ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 78

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
16 Márta 2023

Clár

III   Gníomhartha eile

Leathanach

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 68/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/517]

1

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 69/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/518]

3

*

Cinneadh o Chomhchoiste LEE Uimh. 70/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/519]

5

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 71/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/520]

7

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 72/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/521]

9

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 73/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/522]

11

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 74/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/523]

13

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 75/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/524]

15

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 76/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/525]

16

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 77/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/526]

18

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 78/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/527]

20

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 79/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/528]

22

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 80/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/529]

24

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 81/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/530]

26

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 82/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/531]

28

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 83/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/532]

30

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 84/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/533]

32

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 85/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/534]

34

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 86/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/535]

35

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 87/2020 an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/536]

36

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 88/2020 an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/537]

37

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 89/2020 an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/538]

39

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 90/2020 an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/539]

40

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 91/2020 an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/540]

41

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 92/2020 an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE (2023/541)

42

*

Cinneadh Ó Chomhchoiste LEE Uimh. 93/2020 an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/542]

43

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.

III Gníomhartha eile

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/1

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 68/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/517]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/319 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le deimhniú sláinte tráth an allmhairithe isteach san Aontas i ndáil le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuid 7.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointí 9c (Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún) agus 12 (Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘-

32019 R 0319: Rialachán (AE) 2019/319 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2019 (IO L 61, 28.2.2019, lch. 1).’

2.

Scriosfar téacs oiriúnú (a) i bpointe 9c (Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún).

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/319 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 61, 28.2.2019, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/3

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 69/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/518]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/1869 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2019 lena leasaítear agus lena gceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil le haghaidh substaintí neamh-inmhianaithe áirithe i mbeatha ainmhithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 33 (Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32019 R 1869: Rialachán (AE) 2019/1869 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2019 (IO L 289, 8.11.2019, lch. 32).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/1869 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 289, 8.11.2019, lch. 32.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/5

CINNEADH O CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 70/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/519]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1947 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2019 maidir le húdarú guma caisia mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1964 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 maidir le bonn leachta L-lísín, monaihidreaclóiríd L-lísín leachtach, monaihidreaclóiríd L-lísín atá íon go teicniúil, agus sulfáit L-lísín a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1965 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 maidir le húdarú molabdáite sóidiam déhiodráite mar bhreiseán beathaithe le haghaidh caorach (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 308 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/107 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘309.

32019 R 1947: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1947 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2019 maidir le húdarú guma caisia mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí (IO L 304, 26.11.2019, lch. 7).

310.

32019 R 1964: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1964 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 maidir le bonn leachta L-lísín, monaihidreaclóiríd L-lísín leachtach, monaihidreaclóiríd L-lísín atá íon go teicniúil, agus sulfáit L-lísín a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 307, 28.11.2019, lch. 3).

311.

32019 R 1965: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1965 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 maidir le húdarú molabdáite sóidiam déhiodráite mar bhreiseán beathaithe le haghaidh caorach (IO L 307, 28.11.2019, lch. 12).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2019/1947, (AE) 2019/1964 agus (AE) 2019/1965 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 304, 26.11.2019, lch. 7.

(2)   IO L 307, 28.11.2019, lch. 3.

(3)   IO L 307, 28.11.2019, lch. 12.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/7

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 71/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/520]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/1561 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhair maidir le clóirmeacuat i bhfungais shaothraithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2019/1582 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhair maidir le hiomasailil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 40 (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32019 R 1561: Rialachán (AE) 2019/1561 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2019 (IO L 240, 18.9.2019, lch. 1),

32019 R 1582: Rialachán (AE) 2019/1582 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2019 (IO L 246, 26.9.2019, lch. 1).’

Airteagal 2

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 54zzy (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2019/1561 agus (AE) 2019/1582 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 240, 18.9.2019, lch. 1.

(2)   IO L 246, 26.9.2019, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/9

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 72/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/521]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/1791 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhair maidir le 1-deacánól, 2,4-D, ABE-IT 56, ciopróidínil, démheitéanaimíd, alcóil shailleacha, floirpiricsifein-beinsil, fluidhé-ocsainil, fluaipioram, meipiocuat, peindémheatailin, picilinifein, pireafluifein-eitil, piridibein, aigéad S-scoiteach agus trífhlocsastróibin i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2019/1792 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhair maidir le haimiotról, fiprinil, flúipiorsulfúrón-meitil, iomasasulfúrón, iseaprótúrón, ortasulfamúrón agus trí-asulfúrón i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha agus le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha agus le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 40 (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32019 R 1791: Rialachán (AE) 2019/1791 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 277, 29.10.2019, lch. 1),

-

32019 R 1792: Rialachán (AE) 2019/1792 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 277, 29.10.2019, lch. 66).’

Airteagal 2

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 54zzy (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32019 R 1791: Rialachán (AE) 2019/1791 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 277, 29.10.2019, lch. 1),

-

32019 R 1792: Rialachán (AE) 2019/1792 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 277, 29.10.2019, lch. 66).’

Airteagal 3

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1791 agus (AE) 2019/1792 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 277, 29.10.2019, lch. 1.

(2)   IO L 277, 29.10.2019, lch. 66.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/11

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 73/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/522]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1495 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 a mhéid a bhaineann le Campylobacter i gconablaigh sicíní grísce (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta agus le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta agus le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 52 (Rialachán (CE) 2073/2005 ón gCoimisiún) i gCuid 6.2 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32017 R 1495: Rialachán (AE) 2017/1495 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2017 (IO L 218, 24.8.2017, lch. 1).’

Airteagal 2

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzzj (Rialachán (CE) 2073/2005 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32017 R 1495: Rialachán (AE) 2017/1495 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2017 (IO L 218, 24.8.2017, lch. 1).’

Airteagal 3

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2017/1495 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 218, 24.8.2017, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/13

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 74/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/523]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2020/351 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad citreach (E 330) a úsáid i dtáirgí cócó agus seacláide (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2020/355 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) a úsáid in eibleachtaí leachtacha d’ola glasraí (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán (AE) 2020/356 ón gCoimisiún an 4 Márta 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le polasorbáití (E 432-436) a úsáid i ndeochanna carbónáitithe (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 54zzzzr (Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32020 R 0351: Rialachán (AE) 2020/351 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2020 (IO L 65, 4.3.2020, lch. 1),

32020 R 0355: Rialachán (AE) 2020/355 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2020 (IO L 67, 5.3.2020, lch. 28),

32020 R 0356: Rialachán (AE) 2020/356 ón gCoimisiún an 4 Márta 2020 (IO L 67, 5.3.2020, lch. 31).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2020/351, (AE) 2020/355 agus (AE) 2020/356 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 65, 4.3.2020, lch. 1.

(2)   IO L 67, 5.3.2020, lch. 28.

(3)   IO L 67, 5.3.2020, lch. 31.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/15

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 75/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/524]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/1102 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leasacháin chun críoch Iarscríbhinní I agus IV a oiriúnú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1 (Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XIV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32019 R 1102: Rialachán (AE) 2019/1102 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2019 (IO L 175, 28.6.2019, lch. 25).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/1102 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha. (*)

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 175, 28.6.2019, lch. 25.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/16

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 76/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/525]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir Tharmligthe (AE) 2020/360 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do luaidhe i leictreoidí platanaim platanaithe a úsáidtear do thomhais seoltachta áirithe (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Treoir Tharmligthe (AE) 2020/361 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do chróimiam heicsifhiúsach mar oibreán frithchreimthe de chuid an chórais fuaraithe cruach carbóin i gcuisneoirí ionsúcháin (2), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Treoir Tarmligthe (AE) 2020/364 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine d’úsáid caidmiam i bhfeadáin físcheamaraí áirithe atá frithsheasmhach in aghaidh radaíochta (3), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Treoir Tharmligthe (AE) 2020/365 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do luaidhe i sádair agus i gcríocha foirceann a úsáidtear in innill dócháin láimhe áirithe (4), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Treoir Tharmligthe (AE) 2020/366 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do luaidhe mar chobhsaitheoir teirmeach i gclóiríd pholaivinile a úsáidtear i bhfeistí leighis diagnóiseacha in vitro áirithe maidir le hanailís a dhéanamh ar fhuil agus ar shreabháin coirp eile agus ar gháis coirp (5), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 12q (Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32020 L 0360: Treoir Tharmligthe (AE) 2020/360 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 (IO L 67, 5.3.2020, lch. 109),

-

32020 L 0361: Treoir Tharmligthe (AE) 2020/361 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 (IO L 67, 5.3.2020, lch. 112),

-

32020 L 0364: Treoir Tharmligthe (AE) 2020/364 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 (IO L 67, 5.3.2020, lch. 122),

-

32020 L 0365: Treoir Tharmligthe (AE) 2020/365 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 (IO L 67, 5.3.2020, lch. 125),

-

32020 L 0366: Treoir Tharmligthe (AE) 2020/366 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 (IO L 67, 5.3.2020, lch. 129).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Threoracha Tarmligthe (AE) 2020/360, (AE) 2020/361, (AE) 2020/364, (AE) 2020/365 agus (AE) 2020/366 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 67, 5.3.2020, lch. 109.

(2)   IO L 67, 5.3.2020, lch. 112.

(3)   IO L 67, 5.3.2020, lch. 122.

(4)   IO L 67, 5.3.2020, lch. 125.

(5)   IO L 67, 5.3.2020, lch. 129.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/18

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 77/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/526]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2094 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanfluarailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, mancóiseib, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/23 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2020 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí tiaclóiprid, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/29 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir le neamh-fhormheas tainniní cána Vitis vinifera mar shubstaint bhunata i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún):

‘-

32019 R 2094: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2094 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 (IO L 317, 9.12.2019, lch. 102),

-

32020 R 0023: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/23 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2020 (IO L 8, 14.1.2020, lch. 8).’

2.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13zzzzzzzzzzk (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/989 ón gCoimisiún):

‘13zzzzzzzzzzl.

32020 R 0023: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/23 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2020 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí tiaclóiprid, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 8, 14.1.2020, lch. 8).

13zzzzzzzzzzm.

32020 R 0029: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/29 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir le neamh-fhormheas tainniní cána Vitis vinifera mar shubstaint bhunata i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 9, 15.1.2020, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2094, (AE) 2020/23 agus (AE) 2020/29 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 317, 9.12.2019, lch. 102.

(2)   IO L 8, 14.1.2020, lch. 8.

(3)   IO L 9, 15.1.2020, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/20

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 78/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/527]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2102 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2452 a mhéid a bhaineann le nochtadh faisnéise a úsáidtear chun an coigeartú i leith acmhainn ionsúcháin caillteanais cánacha iarchurtha a ríomh (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2103 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2019 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2450 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla chur chun feidhme maidir leis na teimpléid chun faisnéis a chur faoi bhráid na n-údarás maoirseachta i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1p (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2450 ón gCoimisiún):

‘—

32019 R 2103: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2103 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2019 (IO L 318, 10.12.2019, lch. 13).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1r (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2452 ón gCoimisiún):

‘—

32019 R 2102: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2102 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2019 (IO L 318, 10.12.2019, lch. 6).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2019/2102 agus (AE) 2019/2103 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 318, 10.12.2019, lch. 6.

(2)   IO L 318, 10.12.2019, lch. 13.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/22

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 79/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/528]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/193 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2020 lena leagtar síos faisnéis theicniúil le haghaidh forálacha teicniúla agus bunchistí dílse a ríomh i gcomhair tuarascála le dátaí tagartha ón 31 Nollaig 2019 go dtí an 30 Márta 2020 i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus saothrú an ghnó sin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1zj (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1902 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘1zk.

32020 R 0193: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/193 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2020 lena leagtar síos faisnéis theicniúil le haghaidh forálacha teicniúla agus bunchistí dílse a ríomh i gcomhair tuarascála le dátaí tagartha ón 31 Nollaig 2019 go dtí an 30 Márta 2020 i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus saothrú an ghnó sin (IO L 40, 13.2.2020, lch. 18).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/193 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 40, 13.2.2020, lch. 18.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/24

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 80/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/529]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/348 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an dtionchar a bheadh ag cliseadh institiúide ar mhargaí airgeadais, ar institiúidí eile agus ar choinníollacha cistiúcháin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha caighdeánacha agus teimpléid chun faisnéis a sholáthar chun críoch pleananna réitigh le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1066 ón gCoimisiún (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1066 ón gCoimisiún (3), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 19bn (Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/345 ón gCoimisiún):

“19bo.

32018 R 1624: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha caighdeánacha agus teimpléid chun faisnéis a sholáthar chun críoch pleananna réitigh le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1066 ón gCoimisiún (IO L 277, 7.11.2018, lch. 1).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialachán Cur Chun Feidhme oiriúnaithe mar a leanas:

In Airteagal 9, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE:

(i)

i mír 1, is ‘de bhliain theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 80/2020 ó Chomhchoiste LEE an 12 Meitheamh 2020’ a bheidh le léamh in ionad an fhocail ‘2018’, agus is ‘den bhliain tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 80/2020 ó Chomhchoiste LEE an 12 Meitheamh 2020’ a bheidh le léamh in ionad an fhocail ‘2019’;

(ii)

i mír 2, is ‘den bhliain tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 80/2020 ó Chomhchoiste LEE an 12 Meitheamh 2020’ a bheidh le léamh in ionad an fhocail ‘2019’, agus is ‘den dara bliain tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 80/2020 ó Chomhchoiste LEE an 12 Meitheamh 2020’ a bheidh le léamh in ionad an fhocail ‘2020’.

19bp.

32019 R 0348: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/348 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an dtionchar a bheadh ag cliseadh institiúide ar mhargaí airgeadais, ar institiúidí eile agus ar choinníollacha cistiúcháin (IO L 63, 4.3.2019, lch. 1).”

2.

Scriosfar téacs phointe 19bc (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1066 ón gCoimisiún).

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/348 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 237/2019 ó Chomhchoiste LEE an 27 Meán Fómhair 2019 (4), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 63, 4.3.2019, lch. 1.

(2)   IO L 277, 7.11.2018, lch. 1.

(3)   IO L 181, 6.7.2016, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(4)   IO L 4, 5.1.2023, lch. 61.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/26

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 81/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/530]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir 2013/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a bheidh urrúis á dtairiscint don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus Treoir 2007/14/CE ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe ó Threoir 2004/109/CE (1), arna ceartú le IO L 14, 18.1.2014, lch. 35, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Leasaítear pointe 29d (Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) mar a leanas:

(i)

cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:

‘—

32013 L 0050: Treoir 2013/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 (IO L 294, 6.11.2013, lch. 13), arna ceartú le IO L 14, 18.1.2014, lch. 35.’;

(ii)

athuimhrítear oiriúnuithe (a) agus (b) mar oiriúnuithe (b) agus (c);

(iii)

cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach roimh oiriúnú (b):

‘(a)

In Airteagal 2(1)(i), a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is ‘dáta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 81/2020 ó Chomhchoiste LEE an 12 Meitheamh 2020’ a léifear in ionad na bhfocal ‘27 Samhain 2015’.’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 29da (Treoir 2007/14/CE ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32013 L 0050: Treoir 2013/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 (IO L 294, 6.11.2013, lch. 13), arna ceartú le IO L 14, 18.1.2014, lch. 35.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir 2013/50/AE, arna cheartú le IO L 14, 18.1.2014, lch. 35, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 294, 6.11.2013, lch. 13.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/28

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 82/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/531]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála áirithe i dtaca le mórshealúchais (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1437 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le rochtain ar fhaisnéis rialáilte ar leibhéal an Aontais (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le sonraíocht formáide tuairiscithe leictreonaí aonair (3), arna cheartú le IO L 145, 4.6.2019, lch. 85, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2100 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 a mhéid a bhaineann le nuashonruithe ar an tacsanomaíocht atá le húsáid le haghaidh na formáide tuairiscithe leictreonaí aonair (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 29da (Treoir 2007/14/CE ón gCoimisiún):

“29db.

32015 R 0761: Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le mórshealúchais (IO L 120, 13.5.2015, lch. 2).

29dc.

32016 R 1437: Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1437 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le rochtain ar fhaisnéis rialáilte ar leibhéal an Aontais (IO L 234, 31.8.2016, lch. 1).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin Tarmligthe oiriúnaithe mar a leanas:

D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na tagairtí do shásraí atá ceaptha go hoifigiúil, tuigfear go bhfuil na sásraí atá ceaptha go hoifigiúil i Stáit CSTE ar áireamh iontu, sa bhreis ar a mbrí sa Rialachán Tarmligthe.

29dd.

32019 R 0815: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le sonraíocht formáide tuairiscithe leictreonaí aonair (IO L 143, 29.5.2019, lch. 1), arna cheartú le IO L 145, 4.6.2019, lch. 85, arna leasú le:

32019 R 2100: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2100 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 (IO L 326, 16.12.2019, lch. 1).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin Tarmligthe oiriúnaithe mar a leanas:

A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, maidir le tagairtí do bhlianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin, tuigfear go dtagraíonn na tagairtí sin do bhlianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh sin.”

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2015/761, (AE) 2016/1437, (AE) 2019/815, arna cheartú le IO L 145, 4.6.2019, lch. 85, agus (AE) 2019/2100 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 81/2020 ó Chomhchoiste LEE an 12 Meitheamh 2020 (5), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 120, 13.5.2015, lch. 2.

(2)   IO L 234, 31.8.2016, lch. 1.

(3)   IO L 143, 29.5.2019, lch. 1.

(4)   IO L 326, 16.12.2019, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(5)  Féach leathanach 26 den Iris Oifigiúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/30

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 83/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/532]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Le Rialachán (AE) 2019/517 aisghairtear, le héifeacht ón 13 Deireadh Fómhair 2022, Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (3), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE le héifeacht ón 13 Deireadh Fómhair 2022.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 5o (scriosta):

32019 R 0517: Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (IO L 91, 29.3.2019, lch. 25).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

In Airteagal 4(4) agus (5) agus Airteagal 11(f), tuigfear gur tagairtí do Chomhaontú LEE na tagairtí do dhlí an Aontais.

Módúlachtaí maidir le comhlachas Stáit CSTE i gcomhréir le hAirteagal 101 den Chomhaontú:

Beidh Stáit CSTE páirteach go hiomlán i nGrúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí .eu, ach amháin an ceart vótála.’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 5oa (Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘, arna leasú le:

32019 R 0517: Rialachán (AE) Uimh. 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 (IO L 91, 29.3.2019, lch. 25).’

3.

Scriosfar téacsanna phointí 5oa (Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus 5oab (Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún) le héifeacht ón 13 Deireadh Fómhair 2022.

Airteagal 2

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i bPrótacal 37:

‘41.

Grúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí .eu (Rialachán (AE) Uimh. 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).’

Airteagal 3

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/517 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 91, 29.3.2019, lch. 25.

(2)   IO L 113, 30.4.2002, lch. 1.

(3)   IO L 162, 30.4.2004, lch. 40.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/32

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 84/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/533]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1839 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 a mhéid a bhaineann le luachanna CO2 WLTP a chinneadh agus a thuairisciú le haghaidh catagóirí áirithe feithiclí tráchtála éadroma nua agus lena gcoigeartaítear na sonraí ionchuir le haghaidh na huirlise comhghaoil (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1840 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153 a mhéid a bhaineann le luachanna CO2 WLTP a thuairisciú le haghaidh catagóirí áirithe de ghluaisteáin nua paisinéirí agus lena gcoigeartaítear na sonraí ionchuir le haghaidh na huirlise comhghaoil (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 21aey (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 ón gCoimisiún):

‘-

32019 R 1839: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1839 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 282, 4.11.2019, lch. 1).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 21aez (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153 ón gCoimisiún):

‘-

32019 R 1840: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1840 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 282, 4.11.2019, lch. 9).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1839 agus (AE) 2019/1840 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 282, 4.11.2019, lch. 1.

(2)   IO L 282, 4.11.2019, lch. 9.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/34

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 85/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/534]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/2075 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta 1, 8, 34, 37 agus 38, le Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 2, 3 agus 6, le Léirmhínithe 12, 19, 20 agus 22 de chuid Choiste Léirmhíniúcháin IFRS agus le Léirmhíniú 32 de chuid an Bhuanchoiste Léirmhíniúcháin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 10ba (Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32019 R 2075: Rialachán (AE) 2019/2075 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 (IO L 316, 6.12.2019, lch. 10).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/2075 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 316, 6.12.2019, lch. 10.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/35

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 86/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/535]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/2104 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta 1 agus 8 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 10ba (Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32019 R 2104: Rialachán (AE) 2019/2104 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 (IO L 318, 10.12.2019, lch. 74).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/2104 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 318, 10.12.2019, lch. 74.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/36

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 87/2020

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/536]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2020/34 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 39, Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 7 agus 9 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 10ba (Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32020 R 0034: Rialachán (AE) 2020/34 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2020 (IO L 12, 16.1.2020, lch. 5).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2020/34 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 12, 16.1.2020, lch. 5.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/37

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 88/2020

an 18 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/537]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/714 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a mhéid a bhaineann le húsáid doiciméadachta leictreonaí chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh agus le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta, le hábhair bheatha agus le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, le hábhair bheatha agus le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 11c (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1 de Chaibidil I agus i bpointe 31r (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘, arna leasú le:

32020 R 0714: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/714 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2020 (IO L 167, 29.5.2020, lch. 6).’

Airteagal 2

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i bpointe 170 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘, arna leasú le:

32020 R 0714: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/714 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2020 (IO L 167, 29.5.2020, lch. 6).’

Airteagal 3

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/714 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 167, 29.5.2020, lch. 6.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/39

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 89/2020

an 18 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/538]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/666 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 920/2013 a mhéid a bhaineann le hathnuachan ainmniúchán agus le faireachas agus faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 10 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 920/2013 ón gCoimisiún) de Chaibidil XXX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘, arna leasú le:

32020 R 0666: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/666 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2020 (IO L 156, 19.5.2020, lch. 2).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/666 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 156, 19.5.2020, lch. 2.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/40

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 90/2020

an 18 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/539]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2020/561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis, a mhéid a bhaineann le dátaí cur i bhfeidhm forálacha áirithe de (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 11 (Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XXX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘, arna leasú le:

32020 R 0561: Rialachán (AE) 2020/561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 (IO L 130, 24.4.2020, lch. 18).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2020/561 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 288/2019 ó Chomhchoiste LEE an 13 Nollaig 2019 (2), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 130, 24.4.2020, lch. 18.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(2)   IO L 68, 5.3.2020, lch. 24.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/41

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 91/2020

an 18 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/540]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 agus i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i bpointe 4a (Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘4b.

32020 R 0698: Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 agus i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair (IO L 165, 27.5.2020, lch. 10).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2020/698 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 165, 27.5.2020, lch. 10.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/42

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 92/2020

an 18 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE (2023/541)

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2020/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal, i bhfianaise phaindéim COVID-19 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 64a (Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32020 R 0696: Rialachán (AE) 2020/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 (IO L 165, 27.5.2020, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2020/696 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 165, 27.5.2020, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/43

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 93/2020

an 18 Meitheamh 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/542]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/587 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011 lena leagtar síos na ceanglais ar aitheantas aerárthaí le haghaidh faireachas le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1207/2011 lena leagtar síos na ceanglais maidir le feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an fhaireachais le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 66wj (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32020 R 0587: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/587 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 (IO L 138, 30.4.2020, lch. 1).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66wl (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1207/2011 ón gCoimisiún):

‘-

32020 R 0587: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/587 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 (IO L 138, 30.4.2020, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/587 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT

(1)   IO L 138, 30.4.2020, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.