| ISSN 1977-0839 | ||
| Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh | L 45 | |
|   | ||
| An t-eagrán Gaeilge | Reachtaíocht | Imleabhar 66 | 
| Clár | 
 | II Gníomhartha neamhreachtacha | Leathanach | 
| 
 | 
 | CINNTÍ | |
| 
 | * | ||
| 
 | * | ||
| 
 | * | ||
| 
 | * | ||
| 
 | * | ||
| 
 | * | ||
| 
 | * | ||
| 
 | * | 
| GA | Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. | 
II Gníomhartha neamhreachtacha
CINNTÍ
| 14.2.2023 | GA | Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh | L 45/1 | 
CINNEADH (AE) 2023/321 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 18 Deireadh Fómhair 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
| — | ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), | 
| — | ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021)381 — C9-0260/2021) (2), | 
| — | ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Comhairle chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2020, | 
| — | ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2020, maille le freagraí na n-institiúidí (3), | 
| — | ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, | 
| — | ag féachaint do chinneadh uaithi an 4 Bealtaine 2022 (5) lena gcuirtear siar an cinneadh i dtaobh urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020, agus don rún a ghabhann leis, | 
| — | ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, | 
| — | ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, | 
| — | ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, | 
| — | ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0236/2022), | 
1.
ag diúltú d’urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle don bhliain airgeadais 2020;
2.
ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
3.
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
(4) IO C 436, 28.10.2021, lch. 207.
| 14.2.2023 | GA | Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh | L 45/3 | 
RÚN (AE) 2023/322 ó PHARLAIMINT na hEORPA
an 18 Deireadh Fómhair 2022
maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
| — | ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle, | 
| — | ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, | 
| — | ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0236/2022), | 
| A. | de bhrí, de bhun Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go ngníomhóidh gach institiúid faoi theorainneacha na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh sna Conarthaí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta, leis na coinníollacha agus leis na cuspóirí atá leagtha amach iontu, agus de bhrí nach mór do na hinstitiúidí comhar dílis frithpháirteach a dhéanamh; | 
| B. | de bhrí, faoi Airteagal 317(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go gcuirfidh an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme ar a fhreagracht féin, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus de bhrí, faoin gcreat atá i bhfeidhm, go dtabharfaidh an Coimisiún d’institiúidí eile an Aontais na cumhachtaí riachtanacha chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme; | 
| C. | de bhrí, faoi Airteagal 319(1) CFAE, gurb í an Pharlaimint, agus an Pharlaimint amháin, atá freagrach as urscaoileadh a dheonú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais, agus de bhrí gur roinn de bhuiséad an Aontais é buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle; | 
| D. | de bhrí, faoi Airteagail 235(4) agus 240(2) CFAE, go dtugann Ardrúnaíocht na Comhairle cúnamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle (“an Chomhairle”), agus de bhrí go bhfuil an tArd-Rúnaí iomlán freagrach as bainistíocht fhónta na leithreasuithe arna gcur isteach i Roinn II de bhuiséad an Aontais; | 
| E. | de bhrí gur cheart don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, mar institiúidí de chuid an Aontais agus mar thairbhithe de bhuiséad ginearálta an Aontais, a bheith trédhearcach agus cuntasach go daonlathach do shaoránaigh an Aontais agus faoi réir grinnscrúdú daonlathach ar a gcaiteachas ar chistí poiblí; | 
| F. | de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an bParlaimint, mar údarás um urscaoileadh, béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh maidir le saoránaigh an Aontais trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, a bhfuil coincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna ina ngnéithe lárnacha de; | 
| G. | de bhrí, le beagnach fiche bliain anuas, go bhfuil an cleachtas seanbhunaithe agus urramaithe a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais dá gcaiteachas riaracháin á chur chun feidhme ag an bParlaimint, agus de bhrí go n-aontaíonn an Coimisiún gur cheart leanúint den chleachtas seo; | 
| H. | de bhrí go bhfuarthas leis an gcinneadh ón Ombudsman Eorpach (“an tOmbudsman”) i bhfiosrúchán straitéiseach OI/2/2017/TE maidir le trédhearcacht phróiseas reachtaíochta na Comhairle gur dhrochriarachán a bhí i gcleachtas na Comhairle sa phróiseas reachtach agus gur cheart aghaidh a thabhairt air chun cur ar chumas na saoránach próiseas reachtach an Aontais a leanúint; | 
| I. | de bhrí go ndeimhnítear le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí; | 
| J. | de bhrí gur chuir easpa comhair na Comhairle sa nós imeachta um urscaoileadh cosc ar Pharlaimint na hEorpa cinneadh feasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú le breis agus deich mbliana anois; | 
| 1. | á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an Chomhairle fós ag diúltú comhoibriú maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh, lena gcuirtear iallach ar an bParlaimint diúltú d’urscaoileadh; | 
| 2. | á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle roinnte ina dhá bhuiséad ar leith, mar a mhol an Pharlaimint ina rúin roimhe sin maidir le hurscaoileadh, chun trédhearcacht, cuntasacht agus éifeachtúlacht an dá institiúid a fheabhsú; | 
| 3. | á mheabhrú gur uirlis iad na príomhtháscairí feidhmíochta a aithnítear go forleathan chun gnóthú na spriocanna a leagtar síos a thomhas; á iarraidh ar an gComhairle achoimrí ar a príomhtháscairí feidhmíochta agus ar na torthaí gaolmhara a chur ar fáil ina tuarascálacha bainistíochta; | 
| 4. | á chur in iúl gurb oth léi an easpa faisnéise maidir le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta inscne na Comhairle agus maidir leis na bearta a rinneadh chun comhdheiseanna a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas atá fostaithe ag an gComhairle; á iarraidh ar an gComhairle faisnéis a chur ar fáil don údarás buiséadach maidir le cothromaíocht inscne, dáileadh geografach agus míchumais a ball foirne agus maidir leis na beartais inmheánacha lena mbaineann; | 
| 5. | á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil neamhaird tugtha ag an gComhairle go dtí seo ar rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2020 maidir leis an ngá atá le cumraíocht thiomnaithe de chuid na Comhairle i ndáil le comhionannas inscne (1) agus á áitiú, dá mbeadh fóram institiúideach tiomnaithe ann, go ndéanfaí comhionannas inscne a chomhtháthú ar bhealach níos láidre i mbeartais agus i straitéisí an Aontais agus go n-áiritheofaí comhordú agus dul chun cinn riachtanach sna príomhchomhaid a bhaineann le comhionannas inscne; | 
| 6. | á mheabhrú, de bhun Airteagal 286(2) CFAE, go gceapann an Chomhairle comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí (“an Chúirt”) tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint agus go dtuigeann sí na deacrachtaí a bhaineann le cothromaíocht inscne a bhaint amach mar gheall ar an nós imeachta ainmniúcháin atá ann faoi láthair; ag cur béim ar an neamhchothromaíocht thromchúiseach inscne sa Chúirt, áit nach raibh ach 8 gcomhalta mná ann in 2020 i gcomparáid le 18 gcomhalta fir; á iarraidh an athuair ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an nós imeachta ainmniúcháin agus é mar aidhm aici dul i ngleic leis an bhfadhb sin trí ghníomhaíochtaí nithiúla, amhail é a dhéanamh éigeantach do na Ballstáit iarrthóir amháin de gach inscne a chur i láthair; | 
| 7. | á chur in iúl gurb oth léi go gcuireann an Chomhairle a saincheart i bhfeidhm sa nósanna imeachta ainmniúcháin agus ceapacháin do go leor institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais gan tuairimí na bpáirtithe leasmhara a chur san áireamh; á chur in iúl gurb oth léi, go háirithe, gur mhainnigh an Chomhairle arís agus arís eile moltaí na Parlaiminte a chur san áireamh ina ról comhairleach maidir le comhaltaí na Cúirte a cheapadh; á áitiú gur gá go ndéanfaí athbhreithniú ar shaincheart na Comhairle d’fhonn rannpháirtíocht na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí lena mbaineann a ráthú agus a neartú; | 
| 8. | ag meabhrú mholtaí an Ombudsman maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle agus ag tacú leo; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil an próiseas cinnteoireachta sa Chomhairle fós i bhfad ó bheith go hiomlán trédhearcach, rud a dhéanann difear do mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach agus a chuireann, dá réir sin, clú an Aontais ina iomláine i mbaol; ag tathant ar an gComhairle gach beart is gá a dhéanamh chun moltaí an Ombudsman agus rialuithe ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme gan moill mhíchuí; | 
| 9. | á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ról méadaitheach atá ag an gComhairle Eorpach i dtaca leis na comhaid reachtacha in ainneoin nach bhfuil feidhm reachtach ná feidhm feidhmiúcháin ag an institiúid sin agus nach gcuireann sí na caighdeáin trédhearcachta chéanna i bhfeidhm agus atá ag an gComhairle, rud a chiallaíonn nach bhfuil sí á tabhairt chun cuntais; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil rannpháirtíocht Bhuanionadaithe na mBallstát sa Chlár Trédhearcachta go hiomlán deonach agus á áitiú gur cheart do na Buanionadaíochtaí uile páirt ghníomhach a ghlacadh sa Chlár Trédhearcachta roimh Uachtaránacht a mBallstáit ar an gComhairle, lena linn agus ina dhiaidh sin; á chreidiúint gur cheart na rialacha eitice atá ann cheana maidir le coinbhleachtaí leasa, doirse imrothlacha agus trédhearcacht brústocaireachta a neartú agus a chomhchuibhiú; ag moladh don Chomhairle leas iomlán a bhaint as scéim an Chláir Trédhearcachta thar na teorainneacha atá aici faoi láthair agus á iarraidh ar an gComhairle diúltú bualadh le brústocairí neamhchláraithe; | 
| 10. | á chur in iúl gurb oth léi, in ainneoin roinnt iarrataí ón bParlaimint, nár tugadh an cód iompair d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí i gcomhréir le cód iompair na Parlaiminte agus an Choimisiúin, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí a bheidh le formheas tar éis d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí an post a fhágáil; | 
| 11. | á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuair sí faisnéis faoin gcód iompair is infheidhme maidir le gach ball foirne na Comhairle; á athdhearbhú go rannchuidíonn iompar eiticiúil le bainistíocht fhónta airgeadais agus go gcuireann sé le muinín an phobail, mar a chuir an Chúirt i bhfáth ina “Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019: Creataí eiticiúla institiúidí AE a bhfuil iniúchadh déanta orthu: an deis atá ann feabhas a dhéanamh”, rud atá fíor-riachtanach má bheidh rath le beartais phoiblí agus, go háirithe, go mealltar leibhéil arda leasa phoiblí agus go laghdaítear muinín in AE le haon iompar mí-eiticiúil ó fhoireann agus ó chomhaltaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais; | 
| 12. | á athdhearbhú go bhfuil imní mhór uirthi maidir le coinbhleachtaí leasa deimhnithe ionadaithe de chuid na mBallstát atá rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta bheartais agus bhuiséid; á chreidiúint nár cheart d’ionadaithe de chuid na mBallstát a bhaineann tairbhe dhíreach as fóirdheontais an Aontais trí na gnólachtaí ar leo féin iad páirt a ghlacadh i bpléití nó vótálacha beartais nó buiséadacha a bhaineann leis na fóirdheontais sin; | 
| 13. | á iarraidh an athuair ar uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle diúltú d’aon urraíocht chorparáideach chun cuid dá speansais a chumhdach; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir na hacmhainní airgeadais ó bhuiséid náisiúnta i measc na mBallstát agus gur cheart go mbeadh deiseanna comhionanna ag gach Ballstát, gan beann ar a mhéid ná an buiséad a bhfuil fáil aige air, Uachtaránacht rathúil ar an gComhairle a eagrú, ach á chreidiúint go ndéanann glacadh le hurraíocht chorparáideach damáiste do chlú toisc go bhféadfadh sé coinbhleachtaí leasa a chruthú; á iarraidh an athuair ar an gComhairle forálacha buiséadacha a dhéanamh maidir le hUachtaránachtaí na Comhairle chun caighdeáin leormhaithe agus aonfhoirmeacha éifeachtúlachta agus éifeachtachta an phróisis oibre a áirithiú; | 
| 14. | á mheabhrú, faoi Airteagal 319 CFAE, go bhfeidhmíonn an Pharlaimint a sainchearta sna nósanna imeachta um urscaoileadh agus gurb í an Pharlaimint amháin atá freagrach as urscaoileadh a dheonú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais, agus gur roinn de bhuiséad an Aontais é buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle; | 
| 15. | á mheabhrú, faoi Airteagal 335 CFAE, go “[bh]feidhmeoidh gach ceann de na hinstitiúidí, de bhua a neamhspleáchais riaracháin, thar ceann an Aontais in ábhair a bhaineann lena hoibriú faoi seach” agus, dá réir sin, agus Airteagal 59 den Rialachán Airgeadais á chur san áireamh freisin, go dtugtar na cumhachtaí riachtanacha do na hinstitiúidí agus go bhfuil freagracht aonair orthu as na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme; | 
| 16. | á thabhairt dá haire, faoi Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta, go mbeidh feidhm freisin ag “na forálacha lena rialaítear an nós imeachta maidir le hurscaoileadh a dheonú don Choimisiún […] i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid, maidir leis an nós imeachta a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú do […] na daoine atá freagrach as cur chun feidhme bhuiséid na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, mar shampla an Chomhairle”; | 
| 17. | ag cur béim ar an bhfíoras, le beagnach fiche bliain anuas, go bhfuil cleachtas seanbhunaithe agus urramaithe á chur chun feidhme ag an bParlaimint, is é sin urscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais i leith a gcaiteachais riaracháin; á chur i bhfáth gur athdhearbhaigh an Coimisiún gur cheart go leanfadh an Pharlaimint den chleachtas sin; | 
| 18. | á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil sé léirithe ag an gComhairle, le breis agus deich mbliana anuas, nach bhfuil aon toilteanas aici comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, rud a fhágann nach féidir leis an bParlaimint cinneadh feasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh; á mheas go léiríonn an easpa comhair sin neamhaird iomlán ar ról na Parlaiminte agus go sáraítear prionsabal an chomhair dhílis idir na hinstitiúidí léi, rud a fhágann go bhfuil éifeachtaí an-diúltach ann a bhaineann le míchlú a tharraingt ar thrédhearcacht agus ar ghrinnscrúdú daonlathach bhuiséad an Aontais, chomh maith le muinín na saoránach san Aontas a laghdú; á éileamh go n-urramófar go hiomlán saincheart agus ról na Parlaiminte i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena gcuirtear béim ar cheart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil an ceart sin nasctha le ról na Parlaiminte sa nós imeachta um urscaoileadh mar an t-aon institiúid a thoghann saoránaigh an Aontais go díreach; | 
| 19. | á chur in iúl go bhfuil sí fós deimhin de go bhféadfaí teacht ar chomhaontú maidir leis an ábhar seo dá léireodh an Chomhairle aon toilteanas polaitiúil chun comhoibriú; ag athdhearbhú thoil na Parlaiminte páirt a ghlacadh in idirphlé cuiditheach agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gComhairle tús a chur an athuair leis an gcaibidlíocht leis an bParlaimint gan moill mhíchuí chun teacht ar réiteach i gcreat reatha an nós imeachta um urscaoileadh; | 
| 20. | á chur i bhfios, mar a cuireadh in iúl i rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 maidir leis an obair leantach ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (2), go n-éilíonn conclúidí na Comhdhála sin athruithe ar na Conarthaí, inter alia, maidir le struchtúr institiúideach an Aontais a shimpliú, tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a bheith ann sa phróiseas cinnteoireachta agus machnamh nua a dhéanamh ar inniúlachtaí an Aontais; á chreidiúint gurb ionann ionchais shaoránaigh an Aontais agus sainordú aonchiallach chun trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, go háirithe i dtaca le buiséad an Aontais agus, dá réir sin, an nós imeachta um urscaoileadh; | 
| 21. | á athdhearbhú, dá ndéanfaí athbhreithniú ar na Conarthaí, go bhféadfaí an nós imeachta um urscaoileadh a dhéanamh níos soiléire agus níos trédhearcaí, go háirithe tríd an inniúlacht shainráite a thabhairt don Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais ina n-aonar, ach á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur chéad chéim chun an dúsháinn atá ann faoi láthair a shárú a bheadh i gceist leis an gcaibidlíocht a athsheoladh idir an Pharlaimint agus an Chomhairle maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh, d’fhonn teacht ar réiteach trí chomhar idirinstitiúideach níos fearr laistigh den chreat reatha arna leagan amach ag na Conarthaí. | 
(1) IO C 445, 29.10.2021, lch. 150.
(2) Téacsanna arna ghlacadh, P9_TA(2022)0141.
| 14.2.2023 | GA | Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh | L 45/7 | 
CINNEADH (AE, Euratom) 2023/323 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 18 Deireadh Fómhair 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
| — | ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), | 
| — | ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021)0381 — C9-0263/2021) (2), | 
| — | ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2020, | 
| — | ag féachaint don thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2020, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3), | 
| — | ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, | 
| — | ag féachaint do chinneadh uaithi an 4 Bealtaine 2022 (5) lena gcuirtear siar an cinneadh i dtaobh urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020, agus don rún a ghabhann leis, | 
| — | ag féachaint d’Airteagal 314(10) agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, | 
| — | ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, | 
| — | ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, | 
| — | ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0238/2022), | 
| 1. | ag deonú urscaoileadh d’Ardrúnaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don bhliain airgeadais 2020; | 
| 2. | ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; | 
| 3. | á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). | 
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1
(3) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
(4) IO C 436, 28.10.2021, lch. 207.
| 14.2.2023 | GA | Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh | L 45/8 | 
RÚN (AE) 2023/324 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 18 Deireadh Fómhair 2022
maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
| — | ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, | 
| — | ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, | 
| — | ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0238/2022), | 
| A. | de bhrí, de bhun Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go ngníomhóidh gach institiúid faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu, agus de bhrí go bhfuil na hinstitiúidí le comhar dílis a chleachtadh eatarthu féin; | 
| B. | de bhrí gur cheart d’institiúidí uile an Aontais a bheith ina sampla den ionracas, den trédhearcacht agus den chuntasacht iomlán do shaoránaigh an Aontais i ndáil leis na cistí atá faoina gcúram mar institiúidí de chuid an Aontais; | 
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
| 1. | ag athdhearbhú a barúlacha maidir leis an “liúntas cómhaoinithe TF do na Feisirí” lena gcuirtear liúntas bliantúil TF EUR 3 000 ar fáil do gach comhalta (EUR 5 000 in 2020 faoin méadú aon uaire a bhaineann leis na bearta a tugadh isteach mar thoradh ar phaindéim COVID-19); á iarraidh ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (“an Coiste”) athmhachnamh a dhéanamh ar mhéid an liúntais TF chomh maith lena chineál, agus é mar aidhm athrú ó liúntas ar ráta comhréidh go híocaíocht atá bunaithe ar chostais iarbhír agus a bhfuil údar leo; | 
| 2. | á mheabhrú, mar gheall ar phaindéim COVID-19, gur ghlac biúró an Choiste cinneadh sealadach lena gceadaítear do chomhaltaí an Choiste an gnáthliúntas cothaithe a éileamh as páirt a ghlacadh i gcruinnithe Coiste go cianda chun comhaltaí a chúiteamh go cianda as an am a caitheadh i gcomhlíonadh a ndualgas agus as na costais riaracháin ghaolmhara i gcásanna inar cuireadh cosc ar an gcomhalta taisteal go dtí an Bhruiséil; á chur in iúl gur eol di gur cuireadh togra struchtúrach maidir le liúntas sonrach le haghaidh cianfhreastal ar chruinnithe faoi bhráid na Comhairle ina dhiaidh sin agus gur ghlac an Chomhairle é i mí an Mheithimh 2021; ag aithint go n-éilíonn aon chleachtais nua luacha saothair formheas trí bhíthin cinneadh ón gComhairle agus, dá bhrí sin, á iarraidh an athuair ar an gCoiste luach saothair cothrom agus comhréireach a mholadh do chomhaltaí ar féidir leis an gComhairle teacht ar chomhaontú ina leith; | 
Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht, rialú inmheánach
| 3. | á chur in iúl go dtuigeann sí an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar ghníomhaíocht institiúidí an Aontais, lena n-áirítear na spriocdhátaí dochta chun reachtaíocht nua a ghlacadh agus, dá bhrí sin, do na coistí comhairliúcháin chun a dtuairimí a thabhairt; á mheabhrú gur ghlac an Coiste 13 pháipéar seasaimh, sular formheasadh a nós imeachta leasaithe, mar fhreagairt ar tharchuir chun rannchuidiú éifeachtach agus tráthúil le freagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19 a áirithiú; á chur in iúl gur eol di go ndéanann an Coiste faireachán ar chomhlíonadh na spriocdhátaí institiúideacha a leagadh síos dá thuairimí agus gur glacadh bearta ad hoc tar éis tuarascáil iniúchóireachta inmheánaí ó 2019; á áitiú ar an gCoiste tuaraisc a thabhairt ar na bearta sin agus ar ghníomhaíochtaí eile a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith sin; ag meabhrú na moltaí uaithi i rúin roimhe seo maidir le hurscaoileadh chun feabhas a chur ar an gcomhar idirinstitiúideach agus, dá bhrí sin, ar thionchar obair an Choiste; ag meabhrú, thairis sin, a molta don Choiste measúnú tionchair cáilíochtúil a dhéanamh ar a thuairimí; á aithint a thábhachtaí atá sé an Coiste a choinneáil mar chomhlacht comhairleach láidir, lena gcumasaítear idirphlé idir na comhpháirtithe sóisialta, go háirithe fostóirí, fostaithe agus ionadaithe leasanna éagsúla eile; | 
| 4. | á athdhearbhú gur cúis bhuartha di nach dtugtar treoir i gCinneadh Uimh. 078/21 ón gCoiste maidir le cásanna inar cheart dul i gcomhairle leis an tseirbhís dlí agus á iarraidh ar an gCoiste comhairliúchán den sórt sin a dhéanamh éigeantach i gcás na gcinntí uile, ar a laghad, lena mbaineann riosca dlíthiúil don Choiste; á mheabhrú nach mór acmhainní leordhóthanacha agus an sainordú is gá a chur ar fáil don tseirbhís dlí chun a cúraimí a dhéanamh go rathúil ar mhaithe leis an gCoiste, agus aird á tabhairt ar a ról trasnach agus ar a méid neamhleor; | 
Acmhainní daonna, comhionannas agus folláine na foirne
| 5. | á chur in iúl gur geal léi an plean gníomhaíochta maidir le foireann a earcú agus a choinneáil arna cheapadh ag stiúrthóireacht an Choiste um acmhainní daonna agus airgeadais, a formheasadh i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus an t-athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar bheartas soghluaisteachta an Choiste; á iarraidh ar an gCoiste a áirithiú go mbeidh ionadaithe foirne rannpháirteach a mhéid is gá i gcur chun feidhme an phlean gníomhaíochta agus san athbhreithniú ar an mbeartas soghluaisteachta faoi seach; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht an Choiste sa mheitheal idirinstitiúideach a bunaíodh chun dul i ngleic leis na fadhbanna a eascraíonn as an líon teoranta iarrthóirí agus leis an easpa liostaí ionadaithe d’iarrthóirí rathúla ó chomórtais oscailte; | 
| 6. | ag tabhairt dá haire gur laghdaíodh plean bunaíochta an Choiste faoi 7,98 % i gcomparáid le figiúirí 2013 (níos mó ná an sprioc 5 % arna bunú ag an gCoimisiún), a bhfuil tionchar diúltach soiléir aige ar an gcóimheas ualaigh oibre/acmhainní agus, dá bhrí sin, ar fholláine na foirne; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh chun iniúchadh seachtrach a iarraidh chun comparáid a dhéanamh idir na hacmhainní daonna atá ar fáil i gcoibhneas leis an ualach oibre, lena n-áirítear tarraingteacht an Choiste mar fhostóir agus an t-ailíniú idir éabhlóid na ngníomhaíochtaí agus na hacmhainní atá ar fáil; á iarraidh ar an gCoiste comhsheasmhacht a áirithiú idir an t-iniúchadh sin agus an plean gníomhaíochta maidir le foireann a earcú agus a choinneáil; á chreidiúint gur cheart go n-áireofaí san iniúchadh sin anailís shonrach ar na cásanna a chuir an Pharlaimint in iúl roimhe seo (amhail bainisteoirí i bpoist ad interim nó dhúbailte “ar mhaithe leis an tseirbhís” agus na poist a bhí líonta tar éis dhul in éag an spriocdháta soghluaisteachta) agus aon chinneadh eile maidir le hacmhainní daonna a dhéanann difear do leithdháileadh foirne; á iarraidh ar an gCoiste Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoin toradh agus faoi na bearta a glacadh chun obair leantach a dhéanamh ar na moltaí atá le baint as an iniúchadh sin; | 
| 7. | ag tabhairt dá haire gur ullmhaíodh cinneadh nua maidir le teilea-obair agus fleisc-am, a glacadh i mí Aibreáin 2022, i gcomhpháirt le Coiste na Réigiún chun dálaí oibre nua-aimseartha, solúbtha agus torthaíbhunaithe a bhunú don fhoireann; á chur in iúl gur geal léi ullmhú na straitéise agus an phlean gníomhaíochta nua maidir le héagsúlacht agus cuimsiú; ag tacú le rannpháirtíocht oifigeach comhdheiseanna an Choiste a bheith san áireamh sa dá ghníomhaíocht agus tógtha ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar na feabhsuithe a tugadh isteach le linn ghéarchéim COVID-19; | 
| 8. | ag tabhairt dá haire go bhfuil machnamh leanúnach á dhéanamh ar bhearta nua chun rochtain na mban ar phoist bhainistíochta a chur chun cinn, amhail freagrachtaí bainistíochta idirmheánacha faoi bhun leibhéal an chinn aonaid agus cur chun feidhme praiticiúil an bhuiséadaithe inscne; á mholadh don Choiste leanúint de bheith ag féachaint le moltaí na Parlaiminte a chur chun feidhme chun príomhshruthú inscne a fheabhsú go hinmheánach; | 
| 9. | á chur in iúl gur geal léi an cinneadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le tréimhsí oiliúna gearrthéarmacha (atá éigeantach chun staidéir a chríochnú) agus chun luach saothair leordhóthanach agus liúntais bhreise a thairiscint do speansais amhail taisteal agus soghluaisteacht; | 
| 10. | ag cur sonrú i mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Feabhra 2022 (1) maidir le cás ciaptha féideartha a tuairiscíodh in 2018 trína neamhníonn an Chúirt Ghinearálta Cinneadh Uimh. 293/19 ón gCoiste an 5 Nollaig 2019 lenar forchuireadh an pionós íosta féideartha lena mbaineann rabhadh i scríbhinn, lena ndéantar an ghníomhaíocht maidir leis an gcuid eile a dhíbhe, agus lena n-ordaítear don Choiste na costais a íoc; ag dréim le machnamh inmheánach tar éis an bhreithiúnais sin, go háirithe maidir leis na sáruithe nós imeachta a d’aimsigh an Chúirt Ghinearálta i ndáil leis an bhfiosrúchán inmheánach, amhail an ceann a bhaineann leis an gceart chun cosanta; | 
| 11. | á chur i bhfios go bhfuil ceann amháin fós oscailte as na sé iarraidh ar chúnamh a bhaineann le cásanna féideartha ciaptha a fuarthas in 2020; ag tabhairt dá haire, i gcás iarraidh den sórt sin ar chúnamh, gur tugadh an fiosrúchán riaracháin inmheánach chun críche i mí na Nollag 2021, go raibh réamhéisteachtaí ann leis an duine lena mbaineann agus leis an íospartach i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2022 faoi seach, agus gur iarr an t-údarás ceapacháin fiosrúchán riaracháin breise i mí na Bealtaine 2022 chun soiléiriú níos fearr a thabhairt ar an gcás sula ndearna sé a chinneadh críochnaitheach; ag tabhairt dá haire nach ndearnadh cinneadh go fóill; á athdhearbhú go bhfuil tionchar diúltach ag an imeacht ama ar na híospartaigh agus ar chlú na hinstitiúide lena mbaineann araon agus, dá bhrí sin, ag tathant ar an gCoiste aghaidh a thabhairt ar an iarraidh sin gan a thuilleadh moille agus tuairisciú don údarás buiséadach maidir le láimhseáil an cháis sin; | 
| 12. | ag tabhairt dá haire gur tugadh i gcrích na comhaontuithe socraíochta leis an mbeirt íospartach, a ndearnadh ciapadh morálta orthu, i mí na Nollag 2020 agus i mí an Mhárta 2021 faoi seach; ag tabhairt dá haire go bhfuil an pointe deireanach atá ar feitheamh chun an dá chomhaontú socraíochta a chur chun feidhme go hiomlán ag brath ar athrú atá le teacht ar an gcairt eagrúcháin i gcomhaontú le Coiste na Réigiún agus atá beartaithe a chur chun feidhme an 1 Deireadh Fómhair 2022; á iarraidh ar an gCoiste nósanna imeachta sonracha a chur i bhfeidhm agus iad ag déileáil le cásanna ciaptha ionas go gcaithfear go cothrom le gach íospartach; á áitiú ar an gCoiste tuairisciú go pras don údarás buiséadach maidir le forfheidhmiú éifeachtach an phointe sin; á chur in iúl arís gur oth léi an tréimhse fhada ama i ndáil le forfheidhmiú na gcomhaontuithe socraíochta sin ag an gCoiste de réir mar is gá go dlíthiúil; | 
| 13. | á chur in iúl gur oth léi go raibh mí Aibreáin 2022 ann sular tugadh i gcrích an comhaontú socraíochta le duine amháin d’íospartaigh an mhí-iompair thromchúisigh; á chur in iúl gur oth léi freisin gur cuireadh moill ar chur chun feidhme na mbeart a comhaontaíodh i mí an Mhárta 2021 idir íospartach eile an mhí-iompair thromchúisigh, iarchomhalta den Choiste, agus Uachtarán an Choiste go dtí tar éis don Pharlaimint cinneadh a dhéanamh an t-urscaoileadh a chur siar; á chur in iúl gur geal léi, mar sin féin, an ráiteas poiblí ó Uachtarán an Choiste, a foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Choiste, ag athdhearbhú a leithscéal ó chroí leo siúd go léir lena mbaineann as an bhfulaingt a tharla mar thoradh ar an éagóir sin; á chur in iúl arís gur oth léi go bhfuil Ard-Rúnaí an Choiste fós ag diúltú na heasnaimh agus freagrachtaí inmheánacha a admháil, rud is cúis le sárú ar an dualgas cúraim i leith fhoireann an Choiste; | 
| 14. | ag cur sonrú i nuashonruithe míosúla an Choiste agus an obair leantach ar na barúlacha a rinne an Pharlaimint sa chéad rún maidir le hurscaoileadh 2020 (2); á mheabhrú nach mbaineann tuarascáil OLAF ar chás OC/2018/0666/A.1 ach amháin le hiompar dhéantóir an chiona i leith na n-íospartach agus nach ndéantar scrúdú sa bhreithiúnas a thug an Chúirt Ghinearálta an 1 Meán Fómhair 2021 (3) ach ar bhailíocht chinneadh ó bhiúró an Choiste an 9 Meitheamh 2020, ag bréagnú ráitis an Choiste san obair leantach ar an gcéad rún urscaoilte in 2020 gur láimhseáladh gearáin agus aird chuí á tabhairt ar leas oifigeach; á chur i bhfios nach ndearnadh, dá bhrí sin, scrúdú ná bailíochtú ar láimhseáil mhall an cháis ag lucht riaracháin an Choiste agus go háirithe ar na heasnaimh i gcur chun feidhme na nósanna imeachta inmheánacha; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go ndearnadh sárú tromchúiseach a mhair rófhada ar dhualgas cúraim an Choiste i leith chomhaltaí a fhoirne; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go ndearnadh neamhaird iomlán ar feadh blianta fada ar a glaonna gan débhrí ar chuntasacht agus á iarraidh arís, dá bhrí sin, go ndéanfaí imscrúdú seachtrach go sonrach ar an ngníomhaíocht, nó ar an easpa gníomhaíochta, ar ordlathas riaracháin an Choiste, agus béim á leagan ar fhreagracht an ordlathais riaracháin maidir le gearáin chiaptha a láimhseáil agus dea-bhail na foirne a áirithiú; | 
| 15. | á athdhearbhú gur cúis bhuartha di nach féidir costas deiridh iomlán an cháis sin a chainníochtú go fóill, costas a mheastar a bheith thart ar EUR 150 000 de thuras na huaire, toisc go mbraitheann sé ar thoradh an nós imeachta dhlíthiúil atá ar siúl faoi láthair os comhair chúirt choiriúil na Beilge, ina bhfuil an Coiste ina pháirtí sibhialta freisin; á iarraidh ar an gCoiste tabhairt i gcrích an nós imeachta dhlíthiúil agus an costas deiridh iomlán a thuairisciú go pras don údarás buiséadach; á iarraidh an athuair go n-éileoidh an Coiste ón déantóir na méideanna a chúitíonn an Coiste do na híospartaigh; | 
Creat eitice agus trédhearcacht
| 16. | ag tabhairt dá haire gur ceapadh plean gníomhaíochta eitice, a glacadh i mí Eanáir 2021, mar thoradh ar na bearta a rinne an mheitheal chomhpháirteach ar cuireadh de chúram uirthi athbhreithniú a dhéanamh ar chreat eiticiúil an Choiste; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh roinnt gníomhaíochtaí chun feidhme go hiomlán amhail, inter alia, an t-athbhreithniú ar na cinntí maidir le sceithireacht agus ciapadh (a glacadh i mí na Nollag 2021 agus i mí an Mhárta 2022 faoi seach), an comhaontú ar leibhéal seirbhíse le hOifig Imscrúdaithe agus Araíonachta an Choimisiúin chun na fiosrúcháin riaracháin a ghairmiúlú, an oiliúint éigeantach maidir le heitic do gach ball foirne, foireann nua comhairleoirí eitice a bhunú agus a oiliúint, athnuachan leanúnach líonra comhairleoirí rúnda, agus an treoir nua don fhoireann “Meas ar an Obair in CESE” (a foilsíodh i mí na Bealtaine 2022); ag tabhairt dá haire go ndearna an mheitheal chomhpháirteach obair ullmhúcháin freisin chun athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le nósanna imeachta araíonachta agus fiosrúcháin riaracháin; á iarraidh ar an gCoiste faireachán rialta a dhéanamh, trí bhíthin suirbhéanna ad hoc, ar an bhfuil feasacht leordhóthanach ag an bhfoireann ar an gcreat eitice; á chur in iúl gur oth léi go raibh moill mhór ar an athbhreithniú ar na cinntí sin a luadh agus nár glacadh an ceann maidir le ciapadh ach amháin tar éis don Pharlaimint a chinneadh urscaoileadh 2020 a chur siar, rud a léiríonn easpa toilteanais gníomhú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil aon nós imeachta sonrach maidir le ciapadh lena mbaineann comhalta den Choiste agus oifigeach (laistigh den sainmhíniú i gCinneadh 090/22 A) i bhfeidhm agus mar thoradh air sin nach gcuirtear aon nósanna imeachta aonfhoirmeacha i bhfeidhm chun déileáil le cásanna ciaptha, rud a fhágann go gcaitear ar bhealach éagsúil le híospartaigh; á athdhearbhú an athuair don Choiste, maidir leis an bhfíoras nach féidir na Rialacháin Foirne a fhorchur ar chomhalta den Choiste, nach féidir é a úsáid mar údar cuí le heaspa gnímh; á iarraidh ar an gCoiste foráil a dhéanamh láithreach maidir le nós imeachta sonrach lena dtabharfar cosaint chuí ar chiapadh do gach duine, cosaint atá ag teastáil le fada; | 
| 17. | ag tabhairt dá haire gur tháinig an cód iompair neartaithe do chomhaltaí an Choiste i bhfeidhm i mí Eanáir 2021 lena soláthraítear soiléireacht níos fearr agus lena bhforchuirtear smachtbhannaí níos déine i gcás aon sárú ar na rialacha; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear sa phlean gníomhaíochta maidir leis an eitic bearta atá dírithe ar chomhaltaí, lena n-áirítear an bróisiúr faisnéise “Urraim agus dínit in CESE” a fhoilsiú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an oiliúint maidir leis an eitic do chomhaltaí atá le hailíniú leis an gcód iompair nua; ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh an Coiste anailís ar iarraidh na Parlaiminte go ndéanfaí an oiliúint sin éigeantach laistigh den athbhreithniú atá ar na bacáin ar reacht na gcomhaltaí ag na caestóirí an Choiste; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an leagan athbhreithnithe de rialacha nós imeachta an Choiste ag teacht leis an gcód iompair nua agus go n-áirítear ann an fhéidearthacht go scoirfí de bhallraíocht aonair go heisceachtúil trí dhíbirt i gcás ina sárófar caighdeáin eiticiúla, dualgais eiticiúla agus oibleagáidí eiticiúla; | 
| 18. | ag tabhairt dá haire gur eisigh seirbhís iniúchóireachta inmheánaí an choiste tuarascáil iniúchóireachta inmheánaí maidir le heitic agus ionracas go luath in 2020; á iarraidh ar an gCoiste achoimre a thabhairt ar na moltaí a rinne an t-iniúchóir inmheánach agus ar na gníomhaíochtaí chun iad a chur chun feidhme; | 
| 19. | ag cur in aghaidh dhiúltú an Choiste d’úsáid an Chlár Trédhearcachta ar an bhforas gur comhlacht comhairleach é an Coiste; ag tathant ar an gCoiste páirt a ghlacadh sa Chlár Trédhearcachta d’fhonn feabhas a chur ar thrédhearcacht a chuid idirghníomhaíochtaí le hionadaithe leasa sheachtraigh; | 
| 20. | á iarraidh go ndéanfaí na nósanna imeachta agus na cinntí inmheánacha uile, lena n-áirítear na cinn maidir le heitic, a fhoilsiú i gcolún sonrach de shuíomh gréasáin an Choiste; | 
| 21. | ag tabhairt dá haire, mar fhreagairt ar iarraidh na Parlaiminte, gur chuir an Coiste moltaí an Ombudsman Eorpaigh san áireamh ina tuarascáil i gcás SI/2/2017/NF Revolving doors — Implementation of Article 16 of the EU Staff Regulations in a range of EU institutions, bodies and agencies [Doirse imrothlacha — Cur chun feidhme Airteagal 16 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh i réimse institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh] chun athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh maidir le gníomhaíochtaí agus tascanna seachtracha; á iarraidh ar an gCoiste tuairisciú maidir le glacadh an chinnidh chríochnaithigh; | 
Comhar idirinstitiúideach
| 22. | ag tabhairt dá haire go bhfuil caibidlíocht ar siúl leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle ag féachaint le caidreamh institiúideach agus riaracháin a neartú; ag tacú leis an gCoiste ina ghealltanas an moladh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur chun feidhme chun ról institiúideach an Choiste a fheabhsú agus chun é a chumhachtú mar éascaitheoir agus mar ráthóir ar ghníomhaíochtaí daonlathais rannpháirtíochta amhail idirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le painéil saoránach; | 
| 23. | á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gCoiste maidir le hionadaíocht a dhéanamh ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó na Ballstáit i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais agus maidir le teagmháil a dhéanamh leo; ag cur sonrú in iarrachtaí an Choiste a thuairimí agus a ghníomhaíochtaí a scaipeadh mar chuid de chomhlíonadh a mhisin agus ag meabhrú mholtaí na Parlaiminte i rúin urscaoilte roimhe seo ar an ábhar; á iarraidh go mbeadh an comhaontú comhair idir an Coiste agus an Pharlaimint ceangailteach, go háirithe á iarraidh go mbeadh dlúthchomhar tráthúil ann idir rapóirtéirí faoi seach an dá institiúid, go ndéanfaí tuairimí an Choiste a roinnt le coistí ábhartha na Parlaiminte le linn chéim dréachtaithe na tuarascála agus go n-iarrfaí go córasach ar rapóirtéirí an Choiste na tuarascálacha sin a thíolacadh; á mholadh go ndéanfadh an Coiste anailís tionchair níos cainníochtúla agus níos cáilíochtúla ar a thuairimí; á áitiú ar an gCoiste, dá bhrí sin, an fhoireann atá ag obair i réimsí na hoibre reachtaí agus an chaidrimh idirinstitiúidigh a threisiú; | 
Paindéim COVID-19
| 24. | á thabhairt faoi deara, chun tairbhe a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na paindéime, gur bunaíodh plean gníomhaíochta téarnaimh don Choiste in 2021 arb é is aidhm dó cabhrú le baill foirne bogadh ar aghaidh i dtreo modh oibre iarphaindéimeach; á iarraidh ar an gCoiste tuairisciú don údarás buiséadach maidir le príomhchéimeanna an phlean gníomhaíochta téarnaimh agus a chur chun feidhme. | 
(1) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta (Ceathrú Dlísheomra) an 23 Feabhra 2022, OA v Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, T-671/20, ECLI:AE:T:2022:82
(2) Rún (AE) 2022/1704 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (IO L 258, 5.10.2022, lch. 109).
(3) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta (Ceathrú Dlísheomra) an 1 Meán Fómhair 2021, KN v Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, T-377/20, ECLI:AE:T:2021:528
| 14.2.2023 | GA | Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh | L 45/13 | 
CINNEADH (AE) 2023/325 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 18 Deireadh Fómhair 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
| — | ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, | 
| — | ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), | 
| — | ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, | 
| — | ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0101/2022), | 
| — | ag féachaint do chinneadh uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) lena gcuirtear siar an cinneadh i dtaobh urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, | 
| — | ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, | 
| — | ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (4), agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de, | 
| — | ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (5), agus go háirithe Airteagal 116 de, | 
| — | ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de, | 
| — | ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, | 
| — | ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, | 
| — | ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0235/2022), | 
| 1. | ag diúltú urscaoileadh a thabhairt do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; | 
| 2. | ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; | 
| 3. | á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). | 
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(3) IO L 258, 5.10.2022, lch. 406.
(4) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
| 14.2.2023 | GA | Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh | L 45/15 | 
RÚN (AE) 2023/326 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 18 Deireadh Fómhair 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,
| — | ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2020, | 
| — | ag féachaint do thuarascáil OLAF a tugadh chun críche an 15 Feabhra 2022, agus a cuireadh ar fáil i mí Iúil 2022 do Chomhaltaí an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don Choiste um Rialú Buiséadach, | 
| — | ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, | 
| — | ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, | 
| — | ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0235/2022), | 
| A. | de bhrí go bhfuil sraith fiosrúchán seolta ag an Ombudsman Eorpach maidir le leis na hoibleagáidí agus an cuntasacht atá aici maidir le cearta bunúsacha i ndáil lena freagrachtaí feabhsaithe a bheith á gcomhlíonadh ag an nGníomhaireachta Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (an “Ghníomhaireacht”) sna cásanna OI/5/2020/MHZ agus OI/4/2021/MHZ agus gur chuir sí sraith moltaí faoi bhráid na Gníomhaireachta; | 
| 1. | ag tabhairt dá haire gur éirigh stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta agus a iar-cheann cabinet as oifig an 28 Aibreán 2022 tar éis eisiúint thuarascáil OLAF agus tar éis go leor tuarascálacha agus imscrúduithe iriseoireachta lena léirítear fadhbanna go háirithe maidir le cearta an duine a chaomhnú; á chur in iúl gur oth léi nach ann d’imeachtaí araíonachta ina gcoinne in ainneoin mholtaí OLAF ina leith sin; á chur in iúl gur geal léi gur cheap an bord bainistíochta stiúrthóir feidhmiúcháin ad interim amhail ón 1 Iúil 2022; ag cur sonrú san fhógra folúntais do stiúrthóir feidhmiúcháin don Ghníomhaireacht a foilsíodh an 21 Meitheamh 2022; á iarraidh ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh a luaithe is féidir; á iarraidh ar an mbord bainistíochta, sula ndéanfaidh sé an nós imeachta earcaíochta sin a chur chun cinn, gealltanas a thabhairt maidir le trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe don Pharlaimint agus an gealltanas sin a dheimhniú i scríbhinn; á thabhairt chun suntais gur cheart don stiúrthóir feidhmiúcháin nua gealltanas a thabhairt urraim iomlán do chearta bunúsacha a áirithiú i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta chomh maith le scileanna ardleibhéil riaracháin agus bainistíochta a bheith aici; á iarraidh ar an mbord bainistíochta agus ar an gCoimisiún dul i mbun plé gníomhach leis an bParlaimint, i gcomhréir le sainchumais na Parlaiminte; á mheabhrú gur cheart an rochtain phoiblí is leithne is féidir ar thuarascálacha críochnaitheacha OLAF a bhaineann leis an nGníomhaireacht, i bhformáid iomchuí d’úsáid phoiblí, chomh maith le cur chun feidhme iomlán mholtaí na Parlaiminte, agus go háirithe na moltaí ón Meitheal um Ghrinnscrúdú Frontex, a bheith ina gcuid den ghealltanas ón mbord bainistíochta don trédhearcacht agus don chuntasacht; | 
| 2. | á chur in iúl gur geal léi an nóta faisnéise maidir le “Gníomhaíochtaí a rinne bainistíocht Frontex le linn na hidirthréimhse” a seoladh chuig an gCoiste um Rialú Buiséadach an 27 Meitheamh 2022 lena gcuirtear an t-údarás um urscaoileadh ar an eolas faoi na bearta a rinne lucht bainistíochta eatramhaí na Gníomhaireachta, agus iad ag dréim le stiúrthóir feidhmiúcháin nua a bheith ceaptha; á iarraidh ar an mbainistíocht eatramhach agus ar an té a cheapfar ina stiúrthóir feidhmiúcháin leanúint den údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas go réamhghníomhach maidir lena fhreagairt ar a chuid barúlacha agus moltaí; | 
| 3. | ag cur sonrú sa ghealltanas a tugadh chun plean gníomhaíochta a ullmhú maidir leis na gníomhaíochtaí feabhais a chuirtear i láthair sa doiciméad seo faoi stiúir an stiúrthóra feidhmiúcháin ghníomhaigh; á chur in iúl gur geal léi go n-aithníonn an stiúrthóir feidhmiúcháin gníomhach fadhbanna reatha na Gníomhaireachta, ag aithint ghealltanas an stiúrthóra feidhmiúcháin ghníomhaigh a áirithiú go gcuirfidh an Ghníomhaireacht a sainordú chun feidhme go hiomlán agus go n-oibreoidh sí agus an smacht reachta á urramú go hiomlán aici agus á chur in iúl gur mór aici an t-athrú dearfach maidir le cearta bunúsacha a urramú agus le cultúr eagraíochtúil na Gníomhaireachta a athrú, lena n-áirítear a áirithiú nach mbeidh eagla ar dhaoine éagóir a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú agus go ndéanfar obair leantach ceart ina leith, go mbunófar idirphlé leis na baill foirne, chun tarmligean cumhachtaí a spreagadh agus chun caidreamh muiníne a chothú le hinstitiúidí eile agus leis an bpobal; á chur in iúl gur geal léi freisin go bhfuil sí tiomanta don trédhearcacht; ag dréim leis go léireofar na hadmhálacha agus na gealltanais thuas i bplean gníomhaíochta le cur faoi bhráid na Parlaiminte, mar aon le nuashonruithe rialta ar a chur chun feidhme; á mheas gur coinníoll tábhachtach i bpróiseas urscaoilte na Gníomhaireachta é an dul chun cinn maidir leis an bplean gníomhaíochta a chur chun feidhme; | 
| 4. | á iarraidh ar bhainistíocht feidhmiúcháin na Gníomhaireachta leanúint de shainordú na Gníomhaireachta a chur chun feidhme; á athdhearbhú go bhfuil soiléireacht, trédhearcacht, idirphlé oscailte agus cumarsáid go hinmheánach agus go seachtrach, freagrachtaí agus cúraimí a tharmligean, chomh maith lena bheith ag cloí le hardchaighdeáin eitice agus comhlíonadh na gceart bunúsach bunriachtanach chun cultúr eagraíochtúil laistigh den Ghníomhaireacht a athrú, lena n-áirithítear dea-rialachas agus lena fheidhmiú i dtreo chur chun feidhme iomlán a sainordaithe, mar a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1); á mheabhrú gur iarracht chomhchoiteann é sin a éilíonn comhar dílis idir an bhainistíocht feidhmiúcháin, bord bainistíochta na Gníomhaireachta agus an Coimisiún; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, treoirlínte soiléire a chur ar fáil maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme shainordú na Gníomhaireachta, go háirithe maidir le gnéithe rialaithe teorann; ag athdhearbhú thacaíocht na Parlaiminte laistigh den phróiseas sin; ag meabhrú na ráiteas a rinneadh ag cruinniú den Choiste um Rialú Buiséadach an 13 Iúil 2022 ag rá, ar bhreathnú siar ar chúrsaí, go raibh an luas a bhí ag dul i méid go gasta a éilíodh le sainordú nua na Gníomhaireachta ina chúis le deacrachtaí a measadh faoina luach, rud a d’fhág moilleanna ar earcaíocht go háirithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil an chomhéifeacht cheartúcháin atá ann faoi láthair ina cúis le deacrachtaí tromchúiseacha maidir le foireann cháilithe agus éagsúlaithe a mhealladh agus á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcomhéifeacht cheartúcháin sin agus réaltacht an chostais maireachtála á cur san áireamh chun cothromaíocht gheografach laistigh den Ghníomhaireacht a fheabhsú; | 
| 5. | á thabhairt chun suntais go raibh ról méadaithe ag an nGníomhaireacht i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, gur síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive (2) agus an cúnamh a tugadh do Chísineá chun sreabha imirce a bhainistiú; | 
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
| 6. | ag meabhrú bhreathnóireacht na Cúirte Iniúchóirí (an “Chúirt”) maidir le gealltanas buiséadach sealadach EUR 18 000 000 a thabhairt anonn chun imscaradh allamuigh a ullmhú in 2021 a raibh gealltanas dlíthiúil in easnamh ina leith; ag cur sonrú sna bearta feabhais a rinne an Ghníomhaireacht, lena ndírítear ar an gcreat rialála a shoiléiriú, ar ról níos fearr a thabhairt do sheirbhís airgeadais na Gníomhaireachta agus d’fhoireann oiliúna na Gníomhaireachta, ach gan an méid lena mbaineann a scaoileadh isteach i mbuiséad an Aontais; á mheas gur cheart an gealltanas buiséadach sealadach a chur ar ceal, seachas é a thabhairt anonn; á iarraidh ar an gCúirt meastóireacht a dhéanamh ar chinneadh na Gníomhaireachta gan an gealltanas a chur ar ceal; | 
| 7. | á athdhearbhú gur cúis imní di gur úsáid stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, de shárú ar an Rialachán Airgeadais, eitleán príobháideach an 4 Márta 2020, rud a chosain EUR 8 500 ar an nGníomhaireacht; | 
Coinníollacha a ceapadh le haghaidh urscaoileadh 2019
| 8. | ag cur sonrú sa tuarascáil ón nGníomhaireacht maidir le cur chun feidhme na seacht gcoinníoll a ceapadh le haghaidh urscaoileadh 2019 na Gníomhaireachta; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, go dtuairiscítear nach bhfuil ach cúig cinn de na seacht gcoinníoll curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil roinnt coinníollacha fós ann nár comhlíonadh ina n-iomláine; | 
| 9. | á chur in iúl gur oth léi go bhfuil earcú 40 monatóir ar chearta bunúsacha (FRManna) ar cheann de na coinníollacha nár comhlíonadh go fóill: amhail an 1 Meitheamh 2022, bhí 31 FRM i mbun seirbhíse, agus triúr eile le dul i mbun oifige an 1 Meán Fómhair 2022; á thabhairt chun suntais, de réir Airteagal 110(6) de Rialachán (AE) 2019/1896, go raibh sé d’oibleagáid ar an nGníomhaireacht 40 FRM ar a laghad a earcú faoin 5 Nollaig 2020; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé suite ag an Meitheal um Ghrinnscrúdú Frontex go raibh moill gan ghá ar earcú FRManna ag stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta roimhe seo, agus go míníonn an Ghníomhaireacht gur mar gheall ar nósanna imeachta fada earcaíochta in institiúidí an Aontais a tharla an mhoill; ag aithint an dul chun cinn a rinne an Ghníomhaireacht le déanaí maidir le hearcaíocht agus á chur in iúl gur geal léi an méadú ar líon na FRManna ó 40 go 46; á thabhairt chun suntais go soláthraítear le Rialachán (AE) 2019/1896 an creat le haghaidh méaduithe breise ar líon na FRManna de réir mar a mhéadaíonn an Ghníomhaireacht, agus gurb é an 40 FRM tosaigh an tairseach seachas an uasteorainn; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an athuair go ndéanfaidh sí gach earcaíocht amach anseo agus ceapadh FRManna ar leibhéal AD; ag aithint thiomantas na Gníomhaireachta na FRManna eile a earcú a luaithe is féidir; ag tabhairt dá haire gur aontaigh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha (FRO) leis an nós imeachta; | 
| 10. | á chur in iúl gur oth léi nach ndearna an Ghníomhaireacht meastóireacht ar a gníomhaíochtaí sa Ghréig, cé go léiríonn na tuarascálacha ó institiúidí na mBallstát, ó Chomhairle na hEorpa, agus ó na Náisiúin Aontaithe go raibh oibríochtaí oibríochtaí comhpháirteacha faireachais teorann á ndéanamh ag an nGníomhaireacht i ranna ina raibh sáruithe ar chearta bunúsacha á ndéanamh ag an am céanna; á chur in iúl gur oth léi gur thug an t-údarás um urscaoileadh aghaidh ar an ábhar sin ina chéad tuarascáil urscaoilte 2020 maidir leis an nGníomhaireacht, ach nár chuir an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis shubstaintiúil ar fáil maidir leis an gcaoi a bhfuil sé i gceist aici obair leantach a dhéanamh ina leith sin; ag cur béim ar a phráinní atá an t-ábhar sin i bhfianaise na bhforbairtí sa Ghréig; ag tathant ar an nGníomhaireacht meastóireacht chríochnúil a dhéanamh a luaithe is féidir agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil cothrom le dáta; | 
| 11. | á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil athbhreithniú déanta ag an nGníomhaireacht go fóill ar an nós imeachta caighdeánach oibriúcháin le haghaidh tuarascálacha um theagmhais thromchúiseacha; ag tabhairt dá haire go raibh sé sin beartaithe ar dtús don dara ráithe de 2022 ach gur cuireadh moill air sin, de réir na Gníomhaireachta mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, go dtí an tríú ráithe de 2022; | 
| 12. | á chur in iúl gur oth léi gur coinníoll eile nár comhlíonadh fós é an iarraidh ar an nGníomhaireacht a gníomhaíochtaí a bhaineann le tacaíocht san Ungáir a chur ar fionraí, gan gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/1896 agus i gcomhréir leis na conclúidí ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) maidir le nósanna imeachta um shárú i gcoinne na hUngáire; ag tabhairt dá haire go n-áitíonn an Ghníomhaireacht, in ionad na gníomhaíochtaí a bhaineann le tacaíocht a chur ar fionraí, go nglacann sí bearta coimirce breise chun dearbhú a fháil ó údaráis na hUngáire gur urramaíodh cearta bunúsacha, agus go ndéanann sí dlúthfhaireachán air sin a bhfuil tacaíocht á tabhairt dó ag an argóint a chuir an Coimisiún in iúl i gcruinniú an Choiste um Rialú Buiséadach an 13 Iúil 2022 go lamhálann láithreacht na Gníomhaireachta san Ungáir don Ghníomhaireacht faireachán agus rialú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar chearta bunúsacha i gcoinne dídeanaithe nó iarrthóirí tearmainn ag údaráis na hUngáire ag an teorainn; á chur i bhfios go láidir gur cheart an láithreacht sin a theorannú do ghníomhaíochtaí faireacháin agus á thabhairt chun suntais nach mór don Ghníomhaireacht staonadh ó bheith rannpháirteach in aon oibríochtaí arna rialú ag forálacha na reachtaíochta náisiúnta a mheas an Chúirt Bhreithiúnais a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais go dtí go mbeidh na forálacha sin go léir i gcomhréir leis an acquis communautaire ag tabhairt dá haire go gcuireann FRO na Gníomhaireachta i bhfáth go bhféadfadh tacaíocht leanúnach na Gníomhaireachta san Ungáir a bheith ina cúis le sárú phrionsabal an non-refoulement, agus á mholadh go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí a bhaineann le tacaíocht san Ungáir ar fionraí, agus go gcuirfeadh sí isteach le coimircí breise dá leanfadh an Ghníomhaireacht, mar sin féin, d’fhaireachán a dhéanamh ar na hoibríochtaí sin, go háirithe i gcomhthéacs staid fhoriomlán an smachta reachta san Ungáir; á iarraidh an athuair ar an nGníomhaireacht, sa chomhthéacs sin, a cuid gníomhaíochtaí tacaíochta eile go léir san Ungáir a chur ar fionraí; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, go bhfuil dul chun cinn déanta ag an nGníomhaireacht trí na Nósanna Imeachta mionsonraithe maidir le hOibriúcháin Chaighdeánacha a ghlacadh d’Airteagal 46, i bhfoirm cinneadh ó stiúrthóir feidhmiúcháin i mí Eanáir 2022; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme trí chloí leis na caighdeáin is airde maidir le cearta bunúsacha a urramú; | 
| 13. | á chur in iúl go bhfuil sí tagtha ar an tátal go bhfuil an chuid is mó de na coinníollacha a cheap an t-údarás um urscaoileadh curtha chun feidhme ar bhealach sásúil ag an nGníomhaireacht, ach nach bhfuil cur chun feidhme iomlán na gcoinníollacha sin go léir bainte amach fós agus go bhfuil coinníollacha tábhachtacha gan chomhlíonadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht gníomhú go pras agus na coinníollacha atá fágtha a chomhlíonadh; á chur i bhfáth gur gné ríthábhachtach é na coinníollacha sin a chomhlíonadh arna meas ag an údarás um urscaoileadh chun urscaoileadh a dheonú don bhliain airgeadais 2020; | 
| 14. | á athdhearbhú, uair amháin eile, nach mór don mhéadú suntasach atá tagtha ar inniúlachtaí agus ar bhuiséad na Gníomhaireachta le blianta beaga anuas a bheith ag gabháil le méadú comhfhreagrach ar chuntasacht agus ar thrédhearcacht; á chur i bhfáth go bhfuil deonú urscaoilte maidir le cur i bhfeidhm bhuiséad na Gníomhaireachta ag brath ar a leithéid de chuntasacht agus de thrédhearcacht, agus go háirithe ar thiomantas na Gníomhaireachta do dhlí an Aontais; | 
An tuarascáil ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)
| 15. | ag tabhairt dá haire go ndearna OLAF agus bord bainistíochta na Gníomhaireachta leagan anaithnidithe de thuarascáil chríochnaitheach OLAF maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta atá ar fáil; ag tabhairt dá haire nár cuireadh an leagan anaithnidithe sin ar fáil ach do Chomhaltaí an Choiste um Rialú Buiséadach agus don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile; á mheabhrú gur mheas an t-údarás um urscaoileadh gur ghá rochtain a fháil ar an tuarascáil sin chun cinneadh láneolasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh 2020; á chur in iúl gur oth léi an mhoill fhada atá ann rochtain a thabhairt ar an tuarascáil sin a chuir bac ar shaincheart grinnscrúdaithe na Parlaiminte; á chur i bhfios, thairis sin, gur ábhar leasa phoiblí iad torthaí thuarascáil OLAF; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé soiléirithe faoi láthair gurb é OLAF úinéir na tuarascála agus gur dúnadh gach cás atá ar feitheamh a leanann as torthaí na tuarascála; | 
| 16. | ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh a dhaingnítear sa tuarascáil deiridh na hábhair imní thromchúiseacha a ardaíodh ar bhonn chur i láthair páirteach na dtorthaí ón tuarascáil chríochnaitheach a rinneadh i gcruinniú den Choiste um Rialú Buiséadach an 28 Feabhra 2022; á chur in iúl gur cúis mhór imní di torthaí an imscrúdaithe agus méid an mhí-iompair thromchúisigh agus neamhrialtachtaí eile arna sainaithint ag OLAF, chomh maith leis an leibhéal ar a ndearnadh iad; á chur in iúl gur ábhar díomá di amach agus amach, sa chomhthéacs sin, iompar agus gníomhaíochtaí na ndaoine lena mbaineann a thuairiscítear sna torthaí agus an easpa cuntasachta; ag tabhairt dá haire ó na ráitis ó Chathaoirleach bhord bainistíochta na Gníomhaireachta ag an gcruinniú den Choiste um Rialú Buiséadach an 13 Iúil 2022 go bhfuil gníomhaíochtaí déanta don obair leantach ar chonclúidí OLAF sa tuarascáil deiridh; á mheas, i ndáil leis an méid sin, gur cheart gníomhaíochtaí tromchúiseacha feabhais a dhéanamh agus go dtógfaidh sé am na fadhbanna a d’aimsigh OLAF a réiteach agus go mbeidh gá le rannpháirtíocht láidir go háirithe ón stiúrthóir feidhmiúcháin nua lena bhfuiltear ag súil; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an athuair treochlár mionsonraithe maidir leis an gcaoi a bhfuil sé i gceist aige na hábhair imní atá fós gan réiteach a chomhlíonadh, mar aon le hamchlár soiléir agus mionsonraithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin; á mheabhrú gur athdhearbhaigh OLAF, le linn chruinniú an Choiste um Rialú Buiséadach an 13 Iúil 2022, nach bhfuil aon impleachtaí airgeadais ná tásca maidir le sáruithe ar bhainistíocht fhónta airgeadais sa tuarascáil chríochnaitheach; á mheabhrú go raibh an t-imscrúdú dírithe ar líomhaintí mí-iompair agus neamhchomhlíonadh nósanna imeachta ag an mbainistíocht shinsearach; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil na conclúidí a tíolacadh i dtuarascáil chríochnaitheach OLAF maidir leis an imscrúdú a rinneadh i ndáil le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, faoin iarcheannaireacht feidhmiúcháin, an-tromchúiseach agus ábhartha don nós imeachta urscaoilte don bhliain 2020; á mheabhrú go bhfuiltear ag súil go gcuirfear dhá thuarascáil bhreise OLAF i láthair in 2022 i ndáil leis an nGníomhaireacht; á iarraidh go mbeidh rochtain láithreach ag na Feisirí ar na tuarascálacha críochnaitheacha sin a luaithe a bheidh siad tugtha chun críche, chomh maith le rochtain ag foireann feidhmiúcháin uile na Gníomhaireachta ar gá dóibh rochtain a fháil ar na tuarascálacha sin chun a áirithiú go gcuirfear buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme i gceart amach anseo; | 
Athrú sa Ghníomhaireacht
| 17. | ag aithint agus á chur in iúl gur geal léi an t-athrú dearfach ar stíl bhainistíochta a thug isteach an stiúrthóir feidhmiúcháin gníomhach a thug gealltanas cultúr eagraíochtúil na Gníomhaireachta a athrú, cur chuige foireannbhunaithe a chur chun cinn le ceannaireacht chomhairleach agus chuimsitheach, áit nach bhfuil eagla ar dhaoine labhairt amach faoi aon éagóir a d’fhéadfadh a bheith ann, le tacaíocht iomlán ón mbord bainistíochta agus ón FRO; á chur in iúl gur geal léi go háirithe tiomantas an stiúrthóra feidhmiúcháin ghníomhaigh don trédhearcacht agus ag dréim leis go ndéanfar céimeanna cinntitheacha chun na gealltanais sin a chomhlíonadh; á chur in iúl gur geal léi an ról dearfach atá ag Cathaoirleach nua an bhoird bainistíochta agus rannchuidiú tábhachtach an FRO, a chuir feabhas ar an gcomhar agus ar an gcumarsáid sa Ghníomhaireacht agus a neartaigh an comhar agus an chumarsáid sin; ag cur sonrú freisin sna barúlacha ó Chathaoirleach an bhoird bainistíochta, agus ó Leas-Ardstiúrthóir an Choimisiúin um Imirce agus Gnóthaí Baile go léirítear sa tuarascáil lochtanna na ndaoine aonair lena mbaineann, agus nach bhfuil aon saincheist struchtúrach ann; á athdhearbhú go raibh imscrúdú OLAF teoranta do mhí-iompar agus do neamhchomhlíonadh nósanna imeachta ag daoine aonair agus á chur i bhfáth go bhfuil gá go ndéanfadh an t-údarás um urscaoileadh anailís níos doimhne chun measúnú a dhéanamh ar chineál beacht na dteipeanna a sainaithníodh chun a áirithiú nach bhfuil aon fhadhbanna struchtúracha ann; 
 
 
 
 | 
| 18. | ag aithint gur saincheisteanna oidhreachta iad na fadhbanna ar fad atá os comhair na Gníomhaireachta agus gur gá do cheannaireacht reatha na Gníomhaireachta agus don cheannaireacht a bheidh aici amach anseo teacht ar bhealach chun déileáil leis na saincheisteanna sin chun cabhrú leis an nGníomhaireacht dul chun cinn a dhéanamh; ag cur béim ar an bhfíoras, má aithníonn ceannaireacht reatha na Gníomhaireachta é sin, agus go bhfuil sé mar aidhm aici aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin, go bhfuil tacaíocht iomlán an údaráis um urscaoileadh ag an nGníomhaireacht; á chur i bhfáth gur cheart gurbh é a bheadh i raon feidhme an Choimisiúin agus bhord bainistíochta na Gníomhaireachta araon aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile, chun tús nua agus úr a chur ar bun, agus chun cosc a chur ar an nGníomhaireacht leanúint de bheith ag teip cearta bunúsacha a urramú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta anailís chríochnúil a dhéanamh ar na hábhair sin go léir agus iad a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; á chur i bhfios go láidir go ndéanfar leis na timthriallta urscaoilte a bheidh ann amach anseo breithniú go dáiríre ar na gnéithe uile a luaitear thuas; | 
| 19. | ag tathant go dtabharfaí rochtain do bhainistíocht feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an stiúrthóir feidhmiúcháin gníomhach, na leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin agus an FRO, rochtain ar ábhar thuarascáil deiridh OLAF agus í a léamh i bhfianaise a ríthábhachtachaí atá sí chun go n-áiritheofaí buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme i gceart agus rialáil cheart sa todhchaí; á iarraidh ar bhord bainistíochta agus ar bhainistíocht feidhmiúcháin na Gníomhaireachta athmheasúnú cúramach a dhéanamh ar inneachar thuarascáil chríochnaitheach OLAF agus aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaítear inti; á iarraidh go háirithe ar bhainistíocht feidhmiúcháin na Gníomhaireachta athbhreithniú a dhéanamh ar na conclúidí maidir le teagmhais a scrúdaigh an bord bainistíochta i ndáil le cearta bunúsacha a bheith á gcomhlíonadh acu, i bhfianaise ceilt thuairiscithe faisnéise don bhord bainistíochta mar a thuairiscigh na meáin, agus maidir le comhroinnt faisnéise laistigh den Ghníomhaireacht agus idir an Ghníomhaireacht agus an Pharlaimint; ag tathant ar an nGníomhaireacht agus ar an gCoimisiún aon saincheisteanna struchtúracha a bhaineann le hoibríochtaí díreacha na Gníomhaireachta agus le maoirseacht a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, agus a áirithiú nach dtarlóidh cásanna comhchosúla riamh arís; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an nGníomhaireacht an t-údarás urscaoilte a chur ar an eolas faoin gcaoi a dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin; | 
Tuarascáil Speisialta 08/2021 ó Chúirt na nIniúchóirí
| 20. | ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht cur chun feidhme Mholadh 5 de Thuarascáil Speisialta 08/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (spriocdháta ag deireadh 2021), ach go bhfuil sí ag cur siar an spriocdháta do chur chun feidhme Mholadh 1, maidir le feabhas a chur ar an gcreat malartaithe faisnéise agus ar an léargas ar dhálaí Eorpacha, faoi níos mó ná bliain ó lár 2022 go dtí an tríú ráithe agus an ceathrú ráithe de 2023; ag tabhairt dá haire cur chun feidhme leanúnach/páirteach Mholtaí 2, 3 agus 4 agus ag moladh don Ghníomhaireacht cloí leis an spriocdháta maidir lena gcur chun feidhme faoi dheireadh 2022; | 
Trédhearcacht
| 21. | ag meabhrú chinneadh an Ombudsman Eorpaigh ina fhiosrúchán féintionscnaimh maidir le hoibleagáidí ceart bunúsach; ag cur sonrú sa chonclúid ón Ombudsman gur cheart don Ghníomhaireacht cur chuige níos réamhghníomhaí i leith na trédhearcachta a áirithiú, lena n-áirítear trí dhoiciméid a fhoilsiú a bhfuil gá leo chun tuiscint a fháil ar róil agus freagrachtaí faoi seach na ngníomhaithe a bhfuil baint acu lena cuid oibríochtaí; ag tabhairt dá haire nach féidir leis an nGníomhaireacht faisnéis de chineál oirbheartaíoch a chomhroinnt a bhféadfaí mí-úsáid a bhaint aisti chun gáinneáil ar dhaoine nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanamh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht moltaí an Ombudsman a chur chun feidhme; á mholadh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht cód iompair nua a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n-áiritheofar trédhearcacht iomlán agus dea-bhainistiú agus go gcoinneodh an Ghníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin; | 
| 22. | ag tabhairt dá haire gur glacadh rialacha speisialta chun neamhspleáchas an oifigigh um chearta bunúsacha a ráthú, mar aon le straitéis agus plean gníomhaíochta um chearta bunúsacha a tharraingt suas; | 
| 23. | ag tabhairt dá haire go bhfuil freagrachtaí comhroinnte ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit maidir le hoibleagáidí maidir le cearta bunúsacha a chomhlíonadh; ag tathant ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit struchtúir comhair, comhroinnte faisnéise agus malartú dea-chleachtas a fhorbairt níos mó; | 
| 24. | ag cur sonrú sa toradh a bhí ar chruinniú urghnách bhord bainistíochta na Gníomhaireachta a tionóladh an 27 Iúil 2022; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an bord bainistíochta gníomhaíochtaí dearfacha chun feabhas a chur ar fheidhmiú struchtúr riaracháin inmheánach na Gníomhaireachta agus ar Straitéis nuashonraithe Chumarsáide Seachtraí Frontex; á roinnt leis an mbord bainistíochta gur ábhar imní é an leibhéal méadaitheach foréigin ag na teorainneacha seachtracha di; ag dréim leis go gcuirfidh an Ghníomhaireacht na moltaí ón oifigeach um chearta bunúsacha chun feidhme mar a leagtar amach iad ina thuarascáil bhliantúil 2021; | 
Cosaint sonraí
| 25. | ag cur sonrú, agus é ina ábhar mór imní di, sna tuarascálacha ó na meáin ó mhí Iúil 2022 ina léirítear gur shaothraigh an Ghníomhaireacht leathnú ar bhailiú ionsáite sonraí ó imircigh faoi chlár PeDRA; á chur cur in iúl gur ábhar imní di, thairis sin na tuairiscí gur thug an tOifigeach Cosanta Sonraí rabhadh arís agus arís eile nach féidir an leathnú sonraí sin a bhaint amach gan dlí an Aontais a shárú agus mhol sí go ndéanfaí comhairliúchán leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS); á chur in iúl gur cúis imní di freisin na tuarascálacha lena gcinntear go ndearna an Ghníomhaireacht neamhaird ar an gcomhairle sin ar dtús agus gur lean sí ar aghaidh leis an leathnú sonraí sin; á chur in iúl gur geal léi, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag an nGníomhaireacht, gur lean an Ghníomhaireacht ar aghaidh, tar éis di tuairimí MECS a fháil maidir le rialacha próiseála sonraí, cinntí an bhoird bainistíochta a athdhréachtú le hOifigeach Cosanta Sonraí na Gníomhaireachta chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, agus go leanfadh rialacha nua barúlacha MECS go dícheallach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht stádas reatha an ábhair sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi na céimeanna a bheidh ann amach anseo i bhforbairt an chláir sin; | 
Cásanna ciaptha
| 26. | á mheabhrú gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht gur tugadh fógra di maidir le 17 gcás de ghnéaschiapadh líomhnaithe in 2020; ag tabhairt dá haire, ón obair leantach a rinne an Ghníomhaireacht ar an gcéad cheann de thuarascálacha urscaoilte 2020, gur osclaíodh dhá cheann de na 17 gcás sin mar nósanna imeachta neamhfhoirmiúla faoi lámhleabhar nósanna imeachta na Gníomhaireachta do chomhairleoirí rúnda; á chur in iúl gur saoth léi gur dúnadh na 15 chás eile gan tuilleadh bearta leantacha a dhéanamh; á thabhairt chun suntais gur cheart béim ar leith a leagan ar chiapadh gnéasach a shainaithint, a thuairisciú agus a chomhrac, go háirithe i bhfianaise tuairisciú sceithirí ar chásanna líomhnaithe den sórt sin; á chur in iúl gur geal léi na ráitis ón stiúrthóir feidhmiúcháin gníomhach sa chruinniú den Choiste um Rialú Buiséadach ag rá go bhfuil an Ghníomhaireacht fós ar an airdeall sa réimse sin agus go ndearnadh bearta breise chun a áirithiú go ndéileálfaí go cuí le gach cás; á chur in iúl gur geal léi tiomantas an stiúrthóra feidhmiúcháin ghníomhaigh fanacht ar an airdeall agus bearta breise a dhéanamh sa réimse sin; á chur in iúl gur cúis mhór imní di gur chuir comhalta den fhoireann lámh ina bhás féin, rud a bhain le cleachtais líomhnaithe an chiaptha gnéis, a luaitear sa phlé idir oifigigh na Gníomhaireachta agus Feisirí atá rannpháirteach i misean an Choiste um Rialú Buiséadach chun na Polainne i mí Iúil 2022 agus á chur in iúl gur geal léi athoscailt an cháis sin ag an gceannaireacht feidhmiúcháin nua; á iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin go ndéanfadh sé imscrúdú iomlán agus mionsonraithe ar an gcás sin atá thar a bheith tromchúiseach agus imníoch, an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thorthaí an imscrúdaithe sin agus comhoibriú iomlán a dhéanamh le húdaráis imscrúdaithe choiriúla sa phróiseas; á iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin go ndéanfadh sí imscrúdú críochnúil ar chur chun feidhme na nósanna imeachta atá ann cheana i gcoinne an chiaptha gnéis, comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis ábhartha go léir agus go dtabharfadh sí tuairisc don údarás um urscaoileadh maidir leis na torthaí agus go dtíolacfadh sí plean gníomhaíochta mionsonraithe ina mbeidh bearta lena n-áirithítear neamhfhulaingt i leith gnéaschiapadh ina ghníomhaíochtaí riaracháin agus oibríochtúla araon; á iarraidh ar an nGníomhaireacht comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis ábhartha uile sa phróiseas agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi na torthaí; | 
| 27. | ag moladh fhoireann na Gníomhaireachta, a bhfuil tréimhse an-deacair curtha di, agus dúshláin roimpi a ndearna an stiúrthóir feidhmiúcháin gníomhach ráitis ina leith i gcruinniú den Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 30 Bealtaine 2022; á chur i bhfios go háirithe maidir le láimhseáil an iar-FRO ar chuir iarbhainistíocht feidhmiúcháin na Gníomhaireachta bac ar a chuid oibre thar na blianta, mar a thuairiscigh na meáin; á iarraidh ar bhainistíocht feidhmiúcháin na Gníomhaireachta agus ar an mbord bainistíochta leanúint d’áit shábháilte oibre a spreagann daoine labhairt amach a dhéanamh den Ghníomhaireacht; á chur in iúl gur údar misnigh di na ráitis gur thuairiscigh go leor de na comhaltaí foirne bearta éagóireacha a chonaic siad do na hoifigigh os a gcionn agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht a áirithiú go ndéileálfar ar bhonn dáiríre le gach comhartha maidir le mí-iompar gairmiúil, agus go ndéanfar obair leantach chuí ina leith; á áitiú gur gá oiliúint éigeantach a bheith ann maidir le ciapadh sóisialta don bhainistíocht agus don fhoireann uile; | 
| 28. | ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. | 
(1) Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).
| 14.2.2023 | GA | Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh | L 45/22 | 
CINNEADH (AE) 2023/327 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 18 Deireadh Fómhair 2022
maidir le dúnadh chuntais na Ghníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,
| — | ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, | 
| — | ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), | 
| — | ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, | 
| — | ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 – C9-0101/2022), | 
| — | ag féachaint do chinneadh uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) lena gcuirtear siar an cinneadh i dtaobh urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, | 
| — | ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, | 
| — | ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (4), agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de, | 
| — | ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (5), agus go háirithe Airteagal 116 de, | 
| — | ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de, | 
| — | ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, | 
| — | ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, | 
| — | ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0235/2022), | 
| 1. | ag meabhrú nach mór togra maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2020 a thíolacadh ag páirtseisiún ina dhiaidh seo; | 
| 2. | á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). | 
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(3) IO L 258, 5.10.2022, lch. 406.
(4) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
| 14.2.2023 | GA | Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh | L 45/24 | 
CINNEADH (AE) 2023/328 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 22 Samhain 2022
maidir le dúnadh na gcuntas don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,
| — | ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, | 
| — | ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an AE don bhliain airgeadais 2020, agus d’fhreagraí na gníomhaireachtaí (1), | 
| — | ag féachaint don ráiteas urrúis (2) maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart arna soláthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, | 
| — | ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le deonú don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 – C9-0101/2022), | 
| — | ag féachaint do chinneadh uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) lena ndéantar an cinneadh i dtaobh urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 a chur ar atráth, agus freisin do na freagraí ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, | 
| — | ag féachaint do chinneadh uaithi an 18 Deireadh Fómhair 2022 (4) lena ndiúltaítear urscaoileadh a dheonú do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2020, | 
| — | ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, | 
| — | ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagal 70 de, | 
| — | ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (6), agus go háirithe Airteagal 116 de, | 
| — | ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoin CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus go háirithe d’Airteagal 105 de, | 
| — | ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, | 
| 1. | ag formheas dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2020; | 
| 2. | á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). | 
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(3) IO L 258, 5.10.2022, lch. 406.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0362.
(5) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.