|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 34 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
|
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
|
|
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
|
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
6.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 34/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/246 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Eanáir 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a mhéid a bhaineann le malartú na faisnéise arna coinneáil ar bun sna cláir leictreonacha a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí máil idir na Ballstáit chun críoch tráchtála
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De réir Airteagal 36 de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (3), maidir le gluaiseacht earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála, tá an ghluaiseacht sin le déanamh faoi chumhdach doiciméad riaracháin leictreonach simplithe. Ar an mbealach sin, leis an Treoir sin, maidir le húsáid an chórais ríomhairithe a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun faireachán a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí máil, ar córas é a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí earraí máil faoi shocruithe fionraí dleachta, leathnaítear úsáid an chórais sin chun faireachán a dhéanamh ar earraí máil arna scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh chun críoch tráchtála. Tá feidhm le bheith ag an leathnú sin ar úsáid an chórais ríomhairithe an 13 Feabhra 2023. |
|
(2) |
Chun an leathnú sin ar úsáid an chórais ríomhairithe a léiriú, is gá raon feidhme Airteagal 15(1), pointe (d), Airteagal 19(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (5) a leathnú chun na hearraí máil uile lena mbaineann a chumhdach, gan beann ar cé acu a tharla socrú fionraí dleachta nó nár tharla. |
|
(3) |
Le hAirteagal 19(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012, ceanglaítear ar na Ballstáit a choinneáil ar bun sna cláir leictreonacha catagóir táirge máil (CAT) agus/nó cód táirge máil (EPC) na dtáirgí a chumhdaítear leis an údarú, ar táirgí iad dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, códliosta 11, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 (6). Ón 13 Feabhra 2023 ar aghaidh, áfach, cuirfear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 ón gCoimisiún (7) in ionad Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, is iomchuí an t-ionadú sin a léiriú in Airteagal 19(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012. |
|
(4) |
Ós rud é nach féidir leis an Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon foráil a dhéanamh maidir le malartú na faisnéise a choinníonn gach Ballstát ar bun sa chlár leictreonach maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí arna scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus arna ngluaiseacht ansin go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, eadhon feidhmiú comhchuibhithe an chórais ríomhairithe a áirithiú ó Bhallstát go chéile, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(5) |
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Ní théann próiseáil na sonraí sin arna déanamh faoi chuimsiú an Rialacháin seo thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun leas fioscach dlisteanach na mBallstát a chosaint. |
|
(6) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(7) |
Chun dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm Chaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262, agus chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit ullmhú do na hathruithe a eascraíonn as an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith aige ón 13 Feabhra 2023 ar aghaidh. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 389/2012
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 20(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: “Áiritheoidh an Coimisiún gur féidir le daoine a bhfuil baint acu le gluaiseacht earraí máil dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262, deimhniú a fháil trí mheán leictreonach ar bhailíocht na n-uimhreacha máil atá sa chlár lárnach dá dtagraítear in Airteagal 19(4) den Rialachán seo.”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 13 Feabhra 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. KULLGREN
(1) Tuairim an 13 Nollaig 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Tuairim an 14 Nollaig 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4).
(4) Cinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2020 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 43).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil faoi fhionraí dleachta máil (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle trí struchtúr agus inneachar na ndoiciméad arna malartú i gcomhthéacs ghluaiseacht na n-earraí máil a bhunú, agus lena mbunaítear tairseach i gcomhair na gcaillteanas mar gheall ar chineál na n-earraí (IO L 247, 23.9.2022, lch. 2).
(8) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
6.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 34/4 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/247 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Feabhra 2023
lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin (“Estepa” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Spáinne ar leasuithe a fhormheas ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Estepa” atá cláraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 900/2010 ón gCoimisiún (2), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/597 ón gCoimisiún (3). |
|
(2) |
Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (4) mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin. |
|
(3) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Estepa” (STFC) formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 900/2010 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2010 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Estepa (STFC)] (IO L 266, 9.10.2010, lch. 52).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/597 ón gCoimisiún an 15 Márta 2017 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Estepa (STFC)] (IO L 81, 28.3.2017, lch. 15).
|
6.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 34/6 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/248 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Feabhra 2023
maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle i bhfeidhm go haonfhoirmeach (2), is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(2) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm. |
|
(3) |
De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoi na cóid AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin. |
|
(4) |
Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin. |
|
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoi na cóid AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.
Airteagal 2
Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Gerassimos THOMAS
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
|
Tuairisc ar na hearraí |
Aicmiú (Cód AC) |
Cúiseanna |
||
|
(1) |
(2) |
(3) |
||
|
0511 99 85 |
Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, le nóta 1(a) a ghabhann le Caibidil 2 agus le foclaíocht na gcód AC 0511 , 0511 99 agus 0511 99 85 . Ós rud é go dtarlaíonn táirgeadh agus iompar na gcluas triomaithe gan cloí le caighdeáin sláinteachais bia, níl na táirgí oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine. Eisiatar an t-aicmiú faoi Chaibidil 2, dá bhrí sin, toisc nach gcumhdaítear leis an gCaibidil sin táirgí atá mí-oiriúnach ná neamhoiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (nóta 1(a) a ghabhann le Caibidil 2). Eisiatar an t-aicmiú faoi Chaibidil 23, dá bhrí sin, toisc nár chaill na cluasa saintréithe riachtanacha an amhábhair trí loimiceadh agus trí thriomú (nóta 1 a ghabhann le Caibidil 23). Dá bhrí sin, tá an táirge le haicmiú faoin gcód AC 0511 99 85 mar tháirge ainmhí eile nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile. |
||
|
0511 99 85 |
Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, le nóta 1 a ghabhann le Caibidil 2 agus le foclaíocht na gcód AC 0511 , 0511 99 agus 0511 99 85 . Ós rud é go dtarlaíonn táirgeadh agus iompar na feola triomaithe gan cloí le caighdeáin sláinteachais bia, níl na táirgí oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine. Eisiatar an t-aicmiú faoi Chaibidil 2, dá bhrí sin, toisc nach gcumhdaítear leis an gCaibidil sin táirgí atá mí-oiriúnach ná neamhoiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (nóta 1(a) a ghabhann le Caibidil 2). Eisiatar an t-aicmiú faoi Chaibidil 23, dá bhrí sin, toisc nár chaill an scairteach saintréithe riachtanacha an amhábhair trí thriomú (nóta 1 a ghabhann le Caibidil 23). Dá bhrí sin, tá an táirge le haicmiú faoin gcód AC 0511 99 85 mar tháirge ainmhí eile nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile. |