a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 do ÚBE caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an nós imeachta a shonrú maidir le cead a dheonú chun ionstraimí dliteanas incháilithe a laghdú, agus an próiseas don chomhar idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh a shonrú. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Treoir 2014/59/AE, ba cheart a áireamh sa phróiseas don chomhar idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh comhairliúchán leis an údarás inniúil maidir leis an iarratas ar réamhchead arna fháil ag an údarás réitigh. Ba cheart an comhairliúchán sin a dhéanamh ar bhealach lena gcuirtear ar a chumas don údarás inniúil léargas eolasach a thabhairt maidir leis an gcomhairliúchán, lena n-áirítear i gcás ina gceanglaítear a chomhaontú chun an corrlach faoi nach mór do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe na hinstitiúide a ceanglais a shárú, le malartú faisnéise leordhóthanach agus dóthain ama chun freagra a thabhairt ar an gcomhairliúchán. |
|
(16) |
Roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/876, foráladh le hAirteagal 79(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go bhféadfaidh údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaintí d’ionstraimí cistí dílse a tharscaoileadh go sealadach i gcás inar shealbhaigh institiúid na hionstraimí sin in eintiteas earnála airgeadais chun críocha oibríochta um chúnamh airgeadais arna cheapadh chun an t-eintiteas sin a atheagrú agus a thabhairt slán. Le Rialachán (AE) 2019/876, trí Airteagal 79(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú, cuireadh síneadh le raon feidhme an tarscaoilte shealadaigh a fhéadfaidh údaráis inniúla a dheonú do shealúchais institiúidí d’ionstraimí dliteanas incháilithe in institiúid. Dá thoradh sin, ba cheart forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 maidir leis an tarscaoileadh sealadach sin a leasú chun go mbeidh feidhm aige freisin maidir le sealúchais institiúidí d’ionstraimí dliteanas incháilithe in institiúidí. |
|
(17) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 a leasú dá réir sin. |
|
(18) |
Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ÚBE a bhunaítear an Rialachán seo. |
|
(19) |
Rinne ÚBE comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(20) |
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, d’fhormhuinigh an Coimisiún, le leasuithe, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur isteach ag ÚBE ina mínítear na cúiseanna atá leis na leasuithe. Sholáthair ÚBE tuairim fhoirmiúil, ag glacadh leis na leasuithe beartaithe cé is moite díobh siúd a bhaineann le toirmeasc sainráite ar chistiú inghrúpa indíreach a thabhairt isteach agus ar shásra comhaontaithe intuigthe a thabhairt isteach maidir leis an réamhchead ginearálta chun go laghdóidh eintitis dliteanais incháilithe nach mó a MREL agus na ceanglais cistí dílse. |
|
(21) |
Tar éis measúnú cúramach a dhéanamh ar na hargóintí a sholáthair ÚBE mar bhonn taca faoina agóid maidir le foráil a thabhairt isteach ar chistiú inghrúpa i dtéarmaí achtúcháin na gcaighdeán teicniúil, tá an Coimisiún fós den tuairim gur cheart don toirmeasc ar chistiú indíreach gach slabhra cistiúcháin ábhartha a ghabháil go sainráite, gan beann ar cé acu atá infheisteoir seachtrach i gceist leo nó nach bhfuil. |
|
(22) |
Aithníonn an Coimisiún go hiomlán an tábhacht atá le láimhseáil chomhréireach a áirithiú ar eintitis nach mó a MREL ná na ceanglais cistí dílse. Mar sin féin, gné bhunúsach den chóras réamhcheada is ea iarratas a thíolacadh ina n-iarrtar réamhchead chun a gcuid dliteanais incháilithe a laghdú mar a leagtar amach in Airteagal 78a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ní féidir é a tharscaoileadh dá bhrí sin. Mar sin féin, chun ualach riaracháin na n-eintiteas sin agus a n-údaráis réitigh a laghdú go dtí a oiread agus is féidir, ba cheart ligean don údarás sin iarratas simplithe a chur isteach chun réamhchead a iarraidh agus ba cheart ligean dó cead den sórt sin a dheonú ar bhonn comhaontú intuigthe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear an teideal mar a leanas: “ Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i leith ceanglais cistí dílse agus dliteanas incháilithe le haghaidh institiúidí ”, |
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
|
(3) |
i gCaibidil I, cuirtear Airteagal 1a seo a leanas isteach: “Airteagal 1a Cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le heintitis atá faoi réir an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe, agus na ndliteanas incháilithe dá dtagraítear i dTreoir 2014/59/AE Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagail 8, 9 agus 20, agus Caibidil IV, Roinn 2, den Rialachán seo, eintitis atá faoi réir an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Threoir 2014/59/AE, measfar gur “institiúidí” iad, agus “dliteanais incháilithe” dá dtagraítear in Airteagal 45b agus Airteagal 45f(2), pointe (a), den Treoir sin, measfar gur “ionstraimí dliteanas incháilithe” iad.” |
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II: “CAIBIDIL II GNÉITHE DE CHISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE ”, |
|
(5) |
i gCaibidil II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 1: “ ROINN 1 Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 agus míreanna agus ionstraimí dliteanas incháilithe ”, |
|
(6) |
in Airteagal 4(2), cuirtear pointe (ka) seo a leanas isteach:
|
|
(7) |
in Airteagal 4(2), cuirtear an méid seo a leanas ina ionad phointe (r):
|
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 8 agus 9: “Airteagal 8 Cistiú indíreach ar ionstraimí caipitil chun críocha Airteagal 28(1), pointe (b), Airteagal 52(1), pointe (c), agus Airteagal 63, pointe (c), agus ar dhliteanais chun críche Airteagal 72b(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Cistiú indíreach ionstraimí caipitil faoi Airteagal 28(1), pointe (b), Airteagal 52(1), pointe (c) agus Airteagal 63, pointe (c), agus dliteanais faoi Airteagal 72b(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, measfar nach cistiú díreach é. 2. Chun críocha mhír 1, tagróidh cistiú díreach do chásanna inar dheonaigh institiúid iasacht nó cistiú eile i bhfoirm ar bith d’infheisteoir a úsáidtear le haghaidh éadáil úinéireachta ar ionstraimí nó ar dhliteanais chaipitil institiúide. 3. Áireofar le cistiú díreach freisin cistiú arna dheonú chun críocha eile seachas úinéireacht a fháil ar ionstraimí nó ar dhliteanais chaipitil institiúide, d’aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil sealúchas cáilitheach san institiúid, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó a mheastar a bheith ina pháirtí gaolmhar de réir bhrí na sainmhínithe i mír 9 de Chaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 24 maidir le Faisnéis a Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara arna chur i bhfeidhm san Aontas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), ag cur san áireamh aon treoraíocht bhreise arna soláthar ag an údarás inniúil le haghaidh ionstraimí caipitil, nó ag an údarás réitigh i gcomhairle leis an údarás inniúil le haghaidh dliteanas, mura bhfuil an institiúid in ann gach ceann díobh seo a leanas a thaispeáint:
Airteagal 9 Foirmeacha is infheidhme agus cineál an chistiúcháin indírigh ar ionstraimí caipitil chun críocha Airteagal 28(1), pointe (b), Airteagal 52(1), pointe (c), agus Airteagal 63, pointe (c), agus ar dhliteanais chun críche Airteagal 72b(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Áireofar iad seo a leanas uile le foirmeacha agus cineál an chistiúcháin indírigh is infheidhme maidir le héadáil úinéireacht ionstraimí agus dliteanais chaipitil institiúide:
2. Chun go mbeifear measta mar chistiú indíreach chun críocha mhír 1, comhlíonfar na coinníollacha a leanas freisin, i gcás inarb infheidhme:
Chun críocha phointe (a)(ii), measfar go mbeidh infheisteoir áirithe i raon feidhme an ríomha chomhiomláin leathnaithe i gcás ina bhfuil an ionstraim chaipitil nó an dliteanas caipitil ábhartha faoi réir comhdhlúthú nó ríomh comhiomlán leathnaithe i gcomhréir le hAirteagal 49(3), pointe (a)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhealach a fhágann go ndíothaítear ilúsáid cistí dílse nó míreanna dliteanas incháilithe agus aon chruthú cistí dílse nó dliteanas incháilithe idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí. I gcás nár deonaíodh an cead ó údaráis inniúla, dá dtagraítear in Airteagal 49(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, measfar go mbeidh an coinníoll sin comhlíonta i gcás inar comhaltaí den scéim cosanta institiúideach chéanna iad an institiúid agus an dá eintiteas dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus asbhaineann na heintitis an cistiú a soláthraíodh le haghaidh éadáil úinéireacht ionstraimí nó dliteanais chaipitil na hinstitiúide, i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointí (f) go (i), Airteagal 56, pointí (a) go (d), agus Airteagal 66, pointí (a) go (d), le haghaidh ionstraimí caipitil, agus i gcomhréir le hAirteagal 72e, pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le haghaidh dliteanas, de réir mar is infheidhme. 2a. Áireofar cistiú ciorclach inghrúpa sna foirmeacha agus sa chineál cistiúcháin indírigh is infheidhme d’éadáil úinéireacht ionstraimí caipitil agus dliteanais chaipitil institiúide. Chun na gcríoch sin, ciallaíonn cistiú ciorclach inghrúpa aon cheann díobh seo a leanas:
3. Nuair a shuitear cé acu atá cistiú díreach nó indíreach dá dtagraítear in Airteagal 8 i gceist le héadáil úinéireacht ionstraime caipitil nó dliteanais, beidh an méid a bheidh le meas glan ar aon lamháltas lagaithe arna dhéanamh a ndéanfar measúnú air go haonarach. 4. Chun cáiliú mar chistiú díreach nó indíreach dá dtagraítear in Airteagal 8 a sheachaint agus i gcás ina ndéantar an iasacht nó foirm eile cistiúcháin nó ráthaíochtaí a dheonú d’aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil sealúchas cáilitheach san institiúid nó a meastar gur páirtí gaolmhar é dá dtagraítear in Airteagal 8(3), áiritheoidh an institiúid ar bhonn leanúnach nár sholáthair sí an iasacht nó foirm eile cistiúcháin nó ráthaíochtaí chun úinéireacht a fháil go díreach nó go hindíreach ar ionstraimí caipitil nó dliteanais na hinstitiúide sin. I gcás ina ndeonaítear an iasacht nó an fhoirm eile cistiúcháin nó ráthaíochtaí do chineálacha eile páirtí, déanfaidh an institiúid an rialú sin ar bhonn na hiarrachta is fearr. 5. Maidir le cumainn fhrithpháirteacha, comharchumainn agus institiúidí comhchosúla, i gcás ina bhfuil oibleagáid faoin dlí náisiúnta nó reachtanna na hinstitiúide ar chustaiméir ionstraimí caipitil a liostáil chun iasacht a fháil, ní bhreithneofar gur cistiú díreach nó indíreach an iasacht sin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1)." (*2) Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, gnóthas árachais agus gnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).”," |
|
(9) |
in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. An gnóthachan aitheanta ar dhíolachán atá bainteach leis an ioncam éarlaise todhchaí, tagróidh sé, sa chomhthéacs seo, do “bharrachas an raoin difríochta” a bhfuil coinne leis sa todhchaí arna shainmhíniú mar na bailiúcháin den mhuirear airgid agus ioncam eile ó tháillí arna bhfáil i leith na risíochtaí urrúsaithe glan ar chostais agus ar speansais.” |
|
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil III: “CAIBIDIL III CAIPITEAL BREISE LEIBHÉAL 1 AGUS LEIBHÉAL 2 AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE” |
|
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20: “Airteagal 20 Foirm agus cineál na ndreasachtaí fuascailte chun críocha Airteagal 52(1), pointe (g), Airteagal 63, pointe (h), Airteagal 72b(2), pointe (g), agus Airteagal 72c(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Ciallóidh dreasachtaí fuascailte na gnéithe uile lena soláthraítear, ar dháta na heisiúna, ionchas gur dóigh go ndéanfar an ionstraim chaipitil nó an dliteanas a fhuascailt. 2. Áireofar na foirmeacha seo a leanas leis na dreasachtaí dá dtagraítear i mír 1:
|
|
(12) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25: “Airteagal 25 Méid an choimeádachais a cheanglaítear i meastacháin chun risíochtaí arna n-úsáid mar rogha mhalartach ar na risíochtaí foluiteacha chun críocha Airteagal 76(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ríomh 1. Beidh meastachán sách coimeádach i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
2. Chun críocha mhír 1, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
|
|
(13) |
in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Chun críoch Airteagal 76(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ciallóidh ródhian ó thaobh na hoibre de cásanna faoina bhfuil cuir chuige na trédhearcachta maidir le sealúchais ionstraimí caipitil in eintitis na hearnála airgeadais nó maidir le hionstraimí dliteanas incháilithe in institiúidí ar bhonn leanúnach gan údar, arna mheasúnú ag na húdaráis inniúla. Ina measúnú ar chineál na gcásanna a bhí ródhian ó thaobh na hoibre de, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh an ábharthacht íseal agus tréimhse shealbhaíochta ghearr cásanna den sórt sin. Le tréimhse shealbhaíochta d’fhad gearr caithfidh an institiúid leachtacht láidir an innéacs a fheiceáil.” |
|
(14) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 2: “ ROINN 2 CEAD MAIDIR LE CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE A LAGHDÚ
Airteagal 27 An bhrí atá le hinbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide chun críocha Airteagal 78(1), pointe (a), agus Airteagal 78(4), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Ciallóidh inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide faoi Airteagal 78(1), pointe (a), agus faoi Airteagal 78(4), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go leanann brabúsacht na hinstitiúide, arna measúnú ag an údarás inniúil, a bheith fónta nó nach bhfeictear aon athrú diúltach leis tar éis ionadú na n-ionstraimí nó na gcuntas scairbhiseach gaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Rialachán sin le hionstraimí cistí dílse a mbeidh an cháilíocht chéanna nó cáilíocht níos airde iontu, ar an dáta sin agus go ceann i bhfad. Cuirfear cumas tuillimh na hinstitiúide i gcásanna struis san áireamh i measúnú an údaráis inniúil. Airteagal 28 Ceanglais an phróisis lena n-áirítear na teorainneacha agus na nósanna imeachta le haghaidh iarratas a dhéanann institiúid chun cistí dílse a laghdú de bhun Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Ní fhógrófar fuascailt, laghdú agus athcheannach ionstraimí cistí dílse do shealbhóirí na n-ionstraimí sula bhfaighidh an institiúid réamhchead ón údarás inniúil. 2. I gcás ina mbeidh coinne leis go dtarlóidh na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le cinnteacht leordhóthanach, agus a luaithe is a bheidh réamhchead an údaráis inniúil faighte, asbhainfidh an institiúid na méideanna comhfhreagracha d’ionstraimí cistí dílse a bheidh le fuascailt, le laghdú nó le hathcheannach nó na méideanna de na cuntais scairbhiseacha gaolmhara a bheidh le laghdú nó le dáileadh, de réir mar is infheidhme, ó ghnéithe comhfhreagracha dá chistí dílse sula dtarlaíonn na fuascailtí, na laghduithe, na hathcheannacháin nó na dáileacháin éifeachtacha. Measfar gurb ann do chinnteacht leordhóthanach go háirithe i gcás inar fhógair an institiúid go poiblí go bhfuil rún aici ionstraim chistí dílse a fhuascailt, a laghdú nó a athcheannach. 3. I gcás réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar an méid réamhchinntithe dá bhfuil cead tugtha ag an údarás inniúil a asbhaint ó ghnéithe comhfhreagracha de chistí dílse na hinstitiúide ón bpointe a dheonaítear an t-údarú. 4. Le linn dóibh iarratas a dhéanamh ar réamhchead, lena n-áirítear réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(1) den Rialachán sin, agus i gcás ina gceannaítear na hionstraimí cistí dílse gaolmhara chun iad a chur ar aghaidh chuig fostaithe na hinstitiúide mar chuid dá luach saothair, cuirfidh institiúidí a gcuid údaráis inniúla ar an eolas go bhfuil na hionstraimí sin ceannaithe don chríoch sonrach sin. De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, asbhainfear na hionstraimí sin ó ghnéithe comhfhreagracha de chistí dílse na hinstitiúide, fad is atá siad á sealbhú ag an institiúid. Ní éileofar laghdú níos mó i gcás ina mbeidh na speansais a bhaineann le haon ghníomhaíocht i gcomhréir leis an mír seo áirithe i gcistí dílse cheana féin de thoradh eatraimh nó tuarascáil airgeadais deireadh bliana. 5. Deonóidh an t-údarás inniúil réamhchead, seachas an réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go ceann tréimhse sonraithe, ar gá é chun aon cheann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(1) den Rialachán sin, nach mbeidh níos mó ná 1 bhliain amháin. 6. Beidh feidhm ag míreanna 1 go dtí 5 ar leibhéil chomhdhlúite, fho-chomhdhlúite agus aonair iarratais maidir le ceanglais stuamachta, de réir mar is infheidhme. Airteagal 29 Iarratas arna thíolacadh ag an institiúid chun cistí dílse a laghdú de bhun Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Cuirfidh institiúid iarratas ar réamhchead isteach, lena n-áirítear an réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chuig an údarás inniúil sula ndéanfaidh sí aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Rialachán sin. 2. Beidh feidhm ag mír 1 ar leibhéil chomhdhlúite, fho-chomhdhlúite agus aonair den iarratas ar cheanglais stuamachta, de réir mar is infheidhme. Airteagal 30 Ábhar an iarratais a bheidh le cur isteach ag an institiúid chun críocha Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Beidh na nithe uile seo a leanas ag gabháil leis an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 29:
Chun críocha phointe (e), cumhdófar leis an bhfaisnéis tréimhse 3 bliana ar a laghad agus, i ndáil le dliteanais, áireofar leis sonraíochtaí na méideanna seo a leanas, de réir mar is infheidhme:
2. Tarscaoilfidh an t-údarás inniúil tíolacadh roinnt den fhaisnéis atá liostaithe i mír 1 i gcás ina bhfuil sé sásta go bhfuil an fhaisnéis sin aige cheana féin. 3. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 ar leibhéil aonair, chomhdhlúite agus fho-chomhdhlúite de chur i bhfeidhm na gceanglas, de réir mar is infheidhme. Airteagal 30a Faisnéis bhreise a bheidh le cur isteach in éineacht le hiarratas ar réamhchead ginearálta le haghaidh gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. I gcás ina lorgaítear réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh gníomhaíochta faoi Airteagal 77(1), pointe (a), den Rialachán sin, sonrófar san iarratas méid gach eisiúna ábhartha de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá faoi réir an iarratais sin. 2. I gcás ina lorgaítear réamhchead ginearálta le haghaidh gníomhaíochta faoi Airteagal 77(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, sonróidh an institiúid iad seo a leanas uile san iarratas:
3. D’fhéadfaí a áireamh le hiarratas ar réamhchead ginearálta le haghaidh gníomhaíochta faoi Airteagal 77(1), pointí (a) agus (c), de Rialachán (AE) 575/2013 ionstraimí cistí dílse atá fós le heisiúint, faoi réir na faisnéise dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b) a shonrú, de réir mar is infheidhme, a bheidh le soláthar don údarás inniúil tar éis na heisiúna ábhartha. 4. Beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 ar leibhéil chomhdhlúite, fho-chomhdhlúite agus aonair de chur i bhfeidhm na gceanglas stuamachta, de réir mar is infheidhme. Airteagal 30b An fhaisnéis a bheidh le cur isteach in éineacht le hiarratas ar athnuachan réamhcheada ginearálta le haghaidh gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(1) de Rialachán (AE)Uimh. 575/2013 1. Sula dtéann réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 in éag, féadfaidh institiúid iarratas a chur isteach lena athnuachan ar feadh tréimhse suas le 1 bhliain bhreise gach uair, ar choinníoll nach n-iarrann an institiúid méadú ar an méid réamhchinntithe arna shocrú nuair a deonaíodh an réamhchead ginearálta agus nach n-athraítear an réasúnaíocht dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (a), tráth ar iarradh an réamhchead ginearálta bunaidh. 2. Le linn di iarratas a dhéanamh ar an réamhchead ginearálta dá dtagraítear i mír 1, beidh an institiúid díolmhaithe ón oibleagáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointí (a) go (d), (f), (g) agus (i) a sholáthar. Airteagal 31 Uainiú an iarratais a bheidh le cur isteach ag an institiúid agus próiseáil an iarratais ag an údarás inniúil chun críocha Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Maidir le réamhchead, seachas réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tarchuirfidh an institiúid iarratas iomlán agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30 chuig an údarás inniúil 4 mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfógrófar ceann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 do shealbhóirí na n-ionstraimí. 2. Maidir le réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tarchuirfidh an institiúid iarratas iomlán agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30 agus Airteagal 30a chuig an údarás inniúil 4 mhí ar a laghad roimh an dáta ar a ndéanfar aon cheann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. 3. De mhaolú ar mhír 2, i gcás ina lorgaítear athnuachan ar réamhchead ginearálta de bhun Airteagal 78(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 30b, tarchuirfidh an institiúid an t-iarratas agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 30, Airteagal 30a agus Airteagal 30b chuig an údarás inniúil 3 mhí ar a laghad roimh don tréimhse dár deonaíodh an réamhchead ginearálta bunaidh dul in éag. 4. Féadfaidh údaráis inniúla ligean d’institiúidí ar bhonn cás ar chás agus faoi imthosca eisceachtúla an t-iarratas dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a tharchur laistigh de thráthchlár níos giorra ná na tréimhsí a leagtar amach sna míreanna sin. 5. Próiseálfaidh an t-údarás inniúil iarratas le linn na tréimhse ama dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 nó le linn na tréimhse ama dá dtagraítear i mír 4. Cuirfidh údaráis inniúla faisnéis nua a fuarthas le linn na tréimhse sin san áireamh, i gcás ina bhfuil faisnéis nua den sórt sin ar fáil agus i gcás ina measann siad go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha. Ní phróiseálfaidh na húdaráis inniúla an t-iarratas ach amháin nuair a bheidh siad sásta gur sholáthair an institiúid dóibh an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi Airteagal 30 agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 30a agus Airteagal 30b. Airteagal 32 Iarratais ar fhuascailtí, laghduithe agus athcheannacháin ag cumainn fhrithpháirteacha, comharchumainn, institiúidí coigiltis nó institiúidí comhchosúla chun críocha Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. I ndáil le fuascailt ionstraimí Ghnáthchothromais Leibhéal 1 cumann frithpháirteach, comharchumann, institiúidí coigiltis nó institiúidí comhchosúla, cuirfear an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 29, míreanna 1 agus 2, agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(1) isteach chuig an údarás inniúil leis an minicíocht chéanna leis sin a úsáidfidh údarás inniúil na hinstitiúide chun scrúdú a dhéanamh ar fhuascailtí. 2. Féadfaidh údaráis inniúla a gcead a thabhairt roimh ré do ghníomh atá liostaithe in Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh méid áirithe réamhchinntithe a bheidh le fuascailt, glan ar mhéid na liostála d’ionstraimí nua Ghnáthchothromais Leibhéal 1 a bheidh íoctha le linn tréimhse suas le 1 bhliain amháin. D’fhéadfadh an méid réamhchinntithe sin dul suas go dtí 2 % den chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, má bhíonn siad sásta nach gcruthóidh an ghníomhaíocht sin contúirt do chás sócmhainneachta reatha na hinstitiúide nó dá cás sócmhainneachta amach anseo.
Airteagal 32a An bhrí atá le hinbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide chun críocha Airteagal 78a(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Ciallóidh inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide faoi Airteagal 78a(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go leanann brabúsacht na hinstitiúide, arna measúnú ag an údarás réitigh, de bheith fónta nó nach bhfeictear aon athrú diúltach ar na hionstraimí dliteanas incháilithe le cistí dílse nó le hionstraimí dliteanas incháilithe atá ar an gcáilíocht chéanna nó ar cháilíocht níos airde, ar an dáta sin agus go ceann i bhfad. Cuirfear cumas tuillimh na hinstitiúide i gcásanna struis san áireamh i measúnú an údaráis réitigh. Airteagal 32b Ceanglais an phróisis, lena n-áirítear na teorainneacha agus na nósanna imeachta le haghaidh iarratas a dhéanann institiúid chun ionstraimí dliteanas incháilithe a laghdú de bhun Airteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Ní fhógrófar ceannach, fuascailt, aisíoc agus athcheannach ionstraimí cistí dílse do shealbhóirí na n-ionstraimí sin sula bhfaighidh an institiúid réamhchead ón údarás réitigh. 2. I gcás ina bhfuil coinne leis go dtarlóidh na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le cinnteacht leordhóthanach, agus a luaithe is a bheidh réamhchead faighte ón údarás réitigh, asbhainfidh an institiúid na méideanna a bheidh le ceannach, le fuascailt, le haisíoc nó le hathcheannach ó ionstraimí dliteanas incháilithe na hinstitiúide sula dtarlaíonn an ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach féin. Measfar gurb ann do chinnteacht leordhóthanach go háirithe i gcás inar fhógair an institiúid go poiblí go bhfuil sé mar rún aici ionstraim dliteanas incháilithe a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach. 3. I gcás réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar an méid réamhchinntithe dá bhfuil cead tugtha ag an údarás réitigh a asbhaint ó ionstraimí dliteanas incháilithe na hinstitiúide ón bpointe a dheonaítear an t-údarú. 4. Deonóidh an t-údarás réitigh réamhchead, seachas an réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go ceann tréimhse sonraithe, a bhfuil gá leis chun aon cheann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(2) den Rialachán sin a dhéanamh, nach mbeidh níos mó ná 1 bhliain amháin. 5. I gcás ina lorgaítear réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní rachaidh an méid réamhchinntithe dá ndeonaítear an réamhchead ginearálta thar 10 % de mhéid iomlán na n-ionstraimí dliteanas incháilithe gan íoc. 6. Beidh feidhm ag míreanna 1 go dtí 5 ar leibhéil chomhdhlúite, fho-chomhdhlúite agus aonair de chur i bhfeidhm na gceanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe, de réir mar is infheidhme. Airteagal 32c Iarratas arna thíolacadh ag an institiúid chun ionstraimí dliteanas incháilithe a laghdú de bhun Airteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Cuirfidh institiúid iarratas ar réamhchead isteach, lena n-áirítear an réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chuig an údarás réitigh sula ndéanfaidh sí gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 77(2) den Rialachán sin. 2. Beidh feidhm ag mír 1 ar leibhéil aonair, chomhdhlúite agus fho-chomhdhlúite de chur i bhfeidhm na gceanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe, de réir mar is infheidhme. Airteagal 32d Ábhar an iarratais a bheidh le cur isteach ag an institiúid chun críocha Airteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Beidh na nithe uile seo a leanas ag gabháil leis an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 32c:
2. Tarscaoilfidh an t-údarás réitigh tíolacadh roinnt den fhaisnéis atá liostaithe i mír 1 i gcás ina bhfuil sé sásta go bhfuil an fhaisnéis sin aige cheana féin. 3. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 ar leibhéil aonair, chomhdhlúite agus fho-chomhdhlúite de chur i bhfeidhm na gceanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe, de réir mar is infheidhme. Airteagal 32e Faisnéis bhreise a bheidh le cur isteach in éineacht leis an iarratas ar réamhchead ginearálta le haghaidh gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. I gcás ina lorgaítear réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh gníomhaíochta faoi Airteagal 77(2) den Rialachán sin, sonróidh an institiúid san iarratas líon iomlán d’ionstraimí dliteanas incháilithe gan íoc, lena n-áirítear an méid iomlán d’ionstraimí dliteanas incháilithe gan íoc a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 88a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó Airteagal 45b(3) de Threoir 2014/59/AE. 2. D’fhéadfaí a áireamh le hiarratas ar réamhchead ginearálta le haghaidh gníomhaíochta faoi Airteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ionstraimí dliteanas incháilithe atá fós le heisiúint, faoi réir shonrú an mhéid iomláin dá dtagraítear i mír 1, a bheidh le soláthar don údarás réitigh tar éis na heisiúna lena mbaineann. Airteagal 32f An fhaisnéis a bheidh le cur isteach in éineacht le hiarratas ar athnuachan réamhcheada ginearálta le haghaidh gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Sula dtéann an réamhchead ginearálta arna dheonú de bhun Airteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 in éag, féadfaidh institiúid iarratas a chur isteach lena athnuachan ar feadh tréimhse suas le 1 bhliain bhreise gach uair, ar choinníoll nach n-iarrann an institiúid méadú ar an méid réamhchinntithe arna shocrú nuair a deonaíodh an réamhchead ginearálta bunaidh agus nach n-athraítear an réasúnaíocht dá dtagraítear in Airteagal 32d(1), pointe (a) leis, tráth ar iarradh an réamhchead ginearálta bunaidh. 2. Le linn di iarratas a dhéanamh ar athnuachan an réamhcheada ghinearálta dá dtagraítear i mír 1, beidh an institiúid díolmhaithe ón oibleagáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 32d(1), pointí (a), (b), (c), (e), (f), agus (h) a sholáthar. Airteagal 32g Uainiú an iarratais a bheidh le cur isteach ag an institiúid agus próiseáil an iarratais ag an údarás réitigh chun críocha Airteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. Maidir le réamhchead, seachas an réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tarchuirfidh an institiúid iarratas iomlán agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 32d chuig an údarás réitigh 4 mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfógrófar ceann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 do shealbhóirí na n-ionstraimí. 2. Maidir leis an réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tarchuirfidh an institiúid iarratas iomlán agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 32d agus Airteagal 32e chuig an údarás réitigh 4 mhí ar a laghad roimh an dáta ar a ndéanfar ceann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. 3. De mhaolú ar mhír 2, i gcás ina lorgaítear athnuachan ar an réamhchead ginearálta de bhun Airteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 32f, tarchuirfidh an institiúid iarratas iomlán agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 32d, Airteagal 32e agus Airteagal 32f chuig an údarás réitigh 3 mhí ar a laghad roimh don tréimhse dár deonaíodh an réamhchead ginearálta bunaidh dul in éag. 4. Féadfaidh údaráis réitigh ligean d’institiúidí ar bhonn cás ar chás agus faoi imthosca eisceachtúla an t-iarratas dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a tharchur laistigh de thráthchlár níos giorra ná na tréimhsí a leagtar amach sna míreanna sin. 5. Próiseálfaidh an t-údarás réitigh iarratas le linn na tréimhse ama dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 nó le linn na tréimhse ama dá dtagraítear i mír 4. Cuirfidh údaráis réitigh faisnéis nua a fuarthas le linn na tréimhse sin san áireamh, i gcás ina bhfuil faisnéis nua den sórt sin ar fáil agus i gcás ina measann siad go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha. Ní phróiseálfaidh na húdaráis réitigh an t-iarratas ach amháin nuair a bheidh siad sásta gur sholáthair an institiúid dóibh an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi Airteagal 32d agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 32e agus Airteagal 32f. Airteagal 32h Ceanglais shimplithe d’institiúidí dár shocraigh an t-údarás réitigh an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos in Airteagal 45(1) de Threoir 2014/59/AE ar leibhéal nach mó é ná méid leordhóthanach chun caillteanais a sheasamh 1. De mhaolú ar Airteagal 32d, Airteagal 32e agus Airteagal 32f, i gcás ina gcuireann institiúid isteach an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 32c, institiúid dar shocraigh an t-údarás réitigh an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos in Airteagal 45(1) de Threoir 2014/59/AE ar leibhéal nach mó é ná méid leordhóthanach chun caillteanais a sheasamh i gcomhréir le hAirteagal 45c(2), an chéad fhomhír, pointe (a), den Treoir sin, beidh na nithe uile seo a leanas ag gabháil leis an iarratas sin:
2. Réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna dheonú tar éis iarratais arna dhéanamh i gcomhréir le mír 1, ní bheidh sé faoi réir an tsrianta a leagtar amach in Airteagal 32b(5) den Rialachán sin. 3. De mhaolú ar Airteagal 32g, cuirfidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1 an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 32c isteach chuig an údarás réitigh 3 mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfógrófar ceann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 do shealbhóirí na n-ionstraimí nó, i gcás iarratas ar réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78a(1), an dara fomhír, den Rialachán sin, 3 mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfógrófar ceann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Airteagal 77(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. 4. I gcás nach gcuireann an t-údarás réitigh i gcoinne an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 32c i scríbhinn laistigh de na tréimhsí a shonraítear i mír 3, measfar go mbeidh an cead deonaithe. 5. Beidh feidhm ag an airteagal sin ar leibhéil aonair, chomhdhlúite agus fho-chomhdhlúite de chur i bhfeidhm na gceanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe, de réir mar is infheidhme. Airteagal 32i An próiseas don chomhar idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh nuair a dheonaítear an cead dá dtagraítear in Airteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 1. I gcás ina gcuireann institiúid iarratas iomlán isteach ar réamhchead, lena n-áirítear an réamhchead ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 78a(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tarchuirfidh an t-údarás réitigh go pras an t-iarratas sin chuig an údarás inniúil, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 32d agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 32e, Airteagal 32f nó Airteagal 32h. 2. An tráth céanna a tharchuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás réitigh iarraidh ar chomhairliúchán chuig an údarás inniúil maidir leis an iarratas a fuarthas, ina n-áireofar malartú cómhalartach aon fhaisnéis ábhartha eile don mheasúnú a dhéanfaidh an t-údarás réitigh nó an t-údarás inniúil ar an iarratas. 3. Comhaontóidh an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh teorainn ama leordhóthanach chun freagairt a sholáthar ar an gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2, nach rachaidh thar 3 mhí ón bpointe a gheofar an iarraidh ar chomhairliúchán agus laghdófar é sin go dtí 2 mhí i gcás ina mbaineann an comhairliúchán le hathnuachan a dhéanamh ar réamhchead ginearálta de bhun Airteagal 32f nó ar réamhchead ginearálta de bhun Airteagal 32h. Déanfaidh an t-údarás réitigh a mhachnamh ar na tuairimí a gheofar ón údarás inniúil sula nglacfaidh sé cinneadh maidir leis an gcead. 4. I gcás ina gceanglaítear comhaontú an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 78a(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh an t-údarás réitigh in iúl don údarás inniúil, laistigh de 2 mhí ón iarraidh ar chomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2, nó laistigh de 1 mhí amháin i gcás ina mbaineann an comhairliúchán le hathnuachan a dhéanamh ar réamhchead ginearálta de bhun Airteagal 32f nó ar réamhchead ginearálta de bhun Airteagal 32h, an corrlach beartaithe faoina measann an t-údarás réitigh, tar éis na gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 77(2) den Rialachán sin, nach mór do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe na hinstitiúide a bheith níos mó ná a ceanglais. 5. Laistigh de 3 seachtaine nó, i gcás ina mbaineann an comhairliúchán le hathnuachan ar réamhchead ginearálta de bhun Airteagal 32f nó ar réamhchead ginearálta de bhun Airteagal 32h, laistigh de 2 sheachtain, tar éis na cumarsáide dá dtagraítear i mír 4 a fháil, tarchuirfidh an t-údarás inniúil a chomhaontú i scríbhinn chuig an údarás réitigh. I gcás ina n-easaontaíonn an t-údarás inniúil nó ina n-easaontaíonn sé i bpáirt leis an údarás réitigh, cuirfidh sé an t-údarás réitigh ar an eolas laistigh den tréimhse sin, agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin. 6. De mhaolú ar mhír 3, i gcás ina gceanglaítear comhaontú an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 78a(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, soláthróidh an t-údarás inniúil freagairt ar an gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2 an tráth céanna a tharchuirfear a chomhaontú i scríbhinn chuig an údarás réitigh dá dtagraítear i mír 5. 7. De mhaolú ar mhíreanna 3 go 6, i gcás ina bhfuil an uastréimhse ama chun an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil níos giorra ná 4 mhí i gcomhréir le hAirteagal 32g, míreanna 3 nó 4, comhaontófar na tréimhsí ama dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5 idir an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil ag cur na huastréimhse ama ábhartha san áireamh. 8. Féachfaidh an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil le teacht ar an gcomhaontú dá dtagraítear i mír 5 chun a áirithiú go bpróiseáiltear an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1 in aon chás laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal 32g, míreanna 1, 2, 3 nó 4. 9. Cuirfidh an t-údarás réitigh an cinneadh a glacadh maidir leis an gcead in iúl don údarás inniúil gan moill mhíchuí. Cuirfidh an t-údarás réitigh in iúl freisin don údarás inniúil sa chás go dtarraingeofar siar an réamhchead ginearálta i gcás ina sáraíonn institiúid aon cheann de na critéir dá bhforáiltear chun críocha an cheada sin.” |
|
(15) |
i gCaibidil IV, leasaítear Roinn 3 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, le priacal creidmheasa an chontrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh institiúidí (IO L 74, 14.3.2014, lch. 8).
(4) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(5) Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht iniomparthachta caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE (IO L 150, 7.6.2019, lch. 296).
(6) Rialachán (AE) 2017/2401 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 347, 28.12.2017, lch. 1).
(7) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
|
19.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 104/23 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/828 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Feabhra 2023
lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 a mhéid a bhaineann leis an díolúine inmharthanachta le haghaidh gabhálacha sól coiteann a dhéanann soithí atá níos lú ná 12 mhéadar ar fad agus a úsáideann tráil dobharchú, in uiscí an Iarthair, roinn 7e ICES, le haghaidh 2023
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 ón gCoimisiún (2) , tugtar mionsonraí maidir leis an gcaoi an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme i gcás iascaigh ghrinnill áirithe in Uiscí an Iarthair le haghaidh na tréimhse 2021-2023. |
|
(2) |
Is le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2290 ón gCoimisiún (3) a leasaíodh Rialachán (AE) 2020/2015 go deireanach. |
|
(3) |
An 25 Deireadh Fómhair 2022 chuir an Fhrainc an Coimisiún ar an eolas faoi earráid a tugadh isteach i Rialachán (AE) 2020/2015 le Rialachán (AE) 2022/2290. Baineann an earráid le díolúine inmharthanachta nua le haghaidh sól coiteann (Solea solea) atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe (MCRS) a ghabhann soithí atá níos lú ná 12 m ar fad i roinn 7e ICES agus a úsáideann tráil dobharchú (OTB), ina bhfuil méid mhogaill ag ceann an tráil atá níos mó ná 80 mm. Is éard atá san earráid gan méid mhogaill 80 mm i gceann an tráil a chuimsiú agus gan teorainn méide a shainiú. |
|
(4) |
D’iarr an Fhrainc ar an gCoimisiún an earráid sin a cheartú, chun go gcuimseodh an díolúine lena mbaineann méid mhogaill atá coibhéiseach le 80 mm. Mhínigh an Fhrainc go n-úsáideann soithí a bhfuil an díolúine sin de dhíth orthu raonta méideanna mogaill lena n-áirítear méid mhogaill 80 mm. Eascraíonn an mearbhall as difríocht dréachtaithe idir corp an mholta chomhpháirtigh ar a bhfuil an gníomh tarmligthe bunaithe agus an iarscríbhinn a ghabhann leis. Cé gur cuimsíodh go sainráite san iarscríbhinn a ghabhann leis an moladh comhpháirteach méid mhogaill 80 mm go 99 mm, níorbh ionann ar an drochuair an dréachtú i gcorp an mholta chomhpháirtigh. |
|
(5) |
Thairis sin, sa chomhairle uaidh, rinne STECF measúnú ar an díolúine a iarradh freisin le haghaidh méid mhogaill 80 mm (agus ní hamháin méid mhogaill níos mó ná 80 mm) a bhfuil teorainn 99 mm ag gabháil leis. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine le haghaidh gabhálacha sól coiteann faoi bhun MCRS a dhéanann soithí atá níos lú ná 12 m ar fad trí úsáid a bhaint as trealaimh tráil dobharchú ina bhfuil méid mhogaill ag ceann an tráil idir 80 agus 99 mm a dheonú go dtí an 31 Nollaig 2023. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 a leasú chun trealaimh tráil dobharchú ina bhfuil méid mhogaill ag ceann an tráil idir 80 agus 99 mm, seachas na trealaimh sin amháin atá níos mó ná 80 mm. |
|
(8) |
Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta le haghaidh soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir. Ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2023, ós rud é go n-úsáideann soithí atá níos lú ná 12 m, a bhfuil an díolúine sin de dhíth orthu, raonta méideanna mogaill lena n-áirítear méid mhogaill 80 mm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015:
“1. Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leo seo a leanas:
|
— |
i roinn 7d ICES, laistigh de shé mhuirmhíle ón gcósta ach lasmuigh d’iasclanna a sainaithníodh, maidir le gabhálacha sól coiteann (Solea solea) atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a dhéantar trí úsáid a bhaint as trealaimh tráil dobharchú (cóid trealaimh: OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) ina bhfuil méid mhogaill ag ceann an tráil idir 80 agus 99 mm, ag soithí:
|
|
— |
i roinn 7e de ICES, laistigh de shé mhuirmhíle ón gcósta ach lasmuigh d’iasclanna a sainaithníodh, maidir le gabhálacha sól coiteann (Solea solea) atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a dhéanann soithí atá níos lú ná 12 m trí úsáid a bhaint as trealaimh tráil dobharchú (cód trealaimh: OTB) ina bhfuil méid mhogaill ag ceann an tráil idir 80 agus 99 mm.” |
Airteagal 2
Dáta teacht i bhfeidhm agus tréimhse cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 83, 25.3.2019, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 lena sonraítear mionsonraí chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír le haghaidh iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021-2023 (IO L 415, 10.12.2020, lch. 22).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2290 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 a mhéid a bhaineann le díolúintí áirithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in Uiscí an Iarthair le haghaidh 2023 (IO L 303, 23.11.2022, lch. 12).
CINNTÍ
|
19.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 104/25 |
CINNEADH (AE) 2023/829 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Aibreán 2023
maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus le díolúine ó CBL ar allmhairiú arna ndeonú le haghaidh earraí atá le tabhairt nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 2490)
(Is iad na téacsanna san Eastóinis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Rómáinis agus sa tSlóvaicis amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2009/132/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena gcinntear raon feidhme Airteagal 143(b) agus (c) de Threoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le díolúine ó cháin bhreisluacha ar allmhairiú deiridh earraí áirithe (1), agus go háirithe Airteagal 53, an chéad mhír, de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail um fhaoisimh ó dhleacht chustaim (2), agus go háirithe Airteagal 76, an chéad mhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 24 Feabhra 2022, thug an Rúis fogha míleata gan chúis gan údar faoin Úcráin. Dá thoradh sin, theith na milliúin daoine as an Úcráin, agus thug Ballstáit san Aontas Eorpach cosaint shealadach (3) do thart ar 4 mhilliún duine. An sruth isteach de dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin, is dúshlán é fós do na Ballstáit lena mbaineann ó thaobh cúnamh daonnúil leordhóthanach a áirithiú agus freastal ar phríomhriachtanais na ndaoine sin. |
|
(2) |
An 24 Feabhra 2022, d’iarr an Úcráin cúnamh i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le soláthairtí cosanta sibhialta. |
|
(3) |
Mar léiriú dlúthpháirtíochta agus tacaíochta, thug na Ballstáit agus an comhphobal idirnáisiúnta freagra trí earraí cabhrach daonnúla a chur ar fáil lena ndáileadh ar dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata agus ag teacht isteach san Aontas agus ar dhaoine atá thíos leis an bhfogha míleata san Úcráin. |
|
(4) |
An 1 Iúil 2022, glacadh Cinneadh (AE) 2022/1108 ón gCoimisiún (5). Leis an gCinneadh sin, deonaítear, i ndáil le Ballstáit áirithe, faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó cháin bhreisluacha (“CBL”) maidir le hallmhairiú earraí atá le tabhairt nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin, ón 24 Feabhra 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022. |
|
(5) |
An 25 Samhain 2022, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir le cé acu ba ghá nó nár ghá síneadh a chur le bailíocht na mbeart a leagtar síos sa Chinneadh sin. I ndiaidh an chomhairliúcháin sin, d’iarr an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn agus an Rómáin, an 2 Nollaig 2022, d’iarr an tSlóvaic, an 5 Nollaig 2022, agus d’iarr an Fhrainc, an 30 Nollaig 2022, na bearta sin a chur i bhfeidhm, nó leanúint de chur i bhfeidhm na mbeart sin (“na Ballstáit iarrthacha”). |
|
(6) |
Ós rud é gurb ann fós don ghéarchéim dhaonnúil a tháinig de thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus ós rud é go bhfuil iarmhairtí móra ag an ngéarchéim sin ní hamháin san Úcráin ach i roinnt Ballstát eile freisin, tubaiste atá ann a chuireann isteach ar chríoch roinnt Ballstát de réir bhrí Theideal II, Caibidil XVII, Roinn C, de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Theideal VIII, Caibidil 4, de Threoir 2009/132/CE. |
|
(7) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, a údarú do na Ballstáit iarrthacha faoiseamh a dheonú ó dhleachtanna allmhairiúcháin is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolúine a dheonú ó CBL is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 51 de Threoir 2009/132/CE ag eagraíochtaí Stáit, agus ag eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla arna bhformheas ag údaráis inniúla na mBallstát iarrthach, nó thar a gceann sin. I bhfianaise na staide seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, is iomchuí a údarú do na Ballstáit iarrthacha faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó CBL a dheonú i leith earraí le haghaidh cúnamh daonnúil a allmhairítear lena scaoileadh i saorchúrsaíocht freisin ag eagraíochtaí Stáit nó ag eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla eile atá formheasta agus a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla i mBallstát iarrthach eile a bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid ann. Chun freagairt d’iarrataí ó na Ballstáit i leith cúnamh a thabhairt do dhaoine a d’fhan san Úcráin agus a bhfuil tionchar tromchúiseach ag an bhfogha míleata orthu, is gá freisin údarú a thabhairt na hearraí sin a aistriú a thuilleadh chuig eagraíochtaí de chuid Stát na hÚcráine nó chuig eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla atá formheasta ag údaráis inniúla na hÚcráine chun na hearraí a dháileadh saor in aisce ar dhaoine atá i ngátar san Úcráin. Is iomchuí, ina theannta sin, a údarú do na Ballstáit iarrthacha faoiseamh a dheonú ó dhleachtanna allmhairiúcháin is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolúine a dheonú ó CBL is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 51 de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina n-allmhairítear iad, lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, ag gníomhaireachtaí fóirithinte tubaistí, nó thar a gceann, chun freastal ar a gcuid riachtanas le linn na tréimhse a mbeidh siad ag soláthar faoiseamh tubaistí do dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin. |
|
(8) |
Chun faireachán a dhéanamh ar allmhairithe dá ndeonaítear faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin nó díolúine ó CBL, ba cheart do na Ballstáit iarrthacha an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chineál, cainníocht agus luach na n-earraí éagsúla a ligeadh isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus ó CBL lena ndáileadh nó lena gcur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin, faoi na heagraíochtaí a d’fhormheas siad chun na hearraí sin a dháileadh nó a chur ar fáil agus faoi na bearta a rinneadh chun cosc a chur ar úsáid na n-earraí chun críocha seachas aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin. |
|
(9) |
D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo, go gcoiscfear neamhrialtachtaí agus go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint, ba cheart do na Ballstáit iarrthacha a áirithiú go gcuirfear bainistiú riosca agus bearta rialaithe ábhartha custaim i bhfeidhm maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht agus maidir le húsáid agus aistriú earraí chuig an Úcráin ina dhiaidh sin, ar earraí iad dá ndeonaítear faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin nó díolúine ó CBL. Ba cheart bearta arna nglacadh a thuairisciú don Choimisiún laistigh den spriocdháta a leagtar síos sa Chinneadh seo. |
|
(10) |
Agus na mórdhúshláin atá roimh na Ballstáit iarrthacha á gcur san áireamh, ba cheart faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó CBL a dheonú i ndáil le hallmhairithe arna ndéanamh ón 1 Eanáir 2023. Ba cheart an faoiseamh agus an díolúine a bheith i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2023. |
|
(11) |
An 16 Eanáir 2023, chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 76, an chéad mhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus i gcomhréir le hAirteagal 53, an chéad mhír, de Threoir 2009/132/CE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ligfear earraí isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolmhófar iad ó cháin bhreisluacha (CBL) ar na hallmhairí de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
is ceann de na húsáidí seo a leanas a bheartaítear a bhaint as na hearraí:
|
|
(b) |
comhlíonann na hearraí na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 75, 78, 79 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus in Airteagail 52, 55, 56 agus 57 de Threoir 2009/132/CE; |
|
(c) |
déantar na hearraí a allmhairiú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, agus is eagraíochtaí Stáit, lena n-áirítear comhlachtaí Stáit, comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí eile arna rialú ag an dlí poiblí, a dhéanann an t-allmhairiú sin, nó is thar a gceann a dhéantar é, nó is eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla atá formheasta ag údaráis inniúla na mBallstát iarrthach a bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid iontu a dhéanann an t-allmhairiú sin, nó is thar a gceann a dhéantar é. |
2. Féadfar earraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ligean isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus iad a dhíolmhú ó CBL tráth a n-allmhairithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i mBallstát iarrthach seachas an Ballstát iarrthach a bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid ann, ar choinníoll go ndéantar iad a allmhairiú, lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, ag eagraíocht Stáit nó ag eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla eile atá formheasta ag na húdaráis inniúla a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla i mBallstát iarrthach eile a bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid ann.
3. Beidh aistriú na n-earraí idir an dá Bhallstát faoi réir fógra a bheith tugtha roimh ré ag eagraíocht charthanachta nó dhaonchairdiúil fhormheasta d’údaráis inniúla an Bhallstáit iarrthaigh a dheonaíonn an faoiseamh ó dhleacht agus an díolúine ó CBL.
4. Faoi réir réamhfhógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit iarrthaigh a dheonaíonn an faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin, féadfaidh eagraíochtaí a thairbhíonn den fhaoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus den díolúine ó CBL i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 na hearraí dá dtagraítear i mír 1, ar earraí iad ar deonaíodh faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó CBL ina leith, a aistriú chuig eagraíochtaí de chuid Stát na hÚcráine nó chuig eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla eile arna bhformheas ag údaráis inniúla na hÚcráine, chun na hearraí a dháileadh saor in aisce ar dhaoine atá i ngátar san Úcráin.
5. Faoi réir Airteagail 75 go 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 52 go 57 de Threoir 2009/132/CE, ligfear earraí isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolmhófar ó CBL iad tráth a n-allmhairithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina n-allmhairítear iad, lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, ag gníomhaireachtaí fóirithinte tubaistí, nó thar a gceann, chun freastal ar a gcuid riachtanas le linn na tréimhse a mbeidh siad ag soláthar faoiseamh tubaistí do dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin.
Airteagal 2
Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn míosúil, ar an gcúigiú lá déag den mhí i ndiaidh na míosa tuairiscithe, faisnéis a thuairisciú chuig an gCoimisiún maidir le cineál, cainníochtaí agus luach na n-earraí a lig siad isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus ó CBL de bhun Airteagal 1.
Faoin 31 Márta 2024, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún:
|
(a) |
liosta de na heagraíochtaí a d’fhormheas na húdaráis inniúla sna Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c); |
|
(b) |
an fhaisnéis chomhdhlúite seo a leanas maidir leis na hearraí a ligeadh isteach saor ó dhleachtanna agus ó CBL de bhun Airteagal 1:
|
|
(c) |
na bearta a glacadh chun a áirithiú go gcomhlíontar Airteagail 78, 79 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 55, 56 agus 57 de Threoir 2009/132/CE agus, de réir mar is iomchuí, bearta bainistithe riosca agus rialaithe custaim arna nglacadh de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), maidir leis na hearraí a thagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo. |
Airteagal 3
Beidh feidhm ag Airteagal 1 maidir le hallmhairithe isteach san Eastóin, sa Fhrainc, sa Laitvia, sa Liotuáin, i Lucsamburg, san Ísiltír, san Ostair, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.
Airteagal 4
Is chuig Poblacht na hEastóine, Poblacht na Fraince, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, an Rómáin agus Poblacht na Slóvaice a dhírítear an Cinneadh seo.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Aibreán 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Paolo GENTILONI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 292, 10.11.2009, lch. 5.
(2) IO L 324, 10.12.2009, lch. 23.
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).
(4) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(5) Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2022/1108 an 1 Iúil 2022 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus le díolúine ó CBL ar allmhairí arna ndeonú i leith earraí atá le tabhairt nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin (IO L 178, 5.7.2022, lch. 57).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
MOLTAÍ
|
19.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 104/30 |
MOLADH Uimh. 1/2021 ÓN gCOMHAIRLE UM CHOMHAR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ASARBAISEÁIN
an 22 Nollaig 2021
maidir le síneadh a chur le Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin don tréimhse 2021-2024 [2023/830]
TÁ AN CHOMHAIRLE UM CHOMHAR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ASARBAISEÁIN,
Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt (1) eile, agus go háirithe Airteagal 81 de,
Ag féachaint do Mholadh Uimh. 1/2018 ón gComhairle um Chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin an 28 Meán Fómhair 2018 maidir le Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile (an “Comhaontú”) an 22 Aibreán 1996 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1999. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 81 den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle um Chomhar moltaí iomchuí a dhéanamh d’fhonn cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 98 den Chomhaontú, tá Páirtithe sa Chomhaontú leis na bearta ginearálta nó sonracha is gá a dhéanamh chun a n-oibleagáidí faoin gComhaontú a chomhlíonadh agus tá siad le féachaint chuige go mbaintear amach na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú. |
|
(4) |
An 28 Meán Fómhair 2018, d’fhormhuinigh an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin le haghaidh na tréimhse 2018-2020. |
|
(5) |
Cuirfidh an tAontas agus an Asarbaiseáin san áireamh go déthaobhach i dTosaíochtaí na Comhpháirtíochta cuspóirí fadtéarmacha agus spriocanna insoláthartha a bheidh le comhaontú eatarthu i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht an Oirthir, lena n-áirítear an comhar sa tsláinte phoiblí a neartú. |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A LEANAS A GHLACADH:
Airteagal 1
Molann an Chomhairle um Chomhar go gcuirfear síneadh le Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin, de réir mar a ghlac an Chomhairle um Chomhar é sa chruinniú a bhí aici an 28 Meán Fómhair 2018, go dtí 2024. Féadfar Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta a nuashonrú nó a shíneadh a thuilleadh trí chomhaontú na Comhairle um Chomhar.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Moladh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle um Chomhar
An tAontas Eorpach
J. BORRELL FONTELLES
Poblacht na hAsarbaiseáine
J. BAYRAMOV
TREOIRLÍNTE
|
19.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 104/32 |
TREOIRLÍNE (AE) 2023/831 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 16 Nollaig 2022
lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 maidir le cur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2022/48)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 3.1, Airteagail 9.2, 12.1, 14.3 agus 18.2 agus an chéad mhír d’Airteagal 20 de,
De bhrí an méid seo a leanas:
|
(1) |
Chun beartas airgeadaíochta aonair a bhaint amach, ní mór na huirlisí, na hionstraimí agus na nósanna imeachta a bheidh le húsáid ag an Eurochóras a shainiú chun beartas den sórt sin a chur chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach ar fud na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. |
|
(2) |
I gcomhréir leis an dara fleasc d’Airteagal 18.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus na bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (dá ngairtear “BCNanna” anseo feasta) oibríochtaí creidmheasa a sheoladh le hinstitiúidí creidmheasa agus le rannpháirtithe eile sa mhargadh, agus na hiasachtaí á mbunú ar bhonn comhthaobhachta leordhóthanaí. |
|
(3) |
D’fhonn leordhóthanacht chomhthaobhacht an Eurochórais a chosaint, tá sócmhainní incháilithe arna bhforscaoileadh mar chomhthaobhacht le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais faoi réir bearta rialaithe riosca sonracha chun an Eurochórais a chosaint ar chaillteanais airgeadais i gcúinsí ina gcaithfear an chomhthaobhacht a réadú mar gheall ar mhainneachtain contrapháirtí. Déantar athbhreithniú rialta ar chreat rialaithe riosca an Eurochórais chun cosaint leordhóthanach a áirithiú. |
|
(4) |
Mar thoradh ar an athbhreithniú rialta ar an gcreat rialaithe riosca le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais, agus ós rud é go bhfuil próifíl riosca na mbannaí reachtacha eile faoi chumhdach agus multi cédulas comhchosúil le próifíl riosca na mbannaí ollmhóra faoi chumhdach, ar 15 Iúil 2022 chinn an Chomhairle Rialaithe gur cheart iad a bheith faoi réir na luachálacha caolchorrlaigh céanna, agus, dá bhrí sin, gur cheart gach banna faoi chumhdach reachtach agus gach multi cédulas a áireamh i gcaolchorrlach chatagóir II. Dá bhrí sin, is rud é nach bhfuil idirdhealú ann a thuilleadh idir bannaí ollmhóra faoi chumhdach agus cineálacha eile bannaí faoi chumhdach reachtacha i gcreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais, ba cheart tagairtí do bhannaí ollmhóra faoi chumhdach a bhaint de Threoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) (1). |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIRLÍNTE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2, scriostar pointe (48); |
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn XII i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoirlíne seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme
1. Tiocfaidh an Treoirlíne seo i bhfeidhm an lá a dthabharfar fógra faoi do BCNanna.
2. Glacfaidh BCNanna na bearta is gá chun an Treoirlíne seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón 29 Meitheamh 2023. Cuirfidh siad na téacsanna agus na meáin a bhaineann leis na bearta sin in iúl don BCE 17 Feabhra 2023 ar a dhéanaí.
Airteagal 3
Seolaithe
Dírítear an Treoirlíne seo ar gach banc ceannais an Eurochórais.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 16 Nollaig 2022.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme (Treoirlíne maidir le Doiciméadacht Ghinearálta) (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn XII de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60), cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn VI:
“VI. SAMPLA 6: BEARTA RIALAITHE RIOSCA
|
1. |
Léiríonn an sampla seo an creat rialaithe riosca a chuirtear i bhfeidhm ar shócmhainní a shlógtar mar chomhthaobhacht in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais. Tá sé bunaithe ar an toimhde, agus an gá le glao ar éarlaisí á ríomh, go gcuirtear ús fabhraithe ar an leachtacht a sholáthraítear san áireamh agus go gcuirtear pointe truicir de 0,5 % den leachtacht a sholáthraítear i bhfeidhm. Tá an sampla bunaithe ar an toimhde go nglacann contrapháirtí páirt sna hoibríochtaí beartais airgeadaíochta Eurochórais seo a leanas:
|
|
2. |
Sonraítear tréithe na sócmhainní indíolta a úsáideann an contrapháirtí chun na hoibríochtaí seo a chumhdach i dTábla 1.
Tábla 1 Sócmhainní indíolta a shlógtar sna hidirbhearta Saintréithe
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
CÓRAS COMHARTHAITHE
Ar dtús, glactar leis go ndéantar na hidirbhearta le banc ceannais náisiúnta (BCN) ag baint úsáide as córas ina bhfuil sócmhainní bunúsacha curtha in áirithe do gach idirbheart. Déantar luacháil na sócmhainní a shlógadh mar chomhthaobhacht ar bhonn laethúil. Féadtar cur síos a dhéanamh ar an gcreat rialaithe riosca mar seo a leanas (féach Tábla 2 thíos freisin):
|
1. |
An 21 Meán Fómhair 2022, déanann an contrapháirtí idirbheart iasachta comhthaobhaithe leis an BCN, a fhaigheann EUR 50,6 milliún de Shócmhainn A. Is éard atá i Sócmhainn A ná banna faoi chumhdach a bhfuil cúpón seasta ag aibiú an 21 Nollaig 2026 aige agus arna leithdháileadh ar chreidmheas céim cáilíochta 1-2. Mar sin tá aibíocht iarmharach ceithre bliana aige, agus dá bhrí sin teastaíonn caolchorrlach luachála de 2,5 %. Is é praghas margaidh Sócmhainn A ar a mhargadh tagartha an lá sin ná 101,61 %, lena n-áirítear an t-ús fabhraithe ar an gcúpón. Ceanglaítear ar an gcontrapháirtí méid Sócmhainne A a sholáthar, a sháraíonn an méid leithroinnte de EUR 50 milliún, tar éis an caolchorrlach luachála de 2,5 % a asbhaint. Dá bhrí sin seachadann an contrapháirtí Sócmhainn A ar mhéid ainmniúil EUR 50,6 milliún, agus is ionann margadhluach coigeartaithe i gcás caolchorrlaigh agus EUR 50 129 294 an lá sin. |
|
2. |
An 22 Meán Fómhair 2022, déanann an contrapháirtí idirbheart athcheannaigh leis an BCN, a cheannaíonn EUR 21 milliún de Shócmhainn A (praghas margaidh 101,21 %, caolchorrlach luachála 2,5 %) agus EUR 25 milliún de Shócmhainn B (praghas margaidh 98,62 %). Is banna rialtais láir é Sócmhainn B le híocaíochtaí cúpón ar ráta athraitheach agus cionroinnte ar chéim 1-2 ar cháilíocht chreidmheasa, a gcuirtear caolchorrlach luachála de 1,5 % i bhfeidhm air. Is ionann margadhluach Sócmhainn A agus Sócmhainn B arna gcoigeartú ag caolchorrlachan an lá sin agus EUR 45 007 923, agus mar sin tá sé níos mó ná an méid riachtanach EUR 45 000 000. |
|
3. |
An 22 Meán Fómhair 2022, déantar athluacháil ar na sócmhainní atá mar bhunús leis an bpríomhoibríocht athmhaoinithe a tionscnaíodh an 21 Meán Fómhair 2022. Le praghas margaidh de 101,21 %, tá luach margaidh Sócmhainn A arna choigeartú ag caolchorrlach fós laistigh de na méideanna truicir is ísle agus is airde. Dá bhrí sin, meastar dá bhrí sin go bhfreastalaíonn an chomhthaobhacht a shlógadh i dtosach ar an méid tosaigh leachtachta a cuireadh ar fáil agus ar an ús fabhraithe arb ionann é agus EUR 1 736. |
|
4. |
An 23 Meán Fómhair 2022, athluacháiltear na bunsócmhainní: is ionann praghas margaidh Sócmhainn A agus 99,50 % agus is ionann praghas margaidh Sócmhainn B agus 97,95 %. Is ionann ús fabhraithe agus EUR 3 472 ar an bpríomhoibríocht athmhaoinithe a tionscnaíodh an 21 Meán Fómhair 2022 agus EUR 1 563 ar an oibríocht athmhaoinithe níos fadtéarmaí a tionscnaíodh an 22 Meán Fómhair 2022. Mar thoradh air sin, titeann margadhluach coigeartaithe i gcás caolchorrlaigh Sócmhainn A sa chéad idirbheart faoi mhéid an idirbhirt atá le cumhdach, i.e. an leachtacht arna soláthar móide an t-ús fabhraithe, le EUR 915 147, ach faoi bhun an leibhéil truicir níos ísle de EUR 49 753 455.
Seachadann an contrapháirtí EUR 950 000 de Shócmhainn A i dtéarmaí luacha ainmniúla, rud a dhéanann, tar éis caolchorrlach de 2,5 % a asbhaint ón luach margaidh bunaithe ar phraghas 99,50 %, cumhdach comhthaobhachta leordhóthanach a athbhunú. Féadfaidh BCNanna glaonna ar éarlaisí a dhéanamh in airgead tirim seachas in urrúis. Tá gá le glao ar éarlaisí freisin don dara idirbheart ós rud é go bhfuil margadhluach coigeartaithe i gcás caolchorrlaigh na mbunsócmhainní a úsáidtear san idirbheart seo (EUR 44 492 813) faoi bhun an leibhéil truicir is ísle (EUR 44 776 555). Mar sin soláthraíonn an contrapháirtí EUR 550 000 de Shócmhainn B ar margadhluach arna choigeartú ag caolchorrlach de EUR 530 644. |
|
5. |
An 26 Meán Fómhair 2022, déantar na sócmhainní bunúsacha a athluacháil, gan aon ghlaoch ar éarlaisí, a bheith mar thoradh ar na hidirbhearta a rinneadh an 21 agus an 22 Meán Fómhair 2022.
An 27 Meán Fómhair 2022 nochtann athluacháil na sócmhainní atá mar bhunús leis an oibríocht athmhaoinithe fhadtéarmach a tionscnaíodh an 22 Meán Fómhair 2022 go sáraíonn luach margaidh coigeartaithe na sócmhainní a sholáthraítear an leibhéal spreagthaigh uachtarach agus go dtugann an BCN EUR 300 000 de Shócmhainn B ar ais i luach ainmniúil don chontrapháirtí. Dá gcaithfeadh an BCN corrlach a íoc leis an gcontrapháirtí i ndáil leis an dara idirbheart, d’fhéadfaí corrlach den sórt sin a ghlanadh amach i gcásanna áirithe leis an gcorrlach a d’íoc an contrapháirtí leis an BCN i ndáil leis an gcéad idirbheart. Mar thoradh air sin, ní bheadh ann ach socrú corrlaigh amháin. |
|
6. |
An 28 Meán Fómhair 2022, aisíocann an contrapháirtí an leachtacht a cuireadh ar fáil faoin bpríomhoibríocht athmhaointhe a tionscnaíodh an 21 Meán Fómhair 2022, lena n-áirítear leas fabhraithe EUR 12 153. Tugann an BCN EUR 51 550 000 de Shócmhainn A ar ais i luach ainmniúil.
An lá céanna déanann an contrapháirtí idirbheart iasachta comhthaobhaithe nua leis an BCN, a cheannaíonn EUR 72,5 milliún de Shócmhainn C i dtéarmaí luacha ainmniúla. Ós rud é gur banna corparáideach cúpóin nialasaigh é Sócmhainn C le haibíocht iarmharach 12 mbliana agus arna leithdháileadh ar chéim 1-2 ar cháilíocht chreidmheasa, a bhfuil gá le caolchorrlach luachála de 10 %, is ionann an luach margaidh comhfhreagrach atá coigeartaithe le caolchorrlach an lá sin agus EUR 35 045 775. |
CÓRAS COMHTHIOMSAITHE
Ar an dara dul síos, glactar leis go ndéantar na hidirbhearta le BCN ag baint úsáide as córas comhthiomsaithe i gcás nach bhfuil sócmhainní a áirítear sa chomhthiomsú sócmhainní a úsáideann an contrapháirtí curtha in áirithe d’idirbhearta ar leith:
|
1. |
Úsáidtear an t-ord céanna idirbheart sa sampla seo agus atá sa sampla thuas ina léirítear córas comharthaithe. Is í an phríomhdhifríocht ná, ar na dátaí athluachála, nach mór do margadhluach arna choigeartú ag caolchorrlach na sócmhainní go léir sa chomhthiomsú méid iomlán oibríochtaí uile an chontrapháirtí leis an BCN a chumhdach. Tá an glao ar éarlaisí de EUR 1 423 897 a tharla an 23 Meán Fómhair 2022 comhionann sa sampla seo leis an gceann a éilítear i gcás an chórais chomharthaithe. Seachadann an contrapháirtí EUR 1 500 000 de Shócmhainn A i dtéarmaí luacha ainmniúla, rud a dhéanann, tar éis caolchorrlach de 2,5 % a asbhaint ón luach margaidh bunaithe ar phraghas 99,50 %, cumhdach comhthaobhachta leordhóthanach a athbhunú. |
|
2. |
Thairis sin, an 28 Meán Fómhair 2022, nuair a aibíonn an phríomhoibríocht athmhaoinithe a rinneadh an 21 Meán Fómhair 2022, féadfaidh an contrapháirtí na sócmhainní a choinneáil ar a chuntas comhthiomsaithe. Féadtar sócmhainn a mhalartú freisin ar shócmhainn eile mar a thaispeántar sa sampla, nuair a chuirtear EUR 72,5 milliún de Shócmhainn C i luach ainmniúil in ionad EUR 52,1 milliún de Shócmhainn A chun an leachtacht a sholáthraítear agus an t-ús fabhraithe a chumhdach faoi gach oibríocht athmhaoinithe. |
|
3. |
Déantar cur síos ar an gcreat rialaithe riosca sa chóras comhthiomsaithe i dTábla 3.
Tábla 2 Córas Comharthaithe
Tábla 3 Córas Comhthiomsaithe
|
(*1) Freagraíonn na praghsanna a thaispeántar do dháta luachála ar leith don phraghas is ionadaí ar an lá gnó roimh an dáta luachála seo.
(1) I gcóras comhthiomsaithe, is ionann an méid truicir is ísle agus an tairseach is ísle le haghaidh glaonna ar éarlaisí. Go praiticiúil teastaíonn comhthaobhacht bhreise ón gcuid is mó de na BCNanna aon uair a thiteann luach margaidh coigeartaithe caolchorrlaigh den chomhthiomsú comhthaobhachta faoi bhun an mhéid iomláin atá le cumhdach.
(2) I gcóras comhthiomsaithe, níl an coincheap de mhéid truicir uachtarach ábhartha, ós rud é go ndíreoidh an contrapháirtí i gcónaí ar mhéid níos nó ná an chomhthaobhacht a sholáthraítear d’fhonn idirbhearta oibríochta a íoslaghdú.”
|
19.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 104/40 |
TREOIRLÍNE (AE) 2023/832 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 16 Nollaig 2022
lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2016/65 maidir leis na caolchorrlaigh luachála a chuirtear i bhfeidhm i gcur chun feidhme chreat bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2015/35) (BCE/2022/49)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 3.1, Airteagail 9.2, 12.1, 14.3, 18.2 agus an chéad mhír d’Airteagal 20 de,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 18.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (dá ngairtear an “Reacht an CEBC” anseo feasta), féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach (BCE), mar aon le bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (dá ngairtear na “BCNanna” anseo feasta) oibríochtaí creidmheasa a sheoladh le hinstitiúidí creidmheasa agus le rannpháirtithe eile sa mhargadh, agus na hiasachtaí á mbunú ar bhonn comhthaobhachta leordhóthanaí. Leagtar síos na coinníollacha ginearálta faoina mbeidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta ullamh chun dul i mbun oibríochtaí creidmheasa, lena n-áirítear na critéir lena gcinntear incháilitheacht na comhthaobhachta chun críocha oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais i dTreoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) (1). |
|
(2) |
Tá gach sócmhainn incháilithe le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais faoi réir bearta rialaithe riosca sonracha chun an Eurochórais a chosaint ar chaillteanais airgeadais i gcúinsí ina gcaithfear an chomhthaobhacht a réadú mar gheall ar mhainneachtain contrapháirtí. Déantar athbhreithniú rialta ar chreat rialaithe riosca an Eurochórais chun cosaint leordhóthanach a áirithiú. Mar thoradh ar an athbhreithniú rialta sin, chinn an Chomhairle Rialaithe an 15 Iúil 2022 athruithe áirithe a thabhairt isteach ar an gcreat rialaithe riosca. |
|
(3) |
Chinn an Chomhairle Rialaithe deireadh breise a chur de réir a chéile leis an laghdú sealadach ar chaolchorrlaigh luachála a cinneadh mar chuid de na bearta sealadacha um maolú comhthaobhachta a rinne an Eurochóras mar fhreagairt ar na cúinsí eisceachtúla eacnamaíocha agus airgeadais a bhaineann le leathadh ghalar an choróinvíris (COVID-19). Is é sin an dara céim de chéimniú amach de réir a chéile a chinn an Chomhairle Rialaithe an 23 Márta 2022, lena dtabharfar deireadh leis an gcéimniú amach na caolchorrlaigh luachála. |
|
(4) |
Ós rud é go bhfuil próifíl riosca na mbannaí reachtacha eile faoi chumhdach agus na n-ilchandaí cosúil le próifíl riosca na mbannaí faoi chumhdach ollmhóra, chinn an Chomhairle Rialaithe freisin gur cheart iad a bheith faoi réir na luachálacha caolchorrlaigh céanna, agus, dá bhrí sin, gur cheart na bannaí faoi chumhdach reachtacha agus na hilchandaí go léir a áireamh i gcaolchorrlach chatagóir II agus gur cheart tagairtí do bhannaí faoi chumhdach ollmhóra a bhaint de Threoirlíne (AE) 2016/65 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2015/35) (2). |
|
(5) |
Ina theannta sin, chinn an Chomhairle Rialaithe leithdháileadh na n-ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag an Aontas Eorpach a athrú ó chatagóir caolchorrlaigh II go catagóir caolchorrlaigh I, i bhfianaise a n-inchomparáideacht le hionstraimí fiachais sa chatagóir deiridh sin i dtéarmaí praghsála chomh maith le riosca margaidh agus leachtachta, agus iad ag rialú rátáil chreidmheasa nó aibíocht iarmhair ionstraime. Tá sé sin i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe riosca maidir le cosaint, comhsheasmhacht, simplíocht agus trédhearcacht atá mar bhonn agus mar thaca ag dearadh chreat comhthaobhachta an Eurochórais, lena n-áirítear caolchorrlaigh luachála. |
|
(6) |
Chun go bhféadfaí na rioscaí a bhaineann le hionstraimí aibíochta fada a láimhseáil ar bhealach níos gráinní agus níos mó, agus ar an gcaoi sin cumhdach riosca an sceidil caolchorrlaigh a fheabhsú, cinneadh catagóir na n-ionstraimí a roinnt leis an aibíocht iarmhair is faide, (i.e. níos mó ná deich mbliana ([10, ∞)) i dtrí chatagóir nua, idir deich mbliana agus cúig bliana déag ([10, 15)), idir cúig bliana déag agus tríocha bliain ([15, 30)) agus tríocha bliain nó níos mó ([30,∞)). Leis an gcinneadh sin, in éineacht leis an gcinneadh maidir le marcáil luachála theoiriciúil atá spleách ar aibíocht a chur i bhfeidhm, tá sé beartaithe freisin feabhas a chur ar ghráinneacht chumhdach riosca na luachála teoiriciúla sin, rud atá ábhartha go háirithe d’ionstraimí a bhfuil aibíochtaí níos faide acu. |
|
(7) |
Measadh freisin gur ghá an sainmhíniú ar aibíocht iarmhair le haghaidh bannaí faoi chumhdach féinúsáide a shonrú agus a choigeartú tuilleadh, agus idirdhealú á dhéanamh idir iad siúd a bhfuil struchtúr piléar bog acu, agus iad siúd a bhfuil struchtúr pas tríd coinníollach acu, chun méadú gan údar (i.e. nach bhfuil údar cuí leis de bharr comaoineacha riosca) a sheachaint sna caolchorrlaigh luachála a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gceann deireanach, mar thoradh ar dheighilt chatagóir na n-ionstraimí fiachais le haibíocht fhada i dtrí chatagóir ar leith. |
|
(8) |
Thairis sin, chinn an Chomhairle Rialaithe, sa chreat comhthaobhachta buan agus sealadach araon, an miondealú luachála teoiriciúil cothrom 5 % is infheidhme maidir le sócmhainní indíolta i gcomhréir le hAirteagal 134 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) a ionadú le sceideal marcála céimnithe aibíochta, do na sócmhainní indíolta go léir a bhfuil luach teoiriciúil orthu seachas iad siúd a thagann faoi chatagóir caolchorrlaigh I. Is é is cúis leis sin comhthaobhacht an Eorachórais a chosaint ar bhealach níos mionsonraithe ar rioscaí samhaltaithe a eascraíonn as luacháil theoiriciúil ar shócmhainní indíolta. |
|
(9) |
Thairis sin, d’fhonn na rioscaí a bhaineann le sócmhainní indíolta le cúpóin chomhlúthacha a léiriú go leordhóthanach, agus d’fhonn cosaint riosca an Eorachórais a fheabhsú, cinneadh aicmiú caolchorrlaigh na sócmhainní indíolta a ailíniú le cúpón seasta agus iad siúd a bhfuil cúpón comhlúthach acu mar gur léirigh siad leibhéil inchomparáide den riosca iomlán. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2016/65 (BCE/2015/35) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREORLÍNE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Treoirlíne (AE) 2016/65 (BCE/2015/35) mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a), (b) agus (c):
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: “Airteagal 3 Caolchorrlaigh luachála do shócmhainní indíolta 1. Cinnfear na caolchorrlaigh luachála do shócmhainní indíolta a chionroinntear ar chatagóirí caolchorrlaigh I go IV bunaithe ar:
2. Maidir le sócmhainní indíolta a chionroinntear ar chatagóirí caolchorrlaigh I go IV, beidh an caolchorrlach luachála is infheidhme ag brath ar aibíocht iarmharach agus struchtúr cúpóin na sócmhainne (seasta, comhlúthach nó nialas) mar a chinntear bunaithe ar Tábla 2 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoirlíne seo. Is í aibíocht iarmharach na sócmhainne an aibíocht ábhartha chun an caolchorrlach luachála atá le cur i bhfeidhm a chinneadh, beag beann ar an gcineál struchtúir chúpóin. 2a. Braithfidh cinneadh na haibíochta iarmhair le haghaidh bannaí faoi chumhdach féinúsáide ar cé acu atá nó nach bhfuil struchtúr piléar bog nó struchtúr pas trí bhealach coinníollach ag na bannaí faoi chumhdach féinúsáide, mar a leanas:
Chun críocha na míre 2s seo, ciallóidh ‘féinúsáid’ aighneacht nó úsáid ag contrapháirtí bannaí faoi chumhdach a eisíonn nó a ráthaíonn an contrapháirtí é féin nó aon eintiteas eile a bhfuil dlúthnaisc ag an gcontrapháirtí sin leis mar a chinntear de réir Airteagal 138 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60). 3. Maidir le sócmhainní indíolta a chionroinntear ar chatagóir chaolchorrlaigh V, beag beann ar a struchtúr cúpóin, cinnfear na caolchorrlaigh luachála bunaithe ar mheánré ualaithe na sócmhainne mar a shonraítear i míreanna 4 agus 5. Tá na caolchorrlaigh luachála is infheidhme maidir le sócmhainní indíolta i gcatagóir V leagtha síos i dTábla 2a san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoirlíne seo. 4. Measfar gurb é meánré ualaithe an tráinse sinsearaigh d’urrús de bhun sócmhainne an meán-am ualaithe ionchais a mheasfar a bheith fágtha go dtí go mbeidh aisíocaíocht déanta don tráinse sin. Maidir le hurrúis de bhun sócmhainní a dhéantar a slógadh agus a choinneáil, glacfar leis, trí ríomh na meánré ualaithe nach bhfeidhmeofar roghanna glaonna eisitheora. 5. Chun críocha mhír 4, ciallóidh ‘urrúis de bhun sócmhainní a dhéantar a slógadh agus a choinneáil’ urrúis de bhun sócmhainní a úsáidtear i gcéatadán de níos mó ná 75 % den mhéid ainmniúil gan íoc ag contrapháirtí a thionscain an t-urrús de bhun sócmhainne nó ag eintitis a bhfuil dlúthnasc acu leis an tionscnóir. Cinnfear na dlúthnaisc sin de réir Airteagal 138 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60).” |
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: “Airteagal 4 Caolchorrlaigh luachála breise curtha i bhfeidhm ar chineálacha sonracha de shócmhainní indíolta De bhreis ar na caolchorrlaigh luachála atá leagtha síos in Airteagal 3 den Treoirlíne seo, beidh feidhm ag na caolchorrlaigh luachála breise seo a leanas maidir le cineálacha sonracha sócmhainní indíolta:
|
|
(4) |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Beidh ionstraimí fiachais miondíola neamh-indíolta le taca morgáistí faoi réir caolchorrlaigh luachála de 31,5 %.” |
|
(5) |
cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoirlíne seo in ionad na hIarscríbinne. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme
1. Tiocfaidh an Treoirlíne seo i bhfeidhm an lá a thabharfar fógra do na BCNanna.
2. Glacfaidh BCNanna na bearta is gá chun an Treoirlíne seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón 29 Meitheamh 2023. Cuirfidh siad na téacsanna agus na meáin a bhaineann leis na bearta sin in iúl don BCE faoin 17 Feabhra 2023 ar a dhéanaí.
Airteagal 3
Seolaithe
Dírítear an Treoirlíne seo chuig na BCNanna.
Arna dhéanamh ag Frankfurt am Main, an 16 Nollaig 2022.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme (Treoirlíne maidir le Doiciméid Ghinearálta) (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3).
(2) Treoirlíne (AE) 2016/65 ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Samhain 2015 maidir leis na caolchorrlaigh luachála a chuirtear i bhfeidhm i gcur chun feidhme chreat bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2015/35) (IO L 14, 21.1.2016, lch. 30).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2016/65 (BCE/2015/35):
“IARSCRÍBHINN
Tábla 1
Catagóirí caolchorrlaigh do shócmhainní indíolta incháilithe bunaithe ar an gcineál eisitheora agus/nó an cineál sócmhainne
|
Catagóir I |
Catagóir II |
Catagóir III |
Catagóir IV |
Catagóir V |
|
ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir Ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag an Aontas Eorpach Deimhnithe fiachais BCE Deimhnithe fiachais arna n-eisiúint ag bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) roimh dháta glactha an euro ina mBallstát faoi |
Ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag rialtais áitiúla agus réigiúnacha Ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag eintitis (institiúidí creidmheasa nó institiúidí neamh-chreidmheasa) arna n-aicmiú ag an Eurosystem mar ghníomhaireachtaí agus a chomhlíonann na critéir chainníochtúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn XIIa a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) Ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta seachas an tAontas Eorpach Bannaí faoi chumhdach reachtacha Multi cédulas |
Ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag corparáidí neamhairgeadais, corparáidí in earnáil an rialtais agus gníomhaireachtaí ar institiúidí neamh-chreidmheasa iad nach gcomhlíonann na critéir chainníochtúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn XIIa a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) |
Ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag corparáidí neamhairgeadais, corparáidí in earnáil an rialtais agus gníomhaireachtaí ar institiúidí neamh-chreidmheasa iad nach gcomhlíonann na critéir chainníochtúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn XIIa a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) Ionstraimí fiachais neamhurraithe arna n-eisiúint ag corparáidí airgeadais seachas institiúidí creidmheasa |
Urrúis de bhun sócmhainní |
Tábla 2
Leibhéil chaolchorrlaigh luachála curtha i bhfeidhm ar shócmhainní indíolta incháilithe i gcatagóirí caolchorrlaigh I go IV
|
(i %) |
|||||||||
|
|
Catagóirí chaolchorrlaigh |
||||||||
|
Cáilíocht chreidmheasa |
Aibíocht iarmharach (blianta) ((*)) |
Catagóir I |
Catagóir II |
Catagóir III |
Catagóir IV |
||||
|
cúpón seasta agus comhlúthach |
cúpón nialasach |
cúpón seasta agus comhlúthach |
cúpón nialasach |
cúpón seasta agus comhlúthach |
cúpón nialasach |
cúpón seasta agus comhlúthach |
cúpón nialasach |
||
|
Céimeanna 1 agus 2 |
[0 , 1 ) |
0,5 |
0,5 |
1,0 |
1,0 |
1,0 |
1,0 |
7,5 |
7,5 |
|
[1 , 3 ) |
1,0 |
2,0 |
1,5 |
2,5 |
2,0 |
3,0 |
10,0 |
11,5 |
|
|
[3 , 5 ) |
1,5 |
2,5 |
2,5 |
3,5 |
3,0 |
4,5 |
12,0 |
13,0 |
|
|
[5 , 7 ) |
2,0 |
3,0 |
3,5 |
4,5 |
4,5 |
6,0 |
14,0 |
15,0 |
|
|
[7 , 10 ) |
3,0 |
4,0 |
4,5 |
6,5 |
6,0 |
8,0 |
16,0 |
17,5 |
|
|
[10 , 15 ) |
4,0 |
5,0 |
6,5 |
8,5 |
7,5 |
10,0 |
18,0 |
22,5 |
|
|
[15 , 30 ) |
5,0 |
6,0 |
8,0 |
11,5 |
9,0 |
13,0 |
21,0 |
25,0 |
|
|
[30 , ∞) |
6,0 |
9,0 |
10,0 |
13,0 |
11,0 |
16,0 |
24,0 |
31,5 |
|
|
|
Catagóirí chaolchorrlaigh |
||||||||
|
Cáilíocht chreidmheasa |
Aibíocht iarmharach (blianta) |
Catagóir I |
Catagóir II |
Catagóir III |
Catagóir IV |
||||
|
cúpón seasta agus comhlúthach |
cúpón nialasach |
cúpón seasta agus comhlúthach |
cúpón nialasach |
cúpón seasta agus comhlúthach |
cúpón nialasach |
cúpón seasta agus comhlúthach |
cúpón nialasach |
||
|
Céim 3 |
[0 , 1 ) |
5,0 |
5,0 |
5,5 |
5,5 |
6,5 |
6,5 |
11,5 |
11,5 |
|
[1 , 3 ) |
6,0 |
7,0 |
7,5 |
10,5 |
9,5 |
12,0 |
18,5 |
20,0 |
|
|
[3 , 5 ) |
8,5 |
10,0 |
11,0 |
16,0 |
13,0 |
18,0 |
23,0 |
27,0 |
|
|
[5 , 7 ) |
10,0 |
11,5 |
12,5 |
17,0 |
15,0 |
21,5 |
25,5 |
29,5 |
|
|
[7 , 10 ) |
11,5 |
13,0 |
14,0 |
21,0 |
17,0 |
23,5 |
26,5 |
31,5 |
|
|
[10 , 15 ) |
12,5 |
14,0 |
17,0 |
25,5 |
19,5 |
28,0 |
28,5 |
35,0 |
|
|
[15 , 30 ) |
13,5 |
15,0 |
20,0 |
28,5 |
22,0 |
31,0 |
31,5 |
39,0 |
|
|
[30 , ∞) |
14,0 |
17,0 |
22,0 |
32,5 |
25,0 |
35,5 |
34,5 |
43,0 |
|
Tábla 2a
Leibhéil chaolchorrlaigh luachála curtha i bhfeidhm ar shócmhainní indíolta incháilithe i gcatagóir chaolchorrlaigh V
|
(i %) |
||
|
|
|
Catagóir V |
|
Cáilíocht chreidmheasa |
Meánré Ualaithe ((*)) |
Caolchorrlach luachála |
|
Céimeanna 1 agus 2 |
[0 , 1 ) |
4,0 |
|
[1 , 3 ) |
5,0 |
|
|
[3 , 5 ) |
7,0 |
|
|
[5 , 7 ) |
9,0 |
|
|
[7 , 10 ) |
12,0 |
|
|
[10 , 15 ) |
18,0 |
|
|
[15 , 30 ) |
20,0 |
|
|
[30 , ∞) |
22,0 |
|
Tábla 3
Leibhéil chaolchorrlaigh luachála curtha i bhfeidhm ar éilimh chreidmheasa incháilithe
|
(i %) |
|||
|
Cáilíocht chreidmheasa |
Aibíocht iarmharach (blianta) ((*)) |
Íocaíocht úis sheasta |
Íocaíocht úis chomhlúthaigh |
|
Céimeanna 1 agus 2 |
[0 , 1 ) |
8,0 |
8,0 |
|
[1 , 3 ) |
11,5 |
8,0 |
|
|
[3 , 5 ) |
15,0 |
8,0 |
|
|
[5 , 7 ) |
20,0 |
11,5 |
|
|
[7 , 10 ) |
26,0 |
15,0 |
|
|
[10 , 15 ) |
33,0 |
20,0 |
|
|
[15 , 30 ) |
38,0 |
26,0 |
|
|
[30 , ∞) |
40,0 |
33,0 |
|
|
Céim 3 |
[0 , 1 ) |
16,0 |
16,0 |
|
[1 , 3 ) |
25,0 |
16,0 |
|
|
[3 , 5 ) |
35,0 |
16,0 |
|
|
[5 , 7 ) |
42,0 |
25,0 |
|
|
[7 , 10 ) |
46,0 |
35,0 |
|
|
[10 , 15 ) |
48,0 |
42,0 |
|
|
[15 , 30 ) |
50,0 |
46,0 |
|
|
[30 , ∞) |
52,0 |
48,0 |
|
Tábla 4
Leibhéil mharcála luachála a chuirtear i bhfeidhm ar shócmhainní indíolta i gcatagóirí caolchorrlaigh II go V a luacháiltear go teoiriciúil
|
(i %) |
|
|
Aibíocht iarmhair/Meánshaol ualaithe (WAL) (blianta) ((*)) |
Marcáil na luachála |
|
[0 , 1 ) |
1,5 |
|
[1 , 3 ) |
2,5 |
|
[3 , 5 ) |
3,0 |
|
[5 , 7 ) |
3,5 |
|
[7 , 10 ) |
4,5 |
|
[10 , 15 ) |
6,0 |
|
[15 , 30 ) |
8,0 |
|
[30 , ∞) |
13,0 |
((*)) i.e. [0,1) aibíocht iarmharach níos lú ná bliain amháin, [1,3) aibíocht iarmharach cothrom le nó níos mó ná bliain amháin agus níos lú ná trí bliana, etc.
((*)) i.e. [0,1) WAL níos lú ná bliain amháin, [1,3) WAL cothrom le nó níos mó ná bliain amháin agus níos lú ná trí bliana, etc.
((*)) i.e. [0,1) aibíocht iarmharach níos lú ná bliain amháin, [1,3) aibíocht iarmharach cothrom le nó níos mó ná bliain amháin agus níos lú ná trí bliana,
((*)) i.e. [0,1) aibíocht iarmharach níos lú ná bliain amháin, [1,3) aibíocht iarmharach cothrom le nó níos mó ná bliain amháin agus níos lú ná trí bliana, etc.
|
19.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 104/48 |
TREOIRLÍNE (AE) 2023/833 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 16 Nollaig 2022
lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/31 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoinithe an Eurochórais agus le hincháilitheacht comhthaobhachta (BCE/2022/50)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 3.1, agus Airteagail 12.1, 14.3 agus 18.2 de,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 18.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus bainc cheannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra iontu (dá ngairtear “BCNanna” anseo feasta), oibríochtaí creidmheasa a sheoladh le hinstitiúidí creidmheasa agus le rannpháirtithe eile sa mhargadh chun cuspóirí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais a bhaint amach, oibríochtaí ina mbeidh an chomhthaobhacht leordhóthanach ina bonn faoin iasachtú. Leagtar síos na coinníollacha ginearálta faoina mbeidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta ullamh chun dul i mbun oibríochtaí creidmheasa, lena n-áirítear na critéir lena gcinntear incháilitheacht na comhthaobhachta chun críocha oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais i dTreoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) (1). |
|
(2) |
Tá gach sócmhainn incháilithe le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais faoi réir bearta rialaithe riosca sonracha chun an Eurochórais a chosaint ar chaillteanais airgeadais i gcúinsí ina gcaithfear an chomhthaobhacht a réadú mar gheall ar mhainneachtain contrapháirtí. Déantar athbhreithniú rialta ar chreat rialaithe riosca an Eurochórais chun cosaint leordhóthanach a áirithiú. Mar thoradh ar an athbhreithniú rialta sin, chinn an Chomhairle Rialaithe an 15 Iúil 2022 athruithe áirithe a thabhairt isteach ar an gcreat rialaithe riosca. |
|
(3) |
Chinn an Chomhairle Rialaithe deireadh breise a chur de réir a chéile leis an laghdú sealadach ar chaolchorrlaigh luachála a cinneadh mar chuid de na bearta sealadacha um maolú comhthaobhachta a rinne an Eurochóras mar fhreagairt ar na cúinsí eisceachtúla eacnamaíocha agus airgeadais a bhaineann le leathadh ghalar an choróinvíris (COVID-19). Is é sin an dara céim de chéimniú amach de réir a chéile a chinn an Chomhairle Rialaithe an 23 Márta 2022, lena dtabharfar deireadh leis an gcéimniú amach na caolchorrlaigh luachála. |
|
(4) |
Chun go bhféadfaí na rioscaí a bhaineann le hionstraimí aibíochta fada a láimhseáil ar bhealach níos gráinní agus níos mó, agus ar an gcaoi sin cumhdach riosca an sceidil caolchorrlaigh a fheabhsú, cinneadh catagóir na n-ionstraimí a roinnt leis an aibíocht iarmhair is faide, (i.e. níos mó ná deich mbliana ([10, ∞)) i dtrí chatagóir nua, idir deich mbliana agus cúig bliana déag ([10, 15)), idir cúig bliana déag agus tríocha bliain ([15, 30)) agus tríocha bliain nó níos mó ([30,∞)). Leis an gcinneadh sin, in éineacht leis an gcinneadh maidir le marcáil luachála theoiriciúil atá spleách ar aibíocht a chur i bhfeidhm, tá sé beartaithe freisin feabhas a chur ar ghráinneacht chumhdach riosca na luachála teoiriciúla sin, rud atá ábhartha go háirithe d’ionstraimí a bhfuil aibíochtaí níos faide acu. |
|
(5) |
Thairis sin, chinn an Chomhairle Rialaithe, sa chreat comhthaobhachta buan agus sealadach araon, an miondealú luachála teoiriciúil cothrom 5 % is infheidhme maidir le sócmhainní indíolta i gcomhréir le hAirteagal 134 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) a ionadú le sceideal marcála céimnithe aibíochta, do na sócmhainní indíolta go léir a bhfuil luach teoiriciúil orthu seachas iad siúd a thagann faoi chatagóir caolchorrlaigh I. Is é is cúis leis sin comhthaobhacht an Eorachórais a chosaint ar bhealach níos mionsonraithe ar rioscaí samhaltaithe a eascraíonn as luacháil theoiriciúil ar shócmhainní indíolta. |
|
(6) |
Thairis sin, d’fhonn na rioscaí a bhaineann le sócmhainní indíolta le cúpóin chomhlúthacha a léiriú go leordhóthanach, agus d’fhonn cosaint riosca an Eorachórais a fheabhsú, cinneadh aicmiú caolchorrlaigh na sócmhainní indíolta a ailíniú le cúpón seasta agus iad siúd a bhfuil cúpón comhlúthach acu mar gur léirigh siad leibhéil inchomparáide den riosca iomlán. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne BCE/2014/31 ón mBanc Ceannais Eorpach (2) a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear treoirlíne BCE/2014/31 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an mír seo a leanas isteach: “2b. Beidh ABS, atá incháilithe faoi Airteagal 3(1), a ndéantar luach teoiriciúil orthu de réir na rialacha atá in Airteagal 134 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) faoi réir caolchorrlaigh luachála bhreise i bhfoirm marcála síos luachála; Braithfidh an mharcáil anuas luachála ar mheánré ualaithe na sócmhainne, ar na leibhéil a leagtar amach i dTábla 4 san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2016/65 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2015/35) (*1) |
|
(2) |
Scriostar Airteagal 8b dar teideal “Sócmhainní indíolta áirithe agus eisitheoirí incháilithe an 7 Aibreán 2020 a ligean isteach”; |
|
(3) |
cuirtear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirlíne seo in ionad Iarscríbhinn IIa; |
|
(4) |
cuirtear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoirlíne seo in ionad Iarscríbhinn IIb. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme
1. Tiocfaidh an Treoirlíne seo i bhfeidhm an lá a thabharfar fógra do na BCNanna.
2. Glacfaidh BCNanna na bearta is gá chun an Treoirlíne seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón 29 Meitheamh 2023. Cuirfidh siad na téacsanna agus na meáin a bhaineann leis na bearta sin in iúl don BCE faoin 17 Feabhra 2023 ar a dhéanaí.
Airteagal 3
Seolaithe
Dírítear an Treoirlíne seo ar gach banc ceannais Eurochórais.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 16 Nollaig 2022.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le cur chun feidhme chreat bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (Treoirlíne maidir le Doiciméid Ghinearálta) (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3).
(2) Treoirlíne BCE/2014/31 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Iúil 2014 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoinithe an Eurochórais agus le hincháilitheacht comhthaobhachta agus lena leasaítear Treoirlíne BCE/2007/9 (IO L 240, 13.8.2014, lch. 28).
IARSCRÍBHINN I
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Treoirlíne BCE/2014/31:
“IARSCRÍBHINN IIa
Leibhéil caolchorrlaigh luachála (ina %) a chuirtear i bhfeidhm ar urrúis de bhun sócmhainní (ABS) atá incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Treoirlíne seo
|
Cáilíocht chreidmheasa |
Meánré Ualaithe (*1) |
Caolchorrlach luachála |
|
|
[0,1) |
7,0 |
|
Céim 3 |
[1,3) |
10,0 |
|
|
[3,5) |
13,0 |
|
|
[5,7) |
15,0 |
|
|
[7,10) |
18,0 |
|
|
[10,15) |
27,0 |
|
|
[15,30) |
31,0 |
|
|
[30, ∞) |
33,0 |
(*1) i.e. [0-1) WAL níos lú ná bliain amháin, [1-3) WAL cothrom le nó níos mó ná bliain amháin agus níos lú ná trí bliana, etc.;
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IIb a ghabhann le Treoirlíne BCE/2014/31:
“IARSCRÍBHINN IIb
Leibhéil luachála caolchorrlaigh (in %) a chuirtear i bhfeidhm ar shócmhainní indíolta atá incháilithe faoi Airteagal 8ú den Treoirlíne seo
|
Cáilíocht chreidmheasa |
Aibíocht iarmharach (blianta) (*1) |
Catagóir I |
|
|
Cúpón seasta agus comhlúthach |
cúpón nialasach |
||
|
Céim 4 |
[0,1) |
8,0 |
8,0 |
|
[1,3) |
12,0 |
13,0 |
|
|
[3,5) |
14,0 |
15,0 |
|
|
[5,7) |
15,5 |
17,0 |
|
|
[7,10) |
16,5 |
18,0 |
|
|
[10,15) |
17,0 |
20,0 |
|
|
[15,30) |
19,0 |
22,0 |
|
|
[30, ∞) |
20,0 |
23,0 |
|
|
Céim 5 |
[0,1) |
10,0 |
10,0 |
|
[1,3) |
14,0 |
15,0 |
|
|
[3,5) |
16,5 |
17,5 |
|
|
[5,7) |
18,0 |
19,5 |
|
|
[7,10) |
19,0 |
20,5 |
|
|
[10,15) |
20,0 |
23,0 |
|
|
[15,30) |
21,0 |
24,0 |
|
|
[30, ∞) |
23,0 |
26,0 |
|
(*1) i.e. [0 -1) aibíocht iarmharach níos lú ná bliain amháin, [1 -3) aibíocht iarmharach cothrom le nó níos mó ná bliain amháin agus níos lú ná trí bliana, etc.