|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 92 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
|
|
|
Ceartúcháin |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
30.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 92/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/699 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Márta 2023
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le táillí na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí a choigeartú i bhfianaise an ráta boilscithe le héifeacht ón 1 Aibreán 2023
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle an 10 Feabhra 1995 maidir leis na táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach um Meastóireacht ar Tháirgí Íocshláinte (1), agus go háirithe Airteagal 12, an cúigiú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 67(3) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), is éard atá in ioncam na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí ranníocaíocht ón Aontas agus táillí a íocann gnóthais leis an nGníomhaireacht sin. Leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 297/95 catagóirí agus leibhéil na dtáillí sin. |
|
(2) |
Ba cheart na táillí sin a nuashonrú faoi threoir ráta boilscithe 2022. Ba é 10,4 % an ráta boilscithe a bhí san Aontas in 2022, arna fhoilsiú ag Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (3). |
|
(3) |
Ar mhaithe le simplíocht, ba cheart leibhéil choigeartaithe na dtáillí a shlánú go dtí an EUR 100 is gaire. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 297/95 a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiarratais bhailí atá ar feitheamh an 1 Aibreán 2023. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 297/95, tá an nuashonrú le déanamh le héifeacht ón 1 Aibreán 2023. Is iomchuí, dá bhrí sin, go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm mar ábhar práinne agus go mbeadh feidhm aige ón dáta sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 297/95 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 4, an chéad fhomhír, cuirtear “EUR 86 000” in ionad “EUR 77 900”; |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 6, an chéad fhomhír, cuirtear “EUR 51 800” in ionad “EUR 46 900”; |
|
(5) |
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
|
(6) |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiarratais bhailí atá ar feitheamh an 1 Aibreán 2023.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 35, 15.2.1995, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).
(3) https://ec.europa.eu/eurostat/documents/2995521/15725179/2-18012023-AP-EN.pdf/e301db8f-984c-27e2-1245-199a89f37bca
|
30.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 92/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/700 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Márta 2023
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Plăcintă dobrogeană) (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) agus Airteagal 52(3)(b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an t-iarratas a thíolaic an Rómáin ar chlárú an ainm “Plăcintă dobrogeană” mar Thásc Geografach faoi Chosaint in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
|
(2) |
Fuair an Coimisiún an fógra freasúra ón mBulgáir an 27 Aibreán 2021. Chuir an Coimisiún an fógra freasúra ar aghaidh chuig an Rómáin an 29 Aibreán 2021. Chuir an Bhulgáir ráiteas freasúra réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin an 23 Meitheamh 2021. |
|
(3) |
Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ráiteas freasúra réasúnaithe agus a chinneadh go raibh sé inghlactha, i gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’iarr sé ar an Rómáin agus ar an mBulgáir, trí litir dar dáta an 20 Iúil 2021, dul i mbun comhairliúcháin iomchuí d’fhonn teacht ar chomhaontú. |
|
(4) |
Tháinig deireadh leis na comhairliúcháin idir an Rómáin agus an Bhulgáir gan teacht ar chomhaontú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leis an gclárú i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh aige. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, líomhain an Bhulgáir go mbeadh clárú “Plăcintă dobrogeană” mar Thásc Geografach faoi Chosaint ina bhagairt ar an táirge ar a dtugtar “Dobrudzhanska banitsa” a bheith ann, ar táirge é a ullmhaíodh mar thaosrán traidisiúnta sa Bhulgáir leis na céadta bliain agus atá ina chuid d’oidhreacht ghastranómach agus chultúrtha na Bulgáire. Go deimhin, is í an bhrí chéanna atá le “Dobrudzhanska banitsa” sa Bhulgáiris agus “Plăcintă dobrogeană”. Thairis sin, mhaígh an Bhulgáir go n-ainmnítear leis an ainm sin táirgí a bhfuil comhábhair, céimeanna ullmhúcháin agus saintréithe táirge deiridh comhchosúla acu, agus dá bhrí sin d’fhéadfaí a mheas go bhfuil eilimintí riachtanacha “Dobrudzhanska banitsa” comhionann le heilimintí riachtanacha “Plăcintă dobrogeană”. Cinntear na cosúlachtaí sin go stairiúil, agus é á chur san áireamh go bhfuil Dobrudzha, mar réigiún stairiúil agus geografach, roinnte idir an dá thír, e.g. Tuaisceart Dobrudzha atá suite sa Rómáin, agus Deisceart Dobrudzha atá suite sa Bhulgáir. Dá bhrí sin, comhroinneann an dá réigiún traidisiúin agus nósanna cócaireachta comhchosúla fiú má tá siad lonnaithe in dhá thír éagsúla. Mar thoradh air sin, cheistigh an Bhulgáir an nasc idir an táirge agus an limistéar geografach. |
|
(6) |
Ar deireadh, tharraing an Bhulgáir aird ar an tionchar diúltach a bheadh ar leasanna eacnamaíocha tháirgeoirí “Dobrudzhanska banitsa” sa Bhulgáir dá gclárófaí “Plăcintă dobrogeană” mar Thásc Geografach faoi Chosaint, agus mhaígh sí go bhféadfadh sé tomhaltóirí a chur ar míthreoir maidir le tionscnamh an táirge. |
|
(7) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar na hargóintí a nochtadh sa ráiteas freasúra réasúnaithe ón mBulgáir i bhfianaise fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus torthaí na gcomhairliúchán iomchuí a rinneadh idir an t-iarratasóir agus an freasúróir á gcur san áireamh aige. |
|
(8) |
Tá cosúlachtaí idir an táirge a ainmnítear mar “Plăcintă dobrogeană” sa Rómáin agus an táirge atá in úsáid go dleathach sa Bhulgáir agus a ainmnítear mar “Dobrudzhanska banitsa”. Mar sin féin, d’ainneoin na dtraidisiún agus na nósanna cócaireachta comhroinnte atá nasctha le réigiún geografach agus stairiúil Dobrogea/Dobrudzha, d’fhorbair na traidisiúin agus na nósanna sin go sainiúil sa Rómáin agus sa Bhulgáir, rud a d’fhág go raibh difríochtaí ann maidir le hullmhú, clú agus úsáid na n-ainmneacha lena n-ainmnítear na táirgí. Ar an gcéad dul síos, i dtaca leis an táirge sin a ainmnítear mar “Plăcintă dobrogeană”, tá saintréithe sonracha aige a fhágann gur táirge sainiúil é, is é sin dá gcuirfí i gcomparáid é leis an táirge a ainmnítear mar “Dobrudzhanska banitsa”. Ní cheadaítear ach cáis, iógart agus uibheacha mar líonadh sa Rómáin, agus i gcás tháirgeadh “Dobrudzhanska banitsa” sa Bhulgáir, is féidir feoil agus/nó glasraí a úsáid, chomh maith le bainne úr, freisin. Tá difríochtaí breise ann maidir le húsáid an ghrutha atá éigeantach sa Rómáin, ach atá roghnach sa Bhulgáir. Tá idirdhealú eile ann maidir le leatháin taois, leatháin ina gcuirtear filltín agus a rolltar sa Rómáin, ach bíonn siad fillte mar a bheadh bosca ceoil ann sa Bhulgáir. Léirigh an Rómáin freisin go bhfuil clú seanbhunaithe ar an ainm “Plăcintă dobrogeană”, ainm a thagraíonn don táirge a tháirgtear sa limistéar geografach, a shainítear sa doiciméad aonair mar Chontaetha Tulcea agus Constanța, ar a dtugtar “Dobrogea” freisin. Sa Bhulgáir, níor maíodh ná níor léiríodh go leordhóthanach go bhfuil clú comhthreomhar ar an ainm “Dobrudzhanska banitsa”. Ar deireadh, i gcodarsnacht le “Plăcintă dobrogeană”, is ar tháirgeadh áitiúil agus baile atá an táirge a ainmnítear mar “Dobrudzhanska banitsa” dírithe go príomha. |
|
(9) |
Níl aon amhras ann ach go mbaineann an t-ainm “Plăcintă dobrogeană” leis an táirge taosráin a dhéantar as leatháin taosráin atá líonta le cáis bhog shaillte (telemea) measctha le gruth agus uibheacha a tháirgtear sa limistéar geografach. Dá bhrí sin, tá cáilíochtaí agus clú ag an táirge arb é a thionscnamh geografach is cúis leo. I bhfianaise an mhéid thuas, ní fhéadfar an nasc idir an táirge a ainmnítear mar “Plăcintă dobrogeană” agus an limistéar geografach a cheistiú. |
|
(10) |
Is iad na téarmaí “Dobrudzhanska banitsa” an t-aistriúchán Bulgáirise ar an ainm “Plăcintă dobrogeană”. Ós rud é gurb ionann na hainmneacha san aistriúchán, is é an toradh a bheadh ar chosaint an ainm chláraithe “Plăcintă dobrogeană”, dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, cosc ar tháirgeoirí na Bulgáire an téarma “Dobrudzhanska banitsa” a úsáid chun margaíocht a dhéanamh ar a dtáirgí ar den chineál céanna iad. |
|
(11) |
Ní raibh sé i gceist le húsáid an téarma “Dobrudzhanska banitsa” teacht i dtír ar chlú an ainm “Plăcintă dobrogeană”. Níor cuireadh na tomhaltóirí ar míthreoir ná ní fhéadfaí iad a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh na dtáirgí. Go deimhin, bhí an staid ar an dá mhargadh éagsúil i gcás an dá tháirge. Tagraíonn “plăcintă dobrogeană” do tháirge ag a bhfuil a mhargadh sainiúil, áit a bhfuil cáil air de bharr a cháilíochtaí agus a shaintréithe féin atá nasctha leis an tionscnamh geografach. Tagraíonn “Dobrudzhanska banitsa” do tháirge a chaitear go príomha mar tháirgeadh áitiúil nó fiú mar tháirgeadh baile. |
|
(12) |
Is gnách go n-ullmhaítear agus go gcaitear an táirge “Dobrudzhanska banitsa” go díreach laistigh den lá céanna. Ní dhearnadh margaíocht ar an táirge seo i dtír eile ós rud é nach dtáirgtear an táirge reoite agus, dá bhrí sin, níor cuireadh tomhaltóirí ar míthreoir agus ní fhéadfaí iad a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh na dtáirgí. Go háirithe, ní raibh agus níl “Dobrudzhanska banitsa” dírithe ar onnmhairiú. |
|
(13) |
Ar na cúiseanna sin, agus ós rud é gur léiríodh go raibh an t-ainm “Dobrudzhanska banitsa” in úsáid go dleathach go comhsheasmhach agus go cóir ar feadh 25 bliana ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chlárú “Plăcintă dobrogeană” faoi bhráid an Choimisiúin, ar mhaithe le cothroime agus úsáid thraidisiúnta agus i bhfianaise an chomhaontaithe ar thángthas air idir an t-iarratasóir agus an freasúróir i ndáil leis sin, ba cheart an idirthréimhse 10 mbliana a dheonú. |
|
(14) |
I bhfianaise an mhéid thuas, ba cheart an t-ainm “Plăcintă dobrogeană” a chlárú sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint. |
|
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cláraítear an t-ainm “Plăcintă dobrogeană” (TGFC).
Leis an ainm sa chéad mhír, sainaithnítear táirge de chuid Aicme 2.3. Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí báicéara eile a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Féadfar an téarma “Dobrudzhanska banitsa” (“Добруджанска баница”) a úsáid chun táirge taosráin nach gcomhlíonann an tsonraíocht le haghaidh “Plăcintă dobrogeană” TGFC a ainmniú ar feadh tréimhse 10 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcríoch an Aontais, ar choinníoll go n-urramaítear na prionsabail agus na rialacha is infheidhme ina dhlíchóras.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 38, 3.2.2021, lch. 4.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
CINNTÍ
|
30.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 92/8 |
CINNEADH (AE) 2023/701 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Márta 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach arna bunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar a cuid rialacha nós imeachta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tugadh i gríchan Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle, (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. Is dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”), de bhun Airteagal 182 de. |
|
(2) |
Bunaíodh an Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach (“an mheitheal”) le hAirteagal 15(1) den Phrótacal, chun fónamh mar fhóram le haghaidh malartú faisnéise agus comhairliúchán frithpháirteach maidir le cur chun feidhme an Phrótacail. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 15(2) den Phrótacail, is ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe atá sa mheitheal agus cuirfidh sí a feidhmeanna i gcrích faoi mhaoirseacht an Choiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail arna bhunú faoi Airteagal 165(1), pointe (c), den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus is don choiste sin a ndéanann an mheitheal tuairisciú. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 15(6) den Phrótacal, tá an mheitheal lena cuid rialacha nós imeachta féin a ghlacadh de chomhthoil. Ghlac an mheitheal a rialacha nós imeachta féin ag an gcéad chruinniú a bhí aici an 29 Eanáir 2021 (“na Rialacha Nós Imeachta”). |
|
(5) |
Is gá na Rialacha Nós Imeachta a leasú chun go bhféadfaidh foghrúpaí struchtúrtha tacú leis an meitheal chun feabhas a chur ar an mbealach ina gcuireann an mheitheal a cúraimí mar a shainítear in Airteagal 15 den Phrótacal i gcrích. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa mheitheal a bhunú maidir leis na Rialacha Nós Imeachta a leasú. |
|
(7) |
Ionas go mbeifear in ann na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go tráthúil, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a ghlactha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach arna bunú le hAirteagal 15(1) den Phrótacal (“an mheitheal”), maidir le cinneadh lena leasaítear rialacha nós imeachta na meithle, leagtar amach é sa dréachtchinneadh ón meitheal atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).
|
30.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 92/10 |
CINNEADH (AE) 2023/702 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Márta 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh atá le glacadh, agus le moltaí agus dearbhaithe comhpháirteacha agus aontaobhacha atá le déanamh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. |
|
(2) |
Le hAirteagal 164(5)(d) den Chomhaontú um Tharraingt Siar tugtar de chumhacht don Chomhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 164 (1) de cinntí a ghlacadh lena leasaítear an Comhaontú sin, ar choinníoll gur gá na leasuithe sin chun earráidí a cheartú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhartha nó ar easnaimh eile, nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach raibh coinne leo nuair a síníodh an Comhaontú, seachas i ndáil le Cuid a hAon, Cuid a Ceathair agus Cuid a Sé den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus ar choinníoll nachbhféadfaidh na cinntí sin eilimintí ríthábhachtacha an Chomhaontaithe a leasú. |
|
(3) |
Le hAirteagal 166(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar tugtar de chumhacht don Chomhchoiste cinntí a ghlacadh i leith na n-ábhar uile dá bhforáiltear sa Chomhaontú sin agus moltaí iomchuí a chur chuig an Aontas agus an Ríocht Aontaithe. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe, agus tá an Aontas agus an Ríocht Aontaithe leis na cinntí sin a chur chun feidhme, a bhfuil an éifeacht dhlíthiúil chéanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar. Foráiltear le hAirteagal 166(3) den Chomhaontú um Tharraingt Siar gur de chomhthoil a dhéanfar moltaí. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 182 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, is dlúthchuid den Chomhaontú sin an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”). |
|
(5) |
Is iomchuí don Aontas agus don Ríocht Aontaithe Dearbhú Comhpháirteach a thabhairt sa Chomhchoiste á rá go dtagróidh siad, i gcás inarb ábhartha ina ngnóthaí faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, ar bhealach atá comhsheasmhach le ceanglais na deimhneachta dlíthiúla, don Phrótacal arna leasú mar “Creat Windsor”, agus go bhféadfaidh siad tagairt a dhéanamh ar an mbealach céanna don Phrótacal arna leasú ina reachtaíocht bhaile. |
|
(6) |
Ag féachaint d’imthosca sonracha i dTuaisceart Éireann, is gá foráil a dhéanamh gur cheart don Aontas agus don Ríocht Aontaithe a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú gur cheart socruithe sonracha maidir le gluaiseacht earraí laistigh de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe a áireamh sna héascuithe ar an trádáil idir Tuaisceart Éireann agus codanna eile den Ríocht Aontaithe, socruithe atá comhsheasmhach le seasamh Thuaisceart Éireann mar chuid de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe i gcomhréir leis an bPrótacal sin, i gcás ina bhfuil na hearraí ceaptha lena dtomhailt deiridh nó lena n-úsáid deiridh i dTuaisceart Éireann agus i gcás ina bhfuil na coimircí is gá i bhfeidhm chun sláine mhargadh inmheánach agus aontas custaim an Aontais a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Ba cheart don Aontas a thabhairt dá aire Dearbhú Aontaobhach na Ríochta Aontaithe sa Chomhchoiste ina leagtar amach an cleachtas atá beartaithe aici a chur ar bun a mhéid a bhaineann le gluaiseacht earraí ó Thuaisceart Éireann chuig codanna eile den Ríocht Aontaithe. |
|
(8) |
Ba cheart don Aontas a thabhairt dá aire freisin Dearbhú Aontaobhach na Ríochta Aontaithe sa Chomhchoiste ina leagtar amach an cleachtas atá beartaithe aici a chur ar bun a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí faireachais margaidh agus forfheidhmiúcháin. |
|
(9) |
Is gá comhar feabhsaithe a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, agus idir an Ríocht Aontaithe agus údaráis na mBallstát i gcás inarb iomchuí, chun taca a chur faoi na socruithe sonracha atá beartaithe le gníomhaíocht éifeachtach faireachais margaidh agus forfheidhmiúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhchoiste moladh a dhéanamh lena ndéanfaí foráil maidir leis an gcomhar feabhsaithe sin agus lena leagfaí amach go bhféadfaí comhroinnt eolais, malartú faisnéise, obair le hoibreoirí agus gníomhaíocht chomhpháirteach a chuimsiú sa chomhar. |
|
(10) |
Agus imthosca sonracha i dTuaisceart Éireann á gcur san áireamh, lena n-áirítear a áit lárnach i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe, ba cheart leasuithe áirithe a dhéanamh ar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal. Níor cheart rioscaí calaoise fioscaí ná aon saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann tarlú mar thoradh ar chur i bhfeidhm na leasuithe sin. Níor cheart rioscaí do mhargadh inmheánach an Aontais, ná do mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe, a chruthú le cur chun feidhme na leasuithe sin i dTuaisceart Éireann, agus go háirithe le cur chun feidhme na scéime speisialta maidir le ciandíol earraí a allmhairíodh ó thríú críocha agus tríú tíortha, ná níor cheart ualaí míchuí a chur ar ghnólachtaí a oibríonn i dTuaisceart Éireann leo. Chun raon feidhme cur i bhfeidhm gníomhartha áirithe atá liostaithe cheana in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann a shoiléiriú, ba cheart dhá nóta a chur leis an Iarscríbhinn sin. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar easnaimh bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann nó ar imthosca gan choinne, agus chun a áirithiú go bhféadfaí aon nóta eile lena sonraítear an bealach ina bhfuil feidhm ag gníomhartha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 3 maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann a chur leis an Iarscríbhinn sin tráth ar bith, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht sin. |
|
(11) |
Ba cheart don Aontas agus don Ríocht Aontaithe Dearbhú Comhpháirteach a dhéanamh sa Chomhchoiste maidir leis an gcóras CBL d’earraí nach bhfuil i mbaol le haghaidh mhargadh inmheánach an Aontais agus maidir leis na socruithe CBL le haghaidh aisíocaíochtaí trasteorann. Leis an dearbhú sin, gheallfadh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht nótaí a chur isteach lena soiléireofaí raon feidhme cur i bhfeidhm gníomhartha áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal. Bhainfeadh an chéad nóta le cur i bhfeidhm na rátaí a leagtar síos i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle (2) agus bheadh liosta earraí ann a bheadh, de réir a gcineáil agus de réir na gcoinníollacha faoina soláthraítear iad, faoi réir a dtomhailte deiridh i dTuaisceart Éireann agus ina gcás nach mbeadh tionchar diúltach ar mhargadh inmheánach an Aontais i bhfoirm rioscaí calaoise fioscaí nó saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann ag cur i bhfeidhm rátaí éagsúla. Ba cheart don Aontas agus don Ríocht Aontaithe a léiriú freisin go bhfuil siad toilteanach meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar liosta den sórt sin go tráthrialta. Bhainfeadh an dara nóta leis na socruithe CBL atá ann faoi láthair le haghaidh aisíocaíochtaí trasteorann faoi dhlí an Aontais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 8 den Phrótacal. |
|
(12) |
Chun éifeachtacht Airteagal 8 den Phrótacal a áirithiú, ba cheart don Aontas agus don Ríocht Aontaithe faisnéis a mhalartú ar bhealach struchtúrtha agus aon saincheist a eascraíonn as cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Airteagal 8 den Phrótacal sin a phlé ar bhealach struchtúrtha, lena n-áirítear athruithe tábhachtacha a bheartaítear sa chreat reachtach is infheidhme san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe i réimsí CBL agus máil a bhaineann le hearraí. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh i gCinneadh ón gComhchoiste maidir le cruinnithe speisialta den Choiste Speisialaithe um saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Coiste Speisialaithe”) mar shásra comhordúcháin feabhsaithe chun go mbeidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe in ann aon saincheist a bhaineann le feidhmiú an Phrótacail i réimsí CBL agus máil a shainaithint agus a phlé agus gníomhaíocht iomchuí a mholadh, de réir mar is gá. |
|
(13) |
Chun raon feidhme chur i bhfeidhm Airteagal 10(1) den Phrótacal a shoiléiriú a tuilleadh, is iomchuí don Aontas agus don Ríocht Aontaithe comhthuiscint a leagan amach maidir leis na coinníollacha le haghaidh státchabhair arna deonú ag údaráis na Ríochta Aontaithe a bheith faoi raon feidhme Airteagal 10(1), go háirithe a mhéid a bhaineann leis an bhfíornasc díreach le Tuaisceart Éireann. Dá bhrí sin, is iomchuí don Aontas agus don Ríocht Aontaithe Dearbhú Comhpháirteach a dhéanamh sa Chomhchoiste chuige sin. |
|
(14) |
Chun aghaidh a thabhairt ar chás ina ndéanann gníomh sonrach de chuid an Aontais lena leasaítear nó lena n-ionadaítear gníomh dá dtagraítear sa Phrótacal athrú suntasach ar ábhar nó ar raon feidhme an ghnímh sin de réir mar is infheidhme roimh a leasú nó a ionadú agus i gcás ina mbeadh tionchar suntasach ag cur i bhfeidhm an ghnímh de chuid an Aontais arna leasú nó arna ionadú amhlaidh i dTuaisceart Éireann ar shaol laethúil pobal i dTuaisceart Éireann ar bhealach ar dócha go leanfar de, is gá sásra coscáin éigeandála a bhunú lena gcuirtear ar a chumas do 30 Comhalta den Tionól Reachtach i dTuaisceart Éireann ó dhá pháirtí ar a laghad (agus gan an Ceann Comhairle agus na Leas-Chinn Chomhairle san áireamh), faoi gach ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den dréacht-Dearbhú Aontaobhach ón Ríocht Aontaithe maidir le rannpháirtíocht institiúidí Chomhaontú Aoine an Chéasta nó Bhéal Feirste an 10 Aibreán 1998 idir Rialtas na Ríochta Aontaithe, Rialtas na hÉireann agus na rannpháirtithe eile sa chaibidlíocht ilpháirtí (“Comhaontú 1998”) a chuirtear i gceangail leis an gCinneadh Comhchoiste atá beartaithe lena leasaítear an Prótacal, aghaidh a thabhairt ar an gcás thuasluaite. Foráiltear leis na coinníollacha sin, inter alia, gur féidir an fógra a thabhairt sna himthosca is eisceachtúla agus mar rogha dheireanach, agus gur iarr Comhaltaí den Tionól Reachtach plé substainteach roimh ré le Rialtas na Ríochta Aontaithe agus laistigh d’Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann chun gach féidearthacht i ndáil le gníomh an Aontais a scrúdú. I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Aontas chuige sin, ní bheadh feidhm ag gníomh an Aontais arna leasú nó arna ionadú leis an ngníomh sonrach de chuid an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann de bhun Airteagal 13(3) den Phrótacal. Ina ionad sin, níor mhór gníomh an Aontais arna leasú nó arna ionadú leis an ngníomh sonrach de chuid an Aontais a chur leis an Iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an bPrótacal i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 13(4) de. Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal a leasú dá réir sin. |
|
(15) |
I gcás ina mbeidh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 13, mír 3a, an chéad fhomhír den Phrótacal nua mar atá beartaithe tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Aontas, ach i gcás ina rialóidh painéal eadrána nár chomhlíon an Ríocht Aontaithe na coinníollacha maidir le fógra den sórt sin a leagtar síos sa tríú fomhír den mhír sin, ba cheart an rialú sin ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh go pras. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhchoiste moladh a dhéanamh lena bhforáiltear do chomhlíonadh pras den sórt sin. Ba cheart an méid sin a bheith bunaithe ar an gcomhthuiscint gur cheart comhlíonadh pras a bhaint amach ar an mbealach céanna i gcás nár chomhlíon an Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí maidir le meon macánta faoi Airteagal 5 den Chomhaontú um Tharraingt Siar tríd an bhfógra sin a thabhairt agus gan gach ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Dearbhú Aontaobhach ón Ríocht Aontaithe maidir le rannpháirtíocht institiúidí Chomhaontú 1998, atá i gceangal le Cinneadh 1/2023 ón gComhchoiste, a bheith comhlíonta. |
|
(16) |
Ba cheart don Aontas agus don Ríocht Aontaithe a aithint go bhfuil fógra na Ríochta Aontaithe faoin Airteagal 13(3a) nua atá beartaithe den Phrótacal le tabhairt faoi gach ceann de choinníollacha mhír 1 de dhearbhú aontaobhach na Ríochta Aontaithe maidir le rannpháirtíocht institiúidí Chomhaontú 1998 chun go ndéanfar é de mheon macánta, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chomhaontú um Tharraingt Siar. Is iomchuí a shoiléiriú freisin trí dhearbhú comhpháirteach gur cheart, i gcás ina rialaíonn painéal eadrána gur theip ar an Ríocht Aontaithe Airteagal 5 den Chomhaontú um Tharraingt Siar a chomhlíonadh i ndáil le fógra a thabhairt don Aontas lena gcuirtear an sásra i ngníomh, comhlíonadh an rialaithe ón bpainéal eadrána a bhaint amach go pras. |
|
(17) |
Ba cheart don Aontas agus don Ríocht Aontaithe lánúsáid a bhaint as na comhchomhlachtaí arna mbunú leis an gComhaontú um Tharraingt Siar chun maoirseacht a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coiste Speisialaithe malartú tuairimí a cheadú i ndáil le haon reachtaíocht de chuid na Ríochta Aontaithe amach anseo maidir le hearraí atá ábhartha d’fheidhmiú an Phrótacail. Chuige sin, féadfaidh an Coiste Speisialaithe teacht le chéile i gcomhdhéanamh sonrach, is é sin an Sainchomhlacht um Earraí, chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an reachtaíocht sin a bheidh ann amach anseo i dTuaisceart Éireann, agus chun aon deacracht phraiticiúil atá i gceist a thuar agus a phlé. Réiteodh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe aon saincheist maidir le feidhmiú an Phrótacail ar an mbealach is fearr agus is gasta is féidir. Dá bhrí sin, is iomchuí don Aontas agus don Ríocht Aontaithe Dearbhú Comhpháirteach a ghlacadh sa Chomhchoiste chuige sin. |
|
(18) |
Ba cheart don Aontas a thabhairt dá aire Dearbhú Aontaobhach na Ríochta Aontaithe sa Chomhchoiste maidir leis an sásra um thoiliú daonlathach in Airteagal 18 den Phrótacal, ag meabhrú dó cúraimí an Chomhchoiste faoi Airteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar. |
|
(19) |
Léiríodh gur gá raon feidhme na dtrádálaithe atá incháilithe chun earraí nach bhfuil i mbaol a aistriú ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann dá dtagraítear i gCinneadh Uimh. 4/2020 ón gComhchoiste (3) a leathnú. Go háirithe, ba cheart coinníollacha nua a bhunú chun a mheas nach bhfuil earraí faoi réir próiseáil tráchtála lena n-áirítear tríd an tairseach láimhdeachais bliantúil a mhéadú d’oibreoirí chun a mheas nach próiseáil tráchtála é próiseáil earraí ag na hoibreoirí sin, gan beann ar a n-earnáil gníomhaíochta. Thairis sin, ba cheart cead a bheith ag oibreoirí arna mbunú i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe cloí leis an scéim trádálaithe iontaofa atá mar bhonn taca leis na socruithe maidir le hearraí nach bhfuil i mbaol a aistriú. Ba cheart na coinníollacha sonracha maidir le húdarú trádálaithe iontaofa a leagan amach ar bhealach níos mionsonraithe, rud a áiritheoidh go mbeidh coimircí níos láidre ag gabháil leis na héascuithe custaim a thugtar do thrádálaithe iontaofa agus d’iompróirí údaraithe agus iad ag aistriú earraí nach bhfuil i mbaol ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann, ar éascuithe iad atá le leagan síos i leasuithe spriocdhírithe ar ghníomhartha ábhartha an Aontais. |
|
(20) |
Ina theannta sin, ba cheart rialacha a leagan síos chun na coinníollacha a shonrú faoinar féidir a mheas nach bhfuil earraí a sheoltar i mbeartáin ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann i mbaol i gcás ina seachadtar na beartáin sin chuig daoine príobháideacha a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann agus i gcás gur iompróirí údaraithe é a thugann isteach i dTuaisceart Éireann iad. |
|
(21) |
Ba cheart don Aontas a thabhairt dá aire Dearbhú Aontaobhach na Ríochta Aontaithe sa Chomhchoiste ina leagtar amach an cleachtas atá beartaithe aici a chur ar bun chun gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a bhaineann le hearraí a aistrítear i mbeartáin ó chuid eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann a neartú. |
|
(22) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú a mhéid a bhaineann le cinneadh atá le glacadh, agus moltaí agus dearbhuithe comhpháirteacha agus aontaobhacha atá le déanamh. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar (“an Comhchoiste”) a mhéid a bhaineann le Cinneadh atá le glacadh agus Moltaí áirithe atá le déanamhag an gComhchoiste, leagtar amach é sa dréacht chinneadh agus sna dréacht mholtaí atá i gceangal in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a mhéid a bhaineann le Dearbhuithe Comhpháirteacha áirithe atá le déanamh ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste, leagtar amach é sna dréacht-Dearbhuithe Comhpháirteacha atá i gceangal le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a mhéid a bhaineann le Dearbhuithe Aontaobhacha áirithe atá le déanamh ag an Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste agus atá i gceangal le hIarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh seo i ndréachtfhoirm na Dearbhuithe sin a thabhairt dá aire. I ndáil le Dearbhú Aontaobhach na Ríochta Aontaithe sa Chomhchoiste maidir leis an sásra um thoiliú daonlathach in Airteagal 18 den Phrótacal, meabhróidh an tAontas dó chomh maith cúraimí an Chomhchoiste faoi Airteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha..
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).
(2) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(3) Cinneadh Uimh. 4/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 17 Nollaig 2020 maidir le cinneadh earraí nach bhfuil i mbaol [2020/2248] (IO L 443, 30.12.2020, lch. 6).
|
30.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 92/15 |
CINNEADH (AE) 2023/703 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Márta 2023
lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Éirinn, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 302 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/853 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na hÉireann,
Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(2) den Chonradh, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le bheith comhdhéanta d’ionadaithe d’eagraíochtaí fostóirí, fostaithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha. |
|
(2) |
An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/1392 (2) lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tagtha chun bheith folamh tar éis do Mary DOYLE éirí as oifig. |
|
(4) |
Tá sé molta ag Rialtas na hÉireann go gceapfaí Neil WALKER, Head of Infrastructure, Energy and Environment, Irish Business and Employers Confederation (IBEC), ina chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Neil WALKER, Head of Infrastructure, Energy and Environment, Irish Business and Employers Confederation (IBEC), ina chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 28 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. BUSCH
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 15.
(2) Cinneadh (AE) 2020/1392 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, agus lena n-aisghairtear agus lena n-ionadaítear an Cinneadh ón gComhairle lena gceaptar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025 a glacadh an 18 Meán Fómhair 2020 (IO L 322, 5.10.2020, lch. 1).
|
30.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 92/17 |
CINNEADH (AE) 2023/704 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Márta 2023
lena gceaptar comhalta, agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na Beilge, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na Beilge,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 26 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/511 (3), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Pierre-Yves JEHOLET éirí as oifig. |
|
(4) |
Tiocfaidh suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún chun bheith folamh tar éis cheapadh Annabel TAVERNIER mar chomhalta de Choiste na Réigiún. |
|
(5) |
Mhol rialtas na Beilge Annabel TAVERNIER, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Vlaams Parlementslid (Comhalta de Pharlaimint Fhlóndras), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(6) |
Mhol rialtas na Beilge Jeroen TIEBOUT, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Vlaams Parlementslid (Comhalta de Pharlaimint Fhlóndras), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
(a) |
mar chomhalta:
agus |
|
(b) |
mar chomhalta malartach:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. BUSCH
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).
(3) Cinneadh (AE) 2020/511 ón gComhairle an 26 Márta 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 113, 8.4.2020, lch. 18).
|
30.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 92/19 |
CINNEADH (AE) 2023/705 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Márta 2023
lena leasaítear Cinntí (AE) 2017/175 agus (AE) 2018/680 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh maidir le cóiríocht do thurasóirí d’Éicilipéad an AE agus seirbhísí glantacháin laistigh d’Éicilipéad an AE le haghaidh táirgí áirithe a bhaineann le fuinneamh
(A bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiceaméad C (2023) 2067)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,
Tar éis dul i gcomhairle le Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 go bhféadfaí Éicilipéad an AE a dhámhachtain ar tháirgí ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol le linn a saolré. Tá critéir shonracha Éicilipéad an AE le bunú do gach grúpa táirgí. |
|
(2) |
Le Cinneadh (AE) 2017/175 (2) ón gCoimisiún, bunaíodh critéir Éicilipéad an AE agus ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú don ghrúpa táirgí “cóiríocht do thurasóirí”. |
|
(3) |
Le Cinneadh (AE) 2018/680 ón gCoimisiún (3), bunaíodh critéir Éicilipéad an AE agus ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú don ghrúpa táirgí “seirbhísí glantacháin laistigh”. |
|
(4) |
Áirítear sa dá Chinneadh (AE) 2017/175 agus (AE) 2018/680 ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh táirgí sonracha a bhaineann le fuinneamh, lena dtagraítear don reachtaíocht is gá a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(5) |
Thug an Coimisiún lipéid éifeachtúlachta fuinnimh athscálaithe A go G isteach le haghaidh táirgí áirithe a bhaineann le fuinneamh (“táirgí athscálaithe”) de réir an phlean oibre dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Tagraítear do na táirgí athscálaithe sin i gcritéar 8, 31 (a), 31 (c), 31 (d), 31 (e) agus 31 (h) de Chinneadh (AE) 2017/175, agus i gcritéar O10 (a) de Chinneadh (AE) 2018/680 agus is foinsí solais iad, faoi seach, fearais chuisniúcháin, miasniteoirí tí, meaisíní níocháin tí agus taispeáintí leictreonacha. Ós rud é gur aisghaireadh Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2015 (5), (AE) 2019/2016 (6), (AE) 2019/2017 (7), (AE) 2019/2014 (8) agus (AE) 2019/2013 (9) ón gCoimisiún Rialacháin Tharmligthe (AE) Uimh. 874/2012 (10), (AE) Uimh. 1060/2010 (11), (AE) Uimh. 1059/2010 (12), (AE) Uimh. 1061/2010 (13) agus (AE) Uimh. 1062/2010 (14) ón gCoimisiún, ní mór, dá bhrí sin, na critéir sin a nuashonrú le tagairtí do cheanglais fuinnimh a leagtar amach i Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2015, (AE) 2019/2016, (AE) 2019/2017, (AE) 2019/2014 agus (AE) 2019/2013. I dteannta na dtagairtí, ní mór na critéir sin a thabhairt cothrom le dáta chun na haicmí barr éifeachtúlachta fuinnimh athscálaithe a léiriú ionas go leanfaidh critéir Éicilipéad an AE de bheith ag freagairt don 10-20 % is fearr de na táirgí atá ar fáil ar mhargadh an Aontais ó thaobh feidhmíochta comhshaoil de, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, Cuid A, pointe 2 de Rialachán (CE) Uimh. 66/2010. |
|
(6) |
Ba cheart tagairtí do na ceanglais fuinnimh a leagtar amach i Rialacháin Tharmligthe (AE) Uimh. 874/2012, (AE) Uimh. 1060/2010, (AE) Uimh. 1059/2010, (AE) Uimh. 1061/2010 agus (AE) Uimh. 1062/2010 a choimeád i gCinneadh (AE) 2017/175 agus i gCinneadh (AE) 2018/680 chun go bhféadfar a mheas go bhfuil táirgí a ceannaíodh roimh theacht i bhfeidhm na rialacha nua maidir le lipéadú fuinnimh i gcomhréir le critéir Éicilipéad an AE. |
|
(7) |
Áirítear le critéar 31 (e) a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/175 tagairtí do chlár Energy Star AE maidir le trealamh oifige agus do chomhaontuithe Energy Star AE-SAM (15) , (16) a chuaigh in éag an 20 Feabhra 2018. D’fhonn a ráthú go mbeidh ardfheidhmíocht chomhshaoil ag critéir Éicilipéad an AE, in éagmais lipéad ábhartha fuinnimh nó Rialachán lena sainmhínítear aicmí fuinnimh do threalamh oifige, seachas i gcás “taispeáintí leictreonacha” a bhfuil aicmí éifeachtúlachta fuinnimh athscálaithe ar fáil dóibh9, ba cheart go gceanglófaí leis an gceanglas leasaithe go gcáileoidh trealamh oifige nuacheannaithe de réir éicilipéad EN ISO 14024 de chineál I (17). |
|
(8) |
Le critéar 31(g) a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/175 agus le critéar O5 a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2018/680, tugtar aird ar iarratasóirí ar Éicilipéad an AE maidir le folúsghlantóirí atá tíosach ar fhuinneamh a úsáid agus áirítear leis tagairt do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 665/2013 (18) ón gCoimisiún agus d’aicmí gaolmhara éifeachtúlachta fuinnimh. Rinne an Chúirt Ghinearálta, le cinneadh i gcás T-544/13 RENV, an Rialachán Tarmligthe sin a neamhniú (19). Chun a áirithiú gur féidir leanúint de phointí a dhámhachtain ar iarratasóirí Éicilipéad an AE as folúsghlantóirí atá tíosach ar fhuinneamh a úsáid, ba cheart tagairtí do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún a chur in ionad na dtagairtí do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 665/2013 a cuireadh ar neamhní (20), agus ba cheart tagairtí do thairseacha bliantúla tomhaltais fuinnimh a chur in ionad na dtagairtí d’aicmí éifeachtúlachta fuinnimh. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2017/175 agus Cinneadh (AE) 2018/680 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2017/175 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2018/680 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 27, 30.1.2010, lch. 1.
(2) Cinneadh (AE) 2017/175 ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2017 maidir le critéir Éicilipéad an AE le haghaidh cóiríocht do thurasóirí a bhunú (IO L 28, 2.2.2017, lch. 9).
(3) Cinneadh (AE) 2018/680 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2018 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE do sheirbhísí glantacháin laistigh (IO L 114, 4.5.2018, lch. 22).
(4) Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh foinsí solais agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 68).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 102).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 134).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún agus Treoir 96/60/CE ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 29).
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 1).
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do lampaí leictreacha agus do shoilse (IO L 258, 26.9.2012, lch. 1).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh d’fhearais chuisniúcháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 17).
(12) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéad a bhaineann le lipéadú fuinnimh do mhiasniteoirí tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 1).
(13) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do mheaisíní níocháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 47).
(14) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do theilifíseáin (IO L 314, 30.11.2010, lch. 64).
(15) Cinneadh (AE) 2015/1402 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2015 lena gcinntear seasamh an Aontais Eorpaigh maidir le cinneadh ó na heintitis bhainistíochta faoin gComhaontú idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le comhordú clár um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige i ndáil le hathbhreithniú sonraíochtaí le haghaidh ríomhairí a áirítear in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú (IO L 217, 18.8.2015, lch. 9).
(16) 16 Cinneadh 2014/202/AE ón gCoimisiún an 20 Márta 2014 lena gcinntear seasamh an Aontais Eorpaigh le haghaidh cinneadh ó na heintitis Bhainistíochta faoin gComhaontú idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le cláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh a chomhordú do threalamh oifige i ndáil le sonraíochtaí a chur le freastalaithe ríomhaireachta agus soláthairtí cumhachta do-idirbhriste d’Iarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú agus maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar shonraíochtaí maidir le trealamh taispeána agus íomháithe a áirítear in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú (IO L 114, 16.4.2014, lch. 68).
(17) ISO 14024:2018. Lipéid agus dearbhuithe comhshaoil — Lipéadú comhshaoil de Chineál I – Prionsabail agus nósanna imeachta.
(18) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 665/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh d’fholúsghlantóirí (IO L 192, 13.7.2013, lch. 1)
(19) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta, Dyson Ltd v An Coimisiún Eorpach, Cás T-544/13 RENV, ECLI:EU:T:2018:761.
(20) Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh folúsghlantóirí (IO L 192, 13.7.2013, lch. 24).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2017/175 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad chritéar 8: “ Critéar 8 — Soilsiú atá tíosach ar fhuinneamh
Measúnú agus fíorú Cuirfidh an t-iarratasóir tuarascálacha scríofa ar fáil don chomhlacht inniúil ina léireofar méid iomlán na lampaí agus na soilse atá oiriúnach chun soilsiú coigilte fuinnimh, uaireanta oibriúcháin agus an méid coigilte fuinnimh, lampaí agus soilse ag a bhfuil lampaí solais agus soilse atá tíosach ar fhuinneamh d’Aicme A ar a laghad a úsáid mar a chinntear i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012, de réir mar is infheidhme an 31 Lúnasa 2021, nó foinsí solais ag a bhfuil ar a laghad Aicme D éifeachtúlachta fuinnimh mar a chinntear i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015. Áireofar sna tuarascálacha freisin an míniú ar an dodhéantacht lampaí agus soilse a ionadú i gcás nach féidir lampaí agus soilse coigilte fuinnimh a úsáid mar gheall ar shaintréithe fisiceacha. Soláthrófar dhá thuarascáil, an chéad cheann ar dháta an iarratais agus an dara tuarascáil laistigh de 2 bhliain ar a mhéad ó dháta na dámhachtana faoi seach. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na saintréithe fisiceacha a d’fhéadfadh cosc a chur ar úsáid bolgán solais coigilte fuinnimh: soilsiú maisiúil a éilíonn lampaí agus soilse speisialaithe; soilsiú inadhainte; cásanna ina bhféadfadh sé nach mbeadh soilsiú coigilte fuinnimh ar fáil. I gcás inarb amhlaidh an cás, cuirfear fianaise ar fáil chun a léiriú cén fáth nach féidir lampaí coigilte fuinnimh agus soilse a úsáid. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin, mar shampla, fianaise fhótagrafach. (*1) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do lampaí leictreacha agus do shoilse (IO L 258, 26.9.2012, lch. 1)." (*2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh foinsí solais agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 68).” " |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad chritéar 31: “ Critéar 31. Soilsiú agus fearais tí atá tíosach ar fhuinneamh (suas le 4 phointe) Beidh fearais atá tíosach ar fhuinneamh ag an gcóiríocht do thurasóirí sna catagóirí seo a leanas (0,5 pointe nó 1 phointe gach ceann de na catagóirí seo a leanas, go 4 phointe ar a mhéad):
Measúnú agus fíorú Soláthróidh an t-iarratasóir doiciméadacht lena léirítear aicme fuinnimh (Deimhniú Energy Star le haghaidh chatagóir (e)) na bhfearas uile don chatagóir is infheidhme a ceannaíodh roimh an 20 Feabhra 2018. Cuirfidh an t-iarratasóir cóip de dheimhniú éicilipéid EN ISO 14024 de chineál I ar fáil maidir leis na fearais nó an doiciméadacht ábhartha uile lena léirítear go gcomhlíontar na ceanglais maidir le haicme fuinnimh, (amhail sonraisc, bileoga teicniúla agus dearbhuithe monaróra), de gach fearas le haghaidh na catagóire is infheidhme a ceannaíodh tar éis an 20 Feabhra 2018. (*3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh d’fhearais chuisniúcháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 17)." (*4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 102)." (*5) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 65/2014 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh d’oighinn bhaile agus do chochaill sorn (IO L 29, 31.1.2014, lch. 1)." (*6) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 1)." (*7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 134)." (*8) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do mheaisíní níocháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 47)." (*9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún agus Treoir 96/60/CE ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 29)." (*10) Cinneadh (AE) 2015/1402 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2015 lena gcinntear seasamh an Aontais Eorpaigh maidir le cinneadh ó na heintitis bhainistíochta faoin gComhaontú idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le comhordú clár um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige i ndáil le hathbhreithniú sonraíochtaí le haghaidh ríomhairí a áirítear in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú (IO L 217, 18.8.2015, lch. 9)." (*11) Cinneadh 2014/202/AE ón gCoimisiún an 20 Márta 2014 lena gcinntear seasamh an Aontais Eorpaigh le haghaidh cinneadh ó na heintitis Bainistíochta faoin gComhaontú idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le cláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh a chomhordú do threalamh oifige maidir le sonraíochtaí le haghaidh freastalaithe ríomhaireachta agus soláthairtí cumhachta do-idirbhriste a chur le hIarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú agus maidir le hathbhreithniú na sonraíochtaí maidir le trealamh taispeána agus íomháithe a áirítear in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú (IO L 114, 16.4.2014, lch. 68)." (*12) EN ISO 14024. Lipéid agus dearbhuithe comhshaoil – Lipéadú comhshaoil de Chineál I – Prionsabail agus nósanna imeachta. An dara heagrán 2018-02." (*13) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 1)." (*14) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 ón gCoimisiún an 1 Márta 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do thriomadóirí rothlaim tí (IO L 123, 9.5.2012, lch. 1)." (*15) Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2013 lena gcuirtear Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh folúsghlantóirí i bhfeidhm (IO L 192, 13.7.2013, lch. 24).” " |
(*1) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do lampaí leictreacha agus do shoilse (IO L 258, 26.9.2012, lch. 1).
(*2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh foinsí solais agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 68).”
(*3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh d’fhearais chuisniúcháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 17).
(*4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 102).
(*5) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 65/2014 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh d’oighinn bhaile agus do chochaill sorn (IO L 29, 31.1.2014, lch. 1).
(*6) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 1).
(*7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 134).
(*8) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do mheaisíní níocháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 47).
(*9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún agus Treoir 96/60/CE ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 29).
(*10) Cinneadh (AE) 2015/1402 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2015 lena gcinntear seasamh an Aontais Eorpaigh maidir le cinneadh ó na heintitis bhainistíochta faoin gComhaontú idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le comhordú clár um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige i ndáil le hathbhreithniú sonraíochtaí le haghaidh ríomhairí a áirítear in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú (IO L 217, 18.8.2015, lch. 9).
(*11) Cinneadh 2014/202/AE ón gCoimisiún an 20 Márta 2014 lena gcinntear seasamh an Aontais Eorpaigh le haghaidh cinneadh ó na heintitis Bainistíochta faoin gComhaontú idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le cláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh a chomhordú do threalamh oifige maidir le sonraíochtaí le haghaidh freastalaithe ríomhaireachta agus soláthairtí cumhachta do-idirbhriste a chur le hIarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú agus maidir le hathbhreithniú na sonraíochtaí maidir le trealamh taispeána agus íomháithe a áirítear in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú (IO L 114, 16.4.2014, lch. 68).
(*12) EN ISO 14024. Lipéid agus dearbhuithe comhshaoil – Lipéadú comhshaoil de Chineál I – Prionsabail agus nósanna imeachta. An dara heagrán 2018-02.
(*13) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 1).
(*14) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 ón gCoimisiún an 1 Márta 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do thriomadóirí rothlaim tí (IO L 123, 9.5.2012, lch. 1).
(*15) Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2013 lena gcuirtear Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh folúsghlantóirí i bhfeidhm (IO L 192, 13.7.2013, lch. 24).” ”
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2018/680 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad chritéar O5: “ Critéar O5 — Éifeachtúlacht fuinnimh d’fholúsghlantóirí (3 phointe) Ní chumhdaítear leis an gcritéar seo ach folúsghlantóirí a chumhdaítear faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún (*). Díolmhaítear ó raon feidhme an Rialacháin sin folúsghlantóirí agus snasairí urláir atá fliuch, fliuch agus tirim, róbait, folúsghlantóirí tionsclaíocha, lárnacha agus oibrithe ceallraí agus folúsghlantóirí lasmuigh. Beidh tomhaltas fuinnimh bliantúil (AE) mar a leagtar síos in Iarscríbhinn II, pointe 3 de Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ag 40 % ar a laghad le haghaidh folúsghlantóirí (arna shlánú suas go dtí an chéad slánuimhir eile) ar leis an iarratasóir iad nó atá ar léas aige agus a úsáidtear chun seirbhísí glantacháin laistigh d’Éicilipéad an AE a sholáthar:
Measúnú agus fíorú Cuirfidh an t-iarratasóir doiciméadacht ar fáil lena léirítear go gcomhlíontar na ceanglais bhliantúla maidir le hídiú fuinnimh (amhail dearbhú ón monaróir), mar aon le liosta iomlán folúsghlantóirí a úsáidtear chun seirbhísí Éicilipéad an AE a sholáthar.’ |
|
(2) |
leasaítear critéar O10 mar a leanas:
|
(*) Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do choirí breosla sholadaigh (IO L 192, 13.7.2013, lch. 24).
(**) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do mheaisíní níocháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 47).
(***) Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2010 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do mheaisíní níocháin tí (IO L 293, 11.11.2010, lch. 21).
(****) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún agus Treoir 96/60/CE ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 29).
Ceartúcháin
|
30.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 92/27 |
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2515 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2022 maidir le rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas a dheonú le haghaidh 2023 d’earraí áirithe de thionscnamh na hIorua ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad a chumhdaítear leis an Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 326 an 21 Nollaig 2022 )
Ar leathanach 12, san Iarscríbhinn, sa cholún dar teideal ‘Tuairisc ar na hearraí’, sa ró a chomhfhreagraíonn do Chód AC ‘ex 2202 99 15’
in ionad:
‘Deochanna bunaithe ar shoighe ina bhfuil cion próitéine 2,8 % nó níos mó de réir meáchain; deochanna bunaithe ar chnónna Chaibidil 8 de Chód Custaim an Aontais, ar ghránaigh Chaibidil 10 de Chód Custaim an Aontais nó ar shíolta Chaibidil 12 de Chód Custaim an Aontais ar deochanna iad ina bhfuil siúcra (siúcrós nó siúcra inbhéartaithe)’,
léitear:
‘Deochanna bunaithe ar shoighe ina bhfuil cion próitéine 2,8 % nó níos mó de réir meáchain; deochanna bunaithe ar chnónna Chaibidil 8 den Chomhtharaif Chustaim, ar ghránaigh Chaibidil 10 den Chomhtharaif Chustaim nó ar shíolta Chaibidil 12 den Chomhtharaif Chustaim ar deochanna iad ina bhfuil siúcra (siúcrós nó siúcra inbhéartaithe)’.
|
30.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 92/28 |
Ceartúchán ar Threoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2014 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/90/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha i ndáil le géinis agus speicis plandaí torthaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann léi, ceanglais shonracha a bheidh le comhlíonadh ag soláthróirí agus rialacha mionsonraithe maidir le iniúchtaí oifigiúla
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 298 an 16 Deireadh Fómhair 2014 )
Ar leathanach 61, in Iarscríbhinn V:
in ionad:
‘ Prunus avium agus P. cerasus ’
léitear:
‘ Prunus avium L. agus Prunus cerasus L. ’