ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 73

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
10 Márta 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/543 ón gCoimisiún an 9 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 a mhéid a bhaineann le leithdháileadh ar na Ballstáit na meastóireachta ar shubstaintí gníomhacha a rachaidh a bhformheas in éag idir an 31 Eanáir 2029 agus an 1 Deireadh Fómhair 2035, chun críocha an nóis imeachta athnuachana ( 1 )

1

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2023/544 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na díolúintí maidir le húsáid luaidhe i gcóimhiotail alúmanaim chun críoch meaisínithe, i gcóimhiotail chopair agus i gceallraí áirithe ( 1 )

5

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/545 ón gComhairle an 7 Márta 2023 lena gceaptar triúr comhaltaí agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

12

 

*

Cinneadh (AE) 2023/546 ón gComhairle an 7 Márta 2023 lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na Slóivéine, de Choiste na Réigiún

14

 

*

Cinneadh (AE) 2023/547 ón gComhairle an 7 Márta 2023 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún

16

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/548 ón gCoimisiún an 6 Márta 2023 gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha UL Hydrogen Peroxide Family 1 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1372)

17

 

*

Cinneadh (AE) 2023/549 ón mBanc Ceannais Eorpach an 6 Márta 2023 maidir le rochtain ar shonraí TARGET áirithe agus úsáid na sonraí sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2010/9 (BCE/2023/3)

19

 

 

MOLTAÍ

 

*

Moladh (AE) 2023/550 ón gCoimisiún an 8 Márta 2023 maidir le Cláir Tacaíochta Náisiúnta don Phleanáil maidir le Soghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1524)

23

 

 

RIALACHA NÓS IMEACHTA

 

*

Cinneadh Uimh. 2019/1 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair (tar éis comhairliúcháin i scríbhinn) maidir le glacadh bhuiséad an Chomhphobail Iompair don bhliain 2019 [2023/551]

34

 

*

Cinneadh Uimh. 2019/2 Ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach An Chomhphobail Iompair (tar éis comhairliúcháin i scríbhinn le baill den choiste StiúrthaRéigiúnach) maidir le Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair [2023/552]

36

 

*

Cinneadh Uimh. 2019/3 Ó Choiste Stiúrth Réigiúnach An Chomhphobail Iompair [2023/553] an 5 Meitheamh 2019 a bhaineann le:

37

 

*

Cinneadh Uimh. 2020/2 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair (Tar éis comhairliúchán le comhaltaí an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh) ar Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair [2023/554]

38

 

*

Cinneadh Uimh. 2020/3 Ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach An Chomhphobail Iompair (Tar éis comhairliúchán le comhaltaí an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh) maidir le Leas-Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair [2023/555]

39

 

*

Cinneadh Uimh. 2020/05 Ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach An Chomhphobail Iompair maidir leis na rialacha i dtaca le haisíoc speansas a thabhaíonn daoine ó thaobh amuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a n-iarrtar orthu freastal ar chruinnithe i gcáil saineolaithe [2023/556]

40

 

*

Cinneadh Uimh. 2020/7 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair maidir leis an Iniúchóir Seachtrach Neamhspleách a ainmniú chun an iniúchóireacht bhliantúil a dhéanamh don Bhliain Fhioscach 2019 [2023/557]

44

 

*

Cinneadh Uimh. 2020/08 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair maidir le cruthú an choiste theicniúil um Iompar earraí contúirteacha [2023/558]

45

 

*

Cinneadh Uimh. 01/2021 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair (tar éis an chomhairliúcháin i scríbhinn) maidir le glacadh bhuiséad an Chomhphobail Iompair don bhliain 2021 (2023/559)

46

 

*

Cinneadh Uimh. 2021/02 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair maidir leis na rialacha faoi aisíocaíocht speansas a thabhaíonn daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a n-iarrtar orthu freastal ar chruinnithe de chuid an Chomhphobail Iompair [2023/560]

48

 

*

Cinneadh Uimh. 2021/03 Ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach An Chomhphobail Iompair maidir leis na rialacha aisíocaíochta le foireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair i ndáil le costais taistil agus athshuímh ar dhul i mbun dualgas dóibh agus ar fhoirceannadh seirbhíse [2023/561]

54

 

*

Leasuithe ar Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhFeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta

58

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) ón gComhairle an 20 Feabhra 2023 mar thaca le sásra domhanda ar ghnáth-airm aindleacthacha agus a n-armlón chun an baol a bhaineann lena n-atreorú agus lena n-aistriú aindleathach a laghdú (iTrace V) ( IO L 53, 21.2.2023 )

67

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/543 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Márta 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 a mhéid a bhaineann le leithdháileadh ar na Ballstáit na meastóireachta ar shubstaintí gníomhacha a rachaidh a bhformheas in éag idir an 31 Eanáir 2029 agus an 1 Deireadh Fómhair 2035, chun críocha an nóis imeachta athnuachana

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 19 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 ón gCoimisiún (2) déantar an mheastóireacht ar shubstaintí gníomhacha a leithdháileadh ar Bhallstát is rapóirtéir agus ar Bhallstát is comhrapóirtéir chun críocha an nóis imeachta athnuachana. Ós rud é nach bhfuil an mheastóireacht ar shubstaintí gníomhacha a rachaidh a bhformheas in éag idir an 31 Eanáir 2029 agus an 1 Deireadh Fómhair 2035 leithdháilte go fóill ar Bhallstát ná ar Bhallstát is comhrapóirtéir, is iomchuí dul ar aghaidh leis an leithdháileadh sin.

(2)

Ba cheart an leithdháileadh sin a dhéanamh ar bhealach lena n-áirithítear cothromaíocht idir na Ballstáit maidir le dáileadh na bhfreagrachtaí agus na hoibre.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 a leasú dá réir.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 686/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IOL 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2012 lena leithdháiltear an mheastóireacht ar shubstaintí gníomhacha ar Bhallstáit chun críocha an nóis imeachta athnuachana (IO L 200, 27.7.2012, lch. 5).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

“CUID E

Leithdháileadh na meastóireachta ar shubstaintí gníomhacha a rachaidh a bhformheas in éag idir an 31 Eanáir 2029 agus an 1 Deireadh Fómhair 2035

Substaint ghníomhach

Ballstát is rapóirtéir

Ballstát is comhrapóirtéir

1-meitilcioglapróipéin

DE

EL

2,4-D

DE

EL

2,4-DB

EL

IE

ABE-IT 56

FR

PT

Aicéataimíprid

DE

ES

Aicibeansólar-S-meitil

ES

BE

Ampelomyces quisqualis tréithchineál AQ10

SE

NL

Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál FZB24

DE

AT

Bacillus subtilis tréithchineál IAB/BS03

ES

AT

Beauveria bassiana tréithchineál 203

DK

NL

Beauveria bassiana tréithchineál IMI389521

SE

NL

Beauveria bassiana tréithchineál PPRI 5339

SE

NL

Aigéad beansóch

HU

CZ

Cairfeantrasón-eitil

FR

DE

Carvón

IT

NL

Ceirviosán

ES

DE

Clonostachys rosea tréithchineál J1446

HU

AT

Coniothyrium minitans tréithchineál CON/M/91-08

AT

EE

COS-OGA

FR

HR

Ciahalafop-búitil

CZ

BE

Cipirmeitrin

CZ

DE

Démheitéanaimíd-P

BE

DE

Eatfúmasáit

AT

FI

Feanheacsaimíd

BE

CZ

Fosfáit fheireach

PL

DK

Pireafosfáit fheireach

CZ

FR

Flasasulfúrón

ES

PL

Florasulam

CZ

FR

Floirpiricsifein-beinsil

FR

IT

Flúitiainil

DE

EL

Foramsulfúrón

FR

SK

Forclóirfeanúrón

ES

BE

Iadasulfúrón

BE

FR

Iopróvalacarb

SE

LV

Isaria fumosorosea tréithchineál Apopka 97

NL

AT

Iseacsaflotól

SE

BE

Lamanáirin

EL

FR

Seinicíó-áit lavandailile

SE

NL

Hiodraisíd mhailéach

SI

IT

Meifeintriofluconazól

ES

FR

Méiseasulfúrón

PL

SE

Measaitrí-ón

NL

SK

Meatalacsail-M

DE

EL

Aonraíoch caolaithe VC 1 de víreas mósáice an pheipíonó

FR

DE

Aonraíoch caolaithe VX 1 de víreas mósáice an pheipíonó

FR

DE

Pasteuria nishizawae Pn1

NL

DK

Pepino mosaic víreas tréithchineál CH2 aonraíoch 1906

FI

BE

Peatocsaimíd

AT

FR

Phlebiopsis gigantea tréithchineál FOC PG 410.3

EE

FI

Phlebiopsis gigantea tréithchineál VRA 1835

EE

FI

Phlebiopsis gigantea tréithchineál VRA 1984

EE

FI

Picilionaifin

LT

IT

Própocsacarbasón

SE

BE

Pireafluifein-eitil

DE

FR

Pireadáit

AT

DE

Pireaprocsaifein

ES

BE

Saccharomyces cerevisiae tréithchineál LAS02

EL

AT

Siltiafam

NL

IE

Hidrigincharbónáit sóidiam

AT

FR

Sulfasulfúrón

IE

SE

Tiaibeandasól

NO

ES

Tifeansulfúrón-meitil

FR

DK

Tolclófos-meitil

FI

SE

Tríbheanúrón

FR

SE

Trichoderma atroviride tréithchineál SC1

SI

NL

Trífhlocsastróibin

HR

DE

Verticillium albo-atrum tréithchineál WCS850

NL

SE

Socsaimíd

BE

PL”


TREORACHA

10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/5


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2023/544 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2022

lena leasaítear Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na díolúintí maidir le húsáid luaidhe i gcóimhiotail alúmanaim chun críoch meaisínithe, i gcóimhiotail chopair agus i gceallraí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (1), agus go háirithe Airteagal 4(2), pointe (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 4(2), pointe (a), de Threoir 2000/53/CE, tá na Ballstáit le háirithiú nach mbeidh luaidhe, mearcair, caidmiam ná cróimiam heicsifhiúsach in ábhair agus i gcomhpháirteanna feithiclí a chuirtear ar an margadh tar éis an 1 Iúil 2003.

(2)

Liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE ábhair agus comhpháirteanna feithicle atá díolmhaithe ón toirmeasc de bhun Airteagal 4(2), pointe (a) de.

(3)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an díolúine a leagtar amach in iontráil 2(c)(i) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE maidir le cóimhiotail alúmanaim chun críoch meaisínithe i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Mar thoradh ar an measúnú sin thángthas ar an gconclúid go bhfuil roghanna malartacha oiriúnacha ar fáil, ach go bhfuil idirthréimhse ag teastáil chun úsáid luaidhe sna hábhair agus sna comhpháirteanna go léir a chumhdaítear leis an díolúine sin a ionadú. D’fhéadfaí úsáid luaidhe sna hábhair agus sna comhpháirteanna lena mbaineann, lena n-áirítear luaidhe in alúmanam buailte, a chéimniú amach faoi dheireadh 2027. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le dáta éaga don díolúine sin.

(4)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an díolúine a leagtar amach in iontráil 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE maidir le cóimhiotail chopair i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Mar thoradh ar an measúnú sin thángthas ar an gconclúid nach bhfuil roghanna oiriúnacha ar fáil de mhalairt ar úsáid luaidhe sna hábhair agus sna comhpháirteanna go léir a chumhdaítear leis an díolúine sin. Agus an dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt na n-ionadach ar luaidhe sna hábhair agus sna comhpháirteanna lena mbaineann á chur san áireamh, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dáta athbhreithnithe nua don díolúine sin.

(5)

Maidir leis an díolúine a leagtar amach in iontráil 5(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE i dtaca le luaidhe i gceallraí le haghaidh feidhmeanna ceallraí nach n-áirítear in iontráil 5(a) den Iarscríbhinn sin, a bhaineann le ceallraí i gcórais ardvoltais, rinne an Coimisiún measúnú ar an díolúine sin i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Ba é conclúid an mheasúnaithe sin gur féidir úsáid luaidhe i gceallraí le haghaidh feidhmeanna ceallraí nach n-áirítear in iontráil 5(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE a sheachaint i gcás roinnt feidhmeanna ach ní i gcás ceallraí a úsáidtear i bhfeidhmeanna 12 V. Chun creat rialála comhsheasmhach a chur i bhfeidhm maidir le ceallraí, lena n-áirítear iad siúd nach dtagann faoin díolúine a leagtar amach in iontráil 5(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE agus nach n-úsáidtear i bhfeidhmeanna 12 V, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dhá iontráil ar leith 5(b)(i) agus 5(b)(ii) in ionad iontráil amháin 5(b).

(6)

Ba cheart díolúine a sholáthar in iontráil 5(b)(i) maidir le luaidhe a úsáid i gceallraí a úsáidtear i bhfeidhmeanna 12 V agus maidir le luaidhe a úsáid i gceallraí a úsáidtear i bhfeidhmeanna 24 V i bhfeithiclí sainchuspóireacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Agus an dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt na n-ionadach ar luaidhe sna ceallraí lena mbaineann á chur san áireamh, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dáta athbhreithnithe do na díolúintí sin.

(7)

Ba cheart foráil a dhéanamh in iontráil 5(b)(ii) maidir le díolúine i dtaca le luaidhe a úsáid i gceallraí le haghaidh feidhmeanna ceallraí eile nach n-áirítear in iontráil 5(a) ná in iontráil 5(b)(i) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE. Ba é conclúid an mheasúnaithe gur féidir ceallraí luaidhe-bhunaithe le haghaidh na bhfeidhmeanna sin a sheachaint i bhfianaise an dul chun cinn a rinneadh maidir le forbairt ionadach ar úsáid luaidhe i gceallraí a úsáidtear i bhfeidhmeanna den sórt sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le dáta éaga le haghaidh na díolúine sin lena gceadaítear deireadh a chur de réir a chéile le húsáid luaidhe sna ceallraí lena mbaineann.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2000/53/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Meitheamh 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 269, 21.10.2000, lch. 34.

(2)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN II

Ábhair agus comhpháirteanna atá díolmhaithe ó Airteagal 4(2), pointe (a)

Glacfar le huasluach tiúchana substaintí suas le 0,1 % de réir meáchain in ábhar aonchineálach i gcomhair luaidhe, cróimiam heicsifhiúsach agus mearcair agus suas le 0,01 % de réir meáchain in ábhar aonchineálach le haghaidh caidmiam.

Maidir le páirteanna spártha a chuirtear ar an margadh tar éis an 1 Iúil 2003 agus a úsáidtear le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2003, cé is moite d’eirí cothromaíochta le haghaidh rothaí, scuaba carbóin do mhótair leictreacha agus líneálacha coscáin, díolmhófar iad ó Airteagal 4(2), pointe (a), de Threoir 2000/53/CE.

Ábhair agus comhpháirteanna

Raon feidhme agus dáta éaga na díolúine

Le lipéadú nó le déanamh in-sainaitheanta i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b)(iv)

Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe

1(a).

Cruach chun críoch meaisínithe agus baisc comhpháirteanna cruach galbhánaithe teothumtha ina bhfuil suas le 0,35 % luaidhe de réir meáchain

 

 

1(b).

Leathán cruach galbhánaithe go leanúnach ina bhfuil suas le 0,35 % luaidhe de réir meáchain

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

 

2(a).

Alúmanam chun críoch meaisínithe ina bhfuil cion luaidhe suas le 2 % de réir meáchain

Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2005

 

2(b).

Alúmanam ina bhfuil cion luaidhe suas le 1,5 % de réir meáchain

Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2008

 

2(c)(i).

Cóimhiotail alúmanaim chun críoch meaisínithe ina bhfuil cion luaidhe suas le 0,4 % de réir meáchain

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2028 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

 

2(c)(ii).

Cóimhiotail alúmanaim nach n-áirítear in iontráil 2(c)(i) ina bhfuil cion luaidhe suas le 0,4 % de réir meáchain  (2)

 (1)

 

3.

Cóimhiotail chopair ina bhfuil suas le 4 % luaidhe de réir meáchain

 (3)

 

4(a).

Scealla imthaca agus boisc

Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2008

 

4(b).

Scealla imthaca agus boisc in innill, traiseoltaí agus comhbhrúiteoirí aerchóirithe

Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2011

 

Luaidhe agus comhdhúile luaidhe i gcomhpháirteanna

5(a).

Luaidhe i gceallraí a úsáidtear i gcórais ardvoltais  (4) nach n-úsáidtear ach le haghaidh tiomána i bhfeithiclí M1 agus N1

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2019 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X

5(b)(i).

Luaidhe i gceallraí:

(1)

a úsáidtear i bhfeidhmeanna 12 V

(2)

a úsáidtear i bhfeidhmeanna 24 V i bhfeithiclí sainchuspóireacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/858 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

 (3)

X

5(b)(ii).

Luaidhe i gceallraí a úsáidtear i bhfeidhmeanna nach n-áirítear in iontráil 5(a) ná in iontráil 5(b)(i)

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2024 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X

6.

Maolairí creathaidh

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X

7(a).

Oibreáin agus cobhsaitheoirí bolcáin le haghaidh leaistiméirí i bpíobáin choscáin, píobáin bhreosla, píobáin aerála aeir, leaistiméir/páirteanna miotail sna feidhmeanna fonnaidh, agus gléasadh innill

Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2005

 

7(b).

Oibreáin agus cobhsaitheoirí bolcáin le haghaidh leaistiméirí i bpíobáin choscáin, píobáin bhreosla, píobáin aerála aeir, leaistiméir/páirteanna miotail sna feidhmeanna fonnaidh, agus gléasadh innill ina bhfuil suas le 0,5 % luaidhe de réir meáchain

Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2006

 

7(c).

Oibreáin nasctha le haghaidh leaistiméirí i bhfeidhmeanna gléasra cumhachta ina bhfuil suas le 0,5 % luaidhe de réir meáchain

Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2009

 

8(a).

Luaidhe i sádair chun comhpháirteanna leictreacha agus leictreonacha a cheangal de chláir chiorcad leictreonacha agus luaidhe i mbailchríocha ar fhoircinn comhpháirteanna seachas toilleoirí alúmanaim leictrilíte, ar phionnaí comhpháirteacha agus ar chláir chiorcad leictreonacha

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X (5)

8(b).

Luaidhe i sádair i bhfeidhmeanna leictreacha seachas sádráil ar chláir chiorcad leictreonacha nó ar ghloine

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2011 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X (5)

8(c).

Luaidhe i mbailchríocha ar theirminéil toilleoirí alúmanaim leictrilíte

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2013 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X (5)

8(d).

Luaidhe a úsáidtear i sádráil ar ghloine i mbraiteoirí mór-aersreafa

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2015 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X (5)

8(e).

Luaidhe i sádair de chineál ardteochta leáite (i.e. cóimhiotail luaidhe-bhunaithe ina bhfuil 85 % luaidhe nó níos mó de réir meáchain)

 (1)

X (5)

8(f)(i).

Luaidhe i nasc-chórais pionnaí chomhlíontacha

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2017 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X (5)

8(f)(ii).

Luaidhe i nasc-chórais pionnaí chomhlíontacha seachas limistéar cúplála nascóirí úma feithicle

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2024 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X (5)

8(g)(i).

Luaidhe i sádair le haghaidh nasc leictreach inmharthana a chur i gcrích idir dísle leathsheoltóra agus iompróir laistigh de phacáistí sliseanna flip ciorcaid iomlánaithe

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Deireadh Fómhair 2022 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X (5)

8(g)(ii).

Luaidhe i sádair le haghaidh nasc leictreach inmharthana a chur i gcrích idir an dísle leathsheoltóra agus an t-iompróir laistigh de phacáistí sliseanna flip ciorcaid iomlánaithe, i gcás inarb é atá sa nasc leictreach sin aon cheann díobh seo a leanas:

(1)

nód teicneolaíochta leathsheoltóra 90 nm nó níos mó;

(2)

dísle aonair 300 mm 2 nó níos mó in aon nód teicneolaíochta leathsheoltóra;

(3)

pacáistí díslí cruachta ina bhfuil díslí aonair 300 mm 2 nó níos mó, nó idirshuiteoirí sileacain 300mm 2 nó níos mó.

 (1)

Feithiclí a cineálcheadaíodh ón 1 Deireadh Fómhair 2022 ar aghaidh agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X (5)

8(h).

Luaidhe i sádair chun leatóirí teasa a cheangal den tslogaide teasa i gcóimeálacha leathsheoltóra cumhachta ag a bhfuil slismhéid ar a bhfuil achar teilgin 1 cm2 ar a laghad agus dlús ainmniúil srutha 1 A/mm2 ar a laghad d’achar slise sileacain

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X (5)

8(i).

Luaidhe i sádair i bhfeidhmeanna gloinithe leictreacha ar ghloine seachas le haghaidh sádrála i ngloiniú lannaithe

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X (5)

8(j).

Luaidhe i sádair le haghaidh gloiniú lannaithe a shádráil

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2020 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X (5)

8(k).

Feidhmeanna téimh a shádráil a bhfuil sruth teasa 0,5A nó níos mó acu in aghaidh an tsiúnta ghaolmhair le pánaí aonghloinithe lannaithe nach mó ná 2,1 mm a dtiús balla. Ní chumhdaítear leis an díolúine sin sádráil theagmhálach atá leabaithe sa pholaiméir idirmheánach.

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2024 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X (5)

9.

Suíonna comhla

Mar páirteanna spártha i gcomhair na gcineálacha innill a forbraíodh roimh 1 Iúil 2003

 

10(a).

Comhpháirteanna leictreacha agus leictreonacha, a bhfuil luaidhe iontu i ngloine nó i gceirmeach, i gcomhdhúil mhaitríse gloine nó cheirmeach, in ábhar gloine-cheirmeach, nó i gcomhdhúil mhaitríse gloine-cheirmeach.

Ní chumhdaítear leis an díolúine seo úsáid luaidhe sna nithe seo a leanas:

(i)

gloine i mbolgáin agus i nglónra spréachphlocóidí,

(ii)

ábhair cheirmeacha thréleictreacha comhpháirteanna a liostaítear faoi 10(b), 10(c) agus 10(d).

 

X (6) (le haghaidh comhpháirteanna seachas piezo in innill)

10(b).

Luaidhe in ábhair cheirmeacha thréleictreacha bunaithe ar PZT as toilleoirí ar cuid iad de chiorcaid iomlánaithe nó de leathsheoltóirí scoite

 

 

10(c).

Luaidhe in ábhair cheirmeacha thréleictreacha toilleoirí ag a bhfuil voltas rátaithe ar lú é ná 125 V AC nó 250 V DC

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

 

10(d).

Luaidhe in ábhair cheirmeacha thréleictreacha toilleoirí a chúitíonn dialltaí braiteoirí a bhaineann le teocht i gcórais sonóra ultrasonacha

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2017 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

 

11.

Tionscnóirí piriteicniúla

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Iúil 2006 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

 

12.

Ábhair theirmileictreacha a bhfuil luaidhe iontu i bhfeidhmeanna leictreacha mótarfheithiclí le haghaidh astaíochtaí CO2 a laghdú trí theas sceite a aisghabháil

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2019 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X

Cróimiam heicsifhiúsach

13(a).

Bratuithe coiscthe creimthe

Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2007

 

13(b).

Bratuithe coiscthe creimthe a bhaineann le cóimeálacha boltaí agus cnónna le haghaidh feidhmeanna fonnaidh

Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2008

 

14.

 

Cróimiam heicsifhiúsach mar oibreán frithchreimthe de chuid an chórais fuaraithe cruach carbóin i gcuisneoirí ionsúcháin suas le 0,75 % de réir meáchain sa tuaslagán fuaraithe:

(a)

atá deartha chun oibriú go hiomlán nó go páirteach le téitheoir leictreach, ag a bhfuil meán-ionchur cumhachta leictrí a úsáidtear < 75W faoi dhálaí reatha tairiseacha;

(b)

atá deartha chun oibriú go hiomlán nó go páirteach le téitheoir leictreach, ag a bhfuil meán-ionchur cumhachta leictrí a úsáidtear ≥ 75W faoi dhálaí reatha tairiseacha;

(c)

deartha chun oibriú go hiomlán le téitheoir neamhleictreach.

I gcás (a): Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2020 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

I gcás (b): Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2026 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X

Mearcair

15(a).

Lampaí scaoilte le haghaidh feidhmeanna ceannsolais

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Iúil 2012 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X

15(b).

Feadáin fhluaraiseacha a úsáidtear i dtaispeáintí painéil uirlisí

Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Iúil 2012 agus páirteanna spártha i gcomhair na bhfeithiclí sin

X

Caidmiam

16.

Ceallraí i gcomhair feithiclí leictreacha

Mar pháirteanna spártha i gcomhair feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 31 Nollaig 2008

 

Nótaí a ghabhann leis an tábla:


(1)  Déanfar athbhreithniú ar an díolúine sin in 2024.

(2)  Tá feidhm aige maidir le cóimhiotail alúmanaim nach dtugtar luaidhe isteach iontu d’aon ghnó, ach a bhfuil cóimhiotail alúmanaim iontu mar gheall ar úsáid alúmanaim athchúrsáilte.

(3)  Déanfar athbhreithniú ar an díolúine sin in 2025.

(4)  Córais ag a bhfuil voltas > 75 V DC dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

(5)  Díchóimeáil más rud é, i gcomhghaol le hiontráil 10(a), go sáraítear meántairseach 60 gram in aghaidh na feithicle. Chun críocha an nóta seo, ní chuirfear san áireamh feistí leictreonacha nach bhfuil suiteáilte ag an monaróir ar an líne tháirgthe.

(6)  Díchóimeáil más rud é, i gcomhghaol le hiontrálacha 8(a) go 8(k), go sáraítear meántairseach 60 gram in aghaidh na feithicle. Chun críocha an nóta seo, ní chuirfear san áireamh feistí leictreonacha nach bhfuil suiteáilte ag an monaróir ar an líne tháirgthe.

(7)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).


CINNTÍ

10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/12


CINNEADH (AE) 2023/545 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Márta 2023

lena gceaptar triúr comhaltaí agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint do na tograí ó rialtas na Gearmáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 25 Samhain 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/2112 (3), lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún.

(3)

Tá suíocháin triúr comhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Birgit HONÉ a cheapadh agus tar éis do Franz RIEGER agus Bernd Claus VOß éirí as oifig.

(4)

Tá suíocháin bheirt chomhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Claus Christian CLAUSSEN agus Clemens LAMMERSKITTEN a cheapadh.

(5)

Mhol rialtas na Gearmáine na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Alex DOROW, Mitglied des Bayerischen Landtags (Feisire de Pharlaimint Stáit na Baváire), Erika VON KALBEN, Mitglied des Schleswig-Holsteinischen Landtages (Comhalta de chuid Pharlaimint Stáit Schleswig-Holstein), agus Matthias WUNDERLING-WEILBIER, Staatssekretär für Bundes- und Europaangelegenheiten und Regionale Entwicklung, Niedersächsisches Ministerium für Bundes- und Europaangelegenheiten und Regionale Entwicklung (an Rúnaí Stáit do Ghnóthaí Cónaidhme agus Eorpacha agus don Fhorbairt Réigiúnach, Aireacht Gnóthaí Cónaidhme agus Eorpacha agus Forbartha Réigiúnaí Stát na Sacsaine Íochtaraí).

(6)

Mhol rialtas na Gearmáine na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Anna KEBSCHULL, Landrätin des Landkreises Osnabrück (Coimisinéir Dúiche Osnabrück), agus Werner SCHWARZ, Minister für Landwirtschaft, ländliche Räume, Europa und Verbraucherschutz des Landes Schleswig-Holstein (Aire Talmhaíochta, Limistéar Tuaithe, Gnóthaí Eorpacha agus Cosanta Tomhaltóirí Stát Schleswig-Holstein),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhaltaí:

Alex DOROW, Mitglied des Bayerischen Landtags (Comhalta de chuid Pharlaimint Stáit na Baváire),

Erika VON KALBEN, Mitglied des Schleswig-Holsteinischen Landtages (Comhalta de chuid Pharlaimint Stáit Schleswig-Holstein),

Matthias WUNDERLING-WEILBIER, Staatssekretär für Bundes- und Europaangelegenheiten und Regionale Entwicklung, Niedersächsisches Ministerium für Bundes- und Europaangelegenheiten und Regionale Entwicklung (an Rúnaí Stáit Gnóthaí Cónaidhme agus Eorpacha agus Forbartha Réigiúnaí, Aireacht Gnóthaí Cónaidhme agus Eorpacha agus Forbartha Réigiúnaí Stát na Sacsaine Íochtaraí),

agus

(b)

mar chomhaltaí malartacha:

Anna KEBSCHULL, Landrätin des Landkreises Osnabrück (Coimisinéir Dúiche Osnabrück),

Werner SCHWARZ, Minister für Landwirtschaft, ländliche Räume, Europa und Verbraucherschutz des Landes Schleswig-Holstein (Aire Talmhaíochta, Limistéar Tuaithe, Gnóthaí Eorpacha agus Cosanta Tomhaltóirí Stát Schleswig-Holstein).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. EDHOLM


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(3)  Cinneadh (AE) 2021/2112 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún (IO L 429, 1.12.2021, lch. 151).


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/14


CINNEADH (AE) 2023/546 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Márta 2023

lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na Slóivéine, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na Slóivéine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Jasna GABRIČ a cheapadh.

(4)

Tá suíocháin bheirt chomhaltaí mhalartacha tagtha chun bheith folamh tar éis cheapadh Tine RADINJA agus Tomaž ROŽEN mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún le Cinneadh (AE) 2022/1678 ón gComhairle (3).

(5)

Mhol Rialtas na Slóivéine, ar bhonn sainordú toghchánach éagsúil, Jasna GABRIČ, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás áitiúil, članica občinskega sveta, Občina Trbovlje (comhalta den chomhairle bardais, Bardas Trbovlje) mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

(6)

Mhol rialtas na Slóivéine na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu in údarás áitiúil, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Marko DIACI, župan, Občina Šentjur (Méara, Bardas Sentjur), agus Nejc SMOLE, župan, Občina Medvode (Méara, Bardas Medvode),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhalta:

Jasna GABRIČ, članica občinskega sveta, Občina Trbovlje (comhalta den chomhairle bardais, Bardas Trbovlje) (athrú sainordaithe),

agus

(b)

mar chomhaltaí malartacha:

Marko DIACI, župan, Občina Šentjur (Méara, Bardas Sentjur),

Nejc SMOLE, župan, Občina Medvode (Méara, Bardas Medvode).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. EDHOLM


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(3)  Cinneadh (AE) 2022/1678 ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2022 lena gceaptar beirt chomhaltaí, arna moladh ag Poblacht na Slóivéine, de Choiste na Réigiún (IO L 252, 30.9.2022, lch. 70).


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/16


CINNEADH (AE) 2023/547 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Márta 2023

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na hIodáile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Nicola IRTO a cheapadh.

(4)

Mhol Rialtas na hIodáile Antonio MAZZEO, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Presidente del Consiglio regionale e Consigliere della Regione Toscana (Uachtarán agus Comhalta de Chomhairle Réigiúnach na Tuscáine), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Antonio MAZZEO, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach, Presidente del Consiglio regionale e Consigliere della Regione Toscana (Uachtarán agus Comhalta de Chomhairle Réigiúnach na Tuscáine), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. EDHOLM


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/17


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/548 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Márta 2023

gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “UL Hydrogen Peroxide Family 1” i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1372)

(Is é an téacs Ollainnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Eanáir 2017, chuir Unilever Europe BV iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”), i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ar a dtugtar “UL Hydrogen Peroxide Family 1” de chineál táirge 2, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus thug sé daingniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na Gearmáine meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-MS029571-20 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha.

(2)

Is í sárocsaíd hidrigine an tsubstaint ghníomhach in “UL Hydrogen Peroxide Family 1”, ar substaint í a airítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineál táirge 2.

(3)

An 20 Nollaig 2021, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tuarascáil maidir le measúnú agus conclúidí a mheastóireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta.

(4)

An 25 Deireadh Fómhair 2021, thug an t-údarás inniúil meastóireachta an deis do Unilever Europe BV barúlacha i scríbhinn a thabhairt faoin tuarascáil maidir le measúnú agus faoi chonclúidí na meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. An 23 Samhain 2021, sheol Unilever Europe BV a bharúlacha chuig an údarás inniúil meastóireachta. Le linn phróiseas foirmithe tuairimíochta na Gníomhaireachta i ndáil leis an tuarascáil sin maidir le measúnú, thug an t-údarás inniúil meastóireachta an tuarascáil cothrom le dáta agus, an 13 Bealtaine 2022, tugadh an deis do Unilever Europe BV barúlacha a thabhairt faoin tuarascáil maidir le measúnú a tugadh cothrom le dáta agus an dréacht-tuairim ón nGníomhaireacht sular ghlac Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na Gníomhaireachta an tuairim chríochnaitheach an 15 Meitheamh 2022. Níor thug Unilever Europe BV aon bharúil an tráth sin.

(5)

An 5 Iúil 2022 chuir an Ghníomhaireacht a tuairim (2) faoi bhráid an Choimisiúin maidir le “UL Hydrogen Peroxide Family 1” i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Is é conclúid na tuairime gur fine táirgí bithicídeacha atá in “UL Hydrogen Peroxide Family 1” de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (s), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ach nach gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointí (b)(iii), (b)(iv) agus (d), den Rialachán sin.

(7)

De réir na tuairime ón nGníomhaireacht, sainaithníodh riosca do-ghlactha d’úsáideoirí gairmiúla agus neamhghairmiúla ó theagmháil ionanálaithe thánaisteach, agus níl bearta chun an riosca sainaitheanta a mhaolú ar fáil ná infheidhme. Sainaithníodh rioscaí comhshaoil do-ghlactha do na hurranna dríodair agus ithreach chomh maith, mar gheall go bhfuarthas an tsubstaint arb údar imní í aimín geire hidriginithe PEG-2 sna táirgí. Tugadh le fios sa tuairim ón nGníomhaireacht freisin gur sainaithníodh bearnaí sonraí maidir le críochphointí áirithe, agus nach rabhthas in ann teacht ar chonclúid maidir le hairíonna fisiciúla agus ceimiceacha na dtáirgí agus nach rabhthas in ann teacht ar chonclúid an bhféadfaí a chinneadh go bhfuil siad inghlactha chun críocha úsáid agus stóráil iomchuí an táirge.

(8)

Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, gan údarú Aontais a dheonú le haghaidh “UL Hydrogen Peroxide Family 1”.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ní dheonaítear údarú Aontais do Unilever Europe BV maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha “UL Hydrogen Peroxide Family 1” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid.

Airteagal 2

Is chuig Unilever Europe BV, Weena 455, 3013AL Rotterdam, an Ísiltír a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 6 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  ECHA opinion on the Union authorisation of the biocidal product family ‘UL Hydrogen Peroxide Family 1’ [Tuairim ó ECHA maidir leis an údarú Aontais don fhine táirgí bithicídeacha ‘UL Hydrogen Peroxide Family 1’], ECHA/BPC/344/2022, arna glacadh an 15 Meitheamh 2022, https://echa.europa.eu/bpc-opinions-on-union-authorisation.


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/19


CINNEADH (AE) 2023/549 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 6 Márta 2023

maidir le rochtain ar shonraí TARGET áirithe agus úsáid na sonraí sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2010/9 (BCE/2023/3)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc agus an ceathrú fleasc d’Airteagal 127(2) de,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc agus an ceathrú fleasc d’Airteagal 3.1, agus Airteagal 22 de,

De bhrí an mhéid seo a leanas:

(1)

Is í Treoirlíne BCE/2012/27 a rialaíonn an tUathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET2) (1) faoi láthair. Ón 20 Márta 2023 cuirfear TARGET, an tríú glúin de chórais íocaíochta in euro a socraítear in airgead bainc cheannais, in ionad TARGET2. Tá TARGET faoi rialú ag Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le d’Uathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) glúin nua (BCE/2022/8) (2), agus aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/27 le héifeacht ón 20 Márta 2023. Is éard atá i gcórais chomhpháirte de TARGET ná comharbaí dlíthiúla na gcóras comhpháirte chomhfhreagrach de TARGET2.

(2)

Mar is amhlaidh i gcás TARGET2, tá TARGET struchtúrtha mar iliomad córas ollsocraíochta fíor-ama, gach ceann acu ina chomhpháirt a oibríonn banc ceannais an Eurochórais (BC an Eurochórais). Le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8), déantar na rialacha maidir le comhpháirteanna TARGET a chomhchuibhiú a mhéid is féidir.

(3)

Chun críocha Rialachán ón mBanc Ceannais Eorpach (AE) Uimh. 795/2014 (BCE/2014/28) (3), sainaithníodh i dteannta a chéile córais chomhpháirteanna TARGET2 atá faoi úinéireacht agus á n-oibriú ag BCNanna an Eurochórais mar chórais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (SIPS). Ar an gcaoi chéanna, meastar go dtiocfaidh na córais chomhpháirteanna TARGET faoi seach, mar na córais íocaíochta a chuirtear in ionad na gcóras comhpháirteanna TARGET2, faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 795/2014 (BCE/2014/28) agus go gceanglófar orthu na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos sa Rialachán sin a chomhlíonadh.

(4)

Le hAirteagal 28(1) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) forchuirtear oibleagáidí rúndachta áirithe ar gach banc ceannais (BC) chun faisnéis íocaíochta a bhaineann le rannpháirtithe a bhfuil cuntais TARGET ina seilbh acu leis an CB sin a choinneáil faoi rún.

(5)

Le hAirteagal 28(3) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) ceadaítear do gach BC faisnéis íocaíochta a nochtadh maidir leis an rannpháirtí a fuarthas le linn oibriú na comhpháirte TARGET ábhartha chun críocha áirithe.

(6)

Nuair nach leor sonraí íocaíochta TARGET comhiomlána a úsáid chun feidhmiú éifeachtach TARGET a áirithiú, ba cheart rochtain a bheith ag BCanna ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt a bhaintear as TARGET maidir leis na rannpháirtithe i ngach comhpháirt de TARGET, lena n-áirítear sealbhóirí BIC inteagmhála. Tá rochtain ag gach BC ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt den sórt sin riachtanach freisin chun cúraimí poiblí an Eurochórais a chomhlíonadh mar mhaoirseoir TARGET nuair nach leor sonraí íocaíochta TARGET comhiomlána a úsáid. Ina theannta sin, tá rochtain ag gach BC ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt den sórt sin riachtanach freisin chun na hanailísí a dhéanamh chun tacú le feidhmeanna maidir le maoirseacht mhacrastuamachta, cobhsaíocht airgeadais, comhtháthú airgeadais, oibríochtaí margaidh, réiteach agus beartas airgeadaíochta agus an Sásra Maoirseachta Aonair, i gcomhréir le prionsabal na deighilte.

(7)

Ba cheart rochtain ag BCanna ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt na rannpháirtithe uile a theorannú don mhéid is gá chun a chur ar chumas na BCanna anailísí cainníochtúla a dhéanamh ar shreafaí idirbheart idir rannpháirtithe nó ionsamhlúcháin uimhriúla a dhéanamh ar phróiseas socraíochta TARGET, i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) agus a fhorálacha cur chun feidhme, agus ba cheart go n-eisiafaí leis an rochtain sin an fhaisnéis uile maidir le custaiméirí na rannpháirtithe ach amháin i gcás inar sealbhóirí BIC inteagmhála iad na custaiméirí sin.

(8)

Nuair a dhéanann BCanna iad ina gcáil mar oibreoirí TARGET, ba cheart anailísí cainníochtúla agus ionsamhlúcháin uimhriúla a dhéanamh go háirithe chun éifeachtúlacht dhearadh TARGET a áirithiú, tacú le comhlíonadh ionchais mhaoirseachta, anailís a dhéanamh ar theipeanna oibríochtúla in TARGET, patrúin íocaíochta agus leibhéil leachtachta a anailísiú, faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí a meicníochtaí praghsála, agus anailísí costais is tairbhe a dhéanamh ar ghnéithe agus ar sheirbhísí breise. Nuair a dhéanann BCanna iad ina gcáil mar mhaoirseoirí TARGET, ba cheart go bhfónfadh na hanailísí cainníochtúla agus ionsamhlúcháin uimhriúla sin go háirithe chun anailís agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí in TARGET agus chun tacú le measúnuithe maoirseachta rialta agus ad hoc i gcoinne na gcaighdeán is infheidhme. Nuair a dhéanann BCanna iad chun tacú le príomhfheidhmeanna eile an bhainc cheannais, ba cheart na hanailísí cainníochtúla agus na hionsamhlúcháin uimhriúla sin a úsáid go háirithe chun anailís a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh airgid, measúnú a dhéanamh ar chomhtháthú airgeadais sa limistéar euro, faireachán a dhéanamh ar chomhardú na mbanc ceannais agus ar dháileadh leachtachta.

(9)

Tá sé ríthábhachtach rúndacht sonraí ar leibhéal an idirbhirt a chaomhnú. Chun na críche sin, ba cheart rochtain ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt agus úsáid na sonraí sin a theorannú do ghrúpa beag de bhaill foirne ainmnithe ó na BCanna. Sa bhreis ar na rialacha maidir le hiompar gairmiúil agus rúndacht is infheidhme maidir le baill foirne BC, ba cheart don Bhord um Bonneagar Margaidh (MIB) rialacha sonracha a bhunú maidir le rochtain ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt agus maidir le húsáid na sonraí sin. Ba cheart do BCanna a áirithiú go gcomhlíonfaidh a mbaill foirne ainmnithe na rialacha seo agus ba cheart do MIB faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin.

(10)

Ba cheart an rogha a bheith ag MIB faisnéis a fhaightear ó úsáid sonraí ar leibhéal na n-idirbheart a fhoilsiú, ar choinníoll nach bhfágann an fhaisnéis sin gur féidir rannpháirtithe nó custaiméirí na rannpháirtithe a shainaithint, go díreach nó go hindíreach.

(11)

Cuireann Timpeallacht Anailíseach TARGET ar chumas an Eurochórais anailísí cainníochtúla agus ionsamhlúcháin uimhriúla a dhéanamh ag baint úsáide as sonraí ar leibhéal an idirbhirt.

(12)

De bhreis ar Airteagal 28(3) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) lena gcumhdaítear sonraí ar leibhéal an idirbhirt, luaitear in Airteagal 28(5) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) go bhféadfaidh na BCanna faisnéis íocaíochta maidir leis an rannpháirtí nó custaiméirí an rannpháirtí a úsáid, a nochtadh nó a fhoilsiú chun críocha staidrimh, staire, eolaíochta nó chun críocha eile i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna poiblí nó feidhmeanna eintiteas poiblí eile a nochtar an fhaisnéis dóibh, ar choinníoll nach féidir, go díreach nó go hindíreach, an rannpháirtí nó custaiméirí an rannpháirtí a shainaithint. Gan dochar do chumas na BCanna faisnéis den sórt sin a úsáid, a nochtadh nó a fhoilsiú faoin Airteagal seo, ba cheart do MIB gníomhaíochtaí na BCanna a chomhordú.

(13)

Ba cheart forálacha an Chinnidh seo a leathnú chun go mbeidh feidhm acu maidir le bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) nasctha trí chomhaontú idir na BCNanna nasctha agus BCanna an Eurochórais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Rialaítear leis an gCinneadh seo rochtain ar shonraí TARGET áirithe, agus úsáid na sonraí sin, mar a leagtar amach in Airteagal 3 agus chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8).

Airteagal 3

Rochtain ar shonraí TARGET áirithe agus úsáid na sonraí sin

1.   I gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8), féadfaidh BCanna rochtain a fháil, a mhéid is gá, chun críocha anailísí cainníochtúla agus ionsamhlúchán uimhriúil, ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt a bhaintear as TARGET ó gach rannpháirtí de gach comhpháirt de TARGET agus na sonraí sin a úsáid, chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

feidhmiú éifeachtach TARGET agus a fhormhaoirseacht a áirithiú;

(b)

na hanailísí is gá a dhéanamh le haghaidh feidhmeanna maidir le maoirseacht mhacrastuamachta, cobhsaíocht airgeadais, comhtháthú airgeadais, oibríochtaí margaidh, réiteach agus beartas airgeadaíochta;

(c)

na hanailísí is gá a dhéanamh don Sásra Maoirseachta Aonair, i gcomhréir le prionsabal na deighilte.

2.   Beidh rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1, agus úsáid na sonraí sin, teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

i gcás ina n-áirithítear feidhmiú agus maoirseacht éifeachtach TARGET, cúigear ball foirne ag déileáil le hoibriú TARGET agus cúigear ball foirne ag déileáil le maoirseacht TARGET, agus rochtain ar leith ar na sonraí ag gach grúpa díobh.

(b)

maidir leis na hanailísí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) agus pointe (c), grúpa de suas le 15 bhall foirne a dhéanann taighde, arna chomhordú ag cinn taighde an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais.

3.   Ceapfaidh BCanna na baill foirne dá dtagraítear i mír 2. I gcás ina gceapfar comhalta foirne ó oibríochtaí nó ó thaighde chun críocha mhír 2, beidh an ceapachán sin faoi réir fhormheas an Bhoird um Bonneagar Margaidh (MIB). Beidh ceapadh na mball foirne ó mhaoirseacht chun críocha mhír 2(a) faoi réir fhormheas an Choiste um Bonneagar agus Íocaíochtaí Margaidh (MIPC). Beidh feidhm freisin ag na nósanna imeachta dá dtagraítear san Airteagal seo maidir lena n-athsholáthar, i gcás inarb ábhartha.

4.   Bunóidh an MIB rialacha sonracha chun rúndacht sonraí ar leibhéal an idirbhirt a ráthú. Áiritheoidh BCanna go gcomhlíonfaidh a mbaill foirne arna n-ainmniú de réir mhíreanna 2 agus 3 na rialacha seo. I gcásanna nach gcomhlíontar na rialacha sonracha sin arna mbunú ag MIB, áiritheoidh BCanna nach mbeidh rochtain a thuilleadh ag baill foirne arna gceapadh i gcomhréir le mír 3 ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1, ná nach mbainfidh siad úsáid as na sonraí sin. Déanfaidh an MIB faireachán ar chomhlíonadh fhorálacha na míre seo.

5.   Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe rochtain a thabhairt freisin d’úsáideoirí eile agus leagfaidh sí amach rialacha beachta na rochtana sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh an MIB faireachán ar a n-úsáid as na sonraí agus, go háirithe, ar a gcomhlíonadh le rialacha rúndachta, mar a bhunaítear ag an MIB agus mar atá leagtha amach in Airteagal 28 de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8).

Airteagal 4

Timpeallacht Anailíseach TARGET

1.   Bunófar Timpeallacht Anailíseach TARGET chun na hanailísí cainníochtúla agus na hionsamhlúcháin uimhriúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chomhlíonadh. Is éard a bheidh ann ná an Timpeallacht Anailíseach agus an Uirlis Ionsamhlúcháin.

2.   Déanfaidh BCE an Timpeallacht Anailíseach a fhorbairt agus a chothabháil. Déanfaidh Suomen Pankki an Uirlis Insamhlúcháin a fhorbairt agus a chothabháil. Is éard a bheidh sa Timpeallacht Anailíseach agus san Uirlis Ionsamhlúcháin an bonneagar teicniúil is gá, na huirlisí eastósctha sonraí, an uirlis ionsamhlúcháin agus na bogearraí anailíseacha is gá.

3.   Déanfaidh BCE agus Suomen Pankki comhaontú lena rialaítear seirbhísí agus sonraíochtaí teicniúla Thimpeallacht Anailíseach TARGET a thabhairt i gcrích le BCanna an Eurochórais. Beidh na BCNanna nasctha san áireamh sa chomhaontú sin.

Airteagal 5

Foilsiú agus nochtadh

1.   Féadfaidh an MIB faisnéis a fhoilsiú a dhíorthaítear ó úsáid sonraí ar leibhéal an idirbhirt, ar choinníoll nach féidir custaiméirí rannpháirtithe nó rannpháirtithe a aithint, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach.

2.   Déanfaidh MIB nochtadh agus foilsiú faisnéise íocaíochta ag BCanna i gcomhréir le hAirteagal 28(5) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) a chomhordú.

Airteagal 6

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Cinneadh BCE/2010/9 le héifeacht ón 20 Márta 2023.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 20 Márta 2023.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 6 Márta 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  Treoirlíne ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Nollaig 2012 maidir le hUathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET2) (BCE/2012/27) (IO L 30, 30.1.2013, lch. 1).

(2)  Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Feabhra 2022 maidir le glúin nua d’Uathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) agus lena n-aisghairtear Treoirlíne 2013/47/AE (BCE/2012/27) (BCE/2022/8) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 84).

(3)  Rialachán ón mBanc Ceannais Eorpach (AE) Uimh. 795/2014 an 3 Iúil 2014 maidir le ceanglais formhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (BCE/2014/28) (IO L 217, 23.7.2014, lch. 16).


MOLTAÍ

10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/23


MOLADH (AE) 2023/550 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Márta 2023

maidir le Cláir Tacaíochta Náisiúnta don Phleanáil maidir le Soghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1524)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip (1) leagtar síos an cuspóir geilleagar aeráidneodrach san Aontas a bhaint amach faoi 2050. Iarrtar sa Chomhaontú laghdú 90 % ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar. Leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (2), cuireadh bearta chun cinn chun an cuspóir sin a bhaint amach, lena n-áirítear bearta chun soghluaisteacht uirbeach atá inbhuanaithe cliste sábháilte agus sláintiúil a chur chun cinn.

(2)

Sa Teachtaireacht maidir le Creat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí (3) tugtar tús áite do réitigh iompair níos inbhuanaithe – iompar comhchoiteann agus poiblí, soghluaisteacht chomhroinnte, an siúl agus an rothaíocht – agus é d’aidhm aige a n-úsáid a mhéadú ar mhaithe le soghluaisteacht ó dhoras go doras atá níos fearr agus níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de agus, ag an am céanna, chun rannchuidiú le sláinte agus folláine na saoránach.

(3)

Rannchuidíonn an tsoghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe le sraith beartas Eorpach atá dírithe ar shoghluaisteacht astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn (4), ar cháilíocht an aeir agus ar an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, agus ag an am céanna comhthairbhí a chruthú do shláinte agus d’fholláine na saoránach. Pleanáil éifeachtach maidir le soghluaisteacht uirbeach, is rud é sin a chuideoidh le beartais Eorpacha agus náisiúnta sa réimse sin a chur chun cinn go díreach ar an leibhéal áitiúil. Mar a léiríodh sa Teachtaireacht maidir leis an bhFís Fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe an Aontais (5) agus Plean Gniomhaíochta an Aontais Eorpaigh um an Tuath a ghabhann leis, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an tsoghluaisteacht uirbeach, pheirea-uirbeach agus tuaithe a chomhtháthú ar bhealach níos fearr chun réitigh soghluaisteachta inbhuanaithe a chur chun cinn.

(4)

Leis an bpacáiste soghluaisteachta uirbí ó 2013 (6) tugadh isteach Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (SUMPanna) mar chreat do chathracha agus do bhailte chun freagairtí ar dhúshláin bheartais a bhaineann leis an tsoghluaisteacht uirbeach a phleanáil agus a chur chun feidhme sa limistéar uirbeach feidhmiúil iomlán. Ó shin i leith, tá an Coimisiún ag spreagadh glacadh forleathan SUMPanna mar bhunchloch bheartas soghluaisteachta uirbí na hEorpa. Bhain údaráis áitiúla, pleanálaithe agus páirtithe leasmhara úsáid fhorleathan as an gcoincheap agus as na treoirlínte Eorpacha maidir le SUMPanna. Is léir gur uirlis éifeachtach láidir sholúbtha é ar féidir le cathracha brath air chun bearta soghluaisteachta uirbí a phleanáil.

(5)

I dTuarascáil Speisialta 06/2020: Sustainable Urban Mobility in the EU [An tSoghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe san Aontas Eorpach] (7), chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i dtábhacht gurb iad na Ballstáit agus a gcathracha atá freagrach as beartais soghluaisteachta uirbí a bhainistiú, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Chinn an Chúirt nach raibh bearta soghluaisteachta uirbí áitiúla comhsheasmhach i gcónaí le cuspóirí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe. Le cláir thacaíochta an Phlean Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (SUMP) rannchuideofar le naisc idir coincheap SUMP agus pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe áitiúla a fheabhsú.

(6)

Sa Rialachán athbhreithnithe maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) a fhorbairt (8) moltar go ndéanfaidh nóid uirbeacha ar ghréasán TEN-T SUMP a ghlacadh i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis agus sonraí ábhartha soghluaisteachta uirbí a bhailiú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Maidir le ceanglais i dtaca le bailiú sonraí agus tuairisciú, leagfar amach sa ghníomh cur chun feidhme ina dhiaidh sin liosta na dtáscairí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus a modheolaíocht ríofa. Tar éis ghlacadh an ghnímh sin, is iad na ceanglais sin an t-aon cheanglas ceangailteach SUMP a bheidh ann ar leibhéal an Aontais. Cuirfidh cláir thacaíochta náisiúnta SUMP saineolas ar fáil do nóid uirbeacha ar ghréasán TEN-T chun cabhrú leo na ceanglais sin a chomhlíonadh.

(7)

Tá dúshláin roimh chathracha maidir le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn a mbearta soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe trí tháscairí a úsáid. Tá gá le hacmhainní riaracháin agus airgeadais chun sonraí a bhailiú agus is minic a bhíonn deacrachtaí ag cathracha rochtain a fháil ar shonraí atá ar fáil atá i seilbh údarás náisiúnta agus réigiúnach agus comhlachtaí eile. Ba cheart do na Ballstáit bailiú, comhroinnt agus úsáid sonraí a éascú trí lárphointí rochtana agus spásanna sonraí díláraithe. Cabhróidh sé sin le cathracha feabhas a chur ar a gcórais faireacháin sna blianta amach romhainn.

(8)

Tá coimre d’ábhair threoraíochta neamhcheangailteacha SUMP (9) agus d’ábhair thagartha, ábhair a forbraíodh mar chuid de thionscadail chomhchistithe an Aontais, ar fáil freisin do gach cathair chun tacú leo a gcuid SUMPanna féin a ullmhú agus a chur chun feidhme. Iarrtar ar chathracha an fhoinse faisnéise seo a úsáid de réir mar is iomchuí dá gcuid riachtanas féin. Ba cheart do ghrúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le soghluaisteacht uirbeach (10) cuidiú leis an gcoimre de threoraíocht neamhcheangailteach SUMP a chomhlánú agus a chuíchóiriú.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit tacú le cathracha chun SUMPanna a ullmhú chun cuidiú leo feabhas a chur ar cháilíocht a gcuid SUMPanna agus na pleananna sin a ailíniú níos fearr le creat an Aontais.

(10)

Ar deireadh thiar, is iad na cathracha a bhíonn freagrach as a gcuid SUMPanna a fhorbairt, a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus as na bearta iontu a chur chun feidhme.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

1.   CUSPÓIR AGUS RAON FEIDHME

1.1.   Réamhrá

Leis an bPacáiste Soghluaisteachta Uirbí, 2013, tugadh isteach coincheap SUMPanna (11) mar bhunchloch do chreat do bhailte, do chathracha agus do réigiúin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin maidir le beartas soghluaisteachta uirbí. Ní mór coincheap SUMP a thabhairt cothrom le dáta chun straitéisí nua an Aontais a léiriú agus chun tosaíochtaí beartais nua a chomhtháthú. Leagtar amach coincheap SUMP san Iarscríbhinn a ghabhann leis an moladh reatha.

Bunaithe ar choincheap SUMP, cuireann treoirlínte SUMP comhairle ar chathracha maidir le próiseas chun a gcuid SUMPanna a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.

Le deich mbliana anuas, tá an coincheap curtha chun cinn ag an gCoimisiún agus tá sé in úsáid go forleathan ag go leor cathracha ar fud an Aontais ar bhonn deonach chun a n-aistriú chuig soghluaisteacht uirbeach atá tarraingteach cuimsitheach inbhuanaithe a phleanáil.

Cathracha a chuireann coincheap SUMP i bhfeidhm, is léir dóibh gur uirlis éifeachtach chuimsitheach agus sholúbtha é, a théann thar theorainneacha riaracháin na gcathracha chun “limistéar uirbeach feidhmiúil” a chumhdach, agus naisc chúlchríche agus sreafaí comaitéara agus naisc uirbeacha-thuaithe á gcur san áireamh.

I nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Creat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí (12) cuireadh in iúl gur creat pleanála fadtéarmach comhsheasmhach iad SUMPanna a bhfuil baint ag na páirtithe ábhartha uile leis. Léiríodh athléimneacht an choincheapa go háirithe le linn phaindéim COVID-19, ós rud é go raibh go leor cathracha a raibh SUMP acu in ann a mbeartais soghluaisteachta a oiriúnú go tapa agus go héifeachtúil. Ina dhiaidh sin, bhí siad in ann athruithe a dhéanamh ar a gcórais soghluaisteachta ar bhealach níos éasca ná na cathracha nach raibh pleananna inchomparáide acu. In a lán cásanna, rinneadh cur síos cheana féin ar nósanna imeachta éigeandála agus athléimneachta sna SUMPanna a bhí ann cheana.

Mar sin féin, sainaithníodh sa mheastóireacht ar Phacáiste Soghluaisteachta Uirbí 2013 gur easnamh mór a bhí i nglacadh míchothrom SUMPanna ar fud na mBallstát. Níl SUMP fós ag go leor bailte agus cathracha agus tá éagsúlacht shuntasach ann maidir le caighdeán na SUMPanna atá ann. Tá éagothroime soiléire ann freisin idir na Ballstáit maidir le cumhdach foriomlán cathracha le SUMPanna.

Dá bhrí sin, is dírithe chuig na Ballstáit atá an Moladh seo.

1.2.   An gá le gníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát

Bunaithe ar an taithí fhairsing a fuarthas agus coincheap SUMP á úsáid ó 2013 i leith, is léir ón meastóireacht a rinneadh ar Phacáiste Soghluaisteachta Uirbí 2013 gur saincheisteanna i gcónaí iad an acmhainneacht agus an saineolas, go háirithe i gcathracha beaga agus meánmhéide, chomh maith leis an easpa rannpháirtíochta agus tacaíochta ar an leibhéal náisiúnta.

Léiríonn sé sin go bhfuil gá ginearálta ann comhsheasmhacht le coincheap SUMP a áirithiú agus comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanann cathracha agus limistéir uirbeacha chun a bpleananna soghluaisteachta a ullmhú, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu.

Mar a thugtar le fios i gCreat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí, is gá rialachas agus úinéireacht a neartú ar an leibhéal náisiúnta, chun creat tacaíochta a bhunú d’fhonn SUMPanna a ailíniú ar bhealach níos dlúithe leis an gcoincheap SUMP, agus imthosca áitiúla, cleachtais phleanála agus socruithe institiúideacha á gcur san áireamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

1.3.   Nasc chuig TEN-T

Leis an togra le haghaidh Rialachán TEN-T athbhreithnithe (13) áiritear ról na gcathrach mar nóid ríthábhachtacha le haghaidh iompair atá inbhuanaithe sábháilte, éifeachtach agus ilnóideach ar fud na Eorpa agus níos faide i gcéin. Chun feidhmiú éifeachtach ghréasán TEN-T a chumasú, mhol an Coimisiún go n-áiritheoidh na Ballstáit maidir le nóid uirbeacha ar ghréasán TEN-T go nglacfaidh siad SUMP agus go mbaileoidh siad sonraí ábhartha soghluaisteachta uirbí faoin 31 Nollaig 2025.

Ba cheart do nóid uirbeacha tionchar na mbeart soghluaisteachta uirbí éagsúla ar shreafaí tráchta, idir phaisinéirí agus lasta, feadh ghréasán TEN-T a chur san áireamh. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na bearta a áirithiú go mbeidh idirthuras rianúil ann trí nóid uirbeacha, timpeall ar nóid uirbeacha nó idirnascadh rianúil ann laistigh de na nóid uirbeacha, go háirithe le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha. Ba cheart do bhearta cuidiú le brú tráchta a mhaolú, sciar an iompair phoiblí agus modhanna gníomhacha iompair a mhéadú, sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus deireadh a chur le scrogaill tráchta a dhéanann difear do shreabha tráchta ar ghréasán TEN-T.

Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an Moladh seo freisin tacaíocht bhreise a chur ar fáil do na Ballstáit agus do chathracha maidir le conas is féidir leo ullmhú do chomhlíonadh na gceanglas atá beartaithe maidir le nóid uirbeacha.

Tá an moladh seo gan dochar do Rialachán athbhreithnithe TEN-T a ghlacadh amach anseo, rialachán a bheidh bunaithe ar an togra thuasluaite agus aon oibleagáid maidir le SUMP atá sa mholadh sin.

1.4.   Comhordú ar an leibhéal áitiúil le haghaidh sineirgí idir cineálacha cur chuige na pleanála earnála agus spásúlachta

Chun SUMPanna a fhorbairt, tá gá le cur chuige comhtháite lena dtugtar aghaidh ar dhá ghné: an tsoghluaisteacht uirbeach a chomhtháthú i bpleanáil gréasáin le haghaidh córas iompair (“cur chuige gréasáin”) agus comhtháthú le straitéis trasearnála le haghaidh forbairt uirbeach inbhuanaithe (“cur chuige áitbhunaithe”).

Tá an t-iompar ina chuid ríthábhachtach de chur chuige éifeachtúil agus éifeachtach i leith cur chuige pleanála spásúlachta comhtháite ar an leibhéal uirbeach/áitiúil. Dá bhrí sin, ba cheart SUMPanna a ullmhú agus a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le pleananna soghluaisteachta áitiúla agus réigiúnacha, le pleananna spásúlachta agus le pleananna earnála ábhartha. Chomh maith le SUMPanna a ailíniú níos fearr le cuspóirí beartais earnála, laghdaíonn sé sin an t-ualach riaracháin ar údaráis áitiúla freisin.

Ba cheart do na Ballstáit comhoiriúnacht spriocanna beartais earnála agus pleanáil soghluaisteachta uirbí agus comhleanúnachas eatarthu a áirithiú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

tacú le cathracha beartais uirbeacha áitiúla, straitéisí áitiúla agus doiciméid phleanála áitiúla a dhéanamh de spriocanna Eorpacha agus náisiúnta, amhail SUMPanna, Pleananna Lóistíochta Uirbí Inbhuanaithe, Pleananna Gníomhaíochta don Fhuinneamh Inbhuanaithe agus don Aeráid, Conarthaí Aeráide, agus Comhaontuithe Glasa Cathrach;

aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar shainiúlachtaí na gcathracha agus na limistéar uirbeach i straitéisí agus i ndoiciméid phleanála náisiúnta nó réigiúnacha uileghabhálacha, amhail pleananna maidir le hiompair náisiúnta agus réigiúnacha, creataí beartais náisiúnta chun bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid, pleananna náisiúnta maidir le fuinneamh agus aeráid, beartais sláinte poiblí; straitéisí forbartha uirbí inbhuanaithe;

aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar shainiúlachtaí na gcathracha agus na limistéar uirbeach i ngníomhaíochtaí náisiúnta maidir le gealltanais Eorpacha agus idirnáisiúnta, amhail an Seimeastar Eorpach agus pleananna oibre maidir le Conair Chroíghréasáin TEN-T.

2.   Clár tacaíochta náisiúnta SUMP

2.1.   Cuspóirí

Iarrann an Coimisiún ar gach Ballstát clár tacaíochta náisiúnta SUMP a chur i bhfeidhm a bheidh dírithe ar thacú le cathracha, ar rialachas a neartú agus ar chomhordú náisiúnta a mhéadú, ar bheartais soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a phleanáil agus a nglacadh a áirithiú, agus ar chomhordú a fheabhsú idir réigiún, cathracha agus bailte, agus idir ceantair uirbeacha agus thuaithe.

2.2.   Raon feidhme an chláir

I gcláir thacaíochta náisiúnta SUMP, ba cheart go n-áireofaí bearta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

treoraíocht náisiúnta a fhorbairt maidir le pleanáil soghluaisteachta uirbí bunaithe ar choincheap nuashonraithe SUMP, a chuirtear i láthair san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh reatha ón gCoimisiún, agus Treoirlínte SUMP (14) á gcur san áireamh, lena dtugtar aghaidh ar shoghluaisteacht paisinéirí, ar iompar lastais agus ar lóistíocht ar bhealach comhtháite;

cúnamh teicniúil agus tacaíocht shaineolach a chur ar fáil;

cur chuige náisiúnta a fhorbairt chun SUMPanna a ullmhú agus a chur chun feidhme ar fud cathracha, i gcomhar le limistéir pheirea-uirbeacha agus thuaithe timpeall ar an cathair, lena gcumhdaítear an limistéar uirbeach feidhmeach iomlán (an chathair agus a chrios comaitéireachta);

líonra náisiúnta na réigiún, na gcathracha agus na mbailte a bheochan chun an phiarfhoghlaim a chothú agus chun an dea-chleachtas a roinnt, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus limistéir iargúlta eile, limistéir oileánda, fhorimeallacha agus limistéir inar tearc an daonra;

clár oiliúna do chathracha a chur chun feidhme, lena n-áirítear fothú acmhainní;

tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do chathracha chun acmhainneacht riaracháin a earcú agus a choinneáil agus chun saineolaithe a earcú go sealadach;

feachtais chumarsáide agus gníomhaíochtaí cumarsáide a bhaineann le SUMPanna a eagrú agus a chomhordú;

feasacht a mhúscailt maidir leis an bhfaisnéis agus leis an treoraíocht a fhoilsítear ar thairseach na Faireachlainne Eorpaí um Shoghluaisteacht Uirbeach (15);

athbhreithniú a dhéanamh ar conas cáilíocht SUMPanna a fheabhsú agus comhairle a thabhairt ina leith i gcomhréir le coincheap SUMP; éascóidh sé sin forbairt SUMPanna i gcás ina mbeidh sí sin ina coinníoll le haghaidh maoiniú poiblí nó príobháideach;

scagadh a dhéanamh ar an gcreat reachtach náisiúnta le haghaidh bacainní ar fhorbairt SUMPanna éifeachtacha i gcathracha

cuidiú leis na húdaráis ábhartha feabhas a chur ar an gcomhordú maidir le soláthar bonneagair iompair agus seirbhísí sa limistéar uirbeach feidhmiúil;

cuidiú leis na húdaráis áitiúla an comhordú idir SUMPanna agus an phleanáil spásúlachta a chomhtháthú agus a fheabhsú, agus feabhas a chur ar ailíniú agus ar shineirgí le Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inbhuanaithe agus um Ghníomhú ar son na hAeráide, le Pleananna Lóistíochta Uirbí Inbhuanaithe agus le pleananna ábhartha eile;

faireachán ar chur chun feidhme SUMP a threisiú, trí shásraí a chur i bhfeidhm chun dul chun cinn a thomhas maidir le spriocanna agus cuspóirí SUMPanna a bhaint amach;

táscairí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a ríomh, ag leanúint mhodheolaíocht an Choimisiúin (16), bailiú sonraí a chomhordú agus tacú leis agus rochtain ar shonraí náisiúnta, réigiúnacha nó príobháideacha, chomh maith le comhroinnt agus úsáid na sonraí sin a éascú, ar sonraí iad a bhfuil gá leo chun táscairí soghluaisteachta uirbí a ríomh;

faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí beartais earnála a bhaint amach, lena n-áirítear dícharbónú agus sábháilteacht ar bhóithre; tacú le cathracha chun sásraí bailithe sonraí imdhealaithe a fhorbairt, lena n-áirítear de réir inscne;

na codanna a bhaineann le cathracha agus le pleananna náisiúnta de thairseach na Faireachlainne Eorpaí um Shoghluaisteacht Uirbeach a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta;

tacú le cur chun feidhme gnéithe soghluaisteachta uirbí den Misean maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste.

Ba cheart raon feidhme an chláir tacaíochta a chinneadh i gcomhar leis na cathracha agus na réigiúin agus ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh air bunaithe ar a riachtanais agus ar an aiseolas a fhaightear uathu.

2.3.   Maoiniú agus dearbhú cáilíochta

Is creat éifeachtach iad SUMPanna chun infheistíochtaí soghluaisteachta uirbí, idir phoiblí agus phríobháideach, a phleanáil agus a chur i gcrich.

Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun eolas a thabhairt maidir le deiseanna cistiúcháin agus tacú leo, chun cáilíocht SUMPanna a fheabhsú agus chun iad a ailíniú níos dlúithe le coincheap SUMP.

Tá réimse leathan uirlisí cistiúcháin agus maoinithe Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha ann ar féidir leo tacú le próisis SUMP, amhail na huirlisí seo a leanas:

Saoráid um Chónascadh na hEorpa;

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, lena n-áirítear Interreg agus URBACT;

an clár Fís Eorpach, lena n-áirítear na Misin agus gníomhaíochtaí CIVITAS;

an Clár InvestEU, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus REPowerEU;

an Clár don Eoraip Dhigiteach;

an tAistriú Cóir;

an Ciste don Nuálaíocht;

an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil lena gcuirtear saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil do Bhallstáit an Aontais;

scéimeanna náisiúnta;

maoiniú príobháideach (e.g. bannaí glasa).

Thairis sin, an Pobal Eolais agus Nuálaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Uirbeach atá ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, cuireann an Pobal sin tacaíocht ar fáil do na Ballstáit, do réigiúin agus do chathracha i gcur chun feidhme a gcuid SUMPanna.

2.4.   Bainistiú na gclár SUMP ar an leibhéal náisiúnta

Ba cheart do na Ballstáit oifig um bainistiú na gclár náisiúnta SUMP a ainmniú mar phointe fócasach le haghaidh saincheisteanna SUMP a bhaineann le cathracha agus le limistéir uirbeacha. Ba cheart na hoifigí sin a bhunú i gcomhar le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.

Ba cheart an saineolas teicniúil ábhartha agus na hacmhainní dlíthiúla, airgeadais agus daonna ábhartha a bheith ag na hoifigí chun an clár tacaíochta náisiúnta SUMP a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Ba cheart na hoifigí sin a bheith neodrach trédhearcach agus ba cheart dóibh réigiúin, cathracha agus ceantair thuaithe a tharraingt isteach ina gcuid oibre. Ba cheart grúpa saineolaithe comhairle a thabhairt dóibh, grúpa ina bhfuil ionadaithe ó aireachtaí, ó réigiúin, cathracha agus ceantair thuaithe ábhartha agus ón saol acadúil, mar aon le páirtithe leasmhara eile i réimse na soghluaisteachta uirbí.

D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag an sainghrúpa sin maidir le clár tacaíochta náisiúnta SUMP a dhearadh agus a mheasúnú, treoirdhoiciméid náisiúnta SUMP a fhormhuiniú, sin agus bheith ina fhóram saineolaithe neamhspleách chun a chinntiú go gcuirtear treoraíocht Eorpach agus náisiúnta i ndáil le SUMP chun feidhme i gceart. Ba cheart do na Ballstáit cur leis na scéimeanna tacaíochta do chathracha atá ann cheana. Scéimeanna atá ann cheana agus a chuirtear chun feidhme ar an leibhéal fonáisiúnta agus réigiúnach, ba cheart do na hoifigí um bainistiú na gclár na scéimeanna sin a thabhairt le chéile chun cur chuige comhordaithe a áirithiú, lena n-áirítear na srianta sonracha a bhaineann le ceantair iargúlta agus fhorimeallacha agus leis na réigiúin is forimeallaí.

D’fhéadfadh na hoifigí a bheith lonnaithe in aireacht, gníomhaireacht nó sainchomhlacht, ag brath ar chóras riaracháin an Bhallstáit. D’fhéadfadh oifigí réigiúnacha comhlánú a dhéanamh ar na hoifigí náisiúnta, go háirithe sna Ballstáit is mó nó i mBallstáit chónaidhme.

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, is iad na cathracha is ceart a bheith freagrach as a gcuid SUMPanna a fhorbairt, a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

2.5.   Idirghníomhaíocht na n-oifigí um bainistiú na gclár náisiúnta leis an gCoimisiún Eorpach

Na hoifigí um bainistiú na gclár náisiúnta, ba cheart dóibh gníomhú mar phríomhphointe teagmhála na mBallstát leis an gCoimisiún le haghaidh malartuithe agus comhordú maidir le seirbhísí tacaíochta SUMP.

Tá tacú le cur chun feidhme SUMP ar cheann de phríomhchúraimí an tsainghrúpa maidir le soghluaisteacht uirbeach, grúpa a bunaíodh i ndiaidh ghlacadh Chreat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí, grúpa ina dtagann ionadaithe ó na Ballstáit, ó réigiúin agus ó chathracha mar aon le páirtithe leasmhara eile le chéile chun beartas soghluaisteachta uirbí an Aontais a phlé, lena n-áirítear i ndáil le SUMPanna. Dá bhrí sin, ba cheart do na hoifigí um bainistiú na gclár náisiúnta comhordú go dlúth le hionadaithe a mBallstát sa ghrúpa saineolaithe agus rannchuidiú go gníomhach leis an ngrúpa.

2.6.   An Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí

Iarrtar ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi ghníomhaíochtaí a dhéantar i bhfianaise an Mholta seo. Ba cheart an fhaisnéis a tharchur den chéad uair bliain amháin tar éis ghlacadh an Mholta seo.

Ba cheart an méid seo a leanas a bheith san áireamh san fhaisnéis a tharchuirfear:

an clár tacaíochta náisiúnta SUMP;

sonraí teagmhála na hoifige um bainistiú na gclár náisiúnta SUMP;

plean oibre na hoifige um bainistiú na gclár tacaíochta náisiúnta SUMP;

achoimre ar na tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme an phlean oibre (lena n-áirítear dul chun cinn cainníochtaithe i ndáil le heochairtháscairí feidhmíochta, príomh-gharspriocanna agus saincheisteanna féideartha a sainaithníodh mar aon le gníomhaíochtaí maolaithe atá beartaithe) agus na ceachtanna a foghlaimíodh.

3.   Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Moladh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)  COM(2019) 640 final.

(2)  COM(2020) 789 final.

(3)  COM(2021) 811 final.

(4)  Treoir (AE) 2019/1161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2009/33/CE a mhéid a bhaineann le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn (IO L 188, 12.7.2019, lch. 116).

(5)  COM(2021) 345 final

(6)  COM (2013) 913 final.

(7)  Special report 06/2020 [Tuarascáil speisialta 06/2020]: Sustainable Urban Mobility in the EU [An tSoghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe san Aontas Eorpach]:: No substantial improvement is possible without Member States’ commitment [Ní féidir aon fheabhsú suntasach a dhéanamh gan gealltanas na mBallstát]

(8)  COM(2021) 812 final.

(9)  Is é atá i dtreoraíocht SUMP Treoirlínte SUMP maidir le SUMP agus ábhar tagartha breise a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus tá siad ár fáil ar thairseach na Faireachlainne um Shoghluaisteacht Uirbeach, ELTIS; https://www.eltis.org/mobility-plans/topic-guides.

(10)  Cinneadh C(2022) 5320 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2022 lena mbunaítear grúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le soghluaisteacht uirbeach; An Grúpa Saineolaithe maidir le Soghluaisteacht Uirbeach.

(11)  Féach an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013Together towards competitive and resource-efficient urban mobility [Le chéile chun soghluaisteacht atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní a bhaint amach], COM(2013) 913 final.

(12)  COM(2021) 811 final.

(13)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, COM(2021) 812 final.

(14)  Treoirlínte SUMP chun SUMPanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme, atá ar fáil ar thairseach ELTIS, Faireachlann Eorpach um shoghluaisteacht uirbeach; https://www.eltis.org/mobility-plans/sump-guidelines.

(15)  https://www.eltis.org/mobility-plans/topic-guides

(16)  https://transport.ec.europa.eu/transport-themes/clean-transport-urban-transport/sumi_en


IARSCRÍBHINN

Coincheap cothrom le dáta le haghaidh pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe

1.   RÉAMHRÁ

Plean straitéiseach atá deartha chun na riachtanais soghluaisteachta a chomhlíonadh atá ar dhaoine agus ar ghnólachtaí i gcathracha agus ina limistéir máguaird le haghaidh cáilíocht saoil níos fearr is ea plean soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe (PSUI). Is creat aonair é chun dul i ngleic leis na dúshláin choiteanna soghluaisteachta uirbí ar fad le haghaidh an limistéir uirbigh fheidhmiúil iomláin. Soláthraíonn PSUI cur chuige atá cuimsitheach, solúbtha, athléimneach agus faoi stiúir físe trí bheith ina phlean soghluaisteachta fadtéarmach ina bhfuil pacáistí beart a thugann aghaidh ar chuspóirí agus spriocanna gearrthéarmacha ar féidir dlús a chur lena mbaint amach mar fhreagairt ar riachtanais athraitheacha.

Ó bhí 2013 ann tá an Coimisiún ag spreagadh glacadh forleathan PSUInna mar bhunchloch a bheartais soghluaisteachta uirbí. Léirítear leis sin acmhainneacht PSUI cuidiú le bailte, cathracha agus réigiúin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna ina n-athrú i dtreo na soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus cáilíocht saoil níos fearr a áirithiú. D’iarr an Pacáiste Soghluaisteachta Uirbí, 2013 (1) ar na húdaráis áitiúla PSUInna a chur i gcroílár a gcur chuige maidir le saincheisteanna soghluaisteachta uirbí. Foilsíodh treoirlínte gaolmhara AE chun tacú leis na húdaráis áitiúla le linn an phróisis PSUI.

Le blianta beaga anuas, forbraíodh méid ollmhór comhairle agus treoraíochta leis an bpobal pleanála soghluaisteachta uirbí, agus cuireadh tacar doiciméad treoraíochta comhlántach maidir le gnéithe sonracha a bhaineann le PSUInna ar fáil ina dhiaidh sin do chathracha agus páirtithe leasmhara i bhFaireachlann an Aontais Eorpaigh um Shoghluaisteacht Uirbeach (2). Tá uirlis féinmheasúnaithe ann freisin chun cuidiú le cathracha láidreachtaí agus laigí a gcuid PSUInna a thuiscint (3).

Tháinig coincheap bunaidh PSUI (4) chun cinn sa Phacáiste Soghluaisteachta Uirbí, 2013 agus bhí ocht bpríomhphrionsabal threoracha ann. Sa choincheap PSUI atá ann faoi láthair coinnítear iad agus tugtar cothrom le dáta na rudaí is gá a thabhairt cothrom le dáta.

1.1.   Comhthéacs

I gcomhréir le Cairt Leipzig Nua (5), Is gá do chathracha straitéisí forbartha uirbí atá comhtháite agus inbhuanaithe a bhunú agus a gcur chun feidhme a áirithiú don chathair ina hiomláine, idir a limistéir fheidhmiúla agus a comharsanachtaí.

Dá bhrí sin, tá an phleanáil maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe ríthábhachtach le haghaidh na soghluaisteachta éifeachtaí inbhuanaithe i gcathracha, na nóid uirbeacha TEN-T san áireamh, agus tá tábhacht léi freisin le haghaidh fheidhmiú foriomlán an ghréasáin agus chun teagmhas agus athléimneacht a áirithiú i gcás mórdhúshlán.

Tá sé beartaithe go gcomhlíonfaidh nóid uirbeacha na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhaineann le PSUI in Iarscríbhinn V a ghabhann le togra an Choimisiún le haghaidh Rialachán athbhreithnithe TEN-T (6). Tá an coincheap sin gan dochar d’aon oibleagáid cheangailteach le haghaidh nóid uirbeacha a bhaineann le glacadh PSUInna agus a n-ábhar a leagfar síos i Rialachán athbhreithnithe TEN-T a bheidh ann amach anseo. Agus é ag tógáil ar na ceanglais bheartaithe sin, soláthraíonn an coincheap sin tuilleadh faisnéise agus leagann sé amach na comhpháirteanna molta is gá chun PSUI a fhorbairt, bíodh cathair ina nóid uirbeach nó na bíodh.

1.2.   Cúiseanna leis an gcoincheap PSUI a thabhairt cothrom le dáta

Agus na mórfhorbairtí a tharla le cúpla bliain anuas agus an taithí phraiticiúil a fuarthas le deich mbliana anuas ón gcoincheap a chur chun feidhme á gcur san áireamh, tá deis ann anois é a thabhairt cothrom le dáta, ionas gur féidir le PSUInna rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí le cuspóirí agus gealltanais iompair, aeráide, sláinte agus sochaí an Aontais atá ag éirí níos uaillmhianaí a bhaint amach.

Na línte beartais atá ann faoi láthair, leagtar amach iad, go háirithe, sa Chomhaontú Glas don Eoraip (7), sa Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (8), agus sa Chreat Nua AE don tSoghluaisteacht Uirbeach (9). Sa phacáiste “Oiriúnach do 55” (10) agus sa phacáiste um an tSoghluaisteacht Éifeachtúil Ghlas agus i bpacáiste REPowerEU (11), chuir an Coimisiún tograí reachtacha ábhartha chun cinn le déanaí. An rud is tábhachtaí fós, is gá don choincheap PSUI gnéithe aeráide agus fuinnimh a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, agus aghaidh á tabhairt ar an tsábháilteacht, ar an gcuimsitheacht agus ar an inrochtaineacht, agus ar na gnéithe iompair lasta agus lóistíochta den iompar áitiúil.

Go sonrach, sa Chreat Nua AE don tSoghluaisteacht Uirbeach deirtear gur cheart don choincheap PSUI uasghrádaithe é a shoiléiriú gurb é an tosaíocht tús áite a thabhairt do réitigh inbhuanaithe lena n-áirítear an t-iompar gníomhach, an t-iompar comhchoiteann agus an t-iompar poiblí agus an tsoghluaisteacht chomhroinnte (lena n-áirítear le haghaidh naisc uirbeacha-thuaithe), agus gnéithe athléimneachta mar aon le pleananna don lóistíocht uirbeach inbhuanaithe, agus iad bunaithe ar fheithiclí agus ar réitigh astaíochtaí nialasacha, á gcomhtháthú go hiomlán. Ba cheart é a chomhlánú a thuilleadh, agus an gá le táscairí agus ceanglais shonracha maidir le PSUInna le haghaidh na nód uirbeach TEN-T (12) a réamh-mheas.

Ar deireadh, is gá d’uirlisí pleanála i réimsí na soghluaisteachta, an fhuinnimh, na hinbhuanaitheachta agus na húsáide talún comhlánú níos mó a dhéanamh ar a chéile. Ar an gcaoi sin, cruthóidh an coincheap athbhreithnithe naisc níos dlúithe freisin idir PSUInna agus pleananna uirbeacha ábhartha eile a chumhdaíonn fuinneamh agus an aeráid, go háirithe Pleananna Gníomhaíochta Fuinnimh Inbhuanaithe agus Aeráide.

2.   COINCHEAP LE HAGHAIDH PSUINNA

Cuireann an coincheap seo i láthair cur chuige molta maidir le PSUInna le haghaidh limistéir uirbeacha gan beann ar a méid. Ba cheart PSUI a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail threoracha seo a leanas.

2.1.   Spriocanna agus cuspóirí soiléire intomhaiste

Tá sé de phríomhaidhm ag PSUI an limistéar uirbeach feidhmiúil (13) a bhfuil sé beartaithe dó a dhéanamh níos inrochtana agus soghluaisteacht íseal-astaíochtaí atá sábháilte, inbhuanaithe agus d’ardcháilíocht a sholáthar go dtí an limistéar sin, tríd an limistéar sin agus sa limistéar sin. Go háirithe, ba cheart dó tacú leis an tsoghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus le cur chun feidhme córais iompair uirbigh lena rannchuidítear le feidhmíocht fhoriomlán níos fearr an ghréasáin iompair, go háirithe trí bhonneagar a fhorbairt le haghaidh cúrsaíocht rianúil feithiclí astaíochtaí nialasacha chomh maith le moil ilmhodhacha paisinéirí chun naisc an chéad mhíle agus naisc an mhíle dheireanaigh a éascú, agus críochfoirt ilmhodhacha lasta a fhreastalaíonn ar limistéir uirbeacha.

Dá bhrí sin, ba cheart spriocanna agus cuspóirí sonracha a bheith in PSUI chun tacú le forbairt córais iompair uirbigh:

atá sábháilte, inrochtana, inacmhainne agus cuimsitheach do gach úsáideora, lena n-áirítear grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus a chuireann san áireamh gné na hinscne agus an t-athrú déimeagrafach;

a fhreastalaíonn ar riachtanais soghluaisteachta gach úsáideora, lena n-áirítear an rothaíocht agus an choisíocht, an lóistíocht uirbeach, trácht fadraoin lasta agus paisinéirí ar ghréasán TEN-T, chomh maith le trácht ó limistéir pheirea-uirbeacha agus thuaithe thart ar chathair, agus an limistéar uirbeach feidhmiúil iomlán (an chathair agus a crios comaitéireachta) á chumhdach;

a chomhlíonann ceanglais inbhuanaitheachta, cosanta aeráide agus athléimneachta, agus cothromaíocht á baint amach idir an gá le hinmharthanacht eacnamaíoch, cothromas sóisialta agus cosaint na sláinte agus an chomhshaoil a áirithiú;

a chuireann barr feabhais ar éifeachtúlacht córas soghluaisteachta uirbí, agus an éifeachtúlacht costais á cur san áireamh, mar aon le seachtrachtaí iompair modhanna éagsúla a bhaineann, go háirithe, le brú tráchta, truailleáin aeir agus torainn, astaíochtaí CO2, básanna agus gortuithe tráchta, agus a dtionchar ar an mbithéagsúlacht;

a rannchuidíonn leis an timpeallacht uirbeach a dhéanamh níos tarraingtí, lena n-áirítear trí chomhroinnt níos fearr spáis phoiblí;

a mhéadaíonn an cháilíocht saoil agus a théann chun tairbhe don tsláinte phoiblí, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (14) á gcur san áireamh, agus a áirithíonn go bhfuil bonneagar agus seirbhísí iompair uirbigh sábháilte, slán agus compordach do chách, lena n-áirítear do ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí agus do mhná;

a chuireann feabhas ar an tsábháilteacht agus ar an tslándáil tráchta, go háirithe d’úsáideoirí gníomhacha agus soghonta bóithre (e.g. coisithe, rothaithe, daoine scothaosta, leanaí, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe), agus ar sheirbhísí agus ar spásanna poiblí, ag féachaint le Fís Nialais (15) a bhaint amach sa tsábháilteacht ar bhóithre uirbeacha i gcomhréir le Dearbhú Vaileite (16);

a laghdaíonn gach foinse den truailliú iompair, amhail aer, torann, cáithnín agus micreaphlaistigh, chomh maith le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar, agus a chuireann feabhas ar a éifeachtúlacht fuinnimh, agus an aidhm aige soghluaisteacht uirbeach astaíochtaí nialasacha a bhaint amach i gcomhréir le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise Cuimsithí um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (17), an Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú (18) agus an Dlí Aeráide Eorpaigh, agus pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, Pleananna um Cháilíocht an Aeir agus Pleananna Gníomhaíochta Fuinnimh Inbhuanaithe agus Aeráide áitiúla á gcur san áireamh;

a rannchuidíonn le nascacht agus feidhmíocht fhoriomlán níos fearr an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T), agus chóras iompar na hEorpa ina iomláine, do phaisinéirí agus d’earraí araon.

2.2.   Fís fhadtéarmach agus plean soiléir cur chun feidhme

Cuireann PSUI i láthair, nó tá sé nasctha le, straitéis fhadtéarmach le haghaidh fhorbairt an limistéir uirbigh fheidhmiúil amach anseo agus, sa chomhthéacs seo, le haghaidh forbairt bonneagair iompair agus seirbhísí soghluaisteachta ilmhodhaí amach anseo. Áirítear ann freisin plean seachadta maidir le cur chun feidhme gearrthéarmach na straitéise. Ba cheart é a ionchorprú i gcur chuige comhtháite i leith na forbartha uirbí inbhuanaithe agus a nascadh le húsáid talún, pleanáil spáis agus pleanáil beartais earnálaigh (e.g. i dtaca leis an aeráid agus fuinneamh) ábhartha.

Dá bhrí sin, ba cheart na rudaí seo a leanas a bheith i PSUI:

tráthchlár agus plean buiséid, agus foinsí an chistithe is gá sainaitheanta i gceart; go hidéalach, ba cheart tréimhse 3-10 mbliana a bheith i gceist leis an bplean seachadta;

freagrachtaí agus acmhainní atá sainithe go soiléir, lena n-áirítear na hacmhainní sainaitheanta is gá le haghaidh gach gníomhaí.

2.3.   Measúnú ar an bhfeidhmíocht faoi láthair agus ar an bhfeidhmíocht amach anseo

Ba cheart PSUI a bhunú ar mheasúnú cúramach ar fheidhmíocht an chórais iompair uirbigh faoi láthair agus amach anseo agus córas faireacháin cuimsitheach ag tacú leis, córas lena gcumhdaítear na nithe seo a leanas:

anailís stádais, cás bunlíne agus deiridh, ag tosú le hathbhreithniú cuimsitheach ar an gcás faoi láthair agus le bunlíne a bhunú ar féidir an dul chun cinn amach anseo a thomhas dá réir; ba cheart measúnú ar thionchar na mbeart atá beartaithe a bheith ann freisin;

cuspóirí agus spriocanna sonracha: ba cheart do PSUI cuspóirí feidhmíochta sonracha agus réalaíocha a shainaithint a bheidh nasctha leis an anailís stádais agus a bheidh uaillmhianach i dtéarmaí sprioc agus cuspóirí ginearálta PSUI. Ba cheart dó spriocanna intomhaiste a shocrú chomh maith i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar mheasúnú réalaíoch ar an mbunlíne agus ar na hacmhainní atá ar fáil agus lena léirítear na cuspóirí sonrach;

táscairí feidhmíochta, bunaithe ar na Táscairí Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (19) más féidir, chun tuairisc a thabhairt ar stádas reatha an chórais iompair uirbigh agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí a shocraítear.

2.4.   Forbairt chomhtháite gach modha iompar agus tosaíocht á tabhairt do na modhanna is inbhuanaithe

Le PSUI, ba cheart iompar ilmhodhach a chur chun cinn trí na modhanna éagsúla a chomhtháthú agus trí bhearta arb é is aidhm dóibh soghluaisteacht rianúil agus inbhuanaithe a éascú. Ba cheart a áireamh ann gníomhaíochtaí chun cion módach na bhfoirmeacha iompair is inbhuanaithe a mhéadú amhail iompar poiblí, soghluaisteacht ghníomhach, soghluaisteacht chomhroinnte (20), lóistíocht uirbeach astaíochtaí nialasacha agus, de réir mar is iomchuí, iompar ar uiscebhealaí intíre agus ar muir.

Ba cheart a áireamh ann freisin gníomhaíochtaí chun an tsoghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn, go háirithe maidir leis an bhflít uirbeach a ghlasú, chun an brú tráchta a laghdú agus feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar na bóithre, go háirithe i gcás úsáideoirí soghonta bóithre.

Leis an bplean cuirtear chun cinn tacar comhtháite beart teicniúil, beart bog, beart bonneagair, agus beart bunaithe ar bheartais chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht agus ar an éifeachtúlacht costais maidir leis na spriocanna a shonraítear agus na cuspóirí sonracha.

Dá bhrí sin, ba cheart na rudaí seo a leanas a chumhdach i PSUI:

seirbhísí iompair phoiblí agus iompair chomhchoitinn chomh maith leis an tsoghluaisteacht chomhroinnte, agus straitéis tiomanta ann arb é is aidhm di feabhas a chur ar cháilíocht, cumhdach, slándáil, comhtháthú agus inrochtaineacht na seirbhísí sin;

iompar gan inneall, agus plean ann an choisíocht, an rothaíocht agus an mhicrea-shoghluaisteacht a dhéanamh níos tarraingtí, níos sábháilte agus níos sláine, ag féachaint le gréasán cuimsitheach ardcháilíochta a bhaint amach;

an t-ilmhódúlacht, chun na modhanna éagsúla iompair do phaisinéirí agus d’earraí a chomhtháthú ar bhealach níos fearr;

an tsábháilteacht ar bhóithre uirbeacha, ag féachaint le Fís Nialais a bhaint amach i ndáil le básanna agus gortuithe tromchúiseacha, go háirithe i gcás úsáideoirí soghonta bóithre lena n-áirítear coisithe agus rothaithe.

an brú tráchta a laghdú agus barr feabhais a chur ar úsáid bonneagair agus sin nasctha le bearta um bainistiú páirceála, lena n-áirítear barr feabhais a chur ar bhonneagar luchtaithe agus fiosrú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann maidir le spás bóithre agus uirbeach a ath-leithroinnt ar mhodhanna gan inneall nó ar úsáidí neamh-iompair;

lóistíocht uirbeach lena n-áirítear seachadtaí baile agus bainistiú flíteanna feithiclí tráchtála (e.g. tacsaithe), agus bearta ann chun feabhas ar chur ar an éifeachtúlacht agus seachtrachtaí á laghdú, amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailleáin, torann agus brú tráchta (ba cheart PSUI agus aon phlean sonrach lóistíochta uirbí inbhuanaithe a bheith ailínithe le chéile ar bhealach comhtháite);

pleananna bainistíochta soghluaisteachta, agus gníomhaíochtaí iontu atá dírithe ar athrú a dhéanamh i dtreo patrúin soghluaisteachta níos inbhuanaithe do chomaitéirí, tomhaltóirí agus mic léinn (lena n-áirítear iad siúd a thagann ó na limistéir pheirea-uirbeacha agus thuaithe máguaird) i réimsí amhail an fhostaíocht, an t-oideachas, an tsláinte, an miondíol agus an turasóireacht/imeachtaí;

digiteáil, lena n-áirítear córais chliste iompair (CCI), amhail seirbhísí digiteacha soghluaisteachta ilmhodhaí a éascaíonn an cumas rochtain a fháil ar fhaisnéis, áirithint a dhéanamh, íoc as turas agus teacht ar thicéid do na modhanna ar fad, agus bailiú sonraí (mar shampla, ó oibreoirí príobháideacha, mórshonraí, intleacht shaorga, leathchúplaí digiteacha, idirlíon na rudaí nithiúla etc.), chun tacú leis na bearta a áirítear in PSUI a ullmhú agus a chur chun feidhme agus le faireachán a dhéanamh orthu.

2.5.   Cur chuige comhtháite maidir le soghluaisteacht paisinéirí agus iompar agus lóistíocht lasta uirbeach

Ba cheart lóistíocht uirbeach, mar aon le naisc le hiompar lasta fadraoin, a áireamh agus a chomhtháthú ina n-iomláine in PSUI chun cur chuige córasach i leith gach gné de shoghluaisteacht chathrach a áirithiú agus cuspóir na lóistíochta uirbí agus sheachadtaí an mhíle dheireanaigh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar ábhair shonracha lóistíochta uirbí i bplean lóistíochta uirbí inbhuanaithe a bheadh tiomanta agus ailínithe.

Le haghaidh na limistéar uirbeach ábhartha, ba cheart a chur san áireamh mar is cuí in PSUI an tionchar a bheadh ag bearta uirbeacha éagsúla ar shreabha tráchta paisinéirí agus lasta agus ar an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) agus é mar aidhm leis sin idirthuras trí nóid uirbeacha, seachaint nóid uirbeacha, nó idirnascadh tríothu agus timpeall orthu go rianúil a áirithiú, lena n-áirítear ag feithiclí astaíochtaí nialasacha. Ba cheart a áireamh leis sin go háirithe gníomhaíochtaí chun brú tráchta a mhaolú, feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre agus scrogaill a dhéanann difear do shreabha tráchta ar TEN-T a bhaint.

2.6.   Cur chuige rannpháirteach agus comhordú le tionscnaimh ábhartha eile

Ba cheart forbairt agus cur chun feidhme PSUI a bheith bunaithe ar chur chuige comhtháite rannpháirteach ina mbeidh ardleibhéal comhair, comhordaithe agus comhairliúcháin idir na leibhéil éagsúla rialtais agus na húdaráis ábhartha. Ba cheart an pobal i gcoitinne, ionadaithe na sochaí sibhialta agus gníomhaithe eacnamaíocha a bheith rannpháirteach freisin.

Chuige sin, ba cheart do na húdaráis pleanála áitiúla struchtúir agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm.

Ba cheart na rudaí seo a leanas, go háirithe, a bheith san áireamh sa phróiseas sin:

rannpháirtíocht chuí gníomhaithe ábhartha sa limistéar uirbeach feidhmiúil, amhail cónaitheoirí, ionadaithe ar eagraíochtaí sochaí sibhialta agus gníomhaithe eacnamaíocha, sa phlean a fhorbairt agus a chur chun feidhme ón tús agus le linn an phróisis chun ardleibhéal glactha agus tacaíochta a áirithiú;

comhairliúchán idir-rannach agus comhar ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun comhsheasmhacht agus comhlántacht le beartais, straitéisí agus bearta áitiúla agus réigiúnacha a áirithiú, go háirithe iad siúd a bhaineann le húsáid talún agus pleanáil spáis; Pleananna um Ghlasú Uirbeach (21), fuinneamh; sláinte; oideachas; seirbhísí sóisialta; forfheidhmiú an dlí agus póilíneacht;

dlúthchomhar leis na húdaráis ábhartha atá freagrach as bonneagar agus seirbhísí iompair a chur ar fáil sa limistéar uirbeach feidhmiúil (limistéir uirbeacha, pheirea-uirbeacha agus thuaithe chomharsanachta) agus ar leibhéil éagsúla riaracháin agus rialtais.

2.7.   Faireachán, athbhreithniú, tuairisciú agus dearbhú cáilíochta

Ba cheart a áireamh in PSUI cuspóirí, spriocanna agus táscairí a bheidh mar bhonn taca ag feidhmíocht na gcóras iompair uirbigh faoi láthair agus amach anseo, ar a laghad maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, brú tráchta, básanna ar na bóithre agus gortuithe tromchúiseacha, cion módach agus rochtain ar sheirbhísí soghluaisteachta, mar aon le sonraí maidir le truailliú aeir agus truailliú torainn i gcathracha. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme PSUI trí úsáid a bhaint as na táscairí feidhmíochta sin.

Go háirithe, ba cheart do na húdaráis áitiúla sásraí a chur i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí a PSUI a bhaint amach agus gníomh ceartaitheach tráthúil a dhéanamh nuair is gá. Ba cheart do na Ballstáit tacú le cathracha maidir leis an gcúram sin agus cáilíocht PSUI agus comhlíonadh cheanglas an choincheapa PSUI aige a áirithiú, i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le cláir thacaíochta náisiúnta PSUI.

Ba cheart measúnú tráthrialta a dhéanamh le táscairí toraidh roghnaithe (22) ar an dul chun cinn maidir le haidhm agus cuspóirí sonracha PSUI agus na spriocanna ann a bhaint amach. Ba cheart gníomh iomchuí a dhéanamh chun rochtain thráthúil ar shonraí agus staidrimh ábhartha a áirithiú. Ba cheart tuarascáil faireacháin a bheith mar bhonn d’athbhreithniú ar chur chun feidhme PSUI.

Chun tacú leis an bhfaireachán, ba cheart úsáid na dtuartha a spreagadh chun riachtanais agus dúshláin amach anseo a réamh-mheas. Féadfar tacú le tuartha den chineál sin le huirlisí digiteacha amhail cúplaí digiteacha uirbeacha.

2.8.   Treoraíocht agus tacaíocht ar an leibhéal Eorpach

Leanfaidh an Coimisiún Eorpach d’fhaisnéis maidir le PSUInna a sholáthar tríd an tSeirbhís Eorpach Faisnéise faoin Iompar Áitiúil – an Fhaireachlann Eorpach um Shoghluaisteacht (23). Áirítear san fhaisnéis sin Treoirlínte PSUI a bhaineann le próiseas agus ábhar tagartha maidir le gnéithe sonracha de PSUInna (24).

Cuideoidh grúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir leis an tsoghluaisteacht uirbeach (25), arna bhunú tar éis ghlacadh an Chreata Nua AE don tSoghluaisteacht Uirbeach, leis an ábhar sin a chomhlánú agus a chuíchóiriú.


(1)  COM(2013) 913 final

(2)  https://www.eltis.org/mobility-plans/sump-guidelines

(3)  https://www.eltis.org/resources/tools/sump-self-assessment-tool

(4)  Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Together towards competitive and resource-efficient urban mobility [Le chéile chun soghluaisteacht atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní a bhaint amach] (https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar%3A82155e82-67ca-11e3-a7e4-01aa75ed71a1.0011.02/DOC_4&format=PDF).

(5)  https://ec.europa.eu/regional_policy/sources/docgener/brochure/new_leipzig_charter/new_leipzig_charter_en.pdf

(6)  COM(2021) 812/2

(7)  COM(2019) 640 final.

(8)  COM(2020) 789 final.

(9)  COM(2020) 811 final.

(10)  COM(2021) 550 final.

(11)  COM(2022) 230 final.

(12)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, COM(2021) 812 final.

(13)  https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Glossary:Functional_urban_area#:~:text=Short%20definition%3A%20a%20functional%20urban,city%20(OECD%2C%202012)

(14)  https://www.undp.org/sustainable-development-goals

(15)  https://ec.europa.eu/transport/themes/strategies/news/2019-06-19-vision-zero_en

(16)  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9994-2017-INIT/en/pdf

(17)  COM(2020) 789 final.

(18)  https://environment.ec.europa.eu/strategy/zero-pollution-action-plan_en

(19)  https://transport.ec.europa.eu/transport-themes/clean-transport-urban-transport/sumi_en

(20)  Sa doiciméad seo tagraíonn soghluaisteacht chomhroinnte d’úsáid chomhroinnte modhanna iompair, amhail comhroinnt feithiclí ar cíos (e.g. rothair, scútair, gluaisteáin), comhroinnt síbe/gluaisteán (i.e. spás comhroinnte laistigh d’fheithicil) chomh maith le seirbhísí iompar ar éileamh (e.g. seirbhísí taistil ar ordú amhail tacsaithe).

(21)  https://environment.ec.europa.eu/topics/urban-environment/urban-greening-platform_en

(22)  Amhail na táscairí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe atá ar fáil ag: https://ec.europa.eu/transport/themes/urban/urban_mobility/sumi_en.

(23)  https://www.eltis.org/mobility-plans

(24)  https://www.eltis.org/mobility-plans/topic-guides; https://www.eltis.org/mobility-plans/practitioner-briefings

(25)  Grúpa E03863 (https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=en&groupID=3863).


RIALACHA NÓS IMEACHTA

10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/34


CINNEADH Uimh. 2019/1 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL Iompair

(tar éis comhairliúcháin i scríbhinn)

maidir le glacadh bhuiséad an Chomhphobail Iompair don bhliain 2019 [2023/551]

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal I

Leis seo, glactar buiséad an Chomhphobail Iompair don bhliain 2019 a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Beidh de chúram ar an gCoimisiún Eorpach an buiséad a chur chun feidhme agus obair Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 3.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 24 Eanáir 2019. Scoirfidh sé de bheith i bhfeidhm an lá sula dtiocfaidh ceapachán Stiúrthóir na Buanrúnaíochta i bhfeidhm.

Arna dhéanamh i dTiorána, an 16 Eanáir 2019.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán


IARSCRÍBHINN:

Foscríbhinn: Buiséad an Chomhphobail Iompair don bhliain 2019.

Líne bhuiséid

Méid (€)

Tuarastail d’oifigigh

750 000

Ranníocaíocht le scéim Sláinte / Pinsin d’oifigigh

200 000

Costais oibriúcháin na rúnaíochta (lena n-áirítear caiteachas seasta/taistil/eagrú cruinnithe)

330 000

Trealamh TF agus troscán oifige (nach gcumdaítear leis an gComhaontú Ceanncheathrún)

100 000

Costais earcaíochta (foilsiú agus aisíocaíocht le hiarrthóirí)

100 000

Iomlán

1 480 000

Cúlchiste (thart ar: 10%)

150 000

Comhiomlán

1 630 000

Dar: Ranníocaíocht AE (80 %)  (*1)

1 304 000

Ranníocaíocht WB6 (20 %: foráiltear an dáileadh de réir tíre in iarscríbhinn V den TCT).

326 000


(*1)  Tá figiúr ranníocaíocht AE gan dochar do ghlacadh bhuiséad AE don bhliain 2019.


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/36


CINNEADH Uimh. 2019/2 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

(tar éis comhairliúcháin i scríbhinn le baill den choiste StiúrthaRéigiúnach) maidir le Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair [2023/552]

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 30 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2019/1 ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an 16 Eanáir 2019,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Ceaptar an tUasal Alain Baron mar Stiúrthóir “eatramhach” na Buanrúnaíochta.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ó dháta glactha an chinnidh seo. Scoirfidh sé de bheith i bhfeidhm an lá sula dtiocfaidh ceapachán Stiúrthóir na Buanrúnaíochta i bhfeidhm.

Arna dhéanamh i dTiorána, an 28 Eanáir 2019.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/37


CINNEADH Uimh. 2019/3 Ó CHOISTE STIÚRTH RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR [2023/553]

an 5 Meitheamh 2019

a bhaineann le:

rialacha a ghlacadh maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair;

Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair a ghlacadh;

fógraí folúntais a ghlacadh do Stiúrthóir agus do Leas-Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair.

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leis seo, glactar na rialacha maidir le hearcú, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn 1 den Chinneadh seo.

Airteagal 2

Leis seo, glactar Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II den Chinneadh seo.

Airteagal 3

Glactar na fógraí folúntais do Stiúrthóir agus do Leas-Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair atá i gceangal leis an gcinneadh seo.

Arna dhéanamh i dTiorána, an 5 Meitheamh 2019.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/38


CINNEADH Uimh. 2020/2 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

(Tar éis comhairliúchán le comhaltaí an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh)

ar Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair [2023/554]

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 30 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2019/2 ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an 28 Eanáir 2019,

Ag féachaint do Chinneadh 2019/3 ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an 5 Meitheamh 2019 maidir le hEarcú, le Coinníollacha oibre agus le Cothromaíocht gheografach fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair,

Ag féachaint do chonclúidí a comhaontaíodh ag an gcruinniú den Choiste Stiúrtha Réigiúnach an 18 Bealtaine 2020 agus don chomhairliúchán a rinneadh ina dhiaidh sin leis an gComhairle Aireachta chomh maith le conclúidí an 8ú cruinniú den Choiste Stiúrtha Réigiúnach an 30 Meitheamh;

TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Ceaptar an tUasal Matej Zakonjsek ina Stiúrthóir ar an mBuanrúnaíocht.

Airteagal 2

Is é suíomh Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, Masarikova 5, 11000 Béalgrád (an tSeirbia) áit an phoist.

Airteagal 3

Tugtar na Comhaontú seo i gcrích ar feadh tréimhse 36 mhí, ó dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh seo agus féadfar é a athnuachan ar feadh dhá uair ar a mhéad.

Airteagal 4

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo an: 01/08/2020.

Arna dhéanamh in Sairéavó, an 6 Iúil 2020.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/39


CINNEADH Uimh. 2020/3 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

(Tar éis comhairliúchán le comhaltaí an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh) maidir le Leas-Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair [2023/555]

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 30 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2019/2 ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an 28 Eanáir 2019,

Ag féachaint do Chinneadh 2019/3 ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an 5 Meitheamh 2019 maidir leis na Rialacha i dtaca le hEarcú, Dálaí Oibre agus Cothromaíocht Gheografach fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail,

Ag féachaint do chonclúidí comhaontaithe chruinniú an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh an 18 Bealtaine 2020 agus don chomhairliúchán ina dhiaidh sin leis an gComhairle Aireachta chomh maith le conclúidí an 8ú cruinniú den Choiste Stiúrtha Réigiúnach an 30 Meitheamh;

TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal

Ceaptar Ljuba Siljanoska ina Leas-Stiúrthóir ar an mBuanrúnaíocht.

Airteagal 2

Is é suíomh Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, Masarikova 5, 11000 Béalgrád (an tSeirbia) áit an phoist.

Airteagal 3

Tugtar an ceapachán i gcrích ar feadh tréimhse 36 mhí, ó dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh seo agus féadfar é a athnuachan dhá uair ar a mhéad.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2020.

Arna dhéanamh i Sairéavó, an 6 Iúil, 2020.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/40


CINNEADH Uimh. 2020/05 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

maidir leis na rialacha i dtaca le haisíoc speansas a thabhaíonn daoine ó thaobh amuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a n-iarrtar orthu freastal ar chruinnithe i gcáil saineolaithe [2023/556]

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, glactar leis na rialacha maidir le haisíoc speansas a thabhaíonn daoine ó thaobh amuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a n-iarrtar orthu freastal ar chruinnithe i gcáil saineolaithe.

Leagtar na rialacha sin amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Sairéavó an 29 Iúil 2020,

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán


IARSCRÍBHINN

MAIDIR LEIS NA RIALACHA I dTACA LE hAISÍOC SPEANSAS A THABHAIGH DAOINE ÓN TAOBH AMUIGH DE BHUANRÚNAÍOCHT AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR A nIARRTAR ORTHU FREASTAL AR CHRUINNITHE I gCÁIL SAINEOLAITHE

Airteagal 1

1.   Baineann na rialacha seo leis na daoine seo a leanas, ar a dtabharfar “saineolaithe seachtracha” anseo feasta:

(a)

aon duine ón taobh amuigh den Chomhphobal Iompair a n-iarrtar air tuairim ghairmiúil shonrach a thabhairt os comhair coiste nó meithle, beag beann ar shuíomh an chruinnithe;

(b)

aon duine atá freagrach as duine faoi mhíchumas a áirítear faoi phointe (a) a thionlacan.

2.   D'fhéadfadh saineolaithe seachtracha a bheith ina saineolaithe san earnáil phríobháideach nó ina saineolaithe rialtais:

(a)

is ionann saineolaithe san earnáil phríobháideach agus daoine aonair a sheasann don tsochaí shibhialta nó a oibríonn d'eagraíocht phríobháideach agus ar tugadh cuireadh dóibh a gcuid saineolais phearsanta a roinnt leis an gComhphobal Iompair nó ionadaíocht a dhéanamh ar a n-eagraíocht i réimse sonrach, ach gan leas tíre ar leith a chosaint;

(b)

Is ionann saineolaithe rialtais agus daoine aonair ar tugadh cuireadh dóibh mar ionadaithe ar údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach nó de chuid Páirtí de Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa nó ar cheap údarás acu sin iad sa cháilíocht sin.

Airteagal 2

Ní bheidh an Bhuanrúnaíocht faoi dhliteanas i leith aon damáiste ábhartha, neamhábhartha nó fisiceach a bhaineann do shaineolaithe seachtracha nó do dhaoine atá freagrach as saineolaí seachtrach faoi mhíchumas a thionlacan le linn a thurais chuig áit an chruinnithe nó le linn dó fanacht ann, mura bhfuil an dochar sin inchurtha go díreach i leith na Buanrúnaíochta.

Go sonrach, ní bheidh an Comhphobal Iompair faoi dhliteanas i leith aon timpiste a bhaineann do shaineolaithe seachtracha a úsáideann a modh iompair féin chun taisteal chuig an gcruinniú.

Airteagal 3

1.   Beidh na saineolaithe seachtracha ar fad i dteideal aisíocaíochta as a speansais taistil ón áit a shonraítear ar a gcuireadh (seoladh baile nó seoladh oibre) chuig áit an chruinnithe, ar an modh iompair is iomchuí don fhad slí atá i gceist. Go ginearálta, taisteal traenach den dara grád a bheidh i gceist i gcás turais níos lú ná 400 km (bealach amháin, de réir an achair oifigiúil d’iarnród) agus aerthaisteal den ghrád barainne i gcás achair 400 km nó níos mó.

2.   Déanfaidh Stiúrthóir na Buanrúnaíochta (an “Stiúrthóir”) iarracht go háirithe a chinntiú go n-eagrófar cruinnithe ar mhodh a chuirfidh ar chumas saineolaithe seachtracha leas a bhaint as na rátaí taistil is barainní. Déanfaidh an Stiúrthóir grinnscrúdú faoi leith ar aon iarraidh ar aisíocaíocht ina bhfuil eitiltí thar a bheith costasach i gceist. Beidh sé de cheart ag an Stiúrthóir aon seiceáil is gá a dhéanamh agus aon chruthúnas a iarraidh ar an saineolaí seachtrach chun na críche sin. Beidh sé de cheart ag an Stiúrthóir freisin, má tá údar leis de réir dealraimh, an aisíocaíocht a theorannú go dtí na rátaí a bhíonn i bhfeidhm de ghnáth ar an ngnáth-thuras ó áit oibre nó ó áit bhaile an tsaineolaí seachtraigh chuig áit an chruinnithe.

3.   Aisíocfar na speansais taistil ach doiciméid tacaíochta a chur ar fáil: ticéid agus sonraisc nó, i gcás áirithintí ar líne, asphrionta na háirithinte leictreonaí agus cártaí bordála an turais amach. Ní mór grád an taistil, am an taistil agus an méid a íocadh a bheith le feiceáil ar na doiciméid a chuirfear ar fáil.

4.   Aisíocfar an costas taistil i ngluaisteán príobháideach ar an ráta céanna le ticéad traenach den dara grád.

5.   Mura bhfreastalaíonn traein ar an mbealach, aisíocfar an costas taistil i ngluaisteán príobháideach ar ráta EUR 0.22 in aghaidh an km.

6.   Ní aisíocfar táillí tacsaí.

Airteagal 4

1.   Íoctar an liúntas cothaithe laethúil (“LCL”) in aghaidh gach lae den chruinniú mar ráta comhréidh chun an caiteachas ar fad a chumhdach ag áit an chruinnithe, lena n-áirítear béilí agus iompar áitiúil (bus, tram, meitreo, tacsaí, páirceáil, dolaí mótarbhealaigh, etc.) mar shampla, chomh maith le hárachas taistil agus timpiste.

2.   Is ionann LCL agus EUR 92.00.

3.   Má tá 100 km nó níos lú idir an áit imeachta a luaitear sa chuireadh agus áit an chruinnithe, laghdófar LCL de 50 %.

4.   Saineolaithe seachtracha a mbeidh orthu oíche amháin nó níos mó a chaitheamh ag áit an chruinnithe mar gheall nach réitíonn amanna na gcruinnithe le hamanna na n-eitiltí nó na dtraenacha (1), beidh siad i dteideal liúntais lóistín. Is ionann an liúntas sin agus EUR 100.00 in aghaidh na hoíche. Ní fhéadfaidh líon na n-oícheanta a bheith níos mó ná líon na laethanta cruinnithe + 1.

5.   Féadfar liúntas lóistín breise agus LCL a íoc, go heisceachtúil, más amhlaidh go bhfaigheadh an saineolaí seachtrach laghdú ar an gcostas iompair arbh fhiú níos mó ná luach na liúntas sin é trí shíneadh ama a chur leis an bhfanacht.

6.   Féadfar LCL agus/nó an liúntas lóistín a mhéadú de 50 % trí chinneadh réasúnaithe ón Stiúrthóir do shaineolaithe seachtracha ardleibhéil.

Airteagal 5

Nuair is léir nach leor na liúntais dá bhforáiltear in Airteagal 4, agus na speansais a thabhóidh saineolaithe faoi mhíchumas de dheasca a míchumais nó aon duine a bheidh á dtionlacan á gcur san áireamh, aisíocfar na speansais sin ar iarraidh ó Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair nuair a chuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil.

Airteagal 6

1.   Mura sonrófar a mhalairt sa litir chuiridh agus san iarraidh ar chruinniú a eagrú, beidh saineolaithe ón earnáil phríobháideach i dteideal LCL in aghaidh gach lae den chruinniú agus, i gcás inarb iomchuí, liúntas lóistín freisin, ar choinníoll go ndearbhóidh siad ar a n-onóir nach bhfaighidh siad liúntas nó liúntais den chineál céanna ó institiúid eile don chuairt chéanna. Áiritheoidh an Stiúrthóir go bhfuil na litreacha cuiridh agus an iarraidh ar an gcruinniú a eagrú ag teacht lena chéile.

2.   Gheobhaidh saineolaithe rialtais LCL in aghaidh gach lae den chruinniú agus, i gcás inarb iomchuí, liúntas lóistín freisin, ar choinníoll go ndéantar foráil dó sin i rialacha nós imeachta ábhartha an choiste nó na meithle agus ar choinníoll go ndearbhóidh siad ar a n-onóir nach bhfaighidh siad liúntais den chineál céanna óna gcóras riaracháin féin don chuairt chéanna.

3.   Féadfaidh an Stiúrthóir aisíoc speansas a thabhaigh saineolaithe seachtracha mar gheall ar threoracha speisialta a fuair siad i scríbhinn a údarú trí chinneadh réasúnaithe nuair a chuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil.

4.   Déanfar gach aisíocaíocht ar chostais taistil, LCLanna agus liúntais lóistín chuig cuntas bainc aonair in aghaidh an tsaineolaí sheachtraigh.

5.   Déanfar na haisíocaíochtaí ar chostais saineolaithe rialtais a chur i gcuntas in ainm an rialtais, in ainm aireachta de chuid an rialtais nó in ainm comhlachta phoiblí, in éagmais maolaithe ón rialtas, ó aireacht de chuid an rialtais nó ó chomhlacht poiblí.

Airteagal 7

1.   Is é uaslíon na saineolaithe seachtracha a cheadófar in aghaidh an chruinnithe, bídís sin i dteideal aisíocaíocht speansas nó ná bídís, ná saineolaí amháin in aghaidh Páirtí Oirdheisceart na hEorpa agus in aghaidh an Bhallstáit AE a fuair cuireadh mar shaineolaí rialtais, agus an líon céanna saineolaithe ón earnáil phríobháideach.

2.   Féadfaidh an Stiúrthóir imeacht ón riail a leagtar amach i mír 1, trí chinneadh réasúnaithe, i gcás cruinnithe comhpháirteacha de chuid roinnt coistí nó meithleacha.

Airteagal 8

1.   Dréachtófar an t-ordú íocaíochta ar bhonn na hiarrata ar aisíocaíocht, arna chomhlíonadh agus arna shíniú mar is cuí ag an saineolaí seachtrach agus ag rúnaí an chruinnithe atá freagrach as láithreacht an tsaineolaí a dheimhniú.

2.   Cuirfidh na saineolaithe seachtracha na doiciméid ar fáil do rúnaí an chruinnithe is gá chun lena n-aisíoc, le litir, facs nó ríomhphost ar a mbeidh postmharc nó dar dáta 30 lá féilire ar a mhéad tar éis lá deiridh an chruinnithe.

3.   Aisíocfaidh an Bhuanrúnaíocht speansais na saineolaithe seachtracha laistigh de 30 lá féilire.

4.   Mura féidir leis an saineolaí seachtrach údar cuí a thabhairt a nglacann an Stiúrthóir leis le cinneadh réasúnaithe, saorfar an Comhphobal Iompair ó aon dualgas speansais taistil a aisíoc nó aon liúntas a íoc i gcás nár comhlíonadh mír 2.

Airteagal 9

1.   Aisíocfar speansais taistil in euro i gcás inarb iomchuí, ag an ráta malairte atá i bhfeidhm ar lá an chruinnithe.

2.   Aisíocfar LCL agus, i gcás inarb iomchuí, an liúntas lóistín, in euro ag an ráta comhréidh is infheidhme ar lá an chruinnithe.

Airteagal 10

Beidh feidhm ag na rialacha sin ón lá tar éis a nglactha.


(1)  Go ginearálta, ní féidir a éileamh ar shaineolaithe seachtracha:

a n-ionad oibre nó a mbaile nó áit an chruinnite a fhágáil roimh 7 am (stáisiún nó modh iompair eile) nó 8 am (aerfort);

áit an chruinnithe a bhaint amach tar éis 9 pm (aerfort) nó 10 pm (stáisiún nó modh iompair eile).


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/44


CINNEADH Uimh. 2020/7 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

maidir leis an Iniúchóir Seachtrach Neamhspleách a ainmniú chun an iniúchóireacht bhliantúil a dhéanamh don Bhliain Fhioscach 2019 [2023/557]

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 36 de,

Ag féachaint do na rialacha airgeadais agus do na nósanna imeachta iniúchóireachta is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 62 agus Airteagal 63 de,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Ainmnítear Grant Thornton D.O.O. dar seoladh: Kneginje Zorke 2/4 Béalgrád, mar Iniúchóir Seachtrach Neamhspleách chun an iniúchóireacht bhliantúil a dhéanamh don Bhliain Fhioscach 2019 ar an gComhphobal Iompair.

Arna dhéanamh i Sairéavó, an 3 Meán Fómhair 2020.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/45


CINNEADH Uimh. 2020/08 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

maidir le cruthú an choiste theicniúil um Iompar earraí contúirteacha [2023/558]

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 1 de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an coiste teicniúil um Iompar earraí contúirteacha den Chomhphobal Iompair á chruthú leis seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Sairéavó an 15 Nollaig 2020.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh,

An tUachtarán


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/46


CINNEADH Uimh. 01/2021 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

(tar éis an chomhairliúcháin i scríbhinn)

maidir le glacadh bhuiséad an Chomhphobail Iompair don bhliain 2021 (2023/559)

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (1), agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leis seo, glactar buiséad an Chomhphobail Iompair don bhliain 2021, atá ceangailte den Chinneadh seo.

Airteagal 2

1.   I gcomhréir le hAirteagal 10(1) de na rialacha airgeadais agus le nósanna imeachta iniúchta is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair, féadfar leithreasuithe de líne bhuiséid ar leith ó bhuiséad 2021 a úsáid chun críocha a bhaineann le líne bhuiséid eile, laistigh den teorainn iomlán 10 % de leithreasuithe na líne buiséid ar leith sin. Ní bheidh feidhm aige sin maidir leis an líne bhuiséid i dtaca le buiséad na n-acmhainní daonna.

2.   Maidir le leithreasuithe a thugtar anonn chun oibleagáidí a síníodh ag deireadh 2020 a chomhlíonadh, mar a shonraítear sa bhuiséad atá ceangailte de seo, ní bheidh siad incháilithe don úsáid dá dtagraítear i mír 1. Ní chuirfear san áireamh iad chun an t-uasmhéid a chomhfhreagraíonn don teorainn 10 % dá dtagraítear ann a chinneadh.

Airteagal 3

Leithreasuithe nár gealladh faoi dheireadh na mblianta airgeadais 2019 agus 2020, déanfar iad a chur ar ceal agus a íoc ar ais leis na Páirtithe i gcomhréir leis na céatadáin a leagtar síos in Iarscríbhinn V den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus leis na ranníocaíochtaí a íocadh iarbhír.

Arna dhéanamh i Sairéavó, an 28 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán


(1)  IO AE L 278, 27.10.2017, lch. 3.


BUISÉAD AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR DON BHLIAIN 2021

Líne bhuiséid

Méid (EUR)

1.

Buanrúnaíocht

 

1.1.

Acmhainní daonna

1 465 706

1.2.

Costais taistil

172 560

1.3.

Costais oifige, trealamh agus bogearraí

353 080

An méid atá ina chreidmheasanna nua

303 080

Méid na leithreasuithe buiséid a dtugtar anonn a chomhfhreagraíonn d’oibleagáidí a síníodh ag deireadh 2020 agus a bhfuil íocaíochtaí dlite ina leith in 2021

50 000

1.4.

Costais agus seirbhísí eile, lena n-áirítear:

Seirbhísí seachfhoinsithe agus seirbhísí eile (iniúchadh, infheictheacht, oiliúint foirne, muirir bhainc)

Costais cruinnithe agus comhdhálacha

Costais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide

Costais earcaíochta

247 590

1.5.

Staidéir, Cúnamh teicniúil chun tacú le Acquis agus Pleananna Gníomhaíochta an Aontais a chur chun feidhme

530 000

An méid atá ina chreidmheasanna nua

400 000

Méid na leithreasuithe buiséid a dtugtar anonn a chomhfhreagraíonn d’oibleagáidí a síníodh ag deireadh 2020 agus a bhfuil íocaíochtaí dlite ina leith in 2021

130 000

2.

An Chomhairle Aireachta

 

2.1.

Costais cruinnithe agus comhdhálacha

60 000

3.

An Coiste Stiúrtha Réigiúnach

 

3.1.

Costais cruinnithe agus comhdhálacha

20 950

4.

Coistí Teicniúla

 

4.1.

Costais cruinnithe agus comhdhálacha

99 100

5.

An Fóram Sóisialta

 

5.1.

Costais cruinnithe comhdhálacha

13 300

Cúlchiste (thart ar 8 % de na creidmheasanna nua)

217 714

Iomlán na gcreidmheasanna nua

3 000 000

Iomlán na tabhartha anonn ón mbliain 2020

180 000

Comhiomlán

3 180 000

Ranníocaíocht AE (80 % de na creidmheasanna nua)

2 400 000

Ranníocaíocht Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa (20 % de na creidmheasanna nua: tá an dáileadh de réir tíre le fáil in Iarscríbhinn V de TCT)

600 000


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/48


CINNEADH Uimh. 2021/02 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

maidir leis na rialacha faoi aisíocaíocht speansas a thabhaíonn daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a n-iarrtar orthu freastal ar chruinnithe de chuid an Chomhphobail Iompair [2023/560]

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 35 de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, glactar na rialacha maidir le haisíocaíocht speansas a thabhaíonn daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a n-iarratar orthu páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Foilseoidh Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair na rialacha ar shuíomh gréasáin an Chomhphobail Iompair tráth a nglactha.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Sairéavó, an 7 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An Cathaoirleach


IARSCRÍBHINN

RIALACHA MAIDIR LE hAISÍOCAÍOCHT SPEANSAS A THABHAÍONN DAOINE Ó LASMUIGH DE BHUANRÚNAÍOCHT AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR A dTUGTAR CUIREADH DÓIBH FREASTAL AR CHRUINNITHE DE CHUID AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

1.   Raon Feidhme

1.1.

Baineann na rialacha seo le daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair (“an Bhuanrúnaíocht”) a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh in aon cheann de chruinnithe an Chomhphobail Iompair a liostaítear i riail 1.2.

1.2.

Is cruinnithe de na cumraíochtaí agus de na coistí seo a leanas agus d’fhóraim eile de chuid an Chomhphobail Iompair iad na cruinnithe a mbaineann na rialacha seo leo:

(a)

an Chomhairle Aireachta, an Coiste Stiúrtha Réigiúnach, coistí teicniúla, an Fóram Sóisialta;

(b)

an Coiste um an mBuiséad;

(c)

tascfhórsaí, grúpaí comhordúcháin agus comhlachtaí oibre eile a bunaíodh leis na cinntí nó leis na conclúidí de chuid na Comhairle Aireachta agus an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh;

(d)

comhdhálacha, ceardlanna agus fóraim eile atá eagraithe ag an mBuanrúnaíocht a bhaineann le clár oibre an Chomhphobail Iompair;

(e)

cruinnithe eile a eagraítear laistigh de raon feidhme chur chun feidhme an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (díospóireachtaí ardleibhéil, ceardlanna, etc.);

(f)

nósanna imeachta roghnúcháin do phoist a d’fhoilsigh an Comhphobal Iompair (comhaltaí den phainéal roghnúcháin); agus

(g)

nósanna imeachta roghnúcháin do phoist a d’fhoilsigh an Comhphobal Iompair (iarratasóirí).

1.3.

Ní bheidh ach ionadaí amháin in aghaidh na haireachta, an údaráis rialála, na gníomhaireachta, an eintitis nó an pháirtí thairbhíoch eile i dteideal aisíocaíocht speansas a fháil faoi na rialacha seo. Mar sin féin, i gcás ina n-eagraítear cruinnithe a liostaítear i riail 1.2 go comhpháirteach, féadfaidh Stiúrthóir na Buanrúnaíochta (“an Stiúrthóir”) imeacht ón riail sin trí chinneadh réasúnaithe.

1.4.

Ní bhaineann na rialacha seo ach le haisíocaíocht na gcostas taistil agus lóistín. Ní bheidh rannpháirtithe i dteideal suimeanna breise amhail liúntas cothaithe laethúil.

2.   Speansais taistil

2.1.

Beidh na rannpháirtithe ar fad i dteideal aisíocaíocht ar a speansais taistil ón áit a shonraítear ar a gcuireadh (seoladh baile nó seoladh oibre) chuig áit an chruinnithe, ar an modh iompair is iomchuí agus fad slí an turais á chur san áireamh. Go ginearálta, taisteal traenach den dara grád a bheidh i gceist i gcás turais níos lú ná 400 km (bealach amháin, de réir an achair oifigiúil d’iarnród) agus aerthaisteal den ghrád barainne i gcás achair 400 km nó níos mó.

2.2.

Féachfaidh an Stiúrthóir lena áirithiú go n-eagrófar cruinnithe ar bhealach a ligfidh do rannpháirtithe leas a bhaint as na rátaí taistil is barainní.

2.3.

Ní aisíocfar na speansais taistil ach nuair a chuirfear bundoiciméid tacaíochta ar fáil.

2.4.

Nuair nach bhfuil iompar aeir nó traenach ar fáil nó nach bhfuil sé costéifeachtach, údarófar taisteal de bhus nó de ghluaisteán.

2.5.

Aisíocfar an costas taistil i bhfeithicil phríobháideach ag ráta EUR 0.22 in aghaidh an km.

2.6.

Ní aisíocfar táillí tacsaí ach mura bhfuil aon iompar poiblí áitiúil ar fáil.

2.7.

Aisíocfar costais taistil suas le EUR 700.

3.   Speansais lóistín

3.1.

Beidh rannpháirtithe i dteideal aisíocaíochta ar a speansais lóistín. Is éard is speansais lóistín ann na costais a thabhaítear chun fanacht thar oíche ag áit an chruinnithe toisc nach bhfuil amanna na gcruinnithe ag teacht le hamanna na n-eitiltí nó na dtraenacha. Aisíocfar speansais lóistín suas le EUR 120 in aghaidh na hoíche. Ní sháróidh líon na dtréimhsí fanachta thar oíche líon na laethanta den chruinniú + 1.

3.2.

Faoi réir ceadú a fháil roimh ré ón Stiúrthóir, féadfaidh rannpháirtithe go heisceachtúil a bheith i dteideal aisíocaíocht a fháil ar na speansais lóistín a bhaineann le hoíche bhreise ag áit an chruinnithe más rud é, trí fhad a bhaint as an bhfanacht, go bhfuil an rannpháirtí in ann laghdú a fháil ar chostas an iompair ar fiú níos mó é ná na costais lóistín a bhaineann leis an oíche bhreise.

3.3.

Ní bheidh rannpháirtithe i dteideal aisíocaíocht a fháil ar chaiteachas eile a bhaineann leis an bhfanacht san óstán amhail idirlíon, teileafón, fótachóipeáil, mionbheár, bricfeasta mura bhfuil sé san áireamh.

4.   Ceannach ticéad agus lóistín

4.1.

I bprionsabal, déanfaidh na rannpháirtithe a dtugtar cuireadh chuig cruinniú dóibh a liostaítear i riail 1.2, pointí (a) go (e), a dticéid agus a lóistín féin a chur in áirithe. Déanfar na háirithintí a luaithe is féidir ionas gur féidir an táille nó an ráta is barainní a fháil. Ní dhéanfaidh an Bhuanrúnaíocht taisteal nó lóistín a chur in áirithe thar ceann rannpháirtithe ná réamhíocaíocht a dhéanamh i leith caiteachais ach i gcásanna eisceachtúla agus faoi réir riail 6.

4.2.

Maidir le rannpháirtithe a dtugtar cuireadh chuig cruinniú dóibh a liostaítear i riail 1.2, pointí (f) agus (g), is í an Bhuanrúnaíocht a dhéanfaidh na socruithe taistil agus lóistín.

5.   Nós imeachta aisíocaíochta

5.1.

Chun aisíocaíocht a fháil ar speansais taistil agus lóistín, cuirfidh rannpháirtithe isteach iarraidh ar aisíocaíocht speansas (“iarratas ar aisíocaíocht”). Is mar a leanas a dhéanfar an iarraidh ar aisíocaíocht:

(a)

déanfar é leis an bhfoirm atá leagtha amach i bhFoscríbhinn 1;

(b)

cuirfear isteach é i bhformáid leictreonach chuig an mBuanrúnaíocht 15 lá féilire ar a dhéanaí tar éis dháta an chruinnithe atá i gceist; agus

(c)

cuirfear isteach sraith iomlán de dhoiciméid tacaíochta bhunaidh in éineacht leis, amhail ticéid agus sonraisc nó, i gcás áirithintí ar líne, asphrionta na n-áirithintí leictreonacha agus na gcártaí bordála don turas amach, mar fhianaise ar na costais a tabhaíodh agus ag taispeáint an ghráid taistil a úsáideadh, am an taistil agus an méid a íocadh.

5.2.

Cuirfear comhfhreagras maidir le haisíocaíochtaí chuig an mBuanrúnaíocht ag finance@transport-community.org.

5.3.

Is in euro a dhéanfar aisíocaíocht. Is é an ráta malairte ag mbeidh feidhm aige maidir leis an aisíocaíocht an ráta malairte is infheidhme ar dháta an chruinnithe.

5.4.

Déanfar aisíocaíocht trí aistriú bainc chuig cuntas bainc na hinstitiúide nó na heagraíochta a ainmníonn an rannpháirtí, leis na sonraí cuntais bainc a chuirtear isteach i gcomhréir le riail 5.5. Mar sin féin, féadfar aisíocaíocht a dhéanamh le cuntas bainc príobháideach an rannpháirtí má iarrann an institiúid nó an eagraíocht sin i scríbhinn.

5.5.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tairbhí sna mionsonraí cuntais bainc atá le cur isteach chun críocha riail 5.4: ainm agus seoladh shealbhóir an chuntais, ainm an bhainc, uimhir chuntais bainc (IBAN) agus cód SWIFT (BIC).

6.   Réamhíocaíocht speansas taistil agus lóistín

6.1.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh institiúid nó eagraíocht ainmniúcháin iarraidh a chur faoi bhráid na Buanrúnaíochta ar réamhíocaíocht taistil nó lóistín a bhaineann le rannpháirtí ar tugadh cuireadh dó chuig cruinniú a liostaítear i bpointí (a) go (e) de riail 1.2. Áirítear lena leithéid de nós imeachta taisteal agus lóistín a chur in áirithe ag an mBuanrúnaíocht.

6.2.

Déanfar iarraidh ar réamhíocaíocht leis an bhfoirm a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2 agus seolfar iad 21 lá féilire ar a laghad roimh dháta an chruinnithe chuig an mBuanrúnaíocht ag finance@transport-community.org.

6.3.

Nuair a chuirtear iarraidh isteach i gcomhréir le riail 6.2, féadfaidh an Stiúrthóir an t-iarratas a cheadú. Má chuirtear iarraidh isteach go déanach, féadfaidh an Stiúrthóir diúltú don iarratas.

6.4.

Tar éis iarraidh a cheadú de réir riail 6.3, agus ag féachaint don dréachtchlár oibre don chruinniú, cuirfidh an Bhuanrúnaíocht taisteal agus lóistín in áirithe don rannpháirtí atá i gceist. Seolfaidh an Bhuanrúnaíocht deimhnithe na háirithinte a bhaineann leis an ticéad agus an lóistín chuig an rannpháirtí ar ríomhphost.

6.5.

Trí réamhíocaíocht a iarraidh ar speansais taistil, geallann an rannpháirtí go bhfreastalóidh sé nó sí ar an gcruinniú.

6.6.

Nuair nach bhfuil an rannpháirtí in ann freastal ar an gcruinniú ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha go díreach i leith an Chomhphobail Iompair, cúiteoidh an institiúid nó an eagraíocht ainmniúcháin an Bhuanrúnaíocht as na costais a tabhaíodh maidir le heagrú an turais (e.g. costais ticéad a cuireadh in áirithe, agus na táillí cealaithe).

7.   Forálacha riaracháin agus críochnaitheacha

7.1.

Tá an Stiúrthóir freagrach as na rialacha seo a chur i bhfeidhm i gceart.

7.2.

Coinneoidh an Bhuanrúnaíocht, ar feadh tréimhse 5 bliana, na taifid, na doiciméid agus an fhianaise a bhaineann le haisíocaíocht faoi na rialacha seo, lena n-áirítear doiciméid a bhaineann le láimhseáil eisceachtúil.

Foscríbhinn 1

IARRAIDH AR AISÍOCAÍOCHT TAISTIL

1.

SONRAÍ AN CHRUINNITHE

Tuairisc ar an gcruinniú:

Áit:

Dáta:

Líon na laethanta:

2.

RANNPHÁIRTÍ

 

SLOINNE:

CÉADAINM:

INSTITIÚID/EAGRAÍOCHT:

TEIDEAL:

TÍR:

 

RÍOMHPHOST:

TEILEAFÓN:

3.

SONRAÍ BAINC — tabhair IBAN agus cód SWIFT (BIC) iomlán

AINM AGUS SEOLADH SHEALBHÓIR AN CHUNTAIS (INSTITIÚID): (sonraigh ainm úinéir/thairbhí an chuntais bainc sa réimse seo)

AINM AN BHAINC

Uimhir chuntais

IBAN

SWIFT BIC

4.

LÓISTÍN

Ón:

Go dtí an:

DÁTAÍ FANACHTA

 

 

Líon iomlán na n-oícheanta san óstán (uasráta EUR 120/oíche)

 

Cuir cóip de shonrasc admhála an óstáin i gceangal, le do thoil

5.

SPEANSAIS TAISTIL

Eitleán, traein, bus fad-achair, iompar poiblí áitiúil, etc.

Ó

GO

GRÁD

MÉID

AIRGEADRA

In EUR

An cúrsa taistil

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Lean ar aghaidh ar bhileog eile más gá. Cuir faoi iamh cóip de na hadmhálacha/sonraisc atá ar fáil, lena n-áirítear pasanna bordála i gcomhair eitiltí/traenach/bus

GLUAISTEÁN

Ó:

Go dtí:

Go dtí: (Filleadh)

Cruthúnas ar an achar ceangailte (cóip den bhealach ó Google Maps nó

ViaMichelin.com nó Rome2Rio.com, le cur isteach i bhformáid PDF nó JPG)

KM an dá bhealach:

Iomlán EUR:

TACSAÍ (mura raibh iompar poiblí áitiúil ar fáil) – admhálacha ag teastáil; tá fáth breise riachtanach

Méid

Airgeadra

In EUR

 

LÍON IOMLÁN A ÉILÍTEAR in EURO:

Barúlacha eile:

Deimhním gur fíor-ráiteas ar speansais taistil atá tabhaithe agam féin atá san iarraidh seo ar aisíocaíocht taistil. Níor aisíocadh agus ní chúiteofar na speansais seo ó fhoinse ar bith eile agus níl aon speansais a íocadh nó atá le híoc go díreach ó fhoinse eile curtha isteach agam.

Dáta:

SÍNIÚ AN RANNPHÁIRTÍ:


Foscríbhinn 2

IARRAIDH AR RÉAMHÍOCAÍOCHT SPEANSAS TAISTIL

1.

Sonraí an taistealaí - líon na réimsí AR FAD a bhfuil {* leo}

Sloinne*:

 

Céadainm*:

 

Ainm na heagraíochta/na hinstitiúide*:

 

Feidhm:

 

Uimhir phas* (ag teastáil le haghaidh áirithinte):

 

Uimhir theagmhála:

 

Seoladh ríomhphoist:

 

Teideal agus áit an chruinnithe:

 

Dátaí an chruinnithe:

Ón:

Go dtí an:

Bealach taistil:

Ag imeacht ó:

Ceann scríbe:

2.

Iarraidh ar Áirithint – cuir tic sa bhosca cuí

LÓISTÍN ☐ TAISTIL ☐

NÓTAÍ TÁBHACHTACHA DO RANNPHÁIRTITHE:

Tá na socruithe taistil a rinne Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair thar ceann an taistealaí bunaithe ar an bhfoirm seo. Déanfaidh oifigeach uachtarach díreach an taistealaí í a fhormheas roimh ré agus cuirfear í i bhfoirm scanta chuig bosca poist na Buanrúnaíochta: finance@transport-community.org.

Is é an taistealaí amháin atá freagrach as cirte na sonraí a cuireadh isteach agus ar a bhfuil freagracht iomlán as sonraí neamhiomlána nó earráideacha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le cealú, le neamhfhéidearthacht taisteal, le hathrú ar shonraí áirithinte nó le táillí gaolmhara breise.

Ní aisíocfar gach costas breise (úsáid mionbheáir san óstán, táillí páirceála, oícheanta breise etc.).

Tá sé d’oibleagáid ar an taistealaí gach pas bordála agus gach ticéad taistil a choinneáil mar chruthúnas taistil agus nuair a fhillfidh sé iarrfar air na cóipeanna scanta a sheoladh chuig an ríomhphost thuasluaite.

Déanfaidh an Bhuanrúnaíocht na socruithe taistil laistigh de na tairiscintí taistil agus lóistín atá ar fáil ar an margadh atá ag teacht le teorainneacha agus le rátaí na Rialacha Aisíocaíochta.

Dearbhaíonn an té a shínigh go bhfuil sé/sí ar an eolas faoin gclásal aisíocaíochta atá leagtha síos i riail 6.6 de na Rialacha Aisíocaíochta: Nuair nach bhfuil an rannpháirtí in ann freastal ar an gcruinniú ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha go díreach i leith an Chomhphobail Iompair, cúiteoidh an institiúid nó an eagraíocht ainmniúcháin an Bhuanrúnaíocht as na costais a tabhaíodh maidir le heagrú an turais (e.g. costais ticéad a cuireadh in áirithe, agus na táillí cealaithe).

Síniú: ________________

Dáta: _____________________

Formheas Cheann na hinstitiúide/na heagraíochta ainmniúcháin: _____________ Dáta: __________

3.

LE hAGHAIDH ÚSÁID INMHEÁNACH BHUANRÚNAÍOCHT AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

Costais mheasta (in EUR)

Infhaighteacht an Bhuiséid

Ticéad eitilte / Ticéad traenach / ticéad bus / Gluaisteán

 

IS EA ☐ NÍ hEA ☐

Oifigeach Airgeadais & Cuntasaíochta:

Lóistín

 

IOMLÁN:

 

FORMHEAS AN STIÚRTHÓRA:

☐ Formheasta ☐ Gan formheas

Gealltanas buiséadach Uimh.:

 


10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/54


CINNEADH Uimh. 2021/03 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

maidir leis na rialacha aisíocaíochta le foireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair i ndáil le costais taistil agus athshuímh ar dhul i mbun dualgas dóibh agus ar fhoirceannadh seirbhíse [2023/561]

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 30 agus Airteagal 35 de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, glactar leis na rialacha maidir le haisíocaíocht le foireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair i ndáil le costais taistil agus athshuímh ar dhul i mbun dualgas dóibh agus ar fhoirceannadh seirbhíse, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Foilseoidh Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair na rialacha ar shuíomh gréasáin an Chomhphobail Iompair tráth a nglactha.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Sairéavó, an 7 Meitheamh 2021

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An Cathaoirleach


IARSCRÍBHINN

RIALACHAMAIDIR LE hAISÍOCAÍOCHT LE FOIREANN BHUANRÚNAÍOCHT AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR I NDÁIL LE COSTAIS TAISTIL AGUS ATHSHUÍMH AR DHUL I MBUN DUALGAS DÓIBH AGUS AR FHOIRCEANNADH SEIRBHÍSE

1.   Raon Feidhme

Clúdaíonn na rialacha seo:

(a)

aisíocaíocht speansas taistil do bhaill foirne Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair (“an Bhuanrúnaíocht”) faoi réir Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair (“an fhoireann”), dá gcéile agus dá leanaí cleithiúnacha idir 2 bhliain agus 18 mbliana d’aois atá ina gcónaí go hiarbhír ina dteaghlach, ar dhul i mbun dualgas dóibh agus ar chríochnú a seirbhíse dóibh;

(b)

aisíocaíocht costas aistrithe agus stórála do bhaill foirne, tar éis dul i mbun dualgas dóibh agus ar chríochnú a seirbhíse dóibh; agus

(c)

íocaíocht liúntais suiteála le baill foirne ar dhul i mbun dualgas dóibh.

2.   Speansais taistil

2.1.

Aisíocfar na speansais taistil seo a leanas:

(a)

costais taistil ar dhul i mbun dualgas, ón áit earcaíochta go dtí an áit fostaíochta;

(b)

speansais taistil ar chríochnú seirbhíse, ón áit fostaíochta go dtí an áit dúchais, ar choinníoll go bhfuil athrú ar an bpríomháit chónaithe i gceist leis sin agus go ndéantar é laistigh de 3 bliana ó dháta an chríochnaithe.

Go ginearálta, taisteal traenach den dara grád i gcás turas níos lú ná 400 km (aon bhealach amháin, de réir an achair oifigiúil d’iarnród) agus aerthaisteal den ghrád barainne i gcás achair 400 km nó níos mó a bheidh mar mhodh iompair.

2.2.

Beidh gach taistealaí cáilithe i dteideal aisíocaíocht a fháil ar chostais an bhagáiste iomarcaigh suas le 10 kg.

2.3.

Ní aisíocfar na speansais taistil ach nuair a chuirfear bundoiciméid tacaíochta ar fáil.

2.4.

Nuair nach bhfuil iompar aeir nó traenach ar fáil nó nach bhfuil sé costéifeachtach, údarófar taisteal de bhus nó de ghluaisteán.

2.5.

Aisíocfar an costas taistil i bhfeithicil phríobháideach ag ráta EUR 0.22 in aghaidh an km.

2.6.

Ní aisíocfar táillí tacsaí.

3.   Speansais Aistrithe

3.1.

Faoi réir údarú a fháil roimh ré ó Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair (“an Stiúrthóir”), aisíocfar caiteachais a tabhaíodh as troscán agus rudaí pearsanta, lena n-áirítear costas árachais i gcoinne gnáthrioscaí (briseadh, gadaíocht, dóiteán, etc.) nuair:

(a)

a théitear i mbun dualgas, suas le bliain amháin ar a mhéad tar éis dheireadh na tréimhse promhaidh, maidir le haistriú ón áit earcaíochta go dtí an áit fostaíochta; ní aisíocfar speansais a tabhaíodh maidir le haistriú a dhéantar sula dtagann ball foirne i seirbhís;

(b)

a chríochnaítear seirbhís, maidir le haistriú ón áit fostaíochta go dtí an áit dúchais, nó go dtí áit atá chomh fada céanna nó níos gaire, ar choinníoll go ndéantar an t-aistriú laistigh de bhliain amháin ó dháta críochnaithe na seirbhíse;

3.2.

Is liúntas aistrithe cnapshuime nó na speansais a tabhaíodh iarbhír a bheidh sna costais le haisíoc.

3.3.

Is ionann liúntas aistrithe cnapshuime agus 30 faoin gcéad de bhuntuarastal an bhaill foirne, agus uasteorainn EUR 1 500 leis.

3.4.

Aisíocfar na costais a tabhaíodh iarbhír, lena n-áirítear costas stórála ar feadh 60 lá ar a mhéad agus árachas in aghaidh gnáthrioscaí, suas le huasteorainn EUR 6 000 agus faoi réir na dteorainneacha toirte seo a leanas, de réir mar is ábhartha:

(a)

8 000 kg nó 40 m3 do bhaill foirne incháilithe a mbeidh ball amháin ar a laghad dá dteaghlach ag taisteal leo nó ag teacht níos déanaí chuig an stáisiún dualgais agus ag taisteal ar chostas na Buanrúnaíochta;

(b)

4 000 kg nó 30 m3 do bhaill foirne incháilithe nach bhfuil ball ar bith dá dteaghlach leo ag taisteal ar chostas na Buanrúnaíochta.

3.5.

Déanfar troscáin agus earraí pearsanta a iompar ar tír nó ar muir nó ar an mbealach is barainní de réir an Stiúrthóra, agus na costais a bhaineann le pacáistiú, cur i gcrátaí, carraeireacht, díphacáil, baint as crátaí agus le dleachtanna custaim, más ann dóibh, á gcur san áireamh.

3.6.

Cuirfidh baill foirne tairiscintí isteach ó thrí chuideachta aistrithe ar a laghad faoi bhráid na Buanrúnaíochta lena gceadú.

4.   Liúntas suiteála

4.1.

Ar a gceapadh, beidh baill foirne a thiocfaidh chuig an stáisiún dualgais agus nach mbeidh ball amháin ar a laghad dá dteaghlach ag taisteal leo nó ag teacht acu níos déanaí ag taisteal ar chostas na Buanrúnaíochta i dteideal liúntais suiteála atá cothrom le tuarastal míosúil.

4.2.

Ar a gceapadh, beidh baill foirne a thiocfaidh chuig an stáisiún dualgais agus ball amháin ar a laghad dá dteaghlach ag taisteal leo nó ag teacht acu níos déanaí ag taisteal ar chostas na Buanrúnaíochta i dteideal liúntais suiteála atá cothrom le dhá thuarastal mhíosúla. Íocfaidh an Bhuanrúnaíocht an méid sin leis an mball foirne mar chnapshuim amháin.

5.   Forálacha riaracháin agus críochnaitheacha

5.1.

Cuirfidh baill foirne an Bhuanrúnaíocht ar an eolas má tá a speansais taistil agus aistrithe agus, i gcás inarb infheidhme, speansais taistil agus aistrithe bhaill dá dteaghlach, clúdaithe go páirteach nó go hiomlán ag tríú páirtí (e.g. údaráis rialtais, an t-eintiteas a thug an cuireadh, fostóir an chéile, fostóir eile), agus sa chás sin ní íocfaidh ná ní aisíocfaidh an Bhuanrúnaíocht ach an chuid sin de na speansais nach n-íocann an tríú páirtí.

5.2.

Tá an Stiúrthóir freagrach as na rialacha seo a chur i bhfeidhm i gceart.

5.3.

Coinneoidh an Buanrúnaíocht na taifid, na doiciméid agus an fhianaise a bhaineann le haisíocaíocht speansas aistrithe agus taistil agus le híocaíocht liúntais suiteála ar feadh tréimhse 5 bliana.

5.4.

Beidh feidhm ag na rialacha sin ón lá tar éis a nglactha.

5.5.

Beidh baill foirne a chuaigh i mbun dualgas sular glacadh na rialacha seo i dteideal aisíocaíocht a fháil ar na costais taistil agus aistrithe agus ar íocaíocht liúntais suiteála i gcomhréir leis na rialacha sin, ach doiciméid tacaíochta a chur isteach maidir leis na costais a tabhaíodh iarbhír agus faoi réir na dteorainneacha a leagtar amach i rialacha 2 go 4.

5.6.

Ag brath ar fhorbairt na bpraghsanna, féadfaidh an Stiúrthóir a mholadh don Choiste Stiúrtha Réigiúnach athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha sin.

10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/58


LEASUITHE AR RIALACHA CLEACHTAIS MAIDIR LE CUR I BHFEIDHM RIALACHA NÓS IMEACHTA NA CÚIRTE GINEARÁLTA

Déanann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA,

ag féachaint d’Airteagal 224 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta;

 

ag féachaint do na Leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta arna nglacadh ag an gCúirt Ghinearálta an 30 Samhain 2022 (1);

de bhrí go bhfágann na rialacha nua maidir le faisnéis a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí, comhéisteachtaí agus físchomhdháil le haghaidh éisteachtaí go bhfuil údar le pointí áirithe de na Rialacha Cleachtais a fhorlíonadh agus a leasú dá réir sin;

de bhrí go bhfuil sé inmhianaithe, chun leas na bpáirtithe agus na Cúirte, feabhas a chur ar sholéiteacht na bhforálacha a bhaineann le leagan amach foirmiúil iarratais agus sceideal na n-iarscríbhinní d’fhonn laghdú a dhéanamh ar líon na gcásanna ina gcaithfear ceartúcháin a iarraidh;

de bhrí gurb iomchuí an chaoi ina bhfuil cúraimí áirithe na Clárlainne le comhlíonadh a shonrú, go háirithe na cúraimí a bhaineann leis an gClár a choimeád, an cáschomhad a choimeád agus teacht ar an gcáschomhad, go háirithe i bhfianaise na n-athruithe a rinneadh le linn thréimhse na géarchéime sláinte;

de bhrí go bhfuil iarmhairtí de chineálacha éagsúla ag baint le digiteáil an phróisis bhreithiúnaigh agus le ríomhshíniú cáilithe bhreithiúnais agus orduithe na Cúirte Ginearálta a cuireadh chun feidhme, le linn 2022, ar iarmhairtí iad nach mór a chur san áireamh, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le scála táillí na Clárlainne agus leaganacha bunaidh na gcinntí breithiúnacha a chartlannú;

NA LEASUITHE SEO AR RIALACHA CLEACHTAIS MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM RIALACHA NÓS IMEACHTA NA CÚIRTE GINEARÁLTA A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear na Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta (2) mar seo a leanas:

(1)

I mír 1, in ionad na bhfocal “chomh maith le séalaí na Cúirte Ginearálta a choimeád”, cuirtear “chomh maith le séalaí na Cúirte Ginearálta agus na taifid a choimeád.”.

(2)

I mír 10, in ionad na bhfocal “Beidh siad i dteanga an cháis agus beidh an fhaisnéis is gá iontu chun an doiciméad a shainaithint, go háirithe na dátaí taiscthe agus cláraithe, uimhir an cháis agus an cineál doiciméid.”, cuirtear “Beidh siad i dteanga an cháis. Luafar iontu, go háirithe, na dátaí taiscthe agus cláraithe, uimhir an cháis agus an cineál doiciméid.”.

(3)

I ndiaidh mhír 10, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 10a:

“10a

Is é an dáta taiscthe dá dtagraítear i mír 10 thuas, de réir mar a bheidh, an dáta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Chinneadh na Cúirte Ginearálta an 11 Iúil 2018, an dáta a fuarthas an doiciméad ag an gClárlann, an dáta dá dtagraítear i mír 7 thuas, nó an dáta dá dtagraítear sa dara fleasc d’Airteagal 3 de Chinneadh na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2016. Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 54 den Reacht, is é an dáta taiscthe dá dtagraítear i mír 10 thuas an dáta a thaisctear an doiciméad nós imeachta, trí e-Curia, le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó, más taisceadh dá dtagraítear in Airteagal 147(6) de na Rialacha Nós Imeachta, dáta taiscthe an doiciméid le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais.”.

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i míreanna 12, 13 agus 14, “[Téacs scriosta]”.

(5)

I mír 20, in ionad na bhfocal “Maidir le cás a tharchuirtear ar ais ón gCúirt Bhreithiúnais i ndiaidh neamhniú nó athbhreithniú, sannfar air an uimhir”, cuirtear “Maidir le cás a tharchuirtear ar ais ón gCúirt Bhreithiúnais i ndiaidh neamhniú, sannfar air an uimhir”.

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 21:

“21.

Luafar sraithuimhir an cháis agus na páirtithe sna doiciméid nós imeachta, sa chomhfhreagras maidir leis an gcás agus i bhfoilseacháin na Cúirte Ginearálta agus sna doiciméid agus san fhaisnéis a bhaineann leis an gcás ag a bhfuil rochtain ag an bpobal. I gcás ina bhfágtar sonraí ar lár de bhun Airteagail 66 nó 66a de na Rialacha Nós Imeachta, cuirfear na tagairtí do na páirtithe in oiriúint don mhéid sin.”.

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i míreanna 22 agus 23:

“22.

Áireofar sa cháschomhad na doiciméid nós imeachta, chomh maith leis na hiarscríbhinní, más ann, agus aon doiciméad eile a chuirfear san áireamh chun an cás a bhreithniú, mar aon leis an gcomhfhreagras leis na páirtithe agus cruthúnas maidir le seirbheáil. Áireofar ann freisin, i gcás inarb iomchuí, sleachta ó mhiontuairiscí comhdhála Dlísheomra, na miontuairiscí ón gcruinniú leis na páirtithe, an tuarascáil le haghaidh na héisteachta agus miontuairiscí na héisteachta fiosrúcháin, mar aon leis na cinntí arna nglacadh agus nithe arna dtabhairt faoi deara ag an gClárlann sa chás.

23.

Maidir le haon doiciméad a chuirfear leis an gcáschomhad, ní mór an uimhir chláraithe dá dtagraítear i mír 10 thuas a bheith ann, mar aon le sraithuimhir. Ina theannta sin, ní mór a áireamh i ndoiciméid nós imeachta arna dtaisceadh ag na páirtithe agus aon chóipeanna de na doiciméid sin an dáta taiscthe agus an dáta cláraithe sa chlár i dteanga an cháis.”.

(8)

I mír 28, in ionad na bhfocal “Sa chomhad ar cuireadh clabhsúr leis, beidh liosta de na doiciméid go léir a cuireadh sa cháschomhad, agus sonrófar a n-uimhreacha, mar aon le leathanach clúdaigh ina luafar sraithuimhir an cháis, na páirtithe agus an dáta ar cuireadh clabhsúr leis an gcás.”, cuirtear “Sa chomhad ar cuireadh clabhsúr leis, beidh liosta de na doiciméid go léir a cuireadh sa cháschomhad agus dearbhú ón gCláraitheoir lena ndeimhnítear go bhfuil an comhad comhlánaithe.”.

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i dteideal E.2.:

E.2.   Teacht ar an gcáschomhad agus cóipeanna den cháschomhad a fháil”

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 30:

“30.

Féadfaidh ionadaithe na bpríomhpháirtithe teacht ar an gcáschomhad in oifigí na Clárlainne, lena n-áirítear na comhaid riaracháin arna dtabhairt ar aird os comhair na Cúirte Ginearálta.”.

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i míreanna 32 agus 33:

“32.

I gcásanna uamtha, beidh an ceart ag ionadaithe na bpáirtithe go léir teacht ar na cáschomhaid lena mbaineann an t-uamadh, faoi réir Airteagal 68(4) de na Rialacha Nós Imeachta. Níl feidhm ag an gceart sin chun teacht ar an gcáschomhad, áfach, i gcás ina n-eagraítear comhéisteacht i gcomhréir le hAirteagal 106a de na Rialacha Nós Imeachta.

33.

Beidh an ceart ag an té a rinne iarratas ar chúnamh dlíthiúil de bhun Airteagal 147 de Rialacha Nós Imeachta gan cúnamh ó dhlíodóir chun teacht ar an gcomhad maidir le cúnamh dlíthiúil. I gcás ina n-ainmnítear dlíodóir chun ionadaíocht a dhéanamh air, beidh sé de cheart ag an ionadaí sin amháin teacht ar an gcomhad sin.”.

(12)

I ndiaidh mhír 36, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhíreanna 36a agus 36b:

“36a

Ar iarratas ó pháirtí, cuirfidh an Cláraitheoir cóip de na doiciméid atá sa cháschomhad ar fáil, i gcás inarb iomchuí, i leagan neamhrúnda, mar aon le sleachta ón gclár.

36b

Ar iarratas ó thríú páirtí, cuirfidh an Cláraitheoir cóip de na breithiúnais nó na horduithe ar fáil, a mhéid amháin nach bhfuil na breitheanna sin ar fáil go poiblí cheana agus nach bhfuil sonraí rúnda iontu, mar aon le sleachta ón gclár.”.

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míreanna faoi Theideal F.:

“37.

Síneofar bunleaganacha bhreithiúnais agus orduithe na Cúirte Ginearálta trí ríomhshíniú cáilithe. Déanfar iad a stóráil ar bhealach leictreonach do-athraithe, in ord croineolaíoch, ar fhreastalaí speisialta a choimeádtar le haghaidh cartlannú fadtéarmach. Déanfar cóip leictreonach den leagan deimhnithe den bhreithiúnas nó den ordú a phriontáil agus a chur leis an gcáschomhad”.

38.

[Téacs scriosta]

39.

[Téacs scriosta]

40.

Maidir le horduithe lena ndéantar ceartúchán ar bhreithiúnas nó ordú, breithiúnais nó orduithe lena ndéantar léiriú ar bhreithiúnas nó ordú, breithiúnais arna dtabhairt ar iarratas ar bhreithiúnais mhainneachtana a chur ar ceal, breithiúnas agus orduithe arna dtabhairt in imeachtaí tríú páirtí nó ar iarratas ar athbhreithniú, arna síniú le síniú leictreonach cáilithe, stórálfar iad ar fhreastalaí speisialta a choimeádtar do chartlannú fadtéarmach i dteannta, sa chéad áit, bhreithiúnas nó ordú na Cúirte Ginearálta lena mbaineann arna shíniú trí ríomhshíniú cáilithe agus, sa dara háit, doiciméad ina bhfuil na nótaí mínithe arna shíniú ag an gCláraitheoir, agus na nithe sin stóráilte go dodhealaithe óna chéile.

40a

I gcás inar síníodh breithiúnas nó ordú na Cúirte Ginearálta de láimh, luafar breith na Cúirte Ginearálta lena gceartaítear, lena léirítear nó lena ndéantar athbhreithniú arna shíniú trí ríomhshíniú cáilithe ar imeall an bhreithiúnais nó an ordaithe lena mbaineann. Déanfar an chóip den leagan deimhnithe den bhreith arna síniú trí ríomhshíniú cáilithe a phriontáil agus a chur i gceangal le doiciméad bunaidh an bhreithiúnais nó an ordaithe ar phár.

40b

Maidir le breitheanna de chuid na Cúirte Ginearálta arna síniú trí ríomhshíniú cáilithe ar thug an Chúirt Bhreithiúnais breith orthu ar achomharc, stórálfar an bhreith sin i dteannta, sa chéad áit, an leagain de bhreithiúnas nó ordú na Cúirte Breithiúnais lena mbaineann, mar a seoladh chuig Clárlann na Cúirte Ginearálta é agus, sa dara háit, na nótaí mínithe, arna síniú ag an gCláraitheoir, ar imeall bhreith na Cúirte Ginearálta, agus na nithe sin stóráilte go dodhealaithe óna chéile.

40c

Maidir le breitheanna na Cúirte Ginearálta arna síniú trí ríomhshíniú cáilithe ar thug an Chúirt Bhreithiúnais breith orthu ar achomharc, stórálfar iad ar fhreastalaí speisialta a choimeádtar le haghaidh cartlannú fadtéarmach i dteannta, sa chéad áit, an leagain de bhreithiúnas nó ordú na Cúirte Breithiúnais mar a seoladh chuig Clárlann na Cúirte Ginearálta é agus, sa dara háit, doiciméad ina bhfuil na nótaí mínithe arna shíniú ag an gCláraitheoir, agus na nithe sin stóráilte go dodhealaithe óna chéile.”.

(14)

Cuirtear “[Téacs scriosta]” in ionad an téacs i dTeideal G. agus an téacs i mír 41.

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i míreanna 45 go 50:

“45.

I gcás sliocht ón gclár a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 37 de na Rialacha Nós Imeachta, gearrfaidh an Cláraitheoir, mar tháille chlárlainne, EUR 15 in aghaidh na sleachta.

46.

I gcás cóip de dhoiciméad nó sliocht ón gcáschomhad ar pháipéar a chur ar fáil do pháirtí, ar iarratas uaidh, i gcomhréir le hAirteagal 38(1) de na Rialacha Nós Imeachta, gearrfaidh an Cláraitheoir, mar tháille chlárlainne, EUR 40 in aghaidh an doiciméid arna chur ar fáil.

47.

I gcás cóip fhíordheimhnithe d’ordú nó de bhreithiúnas a chur ar fáil, chun críocha a fhorghníomhaithe, do pháirtí, ar iarratas uaidh, i gcomhréir le hAirteagal 38(1) nó le hAirteagal 170 de na Rialacha Nós Imeachta, gearrfaidh an Cláraitheoir, mar tháille chlárlainne, EUR 50 in aghaidh na cóipe fíordheimhnithe.

“48.

I gcás cóip de bhreithiúnas nó d’ordú a chur ar fáil i gcomhréir le mír 36b do thríú páirtí, ar iarratas uaidh, gearrfaidh an Cláraitheoir, mar tháille chlárlainne, EUR 40 in aghaidh na cóipe.

49.

[Téacs scriosta]

50.

I gcás teipeanna leantacha an pháirtí nó an idiragraí chun cloí le ceanglais na Rialacha Nós Imeachta nó na Rialacha Cleachtais seo, gearrfaidh an Cláraitheoir, i gcomhréir le hAirteagal 139(c) de na Rialacha Nós Imeachta, táille chlárlainne nach mbeidh os cionn EUR 7 000.”.

(16)

I mír 51, in ionad na bhfocal “éileoidh an Cláraitheoir na suimeanna sin ón bpáirtí nach mór dó íoc astu.”, cuirtear “éileoidh an Cláraitheoir na suimeanna sin ón bhféichiúnaí nach mór dó íoc astu.”.

(17)

I mír 53, in ionad na bhfocal “éileoidh an Cláraitheoir na suimeanna sin ón bpáirtí nó ón tríú páirtí nach mór dó iad a íoc.”, cuirtear “éileoidh an Cláraitheoir na suimeanna sin ón bhféichiúnaí nach mór dó íoc astu.”.

(18)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs Theideal C agus an téacs sna míreanna faoin teideal sin:

“C.   Sonraí a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí

71.

[Téacs scriosta]

72.

Ní mór an t-iarratas ar shonraí a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí de bhun Airteagal 66 nó Airteagal 66a de na Rialacha Nós Imeachta a thaisceadh i ndoiciméad ar leith. Ní mór a shonrú go beacht san iarratas sin cén sonra nó sonraí atá clúdaithe leis an iarratas. Ní mór cúiseanna a lua san iarratas ar shonraí a fhágáil ar lár dá dtagraítear in Airteagal 66a de na Rialacha Nós Imeachta.

73.

Chun éifeachtacht a choimeád i ndáil le sonraí a fhágáil ar lár dá dtagraítear in Airteagail 66 agus 66a de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór an t-iarratas ar shonraí a fhágáil ar lár a thaisceadh a luaithe a thaisctear an doiciméad nós imeachta ina bhfuil na sonraí atá i gceist. Is amhlaidh go mbaintear d’éifeachtacht na sonraí a fhágáil ar lár más rud é gur scaipeadh na sonraí ar an idirlíon cheana.”.

(19)

Cuirtear “[Téacs scriosta]” in ionad théacs Theideal D agus an téacs sna míreanna faoin teideal sin.

(20)

I mír 81, in ionad na bhfocal “(d) le míreanna atá uimhrithe go leanúnach, in ord méadaitheach.”, cuirtear “le huimhreacha leathanaigh leanúnacha (mar shampla: leathanaigh 1 go 50).”.

(21)

I ndiaidh mhír 81, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 81a:

“81a

Is é príomhaidhm na bhfonótaí ceaptha ná tagairtí a dhéanamh do dhoiciméid a luaitear sa doiciméad nós imeachta. Níl siad ann chun saincheisteanna dlí ná argóintí arna ndéanamh a fhorbairt, áfach.”.

(22)

I mír 82, in ionad na bhfocal “Ní mór do sceideal na n-iarscríbhinní a bheith ag deireadh an doiciméid nós imeachta.”, cuirtear “Ní mór sceideal na n-iarscríbhinní a chur ag deireadh an doiciméid nós imeachta, le huimhreacha leathanaigh nó gan uimhreacha leathanaigh.”.

(23)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 83:

“83.

Ní mór a lua sa sceideal iarscríbhinní maidir le gach iarscríbhinn:

(a)

uimhir na hiarscríbhinne (trí litir nó uimhir a úsáid; mar shampla: A.1, A.2, ... le haghaidh na n-iarscríbhinní leis an iarratas; B.1, B.2, ... le haghaidh na n-iarscríbhinní leis an gcosaint nó leis an bhfrithaighneacht; C.1, C.2 ... le haghaidh le n-iarscríbhinní leis an bhfreagra; D.1, D.2, ... le haghaidh na n-iarscríbhinní leis an athfhreagra);

(b)

tuairisc ghearr ar an iarscríbhinn (mar shampla: ‘litir’agus an dáta, an t-údar agus an seolaí);

(c)

na huimhreacha leathanaigh den chéad leathanach agus den leathanach deiridh de gach iarscríbhinn, de réir uimhriú leanúnach na leathanach den iarscríbhinn (mar shampla: leathanaigh 43 go 49 de na hiarscríbhinní);

(d)

uimhir na míre ina luaitear an iarscríbhinn den chéad uair agus lena dtugtar údar dá tabhairt ar aird.”.

(24)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i míreanna 85 go 87:

“85.

Ní fhéadfar a cheangal le doiciméad nós imeachta ach na doiciméid a luaitear i dtéacs an doiciméid nós imeachta dá dtagraítear sa sceideal iarscríbhinní a bhfuil gá leo chun inneachar an doiciméid sin a chruthú nó a léiriú.

86.

Ní mór na hiarscríbhinní atá i gceangal le doiciméad nós imeachta a chur i láthair sa chaoi go n-éascófar léamh na ndoiciméad sin i bhformáid leictreonach don Chúirt Ghinearálta agus go ndéanfar aon chúis mhearbhaill a sheachaint. Dá bhrí sin, ní mór na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

déantar gach iarscríbhinn a uimhriú i gcomhréir le mír 83(a) thuas;

(b)

moltar iarscríbhinní a thosú le leathanach clúdaigh ar leith;

(c)

déanfar iarscríbhinní le doiciméad nós imeachta a uimhriú go leanúnach (mar shampla: 1 go 152) ón gcéad leathanach den chéad iarscríbhinn (ní de sceideal na n-iarscríbhinní), lena n-áirítear na leathanaigh chlúdaigh agus aon iarscríbhinní leis na hiarscríbhinní;

(d)

ní mór do na hiarscríbhinní a bheith soléite.

87.

In aon tagairt d’iarscríbhinn arna tabhairt ar aird, luafar uimhir na hiarscríbhinne sin, mar a shonraítear sa sceideal iarscríbhinní agus an doiciméad nós imeachta lena ngabhann an iarscríbhinn (mar shampla: Iarscríbhinn A.1 leis an iarratas).”.

(25)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i míreanna 92 go 94:

“92.

Diúltóidh an Cláraitheoir a iontráil sa chlár agus a chur leis an gcáschomhad, ina n-iomláine nó i bpáirt, doiciméid nós imeachta agus, de réir mar a bheidh, ítimí nach bhforáiltear dóibh leis na Rialacha Nós Imeachta. I gcás ina bhfuil amhras, cuirfidh an Cláraitheoir an t-ábhar faoi bhráid an Uachtaráin chun go ndéanfar cinneadh.

93.

Ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear go sainráite sna Rialacha Nós Imeachta agus faoi réir Airteagal 46(2) de na Rialacha Nós Imeachta agus mhír 100 thíos, diúltóidh an Cláraitheoir doiciméid nós imeachta nó ítimí atá i dteanga eile nach teanga an cháis í a iontráil sa chlár agus a chur sa cháschomhad.

94.

I gcás ina gconspóideann páirtí diúltú an Chláraitheora maidir le doiciméad nós imeachta nó ítim a iontráil sa chlár agus a chur sa cháschomhad, ina n-iomláine nó i bpáirt, cuirfidh an Cláraitheoir an t-ábhar faoi bhráid an Uachtaráin chun go gcinnfear ar chóir glacadh leis an doiciméad nó an ítim atá faoi thrácht.”

(26)

Cuirtear “[Téacs scriosta]”in ionad an téacs i míreanna 98 agus 99.

(27)

I mír 101, in ionad na habairte “I gcás nach gcuirtear ina cheart é, féadfar diúltú don chaingean mar gheall ar dho-ghlacthacht, i gcomhréir le hAirteagail 78(6), 177(6) agus 194(5) de na Rialacha Nós Imeachta.”, cuirtear “I gcás nach gcuirtear ina cheart é, féadfar diúltú don chaingean mar gheall ar dho-ghlacthacht, i gcomhréir le hAirteagail 78(6) agus 177(6) de na Rialacha Nós Imeachta.”.

(28)

I ndiaidh mhír 104, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 104a:

“104a

Ní chuirfear san áireamh sceideal na n-iarscríbhinní ná aon chlár ábhair chun líon iomlán na leathanach i bpléadálacha a mheas.”.

(29)

In ionad an téacs sa teideal “A.1. Caingne díreacha”, cuirtear “A.1. Caingne díreacha (seachas iad siúd a bhaineann le cásanna maoine intleachtúla”.

(30)

In ionad an téacs sa teideal “B.1. Caingne díreacha”, cuirtear “B.1. Caingne díreacha (seachas iad siúd a bhaineann le cásanna maoine intleachtúla)”.

(31)

I mír 116, in ionad na bhfocal “Ní mór na doiciméid dá dtagraítear in Airteagail 51(2) agus (3) agus 78 de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird”, cuirtear “I gcás inarb iomchuí, ní mór na doiciméid dá dtagraítear in Airteagail 51(2) agus (3) agus 78 de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird.”.

(32)

Cuirtear “[Téacs scriosta]” in ionad an téacs i mír 117.

(33)

I mír 119, in ionad an téacs i ndiaidh na fleisce deireanaí: “ – a sheoladh trí ríomhphost, i bhfoirm comhad leictreonach arna dhréachtú le bogearra próiseála téacs, chuig GC.Registry@curia.europa.eu, agus an cás dá dtagraíonn sí luaite inti.”, cuirtear “ – a sheoladh trí e-Curia, tráth a thaisctear an t-iarratas, agus an cás dá dtagraíonn sí luaite inti.”.

(34)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 122:

“Chun ullmhú an iarratais ó thaobh na foirme de a éascú, féadfaidh sé a bheith áisiúil d’ionadaithe na bpáirtithe an doiciméad “Aide-mémoire - an tIarratas” a léamh, mar aon leis an teimpléad faisnéiseach d’iarratais, doiciméid atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.”.

(35)

I mír 127, in ionad na bhfocal “Beidh feidhm ag míreanna 116 agus 117 thuas”, cuirtear “Beidh feidhm ag mír 116”.

(36)

I mír 134, in ionad na bhfocal “míreanna 113 go 115, 117 agus 120 go 122 thuas”, cuirtear “míreanna 113 go 115 agus 120 go 122 thuas”.

(37)

I mír 138, in ionad na bhfocal “míreanna 117, 125 agus 126 thuas”, cuirtear “míreanna 125 agus 126 thuas”.

(38)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 144:

“144.

Tabharfaidh an Chlárlann fógra do na páirtithe chun teacht i láthair ag an éisteacht mí amháin ar a laghad roimh an éisteacht sin, gan dochar do chúinsí inar gá teorainn ama níos giorra a chur i bhfeidhm. I gcás ina gcinneann an Chúirt Ghinearálta comhéisteacht a eagrú le haghaidh roinnt cásanna de bhun Airteagal 106a de na Rialacha Nós Imeachta, sonrófar inter alia na cásanna lena mbaineann an éisteacht sin san fhógra chun teacht i láthair.”.

(39)

I ndiaidh mhír 147, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 147a:

“147a

I gcás ina gcinneann an Chúirt Ghinearálta comhéisteacht a eagrú le haghaidh roinnt cásanna de bhun Airteagal 106a de na Rialacha Nós Imeachta, déanfar an tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta a dhréachtófar i dteanga an cháis i ngach ceann de na cásanna lena mbaineann a sheirbheáil ar gach páirtí eile dá dtabharfar fógra chun teacht i láthair ag an éisteacht sin.”.

(40)

I ndiaidh mhír 152, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 152a:

“152a

Má tá sé i gceist ag páirtí maolú ó na rialacha teanga de bhun Airteagal 45(1)(c) nó (d) de na Rialacha Nós Imeachta a bhaineann le teanga nach teanga an cháis í a úsáid le linn na héisteachta a iarraidh, ní mór an t-iarratas a dhéanamh chomh luath agus is féidir i ndiaidh an fógra chun teacht i láthair.”.

(41)

I mír 162, in ionad na bhfocal “Beidh 15 nóiméad ag gach príomhpháirtí agus 10 nóiméad ag gach idiragraí dá bpléadálacha ó bhéal (i gcásanna uamtha, beidh 15 nóiméad ag gach príomhpháirtí le haghaidh gach cáis agus beidh 10 nóiméad ag gach idiragraí le haghaidh gach cáis),”, cuirtear “Beidh 15 nóiméad ag gach príomhpháirtí agus 10 nóiméad ag gach idiragraí dá bpléadálacha ó bhéal (ag éisteacht i gcásanna uamtha nó ag comhéisteacht, beidh 15 nóiméad ag gach príomhpháirtí le haghaidh gach cáis agus beidh 10 nóiméad ag gach idiragraí le haghaidh gach cáis),”.

(42)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 165:

“165.

I gcás ina ndéanfaidh roinnt páirtithe an argóint chéanna os comhair na Cúirte Ginearálta (i gcás ina ndéantar idiragairt, i gcásanna uamtha nó i gcásanna a bhfuil cosúlachtaí eatarthu a fhágann go bhfuil údar le comhéisteacht), iarrfar ar a n-ionadaithe dul i gcomhairle lena chéile roimh an éisteacht, d’fhonn aon athrá a sheachaint. Mar sin féin, ní mór d’ionadaithe na bpáirtithe lena mbaineann a chinntiú nach nglacann siad seasamh ach ar son na bpáirtithe dá ndéanann siad ionadaíocht, agus a áirithiú go gcomhlíonann siad Airteagal 84 de na Rialacha Nós Imeachta lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir saincheist dlí nua a tharraingt anuas os comhair na Cúirte Ginearálta le linn na n-imeachtaí.”.

(43)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 167:

“167.

I gcomhréir le hAirteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta, ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh na príomhpháirtithe fianaise a thabhairt ar aird fós le linn na héisteachta. In imthosca den sórt sin, moltar líon leordhóthanach cóipeanna a thabhairt (lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, leagan neamhrúnda do na hidiragraithe). Éistfear na páirtithe eile maidir le hinghlacthacht agus inneachar na fianaise sin.”.

(44)

Cuirtear teideal nua isteach i ndiaidh mhír 167:

“Ca.   Rannpháirtíocht in éisteacht trí fhíschomhdháil

Ca 1.   Iarratas ar fhíschomhdháil a úsáid

167a

I gcás ina bhfuil bac ar ionadaí ar pháirtí dár tugadh fógra chun teacht i láthair páirt a ghlacadh in éisteacht i bpearsa ar chúiseanna sláinte (mar shampla, bac mar gheall ar shláinte an duine aonair nó mar gheall ar shrianta ar thaisteal a bhaineann le heipidéim), ar chúiseanna slándála nó ar chúiseanna eile tromchúiseacha (mar shampla, stailc i réimse an aeriompair), ní mór d’ionadaí an pháirtí lena mbaineann iarratas réasúnaithe chun páirt a ghlacadh san éisteacht trí fhíschomhdáil a thaisceadh i ndoiciméad ar leith.

167b

Ionas go bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta an t-iarratas a láimhseáil go cuí, ní mór an t-iarratas a dhéanamh a luaithe atá cúis an bhaic ar eolas, agus ní mór a áireamh ann:

cineál an bhaic atá i gceist, go cruinn agus le cruthúnas;

faisnéis teagmhála duine teagmhála lena bhféadfar tástálacha teicniúla agus ateangaireachta a dhéanamh, más gá, roimh an éisteacht;

más infheidhme, sraithuimhir an cháis dheireanaigh ina ghlac an t-ionadaí páirt in éisteacht trí fhíschomhdháil os comhair na Cúirte Ginearálta nó na Cúirte Breithiúnais.

167c

Déanfar aon iarratas ar fhíschomhdháil a sheirbheáil ar na páirtithe eile sa chás.

167d

Cuirfidh an Chlárlann an cinneadh a ghlacfaidh Uachtarán an Dlísheomra ar an iarratas sin in iúl don pháirtí a rinne an t-iarratas ar fhíschomhdháil a úsáid, agus do na páirtithe eile sa chás.

167e

Más cinneadh fabhrach a bheidh ann, rachaidh seirbhísí teicniúla Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i dteagmháil leis an duine teagmhála ar thug an t-ionadaí a fhaisnéis teagmhála ina iarratas chun tástálacha teicniúla agus ateangaireachta a eagrú chomh luath agus is féidir, agus ceanglófar ar an ionadaí dul faoi na tástálacha sin.

167f

Má tá rath ar na tástálacha sin, féadfar an éisteacht a reáchtáil trí fhíschomhdháil, agus cuirfear sin in iúl do na páirtithe. Mura bhfuil rath ar na tástálacha sin, cuirfear in iúl do na páirtithe cé na hiarmhairtí a bheidh ann ó thaobh dul ar aghaidh leis an éisteacht nó í a chur siar.

Ca. 2.   Coinníollacha teicniúla

167g

Chun físchomhdháil a úsáid le haghaidh éisteachta, teastaíonn ardchaighdeán fuaime agus íomhá, agus nasc atá go hiomlán cobhsaí, nithe a dhéanfar a mheasúnú le linn na tástála a dhéanfar roimh an éisteacht. Dá bhrí sin, ní mór na réamhriachtanais theicniúla a shásamh:

ní cheadaítear ach naisc lena n-úsáidtear prótacail glaonna H.323 agus SIP. Is prótacail iad H.323 agus SIP a úsáidtear go sonrach chun físghlaonna a dhéanamh agus áirítear leo an leibhéal is fearr cobhsaíochta agus slándála do na naisc;

ní cheadaítear ardán bogearraí ná aon chóras cruinnithe eile atá bunaithe go heisiach ar ríomhchlár a úsáid;

ní cheadaítear naisc ó ghléasanna soghluaiste ar nós ríomhairí glúine, táibléid nó fóin chliste a úsáid.

167h

I gcás ina nglacann ionadaí páirt in éisteacht trí fhíschomhdháil, ní ceadmhach dó aon teanga seachas an teanga ina bhfuil sé údaraithe chun pléadáil de bhun na rialacha nós imeachta a úsáid agus ní bheidh rochtain aige, gan dochar d’fhorbairtí sa todhchaí, ar ateangaireacht ach amháin chuig an teanga sin.

Ca. 3.   Moltaí praiticiúla d’ionadaithe a phléadálann trí fhíschomhdháil

167i

Tá na moltaí praiticiúla d’ionadaithe a phléadálann trí fhíschomhdháil ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.”.

(45)

I mír 168, in ionad na bhfocal “trí ríomhphost roimh ré (interpret@curia.europa.eu).”, cuirtear “trí ríomhphost roimh ré (interpretation@curia.europa.eu).”.

(46)

I ndiaidh mhír 172, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 172a:

“172a

I gcás ina n-eagraítear comhéisteacht le haghaidh roinnt cásanna i gcomhréir le hAirteagal 106a de na Rialacha Nós Imeachta, cuirfear miontuairiscí ina bhfuil an t-inneachar céanna le haghaidh gach ceann de na cásanna atá i gceist le comhad gach ceann de na cásanna sin i dteanga an cháis.”.

(47)

I ndiaidh mhír 184, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 184a:

“184a

Ní fhéadfaidh idiragraí iarratas ar láimhseáil rúnda a thaisceadh i dtaca leis na páirtithe eile sna himeachtaí.”.

(48)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 225:

“225.

Ní mór a lua san iarratas ar fhorghníomhú a chur ar fionraí nó ar bhearta eile idirlinne, sa chéad áit, ábhar na n-imeachtaí agus, go soiléir agus go beacht, na saincheisteanna fíorais agus dlí ar a bhfuil na príomhimeachtaí bunaithe a léiríonn go bhfuil cás prima facie ann ó thaobh tuillteanas an cháis. Sa dara háit, ní mór an beart nó na bearta arna n-iarraidh a shonrú go beacht ann. Sa tríú háit, ní mór na himthosca is bonn lena bheith práinneach a lua ann, agus cúiseanna agus cruthúnas a thabhairt ina leith sin.”.

(49)

I ndiaidh mhír 225, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 225a:

“225a

I gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 156(4) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór a bheith san iarratas ar bhearta idirlinne an fhianaise ar fad agus tairiscint fianaise ar fad ann chun údar a thabhairt le beart idirlinne a cheadú. Dá réir sin, ní mór gach faisnéis nithiúil agus bheacht a bheith ag an mBreitheamh a éistfidh an t-iarratas ar bhearta idirlinne, agus fianaise dhoiciméadach ag gabháil léi agus, i gcás inarb iomchuí, í a bheith deimhnithe nó tairiscintí fianaise a bheith aige a léiríonn an staid ina bhfuil an páirtí atá ag iarraidh na mbeart idirlinne agus lenar féidir a mheas cé na hiarmhairtí ar dócha go mbeadh siad ann in éagmais na mbeart a iarrtar.”.

(50)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 227:

“227.

Ionas go bhféadfar iarratas ar bhearta idirlinne a láimhseáil go práinneach, níor cheart, i bprionsabal, do líon na leathanach atá ann dul thar 25 leathanach, ach an t-ábhar lena mbaineann agus imthosca an cháis á gcur san áireamh.”.

(51)

Leasaítear Iarscríbhinn 1 mar seo a leanas:

(a)

san abairt tosaigh, in ionad na bhfocal “i gcomhréir le hAirteagail 78(6), 177(6) agus 194(5) de na Rialacha Nós Imeachta.”, cuirtear “i gcomhréir le hAirteagail 78(6), 177(6) de na Rialacha Nós Imeachta.”;

(b)

in ionad theideal an chéad cholúin “Caingean díreacha”, cuirtear “Caingne díreacha (seachas cásanna maoine intleachtúla)”;

(c)

in ionad an téacs faoi mhír (a) den chéad agus den dara colún leis, cuirtear an méid seo a leanas:

“(a)

an doiciméad (dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta) a thabhairt ar aird, murar taisceadh doiciméad den sórt sin cheana chun chuntas rochtana e-Curia a oscailt (Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta)”;

(d)

faoi phointe (b), in ionad na bhfocal atá sa chéad cholún agus sa dara colún “cruthúnas arna eisiúint le déanaí go bhfuil stádas dlítheanach”, cuirtear “cruthúnas go bhfuil stádas dlítheanach ag”;

(e)

Faoi phointe (g), in ionad na bhfocal atá sa dara colún “agus na seoltaí a shonraigh siad le haghaidh seirbheála”, cuirtear “agus na seoltaí a shonraigh siad le haghaidh seirbheála, má fhágann na himthosca go bhfuil údar leis sin”.

(52)

Leasaítear Iarscríbhinn 2 mar seo a leanas:

(a)

i bpointe (a), in ionad na bhfocal “(an chéad mhír d’Airteagal 21 den Reacht; Airteagail 76(a), 177(1)(a) agus 194(1)(a) de na Rialacha Nós Imeachta)”, cuirtear “an chéad mhír d’Airteagal 21 den Reacht; Airteagail 76(a) agus 177(1)(a) de na Rialacha Nós Imeachta)”;

(b)

i bpointe (b), in ionad na bhfocal “(Airteagail 76(b), 177(1)(b) agus 194(1)(b) de na Rialacha Nós Imeachta)”, cuirtear “(Airteagail 76(b) agus 177(1)(b) de na Rialacha Nós Imeachta)”;

(c)

i bpointe (h), in ionad na bhfocal “(mír 86(d) de na Rialacha Cleachtais seo)”, cuirtear “(mír 86(c) de na Rialacha Cleachtais seo)”.

(53)

Leasaítear Iarscríbhinn 3 mar seo a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): “(a) an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird maidir le gach aon dlíodóir breise, murar taisceadh doiciméad den sórt sin cheana chun cuntas rochtana e-Curia a oscailt (Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta”;

(b)

i bpointe (c), in ionad na bhfocal “(Airteagal 46(2) de na Rialacha Nós Imeachta; mír 99 de na Rialacha Cleachtais seo)”, cuirtear “(Airteagal 46(2) de na Rialacha Nós Imeachta”.

Airteagal 2

Foilseofar na leasuithe seo ar na Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tiocfaidh siad i bhfeidhm an 1 Aibreán 2023.

Arna ndéanamh i Lucsamburg an 1 Feabhra 2023.

An Cláraitheoir

E. COULON

An tUachtarán

M. VAN DER WOUDE


(1)  IO L 44 an 14.02.2023, lch. 8).

(2)  IO L 152, 18.6.2015, lch. 1, arna leasú (IO L 217, 12.8.2016, lch. 78, IO L 294, 21.11.2018, lch. 23, ceartúchán IO L 296, 22.11.2018, lch. 40).


Ceartúcháin

10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/67


Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) ón gComhairle an 20 Feabhra 2023 mar thaca le sásra domhanda ar ghnáth-airm aindleacthacha agus a n-armlón chun an baol a bhaineann lena n-atreorú agus lena n-aistriú aindleathach a laghdú (“iTrace V”)

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 53 an 21 Feabhra 2023 )

Leathanach 21, Airteagal 2, mír 2:

in ionad:

“2.   Is é Conflict Armament Research Ltd. (“CAR”) a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.”,

léitear:

“2.   Is é Conflict Armament Research (“CAR”) a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.”.