ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 44

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
14 Feabhra 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/330 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2022 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC)

1

 

 

RIALACHA NÓS IMEACHTA

 

*

Leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta

8

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

14.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 44/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/330 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Samhain 2022

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 45, pointí (a) go (e), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún (2), déantar foráil maidir le ceanglais bhreise le haghaidh dearadh na n-idirghabhálacha atá le sonrú i bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát. Is gá roinnt de na ceanglais sin a shoiléiriú agus a cheartú chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do na Ballstáit agus do na tairbhithe maidir le dearadh agus cur chun feidhme a bPleananna Straitéiseacha CBT agus cineálacha idirghabhála.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na costais bhreise a thabhaítear agus an t-ioncam a tharscaoiltear de thoradh na n-idirghabhálacha a bhaineann le cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide a cuireadh chun feidhme, agus an caiteachas a bheidh le cumhdach á chinneadh. Ós rud é go gcumhdaítear costas iomlán an chaiteachais i gcás infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe agus, dá bhrí sin, nach ann do chostais dhifreálacha, ní chuirfear na hinfheistíochtaí sin san áireamh agus an caiteachas atá le cumhdach mar thoradh ar idirghabhálacha a bhaineann le cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide á chinneadh.

(3)

Le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126, liostaítear cuspóirí na n-idirghabhálacha cur chun cinn, cumarsáide agus margaíochta, orthu sin tá cur le feasacht tomhaltóirí ar bhrandaí nó trádmharcanna eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí trasnáisiúnta tomhaltóirí, comhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí. Ba cheart síneadh a chur leis na hidirghabhálacha sin chuig fochuideachtaí na n-eagraíochtaí sin mar a fhoráiltear sa chóras roimhe sin faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún (3).

(4)

Ina theannta sin, ba cheart cuspóir nua a chur leis an liosta cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 chun na cuspóirí sonracha agus earnála a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (i), agus Airteagal 46, pointe (i), faoi seach, de Rialachán (AE) 2021/2115 a áireamh.

(5)

Thairis sin, ba cheart a shoiléiriú i mír ar leithligh d’Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 go bhfuil feidhm ag an oibleagáid suaitheantas an Aontais agus an ráiteas cistiúcháin a thaispeáint maidir le cur chun cinn cineálach agus cur chun cinn scéimeanna cáilíochta. Is gá, dá bhrí sin, téacs nua a chur in ionad Airteagal 14 ina iomláine.

(6)

A mhéid a bhaineann le hidirghabháil “glasbhuainte” dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126, go contrártha leis an méid dá bhforáiltear i mír 8, pointe (b), den Airteagal sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na táirgí buainte a dhínádúrú ionas nach mbeidh siad ag dul isteach sa slabhra margaidh arís. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhoráil sin a leasú dá réir.

(7)

Chun bainistiú sábháilte agus fónta chistí an Aontais a ráthú, tá sé iomchuí foráil a dhéanamh gur cheart íocaíocht na tacaíochta a bheith bunaithe ar chostais réasúnacha iarbhír arna dtabhú ag an tairbhí. Ba cheart Airteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 a leasú dá réir sin.

(8)

Ós rud é go bhféadfadh roinnt idirghabhálacha rannchuidiú le cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide nó le cuspóirí taighde, forbartha nó modhanna táirgthe inbhuanaithe agus le cuspóirí eile chomh maith, ní mór a shoiléiriú conas a mheasfaidh na Ballstáit go bhfuil na hidirghabhálacha sin nasctha go heisiach leis na cuspóirí sin agus tá siad leis na hidirghabhálacha a áireamh mar rannchuidiú leis an 15 % agus an 2 % de chaiteachas atá nasctha le cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide nó le cuspóir taighde, forbartha nó modhanna táirgthe inbhuanaithe. Chun críoch simplithe, ba cheart caiteachas atá nasctha le hidirghabhálacha a rannchuidíonn go mór agus go díreach le cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide a mheas mar chaiteachas a rannchuidíonn go heisiach leis na cuspóirí sin. Ba cheart Airteagal 22(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 a leasú dá réir sin.

(9)

Chun soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirfidh na Ballstáit rannchuidiú na n-idirghabhálacha leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 46, pointí (a) go (k), de Rialachán (AE) 2021/2115 agus in Airteagal 57, pointí (a) go (k), den Rialachán sin a áireamh, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos i leith na tréimhse a bheidh le meas. Dá bhrí sin, ba cheart mír nua a chur isteach in Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126.

(10)

A mhéid a bhaineann leis an gcaiteachas arna íoc ar chostais riaracháin agus ar chostais phearsanra, déantar foráil go mícheart le hAirteagal 23(1), an cúigiú fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 maidir le teorainn 50 % den chostas foriomlán maidir le “bearta agus gníomhaíochtaí margaíochta”. Dá bhrí sin, ba cheart an fhoráil sin a cheartú dá réir.

(11)

In Airteagal 26(1) agus Airteagal 27(2), an tríú fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126, tá rialacha maidir le huasleibhéal an chúnaimh airgeadais ón Aontas le haghaidh aistarraingtí ón margadh, go háirithe a mhéid a bhaineann le haistarraingtí le haghaidh dáileadh saor in aisce torthaí agus glasraí próiseáilte, a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin, a dhéantar ó tháirgí a aistarraingíodh. I bhfianaise ábhair imní na mBallstát maidir le cur chun feidhme na rialacha sin, ba cheart na forálacha sin a shoiléiriú. D’fhonn aon róchúiteamh a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, ba cheart an tacaíocht airgeadais a bhunú, i measc nithe eile, ar mheánphraghas margaidh “iar-eagraíocht táirgeoirí” na dtáirgí lena mbaineann agus iad úr seachas ar an leibhéal próiseála. Ina theannta sin, níor cheart ach na costais phróiseála a chúiteamh le híocaíocht chomhchineáil as dáileadh saor in aisce táirgí a aistarraingíodh agus iad á bpróiseáil. Ba cheart costais iompair a eisiamh ag an gcéim sin ó ríomh an chúnaimh airgeadais ón Aontas le haghaidh aistarraingtí ón margadh.

(12)

Le hAirteagal 31 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126, leagtar síos rialacha maidir le luach an táirgthe mhargaithe a ríomh a mhéid a bhaineann le hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (e) agus (f), de Rialachán (AE) 2021/2115. Mar sin féin, an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 31(2), an chéad fhomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 lena gceanglaítear ar na Ballstáit a léiriú ina bPleananna Straitéiseacha CBT an chaoi a ríomhtar luach an táirgthe mhargaithe le haghaidh gach earnála, níor cheart feidhm a bheith aici maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí. Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh in Airteagal 31(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 maidir leis an bhféidearthacht luach an táirgthe mhargaithe a ríomh i gcás ina bhfuil fochuideachta faoi chomhúinéireacht ag níos mó ná eagraíocht amháin.

(13)

D’fhonn saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach idir baill d’eagraíochtaí trasnáisiúnta táirgeoirí nó de chomhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag coinníollacha agus rialacha comhionanna maidir le gach ball de na heagraíochtaí sin gan beann ar a suíomhanna geografacha. Tá sé iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh gur cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha agus na rialacha arna mbunú ag na Ballstáit ina bhfuil a ceannoifig ag an eagraíocht. Dá bhrí sin, ba cheart foráil nua a bhunú i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126.

(14)

Ba cheart méideanna arna socrú le haghaidh costais cóiriúcháin maidir le haistarraingtí margaidh le haghaidh dáileadh saor in aisce in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a mheas mar uasmhéideanna seachas mar chnapshuimeanna. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 33 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 a leasú dá réir sin.

(15)

D’fhonn a fhágáil gur féidir le scoileanna poiblí in Vitivinicultura ar saothróirí fíniúna iad freisin tairbhe a bhaint as idirghabhálacha in earnáil an fhíona, ba cheart Airteagal 40(3) a leasú dá réir.

(16)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126, liostaítear cineálacha caiteachas neamh-incháilithe maidir le hidirghabhálacha earnála dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115. Ba cheart coinníollacha a bhaineann le neamh-incháilitheacht cineálacha caiteachas áirithe a shoiléiriú chun raon feidhme na hIarscríbhinne sin a theorannú. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a leasú.

(17)

Ós rud é go leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le hidirghabhálacha earnála, ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2023, chun cothrom iomaíochta agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na Ballstáit agus do na tairbhithe lena mbaineann na hidirghabhálacha earnála sin.

(18)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 a leasú agus a cheartú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Agus an caiteachas a bheidh le cumhdach á chinneadh, cé is moite d’infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na costais bhreise a thabhaítear agus ioncam a tharscaoiltear de thoradh na n-idirghabhálacha a bhaineann le cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide a cuireadh chun feidhme, agus na spriocanna a socraíodh.”

;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

“Airteagal 14

Cur chun cinn, cumarsáid agus margaíocht

1.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha cur chun cinn, cumarsáide agus margaíochta in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil an fhíona, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird nó in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfaidh siad foráil ina bPleananna Straitéiseacha CBT go saothrófar ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas leis na hidirghabhálacha a chumhdaítear:

(a)

feasacht a mhéadú maidir le fiúntais tháirgí talmhaíochta an Aontais agus leis na caighdeáin arda is infheidhme maidir lena modhanna táirgthe san Aontas;

(b)

iomaíochas agus tomhaltas tháirgí talmhaíochta an Aontais agus táirgí próiseáilte áirithe a tháirgtear san Aontas a mhéadú agus a bpróifíl laistigh agus lasmuigh den Aontas a ardú le haghaidh earnálacha seachas earnáil an fhíona;

(c)

feasacht a mhéadú faoi scéimeanna cáilíochta an Aontais laistigh agus lasmuigh den Aontas;

(d)

sciar den mhargadh ag táirgí talmhaíochta an Aontais agus de tháirgí próiseáilte áirithe a tháirgtear san Aontas a mhéadú, ag díriú go sonrach ar na margaí i dtríú tíortha a bhfuil an acmhainneacht fáis is airde acu;

(e)

rannchuidiú, i gcás inarb ábhartha, le gnáth-dhálaí an mhargaidh a athbhunú i margadh an Aontais i gcás ina mbeadh suaitheadh tromchúiseach sa mhargadh, laghdú ar mhuinín na dtomhaltóirí nó fadhbanna sonracha eile;

(f)

feasacht a mhéadú maidir le táirgeadh inbhuanaithe;

(g)

feasacht tomhaltóirí a mhéadú maidir le brandaí agus trádmharcanna eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí agus a bhfochuideachtaí de réir bhrí Airteagal 31(7) den Rialachán seo in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí;

(h)

na margaí a éagsúlú, a oscailt agus a chomhdhlúthú le haghaidh fhíonta an Aontais i dtríú tíortha agus feasacht a mhéadú maidir le cáilíochtaí intreacha fhíonta an Aontais ar na margaí sin. Ní fhéadfar tagairt do thionscnamh fíona nó do bhrandaí fíona a úsáid ach amháin i gcás ina gcomhlánófar cur chun cinn, cumarsáid agus margaíocht fhíonta an Aontais i dtríú tíortha leis an tagairt sin;

(i)

tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir le fíon a thomhailt ar bhealach freagrach;

(j)

tomhailt torthaí agus glasraí úra nó próiseáilte a mhéadú trí fheasacht tomhaltóirí a fheabhsú maidir le haistí bia sláintiúla, saintréithe cothaitheacha an táirge, ardcháilíocht agus sábháilteacht an táirge.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh suaitheantas an Aontais ar ábhar fógraíochta le haghaidh cur chun cinn cineálach agus cur chun cinn lipéad cáilíochta agus go mbeidh an ráiteas cistiúcháin seo a leanas air: ‘Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach’. Taispeánfar suaitheantas agus ráiteas cistiúcháin an Aontais i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 821/2014 ón gCoimisiún (*1).

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 821/2014 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe i leith aistriú agus bhainistiú na ranníocaíochtaí cláir, an tuairisciú ar ionstraimí airgeadais, saintréithe teicniúla na mbeart faisnéise, cumarsáide agus infheictheachta le haghaidh oibríochtaí agus an córas chun sonraí a thaifeadadh agus a stóráil (IO L 223, 29.7.2014, lch. 7).”;"

(3)

in Airteagal 21(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le híocaíochtaí tacaíochta ar bhonn na gcostas réasúnacha iarbhír arna dtabhú ag an tairbhí, costais a léirítear le doiciméid, amhail sonraisc, a chuirfidh na tairbhithe isteach chun idirghabháil a shonraítear ina bPlean Straitéiseach CBT a chur chun feidhme.”;

(4)

Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Caiteachas a bhaineann le hidirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12 den Rialachán seo a bhfuil cuspóirí agra-comhshaoil-aeráide á saothrú acu, ach ní go heisiach, measfar iad a bheith nasctha go heisiach leis na cuspóirí sin ar choinníoll go rannchuidíonn na hidirghabhálacha sin go díreach agus go mór leis na cuspóirí sin. Déanfar an caiteachas iomlán a ríomh in aghaidh an 15 % agus an 2 % de chaiteachas faoi chláir oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 50(7), pointí (a) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, faoi seach, agus in aghaidh an 5 % de chaiteachas faoi idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 60(4) den Rialachán sin.”;

(b)

cuirtear mír 5 seo a leanas isteach:

“5.   Caiteachas atá nasctha le hidirghabhálacha dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2115 lena rannchuidítear leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 46, pointí (a) go (k), nó in Airteagal 57, pointí (a) go (k), den Rialachán sin, déanfar é a ríomh ag cur san áireamh tréimhse iomlán na gclár oibríochtúil i gcás na gcineálacha idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (d), (e) agus (f), den Rialachán sin nó gach bliain airgeadais i gcás na gcineálacha idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (c), den Rialachán sin.”

;

(5)

in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Maidir leis an gcineál idirghabhála ‘aistarraingtí ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó le haghaidh cinn scríbe eile’ dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, i ndáil leis na torthaí agus glasraí a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, costais cóiriúcháin na dtáirgí a aistarraingíodh le haghaidh dáileadh saor in aisce dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo, agus iad á gcur leis an méid tacaíochta d’aistarraingtí ón margadh, ní rachaidh siad thar 80 % de mheánphraghas margaidh ‘iar-eagraíocht táirgeoirí’ an táirge lena mbaineann ar leibhéal na céime úire sna 3 bliana roimhe sin.”

;

(6)

in Airteagal 27(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Féadfaidh na Ballstáit íocaíocht chomhchineáil a cheadú ó thairbhithe dáilte saor in aisce le próiseálaithe táirgí a aistarraingítear ón margadh agus atá á bpróiseáil, i gcás nach ndéanfar ach costais phróiseála a chúiteamh leis an íocaíocht sin agus i gcás inar ghlac an Ballstát ina ndéanfar an íocaíocht rialacha lena n-áiritheofaí go mbeidh na táirgí próiseáilte beartaithe lena gcaitheamh ag na faighteoirí deiridh dá dtagraítear sa chéad fomhír den mhír seo. Beidh feidhm ag an teorainn a leagtar síos in Airteagal 26(1). ”;

(7)

Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Déanfar luach an táirgthe mhargaithe a ríomh nuair a bheidh na táirgí úr nó ag an gcéad chéim phróiseála ar a margaítear an táirge de ghnáth, ar an mórchóir i gcás inar féidir táirgí a mhargú ar an mórchóir, agus ní áireofar leis sin an costas ar thuilleadh próiseála ná an costas ar thuilleadh cóiriúcháin ná luach na dtáirgí próiseáilte deiridh. Maidir leis na hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (e) agus (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, cuirfidh na Ballstáit in iúl ina bPleananna Straitéiseacha CBT an chaoi a ríomhtar luach an táirgthe mhargaithe le haghaidh gach earnála.”;

(b)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

i seilbh ceann amháin nó níos mó eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí nó grúpaí táirgeoirí; nó”;

(8)

i dTeideal III, Caibidil II, cuirtear isteach an Roinn seo a leanas:

Roinn 4

Cineálacha idirghabhálacha arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta agus comhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí

Airteagal 32a

Rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le cineálacha idirghabhálacha arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta agus comhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí

Na cineálacha idirghabhála faoi chláir oibríochtúla arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta agus comhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí, comhlíonfaidh siad an plean straitéiseach náisiúnta agus rialacha náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig na heagraíochta trasnáisiúnta táirgeoirí nó an chomhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 14 nó 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún (*2).

(*2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lch. 4).”;"

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

“Airteagal 33

Costais cóiriúcháin le haghaidh dáileadh saor in aisce

Maidir le caiteachas a íoc leis an eagraíocht táirgeoirí, leis an gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, leis an eagraíocht táirgeoirí thrasnáisiúnta, nó leis an gcomhlachas trasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí a bhaineann leis na costais cóiriúcháin maidir le torthaí agus glasraí a aistarraingítear ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce faoi chláir oibríochtúla, ní bheidh siad níos mó ná méid na gcostas a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír maidir le torthaí agus glasraí a aistarraingítear ón margadh i gcás ina ndéantar dáileadh saor in aisce tar éis a bpróiseála.”

;

(10)

in Airteagal 40(3), cuirtear isteach pointe (c) nua mar a leanas:

“(c)

le haghaidh idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2021/2115, arna gcur chun feidhme ag scoileanna poiblí in Vitivinicultura ar saothraithe fíniúna iad freisin.”;

(11)

in Iarscríbhinn II, leasaítear Cuid I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

“2.

Aisíoc iasachtaí a thógtar amach le haghaidh idirghabhála ar tosaíodh ar a cur chun feidhme roimh thús an chláir oibríochtúil.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):

“12.

Idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 11 nach ndéantar ar ghabháltais agus/nó ar áitribh na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, ná a gcomhaltaí ar táirgeoirí iad, ná fochuideachta, ná eintitis laistigh de shlabhra fochuideachtaí de réir bhrí Airteagal 31(7), nó atá faoi réir formheas Ballstáit, ag comharchumann atá ina chomhalta d’eagraíocht táirgeoirí.”

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126

Ceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 17(8), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

déanfar na táirgí buainte a dhínádúrú;”;

(2)

in Airteagal 23(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:

“Maidir leis na hidirghabhálacha ‘cur chun cinn, cumarsáid’ agus ‘gníomhaíochtaí cumarsáide’ dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (f), agus (2), pointe (l), de Rialachán (AE) 2021/2115 agus maidir le gníomhaíochtaí a dhéanann eagraíochtaí idirchraoibhe agus an cur chun cinn agus an chumarsáid a dhéantar i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointí (i), (j) agus (k), den Rialachán sin, ní rachaidh an caiteachas a íoctar as na costais riaracháin agus pearsanra arna dtabhú ag na tairbhithe go díreach thar 50 % de chostas foriomlán na hidirghabhála.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) (IO L 20, 31.1.2022, lch. 52).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lch. 4).


RIALACHA NÓS IMEACHTA

14.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 44/8


LEASUITHE AR RIALACHA NÓS IMEACHTA NA CÚIRTE GINEARÁLTA

Déanann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don chúigiú mír d’Airteagal 254 de,

ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

ag féachaint do Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 63 de,

 

de bhrí gur ceart an taithí a fuarthas agus na Rialacha Nós Imeachta á gcur chun feidhme a chur san áireamh chun raon feidhme cuid dá bhforálacha a shoiléiriú nó, i gcás inarb iomchuí, chun iad a fhorlíonadh nó a shimpliú, go háirithe d’fhonn bainistiú réamhghníomhach cásanna a chur chun cinn,

de bhrí, thairis sin, go bhfuil gá, de bharr chur chun feidhme an athchóirithe ar ailtireacht bhreithiúnach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a rinneadh, sa chéad áit, le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (1) agus, sa dara háit, le Rialachán (AE, Euratom) 2016/1192 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le dlínse ag an gcéad chéim a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta i ndíospóidí idir an tAontas Eorpach agus a sheirbhísigh (2), is gá na Rialacha Nós Imeachta a oiriúnú, go háirithe chun a áirithiú nach mbainfear d’éifeachtacht speisialtóireachta páirtí na nDlísheomraí arna cinneadh ag an gCúirt Ghinearálta nuair a athraítear comhdhéanamh na nDlísheomraí gach trí bliana,

de bhrí, thairis sin, gur cheart na Rialacha Nós Imeachta a leasú chun forbairtí sa reachtaíocht maidir le cosaint sonraí pearsanta daoine nádúrtha san Aontas Eorpach a chur san áireamh, go háirithe chun na socruithe chun sonraí den sórt sin a chosaint i ndáil leis an bpobal atá i bhfaisnéis a bhaineann le cásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta, uaithi féin nó ar iarratas ó pháirtí sa díospóid nó ó iarratasóir ar idiragairt,

de bhrí gurbh fhéidir, leis na socruithe a cuireadh i bhfeidhm le linn na géarchéime sláinte chun gur féidir leis na páirtithe pléadáil trí fhíschomhdháil, ceachtanna a fhoghlaim nach mór a léiriú i rialacha dlíthiúla arna leagan síos sna Rialacha Nós Imeachta,

de bhrí, ar deireadh, toisc gur bunaíodh sásra na gcásanna píolótacha agus comhéisteacht a thionól le haghaidh roinnt cásanna, arna sainaithint ag an gCúirt Ghinearálta mar bhealaí chun déileáil le cásanna áirithe ar bhealach níos éifeachtaí, is gá bunúis dlí a chur leis na Rialacha Nós Imeachta,

le comhaontú na Cúirte Breithiúnais,

le formheas ón gComhairle arna thabhairt an 18 Samhain 2022,

NA LEASUITHE SEO A LEANAS AR A RIALACHA NÓS IMEACHTA A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta an 4 Márta 2015 (3) mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 10(6) mar a leanas:

“6.   I gcásanna nach bhfuil sannta d’fhoirmíocht de chuid na Cúirte Ginearálta fós, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta na bearta eagrúcháin nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 89 a ghlacadh agus beidh de chumhacht aige na cinntí dá dtagraítear in Airteagail 66 agus 66a a ghlacadh.”

(2)

Cuirtear mír 6 le hAirteagal 27, leis an bhfoclaíocht seo a leanas:

6.   Gan dochar do na forálacha a leagtar síos i mír 5, má bhaineann cás le hábhar sonrach de réir bhrí Airteagal 25 agus mura mbeidh clabhsúr curtha leis an gcuid i scríbhinn den nós imeachta nuair a ghlacfar cinneadh na Cúirte Ginearálta maidir le sannadh Breithiúna ar Dhlísheomraí, sannfar Breitheamh is Rapóirtéir nua ó Dhlísheomra a éisteann an t-ábhar sin agus a thugann breith ina thaobh, más rud é go bhfuil an chéad Bhreitheamh is Rapóirtéir sannta do Dhlísheomra nach n-éisteann an t-ábhar sin agus nach dtugann breith ina thaobh.”

(3)

Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

Leasaítear mír 2 mar a leanas:

“2.   Féadfaidh an Dlísheomra ar os a chomhair a bheidh an cás nó féadfaidh Leas-Uachtarán nó Uachtarán na Cúirte Ginearálta, tráth ar bith le linn na n-imeachtaí, uaidh féin nó ar iarratas ó phríomhpháirtí, a mholadh don tionól iomlánach go dtarchuirfear an cás de réir mar a fhoráiltear i mír 1.”

(b)

Foráiltear i mír 3 nua mar a leanas:

3.   Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta nó Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta a mholadh don tionól iomlánach go dtarchuirfear an cás de réir mar a fhoráiltear i mír 1 go dtí go mbeidh clabhsúr curtha leis an gcuid ó bhéal den nós imeachta nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 106(3), sula dtabharfaidh an Dlísheomra a éisteann an cás breith gan an chuid ó bhéal den nós imeachta.”

(c)

Athuimhrítear míreanna 3, 4 agus 5, atá i bhfeidhm faoi láthair, mar mhíreanna 4, 5 agus 6, faoi seach.

(4)

Leasaítear Airteagal 31(3) mar a leanas:

“3.   I ndiaidh dó a bheith ainmnithe amhlaidh, éistfear an tAbhcóide Ginearálta sula ndéantar na cinntí dá bhforáiltear in Airteagail 16, 28, 45, 68, 70, 83, 87, 90, 92, 98, 103, 105, 106, 113, 126 go 132, 144, 151, 165, 168, agus 169 agus 207 go 209.”

(5)

Leasaítear Airteagal 35(3) mar a leanas:

“3.   Beidh na séalaí faoi choimeád ag an gCláraitheoir agus beidh sé freagrach as na taifid. Beidh an Cláraitheoir freagrach, i gcomhréir leis na critéir arna gcinneadh ag an gCúirt Ghinearálta, as a cuid foilseacháin na Cúirte Ginearálta, go háirithe Tuairiscí na Cúirte Breithiúnais agus as doiciméid a bhaineann leis an gCúirt Ghinearálta a scaipeadh ar an Idirlíon.”

(6)

Leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:

(a)

Leasaítear mír 1 mar a leanas:

“1.   I gcás caingne díreacha de réir bhrí Airteagal 1, roghnóidh an t-iarratasóir teanga an cháis, ach amháin:

(a)

más Ballstát nó duine nádúrtha nó dlítheanach is náisiúnach de chuid Ballstáit an cosantóir, is í teanga oifigiúil an Stáit sin a úsáidfear sa chás; má tá níos mó ná teanga oifigiúil amháin ag an Stát sin, féadfaidh an t-iarratasóir rogha a dhéanamh idir na teangacha sin;

(b)

i gcás iarratas arna dhéanamh ag institiúid de bhun aon chlásal eadrána i gconradh arna dhéanamh ag an Aontas nó thar a cheann, cibé acu faoin dlí poiblí nó faoin dlí príobháideach don chonradh sin, i gcomhréir le hAirteagal 272 CFAE, is í teanga an cháis an teanga inar tugadh an conradh i gcrích; i gcás inar dréachtaíodh an conradh i roinnt teangacha, féadfaidh an t-iarratasóir an teanga is cuí leis a roghnú;

(c)

ar iarratas ó na príomhpháirtithe i gcomhar lena chéile, féadfar a údarú go n-úsáidfear ceann eile de na teangacha a luaitear in Airteagal 44 sna himeachtaí uile nó i gcuid díobh;

(d)

ar iarratas ó cheann de na páirtithe, agus tar éis na páirtithe eile a éisteacht, féadfar a údarú, de mhaolú ar fhomhíreanna (b) (a) go (c), go n-úsáidfear ceann eile de na teangacha a luaitear in Airteagal 44 mar theanga an cháis sna himeachtaí uile nó i gcuid díobh; ní fhéadfaidh institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh iarratas den sórt sin a dhéanamh.”

(b)

Leasaítear mír 3 mar a leanas:

“3.   Gan dochar do na forálacha a leagtar síos i mír 1 (b) agus (c) agus (d),:

(a)

in achomhairc i gcoinne bhreitheanna Bhinse na Seirbhíse Sibhialta dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Reacht, is í teanga na breithe de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a ndéantar an t achomharc ina coinne an teanga a úsáidfear sa chás;

(b)

i gcás iarratais ar cheartú, iarratais go réiteofar cás ina mainnítear breith a thabhairt, iarratais ar bhreithiúnas mainneachtana a chur ar ceal, imeachtaí tríú páirtí, iarratais ar léiriú nó ar athbhreithniú ar bhreithiúnas nó i gcás díospóidí i dtaobh na gcostas is inghnóthaithe, is í teanga na breithe lena mbaineann na hiarratais nó na díospóidí sin a úsáidfear sna himeachtaí.”

(c)

Leasaítear téacs na chéad abairte de mhír 4 mar a leanas:

“4.   Gan dochar d’fhorálacha mhír 1(b) agus (c) agus (d), in imeachtaí arna dtionscnamh i gcoinne chinntí Bhoird Achomhairc na hOifige, dá dtagraítear in Airteagal 1, maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le córas maoine intleachtúla:”

(7)

Leasaítear Airteagal 46 mar a leanas:

(a)

Leasaítear mír 2 mar a leanas:

“2.   Aon ítim a thabharfar ar aird nó a bheidh i gceangal i dteanga eile, ní foláir aistriúchán i dteanga an cháis a bheith ag gabháil léi. Mura mbeidh aistriúchán i dteanga an cháis ag gabháil le hítimí atá i gceangal le doiciméad nós imeachta, iarrfaidh an Cláraitheoir ar an bpáirtí lena mbaineann iad a chur ina gceart, má chinneann an tUachtarán, uaidh féin nó arna iarraidh sin ag páirtí, gur gá an t-aistriúchán sin ar mhaithe le seoladh cuí na n-imeachtaí. Mura ndéanfar iad a chur ina gceart, bainfear na hIarscríbhinní atá i gceist den cháschomhad.

(b)

Leasaítear mír 3 mar a leanas:

“3.   I gcás ítimí an-fhada, áfach, féadfar aistriúchán ar shleachta astu a chur ar fáil. Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta, áfach, uaidh féin nó ar iarratas ó pháirtí, aistriúchán níos fairsinge nó aistriúchán iomlán a éileamh tráth ar bith.”

(c)

Leasaítear mír 5 mar a leanas:

“5.   Féadfar a údarú Údaraítear do Stáit is páirtithe i gComhaontú LEE agus in Údarás Faireacháin CSTE freisin, seachas Stáit is Ballstáit, ceann de na teangacha atá luaite in Airteagal 44, de rogha ar theanga an cháis, a úsáid nuair a bheidh siad ag idiragairt i gcás os comhair na Cúirte Ginearálta. Beidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le doiciméid i scríbhinn agus ráitis ó bhéal araon. Féachfaidh an Cláraitheoir chuige go gcuirfear aistriúchán ar fáil i dteanga an cháis i ngach cás.”

(8)

Leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:

1.   Féachfaidh an Cláraitheoir chuige, ar iarratas ó aon Bhreitheamh, aon Abhcóide Ginearálta nó aon pháirtí, go ndéanfar gach rud a déarfar nó a scríobhfar le linn na n-imeachtaí os comhair na Cúirte a aistriú chuig na teangacha arna roghnú ó na teangacha a luaitear in Airteagal 44. go ndéanfar na doiciméid nós imeachta a aistriú go teanga an cháis agus, i gcás inarb iomchuí, go ceann eile de na teangacha a luaitear in Airteagal 44.

2.   Féachfaidh an Cláraitheoir chuige go ndéanfar ateangaireacht ar gach rud a déarfar le linn éisteachta go teanga an cháis agus sna teangacha eile atá luaite in Airteagal 44 a bheidh in úsáid ag na páirtithe a bheidh i láthair ag an éisteacht nó a mheasfar a bheith riachtanach i gcomhair riar éifeachtach na héisteachta.

(9)

Leasaítear Airteagal 51 mar a leanas:

(a)

Leasaítear mír 2 mar a leanas:

“2.   Ní mór don dlíodóir a bheidh ag gníomhú thar ceann páirtí nó ag cuidiú leis an deimhniú doiciméad a thaisceadh sa Chlárlann chomh maith á rá go bhfuil sé údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt de chuid Ballstáit nó de chuid Stát eile is páirtí i gComhaontú LEE. mura bhfuil doiciméad amhail sin taiscthe cheana chun cuntas rochtana e-Curia a oscailt.

(b)

Leasaítear mír 4 mar a leanas:

“4.   Mura dtaiscfear an na doiciméa id sin dá dtagraítear i míreanna 2 nó an doiciméad dá dtagraítear i mír agus 3, forordóidh an Cláraitheoir tréimhse réasúnta ina mbeidh ar an iarratasóir lena mbaineann iad a thabhairt ar aird. Mura dtabharfar na doiciméid is gá a sholáthar ar aird laistigh den tréimhse a fhorordófar, déanfaidh an Chúirt Ghinearálta breith an bhfuil an t-iarratas nó na pléadálacha i scríbhinn do-ghlactha go foirmiúil toisc nár comhlíonadh na coinníollacha sin an coinníoll atá i gceist nó an gcaithfear a mheas nach bhfuil an dlíodóir ag déanamh ionadaíocht don pháirtí lena mbaineann nó nach bhfuil sé ag tabhairt cúnamh dó.”

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs Airteagal 66, dar teideal “Anaithnideacht agus faisnéis a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí”:

“Airteagal 66

Sonraí pearsanta daoine nádúrtha a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí

1.   I gcúrsa na n-imeachtaí, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta a chinneadh, uaithi féin nó ar iarratas ó pháirtí arna thíolacadh i ndoiciméad ar leith, sloinnte agus céadainmneacha daoine nádúrtha, cibé acu an páirtithe nó tríú páirtithe iad, agus aon sonraí pearsanta eile de chuid na ndaoine nádúrtha sin, a luaitear sna doiciméid agus san fhaisnéis a bhaineann leis an gcás a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, a fhágáil ar lár.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir leis an iarratasóir ar idiragairt.

(11)

Cuirtear isteach Airteagal 66a nua, dar teideal “Sonraí seachas sonraí pearsanta daoine nádúrtha a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí” i ndiaidh Airteagal 66. Seo a leanas an téacs:

“Airteagal 66a

Sonraí seachas sonraí pearsanta daoine nádúrtha a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí

1.   Le linn na n-imeachtaí, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta a chinneadh, uaithi féin nó ar iarratas réasúnaithe ó pháirtí arna thíolacadh i ndoiciméad ar leith, sonraí seachas sonraí pearsanta daoine nádúrtha, a luaitear i ndoiciméid agus i bhfaisnéis a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, a fhágáil ar lár, má tá cúiseanna dlisteanacha ann gan na sonraí sin a nochtadh go poiblí.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir leis an iarratasóir ar idiragairt.”

(12)

Leasaítear Airteagal 69(c) mar seo a leanas:

“(c)

ar iarraidh sin ó phríomhpháirtí le comhaontú sainráite an phríomhpháirtí eile;”

(13)

Cuirtear isteach Airteagal 71a “Cásanna píolótacha” i ndiaidh Airteagal 71. Seo a leanas an téacs:

Airteagal 71a

Cásanna píolótacha

1.   Sa chás go n-ardaítear an cheist chéanna dlí i roinnt cásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta agus go measann an Chúirt Ghinearálta gur ar mhaithe le riar cuí an cheartais é nach ndéanfar na cásanna sin a láimhseáil go comhuaineach, féadfar bac a chur ar na himeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 69(c) nó (d), 70 agus 71, go dtí go dtabharfar breith ar an gcás sin arb é an ceann is oiriúnaí chun an cheist sin a scrúdú, agus aithneofar é mar chás piolótach.

2.   Sula dtabharfaidh sé breith ar an mbac gcuirfidh sé bac ar na himeachtaí, iarrfaidh an tUachtarán ar na príomhpháirtithe sna cásanna inar féidir go gcuirfear bac ar na himeachtaí a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir le haon bhac, i gcomhréir le hAirteagal 70(1), agus cuirfidh sé in iúl dóibh an cheist dlí lena mbaineann, mar aon leis an gcás a fhéadfar a aithint mar chás piolótach.

3.   Cinnfidh Uachtarán an Dlísheomra dá bhfuil an cás píolótach sannta go ndéileálfar leis an gcás sin i dtosach, i gcomhréir le hAirteagal 67(2).

4.   Tráth a atosófar na himeachtaí, beidh an fhéidearthacht ag na páirtithe sna cásanna ar cuireadh bac orthu a dtuairimí a thabhairt ar an mbreith a tugadh sa chás píolótach agus ar na hiarmhairtí atá ag an mbreith sin ar an díospóid.”

(14)

Leasaítear Airteagal 72 mar a leanas:

(a)

Scriostar mír 5.

(b)

Athuimhrítear mír 6 go mír 5.

(15)

Leasaítear Airteagal 78(4) mar a leanas:

“4.   Más duine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh é an t-iarratasóir, cuirfidh sé cruthúnas arna dhéanamh le déanaí go bhfuil stádas dlítheanach aige i dteannta an iarratais (sliocht as clár na gcuideachtaí, clár na ngnólachtaí nó clár na gcomhlachas nó aon doiciméad oifigiúil eile).”

(16)

Leasaítear Airteagal 79 mar a leanas:

“Fógrófar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh dáta taiscthe iarratas tionscanta na n-imeachtaí, ainmneacha na bpríomhpháirtithe, an t-ordú atá á lorg ag an iarratasóir agus achoimre ar na saincheisteanna dlí agus ar na príomhargóintí tacaíochta, gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 66 agus 66a.”

(17)

Leasaítear Airteagal 82 mar a leanas:

“Aon uair nach páirtí sa chás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún Eorpach, cuirfidh an Chúirt Ghinearálta cóipeanna den iarratas agus den chosaint, nó, i gcás inarb ábhartha, den phléadáil maidir le heaspa dlínse nó do-ghlacthacht, d’éagmais na n-iarscríbhinní a ghabhann leis na doiciméid sin, chun na n-institiúidí sin ionas go mbeidh siad in ann measúnú a dhéanamh an bhfuil neamhfheidhmeacht ceann dá ngníomhartha á hagairt faoi Airteagal 277 CFAE.”

(18)

Cuirtear isteach Airteagal 106a nua, dar teideal “Éisteacht chomhchoiteann na hargóinte ó bhéal” i ndiaidh Airteagal 106. Seo a leanas an téacs:

Airteagal 106a

Comhéisteacht

Má cheadaíonn na cosúlachtaí idir dhá chás nó níos mó a leithéid, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta a chinneadh comhéisteacht a eagrú do na cásanna sin.

(19)

Cuirtear isteach Airteagal 107a nua, dar teideal “Rannpháirtíocht in éisteacht trí fhíschomhdháil”, i ndiaidh Airteagal 107. Seo a leanas an téacs:

Airteagal 107a

Rannpháirtíocht in éisteacht trí fhíschomhdháil

1.   I gcás ina gcuireann cúiseanna sláinte, slándála nó cúiseanna tromchúiseacha eile bac ar ionadaí ar pháirtí páirt a ghlacadh in éisteacht i bpearsa, féadfar cead a thabhairt don ionadaí sin freastal ar an éisteacht sin trí fhíschomhdháil.

2.   Déanfar iarratas chun freastal ar an éisteacht trí fhíschomhdháil a thíolacadh i ndoiciméad ar leith, a luaithe atá cúis an bhaic ar eolas agus léireofar go cruinn ann cineál an bhaic sin.

3.   Déanfaidh an tUachtarán cinneadh maidir leis an iarratas sin a luaithe is féidir.

4.   Ní cheadófar físchomhdháil a úsáid i gcás go dtugann an Chúirt Ghinearálta breith i seomra iata de bhun Airteagal 109.

5.   Sonrófar na coinníollacha teicniúla atá le comhlíonadh chun freastal ar éisteachtaí trí fhíschomhdháil sna rialacha cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 224.”

(20)

Leasaítear Airteagal 139 mar a leanas:

“Beidh na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta saor ó tháille, ach amháin:

(a)

má tharraingíonn páirtí costais inseachanta ar an gCúirt Ghinearálta, go háirithe nuair is léir gur mí-úsáid próise atá i gceist, féadfaidh sí a ordú don pháirtí sin iad a aisíoc;

(b)

Beidh má mheasann an Cláraitheoir go bhfuil an costas a bhaineann le haon hobair chóipeála nó aistriúcháin arna déanamh ar iarratas ó pháirtí, a mhéid a mheasann an Cláraitheoir gur costas iomarcach atá ann, iarrfaidh sé arle híoc ag an bpáirtí sin é a aisíoc de réir scála táillí na Clárlainne dá dtagraítear in Airteagal 37;

(c)

i gcás teipeanna leantacha chun cloí le ceanglais na Rialacha seo nó ceanglais na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 224, teipeanna ar gá réitigh a iarraidh ina leith, iarrfaidh an Cláraitheoir aisíocaíocht beidh na costais na gcostas a bhaineann le haon láimhseáil a éilíonn an Chúirt Ghinearálta le híoc ag ar an bpáirtí lena mbaineann, ar iarratas ón gCláraitheoir, de réir scála táillí na Clárlainne dá dtagraítear in Airteagal 37.”

(21)

Leasaítear Airteagal 144(6) mar a leanas:

“6.   Má dhiúltaítear d’iarratas ar idiragairt, ní mór na cúiseanna a bhaineann leis an gcinneadh sin a lua san ordú dá dtagraítear i mír 5 agus breith a bheith ann maidir le costais an iarratais ar idiragairt, costais an iarratasóra ar idiragairt san áireamh, de bhun Airteagail 134, agus 135 agus 138.”

(22)

Leasaítear Airteagal 148(9) mar a leanas:

“9.   Mura bhfuil dlíodóir ag déanamh ionadaíocht ar son an iarratasóra ar chúnamh dlíthiúil, seirbheálfar cóip dheimhnithe den doiciméad atá le seirbheáil air tríd an bpost cláraithe, maille le foirm admhála, nó tríd an gcóip a sheachadadh go pearsanta agus admháil a fháil ina leith. Seirbheálfar na doiciméid atá le seirbheáil ar na páirtithe eile i gcomhréir le hAirteagal 80(1).”

(23)

Leasaítear Airteagal 177 mar a leanas:

(a)

Leasaítear mír 4 mar a leanas:

“4.   Más duine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh é an t-iarratasóir, cuirfidh sé cruthúnas arna dhéanamh le déanaí go bhfuil stádas dlítheanach aige i dteannta an iarratais (sliocht as clár na gcuideachtaí, clár na ngnólachtaí nó clár na gcomhlachas nó aon doiciméad oifigiúil eile).”

(b)

Leasaítear mír 6 mar a leanas:

“6.   Mura bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le mír 2, féadfaidh an Cláraitheoir tréimhse réasúnta ama a fhorordú don iarratasóir chun an t-iarratas a chur ina cheart, má fhágann na cúinsí go bhfuil údar leis. Mura bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le míreanna 2 3 go 5, forordóidh an Cláraitheoir teorainn ama réasúnta ina mbeidh ar an iarratasóir an t-iarratas a chur ina cheart. Mura gcuirfear an t-iarratas ina cheart laistigh den teorainn ama a fhorordófar, déanfaidh an Chúirt Ghinearálta breith an bhfuil an t-iarratas do-ghlactha go foirmiúil toisc nár comhlíonadh an riachtanas sin.”

(24)

Leasaítear Airteagal 178(3) mar a leanas:

“3.   Déanfar an t-iarratas a sheirbheáil ar pháirtí sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc trí e-Curia i gcás ina dtiocfaidh sé chun bheith mar pháirtí sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta de bhun Airteagal 173(2). Más institiúid le cuntas rochtana e-Curia é an páirtí sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, déanfar an t-iarratas a sheirbheáil trí e-Curia. Mura bhfuil cuntas e-Curia ag an bpáirtí sin, seirbheálfar an t-iarratas air i bhfoirm cóip dheimhnithe den iarratas arna seoladh tríd an bpost cláraithe maille le foirm admhála nó tríd an gcóip sin a sheachadadh go pearsanta agus admháil a fháil ina leith chuig an seoladh a luaitear i gcomhréir le hAirteagal 177(2) a thug an páirtí lena mbaineann chun críocha na bhfógraí a chuirfear in iúl le linn na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc nó, mura tugadh an seoladh sin, an seoladh a luaitear sa chinneadh atá faoi chonspóid ón mBord Achomhairc.”

(25)

Aisghairtear Airteagail 192 go 214.

(26)

Leasaítear teideal Theideal VI mar a leanas:

“NÓSANNA IMEACHTA TAR ÉIS BREITH A CHUR AR CEAL AR ACHOMHARC AGUS CÁS A THARCHUR AR AIS CHUN NA CÚIRTE GINEARÁLTA”

(27)

Aisghairtear Airteagail 220 go 223.

Airteagal 2

Foilseofar na leasuithe seo ar na Rialacha Nós Imeachta, atá barántúil sna teangacha dá dtagraítear in Airteagal 44 de na Rialacha Nós Imeachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm an chéad lá den dara mí i ndiaidh a bhfoilsithe.

Arna ndéanamh i Lucsamburg, an 30 Samhain 2022.

An Cláraitheoir

E. COULON

An tUachtarán

M. VAN DER WOUDE


(1)  IO L 341, 24.12.2015, lch. 14.

(2)  IO L 200, 26.7.2016, lch. 137.

(3)  IO L 105 an 23.04.2015, lch. 1, arna leasú an 13 Iúil 2016 (IO L 217 an 12.08.2016, lch. 71; IO L 217 an 12.08.2016, lch. 72; IO L 217 an 12.08.2016, lch. 73), an 11 Iúil 2018 (IO L 240 an 25.09.2018, lch. 68) agus an 31 Iúil 2018 (IO L 240 an 25.09.2018, lch. 67).