ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 67

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
3 Márta 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/449 ón gComhairle an 2 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/450 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an t-ord ar dá réir atá CPLanna leis an gcúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23 a íoc, an líon uasta blianta ar lena linn atá na CPLanna sin le sciar dá mbrabúis bhliantúla a úsáid le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin le sealbhóirí ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar a mbrabúis amach anseo agus an sciar uasta de na brabúis sin atá le húsáid le haghaidh na n-íocaíochtaí sin ( 1 )

5

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/451 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena sonraítear na tosca a bheidh le cur san áireamh ag an údarás inniúil agus ag an gcoláiste maoirseachta agus measúnú á dhéanamh ar phlean téarnaimh na gcontrapháirtithe lárnacha ( 1 )

7

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/452 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2023 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin, (Grappa della Valle d’Aosta/Grappa de la Vallée d’Aoste)

17

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/453 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, chun allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, a chumhdach

19

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/454 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte toltrazairil i ndáil lena huasteorainn iarmhar in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch ( 1 )

38

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/455 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 lena gceartaítear Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le hearraí a thagann ó na limistéir nach bhfuil faoi rialú éifeachtach Rialtas na Cipire sna limistéir ina bhfeidhmíonn an Rialtas rialú éifeachtach

41

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/456 ón gComhairle An 21 Feabhra 2023. maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE ( 1 )

43

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/457 ón gComhairle an 2 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

47

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/458 ón gCoimisiún an 1 Márta 2023 maidir le neamh-fhormheas substaintí gníomhacha áirithe lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

51

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/459 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 gan 2,2-Débhrómai-2-cianaicéataimíd (DBNPA) a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

54

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/460 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le himíodaclóiprid lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

58

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2023/426 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin ( IO L 59 I, 25.2.2023 ) (IO L Eagrán Speisialta Gaeilge L 59I, lch. 1))

60

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/449 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Márta 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle an 5 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 208/2014.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú a rinne an Chomhairle, ba cheart an fhaisnéis in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 208/2014 a bhaineann leis na cearta chun cosanta agus leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a nuashonrú.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an dáta tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. BUSCH


(1)  IO L 66, 6.3.2014, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn B (Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil):

“B.    Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil

Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil faoi Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil

Foráiltear le hAirteagal 42 de Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil (‘an Cód um Nós Imeachta Coiriúil’) go bhfuil cearta chun cosanta ag an uile dhuine atá faoi dhrochamhras nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla chomh maith leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Áirítear orthu sin: an ceart go n-inseofar do dhuine faoin gcion coiriúil a bhfuil amhras ina leith faoi nó a cuireadh ina leith; an ceart go n-inseofar, go sainráite agus gan mhoill, do dhuine faoi na cearta atá aige faoin gCód um Nós Imeachta Coiriúil; an ceart chun, arna iarraidh sin den chéad uair, teacht ar dhlíodóir cosanta; an ceart chun achainíocha a thíolacadh le haghaidh caingne nós imeachta; agus an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhaíochtaí agus neamhghníomhartha an imscrúdaitheora, an ionchúisitheora phoiblí agus an bhreithimh imscrúdaithe.

Le hAirteagal 303 de Chód um Nós Imeachta Choiriúil, déantar idirdhealú idir cinntí agus neamhghníomhartha ar féidir agóid a dhéanamh ina gcoinne le linn na n-imeachtaí réamhthrialach (an chéad mhír) agus cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha is féidir a bhreithniú sa chúirt le linn imeachtaí ullmhúcháin (an dara mír). Foráiltear le hAirteagal 306 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil nach mór do bhreitheamh imscrúdaithe de chuid Cúirte áitiúil gearáin i gcoinne chinntí, ghníomhartha nó neamhghníomhartha an imscrúdaitheora nó an ionchúisitheora phoiblí a bhreithniú i láthair an ghearánaigh nó a dhlíodóra cosanta nó a ionadaí dlíthiúil. Foráiltear le hAirteagal 308 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil go bhféadfar gearáin i gcoinne imscrúdaitheora nó ionchúisitheoir poiblí maidir le mainneachtain tréimhse réasúnach ama a urramú le linn an imscrúdaithe réamhthrialaigh, go bhféadfar iad a thaisceadh le hionchúisitheoir poiblí uachtarach agus nach mór iad a bhreithniú laistigh de 3 lá ón uair a thaisctear iad. Lena chois sin, sonraítear in Airteagal 309 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil na cinntí ó bhreithiúna imscrúdaithe a bhféadfar agóid a dhéanamh ina gcoinne le hachomharc, agus sonraítear ann freisin go bhféadfadh cinntí eile a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach le linn imeachtaí ullmhúcháin sa Chúirt. Anuas air sin, ní féidir caingne áirithe imscrúdaitheacha nós imeachta a thabhairt ach amháin faoi réir rialú ón mbreitheamh imscrúdaithe nó ó Chúirt (e.g. maoin a urghabháil faoi Airteagail 167–175, agus bearta coinneála faoi Airteagail 176-178, den Chód um Nós Imeachta Coiriúil).

Cur i bhfeidhm na gceart chun cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil i gcás gach duine de na daoine a liostaítear

2.   Vitalii Yuriyovych Zakharchenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Vitalii Zakharchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 19 Aibreán 2021 lena n-ordaítear Vitalii Zakharchenko a choinneáil faoi choimeád, chomh maith le rialú ó Chúirt Dúiche Pecherskyi i gCathair Chív an 10 Lúnasa 2021, lenar dtugtar cead imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929. Leis na cinntí sin ó na breithiúna imscrúdaithe dearbhaítear stádas Vitalii Zakharchenko mar dhuine faoi amhras agus cuirtear chun suntais go bhfuil an duine faoi amhras sin á cheilt féin ar an imscrúdú chun dliteanas coiriúil a sheachaint.

Thairis sin, tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Vitalii Zakharchenko a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe Vitalii Zakharchenko a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé an iarraidh ar aghaidh chuig Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol. Ina theannta sin, an 11 Bealtaine 2021, sheol an Úcráin iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise chun a fháil amach cá raibh Vitalii Zakharchenko, iarraidh dá dhiúltaigh an Rúis an 31 Lúnasa 2021.

Tá sé curtha in iúl ag an gComhairle gur cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929 i gcrích an 9 Feabhra 2022, agus an 5 Lúnasa 2022, tar éis cheanglais Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine a chomhlíonadh, gur sheol Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta díotáil chuig Cúirt Dúiche Pecherskyi i gCathair Chív chun tuillteanais an cháis a mheas.

Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil, níor lorg Vitalii Zakharchenko abhcóide cosanta chun ionadaíocht a dhéanamh dó sna himeachtaí coiriúla san Úcráin ach rinne abhcóide cosanta sannta ionadaíochta ar a leasanna. Ní féidir a fháil amach go ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Vitalii Zakharchenko an t-imscrúdú a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith Vitalii Zakharchenko.

6.   Viktor Ivanovych Ratushniak

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Viktor Ratushniak chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 19 Aibreán 2021 lena n-ordaítear Viktor Ratushniak a choinneáil faoi choimeád chomh maith le rialú ó Chúirt Dúiche Pecherskyi i gCathair Chív an 10 Lúnasa 2021, lenar dtugtar cead imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929. Leis na cinntí sin ó na breithiúna imscrúdaithe dearbhaítear stádas Viktor Ratushniak mar dhuine faoi amhras agus cuirtear chun suntais go bhfuil an duine faoi amhras sin ar á cheilt féin ón imscrúdú chun dliteanas coiriúil a sheachaint.

Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Viktor Ratushniak a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe Viktor Ratushniak a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé an iarraidh ar aghaidh chuig Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol. Ina theannta sin, an 11 Bealtaine 2021, sheol an Úcráin iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise chun a fháil amach cá raibh Viktor Ratushniak, iarraidh dá dhiúltaigh an Rúis an 31 Lúnasa 2021.

Tá sé curtha in iúl ag an gComhairle gur cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929 i gcrích an 9 Feabhra 2022, agus an 5 Lúnasa 2022, tar éis cheanglais Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine a chomhlíonadh, gur sheol Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta díotáil chuig Cúirt Dúiche Pecherskyi i gCathair Chív chun tuillteanais an cháis a mheas.

Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil, níor lorg Viktor Ratushniak abhcóide cosanta chun ionadaíocht a dhéanamh dó sna himeachtaí coiriúla san Úcráin ach rinne abhcóide cosanta sannta ionadaíochat ar a leasanna. Ní féidir a fháil amach go ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Viktor Ratushniak a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith Viktor Ratushniak.

12.   Serhiy Vitalyovych Kurchenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Serhiy Kurchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe leis an bhfíoras gur tugadh fógra don chosaint gur tugadh chun críche an t-imscrúdú réamhthrialach i dtaobh imeacht coiriúil Uimh. 42016000000003393 an 28 Márta 2019 agus gur tugadh rochtain ar na hábhair di ar mhaithe le taithíocht. Anuas air sin, an 11 Deireadh Fómhair 2021, chuir Biúró Náisiúnta na hÚcráine in aghaidh Éilliú dlíodóirí cosanta Serhiy Kurchenko ar an eolas faoi thabhairt chun críche an imscrúdaithe réamhthrialach agus faoin rochtain ar ábhair an imscrúdaithe réamhthrialach a tugadh ar mhaithe le taithíocht. Fuair an Chomhairle faisnéis gur chuir Biúró Náisiúnta na hÚcráine in aghaidh Éilliú foriarratas isteach ar théarma a leagan síos don athbhreithniú arna ndéanamh ag an bpáirtí cosanta chun aghaidh a thabhairt ar an moill a bhí ar an bpáirtí cosanta athbhreithniú a dhéanamh ar ábhair an imscrúdaithe réamhthrialaigh. Cuireadh in iúl don Chomhairle go ndearna an Ard-Chúirt na hÚcráine in aghaidh Éilliú, ina cinneadh dar dáta an 27 Meitheamh 2022, teorainn ama go dtí an 1 Nollaig 2022 a leagan síos don pháirtí cosanta chun an próiseas taithíochta a chur i gcrích, agus ina dhiaidh sin meastar gur fheidhmigh siad a gceart chun rochtain a fháil ar na hábhair. An 7 Nollaig 2022, sheol Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh Éilliú an díotáil chuig Ard-Chúirt na hÚcráine in aghaidh Éilliú chun tuillteanais an cháis a mheas.

Maidir le himeacht coiriúil Uimh. 12014160020000076, sa chinneadh uaithi an 18 Meán Fómhair 2020, cheadaigh Cúirt Achomhairc Odessa achomharc an ionchúisitheora agus d’fhorchuir sí beart coisctheach coinneála faoi choimeád ar Serhiy Kurchenko. Dúirt an Chúirt freisin gur fhág Serhiy Kurchenko an Úcráin in 2014 agus nach eol cá bhfuil sé. Chinn an Chúirt go bhfuil Serhiy Kurchenko á cheilt féin ó na comhlachtaí imscrúdaithe réamhthrialach chun dliteanas coiriúil a sheachaint. An 20 Nollaig 2021, thug Cúirt Dúiche Kyivskyi, Cathair Odesa, cead chun imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in absentia. Thairis sin, an 20 Deireadh Fómhair 2021, dhíbh Cúirt Dúiche Kyivskyi, Cathair Odesa achomharc na ndlíodóirí chun rún an ionchúisitheora an 27 Iúil 2021, an t-imscrúdú réamhthrialach a chur ar fionraí, a chur ar ceal.

Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Serhiy Kurchenko a chuardach. An 13 Bealtaine 2021, chuir Príomh-Roinn na bPóilíní Náisiúnta i Réigiún Odessa an iarraidh ar aghaidh chuig Biúró Interpol na hÚcráine agus chuig Europol le Fógra Dearg a fhoilsiú i leith Serhiy Kurchenko, atá faoi bhreithniú. Cuireadh in iúl don Chomhairle an 29 Aibreán 2020 gur chuir údaráis na hÚcráine iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise, a cuireadh ar ais an 28 Iúil 2020 gan forghníomhú.

Cuireadh in iúl don Chomhairle gur cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach in imeacht coiriúil Uimh. 12014160020000076 i gcrích an 6 Bealtaine 2022 agus gur chuir Oifig Ionchúisitheora Réigiún Odessa díotáil chuig Cúirt Dúiche Prymorskyi, Cathair Odesa an 1 Lúnasa 2022 chun tuillteanais an cháis a mheas.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Serhiy Kurchenko a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ó Chúirt Achomhairc Odessa agus a chuirtear i leith Serhiy Kurchenko agus de bharr neamh-fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.”.


3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/5


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/450 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Samhain 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an t-ord ar dá réir atá CPLanna leis an gcúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23 a íoc, an líon uasta blianta ar lena linn atá na CPLanna sin le sciar dá mbrabúis bhliantúla a úsáid le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin le sealbhóirí ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar a mbrabúis amach anseo agus an sciar uasta de na brabúis sin atá le húsáid le haghaidh na n-íocaíochtaí sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (1), agus go háirithe Airteagal 20(2), an tríú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is gá a áirithiú go gcaitear ar bhealach cothrom le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana atá incháilithe don chúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23. Dá bhrí sin, i gcás ina mbíonn deighilt ann idir íocaíochtaí airgid thirim agus ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis amach anseo, ba cheart don leithdháileadh idir íocaíochtaí airgid thirim agus na hionstraimí sin a bheith comhionann le haghaidh na gcomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana go léir nach mór cúiteamh a thabhairt dóibh.

(2)

De réir Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23, féadfaidh údarás inniúil CPL a cheangal ar CPL cúiteamh a thabhairt do na comhaltaí imréitigh mar gheall ar a gcuid caillteanas trí ionstraimí a eisiúint lena n-aithnítear éileamh ar na brabúis amach anseo de chuid an CPL sin. Maidir le heisiúint ionstraimí den sórt sin, agus na héilimh ina dhiaidh sin ar na brabúis amach anseo de chuid an CPL, níor cheart go gcuirfeadh sí i mbaol inmharthanacht an CPL agus a chumas chun freastal ar a chuid riachtanas infheistíochta, ná tarraingteacht an CPL a laghdú dá scairshealbhóirí agus dá infheisteoirí seachtracha thar thréimhse fhada. Chun an riosca sin a laghdú, is iomchuí a leagan síos nach sáróidh na héilimh bhliantúla ar na brabúis amach anseo de chuid CPL 70 % de bhrabúis bhliantúla an CPL, agus nach mairfidh ionstraimí agus éilimh den sórt sin tréimhse níos faide ná 10 mbliana.

(3)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

(4)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ord ar dá réir atá an cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23 le híoc

1.   Maidir le CPL ar cheangail a údarás inniúil air, i gcomhréir le hAirteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23, cúiteamh a thabhairt do chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana, tabharfaidh sé cúiteamh do na comhaltaí imréitigh sin pari passu.

2.   Maidir le CPL ar cheangail a údarás inniúil air a chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a chúiteamh trí idir airgead tirim agus dáileadh ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar na brabúis amach anseo de chuid an CPL, bainfidh sé úsáid as an scéim leithdháilte díreach céanna le haghaidh na gcomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana go léir le linn dó a chinneadh cé acu codanna den chúiteamh sin a leithdháilfear in airgead tirim agus i gcúiteamh neamhairgid.

3.   Déanfar aon chomhaontú aistrithe brabús a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don leibhéal brabúis a chomhtháthú i méid brabúis an CPL.

Airteagal 2

Sciar uasta de bhrabúis bhliantúla an CPL atá le úsáid i dtreo íocaíochtaí a bhaineann le hionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar na brabúis amach anseo de chuid an CPL

Maidir le híocaíochtaí cúitimh bliantúla atá le déanamh ag CPL de bhun ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar a chuid brabús amach anseo agus a eisíodh do gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana dá ndéantar difear, ní sháróidh siad 70 % de bhrabúis bhliantúla an CPL sin le haghaidh gach bliana airgeadais.

Airteagal 3

Líon uasta blianta ar lena linn atá an sealbhóir i dteideal íocaíochtaí a fháil ón CPL go dtí go mbeidh an caillteanas forchúitithe

Ní mó ná 10 mbliana a bheidh an líon blianta ar lena linn a thabharfaidh ionstraim lena n-aithnítear éileamh ar na brabúis amach anseo de chuid an CPL teideal don sealbhóir ar íocaíochtaí a fháil ón CPL ar bhonn bliantúil go dtí go mbeidh an caillteanas forchúitithe.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 22, 22.1.2021, lch. 1

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/7


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/451 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Samhain 2022

lena sonraítear na tosca a bheidh le cur san áireamh ag an údarás inniúil agus ag an gcoláiste maoirseachta agus measúnú á dhéanamh ar phlean téarnaimh na gcontrapháirtithe lárnacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014, (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (1), agus go háirithe Airteagal 10(12) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Agus struchtúr caipitil agus próifíl riosca CPL á gcur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar phlean téarnaimh an CPL sin, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta a bhreithniú an bhfuil an plean téarnaimh iomchuí chun leordhóthanacht acmhainní airgeadais an CPL a áirithiú, lena n-áirítear, i gcás inar gá, chun a áirithiú go ndéanfar an CPL a athchaipitliú go tráthúil, go ndéanfar a acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú, agus chun aghaidh a thabhairt ar aon bhearna chistiúcháin agus leachtachta.

(2)

Agus mainneachtain i bhfoirm cascáide CPL á cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar phlean téarnaimh an CPL sin, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta a bhreithniú an bhfuil struchtúr rialacha an CPL sin maidir le mainneachtain i bhfoirm cascáide agus leithdháileadh caillteanais leordhóthanach chun na cásanna caillteanais mainneachtana uile atá beartaithe a chothú, agus an bhfuil an leithdháileadh caillteanais sin in-fhorfheidhmithe le dlí.

(3)

Agus castacht struchtúr eagraíochtúil CPL á cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar phlean téarnaimh an CPL sin, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na coláistí maoirseachta a bhreithniú an bhfuil struchtúr úinéireachta agus socruithe rialachais an CPL sin sách soiléir agus indéanta chun indéantacht an phlean téarnaimh a dheimhniú agus chun cur chun feidhme rianúil na mbeart téarnaimh a áirithiú.

(4)

Agus inionadaitheacht ghníomhaíochtaí CPL á cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar phlean téarnaimh an CPL sin, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a mbeartaítear le plean téarnaimh an CPL sin go bhféadfadh CPLanna eile atá údaraithe san Aontas nó CPLanna tríú tír aitheanta cuid de sheirbhísí imréitigh an CPL nó iad go léir a chur ar fáil chun an riosca go gcuirfí isteach ar sheirbhísí atá fíor-riachtanach don fhíorgheilleagar agus don chobhsaíocht airgeadais a mhaolú.

(5)

Agus próifíl riosca CPL á cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar phlean téarnaimh an CPL sin, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta gnéithe gnó agus rioscaí rialachais agus dlíthiúla an CPL sin a bhreithniú chun a mheas an bhfuil an CPL sin in ann na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh a dhéanamh ar bhealach tapa éifeachtúil, gan beann ar shainiúlachtaí an CPL.

(6)

Agus ullmhacht CPL chun aghaidh a thabhairt ar strus a chuirfeadh inmharthanacht an CPL i mbaol á cur san áireamh chun plean téarnaimh an CPL sin a mheas, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta leordhóthanacht na gcásanna agus na dtáscairí a áirítear sa phlean téarnaimh a bhreithniú i bhfianaise shainiúlachtaí an CPL sin chun inchreidteacht leibhéal ullmhachta an CPL chun aghaidh a thabhairt ar strus den sórt sin a áirithiú.

(7)

Agus samhail ghnó CPL á cur san áireamh chun plean téarnaimh an CPL sin a mheas, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta breithniú a dhéanamh ar oiriúnacht shainaithint na bhfeidhmeanna criticiúla sa phlean téarnaimh sin agus ar an gcaoi a mbeartaítear leis an bplean téarnaimh sócmhainní nó línte gnó a dhíol chun éifeachtaí ghníomhachtú an phlean téarnaimh ar chomhaltaí imréitigh, ar a gcliaint agus ar chliaint indíreacha, agus ar shocruithe seachfhoinsithe a réamh-mheas.

(8)

Agus tionchar phlean téarnaimh CPL ar eintitis áirithe maidir le cumarsáid á chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta a bhreithniú an leormhaith nósanna imeachta cumarsáide agus nochta an CPL chun faisnéis a roinnt ar bhealach chomh trédhearcach agus is féidir agus chun freagairtí diúltacha margaidh a bhainistiú, freagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dheacrachtaí an CPL.

(9)

Agus tionchar phlean téarnaimh CPL ar chomhaltaí imréitigh á chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann an CPL sin meastóireacht ar chastacht a chomhaltaí imréitigh chun tionchar an phlean téarnaimh ar chliaint na gcomhaltaí imréitigh agus ar chliaint indíreacha a réamh-mheas, agus a n-oibleagáidí conarthacha in aon chás téarnaimh a bhreithniú.

(10)

Agus tionchar phlean téarnaimh CPL ar bhonneagair mhargaidh nasctha á chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do choláistí maoirseachta a bhreithniú an bhféadfadh cur chun feidhme bhearta téarnaimh an CPL sin difear a dhéanamh d’oibríochtaí bonneagair nasctha chun meastóireacht chuí a dhéanamh ar thionchar an phlean réitigh ó thaobh éifeachtaí idir-inoibritheachta de.

(11)

Agus tionchar phlean téarnaimh CPL ar mhargaí airgeadais a bhfreastalaíonn an CPL orthu á chur san áireamh, lena n-áirítear ionaid trádála, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na coláistí maoirseachta aon nasc atá ag an CPL sin le hionaid trádála a bhreithniú chun réamh-mheas a dhéanamh ar aon tionchar ábhartha a bheidh ag na bearta téarnaimh ar chumas ionaid trádála idirbhearta a phróiseáil nó praghsanna a bhunú.

(12)

Agus tionchar phlean téarnaimh CPL ar chóras airgeadais aon Bhallstáit agus an Aontais ina iomláine á chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na coláistí maoirseachta meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na mbeart téarnaimh ar eintitis a bhfuil naisc ábhartha acu leis an CPL sin, le comhaltaí imréitigh agus le BMAnna chun aon riosca tadhlachta a d’fhéadfadh eascairt as gníomhachtú an phlean téarnaimh a bhreithniú. Ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh freisin ar oiriúnacht na ndreasachtaí a thugtar isteach leis an bplean téarnaimh chun a áirithiú gur dócha go mbainfidh na bearta téarnaimh agus na huirlisí leithdháilte caillteanais barrfheabhas ar an dóchúlacht go mbeidh téarnamh rathúil ann, agus go ndéanfar costais a leithdháileadh go cothrom agus go comhréireach ar scairshealbhóirí an CPL sin, ar chomhaltaí imréitigh agus a gcliaint.

(13)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”) faoi bhráid an Choimisiúin.

(14)

D’fhorbair ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe i gcomhar leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais agus leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach. Rinne ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Measúnú ar struchtúr caipitil agus riosca airgeadais CPL

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i leith struchtúr caipitil agus riosca airgeadais an CPL sin, breithneoidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta na tosca uile seo a leanas:

(a)

an bhfuil aon neamhréireacht idir struchtúr caipitil an CPL agus na bearta téarnaimh atá ceaptha chun athchaipitliú tráthúil an CPL a áirithiú i gcás ina dtiteann a leibhéal caipitil faoin tairseach fógartha nó faoi na ceanglais chaipitil;

(b)

an gcuirtear san áireamh go cuí sa phlean téarnaimh méid breise na n-acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 9(14) de Rialachán (AE) 2021/23;

(c)

agus na cineálacha táirgí a imréitítear á gcur san áireamh, an bhfuil na bearta sa phlean téarnaimh dea-dheartha, indéanta, inchreidte agus oiriúnach don CPL chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

leabhar agus caipiteal comhoiriúnaithe an CPL a athbhunú;

(ii)

acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú;

(iii)

rochtain a choinneáil ar bun ar fhoinsí leachtacha leordhóthanacha;

(iv)

inmharthanacht agus fóntacht airgeadais an CPL a choinneáil ar bun nó a athbhunú trí uirlisí nó bearta téarnaimh áirithe a dhéanamh, lena n-áirítear uirlisí leithdháilte caillteanais amhail glaonna ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh, laghdú ar luach na ngnóthachan is iníoctha ag an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana, leithdháileadh suíomhanna agus gníomhaíochtaí leachtachta eile;

(d)

an ndéantar na bearta sa phlean téarnaimh a thástáil go cuí chun leithdháileadh agus praghas-aimsiú a cheadú;

(e)

an bhfuil na bearta sa phlean téarnaimh agus na huirlisí dá dtagraítear i bpointe (c)(iv) iontaofa go leordhóthanach agus ar fáil go pras i gcás teagmhais téarnaimh neamhghnácha agus teagmhais téarnaimh ar fud an chórais araon;

(f)

an leagtar amach sa phlean téarnaimh socruithe chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí cistiúcháin agus bearnaí sealadacha leachtachta araon, agus an sonraítear ann na socruithe leachtachta atá ar fáil don CPL;

(g)

an gcuirtear an tsamhail chorrlaigh agus na próisis chorrlaigh san áireamh sna bearta sa phlean téarnaimh, chomh maith leis an gcreat comhthaobhachta, lena n-áirítear liosta de chomhthaobhacht a ghlactar léi agus caolchorrlaigh comhthaobhachta laistigh den CPL, agus go háirithe na nithe uile seo a leanas:

(i)

uasmhéid na gcorrlach arna mbailiú ag an CPL;

(ii)

i gcás inarb infheidhme, maidir le gach ciste mainneachtana den CPL, na ranníocaíochtaí uasta le ciste mainneachtana is gá;

(iii)

meastachán ar an méid iomlán is mó a d’fhéadfadh a bheith dlite in oibleagáidí íocaíochta ar aon lá amháin i gcás mainneachtana ag comhalta amháin nó dhá chomhalta de na comhaltaí imréitigh aonair is mó agus ag a gcleamhnaithe i ndálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte;

(iv)

an fhéidearthacht acmhainní nó leachtacht a aistriú thar línte gnó;

(h)

an mbeartaítear leis an bplean téarnaimh saoráidí seasmhacha bainc ceannais a úsáid agus an sainaithnítear go soiléir na sócmhainní a mbeadh coinne leis go gcáileodh siad mar chomhthaobhacht faoi théarmaí shaoráid an bhainc ceannais.

Airteagal 2

Measúnú ar mhainneachtain i bhfoirm cascáide CPL

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i leith mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL sin trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an sonraítear an mhainneachtain i bhfoirm cascáide agus bealaí éagsúla iomadaithe caillteanais go soiléir agus an ndéantar iarmhairtí aon chaillteanais a shamhaltú i gcomhréir leis na rialacha lena leithdháiltear na caillteanais sin, lena n-áirítear socruithe idir an CPL agus a chomhaltaí imréitigh agus creat bainistíochta riosca foriomlán an CPL, amhail leabhar rialacha CPLanna;

(b)

an ndearnadh measúnú ar rioscaí dlíthiúla ábhartha agus ar tugadh aghaidh orthu chun in-fhorfheidhmitheacht na cascáide a áirithiú, lena n-áirítear maidir le comhaltaí imréitigh a bhfuil sainchónaí orthu i ndlínsí tríú tír.

Airteagal 3

Measúnú ar struchtúr eagraíochtúil CPL

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil le leibhéal castachta an struchtúir eagraíochtúil trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an bhféadfadh struchtúr úinéireachta an CPL difear a dhéanamh don phlean téarnaimh;

(b)

an chaoi a léirítear struchtúr úinéireachta an CPL i struchtúir dreasachta nó i bpróisis chinnteoireachta an CPL;

(c)

an chaoi a d’fhéadfadh ceanglais ar úinéirí faoin bplean téarnaimh difear a dhéanamh don phlean téarnaimh, lena n-áirítear i gcás inar cuid den phlean téarnaimh iad comhaontuithe conarthacha maidir le tacaíocht ó mháthairghnóthas nó ó ghrúpeintiteas, agus measúnú a dhéanamh go háirithe ar an méid seo a leanas:

(i)

iontaofacht agus in-fhorfheidhmitheacht na tacaíochta sin;

(ii)

an ndéantar breithniú sa phlean téarnaimh ar chásanna nach féidir comhaontuithe maidir le tacaíocht den sórt sin a urramú agus an dtugtar aghaidh orthu go hiomchuí;

(d)

an ndéantar measúnú leordhóthanach ar naisc an CPL le haon eintiteas den ghrúpa céanna chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh aon riosca tadhlachta a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcás ina mbeadh aon chuideachta grúpa faoi réir srianta airgeadais nó ar mainneachtain, agus measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag na naisc sin ar infheidhmeacht na mbeart sa phlean téarnaimh;

(e)

an bhfuil na beartais agus na nósanna imeachta lena rialaítear formheas an phlean téarnaimh agus sainaithint na ndaoine san eagraíocht atá freagrach as an bplean téarnaimh a tharraingt suas agus a chur chun feidhme oiriúnach, soiléir agus indéanta;

(f)

an bhfuil an plean téarnaimh comhsheasmhach le struchtúr rialachais chorparáidigh an CPL agus le próisis chinnteoireachta agus rialachas inmheánach an CPL;

(g)

an bhféadfadh castacht eagrúchán inmheánach an CPL a bheith ina bhac ar ghníomhaíochtaí tráthúla nó an dócha go bhfeidhmeoidh próisis go héifeachtúil le slabhraí soiléire cinnteoireachta agus freagrachtaí atá sainithe go soiléir;

(h)

an bhfuil an plean téarnaimh soiléir agus infheidhmithe i nósanna imeachta agus i bpleananna gníomhaíochta, lena n-áirítear nósanna imeachta le haghaidh próisis chinnteoireachta, bileoga mionsonraithe teagmhála ó aon duine is ábhartha do phróiseas an phlean téarnaimh, cumais chianrochtana agus inrochtaineacht do chinnteoirí, agus an bhfuil nósanna imeachta sa phlean téarnaimh chun rochtain a fháil ar dhaoine tábhachtacha ar an láthair agus lasmuigh de araon;

(i)

an gcuirtear an plean téarnaimh san áireamh go héifeachtach, i gcás inar gá, i rialacha oibríochta an CPL;

(j)

an bhfuil rialacha agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm ag an CPL chun a phlean téarnaimh a thástáil lena chomhaltaí imréitigh ar bhonn rialta, agus i gcás inar féidir, chun a gcliaint agus a gcuid cliant indíreach a shainaithint.

Airteagal 4

Measúnú ar inionadaitheacht ghníomhaíochtaí CPL

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil le hinionadaitheacht ghníomhaíochtaí an CPL sin trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:

(a)

ar cuireadh san áireamh sa phlean téarnaimh cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn CPLanna eile atá údaraithe nó aitheanta faoi Airteagal 14 nó Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) cuid de na seirbhísí imréitigh nó na seirbhísí imréitigh uile a sholáthraíonn an CPL;

(b)

a mhéid a chuirtear sonraí ar fáil sa phlean téarnaimh, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis atá ar fáil don CPL, maidir leis an gcaoi ar sainaithníodh seirbhísí imréitigh a sholáthraíonn CPL eile agus maidir le cé acu seirbhísí imréitigh bunaithe nó seirbhísí imréitigh nuabhunaithe iad na seirbhísí sainaitheanta sin a sholáthraíonn CPLanna eile;

(c)

i gcás ina mbeartaítear sa phlean téarnaimh inaistritheacht idirbheart nó aistriú gníomhaíochtaí neamhchriticiúla, go páirteach nó go hiomlán, chuig soláthraí seirbhíse eile, agus:

(i)

an bhfuil measúnú ar a inmharthanacht ag gabháil leis an bhféidearthacht sin, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis atá ar fáil don CPL;

(ii)

an chaoi a bhfreastalaíonn an plean téarnaimh ar an gcás nach bhféadfaí inaistritheacht idirbheart den sórt sin nó aistriú gníomhaíochtaí neamhchriticiúla a chur chun feidhme.

Airteagal 5

Measúnú ar phróifíl riosca CPL

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil le próifíl riosca an CPL sin trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an gcuimsítear agus an soláthraítear bearta iomchuí i bplean téarnaimh an CPL ar an iomlán chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha éagsúla riosca, agus ar theaglamaí inchreidte díobh sin, a bhféadfadh úsáid na n-uirlisí téarnaimh dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (c)(iv) a bheith ag teastáil ina leith;

(b)

maidir leis an riosca go n-eascródh suaitheadh as an CPL agus as eintitis eile agus soláthraithe seirbhísí eile ar a bhfuil an CPL neamhchosanta araon, lena n-áirítear imréiteach, infheistíocht, cumhdach agus íocaíochtaí, an ndéantar measúnú air agus an maolaítear é sa phlean téarnaimh;

(c)

an gcuirtear san áireamh sa phlean téarnaimh cineál, méid agus castacht ghnó an CPL agus an chaoi a léirítear na gnéithe sin sna bearta arna moladh ag an CPL;

(d)

an féidir leis an CPL an plean téarnaimh a chur i bhfeidhm go neamhspleách gan cur isteach ó eintitis eile sa ghrúpa corparáideach céanna agus, i gcás inar féidir, an sainaithnítear go soiléir aon éifeacht iarmharta ar ghrúpeintitis eile agus ar idirthuilleamaíochtaí airgeadais;

(e)

an gcuirtear san áireamh sa phlean téarnaimh rioscaí comhshaoil agus an riosca cibirionsaithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le meath suntasach ar staid airgeadais an CPL agus aon riosca eile arna sainaithint i gcleachtaí tástála struis arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, i gcás inarb ábhartha don phlean téarnaimh;

(f)

an ndearnadh measúnú ar na rioscaí dlíthiúla sa phlean téarnaimh, agus go háirithe an bhfuil gach beart sa phlean téarnaimh dlíthiúil, bailí, ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe;

(g)

an bhfuil na socruithe, na comhaontuithe agus na conarthaí, lena n-áirítear rialacha oibríochta an CPL agus na comhaontuithe le soláthraithe seirbhíse, soiléir, dlíthiúil, bailí, ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe agus inghníomhaithe chun a áirithiú go ndéanfar na rioscaí a bhaineann le dúshláin dhlíthiúla agus cásanna dlí a bhainistiú agus a íoslaghdú;

(h)

ar bailíodh tuairimí dlíthiúla, i gcás inar gá, chun fianaise a thabhairt ar bhailíocht dhlíthiúil agus ar in-fhorfheidhmitheacht na mbeart agus na gcomhaontuithe téarnaimh, go háirithe i gcás ina bhfuil contrapháirtí sa chomhaontú lonnaithe i dtríú tír;

(i)

i gcás inar chinn bord an CPL gan comhairle an choiste riosca a leanúint agus plean téarnaimh an CPL á fhormheas aige, an leormhaith an chúis a chuir an CPL ar fáil do chomhaltaí an choiste riosca agus dá údarás inniúil araon i gcomhréir le hAirteagal 9(18) de Rialachán (AE) 2021/23.

2.   Chun críoch mhír 1, pointe (a), áireofar, ag brath ar an CPL, rioscaí oibríocháin, creidmheasa, leachtachta, gnó ginearálta, cumhdaigh, socraíochta, infheistíochta, margaidh, sistéamacha, comhshaoil agus aeráide ar na cineálacha riosca atá le breithniú.

3.   Chun críoch mhír 1, pointe (c), féadfar na gnéithe dá dtagraítear sa phointe sin a mheasúnú sa phlean téarnaimh trí na gnéithe uile seo a leanas de ghnó CPL a bhreithniú:

(a)

cineál na n-ionstraimí airgeadais arna n-imréiteach nó atá le himréiteach ag an CPL;

(b)

na hionstraimí airgeadais arna n-imréiteach nó atá le himréiteach ag an CPL atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(c)

na meánluachanna arna n-imréiteach ag an CPL thar bhliain amháin, de réir an chineáil táirge agus de réir airgeadra i ndearbhthéarmaí, chomh maith le téarmaí coibhneasta le caipiteal an CPL, ar leibhéal gach comhalta imréitigh agus, i gcás inar féidir, gach cliaint;

(d)

an ndéantar na hidirbhearta arna n-imréiteach ag an CPL ar ionad trádála san Aontas, ar ionad trádála i dtríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó thar an gcuntar;

(e)

na Ballstáit ina soláthraíonn an CPL seirbhísí agus gníomhaíochtaí trasteorann eile an CPL nó ina bhfuil sé beartaithe aige iad a sholáthar.

Airteagal 6

Measúnú ar phróifíl riosca an CPL i ndáil le hullmhacht an CPL

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil leis an amlíne, na cásanna agus na táscairí atá sa phlean téarnaimh. Agus an measúnú sin á dhéanamh acu, breithneoidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta na tosca uile seo a leanas:

(a)

Maidir le cur i bhfeidhm beartaithe agus straitéis deartha an phlean téarnaimh:

(i)

an léiríonn siad próifíl riosca an CPL a eascraíonn as a shamhail ghnó agus as a mheascán táirgí, lena n-áirítear breithnithe maidir lena leachtacht mhargaidh, comhchruinniú margaidh, ról na gcomhaltaí imréitigh dhírigh agus a gcliant, modheolaíochtaí socraíochta, airgeadraí agus uaireanta imréitigh, chomh maith le hionaid trádála a bhfreastalaítear orthu;

(ii)

an gcuireann siad struchtúr sonrach agus leagan amach eagraíochtúil sonrach an CPL san áireamh, lena n-áirítear breithnithe maidir lena mhainneachtain deighilt i bhfoirm cascáide agus maidir le deiseanna roinnte riosca thar sheirbhísí;

(iii)

an gcuireann siad spleáchais an CPL ar eintitis ábhartha san áireamh, lena n-áirítear grúpeintitis ghaolmhara agus tríú páirtithe;

(b)

an sainaithnítear na himthosca ina ndéanfar bearta sa phlean téarnaimh i gcreat na dtáscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a áirítear sa phlean téarnaimh.

Airteagal 7

Measúnú ar phróifíl riosca an CPL i ndáil leis an tsamhail ghnó

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil le riosca oibriúcháin shamhail ghnó an CPL sin trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an bhfuil feidhmeanna criticiúla an CPL sainaitheanta go cuí;

(b)

an bhfuil na socruithe ullmhúcháin chun díol sócmhainní nó línte gnó a éascú, mar a bheartaítear sa phlean téarnaimh, oiriúnach don CPL, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(i)

an bhfuil na próisis chun luach agus indíoltacht chroílínte gnó, oibríochtaí agus sócmhainní an CPL a chinneadh oiriúnach do mheasúnú tapa iontaofa;

(ii)

an bhfuil an tréimhse ama atá beartaithe chun an díol a ullmhú iomchuí i bhfianaise chineál na n-ionstraimí a imréitítear agus raon feidhme an díola;

(iii)

sa mheasúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag díol den sórt sin ar oibríochtaí an CPL, an gcuirtear oibríochtaí sonracha an CPL san áireamh, i.e. na cineálacha táirgí a imréitítear nó na modhanna éarlaise is infheidhme maidir le táirgí agus struchtúir chuntais;

(iv)

an ndéantar measúnú leordhóthanach ar thionchar shocruithe ullmhúcháin na línte gnó ar chomhaltaí imréitigh agus a gcliaint agus ar chliaint indíreacha, i gcás inar féidir iad a shainaithint, agus an maolaítear aon éifeachtaí diúltacha;

(c)

i gcás ina n-imréitíonn an CPL roinnt táirgí, ar mheas an CPL go bhféadfaí díol a dheighilt idir táirgí, agus ar sainaithníodh aon bhaic a d’fhéadfadh eascairt as deighilt den sórt sin nó ar sainaithníodh aon éifeacht eile ar an bplean téarnaimh le díol deighilte den sórt sin;

(d)

an ndearnadh measúnú sa phlean téarnaimh ar líon agus ar thábhacht na nasc éagsúil le heintitis, lena n-áirítear soláthraithe leachtachta, bainc socraíochta, ardáin, taisceánaigh, gníomhairí infheistíochta, bainc nó soláthraithe seirbhíse agus ar an tionchar atá ag naisc den sórt sin ar na bearta téarnaimh agus ar éifeachtacht an phlean téarnaimh;

(e)

an ndearnadh measúnú ar thabhacht nó ábharthacht gach naisc, lena n-áirítear i dtéarmaí méideanna a imréitíodh agus na neamhchosaintí airgeadais faoi na socruithe sin;

(f)

an ndearnadh measúnú leordhóthanach ar aon socrú seachfhoinsithe lena gcumhdaítear cuid de chroíghnó an CPL agus ar mhaolaíodh aon rioscaí sainaitheanta;

(g)

an chaoi a ndearnadh measúnú ar in-fhorfheidhmitheacht dlí an phlean téarnaimh i gcoinne soláthraithe seirbhíse socruithe seachfhoinsithe dá dtagraítear i bpointe (f) agus an ndearnadh measúnú sásúil ar aon chás nach mbeadh soláthraí na socruithe seachfhoinsithe sin in ann a oibleagáidí faoi na socruithe seachfhoinsithe a chomhlíonadh agus an chaoi a maolaíodh na rioscaí sin sa phlean téarnaimh.

Airteagal 8

Measúnú ar an tionchar foriomlán ar eintitis áirithe i ndáil le plean cumarsáide agus nochta CPL

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil le plean cumarsáide agus nochta an CPL sin tríd an tionchar foriomlán a bheadh ag cur chun feidhme an phlean téarnaimh ar na heintitis nó ar na margaí dá dtagraítear in Airteagal 10(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/23 a bhreithniú, agus go háirithe trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an gcomhlíonann plean cumarsáide agus nochta an CPL Roinn A, pointe (3), den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/23, agus go háirithe, maidir le plean cumarsáide agus nochta an CPL:

(i)

an mbeartaítear leis an gcaoi a ndéanfar faisnéis a chomhroinnt ar bhealach chomh trédhearcach agus is féidir le geallsealbhóirí an CPL, lena n-áirítear comhaltaí imréitigh agus an margadh airgeadais go ginearálta;

(ii)

an dtugtar treoir shoiléir maidir leis an gcaoi le hionchais a bhainistiú agus an mbeartaítear freagairtí diúltacha margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann a íoslaghdú agus faisnéis á nochtadh;

(b)

an bhfuil nósanna imeachta soiléire i bplean cumarsáide agus nochta an CPL maidir le conas agus cathain faisnéis a chomhroinnt le heintitis éagsúla, agus tuairisc shoiléir á tabhairt ar an gcaoi ar cuireadh ceanglais dhlíthiúla agus ceanglais cheangailteacha eile san áireamh sna nósanna imeachta sin.

Airteagal 9

Measúnú ar thionchar foriomlán phlean téarnaimh CPL ar chomhaltaí imréitigh, ar a gcliaint agus ar chliaint indíreacha

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht an phlean téarnaimh i ndáil lena thionchar foriomlán ar chomhaltaí imréitigh an CPL agus, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil don CPL, ar a gcliaint agus ar a gcliaint indíreacha, lena n-áirítear i gcás inar ainmníodh na cliaint agus na cliaint indíreacha sin mar institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIIanna), trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an léiriú ceart é an plean téarnaimh ar chastacht chomhaltaí imréitigh an CPL, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

leibhéal an imréitigh cliant sa CPL;

(ii)

líon na gcomhaltaí imréitigh a bunaíodh:

(1)

laistigh de dhlínse an CPL;

(2)

i mBallstát eile;

(3)

i dtríú tír;

(iii)

comhchruinniú na gcomhaltaí;

(b)

ar cuireadh san áireamh sa phlean téarnaimh an tionchar foriomlán ar chomhaltaí imréitigh agus, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil don CPL, ar a gcliaint agus ar a gcliaint indíreacha, ag aon chur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann ar na seirbhísí imréitigh a solathraíonn an CPL, lena n-áirítear tionchair fhéideartha ar rochtain ar imréiteach agus éifeachtaí eile a eascraíonn as rialacha oibríochta an CPL;

(c)

ar cuireadh san áireamh sa phlean téarnaimh an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta comhaontaithe atá le déanamh faoin bplean téarnaimh ar chomhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb ábhartha, ar a gcliaint agus ar a gcliaint indíreacha;

(d)

faoi rialacha oibríochta an CPL, an gcomhaontaíonn na comhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí, a gcliaint agus a gcuid cliant indíreach aon oibleagáid airgeadais nó chonarthach, lena n-áirítear maidir leis an gcaoi a ríomhtar méid na hoibleagáide, an gcuirtear aon uasmhéid nó uasteorainn i bhfeidhm, an suim réamhaontaithe é an méid nó an ndéanfar í a dhíorthú mar fheidhm de neamhchosaintí an chomhalta nó an chliaint agus an chaoi a n-iarrfaí na hacmhainní sin.

Airteagal 10

Measúnú ar thionchar foriomlán plean téarnaimh CPL ar BMAnna nasctha

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil lena thionchar foriomlán ar aon bhonneagar margaidh airgeadais (BMA) atá nasctha, trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an ndéantar measúnú sa phlean téarnaimh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta téarnaimh a chur i bhfeidhm ar aon CPL idir-inoibritheach agus ar aon BMA eile atá nasctha leis an CPL, trí mheasúnú a dhéanamh ar thábhacht rannpháirtíocht an CPL sna heintitis sin;

(b)

an dtugtar aghaidh sa phlean téarnaimh ar aon chomhaontú idir-inoibritheachta nó tras-éarlaisithe le CPLanna eile agus ar raon feidhme na socruithe sin, lena n-áirítear méideanna imréitithe agus acmhainní airgeadais a mhalartaítear mar chuid de na socruithe sin;

(c)

an bhféadfadh tionchar chur chun feidhme aon cheann de na bearta faoin bplean téarnaimh difear a dhéanamh do rochtain ar BMAnna eile, agus i gcás ina sainaithnítear baic nó teorainneacha, an chaoi a maolaítear iad;

(d)

maidir le BMAnna nasctha agus geallsealbhóirí a d’iompródh caillteanais, a thabhódh costais nó a rannchuideodh le heasnaimh leachtachta a chumhdach i gcás inar cuireadh an plean téarnaimh chun feidhme, an raibh baint acu leis an bpróiseas maidir leis an bplean sin a tharraingt suas ar bhealach éifeachtach sásúil i gcomhréir le hAirteagal 9(16) de Rialachán (AE) 2021/23.

Airteagal 11

Measúnú ar thionchar foriomlán phlean téarnaimh CPL ar mhargaí airgeadais, lena n-áirítear ionaid trádála, a bhfreastalaíonn an CPL orthu

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil lena thionchar foriomlán ar mhargaí airgeadais, lena n-áirítear ionaid trádála, a bhfreastalaíonn an CPL orthu, trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an ndearnadh measúnú sa phlean téarnaimh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta téarnaimh a chur i bhfeidhm ar ionaid trádála chomh maith le haon fhoinse eile trádála atá nasctha leis an CPL, lena n-áirítear measúnú ar thábhacht rannpháirtíocht an CPL sna heintitis sin agus an bagairt é an tionchar sin ar chobhsaíocht na n-eintiteas lena mbaineann;

(b)

an soláthraíonn an CPL, sa bhreis ar sheirbhísí imréitigh, aon ábhar eile nó aon ábhar coimhdeach nó seirbhísí suntasacha atá nasctha le himréiteach, agus an bhféadfadh tionchar a bheith ag aon bheart faoin bplean téarnaimh ar an margadh airgeadais a bhfreastalaíonn an CPL air, i gcás ina gcuireann an CPL ábhar eile nó ábhar coimhdeach nó seirbhísí suntasacha den sórt sin ar fáil.

Airteagal 12

Measúnú ar thionchar foriomlán plean téarnaimh CPL ar chóras airgeadais aon Bhallstáit agus an Aontais ina iomláine

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil leis an tionchar foriomlán ar chóras airgeadais aon Bhallstáit agus an Aontais ina iomláine trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an ndearnadh measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bplean téarnaimh ar na nithe seo a leanas:

(i)

cobhsaíocht airgeadais aon Bhallstáit agus an Aontais ina iomláine a eascraíonn as éifeachtaí tadhlachta a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear i dtéarmaí creidmheasa, leachtachta nó rioscaí oibríochta do rannpháirtithe imréitigh agus BMAnna idirspleácha;

(ii)

córas airgeadais aon Bhallstáit agus an Aontais ina iomláine de thoradh tionchar a bheith ag an bplean téarnaimh ar eintiteas amháin nó níos mó atá nasctha leis an CPL nó ar an CPL féin;

(b)

chun measúnú a dhéanamh ar thionchar riosca sistéamach níos leithne an phlean téarnaimh, an ndéantar torthaí na n-anailísí a dhéanann ESMA ó am go chéile a bhreithniú, agus an gcuirtear san áireamh iad sa phlean téarnaimh, i gcás inarb ábhartha don phlean téarnaimh, agus an maolaítear aon fhionnachtain nó ábhar imní ábhartha, a mhéid is féidir, sa phlean sin;

(c)

an ndearnadh breithniú ar naisc ábhartha le heintitis, lena n-áirítear soláthraithe leachtachta, bainc socraíochta, ardáin, taisceánaigh, gníomhairí infheistíochta, bainc nó soláthraithe seirbhíse trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag an bplean téarnaimh ar oibríochtaí na n-eintiteas nasctha, agus an bhfuil na bearta atá sa phlean téarnaimh oiriúnach agus inoibrithe do na heintitis ar sainaithníodh go bhfuil naisc ábhartha acu nó an bhféadfadh tionchar diúltach ábhartha a bheith acu ar chóras airgeadais aon Bhallstáit agus an Aontais ina iomláine;

(d)

an eascraíonn neamhchosaintí leachtachta comhchruinnithe as soláthraithe leachtachta, i gcás ina ndéanann údarás inniúil an CPL maoirseacht orthu nó a mhéid atá faisnéis maidir lena neamhchosaintí leachtachta ar fáil, mar gheall ar an iliomad ról a d’fhéadfadh a bheith ag na soláthraithe leachtachta sin maidir le roinnt CPLanna, lena n-áirítear mar chomhalta imréitigh, banc íocaíochta, banc infheistíochta, taisceánach, nó soláthraí socruithe maidir le cúlstop leachtachta.

Airteagal 13

Dreasachtaí

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí maoirseachta measúnú ar leordhóthanacht phlean téarnaimh CPL i ndáil le dreasachtaí iomchuí a chruthú d’úinéirí agus do chomhaltaí imréitigh an CPL sin, agus i gcás inar féidir dá gcliaint, de réir mar is ábhartha, chun rialú a dhéanamh ar an méid riosca a thabharfaidh úinéirí an CPL sin, comhaltaí imréitigh agus a gcliaint chuig an gcóras nó a thabhóidh siad ann, chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí glactha riosca agus bainistíochta riosca an CPL, agus chun rannchuidiú le próiseas bainistíochta mainneachtana an CPL trí na tosca uile seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an méadaíonn na dreasachtaí an dóchúlacht go mbeidh téarnamh rathúil ann agus an sonraítear sa phlean téarnaimh na dreasachtaí do gheallsealbhóirí éagsúla, agus samplaí á dtabhairt, i gcás inarb ábhartha, den chaoi a bhféadfaí rannchuidithe deonacha nó roghnacha, sa bhreis ar na ranníocaíochtaí a comhaontaíodh faoi rialacha oibríochta an CPL, a spreagadh tráth géarchéime;

(b)

an gcruthaíonn glaonna ar acmhainní, ranníocaíochtaí nó leithdháiltí costas a bhaineann leis an bplean téarnaimh dreasachtaí iomchuí don CPL, dá chomhaltaí imréitigh, dá gcliaint, agus dá gcuid chliant indíreach a mhéid atá faisnéis ar fáil faoi na cliaint dhíreacha agus indíreacha sin, do scairshealbhóirí agus d’eintitis eile laistigh den ghrúpa céanna, gníomhú ar bhealach lena n-íoslaghdaítear na rioscaí agus na costais a d’fhéadfadh a bheith ann;

(c)

an ndreasaíonn struchtúr an phróisis bainistithe mainneachtana rannpháirtíocht i mbainistiú mainneachtana na gcomhaltaí imréitigh agus a gcliant trí úsáid a bhaint as uirlisí téarnaimh agus trí na hacmhainní atá le cur ar fáil don CPL i dtéarnaimh, lena n-áirítear pionóis i gcás nach soláthraítear acmhainní tiomanta, i gcás ina gcomhaontaítear sin, lena n-áirítear pearsanra atá ar iasacht a sholáthar chun cuidiú leis an mbainistiú téarnaimh nó chun dul i mbun tairiscint iomaíoch i gceant;

(d)

Maidir leis na socruithe agus na bearta le haghaidh ceantanna suíomhanna comhaltaí mainnithe, an ndéanann siad comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a dhreasú chun tairiscintí iomaíocha a dhéanamh agus an bhfuil siad dea-eagraithe agus an gcruthaíonn na socruithe agus na bearta sin na dreasachtaí atá beartaithe sa phlean téarnaimh;

(e)

an gcruthaítear dreasacht iomchuí leis an nasc idir gníomhaíochtaí na gcomhaltaí imréitigh agus na caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an bplean téarnaimh chun an dóchúlacht go mbeidh téarnamh rathúil ann a mhéadú, lena n-áirítear an bhfuil na caillteanais nó an uasteorainn ar chaillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann comhréireach le méadrach maidir le gníomhaíocht an chomhalta, bunaithe ar chorrlach athrúcháin, corrlach tosaigh, ranníocaíochtaí ciste mainneachtana nó méadrachtaí eile atá bunaithe ar rioscaí agus ar ghníomhaíochtaí;

(f)

maidir le sásraí na CPLanna chun ról a thabhairt do BMAnna nasctha agus do gheallsealbhóirí, a d’iompródh caillteanais, a thabhódh costais nó a rannchuideodh le heasnaimh leachtachta a chumhdach i gcás inar cuireadh an plean téarnaimh chun feidhme, sa phróiseas chun an plean téarnaimh a tharraingt suas agus sa phlé ábhartha maidir le bainistiú riosca, an bhfuil siad dea-eagraithe agus an gcruthaíonn siad dreasachtaí oiriúnacha chun an chothromaíocht idir leasanna BMAnna nasctha agus geallsealbhóirí a áirithiú;

(g)

an ndéanann rannpháirtíocht comhaltaí imréitigh, agus b’fhéidir a gcliant, nó eintitis eile atá nasctha leis an CPL i soláthar seirbhísí, chun aghaidh a thabhairt ar mhaolú na gcaillteanas i gcás téarnaimh, na dreasachtaí cearta a chruthú chun seirbhísí oiriúnacha a chur ar fáil don CPL, lena n-áirítear gníomhú mar chontrapháirtí athcheannaigh agus leachtacht a sholáthar.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 22, 22.1.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).


3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/17


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/452 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Feabhra 2023

lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin, (“Grappa della Valle d’Aosta/Grappa de la Vallée d’Aoste”)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáille, úsáid ainmneacha deochanna biotáille i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáille, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 30(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Gearmáine an 30 Lúnasa 2018 maidir le clárú “Grappa della Valle d’Aosta/Grappa de la Vallée d’Aoste” mar thásc geografach.

(2)

Rialachán (AE) 2019/787 a thagann in ionad Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tháinig sé i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2019. I gcomhréir le hAirteagal 49(1) den Rialachán sin, déantar Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, maidir le tásca geografacha, a aisghairm le héifeacht ón 8 Meitheamh 2019.

(3)

Ar chinneadh don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, d’fhoilsigh sé príomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar fhoráiltear le hAirteagal 17(6) den Rialachán sin, i gcomhréir le hAirteagal 50(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/787.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787, níor tugadh aon fhógra freasúra don Choimisiún.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart an t-ainm “Grappa della Valle d’Aosta/Grappa de la Vallée d’Aoste” a chlárú mar thásc geografach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an tásc geografach “Grappa della Valle d’Aosta/Grappa de la Vallée d’Aoste” cláraithe anois. I gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Rialachán (AE) 2019/787, an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/787, deonaítear leis an Rialachán seo í don tásc geografach “Grappa della Valle d’Aosta/Grappa de la Vallée d’Aoste”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(3)  IO C 429, 11.11.2022, lch. 29.


3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/19


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/453 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Márta 2023

lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, chun allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, a chumhdach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 13 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Bearta atá ann cheana

(1)

I mí Eanáir 2017, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) dleacht chinntitheach frithdhumpála ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, (“SSTPFanna” nó “feistis”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín”) agus na Téaváine trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 (2) ón gCoimisiún, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/659 (3) ón gCoimisiún. Tá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm idir 30,7 % agus 64,9 % le haghaidh allmhairí de thionscnamh na Síne, agus idir 5,1 % agus 12,1 % le haghaidh allmhairí de thionscnamh na Téaváine. An t-imscrúdú (“an t-imscrúdú bunaidh”) as ar eascair na dleachtanna sin, tionscnaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2015 í (4).

(2)

In Eanáir 2022, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga ar na bearta atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den (“bhun-Rialachán”) trí fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5). Tá an t-athbhreithniú seo fós ar siúl.

1.2.   Iarraidh

(3)

Fuair an Coimisiún iarraidh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála arna bhforchur ar allmhairí SSTPFanna de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne trí allmhairí SSTPFanna arna gcur chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, agus na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe.

(4)

Chuir Coiste Cosanta thionscal na bhfeisteas cruach dosmálta buntáthaithe san Aontas Eorpach (“an t-iarratasóir”) an iarraidh isteach an 25 Aibreán 2022.

(5)

Bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh gur tháinig athrú ar an ngréasán trádála a bhaineann le honnmhairí ón tSín agus ón Malaeisia go dtí an tAontas, ar athrú é a tharla i ndiaidh bearta a fhorchur ar SSTPFanna de thionscnamh na Síne.

(6)

Thairis sin, léirítear le fianaise a bhí san iarraidh agus a cuireadh ar fáil nach dócha go n-eascraíonn an t-athrú as cleachtas, próiseas nó obair a bhfuil cúis mhaith leordhóthanach nó bonn cirt eacnamaíoch leis seachas as forchur na dleachta. Go deimhin, mhaígh an t-iarratasóir nach bhfuil ach dhá tháirgeoir sa Mhalaeisia i mbun fhíortháirgeadh an táirge lena mbaineann agus bhí leibhéal a n-onnmhairí trí chéile chuig an Aontas i bhfad ní b’ísle ar bhonn comhsheasmhach ná méideanna an táirge faoi imscrúdú a allmhairíodh ón Malaeisia chuig an Aontas ó forchuireadh na bearta ar an táirge lena mbaineann. De réir na fianaise a sholáthair an t-iarratasóir, is cosúil gurbh é ba chúis leis an athrú trasloingsiú an táirge lena mbaineann ón tSín chuig an Aontas tríd an Malaeisia. Chuir an t-iarratasóir fianaise isteach a léiríonn amhras gur ann do shaoráidí táirgthe de chuid cuideachtaí faoi úinéireacht Shíneach sa Mhalaeisia. Sa bhreis air sin, sholáthair an t-iarratasóir fianaise go raibh sé beartaithe go hoscailte ag táirgeoirí na Síne tionscnamh an táirge lena mbaineann a athrú ón tSín go dtí an Mhalaeisia.

(7)

Thairis sin, léiríodh le fianaise leordhóthanach a bhí san iarraidh go raibh an cleachtas, próiseas nó obair ag baint an bhoinn d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá ann cheana ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de. Is cosúil gur tháinig méideanna suntasacha d’allmhairí an táirge faoi imscrúdú isteach i margadh an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, bhí fianaise leordhóthanach ann gur ar phraghsanna díobhálacha a rinneadh na hallmhairí SSTPFanna sin.

(8)

Ar deireadh, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh maidir le SSTPFanna a cuireadh chun bealaigh ón Malaeisia gur onnmhairíodh ar phraghsanna dumpáilte iad i ndáil leis an ngnáthluach a suíodh roimhe seo le haghaidh SSTPFanna de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

1.3.   An táirge lena mbaineann agus an táirge atá faoi imscrúdú

(9)

Is éard atá i gceist leis an táirge a mbaineann an t-imchéimniú féideartha leis, feistis feadáin agus píobáin bhuntáthaithe, de ghráid cruach dosmálta ástainítí, a chomhfhreagraíonn do chineálacha AISI 304, 304L, 316, 316L, 316Ti, 321 agus 321H agus a gcoibhéis sna noirm eile, nach mó a dtrastomhas seachtrach ná 406,4 mm agus tiús balla 16 mm nó níos lú acu, nach lú ná 0,8 micriméadar meán gairbhe (Ra) a ndromchla inmheánaigh, gan feire orthu, bíodh siad críochnaithe nó ná bíodh, a aicmítear ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 faoi Chóid AC ex 7307 23 10 agus ex 7307 23 90 (cóid TARIC 7307231015, 7307231025, 7307239015, 7307239025) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (“an táirge lena mbaineann”). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis.

(10)

Is ionann an táirge faoi imscrúdú agus an táirge a shainítear san aithris roimhe seo, ach chomh maith leis sin, cuirtear chun bealaigh ón Malaeisia é, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia é nó ná bíodh, táirge atá faoi láthair faoi na cóid AC chéanna agus atá an táirge lena mbaineann (cóid TARIC 7307231035, 7307231040, 7307239035, 7307239040) (“an táirge faoi imscrúdú”).

(11)

Léiríodh san imscrúdú go bhfuil na buntréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna, mar aon leis na húsáidí céanna, ag na SSTPFanna a onnmhairítear ón tSín chuig an Aontas agus iad sin a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh siad de thionscnamh na Malaeisia nó ná bíodh, agus dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

(12)

Pantech Steel Industries Sdn.Bhd (“PSI”), cuideachta de chuid Pantech Group, rinne sé teagmháil leis an gCoimisiún chun a áirithiú nár áiríodh ceann dá chineálacha táirge, lúba fada ardmhinicíochta, i sainiú bunaidh an táirge. Tar éis an tuairisc ar an táirge a soláthraíodh a anailísiú agus comhairliúchán leis an iarratasóir a dhéanamh, dheimhnigh an Coimisiún nár áiríodh lúba fada ardmhinicíochta i sainiú bunaidh an táirge.

(13)

Níor aontaigh Paul Meijering Metalen B.V. (PMM B.V.), allmhaireoir de chuid an Aontais, le raon táirge an imscrúdaithe. Chuir sé barúlacha isteach maidir leis sin agus leis an tionscnamh agus d’iarr sé éisteacht le seirbhísí an Choimisiúin. Tionóladh an éisteacht an 7 Iúil 2022. Ag an éisteacht, mhínigh an Coimisiún gurbh é cuspóir an imscrúdaithe sin a chinneadh an bhfuil inchéimniú tríd an Malaeisia ar siúl. Ní raibh aon bhunús dlí ann chun raon feidhme na mbeart a athbhreithniú i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo. Bunaíodh an raon táirge san imscrúdú bunaidh lena léirítear gur táirgí comhchosúla laistigh de shainiú na táirge iad na feistis uile.

1.4.   Tionscnamh

(14)

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas agus a chinneadh go raibh fianaise leordhóthanach ann chun imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú agus chuir sé allmhairí SSTPFanna arna gcur chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, faoi réir a gcláraithe, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/894 ón gCoimisiún (6) (“an Rialachán tionscnaimh”) an 8 Meitheamh 2022.

(15)

Sonraítear sa Rialachán tionscnaimh, má aithnítear cleachtais imchéimniúcháin a chumhdaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán le linn an imscrúdaithe, seachas an ceann a luaitear in aithris (7) de, féadfaidh an t-imscrúdú na cleachtais sin a chumhdach freisin.

1.5.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(16)

Luaigh PMM B.V. san iarraidh go raibh neamhréireacht idir onnmhairí ón Malaeisia go dtí an tAontas sa bhliain 2017, agus na hallmhairí comhfhreagracha ón Aontas go dtí an Mhalaeisia. Níor aontaigh sé le líomhain an iarratasóra gurbh é trasloingsiú an t-aon mhíniú amháin ar an éagsúlacht idir onnmhairí ón tSín go dtí an Mhalaeisia agus na honnmhairí ón Malaeisia go dtí an tAontas. Ar deireadh, luaigh siad na tagairtí atá in easnamh san iarraidh.

(17)

Ag an éisteacht a luaitear in aithris (13), mhínigh an Coimisiún go ndearna sé scrúdú ar an iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 13(3) den bhun-Rialachán agus gur tháinig sé ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais maidir le tionscnamh imscrúdaithe, i.e. go raibh fianaise leordhóthanach ann chun an t-imscrúdú a thionscnamh. De réir Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, beidh an fhaisnéis sin san áireamh i ngearán de réir mar atá sí ar fáil go réasúnta don iarratasóir. Tá caighdeán dlíthiúil na fianaise is gá chun an t-imscrúdú a thionscnamh éagsúil lena bhfuil riachtanach chun cinneadh críochnaitheach a dhéanamh an bhfuil imchéimniú ar siúl.

(18)

An difríocht sna staitisticí le haghaidh 2017, nó líomhaintí maidir le trasloingsiú bunaithe ar an difríocht sna staitisticí idir an tSín agus an Mhalaeisia, níor athraigh sí an fíoras gur léiríodh san iarraidh athrú ar an ngréasán trádála idir an tSín, an Mhalaeisia agus an tAontas. Sholáthair an t-iarratasóir fianaise ar chleachtais trasloingsithe freisin.

(19)

Mhínigh an Coimisiún, áfach, gurb é cuspóir an imscrúdaithe é a nochtadh an bhfuil an t-athrú ar an ngréasán trádála, lena n-áirítear an t-athrú idir an tSín agus an Mhalaeisia, mar thoradh ar chleachtais imchéimniúcháin de réir Airteagal 13 den bhun-Rialachán, agus gan a bheith teoranta do thrasloingsiú.

(20)

I bhfianaise an mhéid thuas, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh maidir leis na tosca a leagtar amach in Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán chun go mbeadh údar leis an imscrúdú a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 13(3).

1.6.   Tréimhse imscrúdúcháin agus tréimhse tuairiscithe

(21)

Leis an tréimhse imscrúdúcháin cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“an tréimhse imscrúdúcháin” nó “IP”). Bailíodh sonraí ar feadh na tréimhse imscrúdúcháin chun imscrúdú a dhéanamh, inter alia, ar an athrú líomhnaithe ar an ngréasán trádála tar éis fhorchur na mbeart ar an táirge lena mbaineann, agus chun féachaint arbh ann do chleachtas, próiseas nó obair nach raibh cúis mhaith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas forchur na dleachta. Bailíodh sonraí níos mionsonraithe ar feadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“an tréimhse tuairiscithe” nó “RP”) chun scrúdú a dhéanamh féachaint ar bhain allmhairí an bhonn d’éifeacht cheartaitheach na mbeart atá i bhfeidhm ó thaobh praghsanna agus/nó cainníochtaí de agus arbh ann don dumpáil.

1.7.   Imscrúdú

(22)

Chuir an Coimisiún údaráis na Síne agus na Malaeisia ar an eolas go hoifigiúil maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, mar aon leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta sna tíortha sin, tionscal an Aontais agus na hallmhaireoirí aitheanta san Aontas.

(23)

Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Malaeisia go dtí an tAontas Eorpach ainmneacha agus seoltaí táirgeoirí onnmhairiúcháin agus/nó comhlachais ionadaíochta a sholáthar dó, ar táirgeoirí agus comhlachais iad a bhféadfadh suim a bheith acu i rannpháirtíocht san imscrúdú i dteannta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Malaeisia, a shainaithin an t-iarratasóir san iarraidh. Sholáthar Misean na Malaeisia liosta don Choimisiún. Rinne an Coimisiún teagmháil leis na cuideachtaí uile tráth an tionscnaimh.

(24)

Cuireadh foirmeacha éilimh ar dhíolúine ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála do na táirgeoirí/na honnmhaireoirí sa Mhalaeisia, mar aon le ceistneoirí le haghaidh na dtáirgeoirí/na n-onnmhaireoirí sa tSín, agus le haghaidh allmhaireoirí san Aontas.

(25)

Chuir 4 thairgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Malaeisia foirm éilimh ar dhíolúine isteach. Ba iad sin:

MAC Pipping Materials Sdn. Bhd (“MAC”)

Pantech Stainless And Alloy Industries Sdn. Bhd (“Pantech”)

SP United Industry Sdn. Bhd (“SPI”)

TP Inox Sdn. Bhd (“TP”)

(26)

Ina theannta sin, 4 chuideachta de chuid na Malaeisia a bhfuil baint acu le Pantech nó SPI, chuir siad freagraí ar an gceistneoir isteach.

(27)

Thairis sin, chuir 6 allmhaireoir de chuid an Aontais freagraí ar an gceistneoir isteach. Ní dhearnadh tuilleadh anailíse ar cheann amháin de na cuideachtaí sin toisc nár allmhairigh sé SSTPFanna ón Malaeisia. Bhain an Coimisiún úsáid as na ceistneoirí chun cros-seiceáil a dhéanamh ar shreafaí trádála agus ainmneacha soláthróirí ón Malaeisia.

(28)

Le linn phróiseas fíorúcháin na faisnéise agus na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir agus cuideachtaí comhoibríocha na Malaeisia, rinne an Coimisiún comhairliúchán ar an láthair le húdaráis na Malaeisia, is é sin leis an Aireacht um Thrádáil agus Tionsclaíocht, an Aireacht Airgeadais agus ionadaithe ó na criosanna saorthrádála Klang agus Penang.

(29)

Thairis sin, is in áitribh na gcuideachtaí seo a leanas a rinne an Coimisiún cuairt fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

 

Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Malaeisia

MAC Pipping Materials Sdn. Bhd, Klang, an Mhalaeisia

Pantech Stainless And Alloy Industries Sdn. Bhd, Jahor, an Mhalaeisia

SP United Industry Sdn. Bhd, Nilai, an Mhalaeisia

TP Inox Sdn. Bhd, Pulau Pinang, an Mhalaeisia

 

Trádálaithe, allmhaireoirí agus soláthróirí amhábhair atá gaolmhar leis na táirgeoir onnmhairiúcháin sa Malaeisia

Kanzen Tetsu Sdn. Bhd, Klang, an Mhalaeisia

Kentzu Steel Sdn. Bhd., Kuala Lumpur, an Mhalaeisia

Pantech Corporation Sdn. Bhd, Jahor, an Mhalaeisia

Pantech Galvanizing Sdn. Bhd, Jahor, an Mhalaeisia

(30)

Rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar na cuideachtaí seo a leanas:

 

Táirgeoirí intíre atá gaolmhar le táirgeoirí sa Malaeisia

Pantech (Kuantan) Sdn. Bhd, Kuantan, an Mhalaeisia

Panaflo Controls Pte. Ltd, Singeapór

(31)

Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus éisteacht a iarraidh laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa Rialachán tionscnaimh. Cuireadh na páirtithe uile ar an eolas go bhféadfaí Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm mura gcuirfí an fhaisnéis ábhartha uile isteach nó dá gcuirfí faisnéis neamhiomlán, bhréagach nó mhíthreorach isteach agus go bhféadfaí torthaí a bhunú ar na fíorais a bheadh ar fáil.

(32)

Tionóladh éisteacht an 7 Iúil 2022 le hallmhaireoir de chuid an Aontais, PMM B.V., mar a mhínítear in aithris (13) agus aithrisí (16) go (19). Tar éis an nochta, tionóladh éisteachtaí le MAC agus PMM B.V. an 8 Nollaig 2022 agus an 12 Nollaig 2022 faoi seach.

2.   TORTHAÍ AN IMSCRÚDAITHE

2.1.   Breithnithe ginearálta

(33)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, ba cheart anailís a dhéanamh ar na heilimintí seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha:

an raibh athrú ar an ngréasán trádála idir an tSín, an Mhalaeisia agus an tAontas,

an eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas, próiseas nó as obair nach raibh cúis mhaith leordhóthanach nó bonn cirt eacnamaíoch leis seachas na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a fhorchur,

an bhfuil fianaise maidir le díobháil ann nó go raibh an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm ó thaobh phraghsanna agus/nó chainníochtaí an táirge faoi imscrúdú, agus

an bhfuil fianaise maidir leis an dumpáil ann i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin don táirge lena mbaineann.

(34)

Líomhnaíodh san iarraidh trasloingsiú an táirge lena mbaineann ón Malaeisia go dtí an tAontas (féach aithris (6)).

(35)

I ndáil le trasloingsiú, níor aimsíodh leis an imscrúdú aon fhianaise go raibh aon cheann de na 4 tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha páirteach i gcleachtais den sórt sin, arbh iad a chuir na honnmhairí uile go dtí an tAontas sa tréimhse tuairiscithe (féach aithris (39) thíos). Rinne an Coimisiún comparáid idir sonraí a thuairiscigh na 4 chuideachta chomhoibríocha agus staitisticí, comparáid a léirigh gurbh iad a d’onnmhairigh formhór na SSTPFanna go dtí an tAontas le linn an chuid is mó den tréimhse imscrúdúcháin agus na honnmhairí uile le linn na tréimhse tuairiscithe. Suíodh leis an imscrúdú nach raibh baint ag aon cheann de na 4 chuideachta i dtrasloingsiú. Ba bheag a gcuid ceannachán SSTPFanna ó tSín agus díoladh ar bhonn intíre sa Malaeisia iad. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir an líomhain sin a dheimhniú leis an imscrúdú sin.

(36)

Mar sin féin, mar a luaitear in aithris (5), bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh gur tháinig athrú ar an ngréasán trádála a bhaineann le honnmhairí ón tSín agus ón Malaeisia go dtí an tAontas, ar athrú é a tharla i ndiaidh bearta a fhorchur ar SSTPFanna de thionscnamh na Síne. Go nithiúil, soláthraíodh fianaise san iarraidh, ar bhonn staitisticí oifigiúla, ar mhéadú ar allmhairí SSTPFanna ón Malaeisia go dtí an tAontas agus ar mhéadú comhfhreagrach ar allmhairí SSTPFanna ón tSín go dtí an Mhalaeisia (7), agus is athrú é ar an ngréasán trádála mar a cheanglaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán. Thairis sin, mar a luaitear in aithris (6), léiríodh san fianaise a bhí san iarraidh agus a cuireadh ar fáil, fianaise atá bunaithe ar a bhfuil ar fhaisnéis faoin bhfíorthairgeadh sa Mhalaeisia, ní dócha go n-eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis mhaith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas as forchur na dleachta. De réir na hiarrata, d’eascair an t-athrú as trasloingsiú, agus bhí fianaise leordhóthanach ag tacú leis an líomhain sin, is é sin tairiscintí ó chuideachtaí de chuid na Malaeisia lenar moladh go hoscailte go soláthrófaí SSTPFanna ón tSín agus an tír thionscnaimh a athrú chun dleachtanna frithdhumpála a sheachaint (8). Cé nár aimsíodh aon fhianaise leis an imscrúdú, mar a luaitear in aithris (35), gur athdhíol cuideachtaí de chuid na Malaeisia SSTPFanna ón tSín, deimhníodh gur tháinig athrú ar an ngréasán trádála. I bhfianaise na fianaise, go háirithe fíoracmhainneacht táirgeachta sa Malaeisia atá ar eolas, ní dócha gur eascair an t-athrú as cleachtas, próiseas, nó obair nach raibh cúis mhaith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis. Dá bhrí sin, lean an Coimisiún den imscrúdú.

(37)

Bhain an t-imscrúdú leis na cleachtais uile a chumhdaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán (féach aithris (15)), dá bhrí sin, rinne an Coimisiún anailís ar oibríochtaí cóimeála na gcuideachtaí i gceist freisin ar bhonn úsáid amhábhair Shíneacha nó táirge leathmhonaraithe.

(38)

Maidir le hoibríochtaí cóimeála, rinne an Coimisiún anailís shonrach ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, go háirithe:

ar cuireadh tús leis an oibríocht chóimeála/chríochnaithe, nó ar tháinig méadú mór uirthi, ón tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála, nó díreach roimhe, agus an dtagann na páirteanna lena mbaineann ón tír atá faoi réir na mbeart, agus

an ionann 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte iad na páirteanna agus ar lú ná 25 % den chostas monaraíochta breisluach na bpáirteanna a tugadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe.

2.2.   Comhar

(39)

Mar a shonraítear in aithris (25), d’iarr 4 tháirgeoir onnmhairiúcháin sa Malaeisia dá ndéanfaí na bearta a leathnú chun an Mhalaeisia a chumhdach go ndéanfaí iad féin a dhíolmhú ó na bearta sin. Chomhoibrigh siad le linn na n-imeachtaí ar fad trí fhoirmeacha éilimh ar dhíolúine a chur isteach, trí fhreagraí a sholáthar ar litreacha easnaimh agus trí glacadh le cuairteanna fíorúcháin ar an láthair. Bhí ardleibhéal comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Malaeisia, toisc gurbh é iomlán mhéid na n-allmhairí ón Malaeisia le linn na tréimhse tuairiscithe a bhí i méid na n-onnmhairí tuairiscithe comhiomlánaithe SSTPFanna go dtí an tAontas dá gcuid sna foirmeacha éilimh ar dhíolúine a chuir siad isteach, mar a tuairiscíodh i staitisticí allmhairiúcháin EUROSTAT.

2.3.   Athrú ar an ngréasán trádála

2.3.1.   Allmhairí SSTPFanna isteach san Aontas

(40)

Léirítear i dTábla 1 thíos an fhorbairt atá tagtha ar allmhairí SSTPFanna ón tSín, ón Malaeisia go dtí an tAontas sa tréimhse imscrúdúcháin.

Tábla 1

Allmhairí SSTPFanna de chuid an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin (tonaí)

 

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

An tréimhse tuairiscithe

An tSín

3 018

3 121

1 412

1 008

523

693

708

719

Innéacs (bonn = 2014)

100

103

47

33

17

23

23

24

An Mhalaeisia

297

314

382

502

1 120

1 414

1 290

1 626

Innéacs (bonn = 2014)

100

106

129

169

377

476

434

547

Foinse:

2014 agus 2015: an t-imscrúdú bunaidh.

2016: Eurostat (rinneadh allmhairí ar leibhéal AC a choigeartú go dtí leibhéal TARIC bunaithe ar shonraí ó 2017).

2017 go dtí an tréimhse tuairiscithe: Eurostat (leibhéal TARIC).

(41)

Tháinig méadú breis agus 5 huaire ar mhéid iomlán allmhairí SSTPFanna an Aontais ón Malaeisia sa tréimhse imscrúdúcháin méadú ó 297 tona in 2014 go dtí 1 626 tona sa tréimhse tuairiscithe.

(42)

An tráth céanna, tháinig laghdú 76 % ar allmhairí an Aontais ó Dhaon-Phoblacht na Síne, laghdú ó 3 018 tona in 2014 go dtí 719 tona sa tréimhse tuairiscithe.

(43)

Ós rud é nár aimsigh an Coimisiún aon fhianaise ar thrasloingsiú a rinne na 4 thairgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha, ní dhearnadh méideanna allmhairí an táirge faoi imscrúdú ón tSín a anailísiú.

2.3.2.   Allmhairí páirteanna (amhábhair agus táirgí leathmhonaraithe) go dtí an Mhalaeisia ón tSín

(44)

Is píobáin agus feadáin tháthaithe agus píopaí agus feadáin gan uaim iad na príomhábhair ionchuir chun SSTPFanna a tháirgeadh. Ansin, déantar na hábhair ionchuir sin a phróiseáil a thuilleadh chun feistis tháthaithe gan uaim a thairgeadh. Ina theannta sin, táirgtear feistis gan uaim i bhfoirm caidhpeanna ó phlátaí. Thairis sin, bhí ceann amháin de na cuideachtaí comhoibríocha ag baint úsáid as sciathphláta chun feistis tháthaithe ar trastomhas mór a thairgeadh. Ar deireadh, bhí ceann amháin de na cuideachtaí comhoibríocha ag allmhairiú táirgí leathmhonaraithe (nascóirí píobán) le haghaidh tuilleadh próiseála le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(45)

Léirítear i dTábla 2 forbairt allmhairí páirteanna na Malaeisia a úsáideadh chun SSTPFanna ó Dhaon-Phoblacht na Síne a mhonarú, bunaithe ar shonraí fíoraithe na gcuideachtaí comhoibríocha. Rinne an Coimisiún comparáid idir na figiúirí sin agus staitisticí allmhairiúcháin na Malaeisia a fuarthas ó údaráis na Malaeisia agus na staitisticí atá ar fáil i mbunachar sonraí Global Trade Atlas (GTA) (9). Bhí na figiúirí a thuairiscigh na cuideachtaí níos iontaofa i ndáil leis an anailís ar an ngréasán trádála ná na staitisticí allmhairiúcháin, áfach. Is féidir na hamhábhair i gceist a allmhairiú isteach sa Mhalaeisia faoi roinnt cód custaim 10 ndigit agus is féidir iad a úsáid in earnálacha iartheachtacha freisin seachas monaraíocht SSTPFanna. Ar leibhéal na n-onnmhaireoirí comhoibríocha, agus i bhfianaise an dlúthchomhair, bhí an Coimisiún in ann úsáid deiridh na bpáirteanna a rianú agus féachaint ar úsáideadh iad le haghaidh allmhairiú SSTPFanna isteach san Aontas ina dhiaidh sin. Dá réir sin, chinn an Coimisiún brath ar an bhfaisnéis fhíoraithe a sholáthair na cuideachtaí comhoibríocha.

Tábla 2

Allmhairí amhábhair ón tSín go dtí an Mhalaeisia sa tréimhse imscrúdúcháin (tona)  (10)

 

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

An tréimhse tuairiscithe

An tSín

[200 – 300 ]

[300 – 400 ]

[580 – 660 ]

[280 – 360 ]

[800 – 900 ]

[1 500 – 1 600 ]

[1 950 – 2 050 ]

[2 400 – 2 500 ]

Innéacs (bonn = 2014)

100

134

241

120

336

625

801

977

Foinse: Sonraí ó chuideachtaí fíoraithe

(46)

Léirítear i dtábla 2 méideanna comhiomlánaithe d’allmhairí na n-amhábhar/táirgí leathmhonaraithe a d’allmhairigh tairgeoirí comhoibríocha de chuid na Malaeisia ón tSín, arb iad a chuir 100 % d’allmhairí SSTPFanna na Malaeisia isteach go dtí an tAontas le linn na tréimhse tuairiscithe.

(47)

Léirítear i dtábla 2 gur tháinig méadú suntasach ar allmhairí amhábhar/táirgí leathmhonaraithe na Malaeisia ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin, méadú beagnach 10 n-uaire a bhí ann. Bhí an méadú le feiceáil go háirithe sa tréimhse ó 2018 go dtí an tréimhse tuairiscithe.

(48)

Leis an méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí amhábhar ón tSín go dtí an Mhalaeisia, léiríodh go raibh méadú ag teacht ar éileamh na n-ábhar ionchuir sin sa Mhalaeisia, rud a d’fhéadfaí a mhíniú, i bpáirt ar a laghad, leis an méadú ar tháirgeadh agus onnmhairí SSTPFanna ón Malaeisia go dtí an tAontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

2.3.3.   Conclúid maidir leis an athrú ar an ngréasán trádála

(49)

An méadú ar allmhairí SSTPFanna ón Malaeisia go dtí an tAontas, in éineacht leis an méadú ar allmhairí páirteanna ón tSín go dtí an Mhalaeisia thar an tréimhse ama chéanna, is athrú ar an ngréasán trádála é sin idir an tSín, an Mhalaeisia agus an tAontas de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán frithdhumpála.

(50)

Tar éis an nochta, thug PMM B.V. le fios gur forchuireadh bearta frithdhumpála in aghaidh SSTPFanna de thionscnamh na Síne i mí Eanáir 2017 agus go raibh méadú ag teacht ar allmhairí an Aontais ón Malaeisia cheana idir 2014 agus 2017.

(51)

Thug an chuideachta faoi deara gurb airde an méadú ar allmhairí ábhar ionchuir ó Dhaon-Phoblacht na Síne sa tréimhse imscrúdúcháin ná an méadú ar allmhairí feisteas de chuid na Malaeisia go dtí an tAontas. Dar le PMM B.V., ciallaíonn sé sin nach ndearna tairgeoirí de chuid na Malaeisia ach táirgeadh SSTPFanna a mhéadú, agus ní hé sin le rá go raibh margadh an Aontais mar spriocmhargadh acu.

(52)

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, gur tionscnaíodh an t-imscrúdú as ar tháinig forchur na mbeart bunaidh i mí Dheireadh Fómhair 2015. Ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith tionscnamh na n-imeachtaí frithdhumpála féin ar iompar oibreoirí eacnamaíocha, agus chun léargas iomlán a fháil agus comparáid cheart a dhéanamh idir na sreafaí trádála roimh thionscnamh an imscrúdaithe agus iad siúd ina dhiaidh agus na sreafa i ndiaidh fhorchur na dleachta, chinn an Coimisiún tréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe imchéimniúcháin reatha a thosú an 1 Eanáir 2014. Go deimhin, bhí an méadú ar allmhairí ón Malaeisia le feiceáil cheana idir 2014 agus 2017. Tháinig méadú ar mhéid na n-allmhairí a luathaíodh idir 2017 agus an tréimhse tuairiscithe, áfach, is é sin, tar éis fhorchur na dleachta dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán.

(53)

Bhí an gréasán céanna le feiceáil in onnmhairí amhábhar de chuid na Malaeisia ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Cé nach bhfuil cruinnmheaitseáil idir an méadú ar allmhairí píobán de chruach dhosmálta ón tSín go dtí an Mhalaeisia agus an méadú ar onnmhairí SSTPFanna ón Malaeisia go dtí an tAontas, tháinig méadú breis agus 5 huaire ar onnmhairí SSTPFanna na Malaeisia le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus in éineacht leis an méadú beagnach 10 n-uaire ar allmhairí ábhar ionchuir ón tSín go dtí an Mhalaeisia, is athrú ar an ngréasán trádála é sin de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Thairis sin, ós rud é nach bhfuil úsáid píobán a allmhairítear ó Dhaon-Phoblacht na Síne teoranta d’fheistis a thairgeadh amháin, ní raibh aon chruinnmheaitseáil ann.

(54)

Tar éis an nochta, mhaígh MAC nach ndearna an Coimisiún an t-athrú ar an ngréasán trádála a anailísiú ná a cháiliú. Dar leis, ós rud é gur tháinig méadú beagnach 10 n-uaire ar allmhairí amhábhar ón tSín go dtí an Mhalaeisia, agus nár tháinig ach méadú breis agus 5 huaire ar allmhairí SSTPFanna ón Malaeisia, tugtar le tuiscint nach raibh ach thart ar leath de na hamhábhair a allmhairíodh go dtí an Mhalaeisia ón tSín curtha in SSTPFanna ar deireadh a onnmhairíodh go dtí an tAontas. Mhaígh MAC freisin go mbaineann an t-athrú ar an ngréasán trádála a d’aimsigh an Coimisiún le TP den chuid is mó agus nach raibh réasúnaíocht leordhóthanach ná fianaise chomhsheasmhach leis ós rud é gur aimsíodh nach ndearna dhá onnmhaireoir chomhoibríocha de chuid na Malaeisia ach céatadán beag dá n-amhábhair a allmhairiú ón tSín agus gur mhéadaigh siad a n-onnmhairí go dtí an tAontas freisin tar éis fhorchur na dleachta SSTPFanna, agus ós rud é gur dheimhnigh sonraí díolacháin fíoraithe MAC go ndeachaigh breis agus 50 % de réir meáchain de dhíolacháin SSTPFanna MAC go dtí margaí eile seachas chuig an Aontas.

(55)

Diúltaíodh don mhaíomh. Ar an gcéad dul síos, ar leibhéal na tíre, bunaithe ar staitisticí oifigiúla agus sonraí fíoraithe ó chuideachtaí comhoibríocha, shuigh an Coimisiún gur tháinig méadú suntasach ar allmhairí ábhar ionchuir ón tSín go dtí an Mhalaeisia agus ar allmhairí SSTPFanna ón Malaeisia go dtí an tAontas sa tréimhse imscrúdúcháin, cé gur tháinig laghdú suntasach ar allmhairí SSTPFanna ón tSín go dtí an tAontas. Leis an bhfianaise sin, cruthaítear go soiléir go bhféadfaí an t-éileamh méadaitheach ar na hábhair ionchuir sin sa Mhalaeisia a mhíniú, i bpáirt ar a laghad, leis an méadú ar tháirgeacht agus onnmhairí SSTPFanna ón Malaeisia go dtí an tAontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin (féach aithris (48)). Ar an dara dul síos, cé nach raibh ach thart ar leath de na hamhábhair a allmhairíodh go dtí an Mhalaeisia ón tSín in SSTPFanna a onnmhairíodh go dtí an tAontas, mar a d’áitigh MAC, thiocfadh athrú ar an ngréasán trádála de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán fós féin. Ar an tríú dul síos, chomh maith leis an athrú ar an ngréasán trádála ar leibhéal na tíre a anailísiú, rinne an Coimisiún é a anailísiú ar leibhéal MAC agus TP amháin, bunaithe ar a sonraí fíoraithe, agus aimsíodh athruithe comhthreomhara suntasacha freisin (féach tábla 3 thíos). Is le MAC den chuid is mó a bhaineann formhór an dá mhéadú,toisc nár cuireadh tús le hoibríochtaí TP go dtí an dara leath de 2020 (féach aithris (89)). Thairis sin, rinneadh formhór na n-onnmhairí MAC go dtí an tAontas sa tréimhse imscrúdúcháin as páirteanna a allmhairíodh ón tSín, toisc gur allmhairigh an chuideachta beagnach 100 % dá hamhábhair ón tSín (féach aithris (58)). Dá bhrí sin, leis an imscrúdú ar leibhéal na tíre, léiríodh athrú soiléir ar an ngréasán trádála. Thairis sin, leis an imscrúdú ar leibhéal na cuideachta, bunaithe ar shonraí fíoraithe na cuideachta, aimsíodh go bhfuil MAC ar cheann de na príomhchúiseanna leis an athrú sin. Níor thug MAC aon anailís, réasúnaíocht ná cáilíocht dhifriúil agus níor mhol sé fianaise eile ar cheart don Coimisiún a úsáid.

2.4.   Cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leo seachas forchur na dleachta frithdhumpála

(56)

Ar dtús rinne an Coimisiún anailís féachaint ar cuireadh tús le hoibríochtaí na gcuideachtaí comhoibríocha, nó ar tháinig méadú mór orthu, ón tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála, nó díreach roimhe, agus an ón tír atá faoi réir na mbeart iad na páirteanna lena mbaineann.

(57)

D’allmhairigh na cuideachtaí comhoibríocha amhábhair agus páirteanna ón tSín sa tréimhse imscrúdúcháin agus dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go ndearna siad oibríochtaí cóimeála/críochnaithe sa Mhalaeisia sula ndearna siad SSTPFanna a thrasloingsiú go dtí an tAontas.

(58)

Thosaigh MAC agus TP a gcuid oibríochtaí tar éis fhorchur na mbeart ar Dhaon-Phoblacht na Síne i mí Eanáir 2017 (in 2018 agus 2020 faoi seach). D’allmhairigh siad beagnach 100 % dá n-amhábhair ó Dhaon-Phoblacht na Síne. (11)

(59)

Thairis sin, tháinig méadú suntasach ar dhíolacháin SSTPFanna an dá chuideachta leis an Aontas agus ar allmhairí amhábhar ó Dhaon-Phoblacht na Síne ón uair a cuireadh ar bun iad agus bhí an méadú is airde ann sa tréimhse tuairiscithe.

(60)

Léirítear i dTábla 3 na treochtaí ar bhonn fhigiúirí comhiomlánaithe an dá chuideachta maidir lena n-allmhairí SSTPFanna go dtí an tAontas agus a n-onnmhairí amhábhair/táirgí leathmhonaraithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn sa tréimhse idir 2018 agus an tréimhse tuairiscithe (12).

Tábla 3

Táscairí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin de chuid MAC agus TP (bliain 2018=100)

 

2018

2019

2020

An tréimhse tuairiscithe

Onnmhairí SSTPFanna go dtí an tAontas

100

527

654

813

Allmhairí amhábhair ó Dhaon-Phoblacht na Síne

100

366

440

608

Foinse: sonraí ó chuideachtaí fíoraithe

(61)

Bhí cás an dá chuideachta eile (Pantech agus SPI) go hiomlán difriúil. Bhí an dá chuideachta ina dtáirgeoirí SSTPFanna fiú roimh 2014. Aithníodh na hiarratasóirí ina n-iarraidh gur fíorthairgeoirí iad an dá chuideachta (13). Tháinig méadú ar a n-onnmhairí go dtí an tAontas tar éis fhorchur na mbeart, ach deimhníodh leis an imscrúdú gur fíortháirgeoirí iad (féach roinn 2.5 thíos maidir leis an scrúdú ar luach na bpáirteanna). I gcás píobáin gan uaim, a raibh méid beag dá n-amhábhair/páirteanna iontu, allmhairíodh iad ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus úsáideadh iad i dtáirgeadh SSTPFanna a onnmhairíodh go dtí an tAontas ina dhiaidh sin.

(62)

Le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán éillítear nasc idir an cleachtas, próiseas nó obair atá i gceist agus an t-athrú ar an ngréasán trádála toisc nach foláir nó “go n-eascróidh” an trádáil as an athrú. Is é an cleachtas, próiseas nó obair as a n-eascraíonn an t-athrú ar an ngréasán trádála, dá bhrí sin, nach mór cúis mhaith dóthanach agus bonn cirt eacnamaíoch a bheith leis seachas forchur na dleachta, chun nach measfar gur imchéimniú de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán atá ann.

(63)

Cé go bhféadfadh sé go mbeadh cúiseanna eile le cuideachta a bhunú sa Mhalaeisia seachas na bearta atá i bhfeidhm, i.e. chun soláthar do mhargadh intíre na Malaeisia, tá sé an-soiléir ar fad in eilimintí eile, a mhéid a bhaineann le MAC agus TP, go bhfuil athrú ag teacht ar an ngréasán trádála i ndáil le forchur na ndleachtanna:

bunaíodh na cuideachtaí tar éis fhorchur na mbeart bunaidh;

tháinig méadú suntasach ar an oibríocht ós rud é gur allmhairigh an dá chuideachta 8 % d’allmhairí SSTPFanna na Malaeisia go dtí an tAontas in 2018 agus 47 % de na hallmhairí sin sa tréimhse tuairiscithe;

Bhí a gcuid díolachán leis an Aontas níos airde ná a gcuid díolachán intíre agus tríú tíortha, is léiriú é sin gur dhírigh siad ar mhargadh an Aontais. Bhí ceann amháin de na cuideachtaí ag díol leis an Aontas amháin.

(64)

Thairis sin, fochuideachta ar lánúinéireacht na cuideachta Síní Sinotube is ea TP, cuideachta atá mar chuid de Tsingshan Group, mórchuideachta chruach de chuid na Síne a tháirgeann réimse leathan táirgí cruach, lena n-áirítear SSTPFanna.

(65)

I bhfianaise na n-eilimintí uile sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh cúis mhaith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch, seachas forchur na dleachta, le hoibríochtaí próiseála MAC agus TP sa dá láithreán táirgthe (14) sa Mhalaeisia. Bhí an t-athrú ar an ngréasán trádála mar thoradh ar an bhfíoras gur tosaíodh oibríocht agus tháinig méadú substaintiúil air tar éis fhorchur na mbeart bunaidh.

(66)

Tar éis an nochta, mhaígh MAC nach raibh cúis mhaith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch lena bhunú ag deireadh na bliana 2017 ná le fás a oibríochtaí táirgthe ná a onnmhairí idirnáisiúnta sna blianta ina dhiaidh sin.

(67)

Go nithiúil, mhaígh MAC gurb é réasúnaíocht le bunú na cuideachta deis ghnó nach raibh baint aici le forchur na ndleachtanna san imscrúdú bunaidh. Ghlac sé seilbh ar ghnó fíorthairgeora (KT Fittings) agus d’athraigh sé béim a oibríochtaí chun díriú ar tháirgeacht le píobáin gan uaim ó Dhaon-Phoblacht na Síne. De réir a aighneachta, ghlac MAC seilbh ar an ngnó sin chun an leibhéal próiseála leordhóthanach a dhéanamh chun cáiliú do thionscnamh na Malaeisia faoi rialacha tionscnaimh neamhfhabhracha an Aontais. Ós rud é nach raibh Feistis KT faoi réir dleachtanna frithdhumpála, trí sheilbh a ghlacadh ar innealra, láithreán táirgthe agus liosta cliant an úinéara roimhe, líomhnaítear go raibh cúiseanna cuí ag an mbainistíocht nua a chreidiúint go mbeadh díolacháin MAC amach anseo saor ó “dleacht SSTPFanna an Aontais”. Líomhnaítear gurb í an chúis leis an aistriú ó tháirgeadh píobáin tháthaithe go píopaí gan uaim ná go raibh an margadh faoi cheannas dhá tháirgeoir eile de chuid na Malaeisia atá comhtháite go hingearach (Pantech agus SPI). Dar le MAC, tá cúis mhaith agus bonn cirt eacnamaíoch leis an méid sin faoi Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán agus níl ann ach comhtharlú gur bunaíodh MAC in 2017, tar éis thionscnamh an imscrúdaithe bunaidh.

(68)

Thairis sin, d’áitigh MAC nár ardaíodh aon amhras sa nochtadh maidir lena acmhainneacht táirgeachta agus táirgeadh iarbhír na bhfeisteas óna cheannacháin fhíoraithe amhábhar, ar ceannacháin iad a theastódh ó aon fhíortháirgeoir SSTPFanna. A mhéid a bhaineann le hacmhainneacht táirgeachta MAC agus táirgeacht líne iomlán iarbhír ó amhábhair, ní raibh aon difríocht ann le bunú Pantech agus SPI.

(69)

Mhaígh MAC freisin nach raibh cosúlacht fhíorasach idir MAC agus TP, agus go raibh an ráiteas a mhéid a bhaineann le MAC a bheith ag díriú ar mhargadh an Aontais míchruinn ó thaobh fíricí de. Le díolacháin 52 % de réir meáchain (nó 54 % de réir luacha) de chuid MAC leis an Aontas, níorbh fhéidir a mheas go raibh sé ag díriú ar mhargadh an Aontais.

(70)

Ina bharúlacha maidir le nochtadh, chuir PMM B.V. i dtábhacht freisin gur “comharba” é MAC de chuid na cuideachta KT Fittings agus dá bhrí sin, is “fíortháirgeoir a tháirg feistis i bhfad roimh an tréimhse imscrúdúcháin” é. Dacapo Stainless B.V. (“DS B.V.”), allmhaireoir eile de chuid an Aontais, chuir sé an bharúil chéanna isteach.

(71)

Mheabhraigh an Coimisiún ón tús gur fhíoraigh sé ar an láthair, i measc tosca eile, táirgeacht iarbhír, acmhainneacht táirgeachta agus ceannacháin ábhar ionchuir MAC, agus níor cuireadh na fíorais a suíodh maidir leis na tosca sin faoi dhíospóid. De bhrí a bhfuil thuas, faoi Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, suíodh leis an imscrúdú difríocht idir MAC, SPI agus Pantech. Mar a suíodh in aithrisí (87), (98) agus (99), tháinig 99,99 % de na páirteanna a d’úsáid MAC chun SSTPFanna a thairgeadh ón tSín, agus i gcás Pantech agus SPI, bhí an cion dá gcuid páirteanna faoi10 % agus 30 % faoi seach. Maidir leis an gcosúlacht fhíorasach idir MAC agus TP, suíodh leis an imscrúdú go raibh an dá chuideachta i mbun cleachtas comhchosúil, is é sin gur allmhairigh siad formhór a n-ábhar ionchuir ón tSín, chuir siad luach teoranta leo, agus d’onnmhairigh siad na feistis a chruthaigh siad leo go dtí an tAontas. Thairis sin, is ar ghníomhaíochtaí iarbhír MAC a bunaíodh na torthaí seo, ní ar an méid a d’fhéadfadh sé a dhéanamh go teoiriciúil lena innealra agus láithreán táirgthe.

(72)

Mar a shonraítear in aithris (62), le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán suitear nasc idir an cleachtas, próiseas nó obair atá i gceist agus an t-athrú ar an ngréasán trádála toisc nach foláir nó “go n-eascróidh” an trádáil as an athrú. Is é an cleachtas, próiseas nó obair as a n-eascraíonn an t-athrú ar an ngréasán trádála, dá bhrí sin, nach mór cúis mhaith dóthanach agus bonn cirt eacnamaíoch a bheith leis seachas forchur na dleachta, chun nach measfar gur imchéimniú de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán atá ann.

(73)

D’fhéadfadh sé go mbeadh cúiseanna dlisteanacha le cuideachta a bhunú, lucht saothair oilte nó sócmhainní a bheith ar fáil, cuir i gcás. Is amhlaidh atá an chaoi a n-oibríonn an chuideachta chomh tábhachtach céanna le bunú na cuideachta féin, áfach. Is é sin le rá, más í gníomhaíocht na cuideachta, a chleachtais, phróiseas nó obair, is cúis leis an athrú ar phátrún na trádála, ní mór scrúdú a dhéanamh an bhfuil bonn cirt eacnamaíoch agus cúis mhaith leis an gcleachtas sin faoi Airteagal 13(1).

(74)

Mar a mhínítear in aithris (87), aimsíodh leis an imscrúdú gur oibríocht cóimeála de réir bhrí Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán an cleachtas ina raibh MAC páirteach. Go bunúsach, cheannaigh an chuideachta píobáin gan uaim de chuid na Síne, chuir siad luach beag leo chun SSTPFanna a dhéanamh dóibh agus dhíol siad ar mhargadh an Aontais iad. Thairis sin, mar pléadh in aithrisí (57) go dtí (60), bhí an cleachtas sin freagrach as an athrú ar phátrún na trádála.

(75)

Maidir leis an mbonn cirt eacnamaíoch agus cúis mhaith, ba cheart a thabhairt faoi deara gur bunaíodh MAC tar éis fhorchur na ndleachtanna, go díreach cosúil le TP. Thairis sin, mar a aithnítear san aighneacht, dhírigh MAC a oibríochtaí ar tháirgeadh le píobáin gan uaim ón tSín, murab ionann agus a réamhtheachtaí, KT Fittings. Go deimhin, murab ionann agus an cás a thuairiscítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2093 ón gCoimisiún (15), dá dtagraíonn MAC, níor aimsíodh leis an imscrúdú gurbh ann d’aon samhail ghnó a bhí bunaithe ar dhíolacháin SSTPFanna de chuid na Malaeisia leis an Aontas, SSTPFanna a rinneadh go hiomlán as páirteanna ón tSín, roimh fhorchur na ndleachtanna. Thairis sin, de réir a aighneachtaí, bunaíodh MAC mar gur measadh go mbainfeadh sé leibhéal próiseála amach a bheadh leordhóthanach chun bunús neamhfhabhrach na Malaeisia a fháil agus go mbeadh sé in ann amhábhair a aimsiú ón tSín trí bheith ag brath ar ghaolmhaireachtaí a bhí acu roimhe sin le soláthróir Síneach. Dá bhrí sin, ba é réasúnaíocht oibríochtaí MAC go mbeidís in ann páirteanna ón tSín a úsáid beagnach go heisiach, luach beag a chur leo agus táirgí de thionscnamh na Malaeisia a onnmhairiú go dtí an tAontas, gan an dleacht frithdhumpála ar allmhairí ón tSín a íoc. Go deimhin, mar a luaigh MAC ina chuid barúlacha maidir le nochtadh, ba é tionscnamh neamhfhabhair na Malaeisia a fháil ba chúis le bunú na cuideachta é, agus rinne sé fógraíocht ina leith agus theastaigh sé óna chliaint.

(76)

Ar deireadh, níor soláthraíodh faisnéis maidir le hoibríochtaí KT fittings don Choimisiún sular bunaíodh MAC. Mar sin féin, cé gur ghlac MAC seilbh ar innealra, foireann, taithí bainistíochta agus cliaint KT fittings, agus cé nár dhírigh sé ar mhargadh an Aontais amháin, níor athraíodh conclúidí an imscrúdaithe maidir le MAC.

(77)

Dá réir sin, níor éirigh le MAC a léiriú go raibh cúis mhaith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch seachas forchur na dleachta leis an gcleachtas i gceist.

(78)

Tar éis an nochta, mhaígh MAC go dtagann athrú ar cheannteideal taraife na n-amhábhar uile i ngeall ar an bpróiseáil a dhéanann sé ar phíobáin Síneacha le hathrú ar cheannteideal taraife na n-amhábhair uile agus dá bhrí sin tugtar tionscnamh na Malaeisia do SSTPFanna MAC faoi rialacha tionscnaimh “sonracha” ábhartha an Aontais. De réir MAC, ní mór rialacha tionscnaimh an Aontais a chur san áireamh in imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin de chuid an Aontais.

(79)

Is é an bunús dlí le himscrúdú frith-imchéimniúcháin Airteagal 13 den bhun-Rialachán, agus ní hé an reachtaíocht custaim maidir le tionscnamh. Go deimhin, de réir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é is aidhm do Rialachán lena leathnaítear dleacht frithdhumpála ná éifeachtacht na dleachta sin a áirithiú agus imchéimniú a chosc (16). Soiléiríodh leis an gcásdlí go dtugtar le tuiscint le húsáid “ó” seachas “de thionscnamh” in Airteagal 13 den bhun-Rialachán gur “roghnaigh reachtóir an Aontais d’aon ghnó fanacht amach ó rialacha tionscnaimh faoi reachtaíocht custaim agus dá bhrí sin, tá brí uathrialach leithleach leis an gcoincheap ‘ó’ nach ionann é agus an bhrí leis an gcoincheap ‘tionscnamh’ faoi reachtaíocht chustaim” (17). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(80)

Tar éis an nochta, thug PMM B.V. barúil maidir le torthaí áirithe an imscrúdaithe i ndáil le TP. Go deimhin, léirigh an chuideachta gur chuir TP tús lena oibríochtaí beagnach 6 bliana tar éis thionscnamh an imscrúdaithe bunaidh, rud a líomhnaítear nach bhfuil incháilithe le haghaidh imchéimniú mar a shainmhínítear in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán. Thairis sin, thug PMM B.V. faoi deara nár dhíol TP ach 50 % dá fheistis leis an Aontas in 2022, mar sin, ní raibh sé ag díriú a thuilleadh ar mhargadh an Aontais amháin, mar a fuair an Coimisiún amach sa tréimhse tuairiscithe.

(81)

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a chur i dtábhacht nach raibh sé de chumhacht ag PMM B.V. ná ag a ionadaí dlíthiúil ionadaíocht a dhéanamh thar ceann TP sa nós imeachta seo, agus nár chuir TP isteach aon aighneacht i gcoinne thorthaí an imscrúdaithe tar éis an nochta. Ar an dara dul síos, ina aighneacht, rinne PMM B.V. tagairt do chomhfhreagras rúnda le “stiúrthóir/bainisteoir ginearálta TP”, duine nach bhfuair an Coimisiún liostaithe ar an mbord stiúrthóirí i ráitis airgeadais TP. Ar an tríú dul síos, níorbh fhéidir sonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta a chur san áireamh tar éis na tréimhse tuairiscithe toisc nárbh fhéidir iad a fhíorú. Ar deireadh, chuir TP tús lena oibríochtaí sa dara leath de 2020 (féach aithris (89)), dá bhrí sin, is léir gur comhlíonadh ceanglas Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán toisc gur thosaigh an oibríocht agus tháinig méadú suntasach uirthi ó tionscnaíodh an t-imscrúdú bunaidh in 2015.

(82)

Mhaígh PMM B.V. freisin gur monaraíocht seachas cóimeáil a bhí ar siúl ag TP agus MAC, agus dá bhrí sin, nach mbaineann Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán lena gcás toisc nach gcumhdaítear leis amhábhair a mhodhnú agus a oibriú chun táirge eile a chruthú, amhail i gcás SSTPFanna. Chun tacú leis an maíomh sin, rinne siad tagairt freisin d’aithris (20) den bhun-Rialachán. Dar leo, tagraítear do “gan ach é chóimeáil” san aithris sin agus is gá an téarma sin a léirmhíniú go cúng dá bharr.

(83)

Thug an Coimisiún dá aire nach sainmhínítear leis an mbun-Rialachán na téarmaí “oibríocht chóimeála’ ná ‘oibríocht chríochnaithe’. Mar sin féin, an bealach ar cumadh Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, tá sé i bhfabhar léirmhíniú leathan ar an téarma ‘oibríocht chóimeála’ mar, de réir Airteagal 13(2)(b), léirmhíniú a bhfuil sé i gceist leis ‘oibríocht chríochnaithe’ a chuimsiú go sainráite freisin. Dá bhrí sin, is éard atá i gceist le ‘hoibríocht chóimeála’ de réir bhrí Airteagal 13(2) go gcumhdófaí léi ní hamháin oibríochtaí lena gcuimsítear páirteanna de ní comhchodach a chóimeáil, ach oibríochtaí a bhféadfadh próiseáil bhreise a bheith i gceist leo i.e. bailchríoch a chur ar tháirge. Go deimhin, agus Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán á léirmhíniú, chinn an Chúirt Bhreithiúnais, ‘de bhun an chásdlí shocraithe, agus foráil de dhlí an Aontais á léirmhíniú, gur gá ní hamháin foclaíocht na forála a mheas, ach an comhthéacs ina bhfuil sí agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid díobh” (18).

(84)

Thairis sin, is é seo atá in aithris (20) den bhun-Rialachán “is gá go mbeidh forálacha i reachtaíocht an Aontais chun déileáil le cleachtais, lena n-áirítear gan ach earraí a chóimeáil san Aontas nó i dtríú tír, arbh é is príomhaidhm dóibh imchéimniú a dhéanamh ar bhearta frithdhumpála’. Tugtar le fios leis an bhfoclaíocht seo léirmhíniú leathan ar Airteagal 13(2) ionas go gcumhdaítear na cleachtais uile arbh é is príomhaidhm dóibh imchéimniú a dhéanamh ar dhleachtanna, i.e. “gan ach earraí a chóimeáil” agus cleachtais eile.

(85)

Leis an imscrúdú, léirítear gur chomhlíon oibríochtaí MAC agus TP na ceanglais uile faoi Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán lena chinneadh gur imchéimniú í oibríocht cóimeála. Níor thug PMM B.V. aon fhianaise ina choinne sin. Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

2.5.   Luach na bpáirteanna agus an breisluach

(86)

Sonraítear in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán, a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí cóimeála nó críochnaithe, gur coinníoll chun an t-imchéimniú a shuí é gurb é atá sna páirteanna ó na tíortha atá faoi réir na mbeart agus 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte agus gur lú ná 25 % den chostas monaraíochta breisluach na bpáirteanna a tugadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe.

MAC agus TP

(87)

I gcás MAC, tháinig 99,99 % de na páirteanna uile a d’úsáid an chuideachta ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Bhí breisluach na n-amhábhar níos lú ná 15 % den chostas monaraíochta.

(88)

I gcás TP, allmhairíodh na páirteanna uile a úsáideadh chun feistis a thairgeadh sa tréimhse tuairiscithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne.

(89)

Thosaigh TP a chuid oibríochtaí sa dara leath de 2020. Bhí an úsáid acmhainneachta, mar a tuairiscíodh, níos lú ná 5 % in 2020 agus níos lú ná 25 % sa tréimhse tuairiscithe. Mar sin féin, rinne an chuideachta an dímheas iomlán le haghaidh innealra agus costas iomlán cíosa (talamh agus foirgnimh) a leithdháileadh ar bhonn contráilte mar bhreisluach i leith na bpáirteanna a tugadh isteach, ar breisluach ar chainníocht táirgthe an-íseal ar fad é.

(90)

Dá bharr sin, rinne an Coimisiún an dá ghné chostais thuasluaite a choigeartú chun an breisluach a léiriú go réasúnta i gcomhthéacs úsáid acmhainneachta íseal na cuideachta le linn na tréimhse tuairiscithe.

(91)

Ina theannta sin, laghdaigh an Coimisiún an costas táirgthe (agus mar thoradh air sin, an breisluach) leis an ioncam fíoraithe ó dhíolacháin fuíll a ghintear i dtáirgeadh SSTPFanna.

(92)

Ar deireadh, cuireadh coigeartú i bhfeidhm le haghaidh athrú ar an stoc maidir le hobair idir lámha. Leis an gcoigeartú sin, bhíothas in ann costas an táirgthe atá nasctha le cainníocht na n-earraí críochnaithe a táirgeadh sa tréimhse tuairiscithe a leithlisiú agus deireadh a chur le costas an amhábhair agus na próiseála atá nasctha leis na hearraí, earraí nach raibh críochnaithe go fóill ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Níor choimeád an chuideachta féin taifid ar obair idir lámha. Bhí an Coimisiún in ann, áfach, meastachán a dhéanamh ar an athrú ar stoc maidir le hobair idir lámha, bunaithe ar ghluaiseachtaí stoic fíoraithe amhábhar agus earraí críochnaithe. Bailíodh na tuarascálacha fardail le linn an fhíoraithe ar an láthair.

(93)

Tar éis na coigeartaithe mar a thuairiscítear in aithris (89) go dtí (92), bhí an breisluach a suíodh le haghaidh TP faoi bhun 18 % den chostas monaraíochta.

(94)

Tar éis an nochta, d’iarr PMM B.V. (thar ceann stiúrthóir/bainisteoir ginearálta anaithnid TP mar a mhínítear in aithris (81) thuas) nochtadh mionsonraithe ar ríomh an bhreisluacha thuas.

(95)

Rinneadh an ríomh i gceist a nochtadh do TP cheana féin, áfach, mar chuid dá nochtadh íogair sonrach. Níor chuir TP aon bharúil isteach maidir leis sin.

(96)

Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin, i gcás MAC agus TP, gur 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge cóimeáilte iad na páirteanna a ceannaíodh ó Dhaon-Phoblacht na Síne, agus gur lú ná 25 % den chostas monaraíochta breisluach na bpáirteanna a tugadh isteach le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán chun a chinneadh gur imchéimniú iad na hoibríochtaí sin.

Pantech agus SPI

(97)

Tháirg an dá chuideachta feistis gan uaim (gnáthfheistis (19) agus caidhpeanna) agus feistis tháthaithe. Úsáidtear trí chineál amhábhar/páirt sa táirgeacht seo: píobáin gan uaim le haghaidh táirgeadh gnáthfheistis gan uaim, plátaí le haghaidh táirgeadh caidhpeanna agus píobáin tháite chun gnáthfheistis tháthaithe a tháirgeadh.

(98)

Tá Pantech comhtháite go hingearach i dtáirgeadh feistis tháthaithe i.e. tháirg an chuideachta a píobáin tháthaithe féin. Na plátaí a d’úsáid an chuideachta chun caidhpeanna a tháirgeadh, is plátaí féintáirgthe iad (slisniú píobán táthaithe) nó fuarthas iad den chuid is mó ó tháirgeoirí áitiúla na Malaeisia. (20) D’allmhairigh an chuideachta 100 % de na píobáin gan uaim ón tSín. Ba chéatadán beag de ghníomhaíocht na cuideachta é táirgeadh feistis gan uaim, áfach. Dá réir sin, úsáideadh níos lú ná 10 % de na páirteanna a allmhairíodh ón tSín i dtáirgeadh iomlán SSTPFanna sa tréimhse tuairiscithe.

(99)

Cosúil le Pantech, bhí a chuid píobán táthaithe féin in úsáid ag SPI ina tháirgeacht (píobáin a cheannaigh sé ó tháirgeoir gaolmhar de chuid na Malaeisia). Fuair sé plátaí ar bhonn intíre, ach d’allmhairigh sé 100 % dá phíobáin ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Agus struchtúr táirgeachta na cuideachta á chur san áireamh, úsáideadh níos lú ná 30 % de na páirteanna a allmhairíodh ón tSín i dtáirgeadh iomlán SSTPFanna sa tréimhse tuairiscithe.

(100)

Dá bhrí sin, is lú i bhfad ná 60 % de luach iomlán na bpáirteanna le haghaidh Pantech agus SPI na páirteanna ón tír atá faoi réir beart.

(101)

Thairis sin, i gcás an dá chuideachta, rinneadh na hoibríochtaí sin sular forchuireadh na bearta agus, ina theannta sin, ní raibh siad dírithe go sonrach ar mhargadh an Aontais amháin. Dá bhrí sin, níl imchéimniú i gceist le hoibríochtaí Pantech agus SPI dá bhforáiltear in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán

2.6.   An bonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála

(102)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún ar bhain allmhairí den táirge faoi imscrúdú, ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de araon, an bonn d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair.

(103)

Tháinig méadú suntasach ar chainníochtaí SSTPFanna a d’onnmhairigh MAC agus TP go dtí an tAontas i ndearbhmhéideanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus is thart ar 6 % de thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse tuairiscithe iad na cainníochtaí SSTPFanna. Ós rud é gur cuireadh allmhairí uile SSTPFanna ó gach tír thionscnaimh, sin os cionn 4 000 tona, le díolacháin an Aontais, agus sin 8 000 tona eile, mar a thug an t-iarratasóir le fios, measadh go raibh an tomhaltas san Aontas os cionn 12 000 tona.

(104)

Maidir le praghsanna, rinne an Coimisiún comparáid idir an meánphraghas neamhdhíobhálach mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, arna choigeartú le haghaidh boilsciú, agus na meánphraghsanna ualaithe onnmhairiúcháin CAL a cinneadh ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag MAC agus TP, arna gcoigeartú mar is cuí chun costais iar-imréitigh a chur san áireamh. Léirigh an chomparáid praghsanna sin gur dhíol an dá chuideachta na hallmhairí ar phraghas i bhfad níos ísle (breis agus 50 % níos ísle) ná praghsanna an Aontais sa tréimhse tuairiscithe. Thairis sin, le praghsanna allmhairiúcháin reatha MAC agus TP gearradh faoi phraghsanna an Aontais a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh don bhliain 2021, agus tá na praghsanna sin faoi bhun chostas táirgthe thionscal an Aontais sa bhliain chéanna freisin (21).

(105)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur baineadh an bonn de na bearta atá ann cheana ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de mar gheall ar na hallmhairí ón Malaeisia a rinne MAC agus TP.

(106)

Tar éis an nochta, léirigh PMM B.V. nach bhféadfadh na cainníochtaí a d’onnmhairigh MAC agus TP go dtí an tAontas an bonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na mbeart, ós rud é nach raibh sna cainníochtaí sin ach 6 % de thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse tuairiscithe.

(107)

Thairis sin, chuir PMM B.V. agus DS B.V. in aghaidh thorthaí sladghearrtha agus gearrdhíola an Choimisiúin maidir le praghsanna onnmhairiúcháin MAC agus TP. Bhunaigh siad a maímh ar chomparáid a rinne siad idir a sonraisc cheannaigh ó onnmhaireoirí de chuid na Malaeisia agus ó tháirgeoirí de chuid an Aontais. Thairis sin, mhaígh siad nárbh fhéidir na praghsanna sin a chur i gcomparáid, ós rud é go raibh caighdeáin dhifriúla ag feistis ón Malaeisia agus feistis a tháirgtear san Aontas agus nach bhfuil siad inmhalartaithe.

(108)

Maidir le cainníochtaí, níor thug PMM B.V. aon argóint ar an gcúis nach bhféadfaí a mheas go bhfuil 6 % ag baint an bhoinn d’éifeacht cheartaitheach na mbeart, níor luaigh sé ach “gur dóigh leo nach leor 6 % ó thaobh méide de chun an bonn a bhaint díobh”. I gcás ar bith, mheas an Coimisiún go raibh sciar 6 % den mhargadh go réasúnta suntasach ó thaobh méide de. Os a choinne sin, bhí méid sin na n-allmhairí ar ina leith a fuarthas amach go raibh imchéimniú á dhéanamh ar na bearta beagnach chomh hard le sciar iomlán na Téaváine den mhargadh san imscrúdú bunaidh. Ba leor sin chun teacht ar an gconclúid go raibh na méideanna sin ag déanamh díobhála do thionscal an Aontais agus mar thoradh air forchuireadh bearta i gcoinne na Téaváine.

(109)

Ar an dara dul síos, rinne an Coimisiún a ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola ar bhonn tacair iomlána sonraí a fíoraíodh ag áitreabh na gcuideachtaí a chuir isteach ceistneoirí/foirmeacha díolúine. Ní raibh rochtain ag allmhaireoirí an Aontais ar na figiúirí sin. Rinneadh na ríomhanna a nochtadh go hiomlán d’onnmhaireoirí na Malaeisia. Níor chuir aon cheann acu aon bharúil isteach maidir leis sin. Thairis sin, níor thug aon cheann den dá allmhaireoir de chuid an Aontais a chuir in aghaidh ríomhanna an Choimisiúin freagraí ar an gceistneoir le linn an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an Coimisiún na figiúirí a chuir siad isteach tar éis an nochta a fhíorú.

(110)

Ar deireadh, níl aon bhunús dlí ann chun breathnú ar an sainmhíniú ar raon táirgí agus ar inmhalartacht cineálacha difriúla táirgí faoi Airteagal 13 den bhun-Rialachán. Os a choinne sin, de réir Airteagal 13 den bhun-Rialachán, chun imchéimniú a shuí, ní mór don Choimisiún a chinneadh go bhfuil an bonn á bhaint “d’éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta ó thaobh praghsanna agus/nó cainníochtaí de”. Is í an dleacht dá dtagraítear in Airteagal 13 den bhun-Rialachán an dleacht frithdhumpála bunaidh. Bunaíodh an dleacht sin ar bonn an raon táirgí san imscrúdú bunaidh (22). Dá bhrí sin, cibé atá nó nach bhfuil an bonn á bhaint dá héifeachtaí, ní mór an measúnú a dhéanamh ina leith.

2.7.   Fianaise maidir le dumpáil

(111)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an raibh fianaise maidir le dumpáil ann i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin don táirge comhchosúil.

(112)

Rinne an Coimisiún comparáid idir meánphraghsanna onnmhairiúcháin SSTPFanna ón Malaeisia sa tréimhse tuairiscithe, bunaithe ar shonraí fíoraithe MAC agus TP, agus na gnáthluachanna a bunaíodh don tSín san imscrúdú frithdhumpála bunaidh, luachanna a coigeartaíodh le haghaidh boilscithe.

(113)

Leis an gcomparáid idir na gnáthluachanna agus na praghsanna onnmhairiúcháin, léiríodh gur onnmhairíodh SSTPFanna a d’onnmhairigh MAC agus TP ar phraghsanna dumpáilte le linn na tréimhse tuairiscithe.

(114)

Tar éis an nochta, rinne PMM B.V. a argóint arís maidir le heaspa idirmhalartaithe fheistis na Malaeisia agus na bhfeisteas a tháirgtear san Aontas i ndáil leis na ríomhanna dumpála.

(115)

Diúltaíodh don mhaíomh sin ar an mbonn céanna lena mhínítear in aithris (110). Go deimhin, de réir Airteagal 13 den bhun-Rialachán, chun imchéimniú a shuí, ní mór don Choimisiún a chinneadh an bhfuil fianaise maidir le dumpáil ann i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin do tháirgí comhchosúla. Bhí an gnáthluach a suíodh san imscrúdú bunaidh bunaithe ar an raon táirgí bunaidh, lena n-áirítear feistis ó chaighdeáin éagsúla.

3.   BEARTA

(116)

Ar bhonn na dtorthaí thuas, mheas an Coimisiún ar deireadh go raibh imchéimniú á dhéanamh ar na dleachtanna frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí SSTPFanna de thionscnamh na Síne i gcás allmhairí an táirge faoi imscrúdú arna gcur chun bealaigh ó Malaeisia ag MAC agus TP.

(117)

I bhfianaise ardleibhéal an chomhair, lena gcumhdaítear na honnmhairí uile go dtí an tAontas sa tréimhse tuairiscithe, gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur fíortháirgeoirí de chuid na Malaeisia iad dhá cheann de na cuideachtaí nach bhfuil baint acu le cleachtais imchéimniúcháin agus, dá bhrí sin, gur deonaíodh díolúintí dóibh, agus nár iarr aon chuideachta eile sa Mhalaeisia díolúine, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart na torthaí maidir le cleachtais imchéimniúcháin i ndáil leis an dá chuideachta imchéimniúcháin a leathnú chuig na hallmhairí uile ón Malaeisia, cé is moite díobh siúd ó fhíortháirgeoirí de chuid na Malaeisia.

(118)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, ba cheart na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí SSTPFanna de thionscnamh na Síne a leathnú chun allmhairí an táirge faoi imscrúdú a chumhdach.

(119)

De bhun Airteagal 13(1), an dara mír den bhun-Rialachán, is iomchuí an dleacht a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/659, a leathnú i gcás “gach cuideachta eile”, ar dleacht frithdhumpála chinntitheach 64,9 % í is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim.

(120)

De bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, lena bhforáiltear gur cheart feidhm a bheith ag aon bheart dá leathnaítear i gcás allmhairí a tháinig isteach san Aontas faoi chlárú arna fhorchur leis an Rialachán tionscnaimh, tá dleachtanna le bailiú i leith na n-allmhairí cláraithe sin arb allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú iad, i gcomhréir le torthaí an imscrúdaithe seo.

4.   IARRATAÍ AR DHÍOLÚINE

(121)

Mar a thuairiscítear thuas, suíodh go raibh MAC agus TP páirteach i gcleachtais imchéimniúcháin. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir díolúine a dheonú do na cuideachtaí sin de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán.

(122)

Suíodh leis an imscrúdú gur fíortháirgeoirí SSTPFanna sa Mhalaeisia iad an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha eile, Pantech agus SPI, agus nach raibh siad páirteach i gcleachtais imchéimniúcháin. Tá an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sin comhtháite go hingearach, bhí siad seanbhunaithe ar an margadh sular forchuireadh na bearta bunaidh, agus níor allmhairigh siad ach méideanna teoranta amhábhar ón tSín.

(123)

Mar sin, ba cheart Pantech agus SPI a dhíolmhú ó leathnú na mbeart.

(124)

Ba cheart cur i bhfeidhm díolúintí a bheith coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc nach mór dó na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart allmhairí nach bhfuil an sonrasc sin ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála a luaitear in aithris (119).

(125)

Cé go bhfuil tíolacadh an tsonraisc seo riachtanach chun go gcuirfidh údaráis chustaim na mBallstát na díolúintí i bhfeidhm, ní hé an t-aon eilimint atá le cur san áireamh ag na húdaráis chustaim é. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm na díolúine ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

5.   NOCHTADH

(126)

An 30 Samhain 2022, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha uile as ar eascair na conclúidí thuas do na páirtithe leasmhara uile agus d’iarr sé orthu a mbarúil a thabhairt.

(127)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An dleacht chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/659, ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, déantar leis seo an dleacht sin a leathnú chun allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe, de ghráid cruach dhosmálta ástainíteach, a fhreagraíonn do chineálacha AISI 304, 304L, 316, 316L, 316Ti, 321 agus 321H agus a gcoibhéis sna noirm eile, nach mó a trastomhas seachtrach ná 406,4 mm agus tiús balla 16 mm nó níos lú acu, nach lú ná 0,8 micriméadar meán gairbhe (Ra) an dromchla, gan feire orthu, bídís críochnaithe nó ná bídís, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 7307 23 10 agus ex 7307 23 90, arna chur chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia nó ná bíodh, a chumhdach (Cóid TARIC 7307231035, 7307231040, 7307239035, 7307239040).

2.   Níl feidhm ag leathnú na dleachta a luaitear i mír 1 maidir leis na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Cód breise TARIC

An Mhalaeisia

Pantech Stainless And Alloy Industries Sdn. Bhd

A021

An Mhalaeisia

SPI United Sdn. Bhd

A022

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndíolúintí a dheonaítear do na cuideachtaí a luaitear go sonrach i mír 2 den Airteagal seo nó atá údaraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Rialachán seo coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht frithdhumpála mar a fhorchuirtear le mír 1.

4.   Is í an dleacht a leathnaítear an dleacht frithdhumpála 64,9 % is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile” sa tSín (cód breise TARIC C999).

5.   Baileofar an dleacht a leathnaítear le míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo i gcás allmhairí arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/894.

6.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Ordaítear do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/894 a aisghairtear leis seo.

Airteagal 3

Diúltaítear do na hiarrataí ar dhíolúine a chuir MAC Pipping Materials Sdn. Bhd agus TP Inox Sdn. Bhd isteach.

Airteagal 4

1.   Déanfar iarrataí ar dhíolúine ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1 i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine atá údaraithe le hionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine na hiarrataí a shíniú. Ní mór an iarraidh a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Oifig Stiúrthóireacht G:

CHAR 04/39

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

2.   I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, díolúine allmhairí ó chuideachtaí nach ndéanann imchéimniú ar na bearta frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/659, a údarú ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2017 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 22, 27.1.2017, lch. 14).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/659 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 94, 7.4.2017, lch. 9).

(4)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO C 357, 29.10.2015, lch. 5).

(5)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú i ndáil le dul in éag na mbeart frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO C 40, 26.1.2022, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/894 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2022 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, i gcás allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, arna gcur chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe (IO L 155, 8.6.2022, lch. 36).

(7)  Iarraidh, Pointe 43, leathanach 8 agus pointe 55, leathanach 12.

(8)  Iarraidh, Pointe 62, leathanach 14.

(9)  https://connect.ihsmarkit.com/gta/home

(10)  Tugtar na figiúirí i raonta, i gcás na mblianta 2014 go dtí 2017, ní thagraítear ach do dhá chuideachta.

(11)  Sa chéad bhliain (2018) dá chuid oibríochtaí agus sa tréimhse tuairiscithe, cheannaigh MAC plátaí méid beag plátaí ón Malaeisia freisin.

(12)  Ar chúiseanna rúndachta, ní sholáthraítear ach innéacs toisc nach mbaineann na figiúirí ach le dhá chuideachta.

(13)  Iarraidh, pointe 60, leathanach 12.

(14)  Sa tréimhse tuairiscithe, bhain 40 % d’allmhairí na Malaeisia go dtí an tAontas leo cheana.

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2093 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2017 lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1331/2011 ón gComhairle ar allmhairí píobáin agus feadáin gan uaim áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ón India, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh India nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar clárú na n-allmhairí sin a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/272 ón gCoimisiún (IO L 299, 16.11.2017, lch. 1.).

(16)  Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, an Coimisiún v Kolachi Raj Industrial, C-709/17 P, AE:C:2019:717, mír 96 agus an cásdlí a luaitear.

(17)  Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, An Coimisiún / Kolachi Raj Industrial, C-709/17 P, AE:C:2019:717, mír 90.

(18)  Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, an Coimisiún v Kolachi Raj Industrial, C-709/17 P, ECLI:EU:C:2019:717, mír 82 agus an cásdlí a luaitear.

(19)  Sa chás sin, tagraíonn ‘caighdeán’ d’fheistis gan uaim a tháirgtear ó phíobáin agus feadáin gan uaim, amhail uillinneacha, tíonna agus laghdaitheoirí.

(20)  D’allmhairigh Pantech mionchainníochtaí de phlátaí ó Dhaon-Phoblacht na Síne in 2015 agus 2018.

(21)  Iarraidh, roinn C.3.1 go dtí C.3.3.

(22)  Táirgí leis na saintréithe sonracha céanna a bhfuil caighdeáin éagsúla acu, suíodh go bhfuil siad idirmhalartaithe. Féach aithrisí (52) go (60) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 ón gCoimisiún (IO L 22, 27.1.2017, lch. 14).


IARSCRÍBHINN

Dearbhú arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc tráchtála á eisiúint, ní mór an dearbhú sin, san fhormáid seo a leanas, a bheith ar an sonrasc tráchtála bailí dá dtagraítear in Airteagal 1(3):

(1)

ainm agus feidhm oifigeach an eintitis a bhfuil an sonrasc tráchtála á eisiúint aige;

(2)

An dearbhú seo a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, maidir le (méid) an (táirge faoi imscrúdú) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) an táirge sin a mhonarú é sa tír seo: (tír lena mbaineann). Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart”;

(3)

Dáta agus síniú.


3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/38


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/454 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Márta 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte toltrazairil i ndáil lena huasteorainn iarmhar in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14, i gcomhar le hAirteagal 17 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Coimisiún, trí bhíthin Rialacháin, le huasteorainneacha iarmhar (“MRLanna”) a bhunú le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san Aontas i dtáirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe, nó i dtáirgí bithicídeacha a úsáidtear i bhfeirmeoireacht ainmhithe.

(2)

Le Tábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de mar aon le haicmiú na substaintí sin maidir le MRLanna i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch.

(3)

Áirítear toltrazairil sa tábla sin cheana féin mar shubstaint atá ceadaithe le haghaidh gach speicis mhamaigh ar bia-ainmhí é i ndáil le matán, saill (craiceann agus saill i gcoibhneasa nádúrtha i gcás speicis mhucúla), an t-ae agus an duán, seachas ainmhithe a tháirgeann bainne lena chaitheamh ag an duine. Thairis sin, áirítear an tsubstaint sin mar shubstaint atá ceadaithe le haghaidh éanlaith chlóis i ndáil le matán, saill, craiceann agus saill, an t-ae agus an duán. Mar sin féin, níl an tsubstaint ceadaithe lena húsáid in ainmhithe as a dtáirgtear uibheacha lena gcaitheamh ag an duine.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (b) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 an 29 Meitheamh 2021, chuir Ríocht na hÍsiltíre iarratas isteach chuig an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (“Gníomhaireacht”) chun an iontráil atá ann cheana maidir le toltrazairil in éanlaith chlóis a leathnú chun uibheacha sicín a chumhdach.

(5)

An 9 Nollaig 2021 trí bhíthin na tuairime ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta, mhol an Ghníomhaireacht MRL a bhunú le haghaidh toltrazairile in uibheacha sicín.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Ghníomhaireacht chun breithniú a dhéanamh maidir le MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de in mbia-ábhar áirithe a úsáid le haghaidh bia-ábhar eile a dhíorthaítear ón speiceas céanna, nó MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speiceas amháin nó i níos mó ná speiceas amháin a úsáid le haghaidh speicis eile.

(7)

Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gurb iomchuí na MRLanna le haghaidh toltrazairile a eachtarshuí ó uibheacha sicín go dtí uibheacha éanlaithe clóis eile.

(8)

I bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht, an MRL a mholtar le haghaidh toltrazairile in uibheacha éanlaithe clóis, measann an Coimisiún gurb iomchuí é a bhunú.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 152, 16.6.2009, lch. 11.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh na substainte “toltrazairil”:

Substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de

Iarmhar marcála

Speiceas Ainmhíoch

MRL

Spriocfhíocháin

Forálacha Eile (de réir Airteagal 14(7) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009)

Aicme Theiripeach

“Toltrazairil

Sulfón toltrazairile

Gach speiceas mamach ar bia-ainmhí é

100 μg/kg

150 μg/kg

500 μg/kg

250 μg/kg

Matán

Saill

An t-ae

An duán

Maidir le speicis mhucúla, baineann an MRL saille le ‘craiceann agus saill i gcoibhneasa nádúrtha’.

Níor cheart é seo a úsáid in ainmhithe as a dtáirgtear bainne lena chaitheamh ag an duine.

Frithsheadánaigh/Oibreáin i gcoinne protozoa”

Éanlaith chlóis

100 μg/kg

200 μg/kg

600 μg/kg

400 μg/kg

140 μg/kg

Matán

Craiceann agus saill

An t-ae

An duán

Uibheacha

GAN IONTRÁIL


3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/41


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/455 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Márta 2023

lena gceartaítear Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le hearraí a thagann ó na limistéir nach bhfuil faoi rialú éifeachtach Rialtas na Cipire sna limistéir ina bhfeidhmíonn an Rialtas rialú éifeachtach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le córas faoi Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 10 den Ionstraim Aontachais (1), agus go háirithe Airteagal 4(12) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialáil Líne,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1166 ón gCoimisiún (2), leasaíodh Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 (3) agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis. Leis an leasú, baineadh tagairtí do phrátaí síl feirm-shábháilte de na forálacha sin go neamhbheartaithe, rud a d’athraigh raon feidhme na dtagairtí sin.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 a cheartú dá réir sin.

(3)

Chun an earráid a cheartú a luaithe is féidir agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le prátaí síl feirm-shábháilte, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartaítear Rialachán (CE) 1480/2004 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás prátaí, fíoróidh na saineolaithe thuas gur fásadh na prátaí sa choinsíneacht go díreach ó phrátaí síl a deimhníodh i gceann de na Ballstáit nó ó phrátaí síl a deimhníodh in aon tír eile nach bhfuil toirmeasc ina leith ar phrátaí atá le cur a theacht isteach san Aontas de bhun Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 nó ó phrátaí síl feirm-shábháilte a fásadh, faoi mhaoirseacht na saineolaithe, mar chéad sliocht na bprátaí síl deimhnithe dá dtagraítear sa mhír seo.”

;

(2)

i bpointe 10 d’Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fleasc:

“—

i gcás prátaí, gur fásadh na prátaí sa choinsíneacht go díreach ó phrátaí síl a deimhníodh i gceann de na Ballstáit nó ó phrátaí síl a deimhníodh in aon tír eile nach bhfuil toirmeasc ina leith ar phrátaí atá le cur a theacht isteach san Aontas de bhun Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 nó ó phrátaí síl feirm-shábháilte a fásadh, faoi mhaoirseacht na saineolaithe thuas, mar chéad sliocht na bprátaí síl deimhnithe dá dtagraítear thuas.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 161, 30.4.2004, lch. 128.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1166 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le hearraí a thagann ó na limistéir nach bhfuil faoi rialú éifeachtach Rialtas na Cipire sna limistéir ina bhfeidhmíonn an Rialtas rialú éifeachtach (IO L 181, 7.7.2022, lch. 11).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le hearraí a thagann ó na limistéir nach bhfuil faoi rialú éifeachtach Rialtas na Cipire sna limistéir ina bhfeidhmíonn an Rialtas rialú éifeachtach (IO L 272, 20.8.2004, lch. 3).


CINNTÍ

3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/43


CINNEADH (AE) 2023/456 ÓN gCOMHAIRLE

An 21 Feabhra 2023.

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, is féidir le Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 (“Prótacal 37” a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú).

(3)

Tá Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE, bunófar é ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhrusséil an 21 Feabhra 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2022/622/CE, (IO C 196, 12.6.2019, lch. 16).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh […] Ó CHOMHCHOISTE LEE

an …

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2002/622/CE (1) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Le Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019, aisghairtear Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún (2), Cinneadh atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá, dá bharr sin, le haisghairm faoi Chomhaontú LEE.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 5ch (Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

32019 D 0612(01): Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2002/622/CE, (IO C 196, 12.6.2019, lch. 16).

Léifear forálacha an Chinnidh, chun críocha an Chomhaontaithe reatha, agus an t-oiriúnú seo a leanas orthu:

(a)

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(4) maidir le Stáit CSTE.

Módúlachtaí maidir le comhlachas Stáit CSTE i gcomhréir le hAirteagal 101 den Chomhaontú seo:

Glacfaidh Stáit CSTE páirt iomlán sa Ghrúpa um Beartas Speictrim Raidió agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag na Ballstáit den Aontas, cé is moite den cheart vótála. Ní bheidh comhaltaí ó Stáit CSTE incháilithe le haghaidh Chathaoirleacht an Ghrúpa um Beartas Speictrim Raidió ná a fhoghrúpaí”

Airteagal 2

I bpointe 16 de Phrótacal 37, cuirtear na focail “Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019” in ionad na bhfocal “Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún”.

Airteagal 3

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)  IO C 196, 12.6.2019, lch. 16.

(2)  IO L 198, 27.7.2002, lch. 49.

(*)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]


3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/47


CINNEADH (CBES) 2023/457 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Márta 2023

lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/119/CBES (1).

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2014/119/CBES, ba cheart síneadh a chur le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe go dtí an 6 Márta 2024. Ina theannta sin, ba cheart an fhaisnéis san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES maidir le cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a nuashonrú.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/119/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 6 Márta 2024.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in/sa Bhrusséil an 2 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. BUSCH


(1)  Cinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle an 5 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO L 66, 6.3.2014, lch. 26).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn B (Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil):

“B.    Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil

Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil faoi Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil

Foráiltear le hAirteagal 42 de Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil (“an Cód um Nós Imeachta Coiriúil”) go bhfuil cearta chun cosanta ag an uile dhuine atá faoi dhrochamhras nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla chomh maith leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Áirítear orthu sin: an ceart go n-inseofar do dhuine faoin gcion coiriúil a bhfuil amhras ina leith faoi nó a cuireadh ina leith; an ceart go n-inseofar, go sainráite agus gan mhoill, do dhuine faoi na cearta atá aige faoin gCód um Nós Imeachta Coiriúil; an ceart chun, arna iarraidh sin den chéad uair, teacht ar dhlíodóir cosanta; an ceart chun achainíocha a thíolacadh le haghaidh caingne nós imeachta; agus an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhaíochtaí agus neamhghníomhartha an imscrúdaitheora, an ionchúisitheora phoiblí agus an bhreithimh imscrúdaithe.

Le hAirteagal 303 de Chód um Nós Imeachta Choiriúil, déantar idirdhealú idir cinntí agus neamhghníomhartha ar féidir agóid a dhéanamh ina gcoinne le linn na n-imeachtaí réamhthrialach (an chéad mhír) agus cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha is féidir a bhreithniú sa chúirt le linn imeachtaí ullmhúcháin (an dara mír). Foráiltear le hAirteagal 306 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil nach mór do bhreitheamh imscrúdaithe de chuid Cúirte áitiúil gearáin i gcoinne chinntí, ghníomhartha nó neamhghníomhartha an imscrúdaitheora nó an ionchúisitheora phoiblí a bhreithniú i láthair an ghearánaigh nó a dhlíodóra cosanta nó a ionadaí dlíthiúil. Foráiltear le hAirteagal 308 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil go bhféadfar gearáin i gcoinne imscrúdaitheora nó ionchúisitheoir poiblí maidir le mainneachtain tréimhse réasúnach ama a urramú le linn an imscrúdaithe réamhthrialaigh, go bhféadfar iad a thaisceadh le hionchúisitheoir poiblí uachtarach agus nach mór iad a bhreithniú laistigh de 3 lá ón uair a thaisctear iad. Lena chois sin, sonraítear in Airteagal 309 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil na cinntí ó bhreithiúna imscrúdaithe a bhféadfar agóid a dhéanamh ina gcoinne le hachomharc, agus sonraítear ann freisin go bhféadfadh cinntí eile a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach le linn imeachtaí ullmhúcháin sa Chúirt. Anuas air sin, ní féidir caingne áirithe imscrúdaitheacha nós imeachta a thabhairt ach amháin faoi réir rialú ón mbreitheamh imscrúdaithe nó ó Chúirt (e.g. maoin a urghabháil faoi Airteagail 167–175, agus bearta coinneála faoi Airteagail 176-178, den Chód um Nós Imeachta Coiriúil).

Cur i bhfeidhm na gceart chun cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil i gcás gach duine de na daoine a liostaítear

2.   Vitalii Yuriyovych Zakharchenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Vitalii Zakharchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 19 Aibreán 2021 lena n-ordaítear Vitalii Zakharchenko a choinneáil faoi choimeád, chomh maith le rialú ó Chúirt Dúiche Pecherskyi i gCathair Chív an 10 Lúnasa 2021, lenar dtugtar cead imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929. Leis na cinntí sin ó na breithiúna imscrúdaithe dearbhaítear stádas Vitalii Zakharchenko mar dhuine faoi amhras agus cuirtear chun suntais go bhfuil an duine faoi amhras sin á cheilt féin ar an imscrúdú chun dliteanas coiriúil a sheachaint.

Thairis sin, tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Vitalii Zakharchenko a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe Vitalii Zakharchenko a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé an iarraidh ar aghaidh chuig Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol. Ina theannta sin, an 11 Bealtaine 2021, sheol an Úcráin iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise chun a fháil amach cá raibh Vitalii Zakharchenko, iarraidh dá dhiúltaigh an Rúis an 31 Lúnasa 2021.

Tá sé curtha in iúl ag an gComhairle gur cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929 i gcrích an 9 Feabhra 2022, agus an 5 Lúnasa 2022, tar éis cheanglais Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine a chomhlíonadh, gur sheol Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta díotáil chuig Cúirt Dúiche Pecherskyi i gCathair Chív chun tuillteanais an cháis a mheas.

Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil, níor lorg Vitalii Zakharchenko abhcóide cosanta chun ionadaíocht a dhéanamh dó sna himeachtaí coiriúla san Úcráin ach rinne abhcóide cosanta sannta ionadaíochta ar a leasanna. Ní féidir a fháil amach go ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Vitalii Zakharchenko an t-imscrúdú a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith Vitalii Zakharchenko.

6.   Viktor Ivanovych Ratushniak

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Viktor Ratushniak chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 19 Aibreán 2021 lena n-ordaítear Viktor Ratushniak a choinneáil faoi choimeád chomh maith le rialú ó Chúirt Dúiche Pecherskyi i gCathair Chív an 10 Lúnasa 2021, lenar dtugtar cead imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929. Leis na cinntí sin ó na breithiúna imscrúdaithe dearbhaítear stádas Viktor Ratushniak mar dhuine faoi amhras agus cuirtear chun suntais go bhfuil an duine faoi amhras sin ar á cheilt féin ón imscrúdú chun dliteanas coiriúil a sheachaint.

Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Viktor Ratushniak a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe Viktor Ratushniak a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé an iarraidh ar aghaidh chuig Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol. Ina theannta sin, an 11 Bealtaine 2021, sheol an Úcráin iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise chun a fháil amach cá raibh Viktor Ratushniak, iarraidh dá dhiúltaigh an Rúis an 31 Lúnasa 2021.

Tá sé curtha in iúl ag an gComhairle gur cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929 i gcrích an 9 Feabhra 2022, agus an 5 Lúnasa 2022, tar éis cheanglais Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine a chomhlíonadh, gur sheol Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta díotáil chuig Cúirt Dúiche Pecherskyi i gCathair Chív chun tuillteanais an cháis a mheas.

Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil, níor lorg Viktor Ratushniak abhcóide cosanta chun ionadaíocht a dhéanamh dó sna himeachtaí coiriúla san Úcráin ach rinne abhcóide cosanta sannta ionadaíochat ar a leasanna. Ní féidir a fháil amach go ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Viktor Ratushniak a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith Viktor Ratushniak.

12.   Serhiy Vitalyovych Kurchenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Serhiy Kurchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe leis an bhfíoras gur tugadh fógra don chosaint gur tugadh chun críche an t-imscrúdú réamhthrialach i dtaobh imeacht coiriúil Uimh. 42016000000003393 an 28 Márta 2019 agus gur tugadh rochtain ar na hábhair di ar mhaithe le taithíocht. Anuas air sin, an 11 Deireadh Fómhair 2021, chuir Biúró Náisiúnta na hÚcráine in aghaidh Éilliú dlíodóirí cosanta Serhiy Kurchenko ar an eolas faoi thabhairt chun críche an imscrúdaithe réamhthrialach agus faoin rochtain ar ábhair an imscrúdaithe réamhthrialach a tugadh ar mhaithe le taithíocht. Fuair an Chomhairle faisnéis gur chuir Biúró Náisiúnta na hÚcráine in aghaidh Éilliú foriarratas isteach ar théarma a leagan síos don athbhreithniú arna ndéanamh ag an bpáirtí cosanta chun aghaidh a thabhairt ar an moill a bhí ar an bpáirtí cosanta athbhreithniú a dhéanamh ar ábhair an imscrúdaithe réamhthrialaigh. Cuireadh in iúl don Chomhairle go ndearna an Ard-Chúirt na hÚcráine in aghaidh Éilliú, ina cinneadh dar dáta an 27 Meitheamh 2022, teorainn ama go dtí an 1 Nollaig 2022 a leagan síos don pháirtí cosanta chun an próiseas taithíochta a chur i gcrích, agus ina dhiaidh sin meastar gur fheidhmigh siad a gceart chun rochtain a fháil ar na hábhair. An 7 Nollaig 2022, sheol Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh Éilliú an díotáil chuig Ard-Chúirt na hÚcráine in aghaidh Éilliú chun tuillteanais an cháis a mheas.

Maidir le himeacht coiriúil Uimh. 12014160020000076, sa chinneadh uaithi an 18 Meán Fómhair 2020, cheadaigh Cúirt Achomhairc Odessa achomharc an ionchúisitheora agus d’fhorchuir sí beart coisctheach coinneála faoi choimeád ar Serhiy Kurchenko. Dúirt an Chúirt freisin gur fhág Serhiy Kurchenko an Úcráin in 2014 agus nach eol cá bhfuil sé. Chinn an Chúirt go bhfuil Serhiy Kurchenko á cheilt féin ó na comhlachtaí imscrúdaithe réamhthrialach chun dliteanas coiriúil a sheachaint. An 20 Nollaig 2021, thug Cúirt Dúiche Kyivskyi, Cathair Odesa, cead chun imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in absentia. Thairis sin, an 20 Deireadh Fómhair 2021, dhíbh Cúirt Dúiche Kyivskyi, Cathair Odesa achomharc na ndlíodóirí chun rún an ionchúisitheora an 27 Iúil 2021, an t-imscrúdú réamhthrialach a chur ar fionraí, a chur ar ceal.

Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Serhiy Kurchenko a chuardach. An 13 Bealtaine 2021, chuir Príomh-Roinn na bPóilíní Náisiúnta i Réigiún Odessa an iarraidh ar aghaidh chuig Biúró Interpol na hÚcráine agus chuig Europol le Fógra Dearg a fhoilsiú i leith Serhiy Kurchenko, atá faoi bhreithniú. Cuireadh in iúl don Chomhairle an 29 Aibreán 2020 gur chuir údaráis na hÚcráine iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise, a cuireadh ar ais an 28 Iúil 2020 gan forghníomhú.

Cuireadh in iúl don Chomhairle gur cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach in imeacht coiriúil Uimh. 12014160020000076 i gcrích an 6 Bealtaine 2022 agus gur chuir Oifig Ionchúisitheora Réigiún Odessa díotáil chuig Cúirt Dúiche Prymorskyi, Cathair Odesa an 1 Lúnasa 2022 chun tuillteanais an cháis a mheas.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Serhiy Kurchenko a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ó Chúirt Achomhairc Odessa agus a chuirtear i leith Serhiy Kurchenko agus de bharr neamh-fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.”.


3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/51


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/458 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Márta 2023

maidir le neamh-fhormheas substaintí gníomhacha áirithe lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 89(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2), in Iarscríbhinn II de, bunaítear liosta de theaglamaí de shubstaintí gníomhacha agus cineálacha táirgí a áirítear sa chlár athbhreithniúcháin ar shubstaintí gníomhacha atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha.

(2)

I gcás roinnt teaglamaí de shubstaintí gníomhacha agus cineálacha táirgí a áirítear sa liosta sin, rinne na rannpháirtithe uile a dtacaíocht a tharraingt siar nó meastar go ndearna siad a dtacaíocht a tharraingt siar in am trátha.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán cuireadh oscailte chun ról an rannpháirtí a ghlacadh i gcás na dteaglamaí sin de shubstaintí gníomhacha agus cineálacha táirge nár glacadh ról an rannpháirtí ina leith roimhe sin. I gcás na dteaglamaí sin, níor cuireadh aon fhógra faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimeacán laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear le hAirteagal 14(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 20, an chéad mhír, pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, níor cheart na teaglamaí sin de shubstaintí gníomhacha agus cineálacha táirge a fhormheas lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Níl na substaintí gníomhacha a liostaítear san Iarscríbhinn formheasta le haghaidh na gcineálacha táirge a shonraítear inti.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá i dtáirgí bithicídeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Teaglamaí de shubstaintí gníomhacha agus de chineál táirge nach bhfuil formheasta:

Uimhir Iontrála in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1062/2014

Ainm na substainte

Ballstát rapporteur

Uimhir CE

Uimhir CAS

An cineál/na cineálacha táirge

1022

Peintihiodrocsaíd chlóiríde dé-alúmanaim

NL

234-933-1

12042-91-0

2

691

N-(hiodrocsaimeitil)glicíonáit sóidiam

AT

274-357-8

70161-44-3

6

459

Mais imoibriúcháin dé-ocsaíde tíotáiniam agus clóiríd airgid

SE

Níl fáil air

Níl fáil air

1, 2, 6, 7, 9, 10, 11

531

(beinsiolocsa)meatánól

AT

238-588-8

14548-60-8

13

1016

Hiodrocsaimeitilglicionáit sóidiam

SE

232-033-3

7783-90-6

1

444

7a-eitildéhidri-1H,3H,5H-ocsasóló[3,4-c]ocsasól (EDHO)

PL

231-810-4

7747-35-5

6, 13

797

clóiríd chis~1-(3-clóra-aillil)-3,5,7-tríosa-1-asóinia-adamantán (cis CTAC)

PL

426-020-3

51229-78-8

6, 13

368

Meitéanaimín 3-clóraillileaclóiríd (CTAC)

PL

223-805-0

4080-31-3

6, 12, 13


3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/54


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/459 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Márta 2023

gan 2,2-Débhrómai-2-cianaicéataimíd (DBNPA) a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin 2,2-Débhrómai-2-cianaicéataimíd (DBNPA) (Uimh. CE: 233-539-7; Uimh. CAS: 10222-01-2).

(2)

Rinneadh meastóireacht ar DBNPA lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4, is é sin bia agus áiteanna beatha, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

Ainmníodh an Danmhairg mar an Ballstát is rapóirtéir agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnachta mar aon lena chonclúidí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) an 27 Nollaig 2016. Tar éis don tuarascáil mheasúnachta a bheith curtha isteach, rinneadh plé ag cruinnithe teicniúla a d’eagraigh an Ghníomhaireacht.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 75(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, is é an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha atá freagrach as an tuairim ón nGníomhaireacht a ullmhú maidir le hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht an 25 Meitheamh 2019 (“tuairim an 25 Meitheamh 2019”) (3), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil mheastóireachta.

(5)

De réir thuairim an 25 Meitheamh 2019, tá airíonna suaite inchrínigh ag DBNPA a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar dhaoine agus ar an gcomhshaol (orgánaigh nach spriocorgánaigh iad) ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún (4). Dá bhrí sin, comhlíonann DBNPA na critéir eisiaimh a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. I dtuairim an 25 Meitheamh 2019, measadh freisin, maidir leis na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann le húsáid an táirge bhithicídigh ionadaíoch a cuireadh i láthair san iarratas ar DBNPA a fhormheas le haghaidh cineál táirge 4, go raibh na rioscaí sin inghlactha faoi réir bearta maolaithe riosca iomchuí, ach thángthas ar an gconclúid freisin, i bhfianaise nochtadh an duine agus an chomhshaoil do DBNPA, nach féidir riosca a bhaineann le hairíonna suaite inchrínigh a chur as an áireamh.

(6)

De bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ní fhéadfar substaint ghníomhach a chomhlíonann na critéir eisiaimh a fhormheas ach amháin má léirítear go gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha maidir le maolú a leagtar amach san Airteagal sin. Agus cinneadh á dhéanamh an bhféadfar substaint ghníomhach a fhormheas ar an mbonn sin, tabharfar aird ar leith ar infhaighteacht substaintí malartacha atá oiriúnach agus leordhóthanach nó teicneolaíochtaí malartacha atá oiriúnach agus leordhóthanach.

(7)

Rinne an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht, comhairliúchán poiblí idir an 11 Deireadh Fómhair 2019 agus an 10 Nollaig 2019 (“an comhairliúchán poiblí”) chun faisnéis a bhailiú i dtaobh ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(8)

Rinne an Coimisiún tuairim an 25 Meitheamh 2019 agus aighneachtaí uile an chomhairliúcháin phoiblí a phlé le hionadaithe na mBallstát ag cruinniú a bhí ag an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha i mí Feabhra 2020. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit a chur in iúl an measann siad go gcomhlíonfaí ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ina gcríoch féin, agus bonn cirt a sholáthar. Thángthas ar an gconclúid go raibh gá le hanailís bhreise a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil le linn an chomhairliúcháin chun measúnú a dhéanamh an bhféadfaí a mheas gur chomhlíonadh an coinníoll in Airteagal 5(2), pointe (a). An 8 Iúil 2020, de bhun Airteagal 75(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht (5) a tuairim a athbhreithniú agus a shoiléiriú an bhféadfaí tairseach sábháilte a dhíorthú i ndáil le hairíonna suaite inchrínigh DBNPA, measúnú a dhéanamh ar an méid a d’fhéadfadh úsáid DBNPA mar shubstaint ghníomhach bithicídeach le meántomhaltas laethúil bróimíde agus le timpeallacht an chomhshaoil agus teacht ar chonclúid an bhféadfaí a mheas cé acu an bhfuil na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol inghlactha nó nach bhfuil.

(9)

Ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim athbhreithnithe ón nGníomhaireacht an 30 Samhain 2021 (“tuairim an 30 Samhain 2021”) (6), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta.

(10)

De réir thuairim an 30 Samhain 2021, meastar, maidir leis na rioscaí a bhaineann le nochtadh do bhróimíde arna ndíorthú as DBNPA, rioscaí a eascraíonn as úsáid táirgí bithicídeacha ina bhfuil DBNPA de chineál táirge 4, lena n-áirítear na rioscaí a eascraíonn as a héifeachtaí suaite inchrínigh, go bhfuil na rioscaí sin inghlactha do dhaoine agus don chomhshaol a mhéid a bhaineann leis an táirge bithicídeach ionadaíoch a cuireadh i láthair san iarratas ar fhormheas, faoi réir bearta iomchuí maolaithe riosca. Dá bhrí sin, gan dochar d’fhorálacha Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, féadfar coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh táirgí bithicídeacha de chineál táirge 4 ina bhfuil DBNPA na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b) den Rialachán sin.

(11)

Rinne an Coimisiún tuairim an 30 Samhain 2021 agus aighneachtaí uile an chomhairliúcháin phoiblí a phlé le hionadaithe na mBallstát i gcruinnithe an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha a tionóladh i mí an Mhárta 2022 agus i mí an Mheithimh 2022. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit arís a chur in iúl an measann siad go gcomhlíonfaí ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ina gcríoch féin, agus bonn cirt a sholáthar. Níor chuir aon Bhallstát in iúl go gcomhlíonfaí na coinníollacha sin ar a chríoch, i bhfianaise roghanna malartacha a bheith infhaighte, ar rud é ar a thabharfar aird ar leith i gcomhthéacs Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(12)

Go deimhin, ar bhonn na faisnéise a bailíodh agus ar na tuairimí a chuir na Ballstáit in iúl, tá substaintí malartacha atá oiriúnach agus leordhóthanach nó teicneolaíochtaí malartacha atá oiriúnach agus leordhóthanach ar fáil. Is éard atá sa táirge bithicídeach ionadaíoch a chuir an t-iarratasóir i láthair san iarratas ar fhormheas táirge a bhaineann úsáideoirí gairmiúla/tionsclaíocha (amhail saoráidí tionsclaíocha táirgthe maonáise nó iógairt, soithí coipthe le haghaidh beorach nó táirgí coipthe eile) úsáid as chun soithí próiseála bia a dhíghalrú. I dtuairim an 30 Samhain 2021, liostaítear roinnt substaintí gníomhacha mar roghanna malartacha féideartha (7). Tá 26 shubstaint ghníomhacha formheasta cheana lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4, agus tá 37 substaint ghníomhacha eile fós faoi scrúdú laistigh den chlár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha atá ann cheana de bhun Airteagal 89 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Thairis sin, formheasadh substaintí gníomhacha eile faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 tar éis measúnú a dhéanamh ar tháirgí bithicídeacha ionadaíocha atá comhchosúil leis an táirge bithicídeach ionadaíoch a cuireadh i láthair san iarratas ar fhormheas DBNPA (8). Níor chuir an t-iarratasóir aon fhianaise isteach a léiríonn nach bhféadfaí aon cheann de na substaintí gníomhacha sin a úsáid chun na críche céanna le DBNPA. Ar deireadh, chuir roinnt ionadaithe ó na Ballstáit in iúl le linn an phlé sa Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha nach raibh aon táirge bithicídeach ina bhfuil DBNPA le haghaidh cineál táirge 4 cláraithe faoina rialacha náisiúnta féin ná nár cuireadh aon táirge den chineál sin ar a margadh d’ainneoin tionscail phróiseála bia a bheith ar a gcríoch, agus go raibh substaintí gníomhacha malartacha agus táirgí bithicídeacha malartacha ar fáil ar a gcríoch féin le haghaidh na húsáide céanna nó úsáide comhchosúla, amhail táirgí bithicídeacha ina bhfuil aigéad sáraicéiteach nó sárocsaíd hidrigine.

(13)

Thairis sin, an táirge bithicídeach ionadaíoch a chuir an t-iarratasóir i láthair, ní féidir é a mheas mar tháirge a úsáidtear i gcórais iata nó faoi dhálaí eile arb é is aidhm dóibh an teagmháil a bhíonn ag daoine leis agus scaoileadh amach sa chomhshaol a eisiamh, ós rud é, de réir thuairim an 30 Samhain 2021, go bhféadfadh iarmhair a bheith i mbuidéil dhíghalraithe mar thoradh ar a úsáid, fiú tar éis na buidéil sin a shruthlú, agus go bhféadfadh scaoileadh amach sa chomhshaol trí fhuíolluisce a bheith mar thoradh ar a úsáid. Le tuairim an 30 Samhain 2021, cé go dtagtar ar an gconclúid go bhféadfaí a mheas go bhfuil na rioscaí don duine agus don chomhshaol inghlactha, i bhfianaise na seasamh a léirigh ionadaithe na mBallstát sa Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, ní thagtar ar an gconclúid go bhféadfaí a mheas gur diomaibhseach na rioscaí sin. Ós rud é, ina theannta sin, go bhfuil substaintí malartacha atá oiriúnach agus leordhóthanach nó teicneolaíochtaí malartacha atá oiriúnach agus leordhóthanach ar fáil, dá bhrí sin, an coinníoll in Airteagal 5(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ní chomhlíontar é.

(14)

Níor chuir an t-iarratasóir aon fhaisnéis shonrach ná aon bhonn cirt isteach chun a léiriú go mbeadh DBNPA bunriachtanach chun baol tromchúiseach do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol a chosc nó a rialú. Ós rud é, ina theannta sin, go bhfuil substaintí malartacha atá oiriúnach agus leordhóthanach nó teicneolaíochtaí malartacha atá oiriúnach agus leordhóthanach ar fáil, dá bhrí sin, an coinníoll in Airteagal 5(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ní chomhlíontar é.

(15)

Níor chuir an t-iarratasóir aon fhaisnéis isteach lena léirítear go mbeadh tionchair dhiúltacha dhíréireacha ag neamh-fhormheas DBNPA ar an tsochaí i gcomparáid leis na rioscaí do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol a d’eascródh as úsáid na substainte. Ós rud é, ina theannta sin, go bhfuil substaintí malartacha atá oiriúnach agus leordhóthanach nó teicneolaíochtaí malartacha atá oiriúnach agus leordhóthanach ar fáil, dá bhrí sin, an coinníoll in Airteagal 5(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ní chomhlíontar é.

(16)

Dá réir sin, níor léirigh an t-iarratasóir go gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír,de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Is iomchuí, dá bhrí sin, gan DBNPA a fhormheas lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

2,2-Débhrómai-2-cianaicéataimíd (DBNPA), (Uimh. CE: 233-539-7; Uimh. CAS: 10222-01-2) ní fhormheastar í mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Márta 2023

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).

(3)  Biocidal Products Committee Opinion on the application for approval of the active substance: 2,2-Dibromo-2-cyanoacetamide (DBNPA), Product type: 4, ECHA/BPC/225/2019, [Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar an tsubstaint ghníomhach a fhormheas: 2,2-Débhrómai-2-cianaicéataimíd, Cineál táirge: 4, ECHA/BPC/225/2019], arna glacadh an 25 Meitheamh 2019.

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 lena leagtar amach na critéir eolaíocha chun airíonna suaite inchrínigh a chinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 301, 17.11.2017, lch. 1).

(5)  Sainordú lena n-iarrtar tuairim ón ECHA faoi Airteagal 75(1)(g) den BPR, Evaluation of the level of the risks for human health and for the environment of DBNPA used in biocidal products of product type 4 [Meastóireacht ar leibhéal na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann le DBNPA a úsáidtear i dtáirgí bithicídeacha de chineál 4].

(6)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: 2,2-Débhrómai-2-cianaicéataimíd (DBNPA), Cineál táirge: 4, ECHA/BPC/300/2021, arna glacadh an 30 Samhain 2021.

(7)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: 2,2-Débhrómai-2-cianaicéataimíd (DBNPA), Cineál táirge: 4, ECHA/BPC/300/2021, a glacadh an 30 Samhain 2021, leathanach 16: eatánól 2-feanocsach, Clóirín gníomhach (a ghintear ó chlóiríd sóidiam trí leictrealú nó a scaoiltear ó aigéad hipeaclórúil), Clóirín gníomhach (a scaoiltear ó hipeaclóirít chailciam), Clóirín gníomhach (a scaoiltear ó hipeaclóirít sóidiam), Aigéad brómaicéiteach, C(M)IT/MIT, Aigéad deacánóch, Glútaraildéad, Sárocsaíd hidrigine, Iaidín, Aigéad L(+) lachtach, Aigéad ochtánóch, Aigéad sáraicéiteach, Aigéad sáraicéiteach a ghintear ó theatraicéitileitiléindé-aimín (TAED) agus ó shárcharbónáit sóidiam, PHMB (1415;4.7), PHMB (1600;1.8), Iaidín polaivinil-pioróladón, Própán-1-ól, Própán-2-ól, Aigéad salaicileach.

(8)  Mar shampla: aigéad lachtach, aigéad ochtánóch, aigéad deacánóch, aigéad sáraicéiteach nó glútaraildéad.


3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/58


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/460 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Márta 2023

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le himíodaclóiprid lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh imíodaclóiprid san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, meastar í a bheith formheasta faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

An formheas maidir le imíodaclóiprid a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (“an formheas”), rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2023. An 23 agus an 24 Nollaig 2021, cuireadh isteach dhá iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun an formheas a athnuachan (“na hiarratais”).

(3)

An 27 Aibreán 2022, chuir údarás inniúil meastóireachta na Gearmáine an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar na hiarratais. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(5)

Laistigh de 270 lá tar éis don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, déanfaidh sí tuairim maidir le hathnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula mbeidh cinneadh déanta maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais. Agus na teorainneacha ama le haghaidh na meastóireachta ag an údarás inniúil meastóireachta agus le haghaidh ullmhú agus chur isteach na tuairime uaithi ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán á gcur san áireamh, agus an t-am is gá chun cinneadh a dhéanamh an bhféadfar an formheas maidir le himíodaclóiprid lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a athnuachan á chur an áireamh freisin, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2025.

(7)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth, leanfaidh imíodaclóiprid de bheith formheasta lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le himíodaclóiprid lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, cuirtear ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2025 é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).


Ceartúcháin

3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/60


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2023/426 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 59I an 25 Feabhra 2023

(IO L Eagrán Speisialta Gaeilge L 59I, lch. 1))

(1)

Ar leathanach 2, Airteagal 1, pointe (2), an fhoclaíocht réamhráiteach in Airteagal 6b, mír 5a:

in ionad:

“5a.   De mhaolú ar Airteagal 2, mír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, go ndéanfar cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 101 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas sin, tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:”,

léitear:

“5a.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, go ndéanfar cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 101 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I iad a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas sin, tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:”.

(2)

Ar leathanach 3, Airteagal 1, pointe (2), in Airteagal 6b, mír 5b:

in ionad:

“5b.   De mhaolú ar Airteagal 2, mír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, go ndéanfar cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 193 faoin gceannteideal ‘Eintits’ in Iarscríbhinn I iad a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas sin, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin riachtanach chun oibríochtaí, conarthaí, nó comhaontuithe eile arna dtabhairt i gcrích leis an eintiteas sin, nó a bhfuil baint acu ar bhealach eile leis an eintiteas sin, roimh an 25 Feabhra 2023 a fhoirceannadh faoin 26 Lúnasa 2023.”,

léitear:

“5b.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, go ndéanfar cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 193 faoin gceannteideal ‘Eintits’ in Iarscríbhinn I iad a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas sin, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin riachtanach chun oibríochtaí, conarthaí, nó comhaontuithe eile arna dtabhairt i gcrích leis an eintiteas sin, nó a bhfuil baint acu ar bhealach eile leis an eintiteas sin, roimh an 25 Feabhra 2023 a fhoirceannadh faoin 26 Lúnasa 2023.”.