ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 94 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
66 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
3.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 94/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/720 ÓN gCOMHAIRLE
an 31 Márta 2023
lena leasaítear Rialacháin áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is féidir leis an Aontas Eorpach bearta sriantacha a fhorchur, lena n-áirítear reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha, in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí ainmnithe. Le Rialacháin ón gComhairle, tugtar éifeacht do na bearta sin. |
(2) |
An 9 Nollaig 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“CSNA”) Rún 2664 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“UNSCR”) (2022). Le mír 1 den Rún sin, tugtar isteach díolúine ó na smachtbhannaí i bhfoirm reo sócmhainní arna fhorchur ag an gComhairle Slándála nó ag a Coistí Smachtbhannaí le haghaidh cúnaimh dhaonnúil agus gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine, díolúine is infheidhme maidir le gníomhaithe áirithe. Chun críocha an Rialacháin seo, tugtar an “díolúine dhaonnúil” ar mhír 1 de UNSCR 2664 (2022). |
(3) |
An 31 Márta 2023, glacadh Cinneadh (CBES) 2023/726 ón gComhairle (1) chun éifeacht a thabhairt do UNSCR 2664 (2022) i ndlí an Aontais. |
(4) |
Cuirtear i dtábhacht le UNSCR 2664 (2022), i gcás ina bhfuil an díolúine dhaonnúil ag teacht salach ar rúin a bhí ann roimhe sin, go ndéanfaidh an díolúine dhaonnúil na rúin a bhí ann roimhe sin a fhorsuíomh mhéid a bhaineann leis an gcoinbhleacht sin. Mar sin féin, soiléirítear le Rún 2664 (2022) go bhfuil mír 1 de UNSCR 2615 (2021) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe fós i bhfeidhm. |
(5) |
Iarrtar le UNSCR 2664 (2022) go ndéanfaidh soláthraithe a bhíonn ag brath ar an díolúine dhaonnúil iarrachtaí réasúnta chun fabhrú aon sochar a thoirmisctear le smachtbhannaí a íoslaghdú, bíodh sé sin mar thoradh ar sholáthar nó atreorú díreach nó indíreach, chuig daoine aonair nó eintitis a liostaítear faoin Rialachán ábhartha, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí straitéisí agus próisis bainistithe riosca agus díchill chuí na soláthraithe a neartú. |
(6) |
Ceanglaítear le UNSCR 2664 (2022) go mbeidh feidhm ag an díolúine dhaonnúil ó na bearta reoite sócmhainní maidir le córas smachtbhannaí 1267/1989/2253 ISIL (Da’esh) agus Al-Qaida ar feadh tréimhse 2 bhliain ón dáta glactha UNSCR 2664 (2022), agus luaitear ann go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur le cur i bhfeidhm UNSCR 2664 (2022) roimh an dáta a rachadh cur i bhfeidhm na díolúine sin in éag murach sin. |
(7) |
Measann an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag an díolúine dhaonnúil ó na bearta reoite sócmhainní de bhun UNSCR 2664 (2022), freisin i gcásanna ina gcinneann an tAontas bearta comhlántacha a ghlacadh maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo sa bhreis ar na bearta sin arna gcinneadh ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó a Choistí Smachtbhannaí. |
(8) |
Tagann na leasuithe faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (CE) Uimh. 881/2002 (2), (CE) Uimh. 1183/2005 (3), (AE) Uimh. 267/2012 (4), (AE) Uimh. 747/2014 (5), (AE) 2015/735 (6), (AE) Uimh. 2016/1686 (7), (AE) Uimh. 2016/44 (8), (AE) Uimh. 2017/1509 ón gComhairle (9) agus Uimh. 2017/1770 (10), agus a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1509 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 34, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “10. ‘Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 3 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Gan dochar d’Airteagal 34(10), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt d’aon ghníomhaíocht a thoirmisctear ar shlí eile le Rúin 1718 (2006), 1874 (2009), 2087 (2013), 2094 (2013), 2270 (2016), 2321 (2016), 2356 (2017), 2371 (2017), 2375 (2017) nó 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe má chinneann an Coiste Smachtbhannaí, ar bhonn cás ar chás, go bhfuil gá leo chun obair eagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha a dhéanann gníomhaíochtaí cúnaimh agus fóirithinte in DPDC a éascú chun tairbhe an phobail shibhialtaigh in DPDC nó chun aon chríche eile atá comhsheasmhach le cuspóirí na Rún sin.” |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37: “Airteagal 37 Gan dochar d’Airteagal 34(10), ní bheidh feidhm ag na toirmisc in Airteagal 34(1) agus (3) maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha ar le ‘Foreign Trade Bank’ nó le ‘Korean National Insurance Company (KNIC)’ iad nó cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chuirtear ar fáil dóibh a mhéid atá na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha sin ceaptha go heisiach chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh in DPDC, nó le haghaidh gníomhaíochtaí cabhrach daonnúla a dhéanann na Náisiúin Aontaithe, nó a dhéantar i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe.”. |
Airteagal 2
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “3. ‘Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4b: “Airteagal 4b 1. Gan dochar d’Airteagal 2(3), de mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn Ia iad a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun críoch daonnúil, mar shampla, cúnamh a sheachadadh nó an seachadadh sin a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis agus bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú nó le haghaidh aslonnuithe as PDC. 2. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi údaruithe a thugtar faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine ón údarú.” |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7b: “Airteagal 7b Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1a, Airteagal 2(1) agus Airteagal 2(2).”. |
Airteagal 3
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 23, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “7. ‘Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
in Airteagal 23a, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “7. ‘Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníómhaithe seo a leanas a thugann an chabhair nó a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41: “Airteagal 41 Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 2a, 2b, 2c, 2d, 3a, 3b, 3c, 3d, 4a, 4b, 5, 10d agus 15a, Airteagal 23(1), Airteagal 23(2), Airteagal 23(3), Airteagal 23(4), Airteagal 23a(1), Airteagal 23a(2), Airteagal 23a(3) agus Airteagal 23a(4).”. |
Airteagal 4
In Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1686, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“3. ‘Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA); |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) fad agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó, |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gComhairle a mhéid a bhaineann le Iarscríbhinn I”. |
Airteagal 5
In Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“5. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA); |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) fad agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó, |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinní I agus Ia.”. |
Airteagal 6
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/44 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “5. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: “Airteagal 10 Gan dochar d’Airteagal 5(5), de mhaolú ar Airteagal 5(1) agus (2), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite ar le daoine, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III iad a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do dhaoine, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, i gcás ina measann siad gur gá sin chun críoch daonnúil, mar shampla cabhair dhaonnúil a sheachadadh agus an seachadadh sin a éascú, ábhair agus soláthairtí is gá le haghaidh riachtanais bhunúsacha shibhialtacha a sheachadadh, lena n-áirítear bia agus ábhair thalmhaíochta lena tháirgeadh, táirgí leighis agus leictreachas a sholáthar, nó le haghaidh aslonnuithe as an Libia. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi údaruithe a thugtar faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.” |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11, mír 1: “1. Gan dochar d’Airteagal 5(5), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn IV, údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar an gcoinníoll:
|
Airteagal 7
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/1770 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “3. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3a, mír 1: “1. Gan dochar d’Airteagal 2, mír 3, de mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2) agus, maidir le duine, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun críoch daonnúil, amhail cúnamh a sheachadadh nó an seachadadh sin a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú nó le haghaidh aslonnuithe as Mailí.’ |
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: “Airteagal 8 Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus Airteagal (2).”. |
Airteagal 8
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2015/735 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: “Airteagal 15 Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 5(1), (2) agus (3).”. |
Airteagal 9
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: “Airteagal 10 Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 5(1), (2) agus (3).”. |
Airteagal 10
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 31 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Féach leathanach 48 den Iris Oifigiúil.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da'esh) agus Al-Qaida (IO L 139, 29.5.2002, lch. 9).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 193, 23.7.2005, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (IO L 88, 24.3.2012, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 an 10 Iúil 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 131/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 1184/2005 (IO L 203, 11.7.2014, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2015/735 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i dtaca leis an staid sa tSúdáin Theas, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 748/2014 (IO L 117, 8.5.2015, lch. 13).
(7) Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise atá dírithe in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo (OJ L 255, 21.9.2016, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO L 12, 19.1.2016, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (IO L 224, 31.8.2017, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 1).
3.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 94/10 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/721 ÓN gCOMHAIRLE
an 31 Márta 2023
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 359/2011. |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (2), chinn an Chomhairle gur cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 13 Aibreán 2024. |
(3) |
Ba cheart an iontráil a bhaineann le duine amháin a ainmnítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 359/2011 a bhaint den Iarscríbhinn sin. Chinn an Chomhairle freisin gur cheart na hiontrálacha a bhaineann le 18 nduine agus le trí eintiteas in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a nuashonrú. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 359/2011 ón gComhairle i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 31 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) IO L 100, 14.4.2011, lch. 1
(2) Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (IO L 100, 14.4.2011, lch. 51).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 (“Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)”) mar a leanas:
(1) |
scriostar iontráil 82 (maidir le SARAFRAZ Mohammad (Dr.)) sa liosta dar ceannteideal “Daoine”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na 18 nduine seo a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrálacha le haghaidh na trí eintiteas seo a leanas:
|
3.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 94/19 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/722 ÓN gCOMHAIRLE
an 31 Márta 2023
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/427 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/427 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 1, pointe (20), de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 25 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/427, lenar leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (2) agus lenar tugadh isteach tuilleadh beart sriantach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí – gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe. Leagtar na heagraíochtaí sin amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/427. De bhun Airteagal 1, pointe (20), de Rialachán (AE) 2023/427, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir glacadh gníomhartha cur chun feidhme ag an gComhairle. |
(2) |
Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 10 Aibreán 2023 i leith na n-eintiteas a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/427, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 10 Aibreán 2023 i leith na n-eintiteas a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/427.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) IO L 59I, 25.2.2023, lch. 6.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).
3.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 94/20 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/723 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Márta 2023
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar chaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (1), agus go háirithe Airteagal 11(b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 liostaítear daoine nádúrtha agus dlítheanacha, comhlachtaí nó eintitis a bhaineann le réimeas an iar-Uachtaráin Saddam Hussein a chumhdaítear le reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha agus le toirmeasc ar chistí nó ar acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil. |
(2) |
An 27 Márta 2023, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe duine nádúrtha amháin a bhaint den liosta daoine agus eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag an reo sócmhainní maidir leo. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Thar ceann an Uachtaráin
Ard-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht
Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle, scriostar an iontráil seo a leanas:
“32. AINM: Amir Hamudi Hassan Al-Sa’di
DÁTA BREITHE/ÁIT BHREITHE: an 5 Aibreán 1938, Bagdad
NÁISIÚNTACHT: An Iaráic
BUNÚS RÚN 1483 Ó CHOMHAIRLE SLÁNDÁLA NA NÁISIÚN AONTAITHE:
Comhairleoir Eolaíochta an Uachtaráin;
Leas-Ionadaí Sinsearach, Eagraíocht an Tionsclaithe Mhíleata, 1988 go 1991;
Iar-Uachtarán, an Cór Teicniúil do Thionscadail Speisialta;
Pasanna: Uimh. 33301/862
Víosa eisithe: an 17 Deireadh Fómhair 1997
In éag: an 1 Deireadh Fómhair 2005
M0003264580
Víosa eisithe: Neamhaithnid
In éag: Neamhaithnid
H0100009
Víosa eisithe: Bealtaine 2001
In éag: Neamhaithnid”
3.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 94/22 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/724 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Márta 2023
lena nglactar le hiarraidh ar stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”),
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (2), agus go háirithe Airteagal 2 de,
De bharr an mhéid seo a leanas,
A. NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM
(1) |
An 13 Bealtaine 2013, trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle (“an Rialachán bunaidh”) (3), d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine a thagann isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an táirge lena mbaineann”). |
(2) |
An 12 Iúil 2019, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de (“an bun-Rialachán”), chuir an Coimisiún síneadh cúig bliana eile le bearta an Rialacháin bunaidh trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198. |
(3) |
An 28 Samhain 2019, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 (4). |
(4) |
Cuireadh sampláil i bhfeidhm san imscrúdú bunaidh chun táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne (“an tSín”) a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
(5) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne, d’fhorchuir an Coimisiún dleachtrátaí frithdhumpála aonair idir 13,1 % agus 23,4 % ar allmhairí an táirge lena mbaineann. Forchuireadh dleachtráta 17,9 % ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla, liostaítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, arna ionadú ag Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131. Thairis sin, forchuireadh dleachtráta 36,1 % ar bhonn náisiúnta ar an táirge lena mbaineann ó chuideachtaí sa tSín nár chuir iad féin in iúl ná nár chomhoibrigh leis an imscrúdú. |
(6) |
De bhun Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún, is féidir Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú tríd an dleachtráta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla a dheonú do tháirgeoir onnmhairiúcháin nua, is é sin an meánráta dleachta ualaithe 17,9 %, i gcás inar leor an fhianaise a thugann an táirgeoir onnmhairiúcháin nua sin sa tSín don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:
|
B. IARRAIDH AR STÁDAS TÁIRGEORA ONNMHAIRIÚCHÁIN NUA
(7) |
An 17 Nollaig 2021, chuir an chuideachta Fujian Dehua Longnan Ceramics Co., Ltd (“an t-iarratasóir”) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua (“NEPT”) dó agus, dá bhrí sin, go mbeadh sé faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha sa tSín nár áiríodh sa sampla, is é sin 17,9 %. Mhaígh an t-iarratasóir gur chomhlíon sé na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 (“coinníollacha NEPT”). |
(8) |
Chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha chun go ndeonófaí NEPT dó, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, chuir an Coimisiún ceistneoir ar dtús chuig an iarratasóir inar iarradh fianaise a léiríonn gur chomhlíon sé coinníollacha NEPT. |
(9) |
Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfreagra ar an gceistneoir, d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise agus fianaise tacaíochta, rud a chuir an t-iarratasóir faoina bhráid. |
(10) |
D’fhéach an Coimisiún le gach faisnéis a mheas sé a raibh gá léi a dheimhniú lena chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir coinníollacha NEPT. Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach agus cheadaigh sé bunachair sonraí éagsúla ar líne lena n-áirítear Orbis (5) agus Qichacha (6). I gcomhthráth, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais ar an eolas faoin iarraidh ón iarratasóir agus d’iarr sé air barúlacha a thabhairt, i gcás inar ghá. Chuir tionscal an Aontais barúlacha isteach maidir le comhlíontacht an iarratasóra leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198. |
C. ANAILÍS AR AN IARRAIDH
(11) |
Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, is é sin nár onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh, léirigh an t-iarratasóir nár onnmhairigh sé chuig an Aontas le linn na tréimhse sin. Bunaíodh Fujian Dehua Longnan Ceramics Co., Ltd in 1999 agus thosaigh sé ar tháirgí poircealláin nua-aimseartha a onnmhairiú in 2006, mar shampla, earraí ceirmeacha, ach níor onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann. Níor léirigh a mhórleabhar díolachán don tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh, a cinneadh go raibh sé i gcomhréir leis na ráitis airgeadais a cuireadh ar fáil, aon taifead ar idirbhearta onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann chuig an Aontas. Fíoraíodh na hidirbhearta onnmhairiúcháin uile a rinneadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh agus níor thángthas ar aon fhaisnéis a léirigh go bhféadfadh sé go raibh an táirge lena mbaineann á onnmhairiú chuig an Aontas. I measc na n-idirbheart sin, bhí ceann amháin maidir leis an táirge lena mbaineann, nach raibh ceaptha don Aontas áfach, agus rinneadh ceithre idirbheart leis an nGearmáin, leis an bhFrainc agus leis an bhFionlainn, ach níor bhain siad sin leis an táirge lena mbaineann. Mhaígh tionscal an Aontais, de réir a shuíomh gréasáin agus dháta an cheadúnais onnmhairiúcháin, go raibh baint ag an iarratasóir le gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird ó bunaíodh na cuideachta. Ina theannta sin, rinne an t-iarratasóir iarratas in 2006 a thrádmharc a chlárú, trádmharc ina bhfuil traslitriú an ainm Shínigh. Mar sin féin, níor chuir tionscal an Aontais aon fhianaise ar fáil a léirigh nach raibh an t-iarratasóir i gcomhréir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán (AE) 2019/1198. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198. |
(12) |
Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 nach bhfuil an t-iarratasóir comhlachaithe le haon onnmhaireoir ná táirgeoir atá faoi réir na mbeart frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ar onnmhaireoir nó táirgeoir a chomhoibrigh nó a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh, léirigh an t-iarratasóir nach raibh sé comhlachaithe le haon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha atá faoi réir na mbeart frithdhumpála. Tá beirt scairshealbhóirí ag an iarratasóir, a bhfuil 80 % agus 20 % acu faoi seach. De réir an bhunachair sonraí Qichacha, bhí scaireanna ag scairshealbhóirí an iarratasóra i roinnt cuideachtaí eile, cuideachtaí nach raibh gaol acu leis an táirge lena mbaineann agus bhí siad díchláraithe cheana féin. Níor dhíol Fujian Dehua Longdong Ceramics Co., Ltd, cuideachta ghaolmhar an iarratasóra a bunaíodh le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh leis na scairshealbhóirí céanna, ach táirgí ar an margadh intíre. De réir ráitis CBL na cuideachta gaolmhaire a cuireadh ar fáil, ní dhearnadh aon díolachán onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll sin. |
(13) |
Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, gur onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge iarbhír chuig an Aontas tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe gur onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas in 2020, is é sin tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. Chuir an t-iarratasóir sonrasc isteach, mar aon le hordú ceannacháin, doiciméid imréitigh custaim, bille luchta agus admháil íocaíochta ar ordú a rinne cuideachta sa Spáinn in 2019. Ina theannta sin, de réir an mhórleabhair díolachán a réitíodh leis na ráitis airgeadais, in 2020 seoladh lastais eile an táirge lena mbaineann chuig an Aontas. Dá bhrí sin, chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll sin. |
(14) |
Dá réir sin, comhlíonann an t-iarratasóir gach ceann de na trí choinníoll chun go ndeonófar NEPT dó, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 agus ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarraidh. Dá réir sin, ba cheart an t-iarratasóir a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála 17,9 % le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla le linn an imscrúdaithe bunaidh. |
D. NOCHTADH
(15) |
Cuireadh an t-iarratasóir agus tionscal an Aontais ar an eolas faoi na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn a measadh gurbh iomchuí an dleachtráta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh i sampla an imscrúdaithe bunaidh a dheonú do Fujian Dehua Longnan Ceramics Co., Ltd. |
(16) |
Tugadh an deis do na páirtithe barúlacha a chur isteach agus thug tionscal an Aontais barúlacha. |
(17) |
Tar éis an nochta, mhaígh tionscal an Aontais gur chláraigh Fujian Dehua Longdong Ceramics Co., Ltd, cuideachta ghaolmhar an iarratasóra, ionadaí le haghaidh gníomhaíochtaí allmhairiúcháin-onnmhairiúcháin ag oifig custaim Quanzhou an 18 Samhain 2013. Dá bhrí sin, d’áitigh tionscal an Aontais gur bhain an chuideachta ghaolmhar díolacháin onnmhairiúcháin amach. |
(18) |
Thug an Coimisiún dá aire go dtagann dáta cláraithe ionadaí Fujian Dehua Longdong Ceramics Co., Ltd (18 Samhain 2013) tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh, tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2011. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (12), ar bhonn na ráiteas CBL a cuireadh ar fáil don tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh, shuigh an Coimisiún nár onnmhairigh Fujian Dehua Longdong Ceramics Co., Ltd an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. Níor tíolacadh aon fhianaise a tháinig salach ar an toradh sin ná níor aimsigh an Coimisiún aon fhianaise a tháinig salach air. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an tIarratasóir an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán (AE) 2019/1198 agus diúltaíodh don mhaíomh. |
(19) |
Tá an Rialachán reatha i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an chuideachta seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 arna ionadú le hIarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 ina bhfuil liosta de na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla:
Cuideachta |
Cód breise TARIC |
Fujian Dehua Longnan Ceramics Co., Ltd |
899D |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) IO L 189, 15.7.2019, lch. 8.
(3) IO L 131, 15.5.2013, lch. 1.
(4) IO L 321, 12.12.2019, lch. 139.
(5) Is soláthraí domhanda sonraí faisnéise corparáidí é Orbis agus cumhdaíonn sé níos mó ná 220 milliún cuideachta ar fud an domhain. Soláthraíonn sé faisnéis chaighdeánaithe faoi chuideachtaí príobháideacha agus faoi struchtúir chorparáideacha go príomha.
(6) Is bunachar sonraí príobháideach brabúsach atá faoi úinéireacht na Síne é Qichacha a sholáthraíonn sonraí gnó, faisnéis chreidmheasa, agus anailísíocht do thomhaltóirí nó do ghairmithe maidir le cuideachtaí príobháideacha agus cuideachtaí poiblí atá lonnaithe sa tSín.
3.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 94/26 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/725 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Márta 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an tSile, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe ar liostaí na dtríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim agus táirgí feola ó chrúbacha, ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus catagóirí ainmhithe, na táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. |
(4) |
Go háirithe, le hIarscríbhinn V, XIV, agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéin agus de tháirgí feola ó chrúbacha, éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
(5) |
Thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi thrí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis i gcúigí Nova Scotia (1) agus Ontario (2), i gCeanada, ráigeanna a deimhníodh idir an 03 Márta 2023 agus an 14 Márta 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(6) |
Thairis sin, thug an tSile fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i Réigiún O’Higgins, an tSile, agus deimhníodh í an 12 Márta 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(7) |
Thairis sin arís, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis i gcontae Cumbria i Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus deimhníodh í an 10 Márta 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(8) |
Ina theannta sin, tá fógra tugtha ag na Stáit Aontaithe don Choimisiún faoi 22 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Florida (1), Pennsylvania (20) agus South Dakota (1), na Stáit Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 03 Márta 2023 agus an 23 Márta 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(9) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a bhí ann le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Sile, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe criosanna rialaithe de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(10) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada, ag an tSile, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh sin a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin, agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na ceantair atá faoi shrianta a leagann údaráis tréidliachta Cheanada, na Sile, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe síos mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann le déanaí. |
(11) |
Ina theannta sin, ba cheart cóireáil laghdaithe riosca D a cheangal, i gcomhréir le hIarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, chun coinsíneachtaí de tháirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó chriosanna atá buailte sa tSile a shainmhínítear faoi “CL-2” i gCuid 2 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a theacht isteach san Aontas. |
(12) |
Thairis sin, chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch i ndáil le hocht ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i gcúigí British Columbia (6), Ontario (1), agus Saskatchewan (1) i gCeanada, ráigeanna a deimhníodh idir an 27 Deireadh Fómhair 2022 agus an 6 Eanáir 2023. |
(13) |
Ina theannta sin, tá faisnéis nuashonraithe curtha isteach ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina críoch i ndáil le ceithre ráig déag den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i gcontaetha Cambridgshire, (1), Essex (1), Norfolk (2) North Yorkshire (4) Suffolk (1) agus Yorkshire (2) i Sasana, sa Ríocht Aontaithe, agus i limistéir chomhairle Dumfries agus Galloway (1) Moray (1) agus Perth agus Kinross (1) in Albain, an Ríocht Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 21 Lúnasa 2022 agus an 27 Eanáir 2023. |
(14) |
Thairis sin, tá faisnéis nuashonraithe curtha isteach ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina gcríoch i ndáil le 22 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i stáit California (2), Colorado (2), Indiana (1), Iowa (4), Kansas (3), Maryland (1), Minnesota (2), Missouri (2), South Dakota (2), Texas (1) Washington (1) agus Wisconsin (1), na Stáit Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 1 Meán Fómhair 2022 agus an 8 Feabhra 2023. |
(15) |
Chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin den ghalar sin, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe ar a gcríocha. |
(16) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe isteach agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis díothaithe agus nach bhfuil riosca ag baint a thuilleadh le teacht isteach tráchtearraí éanlaithe clóis san Aontas ó na criosanna i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe ná sna Stáit Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas na dtráchtearraí éanlaithe clóis ar fionraí tar éis na ráigeanna sin. |
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe. |
(18) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada, sa tSile, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne. |
(19) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/462 ón gCoimisiún (4) leasaíodh Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 trí dháta oscailte a chur le ró SAM-2.251 san iontráil le haghaidh na Stát Aontaithe in Iarscríbhinn V agus in Iarscríbhinn XIV. Ós rud é gur aimsíodh earráid amháin maidir leis an gcrios atá le hoscailt, ba cheart an ró le haghaidh chrios US-2.251 in Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a cheartú dá réir. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceartúchán sin ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/426. |
(20) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún
1. In Iarscríbhinn V, i Roinn B de Chuid 1, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios US-2.251:
“US Na Stáit Aontaithe |
US-2.251 |
BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 |
N, P1 |
|
2.9.2022” |
|
2. In Iarscríbhinn XIV, i Roinn B de Chuid 1, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.251:
“US Na Stáit Aontaithe |
US-2.251 |
POU, RAT |
N, P1 |
|
2.9.2022 |
|
GBM |
P1 |
|
2.9.2022” |
|
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 2, áfach, ón 07 Márta 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/462 ón gCoimisiún an 02 Márta 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas (IO L 68, 6.3.2023, lch. 4).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn XIV mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn XV mar a leanas
|
CINNTÍ
3.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 94/48 |
CINNEADH (CBES) 2023/726 ÓN gCOMHAIRLE
an 31 Máta 2023
lena leasaítear cinntí áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 9 Nollaig 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“CSNA”) Rún 2664 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“UNSCR”) (2022), á mheabhrú di na rúin a ghlac sí roimhe seo lena bhforchuirtear bearta smachtbhannaí mar fhreagairt ar bhagairtí ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta, agus á chur i dtábhacht di maidir leis na bearta a dhéanann Ballstáit na Náisiún Aontaithe chun smachtbhannaí a chur chun feidhme, go gcomhlíonann na bearta sin oibleagáidí na mBallstát sin faoin dlí idirnáisiúnta agus nach bhfuil na bearta sin ceaptha iarmhairtí díobhálacha daonnúla a bheith acu do phobail shibhialtacha, do ghníomhaíochtaí daonnúla ná dóibh siúd a dhéanann gníomhaíochtaí daonnúla. |
(2) |
Á chur i bhfios di go bhfuil sí faoi réir lena córais smachtbhannaí a athbhreithniú, a choigeartú agus a fhoirceannadh, i gcás inarb iomchuí, agus aird á tabhairt ar staideanna síorathraitheach ar an talamh agus ar an ngá le héifeachtaí daonnúla neamhbheartaithe a íoslaghdú, chinn CSNA, i mír 1 de UNSCR 2664 (2022), go bhfuil sé ceadaithe cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc nó earraí agus seirbhísí riachtanacha a sholáthar chun seachadadh tráthúil cúnaimh dhaonnúil a áirithiú nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine agus nach sáraítear leis sin na reonna sócmhainní a d’fhorchuir CSNA nó a Coistí Smachtbhannaí. Chun críocha an Chinnidh seo, tugtar “an díolúine dhaonnúil” ar mhír 1 de UNSCR 2664 (2022). Tá an díolúine dhaonnúil infheidhme maidir le gníomhaithe áirithe mar a leagtar amach sa Rún sin. |
(3) |
Ceanglaítear le UNSCR 2664 (2022) go bhfuil feidhm ag an díolúine dhaonnúil ó na bearta reoite sócmhainní maidir le córas smachtbhannaí 1267/1989/2253 ISIL (Da’esh) agus Al-Qaida ar feadh tréimhse 2 bhliain ón dáta ghlactha UNSCR 2664 (2022) agus luaitear ann go bhfuil sé ar intinn ag CSNA cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur lena chur i bhfeidhm UNSCR 2664 (2022) roimh an dáta a rachadh cur i bhfeidhm na díolúine sin in éag murach sin. |
(4) |
Cuirtear i dtábhacht i UNSCR 2664 (2022), i gcás ina bhfuil an díolúine dhaonnúil ag teacht salach ar rúin a bhí ann roimhe sin, go ndéanfaidh an díolúine dhaonnúil na rúin a bhí ann roimhe sin a fhorshuíomh a mhéid a bhaineann leis an gcoinbhleacht sin. Mar sin féin, soiléirítear le UNSCR 2664 (2022) go bhfuil mír 1 de UNSCR 2615 (2021) fós i bhfeidhm. |
(5) |
Iarrtar le UNSCR 2664 (2022) go ndéanfaidh soláthraithe atá ag brath ar an díolúine dhaonnúil iarrachtaí réasúnacha chun fabhrú aon sochar a thoirmisctear le smachtbhannaí a íoslaghdú, bíodh sé sin mar thoradh ar sholáthar nó atreorú díreach nó indíreach, chuig daoine aonair nó eintitis ainmnithe, lena n-áirítear trí straitéisí agus próisis bainistithe riosca agus díchill chuí na soláthróirí a neartú. |
(6) |
Measann an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag an díolúine dhaonnúil ó na bearta reoite sócmhainní de bhun Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe freisin i gcásanna ina gcinneann an tAontas bearta comhlántacha a ghlacadh a bhaineann le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo sa bhreis ar na bearta sin arna gcinneadh ag CSNA nó a Choistí Smachtbhannaí. |
(7) |
Ní mór, dá bhrí sin Cinntí 2010/413/CBES (1), 2010/788/CBES (2), 2014/450/CBES (3), (CBES) 2015/740 (4), (CBES) 2015/1333 (5), (CBES) 2016/849 (6), (CBES) 2016/1693 (7) agus (CBES) 2017/1775 (8) ón gComhairle a leasú dá réir sin. |
(8) |
Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/849 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: “7. Gan dochar do mhír 8, ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i míreanna 1(a) agus (2):
|
(2) |
in Airteagal 27, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “8. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28: “Airteagal 28 Gan dochar d’Airteagal 27(8), Airteagal 27(1)(d), agus Airteagal 27(2) a mhéid a thagraítear do na daoine agus na heintitis a chumhdaítear le hAirteagal 27(1)(d), ní bheidh feidhm aige maidir le cistí, sócmhainní airgeadais eile ná acmhainní eacnamaíocha eile a theastaíonn chun gníomhaíochtaí mhisin DPDC chuig na Náisiúin Aontaithe agus a sainghníomhaireachtaí agus eagraíochtaí gaolmhara nó misean taidhleoireachta agus consalach eile de chuid DPDC a dhéanamh, ná maidir le haon chistí, sócmhainní airgeadais eile nó acmhainní eacnamaíocha a chinnfidh an Coiste Smachtbhannaí roimh ré ar bhonn cás ar chás go bhfuil gá leo chun cúnamh daonnúil a sheachadadh, ar mhaithe le dí-armáil núicléach nó chun aon chríoch eile atá comhchuí le cuspóirí Rún 2270 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.” |
(4) |
in Airteagal 36, cuirtear an mhír seo a leanas leis “3. Déanfar an díolúine dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointí (b), (c) agus (d), agus Airteagal 27(2) a mhéid a thagraítear do daoine agus d’eintitis a chumhdaítear le pointe (b), (c) agus (d) de Airteagal 27(1), a athbhreithniú go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.” |
Airteagal 2
Leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “10. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: “7. Gan dochar d’Airteagal 5(10), maidir le daoine agus eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn II, féadfar díolúintí a dhéanamh freisin le haghaidh cistí agus acmhainní eacnamaíocha a bhfuil gá leo chun críoch daonnúil, mar shampla cúnamh a sheachadadh nó an seachadadh sin a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis agus bia, nó aistriú oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnú ó Phoblacht Dhaonlathach an Chongó.” |
Airteagal 3
Leasaítear Chinneadh 2010/413/CBES mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas leis “15. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
In Airteagal 26, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “6. Déanfar an díolúine dá dtagraítear in Airteagal 20(15), pointí (b), (c) agus (e), agus Airteagal 20(2) a mhéid a thagraítear do daoine agus d’eintitis a chumhdaítear le pointe (b), (c) agus (e) de Airteagal 20(1), a athbhreithniú go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.” |
Airteagal 4
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “10. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2, 3 ná 4 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: “Airteagal 6 1. Déanfar an Cinneadh seo a athbhreithniú, a leasú nó a aisghairm de réir mar is iomchuí, go háirithe i bhfianaise na gcinntí ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ón gCoiste. 2. Beidh feidhm ag Airteagal 3(10) go dtí an 9 Nollaig 2024, mura rud é go gcinnfidh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe síneadh a chur le cur i bhfeidhm Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe thar an dáta sin. 3. Déanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 3(3) agus (4) a athbhreithniú go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad. 4. I gcás ina gcuirfidh duine nó eintiteas arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 2(2) nó le hAirteagal 3(3) agus (4) barúlacha isteach, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an ainmniú i bhfianaise na mbarúlacha sin agus scoirfidh na bearta d’fheidhm a bheith acu má chinneann an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5, nach bhfuil na coinníollacha dá n-iarratas á gcomhlíonadh a thuilleadh. 5. Má dhéantar iarraidh eile, bunaithe ar fhianaise nua shubstaintiúil, duine nó eintiteas a bhaint den Iarscríbhinn, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú eile i gcomhréir le mír 3. 6. Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 3(3) agus (4) go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.”. |
Airteagal 5
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “14. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2, ná 4 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8: “8. Gan dochar d’Airteagal 9(14), maidir le daoine agus eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn IV, féadfar díolúintí a dhéanamh freisin le haghaidh cistí agus acmhainní eacnamaíocha a bhfuil gá leo chun críoch daonnúil, mar shampla cúnamh a sheachadadh nó an seachadadh sin a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis agus bia, soláthar leictreachais, oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar nó náisiúnaigh eachtrannacha a aslonnú ón Libia.” |
(3) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9: “9. Gan dochar d’Airteagal 9(14), maidir leis na heintitis dá dtagraítear i mír 3, féadfar díolúintí a dhéanamh freisin le haghaidh cistí, sócmhainní airgeadais agus acmhainní eacnamaíocha ar choinníoll:
|
Airteagal 6
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “8. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
in Airteagal 2a, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “8. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(3) |
in Airteagal 2a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: “7. Gan dochar do mhír 8, de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith oiriúnach, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun críoch dhaonnúil, amhail seachadadh an chúnaimh a chur ar fáil nó a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó aistriú na n-oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnuithe as Mailí. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.” |
Airteagal 7
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/740 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “7. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
in Airteagal 8, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “6. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
Airteagal 8
In Airteagal 5 de Chinneadh 2014/450/CBES, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“5. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena sainghníomhaireachtaí agus a n-eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó, |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí.”. |
Airteagal 9
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 31 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).
(2) Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 336, 21.12.2010, lch. 30).
(3) Cinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle an 10 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/423/CBES (IO L 203, 11.7.2014, lch. 106).
(4) Cinneadh (CBES) 2015/740 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/449/CBES (IO L 117, 8.5.2015, lch. 52).
(5) Cinneadh (CBES) 2015/133 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO L 206, 1.8.2015, lch. 34).
(6) Cinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/183/CBES (IO L 141, 28.5.2016, lch. 79).
(7) Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fomhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da'esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).
(8) Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fomhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 23).
3.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 94/56 |
CINNEADH (CBES) 2023/727 ÓN gCOMHAIRLE
An 31 Márta 2023
lena leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES (1). |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/235/CBES, measann an Chomhairle gur cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 13 Aibreán 2024. |
(3) |
Ba cheart an iontráil a bhaineann le duine amháin a ainmnítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES a bhaint den Iarscríbhinn sin. Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le 18 nduine agus trí eintiteas a áirítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES a thabhairt cothrom le dáta. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 13 Aibreán 2024. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.” |
(2) |
leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruséil an 31 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (IO L 100, 14.4.2011, lch. 51).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES (“Liosta na ndaoine agus na ‘eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2”) mar a leanas:
(1) |
scriostar iontráil 82 (a bhaineann le SARAFRAZ Mohammad (Dr.)) sa liosta dar ceannteideal “Daoine”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na ‘iontrálacha a bhaineann leis na 18 nduine seo a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na ‘iontrálacha a bhaineann leis na trí eintiteas seo a leanas:
|
3.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 94/65 |
CINNEADH (CBES) 2023/728 ÓN gCOMHAIRLE
an 31 Márta 2023
a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise san Úcráin (1). |
(2) |
An 25 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/434 (2), lenar leasaíodh Cinneadh 2014/512/CBES agus lenar tugadh isteach tuilleadh beart sriantach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí – gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe. Leagtar na heagraíochtaí sin amach i bpointe (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/434. De bhun Airteagal 1, pointe (11), de Chinneadh (CBES) 2023/434, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir cinneadh eile ón gComhairle. |
(3) |
Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 10 Aibreán 2023 i leith na n-eintiteas a leagtar amach i bpointe (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/434, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 10 Aibreán 2023 i leith na n-eintiteas a leagtar amach i bpointe (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/434.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 31 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
(2) Cinneadh (CBES) 2023/434 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 59I, 25.2.2023, lch. 593).
3.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 94/66 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/729 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Márta 2023
maidir le bunú na hailtireachta teicniúla, na sonraíochtaí teicniúla chun faisnéis a iontráil agus a stóráil agus na nósanna imeachta chun faisnéis atá sa chóras do Dhoiciméid Bhréige agus Doiciméid Bharántúla ar Líne de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a rialú agus a fhíorú (“EBCG FADO”)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/493 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 maidir leis an gcóras do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (FADO) agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 6(1), pointí (a), (b) agus (c) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cuireadh an Córas Eorpach um Chartlannú Íomhánna ar Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (córas FADO) ar bun chun malartú faisnéise maidir leis na gnéithe slándála agus na saintréithe calaoise a d’fhéadfadh a bheith i ndoiciméid bharántúla agus i ndoiciméid bhréagacha a éascú idir údaráis na mBallstát atá inniúil i réimse na calaoise doiciméad. Is é is cuspóir do chóras FADO freisin faisnéis a chomhroinnt le gníomhaithe eile, lena n-áirítear an pobal i gcoitinne. |
(2) |
Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/493, tiocfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) i gceannas ar chóras FADO atá á oibriú faoi láthair ag an gComhairle, agus dá bhrí sin is gá bearta a ghlacadh maidir le hailtireacht theicniúil agus sonraíochtaí teicniúla chóras FADO. |
(3) |
Ba cheart go gcuirfeadh ailtireacht theicniúil agus sonraíochtaí teicniúla chóras “EBCG FADO” ar a chumas don Ghníomhaireacht córas cuí agus iontaofa a áirithiú agus an fhaisnéis a fhaightear a iontráil ar bhealach tráthúil éifeachtúil, agus ar an mbealach sin aonfhoirmeacht agus cáilíocht na faisnéise sin a ráthú de réir ardchaighdeán. Ba cheart fíorú iomchuí doiciméad agus céannachta a áirithiú ar na leibhéil uile, idir an scrúdú fóiréinseach is sofaisticiúla agus an tseiceáil is simplí. Ba cheart go gcuirfeadh córas EBCG FADO pointe aonair rochtana a sholáthar d’úsáideoirí ar mian leo faisnéis a bhainistiú nó ábhar FADO a chuardach. Ba cheart go soláthródh an córas, i measc nithe eile, aistriú córasach agus struchtúrtha eolais idir saineolaithe doiciméid agus ó na saineolaithe chuig saineolaithe nach saineolaithe doiciméid iad. |
(4) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir leis an gcinneadh cur chun feidhme seo. |
(5) |
Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2020/493 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2020/493 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Cinneadh seo ina cheangal ar an Danmhairg. |
(6) |
Tá Éire rannpháirteach i Rialachán (AE) 2020/493 i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, tá an Cinneadh seo ina cheangal ar Éirinn. |
(7) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá stát sin le acquis (3) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (4). |
(8) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (5) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (6). |
(9) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (7) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (8), |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 (9) ón gComhairle (Coiste Airteagal 6) agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ailtireacht theicniúil chóras FADO, na sonraíochtaí teicniúla chun faisnéis a iontráil agus a stóráil i gcóras FADO agus na nósanna imeachta chun faisnéis atá i gcóras FADO a rialú agus a fhíorú, is mar a leagfar amach san Iarscríbhinn a bheidh siad.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L -107, 6.4.2020, lch. 1.
(2) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(3) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(4) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(5) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(6) Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).
(7) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(8) Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
CUID 1
1. Cuspóirí
Sa Chuid seo den Iarscríbhinn tá tuairisc ar ailtireacht theicniúil chóras na Gníomhaireachta Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (“córas EBCG FADO”) agus ar a chomhpháirteanna.
Forbrófar ailtireacht theicniúil chóras nua “EBCG FADO” diaidh ar dhiaidh de réir eisiúintí an chórais nua agus ceanglais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.
2. Tuairisc ar ailtireacht chóras EBCG FADO
Cuireann an ailtireacht theicniúil ar a cumas don Ghníomhaireacht leibhéil éagsúla rochtana ar an bhfaisnéis a stóráiltear sa chóras a shocrú. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis a fhaightear i gcóras EBCG FADO a iontráil ar bhealach tráthúil éifeachtúil agus déanfaidh sí aonfhoirmeacht agus cáilíocht na faisnéise sin a ráthú.
Feidhmchlár uileghabhálach le haghaidh na leibhéal rochtana uile a bheidh i gcóras EBCG FADO, agus soláthróidh sé pointe aonair rochtana d’úsáideoirí ar mian leo faisnéis a bhainistiú nó ábhar EBCG FADO a chuardach.
Beidh sé d’acmhainn ag ailtireacht theicniúil chóras EBCG FADO an méid seo a leanas a óstáil:
(a) |
fearann poiblí ina mbeidh fothacar d’fhaisnéis bhunúsach maidir le samplaí de dhoiciméid bharántúla nó doiciméid bharántúla; |
(b) |
fearann neamh-rúnaicmithe íogair AE a bheidh faoi réir rialú rochtana trínar féidir an méid seo a leanas a chur ar fáil:
|
(c) |
fearann rúnaicmithe AE (Srianta) atá faoi réir rialú rochtana d’úsáideoirí údaraithe trínar féidir an méid seo a leanas a chur ar fáil:
|
Thairis sin, beidh sé d’acmhainn ag ailtireacht theicniúil an chórais an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú; |
(b) |
tacú le cumais fhairsinge chuardaigh agus tuairiscithe, agus seirbhísí ardleibhéil anailíseacha a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an intleacht shaorga; |
(c) |
a bheith comhtháite le heintitis sheachtracha agus lena gcórais agus cumais malartaithe sonraí a sholáthar trí chomhéadain uathoibrithe, amhail an Electronic Library Document System de chuid Frontex agus INTERPOL (FIELDS) [Córas Doiciméad Leabharlainne Leictreonaí], an Document Information System Civil Status (DISCS) [Stádas Sibhialta an Chórais Faisnéise Doiciméad], etc.; |
(d) |
obair a dhéanamh ar bhonneagar néalbhunaithe d’fhearainn AE atá neamh-rúnaicmithe, íogair agus poiblí, ar choinníoll go n-áirithítear leis comhlíonadh na gceanglas maidir le cosaint sonraí pearsanta; |
(e) |
teicneolaíochtaí úrscothacha agus cuir chuige theicniúla nua-aimseartha a chur chun feidhme, lena n-áirítear infhaighteacht, iontaofacht, solúbthacht le haghaidh feidhmeanna, táirgí agus modhnuithe nua, chomh maith le bheith in ann méadú chun freastal ar líon mór úsáideoirí; |
(f) |
comhtháthú a cheadú le haghaidh rochtain crua-earraí agus tacaíochta ar an gcóras as líne nó, i gcásanna ina mbeidh nascacht teoranta, ó ghléasanna móibíleacha. |
Cuid 2
1. Cuspóirí
Sa dara cuid seo den Iarscríbhinn tá tuairisc ar na sonraíochtaí teicniúla maidir le faisnéis a iontráil agus a stóráil i gcóras na Gníomhaireachta Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (“córas EBCG FADO”) i gcomhréir le hardchaighdeáin.
Rannchuideoidh EBCG FADO freisin leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise céannachta trí fhaisnéis a roinnt le gníomhaithe eile, lena n-áirítear an pobal i gcoitinne.
Cuirtear próiseáil sonraí pearsanta san áireamh sna sonraíochtaí teicniúla sin. Déanfar faisnéis a iontráil agus a stóráil sa chóras de réir chuspóir na próiseála.
2. Tuairisc ar an bpróiseas chun faisnéis a iontráil agus a stóráil i gCÓRAS EBCG FADO
Soláthróidh úsáideoirí údaraithe faisnéis i modúl tiomnaithe chóras EBCG FADO chun críoch bailíochtaithe sula gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil d’úsáideoirí eile.
Baineann an próiseas bailíochtaithe leis an bhfaisnéis uile a iontráiltear i gcóras EBCG FADO nó a chruthaítear laistigh den chóras.
Tá próiseas bailíochtaithe na faisnéise sin á rialú ag an nGníomhaireacht agus cuirtear chun feidhme é i gcomhairle le soláthróir na faisnéise. Chun na caighdeáin is airde a áirithiú, féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh dul i gcomhairle le saineolaithe doiciméid roghnaithe nó le hoifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta.
Nuair a bhailíochtófar an fhaisnéis, aistreofar í chuig fearainn chóras EBCG FADO agus stórálfar iontu í.
3. Faisnéis i gCÓRAS EBCG FADO a rialú agus a fhíorú
I gcóras EBCG FADO, ní dhéanfar na sonraí doiciméid (dá ngairtear “faisnéis” anseo feasta) a fhíorú agus a phróiseáil chun críoch riaracháin ach amháin trí mheán leictreonach agus ábharach, ag brath ar an bhformáid ina soláthraítear faisnéis don Ghníomhaireacht. I gcóras EBCG FADO, ní phróiseáiltear sonraí pearsanta oibríochtúla de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
An fhaisnéis a phróiseáiltear, déantar í a phróiseáil de réir na bpróiseas gnó a dheartar chun faisnéis a iontráil agus a stóráil i gcóras EBCG FADO. Ní chuirfear ar fáil do na húsáideoirí ach doiciméid a foilsíodh agus a bailíochtaíodh roimhe sin.
Beidh próiseáil faisnéise i gcóras EBCG FADO faoi réir feabhsú leanúnach chun a áirithiú go ndéanfar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a athbhreithniú agus a oiriúnú de réir a chéile i gcomhréir leis an éabhlóid theicneolaíoch agus chun deireadh a chur le lochtanna sna bunphróisis ghnó.
Sonraíonn an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:
(a) |
na catagóirí ábhar sonraí a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil sa chóras; |
(b) |
na catagóirí sonraí pearsanta a phróiseáiltear; |
(c) |
an rialaitheoir nó na catagóirí rialaitheoirí, lena n-áirítear rialaitheoireacht chomhpháirteach; |
(d) |
faighteoirí na sonraí pearsanta; |
(e) |
na coimircí atá ann chun mí-úsáid a bhaineann le rochtain nó aistriú neamhdhleathach sonraí pearsanta a chosc; |
(f) |
an tréimhse coinneála sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta chun córas EBCG FADO a oibriú agus chun cúraimí riaracháin a dhéanamh; |
(g) |
an mhodheolaíocht le haghaidh bailiú sonraí, lena n-áirítear an dtagann sé ó na Ballstáit agus/nó ó thríú tíortha; |
(h) |
scaipeadh agus faighteoirí na sonraí pearsanta. |
4. Sonraí pearsanta a phróiseáil chun faisnéis a iontráil agus a stóráil i gCÓRAS EBCG FADO
Cuirfidh an Ghníomhaireacht bearta sonracha eagraíochtúla agus teicniúla chun feidhme le linn an phróisis chun faisnéis a iontráil agus a stóráil i gcóras EBCG FADO tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
treoraíocht a thabhairt do na húsáideoirí údaraithe maidir le sonraí pearsanta a leasú – íoslaghdú agus bréagainmniú – sula gcuirfear faisnéis ar fáil don Ghníomhaireacht agus le linn an phróisis bhailíochtaithe; |
(b) |
bearta teicniúla iomchuí a chur chun feidhme chun na coimircí is gá a áirithiú chun cearta na n-ábhar sonraí a chosaint le linn an phróisis bhailíochtaithe, sula gcuirfear faisnéis ar fáil d’úsáideoirí deiridh; |
(c) |
rochtain ar an modúl atá tiomnaithe don phróiseas bailíochtaithe a theorannú don líon is beag is féidir d’úsáideoirí; |
(d) |
faisnéis atá stóráilte san fhearann neamh-rúnaicmithe íogair agus san fhearann rúnaicmithe a chur ar fáil ar bhonn riachtanais eolais do líon aitheanta úsáideoirí. |
Cuid 3
1. Cuspóirí
Sa tríú cuid seo den Iarscríbhinn tá tuairisc ar na nósanna imeachta maidir le faisnéis i gcóras na Gníomhaireachta Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (“córas EBCG FADO”) a rialú agus a fhíorú.
Cuirfear próiseáil sonraí pearsanta san áireamh sna nósanna imeachta maidir le faisnéis i gcóras EBCG FADO a rialú agus a fhíorú.
Déanann an Coimisiún maoirseacht, inter alia, ar chur chun feidhme na mbeart atá sa Chinneadh seo. Tugann an coiste arna bhunú le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle cúnamh don Choimisiún (2). Glacann an Ghníomhaireacht páirt i gcruinnithe choiste Airteagal 6 gan aon chumhacht cinneadh a dhéanamh.
Cuirfidh an Ghníomhaireacht teicnící um dhearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta i bhfeidhm chun an fhaisnéis i gcóras EBCG FADO a rialú agus a fhíorú.
2. Dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta
I gcomhréir le Cuid 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo ón gCoimisiún lena mbunaítear na sonraíochtaí teicniúla chun faisnéis a iontráil agus a stóráil i gcóras EBCG FADO (3), bunóidh an Ghníomhaireacht nósanna imeachta chun an méid seo a leanas a chur chun feidhme:
(a) |
dearbhú cáilíochta:
|
(b) |
rialú cáilíochta:
|
3. Dearbhú cáilíochta
i. Bainistiú rochtana
Is é is cuspóir don bhainistiú rochtana ar chóras FADO:
(a) |
rochtain ar chóras FADO a dheonú ar bhonn riachtanais eolais; |
(b) |
cearta rochtana a chúlghairm; |
Bunóidh an Ghníomhaireacht nósanna imeachta le haghaidh bainistiú rochtana ar chóras FADO i gcás ina gcomhlíonfar na híoscheanglais seo a leanas:
(a) |
gheobhaidh úsáideoirí faisnéis maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta; |
(b) |
déanfaidh úsáideoirí a gcuntais úsáideora a bhainistiú i gcóras FADO; |
(c) |
seolfaidh na hábhair sonraí nó a bpointí teagmhála sonraí pearsanta go díreach chuig an nGníomhaireacht; |
(d) |
beidh líon teoranta úsáideoirí sa Ghníomhaireacht a bhaineann le córas FADO údaraithe chun bainistiú rochtana a dhéanamh. |
ii. Bailíochtú na faisnéise a chuirtear isteach i gcóras FADO
Is é is cuspóir do bhailíochtú na faisnéise an riosca fabhtanna sa chóras a laghdú, agus ar an mbealach sin aonfhoirmeacht agus cáilíocht na faisnéise a áirithiú.
Ní dhéanfaidh ach líon áirithe saineolaithe doiciméad atá údaraithe agus oilte faisnéis a chur ar fáil don chóras agus í a fhíorú.
Sula dtosóidh siad ar fhaisnéis a iontráil sa chóras, déanfar an méid seo a leanas i leith na húsáideoirí sin:
(a) |
cuirfear oiliúint orthu maidir le faisnéis a iontráil sa chóras; |
(b) |
tabharfar ábhar treoraíochta agus/nó ranganna teagaisc dóibh maidir le faisnéis a iontráil sa chóras; |
(c) |
cuirfear ar an eolas iad maidir leis na próisis ghnó arna mbunú ag an nGníomhaireacht chun críoch bailíochtaithe. |
Déanfaidh an Ghníomhaireacht modúl tiomnaithe chóras EBCG FADO chun críoch bailíochtaithe a chur chun feidhme sula gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil d’úsáideoirí eile. Le linn an phróisis bhailíochtaithe, ceadóidh an modúl seo:
(a) |
líon áirithe úsáideoirí chun faisnéis a iontráil i gcóras EBCG FADO nó chun í a cheartú; |
(b) |
líon teoranta úsáideoirí chun bailíochtú na faisnéise sa chóras a phróiseáil, lena n-áirítear comhairliúchán roghnach le húsáideoirí áirithe nach iad na húsáideoirí a chuireann isteach faisnéis nó a cheartaíonn í iad; |
(c) |
líon teoranta úsáideoirí chun aistriúchán a chur fáil más gá; |
(d) |
líon teoranta úsáideoirí chun an fhaisnéis a cheadú agus a fhoilsiú. |
iii. Foilsiú faisnéise
I ndiaidh an phróisis bhailíochtaithe, foilseofar faisnéis.
4. Rialú cáilíochta
Bunóidh an Ghníomhaireacht plean bliantúil um rialú cáilíochta i gcóras EBCG FADO.
Áiritheoidh an plean go ndéantar rialuithe ar mhéid leordhóthanach faisnéise go rialta gach bliain, chun an méid seo a leanas a fhíorú, i measc nithe eile:
(a) |
ábharthacht na faisnéise atá i gcóras EBCG FADO; |
(b) |
cáilíocht na faisnéise atá i gcóras EBCG FADO; |
(c) |
comhlíonadh bhainistiú chóras EBCG FADO, lena n-áirítear ceanglais maidir le cosaint sonraí. |
Cuirfear torthaí na n-iniúchtaí ar fáil don Choimisiún, do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta agus d’oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta.
5. Rannchuidiú úsáideoirí le cáilíocht
Féadfaidh ról a thabhairt d’úsáideoirí sa phróiseas chun an faisnéis i gcóras EBCG FADO a rialú agus a fhíorú.
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena mbunaítear ailtireacht theicniúil chóras FADO an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh (EBCG) i gcomhréir le hAirteagal 6 (1) (a) de Rialachán (AE) 2020/493.