ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 65 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
66 |
|
|
Ceartúcháin |
|
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
2.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 65/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/444 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Nollaig 2022
lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 109 (8) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 109 (8) de Threoir (AE) 2018/1972, chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” sna Ballstáit a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, leis an gcéad ghníomh den sórt sin le glacadh faoin 21 Nollaig 2022. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, déanfar míreanna 2, 5 agus 6 d’Airteagal 109 den Treoir maidir leis na bearta is gá chun comhoiriúnacht, idir-inoibritheacht, cáilíocht, iontaofacht agus leanúnachas na cumarsáide éigeandála san Aontas a áirithiú maidir le réitigh faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, rochtain d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú chuig an bpointe freagartha glaonna éigeandála (PSAP) is iomchuí. |
(2) |
Gné thábhachtach is ea an chumarsáid éigeandála maidir le sábháilteacht, slándáil agus sláinte an phobail. Le breis agus 30 bliain anuas, bhí saoránaigh den Aontas ag brath ar rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” á húsáid acu. Ba cheart go mbeadh siad ábalta é sin a dhéanamh sa domhan digiteach fós. Ba cheart go mbainfeadh saoránaigh tairbhe as faisnéis chomhthéacsúil chuimsitheach agus thráthúil a sheachadadh chun aghaidh a thabhairt ar chás éigeandála. Leis an ardleibhéal nascachta ar a ndíríonn aistriú digiteach na hEorpa, mar a léirítear sa Chinneadh lena mbunaítear Clár Beartais na Deacáide Digití 2030 (2), tá ascnamh teicneolaíoch á thabhairt isteach i dteicneolaíochtaí uile-IP na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáideann saoránaigh, go háirithe daoine faoi mhíchumas. Spreagtar leis an aistriú ó theicneolaíochtaí ciorcadlasctha go teicneolaíochtaí paicéadlasctha i líonraí cumarsáide leictreonaí úsáid seirbhísí gutha trí Fhochóras Ilmheán IP atá bunaithe ar theicneolaíochtaí VoIP fostaithe agus móibíleacha arna mbainistiú amhail Éabhlóid Fhadtéarmach Ghuthaithe (VoLTE), Raidió Nua Guthaithe (VoNR in 5G) agus Wi-Fi Guthaithe (VoWiFi). Cumasaíonn teicneolaíochtaí paicéadlasctha seirbhísí téacs agus físeánbhunaithe amhail téacs fíor-ama agus seirbhísí comhrá iomláin. Ní féidir leis na líonraí oidhreachta ciorcadlasctha, ar nós líonraí 2G agus 3G atá á ndíchoimisiúnú, tacú leis na seirbhísí cumarsáide sin bunaithe ar IP. Dá bhrí sin, tá gá le cumarsáid éigeandála a ascnamh go teicneolaíochtaí paicéadlasctha freisin. Tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo a áirithiú go ndéanfar cáilíocht agus iontaofacht na cumarsáide éigeandála a áirithiú sa phróiseas bunathraitheach sin. |
(3) |
Is é is aidhm do na seirbhísí éigeandála éifeachtaí teagmhais éigeandála a sheachaint, a mhaolú nó a bhainistiú trí idirghabháil éigeandála. Bíonn tionchar bunúsach ag an am is gá don idirghabháil éigeandála ar thoradh na dteagmhas éigeandála. Éilítear le hidirghabháil éigeandála éifeachtach slógadh tapa na n-acmhainní idirghabhála a d’fhéadfadh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an teagmhas éigeandála, agus teacht go tapa chuig an láthair idirghabhála. |
(4) |
Is é is cuspóir don chumarsáid éigeandála go mbeidh úsáideoirí deiridh ábalta rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála chun faoiseamh éigeandála a iarraidh agus a fháil ó na seirbhísí éigeandála. Cé go gcuirtear an chumarsáid éigeandála ar bun idir an t-úsáideoir deiridh agus an PSAP, ba cheart é a bheith ina ról ag an PSAP is iomchuí an fhaisnéis a fhaightear a phróiseáil agus an t-iarratas a chur in iúl do na seirbhísí éigeandála, rud a áiritheoidh rochtain ar sheirbhísí éigeandála. Ag brath ar eagrú náisiúnta na gcóras PSAP agus na gcóras seirbhísí éigeandála, is féidir le PSAPanna agus seirbhísí éigeandála a bheith ina n-eintitis fhorluiteacha nó uathrialacha. |
(5) |
Chun rochtain ar sheirbhísí éigeandála a chumasú, ba cheart cumarsáid éifeachtach éigeandála a áirithiú idir an t-úsáideoir deiridh agus an PSAP is iomchuí agus faisnéis chomhthéacsúil a chur ar fáil go tráthúil, lena n-áirítear faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora. Leis an bhfaisnéis chomhthéacsúil cuirtear leis an tuairisc ar an teagmhas éigeandála, mar shampla, an timpeallacht fhisiciúil, riocht agus cumais na ndaoine lena mbaineann, logánú an teagmhais, etc. Le hinfhaighteacht agus cruinneas faisnéise comhthéacsúla féadfar na hacmhainní idirghabhála cuí a aithint go pras agus teacht go tapa ar an láthair idirghabhála, e.g. nuair atá suíomh cruinn an ghlaoiteora ar fáil. Féadfaidh an t-úsáideoir deiridh an fhaisnéis sin a chur in iúl do na seirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála, nó féadfar í a fháil go huathoibríoch ó ghléas an úsáideora deiridh nó an líonra. |
(6) |
Tá suíomh an ghlaoiteora ar cheann de na cineálacha faisnéise comhthéacsúla is tábhachtaí a bhaineann le cumarsáid éigeandála agus bíonn tionchar mór aige ar a n-éifeachtacht. Bíonn tionchar ag cruinneas agus iontaofacht faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora ar an am is gá chun suíomh na héigeandála a shainaithint agus teacht na seirbhísí éigeandála ar an láthair. |
(7) |
Le Treoir (AE) 2018/1972 ceanglaítear ar údaráis rialála inniúla critéir chruinnis agus iontaofachta shuíomh an ghlaoiteora a bhunú. Is ionann na critéir sin agus na híosleibhéil chruinnis agus iontaofachta maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora nach mór a chur chun feidhme ar chríoch an Bhallstáit trí theicneolaíochtaí gréasánbhunaithe agus teicneolaíochtaí a fhaightear ón sás láimhe. De réir chásdlí Cúirte Breithiúnais na hEorpa, ba cheart a áirithiú leis na critéir (3), laistigh de theorainneacha na féidearthachta teicniúla, go ndéanfar staid an úsáideora deiridh a aimsiú ar bhealach chomh hiontaofa agus chomh cruinn agus is gá le gur féidir leis na seirbhísí éigeandála cuidiú go húsáideach leis an úsáideoir deiridh. Áirithítear le meascán na dteicneolaíochtaí sin, fiú nuair a theipeann ar réiteach shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a chur ar fáil don PSAP is iomchuí, gur féidir leis na seirbhísí éigeandála brath ar shuíomh gréasánbhunaithe chun cuidiú úsáideach a thabhairt don úsáideoir deiridh, i.e. i gcomhréir leis na critéir maidir le cruinneas agus iontaofacht shuíomh an ghlaoiteora arna mbunú ag na Ballstáit. Maidir le critéir maidir le suíomh an ghlaoiteora, nach féidir íosleibhéil chruinnis agus iontaofachta a chruthú leo, d’fhéadfadh cur chun feidhme a bheith mar thoradh orthu nach n-áirithíonn go bhfaighidh na seirbhísí éigeandála faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora, ar féidir leo í a úsáid go héifeachtach. Ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé éifeacht chomhcheangailte réitigh shuíomh an ghlaoiteora atá indéanta go teicniúil a mheasúnú, agus íoschritéir a bhunú maidir le cruinneas agus iontaofacht shuíomh an ghlaoiteora, a chuirfeadh ar chumas na seirbhísí éigeandála, dá gcuirfí chun feidhme iad, idirghabháil a dhéanamh ar bhealach úsáideach. D’fhéadfadh an úsáid a bhaintear as cruinneas na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora a bheith éagsúil ag brath ar an limistéar ónar tháinig an chumarsáid éigeandála (e.g. uirbeach nó tuaithe) agus d’fhéadfaí é a léiriú dá réir sin sna critéir a leagtar síos. Chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú laistigh den Aontas maidir le socrú na gcritéar cruinnis agus iontaofachta lena n-áirithítear íosleibhéal faisnéise comhthéacsúla, is gá na paraiméadair a shainiú ar cheart do na húdaráis rialála inniúla a chur san áireamh agus critéir den sórt sin á leagan síos acu. Thairis sin, tá sé tábhachtach a mheabhrú, de bhun phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach mór do na húdaráis rialála inniúla comhoibriú lena chéile agus na critéir á leagan síos acu maidir le cruinneas agus iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora trí dhul i gcomhairle le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) nó le fóraim ábhartha eile atá inniúil chun treoir a thabhairt ina leith sin, chun éifeachtacht iomlán Airteagal 109(6) de Threoir (AE) 2018/1972 a áirithiú. |
(8) |
Féadfar cruinneas na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora a shloinneadh mar gha uasta an limistéir cuardaigh don idirghabháil a chuirtear i láthair na seirbhísí éigeandála. D’fhéadfaí agaí idirghabhála éigeandála a laghdú go mór nuair a bhíonn faisnéis ghréasánbhunaithe chruinn iontaofa maidir le suíomh an ghlaoiteora agus an fhaisnéise a fhaightear ón sás láimhe ar fáil don PSAP is iomchuí, go háirithe nuair nach bhfuil úsáideoirí deiridh a iarrann cúnamh éigeandála ábalta suíomh a shonrú. Dá bhrí sin, i gcás líonraí fosaithe, ba cheart do na Ballstáit na híosleibhéil cruinnis a chuirfear chun feidhme ar a gcríoch a chur in iúl mar fhaisnéis ó shuíomh an ghlaoiteora a bhaineann le seoladh fisiciúil chríochphointe an líonra, mar shampla, faoi threoir an tseolta nithiúil sráide, an árasáin, an urláir nó na faisnéise comhchosúla. Maidir le líonraí móibíleacha, ba cheart na híosleibhéil chruinnis a shloinneadh i méadair chun ga uasta an limistéir chuardaigh chothrománaigh a thugtar do na seirbhísí éigeandála chun críocha idirghabhála a léiriú. Más infheidhme agus más indéanta go teicniúil é, ba cheart an critéar maidir le cruinneas airde nó ingearach a shloinneadh i méadair freisin. Ba cheart do na Ballstáit a mheas an féidir na paraiméadair sin a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe atá neamhspléach ar líonra a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe nuair a úsáidtear iad i líonraí fosaithe nó i líonraí móibíleacha. |
(9) |
Ba cheart go mbainfeadh iontaofacht shuíomh an ghlaoiteora le dhá ghné d’fhaisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora: cruthú agus tarchur. Ba cheart iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora a chruthú de réir na dtomhas staidrimh lena léirítear an ráta ratha lena meaitseáiltear suíomh iarbhír an ghléis a thionscnaíonn an chumarsáid éigeandála an limistéar fhisiciúil a léirítear ar bhonn na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora. Ba cheart go spreagfadh cumarsáid éigeandála faisnéis ghréasánbhunaithe agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe, nuair a bheidh an fhaisnéis deiridh sin ar fáil. Ba cheart iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora do na seirbhísí éigeandála a chruthú mar chomhéifeacht idir an dá theicneolaíocht sin. Ba cheart iontaofacht tharchur na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora a shloinneadh mar ráta ratha an réitigh theicniúil chun faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a tharchur chuig an PSAP is iomchuí. Braitheann an ráta ratha ar chumais an líonra an fhaisnéis a chur in iúl, i gcás shuíomh an ghlaoiteora bunaithe ar an ngréasán, nó ar an idir-inoibritheacht idir an sás láimhe agus acmhainní an líonra chun an tarchur a éascú, i gcás shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe, chomh maith leis na cumais PSAP is iomchuí chun an fhaisnéis a fháil. |
(10) |
Lena chur ar chumas an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar na critéir maidir le suíomh an ghlaoiteora a bhunaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar ghlacadh na gcritéar agus míniú a thabhairt maidir leis an dóigh ar chuir siad na paraiméadair a bhunaítear sa Rialachán seo san áireamh. |
(11) |
Ceanglaítear le Treoir (AE) 2018/1972 go mbeidh rochtain ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas comhionann leis an rochtain atá ag úsáideoirí deiridh eile. Le prionsabal na coibhéise tugtar le tuiscint gur cheart go mbeadh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ábalta rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála ar bhealach atá coibhéiseach go feidhmiúil leis an mbealach a bhfaigheann úsáideoirí deiridh eile rochtain ar sheirbhísí éigeandála, go háirithe trí ghlao chur ar an uimhir “112” trí sheirbhísí guthbhunaithe. Ós rud é nach bhfuil aon chomhthuiscint ann ar na ceanglais maidir le coibhéis fheidhmiúil, ba cheart na ceanglais lena n-athchruthaítear feidhmiúlachtaí na cumarsáide éigeandála atá ag úsáideoirí deiridh eile, seirbhísí guthbhunaithe den chuid is mó, a bhunú. Más rud é, ar chúiseanna teicniúla, nach féidir leis na Ballstáit na ceanglais maidir le coibhéis fheidhmiúil a bhunaítear leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na cúiseanna sonracha nach féidir é sin a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl don Choimisiún nuair nach gá nó nach féidir an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” a úsáid, de bharr dhearadh teicniúil an mhodha rochtana sainordaithe ar sheirbhísí éigeandála, agus an dóigh a n-áirithítear go mbainfear an fheasacht chéanna nó an fheasacht níos airde amach i measc úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas maidir leis an modh rochtana sin a chur in iúl. |
(12) |
Ionas go mbeidh an Coimisiún ábalta faireachán a dhéanamh ar chomhoiriúnacht, ar cháilíocht, ar iontaofacht, ar idir-inoibritheacht agus ar leanúnachas na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála d’úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála atá sainordaithe ina ndlínse d’úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd a úsáideann seirbhísí fánaíochta. Ba cheart an chéad mheasúnú ar chomhlíonadh na modhanna rochtana a thuairiscítear i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheith sa tuarascáil. A bhuí leis an ascnamh chuig líonraí uile-IP, beifear ábalta seirbhísí cumarsáide inrochtana nua a chur chun feidhme amhail téacs fíor-ama agus seirbhísí comhrá iomláin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar shaincheisteanna idir-inoibritheachta, comhoiriúnachta nó leanúnachais a thagann chun cinn agus seirbhísí den sórt sin á n-úsáid acu, go háirithe d’úsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta. Chun a n-oibleagáid faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le tuairisc a thabhairt do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) maidir leis an modh rochtana ar sheirbhísí éigeandála atá sainordaithe ina mBallstát agus atá indéanta go teicniúil lena n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta nó d’údaráis inniúla eile na cúiseanna teicniúla a chruthú, más infheidhme, maidir le heaspa infhaighteacht na seirbhíse cumarsáide éigeandála d’úsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta i gcás ina bhfuil na seirbhísí sin ar fáil d’úsáideoirí deiridh baile. Sa chéad tuarascáil, chomh maith le faisnéis a sholáthrófar sna blianta ina dhiaidh sin, cuirfear ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar an ngá le bearta breise a ghlacadh, lena n-áirítear sainorduithe um chaighdeánú, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna dá leithéid. |
(13) |
Ní mór cumarsáid éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a chur ar aghaidh chuig an PSAP is oiriúnaí chun freagairt agus láimhseáil chuí na cumarsáide éigeandála a éascú. Ba cheart ródú éifeachtach na cumarsáide éigeandála a áirithiú freisin i gcomhthéacs an ascnaimh theicneolaíoch ó theicneolaíochtaí ciorcadlasctha go teicneolaíochtaí paicéadlasctha. Is gnách gurb é an Ballstát a chinneann an PSAP is iomchuí ar bhonn inniúlacht chríochach chun cumarsáid éigeandála a láimhseáil nó ar bhonn na hinniúlachta chun cineál áirithe cumarsáide a láimhseáil, mar shampla PSAP atá feistithe chun cumarsáid téacs fíor-ama nó cumarsáid teanga comharthaíochta a láimhseáil. Féadfar na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta a chuirtear ar fáil trí theicneolaíochtaí paicéadlasctha a sholáthraíonn guth, téacs — lena n-áirítear téacs fíor-ama — agus físeán a ródú i bhfearann an líonra phoiblí nó i bhfearann an PSAP. Ag brath ar eagraíocht náisiúnta na PSAPanna, cé go sroicheann an chumarsáid éigeandála córas PSAP trí na líonraí poiblí, d’fhéadfadh go mbeadh gá le ródú breise laistigh d’fhearann PSAP chun an PSAP is iomchuí a bhaint amach. Chun a áirithiú go mbeidh cumarsáid éifeachtach éigeandála ar fáil chun leas úsáideoirí deiridh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú ródú go ndéanfar gach cineál cumarsáide éigeandála agus faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora atá sainorduithe ina gcríoch a ródú go pras chuig an PSAP is iomchuí. |
(14) |
Braitheann éifeachtacht na rochtana ar sheirbhísí éigeandála ar thráthúlacht iompar na faisnéise comhthéacsúla chuig na seirbhísí éigeandála. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an PSAP is iomchuí, a ródófar an chumarsáid éigeandála chuige, ábalta an fhaisnéis chomhthéacsúil a tharchur go pras chuig na seirbhísí éigeandála ón nóiméad a gcuirfidh an PSAP na seirbhísí sin ar an eolas. De réir eagraíocht náisiúnta PSAPanna, féadfaidh an PSAP is iomchuí measúnú a dhéanamh ar áisiúlacht na sonraí comhthéacsúla agus an fhaisnéis a sholáthrófar do na seirbhísí éigeandála a scagadh. |
(15) |
Chun gur féidir leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an ródaithe chuig an PSAP is iomchuí, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar fheidhmíocht an ródaithe ar chumarsáid éigeandála chuig an PSAP is iomchuí ó thaobh a tráthúlachta de, lena n-áirítear nuair a bhíonn seirbhísí gutha, téacs nó físeáin á n-úsáid acu. |
(16) |
D’fhéadfadh sé nach mbeadh rochtain réidh ar sheirbhísí éigeandála á áirithiú, gan réamhchlárú, d’úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, agus iad ag taisteal i mBallstát eile faoi rialú Ballstáit amháin agus go dteastódh ceanglais idir-inoibritheachta a chomhaontaítear le chéile a chomhlíonadh. Gan dochar do chur chun feidhme téacs fíor-ama agus seirbhísí comhrá iomláin de bhun Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart go mbeifí ábalta rochtain ar na seirbhísí éigeandála a chur chun feidhme trí sheirbhísí gutha, téacs nó físeáin trí chumarsáid éigeandála trí fheidhmchláir mhóibíleacha. D’fhéadfadh feidhmchláir mhóibíleacha tarchur méithshonraí comhthéacsúla chuig an PSAP is oiriúnaí a éascú. A luaithe a dhéanfar feidhmchlár móibíleach a íoslódáil agus a shuiteáil, féadfaidh an t-úsáideoir deiridh cumarsáid a dhéanamh leis an PSAP is iomchuí ar fud an Aontais más féidir é sin a dhéanamh de réir na gceanglas coiteann idir-inoibritheachta, agus má chomhlíonann na soláthraithe feidhmchlár móibíleach agus na córais náisiúnta PSAP na ceanglais sin. Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún de mheon macánta chun na ceanglais chomhchoiteanna idir-inoibritheachta a shainaithint, rud a éascódh cumarsáid éigeandála den sórt sin a úsáid chuig an PSAP is iomchuí trí fheidhmchláir mhóibíleacha ar fud an Aontais. |
(17) |
D’fhéadfadh sé nach mbeadh córais PSAP a forbraíodh chun cumarsáid ciorcadlasctha a fhreagairt agus a láimhseáil ábalta gach gné de chumarsáid éigeandála a tionscnaíodh trí theicneolaíocht phaicéadlasctha a fhreagairt, a láimhseáil agus a phróiseáil. Chun trédhearcacht le páirtithe ábhartha a áirithiú, go háirithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus soláthraithe líonraí, agus chun uasghrádú comhleanúnach agus tráthúil ar chórais PSAP laistigh dá gcríoch a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit treochlár a ullmhú chun cumais a gcóras PSAP a uasghrádú chun cumarsáid éigeandála a sholáthraítear trí theicneolaíochtaí paicéadlasctha a fhreagairt, a láimhseáil agus a phróiseáil. Ba cheart go mbeadh sa treochlár an t-amlíne mheasta agus an dáta a n-úsáidfear bealaí nuálacha rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála trí theicneolaíochtaí paicéadlasctha, cibé acu an gcumasaítear iad sin sa chroílíonra mar sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe nó an n-úsáidtear iad trí fheidhmchlár móibíleach. Ba cheart faisnéis a bheith sa treochlár maidir le hamlíne an uasghrádaithe ar chumais na gcóras PSAS, agus na hoibleagáidí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/882 agus na spriocdhátaí dlíthiúla dá bhforáiltear inti á gcur san áireamh. Baineann sé sin go háirithe leis an bhfreagra iomchuí ón PSAP is iomchuí ar chumarsáid éigeandála chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”, trí úsáid a bhaint as guth agus téacs sioncrónaithe (lena n-áirítear téacs fíor-ama), nó, i gcás ina soláthraítear físeán, guth, téacs (lena n-áirítear téacs fíor-ama) agus físeán sioncrónaithe mar chomhrá iomlán. Más infheidhme, ba cheart an sainordú dlíthiúil a bhfuiltear ag súil leis maidir le cumarsáid éigeandála a úsáid trí theicneolaíochtaí paicéadlasctha faoin reachtaíocht náisiúnta a léiriú. Ba cheart tagairt a dhéanamh sa treochlár do na garspriocanna idirmheánacha, mar shampla comhairliúcháin phoiblí agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, bearta reachtacha, tástáil idir-inoibritheachta, leanúnachais agus iontaofachta, soláthar poiblí, etc. Ba cheart do na Ballstáit an treochlár a sholáthar don Choimisiún agus nuashonruithe maidir lena chur chun feidhme a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt freisin ar na saincheisteanna idir-inoibritheachta agus leanúnachais a thagann chun cinn maidir le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála chun cur ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar an ngá bearta breise a ghlacadh, lena n-áirítear sainorduithe um chaighdeánú, lena dtabharfaí aghaidh ar bhaic den sórt sin. |
(18) |
Is gá le bailiú rialta agus struchtúrach faisnéise ó na Ballstáit maidir le roinnt gnéithe a bhaineann le héifeachtacht na cumarsáide éigeandála san Aontas chun cur ar chumas an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 109 de Threoir (AE) 2018/1972, arna fhorlíonadh leis an Rialachán seo. I ndiaidh na chéad tuarascála dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit faisnéis nuashonraithe a sholáthar don Choimisiún mar a iarradh i gcomhthéacs gach bailithe sonraí a thionscnaíonn an Coimisiún chun críocha a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle de bhun Airteagal 109 (4) de Threoir (AE) 2018/1972. |
(19) |
Chuathas i gcomhairle le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 109(8) de Threoir (AE) 2018/1972 agus thug sé a thuairim an 14 Deireadh Fómhair 2022. |
(20) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug sé tuairim uaidh an 15 Samhain 2022. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL 1
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Leis an Rialachán seo, bunaítear bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála maidir le réitigh faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, rochtain d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú chuig an PSAP is iomchuí.
Airteagal 2
Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “cumarsáid éigeandála éifeachtach” cumarsáid éigeandála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (38) de Threoir (AE) 2018/1972 lena n-áirithítear an méid seo a leanas:
|
(2) |
ciallaíonn “faisnéis chomhthéacsúil” an fhaisnéis a chuireann an t-úsáideoir deiridh in iúl trí chumarsáid éigeandála nó a fhaightear agus a tharchuirtear go huathoibríoch ó ghléas an úsáideora deiridh nó ón ngréasán ábhartha chun gur féidir acmhainní idirghabhála na seirbhísí éigeandála a shainaithint go pras agus chun gur féidir leis na seirbhísí éigeandála teacht go tapa chuig láthair na hidirghabhála. |
CAIBIDIL 2
FAISNÉIS FAOI SHUÍOMH AN GHLAOITEORA
Airteagal 3
1. Agus critéir á leagan síos acu maidir le cruinneas agus iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora de bhun Airteagal 109 (6) de Threoir (AE) 2018/1972, áiritheoidh na húdaráis rialála inniúla, laistigh de theorainneacha na féidearthachta teicniúla, go n-aimseofar suíomh an úsáideora deiridh ar bhealach chomh hiontaofa agus chomh cruinn agus is gá le go mbeidh na seirbhísí éigeandála ábalta cuidiú leis an úsáideoir deiridh. Leagfaidh na húdaráis inniúla rialála síos na critéir agus na paraiméadair a shonraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo á gcur san áireamh acu.
2. Maidir leis na líonraí fosaithe:
(a) |
déanfar an critéar cruinnis maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a shloinneadh mar fhaisnéis a bhaineann le seoladh fisiciúil chríochphointe an líonra; |
(b) |
sloinnfear an critéar iontaofachta maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora mar ráta ratha, i gcéatadán, an réitigh theicniúil nó an mheascáin de réitigh theicniúla chun faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a chomhfhreagraíonn don chritéar cruinnis a chruthú agus a tharchur chuig an PSAP is iomchuí. |
3. Maidir leis na líonraí móibíleacha:
(a) |
déanfar an critéar cruinnis maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a shloinneadh i méadair. Más infheidhme, déanfar an critéar um chruinneas airde nó ingearach a shloinneadh i méadair chomh maith; |
(b) |
sloinnfear an critéar iontaofachta maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora mar ráta ratha, i gcéatadán, an réitigh theicniúil nó an mheascáin de réitigh theicniúla chun limistéar cuardaigh a chomhfhreagraíonn don chritéar cruinnis a chruthú agus a tharchur chuig an PSAP is iomchuí. |
CAIBIDIL 3
ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ ÉIGEANDÁLA D’ÚSÁIDEOIRÍ DEIRIDH FAOI MHÍCHUMAS
Airteagal 4
Agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála á cur chun feidhme acu trí chumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, áiritheoidh na Ballstáit, faoi réir na féidearthachta teicniúla, go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le coibhéis fheidhmiúil seo a leanas:
(a) |
gur féidir cumarsáid idirghníomhach dhá threo a dhéanamh leis an gcumarsáid éigeandála idir an t-úsáideoir deiridh faoi mhíchumas agus an PSAP; |
(b) |
go mbeidh an chumarsáid éigeandála ar fáil go héasca, gan réamhchlárú, d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas atá ag taisteal i mBallstát eile; |
(c) |
go soláthrófar an chumarsáid éigeandála saor in aisce d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas; |
(d) |
go ródófar an chumarsáid éigeandála gan mhoill chuig an PSAP is iomchuí atá cáilithe agus feistithe chun an chumarsáid éigeandála ó úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas a fhreagairt agus a phróiseáil; |
(e) |
go n-áiritheofar leibhéil choibhéise cruinnis agus iontaofachta faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora don chumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas mar atá do ghlaonna éigeandála ó úsáideoirí deiridh eile; |
(f) |
go mbeidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ábalta an leibhéal céanna feasachta, ar a laghad, faoi na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála a bhaint amach agus a bhaineann úsáideoirí deiridh eile faoi ghlaonna éigeandála ar “112” amach, trí na modhanna rochtana a dhearadh nó trí bhearta múscailte feasachta. |
CAIBIDIL 4
RÓDÚ CHUIG AN BPOINTE FREAGARTHA GLAONNA ÉIGEANDÁLA IS OIRIÚNAÍ
Airteagal 5
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cumarsáid éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a ródú gan mhoill chuig an PSAP is iomchuí a bheidh ábalta, go teicniúil, an fhaisnéis chomhthéacsúil a chur in iúl do na seirbhísí éigeandála agus na seirbhísí sin a chur ar an eolas.
Airteagal 6
Chun an fhéidearthacht theicniúil do rochtain réidh ar sheirbhísí éigeandála dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) den Rialachán seo a áirithiú, gan dochar do chur chun feidhme Threoir (AE) 2019/882, comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun ceanglais idir-inoibritheachta chomhchoiteanna a shainaithint lena n-éascófar an chumarsáid éigeandála chuig an PSAP is iomchuí trí fheidhmchlár móibíleach áit ar bith san Aontas.
CAIBIDIL 5
Tuairisciú
Airteagal 7
1. Déanfaidh na Ballstáit feidhmíocht an ródaithe chuig an PSAP is iomchuí a thuairisciú go rialta don Choimisiún faoi Airteagal 5, arna chur chun feidhme le haghaidh cumarsáid éigeandála agus faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora.
2. Tráth nach déanaí ná an 5 Samhain 2023 ullmhóidh agus tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún treochlár chun an córas náisiúnta PSAP a uasghrádú chun go mbeidh siad ábalta cumarsáid éigeandála a ghlacadh, a fhreagairt agus a phróiseáil trí theicneolaíocht phaicéadlasctha. Léireofar sa treochlár an dáta a mbeifear ag súil le húsáid na cumarsáide éigeandála bunaithe ar ghutha, ar théacs nó ar fhíseán trí theicneolaíochtaí paicéadlasctha. Áireofar sa treochlár freisin an dáta táscach faoina mbeidh PSAPanna réidh chun cumarsáid éigeandála den sórt sin a ghlacadh. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis nuashonraithe ar fáil maidir le cur chun feidhme gharspriocanna idirmheánacha an treochláir i gcomhréir le hAirteagal 8.
Airteagal 8
1. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 5 Márta 2024:
(a) |
na critéir maidir le cruinneas agus iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, arna sloinneadh i gcomhréir leis na paraiméadair dá dtagraítear in Airteagal 3, |
(b) |
an modh rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála a úsáidfidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd a úsáideann seirbhísí fánaíochta, agus measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le coibhéis fheidhmiúil in Airteagal 5. |
2. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear san airteagal seo agus in Airteagal 7 a sholáthar don Choimisiún gan dochar don spriocdháta tosaigh dá bhforáiltear ann, i gcomhthéacs gach bailithe sonraí a thionscnóidh an Coimisiún chun críocha a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle de bhun Airteagal 109 (4) de Threoir (AE) 2018/1972.
CAIBIDIL 6
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 9
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 321, 17.12.2018, lch. 36.
(2) Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais na Deacáide Digití 2030 (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).
(3) Cás C 417/18; Breithiúnas na Cúirte (An Ceathrú Dlísheomra) an 5 Meán Fómhair 2019, AW agus Daoine eile v Lietuvos valstybė
(4) Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú) (IO L 115, 13.4.2022, lch. 1).
(5) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí, (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
(6) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
2.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 65/9 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/445 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Feabhra 2023
lena bhformheastar leasuithe ar shonraíocht sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint (“Colli Bolognesi Classico Pignoletto” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar leasuithe a fhormheas ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, “Colli Bolognesi Classico Pignoletto”, a chuir an Iodáil ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. I measc na n-athruithe tá athrú ainm ó “Colli Bolognesi Classico Pignoletto” go “Colli Bolognesi Pignoletto”. |
(2) |
D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar na leasuithe ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(3) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Colli Bolognesi Classico Pignoletto” (STFC), is leasuithe iad atá formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
2.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 65/11 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/446 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Feabhra 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Ligustrum delavayanum agus Ligustrum japonicum le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo. |
(3) |
Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha go sealadach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Áirítear an géineas Ligustrum L. ar an liosta sin. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (4) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach n-áirítear go fóill sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu (5), ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go n-áireofaí iad tar éis measúnú riosca iomlán breise. |
(5) |
An 3 Nollaig 2021, chuir an Ríocht Aontaithe (6) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le honnmhairiú chuig an Aontas plandaí móra tordhearaidh Ligustrum delavayanum beangaithe ar fhréamhstoic Ligustrum japonicum arna bhfás i bpotaí agus atá suas le 20 bliain d’aois, agus a bhfuil trastomhas uasta 18 cm acu ag bonn an ghais. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin. |
(6) |
An 28 Meán Fómhair 2022, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch ina gcumhdaítear measúnú riosca ar phlandaí Ligustrum delavayanum le haghaidh plandú agus ar phlandaí Ligustrum japonicum le haghaidh plandú, agus iad i ndamhna fáis, agus atá suas le 20 bliain d’aois agus a bhfuil trastomhas uasta 18 cm acu ag bonn an ghais, gan beann ar iad a bheith beangaithe nó gan bheith beangaithe (“na plandaí ábhartha”) (7). Shainaithin an tÚdarás Bemisia tabaci, Diaprepes abbreviatus, Epiphyas postvittana agus Scirtothrips dorsalis mar lotnaidí ábhartha maidir leis na plandaí sin, agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh an tráchtearra saor ó na lotnaidí. |
(7) |
Ar bhonn na tuairime sin, meastar go laghdaítear an riosca fiteashláintíochta ó na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais go dtí leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirtear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riosca na lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin agus go gcomhlíontar na ceanglais speisialta chomfhreagracha in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. |
(8) |
Na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe sa sainchomhad teicniúil, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a bhaineann leis na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a glacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais ar thabhairt isteach na bplandaí ábhartha inti a áirithiú. |
(9) |
Dá réir sin, níor cheart na plandaí ábhartha a mheas a thuilleadh mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir. |
(11) |
Liostaítear Bemisia tabaci mar lotnaid choraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus liostaítear Scirtothrips dorsalis mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
(12) |
Ní áirítear Diaprepes abbreviatus go fóill sa liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072; dá bhrí sin tá na bearta maidir leis an lotnaid sin bunaithe ar na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe sa sainchomhad. Nuair a bheidh measúnú riosca iomlán ar an lotnaid sin ar fáil, suífear an gcomhlíonann an lotnaid sin na coinníollacha chun í a liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus an gcomhlíonann na plandaí ábhartha na coinníollacha chun iad a liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin, mar aon leis na bearta iomchuí. |
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir. |
(14) |
Ní áirítear Epiphyas postvittana sa liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais. Tá an lotnaid ann i roinnt Ballstát agus ní chuirtear aon bheart rialaithe oifigiúil i bhfeidhm. Thairis sin, ní mheastar go bhfuil tionchar mór ag an lotnaid san Aontas. Ar na cúiseanna sin, ní gá aon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin. |
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 19.12.2018, lch. 7).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).
(6) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an ghnímh seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.
(7) Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2022. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Ligustrum delavayanum topiary plants grafted on Ligustrum japonicum from the UK [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí tomdhearaidh Ligustrum delavayanum beangaithe ar Ligustrum japonicum ón Ríocht Aontaithe]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(11):7593.
IARSCRÍBHINN I
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún “Tuairisc”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Ligustrum L.”:
“Ligustrum L., seachas plandaí Ligustrum delavayanum agus Ligustrum japonicum atá suas le 20 bliain d’aois le haghaidh plandú agus iad i ndamhna fáis, a bhfuil trastomhas uasta 18 cm acu ag bonn an ghais, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe”.
IARSCRÍBHINN II
Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh “Juglans regia L., plandaí atá suas le dhá bhliain d’aois le haghaidh plandú agus atá fréamhlom, gan duilleoga, agus a bhfuil trastomhas uasta 2 cm acu ag bonn an ghais.”:
Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile |
Cód AC |
Tríú tíortha tionscnaimh |
Bearta |
||||||||||||||
“Ligustrum delavayanum agus Ligustrum japonicum, plandaí atá suas le 20 bliain d’aois le haghaidh plandú i ndamhna fáis, a bhfuil trastomhas uasta 18 cm acu ag bonn an ghais. |
ex 0602 10 90 |
An Ríocht Aontaithe |
|
2.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 65/16 |
RIALACHÁN (AE) 2023/447 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Márta 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le húsáid gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe mar mhilseoir
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) agus Airteagal 14 de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta de chuid an Aontais de bhreiseáin bia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide. |
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3) leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
(3) |
Féadfar na liostaí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil. |
(4) |
I mí Eanáir 2019, cuireadh isteach iarratas maidir le gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe a údarú mar bhreiseán bia nua lena n-úsáid mar mhilseoir. Cuireadh an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008. |
(5) |
Táirgtear gliocóisídí steibhióil trí bhith-thiontú einsímeach agus úsáid á baint as glúcanatraschuráis chioglamaltaideistrin a chatalaíonn traschuir glúcóis ó stáirse go dtí meascáin atá saibhrithe i ngliocóisíd steibhióil amháin nó níos mó ná sin ó eastóscáin íonaithe duilleog Stevia rebaudiana. Tá siad comhdhéanta de mheascán de ghliocóisídí steibhióil glúcósalaithe ina bhfuil 1–20 aonad breise glúcóis nasctha leis na máthairghliocóisídí steibhióil. Tá próifíl mhilseachta feabhsaithe acu i gcomparáid le milseoirí údaraithe eile, lena n-áirítear gliocóisídí steibhióil ó Stevia (E 960a). |
(6) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) meastóireacht ar shábháilteacht gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe agus chuir sé an tuairim uaidh in iúl an 15 Nollaig 2021 (4). Mheas an tÚdarás go meitibilítear gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe ar bhealach atá sách comhchosúil leis na gliocóisídí steibhióil atá údaraithe cheana féin, agus dá bhrí sin measadh go dtacaíonn na sonraí tocsaineolaíocha a ndearna an tÚdarás measúnú orthu roimhe seo maidir le gliocóisídí steibhióil (E 960a) lena sábháilteacht mar bhreiseán bia. An einsím glúcanatraschuráis chioglamaltaideistrin (EC 2.4.1.19) a dhíorthaítear ó thréithchineál neamh-ghéinmhodhnaithe de Anoxybacillus caldiproteolyticus agus atá ceaptha lena húsáid i monarú gliocóisídí steibhióil modhnaithe, ní ábhar imní sábháilteachta í faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe ar bhonn na sonraí a cuireadh ar fáil don Údarás (5). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil aon ábhar imní sábháilteachta ann maidir le gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe a úsáid mar bhreiseán bia le haghaidh na n-úsáidí céanna agus na leibhéal úsáide a bheartaítear i gcás na gliocóisídí steibhióil (E 960a–960c) a úsáidtear mar mhilseoirí. |
(7) |
Dá bhrí sin, is iomchuí an breiseán bia “gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe” (E 960d) a údarú mar mhilseoir sna catagóirí bia dá bhfuil gliocóisídí steibhióil (E 960a–960c) údaraithe faoi láthair, agus ag na huasleibhéil chéanna. |
(8) |
Ba cheart na sonraíochtaí le haghaidh an bhreiseáin bia gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe a chur le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 toisc go bhfuil sé á chur ar liosta an Aontais de bhreiseáin bia a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 den chéad uair. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir sin. |
(10) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(2):7066.
(5) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(1):7004.
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 1333/2008 mar a leanas:
(a) |
I gCuid B, 2. Milseoirí, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh E 960c:
|
(b) |
I gCuid C, (5) Breiseáin is féidir a rialáil le chéile, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (v):
|
(c) |
Leasaítear Cuid E mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála le haghaidh fhorbhia E 960c(iv):
‘E 960d GLIOCÓISÍDÍ STEIBHIÓIL GLÚCÓSALAITHE
Comhchiallaigh |
|
||
Sainmhíniú |
Meascán de ghliocóisídí níos mó de steibhiól a dhíorthaítear trí ghlúcósalú a dhéanamh ar ghliocóisídí steibhióil a eastósctar ó dhuilleoga an phlanda Stevia rebaudiana Bertoni. Tá an meascán comhdhéanta de ghliocóisídí steibhióil glúcósalaithe agus de mháthairghliocóisídí steibhióil iarmharacha ó dhuilleoga Stevia. Táirgtear gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe trí na gliocóisídí steibhióil a eastósctar ó dhuilleoga Stevia, agus stáirse atá oiriúnach lena chaitheamh ag an duine a chóireáil le glúcanatraschuráis chioglamaltaideistrin (EC 2.4.1.19) a dhíorthaítear ó thréithchineál neamh-OGM de Anoxybacillus caldiproteolyticus St-88. Traschuireann an einsím aonaid ghlúcóis ón stáirse go dtí na gliocóisídí steibhióil. Déantar an t-ábhar a fhaightear a théamh agus cóireáiltear é le carbón gníomhachtaithe chun an einsím a bhaint as, agus cuirtear é trí roisín asaithe/dí-asaithe chun an stáirse hidrealaithe iarmharach (deistrin) a bhaint as, agus ansin déantar an táirge deiridh a íonú agus a ullmhú agus úsáid á baint as próisis a bhféadfadh tuaradh, tiúchan agus spraethriomú a bheith mar chuid díobh. |
||
Ainm ceimiceach |
Steibhióilbisíd: aigéad 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch Rúibiusósíd: aigéad 13-β-D-glúcaipioranóisiolocsacúir-16-éan-18-óch, eistear β-D-glúcaipioranóisile Dulcóisíd A: aigéad 13-[(2-O-α–L-ramnópioranóisil-β–D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear β-D-glúcaipioranóisile Steibhiósíd: aigéad 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear β-D-glúcaipioranóisile Ribidióisíd A: aigéad 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear, β-D- glúcaipioranóisile Ribidióisíd B: aigéad 13-[(2-O-β–D-glúcaipioranóisil-3-O-β–D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch Ribidióisíd C: aigéad 13-[(2-O-α–L-ramnópioranóisil-3-O-β–D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear β-D-glúcaipioranóisile Ribidióisíd D: aigéad 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear 2-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisile Ribidióisíd E: aigéad 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear 2-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisile Ribidióisíd F: aigéad 13-[(2-O-β-D-xiolafúránánóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear β-D-glúcaipioranóisile Ribidióisíd M: aigéad 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear 2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisile Agus a ndíorthaigh ghlúcósalaithe (1-20 aonad breise glúcóis) |
||
Foirmle mhóilíneach |
Beagainm |
Foirmle |
Fachtóir coinbhéartachta |
|
Steibhióilbisíd n-Glúcósalaithe |
C(32+n*6)H(50+n*10)O(13+n*5) |
|
Rúibiusósíd n-Glúcósalaithe |
C(32+n*6)H(50+n*10)O(13+n*5) |
|
|
Dulcóisíd A n-Glúcósalaithe |
C(38+n*6)H(60+n*10)O(17+n*5) |
|
|
Steibhiósíd n-Glúcósalaithe |
C(38+n*6)H(60+n*10)O(18+n*5) |
|
|
Ribidióisíd A n-Glúcósalaithe |
C(44+n*6)H(70+n*10)O(23+n*5) |
|
|
Ribidióisíd B n-Glúcósalaithe |
C(38+n*6)H(60+n*10)O(18+n*5) |
|
|
Ribidióisíd C n-Glúcósalaithe |
C(44+n*6)H(70+n*10)O(22+n*5) |
|
|
Ribidióisíd D n-Glúcósalaithe |
C(50+n*6)H(80+n*10)O(28+n*5) |
|
|
Ribidióisíd E n-Glúcósalaithe |
C(44+n*6)H(70+n*10)O(23+n*5) |
|
|
Ribidióisíd F n-Glúcósalaithe |
C(43+n*6)H(68+n*10)O(22+n*5) |
|
|
Ribidióisíd M n-Glúcósalaithe |
C(56+n*6)H(90+n*10)O(33+n*5) |
|
|
n: an líon aonad glúcóis a chuirtear go heinsímeach leis an máthairghliocóisíd steibhióil (n = 1-20) Gnáthfhachtóir coinbhéartachta le haghaidh meascán de ghliocóisídí steibhióil glúcósalaithe = 0,20 (ar an mbonn triomaithe agus saor ó dheistrin) |
|||
|
Steibhiól |
C20H30O3 |
1,00 |
|
Steibhióilbisíd |
C32H50O13 |
0,50 |
Rúibiusósíd |
C32H50O13 |
0,50 |
|
Dulcóisíd A |
C38H60O17 |
0,40 |
|
Steibhiósíd |
C38H60O18 |
0,40 |
|
Ribidióisíd A |
C44 H70 O23 |
0,33 |
|
Ribidióisíd B |
C38 H60 O18 |
0,40 |
|
Ribidióisíd C |
C44H70O22 |
0,34 |
|
Ribidióisíd D |
C50H80O28 |
0,29 |
|
Ribidióisíd E |
C44H70O23 |
0,33 |
|
Ribidióisíd F |
C43H68O22 |
0,34 |
|
Ribidióisíd M |
C56H90O33 |
0,25 |
|
Meáchan móilíneach agus Uimh. CAS |
Beagainm |
Uimhir CAS |
Meáchan móilíneach (g/mol) |
Steibhióilbisíd n-Glúcósalaithe |
Níl sí ar fáil |
642,73+n*162,15 |
|
Rúibiusósíd n-Glúcósalaithe |
Níl sí ar fáil |
642,73+n*162,15 |
|
Dulcóisíd A n-Glúcósalaithe |
Níl sí ar fáil |
788,87+n*162,15 |
|
Steibhiósíd n-Glúcósalaithe |
Níl sí ar fáil |
804,88+n*162,15 |
|
Ribidióisíd A n-Glúcósalaithe |
Níl sí ar fáil |
967,01+n*162,15 |
|
Ribidióisíd B n-Glúcósalaithe |
Níl sí ar fáil |
804,88+n*162,15 |
|
Ribidióisíd C n-Glúcósalaithe |
Níl sí ar fáil |
951,02+n*162,15 |
|
Ribidióisíd D n-Glúcósalaithe |
Níl sí ar fáil |
1129,15+n*162,15 |
|
Ribidióisíd E n-Glúcósalaithe |
Níl sí ar fáil |
967,01+n*162,15 |
|
Ribidióisíd F n-Glúcósalaithe |
Níl sí ar fáil |
936,99+n*162,15 |
|
Ribidióisíd M n-Glúcósalaithe |
Níl sí ar fáil |
1291,30+n*162,15 |
|
Steibhiól |
|
318,46 |
|
Steibhióilbisíd |
41093-60-1 |
642,73 |
|
Rúibiusósíd |
64849-39-4 |
642,73 |
|
Dulcóisíd A |
64432-06-0 |
788,87 |
|
Steibhiósíd |
57817-89-7 |
804,88 |
|
Ribidióisíd A |
58543-16-1 |
967,01 |
|
Ribidióisíd B |
58543-17-2 |
804,88 |
|
Ribidióisíd C |
63550-99-2 |
951,02 |
|
Ribidióisíd D |
63279-13-0 |
1 129,15 |
|
Ribidióisíd E |
63279-14-1 |
967,01 |
|
Ribidióisíd F |
438045-89-7 |
936,99 |
|
Ribidióisíd M |
1220616-44-3 |
1 291,30 |
|
Measúnacht |
Nach lú ná 95 % gliocóisídí steibhióil iomlána, comhdhéanta de na gliocóisídí steibhióil thuasluaite in éineacht lena ndíorthaigh ghlúcósalaithe (1-20 aonad breise glúcóis), ar an mbonn triomaithe agus saor ó dheistrin. |
||
Tuairisc |
Púdar ar dhath bán nó gealbhuí, idir thart ar 100 agus 200 uaire níos milse ná siúcrós (ag coibhéis siúcróis 5 %). |
||
Aitheantas |
|||
Intuaslagthacht |
Intuaslagtha in uisce |
||
pH |
Idir 4,5 agus 7,0 (tuaslagán 1 sa 100) |
||
Íonacht |
|||
Iomlán na luatha |
Nach mó ná 1 % |
||
Caillteanas mar gheall ar thriomú |
Nach mó ná 6 % (105 °C, 2h) |
||
Tuaslagóir iarmharach |
Nach mó ná 200 mg/kg meatánól Nach mó ná 3 000 mg/kg eatánól |
||
Arsanaic |
Nach mó ná 0,015 mg/kg |
||
Luaidhe |
Nach mó ná 0,1 mg/kg |
||
Caidmiam |
Nach mó ná 0,1 mg/kg |
||
Mearcair |
Nach mó ná 0,1 mg/kg |
||
Critéir mhicribhitheolaíoch |
|||
Áireamh iomlán na gcoilíneachtaí (aeróbacha) |
Nach mó ná 1 000 CFU/g |
||
Giosta agus múscáin |
Nach mó ná 200 CFU/g |
||
E. coli |
Diúltach in 1 g |
||
Salmonella |
Diúltach in 25 g’. |
2.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 65/28 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/448 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Márta 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 maidir le caighdeáin theicniúla chun córas inrianaitheachta maidir le táirgí tobac a bhunú agus a oibriú
AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (1), agus go háirithe Airteagal 15(11) de,
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 (2) ón gCoimisiún na rialacha maidir le córas inrianaitheachta do tháirgí tobac a bhunú agus a oibriú. Is é is aidhm don chóras inrianaitheachta uirlis éifeachtach a chur ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún lenar féidir táirgí tobac a rianú agus a rianú ar fud an Aontais agus gníomhaíochtaí calaoiseacha a shainaithint arb é an toradh a bhíonn orthu go mbíonn táirgí aindleathacha ar fáil do thomhaltóirí. |
(2) |
I ndáil leis sin, tá ról tábhachtach ag rialacha oibríochtúla an chórais inrianaitheachta maidir lena áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún agus na Ballstáit na sonraí a theastaíonn uathu chun feidhmiú cuí an chórais inrianaitheachta tobac a áirithiú agus chun cur i bhfeidhm na reachtaíochta inrianaitheachta tobac a rialú chomh maith leis an reachtaíocht sin a fhorfheidhmiú faoi seach. |
(3) |
Leis an gcóras inrianaitheachta a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574, tosaíodh ar shonraí maidir le gluaiseachtaí táirgí tobac agus sonraí idirbheartaíochta a bhailiú an 20 Bealtaine 2019. De bhreis air sin léirigh taithí ar a chur chun feidhme an tábhacht a bhaineann le hardcháilíocht, cruinneas, iomláine agus inchomparáideacht na sonraí nach mór a thaifeadadh agus a tharchur chuig an gcóras go tráthúil. |
(4) |
Ina thuarascáil ar chur i bhfeidhm Threoir 2014/40/AE an 20 Bealtaine 2021 (3), chuir an Coimisiún i bhfios go láidir go raibh fadhbanna suntasacha ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún le cáilíocht na sonraí inrianaitheachta, mar shampla maidir le huimhreacha cánach breisluacha, faisnéis maidir le meaisíní táirgthe nó faisnéis maidir le gluaiseachtaí deiridh táirgí chuig asraonta miondíola. Ba cheart, go háirithe, an sainmhíniú reatha ar mheaisíní a leasú chun léiriú a thabhairt ar fhoirmíochtaí éagsúla na meaisíní arna nglacadh san earnáil agus chun aghaidh a thabhairt ar dhroch-chaighdeán faisnéise breathnaithe ar mheaisíní. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil freisin go bhfuil cáilíocht na sonraí ríthábhachtach i gcónaí chun an reachtaíocht inrianaitheachta ar thobac a fhorfheidhmiú agus chun cuspóirí an chórais inrianaitheachta a bhaint amach go hiomlán. |
(5) |
Tá léirithe freisin ag na pléití idir an Coimisiún agus na Ballstáit a dhéantar go rialta faoi chuimsiú an Fhoghrúpa Saineolaithe um Inrianaitheacht agus Gnéithe Slándála nach gur sonraí láidre, iomlána agus dea-cháilíochta córas inrianaitheachta lánfheidhmiúil agus rathúil amháin is féidir a áirithiú. Chun faireachán a dhéanamh ar na sonraí sin agus iad a úsáid, ní mór uirlisí éifeachtacha anailíseacha agus réitigh theicniúla a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, go háirithe comhéadain riachtanacha a chuireann ar a gcumas rochtain a fháil ar na sonraí atá stóráilte sa chóras taisclann agus na sonraí sin a fhiosrú. |
(6) |
Bunaithe ar an taithí agus ar an eolas a bailíodh, is gá rialacha teicniúla áirithe a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 a leasú chun tuairisciú na ngníomhaithe go léir a bhfuil baint acu le trádáil táirgí tobac a éascú, chun na dea-chleachtais a threisiú maidir le bainistiú agus anailís sonraí, agus dá bharr sin, chun feidhmiú an chórais inrianaitheachta do tháirgí tobac a fheabhsú. Baineann na rialacha teicniúla sin le hoibriú chomhpháirteanna éagsúla chóras na stóras, le cúraimí eisitheoirí cód aitheantas agus na nósanna imeachta atá le leanúint acu chomh maith le gníomhaíochtaí tuairiscithe na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na n-uirlisí teicniúla atá ar fáil do na Ballstáit i gcomhthéacs a ndualgas forfheidhmithe, go háirithe gach comhéadan rochtana lena n-áirítear cigireachtaí soghluaiste. |
(7) |
Tugann na leasuithe aghaidh ar roinnt eisceachtaí agus cásanna speisialta a bhí ann tar éis sheoladh an chórais inrianaitheachta, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha a bheith i láthair nach raibh páirteach ach in oibríochtaí trádála neamh-lóistíochta, rannpháirtíocht eintiteas nach bhfuil san Aontas i slabhra soláthair an Aontais, saoráidí a bheith ann lena ngabhann feidhmeanna neamh-mhionsonraithe agus miondíola, cásanna aitheantóirí caillte, cásanna aisghabhála earraí goidte, teagmhais TF a éilíonn athphróiseáil sonraí, agus cinn scríbe neamhthrádála neamhthipiciúla a bheith ann amhail saotharlanna nó ionaid diúscartha dramhaíola. Chuidigh oibríochtaí iarbhír an chórais inrianaitheachta freisin le léargas níos fearr a fháil ar mhéid na dtacar sonraí a stóráiltear agus a phróiseáiltear sa chóras stórtha, rud a fhágann gur gá athruithe áirithe a dhéanamh ar na rialacha maidir le féidearthachtaí agus saintréithe an chórais stórtha agus cúraimí sholáthraí an stóir thánaistigh. |
(8) |
Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 na nósanna imeachta chun oibreoirí na stórtha príomha agus tánaisteacha a roghnú. Chun comhsheasmhacht a áirithiú sa tslí ina gcuirfidh grúpa gnóthas, allmhaireoirí agus monaróirí nach de chuid an Aontais iad, fógraí faoi chéannacht an tsoláthraí atá beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin, agus ina síneofar na conarthaí ábhartha stórála sonraí, is iomchuí tuilleadh soiléirithe a dhéanamh ar rialacha áirithe maidir le fógraí a chur isteach agus maidir le síniú conarthaí stórála sonraí. Ina theannta sin, ós rud é go bhféadfadh leathnú an chórais inrianaitheachta tobac chuig na táirgí tobac go léir dá bhforáiltear in Airteagal 15(13) de Threoir 2014/40/AE líon na bhfógraí agus na gconarthaí stórála sonraí sin a mhéadú, is gá freisin tuilleadh mionsonraí a leagan síos maidir leis an nós imeachta chun leasuithe ar phríomhghnéithe na gconarthaí stórála sonraí a fhormheas, lena n-áirítear an fhéidearthacht shainráite don Choimisiún leasuithe den sórt sin a fhormheas go hintuigthe. |
(9) |
Is iomchuí freisin leasú a dhéanamh ar an tréimhse ina ndéanfar na conarthaí idir gach soláthraí stóir phríomha agus soláthraí an stóir thánaistigh a shíniú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun a áirithiú go mbeidh dóthain ama ag na heintitis sin a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Maidir leis na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir leis an nós imeachta a bhaineann le foirceannadh an chaidrimh chonarthaigh idir an Coimisiún agus soláthraí an stóir thánaistigh, is gá mionsonraí breise a leagan síos maidir leis an tréimhse fógra nach mór do sholáthraí an stóir thánaistigh a urramú, ionas go ndéanfar leanúnachas gnó agus sreabhadh sonraí gan bhriseadh a áirithiú go hiomlán sa chóras. |
(10) |
Tháinig an Prótacal maidir le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a Dhíothú a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (4), ina ndéantar foráil maidir le pacáiste beart atá le déanamh ag a Páirtithe chun deireadh a chur leis an trádáil aindleathach i dtáirgí tobac, i bhfeidhm an 25 Meán Fómhair 2018. Is iomchuí go mbeadh an córas inrianaitheachta atá bunaithe san AE cothrom le dáta leis na forbairtí teicniúla a bhaineann le córas domhanda rianaithe agus lorgaireachta a bhunú. |
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 a leasú dá réir. |
(12) |
Ba cheart feidhm a bheith ag roinnt forálacha den Rialachán seo tráth is déanaí ná an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, ionas go mbeidh eisitheoirí cód aitheantas chomh maith le soláthraithe seirbhísí stóir agus gairis frithchrioscaíola agus oibreoirí eacnamaíocha eile in ann ullmhú do na ceanglais a thugtar isteach leis na forálacha sin. |
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 25 de Threoir 2014/40/AE, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: “Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, chomh maith leis na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Threoir 2014/40/AE, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(2) |
In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9: “9. Féadfaidh eisitheoir an chóid aitheantais táillí a bhunú agus a ghearradh ar oibreoirí eacnamaíocha as aitheantóirí uathúla a ghiniúint agus a eisiúint. Beidh na táillí neamh-idirdhealaitheach, costasbhunaithe agus comhréireach le líon na n-aitheantóirí uathúla a ghintear agus a eisítear d’oibreoirí eacnamaíocha agus modh an tseachadta á chur san áireamh. Féadfaidh táillí na costais sheasta agus athraitheacha uile a thabhaíonn eisitheoir an cód aitheantas agus a cheanglais faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige.”. |
(3) |
In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Déanfar an próiseas dá dtagraítear i mír 1 a chosaint le gaireas frithchrioscaíola arna sholáthar agus arna shuiteáil ag tríú páirtí neamhspleách a thabharfaidh dearbhú do na Ballstáit ábhartha agus don Choimisiún go gcomhlíonann an fheiste shuiteáilte ceanglais an Rialacháin seo. Soláthrófar leis an taifead arna ghiniúint ag an bhfeiste cruthúnas ar chur i bhfeidhm ceart agus ar inléiteacht gach aitheantóra uathúil ar leibhéal aonaid. Áiritheoidh an fheiste go ndéanfar aon easnamh sa phróiseas marcála dá dtagraítear in Airteagal 6 a thaifeadadh.”. |
(4) |
In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Beidh eisitheoirí cód aitheantas freagrach as cód a ghiniúint ina mbeidh na heilimintí a liostaítear i mír 1, pointe (a), pointe (b), agus pointe (c). Ullmhóidh eisitheoirí cód aitheantas agus cuirfidh siad treoracha ar fáil go poiblí maidir le hionchódú agus maidir le díchódú na n-UInna ar leibhéal aonaid i gcomhréir le hIarscríbhinn III.”. |
(5) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(6) |
In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Beidh eisitheoirí cód aitheantas freagrach as cód a ghiniúint ina mbeidh na heilimintí a liostaítear i mír 1, pointe (a), pointe (b), agus pointe (c). Ullmhóidh eisitheoirí cód aitheantas agus cuirfidh siad treoracha ar fáil go poiblí maidir le hionchódú agus maidir le díchódú na n-UInna comhbhailithe ar leibhéal.”. |
(7) |
Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
(8) |
Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
|
(9) |
Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
(10) |
In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Beidh an fhaisnéis uile a chuirfear faoi bhráid eisitheoir an chóid aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 16(2) agus na cóid aitheantais chomhfhreagracha mar chuid de chlárlann a bheidh le bunú, le bainistiú agus le coinneáil cothrom le dáta ag eisitheoir inniúil an chóid aitheantas. Coinneoidh eisitheoir inniúil an chóid aitheantas taifead ar an bhfaisnéis a stóráiltear sa chlár fad a bheidh an córas inrianaitheachta oibríochtúil.”. |
(11) |
Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
(12) |
In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Beidh an fhaisnéis uile a chuirfear faoi bhráid eisitheoir an chóid aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 18(2) agus na cóid aitheantais chomhfhreagracha mar chuid de chlárlann a bheidh le bunú, le bainistiú agus le coinneáil cothrom le dáta ag eisitheoir inniúil an chóid aitheantas. Coinneoidh eisitheoir inniúil an chóid aitheantas taifead ar an bhfaisnéis a stóráiltear sa chlár fad a bheidh an córas inrianaitheachta oibríochtúil.”. |
(13) |
In Airteagal 20, cuirtear an mhír 5 seo a leanas isteach: “5. Soláthróidh eisitheoirí cód aitheantais seirbhís shlán ar líne d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’oibreoirí na gcéad asraonta miondíola lena ligfear dóibh dul i gcomhairle leis na clárlanna dá dtagraítear i mír 1 a mhéid a bhaineann lena gcóid aitheantais oibreora eacnamaíoch, saoráide agus meaisín féin. Áireofar leis an tseirbhís sin nós imeachta slán d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’oibreoirí na gcéad asraonta miondíola chun a gcóid aitheantais oibreora eacnamaíoch féin a athéileamh.”. |
(14) |
Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
(15) |
In Airteagal 25(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):
|
(16) |
Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
|
(17) |
Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:
|
(18) |
In Airteagal 29, cuirtear isteach na míreanna 5 agus 6 seo a leanas: “5. Maidir le monaróirí agus allmhaireoirí a bhfuil amhras orthu faoi fheidhmiú ceart a bpríomhstórtha, beidh siad in ann a fhíorú i gcoinne an ródaire, trí dhul i gcomhairle le hoibritheoir an ródaire, ar tarchuireadh i gceart teachtaireachtaí a bhaineann le seoladh deiridh táirgí atá as seilbh fhisiceach agus a sheoltar chuig na príomhstórtha. Féadfaidh soibreoir an ródaire teorainn laethúil a shocrú maidir le húsáid na feidhmiúlachta seo. 6. Déanfaidh soláthraí an stóir thánaistigh na téarmaí agus na coinníollacha, lena n-áirítear an beartas maidir le húsáid chóir, is infheidhme maidir le húsáid an stóir thánaistigh agus an ródaire, a bhunú agus a chur in iúl d’oibreoirí eacnamaíocha agus do sholáthraithe seirbhísí TF. Leis na téarmaí agus coinníollacha, ráthófar an ceart atá ag oibreoirí eacnamaíocha an stór tánaisteach agus an ródaire a úsáid i gcomhréir lena riachtanais ghnó agus déanfar cásanna úsáide faillíocha arís agus arís eile a chosc.” |
(19) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30: “Airteagal 30 Costais an chórais stórtha 1. Is ar mhonaróirí agus allmhaireoirí táirgí tobac a thitfidh na gnáthchostais uile a bhaineann leis an gcóras stórtha dá dtagraítear in Airteagal 24(1), lena n-áirítear na costais sin a eascraíonn as a bhunú, a oibriú agus a chothabháil. Beidh na costais sin cothrom, réasúnta agus comhréireach:
2. Cuirfear na gnáthchostais, de réir mar is infheidhme, a bhaineann leis an stór tánaisteach agus an ródaire a bhunú, a oibriú agus a chothabháil ar mhonaróirí agus ar allmhaireoirí táirgí tobac trí na costais a ghearrann soláthraithe na stórtha príomhúla orthu. 3. Na costais urghnácha uile a bhaineann leis na hoibríochtaí athphróiseála dá dtagraítear in Airteagal 28(4) a ghearrann soláthraí an stóir thánaistigh ar sholáthraí an príomhstóir a rinne an iarraidh, beidh siad cóir, réasúnta agus comhréireach leis na seirbhísí a dhéantar. Is ar sholáthraí an stóir thánaistigh féin, áfach, a bheidh aon chostais urghnácha a bhaineann leis na hoibríochtaí athphróiseála dá dtagraítear in Airteagal 28(4) sa mhéid go mbeidh sé freagrach as na cúiseanna as a dtiocfaidh na hoibríochtaí athphróiseála.”. |
(20) |
Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:
|
(21) |
In Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Is ar an oibreoir eacnamaíoch arb é an díoltóir é a bheidh an fhreagracht as an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a thaifeadadh agus a tharchur. Chuige sin, úsáidfidh na gníomhaíochtaí tuairiscithe go léir cód aitheantais an oibreora eacnamaíoch sin. Féadfaidh soláthraithe seirbhíse TF an fhaisnéis sin a tharchur freisin thar ceann an oibreora eacnamaíoch arb é díoltóir na dtáirgí tobac é.” |
(22) |
Leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:
|
(23) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36(1), pointe (a):
|
(24) |
Cuirtear an tAirteagal 36a seo a leanas isteach: “Airteagal 36a Cáilíocht sonraí 1. Féadfaidh na Ballstáit tuarascálacha a eisiúint chuig an gcóras stórtha maidir le cáilíocht neamhleor na sonraí arna dtuairisciú ag oibreoirí eacnamaíocha. Díreofar na tuarascálacha sin chuig na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus áirítear iontu samplaí de mhíthuairisciú. 2. Ceanglóidh na Ballstáit ar eisitheoirí cód aitheantas seiceálacha a dhéanamh ar sheoltaí agus ar shonraí infhíoraithe leictreonacha eile arna soláthar don chóras ag oibreoirí eacnamaíocha agus oibreoirí na gcéad asraonta miondíola trí eisitheoirí cód aitheantas.”. |
(25) |
Leasaítear Iarscríbhinní I agus II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(26) |
Cuirtear Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 21 Nollaig 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 127, 29.4.2014, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2017 maidir le caighdeáin theicniúla chun córas inrianaitheachta maidir le táirgí tobac a bhunú agus a oibriú (IO L 96, 16.4.2018, lch. 7).
(3) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/40/AE a bhaineann le tobac agus le táirgí tobac a mhonarú, a chur i láthair agus a dhíol, COM(2021) 249 final.
(4) Prótacal ar mhaithe le trádáil aindleathach i dtáirgí tobac a dhíothú a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (IO L 268, 1.10.2016, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(3) |
Cuirtear an Iarscríbhinn III seo a leanas isteach: “IARSCRÍBHINN III Struchtúr aitheantóra uathúil ar leibhéal aonaid
|
Ceartúcháin
2.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 65/58 |
Ceartúchán ar Threoir Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1647 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Treoir 2003/90/CE a mhéid a bhaineann le maolú le haghaidh cineálacha orgánacha speiceas plandaí talmhaíochta atá oiriúnach don táirgeadh orgánach
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 248 an 26 Meán Fómhair 2022 )
Ar leathanach 47, in Airteagal 1, pointe (1)(b) (lena leasaítear Airteagal 1(3) de Threoir 2003/90/CE), an chéad fhomhír:
in ionad:
“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, a mhéid a bhaineann leis an luach le haghaidh saothrú nó úsáide, féadfaidh na cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach agus a bhaineann leis na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IV, na coinníollacha a leagtar síos i gCuid B den Iarscríbhinn sin a chomhlíonadh ina ionad sin.;”,
léitear:
“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, a mhéid a bhaineann leis an luach le haghaidh saothrú nó úsáide, féadfaidh na cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach agus a bhaineann leis na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn V, na coinníollacha a leagtar síos i gCuid B den Iarscríbhinn sin a chomhlíonadh ina ionad sin.;”.