ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 43

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
13 Feabhra 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Fógra a bhaineann le dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

1

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/314 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm nósanna imeachta bainistithe riosca áirithe maidir le malartú comhthaobhachta ( 1 )

2

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/315 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205, (AE) 2016/592 agus (AE) 2016/1178 a mhéid a bhaineann leis an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh le haghaidh cineálacha áirithe conarthaí ( 1 )

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/316 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Goranski medun (STFC))

7

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/317 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2023 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin, (Colline di Romagna (STFC))

8

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/318 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2023 lena bhformheastar leasú ón Aontas ar Shonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint nó ar Thásc Geografach faoi Chosaint Almansa (STFC)

9

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/319 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2023 lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Poblacht na hIodáile de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neamhchur i bhfeidhm mhír 3(b), phointe 7.4.2.3., den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún maidir le 15 fheithicil V250 Italia/ETR700 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 875)

11

 

 

GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Rialachán NA Uimh. 41 - Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú gluaisrothar i dtaca le torann [2023/320]

14

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/1


Fógra a bhaineann le dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (1), a síníodh sa Bhruiséil an 20 Iúil 2022, tháinig sé i bhfeidhm an 28 Eanáir 2023.


(1)   IO L 328, 22.12.2022, lch. 61


RIALACHÁIN

13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/2


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/314 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm nósanna imeachta bainistithe riosca áirithe maidir le malartú comhthaobhachta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 11(15) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 ón gCoimisiún (2) sonraítear, i measc nithe eile, na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear leibhéil agus cineál na comhthaobhachta mar aon leis na socruithe um leithscaradh dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, a cheanglaítear ar chontrapháirtithe airgeadais a bheith acu le haghaidh malartú comhthaobhachta, i ndáil lena gconarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 36(2), pointe (a), agus Airteagal 37(3), pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 do dháta iarchurtha maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas corrlaigh déthaobhach le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach agus a dtugtar i gcrích idir contrapháirtithe atá ina gcuid den ghrúpa céanna agus i gcás ina bhfuil contrapháirtí amháin bunaithe i dtríú tír agus ina bhfuil an contrapháirtí eile bunaithe san Aontas. Bhí gá leis an dáta cur i bhfeidhm iarchurtha sin chun a áirithiú nach raibh na conarthaí díorthach thar an gcuntar sin faoi réir na gceanglas corrlaigh déthaobhach sular glacadh gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(3)

Go dtí seo, glacadh ocht ngníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Mar sin féin, tá iarrachtaí á ndéanamh fós chun anailís a dhéanamh ar aon dlínse ábhartha eile tríú tír a bhféadfadh údar a bheith le haon ghníomh cur chun feidhme den sórt sin ina leith. Dá gcuirfí i bhfeidhm láithreach na ceanglais éarlaise dhéthaobhacha le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach agus a thugtar i gcrích idir contrapháirtithe ar cuid den ghrúpa céanna iad agus i gcás ina bhfuil contrapháirtí amháin bunaithe i dtríú tír agus ina bhfuil an contrapháirtí eile bunaithe san Aontas gan gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a ghlacadh, bheadh tionchair eacnamaíocha dhíobhálacha aige sin ar chontrapháirtithe an Aontais, áfach. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm na gceanglas éarlaise déthaobhach le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach laistigh de ghrúpa a chur siar tuilleadh.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 a leasú dá réir sin.

(5)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha) faoi bhráid an Choimisiúin.

(6)

Tá na leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 ina gcoigeartuithe teoranta ar an gcreat rialála atá ann faoi láthair. I bhfianaise raon feidhme teoranta na leasuithe sin agus a phráinní atá an t-ábhar, bheadh sé an-díréireach do ÚMEanna comhairliúcháin phoiblí oscailte nó anailísí poiblí a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo. Mar sin féin, d’iarr na ÚMEanna tuairim an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tuairim an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus tuairim an Ghrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus tuairim an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(7)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh a luaithe is féidir, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 36(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

ón 30 Meitheamh 2025 i gcás nach mbeidh cinneadh coibhéise glactha de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun críocha Airteagal 11(3) den Rialachán sin i ndáil leis an tríú tír ábhartha;”;

(2)

in Airteagal 37(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

ón 30 Meitheamh 2025 i gcás nár glacadh cinneadh coibhéise de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun críocha Airteagal 11(3) den Rialachán sin i ndáil leis an tríú tír ábhartha;”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2251 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála maidir le teicnící um maolú riosca le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach (IO L 340, 15.12.2016, lch. 9).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/315 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205, (AE) 2016/592 agus (AE) 2016/1178 a mhéid a bhaineann leis an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh le haghaidh cineálacha áirithe conarthaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialacháin Tharmligthe (AE) 2015/2205 (2), (AE) 2016/592 (3) agus (AE) 2016/1178 (4) ón gCoimisiún sonraítear, i measc nithe eile, na dátaí óna mbeidh éifeacht ag na hoibleagáidí imréitigh le haghaidh conarthaí a bhaineann le haicmí díorthach thar an gcuntar a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Rialacháin Tharmligthe sin. In Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, pointe (a) de na Rialacháin Tharmligthe sin tá dátaí iarchurtha chur i bhfeidhm na hoibleagáide imréitigh le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích idir contrapháirtithe atá ina gcuid den ghrúpa céanna agus i gcás ina bhfuil contrapháirtí amháin bunaithe i dtríú tír agus an contrapháirtí eile bunaithe san Aontas. Bhí gá leis na dátaí iarchurtha cur chun feidhme sin chun a áirithiú nach raibh na conarthaí díorthach thar an gcuntar sin faoi réir na hoibleagáide imréitigh sular glacadh gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(2)

Go dtí seo, níor glacadh aon ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i ndáil leis an oibleagáid imréitigh. Maidir le cur i bhfeidhm na hoibleagáide imréitigh le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích idir contrapháirtithe atá ina gcuid den ghrúpa céanna agus i gcás ina bhfuil contrapháirtí amháin bunaithe i dtríú tír agus an contrapháirtí eile bunaithe san Aontas gan an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a ghlacadh, bheadh tionchar díobhálach eacnamaíoch ag an gcur i bhfeidhm sin ar chontrapháírtithe an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm na hoibleagáide imréitigh maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar laistigh de ghrúpa le contrapháirtí tríú tír a chur siar tuilleadh.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Tharmligthe (AE) 2015/2205, (AE) 2016/592 agus (AE) 2016/1178 a leasú dá réir.

(4)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi bhráid an Choimisiúin.

(5)

Is coigeartuithe teoranta ar an gcreat rialála atá ann cheana iad na leasuithe ar Rialacháin Tharmligthe (AE) 2015/2205, (AE) 2016/592 agus (AE) 2016/1178. I bhfianaise raon feidhme teoranta na leasuithe sin agus a phráinní atá an cás, bheadh sé thar a bheith díréireach do ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte nó anailísí poiblí a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo. Mar sin féin d’iarr ESMA comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus chuaigh sé i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach.

(6)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh a luaithe is féidir, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205

Sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

An 30 Meitheamh 2025 i gcás nach mbeidh cinneadh coibhéise glactha de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun críocha Airteagal 4 den Rialachán sin lena gcumhdaítear na conarthaí díorthach thar an gcuntar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i dtaca leis an tríú tír ábhartha;”.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/592

Sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/592, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

An 30 Meitheamh 2025 i gcás nach mbeidh cinneadh coibhéise glactha de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun críocha Airteagal 4 den Rialachán sin lena gcumhdaítear na conarthaí díorthach thar an gcuntar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i dtaca leis an tríú tír ábhartha;”.

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1178

Sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1178, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

An 30 Meitheamh 2025 i gcás nach mbeidh cinneadh coibhéise glactha de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun críocha Airteagal 4 den Rialachán sin lena gcumhdaítear na conarthaí díorthach thar an gcuntar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i dtaca leis an tríú tír ábhartha;”.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide imréitigh (IO L 314, 1.12.2015, lch. 13).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/592 ón gCoimisiún an 1 Márta 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide imréitigh (IO L 103, 19.4.2016, lch. 5).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1178 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide imréitigh (IO L 195, 20.7.2016, lch. 3).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/316 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Feabhra 2023

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Goranski medun” (STFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Chróit ar chlárú an ainm “Goranski medun” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Goranski medun” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Goranski medun” (STFC) cláraithe anois.

Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.4. Táirgí eile de bhunadh ainmhíoch (uibheacha, mil, táirgí déiríochta éagsúla seachas im, etc.) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 397, 17.10.2022, lch. 15.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/317 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Feabhra 2023

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin, (“Colline di Romagna” (STFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, i gcomhar le hAirteagal 53(1), an chéad fhomhír, de, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Fraince ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Colline di Romagna” atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1491/2003 ón gCoimisiún (2).

(2)

Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin.

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra réasúnaithe faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Colline di Romagna” (STFC ), is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1491/2003 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2003 lena bhforlíontar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2400/96 (Ficodindia dell’Etna, Monte Etna, Colline di Romagna, Pretuziano delle Colline Teramane, Torta del Casar, Manzana de Girona nó Poma de Girona) (IO L 214, 26.8.2003, lch. 6).

(3)   IO C 397, 17.10.2022, lch. 20.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/318 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Feabhra 2023

lena bhformheastar leasú ón Aontas ar Shonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint nó ar Thásc Geografach faoi Chosaint “Almansa” (STFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ón Aontas ar shonraíocht táirge an tSonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint “Almansa” a chuir an Spáinn ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 97(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i gcomhar le hAirteagal 105(3), an chéad fhomhír den Rialachán sin.

(2)

D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ón Aontas ar an tsonraíocht táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3), mar a éilítear le hAirteagal 97(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhar le hAirteagal 105(3), an chéad fhomhír den Rialachán sin.

(3)

Níl aon ráiteas agóide réasúnaithe faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart an leasú Aontais ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo an leasú ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Almansa” (STFC).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE)Uimhi 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(3)   IO C 369, 27.9.2022, lch. 7.


CINNTÍ

13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/11


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/319 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Feabhra 2023

lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Poblacht na hIodáile de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neamhchur i bhfeidhm mhír 3(b), phointe 7.4.2.3., den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún maidir le 15 fheithicil V250 Italia/ETR700

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 875)

(Is é an leagan Iodáilise an t–aon leagan atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus Airteagal 7(4) de go háirithe,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Meitheamh 2022, chuir an Iodáil iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le neamhchur i bhfeidhm sealadach phointe 7.4.2.3, mír 3(b), den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún (2), lena gceanglaítear Bonnlíne 3 an Chórais Eorpaigh um Rialú Traenacha (ETCS) a shuiteáil tar éis an 1 Iúil 2023 le haghaidh cineálacha feithicle a údaraíodh roimh an 1 Eanáir 2019. Cuireadh an iarraidh sin isteach ar bhonn phointe (c), Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2016/797, lena bhforáiltear go bhféadfaí neamhchur i bhfeidhm a bheith ann mar gheall ar an mbaol go gcuirfí isteach ar inmharthanacht eacnamaíoch an tionscadail. Baineann an iarraidh ar neamhchur i bhfeidhm sealadach le 15 fheithicil V250 Italia/ETR700 nua lena ngabhann na huimhreacha aitheantais 4810, 4804, 4814, 4815, 4881, 4812, 4813, 4811, 4806, 4883, 4816, 4809, 4802, 4801, agus 4807, arna soláthar ag AnsaldoBreda S.p.A. Baineann na 15 fheithicil sin le flít 17 bhfeithicil V250 Italia / ETR700 ar le Trenitalia iad.

(2)

Le pointe 7.4.2.3. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 bunaítear céim aistrithe chun an t-aistriú ó Bhonnlíne 2 ETCS go dtí Bonnlíne 3 ETCS a éascú. Leis sin féadfar Bonnlíne 2 ETCS a shuiteáil go dtí an 31 Nollaig 2020 maidir le feithiclí a áirítear i dtionscadail nó i gconarthaí ar cuireadh tús leo roimh dháta chur i bhfeidhm na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/919. Má úsáidtear an rogha maidir le Bonnlíne 3 a chur siar, áiritheofar leis an tionscadal go gcomhlíonfar sonraíochtaí #2 nó #3 a liostaítear i dTábla A2 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 laistigh de thréimhse ama nach rachaidh thar an 1 Iúil 2023.

(3)

D’ordaigh Trenitalia na 15 fheithicil dá dtagraítear san iarraidh an 4 Lúnasa 2017 (uimhir chonartha 3807) mar chuid d’fhlít 17 bhfeithicil V250 a bhí le seachadadh idir Bealtaine 2019 agus deireadh 2020, is é sin faoin dáta deiridh a leagtar síos i mír 3(a), pointe 7.4.2.3, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919. Shuiteáil na 15 fheithicil sin Bonnlíne 2 ETCS agus údaraíodh iad i gcomhréir le húdarú cineáil feithicle roimh an 31 Nollaig 2020.

(4)

Bhí ascnamh an fhlít ó Bhonnlíne 2 go dtí Bonnlíne 3 sceidealaithe le tarlú ar dtús i lár 2023 i gcomhréir le cothabháil agus oibríocht thráthrialta na bhfeithiclí laistigh den fhlít. Mar sin féin, bhí éifeacht dhíobhálach ag paindéim COVID-19 ar an bpróiseas chun na feithiclí atá i gceist a chothabháil ar bhonn sceidealaithe. Mar thoradh air sin, ba ghá pleanáil phróiseas cothabhála na bhfeithiclí sin a athsceidealú i ndiaidh an 1 Iúil 2023.

(5)

Mura nglacfaí leis an iarraidh ar neamhchur i bhfeidhm mhír 3(b), phointe 7.4.2.3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919, bheadh sé d’oibleagáid ar an oibreoir Bonnlíne 3 ETCS a shuiteáil sna 15 fheithicil, agus iad a chur as feidhm go sealadach níos faide ná an ghnáthchothabháil sceidealaithe. Bheadh tionchar eacnamaíoch ag an méid sin ar ioncam caillte toisc nach bhféadfaí an tseirbhís tráchtála sceidealaithe a chur ar fáil agus mar gheall ar chostais níos airde i leith oibríocht uasghrádúcháin lasmuigh den ghnáthghníomhaíocht chothabhála. Ina theannta sin, bheadh tionchar diúltach socheacnamaíoch aige ar chustaiméirí Trenitalia mar gheall go gcuirfí isteach ar an tseirbhís de dheasca na gníomhaíochta cothabhála lasmuigh den sceideal beartaithe.

(6)

Tá gealltanas tugtha ag monaróir na 15 fheithicil, AnsaldoBreda, agus a n-úinéir, Trenitalia, do phlean innealtóireachta agus suiteála chun na feithiclí sin agus an flít atá fágtha a uasghrádú le trealamh infheithicle ó Bhonnlíne 3 ETCS nua. De réir na réamhaisnéise pleanála is déanaí a chuir siad ar fáil, ba cheart an t-uasghrádú go dtí Bonnlíne 3 ETCS a thabhairt i gcrích faoin 31 Nollaig 2025.

(7)

Ní dhéanfaidh an mhoill san ascnamh difear don idir-inoibritheacht, toisc go bhfuil na feithiclí feistithe le Bonnlíne 2 ETCS cheana féin. Tá ETCS cois riain socraithe ag Bonnlíne 2 agus aistreofar é de réir a chéile go dtí Bonnlíne 3 go dtí 2026, de réir phlean náisiúnta cur chun feidhme ERTMS na hIodáile.

(8)

Ar na cúiseanna sin, ba cheart a mheas go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (c), Airteagal 7(1), agus 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 comhlíonta le haghaidh na 15 fheithiclí atá i gceist. Dá bhrí sin, i ndáil leis an iarraidh a chuir an Iodáil isteach nach gcuirfeadh sí mír 3(b), pointe sealadach 7.4.2.3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 i bhfeidhm maidir leis na feithiclí sin agus go gcuirfeadh sí an t-ascnamh ó Bhonnlíne 2 ETCS go Bonnlíne 3 faoin 31 Nollaig 2025 a chur siar, ba cheart glacadh leis an iarraidh sin.

(9)

Thug an Iodáil gealltanas go gcuirfeadh sí an Coimisiún ar an eolas faoin bpleanáil agus faoin dul chun cinn maidir leis na feithiclí a uasghrádú faoin 31 Nollaig gach bliain.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar leis an iarraidh ar neamhchur i bhfeidhm mhír 3(b), pointe 7.4.2.3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919, go dtí an 31 Nollaig 2025, iarraidh a chuir Poblacht na hIodáile faoi bhráid an Choimisiúin an 29 Meitheamh 2022, maidir le 15 fheithicil V250 Italia/ETR700 lena ngabhann na huimhreacha aitheantais 4810, 4804, 4814, 4815, 4881, 4812, 4813, 4811, 4806, 4883, 4816, 4809, 4802, 4801, agus 4807.

Airteagal 2

Cuirfidh an Iodáil an Coimisiún ar an eolas faoin bpleanáil agus faoin dul chun cinn maidir leis na feithiclí a uasghrádú faoin 31 Nollaig gach bliain.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo laistigh de theorainneacha geografacha ghréasáin iarnróid na hIodáile.

Airteagal 4

Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2025.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina-Ioana VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.

(2)  Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2016 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochórais ‘um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht’ an chórais iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 158, 15.6.2016, lch. 1).


GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/14


Ní bhíonn éifeacht dhlíthiúil ach ag téacsanna bunaidh UNECE faoin dlí poiblí idirnáisiúnta. Ba cheart stádas agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a sheiceáil sa leagan is déanaí de dhoiciméad stádais TRANS/WP.29/343 UNECE, doiciméad atá ar fáil ag: https://unece.org/status-1958-agreement-and-annexed-regulations

Rialachán NA Uimh. 41 - Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú gluaisrothar i dtaca le torann [2023/320]

Ina n-ionchorpraítear an téacs bailí go léir suas go dtí:

Forlíonadh 1 ar shraith leasuithe 05 – Dáta teacht i bhfeidhm: 7 Eanáir 2022

CLÁR

RIALACHÁN

1.

Raon Feidhme

2.

Sainmhínithe, téarmaí agus siombailí

3.

Iarratas ar cheadú

4.

Marcanna

5.

Ceadú

6.

Sonraíochtaí

7.

Ceadú an chineáil mótarfheithiclí nó an chineáil córais (córas) sceite nó tosta a mhionathrú nó a shíneadh

8.

Comhréireacht táirgeachta

9.

Pionóis mar gheall ar neamhchomhréireacht táirgeachta

10.

Táirgeadh scortha go cinntitheach

11.

Ainmneacha agus seoltaí na seirbhísí teicniúla atá freagrach as tástálacha um cheadú a dhéanamh, agus ainmneacha agus seoltaí na nÚdarás Cineálcheadaithe

12.

Forálacha idirthréimhseacha

IARSCRÍBHINNÍ

1

Cumarsáid

2

Leagan amach marcanna ceadaithe

3

Modhanna agus uirlisí chun an torann a dhéanann mótarfheithiclí a thomhas

4

Leagan amach an raoin tástála

5

Sceithchórais nó córais tosta ina bhfuil ábhar snáithíneach

6

Teorainneacha uasta na leibhéal fuaime

7

Forálacha breise maidir le hAstaíocht Fuaime (ASEP)

8

Ráiteas comhlíontachta i leith na bhForálacha Breise maidir le hAstaíocht Fuaime (ASEP)

1.   RAON FEIDHME

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí de chatagóir L3  (1) i dtaca le torann.

Tá sé beartaithe leis na sonraíochtaí sa Rialachán seo na leibhéil fuaime a chruthaítear ó fheithiclí le linn gnáththiomána i dtrácht uirbeach a atáirgeadh.

Foráiltear leis an Rialachán seo, chomh maith, maidir le Forálacha Breise i ndáil le hAstaíochtaí Fíorthiomána Fuaime (RD-ASEP) le haghaidh feithiclí de chatagóir L3 lena dtagraítear do ghnáthdhálaí tiomána ar bhóithre, lena n-áirítear luasghéarú ard agus ualaí arda innill do thrácht uirbeach agus do thrácht fo-uirbeach, cé is moite de chásanna ar mhórbhealaí.

2.   SAINMHÍNITHE, TÉARMAÍ AGUS SIOMBAILÍ

Chun críche an Rialacháin seo

2.1.

Ciallaíonn “ceadú luaisrothair” ceadú le haghaidh cineál gluaisrothairmaidir le torann;

2.2.

Ciallaíonn “cineál gluaisrothair a mhéid a bhaineann lena leibhéal fuaime” gluaisrothair nach bhfuil difriúil maidir ina ngnéithe bunúsacha maidir leo seo a leanas:

2.2.1.

An cineál innill (inneall dhá bhuille nó ceithre bhuille, inneall loiní frithingeacha nó inneall loine rothlaigh, líon agus toilleadh na sorcóirí nó na rótar, líon agus cineál na gcarbradóirí nó na gcóras insteallta, leagan amach na gcomhlaí, uaschumhacht ghlan rátaithe agus luas comhfhreagrach an innill). Maidir le hinnill loine rothlaigh, ba cheart glacadh leis gurb ionann an toilleadh ciúbach agus dhá oiread thoirt an chuasáin;

2.2.2.

Córas tras-seolta, go háirithe líon agus cóimheasa na ngiaranna agus an cóimheas foriomlán giair agus imlíne an rotha cúil á cur san áireamh.

2.2.3.

Cumraíochtaí agus socruithe córas sceite nó tosta.

2.3.

Ciallaíonn “córas sceite nó tosta” an fhoireann iomlán comhpháirteanna is gá chun teorainn a chur leis an torann a tharlaíonn de bharr inneall gluaisrothair agus a chórais sceite.

2.3.1.

Ciallaíonn “córas bunaidh sceite nó tosta” córas de chineál a fheistítear ar an bhfeithicil tráth an chineálcheadaithe nó nuair a dhéantar an ar chineálcheadú a shíneadh. D’fhéadfadh sé gurb é páirt athsholáthair mhonaróir na feithicle freisin.

2.3.2.

Ciallaíonn “Córas Neamhbhunaidh Sceite nó Tosta (NORESS)” cineál córais seachas córas a fheistítear ar an bhfeithicil tráth an chineálcheadaithe nó nuair a dhéantar an cineálcheadú a shíneadh.

2.4.

Ciallaíonn “córais sceite nó tosta de chumraíochtaí difriúla” córais atá difriúil go bunúsach ar cheann de na bealaí seo a leanas:

2.4.1.

Córais ina bhfuil comhpháirteanna a bhfuil monarcha nó trádmharcanna éagsúla ag baint leo;

2.4.2.

Córais ina bhfuil aon chomhpháirt atá déanta as ábhair a bhfuil tréithe éagsúla acu nó ina bhfuil comhpháirteanna a bhfuil cruth nó méid éagsúil acu;

2.4.3.

Córais ina bhfuil prionsabail oibríochta comhpháirte amháin ar a laghad difriúil;

2.4.4.

Córais ina bhfuil comhpháirteanna i gcomhcheangail éagsúla.

2.5.

Ciallaíonn “comhpháirt córais sceite nó tosta” ceann de na comhpháirteanna aonair lena gcruthaítear an sceithchóras le chéile (amhail píbobair sceite, an tostóir) agus an córas iontógála (aerscagaire), más ann dó.

Más gá córas iontógála (aerscagaire agus/nó ionsúire torainn iontógála) a fheistiú san fheithicle chun na huasleibhéil fuaime is incheadaithe a chomhlíonadh, déileálfar leis an scagaire agus/nó leis an ionsúire mar chomhpháirteanna a bhfuil an tábhacht chéanna leo agus atá leis an sceithchóras.

2.6.

Ciallaíonn “mais feithicle foilmhe” (mar a shainítear i gcuid 4.1.2 de ISO 6726: 1988) mais na feithicle atá réidh lena hoibriú ar an ngnáthdhóigh agus a bhfuil an trealamh seo a leanas feistithe inti:

(a)

Trealamh leictreach iomlán lena n-áirítear na feistí soilsithe agus comharthaíochta arna soláthar ag an monaróir;

(b)

Gach uirlis agus feisteas atá riachtanach de réir aon reachtaíochta a bhfuil tomhas mhais thirim na feithicle á dhéanamh ina leith;

(c)

Comhlánú iomlán leachtanna lena áirithiú go bhfeidhmeoidh gach cuid den fheithicil agus den umar breosla a bheidh líonta go 90 faoin gcéad ar a laghad den acmhainn arna sonrú ag an monaróir;

(d)

Trealamh cúnta a sholáthraíonn an monaróir de ghnáth de bhreis ar an trealamh cúnta is gá le haghaidh gnáthoibríochta (foireann uirlisí, iompróir (iompróirí), gaothscáth (gaothscáthanna), trealamh cosanta, etc.)

Nótaí:

1.

I gcás feithicle a oibríonn ar mheascán breosla/ola:

1.1.

I gcás ina bhfuil an breosla agus an ola réamh-mheasctha, léirmhínítear leis an bhfocal “breosla” go gcuimsítear ann réamh-mheascán breosla agus ola dá leithéid;

1.2.

I gcás ina gcuirtear méadar ar an mbreosla agus ar an ola ar leithligh, léirmhínítear leis an bhfocal “breosla” nach bhfuil i gceist ach an peitreal amháin. [Tá an “ola” sa chás sin cuimsithe cheana féin i bhfomhír (c) den mhír seo.]

2.7.

Ciallaíonn “uaschumhacht ghlan rátaithe” an chumhacht innill rátaithe mar a shainítear in ISO 4106:2004.

Léiríonn an tsiombail P n luach uimhriúil na huaschumhachta ghlain rátaithe arna sloinneadh i gcileavatanna.

2.8.

Ciallaíonn “luas rátaithe innill” luas an innill ag a bhforbraíonn an t-inneall a uaschumhacht ghlan rátaithe arna sonrú ag an monaróir.

Léiríonn an tsiombail S luach uimhriúil an luais rátaithe innill a shloinntear imrothluithe in aghaidh an nóiméid. (2)

2.9.

Ciallaíonn “innéacs cóimheas cumhachta le meáchan” an cóimheas idir uaschumhacht ghlan rátaithe feithicle agus a mais. Saineofar é mar a leanas:

PMR = (P n / (m feithicle foilmhe + 75)) * 1 000

I gcás inarb é m feithicle foilmhe luach uimhriúil na maise feithicle foilmhe mar a shainítear i mír 2.6. thuas, arna shloinneadh i gcileagraim.

Léiríonn an tsiombail PMR an t-innéacs cóimheas cumhachta le meáchan.

2.10.

Ciallaíonn “uasluas” an t-uasluas feithicle mar a shainítear in ISO 7117:1995.

Léiríonn an tsiombail vuasta an luas uasta.

2.11.

Ciallaíonn “giar glasáilte” rialú an traiseolta sa dóigh nach bhféadtar giar an traiseolta a athrú i rith tástála.

2.12.

Ciallaíonn “inneall” foinse chumhachta na feithicle gan aon ghabhálais inscortha.

2.13.

Sa tábla thíos cuimsítear na siombailí uile a úsáidtear sa Rialachán seo:

Siombail

Aonaid

Míniú

Tagairt

AA'

líne fhíorúil ar an rian tástála

Iarscríbhinn 4 – Fíor 1

awot

m/s2

luasghéarú ríofa

Iarscríbhinn 3 – 1.4.2.

awot,tag

m/s2

luasghéarú tagartha forordaithe

Iarscríbhinn 3 – 1.3.3.3.1.2.

aurban

m/s2

sprioc-luasghéarú forordaithe

Iarscríbhinn 3 – 1.3.3.3.1.2.

BB'

líne fhíorúil ar an rian tástála

Iarscríbhinn 4 – Fíor 1

CC'

líne fhíorúil ar an rian tástála

Iarscríbhinn 4 – Fíor 1

K

fachtóir ualaithe giair

Iarscríbhinn 3 – 1.4.3.

kp

fachtóir cumhachta páirtí

Iarscríbhinn 3 – 1.4.4.

L

dB(A)

leibhéal fuaimbhrú

Iarscríbhinn 3 – 1.4.1.

L wot(i)

dB(A)

L ag riocht wot

Iarscríbhinn 3 – 1.4.6.

LASEP

dB(A)

L ag dálaí oibriúcháin breise RD-ASEP

Iarscríbhinn 7 – 3.3.3.2.

lPA

m

fad an réamh-luasghéaraithe

Iarscríbhinn 3 – 1.3.3.1.1.

mkerb

kg

mais feithicle foilmhe

2.6.

mt

kg

mais tástála na feithicle

Iarscríbhinn 3 – 1.3.2.2.

n

nóim-1

luas innill

 

nPP’

nóim-1

luas innill ag PP'

Iarscríbhinn 7 – 2.6.

nidle

nóim-1

luas innill ag luas réchasta

nwot(i)

nóim-1

nPP’ arna thomhas ag brath Lwot(i)

Iarscríbhinn 7 – 2.6.

PP'

líne fhíorúil ar an rian tástála

Iarscríbhinn 4 – Fíor 1

PMR

Cóimheas cumhachta le meáchan (PMR)

2.9.

Pn

kW

uaschumhacht ghlan rátaithe

2.7.

S

nóim-1

luas rátaithe innill

2.8.

V

km/u

luas tomhaiste feithicle

vuasta

km/u

uasluas

2.10.

vtástáil

km/u

luas innill forordaithe

Iarscríbhinn 3 – 1.3.3.1.1.

Úsáidtear na hinnéacsanna seo a leanas le haghaidh luasanna innill “n” agus “v” chun suíomh nó am an tomhais a léiriú:

(a)

AA' lena gcuirtear in iúl go bhfreagraíonn an tomhas don phointe ama nuair a théann tosach na feithicle thar líne AA' (féach Iarscríbhinn 4 – Fíor 1); nó

(b)

PP' lena gcuirtear in iúl go bhfreagraíonn an tomhas don phointe ama nuair a théann tosach na feithicle thar líne PP' (féach Iarscríbhinn 4 – Fíor 1); nó

(c)

BB' lena gcuirtear in iúl go bhfreagraíonn an tomhas don phointe ama nuair a théann cúl na feithicle thar an líne PP' (féach Iarscríbhinn 4 – Fíor 1).

Úsáidtear na hinnéacsanna seo a leanas chun luasghéaruithe ar lánscóig awot a ríomh agus úsáidtear leibhéil fuaimbhrú tomhaiste L chun an trealamh a úsáidtear don tástáil a léiriú:

(a)

“(i)” lena gcuirtear in iúl, i gcás tástáil dhá ghiar, an giar níos ísle (i.e. an giar lena mbaineann an cóimheas is airde idir giar agus traiseoladh) agus lena ndéantar tagairt seachas sin don ghiar tástála aonair nó don suíomh roghnóra giaranna a úsáidtear; nó

(b)

“(i + 1)” lena gcuirtear in iúl, i gcás tástáil dhá ghiar, an giar níos airde (i.e. an giar lena mbaineann an cóimheas is ísle idir an giar agus an traiseoladh).

Iompraíonn leibhéil tomhaiste fuaimbhrú L innéacs ar a léirítear cineál na tástála faoi seach:

(a)

“Wot” lena gcuirtear in iúl tástáil luasghéarathe ar lánscóig (féach mír 1.3.3.1.1. d’Iarscríbhinn 3); nó

(b)

“CRS” lena gcuirtear in iúil tástáil ar luas seasmhach (féach mír 1.3.3.3.2. d’Iarscríbhinn 3); nó

(c)

“Urban” lena léirítear comhcheangail ualaithe de thástáil ar luas seasmhach agus tástáil luasghéaraithe leis an scóig lánscaoilte (féach mír 1.4.6.2. d’Iarscríbhinn 3).

Is féidir an t-innéacs “j” a thagraíonn d’uimhir rith na tástála a úsáid i dteannta leis na hinnéacsanna a luaitear thuas.

3.   IARRATAS AR CHEADÚ

3.1.

Cuirfidh an monaróir nó a ionadaí cuí-údaraithe an t-iarratas ar cheadú cineáil gluaisrothair maidir lena astaíochtaí fuaime isteach.

3.2.

Beidh trí chóip de na doiciméid a luaitear faoi seo agus na sonraí seo a leanas ag gabháil leis:

3.2.1.

Tuairisc ar an gcineál gluaisrothair maidir leis na míreanna a luaitear i mír 2.2. thuas. Sonrófar na huimhreacha agus/nó na siombailí lena sainítear an cineál innill agus an cineál gluaisrothair; tuairisc ar an gcineál gluaisrothair maidir leis na míreanna a luaitear i mír 2.2. thuas. Sonrófar na huimhreacha agus/nó na siombailí lena sainítear an cineál innill agus an cineál gluaisrothair;

3.2.2.

Liosta de na comhpháirteanna, arna sainaithint go cuí, lena gcomhdhéantar an córas sceite nó tosta;

3.2.3.

Líníocht den sceithchóras nó den chóras tosta cóimeáilte agus léiriú dá shuíomh ar an ngluaisrothar;

3.2.4.

Líníochtaí de gach comhpháirt chun gur féidir é a aimsiú agus a aithint go héasca, agus sonraíocht na n-ábhar a úsáidtear;

3.2.5.

Líníochtaí trasghearrthacha ar a léirítear toisí an sceithchórais. Cuirfear cóip de na líníochtaí sin i gceangal leis an deimhniú dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1.

3.3.

Déanfar na doiciméid shonracha a luaitear i mír 3.2 thuas a ullmhú do gach cumraíocht sceithchórais nó córais tosta, má bhíonn cumraíochtaí éagsúla infheidhme maidir leis an gcineál gluaisrothair atá le ceadú.

3.4.

Arna iarraidh sin don tseirbhís theicniúil atá freagrach as tástálacha um cheadú a dhéanamh i gcomhaontú leis na húdaráis chineálcheadaithe, cuirfidh an monaróir gluaisrothar, sa bhreis air sin, sampla den sceithchóras (de na sceithchórais) nó den chóras tosta (de na córais tosta) isteach.

3.5.

Cuirfear gach gluaisrothar atá ionadaíoch don chineál céanna ag a bhfuil na cumraíochtaí sceithchórais nó córais tosta go léir atá le ceadú faoi bhráid na seirbhíse teicniúla atá freagrach as tástálacha um cheadú a dhéanamh i gcomhaontú leis na húdaráis chineálcheadaithe.

3.6.

Cuirfear tuarascáil tástála ón tSeirbhís Theicniúil a dhéanann an tástáil um chineálcheadú faoi bhráid an Údaráis Cineálcheadaithe. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil tástála sin:

(a)

Sonraí an láithreáin tástála (e.g. teocht dromchla, comhéifeacht ionsúcháin, etc.), suíomh an láithreáin tástála, treoshuíomh an láithreáin agus dálaí aimsire lena n-áirítear luas na gaoithe agus teocht an aeir, treo, brú baraiméadrach, bogthaise;

(b)

An cineál trealaimh tomhais lena n-áirítear an gaothscáth;

(c)

An leibhéal fuaimbhrú A-ualaithe atá tipiciúil don torann cúlrach;

(d)

Aitheantas na feithicle, a hinnill, a córais traiseolta, lena n-áirítear na cóimheasa traiseolta atá ar fáil, méid agus cineál na mbonn, brú na mbonn, uimhir chineálcheadaithe na mbonn (má tá sí ar fáil) nó tuairisc an mhonaróra nó tuairisc tráchtála ar na boinn (i.e. ainm trádála, innéacs luais, innéacs ualaigh), uaschumhacht ghlan rátaithe, mais tástála, innéacs cóimheasa cumhachta le meáchan, wot ref, aurban, fad na feithicle;

(e)

Na giaranna traiseolta nó cóimheasa giair a úsáideadh le linn na tástála;

(f)

Maidir le tástálacha de réir Iarscríbhinn 3 den Rialachán seo agus maidir le tástálacha pointí tagartha Iarscríbhinn 7 mír 3.2. an luas feithicle agus an luas innill ag tús na tréimhse luasghéaraithe agus suíomh thús an luasghéaraithe in aghaidh an ghiair arna úsáid;

(g)

Maidir le tástálacha de réir Iarscríbhinn 3 den Rialachán seo agus de réir thástálacha pointí tagartha Iarscríbhinn 7 mír 3.2. an luas feithicle agus an luas innill ag PP' ag deireadh an luasghéaraithe in aghaidh an tomhais bhailí;

(h)

Maidir le tástálacha de réir Iarscríbhinn 7, mír 3.3. an luas feithicle agus an luas innill ag línte AA', PP' agus BB';

(i)

Maidir le tástálacha de réir Iarscríbhinn 7, mír 3.3. an coinníoll cur chuige i leith líne AA' ( luasghéarú, luasmhoilliú nó luas seasmhach) agus an suíomh rialaithe scóige forordaithe (in % den oscailt rialaithe scóige) idir línte AA' agus BB';

Nóta: Tuairisc is ea é seo ar oibríocht an rialaithe scóige forordaithe. Ní dhéanfar oibríocht an rialaithe scóige iarbhír le linn rith tástála a thaifeadadh ach déanfar measúnú air trí bhreathnóireacht amháin;

(j)

An modh a úsáidtear chun an luasghéarú a ríomh;

(k)

Torthaí an tomhais idirmheánaigh awot(i), awot(i + 1), Lwot(i), Lwot(i + 1), Lcrs(i) agus Lcrs(i + 1), más infheidhme;

(l)

Na fachtóirí ualaigh k agus kp agus na torthaí an tomhas deiridh Lwot, Lcrs, Lurban agus LASEP;

(m)

Trealamh cúnta na feithicle, nuair is cuí, agus a dálaí oibriúcháin;

(n)

Gach luach bailí A-ualaithe fuaimbhrú a thomhaistear do gach tástáil, liostaithe de réir thaobh na feithicle agus an treo ghluaiseacht na feithicle ar an láithreán tástála; agus

(o)

An fhaisnéis ábhartha go léir is gá chun na leibhéil éagsúla astaíochta fuaime a fháil.

4.   MARCANNA

4.1.

Beidh an méid seo a leanas ar a laghad ar chomhpháirteanna an sceithchórais nó an chórais tosta:

4.1.1.

Trádainm nó marc mhonaróir an sceithchórais nó an chórais tosta agus a chomhpháirteanna;

4.1.2.

Tuairisc ar an trádáil arna tabhairt ag an monaróir;

4.1.3.

Uimhreacha aitheantais na páirte; agus

4.1.4.

Maidir le gach tostóir bunaidh, marc “E” agus aitheantas na tíre a dheonaigh cineálcheadú na comhpháirte ina dhiaidh sin. (3)

4.1.5.

Déanfar aon phacáiste sceithchóras bunaidh nó córas tosta bunaidh athsholáthair nó a mharcáil go soléite leis na focail “páirt bhunaidh” agus déanfar na tagairtí don déanamh agus don chineál a chomhtháthú le chéile leis an marc “E” agus le tagairt na tíre tionscnaimh chomh maith.

4.1.6.

Beidh na marcanna sin doscriosta, soiléir soléite agus infheicthe freisin, san áit ina mbeidh siad le feistiú ar an bhfeithicil.

5.   CEADÚ

5.1.

Má chomhlíonann an cineál gluaisrothair a chuirfear isteach le haghaidh cineálcheadú de bhun an Rialacháin seo ceanglais mhíreanna 6. agus 7. thíos, deonófar ceadú le haghaidh an chineáil gluaisrothair sin.

5.2.1.

Sannfar uimhir cheadaithe do gach cineál dá gceadófar. Leis an gcéad dá dhigit, sonrófar an tsraith leasuithe ina n-ionchorpraítear na mórleasuithe teicniúla is déanaí dá ndearnadh ar an Rialachán an tráth a n-eisítear an ceadú. Ní fhéadfaidh an páirtí conarthach céanna an uimhir chéanna a shannadh do chineál eile gluaisrothair.

5.2.2.

Déanfar cumraíochtaí iomadúla sceithchórais nó córais tosta a liostú go sainráite faoin gceadú céanna um chineál gluaisrothair agus lena dtorthaí tástála faoi seach.

5.3.

Cuirfear fógra maidir le cineál gluaisrothair a cheadú nó a dhiúltú de bhun an Rialacháin seo in iúl do na Páirtithe sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, trí bhíthin foirme a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí bhíthin líníochtaí den sceithchóras nó den chóras tosta, a sholáthróidh an t-iarratasóir ar cheadú i bhformáid nach mó ná A4 (210 × 297 mm) nó a bheidh fillte de réir na formáide sin agus ar scála iomchuí.

5.4.

Déanfar foráil in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo i leith na faisnéise faoi seach a bhaineann le cumraíochtaí iomadúla sceithchórais nó córais tosta a luaitear i mír 5.2.2. thuas.

5.5.

Beidh marc ceadaithe idirnáisiúnta greamaithe, in áit fheiceálach a bheidh éasca teacht air agus a bheidh sonraithe ar an bhfoirm um cheadú, de gach gluaisrothar a bheidh i gcomhréir le cineál gluaisrothair arna gceadú faoin Rialachán seo, agus is éard a bheidh ann:

5.5.1.

Ciorcal timpeall ar an litir “E” agus, taobh leis an litir sin, sainuimhir na tíre a dheonaigh an cheadú3; agus

5.5.2.

Ar thaobh na láimhe deise den chiorcal a fhorordaítear i mír 5.5.1., uimhir an Rialacháin seo, agus ina dhiaidh sin, an litir “R”, dais, agus an uimhir cheadaithe.

5.6.

Má tá an gluaisrothar i gcomhréir le cineál gluaisrothair a ceadaíodh sa tír a dheonaigh ceadú faoin Rialachán seo, faoi cheann amháin nó níos mó de na Rialacháin eile atá i gceangal leis an gComhaontú, ní gá an tsiombail a fhorordaítear i mír 5.5.1. a chur ar fáil arís; i gcás den sórt sin, cuirfear an Rialachán agus na huimhreacha ceadaithe agus siombailí breise na Rialachán uile faoinar deonaíodh ceadú sa tír a dheonaigh ceadú faoin Rialachán seo i gcolúin ingearacha ar thaobh na láimhe deise den tsiombail a fhorordaítear i mír 5.5.1.

5.7.

Beidh an marc ceadaithe soléite agus doscriosta.

5.8.

Cuirfear an marc ceadaithe in aice le pláta sonraí an ghluaisrothair a bheidh greamaithe ag an monaróir air, nó ar an bpláta sonraí sin.

5.9.

In Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo, tugtar samplaí de leagan amach an mhairc ceadaithe.

6.   SONRAÍOCHTAÍ

6.1.

Sonraíochtaí ginearálta

6.1.1.

Soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas ar an ngluaisrothar in áit inrochtana ach ní gá go mbeidh sí infheicthe láithreach:

(a)

Ainm an mhonaróra;

(b)

An spriocluas innill agus toradh deiridh na tástála ar an bhfeithicil agus í ina stad arna shainiú i mír 2 d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán seo;

Sa bhreis air sin, i gcás gluaisrothar de chatagóir L3 lena mbaineann PMR > 50 taispeánfar na sonraí tagartha maidir le comhlíonadh le linn úsáide mar a shainítear i mír 3 d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfar na sonraí sin a chur ar fáil in aon áit amháin mar aon leis an bhfaisnéis in 6.1.1.( a) agus 6.1.1.( b) nó in aon áit eile atá difriúil leis an bhfaisnéis in 6.1.1.(a). (4)

6.2.

Sonraíochtaí maidir le leibhéil fuaime

6.2.1.

Tomhaisfear astaíochtaí fuaime an chineáil gluaisrothair a chuirfear lena cheadú ar an dá mhodh a thuairiscítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán seo (an gluaisrothar ag gluaiseacht agus an gluaisrothar agus é ina stad) (5); I gcás gluaisrothair nach n-oibrítear inneall dócháin inmheánaigh inti nuair atá an gluaisrothar ina stad, ní dhéanfar ach an torann a dhéantar agus é ag gluaiseacht a thomhas.

6.2.2.

Déanfar torthaí na dtástálacha a gheofar i gcomhréir le forálacha mhír 6.2.1. thuas a iontráil sa tuarascáil tástála agus i bhfoirm a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo.

6.2.3.

Maidir le torthaí na tástála don ghluaisrothar atá ag gluaiseacht arna bhfáil i gcomhréir le mír 1 d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán seo agus a shlánaítear ar bhonn matamaiticiúil go dtí an tslánuimhir is gaire, ní rachaidh siad thar na teorainneacha a fhorordaítear (maidir le gluaisrothair nua agus maidir le córais tosta nua) in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an Rialachán seo don chatagóir lena mbaineann an gluaisrothar. In aon chás, ní rachaidh L wot níos mó ná 5 dB thar an teorainnluach le haghaidh L urban.

6.3.

Forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime

6.3.1.

Ní dhéanfaidh monaróir an ghluaisrothair aon fheiste ná aon nós imeachta a athrú, a choigeartú ná a thabhairt isteach d’aon ghnó chun ceanglais an Rialacháin seo maidir le hastaíocht torainn a chomhlíonadh, ar feiste nó nós imeachta é nach mbeidh ag feidhmiú le linn gnáthoibriú ar an mbóthar, agus chun na críche sin amháin.

6.3.2.

Comhlíonfaidh an cineál feithicle atá le ceadú ceanglais Iarscríbhinn 7 a ghabhann leis an Rialachán seo. Má tá cláir nó modhanna bogearraí is féidir leis an úsáideoir a roghnú ar an ngluaisrothar a dhéanann difear d’astaíocht fuaime na feithicle, beidh na modhanna sin go léir i gcomhréir leis na ceanglais in Iarscríbhinn 7.

6.3.3.

San iarratas ar chineálcheadú nó ar chineálcheadú a mhionathrú nó a shíneadh, tabharfaidh an monaróir ráiteas i gcomhréir le hIarscríbhinn 8 go gcomhlíonann an cineál feithicle atá le ceadú ceanglais mhír 6.3.1. den Rialachán seo.

6.3.4.

Déanfar torthaí na dtástálacha a gheofar i gcomhréir le forálacha mhír 6.3. 2. thuas a iontráil sa tuarascáil tástála agus i bhfoirm a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo.

6.4.

Sonraíochtaí breise maidir le sceithchórais nó córais tosta atá líonta le hábhar snáithíneach

6.4.1.

Má tá ábhair shnáithíneacha i sceithchóras nó i gcóras tosta an ghluaisrothair, beidh feidhm ag ceanglais Iarscríbhinn 5. Má tá aerscagaire agus/nó ionsúire tointeála feistithe in iontógáil an innill is gá lena áirithiú go gcomhlíonfar an leibhéal fuaime incheadaithe, measfar gur cuid den chóras tosta iad an scagaire agus/nó an t-ionsúire, agus beidh feidhm ag ceanglais Iarscríbhinn 5 maidir leo freisin.

6.5.

Saintreoracha breise a bhaineann le crioscaíl le córais agus le sceithchórais nó córais tosta ilmhodha is féidir a choigeartú de láimh

6.5.1.

Déanfar na sceithchórais nó na córais tosta go léir a thógáil ar dhóigh nach bhféadfaí sciatha, cóin scortha agus páirteanna eile a fheidhmeoidh go príomha mar chuid de na cuasáin tosta/bhorrtha, a bhaint go héasca. I gcás nach bhfuil aon dul as páirt den sórt sin a ionchorprú, déanfar í a cheangal a dhóigh nach mbeifear in ann í a bhaint go héasca (e.g. le gnáthfheistiú snáithithe) agus ba cheart í a cheangal freisin ar dhóigh go ndéanfaí damáiste seasta/doleasaithe don chóimeáil dá mbainfí í.

6.5.2.

Maidir le sceithchórais nó le córais tosta a bhfuil ilmhodhanna oibriúcháin acu is féidir a choigeartú de láimh, comhlíonfaidh siad na ceanglais go léir sna modhanna oibriúcháin go léir. Is éard a bheidh sna leibhéil torainn tuairiscithe na leibhéil atá mar thoradh ar an modh a bhfuil na leibhéil torainn is airde aige.

7.   CEADÚ AN CHINEÁIL MÓTARFHEITHICLÍ NÓ AN CHINEÁIL CÓRAIS (CÓRAS) SCEITE NÓ TOSTA A MHIONATHRÚ NÓ A SHÍNEADH

7.1.

Déanfar gach mionathrú ar an gcineál gluaisrothair nó ar an sceithchóras nó ar an gcóras tosta a chur in iúl don Údarás Cineálcheadaithe a cheadaigh an cineál gluaisrothair. Ina dhiaidh sin, féadfaidh an tÚdarás Cineálcheadaithe ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:

7.1.1.

A mheas nach dócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha ag na mionathruithe a rinneadh, agus go gcomhlíonfaidh an gluaisrothar i gcás ar bith ceanglais an Rialacháin seo fós; nó

7.1.2.

Tuarascáil ar thástáil eile a iarraidh ón tSeirbhís Theicniúil atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh.

7.2.

Cuirfear dearbhú nó diúltú ceadaithe, lena sonrófar na mionathruithe, in iúl do na Páirtithe sa Chomhaontú a chuireann Rialachán seo i bhfeidhm de réir an nós imeachta a shonraítear i mír 5.3. thuas.

7.3.

Déanfaidh an t-údarás inniúil a d’eisigh an síneadh le ceadú sraithuimhir a shannadh don síneadh agus tabharfaidh sé fógra amhlaidh do na Páirtithe eile i gComhaontú 1958 a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, trí bhíthin foirm chumarsáide a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo.

8.   COMHRÉIREACHT TÁIRGEACHTA

Comhlíonfaidh na nósanna imeachta táirgeachta na cinn a leagtar amach sa Chomhaontú, Aguisín 2 (E/ECE/324-E/ECE/TRANS/505/Rev.2), na ceanglais seo a leanas:

8.1.

Aon ghluaisrothar a mhonaraítear i gcomhréir le cineál gluaisrothair arna cheadú de bhun an Rialacháin seo, beidh an tostóir lenar cineálcheadaíodh é feistithe ann agus comhlíonfaidh sé ceanglais mhír 6 thuas.

8.2.

Chun comhréireacht a thástáil mar a cheanglaítear thuas, glacfar sampla de ghluaisrothar ó líne tháirgthe an chineáil a cineálcheadaíodh de bhun an Rialacháin seo. Maidir leis na leibhéil fuaime arna dtomhas agus arna bpróiseáil (Lurban agus Lwot) de réir an mhodha a thuairiscítear in Iarscríbhinn 3, agus an giar (giaranna) céanna agus an fad (faid) réamh-luasghéaraithe céanna á n-úsáid sa tástáil bhunaidh ar chineálcheadú, agus a slánaíodh go matamaiticiúil go dtí an tslánuimhir is gaire, ní bheidh siad 3.0 dB(A) níos mó ná na luachanna arna dtomhas agus arna bpróiseáil tráth an chineálcheadaithe. Ina theannta sin, ní bheidh Lurban 1.0 dB(A) níos mó ná an teorainn a leagtar síos in Iarscríbhinn 6 den Rialachán seo, agus ní bheidh Lwot, i dtaca le 6.2.3., 6.0 dB (A) níos mó ná an luach teorann do Lurban.

8.3.

Maidir le comhréireacht táirgeachta, déanfaidh an monaróir dearbhú athnuaite go gcomhlíonann an cineál ceanglais mhír 6.3.1. den Rialachán seo fós. Ní bheidh na leibhéil fuaime tomhaiste i gcomhréir le hIarscríbhinn 7 1.0 dB(A) níos mó ná na teorainneacha a thugtar i mír 2.6. d’Iarscríbhinn 7. Ar a laghad, déanfar tástálacha sna dálaí oibriúcháin do na pointí tagartha i gcomhréir le mír 3.2 d’Iarscríbhinn 7.

9.   PIONÓIS MAR GHEALL AR NEAMHCHOMHRÉIREACHT TÁIRGEACHTA

9.1.

Féadfar an ceadú a deonófar maidir le cineál gluaisrothair de bhun an Rialacháin seo, a tharraingt siar mura gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 8. thuas.

9.2.

Páirtí sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, má dhéanann sé ceadú a dheonaigh sé roimhe sin a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra láithreach do na Páirtithe Conarthacha eile a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, rud a dhéanfaidh sé trí bhíthin foirm fógra a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo.

10.   TÁIRGEADH SCORTHA GO CINNTITHEACH

Má scoireann sealbhóir an cheadaithe go hiomlán den chineál gluaisrothair a cheadaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo a mhonarú, cuirfidh sé an méid sin in iúl don údarás a dheonaigh an ceadú. Tar éis don údarás an fógra ábhartha a fháil, cuirfidh sé na Páirtithe eile sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm ar an eolas, rud a dhéanfaidh sé trí bhíthin foirm fógra a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo.

11.   Ainmneacha agus seoltaí na seirbhísí teicniúla atá freagrach as tástálacha um cheadú a dhéanamh, agus ainmneacha agus seoltaí na nÚdarás Cineálcheadaithe

Cuirfidh na Páirtithe i gComhaontú 1958 a bhfuil an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu in iúl do Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe ainmneacha agus seoltaí na seirbhísí teicniúla atá freagrach as tástálacha um cheadú a dhéanamh, sin agus ainmneacha agus seoltaí agus na nÚdarás Cineálcheadaithe a dheonaíonn ceadú, údaráis ar chucu atá foirmeacha lena ndearbhaítear ceadú a eisíodh i dtír eile le cur, chomh maith le foirmeacha lena ndiúltaítear, lena síntear agus lena n-aistarraingítear ceadú a eisíodh i dtír eile.

12.   FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

12.1.

Ón dáta oifigiúil a thiocfaidh sraith leasuithe 05 i bhfeidhm, ní dhiúltóidh aon Pháirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm cineálcheaduithe a dheonú faoin Rialachán seo arna leasú le sraith leasuithe 05 nó ní dhiúltóidh siad glacadh leis na cineálcheaduithe sin.

12.2.

Ón 1 Meán Fómhair 2023, ní bheidh sé d’oibleagáid ar Pháirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, glacadh le cineálcheaduithe faoin tsraith leasuithe a bhí ann roimhe sin, cineálcheaduithe a eisíodh den chéad uair tar éis an 1 Meán Fómhair 2023.

12.3.

Go dtí an 1 Meán Fómhair 2024, glacfaidh Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm le cineálcheaduithe faoin tsraith leasuithe a bhí ann roimhe sin, cineálcheaduithe a eisíodh den chéad uair roimh an 1 Meán Fómhair 2023.

12.4.

Ón 1 Meán Fómhair 2024, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm glacadh le cineálcheaduithe a eisíodh faoin tsraith leasuithe a bhí ann roimhe seo ar an Rialachán seo.

12.5.

D'ainneoin na bhforálacha idirthréimhseacha thuas, níl oibleagáid ar na Páirtithe Conarthacha a thosóidh ag cur an Rialachán seo i bhfeidhm i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na sraithe leasuithe is déanaí glacadh le cineálcheaduithe a deonaíodh i gcomhréir le haon cheann de na sraitheanna leasuithe roimhe sin ar an Rialachán seo / níl sé d’oibleagáid orthu ach glacadh le cineálcheadú a deonaíodh i gcomhréir leis an tsraith leasuithe 05 amháin.

12.6.

D’ainneoin mhír 12.4., leanfaidh na Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm ag glacadh le cineálcheaduithe arna n-eisiúint de réir na sraithe leasuithe a bhí ann roimhe seo ar an Rialachán seo, i gcás na bhfeithiclí/na gcóras feithiclí nach ndearna na hathruithe a tugadh isteach le sraith leasuithe 05 i difear dóibh.

12.7.

Féadfaidh Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm cineálcheaduithe a dheonú i gcomhréir le haon sraith leasuithe roimhe sin ar an Rialachán seo. Mar sin féin, féadfaidh clúdach dromchla bóthair an láithreáin tástála a bheith i gcomhréir le ISO10844:2014 nuair a dheonófar cineálcheadú i gcomhréir le sraith leasuithe 03 ar an Rialachán seo nó i gcomhréir le síntí leis.

12.8.

Leanfaidh Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm le síntí a dheonú ar cheaduithe atá ann cheana faoi aon sraith leasuithe roimhe seo ar an Rialachán seo. Mar sin féin, féadfaidh clúdach dromchla bóthair an láithreáin tástála a bheith i gcomhréir le ISO10844:2014 nuair a dheonófar cineálcheadú i gcomhréir le sraith leasuithe 03 ar an Rialachán seo nó i gcomhréir le síntí leis.

(1)  Mar atá sainmhínithe sa Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3.), doiciméad ECE/TRANS/WP.29/78/Rev.6, mír 2. www.unece.org/trans/main/wp29/wp29wgs/wp29gen/wp29resolutions.html

(2)  I gcás ina sroichtear an uaschumhacht ghlan rátaithe ar roinnt luasanna innill, úsáidtear S sa Rialachán seo mar an t-uasluas innill ag a sroichtear an uaschumhacht ghlan rátaithe.

(3)  Soláthraítear sainuimhreacha na bpáirtithe conarthacha i gComhaontú 1958 arís in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3), is é sin doiciméad ECE/TRANS/WP.29/78/Rev. 6, Iarscríbhinn 3- www.unece.org/trans/main/wp29/wp29wgs/wp29gen/wp29resolutions.html.

(4)  Táthar ag súil go mbeidh soláthar sonraí tagartha maidir le comhlíonadh le linn úsáide ar an ngluaisrothar iomarcach mar thoradh ar bhunachar sonraí cineálcheadaithe leictreonaigh a bhunú.

(5)  Déantar tástáil ar ghluaisrothar atá ina stad chun luach tagartha a sholáthar do lucht riaracháin ar mhaith leo an modh sin a úsáid chun gluaisrothair atá in úsáid a sheiceáil.


IARSCRÍBHINN 1

Cumarsáid

(Formáid uasta: A4 (210 × 297 mm)

Image 1

 (1)

arna eisiúint ag:

Ainm an údaráis riaracháin …


maidir le (2):

Ceadú deonaithe

Síneadh le ceadú

Ceadú diúltaithe

Ceadú aistarraingthe

Táirgeadh scortha go cinntitheach

de chineál gluaisrothair maidir le torann a astaíonn gluaisrothair de bhun Rialachán Uimh. 41

Uimhir Cheada: … Uimhir an tSínidh: . …

1.

Ainm trádála nó marc an ghluaisrothair: …

2.

Cineál gluaisrothar: …

3.

Ainm agus seoladh an mhonaróra: …

4.

Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra, más infheidhme: …

5.

Inneall

5.1.

Monaróir: …

5.2.

Cineál: …

5.3.

Samhail: …

5.4.

Uaschumhacht ghlan rátaithe: … kW ag … nóim-1

5.5.

An cineál innill (e.g. adhaint dheimhneach, adhaint chomhbhrú, etc.): (3)

5.6.

Timthriallta: dhá bhuille/ceithre bhuille (2)

5.7.

Toilleadh sorcóra: … cm3

6.

Traiseoladh

6.1.

Cineál traiseolta: giarbhosca láimhe/giarbhosc uathoibríoch: …

6.2.

Líon na ngiaranna: …

7.

Trealamh

7.1.

Córais tosta an sceite

7.1.1.

Monaróir nó a ionadaí údaraithe (más ann dó): …

7.1.2.

Samhail: …

7.1.3.

Cineál: … i gcomhréir le líníocht Uimh.

7.2.

Córas tosta na hiontógála

7.2.1.

Monaróir nó a ionadaí údaraithe (más ann dó): …

7.2.2.

Samhail: …

7.2.3.

Cineál: … i gcomhréir le líníocht Uimh. …

8.

Giaranna a úsáidtear chun tástáil a dhéanamh ar ghluaisrothar atá ag gluaiseacht: …

9.

Cóimheas(a) tiomána deiridh: …

10.

Uimhir chineálcheadaithe an bhoinn/na mbonn: …

Mura bhfuil sin ar fáil, tabharfar an fhaisnéis a leanas:

10.1.

Monaróir na mbonn: …

10.2.

Tuairisc(í) tráchtála ar an gcineál boinn (de réir acastóra), (e.g. trádainm, treoiruimhir luais, treoiruimhir ualaigh): …

10.3.

Méideanna na mbonn (de réir acastóra): …

10.4.

Uimhir chineálcheadaithe eile (má tá sí ar fáil): …

11.

Maiseanna

11.1.

Ollmheáchan uasta ceadaithe: …kg

11.2.

Mais tástála: …kg

11.3.

Innéacs an chóimheasa cumhachta le meáchan (PMR): …

12.

Fad na feithicle: … m

12.1.

Fad tagartha l tag: … m

13.

Luasanna feithicle tomhas i ngiar (i)

13.1.

An luas feithicle ag tús na tréimhse luasghéaraithe (3 ar a mhéad) le haghaidh ghiar (i): … km/u

13.2.

Fad an réamh-luasghéaraithe le haghaidh ghiar (i): … m

13.3.

Luas feithicle v PP'(3 rith ar an meán) le haghaidh ghiar (i): … km/u

13.4.

Luas feithicle v BB'(3 rith ar an meán) le haghaidh ghiar (i): … km/u

14.

Luasanna feithicle na dtomhasanna i ngiar (i +1) (más infheidhme)

14.1.

An luas feithicle ag tús na tréimhse luasghéaraithe (3 rith ar a mhéad) le haghaidh ghiar (i+1): …km/u

14.2.

Fad an réamh-luasghéaraithe le haghaidh ghiar (i+1): …m

14.3.

Luas feithicle v PP' (3 rith ar an meán) le haghaidh ghiar (i+1): … km/u

14.4.

Luas feithicle v BB' (3 rith ar an meán) le haghaidh ghiar (i+1): … km/u

15.

Ríomhtar an luasghéarú idir línte AA' agus BB'/PP' agus BB'

15.1.

Cur síos ar fheidhmiúlacht na bhfeistí a úsáidtear chun an luasghéarú a chobhsú (más infheidhme): …

16.

Leibhéil torainn a bhaineann le feithicil atá ag gluaiseacht

16.1.

Toradh tástála ar scóig lánoscailte Lwot: … db(A)

16.2.

Torthaí tástála ar luas seasmhach Lcrs: … db(A)

16.3.

Fachtóir cumhachta páirtí kp: …

16.4.

Toradh deiridh tástála Lurban: … db(A)

17.

Leibhéal torainn na feithicle agus í ina stad

17.1.

Suíomh agus treoshuíomh an mhicreafóin (de réir Aguisín 2 d’Iarscríbhinn 3): …

17.2.

Toradh na tástála agus an fheithicil ina stad: … dB(A) ag … nóim-1

18.

Forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime:

18.1.

Dálaí oibriúcháin RD-ASEP

Pointe Tagartha

(i)

Pointe Tagartha

(ii)

dáil oibriúcháin bhreise 1

dáil oibriúcháin bhreise 2

dáil oibriúcháin bhreise 3

18.1.1.

Uimhir an ghiair roghnaithe

 

 

 

 

 

18.1.2.

Luasanna feithicle

-

-

-

-

-

18.1.2.1.

An luas feithicle ag tús na tréimhse luasghéaraithe (3 rith ar an meán) (km/u)

 

 

n.b.

n.b.

n.b.

18.1.2.2.

fad an réamh-luasghéaraithe (m)

 

 

n.b.

n.b.

n.b.

18.1.2.3.

Luas feithicle vAA'

(3 rith ar an meán le haghaidh Phointe Tagartha (i) agus (ii)) (km/u)

 

 

 

 

 

18.1.2.4.

Luas feithicle vPP’

(3 rith ar an meán le haghaidh Phointí Tagartha (i) agus (ii)) (km/u)

 

 

 

 

 

18.1.2.5.

Luas feithicle vBB’

(3 rith ar an meán le haghaidh Phointí Tagartha (i) agus (ii)) (km/u)

 

 

 

 

 

18.1.3.

Luasanna innill

-

-

-

-

-

18.1.3.1.

Luas innill nAA’

(3 rith ar an meán le haghaidh Phointí Tagartha (i) agus (ii)) (nóim-1 u)

 

 

 

 

 

18.1.3.2.

Luas innill nPP’

(3 rith ar an meán le haghaidh Phointí Tagartha (i) agus (ii)) (nóim-1 u)

 

 

 

 

 

18.1.3.3.

Luas innill nBB'

(3 rith ar an meán le haghaidh Phointí Tagartha (i) agus (ii)) (nóim-1 u)

 

 

 

 

 

18.1.4.

Toradh tástála ar lánscóig Lwot le haghaidh Phointí Tagartha (i) agus (ii) (dB (A))

 

 

n.b.

n.b.

n.b.

18.1.5.

uasleibhéal fuaimbhrú LASEP na ndálaí oibriúcháin breise

n.b.

n.b.

 

 

 

18.1.6.

Teorainn RD-ASEP

 

 

 

 

 

18.2.

Féach ráiteas an mhonaróra maidir le comhlíonadh cheanglais mhír 6.3.1. (ceangailte).

19.

Sonraí tagartha maidir le comhlíonadh le linn úsáide

19.1.

Giar (i) nó, i gcás feithiclí a thástáiltear le cóimheasa giair nach bhfuil glasáilte, suíomh roghnóir na ngiaranna a roghnaítear don tástáil: …

19.2.

Fad an réamh-luasghéaraithe l PA: … m

19.3.

An luas feithicle ag tús na tréimhse luasghéaraithe (3 ar a mhéad) le haghaidh ghiar (i): … km/u

19.4.

Leibhéal fuaimbhrú L wot(i): …dB(A)

19.5.

Cláir nó modhanna bogearraí atá inroghnaithe ag an úsáideoir le héifeacht ar Lwot(i) nó Lcrs nó Lurb nó LASEP

19.5.1.

Liosta de chláir nó modhanna bogearraí atá inroghnaithe ag an úsáideoir: …

19.5.2.

Ríomhchláir nó modhanna bogearraí atá inroghnaithe ag an úsáideoir a úsáidtear don chinneadh maidir le Lurb de réir Iarscríbhinn 3: …

19.5.3.

Ríomhchláir nó modhanna bogearraí atá inroghnaithe ag an úsáideoir a úsáidtear don chinneadh Lwot agus LASEP de réir Iarscríbhinn 7: …

20.

An dáta ar cuireadh an fheithicil isteach lena ceadú: …

21.

An tSeirbhís Theicniúil a dhéanann na tástálacha um cheadú: …

22.

Dáta na tuarascála a d’eisigh an tseirbhís sin: …

23.

Uimhir na tuarascála a d’eisigh an tseirbhís sin: …

24.

Ceadú deonaithe/sínte/diúltaithe/aistarraingthe: 2

25.

Áit: …

26.

Dáta: …

27.

Síniú: …

28.

Is iad seo a leanas na doiciméid atá ceangailte leis an teachtaireacht seo, ar a bhfuil an uimhir cheadaithe a léirítear thuas:

Líníochtaí, léaráidí agus pleananna den inneall agus den chóras laghdaithe torainn;

Grianghraif den inneall agus den sceithchóras nó den chóras tosta;

Liosta na gcomhpháirteanna, arna sainaithint go cuí, lena gcomhdhéantar an córas laghdaithe torainn.


(1)  Sainuimhir na tíre a dheonaigh/a shínigh/a dhiúltaigh nó a aistarraing ceadú

(2)  Scrios aon rud nach mbaineann

(3)  Má úsáidtear inneall speisialta, ba cheart é sin a lua


IARSCRÍBHINN 2

Leagan amach marcanna ceadaithe

Samhail A

(Féach mír 5.5. den Rialachán seo)

Image 2

a = 8 mm ar a laghad

Léirítear ar an marc ceadaithe thuas atá greamaithe de ghluaisrothar go ndearnadh an cineál gluaisrothair lena mbaineann a cheadú, maidir le torann, san Ísiltír (E4) de bhun Rialachán Uimh. 41 faoi uimhir cheadaithe 052439. Léirítear leis an gcéad dá dhigit den uimhir cheadaithe gur ceadaíodh an ceadú de réir cheanglais Rialachán Uimh. 41 arna leasú le sraith leasuithe 05.

Samhail B

(Féach mír 5.6. den Rialachán seo)

Image 3

a = 8 mm ar a laghad

Léirítear ar an marc ceadaithe thuas atá greamaithe de ghluaisrothar gur ceadaíodh an cineál gluaisrothair lena mbaineann san Ísiltír (E 4) de bhun Rialacháin Uimh. 41 agus Uimh. 10. Léirítear leis an gcéad dá dhigit de na huimhreacha ceadaithe ar na dátaí ar a deonaíodh na ceaduithe sin, go raibh sraith leasuithe 05 san áireamh i Rialachán Uimh. 41 go raibh sraith leasuithe 01 san áireamh i Rialachán Uimh. 10.


IARSCRÍBHINN 3

Modhanna agus uirlisí chun an torann a dhéanann mótarfheithiclí a thomhas

1.

Torann an ghluaisrothair atá ag gluaiseacht (dálaí tomhais agus modh tástála na feithicle le linn chineálcheadú na compháirte).

1.1.

Uirlisí tomhais

1.1.1.

Tomhais fuaime

1.1.1.1.

Ginearálta

Chun an leibhéal fuaime a thomhas úsáidfear méadar fuaimleibhéil nó córas tomhais coibhéiseach a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le huirlisí d’Aicme 1 (lena n-áirítear an gaothscáth atá molta, má úsáidtear é). Tugtar tuairisc ar na ceanglais sin in IEC 61672-1:2002.

Déanfar tomhais ag baint úsáid as ualú ama “F” na huirlise tomhais fuaime agus as an gcuar ualaithe minicíochta “A” a thuairiscítear freisin in IEC 61672-1:2002. Agus córas á úsáid lena ndéantar faireachán tréimhsiúil ar an leibhéal fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair ualúcháin “A”, ba cheart an leibhéal a léamh gach 30 ms ar a laghad.

Déanfar na huirlisí a chothabháil agus a chalabrú i gcomhréir le treoracha mhonaróir na huirlise.

1.1.1.2.

Calabrú

Ag tús agus ag deireadh gach seisiún tomhais, déanfar an córas tomhais fuaime ar fad a sheiceáil le calabróir fuaime a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh calabróirí fuaime Aicme 1 de réir IEC 60942:2003. Mura ndéantar aon choigeartú eile, beidh an difear idir na léamha níos lú ná 0.5 dB(A) nó cothrom leis sin. Má théitear thar an luach sin, diúltófar torthaí na dtomhas arna bhfáil tar éis na seiceála sásúla deireanaí roimhe sin.

1.1.1.3.

Comhlíonadh na gceanglas

Déanfar comhlíonadh an chalabróra fuaime maidir le ceanglais IEC 60942:2003 a fhíorú uair amháin sa bhliain. Déanfar comhlíonadh an chórais ionstraimíochta maidir le ceanglais IEC 61672-1:2002 a fhíorú gach 2 bhliain ar a laghad. Déanfar na tástálacha comhlíontachta go léir i saotharlann atá údaraithe chun calabrú a dhéanamh atá i gcomhréir leis na caighdeáin iomchuí.

1.1.2.

Ionstraimíocht le haghaidh tomhas luais

Déanfar luas rothlach an innill a thomhas huirlis chomhlíonann teorainneacha sonraíochta de ±2 faoin gcéad ar a laghad nó níos fearr ná sin ag na luasanna innill a theastaíonn chun na tomhais a dhéanamh. I gcás ina bhfuil tomhais eile ann a bhaineann leis na luasanna innill, féadfar an luach ríofa a úsáid (e.g. ríomh ó thomhas an luais feithicle).

Déanfar luas bóthair na feithicle a thomhas le huirlisí a chomhlíonann teorainneacha sonraíochta de ±0.5 km/u ar a laghad agus feistí tomhais leanúnaigh á n-úsáid.

Má úsáidtear tomhais neamhspleácha luais chun tástáil a dhéanamh, déanfaidh an ionstraimíocht sin critéir sonraíochta a chomhlíonadh, ±0.2 km/u ar a laghad (1) 1.

1.1.3.

Ionstraimíocht mheitéareolaíoch

Comhlíonfaidh an ionstraimíocht mheitéareolaíochta a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar dhálaí comhshaoil le linn na tástála na sonraíochtaí seo a leanas:

 

±1 °C nó níos lú le haghaidh feiste tomhais teochta;

 

±1.0 m/s le haghaidh feiste tomhais luas na gaoithe;

 

±5 hPa le haghaidh feiste tomhais brú bharaiméadraigh;

 

±5 faoin gcéad le haghaidh feiste tomhais bogthaise coibhneasta.

1.2.

Timpeallacht fhuaimiúil, dálaí meitéareolaíochta agus torann cúlrach

1.2.1.

Láithreán tástála

Is é a bheidh sa láithreán tástála roinn lárnach luasghéaraithe a mbeidh limistéar tástála ar leibhéal substainteach timpeall air. Beidh an roinn luasghéaraithe cothrom; beidh a dhromchla tirim agus beidh sé deartha ionas go mbeidh an torann rollta íseal i gcónaí.

Ar an láithreán tástála, coinneofar na héagsúlachtaí sa saor-réimse fuaime idir an fhoinse fuaime ag lár na roinne luasghéaraithe agus an micreafón laistigh de 1 dB(A). Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll seo mura bhfuil rudaí móra ann a léiríonn fuaim, mar shampla fálta, carraigeacha, droichid nó foirgnimh, laistigh de 50 m ó lár na roinne luasghéaraithe. Beidh clúdach dromchla bóthair an láithreáin tástála i gcomhréir le ISO10844:2014.

Ní chuirfear bac ar bith ar an micreafón a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don réimse fuaime, agus ní fhéadfaidh aon duine seasamh idir an micreafón agus an fhoinse fuaime. Gabhfaidh an breathnóir a dhéanfaidh na tomhais ionad sa chaoi nach ndéanfaidh sé difear do léamha na huirlise tomhais.

1.2.2.

Na dálaí meitéareolaíocha

Seachadfaidh an ionstraimíocht mheitéareolaíochta sonraí atá ionadaíoch don láithreán tástála, agus beidh sí suite cóngarach don limistéar tástála ag airde atá ionadaíoch d’airde an mhicreafóin tomhais.

Déanfar na tomhais nuair a bheidh teocht an aeir chomhthimpeallaigh laistigh den raon ó 5 °C go 45 °C. Ní dhéanfar na tástálacha i gcás inar mó ná 5 m/s luas na gaoithe, lena n-áirítear séideáin, ag airde an mhicreafóin, le linn an eatraimh chun torann a thomhas.

Déanfar luach do theocht, luas agus treo na gaoithe, bogthaise choibhneasta, agus do bhrú baraiméadrach a thaifeadadh le linn an eatraimh chun torann a thomhas.

1.2.3.

Torann cúlrach

Aon bhuaic san fhuaim ar léir nach mbaineann sé le saintréithe leibhéal ginearálta torainn na feithicle, déanfar neamhaird de sin agus an méadar á léamh.

Déanfar an torann cúlrach a thomhas ar feadh 10 s go díreach roimh shraith tástálacha ar fheithiclí agus díreach ina ndiaidh. Déanfar na tomhais leis na micreafóin chéanna agus na suíomhanna micreafóin céanna agus a bhí in úsáid le linn na tástála. Déanfar an t-uasleibhéal fuaimbhrú A-ualaithe a thuairisciú.

Beidh an torann cúlrach (lena n-áirítear aon torann ón ngaoth) 10 dB(A) ar a faoin leibhéal fuaimbhrú ualaithe de réir an chuair A-ualaithe atá ag an bhfeithicil atá á tástáil. Má tá an difríocht idir an leibhéal fuaimbhrú chúlraigh agus an leibhéal fuaimbhrú tomhaiste idir 10 dB(A) agus 15 dB(A), chun toradh na tástála a ríomh, déanfar an ceartú cuí a dhealú ó na léamha ar an méadar leibhéal fuaime, mar a thugtar i dTábla 1.

Tábla 1

Ceartúchán curtha i bhfeidhm ar luach tástála tomhaiste aonair

Difríocht sa leibhéal fuaimbhrú chúlraigh go leibhéal fuaimbhrú tomhaiste, in dB

10

11

12

13

14

≥ 15

Ceartúchán, in dB(A)

0,5

0,4

0,3

0,2

0,1

0,0

1.3.

Nósanna imeachta tástála

1.3.1.

Suíomhanna an mhicreafóin

Is é 7.5 ±0.05 m an t-achar idir suíomhanna an mhicreafóin ó líne CC', ar líne mhicreafóin PP', ingearach le líne thagartha CC' ar an rian tástála (féach Iarscríbhinn 4 – Fíor 1).

Beidh na micreafóin suite 1.2 ±0.02 m os cionn leibhéal na talún. Beidh an treo tagartha le haghaidh dálaí saor-réimse (féach IEC 61672-1:2002) cothrománach agus díreofar í go hingearach i dtreo chosán líne feithicle CC'.

1.3.2.

Dálaí na feithicle

1.3.2.1.

Coinníollacha Ginearálta

Beidh an fheithicil nó na feithiclí a tástáladh ionadaíoch d’fheithiclí atá le cur ar an margadh faoin gcineál feithicle atá le ceadú agus le roghnú ag an monaróir i gcomhaontú leis an Údarás Cineálcheadaithe, chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

Sula dtosaítear ag déanamh na dtomhas, cuirfear an fheithicil ag obair faoina ghnáthdhálaí oibrithe.

Má tá gaothráin le sásra uathoibríoch gníomhrúcháin feistithe sa ghluaisrothar, ní chuirfear isteach ar an gcóras sin le linn thomhais na fuaime. Maidir le gluaisrothair a bhfuil níos mó ná roth tiomáinte amháin orthu, ní fhéadfar ach an tiomáint a sholáthraítear le haghaidh gnáthoibríocht bóthair a úsáid.

1.3.2.2.

Mais tástála na feithicle

Déanfar tomhais ar fheithiclí ag an mais tástála seo a leanas m t, in kg, a shonraítear mar:

m t = mkerb +75 ±5 kg

(Is ionann 75 ±5 kg agus mais an tiománaí agus na hionstraimíochta)

1.3.2.3.

Roghnú agus riocht na mbonn

Beidh na boinn oiriúnach don fheithicil agus beidh siad teannta go dtí an brú atá molta ag monaróir na feithicle do mhais tástála na feithicle.

Is é monaróir na feithicle a roghnóidh na boinn, agus comhfhreagróidh siad do cheann de mhéideanna agus de chineálacha na mbonn a bheidh ainmnithe don fheithicil ag monaróir na feithicle. Beidh an íosdoimhneacht tráchta 80 faoin gcéad ar a laghad den dhoimhneacht iomlán tráchta.

1.3.3.

Dálaí oibriúcháin

1.3.3.1.

Dálaí ginearálta oibriúcháin

Leanfaidh cosán lárlíne na feithicle líne CC' a mhéad agus is féidir le linn na tástála iomláine, ó dhruidim le líne AA' go rachaidh cúl na feithicle thar líne BB' +20m (féach Iarscríbhinn 4 – Fíor 1).

1.3.3.1.1.

I gcás tástálacha luasghéaraithe ar lánscóig druidfidh an fheithicil le líne AA' ag luas seasmhach. Nuair a rachaidh tosach na feithicle thar líne AA' aistreofar an rialú scóige go dtí an t-uas-suíomh scóige chomh tapa agus is féidir agus coinneofar sa suíomh sin é go dtí go rachaidh cúl na feithicle thar BB'. Ag an nóim sin aistreofar an rialú scóige go dtí an suíomh réchasta chomh tapa agus is féidir.

Mura sonraítear a mhalairt féadfaidh an monaróir rogha a dhéanamh réamh-luasghéarú a úsáid i d tástáil luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte chun luasghéarú cobhsaí a bhaint amach idir línte AA' agus BB'. Téitear ar aghaidh le tástáil le réamh-luasghéarú mar a thuairiscítear thuas ach amháin go n-aistrítear an rialú scóige go dtí an t-uas-suíomh scóige a bhí ann cheana féin sula rachaidh an fheithicil thar líne AA', is é sin nuair a bheidh tosach na feithicle fós ag achar IPA, an fad réamh-luasghéaraithe, ó líne AA'.

Roghnófar an luas isteach ionas go sroichfidh an fheithicil tástáil luas fhorordaithe v testu nuair a rachaidh a tosach thar líne PP'.

1.3.3.1.2.

Le linn tástálacha ar luas seasmhach, beidh an t-aonad rialaithe luasghéaraithe suite chun luas seasmhach feithicle a choinneáil idir línte AA' agus BB'.

1.3.3.2.

Dálaí oibriúcháin le haghaidh feithiclí lena bhfuil PMR ≤ 25

Déantar tástáil ar an bhfeithicil i d tástáil luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte leis na sonraíochtaí seo a leanas:

(a)

Is é vtest = 40 ±1 km/u a luas tástála a bheidh ann.

(b)

Nuair a rachaidh cúl na feithicle thar an líne BB', ní rachaidh an luas feithicle thar 75 faoin gcéad den uasluas feithicle arna shainiú i mír 2.10. den Rialachán seo, agus ní rachaidh an luas innill thar an uasluas rátaithe innill.

Roghnófar an giar don tástáil ar an mbealach atriallach seo a leanas:

Beidh an luas tástála tosaigh mar a shonraítear thuas. Laghdófar an luas tástála faoi incrimintí 10 faoin gcéad den (i.e. 4 km/u) i gcás inar mó an luas ag an bpointe fágála v BB’ ná 75 faoin gcéad den v max nó i gcás inar mó an luas innill ná an luas innill rátaithe S ag BB'. Is é an giar roghnaithe an ceann is ísle gan dul thar an luas innill rátaithe S le linn na tástála. Déantar na dálaí tástála deiridh a chinneadh leis an ngiar is ísle is féidir ag an luas tástála is airde is féidir gan dul thar 75 faoin gcéad den v uasta nó an luas inneall rátáilte S ag BB'.

Chun am tástála a shábháil, féadfaidh an monaróir faisnéis a sholáthar faoin nós imeachta atriallach maidir le roghnú na ngiaranna mar a shonraítear thuas.

Tugtar sreabhchairt den nós imeachta tástála in Aguisín 1 a ghabhann leis an iarscríbhinn seo.

1.3.3.3.

Dálaí oibriúcháin le haghaidh feithiclí lena bhfuil PMR > 25

Tá an fheithicil a thástáil i dtástáil luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte agus i dtástáil ar luas seasmhach.

1.3.3.3.1.

Tástáil luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte

I gcás tástálacha luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte luasghéarú sonraítear an luas tástála agus meán-luasghéarú na feithicle sa rian tástála.

Ní thomhaistear na luasanna go díreach ach ríomhtar iad ó thomhais an luais feithicle mar a thuairiscítear i mír 1.4. thíos.

1.3.3.3.1.1.

Luas na tástála

Is mar a leanas a bheidh an luas tástála v test:

 

40 ±1 km/u I gcás feithiclí lena bhfuil PMR ≤ 50; agus

 

50 ±1 km/u I gcás feithiclí lena bhfuil PMR> 50.

Más rud é, i ngiar ar leith, gur mó an luas ag an bpointe fágála v BB' ná 75 faoin gcéad de v max na feithicle, déanfar an luas tástála don tástáil sa ghiar sin a laghdú de réir a chéile le hincrimintí 10 faoin gcéad den v test (i.e. 4 km/u nó 5 km/u) go dtí go dtitfidh an luas ag an bpointe fágála v BB' faoi 75 faoin gcéad den v max.

1.3.3.3.1.2.

Luasghéarú tagartha agus sprioc-luasghéarú

Le linn na dtástálacha luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte sroichfidh an fheithicil an luasghéarú tagartha awot ref mar a leanas:

a wot ref = 2.47 * log(PMR) - 2.52 i gcás feithiclí lena bhfuil PMR ≤ 50; agus

a wot ref = 3.33 * log(PMR) - 4.16 i gcás feithiclí lena bhfuil PMR > 50

Baintear úsáid as torthaí na dtástálacha luasghéaraithe sin leis an scóig lánoscailte mar aon le torthaí na dtástálacha ar luas seasmhach chun luasghéarú ualaigh pháirtí a bhaineann le tiomáint uirbeach de ghnáth a chomhfhogasú. Sainítear an sprioc-luasghéarú comhfhreagrach i dtimpeallacht a urban mar a leanas:

a urban = 1.37 * log(PMR) - 1.08 i gcás feithiclí lena bhfuil PMR ≤ 50; agus

a urban = 1.28 * log(PMR) - 1.19 i gcás feithiclí lena bhfuil PMR> 50.

1.3.3.3.1.3.

Roghnú na ngiaranna

Tá sé de fhreagracht ar an monaróir an modh ceart tástála a roghnú maidir leis an luas tástála agus an luasghéarú is gá a bhaint amach.

1.3.3.3.1.3.1.

Feithiclí ina bhfuil traiseoladh láimhe, traiseoladh uathoibríoch nó traiseoladh ag a bhfuil cóimheas traiseolta inathraithigh leanúnaigh (CVTanna) a thástáiltear le giaranna glasáilte

Braitheann roghnú na ngiaranna don tástáil ar an luasghéarú sonrach faoi ar lánscóig sna giaranna éagsúla i ndáil leis an luasghéarú tagartha awot,ref a theastaíonn le haghaidh na dtástálacha luasghéaraithe ar lánscóig de réir mhír 1.3.3.3.1.2. thuas.

Is indéanta na dálaí seo a leanas maidir le roghnú na ngiaranna:

(a)

Má tá dhá ghiar ann a thugann luasghéarú i mbanda lamháltais ±10 faoin gcéad den luasghéarú tagartha a wot,ref, úsáidfear an giar is gaire don luasghéarú tagartha don tástáil agus sainaithneofar mar an gcéanna é sa tuarascáil tástála;

(b)

Más rud é nach dtugann ach giar sonrach amháin luasghéarú sa bhanda lamháltais ±10 faoin gcéad den luasghéarú a wot ref, déanfar an tástáil leis an ngiar sin;

(c)

Mura dtugann aon cheann de na giaranna an luasghéarú is gá go dtí laistigh de ±10 faoin gcéad den luasghéarú tagartha a wot,ref, déanfar na tástálacha in dhá ghiar chóngaracha (i) agus (i+1) a roghnófar ionas go dtabharfaidh an giar (i) luasghéarú níos airde agus go dtabharfaidh an giar (i + 1) luasghéarú níos ísle ná an luasghéarú tagartha a wot,ref.

Má sháraítear an luas rátaithe innill i ngiar sula dtéann an fheithicil thar líne BB' úsáidfear an chéad ghiar eile is airde ná sin.

Má tá níos mó ná giar amháin ar an bhfeithicil, ní úsáidfear an chéad ghiar. Más rud é nach féidir a wot,ref a bhaint amach ach sa chéad ghiar, úsáidfear an dara giar.

1.3.3.3.1.3.2.

Feithiclí ina bhfuil traiseoladh láimhe, traiseoladh oiriúnaitheach nó traiseoladh ag a bhfuil cóimheas traiseolta inathraithigh leanúnaigh (CVTanna) a thástáiltear le giaranna neamhghlasáilte

Úsáidfear an suíomh roghnóra giaranna le haghaidh lánfheidhmiú uathoibríoch.

Féadfar an giar a athrú le linn na tástála go giar níos ísle a bhfuil luasghéarú níos airde ag baint leis. Ní cheadaítear athrú go giar níos airde agus go luasghéarú níos ísle. In aon chás, seachnófar athrú ghiar go giar nach n-úsáidtear de ghnáth ag an dáil shonraithe i dtrácht uirbeach.

Dá bhrí sin, ceadaítear bunú agus úsáid feistí leictreonacha nó meicniúla, lena n-áirítear giaranna malartacha chun ísliú go giar nach gnách a úsáid i gcás na dála sonraí tástála i dtrácht uirbeach a chosc. Má úsáidtear feistí den sórt sin, ní fhéadfar réamh-luasghéarú ar bith a chur i bhfeidhm. Déanfar cur síos ar fheidhmiúlacht na bhfeistí san fhoirm chumarsáide.

1.3.3.3.2.

Tástáil ar luas seasmhach

I gcás na dtástálacha ar luas seasmhach, beidh na giaranna nó an suíomh roghnóra giaranna agus na luasanna tástála comhionann leis na cinn a úsáideadh sna tástálacha luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte a rinneadh roimhe sin.

1.4.

Próiseáil agus tuairisciú sonraí

1.4.1.

Ginearálta

Déanfar trí thomhas ar a laghad do gach dáil tástála ar gach taobh den fheithicil agus do gach giar.

Déanfar laghdú 1 dB(A) ar uasleibhéal fuaimbhrú A-ualaithe “L” a léirítear gach uair a théann an fheithicil idir AA' agus nuair a théann cúl na feithicle thar BB' + 20 m (féach Iarscríbhinn 4 – Fíor 1) chun cuntas a thabhairt ar míchruinneas an tomhais agus déanfar é a shlánú go matamaiticiúil go dtí an chéad ionad deachúlach is gaire (e.g. XX.X) don dá shuíomh micreafóin. Más léir nach bhfuil buaic san fhuaim ag teacht le leibhéal ginearálta an fhuaimbhrú, diúltófar an tomhas sin.

Úsáidfear na chéad trí thoradh bhailí tomhais as a chéile do gach dáil tástála, laistigh de 2.0 dB(A), lena n-éascófar scriosadh na dtorthaí neamh-bhailí, chun an toradh idirmheánach nó deiridh iomchuí a ríomh.

Déanfar na tomhais luais ag AA' (v AA'), BB' (v BB') agus PP' (v PP') a shlánú go matamaiticiúil go dtí an chéad ionad deachúlach is gaire (e.g. XX.X) agus déanfar nóta díobh le haghaidh ríomhanna eile.

1.4.2.

An luasghéarú a ríomh

Déantar na luasghéaruithe go léir a ríomh agus an fheithicil ar luasanna éagsúla ar an raon tástála. Ag brath ar an gcineál traiseolta ríomhtar an luasghéarú idir línte A' agus BB' nó idir línte PP' agus BB' mar a shonraítear thíos. Cinnfear an modh arna úsáid chun an luasghéarú a chur in iúl sa tuarascáil tástála.

I ngach ceann de na cásanna seo a leanas, ríomhtar an luasghéarú idir línte AA" agus BB" mar a shonraítear i mír 1.4.2.1. thíos:

(a)

Tá traiseoladh láimhe feistithe san fheithicil.

(b)

Tá traiseoladh uathoibríoch nó traiseoladh le cóimheasa giair inathraithigh leanúnaigh (CVTanna), ach a tástáladh le cóimheasa giaranna glasáilte, feistithe san fheithicil.

(c)

Tá traiseoladh láimhe, traiseoladh oiriúnaitheach nó traiseoladh ag a bhfuil cóimheas traiseolta inathraithigh leanúnaigh (CVTanna) a thástáiltear le cóimheasa giaranna neamhghlasáilte feistithe san fheithicil, agus úsáidtear feistí leictreonacha nó meicniúla, lena n-áirítear suíomhanna malartacha roghnóra giaranna, chun cosc a chur ísliú go giar nach n-úsáidtear de ghnáth ag an dáil tástála sonraithe i dtrácht uirbeach.

I ngach cás eile, ríomhtar an luasghéarú idir línte PP' agus BB' mar a shonraítear i mír 1.4.2.2. thíos.

1.4.2.1.

Ríomh an luasghéarú idir línte AA' agus BB'

Ríomhtar an luasghéarú ó thomhais an luais feithicle ag línte AA' agus BB':

a wot,(i),j = ((v BB',j / 3.6)2 - (v AA',j / 3.6)2) / (2 * (20 + l ref))

I gcás inarb ionann:

Tagraíonn an t-innéacs “(i)” don ghiar a úsáidtear agus an t-innéacs “j” do uimhir an tomhais aonair. Cuirtear na luasanna in iúl in aonaid km/u agus tá aonaid m/s2 ag na luasanna a thagann as sin;

Is ionann l ref agus fad na feithicle nó 2 m, ar féidir le monaróir na feithicle, leis an Údarás Cineálcheadaithe agus leis an tSeirbhís Theicniúil é a roghnú faoi shaoirse.

1.4.2.2.

Ríomh an luasghéarú idir línte PP' agus BB'

Ríomhtar an luasghéarú ó thomhais an luais feithicle ag línte PP' agus BB':

a wot,(i),j = ((v BB',j / 3.6)2 - (v PP',j / 3.6)2) / (2 * (10 + l ref))

I gcás inarb ionann:

Tagraíonn an t-innéacs “(i)” don ghiar a úsáidtear agus an t-innéacs “j” do uimhir an tomhais aonair. Cuirtear na luasanna in iúl in aonaid km/u agus tá aonaid m/s2 ag na luasanna a thagann as sin;

Is ionann l ref agus fad na feithicle nó 2 m, ar féidir le monaróir na feithicle, leis an Údarás Cineálcheadaithe agus leis an tSeirbhís Theicniúil é a roghnú faoi shaoirse.

Ní úsáidfear réamh-luasghéarú.

1.4.2.3.

Meán na dtomhas aonair a ríomh

Déantar na luasanna a ríomhtar ó thrí rith bhailí a mheánú go huimhríochtúil chun an meán-luasghéarú maidir leis an dáil tástála a thabhairt:

a wot,(i) = (1 / 3) * (a wot,(i),1 + a wot,(i),2 + a wot,(i),3)

Déanfar meán-luasghéarú awot,(i) a shlánú go matamaiticiúil go dtí an dara ionad deachúlach is gaire (e.g. XX.XX) agus déanfar nóta díobh le haghaidh ríomhanna eile.

1.4.3.

An fachtóir ualaithe giair a ríomh

Ní úsáidtear an fachtóir ualaithe giair k ac i gcás tástáil dhá ghiar chun na torthaí ón dá ghiar a chur isteach i dtoradh amháin.

Is uimhir gan toisí é an fachtóir ualaithe giair a shainítear mar a leanas:

k = (a wot,ref - a wot,(i+1)) / (a wot(i) - a wot,(i+1))

1.4.4.

Ríomh an fhachtóra cumhachta páirtí

Is ionann an fachtóir cumhachta páirtí k p agus uimhir gan toisí a úsáidtear chun torthaí tástálacha luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte a chur le torthaí tástála ar luas seasmhach.

1.4.4.1.

I gcás feithiclí a tástáladh in dhá ghiar, sainítear an fachtóir cumhachta páirtí mar

k p = 1 - (a urban / a wot,ref).

1.4.4.2.

I gcás feithiclí a tástáladh i ngiar amháin nó le roghnóir na ngiaranna i suíomh amháin, sainítear an fachtóir cumhachta páirtí mar:

k p = 1 - (a urban / a wot,(i))

Má tá a wot,(i) cothrom le nó níos lú ná a urban, socrófar k p ar nialas.

1.4.5.

Próiseáil na dtomhas fuaimbhrú

Maidir le dáil tástála ar leith, déanfar trí thoradh aonair gach taoibh den fheithicil a mheánú ar leithligh:

L mód,(i),taobh = (1 / 3) * (L mód,(i),taobh,1 + L mód,(i),taobh,2 + L mód,(i),taobh,3)

Sa chás go dtagraíonn an “mód” innéacs don mhód tástála (luasghéarú iomlán nó luas seasmhach), “(i)” go dtí an giar agus “taobh” leis an suíomh micreafóin (ar chlé nó ar dheis).

Déanfar luach níos airde an dá mheán a shlánú go matamaiticiúil go dtí an chéad ionad deachúlach is gaire (e.g. XX.X) agus tabharfar an méid seo a leanas ar aird le haghaidh tuilleadh ríomh:

L mód,(i) = MAX (L mód,(i),clé ; L mód,(i),ar dheis)

1.4.6.

Torthaí deiridh na tástála a ríomh

1.4.6.1.

Feithiclí lena bhfuil PMR ≤ 25

Ní dhéantar feithiclí lena bhfuil PMR nach mó na 25 leo a thástáil i ngiar aonair nó sa suíomh roghnóra giaranna ach ar lánscóig amháin. Is é toradh na tástála deiridh leibhéal fuaimbhrú L wot,(i) arna shlánú go matamaiticiúil go dtí an chéad ionad deachúlach is gaire (e.g. XX.X).

1.4.6.2.

Feithiclí lena bhfuil PMR > 25

Má tástáladh an fheithicil in dhá ghiar, úsáidtear an fachtóir ualaithe giair chun torthaí tástála na d tástálacha luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte agus na dtástálacha ar luas seasmhach a ríomh:

 

L wot = L wot (i+1) + k * (L wot,(i) - L wot,(i+1))

 

L crs = L crs (i+1) + k * (L crs,(i) - L crs,(i+1))

Má tástáladh an fheithicil i ngiar amháin nó sa suíomh roghnóra giaranna , ní gá aon ualú breise a dhéanamh:

 

L wot = L wot,(i)

 

L crs = L crs,(i)

Déantar an leibhéal fuaimbhrú L urban a léiríonn tiomáint uirbeach a ríomh ar deireadh ag baint úsáid as an bhfachtóir cumhachta páirtí k p:

 

L urban = L wot - k p * (L wot - L crs)

Déantar gach leibhéal fuaimbhrú a shlánú go matamaiticiúil go dtí an chéad ionad deachúlach is gaire (e.g. XX.X).

2.

Torann ó ghluaisrothar atá ina stad (dálaí tomhais agus modh tástála na feithicle atá in úsáid).

2.1.

Leibhéal fuaimbhrú i ngarchomharsanacht an ghluaisrothair

Chun tástálacha torainn ina dhiaidh sin ar ghluaisrothair atá in úsáid a éascú, déanfar an leibhéal fuaimbhrú a thomhas freisin i ngarchomharsanacht chórais an sceithphíopa i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas, agus cuirfear toradh an tomhais isteach sa teachtaireacht dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1.

2.2.

Uirlisí tomhais

Úsáidfear beachtmhéadar fuaime faoi mar a shainítear i mír 1.1.1. den iarscríbhinn seo.

2.3.

Dálaí tomhais

2.3.1.

Riocht an ghluaisrothair

Beidh traiseoladh na feithicle sa ghiar neodrach agus beidh an crág ag oibriú, nó sa ghiar páirceála le haghaidh traiseoladh uathoibríoch, agus beidh an coscán páirceála i bhfeidhm chun críocha sábháilteachta, má tá sé feistithe.

Casfar as aerchóiritheoir na feithicle, má tá sé feistithe.

Má tá gaothrán nó gaothráin a bhfuil meicníocht ghníomhaithe uathoibríoch leo feistithe san fheithicil, ní chuirfear isteach ar an gcóras sin agus an leibhéal fuaimbhrú á thomhas.

Beidh an cochall innill nó an cumhdach urrainne dúnta.

Sula ndéantar gach sraith tomhas, cuirfear an t-inneall ag obair faoina ghnáth-theocht oibrithe, mar atá sainithe ag an monaróir.

I gcás feithicle mótarthiomáinte dhá roth nach bhfuil aon ghiar neodrach inti, déanfar tomhais agus an roth cúil ardaithe ón talamh ionas gur féidir leis an roth rothlú go héasca.

Más gá feithicil dhá roth a ardú ón talamh chun an tástáil a dhéanamh, déanfar suíomh tomhais an mhicreafóin a choigeartú chun an t-achar sonraithe a bhaint amach ó phointe tagartha an sceithphíopa; féach Fíor 1 chun suíomh na bpointí tagartha a fheiceáil.

2.3.2.

Láithreán tástála

Beidh láithreán oiriúnach tástála amuigh faoin aer agus is é a bheidh ann asfalt dlúth coincréite comhréidh nach mbeidh aon leibhéal suntasach póiriúlachta nó aon dromchla réidh d’ábhar crua comhchosúil ag baint leis, agus é saor ó shneachta, ó fhéar, ó ithir scaoilte, ó luaithreach nó ó ábhar ionsúite fuaime eile. Beidh sé i spás oscailte saor ó dhromchlaí móra frithchaiteacha, amhail feithiclí páirceáilte, foirgnimh, cláir fógraí, crainn, rosán, ballaí comhthreomhara, daoine, etc., laistigh de gha 3 m ón suíomh micreafóin agus ó aon phointe den fheithicil.

Mar mhalairt ar thástáil taobh amuigh, is féidir seomra leath-neamh-mhacallach a úsáid. Comhlíonfaidh an seomra leath-neamh-mhacallach na ceanglais fuaime a thugtar thuas. Comhlíonfar na ceanglais sin má chomhlíonann an tsaoráid tástála na critéir maidir le hachar 3 m thuas agus má tá minicíocht scoite léi atá faoi bhun an leibhéil is ísle de:

(a)

Banda aon trian ochtagánach faoi bhun mhinicíocht bhunúsach is ísle an innill le linn na ndálaí tástála; agus

(b)

100 Hz (2) 2.

2.3.3.

Nithe Ilghnéitheacha

Beidh léamha na huirlise tomhais ó thorann comhthimpeallach agus éifeachtaí na gaoithe ionann le 10 dB(A) ar a laghad níos ísle ná na leibhéil fuaime a thomhaisfear. Féadfar gaothscáth oiriúnach a fheistiú ar an micreafón ar an gcoinníoll go gcuirfear an tionchar atá aige ar íogaireacht an mhicreafóin san áireamh.

Ní dhéanfar na tástálacha i gcás inar mó ná 5 m/s luas na gaoithe, lena n-áirítear séideáin, le linn an eatraimh um thomhas fuaime.

2.4.

Modh tomhais

2.4.1.

Suíomh an mhicreafóin (féach Aguisín 2)

Beidh an micreafón suite ag achar 0.5 ±0.01 m ó phointe tagartha an sceithphíoba a shainítear i bhFíor 1 agus ag uillinn 45 ± 5° go dtí an plána ingearach ina bhfuil sreabh-ais dheireadh an phíobáin. Beidh an micreafón ar comhard leis an bpointe tagartha, ach ní bheidh sé níos lú ná 0.2 m ó dhromchla na talún. Beidh ais tagartha an mhicreafóin suite ar phlána comhthreomhar le dromchla na talún agus beidh sí dírithe i dtreo an phointe thagartha ar an sceithphíopa.

Is é a bheidh sa phointe tagartha an pointe is airde a chomhlíonfaidh na coinníollacha seo a leanas:

(a)

Beidh an pointe tagartha ag deireadh an sceithphíopa,

(b)

Beidh an pointe tagartha ar an bplána ingearach ina bhfuil lárionad an sceithphíopa agus sreabh-ais dheireadh an sceithphíopa.

Má tá dhá shuíomh féideartha ann don mhicreafón, úsáidfear an ceann is faide go taobhach ó fhad-lárlíne na feithicle.

Má tá sreabh-ais an sceithphíopa ar uillinn 90°± 5° le fad-lárlíne na feithicle, beidh na micreafón suite ag an bpointe is faide ón inneall.

Má tá spás níos lú ná nó cothrom le 0.3 m idir dhá sceithphíopa i bhfeithicil agus iad ceangailte le tostóir amháin, ní dhéanfar ach tomhas amháin. Beidh an micreafón suite i gcoibhneas leis an sceithphíopa is faide ó lárlíne fadaimseartha na feithicle, nó, nuair nach ann don sceithphíopa sin, leis an sceithphíopa is airde os cionn na talún. Déanfar an tomhas 0.3 m feadh plána amháin atá ingearach le sreabh-aise na ngás sceite.

Má tá spás níos lú ná nó cothrom le 0.3 m idir dhá sceithphíopa i bhfeithicil agus iad ceangailte le tostóirí ar leith, ní dhéanfar ach tomhas amháin. Beidh an micreafón suite i gcoibhneas leis an sceithphíopa is faide ó lárlíne fadaimseartha na feithicle, nó, nuair nach ann don sceithphíopa sin, leis an sceithphíopa is airde os cionn na talún.

Maidir le feithiclí ina bhfuil sceitheadh agus a bhfuil sceithphíopaí atá níos mó ná 0.3 m óna chéile, déantar tomhas amháin do gach sceithphíoba amhail is dá mba é an t-aon cheann é, agus déanfar nóta den leibhéal fuaimbhrú is airde. Chun seiceáil cois bóthair a dhéanamh, féadfar an pointe tagartha a aistriú go dtí an taobh amuigh den chabhlach.

Fíor 1

Pointe tagartha

Image 4

2.4.2.

Dálaí oibriúcháin

2.4.2.1.

Spriocluas an innill

Sainítear spriocluas an innill mar

75 faoin gcéad de Si gcás feithiclí lena bhfuil S ≤ 5 000 nóim–1, agus

50 faoin gcéad de Si gcás feithiclí lena bhfuil S > 5 000 nóim–1.

I gcás feithicle nach féidir léi, i dtástáil agus í ina stad, an spriocluas innill a shainítear thuas a bhaint amach, úsáidfear 95 faoin gcéad den uasluas innill is féidir a shroicheadh i dtástáil agus an fheithicil ina stad ina ionad sin mar spriocluas innill.

2.4.2.2.

Nós imeachta tástála

Déanfar an luas innill a mhéadú de réir a chéile ó luas réchasta go dtí an spriocluas innill agus coinneofar seasmhach é laistigh de bhanda lamháltais ±5 faoin gcéad. Ansin scaoilfear rialú na scóige go sciobtha agus rachaidh luas an innill ar ais go luas réchasta. Déanfar an leibhéal fuaimbhrú a thomhas le linn tréimhse ina mbeidh an luas seasmhach innill ar feadh 1 s agus ar feadh na tréimhse luasmhoillithe ar fad. Glacfar leis gurb é léamh an mhéadair uasleibhéil fuaime luach na tástála.

Ní mheasfar tomhas a bheith bailí ach murar imigh luas innill na tástála ón spriocluas innill faoi níos mó ná an lamháltas sonraithe ±5 faoin gcéad ar feadh 1 s ar a laghad.

2.4.3.

Sceithchórais ilmhodha

Déanfar feithiclí ina bhfuil sceithchóras ilmhodha inchoigeartaithe de láimh feistithe a thástáil ar gach modh.

2.5.

Torthaí

2.5.1.

Léireofar sa Teachtaireacht dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 na sonraí ábhartha uile agus go háirithe na sonraí sin a úsáidtear chun torann an ghluaisrothair agus é ina stad a thomhas.

2.5.2.

Déanfar tomhais ag suíomh (suíomhanna) an mhicreafóin a fhorordaítear thuas. Déanfar nóta den uasleibhéal fuaimbhrú A-ualaithe a léireofar le linn na tástála, agus figiúr suntasach amháin á choinneáil taobh thiar den ionad deachúlach (e.g. déanfar nóta de 92,45 mar 92,5 agus déanfar nóta 92,44 mar 92,4).

Déanfar an tástáil arís go dtí go bhfaighfear trí thomhas i ndiaidh a chéile a bheidh laistigh de 2,0 dB(A) óna chéile ag gach sceithphíopa.

2.5.3.

Is é an toradh le haghaidh sceithphíopa ar leith meán uimhríochtúil na dtrí thomhas bhailí, arna slánú go matamaiticiúil go dtí an luach slánuimhreach is gaire (e.g. déanfar nóta de 92,5 mar 93 agus déanfar nóta de 92,4 mar 92).

2.5.4.

I gcás feithiclí ina bhfuil go leor sceithphíopaí, beidh an leibhéal fuaimbhrú tuairiscithe don sceithphíopa lena bhfuil an meánleibhéal fuaimbhrú is airde.

2.5.5.

I gcás feithiclí ina bhfuil sceithchóras ilmhodha agus rialú láimhe modha sceite, is don mhód lena bhfuil an meánleibhéal fuaimbhrú is airde a bheidh an leibhéal fuaimbhrú a thuairiscítear.

3.

Torann ón ngluaisrothar atá ag gluaiseacht (sonraí a tuairiscíodh chun tástáil na feithicle in úsáid a éascú).

3.1.

Féadfaidh Páirtí Conarthach nós imeachta tástála le haghaidh tástálacha ar chomhlíonadh le linn úsáide a shainiú, agus aon difríochtaí ó na dálaí tástála a úsáidtear le linn cineálcheadaithe á gcur san áireamh go cuí.

3.2.

Chun go mbeidh sé níos éasca tástálacha ar comhlíonadh le linn úsáide a dhéanamh ar ghluaisrothair, tugtar sonraí tagartha um chomhlíonadh le linn úsáide ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le tomhais na leibhéal fuaimbhrú a dhéantar i gcomhréir le mír 1 d’Iarscríbhinn 3 don ghluaisrothar atá ag gluaiseacht:

(a)

Giar (i) nó, i gcás feithiclí a thástáiltear le cóimheasa giair nach bhfuil glasáilte, an suíomh roghnóra giaranna a roghnaítear don tástáil;

(b)

An fad réamh-luasghéaraithe l PA in m;

(c)

Meánluas na feithicle in km/u ag tús an luasghéaraithe leis an scóig lánoscailte do thástálacha i ngiar (i); agus

(d)

Leibhéal fuaimbhrú L wot,(i) in dB(A) de na tástálacha ar scóig lánoscailte i ngiar (i), arna shonrú mar uasmhéid an dá luach de thoradh ar mheán na dtorthaí tomhais aonair a fháil ag gach suíomh micreafóin ar leithligh.

3.3.

Déanfar na sonraí tagartha maidir le comhlíonadh le linn úsáide a iontráil san fhoirm chumarsáide atá i gcomhréir le hIarscríbhinn 1.

(1)  Is éard atá i gceist le tomhais neamhspleácha luais ná nuair a chinnfidh dhá fheiste ar leithligh nó níos mó luachanna vAA’, vBB’ agus vPP'. Le feiste tomhais leanúnaigh amhail radar cinnfear an fhaisnéis luais riachtanach go léir le haon fheiste amháin.

(2)  Sonraítear feidhmíocht torainn na saoráidí tástála faoi dhíon i gcomhthéacs na minicíochta scoite (Hz). Is é sin an mhinicíocht arb é os a cionn ar féidir glacadh leis go bhfeidhmíonn an seomra mar spás leath-neamh-mhacallach.


IARSCRÍBHINN 3

Aguisín 1

Sreabhchairt den nós imeachta tástála maidir le tástáil na feithicle atá ag gluaiseacht i gcás feithiclí de chatagóir L3 lena bhfuil PMR ≤ 25

Image 5

Aguisín 2

Suíomh na micreafón don tástáil torainn agus an fheithicil ina stad

Image 6

Toisí i méadair, mura léirítear a mhalairt


IARSCRÍBHINN 4

Leagan amach an raoin tástála

Fíor 1

Leagan amach an riain tástála le toisí i méadair

Image 7

Eochair

Image 8

An t-achar íosta atá clúdaithe le dromchla an bhóthair thástála, i.e. an limistéar tástála

Image 9

Suíomhanna micreafóin (airde 1,2 m)


IARSCRÍBHINN 5

Sceithchórais nó córais tosta ina bhfuil ábhar snáithíneach

1.

Beidh ábhar ionsúite snáithíneach saor ó aispeist agus ní fhéadfar é a úsáid i dtógáil an sceithchórais nó an chórais tosta ach má áirithítear le feistí oiriúnacha go gcoinneofar an t-ábhar snáithíneach ina áit ar feadh na tréimhse a bheidh an sceithchóras nó an córas tosta á úsáid agus má chomhlíonann an sceithchóras nó an córas tosta ceanglais aon cheann de mhíreanna 1.1., 1.2.,1.3. nó 1.4.:

1.1.

Nuair a bhainfear an t-ábhar snáithíneach, comhlíonfaidh an leibhéal fuaime ceanglais mhír 6 den Rialachán seo.

1.2.

Ní fhéadfar an t-ábhar ionsúite snáithíneach a chur sna codanna sin den tostóir trína dtéann na gáis sceite agus comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:

1.2.1.

Déanfar an t-ábhar a théamh ag teocht 650 ±5 °C ar feadh ceithre huaire an chloig i bhfoirnéis gan laghdú ar gach fad, trastomhas nó dlús toirte an tsnáithín.

1.2.2.

I ndiaidh é a théamh ag 650 ±5 °C ar feadh uair an chloig i bhfoirnéis, coinneofar 98 faoin gcéad ar a laghad den ábhar i gcriathar de mhéid ainmniúil cró 250 μm a chomhlíonann Caighdeán ISO 3310/1:1990 nuair a thástáiltear é de réir an Chaighdeáin ISO 2559: 2000.

1.2.3.

Ní bheidh an caillteanas i meáchan an ábhair níos mó ná 10.5 faoin gcéad i ndiaidh é a chur ar maos ar feadh 24 uair an chloig ag 90 ± 5°C i gcomhdhlúthán sintéiseach den chomhdhéanamh seo a leanas: (1)

1 N aigéad hidreabrómach (HBr): 10 ml

1 N aigéad sulfarachaigéad sulfarach (H2SO4): 10 ml

Uisce driogtha chun suas le 1 000 ml a dhéanamh

1.3.

Sula ndéanfar an córas a thástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn 3, cuirfear i staid normálta é le haghaidh úsáid bóthair ar cheann de na modhanna dála seo a leanas:

1.3.1.

Riochtú trí oibríocht leanúnach bóthair

1.3.1.1.

De réir aicmí na ngluaisrothar, is iad seo a leanas na hachair íosta a bheidh le críochnú le linn an riochtaithe:

Aicme ghluaisrothair de réir Innéacs an Chóimheasa Cumhachta le Meáchan (PMR)

Fad (km)

Aicme I < 25

Aicme II > 25< 50

Aicme III > 50

4 000

6 000

8 000

1.3.1.2.

Is éard atá in 50 ±10 faoin gcéad den timthriall riochtaithe ná tiomáint i mbaile agus an chuid eile de na turais fhada ag luas ard; is féidir clár comhfhreagrach raoin tástála a chur in ionad an timthrialla leanúnaigh bóthair.

1.3.1.3.

Déanfar an dá chóras luais a mhalartú ar a laghad faoi shé.

1.3.1.4.

Áireofar 10 sos de thrí uair an chloig ar a laghad sa clár don tástáil iomlán d’fhonn tionchar an fhuaraithe agus comhdhlúthaithe a atáirgeadh.

1.3.2.

Riochtú trí fhrithbhualadh

1.3.2.1.

Beidh an sceithchóras, nó comhpháirteanna de, feistithe ar an ngluaisrothar nó ar an inneall. Sa chéad chás, déanfar an gluaisrothar a shuiteáil ar bhinse tástála.

Tá an gaireas tástála, a bhfuil léaráid mhionsonraithe de taispeánta i bhFíor 1, feistithe i gcóras an sceithphíoba. Glacfar le haon ghaireas eile a tháirgeann torthaí coibhéiseacha.

1.3.2.2.

Déanfar an trealamh tástála a choigeartú ionas go gcuirfear isteach ar an sreabhadh gáis sceite agus go n-athchuirfear é 2 500 uair le comhla gníomhaíochta tapa.

1.3.2.3.

Osclóidh an chomhla nuair a shroichfidh cúlbhrú an gháis sceite, arna thomhas 100 mm ar a laghad le sruth ón bhfeire intógtha, nuair a shroichfidh sé luach idir 35 agus 40 kPa. Mura féidir a leithéid d’fhigiúr a bhaint amach mar gheall ar shaintréithe an innill, osclófar an chomhla nuair a shroichfidh an gás cúlbhrú leibhéal a bheidh ionann le 90 faoin gcéad den uasmhéid is féidir a thomhas sula stopfaidh an t-inneall. Dúnfaidh sí nuair nach bhfuil níos mó ná 10 faoin gcéad de dhifear idir an brú sin agus an luach cobhsaithe nuair atá an chomhla ar oscailt.

1.3.2.4.

Socrófar an lasc aga moille ar feadh thréimhse na ngás sceite arna ríomh ar bhonn cheanglas mhír 1.3.2.3.

1.3.2.5.

Beidh an luas innill ionann le 75 faoin gcéad den luas innill rátaithe (S).

1.3.2.6.

Beidh an chumhacht ar an dinimiméadar cothrom le 50 faoin gcéad den chumhacht ar lánscóig arna tomhas ag 75 faoin gcéad den luas innill rátaithe (S).

1.3.2.7.

Beidh aon pholl draenála clúdaithe le linn na tástála.

1.3.2.8.

Tabharfar an tástáil ar fad i gcrích laistigh de 48 uair an chloig. Más gá, ceadófar tréimhse fuaraithe i ndiaidh gach uair an chloig.

1.3.3.

Riochtú ar bhinse tástála

1.3.3.1.

Feisteofar an sceithchóras ar inneall atá ionadaíoch don chineál atá feistithe ar an ngluaisrothar dár dearadh an sceithchóras, agus feisteofar ar bhinse tástála é.

1.3.3.2.

Is ionann riochtú agus líon sonrach na dtimthriallta binse tástála do gach aicme ghluaisrothair dár dearadh an sceithchóras. Is é seo a leanas líon na dtimthriallta do gach aicme ghluaisrothair:

Aicme ghluaisrothair de réir Innéacs an Chóimheasa Cumhachta le Meáchan (PMR)

Líon na dtimthriallta

Aicme I < 25

Aicme II > 25< 50

Aicme III > 50

6

9

12

1.3.3.3.

Beidh sos sé huaire an chloig ar a laghad i ndiaidh gach timthrialla binse tástála chun éifeachtaí an fhuaraithe agus an chomhdhlúthaithe a atáirgeadh.

1.3.3.4.

Tá sé chéim i ngach timthriall binse tástála. Is iad seo a leanas na dálaí innill maidir le gach céim agus fad gach céime:

Céim

Dálaí

Fad na céime i nóiméid

PMR < 50

PMR > 50

1

2

3

4

5

6

Réchasadh

Ualach 25 % ag 75 % S

Ualach 50 % ag 75 % S

Ualach 100 % ag 75 % S

Ualach 50 % ag 100 % S

Ualach 25 % ag 100 % S

6

40

40

30

12

22

6

50

50

10

12

22

 

Am iomlán

2,5 uair an chloig

2,5 uair an chloig

1.3.3.5.

Le linn an ghnáthaimh rochtaithe sin, ar iarratas ón monaróir, féadfar an t-inneall agus an tostóir a fhuarú ionas nach rachaidh an teocht a thaifeadtar ag pointe nach mó ná 100 mm ón asraon gáis sceite thar an teocht a thomhaistear agus an gluaisrothar ag rith ag 110 km/u nó 75 faoin gcéad de S sa ghiar is airde. Cinntear go bhfuil an t-inneall agus/nó luasanna gluaisrothar laistigh de ±3 faoin gcéad.

1.4.

Níl gáis sceite i dteagmháil le hábhair shnáithíneacha agus níl ábhair shnáithíneacha faoi thionchar éagsúlachtaí brú.

Fíor 1

Gaireas tástála le haghaidh riochtú trí fhrithbhualadh

Image 10

Nótaí:

1.

Feire nó muinchille ionraoin atá le ceangal de chúl an sceithchórais tástála.

2.

Comhla rialaithe lámhoibrithe.

3.

Taiscumar cúiteach ina bhfuil uastoilleadh 40 lítear agus a bhfuil gá le 1 soicind ar a laghad lena líonadh.

4.

Brúlasc le raon oibriúcháin 5 kPa go 250 kPa.

5.

Lasc aga-mhoillithe.

6.

Áiritheoir spreagthaí.

7.

Comhla mhearfhreagartha, amhail comhla choscáin an sceithchórais atá 60 mm ar trastomhas, arna hoibriú ag sorcóir neomatach a aschuireann 120 N ag 400 kPa. Ní sháróidh an t-aga freagartha, maidir le hoscailt agus dúnadh na comhla, 0.5 soicind.

8.

Folmhú gáis ón sceithchóras.

9.

Píobán solúbtha.

10.

Brúthomhsaire.

(1)  Déanfar an t-ábhar a ní in uisce driogtha agus a thriomú ar feadh uair a chloig 105 °C sula ndéanfar é a mheá.


IARSCRÍBHINN 6

Teorainneacha uasta na leibhéal fuaime

Catagóir

Innéacs an chóimheasa cumhachta le meáchan (PMR)

Teorainnluach do Lurban in dB(A)

An chéad chatagóir

PMR ≤ 25

73

An dara catagóir

25 < PMR ≤ 50

74

An tríú catagóir

PMR > 50

77  (1)


(1)  Maidir le gluaisrothar nach ndéantar tástáil orthu ach sa dara giar amháin in Iarscríbhinn 3, méadaítear an teorainnluach 1 dB(A) go dtí an dáta i mír 12.7. Déanfar staidéar ar shonraí d’fheithiclí a ndéantar difear dóibh, agus déanfar plé i gcás ina gcuirfear síneadh breise leo.


IARSCRÍBHINN 7

Forálacha Breise i ndáil le hAstaíochtaí Fíorthiomána Fuaime (RD-ASEP)

1.

Raon Feidhme

1.1.

Tá feidhm ag an iarscríbhinn seo maidir le feithiclí de chatagóir L3 lena bhfuil MLFI >50.

2.

Ceanglais bhreise maidir le hastaíochtaí fuaime

2.1.

Uirlisí tomhais

Is ionann na ceanglais maidir leis an trealamh tomhais agus na ceanglais a shainítear i mír 1.1. d’Iarscríbhinn 3 maidir le tástálacha ar an ngluaisrothar atá ag gluaiseacht.

2.2.

Timpeallacht fhuaimiúil, dálaí meitéareolaíochta agus torann cúlrach

Is ionann na ceanglais maidir leis an timpeallacht fuaime, na dálaí meitéareolaíochta agus an torann cúlrach agus na ceanglais a shainítear i mír 1.2. d’Iarscríbhinn 3 maidir le tástálacha ar an ngluaisrothar agus é ag gluaiseacht.

2.3.

Na suíomhanna micreafóin agus riocht na feithicle

Is ionann na ceanglais a bhaineann leis na suíomhanna micreafóin agus riocht na feithicle agus na ceanglais a shainítear i mír 1.3.1 agus i mír 1.3.2 d’Iarscríbhinn 3 maidir le tástálacha ar an ngluaisrothar atá ag gluaiseacht.

2.4.

Dálaí ginearálta oibriúcháin

Is ionann na dálaí oibriúcháin ginearálta agus na cinn a shainítear i mír 1.3.3.1. d’Iarscríbhinn 3 maidir le tástálacha ar an ngluaisrothar atá ag gluaiseacht.

2.5.

Raon rialaithe RD-ASEP

Baineann ceanglais na hiarscríbhinne seo le haon oibríocht feithicle lena mbaineann na srianta seo a leanas:

(a)

Beidh vAA' 10 km/h ar a laghad

(b)

Ní rachaidh vBB’ thar 80 km/u le haghaidh feithiclí lena bhfuil PMR≤150

Ní rachaidh vBB' thar 100 km/u le haghaidh feithiclí lena bhfuil PMR>150

(c)

Beidh nAA' 0.1 * (S – nidle) + nidle ar a laghad

(d)

ní rachaidh nBB' thar 0,8 × S

Measfar gur dearbhluachanna na luachanna don raon rialaithe RD-ASEP agus ní dhéanfar iad a mhéadú ná a ísliú tríd an lamháltas don vtest a shuimiú ná a dhealú mar a léirítear i mír 3.3.1.

2.6.

Teorainneacha RD-ASEP

Ní bheidh an t-uasleibhéal torainn a thaifeadfar le linn ghluaiseacht an ghluaisrothair tríd an rian tástála níos airde ná:

 

Lwot,(i) + (1 * (nPP' – nwot,(i)) / 1 000) + 3 Do nPP' < nwot,(i) agus

 

Lwot,(i) + (5 * (nPP' – nwot,(i)) / 1 000) + 3 do nPP' ≥ nwot,(i)

I gcás ina bhfuil an bhrí chéanna Lwot,(i) agus nPP' atá i mír 1. d’Iarscríbhinn 3 agus n wot, tagraíonn nwot,(i) don luas innill comhfhreagrach nuair a théann tosach na feithicle thar líne PP'.

Má dhéantar na tástálacha i gcomhréir le hIarscríbhinn 3 den Rialachán NA seo agus na tástálacha RD-ASEP leis an bhfeithicil chéanna i seiceamh láithreach, féadfar na luachanna le haghaidh Lwot(i) agus nwot(i) ó thástáil Iarscríbhinn 3 a úsáid, má aontaíonn an t-údarás cineálcheadaithe leis sin. Seachas sin, nuair a dhéanfar comhlíonadh na dteorainneacha sin a sheiceáil, déanfar luachanna le haghaidh Lwot(i) agus nwot(i) a chinneadh as an nua le tomhais arna sainiú i mír 1 d’Iarscríbhinn 3, ach ag baint úsáid, áfach, as an ngiar (i) céanna agus as an bhfad réamh-luasghéaraithe céanna a úsáideadh le linn an chineálcheadaithe.

2.7.

Saoráidí

Mar gheall ar theorainneacha na saoráidí tástála agus maidir le sábháilteacht, ní féidir gach dáil tástála a dhéanamh go sábháilte ar gach saoráid tástála.

D’ainneoin na srianta sin, deonófar an cineálcheadú ar na saoráidí tástála sin, ach ní mór don fheithicil forálacha uile Iarscríbhinn 7 seo a chomhlíonadh. Sna cásanna sin, míneoidh monaróir na feithicle chun sástachta an údaráis a bheidh i láthair tráth an chineálcheadaithe go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais nach bhféadfaí a thástáil mar gheall ar shrian na saoráide tástála.

3.

Comhlíonadh a thástáil le tomhais (1)

3.1.

Ginearálta

Iarrfaidh an tÚdarás Cineálcheadaithe chomh maith leis an tseirbhís theicniúil tástálacha chun a sheiceáil go gcomhlíonann an gluaisrothar ceanglais mhír 2 thuas. Chun ualach oibre míchuí a sheachaint, beidh an tástáil teoranta do na pointí tagartha a shainítear i mír 3.2. thíos agus do thrí dháil oibriúcháin bhreise a shainítear i mír 3.3. den Iarscríbhinn seo in aghaidh an ghiair. Laghdófar líon iomlán na ndálaí oibriúcháin a bheidh le tástáil de réir mhír 3.3. den Iarscríbhinn seo de réir na ndálaí oibriúcháin a cuireadh i bhfeidhm ar thástálacha i gcomhréir le mír 3.2. den Iarscríbhinn seo agus le haghaidh chinneadh Lurb de réir Iarscríbhinn 3.

I gcás feithiclí a bhfuil cóimheasa giair inathraitigh nó traiseoladh uathoibríoch a tástáiltear le cóimheasanna giair neamh-inghlasáilte iontu, beidh siad teoranta do 6 dháil oibriúcháin mar a shainítear i mír 3.3. den Iarscríbhinn seo, agus beidh siad difriúil leis na dálaí oibriúcháin a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh chinneadh Lurb de réir Iarscríbhinn 3.

3.2.

Dálaí tástála tagartha RD-ASEP

3.2.1.

Nós imeachta tástála

Nuair a shroichfidh tosach fheithicil AA', beidh an scóig ag oibriú go hiomlán agus coinneofar ag oibriú go hiomlán í go dtí go sroichfidh cúl fheithicil BB'. Cuirfear an scóig ar ais chomh tapa agus is féidir go dtí an suíomh réchasta ansin. Féadfar réamh-luasghéarú a úsáid má chuirtear moill ar luasghéarú thar AA'. Déanfar suíomh thús an luasghéaraithe a thuairisciú.

3.2.2.

Luas tástála agus roghnú na ngiaranna

Déanfar an fheithicil a thástáil ag gach ceann de na dálaí oibriúcháin seo a leanas:

(a)

vPP' = 50 km/h

Beidh an giar (i) agus an riocht réamh-luasghéaraithe a roghnófar mar an gcéanna leis na cinn a úsáideadh sa tástáil sa chineálcheadú bunaidh in Iarscríbhinn 3 den Rialachán seo.

(b)

vBB' a fhreagraíonn do

nBB' = 0,8 × S

Ní rachaidh vBB’ thar na luachanna arna shonrú i mír 2.5 (b) den Iarscríbhinn seo.

nBB' agus vBB', úsáidfear an 4ú giar. Má chomhlíonann an 5ú giar ceanglais an n Is é 2ú giar an giar a roghnófar. Má chomhlíonann an 3ú giar ceanglais nBB' agus vBB', úsáidfear an 3ú giar. Má chomhlíonann an 4ú giar ceanglais BB' agus vBB', úsáidfear an 5ú giar. Má chomhlíonann an 6ú giar ceanglais nBB' agus vBB', úsáidfear an 6ú giar.

Más rud é, sa 2ú giair faoin dáil thuasluaite do nBB' gur mhó an luas feithicle ag líne B' ná an luach do vBB’ mar a shonraítear i mír 2.5. den Iarscríbhinn seo, déanfar an tástáil sa 2ú giar agus bainfear amach uasluas feithicle mar a shonraítear i mír 2.5. den Iarscríbhinn seo ag líne BB' ina ionad sin.

Más rud é, le linn na tástála, go dtarlódh dálaí neamhghnácha rothaíochta (amhail rothlam rothaí dealraitheach nó ardú rotha tosaigh), déanfar an tástáil sa chéad ghiar eile is airde, agus bainfear amach an t-uasluas feithicle, mar a shonraítear i mír 2.5. den Iarscríbhinn seo, ag líne BB' ina ionad sin.

3.2.3.

Próiseáil agus tuairisciú sonraí

Cuirfear ceanglais mhír 1.4. d’Iarscríbhinn 3 i bhfeidhm.

Ina theannta sin, déanfar na luachanna luais innill ag AA', BB', agus PP' in aonaid nóim-1 a shlánú go matamaiticiúil go dtí an tslánuimhir is gaire le haghaidh ríomhanna eile. I gcás dáil tástála ar leith, déanfar na trí luas innill ar leith a mheánú go uimhríochtúil.

Ní rachaidh na leibhéil fuaimbhrú deiridh don luasghéarú ar lánscóig thar na teorainneacha a shonraítear i mír 2.6. thuas.

3.3.

Dálaí oibriúcháin breise

3.3.1.

Nós imeachta tástála

Druidfidh an fheithicil le líne AA' faoi luas seasmhach nó faoi luasghéarú nó faoi luasmhoilliú, i gcomhréir leis an oibríocht scóipe a fhéadfaidh an tseirbhís theicniúil atá freagrach as tástálacha um chineálcheadú a dhéanamh a iarraidh, i gcomhaontú leis na húdaráis chineálcheadaithe.

Roghnófar an luas isteach ionas go sroichfidh an fheithicil tástáil luas fhorordaithe vtest +/- 5 km/u nuair a rachaidh a tosach thar líne AA'.

Samplaí:

 

vtest=10 km/h iarrtha bailí vAA’=10-15 km/u

 

vtest=15 km/h iarrtha bailí vAA’=10-20 km/u

 

vtest=75 km/h iarrtha bailí vAA’=70-80 km/u

 

vtest=95 km/h iarrtha bailí vAA’=90-100 km/u

 

vtest=100 km/h iarrtha bailí vAA’=95-100 km/u

Nuair a rachaidh tosach na feithicle thar líne AA' déanfar an rialú scóige a choigeartú chomh tapa agus is féidir go dtí suíomh (scóig pháirteach, scóig lánoscailte nó an suíomh rialaithe scóige reatha a choimeád) a fhéadfaidh an tseirbhís theicniúil atá freagrach as tástálacha um chineálcheadú a dhéanamh i gcomhaontú leis na údaráis chineálcheadaithe agus coimeádfar sa suíomh sin é go dtí go rachaidh cúl na feithicle thar líne BB'.

Nuair a rachaidh cúl na feithicle thar líne BB' aistreofar an rialú scóige go dtí an suíomh réchasta chomh tapa agus is féidir.

Ní bheidh luasmhoilliú feithicle mar thoradh ar an suíomh scóige idir línte AA' agus BB'.

3.3.2.

Luas tástála, roghnú giaranna agus modhanna agus oibriú na scóige

Féadfaidh an tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha um chineálcheadú, i gcomhaontú leis na húdaráis cineálcheadaithe, coinníollacha na míre seo a shainiú.

Féadfaidh an tástáil luais vtest a bheith ag aon luas laistigh den raon rialaithe RD-ASEP mar a shainítear i mír 2.5. den Iarscríbhinn seo.

Féadfar an fheithicil a thástáil in aon cheann de na giaranna atá ar fáil, lena n-áirítear an 1ú giar.

Féadfar an fheithicil a thástáil in aon cheann de na cláir nó modhanna bogearraí is féidir leis an úsáideoir a roghnú agus a dhéanann difear d’astaíochtaí fuaime na feithicle.

Beidh oibríocht na scóige i gcomhréir le mír 3.3.1. den Iarscríbhinn seo.

Déanfar oibríocht na scóige roimh líne AA' agus idir línte AA' agus BB' a shainiú agus cuirfear síos uirthi ionas gur féidir le rothaí oilte a chuir eolas air nó uirthi féin faoi shaintréithe rothaíochta na feithicle tástála í a dhéanamh agus gur féidir an cur i gcrích ceart a mheasúnú trí bhreathnú gan gá a bheith le trealamh teicniúil ar an bhfeithicil nó ag an láithreán tástála seachas an trealamh a theastaíonn le haghaidh na dtástálacha de réir Iarscríbhinn 3.

Má bhíonn iompar neamhghnách feithicle mar thoradh ar na dálaí oibriúcháin a iarradh (i.e. ardú rotha tosaigh, rothlam rotha dealraitheach, greadadh slabhra, tarraing an innill) nó aon riocht rothaíochta eile gan choinne nuair a oibrítear an fheithicil i bhfíorthrácht, gheofar réidh leis an rith tástála sin agus déanfar tástáil a mbeidh dálaí oibriúcháin dhifriúla ag baint léi.

3.3.3.

Próiseáil agus tuairisciú sonraí

3.3.3.1.

Déanfar laghdú 1 dB(A) ar uasleibhéal fuaimbhrú A-ualaithe a léirítear nuair a théann an fheithicil idir AA' agus nuair a théann cúl na feithicle thar BB' + 20 m (féach Iarscríbhinn 4 – Fíor 1) chun cuntas a thabhairt ar míchruinneas an tomhais agus déanfar é a shlánú go matamaiticiúil go dtí an chéad ionad deachúlach is gaire (e.g. XX.X) do gach suíomh micreafóin (2).

Má fheictear gur léir nach bhfuil buaic na fuaime ag teacht leis an leibhéal fuaimbhrú ginearálta, ní úsáidfear an tomhas, agus athdhéanfar an rith tástála leis na dálaí oibriúcháin céanna.

3.3.3.2.

Próiseáil na dtomhas fuaimbhrú agus ríomh na dtorthaí tástála deiridh

LASEP = MAX (LASEP,ar chlé; LASEP,ar dheis)

Sa chás go dtagraíonn an t-innéacs “ar chlé”, “ar dheis” don suíomh micreafóin (ar chlé nó ar dheis).

3.3.3.3.

Déanfar na luachanna luais innill ag AA', BB', agus PP' in aonaid nóim-1 a shlánú go matamaiticiúil go dtí an tslánuimhir is gaire le haghaidh ríomhanna eile

3.3.3.4.

Ní rachaidh na leibhéil fuaimbhrú deiridh do na dálaí oibriúcháin breise thar na teorainneacha a shonraítear i mír 2.6. den Iarscríbhinn seo.

(1)  Moltar go bhfuil eolas á chur an rothaí a bheidh ag déanamh na dtástálacha air nó uirthi féin faoi shaintréithe rothaíochta na feithicle tástála sula ndéanfaidh sé nó sí na ritheanna tástála.

(2)  Déantar an leibhéal fuaimbhrú ‘L’ a chinneadh trí reáchtáil tástála amháin.


IARSCRÍBHINN 8

Ráiteas comhlíontachta i leith na bhForálacha Breise maidir le hAstaíocht Fuaime (ASEP)

(Formáid uasta: A4 (210 × 297 mm))

… Dearbhaíonn (ainm an mhonaróra) go gcomhlíonann feithiclí den chineál seo (cineál maidir lena astaíocht torainn de bhun Rialachán Uimh. 41) ceanglais mhír 6.3. de Rialachán Uimh. 41.

… Déanann (ainm an mhonaróra) an ráiteas seo de mheon macánta, tar éis meastóireacht iomchuí a dhéanamh ar fheidhmíocht astaíochta fuaime na bhfeithiclí.

Dáta: …

Ainm an ionadaí údaraithe: …

Síniú an ionadaí údaraithe: …