|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
|
|
|
Ceartúcháin |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
23.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/666 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Márta 2023
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Olio Campania” (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Iodáil ar chlárú an ainm “Olio Campania” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
|
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Olio Campania” a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm “Olio Campania” (TGFC) cláraithe anois.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.5. Olaí, saill agus geir (im, margairín, olaí, etc.) faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 448, 25.11.2022, lch. 39.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
|
23.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/667 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Márta 2023
lena n-údaraítear cnónna triomaithe Canarium indicum L. a chur ar an margadh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha a údaraítear agus atá curtha ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas. Ar bhonn an tsainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3(2)(c) de Rialachán (AE) 2015/2283, meastar gur bia núíosach bia traidisiúnta ó thríú tír. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
|
(3) |
An 26 Márta 2020, chuir an chuideachta Kawanasi Sehat Dasacatur, PT (“an t-iarratasóir”) fógra faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283 á rá go raibh sé ar intinn aici cnónna triomaithe Canarium indicum L. (“Kenari”) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia traidisiúnta ó thríú tír. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí an bia lena mbaineann sa riocht sin nó go gcuirfí é mar chomhábhar le gránaigh nó le táirgí bácúis, le milseogra, le sneaiceanna agus le miasa ullmhaithe a bheartaítear don phobal i gcoitinne. |
|
(4) |
Comhlíonann an fógra na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283. Go sonrach, sna sonraí a chuir an t-iarratasóir i láthair, léiríodh go bhfuil stair úsáid an bhia shláin ag cnónna triomaithe Canarium indicum L. i réigiún na Molacaí san Indinéis. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, an 13 Meitheamh 2022 chuir an Coimisiún an fógra bailí ar aghaidh chuig na Ballstáit agus chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”). |
|
(6) |
Maidir leis an mbia lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas, níor cuireadh aon agóid chuí-réasúnaithe i ndáil le sábháilteacht faoi bhráid an Choimisiúin ó na Ballstáit ná ón Údarás laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(7) |
An 11 Samhain 2022, d’fhoilsigh an tÚdarás an “Technical Report on the notification of dried nuts of Canarium indicum L. as a traditional food from a third country pursuant to Article 14 of Regulation (EU) 2015/2283” (3) [Tuarascáil theicniúil uaidh maidir le fógra a thabhairt faoi cnónna triomaithe Canarium indicum L. mar bhia traidisiúnta ó thríú tír de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283]. Sa tuarascáil sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach cúis imní sábháilteachta iad na sonraí atá ar fáil maidir le comhdhéanamh cnónna triomaithe Canarium indicum L. ná maidir le stair na húsáide a iarrtar ina leith. |
|
(8) |
Sa tuarascáil uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin, ar bhonn na fianaise teoranta a foilsíodh maidir le hailléirge bhia a bhaineann le cnónna Canarium indicum L., gur féidir coinne a bheith le frithghníomhuithe ailléirgeacha tar éis cnónna Canarium indicum L. a thomhailt. Go sonrach, léiríodh i staidéir gur ann do thrasimoibríocht i leith cnónna Canarium indicum L. le coll, caisiú agus piostáis. Maidir le bianna atá ann a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha, tá sé tábhachtach go dtabharfaí faisnéis ina leith go soiléir, chun go mbeidh na tomhaltóirí in ann roghanna feasacha a dhéanamh atá sábháilte dóibh. Dá bhrí sin, maidir le cnónna Canarium indicum L. a chuirtear ar fáil don tomhaltóir, is iomchuí iad a lipéadú go hiomchuí de réir cheanglais Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún údarú a thabhairt cnónna triomaithe Canarium indicum L. a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar bhia traidisiúnta ó thríú tír, agus liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. |
|
(10) |
Ba cheart cnónna triomaithe Canarium indicum L. a chur mar bhia traidisiúnta ó thríú tír ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(1) Údaraítear Canarium indicum L a chur ar an margadh laistigh den Aontas.
Cuirfear cnónna triomaithe Canarium indicum L. ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha mar bhia traidisiúnta ó thríú tír, liosta a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún.
(2) Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(3) Foilseacháin Tacaíochta de chuid EFSA 2022:EN-7640
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
|
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
||||||||||||||||
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
|
23.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/668 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Márta 2023
maidir le hullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii ATCC PTA-127053 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach éanlaithe clóis breithe (sealbhóir an údaraithe: Kemin Europa N.V.)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe a údarú agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le hullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii ATCC PTA-127053 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le hullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii ATCC PTA-127053 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach éanlaithe clóis breithe, ar breiseán é atá le haicmiú i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus san fheidhmghrúpa “feabhsaitheoirí díleáiteachta”. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar an gconclúid, sa tuairim uaidh an 29 Meitheamh 2022 (2), faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag an ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii ATCC PTA-127053 ar shábháilteacht tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol. A mhéid a bhaineann leis an spriocspeiceas, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an breiseán sábháilte agus go bhféadfadh an ullmhóid a bheith éifeachtúil le haghaidh béaróg nuair a chuirtear le beatha é ag cainníocht 45 000 U/kg agus na conclúidí a dtagtar orthu maidir le béaróga, is féidir iad a chur i bhfeidhm i gcás gach éanlaithe clóis breithe. |
|
(5) |
Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh an breiseán ina ghreannaitheoir súl ná craicinn ach gur measadh gur íogróir craicinn agus riospráide atá ann. |
|
(6) |
Mheas an tÚdarás nach raibh gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(7) |
Léiríonn an measúnú ar an ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii ATCC PTA-127053 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú. Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “feabhsaitheoirí díleáiteachta”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(7):7439.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||
|
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||
|
Catagóir breiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta |
|||||||||||||||||
|
4a36 |
Kemin Europa N.V. |
Ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) arna táirgeadh ag Komagataella phaffii ATCC PTA-127053 ag a bhfuil íosghníomhaíocht de: 3 000 000 U (1)/g Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí Ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) arna táirgeadh ag Komagataella phaffiiATCC PTA-127053 Modh anailíse (2) Maidir le hion-1,4-béite-xiolanáis sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le hion-1,4-béite-xiolanáis i réamh-mheascáin agus i mbeatha cumaisc a chinneadh:
|
Gach éanlaith chlóis bhreithe |
- |
45 000 U |
- |
|
13.4.2033 |
||||||||
(1) Is éard atá in 1 aonad U méid na heinsíme a scaoileann 0,0067 μmol de shiúcra dí-ocsaídithe (coibhéis xiolóise) in aghaidh an nóiméid agus in aghaidh an ghraim de tháirge einsíme ag 50 °C agus pH 5,3.
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
|
23.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/10 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/669 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Márta 2023
maidir le hullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii DSM 33574 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh breithe agus a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: BioResource International, Inc. arna ionadú san Aontas ag Pen & Tec Consulting, S.L.U.)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le hullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii DSM 33574 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratais sin le hullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii DSM 33574 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh breithe agus a thógtar le haghaidh pórúcháin, ullmhóid atá le haicmiú i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus san fheidhmghrúpa “feabhsaitheoirí díleáiteachta”. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 29 Meitheamh 2022 (2) nach bhfuil tionchar díobhálach ag an ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii DSM 33574 ar shláinte ainmhithe a mhéid a bhaineann leis an spriocspeiceas, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur rídhócha go mbeadh teagmháil ag úsáideoirí leis an ullmhóid trí ionanálú, gur íogróir riospráide í an ullmhóid agus go bhféadfadh sí a bheith ina greannaitheoir do na súile. Ní fhéadfaí teacht ar chonclúidí an bhféadfadh an ullmhóid a bheith ina cúis le híogrú craicinn. |
|
(5) |
Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh an ullmhóid a bheith éifeachtach i gcas gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus i gcás gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh breithe agus a thógtar le haghaidh pórúcháin. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an Saotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(6) |
Leis an measúnú ar an ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Komagataella phaffii DSM 33574, léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. |
|
(7) |
Tá bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “feabhsaitheoirí díleáiteachta”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(7):7428.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
|
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||
|
Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta |
|||||||||||||||
|
4a35 |
BioResource International, Inc. arna ionadú san Aontas ag Pen & Tec Consulting, S.L.U. |
Ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8.) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8.) arna táirgeadh ag Komagataella phaffii DSM 33574 ag a bhfuil íosghníomhaíocht de: 150 000 XU (1)/g Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí Ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8.) arna táirgeadh ag Komagataella phaffii (DSM 33574) Modh anailíse (2) Maidir le hion-1,4-béite-xiolanáis sa bhreiseán beathaithe a chinneadh: modh dathmhéadrach (DNS) bunaithe ar hidrealú einsímeach na substráite xioláin feá. Maidir le hion-1,4-béite-xiolanáis sa bhreiseán beathaithe a chinneadh: modh dathmhéadrach bunaithe ar imoibriú einsímeach ion-1,4-béite-xiolanáise ar shubstráit Xy1X6. |
Gach speiceas éanlaithe clóis lena ramhrú Gach speiceas éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh breithe nó a thógtar chun críoch pórúcháin |
- |
10 000 XU |
- |
|
13.4.2033 |
||||||
(1) Is éard atá in 1 aonad XU méid na heinsíme a scaoileann 1 nana-mhol de shiúcra dí-ocsaídithe (coibhéis xiolóise) in aghaidh an tsoicind ó xiolán feá ag 50 °C agus pH 6,0.
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
CINNTÍ
|
23.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/14 |
CINNEADH (AE) 2023/670 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Márta 2023
lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Bhanc Ceannais na hÉireann
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27(1) de,
Ag féachaint don Mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 15 Feabhra 2023 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Bhanc Ceannais na hÉireann (ECB/2023/1) (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. |
|
(2) |
In 2016, roghnaigh Banc Ceannais na hÉireann Mazars mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2016 go 2020. An 15 Samhain 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/2018 (2), lena gcuirtear síneadh le sainordú Mazars mar iniúchóirí seachtracha Bhanc Ceannais na hÉireann do na blianta airgeadais 2021 go 2022. |
|
(3) |
Rachaidh sainordú Mazars mar iniúchóirí seachtracha reatha Bhanc Ceannais na hÉireann in éag tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2022. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, iniúchóirí seachtracha a cheapadh ón mbliain airgeadais 2023 ar aghaidh. |
|
(4) |
Tá Grant Thornton Ireland roghnaithe ag Banc Ceannais na hÉireann mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2023 go 2027, agus rogha ann an sainordú a shíneadh go dtí na blianta airgeadais 2028 agus 2029. |
|
(5) |
Mhol Comhairle Rialaithe BCE go gceapfaí Grant Thornton Ireland mar iniúchóirí seachtracha Bhanc Ceannais na hÉireann do na blianta airgeadais 2023 go 2027, agus an rogha ann an sainordú a shíneadh go dtí na blianta airgeadais 2028 agus 2029. |
|
(6) |
De réir an mholta ó Chomhairle Rialaithe BCE, ba cheart Cinneadh 1999/70/CE (3) ón gComhairle a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 1 de Chinneadh 1999/70/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5. Leis seo, formheastar Grant Thornton Ireland mar iniúchóirí seachtracha Bhanc Ceannais na hÉireann do na blianta airgeadais 2023 go 2027.”.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig an mBanc Ceannais Eorpach.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) IO C 66, 23.2.2023, lch. 1.
(2) Cinneadh (AE) 2021/2018 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Bhanc Ceannais na hÉireann (IO L 413, 19.11.2021, lch. 1).
(3) Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle an 25 Eanáir 1999 maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta (IO L 22, 29.1.1999, lch. 69).
|
23.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/16 |
CINNEADH (AE) 2023/671 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Márta 2023
lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise lena gcuirfear bunús faoin malartú faisnéise maidir le daoine a thairbhíonn de chosaint shealadach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(3) agus (4) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ag an gcruinniú a bhí aici an 4 Márta 2022, mar fhreagairt ar an mórphlodú isteach daoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin de thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (1) trí vóta d’aon toil chun a bhunú gurb ann d’insreabhadh ollmhór na ndaoine sin agus chun cosaint a thabhairt dóibh. |
|
(2) |
Ag an gcruinniú sin den Chomhairle, eisíodh ráiteas chun tacaíocht a léiriú do na Ballstáit arb iad na príomhphointí iontrála san Aontas ón Úcráin le haghaidh an mórphlodú isteach daoine easáitithe atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise, agus ar mhaithe leis an ngá le cothromaíocht iarrachtaí a chur chun cinn i measc na mBallstát uile maidir leis na daoine sin a ghlacadh isteach. |
|
(3) |
Thairis sin, chomhaontaigh na Ballstáit trí bhíthin an ráitis sin, i ndáil leis na daoine atá ag teitheadh ó chogadh ionsaithe na Rúise san Úcráin, gan forálacha Airteagal 11 de Threoir 2001/55/CE (2) a chur i bhfeidhm maidir le daoine a thairbhíonn de chosaint shealadach i mBallstát ar leith agus a bhogann go Ballstát eile gan an t-údarú a bheith acu sin a dhéanamh„ ach amháin, ar bhonn déthaobhach, más rud é go gcomhaontaíonn na Ballstáit lena mbaineann a mhalairt. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 10 de Threoir 2001/55/CE, tá oibleagáid ar na Ballstáit sonraí pearsanta na ndaoine a thairbhíonn de chosaint shealadach ar a gcríoch a chlárú ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, chun críoch an chomhair riaracháin is gá le haghaidh cosaint shealadach a chur chun feidhme, foráiltear le hAirteagal 27(1) den Treoir sin go bhfuil ar na Ballstáit, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, na bearta iomchuí uile a dhéanamh chun comhar agus malartú faisnéise díreach a bhunú idir na húdaráis inniúla. |
|
(5) |
Is chun leasa na mBallstát atá sé faisnéis a mhalartú le tríú tíortha i limistéar Schengen, léirigh an Eilvéis spéis sa mhalartú sin, tír a raibh líon carnach de 65 953 dhuine a thairbhíonn de chosaint shealadach ar a críoch cláraithe aici an 25 Deireadh Fómhair 2022. Ós rud é go bhféadfadh go leordaoine a thairbhíonn de chosaint shealadach ar chríoch na hEilvéise a gcuid sonraí pearsanta a chlarú i mBallstát roimhe faoi Threoir 2001/55/CE, is féidir, trí mhalartú na sonraí sin a éascú, ligean do na Ballstáit lena mbaineann scor den chúnamh is gá a bhaineann leis an gceart chun cosaint shealadach a fháil, i dáil leis na daoine nach bhfuil ar a gcríoch a thuilleadh. |
|
(6) |
Ina theannta sin, is chun leas na mBallstát é beart áirithe cobhsaíochta agus cothromaíocht iarrachtaí eatarthu a fhoráil maidir leis na ndaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a ghlacadh, agus a áirithiú nach féidir mí-úsáid a bhaint as an gcóras. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích chun bunús a shuíomh maidir le faisnéis a mhalartú ar dhaoine a thairbhíonn de chosaint shealadach idir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú lena gcuirfear bunús faoin malartú faisnéise maidir le daoine a thairbhíonn de chosaint shealadach le Cónaidhm na hEilvéise.
Airteagal 2
Tabharfaidh an Coimisiún forálacha an chomhaontaithe faoin gcaibidlíocht i gcomhairle le Meitheal Oibre na Comhairle um an Tearmannagus i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, atá faoi réir aon treoracha breise den sórt sin a d’fhéadfadh an Chomhairle eisiúint chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrú Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).
(2) Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
|
23.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/18 |
CINNEADH (AE) 2023/672 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 10 Márta 2023
maidir le tarmligean na cumhachta chun cinntí a ghlacadh a bhaineann le cigireachtaí ar an láthair agus le himscrúduithe shamhlacha inmheánacha (BCE/2023/5)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (1) agus go háirithe Airteagal 99 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (2), agus go háirithe Airteagal 11 agus 12 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an creat um chomhar laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair idir an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis inniúla náisiúnta agus le húdaráis ainmnithe náisiúnta (Creat-Rialachán an tSásra Maoirseachta Aonair) (BCE/201417) (3), agus go háirithe Airteagail 143, 144, 145 agus 146 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2017/933 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Samhain 2016 maidir le creat ginearálta chun cumhachtaí cinnteoireachta a tharmligean le haghaidh ionstraimí dlí a bhaineann le cúraimí maoirseachta (BCE/2016/40) (4), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Faoi chuimsiú Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, cuireann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) i gcrích an cúram eisiach maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus é mar aidhm leis cur i bhfeidhm comhsheasmhach caighdeán maoirseachta a áirithiú, cobhsaíocht airgeadais a chothú agus cothroime iomaíochta a áirithiú. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, féadfaidh BCE, chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán sin a dhéanamh, na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Rialachán sin agus aon ghnóthais eile a áirítear i maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb é BCE an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 4(1) den Rialachán sin. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 99(1) de Threoir 2013/36/AE, déanann BCE, mar údarás inniúil, cinneadh ó BCE a ghlacadh gach bliain maidir le clár scrúdúcháin maoirseachta (supervisory examination programme (SEP)) (dá ngairtear “cinneadh SCE” anseo feasta) ina bhfuil, inter alia, an plean le haghaidh cigireachtaí ag an áitreabh a úsáideann institiúid, lena n-áirítear a brainsí agus a fochuideachtaí arna mbunú i mBallstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 52, Airteagal 119 agus Airteagal 122 de Threoir 2013/36/AE. Go háirithe, baineann an SEP le cigireachtaí ar an láthair ar riosca, ar rialuithe riosca agus ar rialachas institiúide, agus le cigireachtaí ar an láthair a bhaineann le measúnuithe doimhne ar shamhlacha inmheánacha arna n-úsáid ag institiúid chun ceanglais cistí dílse a ríomh, go háirithe maidir le modheolaíochtaí, oiriúnacht eacnamaíoch, rioscaí, rialuithe riosca agus rialachas. |
|
(4) |
Féadfar cinneadh SEP a leasú le linn na bliana chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais ghnó oibríochtúla BCE, ar athruithe i staid na n-eintiteas faoi mhaoirseacht nó ar iarrataí ó eintitis faoi mhaoirseacht, agus chun seoladh éifeachtach cigireachtaí pleanáilte a áirithiú. Ní mór leasuithe ar chinneadh SEP a dhéanamh trí chinneadh arna ghlacadh ag BCE. Féadfar foráil a dhéanamh le cinneadh leasaitheach den sórt sin maidir le cigireachtaí formheasta a chur ar ceal, maidir le raon feidhme na n-iniúchtaí atá beartaithe a leasú nó maidir le cigireachtaí breise a chur san áireamh sa SEP don bhliain ar leith. De bhun Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, tugtar fógra don eintiteas dlíthiúil a ndearnadh cigireacht air maidir leis an gcinneadh ó BCE cigireacht ar an láthair nó imscrúdú samhlacha inmheánacha a dhéanamh sula gcuirfear tús leis an gcigireacht. |
|
(5) |
Chun an próiseas cinnteoireachta a éascú agus chun cur ar chumas BCE freagairt go héifeachtúil d’athruithe i staid na n-eintiteas faoi mhaoirseacht a dhéanann difear d’iompar agus do raon feidhme na gcigireachtaí atá beartaithe, tá gá le cinneadh tarmligin i ndáil le cinntí den sórt sin lena leasaítear cinntí SEP a ghlacadh. Ba cheart go gceadófaí le cinneadh tarmligin den sórt sin cásanna ina n-áirítear i gcinneadh tarmligthe aonair leasuithe ar níos mó ná cigireacht amháin atá beartaithe. D’aithin Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur gá cumhachtaí a tharmligean chun go gcumasófar d’institiúid a gceanglaítear uirthi líon suntasach cinntí a ghlacadh a cuid dualgas a chomhlíonadh. Ar an gcaoi chéanna, d’aithin sí gur gá a áirithiú gur féidir le comhlachtaí cinnteoireachta feidhmiú, agus gur prionsabal é sin a bhaineann go dlúth leis na córais institiúideacha uile (5). |
|
(6) |
Ba cheart tarmligean cumhachtaí cinnteoireachta a bheith teoranta agus comhréireach, agus ba cheart raon feidhme an tarmligin a shainiú go soiléir. |
|
(7) |
An 24 Meitheamh 2020, chinn an Chomhairle Rialaithe dlúthchomhar a bhunú idir BCE agus Poblacht na Bulgáire (6). Foráiltear le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 go bhféadfaidh BCE treoracha a sheoladh chuig údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ábhartha chun cúraimí áirithe a chomhlíonadh i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, i gcás ina bhfuil dlúthchomhar bunaithe i gcomhréir leis an Airteagal sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, na treoracha sin a áireamh i measc na ngníomhartha a fhéadfaidh BCE a ghlacadh trí bhíthin tarmligin chuig cinn aonad oibre de bhun fhorálacha ábhartha an Chinnidh seo. |
|
(8) |
Sonraítear le Cinneadh (AE) 2017/933 (BCE/2016/40) an nós imeachta atá le leanúint le haghaidh glacadh cinntí tarmligin a bhaineann le maoirseacht agus sonraítear leis na daoine a bhféadfar cumhachtaí cinnteoireachta a tharmligean chucu. Ní dhéantar difear leis an gCinneadh sin d’fheidhmiú a chúraimí maoirseachta ag BCE agus tá sé gan dochar d’inniúlacht an Bhoird Maoirseachta dréachtchinntí iomlána a mholadh don Chomhairle Rialaithe. |
|
(9) |
I gcás nach gcomhlíontar na critéir chun cinneadh tarmligthe a ghlacadh, mar a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart cinntí a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta neamhagóide a leagtar amach in Airteagal 26(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus in Airteagal 13g de Chinneadh BCE/2004/2 ón mBanc Ceannais Eorpach (7). Ina theannta sin, ba cheart an nós imeachta neamhagóide a úsáid freisin i gcás ina mbeidh ábhair imní ag ceannairí aonad oibre maidir le comhlíonadh na gcritéar measúnaithe mar gheall ar chastacht an mheasúnaithe nó íogaireacht an ábhair agus i gcás ina mbeidh tionchar díreach ag toradh an mheasúnaithe ábhartha ar chinneadh eile agus, dá bhrí sin, ba cheart don chinnteoir céanna na cinntí a bhreithniú ag an am céanna chun torthaí contrártha a sheachaint. |
|
(10) |
Féadfar cinntí maoirseachta ó BCE a chur faoi athbhreithniú riaracháin de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus mar a shonraítear tuilleadh i gCinneadh BCE/2014/16 ón mBanc Ceannais Eorpach (8) I gcás athbhreithniú riaracháin den sórt sin, ba cheart don Bhord Maoirseachta tuairim an Bhoird Riaracháin Athbhreithnithe a chur san áireamh agus dréachtchinneadh nua a chur faoi bhráid na Comhairle Rialaithe lena ghlacadh faoin nós imeachta neamhagóide, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
tá le “clár um scrúdú maoirseachta” nó “SEP” an bhrí chéanna atá leis in Airteagal 99(1) de Threoir 2013/36/AE; |
|
(2) |
ciallaíonn “cinneadh SEP” cinneadh ó BCE maidir le clár scrúdúcháin maoirseachta; |
|
(3) |
ciallaíonn “cigireacht ar an láthair” cigireacht a dhéantar ag áitreabh gnó aon duine de na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus aon ghnóthas eile a áirítear i maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb é BCE an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013; |
|
(4) |
ciallaíonn “imscrúdú inmheánach ar shamhail” cigireacht ar an láthair i ndáil le samhlacha inmheánacha a úsáid chun na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ríomh (9) chun críche cinneadh samhlacha inmheánacha a ghlacadh; |
|
(5) |
ciallaíonn “cigireacht” cigireacht ar an láthair nó imscrúdú ar shamhail inmheánach; |
|
(6) |
ciallaíonn “cinneadh maoirseachta ó BCE” cinneadh maoirseachta ón mBanc Ceannais Eorpach mar a shainmhínítear i bpointe (26) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 (BCE/2014/17); |
|
(7) |
ciallaíonn “eintiteas suntasach faoi mhaoirseacht” eintiteas suntasach faoi mhaoirseacht mar a shainmhínítear i bpointe (16) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 (BCE/2014/17); |
|
(8) |
ciallaíonn “eintiteas suntasach faoi mhaoirseacht nach bhfuil chomh suntasach” eintiteas suntasach faoi mhaoirseacht nach bhfuil chomh suntasach mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/17) (10); |
|
(9) |
ciallaíonn “eintiteas dlíthiúil iniúchta” aon cheann díobh seo a leanas:
|
|
(10) |
ciallaíonn “acmhainní SAM” comhaltaí foirne BCE agus na húdaráis inniúla náisiúnta a bhfuil an fhoireann chigireachta ar an láthair comhdhéanta díobh i gcomhréir le hAirteagal 144 de Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 (BCE/2014/17); |
|
(11) |
ciallaíonn “cinneadh maidir le cigireachtaí ar an láthair” aon chinneadh ó BCE lena leasaítear an cinneadh formheasta SEP i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na cigireachtaí ar an láthair atá beartaithe; |
|
(12) |
ciallaíonn “cinneadh maidir le cigireachtaí ar an láthair” aon chinneadh ó BCE lena leasaítear an cinneadh formheasta SEP i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na cigireachtaí ar an láthair atá beartaithe; |
|
(13) |
ciallaíonn “cinneadh tarmligin” cinneadh tarmligin mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Chinneadh (AE) 2017/933 (BCE/2016/40); |
|
(14) |
ciallaíonn “cinneadh tarmligthe” cinneadh tarmligthe mar atá sainmhínithe i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Chinneadh (AE) 2017/933 (BCE/2016/40); |
|
(15) |
ciallaíonn “cinn aonaid oibre” na cinn aonaid oibre de chuid BCE a dtarmligtear an chumhacht chucu cinntí a ghlacadh maidir le cigireachtaí ar an láthair agus cinntí maidir le himscrúduithe ar shamhlacha inmheánacha; |
|
(16) |
ciallaíonn “nós imeachta neamhagóide” an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 26(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus a shonraítear tuilleadh in Airteagal 13g de Chinneadh BCE/2004/2; |
|
(17) |
ciallaíonn “cinneadh diúltach” cinneadh lena leathnaítear raon feidhme cigireachta ar an láthair atá beartaithe nó imscrúdaithe samhla inmheánaí atá beartaithe, mura rud é go ndéantar an cinneadh sin de bhun iarrata ón eintiteas faoi mhaoirseacht. Measfar gur cinneadh diúltach cinneadh lena ngabhann forálacha coimhdeacha amhail coinníollacha, oibleagáidí nó teorainneacha ach amháin más amhlaidh, maidir leis na forálacha coimhdeacha sin (a) a áirithítear leo go gcomhlíonann an t-eintiteas faoi mhaoirseacht ceanglais an dlí ábhartha an Aontais agus a comhaontaíodh i scríbhinn iad, nó (b) nach ndéantar leo ach athshonrú ar cheann amháin nó níos mó de na ceanglais atá ann cheana agus nach mór don eintiteas faoi mhaoirseacht a chomhlíonadh de bhun dlí an Aontais nó faisnéis a éileamh maidir le comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais sin; |
|
(18) |
ciallaíonn “íogaireacht” saintréith nó toisc a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar chlú BCE agus/nó ar fheidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach an tSásra Maoirseachta Aonair, lena n-áirítear aon cheann díobh seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: (a) i gcás ina raibh an t-eintiteas ábhartha faoi mhaoirseacht roimhe seo, nó i gcás ina bhfuil sé faoi réir dianbhearta maoirseachta amhail bearta idirghabhála luath; (b) socrófar leis an dréachtchinneadh a luaithe a ghlacfar é fasach nua a d’fhéadfadh BCE a cheangal amach anseo; (c) féadfaidh an dréachtchinneadh a luaithe a ghlacfar é aird dhiúltach ó na meáin nó ón bpobal a tharraingt; nó (d) má dhéanann údarás inniúil náisiúnta a chuaigh i ndlúthchomhar le BCE a easaontas leis an dréacht-treoracha atá beartaithe a chur in iúl do BCE. |
Airteagal 2
Ábhar agus scóip
1. Sonraítear sa Chinneadh seo na critéir maidir le cumhachtaí cinnteoireachta a tharmligean chuig cinn aonaid oibre BCE chun cinntí a ghlacadh maidir le cigireachtaí ar an láthair agus cinntí maidir le himscrúduithe ar shamhlacha inmheánacha.
2. Tá tarmligean na gcumhachtaí cinnteoireachta gan dochar don mheasúnú maoirseachta atá le déanamh chun cinntí maoirseachta BCE a dhéanamh tar éis na cigireachta ar an láthair agus an imscrúdaithe samhla inmheánaí.
Airteagal 3
Tarmligean cinntí maidir le cigireachtaí ar an láthair agus cinntí maidir le himscrúduithe shamhlacha inmheánacha
1. I gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh (AE) 2017/933 (BCE/2016/40), tarmligeann an Chomhairle Rialaithe leis seo chuig cinn aonaid oibre, arna n-ainmniú ag an mBord Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chinneadh sin, an chumhacht chun cinntí cumhachtaí a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
cigireachtaí ar an láthair de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013; |
|
(b) |
imscrúduithe shamhlacha inmheánacha de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. |
2. Beidh feidhm ag tarmligean na gcumhachtaí cinnteoireachta de bhun mhír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
glacadh cinntí ag BCE; |
|
(b) |
glacadh treoracha ag BCE a bheidh dírithe, de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, ar na húdaráis inniúla náisiúnta lena bhfuil dlúthchomhar bunaithe ag BCE. |
3. Déanfar cinntí maidir le cigireachtaí ar an láthair dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh trí bhíthin cinneadh tarmligthe má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir maidir le cinntí tarmligthe a ghlacadh, mar a leagtar amach in Airteagal 4.
4. Déanfar cinntí maidir le cigireachtaí ar an láthair dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh trí bhíthin cinneadh tarmligthe má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir maidir le cinntí tarmligthe a ghlacadh, mar a leagtar amach in Airteagal 5.
5. Ní ghlacfar cinntí maidir le cigireachtaí ar an láthair agus cinntí maidir le himscrúduithe ar na samhlacha inmheánacha trí bhíthin cinneadh tarmligthe más gá, de bharr chastacht an mheasúnaithe nó íogaireacht an ábhair, go nglacfar iad faoin nós imeachta neamhagóide nó má bhíonn tionchar díreach ag an measúnú maoirseachta ar na cinntí sin ar mheasúnú maoirseachta cinnidh eile atá le glacadh faoin nós imeachta neamhagóide.
6. Ní ghlacfar cinntí diúltacha maidir le cigireachtaí ar an láthair ná cinntí diúltacha maidir le himscrúduithe ar shamhlacha inmheánacha trí bhíthin cinneadh tarmligthe.
Airteagal 4
Critéir maidir le cinntí tarmligthe a ghlacadh a bhaineann le cigireachtaí ar an láthair
1. Ní dhéanfar cinntí maidir le cigireachtaí ar an láthair trí bhíthin cinneadh tarmligthe ach amháin má bhaineann siad le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas agus má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir ábhartha a shonraítear don chatagóir sin.
|
(a) |
Déanfar cinntí den sórt sin trí bhíthin cinneadh tarmligthe mura féidir an chigireacht ar an láthair atá beartaithe a dhéanamh nó mura bhfuil aon chuspóir leis an gcigireacht sin mar gheall ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas: (i) athrú ar eagrúchán inmheánach nó ar úinéireacht an eintitis dhlíthiúil a ndearnadh cigireacht air, rud a fhágann go bhfuil sé dodhéanta an chigireacht ar an láthair a dhéanamh, (ii) easpa ullmhachta an eintitis dhlíthiúil a ndearnadh cigireacht air le haghaidh na cigireachta ar an láthair le linn na tréimhse ama atá beartaithe, de réir ráitis an eintitis dhlíthiúil féin a ndearnadh cigireacht air; |
|
(b) |
Cinntí lena n-athraítear ainm na n-eintiteas dlíthiúil a áirítear i raon feidhme na gcigireachtaí ar an láthair: déanfar cinntí den sórt sin trí bhíthin cinneadh tarmligthe má tá an cinneadh sonrach le glacadh tar éis (i) athrú ar úinéireacht eintitis dhlíthiúil a ndearnadh cigireacht air a chur in iúl do BCE, nó (ii) athrú ar ainm eintitis dhlíthiúil a ndearnadh cigireacht air; |
|
(c) |
Cinntí lena laghdaítear raon feidhme na gcigireachtaí ar an láthair atá beartaithe: déanfar cinntí den sórt sin trí bhíthin cinneadh tarmligthe mura féidir an chigireacht ar an láthair atá beartaithe a dhéanamh laistigh den raon feidhme a bhí beartaithe i dtosach mar gheall ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas: (i) easpa acmhainní SMA a bheith ar fáil chun an chigireacht ar an láthair a dhéanamh, (ii) athrú ar eagrúchán inmheánach nó ar úinéireacht an eintitis dhlíthiúil a ndearnadh cigireacht air, rud a fhágann go bhfuil sé dodhéanta an chigireacht ar an láthair a dhéanamh, (ii) easpa ullmhachta an eintitis dhlíthiúil a ndearnadh cigireacht air le haghaidh na cigireachta ar an láthair le linn na tréimhse ama atá beartaithe, de réir ráitis an eintitis dhlíthiúil féin a ndearnadh cigireacht air; (iii) easpa ullmhachta an eintitis dhlíthiúil a ndearnadh cigireacht air le haghaidh na cigireachta ar an láthair sa tréimhse ama atá beartaithe de réir ráitis an eintitis dhlíthiúil féin a ndearnadh cigireacht air; |
|
(d) |
Cinntí lena gceartaítear botúin chléireachais agus míchruinnis shoiléire eile sa chinneadh SEP: déanfar cinntí den sórt sin trí bhíthin cinneadh tarmligthe mura ndéanfaidh na ceartúcháin difear do raon feidhme na cigireachta atá beartaithe ar an láthair. |
2. Déanfaidh cinn na n-aonad oibre measúnú ar oiriúnacht na leasuithe ar chinneadh SEP maidir le cigireachtaí ar an láthair ag féachaint do chuspóir maoirseachta na cigireachta ar an láthair, don ghá atá le cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh go héifeachtach agus go héifeachtúil, d’infhaighteacht acmhainní SSM agus d’aon fhorbairt ábhartha a dhéanann difear don eintiteas dlíthiúil a ndearnadh cigireacht air.
Airteagal 5
Critéir maidir le cinntí tarmligthe a ghlacadh a bhaineann le himscrúduithe shamhlacha inmheánacha
1. Ní dhéanfar cinntí maidir le himscrúduithe shamhlacha inmheánacha trí bhíthin cinneadh tarmligthe ach amháin má bhaineann siad le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas agus má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir ábhartha a shonraítear don chatagóir sin.
|
(a) |
Cinntí lena gcuirtear imscrúduithe shamhlacha inmheánacha atá beartaithe ar ceal: déanfar cinntí den sórt sin trí bhíthin cinneadh tarmligthe má tá an cinneadh sonrach le déanamh i gcomhréir le heintiteas dlíthiúil a ndearnadh cigireacht air (i) cúlghairm iarratais ar úsáid tosaigh nó ar athrú ábhartha nó síneadh ar shamhlacha inmheánacha (dá ngairtear “iarratas” anseo feasta), (ii) iarratas a leasú, (iii) iarraidh ar an gcinneadh maidir le hiarratas a chur siar; |
|
(b) |
Cinntí lena n-athraítear ainm na n-eintiteas dlíthiúil a áirítear i raon feidhme na n-imscrúduithe shamhlacha inmheánacha: déanfar cinntí den sórt sin trí bhíthin cinneadh tarmligthe má tá an cinneadh sonrach le glacadh tar éis (i) athrú ar úinéireacht eintitis dhlíthiúil a ndearnadh cigireacht air a chur in iúl do BCE, nó (ii) athrú ar ainm eintitis dhlíthiúil a ndearnadh cigireacht air; |
|
(c) |
Cinntí lena leasaítear raon feidhme na n-imscrúduithe shamhlacha inmheánacha atá beartaithe: déanfar cinntí den sórt sin trí bhíthin cinneadh tarmligthe má dhéantar an cinneadh sonrach i gcomhréir le cúlghairm nó leasú iarratais ag eintiteas dlíthiúil a ndearnadh cigireacht air; |
|
(d) |
Cinntí lena gceartaítear botúin chléireachais agus míchruinnis shoiléire eile sa chinneadh SEP: déanfar cinntí den sórt sin trí bhíthin cinneadh tarmligthe mura ndéanfaidh na ceartúcháin difear do raon feidhme na n-imscrúduithe shamhlacha inmheánacha atá beartaithe. |
2. Déanfaidh cinn na n-aonad oibre measúnú ar oiriúnacht na leasuithe ar chinneadh SEP maidir le himscrúduithe shamhlacha inmheánacha ag féachaint don iarratas a thíolaic an t-eintiteas dlíthiúil a ndearnadh cigireacht air lena spreagtar na himscrúduithe, don ghá atá le himscrúduithe a dhéanamh go héifeachtach agus go héifeachtúil, d’infhaighteacht acmhainní SSM agus d’aon fhorbairt ábhartha a dhéanann difear don eintiteas dlíthiúil a ndearnadh cigireacht air.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fíchiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 10 Márta 2023.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.
(2) IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.
(3) IO L 141, 14.5.2014, lch. 1.
(4) IO L 141, 1.6.2017, lch. 14.
(5) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 23 Meán Fómhair 1986, AKZO Chemie v an Coimisiún, 5/85, ECLI:EU:C:1986:328, mír 37; agus breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 26 Bealtaine 2005, Carmine Salvatore Tralli v BCE, C-301/02 P, ECLI:EU:C:2005:306, mír 59.
(6) Cinneadh (AE) 2020/1015 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Meitheamh 2020 maidir le dlúthchomhar a bhunú idir an Banc Ceannais Eorpach agus Cinneadh (AE) 2020/1015 ón mBanc Ceannais Eorpach agus Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) (BCE/2020/30) (IO L 224 I, 13.7.2020, lch. 1).
(7) Cinneadh BCE/2004/2 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Feabhra 2004 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO L 80, 18.3.2004, lch. 33).
(8) Cinneadh BCE/2014/16 an 14 Aibreán 2014 maidir le Bord Riaracháin Athbhreithnithe a bhunú agus a Rialacha Oibriúcháin (IO L 175, 14.6.2014, lch. 47).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
|
23.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/24 |
CINNEADH (AE) 2023/673 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 14 Márta 2023
maidir le tarmligean na cumhachta chun cinntí a ghlacadh a bhaineann le cigireachtaí ar an láthair agus le himscrúduithe shamhlacha inmheánacha (BCE/2023/6)
Tá Bord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 11.6 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2017/933 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Samhain 2016 maidir le creat ginearálta chun cumhachtaí cinnteoireachta a tharmligean le haghaidh ionstraimí dlí a bhaineann le cúraimí maoirseachta (BCE/2016/40) (1), agus go háirithe Airteagal 4 agus 5 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2023/672 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10. Márta 2023 maidir leis an gcumhacht a tharmligean chun cinntí a ghlacadh a bhaineann le cigireachtaí ar an láthair agus imscrúduithe ar shamhlacha inmheánacha (BCE/2023/5) (2), agus go háirithe Airteagal 3 de,
Ag féachaint do Chinneadh BERS/2004/2 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 19 Feabhra 2004 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (3), agus go háirithe Airteagal 10 de,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Chun aghaidh a thabhairt ar an líon suntasach cinntí atá le glacadh ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) chun a chuid cúraimí maoirseachta a chomhlíonadh, bunaíodh nós imeachta chun cinntí tarmligthe sonracha a ghlacadh. |
|
(2) |
Tagann cinneadh tarmligin in éifeacht ach a nglacann an Bord Feidhmiúcháin cinneadh lena n-ainmnítear ceann aonaid oibre amháin nó níos mó chun cinntí a dhéanamh ar bhonn cinneadh tarmligin. |
|
(3) |
Ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin a thábhachtaí atá an cinneadh tarmligin agus an líon seolaithe a gcaitear cinntí tarmligthe a sheoladh chucu a chur san áireamh agus cinn na n-aonad oibre á n-ainmniú aige. |
|
(4) |
Foráiltear le hAirteagal 10(1) de Chinneadh BCE/2004/2 ón mBanc Ceannais Eorpach go ndéanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh maidir le líon, ainm agus inniúlacht faoi seach gach aonaid d’aonaid oibre BCE. |
|
(5) |
Chuathas i gcomhairle le Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta maidir le cinn na n-aonad oibre ar cheart an chumhacht chun cinntí tarmligthe a ghlacadh maidir le cigireachtaí ar an láthair agus le himscrúduithe shamhlacha inmheánacha a tharmligean chucu, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe:
Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2023/672 (BCE/2023/5).
Airteagal 2
Cinntí tarmligthe a bhaineann le cigireacht ar an láthair agus le himscrúduithe shamhlacha inmheánacha
Glacfaidh an tArd-Stiúrthóir nó Leas-Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta Cigireachtaí ar an Láthair agus Shamhlachaí Inmheánaí Imscrúduithe cinntí tarmligthe de bhun Airteagal 3 de Chinneadh (AE) 2023/672 (BCE/2023/5).
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá i ndiaidh a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 14 Márta 2023.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) IO L 141, 1.6.2017, lch. 14.
Ceartúcháin
|
23.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/26 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE, Euratom) 2022/2434 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a mhéid a bhaineann le straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar mhodh ginearálta iasachtaíochta
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 319 an 13 Nollaig 2022 )
Ar leathanach 3, aithris 12:
in ionad:
|
“(12) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus soiléire i leith cúnamh airgeadais a deonaíodh cheana agus i leith cúnamh airgeadais faoi Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) (7), níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach maidir le cláir cúnaimh airgeadais nua a dtagann a mbunghníomhartha i bhfeidhm an 9 Samhain 2022 nó ina dhiaidh sin. |
léitear:
|
“(12) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus soiléire i leith cúnamh airgeadais a deonaíodh cheana agus i leith cúnamh airgeadais faoi Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach maidir le cláir cúnaimh airgeadais nua a dtagann a mbunghníomhartha i bhfeidhm an 9 Samhain 2022 nó ina dhiaidh sin. |
(7) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.”,
(7) Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1).”.
|
23.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/27 |
Ceartúchán ar Ghlacadh Cinntitheach (AE, Eurotrom) 2023/278 bhuiséad bliantiúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023
( Iris Oifigúil an Aontais Eorpaigh, L 58 an 23 Feabhra 2023 )
Déantar Roinn X a ghabhann leis an “tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí,Teideal 2 “Foirgnimh, Trealamh agus Costais Oibriúcháin sa Cheanncheathrú ” a mhodhnú mar seo a leanas:
|
(1) |
Ar leathanach. 2021 go leathanach 2024, faoi Cholún “Ceannteidil” den tábla, cuirtear “leithreasuithe neamhdhifreáilte” in ionad “leithreasuithe dhifreáilte, cé is moite “Treoirthionscadal — I dtreo Acadamh Eorpach Taidhleoireachta a chruthú” 2 2 5 0”; |
|
(2) |
Ar leathanach. 2040, in ítim 2 2 5 0 “Treoirthionscadal — I dtreo Acadamh Eorpach Taidhleoireachta a chruthú”: |
in ionad:
“ figúirí (leithreasuithe neamhdhifreáilte) ”
léitear:
“ figúirí (leithreasuithe dhifreáilte) ”