ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 47 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
66 |
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
Rialachán (AE) 2023/334 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe ( 1 ) |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
|
CINNTÍ |
|
|
* |
||
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 47/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/331 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Feabhra 2023
lena leasaítear rialacháin áirithe ón gComhairle maidir le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá an tAontas Eorpach in ann bearta sriantacha a fhorchur, lena n-áirítear reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí ainmnithe. Le rialacháin ón gComhairle, tugtar éifeacht do na bearta den sórt sin. |
(2) |
An 9 Nollaig 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“CSNA”) Rún 2664 (2022). Tugtar isteach le mír 1 den Rún sin díolúine ó na smachtbhannaí i bhfoirm reo acmhainní arna fhorchur ag an gComhairle Slándála nó ag a Coistí Smachtbhannaí le haghaidh cabhair dhaonnúil agus gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear le riachtanais bhunúsacha an duine, díolúine is infheidhme maidir le gníomhaithe áirithe. Chun críocha an Rialacháin seo, tugtar “an díolúine dhaonnúil” ar mhír 1 de Rún 2664 (2022). |
(3) |
An 14 Feabhra 2023, ghlac an Comhairle Cinneadh (CBES) 2023/338 (1) chun éifeacht a thabhairt do Rún 2664 (2022) i ndlí an Aontais. |
(4) |
Cuirtear i bhfios go láidir i Rún 2664 (2022), i gcás ina bhfuil an díolúine dhaonnúil ag teacht salach ar rúin roimhe sin, go bhfuil an díolúine dhaonnúil chun na rúin a bhí ann roimhe sin a fhorshuíomh a mhéid a bhaineann leis an gcoinbhleacht sin. Mar sin féin, soiléirítear le Rún 2664 (2022) go bhfuil mír 1 de Rún 2615 (2021) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe fós i bhfeidhm. |
(5) |
Iarrtar le Rún 2664 (2022) go ndéanfaidh soláthraithe atá ag brath ar an díolúine dhaonnúil iarrachtaí réasúnacha chun fabhrú aon sochair a thoirmisctear le smachtbhannaí a íoslaghdú, bíodh sé sin mar thoradh ar sholáthar díreach nó indíreach nó atreorú, chuig daoine aonair nó eintitis a liostaítear faoin Rialachán ábhartha, lena n-áirítear trí straitéisí agus próisis bainistithe riosca agus díchill chuí a neartú. |
(6) |
Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
(7) |
Ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 1210/2003 (2), (AE) Uimh. 305/2006 (3), (AE) Uimh. 356/2010 (4), (AE) Uimh. 224/2014 (5), (AE) Uimh. 1352/2014 (6), agus (AE) 2022/2309 ón gComhairle (7) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: “Airteagal 7 1. Beidh toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí, arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh dul timpeall, go díreach nó go hindíreach, ar Airteagal 4(1) go (3) nó na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 a chur chun cinn. 2. Aon fhaisnéis lena léirítear go bhfuiltear ag dul timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo, nó go ndeachthas timpeall orthu, cuirfear í in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát, mar a liostaítear in Iarscríbhinn V, agus, go díreach nó trí na húdaráis inniúla sin, don Choimisiún.”. |
Airteagal 2
In Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 305/2006 ón gComhairle, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí Eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí.”. |
Airteagal 3
I Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:
“Airteagal 4
1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí Eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí. |
2. Ní bheidh dliteanas d’aon chineál ar thaobh na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a chuir cistí nó acmhainní eacnamaíocha ar fáil mar thoradh ar an díolúine a leagtar amach i mír 1, i gcás nach raibh a fhios acu, nó nach raibh aon chúis réasúnach amhrais acu, nach gcumhdófaí a ngníomhaíochtaí leis an díolúine sin.”.
Airteagal 4
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 ón gComhairle mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 5, cuirtear an mír seo a leanas leis: “4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: “Airteagal 12 Beidh toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 2, 5(1) agus 5(2).”. |
Airteagal 5
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 ón gComhairle mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “3. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3a: “Airteagal 3a 1. De mhaolú ar Airteagail 1a agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, agus ar choinníoll gur chinn an Coiste Smachtbhannaí ar bhonn cás ar chás go bhfuil gá le maolú chun obair na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí daonnúla eile in Éimin a éascú nó chun aon chríche eile i gcomhréir le cuspóirí UNSCR 2140 (2014) agus UNSCR 2216 (2015), an méid seo a leanas a údarú:
2. Tá mír 1(b) gan dochar d’Airteagal 2(3).” |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: “Airteagal 10 Beidh toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus 2(2).”. |
Airteagal 6
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 2022/2309 ón gComhairle:
“Airteagal 5
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí Eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí.”. |
Airteagal 7
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. SVANTESSON
(1) Féach leathanach 50 den Iris Oifigiúil seo.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (IO L 169, 8.7.2003, lch. 6).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 305/2006 ón gComhairle an 21 Feabhra 2006 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha i gcoinne daoine áirithe a bhfuil amhras ann go bhfuil baint acu le feallmharú iar-Phríomh-Aire na Liobáine Rafiq Hariri (IO L 51, 22.2.2006, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa tSomáil (IOJ L 105, 27.4.2010, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 ón gComhairle an 10 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (IO L 70, 11.3.2014, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 ón gComhairle an 18 Nollaig 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide in Éimin (IO L 365, 19.12.2014, lch. 60).
(7) Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí. (IO L 307, 28.11.2022, lch. 17).
15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 47/6 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/332 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Iúil 2022
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cinneadh na gcásanna ina measfar go bhfuil sonraí céannachta comhionann nó cosúil le chéile ar mhaithe le hilchéannachtaí a bhrath
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (1), agus go háirithe Airteagal 28(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/818, i gcomhar le Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear creat chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir na córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha, na víosaí, an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce. |
(2) |
Tá roinnt comhchodanna sa chreat sin lena n-áirítear brathadóir ilchéannachtaí. Is rud é an brathadóir ilchéannachtaí a chruthaíonn agus a stórálann naisc idir na sonraí atá i gcórais faisnéise AE éagsúla chun iliomad céannachtaí a bhrath, agus an dá chuspóir aige seiceálacha céannachta a éascú le haghaidh taistealaithe bona fide, agus calaois chéannachta a chomhrac. Chun gur féidir leis an mbrathadóir ilchéannachtaí a chuspóirí a chomhlíonadh, tá sé riachtanach go bhfuil sé in ann naisc a dhéanamh idir na sonraí. |
(3) |
Cruthaítear naisc uathoibrithe bhána agus bhuí mar thoradh ar an bpróiseas braite ilchéannachtaí. Léiríonn nasc bán gur comhionann nó gur comhchosúil iad na sonraí céannachta sna comhaid nasctha, agus léiríonn nasc buí nach féidir a mheas gur comhchosúil iad na sonraí céannachta sna comhaid nasctha agus gur cheart fíorú de láimh a dhéanamh ar na céannachtaí éagsúla. |
(4) |
I bhfianaise an ualaigh atá ar na daoine a bhfuil a gcuid sonraí cláraithe sna córais faisnéise AE, agus ar na húdaráis náisiúnta mar aon leis na gníomhaireachtaí AE, tá sé riachtanach teorainn a chur le líon na gcásanna ina ngineann an brathadóir ilchéannachtaí naisc bhuí agus a bhfuil fíorú de láimh ag teastáil ina leith dá bhrí sin. |
(5) |
De bhun Rialachán (AE) 2019/818, ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta, lena n-áirítear an brathadóir ilchéannachtaí, is rudaí iad sin ba cheart a bheith faoi chúram Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), arna bhunú le Rialachán (AE) 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(6) |
Sula bhforbrófar an brathadóir ilchéannachtaí, is gá na nósanna imeachta a leagan síos chun na cásanna a chinneadh ina measfar gur comhionann nó gur comhchosúil iad na sonraí céannachta a bhaineann le duine áirithe ar sonraí iad a stóráiltear ar fud roinnt córais éagsúla. |
(7) |
Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2019/818 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le Seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/818 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo ina cheangal uirthi. |
(8) |
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (4). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(9) |
A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6). |
(10) |
A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8). |
(11) |
A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme (9), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10). |
(12) |
A mhéid a bhaineann leis an gCipir, an Bhulgáir, an Rómáin agus an Chróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011. |
(13) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus thug sé tuairim uaidh an 27 Aibreán 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘sonraí céannachta’ na sonraí seo a leanas:
|
(2) |
ciallaíonn ‘ionann’ comhfhreagairt 100 % idir na sonraí ó dhá chóras faisnéise AE éagsúla, lena n-áirítear, i gcás inar gá, feidhmiúlacht chomhchuibhithe um thiontú a úsáid chun formáid na sonraí uile a chomhchuibhiú sula ndéantar comparáid orthu; |
(3) |
ciallaíonn ‘traslitriú’ cineál tiontaithe ar théacs ina n-aistrítear an cló go cló eile trí na litreacha a bhabhtáil ar bhealaí a sainíodh roimhe sin. |
Airteagal 2
Sonraí céannachta comhionanna
Leagtar amach in Iarscríbhinn I na nósanna imeachta lena gcinntear na cásanna ina measfar go bhfuil sonraí céannachta comhionann.
Airteagal 3
Sonraí céannachta comhchosúla
Leagtar amach in Iarscríbhinn II na nósanna imeachta lena gcinntear na gcásanna ina measfar go bhfuil sonraí céannachta cosúil le chéile.
Airteagal 4
Logaí
1. Is sa stóras coiteann sonraí céannachta a stórálfar na logaí uile den chomparáid ar shonraí, agus beidh ar a laghad an méid seo a leanas sna logaí sin:
(a) |
dáta agus am na comparáide; |
(b) |
toradh na comparáide, lena n-áirítear cé na sonraí céannachta a measadh gur shonraí comhionanna nó gur shonraí comhchosúla iad; |
(c) |
dath an naisc tar éis na comparáide uathoibrithe; |
(d) |
dath an naisc tar éis na próiseála de láimh i ndiaidh nasc buí a bheith cruthaithe; |
(e) |
na leasuithe ar na naisc, lena n-áirítear na cásanna inar measadh gur shonraí comhchosúla a bhí i gceist. |
2. Is sa stóras coiteann sonraí céannachta a stórálfar na logaí. Stórálfar iad ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin ó rinneadh an chomparáid ar na sonraí. Tar éis na tréimhse sin, déanfar iad a léirscriosadh go huathoibríoch.
3. Bainfidh an stóras coiteann sonraí céannachta úsáid as na logaí chun tuarascálacha uathoibrithe ar ghníomhaíochtaí a sholáthar agus chun tacú le cruinneas na gcomparáide ar shonraí idir na córas faisnéise AE agus chun faireachán a dhéanamh air.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 135, 22.5.2019, lch. 85.
(2) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch. 1).
(4) Ní thagann an Rialachán seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(5) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(6) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(7) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(8) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(9) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(10) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a mhéid a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(12) Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
(13) Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
(14) Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).
(15) Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Chóras Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).
(16) Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).
(17) Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).
(18) Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).
(19) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
IARSCRÍBHINN I
1. Sonraí ó chórais faisnéise éagsúla
|
Catagóir sonraí |
SIS |
EES |
ETIAS |
ECRIS-TCN |
VIS |
1 |
Ainmneacha (lena n-áirítear sloinne agus céadainm) |
Sloinnte Sloinnte a úsáideadh roimhe seo Sloinnte na n-ailiasanna Túsainmneacha Túsainmneacha a úsáideadh roimhe seo Túsainmneacha na n-ailiasanna Ainmneacha breithe |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Céadainm Ainmneacha Ainmneacha baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe Ainmneacha eile (ailiasanna, ainmneacha ealaíontóra, ainmneacha eile a bhíonn in úsáid) Céadainm(neacha) Ainm(neacha) baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo Céadainmneacha (Ainmneacha baiste) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe (ainm nó ainmneacha teaghlaigh a úsáideadh roimhe seo) Céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste) |
2 |
Dáta breithe |
Dáta breithe Dáta breithe na n-ailiasanna |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
3 |
Inscne |
Inscne Inscne na n-ailiasanna |
Gnéas |
Gnéas |
Inscne |
Gnéas |
4 |
Náisiúntacht agus áit bhreithe |
Náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile Náisiúntachtaí na n-ailiasanna Áit bhreithe (tír bhreithe) Ailiasanna na n-áiteanna breithe (na dtíortha breithe) |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí |
Náisiúntacht i láthair na huaire Áit Bhreithe |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí Áit bhreithe (baile agus tír) |
Náisiúntacht i láthair na huaire Náisiúntachtaí Náisiúntacht bhreithe Áit bhreithe agus tír bhreithe |
Maidir le Córas Faisnéise Schengen, i gcás gach catagóire sonraí dá bhforáiltear sa tábla, féadfaidh na sonraí céannachta a bheith ag baint le ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:
(a) |
“céannacht dheimhnithe”, i gcás inar deimhníodh céannacht an duine ar bhonn doiciméid chéannachta bharántúla, mar thoradh ar mheaitseáil bhithmhéadrach, nó trí bhíthin ráiteas ó na húdaráis inniúla; |
(b) |
“céannacht neamhdheimhnithe”, i gcás nach leor an fhianaise atá ann chun céannacht an duine a chruthú; |
(c) |
“ailias”, i gcás ina n-úsáideann an duine céannacht bhréige nó céannacht a thugann sé air féin; |
(d) |
“céannacht mhí-úsáidte”, maidir le duine atá faoi réir foláireamh i gCóras Faisnéise Schengen, i gcás ina n-úsáideann an duine sin céannacht duine eile ar fíordhuine é, go háirithe nuair a úsáidtear doiciméad chun aimhleasa fhíorúinéir an doiciméid sin. |
Chun críocha an tábla seo, tagraíonn na sonraí céannachta a bhaineann le hailiasanna do chatagóirí (b), (c) agus (d) agus tagraíonn na sonraí céannachta nach mbaineann le hailiasanna do chatagóir (a).
2. Sonraí céannachta comhionanna
Leagtar síos san Iarscríbhinn seo na cásanna ina measfar go bhfuil sonraí céannachta comhionann. Chun gur féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta atá i gceist, ní mór na coinníollacha uile i Roinn 3 a chomhlíonadh.
3. Na cásanna ina measfar go bhfuil na sonraí céannachta comhionann de réir catagóir sonraí
Chun gur féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta atá i gceist, i gcás ina gcruthófar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE, ní mór na coinníollacha carnacha a leagtar síos i Ranna 3.1, 3.2, 3.3 agus 3.4 a chomhlíonadh.
3.1. Ainmneacha
Catagóir sonraí |
SIS |
EES |
ETIAS |
ECRIS-TCN |
VIS |
Ainmneacha (lena n-áirítear sloinne agus céadainm) |
Sloinnte Sloinnte a úsáideadh roimhe seo Sloinnte na n-ailiasanna Túsainmneacha Túsainmneacha a úsáideadh roimhe seo Ainmneacha breithe Túsainmneacha na n-ailiasanna |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Céadainm Ainmneacha Ainmneacha baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe Ainmneacha eile (ailiasanna, ainmneacha ealaíontóra, ainmneacha eile a bhíonn in úsáid) Céadainm(neacha) Ainm(neacha) baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo Céadainmneacha (Ainmneacha baiste) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe (ainm nó ainmneacha teaghlaigh a úsáideadh roimhe seo) Céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste) |
Chun gur féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta atá i gceist, i gcás ina gcruthófar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE, ní mór na coinníollacha carnacha seo a leanas a comhlíonadh:
(a) |
na sonraí a iontráladh i gceann amháin ar a laghad de na réimsí sonraí seo a leanas, is ionann na sonraí sin sa dá chóras:
|
(b) |
na sonraí a iontráladh i gceann amháin ar a laghad de na réimsí sonraí seo a leanas, is ionann na sonraí sin sa dá chóras:
|
3.2. Dáta breithe
Catagóir sonraí |
SIS |
EES |
ETIAS |
ECRIS-TCN |
VIS |
Dáta breithe |
Dáta breithe Dáta breithe na n-ailiasanna |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Chun gur féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta atá i gceist, i gcás ina gcruthófar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE, ní mór gurb ionann na luachanna atá faoin gcatagóir sonraí “dáta breithe” sa dá chóras.
3.3. Inscne
Catagóir sonraí |
SIS |
EES |
ETIAS |
ECRIS-TCN |
VIS |
Inscne |
Inscne Inscne na n-ailiasanna |
Gnéas |
Gnéas |
Inscne |
Gnéas |
Chun gur féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta atá i gceist, i gcás ina gcruthófar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE, ní mór gurb ionann na luachanna atá faoin gcatagóir sonraí “inscne” sa dá chóras.
3.4. Náisiúntachtaí agus áit bhreithe
Catagóir sonraí |
SIS |
EES |
ETIAS |
ECRIS-TCN |
VIS |
Náisiúntachtaí agus áit bhreithe |
Náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile Náisiúntachtaí na n-ailiasanna Áit bhreithe (tír bhreithe) Ailiasanna na n-áiteanna breithe (na dtíortha breithe) |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí |
Náisiúntacht i láthair na huaire Áit Bhreithe |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí Áit bhreithe (baile agus tír) |
Náisiúntacht i láthair na huaire Náisiúntachtaí Náisiúntacht bhreithe Áit bhreithe agus tír bhreithe |
Chun gur féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta atá i gceist, i gcás ina gcruthófar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE, ní mór gurb ionann ar a laghad ceann amháin de na luachanna atá faoin gcatagóir sonraí “náisiúntachtaí agus áit bhreithe” sa dá chóras, lena n-áirítear ar a laghad ceann amháin de na náisiúntachtaí.
IARSCRÍBHINN II
1. Sonraí ó chórais faisnéise éagsúla
|
Catagóir sonraí |
SIS |
EES |
ETIAS |
ECRIS-TCN |
VIS |
1 |
Ainmneacha (lena n-áirítear sloinne agus céadainm) |
Sloinnte Sloinnte a úsáideadh roimhe seo Sloinnte na n-ailiasanna Túsainmneacha Túsainmneacha a úsáideadh roimhe seo Ainmneacha breithe Túsainmneacha na n-ailiasanna |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Céadainm Ainmneacha Ainmneacha baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe Ainmneacha eile (ailiasanna, ainmneacha ealaíontóra, ainmneacha eile a bhíonn in úsáid) Céadainm(neacha) Ainm(neacha) baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo Céadainmneacha (Ainmneacha baiste) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe (ainm nó ainmneacha teaghlaigh a úsáideadh roimhe seo) Céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste) |
2 |
Dáta breithe |
Dáta breithe Dáta breithe na n-ailiasanna |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
3 |
Inscne |
Inscne Inscne na n-ailiasanna |
Gnéas |
Gnéas |
Inscne |
Gnéas |
4 |
Náisiúntacht agus áit bhreithe |
Náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile Náisiúntachtaí na n-ailiasanna Áit bhreithe (tír bhreithe) Ailiasanna na n-áiteanna breithe (na dtíortha breithe) |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí |
Náisiúntacht i láthair na huaire Áit Bhreithe |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí Áit bhreithe (baile agus tír) |
Náisiúntacht i láthair na huaire Náisiúntachtaí Náisiúntacht bhreithe Áit bhreithe agus tír bhreithe |
Maidir le Córas Faisnéise Schengen, i gcás gach catagóire sonraí dá bhforáiltear sa tábla, féadfaidh na sonraí céannachta a bheith ag baint le ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:
(a) |
“céannacht dheimhnithe”, i gcás inar deimhníodh céannacht an duine ar bhonn doiciméid chéannachta bharántúla, mar thoradh ar mheaitseáil bhithmhéadrach, nó trí bhíthin ráiteas ó na húdaráis inniúla; |
(b) |
“céannacht neamhdheimhnithe”, i gcás nach leor an fhianaise atá ann chun céannacht an duine a chruthú; |
(c) |
“ailias”, i gcás ina n-úsáideann an duine céannacht bhréige nó céannacht a thugann sé air féin; |
(d) |
“céannacht mhí-úsáidte”, maidir le duine atá faoi réir foláireamh i gCóras Faisnéise Schengen, i gcás ina n-úsáideann an duine sin céannacht duine eile ar fíordhuine é, go háirithe nuair a úsáidtear doiciméad chun aimhleasa fhíorúinéir an doiciméid sin. |
Chun críocha an tábla seo, tagraíonn na sonraí céannachta a bhaineann le hailiasanna do chatagóirí (b), (c) agus (d) agus tagraíonn na sonraí céannachta nach mbaineann le hailiasanna do chatagóir (a).
2. Sonraí céannachta comhchosúla
I Roinn 3, tá liosta uileghabhálach rialacha maidir leis na cásanna ina measfar go bhfuil sonraí céannachta comhchosúil lena chéile.
eu-LISA, a gheobhaidh cúnamh agus comhairle ón nGrúpa Comhairleach um Idir-inoibritheacht, cuirfidh sé na rialacha sin i bhfeidhm trí bhíthin algartaim i gcomhairle leis an gCoimisiún, agus le cúnamh agus comhairle ón bhFoghrúpa Idir-inoibritheachta den Ghrúpa Saineolaithe maidir le Córais Faisnéise le haghaidh Teorainneacha agus Slándála (“an Grúpa Saineolaithe”).
Déanfaidh eu-LISA faireachán ar thionchar chur i bhfeidhm an algartaim, agus tuairisceoidh sé, ar bhonn rialta, don Ghrúpa Saineolaithe.
I gcás inar gá, chun teorainn a chur le líon na gcásanna inar ghá do na húdaráis fhreagracha naisc bhuí arna nginiúint ag an mbrathadóir ilchéannachtaí a iompú ina naisc bhána, iarrfaidh an Coimisiún, le cúnamh agus comhairle ón nGrúpa Saineolaithe, ar eu-LISA an t-algartam a choigeartú trí thosaíocht a thabhairt do na naisc bhuí a chruthaítear idir sonraí céannachta a mheastar a bheith níos cosúla, i gcomhréir leis na rialacha i Roinn 3.
Déanfaidh an brathadóir ilchéannachtaí na sonraí céannachta a sheiceáil i gcónaí le hais na rialacha ar fad a leagtar síos i roinn 3.
3. Na cásanna ina measfar go bhfuil sonraí céannachta cosúil le chéile
3.1. Ainmneacha
Catagóir sonraí |
SIS |
EES |
ETIAS |
ECRIS-TCN |
VIS |
Ainmneacha (lena n-áirítear sloinne agus céadainm) |
Sloinnte Sloinnte a úsáideadh roimhe seo Sloinnte na n-ailiasanna Túsainmneacha Túsainmneacha a úsáideadh roimhe seo Ainmneacha breithe Túsainmneacha na n-ailiasanna |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Céadainm Ainmneacha Ainmneacha baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe Ainmneacha eile (ailiasanna, ainmneacha ealaíontóra, ainmneacha eile a bhíonn in úsáid) Céadainm(neacha) Ainm(neacha) baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo Céadainmneacha (Ainmneacha baiste) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe (ainm nó ainmneacha teaghlaigh a úsáideadh roimhe seo) Céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste) |
Sonraí céannachta sa chatagóir sonraí “ainmneacha”, measfar gur sonraí comhchosúla iad i gcás inarb ann don mhéid seo a leanas:
(a) |
traslitriú aitheanta ar na hainmneacha; |
(b) |
aisiompú ar na catagóirí sonraí seo a leanas:
|
(c) |
cásanna ina bhfuil an céadainm, an túsainm agus an sloinne athghrúpáilte i gceann amháin de na réimsí sonraí; |
(d) |
cásanna ina bhfuil ord dhá fhocal aisiompaithe, lena n-áirítear focail atá le hais a chéile agus focail nach bhfuil le hais a chéile; |
(e) |
cásanna ina bhfuil ord dhá litir aisiompaithe, lena n-áirítear litreacha atá le hais a chéile agus litreacha nach bhfuil le hais a chéile; |
(f) |
cásanna ina bhfuil athrú ar charachtar amháin ag teastáil, lena n-áirítear ionsá, léirscrios nó ionadú, chun a fhágáil gurb ionann catagóir sonraí i gcóras faisnéise AE amháin agus catagóir sonraí i gcóras faisnéise AE eile; |
(g) |
cásanna ina bhfuil difríocht ann de bharr fleiscíní, camóg nó uaschamóg; |
(h) |
cásanna in bhfuil an t-ainm teasctha. |
3.2. Dáta breithe
Catagóir sonraí |
SIS |
EES |
ETIAS |
ECRIS-TCN |
VIS |
Dáta breithe |
Dáta breithe Dáta breithe na n-ailiasanna |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Sonraí céannachta sa chatagóir sonraí “dáta breithe”, measfar gur sonraí comhchosúla iad i gcás inarb ann don mhéid seo a leanas:
(a) |
cásanna ina bhfaighfear meaitseáil idir na réimsí míosa agus lae má dhéantar iad a aisiompú; |
(b) |
cásanna inarb é tiontú aitheanta ar fhéilirí difriúla is cúis leis an difear ó thaobh an dáta breithe de; |
(c) |
cásanna ina bhfuil athrú ar charachtar amháin ag teastáil, lena n-áirítear ionsá, léirscrios nó ionadú, chun a fhágáil gurb ionann catagóir sonraí i gcóras faisnéise AE amháin agus catagóir sonraí i gcóras faisnéise AE eile. |
3.3. Inscne
Catagóir sonraí |
SIS |
EES |
ETIAS |
ECRIS-TCN |
VIS |
Inscne |
Inscne Inscne na n-ailiasanna |
Gnéas |
Gnéas |
Inscne |
Gnéas |
3.4. Náisiúntachtaí agus áit bhreithe
Catagóir sonraí |
SIS |
EES |
ETIAS |
ECRIS-TCN |
VIS |
Náisiúntachtaí agus áit bhreithe |
Náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile Náisiúntachtaí na n-ailiasanna Áit bhreithe (tír bhreithe) Ailiasanna na n-áiteanna breithe (na dtíortha breithe) |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí |
Náisiúntacht i láthair na huaire Áit Bhreithe |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí Áit bhreithe (baile agus tír) |
Náisiúntacht i láthair na huaire Náisiúntachtaí Náisiúntacht bhreithe Áit bhreithe agus tír bhreithe |
Na sonraí céannachta sa chatagóir sonraí “náisiúntachtaí agus áit bhreithe”, measfar gur sonraí comhchosúla iad i gcás inarb ann don mhéid seo a leanas:
(a) |
traslitriú aitheanta ar na náisiúntachtaí nó ar an áit bhreithe; |
(b) |
cásanna ina bhfuil athrú ar charachtar amháin ag teastáil, lena n-áirítear ionsá, léirscrios nó ionadú, chun a fhágáil gurb ionann catagóir sonraí i gcóras faisnéise AE amháin agus catagóir sonraí i gcóras faisnéise AE eile; |
(c) |
cásanna aitheanta inar athraíodh ainm na náisiúntachtaí, na dtíortha nó na gcathracha. |
15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 47/17 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/333 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Iúil 2022
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cinneadh na gcásanna ina meastar go bhfuil sonraí céannachta comhionann nó cosúil le chéile ar mhaithe le hilchéannachtaí a bhrath
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/817, i gcomhar le Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear creat chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh i réimse na dteorainneacha, na víosaí, an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce. |
(2) |
Tá roinnt comhchodanna sa chreat sin lena n-áirítear brathadóir ilchéannachtaí. Is rud é an brathadóir ilchéannachtaí a chruthaíonn agus a stórálann naisc idir na sonraí atá i gcórais faisnéise AE éagsúla chun iliomad céannachtaí a bhrath, agus an dá chuspóir aige seiceálacha céannachta a éascú le haghaidh taistealaithe bona fide, agus calaois chéannachta a chomhrac. Chun gur féidir leis an mbrathadóir ilchéannachtaí a chuspóirí a chomhlíonadh, tá sé riachtanach go bhfuil sé in ann naisc a dhéanamh idir na sonraí. |
(3) |
Cruthaítear naisc uathoibrithe bhána agus bhuí mar thoradh ar an bpróiseas braite ilchéannachtaí. Léiríonn nasc bán gur comhionann nó gur comhchosúil iad na sonraí céannachta sna comhaid nasctha, agus léiríonn nasc buí nach féidir a mheas gur comhchosúil iad na sonraí céannachta sna comhaid nasctha agus gur cheart fíorú de láimh a dhéanamh ar na céannachtaí éagsúla. |
(4) |
I bhfianaise an ualaigh atá ar na daoine a bhfuil a gcuid sonraí cláraithe sna córais faisnéise AE, agus ar na húdaráis náisiúnta mar aon leis na gníomhaireachtaí AE, is gá teorainn a chur le líon na gcásanna ina ngineann an brathadóir ilchéannachtaí naisc bhuí agus a bhfuil fíorú de láimh ag teastáil ina leith dá bhrí sin. |
(5) |
De bhun Rialachán (AE) 2019/817, ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta, lena n-áirítear an brathadóir ilchéannachtaí, is rudaí iad sin ba cheart a bheith faoi chúram Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(6) |
Sula bhforbrófar an brathadóir ilchéannachtaí, is gá na nósanna imeachta a leagan síos chun na cásanna a chinneadh ina meastar gur comhionann nó gur comhchosúil iad na sonraí céannachta a bhaineann le duine áirithe ar sonraí iad a stóráiltear ar fud roinnt córais éagsúla. |
(7) |
Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2019/817 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le Seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/817 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo ina cheangal uirthi. |
(8) |
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (4). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(9) |
A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6). |
(10) |
A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8). |
(11) |
A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10). |
(12) |
A mhéid a bhaineann leis an gCipir, an Bhulgáir, an Rómáin agus an Chróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011. |
(13) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus thug sé tuairim uaidh an 27 Aibreán 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “sonraí céannachta” na sonraí seo a leanas:
|
(2) |
ciallaíonn “ionann” comhfhreagairt 100 % idir na sonraí ó dhá chóras faisnéise AE éagsúla, lena n-áirítear, i gcás inar gá, feidhmiúlacht chomhchuibhithe um thiontú a úsáid chun formáid na sonraí uile a chomhchuibhiú sula ndéantar comparáid orthu; |
(3) |
ciallaíonn “traslitriú” cineál tiontaithe ar théacs ina n-aistrítear an cló go cló eile trí na litreacha a bhabhtáil ar bhealaí a sainíodh roimhe sin. |
Airteagal 2
Sonraí céannachta comhionanna
Leagtar amach in Iarscríbhinn I na nósanna imeachta lena gcinntear na cásanna ina measfar go bhfuil sonraí céannachta comhionann.
Airteagal 3
Sonraí céannachta comhchosúla
Leagtar amach in Iarscríbhinn II na cásanna ina measfar go bhfuil sonraí céannachta cosúil le chéile.
Airteagal 4
Logaí
1. Is sa stóras coiteann sonraí céannachta a stórálfar na logaí uile den chomparáid ar shonraí, agus beidh ar a laghad an méid seo a leanas sna logaí sin:
(a) |
dáta agus am na comparáide; |
(b) |
toradh na comparáide, lena n-áirítear cé na sonraí céannachta a measadh gur shonraí comhionanna nó gur shonraí comhchosúla iad; |
(c) |
dath an naisc tar éis na comparáide uathoibrithe; |
(d) |
dath an naisc tar éis na próiseála de láimh i ndiaidh nasc buí a bheith cruthaithe; |
(e) |
na leasuithe ar na naisc, lena n-áirítear na cásanna inar measadh gur shonraí comhchosúla a bhí i gceist. |
2. Is sa stóras coiteann sonraí céannachta a stórálfar na logaí. Stórálfar iad ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin ó rinneadh an chomparáid ar na sonraí. Tar éis na tréimhse sin, déanfar iad a léirscriosadh go huathoibríoch.
3. Bainfidh an stóras coiteann sonraí céannachta úsáid as na logaí chun tuarascálacha uathoibrithe ar ghníomhaíochtaí a sholáthar agus chun tacú le cruinneas na gcomparáide ar shonraí idir na córas faisnéise AE agus chun faireachán a dhéanamh air.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 135, 22.5.2019, lch. 27.
(2) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch. 1).
(4) Ní thagann an Rialachán seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(5) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(6) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquisSchengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(7) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(8) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(9) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(10) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a mhéid a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(12) Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
(13) Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
(14) Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).
(15) Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Chóras Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).
(16) Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).
(17) Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).
(18) Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).
(19) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
IARSCRÍBHINN I
1. SONRAÍ Ó CHÓRAIS FAISNÉISE ÉAGSÚLA
|
Catagóir sonraí |
CFS |
Córas dul isteach/imeachta (EES) |
An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) |
Córas ECRIS-TCN |
An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) |
1 |
Ainmneacha (lena n-áirítear sloinne agus céadainm) |
Sloinnte Sloinnte a úsáideadh roimhe seo Sloinnte na nailiasanna Túsainmneacha Túsainmneacha a úsáideadh roimhe seo Túsainmneacha na n-ailiasanna Ainmneacha breithe |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Céadainm Ainmneacha Ainmneacha baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe Ainmneacha eile (ailiasanna, ainmneacha ealaíontóra, ainmneacha eile a bhíonn in úsáid) Céadainm(neacha) Ainm(neacha) baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo Céadainmneacha (Ainmneacha baiste) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe (ainm nó ainmneacha teaghlaigh a úsáideadh roimhe seo) Céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste) |
2 |
Dáta breithe |
Dáta breithe Dáta breithe na n-ailiasanna |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
3 |
Inscne |
Inscne Inscne na n-ailiasanna |
Gnéas |
Gnéas |
Inscne |
Gnéas |
4 |
Náisiúntacht agus áit bhreithe |
Náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntacht eile Náisiúntachtaí na n-ailiasanna Áit bhreithe (tír bhreithe) Áit bhreithe na n-ailiasanna (tír bhreithe) |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí |
Náisiúntacht i láthair na huaire Áit bhreithe |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí Áit bhreithe (baile agus tír) |
Náisiúntacht i láthair na huaire Náisiúntachtaí Náisiúntacht bhreithe Áit bhreithe agus tír bhreithe |
Maidir le Córas Faisnéise Schengen, i gcás gach ceann de na sonraí dá bhforáiltear sa tábla, féadfaidh na sonraí céannachta a bheith ag baint le ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:
(a) |
“céannacht dheimhnithe”, i gcás inar deimhníodh céannacht an duine ar bhonn doiciméid chéannachta bharántúla, mar thoradh ar mheaitseáil bhithmhéadrach, nó trí bhíthin ráiteas ó na húdaráis inniúla; |
(b) |
“céannacht neamhdheimhnithe”, i gcás nach leor an fhianaise chun céannacht an duine a chruthú; |
(c) |
“ailias”, i gcás ina n-úsáideann an duine céannacht bhréige nó céannacht a thugann sé air féin; |
(d) |
“céannacht mhí-úsáidte”, maidir le duine atá faoi réir foláireamh i gCóras Faisnéise Schengen, i gcás ina n-úsáideann an duine sin céannacht duine eile ar fíordhuine é, go háirithe nuair a úsáidtear doiciméad chun aimhleasa fhíorúinéir an doiciméid sin. |
Chun críocha an tábla seo, tagraíonn na sonraí céannachta a bhaineann le hailiasanna do chatagóirí (b), (c) agus (d) agus tagraíonn na sonraí céannachta nach mbaineann le hailiasanna do chatagóir (a).
2. SONRAÍ CÉANNACHTA COMHIONANNA
Leagtar síos san Iarscríbhinn seo na cásanna inar féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta. Chun gur féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta atá i gceist, ní mór na coinníollacha uile i Roinn 3 a chomhlíonadh.
3. NA CÁSANNA INAR FÉIDIR A MHEAS GUR COMHIONANN IAD NA SONRAÍ CÉANNACHTA DE RÉIR CATAGÓIR SONRAÍ
Chun gur féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta atá i gceist, i gcás ina gcruthófar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE, ní mór na coinníollacha carnacha a leagtar síos i Ranna 3.1, 3.2, 3.3 agus 3.4 a chomhlíonadh.
3.1. Ainmneacha
Catagóir sonraí |
CFS |
Córas dul isteach/imeachta (EES) |
An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) |
Córas ECRIS-TCN |
An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) |
Ainmneacha (lena n-áirítear sloinne agus céadainm) |
Sloinnte Sloinnte a úsáideadh roimhe seo Sloinnte na n-ailiasanna Túsainmneacha Túsainmneacha a úsáideadh roimhe seo Ainmneacha breithe Túsainmneacha na n-ailiasanna |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Céadainm Ainmneacha Ainmneacha baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe Ainmneacha eile (ailiasanna, ainmneacha ealaíontóra, ainmneacha eile a bhíonn in úsáid) Céadainm(neacha) Ainm(neacha) baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo Céadainmneacha (Ainmneacha baiste) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe (ainm nó ainmneacha teaghlaigh a úsáideadh roimhe seo) Céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste) |
Chun gur féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta atá i gceist, i gcás ina gcruthófar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE, ní mór na coinníollacha carnacha seo a leanas a comhlíonadh:
(a) |
na sonraí a iontráladh i gceann amháin ar a laghad de na réimsí sonraí seo a leanas, is ionann na sonraí sin sa dá chóras:
|
(b) |
na sonraí a iontráladh i gceann amháin ar a laghad de na réimsí sonraí seo a leanas, is ionann na sonraí sin sa dá chóras:
|
3.2. Dáta breithe
Catagóir sonraí |
CFS |
Córas dul isteach/imeachta (EES) |
An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) |
Córas ECRIS-TCN |
An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) |
Dáta breithe |
Dáta breithe Dáta breithe na n-ailiasanna |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Chun gur féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta atá i gceist, i gcás ina gcruthófar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE, ní mór gurb ionann na luachanna atá faoin gcatagóir sonraí “dáta breithe” sa dá chóras.
3.3. Inscne
Catagóir sonraí |
CFS |
Córas dul isteach/imeachta (EES) |
An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) |
Córas ECRIS-TCN |
An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) |
Inscne |
Inscne Inscne na n-ailiasanna |
Gnéas |
Gnéas |
Inscne |
Gnéas |
Chun gur féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta atá i gceist, i gcás ina gcruthófar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE, ní mór gurb ionann na luachanna atá faoin gcatagóir sonraí “inscne” sa dá chóras.
3.4. Náisiúntachtaí agus áit bhreithe
Catagóir sonraí |
CFS |
Córas dul isteach/imeachta (EES) |
An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) |
Córas ECRIS-TCN |
An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) |
Náisiúntachtaí agus áit bhreithe |
Náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntacht eile Náisiúntachtaí na n-ailiasanna Áit bhreithe (tír bhreithe) Áit bhreithe na n-ailiasanna (tír bhreithe) |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí |
Náisiúntacht i láthair na huaire Áit bhreithe |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí Áit bhreithe (baile agus tír) |
Náisiúntacht i láthair na huaire Náisiúntachtaí Náisiúntacht bhreithe Áit bhreithe agus tír bhreithe |
Chun gur féidir a mheas gur comhionann iad na sonraí céannachta atá i gceist, i gcás ina gcruthófar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE, ní mór gurb ionann ar a laghad ceann amháin de na luachanna atá faoin gcatagóir sonraí “náisiúntachtaí agus áit bhreithe” sa dá chóras, lena n-áirítear ar a laghad ceann amháin de na náisiúntachtaí.
IARSCRÍBHINN II
1. Sonraí ó chórais faisnéise éagsúla
|
Catagóir sonraí |
CFS |
Córas dul isteach/imeachta (EES) |
An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) |
Córas ECRIS-TCN |
An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) |
1 |
Ainmneacha (lena n-áirítear sloinne agus céadainm) |
Sloinnte Sloinnte a úsáideadh roimhe seo Sloinnte na n-ailiasanna Túsainmneacha Túsainmneacha a úsáideadh roimhe seo Ainmneacha breithe Túsainmneacha na n-ailiasanna |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Céadainm Ainmneacha Ainmneacha baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe Ainmneacha eile (ailiasanna, ainmneacha ealaíontóra, ainmneacha eile a bhíonn in úsáid) Céadainm(neacha) Ainm(neacha) baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo Céadainmneacha (Ainmneacha baiste) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe (ainm nó ainmneacha teaghlaigh a úsáideadh roimhe seo) Céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste) |
2 |
Dáta breithe |
Dáta breithe Dáta breithe na n-ailiasanna |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
3 |
Inscne |
Inscne Inscne na n-ailiasanna |
Gnéas |
Gnéas |
Inscne |
Gnéas |
4 |
Náisiúntacht agus áit bhreithe |
Náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntacht eile Náisiúntachtaí na n-ailiasanna Áit bhreithe (tír bhreithe) Áit bhreithe na n-ailiasanna (tír bhreithe) |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí |
Náisiúntacht i láthair na huaire Áit bhreithe |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí Áit bhreithe (baile agus tír) |
Náisiúntacht i láthair na huaire Náisiúntachtaí Náisiúntacht bhreithe Áit bhreithe agus tír bhreithe |
Maidir le Córas Faisnéise Schengen, i gcás gach ceann de na sonraí dá bhforáiltear sa tábla, féadfaidh na sonraí céannachta a bheith ag baint le ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:
(a) |
“céannacht dheimhnithe”, i gcás inar deimhníodh céannacht an duine ar bhonn doiciméid chéannachta bharántúla, mar thoradh ar mheaitseáil bhithmhéadrach, nó trí bhíthin ráiteas ó na húdaráis inniúla; |
(b) |
“céannacht neamhdheimhnithe”, i gcás nach leor an fhianaise chun céannacht an duine a chruthú; |
(c) |
“ailias”, i gcás ina n-úsáideann an duine céannacht bhréige nó céannacht a thugann sé air féin; |
(d) |
“céannacht mhí-úsáidte”, maidir le duine atá faoi réir foláireamh i gCóras Faisnéise Schengen, i gcás ina n-úsáideann an duine sin céannacht duine eile ar fíordhuine é, go háirithe nuair a úsáidtear doiciméad chun aimhleasa fhíorúinéir an doiciméid sin. |
Chun críocha an tábla seo, tagraíonn na sonraí céannachta a bhaineann le hailiasanna do chatagóirí (b), (c) agus (d) agus tagraíonn na sonraí céannachta nach mbaineann le hailiasanna do chatagóir (a).
2. SONRAÍ CÉANNACHTA COMHCHOSÚLA
Tugtar liosta uileghabhálach rialacha i Roinn 3 maidir leis na cásanna sin go measfar sonraí céannachta a bheith comhchosúil.
Déanfaidh eu-LISA, le cúnamh agus comhairle ón nGrúpa Comhairleach Idir-inoibritheachta, na rialacha sin a chur i bhfeidhm trí bhíthin algartaim i gcomhairle leis an gCoimisiún, agus cúnamh á fháil aige agus comhairle á fáil aige ón bhFoghrúpa Idir-inoibritheachta den Ghrúpa Saineolaithe maidir le Córais Faisnéise le haghaidh Teorainneacha agus Slándála (“an Grúpa Saineolaithe”).
Déanfaidh eu-LISA faireachán ar thionchar chur i bhfeidhm an algartaim agus tuairisceoidh sé, ar bhonn rialta, don Ghrúpa Saineolaithe.
I gcás inar gá, chun teorainn a chur le líon na gcásanna inar ghá do na húdaráis fhreagracha naisc bhuí arna nginiúint ag an mbrathadóir ilchéannachtaí a iompú ina naisc bhána, iarrfaidh an Coimisiún, le cúnamh agus comhairle ón nGrúpa Saineolaithe, ar eu-LISA an t-algartam a choigeartú trí thosaíocht a thabhairt do na naisc bhuí a chruthaítear idir sonraí céannachta a mheastar a bheith níos comhchosúla, i gcomhréir leis na rialacha i Roinn 3.
Déanfaidh an brathadóir ilchéannachtaí na sonraí céannachta a sheiceáil i gcónaí i gcomparáid leis na rialacha ar fad a leagtar síos i roinn 3.
3. NA CÁSANNA INAR FÉIDIR A MHEAS GO bhFUIL SONRAÍ CÉANNACHTA COSÚIL LE CHÉILE
3.1. Ainmneacha
Catagóir sonraí |
CFS |
Córas dul isteach/imeachta (EES) |
An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) |
Córas ECRIS-TCN |
An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) |
Ainmneacha (lena n-áirítear sloinne agus céadainm) |
Sloinnte Sloinnte a úsáideadh roimhe seo Sloinnte na n-ailiasanna Túsainmneacha Túsainmneacha a úsáideadh roimhe seo Ainmneacha breithe Túsainmneacha na n-ailiasanna |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Céadainm Ainmneacha Ainmneacha baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe Ainmneacha eile (ailiasanna, ainmneacha ealaíontóra, ainmneacha eile a bhíonn in úsáid) Céadainm(neacha) Ainm(neacha) baiste |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo Céadainmneacha (Ainmneacha baiste) Ainmneacha bréige Ailiasanna Ainmneacha a úsáideadh roimhe seo |
Sloinne (ainm teaghlaigh) Sloinne breithe (ainm nó ainmneacha teaghlaigh a úsáideadh roimhe seo) Céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste) |
Sonraí céannachta sa chatagóir sonraí “ainmneacha”, féadfar a mheas gur sonraí comhchosúla iad i gcás inarb ann don mhéid seo a leanas:
(a) |
traslitriú aitheanta ar na hainmneacha; |
(b) |
aisiompú ar na catagóirí sonraí seo a leanas:
|
(c) |
cásanna ina bhfuil an céadainm, an túsainm agus an sloinne athghrúpáilte i gceann amháin de na réimsí sonraí; |
(d) |
cásanna ina bhfuil ord dhá fhocal aisiompaithe, lena n-áirítear focail atá le hais a chéile agus focail nach bhfuil le hais a chéile; |
(e) |
cásanna ina bhfuil ord dhá litir aisiompaithe, lena n-áirítear litreacha atá le hais a chéile agus litreacha nach bhfuil le hais a chéile; |
(f) |
cásanna ina bhfuil athrú ar charachtar amháin ag teastáil, lena n-áirítear ionsá, scrios nó ionadú, chun a fhágáil gurb ionann catagóir sonraí i gcóras faisnéise AE amháin agus catagóir sonraí i gcóras faisnéise AE eile; |
(g) |
cásanna ina bhfuil difríocht ann de bharr úsáid fleiscíní, camóg nó uaschamóg; |
(h) |
cásanna ina bhfuil an t-ainm teasctha. |
3.2. Dáta breithe
Catagóir sonraí |
CFS |
Córas dul isteach/imeachta (EES) |
An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) |
Córas ECRIS-TCN |
An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) |
Dáta breithe |
Dáta breithe Dáta breithe na n-ailiasanna |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Dáta breithe |
Sonraí céannachta sa chatagóir sonraí “dáta breithe”, féadfar a mheas gur sonraí comhchosúla iad i gcás inarb ann don mhéid seo a leanas:
(a) |
cásanna ina bhfaighfear meaitseáil idir na réimsí míosa agus lae má dhéantar iad a aisiompú; |
(b) |
cásanna inarb é tiontú aitheanta ar fhéilirí difriúla is cúis leis an difear ó thaobh an dáta breithe de; |
(c) |
cásanna ina bhfuil athrú ar charachtar amháin ag teastáil, lena n-áirítear ionsá, scrios nó ionadú, chun a fhágáil gurb ionann catagóir sonraí i gcóras faisnéise AE amháin agus catagóir sonraí i gcóras faisnéise AE eile. |
3.3. Inscne
Catagóir sonraí |
CFS |
Córas dul isteach/imeachta (EES) |
An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) |
Córas ECRIS-TCN |
An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) |
Inscne |
Inscne Inscne na n-ailiasanna |
Gnéas |
Gnéas |
Inscne |
Gnéas |
3.4. Náisiúntachtaí agus áit bhreithe
Catagóir sonraí |
CFS |
Córas dul isteach/imeachta (EES) |
An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) |
Córas ECRIS-TCN |
An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) |
Náisiúntachtaí agus áit bhreithe |
Náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntacht eile Náisiúntachtaí na n-ailiasanna Áit bhreithe (tír bhreithe) Áit bhreithe na n-ailiasanna (tír bhreithe) |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí |
Náisiúntacht i láthair na huaire Áit bhreithe |
Náisiúntacht Náisiúntachtaí Áit bhreithe (baile agus tír) |
Náisiúntacht i láthair na huaire Náisiúntachtaí Náisiúntacht bhreithe Áit bhreithe agus tír bhreithe |
Na sonraí céannachta sa chatagóir sonraí “náisiúntachtaí agus áit bhreithe”, féadfar a mheas gur sonraí comhchosúla iad i gcás inarb ann don mhéid seo a leanas:
(a) |
traslitriú aitheanta ar na náisiúntachtaí nó ar an áit bhreithe; |
(b) |
cásanna ina bhfuil athrú ar charachtar amháin ag teastáil, lena n-áirítear ionsá, scrios nó ionadú, chun a fhágáil gurb ionann catagóir sonraí i gcóras faisnéise AE amháin agus catagóir sonraí i gcóras faisnéise AE eile; |
(c) |
cásanna aitheanta inar athraíodh ainm na náisiúntachtaí, na dtíortha nó na gcathracha. |
15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 47/29 |
RIALACHÁN (AE) 2023/334 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Feabhra 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a), Airteagal 18(1)(b) agus Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás clóitiainídine agus tiaimeatocsam leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an ‘tÚdarás’) athbhreithniú ar na MRLanna sin i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (2) agus mhol sé MRLanna a fuarthas a bheith sábháilte do thomhaltóirí. Le Rialachán (AE) 2016/156 ón gCoimisiún (3) cuireadh na MRLanna sin isteach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Bhí roinnt de na MRLanna sin bunaithe ar uasteorainneacha iarmhar Codex (CXLanna) agus cuireadh isteach iad cheana féin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 trí leasuithe a rinneadh roimhe sin (4). |
(2) |
An 11 Iúil 2015 (5) ghlac an Coimisiún Codex Alimentarius (CAC) tacar nua CXLanna le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam. Ós rud é gur mheas an tÚdarás go raibh siad sábháilte do thomhaltóirí san Aontas (6), cuireadh isteach iad i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 le Rialachán (AE) Uimh. 2017/671 ón gCoimisiún (7). |
(3) |
Cuireadh clóitiainídin agus tiaimeatocsam isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (8) an 1 Lúnasa 2006 agus an 1 Feabhra 2007, faoi seach, agus dá bhrí sin, roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Leis na measúnuithe riosca is déanaí (10) ,) ( (11) le haghaidh beach a rinne an tÚdarás faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir le nochtadh do na substaintí sin fuarthas, mar gheall ar a n-airíonna intreacha, go mbaineann rioscaí do-ghlactha do bheacha de dheasca clóitiainídin agus tiaimeatocsam a úsáid amuigh faoin aer, nó nach bhféadfaí na rioscaí sin a chur as an áireamh ar bhonn na sonraí atá ar fáil. Dá bhrí sin, le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/784 (12) agus 2018/785 ón gCoimisiún (13) cuireadh srian le formheas clóitiainídine agus tiaimeatocsam, faoi seach, chun nach n-úsáidfear iad ach i dtithe gloine buana, agus ceanglaíodh leo go bhfanfadh na barra i gceist i dteach gloine buan ar feadh a saolré iomláine. |
(4) |
Tar éis ghlacadh na srianta sin, tarraingíodh siar gach iarratas ar fhormheas na substaintí gníomhacha clóitiainídin agus tiaimeatocsam a athnuachan. Dá bhrí sin, chuaigh formheas clóitiainídine in éag an 31 Eanáir 2019 agus chuaigh formheas tiaimeatocsam in éag an 30 Aibreán 2019. |
(5) |
Ar bhonn mheasúnú riosca an Údaráis le haghaidh beach agus ar bhonn gach faisnéise ábhartha atá ar fáil, níl aon fhianaise ann faoi láthair a ligfeadh go measfaí go raibh aon úsáid a mbainfí as clóitiainídin ná as tiaimeatocsam amuigh faoin aer sábháilte do bheacha. Mar sin féin, féadfaidh táirgeoirí na substaintí, tráth ar bith, breis faisnéise a chur isteach, dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ar faisnéis í a léiríonn sábháilteacht do bheacha i leith clóitiainídin agus tiaimeatocsam a úsáid amuigh faoin aer. Dá gcuirfí isteach an fhaisnéis sin, dhéanfaí athbhreithniú uirthi laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear sa Rialachán sin. Go dtí seo, níor cuireadh isteach aon fhaisnéis den sórt sin. |
(6) |
Tá baint dhíreach ag éifeachtaí díobhálacha clóitiainídine agus tiaimeatocsam ar bheacha le hairíonna intreacha na substaintí sin. Dá bhrí sin, ní dócha gur san Aontas amháin a bhfuil na rioscaí ann le haghaidh beach de dheasca úsáid na substaintí sin amuigh faoin aer. |
(7) |
Tá corpas suntasach fianaise ann a léiríonn go bhfuil ról tábhachtach ag substaintí gníomhacha ar neoinicitíonóidigh iad, amhail clóitiainídin agus tiaimeatocsam, sa mheath atá tagtha ar bheacha agus ar phailneoirí eile ar fud an domhain. An tArdán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais maidir le pailneoirí, pailniú agus táirgeadh bia, tháinig sé ar an gconclúid sa tuarascáil mheasúnaithe uaidh in 2016 (14) go bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag neoinicitíonóidigh (amhail clóitiainídin agus tiaimeatocsam) ar bheacha agus ar phailneoirí eile. Tá measúnú déanta ag an Tascfhórsa um Lotnaidicídí Sistéamacha de chuid an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (IUCN) ar thionchar na neoinicitíonóideach ar an bhfiadhúlra ó bhí 2012 ann. Sa Mheasúnú Comhtháite Domhanda ar Thionchar Lotnaidicídí Sistéamacha ar Bhithéagsúlacht agus Éiceachórais (WIA), rinneadh scrúdú ar 1,121 staidéar eolaíoch agus léiríonn na torthaí go bhfuil na pobail pailneoirí an-leochaileach i leith na leibhéal truaillithe le neoinicitíonóidigh atá ann cheana agus gur dócha go mbeidh tionchair dhiúltacha bhitheolaíocha agus éiceolaíocha ar scála mór agus go forleathan acu (15). Comhthacaíodh an chonclúid seo le hathbhreithniú a rinneadh le déanaí ar an eolas eolaíoch atá ann cheana, athbhreithniú a léirigh go bhfuil úsáid neoinicitíonóideach ina phríomhchúis leis an meath atá ar an bpobal pailneoirí i réigiúin éagsúla den domhain (16). |
(8) |
Ó cuireadh toirmeasc ar chlóitiainídin agus ar thiaimeatocsam a úsáid amuigh faoin aer san Aontas, chuir roinnt tíortha lasmuigh den Aontas srian freisin ar clóitiainídin agus tiaimeatocsam a úsáid chun pailneoirí, lena n-áirítear beacha, a chosaint (17) , (18) , (19). Tá tíortha eile ag déanamh athmheastóireacht faoi láthair ar a bhformheas ar na substaintí gníomhacha sin (20) , (21) , (22). |
(9) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leagtar síos forálacha a bhaineann le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus beatha de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 (23). I gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Rialachán deireanach sin, le dlí an bhia saothrófar cuspóir ginearálta amháin nó níos mó i dtaca le hardleibhéal cosanta do bheatha agus do shláinte an duine agus cosaint leasanna na dtomhaltóirí, lena n-áirítear cleachtais chothroma i dtrádáil an bhia, agus cosaint sláinte agus folláine ainmhithe, cosaint sláinte plandaí agus cosaint an chomhshaoil á gcur san áireamh i gcás inarb iomchuí. |
(10) |
Is ábhar imní atá ag dul i méid ar fud an domhain é go bhfuil an meath ar na pailneoirí ina bhagairt thromchúiseach ar an mbithéagsúlacht dhomhanda, ar an gcomhshaol agus ar an bhforbairt inbhuanaithe, agus ar chothabháil na táirgiúlachta talmhaíochta agus na slándála bia. De réir an Tionscnaimh Idirnáisiúnta do Chaomhnú agus d’Úsáid Inbhuanaithe Pailneoirí de chuid an Choinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht (24), tá an pailniú ar cheann de na gníomhaíochtaí is tábhachtaí maidir leis an mbithéagsúlacht a chothabháil agus a chur chun cinn, mar aon leis an saol ar domhan go ginearálta. Bíonn go leor éiceachóras, lena n-áirítear agrai-éiceachórais agus dhá thrian de na mórbharra bia, ag brath ar phailneoirí ó thaobh cáilíochta nó táirgeachta de. Éilíonn Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) go ndéanfar gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar phríomhchúiseanna an mheatha ar phailneoirí ar mhaithe le táirgeadh inbhuanaithe domhanda bia (25). Bianna amhail torthaí, glasraí, cnónna agus síolta arb iad na príomhfhoinsí de mhicreachothaithigh is gá san aiste bia chun an baol a bhaineann le roinnt galar neamhtheagmhálach i ndaoine a chosc, bíonn siad ag brath go mór ar phailniú (26) , (27). Dá bhrí sin, tá pailneoirí tábhachtach chun éagsúlacht a áirithiú san aiste bia agus chun an bhagairt ar bhithéagsúlacht sa chomhshaol domhanda a laghdú. |
(11) |
Ós rud é gur ábhar imní idirnáisiúnta é an meath ar phailneoirí, ní mór don Aontas bearta a ghlacadh chun pobail pailneoirí ar fud an domhain, lena n-áirítear beacha, a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le substaintí gníomhacha, amhail na neoinicitíonóidigh clóitiainídin agus tiaimeatocsam. Ní leor an pobal pailneoirí a chaomhnú laistigh den Aontas amháin chun an meath domhanda ar phobail pailneoirí agus a éifeachtaí ar an mbithéagsúlacht, ar tháirgeadh talmhaíochta agus ar shlándáil bia, san Aontas freisin, a aisiompú. |
(12) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(2)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, bhí MRLanna le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam bunaithe ar Dhea-Chleachtais Talmhaíochta (GAPanna) faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(a) den Rialachán sin, inar cuireadh san áireamh, go háirithe, gnéithe maidir le héifeachtúlacht chun lotnaidí plandaí a chomhrac, agus cosaint an chomhshaoil agus na sláinte poiblí i gcomhthéacs údarú úsáid na dtáirgí cosanta plandaí ina bhfuil na substaintí sin. Rinneadh na MRLanna a d’eascair as na GAPanna sin a mheas ina dhiaidh sin agus fuarthas go raibh siad sábháilte do thomhaltóirí san Aontas. Is iomchuí anois an fhreagairt rialála a bhí ann go dtí seo a chomhlánú trí ghnéithe den chomhshaoil a chomhtháthú níos fearr inti, agus aird faoi leith á tabhairt ar cé acu an áirithítear nó nach n-áirithítear cosaint leordhóthanach don chomhshaol leis na GAPanna a úsáideadh roimhe seo mar bhonn chun MRLanna a leagan síos, de réir an eolais atá ann faoi láthair. Na GAPanna ina n-úsáidtear clóitiainídin agus tiaimeatocsam amuigh faoin aer, níl siad inghlactha i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil atá ann faoi láthair, mar gheall ar an tionchar atá acu ar bheacha. Ó tharla go bhfuil meath ar phailneoirí ar fud an domhain, is gá a áirithiú freisin nach mbeidh iarmhair a eascraíonn ó GAPanna i dtráchtearraí a allmhairítear isteach san Aontas, ar GAPanna iad atá bunaithe ar úsáidí amuigh faoin aer de chlóitiainídin agus/nó tiaimeatocsam, ionas nach n-aistreofar éifeachtaí díobhálacha ar bheacha ó tháirgeadh bia san Aontas go táirgeadh bia in áiteanna eile ar domhan a allmhaireofar isteach san Aontas ansin (28). Is iomchuí sin chun a áirithiú go mbeidh na táirgí uile a tháirgfear nó a chaithfear san Aontas saor ó chlóitiainídin agus ó thiaimeatocsam agus nach mbeidh baint ag an táirgeadh le mortlaíocht pailneoirí. Ina fhianaise sin, CXLanna atá bunaithe ar GAPanna nach mbaineann an leibhéal iomchuí cosanta amach don Aontas, níor cheart foráil a dhéanamh maidir leo a thuilleadh mar MRLanna de bhun Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(13) |
Thairis sin, cúlghaireadh gach údarú le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil clóitiainídin agus/nó tiaimeatocsam san Aontas. Is iomchuí, dá bhrí sin, na MRLanna comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a scriosadh, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin i gcomhar le hAirteagal 14(1)(a). |
(14) |
Dá bhrí sin, agus na tosca uile a bhaineann leis an ábhar atá á mheas i gcomhréir le hAirteagal 14(2) á gcur san áireamh, arna léamh i bhfianaise Airteagal 11 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena gceanglaítear nach ‘foláir ceanglais chosaint an chomhshaoil a lánpháirtiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais, go háirithe d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur ar aghaidh’, ba cheart na MRLanna uile atá ann faoi láthair le haghaidh clóitiainídine agus/nó tiaimeatocsam mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a ísliú go dtí an Teorainn Chinnidh (LOD). |
(15) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le LODanna a d’fhéadfaí a bhaint amach go hanailíseach le haghaidh gach táirge. Ba cheart na LODanna sin a liostú in Iarscríbhinn V i gcomhréir le hAirteagal 18(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(16) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir leis na MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh a mbarúlacha san áireamh. |
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir. |
(18) |
Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le socrú idirthréimhseach i gcás táirgí a tháirgtear san Aontas nó a allmhairítear isteach san Aontas sula modhnaítear na MRLanna agus ar ina leith a léiríonn an fhaisnéis go gcoinnítear leibhéal ard cosanta don tomhaltóir ar bun i ndáil leis na táirgí sin a chomhlíonann na MRLanna atá ann cheana. |
(19) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh oibreoirí i dtríú tíortha, go háirithe i dtíortha is lú forbairt agus i dtíortha atá i mbéal forbartha, agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh. Is féidir coinne réasúnta a bheith leis go mbeidh oiriúnú den sórt sin ar chleachtais talmhaíochta curtha i gcrích tar éis dhá shéasúr fáis ar a laghad. |
(20) |
Chun freastal ar riachtanais na trádála idirnáisiúnta, féadfar iarratais ar lamháltais allmhairiúcháin le haghaidh clóitiainídine nó tiaimeatocsam a chur isteach de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 agus ba cheart faisnéis ábhartha a sholáthar leo chun a léiriú go bhfuil na GAPanna atá i bhfeidhm maidir le húsáidí sonracha na substaintí gníomhacha sábháilte do phailneoirí. Dá gcuirfí isteach an fhaisnéis sin, dhéanfaí measúnú cás ar chás uirthi laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I gcomhthéacs an mheasúnaithe ar iarraidh ar lamháltas allmhairiúcháin, má chuireann iarratasóir fianaise eolaíoch ar fáil nach mbeidh tionchar díobhálach ag úsáid na neoinicitíonóideach sin ar phailneoirí, má chomhlíontar na ceanglais uile, d’fhéadfadh an Coimisiún lamháltas allmhairiúcháin a leagan síos. |
(21) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcónaí mar a bhí sular leasaíodh é leis an Rialachán seo maidir le táirgí a tháirgtear san Aontas nó a allmhairítear isteach san Aontas roimh an 7 Márta 2026.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 7 Márta 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2014. Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels (MRLs) for clothianidin and thiamethoxam according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás clóitiainídine agus tiaimeatocsam de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2014;12(12):3918, 120 lch. doi:10.2903/j.efsa.2014.3918.
(3) Rialachán (AE) 2016/156 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2016 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh boscailide, clóitiainídine, tiaimeatocsam, foilpéid agus tolclófos-meitile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe, IO L 31, 6.2.2016, lch. 1.
(4) Rialachán (AE) 441/2012 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2012 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh défheineasáite, défheintrine, boscailide, cadúsafos, clórantrainileapróil, clóratailinile, clóitiainídine, ciopróconasóil, deiltemheitrine, díceamba, défeanaconasóil, déineacap, eatocsasóil, feinpiorocsamáite, fluibeindé-aimíde, fluidhé-ocsainile, gliofosáite, meatalacsaile-M, meiptildéineacap, nóvalúrón, tiaimeatocsam agus trí-asafos i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 135, 25.5.2012, lch. 4).
(5) Clár comhpháirteach FAO/EDS um chaighdeáin bhia, an Coimisiún Codex Alimentarius. Foscríbhinní III agus IV. An tOchtú Seisiún is Tríocha. An Ghinéiv, an Eilvéis, an 6-11 Iúil 2015.
(6) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Scientific support for preparing an EU position in the 47th Session of the Codex Committee on Pesticide Residues (CCPR) [Tacaíocht eolaíoch chun seasamh ón Aontas Eorpach a ullmhú don 47ú Seisiún den Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí (CCPR)]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2015;13(7):4208, 178 lch. doi: 10.2903/j.efsa.2015.4208.
(7) Rialachán (AE) 2017/671 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2017 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 97, 8.4.2017, lch. 9 ).
(8) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(10) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Peer review of the pesticide risk assessment for bees for the active substance clothianidin considering the uses as seed treatments and granules [Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca le haghaidh beach maidir leis an substaint ghníomhach clóitiainídin i leith na n-úsáidí mar chóireálacha síl agus mar ghráiníní]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(2):5177.
(11) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Peer review of the pesticide risk assessment for bees for the active substance clothianidin considering the uses as seed treatments and granules [Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca le haghaidh beach maidir leis an substaint ghníomhach tiaimeatocsam i leith na n-úsáidí mar chóireálacha síl agus mar ghráiníní]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(2):5179.
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/784 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte gníomhaí clóitiainídin (IO L 132, 30.5.2018, lch. 35).
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/785 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte gníomhaí tiaimeatocsam (IO L 132, 30.5.2018, lch. 40).
(14) IPBES (2016). The assessment report of the Intergovernmental Science-Policy Platform on Biodiversity and Ecosystem Services on pollinators, pollination and food production. S.G. Potts, V. L. Imperatriz-Fonseca, agus H. T. Ngo (eagarthóirí). Rúnaíocht an Ardáin Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais, Bonn, an Ghearmáin. 552 leathanach. https://doi.org/10.5281/zenodo.3402856.
(15) An Tascfhórsa um Lotnaidicídí Sistéamacha de chuid an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (IUCN), an Choimisiúin um Marthanas Speiceas (SSC) agus an Choimisiúin um Bainistiú Eiceachóras (CEM). Worldwide Integrated Assessment. Tiomsachán d’ailt maidir le taighde ar eolaíocht an chomhshaoil agus ar thruailliú ó irisí eolaíocha a rinneadh athbhreithniú piaraí orthu, imleabhar 22, eagrán 1, Eanáir 2015.
(16) Neonic Insecticides and Invertebrate Species Endangerment, Pierre Mineau. Module in Earth Systems and Environmental Sciences. 2021.
https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/B9780128211397001264.
(17) Gníomhaireacht Rialála Health Canada maidir le Bainistiú Lotnaidí. Re-evaluation Decision RVD2019-05, Clothianidin and Its Associated End-use Products: Pollinator Re-evaluation. Pest Management Regulatory Agency an 11 Aibreán 2019 ISSN: 1925-0886.
(18) Gníomhaireacht Rialála Health Canada maidir le Bainistiú Lotnaidí. Re-evaluation Decision RVD2019-04,. Thiamethoxam and Its Associated End-use Products: Pollinator Re-evaluation. Pest Management Regulatory Agency an 11 Aibreán 2019 ISSN: 1925-0886.
(19) Ministerio de Ganadería, Agricultura y Pesca de Paraguay. Resolución N° 503/019 DGSA Modificación de etiquetas para los Productos Fitosanitarios a base de los ingredientes activos Clotianidina, Imidacloprid, Tiametoxan y Clorpirifos. Nollaig 2019.
(20) Údarás na hAstráile maidir le Lotnaidicídí agus Táirgí Íocshláinte Tréidliachta. Reconsideration of Neonicotinoid Approvals and Registrations. Commonwealth of Australia Gazette Uimh. APVMA 23, Samhain 2019. https://apvma.gov.au/sites/default/files/apvma_gazette_23_19_november_2019.pdf.
(21) Údarás na Nua Shéalainne um Chaomhnú an Chomhshaoil. Application to decide whether there are grounds for reassessment of the neonicotinoids clothianidin, thiamethoxam, imidacloprid, thiacloprid, and acetamiprid (APP203949). Nollaig 2019. https://www.epa.govt.nz/assets/FileAPI/hsno-ar/APP203949/APP203949_Final_Neonicotinoids_Decision_16-12-2019.pdf.
(22) Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Chaomhnú an Chomhshaoil. Proposed Interim Registration Review Decision Cás-Uimhreacha 7620 agus 7614. Uimhreacha Duillín EPA-HQ-OPP-2011-0865 agus EPA-HQ-OPP-2011-0581. Eanáir 2020.
(23) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos na prionsabail ghinearálta agus na ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia. IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.
(24) https://www.cbd.int/doc/decisions/cop-14/cop-14-dec-06-en.pdf.
(25) FAO. 2019. The State of the World’s Biodiversity for Food and Agriculture, J. Bélanger & D. Pilling (eagarthóirí). Measúnuithe ón gCoimisiún de chuid FAO maidir le hAcmhainní Géiniteacha do Bhia agus don Talmhaíocht. An Róimh. 572 lch. https://www.fao.org/3/CA3129EN/CA3129EN.pdf.
(26) Effects of decreases of animal pollinators on human nutrition and global health: a modelling analysis. MR Smith, GM Singh, D Mozaffarian, SS Myers. The Lancet 386, Eagrán 10007; 2015. doi: 10.1016/S0140-6736(15)61085-6.
(27) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Plean Sáraithe Ailse na hEorpa. COM (2021) 44. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/TXT/?uri=COM%3A2021%3A44%3AFIN.
(28) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol]. COM (2020) 381. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020DC0381.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II scriostar na colúin le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam. |
(2) |
in Iarscríbhinn V cuirtear isteach na colúin le haghaidh clóitiainídine agus tiaimeatocsam: “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(*) Léiríonn an (*) íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I”
15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 47/46 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/335 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Feabhra 2023
lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin “Robiola di Roccaverano” (STFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, i gcomhar le hAirteagal 53(1), an chéad fhomhír, de, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Fraince ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Robiola di Roccaverano” atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1263/96 ón gCoimisiún (2) arna leasú ag Rialachán (AE) 217/2011 ón gCoimisiún (3) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 855/2014 ón gCoimisiún (4) San áireamh sa leasú sin tá leasú ar an ainm “Robiola di Roccaverano” go “Robiola di Roccaverano/Roccaverano”. |
(2) |
Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin. |
(3) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra réasúnaithe faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Robiola di Roccaverano” (STFC), is leasú é atá formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1263/96 ón gCoimisiún an 1 Iúil 1996, lena bhforlíontar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 163, 2.7.1996, lch. 19).
(3) Rialachán (UE) Uimh. 217/2011 ón gCoimisiún an 1 Márta 2011 lena bhformheastar leasuithe nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Robiola di Roccaverano (STFC)] (IO L 59, 4.3.2011, lch. 19).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 855/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 lena bhformheastar mionleasú ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Robiola di Roccaverano (STFC)] (IO L 234, 7.8.2014, lch. 1).
15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 47/48 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/336 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Feabhra 2023
lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (“Montefalco” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar leasuithe a fhormheas ar shonraíocht sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Montefalco”, a chuir an Iodáil ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(2) |
D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar na leasuithe ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(3) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Montefalco” (STFC) formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 47/49 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/337 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Feabhra 2023
lena mbronnfar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm “Terras do Navia” (TGFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a chuir an Spáinn ar aghaidh an t-ainm “Terras do Navia” a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm “Terras do Navia” a chosaint agus a chlárú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cosnaítear leis seo an t-ainm “Terras do Navia” (TGFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
CINNTÍ
15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 47/50 |
CINNEADH (CBES) 2023/338 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Feabhra 2023
lena leasaítear cinntí agus comhsheasaimh áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 9 Nollaig 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“CSNA”) Rún 2664 (2022), á mheabhrú di na rúin a ghlac sí roimhe seo lena bhforchuirtear bearta smachtbhannaí mar fhreagairt ar bhagairtí ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta, agus á chur i dtábhacht aici maidir leis na bearta a rinne Ballstáit na Náisiún Aontaithe chun smachtbhannaí a chur chun feidhme, go gcomhlíonann na bearta sin oibleagáidí na mBallstát sin faoin dlí idirnáisiúnta agus nach bhfuil na bearta sin ceaptha iarmhairtí díobhálacha daonnúla a bheith acu do phobail shibhialtacha, do ghníomhaíochtaí daonnúla ná dóibh siúd a dhéanann gníomhaíochtaí daonnúla. |
(2) |
Agus é á chur in iúl aici go bhfuil sí ullamh a córais smachtbhannaí a athbhreithniú, a choigeartú agus a fhoirceannadh, i gcás is iomchuí, agus aird á tabhairt ar staideanna síorathraitheach ar an láthair agus ar an ngá atá le héifeachtaí daonnúla neamhbheartaithe a íoslaghdú, cinneann CSNA i mír 1 de Rún 2664 (2022) go bhfuil sé ceadaithe cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc nó earraí agus seirbhísí riachtanacha a sholáthar chun seachadadh tráthúil cúnaimh dhaonnúil a áirithiú nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine agus nach sáraítear leis sin na reonna sócmhainní a fhorchuir CSNA nó a coistí smachtbhannaí. Chun críocha an Chinnidh seo, tugtar “an díolúine dhaonnúil” ar mhír 1 de Rún 2664 (2022). Tá an díolúine dhaonnúil infheidhme maidir le gníomhaithe áirithe mar a leagtar amach sa Rún sin. |
(3) |
Cuirtear i dtábhacht i Rún 2664 (2022), i gcás ina bhfuil an díolúine dhaonnúil ag teacht salach ar rúin roimhe sin, go ndéanfaidh an díolúine dhaonnúil na rúin a bhí ann roimhe sin a fhorshuíomh a mhéid a bhaineann leis an gcoinbhleacht sin. Mar sin féin, soiléirítear le Rún 2664 (2022) go bhfuil mír 1 de Rún 2615 (2021) ó CSNA fós i bhfeidhm. |
(4) |
Iarrtar le Rún 2664 (2022) go ndéanfaidh soláthraithe atá ag brath ar an díolúine dhaonnúil iarrachtaí réasúnacha chun fabhrú aon sochair a thoirmisctear le smachtbhannaí a íoslaghdú, bíodh sé sin mar thoradh ar sholáthar díreach nó indíreach nó atreorú, chuig daoine nó eintitis ainmnithe, lena n-áirítear trí straitéisí agus próisis bainistithe riosca agus díchill chuí a neartú. |
(5) |
Ní mór leasú a dhéanamh ar Chinntí 2010/231/CFSP (1), 2013/798/CBES (2), 2014/932/CFSP (3), (CBES) 2022/2319 ón gComhairle (4), agus Comhsheasaimh 2003/495/CBES (5) agus 2005/888/CBES ón gComhairle (6). |
(6) |
Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 d'Airteagal 6 de Chinneadh 2010/231/CBES:
“6. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
Eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí.”. |
Airteagal 2
In Airteagal 2b de Chinneadh 2013/798/CBES, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste.”. |
Airteagal 3
Leasaítear Cinneadh 2014/932/CBES mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2b, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6a: “Airteagal 6a Gan dochar d’Airteagal 2b(7), de mhaolú ar na bearta a fhorchuirtear le Rún 2140 (2014) ó CSNA agus le Rún 2216 (2015) ó CSNA, ar choinníoll gur chinn an Coiste Smachtbhannaí ar bhonn cás ar chás go bhfuil gá le díolúine chun obair na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí daonnúla eile in Éimin a éascú nó chun aon chríche eile atá i gcomhréir le cuspóirí na Rún sin, tabharfaidh údarás inniúil Ballstáit an t-údarú is gá.”. |
Airteagal 4
In Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2022/2319, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
“7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí.” |
Airteagal 5
Leasaítear Comhsheasamh 2003/495/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: “Airteagal 2 Gach ciste nó sócmhainn airgeadais nó acmhainn eacnamaíoch eile:
|
(2) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 2b Ní bheidh feidhm ag Airteagail 2 agus 2a maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
|
Airteagal 6
In Airteagal 2 de Chomhsheasamh 2005/888/CBES, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“5. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:
(a) |
na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara; |
(b) |
eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(c) |
eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin; |
(d) |
eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla; |
(e) |
fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó |
(f) |
gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste.”. |
Airteagal 7
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. SVANTESSON
(1) Cinneadh 2010/231/CBES an 26 Aibreán 2010 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (IO L 105, 27.4.2010, lch. 17).
(2) Cinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (IO L 352, 24.12.2013, lch. 51).
(3) Cinneadh 2014/932/CBES ón gComhairle an 18 Nollaig 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide in Éimin (IO L 365, 19.12.2014, lch. 147).
(4) Cinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 307, 28.11.2022, lch. 135).
(5) Comhsheasamh 2003/495/CFSP an 7 Iúil, 2003 ón gComhairle maidir leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 96/741/CFSP mar aon le nóta faisnéise míniúcháin. (IO L 169 , 8.7.2003 lch. 72).
(6) Comhsheasamh 2005/888/CFSP an 12 Nollaig, 2005 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha sonracha i gcoinne daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu go raibh baint acu le feallmharú an iarPhríomh-Aire Liobánaigh Rafiq Hariri mar aon le nóta faisnéise míniúcháin (IO L 327, 14.12.2005, lch. 26).
15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 47/55 |
CINNEADH (CBES) 2023/339 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Feabhra 2023
lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 15 Feabhra 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/101/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib. |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/101/CBES, ba cheart na bearta sriantacha sin a athnuachan go dtí an 20 Feabhra 2024. Ba cheart don Chomhairle leanúint d’athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar na bearta i bhfianaise forbairtí polaitiúla agus slándála sa tSiombáib. |
(3) |
Ba cheart Cinneadh 2011/101/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 10 de Chinneadh 2011/101/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 20 Feabhra 2024.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. SVANTESSON
(1) Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 a bhaineann le bearta srintacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (IO L 42, 16.2.2011, lch. 6).