|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 75 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
14.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 75/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/573 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Márta 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Airgintín, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr agus de tháirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha, nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear do na speicis agus do na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. |
|
(4) |
Go háirithe, le hIarscríbhinn V, XIV, agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr agus táirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
|
(5) |
An 3 Márta 2023, thug an Airgintín fógra do sheirbhísí an Choimisiúin faoi ráig den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI). Tá an ráig sin ann i gcúige Río Negro, an Airgintín agus deimhníodh í an 28 Feabhra 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(6) |
Sna liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó de criosanna de thríú tír nó de chríoch a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV agus i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, sonraítear go n-údaraítear coinsíneachtaí ón Airgintín d’fheoil úr agus táirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. Ina theannta sin, faoi láthair, i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ní cheanglaítear aon chóireáil mhaolaithe riosca chun coinsíneachtaí de tháirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ón tríú tír sin a theacht isteach san Aontas. |
|
(7) |
I ngeall ar an riosca a bhaineann le HPAI a thabhairt isteach san Aontas, riosca atá nasctha le coinsíneachtaí, d’fheoil úr agus táirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas ón Airgintín, agus in éagmais ráthaíochtaí lena bhféadfaí an tríú tír sin a réigiúnú, níor cheart údarú a thabhairt tuilleadh coinsíneachtaí den sórt sin a thabhairt isteach san Aontas. Ina theannta sin, ba cheart cóireáil laghdaithe riosca D a cheangal, i gcomhréir le hIarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, chun coinsíneachtaí de tháirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ón tríú tír sin a theacht isteach san Aontas. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, na hiontrálacha a bhaineann leis an Airgintín i liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch a leagtar amach sna táblaí i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV agus sa tábla i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ba cheart iad a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch reatha sa tríú tír sin a chur san áireamh. |
|
(9) |
Ina theannta sin, tá fógra tugtha ag na Stáit Aontaithe don Choimisiún faoi ocht ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Florida (1), Illinois (1), Nebraska (1), Pennsylvania (4) agus Virginia (1), na Stáit Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 21 Feabhra 2023 agus an 28 Feabhra 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(10) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a bhí ann le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta na Stát Aontaithe criosanna rialaithe de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
|
(11) |
Chuir na Stáit Aontaithe faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha agus maidir leis na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart, mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta na Stát Aontaithe. |
|
(12) |
Ina theannta sin, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch i ndáil le ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíocht éanlaithe clóis i gcontae Leicestershire, Sasana, an Ríocht Aontaithe, ráig a deimhníodh an 27 Deireadh Fómhair 2022. |
|
(13) |
Chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna thuasluaite den ghalar sin, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe maidir leis an mbunaíocht éanlaithe clóis ionfhabhtaithe ar a gcríoch. |
|
(14) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe isteach agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil an ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíocht éanlaithe clóis díothaithe agus nach bhfuil aon riosca ag baint a thuilleadh le tráchtearraí éanlaithe clóis a theacht isteach san Aontas ón gcrios den Ríocht Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas na dtráchtearraí éanlaithe clóis ar fionraí i ndiaidh na ráige sin. |
|
(15) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(16) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch reatha san Airgintín agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann le HPAI, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV mar a leanas:
|
|
(3) |
I Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Airgintín:
|
|
14.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 75/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/574 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Márta 2023
lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le comhfhoirmligh neamh-inghlactha i dtáirgí cosanta plandaí a shainaithint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE (1), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 27(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sonraítear in Airteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nach nglacfar le comhfhoirmleach chun é a chur i dtáirge cosanta plandaí i gcás ina suitear go bhfuil iarmhairt dhíobhálach ag a iarmhair, de dhroim úsáide i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí, agus ag féachaint do dhálaí réalaíocha úsáide, ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó ar screamhuisce nó go bhfuil iarmhairt neamh-inghlactha aige ar an gcomhshaol, nó go bhfuil iarmhairt dhíobhálach ag a úsáid, de dhroim úsáide i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí, agus ag féachaint do dhálaí réalaíocha úsáide, ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó ar screamhuisce nó go bhfuil iarmhairt neamh-inghlactha ag a úsáid ar phlandaí, ar tháirgí plandaí nó ar an gcomhshaol. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 27(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ní mór comhfhoirmligh nach glactar lena gcur i dtáirgí cosanta plandaí a áireamh in iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Bunaíodh an chéad liosta de chomhfhoirmligh neamh-inghlactha le Rialachán (AE) 2021/383 (2) ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina liostaítear comhfhoirmligh nach glactar lena gcur i dtáirgí cosanta plandaí. |
|
(3) |
D’fhéadfadh go mbeadh gá le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise eolas teicniúil agus eolaíoch nua. D’fhonn cur chun feidhme intuartha agus aonfhoirmeach Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a áirithiú, is iomchuí rialacha beachta a leagan amach maidir le sainaithint comhfhoirmleach neamh-inghlactha sna táirgí sin, ar rialacha iad a d’fhéadfaí a liostú ina dhiaidh sin i leagan cothrom le dáta den Iarscríbhinn III sin. Chun na gcríoch sin, bunaítear leis an Rialachán seo sraith de chritéir mhionsonraithe chun a chinneadh an bhféadfadh éifeachtaí dochracha nó neamh-inghlactha a bheith ag comhfhoirmleach dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus ba cheart a áirithiú leis na critéir sin go gcomhlíonann comhfhoirmligh caighdeáin sábháilteachta lena gcosnaítear sláinte an duine agus an comhshaol. |
|
(4) |
Is substaintí ceimiceacha iad comhfhoirmligh ar féidir iad a úsáid chun críocha éagsúla, lena n-áirítear i dtáirgí cosanta plandaí. Déantar a monarú, a gcur ar an margadh agus a n-úsáid a rialú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“REACH”) (3). Ní mór comhfhoirmligh a chlárú faoin Rialachán sin lena n-áirítear nuair a bheartaítear iad a úsáid i dtáirgí cosanta plandaí. Is féidir iad a shainaithint mar shubstaintí arb údar an-ard imní iad i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó a bheith faoi réir srianta i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán sin. |
|
(5) |
Níor cheart glacadh le comhfhoirmleach lena chur i dtáirgí cosanta plandaí i gcás ina bhfuil sé aicmithe nó nach mór é a aicmiú mar shubstaint charcanaigineach, shó-ghineach nó thocsaineach don atáirgeadh, Catagóirí 1A nó 1B. Chun aicmiú comhchuibhithe guaise comhfhoirmleach a bhunú, féadfaidh Ballstáit nó monaróirí, allmhaireoirí nó úsáideoirí foghabhálacha tograí a thíolacadh maidir le haicmiú comhchuibhithe i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(6) |
Níor cheart glacadh freisin le comhfhoirmleach lena chur i dtáirgí cosanta plandaí i gcás ina sainaithnítear é mar shubstaint arb údar an-ard imní í i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ar chúiseanna nach mbaineann lena aicmiú mar shubstaint charcanaigineach, shó-ghineach nó thocsaineach don atáirgeadh, Catagóirí 1A nó 1B. |
|
(7) |
Mar sin de, más ábhar imní iad airíonna comhfhoirmleach a úsáidtear i dtáirgí cosanta plandaí go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe a bheith mar thoradh ar a n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh ar dtús i gcomhréir leis an dá Rialachán sin toisc go bhfuil airíonna guaise den sórt sin ábhartha freisin maidir le gach úsáid eile a bhaintear as na substaintí lena mbaineann, agus ina dhiaidh sin moltar na comhfhoirmligh a áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(8) |
Ina theannta sin, níor cheart go nglacfaí le comhfhoirmleach lena chur i dtáirge cosanta plandaí i gcásanna inar sainaithníodh an comhfhoirmleach mar thruailleán orgánach marthanach faoi Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(9) |
Ina theannta sin, má shainaithnítear go bhfuil réabtha inchrínigh ag comhfhoirmleach a úsáidtear i dtáirgí cosanta plandaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), mura bhfuil sé formheasta mar shubstaint ghníomhach lena húsáid mar leasaitheach le linn stórála, nó má bunaíodh srianta ar bith i gcomhréir leis an Rialachán sin a dhéanann difear d’úsáidí i dtáirgí cosanta plandaí, ba cheart a mheas go bhfuil a úsáid sna táirgí sin neamh-inghlactha. |
|
(10) |
Ar mhaithe le héifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus intuarthacht, maidir leis na srianta sonracha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) 1907/2006, is iomchuí a ráthú go mbeidh feidhm freisin ag srianta den sórt sin maidir leis na substaintí sin go léir a d’fhéadfaí a úsáid, nó a úsáidtear faoi láthair, mar chomhfhoirmligh i dtáirgí cosanta plandaí. |
|
(11) |
Ar deireadh, chun comhleanúnachas a choinneáil leis na critéir fhormheasa le haghaidh substaintí gníomhacha, teorantóirí agus sineirgígh, ba cheart go mbeadh feidhm freisin ag na critéir le haghaidh substaintí gníomhacha a fhormheas a bhaineann le sláinte an duine nó sláinte ainmhithe agus an comhshaol, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, a mhéid nach bhfuil siad cumhdaithe cheana féin ag na critéir eile maidir le neamhghlacadh comhfhoirmleach. |
|
(12) |
Is gá agus is iomchuí rialacha a leagan síos maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun comhfhoirmligh a áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ba cheart go sonrófaí an fhaisnéis a bheidh le tíolacadh ag na Ballstáit chun na gcríoch sin. Chun comhsheasmhacht a áirithiú le linn na meastóireachta, ba cheart don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú teicniúil a dhéanamh, tar éis fógra a fháil ó Bhallstát agus tar éis don Bhallstát sin tuarascáil ábhartha a thíolacadh ar na cúiseanna a d’fhéadfadh bheith le comhlíonadh na gcritéar, mar a bhunaítear sa Rialachán seo iad, ag comhfhoirmleach i gcásanna nach bhfuil aon ghníomhaíocht faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais tionscanta nó curtha i gcrích ag an mBallstát a thugann fógra. Is gá a shoiléiriú gur cheart go mbeadh an tÚdarás i dteideal faisnéis ábhartha a éileamh ó na Ballstáit eile agus, i gcás inarb iomchuí, ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán. |
|
(13) |
De bhun Airteagal 27(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chomhfhoirmligh aon tráth. Agus sin á dhéanamh, féadfaidh sé freisin faisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit a chur san áireamh. Meastar, dá bhrí sin, gur gá nós imeachta a bhunú lena gceadófar do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chomhfhoirmligh atá liostaithe cheana in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a bhféadfadh gá a bheith ann iad a scriosadh as an Iarscríbhinn sin nó faoi aon choinníollacha a bhunaítear san Iarscríbhinn sin maidir le comhfhoirmligh a bhféadfadh gá a bheith ann iad a leasú. |
|
(14) |
Ní dhéanann an Rialachán seo difear don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit toirmeasc nó srian sealadach a chur ar chur i bhfeidhm comhfhoirmligh laistigh dá gcríoch ar bhonn Airteagal 81(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin. |
|
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo rialacha mionsonraithe agus critéir chun comhfhoirmligh a shainaithint nach bhfuil le glacadh lena gcur i dtáirgí cosanta plandaí (“comhfhoirmligh neamh-inghlactha”).
Tá feidhm aige maidir le hiarratais ar údarú táirgí cosanta plandaí, lena n-áirítear chun iad a leasú nó a athnuachan, ar iarratais iad a tíolacadh an 3 Aibreán 2023 .
Airteagal 2
Critéir chun comhfhoirmligh neamh-inghlactha a shainaithint
Leagtar amach san Iarscríbhinn na critéir chun comhfhoirmligh a shainaithint a mheastar go bhfuil siad neamh-inghlactha lena gcur i dtáirge cosanta plandaí.
Airteagal 3
Comhfhoirmligh a mheasúnú agus fógra a thabhairt fúthu
1. Agus measúnú á dhéanamh ar iarratais ar údarú táirgí cosanta plandaí, fíoróidh na Ballstáit an bhféadfaí comhfhoirmligh atá i dtáirgí cosanta plandaí a mheas mar chomhfhoirmligh neamh-inghlactha bunaithe ar na critéir atá leagtha amach san Iarscríbhinn.
2. Chun críocha an fhíoraithe dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh an Ballstát measúnú neamhspleách, oibiachtúil agus trédhearcach, i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha, ar bhonn na faisnéise a cuireadh isteach i sainchomhad iarratais ar údarú táirge cosanta plandaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis a cuireadh isteach i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
3. Tar éis an fhíoraithe dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh an Ballstát na Ballstáit eile, an Coimisiún agus an tÚdarás ar an eolas i gcás ina measann sé:
|
(a) |
go bhféadfadh an comhfhoirmleach a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i dtáirge cosanta plandaí ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlíonadh agus gur comhfhoirmleach neamh-inghlactha é dá bhrí sin; |
|
(b) |
gur cheart, i bhfianaise eolas eolaíoch agus teicniúil nua, an iontráil maidir le comhfhoirmleach ar an liosta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a leasú; nó |
|
(c) |
gur cheart, i bhfianaise eolas eolaíoch agus teicniúil nua, an iontráil maidir le comhfhoirmleach ar an liosta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a scriosadh. |
Airteagal 4
Ábhar na tuarascála maidir leis an gcomhfhoirmleach
1. Beidh tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach ag gabháil le fógra de bhun Airteagal 3(3).
2. Is é a bheidh sa tuarascáil sin:
|
(a) |
céannacht cheimiceach an chomhfhoirmligh:
|
|
(b) |
na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn a mheasann an Ballstát a thugann fógra gur comhlíonadh iad; |
|
(c) |
i gcás inarb iomchuí, aon choinníollacha sonracha úsáide atá le socrú don chomhfhoirmleach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
3. I gcás ina gcomhlíonann comhfhoirmleach ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar amach i bpointe 1 go pointe 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus go bhfuil sé liostaithe in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don iontráil ábhartha in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (i.e. uimhir innéacs nó an uimhir CAS).
I gcás nach bhfuil comhfhoirmleach san áireamh sa liosta atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, ach go measann an Ballstát a thugann fógra gur cheart é a aicmiú do na haicmí guaise dá dtagraítear i bpointe 1 go pointe 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don togra maidir le haicmiú agus lipéadú comhchuibhithe a chuir an Ballstát nó monaróir, allmhaireoir nó úsáideoir foghabhálach isteach de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“ECHA”).
4. I gcás ina gcomhlíonann comhfhoirmleach an critéar a leagtar amach i bpointe 4 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don iontráil ábhartha in Iarscríbhinní I go V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021.
5. I gcás ina gcomhlíonann comhfhoirmleach ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar amach i bpointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus go bhfuil sé san áireamh ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 59(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don iontráil ábhartha ar an liosta sin.
I gcás nach bhfuil comhfhoirmleach san áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 59(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ach go measann an Ballstát a thugann fógra gur cheart é a aicmiú mar shubstaint dá dtagraítear i bpointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don sainchomhad dá dtagraítear in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
6. I gcás ina gcomhlíonann comhfhoirmleach ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar amach i bpointí 6 go 8 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don tuairim a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.
7. I gcás ina bhfuil comhfhoirmleach san áireamh in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus go bhfuil an srian ábhartha maidir le húsáid i dtáirgí cosanta plandaí, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don iontráil ábhartha in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
I gcás nach n-áirítear úsáid comhfhoirmligh in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ach go measann an Ballstát a thugann fógra go bhfuil riosca ann do shláinte an duine nó don chomhshaol nach bhfuil rialaithe go leordhóthanach agus nach mór aghaidh a thabhairt air i gcomhréir le hAirteagal 69(1) nó (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach tagairt don sainchomhad dá dtagraítear in Iarscríbhinn XV de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus a cuireadh faoi bhráid ECHA i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
8. I gcás ina measann an Ballstát a thugann fógra go gcomhlíonann an tsubstaint faoina dtugtar fógra ina leith an critéar a leagtar amach i bpointe 10 den Iarscríbhinn, áireofar sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach conclúidí an mheasúnaithe a rinneadh de bhun Airteagal 3(2).
9. I gcásanna ina n-áirítear sa tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach faisnéis atá rúnda i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nó leis na forálacha ábhartha maidir le rúndacht sna rialachán dá dtagraítear i míreanna 2 go 8, tíolacfaidh na Ballstáit a thugann fógra leagan rúnda agus neamhrúnda den tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach.
Airteagal 5
Foilseachán
Déanfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, an tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach a chur ar fáil don phobal i bhformáid leictreonach.
Airteagal 6
Glao ar fhaisnéis
1. I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(8), iarrfaidh an tÚdarás ar na Ballstáit go léir a thuairisciú cibé acu an bhfuil aon táirgí cosanta plandaí ina bhfuil an comhfhoirmleach faoina dtugtar fógra údaraithe acu.
2. I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(8), cuirfidh an Ballstát a thugann fógra – le tacaíocht ó na Ballstáit eile nuair is gá – de cheangal ar shealbhóirí údaruithe táirgí cosanta plandaí ina bhfuil an comhfhoirmleach faoina dtugtar fógra an fhaisnéis agus na staidéir go léir maidir leis an gcomhfhoirmleach faoina dtugtar fógra a chur faoi bhráid an Údaráis.
Cuirfidh sealbhóirí na n-údaruithe sin an fhaisnéis agus na staidéir isteach faoi dheireadh na tréimhse a leagtar amach i mír 4.
Beidh feidhm ag Airteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir leis an bhfaisnéis agus maidir leis na staidéir a cuireadh isteach.
3. I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(8) agus i gcás ina bhfuil an comhfhoirmleach faoina dtugtar fógra ina leith cláraithe i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, féadfaidh an Ballstát a thugann fógra nó ECHA, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a iarraidh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán sin.
4. I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(8), ceadóidh an tÚdarás go ceann tréimhse 120 lá tar éis fhoilsiú na tuarascála maidir leis an gcomhfhoirmleach de bhun Airteagal 5 barúlacha nó sonraí a bhaineann leis an tuarascáil sin a thíolacadh. Cuirfidh sé na barúlacha nó na sonraí a gheofar a chur ar fáil don phobal gan moill mhíchuí. Féadfaidh an tÚdarás iarraidh ar ECHA rannchuidiú leis an nglao ar shonraí.
Airteagal 7
Measúnú arna dhéanamh ag an Údarás
1. I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(8), déanfaidh an tÚdarás, tar éis dó fógra a fháil de bhun Airteagal 3(3), measúnú ar bhealach neamhspleách, oibiachtúil agus trédhearcach agus i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha, chun a fhíorú an measfar nó nach measfar an comhfhoirmleach mar chomhfhoirmleach neamh-inghlactha lena chur i dtáirge cosanta plandaí.
2. Eiseoidh an tÚdarás torthaí a chuid oibre ar an measúnú teicniúil arna dhéanamh i gcomhréir le mír 1 agus tabharfaidh sé cothrom le dáta an tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach laistigh de dhá mhí dhéag ó dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 6(4).
Arna iarraidh sin don Údarás, soláthróidh an Ballstát a thugann fógra cúnamh eolaíoch chun an measúnú teicniúil agus an tuarascáil cothrom le dáta maidir leis an gcomhfhoirmleach a ullmhú.
3. I gcás inarb iomchuí, eagróidh an tÚdarás comhairliúchán le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ón mBallstát a thugann fógra agus, i gcás inarb ábhartha, saineolaithe ó na Ballstáit eile. Sa chás sin, cuirfear síneadh 1 mhí amháin leis an tréimhse dá bhforáiltear i mír 2.
4. Rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún maidir lena dhréacht-mheasúnú teicniúil agus díreoidh sé ar aon bharúlacha a gheofar sula nglacfar é.
5. Bunóidh an tÚdarás formáid an doiciméid ina dtabharfar tuairisc ar thorthaí a chuid oibre, lena n-áireofar ranna a bhaineann leis an nós imeachta meastóireachta agus airíonna an chomhfhoirmligh lena mbaineann.
6. I gcás inar gá, i ndoiciméad an Údaráis lena dtuairiscítear torthaí a chuid oibre sonrófar ar cheart coinníollacha sonracha úsáide a shocrú don chomhfhoirmleach faoina dtugtar fógra ina leith in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.
Airteagal 8
An comhfhoirmleach a chur san áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009
1. I gcás ina bhfuil feidhm ag an gcéad fhomhír d’Airteagal 4(3), Airteagal 4(4), Airteagal 4(5), Airteagal 4(6) nó Airteagal 4(7), déanfaidh an Coimisiún dréacht-Rialachán a thíolacadh chuig an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 79(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 laistigh de 6 mhí ón bhfógra arna thíolacadh ag an mBallstát, agus an tuarascáil maidir leis an gcomhfhoirmleach á cur san áireamh.
2. I gcás ina bhfuil feidhm ag an dara fomhír d’Airteagal 4(3), déanfaidh an Coimisiún dréacht-Rialachán a thíolacadh don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 79(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 laistigh de 6 mhí ó ghlacadh na tuairime ábhartha ag an gCoiste um Measúnú Riosca de chuid ECHA.
3. I gcás ina bhfuil feidhm ag an dara fomhír d’Airteagal 4(5), déanfaidh an Coimisiún dréacht-Rialachán a thíolacadh don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 79(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 laistigh de 6 mhí tar éis fhoilsiú an liosta cothrom le dáta lena n-áirítear an comhfhoirmleach faoina dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 59(10) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
4. I gcás ina bhfuil feidhm ag an dara fomhír d’Airteagal 4(7), déanfaidh an Coimisiún dréacht-Rialachán a thíolacadh don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 79(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 laistigh de 6 mhí tar éis teacht i bhfeidhm an leasaithe ar Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
5. I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(8), déanfaidh an Coimisiún dréacht-Rialachán a thíolacadh chuig an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 79(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 laistigh de 6 mhí tar éis an doiciméad ina dtuairiscítear torthaí a chuid oibre agus an tuarascáil cothrom le dáta maidir leis an gcomhfhoirmleach a fháil ón Údarás.
6. Glacfaidh an Coimisiún Rialachán ar bhonn Airteagal 27(2) agus, i gcás inar gá, Airteagal 78(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena bhforálfar:
|
(a) |
go bhfuil comhfhoirmleach liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, faoi réir coinníollacha agus srianta, i gcás inarb iomchuí; |
|
(b) |
nach bhfuil comhfhoirmleach liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; nó |
|
(c) |
go ndearnadh leasú ar an iontráil maidir le comhfhoirmleach atá ar an liosta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; nó |
|
(d) |
go ndearnadh an iontráil maidir le comhfhoirmleach atá ar an liosta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a scriosadh. |
Airteagal 9
Leasuithe ar liostaí náisiúnta de chomhfhoirmligh neamh-inghlactha
Gan dochar d’Airteagal 81(2), an dara fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, na Ballstáit a bhfuil liostaí de chomhfhoirmligh neamh-inghlactha i dtáirgí cosanta plandaí glactha acu trí bhíthin forálacha náisiúnta, déanfaidh siad na liostaí sin a leasú i gcomhréir le haon Rialachán a ghlacfar faoi Airteagal 8.
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/383 ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina liostaítear comhfhoirmligh nach glactar lena gcur i dtáirgí cosanta plandaí (IO L 74, 4.3.2021, lch. 7).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil sa mhargadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Critéir chun comhfhoirmligh neamh-inghlactha a shainaithint
(1)
Aicmítear an comhfhoirmleach mar shó-ghineach catagóir 1A nó catagóir 1B i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.
(2)
Aicmítear an comhfhoirmleach mar charcanaigineach catagóir 1A nó catagóir 1B i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.
(3)
Aicmítear an comhfhoirmleach mar shubstaint thocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1A nó de chatagóir 1B i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.
(4)
Tá an comhfhoirmleach liostaithe in Iarscríbhinní I go V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021.
(5)
Tá an comhfhoirmleach ar áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 59(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (liosta na substaintí féideartha) mar gheall ar a chéannacht:|
(a) |
mar shubstaint imchoimeádach, inbhithbhailitheach agus thocsaineach i gcomhréir le hAirteagal 57, pointe (d), den Rialachán sin; |
|
(b) |
mar shubstaint an-imchoimeádach agus an-inbhithbhailitheach i gcomhréir le hAirteagal 57, pointe (e), den Rialachán sin; nó |
|
(c) |
mar shubstaint arb údar an-ard imní í i gcomhréir le hAirteagal 57, pointe (f), den Rialachán sin mar gheall ar na hairíonna réabtha inchrínigh atá aici. |
(6)
Sainaithnítear an comhfhoirmleach mar shubstaint a bhfuil airíonna réabtha inchrínigh aici i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.
(7)
Glacadh cinneadh gan an comhfhoirmleach a fhormheas mar shubstaint ghníomhach le haghaidh táirgí bithicídeacha de chineál 6 faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.
(8)
Glacadh cinneadh an comhfhoirmleach a fhormheas mar shubstaint ghníomhach faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 le srianta a bhaineann lena úsáid mar chomhfhoirmleach i dtáirgí cosanta plandaí.
(9)
Tá úsáid substainte mar chomhfhoirmleach i dtáirgí cosanta plandaí san áireamh in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, mar úsáid atá srianta i dtaca le táirgí cosanta plandaí.
(10)
Ní thagann an comhfhoirmleach faoi aon cheann de phointí 1 go 9, ach, ag féachaint do dhálaí réalaíocha úsáide agus do dhea-chleachtas maidir le cosaint plandaí, ní chomhlíonann sé ceann de na critéir maidir le substaintí gníomhacha a fhormheas dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, nuair a úsáidtear é mar chomhfhoirmleach i dtáirge cosanta plandaí.
CINNTÍ
|
14.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 75/15 |
CINNEADH (AE) 2023/575 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Márta 2023
lena n-údaraítear don Pholainn an leasú ar an gCoinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bainistiú Acmhainní Mangach i Muir Bheiring Láir a dhaingniú, chun leas an Aontais Eorpaigh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le pointe (v) d’Airteagal 218(6)(a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is Páirtí Conarthach é an tAontas i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (2), ar coinbhinsiún é lena gceanglaítear ar chomhaltaí uile an chomhphobail idirnáisiúnta oibriú i gcomhar le chéile i dtaca le hacmhainní beo na farraige a chaomhnú agus a bhainistiú. |
|
(2) |
Is Páirtí Conarthach é an tAontas freisin sa Chomhaontú maidir le cur chun feidhme fhorálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach (3). |
|
(3) |
Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i réimse chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara faoin gComhbheartas Iascaigh. Áirítear freisin leis na cumhachtaí a thugtar don Aontas ar an leibhéal inmheánach cumhacht an Aontais oibriú i gcomhar in eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear é sin a dhéanamh faoi chuimsiú eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh. |
|
(4) |
Is Páirtí Conarthach í an Pholainn sa Coinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bainistiú Acmhainní Mangach i Muir Bheiring Láir (“an Coinbhinsiún”). Níl an tAontas ina pháirtí sa Choinbhinsiún. De bhua Airteagal 6(9) d’Ionstraim Aontachais 2003, amhail ó dháta an aontachais, tá comhaontuithe iascaigh arna dtabhairt i gcrích ag Ballstáit aontacha le tríú tíortha le bainistiú ag an Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas aon chinntí arna mbunú faoin gCoinbhinsiún a chur chun feidhme ina dhlíchóras. |
|
(5) |
Is chun leas an Aontais é ról éifeachtach a bheith aige i gcur chun feidhme an Choinbhinsiúin. Le gníomh den sórt sin, cuirfear comhsheasmhacht chur chuige an Aontais i leith an chaomhnaithe ar fud na n-aigéan chun cinn freisin agus neartófar tiomantas an Aontais i dtaca le caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh ar fud an domhain. |
|
(6) |
Le Cinneadh ón gComhairle an 11 Aibreán 2016, thug an Chomhairle údarú don Pholainn leasú ar an gCoinbhinsiún a chaibidliú, chun leas an Aontais, lena gceadófaí don Aontas a bheith rannpháirteach mar pháirtí iomlán sa Choinbhinsiún. Chuige sin, bhí an Pholainn le leasú ar an gCoinbhinsiún a mholadh chun rannpháirtíocht eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta a cheadú agus chun go bhféadfadh an tAontas a bheith ina pháirtí sa Choinbhinsiún. |
|
(7) |
I mí Dheireadh Fómhair 2016, mhol an Pholainn leasú den sórt sin ar an gCoinbhinsiún do Thaiscí an Choinbhinsiúin. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Pholainn a údarú chun an leasú ar an gCoinbhinsiún a dhaingniú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údaraítear leis seo don Pholainn, chun leas an Aontais Eorpaigh, an leasú ar Airteagal XVI.4 den Choinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bainistiú Acmhainní Mangach i Muir Bheiring Láir a dhaingniú, rud a chuirfeadh ar a gcumas d’eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta a bheith ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Is chuig Poblacht na Polainne a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. STRÖMMER
(1) Toiliú an 15 Feabhra 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus Comhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).
(3) Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir le daingniú ag an gComhphobal Eorpach don Chomhaontú maidir le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach (IO L 189, 3.7.1998, lch. 14).
|
14.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 75/17 |
CINNEADH (AE) 2023/576 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Marta 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh agus le leanúint leis an gComhaontú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Shínigh an tAontas an Comhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (1)(“an Comhaontú”) i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/118 ón gComhairle (2) agus tá sé i bhfeidhm go sealadach ón 29 Meitheamh 2022. |
|
(2) |
Le hAirteagal 7(1) den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste chun maoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a fheidhmiú i bhfianaise a chuid cuspóirí. |
|
(3) |
Le hAirteagal 7(6) den Chomhaontú, foráiltear go bhfuil an Comhchoiste lena rialacha nós imeachta a ghlacadh. Chun cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh. |
|
(4) |
Mar a leagtar amach in Airteagal 6(1) den Chomhaontú, tá an Comhaontú le feidhm a bheith aige go dtí an 30 Meitheamh 2023. Tá an Comhchoiste le tionól, áfach, 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin. |
|
(5) |
Chun go leanfaidh leis an tairbhe a bhaineann an tAontas agus an Úcráin araon as éifeachtaí dearfacha an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar a éascú idir an Úcráin agus an tAontas agus maidir le lánaí dlúthpháirtíochta dea-fheidhmiúla a áirithiú i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ba cheart an Comhaontú a fhadú go dtí an 30 Meitheamh 2024. |
|
(6) |
Tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh lena mbunófar a rialacha nós imeachta agus maidir leis an ngá leanúint leis an gComhaontú, lena n-áirítear fad na leanúna. |
|
(7) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste maidir le glacadh na rialacha nós imeachta agus an leanúint leis an gComhaontú a leagan síos, ós rud é go mbeidh a chinntí ina gceangal ar an Aontas, |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar na dréachtchinntí atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 7 den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (“an Comhaontú”) a mhéid a bhaineann le glacadh a rialacha nós imeachta agus an leanúint leis an gComhaontú, lena n-áirítear fad na leanúna, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Chomhchoiste mionathruithe ar na dréachtchinntí ón gComhchoiste a comhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 9 Márta 2023
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. STRÖMMER
(1) IO L 179, 6.7.2022, lch. 4.
(2) Cinneadh (AE) 2022/1158 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (IO L 179, 6.7.2022, lch. 1).
DRÉACHT-
CINNEADH UIMH. 1/2023 ÓN gCOMHCHOISTE a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin
an …
a mhéid a bhaineann lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 7(6) de,
De bhrí, de bhun Airteagal 7(6) den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (‘an Comhaontú’), go bhfuil an Comhchoiste chun a rialacha nós imeachta a ghlacadh. Ba cheart, dá bhrí sin, na Rialacha Nós Imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a ghlacadh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Rialacha Nós Imeachta
Leis seo, glactar Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh ...,
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
IARSCRÍBHINN
RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOMHCHOISTE
Airteagal 1
Cinn Toscaireachta
1. Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar an gComhchoiste. Ceapfaidh gach Páirtí Ceann a thoscaireachta agus, i gcás inar gá, Leas-Cheann a thoscaireachta. Féadfar an Leas-Cheann nó ainmní a chur in ionad an Chinn Toscaireachta le haghaidh cruinniú ar leith.
2. Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ón Úcráin ina chathaoirleach ar an gComhchoiste ar bhonn idirmhalartach. Is é Ceann na toscaireachta ábhartha, nó má bhíonn an duine sin as láthair, an Leas-Cheann nó an t-ainmní a cheapfar chun a n-ionad a ghabháil, a ghníomhóidh mar chathaoirleach.
Airteagal 2
Cruinnithe
1. Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile de réir mar is gá agus nuair is gá. Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe a iarraidh go dtionólfaí cruinniú. Tionólfar an Comhchoiste freisin 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de.
2. Tionólfaidh an Comhchoiste cruinnithe go pearsanta nó ar bhealaí eile (e.g. glaonna comhdhála nó físchomhdhálacha).
3. Reáchtálfar na cruinnithe, a mhéid is féidir, ar bhonn idirmhalartach, i mBallstát den Aontas Eorpach agus san Úcráin, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
4. Is é an Béarla an teanga oibre a bheidh ann.
5. Nuair a bheidh dáta agus áit na gcruinnithe comhaontaithe ag na Páirtithe, is é an Coimisiún Eorpach a thionólfaidh cruinnithe thar ceann an Aontais Eorpaigh agus is í an Aireacht atá i gceannas ar iompar de bhóthar a thionólfaidh cruinnithe le haghaidh na hÚcráine.
6. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, ní bheidh cruinnithe an Chomhchoiste ar oscailt don phobal. Más gá, féadfar preaseisiúint a dhréachtú trí chomhaontú frithpháirteach ag deireadh an chruinnithe.
Airteagal 3
Toscaireachtaí
1. Roimh gach cruinniú, cuirfidh na Cinn Toscaireachta a chéile ar an eolas faoi chomhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí le haghaidh an chruinnithe.
2. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe pháirtithe leasmhara ón tionscal iompair de bhóthar freastal ar chruinnithe nó ar chodanna de na cruinnithe mar bhreathnóirí, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh de chomhthoil.
3. Féadfaidh an Comhchoiste, má chomhaontaítear amhlaidh de chomhthoil, cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara nó saineolaithe eile freastal ar a chruinnithe nó codanna díobh chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhair áirithe.
4. Ní ghlacfaidh breathnóirí páirt i bpróiseas cinnteoireachta an Chomhchoiste.
Airteagal 4
Rúnaíocht
Oifigeach ó sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh agus oifigeach ón Aireacht atá i gceannas ar iompar de bhóthar na hÚcráine, gníomhóidh siad go comhpháirteach mar rúnaithe an Chomhchoiste.
Airteagal 5
Clár oibre na gcruinnithe
1. Leagfaidh na Cinn Toscaireachta amach clár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe trí chomhaontú frithpháirteach. Seolfaidh na rúnaithe an clár oibre sealadach chuig comhaltaí na dtoscaireachtaí cúig lá dhéag roimh dháta an chruinnithe ar a dhéanaí.
2. Glacfaidh an Comhchoiste an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar ítimí seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur ar an gclár oibre, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh.
3. An teorainn ama a shonraítear i mír 1, féadfaidh na Cinn Toscaireachta í a ghiorrú chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.
Airteagal 6
Miontuairiscí
1. Tar éis gach cruinnithe den Chomhchoiste, dréachtófar dréacht-mhiontuairiscí ar an gcruinniú. Léireofar iontu na hítimí a pléadh agus na cinntí a glacadh.
2. Laistigh de mhí tar éis an chruinnithe, cuirfidh an Ceann Toscaireachta óstach na dréacht-mhiontuairiscí faoi bhráid an Chinn Toscaireachta eile, trí rúnaithe an Chomhchoiste, lena bhformheas tríd an nós imeachta i scríbhinn.
3. Nuair a bheidh na Miontuairiscí formheasta, síneoidh na Cinn Toscaireachta iad i ndúblach agus comhdóidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin. Féadfaidh na Cinn Toscaireachta a chinneadh go bhféadfar an ceanglas sin a chomhlíonadh trí chóipeanna leictreonacha a shíniú agus a mhalartú.
4. Mura n-iarrfaidh ceann de na Páirtithe a mhalairt, beidh Miontuairiscí chruinnithe an Chomhchoiste ar fáil go poiblí.
5. Féadfaidh na Cinn Toscaireachta an teorainn ama a shonraítear i mír 2 a ghiorrú agus teacht ar chomhaontú maidir le dáta a mhéid a bhaineann leis an bhformheas a shonraítear i mír 3 chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.
Airteagal 7
Nós imeachta i scríbhinn
I gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, féadfar cinntí ón gComhchoiste a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn. Chuige sin, pléifidh na Cinn Toscaireachta na dréachtbhearta a n-iarrtar cinneadh an Chomhchoiste ina leith, agus féadfar an cinneadh sin a dheimhniú trí mhalartú comhfhreagrais ina dhiaidh sin. Mar sin féin, féadfaidh aon Pháirtí a iarraidh go dtionólfar an Comhchoiste chun an t-ábhar a phlé.
Airteagal 8
Pléití
1. Is ar bhonn chomhthoil na bPáirtithe a ghlacfaidh an Comhchoiste cinntí.
2. Beidh an teideal “Cinneadh” ar chinntí an Chomhchoiste, agus beidh sraithuimhir, dáta a nglactha agus tuairisc ar a n-ábhar i ndiaidh an teidil.
3. Síneoidh na Cinn Toscaireachta cinntí an Chomhchoiste agus cuirfear i gceangal leis na Miontuairiscí iad.
4. Déanfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a chur chun feidhme i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin.
5. Féadfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a fhoilsiú ina bhfoilseacháin oifigiúla féin. Déanfaidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin de na cinntí a chomhdú.
Airteagal 9
Meithleacha
1. Féadfaidh an Comhchoiste meithleacha a bhunú chun cuidiú leis an gComhchoiste a dhualgais a chur i gcrích. Na téarmaí tagartha le haghaidh meithle, déanfaidh an Comhchoiste iad a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Chomhaontú agus cuirfear iad in iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh lena mbunaítear an mheitheal.
2. Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar na meithleacha.
3. Déanfaidh na meithleacha a gcuid oibre faoi údarás an Chomhchoiste, agus tuairisceoidh siad chuig an gComhchoiste tar éis gach ceann dá gcruinnithe. Ní dhéanfaidh siad cinntí ach féadfaidh siad moltaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.
4. Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh tráth ar bith deireadh a chur le meithleacha atá ann cheana, a dtéarmaí tagartha a mhodhnú, nó meithleacha nua a bhunú chun cabhrú leis a dhualgais a chur i gcrích.
Airteagal 10
Costais
1. Íocfaidh gach Páirtí na speansais a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcruinnithe an Chomhchoiste agus i gcruinnithe meithle, i ndáil le costais a bhaineann lena bhfoireann, le cúrsaí taistil agus cothaithe, agus i ndáil le costais a bhaineann le postas agus teileachumarsáide.
2. Is ar an bPáirtí a óstálfaidh an cruinniú a thitfidh aon chostas eile a bhaineann le heagrú ábharach na gcruinnithe.
Airteagal 11
Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú
Féadfaidh an Comhchoiste, tráth ar bith, na Rialacha Nós Imeachta seo a leasú trí bhithín cinneadh a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Chomhaontú.
|
14.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 75/23 |
CINNEADH (CBES) 2023/577 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Márta 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1), 41(2), 42(4) agus 30(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, le tacaíocht ón gCoimisiún,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Nollaig 2022, chomhaontaigh an Chomhairle gur cheart uasteorainn fhoriomlán airgeadais na Saoráide Eorpaí Síochána (“an tSaoráid”) a mhéadú EUR 2 000 milliún (i bpraghsanna 2018) in imeacht na mblianta ó 2024 go 2027. Agus an méadú sin á cur chun feidhme, tá uasteorainn na n-íocaíochtaí a comhaontaíodh do 2023 le hurramú. D’admhaigh an Chomhairle freisin go bhféadfadh sé gur ghá uasteorainn fhoriomlán airgeadais na Saoráide go dtí 2027 a mhéadú a thuilleadh de bharr athruithe sa timpeallacht slándála idirnáisiúnta. Is í an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil, a chinnfidh ar aon mhéadú breise atá le déanamh agus leagfar síos i leasú ar Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1) é. Níl an méadú foriomlán iomlán ar uasteorainn airgeadais na Saoráide go dtí 2027 le dul thar EUR 5 500 milliún (i bpraghsanna 2018). |
|
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 15 Nollaig 2022, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach gné dhomhanda na Saoráide agus ba dhíol sásaimh di an comhaontú sa Chomhairle an 12 Nollaig 2022 chun a hinbhuanaitheacht airgeadais a áirithiú. |
|
(3) |
Sa Chompás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint, a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022, iarrtar go ndéanfaí athmheasúnú faoi 2023 ar raon feidhme agus sainmhíniú na gcostas coiteann chun dlúthpháirtíocht a fheabhsú agus rannpháirtíocht i misin agus oibríochtaí míleata a spreagadh, chomh maith le costais a bhaineann le cleachtaí, i bhfianaise freisin tograí maidir le hacmhainneacht mhear-imscartha an Aontais. Tá maoiniú chostas incháilithe Fhreachnamh Míleata an Aontais um Bainistiú Géarchéime 2023 (MILEX 2023), le méid suas le EUR 5 000 000, gan dochar do chinntí a dhéanfar amach anseo maidir le costais choiteanna a mhaoiniú. |
|
(4) |
Mar gheall ar an taithí a fuarthas ó glacadh Cinneadh (CBES) 2021/509, is gá níos mó solúbthachta a thabhairt isteach maidir le bailiú agus úsáid rannchuidithe airgeadais ó na Ballstáit agus maidir leis an gcaoi a n-úsáideann an tSaoráid iad, go háirithe trí fháil agus úsáid réamh-ranníocaíochtaí a cheadú. Ní dhéanann rannchuidithe a roghnaíonn Ballstát a íoc roimh ré difear do mhéid na rannchuidithe atá dlite ón mBallstát sin nó ó Bhallstáit eile, ná do chumas na Saoráide a spriocanna a bhaint amach. Ní féidir réamh-rannchuidithe den sórt sin a chur in áirithe d’aon chuspóir sonrach. |
|
(5) |
Ina theannta sin, tá gá le níos mó solúbthachta a thabhairt isteach trí chur leis an úsáid a bhaintear as an luathmhaoiniú le haghaidh beart cúnaimh faoi údarú an Choiste um an tSaoráid. Ní úsáidfear rannchuidithe le luathmhaoiniú ó Bhallstát chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, ar bearta iad óna staonann an Ballstát sin i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Chinneadh (CBES) 2021/509. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2021/509 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 mar a leanas:
|
1. |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. EUR 7 979 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san uasteorainn airgeadais chun an tSaoráid a chur chun feidhme sa tréimhse 2021 go 2027.” |
|
2. |
in Airteagal 4, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
|
3. |
in Airteagal 17, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “3a. De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh gach riarthóir a mholadh don Choiste leithreasuithe breise faoi chomhair gealltanas a bhaineann le híocaíochtaí arna maoiniú le réamh-rannchuidithe, dá dtagraítear in Airteagal 29(15), a iontráil i dteidil an bhuiséid faoi fhreagracht na riarthóra sin do bhliain ar leith, chun riachtanais cur chun feidhme gan choinne a chumhdach. Déanfar na leithreasuithe breise faoi chomhair gealltanas arna n-iontráil sa bhuiséad a bhaint as na huasteorainneacha airgeadais bliantúla sna blianta amach romhainn.” |
|
4. |
in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8: “8. Ní rachaidh rannchuidithe na mBallstát in aon bhliain ar leith thar a sciar faoi seach den uasteorainn íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2). Ní bheidh feidhm ag an teorainn sin maidir le rannchuidithe breise de bhun mhír 7 den Airteagal seo a eascraíonn as staonadh ó bhearta cúnaimh i mblianta roimhe sin, nó maidir le réamh-rannchuidithe dá dtagraítear in Airteagal 29(15).” |
|
5. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28: “Airteagal 28 Luathmhaoiniú 1. Beidh córas íostaiscí ag an tSaoráid chun luathmhaoiniú a chur ar fáil d’oibríochtaí mearfhreagartha de chuid an Aontais agus do bhearta práinneacha dá dtagraítear in Airteagal 58 agus, faoi réir údarú roimh ré ón gCoiste, do bhearta cúnaimh aonair, i gcás nach mbeidh cistí leordhóthanacha ar fáil agus nach bhféadfaí, leis an ngnáthnós imeachta chun rannchuidithe a bhailiú, freastal ar na riachtanais in am trátha. Bainisteoidh gach riarthóir faoi seach na híostaiscí. 2. Tar éis moltaí a fháil ón riarthóir, déanfaidh an Coiste méid na n-íostaiscí a chinneadh, agus a athbhreithniú de réir mar is gá. 3. Chun críoch luathmhaoiniú na n-íostaiscí, déanfaidh na Ballstáit ceachtar díobh seo a leanas:
|
|
6. |
in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9: “9. Déanfar aon chuid a úsáidtear de na réamh-rannchuidithe leis na híostaiscí a athshlánú trí rannchuidiú na mBallstát ábhartha a mhéadú sa chéad ghnáthghlao eile ar rannchuidithe, mura rud é go mbeidh a rannchuidiú athshlánaithe acu roimhe sin. Má tá gá le dul i muinín na híostaisce agus mura bhfuil a rannchuidiú athshlánaithe ag na Ballstáit lena mbaineann idir an dá linn, íocfaidh siad an méid is gá, más ann, laistigh de 10 lá, de bhun Airteagal 28(3), pointe (b).” |
|
7. |
in Airteagal 29, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “15. Sa bhreis ar na híocaíochtaí a dhéanfar tar éis glao ar rannchuidithe arna eisiúint i gcomhréir leis an Airteagal seo, féadfaidh Ballstát, ar bhonn deonach agus i gcomhar leis an riarthóir freagrach, réamh-rannchuidithe a íoc i mbliain airgeadais ar leith. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Ballstát a sholáthraigh an réamh-rannchuidiú in iúl, i gcomhar leis an riarthóir freagrach, na blianta airgeadais ar ina leith a dhéanfar an méid sin a bhaint as a ranncuidithe amach anseo.” |
|
8. |
in Airteagal 73, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “9. Is é EUR 5 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais do chostais choiteanna Fhreachnamh Míleata an Aontais um Bainistiú Géarchéime 2023 (MILEX 23). Anuas ar na costais choiteanna atá incháilithe d’fhreachnaimh de bhun Airteagal 45, beidh na costais incriminteacha seo a leanas arna dtabhú chun tacaíocht a sholáthar don cheanncheathrú agus do na fórsaí atá rannpháirteach sa fhreachnamh incháilithe don fhreachnamh sin ar bhonn eisceachtúil:
|
|
9. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I: “IARSCRÍBHINN I UASTEORAINNEACHA AIRGEADAIS BLIANTÚLA Údarófar na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha na méideanna seo a leanas, gan dochar d’Airteagal 17(3) agus (3a) agus faoi réir Airteagal 73(2): Praghsanna reatha, i milliúin euro
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. PEHRSON
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14)
GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
|
14.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 75/26 |
CINNEADH uimh. 1/2022 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM IOMPAR DE BHÓTHAR ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE
an 21 Samhain 2022
maidir leis na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta a bhaineann leis an úsáid a bhaineann an Ríocht Aontaithe as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) , rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa chomhar riaracháin faoi Airteagal 6 de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus méid agus módúlachtaí na ranníocaíochta airgeadais atá le déanamh ag an Ríocht Aontaithe le buiséad ginearálta an Aontais i ndáil leis an gcostas a ghintear ón úsáid a bhaineann sí as IMI [2023/578]
TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM IOMPAR DE BHÓTHAR,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), agus go háirithe Airteagal 7(5) agus (6) de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Mar a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (a), de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, cuirfidh oibreoirí atá bunaithe sa Pháirtí eile dearbhú maidir le postú faoi bhráid údaráis inniúla an Pháirtí, nó i gcás an Aontais, údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tiománaí ar postú, agus úsáid á baint ón 2 Feabhra 2022 ar aghaidh as leagan caighdeánach ilteangach den chomhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Maidir le húdarás inniúil, féadfaidh aon chomhlacht atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus atá cláraithe in IMI agus a bhfuil freagrachtaí sonracha air a bhaineann le cur i bhfeidhm forálacha dlíthiúla áirithe a bheith ann. |
|
(2) |
Mar a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (c), an dara fomhír, de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, le IMI, ceadaítear freisin iarrataí a dhéanamh ar chúnamh ó údaráis inniúla an Pháirtí bunaíochta nó, i gcás an Aontais, ó údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta, i gcás nach gcuireann an t-oibreoir an doiciméadacht a iarradh isteach laistigh de 8 seachtaine ó dháta na hiarrata. |
|
(3) |
Féadfaidh tríú tíortha IMI a úsáid má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, agus ar choinníoll go mbíonn an tríú tír dár tugadh rochtain ar IMI páirteach i gcostais oibriúcháin IMI. |
|
(4) |
Mar a leagtar amach in Airteagal 7(5) de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, leagtar síos go socróidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta maidir leis an úsáid a bhaineann an Ríocht Aontaithe as IMI. Tá gá leis na sonraíochtaí sin chun nascadh na n-oibreoirí agus na n-údarás inniúil le IMI a cheadú, agus ar an gcaoi sin chun go mbeidh na hoibreoirí in ann a ndearbhuithe maidir le postú a chur isteach agus chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann páirt a ghlacadh sa chomhar riaracháin a dtugtar tuairisc air in aithrisí 1 agus 2. Chuir an tAontas na sonraíochtaí sin chun feidhme trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2179 ón gCoimisiún (3). |
|
(5) |
Mar a leagtar amach in Airteagal 7(6) de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, beidh gach Páirtí páirteach i gcostais oibriúcháin chóras IMI. Is é an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar a chinnfidh na costais a bheidh le híoc ag gach Páirtí. Is gá, dá bhrí sin, méid agus módúlachtaí na ranníocaíochta airgeadais atá le déanamh ag an Ríocht Aontaithe le buiséad ginearálta an Aontais a chinneadh i ndáil leis an gcostas a ghintear ón úsáid a bhaineann sí as IMI. Beidh dhá chuid sa ranníocaíocht airgeadais: costais chothabhála bhliantúla (ranníocaíocht bhliantúil) agus costais forbartha (íocaíocht aonuaire), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Feidhmiúlachtaí ginearálta
1. Áiritheoidh an tAontas go bhforáiltear, go háirithe, leis an gcomhéadan poiblí ilteangach atá nasctha le IMI do na feidhmiúlachtaí teicniúla seo a leanas d’oibreoirí na Ríochta Aontaithe:
|
(a) |
cuntas a chruthú le haghaidh rochtain shlán ar limistéar forchoimeádta an oibreora; |
|
(b) |
logáil iomchuí gníomhaíochta úsáideora a áirithiú; |
|
(c) |
mionsonraí maidir leis an oibreoir, na húsáideoirí údaraithe, an bainisteoir iompair agus na tiománaithe ar postú a thaifeadadh sa chuntas; |
|
(d) |
dearbhuithe maidir le postú a bhainistiú:
|
|
(e) |
iarrataí ar dhoiciméadacht a fháil agus a fhreagairt de bhun Airteagal 6(1), pointe (c), de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair; |
|
(f) |
rochtain a fháil ar aon doiciméad a sholáthraíonn údaráis inniúla an Stáit bunaíochta agus radharc a fháil orthu; |
|
(g) |
cumarsáid a dhéanamh le húdaráis inniúla an Stáit inar tharla an postú; |
|
(h) |
a bheith ar an eolas nuair a dhúnann údaráis inniúla an Stáit is óstach an iarraidh. |
2. Áiritheoidh an tAontas go soláthróidh an comhéadan poiblí ilteangach atá nasctha le IMI na feidhmiúlachtaí teicniúla a ligfidh d’údarás náisiúnta amháin nó níos mó sa Ríocht Aontaithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
dearbhuithe maidir le postú a fháil; |
|
(b) |
doiciméid a iarraidh faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (c), de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair; |
|
(c) |
toradh deiridh an mheasúnaithe ar chomhlíontacht an oibreora leis na rialacha maidir le postú a chur isteach sa chóras agus an iarraidh a dhúnadh in IMI. |
3. Is éard a bheidh in údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe aon chomhlacht atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus atá cláraithe in IMI agus a bhfuil freagrachtaí sonracha air a bhaineann le cur i bhfeidhm Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Cláróidh pointe teagmhála IMI na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe in IMI.
4. Beidh an tAontas i dteideal stop a chur le rochtain na Ríochta Aontaithe ar IMI má scoireann an Ríocht Aontaithe de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 23(1), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a chomhlíonadh.
Airteagal 2
Feidhmiúlachtaí a bhaineann le hiarrataí ar dhoiciméid
1. Leis an gcomhéadan poiblí beidh údarás inniúil an Stáit inar tharla an postú in ann a iarraidh ar an oibreoir doiciméid a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (c), an chéad fhomhír, de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a sheoladh le haghaidh tréimhse lena gcumhdaítear suas leis na 12 mhí roimh dháta na hiarrata. Ligfidh an comhéadan poiblí atá nasctha le IMI don oibreoir na doiciméid a iarrtar a sholáthar de chéim amháin nó níos mó.
2. I gcás ina n-iarrtar ar an oibreoir doiciméad breise amháin nó níos mó a sholáthar nár áiríodh san iarraidh dá dtagraítear i mír 1, ríomhfaidh an comhéadan poiblí an tréimhse 8 seachtaine inar féidir doiciméid a sholáthar ó dháta na hiarrata ar an doiciméad breise nó ar na doiciméid bhreise.
3. Fágfaidh an comhéadan poiblí go bhféadfar an t-oibreoir a chur ar an eolas i gcás ina n-iarrann an Stát is óstach cúnamh an Stáit bunaíochta.
4. Aon doiciméad a uaslódálann údarás inniúil an Stáit bunaíochta, tar éis iarraidh ar chúnamh arna déanamh ag údarás inniúil an Stáit is óstach, de bhun Airteagal 6(1), pointe (c), an dara fomhír, de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, is doiciméad é a bheidh le feiceáil i gcuntas an oibreora.
5. Fágfaidh an comhéadan poiblí go bhféadfar fógra a thabhairt don oibreoir i dtaca le dúnadh na hiarrata ar dhoiciméid chomh maith le léiriú ar an toradh deiridh ach a mbeidh seiceáil déanta ag na húdaráis inniúla ar na doiciméid a iarradh.
6. Iarrataí ar dhoiciméid nach ndúnann údarás inniúil iarrthach an Stáit is óstach, is iarrataí iad a dhúnfar go huathoibríoch 24 mhí i ndiaidh dháta na hiarrata.
Airteagal 3
Feidhmiúlachtaí a bhaineann le coinneáil sonraí
1. Leis an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI féadfar na sonraí uile a stóráiltear sa chomhéadan poiblí sin agus i gcuntas na n-oibreoirí a scriosadh nuair nach mbeidh gá leis na sonraí sin a thuilleadh chun na gcríoch ar bailíodh agus ar próiseáladh iad. Leis an gcomhéadan poiblí féadfar meabhrúchán a sheoladh chuig an oibreoir maidir le sonraí pearsanta an tiománaí a athbhreithniú agus a scriosadh, nuair is gá.
2. Leis an gcomhéadan poiblí féadfar na dearbhuithe maidir le postú a chuirtear isteach tríd an gcomhéadan poiblí sin a scriosadh go huathoibríoch i ndiaidh na tréimhse 24 mhí dá dtagraítear in Airteagal 6(5) de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.
3. I gcás ina gcuireann an t-oibreoir doiciméid isteach mar chuid d’iarraidh ar dhoiciméid, ní bheidh na doiciméid a iarradh ar fáil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch ar bailíodh iad chucu ná ar feadh tréimhse níos faide ná 12 mhí i ndiaidh dhúnadh na hiarrata.
Airteagal 4
Úsáid IMI
1. Úsáidfidh an Ríocht Aontaithe IMI a bhunaítear le Rialachán IMI le haghaidh malartuithe faisnéise, lena n-áirítear sonraí pearsanta, leis na húdaráis inniúla.
2. Ceapfaidh an Ríocht Aontaithe pointe teagmhála IMI chun críoch an chomhair riaracháin a leagtar amach in Airteagal 2 agus cuirfidh sí an Coimisiún agus an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar ar an eolas faoi sin.
Airteagal 5
Méid agus módúlachtaí ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe
1. Ranníocfaidh an Ríocht Aontaithe go bliantúil le costais oibríochtúla agus chothabhála IMI. Beidh feidhm ag an ranníocaíocht bhliantúil ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. I gcás na chéad bhliana, íocfar an ranníocaíocht laistigh de 20 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. I gcás na mblianta ina dhiaidh sin, íocfar faoin 31 Nollaig den bhliain roimhe sin í. Beidh méid na ranníocaíochta socraithe ag EUR 86 204 don chéad bhliain agus déanfar é a athbhreithniú de réir fhorbairt an Innéacs Eorpaigh Praghsanna do Thomhaltóirí (IEPT) gach bliain ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an méid athbhreithnithe in iúl don Ríocht Aontaithe i scríbhinn.
2. Ranníocfaidh an Ríocht Aontaithe le costais fhoriomlána forbartha an chomhéadain phoiblí atá nasctha le IMI. Déanfar an ranníocaíocht sin uair amháin agus is méid socraithe EUR 232 835 é. Íocfar an costais forbartha aonuaire laistigh de 20 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
3. Íocfar an ranníocaíocht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 in euro le cuntas bainc an Choimisiúin atá ainmnithe in euro agus a luaitear sa nóta dochair.
4. I gcás athrú mór ar chostas foriomlán IMI, mar gheall ar oiriúnuithe teicneolaíochta nó ar chúiseanna eile, glacfaidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar cinneadh nua maidir le ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe, arna iarraidh sin do dhuine de Chomhchathaoirligh an Choiste.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Londain, an 21 Samhain 2022.
Thar Ceann an Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar
Na Comhchathaoirligh
Jean-Louis COLSON
Katherine MACDIVITT
(1) IO AE L 149, 30.4.2021, lch. 10.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO AE L 316, 14.11.2012, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2179 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 maidir le feidhmiúlachtaí an chomhéadain phoiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh i dtaca le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar (IO AE L 443, 10.12.2021, lch. 68).