ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 50 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
66 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
17.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 50/1 |
CINNEADH (AE) 2023/362 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Feabhra 2023
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le forálacha áirithe de chomhaontuithe idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an tSeapáin maidir le haersheirbhísí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 5 Meitheamh 2003, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le tríú tíortha maidir le comhaontú ar leibhéal an Aontais a chur in ionad forálacha áirithe i gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana. |
(2) |
Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le forálacha áirithe de chomhaontuithe idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an tSeapáin maidir le haersheirbhísí (“an Comhaontú”) a chaibidil. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú an 21 Meán Fómhair 2022. |
(3) |
Tá sé de chuspóir ag an gComhaontú comhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí idir 13 Bhallstát agus an tSeapáin a chur i gcomhréir le dlí an Aontais. |
(4) |
Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le forálacha áirithe de chomhaontuithe idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an tSeapáin maidir le haersheirbhísí (“an Comhaontú”) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích (1).
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. SVANTESSON
(1) Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh tráth a thabhairt i gcrích.
RIALACHÁIN
17.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 50/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/363 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear agus lena gceartaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 a mhéid a bhaineann le hinneachar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le nochtaí i ndoiciméid réamhchonarthacha agus i dtuarascálacha tréimhsiúla le haghaidh táirgí airgeadais lena n-infheistítear i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (1), agus go háirithe Airteagail 8(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 8(4), an ceathrú fomhír, Airteagal 9(5), an ceathrú fomhír, Airteagal 9(6), an ceathrú fomhír, Airteagal 10(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 11(4), an ceathrú fomhír, agus Airteagal 11(5), an ceathrú fomhír de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”. Sonraítear ann freisin ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise atá le soláthar i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomh gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla, i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe na dtáirgí airgeadais. Thairis sin, maidir leis na táirgí airgeadais a infheistíonn i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil de réir bhrí Airteagal 2, pointe (17), de Rialachán (AE) 2019/2088, sonraítear freisin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 an fhaisnéis maidir le méid an ailínithe tacsanomaíochta atá le nochtadh laistigh de dhoiciméid réamhchonarthacha agus de thuarascálacha tréimhsiúla. |
(2) |
An 9 Márta 2022, glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún (3), agus tagairt ar leith á déanamh d’earnálacha gáis iontaise agus fuinnimh núicléach. |
(3) |
D’iarr an Coimisiún ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha leasuithe a mholadh go comhpháirteach ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 i ndáil leis an bhfaisnéis atá le soláthar i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin, agus i dtuarascálacha tréimhsiúla maidir le nochtadh táirgí airgeadais d’infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí gáis iontaise agus fuinnimh núicléach. |
(4) |
Tá gá leis na leasuithe sin chun trédhearcacht a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, chun cuidiú le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus le hinfheisteoirí gníomhaíochtaí gáis iontaise agus núicléacha ábhartha, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus ina n-infheistíonn táirgí airgeadais, a shainaithint. Tríd an bhfaisnéis níos mionsonraithe maidir le hinfheistíochtaí sna gníomhaíochtaí sin a sholáthar, ba cheart go gcothófaí inchomparáideacht na faisnéise a nochtar d’infheisteoirí freisin. Dá bhrí sin, is iomchuí trédhearcacht a sholáthar maidir le hinfheistíochtaí i ngníomhaíochtaí gáis iontaise agus fuinnimh núicléach atá inbhuanaithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de le linn shaolré iomlán na dtáirgí airgeadais ábhartha, i ndoiciméid réamhchonarthacha agus i dtuarascálacha tréimhsiúla. Ba cheart faisnéis den sórt sin a chur san áireamh i nochtaí suímh gréasáin freisin. Thug na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha dá n-aire go bhfuil gá cheana féin le trédhearcacht maidir le hinfheistíochtaí in earnálacha agus i bhfo-earnálacha a bhaineann le gníomhaíochtaí gáis iontaise agus fuinnimh núicléach mar chuid de na forálacha le haghaidh tuarascálacha tréimhsiúla faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288. |
(5) |
Is gá a shoiléiriú, chun cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a ghníomhachtú , nach bhfuil sé ábhartha má gheallann táirge airgeadais infheistíocht a dhéanamh i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil de réir bhrí Airteagal 2, pointe (17), de Rialachán (AE) 2019/2088. |
(6) |
Ina theannta sin, thug Údarás Mhaoirseachta Eorpacha dá n-aire go raibh gá le dhá athrú ar na crostagairtí sna nochtaí tréimhsiúla ós rud é go raibh siad earráideach. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 a leasú agus a cheartú dá réir sin. |
(8) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha) faoi bhráid an Choimisiúin. |
(9) |
Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. |
(10) |
Is coigeartuithe teoranta ar an gcreat rialála atá ann cheana iad na leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 agus tá gá leo chun an creat nochta a ailíniú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214, a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023. I bhfianaise raon feidhme teoranta na leasuithe agus i bhfianaise an ghá atá le deimhneacht dhlíthiúil agus comhleanúnachas le cur i bhfeidhm Rialacháin Tharmligthe (AE) 2022/1214 agus (AE) 2022/1288 a áirithiú, bheadh sé díréireach do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairliúcháin nó anailísí poiblí oscailte a dhéanamh ar na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Chun críocha mhír 1, pointe (a), beidh feidhm ag gach ceann de na nithe seo a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:
|
(3) |
Cuirtear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinní II go V. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288
Ceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 55(1), i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):
|
(2) |
in Airteagal 62(1), i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 9.12.2019, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla (IO L 196, 25.7.2022, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin (IO L 188, 15.7.2022, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
IARSCRÍBHINN I
“IARSCRÍBHINN II
Teimpléad don nochtadh réamhchonarthach le haghaidh na dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8, míreanna 1, 2 agus 2a, de Rialachán (AE) 2019/2088 agus in Airteagal 6, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852
IARSCRÍBHINN II
‘IARSCRÍBHINN III
Teimpléad don nochtadh réamhchonarthach le haghaidh na dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 9, míreanna 1 go 4a, de Rialachán (AE) 2019/2088 agus in Airteagal 5, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852
IARSCRÍBHINN III
“IARSCRÍBHINN IV
Teimpléad don nochtadh tréimhsiúil le haghaidh na dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8, míreanna 1, 2 agus 2a, de Rialachán (AE) 2019/2088 agus in Airteagal 6, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852
IARSCRÍBHINN IV
“IARSCRÍBHINN V
Teimpléad don nochtadh tréimhsiúil le haghaidh na dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 9, míreanna 1 go 4a, de Rialachán (AE) 2019/2088 agus in Airteagal 5, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2020/852
17.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 50/28 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/364 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Feabhra 2023
lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “IPA Family 1” i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 44(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 10 Meitheamh 2016, chuir Ecolab Deutschland GmbH iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”), i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (CE) Uimh. 528/2012, ar údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ar a dtugtar “IPA Family 1” de chineálacha táirgí 2 agus 4, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus thug sé daingniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na hÍsiltíre meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Taifeadadh an t-iarratas faoi chás-uimhir BC-HN024859-20 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha. |
(2) |
Is é própán-2-ól an tsubstaint ghníomhach atá in“IPA Family 1”, substaint a chuimsítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i ndáil le cineálacha táirge 2 agus 4. |
(3) |
An 25 Lúnasa 2021, rinne an t-údarás inniúil meastóireachta tuarascáil ar an measúnú agus conclúidí a mheastóireachta a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(4) |
An 23 Márta 2022, chuir an Ghníomhaireacht a tuairim faoi bhráid an Choimisiúin (2) i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, sin agus an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh (“SPC”) atá ag “IPA Family 1”, maille leis an tuarascáil dheireanach ar mheasúnú i ndáil leis an bhfine táirgí bithicídeacha. |
(5) |
Is é conclúid na tuairime sin gur “fine táirgí bithicídeacha” atá in “IPA Family 1” de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (s), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go bhfuil sé incháilithe le haghaidh údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) den Rialachán sin, agus faoi réir chomhlíonadh na dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh, go sásaíonn sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) agus (6) den Rialachán sin. |
(6) |
An 12 Aibreán 2022, rinne an Ghníomhaireacht an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a tharchur chuig an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(7) |
Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais le haghaidh “IPA Family 1” a dheonú. |
(8) |
Sa tuairim ón nGníomhaireacht, molann sí go ndéanfaidh sealbhóir an údaraithe tástáil um chobhsaíocht stórála comhthimpeallaí fadtéarmaí ar “Klercide 70/30 IPA Aerosol” mheitea-SPC 1.3 sa phacáistiú tráchtála ina gcuirfear an táirge ar fáil ar an margadh, mar choinníoll san údarú. Ba cheart aghaidh a thabhairt sa tástáil ar airíonna ábhartha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla an táirge sin roimh an stóráil agus ina diaidh, chun seilfré 24 mhí a dheimhniú. Ba cheart do shealbhóir an údaraithe faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas a chuimsiú sa tuarascáil tástála – cobhsaíocht an phacáistithe, na saintréithe sprae agus an brú inmheánach roimh stóráil agus ina diaidh. Aontaíonn an Coimisiún leis an moladh sin agus measann sé gur cheart cur isteach thorthaí na tástála sin a bheith ina choinníoll maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha “IPA Family 1” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid de bhun Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sonraí a bheith le soláthar tar éis dheonú an údaraithe, measann an Coimisiún gur rud é sin nach ndéanann difear don chonclúid maidir le comhlíonadh an choinníll faoi Airteagal 19(1), pointe (d), den Rialachán sin ar bhonn na sonraí atá ann cheana. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, deonaítear údarú Aontais darb uimhir údaraithe EU-0028425-0000 do Ecolab Deutschland GmbH maidir leis bhfine táirgí bithicídeacha “IPA Family 1” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Tá údarú an Aontais bailí ón 9 Márta 2023 go 28 Feabhra 2033.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) ECHA opinion of 1 March 2022 on the Union authorisation of “IPA Family 1” [Tuairim ó ECHA an 1 Márta 2022 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh “IPA Family 1”] (ECHA/BPC/316/2021), https://echa.europa.eu/bpc-opinions-on-union-authorisation.
IARSCRÍBHINN I
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA (EU-0028425-0000)
Déanfaidh sealbhóir an údaraithe tástáil um chobhsaíocht stórála comhthimpeallaí fadtéarmaí ar ‘Klercide 70/30 IPA Aerosol’ mheitea-SPC 1.3 sa phacáistiú tráchtála ina gcuirfear an táirge ar fáil ar an margadh, mar choinníoll san údarú. Sa tástáil um chobhsaíocht stórála comhthimpeallaí fadtéarmaí, tabharfar aghaidh ar airíonna ábhartha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla an táirge sin idir roimh an stóráil agus ina diaidh, i gcomhréir le roinn 2.6.4 de Guidance on the Biocidal Products Regulation Volume I: Identity of the active substance/physico-chemical properties/analytical methodology – Information Requirements, Evaluation and Assessment (ECHA, March 2022) [Treoraíocht maidir le Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha Imleabhar I: Aitheantas na substainte gníomhaí/na n-airíonna fisiciceimiceacha/na modheolaíochta anailísí (ECHA, Márta 2022)] (1), chun seilfré 24 mhí a dheimhniú. Cuimseoidh sealbhóir an údaraithe faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas sa tuarascáil staidéir – cobhsaíocht an phacáistithe, na saintréithe sprae agus an brú inmheánach roimh an stóráil agus ina diaidh.
Faoin 9 Eanáir 2024 cuirfidh sealbhóir an údaraithe torthaí an staidéir faoi bhráid na Gníomhaireachta.
(1) https://echa.europa.eu/documents/10162/23036412/bpr_guidance_vol_i_parts_abc_en.pdf/31b245e5-52c2-f0c7-04db-8988683cbc4b
IARSCRÍBHINN II
Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh tacar táirgí bithicídeacha
IPA Family 1
Cineál táirge 2 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)
Cineál táirge 4 - An réimse bia agus beatha (Dífhabhtáin)
Uimhir an údaraithe: EU-0028425-0000
Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0028425-0000
CUID I
AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE
1. FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. Ainm an tacair
Ainm |
IPA Family 1 |
1.2. Cineál nó cineálacha táirge
Cineál nó cineálacha táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) PT04 - An réimse bia agus beatha (Dífhabhtáin) |
1.3. Sealbhóir an údaraithe
Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe |
Ainm |
Ecolab Deutschland GmbH |
Seoladh |
Ecolab Allee 1, 40789 Monheim am Rhein An Ghearmáin |
|
Uimhir an údaraithe |
EU-0028425-0000 |
|
Uimhir sócmhainne R4BP |
EU-0028425-0000 |
|
Dáta an údaraithe |
9 Márta 2023 |
|
Dáta éaga an údaraithe |
28 Feabhra 2033 |
1.4. Déantóir/déantóirí na dtáirgí bithicídeacha
Ainm an déantóra |
Ecolab Europe GmbH |
Seoladh an déantóra |
Richtistrasse, 7, 8304 Wallisellen An Eilvéis |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Richtistrasse, 7, 8304 Wallisellen An Eilvéis |
Ainm an déantóra |
Ecolab Limited |
Seoladh an déantóra |
Brunel Way, Baglan Energy Park, SA11 2GA Neath An Ríocht Aontaithe |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Brunel Way, Baglan Energy Park, SA11 2GA Neath An Ríocht Aontaithe |
Ainm an déantóra |
Laboratoires Prodene Klint |
Seoladh an déantóra |
Rue Denis Papin, 2 Z.I. Mitry Compans, F-77290 Mitry Mory An Fhrainc |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Rue Denis Papin, 2 Z.I. Mitry Compans, F-77290 Mitry Mory An Fhrainc |
Ainm an déantóra |
Ecolab Leeds |
Seoladh an déantóra |
Lotherton Way, Garforth, LS25 2JY Leeds An Ríocht Aontaithe |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Lotherton Way, Garforth, LS25 2JY Leeds An Ríocht Aontaithe |
Ainm an déantóra |
Esoform S.p.A. |
Seoladh an déantóra |
Viale del Lavoro 10, 45100 Rovigo An Iodáil |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Viale del Lavoro 10, 45100 Rovigo An Iodáil |
Ainm an déantóra |
Nalco Deutschland Manufacturing GmbH und Co.KG |
Seoladh an déantóra |
Justus-von-Liebig-Str. 11, D-64584 Biebesheim An Ghearmáin |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Justus-von-Liebig-Str. 11, D-64584 Biebesheim An Ghearmáin |
Ainm an déantóra |
Ecolab NETHERLANDS BV |
Seoladh an déantóra |
Brugwal 11, 3432NZ Nieuwegein An Ísiltír |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Brugwal 11, 3432NZ Nieuwegein An Ísiltír |
Ainm an déantóra |
Ecolab Weavergate |
Seoladh an déantóra |
Winnington Avenue, CW8 3AA Northwich Cheshire An Ríocht Aontaithe |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Winnington Avenue, CW8 3AA Northwich Cheshire An Ríocht Aontaithe |
Ainm an déantóra |
Ecolab Mullingar, Ireland |
Seoladh an déantóra |
Forest Park, Zone C Mullingar Ind. Estate, - An Muileann gCearr, Contae na hIarmhí, Éire |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Forest Park, Zone C Mullingar Ind. Estate, - An Muileann gCearr, Contae na hIarmhí, Éire |
Ainm an déantóra |
Ecolab d.o.o. |
Seoladh an déantóra |
Vajngerlova 4, 2000 Maribor An tSlóivéin |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Vajngerlova 4, 2000 Maribor An tSlóivéin |
Ainm an déantóra |
Ecolab Rozzano, Italy |
Seoladh an déantóra |
Via A. Grandi 9/11, 20089 Rozzano (MI) An Iodáil |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Via A. Grandi 9/11, 20089 Rozzano (MI) An Iodáil |
Ainm an déantóra |
Ecolab B.V.B.A |
Seoladh an déantóra |
Havenlaan 4, 3980 Tessenderlo An Bheilg |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Havenlaan 4, 3980 Tessenderlo An Bheilg |
Ainm an déantóra |
Nalco Española Manufacturing, SLU |
Seoladh an déantóra |
C/Tramuntana s/n Polígono Industrial de Celrà, 17460 Celrà An Spáinn |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
C/Tramuntana s/n Polígono Industrial de Celrà, 17460 Celrà An Spáinn |
Ainm an déantóra |
Ecolab production France SAS |
Seoladh an déantóra |
BP509, Avenue de Général Patton, 51006 Châlons-en-Champagne An Fhrainc |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
BP509, Avenue de Général Patton, 51006 Châlons-en-Champagne An Fhrainc |
Ainm an déantóra |
Ecolab Mandra, Greece |
Seoladh an déantóra |
25km Old National Road Athens- Theve, - Mandra Attica An Ghréig |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
25km Old National Road Athens- Theve, - Mandra Attica An Ghréig |
Ainm an déantóra |
NALCO FINLAND MANUFACTURING OY |
Seoladh an déantóra |
Kivikummuntie 1, FIN-07955 Tesjoki An Fhionlainn |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Kivikummuntie 1, FIN-07955 Tesjoki An Fhionlainn |
Ainm an déantóra |
Manufacturing Plant Cisterna Nalco |
Seoladh an déantóra |
Via Ninfina II, 4012 Cisterna di Latina, An Iodáil |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Via Ninfina II, 4012 Cisterna di Latina An Iodáil |
Ainm an déantóra |
Manufacturing Plant Fawley Nalco |
Seoladh an déantóra |
One buisness center 1180, SO45 3NP Hardley Hants An Ríocht Aontaithe |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
One buisness center 1180, SO45 3NP Hardley Hants An Ríocht Aontaithe |
Ainm an déantóra |
Nalco Champion Plant, Tooling Plant, Aberdeen Nalco |
Seoladh an déantóra |
Minto Avenue, Alten Industrial Estate, AB12 3JZ Aberdeen An Ríocht Aontaithe |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Minto Avenue, Alten Industrial Estate, AB12 3JZ Aberdeen An Ríocht Aontaithe |
Ainm an déantóra |
Microtek Medical B.V. |
Seoladh an déantóra |
Hekkehorst, 24, 7207 BN Zutphen An Ísiltír |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Hekkehorst, 24, 7207 BN Zutphen An Ísiltír |
Ainm an déantóra |
Microtek Medical Malta Ltd. |
Seoladh an déantóra |
Sorbonne Centre F20 Mosta Technopark, MST 3000 Mosta Málta |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Sorbonne Centre F20 Mosta Technopark, MST 3000 Mosta Málta |
Ainm an déantóra |
Innovate GmbH |
Seoladh an déantóra |
Am Hohen Stein, 11, 06618 Naumburg An Ghearmáin |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Am Hohen Stein, 11, 06618 Naumburg An Ghearmáin |
Ainm an déantóra |
CHRISTEYNS FRANCE S.A. |
Seoladh an déantóra |
31 rue de la Maladrie, 44120 Vertou An Fhrainc |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
54 avenue de la Plaine - ZI, 13106 Rousset An Fhrainc |
Ainm an déantóra |
Techtex |
Seoladh an déantóra |
Units 7 & 8, Rhodes Business Park, Silbum Way, M24 4NE Middelton, Manchester An Ríocht Aontaithe |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Units 7 & 8, Rhodes Business Park, Silbum Way, M24 4NE Middelton, Manchester An Ríocht Aontaithe |
1.5. Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha
Substaint ghníomhach |
Propan-2-ol |
Ainm an déantóra |
Ineos Solvents Germany GmbH |
Seoladh an déantóra |
Römerstrasse 733, 47443 Moers An Ghearmáin |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Shamrockstrasse 88, D-44623 Herne An Ghearmáin Romestrasse, 733, D-47443, D-47443 Moers An Ghearmáin |
Substaint ghníomhach |
Propan-2-ol |
Ainm an déantóra |
Shell Chemicals Europe B.V. |
Seoladh an déantóra |
Postbus 2334, 3000 CH Rotterdam An Ísiltír |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Chemie BV/Shell Nederland Raffinaderij B.V., Vondelingenweg 601, 3196 KK Rotterdam-Pernis, An Ísiltír |
Substaint ghníomhach |
Propan-2-ol |
Ainm an déantóra |
ExxonMobil Chemical Europe |
Seoladh an déantóra |
Hermeslaan 2, 1831 Machelen, An Bheilg |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Fawley Refinery and Petrochemical Plant, Fawley, SO45 1TX Southampton An Ríocht Aontaithe Baton Rouge Chemical Plant 4999 Scenic Highway, 70805-3359 LA Stáit Aontaithe Mheiriceá |
2. COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TACAIR TÁIRGÍ
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an tacair
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
Íosta |
Uasta |
|||||
Propan-2-ol |
|
Substaint Ghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
30,3 |
65,66 |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe
Foirmliú (nó foirmlithe) |
AL - Aon leacht eile AE - Dáileoir aerasól XX -Ciarsúr atá réidh le húsáid cumaisc le leacht bunaithe ar uisce |
CUID II
AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE - SPC(ANNA) META
Meta SPC 1
1. Faisnéis riaracháin Meta SPC 1
1.1. Aitheantóir Meta SPC 1
Aitheantóir |
Meta-SPC 1.1 |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
Uimhir |
1-1 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
Cineál nó cineálacha táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) |
2. Comhdhéanamh Meta SPC 1
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meta SPC 1
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
Íosta |
Uasta |
|||||
Propan-2-ol |
|
Substaint Ghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
60,61 |
65,66 |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meta SPC 1
Foirmliú (nó foirmlithe) |
AL - Aon leacht eile |
3. Ráitis ghuaise agus réamhchúraim meta SPC 1
Ráitis ghuaise |
Leacht agus gal an-inlasta. Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil. D’fhéadfadh a bheith ina chúis le codlatacht nó meadhrán. D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le tirimeacht chraicinn nó le scoilteadh craicinn. |
Ráitis réamhchúraim |
Coimeád amach ó theas, dromchlaí te, spréacha, lasracha oscailte agus foinsí adhainte eile. - Cosc ar thobac. Caith súilchosaint. Caith aghaidhchosaint. |
4. Úsáid/úsáidí údaraithe meta SPC 1
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1. Úsáid # 1 – Úsáid # 1.1 – Díghalrú dromchlaí i seomraí glana le spraeáil nó mapáil.
An cineál táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) |
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Giostaí Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Fungais Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Víris imchlúdaithe Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil |
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Díghalrú dromchlaí neamh-phóiriúla crua sheomra glan i dtionscal na n-eolaíochtaí nádúrtha. |
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Spraeáil truicir nó mapáil Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Forchur díreach ar dhromchlaí le spraeáil truicir agus cuimilt ina dhiaidh sin le ciarsúr tirim i ndiaidh lena scaipeadh nó mapáil. |
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: c.a. 18 mL/m2 Airí caolaithe: 0 Airí uainithe: De réir riachtanach |
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Buidéal/coimeádán 0,5 lítear - 10 lítear Polyvinylpyrrolidone (PVP) nó (Polyetheylene ard-dlúis (HDPE) (sprae le truicir agus gan) |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Glan agus triomaigh dromchlaí roimh dhíghalrú.
Forchur le spraeáil truicir díreach ar an ndromchla: Oscail an buinne roimh úsáid. I gcomhair torthaí optamacha, coinnigh an buidéal agus forchuir ó achar 10 cm go 20 cm. Cinntigh na dromchlaí a fhliuchadh go hiomlán (uas 18 mL/m2, coibhéiseach le 20 stróc/m2) agus cuimilt le ciarsúr tirim ina dhiaidh lena scaipeadh. Fan ar feadh 5 nóiméad go dtí go n-oibrítear i gcoinne baictéir, giosta agus víris imchlúdaithe agus 15 nóiméad i gcoinne fungais. Dún an buinne i gcónaí i ndiaidh úsáide. Ná haistrigh an táirge chuig spraeire truicir, ach forchuir ó phacáiste seachadta le spraeire truicir.
Forchur ar dhromchlaí le mapáil: Cumasc an mapa glan leis an leacht ag úsáid buicéid mapála agus forchuir leis an ndromchla le díghalrú. Cinntigh go bhfuil an dromchla go hiomlán fliuch (uas 18 mL/m2). Fan ar feadh 5 nóiméad go dtí go n-oibrítear i gcoinne baictéir, giosta agus víris imchlúdaithe agus 15 nóiméad i gcoinne fungais. Níl a thuilleadh cuimilt riachtanach.
Ná measc an táirge le táirgí eile. Ná doirt aon táirge neamhúsáidte ar ais ar an mbunchoimeádán.
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Seachain teagmháil le súile.
Ba cheart lámhainní, cosaint súl agus trealamh cosanta riospráide (RPE) de fachtóir 10 a chaitheamh le linn mapála. Níor chóir do phearsanra gan chosaint bheith i láthair sa seomra le linn díghalraithe mapála.
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Éifeachtaí Féideartha Sláinte
Na Súile – Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil.
An Craiceann - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Ionghabháil - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Ionanálú - D’fhéadfadh ionanálú éifeachtaí a chur ar lárchóras na néaróg.
Nochtadh Ainsealach - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Bearta Garchabhracha
I GCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid. Nigh craiceann agus uisce. I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle leighis.
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaítear an béal. Give something to drink, if exposed person is able to swallow. Do NOT induce vomiting. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Bog go haer úr agus coinnigh ar do shuaimhneas in áit compordach don análú. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide (5.4).
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide (5.5).
5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1) MAIDIR LE META SPC 1
5.1. Treoracha úsáide
Breathnaigh ar na treoracha sonracha d’úsáid meta-SPC 1
5.2. Bearta maolaithe riosca
Féach freisin na bearta maolaithe riosca do meta-SPC 1
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Breathnaigh ar an bhfaisnéis shonrach do meta-SPC 1
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Táirge
Nuair is féidir, is fearr athchúrsáil ná diúscairt nó dó. Mura bhfuil athchúrsáil indéanta, diúscair é i gcomhréir le rialacháin áitiúla. Diúscair dramhaíl i ngléasra diúscartha dramhaíl faofa.
Pacáistiú truaillithe
Diúscair aon táirge nár úsáideadh. Ba chóir coimeádáin fholmha a thógáil go dtí suíomh oiriúnach um láimhseáil dramhaíl i gcomhair athchúrsála nó diúscartha. Ná athúsáid coimeádáin fholmha. Diúscair i gcomhréir le rialacháin áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta.
Iarmhar táirge
Ná sceith táirge nach n-úsáidtear ar an talamh, isteach i sruthchúrsaí, isteach i bpíopaí (doirteal, leithris...) ná síos sna draein.
Faigh réidh le táirge nach n-úsáidtear, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla.
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Stóráil amach ó sholas díreach na gréine agus ar theocht idir 0 °C is 25 °C
Seilfré: 24 mí
6. FAISNÉIS EILE
Bileog sonraí sábháilteachta agus teicniúla ar fáil d’úsáideoirí ghairmiúla ar iarratas.
Úsáideadh AEL géar/meántéarma/fadtéarma 17,9 mg/kg meáchan coirp (bw)/lá d’oibrithe gairmiúla agus AEL géar/meántéarma/fadtéarma 10,7 mg/kg bw/lá a úsáideadh sa mheasúnú ar rioscaí sa Tuarascáil Measúnaithe Própán-2-ol in PT2 - An Ghearmáin, (Eanáir 2015).
7. An tríú leibhéal faisnéise: táirgí aonair i meta SPC 1
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
Trádainm (nó trádainmneacha) |
Klercide 70/30 IPA |
Réimse margaidh: EU |
|||
Uimhir an údaraithe |
EU-0028425-0001 1-1 |
||||
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
Propan-2-ol |
|
Substaint Ghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
63,27 |
Meta SPC 2
1. Faisnéis riaracháin Meta SPC 2
1.1. Aitheantóir Meta SPC 2
Aitheantóir |
Meta-SPC 1.2 |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
Uimhir |
1-2 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
Cineál nó cineálacha táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) |
2. Comhdhéanamh Meta SPC 2
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meta SPC 2
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
Íosta |
Uasta |
|||||
Propan-2-ol |
|
Substaint Ghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
60,61 |
65,66 |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meta SPC 2
Foirmliú (nó foirmlithe) |
XX -Ciarsúr atá réidh le húsáid cumaisc le leacht bunaithe ar uisce |
3. Ráitis ghuaise agus réamhchúraim meta SPC 2
Ráitis ghuaise |
Leacht agus gal an-inlasta. Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil. D’fhéadfadh a bheith ina chúis le codlatacht nó meadhrán. D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le tirimeacht chraicinn nó le scoilteadh craicinn. |
Ráitis réamhchúraim |
Coimeád amach ó theas, dromchlaí te, spréacha, lasracha oscailte agus foinsí adhainte eile. - Cosc ar thobac. |
4. Úsáid/úsáidí údaraithe meta SPC 2
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 2. Úsáid # 1 – Úsáid # 2.1 – Díghalrú dromchlaí i seomra glan trí cuimilt
An cineál táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) |
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Giostaí Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Fungais Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Víris imchlúdaithe Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil |
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Díghalrú dromchlaí neamh-phóiriúla crua sheomra glan i dtionscal na n-eolaíochtaí nádúrtha trí cuimilt. |
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Cuimilt Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Forchur díreach ar dhromchlaí trí cuimilt le ciarsúr fliuch. |
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: c.a. 10 mL/m2 Airí caolaithe: 0 Airí uainithe: Feadán (200 ciarsúr/paca, 230×200, cumasc sintéiseach/ceallalóis): c.a. Is féidir le 0,13 m2 a dhíghalrú le ciarsúr amháin Feadán (100 ciarsúr/paca, 200×230, cumasc sintéiseach/ceallalóis): c.a. Is féidir le 0,23 m2 a dhíghalrú le ciarsúr amháin Mapáil (10 ciarsúr/paca, 420×250, Poileistear/ceallalóis): c.a. Is féidir le 1,1 m2 a dhíghalrú le ciarsúr amháin Púitse (15 ciarsúr/paca, 200×200, Poileistear/ceallalóis): c.a. Is féidir le 0,33 m2 a dhíghalrú le ciarsúr amháin Púitse (10 ciarsúr/paca, 200×200, 100 % Poileistir): c.a. Is féidir le 0,51 m2 a dhíghalrú le ciarsúr amháin Púitse (15 ciarsúr/paca, 300×300, Poileistear/ceallalóis): c.a. Is féidir le 0,47 m2 a dhíghalrú le ciarsúr amháin Púitse (10 ciarsúr/paca, 300×300, 100 % Poileistir): c.a. Is féidir le 0,73 m2 a dhíghalrú le ciarsúr amháin |
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Feadán (HDPE) (100-200 ciarsúr/paca, 200×230, cumasc sintéiseach/ceallalóis) Púitse (10-30 ciarsúr/paca, 200×200, Poileistear/ceallalóis, 100 % Poileistir) Púitse (10-30 ciarsúr/paca, 300×300, Poileistear/ceallalóis, 100 % Poileistir) Ciarsúr mapála (10-30 ciarsúr/paca, 420×250, Poileistear/ceallalóis) |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Glan agus triomaigh dromchlaí roimh dhíghalrú.
Cuimilt: Cuimil dromchla le díghalrú. Úsáid ciarsúr uair amháin. Cinntigh go bhfuil an dromchla go hiomlán fliuch (uas 10 mL/m2).
Is féidir timpeall 0,13-1,1 m2 a dhíghalrú le ciarsúr amháin ag brath ar an gciarsúr.
Fan ar feadh 5 nóiméad go dtí go n-oibrítear i gcoinne baictéir, giosta agus víris imchlúdaithe agus 15 nóiméad i gcoinne fungais. Diúscair na ciarsúir sa bhosca bruscair dúnta oiriúnach láithreach i ndiaidh úsáide. Níl a thuilleadh cuimilt riachtanach.
I gcomhair ciarsúir ilphaca, dún an pacáiste i ndiaidh oscailte.
Ná measc le glantaigh nó le táirgí eile.
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Éifeachtaí Féideartha Sláinte
Na Súile – Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil.
An Craiceann - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Ionghabháil - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Ionanálú - D’fhéadfadh ionanálú éifeachtaí a chur ar lárchóras na néaróg.
Nochtadh Ainsealach - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Bearta Garchabhracha
I GCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid. Nigh craiceann agus uisce. I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle leighis.
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaítear an béal. Give something to drink, if exposed person is able to swallow. Do NOT induce vomiting. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Bog go haer úr agus coinnigh ar do shuaimhneas in áit compordach don análú. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide (5.4).
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide (5.5).
5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (2) MAIDIR LE META SPC 2
5.1. Treoracha úsáide
Breathnaigh ar na treoracha sonracha d’úsáid meta-SPC 2
5.2. Bearta maolaithe riosca
Féach freisin na bearta maolaithe riosca do meta-SPC 2
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Breathnaigh ar an bhfaisnéis shonrach do meta-SPC 2
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Táirge
Nuair is féidir, is fearr athchúrsáil ná diúscairt nó dó. Mura bhfuil athchúrsáil indéanta, diúscair é i gcomhréir le rialacháin áitiúla. Diúscair dramhaíl i ngléasra diúscartha dramhaíl faofa.
Pacáistiú truaillithe
Diúscair aon táirge nár úsáideadh. Ba chóir coimeádáin fholmha a thógáil go dtí suíomh oiriúnach um láimhseáil dramhaíl i gcomhair athchúrsála nó diúscartha. Ná athúsáid coimeádáin fholmha. Diúscair i gcomhréir le rialacháin áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta.
Iarmhar táirge
Ná sceith táirge nach n-úsáidtear ar an talamh, isteach i sruthchúrsaí, isteach i bpíopaí (doirteal, leithris...) ná síos sna draein.
Faigh réidh le táirge nach n-úsáidtear, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla.
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Stóráil amach ó sholas díreach na gréine agus ar theocht idir 0 °C is 25 °C
Seilfré: 24 mí
6. FAISNÉIS EILE
Bileog sonraí sábháilteachta agus teicniúla ar fáil d’úsáideoirí ghairmiúla ar iarratas.
Úsáideadh AEL géar/meántéarma/fadtéarma 17,9 mg/kg meáchan coirp (bw)/lá d’oibrithe gairmiúla agus AEL géar/meántéarma/fadtéarma 10,7 mg/kg bw/lá a úsáideadh sa mheasúnú ar rioscaí sa Tuarascáil Measúnaithe Própán-2-ol in PT2 - An Ghearmáin, (Eanáir 2015).
7. An tríú leibhéal faisnéise: táirgí aonair i meta SPC 2
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
Trádainm (nó trádainmneacha) |
Klerwipe 70/30 IPA |
Réimse margaidh: EU |
|||
Uimhir an údaraithe |
EU-0028425-0002 1-2 |
||||
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
Propan-2-ol |
|
Substaint Ghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
63,27 |
Meta SPC 3
1. Faisnéis riaracháin Meta SPC 3
1.1. Aitheantóir Meta SPC 3
Aitheantóir |
Meta-SPC 1.3 |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
Uimhir |
1-3 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
Cineál nó cineálacha táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) |
2. Comhdhéanamh Meta SPC 3
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meta SPC 3
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
Íosta |
Uasta |
|||||
Propan-2-ol |
|
Substaint Ghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
60,61 |
65,66 |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meta SPC 3
Foirmliú (nó foirmlithe) |
AE - Dáileoir aerasól |
3. Ráitis ghuaise agus réamhchúraim meta SPC 3
Ráitis ghuaise |
Aerasól fíor-inlasta. Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil. D’fhéadfadh a bheith ina chúis le codlatacht nó meadhrán. Coimeádán brúchóirithe: D’fhéadfadh sé pléascadh má théitear D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le tirimeacht chraicinn nó le scoilteadh craicinn. |
Ráitis réamhchúraim |
Coimeád amach ó theas, dromchlaí te, spréacha, lasracha oscailte agus foinsí adhainte eile. - Cosc ar thobac. Caith súilchosaint. Caith aghaidhchosaint. Ná spraeáil ar lasair oscailte nó ar fhoinse adhainte eile. Ná cuir poll ann nó ná dó, fiú amháin tar éis úsáide. Cosain ó sholas na gréine. Ná nocht ag teochtaí níos mó ná 50 °C/122 °F. |
4. Úsáid/úsáidí údaraithe meta SPC 3
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 3. Úsáid # 1 – Úsáid # 3.1 – Díghalrú dromchlaí i seomra glan le aerasóil
An cineál táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) |
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Giostaí Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Fungais Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Víris imchlúdaithe Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil |
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Díghalrú dromchlaí neamh-phóiriúla crua sheomra glan i dtionscal na n-eolaíochtaí nádúrtha. |
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Spraeáil aerasóil Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Forchur díreach ar dhromchlaí le spraeáil aerasóil agus cuimilt ina dhiaidh sin le ciarsúr tirim i ndiaidh lena scaipeadh. |
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: c.a. 18 mL/m2 Airí caolaithe: 0 Airí uainithe: De réir riachtanach |
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Canna alúmanaim 0,2 lítear - 0,5 lítear |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Glan agus triomaigh dromchlaí roimh dhíghalrú.
Forchur le spraeáil aerasóil: I gcomhair torthaí optamacha, coinnigh an canna agus spraeáil ó achar 10 cm go 20 cm. Cinntigh na dromchlaí a fhliuchadh go hiomlán (uas 18 mL/m2, coibhéiseach le 7,2 soicind/m2 spraeála) agus cuimilt le ciarsúr tirim ina dhiaidh lena scaipeadh. Fan ar feadh 5 nóiméad go dtí go n-oibrítear i gcoinne baictéir, giosta agus víris imchlúdaithe agus 15 nóiméad i gcoinne fungais.
Ná measc an táirge le táirgí eile.
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Seachain teagmháil le súile.
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Éifeachtaí Féideartha Sláinte
Na Súile – Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil.
An Craiceann - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Ionghabháil - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Ionanálú – D’fhéadfadh ionanálú éifeachtaí a chur ar lárchóras na néaróg. D’fhéadfadh mí-úsáid d’aon turas le ionanálú a bheith díobhálach nó marfach.
Nochtadh Ainsealach - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Bearta Garchabhracha
I GCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid. Nigh craiceann agus uisce. I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle leighis.
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaítear an béal. Give something to drink, if exposed person is able to swallow. Do NOT induce vomiting. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Bog go haer úr agus coinnigh ar do shuaimhneas in áit compordach don análú. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide (5.4).
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide (5.5).
5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (3) MAIDIR LE META SPC 3
5.1. Treoracha úsáide
Breathnaigh ar na treoracha sonracha d’úsáid meta-SPC 3
5.2. Bearta maolaithe riosca
Féach freisin na bearta maolaithe riosca do meta-SPC 3
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Breathnaigh ar an bhfaisnéis shonrach do meta-SPC 3
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Táirge
Nuair is féidir, is fearr athchúrsáil ná diúscairt nó dó. Mura bhfuil athchúrsáil indéanta, diúscair é i gcomhréir le rialacháin áitiúla. Diúscair dramhaíl i ngléasra diúscartha dramhaíl faofa.
Pacáistiú truaillithe
Diúscair aon táirge nár úsáideadh. Ba chóir coimeádáin fholmha a thógáil go dtí suíomh oiriúnach um láimhseáil dramhaíl i gcomhair athchúrsála nó diúscartha. Ná athúsáid coimeádáin fholmha. Diúscair i gcomhréir le rialacháin áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta.
Iarmhar táirge
Ná sceith táirge nach n-úsáidtear ar an talamh, isteach i sruthchúrsaí, isteach i bpíopaí (doirteal, leithris...) ná síos sna draein.
Faigh réidh le táirge nach n-úsáidtear, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla.
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Stóráil amach ó sholas díreach na gréine agus ar theocht idir 0 °C is 25 °C
Seilfré: 24 mí
6. FAISNÉIS EILE
Bileog sonraí sábháilteachta agus teicniúla ar fáil d’úsáideoirí ghairmiúla ar iarratas.
Úsáideadh AEL géar/meántéarma/fadtéarma 17,9 mg/kg meáchan coirp (bw)/lá d’oibrithe gairmiúla agus AEL géar/meántéarma/fadtéarma 10,7 mg/kg bw/lá a úsáideadh sa mheasúnú ar rioscaí sa Tuarascáil Measúnaithe Própán-2-ol in PT2 - An Ghearmáin, (Eanáir 2015).
7. An tríú leibhéal faisnéise: táirgí aonair i meta SPC 3
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
Trádainm (nó trádainmneacha) |
Klercide 70/30 IPA Aerosol |
Réimse margaidh: EU |
|||
Uimhir an údaraithe |
EU-0028425-0003 1-3 |
||||
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
Propan-2-ol |
|
Substaint Ghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
63,269 |
Meta SPC 4
1. Faisnéis riaracháin Meta SPC 4
1.1. Aitheantóir Meta SPC 4
Aitheantóir |
Meta-SPC 1.4 |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
Uimhir |
1-4 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
Cineál nó cineálacha táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) PT04 - An réimse bia agus beatha (Dífhabhtáin) |
2. Comhdhéanamh Meta SPC 4
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meta SPC 4
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
Íosta |
Uasta |
|||||
Propan-2-ol |
|
Substaint Ghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
30,3 |
30,3 |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meta SPC 4
Foirmliú (nó foirmlithe) |
XX -Ciarsúr atá réidh le húsáid cumaisc le leacht bunaithe ar uisce |
3. Ráitis ghuaise agus réamhchúraim meta SPC 4
Ráitis ghuaise |
Leacht agus gal inlasta. Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil. D’fhéadfadh a bheith ina chúis le codlatacht nó meadhrán. D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le tirimeacht chraicinn nó le scoilteadh craicinn. |
Ráitis réamhchúraim |
Coimeád amach ó theas, dromchlaí te, spréacha, lasracha oscailte agus foinsí adhainte eile. - Cosc ar thobac. |
4. Úsáid/úsáidí údaraithe meta SPC 4
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 4. Úsáid # 1 – Úsáid # 4.1 – Díghalrú dromchlaí teagmhála neamh-bhia agus bia le ciarsúr fliuch
An cineál táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) PT04 - An réimse bia agus beatha (Dífhabhtáin) |
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Giostaí Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil |
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Díghalrú dromchlaí neamh-phóiriúla crua teagmhála neamh-bhia agus teagmhála bia i: Cistineacha tráchtála, Lónadóireacht, Próiseáil bhia agus Miondíol Bia, Ceaintín, Seomraí leithris agus Seomraí Scíthe in óstáin, bialanna, siopaí, scoileanna, oifigí. |
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Cuimilt Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Forchur díreach ar dhromchlaí crua neamh-phóiriúil le cuimilt. |
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: c.a. 10 mL/m2 ag teocht an tseomra Airí caolaithe: 0 Airí uainithe: Cuimilt le dhá chiarsúr forshuite. Is féidir timpeall 0,074-0,222 m2 a dhíghalrú le dhá chiarsúr forshuite ag brath ar mhéid an chiarsúir in úsáid. |
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Coimeádán (PP) (100 ciarsúr 130×210) Coimeádán (HDPE) (150 ciarsúr 180×300) Buicéad (PP) (1 500 ciarsúr 150×210) Púitse (PET/PE) (200 ciarsúr 130×210) Ábhar ciarsúir (gach pacáistiú): cumaisc Laíon, Poileistear, Ceanglóir |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Cuimilt: Glan agus triomaigh dromchlaí roimh dhíghalrú.
Cuimil dromchla le díghalrú le dhá ciarsúr forshuite. Úsáid na ciarsúir uair amháin. I gcomhair torthaí barrmhaitheasa, cinntigh fliuchadh iomlán an dromchla (uas 10 ml/m2), timpeall 0,074-0,222 m2 a dhíghalrú le dhá chiarsúr forshuite ag brath ar mhéid an chiarsúir in úsáid. Fan ar feadh 15 nóiméad go dtí go n-oibrítear i gcoinne baictéir agus giosta. Diúscair na ciarsúir sa bhosca bruscair dúnta oiriúnach láithreach i ndiaidh úsáide. Níl a thuilleadh cuimilt riachtanach.
I gcomhair ciarsúir ilphaca, dún an pacáiste i ndiaidh oscailte.
Ná measc an táirge le táirgí eile.
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Éifeachtaí Féideartha Sláinte
Na Súile – Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil.
An Craiceann - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Ionghabháil - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Ionanálú - D’fhéadfadh ionanálú éifeachtaí a chur ar lárchóras na néaróg.
Nochtadh Ainsealach - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Bearta Garchabhracha
I GCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid. Nigh craiceann agus uisce. I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle leighis.
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaítear an béal. Give something to drink, if exposed person is able to swallow. Do NOT induce vomiting. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Bog go haer úr agus coinnigh ar do shuaimhneas in áit compordach don análú. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide (5.4).
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide (5.5).
5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (4) MAIDIR LE META SPC 4
5.1. Treoracha úsáide
Breathnaigh ar na treoracha sonracha d’úsáid meta-SPC 4
5.2. Bearta maolaithe riosca
Féach freisin na bearta maolaithe riosca do meta-SPC 4
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Breathnaigh ar an bhfaisnéis shonrach do meta-SPC 4
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Táirge
Nuair is féidir, is fearr athchúrsáil ná diúscairt nó dó. Mura bhfuil athchúrsáil indéanta, diúscair é i gcomhréir le rialacháin áitiúla. Diúscair dramhaíl i ngléasra diúscartha dramhaíl faofa.
Pacáistiú truaillithe
Diúscair aon táirge nár úsáideadh. Ba chóir coimeádáin fholmha a thógáil go dtí suíomh oiriúnach um láimhseáil dramhaíl i gcomhair athchúrsála nó diúscartha. Ná athúsáid coimeádáin fholmha. Diúscair i gcomhréir le rialacháin áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta.
Iarmhar táirge
Ná sceith táirge nach n-úsáidtear ar an talamh, isteach i sruthchúrsaí, isteach i bpíopaí (doirteal, leithris...) ná síos sna draein.
Faigh réidh le táirge nach n-úsáidtear, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla.
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Stóráil amach ó sholas díreach na gréine agus ar theocht idir 0 °C is 25 °C
Seilfré: 24 mí
6. FAISNÉIS EILE
Bileog sonraí sábháilteachta agus teicniúla ar fáil d’úsáideoirí ghairmiúla ar iarratas.
Úsáideadh AEL géar/meántéarma/fadtéarma 17,9 mg/kg meáchan coirp (bw)/lá d’oibrithe gairmiúla agus AEL géar/meántéarma/fadtéarma 10,7 mg/kg bw/lá a úsáideadh sa mheasúnú ar rioscaí sa Tuarascáil Measúnaithe Própán-2-ol in PT2 - An Ghearmáin, (Eanáir 2015).
7. An tríú leibhéal faisnéise: táirgí aonair i meta SPC 4
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
Trádainm (nó trádainmneacha) |
Eco-Bac Wipes |
Réimse margaidh: EU |
|||
Uimhir an údaraithe |
EU-0028425-0004 1-4 |
||||
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
Propan-2-ol |
|
Substaint Ghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
30,3 |
Meta SPC 5
1. Faisnéis riaracháin Meta SPC 5
1.1. Aitheantóir Meta SPC 5
Aitheantóir |
Meta-SPC 1.5 |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
Uimhir |
1-5 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
Cineál nó cineálacha táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) PT04 - An réimse bia agus beatha (Dífhabhtáin) |
2. Comhdhéanamh Meta SPC 5
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meta SPC 5
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
Íosta |
Uasta |
|||||
Propan-2-ol |
|
Substaint Ghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
30,3 |
30,3 |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meta SPC 5
Foirmliú (nó foirmlithe) |
AL - Aon leacht eile |
3. Ráitis ghuaise agus réamhchúraim meta SPC 5
Ráitis ghuaise |
Leacht agus gal inlasta. Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil. D’fhéadfadh a bheith ina chúis le codlatacht nó meadhrán. D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le tirimeacht chraicinn nó le scoilteadh craicinn. |
Ráitis réamhchúraim |
Coimeád amach ó theas, dromchlaí te, spréacha, lasracha oscailte agus foinsí adhainte eile. - Cosc ar thobac. Caith súilchosaint. Caith aghaidhchosaint. |
4. Úsáid/úsáidí údaraithe meta SPC 5
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 5. Úsáid # 1 – Úsáid # 5.1 – Díghalrú dromchlaí teagmhála neamh-bhia agus bia le sprae truicir
An cineál táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) PT04 - An réimse bia agus beatha (Dífhabhtáin) |
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Giostaí Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil |
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Díghalrú dromchlaí neamh-phóiriúla crua teagmhála neamh-bhia agus teagmhála bia i: Cistineacha tráchtála, Lónadóireacht, Próiseáil bhia agus Miondíol Bia, Ceaintín, Seomraí leithris agus Seomraí Scíthe in óstáin, bialanna, siopaí, scoileanna, oifigí. |
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Spraeáil truicir Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Forchur díreach ar dhromchlaí crua neamh-phóiriúil le spraeáil truicir. |
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: c.a. 18 mL/m2 ag teocht an tseomra Airí caolaithe: 0 Airí uainithe: De réir riachtanach |
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Coimeádán 0,5 lítear – 10 lítear HDPE (le sprae truicir) |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Le linn forchurtha le spraeáil truicir: Oscail an buinne roimh úsáid. I gcomhair torthaí optamacha, coinnigh an buidéal agus forchuir ó achar 10 cm go 20 cm. Cinntigh na dromchlaí a fhliuchadh go hiomlán (uas 18 mL/m2, coibhéiseach le 29 stróc/m2). Fan ar feadh 30 soicind go dtí go n-oibrítear i gcoinne baictéir agus giosta. Dún an buinne i gcónaí i ndiaidh úsáide.
Ná measc an táirge le táirgí eile. Ná doirt aon táirge neamhúsáidte ar ais ar an mbunchoimeádán.
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Seachain teagmháil le súile.
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Éifeachtaí Féideartha Sláinte
Na Súile – Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil.
An Craiceann - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Ionghabháil - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Ionanálú - D’fhéadfadh ionanálú éifeachtaí a chur ar lárchóras na néaróg.
Nochtadh Ainsealach - Níl gortuithe sláinte ar bith ar eolas nó níltear ag súil go dtarlóidh siad faoi ghnáthúsáid.
Bearta Garchabhracha
I GCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid. Nigh craiceann agus uisce. I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle leighis.
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaítear an béal. Give something to drink, if exposed person is able to swallow. Do NOT induce vomiting. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Bog go haer úr agus coinnigh ar do shuaimhneas in áit compordach don análú. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide (5.4).
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide (5.5).
5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (5) MAIDIR LE META SPC 5
5.1. Treoracha úsáide
Breathnaigh ar na treoracha sonracha d’úsáid meta-SPC 5
5.2. Bearta maolaithe riosca
Féach freisin na bearta maolaithe riosca do meta-SPC 5
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Breathnaigh ar an bhfaisnéis shonrach do meta-SPC 5
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Táirge
Nuair is féidir, is fearr athchúrsáil ná diúscairt nó dó. Mura bhfuil athchúrsáil indéanta, diúscair é i gcomhréir le rialacháin áitiúla. Diúscair dramhaíl i ngléasra diúscartha dramhaíl faofa.
Pacáistiú truaillithe
Diúscair aon táirge nár úsáideadh. Ba chóir coimeádáin fholmha a thógáil go dtí suíomh oiriúnach um láimhseáil dramhaíl i gcomhair athchúrsála nó diúscartha. Ná athúsáid coimeádáin fholmha. Diúscair i gcomhréir le rialacháin áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta.
Iarmhar táirge
Ná sceith táirge nach n-úsáidtear ar an talamh, isteach i sruthchúrsaí, isteach i bpíopaí (doirteal, leithris...) ná síos sna draein.
Faigh réidh le táirge nach n-úsáidtear, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla.
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Stóráil amach ó sholas díreach na gréine agus ar theocht idir 0 °C is 25 °C
Seilfré: 24 mí
6. FAISNÉIS EILE
Bileog sonraí sábháilteachta agus teicniúla ar fáil d’úsáideoirí ghairmiúla ar iarratas.
Úsáideadh AEL géar/meántéarma/fadtéarma 17,9 mg/kg meáchan coirp (bw)/lá d’oibrithe gairmiúla agus SAEL géar/meántéarma/fadtéarma 10,7 mg/kg bw/lá a úsáideadh sa mheasúnú ar rioscaí sa Tuarascáil Measúnaithe Própán-2-ol in PT2 - An Ghearmáin, (Eanáir 2015).
7. An tríú leibhéal faisnéise: táirgí aonair i meta SPC 5
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
Trádainm (nó trádainmneacha) |
Sirafan Speed-FR |
Réimse margaidh: EU |
|||
Uimhir an údaraithe |
EU-0028425-0005 1-5 |
||||
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
Propan-2-ol |
|
Substaint Ghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
30,3 |
(1) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de meta SPC 1.
(2) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de meta SPC 2.
(3) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de meta SPC 3.
(4) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de meta SPC 4.
(5) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de meta SPC 5.
17.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 50/56 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/365 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Feabhra 2023
lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú athbhreithniúcháin éaga a bhaineann le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad de thionscnamh na hÚcráine
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 9(1) agus Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
(1) |
Tar éis iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) de bhun-Rialachán chinn an Coimisiún imscrúdú athbhreithniúcháin éaga a thionscnamh maidir leis na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad de thionscnamh Phoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (“an Bhrasaíl”), Phoblacht Ioslamach na hIaráine (“an Iaráin”), Chónaidhm na Rúise (“an Rúis”) agus na hÚcráine (“na tíortha lena mbaineann”). D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 5 Deireadh Fómhair 2022 (“an Fógra Tionscnaimh”) (2). |
(2) |
An 4 Iúil 2022 chuir EUROFER, Comhlachas Eorpach na Cruach, (“an t-iarratasóir”) an iarraidh ar an athbhreithniú isteach thar ceann thionscal an Aontais a dhéanann táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. |
(3) |
Bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh gur dócha go ndéanfaí dumpáil arís agus go leanfaí den dumpáil agus go ndéanfaí díobháil arís do thionscal an Aontais, de thoradh dhul in éag na mbeart. |
1.2. Páirtithe leasmhara
(4) |
San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun a bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, táirgeoirí agus comhlachais aitheanta de chuid an Aontais, agus údaráis na dtíortha lena mbaineann ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an athbhreithnithe, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. |
2. AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ
(5) |
Is éard atá sa táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, bíodh iad i gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí “gearrtha san fhad iomchuí” agus “stiallacha cúnga”) gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, gan a bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe (an “táirge faoi athbhreithniú”). Ní chumhdaítear na táirgí seo a leanas leis an athbhreithniú seo:
An táirge atá faoi athbhreithniú, is faoi na cóid CN 7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 10, 7208 52 99, 7208 53 10, 7208 53 90, 7208 54 00, 7211 13 00, 7211 14 00, 7211 19 00, ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225191090), 7225 30 90, ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225406090), 7225 40 90, ex 7226 19 10 (cóid TARIC 7226191091, 7226191095), 7226 91 91 agus 7226 91 99 a thagann sé faoi láthair. Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC, gan dochar d’athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an aicmiú taraife amach anseo. |
3. TARRAINGT SIAR AN GHEARÁIN
(6) |
An 23 Samhain 2022 tharraing an t-iarratasóir siar a iarraidh ar imscrúdú athbhreithniúcháin éaga a mhéid a bhaineann leis an Úcráin. |
(7) |
Ina tharraingt siar mheas an t-iarratasóir, i bhfianaise na bhforbairtí ó cuireadh an iarraidh isteach (R1/2022) agus, go háirithe, ó tionscnaíodh an t-athbhreithniú éaga ina dhiaidh sin, mheas sé go bhfuil na himthosca maidir leis an Úcráin athraithe a mhéid nach iomchuí a thuilleadh athbhreithniú éaga a shaothrú i gcoinne allmhairí táirgí comhréidhe teorollta ón Úcráin. Go háirithe, thagair an t-iarratasóir do scriosadh cuid mhór acmhainneachtaí táirgí comhréidhe teorollta san Úcráin chomh maith le scriosadh bhonneagar fuinnimh na hÚcráine. Thug an t-iarratasóir dá aire freisin gur choinbhleacht mharthanach a bheadh sa choinbhleacht mhíleata, nó ar a laghad go mbeadh iarmhairtí marthanacha aici maidir leis an Úcráin. Ní shíltear, go háirithe, go bhfillfidh acmhainneachtaí cruach san Úcráin ar a ngnáthoibríochtaí sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma agus dá bharr sin ní dócha go mbeadh onnmhairí táirgí comhréidhe teorollta na hÚcráine in ann cur leis an díobháil a d’fhéadfadh a tharlú arís do thionscal an Aontais go luath. |
4. CONCLÚID AGUS NOCHTADH
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(1) den bhun-Rialachán, féadfar an t-imscrúdú a fhoirceannadh, ach amháin mura mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leas an Aontais. |
(9) |
Níor tháinig aon chúinse chun cinn le linn an imscrúdaithe a léirigh nach mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leas an Aontais. |
(10) |
Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur cheart imscrúdú an athbhreithnithe a fhoirceannadh a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón Úcráin. Leanfaidh an Coimisiún le himscrúdú an athbhreithnithe a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón mBrasaíl, ón Iaráin agus ón Rúis. |
(11) |
Ós rud é nach bhfuil síneadh curtha leis na bearta a mhéid a bhaineann leis an Úcráin, déanfar aon dleacht a bailíodh ó dháta tionscnaimh an imscrúdaithe athbhreithniúcháin éaga ar earraí a ndearnadh imréiteach custaim orthu maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na hÚcráine, déanfar na dleachtanna sin a aisíoc ar choinníoll go n-iarrtar sin ar na húdaráis náisiúnta custaim agus go ndeonaíonn na húdaráis an méid sin i gcomhréir le reachtaíocht custaim an Aontais is infheidhme maidir le haisíocaíocht agus loghadh dleachtanna. Thug an Coimisiún dá aire, de bhun Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nár cheart dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh na hÚcráine ón 4 Meitheamh 2022 amach a bhailiú tráth ar bith. Dá bhrí sin, níl aon dleacht le haisíoc sa chás sin, mar roimh dháta thionscnamh an imscrúdaithe athbhreithniúcháin éaga, bhí bailiú na ndleachtanna frithdhumpála curtha ar fionraí cheana féin ag an Aontas Eorpach ar allmhairí na hÚcráine, lena n-áirítear ar tháirgí comhréidhe teorollta. |
(12) |
An 21 Nollaig 2022 nocht an Coimisiún do na páirtithe leasmhara uile go raibh rún aige an t-imscrúdú athbhreithniúcháin éaga a fhoirceannadh a mhéid a bhaineann leis an Úcráin agus thug sé deis dóibh a mbarúlacha a chur isteach. |
(13) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil as a dtiocfaí ar an gconclúid nach mbeadh an foirceannadh sin chun leas an Aontais. |
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bhunaítear le hAirteagal 15 (1) Rialachán (AE) 2016/1036. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An t-imscrúdú athbhreithniúcháin éaga a mhéid a bhaineann sé le bearta frithdhumpála is infheidhme i ndáil le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na hÚcráine iad, rinneadh an t-imscrúdú sin a fhoirceannadh.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) IO C 384, 5.10.2022, lch. 3.
(3) Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 152, 3.6.2022, lch. 103).
17.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 50/59 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/366 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Feabhra 2023
maidir le húdarú ullmhóide Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe, maidir lena húdarú le haghaidh éin ornáideacha, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011 (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa N.V.)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) agus Airteagal 13(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le breiseáin a údarú lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú, a mhodhnú agus a athnuachan. |
(2) |
Ullmhóid Bacillus velezensis ATCC PTA-6737, baictéar a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe seo mar Bacillus subtilis ATCC PTA-6737, údaraíodh í ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú le Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 ón gCoimisiún (2), le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, lachain lena ramhrú, gearg, piasún, patraiscí, éanlaith ghuine, colúr, géanna lena ramhrú agus ostraisí le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011 ón gCoimisiún (3), le haghaidh bainbh scoite agus Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013 ón gCoimisiún (4), le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013 ón gCoimisiún (5), le haghaidh béaróg agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020 ón gCoimisiún (6) agus le haghaidh cránacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 ón gCoimisiún (7). |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas chun údarú ullmhóid Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe, iarratas lena n-áirítear modhnú ar íostiúchan an oibreáin ghníomhaigh san ullmhóid. I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas eile ar úsáid nua maidir leis an ullmhóid sin le haghaidh éin ornáideacha, éin spóirt agus éin ghéim. Sna hiarratais sin iarradh go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir breiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus san fheidhmghrúpa “cobhsaitheoirí fhlóra na stéige” agus bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) agus Airteagal 7(3) den Rialachán sin, faoi seach, ag gabháil leis na hiarratais. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas ar mhodhnú ar théarmaí údarú ullmhóid Bacillus subtilis ATCC PTA-6737 mar a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 306/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276, i ndáil le hathrú ainm an bhreiseáin ó Bacillus subtilis ATCC PTA-6737 go dtí Bacillus velezensis ATCC PTA-6737, a mhéid a bhaineann le tacsanomaíocht an tréithchineáil. Bhí na sonraí ábhartha a thacaigh leis an iarraidh ar athrú, sonraí a cheanglaítear faoi Airteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, ag gabháil leis an iarratas sin. |
(5) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 30 Meán Fómhair 2020 (8) gur sholáthair an t-iarratasóir fianaise go bhfuil ullmhóid Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 i gcónaí sábháilte le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis (seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe) (9), tomhaltóirí agus an chomhshaoil, go háirithe nuair a chuirtear an modhnú ar íostiúchan an oibreáin ghníomhaigh san ullmhóid san áireamh. Tháinig sé ar an gconclúid freisin nach greannaitheoir craicinn ná súl atá san ullmhóid agus nach íogróir deirmeach atá inti. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh an ullmhóid a bheith éifeachtúil mar bhreiseán zóiteicniúil le haghaidh éin ornáideacha, éin spóirt agus éin ghéim. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
(6) |
Sa tuairim uaidh an 23 Márta 2022 (10), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cheart an breiseán a ainmniú go tacsanomaíoch mar Bacillus velezensis ATCC PTA-6737. Tháinig sé ar an gconclúid thairis sin nach greannaitheoir deirmeach ná súl atá sa bhreiseán agus nach íogróir craicinn atá ann, ach gur cheart a mheas gur íogróir riospráide atá ann. |
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (11), mheas an Saotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas sa mheasúnú roimhe seo infheidhme maidir leis na hiarratais atá ann faoi láthair. |
(8) |
Léirítear sa mheasúnú ar ullmhóid Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Maidir le lachain lena ramhrú, gearga, piasúin, patraiscí, éanlaith ghuine, colúir, géanna lena ramhrú agus ostraisí, éin spóirt agus éin ghéim, ba cheart iad a mheas mar mhionspeicis éanlaithe clóis agus dá bhrí sin ba cheart iad a áireamh i raon feidhme athnuachan an údaraithe. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe agus ba cheart úsáid an bhreiseáin sin a údarú le haghaidh éin ornáideacha. |
(9) |
Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. Ba cheart do na bearta cosanta sin reachtaíocht an Aontais maidir le ceanglais sábháilteachta oibrithe a chomhlíonadh. |
(10) |
Ba cheart ainm an bhreiseáin a ainmniú go tacsanomaíoch mar Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 agus dá bhrí sin ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 a leasú dá réir. |
(11) |
De thoradh údarú ullmhóid Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011 a aisghairm. |
(12) |
Ós rud é nach gceanglaítear, ar chúiseanna sábháilteachta, go gcuirfear na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú ullmhóid Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 i bhfeidhm láithreach, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe agus as athrú ainm an bhreiseáin a chomhlíonadh. |
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Údarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “cobhsaitheoirí fhlóra na stéige”, déantar é a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Údarú
Údarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “cobhsaitheoirí fhlóra na stéige”, déantar é a athnuachan le haghaidh éin ornáideacha faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013 mar a leanas:
1. |
Sa teideal, cuirtear na focail “Bacillus velezensis ATCC PTA-6737” in ionad na bhfocal “Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737)”. |
2. |
Sa tríú colún den Iarscríbhinn, “Breiseán”, cuirtear na focail “Bacillus velezensis ATCC PTA-6737” in ionad na bhfocal “Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737)”; |
3. |
Sa cheathrú colún den Iarscríbhinn, “Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse”, cuirtear na focail “Bacillus velezensis ATCC PTA-6737” in ionad na bhfocal “Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737)”. |
Airteagal 4
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013 mar a leanas:
1. |
Sa teideal, cuirtear na focail “Bacillus velezensis ATCC PTA-6737” in ionad na bhfocal “Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737)”; |
2. |
Sa tríú colún den Iarscríbhinn, “Breiseán”, cuirtear na focail “Bacillus velezensis ATCC PTA-6737” in ionad na bhfocal “Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737)”; |
3. |
Sa cheathrú colún den Iarscríbhinn, “Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse”, cuirtear na focail “Bacillus velezensis ATCC PTA-6737” in ionad na bhfocal “Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737)”. |
Airteagal 5
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020 mar a leanas:
1. |
Sa teideal, cuirtear na focail “Bacillus velezensis ATCC PTA-6737” in ionad na bhfocal “Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737)”; |
2. |
Sa tríú colún den Iarscríbhinn, “Breiseán”, cuirtear na focail “Bacillus velezensis ATCC PTA-6737” in ionad na bhfocal “Bacillus subtilis ATCC PTA-6737”; |
3. |
Sa cheathrú colún den Iarscríbhinn, “Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse”, cuirtear na focail “Bacillus velezensis ATCC PTA-6737” in ionad na bhfocal “Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737)”. |
Airteagal 6
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 mar a leanas:
1. Sa teideal, cuirtear na focail “Bacillus velezensis ATCC PTA-6737” in ionad na bhfocal “Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737)”;
2. Sa tríú colún den Iarscríbhinn, “Breiseán”, cuirtear na focail “Bacillus velezensis ATCC PTA-6737” in ionad na bhfocal “Bacillus subtilis ATCC PTA-6737”;
3. Sa cheathrú colún den Iarscríbhinn, “Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse”, cuirtear na focail “Bacillus velezensis ATCC PTA-6737” in ionad na bhfocal “Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737)”.
Airteagal 7
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011.
Airteagal 8
Bearta idirthréimhseacha
1. An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 freisin, agus na réamh-mheascáin a bhfuil an ullmhóid sin iontu, agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 9 Meán Fómhair 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 9 Márta 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an ullmhóid iontu a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 9 Márta 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 9 Márta 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2010 maidir le húdarú Bacillus subtilis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa NV) (IO L 36, 9.2.2010, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2011 maidir le húdarú Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, lachain lena ramhrú, gearg, piasún, patraiscí, éanlaith ghuine, colúr, géanna lena ramhrú agus ostraisí (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa N.V.) (IO L 229, 6.9.2011, lch. 3).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2013 maidir le húdarú ullmhóide Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737) le haghaidh bainbh scoite agus Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa N.V.) (IO L 91, 3.4.2013, lch. 5).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2013 maidir le húdarú ullmhóide Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa N.V.) (IO L 220, 17.8.2013, lch. 15).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/1020 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2015 maidir le húdarú ullmhóid Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg agus mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa NV) (IO L 163, 30.6.2015, lch. 22).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2017 maidir le húdarú úsáide nua ullmhóid Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa N.V.) (IO L 326, 9.12.2017, lch. 50).
(8) EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(11):6280.
(9) Sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe
(10) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(4):7244.
(11) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí na Saotharlainne Tagartha Comhphobail i ndáil le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8).
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige |
|||||||||||||||
4b1823i |
Kemin Europa N.V. |
Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 ina bhfuil ar a laghad 8 × 1010 CFU/g |
Sicíní lena ramhrú Sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga Mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe Éin ornáideacha |
- |
1 × 107 |
- |
|
9 Márta 2033 |
||||||
Tréithriú na substainte gníomhaí Spóir inmharthana Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 |
|||||||||||||||
Modh anailíse (1) Áireamh: Modh an leata ar phláta agus úsáid á baint as agar soighe trioptóin (EN 15784) Sainaithint: modh na leictreafóiréise glóthaí bíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe DNA |
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
CINNTÍ
17.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 50/65 |
CINNEADH (AE) 2023/367 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 19 Eanáir 2023
lena gcuirtear síneadh le téarma oifige an Choiste Fiosrúcháin chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
— |
ag féachaint don togra ó Chomhdháil na nUachtarán, |
— |
ag féachaint d’Airteagal 226 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), |
— |
ag féachaint do Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa (1), |
— |
ag féachaint do Cinneadh (AE) 2022/480 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 maidir le coiste fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha, agus lena sainítear ábhar an fhiosrúcháin, mar aon le freagrachtaí, líon comhaltaí agus téarma oifige an choiste (2), |
— |
ag féachaint do Riail 208(11) dá Rialacha Nós Imeachta, |
A. |
de bhrí gur iarr an Coiste Fiosrúcháin go gcuirfí síneadh lena théarma oifige ionas go mbeidh sé in ann a shainordú a chomhlíonadh go hiomlán agus go cuí; |
1.
á chinneadh síneadh 3 mhí a chur le téarma oifige an Choiste Fiosrúcháin.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA